Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Uimhir 7 Abrán 1923

Title
Uimhir 7 Abrán 1923
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1923
Publisher
Muintir an Sguab

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


AN SGUAB



Uimhir 7 ABRÁN 1923 3p. sa mhí.



REIM NA h-UIMHREACH SO. Leath.



AN TE BHÍONN AMUIGH FUARANN A CHUID 127



IOLSGOIL NA MUMHAN IV. … PÁDRAIG O CADHLA129



“RÉILTHÍNÍ ÓIR” … FIACHRA ÉILGEACH 131



AN DIAMOND BUIDHE … SEOIRSE MAC CLÚIN 133



SEAN-FHOCAIL … BEIRT FHEAR 135



CARRAIG AN AIFRINN … “CRAIFTINE” 138



SAMPLA GAEDHILGE NA MBLASCAOD … TOMÁS Ó CRIOMHTHAINN 140



LEITREACHA 141



FOCAIL ÓN MBEURLA 142



LÉIRMHEASA I42



COMÓRTAS I43



CUMANN URRADHAIS MUINTIR NA h-ÉIREANN
(THE IRISH PEOPLE'S ASSURANCE SOCIETY)



CUMANN DO GACH AOINNE ISEADH É. NÍL AON NIDH CHUN DEIRIDH ANN.
FÍOR-ÉIREANNAIGH ATÁ I MBUN NA h-OIBRE SEO.



Gach fios agus faisnéis le fagháilt ón Rúnaidhe



S. M. Ó DEORÁIN



ÁRD-OIFIG — CEARNÓG PHARNEILL a 16, ÁTH CLIATH.



DÉINIMÍD-NE



DABHACHA, PEIGÍNÍ, AGUS
FIRCÍNÍ



as an adhmud feagha is fearr a fhásann i dtír
na hÉireann agus is againn atá ceann de na
tighthe cúpaora agus boscaí a dheunamh is mó
in Éirinn.



Tá bosca an ime, bosca na
cáise, bosca na n-ubh, bosca an
éisc, a's na barrailí le fagháil
annso — an t-adhbhar is fearr agus
marga maith.



Déintear annso iad.



Gach fios agus faisnéis uainn-ne —



SEUMAS MAC MATHGHAMHNA
(TEOR.)



i LUIMNIGH



Tugaidh bhúr gcuid Árachais do'n
Chumann Gaedhealach is Fearr



AN CUMANN IBÉRNEACH
INSIURÁLA TEÓ.



I n-AGHAIDH TÓITEÁIN AGUS
COITCHINNE.



Príomh-Oifig — 48 & 49 SRÁID AN
DÁMA, ÁTH CLIATH.



NA POLASAITHE IS IOMLÁINE LE
FAGHÁIL.


L. 126


SIOPA GRÓSAEREACHTA IS LÓN-TIGHIS.



SIOPA NUA É SEO I LÁR NA CATHRACH. TÁ SÉ
AR OSGAILT ANOIS.



NÍ GÁDH DON BHEAN-TIGHE FOCAL BEURLA A LABHAIRT ANN.



Agus cuirfear a mbeadh ceannuighthe aici abhaile go dtí an dorus cúichi
i ngluaisteán iompar i n-aon áit 'sa chathair nó 'na comharsanacht.



Seo-igí, a lucht an Fháinne, anois an t-am agaibh bhúr gcomhar & bhur
gcaradas a theasbáint. Tagaidh chughainn agus bainidh triall as an áit.



O RAOGÁIN AGUS A CHOMHLUCHT, TEORANTA,
SRÁID DÁSÚN A 54, BAILE ÁTHA CLIATH.



WEST & SON
SEODÓIRÍ, GAIBHNE AIRGID, AGUS
CLUIGEADÓIRÍ.



Tigh Grafton,
102 & 103 Sráid Grafton, Baile Átha Cliath



An cnuasacht is mó i n-Eirinn;
Fáinní pósta & Fáinní geallamhana;
bronntanasaí airgid; córacha
tae & caifí; &rl.



Tagaidh isteach chun iad dh'fheiscint.



TAE.



Togha an mhargadh gach aon tSórt Tae atá
againne, bíonn siad mar a chéile igcomhnuide
agus bíonn gach éinne sásta leo.



Luach — 2/4, 2/8, 3/- agus 3/4 an púnt.



Tae ón t-Sín — 2/8, 3/- agus 3/4 an púnt.



BECKER BROS., LTD.
Sráid Seoirse Mór Theas a 8 agus
Sráid an Iarla Thuaidh a 17, i mBaile Átha Cliath.



NIGHEACHÁN RIABHACH AN TSATHAIRN
NÍ BHÍONN SÉ GEAL DÉ DOMHNAIGH.



Dá bhrigh sin



Cuiridh bhúr gcuid nigheacháin chun



TIGH NIGHEACHÁIN NA CÚIRTE
(COURT LAUNDRY)



SRÁID HARCOURT, BAILE ÁTHA CLIATH.


L. 127


AN TE BHÍONN AMUIGH FUARANN A CHUID



Is mór iad na caithighthe a chuirtear ar
sgribhneóir páipéir Gaedhilge a bheith ag sior
chur sios ar cúrsaí na Gaedhilge; ach sé an rud
a dheirtear go minic mar gheall ar páipéirí
Gaedhilge ach go mbíonn an iomarca trácht ar
an gceist sin ionnta & go mbéidís níos sui-
meamhla muran dthagaireódís dí in ao' chor nach
mar a chéile as a thagairigheann páipéirí beurla
don bheurla. Ní mar a chéile an dá sgeul, ámh,
in aon saghas slighe, níl aon rud aca san le cur
i gcomparád le beirt fháinneach ag stealladh
teanga an namhaidh & iad ag feuchaint ar báire
caid ag páirc an Chrocaigh (dh'airighmear é sin
ar siubhal an lá fé dheire); níl aon cheist
leitrighthe sa mbeurla (tá an cló Romhánach
ann & táthar sásta leis) ach níl an cheist sin
socruighthe againne fós cé gur dóigh le daoine
éigint go bhfuil; rud breágh neamh-choitchianta
so thagartha iseadh an tráthnóna atá leagtha
amach i gcóir leanbhaí in Árus an Fháinne ach
cá bhfuil a leithéid, ná práidinn le na leithéid,
leath-ismuigh d'Éirinn. Ba mhaith linn rud
éigint a rádh mar gheall ar an sgéim sgolá-
ireachta atá i bhfeidhm ag Co. Co. na Gaillimhe
& béidir go n-inneosamuis conus a cheannuighmíd
Bovril go reigileálta anois toisg an Ghaedhealg
nádúrtha a chuireann siad na gcuid fógraí le
deidheannaighe. Ach is mithid dúinn stad de'n
sgeul sin nó beidh alt sgriobhtha againn ar cheist
na Gaedhilge dár n-aimhdheóin féin.



Is maith an rud go bhfuil na teachtairí Dála &
na Seanaidóirí ag tógaint ortha féin billí do
thúisiú & gan ceap na dlighthe go léir d'fhágaint
ag muintir an Rialtais. An cuid is mó desna
dlighte ata á gcur i bhfeidm ag an Oireachtas
ó cromadh ar an obair go ceart baineann siad
le bunú nó cóiriú an Rialtais & is beag suim a
chuireann an ghnáth duine ionnta ach amháin na
daoine a bhfuil bainnt aca le pé rud atá ar
siubhal. Ach ní mar sin dosna billí priomhái-
deacha. Is mó duine a cheannuigheann ticeud
s-na “Sweeps” cuir i gcás & nár mhaith leó go
gcuirfí ar neamhnídh iad ach beidh sé dian ar an
mbille sin teacht chun críche is dócha. Tá bille
á phlé leis, bille dh'iarraidh cuid de leatheanta
saoire na mbannc do chur ar meamh-nídh &
laetheanta saoire na hEaglaise do chur i bhfeidm
na n-áit. Déard iad na laetheanta atá againn
fé láthair ach laetheanta saoire an t-Sasanaigh
& níl aon ciall leó san in Eirinn, tír fíor-
Chaitiliceach mar í, & ba cheart rud do dheumamh
de sin. Agus cuireann sé sin i gcuimhne
dúinn go raibh cainnt ar siubhal tamall ó shoin
i dtaobh paidreacha sa Dáil & sa t-Seanaid. Dé
chúis ná beadh sagart ann chun iad do rádh.
Protestúnach (iarla Cille Mantáin) adubhairt
sa t-Seanaid gur cheart go ndearfuidhe
páidreacha & dubhairt sé sin go mbeadh sé lán
t-sásta le sagart Catoiliceach chun iad a rádh
chomh fada as a bheidís ann ar chuma éigint. Ní
beag san is dócha.



Tá ceist ainm na Sráideanna ós comhair
na ndaoine i mBaile Átha Cliath arís. Tá an
sgeul níos measa i mBaile Átha Cliath ná in
aon áit in Éirinn ach amháin i mBeilfeirsde
béidir. I gcathair Corcaighe, cuir i gcás, ní
fheictear ainm puic mhóir Shasanaigh in áirde ar
gach cúinne sráide & táthar tréis ainm Tomáis
Mic Curtáin & Ólibheir Pluincéid do thabhairt
ar dhá shráid tabhachtach nár thaithnuig an sean-
ainm ro mhaith le muintir na h-áite. Tá ainm
Domhnaíll Uí Chonaill ar áit mhór i ngach aon
Chathair beagnach, i mBaile Átha Cliath féin — ní
minic a chloisfeá Sráid Sackville anois & ní
dheirtear Droichead Carlisle leath-ismuig den
Kildare St. Club (má dheirtear annsan é) ach
mar sin féin feuch ar Grafton, Harcourt, West-
moreland, Belgrave, Mountjoy, Dorset, Lands-
downe, Earlsfort, Herbert, Pembroke, Dart-
mouth, Waterloo, Wellington, Northumberland,
Molesworth, etc., etc.; Dá mba sráideanna
iargcúlta iad sin bá chuma é — ach is amhlaidh atáid
ar na sráideanna & na cearnóga is áilne sa
chathair. Is ar na sráideanna iargcúlta &


L. 128


suaracha a thugadh ainm na Taoisig is mó a bhí
in Eirinn. Ní fios don fhurmhór desna daoine
cá bhfuil sráid Emmet, Sráid Sairseul, bóthair
an Áird Rí, Carnóg Dean Swift, sr binn buirb,
Sráid Brian Borumha, Sráid Naoimh brighid, naoimh
Micil, Naoimh Pádraig Naoimh Columcille &
sráid Tomás Dáibhis. Agus ní dóigh linn go
bhfuil ainm Uí Domhnall, ná Uí Néill, ná Mistéil,
ná bholfe Toane ná Labhráis Uí Tuathail ann in
ao' chor, olc maith ná donaighe, gan trácht ar
áiteanna mar Fachairt, Beul an Átha Buidhe &
rl. An té bhíonn amuigh fuarann a chuid.



Do thugamar fé ndeara an lá fé dheire go
raibh tig mór gairid dúinn annso á dheisiú
& á dheunamh suas. Óifig & stór iseadh é. Is
beag duine thugann fe obair dá shaghas fé
láthair nuair ná fuil a fhios ag aoinne cad
é an cheud tig eile a bheidh ar neamh nidh amárach,
ach mar sin féin ní dheunfamuis an oiread san
iongantais dhe go mbeimís ag tagairt do sa
“Sguab,” maran rud é gur bhaineadh anuas
Coróinn an Rí a bhí in áirde os cionn an doruis
le dathad bliadhan anuas. Comhartha maith
bá dheadh é go bhfuil athrú tréis teacht ar an
aimsir. Agus do chuir san rud eile i gcuimhne
dúinn: dá mhéid é an deitheanas do theasbáin
sé ar dtúis chun coróin an Rí do ruagadh as
an dtír seo tá an coróinn á theasbáint go dána
ag aire an Phuist fós in áiteanna; ar cúpla
ceann desna cearranna puist cuir i gcás,
tá cuid maith desna boscaí leitreacha chomh
dearg fós as do bhiodar-riamh, & ar na traeneacha
gach maidin cítear cairéiste móra & “Royal
Mail” i leitreacha móra ortha go díreach mar a
bheadh 1921 againn in ionad 1923. B'fhuirist
feuchaint chun rudaí beaga den t-saghas san.



Ní thagann an dá thráigh leis an gobadán &
dá bhrígh sin niorbh féidir linn bheith ag éisteacht
le níos mó ná aon ceann amháin desna soisgéil
Gaedhilge lá 'le Pádraig. Cuadhamar go dtí
séipéil an Chumann Iosa i sráid Gardiner &
má thug aon sagart soisgéil níos áilne níos
Gaedhealaighe uaidh ná an ceann a dh' airighmear
ó'n athair ó Donnchadha bhí an rath ar na daoine
a bhí ag eisteacht leis. Do chuir sé gach saghas
áthais orainn bhí sé chomh breágh & chomh simplidhe
& chomh Gaedhealach san. Ach má bhí ba dhóigh leat
go bhfuighfidhe na paidreacha roimh an aifrionn a
rádh aon uair amháin sa mbliadhán as Gaedhilg.
Ní rabhamar ag coinne le beurla i séipéil
Sráid Gardiner an lá san agus ní thuigimíd
'dé chúis a righneadh chomh beag san de n'ár
dteanga féin. Sé an sgeul ceudna é tríd
síos — aon lá amháin sa mbliadhan Gaedhealach agus
gan aon t-suim dá chur sa nGaedhilg gach aon
lá eile, ach amáin ag sagart breágh Gaedhealach
annso & annsúd agus gan aon comhacht aige
sin sa rud as a stuaim féin amach. Agus
dála an sgéil cé mhéid séipéil in Eirinn a
bhfuil na Stáisiúin sgriobhtha i nGaedhilg nó
i nGaedhilg & i mbeurla, nó an Ghaedhealg os
comhair na ndaoine amach ar ao 'chor.



MUINNTIR PLÉIMEANN, GUALADÓIRÍ



I DTEACH LÁMH DHEARG,
9 SRÁID FHEARDORCHA THUAIDH,
BAILE ÁTHA CLIATH.



Ceannuighidh bhúr gcuid guail ó Ghaedhealaibh.



Tá an gual is fearr le fághail uainn.



Buail isteac nó sgríobh go dtí an seoladh seo thuas.



Guthán 2723.



ROINN NA TALMHUÍOCHTA AGUS AN
CHEÁRD OIDEACHAIS.



SCOLÁRACHTA EOLUÍOCHTA & CHEÁRDUÍOCHTA



Tairgtear suim áirid Scoláracht agus
Múinteoracht-i-bhFoirbhiú i gColáiste na hEoluíochta,
Ath Cliath, i gcóir comórtais do mhaca-léighinn
Eoluíochta is Coárduiochta.



Beidh Scrúdú i gcóir na Scoláracht sin i n-
áiteanna rá leith i rith na seachtaine, a thosuigheas
Dia Luain' an 25 adh de Mheitheamh, 1923. Sé an 30
adh de Aibreán an lá deire le cead iarraidh (ar
Fhuirm S. 34) chun suidhe ag an Scrúdú.



Atá gach eolas eile, agus cóipeanna d'Fhuirm
S. 34, le fáil ó:



RÚNAIDHE.



Roinn na Talmhuíochta agus an Cheárd Oideachais,
Sráid Mhuirbhtheann Uach., Ath Cliath.



Bu chóir “Seomra a 246” a chur ar an gClúdaigh.
K.A.A.


L. 129


IOLSCOIL NA MUMHAN I RINN Ó gCUANACH.



IV.



NA HOIDÍ SCOILE & SINN FÉIN.



D'eirigh na hoidí scoile ar a nGad Sanns
in ár gcoinne leis nuair a chuireamair scoil na
leanbhaí ar bun. Tuigeadh go maith go ndeunfadh
an scoil dochair do oidí an pharóiste luath
nó mall agus cuireadh fé shluagh mallacht &
fe choinneal bháthadh an Chumainn sinn. D'eirigh
idir sinn féin agus cuid den dream ba
mhuintiridhe bhí againn i measc na noidí ceudna.
Bhíodar go léir tar éis a admháil go mba'
cheart an Ghaedhelag bhocht a shábháil. Bhí an
méid sin go maith maidir le rúnta naomhtha,
beannuighthe acht nuair a chuireadh chum a dheunta
insan t-aon tslighe amháin a fhágadh againn cum
a dheunta eugcóir ba eadh é, bitheamhantaigheacht
b'eadh é, ag baint an ghreama as bheul duine eile
b'eadh é agus chaithfí é chur fé chois. Bhí leath
de mhúinteoirí scoile na nDeise an uair úd
agus caint na Gaedhilge aca chomh maith a's do
bhí agam-sa, nó béidir ní-b'fearr ag cuid aca,
acht shocruig siad in a measc féin ag cruinniu-
ghadh gur rud neamh-chumannamhail do oide a
mbeadh an Ghaedhealg aige í mhúineadh mar
an rud é go mbeadh sí ag na hoidí eile 'sa
pharóiste sin. Cuirtear an méid sin in a leith
pé sceul é. Téidheadh an Ghaedhealg bhócht in
ainm na pláige nuair a bhí sí chum aon streo
a chur ar aoinne.



Tamall in a dhiaidh sin nuair a fhógruigheadh
sos comhraic idir na hoidí agus Conradh na
Gaedhilge agus nuair a tháinig teachtairí ó
gach Cumann aca i gceann a chéile i mBaile Átha
Cliath chum go ndeunfaí gach aon rud sothuigthe
dhá chéile ba í ceist na Rinne ba mhó & ba theil-
geanta. Cuireadh gach aon choir ba shuaraighe
& ba Leanabhaighe ná a chéile im'leith-se. Dubhradh
go ndubhairt mé a leithéid seo chaint in a leithéid
seo thigh le n-a leithéid seo dhuine a leithéid seo
lá. Niór thug mé fé aon phioc den chaint seo a
bhreugnughadh acht theastuig uaim an sceul mar
a thuig mé féin é a chur ós a gcomhair.



“Creidim,” arsaigh mise, go bhfuilmíd go
léir ar aon aigne béidir maidir leis an sceul
so. Táimíd go léir sásta go gcaithfear an
Ghaedhealg a ath-bheochant; Tá sí beo, glórmhar,
fós i measc leanbhaí na Rinne. Ná fuilmíd
go léir sásta gur ceart léas a thabhairt dí san
áit sin. Ní féidir é sin a dheunamh an fhaid a's
atá oidí scoile na Rinne ag tabhairt drom-
láimhe dí. Ní fhuil an Ghaedhealg aca. Tá
siad san áit bun os cionn.



Bhí an Stairceach (go ndéine dia trócaire air)
tar éis an Clár dá Theangthach a chur orra an
uair seo (caithfe mé tagairt do so leis níos
soiléire in a dhiaidh so). Agus tá sceul na
Gaedhilge ag tosnughadh ar roint fáscadh a
bhaint as na haedheanna anois aca. Nár cheart,
ma 'seadh, arsaigh mise, go bhfuigheadh Conradh
na Gaedhilge, Cumann na nOidí Scoile, agus an
Stairceach sligh éigin a cheapadh eatorra chum
an sceul so a leigheas. Ná fuighfí na hoidí
seo a chur in áit éigin eile agus mar an bhfuil
aon ait eile a gheobhadh leo ná fuighfí comh-
líonadh a dheunamh leo ar chailleamhaint a slighe
maireachtana.”



Hut! ní raibh aoinne shasta liom. Eoin Mac
Néil féin ní bheadh sé sásta leis. B'é deireadh
an scéil é gur iarradh orainne congnamh a
thabhairt d'oidí na Rinne breis páistí a tharraing
isteach chum na scoile chucha sa tslighe go bhfuighfí
congantóir a mbeadh Gaedhealg aici a chur i
scoil na gcailiní. Ní raibh sa méid seo acht
fíor-thincéireacht leis an sceul agus dá chur ar
an meur fhada. Tá maith eígin deunta pé
sceul é agus molaim go hárd an obair atá
deunta & dá dheunamh ag Cáit ní Fhlannchaighe
don Ghaedhilg i scoil na gcailíní sa Rinn.



Deirim annso, aon áit a bfuil an Ghaedhealg
ag leanbhaí na scoile nach ceart go mbeadh aon
oidí ag deunamh teagosca dhoibh acht oidí a
mbeadh an Ghaedhealg ar a dtoil aca agus gur
i nGaedhilg ar fad a bheadh na leanbhaí sin ag
fagháil teagasca. Sin má táimíd a ndáiríre
i dtaobh cosanta na Gaedhilge.



Is eadh, tháinig an Stairceach go dtí an Rinn
agus cigire in a fhochair a raibh an Ghaedhealg
aige. Bhí sé sásta go mba cheart an Clár
dá theangthach a bheith is na scoileanna sin. Chuir
sé leitir ag triall ar an mBainisteoir dá rádh
go gcaithfí an clár dá theangthach a bheith ar bun
insan da scoil a bhí sa Rinn ó thosac bliadna na


L. 130


scoile bhí na gceann. D'innis an sagart an
sceul do don bpobal ón altóir an Domhnach
in a dhiaidh sin agus an raibh a fhios aca é féin a
bheith a gcoinne na Gaedhilge i gcomnuidhe mar
mhaith leo féin. Dubhairt sé go raibh Riaghaltas
Shasana anois ag cur na Gaedhilge mar oiblio-
gáid orra chum iad a choimhéad 'sa dorchadas i
gcomhnuidhe agus go raibh sé chum an cheist a chur
orra coicthidheas ón lá sin 'dé mhéid aca ar
theastuig an Ghaedhealg seo uatha is na scoileanna



Tháinig sé coicthidheas ón lá sin; dubhairt
sé go gcuirfeadh sé an cheist leath is amuigh
de gheata an tséipéil nuair a bheadh an t-aifrionn
ráidhte agus greim breacfaist ithte aige.
D'imthigh gach aoinne abaile dar ndóigh nó geall
leis. D'fhan thimcheall deicheanabhar is fiche
chum a rádh gur theastuig sí uatha. Bhíos-sa in
a bhfochair. Nuair a tháinig sé amach níor chuir
sé an cheist acht a rád. “Ní theastuigheann sí
uatha agus a rádh nár fhanadar,” agus d'iompuig
sé ar a sháil isteach arís. Scríobh sé go dtí
an Stairceach agus adubhairt leis ná raibh an
Ghaedhealg ag teastail ó mhuintir na háite,
gur chuir sé an cheist ós comhair an phobail agus
ná raibh aoinne dá lorg acht má theastuig uaidh
an dára teangan a bheith insna scoileanna so
go mba mhaith leis féin dá mbeadh an Fhrainncís
nó an Ghearmáinis ann.



Do fhiafruigheadh de ar ghnáth leis ceist
oideachais mar sin a chur i gcead na ndoine
agus dá mba ghnáth go raibh sé ag cur ceist
Bainisteoractha scoile na hEireann i gcon-
tabhairt. Acht pé sceul é go raibh ordughadh
oifig an oideachais le cur i bhfeidhim .i. go
gcaithfí an clár dá theangthach a chur ar bun
gan aon stad. Cuireadh an clár sin ar bun
& bíodh san mar atá.



PADRAIG Ó CADHLA.



DIXON & HEMPENSTALL



Fir Deunta Speuclairi.



SEOMRAI UM TASTAIL RADHAIRC AR OSGAILT GACH LA



Támuíd tréis na cóireacha is deidheannaighe
ceapadh chun gloiní (lensaí) chur i dtreo d'fhághail.



Cuirimíd shuim speisiáltha in oideasaí liagh-súl.



Nuair a chuireann tú fios ón dtuaith ar rud
cuirimíd chughat é an lá ceudna.



SRAID SUFFOLK, 12, ATH CLIATH.



TOBAR NA FÍOR-
GHAEDHILGE
I
RINN Ó gCUANACH I
nDÚTHAIGH DÉISEACH.



CAITH DO SHAOIRE AR DO SHUAIMH-
NEAS ANN AGUS RAGHAIDH SÉ
CHUM TAIRBHE DO SHAOGHAIL AGUS
DO SHLÁINTE.



Tá tigh fada fairsing i gcomhair bhídh,
iostais, agus an mhúineadh ag lucht
Iolscoile na Mumhan ann — an fhar-
raige i mbeul an doiris aca agus
cóir folcadh idir Shamhradh agus
Gheimhreadh.



Tá táisc agus tuairisc an Scoil
Samhraidh i mbaile a's i gcéin.



SCOIL NA LEANBHAÍ



Fé chúram “An Fhir Mhóir” — Fear
“An Ghéilín,” Fear “An Bhreugáin,”
Fear “An Fhéirín,” agus Fear “An
tSeanchuis.”



“Ní mhúintear Gaedhealg annso,
labhartar í” — tuairisc Sheoirse Mhic
Niocaill ar obair na scoile.



Tá gach fios agus faisnéis le fagháil
Ó'N bhFEAR MÓR
I RINN Ó GCUANACH.



Nó ó PHÁDRAIG Ó CADHLA,
i Lúbán Díge,
i gCo. an Chláir.


L. 131


RÉILTHINÍ ÓIR II



Isé dubhart féin nuair tháinig cuid a haon
den leabhar so fé chló ná gur fíorlaoch an té
bhí ina bhun má's rud é gur thuig sé i gceart ó
thúis a mbeadh dá dhuadh aige sar a mbeadh críoch
ar a shaothar. Agus deirim an rud céadna tar
éis cuid a dó a léigheamh go mion mín.



Tá isteach is amach le cheithre míle cinnfhocal
siubhalta ag an Athair Seoirse Mac Clúin agus
cur-síos déanta aige ar abartaibh beódha bríogh-
mara ag baint le gach focal díobh nach mór.
Isé atá insa leabhar ná an sórt oibre atá curtha
in ár gcóibeannaibh de fhoclóir Uí Dhuinnín
ag a lán againn le fiche bliadhain anuas: dhéar-
fainn go bhfuil an oiread sómplaí agam féin
is mar atá insan dá leabhar san Réilthíní Óir.



Is fíormhaith an múnla é seo atá leagaithe
os ár gcomhair ag an Athair Seóirse. Do chuir
Tomás Ó hEidhin aisti 'en tsórt chéadna as an
gClaidheamh Soluis roinnt bhliadhanta ó shoin, acht
is mór an iongna é nár chuimhnigh éinne go dtí so
ar leabhar a dhéanadh ar an gcuma san. Dar
liomsa ní féidir éanfhoclóir iomlán a chur le
chéile i gcóir na Gaedhilge atá i mbéalaibh ár
seanfhondúirí indiu go dtí go mbeidh leabhra
againn ar dhéanamh is ar imtheacht na Réilthíní,
ó n-a naoi nó a deich de cheanntaraibh, (1) Oirthear
Mumhan, (2) Múscraighe, (3) Béarra, (4) Uibh
Ráthach, (5) Tuadhmhumhain, (6) Conamara is na
hOileáin, (7) Acaill, (8) Dún na nGall, Doire,
is Tír Eoghain, (9) Reachra; agus scríb éigin
ar Uíbh Méith Mara, Fearnmhughe, agus ar Chill
Chainnig. Go dtí go mbeidh a fhios againn go
cruinn cad atá le fághail insna hionadaibh sin
is baoghal ná beidh ár bhfoclóirí acht go bearnach
manntach, easnamhach, agus an uair sin féin
b'éidir go mbeadh mórchuid eile le déanamh.



Budh bhreagh an scéal é, gan amhras, a bhfuil
de Ghaedhilg fós ag ár seanóiribh a bheith brea-
caithe os ár gcomhair i scéaltaibh agus in aistíbh
bhríoghmhara, dá bhféadtaidhe é, acht an uair nach
féidir ní léir dam éintslighe is fearr chuige
'ná imtheacht an leabhair seo.



Níl éanagó ná gur áluinn an raidhirse focal
atá breacaithe insa leabhar so, agus ná gur mó
ciall nár chuala cuid againn cheana atá le cuid
aca. Acht níor mhór dúinn a fhios a bheith againn
an ó dhuine nó ó bheirt nó ó thriúr a fríoth na
focail sin agus a mbrígh, mar, muna bhfuil na
daoine sin go hanachruinn agus go hanugh-
darásach do thárlóch gur camchomhartha atá curta
suas aca go minic ag na crosróid agus gur ab
amhla bheidís ag cur símpleóirí ar seachran.



Níor mhór damhsa, ar éanchuma, a fhios a bheith
agam cé hé an Gaedhilgeóir a shíneann a mhéar,
dom stiúrughadh go Tiobrad Ára nó go Cathair
Uí Mhidhe. Fuaireamair ár sáith den mhítreó-
rughadh i leabhraibh dinnseanchuis roinnt bhliadhnta
ó shoin, agus d' aidhneadar san an t-amhras in a
lán againn.



Má chuireann daoine chum leabhra ar an
ndéanamh chéadna a dheanamh le haghaidh dúithí
eile, do chomhairleóinn dóibh leanamhaint do
leitiriughadh Uí Dhuinnin, ionnas gur bhfusade
na leabhra go léir a chur i gcomh-mheas ar ball.
Beidh an scéal ina phraisig má dheineann muin-
tir Thír Conaill aithris ar an obair seo agus a
leitirughadh féin a chur síos, má scríobhaid
“hinfin” in ionad “cheana féin”: cá measa
é sin 'ná “unúmha” féibh mar atá i Reilthíní
Óir i gcóir “ionbha,” nó “umhlata” in ionad
“ionnalta, ionnlata”? agus tá focail eile
díreach chomh fada ó bhaile is mar atá an dá
cheann san .i. chomh fada ó chéile is mar atá “i”
agus “u.” Agus cad n-a thaobh ná cuirfaidhe
“ionnfairteach” go luath i ndiaidh “ionnfairt”
agus gan aonfhocal nodh a chur isteach i mball
eile .i. “únthairteach”? Bh'fhuiris “ionnfairt”
a dh'aimsiughadh, bíodh ná fuil ag Ó Duinnín
acht aon ‘n’ amháin sa bhfocal. Bheadh an scéal
go maith acht iad a scríobh mar seo: Ionbha
(unúmha); ionnalta, ionnlata (umhalta, umhlata);
ionfairt (únthairt); uireasbha (ireasa); iscalán
(ioscalán); umán (iomán) nó iomán (umán)
fiuchadh (fliuchadh!); trúig (trúin!) iogán
(ugán); iarsma (iasma); oscal (ioscal), umall
(imeall), etc. Níl ceanntar in Éirinn n-a
bhfuil an Ghaedhilg beó fós ann ná go bhfuil
deifir éigin, beag nó mór, sa bhfuaim aca ar fhoca-
laibh áirithe seochas an chuma ina bhfuilid scríobhtha
sa bhfoclóir, acht ní hionann san agus a rádh gur
ceart leitiriughadh fé leith a bheith againn i gcóir
gach ceanntar go haonta. Cuir síos an fhuaim
má's maith leat é i ndiaidh na gnáthchuma: bíodh
an tosach ag an leitiriughadh coitcheann; má
ghabhair bunoscionn leis an riaghail sin beidh an
scéal ina chíorthuathal agat, na bíodh eagal ort.



Ar leathanach a 267 an leathanach deiridh díreach,
a gheibhim an focal is fírinnighe sa leabhar ar fad,
agus sidé é “Tá mianach an Bhéarla imithe
isteach in sa nGaoluinn atá againn.” Nil
éanagó ná gur fear tuigsionach adubhairt an
méid sin, agus is truagh gan a shanas againn.
I ndian-aindheóin a bhfuil dfhoclaibh breaghtha


L. 132


Gaedhilge aca i gCorca Dhuibhne ní dócha go
go bhfuil mianach an Bhéarla imthighthe chomh mór
san isteach in éinleagan eile Gaedhilge is mar
atá i gcainnt mhuinntir an cheanntair sin. Ní
héanlocht é sin ar an té chnósuig an leabhar.
acht sidé “an chéad scoth a thugas liom ó uachtar
bhinn na Gaoltachta” adeir sé sa Réamh-rádh,
Bheinn-se níosa bhuidhchaighe dhe dá bhfágfadh sé
an cáthadh Béarla sa díg aca thiar. Cá raibh an
gábha le turas go Ceann Sléibhe chum lán 'e
mhála de théarmaíbh gallda a dhfhághail agus iad
a chur i leabhar le míniughadh i nglan-Ghaedhilg?
Gheóbhainnse leabhar mór toirteamhail a líonadh
le foclaibh dem cheapadóireacht féinidh, mar seo:
drain-áil, train — áil, pass — áil bind — áil, build
— áil, grind — áil, round — áil, meet — áil, quilt
— áil, — job — áil, joult — áil, loose — áil, caper —
áil — bother — áil, batter — áil, clatter — áil, polish
— áil, whitewash — áil, etc. Táid siad san
chomh maith le n-a lán dá bhfuil le fághail insa
leabhar (chonnac ‘batráil’ ann i mball éigin,
acht ná haithneóch éinne air-sean ná fuil ann
acht ar gcara ‘batter — áil’ fhé léir-bhréigriocht?
Agus féach ‘strupálaim’ ‘stradhnálaim, strá-
cáil, snácáil, etc.



Tar éis a bhfuil de Ghaedhilg bhreagh aca is
eagal liom gur shuarach é a gcor sa tsaoghal in
iongnais dosaein focal, cuir i gcás: amach,
suas, timpal, siúl, síos, tógaim, meáite, tui-
tim, tóin, seans, etc. Dún do shúile, oscail an
leabhar, agus gheobhair rud éigin den tsórt so i
mball éigin ar an leacain .i. Tá an lá ag breathú
suas (184), nuair a bhí m' am suas leis an
máistir (185), ní féidir liom aon talamh a
dhéanamh ar na heascainithe — ní féidir liom iad
a thabhairt suas (eiríghe asta) (197); níor fhéadas
mo sprid, nó mo spridí, do choimeád suas
(170); tá Tomás imithe siar an cnoc thímpal na
gcaorach — mar gheall ar na caoire (218); é
shocrú suas (219), tá sé seo ana-thiubh ag tuitim
amach (220); tá árdeólas ag an ndochtúir
timpal na gcluas (11); bfhearr liom ar (? an)
fear thíos a mhúscailt ná bheith rith síos na gcomh-
arsan (60). Is dócha go gceapaid i nDuibhneacha
go bhfuil barr áilneacht na teangan aca insna
habartaibh sin; má cheapaid níl éinleigheas
againn-na ar a gcor. Tá “seans” ina mbéal
aca go hanamhinic, agus cadé an díoghbháil acht
focail Ghaedhilge aca go líonmhar mar mhalairt
.i. eitim, am, caoi, aga, uain, faill (186). Nuair
is áil le daoine eile a rádh ná fuil éanfhághail
aca air seo ná ar siúd, no ná fuil éandul aca
air, tá cuma fé leith aca i nDuibhneacha .i.
aon tseans air go dtógfad an scrúdú mar
táim ró-lag (138). Nach mór an truagh nár
caitheadh i leathtaoibh na céadta is na céad ta is
na céadta abairt gan tábhacht den tsórt san
atá ag lot spáis insa leabhar? Ní fheicim
féin éanphuinn riachtanais le sna téarmaí sin
slupar-slapar, neúmha-neámha, neúdar-neádar,
neúdaimí-neádaimí, spior-spear.



Budh mhór an nidh an leitiriughadh céadna a
bheith ar fhocal ó thúis go deire. Tá oidhche, oithe,
oiche, insa leabhar so in ionad a chéile. Ta an
cló go breagh soiléir, agus gan ann acht fo-
dhearmad, acht tá a trí nó a ceathair de cheannaibh
ar leathanach 80.



Is mó san focal atá ann fé dhá chuma, agus ní
gábha dham acht cupla ceann a luadhchant .i.
tiargálaim'tíorgálaim; naoidheanta — níanta.
Níl éindeallramh ar ‘níanta’ mar chinnfhocal:
b'é rud budh cheart a dhéanamh leis ná é chur mar
‘fhuaim’ (agus ‘fiarfhuaim’ féin) fén bhfocal,
‘naoidheanta,’ go dtí go socrófar ar ‘naointa”
i gcóir ár bhfoclóirí, bíodh ná hoireann san go
cruinn don bhfuaim, mar tá an dara ‘n’
leathan le ceart.



Tá anachuid focal Gaedhilge ag muinntir
Chorca Dhuibhne, acht ní fánach an focal bunoscionn
leis an gcuma ina bhfuil sé i gceanntaraibh eile
agus sa leitridheacht. Ní gábha a luatchant acht
cúpla ceann: ruaisc atá aca don bhfocal is
rúisc i dTuadhmhain agus in oirthear Mumhan;
trúin ar trúig; tutanáluidhe ar tuatalánuidhe(?)
tún ar thonn; teallaire ar tallaire (?). Acht
ar an dtaobh eile dhen scéal, tá nidhthe sa
leabhar so, go bhfuil deallramh ortha seochas an
chuma ina rabhadar againn go dtí so: Chím spioda
fiatha ann; spide fighe a bhí againn cheana.



Is dóch gur luchtaí cló iad so .i. glocan (93);
ar an slí seo is ar an slí siúd (151); ar an
dtaobh súd (208); thit an fear bocht leis an
ol (250); cheithre huaire fichid (218); in ionad
cheithre huaire fichead; nílim baoch dom shláinte
(152); sciorlach mar chinnfhocal (125); sgiorlach
(142), gan de dheifir eatortha acht c, g; caora
odhara seadh na caoira so (67), acht ar leathanach
205 “tá na caoire &c” — B'eidir go n-abraid
ar an dá chuma é, acht má abraid tá an scéal
meas-caithe go maith aca, mar, féach 97, “tá an
bhó, an chaoire, 'na reangartach,” agus 93
“tugtar raispín ar chaoira &c.”



B'fhearra dhon té ná fuil acht ag foghluim
gan gach nidh riamh dá bhfuil sa leabhar a ghlacadh
mar thalamh slán nó beidh cathughadh air, mar
shampla “táim gan bearra chomh fada le riamh”


L. 133


(99); níor b'éanchaill ar domhan an abairt sin
dfhágaint thiar aca — beannuighmís uainn siar
é!



Le deich mbliadhna anuas níor cuireadh fé chló
dhúinn in aon iarracht amháin an oiread seóda
is mar atá le fagháil i Réilthíní Óir, agus bheidís
san féin níosa luachmhara 'ná mar atáid dá
mb'áil leis an ughdar gan a bheith chomh taitneamhach
don mórthuile den ghalldachas atá le fághail
i nDuibhneachaibh: is ait ar fad agus is imigéi-
neach an cnuasach dfhoclaibh gallda a gheóbhthaidhe
thiar aca, acht ní mheasaim gur bhfiú iad san a
chur i leabhar leó féin, acht budh mhaith do bfhiú
iad a chur i gcompráid le foclaibh an Yóla a
bhíodh dá labhairt i Loch Garman céad bliadhain
ó shoin.



Insna Réiltíní Óir tá sampla foghanta is
inleanta agus sampla is intseachanta chomh
maith, don té gur fonn leis tabhairt fé Ghaedhilg
éincheanntair eile. Tá mórchuid tairbhe le
fagháil ionnta ag an bhfoghluimóir ina theannta
san acht bheith aireach.



FIACHRA EILGEACH.



AN DIAMOND BUIDHE.



Bhíodar araon ag brostú leótha go tiubh
“Cad é an áit é sin a mholan tu?”



“An Réilthín, is is baol liom go mbeimíd
déanach. Tá sé tréis a dó anois.”



“Cuma san, ná bíon an bia ar fóghnamh ann.
'E sin is an goile. Iosfainn féinig na clocha
glasa ag an ocras i láthair na h-uaire? Seadh,
seo 'gainn é.”



D'aimsíodar bórd deas i gcúinne den
tseómra ar ar dtaobh clé is shuidheadar síos
dóibh féinig. Phreab an freastaluí chúcha is an
cárta aige.



“Mairt-fheóil,” arsa Peats — Peats Mac Eóin
— nuair a bhí an ainirithe sa tsiúl aca. Chífimíd
i dtaobh an chuid eile ar ball.”



Agud bhaineadar súlach as má bhaineadh riamh.
Níor bh'aon úna é. Bhí ainm ‘An Réilthín’ i
n-áirde ar fuaid na cathrach i dtaobh feabhas na
mairt-fheóla is an bhrannda. Bhí clú is teist
air.



“Jimín,” arsa Peats ag gearra na feóla 'na
mhion-choda dó féinig go neafuiseach, “an
bhfeicean tu an triúr san atá díreach treis
teacht isteach? Féach, i n-ainm Dé, is tóg bog é
nu braithfar thu.”



D'iompuigh Jimín tímpal go mall Stróinséirithe,
dar ndó. Chuirfeadh éinne suím ionnta. Ach
nuair a bhí sé casta thar n-ais airíst bhí cuid den
ndearg imithe as a aghaidh.



“Bheul?”



Tóg Jimín go bog é, is níor labhair sé go ceann
nóiminte. Bhí sé tagtha chuige féin fé sin.



“An Barrach, má mhairim beó, an duine is
óige aca. An Faoiteach ón dTig an duine is
giorra dhó, is n'fheadar cé 'n tríú buachail.
Táid suite síos chun búird anois. Tá's aca,
am baic, go bhfuilimíd-ne anso.”



“Soiléir go leór, is dóc. Ach tóg socair é.
Ní gá an chorrabhuais. Fanfaid ansan go fóil.”



“Agus sinne? Nách fearra an bóthar a bhuala?
Fanacht anso! Ní féidir é. Béarfar orainn,
is ansan —. Dúbhart leat fé dhó, fé thrí, fiche
uair, nách ceart é dh'úmpar tímpal ar an gcuma
san. Is anois? Ní h-aon tairbhthe é thógaint
socair. Sinne, a bhuachail, a togfar go socair
is ansan na blianta fada rómhainn.”



“Mo náire thu, a Jimín. Ní mheasfainn go
deó go raibh an mheathtacht éachtach úntach so id
chroidhe-se. Ní mheasfainn. Agus féach, ní
fearr é cheilt ort. Tá sé im póca anso. Póca
bheiste. Ní dh'fhéadfainn scarúint leis. Bhain
an iomarca trioblóide leis an iomarca ar fad.
“A Fhreastaluí!



“Ubhla anso. Ubhla róstuithe. Is brostuigh,
an dtuigean tu? Tá cáirde ag feitheamh linn.



TÁILLIÚREACHT.



AGHUISTÍN Ó hAODHA,
(Fáinneach),
16 Sráid an Húmaigh,
Ath Cliath.


L. 134


“Seadh, mar a dubhart ó chianaibh, Jimín, an
mhairtfheóil is an brannda a thug teist is clú
don dtig seo. Tá an buidéal beag so daor
go leór, ach tá an mianach ann, an braon fóghanta,
an blas —.



“Go maith, a fhreastaluí. An t-uachtar, Jimín,
is an siúicre.” Is tosnuigh sé ar an t-ubhal
a bhrise is a bhrú is a chárna i lár an pláta.
“Tóg socair anois é. Táid chughainn.”



“Dia is Muire dhuit, a Bharraigh, is daoibh-
se, leis. Tá fáilte rómhat, a chara. Ná
suidhfá? Is féidir liom an brannda so a mhola.
Gloinne eile ansan, Jimín. Seadh, is fearr é
sin. Ach an dtuigean tu, ní gá dhuit mo lámh a
bhrú mar sin. Ní gá go deimhin. Tá súil agam
go bhfuilean tu ar fheabhas. Is do cháirde anso?
Duine díobh ón dThig, cloisim. Is an fear eile?
Ach, dar ndó, tá an leath-chuma aige orm. Ní
cuimhin liom go bhfaca cheana é. Díreach ansan !
Do chárta. An cómhngar chun daoine do chur i
n-aithne. “Domosco Mac Stánaire.” Ridire
an stáin is síol an tuíncéara. Gloinne eile,
Jimín, led thoil, don bhfear uasal so. Bínn
liom —”.



“Triomuigh suas, Mac Eóin,” arsa Domosco,
“is seo leat. Tán tu ann airíst. An Diamond
Buidhe an trus so. Seo libh go dtí uimhir 23.”
“Ná h-abair é go fóil,” arsa Peats, is an
solus geal 'na shúile. “Féach ar an mBarrach
anso. Aithníon seisean an mianach ceart. Is
níl aon mhóráil air. B'fhearra dhuit an saol a
thógaint bog go fhóilín is ansan má caithtear
e dheunamh bhuel —. An bhfuil aithne agat ar
mo chara anso, Jimín? Tá ana-mheas aige ar
an mBarrach. Go deimhin duit —.”



“Críochnuigh é, a scaothaire, mar ní bhfuighidh tu
a leithéid eile go fóilín is ansan cuir fút go
socair iad gan raid a dhéanamh. Féach” — ag
deimhniú bolga amach 'na póca — “tá an duine
uasal anso is ní fearr é chur chun feirge. Ól
siar é.”



“An gcloisean tu, Jimín? Tá cuireadh fachta
againn ó sna h-uaisle seo is ní bhainfeadh sé
le béasúlacht é eiteach. Stuif mhaith, a Barraigh.
Seadh díreach, bhí fhios agam go raibh an blas ceart
agat. Féach, Domosco, ní maith liom tu bheith
ag imeacht óm bhórd gan rud eigint a thógaint —
chun an mhuíntearthais, an dtuigean tu? Tá
go maith, má seadh, ní bhrúghfad ort é. A
fhreastaluí, coimeád an bórd so dhúinn, an
brannda so is na h-ubhla. Táimíd ag dul suas
go dtí uimir 23. Cáirde linn iad so, an
dtuigean tu? is coimeád an bórd is na h-ubhla
— is gan an brannda a dhearúd. Anois, a
dhaoine.”



“A Pheats,” arsa Domosco, nuair a bhíodar go
léir sa tseómra is an doras fe-ghlas. “Tá
ana-mheas agam ort, ana-mheas go léir, is
téighean sé go lár mo chroidhe isteach a dh'iarraidh
ort iad a bhaint díot. Ní deas ná deas a
leithéid a dh' iarraidh ar dhuine uasal istig i
dtig ósta mar seo go mór mór agus níor mhaith
liom go dtógfá orm é. Agus ós ag trácht
air sin é thabharfainn mar chómhairle dhuit — an
bheist anois — bheith níos cúramaighe. Níor cheart
duit an cuntas cinn lae sin a d'fhágaint id
dhiaidh. Na bróga anois is na stocaí. Fuair-
eamair greim ar an dtríú duine mar sin, fág
is nár geal linn é. Agus go deimhin niór
cheart dó scéachtaint mar sin. Ní raibh puínn
den ndílseacht ann. Toibh do cháirde; a
Pheats an chroidhe istig agus dein criathairt
ortha.”



Thugadar leath-uair an chluig don gcuardach —
gach blúire de sna h-éadaighe. Níor chuaidh
na léinte féinig saor, ach bhí gan treabha.



“Dúbhart libh,” arsa Peats, do ghlór brónach,
“nár dheas é an íde seo a thabhairt do cháirde.
Mo náire sibh. Mo bhéal, an ndeir tu Domosco?
Mo chuid féinig gach ceann díobh. Dhá uair sa
ló a dheinim iad a sciomra. Salan is luaithreach
totóige. Dúbhart go minic leis an mBarrach
ansan —.



“Ach i n-ainm na scine cad tá ag teacht air?
An Brannda i am briathar. Ní raibh an cleachta
aige ar an sagas san. N' fheadar dá bhfuigh-
míst —.



Bhí an Barrach bocht 'na luighe le h-ais an fhalla;
an béal ar oscailt aige: an follamhas 'na
shúile.



“Cuir ort iad,” do scread Domosco ag
siosarnaigh tré n' fhiacla. “Tá agat an trus
so ach nílim-so réidh leat fós.”



“Tá úntas orm is alltacht croidhe, Domosco,”
arsa Peats, á chóiriú féinig ar a dhítheal. “Tá
san. An déanamh so a thabhairt do dhaoine gan
chúis gan iarraidh is gan párdún a dh' iarraidh
ná leath-scéal a ghabháilt. Mo náire thu. Mar
sin héinig maithim duit é. Tán tu saonta fós.
Slán agaibh anois is tugaidh aire don mBarrach.
Tá súil agam go bhfuil an bórd coimeádta
dhúinn.”



Ach bhí an díombá ag feitheamh leó. Ní raibh
úbhal ná buidéal ann. Bhí an freastaluí imithe.
“Th'anam 'on scian,” arsa Peats go h-árd, is
rabharta feirge 'na ghlór, “is nách deas an gnó


L. 135


é seo. Na h-úbhla is an Brannda imithe chun
siúil is an dial san glanta amach. Is deas an
chóiriú é seo —.”



Ach tháinig focal isteach go raibh gluaisteán
ag feitheamh leó amuigh.



“Is beag an sásamh é, Jimín, ach beimíd ag
imeacht. Má thárlaíon a leithéid airíst —.”



Chuir sé galún petróil isteach san umar,
thug casa don mborrathóir, is bhí an roth 'na
láímh aige díreach nuair a phreab Domosco
amach air.



“Fóil ort, a chladhaire,” is bhí an gunnán 'na
dhorn aige. “Dubhart ná rabhas réidh leat.
Seo leat 'on stáisiún.”



“Agus an míneófá dhom led thoil Domosco —?”
“Tabhair aire don roth ansan is triomuigh suas.
Ní beag a luaithe dhuit.”



“Deintear an stán a chuardach is an t-umar”;
an t-órdú a thug sé nuair a bhí an stáisiún bainte
amach, “is iad a chuardach go mion. Gheófar an
Diamond Buidhe istig i gceann éigint aca.”
Dheineadar cuardach, ana-chuardach, is Domosco
ansan ar nós cú fola, a cholan ar crith, gach ball
de, is na súile ag léime amach as a cheann.
“Bhí rud ann, dar ndó. San umar. Seadh,
san umar. Thíos sa tóin. Tha anso sa cúinne.
Cuir do lámh isteach. Ní baol. Go maith, go
maith. An dial i n-ifrean —.”
Thuit Domosco bocht i bhfanntais, geall leis.
Tugad amach —. Cad déarfá? Tugadh —
pinghin.



“Níorbh 'fhiú dhuit é. Domosco. Níorbh 'fhiú,
im thuairim-se. Agus ansan an cur-isteach a
dheinis orm. Tionóisc bheag é sin nuair a bhíos
ag cur an phetróil isteach. Agus féach, arsa
mise liom héinig an nóimint sin díreach ‘chífidh
Domosco é seo is preabfar airíst orainn.’
An t-é go mbíon an donas air ar maidin bíon
sé air tráthnóna, leis. Bhí gearra-thrus le
tabhairt agam is ní féidir liom breith ar an
dtraen anois tréis an méid seo. Mar sin
héinig is maith an ní go bhfuil an phinghin fachta
thar n-ais agam.” …



Cois na teine dhóibh an oíthe sin.



“Cad a dheinis? Nú conus a déinis? Nú i
n-ainm na mbraitheadóirí go léir a mhair riamh
ó thosach an tsaoil cá bhfuil sé agat? Táim
dall is caoch amach agat.”



“Símplí go leór. An cuimhin leat an freas-
taluí sin? Bhuel, an dtuigean tu, tuig seisean
an scéal. Thuig sé mo chainnt. Dheineas an
t-ubhal a bhrise is a bhrú is an t-uachtar a leathnú
tímpal air. Bhí an Diamond Buidhe istig
ann!”



SEÓIRSE MAC CLÚIN.



NA SEAN FHOCAIL.



Chómh fada siar is tá aon chuímhneamh i m'cheann
ba mhaith liom bheith ag éisteacht le caint is le
cómhradh na seandaoine.



Ba dheas, cruinn, oireamhnach do thairigdís na
sean-fhocail chúcha 'sa chómhradh; acht níor cuireas-
sa puinn suime ionnta chun ghur fhágas an baile,
agus mé naoi mbliadna déag d'aois.



Do casadh Dáith Ó'Coimín orm bliadhain na
dhiaidh sin; agus ó'n lá san go dtí lá a bháis,
sé bliadna déag ó sin, bhí ana-chaidreamh againn
ar a chéile.



Bhí an chaint go maith agam, acht níor
leagas mo shúil ar leabhar gaedhilge chun
gur bhuail Dáith umam. D'iarr seisean
orm na sean-fhocail agus na sean-amhráin a
chuala, do scrí síos i leabhar. Do dheineas
rud air, agus do chuir seisean a lán aca i
g“Cúinne na Gaedhilge” a bhíodh aige ins na
páipéaraibh annso i mBaile Átha Cliath agus i
gCorcaigh, sul ar cuireadh “Irisleabhar na Gae-
dhilge” ar bun i mbliadhain 1882. Bhí suas le
trí chéad sean-fhocal bailighthe agam; agus
nuair do bhíos ag srí ádhbhar an Leabhar Cainte
i gcóir Oireachtais na bliadna 1901, do
chuireas a raibh bailighthe agam in deire an
leabhair; acht táim lán t-sásta gur chuala a
dhá oiread eile aca ó's na sean daoine i bparóiste
na tuatha, agus mé imh gharsún.



AN ÓIGE.



Is dócha gur ceart dom tosnughadh leis An
Óige.



Mol an Óige agus tiucaidh sí, mar



Bíonn gach tosnúghad lag, agus



Ní de'n adhbhras an chéud t-snáith; acht ní dócha
gur ceart iad a mholadh ró-mhór, mar deir
sean-fhocal eile gur mairg a mholfadh le
h-eagla go gcáinfeadh. Acht is truagh
daoine óga a cháineadh mar



Is iomdha croiceann a chuireann an óige dí,
agus



Ní féidir ceann críonna a chur ar cholainn óig.



Seo sean fhocal a chuala ó m' shean-athair.
Ní deirim ná gur mó an bhaint atá aige le daoine
aosta na le daoine óga.



Bí bagarthach, acht ná bí buailtheach, agus



Ná feic a bhfeicir is ná clois a gcloisir. Súil
chaoch agus cluas bhodhar a thabhairt go minic
do mhion-rudaí a bhaineann leis an aos og.


L. 136


MAGADH.



An rud a scríobhann an púca, léigheann sé
féin é.



Ni fheadar féin an fíor an sean fhocal i dtaobh
an phúca, acht is minic ná fuil ann acht leath na
fírinne idtaobh duine saoghalta. Is dóca
gur minic a chualabhair



Asachán a chiotail leis an gcorcán agus iad
araon chomh dubh leis an súgha. An té go
mbíonn gach éin-ne ag tromaidheacht air,
ní bhíonn de shásam aige acht a rádh:



Pé duine ólann é, sé Domhnall a dhíolann as.



Mair a chapuill, is gheobhair féar, acht



Faghann an capall bás an fhaid is bhíonn an féar
ag fás. Agus ó is ag trácht ar an gcapall
atáim, ní miste dhom an dá shean-focal so
a scaoileadh chughaibh.



Tá a spuir féin is capall dhuine aige, agus
is úr é stiall de leathar dhuine eile. Ta fhios
ag an saogal



Gur maith an t-iománaidhe an té bhionn ar an
gcláidhe, agus



Gur minic fear mór gan a phaidreacha.



Dúbhairt duine éigin
Nách iad na fir mhóra a bhaineann an foghmhar
ar fad. “Baineann siad a gcuid de” ar
sa fear mór a bhí ag éisteacht leis.



Is ro-dheas a thugann an dá shean fhocal so le
na chéilé.



Ualac mhic leisce, beireadh leis nó fágadh,
agus Fill orm adeir an droch-ghnó.



Fear caithteach scléiptheach a bhí ann, agus
dúbhairt duine éigin leis.



Is breágh an saoghal agat é, muran déirc a
dheire duit;
“Má seadh féinig” ar seisean
“Is aerach an obair sin.”



Is glas iad na cnuic a bhfad uainn,
Acht má is glas iad ní féarmhar, agus



Is mór taidhbhseach iad adharca na mbó thar lear,
is gan ionnta acht taidhbhse gan tairbhe.



Ni gádh dhom a radh libh, a cháirdí,



Ná dhéanfadh an saoghal capall rás dh'asal,
agus gur suarach le radh



Sop in-áit na scuaibe — an trathar i leaba na
diallaide, atá ag Gaedhil na h-Alban air.



Tóg uaim é, is gan uaim acht é, a deir duine go
minic, acht ní cruinne é mar sean focal ná
Tabharthaistí Bhriain, 'sa a dhá shúil na ndiaidh.
An té bhí ag roinnt na hÉireann, nior fhag sé
é féin chun deiridh. Níor fhag, ná



An té bhí ag roinnt an domhain, mar d'fhág sé
rogha aige féin. Fear gan náire abheadh gach
duine aca, acht



Do dhuine gan náire is usa a ghnó á dhéanamh.



PÓSAD.



A bhuachaill beidhir buartha go bpósair
'S ó'n uair sin níl suaimhneas go deo dhuit, már
Ní féasta go rósta, agus ní céasta go pósta.



Ba dheacair géireacht an t sean-focail seo
do shárughadh:—



Fínné dhuine bhréagaigh a bhean.
Agus is dócha gur fior é, gurab olc sonuachar
ingean na máthar éascaidhe, an mháthair go
saotharach, agus an ingean diomhaoin droch-
ghnóthach.



Níl aon amhras ná gur fear a cheap an sean-
fhocal so.



Níl duine go mbéadh bodóg aige ná
Faghadh stopóg a chrudhfadh í.
Acht is dhóig liom go raibh an bhean
Maith a dhóthain do adúbhairt,
Tóg banbh as banbhaidhe, agus leanbh as
leanbhaidhe;



Ná tóg peata an chaillichín i n ao' chor.



AN CAT.



Olann an rígh fuigheallach an chait, agus
Dá mbéadh cuigeann ag an gcat ba mhinic a bas
innti; agus ó is fíor é



Go mbriseann an duthchas tré shúilibh an chait,
Cad a dhéanfadh mac an chait acht luch a mhar-
bhúghadh.



Ar mhaithe leis féin a dheineann an cat crónán,
agus is ró-deas an troscadh e



Troscadh an chait cheannfhinn,
Iosann sé feoil, acht ní hólann sé bainne.
Ní deirim na go bhfuil stiall mór de'n fhírinne
'sa tsean-fhocal so:



Bean mic is máthair céilé,
Mar a bhéadh cat is luch ar aghaidh a chéilé.
Cleamhnas na gcat, cléamhnas an achrainn agus
an mhí-ádh



GAOL.



Trian gaoil caidreamh, agus
Dá ghiorra dhuine a chóta, is giorra dhó a léine.
Ó is mar sin atá an scéal ní h-iongnadh linn
Gur báidheamhail iad lucht éin-chine, agus
Gur neambuan é cogadh na gcarad,
Má bhíonn sé cruaidh ní bhíonn sé fada.


L. 137


Is geal leis an bhfiach dubh a ghearrcach féin, agus
sean-focal eile adeir



Gur geal leis gach colúr a ghearrcach féin,
agus tá fhios ag an domhan gur grándha salach
an aithid é gearrcach an cholúir.



Is mairg a bhionn i dtír gan duine leis féin,
Mar lá na bruíghn' seadh luígheann an bata ar
a thaobh.



Agus ar a tharrac chun cill ní bhíonn aon chara
'n-a dhéidh (dhiaidh).



CRÍOCHNAMHLACHT AGUS GASTACHT.



Is fearr crích ná gnó;
Is eascaidhe nóin ná maidean, agus
Ní raibh eín-ne riamh ar a dhícheall an lá breágh;
acht



Má tá céad gnó againn tá céad ló againn,
agus Is iomdha lá bheidhir ar thaob an teampuill
is ná h-iarrfaidh do dhranndal biadh.



Seo sean fhocal adeir
go mbailigheann brobh beart, agus go
ndéineann sop nead, nó go ndéinean beart
stáca.



Is minic do chuir fear na luaithe fear na cruaiche
amach, mar



Imthigheann gach maith le mionchaitheamh,
agus Is fearr suidhe in-aice ná suidhe i n'
inead.



Ní gádh dhom a radh libhse anois,
agus seana Lá Márta nach mór buailte linn,
Nách é lá na gaoithe lá na scolb.



CREIDEAMH AGUS CRÁIBHTHEACHT.



Is giorra dhuine cabhair Dé ná an doras,
acht mar sin féin,



Iarrann Dia congnamh.
Ní bheathuighid na bréithre na bráithre;
agus dá chómhartha san féin,



'Sé deire gach soiscéil an t-airgead.



Níl tuitim focail ar an té a chimeádann a bhéal
dúnta, acht



Bí seachnach ar an té ná labhras breis;
Is samhail dó bheith na dhuine mhíogach
Mar an áit is réidhe go ngabhann an t-eisc
(uisce)



Is ann is doimhne díogach.



Is maith an capall ná faghann barra thuisle, agus
Is mór an truagh an té dheineann aimhleas;
acht, má seadh



Is fearr le duine órdlach dhá thoil ná bannlámh
dha leas, mar gur



Beatha dhuine a thoil.



'Se deir sean focal eile na gur
Teasbach dearg nó fíor riactanus seadh is nó
a chuireann duine ar aimhleas.



Agus ta fhios againn go leír
Ná fuil aon choill gan a dhóigh-críonn.



Ar rud gan leigheas sí an fhoidne is fearr, mar
Níl leigheas ar an gcathughadh acht a mharbhughadh
le fhoidne agus an rud is measa le duine
ná a bhás ní fheadar ná gurab é lár a
leasa é; agut fós



Tagann gach maith le cáirde,
agus grásta le foidne.



Níl maitheas bheith ag seanchas agus an anachain
déanta, agus go mór-mhór nuair atá fhios
againn



Ná fuil ins an t-saoghal so acht treimhse mí-
ádhmharach



Is ná fuil fhios ag éin-ne ó'ndiu go dtí'mbáireach.
An té nách truagh leis do chás ná déin do ghearán
leis.



An té is giorra dho 'n teampall, ní h'é
Is giorra dho'n altóir, acht
Nuair a théidheann an gabhar go dtí an
teampall ní stadann go altóir.



Ni fheadar a' dtagann an sean-fhocal so isteach
le dlighe na h-Eaglaise:



Guid ón ghadaidhe, guid gan pheacaidhe; acht
is ró-mhinic a bhíonn deimhniughadh againn ar
fhirinne an tsean-fhocail adeir:—
An rud a bhailightear go bocht,
Imthigheann sé go h-olc.



BEIRT FHEAR.



THE MONUMENT CREAMERY



AN T-IM UACHTARLAINN IS FEÁRR



Deunta d'uachtar glan, úr, pasturaltha: Milis, blasta
is úr i gcomhnuidhe.



Tagann uibhe toghta muinighneacha isteach chughainn
gach aon lá.



Sráid Phárneill, 75, & Port Caoimhghin
Íoch., 25, Baile Átha Cliath.


L. 138


CARRAIG AN AIFRINN.



i.



An raibh tú ag an gcarraig, nó an bhfaca tú féin
mo ghrádh?
An bhfaca tú gile finne agus scéimh na mná?
An bhfaca tú an t-ubhall ba chumhra 's ba mhílse
bláth?
Nó an bhfaca tú mo bhalentín, nó an bhfuil sí
dá claoidhe mar atáim?



ii.



Do bhíog ag an gcarraig agus dochonnaic me
féin do ghrádh.
Dochonnaic me gile finne agus scéimh na mná.
Dochonnaic me an t-ubhall be chumhra 's ba mhílse
bláth.
Dochonnaic me do bhalentín, is ní'l sí dá claoidhe
mar atáir.



Ag siubhal do chois fúm dam thar macha feir-
meora tráthnóna bréagh samhraidh, go gcuala an
uaill dá casadh leaistigh da bhuaile ag cailín
deas crúidhte na mbó. Cos liom ní raghadh
thar a chéile ón nóimeat a bhuail an chéud nóta
den bhfonn caoin caointe mo chluas gur scui-
readh de, leis an mbriocht trom draoidheachta
d'imir buige binne agus brónacht an cheoil orm.
Ní raibh aon amhrán á ghabháil leis an gceol ag an
gcailín crúidhte agus níor chuimhin liom an fonn
ceudna do chlos riamh roimhe sin acht, nach ait
leat é, gach aon uair 'na dhiaidh san a chuimhnighinn
ar an bhfonn agus bhínn á chrónán go bog íseal
fa'm anáil, bhíodh focail an amhráin sea rómham
go bhog is go cruaidh ag iarraidh an cheoil do
thionlac, amhail is dámba é a scáil nó a sprid é.
Rud eile, cé go raibh an t-amhrán agam lem
chuimhne cinn, níor airigh me riamh cad ba bhun
leis, acht fheuch! ón uair d'airigh me é á fhuaghadh
féin leis an gceol chaoin sin, rioth sé liom go
raibh rud éigin fa cheilt ann seachas an grádh
coitchianta — grádh diamhair nár daonda, agus
ceangal éigin nár léir dam le sceul buadhartha
brónach an tsinsir.



Bliadhain nó dhó 'na dhiaidh san is me ag
gabháil lá grianmhar gléigeal samhraidh ar thóir
fionnfhuarais tré dhoire coille i gcomhgar
Sicagó, go gcuala an uaill chaoin cheudna ar
theuda boga binne na bheidhlíne láimh liom. Ar
d'aes sidhe nó de chór na n-aingeal don chuid-
eachtain shéimh dochonnac caithte chuige insúd ar
bhinsín ghlas agus óg-bhean mhánla ag seinm
sídh-cheoil dóibh? Shíleas ar an dtoirt gurbh'eadh,
gur aithin me ann 'na measc an trúp a chuir
Connradh na Gaedhilge anonn thar sáile ag lorg
cabhrach. Ar chroidhe cloiche bhí im chliabh féin
istigh gur leor liom osna do leigint in áit na
frasa diana déar do shileadh, mar a shilidís
cruadh-churaidhthe in Éirinn iathghlais anallód,
ag eisteacht le goltraidhe mar siúd ar theuda
sámh-chruite ceoil? Ba sheasc mo shúil nár
shileas, mar chorruigh an goltraidhe diamhair sin
go hae me. Nuair a sheinneadh an óg-bhean alt
dob'uaignighe ná a chéile den cheol agus comh-
nuidhe dhi ar nóta fada láidir go mbíodh an
fhuaim agus creathán na méire ag borradh 'sag
fás, annsan ag bogadh 'sag dul as, mhothuighinn
mar a bheadh diúracas ag tosnú thíos ag bonn
mo chos agus ag snámh suas gach ndíreach tré
chuisleanna mo chuirp gorig maoil mo bhaithis,
agus d'airighinn mar a bheadh sluagh-sídhe ag
eitealladh thar m'aghaidh agus anáirde imbarraí
na gcrann. Scuir na héin, a bhí go ceileabhrach
ó chiana beag, dá séis ag eisteacht leis an sár-
cheol san, agus m'fhocal duit gur shamhluigh sí
dam go dtáinigh sámhan agus tost ar an
srutháinín a bhí ag gabháil go siosarnach crónánach
an fánaidh síos lem ais, agus go raibh an fathach
mór daraighe úd anonn uaim ag cur scrogaill
air féin agus ag claonadh a chinn i leith ag iarraidh
greim d'fhagháil ar an uile siolla den tséis
shíreachtaigh shidhe.



A gcuala duine éigin ag gabháil “… nó
an bhfuil sí dá claoidhe mar atáim?”? Má
chuala, níor ghuth daonda é acht guth a labhair,
dar liom, ileith ón tsíorruidheacht. Seo mo
chuimhne ag tosnú thoir ag “Oidheadh Chloinne
Lir” agus ag cuardach 'na raon díreach róimpe
anoir gach oidheadh, gach ár agus gach sceul
cráidhte grádha dár chnuasuigh sí chúiche as stáir
bhuadhartha an tsinsir. Ní bhfaghainn foighneamh
ní ba shia, chaithfinn léiriú d'fhagháil, ar chuma
nó ar chleas, ar adhb agus diamhar-rún an fhuinn
agus an amhráin sin.



“An raibh tú ag an gcarraig?”!



Bhíodhgas nuair d'airigheas an ainm tráthnóna
ar n-a bhárach, mar ní leigfeadh an mhántacht
dam cur isteach ar chuideachtain an bhinsín indé
roimhe sin. Bhí an ainm agam anois ón óg-
mhnaoi féin a bhí á sheinm, agus tuille fós, bhí
réidhteach an rúin go léir agam. Nárbh' fhuiris
a aithint dam nárbh'é grádh cásmhar an ógánaigh
dá “Mháirín de Barra” a bhí á luadh san amhrán,
agus fheuch gurbh'fhíor ar rioth liom i dtaobh
baint éigin do bheith ag an sceul le stáir géir-
leanamhna Gaedheal:— an sagart beannuighte
i gcarcar ag fuireach le breath a chrochta agus a


L. 139


dhí-cheannta, gan de choir 'na leith acht aifreann
Dé do léigheamh: imshníomh air idtaobh a bhalentín
i. an chailís a bhí ibhfolach aige thuas i gcuas an
tsléibhe ag Carraig an Aifrinn: áthas thar áthas
air nuair d'airigh sé nár láimhsigh lámh thruaillighthe
an t-saighdiúra í, agus ná raibh sí i nguais mar
a bhí sé féin.



Carraig an Aifrinn!



Ní'l leacht ná leac chuimhneacháin sa domhan
bhraonach, thoir ná thiar, ar chuibhe liom a chur i
gcomparáid léi. Agus Éire féin, gidh líonmhar
a leachta ag suidheamh na géirleanamhna d'fhulang
sí sa droch-shaoghal dona dorcha, nuair ba
chaitheamh-aimsire le amhais mhalluighthe bheith
ag raobadh althóir Dé, agus ag breacadh múr
an naomh-áruis le fuil an tsagairt dhil bhean-
nuighthe — Éire na leacht adeirim, ní'l cill ná
cloch inte is mó dheunfadh corruighe ar mo chuid
fola, ná an leathan-leac liath úd i gcuim an
tsléibhe amuigh nó i ndiamhair an ghleanna thíos,
é táidhte fuaighte leis an bhfonn fód-ghlas, 'na
fhiadhnuise insúd go bruinne brátha ar cad is
creideamh Gaedheal ann.



Carraig an Aifrinn! adhbhal an ainm agus
euchtach an sceul ceana agus cumha a ghabhann
léi! Althóirí raobtha agus tighthe ar lár! Dia
le fán agus a phobul le fuacht, acht cheana, Dia
agus daoine go sámh sa bhaile nuair a chruinni-
ghidís sa dorchadas agus sa bhfuacht amuigh fa
íoghair na spéire thimcheall Charraig an Aifrinn.
Críoste Mac Dé gan pailliún dá dhíon acht
stuagh glé-ghorm nimhe — gan d'althóir faoi acht
clár garbh carraige. Gan díon, an eadh. Eist
leis an sagart 'na seasamh san éide os comhair
a phobuil agus Dia dá árdach idir a mheuranna
aige — “Ecce Agnus Dei qui tollit pec-
cata mundi,” adeir sé leis an stuagh agus
annsan labhrann go h-úiríseal le Cróist Féin
— “Domine, non sum dignus ut intres sub
tectum meum, sed tantum dic verbo et
sanabitur anima mea.” An sagart bocht, gan
de dhíon aige a mbeurfadh sé Críost faoi acht
díon a bhéil féin, gan de shuidhiste aige a tair-
geochadh sé dó acht a chroidhe glan-ionraic féin —
suidhiste ná h-iarrfadh Críost a malairt.
Ní'l Críost gan díon adeirim, is leor leis de
dhíon croidhe gach Gaedhil ghroidhe den phobul
atá insúd ag suirghe le contabhairt a gcrochta le
foiréigin grádha dhó.



A Charraigh an Aifrinn! chonnacais dearg-
ár, creach is anfhorlann dá n-imirt le chéilé ar
ghaedhil bhoicht. Chonnacais gorta dá léir-scrios
agus támh dá leagadh, acht in aimhdheoin an
bhaoghal báis bhí ann dóibh, mhothuighis beul an
tsagairt bheannuighthe an phobuil cheusta agus
iad ag agallamh an Dé a thúirling chucha anuas
ar chlár t'uchta. Gan de lóchrainn id thimcheall
acht solus réalt nimhe, gan de thúis chumhra ag
eirighe uait anáirde acht drúcht-cheo na maidne
muiche, gan de thorann ceoil orgáin ag cogar-
cheileabhar leat acht scaltarnach na lon. Cuma
gach easnamh díobh leis an bpobul dhílis sin id
thimcheall, a Charraig an Aifrinn. Airighid bual-
adh bog sciathán na mílte milliún aingeal atá
ar foluamhan os cionn an Tighearna agus
mothuighid teas teine an ghrádha diadha atá ar
lasadh dóibh i gCroidhe Naomhtha Íosa.



Feuch ar an bpaiste odhar san ar an gcromlic
cloiche. Cad a chuir ann é? Lamontabile
dictu! — an t-aifreann binn dá rádh i log
sléibhe le dobhar-shoillse na maidne muiche,
na h-amhais ag snámh isteach ar gach taobh mar
a bheadh faolchoin amplacha ar thréad caorach,
an sagart ag nochtadh Corp Críost don phobul,
glaodhach robhaidh ón lucht faire, éigheamh eug-
caointe an phobuil cheusta, torann raobtha
agus lasair phléasctha an phúdair, an sagart i
gcróilighe treasna na lice — á dathú le fuil a
chroidhe.



Mochean an ceol caoin-chumhach ársa a chuireann
ag machtnamh ort me, a Charraig an Aifrinn,
Chalbhaire na nGaedheal.



CRAIFTINE.



BANNDAÍ GLUAISTEÁIN.



AJAX TYRES



Gheibhtear go díreach ó Shasana Nuadh iad
gan aon bhaint le Sean-Shasana.



Banndaí thar barr iseadh iad.



Mara bhfuil siad ag gach aon siopa
gluaisteáin ar fúd na hÉireann ba
cheart go mbéidís.



Seo an t-aon dream amháin de lucht
díolta bannda san iomlán a chuireann
suim i gcúrsaí na Gaedhilge.



O g—Cae Eden, 7 Baile Átha Cliath


L. 140


SAMPLA GAEDHILGE NA
mBLASCAOD.



AN CAILÍN CAINNTEACH.



Ní fadó ó bhí óig-bhruinneall ann chuin dolta-síos leis
na mná-áille do bhíodh á 'luachaint aige 's na fílí fadó,
Déirdre, hélen &rl: do bhí a folt fionna-bhuidhe síos
go féar léi, & na máillí ar fad léi mar leigfí as
mhúnla iad. Ach mar adubhairt an fear fadó na bíonn
saoi gan locht, & do bh'in nus aici seo é.



Toisc an sgéimheamhlacht breágh do bheith innti, do bhíodh
gach nduine a baint chainnte aiste & anuair do
tháinig an chainnt di féin & í neartú is sí do chuiread an
comhradh air bun chuin tosaig, & níor bhfada léi do bheadh
sé ar siubhal.



Seadh, cad deire leis an ngalar soin ná gur cheangal
dhe Siubhán ins an t-slighe ná raibh sé na cumas aon duine
do leigint thairse gan cainnt & comhrád do dheunamh leis



Ba mhar a chéile leí an Tighearna nú an taoiseach, an
sagart nú an bhráthair. Ní raibh dul ag aoinne aca
gabháil thairse gan í chur cainnte air. Maidir le í chur
a dteachtaireacht, do b'éigint stop go luath dho, mar ná
raibh sé na cumas é dheunámh má tharloch na daoine léi.



CEISTEANNA



1. Cad é an t-éan sa spéir, nú an breach sa mhuir,
nú an t-ainmidhe ar talamh go bhfuil dhá nádúir
aige.



2. Cad é an Pátarún gur dheineadh an chéad long nú
bhádh riamh.



3. Cá d'teigheann an t-uisge nuair a thrághann sé.



4. Cár bhuaileadh an chéad tainnge ansan Áirc.



5. Cad do bhí mí d'aois ar theacht do Chríost & ta ansan
aois sin fós.



6. Cad is sía na an t-slighe.



7. Cá ráibh Dia faid ná raibh neamh na talamh ann.



8. Cunas do tháinig an Mac o'n Athair & an Spioraid-
Naomh o'n mBeirt.



9. Cár shaighnáil an ghrian & nár shaighnáil sí riamh ó shoin.



10. Cár ghlaodhaigh an coileach gur chualadh a raibh ar a
saoghal é.



11. Cá mbíonn an tarrghad a gculaith capaill árd-
ualaigh.



12. Cad é an blúire do'n gcaoire go bhfuil an drisín
mar ainm air.



Amach leó so air an bpáipéur, & chugham isteach íad
greannta réigh, beidh Gaedhluinn dheas aige fear a réightig.



TOMÁS Ó CRIOMHTHAINN.



BA CHÓIR A'S BA CHEART
DO GACH FÍOR-GHAEDHEAL
A CHUID URRADHAIS A DHEUNAMH
LEIS



AN GAEDHEAL-COMHLUCHT
TAIGHDE UM URRADHAS
NÁISIÚNTA, TEORANTA



(THE IRISH NATIONAL ASSURANCE
COMPANY, LIMITED)



Is féidir do dhuine gach aon tsaghas
Urradhais a dheunamh leis an gComh-
lucht so:—



AR FEADH SAOGHAIL
AR FEADH TAMAILL
I gCOINNE TIONÓISCE
I gCOINNE DÓIGHTEÁIN
AR GLUAISTEÁIN



MAOIN — £120,000 AGUS TÁ
AN CISTE AG DUL I MEUD
Ó LÁ GO LÁ.



RUD EILE: IS GAEDHIL SINNE.



Árd Oifig:—



30 FAITHCHE AN CHOLÁISTE,
BAILE ÁTHA CLIATH.


L. 141


LEITREACHA.



Do'n Eagarthóir, “An Sguab.”



A Chara, —



An t-alt úd agat sa “Sguab” — “Cathain a bheidh
an Ghaedhealg dá labhairt i n-Éirinn?” — chuir sé i
gcuimhne dhom focal adubhairt gearrchaile bheag a tógadh
le Gaoluinn i lár na Galldachta. “Cad 'n-a thaobh,”
ar sise “go mbíonn na leanbhaí go léir ag na béar-
lóirí?”



Tá Gasra Átha Cliath ad' iarraidh an sgéal do leigheas
maidir le comhluadar Gaodalach do sholáthar do Ghaedil-
geóirí óga, agus bíonn Tír na nÓg san Árus gach Satharn
anois. Ach is baoghalach, dá dtigeadh an ghearrchaile úd
isteach ann, go ndéarfadh sé an focal ceanann céadna
arís. Ba cheart a thrí oiread leanbhaí bheith ann agus a
bhíonn. Tuigimíd ar ndóigh go luigheann cúrsaí an
tsaoghail go trom ar gach deagh-Ghaodal fé láthair; ach
ni ghoilleann a leithéid sin ar chroidhe an leinbh, buidheachas
le Dia. Má's dóigh le tuismhitheoirí ná fuil an lá nó
an uair (5.30-7) oireamhnach, abraidís é agus féachfar
an féidir órdú eile do cheapadh.



Maidir leis na daoine fásta, táid ag baint ná sál
dá chéilé ar thóir an fháinne fé láthair. Ní beag de
theist air sin tuairisc Ghasra Átha Cliath ar obair na
ráithe dárab críoch Feabhra 28, 1923: Iarrathóirí, 202;
glacadh le 103, theip ar 99. Má tá an sgéal ar an
gcuma gcéadna ar fuaid na tíre, taisbeanánn sé go
bhfuil labhairt na Gaoluinne ghá leathadh gan aon agó.
Sin sgéal ná taithneochaidh le lucht éadóchais agus béal-
bocht.



Ba mhaith liom a fhógairt do lucht léighte “An Sguab”
go mbíonn fáilte roim gach fáinneach, pé as é i nÁrus
an fáinne i mBaile Átha Cliath; agus go mbeidh na
léigheachtaí ar siubhal againn gach luan (ach amháin luan na
Cásga) go deire Mí Aibreáin.



ART Ó RIAIN,
Reachtaire.



OIFIG AN PHUIST.



Do'n Fhear Lagair,



An duine bocht úd bhíonn ag casadh le Beurla do chur
ar leitreachaí Gaedhilge in oifig an Phuist ba chóir go
mbéadh sé baodhach díot toisg nár thugais chun soluis gach
mí-thapaidh dár tharla dos na leitreachaí ceudna. Ach
níl an duine bocht chomh mór 'na bhreall agus is dóigh le
daoíne agus dá bhfeictí cuid des na leitreachaí Gaedhilge
tugtar dó le h-ionntódh go Beurla do bheadh truagh ag
Fearaibh Fail do.



Ar an gcéad dul síos níl ainm Ghaedhilge ar mhór-
chuid de shráideanna Atha-Chliath agus dá bhrigh sin ní
foláir le gach duine le Gaedhilge a ainm féin do bhaisteadh
ortha agus nuair is duine ar bheagán Gaedhilge do
dhineann an baisteadh geallaim-se dhuit gur “baisteadh
úrlair” sa cheart é. Cad deurfí le “Straid Bean”
ar “Dame St.” “Mór-chúis Chríonáin” ar “Summer-
hill Parade” “Foirgnimh Eidhneáin” ar “Iveagh Build-
ings” agus mar sin de ad infinitum. Ach ní h-íad soin
is deacra. Na sraideanna go mbíonn a dó nó a trí
de ainmneacha ortha is eadh a chuireann an duine bocht
Puist as a mheabhar ar fad. Tá “Ascail Bhaile bhochth”
agus “Slighe Risteamonn” ar Richmond Avenue,
“Straid Stain” agus “Sraid Mhic Piarais” ar Bruns-
wick Street, “Tír an pibhair” agus “Tor Fhionnbhair”
ar Terenure “Sráid Ainséir” agus “Sráid Thomais
Uí Mhórdha” ar Aungier Street agus a lán lán eile gur
liosta liom a luadh annso.



Deineadh magadh fé Oifig an Phuist i dtaobh “Cnocháin
an Áthais” do bheith acu ar “Mountjoy” ach ní h-íad
muínntir an Phuist do chéad-cheap an ainm sin. Le
fiche bliadhan is ar an gcuma sin do scrí Gaodhala na
cathrach “Mountjoy” i nGaedhilge cé ná raibh aoinne
sásta leis. Ach má's botún “Cnochán an Áthais” mar
Gaedhilg ar “Mountjoy” cad deurfá le “Slighe Cnuic
Áluinn” athá in úsaid anois féin mar Gaedhilg do
“Belmont Avenue.”



Cad mar gheall ortha so mar tomhaiseanna do lucht
léighte an “Scuab”
“Ascail muighe dearmhaighe”
Bóthar an Dúmhaigh.
Bóthar Dún Chuanaigh
Slighe na staide
Sraid bhaile mhic Chathaoír



Táid síad so go léir i mBaile-Athá-Cliath agus somplaí
maithe seadh íad de'n obair atá le deunamh ag an duine
bocht úd luadhaim go mbíonn gach duine ag gabhailt de
mhaide air. D'fheudfainn liosta mór do dheunamh de
rudaí mar sin, ach ní beag a bhfuil ráidhte agam chun a
chur in iúl do Ghaodhalaibh nach bhfuil sé cómh h-éascaidh
a's a ceaptar an obair seo do dheunamh chun gach aoinne do
shásamh.



Ní mór dhá rud do bheith ann más mian le Gaodhalaibh
cothrom na féinne do thabhairt dón Ghaedilg in Oifig an
phuist. Síad dhá rud íad son ná Gaedhilg do bheith ag
gach duine san Oifig idir árd is íseal agus liostaí
ugdharásacha do bheith ann 'na mbeidh ainm gach sráide ins
gach baile in Éirinn.



Is mise,



Cara an Duine Bhoicht.



MAISÍNÍ CAINTE & PLÁTAÍ.



GACH AON DEUNTÚS.



Gheobha Lucht Léighte “An Sguab” Locáiste
Speisialta.



Fuigh na Plátaí nuadh (Gaedhilge) uainn.



TOMÁS MAC MATHGHAMHNA,



AN SGAIRBH, CO. AN CHLÁIR.


L. 142


FOCAIL ÓN mBEURLA.



Nil sa liosta so ach focail atá le fagailt i leabhraibh
na sgribhneóirí is fearr, ach amháin cúpla tearma bhaineann
leis an bhfairrge atá i nbeul na n-iasgaraí is gaedhealaighe
in Éirinn. Beidh sé dian ar na daoine a bhíonn ag sior-
ghearáin mar gheall ar bheurlacas focail a gcomh-bhrígh sa
bhfíor-Ghaedhilg do sholáthar. Is fuirist focail d'fhágailt
ná fuil abhfad ón mbrígh ceudhna ach má tá cruinneas
cainnte uainn & slighe chun sinn féin do chur i dtuigsint
go beacht caithfimíd na focail so dhúsáid docha. Is fearr
iad pé sgeul é ná focail fíor-ghaedhilge agus cuma an
bheurla ortha — sin é an beurlacas is mó atá le seachant.
Ainmeacha rudaí & daoine iseadh an cuid is mó díobh;
ach tá cúpla briathar ann leis:—



Deighleáil, máirseáil, spáráil, drilleáil, tástáil,
triall, (ní airighim robáil, a's a leithéid, cé go ndeineadh
an t-Ath ó Laoghaire & daoine muinighneacha eile úsáid
díobh).



Agus aidiachta (béidir gur tháinig cuid aca so go
díreach ón bhFrainncis).



Dubláltha.



Priobháideach.



Curanta.



Leibheultha (ni deunfaidh “réidh” an gno amach a's
amach).



Fleatálta (iasg fleatáltha, cuir i gcás).



Seicréideach.



Stáluighthe.



Reusúnta.



Comónta (ní h-ionann san & coitchianta).



Fallsa (tá difríocht idir fallsa & breugach).



Treusúnta, fáisiúnta, compordamhail &c&c.



Seo cuid desna h-ainmeacha; tá an oiread eile ann
ar a luighead:—



Atúrnae



goibherneóir



impire



captaon



banncaeir



bacaer



buisteir



gúistís



baitsiléir



misinéir



stroinséir



oncail



áintín



gárda



páganach



barbarthach



frog



miúil



giorta



spor



banda



stíoróip



drae



maisín



barraille



sosur



cárta



pocar



forc



súpéir



cuiríní



sinséir



stairs



halla



gráta



pálás



bagáiste



plainncéud



hata



líneáil



oibliogáid



deiscréid



sailm



reast



seirbhís



stát



páipéur



téacs



soiseul



miosúr



píopa



sásar



spúin



tae



risíní



crústa



gliu



simné



staighre



pictiúr



confas



flainnín



gúna



faision



nádúr



scóip



séasún



sgéim



tiorántacht



bónas



nóta



tonna



peannsúr



speucláirí



rásúir



pláta



dinnéir



caifé



inniún



brannda



cupórd



hiarta



síleáil



cúntar



cuilt



sgiorta



bheilbheit



púdar



pribhléid



siosma



spórt



pionós



estát



bille



columhan



púnt



traen



rás



trailléir



baighte



gonail



feanndúr



balast



corc



tac



reaca



prós



peannta



míle



muisriún



guna



píora



seipeul



peata



crampa



baoi



poinnte



buiséil



failm



canála





ciú



compórd



náisiún



bolta



ronga



costas



péirse



cabáiste



géim



campa



loisdín



blac



pláigh



taoide



scafall



Tá a lán focail eile á n-úsáid gach aon lá ag Gaedhil-
geóirí maithe:— Dabht, págh, píosa, conbhint, mistéir,
bhásta, speisiálta, babhta, ábalta, feusta, fortúin,
pléisiúir, seans, príosún, páirt, & rl & rl. cuir i
gcás, ach níor luadhas iad sa liosta toisg go bhfuil
focail eile againn chun na rudaí ceudna a rádh.



LÉIRMHEASA.



Algébar. Cuid I. 222 leath. Seóirse Mac Niocail,
M.A., a scríobh. Brún is Ó Nóláin. 5/- glan.



Fáilte is céad roimis an seód so leabhair mar seód
seadh é, seód soillseach, is an dá shagas gheallais ag
spréacharnaigh amach as.



Ní miste a rá go bhfuil muíntir na Gaoluinne agus
muíntir an Algébair a mhúine fé árd-chomaoin ag an
leabhar seo Sheóirse Mhic Niocail. Cuirean sé ar
ár gcumas, chó fada is a théighean sé, gach smaoineamh
a bhainean leis an a Algébar a chur i focla, agus is
mór an ní é sin. Éinne a bhíon i mbun an Ghaoluinn a
chasa tuigean sé na deacarachtaí a bhainean le ceann ar
bith de sna h-ealaidheana a chur i n-úil go tuisceanach
cómhngarach soiléir ins an nGaoluinn: agus éinne a
dheinean leabhartha Gaoluinne a chur amach i gcló tuigean
sé gur fusa bheith ag stealla Béarla tímpal cúrsaí
polaitíochta ná ag taighde ar an nGaoluinn is ag saothar
is ag caitheamh, leis — neart is fuinneamh a chaitheamh is
airgead. Is má dhein Seóirse coinneal na h-oíthe a
chaitheamh is airgead 'na theannta, bhuel, táimíd baoch do
is árd-bhaoch, is tuigimíd go bhfuil an fhóghantacht is
uaisle ann, fóghantacht gnímh.



Ach ní h-í an Ghaoluinn amáin atá fé chomaoin aige
Seóirse ach an t-Algébar féinig, leis. Ní rialacha
baotha gan tairbhthe a gheóimíd ins an leabhar so uaidh
ach léiriú tuisceanach éifeachtúil.



Féach conus a dheineamair-ne, furmhór againn, ach go
h-áirithe, an t-Algébar a dh'fhoghluim. Riail a thogaint
de glan-mheabhair, a dhuine, is ansan na ceisteana a
fhreagairt dá réir. Deich gcinn díobh, béidir, nú fiche,
i ndiaidh a chéilé, is iad go léir cosúil le chéile. Níor
ghá meabhair ná tuiscint ná inithin chuige ach oiread leis
an t-é a chuirean únsaí tobac fillte i bpáipéar. Ní
raibh fás ná leathnú aigne ins an stuif sin.



Tá bás agus deire go deó fachta ag an saghas san ag
an leabhar so. Gheófar oiliúnt is oideachas is tabhairt-
suas aigne ann.



Éinne go dteastuíon uaidh cur le n-a mháistríocht ar


L. 143


an ngaoluinn, éinne go dteastuíon uaidh greim tuis-
ceanach dréir na smaointe is nua is i déanaighe a dh'fháilt
ar an Algébar féinig agus conus é múine amach go dtí
cudromóidí cearnacha is grafana is séanta ceannuíodh
sé an leabhar so. Beidh sé baoch do n-a mharga is lán-
bhaoch.



S. MacC.



CNUASACHT FILIDHEACHTA.



Tá an cuid is mó desna piosaí is feárr dá sgriobhadh
le dhá cheud blaidhan anuas & níos sia siar bailighthe ag
Seumas ó h-Aodha in “Óir-Chiste.” Tá dánta ann nach
fios cé dhein nó caithin a cumadh iad, agus ceannaibh
eile do sgriobh daoine an lae indiu. Aon cheann a
righneadh san aimsir fadó fér cromadh ar Gaedhealg
an lae indiu d'usáid, tá se aith-sgriobhta sa leabhar so
sa t-slighe go dtuigfimíst-ne é — Muireach san ní bhfuigh-
míst tóin ná ceann do bhaint de, dar ndóigh. Bíonn
leabhra dá leithéid á gcur amach gac aon lá i dteaingacha
eile agus tá cupla ceann taréis teacht amach i nGaedhilg
le deidheannaidhe — “Cuisle na h-Éigse” a's “Duanaire
dán,” cuir i gcás. Ach seo e an ceann a sháruigheann iad
go léir. Níl ann ach dánta is fiu filidheacht do thabhairt
ortha agus cé nach leabhar mór e — Níl ach cúig cinn a's
dathad de phiosaí ann — ní airighmíd uainn mórán filí
tabhachtacha. Ba cheart cúpla bheursa de “Cúirt ant
Mheádhoin-oidhche” do chur isteach ba dhóigh leat, bíodh
nach liric an dán san; agus maidir leis na dánta atá
toghta ag Seumas ó Naodha as sgríbhínní filí áirighthe is
dócha gur deachair aon bheirt d'fhághailt a bheadh ar aon
aigne idtaobh cad iad na piosaí is feárr agus is oireamh-
naighe dá sgriobh Céitinn nó Rafteri, cuir igcás. Ach
'na dhiaidh san as uile leabhar don aos foghluma iseadh
“Óir-chiste.” Bhí an-phráidhinn againn le na leithéid
agus ní miste dúinn a rádh leis go molaimíd an méid
atá sgriobhta ag Seumas sna nótaí atá ag gabhailt le
gach dán sa leabhar, reamh fhocail ag cur i dtuisgint don
léightheoir eirim & croidhe an amhráin agus ag innsint dó
'dé an saghas fear a chum é & rl. Go raibh a thuille leabhair
chomh úsáideach & chomh deigh-deunta leis seo againn i
mbliadhna.



C. M.



[An Comhlucht Oidheachais d'fhoillsig; 5/- a luach].



COMÓRTAS.



Seo dhá cheann nuadh daoibh a Ghaedheala óga.



1. Dhá dhúais (2/6 a' ceann) don bheirt is fearr a
d'fhreagrochaidh an cheist seo:—



Cad é an conntaé is mó na mbíonn na sloinnte seo
le fágailt:—



1. Mac Conmara



2. Ó Broin



3. Paorach



4. Seoghas



5. MaGuidhir



6. Mac Caochlaoich



7. Ó Suilleabháin



8. Ó Domhnaill



9. Mac Néill



10. Mac Mathghamhna



Agus cad iad na trí sloinnte is coitchianta in Éirinn?



2. Dhá dhuais (5/- agus 2/6).



Feuch ar “Sguab” mí na Márta (beartuighmíd ar an
gceann san toisg go raibh an oiread san fógraí ann)
agus pioc amach an fógra is fearr atá ann, dréir do
thuairm; & annsan an dara ceann & an triomhadh ceann
sa tslighe cheudná. Cuir na huimhreacha 1, 2, 3, le h-ainm
an fhógrathóra, mar seo, cuir i gcás:—



1. Gibsol, 2. An Timthire, 3. Connradh na Gaedhilge.



Ní rabhadar san ann tá 's agat, mí na Márta; níl
ionnta ach sampla duit ar an t-slighe a theasbánfadh tú
do rogha.



Deirfimíd gurb é an fógra is fearr ach an fógra is
minicí a gheibheann an ceud áit ó lucht an triall & mar
sin de.



Deunfaidh an coupon so an gnó den dá cheann nó do
cheachtar aca. Níor mhor duit d'iarracht a bheith istig agat
roimh an 2ra lá mí na Bealltaine.



Comórtas IV.



Mise



M'Áit Comhnuidhthe



GRANIA TOOTH PASTE.



DEUNTUS NA h-ÉIREANN AR FAD. NÍ BHEIDH AON PHRÁINN LE FIACLA FALLSA.



GIBSOL AGUS A CHUIDEACHTA — Lucht deunta an íce atá dá chur ós ár Gcomhair.



Ta Gibsol an Íce i mbeul gach aoinne in Éirinn. Is eadh, má seadh bíodh “Gráine” sna fiacla aca —
Coimeádfaidh sé gan lobhadh iad. GRÁINE ainm an artha so. Tabharfaidh GRÁINE fiacla glana,
geala dhuit. Ní'l aon ghalúnach ann; beidh do sheile go folláin nádúrtha leis agus blas táithniomhach
id' bheul aige. Ní baoghal do phlaosc na bhfiacál ná do fhéitheacha an bhéil. Ar a nglaineacht atá
seasamh na bhfiacal.



Is féidir “GRÁINE” d'fhagháil ó lucht díolta íce i ngach áit nó ó lucht a deunta —
Gibsol & a Chuid., Lána án Chláir, i mBaile Átha Cliath.


L. 144


BANNC NÁISIÚNTA NA TALMHAN, TTA.



ÁRD-OIFIG:— FAITHCHE AN CHOLÁISTE,
BAILE ÁTHA CLIATH.



DEINEANN AN BANNC GACH AON T-SÓRT
GNÓTHA BHAINEAS LE BAINCAEREACHT.



Bun-airgead Geallta, £406,000.



Bun-airgead Díolta, £203,000.



Maoin Iomlán 30adh Meitheamh, 1922, £1,900,000.



BUNUIGHTHE 1920.



BRAINNSÍ:—



68 Sráid Chille Mhuire, Baile Átha Cliath; Corcaigh,
Luimneach, Portláirge, Tráighlí, Áth Luain, Inis,
Maghchromtha.



THE
NATIONAL
LAND BANK
LTD.



Lucht Díolta “An Sguab” 'san iomlán:— Eason & a Chomh. Cuirtear cló air seo ag Cló-Oifig Maunsel & Roberts Teo.,
Áth Cliath, & foillsigheann Muintir “An Sguab” é ag Cearnóg Montseoighe 24, Áth Cliath.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services