Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Siamsa an Gheimhridh - Nó Cois an Teallaigh in Iar-Chonnachta

Title
Siamsa an Gheimhridh - Nó Cois an Teallaigh in Iar-Chonnachta
Author(s)
Bailithe ag Domhnall Ó Fotharta,
Compiler/Editor
Ó Fotharta, Domhnall
Composition Date
1892
Publisher
O'Brien Patrick

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An Tiodhlacadh.



Do'n Saoi Oirbhidneach E. D. MacCliabhair.



Is duit-se thiodhlaicim an leabhrán beag so, óir is tú
do chuir in iul dam an meud atá ann, agus tuilleadh
nach bh-fuil ann, do chur i g-ceann a chéile; is tú thug
meisneach dham an meud so do chur i g-cló, agus is ort
atá costas an leabhairín. Is fiosach duit an t-anró do
chuir an obair so orm. Nuair do bhí mé sáruighthe le
obair, agus lag le tinneas, do ghabhas do láimh cuid
bheag féin de'n t-sean-chaint Ghaedhilge do shábáil ó'n
m-bás; acht muna m-beidheadh d'fhéile ní raibh tárrtháil
i n-dán do'n bheagán so féin. Air an adhbhar sin, cia
air bith sult nó sólás gheobhas an léightheoir ins an
leabharán so, glacadh sé bhuidheachus leatsa faoi.



Tabhair cead dham, a chara na Gaedhilge, ainm saoi
agus scoláire eile do cheangal le t'ainm-se, .i. an
t-Athair Eoghan O'Gramhna, do cheartuigh agus do chuir in
eagar an leabhar, chomh fhad a's do bhí sé ag dul thríd an
g-cló, agus do thug comhairle agus congnadh dham ó thús
go deireadh.



Go bh-faghaidh sibh araon luach bhur saothair,



Guidhe bhur g-carad,



Domhnall O'Fotharta


L. 4


Róimh-Rádh



Air d-tús, air nós ár sinnsear, cuirfidhear síos
annso áit, aimsir, ughdar, agus adhbhar an leabhráin
Ghaedhilge so.



Áit dó, Iar-gConnachta, mar is ann do cruinnigheadh
gach a bh-fuil ann.



Aimsir dó ní féidir a cheapadh amach go cinnte;
sgathadh anois, sgathadh arís air feadh a naoi m-bliadhna
fichid go dtí an bhliadhain so 1892.



Ughdar dó, .i. meise, Domhnall mac Mhíchil, mhic
Dhomhnaill O'Fotharta, de Chlannaibh Bhaoiscne, oide
scoile 'san g-Caladh, in Iar-gConnachta.



Agus an t-adhbhar fá'r cuireadh le chéile agus fá'r
sgríobhadh amach é, mar shúil go rachadh sé i d-tairbhe agus
i d-taithneamh do'n dream ghrádhuigheas Gaedhilge dhílis na
h-Éireann, teanga bhinn bhríoghmhar, teanga treun tuil-
teach, teanga uasal árd ársa ár sinnsear féin.



Nach aistrighthe atá an saoghal thar mar bhí fhad ó!
nuair do bhí muid sásta le siamsa símplidhe ameasg
na g-comharsan, agus 'nuair do chruinnigheadh muinntir an
bhaile, le cóntráth na h-oidhche, timchioll air an teinidh.
Annsin do chongbhuigheadh greann agus spórt le chéile
cuid mhaith do'n oidhche, agus do chuala an t-aos óg sceul na
sean-aimsire. Is iomdha uair do chaith mé féin mar sin, is
maith liom dul siar in m'intinn féin agus a chuimhniughadh
air na daoinibh do bhídheadh cruinn, agus air an g-caint
agus air an g-comhairle do bhidheadh air bun aca. Andiu,


L. 5


atá na daoine imthighthe, agus na seanráidte do chleacht
siad, atáid aig imtheacht 'na n-diaidh. Acht annso síos
cuirfidh mé beagáinín d'fhan againn: -



Sceul Dhéirdre.



Bhí fear ann fad ó, agus is fad ó bhí; dá m-beidheadh
sé ann anois ní bheidheadh sé ann an uair sin; no dá
m-beidheadh, do bheidheadh sgeul úr nó sean-sgeul aige;
nó bheidheadh sé gan aon sgeul. Acht 'réir mar tá sé
agam-sa anocht, ná raibh sé agat-sa 'san oidhche amárach;
nó má bhidheann, ná raibh de chailleamhain agat leis acht
na cúl-fhiacla.



Bhí righ i n-Éirinn fad ó, agus bhí mac aige. D'imthigh
an mac uaidh ag iarraidh a fhortúin. Bí sé aig imtheacht
a's ag síor-imtheacht gur casadh gabha leis. Righne sé
aimsir leis an ngabha go ceann lae 's bliadhna. Seal
geárr 'na dhiaidh san, do thárla duine dosgadhach leis an
ngabha ceudna, agus chuir sé aimsir air-sean, mar chuir
sé air mhac an righ. Murchadh b'ainim do'n fhear so:



D'imthigh an gabha ó'n m-baile lá, agus chomh fhad a's bhí
sé imthighthe, do thosuigh an bheirt bhuachaill ag troid. Thar-
ruing Murchadh táirnge crudha, agus d'fhiafruigh sé de
mhac an righ, "Cad é bhainfeas tú dhíom air son an táirnge
crudha chathadh leat?" 'Sé an freagra thug mac an righ
dhó: "an cheud bhuille gan cosaint as Éirinn amach." Chaith
Murchadh an táirnge crudha leis agus chuir trí chroidhe a
bhaise é; agus bhí sí ag cur fola 'nuair tháinic an gabha
abhaile. D'fhosgail an gabha an dá dhorus, agus do


L. 6


sgaoil sé amach duine ins gach dorus. Ní dheárna
Murchadh acht a chamán agus a liathróid a thógbháil, agus
d'ionnsuidh sé an bóthar ag bualadh a liathróide ins an
aer.



Bhí cailín ag an ngabha darb' ainm Déirdre Ní Manan-
náin. Lean sí Murchadh air an m-bóthar, agus siubhal na
g-ceudta fúithe, agus binn a cóta 'na beul. 'Nuair
chonnaic sé ag teacht í, righne sé iongantas de'n bhean
bhéith 'na dhiaidh-sean, agus an siúbhal mór do bhí fúithe
D'fhiosruigh sé dhi cá raibh sí ag 'ul (dul). 'Sé an freagra
thug sí dó, go raibh sí ghá leanmhaint-sean, agus dubhairt
sí, "an áit i g-caillfear thusa, caillfear mise ann i
n-éinfheacht leat." "A bhean gan chéill," arsa Murcadh,
"cá bh-fuil tú ag 'ul. Ní'l áit ná árus a'm-sa (agamsa)
fá do chomhair." "Ní misde liom," arsa Déirdre. Thóg
sé ann sin í, agus leag sé air bhacánaibh a uileann í.



D'imthigh sé roimhe, agus an bhean air a bhacalainn aige
agus é ag bualadh a liathróide ins an aer mar bhí sé sul
thárla sí air. Níor bh'fhada d'imthigh sé gur casadh leis
fear arbh' ainm dó Fionn mac Cumhail, é féin agus a
mhór-shluaighte ag 'ul chum brisidh le righ do bhí 'san Domhan
Shoir. D'fhiarfhuigh Fionn dhe Murchadh, "An d-tiocfaidh
tú i n-éinfheacht liom-sa ag tabhairt an chatha? Adubhairt
Murchadh go rachadh, dá léigeadh Déirdre dhó. Adubhairt
Déirdre go léigfeadh sí ins gach uile áit é, acht gan é
thabhairt as Éirinn amach. "Is lé dul as Eirinn amach
atáim-se 'ghá thóiridheacht," arsa Fionn Mac Cumhail. "Sin
rud nach bh-fuighidh tú," arsa Déirdre - "Glac d'am,"


L. 7


arsa Murchadh féin, "agus bh' féidir go bh-fuighmís an
bhuadhachtáil uirre." D'fhan sé an oidhche sin go bh-fuair
sé í ag cíorughadh a cínn. Bhí sí faoi gheasaibh gan
athchuinge air bith d'eiteach 'nuair bheidheadh sí 'ghá dheanamh
sin. 'Nuair fuair Murchadh an athchuinge uaithe, do
bhuaileadar leó, Murchadh, agus Fionn agus a mhór-
shluaighte. Air imtheacht dhóibh, réidhtigheadar le chéile, dhá
g-cailltí Murchagh go g-cuirfidís suas bratacha dubha
air thidheacht abhaile dhóibh, agus dá maireadh sé, go
m-beidheadh bratacha geala shuas aca.



Thrialladar air an g-cuan, an áit i raibh soitheach réidh
le iad do thabhairt thar muir. Bhuaileadar asteach innte,
agus chrochadar suas a seolta móra bacóideacha, comh-
fhada, comhdhíreacha, go bárraibh na g-crann, nach bh-fágfadh
teud tíre gan tarruing ná maide-ramha gan ró-bhriseadh,
ag treabhadh na fairrge folcanta, falcanta; míolta móra
ag déanadh ceoil sidhe agus seirbhíse dhóibh; dhá d-trian ag
imtheacht faoi'n tuinn i n-aghaidh an triain do bhí aig
imtheacht ós a cionn. Sgluig, sglaig ag an bh-faoile binn
ó thosach na luinge go deireadh na luinge, ag cur gainimh
mhín i n-íochdar, gainimh ghairbh i n-uachdar, eascoin i n-as-
gallaibh a chéile, gur stríoc siad cuan agus caladh 'san
Domhan Shoir. Tharraingeadar suas an soithín toin-
ísiol, ceannárd, bhuaileadar buille de'n t-slaitín
draoidheachta uirri, agus thugadar feiste lae 's bliadhna
dhi, cuirim i g-cás nach m-béidheadh sí ann acht uair an
chloig.



Chuaidh sé suas faoi dhéin an righ, Fionn é féin agus a
mhór-shluaighte. Tháinic Murchadh agus bhuail sé an cuaille


L. 8


comhraic. Níor fhág sé uan i g-caora, laogh i m-buin
searrach i g-capall, mionnán i ngabhar, puisín i g-cat,
ná leanbh i m-broinn nár thionntuigh sé naoi n-uaire
tuathal le fuaim agus le neart a bhuille.



Thainic teachtaire ó'n righ agus d'fhiafhraigh sé ceurd do
bhí sé aig iarraidh. "Tá mé aig iarraidh tighe dham féin
agus dho mo chuid fear," arsa Murchadh. "Ní fheicim teach
air bith le n-bhur n-aghaidh acht teach na n-amhus," ars an
teachtaire. Chuaidh Murchadh go d-tí an teach. Bhí amhus
agus seacht bh-fithchid ann, agus aon amhus amháin do bhí
chomh mór leis an iomlán aca. Righne gach uile cheann aca
gáire go bh-facadh Murchadh an dúrdán dubh do bhí i
n-íochdar putóige gach amhuis.



D'fhiosruigh sé dhíobh cia an t-ughdar gáire do bhí aca.
Dubhairt siad leis go m-ba bheag le gach aon duine aca
a chuid féin dhe. Ní dheárna Murchadh acht rith air cheann
aca. Rug sé air ghreim a dha chois air, agus bhí sé 'ghá
m-bualadh leis gur chaith sé go d-tí n-a luirgnibh é, agus
mharbhuigh sé dhá fhichid leis na luirgnibh féin. Ghlan sé
amach an teach, agus ghlaoidh sé asteach air Fhionn Mac
Chumhaill agus air a mhór-shluaighte. 'Nuair fuair sé istigh
iad, dubhairt sé, "Bheidheadh sin go maith, a Fhinn Mac
Cumhaill, dá m-beidheadh teine againn." Bhuail sé anonn
go d-dí teach an righ agus bhuail sé an dorus. "Ceurd
atá tú aig iarraidh? ars an teachtaire." "Gleus teineadh
dham féin agus dho mo chuid fear." "Thuga (chugad) leat
go d-tí an chruach mhóna, agus feuch an bh-fuighfeá adhmad
le n-aghaidh gléis teineadh." Thug Murchadh leis a théidín


L. 9


caol cnáibe, agus is rí-bheag d'fhág sé 'na dhiaidh. Chuir
sé síos an teine, agus 'nuair bhí sí deargtha aige dubhairt
sé, "Bheidheadh sinn go maith dá m-béidheadh biadh againn."
Chuaidh sé anonn agus bhuail sé an dorus ath-uair. Tháinic
an dóirseóir amach, agus d'fhiarfhuigh sé dhe ceurd do bhí
sé aig tóirigheacht. "Tá me air thóir bidh dham féin agus
dho mo chuid fear." "Thuga leat un (chum) an stóir. Chuaidh
Murchadh ann, agus fuair sé an biadh, agus adéarfá go
d-tug sé a sháith leis. 'Nuair leag sé an biadh aca,
dubhairt sé, "Bheidheadh sinn go maith, dá m-beidheadh áit
luidhte agam féin a's agat-sa, a Fhinn Mhic Chumhail."
Chuaidh sé anonn an tríomhadh h-uair, agus bhuail sé an
dorus. Tháinic an doirseóir agus d'fhiarfhuigh sé "Cia do
bhí ann, agus ceurd do bhí uaidh?" "Mise grabaire Fhinn
Mhic Chumhail, agus tá mé aig iarraidh leabtha dham féin
agus do mo mhaighistear," "Ní'l leapthacha le fághail
a't (agat) annso," ars an dóirseóir. Ní dhearna
Murchadh acht druidim ó'n dorus, tarraing air arís, agus
buille dhá chois a thabhairt dhó agus an dá dhorus a
bhualadh air a chéile. Chuaidh sé suas i seomra an righ,
agus thug sé leis an dá leaba a (do) b'fheárr bhí ann
Chodail siad an oidhche sin go sámh suimhneach.



Nuair d'eirigh Murchadh air maidin lá air n-a mhárach,
chimil sé bos dh'á urladh (gruaig a chinn) agus bos dh'á
eudan, agus dubhairt sé, "Tá sé in am ('na am) againn
dhul un (chum) tosaigh." Chuaidh sé amach agus bhuail sé an
cuaile comhraic. Thainic an geatóir chomh fada leis (dho'n


L. 10


áit i raibh sé), agus d'fhiarshaigh sé dhe ceurd do bhí sé aig
iarraidh. "Tá mé," arsa Murchadh, "aig iarraidh seacht
míle romham, seacht míle mo dhiaidh, seacht míle air gach
taoibh dhíom; sin no fear mo theangmhala." Is geárr
uait go bh-fuighidh tu sin," ars an geatóir."



Cuireadh amach aige na fir budh laidre bhí aca. Chuaidh
sé thríotha, fútha, agus tharsta, mar rachadh seabhac thrí
scata eunlaidhe nó madalla (madadh alla, faolchú), thrí
scata mion-chaorach, go n-deárnadh sé thrí chnaip dhíobh, .i.,
cnap dhá g-cloignibh, cnap dhá n-eudachaibh, agus cnap dhá
n-airm. Bhuaidh Murchadh an lá.



D'fhágadar an t-oilean sin, Murchadh agus Fionn Mac-
Cuimhail agus a mhórshluaighte, agus thrialladar air Éirinn
arís. Is geárr bhidheadar aig seoltóiseacht 'nuair chon-
naic siad an bád ag teacht orra agus iomradh na
g-ceudtha uirri, agus gan innti acht aon fhear amháin.
"Tá mise caillte anois!" arsa Murchadh, "súd é mac
Righ Eireann, agus tá an cheud bhuille gan chosaint aige
orm as Éirinn amach." B'fhíor dhó. 'Nuair tháinic mac
Righ Éireann suas leó, b'éigin do Murchadh teacht i leith
agus seasadh ós comhair an chroinn gur bhain mac Righ
Éireann an cloigeann dhé; agus caitheadh corp agus
cloigeann Mhurchaidh air bhalasta na luinge.



Sheoladar leó go d-tángadar i d-tír i g-cuan in Eirinn
agus sul do righneadar an cuan chuir Fionn MacChumail
na bratacha geala suas. Chonnaic Déirdre iad, rith sí
síos do'n chuan, agus shiubhail sí isteach go d-tí n-a coim
i bh-farrge. Bhreathnuigh sí isteach ins an luing. "A Fhinn


L. 11


Mic Chumhail arsa Déisore, "shaoil mé nach n-déanfá
breug liom. Cia an fáth nár chuir tú na bratacha dubha suas
dam?" "Bhí faitchíos orm, a Dhéirdre, go g-cuirfeá ceó
draoidheachta orm dá bh-feictheá na bratacha dubha shuas
againn." "Dá m-béidhdís shuas agat, ní leigfinn in (chum)
tíre thú go d-tabharfá Murchadh beó chugam; acht ó thárla
go bh-fuil sé marbh, tabhair dham féin an long, agus
rachaidh mé air fairrge léíthe.



Fuair sí an long. Sheoil sí léíthe nó go d-táinic sí in
aice le oileán do bhí 'san Domhan Shoir. Ba lé beirt dhear-
brátar an t-oileán so. Bhidheadh dream daoineadh aig troid
leó gach oidhche aig iarraidh an oileáin a bhaint dhíobh, agus
an mhéid díobh do mharbhuightí 'san oidhde, bhídís beó arís air
maidin.



Chonnaic an bheirt dhearbhráthar an bhean aig tidheacht,
agus a fear air a druim aici, 's a cheann 'na glaic.
"Seo bean ghaisge bhí i m-briseadh, agus is é súd a fear
atá air a druim aici, agus budh gaisgidheac é. Dá
g-cuidigheadh sé linn, budh mhór an gar dhúinn é, agus dá
d-téidheadh sé 'nár n-aghaidh, níor bh'fheáirrde sinn é."



Bhidheadar aig ceileabhar mar sin 'nuair tháinic Déirdre
go d-tí an áit i rabhadar, bheannuigheadar di, agus d'fhiar-
fhuigheadar fath a turuis. Dubhairt sí leó gur b'é a fear
a marbhuigheadh i m-briseadh thug Fionn Mac Chumhail,
agus gur b'é mac Righ Éireann do mharbhuigh é. D'fhiar-
fhaigheadar di ar mhaith léithe é dhéanadh beó arís
D'fhreagair Déirdre gur le 'na aghaidh sin do dhein
(righne) sí an turus seo.


L. 12


Cuadar isteach agus thugadar amach buideul íoc-shláinte,
chuimileadar le n-a cheann é, agus righneadh bheó arís
é air an toirt (air an m-ball). Annsin d'fhiosruigheadar
dhe cia le 'g-cuideóchadh sé. "Cuideochad libhse, go g-cuir-
tear an ceann anuas arís," arsa Murchadh. Thugadar
isteach é aig ithe proinne, agus bhí sin leagtha rómpa,
smior mairt, feoil chearc, blas na meala air gach nidh
agus gan aon nidh tur (gan annlann). 'Nuair chaitheadar
a m-biadh, chuireadar a g-culaithe gaisge orra le h-aghaidh
troda. D'fhiosruigh Murchadh dhíobh cá rabhadar ag 'ul.
"Támuid ag 'ul ag faire go maidin," arsa siad. "Tá
sibh ag faire ró-fhada," arsa Murchadh. "Fanaidh 'san
m-baile, agus rachaidh meise 'n bhur n-áit anocht, agus is
mithid dhaoibh codladh fhagháil."



Bhain sé searradh as féin, agus rug sé air a chlaidhmhe
(cloidheamh) air a raibh faobhar 'un (chum) geárrtha, faobhar
'un beárrtha, faobar agus teas-fhaobhar; an mhéid
d'fhágfadh sé 'na dhiaidh dhe'n cheud bhuille, thabhairfadh sé
leis dhe'n darna buille é. Chuaidh sé suas air an g-cnoc,
an áit i m-bidheadh siad ag tabhairt an bhrisidh gach uile
oidhche. Níor bh'fhada do bhí sé ann go d-táinic na
sluaighte timcheall air. D'ionsuigh sé iad, agus níor fhág
sé ceann air cholainn orra; agus 'nuair mharbhuigh sé
iad, chaith sé sraith dhíobh ós a chionn, agus adubhairt sé
leis féin, "Beidh fhios agam anois cia an rud ghnidheas
beó iad." Ní fada do bhí sé sínte go bh-faca sé an
chailleach aig tidheacht, agus pota crochta faoi n-a muineul,
agus cleite aici 'na raibh seacht bh-feadha air fad ann.


L. 13


Chuireadh sí an cleite 'san b-pota, agus caitheadh sí
scuaid (steall) orra, agus bhidheadh siad aig eirighe chomh
tiugh agus bheidhtheá ag amharc orra. 'Nuair chonnaic sé
sin, d'ionnsuigh sé ath-uair iad, agus mharbhuigh sé arís
iad. Chas sé air an g-cailligh féin - 'sé an t-ainm do bhí
uirre "Cailleach an Chleite-phoitín" - go bh-fuair sé an
lámh i n-uachtar uirre, agus gur fhág sé i riocht báis í.
Acht sul d'eug sí, chuir sí mar gheasaibh air, dul air an
taoibh shiar do'n tulaigh, agus a fhuagairt de ghuth árd do
chat na n-ocht g-cos gur mharbhuigh sé Cailleach an Cleite-
phoitín agus a cuid cloinne.



Níór bh'fhada go bh-faca sé an cat aig tidheacht, agus
sgalltacha (lasracha) dearga as a beul aici. D'ionn-
suigheadar a chéile; ní raibh aon iarracht do bheireadh an
cat faoi, nach stróiceadh sí ó mhullach an chinn go bun na
coise é, nó gur shaoil an cat é bheith claoidhte. Acht
d'fhosgail an cat a beul, agus shaoil sí é shlugadh. Rug
Murchadh air ghreim caib iachdair agus caib uachdair
uirri, gur tharraing sé ó chéile mar sin í siar go d-tí a
h-earball.



'Nuair do bhí an cath tugtha, gnódhuighthe aige, thriall sé
air an g-caisleán ann a raibh an bheirt ghaisgidheach.
Chuaidh siad-san air a thóir, agus bhidheadar leath-bealaigh
san t-slighe 'nuair do casadh Murchadh dóibh, agus má's
shíos a fhuaradar é is shuas d'fhágadar é. "Ó, a dhaoine
shuaracha," arsa Murcha, "is mairg a thug gaisgidheach
riamh orraibh: tá an righeacht agaibh anois agus cead
codlata go deó." "A ghaisgighidh is feárr a bhí in Éirinn


L. 14


riamh, fan againn agus tiubhramuid leath na righeachta
dhuit." "Dá bh-faghainn an tír go léir, ní bheidhinn sásta
go m-bainfeadh mé sásadh 'an cheud bhuille gan cosaint'
de mhac Righ Éireann."



Agus d'imthigh sé féin agus Déirdre go d-tí an cuan
an áit in a raibh a soightheach feistighthe. Do bhuaileadar
isteach innte, agus tógadar suas a seolta móra
bochóideacha bacóideacha, chomh-fhada, chomh-díreach, go bar-
raibh na g-crann, nach bh-fágfadh teud tíre gan tarraing,
ná maide ramha gan ró-bhriseadh; aig siúbhal na fairrge
folcanta falcanta, míolta móra aig déanadh ceoil sidhe
agus seirbhíse dhóibh; d'á d-trian aig imtheacht fá'n tuinn
in aghaidh an triain do bhí aig imtheact ós a cionn; sgluig
sglaig ag an bh-faoile bínn ó thús na luinge go deireadh
na luinge; ag cur gainimh mhín in uachdair agus gainimh
gharrbh in íochdair; na eascona in asgaillibh a chéile, gur
stríceadar tír agus talamh in Éirinn.



Annsin do bhí Murchadh aig siúbhal, siúbhal, siúbhal, gur
casadh mac Righ Éireann leis. Chuadar 'un troide. Faoi
dheireadh d'éirigh le Murchadh, agus bhain sé an cloigeann
de mhac Righ Eireann.



Mar bhí crumhaidh, cramhaidh, cráidh; díocar Ó'Ceal-
lachair, cnoc Bhaile an Fhásaigh, corr ghlas Luimnighe,
aimide B'l'atha-Cliath, sagart ó Sgig, Cormac O'Smuilc,
greusaidhe geárr na nglas-mheannadh geur agus a cheap,
na naoi Maolmhuiridhe móra 's a m-bloc; nead bradáin
i m-bárr sgeiche, naoi n-uibe capaill innte agus bolán
fireann air gur uirre. D'éirigh suas an fiadh druimionn


L. 15


ceannon donn, dhá cluais pise, dhá adhairc pónaire, druim
sgadáin, bolg bradáin, ceithre cosa geire faoi, naoi míle
gríosaigh roimhe, naoi míle gríosaigh 'na dhiaidh: tá 'fhios
agam gur dóghadh é, agus tá fhios agam nár dóghadh é.
Bhí siad aig imtheacht gur casadh trí cuinneóga baine leó;
d'ól beirt aca a sáith, agus d'ól beirt eile a lán-sáith.
Bhidheadar aig imtheacht agus casadh trí cuinneóga eile
leó, dhá chuinneoig gan tóin, agus cuinneog gan aon tóin.
Mar bhí crumhaidh, cramhaidh, chráidh. [Rann dithchéillidhe
bhídheas i n-deireadh gach uile sgéil mhóir.]



Nótaidhe.



Chidhfidh an léightheóir annso agus annsúd air fud an
sgéil réim fhada dh'fhoclaibh fuaimneacha nach bh-fuil morán
céille ionnta; mar shompla, i b-fíorthosach an sgéil, "bhí
fear ann fad ó," &c.; arís, ag cur síos air shiubhal na
loinge; arís eile, i n-deireadh an sgéil, "mar bhí crumhaidh,
& c." Acht sé is dócha nach m-baineann an nidh deireannach
so le sgeul Dhéirdre ó cheart. Tugtar "culaith ghaisge'
air a léitheidibh so dh'fhoclaibh.



"Folcanta, falcanta; crumhaidh, cramhidh. "Tabhair faoi
deara go m-bidheann an dhá fhocal, 'nuair chidhmíd i n-éin-
fheacht mar so iad, mar a chéile air gach uile chaoi acht
so: - go m-bidheann an fhuaim "u," "o," ins an g-ceud
cheann, agus an fhuaim "a" ins an dara ceann. Sompla
eile air so, Monachar agus Manachar, air a bh-fuil an
sgeul ag an "g-Craoibhín Aoibhinn" 'na leabhar. Is minic
castar an nidh ceadna dhuin ins na


L. 16


Tomhsannaibh:-



Bidheann sé air bhois, bidheann sé air bhais,
Bidheann sé air bhárr an chuaile ghlais,
Teidheann sé anonn air shlighidh no long,
Tigeann sé anall go treórach deas?



Ceó.



Geárr-fhear gimideach, gaimideach,
'S cuireann sé an choill air crith?



Figheadóir.



Atá cluithche an-aisdeach ag an aos óg i g-Connachta
(agus in áitibh eile fós, b'fhéidir - mó mhairg nach
n-déantar na cluithchidhe coitcheanna do shábháil ó'n
m-bás!) in a bh-fuil an dá fhuaim cheadna. Mar so
imirtear í, do réir an t-Saoi Seaghan MacFloinn, as
Tuaim:—



Bidheann na daoine atá ag dul 'ga h-imirt 'na suidhe
air an urlár timchioll na teineadh; cuireann gach uile
dhuine a chos amach agus tosuigheann rad aig radh na
bh-focal so: —



"Lúrabóg, larabóg,
Buidhe Uí Néill,
Néill aig preabán (nó aig preab)
Preabán súileach,
Súileach seicneach,
Seicne meille,
Dhá cheud lomán,
Lomán láthaighe (no luaithe),


L. 17


Súistín,
Buailtín,
Buille beag dha phéicín,
Crap isteach an fhideóg" (nó béilín, nó
plaiceach).



Deireann gach duine líne dhe so shuas, agus an duine d'á
d-tuiteann an líne dheireannach, crapann sé isteach a chos.
Déantar an cleas ceudna arís agus arís, no go bh-fuil
a g-cuid cosa istigh aig gach uile dhuine aca acht ag aon
donán mío-ádhmharach amháin. Is éigean dhó-san dul air a
ghlúnaibh agus a eudan faoi, agus ag so an díol fhaghann
sé. Bidheann an ceann-siamsa (an té bhidheas i g-cionn
na cluithche) 'na sheasamh ós cionn an donáin so; cuireann
sé a uillinn dheas air a dhruim, agus buaileann sé gach le
buille dhá uillinn air dhruim an té atá shíos, agus air bhois
a láimhe clí féin, ag rádh, ins an am ceudna -



"Cnugaide cnagaide,
I lár do dhroma-sa,
Isteach i b-poll adhairce
Amach i b-poll adhairce
Cia mheud adharc air an b-pocán poic?"



'Sé sin le rádh, "Tomhais cia mheud meur atá tóigthe
agam." Má eirigheann leis, leigtear amach é, acht má
chliseann sé trí h-uaire, tógann siad rud trom éigin ós
cionn a dhroma, 'ghá rádh: —



"Trom, trom, ós do chionn,
Rud nach m-baineann duit, ná bain dó."



Má thomhaiseann sé cad tá ann, gabhann sé as; muna


L. 18


n-eirigheann leis leigtear an rud trom air a dhruim,
agus rud eile 'na dhiaidh, agus mar sin dóibh, gur beag
nach m-bristear cnámh a dhroma aca.



Ní h-ionann focla na cluithche ins gach uile áit. Ag
so an rann chluintear i g-Cuannamara:—



Lúrabóg larabóg,
Lúráin bhuidhe;
Buidhe Uí Néill,
Néillín priobáin,
Priobán súileach,
Súilidhe seicneach,
Seicnidhe mulláin,
Ath mulláin,
Mullán lathaighe,
Cúl na g-cailleach,
'Steach an phlaiceach.



Nó mar so: —



Umar umar,
Cos air umar
Umar dailtín,
Losgadh mairtín,
Fear déan deogh (deabhadh?)
Fear déan deas,
Má's é do leas,
Do leathchos dheas
A chnapughadh as.



Agus i g-Contae na Midhe is mar so a deiridís an
rann:—


L. 19


Líreabóg, lárabóg, an bhuidh,
Buidhe Uí Néill,
Néill a plub,
Plub a súil,
Súil a saic,
Lúr a laic,
Cur isteach a bhean sin.



Caithfimíd a admháil nach furus aon chiall do bhaint as
an "g-caint ráiméisigh" so, agus do bheidheadh an fear-
eagair righ-bhuidheach de sgoláire air bith do chuideochadh
leis. Acht ní h-aisdighe, agus ní mó "ráiméis" na ranna
shuas ná an rann beurla chluintear leis an g-cluithche
cheadna. —


L. 20


An Dara Roinn



Ó chluithche go ceol ni fada an t-aisdear. Rachamuid
mar sin i d-tír na filidheachta, agus beurfamuid cuid
de na dántaibh bhidheas 'gá ngabháil air fud Iarg-Con-
nacht. Air d-tus, cuirfear síos linn an t-abhrán: —



Maire Brún.



I.



Cailín spéireamhail a d-tug mé spéis di
Air an g-creig an taobh so d'Anach-Dúin,
Bhí a méinn mhaith i g-clár a h-eudain,
A's a leaca ghlégeal mar bhláth na n-ubhall.
Dubhairt mé'n méid so, a's mé 'comhradh léithe,
"Is tú mo cheudshearc, is tú mo shúil,
A's ní beo do dhiaidh mé, a's ná déan mé threigsint,
A's budh chóir dhuit euloghádh liom, a Mháire Brún.



II.



Cailín breágh í, a d-tug mé grádh dhi,
A's ní cumann geárr é má bhidhim-se beo,
Mar bhidhinn go síor 'tabhairt "mo mhíle slán" di,
A's bhí grádh ag a lán uirri, mar bhí sí cóir.
Súd í an phlandóg fuair réim na h-áite,
Bhí meas le fagháil aice a's creideamhaint mhór;
Acht d'indheoin Máire bheith fad' as láthair,
Béidh sí aig an m-báire air an Turloch mór.


L. 21


III.



Súd í an t-seoidín de mhnáibh na Fódhla;
Is múinte, manla, ghabhann sí an t-slighe;
A's a liachtaighe óig-fhear d'iarr le posadh í,
Mar ba mhatch air foghnadh í le cur i g-crích.
Ní ghnidheann sí mórdháil ná greann a thógbháil,
A's níor frith aon dóigh innte le n-a cur d'á slighe;
Acht dar bhrigh mo chomhrádh, a chroidhe gan dólás,
Gur fear gan eolus nach sanntóchadh í.



Dán an phíopa.



[Do chuireadh abhrán air an b-píopa i g-clódh cheana
leis an "g-Craoibhín Aoibhinn," acht ag so dán eile air.]



'Nuair eireochas tú air maidin,
Ná fan le do choisreacan,
Go n-deanfaid tú na naoi n-aithne
D'órduigh Peadar dhuit.
Ná cnap do leaba,
Ná spreag an ghríosach,
Go d-tabharfaidh tú do mhaiste tobac,
A's do bhloc maith daraighe in d'fhiadhnuise.
Geárr annsin é, an uimhir dhíreach,
Geárr é a's ná ró-gheárr é;
Ná cuimil é, acht comh-chuimil é;
Dearg é, a's ná ro-dhearg é,
Acht comh-dhearg é,
Bain toit, toit, toit, as;


L. 22


Buail d'órdóg air a bheul;
Tharraibh! tharraibh! sgaoilidh tharraibh é!
Tabhair do do cháirdeas Chríost é.
Ná tabhair dh'fhear gaibhte bealaigh é.
Muna d-tabharfá dh'fhear dúithche no barántachta é
Cuirfeadh sé muca i staca (?)
A's sean-mhna ag cronán,
'S mná túirne ag gabháil fhuinn;
A's b'fheárr gal de'n phíopa,
Ná dul 'un (chum) bidh, aimsir choda.
Sinn féin an tobac fíoraon fial;
Cuireadh a n-urraidh é,
A's baineadh i m-bliadhna é;
Tobac donn daithte é,
Tobac breágh liath é,
tobac Bh'l'atha-cliath é;
'Sé sin féin tobac do thórthamh.



Biddi na g-Carad.



'Sé mo mheas gur beag de dhántaibh na h-Éireann is
feárr ná an dreucht so leanas: —



I.



A Bhiddi na g-carad, tuig feasda nach súgradh é,
Má shaoil tú mé mhealladh, air a mhalairt ná diultuigh mé;
Mar thug mo chroidhe taithneamh do ghlór bog binn do bhéil;
A's nach mór tá mo ghean ort seach as mnáibh an t-saoghail!


L. 23


Is milse póg Bhiddi ná uisge Loch Éirne air fad,
A's ná plúr-scoth na cruithneacht', 's é fuinte as úr-mhil
beach,
Is gile a brághaid ná'n ala 'na luidhe air nead,
'Sí do mhéinn mhaith a mharbhuigh me, gidh gur shealg tú na
mílte fear.



III.



Is truagh gan mé i Sagsanaibh go g-ceannóchainn gáirdín
ubhall,
Nó i loing air fairrge seal, 's ag déanadh spóirt,
Ag filleadh a bhaile a's lide beag fhagháil de'n chóir,
Ní chomhnochainn faoi bhealach go m-blaisfinn do phóg mo
stóir.



IV.



A's tá sé comh maith dham mo shúile chur dhíot go bráth,
A's a liachtaighe oidhche fada a chaith mé gan suaimhneas
d'fhagháil.
Má's iad d'athair nó do mháthair d'athruigh do chroídhe in
do lár
Tá faitchís mór orm nach bh-feicfidh siad Righ na ngrás.



Diarmuid Súgach.



An chaoi ar imir sé air na Daoinibh maithe.



Bhí Diarmuid 'na dhuine siamsamhail, agus níor
bh'fheárr leis an lá aige ná an oidhche le h-aghaidh siubhail.
Chomhnuigh sé i bh-foigse dhá mhíle slighe do Chnoc-an-Dúin.


L. 24


Oidhche Shamhna amháin d'imthigh na daoine maithe go Cúige
Laighean le inghín Rígh Laighean d'fhuadach leo go Cnoc-
an-Dúin; bhí Diarmuid amuigh mar ba ghnás leis, mar
ins an t-seanaimsir bhidheadh siamsa a's spórt ag an
aos óg ins gach baile an oidhche so; bhidhdís aig déanadh
cleas go bh-fuighdís amach cia 'n céile bhí i n-dán dóibh, nó
an b-pósfaidhe iad sul do bheidheadh an bhliadhain tharrta.
Air thriall a bhaile dhó, i d-taca an mheodhan-oidhce, chonnaic
sé an bhuidhéan chuige 'san m-bothar agus iad aig iomchur
corpáin, mar facas dó-san.



Ní raibh faitchios ná eagla air, gidh nár chualadh sé air
feadh na h-oidhche gur cailleamh duine air bith ins na
bailtibh i bh-foigse dho, nó trí mhiltibh dhó. Acht seurd (sé
rud) do bhí ann, an Sluagh Sidhe, agus leagadar an
corpán uatha air an m-bothar, agus d'imithigheadar ar a
shlighe. Dhruid sé i n-aice an chuirp, dhearc sé air, agus
chonnaic sé cosamhlacht mhná óige, áluinne, ins an g-comhra
ós a chomhair. Leag sé a lámh air a h-eudan, agus d'airigh
sé teith é. "Maiseadh," arsa Diarmuid, "biodh orm gur
b'iad so na daoine maithe, agus gur bean uasal í seo
thugadar leo ó árus a h-athar agus a máthar féin anocht,
agus go bh-fuil siad 'gá tabhairt a bhaile leó; acht beár-
faidh mise liom í dho mo theach féin." D'iomchuir sé 'bhaile
an bhean go d-tí n-a mháthair, acht d'fhan sí faoi shuan air
feadh lae's bliadhna, nó go d-táinic oidhche Shamhna arís.
"Bliadhain a's an oidhche anocht," arsa Diarmuid, "bhain
mé í dhe na daoinibh maithe, agus tá sí 'na cnap suain
agus codlata agam ó shoin. Rachfaidh mé siar go Cnoc-an-


L. 25


Dúin anocht, agus b'fhéidir go bh-fuighinn amach cia an fáth
atá léis an síor-chodladh so uirri." D'imthigh leis, agus
chuaidh sé go d-tí an bhruighean. Bhí an dorus fosgailte
roimhe. Isteach leis, agus chuaidh sé i bh-folach air chúl an
doruis. Níorbh' fhada dhó annsin go d-táinic na sidheoga
uile go léir ós a chomhair, agus thosuigheadar ag caint agus
ag cur síos air a g-cuid eachtra, an oidhche Shamhna do
chuaidh thart. "Bliadhain as an oidhche 'nocht, comhthrom," arsa
ceann aca, "bhain Diarmuid Súgach inghean Righ Laighean
dhinn." "Cia'n mhaith sin dó?" arsa ceann eile aca, "ní
dheárna sí smigeadh ná gáire leis ó shoin." "Fíor dhuit,"
ars an t-sidheog eile, "acht ní bheidheadh sí mar sin dá
n-déanadh sé an biorán suain atá'n-a folt i g-cúl a cinn
a bhaint as, agus bheidheadh sí chomh meanmnach 's bhí sí riam.
"Tá go maith, a bhuachaill," arsa Diarmuid leis féin, "beidh
fhios agam an fíór dhuit-se sin."



Chuadar aig imirt beart agus cluithchidhe ann sin.
Thugadar amach an t-adhastar buidhe, agus bhidheadar 'gá
sgaoileadh thart. Chuaidh Dhiarmiud 'na measg gan fhios
dhóibh, agus 'nuair tháinic sé go d-tí é, chruinnigh sé suas
é, chuir sé 'na phóca é, agus leig sé leis (.i. D'imthigh sé).



'Nuair chonnaiceadar nach raibh an t-adhastar buidhe le
fagháil, adubhairt duine aca, "mise am' bhanna gur theang-
mhuigh Diarmuid libh agus gurbh' é thug uaibh é. Amach de
sgiorrtán leis gach uile dhuine aca 'na dhiaidh, agus bheur-
faidís air marach (muna m-beidheadh) a ghliocas. Chualaidh
sé an gleo agus an rith 'na dhiaidh, agus nuair bhreathnuigh
sé siar, ceurd d'fheicfeadh sé acht an Sluagh Sidhe ag


L. 26


teacht air. "Is air thóir an adhastair bhuidhe atá siad," arsa
Diarmuid leis féin, "acht ní bh-fuighidh siad é, ma's féidir
liom-sa é;" agus súd isteach é faoi dhroichead do bhi faoi'n
m-bóthar trasna air abhainn. Tháinic na sidheoga suas
agus chuadar thar an droichead. Níorbh' fhada dhó ann sin,
gur airigh sé ag filleadh air n-ais iad, agus chualaidh sé,
ceann aca ag rádh, "Tá sé imighthe thorrainn anois, acht
gheobhmuid greim air arís, agus mise am' bhanna go
g-cúiteóchamuid leis an dá bheart so atá imrighthe aige
orrainn."



Chuaidh na sidheoga 'n (chum) na bruighne, agus chuaidh
Diarmuid a bhaile. 'Nuair tháinic sé go d-tí n-a thigh féin,
bhuail sé an dorus agus leigeadh isteach é. Rith sé anonn
aig (chuig, cum) an mnaoi uasail a' rádh: - "Goirim agus
coisreacaim thú, a inghean Righ Laighean. Nach mise righne
an gníomh, agus thusa a bhaint dhe'n Sluagh Sidhe?" Leis
sin, do chuartuigh sé a folt agus tharruing sé amach an
biorán suain. D'imthigh an codladh agus an suan di leis
sin, agus tháinic a caint agus a h-éisteacht dhi. "Buaidh
agus treise dhuit, a Dhiarmuid; agus is leat inghean Righ
Laighean," ars an bhean. D'innis Diarmuid dhi mar d'éirigh
leis í thabhairt ó n-a daoinibh maithe, agus go raibh sí le
bliadhain faoi n-a chúram. "Tá sé 'na am againn dul a
bhaile go teach m'athar anois," ars an inghean. D'imthigheadar
leo go d-táinic siad go Cúige Laighean. Chuir Diarmuid
sgeul air an Righ, go raibh a inghean féin agus a fear-
coimhdeachta aig teacht, agus chuir an Righ teachtaire
leis an eolus a dhéanadh dhóibh. Air theacht ós a chomhair


L. 27


dhóibh, d'inniseadar an sgeul ó thús go deireadh do'n Righ.
"Maiseadh," arsa seisean, "is leat m'inghean." "A Righ
's a Thighearna!" arsa Diarmuid, "ní cóir fuil riogh-
amhuil a mheasgadh le fuil bhodaigh." "Ní mar sin bheidheas,"
arsa an Righ, "má tá an inghean sásda." Sin a raibh ó'n
inghín, agus thug sí toil le é phósadh; agus bhí bainis sheacht
lá agus sheacht n-oidhche aig mór-uaislibh agus aig beag-
uaislibh an chúige.



D'éis na bainise thug Diarmuid a chéile a bhaile go
Cuannamara; agus atá daoine ann andiu adeir gur dhe
bhunadh an phósta sin iad, agus go bh-fuil fuil Righ Laighean
ag rith ionnta. Acht, p'é aca, sin dhaoibh an sgeul do réir
mar chuala mise é, agus má tá locht nó breug ann, ná
tóigidh orm-sa é.



Notaidhe.



Ní h-é amháin i n-Éirinn, acht i n-Albain mar an
g-ceudna ba mhór an siamsa do bhidheadh air bun faoi
Shamhain - feuch Hallowe'en do sgríobh Burns, agus "Cuairt
an Mheadhoin-oidhche." Do bhidheadh cead a g-cos ag na
sidheogaibh an tráth sin, agus ba bhaoghalach d'fhear bóthair
a's bealaigh dá d-teangmhuigheadh na daoine maithe leis.
Ní fios dam cia an ceangal atá eidir biorán gruaige
agus codladh, acht faghmuid trácht air an "m-biorán
suain" go minic. Leightear air Mhaighdin Mhara i sgeul
do chualas i n-Árainn, gur fhan sí 'na sost nó gur
buaineadh an biorán as cúl a cinn. Measaim nach bh-fuil
cluithche an adhastair bhuidhe air marthainn anois; atá go


L. 28


deimhin, cluithche gharbh air a d-tugtar Whacker againn,
agus bidheann adhastar no teud éigin ag dul thart ann.
Do cuireádh i g-cló shuas an rann adeirtear i g-Cuan-
namara le cluithche eile, agus fuaras ó shoin ó'n Saoi S.
S. Mac an Bháird, an rann cleachtar faoi na Ceallaibh
Beaga i n-Dún na nGall. D'eagla go g-cailfidh é,
b'fheárr dham é tabhairt annso:—



Lúrpóg, lárpóg, ladhaire buidhe;
Buidhe neoin, neoin a'phreabáin,
Preabán súileach, súile seicneach,
Seicne meillighe, gort na g-cailleac,
Amaide slumaidhe, slumaidhe slaiceach;
Buille beag de bhárr mo shlaite,
Crap isteach, a phlaicigh!



Caithfidh mé a admháil nach d-tig liom mórán céille a
bhaint as so acht an oiread leis an rann eile.



I sean-sgeul agus i sean-sgríbhinnibh na hEireann is
follus go raibh riamh i g-croidhe ár sinnsear, creideamh
daingean ins an saoghal eile agus ins gach aon rud
bhaineas leis. Ní tré easbha creidimh, acht tré's an iomarca
dhe do righneadar seachrán. Acht cá sios dúinn? Nach mian
leis na dreamaibh nuadha, le lucht an spioradachtha, etc.,
na sean-spioraid Eireannacha, "deamhain an aeoir," agus
"geinti gleinde," do thógbháil ó na marbhaibh arís? Ní'l na
"geinti glinde" imthighthe as amharc go h-uile fós orrainn.
A fiadhnaise sin air an rann so, rann tosaigh d'abhrán
fuaras i n-Arainn: —


L. 29


Tháinic mise aréir go dorus a'hall,
A's chuaidh mé ag cogar ar mo mhuirnín bán,
'Sé dubhairt a máithrín nach raibh sí ann,
Go raibh sí pósta le "fear ins an ngleann,"
'Sé dubhairt a máithrín nach raibh sí ann,
go raibh sí i d-taisgidh i g-cóimhrín chláir.



Agus in aghaidh an t-Sluaigh gaoithe - deamhain an aeoir
- atá an ortha nó an phaidir so i n-Arainn fós: —



Seacht b-paidreacha fó seacht (searc?)
Chuir Muire faoi n-a Mac,
Chuir Brighid faoi n-a brat,
Chuir Dia faoi n-A neart,
Eidir sinn 'san Sluagh Sidhe,
Eidir sinn 'san "Sluagh Gaoith,"
Eidir sinn 'san uisge bháidhte,
Eidir sinn 'san saoghal cráidhte.
Eidir sinn a's bas braighdhe (broide?)
Eidir sinn 'san náire saoghalta.



Do bhí nidh éigin de'n t-samhail so i n-Albain freisin, óir
feuch "Guy Mannering," caib. iii.



Acht ní h-í so an áit do na paidreachaibh ná do na
h-orthadhaibh, mar beidh ionad díleas dóibh sin i n-deireadh
an leabhráin so; acht tiubhramuid coiscéim eile air an
m-bealach atá faoi n-ár g-cois faoi láthair, agus breath-
nóchamuid air spiorad fíor-Éireannach eile.


L. 30


An Púca.



Is beag baile air fud na h-Éireann nach bh-fuil cnoc
aill, gleann, no poll ann thógas a ainm ó'n b-púca; acht
cia an sórt feithide é; is beag, an-bheag, aig a bh-fuil a
fhios sin aca. Adubhairt file éigin go raibh an púca ann
"ó aimsir na díleann," agus gur iomdha athrughadh
chuireann sé air féin; go m-bídheann sé "'n-a chat a's
'n-a mhadadh 'san oidhche, a's ní túisge mar sin é ná 'n-a
shean-ghearán bhán."



Is gnáthach leis an b-púca marcuigheacht a thabhairt do
dhuine air bith fhaghann sé amuigh 'nuair atá sé féin faoi
shiubhal; agus atá dhá chaoi air a d-tugann sé mar-
cuigheacht. An chead nós, 'nuair chastar i g-cosamhlacht
dhuine é; annsin, duine air bith ar mhaith leis mar-
cuigheacht a thabhairt dhó, buaileann sé air a dhruim é —
ceann an mharcaigh shíos le talamh, a chosa shuas, a eudan
le druim an phúca, muineul an phúca eidir dhá chois an
mharcaigh. Beireann sé air chaol gach coise leis an marcach
in a dhá láimh, agus tógbhann sé mar sin é thar sleibhtibh
agus gleanntaibh, treasna thar loch agus lochán, suas
agus anuas na cnuic, agus 'nuair atá an marcach
sáruighthe, tuirseach, tairngthe, caitheann sé anuas air an
talamh é, agus leigean sé air siubhal mar sin é.



An chaoi eile, 'nuair dheanann sé capall dhe féin:
— cuireann sé a cheann eidir dhá chois an té ar mian leis
cath-mhagadh a dheanadh dhe; togbhann sé mar sin ó'n talamh
é, agus bidheánn sé aig meudughadh nó go m-bidheann sé
chomh mór le capall; annsin sin dhuit an marcach air a


L. 31


dhruim ag gabháil sgartha, .i. cos air gach taoibh de, agus
cead aige greim do chongbháil nó é féin do leigean le
talamh, agus a chnamha do bhriseadh, b'fhéidir. 'Sé is minice
dhéanas sé, greim docht do chongbhál air, agus súd air
siubhal é cia air bith áit thóigreóchas an púca é tabhairt
leis, agus ní'l dhá luaithe imthigheas an púca nach amhla is
cruaidhe chongbhuigheas an marcach, greim muinge air.



Corr-uair, castar marcach glic do'n phúca, a chuireas
in iul dhó nach d-tig leis magadh a dhéanadh i g-comhnuidhe.



Mar bhí ceannuidhe ann fad ó, agus tháinic sé go Cuan-
namara sul a raibh bóithre déanta ann, agus air mar-
cuigheacht a tháinic sé. Fuair sé lóistín, mar bhidheadh
fáilte agus fiche an t-am sin ann roimh fhear bóthair a's
bealaigh, agus bhí cáil a's caint i bh-fad 's i ngar air
fhlaitheamhlacht agus air fhéile muinntire Iar-gConnacht.
Bhí go maith, léig sé a chapall amach air fud na ngort,
agus chuaidh sé fein 'n-a chodladh. 'Nuair bhí a sháith codlata
aige, d'eirigh sé 'na shuidhe, d'ith sé a bhéile, agus ghleus sé
é féin lé h-aghaidh an bhóthair.



D'aithin sé air na reultaibh go raibh sé níos moiche 'san
oidhche ná shaoil sé, acht adubhairt sé leis féin go m-b'fheárr
dhó bheith ag cur an aistir dhé. Chuaidh sé air thóir a chapaill
acht cé casadh leis acht an Púca! Bhuail sé an ceannuidhe
air a dhruim agus ghluais sé leis. Air d-tús ní raibh faoi
acht sodar, acht d'eirigh sé 'na chos-in-áirde go luath.
D'imthigh sé mar an ngaoith, thrí bhogach a's cruadhas, trasna
na n-abhann, suas agus anuas cnuic, acht chinn air an
b-Púca an fear a chathadh dhe. Thug sé searsa (rása luath)


L. 32


eile go d-táinic sé i n-aice lé h-abhainn mhóir, agus bhí
sé air tí léim a thabhairt trasna gur chuimhnigh an cean-
nuidhe go raibh a chuid spur air a shálaibh. Thug shé buille
láidir lé n-a dhá sháil agus chuir sé na bírínidhe go feoil
'san b-Púca. Gheit agus chriothnuigh sé: agus d'iarr sé
d'athchuinge air an g-ceannuidhe na bhírínidhe a bhaint as,
agus go leigfeadh sé air siubhal é. Righne an ceannuidhe
sin, agus chaith an Púca d'á dhruim anuas é, agus súd dhe
léim thar an abhainn é.



Achth ghabh aithmheula an ceannuidhe gur leig sé an púca
chomh réidh sín uaidh; agus shaoil sé é mhealladh air ais, go
g-chuireadh sé (de) reachtaibh air gan leanamhain d'a chleas-
annaibh ní ba mhó. Mar sin d'iarr sé air theacht trasna
na h-abhann arís. "Án bhfuil na bhirínidhe ort i g-comh-
nuidhe?" ars an Puca. "Tá siad," ars an fear. "Má tá,"
ars an Púca, "Fan mar tá tú; ní rachádh mise 'do ghoire
na 'do ghaobhar go m-bainidh tú dhíot iad. Tá mé réidh
leat an t-am so, act má fhagaim greim ort uair eile,
agus tu bheith air easbaidh na spur, beidh fhios agat-sa
fios na faillighe nó caillfidh mé leagan leis."



Acht ag so rann ag cur síos mar thug an púca mar-
caigheacht do dhuine a rug sé air amuigh deireannach.



Marcáigheacht an Phúca



I.



Chuaidh mé air mo ghlúnaibh, 's gan caint air mo
dhearnacáin,
Ag lamhacán siubhail ag an Ath-leacach;


L. 33


An ránaidhe púca (an deamhan d'á chumhdach)
Rinne m'udhachta, a's bhain díom m'amharc.



II.



Chuaidh mé air a dhruim ní ba luaithe ná'n ghaoth,
A's na bóithre bhí faoi, bhí siad ag creathadh,
Deamhan clais ná tuinn, dá raibh 'san tír,
Nár thug sé thríd mé arís go maidin.



III.



Súd air siubhal é, bathadh 's múchadh air!
Thar bharraibh na n-Uaimíneadh, a's síos Gleann
Treasna;
Muna m-beidheadh an crúdh a sgoth sé in Úirid,
I Sasanna anonn do bheidhinn air maidin.



IV.



Cuaidh sé de choisméig do chnoc Bhaile an Tuaiscirt,
Anns an áit i raibh Seoffrae ag ól fíona go fairsing,
D'ith mé mo shuipéir, óir b'olc é mo dhinnéir,
A's fuair mé buideul uaidh, ag ionnsuighe an bhealaigh.



V.



A's tháinic mé isteach aig Cruitirín Ceoil;
Bhí smut air a's gruaim, a's ba mhór í a fhearg;
"A mhic Pheircín shuairc, má's as Connachta a ghluais,
Bain as air luathas a's teirigh a bhaile."



VI.



A's tháinic mé isteach aig Finnbheara Meadha,
Bhí gunna 'n-a láimh, 's é ag múnadh a airm;
Annsúd a bhí ann, tríd nach raibh ann,
A's ba fuide liom lá ná ráithe an Earraigh ann.


L. 34


Nótaidhe.



A deirtear gur b'é "Féidhlim a Chuail" (Mac Dubh-
ghaill Felix Doyle), do rinne an dán so air an b-púca, acht
shaoilfeá gur b'é an "Mac Pheircin" a luaidhtear ins
an 5adh rann, is ughdar dó.



Ath-leacach, Uaimínidhe, Gleann Trasna, Úirid, áiteanna
i g-Cuannamara. Ní fiosach dam cá bhfuil cnoc Bhaile
an tuaiscirt. Do bí fear in Úirid fad ó, agus rinne sé
brionglóid go bh-fuigheadh sé a shaidhbhreas air dhroichead
Luimnighe; d'imthigh sé air a thóir, agus bhí sé ag siubhal
an droichid go ceann trí lá. Tháinic fear eile annsin
go d-tí é, agus d'iarr sé air cia an fáth do bhí leis an
síor-shiubhal sin. Adubhairt an duine bocht go ndeárna
sé brionglóid go bhfuigheadh sé a shaidhbhreas air an droi-
chead sin. "Maiseadh, a dhuine chóir," ars an fear, "rinne
mise brionglóid, dá d-teidhinn go h-Úirid, áit éigin i
g-Connachtaibh, go bh-fuighinn ciste óir faoi bhun croinn
sgeiche atá ag fás i ngort éigin, achth tá mé ag ceapadh
nach bhfuil aon bhrigh ins an aisling sin, agus ní rachaidh
mé ann." Do shaoil an fear eile go m-b'fhéidir gurb'é sin
an saidhbhreas a gealladh dhó, óir bhí fhios aige go maith an
gort agus an crann sgeiche adubhairt an fear, mar do
bhí an sgeach 'n-a gharrdha féin. D'fhill sé a bhaile mar sin
agus bhain sé faoi'n g-crann sgeiche agus thóg sé an
corcán óir. Do bhí an corcán in úsaid aca lé fada, go
d-táinic sgoláire bocht isteach lá agus léigh sé air an
g-corcán an sgríbhinn so: — "Ní feárr taobh de'n sgeich
ná an taoibh eile." Do rómhair siad faoi'n g-crann sgeiche


L. 35


arís annsin, agus fuaradar corcán eile. Ionann "tuinn"
agus "poll"; sgoth — fág i n-diaidh duine, sgoth mé air
an m-bóthar é, sé sin, d'fhágas mo dhiaidh é; coisméig
— coiscéim; suipéir, dínnéir, buidéal, droch-bhriathra
gallda iad so in áit na m-briathar ársaidh, séire, proinn,
searróg. Ins an rann deireannach, "tríd nach raibh an" —
gan trácht air an meud do bhí as láthair.



Do bhí an Rí Finnbheara ós cionn sídheóg Connacht shoir
agus do chomhnuigh sé i g-Cnoc Meadha, tamall geárr ó
Thuaim. I g-Cnoc an Dúin, mar chonnaiceamar cheana,
do chomhnuigh Sluagh Sidhe Iar-gConnacht, agus do bhidheadh
aighneas agus imreasán air bun idir an dá bhruighin. Do
bhí an Cruitirín Ceoil, a luaidhtear ins an n-dán, air na
sidheóga ba mhó do chuireadh milleán air Fhinnbheara agus
air Shluagh Chnuic Meadha. Ainm eile dhó, "Síoguidhe ó
Chruach." Is iomdha sgeul aisteach 'ga innsint fós air
Fhinnbheara an righ, air a bhainrioghain Meadhbh (ó ar ainmnigh
Shacespeare "Queen Mab," agus air a g-cuid eachtra agus
cleas. Feuch ceann aca in Irisleabhar na Gaedhilge,
uimhir 38.



Tómhsanna.



Tiubhramuid anois beirtín eile de na tomsannaibh. Ní'l
morán brigh i g-cuid aca, acht ní beag le cluais an Chon-
nachtaigh gan foghluim na focla breágha fuaimneacha atá
ionnta:—


L. 36


Capaillín air stábla,
A's é 'n-a chos-in-áirde,
A's deamhan cos a chorruigh sé.



Túirne lín.



Saighdeúirín dearg i m-bárr na g-crann,
Cloch in a lár a's caipín air a cheann.



Caor sgeiche.



Thóigfinn in mo ghlaic é,
A's ní chuirfeadh an Rígh gad air.



Gaineamh.



Corcán óir lán d'fheóil beo.



Meuracán.



Cuaidh mé suas an bóithrín,
A's tháinic mé anuas an bóithrín,
'S thug mé an bóithrín liom air mo dhruim.



Dréimire.



Caith mé suas é, chomh geal le sneachta,
A's thuit sé anuas 'n-a ór buidhe air leachta.



Ubh.



Ní'l sé 'muigh na 'stigh,
A's chidhim gach uile lá é.



Fardorus.



Maor na creige ó bhliadhain go bliadhain,
Gan biadh, gan páighe, ag buachailleacht.



Dosán raithnigh.



Chomh geal leis an eala,
Chomh milis le mil,


L. 37


Chomh cruinn le h-ubh,
Chomh dearg le fuil.



Úbhall.



Donnchadh dubh 'san g-clúid,
'S a mheur 'n-a bheul.



Buideul agus corca ann.



Súd thall ort é, ní trom leat é,
Ní ball de bhallaibh do chuirp é,
A's tá sé ort, 'na dhiaidh sin.



D'ainm.



Chídhim chugam ins an ród,
Láir óg a's í (ag) seitrigh,
Ball nimhe i g-clár a h-eudain,
'S a leath deiridh thrí theine.



Gunna.



Ioscada fada, mása cam'
Ag déanadh a ghortha, 's gan súil 'n-a cheann,



An tlugh.



Teachtaire beag ó theach go teach,
A chodlaigheas imuigh 'san oidhche.



Bóithrín.



Súd ins an g-clúid é,
A's dhá cheud súil ann.



Criathar.



Seanduine bocht, 's a mhaide faoi 'n-a ucht,
'Sé ag silt na n-deor ó mhaidin go fuín.



Braon as an bh-fardorus.


L. 38


Súd amach í, a's biadh an t-sagairt léi.



Cearc.



Aimide liath leibideach,
A aghaidh siar 's é (ag) meigiollach.



Gabhar.



Do leagas uaim í air bhárr an chladha,
A's thuit sí 'nuas le fánaidh,
Dhá cheud liaigh a's bíodh siad ann
Ní dheunfaidís iomlán í.



Ubh do thuit agus do briseadh.



Beirt chloinne Dhómhnaill Ui Chraobhaigh,
A chuaidh ag baint slat, air maidin cheodhaigh,
An t-slat a bhainidís is í a d'fhágaidís,
A's an t-slat nach m-bainidís, 's í thugadar leo.



Dhá phreuchán ag piocadh a chéile.



An Chiomach.



Is gnáthach leis an bh-filidh breathnughadh siar air an
aimsir do caitheadh, agus í do chur ós cionn an ama atá
ann faoi láthair. Is iomdha duan agus abhrán áluinn atá
ag ár lucht gaoil, ag Gaedhealaibh na h-Alban, ag moladh
na Seanaimsire agus ag cur i g-cuimhne na g-carad
agus na n-ionad do b'ionmhuin leis an bh-filidh fad ó.
Thugadar "soraidh" air a leitheid so do dhuan in Albain,


L. 39


mar gheall air na briathraibh le a d-tosuigheann sé, .i.
soraidh leat .i. slán leat. Feuch Irisleabhar na Gaedhilge,
II., 217:—



Soraidh leat, a ghleann mo ghrádh!
Tá sínte indiu ad'léine bháis;
(As) do dhiaidh, go bráth, go bráth,
Ní bheidh an bárd acht deorach, brónach.



Is beag nach bh-fuil an focal ud "soraidh" caillte
orrainne, acht atá duanta, agus neart mór aca, de'n
t-samhail cheudna againn, agus ag so an Chiomach, aon
cheann amháin aca:—



I.



Ceud slán do bhliadhain as an taca so, is deas a bhí mé
gleusta,
A's mé ionann dul in (chum) cainte le Gallaibh a's le
Gaedhealaibh,
Gur phós mé an Chiomach, mar bhí cúpla bó dhe spréidh aici,
A's d'fhága sin fuar folamh mé, a's mo chroiceann geal
gan léine.



II.



'Nuair d'eirigh mise air maidin, a's nigh mé m'aghaidh is
mo lámha,
Dubhairt mé go maith aigeanta go rachainn in (chum) an
bháire;



An Seafaide.



Mo shlán chum bliadhna an taca so, budh dheas mo chulaith éadaigh,
Budh lúthmhar, meadhrach, meanamnach do dheunfainn bean do bhreugadh,
Gur phósas féin an seafaide 'g-a raibh cúpla bó mar spré 'ci,
D'fhág sí mh'inntinn greaduighthe, a's mo chroiceann geal gan léine.


L. 40


Níor fhiarfuigh mé de mo dhaide é, agus níor cheaduigheas
mo mháthair,
Acht mo leun a's mo dheacar nach 'san talamh bhidheas an
lá sin!



III.



'Nuair eirighim air maidin agus teidhim i g-cionn mo
láighe,
Ní fhaghaim an teine faduighthe ná folach air na páisdidhibh,
Ní h-é sin is mó mharbhas mé, ná mheudaigheas air mo
dhólás,
Acht mo leanbán ag sgreadach a's an Chiomach i d-teach
na comharsan.



IV.



Leun go raibh air an b-pósadh, is mairg riamh a ghnidheas é
Le na fhusacht duine a cheangailt, a's a dhoilghe tá sé é
sgaoileadh;
Is truagh nach d-tigeann acht amach, mar dhíolfá bó nó
caora,
An té nach d-taithneochadh a bhean leis, í thiomáint in an
aonaigh.



Ar m'éirigh amach air maidin dam, dhul ag feidhil mo ghnótha,
Casadh cailín deas orm a's í gabhtha suas 'n-a córughadh,
'Nuair shaoileas í bheith tairbheach nó maitheasach chum gnótha,
Choidleóchadh sí go h-eadarthrath dá raghadh na ba 'sa b-póna.



Air mo theacht a bhaile go tuirseach dham, deigheanach 'san tráthnóna,
Bíonn luaith na seachdmhuine 'san tealach ag mo chailín deas romham-sa.
Méaduigheann sé air mo cheasnuighthibh, agus laguigheann sé mo dhóthchas,
Mo leanbhuidhe óga ag gul am' dhiaigh a's mo bhean i d-tigh na comharsan.


L. 41


V.



Ógánaigh an bhaile so, an chuid agaibh tá gan pósadh,
Ná fágaidh bean mhaith 'n bhur n-diaidh mar gheall air í
bheith gan bólacht,
Mar is feárr duit bothán glan agat, le teacht isteach
tráthnóna,
Ná bheith ag cruinniughadh luath' na seachtmhaine, a's dá
cur amach Dia-domhnaigh.



VI.



Fágfaidh mé an baile so, mar tá sé dubh gránna,
A's rachaidh mé ag comhnuidhe go Doire Bhéil-an-Mháma;
An áit i bh-fuighidh mé póigín gach tráthnóna ó mo mháthair,
Ag sealbhán na m-ba, a's 'gá seoladh in an fhásaigh.



Atá abhrán cosamhail leis an g-ceann so thugamar
anois, in Inis-Eoghain; ní cuimhneach linn faoi láthair acht
aon cheathramhadh amháin de: —



A bhuachaillidhe óga, a's a chailínidhe tá díomhaoin,
Ná pósaigibh i m-bliadhna i n-geall air bha ná caoirigh,



Tá sgéal agam le aithris — is náir an gnó dham a innsint —
Lá bhí cuigear fear agam ag leathadh rud beag aoiligh,
D'imthigh sí air maidin uaim, mar ba chleachtach léi an t-slighe sin,
A's an dith ná an deamhas a bh-faca dhi go tuitim dhubh na h-oidhche.



A bhuachaillidhe óga an bhaile so, glacaidh-se mo chomhairle,
A's ná eitigh-se aon chailín deas i d-taobh í bheith gan bólacht;
Beidh an teinnteánn glan air maidin duit, a's gan dearmad um
trathnóna,
A's ní mar sin dhein mo chaile-se, acht ráithte i d-tigh na comharsan.


L. 42


Glacaighidh mo chomhairle, a's ná pósaigidh i m-bliadhna.
Mar is fada an ceangal, a's is doiligh é sgaoileadh.



Is follusach air an abhrán féin go bh-fuil sé críochnuighthe
mar atá sé shuas; acht do réir mar ghabhtar é i g-Cuan-
namara atá ranna eile ann a dhéanfadh abhrán deas leó
féin: —



I.



Ógánaigh an chúil cheangailte, le raibh mise seal in
éinfheacht,
Chuaidh tú 'réir an bealach so, a's níor tháinic tú dam'
fheuchaint;
Shaoil mé nach n-deunfadh dochar dhuit, dá d-tiocfá 'steach
a's mé iarraidh,
A's gur bh'í do phóigín thiubhradh sólás dam, dá m-béidhinn
i lár an fhiabhrais.



II.



A's dá m-beidheadh maoin agam-sa, nó airgead in mo phóca,
Dheunfainn bóithrín aithghiorra go dorus tighe mo stóirín,
Mar shúil lé Dia a's go g-cluininn torann binn a bhróga,
Mar is fad ó'n lá 'nar chodail mé acht ag súil le blas
a phóigín.



III.



A's shaoil mise, a stóirín, go m-ba ghealach agus grian thu,
A's shaoil me, na dhiaidh sin, go m-ba sneachta air an
t-sliabh thú,



A chailinidhe óga an bhaile seo, air mhargadh coidhche má théidheann sibh,
Toghaidh fein an chuideachta, agus ná bidhidh amuigh déidhionach;
Congbhaidh drom an iomaire agus seachnaidh na díogacha,
Air eagla d'imtheacht oraibh-se mar d'imthigh air mo mhnaoi-se.


L. 43


A's shaoil me 'na dhiaidh sin go m-ba lóchrann ó Dhia thú,
Nó gurb thú an reult eoluis ag dul rómham a's mo
dhiaidh thú,



IV.



Gheall tú síoda a's saitín dam, búclaidhe a's bróga árda;
A's gheall tú thairis sin dam go leanfá thríd an tsnámh mé,
Ní mar sin atá me acht 'mo sgeach i m-beul beárna,
Gach nóin a's gach maidin ag feuchaint air theach m'athar.



Loch na Niadh.



Do réir an t-sean-fhocal, "atá fáth le gach nidh;" acht
cia an fáth atá leis an ainm thugtar air an loch beag do
bhi (faraor go bh-fuil sé líonta indiu leis an ngaineamh
séidthe i g-cruth nach measfadh duine go raibh sé riamh 'n-a
loch!) Leath-bhealach eidir Chnoc an Dúin agus Ceann-
Léime? Ní mhaireann aon sgeul 'na thaobh; ní cinnte
fíor-ainm an locha féin; ní fios dúinn cia aca — Loch na
"niadh" .i. na laoch, Loch na "n-iodh" .i. na bh-fáinneadh,
Loch na "nidh," nó Loch na "naomh" ba chóir dhúinn a
thabhairt air.



Muna m-beidheadh gur chnuasuigh sinn an dán so shíos do
bheidheadh sé imthighthe as cuimhne go goirid. Atá sé rud
beag cosamhail leis na dántaibh Iacóibíteacha. A deir-
tear gur ab'é Micheál O'Conghala, mac Mharcuis, darbh'
leas-ainm Micheál Bacach, do rinne an dán so air Éibhlín
Ní Chlóchta; agus is comhaois do'n bh-filidh bacach Seaghan
Mac Giolla Mhártáin, duine ó fritheadh mór-chuid dá
bh-fuil 'san leabhrán so:—


L. 44


An tráth seo 'réir 's mé ag siubhal liom féin,
Ag déanadh air eudan Loch na Niadh,
Mo ghruadh go léir do las go treun,
Le h-eagla ghéir, 's gan fhios cé faoi.



II.



'Nuair phreab na reulta air na speurthaibh
Fuair mé leurgus beag air mhnaói,
A lot mo thaobh le soighid ghlain ghéir,
A's d'fhág an leus dubh (lionn dubh) i lár mo chroidhe.



III.



Tháinic smuaineadh eile in m'intinn
Beannughadh 'rís do'n oidhre mhná,
Go bh-faghainn amach cé chas in mo líon í
An tráth sin d'oidhche, a's uaigneas ann.



IV.



"Druid aníos liom, a's dearc go grinn mé,
Is mise an fhaoileann óg ó'n nGréig,
Searc mo chroidhe thú de ló a's d'oidhche,
glór do chinn, a's meabhair do mheur.



V.



"Má's fíor gach nidh d'a bh-fuil tú 'g innsint,
Suidhmid síos go n-eirghidh an lá,
Go bh-faghaidh mé sgeula an bhfuil sé in Éirinn
Nidh fá'n saoghal a leigheasfadh grádh.



VI.



"A bh-fuil in Éirinn eilig fré chéile
No a bhfuil fá'n saoghal de'n saidhbhreas breagh,


L. 45


Ní shásóchadh siud mé in áit mho chlú,
Gan ceangal dlúth dá bh-feudainn a fhagháil.



VII.



"Tabhair dham spás go ceann naoi lá,
Go siubhlaidh mé gach ceárda 'mach fa'n tír,
Go bh-faghaidh mé faisnéis ó na mnáibh
A m-bidhinn i bh-páirt leo seal de'm shaoghal.



VIII.



"Faoidh leat, a's déan, 's bí annso arís,
O d'fágh mé an fleet ó dheas de'n cheann,
Is lóchrann oidhche a g-cloidhmhe líomhtha,
Ag strócadh croinnteadh ag teacht do cheann.



IX.



"Má athruigheann gaoithe air mo fleet,
(Mo dheacar díth, nach claoidhte an cás)
Ní'l fairsingeacht saorthadh ins an tír so,
Tairnighidhe croinn, na canabhás."



X.



"Óig-bhean mhúinte, ná bidheadh brón ort,
Án méid a's dhubhrais, caithfir fhághail,
Mhá theangmhann brúghadh air bith le d'chrew
Tá foireann úr 'san tír le fághail."



Do réir fonnadóiridh eile atá rann eile ins an
abrán do thiocfadh isteach eidir rann IV. agus V.:—



"Siubhal, 's ná saoil go g-caithfidh tú mé dhíot,
A's a liachtaighe ríogh do cur mé 'un báis,
Ó fuair mé sgeul air fheabhas do mhéin',
Shiubhalfainn Éire le fonn thú fhágháil."


L. 46


Agus dhá rann eile d'fheárr-a's-bárr, acht admhuighim
nach léir damhsa cia an chaoi a m-bainfidís leis an
abhrán:—



"Nach annsúd bhí 'n chúis aig daoinibh móra,
Slata 's seoil aig eitioll ann;
Bhí fir 'ghá síneadh air chúl a g-cinn ann,
A's fuil ag gíosgadh go bárr ná g-crann.



"'Nuair chualaidh an chúilfhionn féin an tuaicneáil,
Is ait an dúiseacht do bhí ann;
Bhí soithigh 'pleusgadh, a's slata 'g géimneadh,
A's feadghail gheur ag cannon balls.



An Lioprachán.



Ins an t-sean-aimsir, sul a lobh na fataidhe, an rud
do dhíbir air fud an domhain muinntir na h-Éireann,
agus a choisg gach uile shean-ghnás agus gach siamsa do
bhí aca, do chleachtaibh a seacht sinnsear; ins an am sin
do bhí fear ag siubhal leis féin lá thríd a chuid talmhan
le bánughadh an lae, agus ceurd do chonnaic sé uaidh
acht lioprachán, agus é 'n-a chodladh air thuláinín deas
feurmhar do bhí air a aghaidh. Rith sé air, rug sé air, a's
thug sé leis a bhaile é. Shaoil sé airgead fhagháil uaidh,
agus 'nuair nach raibh sé 'ghá fhagháil, do cheangail sé go
dlúth, docht é, agus do chuir sé 'san g-cómhra faoi ghlas
é. Bhí mar sin go ceann a seacht m-bliadhna.



Faoi cheann seacht m-bliadhna 'na dhiaidh sin do bhí an
fear ceudna ag siubhal le ciumhais na fairge lá, gur casadh


L. 47


sail dó. 'Nuair tháinic sé abhaile d'innis sé dhóibh mar
fuair sé an t-sail; agus leis sin thosuigh an lioprachán
ag gáire istigh ins an g-comhra. Níor chuir fear an tighe
ceist ná comhradh air cia an fáth do bhí leis an gáire.



Bhí go maith; chongbhuigh sé seacht m-bliadhna eile é
gan greim, gan deoch. Faoi cheann na h-aimsire sin
tháinic fear-siubhail isteach lá ins an teach 'na raibh an
lioprachán 'san g-comhra ann; bhí biadh gleusta, agus
d'iarr fear an tighe air an bh-fear bocht a theannadh leis
an m-bórd agus greim d'ithe. Ní dhéanfadh sé sin, agus
chuaidh sé amach arís gan blas de'n bhiadh d'ithe; agus
mar do chuaidh sé amach thar an tairsigh rinne an liop-
rachán gáire mór istigh. Níor chuir fear an tighe aon
t-suim ins an ngáire so, an oiread leis an g-cead
gháire; agus congbhuigh sé faoi ghlas é go ceann a seacht
m-bliadhna arís.



I g-ceann an ama sin do chuaidh fear an tighe in (chum)
aonaigh do bhí i bh-fad uaidh, agus 'nuair tháinic sé a
bhaile, is é an chead rud do chuala sé, an lioprachán ag
gáire amach ins an g-comhra istigh. "Is é seo an tríomhadh
gáire rinne sé le bliadhain a's fiche," arsa fear an tighe,
"agus beidh fhios agam cia an fáth a bhí leo." Chuaidh sé
go d-tí an cómhra, agus d'fhosgail sé an cómhra. "A
liopracháin ghránna," ar sé, "innis dham air an toirt cia
an fath do bhí leis na trí gháiríbh a rinne tú. Tá tú
agam le bliadhain a's fiche, 's ní dheárna tú acht na trí
gáiridhe sin."


L. 48


"B'fheárr dhuit féin gan an fáth a chloistin," ars an
lioprachán.



"Innis dhamh anois cé (cad) faoi a n-deárna tú an
gáire."



"Glac mo chómhairle," ars an lioprachán, "tá go leor
nidhtheadh a m-b'fheárr dhuit bheith gan eolus agat orra,
mar a deir an sean-fhocal, 'an rud nach g-cluineann an
chluais, ní chuireann sé buaidhirt air an g-croidhe.'"



"Éist liom-sa anois, agus leig do do chuid cómhrádh;
cia an fáth a n-deárna tú gáire, nó diabhal as so rachas
tú go m-bainidh mé an cloigeann díot."



"Ná deun sin," ars an lioprachán, acht glac foighid,
nó beidh aithmheula ort."



"Ní ghlacfaidh mé níos mó gabsaireachta uaitse," arsa
fear an tighe; agus rug sé air an lioprachán, agus bhí
sé air tí an ceann a chasadh dhe, mar chasfá an cloigionn
de dhreoilín.



"Fóil, fóil, ars an lioprachán," "is feárr dham fáth
agus ádhbhar na d-trí ngáire d'innseacht ná mo cheann do
chailleamhain. Maise, 'sé an fáth do bhí leis an g-ceud
gháire: an t-sail fuair tú cois na fairge (má's cuimh-
neach leat é), bhí sí tollta, folamh 'n-a lár, agus í lán
d'ór a's d'airgead, agus bhí fhios agam-sa go leigtheá
uait go fánach an saidhbhreas do bhí innti, i leabaidh soileas
(sochar) a bhuaint as do mhuirighin laig; agus tú féin
chomh sanntach, cruaidh, congbhalach sin, freisin, agus go
m-b'fheárr leat dul gan deoch ná deoch a cheannach. Is é
fáth an dara gháire: an fear siubhail a tháinic isteach


L. 49


agus a dhiultuigh do'n bhiadh, ní éireochadh dhó mar thárla
dá bh-fanfadh sé agus greim a chaitheamh, mar nár shiubhail sé
i bh-fad ó'n teach gur baineadh tuisle as, gur bhris sé a
chosa 's a chnámha. Fáth an tríomhadh ghaire, b'fheárr liom
gan é innseacht duit, glac mo chómhairle, agus bí sásta
le fios agus fáth an dá gháire do bheith agat."



"Ní'l mé sásta, agus ní bheidhead," ars an fear, "go
g-cluinfidh mé fáth an tríomhadh gáire freisin, agus ní
shabháilfidh an meud atá ráidhte thú."



"Tá go maith, ort féin bheidheas an milleán. Is é fáth
an treas gháire: do chuid airgid air fad a bhí i bh-folach
agat in a léithéid so d'áit ins an ngarrdha, chomh fad
agus do bhí tusa imthighthe chum an aonaigh, tháinic fear
mór agus bhailigh sé leis air fad é, agus deamhan
pighinn ruadh d'fhág sé agat."



'Nuair chuala an fear sin, leig sé sgread mhór as,
chaith sé a hata 'san aer, chaill sé a chiall agus d'imthigh
sé eudtrom air fud an t-saoghail. Do bhailigh an liop-
rachán leis, agus níor chualas aon tuairisg air ó'n lá
sin go d-tí anois.



Comhairle.



Pós, a dhearbhráthair, sul má d-tiocfaidh an aois ort,
Mar nach d-tagann an óige faoi dhó choidhche;
Ní fhásann an bláth air an g-crann a chríonas,
'S ní bheidh do chlann agat in am do chaointe.


L. 50


Ochón ó! a's ní faoi sin é,
Ní faoi andé, 's ní faoi andiu é,
Ní faoi a áirde 's tá na cnuic é,
Acht faoi mo stóirin 's an fhaid go d-tig sé.



Nach fada mo sheasamh mé i n-dorus na gaoithe,
Mo bhrollach fosgailte a's mo ghruag liom sgaoilte,
Mar shúil a's go bh-feicfinn an té a chlaoidh mé
Ag dul 'un an mhargaidh, nó ag tidheacht ó'n aonach.



Tá mo chroidhe-se comh dubh le h-áirne,
Nó le gual dubh a dóighfidhe i g-ceardchain,
Nó le bonn bróige air thailtibh bána,
A's tá lionn-dubh mór ós cionn mo gháire.



Thug mé grádh do ghiolla na ruadhachta,
A ghiolla na finne is tú d'fhág me buaidheartha!
An uair a smuainim air mo luadh leat
Tuiteann bun díom a's bárr na gruaige.



Thug mé grádh dhuit a's mé beag bídeach,
A's chúir mé bárr air a's mé mór críona;
Níor bh'é sin an grádh thug an chú do'n chaoile,
Acht an grádh buan daingean is ba doiligh é sgaoileadh.



In "Iris na Gaedhilge," leabhar II., leathanach 287
atá abhrán áluinn cosamhail leis na líntibh shuas. Ins
an nGaodhal, rol. VIII., leathanach 93, atá an t-abhrán so
do réir mar atá sé i g-Contae Mhuigheo.


L. 51


Bréidín Cailleach na n-Adharc.



Bhí sean-bhean ann fad ó, agus bhidheadh sí ag obair
i g-comhnuidhe. Aon oidhche Shathuirn amhain bhí sí ag sníomh
go deireannach ins an oidhche; agus ceurd do bhuail isteach
aici acht sean-chailleach, a raibh dhá adharc uirri chomh mór le
h-adharcaibh tairbh. Shuidh sí síos agus d'fhiafruigh sí de bhean
an tighe an raibh péire cárdlaidh aici, agus go d-tiubhradh
sí cungnamh di. "Ní'l," ars an bhean. "Ní raibh mise
riamh gan mo ghleus oibre féin," ars an chailleach, agus
tharraing sí péire cárdlaidh amach as a póca, agus
thosuigh sí ag cárdáil.



Níor bh'fhada bhí sí ag obair go d-táinic cailleach eile
isteach, agus péire adharc uirri, mar an g-ceudna. Shuidh
sí síos, agus adubhairt sí le bean an tighe go g-coing-
neóchadh sí léithe dá m-beidheadh túirne aici. "Ní'l aon
túirne a'm-sa le t'aghaidh," ars an bhean. "Ní raibh mise
riamh gan mo ghleus oibre féin," ars an chailleach; leis
sin tharruing sí amach túirne bheag, agus thosuigh sí ag
sníomh.



Acht, leis an sgeul a ghiorrughadh, bhídheadar ag tidheacht
isteach, ó chailleach go cailleach, go raibh ceithre chailleach
agus fiche ann - dhá chaillig deug ag sníomh agus an
oiread eile ag cárdáil.



D'oibrigheadar tamall; annsin adubhairt ceann aca
go m-ba olc an aghaidh air bhean an tighe dada a dhéanamh dhi,
mar níor chuir sí cumann air bith orra faoi n-a g-cuid
oibre, gan fiú braon le n-ól aici dhóibh. Annsin
adubhairt an bhean bhocht go d-tiubhradh sí canna uisge


L. 52


isteach, go n-deanfadh sí braon beag tae dhóibh. Thóg sí
an canna léithe agus chuaidh sí 'na choinne; acht 'nuair
bhí sí ag filleadh, bhuail sí a h-ordóg i d-teannta cloiche
"Mo chuid de thubuiste na bliadhna ort mar chloich, muna
bh-fuil mé geárrtha agat," ars an bhean bhocht. "Ná
h-abair sin," ars an chloch. "Is mise do mháthair a tháinic
rómhat annso le cómhairle a chur ort. 'Nuair gheobhfas tú
a bhaile, abair go bh-fuil Cnoc Áine thrí lasadh, agus
rithfidh na cailleacha amach; acht 'nuair gheobhfas tú amach
iad, dún an dorus, agus ná leig isteach arís iad. Agus
sul dhúnfas tú an dorus caith amach a g-cuid túirne agus
a g-cuid cárdlaidh. Air a bh-faca tú riamh ná leig isteach
iad, nó béidh aithmheula ort."



Righne sí sin air fad. Chomh luath a's chuala na cail-
leacha go raibh an cnoc thrí lasadh, amach leó; ní raibh
siad i bh-fad amuigh go d-táinic siad air ais do'n dorus
aig iarraidh bheith leigthe isteach arís, acht ní leigfeadh an
bhean isteach iad.



Thosuigheadar ag glaodhach annsin. Do ghlaodh ceann
acu air a cárdlaibh í leigean isteach. "Ní fheudnainn," ars
an cárdla, "tamuid chómh fada amach leat fein." Do
ghlaodh ceann eile acu air a túirne í leigean isteach.
"Ní fheudfainn," ars an túirne, "mar atá mise chómh fada
amach leat féin." 'Nuair chinn a d-túirnidheadh agus a
g-cárdlaidhe féin orra, ghlaodh cailleach eile amach, "A
thúirne mná an tighe, leig isteach sinn!" "Ní fheudfainn,"
ars an túirne, "atá píosa bainte asam." Annsin ghlaodh
sí air chárdlaibh mná an tighe í leigean isteach. "Ní


L. 53


fheudamaoid," ars na chárdlaidhe, "atá fiacla bainte
asainn." Faoi dheireadh, d'iarr ceann aca air shudóig gan
bhearna eirghe agus iad a leigean isteach. Thosuigh an
t-sudóg ag léimnigh suas go d-tí an dorus, acht rug
bean an tighe air an t-slis, agus rinne sí dhá leith dhí.



Adubhairt na cailleacha annsin, "Níor mhór dhuit! Óir
dá rachamuis isteach chuirfimís de reachtaibh ort gan a
bheith chómh deireannach ag sníomhachán 'san oidhche Dia
Sathuirn." D'imthigh siad air siubhal annsin agus ní fhaca
sí ní ba mhó iad. Agus sin é an fáth a m-baineann na
mná píosa as gach uile cháca a leagann siad thart.



Tomhsanna.



Fuair mé nead air an t-sliabh,
An áit nach bh-fuair aon duine riamh,
I lúibín thaisge mo chroidhe;
Sin tomhais air mhuinntir an tighe?



Nead fuair bean i laimh a mic do eug air an sliabh.



Inghean righ Betti bán,
Lán mo ghlaice i g-caol a coise,
Agus bárr a baise trí n-a ceann?



Tuagh.



Dhá chois air thalamh, agus trí cosa in áirde,
Ceann an duine bheo i m-beul an duine mhairbh?



Pota air cheann duine.



Ceithre cosa air talamh, dhá chois air talamh,
Ceann air tóin agus tóin air talamh?



Bean ag bleaghain chaorach.


L. 54


Meig, meig air taobh istigh de'n chladh,
Meig, meig, air taobh 'muigh de'n chladh;
Ní bhainfeadh an meig air taobh 'stigh de'n chladh
Leis an meig air taobh 'muigh de'n chladh?



Neantóg.



Is gile é ná iasg,
Is cruinne é ná mias,
'Sé biadh gach uile dhuine é,
A's ní itheann duine air bith é?



Bainne cíoch.



Chuir mé suas mo lomartha lamartha,
Agus dheamhan cloch d'á raibh 'san g-cloidhe
Nár thuit anuas air mo lomartha lamartha?



Fata eidir fiaclaibh duine.



Mharbhuigh mé molt de'n treud nach g-cómhairtear,
Bhruith mé le fíor 's le bréig é,
A's d'iompuigh mé le cipín an mhaide réidhtigh é?



Brádan a bruiteadh le páipeur nuaidheachta,
agus h-iompuigheadh le cipín as cloidhe teorann.



M'athair mór air chúl an chofra
Agus dhá cheud cóta air?



Gas cabáiste.


L. 55


An Cat Glas.



Thugamar cheana aon dán amháin de dhántaibh Fhéidhlim
Mhic Dhubhghaill; ag so ceann eile atá an-treun 'san
taobh shiar de Chonnachtaibh. Is caoineadh é do righneadh
leis air ócaid dubronaigh éigin, .i. 'nuair cailleadh an
cat glas air. Fuaramar an dán ó Dháibhi O'Ceallacháin,
oide scoile agus fear fíor-Ghaedhilge, in Árainn mhóir: —



I.



Bhí an caitín glas ag siubhal go deas
'Nuair fuair sí a maicín sínte;
A's gur bliadhain 's an am so fuair sí a clann
Caithte a's báidhte i d-trinse.



An caitín bán, bán, bán;
An caitín bán, cat Bhrighde;
An caitín modhamhail, modhamhail, modhamhail,
An caitín modhamhail, díleas.



II.



D'eirigh an oileamhnach suas 'n-a seasamh
'Nuair fuair sí márbh sínte é;
Thug sí a bhaile é, as righne sí leaba,
A's thosuigh sí annsin dá chaoineadh.
An caitín bán, bán, bán,
An caitín bán, cat Bhrighde;
An puisín modhamhail, modhamhail, modhamhail,
A fritheamh ins an trínse.



III.



Bhí roinnt dá chlainn ag Aindriú, an dall,
A's thángadar i b-páirt dá chaoineadh;


L. 56


"Tá mé dearbhtha má chloiseann Barry é,
Nár mhaith leis bás cait Bhrighde."
A's mo phuisín bán, bán, bán;
Mo phuisín ban, cat Brighde;
Mo phuisin modhamhail, modhamhail,
Mo chaitín modhamhail dílis.



IV.



Níor bhris sé cómhra ná glas comharsan,
A's im na bó níor mhíll sé;
A's ní fhaca tú aon t-seanchus
Mar bhí'g na luchannaibh dá innseacht.
An caitín bán, bán, bán, etc.



V.



Ba ghlas í a shúil, a's ba dheas a shiubhal,
A choisméig lúthmhar eudtrom;
Is measa siud ag dul faoi'n úir
Ná cúige Mumhan d'á éisteacht.
An caitín bán, bán, bán, etc.



VI.



Bhí cruit air dhruim an chaitín bháin,
Chomh mór le jug trí píonta;
A's nár dheas an show aig daoinibh móra
An caitín, Poll, deas Bhrighde.
An caitín bán, bán, bán, etc.



VII.



Cuirfidh Máirtín Uaitéir comhra chláir air,
A's is righ-mhaith uaidh sin a dhéanadh;


L. 57


Agus márach an t-am a bh-fuair sé bás,
Gheobhamuid adhbhar caointe.
An caitín bán, bán, bán, etc.



Nóta.



Is cosamhail gur bh'í Brighid bean an fhileadh, ar léi an
cat. Ba h-é Barry an duine do bhí ós cionn na n-obair
publidhe 'san aimsir dhona. Poll ainm an chait féin.
'San g-ceud líne, deirtear "dá fuaradh" go minic, in
áit "ag siubhal."



An bruinnillín péacach.



I.



Bheidheadh mo rogha céile agam féin, dá m-beidhinn foil-
leamhnach dó,
Bean in a léine gan spré aici, caora nó bó.
Saidhbhreas na h-Éireann ('s ní gach aon-fhear a bh-foil-
leann sé dhó),
'S dá m-ba liom-sa dham féin é, do bheurfainn é d'fhear
an chroidhe mhóir.



II.



A's a bhruinnillín phéacach, is tú mheuduigh míle osna in
mo lár,
'S gur le ceol binn do bhéilín tá na ceudta fear deas
leat i ngrádh!


L. 58


Dá m-beidhinn-se ag feitheamh ort, go bh-feuchfainn cia an
beart do b'fheárr,
Gurb é deireadh mo sgéil é bheit aig eud leat, 's gan
fios a'm cia'n fáth.



A chuisle mo chléibh, 'sé mo leun geur mar thug mé dhuit
grádh,
A's go luaidhtear le chéile na ceudta nach b-póstar go
bráth;
Do dhá shúilín chlaonacha, 's do bhéilín ciuin milis bhí
tláith,
Is mór thaithnigheas do mhéinn liom, a's dá bh-feudfainn é,
rachainn do cheann.



IV.



Nach mise an fear cúthal, do shiubhail cúigeadh, 's gan
aithne orm ann.
Ag súil le mo mhúirnín tráthnóna. 's go moch leis an lá,
Is aig Dia mór tá'n cumhachta, 's níor shiubhail sé le
aenneach níos feárr,
A's a stóirín ná cúl liom! Is tú an chúilfhionn a d-tug
mé di grádh.



V.



Bhí mise i ngnaoi aig mo stóirín féin, tamall dhem'
shaoghal,
A's shaoil mé go deo, deo, nach dtóigfeadh sí a taithneamh
féin díom,



X. 4. Righneadar ceo .i. dada, dhíom; agus anois ata deithbhir (prois ),
orm go Traigh-Lí. Do shaoilfeá as so gurb'
í an Mhumhan an chúige do shiubal se. (IV. I.)


L. 59


Bheurfainn duit mo mhóide air mo ghlúinibh sul d'eir-
eochainn mo shuidhe
Gur bhain tú dhíom m'óige, 's leis an b'pósadh so bhris
tú mo chroidhe.



VI.
Nach mise bhí brónach, tráthnóna 's mé ag tidheacht 'un mo
thighe,
Gan hata gan brógaibh, gan córughadh, gán cuma, gan
caoi,
Go bh-faca mé mo stoirín dá pógadh amuigh chois an tighe,
A's thuit na srutha deor uaim, a's gur fhóbair go m-bris-
feadh mo chroidhe!



VII.



A's dá m-beidhinn-se mo chléireach, mo mháta, nó mo
chaiptín air luing,
A's mo shloop a bheith gleusta go spéireamhail aniar
leis na cinn,
Saidhbhreas Jamaica faoi mo réim a's é agam le roinn,
A's go d-tiubhrainn an méid sin, fré chéile, acht mo dhian-
ghradh bheith liom.



VIII.



Má bhidhim-se beo in Eirinn, ní dheanfaidh mé ciste ná
stór,
Má bhidhim-se beo in Éirinn, ní thréigfidh mé cumann na
mban óg,
Má bidhim-se beo in Éirinn, do reubfaidh mé an jug air
an m-bord,
Do shlainte! rogha ceudshearc! ní féidir nach liom do
dhá bhó (?)


L. 60


IX.



Is mór an díthchéille é d'aon fhear bheith ag faire air
mhnáibh,
A's go n-imthigheann na breuga mar euluigheas an tuille
de'n tráigh;
Go d-tirmeochaidh Loch Éirne, a's go d-tréigfidh an eala a
clúmh bán,
Ní innseóchad go h-eug duit cia an reusún ar thug mé
duit grádh.



X.



Dar mo mhionna 's mo mhóide, a's mo mhór-mhaith nach
n-déanfaidh mé choidhch',
I g-chomhluadar óg-mhná go deo, deo, ní shuidhfidh mé síos;
O, chaith mise leo-san tús m'óige a's deireadh mo shaoghail,
A's thóigeadar mo cheo mé, a's tá próis orm amach go
Tráigh-lí.



Leaduidhe na Luaithe.



An chead leath.



Do bhí bean fad ó ann, agus ní raibh aici riamh acht aon
mhac amháin, agus ní dheárna sé blas oibre acht é sínte
'san luaith, go raibh sé fiche blaidhain dh'aois. 'Nuair tháinic
sé dho'n aois sin, d'iarr sé an chíoch air a mháthair, mar ba
ghnáthach leis go d-tí sin gach uile lá. "Huga leat! a
leaduidhe na luaithe," ars an mháthair bhocht, "tá tú indiu
in aois do bhliadhna a's fichead, agus ní dheárna tú faice


L. 61


maitheasa ó'n lá a rugadh thú. Tá an teach gan deasughadh
go fóil, agus an teine ag dul as gan brosna, agus thusa
gan g-clúid gan cor asat.



D'eirigh Leaduidhe na luaithe annsin agus chuaidh sé
amach agus chroith sé é fein. Líon sé seacht n-acraidhe
roimhe, seacht n-acraidhe 'n dhiaidh, agus seacht n-acraidhe
air gach aon taobh dhe, leis an luaith a chroith sé as féin.
Chuaidh sé do'n gharrdha annsin, agus níor fhag sé sop
coinnligh ann nár thug sé leis de'n ualach sin. Righne an
coinnleach sin deasughadh do'n teach go ceann bliadhna
's fiche. Chuaidh sé air ais arís do'n choill, agus do
cheangal sé teud timcheall na g-crann, agus thug sé
leis a bhaile, de'n ualach sin, an oiread brosna a's righne
teine go ceann bliadhna 's fiche.



Dubhairt sé annsin le na mháthair lón a ghleus dhó,
agus go rachadh sé aig iarraidh a fhortúin. Righne sí
sin. 'Nuair do bhí sé air tí imtheacht d'fhiafruigh sí dhe
cia bh'fheárr leis an leath mhór de'n cháca agus a mallacht,
nó an leáth bheag agus a beannacht. Dubhairt sé go
m-b'fheárr leis an leath bheag agus a beannacht; agus do
bhí sí ag gabháil de bheannachtaibh 'n-a dhiaidh go raibh sé as
a h-amharc.



Do bhí sé aig imtheacht leis, agus an cheud teach do
casadh dhó, ba ceárdcha é. Chuaidh sé isteach, agus d'iarr
sé air an ngabha cloidheamh a dhéanamh dho. Righne an gabha
sin. 'Nuair do bhí sé deunta, bhuail sé an bóthar, ag
giorrughadh a bhealaigh chomh maith agus d'fheud sé. Níorbh'
fhada go d-táinic sé chomh fhada le bualtrach bó, agus do


L. 62


bhí chuig cheud de mhíoltógaibh d'á ithe. Thug sé aon iarraidh
amháin d'á chloidheamh orra agus mharbhuigh sé an chúig
ceud d'aon bhuille. D'iompuigh sé thart arís agus chuaidh
sé dho'n ghabha, agus chuir sé d'fhiachaibh air a chur air an
g-cloidheamh gur mharbhuigh sé cúig cheud d'aon bhuille.



Do chuaidh sé leis annsin gur casadh fear dhó a bhí aig
iarraidh buachalla aimsire. D'fiafruigh an fear so dhe
cá raibh sé ag triall. "Buachaill mise," ar sé, "atá
air thóir máighistir." "Is maith mar thárla," ars an fear,
"máighistir mise atá air thóir bhuachalla." Righne an
leaduidhe aimsir leis.



Is rí a bhí ins an bh-fear so, agus is é an gnó a bhí aige
dhe'n leaduidhe, faire a dhéanamh air bhuaibh. Thug sé leis
'un a thighe é an oidhche sin agus air maidin lá air n-a
mhárach do chuir sé ag buachailleacht na m-bó é.



Dubhairt an rí leis, 'nuair bhí sé ag seoladh na m-bó
amach, air a bh-faca sé riamh gan iad a leigean thar
teorainn; go raibh triúr fáthach i g-caisléán le h-ais na
teorann. D'fhan sé i m-bun na m-bó go d-tí an oidhché;
agus bhí sé dh'á seoladh a bhaile go g-cualaidh sé trí fhead
mhóra a leig na fathaigh asta féin, agus cluinfidhe 'san
Dhomhan Shoir gach fead aca. Annsin thiomáin sé na beithigh
a bhaile, agus air maidin, lá air n-a mhárach, do chuaidh sé
ag fosuidheacht na m-bó arís.



Chomh fhad a's do bhí na ba aig ingilt, dhearc seisean
thar an sconnsa, agus do chonnaic sé feur breágh i b-páirc
na bh-fáthach. "Mo chrádh nár fhaghaidh me!", ars an buachaill
"gur mór an feall na ba bheith i b-páirc lom, agus


L. 63


fásach air an taobh eile dhe'n chladh." Ní raibh sé sásta gur
chuir sé na ba isteach 'san bh-fásach; bhí siad aig ithe go
raibh siad sáthach, annsin do thiomáin sé a bhaile iad.



Do bhí dhá oiread bainne aca an oidhche sin agus do
bhidheadh aca aon oidhche eile. D'fiarfuigh an rígh dhe, ar leig
sé i bh-feur na bh-fáthach iad. Dubhairt an leaduidhe gan
fearg a chur air, go raibh sé trom, tuirseach tar éis a lae,
agus go rachadh sé a chodladh. Righne sé sin. Lá air n-a
mhárach righne sé an cleas ceudna; acht ní raibh sé i bh-fad
ag fosuidheacht go d-táinic fáthach mór gránda suas chuige
'gá rádh:- "Fú, fá, feusóg; faghaim baladh an Éireannaigh
bhinn, bhreugaigh, bhradaigh; is mór liom de ghreim thú, is
beag liom de dhá ghreim thú; ní'l fhios a'm ceurd a dhean-
fas mé leat muna g-cuirfidh mé de shéideoig 'san aer
thú." "O! sgread maidne ort, a fháthaichín bhig ghránda
mharbhuigh mise chúig ceud d'aon bhuille amháin cheana,
agus ní féidir nach bh-fuighidh mé buaidh ort-sa." "Cia is
feárr leat," ars an fáthach, "sinn a dhul a sathadh sgeana
geura, geala, in asnachaibh a chéile, nó a dhul ag caraidh-
eacht air leacrachaibh dearga?" "Is feárr liom," ars an
leaduidhe," a dhul ag caraidheacht air leacrachaibh dearga,
an áit i m-beidh do chosa móra, gránda, ag dul 'un
íochtair, agus mo chosa beaga, míne, ag dul 'un uachtair."
Thosuigheadar an caraidheacht, agus bhidheadar le chéile go
n-deárnadar bogán dhe'n chruadhán, agus cruadhán dhe'n
bhogán go d-tugadar toibreacha fíor-uisge thríd na leac-
rachaibh dearga; faoi dheireadh, nuair do bhí deon (nóin?)
agus deireadh an lae ag teannadh leo, do chuimhnigh an


L. 64


leaduidhe go m-beidheadh imnidhe air a mhaighistear faoi
n-a fhad a's bhí sé amuigh; thug sé cor teannasnach do'n
fháthach annsin, agus chuir sé de'n chor sin go d-tí n-a
rúitíníbh é; de'n dara cor, chuir sé go d-tí n-a ghlúinibh é;
agus de'n tríomhadh cor, chuir sé go d-tí n-a h-ascall é.



"Fóil, fóil!" ars an fáthach, "Is tu an gaisgidheach is
feárr a casadh riamh liom, agus má leigeann tú suas
me, tiubhraidh mé m'each caol dubh dhuit, agus mo chloidheamh
soluis, agus mo chulaidh ghaisge." "Cá bh-fuil siad?"
ars an leaduidhe. "Tá siad shuas ins an teach," ars an
fáthach. "Cuirim-se de gheasaibh droma (troma?) draoidh-
eachta ort," ars an Leaduighe, "gan imtheacht as sin go
d-tagaidh mise air ais arís." Chuaidh sé 'un an tighe,
cheangail sé an t-each caol dubh, agus thug sé leis air
ais an cloidheamh soluis agus an chulaidh ghaisge. "Cia
an crann 'san g-coill a m-buailfidh mé buille air anois?"
ars an Leaduidhe. "Buail buille air an g-crann is
gránda fheicfeas tu," ars an fáthach. "Sin é do cheann
féin! ars an leaduidhe.



Tharruing sé an cloidheamh agus bhuail sé i m-baic a
mhuinéil é, agus chuir sé a cheann ag feadghaoil seacht
b-péirse suas 'san aer; shaoil an ceann a theacht anuas
agus a dhul air an g-colainn arís; níorbh' fhaillighe leis
an leaduidhe, bhuail sé buille arís air agus chuir sé suas
arís agus arís eile é. "Níor mhór dhuit!" ars an ceann,
"dá d-teidhinn-se air an g-colainn arís, leath na bh-Fiann
ní bhainidís anuas mé!" Thiomáin sé na ba a bhaile agus


L. 65


chuaidh sé a chodladh. Ní chualaidh an rígh an oidhche sin acht
dhá fhead.



'Nuair d'eirigh an rígh air maidin, dubhairt sé gur eirigh
nidh éigin do na fáthaighibh, mar nach raibh acht dhá fhead
uatha aréir. Níor dhubhairt an buachaill dada, acht sheol
sé na ba amach, agus chuir sé i bh-feur na bh-fáthach iad.
Ní fada bhí siad ann go d-táinic fáthach mór gránda, a bhí
faoi dhó níos mó ná an ceann eile, agus dubhairt sé,
"Fú, fá, feusóg" (etc., mar atá sé shuas). "maiseadh
sgread mhaidne ort, a fháthachín bhig ghránda; mharbhuigh
mé an fáthach eile andé, agus marbhóchaidh mé thusa indiu."
"Cia is feárr leat sinn a dhul ag sáthadh" (etc., mar atá
sé shuas). 'Nuair bhí an fáthach marbhuighthe aige annsin,
thiomáin sé na ba a bhaile, agus chuaidh sé a chodladh. An
oidhche sin ní chualaidh an rígh acht aon fhead amháin.



Lá air n-a mhárach d'éirigh an Leaduidhe agus chuir sé
na ba amach mar ba ghnáthach leis, gur leig sé isteach i
b-páirc na bh-fáthach air feurach iad. Ní fada bhí siad ann
go d-táinic fáthach mór gránda, ba mhó go mór na ceachtar
de na fáthaighibh eile, agus adubhairt sé ("Fú, fa, etc.")
"Maiseadh, sgread mhaidne ort, ... mharbhuigh mé an
dá fháthach a tháinic anso andé agus an lá roimhe, agus
geobhuidh mé an lámh in uachtar ort-sa," ars an Leaduidhe.
"Cia is feárr leat" (agus an chuid eile, gur mharbhuigh,
sé an fáthach). Thomáin sé na ba a bhaile. An oidhche sin
ní chualaidh an rígh fead air bith, agus ní fhaca sé na
fathaigh go deo arís.


L. 66


An Dara Cuid.



Aon oidhche amháin, 'nuair tháinic an Leaduidhe a bhaile
chonnaic sé go raibh imnidhe air an rí. D'fhiafruigh sé dhe
ceurd do bhí air. Adubhairt an rí leis go raibh oll-phéist
le teacht lá air n-a mhárach agus go g-caithfeadh sé a inghíon
féin a thabhairt dí le slugadh. Ní thug an Leaduidhe, má
b'fhíor dhó féin, mórán áirde air, acht chuaidh sé a chodladh.
D'éirigh sé go luath air maidin, agus chuaidh sé ag fosui-
dheacht; leig sé na ba i bh-feur na bh-fáthach, agus chuaidh sé
féin suas go d-tí an caisleán.



Chomh luath a's chuaidh sé isteach, d'eirigh cat mór ó'n
teallach, agus bhí gach uile ribe fionnaidh air trí slata
air fad. D'eirigh cailleach 'n-a dhiaidh, agus bhí gach aon
fhiacail as a beul seacht míle air fad, agus gach ionga
air a meurachaibh an fad ceudna. Thosuigh siad araon ag
gabháil air, agus thosuigh seisean ag gabháil orra-san, go
rabhadar marbh. Bhí gach aon ghearradh air ó chúl a chinn
go bonn a choise, acht chonnaic sé pota beag íoc-shláinte
agus do chuimil sé leis féin é go raibh sé chomh maith a's
bhí sé riamh. Annsin ghleus sé suas é féin 'n-a chulaidh
ghaisgeadh, agus thóig sé a chloidheamh soluis, agus chuaidh
sé air marcuigheacht air an each caol dubh, go n-deachaidh
sé do'n áit i raibh an inghíon in aice na fairrge. "Anois,"
ars an leadidhe, "'nuair fheicfeas tú an fhairrge ag cor-
ruidhe, dúisigh mise; agus muna n-eirighidh mé, buail trí
bhuille dhe'n t-slinn so air aghaidh mo chroidhe." Do chuaidh
sé a chodladh annsin, agus chomh fhad a's do bhí sé 'na chod-
ladh bhain sise dlaoi gruaige as a cheann. Ba gheárr 'na


L. 67


dhiaidh sin go bh-faca sí an fhairrge ag dul le cúthach agus
an oll-phéist ag teacht amach air an tráigh. Ghlaoidh sí
air an Leaduide, acht níor eirigh sé; chorruigh sí annsin é
acht chinn uirri é dhúiseact; annsin bhuail sí trí buille
dhe'n t-slinn air aghaidh a uchta, agus dhúisigh sé go beo.
Ní raibh ann acht go raibh sé air a chosaibh 'nuair tháinic an
phéist ghránda i d-tír. Acht níor fheud sí a theacht thar an
teorainn do gheárr sé le n-a chloidheamh soluis. Do chuadar
'un troide agus do bhidheadar le n-a chéile go d-táinic
deon agus deireadh an lae, agus ní bh-fuair ceachtar aca
an lámh in uachtar. D'imthigh an oll-phéist isteách ins an
bh-fairrge annsin; agus do chuaidh an Leaduidh 'un an chais-
leáin, agus chaith sé dhe an chulaith ghaisgeadh, agus thiomáin
sé na ba a bhaile.



Bhí luathgháir mhór air an righ roimhe agus d'innis sé dhó
mar tháinic gaisgidheach mór ag cosaint na h-inghíne, gur
chuir sé an oll-phéist air siubhal an lá sin. "Ní thú féin
nó t'inghíon atá ag cur imnidhe orm," ars an leaduidhe,
"tá sé thar am béile anois, agus dá bh-faghainn greim le
n-ithe, rachainn a chodladh." Fuair sé sin, agus chuaidh sé a
chodladh. Lá air n-a mhárach, d'eirigh sé go moch air maidin
agus chuaidh sé amach leis an eallach, gur fhág sé i bh-feur
na bh-fáthach iad.



Chuaidh sé 'un an chaisleáin annsin, chuir sé an chulaidh
ghaisgeadh agus an cloidheamh soluis air, agus chuaidh sé
air marcuigheacht air an each caol dubh. 'Nuair tháinic sé
go d-tí an tráigh, an áit i raibh an bhean, ghearr sé
teorainn, dhá shlait ó'n bh-fairrge, mar bhí a fhios aige go


L. 68


m-beidheadh dhá oiread feirge air an oll-phéist agus bhí an
lá roimhe. Bhí go maith; dubhairt sé léithe mar adubhairt
sé an lá roimhe, agus thuit sé 'na chodladh: chomh fhad a's
do bhí sé 'na chodladh bhain sí dlaoi eile gruaige as a
cheann, agus 'nuair chonnaic sí an oll-phéist ag teachth
dhúisigh sí é. Bhidheadar ag troid air feadh an lae, acht
níor eirigh le ceachtar aca; faoi dheireadh, 'nuair chonnaic
siad neulta dubha, dorcha na h-oidhche ag teannadh leo,
chuaidh an oll-phéist isteach ins an bh-fairrge arís. D'imthigh
an Leaduidhe mar an g-ceudna, chuir sé a chulaidh ghaisgeadh
dhe, agus sheol sé na ba a bhaile. Ní thug sé aon áird
air an luathgháir a bhí orra, acht chuaidh sé a chodladh.



Lá air n-a mhárach d'eirigh sé go luath agus chuir sé na
ba air feurach arís. Annsin thriall sé air an g-caisleán,
agus ghleus sé é féin mar do righne sé gach uile lá eile,
agus chuaidh sé air an each caol dubh go bruach na fairrge.
Gheárr sé teorainn trí slata ó'n uisge, agus dubhairt
sé leis an mnaoi uasail an nídh ceudna adubhairt sé
roimhe, agus thuit sé 'n-a chodladh.



Bhain sise dlaoi eile gruaige as a cheann, agus dhúisigh
sí é 'nuair chonnaic sí an fhairrge aig eirghe chomh h-árd
leis an g-Cruaich, agus an oll-phéist ag teacht amach.
D'aon léim amhain bhí sí shuas air an talamh, acht ní túisge
bhí sí shuas ná bhain an Leaduighe an ceann dí. Annsin
bhain sé a teanga amach as a beul agus thug sé leis í.
Bhí an teanga chomh mór le mart.



Bhí go maith agus ní raibh go h-olc. Chuaidh an Leaduidhe
air ais agus bhain se a ghleus dhe féin, agus thiomáin sé


L. 69


na ba a bhaile. 'Nuair tháinic sé go teach an righ, bhíodar
uile go léir ag dul asta féin le teann luathghaire.
D'innis an rí gach rud dhó, mar thárla, agus go raibh a
inghean sábháilte go deo arís. "Is maith liom sin," ars
an Leaduighe, "acht tá mo bhéile ag teasdáil uaim." Fuair
sé sin, agus chuaidh sé a chodladh.



Annsin bhí feusta seacht lá agus seacht n-oidhche i d-teach
an righ; cuireadh fios air bheag-uaislibh agus air mhór-
uaislibh na tíre, agus air rightibh an Domhain Shoir, agus
an Domhain Shiar, agus gach domhain aca. Do gheall an
rí a inghíon d'fhear air bith a bhéarfadh teanga na h-oll-
phéiste 'n-a láthair. Tháinic siad air an g-cuireadh sin,
agus teanga mhairt aig gach uile dhuine aca, ag súil a's
go d-tóigfidhe é féin.



Bhreathnuigh an inghean i g-ceann gach duine aca, acht
níor thóig sí duine air bhith aca, agus gan fhios aca cia an
fáth. Chuaidh an Leaduidhe go caisleán na bh-fáthach, agus
chuir sé an chulaidh ghaisgeadh agus an cloidheamh soluis air
féin, agus chuaidh sé air marcuigheacht air an each caol dubh
go d-táinic sé chomh fada leis an áit in a raibh an inghean
agus an rí agus uaisle na tíre cruin. Bhí fios aici 'nuair
chonnaic sí é gur ab'é shábháil í. Phós sí é, agus d'imthigh
an mhuinntir eile. Chuaidh siad-san trasna an choradh, agus
tháinic mise a bhaile. (Deireadh coitchionn do na sgeul-
taibh, nó mar atá sé in Árainn:— Chuaidh mise an áth,
chuaidh siad-san an clochán, tháinic mise, báthadh iad-san).


L. 70


'Sí Nóirín mo mhian.



I.



Tá mo theach-sa air an árdán agus a dha cheann 'san ngaoith,
Tá an bhaisdeach anuas ann a's ní áirighim an tidheacht faoi,
Tá na teinnteáin dhá d-tógbháil a's an bhó 'g dul 'san
g-cíos,
'S cia'r bith áit a bh-fuil mo stóirín 'sí Nóirín mo mhian,



II.



Ag dul tridh Mhaigheo dhom a's mé a' comhrádh le mnaoi,
Shlad sí mo phócaidhe a's níor fhág sí a'm pighin,
Tá fhios ag Dia, a stóirín, nach brón tá orm faoi;
'S dá m-beidheadh uisge air na bóithribh 's dóigh nach
bh-fuighinn braon.



III.



A' dul tridh shráid Bhalla dhom lá Fheil' Mhuire mór,
A' díol mo chuid earraidh a's 'gá roinnt le mo stór,
'Nuair fhiafruigheas bean na leanna díom, "Cia bh-fuil
luach na m-bróg?"
"Chuir mé le anam na marbh é tá i d-teampul Mhaigheo."



IV.



A's nach fada mé in uaigneas a' tóruidhéacht bean tighe,
A tuairisg ní bh-fuair mé a riamh in mo shaoghal
Go bh-faca mé an stuaidh-bhean air thaobh cnoich 'n-a suidhe
Agus a folt 'na naoi n-dúalaibh 'ga sguabadh le gaoith.



V.



I g-caisleán an Bharraigh 'seadh chodail mé 'réir,
Bhí mo mhian agam a's níor bh'fhada liom é;


L. 71


Ag cur mo lámh' thart dhom go b-pógfainn a beul,
Fuair mé an áit folamh 'san leaba fúm féin.



VI.



Taobh shiar de'n chladh teorann tá stóirín mo chroidhe,
A bh-fuil branch de'n fhuil mhóir innti thógfadh dólás ó'm
chroidhe,
Iarraim air Righ an Domhnaigh 's air Mhuire mhóir tá ós
mo chionn
Seal fada go raibh a lóistín ar urlár mo thighe.



VII.



Ní dheunfaidh mé imirt agus ní dheunfaidh mé ól;
Ní dheunfaidh mé nidh air bith acht h-uile nidh mar is cóir,
Nó go síntear 'san g-cill mé 's go d-téidh úr ós mo
chionn,
Le mnaoi eile, do dhiaidh-sa a stóirín, ní leigfidh mé mo
rún.



VIII.



Rachad 'un na coille craobhaigh a' baint smeura lá ceo,
A' baint ubhla de bhárraibh geugán a's ag seoladh an dá
bhó;
Da g-castaoi liom mo chéadshearc 's dá béilín bhainfinn
póg,
Agus cé sin do'n té úd nár bhain an sgeul dó.



IX.



Dá bh-feicfeá mo Nóirín a's a cúl leis an tuinn,
Fáine óir air meur léi 's í ag slíocadh a cinn,
Is é dubhairt mac an chaiptín as é gabhail a luing'
Go m-beárr leis dhó féin í ná Éire gan roinnt.


L. 72


X.



An nglacfá le Nóirín dá bh-fághthá í mar mhnaoi?
Ghlaicfinn le Nóirín, is í grádh geal mo chroidhe.
Ní'l teach a'm ná árus, ná áit a d-tabhairfinn í,
'S 'nuair nach bh-fuil fág mé, 's ceud slán le mo mhian.



Nótaidhe.



I. 3 Teinnteán.
IV. Is cosamhail so leis An dán "An Chúilín." Roimh rann IV. do bhí
rann eile, acht do fágadh amach é mar gheall air a gharsamhlacht.



Dán.



Do righne Micheál Bacach, 'nuair chuaidh sé ag tóiridheacht
mná dhó féin. Níor eirigh leis.



'San gleann i m-bidheann fascadh ann bidheann aiteann
a' fás ann a's fraoch,
A's bidheann mil ag na beachann' fó bhun a's fó bhárr na
g-craobh';
Tá an breac ruadh a' reathadh 's tá an bradán a' siubhal
go réidh,
'S nach iad na fir mhaithe a phósas na mná gan spré?



II.



Nach truagh sin searrach air iomaire bhán gan feur?
Nach truagh sin leanbh gan bainne ag a máthairín féin?
Nach truagh sin ainfhir air leaba gan coimhtheach léi,
Acht dranntán sean-duine? 's air maidin níor bh'áil
liom é.


L. 73


III.



Gan bó, gan gamhuin, mo leanbh 'seadh fágadh mé,
A's má bhí rud aca ní agam-sa b'fheárr leo é.
Ag siubhal chois cladaigh dom' b'aigeanta 's b'árd mo
léim,
Acht beidh rún agam anns gach baile in a g-comhnóchaidh mé.



IV.



Is óg a chur mh'athair mé 's capall liom ag iarraidh mná,
A's d'eirigh an donas dí gur briseadh trí trian dá cnámh'
A' filleadh a bhaile dhom sgríobadh an t-srian as mo láimh.
A's ag Dia go raibh m'anam má chaillim mo chiall le
mnáibh.



V.



A's a Mháire ní Bhradáin an meisde leat mé a bheith tinn?
"Mo chrádh dhá m-ba mheisde 's dá m-beidhtheá go domhain i
g-cill,
Una ní Shionnaigh a bheith seinm le uaithne do chinn,
A's tú ag na cnuimhibh go d-tagaidh saoghal Adhaimh 'un cinn.



Sceilp an Droighin



I.



Maidin chiúin d'ár éirigheas amach air fud na g-coillteadh,
Go cinnte caitheadh soighid liom, a's mo leigheas ní'l le
fagháil,
'Nuair chonnaic mise an mhaighdean faoi bhruach na sceilpe
droighnighe,
Do gheit mo chroidhe le meidhre acht níor eirigh liom í
fhagháil.


L. 74


II.



O, tá mo stóirín tinn lag acht ní bheidh sí bh-fad má,
fheudaim,
A's litir faoi n-a seula fuair mé 'réir ó stór mo
chroidhe:—
"Tá mo ghaolta air gach taobh dhíom, a's ní fheudaim
chomhrádh 'dhéanadh,
"A's go g-cuirfidhe cúntus geur orm má theidhim amach,
'san oidhche."



III.



Thug mé searc a's grádh dhuit mar chuaidh tú le do mháthair
A's sé mo chruaidh-chreach chráidhte nár euluigh tusa liom.
Do chúilín soillseach dualach, a's do ghruaidh airdhath na
n-ubhalla
A's a stóir, má's tú tá 'ndán dam, leig mo dhá láimh
faoi do chum.



IV.



A stóir, ná déan mé thréigsint, i ngeall air bha ná air
chaoiribh,
A's a ghoirde a's bheidheadh siad aig eulughadh uaim i
n-imtheacht bliadhan' nó dhó;
Acht tá an soitheach gabhtha, gleusta, ins gach cuan air
fud na h-Éireann,
A's ní bárr binne air Éirinn sinn, a's rachamuid anonn.



V.



Is deas an rud fear caoidheamhail a m-beidheadh teach
aige a's tíoghbhus,
'S bean cneasta, caoin aige d'á aire d'oidhche 'gus
de ló;


L. 75


Ná sanntuigh an chaora fhoghmhair, a's ná pós an cailín
Dómhnaigh,
Acht mo ghrádh, 'sí an bhean air fóghnadh í nach bh-fuil marbh
leis an m-bród



VI.



Is páirt eile de mo thréithribh nach n-éileochaidh mise aon-
bhean,
Acht phósfainn bean gan spré aici, gan aon phighinn gheal
ná ruadh;
Mo ghrádh-sa croidhe na féile nár chlis ariamh lá an
fheusta
Ní h-ionann 's fás-aon-oidhche bhfuil paint uirre ó'n luaidh.



VII.



Is minic d'ól mé píosa leathchróin agus sé pighne,
A's tá tart de bhárr na h-oidhche orm a's ní bh-fuigheadh
braon le n-ól;
'Nuair bhidheas mo sporán críonta, a's mo phócaidhe
craithte, spíonta,
A's nách mbidheann mo lámh le síneadh a'm, ní dhéanfaidh
liom aon spórt



VIII.



Beidh mé feasta críona, a's ní ólfaidh mé aon phighinn
ruadh,
Tosóchaidh mé ag déanadh tíoghbhuis, a's beidh sé'n am
go leor,
Beidh mná na leanna ag caoineadh (nár fhóiridh orra
Críosta!)
Mar d'fhág siad mise spíonta 's gan pighinn air bith
le n-ól.


L. 76


IX.



Rachaidh mé go Gansaigh, a's tréigfidh mé mo mháthair,
No anns an arm gallda, an áit ar chaith mé tús mo
shaoghail;
Ní fhillfeadh air ais choidhche go ngoiridh an lon dubh air
Charraig Chaoilinn,
'S go m-beidh Caisleán Rinne-an-mhaoil 'na shuidhe i m-beul
an phuirt



Sceilp - Gob, splinc.



IV. 4. Is ionann "binn" agus margadh a dheantar le duine a thugas
feurach do bheathadhaighibh, agus is "bárr bínne" beathadhach air
bith, thar a raibh 'san margadh, a chuirtear air an bh-feur.



V. 3. Caora bhidheas ramhar 'san bh-fóghmhar agus théidheas chum deiridh na
dhiaidh sin; no cailín bhidheas gleusta go breágh Dia Domhnaigh,
agus giobach i g-caitheamh na seachtmhaine.



IX. 1. 'Sé sin Guernsey, oileán eidir an bh-Frainc agus Sagsanaibh.



Carraig Chaoilinn i g-cuan Rinne an mhaoil, nó Renvylle i g-Cuan-na-
mara. Am éigin 'san earrach is eadh atá lá fhéile Chaoilinn,
agus ní dhéantar aon obair air an g-Cladach an lá úd ann, mar
is minic (a deirtear) d'eirigh tíompuisne do dhaoinibh do bhí ag
obair air an lá so.



Tomhsanna.



Sín amach do lámh air t'aghaidh,
A's chidhfir an rud nach raibh, nach bh-fuil, 's nach m-beid?



Comhfhad na meur.



Capall bán 's a dhruim le h-aill,
Agus é ag plubarach?



Eas.


L. 77


Ceathair air rith, ceathair air crith,
Beirt air an ngairmint, fear eile ag géinmneach,
Agus mac an maoil shodarnaigh ag rith air an méid sin?



Bó ag rith 's ag géimneach.



Deatach 'san ngleann a's gan aon teine ann?



Gail as bualtrach.



Chuartuigheas a's fuaras,
Ba fhurus dam é fhagháil,
Rud nach bh-fuair Dia,
A's nár bh'fhéidir leis d'fhagháil?



Máighistir.



Súd isteach an bubuilín,
Súd amach an bubuilín,
Fiadh na g-ceithre g-cos
Go d-tugfadh leis an bubuilín?



Luch.



Gearráinín bobáilte donn
A shiubhalfadh an domhan,
A's nach bh-fliuchfadh a chos?



Beach.



An rud a chuireas an saidhbhir 'n-a phóca,
Caitheann an daidhbhir air an ród é?



Smaois.



Tá sé abhus, tá sé thall,
Tá sé aig Brian air a chuid,
Tá sé thríd an t-sáile liath,
A's gan é ní'l blas air ubh?



Salann.


L. 78


Triur ceathrar codarmán,
Beirt mín mánla
Gan sróin, gan beul, air cheachtar dhíobh,
A's iad uile ag gáire?



Tonnta na fairrge.



Chuir m'uncle go dtí m'aunt mé
Aig iarraidh ancoire an lín,
Cosa fada cíora faoi,
Nó iasacht an gib gab?



Tlúgh gairmint



Chomh árd le balla, chomh bán le bainne,
Chomh dearg le fuil, chomh milis le mil?



Ubhall.



Cnap soille faoi bhun coille, 's gan aon asna ann?



Seilmide.



Rud bocht, bocht, 's dhá mhaide faoi n-a uct,
A's é ag seilt na n-deor go frás?



An for-dorus lá fearthainne.



Shluigfeadh sí a d-tiocfaidh 's a d-táinic,
'S ní theilgfeadh sí oiread a's gráinne?



An uaigh.



I dtosach an leabhráin so chuireamar síos air chluithche
a chidhtear air bun i g-Cuannamara go minic, agus
thugamar an rann aisdeach adeirtear 'gá h-imirt. Is
iongantach mar atá an chluithche cheudna i bh-furmhór na tíre.
Ag so an rann mar adeirtear i d-Tír-Eoghain:—


L. 79


Lúrpóg, lárpóg, leoinín buidhe,
buidhe air lón, leoinín preabáin,
Preabán súla, súla sicín,
Sicín meilleach, pór na g-cailleach,
Dhá chos loma, loma leaca,



'Steach a' plaiceach.



Agus arís ó Chondae Árda Mhacha:—



Lúrpóg, larpóg, larraidh buidhe,
Buidhe o Neul, Meul o flubam,
Flubam siúlam, siúlam ticin,
Pór na g-cailleach, máthair righ,
Fógam fí, fógam fá,
Loitidh cilidh chá,
Buille beag air bhárr mo shlaite,
A's crup isteach do mhioltóg.



Cia bhainfeas ciall nó míniughadh as so? Arís eile, ó'n
m-Bearna, in aice na Gaillimhe:—



Lúrabóg, lárabóg buidhe o Neul,
Éille preabáin, preabán súla,
Súlach soicneach, soice na meura,
Cora na g-caera;
Féidhlim fiú, Féidhlim fá, malraid lá,
Suistín, búistín,
Buille beag ó péicín,
A's má's é do leas,
Do leathchois deas,
A chrapadh as!!



Atá leagan eile air i g-Clárchill Árd-Mhacha:—


L. 80


Lúrpóg, lárpóg, lúirthín buidhe,
Buidhe o Neul, Neul o phreabán,
Preabán súla, sula sicín,
Pór na g-cailleach, mathair iarainn,
Dia 'gá foghlaim,
Foghlaim fí, foghlaim fá, neotha cille chá,
Buille beag air bhárr mo shluite,
A's crup isteach a' mhíoltóg.



Fuaramar an meud so ó'n nGaedheal saothramhail, S.
H. Laoideach.



In áitibh i g-Cuannamara, in ionad an "cnugaide,
cnagaide," thugamar in úrthosach an leabhair so, adeir-
tear:—



Cnugaide, cnagaide, a ghearr a ghimide,
Stafóg staighre, laghar i m-bun laghaire,
Nóinín muileata, cé (cá) m-buailfidh mé an
buile so?
Air aghaidh do ghimidhe,
Cia mheud laghar air an b-pucán puc?



Ó'n Laoideach fuaramar freisin an "duainicín" so a
deirtear in áitibh san Midhe:—



A duainicín, a danaicín, a cóta feidhn,
Feidhn a todar (? fine a t'other),
Hybuth(?) súgach, súgach, séideadh,
Mac séideadh beag, mac séideadh mór
Mise mé féin, agus cia sin?



Dar m'fhocal, is achrannach slighte na sean-chluithcheadh so.


L. 81


An bheirt dhearbhráthar.



Bhí beirt dhearbhráthar ann fad ó, duine aca bocht agus
an duine eile saidhbhir. Tháinic an fear saidhbhir faoi dhéin
an fhir bhoicht lá go ngeobhadh sé an éinfheachd leis ag deunadh
cis. "Mar seo agus mar sud," ars an fear bocht, "ní'l
a'm acht aon t-sean-bhó amháin agus ní fiú dham cis a
dheunadh dhí sin 'nuair atá rud éigin eile a'm le deunadh
thairis."



"Tá go maith," ars an dearbhráthair saidhbhir, "deunfaidh
mé féin an chis acht air chroiceann do chluaise ná leig do
bhó uirri, nó má leigfir beidh tú 'na aithmheula." Chuaidh
sé annsin agus righne sé an chis. Budh í bó an fhir bhoicht an
chéad bhó a shiubhal uirri. Chonnaic an fear saidhbhir í (óir
bhí sé ag faire uirri), agus dheamhan deór a d'fhág sé
innti. D'imthigh leis annsin agus dúbhairt sé leis an
dearbhráthair bocht a bhó árdughadh as a bhealach go d-tí
an deamhan.



Chuaidh an dearbhráthair bocht agus d'fheann sé an bhó,
agus thug sé an croiceann a bhaile leis. 'Nuair a bhí sé
tirm, bhrath sé a dhul un (chum) an mhargaidh leis; acht sul
ar imthigh sé d'fhiafruigh sé d'á mhnaoi "an bh-fuil pighin air
bith airgid agat." Dubhairt sí leis nach raibh aici acht deich
sgilleacha agus nach raibh rud air bith eile aici le iad a
chongbhail bheó, ó cailleadh an aon bhó a bhí aca, acht an
méid sin.



"Ní'l neart air," ars an fear, "tabhair an méid sin
féin dom agus b'fhéidir go m-beidheadh tuille a'm 'nuair
thiocfas mé a bhaile"


L. 82


"B'fhéidir le Dia go m-béidheadh," ar sise, a' tabhairt
an airgid dó. Chuir sé ceithre pholl 'san g-croiceann,
agus chuir sé píosa leath-choróin in gach poll aca. Thug
sé leis un (chum) a' mhargaidh an sin é, agus thosuigh sé
a' bualadh air le n-a mhaide, ag rádh, "an croiceann 's a
luach, an croiceann 's a luach," agus a' baint píosa airgid
as le gach buille.



Tháinic bodach mór saidhbhir suas chuige, agus d'fhiaf-
ruigh sé dhe, cad é a bheidheadh aige air an g-croiceann.
"Maiseadh," d'fhreagair an fear bocht, "ní'l fhios sin
agam, óir gach uile uair a m-buailim buille air, tigeann
píosa airgid amach as, agus is deacair a rádh cad é a
luach." Bhí an bodach sanntach. Ba mhian leis an croiceann
do bheith aige le feárr-a's-barr saidhbhris a dheunadh.



"Tiubharfaidh mé seacht míle púnt air," ars an bodach.



"Ní maith liom sgaramhain leis," ars an fear bocht,
"acht mar sin féin bhéarfaidh me dhuit é." D'íoc sé an
t-airgead, agus fuair sé an croiceann. Thug an fear
bocht an t-airgead a bhaile, agus ní fhaca tú beirt air
bith ariamh a bhí chomh aoibhneach leo, 'nuair chonnaic a bhean
é agus a shean-ualach de'n ór buidhe aige air a dhruim.



Chuir sé a bhean amach go d-tí teach a dhearbhráthar ag
iarraidh soithigh go d-tomhaisfeadh siad an t-ór. 'Nuair
tomhaiseadh é, chuir sé a bhaile an soitheach. Chonnaic bean
an dearbhrathar shaidhbhir píosa óir greamuighthe dh'á íochdar
agus bhí fhios aici gur ag tomhas óir a bhí sé ag na daoinibh
bochta.



Dheamhan a bh-fad go d-táinic an dearbhrathair saidhbhir


L. 83


ag fiafruighe de'n duine bocht, cá bh-fuair sé an méid óir
a bhí aige. Dubhairt an dearbhrathair bocht go bh-fuair
sé air chroiceann a bhó é. "Maiseadh, dar m'anam," ars
an fear saidhbhir, "go mairbheochaidh mise gach uile bhó d'a
bh-fuil a'm, agus go bh-feannfaidh mé iad." "Déun do
rogha rud," ars an dearbhrathair bocht, "ní bheidh mise
cionntach fútha."



D'imthigh leis, agus mharbhuigh na ba uile go léir, agus
thug sé 'un a' mhargaidh na croicne, acht mo leun! dá
m-beidheadh sé a' bualadh orra ó shoin ní bh-fuigheadh sé
pighinn orra. Tháinic sé a bhaile go trom, tuirseach,
feargach, agus thosuigh sé ag rapadh air fud an tighe. Níor
shásuigh sin é go n-deachaidh go d-tí teach a dhearbhrathar
agus gur bhain sé an t-súil as i ngeall air an g-cleas
a righne sé. Thosuigh an duine bocht ag caoineadh, agus
d'imthigh sé roimhe. Acht sul ar fhág sé an teach, chuir a
bhean an t-súil in a phóca, agus dubhairt sí leis gan í
do chailleamhain, agus b'fhéidir go m-beidheadh usáid eigin
aige fós dí.



Bhí sé a' siubhal leis go d-táinic sé go tortáinín beag,
a bh-fad ó bhaile, agus shuidh sé síos air ag leigean a
sgithe. Níor bh-fada go d-táinic cuitín beag deas chuige
agus d'fhiafruigh sé dhe cad a bhí air. D'innis sé dhó.
"Marbhfháisg air," ars an cat," nár bh'olc an gaduighe
é. Acht ná bac leis; fan ann so go d-tiocfaidh an deir-
eannas, agus cuirfidh mise isteach do shúil duit comh maith
agus bhí sí ariamh, ag tobar íocshláinte. Tar anois liom
go ngeobhamuid annsan teach beag atá shiar annsin ag


L. 84


na cuit. D'imthigh siad andiu, agus beidh siad 'san
m-baile le tuitim na h-oidhche, agus tá sé chomh maith
againn a bheith 'sa teach leis an áit so. 'Nuair gheobhas-
muid isteach, caithfidh tú a dhul isteach i bh-folach 'san áit
a n-abróchaidh mise leat, acht air a b-faca tú ariamh ná
déun aon t-srannadh, nó má dheunfaidh tú támuid uile go
léir caillte. D'fhág siad mise i g-cionn an tighe, agus
dá m-beidheadh fios aca air an g-cleas so is geárr a
bheidhinn beo. 'Nuair thiocfas siad isteach deunfaidh siad
fir díobh féin, agus tosochaidh siad ag deanadh grinn, agus
beidh siadair aon "ruaile búille" amháin go m-beidh siad
sáruighthe, agus annsin tuitfidh siad 'n-a g-codladh."



Bhí go maith agus ní raibh go h-olc; 'nuair tháinic na
cuit a bhaile, 'sé an chéad rud a d'fhíafruigheadar, "An
raibh duine air bith annso ó mhaidin?"



Dubhairt an cat beag ná raibh. Ní túisge a bhí na focla
as a beul 'ná righne siad fir díobh féin, agus ní fhaca tú
a léithide de "spridh" ariamh agus bhí aca. Isé a dubhairt
ceann aca, "Bhí mise i n-áit andiu, agus bhí bainfheis
ann, agus bhí an fear nuadh-phósta ag dul thart air an
úrlár, agus tháinic mise 'n-a bhealach, agus thug sé buille
dá chois dam a ghortaigh go mór mé. Chuaidh mé agus
d'aisioc mé 'san m-braighdeoig a raibh an bhainne ann,
agus d'ól an bhean as, agus beidh seacht g-cinn de chuit
aici — sin é an chóir a chuir mise orra."



Bhí gach uile dhuine aca agus a sgeul fhéin aige, acht
thiut siad 'na g-codladh faoi dheireadh. 'Nuair a bhí siad
'na g-codladh, thug an cat beag amach an fear, bhain sé a


L. 85


shúil as a phóca, agus chuir sé isteach í chomh maith agus bhí
sí ariamh. Annsin thug sé a shean-ualach d'ór dhó, agus
dubhairt sé leis a dhul a bhaile i n-ainm Dé.



Comh fhad agus bhí sé as baile, thug a bhean muc a bhí
marbh aici le h-aghaidh Nodlaig go teach an dearbhráthar
shaidhbhir. "Cá bh-fuil tú ag tabhairt na muice sin," ars
a bhean léi. "Tá mé dhá tabhairt duitsi," a dubhairt sí,
"ag súil go nglacfá truagh orm, agus mé gan rud air
bith beo a'm le mo chosaint ó d'imthigh m'fhear uaim.



"Teirigh d-tí deamhan," ar sise, "cia'n bhinn atá
agamsa air do mhuic." D'imthigh léi annsin go d-tí
deamhan agus an mhuc air a druim aici. 'Nuair tháinic
sí go d-tí an chéad gheatóir d'fhiafruigh sé dhí cá raibh sí
ag dul? "Tá mé a' dul go h-ifrionn leis an muic so,"
ar sise.



"An d-tiubharfá dadamh dhamhsa dhí," ars an geatóir.



"Go deimhin tiubharfad," dubhairt sí. "Maith an cailín,"
a dubhairt seisean, "abair sin leis an chéad gheatóir
eile. Ní iarrfaidh mise ort í."



Tháinic sí do'n dara geatóir. "Cá bh-fuil tú ag dul
leis an muic sin?" ars an geatóir. "Tá mé ag dul
go h-ifrionn," ar sise.



"An d-tiubharfaidh tú dadamh dhamhsa dhí," adubhairt sé.
"Go deimhin féin tiubharfad," ars an bhean. "Is maith an
cailín," a dubhairt sé, "abair sin leis an chéad gheatóir
eile." Tháinic sí go d-tí an tríomhadh geatóir. "Cá
bh-fuil tú d'á thabhairt sin," ars an geatóir. "Tá mé d'á
thabairt go h-ifrionn." "An d-tiubhraidh tú dadamh dhamhsa


L. 86


dhí" ars an geatóir. "Maiseadh go deimhin tiubhrad," ar
sise. "Maith an cailín," a dubhairt sé, "ní iarrfaidh mé
ort í." "Acht anois," a dubhairt sé, "deun mar iarrfas
mise ort, agus ní bheidh tú in a aithmheul."



"'Nuair rachfas tusa isteach as seo, iarrfar ort a bheith
ag ithe chomh fada agus fheudfas tú. Abair thusa nach
rud le n-ithe atá tú ag iarraidh acht rud le tabhairt leat."



Dh'imthigh léi go d-táinic sí go d-tí an sean-bhuachaill
"Ca bh-fuil tú dá tabhairt sin," ar seisean. "Tá mé
dá tabhairt dhuitse" ars an bhean. "Maith go leór,"
adubhairt sé. "Caith annsin shiar í." 'Nuair tháinic sí air a
h-ais, d'éis an t-ualach a chaitheamh dhí, dubhairt sé léi a bheith
ag ithe go m-beidheadh sí sásta. Dubhairt sí leis nach rud
le n-ithe a bhí ag teastáil uaithi acht rud le tabhairt léi.
"Tá go maith," a dubhairt sé, "bheurfaidh mise sin dhuit."
Thug sé a shean-ualach óir annsin dí, agus sgaoil sé
a bhaile go slán sábháilte í.



'Nuair tháinic sí a bhaile d'iarr sí air a fear a dhul ag
iarraidh miosúir go d-tomhaisfeadh siad an t-ór. Chuaidh sé
go d-ti teach a bhainchliamhna agus thug sé an miosúr as
agus thomhaiseadar an t-ór, acht 'nuair bhí sé dá chur a bhaile
ghreamuigh píosa óir dá íochtar agus bhí fhios ag an mnaoi
gur ag tomhas óir a bhí sé aca, d'fhiafruigh sí de'n fhear cá
bh-fuair siad an t-ór uile go léir. Dubhairt sé go m-badh í
a bhean a fuair i n-ifrionn é air mhuic a mharbhuigh sí. "Ní'l
muc dá bh-fuil agam nach marbhóchaidh mise má's é sin an
sgeul," ar sise. Dh'imthigh léi agus marbhuigh sí na muca,
agus anois fágfamuid air an m-bóthar go h-ifrionn í go


L. 87


bh-feicfimíd cad é a dh'éirigh do'n dearbhrathair saidhbhir.



'Nuair tháinic an dearbhrathair bocht a bhaile tar éis an
t-ór d'fhagháil ó'n g-cuitín, chuir sé fios air mhiosúr go
d-tomhaisfeadh sé é. Acht 'nuair chuir sé an soitheach tomhais
a bhaile d'aithnigh a dhearbhráthair go m-ba ag tomhas óir a
bhí sé, mar bhí píosa greamuighthe dá íochtar. D'fhiafruigh
sé dé'n teachtaire cá bhfuair siad an méid sin d'ór?
Dubháirt sé go m-badh é a mhaighistir a fuair é air a shúil.
"Maiseadh dar m'anam bainfidh mise mo dhá shúil féin
amach agus beidh a dhá oiread agam." Righne sé sin, agus
bhí sé a' siubhal leis go d-táinic sé do'n tortáinín in ar
casadh an cuitín dó roimhe sin. Níor bh'fhada go d-táinic
an cuitín suas chuige, agus d'fhiafruigh sé dhe cad é bhí
air. Dubhairt sé leis gur bhain sé na súile as féin.



"Maiseadh, a shean-chneamhaire," ars an cat, "chugaidh
leat as so go tapaidh no cuirfidh mé na cuit uile go léir
ionnat." "Do'n deamhan cor ná cleas a chuirfeas mise
dhíom," ar sé, "go bh-faghaidh mé roinnt airgid." D'fhan sé
annsin go d-táinic na cuit uile agus gur stracáil siad
ó chéile é. Sin é deireadh an fhir shaidhbhir; agus ní feárr
a d'eirigh d'a bhean.



'Nuair tháinic an bhean go d-tí an chéad gheata i
n-ifrionn, d'fhiafruigh an geatóir dhí cá raibh sí ag dul leis
an muic. Dubhairt sí go raibh sí d'a tabhairt go h-ifrionn.
D'iarr sé píosi uirri. Dubhairt sí nach d-tubhradh. "Tá
go maith," ar seisean, "ná tabhair do'n chéad gheatóir eile
acht an oiread ceudna." Tháinic sí go d-tí an dara geatóir


L. 88


agus dubhairt sé píosa a thabhairt dhó. Righne sí an rud
ceudna leis an tríomhadh geatóir. Dubhairt seisean léi
go raibh an sean-bhuachaill annsin astigh agus go
d-tiubharfadh rud le n-ithe dí. 'Nuair tháinic sí isteach,
do h-iarradh uirri an t-ualach do leigean dí agus a
dóthain d'ithe. Bhí sí ag ithe agus ag ól go raibh sí sáthach,
agus 'nuair bhí sí réidh, dubhradh léi bolg bhí in aice léi a
shéideadh, agus d'fhan sí 'gá shéideadh ó shoin.



An Cóta Mór Stróicthe.



I.



Tá mo chóta mór stróicthe ó Dhomhnach is é air sileadh
liom síos,
A's an té chuirfeadh cóir air, mo bhrón, tá sé i bh-fad as
mo líon,
Ní'l aon fhear a phógfadh mo stóirín a's mé lé na thaoibh
Nach m-bainfinn an t-srón de, nó budh righ-mhór a charaid
'sa tír.



II.



Céad slán duit Abhainn Mhór, 'sé mo bhrón gan mé anocht
le do thaoibh,
A's a liachduighe sin bóthairín caol uaigneach dul eidir
mé a's tú;
Is áit é 'm-bidheann súgradh gach Domhnach agus siamsa
na h-oidhch',
An jug air a' m-bord a's mo stóirín fial fairsing 'gá
roinnt.


L. 89


III.



Tá lán fear a shaoileas 'nuair a shaothruigheann siad
guinea nó dhó
Nach m-bainfidh siad pighin as sin choidhche go g-cean-
nuighidh siad bó;
Is mé nach raibh críona, 's táim cinnte gur chaith mé go
leór;
Ís ní chuirfear 'san g-cill gan braithlín mé 's comhra
faoi'n bh-fód.



IV.



Mo mhallachd do mhnaoi air bith shaoileas gur deise í 'na
an ghrian,
'S ná an ghealach a líonfas go míosamhuil 'tabhairt soluis
do'n t-saoghal;
'S ná bláth geal na n-áirneadh 's ná branch air bith
geineadh ariamh,
'Sí match Domhnaill Phóil í 'nuair dh'ólfadh sé gloine 's
a dhíol,



V.



A's thar Sasanaigh anonn má theidheann Domhnall ní mhairfidh
mé bliadhain;
Gloine ní ólfad, i d-teach ósda ní shuidhfidh mé síos.
An buachaillín stuama, glan, fiúntach thug taithneamh dham
's gnaoi;
'Sé tharruingeochadh an t-snáthad go sásta ag cur culaidh
air an righ.


L. 90


VI.



Tá grádh do dhá 'reug a'm, 's a Dhia ghlégil, nach bocht é
mo chás;
'S tá duine den'n mhéid sin is ní féidir a shamhail d'fhagháil;
Dá g-casfadh fear críona dham a d'innseóchadh cia aca is
feárr,
Ní bheidhinn a n-diaidh óil, a n-diaidh ceóil air a's bainfheis
naoi lá,



VII.



Mar bheidheadh mo dhithchéille 's lághach aereach a chaithfinn
mo shaoghal;
'Nuair dh'eulaigheas le Máillidh thar sáile air uair an
mheodhain oidhch',
Gur bhuail mé faoi Bhurcaigh, dream a diúltuigheadh as
Chathair na naomh;
'S siad a dh'fhág mé le fán a'cur fárnéis cá g-caithfínn
an oidhch'



VIII.



Tá m'ioscadaidhe sáruighthe ó shíor-shíubhal na m-bóithre
seo shiar;
Mo rúitinidhe geárrtha, gan áireamh air an b-pían tá'n
mo chroidhe;
Tá mé i bh-fad ó mo mháthair 's gan áit a'm a leigfinn mo
sgith,
Is tá súil le Righ na nGrása nach m-beidh fán orm acht
tamall, 's cia'n bhrigh!


L. 91


IX.



Ná leigidh do ghreim air bith sgaoileadh 'san t-sean-chóta
mór;
Is maith an dídean oidhche é, lá gaoithe 'gus stoirm a's ceo;
Is maith an charaid arís é aig daoinibh, an té a bh-foilfeadh
sé dhó;
Tá gean aig mo chroidhe air, óir is míne é 'na píosa ó'n
t-seól.



X.



Ná sanntuigh go deó an buachaill óg a bh-fuil aige an dá
chroidhe;
'S dá m-beidheadh nóta chúig phúnt aige a dh'ólfadh ó
mhaidin go fuí';
Má's tusa mo stóirín, seo póg dhuit amach ó mo chroidhe;
Tógfamuid lóistín trathnóna agus leigfimid ár sgith.



Tá mo mhaithrín tinn tréith lag 'sí go h-aonraic air caladh
na m-bád,
Aig gul a's aig caoineadh 'ch uile oidhche a's go moch leis
an lá;
Tá a comhráda sínnte 'san g-cíll agus leach le n-a cheann;
'S tá a mhac fó na tíorthaibh 'n-a cheann siamsa 's 'n-a fhile
gan tlás



XII.



Is air maidin Diardaoin 's mé aig deunamh air chaladh
na m-bád,
'Seadh dhearc mise Brighid ('s budh í an chraobh air fad air
na mnáibh).


L. 92


Labhair mise leithe go céillighe, ciuin, macánta, tláth
Gabh suas 'un mo thighe tá do mhian ann 's caithfidh tú é
fhagháil.



XIII.



Is ní leigfidh mé an cóta mór stróicthe amach as an tír,
Dá g-caillfinn chúig phuint, le gach gréim ann a fhuagháil
arís;
Tá tailliuirín cóir 'san "Áird Móir" mar tá Tomáisín
Bán,
Is é a chuirfeadh an green velveteen leis 's belt faoi na lár.



XIV.



Caithfidh mé an sean-chóta mór aith-dheanadh arís
Aig Tomás mhac Domhnaill, an tailliur tá paitiúnta
i d-tír;
Is é chuirfeadh an chóir air a's póicín righ-dheas air a thaoibh,
'M-beidheadh áit an fhata rósta, an ghreim feóla, a's buil-
lín dhá phighinn,



Abhrán na n-iongantas.



Mar do chonnairc dall iad .i. Michilín Mhíchíl Bhacaigh.
Do bhí Michilín 'n-a phiobaire mhaith agus is minic do sheinn
sé aig báire i g-Cuannamara. Bhí dearbhráthair aig an
bpíobaire darbh ainm Colum, agus cheannuigh sé adhbhar
bríste uair amháin, agus thug sé leis chum an táilluir é.
Do dhiultuigh an tailliur (Asaidh an t-ainm do bhí air) an
brísde do gheárradh do Cholum, agus mar gheall air sin,
do righne an píobaire an dán, mar chidhtear ins na rannaibh
déidheanacha.


L. 93


I.



O, bhí mé lá i g-Casla (a) 's bhí fairrge ann a's gála mór,
A's cia chidhinn ag dul tharm acht Ceann Gainimh (b) is é ag
iomchur seoil;
Tá coill air na Bilidhe (c) a's í feitheamh anuas ó'n spéir,
A's tá buachaillighe Chinn Acaill (d) ag baint fhataidh air
Mhaol an Éisg. (e)



II.



Do chonnaic mé an báidín ag dul i leith le tóin Árann
Móir', (f)
A's dreancaid mhara air an Locker taobh shiar 'gá gabháil;
Laindéir airm i m-bárr a cuid croinnteadh seoil,
A's seulta seaca a's iad air lasadh 'n-a g-coinnlibh dhóibh,



III.



A's chonnaic mé roc i g-Cill-Coca (g) 's é bleaghan na
m-bó,
A's eascuin ag gur i nead iolra lá gála mhóir,
Chonnaic mé seangán a's é fuipeáil míl mhóir i d-tír;
A's tá tor Cnuic-a-choillín (h) mar eggstand ag Maol-
mhuire (i) ag roinnt.



IV.



A's chonnaic mé Corcaigh 'n-a phota aig mnaoi óig 'san
nGréig,
A's Gleannta Uí Chochláin (j) n-a chupán air bhórd faoi tae
Árainn 'na bhearach air ghamhain 's é ag diul go treun,
A's bean ag cur cochaill air abhainn taobh shiar de'n ghréin.



V.



A's chonnaic mé criocar a's piosdal aige air chúl an bhaic,
A's bainne-cíoch circe ag an bpuisín 'gháthabhairt d'á mac


L. 94


Chonnaic mé portán aig imtheacht go h-árd 'san aer,
A's chonnaic mé crotach air lochán ag snámh leis féin,
Acht 'sé talamh na seangan chois cnocáin a scannruigh me.



VI.



A's cia deir tú le Gaillimh a bhuail challenge air Chondae
an Chláir?
A's cia deir tú le Garumna (k) tháinic 'n-a fhear fiadhnuise
ann?
Ta Sgeirde (l) a's Dún Gudail (m) 'n-a seconds a'siad 'tidheacht
le cóir,
A's mar stopfuidh an Bhreachloinn iad, tógfaidh sé an
Bhuaidh mhór.



VII.



Is air aill Phuirt Mhuirbhigh (n) 'seadh chuir mé mo bhád chum
seoil,
A's air bhealach na Sraithre (o) 'seadh thug mé dí lán trí
scóid,
Sgaoil mé na h-eangacha siar le tóin Sgeirde (p) móir'.
D'árduigh an fhairrge a's thosuigh na croinnte ag ceol.



VIII.



Sé dubhairt Partholán O'Gríobhtha, mar is fear é bhí lán
de sgáth,
Nach g-cuirfeadh aon eangach le taobh Cruaiche na Caoile (q)
go bráth
Go bh-faghadh sé bás de decáilte a thurnálfadh suas ins gach
ceard,
A's go d-togfadh sé an eangach, má's garbh nó mín an lá.


L. 95


IX.



A's tá figheadóir i g-Cámus, (r) 'sé is ainm dó Sál Ó Lí,
A's tá bréidín casta aige air gharmain Chaoráin Aodh' (s),
'Sé tóin Cnuic na Sciortán (t) an túirne iteán is feárr
'san tír,
A's amuigh air an g-cnocán seadh chuireann sé uaim 'san
t-slinn.



X.



Dá bh-feictheá an lacha uisge 's í ag seinm air chláirseach
cheoil,
A's naoi g-cinn de choinínibh air meisge 'r éis brannda ól,
Tá Cuan-an-fhóid-duibh (u) i g-Cill-chainnigh, 's tá an Spáin
'san Róimh,
A's tá an Clochán i nGaillimh, a's Beul Easa mar Sgeirde
mhór.



XI.



A's tá an bheach a's an mhíoltóg air ancoire i m-beul na
trágha,
Ag tóin Inis Leacain, (v) a's nach codaltach fuar é an áit!
Bhí sé ag cur seaca's cur sneachta gur phleusg an crann
A's ní'l pionta go maidin nár shaoil mé go m-beidhinn
gan bád.



XII.



A's tá Liabrás (w) aig iasgach a's slat aige aig iarraidh
breac,
A's tá Campuinn ag maorsacht i bh-Fiodhnuis (x) go naon-
bhar fear.


L. 96


Tá cnoc Leitir Deiscirt (y) na bhanaltra aig tóin Uí
Fhloinn,
A's tá tailliur an mhagaidh 'san m-baile so i ngradh le
mnaoi.



XIII.



A's fuair mé nead lachain air an m-Breachloinn (z) aréir
amuigh,
I ngarrdha mór fataidh i g-carraig Ui Chaoile istigh.
Tá clocha na feamuinne ó thuaidh de Mháimeun (aa) amuigh,
A's muinntir Srath' Salaigh (bb) 'gá tarraing le cléibh as
sin.



XIV.



Cia an gar dam ag caint air a bh-faca mé d'ionganta fós,
Muc mara 'san ngarrdha le n-a corrán ag baint eórna
móir',
Ní fhaca mé rud air bith a n-deunfainn de spórt ná
greann,
Acht Dáibhi O'Ceallaigh air dhruim eascoin Abhann Móire (cc)
's é 'snámh.



Tá buachaillidhe Choluim chois locha a's iad 'na suidhe,
Ag faire air Asaidh go bh-faghaidh siad é 'gabhail an t-slighe,
Cruinneochmuid gasúir a lasfas dhúinn dornán tuighe,
A's go n-déantar a losgadh, mar is crotach é 's is geall
le naosg.



XVI.



A's go deimhin, a Asaidh, 'sé mheasaim nach m-beidh tú slán,
A's tá sé chomh maith agat baint as na boinn in am;


L. 97


Ní measa dhuit Solamh ag cur sruth in aghaidh áirde as
geall,
Ná diúltughadh do Cholum, a's níor locht d'á ngeárrthá a
drawers.



XVII.



Dá bh-feicfea-sá Asaidh, a's fear marbh 'n-a dhiaidh 'san ród,
Ní aithneóchadh sé a athair dá g-casfaidh leis é air an
m-bóthar,
Leagadh air leic é, a's gortuigheadh a ghlún go mór,
A's níor thug acht trí amhóg gur ghlan seisean Órán Mór.



(a) Cuan Chasla, taobh shiar ó Ghaillimh. (b) Tráigh in Inis Meodhain
Arann. (c) Carraige taobh shiar de Chontae Mhaighe-Eo, amuigh
'san bh-fairrge. 'Nuair socruighthear taidhbhse cuirtear i g-comhnuidhe
é "ó thuaidh de na bilidhibh." (d) ait in oileán Acoille. (e) Ait
tanuidhe a m-bidheann an t-iasg fairsing ann, in aice Cinn Léime.
(f) An t-oileán is mó i g-cuan na Gaillimhe. (g) Ait i g-Contae
Chille Dara. (h) Cnoc aig Iorrus-anach, Cuannamara. (i) Myles
Barrett. (j) Ní fios dam. (k) Oileán taobh shiarn-deas de Chuan-
namara. (l) Carraige contabhairteacha. (m) Aice Cinn Léime,
Slyne Head, eidir sin agus Arainn mhór. (n) Carraig de na
Sgeirdibh ceudna. A deirtear go bh-feicthear an Fata Morgana ann.
(o) In Arainn mhóir.
(r) Ait air Chuan an Fhir Mhóir. (s) Cleas focal
annso; garmain .i. cuid d'oirlis an fhigheadóra, agus G.C.A. ainm
áite ag Cámus. (t) Ag Cámus, mar an g ceudna.



Rann Ráidhteadh.



Com buidhe le guinea,
Chomh dearg le fuil,


L. 98


Comh teith le teine
Chomh deas le mil;
Chomh mín le síoda,
Chomh cruaidh le cloich,
Chomh geur le snátaid,
Chomh grinn le luch,
Chomh bán le bainne,
Chomh glas le feur,
Chomh árd le caisleán,
Chomh dubh le smeur;
Chomh domhain le tobar,
Chomh slán le breac,
Chomh geal le sgillin,
Chomh fuar le leac.
Chomh trom le h-iarann,
Chomh righin le gad,
Chomh maith le feusta,
Chomh geur le drad;
Chomh co'r'm le cáca,
Chomh árd le cnoc,
Chomh marbh le sgadán,
Chomh liath le broc.
(M.S.B.)


L. 99


Sean Ráidhte.



An glór nach d-tuilleann 'san g-ceann
Is cuma é bheith ann no as;
'S an bhró nach meileann go teann
'Sé an muilteoir an fear gan rath.
An té is faide chuaidh 'sé is giorra do'n uaigh.
An duine bocht folamh gan áird gan chéim,
Is mór 'san m-bealach é (no 'san solus),
Agus is toirtmhear le cách a mhéid.
An rud choigleas na mná itheann na cait é.
An té nach h-ólann acht uisge, ní bhidheann sé air
meisge.
Aithnigheann ciaróg ciaróg eile.
A dhuine gan chéill tabhair aire dhuit féin.
Aithnighthear caraid i g-cruadhtan,
An té is géire sgian feannadh sé.
An rud faghtar go dona imthigheann sé go dona.
A chómhairle féin do mhac Anna,
'S ní bh-fuair sé 'riamh níos dona.
An duine saidhbhir a' deunadh grinn,
Deir 'ch uile duine gur binn a ghlór,
Acht is seirbhe 'ná an searbhán guirt
An duine bocht a' deunadh ceoil.
An té a bhidheas a' síor-siúbhal meileann mín a's garbh.
An rud a théidheas i bh-fad téidheann sé i righneas.


L. 100


An t-uan a' múnadh méidhleach d'á mháthair.
An rud a gheibhthear go bog imthigheann go dona.
An té nach bh-faghann an fheoil is mór is fiú dhó an
t-anbhruith.
Air lí ní breitheamh fear gan súilibh.
An phunann a cheangaltar 'san bh-foghmhar sgaoiltear
'san earrach í.
Bidheadh teine agat féin, no deun dó ghoradh le gréin.
Beirt air aon sgeul a's iad a' troid.
Bean mic agus máthair céile, mar bheidheadh cat a's
luch le chéile.
Bidheann ceann caol air an óige.
Bróga 'san g-cliabhán agus laghair 'san lathaigh.
Bidheann an donas i n-diaidh na straoilidheachta,
Agus an sonas i n-diaidh na simplidheachta.
Bidheann chluanaidhe i n-deagh-chulaidh.
Briseann an dúthchas trí shúilibh an chait.
Bidheann blas air an m-beagán.
Bidheann blas searbh air an bh-fírinne.
Beir air an rud nó beurfaidh sé ort,
Buail bóthar agus bain torann as.
Beatha do dhuine a thoil.
Is buaine clú ná saoghal.
Beireann fear sleamhuin fiacha leis.
Beul eidhin agus croidhe cuilinn.
Bidheann ádh air amadán.


L. 101


Ceannuigh droch-rud a's beidhir gan aon rud.
Ceann mór na céille bige.
Castar na daoine le chéile,
Acht ní castar na cnuic ná na sléibhte.
Cailleann duine rud le n-a mhúnadh,
Óir ní faghthar leigheann as leamhnacht.
Ceulocán fada agud dith bróg'
A ghnidheas sean-duine de dhuin' óg.
Cuairt gheárr is sí is feárr.
Casann péist air fhear a saltairt.
Cúl le gaoith a's aghaidh le teas.
Coigilt teine le loch,
Nó caitheamh cloch le cuan,
Comhairle a thabhairt do mhnaoi bhoirb,
No buille de ruibe air iarran fuar.
Claoidheann neart ceart.
Mairg a leigeas a chogar ciuin,
Nó a rún le mnaoi baoth,
Óir an sgeul imthigheas ó bheirt
Go triúr is anamh fhaghann sé gíth.
Ní cruaidhe na clocha glasa 'ná na lamha follamha.
Ní faghtar clú gan caillteanas.
Ní misde do dhuine lón ag dul 'un aisdir.
Ní féidir le duine bheith ag feadghail 's ag ithe mine.
Ní fhanann tráigh le fear mall.


L. 102


Ní follamh an gleann ann a m-bídheann an t-uisge.
Ní bhriseann deagh-ghlór fiacail.
Níor bhris focal maith ceann duine riamh.
Ní loisgeann sean-chat é féin.
Ní'l luibh ná leigheas i n-aghaidh an bháis.
Ní'l fáth súgraidh le faobhar.
'Nuair laghduigheann an lámh laghduigheann an grádh.



Bidheann sé air mhóinfheur 's ní gheárrtar é,
Bhidheann sé 'san abhainn 's ní bháidhtear é,
Bidheann sé 'san siopa 's ní díoltar é?



Ga gréine.



Is é mo ghabhar-sa an gabhar is sásta,
Téidheann sé suas air ghuaillibh daoineadh,
Tagann sé anuas air shreangaibh síoda,
Buaileann sé an bóithrín, bealach an róidín,
Coillte móra, tobar na glóire,
A's bidheann sé féin eatorra?



Damhán alla.



Dáreug air aon leaba a's gan ceachtar aca air colbha?



Rungaidh i rotha túirne.



Níor cloidheadh í a's ní b-fuair sí guth,
A's bhí naoi naonbhair innti istigh?



Long.



Mol an bodach a's bain obair as.



Má's fuar an teachtaire, is fuar an freagra.


L. 103


Fear gan airgead i m-baile mór,
Is olc an lón do goile geur.
Fear fada, fuar, follamh,
Is olc an spreasán é.
Lom gach i leun.



Ó Árdmhacha:—



Sgioból fada fionn; dhá chionn air a's gan dorus air
bith?



Ubh.



Ón Midhe:—



Gearráinín bonntállta, sgonntállta,
Shiubhalfadh sé an domhan a's chá fliuchfadh sé a bhonn?



Beach.



Abhrán an Chuit.



Steaphán Seóga ro chan.



I.



Tráthnóna deireannach, ag dul faoi na gréine.
'Seadh dhearc mé an gaisgidheach faoi dheifir mhór,
Bhí culaidh dhearg air do'n fháisiun nuadh,
Agus a bhrísde dúnta do bheul a bhróg;
Bhí casóg bearskin air de'n dath ba daoire,
Agus 'ch uile ghreim de air nós an óir,
Bhí bairéad glas-uain' air de thogh' an t-síoda,
Agus a shlaitín draoidheacht' a' soillsiugh' dhó.



II.



A' sginneadh tharm dhó mar shiolla gaoithe,
Do gheit mo chroidhe astigh faoi faitchios mhór,


L. 104


Gur bé Finbheara é nó Aonac Draoidhe,
'S ní bheidheadh duine saoghalta air bith 'n-a chóir.
Do labhair mé Laidin leis, Scrioptúir a's Bíobla,
A's nidh nárbh' iongantas, níor fhreagair dó,
An dara cheist eile chuir mé 'rís air
Do bhúr sé aníos chugam faoi fheirg mhóir.



III.



Cuaidh mé 'n bladair leis de chruadh-chaint Gaedhilge —
An tú Mánus treun, no an Gruagach Óg?
Nó an tú Airicín chlaoidh Fianna Éireann,
Nó raibh aon iarraidh a'd leis an Dearg Mór?
An tú Cuchuillin, nó Samson láidir?
Nó'n tú'n fear spáirne bhí 'g an Grand Signor?
An tú Conal bolbh, nó Caoilte-an-Iarain,
Nó cá'il do thriall a dul faoi dheifir mhóir?



IV.



Ceist a chuirim ort as uchd mo Thighearna,
Gan dith no díoghbháil a dheunadh dham go fóill,
Má's taise thusa tá 'g íoc do phiantadh
Deunfadh d'fhuasgladh acht mé fhágail beo.
Ní taise mise acht gaisgidheach lúthmhar,
A shiubhal na cúigidh ag deunadh cleas,
Bhain an deireanas dam a's fuacht na h-oidhche,
A's aig iarraidh dídin ort a thriall mé isteach.



V.



Tá trosgadh fada orm a's cuireadh amúghadh mé,
'S mé a' rith mo chúrsa go Newfoundland.


L. 105


Má thug tú beatha dham ná sgannruigh rómham-sa,
Agus dar bhrigh mo mhóide fanfad a'd.
Má's gaisgidheach thusa 'raibh aon rath 'san saoghal ort,
Nach claoidhte, tarraingthe táir 's nach olc do shnuadh!
Nó aithris dhamh-sa cia'n áit a d'fág tú
Go bh-fuil tú básuighthe a'dul ó shiubhal?



VI.



I Leic-a'-bh-faoil do bhí mé ráithe ann,
A' dul faoi sáile a' fághail malairt aer,
Go raibh an geimhreadh ann a's gan a'm aon fhághaltas,
A's nár gheárr an bás uaim 'nuair d'fhag mé é!



VII.



Aithris domh-sa cia h-iad do shinnsir,
Nó cia'n áit sa' tír so ar tógadh tú?
Nó bh-fuil ealadhain agat, céird, nó faigheacht,
Nó'n ceannuighe mála thú cuireadh amughadh?
Do Chlanna Mórna mo stoc a's mo shinnsir;
Ameasg Clanna Baoiscne 'seadh h-oileadh mé;
Ba é Hercules mo cháirdeas chríosta,
Agus chuir sé díbirt orm seal uaidh féin.



VIII.



Má's de Chlanna Mórna do stoc 's do shinnsir,
Tabhair cur síos dam air an "eilid mhaoil"
A chuir Fionn faoi gheasa 'g iarraidh an fháinne,
An am ar shnámh sé an "loch faoi léig?"
Mar bheidheadh Mananán Mac Luirc na féile,
A fuair é preuchda a' teacht i d-tír,
Gur thóg sé an aois dé le draoidheacht 's faigheacht,
Do bheidheadh na Fianna air easbhaidh righ.


L. 106


IX.



Ná tóg ormsa a bheith claoidhte tarraingthe,
Mar táid na mílte a's rud le cois,
'S gur iomdha gaisgidheach bhí lúthmhar, láidir,
A d'fhág mé sínte ó shoin 'n-a g-coirp.
Air Shliabh Ghoirl do ghabh mé an Chruimlin,
A bhí 'n-a bean-draoi a' cur mná amúghadh,
'Gur a g-coilltibh Ulgais leag mé ar treun fhear
A bhí air aon t-súil dul ag claoidh an t-sluagh.



Aonach Draoidh - Aonghus an Bhrogha; feuch Tóruigheacht Dhiarmuda
agus Ghráinne.



Leich-a-bhfaoil, .i. leac na bh-faoileann, i g-Cuan Bhuile Cloiche na
Rón (Roundstone).



Maireann fós an file simplidhe do righne na rainn so.



Úna Dheas Ní Néidh.



I.



Dá m-beidhinn mar bhidheas lá éigin, gan aois nó creapladh
eaglais,
Ní chongbhóchadh an saoghal Ádhaimh mé ó'n áit a m-beidheadh
mo mhian,
Acht go síorruidh ag dearcadh a dealradh, mar ba mhín 's
ba dheas a gáire,
A's a chraobh! ná leig an smál orm, tabhair áit dom in
do chroidhe.



II.



Dá m-budh liom-sa a bh-fuil i b-Párthas, faoi chúmhachta
Bhónaparta,
Saidhbhreas Rígh na Fraince, 's é a fhághail eilig le roinnt


L. 107


Ní'l píghin dá m-beidheadh air m'fhághaltas nach d-tiubhr-
fainn féin air láimh duit,
Mar shúil a's gur mé an comrádaidhe bheidheadh le Úna
dheas Ní Neidh.



III.



Nach mór an t-ádhbhar éagnach nár rugadh i bh-fad roimh
rae í,
Sul dár cailleadh an dream ba thréine (no beurfar arís
choidhch'),
Mar bhí Hector a's a ghaolta, 's cia'n gar bheith 'g innsin
sgéil air,
Acht fágtar ag lucht léighinn an seanchas le roinnt.



IV.



Dá m-beidheadh sí suas i n-éifeacht, i n-innbhe a bheith 'na
céile,
'San am a raibh na Gréig air fad i g-cogadh leis an
d-Traoi,
Beidheadh Hélen gan aon éiliughadh, 's ní bhuailfidhe buille
air aon taobh,
Acht Páris a' teacht 'un réidhtigh le Úna dheas Ní Neidh.



V.



Úna mhaiseach, mhódhamhail, a chuirfeadh slacht air mnáibh
Chrích' Fódhla,
Le oideas a's le eólas, le cróigeantacht, 's le gnaoi;
A chuirfeadh múnadh 'measg daoin' óga, d'á n-deunfa-
daois do chómhairle;
Fághaim mó roghain air mhnáibh Chric' Fódhla, 's tú thóg-
fainn-se mar mhnaoi.


L. 108


VI.



Bhí a cúl air dhath an ómraidh, lag-radharcach, deas,
glonnrach;
Bhí a gruadh air dhath an rósa m-beidheadh clumhach an lile
thríd;
Nach fad ó bheidheadh na sluaighte lag, marbh anois le
cómhrac,
Mar bheidheadh an áit a ceapadh a lóistín, i d-teorain
Inis Neidh.



Féidhlim Mac Dubhghaill do righne an dán so freisin. Inis Neidh .i. Inis
Naomh, oileán beag in aice le Roundstone. Do bhí athair an fhile 'n-a
chomhnuidhe air an oileán ceudna. Atá fonn áluinn leis an abhrán.



Dán an iolra mhoir.



Féidhlim Mac Dubhghaill do righne an dán so, air an
ócáid a leanas:—



Bhí fear i g-Cuannamara suim aimsire ó shoin, agus
phós sé bean óg beaduidhe, do réir gnás an ama. Is
iomdha sin ciall leis an bh-focal "beaduigheacht." Ceud no
dó bliadhan ó shoin, 'nuair nach raibh ag daoinibh bochta acht
an t-sliseog agus an chiseog, na fataidhe agus na smug-
arligh, 'nuair b'éigin díolaigheacht do thabairt in gach cáin
dá g-cuirfidhe orra, bhí sean-bhean ag ithe sgadáin chaoich .i.
salann measguighthe le uisge, mar annlann le 'n-a béilidh,
acht níor thug sí dá clainn acht salann tirm. D'iarr
ceann aca roinnt de'n sgadán caoch air an máthair, agus
fuair mar fhreagradh, "go g-ceilidh Dia beaduigheacht ort."
Annsan am tá i láthair, tea agus arán plúr an bheaduigh-


L. 109


eacht tá air bun. In aimsir Fhéidhlim ní raibh tae chomh
choitcheann agus tá sé anois; ní raibh le n-a linn acht
spóladh feoladh a chur síos le aghaidh duine air bith ar
mian chumaoin a chur air. Seal geárr h-éis an phósadh,
tháinic mná muinntreacha air cuairt aig an mnaoi seo a
pósadh. Ní raibh aon fheoil 'san teach, acht mharbhaigh sí
coilleach le aghaidh na cóisire, óir "is iondamhail an áit i
m-bidheann an óinseach go d-tagann an chóisir chuici," mar
deir an sean-fhocal. Bhí an choilleach an-fhoghantamhail,
dhúiseochadh sé le n-a ghoirm fear an tighe go moch air
maidin. Bhí an fear as baile an lá so, acht tháinic sé a
bhaile le crónachan na h-oidhche. D'ith sé a bhéilidh
agus chuaidh a' chodladh. 'Nuair ba mhian leis dhúiseacht,
níor chualaidh sé goirm an choiligh mar ba ghnáthach leis,
agus shaoil sé go raibh sé níos fuide ó'n lá 'na bhí sé;
mar sin de, thuit sé 'n-a chodladh ath-uair, agus 'nuair
dhúisigh sé bhí an ghrian ag dealradh asteach air fud an
tighe. Bhain sé searradh as féin agus righne sé méan-
fadhach. D'fhiafruigh sé d'á mhnaoi, "Cá bh-fuil an coileach,
óir níor chualaidh mé a ghoirm air feadh na h-oidhche?"
Dubhairt sí leis gur thug an t-iolra mór leis é mar bhiadh
d'á chuid eunachadh. Bhí go maith; bhí an sgeul a' dul
thart gur chualaidh Féidhlim é, agus righne sé an dán so
leanas:—



An t-iolra mór.



I.



'Gur d'éirigh mé go feargach go moch air maidin Dómhnaigh,
'S chuir mé orm mo bhróga go d-teidhinn go Tír Neidh (a)


L. 110


Ag dul trí "Lag an duine mhairbh" dhamh casadh an t-iolra
mór liom,
A's bhí oiread foithín móna ann go próimhidh in a shuidhe.



II.



Bhaist mé straoil 's aimid air, camallóid 's óinseach,
Cineál Bhriain Ui Lóbuis 's pór an Chathail Bhuidhe, (b)
Sin a's mo sheacht mallacht air, gan rath a bheith go deo air,
A thug mo choilín óg uaim bo gleotaighe leigfeadh glaodh.
Do fhreagair an t-iolra, agus dubhairt:—



III.



Gabh do chiall i g-ceart agat 's ná maslaigh mé chomh mór
sin,
Dar mo mhionna agus mo mhóide ní mé thug uait an t-eun,
Acht ba bheag liom a m-beidheadh agat díobh a' tigheacht na
treasgart dhóighte, (c)
Agus ní caithfir ráithe an fhóghmhair go d-tóigfidh mé mo
chíos.



IV.



Teirigh thusa a bhaile agus aithris é do Nóra,
Cia'n t-ainm bhí air an óg-mhnaoi bhí a' sgollughadh a chinn;
Agus shíos air leac a' teallaigh tá a leasracha-san dóighte.
D'itheadar i g-cómhair é, 's ní raibh ceachtar aca buidheach.



For the concluding portion of this poem see page 115.



(a) 'Ait air oileán Garumna.
(b) Dream luaidhtear go minic aig na sean-bhárdaibh.
(c) Laethe féile - sin an míniughadh fuaramar air an áit so - b'éidir go
bh-fuil an sean-fhocal feasgar ann.


L. 111


An Dreoilín.



'San t-sean-aimsir do bhí cruinniughadh ag eunlaith an
aeir, agus chinneadar air righ do bheith ós a g-cionn.
Dubhradar cia air bith eun is airde eitleóchadh gur b'é
a beidheadh 'na righ orra. 'Nuair chualaidh an dreoilín
sin, d'imthigh leis, agus chuir sé é féin i bh-folach faoi
sgiathán an iolra. Mar bhí sé beag, budh fhuras folach
a chur air, agus mar bhí sé éadtrom níor airigh an t-iolra
a mheadhchan. Chuadar uile ag eitleadh, acht budh é an
t-iolra is áirde a chuaidh. Annsin sgread sé amach agus
dubhairt, "Is mise rígh na n-eun." Níor leis an dreoilín
b'fhaillighe; d'eitil sé amach ó sgiathan an iolra, agus
mar nár fheud an t-iolra a dhul níos áirde, óir bhí sé
tuirseach sáruighthe. Chuaidh sé suas níos áirde ioná an
t-iolra, agus dubhairt, "Ní thusa acht mise rígh na n-éun."
Agus ó'n lá sin goirthear rígh na n-eun air an dreoilín.
'Nuair bhidheas aos óg ag dul thart leis, lá féile
Steapháin, is gnáthach leo an rann a leanas a rádh. Áit
air bith nach bh-fuil eólas air an Gaoidhilge abruigheann
siad ráiméis Beurla, acht ní'l sé i g-comórtas leis an
rann a deirtear 'san nGaoidhilge:—



A dhreoilín, dreoilín, rígh na n-eun,
Is mór do mhuirighín, is beag thu féin.
Eirigh suas, a bhean an tighe,
A's tabhair dhúinn ubh na circe duibhe
Tá shiar i d-tóin an tighe.



Chualaidh an sionnach go raibh an dreoilín 'n-a rígh agus
dubhairt sé leis féin, "O thárla go bh-fuil mise ag


L. 112


marbhadh eunlaithe, ní stadfaidh mé nó go marbhóchad an
rí." D'imthigh leis, agus bhí sé ag imtheacht gur casadh
nead dreoilín leis. D'fhiafruidh sé, "an raibh an rí aca
annsin?" D'fhreagair an sean-dreoilín é, agus dubhairt
go raibh. D'fhiafruigh sé de'n t-sionnach, cia an gnó do
bhí aige de'n rí. "Tá," ars an sionnach, "go marbhochaidh
mé é." "Maiseadh," ars an dreoilín, an n-deunfaidh tú
slad air a chlainn?" "Ní dheunfadh," ars an sionnach.
"Tá go maith," ars an dreoilín," "druid aníos leis an
nead." Chomh fhad a's bhí an sionnach ag druidim aníos
dubhairt an sean-dreoilín, "thrí n-a chéile, a chlann, thrí
n-a chéile, a chlann." Chuir an sionnach a cheann isteach
'san nead, acht tharéis dearcadh go grinn orra, dubhairt,
"Ní aithnighim cia agaibh an rí," agus d'imthigh leis gan
dochair 'ná díoghbhail do dheunadh air an dreoilín ná air a
chuid cloinne.



Ulliam O'Raghallaigh.



I.



Baintreabhach a's maighdean mé fágadh go h-óg;
Nó ar chualabhar, mo leun cráidhte, gur báthadh mo stór;
Dá m-beidhinn-se 's é 'san m-bád an lá úd, a's mo lámh
air an scód,
M'fhocal dhuit, Uilliam Uí Raghallaigh, is deas a leigheas-
fainn do bhrón!



An cuimhin leat an lá úd bhí an t-sráid so lán de
mharcuigh,
Sagairt a's bráithre ag trácht air an m-bainfheis;


L. 113


Bhí an fhidil air lár ann. 's an chláirseach dhá freagairt,
A's dáreug de na mnáibh mánla 'tabhairt mo ghrádha-sa
'n a leabthan?



III.



An raibh tú air an triúr úd do chuaidh go Cill-cuimín,
Aig iomlaidheacht an Athar Peadair, a bhí trí bliadhan a's
ceithre fichid?
Dá d-tagtha i g-ceann do mhíosa, acht mo leun geur! Ní
thiocfair,
Nach truagh í bean 'n-a h-aonarach a's a céad-searc i
m-beul tuinne!



IV.



Níor mhór liom duit, a Raghallaigh, bheith do chliamhain ag
an Righ.
As cuirtínidhe glégeal 'bheith do thimcheall a's tú do luidhe,
Bean uasal chiuin chéillidhe a chur ag réidhteach do chinn,
'S ó thug mé mo ghrádh go léir dhuit, nach breágh gur eug
tú le mo linn!



V.



Ní nár liom croidhe cráidhte bheith aig do mháthair, 's aig
t'athair,
'S ag banalta na cíche báine bhí aig tál ort a's tú do
leanbh,
Do bhean-phósta, mhíle stóirín, nár cóirigh riamh do leaba,
'S an lá chuaidh tú 'n na trágha báine, nach maith gur
sháruigh ort thidheacht a bhaile!



VI.



Tá do shúile aig na péistibh a's do bhéílin aig na portáin,
A's do dhá láimh gheala ghlégheal' faoi gheur-smacht na
m-bradán.


L. 114


Cúig phunta do bheurfainn do'n té gheobhadh mo dhian-ghrádh,
Ochón! sé mo leun geur thú a Mháireóg Ní Churtáin!



Nótaidhe.



Tá abhrán eile a bh-fuil an t-ainm ceudna air le
fagháil i "bh-Filidheacht na Mumhan"; agus 'san n-Gaodhal,
tá roinnt bliadhantadh ó shoin, do tugadh cóip eile de'n
abhrán so.



Tá sgeul leis an abhrán so. Duine dárbh' ainim Uil-
liam O'Raghallaigh do pósadh le cailín air ar tugadh Máire
Ní Churtáin; do réir an ghnáis, i d-teach na mná do
caitheadh an bhainfheis. Chuaidh an fear nuadh-phósta le beirt
eile ag iomradh an t-sagairt a bhaile, acht air theacht air
n-ais dóibh, tháinic tonn mhór fairrge do líon an báidín,
agus báthadh Uilliam O'Raghallaigh.



Bhí fear ann fad ó, agus an cheud bhean a phós sé
cailleadh í; acht d'fhág sí mac óg 'n-a diaidh. Phós sé
ath-uair, agus bhí muirighin mhór aige leis an darna bean.
D'fhásadar suas luath, láidir, acht chuireadar an leas-
dhearbhráthair faoi'n oiread sin smachta go m-b'éigin dó
gach uile ghiotamáil a dhéanadh d'iarradh siad air. Faoi
dheire, cailleadh an bhean seo, agus oidhche a tórthaimh, 'nuair
bhí mac na darna mná ag síneadh amach a mhéir ag tabhairt
ordughadh uaidh d'á leas-dhearbhrátair (mar ba le síneadh
a mhéir ba chleachtach leis ordughadh a thabhairt) ní dheárna
sé seo acht a rádh mar leanas:—



Is beag atá eidir andiu 's andé,
Acht is goirid bhidheas an t-eug aig teacht,


L. 115


A's a ghiolla úd, a thóigeadh do mheur,
Eirigh a's cuir na géadha isteach.



[Atá an rann so i g-Contae na Midhe freisin air an
g-cuma so:—



Is geárr ó aréir go d-tí anocht,
Is giorra bhidheas an seun ag téacht,
Eirigh suas, a ghiolla ó'n g-clúid,
A's cuir na géadhna 'steach.]



An cheud taisbhéanadh thug Eoghan Ruadh O'Súilliobháin
uaidh air a fhilidheacht budh air Dhomhnach agus é 'n-a
mhalrach in a chóitín comhalacht agus é ag deunadh spóirt, é
feín agus malraigh eile, air phíosa talamhan a bhí timcheall
air theach an phobuil. Lean madadh beag fear de na Cuir-
tínibh ó'n m-baile agus shaoil sé dhul asteach 'san teach
pobuil i bh-fochair a mhaighistir. Bhí an sagart 'n-a sheasadh
taoibh astigh de'n doras agus bhuail sé buille de bhárr a
bhróige air an madadh beag 'san ucht. Chuir an madadh
sgread as agus thuit sé marbh. Chualaidh Eoghan an sgread
agus rith sé suas agus dubhairt. —



A Chuirtín, a Chuirtín,
Ní bás gan sagart
A fuair do mhaidrín."



Gheobhfar fá n-a bhun so an roinn deigheanach de "Dhán an Iolra
Mhóir," atá le fághail ag leathanach 108. Níor cnuasuigheadh é go raibh
an chéad chuid de i ngar do bheith clódhbhuailte, agus is dá bhrigh sin do
rinneadh ionad dó annso:—



V.



Thug tú d'éitheach, a sclamhaire, níor itheadar go fóil é,
Ná rud air bith dá shórt (nach raibh mórán díobh buidheach),


L. 116


Acht tusa thug 'un bealaigh é, 'réir mar d'aithris Nóra,
A's ní chaithfir ráithe an fhoghmhair go d'tóigfir ort cíos.



VI.



Tá roinnt de leabhar an t-seanachuis a'm i d-taisge
'san g-cófra,
Go raibh d'athair air na rógairibh 's mó shiúbhall an saoghal,
A's go bh-fuighfidh cearc na baintr'aigh 'san nead aige
tráthnóna,
Sin a's gach uile short a chomhairfidh a bheith 'n-a miothoisc.



VII.



Ar chualaidh sibh, a chomharsana, fheabhas 's chruthuigh Féilim
'Nuair mharbhaidh sé an bheitheach éigil † b'éifeachtaidh le
fághail;
A's ba cosmhail le dhá fhathach iad ag forsagh i ngleann
sléibhe,
Annsin ag éirigh an lae ní raibh fhios cia'n fear a b'feárr.



An Chailleach Bheura.



Ní'l áit ná áird in Éirinn a ngabhfaidh tú nach g-clois-
fidh tú caint air an g-Cailligh Bheura. B'fhéidir gur as
Beura i g-Corcaigh shiar thógann sí a h-ainm. Tá sé mar
shean-fhocal ameasg na g-Connachtach go bh-fuil trí saoghail
fada ann: — Saoghal an iubhair, saoghal an iolra, saoghal
na Caillighe Beura; agus maidir le beusaibh na cail-
lighe so, a deirtear mar so: —


L. 117


Níor thug sí salachar na lathaigh seo thar an lathach eile.
Níor ith sí biadh acht an uair a bheidheadh ocras uirre.
Níor chuaidh sí a chodladh go m-beidheadh codladh uirre.
Níor chaith sí amach an t-uisge salach gur thug sí isteach
an t-uisge glan.



A Cómhairle:—



Bhí sí oidhche air fairrge le n-a clainn mhac, agus bhí an
oidhche ciuin dorcha, agus é ag sioc. Bhí an fuacht ag dul
go smior ionnta. Dubhairt sí leo iad-fhéin a chongbháil
téith. "Ní fheudamuid," ar siad-san. "Taosg an fairrge
amach a's isteach," ar sise. "Ní'lmuid ionnan sin a
dheunadh," ars an chlann. Beir air an soitheach taoisgthe
agus líon an bád agus taosg amach arís é." Rinneadar
sin agus congbhuigheadar iad-fhéin téith go maidin, go
bh-fuaradar uain le teacht i d-tír.



Am eile bhí tarbh ag an g-Cailligh Bheura darbh'ainm
an "Tarbh Chonnraidh" (connartha). Ní raibh aon bhó do
chloisfeadh a ghéim nach m-beidheadh laogh óg aici a g-ceann
na bliadhna. Cia air bith áit is feárr agus is milse do
bheidheadh feur, is ann a thiomáinfeadh sí a cuid bá agus
an tarbh. Lá d'á raibh sí ag fosuigheacht na m-bó i d-Tóin
na Péice — áit i m-baile Doire-an-Eamlaigh — chualaidh
an tarbh géim bó. Rith sé ó'n g-cailligh go d-tí an bhó,
agus rith an chailleach n-a dhiaidh. Lean sí é, agus bhí ag
aimsiughadh faoi go d-táiniceadar go Mainín. Chuaidh sé
'san t-snámh ag dul thar cuisle beag a casadh dhó. 'Nuair
d'éirigh sé as an t-snamh air an talamh tirm, bhí an chail-
leach de léim thar an g-cuisle, agus bhuail sí é le n-a


L. 118


slaitín draoidheacta go n-dearna sí cloch dhe. Tá an
chloch i g-comharthaigheacht tairbh le feicsin an lá andiu,
agus tá lorg na n-urchar do chaith sí leis ins na car-
raigibh thart timcheall air.



An Chríonach.



I.



Sorra dhuit (a) a chaiptín na críonaighe 'nuair a bhailigh tú
aníos an doimhin mhór (b),
Nár choigil tú an t-oigisead fíona thug tú do do mhuinntir
le n-ól.
Ceann Inis Searc (c) a chuir timchioll a leaba a theacht
díreach do'n phort,
Dá g-casfadh in do mhapa Cuan Caoirin (d) bheidheadh
suairceas an gheimhridh a'inn (againn) freó



II.



Sgríobhfaidh mé litir do'n Éigipt, 's trasna na Gréige
go d-tí an Spáinn,
Gur báthadh an Chríonach gheal ghlégeal air chóstaibh Cínn
Léime (e) gan spás.
Air mhaidhm Carraige Cearc (f) a bhí an t-eugnach, gul fear
's gach géim aig an g-crann,
Go d-táinic an "baschuin" (g) Sheaghain Radhmoin, (h) a thóig-
feadh na ceudta ó'n m-bhás.



III.



Nach í an Chríonach an soitheach budh bhreágha dár n-dearnadh
faoi an b-plainéid seo fós!
Tá luchdaighthe le diamonds, French barley, a cuid saitín a's
í lán barraidh óir;


L. 119


Níor chualaidh tú arm a' máirseál, 'nuair thosóchadh an
band ag cur leo,
Budh bhinne 'ná ceol a cuid láinnéir 's í ag tarraing an
ancoire mhóir.



IV.



Faraor! nach n-dearnamuid lighthouse air "Chaorán na
nGabhar" (i) 'san árd,
A chuirfeadh an Chríonach a' turnáil, (j) 's air mhaidhm car-
raig thollta (k) a bhí a h-áit;
'Nuair thosuigh na Searraigh (l) a' guga, (m) chuaidh an caiptín
naoi n-uaire 'san g-crann,
Gur chaith sé amach a chuid pumpaidh, a's chuaidh Maitias i
g-contabhairt a bháis.



V.



D'eirigh mé air maidin Dia-céadaoin, 's níor choirsic mé
m'éadan faraor!
Gur rug mé air an arm budh géire, 's gur chuimil mé a
bheul do'n chloich mhín;
Chuaidh mé in mó bheist 's mo léine, ag sgaoileadh na
ngeugán (n) le gaoith;
An chéad bhuille a bhuail mé 's dhom féin é, a's bhain mé
na meur uile dhíom.



VI.



Eidir an Nodhlaic 's Féil Brighíde chuir mise an Crionach
chum seoil;
Thóg sise cúrsa air Cheann Góláin, (o) a's chonnairc sé
Árainn ó ló;


L. 120


Tháinic sé 'un stoirme 's 'un gála, 'n-a bhraonachaibh
baisdigh 's é ag reodh,
Gur chaill mé na h-ailt de mo láimhibh, a's ní'l ann acht
go d-táinic mé béo.



VII.



A Mhaitias ní tharraingeóchadh tú cliabh air siar thar tigh
an Bhriartaigh (p) níos mó;
Chuirfidh mé felt "caroline" ort, agus do fine superfine
faoi n-a chomhair,
Do naipicín daithte de'n t-síoda, 's do stocaidh geal' mín'
as an t-seol;
Péire half boots a m-beidh gíosg ionnta, 's sin an uair
dheunfamuid spóirt.


L. 121


An Cathasach Bán.



I.



Tá gleanntán uaigneach amuigh i d-Tuaidhbhín,
Má théidhim faoi bhuaidhreadh ann ní fhillfead choidhch';
'S a bhean a ruaig mé trí bhealaighibh cruaidhe,
Nach d-tiocfá air cuairt chugam de ló nó d'oidhch'?



II.



A's tá mé caillte mar bh-fághaidh mé fagháil ort,
Ameasg na ngleannta tá air chúl an tighe,
Ó tháinic an t-sainnt orm le dul i g-cleamhnas
Le cailín óg éigin atá 'san tír.



III.



Bhí glas-bhean uasal seal dá luadh liom,
Agus chuir mé suas dí, ceud faraor geur!
A's phós mé stuaidh-bhean na malaidh gruama,
Nach m-breathnóchadh suas orm acht uair 'san g-ceud.



IV.



Dá m-beidheadh a ceann agam air stuaic an teampuill,
Bheidhinn an lá sin air mo chómhairle féin;
Ní'l maith 'san t-seanachas, acht tá mé caillte,
Agus ní bheidh mo pháisdidhe beo mo dhiaidh.



V.



Ní'l mé críona, a's faraor ní fhuilim!
A's mealltar daoine bhidheas glic go leor;
Deir mo mhuinntir liom (nidh nár bh'iongnadh),
Go d-tiubhairfinn caoiltneas do chailín óg.



VI.



Is iomdha oidhche a chaith mé síos leat,
A's tá cos in d'intinn nach bh-fuair mé fós,


L. 122


Ní'l bean dá chaoine gan iom'das smuainte,
'S an té leanfadh an dlighe ceart ní bheidheadh sé leo.



VII.



'S a chailín óg, deas dá ngluaisfeá an ród liom,
Budh deas do lóistín a' tigheacht na h-oidhche,
Flúit a's aragán a' seinnim ceoil duit,
A thógfadh an brón a's an tuirse dhíot.



VIII.



Bheidheadh buidéal beorach líonta air bórd a'm,
Agus dís bhan óg ann le n-a thaoibh;
Bas dá bh-faghainn 's mé a shíneadh i g-comhra,
A bheith gá b-pógadh budh é mo mhian.



Seo roint eile acht measaim nach m-baineann sé leis
an chuid shuas ó cheart:—



IX.



A Sheagháin 's annsa, mo chúig céad slán leat!
Is tú an fear is áilne d'ar chruithigh Dia,
As cúige Chonnachta thug tú an bárr leat,
Go raibh tú do mháighistir air chuirt Bh'lá-cliath.



X.



Ní'l sé in Éirínn, ná fós in Árainn,
Fear níos feárr 'na thú, 's ní raibh ariamh;
'S dá m-beidhinn chomh láidir le Cóirneul Máirtín,
Do chroithfinn lámh leat gach lá 'sa m-bliadhain.


L. 123


Cuir sios air "Cnuc-a-Dúin," ionad cómh-
nuighthé na sidheog i g-cuan-na-mara
agus air Roinn Dha Míonós.



Tá an cnoc seo i m-baile na "h-Áille Brice," in
iarthar Condae na Gaillimhe, i b-parráisde "Bhaile-an-
Duin," in aice le Caisleán Bun-na-haimhne, agus deir
na daoine a chomhnuigheas anois 'san m-baile seo, agus
mar aon leo, cuid mhór de dhaoinibh ins na bailtibh i
bh-fogus dó, gan amhras air bith, go bh-fuil bruighean aig
na daoinibh maithe 'san g-cnoc so; go bh-fuil bá agus
eallach, mná agus páisdighe aca 'san m-bruighin, agus
go g-congbhaigheann siad na bá le aghaidh bainne a thabhairt
do na páisdibh; go g-cuireann siad na bá so amach 'san
oidhche, 'nuair tá na daoine ar leo an feur 'n-a g-codladh;
agus nach n-íosfadh bá na h-Éireann an méid féir a
fhásas mar bheidheadh beithigh na n-daoineadh maithe, agus
ag ceartughadh an nidh innseann siad an sgeul so a
leanas:— Timcheall ceud bliadhain ó shoin bhí maor aig
daoinibh uaisle de na Geoghagánaibh a bhí 'n-a g-comhnuidhe
'san g-caisleán, caisleán tá i seilbh cloinne Uaidín a
Blaca anois, agus gidh go raibh sé ag tabhairt aire maithe
don bh-feur 'san oidhche go gheibhtí an feur ithte air maidin.
Do bhidheadh a mháighistir ag casaoid air faoi so. Chuireadh
sin fearg air an maor air faitchíos go saoilfeadh sé nach
raibh se-sean ag tabhairt aire mar budh chóir dó do'n
bh-feur. Faoi dheireadh dubhairt sé leis féin, "Cia air bith
diabhal ar leis na beithigh gheobhfaidh mise greim air, no
caillfidh mé leagain leis." Air an ádhbhar sin d'fhan sé
'n-a shuidhe air feadh na h-oidhche so le súil go bh-fuigheadh
eolas cia ar leis na beithigh; acht i d-taca an mheodhain
oidhche bhí sé air siúbhal thart air tóir na m-bó, agus
chualaidh sé na bá aig cognamh a g-círe, agus ag inghilt
an fhéir. Dhearc sé timcheall air, acht ní fhaca sé dadamh.
Bhí ag siúbhal leis agus chualaidh sé an gearradh, acht ní
raibh aon bhó le feicsin. Faoi dheire, agus é trom


L. 124


tuirseach, sheas sé air tortáinín feurmhar, agus air an
moiméid chonnaic sé na bá dubha ag ithe an fhéir. Shaoil
sé ariamh 'na dhiaigh sin gurbh' air an t-Seamair Mhuire
do sheas sé. Rith sé chuca, agus ag breith air ruball
(iarball) air an m-buin budh goire dhó, chas sé fionnfadh
ar iarrbaill air righe a láimhe. D'imthigh an bhó in a sean-
ruth gur chuaidh sí isteach 'san m-bruighin; acht níor
sgar se-sean le n-a ghreim gur chuaidh isteach in aoinfheacht
léithe. Cuireadh fáilte roimh Aindreamh an greasuidhe (budh
é so ainm an mhaoir) 'n-a ainm agus 'n-a shloinne. Dhearc
sé thairis, agus is beag nár chaill sé amharc a shúl le
h-áilneacht na bruighne. Ní raibh 'san domhan, dar leis
féin, áit chomh breágh léi, agus níor fheud sé focal a
labhairt. Chonnaic sé mná ag bogadh cliabhán agus go
leor páisdeadh. Faoi dheireadh tháinic a chaint aige, agus
ní shí an deagh-chaint í, óir dubhairt, "Cia'n diabhal tá
orraibh go bh-fuil bhur g-cuid bó ag ithe ar fheur mo
mhaighistir." "A Aindreamh na g-carad," ars na mná
sidhe, "chidheann tú na páisdidhe agus ní mór dóibh braon
bainne." "Ag an diabhal go raibh sibh féin a's bhur
b-páisdidhe," arsa Aindreamh. "O! Aindreamh, Ó! Ain-
dreamh, Ó! do char 's do choimirc, ná bí ag labhairt na
mionna móra, agus deunfamaoid rud air bith a thógróchas
tú." "Tá go maith," arsa Aindreamh, "is mian liom sibh
a' chongbhail bhur g-cuid beitheach uaim, agus gan iad
do leigin ag ithe féir mo mháighistir." "Ná bí ag gear-
radh mionna móra, agus ní leigfimid aon bhó linn arís
go bráth i do ghoire ná in do ghaobhar." "Is é sin an rud
atá mé ag iarraidh orraibh a dhéanamh, agus beidh suaimh-
neas agus socamhlacht a'm-sa agus feur mo mhaighistir
gan dioghbháil" "Támuidne sásta," ars na mná, "rud
air bith a dheanadh a chongbhochadh thusa as seo air faitchíos
do mhionna móra." Righneadar connradh annsin, agus
uaidh sin amach níor tháinic na beithigh aig inghilt an fhéir.
Bhí Aindreamh sásta, óir bí cead aige an oidhche a chodladh,
agus chongbhaigh na mná sidhe a ngealltanas.


L. 125


Oidhche air a raibh damhsa no rince i m-Baile na h-Aille
Brice do tháinic leath-dhuine uasal ag marcuigheacht air
each dheas go d-tí teach na damhsa. D'ísligh sé de'n each,
agus chuir sé scorach 'san díolaid aig cinnireacht an eich,
agus chuaidh sé féin isteach go m-beidheadh sgathadh damhsa
aige. Ní túisge bhí sé imthighthe agus scorach 'san díolaid
ná tháinic na daoine maithe taobh shiar de'n each, bhuail siad
bas air a mhás, agus as go brath leis. Cuireadh amach 'san
loch tá faoi Chnoc-a-Dúin é, an marcach 'san díolaid air
feadh na h-aimsire. Chongbhadar air snámh é anonn agus
anall tríd an loch go raibh an marcach tuirseach dá mhar-
cuigheacht agus an each beag-nach sáruighthe; oir bhí na
sigheoga ag bualadh an eich le súistibh giolcaidh Spáin-
neach (bamboo), in a raibh bualtáin ceangailte le h-éill
croicneadh eilit. Tháinic duine de na daoinibh maithe
agus rug sé air greim sréine air, agus dubhairt
leis an marcach, "Tá sé an am agat an áit so d'fhág-
bháil; imthigh a bhaile no do mo theach-sa. Tá na
buachaillidh beaga 'n-a n-duiseacht, agus leigfidh siad
isteach thú." Tar éis sin a radh d'imthigh sé. Fuair an
marcach é féin agus an t-each air an talamh tirim, acht bhí
a leath-bhróg caillte aig an marcach. Air ball tháinic
marcaigh eile suas leis, bhuaileadar buille air an
g-capall, agus d'imthigh sé an aoinfheacht leo. Níor
stadadar gur chuir trí míle bóthair fútha. Sheasadar
annsin, agus bhidheadar mar bheidheadh saighdiúir ag fogh-
luim gnotha saighdiuireachta, ag dul trí na chéile go d-tí
goirm na g-coileach. D'imthigheadar annsin mar shlugfadh
an talamh iad, agus tháinic an marcach agus a chapall go
d-tí an teach ar dhubhairt an fear marbh leis 'nuair thar-
raing sé as an loch é a dhul ann. Bhuail sé an dorus,
agus leigeadh isteach é.



Tá gnás ameasg na sean-mhnáibh gan scuab caithte a
chaitheamh amach le faitchíos go n-deunfadh na daoine
maithe capaill díobh. Dóghann siad iad.


L. 126


Aisling an Mheisgtheoir.



I.



Aisling a rinne mé aréir
Air leaba 's mé in mo shuan,
Tháinic sin chugam an spéir bhean,
Ainnir na g-craobh fholt donn;



II.



Mo rún do leig mise léithe;
A samhail níos léir dham 'sa t-slighe.
D'éirigh mé suas in mo léine,
'Gus lean mé an phéarla mnaoi.



III.



Síos thríd an m-baile go léir,
A's thart thrí Bheul-an-Ath',
Tháinic mé isteach i d-teach ann,
Teach in a n-díoladaois lionn do ghnáth;



IV.



Budh é sin féin an lionn daor;
Glaoidh mé chuig cárta dighe,
I g-cuideachta a chéile araon.
"Íoc air an lionn," a dubhairt sí,



V.



"Is mithid dom díoluigheacht d'fhágail;
Aithnighim air choileach an tighe
Nach fada go n-éireochaidh lá."
"An é sin faisiun do thighe,



VI.



An díoluigheacht d'fhághail air an g-clár?"
"Is é sin faisiun mo mo thighe,
An díoluigheacht d'fhagháil air an g-clár,
Is ní fhágfaidh tú an teach amach choidhch'



VII.



Go d-tugfaidh tú díol 'san lionn."
Ghlaoidh sí air mhac fir an an tighe


L. 127


(Ní failligheach a bhí ann a cás)
Níor tharraing sé air acht a bhríste.



VIII.



Gur rug sé air mhaide in a láimh.
Gach stróinse dá d-tiocfadh 'un an tighe
('S mise ag tabhairt díol 'san lionn),
Buailidh an fear meirbh gan díol,



IX.



'S na ceilidh air pianta báis,
'Nuair chualas mo thiomna 'gá dheunadh,
'S is failligheach a's bhí mé in a cás,
Faoi an asna do thug mé dhó an sgian,



X.



Agus chuadhas de chéim air an sráid.
Buaileadh na drumaidh go h-árd;
Chuaidh na saigheadúir air ghárda an righ;
Agus shaoilfeá gur budh é Droichead Beul'-Atha



XI.



A bhí bhriste an t-am sin d'oidhch'.
'Nuair fuair mé mo chos air an tráigh,
Thug mé an "seársa buidhe";
Níor ghéill mé do chomhrádh na mná,
No gur bhailigh mé Árd clann rígh.



An t-sean bhean liath.



I.



A' teacht a bhaile dom a's mé tuirseach tairngthe,
An ceathramhadh lá sul chuaidh an cogadh síor,
"Cia shé an fear meataidh? No an bacach tá tú?
No a n-deunfá cliamhnas le sean-bhean liath?"



II.



Bhreathnuigh mé tharm agus righneas gáire;
Má tá an pursa láidir teann aniar,


L. 128


Is mise i m-bannaidh faoi an t-am so amárach,
Go m-beidh tú sásta no gur mór do dhíol. (a)



III.



Nár mhaith an mhaise sin do'n chailligh ghránda,
Chuir sí a lámh in a pursa siar,
"Tabhair seo leat agus ná feiceadh cách é;
'S tá cuid na h-eaglaise ann so do dhiaigh,"



IV.



"An nidh beag eile úd nar chóir dhuinn tracht air,
Fill a's fág thusa do bhean do dhiaigh.
Dean céile leapa díom a's beidh mé sásta,
A's gheobhar sláinte righ-mhaith mo dhiaigh."



V.



Casadh an sagart dom air lár a' bhóthair,
Agus thug mé fuagra dhó leis an g-cás;
"Is truagh liom d'aicíd, a dhuine mhódhmhair,
Go deimhin d'fhág tusa 'mach ár riaghail."



VI.



"Fill a bhaile arís, a pheacaigh gránna,
Is measa tá tú 'ná an té bhraith Dia;
'S feuch gur bean a bhain an t-ubhall 'san ngáirdín,
A's cuir cúl do láimhe leis an g-cailligh liath."



VII.



Nach maith a facas duit, a shagairt ró-mhaith.
Mo cheathrar páisdigh a bheith a' gul mo dhiaigh,
Agus máithrín dheas aca a bhí múinte tógtha,
'S go m-budh mhór an cliú dom í a fhagháil ariamh.



VIII.



Budh fheárr liom ceangailte de loing trí ráithe,
A's a bheith leat na tráithte gan blas de'n bhiadh,
'Ná mé bheith ceangailte le cailligh ghránda,
No cia an chaoi a bh-fáisginn í liom aniar?



(a) No gur mór do dhíol


L. 129


IX.



"Ní cailleach mise, acht is cailín óg me
Fuair sgoil a's fóghluim i d-tús mo shaoghail;
Dá mairfeadh mo dhada dhom go h-am mo phósta
Do bheidhinn i g-cóisde le clainn a' righ."



X.



"Bhí sé 'n-a admiral le fleet Rígh Seorsa,
Agus is iomdha cósda ann ar sheas sé ariamh;
Bliadhain as an taca seo do chuir mé i g-comhra é,
A's 's sin é an t-ádhbhar le'r fhás mé liath."



XI.



"Da bh-fuighinn bean coimhdeacht i d-tús an fhoghmhair,
Rachfainn a chómhnuidhe go Condae an Cláir;
Ta dearbhráthair athair dom in acfuinn mhóir ann,
Agus bheidhinn i g-cóisde freis gach uile lá."



XII.



"Chaith mé an t-Sionáinn, gídh go m-budh mhór an léim é;
Agus thug mé an réim liom as Baile-an-Chláir; (a)
'Nuair bheidheadh bodaigh eile 'gus a g-cosa preuchta, (b)
Bhidhinn go h-aereach in mo dhiallaidh áird."



XIV.



"Sgríobhfainn litir agus léighfinn Bíobla,
An lá cuireadh draoidheacht orm budh mhaith mo ghleus;
Bhí culaidh gheal orm agus scaf (e) dubh síoda,
'S budh dheas an faoileann (d) mé 'san m-bealach rómhat."



XV.



Búclaidh airgid in mo bhróga a' gíosgadh,
'S mo h-ata ciar-donn (e) air dath na sméar,
Cia'n mhaith sin a's mo cháil faoi an saoghal
Gurb' sean-bhean liath mé a chaill a ciall."


L. 130


Coinnleach Glas an Fhoghmhair.



I.



Air choinnleach ghlas an fhóghmhair, a stóirín iseadh dhearc
mé thú,
Budh dheas do sheasamh i m-bhróga', 's budh righ-dheas do
leagain súl,
Do ghruadh budh dheirge 'ná an rósa, a's do chúilín bhí
fighte dlúth,
'S é mo leun géur gan mé a's tú pósda, no air bhórd na
luinge ag dul anonn.



II.



D'éirigh mé Dia Céadaoin, dar liom féin, bhí an mhaidin
fuar,
Cia d'fheicfinn in a léine acht mo chéad-searc a's i faoi
ghruaim,
Dhruideamar le chéile a's dá bh-féidfimís geabhfamaois
in suain,
A's budh é dúbhshlán d'fhearaibh Eireann mo chéad-searc a
chongbháil uaim.



III.



Díomadh Righ na h-Aoine do'n té a dhíbir mo ghrádh i
bh-fad uaim,
Gan neart a'm dul 'n-a gaobhar lá saoire ná go moch
Dia Luain;
Dá m-beidh sé ag báistigh choidhche, a's go síorruigh a' cur
sneachta i d-tuadh,
Le mo mhian dá bh-faghainn cead síneadh bheidhinn comh
aoibhinn leis an eala air cuain.



IV.



Is truagh gan mise 'm'éinín is deas a léimfinn ó thom
go tom,
Nó 'm'eascuin air Loch Éirne, is deas do shnámhfainn í ó
chuan go cuan,


L. 131


Léighfinn-se glan Ghaedhilge a's sgríobhfainn í le bárr
mo phinn,
'S ní fhéidim comhrádh a dheanadh le 'na éadtroma a's tá
mo cheann.



Tómhasanna.



Chonnaic mé chugam thríd an locán,
Tadhg O Lupán agus a chos tinn,
Bárr a bhróige air poll a thóna,
Agus a dhá shúil mhóra a' dul as a cheann?



Athadán no frog air snamh.



Dá chliadh cloiche fúagh fhada,
Dá loch uisge a's muing ós a g-cionn?



Ceann aghaidh an duine.



Is beag é, is mór é,
Is é caipín mo dhada é?



Poll toiteachán.



Trí muca dubha duradán
Air shliabh fagha faradán?



Trí cruacha móna.



Geárr fhear beag gímeadach gaimeadach,
A's cuireann sé an coill air crith?



Figheadóir.



Anairt a righneadh, agus ní de lín,
Do inghean righ a rugadh le buadh;
Tá sgáile na gréine trí n-a taobh,
Agus tá sí gan sníomh geal' (a) ná tuar'? (b)



(c) Ag sgamal a bhios air an laogh
'nuair beirtear é.


L. 132


An Chiaróg, an dardaol, agus an priom-
pollán.



An t-am a bhí Íosa ag teitheadh ó'n dream a bhí ag
braith air, thárla dhó go n-deachaidh sé trí ghort ann a raibh
síoladóir ag cur síl chruithneachta. Dubhairt a dheisciobail
leis an tsíoladóir dá bh-fiafróchadh aon duine dhé ar
chuaidh Íosa as Nasaret an tslighe sin, an freagradh so
a thabhairt dó, "Chuaidh sé thríd, an t-am a bhidhmid-ne ag
cur síl ann." Lá air n-a mhárach chuaidh an feilméire
amach ag amharc air an ngort air fhaitchios go n-deunfadh
eunlaith an aeir foghladh air. Ghabh iongantas é 'nuair
chonnaic sé an chruithneacht apuighthe buidhe air dhath an óir
agus í ion-bhainte. Ghoir an feilméire air a mheithiol
carráin a thabhairt leo agus an chruithneacht a gheárradh.
Chomh fhada agus bhidheadar dá gearradh thárla do na bratha-
dóiribh a dhul thríd. D'fhiafruighdear de'n fhear arbh leis
an gort an bh-faca sé Íosa as Nasaret air dul an t-slighe
sin. D'fhreagair an feilméire iad agus dubhairt mar
dubhradh leis.



"Chuaidh sé thríd an gort so 'nuair a bhidhmid-ne ag cur
na cruithneachta thámaoid a' baint a n-diu."



Chuir an chiaróg a ceann amach as poll agus dubhairt,
"Andé, andé," le fios a thabhairt dóibh gur chuaidh Íosa
thart an lá roimhe sin. Comh fhada agus bhidheadar ag caint
leis an g-ciaróig, chuir an dardaol a cheann amach as poll
eile agus dubhairt, "Geur, geur, geur," trí uaire, le
meamhrughadh dhóibh dá leanfadaois Íosa go geur go bh-fuigh-
fidís greim air. "Ó, bhó, bhó. Bruith agus dóghadh agus


L. 133


losgadh ort," ars an priompollán, óir bhí faitchios air
go d-tuigfidís lucht na bratha na briathra a dubhradh leo,
agus go leanfadaois go geur Íosa le greim d'fhághail
air. Tá sé 'n-a chleachtadh fós ameasg muinntire Iar-gCon-
nacht an uair a thigeann dardaol isteach i d-teach air bith
ann, rith air an tlúgh, splanc dhearg a ghabhail leis, é a
shéideadh, agus é a leagaint air an dardaol le n-a dhóghadh;
ag rádh 'san am ceudna, "Peacaidh an lae, mo shaoghail,
agus mo sheacht sinnsear ort." 'Nuair faghthar greim
air chiaróig baintear an ceann dí agus abraighthear na
briathra ceudna a dubhairt sí féin, "Andé, andé," le linn
an ceann a bhaint dí. Acht ní dheuntar aon droch-nidh
leis an b-priompollán i ngeall air an truaigh a bhí aige
d'ár Slánuightheóir 'nuair a bhí sé ag teitheadh ó na
Iúdaidhibh.



Orthanna.



1 — Ortha Coisgthe Fola.



Is beannuighthe ainm an fhir a sgoilt croidhe an laoigh ghil,
Is maith an nidh tháinic as, fuil, fíon, agus fíoruisge.
In ainm an Athar stop an fhuil; Sancti taraidh dá chobhair.
Spiritus Sancte, stop an fhuil tá ag teacht go treun.



2 — Ortha an Ruaidh.



Ruadh ramhar cúl connáideach,
D'iarr Colm Cille de Chathach,
Ciard a leigheasfar an Ruadh?
Nimh a chur air g-cúl agus an t-at a chur air lár,
Gan de bhrigh 'san Ruadh an oiread a bheith slán.


L. 134


3 — Ortha an tachtha.



Antráth digh, a Bhrighid, tar agus fóir.



4 — Ortha an Bhraoinín.



Ortha a chuir Muire dá Mac
Air shúil bhradáin i líon, air mhodh, air dheilg, air choilg,
Air shliseog i g-crann, air shlatoig i g-coill,
Gan smál, gan fiun ná ceo.
In nomine Patris et Filii.



5 — No mar so. —



Ortha air chobh, air bhrobh, air bhraoinín,
Air shlat bhinn na gaba, air shliseoig na g-crann,
Mac Mhuire do do thabhairt slán,
Gan ceo, gan anfá, gan ídh.



6 — Ortha le a g-coisgthear Madadh le duthcus.



Coisgim cú a bh-fuil nimh air;
Cuirim nimh air neimh-bhrigh;
'S é dubhairt Pádruig uair nó trí,
In nomine Patris et Filii.



7 — Ortha an Fiabhruis bhig.



Ortha a chur Muire dá mac,
I bh-fideán i d-troim leis a n-diaidh cinn a thogbháil dhiot,
Sileadh Muire, sileadh Dé, sileadh Órán ó é,
Sileadh an Spioraid Naoimh ó neamh
Leis an ngár ghalra a thógbháil d'inchinn do chinn,
Crith cos agus lámh agus slán tinneas cinn.



8 — Ortha an diaidh fhiacail.



Chuaidh Peadar go sruth-for-lán;
Tháinic Críost ós a chionn.
"Cia'rd sin ort a Pheadair?
"Ó, m'fhiacail ata tinn."


L. 135


"Éirigh a Pheadair 's bí slán;
Ní thusa acht feara Fháil."
Aon duine a ghéillfeas nó a déarfadh an ortha,
Ní bheidheadh i n-diaigh na h-ortha diaidh in aon deud
amháin.
In ainm an Athar agus an Mhic agus an Spioraid
Naoimh. Amen.



Ag magadh faoi an ortha shuas righne fear dárbh' ainm Seumas an ortha
a leanas:—



Ortha a chuir Seumas do Diarmuid,
Ortha gan iarraidh gan athchuinge,
"An diaidh atá in do chlár fhiacail
A bheith 'san bh-fiacal is fuide siar in do charbad."



9 — "Ortha Mhuire," a deirtear do mhnáibh in a luighe seoil.
Dís a casadh orm, Cabhair agus Críost;
Mar rug Anna Muire, a's mar rug Muire Críost;
Mar rug Eilís Eóin Baisde, gan dith coise ná láimh',
Fóir air an m-bean, a Mhic. Fóir féin í, a Mháthair,
Ó's tú rug an Mac. Tabhair an ghein ó'n g-cnáimh,
Agus go m-budh slán a bheidheas an bhean.



10 — Dán a deirtear ag dul thart leis an g-Crios Brighide.



Crios Brighide na g-cros,
Crios na g-ceithre g-cros,
Crios le ar geineadh Críost,
Críostaighe a geineadh as.
Eirigh suas a bhean an tighe
Agus gabh trí h-uaire amach.
In ainm an Athar agus an Mhic agus an Spioraid
Naoimh. Amen.



11 — Ortha in aghaidh Easbhaidh, agus c.



Marbhuigheann m'ortha easbaidh bruth,
Eachmaidh nádh, eachmaidh nádh;


L. 136


Gach cnuimh i n-déid, agus gach péist
A m-bidheann nimh ann.
In ainm an Athar agus an Mhic, & an Spioraid Naoimh.
In onóir do Dhia agus do'n Mhaighdin ghlórmhar,
do Bhainrioghain na n-easbadh.



12 — Ortha Choilim Cille, no Ortha na Seilge.



Ortha a chuir Colm Cille, le toil Righ Neimhe,
Air bhéim súl, air urchóid chnuic (a), air sheálg agus ae (b).
Leigheas ó neimh air an m-ball dubh tá in aice an chléibh,
Air an leic le a m-bogthar na h-aedhe (aeabhaidh)
Le grása Mhic Mhuire, a's le mhiorbhuile Mhic Dé,
Leigheas na colna a's an anál bheith réidh.



13 — Ortha an Tromluidhe.
(As Árainn Mhóir.)



An Triur is sine, an Triur is óige,
An Triur is treise i bh-flaithis na glóire,
An t-Athair, an Mac a's an Spioraid Naomh,
Dom' shábháil, a's dom' ghárdáil ó nocht go d-tí
bliadhain,
Agus ó 'nocht fhéin. In ainm an Athar, agus c.



14 — Ortha Seirce.



Ortha a chuir Muire in im,
Ortha seirce a's síor-ghrádha,
Nár stadaidh do cholainn acht d'aire bheith orm,
Go leanfaidh do ghrádh mo ghnaoi,
Mar leanas an bhó an laogh,
Ó'n lá so go h-uair mo bháis.



15 — Ortha in aghaidh Deamhain Aéir.



Glacamaoid le n-a g-coimirce,
Agus diultamaoid d'á n-imirce;



(a) Urchóid ó lucht na g-cnuc .i. an Sluadh Sidhe.
(b) No sealgas ae, i.e., Tinneas na n-aedh.


L. 137


A g-cúl linn agus a n-aghaidh uainn.
In ainm an Athar agus an Mhic agus an Spioraid
Naomh. Amen.



16 — An Chaochfach Ghamhna.



Cailleach astigh agus cléireach amuigh — "Goideadh na
ba uainn," ar san chailleach. "Go sliabh Beacht leo," ar
san cléireach.



D'imthigh siad agus bhidheadar aig imtheacht gur casadh
tobar fíor-uisge leo. D'ísligh siad síos agus d'ól siad
trí bhaslacha dhe in ainm an Athar agus an Mhic agus an
Spioraid Naoimh agus air deagh uair. Chaith siad trí bhaslacha
uatha dhe, thugadar trí bhaslacha leo dhe. D'imthigh siad agus
bhidheadar aig imtheacht agus casadh tom biolair dóibh. D'ith
siad trí ghreim dhe in ainm an Athar agus an Mhic agus an
Spioraid Naoimh agus air deagh uair. Chaith siad trí ghreim
uatha dhe, agus thugadar trí ghreim leo dhe. D'imthigh siad
leo agus casadh teach mór dóibh. D'ísligh an chailleach síos
air a leath ghlúin dheas agus rug sí inghean. "Inghean
Mhaoil Lobhra" ars an chailleach. "Ní h-eadh, acht inghean
naomh agus Chiaráin í," ars an cléireach. "Ná fiosruighidh
dhíom-sa," ars an inghean, "acht fiosruighidh dhíobh féin."
"Tá naomh maith, Maol Lobhra, i Sliabh Bachta ó thuaidh. Má's
é bhur roghain í do thabhairt libh no í d'fhágbhail." "Is é ár
roghain an méid a chailleamar d'fhagháil. Cá bhfuil maith
maoin daoineadh an bhaile seo? Tá siad a bh-fód eidir dhá
fhód agus i ród eidir dhá ród."



Coiglimíd an teine seo agus deunamuid tulacha glasa
de raithneachaibh ruaidh, nach bh-feicfeadh an aregi agus
nach bh-fuigheadh an sluagh muna bh-fághaidh Naomh Patrún
Padraic nó teachtaire dilis as na flaithis é.



Cuirim glas siobán air bheul giarán, air chosaibh con,
air bhosaibh ban, air chú gaoithe, air míolta sighe, air phéistibh
cnoc agus gleanna, air áit air bith i n-aithriseochaidh mise
mo sgeul ó an am seo go dh-tí an t-am seo amárach."


L. 138


Fáilte an Dhomhnaigh



Go m-beannuighthear duit, a Chrois, a bhuinneán ghlégil, úir;
Go m-beannuighthear duit, a chrainn le ar céasadh Críost;
Go m-beannuighthear duit arís air ais, a Righ a síneadh
air an g-crois.
Impidhe a chuirim ort, gach smál peacaidh dá bh-fuil air an
anam
A leagain air an g-colainn, ó 'sí righne an choir,
Fáilte an Domhnaigh a n-diaigh na seachtmhaine;
Lá breágh saoire d'órduigh Críost duinn le ár n-anam
do dheunadh.
Corruigh do chos go moch un (chum) an Aifrinn,
Corruigh do bheul air na bhriathraibh beannuighthe;
Corruigh do mheura air slabhraibh na h-anma;
Fosgail do chroidhe agus sgaoil an ghangaid as;
Breathnuigh suas air Mhac na banaltra,
Ó 'sé féin is feárr a cheannaigh sin.
A Mhaighdean ghlórmhar, mhodhmhar, mhaiseach,
Is tú mo stór, mo lón, 's mo thaisge;
Is tú an reult eolais rómham 'san m-bealach;
Air shleibh na n-deor go m-budh thú mo charaid;
Deun dom treor, tá an tóir air an b-peacach;
Fliuch mo ghruadh le grádh air an Athair;
Nigh mo lámha as smál na b-peacadh,
A's air uair mo bháis go n-abróchadh mé an phaidir. Amen.



Paidir na Maidne, aig eirgh ó'n leabaidh.



Toil Dé go n-deunamaid,
Dlighe Dé go g-congbhuighmid.
Ár n-antoil féin go smachtuighmid,
Srian le n-ár d-teanga go cuireamaoid,
An aithrighe tráthamhail go n-deunamaoid,
Air pháis Chríost go smuainighmid,
Gach coir pheacadh go seacnuighmid,
Na críocha deighneacha go meamhruighmid,


L. 139


Bás beannuighthe go bh-fághmaoid,
Ceol na n-aingeal go g-cluinimid,
Gnúis Dé go bh-feicimid,
A' moladh agus a' grádhughadh De go rabhmaoid
Le linn na saoghal. Amen.



Paidir.



A Mhuire, a Mháthair an Righ,
Deun mo shíocháin le do Mhac;
A ghnúis is gile 'ná an ghrian,
Ná fulaing m'anam i b-pian a bh-fad.
Bronnaim m'anam dhuit, Íosa Críost,
Ní iarrfaidh mé é choidhche air ais,
A fhiadhnuise ortsa, a Mhaighdean Mhuire,
Gur chuir mé m'anam air láimh do Mhic.



An Phaidir a deirtear aig coigilt na
teinneadh roimh dul a chodladh.



Coiglighim-se an teinne seo mar coigil Críost cáthach;
Brighid faoi na bun agus Mac Muire in a lár;
Na trí aingeala is mó cúmhacht i g-Cúirt na ngrás
A' cúmhdach 's a'coiméid an tighe seo 's a muintir
airís go lá. Amen.



An phaidir a deirtear 'nuair luigheas
duine air a leabaidh.



Luighim leat Íosa, agus go luidhidh tú liom;
Ola Chríost air m'anam, Cré na n-Apstol ós mo chionn;
A Athair a chruthaigh mé,
A Mhic a cheannaigh mé,
A Spioraid Naomh a bheannaigh mé,
A Bhainrioghan na gile, a's a Bhainrioghan no h-óige,
Tóg mé as na peacadhaibh agus cuir mé air an eolas,
Agus cuir in mo chroidhe an aithrighe go silfead na deora,
'S má tá sé i n-dán dam bás d'fhághail roimh mhaidin,
I seílbh na glóire go raibh m'anam. Amen.


L. 140


An Mhuinntir ó'r cruinnigheadh an Leabhrán.



"Sgeul Dhéirdre" — Seághan Mac Giolla Mairtín, i
m-baile Dhubhchaladh, 90 bliadhain d'aois.



"Dán an Phíopa" — Caitilín Breathnach, as baile Fhuar-
ghlais.



"Biddi na g-Carad" — Máire Ní Mháille, as an m-baile
cheudna.



"Diarmuid Súgach," "An Púca," "An Lioprachán," "An
Dreoilín," "Cnuc an Dún," "An Chailleach
Bheura," "An Ciaróg," "Roimh Radh an t-Iolra
Mhóir." — D. O'F.



"Úna Dheas Ní Neidh," "An Cat" — Uaidín Ua Ceallaigh,
as Baile Dubhchala.



"An Chathasach Bán." — Seaghan Mac Connraoi, as Baile
an Doláin.



"Marcuigheacht an Phúca" — Seághan O'Mainín, Dubhchala.



"An Ciomach, nó an Giobach" — Maire Ní Mháille cheudna.



Fuaramar rann eile dhe ó shoin, ba cheart a
bheith roimh an 4adh rann:—



A tháilliuirín, a tháilliuirín, a's a tháilliuirín an eudaigh,
Ní deise an chuma ghearras tú ná (mar) chumas tú na breuga.
Níor thruime dhuit bró mhuillin 'gá tarraing trí ghleann sléibhe
Ná grádh buan an táilliuirín i m-brollach geal mo léine.



"Loch na Niadh" — Tomás O'Máille, as Baile na Dóláin.



"An Chómhairle" — Maire Ní Mháille cheudna. Is í an
Máire Ní Mháille seo a thug beagnach an mheid
dán tá 'san leabhairín seo.



"Bréidín Cailleach, agus c."; "Leaduidhe na Luaithe," "An
Bheirt Dhearbhráthair" — Seághan O'Máille, sgo-
láire óg, do sgríobh síos iad ó bheul sean-mhná.



"Sgeilp an Droighin," "Cóta Mór," — Tomás O'Cadhla,
as Baile na Dóláin.



"Dán Mhichil Bhacaigh," "Nóirín mo Mhian," "Abhrán na
n-Iongantus," — Máirtín Aindriu, Mac Con-
ghala, as Baile Fhuarghlas.



"Bruinnilín Péacach" — Seághan O'Sumachán, anois air
shlighe na fírinne.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services