Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Richard Weston agus 'Beir mo Bheannacht go Dundalk'

Title
Richard Weston agus 'Beir mo Bheannacht go Dundalk'
Compiler/Editor
Ó Fiaich, Tomás
Composition Date
1769
Publisher
(Ard Mhacha: Cumann Seanchais Ard Mhacha, 1970)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



Risteard Buistiún cc .i. giolla gallda gadhar do bhí aig Ó Néill, agus
an tan do bhí sé a bhfochair Uí Néill a ccathair Lobháin a bhFlóndrus
do sgribh sé an bheannacht so chum a mhná go hEirinn.



B 1608c 17T
U 0001



Beir mo beanocht go Dún Dalck
Fear rachus go tír Ó Néill
Tabhair tall mo beanocht fós
Do cine mo bean is dó féin.



Abair reis tá mise slán,
Mairgread Caisil grádh mo Heart,
Eision tall is meise bhus
Deir mo croidhe bocht alas.



B'éigean dom fágbháil mo bean
Is gan gabháil mo cead leis,
Ná fuirreach déis Ó Néill sa tír,
Och a turrus ba bocht sin.



Má déara Mairgread anois
As olc na rin mé fan,
Dar mo briathar tá bréug,
Is fearr Í Néill ná mo bean.


L. 284


Adeir mórán a Dún Dalk,
As leamh na rin mé till,
Dá mba leosan féin Í Néill
Dar mo faith do tiucaidís linn.



Atá eagla air meise féin
Gidh fearr Í Néill ná gach nídh,
Gurab peaca mortal dúinn
Gol do cur ar súil mo mhnaoi.



An uair cuimhním ar Mairéad bocht
As ar gach uch do nídh sé,
Bionn fliuch go brách air mo gruadh
Ach an uair do cím Í Néill.



An uair do smaoingim ar Risteard óg,
Sginnean asair deor anuas,
Mar do cím ar ball Í Néill
Beir mo croidhe léim suas.



Adeir Mairéad leis a clann
As olc an feall do rin mo fear
Acht cia tá mo croidhe bris,
Do rin mise very well.



Do gheibh mise aig Í Néill
Mass inné is Mass inniu,
Ní déara Mineistéir liom,
A Ristird Buistiún Come to Church.



Ní déara mé gur Pápa
Air eagluis Dé an Rígh,
Ní tiucfa proitestún asteach
In mo teach a gabháil Priest.


L. 285


Do b<h>í mise le dís cú
Ag cuir lúb air cúl (an) Fox,
Ar muin each le cois Ó Néill
Aig éisteacht le géim (na) Dogs.



Dá mbeadh Mairéad is Risteard óg
Farrainn anois ag ól deoch,
Ba happy mise mar táim
'S ní déara mé go brách uch.



Truagh gan an Sráidbaille a bhus
In áit Lobháin annso amuigh,
Is Clann Caisil air an sráid
In áit na bhfear a deir Dutch.



Truagh nach é Mairéad do bhí
'Na Good Wife sa tig<h> se<o> féin,
Truagh nach í Risteard óg
Tig le deoch go bórd Ó Néill.



Dá mba eól domhsa rud do sheinn,
Nó nídh binn do rádh óm Heart,
By my faith do deanfuinn cúmha,
Mairgead Caisil 's a triúr mac.



Cuma liom ní geabha mé bás
Ar son mo mná ná ar son mo clann
'S go ttréigfinn a bhfuil a bhus
Ar son Ó Néill s a bhfuil tall.


L. 286


Tugtar cughainn deoch de fíon
Anois is píopa tobac,
Ní b<h>eidh gruaim feasta ar mo súil,
Beir mo beanocht go Dún Dalk.




(An Ceangal)
(Beir, mo ghiolla, mo litir go hEirinn siar,
Is aithris do sise go bhfuil mise le brón 'na diaigh,
Beir uaim chuici go bhfuil mise slán dar fiadh,
'S nach bhfuil ins an chruinne aon duine is fearr ná Niall).



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services