Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Irish form of Preparation for Sunday Mass in the Eighteenth Century

Title
Irish form of Preparation for Sunday Mass in the Eighteenth Century
Author(s)
Ó Conchubhair, Cathal,
Compiler/Editor
Hawkes, William
Composition Date
1776
Publisher
(B.Á.C.: C.J. Fallon Limited, 1955)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



Támuid, a Chrístdaidhthe ghrádhacha, re haithne na hEaglaise,
ar aonláthair insan lá bheannaighthe so re Dia do adradh agus
do mholadh, fá gach uile bheanacht agus maitheas do thiodhlaic sé
dúinn, agus go háirighte ar feadh na seachtmhuine so do chuaidh
thorainn. Támuid a geann a chéile fós; lé ar nimpidhe do chur
dá láthair go mbeith buan dúinn in a Ghrása agus ina Chobhair agus
a ghuidhe go dúthrachtach go maithfeadh dhúinn, tré na mhór-thrócaire,
na coirte ina rabhamar ciontach, san aimsir do chuaidh
thorainn; go siltheadh fós a Ghrasa oruinn lé ar mbeatha do
leasughadh go hionraice; go soillseochadh sinn lé lán-eolus ar
gach ní as dual dúinn do choimhlíonadh; congnamh an Spioraid
Naoimh do thabhairt dúinn le na dhéanamh re dúthracht agus re
teasghrádh.



O fhásus gach uile shubháilce ta riachtanach dhúinn, ó eolus
letheadach na narteagal Creidimh tá d'fhiacha oruinn do chreideamhain;
ós ceart dúinn fós, ar mbésa do stiuradh le dlighthe Dé agus a
naoimh Eaglaise agus ós dual oruinn ar nimpidhe, tré urnaighthe
dhúrthachtaich do ofráil, ris no conganta d'fhághail bhior ga


L. 186


síorraidhe deasbhaidh oruinn. Tá sé ceangalta oruinne (Aodhairidh
na hEaglaise) ar a bfhuil d'fhiacha freagra do thabhalrt daoibh
ar na nethe so in a bfhuil bhar leas síoraidhe buan cheangailtidh.



1. San chéd chás, bí a fhios agaibh gurab é an Creideamh lár
agus bunadhas bhar slánaighte, agus gan Creideamh nách bhfuil
cumhacht ar bith againn serbhís Dé do choimhlíonadh, gurab toirbhirt
ó fhlaitheas ós cionn na nádúire é, le gcreidmid go neartmhar gach
uile Artegal do nocht Dia dha Eaglais Chatoligach, agus gurab
iad na harteagail chédhna aitheantar dhúinn, gan dispensáid ar
bith ionta, las an Eaglais Chatoligach Rómhánach.



Faoi phéin chaillamhna na beatha Síorraidhe tá d'fhiacha oruibh
na príomh-Arteagail so ar ndiadh do chreideamhain go hiomlán,
agus ar an adhbhar sin, as riachtanach daoibh aire phuncamhail
do thabhairt daibh, agus a ndaingniughadh go láidir an bhar
nintinn.



Chédus mar sin, caithfidh sibh a chreideamhain go bfhuil aon
Dia uile-chomhachtach ann, do chruthaigh le na mhórthiodhlaice
an domhan so as neamhní, agus a bfhuil ar feadh an domhain.



Do chruthaigh sé sinne, a dhearbhráithreacha, agus do aitigh sé
sinn ar an talamh so, ní le saidhbhreas sgaoilteach, neamhbhuan,
do chruinniugadh, ná le haoibhneasa phacamhla an tshaoghail
so do shealbhúdh, acht le heolus do bheith againn air féin, le ar
ngrádh do bheith air tar gach ní, agus a sheirbhís do dhéanamh; agus
ar mhodh so, go dtuillfeadh sinn, le na Grása diadha, saidhbhreas
buan substainnteach Flaitheasa, agus sólás ina fhiadhnaise féin
tré shaoghal na saoghal.



Tá trí pearsonna dealaighthe an so Díodhacht: an tAthair,
agus an Mac, agus an Spiorad Naomh. As Dia an tAthair, as Dia
an Mac, as Dia an Spiorad Naomh. Atáid cómhionann in gach
ní, gideadh as aon Dia amháin an tAthair agus an Mac agus an Spiorad
Naomh.



Ar dTighearna Íosa Críost príomh-ghin an Athar, agus an dara
pearsa don Tríonóid tréadhorrtha, do glac colann daonna air ar
son, a mbruinn na hóighe beannaighthe tré obair rúndiamhrach
an Spioraid Naoimh. Air ar son-ne go gineadh é, ro dhoirt a fhuil
(ar nach feidir a luach do mheas) ó chran na Chroiche, re sinne do
tharraing ó sglámhaidheacht an Diabhail agus an pheacaidh; agus
le haoibhneasa Flaithis Dé (tai ós cionn gach uile thuarasgbháil) do
cheannach dúinn. Air an adhbhar sin, re rún daingean ar feadh
ar mbeatha, agus le hucht ar mbáis, do beith calcaidh agus láidir
insan gCreideamh so, agus le humlacht iomlán intinne don Eaglais,
ar neolaidhe nádh rachaidh choidhche ar seachrán, abramaid an so.



Creidim an Dia Athair uile-chumhachtach, Cruthaightheóir
Nimhe agus talmhan, agus an Íosa Críost a aon Mhac ar dTighearna,
do gabhadh on Spiorad Naomh, geneadh ó Mhuire óigh, dfulaing
an pháis fó Phont Piláid, do crochadh, fuair bás, do hadhlacadh;
chuaidh síos go hifreann, do éiridh an treas lá ó marbhaibh, chuaidh


L. 187


suas ar neamh, tá na shuidhe ar dheis Dé Athar uile-chumhachtaigh.
As sin thiocfas do <bhreith> bhreithe ar bheódhaibh agus ar
mharbhaibh.



Creidim an sa Spiorad Naomh, an naomh Eaglais Chatoligach,
Comann na Naomh, maitheadh na bpeacaidhe, eiséirghe na gcorp,
agus an bheatha mharthanach. Amén.



Acht, a dhearbhráithreaca, ó nach bfhoghnann Creideamh
dha ionraice gan a bheith lasdaigh ris na ngrádh, agus beó ó
dheaghoibreacha, caitheam ar ndícheall do dhéanamh re eólus do
beith againn air gach nidhe as dual dúinn, agus mur sheirbhíseacha
dísle, gach a bfhuil an ar gcumhachta do dhéanamh ris na dualgais
sin do chur a dtarbha agus a bfriotal. Caitheamaoid do réir radha
ar Slánaightheóra naomtha na haitheanta do choimhlionadh, mádh
is mian linn dol asteach insan mbeatha shuthuin.



Here the priest will repeat the commandments of God, &c.




NA DEICH nAITHEANTA



Creid, a mhic, an Dia go glan.
Ná tabhir ainm Dé gan adhbhar.
Coiméad an tShaoire mar as cóir.
Dod athair stod mháthair dein onóir.
Ná déin marbha, goid ná drúis,
Ná fiadhnaise bhréige a naenchúis.
Ná santaigh bean nach leat féin,
Clann duine eile nó a áirnéis.



AITHEANTA NA hEAGLAISE



Coiméad gach Saoire go beacht,
Agus déin Oifreann innti d'éisdeacht.
Troisg an Carghus go glan glan,
An Uigil, agus trosgadh na hanaman.
Ná tamhail féoil le do phroinn,
Dia hAoine ná dia Sathairnn.
Tré bhith shíor ná bíodh sibh
Aon bhliadhain gan Faoisdin.
Corp Chriost an Domhnach ria gCáisg,
Caith lá éigin go Mioncháisg.
Ná déin banais na dáil.
Ó thús Carghais go Mioncháisg,
Agus ó thús Advent go grod,
Go dhá lá dhég d'éis Nuadhlog. (A)


L. 188



Le coimhlíonadh na naitheanta déanfam gach deagh-obair tai
riachtanach dhúinn agus seachonam gach uile chinel uilc; agus gan
amhrus ar bith, níl olc ann acht an peacadh amháin. Caitheamaid,
mar sin, bheith ro choimédach gach uile pheacadh do sheachnadh,
agus go háirithe gach uile pheacadh marbhtha shladas Grása Dé
ón Anom, agus thruaighligheas é don Ég síorruidhe. Go mbeith
a fhios agaibh mar sin, gach olc is cóir dhíbh go spesialta do
seachnadh, agus go mbeith cumhacht agaibh faire do dhéanamh
an aghaidh ionnsaighthe agus cealga an droch spioraid, aithreosadh
mé dhíbh na seacht bpeacaidhe marbhtha, ní hé amháin go bfhuil
siad doilgheasach agus marbhthach ionnta féin, acht go bfhuilid
na gceann thoibreacha ó sileann ar míbhésa spioradálta, agus gach
mífhortún da dtig oruinn. 1. Díomus. 2. Saint. 3. Drúis. 4.
Tnúth. 5. Craos. 6. Fearg. 7. Leisge.



2. Agus do bhríg nach bfhuil sé an ar gcumas na haitheanta do
choimhlíonadh, sinn féin do sheachnadh ar pheacadh, ná ar ndualgus
spriodálta do chur a sochar, mur bfaghmoid congnamh ó Ghrása
Dé tré na mór-thrócaire; as ro riachtanach dúinn usaid do dhéanamh
do na meadhna do dheachtaidh Dia féin dúinn, le na bheannachta
agus a Ghrása do dhortadh anuas oruinn.



Agus as iad na meadhna so, Urnaighe ghnáthac umhal, coiméd
a bheith gníomhac ans na trí subháilce diagha; Creideamh, Dóchus
agus Grádh, maille le Sacrament na haithrighe do ghlacadh leis na
conduir riachtanacha, agus fós, Sacrament Cuirp agus Fola ar
dTighearna Íosa Críost.



Na Sacramentibh do dheachtaidh dhúinn ar Slánaightheóir
Íosa Críost, as iad na braighille as ionmheasta dhá thrócaire dhúinne
na Peacacha, agus an comhartha as mó ar a grádh don Eaglais go
hiomlán. As iad so na slighthe beannaighthe re bfhaghthar a
Grása agus na meadhna prionnsabálta le gceangaltar dar nanmonna
na hefeachta, agus gach uile mhaitheas fhásas dúinn óna ég agus óna
pháis. Dhá brigh seo, ó thig ar Slánughadh ó usaid cheart na
Sacraminntibh agus o nach féidir linn a nglacadh, re sochar, mur a
rabhamar chéudus sáitheach ullaithe, a tá sé tar gach ní riachtanach
dhúinn Oideas fíre dfhághail ar na conghialla bhaineas dóibh,
agus na miana as dual dúinn do thaibhairt linn, re na nglacadh
le toradh dhar nanmonna.



(Here the Priest will repeat the Sacraments, &c. ).



Re sochar an teaguisg so d'fhághail daoibh, a Chrístaidhthe
ghrádhacha, agus la trócaire Dé do gnodhadh dhúinn tré impidhe
agus tré urnaighthe, agus fós, le na grása agus a bheannachta do dhortadh
oruinn, ceanglamuid ar miana agus ar nintinn le miana agus intinn ar
Slánaigheóra naomtha. Agus ris féin agus tríd féin, teilgimid sinn féin
sios ós coinne suidhe na ngrás ag ofráil suas ar nurnighe ó croidhe
go chráibhtheacht air ar son féin agus ar son an chineadh daonna


L. 189


go huile. Agus chéudus guidfeam ar son Eagluise Chríost go
hiomlán, le go ndéanamh gach neach a bhaineas leithe, ainm Dé
do ghlórughadh an gach uile rann don domhan, ina bheó agus an uair
a bháis. Guidhmid fós, ríoghacht a Ghrás, a Chreidimh, a Dhóchusa
agas a Grádha neamhda do leathnugadh frí gach tír don chruinne,
agus go nglacadh sealbh ar gach uile chroidhe, agus go mbeith
an domhan go hiomlán cómhaontach an grádh dha naomhthoil,
amhail mar táid na naimh a bhflaitheas. Guidhfeam fós air son ar
bPríomheapspuig, ar bPréláid, agus gach Eapspog eile agus aodhaire
san Eaglais, agus ar son na cléire go hiomlán, go ndeonaidheadh Dia a
anacall agus a chobhair dóibh agus a dtabhairt ar a mhian féin. Guidfeam
ar son an rígh agus an fine ríoghda agus gach uile neach taoi a mórchéim
fútha, leanam beatha shocair shíodchánta faoi na stiuradh, in obreacha
diadhgha agus a bfiréntacht. Guidfeam fós ar son Phrionsaidhe
na Críosdamhlacht agus a gceinnfeadhna uile; le Dia dha mbeon-
nuadh le gach Soillse agus Grása tá riachtanach dóibh le gach dualgus
dha bfhuil orra do choimhlíonadh, re a gcroidheacha do eidircheangal
a síothchain, agus go seachonadh ón gCríosdaidhacht agus ó lucht
na noilen so go háirithe, sgiúrsaidhe sganracha cogaidh, plágha,
gorta, tírchrathaighthe agus a samhail sin do mhishana. Guidhfeam
fós ar son ar naithreacha agus ar máithreacha, ar gclann, ar lucht
gaoil, ar gcáirde, agus ar bfhóghaintigh, agus fós air son ar náimhde,
le go dtionntóchadh Dia a gcroidheacha agus a thrócaire do dhortadh
orra agus go ndeonaghadh a Ghrása neamhdha don chineadh
daona uile. Cuirfeam suas ar nimpidhe le húmhlacht agus dúthracht
go dtíonntóchadh Dia air féin na daoine tá ar dhíth creidimh
agus na hanmonna bochta ar feadh an domhain tá a staid dhoil-
ghiosach pheacaidh marbhtha, agus go háirighthe an mhéid atá
a láthair isan bpobal so, go saoradh Dia, in a mhór-thrócaire, iad
ón olc sin as díobhálaigh san domhan agus on mbás sganrach, on
mbretheamhnus agus ón Ifreann taoi dhá leanmhain go dhian, an
seal a mbid isan stáid mhífhortúnach sin. Le críochnúghadh ar
dteagaisg dhíbh, a dhearbhraithreacha ionmhaine, guidhfeam air
son na bfhíoréan a bpurgadóir go maithfeadh Dia a bfhiacha
dhóibh, a saoradh óna gcuibhreacha, agus dorsa na síthchána agus
na sgíthe síorraidhe do oscladh dhóibh. Ris na miana so aithreosam
an so oráid ar dTigearna, an Paidir, agus dhéanfam iodhbairt
naomtha an Aifrinn do ofráil suas tar éis sinn féin do ollmhúghadh
ris na hechta Croidhbhrúghaidh, Creidimh, Dóchusa agus Gráidh
ar ndiaidh.



Echt Croidhbrúghaidh.



O mo Dhia, tá doilgheas ó chroidhe orm, gur thuill mé d'fhearg,
le d'aitheanta naomtha do bhriseadh, óir tá mo grádh ort ós cionn
gach uile ní ar a domhan. As tú mo mhaitheas tar gach maitheas.
As tú mo thosach, agus as tú mo chríoch. Ta rún diongmhálta


L. 190


agam re congnamh do Ghrás gan dfhearg do thuilleamhain feasta
re mo ré, agus gach uile ocaid pheacaidh do sheachnadh re ndénfainn
dfhearg do fhadódh, san aimsir a taoi rómham.



Echt Creidimh.



Ó mo Dhia, creidim go neartmhar gac uile arteagal theagusgas
do naom Eaglais Chatoligach dhúinn le creideamhain, air an adhbhar
gurab tú féin (an fhírinne neamh-sheachránach) do nocht dúinn
na harteagail sin. Agus ó mo Dhia, tá rún láidir agom bheith
seasmhach anso gCreideamh so, ar feadh mo shaoghail agus a nuair
mo bháis.



Echt Dochusa.



Ó mo Dhia, atá tú uile-chumhachtach agus uile-thrócaireach,
taoi Dóchus agom tré thuilleamhna agus luaidheachta mo Shlánaigh-
theora Íosa Chríost, go tiodhloicfair do naomhghrása dham, agus
maitheamhnas mo pheacaidhe air an tshaoghal so, agus an ghlóir
shíorruidhe do gheallais go trócaireach san tshaoghal le teacht
(do gach aon choimhlionas na deagh-oibreacha) do aithean tú
orainn, agus tá rún agomsa do choimhlíonadh go brighmhar, le
do chongnamh neamdha.



Echt Gradha.



Ó mo Thighearna Dia, gráidhim thú thar gach ní, re mo chroidhe
go huile, mar as maith thú thar gach maith, mar as iomlán thú ós
cionn gach meas, in gach uile naomhchailaídheacht, agus gurab
dhuitse amháin as dual mo príomhghradh, agus mar gheall ortsa
gráidhim iadsan uile air ar chuir tú aithne orm mo ghrádh do
thabhairt.
(Let the priest here announce to the flock the Indulgences annexed
to these Acts.) (B)



Ar nAthair atá air neamh, &c..



Triallfam anois, a Dhearbhráithreacha, chum Iodhbairt naomtha
an Aifrinn do cheileabhradh, agus mo athchuinge oraibh bhar
gcrábha do thabhairt libh, le na thoradh agus a thairbhe d'fhághail
daoibh; in nainm an Athar, agus an Mhic agus an Spioraid Naoimh.
Amén.



A Chatoligidh ionmhain Éireann ag sin daoibh, le na bheannach-
tain, Teagusg Athchomair, deachtaigheadh do rath bhar nanmanna


L. 191


la Dr. Séan Mhic an tShaoir, Ard Eapscop Átha Cliath agus Ghlinne
da Locha, Cómharba Lorcain uí Thuathail, Príomhaidh agus
Ardcheannach Éireann; (C) agus guidhidh sé oruibh ruinnpháirt
d'fhághail an bhar nurnaighthe.



An athchuinge chédhna ó Chathal ua Chonchabhair, ó Ath na
Gcarr, ro tearraing an Teagusg so ó Bherla go Gaoidheilg choitchinn
san mbliadhain so an Loghaidh cheachtarrha, 1776. (D)



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services