Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Greann na Gaeilge

Title
Greann na Gaeilge
Author(s)
Ó Muirgheasa, Énrí,
Pen Name
Feargus Mac Roigh / Gaedilig
Composition Date
1901
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


GREANN NA GAEDHILGE.



FILIP AN t-AMADÁN.



Bhí Filip fiche bliadhain d'aois, agus aon lá amháin chuaidh
sé chuige an mbaile mór. Chonnaic sé lód turnapaidhe.
Cha raibh Filip i mbaile mhór ariamh, nó chan fhaca sé turnap
ariamh a roimhe. D'fhiafruigh sé caidé an seórt roda iad
so. Dubhairt an fear a bhí dá ndíol gur bh'uigheacha lárach
iad.



Chreid Filip é, & cheannuigh sé turnap ar sgilling.



Bhí sé ag teacht a bhaile go cúramach leis, agus é faoi
n-'asgaill aige, nuair tháinic sé chuige abhainn. Bhí dúil
aige an abhainn a léim, agus chaith sé an turnap trasna na
habhna isteach i ndosán aitinne.



Bhí gearrfhiadh ins an dosán aitinne. Léim sí suas agus
as go bráth léithi.



Shaoil Filip gur searrach óg a bhí ann, agus léim sé an
abhainn, & lean sé í, ag gloimnigh amach:



“Stad, stad, adeirim leat.”



Acht char stad an gearrfhiadh, & chuaidh Filip a bhaile go
brónach, & é ag mallachtaighe ar an bhfear nár dhubhairt leis
go raibh an ugh ar bhruach a theachta amach.



AN PÁISDE GAN CHÉILL.



Páisde óg a bhí ann, agus fuair a athair bás. Thosuigh
sé ag gáiridhe.



“Caidé an fáth,” ars' a' mháthair, “a bhfuil tú ag gáiridhe
agus d' athair marbh?”



“Gheall sé damh indé,” ars' an páisde, “go mbéarfadh
sé bualadh damh indiu, & anois cha dtig leis.”



AN GASÚR AGUS AN tEASPOG.



Bhí gasúr beag ins an ród lá amháin agus gabhar mór
láidir aige. Bhí an gasúr ag tarraint an ghabhair le n-a
dhá láim agus bhí an gabhar ag tarraint i n-a aghaidh. Bhí
easpog ag siubhal ins an ród, agus tháinic sé suas leis an
ghasúr. Dhearc sé ar an ghasúr, agus dhearc an gasúr air-
sean.


L. 2


“An bhfuil aithne agat orm?” ars' an t-easpog.



“Tá go fíor-mhaith,” ars' an gasúr.



“Cia hé mise?”



“Is tú an t-easpog.”



“Agus cad chuige nach mbaineann tú do bhairéad
díot?” ars' an t-easpog.



D'fhreagair an gasúr: “Congbhuigh an gabhar so, agus
ghéanaidh mé sin duit.”



AN tAMADÁN AG CUMHDACH A MHÁTHAR



Bhí amadán óg dar bh'ainm “Séarlas Bacach” & a mháthair
ag siubhal lé chéile lá amháin & iad ag iarraidh déirce. Bhí
an lá dócrach teith, agus d'éirigh an mháthair lag. Luigh sí
síos faoi chrann, dubhairt sí le n-a mac gan rud ar bith a
leigean 'na h-aice, agus thuit sí a chodladh.



Nuair bhí sí 'na codladh tháinic cuileóg agus shocruigh sí
ar sróin na mná.



“Caidé ghéanaidh mise,” ars' an t-amadán leis féin.



Do thóg sé a bhata agus bhuail sé buille mór ar an
gcuileóig. Do theip sé air an chuileóg a mharbhadh, acht do
bhris sé srón a mháthar. Léim sí suas agus rith sí chuig an
amadán, & b'éigin dó rith le n-a shaoghal.



AN FEAR CAOCH.



Bhí fear ann a bhí caoch nó ar leath-shúil agus i n-ionad
na súla eile bhí súil ghloine aige. Aon lá amháin bhuail sé
isteach i dtigh leanna. Ba cailín a bhí ag freastal ins an
tigh leanna, agus ba dheas an cailín í. Thosuigh an fear ag
cainnt agus ag rugaireacht léithi, acht chá raibh spéis ag an
gcailín ann féin ná i n-a chuid cainnte. Ar dhóigh ar bith
nuair a bhí sé ag imtheacht dubhairt sé leis an gcailín, “Slán
leat, & tá súil agam go bhfeicidh mé aríst thú.”



D'fhreagair an cailín, “Och! tá, & tá súil eile agat
nach bhfeiceann mé choidhche.”



FEAR NA mBRÓG NUA.



Cuaidh fear isteach i mbaile mhór tráth amháin & cheann-
uigh sé péire bhróg. I n-éis na mbróg nua do chur air
thionntuigh sé arís a bhaile, acht nuair a bhí sé tuairim
ceathramha mhíle ó'n mbaile mhór shuidh sé síos ar chlaidhe ar


L. 3


thaobh an bhóthair & bain sé na bróga de & chuaidh sé ar aghaidh
cosnochtuighthe, óir ba mhór leis a bheith ag caitheamh na mbróg
gan ádhbhar.



Ba hé sin ba ghnáthach leis na daoinibh bochta ar fud na
tíre an t-am úd, agus tá an cleachtadh céadna ag furmhór
na mban & ag beagán fear i nDún na nGall go fóill.
Is gnáthach leobhtha a gcuid bróga d'iomchar faoi na
n-asgaill go raibh siad i n-aice do'n bhaile mhór. Annsin
cuireann siad ortha iad, & ar bpilleadh dóbhtha chuig an áit
sin arís, baineann siad na bróga díobhtha & téid siad a
bhaile go héadtrom & go haereach.



Acht an fear so a bhfuilim ag trácht air, cha deachaidh sé
i bhfad gur bhuail sé órdóg a choise i n-aghaidh cloiche 'san
ród & bhris sé é, & bhain sé an ionga de.



Sgread sé amach leis an bpéin ar tús, acht i gcionn
tamaill, nuair a bhí an phian d'a trághadh, dubhairt sé leis
fhéin, “Nach raibh beannacht Dé orm gan mo bhróga a bheith
orm an t-am úd. Dá mbéadh, is cinnte go mbéadh bárr
na bróige nua millte go léir.” Agus leis an sólás sin
chuaidh an fear bocht a bhaile go buidheach beannachtach sona
sásta.



NA BRÓGA NÁ AN NODLAIG?



Bhí fear eile ann aon uair amháin & bhí luach bróg aige, &
bhí na bróga do dhíth air.



Tháinic an Nodlaig. Cha raibh 'fhios aige caidé b'fhearr
dó a dhéanamh — na bróga a cheannach nó an Nodlaig a chean-
nach. Bhí an aimsir bog deas, agus dubhairt se leis féin
go mbeadh an Nodlaig aige. Cheannuigh sé an Nodlaig &
d'ith sé & d'ól sé & bhí sé súgach.



Acht nuair bhí an Nodlaig thart tháinic a' sioc 'sa'
sneachta, & bhí sé cosnochtuighthe, is bhí sé ag dul thart ag
greadadh na mbos, 's a' rádh:



“Ó 'sí an Nodlaig í, 'sí an Nodlaig í,
Is mór a mhilleann sí,
Is beag a léigheasann sí.”



CAILÍN LUAITHREADH.



Cailín óg a bhí innti & cha raibh sí an-deas, cha raibh sí
deas ar chor ar bith, acht bhí neart maoine aici, agus dá bhrígh
sin bhí a lán buachaill dá hiarraidh le haghaidh pósta. Faoi


L. 4


dheireadh fuair ógánach éigin í, & thug sé a bhaile leis chuige
n-a mháthair í.



“Seo anois í,” adeir sé go bródamhail le n-a mháthair,
“agus is as a' teinidh fuair me í.”



“Och! creidim sin, a mhic,” ars' an mháthair; “óir tá
dath na luaithreadh uirthi.”



GUIDHE AN GHRÉASAIDHE.



Aon lá amháin chuaidh trí fir amach i mbád bheag ar an
bhfairrge. Bhí táilliúr, gobha, & gréasaidhe ann. Nuair bhí
siad i bhfad amuigh ar fairrge, d'éirigh an ghaoth go hobann,
& bhí na tonna móra ag teacht isteach 'san bhád.



Tháinic eagla an-mhór ar na fearaibh, agus ghlaoidh siad
amach: “Ní'l neart againn ar gan a bheith báidhte, muna
dtugaidh Dia lámh chugainn, & is fearr dúinn a ghuidhe.”



“Och! cha dtig liom-sa,” ars' an táilliúr. “Monuar!
rinne mé dearmad ar m' urnaidhthibh.”



“Tá mise ar an dóigh chéadna,” ars' an gobha.



Annsin thug an gréasaidhe air féin guidhe ar a son
uilig, & dubhairt sé, “A Dhia láidir, char iarr mé dadaidh
Ort agus char chuir mé buaidhirt Ort le seacht mbliadhnaibh
anois &, dá sábháltá an uair so inn, bhéarainn mo gheall
Duit nach gcuirfinn-se buaidhirt Ort go ceann seacht
mbliadhan eile!”



AN DÁ SCOLÁIRE.



Bhí dhá bhuachaill ag béiceadh le chéile tráth amháin cia aca
dob' fhearr scoláireacht. Faoi dheireadh dubhairt ceann
aca leis an bhfear eile, “Chan fhuil gar agat a bheith ag
cainnt; cha dtig leat bheith comh maith liom-sa, óir bhí mé
in mo chodladh le hoide scoile gach aon oidhche le seacht-
mhain. Sin rud annsean (= éigin) agat!”



AN DOCHTÚIR ÓG.



Bhí dochtúir nó liaigh ann aon uair amháin, & bhí scoláire
no dochtúir óg aige. Chuaidh siad aon lá amháin d'amharc
ar mhnaoi a bhí tinn.



Nuair bhí siad tamall beag ag amharc uirthi, dubhairt an
sean-dochtúir léithi: “D'ith tú oisridhe.”



“D'ith,” ar sise.


L. 5


D'fhreagair an sean-dochtúir annsin í. “Ná hith iad
feasta & béidh tú slán,” ars' eisean.



Nuair tháinic siad a bhaile arís d'fhiafruigh an dochtúir
óg de'n tsean-dochtúir,” Caidé mar bhí 'fhios agat gur ith
sí na hoisridhe?”



“Dhearc mé faoi'n leabaidh & chonnaic mé na blaosgacha,”
ars' eisean.



Lá amháin eile bhí fear tinn, agus cha dtiocfadh leis an
tsean-dochtúir dul a dh'amharc air, & chuir sé an dochtúir óg
chuige.



Nuair a tháinic sé isteach ins an tseomra a raibh an fear
tinn ann, dhearc sé go níosd faoi'n leabaidh agus chonnaic
sé diallaid & srian. “A dhuine chóir,” ars' eisean leis an
fhear thinn,” d'ith tú gearrán.”



Shaoil muinntir a' tighe go raibh sé ag magadh faoi an fhear
thinn, agus ruaig siad amach as a' tigh é, agus chuir siad
an madadh i n-a dhiaidh. Bhí fearg mhór ar an tsean-dochtúir
nuair a chualaidh sé an sgéal, & char chuir sé amach leis fhéin
ariamh é i n-a dhiaidh sin.



AN SAOR, AN GOBHA, AGUS AN CONGBHÁLAIDHE.



Bhí cailín aon uair amháin ann, agus bhí triúr buachaill ag
suirghe léithi, agus dubhairt sí an té b'fhearr aca a chumfadh
ceól go bpósfadh sí é. Bhí saor, agus gobha, agus cong-
bhálaidhe ann.



Is é dubhairt an saor:—



“An gcuala tú ariamh ceol ba bhinne
'Ná dhá shaor déag ag déanamh luinge;
A thuagh féin i láimh gach duine,
'S iad suas 's anuas buille ar bhuille?”



Labhair an gobha annsin & dubhairt:—



“An gcuala tú ariamh ceol ba bhinne
'Ná dhá ghobha déag ag déanamh grille; 1
A lámh-órd féin i láimh gach duine,
'S iad ag dul suas 's anuas buille ar bhuille?”



1 Grille = Greidle, cás geineamhnach ar Greideal.


L. 6



Labhair an congbhálaidhe annsin, & is é adubhairt sé:—



“An gcuala tú ariamh ceol ba bhinne
'Ná seisreach mhall i ngleanntaibh coilleadh;
Deasadóir leobhtha & é dá m-broidiughadh,
'S é ag tionntodh an dún-fhóid aníos ó'n ghainimh?”



Fuair an congbhálaidhe an cailín.



I NDIAIDH A BHÁIS.



Bean a bhí ann, agus bhí fear aici dar bh'ainm Brian.
Fuair sé bás. Chuaidh a bhean leis an tórramh go dtí an
cros-bhóthar. Bhí tigh leanna annsin agus ba le fear dar
bh'ainm “Jack” an tigh leanna. Chuaidh an tórramh ar
aghaidh, acht sheas an bhean, d'amhairc sí i ndiaidh an tórraimh,
agus dubhairt sí, “Beannacht leat, a Bhriain, go tigh Dé, is
rachaidh mise go tigh Jack.”



AN FEAR AG DÍOL NA MUICE.



Chuaidh fear bocht chuige an aonach lá amháin le muic a
dhíol. Cha raibh aige acht cúpla focal Béarla. Tháinic trí
fir chuige & thosuigh siad ag ceannach na muice i mBéarla.



“Bhéaraidh mé punnt duit ar an muic,” ars' an chéad fear.



“Bhéaraidh mé punnt is sgilling duit,” ars' an dara fear.



“Bhéaraidh mé punnt stuirling duit,” ars' an treas fhear.



“Gheóbhaidh tusa an mhuc,” ars' an fear bocht.



“Tá go maith,” ars' an ceannaidhe glic leis fhéin.



Acht nuair bhí an fear bocht ag fagháil an airgid chan
fhuair sé acht punnt amháin.



“Cá bhfuil an stuirling,” ars' eisean.



Thosuigh an ceannaidhe ag gáiridhe, agus dubhairt sé leis
nach raibh airgead ar bith ann, agus mhínigh sé an focal dó.
Ar a chloistin seo do'n fhear bhocht, tháinic fearg mhór air, &
dubhairt sé, “Mo mhallacht is mo mhallacht stuirling ar an
Bhéarla.”



FEAR EILE AG DÉANAMH MARGADH I mBÉARLA



Bhí ógánach dar bh'ainm Pádraig & a mháthair 'na gcómh-
naidhe le chéile tamall maith ó shoin, agus is beag an chuid
Béarla bhí aca. Tráth amháin bhí muc aca le díol. Maidin
an aonaigh mhúsgail an mháthair Pádraig go moch, agus chuir
sí 'un an aonaigh leis an muic é, & dubhairt sí leis, “Seas
ar chúig sgilling déag is dá fhichid.”


L. 7


Nuair a bhí Pádraig ar an aonach d'fhiafruigh fear de, “Cá
mhéad tá ar an muic agat?”



“Cúig sgilling déag is dá fhichid,” arsa Pádraig.



Bhéaraidh mé sin duit,” ars' an fear, agus thaisbean sé
do'n ghasúr cúig sgilling déag idir conóraibh agus leath-
chonóraibh.



“An é sin cúig sgilling déag is dá fhichid?” arsa
Pádraig.



“Go díreach,” ars' a' fear; “an é sin a bhfuil 'fhios
agat?” Is i mBéarla bhí siad ag cainnt.



Chreid Pádraig é, & glac sé an t-airgead. Char bhfada
gur casadh ar Phádraig cara leis.



“Ar dhíol tú do mhuc, a Phádraig?”



“Dhíolas.



“Ca fuair tú uirthi?”



“Cúig sgilling déag is dá fhichid.”



“An bhfuil an t-airgead agat?”



“Seo dhuit é.”



“Ó! mo chreach is mo chrádh, a Phádraig, a chara, tá tú
sgriosta! Chan fhuil annso acht cúig sgilling déag.”



Ar a chloistin sin do Phádraig cha raibh 'fhios aige an
raibh sé ann nó nach raibh. Ar a' bponc tháinic a mháthair.



“Ó! a mháthair mhilis, cuir broth le mo dhruim, no tuit-
fidh mé,” arsa Pádraig.



“A Pá'raig mhuirnigh, caidé bhain duit?” ars' a mháthair.



“Ó! a mháthair mhilis, dhíol mé mo mhuc i mBéarla.”



Ar dhóigh ar bith chuaidh an t-am sin thart, agus i ndiaidh
tamaill mhóir eile bhí bó ag Pádraig le díol, acht is maith
ba chuimhin leis díol na muice. Chuaidh sé 'un an aonaigh.
Tháinic Albanach chuige. Labhair sé go cruaidh i mBéarla, &
dubhairt sé, “What do you want for the coo, me man?”



Shaoil Pádraig gurbh é “cú” a bhí sé a rádh, & d'fhreagair
sé é, “Maise, bíodh sí 'na cú no 'na gadhar, cha díoltar i
mBéarla indiu í.”



AN GOBHA A LÉIGHEASADH AN DÉIDEADH.



Bhí fear aon uair amháin ann & bhí sé ag dul ar mire leis
an déideadh.



Cha raibh fhios aige caidé dob' fhearr dó a dhéanamh, acht
shaoil sé nár bh'fhéidir leis an phian d'fhulang níos faide.



Bhí na comharsana go cinéalta & iad ag teacht chuige go


L. 8


brónamhail, & is iomdha léigheas thug siad dó, acht gan aon
dadaidh 'mhaitheas a fhágháil as. Fá dheireadh thug bean éigin
cómhairle dó fá dhul chum an ghobhann, óir bhí órtha ar an
déideadh ag gach aon ghobainn.



Glac sé an chómhairle agus chuaidh sé chum na ceardchan
ar an bponc. D'innis sé a sgéal do'n ghobainn. Cha raibh
neart ar bith ag an ngobhainn ar an déideadh, acht ba
chleasach glic an fear é, agus chuir sé aghaidh fhada bhrónach
air féin, & chuir sé mórán ceist ar an bhfear bocht a bhí tinn.
Dubhairt an fear tinn leis gur bh'fhearr leis fhéin rud ar
bith a fhulaig a chuirfeadh déireadh leis an déideadh.



“Fágfaidh mé slán thú,” ars' an gobha, “agus m'fhocal
duit nach ngortuighim thú ar chor ar bit.”



“Och! beannacht Dé ort go buan,” ars' an fear tinn.
Leis sin chuaidh an gobha & fuair sé dlaoidheóg mhín lín, agus
chas sé go daingean í cúpla uaire thríd an bhfiacail fhrithir,
& rinne sé sreang bheag do'n chuid eile de, & cheangail sé
ceann na sringe do chor na hinneóine. Anois, is amhlaidh
bhí an fear tinn ar leath-chromadh & a srón i bfoisgeacht sé
nó seacht n-orlaigh do'n inneóin.



“Bíodh foighid agat anois ar feadh tamaill bhig, agus
taireóngaidh an inneóin an doigh is an phian as an bhfiacail
úd,” ars' an gobha.



Shocruigh an fear bocht é féin, a lamha ar a ghlúinibh, a
bhéal fosgailte, & sruthán mhín pisleóige ag rith as. Chuaidh
an gobha fá n-a ghnóthaidhe féin, shéid sé suas an teine,
chruinnigh sé na sméaróidí ar a chéile, agus anois is arís
thairngeadh amach iarann fada a bhí ins a' teinidh, d'amharcadh
air, & sháitheadh é isteach arís, & é ag innsint sgéal iongan-
tach ar feadh an ama uilig, & an fear eile ag amharc ar an
talamh & ag leigean corr-chneide as mar fhreagra air. Acht
i lár an sgéil tharraing an gobha an t-iarann dearg amach
go fíor-thapaidh agus bhuail sé é ar an inneóin go mear is
go láidir. D'imthigh cith mór dileóg as, & sgeinn an fear
bocht ar gcúl, & thuit sé ar an urlár.



Phléasg gáiridhe ar an ngobhainn. Nuair d'éirigh an fear
tinn bhí mórán fola 'na bhéal, acht bhí an fhiacail imthighthe.
Bhí sí ar cheann na sringe.



“Mo chorp ó'n diabhail,” ar sé, “char mhothuigh mé í ag
teacht amach ar chor ar bith.”



“Nár innseas sin duit,” ars' an gobha; “téidh a bhaile
anois, & nuair bhéas sé do dhíth ort-sa arís fiacail a thar-
raing béidh fhios agat cá dtiocfaidh tú.”


L. 9


AG DÉANAMH AN CHLEAMHNAIS.



“Chuaidh dhá fhear 'un tighe oidhche amháin le cleamhnas a
dhéanamh. Ba ghortach na daoine muinntir a' tighe. Bhí an
pota ar a' teinidh leis an leite a dhéanamh do'n tsuipéir.
Nuair a chuaidh na strainséirí isteach chuir bean a' tighe
tuilleadh uisge san phota. Char bhfada gur briseadh suas
an cleamhnas & d'imthigh na fir. Ar a' mball baineadh an
tuilleadh uisge as a phota. Cha deachaidh na fir i bhfad go
dtáinic athrughadh 'na n-aigeantaibh ortha & d'iompuigh siad arís.
Chuaidh an t-uisge 'san phota arís. Thosuigh siad ag béiceadh
ar an spré, agus anois shaoilfeá go raibh an rud uilig críoch-
nuighthe, acht ar bhimide eile bhí sé briste suas níos measa
ná bhí ariamh. Anois bhíodh siad 'na seasamh ar an urlár, &
arís bhíodh siad 'na suidhe. Agus bhí an pota ar a' teinidh
ag goil & ag déanamh dramhdáin ar feadh an ama uilig, óir
ba mhór le bean a' tighe an tuilleadh leite a chailleamhaint
leóbhtha, muna mbéadh an cleamhnas déanta eatortha, & char
chuir sí gráinne mine air go fóill.



Faoi dheireadh bhí a chuid foighde caithte ag fear a' tighe,
& dubhairt sé leóbhtha, “Má tá sibh ag imtheacht, imthigidh, &
má tá sibh ag fanamhaint, fanaigidh, agus leig do'n bhean an
mhin a chur ar a phota.”



D'imthigh siad.



AN CLÁIRÍNEACH LÚTHMHAR.



Is iomdha cláiríneach bhíodh ag dul thart ag iarraidh
déirce tá fad ó shoin.



Bhí an cláiríneach 'na shuidhe ar bhara & b'éigin do mhuinn-
tir an tighe seo é d'iomchar do'n chéad tigh eile, & muinntir
an tighe sin d'fhágfadh siad é ag an tigh is foisge eile.



Lá amháin bhí dhá bhuachaill ag iomchar cláirínigh fríd pháirc
mhóir. Bhí eallach 'san pháirc & caidé thárla a bheith imeasg
an eallaigh acht tarbh crosda.



Rith an tarbh ortha agus é ag géimnigh go feargach is go
fiadháin.



D'fhág na buachaillí an bhara ar an talamh le rith le n-a
saoghal.



Acht cia aca, a' saoileann tú, bhí ag an chlaidhe ar tús?
Tá an cláiríneach.



Is bean a bhí innti, & bhí sí dócrach fallsa, agus leig
sí uirthi gur chláiríneach í. Acht mise mo bhannaidhe go
mb'éigin di siubhal ó'n lá úd amach.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services