Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Saothar Suadha : Cuid a Dó

Title
Saothar Suadha : Cuid a Dó
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1912
Publisher
Muinntir an Ghoill

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


SAOTHAR SUADHA.



CÚIRT NA hÉIGSE, 1911.



AN CHÉAD LÁ.



Do tionóladh Cúirt na hÉigse i nÁth Cliath Duibhlinne i dTigh
Ósta Mhinerbha, an 3adh lá de Mhí Lughnasa, Anno Domini, 1911.



An tAthair Pádraig Ó Duinnín a bhí i gceannus na Cúirte.



Sidiad na daoine eile a bhí láithreach:- Máire Ní Chinnéide, Norma
Bórtuic, Cáit Ní Dhonnchadha, an Dochtúir Ó Loingsigh, Torna, Fiachra
Éilgeach, Dhá Chích Dhanann, Éamonn an Chnuic, Lorga liathbhán, Mícheál
Ó Cuillionáin, Diarmuid Ó Cruadhlaoich, Piaras Béaslaí, Tomás Ó
Rathaille, Éamonn Ua Luainín, E. S. Ua Laoghaire, Tadhg Ua Duinnín,
Tadhg O Rodaighe, Seóirse Gabhanach Ó Dubhthaigh.



Do chomhairligh Piaras Béaslaí don Chúirt buanchomhalthus do chur
ar bun chun obair an Chumainn do chur fé réir.



D'aontuigh Éamon an Chnuic leis an gcomhairle sin agus do
cinneadh air.



Sidiad na daoine do ceapadh i gcóir an Chomhalthuis:- an tAthair
Pádruig Ó Duinnín, an tAthair Cathaoir Ó Bréandáin, Máire Ní
Chinnéide, an Dochtúir Ó Loingsigh, Torna, Sceilg, Fiachra Éilgeach,
Piaras Béaslaí, Dhá Chích Dhanann, Lorga Liathbhán.



Do mhol Torna don Chúirt iomaidheacht nó comórtas Filidheachta
do chur ar bun i n-aghaidh na bliadhna agus comhartha ceannuis is
gradaim fé leith do bhronnadh ar an bhfile do bheir an chraobh leis.


L. 4


D'aontuigh an Dochtúir Ó Loingsigh leis an gcomhairle sin.



Do thoiligh an Chúirt chuige sin, agus do fágadh de ghnó is de chúram
ar an gcomhalthus réamhráidhte toil na Cúirte do thabhairt chun críche.



AISTRIUGHCHÁN Ó THEANGTHAIBH IASCHTA.



Do léigh Torna aiste próis dár theidiol "Aistriúghchán ó Theangthaibh
Iasachta."



Do cuireadh díospóireacht ar siubhal mar gheall ar an sgéal.
Do labhair an tAthair Pádraig, Mícheál Ó Cuilionáin, lorga Liathbhán,
Máire Ní Chinnéide, Dhá Chích Dhanann, Piaras Béaslaí agus an
Dochtúir Ó Loingsigh.



COINTINN NA mBÁRD.



Do léigh Fiachra Éilgeach aiste próis dár theidiol "Cointinn na
mBárd" agus do mhol an Chúirt go mór é.



Do léigh Lorga Liathbhán amhrán bríoghmhar do thaitn leis an gCúirt
go seoidh.



AN TARNA LÁ.



Do tionóladh Cúirt na hÉigse arís Dé hAoine an 4mhadh lá de Mhí
Lughnasa san tigh chéadna.



An t-Athair Pádruig a bhí i gceannus na Cúirte.



Sidiad na daoine eile a bhí láithreach:- Máire Ní Chinnéide, An
Dochtúir Ó Loingsigh, Torna, Dhá Chích Dhanann, Tomás Ó Muirgheasa,
Tomás Ó Rathaille, Éamonn an Chnuic, Lorga Liathbhán, Seóirse
Gabhanach Ó Dubhthaigh, Stiabhna Mac Eanna. Diarmuid Ó Cruadhlaoich,
Fiachra Éilgeach, Seán Ó Séagha, Shan O Cuiv, Mícheál Ó Cuilionáin.



TÍR NA hALBAN.



Do léigh an tAthair Pádraig aiste filidheachta mar gheall ar
"Thír na hAlban," agus bí Cúirt na hÉigse go buidheach beannachtach
dhá chionn.



GAEDHALCHROTA FILIDHEACHTA.



Do léigh Piaras Béaslaí aiste próis dar theidiol "Gaedheal Chrota
Filidheachta."


L. 5


Do cuireadh díospóireacht ar siubhal mar gheall ar an sgéal. Do
labhair an tAthair Pádraig, Torna, Máire Ní Chinnéide, Mícheál Ó
Cuilionáin, Dhá Chích Dhanann, Éamonn an Chnuic agus Fiachra
Éilgeach.



AISTÍ EILE.



Do léigh Dhá Chích Dhanann amhrán gleóite dar theidiol "An Sruthán
Sléibhe" agus amhrán eile "Comhrac Abhann" a bhí aistrighthe aige ó
amhrán Béarla do cheap Tomás Ó Mórdha.



Do léigh Lorga Liathbhán dhá dhán bhríoghmhara don Chúirt.



Do labhair Seóirse Gabhanach Ó Dubhthaigh mar gheall ar "Aistriúgh-
chán ó theangthaibh iasachta," agus do thagair Shan O Cuiv agus Torna
don sgéal céadna.



Do cinneadh ar Imtheachta na Cúirte agus na haistí próis is
filidheachta do léigheadh ann do chur fé chló agus d'fhoillsiughadh; agus
do fágádh de chúram ar an gcomhalthus imleabhar eile de "Shaothar
Suadha" do chur i n-eagar.



TÍR NA hALBAN.



An tAthair Pádraig Ua Duinnín, cct.



IS Í TÍR na hAlban
An fód is taithneamhaighe
Dár luigh súil pheacaigh air
Ar dhruim an tlachta so;
Is dá bhfuighinn mé scaradh riamh
Ó Éirinn cheannasaigh,
Is umhal do rachainn-se
Fá dhéin na mara soin
Atá i dtuaisceart Alban,


L. 6


Is í beagnach tachtuighthe
Le hinnsidhibh dathamhla,
I gcomhgar leathanchnoc
Go bhfuil na beanna aca
Fá lonnradh lasrach
Ó ghréin an tsamhraidh.



Tír na ngarbhchnoc.
Is lomraidhe slachtmhara
Fraoigh dá mbreacadh soin;
Is a gcinn breágh maiseamhla
Dá sáthadh go beacht aca,
Go hárd is go bagarthach
Ós cionn na Breataine;
Tír na lochán ndeas
Atá lán d'oileánaibh,
Is iad suidhte sásta
Ag bun na n-árdchnoc;
Is na cruinn ag fás ann
Ar bhruach na sámhlinn;
Is a nduilleabhar áluinn
Leo anuas le fánaidh
Go féar ó bhárr chas;
Mar a mbíonn gach eadarshuth
Ó dheireadh an earraigh bhuig,
An foghmhar go mbreacann é,
An chuach ag spreagadh phuirt
I mbarr na gcarraigeach;
Is a ceol dá scaipeadh aice
Tar tráigh na gcaladh amach
Go lár na fairrge:
Is breágh mar shiubhlaid
Na scamaill dúra
Ós a gcionn soin
San aer dá múscailt


L. 7


Ag gaothaibh úra.
Is breágh mar luasctar
Na néalta muara
Feadh taobh na mbuanchnoc
le linn an duartain
Is na tuile anuas chughainn



Tír na sárfhear,
Is na ngaiscigheach gcáilmhear,
I n-ar chomhnuigh Scáthach
Banoide mhánla
Na gcuradh láidir,
D'oil an bláithfhear
Cúchulainn dána,
Is Feardia do sáruigheadh
Ar thaobh an Átha,
Is Conlaoch álainn
Nár staon ó námhaid.



Tír na spéirbhean,
Go dtug gan éislinn
An chaoinbhean Déirdre
Seal dá saoghal ann;
An bhláithbhean bhéasach
Riamh ná géillfeadh
Do Chonchubhar réimcheart,
Acht grádh is saorghean
Do Naoise chaomh thug.
Is ghabh leis mar chéile;
Is dá bhrígh sin cuireadh
Chum báis gan scrupall
A grádh is a cumann.



Tír an réim chirt
Is na startha n-éachtach


L. 8


I n-ar neaduigh Gaeldhtreabh
Ó dhúthchas Éireann:
Buidhean bhreágh thréitheach
Thug leo a nGaedhealg
Chneasta féitheach,
Is chuir fá réim í
I measc na sléibhte,
Is i ngleanntaibh caola,
Is ar bhruachaibh caomhloch;
Is iad Scuit do tharraing ann
Is Scuit an t-ainm ceart
Do lean dá sleachtaibh sin
I mbéal na Sasanach



Tír na n-aspal maith
Is na bhfíornaomh dtaithneamhach
Do scaip le fairsinge ann
An Creideamh beannuighthe
Ó Chríost ar dtaca nirt
Go luath iar gcasadh dhó
Ar dhún na bhflaitheas ngeal
Tar éis a mharbhtha;
Mar ar ghluais 'na leanbh seal
Pádraig aigeanta,
Is é i n-anabhruid
Is i ngreim ag amhasaibh;
Is chuaidh 'na bhfarradh-san
Anonn tar fairrge
Go hÉirinn chaithisigh
Is gur réidheadh d'éis tamall dó;
Is arís do tharraing sé
Ar Innse Banaban
Go léigheanta pearsanta,
Is cumas Aspalda
'Na ghlaic go hacfuinneach,
Chum Gaoidhil do bheannachadh


L. 9


Is do chur le teagasc ceart
Ar leas a n-anma;
Tír do Cholum gheal
Is dá bhuidhin go follusach
Thug aoigheacht is comhthrom
I ní an tsonais ghil.



Tír dá aspal ndéag
Na hÉireann; mar a bhfuil
Rian a n-ainmneach
Go dtí an taca so
Ar cheallaibh seanchais
Is fós ar bhailtibh puirt
Is ar thuathaibh maiseamhla
Ar fuaid na hAlban:
Ciarán biadhtach,
Is Fionán ciallmhar,
Is Breannán iarsma
Tar tuinn aniar thug,
Is Colum grianach
An fhuil 'na chliabh thug
Ó Chonall iachtach
Is ón laoch Naoighiallach.



Tír na gcalmfhear
Mar ar ghnáthach gasradh
De phrionnsaidhibh acfuinne,
An Brúsach flaitheamhail
Is fós an Bhailiseach,
Ag troid 's ag achrann
I n-aghaidh na Sasanach,
Is nár léig a dtalamh leo
Is nár bhog dá bhfearannaibh
A ngreim, gur neadadar
A ríghthe gasta-san


L. 10


I Lonndain chaithisigh
Ar bhruach na Taimhise;
An Brúsach barramhail
Is cruinn do bhailigh sé
A shluaighte calma
Ó gach áird d'Albain,
Is do ghluais go bagarthach
I n-aghaidh na Sasanach:
Is gur bhuail leis gasradh
Éadbhaird cheannasaigh
Ar thaobh na Bannoice;
Do ruaig is d'eagluigh
Do thraoch is do mhairbh iad;
A gcnámha do gearradh leis
Is d'fhág sé ar fhan aca
I ndeireadh an anma;
Is is ciuin do chasadar
Is a rí 'na bhfarradh-san
Ar a gcríochaibh athardha;
Is an Brúsach ceannasach
Is luath do gairmeadh
Rí dhe ar Albain.



Tír is talamh ceart
Mháire mhallaruisc
An stáidbhean mhaiseamhail
Bainríoghan Alban,
Is oighre taitheacach
Ar choróinn na Breataine,
Na bliadhanta fada thug
Go dubhach i gcarcair dhuibh
Fá smacht ag namhadaibh
Is fá tháir ag amhasaibh;
Éilís gur aithnigh
Do lucht a leanta-san


L. 11


An ceann do theascadh ar fad
Dá bánchorp dathamhail
Is gan acht dá fhichid beag
Dá bliadhantaibh tagaithe,
Is gábhadh sa bhaile léi.



Tír a taithneamh thug
Don tsárfhear Carolus,
Éilightheoir gradamach
Coróinneach Breataine,
Is é i n-anabhruid
Is ar fán tar fairrge;
I dtreo gur bhailigh siad
Sluaighte ceannais nirt
Ó shléíbhtibh garbha
Ó oileánaibh fairsinge,
Ó mhóintibh deacra
Is ó bhruachaibh leathanloch
Thuaiscirt Alban
Chum bruighne is chathuighthe
Ar son an chailmfhir
I n-aghaídh na Sasanach.
Is fuigheach do fearadh leo
Fuil a n-anma
Ar lár an mhachaire
Sin Chullóide an achrainn.



Tír na mbárd ngeal
le feidhm a ndánta
I nGaedhilg fháinnigh
Chuireadh brón nó áthas
Ar na mílte sáirfhear:
Iain lom láidir
Riamh nár sáruigheadh,
Is Iain Ruadh mánla,


L. 12


An Stíobhart cáilmhear;
Alastair fáthach
Nár mhol a námhaid;
Rob Donn Álainn
Ná fuighinn a cháineadh;
Is Donnchadh Bán leis
An t-éigeas bláthmhar
Dá dhúthchas grádh thug;
Ba bhinn an milisshruth
De laoithibh fuinnimh mhir
Do cheap an fhuireann soin
I nGaedhilg iongantaigh:
Is ba mhór é a ndíoghrais
Ag moladh síorraidhe
Cloinne an Stíobhairt
Is é thall tar linn fhlich
Ag éileamh ríoghachta
Na Breatan míne.
Fáiríor deacrach
Ná fuil 'n-ar bhfarradh-na
San saoghal so eadrainn
Sluagh dá samhail sin
Do mhúsclóchadh ranna dhúinn
Ag trácht ar sheanchus
Is ar réim na hAlban,
Is ar thréithibh anama
Is ar bhéasaibh cneasta suilt
Is ar nósaibh Alban;
Is do ríomhfadh startha dhúinn
Is scéalta seanchadh
Ar an saoghal do b'aithnid dóibh
'Na gcríochaibh athardha;
Is gan aos óg an ama so
Bheith choidhche ag dearbh bhrath
Ar dhríodar draibhlise


L. 13


Bhíonn dá stealladh chughainn
I mBéarla an tSasanaigh.



Tír 'nar spreagaithí
An Ghaedhealg mhaiseamhail;
Mo léirchreach dheacrach
I bheith beagnach meathta anois
Is go tréith ar easbaidh nirt;
Is an ghaoth mar chleachtadh sí
ag tabhairt réabtha ar crannaibh ann,
Is na srotháin binne
Anuas ag sileadh
le taobhaibh cnoc ann,
Fé mar bhíodh a dtuitim
Ó thúis na cruinne;
Acht caoinstruth milis
Na Gaedhilge ag briseadh
Is ag dul i laige,
Is i scáinteacht freisin,
Is Béarla an donais
Gan bhail gan fuinneamh
Ag teacht 'na hionad.



Tír an tsóghchais
Mar a mbíonn gleo suilt
Is píobaidhe ar chóisribh
Is crota an cheóil bhinn
Dá seinnt le mórtus,
Is ringce nósmhar,
Ag daoinibh óga.



An tír seo luadhadh liom
Gura fada buan í
Is nár imthighidh uaithe
A ceol ná a suairceas,
Ná an teanga uasal


L. 14


Do lean gan ghruaim di
Ó Scáthaigh uaibhrigh
Is ó Cholum chuanna
Go dtí an uair seo.



A thír na spérbhean ngeal,
Is aolda gné 'gus dreach
Dá mbíonn san tsaoghal ar fad,
A thír na laoch nár mheath
I mbruighin an fhaobhair ná i dtreas,
Is ón naoid nár staon san chath
Gur fríth a dtraochadh ar fad,
Nó gur chruinn an chraobh 'na nglaic,
Det chlainn an té nár raid
Dot fhíoghair, dot réim, dot stair,
Is dot shoillseacht scéimhe a ghean
Ó chroidhe a chléibh amach,
Nár fríth 'na ghaobhar-san seal
Maoin ná gréis ná ba
Ná muing an fhéir 'na sraith
Ná mín-teach aerach deas,
Ar shín dá chaomhnadh i dteas,
Acht 'na luighe dhó féin fá cheas
Go híseal faon 'na spreas,
Is an díle ón spéir ag teacht
Ar dhruim a chléib 's a chreat,
Is dá chlainn gan aon le n-ais
Go cruinn do léighfeadh stair,
Ná scaoilfeadh péin a scart.


L. 15


A CHOMARAIGH AOIBHINN, Ó!



An tAthair R. M. Ó Faoláin, cct.



Mo bheannacht ó chroidhe dod thír is dod shléibhtibh,
A Chomaraigh Aoibhinn Ó!
'S dod mhuinntir shuairc ar dual dóibh féile,
A Chomaraigh Aoibhinn Ó!
Do shrutháin gheala, 's do choillte chraobhacha,
Do ghleannta meala, 's do bhánta léire,
Grádh mo chroidhe iad súd le chéile,
A Chomaraigh Aoibhinn Ó!



Is dathamuil breágh do "chruacha" sgéimhchruth,
A Chomaraigh Aoibhinn Ó!
Nuair lasaid suas le hamharc gréine,
A Chomaraigh Aoibhinn Ó!
Na faillte 's leacain ar gach taobh díot,
Mar brata sróil le seódaibh gléasta,
Nuair sgaipeann drúcht anuas ón spéir ort,
A Chomaraigh Aoibhinn Ó!



Is líonmhar, lán do shrutháin ghlégeala,
A Chomaraigh Aoibhinn Ó!
Ag rioth anuas go luath le taobh cnuic,
A Chomaraigh Aoibhinn Ó!
An Mhachain thall, 's abhus an Tae dhil,
Mar mhionnáin gabhair le spórt is sgléip suilt
Ag snámh anonn ód bhonn go tréanmhuir,
A Chomaraigh Aoibhinn Ó!


L. 16


Is fairsing, fial do locha taosgacha,
A Chomaraigh Aoibhinn Ó!
Fé iasg ná fuil a samhuilt i nÉirinn,
A Chomaraigh Aoibhinn Ó!
Loch Com Seangán na hOlllaphéiste,
An dá Sgiollóig 'na mbíonn an méithbhreac,
Na Comalocha, 's Com Fiadh taobh leó,
A Chomaraigh Aoibhinn Ó!



Is breágh é an radharc a chím gach taobh dhíom,
A Chomaraigh Aoibhinn Ó
Ó thuaidh, O dheas, is soir i n-éinfeacht,
A Chomaraigh Aoibhinn Ó!
Ó Dhrom Finghín, i lár na nDéise,
Go Corrach Mór i dtír na bPaorach,
'S as soin ó thuaidh go Sliabh Ban Féinne,
A Chomaraigh Aoibhinn Ó!



Do bhíos tar sáile seal i gcéin uait,
A Chomaraigh Aoibhinn Ó!
I ndúthaighibh fáin ag déanadh saothair,
A Chomaraigh Aoibhinn Ó!
Acht b'obair tháir liom cnuasacht gréithre
I bhfad óm áit fé sgáil do shléibhtibh,
Is chas mé arís ort, a "Phlúr na nDéise,"
A Chomaraigh Aoibhinn Ó!


L. 17


RÚN BUIDHEACHAIS.



(Don Athair R. Ó Dálaigh Ollamh, tar éis dó leictiúir do thabhairt
uaidh ar fhuamanna na Gaedhilge.)



An tAthair R. M. Ó Faoláin, do cheap.



BHEIRIM bhur gcead a cháirde
An rún so a chur ar áireamh,
Rún buidheachais ae agus árann
Don deighfhear chroidheamhail áluinn,
Don tsagart chneasta chráibhtheach,
Don ollamh léigheanta shármhaith
Do thriall chughainn ón Astráile
Ag foghluim teangadh ár máthar,
Is tá dá múineadh láithreach;
Go mbuanuighidh Dia a shláinte.



An leomhan de phór na nDálach
Den treibh ór shíolraigh Máire
Ar "Bhuidhe" a sloinne gnáthach,
Ban-fhile ar bhinn a dánta
Ar chruinn a caint 's a ráidhte
'S nár dhual dí riamh bheith cáinteach.



Mo chreach ghéar is mo chráidhteacht
Go dtáinig riamh an lá san —
Ní fuláir nó bhí sé i ndán dúim,
Nuair chailleamair gan chásamh
Fiú fuamanna an Á. B.
A bhí ariamh go háluinn
Ag sliocht na nGaedhal ó tháinig
Clann Mílidh as tír na Spáinne.


L. 18


Acht buidheachas mór do nÁrd-Mhac
Tá an taoide ag casadh láithreach;
Tá an ghaoth ag séideadh ar bhánchnuic
Ag scuabadh lé gan spleadhchas
An Béarla cam úrghránda;
Is tá ag teacht in' áit sin
An Ghaedhlinn mhilis shárbhinn
A bhí le sgathamh tláth lag,
Ag tógaint suas a háitreabh
Go buacach, fuinneamhail, láidir.



AN CEANGAL.



A Shagairt mhín shéimh de phréimh na nDálach,
Ná tóg orainn é ma's tréith ár ráidhte,
I ndoimhneacht ár gcléibh gan bhréig tá grádh dhuit,
Is i gcaitheamh ár saoghail is i méad do fhásfaidh.



MARBHNA PHÁDRAIG UÍ CHEARMADA.



Ribeárd Bheldon ro chan.



Tá Saoi* ar lár ar mhágh na nDéise,
Go fann lag tláth faoi chlár an éaga;
Is cladhaire é an bás do fhág é traochta,
Is méid ár bpráinn le fear dá thréithibh.



Oide beacht i gceart 's i n-éifeacht
Chuin rilleadh na gceacht badh chas le réidhteach;
B'é chuirfeadh gach alt go pras le chéile,
Gan locht faoi shlacht go snasmhar gléasta.


L. 19


Ba chliste a lámh, is bárr a mhéara
Ag sgríobh na ndán gan cháim i nGaedhilg;
Gach a bhfuair sé sholáthar níor fhág gan déanadh,
Gan paitinn, gan pádh, gan cháin, gan éileamh.



Is danaid mar ghnó do chúis na Gaedhilge,
É i dtalamh tais úr fá dhrúcht na néallta,
Togha fir chúil is ughdar léigheanta
Rinn taca dá chlú i dtriúch na bPaorach.



Bhíodh peann de ghnáth n-a láimh go héasgaidh
Gach oidhche is lá is tráth dá mb' fhéidir;
Beidh eachtraidhe is dánta is stáir na hÉireann
Go fóill ar fagháil de bhárr a shaothair.



Tá an obair ar gcúl, a ghnó 'sa shaothar,
Ag aicíd dhúir, gan súil le faothamh,
Do bhain de a shiubhal, a lúth 'sa éirim
'S do chuir san úir é ag tabhairt an fhéir ghlais.



Is docht le rádh, is cásmhar créimthe
An gasradh cáidh thug grádh don Ghaedhilg
Thuill urraim do fhagháil ar sgáth a mbréithre
Á ndíogadh ag an mbás i n-áit a chéile.



Siúd posta gan cháim ar lár le déidheanaighe,
Óigbhean áluinn, mhánla mhaordha,
Éibhlín bhláthmhar† — grádh na gcéadta —
I n-am an-tráth do bádhadh sa tréanmhuir.



CEANGAL.



Is duairc le léigheamh, 's is léanmhar leamh
An fhuireann gheal shéimh ba shéanmhar seal
Go bhfuilid i gcré, go tréith 's go lag
Gan innsint sgéil, gan féis gan fleadh.



Beannacht Dé le n-a n-anam.


L. 20


IS FADA MÉ I bPÉIN 'OM CHRÁDH.



Ribeárd Bheldon, ro chan.



Is fada me i bpéin 'om chrádh,
Is cealg trím lár i n-anachain,
Ag Béarla im' dhalladh gach lá,
Is teanga na nGaedheal fé tharcuisne.
Siúd oraibh a chuideachta shéimh,
Ní'l maitheas le fághailt as achrann;
Ólfamaid sláinte gach n-aon
A mb' ionmhuin leó Béarla bheith basgtha!



Dá dtagadh an samhradh breágh,
Is blátha ar ghéagaibh easgartha,
Rachainn go barra Chruacháin
Is chaithfinn ann tráth ag machtnamh.



Cur fá.



As súd do chuirfinn-se slán
Is póg óm láimh tar fairrge.
Ag triall ar na fearaibh is mhnáibh
Do imthigh chum fáin uainn sgaipithe.



Cur fá.



'S é an t-imtheacht i gcéin tar sáil,
Is dlighthe an Chaisleáin ba dhamanta,
Srathanna, cíos, agus cáin,
Do fhág cuisle thláth ag Banba.



Cur fá.



Is docharach, dubhach, diombádhach,
Is náireach é a dtásg le haithris,
Go bhfuilid Seóiníní de ghnáth,
Le ceileabhar na gcág ag clabaireacht.



Cur fá.


L. 21


A cháirde, brostuighidh bhur lámha,
Is ná bíodh ag cách mar sheanchas
Gur leigeadh a chlaoidhe leis an mbás
An teanga úd do ghrádhaigh na hAsbalaibh.



Cur fá.



Ó Ghallimh go críoch Fionntrágha,
I ngach ionad 's gach áit go fairrge.
Tá an báire dhá imirt gan spás,
Is bíodh orainn féin má chaillimíd.



Cur fá.



Ní'l sosadh ná suaimhneas le fagháil
Ag an mBéarla tháir do shladaigh sinn,
Go bhfiadhachfar thar caladh é chum Seáin
'S nár mhairidh sé slán le casadh orainn.



Cur fá.



Fágfaimíd Tadhg 1 ag an Áth 2
Is an Dálach 3 mar ghárda thathagach,
Beidh Domhnall 4 i nDún na mBád 5,
Ag coimeád an bháire 'n-a sheasamh ann.



Cur fá.



Seo linn gan sgeideal gan sgáth!
Seo linn go grádhmhar seasmhach!
Beidh Gaedhling i nÉirinn go bráth,
Gan spleadhchas d'Aitcins 6 ná Meathaifi 7.



Cur fá, agus c.


L. 22


HANRÍ ÉANLATHÓIR.



.i. Henirich Der Vogler, óid ó Klopstock dá chur i nGaedhilg ón
nGearmáinis bhunaidh i méadaireacht agus ar nós an bhun-fhileadh Go
díreach, .i. i n-iambachaibh cheithre dtroigh agus trí dtroigh fá seach
agus comhfhuaim ar iarraidh .i.



Mac Tíre ro chan i nGaedhilg —



An námhaid ann! An cath dá chur!
Fá dhéin na buaidhe linn!
'S os cionn ár sluaigh an fear is fearr
Dá bhfuil 'n-ár dtír ar fad!



Ní chuireann air indiu an saoth,
'S go mbeirthear é 'n-ár dtreó!
Mo chean, a Hanrí, dhuit id laoch
I n-éideadh áigh ar blár!



A ghruadh 'na gríos le cur a chlú,
Ag buadhchain dó fán muigh!
Is cheana dhó a chathbharr laoich
Le crú na namhad breac.



Caith gaethe millteacha mágcuairt,
'S a lann i láimh an ríogh,
Go dtéidh gach saighead do bheir dúinn bás
Tar brághaid ár slighe sa chath!



Mo chean an bás dar dtír-ne féin!
Ag dul dár n-éadan faoi
Is fronn dubh crú air, faighmís bás
Fá cháil dár dtír-ne féin!


L. 23


Tráth níthear romhainn an bealach réidh
'S nach feicfeam ann acht mairbh
Mágcuairt umainn, 'seadh bhéarfain buaidh
Fá cháil dár dtír-ne féin!



Annsain do-bhéarfam céim go hárd
Ar chorpaibh faona an áir!
Annsain 'seadh léigfeam gáir fán mbuaidh!
Téid sin tré smior 's tré chois!



Teasmholadh dhúinn ón lánamhain,
Ón bhfear agus ón mhnaoi;
Do chí sé guarfach mheirge n-árd
Is beiridh uirthi ar chrobh.



Is deir sé léi: Seo chugainn iad,
Ár laochradh cogaidh féin!
Do throideadar go dian sa chath
Dúinn féin maraon le cách.



Teasmholadh dhúinn, na deóra leó,
Ón máthair 's ó n-a leanbh!
Ag fásgadh an gharlaigh le n-a croidhe,
'S a súil i ndiaidh an ríogh.



Gur cáil go síorraidhe leanfas dínn.
D'éis dul dúinn d'éag ón mbith,
Bás d'fhagháil ar son ár dtíre féin
An bás dá dtugthar modh!


L. 24


GAEDHAL-CHROTA FILIDHEACHTA.



Maith an scéal Cumann na hÉigse a bheith cruinnighthe annso d'fhonn
cúrsaí filidheachta do chur tré chéile. Tá cúram fé leith ar Chumann
na HÉigse .i. seannósa filidheachta na Gaedhilge do bhuanú is do chur chun
cinn. Ní miste dhúinn a rádh gur linn-na a maireann de sheanachiúta
na bhfilí nGaedhealach. Maireann an tseanealadha dhúinn fós.
Tá filí aguinn a leanann do'n tsean-nós, filí do chleachtann ceárd
na filidheachta go cruinn is go slachtmhar. Is é cúram Chumainn na
hÉigse ná, na filí agus na daoine a chuireann suim san bhfilidheacht
do cheangailt le chéile i ndlúth-bharróga muinnteardhais, agus ealadha
na sean-fhilidheachta Gaedhilge do chur chun cinn i nÉirinn. Tá gádh
leis an gCumann. Bhíodh ceangailt is caidreamh aige filí na Gaedhilge
le n-a chéile fad ó riamh. Bhíodh scoileanna na héigse aca i n-allód
Nuair do cuireadh na scoileanna ar ceal, bhíodh na comhthaláin is na
cúirte aca. Tá Cumann na hÉigse aguinn anois chun leanmhaint de'n
obair. Nílmíd ag casadh le rud marbh d'aithbheochaint, Nílmíd ag
casadh le crot bréige ársaidheachta do chur ar rud nódh. Bhí obair
filidheachta na Gaedhilge ar siubhal nuair do cuireadh Cumann na
hÉigse ar bun. Bhí an obair sin ar siubhal sar a raibh éantrácht ar
Chonnradh na Gaedhilge. Bhíodh sí ar siubhal go bríoghmhar san ochtmhadh
aois déag. Níor stadadh riamh de sgríobhadh filidheachta na Gaedhilge i
gcaitheamh an naomhadh aois déag. Bhí na filí ann i gcomhnuidhe agus
na sean-nósa filidheachta go cruinn aca. Ní'l ó Chumann na hÉigse
acht na filí do thabhairt i gceann a chéile, d'fhonn a leasa féin. Níor
cailleadh an seana-chiúta riamh. Tá ealadha na filidheachta aguinn
féibh mar a fuaireamair ó n-ár sinnsearaibh í. Do lean sí ó ghlúin go
glúin. Tá sean-dlighthe is sean-riaghlacha na filidheachta Gaedhilge i
bhfeidhm (i gCúige Mumhan go háirithe) le sna céadtha bliadhan. Tá
gádh le Cumann chun na dlighthe is na riaghlacha son do chleachtadh is
do chimeád i bhfeidhm is do chosaint ar lucht na Gall-Ghaedhilge.



Ar an gcéad dul síos, ní mór dúinn an méid seo d'admháil — gur
beag nach ionann filidheacht na nódh-Gaedhilge agus litridheachta na
nódh-Ghaedhilge. Níor scríobhadh aon phrós Gaedhilge gur fiú é


L. 25


áireamh ó ré an Chéitinnigh go sé an Athar Peadar. Is ar éigin is fiú
tagairt do sna finnsgéaltha, na haoir is na seanmóintí próis do
scríobhadh i nGaedhilg i gcaitheamh na haimsire sin; agus is ró-mhinic a
bhíonn iarrachta filidheachta measgaithe tríd an ádhbhar próis sin.
Acht do ceapadh uathbhás Éireann d'fhilidheacht san seachtmhadh aois
déag agus san ochtmhadh aois déag. Nuair do theastuigheadh ó scríobh-
neóirí na Gaedhilge crot liteardha do chur ar an nGaedhilg chuiridís
crot filidheachta uirthi. Rud eile, ní'l éandúithí eile i n-a bhfuil an
Ghaedhilg chomh tréan bríoghmhar is atá sí i sna dúithíbh i na mbíodh an
fhilidheacht da cleachtadh. Beatha na teangan is eadh an fhilidheacht.
Ar an adhbhar son, tá obair thábhachtach le déanamh ag Cumann na
hÉigse. Is mór le rádh an obair sin. Tá sé de dhualgas orainn
cúrsaí filidheachta na Gaedhilge do ghlinn-scrúdú is do chur tré chéile.
Tá orainn filí na Gaedhilge do chur ar bhealach a leasa agus iad do
chimeád ó bhealach a mbasctha.



Timcheall chúig bhliadhna fichead ó shoin do ceaptí a lán iarrachta go
dtugtí "filidheacht" ortha. Bé toil Dé gur bhaist tuathalán de chlodóir
éigin i bpáipéar nódhachta "tilsidheacht" ortha. B'áluinn an ainim é.
Ghlacamair leis go baodhach beannachtach. Is é rud é "tilsidheacht" ná
saothar na dtuathalán — saothar na ndaoine nár thuig riaghlacha dúchais
filidheachta na Gaedhilge — saothar na ndaoine go raibh a gcinn tuilthe
den nGalldachus. Do cheapadar a lán "tilsidheachta" ar dtúis. Is
amhla a mheasadar gurbh fhilidheacht ghalánta é. Bíodh an Ghaedhilg go
maith nó go holc age lucht scríbhte na "tilsidheachta" tá an méid seo
deimhnithach, go rabhadar dall ar an bhfilidheacht. Is dóich liom gurbh
é an tÁrdeasbog Seán Mac hÉil do chéad-chuir an droch-nós son ar
bun, nuair d'aistrigh sé amhráin Thomáis Uí Mhórdha agus dán de
dhántaibh Hómer go Gaedhilg. Níor lean sé do riaghlacha dúchais
filidheachta na Gaedhilge acht do riaghlacha iasachta nár oir don
Ghaedhilg. Bhí a rian air. Ní léigheann éinne a iarrachta filidheachta.
Gaedhilgeóir maith ab eadh é acht níor thuig sé an fhilidheacht agus thug
sé droch-shómpla dosna tuathalánaibh.



Tá deire le "tilsidheacht" anois, buidheachus le Dia. B'éigean
dúinn troid a dhéanamh leis, acht bhí an buadh aguinn nídh nach iongnadh.
Tá lucht moltha na "tilsidheachta" ann fós acht is annamh a bhíonn


L. 26


gíog asta. B'fheárr leó an tilsidheacht ná an fhilidheacht (mar is
fusa i bhfad dóibh an tilsidheacht do sgríobhadh) acht ní'l de mhisneach
ionnta son a dhéanamh, mar tá fhios aca go mbeidís n-a stáicín
aiféise age pobul na Gaedhilge. Acht uaireanta preabaid lucht na
tilsidheachta na suidhe, cuirid siad colg ortha féin, agus deirid siad
linn: "Cuiridh uaibh bhur sean-nósa filidheachta. Is cuma cad é an
crot a bheidh ar dhán, acht féith na filidheachta a bheith ann. Is mó le
rádh an t-adhbhar cainnte ná an nós cainte." Siné an port a bhíonn
ar siubhal aca. Dubhairt duine aca gur maith an comhartha ar dhán a
rádh gur fuirist é d'aistriú. Má's fíor dó, tá rith an ráis leis an
dtilsidheacht, mar is an-fhuirist tilsidheacht d'aistriughadh go Béarla.
Má chuirtear Béarla ar amhrán Gaedhilge agus má théidhean breáthacht
an amhráin ar ceal, is é tuairim an duine úd ná luadhaim gur
comhartha é nach filidheacht an t-amhrán i n-éan-chor. Deir sé gur isna
sinaointibh atá an fhilidheacht agus nach san chuma i n-a n-abarthar iad
é. Má tá an ceart ag an nduine sin ná luadhaim, is aindeis an
fhilidheacht í filidheacht na Gaedhilge. Má tá an ceart aige, is aindeis
an fhilidheacht í filidheacht an Bhéarla. Má tá an ceart aige ní'l rí
ná rath ar fhilidheacht na Frainncise.



Is fadó thosnuigh daoine ar throid i dtaobh ciaca ba mhó le rádh i
bhfilidheacht — an t-adhbhar scríbhte nó an módh scríbhte. Gheibhim de
dhánaidheacht ionnam féin an méid seo a rádh gur ceart ana-shuím do
chur san scéal féin — san adhbhar, isna smaointibh, i n-éifeacht an
scéil — acht gur ceart ana-shuím a chur leis san modh scríbhte, san
chrot, san deilbh. Ba cheart nár ghádh dhom a áiteamh ar éinne an
taca so ló gur mór le rádh an crot is an dealbh is an déanamh a
bhíonn ar iarracht filidheachta. Ní mar chaitheamh aimsire do ceapadh
riaghlacha na Gaedhal-fhilidheachta. D'fhásadar as ithir na glan-
Ghaedhilge. D'fhásadar as dúchas na teangan. Bhí filí aguinn ná
deaghaidh balath an Bhéarla fé n-a srónaibh riamh, filí gur dhual dóibh
an Ghaedhilg is an fhilidheacht. Fuaireadar na filí sin ionnta féin
filidheacht do sgríobhadh ar an gcuma son. Nuair a bhíodh rud éigin le
rádh aca deiridís mar sin é, chuiridís an crot son air — an crot filidh-
eachta ba dhual don Ghaedhilg. Crot breágh áluinn ab eadh é. Ealadha
bhreágh áluinn ab eadh ealadha na filidheachta Gaedhlaighe.



Ní mór é bhuanú. Ba mhór an náire dhúinn é leogint i n-éag.
Bíonn tacaí na "tilsidheachta" á rádh go bhfuil riaghlacha filidheachta


L. 27


na Gaedhilge ró-chruaidh, agus gur ceart níos mó saoirse thabhairt
don bhfile. Ní ghéillimse dhóibh. Ní léir dom an ceart do bheith aca.
Ní deocair do Ghaedhilgeóir filidheacht cheart do cheapadh má's file é.
Tá gach éan tsadhas meadaireachta aguinn i nGaedhilg — an dán
díreach, agus meadaireacht na n-amhrán, meadaireachta cruadha is
meadaireachta saoráideacha. Tá saoirse a dhóthain ag an bhfile má
bhíonn eólus maith aige ar fhilidheacht na Gaedhilge, agus féith na
filidheachta ann. Acht an té ná fuil eolus a chéirde aige, is gnáth
leis an milleán do chur ar a úrlaisíbh. Tá saoirse a dhóthain ag an
bhfile Gaedhlach acht an t-iasacht do sheachaint.



Bítar á rádh gur ceart crota nódha filidheachta is riaghlacha nódha
filidheachta do chur i bhfeidhm. Ní miste liom crota nódha do theacht
chughainn go mall righin — agus caithfid siad fás as ithir na sean-
fhilidheachta Gaedhilge. Ná leogaimís do lucht na tilsidheachta "crota
nódha" cheapadh — ós daoine iad ná fuil a ndóthain eoluis aca ar
fhilidheacht ná ar litridheacht na Gaedhilge chun tuigsint don tsean-
fhilidheacht. Cimeádaimís na sean-riaghlacha, acht ní misde dhúinn
sgéalta nódha do tharrac cughainn mar chúrsaí cainnte. Tráchtaimís
ar rudaí nár thráchtadar na sean-fhilí ortha. Dubhairt duine áirithe
i bpáipéar nódhachta, "The traditional verse forms are unsuitable to
modern thought." Cá bhfios do son? Cá bhfios d'éinne é, go dtí
go mbainfaí triall asta? Bhí na verse-forms úd oireamhnach d'fhilíbh
an tseachtmhadh aois déag chun smaointe a n-aimsire chur i n-úmhail
dúinn. Bhí na verse-forms oireamhnach d'fhilíbh an t-ochtmhadh aois déag
chun smaointe a n-aimsire do chur i n-umhail dúinn. Ca n-a thaobh ná
beidís oireamhnach dhúinne-na chun smaointe ár n-aimsire féin do
nochtadh? Is fiú dhúinn tabhairt fé, go háirithe. Is é nídh a theas-
tuigheann uainn ná smaointe an lae indiu agus nósa na sean-aimsire.
Is feárrde sinn aithris a dhéanamh ar nósa is ar chrota filidheachta
Aodhgáin Uí Rathaille (cuir i gcás) acht is measaide sinn aithris a
dhéanamh ar smaointibh is ar thuairmí éinne eile. Bíodh ár dtuairmí
féin is ár smaointe féin aguinn, acht bíodh urraim aguinn do nósaibh
ár sinnsear. Is cuma dhúinn daoine á rádh: "Ní smaoineamh
Gaedhlach é sin." Cuirimís suim san té adeireann. "Ní cuma
Gaedhlach é sin chun an smaoineamh úd do chur i n-umhail." Ní san
sgéal féin atá an Gaedhlachas acht san chrot a chuirtear ar an sgéal.


L. 28


Adamhuighim ná fuil meadaireachta na n-amhrán oireamhnach do gach
éan-tsadhas filidheachta; acht tá meadaireachta nach iad ann, agus
an té go bhfuil eolus maith aige ar shean-fhilidheacht na Gaedhilge is
féidir do meadaireachta nódha do cheapadh go mbeidh dealbh is déanamh
fíor-Ghaedhlach ortha.



Ar mhaith an rud dúinn an "dán díreach" d'aithbheochaint agus
riaghlacha an dáin dírigh do chur i bhfeidhm arís? Is é mo thuairim gur
mhaith an rud é — acht is féidir atharú beag a chur ar an ndán díreach.
Ar an gcéad dul síos, is dóich liom gur ceart dúinn an dán díreach do
chur i n-oireamhaint do ghnáth-chaint Gaedhilgeóirí an lae indiu. Is
beag an chabhair dúinn bheith ag claoi le fuaimeanna na sean-
Ghaedhilge san dán díreach — aon tsiolla amháin a dhéanamh de
"dealbh" nó "ainm" nó dhá shiolla de "shlighe." Is deocair dúinn an
sean-nós aithriseóireacht d'aithbheochaint i gcomhair an dáin dírigh —
an nós atá i bhfeidhm i bhfilidheacht na Fraincise. Má scríobhtar an
dán díreach arís is amhla bheidh na filí ag cur fuinnimh thomhaiste ann
i gan fhios dóibh féin. Beidh siad ag cur brigh an ghotha go tréan ar
shoillaí áirithe ann, bíodh gádh leis nó ná bíodh. Is é mo thuairim gur
maith an rud cuid de sna meadaireachta do chleachtí san tseana-
Ghaedhilg d'aithbheochaint. Rud eile tá meadaireachta den "dán díreach"
ann ná fuil ró-chruaidh i n-éanchor — an rannuigheacht, cuir i gcás. Ní
mholfainn d'éinne tabhairt fé an ógláchus, ar eagla go mbeadh lucht
mhille mhaide ag gabháil do is ag ionnfhairt ann is ag déanamh cim-
ilamháilín de. B'fheárr liom rannaigheacht mhór slán ná an t-ógláchus,
dá fheabhas é. Cá bhfaghfaí éan-mheadaireacht gur fusa í sgríobhadh ná
meadaireacht na gcaointe? Ní beag dá chomhartha son na "Startha as
an Soísgéal" do cheap an tAthair Pádraig. Meadaireacht anadheas
iseadh meadaireacht "Cúirt an Mheadhon Oidhche." Tá sé oireamhnach
do gach éan-tsadhas filidheachta. Féach cionnus mar chuir Brian
Merriman i gcrích é. Tá sé oireamhnach d'ínsint sgéil, do chúrsaí
grinn, do nochtadh smaointe, do chur síos ar chúrsaí bróin is áthuis.
Is beag sadhas roda ná féadfaí é rádh tré mheadaireacht "Chúirt an
Meadhon-Oidhche." Rud eile is féidir d'fhile Gaedhlach leanamhaint
do réim is fuinneamh filidheachta na Gearmáinise nó do réim is
fuinneamh filidheachta an Bhéarla agus crot fíor-Ghaedhlach do chur ar
a cheapadóireacht. Dhein Tórna son. Is féidir crot Gaedhlach a chur


L. 29


ar amhrán agus leanamhaint do nósa filidheacht na Frainncise féin —
cé gur cosmhuile filidheacht na Frainncise leis an "dán díreach"
(ar shlightibh) ná leis an "amhsán." Tá Torna tar éis tabhairt fé
mheadaireachta filidheachta na Breathnaise do chur i n-oireamhaint
don Ghaedhilg, ós rud é gur beag a bhfuil idir nósa filidheachta is
litridheachta an dá theanga.



Is baoth an gnó dhúinn bheith á rádh go dteastuigheann "crota
nódha" filidheachta uainn. Má tá "crota nódha" i ndán dúinn fás-
faid siad as dúchas na Gaedhilge. Ní healaí dhúinn na seanachrota
(d'fhás agus d'aibidh as ithir na glan-Ghaelthachta) do chaitheamh uainn
go bog ná leigint dóibh dul i bhfaillí is i bhfuaire. Ní dhéanfaidh
Cumann na hÉigse é, pé duine dhéanfaidh é. Is é mo thuairim gur
maith an rud filidheacht teangtha iasachta do Ghaedhlú agus crot fíor-
Ghaedhlach do chuir uirthi. Is maith an taithí é ar nósa meadaireachta
na Gaedhilge. Is maith an taithí é ar smaointe nódha do chur i n-umhail
don phobal ar an sean-nós Gaedhlach. Tá a lán de dhántaibh Heine
aistrighthe age Torna. Smaointe an 19mhadh aois a bhí ag Heine.
Ní ghadh dhom a rádh gur chuir Torna dealbh agus déanamh fíor-Ghaelach
ar a cheapadóireacht. Ba mhaith an iarracht í sin. B'fheárrde lit-
ridheacht na Gaedhilge é.



Rud eile theastuigeann uainn go mór iseadh tuille eolais ar
fhilidheacht an 18mhadh aois agus go sonnrádhach eolus ar fhilidheacht an
19mhadh aois. Is feárrde sinn tuille eoluis ar ár bhfilíbh fein is ar
ár bhfilidheacht fein. Tá saothar mór déanta ag an Athair Pádraig,
Torna, Fiachra Éilgeach agus daoine eile chuige sin. Ní féidir dúinn
an iomarca eoluis do chur ar na láimhscríbhnibh. Ní heól dom éin
tslighe is feárr chun greim a chimeád ar an "sprid Ghaedhlaigh" ná
éin tslighe is feárr chun an Ghall-Ghaedhilg do sheachaint. Ní beag de
bhunús dár saothar an t-eolus, an dian-stuidéar, an umhluíocht agus
taithí. Ní héan bhrigh dhúinn bheith ag cainnt mara ndéanfaimíd
gníomh éigin — agus tá gníomhartha dá ndéanamh aguinn, moladh le
Dia. Ní beag dá chomhartha son "Saothar Suadha." Tá filí óga is
filí aosta aguinn, filí do bhí ag ceapadh filidheachta sar a raibh éan
trácht ná cuimhneamh ar Chonnradh na Gaedhilge agus filí a bheadh ag
ceapadh filidheachta mara mbeadh Connradh na Gaedhilge ann i


L. 30


n-éanchor. Tá na filí ann acht is ceart dúinn teacht i gceann a
chéile go minic agus cúrsaí filidheachta do chur tré chéile. Tá orainn
sean-ealadha litríochta na Gaedhilge do bhuanú agus do chur chun cinn
agus ní baoghal go locfam san ngleó.



PIARAS BÉASLAÍ.



AN tSEAN-BHEAN BHOCHT.



Conchubhar Ó Deasmhumhna, cct.



Ar chualabhair fós an sgéal
Ars an tsean-bhean bhocht
Do ghaibh óig-fhear clúmhail tréan
Ars an tsean-bhean bhocht:
Do chaith sé túis a shaoghail
Cois a shráide dúthchais féin
'Dir a cháirde múinte cléibh
Ars an tsean-bhean bhocht.



Do ríomhfadh sé dhuit dán
Ars an tsean-bhean bhocht
Is do chanfadh abhrán
Ars an tsean-bhean bhocht,
Do rínncfeadh sé ar clár
Nó do dheunfadh gloine 'thrághadh
Acht ní raibh sé i n'-fhiadhaire feádha
Ars an tsean-bhean bhocht.


L. 31


Ba chuítheach é sa rás
Ars an tsean-bhean bhocht
Nó ag casadh groidhe chamáin
Ars an tsean-bhean bhocht;
Ní fhuil brídeach mhíonla mhnáil
Do chífeadh é sa tsráid
Ná go gcuirfeadh suím i Seaghán
Ars an tsean-bhean bhocht.



Do bhí gruaig a chínn go donn
Ars an tsean-bhean bhocht
Is bhí a íntinn líonta d'fhonn
Ars an tsean-bhean bhocht
Cé bhí sé síothach modhmhail
Do bhí fuinneamh nimhe 'n-a chobhail
An tan d'fhág sé poll an Ghabhair
Ars an tsean-bhean bhocht.



Do chuaidh sé i mbarra sléibhe
Ars an tsean-bhean bhocht
Chun go dtuillfeadh sé ann spré
Ars an tsean-bhean bhocht
Do bhí buidhean an bhaill go léir
Is a n-íntinn líonta 'sgléip
Nuair a casadh chúcha ár réic
Ars an tsean-bhean bhocht.



Le breacadh an lae Dhé Luain
Ars an tsean-bhean bhocht
Is an ghaoth ag séideadh adtuaidh
Ars an tsean-bhean bhocht.
Do chuaidh an tréan-fhear suairc
Le n-a speil amach sa stuaic
Ag baint aitinn ann fé'n bhfuacht
Ars an tsean-bhean bhocht.


L. 32


Nuair éirigh suas an ghrian
Ars an tsean-bhean bhocht
Do bhí an ghaoth ag teacht go dian
Ars an tsean-bhean bhocht.
Do thuig an buachaill fial
Ó, go leathfadh sé an rial
Is do steall sé an speal fé'n sliabh
Ars an tsean-bhean bhocht.



Do sgrios sé as an mball
Ars an tsean-bhean bhocht
Is le fánaidh leis go teann
Ars an tsean-bhean bhocht
Do rith sé tríd an ngleann
Mar a rithfeadh fiadh na mbeann
Is do ghlan sé wire na habhann
Ars an tsean-bhean bhocht.



Níor bhain san as aon stró
Ars an tsean-bhean bhocht
Mar do rith sé leis ar seól
Ars an tsean-bhean bhocht.
Síos an seana-ród
Agus soir fan chlaidhe na bhfód
Chun gur shrois sé an Cnocán Cóir
Ars an tsean-bhean bhocht.



B'é dhein an rás lem' leómhan
Ars an tsean-bhean bhocht
Ná a sprid a dheunamh óg
Ars an tsean-bhean bhocht
Mar phreab a chroidhe le sgóp
Nuair a chonnaic sé an Solán mór
Idir ínseacha an fheóir
Ars an tsean-bhean bhocht.


L. 33


Do casadh air me féin
Ars an tsean-bhean bhocht
Agus d'innis dam a sgéal
Ars an tsean-bhean bhocht
Ní raibh duadh ná file féig
Ar an mbuachaill múirneach réidh
Tar éis a reatha mhóir ó'n stéidhg
Ars an tsean-bhean bhocht.



D'fhág sé agam-sa slán
Ars an tsean-bhean bhocht
Agus chuaidh sé insa tsráid
Ars an tsean-bhean bhocht
Mar a bhfuair sé crothadh lámh
Agus gloine líonta ar clár
Ó Chait ní Ríoghbhardáin
Ars an tsean-bhean bhocht.



MÁIRE.



Dhá Chích Dhanann, cct.



Fonn — "Do mhillis mise a Ghráinne."



Do thréigeas ól is imirt,
Ceóltha is suilt ba bhreághtha.
Do thréigeas nósa is nidhthe
Is eól do thighthibh tábhairne.
Mo ghné, mo chlódh, mo chruinneas,
'S, ochón, mo ghuile b' áille —
Do tréigeadh leó-san mise,
'S ní phósfá mise, a Mháire.


L. 34


Do dhéanfhainn sléibhte a bhriseadh
'S an féar ba ghluise d'fhásfainn,
Do raobfainn réidhte is d'fhuirsfhinn
Dá ndéineadh sin tu shásamh,
Do thuillfinn féin an scillinn
Is bhéarfhainn-se mo phádh dhuit,
Do dhéanfainn é agus tuilleadh,
A's thréigis mise, a Mháire.



Do raghainn go béal sa tSionainn
'S de léim go muin sa tSláinghe;
Do raghainn fé dhéin Leomhain buile
Agus é i n-imeal fásaigh;
Do thabharfainn fé chat coille
'S a ghéariongain ghá sádh 'nam
Dá saoradh sé sin sibh-se,
Is thréigis mise, a Mháire.



Do raghainn le fonn tre thuile
I bhfiúntar me bheith báidhte,
Do thabharfainn cúrsa muinge
Dá súdhfaí inti go brách me,
Do raghainn tre chúmaibh cuilinn
Gan clúdach luiche ar chnámh liom;
Do shúil scléipeamhail a scrios me,
'S do chúm gan tuirt, a Mháire.



Do thriallfainn Éire 'om chuis duit —
Beann Éadair thoir is Ára —
A's mé im thraochadh ag tuirse,
A's créachta is cluig im shálaibh.
Ní raibh, níl aon sa chruinne,
'S ní géinfar duine b'fheárr liom —
'Na dhiaidh sin thréigis sinn-na
Do thréigis sinn-na, a Mháire.


L. 35


Dá dtéidhinn go glúin tré theine
'S an clúmh ghá scrios dein ghágaibh,
Dá dtéidhinn de rúid — dá rithfinn —
Tre chúinne d'ifrionn shárthe —
Síos ansúd mar thuiteann
An triú ná tuilleann grásta:
Dá dtéidhinn gan súil le filleadh,
Ní lúbfadh san tú, a Mháire.



Do ghabhainn coiréil a's curraigh
'S an sé gus fiche pháile
Go glan de bhaothléim ruthaig —
Ní chlaonainn troigh chun beárnan;
Do ghabhainn thar claidhe agus cumar,
Cuiminí cnuic is cáirne,
A d'fhonn choimhlíonta an choinnidh
A ghnítheá linn-na, a Mháire.



Do roinninn leat mo chiste,
Cér mhaith ba mhiste an láchas,
Go deimhin ba lag a thuiginn
Gur bh'aithreach linn é i mbáireach.
Do chuirinn calaí ar sileadh
Ód bhathas síos go sáil leat —
Do mheallais mise is bhrisis —
Do chreachais mise, a Mháire.



Níl feis ná féile thigeadh,
Níl aonach puic ná pátrún
Ná rabhais lem thaobh 's nár dheineas
Na gréithre d'oireadh d'fhagháil duit.
Do chúmainn bhéarsa is chuirinn
Go dlúth le chéile é ar phár duit —
Airiú, do chéasais file
Nuair thréigis mise, a Mháire.


L. 36


Cé mbíodh an saoghal ag sgigeadh
'S me ag glaodhach ar dhigh dod cháirdibh,
Do dhíolainn 's ghlaodhainn ar ghloine
Do straére ar bith bheadh láithreach.
Ní dhéineadh raol ná pingin,
Aon phioc moille im dheárnain —
Tá an púnt is déine thuilleas
Ag lonnradh ód mhéir ina fháinne.



'Sí comhairle scríbhim a's chinnim
Ós cómhair gach naoín dein bhráithre —
pé mór bhur maoin 's bhur mire,
Gan fóireamh puínn ar mhnáibh leis.
Cér ghlór mar laoi na fuise
'S gur shnódh dhóibh líth an mhármhair,
Do scólfaidís go smior sibh
Mar scóladh mise ag Máire.



BREALL.



Fonn



Dhá Chích Dhanann, cct.



Ag teacht a-bhaile ón aonach dhom
'S mo chapall go héadtrom éasga fúm
Do casadh me 'r mhnaoi
Ba gheanmhala slighe
Dár casadh i gcaitheamh mo shaoghail orm.



Bhí lasadh n-a dearca mar ghréingha much,
'S a cneas mar an sneachta ag séide ar chnoc.
Do fágadh mo chroidhe
Gan tapa, gan bhrígh
D'éis féachaint ar néatacht a scéimh 's a cruth


L. 37


Bhí an ghrian abhfad siar 's an déanaighe a teacht,
A's d'iarras go fialmhar an bhé ar m'each.
Do phreab sí go humhal
I n-áirde gem chúl,
'S an diabhal gur bh'shin Diarmaid gan réin n-a ghlaic.



Do b'shiúd chun siubhail go scléipeach me,
'S mé ag iomchur rúin mo chléibh (dar liom)
'S ar mh'anam gur ghuidheas
Go fada 's go fuigheach,
An chúilfhionn bhanamhail úd mar chéile agum.



Ba ghairid gur atharruigh mé mo phort,
Óir d'aithin an bhean dom mé féin do chosg —
"Ní dóigh suirighe
"Bean phósta," ar sí,
"'S dá dheasgaibh sin feasta, a laogh, bí id thost."



"Géaruigh chun bealaigh do stéad, a mhic,
"A-bhaile chun Cathail go dtéidhead, a chuid —
"Deaghathair mo naoidhe
"Dár gheallas mo chroidhe
I gceangalaibh beannuighthe Dé, nár scuir."



Do stadas dem mhagadh 's dem bhréithre suilt
A's aithchim an ealabhean ghlé mo choir
Do mhaitheamh, 's an bhreall
Ná feaca-sa i n-ain
Trém thaithneamh do ainnir ná géillfeadh dom.



Níor cheapas, i ndomhnach, gur bh'fhéidir di
A fear a's a chlann bheith roim ré aici
Dar ranna mo laoi
Is mar sin do bhí
Is beidh seal sar a meallfar ag bé mé 'rís.


L. 38


ROSC CATHA.



Micheál Ó Cuileanáin, cct.



Músglaidh ón suan so a shuaidhfheara Éireann
Is muar é an tréimhse go faon sibh gan bheócht,
Fén dtuairchim seo i ndubhchodladh dubhach caithte tréithlag
Gan lúth in bhur ngéagaibh, gan éifeacht gan chomhacht;
Preabaidh nbhur seasamh go haibidh, ná géill don draoidheacht;
Glacaidh bhur n-airm chun catha a Ghaedhla groidhe;
Iompuighidh bhur gcúl le gach múisiún go héasgaidh
Nú fuasgailt is baoghlach ná téarnóghaidh nbhur dtreó.



Tá an Seán Buidhe so tháinig thar sáile go hÉirinn
Dár mbásughadh, dár raobadh, dár ndaoradh gach ló,
Ag fás ins an áitreabh thug Árdrí na naomh ngeal
Dhár sáirshinnsear laochdha nár ghéill riamh i ngleó;
Agus sinn-na gan fuinneamh gan fuirm fé shuan go thámhach,
Agus eisean ghár milleadh is ghár gclipeadh le fonn gach lá;
Tálaim óm bláthruisg go cásmhar na déara
Dé bhárr treibh an lae indiu bheith léirmheathta dreóil.



Féach ógbhantracht mhódhmhrach na róisleacan bpéarlach
Tar bóchna ag éalódh ó Éirinn gach ló:
Gus na hógánaigh chródha gur chóir dóibh n-a sgéith bheith
Ag fodhla dhá saoradh ó dhaorbhruid is dóigh;
Ghá tréigint gach lae táid siad d'aon easbha machtanaimh.
Agus Éire bhocht chéasta ní spéis lena n-aigne
Tá an ceo draoidheachta mór dubh do thóg lucht an Bhéarla
N-a neóltaibh ag caochadh a n-éirime beó.


L. 39


Tá seacht gcéad bliadhain caithte ó fearadh an chéad chath
Idir Shasana is Éire gheal — séimhbhuime treon;
Ar an bhfeadh san is 'mó fear maith do cailleadh san spéirling
Is 'mó gearradh gus géarghoin fuair glécholann Róis;
Tá a cuid fola 'na srothaibh ag rith ón a cuisleannaibh
Cé gur stopamair cuid des na pollaibh, tá tuile acu
Ag tabhairt na flanna-chrú, — caisí gan staonadh
Teanga cheart Gaedhilge — saor fhuil mo stóir.



Bhur seannteanga labhraidh a chlann clainne Ghaedhil Ghluis
Mar labhraidís éigse Inse Éilge í fadó,
Gach crobhaire den tseannstoc gach seabhac sona saordha
Nuair ghabhaidís ar chlaontsliocht an Bhéarla sa ghleó.
Níl cosaint is treise ná friotal bhur ndúthaighe féin
Ar dhrongaibh bhur mbruide is ar bhinib Allmhurach claon
Is fann bheidh smacht Gall ar ar meabhair cirt más Gaedhlach
Ár labhartha dá mbéarthí ár saoghaltacht chun seóil.



Dá gceannuigheadh gach neach agaibh earaidhe na hÉireann,
Is dá bharra san baodhchas ar éinne ní cóir,
Ní fada go mbeadh atharach beathadh age Gaedhlaibh
Agus rachtmus ar chéadthaibh tá tréimhse gan lón;
Bheadh muilthe ar na srothaibh, agus fothram ceoil dá gcionn;
Ar Loma-chnuic chuirfí síol cruithneachtan d'fhóghnfadh dhúinn
Bheadh fagháil bhídh ag táintibh thar sáile anois sgéinneas
Agus gárda groidhe léidmheach ag céile na leómhan.



Ach ní hór buidhe i gcórthaíbh ná róghustal saoghalta
Ná mórthréadta méathstoc ar réidhtibh na gcóig
Ba mheón liom mar óighreacht do Róisín ríogh réimseach
An sórd san níor spéis liom ach mar léirchabhair go fóil
Éire fíorghaedhlach mo mhéinn dil gan dearmad
Agus saorchaint na saorfhlaith nár mbéalaibh dhá cleachtadh againn
Gan beann ar shliocht Hannrí ná ar chamdhlighthe méirleach
Agus camplacht de Ghaedhlaibh i réimcheannas chóir.


L. 40


Ár dtírín na príomhscoil mar bhí tráth fí léirmheas
Nuair maoidhtí ár léigheantacht i gcéin le hómós,
Agus dlighe cheart don líon nár thaithighe dhóibh le tréimhse í,
Síothcháin bhreagh naomhtha is staidéarthacht nár gcóir;
Ár n-éigse ag tréanmholadh féile gus geanmnaidheacht;
Gan claonbheart ná éagcóir dhá dhéanamh ar neach ar bith;
Ár mbanntracht go modhmhail milis ceannsa ceart Gaedhlach
'S ár gclann uile an aonfhocal — céim dóibh nár nós.



Dá músgailtí crú borb úirshleachta Éireann
Agus dúchas na laoch mear, níor bhaogal dár ngnó
Dá múintí dhóibh dualgas is diútae gach éinne
Ón mbrúid seo do saorfí ár bpéarla gan smól.
Do labhrfadh gach crobhaire i nguth modhmhail chirt na Banban,
Agus rabhartha nirt Gall cé trom é, ní leagfadh sinn;
Ón lá san ag fás in a sláinte bheadh Éilge
Gan sásamh don tréad úd an eáda go deó.



BEANNUIGHIM GO SÉIMH DÍBH.



Lorga liathbhán," cct.



Fonn — "Táim-se am chodladh;"



Beannuigim go séimh díbh a éigse Ealga,
Cé gur eagal liom féin nách binn mo ghlór;
Ach d'airigheas mar sgéal indé sa chathair seo
Go bhfearfadh sibh míle fáilte romham,
Ach teacht fá nbhúr ndéin is bhéarsaí breacaithe,
Mar dheineadh na Gaedhil i nGaedhilg bhlasta bhuig,
An tan bhí go gléghlan tréan ár dteanga-na,
Is na mílte ghá labhairt le binnghuth beóil.


L. 41


Bídh liom ciúin, a chlúthreabh, athchuinghim,
Go gcanad amhrán beag Gaedhilge nódh;
Ach ná bídh ag súil le hiongna-cheapadh uaim,
Ó's gairid atáim na fheidhil mar ghnó:
Is ní mhaireann éanughdar clúmhail am aice-se,
Chum ceachta conganta thabhairt dom, geallaim díbh;
Is má théidhim amugha nára lúghde bhur meas orm,
A Ghasra Ghaedhealach ghrádhmhar chóir.



Ach is feas dom go mbíodh deaghlaoithe is seanchus
Tráth fá ghradam im cheanntar féin,
Is gur mhair ann filí gur bhinn a rannaireacht,
Thuill clú agus ceannas do bhárr a léighinn.
Mac Coise cruinn do bhí i Ros Ailithear,
Chúm sé filidheacht do bhuidhin na mainistreach,
Ach thaining thar tuinn lucht míllthe teagasga
Do loisg an chathair sin do bhí fá réim.



Is an uair ba dhuibhe do bhí na sgamaill ann.
Tar éis teacht do Ghallaibh anall thar sáil,
D'fhan eolas cruinn sa mhíor san, measaim-se,
Ar mhodhaibh chun ranna do ríomh gan cháim.
Ní raibh baile dá luighead gan saoi nó seanchaidhe
Gur neartaigh ann síol is dlighe na n-eachtarnach,
Is gur leagadh sa draoib fá chuinng is cheangalaibh
Na Gaedhil is sgaipeadh a gcainnt le fán.



Cá hiongna linn bláthchuid bárd i gCairbre
Le croidhe is le meanmna ag canadh ceóil,
Mar is follus gur áit thar bárr dá shamhail é,
Is a bhreaghthacht do dathadh air scéimh as cló;
An mhuir ar gach tráigh go grádhach ag labhairt linn;
Srotha le fán go sámh ag cantaireacht;
Spreagann gach lá chun dánta cheapadh sinn,
Is mór an tairbhe ghnídheas d'ár meóin.


L. 42


Maireann ann fós fothreoin den tseanathreibh
A ríomhas ranna i nGaedhilg ghlinn,
Is tré chongnamh mhaith mhór is comhacht an Araidmhic
Borrfaidh lucht teagasga ann arís.
Sin agaibh sgeól ó ógradh Chairbre,
Go gcloistear 'nár ló a chómhmaith d'eachtra
'Ghá chanadh trí Fódla ón gCóbh go Falcarach.
Slán libh feadh tamaill a éigse an ghrinn!



AN "NATIONAL BOARD."



Lorga liathbhán," cct.



Fonn — "Óró bog liom é,"



Mo ghoirm na daoine do sgaoilfeadh ár gceangal dínn,
Is bhainfeadh d'ár súilibh an sobal 's an ceo
Do chrapas Clann Mhíleadh do chríonas is dhallas iad
Ó luigheadar fá bhrataibh an National Board.



Óró tagaidh liom tagaidh a cháirde
Óró tagaidh is gáirfimíd fós,
Óró tagaidh as leagfaimíd tláthlag
Is fágaimíd beárnach an National Board.



Ró fhada tá foidhne le cladhaireacht an dreama againn,
Is mithid dúinn greadadh do thabhairt don chóip;
cuirimís lainncis go deighcheart ghá mbasgadh-san
Sgaoilimís gadhair leo agus canaimís ceól.



Óró tagaidh liom.


L. 43


Oideachas Gallda is rogha lesna fearaibh sin
Acht oideachas Gaedhealach is méin le 'nár slógh;
Is treise ar ár gcabhair-na gan amhras i mBanba
Ná congnamh lucht meathta san National Board.



Óró tagaidh liom.



Creididh a cháirde nách feárrde d' ar dteanga-na
An Bóirdín ró-Ghallda so i gceanas 's i gcómhacht
Is dá luathacht a cuirfeam go gonta ghá ngreadadh-san;
'Seadh is túisge do chífear ár dtírín fá threó.



Óró tagaidh liom.



COINTINN NA mBÁRD.



A bhreitheamh na héigse, is a chomhdhaltaí den Chumann — Níor bhfuiris
am tosnughadh ar an mionaiste seo le suaicheantus is deise ná an
ann úd ón Mangaire Súbhach ag Cúirt na Suadh:-



"Is fearr liom ná fagháltus an ríogh
Bheith Láithreach san bhínse gan ghruaim,
Chum ráidhtibh an dáin is gach laoi
Do thrácht is do scríobh san reacht nua."



Ón ló do chuireamair tosach ar obair Chumainn na hÉigse táim dá
cheapadh gur ceart dúinn sean-nósanna na bhfilí d'aithbheóchant, maidir
le hargóint is diospóireacht fébh mar bhíodh ag gach beirt aca-súd le
n-a chéile. Agus, mar adubhairt Seán Ó Tuama "ag sin bunadhas
cúise" na maoliarrachta so atá aga n-sa dá dhéanamh i nbhur gcomhair
indiu.


L. 44


Éinne go bhfuil "Filí na Máighe" spiúnaithe aige go cruinn is go
cúramach, tá roinnt den tsórt san diospóireachta léighte aige
cheana féin, acht ní muar dúinn go léir mórán eile do scanadh is do
mheabhrughadh, ionnus gur bhfhearrde ár n-eólus ar uaim, ar cheól is ar
bhinneas.



Muna bhféachainn do chomhdhaltaíbh Chumainn na hÉigse agus do
roinnt eile, ní bhfaghainn duine san dútha go dtiocfadh leis rann do
léigheamh mar ba chóir.



"D'aithle na bhfile dár ionnmhus éigse is iúl
Is mairg do chonnaic an chinneamhain d'éirigh dúinn,
A leabhair ag tuitim i leimhe 's ag léithe i gcúil
'S ag macaibh na druinge gan siolla dá séadaibh rúin."



Is amhla atá ag urmhór ár nGaedhilgeóirí ná mar adubhradh 'san
chaoine:-



"Cosa na ranna gan freagairt in uaim 's i rinn."



Ní'l freagairt ná comhfhreagairt, uaim ná comhuaim aca in éan-
rann, nídh nách tóigthe ar chuid aca, admhaim, mar "is deimhin ná
feacadar a mhalairt de mhúineadh!"



Is minic a chloistar uaill is margóid in ár dtimcheall i dtaobh
seanachainteóir dá chur in úir go brách agus ualaighe Gaedhilge mar
aon leis. Is muar an chailleamhaint dúinn a leithéid de chás, gan
amhrus, acht nach móide an chaill fear léighte rann is duan.



Ní fuláir dúinn, dá bhrigh sin, tuilleadh Gaedhilgeóirí do chur i slighe
na ranna do chruinnléigheadh is do thuigsint, ionnus go bhfaghmhís a
saothar féin ar ball ma bhíonn féith na filidheachta Gaedhilge in éinne
aca. Acht ní hi dtaobh leis an méid sin maitheasa bheimís-na ná iad
féin, mar, dá dtuigidís i gceart ná fuil acmhuinn an fhile ionnta
go fóill is dearbh ná beidís ag casadh le filidheacht do chumadh go
dtí go bhféadfidís i scríobh mar ba cheart. Agus ná fuil a fhios
agaibh go léir, a chairde, gur mhuar an nídh an méid sin? Nach follus
díbh in aghaidh an lae daoine ag tabhaist fé fhilidheachta do cheapadh
dhúinn, agus iad dall ar a leithéid, agus nár cuireadh an daille sin
in iúl dóibh. Is deacair bheith dian ortha, nuair ná fuil ortha acht an
dá locht san .i. a mbeith aineólach ar fhilidheacht, agus ar a n-ainbhfios


L. 45


féinidh! An cuimhin libh a ndubhairt Donnchadh Ruadh leis an laighnach
do thug fé ranna Gaedhilge do cheapadh do Thiobóid Builtéar? Seo
rann de chuid Dhonnchaidh —



Tuigim it thuireamh a laighnaigh
Gur thuillis a bhfaghair ar do phort,
leanann tú oideas do dhúithche
Gearrann tú fút agus thort!"



Níor fhéad an laighnach san "casán an fhile" do leanmhaint, agus is
mdhó duine dá shamhail atá againn indiu. Tá súil agam go dtiocfaid
ar atharrach béas ar ball, nuair a thuigfid i gceart luime is nochtacht
a gcás.



Ní bhainfeadh sé thar mí de chuid dár nGaedhilgeóiribh filidheacht
Ghaedhilge do léigheamh mar ba chóir, acht a mhúineadh dhóibh cionnus é
amh: tá deimhin air sin agam cheana, mar do "chonnac go leór
den tsórt dá dhéanamh." Gheobhdís greann is sult go leór ins an
obair sin — i léigheamh "Filí na Máighe" abair, nó a leithéid eile de
leabhar. Ba chóir gur bhinn leó an cur is an cúiteamh, an fhreagairt
is an athfhreagairt a gheóbhfar ins an diospóireacht ag na filíbh.



Féach ar scríobhadh i dtaobh "Preabaire": is minic do léigheas héin
cheithre huaire in aon ló na sanna searbha do chuir "Fearghus
Fionnfholtach" .i. Tomas Ó Gliosáin, chum an Athar Nioclás Ó Domh-
naill, bráthair d'órd Phroinsiais, Áth Dara —



"M'aindeis mo dhochar ler gonadh mo chroidhe im lár,
'S ní capall bheith mothuighthe gonta ag an mbuidhin is cás,
Acht danair n-ár mbrógaibh go socair 's ár saoithe ar fán.
'S ár manaigh go n-obaid a n-oifig gan groidhe-each d'fhagháil.



Each níor iarr Proinsias dár ghealladar réir,
Ní mar sin don chliar 'n-a dhiaidh rug barra air i gcéill!
Is eachrach srianach iad 's is faisionta a ngléas,
Go flaitheas ag triall, sin Dia leo is rachmus an tsaoghail!


L. 46


An saoghal ní bhfuil anois ar díth eólais,
Is ná géilleadh roimhe don iomad síobhróga,
Ní séantar linn-ne bith na mbuidhean gcródha,
I gcéill ó chuirim friotail Uí Dhomhnaill.



Uí Dhomhnaill aigeanta, is seascair an gníomh bráthar
Na nósa sheachaint do leanadar príomhfháidhe,
Na bróga maide 's an seanfhaision míshásta.
'S ar rónbhrat gharbh is malairt mhaith míncháimbric.



Cámric sciomartha is uigionna maingléiseach
In áit na bhfuilt ghiorra ar fhuirinn na ngarbhléinteach,
Cánaí is fuipeanna in ionad a ndisréada.
Is ní gnáthach duine aca anois gan maig is béabhar.



A Dhúilimh dhil anois nach ait a gcúrsa?
Cé múinid sin gurab ionad maith do chúirt-si,
'S gur tú an sruith ó ritheann raith is flúirse
Is nach fiú leó dul de chois ar fad dot dhún-sa!



A dhuine ró-ghlic ní thuigim deis do scéil,
It mhuirear go bhfuil tú anois 's gur breis dot phéin;
Is iongna an friotal san 's go ndeir gach n-aon
Do dhuine gan bhuin mar choin nach beag é féin.



Is truagh liom an Gaedhilgeóir ná fuil ann "deis an scéil" do
thuigsint. Cá bhfuil an té úd do gheobhadh an oiread san seirbhthin ná
leath an oiread san géire do luadh ina chomhmhéad de phrós?



Measaim go n-oireann a leithéidí sin de rannaibh go maith do
dhaoinibh a bheadh ag foghluim cionnus bhéarsaí Gaedhilge do léigheamh;
b'fhearra dhóibh, go deimhin, iad do scríobhadh dhóibh héin; agus táid na
mílte aiste insan R.I.A. léighfead roinnt samplaí dhíbh acht má
bhíonn éinne tuirseach díom abradh sé amhla agus stadfad go
fonnamhar.



An tráth do phós Tadhg Ó Ríordáin, nó nuair bhí sé chum a phósta, do
gheall sé don mhnaoi ná beadh a thuilleadh bainte aige le sna filíbh
Ar seisean leó:


L. 47


"Do ráidh an ainnir liom, ní abraim cé hí acht gur bean,
Nár bh'aithnid di san Bhanba lucht grinn acht lag,
Táim scartha libh muna dteagmhainn san tslighe nbhur measc
D'eagla ná Leanfadh mise an bhuidhe ná an bhreac."



Sidé an freagra do thug Diarmuid nó Muircheartach Ó Súilleabháin
ar Thadhg ins an méid sin:-



Ar a dtarraingthar ón ngeadaigh bhric is ón mbuidhe de lacht,
Ar thairbhe na ceannfhinne is cíordhubh an ghaid,
Ar ar ghlacais-se de theagascaibh ó mhíle bean,
Níor scartha dhuit re caidreabh na saoithe sean.



Dá dtagadh sioc is sparainn ar feadh míosa i gceap,
Is sneachta tiugh dá leanamhain arís go pras,
Fearthainn fhliuch is anaithe dhen ghaoith andeas,
Do b'aindeas bheith dá stracaireacht as tuinn an bhreac.



An tan mhaireadar na dragain chuthaigh ó Bhaoi na mbarc.
'S an aicme sin den Charrthachfhuil ó laoi na n-eas,
Níor bh'fhearra bheith ag reachtaireacht na buidhe cois scairt
Ná ag radaireacht 's ag aithris suilt is grinn 'n-a measc.



Mo lom mo scíos mo dhíth is m'achlán bróin
Gan labhairt sa tír ar bhuidhin na bhfad-gclár n-óil
Do bhronnfadh fíon is cíos do sheanndáimh shóghach
'S do thoghfadh sinn thar druing na ndartán bó.



Domhnall Ó Súilleabháin an chéad duine eile do labhair; chúig ranna
do bhí ina iarracht, agus seo dhíbh an tríomhadh ceann díobh, agus an
ceathramhadh ceann:



Dearbhaim gur b'aithnid dam san tír seo seal
Bailte puirt is graidhtheach cnuic is caoirigh is ba
Ag gasra ba cheannusach le tigheas nár lag
Is gasta chumadh ranna suilt is laoithe i gceart.


L. 48


I bhflaitheas Chuirc is Chairbre agus Chuinn is Airt
Is gach flathachuradh chalma ghaibh ríoghacht is raith
Ba cheanamhail an ghasra ar ar luighis a bhean
Is ret shamhail-se gan easba aca le linn na bhfear.



Is beag foidhnne bhí ag Domhnall le suffragette do réir
dheallraimh!



Thug filí eile fé Thadhg is fé ráidhte a mhná agus fé sna seanabhuaibh
ba ghnáth ar stoc aige, acht is fada le luadh an scéal go heirball.



Measaim gur chuireas fé chló in áit éigin an rann do cheap
Donnchadh Dall Ó Laoghaire mar fhreagra ar rann do rinn Tadhg
ionnus gur buaileadh an dall: is annsan adubhairt Donnchadh:-



Mo thiubaist mo dheacair mo dhainid mo léan mo threighid
Cine na ndragan ba chalma tréan i maidhm
A ndruidim thar caise 's ná tagaid fém dhéin le meidhir
D'fhúig brise mo bhaithis in aisce leat féin a Thaidhg.



Seo rann eile do cheap Donnchadh ar a chúrsaí féin: ní fuláir nó bhí
duine éigin dá mhaoidheamh go raibh Donnchadh tógtha le nídh éigin:-



A fhile cad b'fáth dhuit rádh go mbeinn-se suas
Is ar imthigh tar sáile 'em chairdibh féin go buan
An tiubaist gur fháisc a lámha go léir im buaic
Mo ghiolla 's mo láir d'fhagháil bhá's in éinfheacht uaim.



Míniughadh an scéil ná raibh de ghiolla aige acht an láir sin!



Ní dócha gur chruinn dam a rádh gur scríbh Donnchadh puinn acht do
cheap sé a lán, agus dá mba sa ghallbhéarla bheadh mórán dá chuid
ranna is minic a bheifí á mhaoidheamh gur human documents iad.
Ní bhacfad a thuilleadh le Donnchadh annso, acht trí cinn eile dá
rannaibh do léigheadh:-



Do bhíos im leaba go hathtuirseach tréith im luighe
Araoir tré ainbhfios tamall ag éad re Críost
Tug cíos gach fearann do ghallaibh in aolghort Fhloinn
Is Gaoidhil dá leagadh dá gcreachadh 's dá gcéasadh shíor.


L. 49


Mo scíos nach lasair ó Fhlaitheas do léigis trínn
Nó an díle thabhairt gan aiseag thar céile Chuinn
Seoch díth na gCarrathach gceannusach dtréitheach ngroidhe
Bheir sinn dár bhfeannadh ag fanatics claona an fheill.



Do bhíodar tamall go carthannach déarcach caoin
Ba bhinn a n-easpoig a manaigh 's a gcléir ag guidhe;
Ó's fíor gur peaca thuit artha rinn faolchoin díobh
A Chroist cé'n Sasanach smeartha nár réab do dhlighe.



Is mdhó Gaedhilgeóir ghabhann thar an mBaile Gallda agus é ar
thurus go Colláiste Bhéal Átha an Ghaorthaidh gach samhradh. Ní
fheadar a gcuimhnigheann éinne aca ar Dhonnchadh Dall, an píobaire
ceóil, nó an eól dóibh a leithéid do bheith riamh ina bheathaidh ann.
Nár mhór an nídh do chuid de mhacaibh léighinn an Cholláiste sin
tuairisc filí an cheanntair do chur agus aistí do chur le chéile ar a
gcúrsaí?



Acht is mithid dam stad den iarracht.



FIACHRA ÉILGEACH.



FREAGRA.



Ar dhán molta do chuir "Sliabh geal gCua" san "Waterford Star."



Pádraig Ó Dálaigh, cct.



A "Shliabh geal gCua" dár dhual an chaoin-Ghaedhilg,
Is briathra suadh, is buaidh na fíor-éigse,
Is mian liom duan beag suarach díchéille
Do riar gan chluain dod chluais le croidhe bhuidheachas.


L. 50


Bead buidheach go deo de'n chróbhaire chruadh-ghaedhlach,
De'n tséimhfear chóir de phór na mbuan-Déiseach,
I stair 's i sgeól na dtreón tá suadh-léigheanta,
Fuair meas is módh gan ghó ar fuaid Éireann.



Fuaid Éireann uile gídh minic mo shiubhal fhéineach
Ó'n léim go Doire 'só Shligeach go Dún Laoghaire
'S gídh aerach aoibhinn tíortha is triúcha Éireann
Ní bhréag gur gnaoi lem' chroidhe-se dúthaigh Déise.



In Déisibh theas tá machairí 's árd-shléibhte
Tá réidhte ruadha is cuanta lán-éisgeach'
Tá coillte glasa is bailte is feárr féile
Is aer ó'n bhfairrge chasfadh an tsláinte ar éinne.



In Déisibh theas tá gasradh breágh Gaedhlach,
'Dir thréan is sean, fearaibh is mhnáibh séimhe,
'S cois na tuinne tá bile de'n dámh leigheanta,
Do sgríobhann go cliste a ghiota ar árd-Réilthínn.



Sa "Réalt" ar mh'fhallaing gur thagair go breágh líomhtha.
Dom fhéin mar mheasas 'dir magadh agus dáríribh,
Dom mhéinn deaghmhaisigh, dom charadas sár-dhíleas,
Is tréithe dhá malairt i m'aigne nár shíleas.



Acht shíleas gur chaithis-se tamaill sa Bhlárnainn thiar
I mbíonn ann bladar dá chanadh de ghnáth go fial,
Go bhfuairis do cheacht ann go haibidh, 'dir rádh is riaghail,
'S nuair bhuailis abhaile gur bhainnis as Dálaigh triail.



Acht thriall mo smaointe síos go luath léireach
Dtí'n baile n-ar shíolruigh buidhean ded' mhuar-ghaoltaibh
Bhfuil buaidh fá thrí — filídheacht is stuaim is féile — ann,
Is thuigeas nár chleachtais acht cleasa na suadh-éigse.


L. 51


CEANGAL.



'S a éigis aitis ó fhearannaibh Shléibh, ghil gCua,
Id' mhéinn 'sid' mheanmain charthannaigh féin tá'n buadh
'Sna tréithe maithe do bhraithis Le chéile uair
Id. straere carad ó thalamh na nDéise suairc.



AMHRÁN DÓTHCHAIS.



Pádraig Ó Cruaidhlaoich, cct.



Ar fonn: "An Craoibhín Aoibhinn Áluinn Óg."



Sin agaibh gan mhoill gan bhaois i mbréithribh
Suim dem shaothar, ádhbhar nódh,
Breacaithe síos go fíor gan féire,
Suidheamh na scéal nár háiríomhadh fós,
Ag tagairt go cruinn do bhuidhin an laochais
Tá ag tarraing 's ag tigheacht go taoibh Bhinn Éadair,
Chun tairbhthe tíre íogharghluis Éireann,
'Sí an Craoibhín Aoibhinn Áluinn Óg



Lasann mo chroidhe im chlí le saorghean
Nuair chím ag téacht ó áird gach cóig
Maithe gach baill fé íoghair na céille,
Bríoghmhar béasach bádhach go leór,
Chun teangan a sinsear críonna a shaoradh
Ó anachainn tshíor gach slighe badh bhaoghal di,
'S a tabhairt arís gan scíth n-a réimrith
Dá Craoibhín Aoibhinn Áluinn Óg.


L. 52


Gedh fada do bhí sí síos gan faeseamh,
Síor gan saoradh i n-áladh is brón,
Dá cartadh 's dá claoidhe le dríodar daorscor,
Síol lucht béarla nár ghráidh a sórt;
Le faltanas fill is fíoch na bhfaolchon
Dá bearradh go croidhe 's dá snoighe ar gach taobh dhi,
Gan caraid n-a timcheall, ná buidhean dá caomhnadh
Dá Craoibhín Aoibhinn Áluinn Óg.



An tan bheartuigh le síolradh saoithe Éireann
Í bheith traochta tláth thar fóir,
Tig scamalla duibhe do mhill a gcéadfadh
'S do chlaoidh a n-éirim tráth go dreóil;
Gan ranna dá ríomh ná suim i ndréachtaibh,
Ná racaireacht ghrinn ag buidhin na héigse,
Acht gramlaigh fill dá mhaoidheamh gur thréason
Don Chraoibhín Aoibhinn dánta is ceól.



Le hachtaibh aindlighe do fríth don tsaogal
An Craoibhín éilge i ngábhadh gan chóir;
Do sladadh a maoin le cíocras claontais,
A croidhe go haedhibh gach tráth dá dhóghadh;
A clanna thar tuinn de shíor i ndaorbhroid,
Nó i nglasaibh gan scaoileadh n-a dtír bhocht féinig;
Acht gur sheasaimh an síol go síordha ar éigin
Dá gCraoibhín Aoibhinn Áluinn Óg.



Le haradthoil ÍOSA, rí gach réidhtigh,
Ó's tríd do saoradh táinte is mó,
Do chaitheadar díobh arís an dlaom soin;
Tá taoide an lae 's an báire leó.
Ní faicfar arís sa chuíntinn chéadna
Pearsa de phríomhstoc líne Ghaedhil Ghluis;
Sin atharrach slighe agus dlighe gan bhaoghal
Le tigheacht ar Éirinn áin na slógh.


L. 53


A chraobhmhaicne Mhíleadh dhon mhír is aosta,
Síol na laoch nár stán i ngleó,
'S tug argain faoibhir ar bhuidhin Tuirgéisius
Le bríoghacha a ngéag dá dtnáthadh ar feódh,
Ní heaglach dhíbhse bíodhbha 'á thréine,
Acht seasamh le fíre taoibh le chéile,
Bhur mbearta 's bhur ngníomh bheith dílis aonda
D'bhur gCraoibhín Aoibhinn Áluinn Óg.



Beidh talamh gan chíos arís ag Gaedhlaibh,
Saoirse is séan is ádh gach sóirt,
Cantaireacht bhinn i bhfuighlibh Gaedhilge,
Scríobhadh is léighean is ársacht nóis;
Clanna cirt saoithe Inse Féidhlim
Go rabairneach ringceach fíontach féastach;
'S le gradam glan díograis óm chroidhe don scléip sin
Go ndíogfainn féin a sláinte ar sógh.



IRISLEABHAR NUA.



Pádraig Ó Cruadhlaoich, cct.



Fonn — "An Craoibhín Aoibhinn Áluinn Óg."



<Tamall ó shoin do bhítheas chun irisleabhar nua do thabhairt amach i
gCúige Mumhan. Do hiarradh ar Phádraig amhrán do scríobhadh ag
fáiltiughadh roimhe, agus dubhairt sé na ranna so i n-ar ndiaidh.>



Dé bheatha-sa chughainn a phlúr na déise
Chumhra chaomhna cháidh gan smól,
A irisleabhair Mhumhan, go dúithchíbh Éibhir,
Ag tnúth le faeseamh d'fhagháil ón ród.
Mar mheasaim is fiú do chúntas d'éisteacht,
'S ar thaiscis-se chughat ón dtriúch go chéile;
'S is teagascach umhal tu i bpungcaibh Gaedhilge,
Asra an Craoibhín Aoibhinn Áluinn Óg.


L. 54


Tá atal it chionn ar dhrung na cléire
Ag dúbailt céadtha fáilte romhat,
'S dá n-abrainn riú-san crú na héigse,
Thabharfadh géille is grádh dhot shórt.
Ní'l faraire clúmhail ná cúilfhionn mhaordha
D'aradstoc ionnraic Niúil mac Féinius
Ná glacfaidh n-a rúm tu cúrsa it aonar
Go súgach saordha sámh gan bhrón.



Glanfaidh an smúid go humhal de spéarthaibh,
Tá an Chúig go léir i ngáirdeas romhat;
Tig atharrach gnúise ar chiumhais gach gaorthaidh,
Ubhla, caora, blátha is cnó.
Ní'l caladhphort dún ná dúirlios aosta
Ó Charraig na Siúire anonn go Béarra
Le taitneamh dot chúis dar liúm ná géimfidh,
'S is umhal bheidh éigheamh na mná sidhe leó.



Glacfar ar dtúis in Dún na nGaedheal* tu
Le plúr na féinne don tálfhuil chóir;
'S gach cantaire fiúntach úr mhic léighinn díobh,
Cumfaid dréachta is dánta it chomhair.
Ceartuighse chughat it thrungc le chéile iad,
Fé eagar go ciúir le flúirse téicsa;
'S ar do bhalait bíodh dlúthghlas dúnta gléasta,
Súnn go dtéighir leó tráth chun cló.



Mo theagascsa chughat sa chúigmhadh bhéarsa,
Is tabharfad saor gan cháirde leó;
Ná greamuigh aon phriútach dúr thar Téitis,
Ná brúideach Bhéarla nár chráibhtheach nós.
Talthaigh ar dtúis is tabhair searc cléibh uait
Don ghasra shúgach ba thúisce it éileamh;
'S ar thaisteal gaibh chughainn le rún do scéalta,
Arsa an Craoibhín Aoibhinn Áluinn Óg.


L. 55


BRÍSTE SHEÁIN.



Pádraig Ó Cruadhlaoich, cct.



Fonn — "Casfam araon ná géadhna romhainn."



Mo chruadhtan mo dheacair mo lagar tréin intinn,
An eachtra ghrinn seo do chluinim ag mnáibh,
Ar thuathalbheart theangmhaig d'ár bpreabaire thigheasaigh,
Is amar gan scaoileadh do tharraing ar Sheán,
Ó Tuama dhíbh a ainm gan mhairg gan mhíghreann,
Ón Seanachluain shíolruigh ó mhaithibh do b'fheárr;
'S is truagh linn é ar leabaidh gan taisteal na slighe aige
Ó sladadh a bhríste, is gan faice ar a thárr.



Deir cuallacht an bhaile, agus measaim gur fíor dóibh,
Go bhfuil eagla roimh ghaoith an Earraigh ar Sheán;
Nár chuaidh sé gruig Aifreann salm ná íodhbairt
Le seachtmhain is mí gan easnamh ar lá.
Nuair chualaidh an sagart, nar cheachardha i n-intinn,
Dearbhadh fíor air is leathan do gháir,
Is dubhairt sé go maithfeadh gan fearg dó i bhfaoistin
Dá dtugadh trí mhí gan taisteal n-a dháil.



Ní buadhachbhile mheasaimse d'aradstoc Mhíleadh
Do bheartuigh an gníomh so chuir anfhaithe ar chách,
Acht guagaire gaige, nó sladaire tíre,
Ceamalach cnaoidhte, nó airciseach smáil,
Im thuairimse leanfar chun reatha ar an ríceach,
Go gcasa sé arís leis, nó a atharrach d'fhagháil;
Nó gan truagh dhó gan taise é nascadh fí gheimhleach,
'S na hachta choimhlíonadh air fí reachtaibh an stáit.


L. 56


Sé duairt Jerh. Horgan i bfarradh Chon Phíotair:
Preabaidh, a dhaoine, go haibidh roim lá;
Cuarduighidh dó an Charraig seo Bhaile Mhic Íre.
'S gabhadh tuile laisteas díbh fan ciumhsa an tSoláin;
Suas don Ghort Sceachadach, trasna an Chillín libh,
Ná maithidh don fhíoghradh go Cnoc na nDallán;
Thuaidh i gCéim Cairrge um eadarshuth bídh ann,
Is leanaidh libh síos go bun lios Scotháin.



Cuarduighidh Dúth' Ealla dhó is fearanna Chinn Tuirc,
Doirín na Graighe agus Lios na Saorseán;
Cruacha tuighe taiscithe ar eagla é luighe ionnta.
Go Cuilinn Uí Chaoimh mar ar mhinic fear áigh;
Don ruaig sin gan casadh dul trasna na gCíoghanna,
Cois Fleasca is na hInse, agus sioraidhe an Chrócháin;
An Ruachtach gédh garbh, ó bharra go híochtar,
Ceann Mara ar gach taoibh dhe, go ciumhsaibh na trágha.



Níor thuathal díbh casadh go scoil Mháistir Gaoithe,
Tá fear drama do scríobhadh ann i dteangain na mbárd;
Is luaimneach treathanmhear Glanfa sé an tslighe dhíbh,
Go Baile Bhéil Inse gach eanach is feárr;
Cuarduighidh an Daingean is Cathair Saidhbhín dó,
Is Doire Fhionnáin aoibhinn Uí Chonaill fuair bás;
Ó chuasaibh na Mainge go Cathair Chonrí dhó,
'S raghaidh maithe Thrágh lí libh dá fhaire ag an Spá.



Cuarduighidh gach carraig is folachas fraoigh dó,
Daingean na gcoillte agus raithneach fáis,
Ó bhruachaibh na leamhan go hAbhainn na Brighde,
Magh Ealla, Brugh Ríogh, agus as soin go Máigh;
Chun fuarthainn díbh stadaidh ag bearraicibh pílers,
Canaidh go fíor dóibh fachain bhar gcáis,
Is fé thuairim an ghaige seo nascadh fí gheimhleadh
Is tapaidh a scríobhfaid go Scotland Yard.


L. 57


Níor mhuar dham a dhealbh a thabhairt go cruinn díbh;
Tá a cheannacha scríbtha tar éis caismirt le mnáibh;
Guaireacha fada agus garbhfholt cíordhubh;
Scraiste spadbhruidheantach, sin masla dá cháil;
Tá an bríste ró-ghairid is ró-fhairsing fan cuim dó;
Is usaide dhíbh é aithint tar cách;
Cuanta agus calaidhthe fairidh san oidhche air,
Ar eagla é scíordadh ar maidin tar sáil.



CEANGAL.



Aitchim féin ar éigsibh críochaibh Eóghain.
'S gach neach gur mhéinn leis éisteacht laoithe sóghmhail,
Má castar aon mar é ar bhar slighe ar an ród,
Gabhthar é go dtéighidh chun díol le Seón.



MARBHNA DHOMHNAILL UÍ LAOGHAIRE.



Pádraig Ó Cruadhlaoich cct.



<Caoineadh é seo do chúm Pádraig ar bhás Dhomhnaill mhaith Uí
Laoghaire, ó Inse na Naomh, i nUíbh Laoghaire. Gaedheal gan
cháim agus file Líomhtha i dteangain a shinsear do b'eadh
Domhnall. Tá giota dá dhéantús sa chéad chuid de "Shaothar
Suadha." Fuair sé bás i mí an Abráin 1911. Beannacht Dé len
anam>.



Aréir im aisling dam taiscithe im aonar,
Gan suim ná aire ar chleasaibh an tsaoghail seo;
Fá scím n-a ndeachas níor bh'fhada mo thréimhse,
Arís tréin ainm gur gairmeadh saor me.


L. 58


Le dílse gealaim chun freagairt don ghlaodh soin;
Bíodhgaim, preabaim go tapaidh mear éadtrom;
Sílim, measaim gur pearsa dem ghaoltaibh
Bhí i ngeimhleach ceannairc, 's go rachainn dá éileamh.



Preabaim suas go luath mear éascaidh,
Is tugaim ruag fé stuaigh an tsléibhe,
Chun gur clos dom thíos cois taoibh an Ghaorthaidh
Gol mná sidhe dar cuibhe a héisteacht.



An tan dhrideas síos de mhaoil an mhaolchnuic
Seadh feasadh fíor dam brígh na scéalta;
Dearcaim í n-a suidhe n-a haonar,
Cois bronnaibh crainn ghluis aoibhinn chraobhaigh.



Ba dheas a gnaoi agus suidheamh a scéimhe;
N-a leachain mhín tig lígh tré chaoraibh;
Do scaip a dlaoithe síos go féar léi;
Agus Lacht a rinnruisc ag tígheacht go caobach.



Níor mheath mo ghníomh, cé bhíos im aonar,
Gan teacht go híogmhar don scríb sin taobh léi;
Fachtaim cruinn di i bhfuighlibh Gaedhilge
Fáth a caoighuil chaointigh chéasta.



Nó an a fear do bhí gan cuimse traochta;
Nó neach dá cloinn do scíord tar tréanmhuir;
Nó an beart, nar chuibhe dhi innsint d'aonne,
Do thug fá'n gcoill í gan buidhin dá caomhnadh.



Ar chlos mo ghutha don mhuirinnigh bhéasaigh,
Bhog sí a cuisleanna ó bhronnaibh a cléibhe;
Le tocht is tuirse do fhriotaill ar éigin:
"Och, a dhuine, nar chluinis an méala?"



"Is bocht an tiubaist seo thuiteas ar Éireann,
Bás an fhile do gheineall na Féinne;
Bás an griainfhir ghrianaigh ghléigil,
Domhnall Riabhach ó iath Uíbh Laoghaire.


L. 59


File fuinn le hintinn Ghaedhealach;
File grinn ba chaoine céadfadh;
File ciúil cumhra caomhna,
Is dalta na Múses ó thúis a shaogail.



Scoláire deachtaithe i ndleachtaibh na hÉigse;
Sás na ranna do scannadh le héifeacht;
Ní'l cáib ná saltair le tagra nár léir dó,
Ó thráth Dé Danann go maidin an lae indiu.



Cia chaoinfidh feasta go sanusda in' éaghmuis,
Ruire gaisce, sagart ná cléireach,
Saoi na suadh, druadh ná éigeas,
Ó d'imthigh uainn chun suain Ó Laoghaire?



Cáile thairis i bhfearaibh níor léir dam;
Cáile glana nár meascadh le féire;
Cáile feardha i bhfarradh na féile.
Is cáile calma chleachtadh sliocht Chéadaigh.



Is ná raibh ursa do fhine Mhilésius,
Ná rí da shine de righthibh na hÉilge,
Nach tré n-a bhfuilibh do geineadh ó phréimh é,
Dá dtídh do chuinus liom nochtadh ar a ngéagaibh.



Bráthair gaoil sliocht Ír is Éibhir,
Is Fáilbhe Finn mórdtimcheall Éireann;
Tánaiste íogmhar Chraoibh an éirligh;
Is bráthair Naois glainghríobh na mbéimeann.



Bráthair cumainn Chú Chulainn na dtréandtreas,
Is Cairbre Lifeachair ursanta léadmhach,
Cormac geal mac Airt na réadhfholt,
Airt mic Cuinn, is Chuinn na gcéadchath.



Bráthair Chaoilte ghroidhe na Féinne,
Is Chlanna Baoisgne ag scaoileadh an Laochuis,
Is Oscair mhuair rug buadh gach éinne,
Is mhic Cholla Uais na ruag ba ghéire.


L. 60


Is Chonaill Cheárnaigh chuir cáin ar chéadthaibh,
'S Chonaill Ghabhra teann le tréine;
Bráthair Ghráinne 's an ráib do ghéill di,
Is mhic an Dághdha le ráidhtear Aonghus.



Bráthair Oilealla Oluim 's a ghaolta;
Is bráthair fola do bhrollastoc chéin é;
Bráthair ceart i ngean 's i ngéille,
Do Dháil gCais na gcath do réabadh.



Bráthair Niaill na ngiall do ghléasadh,
'S do théigheadh go dian i ngliadh go féige;
Bráthair Bhriain fear riartha Éireann;
Is bráthair Dhúnlaing do thúrnadh céadtha.



Bráthair Eochaidh do chothuigh an fhéile,
'S an tIarla borbnirt cosantach Bhéarra,
Uí Dhonnchadha ghil an Tuirc 's an Léinloch,
'S Mhic Finghin Duibh ó ucht an Éin ghluis.



Bráthair sinsear craoibhe Uí Raoghallaigh;
Is bráthair buan Uí Ruairc ón mBréifne,
Uí Cheallacháin Chaisil, Uí Cheallaigh is Uí Chléirigh,
Is Mhic Con Mara do scaipeadh na séada.



Mac Cárrthaigh Riabhach ba thriath in' aonar,
Is Cárrthach laoi ba bhríoghmhar tréithe,
Cárrthach Ealla nár barradh a thréine,
'S fear lios na gCeann ag treabhadh ón bpréimh sin."



Tar éis do Chliodhna ríomh na ndréacht soin,
'S a ghéaga gaoil chur síos go saor dam,
D'abair sí linn feartlaoidh do dhéanamh,
Go ndeachaidh síos arís fá'n nGaorthadh uaim.



AN FEARTLAOIDH.



Is dubhach linn i n-úir chille traochta tím,
Gan cúntas ná súil lena théacht arís,
Búchbhile ciúir oilte is éigeas fuinn
D'úirshliocht go smúsach Uí Laoghaire Laoi.


L. 61


AISTRIUGHCHÁN GO GAEDHILG.



Deir an seanfhocal gur ar scáith a chéile do mhairid na daoine.
Is dóigh liom gur féidir an rud céadna do rádh i dtaobh teangtha.
Bhíodh is go gcuireann teanga teanga eile chun bháis, n-a dhiaidh-san is
uile má bítear i ndáiríribh um theangain d'aithbheódhchaint is é buaic na
teangan soin an oiread den iasacht do tharraing innti is a réidh-
teóghaidh léi. Bíonn saghas deighleála idir theangthaibh ar an gcuma
soin; bíd ag malartughadh seód a chéile: agus obair ar mhaithe leó
go léir is eadh é sin. Dá shaidhbhre is dá uaibhrighe de theangain an
Béarla féach cad é an ampal a bhíonn uirthi a d'iarraidh greim
fhagháil ar sheanrudaí na Gaedhilge is na Breathnaise. Moltar go
hard an "Celtic Note" i litridheacht an Bhéarla, ar shon gur minic
an moladh dá thabhairt ar earraidhibh nár geineadh ó aigne Cheiltigh.



Ós rud é go ndeineann an t-iasacht maitheas do theangain, nár
chóir dúinne, do mhuinnuir na Gaedhilge, féachaint amach agus cuid de
na seódaibh atá dá malartughadh idir theangthaibh eile d'fhagháil ar
iasacht is do chur ag deisiughadh ar dteangan féin? Ní dócha go bhfuil
ar an saoghal indiu, aon leitridheacht nár huaisligheadh go mór ó'n
iasacht í. Agus cad n-a thaobh go mbeadh scáth orainne roimh dheagh-
smaointe iasachta sa Ghaedhilg?



Do mheasas nár mhiste an cheist sin do chur dá pléidhe annso i
measc daltaí Chumainn na hÉigse. Ar an adhbhar soin ní dhéanfad
acht beagán smaointe a tháinig dam féin do chur síos, agus roinnt
samhláidí do thabhairt uaim, agus a fhágaint fúibh-se bheith ag cur leo
nó ag baint uatha de réir mar is mian libh féin.



Maidir le litridheacht, níor fhás sí riamh, acht a gnáthshaoghal is a
gnáthchainnt chinidh éigin. Ní fhásfaidh litridheacht nua dhúthchais sa


L. 62


Ghaedhilg go mbeidh greim ag an dteangain sin ar chroidhe is ar ghnáth-
shaoghal mhuinntir na hÉireann. Ná himthigheadh aon dearmhad orainn
ina thaobh soin mar 'sí an fhírinne í. Dá bhfaghaimís saidhbhreas an
tsaoghail ar iasacht, níor linn féin é ina dhiaidh-san.



Ní'l an scéal go ródhona ar fad againn, amhthach. Teanga ársa is
eadh an Ghaedhilg agus tá sean-litridheacht innti nach miste a cur i
gcomparáid le leitridheacht "teangthacha an léighinn" féibh mar
tugtar ortha. Sara dtéighimíd ar lorg an iasachta scrúduighmís ar
dtúis ar sean-leitridheacht féin ó Chéitinn siar. Deinimís cloch
bhuinn di sin, agus socruighmís i gceart í i dtalamh ar nGaedhilge
féin. Annsoin féadfam a thógaint ar an gcloich bhuinn sin fallaí
arda aolda pháláis ar leitridheachta nua. Tá iasacht agus iasacht
ann, agus an t-iasacht is comhgaraighe is é is fearr. Is í an tsean-
leitridheacht is comhgaraighe dhúinne d'fhonn leitridheacht nua do
sholáthar dúinn féin.



Ag aistriughadh ón SeanGhaedhilg dúinn féadfam an obair do
dhéanamh ar dhá shlighe: .i. é dhéanamh focal ar fhocal mar adeirthear,
nó athinnsint do thabhairt ar an scéal do chuirimíd romhainn. Tá
maitheas fá leith ag baint le ceachtar den dá shlighe, agus ní miste a
fhágaint fén gcearduidhe a rogha féin aca do ghabháil chuige. Nuair
bhítear ag aistriughadh "focal ar fhocal," ní cheadóghainn malairt
dola ar an gcainnt acht amháin ar scáith feabhsa an scéil. Tá samh-
laídí go leór againn ón Athair Peadair ar sheanscéaltaibh d'athinn-
sint, mar atá "An Craosdeamhan" agus "Eisirt" agus rudaí nach
iad.



Pé cuma ina ndéanfar an obair ní mór don aistriughadh bheith go
hinléighte is go taitheanach is go anamamhail; ní mór don chainnt
bheith go simplidhe is go nádúrtha. De réir a dheise is a shlachtmhaire
a bhíonn an scéal is eadh bheidh toradh agus meas air i ndomhan na
Gaedhilge.



Ní fuláir dúinn bheith aireach agus gan rudaí a tharraing thar n-ais
atá caithte uaithi, ag an nGaedhilg. Bhíonn teanga ag atharrughadh i
gcomhnuidhe, agus d'imthigh atharrughadh an donas ar an nGaedhilg le
tuairim is céad go leith bliadhain. Na comhfhocail mhóra is an uaim
do chleachtadh Céitinn, is daoine dá éis, ní bhfuighthidhe aon bhlas ortha
anois sa Mhumhain féin. Scéalta fóghanta agus cainnt nádúrtha


L. 63


ghonta sin iad na rudaí a theastuigheann ó mhuinntir na haimsire
seo; sin iad na hearraidhe a bhréagfaidh daoine chun na Gaedhilge do
léigheamh. Tá easnamh eile ar an nGaedhilg, ná baineann puinn le
leitridheacht; agus ní fuláir an t-easnamh soin do leigheas má's
mian linn an Ghaedhilg do chur ag foghnamh don tír seo feasta. Is é
easnamh é sin ná béarla ealadhan is tionnscail, is oideachais is
"criticism" is a leithéidí sin do bheith de dhíth orainn sa Gaedhilg
Sa tseana-shaoghal bhí an Ghaedhilg go maith chun tosaigh insna cásaibh
sin. Bhí béarla fe leith ag na filidhibh is béarla fá leith ag na
breitheamhain is béarla fé leith ag lucht céirde, agus mar sin dóibh.
Acht do thráigh an tuile léighinn ó imeallbhordaibh na Gaedhilge is do
fágadh í ar feadh abhfad go tur tirim dá éaghmuis; ise ag fiaradh is
ag dul ar gcúl agus an saoghal mór leathsmuigh dhi ag dul chun cinn
ar cosabocóid.



Tá eagla orm ná cabhróghaidh an sean-leigheann linn puinn chun an
easnaimh úd do leigheas. Is iomdhó cor a chuir an saoghal de ó bhíodh
an sean-léigheann fé réim. Is iomdhó sean-ealadha gur imthigh
dearmhad uirthi. Is iomdhó ealadha nua atá tagaithe i bhfeidhm.
Déarfainn, amhthach, gur mhaith an rud an sean-léighinn do chuardach
agus toradh an tsaothair do thabhairt isteach do chuimhdach an léighinn
nua.



Is ar theangthaibh iasachta nach fuláir bheith ag braith chun na hoibre sin.
Ina léithéid sin de chás is eadh d'fhóghnfadh aistriughadh. Ní bheidh toradh
ar an nGaedhilg go dtí go mbeidh árdléigheann agus árdsmaointe
innti. Ón uair ná fuil puinn díobh go hoireamhnach innti cheana
féin caithfar raidhse aca d'fhagháil ar iasacht. Nuair raghaidh an
teanga ina dtaithighe sin béarfa sí féin tuilleadh.



Acht caithfear a admháil gur teanga lag í an Ghaedhilg, agus an
deallramh atá uirthi fé láthair. Dá bhrígh sin ní réidhteóghadh an iomad
den iasacht léi. Is amhlaidh do báithfidhe ann í. Ar an adhbhar-san do
b'fhearr gan dul rófhada i leith an iarachta. Ní fuláir tarraing air
go réidh, agus a mheascadh go maith ar bhiadh dhuthchais na deaghchanamhna.



B'fhéidir nár bh'fhearra dham rud do dhéanfainn ná beagán solaoidí
a thabhairt ar aistrughchán a teangaibh iasachta. Is saith liom a rádh
gur i bhfilidheacht atáid, acht ní'l leigheas agam air sin.



Ar dtúis don Bhreathnais. Is í an Bhreathnais an teanga dena


L. 64


teangthaibh iasachta is comhgaraighe agus is dlúithe gaol don Ghaedhilg.
Dá bhrígh is usa aistriughadh go Gaedhilg uaithi-se 'ná ó theangthaibh eile.
Tá filidheacht bhreagh innti, agus go háirithe amhráin ghrádh gur dócha
nach fuil a mbárr le fagháil.



<Na giotaí ón mBreathnais do léigh Torna táid i gcló cheana féin
i "nGuth ón mBreatain," agus do ceapadh dá réir sin nar ghábhadh
a gcur annso.>



Ní'l puinn cuardaigh déanta agam ar theangthaibh na hEórpa. Acht
ón dtaithighe atá agam ar an bhFraingcis is ar an nGearmáinis tá's
agam go bhfuil a lán ionnta nar mistide an Ghaedhilg a fhagháil uatha.



Tá saothar mór leitridheachta ionnta araon. An fhilidheacht atá sa
Ghearmáinis ní ródheacair í chasadh i nGaedhilg. Tá a furmhór go
huasal is go hardaigeanta acht is baoghlach go bhfuil smaointe abhfus
is tall innti ná réidhteóghadh aigne an Ghaedhil leó. Ar chainnt scurtha
iseadh is fearr an Fhraingcis. An fhilidheacht atá innti-sin níor mhór
do dhuine diantaighthe uirthi sara dtuigfeadh sé dhi, tá sí chomh casta
soin. Ní mar sin atá filidheacht na Gearmáinise ar aon chor. Rud
eile, tá aiceann láidir ar chanamhaint na Gearmáinise díreach mar
atá sa Ghaedhilg, agus is maith an congnamh é sin don té bhíonn a
d'iarraidh giota d'aistriughadh go Gaedhilg. Ní áirímhtear an t-aiceann
i bhfilidheacht na Fraingcise.



URNAIGHTHE AN DÍLLEACHTUIDHE.



(Mme. Amable Tastu do chéadcheap).



A Athair na ngrás do fágadh mé go fann
Im bhád gan stiúir
Gan athair an ghrádh, gan mháthair chléibh mo lom-
Nach gnás ag trúip;
Acht claisim gach lá do rádh-sa im ghaobhar go teann
"Árduigh do shúil"!
Sin Athair don bhfánuidhe, atá ar an saoghal gan chabhair,
I n-áirde annsúd!"


L. 65


AN SRUTH AGUS AN MHUIR.



(Victor Hugo do chéadcheap).



Do shileadh sruth de charraig léith
N-a dheóraibh tiugha sa tréanmhuir ghuirt;
Dubhairt, tráth, an fhairrge i mbáithtear-céad:
"Bhfuil gnó agat díom, a bhé seo an ghuil?



Mise an t-anfhaithe, mise an fraoch;
Go ciumhais na spéire atá mo chur.
'S ó's mise an mór, a bheag mo chléibh,
Cá bhfuil mo ghábhadh 'et leithéid anois?"



Dubhairt an sruth de ghlór i gcéill:
"Do-bheirim duit go séimh, a mhuir,
Braon den uisce, ionóla i mbéal;
Sin rud ná fuil ó phréimh agat!"



NA GREANADÚIRÍ.



(Aistriughadh ar Die Grenadiere, de shaothar Heine.)



Ag filleadh ar an bhFraingc do bhí beirt ghreanadúir'
Do gabhadh insa Rúis i dtreó catha;
'S ar bheith dhíobh i dtaisteal thar n-ais tríd an Phrúis
A gcinn buaileadh fútha go haithreach.



'San áit sin do chualadar tuairisc an léin:
An Fhraingc d'fhulaing éigin na bhfleascach,
An t-ár ar a sluagh, cé gur bhuacach a réim,
'S an tImpire féimig fé ghlasaibh.



Ar árdghol go fuidheach seadh do luigheadar araon
Ag cásamh an scéil is ag cneadaigh;
Dubhairt duine aca: "A Thighearna! sin claoidhte mé i bpéin,
'S tá an nimh ar mo chréachtaibh ag casadh!"


L. 66


An duine eile dubhairt: "Uch, mo chumha agus mo léir!
Faghaim bás, ó taoi taobh liom, a chara;
Acht mo bhean is mo chúram is dubhach a bheid féin,
Agus seachtmhain im éaghmuis ní mhairfid.



Acht ní cás liom mo bhean, ná ní saith liom a clann;
Táid dualguisí ann is mó gradam;
An t-ocras má bhlaisid súd, glacfaid an mang,
Acht, an tImpire, mo channtlamh é i gcarcair!



Iarraim ort d'fhábhar, a bhráthair mo chléibh,
A luaithe don éag so do thagaim,
Don bhFraingc leat mo chnámha-sa d'árdach i gcéin
Is mé shíneadh go réidh ann i dtalamh;



Mo chroisín onóra do chóiriughadh lem chroidhe
'S a ribín ar snaidhm ina baitheas;
Mo ghunna-sa im dhóidibh go fógarthach cruinn,
'S mo chrois is mo chlaidheamh díom ar ceangal.



Luighfead im aonar ag éisteacht go ciúin
Mar bheadh faraire annsúd fé na leacaibh,
Go gcloisfe mé pléascadh agus géim na gcanún
Is seitreach is lúithrith na gcapall.



Nuair is mear ós cionn m'uaighe-se do gluaisfar fé réim
Le gliongar is spréacharnach cloidhmhte
Annsoin preabfad go suairc as an uaigh sin de léim
Chun m'Impire féinig do chosaint!



Seo aistriughadh ar ghiota bheag eile de shaothar Heine:-



LYRISCHES INTERMEZZO — 22.



Dá mb'eól soin dona bláthaibh,
A bhreóidhte atáim-se im chroidhe,
Do chaoinfidís bpáirt liom
Mar adhbhar soláis lem thaoibh.


L. 67


Dá mb'eól soin d'éan na hoidhche
A mhéid do bhím fá phéin,
Do líonfaidhe gleannta is coillte
De cheól a bhinnghuib fhéil.



Dá mb'eól do réalthaibh órdha
Na spéire an brón so 'om shnoighe,
Do thriallfaidís, gach comhgar,
Anuas dom chomhairliughadh tríd.



Mo bhuairt, mo phian, mo ghéarghoin.
Ní heól, acht d'aenne amháin!
Mar is í do loit 's do léirmheil
An croidhe bocht léin im lár!



Agus giota eile arís ón bhfhear gcéadna:



MUIRTHAISTEAL.



ROMANZEN. — 14.



Im sheasamh bhíos, mo dhruim le crann,
'S mé ag comhaireamh tonn na taoide;
A thalamh dhúthchais, slán go rabhair!
Tá mo bharc ag preannsadh roimpi!



Do ghabhas tar brághaid an tighe agem stór
'S i ngach fuinneóig bhí solus;
Dá dhéine d'fhaireas iad, mo bhrón,
Ní bhfuaireas comhartha an tsonuis.



A dheóra, stadaidh! leigtear dúinn!
Ná bhíom le dubhchas dála!
A chroidhe seo im chliabh, ná bristear thú,
Cé mór do phúdhair fé láthair!


L. 68


Seo aistriughadh ar ghiota do scríobh Schiller ag fáiltiughadh roimh
an Earrach:



AN tEARRACH.



"Dé bheatha-sa, a ógáin áluinn,
A sheóid bhreágh bháin an tsaoighil!
Atá ag teacht let chléibhín blátha,
Dé bheatha, is fáilte 'on tír!



"Ariú, is ann arís ataoi-se!
Nach deas do ghnaoi is do shnódh!
'S nach sinne raghaidh go croidhmhail
It choinnibh píosa 'en ród.



"An cuimhin leat féin mo mhúirnín?
Andagha, is í siúd í, a stóir!
Seadh, fuaireas grádh ón gcúilfhinn;
'S tá grádh aici dhúmh-sa fós!



"Is iomdha bláth, dhom chiallaigh
Do dheineas a iarraidh ort;
Seo chughat mé arís dá n-iarraidh;
Is tusa? is fial tú liom.



"Dé bheatha-sa, a ógáin áluinn,
A sheóid bhreágh bháin an tsaoighil!
Atá ag teacht let chléibhín blátha,
Dé bheatha, is fáilte 'on tír!"



Ní chomhairleóghainn do dhuine saothar leitridheachta d'aistrughadh ón
mBéarla ar aon chor. Cadé an mhaith dhúinn oibreacha Shakespeare,
cuir i gcás, do thionntódh go Gaedhilg agus gan duine i nÉirinn a
thuigeann leitridheacht ná fuil ar a chumus na hoibreacha soin do
léigheamh sa Bhéarla féin. Agus rud eile, is beag aistriughadh do


L. 69


thiocfaidh i n-aon ghaobhar do fheabhas an tsaothair bhunaidh. Má bhíd
an Ghaedhilg is an Béarla araon fé réim annso i nÉirinn, beidh
anchuid aistriughadh agus deighleála eatortha, mar atá ainmneacha
sráideanna, is achta dlighe i dtaobh madraidhe, is cúrsaí elections,
is ceanteála, is neithe den tsórd soin. I n-indeóin ar ndíchill beidh
aistriúghchán ó Bhéarla go Gaedhilg dá dhéanamh, agus is fearr dhúinn
leigean do "Chlassics" an Bhéarla go mbeidh greim ag an
nGaedhilg arís ar aigne na nGaedeal.



Acht tá a lán rudaí sa Bhéarla nar mhiste Gaedhilg do chur ortha,
acht an Béarlachas do sheachaint idir dhá linn. Is iomdhó leabhar agus
dán sa Bhéarla go bhfuil sprid maith Gaedhealach leó, agus dá gcurtí
Gaedhilg ortha-san badh mhaith agus do b'úsáideach an obair í.



Seo iarracht do thugas fén amhrán úd an Mhóraigh do chur i nGaedhilg:



Tá a leóghan geal fén gcré agus í féin abhfad uaidh,
Is dá héileamh bíd sluaighte le grádh dhi;
Acht seólann gach n-aon díobh go déarach ar cuaird
Mar tá a haonchroidhe san uaigh úd i gClár Luirc.



Is é ceól breágh na nGaedheal óna béalaibh is dual —
Na séise ba shuairc leis siúd d'áireamh;
Is róbheag is léir dá lucht éisteachta an ghruaim
Dá réabadh is dá suathadh ina lár-se.



A bheó ba dhá chéad searc, ba d'Éirinn a bhuaint;
Níor éilimh sé duais eile thársa.
Beidh Fódla go déarfhliuch ag éigheamh go lá an Luain,
Is n-a dhéidh, uch, ní buan bheidh a ghrádh geal.



Bíodh a fód-se le gréin mar a dtéigheann sí chun suain
'Sí ag déanamh deaghthuar don lá i mbáireach;
Beidh a lónnradh go glégeal ag sméide ar a huaigh
Ó Éirinn na buartha is na páirte.


L. 70


Agus seo lagiarracht fén amhrán bhreágh úd do cheap Sir Charles
Gavan Duffy, .i.



FÁG AN BEALACH.



"Dóth ná déinidh d'Éirinn tláith —
Féach a sáirfhir scáinte scartha;"
Sin é an scéal dá léigheamh os árd
Dúinn ag gráscar másach meathta;
Dúinne atá go bláthmhar aibidh;
Sluaighte Fáil tá an buadh n-a láimh,
Bídh gan scáth, ní gábhadh bheith faiteach;
Fógraidh uaibh fé bhuaraigh bháis
Truagh agus tráill le "Fág an Bealach."



Moltar Neart, acht Ceart is feárr,
Soin a bhráithre grádhacha machtnaidh;
Cleas ná neart na Sacsan smáil
Sinn ní fháiscfidh lá ná seachtmhain,
Linn má's áil bheith báidheach chun catha.
Ceanglaidh trá, le chéile ar áis —
Séanaidh gnás is cáil an scraiste —
Is, gaoth na Márta léire bhur námhad
Ag éalódh ón ár roimh "Fág an Bealach."



Éist le glór na slógh so Fáil
Fé chiachán ón gcrádh 'nar caitheadh:
D'éis gach breódh tá ár gcomhacht go hárd;
Dóth is dáil tespeán dúinn feasta,
'S déanfain ár is lámhach dá bharra;
Bíom le cóir go cródha, ámh;
Treóruighidh tráth, 's is sásta leanfam;
Faill is fána is aibhne is áird
Cloisfid gártha is "Fág an Bealach,"


L. 71


Gabhadh an Uaine suas gan scáith
'S í le háireamh táinte an cheannais,
Feidhm 's a luach, is suairceas sámh;
Seannlucht stáit, 's an dámh ar eascar —
Seinnfid áille a cáile i starthaibh.
'Nois an t-am — gura teann bhur n-ágh;
A fheara Fáil, sa bheárnain tagaidh!
Suas le Saoirse is síos an námhaid!
Cloiseam gáir le "Fág an Bealach!"



TORNA.



COIMHFHREAGAIRT.



Pádraig Ó Cruadhlaoich, cct.



Do Thorna.



A rúin dhil 's a chaomhnach na mbúchmbruinneal mbéasach,
Thug súnn searc do bhéasaibh na seandraoi uais,
Do mhúchais gan téarnamh dubhaire mo chléibhe
Le cúnntas is déadhnaighe dá n-airighim uait.



Is rún dam gur méinn leat a dtabhairt sin le chéile,
Drúnga na héigse san ealadhain tsuairc,
Chun dúbailt a ndréachta go húlmhar le chéile
Ar chúrsa na hÉireann tre chathaíbh cruaidhe.


L. 72


Ar lúthmhaire ár Laochradh, ar ionnraice tréithe,
Ar fiúntas na bhféinnidh do thaithigheadh buadh,
N-a ndúnbhrogaibh aolmhara a chúmhdaigh an fhéile,
Agus túirling na héigse ar a hallaíbh cuaird.



Ní hiongnadh ná staonaim ag súil le bhur ngléirnguth,
Le dúil beith ag éisteacht le gleacaidheacht suadh,
Tre úirtheangain Ghaedhilge do túrnadh le tréimhse,
'S í i bhfiúntar go n-éagfadh a' taithighe uainn.



Mo chúmha thríom, nach léir dam i ndúthchas ceart Féilim
Aon phrionnsa den Ghaedhlfhuil, dár cheartuigheas thuas,
Thiubhradh spiúnadh agus éirleach ar dhrúngaibh an bhréanphuic;
'S níor thruagh liom ag béicidh gach maistín cuain.



TORNA, cct



Ag freagairt air sin.



A bhúidhbhile bhéasaigh dar dúthchas gan chlaon bheith,
A srúillibh na ndébhan ó scagthaí duain,
I gcongnamh don éigse do thiomnscain do ghléchrobh
'S ní mionnrach gan éifeacht do bheartuighim uait.



Do b'fhonn liomsa féin teacht an phrionnsa d'fhuil Ghaedhil Ghluis
Do spiúnfadh na méirligh i n-anaighibh ruag,
Acht Fionn flaith na Féinne do thúirling — ní géillfaidhe,
Ó's prionnsa gach éinne ar a phaistín tuair.



Is liúighrigh le tréaneas, is piúnt as an mbraonmhuir,
Is iomchur Chnuic Bhréandain tar Eachtaighe thuaidh,
Do shúilse le phoénix, do chumhdach na hÉireann
Le súmairí Béarla is le gaigí truagh.


L. 73


Na hughdair le héigse is na húrfhlatha dhéineadh.
An cúiteamh nár chaolchuid san ealadhain druadh,
I gcumhangrach an tsaogail do brúghadh iad i néinfheacht —
Thug súil ar leithéidna le faillighe fhuair.



A chnú ghil na n-ae ionnam, tá an dúrbhroid ag téarnamh
Gan prionnsa gan laochus gan chathaíbh uainn,
Le hionnracus éirime is tionnscal an chéachta,
Umhla agus léigheann agus ceannaigheacht chuain.



Bí it dhúiseacht gan aonmhoill, is siubhluigh go haerach
I gcongnamh do Ghaedhlaibh sa bhfastaím shuairc,
Ag dúbailt do dhréachta do dhrúngaibh an tsaothair,
Tá ag ciorrbhadh agus ag traochadh do mhaistín chuain.



PÁDRAIG, cct.



Ag freagra air sin.



A úghdair na ndébhan do dhlúthadh le chéile
I n-úil chirt 's i n-éifeacht, gan easbaí ar th'uaim,
'S fuair ionnladh do chaomhchnis i dtúismhidh do shaogail
Go bún tobair naoi mban do neartuigheadh suaidh,



Dúbhrais, don chéaddul, nár bh'fhonn leatsa géille
D'Fhionn flaith na Féinne do theacht fí chuaird;
A thúirling ní baoghal duit, 's is dubhach liom i n-éagcruith
Gur dúnadh an dlaom ar ár ngaiscidheach gcruaidh.



Ionnracus Éireann, is clú linn go léir sin.
Tionnscal a tréanfhear 's a machaí buaibh;
Beidh ionnmhus dá éis sin ag siubhal ortha in' éiric
Gan cunntas gan buidheachas do scraistí an fhuail.


L. 74


Tá mo shúil le Seán Réamuinn 's an drúng atá taobh leis,
Ón chunntas mar léighmíd tar anaighibh cuain,
Go bhfuil an chúis aca pléidhthe go fiú an chluithche dhéadhnaigh;
Sin núreacht chun Éireann gan fadmhoill mhuar.



Beidh Cúigí na hÉireann n-a lonnlasair chaormhair.
Le dúil na caithréime do chleacht sí uair;
'S is iomdha mac féadhma ag tnúth le hí éileamh;
'Sí úrbhuime Laochradh na lannaí luath.



TORNA arís cct.



A chródhaigh na héigse, ní damhsa atá géille
Do shlóightibh na Féinne ar a dteacht fí chuaird.
Acht mórdhaigh na hÉireann is comhairligh na céille —
Is fad ó dheineas sléachtadh roim ghealchích Bhuadhaigh.



An gleó so do léigheam ag na comhachtaibh dá dhéanamh,
Má fhóghnann sé d'Éirinn mar airighim uait,
Dob óinmhid an Gaedheal do chuir speóis riamh i laochus
Seoch glórtha Sheáin Réamuinn 's a chathaigheacht uain.



Níor chomhairle le céill dúinn an nódhreacht do shéanadh,
Go dtómhaistar ár n-éirim n-a thaithighe uair;
Sa ghnó soin nuair théighmíd má's eól dúinn aon léic ann —
Tá cródhacht i nÉirinn is gaiscidhigh cruais.



Is dóigh liom, a laogh ghil, gur mó an cluithche déadhnach
'Ná an comhrac úd pléidhthe do mheastaí a luadh;
Ní fóirne Sheáin Réamuinn, dá ghlórghonta a mBéarla,
Chuirfidh teórainn le héileamh ar n-easbaí ar uain.



Bíodh atall is meidhir is gliadar misnigh
Ar aicme na foidhne i nIathaibh Fuinidh;
Ní chaillid go deimhin a gciall ná a dtuigsint;
Glacfaid a bhfaighid is iarrfaid tuilleadh.


L. 75


PÁDRAIG arís cct.



A stóir dhil mo chléibhe, is a lóchrann na héigse,
Is flós ceart na saorfhear a cheartuigheann duan,
Is mó liom 'ná a ndéarfainn na cómhada seo ghléasais
Im thómus ag téacht chugham ó leath Chuinn thuaidh.



A Thórna na n-ae istigh, níor chóir dhúinn bheith daor
Ar na treóin do dhin laochus, pé faid slighe chuaidh —
'Sí an chródhacht do shéid iad ar bhóthar an bhaoghail sin;
Is ar ghlóire ár laochradh badh dhleacht línn luadh.



Fóghnfaidh ní baoghal duit, an nódhreacht so d'Éirinn,
'S ní hóinmhideacht bhaoth liom a bheartaidheacht uaim;
Ní leómhfadh aon léic dul n-a chóimhreamh ar aon chor —
Do sheólfainn mo shéala air faoi bhannaíbh cruaidhe.



'Sé an bóthar so Réamuinn is córa dhúinn d'éileamh;
An comhgar is géire a theastuigheann uainn,
Chun Scótia gheal Major do fhóirthin ó ghéibhinn,
'S an ceó dubh do spréachadh dá gealbhrinn suas.



A chara mo chroidhe, maran fríth sibh sásta
Le bunadhas na dlighe tá ag tigheacht chughaibh láithreach
Cuirfamna arís ár mbuidhin chun soláthair,
Is bainfid dá mbíodhbha an fuighlach fágtha.



BUNLÁSA Ó THORNA.



An nódhreacht má ghléasann ár dtreóinna chun saothair,
I gcóigíbh na hÉireann dar leas fí bhuadh,
Is cóir againn daethin ár seólta chun faesimh,
Ní leómhthainn gan géille d'ar dheachtuighis uait.


L. 76


Ár ngnó ceart gan aonmhoill i dtreó chur dúinn féinig,
Seadh is mó agus is géire do theastuigheann uainn;
Má gheóbhaimíd an méid sin, go deónach gan aonchosc,
Raghaidh Fódla go héascaidh de reathaíbh suas.



Ní fuirist an dlighe seo a ríomh go sanusta
Go bhfeicfar an tír dá suidheamh chun maitheasa;
Má thigeann chun chinn, is Gaoidhil go haiteasach,
Scuirfid na draoithe d'aoiradh Shasanach.



Nó,



Is ionann is Maoise an píorda Gallaphuic.
Is siosmathach síoch bheidh buidheanta Bhanban.
Is mithid, dar linn, don chuing seo scaradh linn.


L. 77


DUINE NA LUADHAIM.



Piaras Béaslaí, cct.



Fonn:- Cadé sin don té sin ná baineann soin leó.



Is traochta tá m'intinn toisc duine ná luadhaim,
Is níl éifeacht im smaointibh toisc duine ná luadhaim;
Nuair a théidhim ar mo shaoirse go Corcaigh na gcuan
Ní fhéadaim gan cuimhneamh ar dhuine ná luadhaim.



Ar aolbhrogha Chorcaighe nuair a thugas-sa cuaird
Bhí séimhfhir im chuibhreann i siopa na gcuach,
Le sgléip suilt cé luigheamair chun meisce nach muar
Níor thréigeas-sa cuimhne mo dhuine ná luadhaim.



Tá béithe go líonmhar i gCorcaigh na gcuan
Do bhréagfadh chun grínn me le glisdeacht a gcluain;
Tréanmholadh i laoithibh cé thuilleadar uaim
Níorbh fhéidir liom claoi leó toisc duine ná luadhaim.



I gcaomh-Inse Geimhleach bhí miocair bheag shuairc
Is ghéilleas-sa gnaoi dhil do dheiseacht a gruadh;
Ach séis do thaithighinn seal nuair spriog sí im chluais
Is éasga luigh m'intinn ar dhuine ná luadhaim.



Cois Gaortha na Gaoidhilge is me i bhfochair na suadh
Bhí glébheirt im bhuidhin bhig ba shoineanta snuadh,
Cé aerach do bhíomair le giodam gan ghruaim
Na dhéidh sin do chuimhnigheas ar dhuine ná luadhaim.



Nach baothacht dom smaoineamh um dhuine ná luadhaim
Is gur thréigeas an tí sin le feirg is fuath!
Níl éan-mhaith i gcoimheasgar le cinneamhain chruaidh
Ach is géar do mhothuighim uaim mo dhuine ná luadhaim.


L. 78


COIS FAIRRGE.



Piaras Béaslaí, cct.



Fearaim fiche beannacht ort
A fháinne an lae
Is gatha gile á sgaipeadh agat
Fám dháil ag teacht;
Leoithne anoir ón bhfairrge
Is ceo na gcnoc dhá shladadh aige
Glór na sruth dhom mhealladh anois
Chun ádhbhachta is aoghair



Raidim tuile taithnimh dhil
Do gháir na n-éan;
Freagarfad dá gcantaireacht
le gárdus cléibh;
Tabharfad tréimhse ag treabhadh liom
Le ciúmhasaibh caoltsruth clagarach
Tré lúbaibh gaortha is glasara
Go trácht don ré.



Beannachnuic ag amharc ar
Lochán beag glé;
I dtaisge i log an ghleanna dhuibh
Ar sgáth ón ngréin;
Dreóilín níl san aitinn ann;
Smólach bhínn ní chlaistear ann,
Acht ceólta sídhe ní hannamh ann
Ag táin an aéir.


L. 79


Chaitheas uaim chun dearmaid
Mo chráidhteacht cléibh;
Aisling tsuilt do dhearcas-sa —
Caisleán san spéir,
Slógh de Ghaedhlaibh calma
I gcomhlainn sléibhe ba bhagarthach
Ag leonadh tréad na nAllachon
Le ráig is faobhar.



Mo dheacair bocht! ná maireann dom
An tráth dem shaoghal
Do chaithinn thoir cois fairrge
'S mé im pháisde shéimh;
Ní fhoghnann dreacht ná aisling dom;
Tá lónradh an lae sin sgartha liom;
I meórghlaic bhréin na catharach
Atáim, mo léan!



An Diabhal san áirc.*



Torna, cct.



Fonn: "Inghean an Phailitínigh."



An saor bhí ag Naoi na mbeannuightheacht ag barrachus na háirce,
Radh, tadh-radh fal, agus c.
Ba léir nár dhíon dá shamhailse ise ar theacht na tuile báistighe,
Radh, tadh-radh fal, agus c.
Le héigean grinn nó malluightheacht do tharraing chuige a thráthar
Gur léirigh puillín acharainn tré chreatalach an árthaigh,
'S do shéan gan ding ná tairnge do ghreadadh isteach san ait sin,
Radh, tadh-radh fal, agus c.


L. 80


Do shiubhail an treórach gasta isteach 's a leathanstoc do sholáthar,
Radh, tadh-radh fal, agus c.
Ar chúrsaí chomhairle an teachtaire úd an Athar mhilis neámhdha,
Radh, tadh-radh fal, agus c.
Do dhún sé dóirse daracha gach balla agus gach stábla ann;
Níor fhúig fuinneóg gan cheangal ann ná glas gan chur go sálaibh;
'S le fonn do thóg sé a ghealachrobh, 's do bheannuigh tigh na háirce,
Radh, tadh-radh fal, agus c.



An diabhal 's é ag meabhrughadh cleas do ghaibh le hais an fhir macánta
ann,
Radh, tadh-radh fal, agus c.
Is rian chun sleamhnughadh as annsoin níor fhan ag an mbioránach,
Radh, tadh-radh fal, agus c.
An stiall de pholl gan tairnge, amh, do b'aithnid soin do Shátan;
Thug liach is glam le hanfhaithe, is dhein naithir nimhe dhe láithreach,
'Dir chiabh is cheann is bhallaibh cuirp gur phreab sé isteach ar scáith ann.
Radh, tadh-radh fal, agus c.



I gcumhangrach buill do gabhadh é, is ar dhanaid libhse a chás san?
Radh, tadh-radh fal, agus c.
Gan súil le tigheacht amach aige ná casadh isteach go fáilteach;
Radh, tadh-radh fal, agus c.
Ó thúis na díleann clagair sin gur stadadh ar a trághchant,
Annsúd do bhí mo chathbhaire agus ceangal docht dá fháscadh;
Agus b'shiúd í ding is measa agus is fearra bhí san áirc sin.
Radh, tadh-radh fal, agus c.


L. 81


CEÓL NA PÍBE.



Torna, cct.



Fonn: "The Rakes of Mallow."



Suairc an ceól le croidhe gach éinne,
Uasal óg is íseal aosta;
Suairce fós le buidhin de Ghaedhlaibh
Ceól is réim na píbe;
Árd a glór, má's áil leat é;
Sámh a cóid go breágh bog réidh;
Áis dá sórt is feárr chun séin;
Grádh mo chléibh ár bpíbna.



Chuala ar chóisir í go héascaidh,
Sluaightibh óga ag ringce céimeann;
Suairceas leó agus aoibhneas aerach,
Spórt is scléip gan chinnteacht.
D'fhan ar siubhal go breacadh an lae,
Tuirse bonn níor theangmhaig d'aon;
Tuilleadh fonn de bharra a mhéar
Thiubhradh maor na píbe.



Gluaiseacht fear i láthair éirligh,
Tuar chun catha ar lár an laochais,
Suan ar fhearaibh, báidh le béith ghil,
Áis chun dréachta a shíneadh,
Fuadar each ar bhántaibh réidhe,
Tuargain aicme iomána ar faobhar,
Duanta spreagaid táinte n-éan —
Cáil is réim na píbe.


L. 82


AMHRÁN NA MAC LÉIGHINN I bPRÁIG.



Torna, cct.



Aistriughadh é seo im dhiaidh ar "Wanderlied der Prager Studenten"
do céadcheapadh sa Ghearmáinis le Joseph Freiherr V. Eichendorff
(1788-1857).



Táid éin 's a n-aghaidh go léireach
Ó dheas le chéile ag gabháil;
Lucht siubhail ar maidin léimid,
'S a bpuirt go héascaidh árd;
An geata amach sin scaodhanna
De mhacaibh léighinn ar stáir,
Le neart anáile ag séide
Beannacht is céad ag cách:
Céad slán go deó, céad slán leat,
A Phráig, chun bóthair táimíd:
Et habeat bonam pacem
Qui sedet post fornacem!



Sna bailtibh beaga istoidhche
Bíd soilse i ngach fuinneóig;
Leathstigh bíonn mórchuid daoine
Ag taithighe ringce is spóirt.
An tart so an cheóil airighmíd
Is sinn le dícheall deóin
Ag spreagadh ar aghaidh gach tighe ann,
Is deoch dá chlaoidhe badh chóir!
Seo chughainn cailín beag gleóite
Le crúsca 'en bhfíon n-ár dtómus —
Venit ex sua domo —
Beatus ille homo!


L. 83


Tá buile nimhe is cullóide
Tré choillte ar Bhóireas chruaidh,
Is sneachta is fliuchra bóthair
Pé ball n-a ngeóbham ar cuaird;
Imthighid le gaoith casóga,
'S na buinn d'ár mbrógaibh uainn —
Ní bhfaighmíd ann acht nódhacht bheag,
Is trúig don cheól so luadhaim:
Beatus ille homo
Qui sedet in sua domo,
Et sedet post fornacem,
Et habet bonam pacem.


L. 84


"ARM NA nULTACH."



Tamall ó shoin do chuireamair amach gairm scoile dá fhógairt
d'fhilidhibh agus do phearsanaibh éigse go raibh bonn óir againn le
bronnadh ar an té chuirfeadh chughainn an cheathramha is fearr ar
"Arm na nUltach." Ceathramhna géara grinn a theastuigh uainn,
agus ní raibh a bhac ar éinne an oiread ceathramhna fé leith agus badh
mhaith leis do chur ag triall orainn.



D'éirigh go maith linn. Cheithre ceathramhna fichead a tháinig chughainn,
agus a bhfurmhór ar fheabhus deilbhe is déanmha. Tá cuid aca dá gcur
i gcló againn annso, agus is truagh linn gan slighe againn do
thuilleadh aca, acht b'fhéidir go gcuirfimís iad-san leis, i gcló i
mball éigin.



Badh dheacair breitheamhnas a dhéanamh ortha. An chéad ollamh gur
chuireamair chuige iad, is amhlaidh thoigh sé trí cinn aca agus níor fhéad sé
a rádh cia aca-san do b'fhearr a thuill an duais. B'éigin dúinn na
trí cinn sin a chur go dtí ollamh eile, agus mhol seisean am duais
d'Fhiachra Éilgeach as ucht na ceathramhan tosaigh i n-ar ndiaidh.
Molaimíd tu a Fhiachra!



Is fada atá sé buailte isteach inar n-aigne gur mó an mhaitheas a
dhéanfadh ceathramhna den tsórd so 'ná mar dhéanfaidís amhráin fhada.
Slacht agus comhgar cainnte, agus greann, sin iad na rudaí is fearr
a thaithneóidh le daoinibh. Deir an seanfhocal gurab é "an rud is
girre is géire." Sé, agus má's mian linne ar saothar a chur fe
mheas caithfimíd féachaint romhainn, agus aistí gearra géara greannmhare
do thaithighe. Is iomdha rud greannmhar a thuiteann amach i n-aghaidh
an lae ó cheann ceann na tíre, agus dá dtaithightí ceathramhna do
scríobhadh ar ocáidíbh den tsaghas soin do b'fhearrde an Ghaedhilg é.


L. 85


Sin críoch go beacht le reacht Home Rule go brách,
Sin Gaoidhil gan stad fé cheas i bponncaibh báis,
Sin sceimhle ar fad ó Chork go Dún Stocáin,
Aníos má phreabann Carson chughainn 's a tháin!



— Fiachra Éilgeach.



Dá dtiocfadh an Carsonach catach 's a tháin adtuaidh,
Bheadh fuireann gach tabhairne á bhfreastal le fáilte muar;
Dá luige le lannaibh a n-arm i n-ár ná i nguais,
Dar Muiris! a ngaisce ní haindeis ag trághadh na gcuach.



— Piaras Béaslaí.



Beidh greadadh agus leadradh ar chapaill 's ar bhuaibh,
Beidh madraí is cearca dhá speachadh chun suain,
Raghaidh ainnire is leanbhaí le gealtaigh i bpluais,
Carson is a arm má thagaid adtuaidh!



— Torna.



Is gearr go mbeidh'n Muimhneach go maoineach le him is le déantúsaibh,
Is gearr go mbeidh Connacht gan chonn acht ag clampar 's ag
c'lambúirigh."
Is gearr go mbeidh'n laighneach ag luighe nach sinn-féinidhe gach
"Hóm-rúlar,"
'S is gearr go mbeidh Ulaidh 'n-a n-ulaidh ag arm an Charsúnaigh!"



Gonadh é sin tairngreacht "Chonaill Cearnaigh" go nuige seo.



Och, faire, faire a laogh!
Seo chughat Éamonn Cearson;
Arm fé n-a réir,
Is é n-a "Héró" ghreanta!



— Lorga Liathbhán.


L. 86


Níl aon oighre ar an ngadhar úd d'ionnsaigh a scáil,
Acht na claidhrí seo ag eirighe go fuadrach chun áir,
Chun taidhbhse de shaghas "Hóm Rúl" bhualadh ar lár,
'S le cainnt is le bladhmann siúd buaidhte ar a námhaid.



— Micheál Ó Cuileanáin.



Sin fonn suilth is aitis i mbailtibh na hÉilge.
Cúis magaidh faoi an dréim sin i n-ainbhfios mór,
Gach foghluidhe do mhaireann i bhfaltanas claontais
Is Orangeman baoth bhuile ar mearbhall fós!
Tigheadh Olltaigh na praisce is Carson an éithigh
Chun caismirt má's méinn leó go fearannaibh Eóghain,
Is fronnsa seoch gaisce an seasamh do dhéanfaid,
Mar aithid ón dtaobh so ní rachaidh díobh beó.



— Pádraig Ó Cruadhlaoich.



I nUltaibh ó thuaidh tá na cruaidhfhir chródha go teann
Da ngríosadh 'un fuatha ag Creagach an Bhuadhais 's a dhream;
Níl fhios cia am uair a chluinfear a dtuargain sa ghleann;
I mBéal Feirste beidh fuaim an tsuaircis mhóir is an greann.



— Seaán Mac Meanman, Tír Chonaill.



Luíigí shís a Fápuirí valuihi,
Cuinigí choíhi úr vaulsacht as agala.
Troitimíd go fíochvar a guiniv airm Hasana
Le cuidiú Ry Líam is a Charsúny chalama.



— Peadar Ó Maicin



Arm na nOlltach, toghail an scuanthe
Taca le galldacht, teann na dtuathtach
Preabairí ar fheabhus chun labhartha ar ghuaisbheart
Gasra fann chun pleannc a bhualadh.



— Piaras Béaslaí.


L. 87


An t-arm adtuaidh nuair ghluaisfidh go Corcaigh le scléip,
Agus Carson go suairc i mbun sluaigh dhá mbrostughadh sa raon,
Na cearca mo thruagh! do bhuar is do mhucaibh is baoghal!
Acht i gcaismirt na sluagh ní bhuailfid buille le tréin.



— Micheál Ó Cuileanáin.



Má's Olltaigh an dream so tá ag bagairt an ghliadh,
Ní hOlltaigh ná cabharthaigh do Bhanbain iad,
Acht Olltaigh le hampul chun ceannais gan srian;
Sin Olltaigh is breall ortha ag Carson an diail.



— Torna.



Arm na nUltach so — ceanabuil chorpnochtaithe,
Gealta fadfholtacha borba baoth;
Amhsa ná troidfeadh, ag damhas as a gcroicean,
'S gur mhall leó a gcosa ó chogadh na bpléar.



— Dhá Chích Dhanann.


L. 79


*Aithinnsint é seo ar scéilín do chuir Osborn Ó hAimhirgin, Ollamh
re Gaedhilg, i gcló, Eriu, vol. V. p. 49.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services