Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Ceachta Mion-Eóluis

Title
Ceachta Mion-Eóluis
Author(s)
Ó Donnchadha, Éamonn,
Pen Name
Éamonn an Chnuic
Composition Date
1906
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


AN REMH-RÁDH.



Seo iarracht ar áireamh de Cheachtaibh Mion-
eóluis d'ullmhughadh do réir Chláir an Bhúird
Náisiúnta. San am chéadna ní dearnadh dear-
mhad ar urmhór d'ár Scolaibh Náisiúnta ná an
treó athá ortha i dtaobh na Gaedhilge. Do
toghadh le mór-chúram 'n-a gcóir-súd adhbhar
na gceacht agus méad is cruadhus na bhfocal
ionnta. B'iad ranga íochtair na scol ár
bpríomh-chúram, acht tá atharrughadh déanta
againn abhfus is tall i slighe go mbeidh na
ceachta so oireamhnach dhon uile rang san scoil.



Éamonn Ó Donnchadha.


L. 5


CEACHTA MION-EÓLUIS.


L. 6


CEACHTA MION-EÓLUIS.
I. — AN CAT.



AN TADHBHAR



AN MODH MÚINTE



I. — Toirt an Chait.



Cuirtar an cat i gcomórtus leis an madra
agus leis an luich. Innseadh na leanbhaí gur
mó an madra 'ná an cat, acht gur lugha an
luch 'ná í.



II. — Na Cosa.



(a) Ingne.



Tá cosa an
chait bog.
Ceistigh-
thear na
leanbhaí
'n-a dtaobh.



Tá ingne fé n-a cosaibh ag an gcat.
Comhairimhidís na hingne i ngach cois tosaigh agus i ngach cois deiridh,


L. 7


agus innsidís cad é an deifridheacht atá eatortha. Tá cúig ingne i
ngach cois tosaigh agus cheithre cinn i ngach cois deiridh. Is géire ingne
na gcos tosaigh, leis. Bíonn na hingne seo clúduighthe. Cuirtar i
dtuigsint do sna leanbhaíbh go nochtar na hingne nuair bhíonn an cat
ar tí breith ar éin-nídh. Is minic an cat ag scríobadh coise an bhúird.
Tuigeadh na leanbhaí gurab é an fáth atá leis seo, go mbíonn an cat
ag cur faobhair ar a hingnibh.



(b) Na Pillíní.



Is minic chonnaic na leanbhaí an cat 'n-a suidhe go ciúin agus go foidhneach
ag béal puill luiche. Fiafruighthear dhíobh, an mbíonn fhios ag an luich í
bheith ann, agus cionnus a thagann sí i gan fhios go dtí an bpoll. Is
féidir léi siubhal ós íseal gan fothram a dhéanamh toisc na bpillíní.
Tugadh na leanbhaí fé ndeara go bhfuil pillín fé gach
méir ag an gcat.



III. — Na Súile.



Na Mic imreasa.



Ní hionann súile an chait sa ló agus sa dorchadus.
Innseadh leanbh éigin an deifridheacht. Bíonn na súile
ag lonnradh sa dorchadus. Mínighthear annsoin gurab
amhlaidh a théidheann mic imreasa na súl i méid; sé
sin, go nochtar iad. Cuirtar súile an leinbh i gcó-
mheas le súilibh an chait agus innstear an deifridheacht.



Súile an Chait.



IV. — An Teanga



Cuireadh leanbh éigin a mhéar ar theangain an chait. Tá sí


L. 8


garbh. Tuigidís as soin gur féidir leis an gcat na giotaí beaga
feóla do lighreac de chnámh. Cuirtar an méisín bainne ós comh-
air an chait. Ceistighthear na leanbhaí. Tugaidís fé ndeara ná
hólann sí an bainne i n-éan-chor — gurab amhlaidh a dheineann é
lighreac. An mar sin a dheineann leanbh? Is deas glan a
bíonn an cat i gcomhnuidhe. Fiafruighthear annsoin, cionnus a
nigheann sí í féin.



V. — An Fhéasóg.



An Cat ag píordáil.



Féachtar ribe dá féasóig, agus ceistighthear 'n-a taobh. Tá sí righin, fada,
do-lúbtha. Tuigeadh na leanbhaí go bhfuil an fhéasóg ana-áiseamhail
don chat, istoidhche go háirithe, mar go mothuigheann sí léi an tslighe
roimpi. Is minic í ag píordáil ar fuid an tighe istoidhche ar lorg
blúire feóla agus bainne.



VI. — Na Fiacla.



Féachadh leanbh éigin go cruinn ar a fiaclaibh agus innseadh go bhfuil a
fiacla tosaigh fada lúbtha, agus go bhfuil a cúil-fhiacla bior-fhaobhrach.
Cuirtar i dtuigsint do sna leanbhaíbh go gcoimeádann an cat an luch
nó an franncach nó an t-éan, le n-a fiaclaibh, nuair a bheireann sí
ortha.


L. 9


VII. — An Clúmh.



Buaileadh leanbh éigin a lámh fan a droma ar an gcat. Ceistighthear é
'n-a thaobh. Tá an clúmh plúrach brothalach. Cuirtar i n-umhail do sna
leanbhaíbh go dteastuigheann soin ón gcat mar is minic í amuigh fén
bhfuacht istoidhche ar lorg luch agus franncach agus éan.



Scríobhadh na leanbhaí uachtracha aiste ar an gcat. Fachtar abraí fé leith
uirthi ó sna leanbhaíbh beaga.


L. 10


II. — LASÁN.



AN TADHBHAR



AN MODH MÚINTE



I. — Na Lasáin.



I gcó-mheas.



Innseadh gach leanbh cad é an saghas lasáin atá aige féin, nó aici féin —
pé aca lasán adhmaid, nó lasán céireach nó lasán cosnaimh é. Cuirtar
i gcó-mheas le n-a chéile iad. Fachtar ó sna leanbhaíbh go bhfuil ceann
an lasáin adhmaid idir bheith donn is dearg, agus go bhfuil a chos
cearnógach: gur mar a chéile nach mór ceann an lasáin chéireach, acht go
bhfuil a chos súd geárr cruinn agus mín réidh ar an dtaobh amuigh dhe.
Tómhaistear iad araon agus innstear an deifridheacht atá eatortha.



IARRACHT.



Is fearr an la-
sán céireach.



Lasadh leanbh éigin lasán céiréach agus lasán adhmaid. Séidthear ortha
araon go bog ar dtúis, agus níos treise 'n-a dhiaidh-san, chun a chur
i dtuigsint do sna leanbhaíbh gur fearr an lasán céireach 'ná an
lasán adhmaid. Fiafruighthear annsoin cad é an fáth atá leis.



II. — Teine Ghealáin



Baintear an ceann de lasán. Féachadh na leanbhaí air, agus fachtar
eólus uatha 'n-a thaobh. Samhluigheann sé bheith cruaidh. Tá droch-bhlas
agus droch-bholaidh air. Fliuchtar é agus annsoin cuimiltar leis. Deintar
ceistiughadh 'n-a thaobh. Tagann saghas deataigh as. Bíonn sé ag
lonnradh sa dorchadus. Téidheann sé tré theine nuair chuimiltar


L. 11


d'aon rud é. Teine ghealáin a glaodhtar ar an rud so a bhíonn ar
lasadh. Lasadh leanbh lasán. Ceistighthear é chun a chur i n-umhail
do sna leanbhaíbh nach mór ceann an lasáin a chuimilt do rud éigin
chun an teine ghealáin a chur ar lasadh. Cuimilitar an lasán cosnaimh
don urlár. Ní lasann. Minighthear na fuil éin-teine ghealáin i
gceann an lasáin chosnaimh agus go gcaithfear é chuimilt do thaoibh a
bhosca féin mar a bhfuil an teine ghealáin.



Teine Ghealáin.



An Lasán cosnaimh.



III. — An Lasán céi-
reach.



IARRACHT.



Déantús na coise.



Féachadh na leanbhaí ar chois an lasáin chéireach. Tá sí cruinn agus
gearr; tá slím réidh ar an dtaobh amuigh dhi. Bristear í, féachaint cad
as a deintear í. Innseadh na leanbhaí go bhfuil mór-chuid snáithíní innti,
agus iad meascaithe tríd an gcéir. Lasadh leanbh éigin blúire céireach
agus blúire éadaigh. Deintar ceistiughadh 'n-a dtaobh. Chíonn na
leanbhaí ná fanann aon cheann aca ar lasadh, acht ar feadh tamaillín.
Leaghadh leanbh eile blúire céireach agus ropthar an t-éadach innti.
Lastar an t-éadach, agus cuirtar i n-umhail do sna leanbhaíbh ná
fanfadh an chéir ná an t-éadach ar lasadh, achth amháin an fhaid a bhíd i
dteannta a chéile, fé mar atáid i gcois an lasáin.



Cuireadh na leanbhaí síos gach ar féidir leó de thuairisc ar an lasán.


L. 12


III. — AN CHOINNEALL.



AN TADHBHAR



AN MODH MÚINTE



I. — An Choinneall.



An Buaiceas.



Féachadh na leanbhaí go cruinn ar an gcoinnill.
Ceistighthear iad 'n-a taobh agus innsidís dath
na coinle agus a haoirde, a leithead agus a
cuma. Cuirtar i n-umhail dóibh go bhfuil bior
ar cheann di, agus an ceann eile gearrtha dí-
reach trasna. Tugaidís fé ndeara an buaiceas
ag rith tríd an gcoinnill agus ag teacht amach ar
an dtaobh eile — agus gur téadán fighte é.



II. — Lasair na
Coinnle.



Lastar an choinneall. Tugadh an rang fé ndeara
cad tá ar siubhal. Deintar ceistiughadh 'n-a
thaobh. An solus ag méadughadh ar dtúis; ag dul
i laighead annsoin; agus fé dheireadh ag neartughadh. Innseadh na lean-
bhaí na dathanna go léir a thugaid fé ndeara sa lasair — bán, buidhe,
gorm agus dubh. Fiafruighthear díobh, cionnus mar leaghtar an choin-
neall le teas na lasrach, agus annsoin mar do ritheann an fliuchar go
bun an bhuaicis.


L. 13


IARRACHT (a).



Fachtar roinnt smúide, agus cuireadh leanbh éigin sa bhfliuchar í.



An choinneall ag
leaghadh.



Deintar ceistiughadh 'n-a thaobh. Innseadh na leanbhaí go bhfuil an smúid
ag druidim fé dhéin an bhuaicis, agus cuirtar i dtuigsint dóibh gurab
amhlaidh atá an fliuchar go léir ag gabháil an treó soin, agus ag teacht
aníos an buaiceas mar a ndeintear gal de le teas na lasrach.



An gal.



IARRACHT (b).



Coinneall eile.



Faghadh leanbh éigin clúdach pinn agus socruighthear go
fiar-sceóghach é, agus ceann de istigh i lár na lasrach.
Tugadh na leanbhaí fé ndeara cad tá ag imtheacht don
chlúdach. Innsidís go bhfuil gal ag teacht aníos an
clúdach. Cuireadh duine aca lasán leis an ngail
agus chíonn siad go lasfaidh sé ar nós na coinle
féin. Ceistighthear annsoin iad 'n-a thaobh, agus
cuirtar i dtuigsint dóibh ná fuil sa ghail seo acht
cuid den ghail atá dhá dhéanamh den bhfliuchar le teas
na lasrach.



IARRACHT (c).



Socruigheadh leanbh éigin gloine an lampa thar an gcoinnill agus tugadh
an rang fé ndeara cad do thárluigheann don tsolus: go dtéideann sé
i laighead ar dtuís, agus go neartuigheann arís. Socruighthear leabhairín
ar bharra na gloine. Ceistighthear an rang arís. Téidheann an solus


L. 14


i laighead ar fad, agus fé dheireadh múchtar é. Deintear an cleas
céadna leis arís, acht sul a dtéidheann sé i n-éag ar fad, bogthar an
leabhar de. Deineadh leanbh éigin cur síos ar ar thuit amach. As soin
cuirtar i dtuigsint don rang nach mór aer a dhul isteach chun an tsoluis
a choimeád ar siubhal. Cad é an fáth go mbítear ag séideadh na mbolg
ar an dteinteán?



Deineadh na leanbhai cur síos ar bhrígh an cheachta so.


L. 15


IV. — GUAL.



AN TADHBHAR



AN MODH MÚINTE



I — A Thréithe.



Bíodh blúire ghuail i láimh gach leinbh, agus deintar iad a cheistiughadh
'n-a thaobh. Innsidís a dhath; nach ionann é ar gach taobh dhe — go bhfuil sé
slím réidh ar thaobh dhe, agus garbh ar thaobh eile. Cuireadh leanbh éigin
a bhlúire féin i ngloine uisce, agus as soin cuirtar i n-umhail don
rang gur truime gual 'ná uisce, mar bhí an blúire ghuail dhá bhrúghadh
féin síos tríd an uisce, agus bhí an t-uisce ag brúghadh aníos i gcoinnibh
an ghuail, agus gur bhuaidh an gual toisc a thruime bhí sé. Tomhais gual
agus adhmad ar an gcuma gcéadna féachaint ciaca is truime. Fanann
an t-adhmad ar ucht an uisce agus téidheann an gual go bun na gloine.
Cuirtar gual agus cloch i gcó-mheas le n-a chéile, ar an gcuma
gcéadna, agus deintar ceistiughadh i dtaobh toradh na hiarrachta.



IARRACHT (a).



Cionnus a theidhe-
ann gual tré
theinidh.



Cuireadh leanbh éigin blúire ghuail sa teine agus tugadh an rang fé
ndeara cad tá ag imtheacht air. Tagann deatach donn as ar dtúis;
annsoin téidheann sé ar lasadh; tosnuigheann sé ar bhorradh, agus
éirgheann mór-chuid builgíní air. Tagann gal asta so agus téidheann
an gal so tré theinidh láithreach. Tuigeadh na leanbhaí gurab í an


L. 16


ghal so a thagann as na builgíníbh fé ndeara dhon ghual lasadh, agus
dul tré theinidh. Tugadh leanbh iarracht ar an deatach a éirigheann as
blúire pháipéir a dhóightear do chur tré theinidh. Ní lasfadh sí i n-éan-
chor. Fiafruighthear dhe cad é an fáth. Níl éan-ghal sa deatach soin.



IARRACHT (b).



Cionnus a dein-
tear geas den



Gheibhtear tarra ón
ngual.



Deineadh leanbh éigin roinnt smúide de bhlúire ghuail agus chuireadh sé
i bpíopa chré é. Clúduighthear le cré fhliuch
é, agus sáithtear ceann an phíopa sa teinidh.
Innseadh na leanbhaí cad do chíonn siad ag
imtheacht ar an bpíopa. Tagann saghas
deataigh tré pholl an phíopa, ar nós an
deataigh dh'éirigh as an ngual ó chianaibh.
Cuirtar lasán leis an deatach so. Téidhe-
ann sé ar lasadh. Innstear do sna leanbh-
aíbh nach mar a chéile é seo agus an deatach
d'éirigheann as an bpáipéar dóighte, agus
ceistighthear iad i dtaobh a tréithe. Cuirtar
i n-umhail dóibh nach fuláir nó tá rud éigin ann; mínighthear dóibh
gurab amhlaidh atá geas innti; gur mar sin a gheibhtear geas ón ngual
agus gur b'in é an fáth go lasann an gual. Tugaidís fé ndeara ann-


L. 17


soin go bhfuil rud éigin — súghlach, mar a déarfá — ag teacht tré pholl an
phíopa leis. Tá dath dubh air seo. Blaisidís é, agus fiafruightear díobh
an eól dóibh éin-nídh atá cosmhail leis. Fachtar uatha gur tarra atá ann,
agus gur mar sin a gheibhtear tarra. Nochtar ceann an phíopa annsoin,
agus deintar ceistiughadh i dtaobh an atharrughadh atá tagaithe ar an
ngual, agus cuirtear i dtuigsint dóibh gur gual geasa atá ann anois.



Gual geasa.



II. — Cionnus a dein-
tear gual.



Faghadh leanbh éigin an casúr agus scoilteadh a bhlúire ghuail. Tugadh na
leanbhaí fé ndeara an taobh istigh dhe; innsidís go bhfuil línte ag rith
tríd, na dathanna go léir a chíonn siad ann, agus an chuma i n-a
ritheann na línte — ar nós duilleóige. Cuirtar i dtuigsint dóibh
annsoin gurab amhlaidh d'fhás an gual ó chrannaibh agus ó luibheannaibh
agus ó phréamhachaibh do bhí ag fás ar uachtar an talaimh fad ó, agus go
rabhadar dhá mbrúghadh féin síos fén dtalamh agus ag lobhadh annsoin go
dtí go ndearnadh gual díobh. Cuirtar i n-umhail dóibh na coillte is na
fásaigh is na mílte acra féir fiadhain, 'n-a bhfásann barra gach
bliadhain; mar théidheann barra i n-éag i gcaitheamh an gheimhridh, agus
go n-éirigheann barra eile ar theacht na bliadhna nua: mar lobhann sé
sin arís; agus mar sin de, gach barra ag tuitim anuas ar an mbarra a
tháinig roimis agus dhá bhrúghadh síos. Fiafruighthear dhíobh annsoin cad é an
treó bheadh ar na ballaibh seo tar éis na mílte agus na mílte bliadhain.



Scríobhadh gach leanbh aiste bheag ar "ghual."


L. 18


V. — AN PRÁTA.



AN TADHBHAR



AN MODH MÚINTE



I. — Tréithe an
Phráta.



An croiceann.



Na Súile.



II. — An Scealthán,



An gas.



Na préamhacha.



Iarrthar ar gach leanbh, rud éigin a innsint i dtaobh an phráta. Innsidís
a dhath agus a chuma. Cuiridís síos ar chroiceann an phráta. Scríob-
aidís an croiceann, agus innsidís cad é an deifridheacht atá idir é féin
is an práta. Is báine agus is buige an práta. Tugaidís fé ndeara
na puill bheaga ar a chroiceann — súile an phráta a thugtar ortha.
Comhairimhidís na súile. Fachtar uatha gur asta-san d'fhásann na
préamhacha, nuair cuirtar sa chré iad. Tuigeadh na leanbhaí ná cuirtar an
práta go léir i n-éan-chor, acht gurab amhlaidh a gearr-
thar é. Cad a thugtar air annsoin? Scealthán. Ní
bhíonn acht aon tsúil amháin i ngach scealthán. Innstear
an fáth atá leis seo. Cuirtar i dtuigsint do sna lean-
bhaíbh go mbíonn an phréamh bán go dtí go dtagann os
cionn an talaimh. Téidheann sí i ngluise annsoin, agus
tugtar "gas" mar ainm uirthi feasta. Deintar ceis-
tiughadh annsoin i dtaobh an ghais — a aoirde, a ghéaga,
agus a dhuilleóga. Tagann préamhacha ar an ngas agá
bhun agus bíonn siad so ghá sáthadh féin síos sa chré
agus ag sughadh bídh, agus mar sin is eadh cothuightar an gas. Curtar i
n-umhail do sna leanbhaíbh go dtagann at annso is annsúd ar na préamh-


L. 19


achaibh, go mbíd na hatanna so ag borradh is ag dul i méid, agus gur
mar sin a thagann na prátaí ar phréamhachaibh an ghais.



III. — Stailc.



IARRACHT.



Faghadh leanbh éigin blúire lín éadaigh agus gloine.
Scuibhtear práta agus cuirtar an práta scuibhte sa
lín-éadach. Doirteadh leanbh roinnt uisce bheirbhthe
anuas ar an bpráta, agus cuirtar an ghloine fén
uisce. Leogtar dó ar feadh tamaill, agus innseadh
na leanbhaí gach ar thuit amach. Ceistighthear iad i
dtaobh an uisce; gur bánuigheadh é. Cad fé ndeara
soin? Tugaidís fé ndeara go bhfuil sé ag dul i
ngluine arís; agus chítar rud bán éigin ag bun na
gloine. Féachaidís go géar ais seo. Blaisidís é agus
fachtar uatha go bhfuil sé ana-chosmhail le stailc. Tá
sé buille beag searbh. Samhluigheann sé bheith in-ghrea-
muighthe. Tuigidís annsoin gur stailc atá ann.
Fachtar blúire stailce agus cuirtar i gcó-mheas le n-a chéile iad.



Stailc mar bhiadh.



Ag teannughadh lín
éadaigh.



Is gile an stailc 'ná é. Fliuchtar an stailc, agus ceistighthear na leanbhaí
arís. Fiafruighthear díobh cad chuige go ndeintar an stailc. Chun línéa-
daigh a theannughadh. An n-ithtar stailc? Cuirthar i dtuigsint dóibh nach
mór stailc d'ithe; go n-ithid féin mór-chuid di chun feóla a chur ortha féin.



Scríobhtar aiste ar "an bpráta."



Innsead leanbh éigin an oiread agus is féidir leis i dtaobh an phráta.


L. 20


VI. — DUILLEÓGA.



AN TADHBHAR



AN MODH MÚINTE



I. — Na Duilleóga
go léir.



Duilleóg Labhruis.



Cuma.



Cuirtar duilleóg i láimh gach leinbh agus innsidís a hainm is gach éin-nídh
eile a thugaid fé ndeara 'n-a taobh. Cuirtar duilleóg labhruis ós a
gcomhair. Innsidís gach ar féidir leó 'n-a taobh. Faghthar uatha go bhfuil
sí fada caol agus go bhfuil an leithead céadna uirthi tríthi síos. Tas-
peáinidís duilleóga eile annsoin go bhfuil atharrach cuma ortha: cruinn,
cuma uibh, cuma spiúnóige; leathan fá n-a mbun; caol 'n-a mbárr, &rl.



Préamh na Duil-
leóige.



Tugaidís fá ndeara an phréamh annsoin.
Níl acht aon duilleóg amháin ar an
bpréimh seo. Taspeáinidís préamhacha
annsoin go bhfuil níos mó duilleóga
'ná aon ceann amháin ag fás ortha.
Bíonn trí duilleóga ar an seamróig;
cúig duilleóga ar an ngeanmchnó. Tas-
peántar préamhacha eile.



An tSeamróg.



Na Féitheacha.



Tugaidís fá ndeara na línte go léir
ag rith tríd an nduilleóig. Féitheacha a


L. 21


thugtar ortha so. Tugaidís fá ndeara go
mbíd comh-fada ó n-a chéile. Comhairimhidís
na féitheacha. Tá an phréamh inar phríomh-fhéith
ag rith aníos an duilleóg ar fad ó n-a bun
go dtí n-a bárr agus na féitheacha ag déanamh
amach ar gach taobh uaithi seo. Tugaidís fá
ndeara go bhfuil an oiread céadna ar gach
taobh dhen phréimh. Iompuighthear an duilleóg
agus deintar ceistiughadh 'n-a taobh. Tugaid
fá ndeara gur soiléire na féitheacha ar an
dtaobh thiar den duilleóig, acht gur míne agus
gur deise agus gur gluise an taobh eile.



An dá thaobh.



II. — Imeall na
Duilleóige.



Cothrom agus comh-
arthuighthe.



Féachaidís na leanbhaí ar imeall na duilleóige. Tá sé réidh cothrom.
Taspeáinidís duilleóga eile go bhfuil atharrach imill ortha. Tá
imeall an gheanmcnó comharthuighthe. Faghaidís duilleóga eile agus
cuiridís i gcómheas le n-a chéile iad.



Faghadh gach leanbh duilleóg; deineadh sé a cosamhlacht a tharraing ar slinn,
agus cuireadh síos gach a bhfuil ar eólas aige uirthi. Faghthar abairte fá
leith ó sna leanbhaibh beaga.


L. 22


VII. — UISCE (1).



AN TADHBHAR



AN MODH MÚINTE



I. — A Thréithe:



A dhath.



A bhlas.



A bholadh.



A ucht.



A chuma.



II. — Treó uisce.



Doirtthar roinnt uisce i ngloine agus iarrthar ar na leanbhaí rud éigin
a innsint 'n-a thaobh. Cad é an dath atá air? Blaisidís é. Cad é
an boladh atá air? Cuirtar roinnt gainmhe i méisín agus innseadh na
leanbhaí aon deifridheacht do-chíd idir an ghainimh agus an t-uisce.
Atharrach datha ortha araon. Cad mar gheall ar ucht an uisce agus ucht
na gainimhe? Cuirtar i dtuigsint dóibh go mbíonn ucht an uisce réidh
cothrom i gcomhnuidhe, acht go bhfuil an ghainimh 'n-a carn istigh sa ghloine.
Cuireadh leanbh éigin roinnt uisce sa mhéisín; líontar amach sa ghloine
é; annsoin líontar amach ar an úrlár. Ceistighthear 'n-a thaobh, agus
cuirtar i n-umhail dóibh, go dtagann atharrach cuma ar an uisce ag gach
cor a thabharfaidhe dho. Faghthar uatha gurab ionann i gcomhnuidhe cuma
an uisce agus cuma an árthaigh 'n-a gcuirtar é. Doirtar roinnt uisce
ar an gclár. Fiafruighthear annsoin cad d'imthigh air? Thuit sé anuas
ar an gclár ar dtúis; rith sé fan an chláir agus do thuit anuas ar an
úrlár. Deintar amhlaidh leis an ngainimh, agus ceistighthear 'n-a taobh.
Curtar i dtuigsint do sna leanbhaíbh go mbíonn uisce i gcomhnuidhe a
d'iarraidh an ball is ísle d'fhagháil, acht go bhfanann an ghainimh mar


L. 23


mbíonn aici. Innseadh na leanbhaí nidhthe eile a dheineann amhlaidh; cuir
i gcás bainne, fíon, té, fliuchán, &rl.



Doirtear bolmac den bhfliuchán ar ghloine d'uisce ghlan agus fiafruighthear
den rang cad do thuit amach. Cad é an treó atá air anois seachas mar
a bhí ar dtúis? Tá sé dathuighthe. Ní féidir féachaint tríd anois.
Tuigeadh na leanbhaí gur féidir féachaint tré uisce ghlan. Cionnus é
sin? Mar níl éan-dath air. Innsidís annsoin nidhthe nach féidir
féachaint tríotha agus nidhthe eile, ar nós ghloine, gur féidir féachaint
tríotha.



III. — Uisce 'n-a
ghléas Tomhuis.



Ag tómhus rudaí.



Adhmad agus cloch i n-uisce.



Roptar i ngloine uisce, blúire adhmaid agus corca agus cloichín. Fia-
fruighthear annsoin cad d'imthigh ortha. Cad
chuige gur fhan an t-adhmad agus an corca ar
ucht an uisce? Ciaca is truime an chloch
nó an t-adhmad? Mínighthear don rang ann-
soin, cad do thuit amach nuair ropadh an
chloch san uisce? Cad 'n-a thaobh gur fhan
an t-adhmad i n-uachtar agus go ndeaghaidh
an chloch go híochtar? Bhí an t-adhmad ag
brúghadh síos tríd an uisce agus an t-uisce
ag brúghadh aníos 'n-a choinnibh. Do b'amh-
laidh dhon chloich. Ciaca bhuaidh? Ciaca is treise,


L. 24


t-adhmad nó an t-uisce? Cuirtar meádhchaint na cloiche agus an adhmaid
agus an chorca i gcómheas le n-a chéile. Tugadh na leanbhaí fá ndeara
go bhfuil cuid den adhmad agus den chorca fáin uisce. Ní hionann
méad dóibh ar fad, ámh. As soin, cuirtar i dtuigsint don rang gur
féidir meádhchaint nidhthe do chur i gcomórtus le n-a chéile.



Iarrthar ar an rang, gach a bhfuil ar eólus aca i dtaobh "uisce" do
scríobhadh.


L. 25


VIII. — UISCE (2).



AN TADHBHAR



AN MODH MÚINTE



I. — Leaghann Siúi-
cre san uisce,



Leaghann siúicre
agus salann i
n-uisce.



Uisce fuar ag lea-
ghadh.



Uisce te.



Cuireadh na leanbhaí gráinne siúicre agus gráinne salainn i n-uisce agus
corruighdís na huiscí. Ceistighthear iad le n-a linn sin. Tá an
tsiúicre agus an salann thíos i mbun na ngloine agus iad ag gabháil
timcheall, leis an uisce. Samhluigheann siad bheith ag dul i míne agus
i laighead. Blaisidís na huiscí, agus tuigidís as soin go leaghann
siúicre agus salann i n-uisce. Iarrthar ar leanbh éigin a thuilleadh
salainn do chur san uisce agus é chorrughadh. Leantar de seo, agus
curtar i n-umhail do sna leanbhaíbh go bhfuil a lán salainn ag bun na
gloine agus ná deallruigheann sé bheith ag laghdughadh i n-éan-chor.
Mínighthear annsoin ná fuil an salann dhá leaghadh a thuilleadh mar ná
féadann an t-uisce a thuilleadh dhe a shughadh isteach. Socruigheadh leanbh
éigin an t-uisce agus an salann ar an solus nó ar an teine, agus
tugadh an rang fá ndeara cad tá ag imtheacht dóibh. Ceistighthear 'n-a
thaobh iad. Tá an t-uisce ag dul i méad agus an salann dhá leaghadh.
Faghtar as soin go dtéidheann uisce i méad nuair théidhtear é, agus dá
bhrígh sin go bhféadann sé breis salainn nó siúicre nó éin-nídh dá saghas
a shughadh isteach agus a leaghadh.


L. 26


II. — Uisce ag beir-
bhiughadh.



Cuirtar adharc den uisce fhuar ar an dteine, agus tugadh an rang fá
ndeara cad do thárluigheann dó. Tar éis tamaillín chíonn siad
builgíní ag éirghe as bun na gloine agus ag teacht aníos go huachtar
an uisce mar a mbriseann siad. 'N-a dhiaidh-san tagaid go hana-thiugh.
Téidheann an t-uisce i méad, agus tosnuigheann sé ar bhorradh agus ar
fiuchaid, agus fá dheireadh, doirteann
amach thar ciumhais na gloine. Cuirtar i
n-umhail don rang gur aer a bhí ins na
builgíníbh.



Deintear gail den
uisce.



Gail dá dhéanamh.



Cuirtar braenín uisce sa mhéisín gaile,
agus téidhthear an t-uisce. Iarrthar ar
na leanbhaíbh cad do chíonn siad ar siubhal.
Tugaidís fá ndeara an ghail ag éirighe as
an uisce. Cuirtar an ghail seo i gcómheas
leis an deatach éirigheann as an dteine,
agus innseadh na leanbhaí gur teó an ghail
ná an deatach. Cuiridís a lámha ortha
araon agus innsidís go bhfliuchann an ghail
a lámha is ná deineann an deatach acht a


L. 27


lámha do shailiughadh. Tagarthar annsoin don chuma 'n-a ndeintear na
scamaill, ó na fairrgíbh móra, le teas na gréine.



Na Scamaill.



An Fearthainn,



Cuireadh leanbh éigin slinn os cionn na gaile, agus innseadh an rang gur
atharruigheadh an ghail go huisce arís le fuacht na slinne, agus as soin,
cuirtar i dtuigsint don rang cionnus a thagann an fhearthainn.
Innseadh na leanbhaí ná fuil éan-uisce sa mhéisin anois; gurab amhlaidh
d'imthigh sé go léir i bhfuirm gaile.



Cionnus a gheibh-
tear salann ón
uisce.



Curtar sa mhéisín ghaile cuid den uisce 'n-a raibh an salann, agus
téidhthear é. Innseadh an rang gach nídh a thuiteann amach, go dtí go
mbeidh an t-uisce go léir imthighthe 'n-a ghail; chíonn na leanbhaí go bhfuil
deascadh éigin fágtha 'n-a dhiaidh i n-íochtar an mhéisín. Ceistighthear 'n-a
thaobh iad. Blaisidís é, agus innsidís gur salann atá ann. Curtar
i n-umhail dóibh annsoin gur féidir uisce a atharrughadh go gail acht é
bheirbhiughadh, agus annsoin go bhfágtar 'n-a dhiaidh pé nídh bhíonn san uisce.



Leac oighre.



Sioc agus Sneachta.



Fiafruighthear díobh cad do dheineann an teas don uisce. Agus annsoin
cad do thárlóghadh don uisce fá an bhfuacht; innseadh an rang fá dheireadh
gur féidir d'uisce bheith 'n-a uisce nó 'n-a ghail nó 'n-a lic oighre.



Innseadh gach leanbh beag rud éigin (abairt nó dhó) ar "uisce." scríobhadh
na leanbhaí uachtracha aiste ar "thoradh teasa ar uisce" nó ar nídh éigin
ag baint leis an gceist so.


L. 28


IX. — CAILC AGUS SIÚICRE.



AN TADHBHAR



AN MODH MÚINTE



I. — Iad araon i gco-
mheas le n-a chéile.



A dtréithe.



Féachadh an rang ar an gcailc agus ar an siúicre agus innsidís aon
deifridheacht a mhothuighid eatortha. Innsidís go bhfuil an chailc garbh,
agus go bhfuil an siúicre 'n-a ghráinníbh míne gléineacha; gur báine an
chailc 'ná an siúicre agus go bhfuil an siúicre milis acht ná fuil éan-bhlas
ar an gcailc. Thugaidís fé ndeara leis gur buige an chailc 'ná an
siúicre.



IARRACHT.



II. — Leaghann an
Siúicre i n-uisce.



Brúghthar blúire dhen chailc, agus cuirtar cuid di i ngloine uisce.
Deintear amhlaidh leis an siúicre i ngloine eile. Corruigheadh beirt
leanbh an dá ghloine, agus tugadh an rang fá ndeara cad tá ag
imtheacht dóibh. Tagann dath bán ar an uisce 'n-a bhfuil an chailc, agus
tá an chailc féin ag éirighe agus ag gabháil timcheall san uisce. Téidheann
an siúicre timcheall thíos i n-íochtar an uisce. Stadthar dhen chorrughadh,
agus ceistighthear an rang. Blaiseadh na leanbhaí an dá uisce. Ní
mhothuighthear éan-bhlas i gceann aca, agus tá an t-uisce eile milis.
Fiafruighthear díobh annsoin cad d'imthigh ar an siúicre agus ar an
gcailc. Tugaidís fá ndeara go bhfuil an chailc ag gabháil timcheall
fós agus san am chéadna go bhfuil sí ag druidim go híochtar, agus go


L. 29


bhfuil an t-uisce ag dul i ngluine i n-uachtar na gloine. Tuigeadh na
leanbhaí as soin, nuair a chíd an oiread den chailc fós i n-íochtar an
uisce, go leaghann an siúicre san uisce, acht go bhfuil atharrach scéil le
hinnsint i dtaobh na cailce.



Ní leaghann an
Chailc i n-éan-
chor.



III. — Tá an chailc
polltach.



Builgíní aeir.



Is truime uisce 'ná
aer.



Doirtear an t-uisce is an chailc, agus cuirtar roinnt uisce ghluin sa
ghloine. Ropadh leanbh éigin blúire dhen gcailc san uisce agus fiafruigh-
thear den rang cad do thugaid fé ndeara. Innsidís go ndeaghaidh an chailc
go híochtar mar gur truime í 'ná an t-uisce. Tugaidís fá ndeara na
builgíní ag éirighe san uisce. Cad as a dtagaid siúd? Cad do
thárluigheann dóibh? Tógtar an chailc as an uisce agus deintar ceis-
tiughadh 'n-a taobh. Tá sí trom fliuch. Innseadh na leanbhaí go bhfuil
cuid de sna builgínibh ar an dtaobh amuigh uirthi. Faghtar uatha, gur
builgíní aeir iad-san; nach fuláir nó bhí aer sa chailc sul ar cuireadh
san uisce í. Curtar i n-umhail dóibh go bhfuil a lán puillíní sa chailc
agus gurab amhlaidh bhí an t-uisce ag brúghadh isteach ionnta so, agus
nár mhór don aer éalódh leis féin; gur éadtruime an t-aer 'ná an
t-uisce agus gur b'in é fá ndeara do na builgínibh teacht aníos.



Scríobhtar aiste ar "cailc" nó ar "shiúicre." Innseadh na leanbhaí
íochtracha brígh an cheachta so.


L. 30


X. — ADHMAD AGUS IARANN.



AN TADHBHAR



AN MODH MÚINTE



I. — A dtréithe,



Cruaidh.



Bog.



Trom.



So-bhriste.



Ionlúbtha.



Miotal.



Cuireadh an rang blúire adhmaid agus blúire iarainn i gcómheas le n-a
chéile; innsidís a dtréithe agus gach deifridheacht atá eatortha araon.
Is cruaidhe iarann 'ná adhmad. Ní hionann dath dhóibh araon. Scríobthar
an dá cheann le tairnge. Is cruaidhe an t-iarann. Is féidir an
t-adhmad a tholladh leis an dtairnge. Sáithtear i n-uisce iad. Innseadh
na leanbhaí gurab éan t-iarann is truime, mar téidheann sí go híochtar.
Tugtar buille dhe chasúr ar an iarann. Tá sé cruaidh. Innseadh an
rang nidhthe éigin a deintar d'adhmad agus d'iarann. Cad 'n-a thaobh
ná deintar sceana, rásúirí, tluite, agus corcáin d'adhmad? Cad n-a
thaobh ná deintar, cathaoireacha agus cláracha d'iarann? Sáithtear an
tlúdh sa teine agus deargthar é. Cuirtar tríd an ghráta é agus
baintear casadh as. Is féidir iarann a lúbadh acht é dheargadh. An
féidir soin a dhéanamh d'adhmad? Buailtear an t-iarann leis an
gcasúr. Tá sé do-bhriste. Dá mbuailtí an citeal cad do thárlóghadh?
Tuigthar as soin go ndeintar citil is corcáin is rudaí dá saghas de
"mhiotal." Fiafruighthear annsoin de sna leanbhaíbh an ndéanfadh
miotal an gnó chun rásúirí is sceana is claidhmhte. Cuirtar i n-umhail


L. 31


dóibh go gcuirtar an t-iarann i dteintibh móra agus annsoin go ropthar
i n-uisce é, agus 'n-a dhiaidh-san go mbuailtear le hórdaibh troma é.
Cad a thugtar ar an iarann annsoin? Is fearr oireann cruaidh agus
iarann dá lán nidhthe 'ná adhmad toisc a chruaidhe agus táid; acht san am
chéadna oireann adhmad níos fearr ná iarann 'n-a lán slighte, mar is é
is éadtruime. Cá bhfaghthar an t-iarann? Cuirtar síos ar mhianach
iarainn; annsoin cuirtar i dtuigsint do sna leanbhaíbh an chruadh-obair
a bhíonn ag daoinibh insna coilltibh. Na crainn mhóra á leagadh, agus an
fothram go léir a deintar. Luaidhtar annsoin na muilinn, mar a
ngearrthar an t-adhmad.



Cruaidh



Ríobhtar aiste ar "adhmad" nó ar "iarann."


L. 57


COMHRÁDH
AR NA CEACHTAIBH.



I. — AN CAT.



ÚIRLISÍ: CAT AGUS MÉISÍN BAINNE.



1. Cad é sin, a Thaidhg?



2. Cat is eadh é.



3. An cat bán é?



4. Ní headh.



5. Cad eile?



6. Innis dam rud éigin mar gheall uirthi, a Chormaic.



7. Tá cheithre cosa fúithi.



8. Rud éigin eile, a Sheáin.



9. Tá earball uirthi.



10. Tusa, a Mhichíl.



11. Tá féasóg uirthi.



12. 'Seadh, a Shéamuis?



13. Tá dhá shúil aici.



14. An mó an cat 'ná an madra, a Mhichíl?



15. Is mó an madra.



16. An mó an cat 'ná an luch?



17. Is mó; is lugha an luch ná an cat?



18. An 'mdhó cos deiridh, ag an gcat?



19. Tá dhá chois deiridh aici.



20. Speáin dam a cosa tosaigh, a Bhriain.


L. 58


21. Tabhair i leith chugham an méisín bainne, a Pádraig.



22. Cuir ós comhair an chait é.



23. An dtaithneann bainne leis an gcat?



24. Taithneann go mór.



25. Cad tá á dhéanamh aici anois?



26. Tá sí ag lighreac an bhainne.



27. Cionnus?



28. Le n-a teangain.



29. An bhfuil sé go léir lighreactha aici fós?



30. Níl.



31. An lighreacann garsún bainne mar sin?



32. Ní dheineann.



33. Cad eile dheineann sé?



34. Is amhlaidh ólann sé é.



35. Cad d'íosadh an cat, a Thomáis?



36. D'íosadh sí feóil.



37. Seadh; agus cá bhfaghann sí an fheóil, a Thaidhg?



38. Beireann sí ar luchaibh, is ar franncachaibh.



39. Seadh, agus ar éanaibh, is dócha?



40. Seadh.



41. Cionnus a bheireann sí ortha, a Dhomhnaill?



42. Le n-a hingnibh.



43. Speáin dam a hingne, a Dhonnchadh.



44. Féach ortha.



45. An 'mdhó ionga i ngach Lapa tosaigh aici, a Eoghain?



46. Tá cúig cinn díobh i ngach lapa tosaigh.



47. Tá díreach; agus bíonn siad clúduighthe aici leis,
ná bíonn, a Mhuiris?



48. Bíonn.



49. Agus cá chuin a nochtann sí iad?



50. Nuair bhíonn sí chun breith ar éin-nídh.



51. Cad mar gheall ar ingnibh a cos deiridh, a
Sheóirse?


L. 59


52. Tá ingne ar a cosaibh deiridh aici, leis.



53. An 'mdhó ceann díobh i ngach cois?



54. Cómhairimh iad, a Sheáin.



55. Tá ocht gcinn aca ar fad san dá chois — cheithre
cinn i ngach cois.



56. An mar a chéile iad so, agus ingne na gcos
tosaigh?



57. Ní headh, ar fad.



58. Cad n-a thaobh?



59. Is géire ingne na gcos tosaigh.



60. An bhfeacaís riamh mar do scríobfadh cat íochtar
do bhríste, a Mhichíl?



61. Chonnac, go minic.



62. Cad chuige go ndeineann sí é sin?



63. Ní fheadar.



64. Tusa, a Mhártain.



65. Chun faobhair a chur ar a hingnibh.



66. Agus cad do b'áil léi den bhfaobhar ortha?



67. Chun breith ar éin-nídh.



68. Seadh go díreach, ar shon go n-abraid daoine eile
ná bíonn sa scríobadh soin acht comhartha fear-
thainne.



69. Agus cad do dhéanfadh an luch, nuair a béarfaidhe
uirthi, mara mbeadh ingne an chait?



70. Do rithfeadh sí ón gcat.



71. Tá an ceart agat.



72. Cionnus a bheireann sí ar an luich, a Chathail?



73. Fanann sí léi go foidneach ag béal an phuill.



74. Agus an mbíonn fhios ag an luich, go mbíonn an
cat ann, a Dhiarmuid?



75. Ní bhíonn fhios.



76. Cad é an chúis ná bíonn fhios?



77. Mar go siubhluigheann an cat chomh héadtrom
soin.


L. 60


78. Cad iad so, féach?



79. Sin iad na pillíní.



80. Seadh; agus cá bhfuil na pillíní seo, a Bhriain?



81. Tá ceann fá gach méir.



82. Agus cad chuige na pillíní aici, a Shíomuinn?



83. Chun siubhail ós íseal, gan fothram a dhéanamh.



84. Cionnus a choimeádann sí an luch, nuair bheireann
sí uirthi?



85. Le n-a fiaclaibh.



86. Speáin dam, a fiacla, a Choncubhair.



87. Cad é an saghas fiacla tosaigh atá aici, a
Éamuinn?



88. Tá na fiacla tosaigh fada, agus iad lúbtha.



89. Agus na cúilfhiacla, a Dháithí?



90. Tá na cúilfhiacla bior-fhaobhrach.



91. Nach deas glan an aghaidh atá ag an gcat, a Eoin?



92. 'Seadh leis.



93. Cionnus a nigheann sí í féin?



94. Nigheann sí í féin le n-a teangain, agus le n-a
lapa.



95. Cad é an saghas teangadh atá aici, a Airt?



96. Tá teanga gharbh aici.



97. Cad chuige go mbíonn a teanga garbh, a
Chormaic?



98. Chun giotaí beaga féola a lighreacan de chnámh.



99. An mar sin a bhíonn a súile sa dorchadus?



100. Ní headh.



101. Cionnus eile, a Choncubhair?



102. Bíonn a súile ag lonnradh sa dorchadus?



103. Agus cad chuige é sin, a Thomáis?



104. Chun rudaí fheicsint sa dorchadus.



105. Díreach; chíonn an cat níos fearr istoidhche 'ná
mar a chíonn sí sa ló.


L. 61


106. Acht cionnus a thárlaidheann soin, a Philib?



107. Mar téidheann mic imreasa a súl i méad sa dor-
chadus.



108. Cionnus é sin?



109. Nochtthar iad.



110. Díreach.



111. Nach fada i an fhéasóg atá uirthi, a Pheadair?



112. Is fada leis.



113. Beir ar ribe dhi, a Ribeáird, agus innis dúinn
rud éigin 'n-a taobh.



114. Tá sí righin do-lúbtha.



115. An mothuigheann an cat thu anois?



116. Mothuigheann go maith.



117. An dtéidheann an cat mór-dtimcheall, ar lorg
luch, a Labhráis?



118. Téidheann.



119. Agus istoidhche go háirithe, nach eadh?



120. 'Seadh.



121. Agus an dtugann an fhéasóg éan-chongnamh dhi?



122. Tugann.



123. Cad é an tslighe go dtugann, anois?



124. Mar mothuigheann sí an tslighe roimpi léi.



125. Buail do lámh fan a droma, a Phóil.



126. Cad a thugann tu fé ndeara, i dtaobh an chlúimh
atá uirthi?



127. Samhluigheann sé bheith plúrach brothalach.



128. Agus cad chuige é sin, an dóigh leat?



129. Mar is minic í amuigh fá'n bhfuacht istoidhche.


L. 62


II. — LASÁN



1. Cad é sin it láimh agat, a Bhrighid?



2. Lasán.



3. Lasán, an eadh?



4. 'Seadh.



5. Cad é an saghas lasáin é?



6. Lasán adhmaid.



7. 'Seadh; agus cad é an saghas lásain atá agat-sa
a Shiobhán?



8. Lasán céireach atá agam-sa.



9. Tuigim; agus ciaca is fearr, an dóigh leat?



10. Is fearr an lasán céireach.



11. Cionnus é sin?



12. Mar d'fhanfadh sé ar lasadh, agus an ghaoth dhá
shéideadh.



13. Cuir an dá cheann aca ar lasadh anois, máiseadh,
agus feiceam cionnus éireóghaidh leó.



14. Cuir barra do mhéire ar an solus, a Mhaighréad.



15. 'Seadh, cad deirir leis sin?



16. Tá sé te.



17. Ana-the?



18. 'Seadh; do dhóighfeadh sé thu.



19. Séid t'anál go réidh leis an lasán adhmaid, a
Shíle.



20. 'Seadh; cad d'imthigh air, a Nóra.



21. Do mhúch a hanál é.



22. Séid an lasán céireach anois, a Mháire.



23. An bhfuil sé i n-éag agat?


L. 63


24. Ní'l.



25. Séid-se beagán níos treise, máiseadh, a Ghobnait.



26. 'Seadh; nach deacair é mhúchadh?



27. Is deacair.



28. Innis dúinn rud éigin i dtaobh an lasáin úd
agat-sa, a Pheg.



29. Tá ceann idir bheith donn is dearg air.



30. Cad é an chuma atá ar a cheann?



31. Tá ceann cruinn air.



32. An mar a chéile an chuma atá ar an gceann agus
an chuma atá ar an gcois?



33. Ní headh; tá an ceann cruinn acht tá an chos
cearnógach.



34. Cad é an fhaid atá ar chois an lasáin atá agat-sa,
a Eibhlín?



35. Tá sé tuairim dhá órlach ar fhaid.



36. Tomhais é.



37. Tá dhá órlach is trí deachmhaidhthe d'fhaid ann.



38. Bain a cheann det lasán-sa, a Chaitlín.



39. Cad de go ndeintar an ceann?



40. Deintear de theine ghealáin é.



41. An bhfuil éan-bholaidh uaidh?



42. Tá droch-bholaidh uaidh.



43. Blais é, anois.



44. Tá droch-bhlas air, leis.



45. Dein é fhliuchadh, a Phróinséis.



46. Cuimil ar do bhais anois é.



47. Cad do chíonn tú anois, a Shínéad?



48. Chím saghas deataigh ag éirghe as.



49. Dá mbeadh an dorchadus ann anois, a Eilís?



50. Thiocfadh solus breagh lonnrach uaidh sin.



51. 'Seadh; agus cad as go dtiocfadh an solus?



52. As an teine ghealáin, is dócha.


L. 64


53. 'Seadh díreach; téidheann sí tré theine, acht í chuimilt
d'éin-nídh; ná téidheann?



54. Téidheann.



55. An furus an teine ghealáin a chur ar lasadh?



56. Is furus, nuair a thagann teas léi,



57. 'Seadh; tá an ceart agat. Ní mór beagán teasa
chuige.



58. Cuir an lasán úd agat-sa ar lasadh, a Eiléan.



59. Cad do b'áil leat é chuimilt don gclár chun é chur
ar lasadh?



60. Chun teas a chur ar an dteine ghealáin.



61. Díreach; agus cá bhfuair sí an teas a Nóra?



62. Ó bheith ag cuimilt an lasáin don gclár.



63. Agus cá raibh an teine ghealáin, a Pheg?



64. Bhí sí i gceann an lasáin.



65. Agus an mbíonn sí i gceann gach éan-lasáin mar
sin, a Eibhlín?



66. Bíonn



67. Cad do thugann tú air seo, a Eibhlín?



68. Lasán cosnaimh is eadh é sin.



69. Cuir é sin ar lasadh dhúinn anois.



70. Ní fhéadfainn, gan é chuimilt dá bhosca féin.



71. Cuimil don gclár é.



72. Níor bh'éan-mhaitheas dam é.



73. Cad é an chúis?



74. Már ná féadfainn é lasadh.



75. Agus cad n-a thaobh ná féadfá é lasadh.



76. Ní fheadar.



77. 'Seadh, a Bhrighid?



78. Mar ní'l éin-teine ghealáin i gceann an lasáin
chosnaimh.



79. Agus cá mbíonn sí.



80. Bíonn sí ar thaobh den bhosca.


L. 65


81. Maith an cailín, a Bhrighid.



82. An lasán céireach atá agat-sa, a Nóra?



83. Ní headh, acht lasán adhmaid.



84. An lasán céireach é sin agat-sa, a Neill?



85. Ní headh.



86. Cé aici go bhfuil lasán céireach?



87. Tá ceann agam-sa.



88. An féidir leat cos an lasáin sin a lúbadh?



89. Is féidir.



90. An féidir soin a dhéanamh leis an lasán adhmaid?



91. Ní féidir.



92. Bain tréail as, a Nóra.



93. Seadh, cad d'imthigh air, a Bhrighid?



94. Do bhris sé uirthi.



95. An céir ar fad atá i gcois an lasáin sin?



96. Ní headh.



97. Bris é, go bhfeiceam cad tá ann.



98. Cad do chíonn tú i bhfochair na céireach anois, a
Cháit?



99. Chím a lán snáithíní cadáis.



100. Las an blúire céireach so a Bhrighid.



101. Féach mar leaghann sí. Cad do thugann sibh fé
ndeara anois, a chailíní?



102. Seadh, a Shíle?



103. Tugaim-se fé ndeara ná fanann an chéir ar lasadh
acht ar feadh tamaillín.



104. Seadh, agus cad do thárlaidheann di annsoin, a
Mháire?



105. Téidheann sí i n-éag.



106. Las an snáth soin anois, a Áine.



107. Innis dúinn, a Shiobhán, cad d'imthigh air.



108. D'fhan sé ar lasadh ar feadh tamaillín, acht chuaidh
sé i n-éag annsoin.


L. 66


109. Cuimil an céir ar an snáth a Eilís, agus fei-
ceam cionnus éireóghaidh leó.



110. Las an snáth anois.



111. Cad do chonnaicís anois, a Mháire?



112. Chonnac go lasfadh an snáth agus an chéir go
breagh i bhfochair a chéile.



113. 'Seadh, nuair a bhíonn siad i dteannta a chéile?



114. 'Seadh, acht ná leanfaidís ar lasadh i n-éan-chor i
n-éaghmuis a chéile.



115. Tá an ceart agat, a Mháire.



116. Bailigh na lasáin dam anois, a Eibhlín, agus cuir
i gcoimeád iad.


L. 67


III. — AN CHOINNEALL.



1. Beir ar an gcoinnill sin it láimh, a Thaidhg, agus
innis dúinn rud éigin mar gheall uirthi.



2. Cad é an dath atá uirthi?



3. An mór é a haoirde?



4. Cad é leithead na coinnle?



5. Cad é a cuma?



6. Tá sí cruinn roithleánach.



7. An bhfuil an leithead céadna innti ar fad síos?



8. Ní'l; tá sí ag caolughadh i n-a barra.



9. Cad do ghlaodhann tú air seo?



10. Sin é buaiceas na coinnle.



11. Cad tá sa bhuaiceas soin, a Philib?



12. Tá téadán ann, agus é fighte.



13. Las an choinneall so dhúinn, a Chonchubhair.



14. Cad tá ag imtheacht don tsolus anois, a Eoghain?



15. Tá sé ag dul i laighead.



16. Agus an raghaidh sé i n-éag ar fad, a Séamuis?



17. Ní raghaidh.



18. Cad do thugann tú fá ndeara anois, a Thaidhg?



19. Tugaim fá ndeara go bhfuil an solus ag dul
i dtreise arís.



20. Tá díreach; 'seadh, tá solus breagh againn anois.



21. Féachaidh go léir ar an solus soin anois, agus
innistar dam cad do chíonn sibh.



22. 'Seadh, a Phártholáin?



23. Tá an solus buidhe.



24. An mbraitheann tú go bhfuil éan-dath eile air?


L. 68


25. Tá sé gorm, leis.



26. An dtugair-se fá ndeara éan-dath eile sa tsolus
so, a Sheáin?



27. Tá dath bán air, leis.



28. An bhfuil éan-dath eile air, a Mhichíl?



29. Tá sé dubh, leis, istigh i n-a lár.



30. Agus cad é an dath atá ar an mbuaiceas, a Phóil?



31. Tá sé dubh san áit i n-a bhfuil sé dhá dhóigheadh.



32. Tá díreach; acht féach ar bhun an bhuaicis istigh.



33. Tá sé bán annsoin.



34. Cad eile chíonn tú istigh ann, a Dhomhnaill?



35. Chím go bhfuil a lán fliuchair mór-dtimcheall ar
an mbuaiceas.



36. Tá cupáinín de fhliuchar timcheall air; ná fuil?



37. Tá.



38. Agus cad as a tháinig sé sin, a Mhártain?



39. Is amhlaidh a leagadh suill na coinnle.



40. 'Seadh; agus cad d'imthigh uirthi annsoin?



41. Do rith sí síos go bun an chupáinín.



42. Agus cad fá ndeara dhi leaghadh?



43. Teas na lasrach.



44. 'Seadh díreach.



45. Faigh blúirín smúide anois, a Shéamuis, agus
cuir isteach sa bhfliuchar í.



46. Tugaidh go léir fé ndeara cad tá ag imtheacht
don smúid sin. Lámha i n-áirde anois!



47. Seadh, a Dhiarmuid?



48. Chuaidh cuid di go híochtar an fhliuchair.



49. Tusa, a Sheósaimh?



50. Chonnac cuid di ag druidim fé dhéin an bhuaicis.



51. Agus cad do b'áil léi dul fé dhéin an bhuaicis?



52. Mar tá an fliuchar go léir ag gabháil an treó
soin.


L. 69


53. Tá, díreach; agus cá mbíonn a thriall annsoin, a
Thaidhg?



54. Tagann sé aníos an buaiceas.



55. Fá dhéin an tsoluis, an eadh?



56. 'Seadh.



57. Agus cad do thárlaidheann dó nuair a thagann sé
aníos i n-aice na lasrach?



58. Deintar gal den bhfliuchar.



59. Agus cionnus a deintar gal de, a Bhriain?



60. Le teas na lasrach.



61. Cuir an clúdach pinn seo i lár na lasrach anois,
a Mhichíl.



62. Socruigh go fiarsceóghach é.



63. 'Seadh, cad do thugann sibh fé ndeara anois, a
bhuachaillí?



64. Tusa, a Néill?



65. Chím gal ag teacht aníos tríd an gclúdach.



66. Cad as go dtagann an ghal soin, a Dhiarmuid?



67. Ní fuláir nó is cuid den ghail atá sa lasair í.



68. 'Seadh gan amhrus. Tá mórán den ghail ann; ná
fuil, a Phádraig?



69. Tá.



70. Agus cionnus a deintar í go léir, a Phártholáin?



71. As an bhfliuchar a thagann aníos tríd an mbuai-
ceas.



72. Cuir lasán leis an ngail sin, agus feiceam cad
do thárlaidheann do.



73. 'Seadh, a Dhomhnaill?



74. Téidheann sé ar lasadh.



75. Téidheann, go deimhin. Sin coinneall bheag eile
againn anois, nach eadh?



76. 'Seadh.



77. Agus sin é díreach mar deintar solus na
coinnle féin, nach eadh?


L. 70


78. 'Séadh.



79. Speáin dam gloine an lampa soin, a Liam.



80. Seo, a Thomáis, cuir an ghloine úd thar an gcoin-
nill anois.



81. Tugadh gach éinne fé ndeara, cad do thárlaidheann
don tsolus anois.



82. Cad do chír-se, a Phóil?



83. Chím go bhfuil solus na coinnle ag laghdughadh go
mór.



84. Tá leis, acht fan go fóill. Féach air anois.



85. Tá sé ag dul i méad arís.



86. Tá, díreach; is beag ná go bhfuil sé chomh mór
anois is bhí sé riamh.



87. Cuir an leabhairín sin ar bharra na gloine anois,
a Sheáin, agus feiceam cad do thuitfidh amach.



88. Cad tá ag imtheacht don tsolus anois, a Dáithí?



89. Tá sé ag laghdughadh ar fad. Tá sé múchta ar
fad anois.



90. Árduigh an ghloine, a Chormaic, agus las an choin-
neall arís.



91. Socruigh an ghloine tháirsi, a Thaidhg, agus cuir an
leabhairín ar barra arís.



92. 'Seadh, tá an solus nach mór imthighthe i n-éag arís;
ná fuil?



93. Tá.



94. Bog an leabhairín de bharra na gloine, a Mhuiris.



95. Cad do chíonn tú anois, a Stiabhna?



96. Chím go bhfuil an solus ag dul i méid arís



97. Tá, agus do raghadh sé i n-éag ar fad, mara
mbeadh gur bhog Muiris an leabhairín de
bhárr na gloine; ná raghadh?



98. Do raghadh.



99. Agus cionnus soin?


L. 71


100. Easbha aeir a bhí air.



101. Agus ná raibh aer sa ghloine?



102. Bhí, acht bhí sé go léir ídighthe.



103. Cad aige, a Chonchubhair.



104. Ag an gcoinnill.



105. 'Seadh, díreach; ní mór aer a dhul isteach, chun an
tsoluis a choimeád ar lasadh. An dtuigir, a
Dhomhnaill?



106. Tuigim.



107. Agus an gábhadh aer chun na teine a choimeád ar
siubhal?



108. Is gábhadh.



109. Cad do b'áil let mháthair, bheith ag séideadh na
mbolg, nuair a bhíonn sí ag lasadh na teine,
a Thaidhg?



110. Chun aeir a chur innti, is dócha.



111. Tá an ceart agat, a gharsúin.


L. 72


IV. — GUAL.



1. Cad tá annsoin agat, a Néill?



2. Tá blúire beag de ghual agam.



3. Nach dubh atá sé!



4. 'Seadh, go deimhin.



5. An mar a chéile gach éan-taobh de?



6. Ní headh.



7. Cad n-a thaobh go n-abrair é sin?



8. Mar tá sé garbh ar an dtaobh so, féach; acht tá
sé slím réidh ar an dtaobh eile.



9. Sáith do mhéar tríd, a Néill.



10. Ní fhéadfainn é.



11. Tabhair iarracht air.



12. Ní héan-chabhair damh é.



13. Cad é an chúis?



14. Mar tá sé ró-chruaidh.



15. Cuir san uisce é.



16. Cá bhfuil sé anois, a Chormaic?



17. Tá sé imthighthe go híochtar.



18. Agus cad n-a thaobh nár fhan sé ar bhárr an uisce,
a Thomáis?



19. Mar bhí sé ró-throm.



20. Ciaca is truime, an gual nó an t-uisce?



21. Is truime an gual.



22. Cuir an blúire adhmaid seo san uisce, a Phádraig.



23. An bhfuil sé imthighthe go híochtar, a Liam?



24. Níl



25. Innis dúinn, a Sheáin, cad é an fáth ná deaghaidh sé
go híochtar.


L. 73


26. Mar is éadtruime an t-adhmad ná an t-uisce.



27. Ciaca is truime, gual nó adhmad, a Dhomhnaill?



28. Is truime gual 'ná adhmad.



29. Faigh an casúr, a Philib, agus buail buille ar
an mblúire seo ghual.



30. 'Seadh, tiomáin leat.



31. An bhféadfaidhe é bhriseadh, a Eoghain?



32. D'fhéadfaidhe.



33. An deacair é bhriseadh, a Chormaic?



34. Ní deacair; tá gual so-bhriste.



35. Féach, an bhféadfá an chloch soin a bhriseadh, a
Shéamuis.



36. 'Seadh, an furus é bhriseadh, a Mhichíl?



37. Ní furus, mar tá an chloch cruaidh.



38. Ciaca is cruaidhe, cloch nó gual?



39. Is cruaidhe cloch.



40. An bhfuil an tlúdh annsoin i n-éan-bhall, a
Mhuiris?



41. Tá.



42. Faigh é, agus cuir an blúire guail seo sa teine
go fóill.



43. Innis dúinn, a Mhártain, cad tá ag imtheacht air.



44. Tá sé dhá dhóigheadh.



45. Cá bhfios duit?



46. Mar chím deatach ag teacht as.



47. Cad é an saghas deataigh é sin atá ag éirghe as,
a Labhráis?



48. Deatach ruadh iseadh í.



49. Féach, cad tá ag imtheacht dó anois.



50. An bhfeiceann tú é, a Annraoi?



51. Chím builgíní guail ag éirghe mór-dtimcheall air.



52. 'Seadh, agus cad do thárlaidheann dóibh seo, a
Dhonnchadh?


L. 74


53. Bíd ar lasadh, an fhaid do bhíd ag borradh mar
sin.



54. An bhfuil píopa cré i n-éan-bhall annsoin?



55. Tá. Sidé é.



56. Cuir an smúid seo isteach sa phíopa, a Pheadair.



57. Cad tá sa smúid sin, a Shéamuis?



58. Ní'l sa smúid sin acht gual.



59. 'Seadh; faigh blúire dhe chré thais, agus clúduigh an
smúid léi.



60. Sáith ceann an phíopa i dteas na teine anois,
agus feiceam cad imtheóghaidh air.



61. Cas do-chír-se, a Sheáin?



62. Chím saghas deataigh ag éirghe a poll an phíopa



63. Cad é an saghas deataigh é?



64. Deatach ruadh is eadh í.



65. Ar nós an deataigh ó chianaibh, an eadh?



66. 'Seadh.



67. Coinghibh méisín fá pholl an phíopa, a Phádraig.



68. Féach, cad é seo ag tuitim anuas ar an méisín, a
Mhuiris.



69. Rud dubh éigin.



70. Las an deatach soin dúinn, a Dhiarmuid.



71. Nach mar sin a bhí na builgíní guail ag lasadh ó
chianaibh, a Thaidhg?



72. Is mar sin díreach.



73. Agus cad 'n-a taobh go lasann an deatach mar
sin, a Éamuinn?



74. Ní fuláir nó tá rud éigin sa deatach a théidheann
ar lasadh.



75. Tá gan amhrus; ta geas innti.



76. Las an blúire pháipéir sin, a Chonchubhair.



77. An bhfeiceann tú an deatach ag imtheacht as?



78. Chím.


L. 75


79. Cuir lasán leis an ndeatach soin, a Phóil, féachaint
an lasfaidh sé.



80. Ní lasfaidh.



81. Agus cad 'n-a thaobh?



82. Mar ná fuil éin-gheas innti.



83. 'Seadh, go díreach.



84. Agus cad do thugair ar an rud dubh úd, a tháinig
amach ar an méisín, a Pheadair?



85. Ní fheadar.



86. Cad é an saghas bolaidh atá uaidh, a Chormaic?



87. Is cosmhail le bolaidh tarra é.



88. 'Seadh; tarra atá ann, leis.



89. Feiceam anois, cad tá imthighthe ar an smúid a
chuireamair sa phíopa ó chianaibh. Tóg amach í,
a Néill.



90. An gual atá ann anois, a Phóil?



91. Ní headh.



92. Agus cad eile cad tá ann an dóigh leat?



93. Ní fheadar, maran gual geasa é.



94. Gual geasa atá ann, díreach.



95. Buail buille dhen gcasúr ar an mblúire ghuail
seo, a Liam.



96. Ar scoiltis é.



97. Do scoilteas.



98. Cad do mhothuigheann tú istigh ann?



99. Chím ana-chuid línte annso is annsúd air.



100. 'Seadh, is cosmhail le duilleógaibh crann iad; nach
eadh?



101. 'Seadh, leis.



102. Cad do thuigeann tú as soin, a Thaidhg?



103. Gur a crannaibh agus as rudaíbh eile dá saghas
a deintar an gual.



104. Tá an ceart agat, a gharsúin


L. 76


V. — AN PRÁTA



1. Cad do ghlaodhann tú air seo, a Mháire?



2. Práta.



3. 'Seadh; tóg it láimh é go bhfagham eólus n-a
thaobh.



4. An práta mór é?



5. Cad é a dhath?



6. Tá sé bán.



7. Cad é an chuma atá air?



8. Tá sé cruinn.



9. Bhfuil sé cruaidh?



10. Tá.



11. Cad do thugann tú ar an dtaobh amuigh dhe, a
Ghobnait?



12. Croiceann an phráta.



13. Scuibh blúire dhe.



14. Cad do chíonn tú taobh istigh den chroiceann?



15. An práta féin.



16. An mar a chéile é sin agus an croiceann?



17. Ní headh.



18. Cad 'n-a thaobh, a Shíle?



19. Tá an práta níos báine 'ná an croiceann.



20. Agus an mothuigheann tú éan-deifridheacht eile do
bheith eatortha a Eibhlín?



21. Ta an práta féin tais istigh.



22. An bhféadfá an práta soin a bhrúghadh it láimh, a
Shínéad?



23. Ní fhéadfainn, mar tá sé ró-chruaidh.


L. 77


24. Tabhair faoi.



25. An bhfeiceann sibh na puill bheaga atá mór-
dtimcheall ar an bpráta?



26. Cad é an ainm atá agat dóibh-sin, a Mháire?



27. Súile an phráta.



28. Cá mhéad súil sa phráta soin, a Mhaighreadh?



29. Cómhairimh iad.



30. Cad chuige na súile seo, a Shiobhán?



31. Asta-san is eadh fhásann na préamhacha.



32. 'Seadh, nuair a curtair sa chré iad, nach eadh?



33. 'Seadh.



34. Agus an mar seo, a cuirtar an práta sa chré, a
Eilís?



35. Ní headh; gearrthar ar dtúis é.



36. Cad é an ainm atá ar an mblúire a cuirtar, a
Ghobnait?



37. An scealthán a glaodhtar air.



38. Agus cad is gábhadh do gach scealthán, a Shíle.



39. Is gábhadh súil do gach scealthán.



40. Aon tsúil amháin, an eadh?



41. 'Seadh.



42. Cad chuige aon tsúil amháin ar an scealthán, a
Nóra?



43. I dtreó ná tiocfadh acht aon phréamh amháin aisti.



44. Agus an gábhadh a thuilleadh súl a bheith air?



45. Ní gábhadh.



46. Cad é an dath a bhíonn ar an bpréimh, a Mháire?



47. Bíonn sí bán fén gcré, acht téidheann sí i
ngluise, nuair a thagann sí ós cionn talaimh.



48. 'Seadh, agus tagann duilleóga uirthi leis; ná
tagann, a Cháit?



49. Tagann.



50. Cad a thugtar uirthi annsoin, a Phróinséis.


L. 78


51. Tugtar gas an phráta uirthi annsoin.



52. An bhfásann an gas go hárd, a Bhrighid?



53. Fásann, uaireannta.



54. Cad é an aoirde is mó bhíonn air, a Mhaighréad?



55. Tuairim dhá throigh nó dhá throigh go leith, is dócha.



56. Do réir an aoiligh nó an leasuighthe a cuirtar
leis an scealthán, is dócha?



57. 'Seadh.



58. Agus cad imthigheann ar íochtar an ghais, a Ghob-
nait?



59. Sáthann sé a phréamhacha síos mór-dtimcheall tríd
an gcré.



60. Cad do thárlaidheann do sna préamhachaibh seo, a
Chaitlín?



61. Is ortha so a thig na prátaí ar ball.



62. Díreach; tagann at annso is annsúd ar na
préamhachaibh seo, nach eadh, a Shíle?



63. 'Seadh.



64. Agus bíd so ag borradh agus ag dul i méad;
na bíd?



65. Bíd.



66. Agus sin mar thagaid na prátaí ar phréamhachaibh
an ghais, nach eadh?



67. Cá chuin a cuirtar na scealtháin, a Bhrighid?



68. Sna earrach.



69. Agus cá chuin a baintear na prátaí annsoin, a
Shíle?



70. Sa bhfoghmhar.



71. Speáin dam an ghloine úd, a Mhaighréad.



72. Cad tá sa ghloine seo, a Eilís?



73. Tá uisce innti.



74. An dtugann sibh fá ndeara go bhfuil éin-nídh eile
innti seachus an t-uisce?


L. 79


75. 'Seadh, a Mháire.



76. Tá rud bán éigin innti.



77. Innis dúinn a Mhaighréad, cad do dheineamair
leis an uisce sin.



78. Fuaramair práta scuibhte, agus chuireamair san
uisce beirbhthe é.



79. Cionnus a deineadh é sin?



80. Fuair Caitlín blúire éadaigh agus dhein sí
criathar dhe.



81. 'Seadh, agus annsoin?



82. Annsoin do leig sí an t-uisce beirbhthe síos tríd
an gcriathar, agus tríd an bpráta.



83. Agus cad do bhí sa chriathar aici?



84. Bhí an práta scuibhte.



85. Cad do thugabhair fá ndeara n-a dhiaidh soin?



86. 'Seadh, a Shíle?



87. Tháinig dath bán ar an uisce.



88. Cad fá ndeara soin, a Cháit?



89. An práta.



90. Agus ar fhan an dath soin ar an uisce?



91. Níor fhan, mar tá an t-uisce glan arís.



92. Agus cad d'imthigh ar an smúid bháin, a Ghobnait?



93. Chuaidh sí go híochtar an uisce.



94. Doirt amach an t-uisce, a Mháire, agus feiceam
cad tá sa smúid seo a fágtar 'n-a dhiaidh sa
ghloine.



95. Cad é an dath atá uirthi a Úna?



96. Tá sí bán.



97. Sáith do mhéar innti, a Phróinséis.



98. 'Seadh, cad deirir léi?



99. Tá sí inghreamuighthe.



100. An bhfuil bholaidh ag teacht aisti, a Shiobhán?



101. Ní mhothuighim go bhfuil.


L. 80


102. Cuir it bhéal í, a Mháire.



103. 'Seadh; cad é an blas atá uirthi?



104. Ní fheadar; tá sí buille beag searbh.



105. Cad eile thugair fá ndeara 'n-a taobh?



106. Shaoileas go raibh sí ag greamughadh dhom thean-
gain?



107. 'Seadh, agus cad eile?



108. Ta sí go léir nach mór leaghta im béal agam.



109. Cad do ghlaodhfá ar an smúid seo anois, a
Eiléan?



110. 'Seadh, éinne agaibh? Cad deirir-se, a Ghráinne?



111. Is cosmhail le stailc í.



112. Tá an ceart agat, a Ghrainne. Stailc is eadh í.



113. Cá bhfuil bosca na stailce, a Mháire? Oscail é.



114. Tóg blúire dhi, a Bhrighid.



115. An ionann soin agus an smúid seo, a Úna?



116. Ní hionann, go deimhin.



117. Cad é an deifridheacht atá eatortha, a Mhaighréad?



118. Is gile an stailc 'na an smúid.



119. Éin-deifridheacht eile, a Shíle?



120. Tá an smúid seo fliuch, acht tá an stailc tirm.



121. Cuir blúire dhen stailc san uisce, máiseadh.



122. Anois, nach mar a chéile, í féin agus an smúid, a
Shiobhán?



123. Is beag ná gur mar a chéile, acht amháin go bhfuil
an stailc beagán níos gile.



124. Ón bpráta is eadh deintar stailc mar sin, nach
eadh, a Mhóirín?



125. Is dócha gurab eadh.



126. Bhfuil éan-mhaitheas i stailc nó cad chuige a dein-
tear í, a Ghráinne?



127. Chun ar gcuid lín-éadaigh a theannughadh.



128. Agus an bhféadfá í ithe i n-éan-chor, a Shínéad?


L. 81


129. D'fhéadfainn.



130. An maith leat í, a Nóra?



131. Ní maith liom.



132. An n-itheann tusa éan-stailc, a Shíle?



133. Ní ithim.



134. Agus an n-itheann tú prátaí?



135. Ithim go deimhin, gach éan-lá.



136. Agus ná bíonn roinnt stailce ionnta soin?



137. Bíonn go díreach.



138. 'Seadh anois, a leanbhaí, bíodh a fhios agaibh nach
mór díbh stailc d'ithe chun feóla do chur oraibh.


L. 82


VI. — DUILLEÓGA.



1. Tógadh gach éinne agaibh duilleóg 'n-a láimh.



2. An bhfuil éin-cheann agat-sa, a Mhichíl?



3. Tá.



4. Cad é an saghas duilleóige athá agat?



5. Tá duilleóg labhruis.



6. Innis dúinn rud éigin 'n-a taobh.



7. Tá sí glas slím ar an dtaobh so.



8. 'Seadh; éin-nídh eile?



9. Tá sí garbh ar an dtaobh thiar di.



10. An bhfeiceann tú na línte go léir atá ag
gabháil tríthi.



11. Chím.



12. Speáin dam cuid aca.



13. Ca mhéid ceann díobh atá ann, an dóigh leat?



14. Tá breis is fiche ceann aca is dócha.



15. Cionnus a ghabhaid siad.



16. Táid siad go léir comh-fhada ó n-a chéile.



17. Táid go díreach.



18. An bhfuil éan-ainm agat do sna líntibh sin, a
Thaidhg.



19. Tá; sin iad féitheacha na duilleóige.



20. Agus cad do thugann tú air seo, a Sheáin?



21. Sin préamh na duilleóige.



22. Cá mhéid préamh ar an nduilleóig seo, a Shéamuis?



23. Níl acht aon phréamh amháin uirthi.



24. Agus féach uirthi seo; cá mhéid duilleóg innti?



25. Tá cúig duilleóga innti sin.


L. 83


26. Tá díreach, agus féach, níl acht aon phréamh amháin
innti.



27. Cionnus a ghabhann an phréamh, a Phádraig?



28. Tá sí ag gabháil ó bhun na duilleóige aníos go
dtí n-a bárr.



29. Cad eile d'fhéadfá a innsint dúinn i dtaobh na
préimhe seo, a Pheadair?



30. Tá sí ag dul i gcaoile mar do ghabhann suas an
duilleóg.



31. Taspeán dúinn cúl na duilleóige, a Mhichíl.



32. Féach anois, ní mar a chéile an taobh so agus an
taobh eile.



33. Cad é an deifridheacht a thugair-se fá ndeara
eatortha, a Dhomhnaill?



34. Chím ná fuil an taobh thiar de chomh slím réidh, ná
chomh glas leis an dtaobh eile, agus go bhfuil
na féitheacha attha go mór ann.



35. Cómhairimh na féitheacha atá ar ar an dtaobh dheas
den phréimh, a Chormaic.



36. Cá mhéid atá ann díobh?



37. Tá naoi gcinn déag aca ann.



38. An 'mdhó préamh atá ar an dtaobh eile anois, a
Thaidhg?



39. Tá an oiread céadna díreach ar an dtaobh
eile dhi.



40. Féachaidh ar an bpréimh seo anois, a bhuachaillí.



41. Cá mhéid duilleóg atá ag fás uirthi a Phóil?



42. Tá cúig cinn aca.



43. Duilleóga geanmchnó is eadh iad.



44. Ní hionann an chuma atá ortha so, agus an chuma
a bhí ar na duilleógaibh labhruis i n-éan-chor.



45. Cad é an deifridheacht a chíonn tú eatortha, a
Thomáis?


L. 84


46. Tá an duilleóg labhruis ar an leithead chéadna
fé mar a ghabhann sí.



47. 'Seadh; is cad mar gheall uirthi seo?



48. Is cosmhail le spiúnóig í.



49. Cionnus soin?



50. Tá ceann di caol agus an ceann eile leathan.



51. An bhfuil éin-dheifridheacht eile eatortha, a Liam?



52. Tá; is mó an duilleóg gheanmchnó 'ná an duil-
leóg labhruis.



53. 'Seadh; an bhfeicir-se go bhfuil éin-deifridheacht
eile eatortha, a Éamuinn?



54. Chím gur deise is gur soiléire na féitheacha sa
duilleóig gheanmchnó.



55. Tá an ceart agat annsoin, leis.



56. Anois, a bhuachaillí, féachaidh go géar ar imeal-
laibh na nduilleóg so.



57. An dtugair-se fá ndeara éin-nídh ionnta, a
Dhonnchadh?



58. Chím go bhfuil imeall na duilleóige seo comhar-
thuighthe.



59. Agus ná fuil imeall na duilleóige seo amhlaidh,
a Bhriain?



60. Níl.



61. Cad eile, máiseadh?



62. Tá imeall na duilleóige sin réidh cothrom.



63. Cá mhéad duilleóg ag fás ar an bpréimh seo, a
Phádraig?



64. Tá trí duilleóga ag fás uirthi.



65. Cad é cuma na nduilleóg so, a Sheósaimh?



66. Is beag ná go bhfuilid cruinn ar fad.



67. Speáin dúinn duilleóg go bhfuil atharrach cuma
uirthi, a Sheáin.



68. Cad é an chuma atá uirthi sin a Ruaidhrí?


L. 85


69. Is cosmhail le hubh í sin.



70. Ní bhíonn an oiread céadna de dhuilleógaibh i
ngach préimh i n-aon chor?



71. Ní bhíonn.



72. Ná ní mar a chéile cuma gach duilleóige, acht chomh
beag.



73. Ní headh.



74. Cionnus soin, a Bhriain?



75. Mar bíonn cuid aca cruinn, is cuid aca fada
cumhang, agus cuid aca leathan ar cheann díobh
is ag caolughadh go dtí an gceann eile.


L. 86


VII–VIII — Uisce.



1. Cuir roinnt uisce sa mhéisín sin, a Amhlaoibh.



2. Ná líon é anois.



3. 'Seadh, ní beag soin.



4. An bhfeiceann tú an dath atá ar an uisce sin, a
Mhichíl?



5. Ní fheicim-se go bhfuil éan-dath air.



6. Ní bhíonn dath ar uisce ghlan mar sin, a Thaidhg?



7. Ní bhíonn.



8. Cuir roinnt ghainmhe san uisce sin, a Mhuiris



9. Blúire eile.



10. 'Seadh tiomáin leat.



11. Cad tá ag imtheacht don uisce anois, a Philib?



12. Tá sé ag brúchtadh thar an méisín?



13. Líon an méisín eile de ghainimh, a Mhichíl.



14. An mar a chéile a shuidheann an ghainimh agus an
t-uisce sa mhéisín, a Sheáin?



15. Ní headh.



16. Cionnus?



17. Tá bárr an uisce réidh, cothrom le ciumhuis an
mhéisín.



18. 'Seadh; is cad mar gheall ar an ngainimh, a
Eoghain?



19. Tá an ghainimh 'n-a carn árd istigh 'n-a méisín
féin.



20. 'Seadh; bíonn ucht an uisce ar aon aoirde amháin
i gcomhnuidhe, ná bíonn?



21. Bíonn.


L. 87


22. Agus brúchtann sé thar ciumhuis an mhéisín, nuair
éirigheann sé chúichi; ná brúchtann?



23. Brúchtann.



24. Agus cad do thárluigheann don uisce nuair a
ghabhann sé amach mar sin, a Dhiarmuid?



25. Tuiteann sé ar an mbórd.



26. 'Seadh; agus annsoin?



27. Agus as soin deineann sé ar an dtalamh.



28. Síos a théidheann sé i gcomhnuidhe, mar sin; an
eadh, a Thaidhg?



29. 'Seadh.



30. An ritheann an ghainimh mar sin, a Ribeáird?



31. Ní ritheann.



32. Cad eile dhéineann an ghainimh?



33. Fanann sí san áit a curtar í.



34. Tugaidh fá ndeara anois, a gharsúna, an chuma
atá ar an uisce seo sa ghloine.



35. Innis dúinn, a Sheóirse, cad é an chuma atá air.



36. Tá sé ar aon chuma leis an ngloine féin.



37. Agus cad mar gheall ar ucht an uisce, a Sheáin?



38. Tá ucht an uisce réidh cothrom.



39. Cuir an t-uisce úd sa bhuidéal dúinn anois, a
Dhomhnaill.



40. An bhfuil an chuma chéadna ar an uisce anois, a
Thaidhg?



41. Níl.



42. Cionnus eile?



43. Mar is ionann cuma an uisce anois agus cuma
an bhuidéil.



44. 'Seadh díreach. Cuir sa mhéisín anois é, a
Shéamuis.



45. Cad deirir leis anois, a Phádraig?



46. Tá atharrach cuma air anois.


L. 88


47. Cad é a chuma anois, a Airt?



48. Cuma an mhéisín.



49. Agus féach, doirt amach ar an urlár é, a
Dhomhnaill.



50. Ní fhanann an chuma chéadna ar uisce i n-aon chor
mar sin, a Fhearghuis?



51. Ní fhanann.



52. Is ionann scéal do bhainne, cuir i gcás; nach
eadh, a Bhriain?



53. Is eadh.



54. Innis dúinn rud éigin eile, go dtagann gach uile
shaghas chuma air, a Mhártain.



55. Tagann atharrach cuma ar fhíon.



56. Rud éigin eile, a Dhomhnaill?



57. Té, agus caifí, agus fliuchán.



58. Sáith an scuaibín seo san uisce, a Thomáis, agus
tóg amach arís é.



59. Cad do chíonn tú anois, a Chathail?



60. Chím go bhfuil an t-uisce ag sileadh 'n-a bhraona-
chaibh den scuaibín.



61. Agus cad d'imthigheann ar na braonachaibh seo
arís, a Thaidhg?



62. Tagann siad le chéile arís.



63. Cuireadh Seán bolgam den uisce sa chorcáinín
sin ar an dteine.



64. 'Seadh, leig dó go fóill anois.



65. Cad é dath an uisce seo, a Néill?



66. Níl éan-dath air.



67. Cuir an blúire cailce seo san uisce, a Bhriain.



68. An bhfeiceann tú an chailc anois, a Annraoi?



69. Chím go maith.



70. Sáith blúire eile dhi sa dubh anois, a Thomáis.



71. An féidir í fheicsint, a Mhichíl?


L. 89


72. Ní féidir.



73. Cad 'n-a thaobh?



74. Mar tá an dubh dathuighthe.



75. Téidheann an solus tríd an uisce mar sin?



76. Téidheann.



77. Innis dúinn rud éigin go dtéidheann an solus
tríd, a Sheosaimh.



78. Téidheann sé tríd an ngloine.



79. Cuir bolgam den uisce it bhéal, a Mhuiris, féa-
chaint cad é an blas atá air.



80. 'Seadh?



81. Ní mhothuighim-se éan-bhlas air.



82. Cuir an corca úd san uisce, a Sheáin.



83. Cuir an cloichín agus an blúire adhmaid isteach
ann anois, a Bhriain.



84. Cad do mhothuigheann sibh anois, a bhuachaillí?



85. 'Seadh, a Dháithí?



86. Go bhfuil an corca agus an t-adhmad ag fana-
mhaint ar ucht an uisce, acht go ndeaghaidh an
cloichín go dtí n-a bhun.



87. Agus cad 'n-a thaobh é sin, a Philib?



88. Mar téidheann rudaí troma go híochtar.



89. 'Seadh, nuair is truime iad ná an t-uisce.



90. Agus fanann na rudaí éadtroma ar ucht an
uisce.



91. Cad 'n-a thaobh?



92. Mar is truime an t-uisce 'na iad.



93. Beir ar an gcorca it láimh chlé, a Stiabhna, agus
tóg an chloch so it láimh dheis.



94. Seadh; ciaca is truime, an dóigh leat?



95. Is truime an chloch 'na an corca.



96. Cuir an corca agus an t-adhmad san uisce arís,
a Phóil.


L. 90


97. An bhfuil éin-phioc den adhmad fá'n uisce, a
Dhiarmaid?



98. Tá.



99. Brúigh an corca fá'n uisce let mhéir, a Mhártain.



100. Coimeád annsoin go fóill é.



101. Cá bhfuil an corca anois, a Mhaitias?



102. Tá sé thíos fá'n uisce.



103. Agus an bhfanfadh sé ann anois, a Phóil?



104. Ní fhanfadh, mara mbeadh méar Mhártain bheith
dhá bhrúghadh síos.



105. Bog de anois, a Mhártain.



106. Cad d'imthigh air, an gcorca, a Phartholáin?



107. Tháinig sé go huachtar arís.



108. Agus cad fé ndeara dhó filleadh aníos, a
Shéamuis?



109. Mar ní raibh sé trom a dhóthain chun dul go
híochtar.



110. Is amhlaidh bhí an t-uisce dhá bhrúghadh aníos, agus
bhí meádhchant an chorca dhá bhrúghadh síos.



111. Agus ciaca bhuaidh, a Sheáin?



112. Do bhuaidh an t-uisce.



113. Agus cionnus a bhuaidh an t-uisce, a Pheadair?



114. Mar bhí sé ní ba thruime ná an t-adhmad.



115. An bhfuil éin-phioc den chorca fá'n uisce, a Chon-
cubhair?



116. Ciaca den chorca nó den adhmad gur mó dhe atá
fá'n uisce, a Thaidhg?



117. Is mó den adhmad atá fá'n uisce.



118. Cionnus soin?



119. Mar is truime an t-adhmad 'ná an corca.



120. Sín amach do lámh ar an gcuma so, a Mhichíl.



121. Seadh; cuir an blúire iarainn seo ar an láimh
sínte, a Liam.


L. 91


122. Coinghibh do lámh mar sin go fóill, a Mhichíl.



123. Cad tá ag gabháil duit, anois?



124. Tá mo lámh ag dul i dtuirse.



125. Cad é an fáth?



126. Ó bheith a d'iarraidh an bhlúire iarainn seo do
choimeád.



127. 'Seadh; tá an t-iarann ag brúghadh do láimhe fá
dhéin an tailimh; ná fuil?



128. Agus do lámh ag brúghadh 'n-a choinnibh; nach eadh?



129. 'Seadh.



130. Cuir gráinne salainn san uisce sin, a Réamuinn.



131. 'Seadh; corruigh anois é.



132. Cad tá ag imtheacht ar an salann, a Dhiarmuid?



133. Tá an t-uisce dhá leaghadh.



134. Cuir gráinne siúicre ann anois, agus dein an
cleas céadna leis, a Dhonnchadh.



135. 'Seadh; cad do thárla dhó, a Thomáis?



136. Do leagh sé.



137. Caith roinnt ghráinní dhen ghainimh ann anois, agus
bain tréaill aisti.



138. Tá an scéal amhlaidh i dtaobh na ghainmhe; ná
fuil, a Mhichíl?



139. Níl; ní leaghann an t-uisce an ghainimh i n-éan-
chor.



140. Cad do chonnaicís an uair sin, a Chonchubhair?



141. Chonnac go leaghann salann is siúicre i n-uisce,
acht ná leaghann gainimh ann i n-éan-chor.



142. Faigh an adharc ghloine, a Phádraig.



143. Cuir braon uisce agus blúire salainn innti
anois, a Bhriain.



144. Corruigh é, a Dhiarmuid.



145. 'Seadh; tá an t-uisce ag leaghadh an tsalainn; ná
fuil, a Thaidhg?


L. 92


146. Tá.



147. Cuir a thuilleadh salainn ann anois.



148. Corruigh leat.



149. Nach deacair é go léir a leaghadh?



150. An bhfuil sé leaghta agat fós?



151. Níl.



152. Níl fhéadair an salann go léir a leaghadh i n-éan-
chor?



153. Ní fhéadaim, mar tá an iomad de ann.



154. Cuir bárr t'órdóige deise san uisce, a Liam.



155. 'Seadh; cad do thugann tú fá ndeara?



156. Tugaim fá ndeara go bhfuil an t-uisce fuar.



157. Éin-nídh eile? Cuir t'órdóg it bhéal.



158. Tá salann san uisce.



159. Tá díreach; uisce guirt is eadh é anois, nach eadh?



160. 'Seadh.



161. Téigh an adharc anois, agus corruigh í.



162. An bhfeiceann sibh éin-nídh anois, a bhuachaillí?



163. 'Seadh, a Mhuiris?



164. Chím go bhfuil an salann ag leaghadh.



165. Éin-nídh eile, a Sheáin?



166. Is dóigh liom go bhfuil an t-uisce ag dul i méad
san adhairc leis.



167. Cad do dheineann an teas don uisce anois, a
Shíomuinn?



168. Méaduigheann sé é.



169. Téidheann toirt an uisce i méad, ná téidheann?



170. Téidheann.



171. Agus tugann sé sin níos mó slighe dhó, chun an
tsalainn a thógaint isteach, an dtuigir?



172. Tuigim.



173. An bhfeacaís riamh an t-uisce ag éirghe agus ag
borradh i gcorcán ar an dteine?


L. 93


174. Chonnac go minic.



175. Nach amhlaidh a bhíonn toirt an uisce ag méad-
ughadh, an uair sin?



176. Is eadh.



177. Agus cad fá ndeara dhó dul i méad mar sin, a
Chonchubhair?



178. Teas na teine fá ndeara é.



179. Doirt amach an t-uisce te as an adhairc anois, a
Sheósaimh.



180. Líon le huisce fuar í.



181. Téigh an adharc arís, a Mhichíl.



182. Féachaidh go géar ar an adhairc anois, agus innis
dam cad do chíonn sibh?



183. 'Seadh, a Thaidhg?



184. Chím builg bheag ag teacht san uisce.



185. Ca ionad? (Cad as?)



186. Istigh san uisce.



187. 'Seadh, agus cad d'imthigheann ar na bolgaibh seo,
a Mhuiris?



188. Táid ag éirighe go huachtar an uisce.



189. Agus annsoin?



190. Brisid siad.



191. Táid ag éirighe go hana-thiugh anois, ná fuilid, a
Thaidhg?



192. Táid.



193. Cad tá ag imtheacht don uisce anois?



194. Tá an t-uisce ar fiuchaidh anois, agus ag scéi-
theadh amach.



195. Cad 'n-a thaobh é sin?



196. Mar ní'l slighe a dhóthain dó san adhairc.



197. Cuir braenín uisce sa mhéisín seo, a Labhráis.



198. Beirbh anois é.



199. 'Seadh; lean ort dhá bheirbhiughadh.


L. 94


200. Cad do thugann tú ar an rud úd atá ag éirighe as
an uisce, a Dhomhnaill?



201. Gal is eadh é sin.



202. Coimeád do mhéaranna innti go fóill, a Mhuirchear-
taigh, agus innis dúinn cad do thugann tú fá
ndeara i dtaobh na gaile seo.



203. Tá sí te.



204. An mothuigheann tú éin-nídh eile 'n-a taobh?



205. Fliuchann sí mo mhéaranna.



206. An ionann an ghal so agus an deatach d'éirighe-
ann as an dteine, a Sheáin?



207. Ní headh, mar ní dheineann deatach ghuail nó dea-
tach mhóna acht do lámha a shailiughadh.



208. Ní'l éin-fhliuchar sa deatach soin.



209. Níl.



210. Féach, tá an braeinín uisce go léir imthighthe anois.



211. Car imthigh sé, a Eoghain?



212. Tá sé imthighthe 'n-a ghail.



213. Caith an t-uisce guirt sa mhéisín anois, a Dhiar-
maid.



214. Beirbh é.



215. Innis dúinn, a Thaidhg, cad tá ag gabháil don
uisce.



216. Tá sé ag imtheacht i bhfuirm gaile.



217. 'Seadh, tá sé go léir imthighthe anois. Ar fhág sé
éin-nídh 'n-a dhiaidh a Dhiarmaid?



218. D'fág, mar chím deascadh éigin i mbun an mhéisín.



219. Cad é an rud é. Féach cad é an blas atá air, a
Thomáis.



220. Salann atá ann.



221. Cad do thuigeann tú as soin, a Sheóirse?



222. Chím gur féidir an salann a bhaint d'uisce ghuirt
acht é bheirbhiughadh.


L. 95


IX — CAILC AGUS SIÚICRE.



1. Féachaidh ortha so, a leanbhaí.



2. Cé inneósaidh dhúinn éin-nídh mar gheall ortha?



3. 'Seadh, a Shile.



4. Tá an chailc bán.



5. Agus an siúicre?



6. Tá an siúicre bán leis.



7. Tá an dath céadna ortha araon, mar sin?



8. Tá acht gur gile an chailc 'ná an siúicre.



9. Féach cad é an blas atá ortha, a Ghobnait.



10. Tá blas milis ar an siúicre.



11. 'Seadh; agus an bhfuil an chailc milis?



12. Ní'l, ní mhothuighim-se go bhfuil éan-bhlas ar an
gcailc.



13. An dtugann sibh fá ndeara, a chailíní, go bhfuil
éin-deifridheacht eile eatortha.



14. 'Seadh, a Mháire?



15. Chím go bhfuil an chailc garbh, agus go bhfuil an
siúicre mín.



16. Cuir gráinne dhen tsiúicre it bhéal, a Eibhlín, agus
feiceam cad imtheóghaidh uirthi.



17. An amhlaidh íosaidh sí an siúicre, a Mhaighréad?



18. Ní headh; acht is amhlaidh leaghfaidh an siúicre 'n-a
béal.



19. Cuir blúire dhen gcailc it bhéal-sa, a Shiubhán,
féachaint an leaghfaidh sí.



20. 'Seadh, a Eibhlín, cionnus d'éirigh leis an siúicre
do chuiris it bhéal?


L. 96


21. Tá sí go léir leaghta agam.



22. An bhfuil an chailc leaghta agat-sa fós, a
Shiubhán?



23. Níl; ní leaghfaidh sí i n-éan-chor.



24. Cad do thuigir as soin, a Mhaighréad?



25. Tuigim go leaghann siúicre nuair a cuirtar i
bhfliuchán í, acht ná leaghann cailc i n-éan-chor.



26. An bhfuil éan-tairbhe i gcailc, a Shile?



27. Tá go deimhin.



28. Cad é an mhaith atá innti?



29. Chun scríobhadh léi.



30. Ar pháipéar, an eadh?



31. Ní headh, acht ar an gclár dhubh.



32. Is áiseamhail an nídh í chuige sin; nach eadh?



33. 'Seadh go deimhin; bheimís go hana-leathlámhach 'n-a
héaghmuis.



34. Scríob an blúire cailce le hiongain do mhéire, a
Mháire.



35. An bhfuil sí cruaidh?



36. Féach an bhféadfá an chloch so a scríobadh mar
sin?



37. Ní fhéadfainn, mar tá an chloch ró-chruaidh.



38. An furus cailc a bhriseadh, a Bhrighid?



39. Is furus, mar tá sí bog.



40. Brúigh cuid di, a Shiubhán.



41. An mar a chéile fhéachann an chailc bhrúighte agus
an siúicre anois, a Áine?



42. Ní headh, ar fad.



43. Cad é an deifridheacht a mhothuigheann tú eatortha?



44. Tá an chailc garbh, acht tá an siúicre 'n-a ghráinníbh
geala gléineacha.



45. Cuir roinnt gráinní dhen chailc sa ghloine uisce
anois, a Ghobnait, agus corruigh iad.


L. 97


46. Dein amhlaidh leis an siúicre, a Shíle, i ngloine
eile.



47. Féachaid ortha araon anois, a leanbhaí, agus innis
dam cad é an deifridheacht atá eatortha.



48. 'Seadh, a Mháire?



49. Tá uisce na cailce dathuighthe.



50. Agus ná fuil an t-uisce eile atharruighthe i n-éan-
chor?



51. Níl, tá sé glan.



52. An dtugair-se fá ndeara éin-nídh eile, a Cháit?



53. Chím na giotaí cailce go léir ag gabháil timcheall
san uisce.



54. Agus cad mar gheall ar an siúicre?



55. Tá sé ag leaghadh san uisce i mbun na gloine.



56. 'Seadh; leig dóibh go fóill, a chailíní.



57. Cuir bárr do mhéire ionnta araon, a Ghráinne.



58. Cad mar gheall ar an dá uisce anois?



59. Tá an t-uisce seo milis, acht ní shamhluighim go
bhfuil éan-bhlas ar an uisce eile.



60. Innis dúinn, a Mháire, cad é an treó atá ortha
araon anois.



61. Tá an siúicre go léir a bhí sa ghloine seo imthighthe.



62. Agus cár imthigh sé, an dóigh leat?



63. Do leaghadh san uisce é.



64. 'Seadh; agus cad deirir leis an ngloine eile.



65. Tá an t-uisce ag dul i ngluine sa ghloine eile.



66. Agus cad mar cheall ar an gcailc?



67. Tá an chailc ag druidim go híochtar.



68. An bhfuil éan-laghdughadh tagtha uirthi, an dóigh
leat?



69. Ní dócha go bhfuil.



70. Níor leaghadh éin-phioc dí, mar sin?



71. Níor leaghadh, mar ná leaghann cailc i n-éan-chor.


L. 98


72. Corruigh an t-uisce arís, a Ghobnait.



73. Féach mar thagann na giotaí cailce aníos as an
uisce.



74. An dóigh leat go bhfuil an oiread céadna aca
san uisce fós, a Shíle?



75. Is dóigh liom go bhfuil.



76. Féach an bhfuil an scéal amhlaidh ag an siúicre,
a Eibhlín.



77. Níl, mar níl éin-phioc den tsiúicre ann.



78. Cad tá ag imtheacht don chailc anois, a Róisín?



79. Tá sí meascaithe tríd an uisce.



80. 'Seadh, agus an bhfanfaidh sí mar sin?



81. Ní fhanfaidh, go deimhin.



82. Cad eile a thárlóghaidh dhí?



83. Tá sí ag gabháil timcheall san uisce anois, agus
ag druidim fá dhéin an íochtair san am chéadna.



84. Cad é an dath atá ar an uisce sin, a Shiubhán?



85. Tá sé bán.



86. Agus cad do bhánuigh an t-uisce?



87. An chailc.



88. Agus an n-imtheóghaidh an dath soin den uisce?



89. Imtheóghaidh, i gcionn tamaillín.



90. Doirt amach an t-uisce sin, a Mhóirín, agus cuir
uisce glan sa ghloine arís.



91. 'Seadh; sáith an blúire cailce sin san uisce.



92. Féach ná fanann sí ar ucht an uisce. Cad 'n-a
thaobh é sin, a Shiubhán?



93. Mar is truime an chailc 'ná an t-uisce.



94. Agus ciaca is truime, siúicre nó uisce, a Nell?



95. Is truime siúicre 'ná uisce.



96. Cá bhfios duit-se sin?



97. Mar ní fhanfadh sé ar bhárr an uisce.



98. Cad eile a dhéanfadh sé, a Shile?


L. 99


99. Raghadh sé go híochtar.



100. An bhfeiceann tú éin-nídh ar siubhal istigh sa
ghloine sin, a Eilís?



101. Chím mór-chuid builgíní ag teacht aníos ó íochtar
na gloine.



102. Agus cad do thárluigheann dóibh annsoin, a Shinéad.



103. Pléascaid nuair shroisid ucht an uisce.



104. An bhfuilid an éirighe fós, a Ghobnait?



105. Táid, acht nílid ag teacht chomh tiugh is do bhíodar.



106. Caith cuid den tsiúicre isteach san uisce anois a
Shiubhán.



107. An mbraitheann tú, go bhfuil na builgíní ag
éirighe as an siúicre, a Nóra?



108. Ní'lid.



109. Tóg an chailc as an uisce go fóill, a Mháire,
agus féach go géar uirthi.



110. 'Sead, cad tá le rádh agat 'n-a taobh anois?



111. Tá sí fliuch anois.



112. Éan-rud eile?



113. Is truime go mór anois í, 'ná mar a bhí sí ó chianaibh.



114. Cad 'n-a thaobh, an dóigh leat?



115. Toisc uisce bheith innti.



116. An bhfeiceann tú éan-atharrughadh eile uirthi?



117. Chím roinnt bhuilgíní uirthi.



118. Ní fuláir nó is ón gcailc a thángadar go léir ó
chianaibh mar sin?



119. Agus cad tá ins na builgíníbh seo?



120. Builgíní aeir is eadh iad.



121. Agus cad as ar tháinig an t-aer, a Sheósaimhín?



122. Ón gcailc, is dócha.



123. 'Seadh, díreach; tá mór-chuid puillíní aeir i gcailc.



124. An dóigh leat go bhfuil siúicre chomh hoscailte sin?



125. Ní dócha go bhfuil.


L. 100


X — ADHMAD AGUS IARANN.



1. Sin agat blúire iarainn agus blúire adhmaid, a
Liam, agus innis dúinn rud éigin mar gheall
ortha.



2. Is truime an t-iarann 'ná an t-adhmad.



3. Agus ciaca is mó, a Phádraig?



4. Is mó an t-adhmad.



5. Acht mar sin féin, is truime an t-iarann 'ná é,
nach eadh?



6. 'Seadh.



7. A Mhathghamhain, cuir iad súd san uisce.



8. Cad do chíonn tú anois, a Thaidhg?



9. Chím go bhfuil an t-iarann imthighthe fá'n uisce.



10. Agus cad mar gheall ar an adhmad, a Bhriain?



11. Tá an t-adhmad ag fanacht ar uachtar an uisce.



12. Is truime an t-iarann, mar sin?



13. Is truime.



14. Tóg as an uisce iad, a Néill.



15. Faigh tairnge anois, agus scríob an t-adhmad
léi, a Thomáis.



16. An furus scríobadh air?



17. Is furus.



18. Bain tréail as an iarann anois, a Phádraig.



19. Ní féidir scríobadh ar an iarann.



20. Cad 'n-a thaobh?



21. Mar tá an t-iarann ro-chruaidh.



22. Ciaca is buige, a Sheáin, iarann nó adhmad?



23. Is buige adhmad 'ná iarann.


L. 101


24. Sáith an tairnge san adhmad, a Philib.



25. Tóg arís í.



26. 'Seadh, cad d'imthigh ar an dtairnge, a Mhichíl?



27. Níor imthigh éin-nídh uirthi.



28. Agus ar imthigh éin-nídh ar an adhmad, a Éamuinn?



29. D'imthigh; deineadh poll san adhmad.



30. An bhféadfá an t-iarann a pholladh mar sin?



31. Ní fhéadfainn, mar tá an t-iarann ró-chruaidh.



32. Cad do thuigeann sibh as soin anois, a gharsúna?



33. 'Seadh, a Phóil?



34. Chím gur cruaidhe an t-iarann 'ná an t-adhmad.



35. Innis dam rud éigin a deintar d'adhmad, a Eoghain



36. Deintar cláracha is cathaoireacha d'adhmad.



37. 'Seadh, agus nár bh'fhearr iarann chucha-san?



38. Níor bh'fhearr; bheadh sé ró-throm.



39. Agus cad déintar d'iarann, a Shéamuis?



40. D'iarann is eadh dheineadh an tlúdh.



41. Ní dhéanfadh adhmad an gnó chuige?



42. Ní dhéanfadh, mar do dhóighfidhe sa teine é.



43. Cuir an tlúdh sa teine, a Thaidhg.



44. Innis dúinn rudaí eile a deintear d'iarann, a
Mhuiris.



45. D'iarann a deintar longa is traeneacha is mór-
chuid úirlisí, ráinní is sluaiste, cuir i gcás.



46. Cad chuige go gcuirtar iarann ionnta-san?



47. Toisc a chruaidhe atá sé.



48. Tóg an tlúdh as an teine, a Sheáin.



49. Cad é an t-atharrughadh atá tagaithe air, a Mhichíl?



50. Tá bárr an tlúdha dearg.



51. Cionnus a deargadh é?



52. Le teas na teine.



53. An ndeargóghadh adhmad mar sin, dá gcuirtí sa
teine é, a Mhártain?


L. 102


54. Ní dheargóghadh; do dhóighfidhe é.



55. Brúigh é sin i gcoinnibh an ghráta, a Thomáis?



56. Féach cad tá déanta aige anois.



57. 'Seadh, a Shéamuis?



58. Do lúb sé é.



59. Nach féidir iarann a lúbadh mar sin?



60. Is féidir, nuair a deargthar é.



61. Agus an bhféadfaidhe adhmad a lúbadh, a Liam?



62. Ní fhéadfaidhe.



63. Dá gcuirtí sa teine é, agus é dheargadh ar nós
iarainn?



64. Níor bh'éan-chabhair é.



65. Is áiseamhail an rud é iarann, mar sin; nach eadh,
a Shéamuis?



66. 'Seadh go deimhin.



67. Agus féach, gur féidir é lúbadh agus éin-nídh is
maith linn a dhéanamh leis, acht é chur sa teine
agus é dheargadh.



68. An furus é bhriseadh, a Pheadair.



69. Ní furus go deimhin; tá sé ana-chruaidh.



70. Buail buille dhen gcasúr ar an gciteal, máiseadh,
féachaint an furus é bhriseadh.



71. Ó, tá fhios agam gur furus é sin a bhriseadh.



72. Agus nach d'iarann a deintear é.



73. 'Seadh leis, acht iarann so-bhriste is eadh é.



74. Agus cad do thugann tú ar na iarann soin?



75. Miotal a thugtar air sin.



76. Agus an miotal atá i ráisúiríbh agus i sceanaibh,
a Sheáin?



77. Ní headh, cruaidh atá ionnta-san.



78. Agus as iarann a deintar cruaidh, nach eadh?



79. 'Seadh.



80. Is amhlaidh cuirtar an t-iarann i dteinntibh móra,
nach eadh?


L. 103


81. 'Seadh.



82. Agus cad do dheineann an teas mór leis an
iarann?



83. Leaghann sé an t-iarann.



84. Leaghann díreach, agus sáithtear an t-iarann i
n-uisce annsoin, agus bítear dhá bhualadh le
hórdaibh troma go dtí go n-éirigheann sé ana-
chruaidh ar fad.



85. Cad do thuigeann tú as soin, a Thaidhg?



86. Tuigim as soin gur féidir iarann a dhéanamh so-
bhriste agus do-bhriste, do réir mar is maith
linn.



87. Tá an ceart agat, a gharsúin.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services