Nuaidheachtóireacht ar muir
Réamhrádh.
Cuireadh an aiste seo i gcló sa "gClaidheamh Soluis" cúpla
mí ó shoin. Chualas gur thaitin sé le cuid de na Gaedhilgeóirí
agus nach mó ná sin é lé cuid eile aca. Ní'l sé i gcumas aon
duine, is cuma cé hé, aiste do sgríobhadh i nGaedhilg ar ghnóthaibh
ceárdamhla agus an ghnóthaibh ealadhanta gan focail do chumadh.
Cia is moite de eitealóireacht sé an gansrang an ealadha
is nuaidhe san saoghal fá láthair. Bhí orm focla a chumadh
ar éadan a chéile. Sílim go bhféadfainn brígh an sgéil a
thabhairt liom ceart go leór gan an oiread focal úr a chumadh
is rinneas, acht chuadhas in éadan na hoibre in aon turas chun
a thasbáint go bhfuil sé i gcumas na teangan í lúbadh, agus i
shníomh agus í a chasadh chun na smaointe is doimhne agus na
focla ceardamhla is úire a nochtughadh innti.
Ní rabhas fein acht leath-shásta lé cuid de'n chumadóireacht.
Cuir i gcás thugas Féin-Chuirtreasnóir ar Automatic Transmitter,
agus bhí fhios agam nach dtug sé an chiall leis chomh glan is budh
mhaith liom, acht ní túisge bhí sé i gcló agam ná fuaireas an
focal Féinghluasach, agus sé mo thuairim anois go dtugann an
Cuirtreasnóir Féinghluasach an bhrígh leis go glan agus go beacht.
Chuireas feabhas ar fhoclaibh eile nach hé seo ó bhí an aiste i gcló
agus d'aithsgríobhas cuid eile de.
Tá sé buailte isteach in m'aigne lé bliadhanta fada má's
linn an teanga a shaothrughadh go gcaithfimid dhéanamh in a
teanga ghnótha chomh maith lé í dhéanamh in a teanga theallaigh. Go
deimhin ní'l caoi ar bith eile b'fhéidir níos fearr chun í dhéanamh
i n-a teanga theallaigh go fóirleathan ná a thasbáint gur teanga
ghnótha í, nó b'fhéidir go mba cirte dhom a rádh go bhfuil sé innti
í dhéanamh na teanga ghnótha. Taisbeánadh sinn go bhfuil gaol gar
idir teanga dhúthchais na tíre agus trácht agus ceannach na tíre,
agus an dá luaithe is fheiceas muinntir na hÉireann idir Ghaedhil-
geóirí is Bhéarlóirí go bhfuil an gaol sin eatorra tiocfaidh
gluaiseacht na teangan ar aghaidh níos fearr ná mar tá sí dul
ar aghaidh fá láthair. Seo iarracht bheag chun a chruthughadh go bhfuil
an teanga solúbtha, soishínte, agus sochasta chun ealadhain
gansrang a chur tré na chéile innti, agus má tá sé innte tagairt
do ghansrang tá sé innte tagairt de gach ealadhain eile atá ag
baint go dlúth lé tráchtáil agus le seun na tíre má déantar
íarracht ar a saothrughadh. Má's rud é go mbeidh glaodhach ar an
leabhrán seo is dóighide go gcuirfead leabhráin eile de'n chineál
céadna amach leis an aimsir.
Táim fá chumaoin ag Cumann Loingis an Chúnárd agus ag
Cumann an Hamburg-America as ucht iasacht na bpeictiúirí do
thabhairt dom. Déanfaidh siad an leabhrán níos soiléighte agus
níos taithneamhaighe, agus sé mo thuairim freisin go gcuideóchaidh
siad lé Nuaidheachtóireacht ar Muir a thuisgint níos fearr.
Tomás Ua Concheanainn.
Macsamhail de bharr leathnaigh tiodail an "Cúnard Daily Bulletin."
Seal bliadhanta ó shoin nuair a bhíodh duine caithte spíonta do
bharr oibre budh gnáthach leis an dochtúir comhairliughadh do'n duine
breóidhte dul ar aistir fhada fairrge chun a sgíth a leigean. Ar
feadh an aistir ar an bhfairrge bhíodh sé saor glan ó imnidhe agus ó
chantal gnotha, acht san am atá i láthair ní'l saorsacht ar bith
mar sin i ndán do'n cheannuidhe. Ní'l aon mhaidin ar feadh na
haistire nach mbíonn leagtha ar an mbórd os comhair a dhá shúil
amach páipéar nuaidheacht a clóbhuaileadh agus a cuireadh in eagar
ar bord nuair a bhí sé in a chodhladh go sáimh ar feadh na hoidhche.
Bíonn an nuaidheacht is deireannaigh le léigheamh san bpáipéar seo.
Cé go mb'fhéidir gur chuir an ceannuidhe é féin faoi gheasa dearmad
a dhéanamh ar gach rud a d'fhág sé in a dhiaidh san mbaile, ní maith
gur féidir leis, ná, go deimhin, ní maith go bhfuil sé i nádúr an
duine gan aon pháipéar a láimhseáil, agus annsain ní fada go
mbeidh sé go cíocrach ag léigheamh céard a thárla indé, nó goidé
an luach atá ar a léithide seo agus ar a léithide siúd ar
Mhargadh an Stoic agus ar Mhargadh an Airgid. Ní leithsgéal
dó a rádh nach bhfuil aon mhion-airgead ná pingineacha ruadh aige,
agus dá bhrígh sin, nach dtig leis é cheannach, mar ní'l cianóg
le'n íoc ar an bpáipéar - tugtar cóip de do gach paisinéara ar
bórd na luinge in aisge - agus ní hé sin amháin acht leagtar ar
a chathaoir é ag an mbórd gach uile mhaidin - i riocht is nach bhfuil
aon dul ó'n a léigheamh aige. Ní hé sin amháin acht aon nduine ar
mian leis é, ní'l aige acht an focal a rádh agus tabharfar chuig
a sheómra é sul éirigheóchas sé as a leaba ar maidin.
Ní'l pioc difiridheacht ins na hurnaisí chun páipéar a chur i gcló
i gceart-lár an Aigéin Mhóir agus na hurnairí a chlóbhuaileas na
páipéir mhóra ins gach cathair san domhan, acht amháin nach bhfuil
na hurnaisí ar bhórd luinge chomh mór ná chomh cúmhachtach leis na
hurnaisí eile. Acht tá go leór leór dithbhir eidir an chaoi in a
dtugtar an nuaidheacht chuig Eagarthóirí na bpáipéar ins na
cathracha ar fuid an domhain agus an chaoi in a dtugtar an
nuaidheacht chuig na hEagarthóirí ar bórd luinge i lár na teisginne
móire.
Bíonn trí pháipéar nuaidheacht laetheamhail dá gcur i gcló ar bórd
na loingeas mór a bhíos dul treasna ó'n Eórap go dtí an tOileán
Úr. Is lé cumann an Chúnárd an "Cunard Daily Bulletin," agus
baineann an "tAtlantic Daily News," agus an "tAtlantisches
Tageblatt," leis an Hamburg-America. Do réir mar thuigfear
ó ainmneacha na dá pháipéar a bhaineas le Cumann an Hamburg-
America tá ceann aca clóbhuailte i mBéarla agus an ceann eile
i dteanga na Gearmáinis. Fághann na trí pháipéar a gcuid
nuaidheachta ó'n gCompántas Nuaidheacht. Tá nuaidheachtóirí aca-
san ins gach cathair agus sráid-bhaile ar fuid an domhain, agus ní'l
aon nuaidheacht is fiú a áireamh nach gcurtar ar an téadagán go dtí
an Árd-Oifig in Eabhrach Nuadh gach uile lá san mbliadhain.
Cáithtear agus sgoithtear an nuaidheacht san oifig seo agus ní curtar
chuig na páipéir ar bórd luinge acht an chéad sgoth de'n nuaidheacht.
Ó oifig an gCompántas Nuaidheacht in Eabhrach Nuadh seóltar
an nuaidheacht ar théadagán go dtí Stad Gansrang Mhearcóní i
Wellfleet, baile beag ar imioll na mara in aice lé Boston.
Déantar é seo ag 8.30 gach trátnóna san mbliadhain. Cuirtear
as an oifig seo, le gansrang, nuaidheacht an tsaoghail chuig na
loingis mhóra atá na céadta míle ó láthair amuigh san teisginn
mhóir. Tá Gléas Gansrang anois, beag nach, ar bórd gach uile
long. Bíonn an Gléas Gansrang ar crochadh ó bharr na gcrann agus
beireann na sranga ar an oiread sin de'n íotar chreatha a
curtar amach ó'n Stad i Ros na Cadóige is oibrigheas an
t-inneall glacach mothalach atá ar bórd. Sgríobhann an Gan-
srangadóir síos an sgéala agus ar maidin in am bricfeasta bíonn
leagtha os comhair an taisdealaidhe an nuaidheacht a tháinig chomh
fada ó láthair as gach ceárd de'n chruinne agus a clóbhualadh ar
bórd nuair a bhí sé ag srannadh codladta.
Ní'l aimhreas ná'r mhaith le Gaedhilgeóirí tráthtas fhághail ar an
Stad Gansrang ag Ros na Cadóige, in aice Bhoston, ar an gcaoi
a gcurtar an nuaidheacht chun bealaigh, agus ar an meitheal beag
fear a oibrigheas an gansrang. Tá an Stad Gansrang tuairim
is dhá mhíle amach ó stad an bhóthair iarainn ag Wellfleet, agus
tá sé suidte ar ghuaire mór árd gainimh ag dearcadh amach go
míchéadtach ar an Aigéin Atlantic. Is beag eile atá san áit
seo acht gaineamh, agus sé an cineál sin gainimh é a fhanas seasta
ar feadh tamaill agus imthigheas leis arís ar a shiúbhal ionnsuidhe.
Gaineamh séidte is dóigh liom, an t-ainm ceart le tabhairt ar an
gcineál sin gainimh, agus gan bhréig gan áidhbhéil ní leas-ainm é.
Is minic a bhíos na tighthe plúchta múchta tar éis gála mhóir agus
stoirme. Sé an t-aon rud a shúghas substaint ná súghachas ar bith
aníos as an ngaineamh seo ná féar-guaireach, cineál féir gharibh
láidir. Agus marach an féar-guaireach ní dóighide go mbeadh
Ros na Cadóige ann chor ar bith, mar gan é shéidfidh an Ros chun
bealaigh fadó an lá.
Macsamhail beag de leathnach de'n "Chúnárd Daily Bulletín." Uimhir an 4adh lá de
Shamhain, 1911.
Tá cheithre túir mhóra, árda iarainn déanta i bhfuirm cearnóige
agus iad dhá chéad agus chúig troigh déag (215) ar áirde. Is
asta seo atá na sranga copair fighte a bhfuirm eangach crochta.
Teidheann an chuid íochtarach de na sranga isteach san seómra
cuirtreasnach. Nuair a líontar na sranga lé aibhléis creathann
síad an t-íotar ar feadh chúig chéad déag míle mhór-thimcheall.
Faoi sgáile na dtúr mór seo tá na tighthe a bhaineas leis an
áitiughadh - cheithre cinn aca. San teach íseal cearnógach, bríceach,
tá na sgrungaí séideacha agus an fuinneach crónánach a thugas an
chumhacht atá ríachtanach leis an teachtaireacht a chur a bhfad as
láthair. Faoi frathacha an tighe céadna tá suidhte an taisc-
inneall agus an cheárdcha. In aice an tighe seo - ní'l eatorra
acht pórsa caol fada - tá an seómra cuirtreasnach. Tugtar mar
ainm air seo Muileann Tóirneach Mhearcóní de bhrígh gur ionnta a
déantar an lasrach aibhléise.
Ní leas-ainm Muileann Tóirneach a thabhairt air mar is an-
chosamhail lé torann tóirnighe an torann a déantar ann.
Tuairim lé trí chéad go leith slat (350) ó'n áit seo tá an
bungaló beag a thugas dídean agus fosgadh do na fir ag obair
ins an Stad. Tá casán déanta do chláracha tiugha ádhmaid ó'n
áitiughadh go dtí an bungaló, agus is iomdha sin sgéal a 'neóstar
ar an iarracht a déantar ar an gcasán a choinneál gach oidhche
stoirmeach nuair a bhíos an talamh clúdaighthe lé sneachta séidte
agus an t-aer tiugh lé calógaí; agus freisin nuair a bhíonn siad
ag féachaint leis an mbungaló a bhaint amach oidhche anfádhach nuair
a bhíos an gaineamh séidhte dá shéideadh chomh cruaidh agus chomh géar
sin go ngearran sé leicne na bhfear agus tagann an fhuil dhearg
amac in a braonacha móra. Seal bliadhanta ó shoin cuireadh
mearbhall chomh mór sin ar an stiúrthóir ar a dhul dó ó'n mbungaló
go dtí an t-áitiúghadh nár fhéad sé an casán a dhéanamh amach agus
b'éigin dó an fálsrang a leanamhaint ó na thosach go dtí na
dheireadh. Tá an bungaló chomh teith agus chomh teólaidhe agus
chomh seascarach as is féidir lé teach ar bith a bheith. Tá seómra
maith mór i lár an tighe (seómra comhnuidhe creidim is fearr
dhúinn a thabhairt air); tá cathaoireacha agus suidhistíní socamhala
agus imdí ann, agus tá crochta ar na ballaí peictúirí maithe
slachtmhara, agus maidir lé leabhra agus irisleabhra tá siad ann
ar gach ceist agus ar gach ealadhain.
Déanann gach duine de'n mhuirighin iarracht ar ghléas ceóil éigin
a imirt, acht bíodh an iarracht go maith nó go dona ní'l aon
chómhursa béal-dorais lé iad a mholadh ná lé iad a cháineadh. Tá
fónagraif maith aca agus go leór buandáin. Bhí riaghal aca
tamall ó shoin duine ar bith a dhéanfadh easgainí ná mionnaí móra
go mbeadh air an oiread seo cánach íoc gach am dá ndéanadh sé
an choir agus cuirtí an t-airgead cánach i dtaisge chun buandáin
a cheannach; nó dá léigfidhe aon nduine aca go Boston ar saoire
lae nó leath-lae chuirtí faoi gheasa é leath-doiséine buandán a
thabhairt ar ais leis mar gheall ar an phríbhléid sin a thabhairt dó.
Tá dhá sheómra i gcóir strainséaraí, seómra deas bídh agus
seómra maith mór eile agus oifig an stiúrthóra. Ochtmhar atá
san mhuirighin, mar atá an stiúrthóir, beirt théadagóirí, beirt
sgrungadóirí, beirt shean-mháirnéalaigh le dul suas ins na crainn,
nó túir, chun na sranga a choinneál mar is ceart, an cócaire agus
an freastalaidhe. Maille leó seo tá dhá choileán con. Sé an
stiúrthóir an fear ceárdamhail agus an sgrungadóir gansrang,
maille leis seo tá sé in a cheann-tighe.
Déanann an dá théadagóir an obair lé sealaidheacht, seal leis
an ngansrang agus seal leis an téadagán talmhan mar déantar
úsáid de'n Stad chun nuaidheacht ceannaidheachta nó tráchtála a
chur anonn agus anall ó Bhoston. Gach dara oidhche is eadh
théidheas na sgrungadóirí ar faire, chun na sgrungaí a chasadh
agus chun iad a choinneál ag imtheacht go mín réidh. Bíonn a lán
rudaí eile aca le déanamh ar feadh an lae, - ag deasughadh na
n-inneall ag snadhmughadh na srang má bhíonn siad briste ná
lag in aon áit, agus ag déanamh fiosdhearbhughadh do'n phríomh-
sgrungadóir san Árd-Oifig in Éabhrach Nuadh. Coinnigheann na
sean-mháirnéalaigh na túir agus na tacaí, nó teanntacháin, in
ordúghadh. Is beag lá nach mbíonn siad le feiceál shuas in áirde
na gcrann ag leagan téad annso, ag cur isteach srang-mhogaill
annsúd thall, nó ag baint srang fhabhtach as an tacadán i
gcúinne éigin eile, agus ag cur cinn eile in a háit. Is
minic a bhíos siad sé seachtmhainí i mbéal a chéile ag dathúchán na
gcrann. Sé an cócaire an t-aon duine a bhfuil sé ar a chumas
an mhuirighin a dhéanamh sásta nó mí-shásta, agus is fada amach
ó'n áit a coinnightear an t-ocras. Ní mór do'n chócaire a bheith
fad-bhreathnuigheach agus a bheith in a fhághtaluidhe mhaith oilte má's
leis an lóncha a choinneál líonta ins an áit íargcúlta seo, mar
tagann an chuid is mó de'n bheatha chuca ó Bhoston; acht le
cuidiughadh siopa an bhaile, iasg na n-iasgairí áiteamhla agus corr-
bhéilidh leathógaí agus plásanna a mharbhuigheas na fir lé cleith fhada
ó'n gcarraig, nuair nach mbíonn tada eile ar a n-aire, ní minic
a bhíos an lóncha gan a bheith loma lán.
Cruinnigheann na fir i dteannta chéile in am bricfeasta agus is
ionduail nach mbíonn sé sin aca go dtí an 10 a chlog sa lá,
mar bíonn a lán aca ag obair go dtí an 2 a chlog ar maidin.
Bíonn a lán mionrudaí le déanamh aca in imtheacht an lae, acht ins
an oidhche is eadh thosuigheas an obair dháiríre píre. Ag leath-uair
tar éis an hocht a chlog gach tráthnóna cloiseann an téadagóir
Seómra Clódóireachta an Mhauretania.
atá ag faire glaodhach ar na sranga talmhan agus air an toirt
tá sé go gnóthach ag déanamh cóipeanna ar an gclósgríobhán de'n
nuaidheacht ó'n gcompántas nuaidheachta. I riocht is go mbeidh sé
cinnte go bhfuair na soithigh ar fairrge an teachtaireacht cuireann
sé chun bealaigh é arís agus arís eile.
Bíonn a lán de na soithigh chomh fada sin as láthair nach dtig leó
aithris a dhéanamh ar fhocal áithrid nár éirigh leó, b'fhéidir, a
thuisgint nó a sgríobhadh síos, agus dá bhrígh sin curtar an nuaidheacht
go hiomlán amach arís agus arís eile. Tar éis an teachtaireacht
a ghreannadh ar pháipéar castar é ar roithín atá greamuighthe de'n
chuirtreasnóir féinghluasach a thiomántar le mótar agus bíonn sé
réidh annsain chun tús a chur ar an gclár-oibre a thosuigheas go
beacht ag an 10 a chlog gach oidhche agus a choinnigheas ar siubhal
nó go mbeidh an obair déanta.
Ag 9.30 téigheann an sgrungadóir a bhfuil obair na hoidhche ar
a chúram síos ó'n teach comhnuidhe go dtí an t-áitiughadh agus
lasann sé trí lasair lóchrainn sa gcaoi go dteithidh na liathróidí
lasaidh na sgrungaí ola. Taca 9.50 bíonn gach nidh ullamh, bíonn
na sgrungaí ag obair agus dearcann sé ar na gléis áirimh sa
dóigh go bhfeicfidh sé an bhfuil siad ag áireamh na cúmhachta go
ceart. Nuair a buailtear deich mbuille de'n chlog, feictear
solus dearg ag splancadh san seómra sgrungach, sgaoileann
an sgrungadóir an lúbóg ar an gcuirtreasnóir féinghluasach agus
clostar torann brúscarach na splancach ar an toirt ins an
seómra eile.
Ins an seómra cuirtreasnach tá séideáin mhóra chúmhachtacha a
shéideas amach sruthanna móra teine atá tuairim is troigh ar fad,
agus cé gur ceólmhar é torann na splaince, tá an torann
chomh mór sin go bhfuil sé critheaglach uathbhásach. Má bhíonn an
oidhche ciúin agus an ghaoth fábharach cloistear torann na splainnce
na mílte as láthair, agus feictear an lasair tré na fuinneógaí
chúig mhíle dhéag ó'n Stad amach san bhfairrge.
Ar bhreathnughadh do dhuine ar an Stad ó'n taobh amuigh agus ar
fheiceál na lasrach gíle déine dá tasbáint féin tré na fuinneógaí
san ngléas-seómra agus ar chloisteáil pléasgtha bhodhair na lasrach
dó, déarfadh sé leis féin gurab é seo baile agus teallach an
mhic mhallachtain. Is leis an bpléasgadh uathbhásach seo a glaodhtar
ar na soithigh atá a bhfad agus i ngearr san teisginn agus a
curtar nuaidheacht an lae chuca. B'fhéidir go mbeadh na soithigh
chúig chéad déag míle as láthair nó bfhéidir nach mbeidís acht céad
míle, agus má's rud é nach mbeidís na chúig chéad déag míle as
láthair, is ionduail go ndéanann an téadagóir cóip iomlán
bheacht de'n teachtaireacht ar an gcéad iarracht agus nach mbíonn
aon ghábhadh dó aon aithris a dhéanamh air arís.
Nuair a bhíos an téadagóir ag Ros na Cadóige go gnóthach ag cur
amach nuaidheachta an lae, bíonn fear ar gach ceann de na loingis
mhóra ar bhrághaid na bóchtna agus "cluais le éisteacht" air,
agus go deimhin ní mór dó an t-éisteacht a bheith go maith aige
má's leis an teachtaireacht a chloisteáil. Siúd is go bhfuil na
fágaí aibhléise láidir cúmhachtach nuair a sgaoiltear amach as an
torr iad i Ros na Cadóige, teigheann siad amach comhfhada
ins gach ceárd agus is rí-bheag an neart a bhíos ionnta nuair a
shroicheann siad soitheach atá 1,500 míle as láthair. Go deimhin
bíonn siad chomh lag sin nach ndéanfadh aon duine amach iad acht
an té atá lán-oilte agus síor-chleachtach ar an obair. Cuirtear
i gcomórtas iad le crónán cait a bhéadh ar a sháimhín sógh ar leic
an teallaigh, cé nach bhfuil siad baileach chomh láidir.
Idir dhá chrann gach long tá sranga copair crochta treasna.
Tá na sranga copair tuairm le tiughas láirlíne pinn luaidhe.
Tá na sranga copair seo dealuighthe ó na chéile i gcumraidheacht
mogail eangaighe, agus gach ceann de na sranga clúdaighthe le
góma cruaidh. Ó lár na srang treasnánach tá an iomad
sranga eile ag dul síos díreach agus isteach san Chábán Gansrang.
Mar dúbhras cheana féin is ionduail go mbíonn an Cábán
Gansrang suidhte ar chlár uachtarach na luinge. Tá an cábán
roinnte in a cheithre chuid. Ar a dhul isteach dhuit san gcéad
sheómra chidhfidh tú go bhfuil sé feistighthe suas ar nós tighe posda
san mbaile mór. Tá crinlín ar fhad an bhalla ar chómh áirde lé
d'ucht, agus leagtha air atá dúbhach agus dubhacháin, peanna agus
peanna luaidhe, neart páipéir agus gach uile rud riachtanach chun
do theachtaireacht gansrang do sgríobhadh. Nuair a bhéas an
teachtaireacht sgríobhta agat rachfaidh tú isteach an doras atá ar
t-aghaidh amach i seóimrín eile agus bhéarfaidh tú do theachtaireacht
do'n ghansrangadóir.
Ar chúl an tseóimrín seo arís atá an seómra in a bhfuil an
fear atá ar faire, an fear atá réidh chun ceisteanna ar bith atá
agat lé cur air i dtaobh gansrang do fhreagairt. Is iomdha sin
ceist aisteach, agus dá n-abruighinn é, ceist amaideach, a curtar
ar an duine croidhe.
'Neóstar sgéal faoi mhnaoi áithrid a bhí ag ceistniughadh an ghans-
rangadóra tráth. D'innis sé dhi fios fátha teacht agus imtheacht
na nuaidheachta. Níor fhág seo ceó na fríghde gan míniughadh di
thríd síos agus thríd suas, dar leis, agus bhí sé cinnte gur innis
an sgéal chomh soiléir agus chomh glan is b'fhéidir lé fear bán ar
bith a dhéanamh, agus bhí sé cinnte gur thuig sí gach nídh a bhain
lé gansrangadóireacht chomh maith leis féin beagnach tar éis a chuid
saothair. Ag glacadh buidheachais leis na dhiaidh sin faoi chomh
deas agus chomh múinte is bhí sé léithe dúbhairt sí gur thuig sí
Seómra Gansrang an Mhauretania.
go ceart é, acht an neósfadh sé di, dá mba é a thoil é, cia an
chaoi a dtagann an ribín páipéir chuig na loingis gan teangachtáil
leis an bhfairrge agus gan a fhliuchadh?
Thárla seo seal bliadhanta ó shoin nuair a bhíodh innill in úsáid
aca a chlobhualadh ar ribín páipéir an teachtaireacht do réir mar
thagadh sé ar an ngléas gansrang.
In aice an tseómra ghansrangaigh is eadh atá seómra comhnuidhe
na ngansrangadóirí. Tá an seómra seo ar na seómraí is teólaidhe
agus is seascara san luing. Tá 2 leabaidh bheaga chaola, crinlín
sgríobhtha, cúpla cathaoir, imde nó dó, maille lé peictiúirí ar
na ballaí; go deimhin ní'l aon nidh riachtanach lé fir a shásamh ná a
ndéanamh compóirteach nach bhfuil ann. In am bídh téidheann na
fir chuig seómra an bhídh leis na paisinéaraí, nó má bhíonn síad
i mbun na hoibre agus iomarca lé déanamh aca tugann an stiobhard
nó an riaruidhe a gcuid bídh chuca san gcábán gansrang.
Tá dhá sheómra bheaga amach ó'n bpríomh-chábán. Ins an
seóimrín is goire dhuit, is ann atá an t-inneall cuirtreasnach,
agus san seóimrín eile atá suidhte an t-inneall glacach mothálach.
Tugtar an seómra tostach ar an seóimrín eile mar gheall air nach
bhfuil aon torann lé cloisteáil ann. Rinneadh an seómra sin in
aon turas i gcóir na hoibre.
Tá an balla tuairim is troigh ar tiughas, agus i gceart-lár
an bhalla tá corc meillte i n-a phíosaí beaga chomh mion le gráinní
coirce nó seagail.
Ní mór do gach Eagarthóir féithe na sgríbhneóireacht' a bheith
ann i riocht is go mbeidh sé i n-an ailtín deas a sgríobhadh ó aon
abairt amháin nó sgéal fada a dhéanamh de'n abairt chéadna má
bhíonn gábhadh leis. Tá ar an Eagarthóir fad is leithead agus
croiceann a chur ar na téadagáin agus iad a dhéanamh go
spéiseamhail agus go soiléighte. Nuair a bhíos an nuaidheacht réidh
ag an Eagarthóir tugtar chuig an gclódóir é agus cuireann
seisean an cló le chéile ar an gcuma chéadna a ndéantaí é sul
cumadh na h-innill cló-líneacha. Ní fada go mbíonn an cló curtha
lé chéile agus an páipéar clóbhuailte. Nuair a bhíonn sin déanta
filltear iad agus cuirtear i gcóir iad chun sgaipeadh imeasg na
bpaisinéaraí ar maidin. Bíonn cóip leagtha ar chathaoir gach
duine ar a dhul isteach chuig a bhricfeasta dhó ar maidin. Ar
feadh na céad leithe de'n bhealach ó'n Oileán Úr fághann siad an
nuaidheacht ó Ros na Cadóige agus ar feadh na leithe eile de
fágann siad í ó Pholdubh, i gCorn, i Sasana.
"The Transatlantic Times" a bhí mar ainm ar an gcéad
pháipéar nuaidheachta gansrangach a clóbhuaileadh ar bórd luinge ag
dul treasna na mara. Ar an gcúigeadh lá déag de Mhí na
Samhna san mbliadhain 1889, ar bórd an Naomh-Phóil ar a bealach
go Sasana, a thárla an gníomh éifeachtach íongantach seo. Bhí
Mearcóní é féin agus beirt dá chuid Sgrungadórí ar bórd na
luinge an tráth sin. Cheapadar páipéar nuaidheachta a chló ar bórd
agus fuaireadar an nuaidheacht budh úire agus budh taithneamhaighe
ó Stad Mhearcóní ag Nídles. Díoladh gach cóip de'n pháipéar
ar dollar an ceann agus tugadh an t-airgead do Chisde na
Maradóirí. Ó'n tús beag sin bhí an t-oideam ag fás go tóichéimeach
ó bhliadhain go bliadhain, agus ó cuireadh ar bun an Stad mór-
chumhachtach ag Ros na Cadóige agus ag Poldubh i Sasana is féidir
leó nuaidheacht fhághail ó'n talamh gach am sa ló, agus páipéar
laetheamhail a thabhairt amach a thabharfas an nuaidheacht is úire a
thárla in aon áit san domhan suas go dtí móimint an chlóbhuailte.
I bhfuirm irisleabhair atá an "Cunard Daily Bulletin," agus na
páipéir eile. Bhí ó hocht go dtí deich leathnach ionnta i dtosach
acht tá síad i bhfad níos mó anois. Tá páipéar an Chúnárd ós mo
chomhair faoi láthair agus tá dhá leathnach déag is fiche ann
eidir nuaidheacht agus fhuagraí. Bíonn nuaidheacht ionnta ó gach
cúinne agus ceárd de'n chruinne, agus ar gach ceist a
thárla agus a thuit amach ar feadh na gceithre n-uair fichead
roimh an móimint a clóbhuailtear iad. Bíonn glaodhach mór ar
na páipéir agus ní'l focal díobh nach léightear ó thús go deireadh,
eidir nuaidheacht agus fhuagraí. Ní'l rud ar bith a thárluigheas
ar bórd is mó a curtar suim ann ná teacht amach an pháipéir
agus ní áidhbhéil a rádh go ndéantar cur síos agus caismirt ar
an nuaidheacht maille leis na fuagraí. Crochtar suas clár, nó
foillseachán, gach lá agus ar an bhfoillseachán seo sgríobhtar
nuaidheacht na luinge. Is iomdha sin spraoi agus spórt agus
greann agus deágh-fhocal a déantar agus a cloistear thart
timcheall an fhoillseacháin. Cuirtear síos an méid mílte a sheól
an long gach cheithre huaire fichead; is annamh a dhéanann sí an
seól céadna gach lá. Ó nádúr gearrann sí an fhairrge níos
sgiobtha lá breágh a mbeidh an fhairrge comhthrom agus an ghaoth
go córach ná már dhéanfadh sí lá a mbíonn na fágaí go mór agus
an ghaoth go láidir agus í caol díreach sa tsróin aici.
Sgríobhtar ar an bhfoillseachán ainm gach luinge a raibh caidreamh
ag an nGansrangadóir léi a rith an lae, maille lé aon fhocal
nuaidheachta a fuair sé ó cheachtar aca. Dearcann na paisinéaraí
go grinn thré na faidearcáin amach ar imigéin na mara le súil
is go bhfeicfidís cnuic-oidhre, nó míolta móra, nó muca mara,
agus iongantaisí eile nach hiad a casadh ar loingis eile.
Ní'l aon lá lé chúig bliadhna, Domhnach agus lá saoire chomh
maith le chéile, nach bhfoillsighthear páipéar nuaidheacht ar na loingis
mhóra san Aigéan Átlantic. I dtús ama bhí páipéar ar leith
ag gach luing acht anois tá gach long a bhaineas leis an gcumann
Stad Gansrang Mhearcóní ag Poldubh, i gCorn, i gcaidreamh gansrangach lé loingis ar fuid na
hAigéine Móire.
chéadna ag cur an pháipéir amach, agus curtar an páipéar ceanann
céadna i gcló ar gach luing san gcumann seo faoi an stiúr-
thóireacht chéadna, agus is gnáthach na mílte cóip de a chur i gcló
gach lá. Tugtar an páipéar in aisge do na paisinéaraí agus sa
dóigh nach mbeadh aon chaillteanas leis curtar fuagraí isteach ann.
Beidh cineál tuairim againn ar an meas atá ag Fuagarthóirí ar
an "Cunard Daily Bulletin," agus ar an "Atlantic Daily News"
mar "Tharraingtheóir Gnótha," nó mar deireas na Púncáin,
"Business Bringer," nuair adeirim go n-íoctar ó £800 go dtí
£1,000 ar son aon leathanaigh amháin ar feadh bliadhna. Agus ní'l
an méid sin iomarcach le n-íoc ar fhuagraí áithrid, mar is seo páipéir
a curtar isteach a lámhaibh na mílte duine gach bliadhain - lucht
airgid a bhfurmhór, - agus is fiú an sochar an cosdas. Goidé an
lá a mbeidh fuagarthóirí i mbaile agus i gcéin ag tabhairt ó £800
go dtí £1,000 do Stiúrthóir AN CHLAIDHEAMH SOLUIS ar son
gach leathanach dá pháipéar féin? Go seólaidh Dia chugainn an lá
sin go luath.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11