Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Is ceart dona boicht an Biobla leigheadh

Title
Is ceart dona boicht an Biobla leigheadh
Author(s)
Anaithnid,
Compiler/Editor
Barron, P. F.
Composition Date
1835
Publisher
(Port Láirge: P. F. Barron, 1835)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




IS CEART DONA BOICHT AN BIOBLA LEIGHEADH.



Raibeard. Ta fhios uaim a Sheaghan, cred fath bhfuil
dithfir idir na Sagaírt agus Ministéiridh an Eaglais Shac-
sanach.



Seaghan. Is í an phriomh cheist a bhfuil ceart ag na bochd
an biobla leigheadh no na bhfuil.



R. Agus a ndeithfrín aon neach sin? measim go bhfuil
ceart aige na boicht comh maith leis an saibhír.



S. Measim sin leis a Raibeard, agus leighfime dhuit
direach rann an bhiobla, dhearbfhus dut é; ise an 105th rann
de an 119th Salm - "as trillséan do bhreithir dom
chosaibh, agus solus dom chasáin," anios da mbeithadh le
bothar contabhrach do thastaluidh iodhche dhorcha, na measfádh
cruaidh é go bhfiadh fear saidhbhir cead solus do bhreith leis;
agus go gcosgfídh thusa a ttaobh tu bheith bocht?



R. Budh chruaig an cás sin a Sheaghan.



S. Deir an Eagluis Shacsanach gur cheart do gach aon
neach bocht agus saidhbhir; solus firíneach breithir Dé bheith
aige, chum e threorughadh ar an mbóthar go neamh; achd
a deir na saguirt gur feidir le na foghlamuighthe a bheith
aco, acht na neamhfhoghluimighthe nach léir dóibh é.



R. Agus cread na habhair do bheir na saguirt a Sheaghan.



Deir siad go bfuil se ro dheacuir dona boichtaibh le
tuigsint.



R. Agus créd a mheasan tusa a Sheaghan.



S. Más solus briathar dé iseigin do gach nidh dheanamh
soléir.



R. Da bhrigh sin mas solus é, ta ceart aige gach naon
chum a shólaisibh, nior shabhul as riamh gur shoilsigh an ghrian
ar an tsaibhir níos solusfúiridh naidh na boicht.


L. 2


S. A Raibeard feuch aris ar an sailm so; as í an
tsailm is siagh ansa bhiobla agus leaghfidh me dhuit beagán rann
de.



"O créd mar ghradís do reacht ise mo smuinuibh an lá
go huille,
"Trí taithintibh do rin me nios criona na mo naimhde,
oir ta siad go bhráth am fhochar.
"Ta nios mo tuigse agam na ag am mhuintóiridh uille,
oir a se do fhiaghnuise mo smuinaibh.
"Tuigim nios mo náidh na sionsir oir ciméadim
taithanta."



R. Beidir a Sheaghan go ttuicich Dabhí an bíobla nios
fear naidh mise no tusa.



S. An ait disbóireacht; leag dam salm ghearr leigheadh
dhuit, agus inis damh ansin, an dtuigin tu eno naidh tuigshin tu
- is i an 23rd Sailm,



"Isé an tighearna mo aíreadh; ní
bheith uireasbhadh orm.
"Tugan se orm luigh sios anmbheairibh glasa; treoiruighin
me taobh le na hisgidhibh cuine.
"Fuaisglin se m'anum; troiruighin me a gcasáinibh
na fíraentachtadh ar son ainime.
"Aseadh treas go suibhlíghim trí ghleann scaile an bhás;
ni bheith eagla uilc oram.
"Oir ta tu am fhochar, do bata agus do shlat comhfuirtíd me.
"Dfholbhuis clar romhaim a bhfiadhnuise mo námhaid;
d'ungis mo chean le hola; ríthin mo chupán thar a bhruach,
go demhineach leanfagh trocaire agus maitheas me anuille
laethibh mo bheatha; agus áitroigh me a dtig an tigherna
go bráth."




R. Leigh a Sheaghan, ni thanic tu chum an mír cruaig fós.



S. Si sin an tsailm uile.



R. O, do thoghuis a mach e dabhrigh gur a ttiompchioll
aodhaire é biadhthuidh a chaoiridh agus a léitheididh nithibh
coitchíon; anios ni bhfuil sin ceart.



S. Acht tarluighin go bhfuil an bíobla lan da sabhuil do
chomórtasaibh; noch thaisbeanfhus gur sgriobh dona bocht í
comh maith leis an saibhir, mar a rineadh nis mo, dabhrigh
tuigshin daoineadh bochta a samhuil do nithibh chomh maith no nis
fearr na daoineadh foghlimthe; mar ta fhios ag aodhairé
ciondus tracht thar cáoiridh nios fearr, na aoin fhear is
foghluimtha ar ár measg, agus ta se sgriobhta ansa 119th
Salm. "Dul th'fhocal (briathradh De tugadh 'solas) tugan
tuigsint don tsimplidhe."


L. 3


R. Tar leagh dom beagan da sabhuil dho shlíthibh.



S. So cuid do na briatharibh ar dtigheairna bheanuighe fein,
"ca minic chnósuighean do leanbhuibh (eadhon) mar chnoisuigh-
cas cearc a gearcuigh fion na sgiathain;" anios, a bhfaghan
tu riachtanach fhiafrigh daon duine munadh dhuit cionnus
chnoisin cearc a gearcuigh?



R. Ni bhfuil aon ghá litir leabhar fhoglim chum é sin thuigsint.



S. Créd fath na measfadh leabhar ta lán da sabhuil
a shlithibh; gur sgriobh do shagáirt no daoen fear foghluimthadh
ansa phroiste, agus nach duitse na damhsa.



R. Acht tastín uaim bheith deimhneach; go bhfuil an
leabhar l'án diobh; eagluím go bhfuil tú ag togh cean anso
agus an súd.



S. Ar an abharson a Raibeard caithfidh tu fhios beith
agad; gur Sheanmoir au tTigherna beanuighthe fein dona
boichtibh damnuadh; agus aon tsligh dar mhuin sé iad, budh re
cosamhlachtibh; inis ineosfuidh me dhuit roin dona comor tasibh
do usaid se fear ag siol chur - bean ag fuineadh aráin
lion ár na theilgin sa bhfairge - fear ag reiteach le locht
oibre - fear cuir afhearnn - posadh - fear do chail caora -
agus bean chail oirle airgiod - agus do sguaib atig chum a
fhaighil; anios an don tsaibhir an tagasgso agus nách dona
bochtaibh? An iad an saidhbhir chuirios anfearn, agus ghnidhis
taos; agus ghabhus iasg agus lorgaris caoireadh, agus scuaibas
an tig?



R. Ní sheadh, a Sheaghan; isé sin gno dhineadh bochta ar
fuid an domhain.



S. Ansan luadhfadhme beagan mír mar thiocfas a
gcoidhnidh dham - is aithnidh don damh a shealbhuidh; agus an
tasil Mainfeur a mhaistir. Acht ni aithnighean ISRAEL
ni mo smuinean mo Phobal, - deilfidh se iad ó na cheile,
mar dheiluis aodhaire a chaoire óna gabhair - "chuadhmuir
uille ar seachrán amhail chaoire." - Gach crann natugán
toradh maith uadh gearthar agus teilgthear san tuine é; ta
chríathar iona laimh; agus glanfadh se go hiomlán a úirlár
agus cruineogh an Chruineacht iona Sgioból; acht doithfidh an
chath le teine nach fheidir do mhuchadh - mar nách fedir le geug
toradh iomchar as fein; muna a gcomhnuidh se ansa bfinamhuin;
ni mo eadfuidhsi muna gcoinuidh sibh ionumsa. Amhail ta
cuid dona Comorthasibh minighthear ansa bhiobla Naomhtha.



R. Cread fath a ndearfadh aenách na bhfuil si freagrach
dona boicht; is cosmhuil gur doibh is freagrídh í.



S. Agus is amhuil budh cheart, oir is beag ta saidhbhir
agus moran bocht.


L. 4


R. Aseadh, Sheaghan caithfid a radh go bfuil an chíneal
comhráidhso na dhemhin soleir, gur sgríobh an biobla do
dhaoineadh follus; agus go bfuil ceart ag na boicht ar é leagh.



S. Chighean tu Raibeard, go dtug Dia suile dhuin, go
bficfimios ar sligh san tsaoghulso; agus ta suile ag na
beathachaibh comh maith linne; mar an gceadna thug tuigsint
duine na bhfuil ag na beahahail; mar ta anmana agiunne na
fuil ag beathichaibh allta ni fhuillingíméd duine do chur ar
suile amach; ni mo fhuilingímios duine do dhalladh ar
dtuicsiona, oir siad suile ar nanma; agus si an biobla,
an solus spioradalta sin, do sholathir Dia dhuin; ansa bhiobla
naomhtha leaghméd ár an tTigherna Iosa Criost, gur bhe
solus an domhain é, anuair a leaghan tu na soisgeil, a
Raibeard; ni bhfaghan tu bocht na saidhbhir go dtarcuis-
nighein an Tigherna Iosa Criost TTuigsinaibh, labhrán
se le gach nduine amhail bheith sómharbhtha criona; deanta
chum aithne, agus gradh agus foghnamh don Dia mhor neamh agus
talamh: deir se le na boichd, feuchaidh ar eanluighthe an aer
cuimhnighidh ar lillighthe an Mhachaire; goirinse ortha do ghnath
chum a ttuigsina usaid.



Achd ash cion an uille nídh: goirin se chuigefein iad, a deirse
taguidh cughamsa, sib uile ta tuirseach agus fá
anualach trom agus bhearfuidh me suaimhnis dáoibh; Mat.xi.28.
"Arís a dubhart a ttaobh a dhesciobal," is beanuighthe sibhse
a dhaoine bochta; óir is libh flaitheas dé Lucas vi.20. agus a deir
an tabsdal seumas ansa cuigudh ran da thara caibidil
- "Nach ár thogh Dia bocht an domhainso, saibhir a gcreidiomh,
agus oidhrídh don riocht noch agheall se don mheid ghradhuigheas é?



R. Is mor an cómpoird dona boicht sin, a Sheaghan; tar
eis gach uile nidh tosnuighim ar smuinuibh gur bí an biobla
naomhta leabhar an duine bhocht.



S. Agus tabhuir fé nearadh na breithiridh so sgriobhtha an
aisling naomh eoin; agus a deir an sbiorad agus an bhean
nuadhphosda tarr, agus abairidh an tí chluin, táir, agus tagadh an
tí ar a bhfuil tart agus an tí ler ab áill glacadh sé uisge
na beatha a naisgidh, Taisbeanadh xxii.17. ma ta cuire
aguin uisge na beatha thóguint anaisge créd é an ceart -
ta ag aon duine, ar srotha do threathan chum glanta agus
athnuadhchint ar nanma diompodh aleath tíobh.



R. Is doighleam a Sheaghan, go bhfuil uirid ceart ag an
duine bocht ar an mbhiobla - as ta ar an ngrian shoilsighan.



S. Tabhair fá ndeara na briatharadhso, noch thoimhsuighin
an Tighearna Iosa Criost do féin a sinágóig Nasáret -


L. 5


ta spiorad an Tigherna ormsa; da bhrigh gur ungadh se
me chum an tsoisgeul do sheanmoir do na boichtaibh; do
shlánughadh na ndáoine aga bhfuilid croithe brúite, do shean-
moir fúasgalta dona braighdibh agus do na dalluibh asioch a
radhárc, agus do thabhairt saoirse don mhuintir ata ar na
gcomhmbrúghadh, do sheanmoir bliadhna fhórbháiltigh an Tigh-
earna, Lucas iv.18,19.. "Na iuduigheadh chuáligh é do ionghtúi dear
ansa bhriathar ghrastamhuil, noch Thánigh ona bheul,"
agus fós anuar bhi se da mínudh deirgheadar agus chathadir
amach as an gcaithir é, agus Throrigh go mullach an chnoic é
ionaraibh cathaír tógtha; go tteilgfídís fios andiagh
achinn é; acht arndul trí na lar dímthighse a shligh; agus mar
d'fhuathigh daoineadh ar ttighearna beanuighthe, mar gheall ar
an fhirine solleir dhinis se dhoibh; is amhail ata gus an ló
so; fuathíd an locht ghradhuigheas an Tighearna Iosa Criost;
agus nídh ta nios mo, ní the amhain duiné uille chomharlughadh
ó fháguint a slighthe malluighthe fein; acht muna bhfeadfidh
siad a gcomharlughadh gearlanfid ortha, anórduigh a gcosg ar
sligh na firinne leanmhuin; agus níos mó; címeadfuíd
solus uadhtha ar eagla go bhfaghadís amach go bhfuil siad ag
siubhal a ndorchadís; agus go demhin ta aníomad an droch oabrso
ár nac staradh ann ar ttír bhochd; acht go madh bean-
uighte an Tighearna; is treise é na an chineadh daona agus is
mor a fhíríne; agus buadhfídh sé.



R. Ní feidír leam cíonadh ansín créd fath ndearfadh
aonach na bhfuil ceart ag na daoineadh bochta an bíobla leagh,
agus nach feidir leo athúigsint; go dearbhtha, ta meabhair ag
daoineadh bochta an erín comh maith is ta ag daoineadh bochta
an aon ait uile; is minic a chualidh é ráite go raibh Erínigh
ana easgaidh.



S. Agus amhail taíd a Raibeard, ta an Tighearna ana
mheath d'érinigh. Ta tír bhreadh aguin aedhar breadh agus duiné
brádh tuigsíonach gríodh nil oruin acht úirisbhudh aen nidh amhain.



R. Agus créd é sin a Sheaghan.



S. Eólus gradh dé agus a mhic Iosa Criost ar ttighearna,
agus iar na bheith Peacamhuil do reir naduir; maoid cáilte
muna mbeith go bhfuil se an eidirmhiontoir agus an eidir-
ghuidhthoir aguin.



R. Agus cionnus ta an teolus sin aguin le faghail.



S. Aen mheoin amhain budh mhór Eolus na scríobtúiridh
naomhtha. Sgriobhannaomh pól chum Eagluis na nephesi-
ánach, agus adeirso; mar sgriobhas riomhso a mbeagán
focal; oir anuair leighfídh is feidir líbh mo eólus thuigsint


L. 6


aruindiamhar Chríost, bí sin an tsligh thóg an
tabsdal; deir se is feidir libh tuigsint agus ta cuid noch a deir
leo; ni chaithfídh leagh, agus ní chaithfídh tuigsint.



R. Agus créd ta aige na daoineadh bochta símplídhe le
denamh an tan adeir duine uaisal nidh leo agus aroile nidh uile.



S. O Raibeard a Raibeard, nil aon tsimplidheacht mar
as doth leat ansa gnodhso; ní bhfuilmíod as cion simplídhe
an ár ngno saoghulta; mar tha fhios agut adubhart ár tTighear-
na fein rís na uighdidghe; dho thanigh me an ainm mo aithír ní
chreidthighe me ma thígean duíne uile an ainm fein, gabhuidh
sibh chughaibh é, is fuiris agus is soléir an riaghail; agus is cos-
mhuil re créd deir naomhpól ní chraobhsgaoilmaoid sin fein,
acht IOSA CRIOST; agus sin féin bhur Searbhfoghan-
tuighthe ar son Iosa, agus uair uile deir sé; ní iaraméd bhur
gcuid acht sibh féin; ní deacuir duine dhaithint díarus ár
nanma diompódh, ó dhuine noch iarfus e fein agus a buidhean
d'árdúigh.



R. Acht closím ráite é go ccuirfidh leagh an bhiobla
gráin agus ceanairc ar measg.



S. Leathnughadh an tsoluis, ni fulair go mbuairin Riocht
an dorchadas; amhail a dubhairt an slainaghthoir beanuighthe
fein na tanigh se do chúir siothchánidh ar talumh acht sánrádhach
roint; acht do rin an fhirine cheana roint intus ar measg;
agus go madh beanuighthe an Tighearna; ní chonaircamur aon
droch bheart leanmhuinuadh; ar an adhbharsin na bí fann chríodhach
acht tiorbhuir na nithidhso don tslánaithoir bean-
uighthe; noch is fláith na siothcána; bí comharlighthe leamsa
agus mar thugthar dha shligh romhad dein mar fhear ghlíc, agus
togh an nidh is fearr. Ní mar dhuine amadánta, ag ad mhail,
na cionfidhtu ar aen rud bhuarfidh tu; ineosfudh me dhuit
cread é stáid ornailte phobail dé? Sgríobhan an faigh
Isiah; beith athus ar an bhfásach agus ar an aít áonránach na
dtaobh, agus gárdochuigh an diothrámh agus blathfid mar an fír-
drís; blathfidh híomaduil agus luathghairfid le mean mhuin
agusle canádh Isiah xxxv.1,2. mar as mian leam m'ait
a chimead glan maiseach ta gártha beag deanta agam iona
bhfuil beagan crainn torthuighe agus sgothadh agus uime sin feidim,
ce na fuil anium acht fear bocht, tigim an mir so, agus
tigean se abhailé cum mho chroidhe is iobhadh bíodhgabhuil don
chlaochlodh mor noch oibroighfir fos an éirin, le breithir agus
grasa de an ionad an deilg fasig an crann guise, agus an
ionad an dris fhásas an crann míortuil - nách feidir leat
an tslígh so thuigsint.


L. 7


R. Seadh an íonad an fhir ta cosmhuil ris an dealg
neamhtharbhthach agus contábhrach, tiocfadh suas neach mar an
guis, direach agus tarbhthach agus an ionad an te ta cosmhuil
re dris, beith se cosmhuil re cran múirtíl taithneamhach do nuile
fá gcuairt.



S. Agus inis dam go macánta, nách í érin ar an ám
gcednaso, aon dona tíorthaibh is Malluighthe, noch da nain-
mnighthear críosduighe, agus inis ídh dam, nár ghlórmhar an
radharc le feuchuint á rosa bláthfur ag clúdach, ár ttír fás-
mhuil no a mbreithribhuile soisgeul glórmhur an dé sioruidhe
leathnughadh a lónradh, agus ag muinadh a sholuis ar fud ar
noilean bhocht, agus tiocfadh an aimsir, ta dochas agam go
mbeidh eirin noch is focal magaidh le meanga, na clú ar measg
na nasúinn a bhfeadfadh thabuirt fe neará, cread an bean
achd focal de chráobhsgioladh agus aleagh go coitchionta ar measg.



R. A Sheaghan budh shonadh an aímsir so da bhfeicfeamaois
érin mar a leirnochduis.



S. Sonadh go demhin da bhfaghfadhmaois an fear bocht, le
na mhuintir bheag na thiomchioll; foghluim uadh breasnadh
moltha an Tighearna; sonadh, da bhfadhmaois é ar maidion sa mthrathnóna
ag oscuilt a bhiobla, chum é fein agus a mhuintir a
theagasg; sonadh da bhfaghmios e fein agus a mhuintir ag
ofrail suais urnighte naomhtha ni bréithre díthceilidhe, chum a
náthar ta ar neamh ar a ngluine fíllte maidion agus oidhche sonadh
da bhfaghmaois e fein agus a mhuintir a caint os cion
oibaracha untach de, chum go losgfidh a gcríodh astig ionta;
agus cionnus ta morán fear bocht agus a mhiontar a Raibeard
an airídhthe ar thrathnóna - ag ínsint droch sgealta; fabhuill
a dtiomchioll pisóg agus siobhraidh; aglabhairt go holch ar a
Dhia ár a rígh no ar achomharsín no tuar droch bheart an
aighidh an phobail no na tíre.



R. Aseadh caithfime admhail go bhfuil umid firinne ansa
nídh deirtu; agus creidím da dtabhuirfidhmis uirid aire do
churam ar nanma mar a ghnidhmíd a níthidh an tsaoghul so,
ni bheith se comh fuiris sin do maoidh.



S. Is fior a Raibeard easba aire chailin sin; tugan
ar ttíghearna beanuighthe, aireadh dhuin anaidhso; a deir
se bíghidh ar bhur seachuint sul a mealfadh eineach sibh; óch
na tugamaois falluighe ansam mbhiobla naomhtha na mealfadh
go brath acht sánradhach, measamaois e amhail oirchisde; aon
lámh sgriobhinn dhuine griodh curthar suas ar measg na
seoid agus airiceachd dhuineadh; go de an tabhachd ansin budh
cheart duin achuir a mbreithridh an bhiobla, sgriobhtha re


L. 8


daoine naomhtha an ollóid fio chomhachd agus órdughadh dé fein,
tógamaois ansin an biobla mar eolaidhe, agus beanacht de
ghuidhchint air, agus gheobhfamaoid go bhfuil se mar aghoirin
naomh peadar dé solus do shoilsínn an ait dhorcha; agus anuar
a guidhmaoidni na boicht cómpoird agus beanacht a shoilse, ní
cuirfie buiníscíon sin le aone dhearfadh; na bhfuil ceart
ag na bocht an biobla leagh?




CRIOCH.



A chlanna eirion mholfuin díobh,
Teachd do leagh ar Ruin diamhar Chriost,
Tug a fhior fuil na caise traen,
Do ghlannadh ar nanma ó tsíol an bhaol.



Budh mhor an doilg agus budh ghearr antaom,
Iosa d'ficsint as lan na thaobh,
Ar chrann na cruise dhfullang péín,
A dtaobh ár bpeacúidhe as na smuinén aon.



Osguiluídhe bhur suile agus cluneadh bhur gclúasa,
Leaghadh an Tíomna mar órdiugheas Críost,
Iamsighídh an tsligh chum dorus an chródh,
As ar measg chuire agus uain bheith sib a sogh.



bhbh ui Muirchoudh.





19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services