Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Réilthíní Óir II

Title
Réilthíní Óir II
Author(s)
Mac Clúin, Seoirse, An tAthair,
Composition Date
1922
Publisher
Comhlucht Oideachais na h-Éireann

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


RÉILTHÍNÍ ÓIR



LÁ — Táim chó tréith le leanbh lae = leanbh ná béadh ach lá ar
an saol. An leabhar a thugais dó — san gheóbhair uaidh é lá Philib
an Chleite = lá deire an domhain. Lá Pheadair is Phóil. Tá
trí lá 'le Muire ann. Lá maith agat = go raibh lá maith
agat: beannú é sin. Lá tSin Seáin. Fuaireadar an lá
orainn = an lámh uachtair: an fear maith. Lá 'le Muire na
gCoinneal sa Teampal. Lá beirithe brothail é seo = ana-
the. Ní bhíon ar éinne ach cómhrá naoi lá = 'na dhiaidh sin
ní tráchtar thairis a thuille. Lá na gcéadta blian é seo =
lá úntach ná tárlóch ach uair fhada fhada fhánach. Bíon an
focal san á úsáid gach aon lá sa tseachtain. Ní h-aon lá
cnuic díbh é seo = lá chun dul ar an gcnoc.



LAB — Fuair sé lab ar na muca = mór-chuid airgid. Tá
lab ag imeacht ar na ba an aimsir seo. Tug an cliain-isteach
lab chuige = póca maith airgid. Ní mór an lab é = ní mór an
ní is fiú é. Ní mór an lab na bróga san ar phúnt = marga,
luach airgid. Tá lab agat, a mhic ó = rud gan mhaith — nuair a
bhíon searús sa chainnt.



LABHAR — Criochán práta. Labhair = criocháin phrátaí.



LÁDÁIL — Chuamair 'on nDaingean le ládáil éisc = ualach.



LADAR — Rud chun ainirthe do scaoile amach ar phlátaí.
Nách maith a chaithis do ladar a chur isteach sa gcainnt = do rá
féinig: do cheann a shá isteach. Dheineas ana-ladar ar an
ndínnéar mar bhí ocras buile orm = ana-lámh: é dh'ithe go
maith. Dheineas ladar ar an nGaoluinn = mór-chuid di a


L. 2


dh'fhoghluim. Dhein na saighdiúirí agus na h-óglaigh ana-
ladar ar a chéile = marú maith. Dheineamair ana-ladar ar
an móin = ana-obair. Bíon roinnt mhaith oibre nó díobhála
sa ladar. Deineadh ladar maith orm ar an aonach = mealladh
go maith me — duine gur ceannuíodh bó uaidh tamal maith fé
bhun an méid do b'fhiú í. Dheineas ana-ladar sa scrúdú =
ana-obair: d'eirigh go binn liom: dheineas ladar maith ar
an gcuid eile aca. Thugas lán mo ladair liom de sna
milseáin = lán mo ladhaire.



LADHARÓG — Tá trí ladharóga ag an lachain sin ar a cois.
Casúr ladhaire = go mbéadh oscailt thiar 'na chúl chun tairgní a
tharrac. Ní raibh lámh ná ladhar agam san obair sin = ní
raibh baint ar bith agam leis. Tá ladhar na bó teinn = ladhar
a coise: an oscailt a bhíon ins an gcrúib. Tugtar ladhróg
ar leapa phrátaí go mbéadh dhá leaba eile nó níos mó ag fás
amach as, ar nós méireana na lámha: nó dhá leapa ag fás
amach as aon bhun amháin.



LADHGAIRE — Duine gur béas aige é héin a mhola. Bladh-
gaire, leis. Cuir uait an bhladhgaireacht, an ladhgaireacht =
cainnt mhór, bhaoth, thóirtéiseach.



LADHGAR — Fear mór ladhgair = áiféis molta: mola
tar ceart. Bíon a leithéid ag breis le n-a bhfuil aige, agus
fear an cheistnimh ag baint de.



LÁGHACH — Bíon gach duine lághach go dtéighean bó 'na
gharraidhe.



LAGAIM — Ní théighean aon laga ort ach ag plé is ag achran
= stop: sos.



LAGHAR — Feic ladhar. Ní bheidh lámh ná laghar agam sa
rud san = ní bheidh faic le déanamh agam leis. Ní raibh
lámh ná laghar ná baint agam leis. Ní bheidh laghar ná baint
agam leis. Cad tá idir ladharacha agat? = ar bun, ar siúl,
idir lámha.



LAGHARÁIL — Tán tu ag obair, bail ó Dhia ort! Nílim,
mhuis, ach ag lagharáil gan éifeacht = obair bheag éadrom sa


L. 3


tsiúl agam. Bhíos ag lagharáil leis an gcoirce, féar, móin,
ó mhaidin = ag gíotáil. Ag lagharáil leis an mbia atán tu
agus ní á dh'ithe. Cad é an lagharáil atá ort? Táim ag
lagharáil ag lorg na tlú = ag cuardach leis na ladhracha,
lámha. Níl sí ach ag lagharáil ar fuaid an tíghe. Tá lagha-
ráil mhaith sa bhosca = roinnt mhaith mion-rudaí: cleataráil
mhaith.



LAG-FHUAR — Bhí an leite lag-fhuar sa mhéis = pat-fhuar.
Tá an tae lag-fhuar. Lag-chroidheach = lagroidheach. Lag-
shláinteach.



LAG-SPRID — Níl aon phúcaí ann, agus sé lagsprid an
duine fé ndeár an t-eagla = easba mhisnigh. Nó, laige
spride an duine.



LAGUIGHIM — Laguigh sé ar mo mhisneach go mór = bhain sé
dem bisneach (mhisneach) go mór.



LÁIDIR — Is láidir ná fuil ach an solus comónta anso =
úntach, éachtach. Is láidir a sheasuíon an tsláinte dhóibh agus
an obair atá á dhéanamh aca. Is láidir a fuairis seómra
agus gan é i n-áirithe agat. Táimíd go lán láidir = go
h-anamhaith as. Tá an lá ana-láidir = garbh, gaothmhar. Nó,
tá an-fhairrge láidir.



LÁIDREACHT — Tóg an bainne mar deinfidh sé láidreacht
(nó láidríocht) ort = cuirfidh breis nirt ionnat.



SLÁIGE — Thuit sé i laige = as a sheasamh: i bhfanntais.
Thuit sé chun laige = chaill sé a chuid nirt. Bhí sé ag tuitim chun
laige i n-aghaidh an lae = an fuinneamh is an neart ag imeacht
uaidh. Tháinig laige orm. Chuaidh sé chun laige go mór ó
anuiridh.



LAIGEACHT — Dá laigeacht é níl sé ró-olc fós.



LAINNCIDE — Ceangal a bhíon fé bhó, capall, caoira — ón
gcois tosaigh go dtí an gcos deire.



LAISTIG — Bhíos ag déanamh cleamhnais leis an gcailín sin,
ach tháinig fear eile laistig díom = idir me agus an cailín:


L. 4


bhuaidh orm. Thánag laistig díot sa scrúdú = fuaireas an lá
ort. Tá an galar so am basca, agus caithfidh me teacht
laistig de i slí éigint = é shárú.



LAISTÍOS — Dheinis go h-olc orm é, ach má thagan tu
laistíos díom gheóbhair uaim é agus breis = má thagan tu
fém chómhacht, féin láimh: má gheibhim an greim, an lom, ort:
an tseans.



LÁMH — Bhí sí ag siúl agus leanbh ar láimh aici = greim aici ar
láimh an linbh. Dhein an mada-rua ana-lámh ar na cearca = ana-
lot: ana-mharú. Tá obair idir lámha agam = á dhéanamh.
Tá obair ar láimh agam = tógtha, is me chun é dhéanamh, ach gan
bheith ar siúl. Ní bheidh aon lámh agam sa chúrsa san = aon
bhaint agam leis: ní dheinfead pioc de. Ní chorróch sé
a lámh im chabhair, nó i gcabhair dom. Tá an chéad chuid de
sna Réilthíní seo curtha ó láimh agam = scríte. Chuas fé láimh
dochtúra. Níl againn ach ó láimh go béal = fáil agus caitheamh.
Tá sé imithe as mo láimh aon phioc den nGaoluinn a scríobh.
Tabhair lámh liom ó tán tu díomhaoín = tar im chabhair: i
gcabhair dom. Ní bhead i bhfad ó láimh nuair a thiocfair = ó
bhaile. Níor dheinis aon lámh ar an ndínnéar, ar an gceacht;
nó den gceacht = níor ithis puínn de. Tá lámh á dhéanamh ar na
h-úbhla = iad á ngoid An áit a dhíon i bhfad ó láimh bíon sé
míochothromach = gan chothrom. Lean ar do láimh = lean den
obair atá idir lámha agat. Thugas mo lámh leis an obair sin
= chuireas uaim é: thugas druim lámha leis. Chuireas uaim
le cómharthaí lámha é. Is minic muna ndeinean daoine uacht
(uadhacht) go bhfágaid ar láimh an tsagairt a gcuid airgid = ó
thabhairt dó á rá leis cad ba cheart a dhéanamh leis. Dheinis
ana-lámh ar an scrúdú = é dhéanamh go maith — nó go h-olc.



LÁMHACH — Sé an chéad lámhach a dhein sé a phíopa do tharrac
chuige = an chéad ní, an chéad ghnó. Nuair a shroiseas an baile
bé an chéad lámhach a dheineas tig ósta a bhaint amach. Beidh
an chéad lámhach agam ar an liathróid nua, ar éinní = buala,
iarracht, tabhairt fé.



LÁMHANCÁN — bhí sé ag lámhancán leis = ag imeacht ar a
dhá láimh is a dhá chois (nó a dhá ghlúin).



LAMHNÁN — Nár thaga chúghainn ach do lamhnán agus poll
ansan féin. Is féidir éadromán do thabhairt air nuair a


L. 5


tógtar amach é is é líona le h-aer. Bolgán = an rud a bhíon
i n-iasc is é lán d'aer chun é choimeád suas: bolgán snámha.
Lamhnán = an rud a bhíon istig i liathróid choise.



LAMPA — Tá lampaí móra bána uisce ar an spéir =
caisleáin mhóra bhána.



LÁMHUÍOCHT — Chuir sé lámhuíocht chúgham = síntiús: fághal-
tas; cabhair. Tá sé ag tabhairt lámhuíochta liom = cabhair:
ag cabhrú liom: cabhair airgid: cabhair oibre: aon tsaghas
cabhair earraí. Tabhair lámhuíocht leis an mbochtán, leis an
obair fhóghanta.



LÁN — Bhí lán mór fúm ag dul isteach sa scrúdú; ach ní raibh
ag teacht amach, mar d'eirigh go h-olc liom = eiríghe ó thalamh:
tóirtéis: meas. Tán sibh ithte le lán = le meas. Ach!
táim lán díot = dóthanach, cortha, leamh. Bhíos ann lán-
mhinic = ana-mhinic. Níl aige m'athair ach lán dhá bhó thalamh =
dóthin, féar, an dá bhó. Lán bó, seacht mba, is mar sin de.
Tá sé lán = an fhairrge lán suas 'na barra taoide. Bhí
lán mór fé Sheán tamall, ach is suarach le rá é anois. Tá sé
lán de lán. Fear mór láin seadh é. Tá lán orainn = an
t-uisce tagtha isteach orainn i mbád: nó, an taoide líonta
isteach orainn.



LÁN-CHRUAIDH — Tá an obair seo lán-chruaidh orainn = ana-
chruaidh. Mar sin de sna focla eile.



LANNTÁN — paiste deas báin: paiste réidh glas talún.
Bhíodar ag súgra ar an lanntán.



LAOCHAS — Chuirfeadh sé laochas ort bheith ag éisteacht leó =
misneach, méadú croidhe, tógaint croidhe, móráil. Tá
laochas orm toisc an duais a bhuachtaint. Tá mac leis 'na
shagart agus tá laochas maith air dá bhárr, tímpal air.



LAOI — Caith uait na briathra boga binne mar ní chuirfidh tu
aon laoithe suain orm = ní thiocfaidh leat me mhealla, me
dhalla.



LAPA — Tá lapa ar an lachain, ar an ngé.


L. 6


LAPADÁN — Duine ná béadh go cruinn chun rudaí a
dhéanamh: tútach: a bhíon ag lapadáil. Bíon an madra ag
lapadáil san uisce = ag lapadáil a shnámhan sé. An té a
bhíon ag foghluim chun snámha ar dtúis bíon sé ag lapadáil.
Bíon leanbh ag lapadáil sa log uisce. Fág san, a lapadáin.



LAPRACHÁN — Laprachán linbh = nuair a bhíon sé ag
tosnú ar shiúl.



LÁR — An rud ná bíon i gceart bíon sé ar lár. Cheapas
go raibh rud éigint ar lár ag baint leat = amú; ar iarraidh:
i n-easnamh. Tá an grogaire (an geárrcach a bhíon ag an
bhfaoilean) nótálta i lár na n-éan go léir = thar na h-éin go
léir. Táim ar lár indiu = rud éigint a bheith orm: ní
féidir liom mo cheart oibre a dhéanamh. Chuaidh an cleas ar
lár = níor oibrigh sé. D'imir an capall lár an donais orm.
Sin croidhe-lár na fírine. Tá sí go maith i gcuideachtain:
ní leigfeadh-sí an chainnt ar lár.



LASAIM — Bhí sé lasta suas le feirg agam. Lasfadh
Seóirse chúghat ar bheagán cainnte = eireóch sé chúghat:
eireóch sé chun feirge chúghat. Níor las gaoth ná grian riamh
ar éinne ba dheise ná é = níor shoillsigh, ná níor shéid. Má
thagan feirg (fearg) ar dhuine lasan a chuid fola. Las an
t-iasc = tháinig ar barra sa bhfairrge — chífá athrú cló ar an
uisce sa ló aca, nó gealas san oíche. Féach lasta thall é (an
t-iasc). Ach, mhúch an t-iasc = chuaidh síos ón mbarra.



LASAIR — Tá an sliabh fé bhár lasrach = barra lasta bheith
air: tré theine, agus lasracha ann.



LASÁNTA — Nách lasánta an dial é? = duine a eireóch
chúghat go tapaidh: gur ana-fhuirist é lasa suas chun feirge:
a thógfadh suas ana-thapaidh pé rud a déarfá leis.



LASCA — Tá lasca mo bhróige scaoilte = an chuid di go
mbíon na greamana ann ón dtrácht thíos suas go dtí i n-aice
na h-áite 'na gcuirtear an iall isteach. Thugas lasca den
mbróig dó = trip, buille.



LASCAIN — Tá an lascain agat anso = fosca, fuithin.


L. 7


Ba mhaith liom bheith le h-ais na lascaine aimsir bháistí =
i dtreó léi.



LAST — Cad a bhí mar lasc ag an árthach? = ualach, ládáil.



LASTUAS — Shocruíos an scéal mar seo ach ghaibh an t-uacht-
arán lastuas díom = chuir sé mo shocrú ar neamh-ní. Beidh sé
air ag an nGaoluinn gabháilt lastuas den mBéarla =
buachtaint air, an lámh uachtair a dh'fháilt air. Ní féidir
gabháilt lastuas den nGaoluinn atá agat = í shárú. Tá an
díomhaointeas ag gabháilt lastuas díot — le duine ná
feadair cad a dheinfeadh sé leis an ndíomhaointeas. Táim
gabhtha lastuas díot san áiteamh. Tá an salachar ag gabháilt
lastuas de sna gais = ag fáilt an lae ortha. Bímíd a
d'iarraidh gabháilt lastuas de n-a chéilig. Ghabhas lastuas de
Sheán ins an scrúdú.



LÁTHAIR — Láthair tíghe, láthair chruaiche, láthair rínce,
agus mar sin de. Is féidir linn na cheithre h-áird a dh'fheis-
cint gan láthair ár mbonn a dh'fhágaint = an áit 'na bhfuilimíd
'nár seasamh. Chuireas leitir (tuairisc) 'na láthair = chuige,
go dtí é. Thugas ar láthair a bháite é, agus scaoileas isteach
= áit.



LATARACH — Tá latarach mhaith fhairsing talún agam =
paiste maith. Tá sé amuigh ansan ar an lataraigh.



LE — Bhí sé ag labhairt go fórsach agus mise ag mola, ag
mola na cainnte, leis = ag tabhairt creidiúna dhó: á rá leis
go raibh an ceart aige: go rabhas ag teacht leis, agus mar
sin de. Ní thuigim an Ghaoluinn ach táim léi = leaga is lé
a bheith agam léi: mé bheith ar a taobh. Deirtear leis an
mbó go mbíon sí ag búirthigh = tímpal na bó: 'na taobh.
Chaitheas cuid mhaith dem shaol leis an nGaoluinn = ag gabháilt
di. Bíon an fhéasóg ag fás léi i gcómhnuí. Tán tu go
h-uafásach le maitheas, le feabhas = is éachtach a fheabhas is
atán tu: chó maith is atán tu. Cé leis imirt? — i gcluiche
cártaí = cé leis an imirt?: cé hé gur ceart dó imirt?
Leat-sa imirt. Cé leis léigheamh? — i mbuidhin. Níor
fhéadas Seán a thuiscint, agus bhí an galar céadna aige liom
= ba dhocht air, leis, mise a thuiscint. Cuir an madra leis


L. 8


an mbó = 'na diaidh. Tá an madra leis an mbó. Tá do
chosa leis an bhfuacht = gan bheith clúduithe 'na choinnibh. Níl
aon naomh le Murcha = go bhfuil an ainm sin air. Thugas
grá dhó le n-a bhreáthacht d'fhear = mar gheall ar é bheith chó
breá d'fhear. Tá meas agam ort le feabhas do Ghaoluinne.
Is le droch-chómhartha agus le droch-aimsir a chítear na
scamaill sin ar an spéir = gabhaid le droch-chómharthaí is le
droch-aimsir. Sé seo an Domhnach deireanach agat le bheith
'nár measc. Is éachtach an obair é seo a scrí: uaireanta
bhéadh seacht leathanaigh scríte le leathanach = uaireanta
tógan leathanach oiread aimsire le agus gcinn díobh. Bé a
thuairim go n-oibreóch an t-inneal mar seo, agus thug sé
teasbána le n-a thuairim = theasbáin conus oibreóch a thuairim:
conus oibreóch an gléas dréir a thuairime. Tabhair sompla
leis an bhfocal = á chur i n-úil conus a cuirfí an focal i
gcainnt.



LÉ — Tá lé agam leat = leaga: is maith liom tu: táim
leat, ar do thaobh, i ngrá leat, tagaim leat. Bhuaidh sé
an post toisc an lé a bheith leis = na daoine go raibh tabhairt
an phuist aca bheith mór leis. Tá duine éigint ag teacht fé
n-ár lé = 'nár dtreó: fé n-ár mbráid; chúghainn. Cuirim
mo pheacaí go léir fé lé na faoisdine seo = fé bhráid. Ní le
n-a mheabhair a thóg sé an scoil ach leis an lé — máistir scoile
a bhí i gceist.



LEABA — Buaileadh breóite me agus b'éigin dom an
leaba a thógaint (dom féinig) = an leaba a bhaint amach.
Níl aon chodla orm ach raghad 'on leabaidh. Bhíodar ag imirt
ar a chéile is ag maga, ach ba ghearr gur tháinig an maga
chun leaba an dáríribh = nách maga a bhí ann, nó imirt mhagaidh,
ach a mhalairt. Tá an t-árthach ag teacht ar leaba anncaire
= áit 'na bhféadfaidh sí anncaire a chur amach. Bhain sí leaba
anncaire amach. Tá sí 'na leaba luighe-sheóil: i leaba
an luighe-sheóil — bean go mbéadh teinneas beirtha uirthi.
Tán tu ag coimeád na leapan = ag fanacht ínti. Bhíos im
chodla i gceann na leapan, i gcosa na leapan. Níl aon tslí
agat anso: téir síos chun cos = chun cosa na leapan. Ní
raibh agam ach réidhleaba = leaba ar an úrlár: leaba tuighe,
agus mar sin. Leaba shuidheacháin = a bhíon 'na leaba istoiche
is 'na suidheachán sa ló. Ionntuigh an tocht agus bog é:


L. 9


socruigh ansan ar do thoil é: leat an bairlín agus fill
suas an léine. Bhíos ag cóiriú na tleapthacha.



LEABHAC — An saghas íle a bhíon sa bhfairrge san áit go
mbíon bannc raice nó bannc éisc.



LEABHAIR — Ith suas do leabhair-dhóthin = do lán-dóthin:
an méid a dh'fhéadfair.



LEABHAR — Ní chreidfinn é sin uait dá dtabharfá na seacht
leabhartha dhom ann = na seacht mionnaí. Tá an leabhar ort =
tugtha agat. Cuireadh an leabhar orm. Bhíos curtha ar an
leabhar = an leabhar tugtha agam. Ar dheinis é? Ar mo
leabhar nár dheineas. Táim ar an leabhar, ar mo leabhar =
an leabhar a bheith orm.



LEABHRÚ — An chéad dá scríb a iompuightear nuair a
deintear treabha. Tá sé ag leabhrú = ag cur an chéad dá
scríb isteach i gcoinnibh a chéile.



LEABHRUIGHIM — Leabhróinn gur tusa a bhí ann = thabhar-
fainn an leabhar.



LEAC — Níor dhíol sé na fiacha fós; ach chuireas ar a lic dhó,
as a lic dhó, go gcaithfidh sé iad a dhíol amáireach = dheineas é
dheimhniú go maith dhó: thugas órdú maith láidir ná beidh aon
teacht as.



LEACHTA — Táimíd leachta anuas ort = lán de chion ort.
Feic leaghaim.



LEADRÁN — Críochnuigh an scéal: tá sé imithe chun
leadráin ort = é bheith ró-fhada. Tá an cith (cioth) seo ag
dul chun leadráin = gan críochnú do theacht air go ceann i
bhfad. Ní leadránuí me go dteastuíon uaidh seacrán ná
leadrán. Bíon an leadránuí mall. Tá an slaghdán so ag
dul chun leadránaighe orm = moilleacht: ag leanúint orm
ar feadh i bhfad. Sé an dial é chun leadráin. Bhí ceist na
h-Éirean ag dul chun leadránaighe, chun leadrántuíochta.
leadrán = moilleacht.


L. 10


LEADRÁNACH — Tá an lá so leadránach, salach = ana-
bhraistint le faid ag baint leis: mhothófá ana-fhada é: gan é
dh 'imeacht tapaidh.



LEAGAIM — Tá ana-leaga agat leis an nGaoluinn = lé:
cion mór agat uirthi. Teastuíon uaidh £20 ar an mbó, agus
ní leagfaidh aon phingin anuas den mhéid sin = ní ísleóidh, ní
bhainfidh, anuas. Tá na bróga leagtha anuas beagán sa luach
le déanaí. Ní ceart duit bheith am leaga anuas = am chur
as m 'ainm: am rith síos. Ní maith liom lámh a leaga ort =
a bhuala ort. Táim leagtha ar dhul abhaile = meághaite,
beartuithe. Tá an long ag leaga ó thuaidh = ag tuitim ó
thuaidh: ag imeacht ó thuaidh — leis an dtaoide nó eile. Tá
sí leagtha ó thuaidh. Tá leaga agat, a bhuachail = gan tu bheith
díreach — leath-cheann, leath-ghuala, leath-rud-éigint bheith ort.
Is féidir leaga mar sin a bheith ag éinní. Tá ana-leaga
leis an sruthán = ana-fhánaidh anuas leis. Tá an obair seo
go h-uafásach chun duine a leaga síos = a bhrise síos, a
thraocha. Ní deifir leagáil bheag muna ngortófí thu =
leaga, tuitim. Bhfuil aon leaga ag dul ins na h-earraí
fós? = tuitim, teacht anuas. Ba cheart go mbéadh
an leaga ag an earra ar an bprás sa tómhas =
go mbéadh an earra níos truime ná é. Ní bhéadh sé
sásta aon phingin a leaga fé bhun na bhfiche púnt. Tá Seán
ana leagtha i n'íntin leat = bheith go mór ar aon aigne amháin
leat: ana-chion 'na chroidhe ort. Ar leaga na súl bhí sé
marbh = ar chrapa na súl. Bíodh bobhta leaga againn = bobhta
iomrascála. Téanam ag leaga. Bhaineas seacht leaga as
sa díospóireacht = mórán leagaí: leagas é, bhuadhas air,
go minic. Leaga marbh, nó leaga madra = an tuitim
a dheinean beirt a bhíon ag leaga, ag iomrascáil, nuair a
thuitid araon ar an dtalamh le chéile — ar a dhá gcliathán.
Ní bhéadh éinne aca thíos; ach dá n-iompóch duine aca ar an
nduine eile agus é chur fé thíos déarfá gur bhain sé iompó as.



LEAGHAIM — Bhí sé ag gol is ag leighe = á shnaoidhe amach.
Leigheadar ó n-a chéile tréis an Aifrin = do scaradar.
Leigh ó chéile iad = scar. Táimíd leachta ó n-a chéilig =
scartha le, imithe ó, n-a chéile. Mhuise, leighe is leatha ort,
a bhreallsúin. D'imigh leighe na h-abhan ar mo chuid airgid =
leighe millte.


L. 11


LEAGA-LAITHE — Tá na leaga-laithe (?) ag an bhfear úd
thall = radhairse mhór saidhbhris: ana-rachmus: cnoc airgid.



LEAISTEÁLAIM — Leaisteáil sé = chuaidh isteach ins an
arm: luigh leis.



LEAMH — bhí mórchuid den gcainnt leamh go maith = gan
bhonn: gan mórán brí. Táim leamh díot = mo dhóthin díot
fachta agam cheana



LEAMHAN — Tá iobach déanta aige sna leamhain ar an
éadach = é bheith ídithe aige sna cnuigeana beaga a dh'ithean
éadach muna bhfuighean sé grian is gaoth anois is aríst — é sin
nó cosaint éigint.



LEAMHAS — Tá leamhas agam air = me bheith leamh de.
Bíon rud leamh nuair ná bíon a cheart-bhlas air — feóil, cig.,
gan salan. Tae leamh gan siúicre. Bhí sé ag leamh-gháirí =
ag gáirí istig i n'aigne féin: nó gáire beag go mbéadh
cló an gháire air ach gan é bheith ró-oscailte. Nó, an gáire
bheith searbh. Leamhas = tógaint croidhe, teasbach beag,
áthas, leis. Cuirean an pinsiún leamhas ar na sean-daoine.
Chuirfeadh an lá breá leamhas orm, nó a chloisint go raibh na
príosúnaigh go léir leigthe amach.



LÉAN — Tá léan orm tu choimeád chó fada ag feitheamh =
aithreachas: ní maith liom gur choimeádas. Mo léan gur
dheineas riamh é.



LEANAIM — Leanan mórán trioblóidí an t-airgead =
gabhan leis. Tá árdeólas ag an ndochtúir tímpal na gcluas
agus a leanan iad. Chun leanúint ar an scéal — tréis é
leigint ar lár.



LEANBH — Ní leanbh ó aréir me go mbeifá ag maga fúm
mar sin = leanbh a tháinig ar an saol aréir.



LEANNÁN — Conus tá do bhean? 'Na leannán sídhe sa
chúinne = gan mór-mhaith.



LEANÚNTAS — Tá leanúntas aca ar a chéile = cion:


L. 12


táid baoch dá chéile, leanúnach ar a chéile: is maith leó a
chéile, agus bheith i dtreó a chéile. Má tá an leanúntas
agat ar an nGaoluinn siad na Gaedhilgeóirí is annsa leat =
cion uirthi, caitheamh 'na diaidh.



LEAS — Go dtuga Dia ár leas dúinn = an rud is tairbhe
dhúinn. Leas-mháthair a thógfadh ort é, a stóirín — gráinne
beag siúicre a thógaint = duine gan croidhe, gan daonacht.
Seólfaidh an sagart i mbéal ár leasa sinn = i slí, ar shlí, ár
leasa.



LÉAS — An blúire den mboghsín a bhíon ar dhá fhioghar na
spéire nuair a bhíon an chuid eile imithe. Nó, tugtar léas
ar scamall fada caol a bhíon ar an spéir. Léasacha = mór-
chuid díobh.



LEASTAR — Soitheach (sathach a deirtear), bád beag.



LEASUIGHIM — Bhí sé ag leasú éisc = ag cur salainn air.
Leasuigh sé an t-arán go trom leis an ím = chuir brat maith
ime air. Thug sí leasú na leidhbe dhom = leasú den dtean-
gain, ana-chuid di. Tugtar seana-leasú ar an leasú a
cuirtear amach ar pháirc nó ar ghort sar a ndeintear treabha.



LEATH — Ní bheifá gann ar leath an méid Gaoluinne atá
agat = ba leór duit, níor bheag, leath an méid di atá agat:
bhéadh do dhóthin agat ar a leath. Ná dein dhá leath ded
dhícheal = dein do dhian-dícheal: ná bí ann as: gan bheith á
dhéanamh, agus gan bheith gan é dhéanamh. Gheófá gach ní sa
tsiopa so ar leath an méid sin — an méid sin airgid.



LEATH — Níor leath liom an saothar ach rud éigint bheith á
bharra agam = ba chuma liom: ní bhéadh aithmhéala (aiféala)
orm mar gheall air, ach mórtas. Níor leath dhuit airgead a
chailliúint le h-áit go mbainfí as aríst é, agus breis 'na
theannta.



LEATHAIM — Nuair a bhuaileas isteach chúichi bhí a croidhe
ar leatha chúgham le h-áthas = ar oscailt, ar sciobthaigh (sciob-
aig). Táim leathta ag an bhfuacht = fuacht agus fuacht
maith féinig bheith orm, i slí ná féadfainn me héinig a


L. 13


thabhairt le chéile. Bhí búird ar leatha ann ag an bhféasta =
fé bhia is fé dhigh.



LEATHANTAS — Fuair an ráfla leathantas = leathadh amach
é: deineadh é leathnú: tugadh leathnú dhó.



LEATH-BHRÓG — Bíon leath-bhróg ar dhuine nuair ná bíon
air ach aon bhróg amháin. Mar sin bíon rud éigint i n-easnamh
air, agus ní bhíon sé cruinn baileach. Tá leath-bhróg ar
Sheán = é bheith i gcás idir dhá chómhairle: bráca air: scéal,
cig., a bheith aige; ach gan é bheith lán, cruínn. Tá leath-
bhróg orm mar gheall ar an gceist sin = breallaighe éigint.
Tá leath-bhróg ar na prátaí agat = gan iad a bheith mar ba
chóir. Tá leath-bhróg mhaith ag breith orm na laetheanta so =
bruid: cruatan — oibre nó maoine: bráca.



LEATH-CHEANN — Tá leath-cheann ar Sheán = gan an ceann
bheith díreach idir an dá ghualain aige. Tá leath-cheann ar an
ualach féir, ar an gcoca, ar ghloinne an lampa = gan é bheith
díreach, ach leaga aige le taobh éigint. Ní fheicfead leath-
cheann ort go deó = bruid airgid nó eile. Nó, ní leigfead
leath-cheann ort. Tá leath-cheann go maith ar mo shláinte an
aimsir seo = gan í bheith ar fóghnamh.



LEATH-CHUMA — Ba leath-chuma liom púnt a chailliúint =
ní chuirfinn aon ana-shuím ann. Tá an leath-chuma agat orm =
bonntáiste — duine, cig, go mbéadh aithne aige ar dhuine eile
ach ná béadh aige-seo air siúd.



LEATH-ÉAN — Tugtar leath-éan ar an té ná pósan go
deó.



LEATH-IMEALL — Ní ceart duit-se bheith ag cainnt mar
nuair a bhí an coga ann ní rabhais-se ach ar leath-imeall = ar
an gclaidhe: ní rabhais istig i gceart-lár na h-oibre.



LEATH-IMEALLACH — Táim leath-imeallach anso = ar leath-
imeall, ar an leath-imeall: gan bheith i lár an ghnótha, i
lár na slí, agus mar sin de.



LEATH-LÁMHACH — Táim ana-leath-lámhach i láthair na


L. 14


h-uaire = ana-bhruid orm: gan é ar mo chumas mo chúraimí
do fhreagairt.



LEATHNUIGHIM — Bhíodar bocht go maith tamall ó shoin ach
tá ag leathnú fútha ana-mhór le déanaí = táid ag tuitim chun
saibhris ana-mhór: ag dul chun cinn go tiubh i dtaobh airgid.



LEATH-PHRAGHAS — Níl ach leath-phraghas ar na ba anois =
leath-airgead. Ní théighean ach leath-phraghas ar uibhe beaga =
sin a bhfuightear ortha. Ach, scoth-phraghas = praghas cuíbhsach.



LEATH-SCÉAL — Ní camán ceart é seo ach deinfidh sé leath-
scéal dom = an gnó i n-inead camán ceart. Bhí leathscéil
an domhain aige dhom. Ná bí ag tabhairt aon leath-scéal
dom. Fuaireas cead dul amach 'on mbaile mór ar an
leath-scéal gur theastuigh iallacha bróg uaim. Dheineas ar
an leath-scéal céadna é = an leath-scéal céadna, an chúis
chéadna, a bhí agam.



LEATH-THARRAC — Nó, leath-tarrac. Tá leath-tarrac briste
ort = ceann de sna tairric, de sna rudaí le n-a ndeinean
capall nó asal cárr a tharrac. Tá leath-tarrac ar an
gcapall = an iomarca den dtarrac beith ar thaobh éigint:
gan an tarrac bheith i n-ionanas ón dá thaobh. Bhéadh leath-
tarrac ar bhuachaill dá mbéadh póca leis trom, agus póca
ar an dtaobh eile folamh: nó dá mbéadh coiscéim bhacaighe
ann. Bíonn leath-tharrac ar an té a bhíon bocht. Tá leath-
tharrac ionnat.



LEATH-THUAIRIM — Thugas leath-thuairim fé cad é an
sagas Gaoluinne a bhí agat = tuairim chuíbhsach: tuairim
na béadh ró-chinnte. Níl fhios agam cad is ciall leis an
bhfocal ach tá leath-thuairim mhaith agam dó.



LEIBHÉAL — Ní chuirfinn me héinig ar aon leibhéal amháin
leat = aon scór, aon imeacht amháin. Dhein an ghaoth leibhéal
ar na stácaí = iad do leaga. Tá an tig ar leibhéal =
leagtha síos go talamh: leibhéaladh go talamh é. Ná téir ar
aon leibhéal amháin leis an spiaire sin = aon rian amháin,
aon scór amháin. Níl an t-úrlár so ar leibhéal = leibhéalta:
cothrom. Tá an bata 'na leath-sheasamh i gcoinnibh an fhalla =


L. 15


leath-cheann a bheith air: gan bheith 'na sheasamh díreach. Ná bí
ag leibhéal ar an obair sin, mar béidir nách fearra a dheinfá
féinig é = á lochtú: ag déanamh droch-chur-síos air. Dhein sé
leibhéal orm, ach tiocfad suas leis = droch-chainnt ghéar. Nó,
bhí sé ag leibhéal orm = ag déanamh cur-síos orm, ar mo
thréithe, ar mo shlí bheatha, agus mar sin.



LEICTHE — Tán tu leicthe go maith = gan bheith láidir:
deóchailleach: gan fulag: drochshláintiúil: i ndroch-shláinte.



LEIDHB — Thug sí leasú na leidhbe dhó = leasú na teangan:
paiste maith di.



LEIDHBÁLAIM — Nó, leidhbaim. Tá an pláta leidhbálta
(leidhpálta a deirtear) aige go glan = an teanga tugtha
aige dhó. Thug sí ana-leidhbáil dó = ana-leasú den dtean-
gain. Tá sé leidhbtha agam (leidhpa a deirtear) = leidhbálta.



LÉIG — Tá an focal san ag dul i léig = ar ceal: ag
imeacht: as úsáid. Tá an t-iascach ag dul i léig mar ná
fuil aon airgead ar an iasc. Is olc a deineadh teanga na
tíre seo a leigint i léig = leigint di imeacht.



LEIGHBÁN — Tá leighbán teangan aige = ana-theanga
teanga ana-mhór. Cuid den iasc seadh an leighbán.



LEIGHBÓG — Nó leidhbóg. Leidhbóg óinsíghe = óinseach a
bhéadh liobarnach bog ínti féinig — ar nós an phlubaire
amadáin.



LEIGHCIDE — Tá mo bhróga 'na leighcidí = iad a bheidh lag,
gan aon ana-chaitheamh ná neart ionnta. Táid 'na leighcidí
ag an mbáistigh anois bíodh is go rabhadar ar fóghnamh go dtí
so. Leighcide búird, fir, leighcide d'aon ní — nuair a bhíon
an rud lag, agus gur fuirist é bhrise as a chéile. Tá poll i
lár na leighcide bróige sin. Fág an áit sin, a leighcide.



LEIGHEASAIM — Leighis an dochtúir me ó ghalar, ar ghalar:
leighis sé mo ghalar. Beart gan leigheas foighne is fearr
air.



LEIGIM — Leig anuas an fhinneóg = ísligh. Leig an braon


L. 16


= leig amach, scaoil amach, as an rud tinn. Mar sin:-
leig do chos, leig do mhéar. Bhfuil an braon leicthe (licithe)
amach fós? Bé go leigfeadh Dia seans éigint orainn = go
mbuailfeadh Sé seans éigint orainn, nó linn. Chuala an
focal ach do leigeas thar mo chluasa é = níor thógas isteach im
cheann é: níor thógas ceann do. Tig le leigint = le cur.
Leig liom is leigfead leat = ná bac liom, is ní bhacfad leat.
Tán tu ag leigint leat féinig ró-mhór = an iomarca ceada a
thabhairt duit féinig: gan srian a choimeád ort héinig — i
gcainnt nó i ngníomh. Má leigeas gáire leat féin bíodh
fhios agat nárbh í do chainnt do b'annsa liom = gáire a
dhéanamh mar gheall ar an gcainnt a dúbhraís. Nuair a
leigtear an lámh theinn tagan an braon amach. Aithneóinn thu
ar leigint na súl = gan ach mo shúile do leigint ort. Muise,
nár leigidh Dia dhúinn sibh féin is bhúr gcainnt = eascaine ana-
éadrom: droch-rath oraibh agus ar bhúr gcainnt. Gan tu
leigint dom (nó, gan tu mhór-leigint dom), chun teacht
isteach anso chó luath ar maidin = ón ndial go bhfuighir a
thairbhe agus teacht isteach chó luath so. Gan tu leigint
dom chun bheith ag cainnt i n-árd do ghutha i gcómhnuí. Gan
tu leigint, nó mhór-leigint, dúinn chun éinní. Ligim a
deirtear.



LÉIGHIM — Tá an cigire go h-éachtach chun léigheamh ar dhuine
= chun a thuiscint cadh é an saghas thu ó bheith ag féachaint ort:
cad a bhíon ar siúl agat, agus mar sin de. Léigh sé orm =
d'aithin sé orm cad a bhíos chun a dhéanamh, cad a bhí déanta
agam, cad a bhí ar íntin agam, cad a bhí im chroidhe. Is
maith an duine léigheamh (nó léighte) thu = chun duine a bhrath,
a thabhairt fé ndeara. Léigheas air go raibh sé chun marú a
dhéanamh ón imeacht a bhí fé. Sin é mar do léigheas ar an
gcainnt = sin é mar thuigeas í, sin é an t-adhmad a bhaineas
aisti. Ar chualaís go bhfuair an pápa bás? Seadh, léigheas,
air sin cheana = chuala cúntas tímpal air: nó, léigheas na
thaobh sa pháipéar. An raghair ar an gcnoc? Táim ag
léigheamh air = ag cuímhneamh air. Tá sé léighte agam dul =
beartuithe, meághaite. Is mó rud go mbím ag léigheamh air
nuair ná bíon éinne im theannta = ag cuímhneamh, ag
smaoineamh.



LÉIM — léim ruthaig = léim a tugtar tréis fásca reatha a


L. 17


thabhairt chuige. Thug sé fásca ruthaig fén léim, fén gclaidhe.
Léim sheasta, nó léim chuirp = léim a thugan duine as a
sheasamh, as féinig — gan rith a thabhairt chuige. Léimfeadh
seana-bhean na maidí croise an méid sin. Baineadh léim
asam = preab, geit. Léim fhásca ruthaig = léim ruthaig.
Níl aon mhaith ann chun léime. Chaith sé léim fhásca ruthaig.



LÉIMIM — Chuireas ag léime chun feirge é = fraoch feirge
do léimim chur air.



LÉIMREACH — Tá an choinneal ag léimrigh.



LÉINSEACH — Tá an fhairrge 'na léinsigh ghil = ana-chiúin:
'na plána: ana-íseal. Ní raibh sí 'na léinsigh indé mar bhí
imeacht na gaoithe rud beag uirthi.



LÉIR — Tá Séamas ana-léir = ana-ghéar: ana-shlachtmhar
tímpal gnótha. Is deacair é shásamh mar tá sé ró-léir.
Bíon sé ag obair go luath léir = go tapaidh agus go slachtmhar.
Fear luath léir seadh é. Deirtear ná raibh luath is léir
riamh le n-a chéile.



LEIRG — paiste maith talún a bhéadh leibhéalta: nó
cliathán cnuic ná béadh cnapánach garbh.



LEISCE — Conus tá giolla na leisce? — le duine leisciúil.



LEISCIÚLACHT — Ag dul i leisciúlacht atáim = ag árdú
orm atá an leisce.



LEITH — Teasbáin i leith chúgham an leabhar = an treó so.
Tá muíntir an tíghe imithe agus gach ní im leith; nó, dh'fhágadar
gach ní im leith = é ar mo chumas lámh a leaga ortha go léir:
cead agam chúcha go léir. Chailleamair smut den Aifrean i
leith is ná raibh an sagart istig = chó maith agus ná béadh sé
istig — ní raibh fhios againn é bheith ann. Cheannuíos droch-
chapal a cuireadh 'na luighe gaidhte orm i leith capaill mhaith
= cuireadh orm i leith capaill mhaith é: i n-inead capail
mhaith — an fear a dhíol á ínsint go raibh sé 'na chapall mhaith
agus do cheannuíos é á mheas san. Ní ceart dúinn dul a
chodla fós i leith is go bhfuil an Saor-Stát againn = á rá linn


L. 18


féinig go bhfuil sé againn. Glaodhas air, ach do lean sé den
obair i leith is nár chualaidh sé me = á leigint air nár chualaidh:
chó maith agus dá mba nár chualaidh sé me: fé mar ná clois-
feadh sé me. Labhair sé im leith = ar mo thaobh, im fhabhar.
Ghabhas siar agus bhí gach poll is pruais fém leith sa treó
san = im choinnibh. Dá bhféadfainn é ní h-iad mo chluasa
ba mhian liom a dh'fhágaint fé leith do dhuirn = féd dhorn chun
buille a dh'fháilt: fé threó do dhuirn. Tá Muíntir na
h-Éirean i leith Dháil Éirean = ag brath air. Tá na feir-
meóirí i leith na h-aimsire chun a gcuid earraí do shábháilt.
Táim i leith na déirce, fóiríor = ag imeacht leis an ndéirc,
i n-aon treó amháin leis, ag brath air.



LEITE — Níl ann ach ceann leitean = ceann ná bíon aon
ana-thuiscint ann, ná aon ana-ní eile.



LEITHEAD — Thómhais an gréasaí mo chos ar a faid agus
ar a leithead agus ar a h-aoirde. Níl againn ach dhá leithead
an tíghe seo de bhlúire prátaí.



LEITHÉID — Tá an fear san scópúil rábach leithéid Sheáin
= ar chuma Sheáin. Tá sé go h-olc do leithéid-se. Tá sé
conntabharthach (cúntúrthach) bheith ar an bhfairrge leithéid an
lae indiu = lá de shaghas an lae indiu. Ní thuigean mise ná
mo leithéid eile fadhb den tsaghas san = éinne eile mar me,
cosúil liom. Dá bhfeicfeadh sé tusa nó do leithéid eile
chuirfeadh san lán a chroidhe d'áthas air.



LEITHÉISE — Bean fhuar chun gnóthaí a dhéanamh. D'fhágfadh
sí 'na diaidh gan déanamh iad. Bean chliste an taobh eile.
Dheiseóch sí na stocaí, cig, ach scaoilfeadh an leithéise iad agus
mórán eile trí n-a ladhracha. Is éachtach na leithéisí ban
iad.



LEITHILIG — Chuireas an méid sin airgid ar leithilig = i
leath-taoibh, i n-áit dó féinig. Shuidh an stróinséar ar
leithilig, nó ar leithirig = i n-áit dó féinig: i gcúinne as an
slí choitianta. Fear ar leithirig é sin = fear ann féinig:
fear de shaghas ar leithirig: de shaghas fé leith.



LEITIR — Nó litir. Ní bhfuaireas aon fhreagra ar mo


L. 19


litir, as mo litir. Thugas an litir fém láimh = chuireas
m'ainm léi.



LEITHREACHAS — Tá leithreachas agam á dhéanamh ort =
táim ad chur ar leithirig — ar aon tsaghas slí: cóir fé leith á
chur ort — pé aca i dtaobh dúthrachta nó faillíghe. Tá
scamaill leithreachais sa spéir = a bhíon ag imeacht leó
féinig: scamaill aonracha. Is mór an fear leithreachais é =
fear ar chuma dá chuid féinig: go mbíon imeacht fé leith ag
baint leis. Nó, leithreachais. Bhíodar 'na gcómhnuí ar
leithreachais.



LEITHREACHAISEACH — Is leithreachaiseach an fear é =
fear a bhíon ag imeacht i leath-taoibh: a bhíon ag imeacht
leithreachasach. Nó, leithreachasach.



LEÓMHAIM — Ní leómhfainn dul ann = ní bhéadh sé de
mhisneach agam. Deinean an mh srónuíocht do chur i bhfeidhm
ar an ó. Ní leómhaite dhom buala amach ag an leanbh ar
eagla na teine = ní dh'fhéadfainn, nó níor cheart dom, a
leómha. Ach, ní lamhálfadh an tsláinte dhom buala amach = ní
leigfeadh: agus labhartar é fé mar do bhéadh sé scríobhtha
lauálfadh.



LEÓN — Lá leóin = lá léin, lá bascaithe. Nuair a bhíon
duine chun rud éigint díobhálach a dhéanamh bailíon sé an
león chuige = droch-fhuadar: bhéadh león an ghnímh sin bailithe
roim ré. Tá an león bailithe indiu chun tabhairt fé thruacail-
saighdiúirí.



LEÓNAIM — León sé a alt. Ach rud eile seadh é chur as
inead.



LEÓR — Is cuma liom mar gheall ar an bhfeóil mar
gheóbhainn leór leis an ainirthe (anbhruith) = mo dhóthin. Gheóbh-
ainn leór le prátaí chun dínnéir = sásamh mo ghoile.



LÍ — Níl lí na lé aige = tá sé dealbh bocht: gan faic: gan
seóid-a-bharra. Níor fhág na dubhchrónaigh lí na lé sa tig
agam = éinní.


L. 20


LIA — Ní liatha tír ná nós (sin é mar a deirtear é) = ní
iomadúla tíortha ná nósana an domhain.



LIACHT — Níl an focal san agam fós agus a liacht uair a
chuala uait é = agus a mhinicí a chuala. Dá liachtaighe uair
a déarfá liom é ní dh'fhéadfainn é choimeád. Nó liathacht.
Níl sé déanta fós agus a liathacht uair a dúbhart leat é
dhéanamh. Dá liathacht uair a chuireas chun é dhéanamh níl sé
críochnuithe fós.



LIADHAIRNE — Duine leisciúil: ná téighean ag triall ar
a ghnó: fear fuar aimsir ghnótha. Ní gná iasc sa líon ag an
liadhairne díomhaoín — sean-fhocal.



LIAG — Bhí liag mhór chloiche ann.



LÍAN — Úirlis a bhainean le saor cloch — chun an mairtéal
a leatha.



LIATH-BHUIDHE — Liafuí a deirtear. Bhí an liath-bhuidhe
orm le scannra — tógan sé ana-eagla chun an liath-bhuidhe a
chur ar dhuine. Chuir sé an liath-bhuidhe orm — duine a shocruigh
féin ar nós spride sa doiritheacht (doircheacht).



LIATH-DHEARG — Gné datha é sin. Liathghorm = bán-ghorm:
gorm ná fuil láidir.



LÍGHIM — Bhí an cat ag líghe mo lámha = ag tabhairt na
teangan di.



LÍNE — Tá líne mhór fén gcirc = an méid ubh go mbíon
cearc ghuir 'na luighe ortha.



LÍNTÉAR — Slí chun uisce a thabhairt treasna fé bhóthar
agus é scaoile ar aghaidh. Bíon siad i bpáirceana, leis, chun
an t-uisce a thabhairt leó. Tá an gort so lán de líntéirí.
Tá rud éigint ag stop an líntéara. Nó, linntéar.



LÍOBAIM — Deinean an bhó an gamhain do líoba. Tá sé
líobtha (líopuithe). Tugadh líoba den dteangain dom —
nuair a bhéadh scobhlaeracht ar siúl = scríob, leidhb, buille.


L. 21


LIOBAR — Thug an fear liobar den hata, den dtúáille,
dhom = buille de rud éigint bog a lúbfadh. Liobar de
théadán, de scothán feamanaighe. Tugtar liobar ar an
té a bhíon neamh-chruinn, neamh-shlachtmhar. Dá mbéadh an
t-aer imithe as liathróid bhéadh sí 'na liobar. Bhuaileas
liobar den leabhar, dem láimh, air = buille bog liobarnach.
Thugas liobar don liathróid = buille neamh-chruínn. Thugas
liobar fé — buille fé i slí ná béadh fhios agam cá mbuailfinn
é, nó an mbuailfinn i n-aochor é.



LIOBARNACH — Nách liobarnach ataoí'n tu — dá dtuitfeadh
leabhar as láimh dhuine. Bhéadh na lámha liobarnach dá mbéadh
barraí na méireana crapaithe leis an bhfuacht.



LIOBÓG — Bean a leigean mórán gnóthaí trí n-a lámha.
Ní bean ghasta í, agus leigean sí mórán neithe uaithi a
choimeádfadh an bhean ghasta suas.



LIOCHTÁN — Carn cloch. Nó leachtán.



LÍOMÁNUIGHIM — Bhíodar ag líománú orm = ag eascainí
go trom.



LÍOMÓIT — Tora buidhe cosúil le h-óráiste. Líomóid
sa bhfoclóir.



LÍONÁIL — Tá líonáil ar bharra an uisce = snas gorm,
nó aon tsaghas clúdaigh. Bhéadh ar bharra an tae dá mbéadh
sí i bhfad stadaithe (stataithe), nó ar an dtobar. Deirtear
níonáil, leis.



LÍONAIM — Tá an ioscóid ag líona, ag bailiú = an braon
ag teacht ínti. D'fhanamair ar an gcarraig gur líon
orrainn = gur líon an fhairrge isteach orainn.



LIONN DUBH — Galún leanna duíbhe.



LÍON-RUITH — Tá líonruith air = preabarnach 'na chroidhe:
(go minic) mearathal. Tháinig líon-ruith agus mearathal orm
nuair a chonnac an taidhse (taidhbhse) = scannra: léim mo
chroidhe isteach im béal, agus dhein ana-phreabarnach Dá


L. 22


mbéadh buachail ag foghluim conus snámh a dhéanamh thairicéóch
sé a anáil i slí ait nuair a cuirfí isteach san áit doimhin é,
agus thiocfadh líon-ruith air ar feadh leath-nóiminte. Bíon
líon-ruith ar shean-duine i gcoinnibh an chnuic = builean an
croidhe níos tiubha (tiúa) aige.



LÍONTÁN — Líon beag: nó, gabhlóg agus líon ar a barra,
'na barra.



LIOPA — Tá liopa mo bhéil teinn = ceann de sna beóla.
Liopa na cluaise = an chuid íochtarach di a bhíon bog leabhair.



LIPÍN — Bhíodar 'na lipíní maol-bháite, 'na lipíní báite:
bhí sí 'na lipín mhaol-bháite: bhí sé 'na lipín mhaol-bháite — ag
an gclagarnach bháistí = fliuch báidhte: chó fliuch is is féidir
fliuch a bheith.



LIUCUIGHIM — Nó, liocuighim. Tá turtóga thall is i
bhfus anso, ach dá mbéadh an áit liucaithe bhéadh sé go deas =
ar leibhéal: leibhéalta. Táim á liucú = á leibhéalú.



LIÚDAR — Thugas liúdar dhó = buille bhais: buille den
tslait: liúdar den maide: hainnse: ach ní cnag é.



LIÚTAR-ÉATAR — Cad é an liútar-éatar atá oraibh?
= ana-screadaíl: ana-gheóin. Tháinig sé isteach agus
liútar-éatar aige cá raibh na ba imithe = ana-screada
glóir: screaduíl. Nó, liútar-léatar. Beidh sé 'na
liútar-éatar i n-Éirin againn aríst muna ndeinfar socrú =
tré-chéile: 'na phraisigh. Bhí sé 'na liútar-eatar idir
ire is Sasana.



LOBHAIM — Tá na prátaí ag lobha, nó ag lobhachtaint,
orainn. Táid lobhaite, nó lobhtha, cheana.



LOCH — Chuaidh sé fé loch = fé uisce — fear a léim isteach san
uisce ceann ar aghaidh. Chuireas mo cheann fé loch-bíodh is
ná béadh i gceist ach tobán uisce.



LOC — Saghas póna chun caorach. Gleann luic — sin ainm
áite. Bhailigh na saighdiúirí na daoine isteach i n-aon loc
amháin = áit 'na mbéadh daoine nó aon tsaghas ainmhithe
teanntuithe isteach le chéile Bíon an pobal i n-aon loc


L. 23


amháin nuair a bhíd istig i dtig Dé — istig sa tsáipéal
(séipéal): ní gá dhóibh bheith brúite. Bíon na daoine agus
na beithígh i n-aon loc amháin ar pháirc an aonaigh.



LOCA — Nó luca. Luca olla (olna) = lán do dhuirn di:
an méid a thógfadh do lámh amach. Bhí lucaí cúráin (cúbhráin)
le béal an mhadra, an chapaill: ar an bpórtar; ar
dtráigh = blúirí beaga cúrain.



LOCÁISTE — Fuaireas locáiste ins na bróga = lagú:
an méid airgid a maithtear. Fuaireas ar leath a luach'
iad: ar leath a bhfiacha.



LOCHT — Ní hé do locht do luighead = má tá locht ort ní hé
tu bheith ró-bheag é.



LÓCHTAINT — Ní raibh ann ach an lóchtaint ar a sé ar
maidin indiu = geala an lae.



LOCHTUIGHIM — Tá an t-éadach rud beag bun-ós-cionn 'na
dhath im shúile-se, ach ní lochtóch an méid sin é = ní h-aon ana-
locht air é.



LOG — Leighe na log ort — eascaine é sin. Is tapaidh an
leighe é; mar, nuair a thagan an ghrian, bhíon an log leachta
imithe trim i gceann nóiminte agus gan aon phioc de fágtha.
D'itheas, nó d'ólas, an iomarca, agus tá sé 'na log ar mo
chroidhe = i n'ualach, stadaithe, ar mo chroidhe. Is mó a
bhainean log leis an ndigh, agus an stalca leis an mbia.



LOGHA — Nách mór an logha nár cailleadh éinne anso riamh
gan an sagart = fuascailt ó dhlí: tabharthas fé leith — ó Dhia
anso. Sin é an logha fuair an cailín — dhá oíche sa tseachtain
bheith saor aici = cead. Bíon loghana ag dul le paidreacha,
leis.



LOGAL — An poll 'na mbíon an tsúil.



LOGARTHA — Tán tu ag féachaint lom logartha = log anso
is ansúd ort: na pluic tuitithe isteach — agus na súile


L. 24


súighte isteach sa cheann uaireanta. Oirean sé dos gach
aon ainmhí.



LOIGÍN — Buaileadh anuas i loigín an bhaithis me = an lag
a bhíon isteach sa cheann idir an mullach agus an t-éadan
Ísleán seadh é a bhíon isteach i gceann an linbh go mór mór.



LOILÍGHEACH — Bó ar a bainne: bó a bhíon ag tabhairt
bhainne.



LOINGEAS — Tá mórán loingeasa ag gabháilt an treó
anois = árthaighe.



LÓIPÍN — Sneachta na lóipíní = sneachta lóipíneach:
sneachta cáithte; sneachta a thuitean go breá bog.



LOISCIM — Níor loisc seana-chat é héinig riamh — toisc é
bheith ró-aireach gasta chuige.



LOM — Níor chuireas lom díreach chun na h-oibre fós =
díreach díreach. Chuir sé 'na luighe lom orm go raibh an
ceart agam = 'na luighe go daingean. D'eirígheas lom
díreach as an bpost = díreach ar fad. Táim ana-lom sa
tsaol = ana-bhocht. Bhíos i bhfad ag faire ortha agus fuaireas
an lom (ortha) sa deire chun iad a threascairt = an tseans,
cothrom, caoi, faill. Níl sa méid adúbhart ach lom na
fírine, lom an chirt = an fhírine ghlan; an ceart ar fad.
Fuaireas an t-eiteach uaidh lom díreach. Coirce lom =
cáithte, glan.



LOM-AOSTA — Tá sí lom-aosta = cuíbhsach aosta. Bíon
duine amhlaidh nuair a bhíon an 40 fágtha 'na dhiaidh aige, an
léim ag cailliúint, agus mar sin.



LOMA-CHAITHTE — Tá sí loma-chaite tréis a clann a
thógaint.



LOMA-CHEART — Bhí an loma-cheart agam chun na páirce —
bun-ós-cionn leis an éagóir agat-sa = an ceart ar fad.



LOMA-LEATH — Deineadh dhá loma-leath dem chamán =
dhá leath lom díreach: dhá leath chothroma.


L. 25


LOMHNÁN — Is éachtach an lomhnán fir é = bolg mór a
bheith air: bíon a leithéid neamh-chúnláisteach agus tógan
mórán slí. Ní dh'fhéadfainn a thuille a dh'ithe mar táim chó
teann le lomhnán = ana-lán: ní dh'fhéadfadh a leithéid a
thuille a chur siar. Lamhnán.



LOMRA — Tá lomra na gcaorach (nó na caorach) sa spéir,
ar an spéir = scamaill mhóra bhána. Ach, bearra na gcaorach
= scamaill chaola dréimreacha a chuirean deárthamh na
caorach beárrtha ar an spéir.



LON — Raghainn 'on mbaile mór dá bhfuighinn an lon air =
ciúineas idir dhá ghála: nó triomach idir dhá chith (cioth).
Tá lon tagtha = stad báistí, gaoithe, is mar sin de. Thabharfá
lon ar thamal saoire idir dhá bhobhta oibre.



LÓN — Lón síorruídhe = an Chomaoine a thógan duine ag
imeacht as an saol dó.



LONNA — Lonna an mhaide rámha = an áit go mbíon an
lámh air. Níos sia amach bíon an caol — caol an mhaide
rámha: agus níos sia amach arís an bhas. Cluas an mhaide
rámha seadh blúire leis héinig go mbíon an dola aníos tríd.



LONNUIGHIM — Cá mbíon na caoira ag lonnú aimsir an
bhrothail? = 'na gcómhnuidhe coitianta. Ní ceart duit bheith
ag lonnú an tíghe sin = bheith ag dul ann agus bheith ann, go
minic.



LORGAIREACHT — Táim cortha ó bheith ag lorgaireacht na
scine ó mhaidin = bheith sa lorg — lorg fada.



LOSCA — Tá losca doighe orm = an dógha a bhíon i gcroidhe
dhuine nuair a dh'íosan sé rud ná taithníon leis: bíon an
croidhe ag dógha.



LOSNA — Córda beag a bhíon ar an spiléar (spléar) agus
go mbíon baoite air agus dubháin. Losnaí.



LOT — Ní bheidh Rialtas Shasana sásta ár srón ar fad a


L. 26


thabhairt dúinn gan lot éigint do chur ar an ngnó = é mhille, é
chur siar, i slí éigint.



LUACH — Tá luach an airgid, luach do chuid airgid, go maith
agat sa bhó a cheannuighis. Tá cheithre luacha ar gach aon ní sa
tsiopa san = gach ní bheith cheithre uaire níos daoire ná mar ab
fhiú é — nó, ná mar a bhí sé. Tóg leat na bróga ar £2 agus
beidh cheithre luacha an airgid agat (ionnta) — an siopadóir a
déarfadh le lé is leaga leat. Tá luach na bpúnt d'fheabhas
tagtha ort = ana-fheabhas. Torm, nó trom, luach tuistiúin
d' arán. Dá gcaithfá an tobac dhéinfadh sé luach mór de
mhaitheas duit = ana-mhaitheas. Is mór é luach na foighne = is
fiú mórán é.



LUADHAIM — Tá Seán agus Máire luaidhte le chéilig le
fada = geallúint phósta bheith eatora: geallta. Is oth go
deó liom é bheith luaite liom gur dheineas an droch-ní sin =
bheith ráite liom, curtha im leith.



LUADAR — Cuireadh deire le n-a luadar = le n-a lúth,
imeacht, réim. Bhain na dathacha dem luadar me. Níl
puínn luadair agam, nó ionnam = fuinneamh, coisíocht, siúl.
Dá mbéadh mo luadar agam is tapaidh a ghlanfainn an claidhe
— adéarfadh sean-duine crapaithe. Nár bhainidh Dia do
luadar díot. Sé an feall é nár baineadh dá luadar é le
h-aon phléar (piléar) amháin.



LUATH — Tá sé ró-luath an geimhre theacht fós. Is leath-
chuma liom cathain a thiocfair — leath-uair luath nó déanach.
Tán tu luath láidir lúthmhar (lúfar) = tapaidh.



LUATH-BHÉALACH — Táid ana-luath-bhéalach = ana-thapaidh 'na
gcainnt. Tá an luath-bhéalaighe ón ndúchas aca.



LUATH-ÍNTINEACH — Táim luath-íntineach = tapaidh im'
aigne: tá luath-íntin agam. Lua-thíntineach a deirtear.



LUATHUIGHIM — Luathuigh ort, nó leat = brostuigh, cuir anam
ionnat héinig. Caithfar an clog do luathú = do chur chun
cinn. Luathaigh an óspairt sin chun na h-uagha an fear bocht.


L. 27


LÚB — Tán tu im lúib = im chómhacht. Táim i lúib = i
ngreim, i gcruadh-chás. Tá an leabhar léighte agam ó lúibh
lúib agus ó chlúid clúid = ó thosach deire: gach leathanach
riamh de. Is fearr an chú a bhíon sa tsiúl ná an chú a bhíon sa
lúib = ceangailte. Níl aon lúb ar lár ar an gcainnt, ins
an gcainnt, sin — nó i n-éinní = aon rud amú, bun-ós-cionn.
Ní hé a thoil féinig i n-aochor a dheinean sé mar tá sé ró-mhór
i lúib Sheáin Bhuidhe = fé n-a láimh: 'na ghreim, ag brath air.
Tá lúb as an slabhra, as an stoca. Tá an lúb istig ag an
athair sa mhac, ag éinní i n-éinní eile = cion aige air. Lúb
ar lár is gairid go mbeidh 'na pholl — sean-fhocal. Bhíos i
lúib a 40 ins na cártaí, ach níos thógas an cluiche 'na dhiaidh sin.
Chaitheas pinginí maithe ar chleas na lúb lá an aonaigh. Táid
chó cam le cleas na lúb = cam go maith. Tá lúb mhaith bhóthar
(de bhóthar) as so tímpal go dtí an Scairbh. Lúb ruthaig =
an saghas lúibe a cuirtear fé mhuineál dhuine nuair a bítear á
chrocha. Ach, snaidhm ruthaig = an tarna snaidhm a chuirfá id
bhróig. Dá dtabharfá fé bheith chó mór lúb istig san nGao-
luinn agus atán tu sa bhothántuíocht bhéadh sí agat = chó mór
ceangailte isteach ínti. Tá ana-lúb istig agam sa gcapal
san = ana-fhonn bheith orm é bheith agam: ana-chion agam air:
ana-dhúil ann: ana-leisce scarúint leis.



LÚBAIM — Bhí sé ag lúba is ag lúbarnaigh = an chamastuíl
sa tsiúl aige: gach seift á dh'imirt aige a d'iarraidh teacht as
cruadhchás. Coir is lúba a dh' fhuascail amach as an bpríosún
= seifteana.



LÚBAIREACHT — Bhí sé ag tabhairt gach aon chor agus
lúbaireacht uaidh san áiteamh = ag casa is ag lúbarnaigh ar a
dhícheal toisc a bheith ag dul air (ag dul na choinnibh).



LÚDRACH — Tá an chómhla, an doras, ar a lúdracha =
crochta: ar na pocáin: oiriúnach le h-í, h-é, dh'oscailt
isteach nó a dhúna amach. Baineadh an chómhla dá lúdracha =
na rudaí ar a ndeintear í chasa. Casan sí ar a lúdracha.
Cuir an doras ar a lúdracha. Tá sí dá lúdracha = gan
bheith ar na lúdracha.



LUG — Leighe na lug ort = log.


L. 28


LUID — Níl oiread is luid den éadach, de sna balcaisí,
ortha = faic. Níl luid móna, prátaí, agus mar sin de,
againn = níl aon bhlúire de sna h-earraí sin. Níl luid
againn = níl seóid-a-bharra, faic.



LÚIDÍN — Bhí sé fliuch báite ó lúidín a choise go mullach a
chinn.



LUIGHIM — Cuirim gach ní fé luighe na faoisdine seo = fé
bhráid: fé fheidhm. Chuireas gach ní fé luighe m'fhaoisdine don
tsagart. Níl sé chun luighe leis an gcreideamh gallda =
ní luighfidh sé isteach leis: ní ghlacfaidh é: ní iompóidh air.
Luigh bás a mháthar ana-mhór ar a chroidhe = ghoill. Tá Seán
luite (luighte) ana-mhór chun an óil, leis an ól, le déanaí.
Ní féidir Béarla a chur 'na luighe ar an mbaile seo = a chur
i bhfeidhm. Luigh sé ró-mhór leis an nGaoluinn sa tslí gur
bhris ar an sláinte aige. Bhí sé ag luighe a shúile orm =
ag caocha. Más áil leat an gnó so a chríochnú fé n-a sé, ní
mór duit luighe amach ort héinig = an méid is mó is féidir
leat a dhéanamh (mar a bhéadh buachail ag rith). Ní mór dó
luighe amach air héinig chun coimeád chun tosaigh = bheith ar a
dhícheal. Is fada a bhíomair ag cur chuige, ach táimíd luite
chuige anois = tá tosnuithe againn air dáríribh. Luigheamair
chun cainnte le n-a chéilig = thosnuíomair (go dúrthatach).
Bhí an tsúil luite aige uirthi. Tá an tsúil cnagtha (cnacaithe)
aici air = luite, iadhta. Tástáil na bróga ort féachaint
an bhfuilid ag luighe go maith ort, ar do chosa. Táim luite
amach ar é dhéanamh = beartuithe, meáite (meághaite).



LUIGHEACHÁN — Tá ana-luigheáchán aige sin leis an ól =
luighe — ach é bheith níos láidre: bíon sé ag luighe i gcómhnuí.



LUIGE-SHEÓIL — Tá luighe-sheóil ar an mbád = í luite ar a
cliathán: leath-cheann uirthi. Tá luighe-sheóil ar an ualach =
leaga aige go dtí taobh éigint: leath-cheann. Tá luighe-
sheóil maith ar Phádraig aníos chúghainn = é ag siúl cam agus
leath-cheann air.



LUIGÍOCHT — Nó, laigíocht. Tá luigíocht éigint orm indiu
= me bheith ag braistint lag.


L. 29


LUIMEACHT — Tán tu ag dul i luimeacht = i dtanuíocht, ag
cailliúint na feóla.



LÚTÁIL — Bhí an madraí ag lútáil orm, nó liom. Bhí an
cailín agus an buachail ag lútáil ar a chéile = ag déanamh
caradais le n-a chéile. Bíon na h-iascairí ag lútáil leis an
iasc nuair a bhíd sa líon = á mbaint amach as na mogaill is
an líon: á láimhseáil. Bíon lútáil mhór ag leanúint an ime
sar a mbíon sé ullamh. Aon uair a bhím díomhaoín bím ag
lútáil leis na leabhartha = á bhfoghluim, á gcur tharam: á
láimhseáil. Bíon an feirmeóir ag lútáil leis an gcré, an
cócaire leis an mbia, agus an madra le duine — le n-a dhá
lapa tosaigh. Is mó lútáil a bhíon fachta ag an gcoirce sar a
mbíon sé sábhálta.



LUTHARNACH — Tá mórán lutharnaighe ag fás sa ngáirdín
= salachar: buachaláin bhuidhe agus cupóga agus gach aon
tsórt: nó an féar féin.



LUTHÓG — Luthóg phrátaí = dorn prátaí a cuirfí isteach san
(fén) ngríosaigh. Tá luthóg sa teine agam.



M



MAC — N'fheaca aon mhac máthar ba mheasa ná me héinig
= éinne. Ní mac do t'athair thu = nílean tu cosúil leis.
Sé Liam mac a athar mar a chaithfeadh sé amach as a bhéal é =
sé an t-athair 'na steile-bheathaidh é. Ó Mhac Uí Mhathúna a
fuaireas an focal.



MÁCHAIL — Ní dheinfeadh braon báistí máchail d'éinne =
díobháil. Sin é an t-aon mháchail amháin atá agam ar an
áit é bheith ró-fhada ó láimh = locht. Bhí seacht máchailí an
tslé (sléibhe) air dar leis féinig = gach aon tsaghas. Ní
h-aon locht ar an mbó an mháchail bheag san. Níl aon máchail
ar an bhfeóil = aon rud bun-ós-cionn.



MÁCHAILÍGHIM — Tá an prátaí seo máchailithe ag an
sioc = máchail ortha: díobháil déanta dhóibh.


L. 30


MACALLA — Tá na Gearmánaigh ag baint macalla as na
Sasanaigh = ag baint cheóil asta; á thabhairt dóibh go bínn:
ag baint rammsaigh asta.



MACÁNTA — Chreideas go macánta deimhnitheach é = go
fíor. Tán tu ag dul as go macánta = gan aon bhréag. Tá
an leanbh mín macánta = gan bheith crosta malluithe. Nuair
a deintear an neanntóg a bheiriú bíon sí macánta, mar
bainean an beiriú an nimh aisti. Madra macánta = ná
fuil malluithe, nímhneach.



MACHTNUIGHIM — Mhachtnuíos nuair a dh'fhéachas ar dtúis
gur fear a bhí ann = chuímhníos (chuímhnígheas). Is deacair
aon difríocht a dh'fheiscint eatorra, ach ar mhachtnamh cruínn
dhéinfá beagán beag amach = tréis machtnamh cruínn a
dhéanamh.



MÁDH — Cárta a bhíon ar aon dath amháin leis an gcárta a
iompuightear ar barra. Sin é an má is mó a bhíon ar na
cártaí = a bhíon istig, a bhíon ar imirt. Cad tá 'na mhá?
Cad ba mhá mór ann? = cad é an cárta a bhí 'na mhá mór?
Fuair sé an má mór orm = fuair an lá, an fear maith, orm.
Máite (máidhte) ar fad atá im dhorn-sa agam. Tá chúig
mhá, sé mhá, seacht má, agam = an oiread san de dhath an chinn.
Tá hartana 'na má an trus so. Bhí naoi na má agam = an
cárta go raibh naoi marcana air. Tá aon an mhá agam.
Agus deirtear — seacht a' mháig (an mháidh) bíon sé ádhmharach.



MADRA — Madra gaoithe = gaoth mhór láidir. Ar an
slí chéadna madra taoide = taoide mhór láidir. Nó,
madra gaoithe = sórt scamall a bhíon ar an spéir a theas-
bánan gaoth i gcómhnuí agus a thugaid leó í: scamaill chaola
bhána go mbíon cosa fútha. Bíon gaoth ortha = cuirid gaoth
i n-úil: tugaid an ghaoth leó.



MAGA — Ní cúram mar mhaga é sin, ach cúram le h-éifeacht
= cúram go mbíon éifeacht ann.



MÁGÁINE — Níl mágáine ort = níl pioc, puínn, faic,
seód-a-bharra. Níor dhein an fuacht ná an fliuchán mágáine
liom = níor dhein éinní riamh. Níor dhein an fuisce


L. 31


mágáine liom = aon droch-ní: níor eirigh sa cheann agam.
Ní bhfuaireas mágáine ar an mbó = éinní gur fiú é dh'áireamh.
Níl mágáine fágtha agam tréis na gcártaí.



MAIDE — Níl i Máire ach maide marbh = duine gan bhrí,
gan anam. Maide siúicre: maide dubh siúicre. Maide
lámha = maide siúil. Tá sé 'na mha de marbh ag an mthal.



MAIDE I N-UMAR — Maidinumar a deirtear. Tá
maidinumar (de ghnó) le déanamh againn = go leór agus
breis. Tabharfaidh sé maidinumar dom é seo a chríochnú =
mo dhóthin go maith-agus breis. D'fhág an sagart maidi-
numar agam, nó orm. Conus? an méid seo bheith déanta
agam uair a' chluig, i n-uair a' chluig (aimsire). Nuair a
gheibhean fear an tíghe bás, cig, fágan sé maidinumar ag,
nó ar, an gcuid eile = breis gnótha nó achrainn. An maide a
bhíon i n-umar bíon sé á chasa i gcomhnuí, agus ní bhíon deire go
deó leis an nglór a dheinean sé-fé bhun é thógaint amach.
mar sin is cúis achrainn agus duaidh é i gcómhnuí.



MAIDIN — Cad a thug anso thu chó moch sa maidin: an
t-am so de mhaidin?



MAIDIR — Ní mór duit bheith maidir le gach éinne anso =
ar nós gach éinne: ar aon imeacht amháin. Ní maith le mórán
daoine an socrú san, ach maidir liom-sa de — = chó fada
liom-sa de: chó fada is a bhainean an scéal liom-sa. Nílean
tu go h-olc maidir le Gaoluinn = chó fada le Gaoluinn.
Cuir síos an Ghaoluinn agus an Béarla maidir le chéile =
ar aon imeacht amháin le chéile: ar aghaidh a chéile amach:
agus mar sin de. Chuir ag obair maidir le chéile iad. An
dá chléibh atá ar an asal táid maidir le chéile = i n-áireamh
a chéile: chó beag is chó mór le chéile. Dein an dá chíste
maidir le chéile = chómh-thoirt: dein chómh-thoirt iad. Tá
finneóga an tíghe maidir le chéile. Tá an dá chléireach
maidir le chéile i bpost ach nílid i dtoirt.



MAIG — Tá maig ar mo hata = leath-cheann. Tá maig ar
mo cheann, ar mo mhuineál = cas mí-nádúrtha tóirtéiseach:
leath-cheann.


L. 32


MAIGHDEAN — Maighdean bhuaille = bó ná raibh aon laogh
riamh aici. Caoira nár rug uan riamh, agus mar sin.



MAIGIÚIL — Nách maigiúil an blúire beag fir é? — fear
go mbíon maig air.



MÁILE — Tá gach aon mháile den bhfear san cúmtha córach
= blúire, cuid, páirt. Tá gach aon mháile dem rothar
briste. Níl aon mháile a bhainean liom ná fuil imithe ar
fuaid an bhaile = gach éinní dá mbainean liom. Má bhrisean
aon mháile den inneall tá an gluaisteán 'na stop. Tá an
máille seo briste ar mo bhróig, an máile seo dem bróig —
an strupa thiar, ceann de sna súile, aon pháirt di. Máilí
seadh casúr, siséal, corrán, speal. Tá a lán máilí sa
tseómra so = mórán neithe.



MÁINEÁIL — Bíon duine ag máineáil nuair a bhíon sé
ag imeacht go mall: ag cur na coise thar an gcois eile:
nó, nuair a bhíon sé ag gabháilt gho mall d'éinní. Nílean sí
ach ag máineáil ar fuaid an tíghe = gan puínn anama bheith
ínti. Cuir uait an mháineáil siúil sin agus brostuigh. Ag
máineáil ar an litir sin atán tu = á scríobh go mall ríghin.
Ag máineáil ar éinní, le h-éinní.



MAINGISÍNÍ — Tá cuid mhaith maingisíní ar an mbórd
agam, sa mála = neithe. Ní raibh mórán maingisíní ag an
sróinséar san: ní raibh aige ach aon cheann amháin = málaí,
giúirléidí.



MÁINLÉAD — Máilléad a deirtear. Sin casúr adhmaid
a bhíon ag buala siséal agus armáil eile. Tá ceann máilléid
ar Thomás = ceann adhmaid: ceann mór gan tairbhe: gan
puínn istig ann, dall.



MAIRBHNE — Mairn a deirtear. Fuair a fear bás
agus bhí sí ag déanamh mairne ós a chionn = ag gol is ag caoine.
Ba bhreá an mhairn a dhein sí = ranna géara bróin. Marbhna
sa bhfoclóir.



MAIRC — Tá na páipéirí go léir ar mhuin mhairc a chéile
agat ar an mbórd = anuas ar a chéile, agus trí n-a chéile.


L. 33


Bhris an t-árdán agus thuit a raibh air anuas ar mhuin mhairc
a chéile = anuas ar a chéile gan aon eagar. Nuair a bhíon an
iomarca i naomhóig bítear ar mhuin mhairc a chéile ínti =
brúite ar a chéile. Bíon na siopadóirí ag buala seacht
n-oiread anuas sa mhairc ar gach éinní a bhíon aca = ag éileamh
ana-airgid ortha. Tá an dúthaig (anuas) sa mhairc ar na
bróga nua atá tagtha = dírithe ortha: ana-éileamh aca ortha.
Tá an sagart sa mhairc orm a d' iarraidh focla a mhíniú dhó.
bíon gach éinne sa mhairc ar an nduine bocht = anuas i
mullach an chinn air. Tuigim go bínn go bhfuilean tu sa
mhairc ar an mbeagán beag feóla, ach níl a thuille agam.
Tá £20 sa mhairc orm i leabhar an tsiopadóra = im choinnibh.



MAIRG — Ní chuirfeadh sé aon mhairg orm siúl as so go
Luimneach = teinneas: níorbh éinní liom é dhéanamh. Níl
aon mhairg sa tsaol orm = níl éinní ag déanamh trioblóide,
buartha, dhom. Bíon cúram agus mairg ar an nduine
saibhir = teinneas: rud éigint ag dógha a ghirbe: ní bhíon sé
ar a thoil. Is mairg a dh'iarrfadh ciall ar leanbh.



MAIRIM — Bead ar an aonach so chúghainn má mhairim
beó. Sé an tath. Seóirse atá chúghainn má mhairim beó =
chó cinnte is atáim beó. Go mairir is go gcaithir is nára
fada go stracair — le duine a gheóbhadh ball nua éadaigh.
Beidh an aimsir bhreá ann fós an té a mhairfidh = pé mhairfidh:
don té a mhairfidh. Go mairir do chluth (culaith) nua = go
mairir chó fada léi. Go mairidh sibh bhur gclann óg — le
lánamha (lánúa) go mbéadh bunóc tagtha ar an saol dóibh.
Tá obair aca ar mhaireachtaint = ní ró-fhuiriste dhóibh é. Slí
mhaireachtaint. Mhaireas ar arán is bainne = b'in é mo
chothú. Mairfeam (mairtheam), nó mairfimíd, araon bliain
eile — deirean duine nuair a bhéadh sé ag oscailt a bhéil chun
rud a rá díreach nuair a bhéadh duine eile á rá = bhainis an
focal as mo bhéal.



MAISCEALACH — Nách maiscealach an cailín í? = breá,
deas, naoidheanta.



MAISE — Seo dhuit púnt agus gura maith an mhaise dhuit
é. Tán sibh ag imeacht i mbun slí bheatha díbh féinig agus
gura maith an mhaise dhíbh é. Beidh Gaoluinn do dhóthin agat


L. 34


go deó, gura maith an mhaise dhuit í. Thóg na cruitíní teine
agus ba mhaith an mhaise ag Seán é, do léim sé i n-áirde
agus mhúch iad.



MAISLE — Tá Gaoluinn gan mhaisle gan mháchail agat =
gan locht ar bith. Mhuise, maisle is máchail chúghat, a 'mhadáin.



MAIST — Is éachtach an mhaist adhmaid, árthaigh, í sin =
alpachán mór: bun maith, reamhar, cruínn.



MÁISTIR — Táim im báistir ort sa nGaoluinn = níos
fearr ná thu. Tán tu id mháistir ar do ghnó = ábalta go
maith ar é dhéanamh: nó, tu héin do mháistir héinig tímpal
air.



MAITH — Thuigeas focail mhaithe den nGaoluinn uaidh =
roinnt mhaith di. Tá a maith héin i Nóra = maitheas. Ní
maith liom ná rabhas ann = b'fhearr liom go mbéinn ann.
Ní bhfuaireas aon mhaith as an obair a dheineas = tairbhe.
cáil (cá bhfuil) an fear maith agaibh, nó oraibh, a dh'fhéadfadh é
sin a dhéanamh? Níl aon mhaith ag dul ar an mbreóiteachán
= aon fheabhas. Tá sé ró-imithe agus ní féidir leis aon
mhaith a dhéanamh anois = aon bhiseach do theacht air. Dhein
Seán ana-mhaith orm = dhein rud a chuaidh go mór chun tairbhe
dhom. Tháinig dhá shúil mhaithe mhóra dhó nuair a dh'fhéach sé
orm = iad a bheith mór go maith. Duine gan mhaith, gan olc,
gan sult, gan greann. Is fearr an mhaith atá ná an mhaith a
bhí = dearúdtar an mhaith a bhí, nó a deineadh. Dhein an lá
indiu ana-mhaith = ana-mhaitheas (sé seo is gnáthaighe). D'imigh
an fheóil gan mhaith mar ná raibh éinne chun í dh'ithe = i bhásta.
Níl aon mhaith chóir ar Shéamas fós = aon ana-mhaith; níl aon
fheabhas ceart tagtha air. Ní mór an mhaith iad na seana-
phrátaí anois. Chuala an focal úd có maith le h-é dh'fheiscint.



MAITHEAMHAIL — Duine neamaithiúil (neamh-maithiúil) =
duine neamaitheasach: gan bheith áisiúil chun éinní a dhéanamh
d'éinne eile.



MAITHEAS — Bhí sé breóite is níl sé ag déanamh puínn
maitheasa fós = níl mórán feabhasa ag teacht air: nó, níl sé
ag déanamh puínn den obair fhóghanta fós. Níl aon mhaitheas


L. 35


air fós = feabhas. Ach, níl aon mhaitheas ann, ná ní raibh
riamh = tairbhe — lasmuigh de bhreóiteacht ar fad. Táim i
ndeire mo mhaitheasa = tá deire mo mhaitheasa agam: gan
aon mhaith a bheith ionnam feasta. Tá ana-mhaitheas ag
teacht orm le déanaí. Níl éinní á ithe agam atá ag dul
chun aon mhaitheasa dhom = ag déanamh aon tairbhe dhom.
Nílim ag casa ar aon mhaitheas fós = gan aon mhaitheas ag
tosnú ar theacht orm.



MAITHIM — Tóg t'aimsir agus beidh braon beag cruaidh
againn. Ó! maithim dhuit: ní bheidh = ní gá dhuit é: ní
chuirfead d'fhéachaint ort é: ní bheidh, ná é. Raghaimíd ag
goid caorach, a Mhichíl. Ach! má sé sin an saghas thu maithim
dhuit feasta = ní bheidh aon bhaint agam leat feasta. Dein-
fimíd paiste beag oibre aríst tráthnóna. Gabhaim párdún
agat, a dhuine: maithim dhuit aríst indiu = ní bheidh aon
bhobhta eile againn indiu aríst.



MÁITHREACHA — Thóg na tóirthneacha as mo mháithreacha
me = bhain ana-phreab asam: bhain dem buínn me. Nó,
dem báithreacha. Thóg sé óm báithreacha me nuair a chuala
an droch-scéal = tógadh i n-áirde ó thalamh me go maith.
bhain an tiarna talún dem báithreacha me = bhain treascairt
asam: bhain seilbh na talún díom.



MÁLA — Tá gach aon chleas sa mhála aige sin = gach aon
chleas riamh. Mála an éithigh = mála go gcuirfí ticéidi
isteach ann, ceann díobh marcálta agus duais le fáil ar an
gceann san dá ráineóch go dtabharfá an ceann san leat:
mála go mbíon seans mar sin ag baint leis na rudaí a
bhíon ann.



MALABHAIR — Tá sí (an fhairrge) 'na malabhair = an
taobh eile den rabharta — nuair ná bíon aon ana-fhuinneamh
ag baint leis an dtaoide. Tá an mhalabhair ann an aimsir
seo.



MALAIRT — Tháinig malairt cruit ort ó chonac cheana
thu = crot eile — péaca crot ar feabhas nó crot ar olcas é.
Tá mhalairt cruit air ná raibh air. Thugas pleannc dó ar
mhalairt an tarna focail = sar a raibh puínn aighnis déanta


L. 36


againn. Uaireanta gheóbhfá malairt ainmneacha tugtha ar
dhaoine = níos mó ná aon ainm amháin. Tá daoine adeir ná
fuil malairt aon áite ann ach an áit a chíon súil an pheacaigh =
ná fuil ann ach an domhan so a chímíd. Níor bhéidir liom an
gnó a dhéanamh ar an gcuma san agus chaitheas malairt slí
d 'oibriú = slí eile. Thug sé leabhar dom agus thugas
leabhar dá mhalairt thar n-ais dó = leabhar eile a mhalairt
de leabhar. Ní h-é mo pheann féinig atá agam ach
peann dá mhalairt. Scríobhas an litir i malairt seómra
leis seo = seómra nách é seo. Bíon earraí ag imeacht ar
malairt = á malartú — mála coirce, cig, do thabhairt ar an
oiread san prátaí. Dhein sí amhlaidh mar ná raibh fhios a
mhalairt aici = aon eólas eile. Bíon malairt éadaigh ar
sagart le daoine eile. San aragóint bhí daoine á chómhrac
so agus daoine eile ag cómhrac a mhalairt = ag cosaint, ag
cur i n-úil an taobh eile den scéal. B'éigin do malairt
bóthair a thabhairt air féinig ag fille abhaile dhó = bóthar eile
a thógaint. Mar sin a thárlaigh ach ní bhéadh súil le n-a
mhalairt agat = le h-éinní eile. Tá focal á mhalairt sin á
úsáid anso = a mhalairt sin d'fhocal. Bím i malairt áite
gach aon lá.



MALARTUIGHIM — Malartóchad mo scian leat ar do
thop = tabharfad duit mar mhalairt ar —. Malartuímíst
(ár) hataí. Malartóchad hata leat. Deinimíst hataí do
mhalartú.



MALLA-BHOG — Uisce malla-bhog = bog-the: casta ó bheith
fuar. Mar sin a bhíon bainne na ngamhan — sé sin, an bainne
a tugtar dóibh.



MALLUITHE — Níor mhaith liom bheith san áit is malluithe i
n-Éirin — ní gá dhom dul i n-aon tír eile = san áit is crosta,
is feargúla, is mó droch-mhianach — gan trácht ar aon tír eile.
Fear beag malluithe = crosta: gur fuirist é thógaint, é
chur chun feirge. Cuir uait an mhalluitheacht.



MÁM — Lag talún i maolchnoc, nó idir dhá chnoc



MANGALAM — Níl orm indiu ach mangalam bríste,
casóige; mangalam aon ní = rud a bhéadh reamhar thar


L. 37


ceart. Ins an mangalam bríste bhéadh an mianach tútach
reamhar. Tugtar mangalam, leis, ar rudaí a bhéadh measctha
trí n-a chéile — leite is arán is ím, cig, trí n-a chéile. Tá
an phuirseach (praiseach) 'na mangalam = ana-reamhar —
níos raímhre ná an leite 'na cáilíocht féinig.



MANNTA — Tá mannta sa sciain = mannt. Manntaí.



MANNTACH — Bhéadh an abairt maol manntach gan an
spalla san do chur isteach = rud a bheith i n-easnamh uirthi.



MANNTÁIL — Ní rabhas ag ithe faorúil ach ag manntáil
liom = ag bainnt mannta beag as an mbia anois is aríst:
ag ithe go mall: ag gliúmáil le bia.



MAOIDHIM — Ní mhaoidhim a bheatha uirthi mar níl aon ana-
shuaineas aici. An cailín ná maoidhtear is minic gurab
í is fearr = ná moltar: ná bítear ag maoidheamh aisti.



MAOIDHTEACH — Ní gá dhuit bheith chó maoidhteach san orm =
ag maoidheamh rud éigint orm.



MAOINEACHAS — Tá maoineachas ós meón (meódhan) orm
i ndiaidh mo chéile fóghanta = cumha: brón: cuirean sé pian
im chroidhe. Chuirfeadh sé maoineachas ort, chuirfeadh chun
maoineachais thu, bheith ag féachaint ar na páistí bochta gan
bróga gan éadach gan teine = bhéarfadh sé greim isteach ar do
chroidhe. Chuir sé ana-mhaoineachas orm a chlos go raibh óglaoch
éigint sínte. Lúthgháir (lúcháir) an taobh eile. Tháinig
maoineachas orm. Bíon an scéal amhlaidh uaireanta aige
sna seandaoine ag cuímhneamh dóibh ar an neart agus an
fuinneamh a bhí ionnta.



MAOL — Tá an t-uisce ag beiriú thar maol amach = thar
faor pé árthaigh 'na bhfuil sé. Duine maol macánta seadh
(leanan an dá fhocal a chéile) = duine ná béadh ró-ghéar:
ná bíon ró-mhaith chun dul i gcóir a choda nó a chirt: chun a
cheart a chómhrac, ná an t-anncheart a dhéanamh ar dhuine
eile. Fear bocht maol macánta símplí ná labhran puínn —
bun-ós-cionn leis an gcabaire.


L. 38


MAOLÁN — Nách tusa an maolán! = duine maol — ar aon
tsaghas slí. Tán tu ag imeacht id mhaolán ó mhaidin = gan
hata, gan chaipín. Maolán cnuic = cnoc ná béadh géar, ach a
bhéadh maol 'na bharra.



MAOL-BHRISTE — Tá tonnuíocha maol-bhriste sa bhfairrge
indiu = an bárr agus an faor imithe dhíobh. Bíd mar sin
i gcómhnuí ar an dtráigh.



MAOLCHLUASACH — Nuair a bhagruíos ar an madra rith
sé uaim go maolchluasach = na cluasa scúite leagtha luite
siar aige ar a cheann.



MAOLOBHAR — Saghas péiste agus clúmh dubh air. Dómh-
naillín an chlúimh: Seáinín an chlúimh. Bíon sa chabáiste,
agus mar sin tímpal.



MAOLUIGHIM — Ba cheart duit maolú ar an obair = í
thógaint bog: gan bheith ag gabháilt di chó géar. Bhíos ag
maolú an droch-scéil dó = á dhéanamh bog: ag baint an fhaoir
de. Ach, bhíos ag géarú an scéil = an taobh eile. Beidh
easba páipéir ort muna maolóir an peann = í thógaint
mall i gan oiread siúil bheith fúithi. Tá an ghaoth ag séide
isteach orainn, ach má dhúnan tu an fhinneóg deinfidh san
maolú. Tá maolú ag teacht oraibh = gan sibh a bheith chó géar
chó fuinniúil agus a bhíomhair. Tá suaineas oraibh go fóil, ach
béidir go ngéaróidh sibh.



MAORGA — Cailín maorga = mín, macánta, deas: scéimh
bhreá uirthi: pléisiúrtha. Tá an taoide maorga ciúin.
Lá breá maorga = gan locht, gan cháim.



MAOTHAL — Sí an mhaothal céad bhainne na bó tréis beirthe
dhi.



MAPA — Tá mapa maith gruaige air = mothal. Tá
mapa maith sróna ort = srón mhaith reamhar. Tá mapa
breá tarraidh agam = ball a leibhéalan tarra ar bharra
tíghe nó ar bhád.



MAR — Deinfead an gnó mar is fearr a dh'fhéadfad =


L. 39


chó maith is (sa tslí is fearr) a dh'fhéadfad. Is fearr fé
dhó mar d'eirigh leat sa scrúdú ná mar d'eirigh liom. An
mbeidh mórán ar an rínce anocht? N'fheadar: ní bhead-sa
mar éinne amháin = mise aon duine amháin ná beidh. Tá
an obair déanta go bínn agat mar an gcéad uair a thugais
fé n-a leithéid = don gcéad iarracht: don gcéad uair a
thugais —. Bhí sé ag obair mar a dh'fhéad sé = chó maith is
a dh'fhéad sé. "Bhí Seán ar an rínce aréir. Mar ná raibh.
Mar do bhí." Paiste áitimh é sin.



MAR-A-CHÉILE — Bé an dá mhar-a-chéile dhuit bheith ag
cainnt leis nó ag cimilt do mhéire de chloich = ba mhar-a-
chéile an dá ghnó. Bhí an dá cheannathóir ag tabhairt mar-
achéile ar an siorrach (searrach) = aon airgead amháin.



MARATHÓIR-Saghas luinge é sin a bhíon ag obair aimsir
chogaidh ag cosaint árthaighe eile.



MARBH — Cailleadh é i n-am mhí-mhairbh na h-oíche = ar uair
an mheádhon-oíche. Tá sé i n'am mhí-mhairbh na h-oíche anois.
Tá mí-mhairbh na h-oíche ann — an t-unúmha atá ceapaithe do
sna púcaí. Le h-anam an mhairbh = an duine atá marbh.
Aonach ana-mharbh ar stoc do b'eadh é = gan aon éileamh bheith
ortha. Thuit sé fuar marbh. Bhí mara-leanbh (marbh-leanbh)
aici = a tháinig marbh ar an saol. Níl aon phioc den léighean
marbh im cheann, ná den bhfeóil mharbh ar mo chnámha = is
féidir liom earruíocht a bhaint asta araon. Tháinig an
ghráin mhairbh agam ar an dtobac = ana-mhór. Tá's agam ná
fuil aon teine chóir thíos istig mar níl ach mara-ghal (marbh-
ghal) ag teacht as an simné. Is cuma liom mo bheó nó mo
mharbh = me bheith beó nó marbh. Uisce marbh = ná béadh ag
rith. Pian marbh = ná bíon géar, ach fanan sé. Ní fhágfad
an gnó so ach marbh = nuair a dh'fhágfad é bead marbh. Ní
chothuíon na mairbh na beó. Bhí an leanbh marbh á bhreith dhó.
Feóil mharbh = a bhíon ar crith: gan mhaith, gan fuinneamh.



MARBHÁN — Duine neamh-anamúil, marbhánta: ná béadh
fuinneamh ann: mall chun bídh.



MARBHÁNTA — Tá sé ana-mharbhánta ann féinig = marbh:
neameó (neamh-beó).


L. 40


MARBH-CHAT — Nách tu an mara-chat ag gabháilt don mbia!
= duine ana-mhall: duine ná béadh éinní déanta go deó
aige.



MARBH-SHRUTH — Mara-shruth. Taoide shocair. Má bhíon
an taoide ag gabháilt andeas beidh mara-shruth ar an dtaobh
thuaidh den oileán. Bhéadh i ndiaidh árthaigh, leis, beagán.



MARBHUIGHIM — Ag marú éisc a thugan sé an lá. Tá a
mharú san agam — marú an chárta san = cárta níos fearr ná
é. Tá marú na gcártaí go léir agam. Mhairbh sé mo rí
breá leis an aon. Bíon marú againn ach cioca againn a
bhíon ceart = ana-aighneas: ana-chlampar. Thugas marú an
daimh dhó = marú maith: buala bínn. Cad a mhairbh me ach
ag tabhairt amach tímpal na Gaoluinne, agus nár dhein sé
féin aon faic riamh ar a son = sin é a mhill me le n-a dhánuíocht:
nárbh fhéidir liom a thuiscint.



MARBHUIGHTHEACH — Marathach. Obair mharathach = ana throm:
a mharóch duine Nách é an marú é ná fuil cead ár gcos
againn? = nách é an dial é? cúrsa gan chuímse.



MARBHUÍOCHT — Maruíocht. Tá maruíocht orm le teas
na h-aimsire = me bheith ag braistint marbhánta: neamh-
anamúlacht: mairbhitíghe. Bainean sé le codla, tuirse,
slaghdán, agus mórán neithe eile.



MARC — Tá marc maith agat i Seán chun do rún a thabhairt
dó = urra maith: coimeádfaidh sé é. Tá marc maith agat
ionnam chun na focla cruadha do réiteach dhuit = taca maith.
Tá marc maith agat chun do chuid airgid a thabhairt dó le
coimeád = duine diongabhálta. Ní chuirfead peig leis an
mbó mar ní h-aon mharc í: tá sí ró-éaganta = ní dh'fhéad-
fainn ionntaoibh léi. Ní leigfí dhom an naomhóg do stiúrú
mar nár bh'aon mharc me. Sé an Domhnach marc an phostaire
(fear a' phuist) chun dul amach aríst = an lá atá ceapaithe
aige. Sé an Chéadaoin 'na dhiaidh sin mo mharc-sa — mar
bead ag fágaint an lá san. Bead ag obair go dtí n-a
dódhéag, ach is féidir liom pé marc is mian liom a chur liom
héinig = téarma. Bhí cainnt ar siúl aca ach n'fheadar cad é
an marc é = cad a bhí ar bun aca: cad é bonn na cainnte.
Marc maith dhuit chun airgead a dh'fháilt sa bhannc duit seadh


L. 41


Tomás mar tá carn maith aige féinig ann. Ba mhaith liom
marc éigint a thabhairt leis an mbó dhuit = rud éigint a
chuirfidh i n-úil, i n-aithne, dhuit í. Níor ritheas an scrúdú
mar ná rabhas suas leis an marc. Sé an captaon marc na
luinge = ceann uraid. Sé Séamas marc an tíghe seo =
ceann an tíghe. Tán tu ag tosnú ar an mbróig a dheisiú?
Táim, agus is olc an marc me chun é dhéanamh = ní h-aon
taca cóir me. Ó Sheán a chuala an focal san ach ní h-aon
mharc é: ní dh'fhéadfainn bheith cinnte go raibh an focal go
ceart aige. Sé an t-uachtarán marc an choláiste = an
marc atá leis an gcoláiste = ceann an choláiste: gach ní a
thárluíon caithfar é chur fé n-a bhráid.



MARCUÍOCHT — Trom marcuíocht sa chairt sin.



MARGADH — Tá an lá i marga na h-olna anois chun é sin a
dhéanamh = ró-dhéanach: ró-mheilte. Tán tu i marga na
h-olna (d'éinní). Ní marga bó ná capall é an pósa. Tá
an tig seo á thógaint ar marga = an oiread so tugtha don
margóir chun é thógaint. Ní págh lae i n-aochor a tugtar sa
chás san.



MARGÓIR — Duine a dheinean oibreacha ar marga.
Faghan sé an oiread san chun an gnó go léir a dhéanamh.



MÁRTA — Ní bhéarfadh gaoth na Márta air bhí sé ag
gluaiseacht chó tapaidh san. Tá sé, sí, siad, i Márta trí =
i n aoirde, 'na h-aoirde, 'na n-aoirde lán (le mustar,
le h-eiríghe ó thalamh, chó maith is is féidir a bheith; duine
bheith ar a thoil; ar aon tsagas slí). Bím i Márta trí nuair
a bhíon mo shláinte agam, agus mo shaol agus gach aon ní eile
= chó maith is is féidir liom a bheith: go breá.



MÁSEACHT — Tugan sé trus orainn uair máseacht = uair
fhánach: anois is aríst. Ní bhím ag obair ach uair máseacht.



MASMUS — Bhí masmus orm Domhnach na Cásca aige
sna h-uibhe = an saghas san mothú breóiteachta a bhíon ar
dhuine nuair a bhíon an iomarca ithte aige. Fuaireas mas-
mus fuachta = fuacht trom: breis is mo dhóthin. Masmus
go gcuiridh sé ort — le duine a bhéadh ag ithe an iomarca, nó


L. 42


go grabhasach. An té go mbíon masmus ithte aige bíon
cur-amach air, uaireanta.



MÁTHAIR — Máthair úig = máthair an uilc = rud beag
suarach a bhíon na bhun le mórán díobhála uaireanta: deilgín
an fheóchadáin, cig. Is minic a thagan droch-rud le cúis
bheag.



MEABHAIR — Ní féidir liom aon mheabhair a bhaint as án
bhfocal san = aon adhmad, aon tuiscint. Chuir cainnt mhna
an tsiopa meabhair agus cuímhneamh an tobac as mo cheann —
chuas isteach ag ceannach tobac, agus do dhearúdas é. Thógas
an dán de ghlan-mheabhair = chuireas isteach im cheann de
ghlan-mheabhair. Faigh an ceacht de ghlan-mheabhair = foghluim —.
Nó, cuir an ceacht de ghlan-mheabhair. Ní féidir liom aon
mheabhair a bhaint as do chainnt = ciall. Tá sí as a meabhair
chun Gaoluinne = scúite: ana-dhúil aici ínti. Níl meabhair
chirce agat = an mheabhair nó an chuímhne is lúgha. Tá neam-
eabhair (neamh-mheabhair) orm = gan é ar mo chumas rudaí a
thabhairt chun mo chuímhnte. Níl meabhair sicín aici. Tháinig
mo mheabhair thar n-ais dom. D'imigh sé gan aon mheabhair =
as a mheabhair.



MEABHREÓITE — Bíon duine amhlaidh nuair a bhíon breóit-
eacht bheag air: nuair a bhíon sé ann as.



MÉADMHAR — Méid, toirt mhaith, a bheith ann. Bíon
mór méadmhar = tómhaisean sé breis — a bhreis ar an ní a
bhíon beag.



MEÁDHON-AOS — Duine meádhon-aoise = duine meádhon-
aosta; cuíbhsach críona.



MEADHRÁN — Meidhreán. Ní raibh mearathal ná meidhreán
air nuair a chualaidh sé an scéal = corrabhuais: thóg sé go
socair é.



MÉADÚ — Méadú ar a ghlóire ins na flaithis — guidhe é sin.



MÉADUÍOCHT — Tá ana-mhéaduíocht ag an mbeirt sin le


L. 43


chéilig = báigíocht: iad a bheith go mór le chéile is i dtreó a
chéile go minic. Méaduíocht mhór.



MEÁGH — Bhí an fear bocht olc go maith indé ach tá sé idir
dhá cheann na meágha anois = níl ann ach tar nó imigh: ní
féidir a rá cioca imeacht nó teacht atá i n-áirithe dhó. Táim
idir dhá cheann na meágha tímpal dul 'on mbaile = idir dhá
aigne: gan bheith socair. Tá an cheist sin i dhá gceann ná
meágha, nó idir - = gan bheith socruithe fós. Cuir an
siúicre isteach sa meágh.



MEÁGHAIM — Ní mheághaim gurab aon díobháil tobac a
chaitheamh = ní mheasaim. Bhíos ag meághachtaint im aigne chun
dul abhaile, ar dhul abhaile = ag cuímhneamh. Táim meáite
ar gan é dhéanamh = ceapaithe. Sin é an meágha a bhí agam
nuair a chonac cad a deineadh = íntin, aigne, machtnamh.
Bhain ana-dhuadh leis an leabhar, ach ní mheághan san puínn 'e
bhreis ar a thairbhe = ní mórán é ar ghualain na tairbhe. Do
mheáigh an mála prátaí fiche cloch. Táim meáite glan ar
dhul ann = meáite, meáite. Ní mheághan mo thuairim brobh
(faic) sochas (seachas) do thuairim-se = ní fiú éinní é. Cad é
an meágha atá anois fúibh? = an fuadar: cá bhfuilean sibh
meáite ar dhul; cad tán sibh meáite ar a dhéanamh: cá
bhfuil bhúr gcuímhneamh chun dul, agus mar sin de.



MEÁGHCHAINT — Tá 20 cloch meáchaint sa mhála coirce.



MÉALA — Bhíodar ag tuilleamh a méala i n-ifrean (ufran
a deirtear).



MEALLAIM — Dhíolas an capall ar £20 ach mealladh me
go mór — dhíolas é i bhfad níos lúgha ná a luach. Deineadh
me mhealla go maith mar mheasas gur liom-sa an litir a bhí
ar an mbórd = baineadh mealla maith asam.



MEALLAIREACHT — Dheinfeadh scéal deas meallaireacht
ar an aos óg chun é léigheamh = mhealltfadh (mheallfadh) sé an
t-aos óg.



MEÁM — Druid aníos chun na teine, a mheám — le bean
uasal.


L. 44


MEANMNACHT — Dá ndéarfaí droch-ní lem chine lagóch sé
mo mheanmnacht = mo mheón: mo mhisneach.



MEANNDÁIL — Ní raibh sé ach ag meanndáil ar an ngnó
— ceárduí ná raibh fios a ghnótha aige agus ná raibh á dhéanamh
mar ba cheart: nó, gan bheith leanúnach air ach tamall anois
is tamall aríst. Bhéadh buachaill aimsire ag meanndáil ar a
chuid oibre muna mbéadh ach snap thall is snap i bhfus aige, is
gan é ag luighe air féinig. Buachaill ag scríobh ceachta, is
focal aige anois is árist agus féachaint tímpal. Cailín
ag meanndáil ar an dteine — muna mbéadh fhios aici conus
í chur síos. Is mar-a-chéile meanndáil agus gliúmáil;
nó manntáil — tímpal an bhídh. Tán tu ag ithe? Táim ag
gliúmáil leis. Ag baint na bprátaí? Ag gliúmáil
leótha. Tán tu ceangaile ins na páipéirí. Seadh, bím
ag gliúmáil liom leótha.



MEAR — Bhíodar ag siúl chó mear le giorraithe. Conus
tán tu indiubh? Go mear suairc. Bhí cuma mhear mhalluithe
ort = te, crosta: é bheith de chuma ort go léimfá go tapaidh.
Tán sibh ag siúl go mear tapaidh maidir le fearaibh críona
do (de) = agus a rá gur fearaibh críona sibh.



MÉAR — Méireana, nó méireasta. Méar na h-órdóige:
an mhéar mheádhon: méar na lúidíne: an lúidín: an órdóg.
Tá an scríobhnóireacht sa mhéir aige = gur féidir leis é gan
puínn duaidh. Tá Seán casta ar do mhéir agat = tugtha féd
thoil — i slí go ndeinfidh sé pé ní is toil leat. Cuir an donas
ar an méir fhada = ná bí ag cuímhneamh air go mbeidh sé
buailte suas leat. Chuala an focal chó minic is atá méireana
orm. Tá an Ghaoluinn agat id mhéir, id shúil, agus id
theangain = é ar do chumas í scríobh, í léigheamh, í labhairt.
Bhíos ag siúl ar bharruíocha mo mhéireana = ar bharruíocha mo
chos: ar mo bhairricíní. Táim ag baint (nó á bhaint) go
tiubh as na méireana na laetheanta so = á gcur ag obair:
ag baint saothair asta — agus as an inithin (inchin) leis.
"Cuir do mhéar ansan," adeirean fear an toirmisc ag
gríosa buachaillí chun a chéile = cuir anuas ar mo mhéir (a
bhéadh fliuchaithe aige).



MEARBHALL — Ag dul i mearúl, i mearúlacht, i mearath-


L. 45


alacht atáim = rudaí bheith ag dul sa mhuilean, sa bhfraoch,
orm.



MÉARACÁN — Méaracáin dhearga = méaracáin na mban
sídhe.



MEARATHAL — Tá an cúrsa so ag déanamh mearathail
(aigne) dhom: nó, ag cur mearathal aigne orm. Tá mear-
athal orm i dtaobh an chómhairimh — fear a bhí ag cómhaireamh ubh
= tré-chéile aigne: táim i n-amhras nár dheineas i gceart é.
Tá sé ag déanamh mearathail dom cad a dheinfead amáireach.



MEARATHALACH — Tá mo cheann ana-mhearathalach
= dearúdach.



MEARGUIGHIM — Tá rud éigint ag meargú fút ná
fanfá socair = ad spreaga: ag séide fút: id phrioca.
Bhíodar ag meargú fúm riamh is choidhche gur ólas an iomarca.



MÉARNÁIL — Bíon na h-iascairí ag lorg an éisc ar
méarnáil = á lorg oíche dhuibhe-réig, agus gan de sholus chuige
ach é sin a dheinean an t-iasc nuair a lasan — sé ar barra an
uisce. Tá na báid ag dul ag méarnáil anocht ag lorg an
éisc = ag cuardach agus an mhéarnáil á dtreórú — sé sin an
teine ghealáin a dheinean an t-iasc san uisce. Bhí an seó
d'iasc méarnála ann aréir ar barra = na h-éisc go mbíon
an solus san asta. Tógadh mórán éisc ar méarnáil aréir.
bhí na buachaillí ar méarnáil aréir ag feitheamh le trucail na
saighdiúirí = gan de solus ná de chómhartha aca ach solus an
ghluaisteáin. Chromas ar bheith ag méarnáil i measc na
leabhar féachaint an bhfuighinn mo phíp = ag cuardach lem
béireana is gan aon tsolus agam. Bhíos i bhfad ag méar-
náil a d'iarraidh an tig a bhaint amach le doiritheacht na
h-oíche = ag cur eólais na slí lem lámha, agus mar sin.
bhíodar ag méarnáil ag lorg na pingine, na snáthaide, an
bhioráin = ag scríoba na talún leis na méireana. Cad é
an mhéarnáil (nó mhéirneáil) é sin ort?



MÉARÓG — Sin méaróg dheas chloiche = cloch bheag (chruínn)
go bhféadfadh dhá mhéir nó trí í chaitheamh. Tugadh fúm le
h-urchar méaróige = méaróg a bhí i gceist, nó rud éigint a


L. 46


caitheadh ar nós na méaróige: caitheadh an rud 'na mhéaróig.
Ni h-é an té is fearr ar an méaróig is fearr ar an ngiulc =
an tslí 'na gcaithtear an mhéaróg nó aon rud beag mar é-
lastuas. Chaitheas mo scian 'na méaróig uaim. Tá méaróg
maith ag an bhfear san. Sé is fearr agaibh ar méaróig = chun
méaróige. Ná caith 'na ghiulc é, ach 'na mhéaróig lastuas.
Thairigíos geall scillinge dhó ar mhéaróig = an oiread san
go sáróinn é le méaróig.



MEAS — Tá Bríd breóite go maith agus ní mór an meas
a thabharfainn uirthi = ní déarfainn go bhfuil aon ana-sheans
go dtiocfaidh sí abhaile, as. Ní maith é mo mheas uirthi chun
teacht as an eitin. Níl aon mheas agam go dtiocfaidh sí —
as an ndroch-ní. Ní maith é mo mheas ort go bhfuil mórán
Gaoluinne agat = ní dóigh liom ró-mhór go —. Tá meas
maith aige sna daoine orm agus árd-mheas fúm féinig =
ard-mheas agam orm héinig agus me á theasbáint. Dá
mbéadh aon mheas agat ort féinig ní dheinfá é sin = uraim
(oirim) duit féinig. Sin é an rud a thug meas dom ar
Sheán: a chuir meas agam air. Tá meas aerach fút = meas
fút agus lán agus eiríghe ó thalamh. Bíon meas éaganta
ann, agus meas fódúil. Tán tu ithte ag an meas.



MEASA — Is measa tu chothú ná triúr = is cruadha, is
deacara. Ní maith linn an fuacht, ach béidir nár mheasa
dhúinn ar domhan é ná an brothal = gurab é seo is measa
amuigh dhúinn: nár mheasa dhúinn ar domhan éinní (= é)
ná —.



MEASCAIM — Measc an leite = suaith, corruigh.



MEASTÚIL — Táim meastúil go maith orm héinig =
ana-mheas agam orm héinig. Tá sí ana-mheastúil aige sna
daoine = ana-chreidiúnach, fé mheas mór, aca. Ach, táim
meastúil asam héinig = as mo chló, as m'oibreacha, agus
mar sin: iad so fé ndeár an meas.



MEATHAIM — Ní foláir liom nó gur síol maith é agus a
luighead meath a dheinean sé. Mheath an síol = d'imigh siar,
fuair bás thíos sa cré. Ach, tháinig sé aníos go breá agus


L. 47


ansan do cheiliúir sé-ní mór dó bheith tagtha ar barra chuige
sin. Tá sé ceiliúrtha orm.



MEATHALÓIR — Rud beó a bhíon gan mhaith — sicíní óga:
sean-fhear: leanbh dá gcuirfeadh éinní siar é, agus é suarach
i n'aois (dréir 'aoise, dá aois). Is beag an t-ál n á bíon
meathalóir ar deire ortha = suarachán. Tá an leanbh 'na
mheathalóir an aimsir seo aige sna fiacla.



MEATHALÓIREACHT — An glór a dheinean an meathalóir.
Tá na sicíní óga, na géana óga, ag meathalóireacht.



MEATH-CHODLATACH — Táim meath-cholatach ó mhaidin =
saghas colatach. Ar an gcuma gcéadna meath-thuirseach,
meathleisciúil, meath-fhoghlumanta. Ach, neamhcholatach, neamh-
thuirseach.



MEATH-THEINE — Teine mhall — ná dóghfadh: gan bheith
tréan.



MÉID — Seo dhuit púnt agus dein an méid is mó a
dh'fhéadfair de. Dein an méid is mó is féidir leat den
tseans a fuairis.



MEIDHBHÁN — Tá meidhbhán im cheann = mearathal.



MEIDHG — Meidhg dhá bhainne = leamhnacht agus bainne géar
meascaithe ar a chéile. Bé go mbainfinn-se meidhg asat =
ceól: an smúsach.



MEIDHIR — Níl aon chainnt agat indiu. Níl: níl aon
mheidhir orm — 'e cheal tobac = árdú croidhe.



MEIDHRÉIS — Ní thógfad an bia mar níl aon mheidhréis
orm chuige = ana-fhonn. Nó meidhréis chun oibre. Chuir
sé ana-mheidhréis orm é sin a chlos = árd-áthas, dian-áthas.
Is láidre é ná meidhir.



MEIDHRÉISEACH — Tán tu meidhréiseach go maith indiubh =
árd-mheidhir, nó mire, ort: tu bheith mear: do chroidhe ana-
éadrom, agus scóp ort.


L. 48


MEIG — Tá an mheágh meig ar mheig, nó meig le meig =
cothrom. Bhíomair meig ar mheig le chéile sa rás = i n-ionanas.
Tá an prás agus an tae i meig an óir ins na scálaí = ana-
chothrom — ní bhíon aon rabairne ag baint le tómhas an óir.
Tá sé 'na mheig sa leabaidh = 'na chola go sámh, gan anam gan
chorruí. Níl aon mheig sa duine breóite, nó as = anam,
corruí, bhí sé ar meisce ar thaobh an bhóthair agus d'fhágas
ansan na mheig é. Dheineas meig de sa díospóireacht =
oiread san áitimh a dhéanamh air gur fhágas gan focal cainnte
é: stopas suas ar fad é. Táim i n-aon mheig amháin ag an
slaghdán = gan anam, gan chainnt, gan sult.



MEIGEAL — Tá meigeal fén ngabhar, leis an ngabhar.



MEIGEALACH — Bíon an gabhar ag meigealaigh fé mar a
bhíon an bhó ag búirthigh.



MEILIM — Táimíd ag meilt an lae dúinn féinig = ag
caitheamh: ag brise síos: ag cur dínn. An té a bhíon ag
síor-chainnt meilean sé mín agus garbh = tugan amach gach
aon tsaghas cainnte. Meilean síor-shile an chloch ghlas =
téighean cómhacht lag i bhfeidhm sa deire — ach é choimeád ag
síor-oibriú. Beidh solus an lae meilte ar a 6 tráthnóna =
tugtha: deire bheith leis. Tá an téarma scoile seo meilte
anois = an chuid is mó mó de brúighte síos againn. An saol
agus an aimsir a mheilean na daoine = a chaithean, a cháthan.



MEIRG — Tá meirg ar mo chnámha le díomaoínteas.
Bhéadh meirg orm dá mbéadh ceal an tobac orm = crosdacht,
míchéata. Bain an mheirg díot féinig agus brostuigh.



MEIRGEACH — Bhíos meirgeach míchéatach go maith.



MEISCE — Bhí sé bog go leór ag an ndigh. Bhí a choisce
ólta aige = a dhóthin. Bhí sé súgach = meidhreach: ar leath-
mheisce. Bhí sé maith go leór. Lán a bhuilg ólta aige. Ar
bog-mheisce. Ar stealla-mheisce. Caoch ar meisce. Ar
dearg-mheisce. Ní raibh taimhilt aige = léas. Ag tabhairt
dá thaobh an bhóthair isteach sa tslí abhaile dhó = ag tabhairt dá
thaobh an bhóthair leis. Lán go poll an phaidrín = go bun na
scórnaighe. Lán go smig = níos sia suas fós. Bhí an oiread


L. 49


san ólta aige go mbuailfá do mhéar air = an deoch bheith
aníos isteach na bhéal. Ní raibh aithne na bhfeart aige =
gan fios aige cad a bhí á dhéanamh aige. Ní fheidir sé soir
sochas siar. Ar na stárthaibh = ar buile le meisce. Bhí sé
chó lán san go marófá (marbhófá) an dreanncaide ar a
imleacán.



MÉISCRE — Tá méiscrí im chosa. Bhuaileas mo chos anuas
ar chloch ghránna mhéiscreach. Tá salachar istig i lár an
mhéiscre = an gearra a thagan ar chois nó an láimh dá mbeidís i
bhfad gan níghe: nó an rian a bhéadh fágtha tar éis gearra.
Tagan sé aimsir bhrothail, leis.



MEISCEÓIREACHT — Bíon sé ag meisceóireacht i gcómhnuí
= ag luighe leis an meisce. Ní rabhas cionntach i bpeaca na
meisceóireachta.



MÉISEÁIL — Bíon Nóra ag méiseáil ar fuaid an tíghe =
ó mhéis go méis agus ó árus go h-árus: ag imeacht ar
fuaidh an tíghe is í ag déanamh blúire des gach aon ní.
Saghas tuín céireachta seadh é a bhainean le h-áraistí.



MÉITHREAS — Tá méithreas sa mbuachaill sin = feóil go
leór air: blonag, geir, saill. Téighean an méithreas go
maith dhom = rudaí a bhíon méith — feóil agus a leithéid.



MEÓN — Tá aighneas as meón aige = níos fearr ná an
choitiantacht: thar meón. Do dhoirithigh an oíche aréir as
meón. Tá an lá indiu as, nó thar, meón = bheith ró-láidir,
ró-bhrothalach, ró-aon-ní. Tá mian agus meón agam ins na
prátaí = ana-mhian. Tá meón deas aige Seán = slí dheas
aigne: déanamh deas aigne. Ní h-é an meón céadna
atá againn. Is breá an meón atá aige — ní bhéadh sé crosta
garbh, ach síbhíalta: agus b'fhuiriste cainnt leis. Nílimíd
ar aon mheón amháin ná ar aon tslí amháin. Caith do mheón
den bhfeóil = oiread is is mian leat. Nó, miún. Ól suas
do mhiún de sin.



MEÓNÚIL — Táim meónúil go maith tímpal páipéirí
falla = nách mór don bpáipéar bheith oiriúnach go maith chun me


L. 50


shásamh. Fear meónúil = go bhfuil meón deas aige agus
galántacht ann: ba mhaith leis gach ní a bheith aige mar ba
chóir — na bróga glan, na h-éadaighe slachtmhar, agus mar sin
de. Tá sé meónúil (nó miúnúil) ag siúl na slí, ag caitheamh
an bhídh. Tá sé miúnúil leis an mbia, leis an ndig.



MEÓNUÍOCHT — Ná deinfá meónuíocht ar an mbia? =
gan dul ró-dhian air: gan dul thar cosúlacht. Ní mheilfá
an oiread san tobac sa tseachtain dá gcaithfá meónuíocht
leis = gan bheith ag dul thar teórain leis. Níor ghlac sé aon
mheónuíocht leis an mbia ach sádha chuige = ní raibh sé go deas
sa tslí 'na raibh sé á ithe ach é alpa suas.



MIAM — Ní raibh miam as an spéir = an puth is lúgha
gaoithe.



MIANACH — Tá mianach na báistí sa spéir is beimíd gan
an triomach. An té go mbíon mianach na Gaoluinne ann is
fuiriste dhó í dh'fhoghluim = go bhfuil féith na Gaoluinne ann.
Tá mianach teangcacha (iománuíochta, éinní) ionnat. Bhís
árd go maith sa droch-mhianach an uair sin = bainte go maith
chun feirge: malluithe go leór. Aon mhianach amháin atá
ins an dá fhocal = aon bhrí, aon bhun, amháin. Bhí mianach sa
bhfear san chun cómhrac dá thír. Tá mianach cainnte; mianach
feargach: mianach feirge: mianach malluithe: mianach
pléisiúrtha, ann.



MIANADÓIR — Fear a bhíon ag lorg mianaigh: fear,
cig, a bhéadh ag scrúdú déanamh na gcarraigreacha.



MIANFUIGHEACH — Mianfuch. Bhíos ag mianfuch. Cuir
uait an mhianfuch. Cúis na mianfuíghe.



MIAS — Chuir sí an bainne ar an méis, ar na miasa, thar
oíche.



MÍCHÉATA — Bhí an cigire míchéatach go maith = mí-shásta;
crosta; i slí gur dheacair é shásamh; as an slí. Tá súil
agam ná beidh aon mhíchéata eadrainn = míothaithneamh, mí-
shástacht, crostacht. Tá míchéata éigint ort toisc gan tu
bheith ag cainnt = míshástacht, gan tu bheith baoch: míbhaochas.


L. 51


MÍCHÉATACH — Táid míchéatach le chéile. Táim míchéatach
ort. Tá meas míchéatach agam ort = tá meas agam ort go
bhfuil tu míshásta, nó gur deacair tu shásamh. Tá m'aigne
míchéatach ó bhíos ag cainnt leis siúd go bhfuil an chainnt
ghránna aige. Ní gá dhuit bheith ag cainnt chó míchéatach san =
árd; as an slí; go trom ar dhruím dhuine éigint eile
(mar gheall ar —). Bhí sé ag labhairt mhíchéatach go maith
ort indiubh = milleánach, gan bheith baoch díot 'na chainnt.



MÍGHLÉAS — Tá an t-inneall ar míghléas = as órdú: gan
bheith ag oibriú i gceart. Is minic a théighean mo rothar ar
míghléas pé sa dial rud atá bun-ós-cionn ann.



MIL — Tráthnóna meala: aimsir (nó bliain) mheala:
lá meala = aoibhinn: glórmhar.



MÍLCHEÁRD — Tá mílcheárd im chois = boghsín beag a
thagan thíos fén gcois go mbíon ana-thochas ann agus ballín
beag istig 'na lár.



MÍLE — Míle gairid: míle fada: míle Gaolach: míle
Gallda (Gall-a).



MILIS — Is minic a bhí daoine milis go maith le chéile
agus a bhí searbh go leór 'na dhiaidh sin. Ceól binn milis
na n-éan.



MÍLÍTHEACH — D'ionntuigh sé mílítheach nuair a chualaidh
sé scéal an bháis = d'iompuigh a líth air, ann í d'athruigh sé
'na dhath i bhánuigh sé.



MILLEÁN — Fuaireas ana-mhilleán i dtaobh fanúint istig
ó scoil = milleánadh me go mór.



MILLIM — Tá an aimsir bog, ach níl ann mhille ann =
díobháil. Bíon duine millte nuair a théighean sé amach as an
éadach agus gearánta air. Bíon sé gan mhaith an uair sin.



MILLTEÓIREACHT — Millteóireacht atá ar Nóra = í bheith
breóite ana-fhada agus droch-ní éigint á snaoidhe amach:


L. 52


meath éigint go dtéighean sé coitianta den ndochtúir é
leigheas.



MILSÍGHIM — Ní mhilseóch an méid sin siúicre an tae
dhom = ní chuirfeadh blas milis uirthi, nó air.



MÍMHÁRD — Mí-rath: droch-rath: mí-ádh.



MÍN — Tá an spideóigín ana-mhín = gan bheith fiain —
tagan isteach sa chistin. Tá na buachaillí ag féachaint chó
mín macánta gur dhóigh leat gur naomh gac éinne aca.



MÍNEÁIREACH — Bhí teist mhíneáireach ar an mbean = é
ráite go raibh sí gan náire: nó í bheith malluithe tuaiscear-
tach: gan bheith cneasta, ach leanfadh a slí féinig. Tá an
capall so míneáireach go leór mar thug sé snap orm indiubh.



MINICÍOCHT — Dá mhinicíocht a thagan tu seadh is minicí
ba mhian linn tu theacht.



MÍNÍGHIM — Níl na Cláirínigh mínithe síos fós ag arm
Shasana.



MÍOCHOTHROM — Bhíos ar míochothrom sa leabaidh toisc gan i
bheith fada mo dhóthin = gan bheith socair ná ar mo thoil: níor
fhéadas me héinig a réiteach i gceart. Bhéadh bó amhlaidh
dá mbéadh sí tuitithe isteach i bpoll. Chuas ar míochothrom
isteach sa mhála = sa tslí ná rabhas cothromach. Bíon ana-
mhíochothrom orainn ag teacht aníos i gcoinnibh an chnuic ach
bíon an cothrom síos againn. Is minic a bhíon an focal chó
gairid le míochrom, nó míochorom.



MÍOGARNACH — Tá sé ag míogarnaigh, nó ag míogarnaigh
cholata = nuair a bhíon a chola ag tuitim ar dhuine, agus é
idir bheith 'na chola is 'na dhúiseacht. Dh'fhéadfá míogarnach
cholata bheith ort agus tu ag cainnt. Ach sa tsrúmartáil bíon
sórt sranntarnaighe ag teacht ar an nduine.



MÍOL — Bhí na bricíní ann chó tiubh leis na míola corra = na
diail bheaga de chuileóigíní a bhíon ann tráthnóna fóghmhair.
Míola críona = na míola a bhíon san adhmad. Tá ceann an


L. 53


linbh (leinbh) ithte aige sna míola. Corra-mhíola = míola
corra.



MIONA-GHÁIRÍ — Bhí sé ag miona-gháirí chúgham = gáire
beag á dhéanamh aige chúgham.



MIONGÁN — Raghainn isteach i bpoll miongáin uaidh le
neart náire nó scannra = áit ana-bheag. Crapan an náire
nó an scannra duine isteach ar a chéile. Chuirfá isteach i
bpoll miongáin é bhí sé chó mion san.



MIONN — Tar éis na mionn is fearr na mná = sin é nuair
is buige iad nuair a bhíon cainnt chruaidh ráite aca.



MIONRAMH — D'imigh an claidheamh 'na mhionramh i gcoinnibh
an fhalla = 'na bhrúscar: 'na ghiotaí fogha: 'na smidiríní.
Dheineas mionramh den arán le h-é chimilt idir mo dhá bhais.
Tá an long 'na mionramh ar barra an uisce is an t-uisce ag
gabháilt tríthi sall is anall.



MIONUIGHIM — Mionuigh an focal san, an scilling sin,
dom = bris: dein mion, beag. Ba mhaith liom an chainnt
sin a thuiscint níos mionuithe = é thuiscint nuair a bhéadh sé
briste 'na mhion-choda dhom, agus na mion-choda féinig a
thuiscint níos fearr. Caithfidh me an focal a dh'fháilt níos
mionuithe = níos briste: i gcoda is lúgha ná san. Ní mór
dom na téarmaí síochána a dh'fháilt níos mionuithe sar a
mbeidh fhios agam cad is fiú iad.



MÍ-ÓRDÚ — Chaith sé an t-airgead ar mí-órdú = i ndroch-
shlí. Tá gach ní ar mí-órdú ar an mbórd agam = gan bheith
i n-eagar ceart.



MIOTAMUS — Bhí an spiaire ag dearbhú bréige im
choinnibh sa chúirt chun miotamus mo chrochta a sholáthar dom =
órdú scríobhtha.



Mí-SHÁSAMH — Tá mí-shásamh éigint ort.



MISDE — Nára misde é é an té a dheinean an gníomh
fóghanta.


L. 54


MÍSHEÓL — Níor bhain aon mhísheól dúinn ar an mbóthar =
tionóisc, óspairt; chuamair slán. Thug an long an trus
isteach gan aon mhísheól = gan mhaisle, gan mháchail. Fuaireas
do litir gan aon mhíseól = gan aon dul-amú ná éinní do dhul
uirthi. Cuirtear an focal ag obair tímpal gach saghas
cúrsa.



MISIÚR — Rud chun tómhas a dhéanamh — chun éadach, cig, a
thómhas.



MÍSHLACHT — Ní slacht a chuiris ar an scéal ach míshlacht =
a mhalairt.



MISNEACH — Ní bhfuaireas im mhisneach (bisneach) é rá =
ní raibh sé de mhisneach agam. Conus tá an misneach agat
indiu, a Shéamais? = conus tán tu? conus tá an croidhe
agat? Nó, do mhisneach. Chailleas mo mhisneach nách mór
nuair a chonac na fiacha a bhí anuas sa mhairc orm. Bhí an
breóiteachán olc go maith indé, ach tá sé ag dul i misneach,
ag fáil mhisnigh, indiu — agus é i n'am aige = ag dul i bhfeabhas:
tuille den gcroidhe ag teacht dó. Bhí sé bocht go leór ach
thugas fé n-a thuille misnigh a spreaga ann. Bhíos a d'iarraidh
an misneach do choimeád suas pé droch-chuma a bhí ar an
gcúrsa. Ní mór an misneach a bhí sa litir a fuaireas uait =
rud a spreagfadh duine chun misnigh — airgead, cainnt
mhisniúil, mola. Nuair a scríobhfair aríst bíodh breis
mhisnigh orm sa litir agat. B'olc an misneach ar fhearaibh
bochta gan aon éileamh bheith ar an stoc. Ní h-aon mhisneach
orm mo ghoile bheith ag dul im choinnibh = ní chuirean sé aon
tógaint croidhe ionnam.



MITHID — Ní dh'fhanfad-sa anso, a bhuachaill, ag feitheamh
led mhithidí = le pé tráth is mian leat teacht; nó é seo nó é
siúd a dhéanamh. Ní bhéinn ag brath le n-a mhithidí, ná bheith
im buachaill aimsire aige.



MÍ-THOP — Baineadh míthop asam an droch-scéal a chloisint
= mí-phreab, mí-gheit.



MÍ-THRÁTHÚIL — Thána i n-am míthráthúil = ná raibh tráthúil:
ná oiriúnach.


L. 55


MIÚN — Tá an cailín sin óg 'na miún is óg na croidhe.
Feic meón.



MÓ — Tá an oíche mós dorcha chun dul amach = ró-dhorcha.
An lá mós fuar, nó mó-is-fuar, chun snámha = rud beag ró-
fhuar. Tá na bróga mós mór dom: an obair mó-is-cruaidh:
an t-ualach mó-is-trom. Éinní mó-is-éinní. Tá sé mó-is-
maith don árthach gabháilt ó thuaidh i gcoinnibh na gaoithe =
ró-mhaith, ró-chruaidh.



MOCH — Nách moch atán tu as an leabaidh? Tá na maidi-
neacha ag dul i moiche aríst = i bhfaid. Deinean gach moch
a ghnó, ach ní le h-eiríghe d'oíche é = gach duine a eiríghean go
moch.



MOCHÓIRÍ — Is éachtach an mochóirí thu = duine a eiríghean go
moch. Nuair a chuireas mo cheann amach ar mhochóirí na
maidine = go moch ar maidin. Nó muchóirí.



MODAIR-CHEÓ — Tá modair-cheó ann indiu = ceó salach
modartha. Bhí sé i n'oíche mhodair-cheóig aréir agus ba
dheacair feiscint i bhfad uait.



MODAR-CHEÓDHACH — Deinfidh sí oíche mhodarcheóch anocht
= ceóch gan bheith ró-olc.



MODAR-DHORCHA — Tá an lá modar-dhorcha go leór =
gan bheith glan is gan bheith ró-dhorcha. Bíon sé modar-
dhorcha an aimsir seo tímpal is a 6 tráthnóna = i n' eascara
lae is oíche. Nó mudar —.



MOILL — Táim ag coimeád, nó ag cur, moille ort = ad
mhoilliúint, ad mhoilliú. Chuireas moill ar an gclog =
chuireas siar é: nó chuireas 'na stop é ar feadh tamaill.
Ná bí am chur chun moille = ag coimeád moille orm. Bhíomair
ag gluaiseacht chun cinn go breá go dtí an méid seo moille =
lasmuigh den moill seo. Fuair an sagart glaodhach ola
agus beidh moill air ón Aifrean dá dheascaibh. Cuireadh
moill seachtaine ar an ngnó.



MOILLIGHIM — N'fheadar cad tá ag moilliú Thomáis
indiubh = ag coimeád moille air.


L. 56


MÓIN — Cnuchaire = trí fóid, nó mar sin, 'na seasamh
agus fód eile i n-áirde ortha. Bhíos ag cnuchairt mhóna =
ag déanamh cnuchairí. Cnucharuightear í. Stualain = cnuch-
aire mór; bíon níos mó go maith ná an cnuchaire. I lár
na stualainne. Mórchuid stualainní. Tá sé ag stualáil
(mhóna). Tá an mhóin stualálta. Táimíd ag cur fórach
ar an gcruaich = na fóid a cuirtear i n-eagar ar an dtaobh
amuigh chun an bháisteach do choimeád amach. Fiacail an
phortaigh = ciúmhais i an áit ar a gcaithtear i n-áirde na
fóid nua-bhainte. Drom an phortaigh = an portach féin
siar ón bhfiacail — an áit i n-áirde ar a gcuirtear an mhóin
chun triomú. Gabhal an phortaigh = an áit íseal thíos go
mbíon an mhóin bainte amach as: bíon screamh brúscair
air agus cuirtear an mhóin ag triomú ann. Uisce portaigh.
Spairt, nó spadal = droch-mhóin. Móin fhuinte = móin a
deintear as an mbrúscar le h-uisce a scaoile air agus é
fhuine ar a chéile.



MÓIREACHT — Táimíd ag dul i móireacht le chéile le
tamall = chun muínntearais: ag dul i gceanúlacht ar a
chéile: ag eiríghe mór.



MOLAIM — Ní mholfainn an té go mbéadh bolg mór aige
= ní mhaoidhfinn air é. Níl an obair sin le mola, chun
molta = níl sé go maith. D'fhágamair an t-achran fé mhola
Sheáin = go ndeinfimíst pé réiteach a thabharfadh sé. Bhí sé
ag baint na bputóg as rialtas Shasana agus mise ag mola
an scéil leis = ag mola na cainnte (an chúrsa) leis: á
rá leis go raibh an ceart aige, go rabhas ag teacht leis, go
n-aontóinn leis, agus mar sin de. Ag mola an cheachta
leis an scoláire = ag mola an cheachta fé mar a bhí sé á
scríobh nó á thabhairt amach ag an scoláire. Bíon Sasana
ag mola leis an bhFrainnc nuair a bhíon sí ag tabhairt ropa
fén nGearmáin. Ní mholfadh an dochtúir aon fheóil dom.



MÓR — Tá sí ana-mhór aige sna daoine = ana-mheas bheith
aca uirthi. Is mó go mór púnt ná scilling = tá sé i bhfad
níos mó.



MÓRÁN — Ní mórán ná gur mar a chéile an dá fhocal =
ní mór ná —.


L. 57


MÓRCHÚISEACH — An te go mbíon substainnt mhaith aige
bíon sé mórchúiseach go minic agus bun aige leis. Is dó is
cóir.



MÓRCHÚRAMACH — Duine mórchúramach = go mbíon mórán
cúraim air. Ní mór an chabhair an méid sin airgid chun tig
mórchúramach do chur chun cinn = tig go mbíon mórán cúraim,
nó mórán cúraimí, le freastal ann.



MÓRDHACHT — Tá an iomarca mórachta ag baint leat =
tu bheith ró-mhór ionnat féinig: bheith ró-mheastúil ort
féinig. Bíon an mhóracht ar an dtaobh amuigh. An té go
mbainean san leis bíon a leath san aer, uaireanta, agus ní
le n-a chuid substainnte é, go minic.



MÓRTAS — Thógas tig mórtais = grianán tíghe: tig mór.



MOTHÁILEACH — Táim motháileach go maith = braithim rudaí
go maith, is go tapaidh — b'fhuiriste me mhúscailt, nó chloisfinn
fothram ana-bheag: braithteach.



MOTHALLACH — Nách mothallach an fear é! = mór-chuid
gruaige aige is í ag imeacht gan cóiriú.



MOTHALUIGHIM — Tá sé ag mothalú as a chola = ag mothú,
ag braistint, ag dúiseacht.



MOTHUIGHIM — Níor mhothuíos indiu go dtí n-a 9 = níor
bhraitheas, níor dhúisíos: níor mhothuíos as mo chola. Tá
an mac imithe uaim agus mothuighim uaim go maith é — agus
a ghnó. Táim im chola ó mhaidin gan mhotháilt = gan bhraistint,
gan dúiseacht. Níor mhothuíos do theacht isteach = níor
bhraitheas, ní raibh aon mhotháilt agam ar do theacht.



MUC — Tháinig muc ar gach malain liom = ana-chuma feirge.



MUCH — Feic moch. Bhuaileas amach scoth-mhuch ar maidin
= cuíbhsach much.



MUCADÁIL — Nách ort atá an mhucadáil chúgham! = bheith
ana-mhí-shíbhíalta: freagraí gan phléisiúr a thabhairt go


L. 58


lasánta tapaidh crosta — inghín, cig, ag imeacht fé dhéin rínce
agus an mháthair ag baint earruíochta aisti.



MÚCHAIM — Ná leig di múcha — don dteine. Táim marbh
le múcha aníos (nó suas) = me bheith múchta. Tá ana-mhúcha
suas ínnti sin. Mhúch an t-iasc = d'imigh síos ó bharra an
uisce. Tháinig ana-mhúcha aníos ar mo chroidhe. Is ins na
scoileana a mhúch an Ghaoluinn = fuair bás. Táim múchta
píopálta suas, agus gan é ar mo chumas m'anál a tharrac.



MUDAR-CHEÓCH — Lá mudar-cheóch — go mbéadh brat salach
ceóig ann. Feic modartha.



MUILEAN — Bíon gach éinne ag tarac uisce go dtí n-a
mhuilean féinig = 'na chúram féinig: ní bhíon i gcúram an fhir
thall. Bhí sé neamhchainnteach, ach tá ag teacht fé n-a mhuilean
anois = breis chainnte bheith ag teacht chuige: fé n-a theangain.
Muilean gaoithe — deintear é le blúire adhmaid nó páipéir
láidir a cheangal de chórda, an córda a chasa go maith agus
ansan é scaoile: deinean sé glór maith.



MUIN — Feic mairc. Ar mhuin mhairc a chéile: nó ar
mhuin bhaic a chéile.



MUINE — Dar muine = dar fia.



MUINEÁL — Táim síos go dtí mo mhuineál ag obair, nó
san obair = go doimhin. Chuas 'na mhuineál = rugas greim ar
a scórnaigh.



MUÍNG — Tá muíng gruaige ort = gruaig fhada: mothal:
feirc — an paiste fada a fágtar i dtosach an chinn. Muíng
= an ruaimneach a bhíon ag fás ar mhuineál capaill nó ar a
eirbal: nó an snáithín a bhíon ar shlat iascaigh.



MUIR — Ba cheart an cladhaire do chur le mór-mhuir is le
fairrge = é chaitheamh isteach sa pholl, sa bhfairrge.



MUIRBHEACH — Gainneamhail (gainniúil).



MUIRIR — Tá muirir ar Mhicheál = clann air. An mór
do mhuirir anois?


L. 59


MUIRIREACH — Fear bocht muirireach = go bhfuil muirir
throm air: atá fé mhuirir throm. Duine muirireach = trom,
aindeis. Bó mhuirireach. Capall muirireach = mór, garbh;
gur deacair é chothú.



MÚIS — Múis mhná = bean mhór leathan bheathuithe agus
feóil ar crith uirthi. Tá múis ar fad déanta díot = tán
tu id mhúis: tuitithe go mór chun feóla. Nó, bean go
mbéadh cuid mhaith feóla uirthi.



MÚISIÚNTA — Nuair a bhíon an fheamanach tamal ar an
dtráigh bíon blath múisiúnta uaithi, nó bhéadh ar an bhfeóil dá
mbéadh sí ag lobha, geall leis = blath go mór thar ceart:
níos measa go mór ná bheith cabhruithe. Oíche mhúisiúnta =
tais, trom, salach ínti féinig. Oíche mhúisiúnta dhorcha.



MULLÓG — Mullóg cnuic = maol-chnoc. Ar bharra na
mullóige.



MÚN — Dhein sé a mhún ar a bhríste.



MÚNLA — Deineadh i n-aon mhúnla amháin iad. As an
múnla amach a tháinig an cailín sin = í bheith ana-dheas:
naoidheanta. Níl an lampa san as múnla = níl sé gan
an scéimh agus an crot ceart a bheith air. Múnlálta =
córach (ó mhúnlaim).



MÚR — Níl aon phioc den salan againn fé mhúir an tíghe =
sa tig: fé fhallaí an tíghe. Múr báistighe = tuitim trom
báistí.



MÚRÁLAIM — Tá an t-árthach ar múráil = ar a h-ann-
caire. Nó, mórálaim.



MURAN-Níl sé i gcúram na Gaoluinne muran mó atá
sé 'na coinnibh = maran, mara, muna.



MURCHA — Chonaic sé Murcha — nó an tor ba ghiorra dhó =
fuair sé an bás nách mór: chuaidh i n-árd-chonntabhairt, i
n-ana-chruadh-chás. Nuair a tháinig sé isteach ón lá ar éaló


L. 60


ó scoil thugas Murcha dhó = ana-léasa: scannra, agus mar
sin.



MURDAL — Nuair a chonnaic sí na saighdiúirí ag teacht
liúgh sí "Míle murdal."



MÚSCLAIM — B'fhearr liom ar fear thíos a mhúscailt
ná bheith ag rith síos na gcómharsan = ainm an diail do tharrac
anuas, do thabhairt ar barra, do lua. Is mó focal múscailte
agat le 3 seachtaine = tugtha ar barra aniar as mo cheann.
Dá mbéadh salachar i gcopán uisce agus go gcorrófá é
mhúsclófá ar barra é = chuirfá, thabharfá. Ní gá dhuit droch-
bhrí an fhocail a mhúscailt ar barra mar ní h-é a mheághas a
chur i n-úil. Tá Eilís go maith chun a gátar a mhúscailt = a
chur i n-úil. Do múscluíodh slí nua dhom chun púdar a dhéanamh
= nochtadh, teasbánadh.



MUSTAR — Tá mustar air as a chuid Béarla = eiríghe ó
thalamh: tógaint croidhe: mór-chúis. Mustar gan ghustal
fé bhean a' t-aon bhó. Mustar gan dúchas is deacair é
dh'úmpar = eiríghe i n-áirde gan sínsearacht.



MÚTÚIL — Bíon bia mútúil nuair a bhíon sé borb saibir
agus ná féadfá mórán de a dh'ithe. Bíon amhlaidh gan aon
chabhruitheacht ná lobhthacht ag baint leis. Tá cré an ghuirt
seo mútúil borb = saibhir: mhúsclóch an síol aníos go maith.
Nó, mútúlta.



N



NÁ — An ndúbhraís go dtiocfá? Ní dubhart ná go
dtiocfainn = go deimhin ní dúbhart: ní dúbhart go dtioc-
fainn, ná ní dubhart go dtiocfainn — an ní céadna fé dhó.
Nílim ná tuirseach. An é a bhí ann? Ní hé ná é. Ar
thugais an púnt dó? Níor dheineas ná é thabhairt. Béidir
go bhfuilim ag cur aon chur-isteach ort? Nílean tu ná tu.
Ní thuigim an focal ná é thuiscint.



NÁCH — Cad nách maith? Ceist é sin tímpal cainnt mar


L. 61


seo — "Ní maith liom é." = Cad é féin?: cad é nách maith
leat?



NÁDÚIR — Tá ana-nádúir i Seán, nó ag baint leis =
tá ana-chroidhe aige: dá dteastóch éinní uait thabharfadh sé,
nó dheinfeadh sé, dhuit é dá bhféadfadh sé: fial agus croidhe
maith aige: truaighmhéileach duit dá mbéadh aon trioblóid
ort: go maith do sna cómharsain agus do sna bochtaibh. Tá
nádúir aige dhom = croidhe maith: ball bog 'na chroidhe.
Tá galar ar an mbó 'na nádúir — nó ar aon ainmhí
baininscineach.



NÁDÚRTHA — Bhí sé nádúrtha riamh = an nádúir a bheith
ann. Tá sé nádúrtha do n-a thír, domh-sa.



NÁIRE — Mo náire dhearg thu, a Mháire, é sin a dhéanamh =
mo náire dhóighte. Níl aon náire ort ná ionnat — ach ní mar-
a-chéile an dá ní san. Ní raibh náire ná allus ná faic orm
roimis an easbog. Ní raghainn ag tabhairt náire dom féinig
i gcuideachta an rógaire sin = am ísliú féinig i súile na
ndaoine. Ní thabharfainn náire dom héinig é dhéanamh. Is
minic a thug do chainnt náire dhuit agus gan aon náire ort
dá bhárr.



NAITH — Ní chuirfinn aon naith ins na páipéirí nuachta =
aon tsuím. Ní chuirfinn aon naith ins an leabhar le n' fhaid =
ní thógfainn aon cheann do n' fhaid: ní raghadh a fhaid 'na
luighe orm. Tá naitheana an domhain ag baint leat = slite,
neithe, ar leithilig: bóithre fé leith, béasa fé leith, slite
cainnte leithreachaiseacha. Tá an focal san mar naith againn
anso le fada — "an bhean dhearg," cig, do thabhairt ar an
dteangain.



NAMHADACH — Duine críona namhadach = crosta, goir-
geach, ná féadfá baint leis ná bagairt air. Duine críona
sochma an taobh eile de. An madra a bhíon namhadach i
mbéal a dhoiris féin ní leigfeadh sé éinne thairis. An duine
namhadach dá n-imreóch an leanbh cleas beag air béidir go
dtabharfadh sé clobhta nímhneach dhó. Bíon sé íogair: gan
bheith pléisiúrtha.


L. 62


NAOI — Níl i n-aon ní ach cómhrá 9 lá = bíon sé 'na sheana-
scéal fé sin. Ba cheart rud a thabhairt do naoi na truagha =
díol na truagha: duine dealbh bocht. Ana-naoi truagha
seadh é: níl faic aige. Naoidhe na truagha a deirtear.



NAOIDHEANTA — Nách deas naoidheanta an cailín í
siúd? = ana-chúmtha: gan mháchail i n-aon bhall dá h-aghaidh.
Má bhíon an cóntanós deas ag duine tá sé rithte naoidheanta.
Peictiúir gleóite naoidheanta.



NAOIDHNÁN — Leanbh tamall beag tréis bheith 'na bhunóic.



NAOMH — Níl aon naomh le Murcha, le mathúna = den
ainm sin.



NAOMHÓG — Na tochtaí = na suidheacháin a bhíon sa naomhóig.
Tochta seóil = an tochta go mbíon an seól-chrann suidhte
isteach ann. Na maidí cos = na cláracha beaga ar a gcuir-
tear na cosa. Tosach agus deire na naomhóige, agus bogha.
An tochta láir. Na h-easnuíocha = na blúiríacha adhmaid a
bhíon ag dul tímpal na naomhóige agus go gceangluightear an
croicean díobh. Croch na líonta = an chroch ar a gcuirtear
ag triomú iad. Snáithín deisiúcháin = snáithín chun na líonta
a dheisiú.



NEAC — Neacanna = na tairngí beaga beaga a cuirtear
isteach i mbonn bróige, nó tríd an bhfonnsa (fúnsa) ag
deisiú camáin.



NEAD — Tá an t-éan ag bailiú nide.



NEADUIGHIM — Bíon mór-chuid éanlaithe ag neadú ins na
crannuíocha so = na neada a bheith aca ionnta.



NEAFUISEACH — Mairean daoine neafuiseach 'e bhreis ar
a chéile = go bog: slí bheatha a dh'fháilt go bog. Is breá
neafuiseach atán tu ag cur do shaoil díot: atá do bheatha ag
teacht ort = gan puínn duada. Is breá neafuiseach atá
cúis na h-Éirean ag teacht ar dhaoine 'e bhreis ar chuid eile
aca atá a d 'iarraidh cirt a dh'fháilt di. Tagan an Ghaoluinn a
scríobh ana-neafuiseach ort = go breá, bog, símplí. Docht


L. 63


an taobh eile. Táim ag imeacht go breá neafuiseach fé
sheól dom héinig, agus na maidí rámha díomhaoín.



NÉAL — Thuit néal orm = néal codlata. Tháinig néal
orm = néal feirge: néal buile. Níor fhan aon néal aige
nuair a chualaidh sé an cúntas = aon mheabhair — le feirg nó
le h-áthas. Tháinig néal feirge, néal áthais, air = ana-
fheirg, ana-áthas.



NEAMH — Dá mbéinn chó siúrálta dul (suas) ar neamh is
atáim nár bhriseas an lampa = siúráil nách beag: táim
siúrálta go maith nár bhriseas é.



NEAMH-AISTEAR — Níl aon neamh-aistear ag baint liom
an aimsir seo = díomhaoínteas, easba cúraim.



NEAMH-AISTEARACH — Táim neamh-aistearach = díomhaoín:
nó gnó gan mhaitheas, nó gan puínn maitheasa, sa tsiúl agam.
Bíon Seán neamh-aistearach = bíon ana-spárálach air féinig:
tógan gach ní bog: ní théighean chun puínn trioblóide: gabhan
gach aon chómhngar: bíon bonntáisteach ar an obair. An té
ná bíon ach rudaí beaga gnótha le déanamh aige bíon sé
amhlaidh. Tabhair lámh chongnanta dhom mar tán tu neamh-
aistearach go leór chuige. Táimíd ag maireachtaint go
socair sásta neamhaistearach. An madra a bhí ag taighde na
gainímhe nó an buachaill a bhí ag caitheamh cloch leis an
ndíomhaoínteas bhíodar neamh-aistearach go maith.



NEAMH-BHREÁ — Neamreá a deirtear. Nách neamreá an
lá é? = gan bheith breá.



NEAMH-CHEART agus RUDAÍ EILE — Tá an ceacht go
léir neamh-cheart agat. Tán tu ana-neamh-chruínn = gan
bheith cruínn. Táim neamh-chruínn ins na ladhracha ag an
bhfuacht = cig, gan greim ceart beith ionnta. Neamh-chuis.
Le neamh-chuis a dúbhart an focal = gan aon tsuím a chur ann:
gan é rá dáríribh. Nách neamh-chuiseach a dheinis an cleas? =
gan puínn duadha: símplí: nách neamh-chuiseach a tháinig
leat é dhéanamh — saoráideach. Bhíomair ag imirt na gcártaí
go neamh-chuiseach aréir toisc gan aon airgead a bheith ann =
go breá bog, gan cúram a dhéanamh díobh: go neafuiseach.


L. 64


Ba neamh-dheas an obair dhó é = gan bheith deas: ní raibh sé
ceart le déanamh. Is neamhdheas an lá é: nó éinní. Neamh-
iongantach = néamh-úntach. Tá neameabhair (neamh-mheabhair)
ag teacht orm = me bheith ag cailliúint na meabhrach, nó ag
imeacht ar buile. Is minic a chuirean an t-ól duine ar
neameabhair = as a mheabhair: gan chuímhne. Neamh-ruchóid-
each = neamh-urchóideach. Bíon duine amhlaidh más fuirist
an saol do réiteach leis: ní bhíon sé glic, géar, aibidh. Bíon
an duine neamh-thógálach ná tógan rud suas go ceann i
bhfad: a chuirfeadh suas ar feadh i bhfad: a bhíon faid-
tsaolach: ní fuirist é thógaint, é lasa chun feirge. Fuaireas
an leabhar a chailleas i n-áit neamh-thuairimeach = i n-áit ná
raibh aon tuairim agam do, i n-áit ná raibh súil agam leis
ann: san anndóth. An té a bhíon neamh-thuiscionach bíon sé
ádhbhar glas ann féinig, agus uaireanta ba dheacair gabháilt
leis. Fear neamh-uireasbach seadh an té a bhíon go maith as:
a bhíon neamh-ghanntarach: ná bíon aon cheal air: go mbíon
a dhóthin go maith aige.



NEART — Ní fheicim go bhfuil aon neart ag dul ort = ag
teacht ionnat. Tá gníomh mo nirt déanta agam anois =
oiread is Is féidir lem neart a dhéanamh. Gníomh mo
dhíchil — cainnt den ndéanamh céadna.



NEARTUIGHIM — Deinfidh an bainne neartú ort = tu
neartú. Chuireas an spalla san isteach mar neartú ar an
gcainnt = daingeanú: chun é dhéanamh níos diongabhálta.



NEÚDAIMÍ — NEÁDAIMÍ — Níl sa duine sin ach neúdaimí-
neádaimí = duine go mbíon neúdar-neádar ar siúl aige;
nó neúmha-neámha: duine ná deinfeadh dána ort: ná
gheóbhfá uaidh ach "seadh" agus "ní h-eadh," nó chainnt ghairid
mar sin: ná féadfadh béile ceart a dh'ithe: spreasán gan
fuinneamh.



NEÚDAR-NEÁDAR — Bhí neúdar-neádar aige tímpal
an bhó a cheannach = ná raibh fhios aige an gceannóch sé í nó ná
deinfeadh: béidir go ndeinfeadh agus béidir eile ná dein-
feadh, agus ní raibh fhios aige. An bhfuighir an rothar uaidh?
N'fheadar: neúdar-neádar a bhí aige = ní bhfuaireas freagra
díreach uaidh mar seo ná mar siúd: ní bhfuaireas uaidh ach


L. 65


neúdar-neádar — "ba mhaith liom é thabhairt, ach ansan tá
sé leath-bhriste, agus béidir go dteastóidh sé uaim féinig,
agus n'fheadar cad a dheinfead." Bhí neúdar-neádar aige
gur chuma leis aige nó uaidh an lá saoire.



NEÚMHA-NEÁMHA — Deinean an mhi srónú a chur suas.
Neúdar-neádar: cainnt gan fonn.



NÍ — Is beag an ní nuair a ghuidhfinn duit gan crí ná áird
a bheith ort go deó = ní thógfadh sé mórán me mhúscailt chun
na guidhe sin. Is suarach an ní (ná) go dtabharfainn mo
mhallacht ar Rialtas Shasana. Chonac chúgham é agus ní raibh
aon ní ach gur aithníos gurbh é Seán é = níor bhéidir liom
dul thairis sin san aithniúint. Deirimíd céad ní gan aon ní
ach chun bheith ag cainnt = deirimíd mórán gan aon chúis ach chun
an chainnt do choimeád ar siúl. Is cuma liom éinní mar
gheall ort ná ar do mhadra = is cuma ar fad. Níor dheineas
aon ní den mbuille a fuaireas = níor chuireas aon naith ann:
níor thógas aon cheann do.



NÍANTA — Nó naoidheanta. Is féidir leat an ceacht do
scríobh go naoidheanta = go néata deas.



NÍGHIM — Tá an t-árthach ag imeacht go nighte (nite) is
go gleóite = go néata. Cailín, buachaill, capall, obair,
leaba, seómra nite = néata córach deas — ach is beag an ní
a chuirfeadh siar iad. Níghe éadaighe. An t-uisce a chur ag
téigheamh: iad do thuma san uisce: gealúnach a chur chúcha
(fútha): iad do shuatha is do níghe: iad d'fhásca aníos as an
mbeiste agus an sobul a bhaint asta (bíon sobul ar an
uisce): beith ag cur guirme agus stairs ionnta: iad do
chur amach ag geala, nó ar tuar.



NIMH — Chuir sí scréach nímhe aisti = í bheith géar. Bhíomair
ag trácht thar an ath. Seóirse, agus fé mar a bhéadh an nimh ar
an aithne seadh bhuail sé isteach an doras chúghainn = fé mar a
bhéadh fhios aige cad a bhí ar siúl againn. Feic leat aithne.



NOCHT — Tá Gaoluinn aiges gach éinne anso bocht agus
nocht = gan éadaighe.


L. 66


NOCHTAIM — Bhíomair ár nochta féinig chun snámha = ag
baint na n-éadaighe dínn féin. Dréir mar a bheidh tu ag cur
an chnuic díot suas seadh bheidh an dúthaig ag nochta ort = á
thabhairt héin le feiscint. Tá an t-árthach ag nochta adtuaidh
orainn = ag teacht 'nár radharc.



NÓIN — Chuala guth ar nóin = sa tráthnóna.



NÓS — Tugadh deoch bhainne dhom i nós na h-áite = dréir
nós na h-áite: san nós atá san áit. Tá Gaoluinn agat ar
nós uisce na h-abhan = go líomhtha pras, fuigheach. Chodluíos
ar nós na muice aréir = go sámh trom. Tá an nós san na
dtuitíní ag teacht amach le déanaí = ag dul i bhfeidhm, ag
breith ghreama, ag leathnú. Buachail téagartha ar nós
Sheáin. Ar do nós-sa ní chaithim aon tobac. Thug sé an
t-airgead uaidh ar nós mar a bhí sé i n'amadán = ar nós an
amadáin fé mar atá sé: fé mar atá sé (a bhí sé) i n'amadán.



NUADHUÍOCHT — Beidh blúire scadáin againn indiubh mar
nuadhuíocht = rud nua ná béadh taithí ag duine air. Nuadhuíocht
dúinn seadh an ceangal a thugais ar an gcoirce.



O



Ó — Tá smut den nGaoluinn agat, agus smut uait fós =
gan bheith agat. Ní fada anois ón dtraen (é) = ní fada go
mbeidh sí ag gluaiseacht, nó ag teacht isteach. Is mó rud a
theastóch ó dhuine go gcaithean sé fanacht uaidh = fanacht gan é.
Chúghat uaim as san = bailigh chúghat: glan uaim amach as
san. Fág an áit uaim. Bhí fiche duine ón dtaobh ag imirt
sa gcluiche = ar an dtaobh: ar gach taobh. "Bail ó Dhia
uait" — le duine ná dúbhairt "Bail ó Dhia ort," nuair ba
chóir dó, á chur i n-úil dó gur fhág sé ar lár é.



OBAIR — Is mór an obair nár bhuaileas thu = is úntach an
scéal é. Bris an chloch. Bé go bhfuil obair agam: go bhfuil
obair (agam) air = béidir nách aon ghnó bog é. Bhí obair
mhaith agam ar an leabhar a scríobh. Ní féidir liom an focal
neúdar-neádar a chur ag obair = obair a bhaint as. Ní
bhéinn san obair sin dá bhfuighinn a mhalairt = ní bhéinn á


L. 67


dhéanamh. Ní h-obair dom bheith ag lorg a thuille airgid ar
an mbhó = ní ceart; ní h-non tairbhe.



ÓCÁID — Cad í an ócáid a thug anso thu? = cad í an chúis?
cad é an gnó?



OCHLÁN — Cad é an t-ochlán so ort mar gheall ar an mbó?
= brón is buairt agus glór á gcur i n-úil: ologón.



OCRAS — An bhfuil sé i n'ocras agat fós? = bhfuil ocras
ort? Níl sé i n'am ocrais fós. Tá sé i n'ocras orm =
tá ocras orm.



ODHAR — Caoira cheann-odhar = caoira go bhfuil pus dubh
uirthi. Caoira odhara seadh na caoira so.



ÓG — Bíon gach éinne ag dul i gcéill ó óg go h-aois dó =
ó óige. Tá ag teacht liom go h-óg san obair seo = go breá.
Tán tu ag déanamh go h-óg = go h-ana-mhaith.



OGHAM — An t-ógham craobh.



ÓGUACHTAR — Uachtar friseáilte.



OIBRÍGHIM — Ní mar a chéile a oibríon an mheisciúlacht ar
gach éinne = a théighean i bhfeidhm. Oibríon an focal san trí
teangcacha — an focal "bó" atá san nGaoluinn, sa Laidin,
sa nGréigis. Tá na focla go léir oibrithe agat anois =
obair bainte agat asta. Thug an dochtúir purgóid dó ach
níor oibrigh sí air = níor chuaidh i bhfeidhm. Bhíos ag oibriú
ar m 'úncal féachaint an bhfuighinn aon phinginní airgid uaidh =
a d 'iarraidh teacht tímpal air, é mhealla, é thabhairt tímpal.



OIDHCHE — Bhíos ag siúl na h-oíche go dtí gur bhuail tig
liom = ar feadh na h-oíche. Bhí sí ag teacht abhaile oíche
Shathairn = aon oíche Shathairn amháin, gan a rá cad é an Satharn
é. Bhíos ag teacht abhaile istoíche Dé Sathairn = oíche an
tSathairn seo ghaibh tharainn. Feic féile.



OIDHEAR — Tá oidhear ar mo chois. Ná bí ag tarrac
oidhir an tsagairt ort féinig = feirg, faor.


L. 68


OIDEAS — Thug an dochtúir oideas dó a chuaidh i bhfeidhm
air = leigheas: nó a scríobh síos ar pháipéar cad iad na
stuifeana a raghadh chun an leigheas a dhéanamh. Mórán
oideasaí. Tá a h-oideas féin ann dos gach aon aicíd.



ÓIGE — Níor smachtuíodh it óige thu = nuair a bhís óg:
as t'óige. Níor cothuíodh go maith í as a h-óige. Tá sé
meidhreach mar tá an óige aige fós. Ní raibh an Ghaoluinn
agam as m'óige = ón gcliabhán. Tá an óige agat orm, 'e
bhreis orm = tán tu níos óige ná me. Chuais fiche bliain
i n-óige ó chonac cheana thu.



ÓIGÍNEACH — Táid óigíneach fós = cuma na h-óige bheith ar
dhuine aosta. Féachan sé óigíneach go maith.



OIGHRE — Níl aon oighre sa tsaol ort ach peig = tá sí
ana-dheárthatach leat.



OIGHREACHT — Thána i n-oighreacht an airgid a bhí ag m'úncal
= thuit an t-airgead san orm. Is cuma leat éinní anois
agus tu ag teacht i n-oighreacht priúnsa = oighreacht chó mór
le h-oighreacht priúnsa ag tuitim ort.



OILIM — Táim oilte ceart go leór ar an nGaoluinn =
eólas maith go leór agam uirthi. Táim oilte go maith ort =
aithne mhaith agam ort: me bheith imithe amach go maith ort.



ÓINSEACH — Trom é agus bí féin it óinsigh. Sean-rá é
sin. Tabhair uait rud a theastuíon uait agus bí féin á cheal,
gan é. Gnó na h-óinsíghe é sin.



OIREACHTAS — Cad é an t-oireachtas atá ar bun agaibh
anso? = gnó, gnóthaí, cúrsa, cainnt. Mhuise, ní mór atá.
Bean ag déanamh aráin, fear ag léigheamh, cluiche cártaí
— oireachtaisí iad san.



OIREAD — Cuir an focal san ag obair i n-oiread slite
is is féidir = ins an oiread. Bhí an oiread so oibre le
críochnú againn i n'oiread so aimsire. Thabharfá fé gharsún
go mbéadh do thrí oiread ann = a bhéadh chó mór fé thrí leat
héinig. Shiúbhluíos dhá oiread leat = oiread eile leat. Ní


L. 69


íosfá é, agus ní íosfainn-se ach oiread leat. Tá dhá oiread,
trí oiread, ar gach aon tsaghas earraí ins na siopaithe anois.
íosfá oiread go leith liom-sa. Chonac sé me ag ól fuisce
ach níor mhaith liom oiread an méid sin a thabhairt le rá dhó.
Níl oiread Gaoluinne ag éinne leat. Cad é an feabhas
atá ionnat-sa ach oiread le h-éinne eile? = thar éinne eile.
Tá airgead agat-sa a thrí oiread liom-sa; agus a sheacht
n-oiread aige Séamas linne araon (de). Tá a dheich n-oiread
Gaoluinne agat liom-sa. Tugadh feóil dom oiread is ná
féadfainn a dh'ithe = níos mó ná mar a dh'fhéadfainn a dh'ithe.



OIRIM — An chainnt a dh'oirean dúinn indiu oirean sé
amáireach = atá oiriúnach dúinn, fíor 'nár dtaobh.



OIRIÚINT — Tá an gunna as oiriúint = gan bheith mar ba
cheart: ar míghléas i slí éigint. Bhí mo chasóg as oiriúint =
gan bheith sa chló ceart. Ceannuigh pé oiriúint a theastóidh
uait chun na h-oibre. Níl aon oiriúint agam chun na bróga
a dheisiú = gléas, slí. Oiriúintí.



OIRIÚNACH — Tá na bróga oiriúnach glan dom = gan bheith
aon phioc ró-bheag ná ró-mhór. Tá an coirce oiriúnach le
baint, le ceangal = sa treó ceart, ullamh. Ní scríobhfad
an litir go dtí amáireach mar ná fuilim oiriúnach chuige
(chun í scríobh) go dtí amáireach = ní bheidh neart agam air:
ní bheidh an aga agam chuige — toisc me bheith gabhtha ag cúram
eile. Nílim oiriúnach ar litir a scríobh mar ní rabhas ar
scoil riamh; toisc go bhfuilim ró-bhreóite = níl ionnam é
dhéanamh. Níl na fearaibh oiriúnach (riúnach is mó a deir-
tear) chun na fairrge fós = ullamh. Ba dhóigh leat gur
oiriúnach dom ghunna-sa a deineadh (a ceapadh) na piléir sin.
Beúd oiriúnach don sagart chun na Gaoluinne a scrúdú
nuair a bheidh an dínnéar caithte agam = ullamh.



OIRIÚNUIGHIM — Oiriúnuighean an hata thu = níl sé ró-
bheag ná ró-mhór dhuit. Oiriúnuíon an hata dhuit = tagan
sé deas duit — 'na dhéanamh, 'na dhath, i ngach slí. Tá sé ag
oiriúint dom lampa den tsaghas san a bheith agam. Ní
bhfuair an priúnsa éinne dá raibh ar an ndínnéar go
n-oiriúnóch an bhróg í.



OLA — Tá an sagart imithe ag cur ola, ag cur na h-ola,
suas. Tá sé imithe ar ghlaoch ola chun —.


L. 70


OLAN — Olan ghabhair. Tá sé, tá an lá, i n-eirbal na
h-olna = buna-chaite, caite amach nách mór. Táim i marga na
h-olna ag teacht chúghat = an marga is déanaighe; táim
déanach.



OLC — Tá ana-olc ort indiu = ana-fheirg. Tá an t-olc
mór orm ag an gcainnt sin = an t-olc is measa: buile
feirge. Is minic a eirigh cúis bheag chun uilc mhóir = is
minic a tháinig ana-olc as: a eirigh sé chun ana-dhroch-ní.
Níor dheineas go h-olc ar an ndínnéar mar bhí an faor orm
chuige = bhaineas rammsach go maith as. Ní dúbhart olc ná
maith leó = ní dúbhart éinní. Is olc a chreidim an ráfla =
is ar éigin, is beag: ní chreidim go ró-mhaith é. D'imigh an
t-olc díom. Ní rabhas ag cuímhneamh ar aon olc = ar aon
droch-ní, díobháil. Níor dheinis go h-olc ar an gceacht =
níor chuais go h-olc 'na threó: dheinis lámh mhaith air. Dul
go holc ort, nó imeacht go h-olc = eascainí.



OLCAS — Tá atharú ar olcas, atharú olcais, tagtha ar an
saol = é bheith imithe i n-olcas. Níl feabhas ná olcas ar an
mbreóiteachán = níl sé tagtha chun cinn ná imithe chun deire.



OLOGÓN — Tá an madra ag ologón = ag gol, ag caoine:
mheasfá gur duine é agus cara leis fé chlár.



ÓRDÓG — An bhfuil aon órdóg abhrais ort? = aon rud
beag gnótha le déanamh agat.



ÓRDUIGHIM — Tá an clog as órdú = as oiriúint, ar mí-
ghléas. Níl éinne ag cur órduithe orm = á rá liom é seo ná
é sin a dhéanamh. Pé rud a dheineas do dheineas dréir
róduithe is riaruithe é = órdú a bheith fachta agam chuige.
Táim ag obair fé riar is fé órduithe.



ÓRLACH — Níl órlach de ghnó le déanamh agam = níl aon
bhlúire, níl an chuid is lúgha. Táim chó maith leat chun Gaol-
uinne gach aon órlach = gach aon bhlúire, gach aon faic. Chuas
i ngiorracht órlaigh (an órlaigh, bioráin, poinnte bioráin)
do bheith báidhte, don mbás = chó gairid is a dh'fhéadas dul. An
raghair go dtí an rínce? Ní raghad órlach (ann) = an tamall
is lúgha slí. Ní fearr míle ná órlach — duine a chuaidh i


L. 71


ngiorracht poínnte bioráin do bheith gabhtha aige sna saigh-
diúirí, agus gur bh'aon chosaint, aon tairbhe, amháin an méid
sin nó fanacht míle slí uatha. Ó chaitheamair (fé mar a
chaitheamair) an choinneal caithimíst an t-órlach = ó dheinea-
mair an gnó a chríochnú amach go deire nách mór, deinimíst
an rud beag fuighligh, leis. Tá Éire siúbhalta 'na h-órlaighe
beaga agam = gach blúire di: go mion. Ní fearr Éire ná
órlach = ní fearr míle ná órlach. Ní thabharfainn ceathrú
órlaigh dá thoil dó.



OSCAD — Nó ioscad. Tá croicean m' oscaide tinn.



OSCAIL — Caith an chloch san siar fé pholl t'oscaile. Shághas
mo lámh síos im póca go dtí an oscail. Tar i leith fém
oscail mar tá na glúine ag lúbarnaigh fúm = ag teanntú
liom chun siúl a dhéanamh.



OSCALÁN — Blúire a cuirtear isteach fén oscail sa
léine. Tabhair isteach oscalán féir = lán phuíll t'oscaile.



OSCLAIM — Nó oscluíghim. Fear oscailte = a labharfadh
a chroidhe, a aigne, amach. Ar éigin atá an obair oscailte
agam fós = curtha ar bun, tosnuithe. Oscluíodh air san
óispidéal féachaint cad a bhí bun-ós-cionn = cuireadh fén
sciain é. Nuair a chloisim an Ghaoluinn oscluíon mo chroidhe
amach = leathan, leathnuighean. Ní h-áil liom an cúrsa go léir
d'oscailt = do chur i n-úil, do theasbáint. Ní féidir liom
aon tuiscint a bhaint as an bhfocal san muna n-oscluíon sé
(amach) níos (nó níosa) fearr = muna gcuirean sé é féin i
n-úil níosa fearr.



ÓSDUÍOCHT — Thug sí ósduíocht na h-oíche dhom = lóisdín
agus bia. Fear an ósda = fear tíghe an ósda.



ÓSPAIRT — Fuaireas ana-óspairt indé = tionóisc — cairt
a leagadh orm. D'eirigh óspairt mhaith dhom. Tá an cupán
'na mhionramh anois, ach mise a dhein an chéad óspairt air =
an chéad díobháil — scoilt a chur ann. Tá na h-óspairtí id
dhiaidh = tá an mí-ádh ort — duine go dtárluíon mórán
óspairtí dhó.


L. 72


OTHAR — Tá othar ag teacht as mo láimh = braon. Tá sí
ag sile othair. Tá an chneadh ag déanamh othair, lán d'othar.
Tá an gortú tuitithe chun othair = tagtha chun braoin.



P



PACA — Tá rogha an phaca im láimh agam = na cártaí is
fearr: an cluiche buidhe.



PACÁLAIM — Bhí sé ag pacáil na leabhartha isteach sa
mála. Poll a phacáil.



PAIDIR — Tá an scéal 'na phaidir agat = de ghlan-
mheabhair i slí go bhféadfá é thabhairt amach dá mbeifá geall
le bheith id chola, agus é rá gan árdú ná ísliú glóir. Ná
dein paidir fhada den scéal = ná bíodh sé ró-fhada agus den
ínsint seo thuas. Tá sé 'na phaidir-eaidir agat (dán, cig) =
cainnt fhada de ghlan-mheabhair agus é ar bheag-bhrí (gan aon
bhonn nó bun fé, nó leis). Abair paidir dom = urnaighe-
Tá an ráfla san 'na phaidir aiges gach éinne ar fuaidh an
bhaile = go pras.



PAIDRÍN — Paidríní beannuithe ag cailleacha malluithe.
paidríní fada agus paidreacha an chapaill = gan aon phaid.
reacha; nó paidreacha gan éifeacht, gan mhaith. Sí Máire
an chloch is mó (is lúgha, is aon ní) ar mo phaidrín = is uirthi is
mó atá mo mheas. Bhíos ar mo phaidreacha an uair sin =
ag rá mo phaidreacha ar mo ghlúna. Tá sé lán go poll an
phaidrín den meas = ana-fhada suas: go muineál.



PÁIRT — Ba mhaith liom tusa bheith sásta, ach i bpáirt éinne
eile is cuma liom faic mar gheall ortha = tímpal éinne eile;
mar gheall ar —. I bpáirt Sheáin; i bpáirt na coda eile.
Tá sé chó maith agat an cúrsa a thógaint, nó a ghlaca, i bpáirt
mhaitheasa = chun maitheasa, bheith sásta leis, gan bheith míshásta
aige. Thug sé cúpla lá oibre dhom i bpáirt chómharsanachta
toisc an bhruid a bheith orm = chun cómharsanachta. Táid ag
seasamh go teann i bpáirt na h-Éirean = d'Éirin: ag
seasamh di. Tá lán-chuid againn ag seasamh i bpáirt na


L. 73


teangan = don dteangain. Chuaidh na fiaguithe i bpáirt
le chéile chun na seilge = shocruíodar go roinnfidís an tseilg
go cothromach. Táimíd asaon i bpáirt san ngluaisteán.
is cuma liom cad é an saghas éadaigh a bhíon orm; ach i
bpáirt na mbróg, bím ana-cháiréiseach 'na dtaobh = tímpal
i dtaob. Ní féidir an focal "báinní" do chur an obair i
bpáirt leis an áthas ach leis an bhfeirg. Tóg an copán tae
sin i bpáirt mhaitheasa: ní dheinfidh sé díth ná díobháil (dochar)
duit = chun go ndeinidh sé maitheas duit.



PÁIRTEACH — Bímíst páirteach sa ngnó = i bpáirt. Tá
an naomhóg san páirteach = i bpáirt ag beirt nó breis: na
daoine gur leótha í bheith ag obair i bpáirt léi.



PAISTE — Ní h-aon ana-phaiste an áit seo nuair a thagan
an dúbhluachair = áit. Thugamair paiste den lá ag cainnt.
Ní dheinfeadh an peann paiste don inneal chun scríobh a
dhéanamh = gan bheith i n-aon ghiorracht don inneall. Ní
dheinfinn paiste do (de) Sheán chun Gaoluinne = me bheith
fiche míle slí ó bheith chó maith leis.



PÁISTE — Ní páiste me agat, a mhic ó, agus ná tagadh sé
i ngan fhios ort = gan me bheith ró-shímplí.



PANTALÓG — Alpachán maith cailín, linbh, mná. Panta-
lóg de leanbh maith, de bhean = bheith reamhar beathuithe.
Alpachán fir nó buachala a deirtear.



PAOITHIREACHT — Bhíodar ag paoithireacht fén bhfear
deire = beithé agus maga aca fé: ag faoithrigh.



PAOR — Bhíos im paor aige: dhein sé paor díom — le
ceisteana a chur orm nár bhéidir liom a fhreagairt.



PAPAIREACHT — Níl ach papaireacht sa ráfla go bhfuil
pápa nua toghtha = cainnt gan bhonn: cainnt á rá is gan
fhios ag éinne an bhfuil sé fíor.



PARATHAIS — Tá parathais orm = me bheith crapaithe
suas.


L. 74


PASÁISTE — D'oibrigh sé an pasáiste, a phasáiste, sall
go Meirice ar bheagán páigh = an tslí sall.



PASÚR — Píosa adhmaid, caol sa chois, leathan amuigh
agus ceann cearnógach air chun éadach a níghe. Nó, maide
corcáin. Tá dhá phasúr mhaithe agat = dhá chois mhaithe láidre.



PAT — Tá an leite pat-fhuar = gan bheith te ná fuar:
ann as: fuar go leór. Pat-reamhar = gan bheith reamhar ná
tanuidhe. Bhí sé fliuch ar maidin is tá sé pat-fhliuch fós =
béal-fhliuch. Móin phat-fhliuch, phat-thrim. Fear pat-láidir
go maith seadh é = láidir go leór. Níl an máistir ansan
amuigh ach pat-uasal. Tig pat-bhreá = réidh-bhreá, cuibhsach
breá. Pat-fheargach = feargach go leór: idir bheith ann as.
pat-ghlórach = glórach i gcómhnuí, ach gan an glór bheith ró-
láidir: cainnteach, ag cur ceisteana, rud éigint ar bun
coitianta.



PATALÓG — Pantalóg.



PÁTRÚN — Thógas an bhean úd mar phátrún = chun me
héinig a mhúnla dá réir. Cunathaobh ná tógfá pátrún
liom-sa agus rud beag den nGaoluinn a dh'fhoghluim i n-aghaidh
an lae? Deineadh an dá lampa ar aon phátrún amháin.
Bhí a shúile go géar orm ag tógaint mo phátrúin = ag tarac
mo pheictiúir — ar pháipéar nó istig i n'aigne féinig.



PÉ — Tabharfad an leabhar duit nuair a theastóidh sé uait,
pé lá é (pé nóimint, pé tráth, é).



PÉAC — Tá an bhó pollta mar thug an bhó eile péac di =
ropa. Ní bhíon tu sásta gan bheith ag tabhairt péac fúm = am
ropa — le cainnt. Cúis na péice.



PEACA — Bhíos ag ínsint, ag rá, éithigh. D'ínseas éitheach.
bhíos ag cúl-chainnt ar na cómharsain. Thugas leabhar éithigh.
Thugas toil do smaointe mígheanmnaidhe (nó salacha). Bhíos
ar meisce agus ar díth céille. Bhíos ag rá cainnteana
borbraithe (salacha). Níor dheineas le déanaíghe ach peacaí
(rudaí) beaga gan éifeacht. Cheileas peaca an trus déanach
a bhíos chun faoisdine = choimeádas siar.


L. 75


PÉACÁLAIM — Bhíodar am péacáil suas chun feirge =
am chur suas le ropa den dteangain anois is aríst. Bhí sé
ár bpéacáil chun crosa. Tá an chainnt go léir ag luighe
orm-sa: ní ceart bheith im péacáil chó mór.



PEADAR — Cuir ceann Pheadair na gcros isteach i súil
na gabhlóige: a chos isteach fén mbogha; agus beidh ciseán na
n-éan ar bior agat = bata beag a bhíon lúbtha 'na bharra agus
go mbaintear earruíocht as nuair a bítear ag cur ciseán
chun beirtha ar éin ar tinniol.



PEANN — Chuireas lán an phínn isteach sa ngloine, sa
scála = breisín bheag. Is breá an peann í. Má bhíon aon
dearúd sa gceacht buail an peann air = tairig líne tríd.
Sé an peann rámhan agus sluasaid Thomáis = aisti a bhainean
sé a shlí bheatha.



PEARSA — is gná liom mo phaidrín do choimeád ar mo
phearsain (agam).



PEARSANTA — Is pearsanta an cailín, an fear, é =
deárthatach, chun reatha tímpal áilneachta — bíodh go mbéadh
máchail bheag éigint i gceist.



PEATA — Tá mo bhróga nua 'na bpeataí agam = díomhaoín
go maith, me bheith ana-cháiréiseach tímpal ortha. An té go
leigtear leis as a óige bíon sé 'na pheata go minic.



PEATAIREACHT — Tá Séamas loitithe toisc tu bheith ag
peataireacht air = á pheataireacht: ag déanamh peatair-
eachta air: ag déanamh peata dho (de). Bím ag déanamh
peataireachta ar mo bhróga lae shaoire (is Domhnaigh).



PÉATAR — Beidh péatar báistí ann fén oíche = báisteach
throm bhuan. Beidh sé 'na phéatar ar ball. Tá péatar
báistí air indiu = a chuma san thuas.



PEATUÍOCHT — Nách ort atá an pheatuíocht? = nách tu an
peata — le leanbh (nó duine) a bhéadh ag lorg gach ní a chífeadh
sé, ag gol gan chúis, agus mar sin de.


L. 76


PEICTIÚIR — Cé'n peictiúir é seo? = cé de gur peic-
tiúir é? Peictiúir de Bhríd. Ach, peictiúir ar rud éigint
= peictiúir tímpal ar, mar gheall ar, i dtaobh.



PEIDHLEACÁN — Ní bean a phós sé ach peidhleacán párlúis
= bean gan tairbhe, ná raibh ínti ach an deárthamh. Bé go
mbrúghfainn-se na peidhleacáin asat = na putóga: na
putóga caola.



PEILTEÁLAIM — Thugadar ana-pheilteáil don úrlár sa
rínnce = ana-bhuala: bhaineadar fuaim mhaith as: greada.
bhíos ag peilteáil an bhúird.



PIACLACH — Tán tu piaclach chun na Gaoluinne = iminíoch:
iminí bheith ort chun í dh'fhoghluim. Táim go piaclach ag lorg
na bó = fuadarach, corruithe im aigne.



PIAN — Bhí an bhean i bpian (i bpéin, i bpiantaibh) leinbh
(linbh).



PIANTACH — Ceist phiantach í sin = duafar (duadhmhar),
trioblóideach. Bíon an bóthar so piantach sa ngeimhre = ana-
olc. Droch-lá piantach é seo = ana-olc. Droch-leabhar
piantach = ana-shalach: nó, olc agus deacair. Obair phian-
tach = marathach. Aon ní go mbíon an dua ag baint leis
bíon sé piantach. Droch-oibrí, droch-scoláire, piantach = gan
mhaith. Droch-fhear piantach = ceann tofa aca: fear ná
fuil aon ghéille ann dá thír ná dá theangain, ná d'éinní
fóghanta.



PIARDÁLUIDHE — Duine a bhíon ag póirseáil is ag
cuardach.



PIAST — Tá piast leis an ngamhain = piast a thagan san
eirball aca. Ní féidir liom snaidhm na péiste a dhéanamh.
Piastaí.



PIC — Bhuadhamair pic oraibh = go bog, go fairsing, rábach,
fuigheach-i rás, i gcártaí, éinní. Táim pic níos mó fé
Ghaoluinn, fé éinní, ná tusa = go mór. Táim pic níos
fearr i nGaoluinn ná tusa. Tán tu níos pice ná mise fé
phrátaí = níos flúirsíghe.


L. 77


PÍCE — Píce aoiligh, féir: píce dhá bheann, trí mbeann,
cheithre mbeann.



PILEÁIL — Bíon an t-iasc ag pileáil nuair a dheinean sé
féinig do chorruighe ar barra an uisce: nó an t-eirball nó
na clipí a chorruighe rud beag. Deinean sé amhlaidh nuair a
bhíon sé ar barra agus gan aon fhonn siúil fé.



PILÉAR — Thug sé an chainnt amach i n-aon philéar amháin =
d'aor urchar amháin: go tiubh tapaidh. D'imigh na h-éin i
n-aon philéar amháin.



PILIB — Pilib an gheitire = cuileóg a bhíon i dtreó an
tsoluis nuair a bhíon an lampa lasta agus ná stadan go
ndóghan sé é héinig.



PILLÍN — Peiliúr.



PINSION — Táim chúig bliana ar mo phinsion = é á tharrac
agam ar feadh an fhaid sin aimsire.



PIOBAR — Muna ndeinean sibh brostú leis an obair bé
go gcuirfinn-se piobar oraibh á dhéanamh = iminí.



PIOC — Ní raibh eagla orm ná pioc = faic. Táim gach aon
Bhioc, gach aon phrioc, chó maith leat = gach aon bhlúire.



PIOLÓIDÍ — Bhí piolóidí ag breith ar mo bhean nuair ná
rabhas ag fille abhaile = neamh-fhoighne, imshníomh, agus mar sin.
réarfadh piolóidí ar an máistir lá an chigire = eagla:
bhéadh sé ag breith phiscíní. Tá piolóidí orm ag an gclog
gorm atá ar mo láimh = iminí: eagla go gcuirfidh sé siar
me, go dtiocfaidh olc as. Tá an sioc go trom ar na bóithre,
agus tá na piolóidí orm go maith ag tabhairt an chapaill
amach. Tá piolóidí mo dhóthin orm ag gabháilt don ngnó so,
agus piolóidí maithe seadh bia a dh'ullmhú ar dhroch-theine =
bráca. Bíon lán-phiolóidí ar an mbean go mbíon drúncaer
fir aici nuair a thagan sé isteach is a bhrisean gach aon ní.
Muna mbéadh lóisdín na h-oíche le fáil agam i n-aon bhall
bhéadh piolóidí go maith orm. Fuaireamair piolóidí maithe
ó roinnt de sna focla a d'iarraidh iad a réiteach = greamana,
dua, bráca.


L. 78


PIOLÓIDEACH — An té a bhíon breóite bíon sé piolóideach
uaireanta = bíon sé deacair a shásamh: ní h-é gach aon ní is
maith leis: ní bhíon sé istig leis féinig. Bíon an duine
piolóideach airitheach air féinig.



PIONNA — Bíon pionnaí beaga adhmaid i gcaol mo bhróg =
blúirí beaga caola.



PIONÓSUIGHIM — Táim am pionósú go maith = am chrá,
am chéasa, am chiapa.



PÍOPA — Tá píopaí suas osm — nuair a bhíon tarrac suas
ar dhuine agus glór seórdánach 'na scórnaigh. Tá píopa mar
ainm ar shoitheach (sathach), leis — píopa fíona.



PÍOPAIREACHT — Bíon ana-phíopaireacht aca i dtig na
cúirte = cainnt árd is áiteamh. Ís minic a bhíon ag an
bpobal roimis an Aifrean.



PÍOPÁLAIM — Tá an cnoc á phíopáil amach agam: tá
sé am phíopáil amach = séide is saothar orm aige. Táim
(tán tu, táid) á phíopáil (ag an saothar) = ag séide. Táim
píopálta ag an árd = as anáil. Tán tu píopaithe, nó
píopálta' suas ag slaghdán = múchta suas. Nó píopálta,
píopaithe, ag an dtart = gan na píopaí bheith ag obair go
h-éascaigh aige.



PÍOPÁN — Bhíodar ag dul i bpíopáin a chéile = i scórnaigh.
Ubhal an phíopáin = an cnámh a bhíon ag sádha amach i lár na
scórnaighe.



PÍOPÁ-PIN — Bí na gluaisteáin ag teacht chó tapaidh le.
píopá-pin = ana-thiubh. Cainnt seadh pío-pá-paidhe-pin a
bhainear le cleas beag. Cuirean duine cnaipe, cig., isteach
'na leath-dhorn agus teasbánan an dá dhorn ansan. Tos-
nuighean an duine eile "pío pá paidhe pin oscail do-lámh
is-tá sé-ansan" agus má thagan an chainnt dheireanach anuas
ar an ndorn ceart tá an cnaipe buaidhte aige.



PÍOPUIGHIM — Táim píopuithe ag an dtart = píopálta
múchta, tachtuithe.


L. 79


PISCÍN — Níl ionnat ach piscín beag fir = fear beag gan
mhaith. Bhíodar ag breith phiscíní nuair a chonacadar an tóir
chúcha = scannra is eagla thar fóir a bheith ortha.



PLAIC — Tá sé suidhte ar a phlaic ó mhaidin = tóin.



PLAICIDE — Uachtar agus bárr an chinn.



PLAINNCÉAD — Bhíodar ag siúl ar phlainncéidí an
bhóthair = an áit ghlas a bhíon idir an mbóthar féin agus an
claidhe gach taobh.



PLÁITÍN — Pláitín na glúine = an cnámh chómh-chruínn a
bhíon i mbarra na glúine. Tá pláitín ort = tán tu maol.
pláitín an chinn = uachtar an chinn ón éadan siar go dtí an
gcúl.



PLÁMÁSAIDHE — Plámásaí rógaire. Bhí sé ag plámár
liom = ag déanamh plámáis liom. Táid ag teacht chun
plámáis = chun caradais: chun bladair: ag dul i móireacht.
Cuir uait do chuid plámáis: ní theastuíon sé uaim. Beirt
mhór phlámáis seadh iad. Bíon na bóithre cama fén
bplámásaí.



PLÁNA — Tá an plána ar an bhfairrge indiubh = í bheith cho
sleamhain, chó mín, le plána gloine.



PLANNC — Tá plannc (tuitithe) amach as an bhfalla =
píosa. Tá na báid sa phlannc céadna = áit. Tá an scian,
an buidéal, sa phlannc so ó mhaidin = ball.



PLANNDA — Seana-phlannda seadh thu anois = seana-ghar;
duine atá ann i bhfad. Téighean an t-ál thar lear agus
fanan an dá sheana-phlannda i n-Éirin.



PLAOSC — Plaosc uibh: agus plaoisc ubh.



PLAPA — Plapa an bhríste = tosach an bhríste: an chuid
de go mbíon na cnaipí ann go tiubh.



PLEANNC — Bhuail Seán pleannc orm = buille go raibh
fuaim agus ceól ann.


L. 80


PLEANNCAIM — Phleannc an bhó bó eile = thug fúít,
leis na h-adharca. Phleannc an laogh an bhean nuair a bhí sí á
chothú = thug fúithi le n-a cheann. Phleannc mo bhuachail me le
pléasc de dhorn = bhuail go nímhneach: chnag.



PLÉASC — Tháinig an chainnt uaidh i n-aon phléasc amháin
= piléar, urchar: go tapaidh. Thuiteadar i n-aon phléarc
(phléisc) amháin anuas ar a chéile. Cúis na pléisce.



PLÉASCAIM — Do phléasc air toisc an iomarca a dh'ithe,
Tá gloinne an lampa pléascaithe.



PLÉASCÁLAIM — Bíodar ag pléascáil a chéile = ag
buala go ceólmhar: ag tuargain. Bíon tonna na trágha
ag pléascáil a chéile.



PLÉASCARNÁIL — Is éachtach an phléascarnáil (thóirth-
níghe) atá ann ó mhaidin = buala leanúnach: mórán pléasch.
Thugadar pléascarnáil mhaith dá chéile. Bíon pléascarnáil
mhaith ar an dtráigh, agus lán-phléascarnáil ar pháirc an
chogaidh.



PLEIDHCE — Pleidhce amadáin = gamall: stúmpa ama-
dáin. Leath-phleidhce seadh é.



PLÉISIÚRTHA — Fear pléisiúrtha geal seadh é = ana-
phléisiúr is spórt a bheith ann.



PLEIST — Thuit sé 'na phleisc = thuit síos gan anam.



PLEISTÍOCH — Pleistíoch fir = fear mór trom aindeis,
gan anam, gan mhaith: a bhéadh, cig., séidhte ag an ól: nó
gan mhaith ag an bhfeóil.



PLIBIRE — Plibire gamhna, uain, tairbh = rud suarach, gan
mór-mhaith. Plibire beag gan chiall. Plibirí Sinnféinithe.



PLUBAIRE — Duine go mbíon cuma bhog bhaoth air: an
fheóil ar crith air: ní bhíon fáiscithe, ná ní faraire é. Plubh-
aire amadáin.


L. 81


PLUBUÍL — Tá an citeal, an leite, ag plubuíl = ag
beiriú go bog, agus cuid den uisce nó den leitin ag léime i
n-áirde.



PLUC — Tá pluc orm ag an dtinneas fiacal. Tá pluc ar
an bhfalla = é ag bolga amach, ag scéachtaint. Bíon pluc
ar an rud a bhíon atuithe sa tslí dhuit gur mar a chéile iad.
Bain cúpla pluc as an bpíp = gal, seac, lán béil. Ól
cúpla pluc den mbainne: bain cúpla pluc as = bolgam
mór.



PLUCUÍL — Bhí plucuíl air chúgham = at le feirg, na pluic
ag eiríghe amach aige, agus cainnt gharbh láidir sa tsiúl.
D 'eirigh sé chun plucuíle chúgham sa deire. Bhí sé ag plucuíl
thobac = ag líona a bhéil den ngal. Ag plucuíl aráin,
bhainne = pluic díobh so á dtógaint.



PLUDACH — Bhíodar ag cur pluda san aer le bárr reatha.
Táim ag siúl pludaigh ó mhaidin = sa phluda ó mhaidin.



POBAL — Táthar ag cruinniú chun an phobail = teampal.



PÓCA — Táim 10s. as mo phóca leis an mbó a dhíol ar £20
= caillte, gearra. Ach, im póca = buaidhte. Táim leath-
choróin im póca tréis na h-oíche aige sna cártaí.



POCÁLAIM — Deinimíd an t-iasc (nó na h-uibhe) do
phocáil isteach i mbosca agus crotha beag salainn a thabhairt
dóibh = iad a chúnlú.



POCHÁN — Tá na pocháin orm = an plucamus.



POCLÉIM — Bhí na smólaigh ag pocléimrigh ó thor go tor.
bhíos ag pocléimrigh le h-áthas = ag léime i n-áirde. Ní
bhíon na poc-léimeacha fada: bíd gearra mion.



POCHÓID — Máchail bheag a bhainean coitianta le teas fola
a thagan amach ar an gcroicean 'na chnapán beag agus go
mbíon braon bán ann.



POIBLÍ — Tá sé poiblí gur ag foghluim Gaoluinne a


L. 82


thánag anso = tá's aiges gach éinne é. Níor mhaith liom droch-
theist phoiblí orm.



PÓIRSE — Níor fhágas poll ná póirse gan cuardach don
bpeann a chailleas = slí bheag chumhang dhorcha. Áit chumhang
a bhéadh idir dhá thig a bhéadh i n-aice le chéilig, ach ná béadh an
dá bhínn ceangailte dá chéilig: clóiséidín beag (áit bheag
phríobháideach) chun óil sa tig tábhairne: an tslí a bhéadh idir
thig a bhéadh isteach le port agus an port féinig: an áit a
bhíon fé bhun staighre.



PÓIRSEÁLAIM — Nuair a dh'imigh na sean-daoine bhí an
buachaill ag póirseáil ag lorg rudaí deasa = ag cuardach, ag
brath roimis mar a bhéadh fear dall. An té a bhíon ag lorg
rudaí sa dorchadas bíon sé ag póirseáil. Tá an chearc ag
póirseáil chun beirtha = ag imeacht ó phóirse go póirse: nó
ag póirseáil chun bídh. Nuair a bhí a théarma caithte sa
choláiste aige bhí sé ag póirseáil ag lorg puist dó féinig =
ag cuardach: ag scríobh anso is ansúd, agus gan fhios aige
cad é an freagra a gheóbhadh. Bhí na saighdiúirí ag póirseáil
mo sheómra, nó im sheómra. Ní bheifá sásta gan bheith ag
póirseáil ar fuaid an tseómra ag féachaint gach ní atá ann.
ar mo phócaí atá an phóirseáil á dhéanamh agam féachaint
an bhfuil aon mhilseán ionnta. Póirseálaidhe.



POLCA — Íosfadh sé (nó ólfadh sé) an polca te: nó,
íosfadh sé as an bpolca te é = íosfadh, nó ólfadh, sé éinní.
íosfadh aníos as an bhfliuchaigh: íosfadh mór-chuid. Feic
leat folca.



POLL — Tá naomhóga anso ins gach poll, scoilt, is cumar =
i ngach ball. Tá leabhartha anso ins gach poll scoilt is cumar
ar fuaid an tíghe. Nuair a bhí an máirnéalach 'na chorp
caitheadh isteach sa pholl, 'on pholl, é = sa bhfairrge. Tá
poll maith déanta agat sa gceacht = cuid mhaith de déanta
agat. Bíon poll mór déanta san oíche an aimsir seo fé
n-a h-aondhéag = mór-chuid di caite. Bhí do shúil ar pholl
an ghlais = tu bheith ag féachaint tré pholl an ghlais. Ach, tá
mo shúil ar an ndoras = táim ag féachaint air. Duit-se
atáim á ínsint sin, a phuill an fhalla — ach bhí duine ag éis-
teacht agus ba chuige an chainnt. Poll an adharta = an


L. 83


poll a bhíon isteach sa bhfalla cois na teine. Chuireamair
poll maith sa gcoirce = mór-chuid de a chur dínn. Bíon
na fairitheóirí ag lorg na bpoll aimsir chogaidh = na gabhailíní
(góilíní). Tá mo mhéireana i bpoll tráthair go dóite =
táim i gcás nách féidir liom teacht as go ró-bhog. Níor
dheineas ach an bithúnach do léasa i bpoll na cluaise = an
poll a bhíon fé bhun na cluaise. Tá an focal san thiar i
bpollín bradach i gcúl mo chinn agus ní féidir liom é thabhairt
ar barra. Nuair a tháinig an máistir isteach agus mise
droch-ghnóthach b'fhearra liom go mbéinn i bpoll talún leis
an náire = i bpoll in sa dtalamh.



PORTACH — Fiacail (= faor), drom, gabhal, an phortagh.
Uisce portaigh: poll portaigh Portaithe. Feic móin.



PORTÁN — Tá greim an phortáin agat = greim ana-
dhaingean.



PÓSAIM — Go n-eiríghe bhúr bpósa libh — le lánúin (lánamh-
ain) nua-phósta. Go n-eiríghe Dia is do phósa leat. Bhíoi-
mair ag ithe is ag ól ar an bpósa, i dtig an phósta.



POST — Bead ag súil le líne uait leis an gcéad phost =
le casa an phuist. Nuair a buailtear an clog téighean gach
inne 'na phost féinig = i mbun a chúraim féinig. Theastuigh
uaidh me chur dem post, as mo phost = me bhrise as mo
phost.



POSTAIRE — Fear an phuist.



POTA — Téir chun an phota = chun an diail. Tá an saol
dulta chun an phota tímpal éisc. Ní dheinfinn seana-
phota stáin dem theangain ag cainnt leat = ní mheilfinn mo
theanga, mo ghlór. Pota = an fearras a bhíon ar chairt chun
gainímhe, aoiligh, agus mar sin díobh, a dh'úmpar. Pota
asail = an pota a bhíon ar chairt an asail. Is maith leat an
pota is an mála bheith agat = breis thairis do cheart: an dá
thaobh: é seo is é siúd. Fuair sé 'na phota is 'na mhála é.
bhí sé 'na phota is 'na mhála aige. Ba mhaith leis é bheith 'na
phota is 'na mhála aige — fear, cig., go dtógfaí a rothar
uaidh, agus go dteastóch uaidh an rothar féinig agus a luach á


L. 84


dh'fháilt thar n-ais: fear a bhéadh ar thaobh na síochána agus
'na coinnibh san am gcéadna = so is súd a bheith aige.



POTANÁLAIDHE — Duine ná bíon slachtmhar ná cliste
tímpal gnóthaí tíghe: duine a bhíon ag potanáil ar fuaid an
tíghe.



POTFIATHAIM — Nílean tu ach ag potfiatha an linbh, an
laoigh, éinní = ag tabhairt an iomarca bídh dhó. Ní h-aon úna
an droch-úmpar sa leanbh agus é potfiathuithe mar sin
agat = an iomarca den gcothú tugtha dhó.



PRAISEACH — D'aithneóinn beirithe i bpraisigh thu = pé
malairt cló a thiocfadh ort. Tá dath na praisge oraibh =
dath buidhe mí-lítheach míshláintiúil. Táim chó doimhin sa
phraisigh le h-éinne agaibh = chó fada (chó sáidhte) isteach sa
gcúrsa — pé saghas cúrsa nó gnótha é.



PRAITINIÚIL — Tán tu praitiniúil chun na Gaoluinne a
bhreaca síos = mear, tapaidh, éascaigh. Táim praitiniúil
sa mBéarla = líomhtha, pras. Tán tu praitiniúil ar an
bpeann = ábalta ar í oibriú go h-éascaigh. An té a bhíon
amhlaidh preaban sé chun a ghnótha go mear tapaidh.



PRAITINIÚLACHT — Níl aon phraitiniúlacht ionnat ach
tu id liobar = tapúlacht.



PRAMMSÁIL — Ní ag rínce a bhí sé ach ag prammsáil =
ag teacht anuas go trom ar an úrlár: ag baint préacha
(préamhacha) as talamh: ag léimrigh.



PRAPÁLAIM — Táim ag prapáil (suas) chun dul amach
ag rothuíocht = ag ullmhú. Tá sé (an lá, an aimsir) ag
prapáil suas chun na síneach = ag dul ar bun: ag ullmhú,
ag buirbeáil.



PRAS — Nílim ró-phras im theangain = ní féidir liom í
oibriú ró-éascaigh, ró-thiubh. Tá do theanga go pras san
nGaoluinn, chun na Gaoluinne = é ar do chumas an Ghaoluinn
a labhairt go líomhtha.


L. 85


PRÁTA — Na scioltáin a ghearra nó a scolta. Táid ag
cur amach (na bpéacán). Bhíomair ag baint na bpéacán
díobh. Táid (na gais) ag dúna na gclaiseacha. Bhíomair ag
taosca = ag taosca na cré as na claiseacha isteach ar na
leapthacha (prátaí). An stuif (an chloch ghorm) a chur ar
boga, agus a leatha amach. An bhleaist a tugtar ar an
ndubhachtaint a thagan ar na gais. Fadhbán = fadhb mhaith =
práta breá mór. Cnap = práta maith reamhar. Prátaí
miona: ansan criocháin: agus ansan na giollaidí = an
saghas is lúgha aca. Na sceabhchóirí = na blúirí beaga gan
mhaith a dh'fhanan tréis an tsíl (nuair a bhíon na scioltáin
geárrtha), agus ní h-aon mhaith iad chun síl. Níl tabhairt
amach an phráta bheirithe sa bhean san = í bheith ana-spriúnlaithe.



PREAB — Níl aon phreab ionnam tréis an lae = níl aon
léim ná fuinneamh: táim traochta, tnáithte, tugtha amach.
Tá preab fir ionnat fós = gníomh. Táim i ndeire na
preibe = i ndeire na feile, na feide = gan puínn fuinnimh
bheith fágtha ionnam: marbh nách mór: gan é ar mo chumas aon
ana-phreab eile a thabhairt — pé cúis a bhéadh leis (droch-
shláinte, fiacha, droch-bheatha).



PREABAIM — Ná tógfá socair é? Bíon tu ag preaba
chun tosaigh i gcómhnuí = ag léime — i n-aon tsaghas gnótha nó
cúrsa.



PREABAIRE — Preabaire fir = fear go mbéadh lúth
ann: bíon anamúil, preabúil, preab ann: agus phreabfadh
fé ghnó gan cuímhneamh air puínn.



PREABÚIL — Tá sí preabúil go maith = preab a bheith
ínti ar aon tsaghas slí-chun rud a dhéanamh rud a thabhairt
uaithi, chun aon ní. Capall preabúil = capall gur fuirist
preab nó geit a bhaint as: nó go mbéadh ceól ann.



PRÉAC — Táim ar mo phréac indiubh = gan mháistir ná
máistreás: saoirse gan cheangal agam. Táid san ag
imeacht ar a bpréac = gan smacht: gan aon chúram a bhac.
Thugas na laetheanta ar mo phréac dom héinig = ar mo thoil.
Níor mhaith liom é ghlaca chúgham (é tharac chúgham) bheith ar
mo phréac i gcómhnuí.


L. 86


PREÁCH — Stad — le capall, nó le h-asal.



PRÉAMH — Tá clab ort ón bpréimh = ó dhúchas. Strac sé
an gas óg as a phréamhacha (préacha) = aníos as an dtalamh.
Bís go maith chun na Gaoluinne ón bpréimh = ó dhúchas; nó,
ó thúis, ó thosach. Bhí sé ag baint préacha as an dtalamh = ag
sádha, ag dinge, na gcos isteach ann: á bhuala go tréan.



PRÉAMHUIGHIM — Anois atá an coirce ag préamhú =
ag cur na bpréacha isteach sa gcré. Tá an lá ag préamhú =
ag dul ar bun, ag neartú. Tá an Ghaoluinn ag préamhú sa
tír = ag fáilt a greamana. Táid go maith chun spórt a
phréamhú = a chur ar bun: a chur sa tsiúl. Bíon an bainne
fuar ón bpréimh agus ní thabharfá seamalasc go deó air =
sin é an tslí nádúrtha dhó a bheith — ach ní mar sin don dtae.



PRÉASLACH — Cipín a cuirtear i mbéal gabhair: gobán.
Chuireas préaslach ar an madra toisc é bheith malluithe.
Nuair a bhíon an bladhgaire sin ar aon chuideachtain amháin
liom ní mór dom préaslach do chur ar mo theangain = cosc:
srian Cuirtear an préaslach ar an bhfiréad, leis.



PRIOCAIM — Tá an Ghaoluinn priocaithe suas go maith
agat = piocaithe, tógtha leat. Bí ag prioca leat i gcómhnuí.
Phrioc sí an gé = bhain an clúmh di. Tán tu ag féachaint ana-
phriocaithe = slachtuithe, deisithe. Mhuise, cad a phrioc me agus
an focal san a rá? = cad a spreag: cad a chuir chuige me?
Bhí sí ag prioca na Gaoluinne uaim. Níor bhéidir liom aon
phingin a phrioca uaidh = a ghoid, nó a mhealla, uaidh. Phrioc
dreanncaide me. Táim ag iascach le leath-uair an chluig
agus ní bhfuaireas aon phrioca fós = níor priocadh fós me:
níor rug aon iasc greim ar an mbaidhte. Bí ag prioca leat
anois go tiubh te = ag imeacht, ag bailiú. Prioc leat abhaile.



PRIOCÓID — Arm chun mairtéal nó bóthar nó cré nó
inní cruaidh a bhaint.



PRIOMPALÁN — Nó treampalán. Beach a dheinean
ana-fhuaim nuair a bhíon sé sa tsiúl tríd an spéir san oíche.
alpaire dubh seadh é.


L. 87


PRIOSLÁIL — Tá an leanbh ag priosláil = prioslaí leis
uisce ag sile ón mbéal aige.



PRIOSLAIRE — Duine a bhíon ag priosláil.



PRIOSLÁLTHA — Tán tu ana-phriosláltha = mór-chuid prios-
laí a bheith leat nó smeartha ort. Tá an lá so priosláltha
= salach, gránna.



PRIÚNSÚIR — An úirlis a bhíon ag gréasaidhe, cig., chun
tairngí a tharac.



PROMMSÁIL — Cuir uait an phrommsáil = léimreach,
rínce garbh, siúl garbh trom. Feic prammsáil.



PRUAIS — Pluais (gnáthóg) mada-rua.



PRUMPA — Cearc an phrumpa = cearc go bhfuil an
t-eirball di, agus go mbéadh a tóin thiar ag sádha i n-áirde
i n-aon chnapán amháin.



PRUMPAIRE — Cearc go bhfuil eirball den tsaghas so
thuas uirthi; nó duine go mbéadh geadán mór tóna aige
(nó air) ag sádha amach.



PRUMPÁLAIM — Cearc phrumpáltha = go mbéadh prumpa
uirthi, agus an t-eirball ceart (na cleití fada) bainte dhi.



PRUPÁLAIM — Bead ag prupáil chun gluaiseachta i
n-ainm Dé = ag déanamh suas, ag ullmhú, chun —. Táim
prupálta suas anois.



PÚCA — Tá an gloine briste, ach ní mise a dhein é, ná
mise, ná mise. Seadh, bhris duine éigint é, ach tá gach éinne
agaibh ag cur an phúca uaidh féinig = ag coimeád na díobhála
amach uaidh féinig. Púca paidhl = cupán drúchta go mbíon
cos mhór fé agus nách féidir é dh'ithe toisc é bheith ró-gharbh.
Bíon círíní air laistíos ar nós an chupán drúchta. Púdar
a tugtar ar shaghas eile, mar nuair a bhíon sé dreóighte
agus a brúightear é tagan an saghas san stuife as — stuif
go mbíon cuma an phúdair air.


L. 88


PUDHAIR — Pudhair mhór seadh bás an fhir sin = cailliúint.



PÚIC — Tá púic ar an mbó = clúdach anuas ar a súile —
toisc í bheith ag cómhrac, ag adharcáil le ba eile. Tá púic
mhór ort = cuma chrosta: an ceann fé agus cuma droch-
ghiúmair ort.



PUILÍNÍ — Blúire adhmaid (nó iarainn nó mar sin) go
mbíon roth air agus slabhra nó téad ar an roth chun rudaí a
thógaint. Chuir sé uaidh me i n-ainm phuilíní an diail. Imigh
i n-ainm phuilíní an diail. I n-ainm phuilíní an diail go
n-imíghir, go dtéighir = na puilíní a bhíon ag an ndial chun na
daoine d'árdú isteach i n-ifrean.



PUÍNN — Bhfuilean tu puínn aoise anois? = mórán.
bhfuil aon phuínn cúraim ort? = aon ana-chuid: roinnt
cuíbhsach mór.



PÚINSIÚN — Bhuaileas le púinsiún maith cloiche sa gceann
é = cloch mhaith chruínn a dh'fhéadfá chaitheamh led láimh. Púin-
siún fíona = soitheach (sathach) fíona.



PÚIRTHÍN — Bhíomair ag imirt phúirthíní = ag imirt chluiche
le 5 clocha beaga. Tá láthair dheas phúirthíní againn anso =
áit dheas chun iad a dh'imirt. Táid ag caitheamh púirthíní
sneachtaidh ar a chéile = liathróidí beaga. Púirthíní imeartha
Corruighe uait = ní ceadaithe dhuit an púirthín a chorruighe, is
díolfair as. Caithtear na 5 púirthíní i n-áirde ar dtúis
féachaint cé is mó a thógfadh ar dhrom a lámha iad. Aige
sin a bhéadh an tosnú. Níl corruighe istig = níl ceadaithe
corruighe a dhéanamh leis na clocha. Níl corruighe tóna istig
= níl ceadaithe do thóin a chorruighe (chun teacht ar chloch a
bhéadh i bhfad uait, cig.). Socrú baise = na clocha a shocrú go
deas in sa mbais chun go mbeidís deas oiriúnach chun iad a
scaoile amach ar an dtalamh. Ní bheidh aon mhéirín istig = na
clocha a scaoile amach trí sna ladhracha ar an dtalamh. Tug-
tar "titim cloiche" ar chloch a thitim amach as do bhais, nó gan
tu dh'fháilt ghreama uirthi. 41 is mó an marc go mbítear ag
cómhaireamh chuige. Tosnuíon an cluiche le ceann a scaoile
ar an dtalamh, na 4 cinn eile a chaitheamh i n-áirde, breith
ar an gceann thíos agus ansan ar na 4 cinn is iad ag titim


L. 89


anuas. Má dheinean duine é sin bíon an chéad aon (sa
chómhaireamh) déanta aige. As san amach seo iad na céim-
eana chun gach-aon "aon" eile den gcluiche a dhéanamh. An
chéad dóanta, an tarna dóanta: gaba: cloichín tíos.
Theipeas ar mo chéad dóanta, dóanta a seacht = theip orm
mo chéad dóanta a dhéanamh is me a d'iarraidh mo sheachtú aon
a bhaint amach. Theipeas ar mo tharna dóanta, dóanta a 10.
Theip uirthi ar a gaba a 9. Theip ar Sheán ar a chloichín tíos
a 29. Tá mo chloichín tíos a 3 déanta agam. An mbeidh
socrú istig againn? = é bheith de chead againn na púirthíní a
shocrú i slí dheas oiriúnach ar an dtalamh.



PÚNCÁISÍN — Leanbh 3-10 mbliana, agus cruínn teann.



PÚRTAIDHE — Tá a bhfuil ag an mbórd sásta ach an
púrtaí = duine go mbíon tormus air coitianta agus mí-
shástacht. Ní bhíon cainnt ná allagar aige: cuma ana-
mharbh neamh-anamúil air: dá mbéadh cuideachta ann bhéadh
sé i bpoll leis féinig: duine gan sult gan ghreann, gan
chaitheamh aimsire, agus leithreachas ag baint leis: agus a
thoil féinig aige. Go dtachtaidh an bia thu muran tusa an
púrtaí. Púrtaí amadáin.



PÚRTHLÓG — Púróg, púróg cloiche. Púrthlóigín = púr-
thóigín, búrlóg bheag.



PUS — Bíon na beóla sáidhte amach le chéile ana-reamhar
chun pus a dhéanamh.



PUSACHÁN — Rud a cuirtear ar ghamhain óg ar a phus i
dtreó is ná béadh sé ag súrac.



PUSÓID — Tá pusóid mhaith láidir thiar agam agus gan
aon bheann agam ar an bhfuacht = bia maith láidir, agus níos
mó ná aon tsaghas amháin de, mórán saghasana — feóil,
ainirthe, cáis, agus mar sin, le chéile. Bhéadh an fheóil léi
féinig ró-aonarach. Tugtar pusóid ar phurgóid, leis.



PUSUÍL — Bhí sé ag pusuíl ghuil = gol beag á dhéanamh
aige: pus an ghuil air.


L. 90


PUTH — Leagfadh (leacthadh) puth de t'anáil í = an rud is
lúgha. Bead ag obair faid a bheidh put ionnam = an dé.
Níl ann ach an puth = an dé.



PUTHADUÍL — Tá puthaduíl casachtaighe orm = casachtach
bheag anois is aríst.



R



RABHA — Tugadh an rabha dhom go raibh an tóir chúgham =
focal, foláramh.



RÁBACH — Bhí an bád go rábach chun tosaigh = go fairsing,
go fuigheach, go bog. Bíon an focal "lútáil" ag obair go
rábach ar mórán rudaí = go tiubh. Fear breá rábach seadh
thu = scópúil, éascaidh, scaoilte id shiúl. Táim ag scríobh go
rábach = go tapaidh.



RÁBAIRE — Duine scópúil géagach scaoilte.



RABAIRNE — Ó thug Dia an rabairne dhuit sín do lámh do
bhochtaibh Dé = flúirse.



RABHARTA — Tá sí (an fhairrge, an taoide) 'na rabharta
an aimsir seo = í bheith ana-láidir: tagan isteach ana-
fhada agus trághan amach ana-fhada — an fhaid chéadna. Tá
rabharta ann. Tá sé 'na lag-trágha rabharta (lac-trágha a
deirtear) = tráighte amach chó fada is a raghaidh. 'Na barra
taoide rabharta = chó lán isteach is a thiocfaidh. Chuas amach
ar an scairbh ag lac-trágha rabharta. Chuireas an fheamanach
ar barra taoide rabharta, ach thóg an t-uisce í. Tá rabharta
ar bhia againn = flúirse de. Aon rud a bhíon flúirseach
bíon rabharta air. Bhíos láidir go maith sa tsaol, ach táim
tagtha ón rabharta go dtí an mhalabhair (mallmhuir). Sí
an fhlúirse a bhí agat gach aon lá riamh agus is olc a raghaidh an
rabharta ar an malabhair duit anois = an saol maith bheith
imithe agus an droch-shaol bheith agat i n'inead — toisc tu
bheith tuitithe chun bochtaineachta: agus is olc a thaithneóidh


L. 91


sé leat. Rabharta feirge, cainnte = mór-chuid, agus iad
láidir.



RÁBÓG — Bhíos chun rábóg a thabhairt isteach chúghaibh muna
mbéadh an bháisteach = gluaiseacht tapaidh, sciúrd. Chuireas
fiche míle bhóthar díom den rábóig sin = sciúrd gan sos.



RADHARC — Tá a radharc iompuithe istig 'na cheann leis
an scannra, ach socróidh siad (na súile) arís = a shúile. Tá
an long ag teacht 'nár radharc = ag nochta orainn. Tá
sí as ár radharc fós: i n-ár radharc. Radharc do shúile =
an cearcal dubh istigh. Táim cumhang-radharcach, gearra-
radharcach = cúmhang nó gearra sa radharc.



RADHAIRSE — Níl aon ana-radhairse gliomach ann anois =
aon ana-chuid, ana-fhlúirse. Níl puínn radhairse d'aon ní
againn. Radhairse aráin. Níl na prátaí ró-radhairsiúil
againn fós, ach ag dul i radairsiúlacht a bheid as so amach =
i bhfairsinge, i bhflúirse.



RÁFLÁIL — N'fheadar an bhfuil an cleamhnas déanta,
ach tá ráfláil air go bhfuil = ráfla is ráflaí sa tsiúl go
tiubh go bhfuil.



RAGA — Raga fir, bó, éinní = rud a bhíon lom, cnámhach,
neamh-chórach, garbh. Ní íosfainn aon bhlúire den raga san.
Raga éisc = iasc ná bíon ann ach na cnámha. Ní bó bhainne
í sin ach raga neamhchórach garbh. Bhí tig breá againn ach tá
sé imithe chun raga anois = chun an donais, 'na bhathalaigh.
Tán tu ag dul chun an raga le déanaighe agus brisfar amach
as do phost thu.



RAGAIRNE — Bhíos ar ragairne aréir = d'fhanas suas
déanach (fada amach) san oíche. Nó, ag claoidhe leis an ól —
fiú amháin sa ló. Bhíos ar ragairne = san áit 'na raibh an
ragairne, ragairne mhór. Tá rud éigint dulta chun ragairne
sa tsiopa, i n-aon bhall = tá ragairne éigint ar siúl, rud
éigint tuitithe amach — nuair a chloisfá cainnt árd á dhéanamh:
bád stróinséartha tagtha: raic fachta: fear marbh: scéala
úntacha sa tsiúl. Reagairne a deirtear.


L. 92


RAGAIRNEÁLUIDHE — Duine go mbíon an ragairneáil
ar siúl aige. Agus bhéadh dá mbéadh sé ag imeacht sall is
anall go mall is ag meilt na h-aimsire fiú amháin i lár
an lae agus gan aon ólachán.



RÁIB — Bhuaileas isteach chúcha de ráib = de sciúrd, go
tapaidh. Thug sé ráib isteach chúghainn agus d'imigh gan mhoill,
Dheineas an ceacht d'aon ráib amháin = d'aon iarracht amháin;
sciúrd, scríob. Ba mhór an ráib a dheinis an uair sin =
rith tapaidh, sciúrd reatha, scríob, scríob reatha.



RAIC — Dhein sé raic de féinig leis an ólachán = dhein
brise air féinig. Tá an seómra 'na raic agat = gach aon
ní soir siar: briste brúighte. Tháinig sé isteach ar meisce
agus dhein ana-raic ar gach éinní = ana-dhíobháil. Tán tu ag
imeacht chun raice ag an ólachán, ag an obair = ag brise
as a chéile. Táid imithe ag ól is ag raic. Raic = aon
earra a thagan isteach leis an dtaoide. Dheineas raic díom
féinig leis an gcainnt sin a rá = loiteas me héinig. An
leabhar nua a fuairis cúpla lá ó shoin tá sé 'na raic agat
anois = giobalach, loitithe. Dheinis raic dem chuid colata
le me mhúscailt = dheinis é bhrise i slí ná fuaireas aon
tsásamh ann as san amach. Dheinfeadh tromluighe an ní
céadna. D'imigh mo chuid colata chun raice orm aréir =
me bheith ag taidhreamh nó buartha, nó loit rud éigint é.
Dheinis raic díom = me bhuala is a bhrise: nó mo lochtaí a
dh'ínsint, nó díobháil mhór éigint a dhéanamh dom. Dhein an
máistir raic ar mo cheacht = dhein géar-cheartú air leis an
bpeann-luadha gorm. Táim im raic ag an ól. Reaic a
deirtear.



RAIDIM — Bhí an capall ag raide fén gcairt = ag caitheamh
a thóna i n-áirde: ag spriúca. Raid sé an chairt. Raid
an t-asal me — bhíos ar a mhuin = thug fé me leaga anuas de.
Raid sé anuas (de) me. Bhí sé ag raide. Bhíodar ag raide
na Gaoluinne (uatha) go tiubh = á spreaga go bínn. Níor
dheineas ach me héinig a raide isteach sa tsáile = a chaitheamh.
Thug an máistir cead raide dhúinn = pé ní ba mhian linn a
dhéanamh. Bhíodar ag léimrigh is ag raide nuair a fuair-
eadar na laetheanta saoire. Bhíodar ag raide ceisteana
isteach chúgham = ag scaoile.


L. 93


RÁIFLEÁIL — Tá ráifleáil bheag ag imeacht go bhfuil an
tsíocháin déanta = cainnt ag imeacht idir na daoine: ínsint
ráfla. Feic ráfláil.



RAIMH — Nuair a bhíon an ghaoth ag séide bailíon sí isteach le
chéile pé nithe (neithe) beaga a bhíon ar uachtar na fairrge,
Raimh seadh na nithe sin. Ramhcha = mór-chuid díobh. Bíon
mórán ramhcha ar chliathán, le cliathán, na talún nuair a bhíon
an ghaoth ag séide isteach.



RAIMPÉAR — Duine aerach neamh-chúramach gur cuma
leis cad a dheinfeadh sé.



RÁINEACH — Miúil.



RAIS — Rais alluis = rais bheag a thagan amach uaireanta
nuair a chuirean duine cóta alluis nó brat alluis de.



RAISPÍN — Raispín fir = fear beag gan mhaith, gan
toirt, gan fuil, gan feóil. Fear críona caithte. Raispín
seana-chapaill, seana-bhó, sean-duine: raispín caorach,
cait, madra, mná. An té a bhíon spriúnlaithe glocan
sé an ainm, leis. Tugtar raispín ar chaoira go mbíon na
cnámha tríthi amach, nó ar fhear beag canncarach spriúnlaithe
go mbainean cruacht leis.



RAISTE — Ba throm an raiste báistí a dhein sé = báisteach
neambuan go mbíon fuinneamh gaoithe léi: bíon sé fuinniúil:
scrabha beag báistí agus an fiantas leis.



RÁISTÉIR — Duine a bhíon ag bóthaireóireacht, ag imeacht
anso is ag rith ansúd is ná fanan i n-aon bhall. Thabharfá
ráistéir ar an saghas cailín a bhíon ag imeacht le saighdiúirí.
Tugtar ar aon tsaghas duine a bhíon ag imeacht, ag ráis-
téireacht. Tá Peig imithe 'na ráistéir ó mhaidin. Ráistéir
bó = bó a bhíon ag imeacht a d'iarraidh dul i ndíobháil, sa
ndíobháil. Tá sé imithe as mo dhóchas aon airgead a dh'fháilt
uatha mar ní bhíon sa tsiúl aca ach an ráistéireacht agus an
díomhaoínteas. Bíon an ráistéir ag imeacht chun ríncí
agus comórtaisí, agus le h-aer an tsaoil.


L. 94


RÁITEACH — Fear droch-ráiteach mí-neáireach = fear go
mbíon droch-chainnt ar siúl aige. Má úsáidean sé anois is
aríst féinig í tá an ainm tógtha aige (tuillte).



RAITHNEACH — Bhí rath an raithníghe orm = ana-rath.



RAMH — Fuaireas lán na ramh ar an mbó = mór-chuid
airgid: luach a raibh ínti: luach gach blúire di: lán an
chroicin. Tá lán na ramh ar iasc an aimsir seo = seó airgid.



RÁMHAIL — Tá rámhail agus speabhraoidí uirthi ag an
bhfiabhras = í ag glóruíl is ag cainnt léi féinig: agus go
measan sí go bhfeicean sí nithe ná bíon i gceist i n-aochor.



RÁMHAN — Tá portach dhá rann (nó rámhan) déag ar
aoirde agam = dhá fhód déag. Bíon an á srónuithe go maith.



RAMMSACH — Bhaineas rammsach as an ndínnéar, as an
rínce, as an gcamán, as éinní = sásamh, dúiseacht, ceól.
tá an feirmeóir ag baint rammsaigh as an mbuachail aimsire
atá aige = obair mhaith. Bainim ana-rammsach as na
leabhartha cois na teine ins na h-oícheanta geimhridh. Ramm-
sach do bhaint as bheidhlín = ana-streanncán ceóil: as amhrán,
as pheann = í choimeád sa tsiúl go tiubh: as dhuine a bhéadh ag
déanamh cros = tuargain mhaith a thabhairt dó: as úrlár le
rínce: as fuirin i gcomórtas. Bhí cúis amuigh agam ar
Sheóirse agus nuair a fuaireas an cothrom bhaineas rammsach
maith as = crústáil mhaith a thabhairt dó.



RAMMSCÉALUÍOCHT — Bhíodar ag rammscéaluíocht dóibh
féinig feadh na h-oíche = ag scéaluíocht: a scéal féinig
aiges gach éinne, nó gan an scéal ach ag éinne amháin. Bhí
ana-rammscéaluíocht againn aréir ag an máistir, nó ón
máistir — é féinig a dhein an chainnt.



RANDAMANDÁDUÍOCHT — Ní bhíon seóid ar na páipéirí
an aimsir seo ach r. = rudaí gan fuaimint, cúrsaí gan
éifeacht. Bíon cuid mhaith des na leabhartha ar r. = gan
ionnta ach an saghas san. R. seadh iascach na bliana so =
gan aon mhaith ann ach sclábhuíocht gan aon díol. Nílean tu


L. 95


ach ag r. ansan ag déanamh oibre ná beidh mór-mhaith ínti =
cúrsa gan éifeacht gan tairbhe sa tsiúl agat.



RÁNGUIGHIM — Béidir nár ránguigh leis an árthach an
t-anncaire a chur amach san áit cheart = nár tháinig, nár
eirigh, léi.



RANNGÁS — Bhí ana-thamall ranngáis againn indé =
spórt is scléip is caitheamh aimsire. Tá cead raide is
ranngáis againn = cead ár dtoil féinig a dhéanamh tímpal
spóirt is scléipe. Bíon ranngás ar na h-uain óga nuair a
bhíd ag rith is ag léimrigh. An lá sar a raghaidh na buachaillí
abhaile as an gcoláiste beidh ana-ranngás ortha = eiríghe ó
thalamh. Aimsir ranngáis = gur gnáthach áthas is spórt bheith
ar siúl: aimsir spóirt is caitheamh-aimsire. Bím ag
rínce is ag ranngás is ag ráistéiracht. Tig seóig is rínce
is ranngáis.



RANNGÁSACH — Nách ranngásach an mac é! = duine nách
maith leis aon ní bheith ag imeacht i gan fhios dó: scléipeach.



RAOCHOS — Tá raochosa fút = na cosa bheith chómh-reamhar
nách mór thíos agus sa cholpa thuas.



RAOCHOSACH — Táim raochosach = gan na cosa bheith caol ná
reamhar agam: ach ar aon reimhre amháin, nách mór. Dá
mbéadh colpa maith ar an gcois ní oirfeadh an focal di.



RÁS — Tá rith an ráis leat anois = tán tu saor: tá na
cosa tugtha leat agat — duine a dh'eireóch as bhreóiteacht, nó
go dtairiceóch an dochtúir fiacla piantacha dhó (go dtí go
bpriocfadh ceann eile é): tá an bóthar réidh rómhat: an
deacaracht tharat agat.



RÁSÚR — Is breá an rásúr í. Tá sí chó maol le corrán.
Bheárrfadh sí luch 'na chodla.



RÁTH — Ráth éisc = mór-chuid díobh ag imeacht le chéile sa
bhfairrge.



RATH — Tá an rath ag rith leat = tá an t-ádh ort.


L. 96


RATHACH — Nách breá na rathacha géag atá aici = cosa nó
lámha (ón ngualain anuas). Bhí an cóta mór ag buala
isteach ar mo rathacha = ar mo chosa (nó ceathrúna, nó colpaí).



RATHAMHNACHAS — Níl rath ná rathúnachas orm ó chonac thu
= rath.



RATHMHAR — Rafar a deirtear. Is rathmhar an bhean thu =
mórán cloinne agat. Síol rathmhar = a thugan tora maith.
an té a bhíon rathmhar bíon an rath air, ag eiríghe leis: bíon
ádh air i dtaobh gach ní.



RÁTHUÍOCHT — Tá an t-iasc ag ráthuíocht = ráth (nó ráthana)
díobh ag gluaiseacht le chéile sa bhfairrge. Nó, ag rátháil.



RÉ — Ní bhfuaireas aon ré aithrí uatha = am chun teacht ar
mhalairt cómhairle. An cailín óg a théighean isteach i gclochar
chun bheith 'na bean rialta faghan sí ré aithrighe = téarma
aithreachais — agus ní bhíon sí fé cheangal go mbíon an téarma
san tugtha. An scéal céadna, uaireanta, ag an nduine a
cheannuíon rud éigint — faghan sé tamal chun é chaitheamh thar
n-ais muna mbíon sé sásta. Tá rabharta lán na ré ann
anois = an rabharta a thagan nuair a bhíon an ré lán — sé
sin, an ghealach. Beidh duibhe-ré ar an oíche anocht = gan aon
ré ar an spéir. Tá cion oíche de dhuibhe-ré ar an oíche anocht —
bíon faid na duibhe-ré ag atharú dréir mar a bhíon an ré
féinig ag atharú.



RE — Táim gach ra bliain leat = gach aon bhliain chó h-aosta
leat: gach aon bhliain aoise atán tu tá bliain ag freagairt
di agam-sa.



REAGAIRNE — Tá ana-reagairne ag breith orainn =
suaiteacht saoil. Fear reagarnáltha = fear go mbíon
saol cruaidh suaite aige: nó a bhíon ag ól. Tá Séamas ana-
reagairneach = fear fuar leisciúil gan mhaith seadh é ná
tuitean aon ghnó leis: ná bíon i mbun aon ghnó a chur chun cinn:
reagairneáluí: leadránuí. An duine a théighean ar aonach
agus nách féidir leis fille go ceann 3 lá tá reagairne mhaith
beirthe air = aindeis (ainis), mí-ádh, strus. Feic ragairne.


L. 97


REAGAIRNEÁIL — Beirean reagairneáil mhaith ar an
té a thugan an oíche ar an mbóthar le gluaisteán briste:
nó le h-aon tsaghas cúise. Tuitean an fear san chun reagair-
neála = beirean strus, aindeis, mí-ádh, air.



REAMHAR — Is mó púnt reamhar a chaitheas ar an nGaol-
uinn = maith, mór. Tá Seán agus Máire chó reamhar (le
chéile) is a bhéadh bó agus coca féir = chó mór, chó ceanúil ar a
chéile. Tá billeóga an leabhair ana-reamhar. Tanuidhe an
taobh eile. Bíon leite, braon, éinní, reamhar nuair ná
bíon sé tanuidhe ná cuma an uisce air.



REAMHRUIGHIM — Tán tu ag reamhrú suas = ag dul i
reimhre. Táim ag reamhrú na muc chun an aonaigh. Nuair a
bhíon cnapán ar thaobh do choise reamhruíon an bhróg é agus
tagan sé mór = cuirean i dtoirt, agus eiríghean sé mór.



REANGARTACH — Tá an bhó, an chaoire, 'na reangartach =
bheith fada caol lom. Rangartach fir, mná, capaill.



RÉASÚN — Sin é an réasún ná tuigimíd a chéile = an
chúis, an fáth.



REATH — Tá an chaoire fé reath = fé theasbach. Tá an
chaoire imithe ó reath = an reath imithe dhi. Níor choimeád sí
an reath. Reathadh an chaoire. Reath sé (an reatha, an
reithe) an chaoira. Reathachas.



RÉIDH — Beimíd réidh le chéile nuair a bheidh an púnt
tugtha agam duit = ní bheidh éinní ag éinne againn ar an
nduine eile: scartha le chéile. Bhfuilean tu réidh chun dul
amach? ullamh. Ní dheinfeadh éinne aon cheann den dá
fhocal (réidh, ullamh) san abairt seo thuas d'athnasc ort.
Tar réidh amach agus féach cruinn ceart ar an gclár dubh =
díreach. Ní féidir liom réiteach a dhéanamh ar an gceist;
réiteach a dhéanamh eadraibh = socrú. Dhein an sagart me
réiteach chun báis = me d'ullmhú. Má theastuíon uait an
smuíneamh san do chur amach tá mórán focal ann a dheinfidh
an bóthar a réiteach dhuit = a dheinfidh do ghnó, a réiteóidh do
bhruid. Is maith liom bheith réidh leat, bheith réidh uait. An té
a dh'fhaghan bás ar son a thíre bíon an saol eile réidh roimis.


L. 98


Réidh-thalamh = talamh réidh, neamh-acairneach. Réidh-fhánaigh =
fánaigh bheag chuíbhsach. Tig réidh-bhreá = cuíbhsach breá. Réidh-
fhliuch. Níl againn ach réidh-phrátaí. Réidh-thuairisc atá ar
an bpáipéar tímpal síochána = breacthuairisc: gan bheith
go maith. Tá réidh árd ins na tithe suas an cnoc is a chion
san d'fhánaig síos go cala na mbád. Beidh an réidh-fhánaig
leat ag teacht anuas.



RÉIDHEACHT — Beidh an réidheacht (réacht) rómham feasta
= saol réidh: slí réidh; obair réidh bhog.



RÉIDHTÍGHIM — Léimeas le h-áthas nuair a fuaireas me
héinig réitithe as an bpoll, as aon tsaghas cáis = fuascailte.
Ní h-aon réiteach amháin a bhí againn ar an gcúrsa. Ní
féidir liom aon réiteach a thabhairt ar an gceist sin. Réite-
óidh an scéal é féinig = socróidh. Tá an t-uisce is an púdar
measctha ar a chéilig ach réiteóid ar ball = socróid: scar-
faid: tiocfaid ó chéile — an púdar do thuitim síos go tóin,
agus an t-uisce d'fhanacht ar barra.



RÉILTHÍN — Réilthín na maidine. Bíon na réilthíní ar an
spéir, ins an spéir. Chuireas réilthíní air (ar a shúile) le
h-aon dorn amháin = chuireas réilthíní ag spréacharnaigh 'na
thímpal: i slí go bhfacaidh sé iad. Chó siúrálta leis na
réilthíní = chó siúrálta le bás; le h-aon ní riamh. Dá
bhféachfá ar an ngréin lá geal samhraidh chuirfeadh sí réilthíní
ar do radharc, ar do shúile = chífá fáinní beaga geala ag
imeacht tímpal san aer. Cad iad na réilthíní seo ar mo
radharc nách féidir liom léigheamh ar fóghnamh? = rud éigint
bheith amú i slí ná féadfá an cló a dh'fheiscint go soiléir.



RÉIM — Nuair a leigean duine réim leis héinig is
deacair é stop = cúrsa; gluaiseacht: nuair a leigean sé
srian leis héinig. Tá an iomarca réimeach fút, a bhuachaill,
agus bainfar leaga géar asat = imeacht, eiríghe i n-áirde.



REIMHEADAS — Tá na prátaí ag dul i reimheadas = i
reimhre, ag reamhrú.



RÉIR — Thóg sí ar lóisdín me dréir na seachtaine = an
oiread san a bheith le díol agam le h-aghaidh na seachtaine


L. 99


Buachail láidir dréir a aoise. Táim ag obair dó dréir
na seachtaine = gan me bheith gabhtha ach go ceann na seachtaine
(gach seachtain fé mar a thagan), nó go ndíoltar me dréir
na seachtaine.



RIABHACH — Bhfuil fhios agat cad is ainm dom? An
riabhach an bhfuil fhios a = an dial. An raghair ann? An
riabhach dul: nó, an riabhach ann. Níl aon riabhach faic á
dhéanamh agam = seóid a bharra: aon dial faic. Bhfuil aon
riabhach faic den nGaoluinn, Gaoluinne, agat? Tá an
riabhach le faid ar an gceacht a tugadh dúinn aréir. Tá an
riabhach ar an méid sin airgid = sé an dial, an t-úntas, an
scannra, é. Th'anam 'on riabhach = 'on ndial, 'on scian, 'on
ndiucs, 'on stiucs, 'on ndiabhach.



Riamh — Táim gan bearra chó fada le riamh = chó fada is
áta fada ann. Tá an tae ólta agam fadó riamh = le
fada. Tá riamh imithe = san aimsir chaithte.



RIAN — Ní féidir liom siúl ná rian a dhéanamh = imeacht —
má bhíon duine ag déanamh siúil deinean sé rian: deinean sé
marcana ar an mbóthar. Ní raghainn ar aon rian amháin
leat-sa = ar aon scór, ar aon leibhéal amháin. D'aithníos
rian do chos sa phluda. Fuaireas an peann so gan aon rian
costais: gan aon faic costais: gan aon chostas bheith ag
imeacht leis ná á leanúint.



RIASTA — Chuir m'athair riasta orm leis an bhfuip, le
slait, le téadán = fonnsa (fúnsa): an marc a fágtar
nuair a gheibhtear buille maith cruaidh go mbíon gearra ann.
Thabharfá riasta ar an rian a dh'fhágfá ar éadach salach
dá dtairiceófá t'ionga air. Méiscire beag seadh é,
uaireanta.



RIBE — Ribe ruaimnighe, gruaige. Tá droch-ribe ort =
droch-chuma. Tá droch-ribe fút = droch-fhuadar: ribe feirge.
Níl aon deigh-ribe ar an oíche anocht: ar an lá: ar an mbó =
cló maith. Is cuma ribe nó an fionna a bhíon ar dhuine nó ar
bheithíoch. Nó ruibe.



RÍGHIN — Bainne ríghin.


L. 100


RÍGHNEACHAS — Tá an bhreóiteacht dulta chun ríghneachais
agat = bheith ort ar feadh i bhfad. Tán tu dulta chun rígh-
neachais go maith = imithe amach san aois. Tá an gnó so
imithe chun ríghneachais orm = chun leadráin; dulta thar am.



RÍNCE — Go macánta dhuit bhí mo chosa ag rínce leis an
eagla = ag lúba, ag lúbarnaigh. M'fhiacla ag rínce leis an
bhfuacht: is mo shúile ag rínce im cheann le h-áthas. Top,
nó caiseal (sin top mór), a chur ag rínce. Bosca nó pingin
a chur ag rínce = ag roithileáil, ag ríleáil, ag casa tímpal,
ag iompó tímpal.



RÍNSEÁLAIM — An citeal do rínseáil = é ghlana le h-é
thuma i n-uisce, nó an t-uisce a scaoile tímpal istig ann
cúpla trus.



RÍOBAL — Tá ríobal suas go glúnaibh, nó go cúl, orm =
brat salachair. Bíon an ríobal ar bun casóige nó bríste
nó gúna. Bíon an ball éadaigh fliuch agus béidir salach 'na
theannta.



RIOCHT — Chuais thar do riocht amach san uisce = thar t'aoirde.
Chuas thar mo riocht ar (leis) an obair = thar mo dhícheal:
an iomarca de a dhéanamh. Tá imithe thar n-a riocht aige
leis an scéal = thar mar ba cheart dó. Chuas chó fada lem
riocht ar an bhfeirm a cheannach = chó fada is a dh'fhéadas:
chó fada is a raghadh mo ghustal fé dhom. Cuireadh an capall
bocht thar a riochth = thar a chumas. Chuas thar mo riocht ar
an bhfeirm sin a cheannach = thar mar a dh'fhéadas dul: thar
mo sparán.



RITHIM — Nó ruithim. Bhíodar ag caitheamh léimeacha reatha
le chéile = léimeacha riuthaig nó ruthaig: léimeacha go dtug-
tar sciúrd reatha fútha. Tá rith cainnte agat = líomhthacht
cainnte: cainnt a rithean chúghat. Bhí m'aigne ag rith ar
an gcúrsa = ag cuímhneamh — bíodh nách lem thoil é, béidir.
Tán tu id scoláire rithte = críochnuithe. Bhíomair i dteannta
a chéile i rith an lae ó mhaidin = ar feadh. Níl aige ach an
tarna rith den nGaoluinn = an saghas a bhéadh fágtha nuair a
bhéadh an chéad rith (an saghas is fearr) tógtha chun siúil.


L. 101


Thugas rith a bhéil dó san aragóint = leigeas leis — leigeas
dó pé ní ba mhian leis a rá. Tá ana-rith ar na prátaí =
ana-éileamh, ana-thógaint. Táimíd rite amach as phrátaí,
as éinní = gan aon chuid eile bheith fágtha. Bhíomair ag rith
le chéile chun an phuist (a tharac, a thógaint) = ag dul i gcoinnibh
a chéile. Bhíodar ag rith i gcoinnibh a chéile sa togha = ag dul.
Tán tu rithte chun Gaoluinne = go breá: tu ábalta ar do
ghnó a dhéanamh tríthi. Nó chun reatha. Is deacair fear chun
reatha ceart a bhaint amach = fear gan locht: fear a bhíon chun
fiadhaigh i ngach uile shaghas slí, agus nách gá é mhúine a thuille.
Rith an scéal amach ar fuaid na dúthaighe = leathnuigh. Níl
ag rith liom go maith = ag eiríghe, ag teacht liom. Sin é an
focal a rithean 'nár mbéal = a bhíon ag imeacht sa gcainnt
againn. Níor rith mo shaol liom = chuaidh im choinnibh: me
bheith mí-ádhmharach. Bhí an nímhneachán san am rith síos = am
chaitheamh síos: ag cur síos ar mo lochtaí: ag déanamh droch-
chainnte tímpal orm. Rith bodaigh le fánaidh = imeacht síos
le fánaidh: imeacht gur fuirist é dhéanamh mar is mar sin
is mian le gach ní gluaiseacht. D'imigh rith bodaigh le fánaidh
orm bíodh is go rabhas láidir go maith, tráth. Tán tu ag rith
leis an léigheamh: tóg socair é — máistir le scoláire = ag
gluaiseacht ró-thapaidh. Sin é an focal a rith chúgham, chun mo
theangan = a tháinig go grod, a phreab. Níl an post ag rith
i n-aochor anois ná an scuan sa bhfairge = ag imeacht. Ná bí
ag rith leat féinig = ag leigint duit féinig dul thar ceart,
as an slí-i n-aragóint, cig.: nó buachail tréis comórtais
ag maoidheamh as an ngaisce a bhí déanta aige, agus ag cur
leis. Tá an bille rite = 'na dhlí. Sé an chéad rith den
gcoirce an chuid is fearr de = an chéad rogha de. Ritheas an
naomhóg síos 'on bhfairrge = chuireas í ag sleamhnú síos.
Táim rite as thobac = gan aon bhlúire de fágtha agam.
Rite gearra i dtobac. Tán tu chun reatha sa nGaoluinn, i
rínce = rite: maith do dhóthin: maith go maith: i slí go
bhféadfaí tu scaoile chun siúil i gcúrsaí Gaoluinne. Tá
an cuan rite geal le stoirm = imithe geal. Rith an focal
san orm = scéidh uaim i scaoileas amach é i gan fhios. Ritheas
an scrúdú = thógas é ' d'eirigh liom ann: rith sé liom. Tá
an focal ag rith im cheann ach ní féidir liom ó thabhairt ar
barra = ag imeacht soir siar. Tá sé 'na mhúinteóir rite =
críochnuithe amach: gan aon ní i n-easnamh air tímpal múin-
teóireachta. Táim marbh le rith ar mo chroidhe = preabarnach


L. 102


— nuair a bhéadh duine an chroidhe laig ag imeacht i gcoinnibh
an áird. Níl na feóirlingí ag rith anois = i n-úsáid. Tá
focla ag rith sa (nó insa) gcainnt ná féadfá puínn réitigh a
thabhairt ortha = i n-úsáid, ag imeacht. Táim rite im shagart
= socair, críochnuithe. Pé focal a chloisean tu anso tá
sé rite = chun reatha: is féidir leat é thógaint 'na cheart.
Duine uasal rite ceart = beirthe déanta: gan mháchail.
Deirtear gurab é an chéad ruith den bpráta an chuid a bhíon
díreach laistig den gcroicean. Ní rithean an iomarca
d'éinní le h-éinne = ní thagan: ní réitíghean: ní maith dhó é.
Bíon an dá fhocal san ag rith le chéile = ag imeacht i dteannta
a chéile. Níl an lá so ruite chun mórán a dhéanamh = ró-
oiriúnach, ró-mhaith. Nílean tu ró-rite chun na h-oibre seo.



RIUTHAG — Níl aon riuthag ionnam = foighne — bainean sé
le deabha. Fear gan riuthag. Droch-riuthag seadh do dhuine
héinig a shá isteach i rud éigint gan féachaint roimis ró-
mhaith: nó do dhuine é héinig a shá isteach go dtí an mbórd
gan chead, gan cheiliúra. Tá (an) drochriuthag ionnat. Is
droch-riuthagach an fear é. Dhein sé droch-riuthag = sháidh
sé isteach go dtí an mbórd le breis is a dhóthin deabhaidh.



ROC — An líne a thagan i n-éadan dhuine nó rud mar é.



RÓD — Cloch róid = cloch chun rud (líonta, boscaí, potaí)
do choimeád 'na stad i dtóin na fairge.



ROGHA — An rud a bhíon á shíor-rá tá deárthamh gurab é an
rogha é = an rud is fearr. Níl aon rogha ar na leabhartha
san = ní féidir aon rogha a bhaint asta: táid ar aon fheabhas,
aon mhaitheas, amháin. Níor chuaidh rogha ón réiteach = sé an
réiteach is fearr, an tslí is fearr chun cúrsa a shocrú. An
focal is túisce chúgham deinim rogha de = tógaim é, cuirim
ag obair é. Ní do (de) rogha a dheineas an rud san ach ar
éigin(t) = ní lem thoil ach gur chaitheas é dhéanamh. Ní
dh'fhéadfá rogha ná díog a bhaint asta = aon cheart a bhaint
díobh: a rá cioca do b'fhearr. Cuirfead rogha agus togha an
doiris amach ort muna n-éistir = tu chur amach ar mhullach do
chinn. Níl rogha ná díog eatorra. Tóg péaca is rogha leat
= is fearr leat. Ní do rogha a thoghas dul abhaile ach gur
chaitheas é. Raghad ar an aonach a rogha dhom rud a cheannach nó


L. 103


gan a cheannach = péaca a cheannóchad nó ná ceannóchad
(cheannód). Tógfad an bhó ar an airgead a rogha aici bheith
olc nó maith = pé aca atá sí. A rogha dhom maireachtaint nó
gan maireachtaint ba mhaith liom Éire saor.



RÓGAIRE — Tógan sé rógaire chun rógaire a chur síos =
a shárú. Cuir rogaire i ndiaidh rógaire.



ROIDHLEÁN — Nó reithileán. Tá reithileán maith teine
thíos fé sna prátaí = teine mhaith mhór thaidhbhseach: greidhneach
mhaith láidir.



ROILG — Tá cam roilge ionnat, nó órt = ná cosa bheith
lúbtha amach aige sna glúna agat ó t'óige. Deineadh réaba
roilge ar mo sheómra, ar éinní = tugadh réaba roilge dhó:
deineadh gach ní a chaitheamh soir siar ann agus a lot: réaba
uathbhásach.



ROILLEÁN — Nó roithleán. Bhéadh do cheann 'na roithleán
dá mbeifá cúpla oíche gan chola = trí n-a chéile: ag imeacht
tímpal. Bhíos ag léigheamh an pháipéir gur dhein sé roilleán
díom. Tá roilleán déanta dem cheann, díom féinig, agat
= mearathal is tré chéile aigne orm.



ROIMH — Té a bhíon go maith chun cuímhne a choimeád ar
chúrsaí 'na dhiaidh aniar is minic ná bíon sé ró-mhaith roimis
amach = tímpal na h-aimsire atá ag teacht. Ní ag teacht
rómhat air sin é = cainnt a deirean duine nuair a bhrisean
sé isteach ar chainnt dhuine eile á chur i n-úil dó nách ag teacht
treasna air atá sé. Bhíos ag braith rómham = ag féachaint
amach rómham héinig (féachaint cad a thárlóch).



RÓIMH — Nuair a bheir sa Róimh bí Rómhánach leótha = nósa
is slite na h-áite a tharrac chúghat héinig.



ROINNIM — Roinnimíd an bainne le chéile.



ROITHLÉ — Is mór an truagh an chruithneacht ghlan do mheasca
ar an roithlé = droch-shaghas coirce, droch-shaghas éinní. Ní
ceart fuil uasal agus roithlé do chur le chéile = fuil íseal,
fuil bhodaigh.


L. 104


ROITHLEACH — Tá an t-arán ag imeacht 'na roithleach = 'na
bhásta: gan tairbhe. Feic ruileach.



ROITHLEÁN — Feic roilleán. Roithleán = cochal: rud
cruínn a cuirtear i n-áirde ar an gceann chun canna nó
aon tsaghas ualaigh do choimeád ó bheith ag brú ar an gceann.
Dheinis roithleán dem leabhartha = iad a chur trí n-a chéile.



ROPAIM — Bhíomair ag ropa scioltán sa chré = á mbuala
isteach go fuinniúil. Ropas tuighe isteach tímpal na n-ubh
chun iad do choimeád ó bhrise. Rop an scoláire ceist
chúgham = chuir chúgham go tapaidh. Rop isteach sa naomhóig =
léim, preab. Rop Seán isteach an dorus: isteach 'on
mbád, 'on leabaidh = bhuail isteach go tapaidh is le fuinneamh.
Bíon níos mó nirt ag dul le ropa ná le péac. Phollfadh
(nó pholltfadh) an ropa an bhó. Tá an naomhóg ag ropa
tríd an uisce i gcoinnibh na gaoithe = ag gearra roímpi:
ag léimrigh léithi. Ag imeacht slím sleamhain = nuair a
bhíon an t-uisce ciúin.



RÓS — Bean go raibh an rós ínti = dath an róis: pluic
dhearga.



ROTH — Bhíomair bocht ach tá an roth casta againn = atharú
tagtha ar an scéal. Raghainn fén roth a d'iarraidh airgead
a thabhairt le chéile = i n-ana-chás — toisc ana-dhúil a bheith
agam ann. Bhí bórd-rotha-an-áidh ar pháirc an aonaigh agus
pinginí ag imeacht go tiubh.



ROTHA — Ball troscáin. Rothaí tíghe = troscán tíghe.



ROTHLAM — Tá Liam ag imeacht 'na rothlam ó mhaidin =
soir siar: isteach is amach: corruighe is gluaiseacht gan
stad.



ROUTEÁIL — Tá an liathróid, an roth, ag routeáil = ag
rouláil, ag casa síos le fánaidh: nó ag imeacht is ag casa
leis.



RUA — Galar éigint croicin cosúil leis an ngríos ach gur
measa go mór í. Ní thagan aon screamh ar an gcroicean


L. 105


leis an rua, ach pochóidí, agus saghas uisce ag teacht amach asta,
agus bainean ana-thochas leis. Bíon 'na rais ar dtúis.



RUADHÁNACH — Paiste ruadhánach = gné rua air.



RUAGAIRT — Bíon na sagairt ag ruagairt is ag fógairt
ar na daoine gan bheith ag eascainí ná ag rá droch-chainnteana.



RUAIG — Ní fheidir sí an tsaol conus a bhéadh an ruaig
curtha aici ar athair a céile = an díbirt.



RUAILL — Tabharfad ruaill siar chun na trágha = trus ach
bheith mear tapaidh: agus bhéadh sé tugtha gan mhoill. Ní
dheinfead ach ruaill bheag a thabhairt is bead thar n-ais chun an
dínnéir.



RUAIM — Tá an tobán 'na ruaim = uisce salach ann ag an
mbáistigh, aige sna géana, ag éinní. Tá uisce an tobair
ruamtha aige sna géana is an salachar = sailithe. Ní maith é
an t-uisce ruamtha san chun tae. Ruaim seadh dath a faghtar
le préamhacha na sceiche is meacan na gcupóg a bheiriú.
Cuirean sí dath dorcha buidhe ar an éadach ar dtúis, agus
coimeádan an t-éadach an dath ceart níos fearr 'na dhiaidh
sin. Uisce ruama = an saghas stuife 'na gcuirtear na
h-éadaighe ar boga roim dhathú.



RUAIMNEACH — Tá an ruaimneach atá ar eirball na bó,
an chapaill, ró-fhada: caithfar smut di a bhearra. Téadán
ruaimníghe = a deintear den tsaghas so mianaigh. Ruaim-
neach = an snáithín a bhíon ar shlat iascaigh, leis.



RUAINNE — Conus tá gach aon ruainne díot? = blúire,
órlach. Níl aon ruainne feabhais tagtha ort = an chuid is
lúgha. Ruainne aráin, tobac. Níl aon éileamh agam ar
thae — faic ná ruainne = níl aon phioc den éileamh.



RUAISC — Ruaisc cloiche = cnapán maith teann mór cloiche.
Ruaisc mná = bean ar nós na cloiche seo thuas. Ruaisc uibh,
ruaisc éinní. Bhí gach aon ruaisc bhreama aige = ceann mór
groidhe.


L. 106


RUAISEACH — An té a bhíon ruaiseach bíon sé soir siar sa
tsiúl i gcómhnuí pé aca a bhéadh cúram air nó dho (de).



RUATHAIRE — Sin duine a bhíon ag imeacht ruaiseach:
ná bíon fód air ná fuaimint: ná ciall aige, ach é neamh-
staidéartha agus ag ruathaireacht i gcómhnuí.



RUATHAR — Coinnibh an naomhóg sa ruathar = i gcoinnibh na
tuinne móire. Nó coimeád suas sa ruathar í, nó i gcoinnibh
an ruathair.



RÚCACH — Rúcach bó = bó gan mhaith, gan bhainne, gan fheóil,
gan slacht. Rúcach mná = bean gan chóiríocht, gan fairsinge,
gan flaithiúlacht: gan feóil gan fuil í féin: spriúnlaithe.
Bean fhlaithiúil an taobh eile di.



RUCHAL — Ceangal a cuirtear fé ainmhí ó cheann ceann den
dá chois tosaigh. Bíon an búrach fé bhó le linn í chrú — ó cheann
ceann den dá chois deire.



RUCHÓID — Tá ruchóid mhaith ar an ngnó san a dhéanamh =
bráca, trioblóid, dua, annró. Tá ruchóid sa bhuachaill sin =
díobháil: tá sé malluithe nó crosta. Urchóid.



RUCHÓIDEACH — Tá an obair ruchóideach go maith dhúinn.
Neamh-ruchóideach = gan bheith ag cur aon chur-isteach ar éinne:
neamh-annródhach: macánta: neamh-dhíobhálach.



RUD — Scéal rudaí beaga = scéal do sna rudaí beaga:
don aos óg. I gceann bliana bhí rud beag aca = bunóc.



RUIDE — Tá ruide ar na bóithre indiubh a raghadh suas go
glúinibh ort = salachar a thugan an t-uisce síos leis féinig is a
bhíon stadtha stopaithe i mbéal gáitéir.



RUÍDHLEÁN — Tá ana-ruídhleán teine agaibh = teine mhór
ghroidhe.



RUIG — Is éachtach an ruig lámha atá aige = ruig mhaith
lámha: lámh mhaith láidir reamhar — ón ngualain anuas. Tá
rathacha maithe lámh aige. Reathacha sa bhfoclóir.


L. 107


RUILEACH — Tá mo bhróga 'na ruileach ag an mbáistigh =
loitithe, gan mhaith. Oscluíodh an geata is leigeadh na
h-asail isteach chun ruilighe a dhéanamh dom (dem) chuid
coirce: is tá sé 'na ruileach tréis na h-oíche. Dhein an
t-asal ruileach den gcoirce aréir = é briste brúighte, ithte,
posálta aige — agus annsan thiar air loitithe (laitithe).
Dhein sé ruileach dem bróga toisc na cosa bheith ró-thútach
aige dhóibh. Nó, ar mo bhróga. Ar, nó de, éinní.



RUILLEÁN — Feic roilleán. Caith uait (bhuait a deirtear)
é mar scéal: tán tu id ruilleán aige, agus tá ruilleán
déanta agat dínn = mearathal is tinneas cinn orainn.
Tugtar ruilleán, leis, ar an té ná tagan aon stad air sa
chainnt ach é glórach síor-chainnteach leath-éaganta — agus é
ar a chéill san am gcéadna.



RÚIRCÍN — Nuair a tugtar ana-chasa do chórda crapan sé
sa deire agus tagan rúircín air = ana-chor.



RUITHE-SEAMA — Nó rithe-seama. Rotha-seama sa
bhfoclóir. I lár na ruithe-seama chaith sé stad = flúirse mhór
thiubh cainnte gan aon laga agus gan aon ana-bhonn leis
coitianta. Cad é an ruithe-seama is a bhí fé, fé n-a theang-
ain, fé n-a leidhb = rith (nó ruith) cainnte gan éifeacht.
Cuir uait an ruithe-seama — le duine go mbéadh aighneas
tiubh gan bhonn sa tsiúl aige.



RÚITÍN — Baineadh preab as an gcapal is thug sé léim
rúitín = léim bheag a leónfadh an rúitín nó áit éigint i
n-aice dhó: thabharfadh an chos preab agus bhainfeadh máchail
di thíos ansan. Thug mo chos léim rúitín is táim bacach.
preaban an fhéith leis an strus mór is téighean rud éigint
as inead. Dh'fhéadfadh an lámh, leis, an léim sin a thabhairt.



RUITHIOLÁN — Feic roithleán. Tháinig ruithiolán ar mo
shúile nuair a chonac an sagart sa doras rómham = úntas
is corruighe a thagan leis: baintear leatha as na súile, agus
féachaid níos anamúla.



RÚN — Dubhart leis cá raibh an gunna ach níor dhein sé


L. 108


(níor choimeád sé) rún air = d'inis sé cá raibh an gunna.
Dhein sé rún orm = choimeád sé mo rún.



RÚTA — Tá rútaí maithe agat = rútaí maithe cos: cosa
maithe téagartha. Rúta crainn: rúta cabáiste = préamh;
nó iad a bheith téagartha. Tá bun-rúta an chúrsa agat =
bun-phréamh. Tá bun a rúta agat.



RUTHALAM — Feic rothlam. Ruthalam bó í seo = ná
stadan i n-aon áit: bíon ag imeacht ó áit go h-áit, is ní
luighean leis an dtalamh. Tá Bríd ag imeacht 'na ruthalam
fuar díomhaoín ó thig go tig = duine gan puínn gnótha ná
staidéir: bíon ruaiseach.



S



SÁ — Na sáite = na maidí téagartha a dheinean fráma na
cléibhe, na birdeóige, an chiseáin.



SÁBHÁIL — Is caillte an aimsir í chun sábhála = chun féir
a shábháilt. Beireadh (rugadh) orm sa ngníomh is níl aon
tsábháilt agam orm héinig = cosaint: táim tógtha ceart.
bhfuil aon tsábháilt agat ort féinig? — sin é a déarfadh
breitheamh le fear a bhéadh ós cóir na cúirte.



SAC — Táim im shac ó bheith ag ithe feóla = sacaithe, teann.
Tá sé 'na shac sa leabaidh = codla trom á dhéanamh aige.
Táim sacaithe sásta is ní h-áil liom a thuille = líonta lán.
Ní banbh i sac é seo dhuit = tá sé le feiscint go puiblí cad é
an saghas é. An banbh a bhíon istig i sac, i mála, ní féidir a
dh'fheiscint cad é an saghas earra é.



SÁCRÁIL — Aimsir na Sácrála = an tráth i lár an Aifrin
nuair a deirean an sagart focla na coisreagan.



SÁDHAIM — Nó sághaim. Sáidh an madra leis an muic,
leis an mbó = cuir. Sádhan Tomás a cheann isteach ins gach
aon scéal = cuirean: ní mór leis baint a bheith aige leis.
Thugas droch-shá dom féinig = dheineas díobháil dom héinig i


L. 109


slí éigint — le dul amach fé thulca báistí: leis an iomarca
oibre a dhéanamh: nó ar aon tsaghas slí a dheinfeadh duine a
ropa is a shá. Shághas isteach san obair = luigheas, phreabas.
Sháidh sé isteach ag cainnt linn gan chuire gan iarraidh.
Shághadar isteach go dtí n-ár ngrabhas sa gcainnt = go dtí
n-ár bpus is ár n-aghaidh: chó gairid is do b'fhéidir. Níor
shághas muc riamh. Bhíos ag sá phrátaí le raínn = á ropa
isteach sa gcré. Bhí seithe an chapaill chó ríghin reamhar san
ná féadfainn é shá ná é pholla = scian a chur isteach tríd.



SÁFACH — Feac na sluaiste, na ráinne, is mar sin de.



SAGARTÓIREACHT — Cuireadh ó (nó as) shagartóireacht
me = gnó sagairt a dhéanamh.



SAGHAS — Tá obair mhaith ar an saghas san = an saghas
san gnótha. Muna miste dhom a fhiarthú (fhiafruighe) díot
cad é an saghas atá agaibh? = cioca mac nó inghín — le daoine
go mbéadh bunóc tagtha ar an saol dóibh. Leanbh breá mic
gan mhaisle gan mháchail air, baochas le Dia.



SAIDHBHREAS — Nó saibhireacht. Táim i dul i saibhireacht;
nó tá saibhireacht ag teacht orm = saibhreas.



SAIDHNEÓIREACHT — Bhíos ag saidhneóireacht = ag iascach
le saidhní.



SAIGHDIÚIR — Ní h-aon tsaighdiúir thu = ní h-aon mhaith:
níl aon mhisneach agat.



SAIGHEAD — Tá saighead reatha im chliathán ó bheith ag
rith = greim, bior, pian ghéar.



SAIL — Sail amadáin, fir, muice = ceann mór groidhe
gan anam. Sail chnis = an can dubh a bhíon ceangailte i
bplaicide na leanbh, uaireanta.



SAILIGHIM — Saileóidh an lá ar ball = tiocfaidh salach.
Tá sé ag sailiú is ag fliucha cheana. Ní ceart duit me
shailiú, nó m'ainm a shailiú = mo chlú is mo cháil a bhrise síos.
Ní cóir duine a shailiú an uair ná bíon sé cionntach = a dheagh-


L. 110


ainm a lot. Sailíodh sa scéal me = tairigíodh isteach me
is deineadh me shailiú.



SAILL — Tá saill sa (in sa) gcirc, sa ngé = blonag, méith-
reas.



SÁIMHRÍOCHT — Tá sáimhríocht ag teacht orm = sórt colata
is sáimh. Bí sáimhríocht á thaidhreamh dom = ag teacht orm:
fonn colata ag teacht orm: me bheith ag cuímhneamh ar an
sáimhríocht.



SAINNT — Tá ana-shainnt agam chun na Gaoluinne, chun ní
ar bith = ana-dhúil.



SÁITEÁN — Chuireas sáiteán = meathán láidir a bhíon ag
imeacht tímpal mar a bhéadh fráma sa bhirdeóig, agus bíon
na meatháin ag imeacht treasna. Chuireas sáiteán sa
bhfinneóig = blúire de rud éigint a cuirfí isteach chun í
choimeád ó bheith ag cnagarnaigh: ding.



SÁL — Thugas mo dhá sháil don mbóthar = mo dhá chois go
tiubh te. Fear breá slachtmhar ó sháil rinn seadh é = gach
spalla de. Ó sháil rinn: ó thóin ceann: ó cheann ceann:
ó mhullach talamh.



SALACH — Bhí smuínte salacha á ndéanamh dom. Thug an
máistir ithe salach dom = leasú gránna den dteangain.



SALACHAR — Tá salachar (slachar) gaoil agam leat = gaol
i bhfad amach. Bhfuil an salachar caite uaithi fós ag an mbó?
= ar ghlan sí fós? Bhfuil sí glan? Bhfuil sí glanta?
Beidh an salachar aici ar ball — ag an mbó. Níl ann ach
salachar ceatha = cith beag: nó cith salach.



SALAN — Ní fiú gráinne salain leis na prátaí thu = níl
mórán maitheasa ionnat: is maith an sompla é i gcoinnibh an
té ná fuil aon mhaith ann. Cuireadh an mhuc ar salan = á
leasú. Cuireadh salan ar an ím. Chuireas salan ag beiriú
leis an gcabáiste. Bhíos chó lán d'olc chuige go n-íosfainn
le gráinne salain é — agus ní mór an t-annlan é sin. Ní
fiú gráinne salain is prátaí é.


L. 111


SALL — Tá Séamas imithe sall = go dtí an dtaobh eile:
marbh. Bhí an t-athair ins na fiacha go doimhin, agus nuair a
bhí an t-éileamh ag teacht dian air chaith sé a chuid saibhris sall
(nó suas) ar a mhac = thug an saibhreas dhó i slí ná raibh aon
bhaint aige féinig leis feasta, agus ná féadfadh fear an
éilimh na fiacha a dh'fháilt. Nuair a bhead ag imeacht ar mo
laetheanta saoire caithfead mo chuid oibre sall (nó suas) ar
an té a bheidh ag teacht im inead. Ní ceart duit an locht a
chaitheamh sall orm-sa, mar is tu héinig a dhein an gníomh.
Tosnuíodh ar bheith ag maga fúm ach thugas fén maga a
chaitheamh sall ar dhuine éigint eile.



SALMAIREACHT — Tán tu ag salmaireacht ó thánaís
isteach = ag cainnt gan stad agus mórán di gan aon fhuai-
mint léi. Bhíodar go léir ag salmaireacht, ag salmaireacht
chainnte, istig i dtig na ngealt = a chainnt féinig go tiubh
aiges gach éinne, gan aon lag do dhul ar an scéal.



SÁMH — Bím ag siúl go sámh dom héinig = go breá bog.
Tá an cat go sámh cois na teine = gan éinní ag déanamh
buartha dhó: tá sámh air. Tá sámh ar an leanbh = é 'na chola
go ciúin bog. Tán tu ana-shámh sa chainnt = gan bheith garbh
crosta cruaidh. Is sámha atá an anachain ag teacht ort-sa ná
orm-sa = is buige. Tagan labhairt, foghluim, na Gaoluinne
sámh go leór orm anois mar tá mo theanga go pras ínti.
Thógas bás m'athar go sámh foighneach.



SAMHAILT — Bhí a leithéid sin de hata agam nó macasamh-
ailt = hata ana-chosúil leis. Bhí macasamhailt de leabhar
agam = leabhar díreach cosúil leis.



SÁMHAIREACHT — Bhíos ag sámhaireacht = ag míogarnaigh.
Nó sáimhiríocht. Cuirean ceó is báisteach sáimhiríocht orm
i gcómhnuí = bím leath-chodlatach aca.



SAMALASC — Tá na prátaí 'na samalasc = fuar-bheirithe:
'na n-anglais (nó eanglais): nó dá mbeidís loitithe leis an
iomarca beiriú, agus an t-uisce tríotha. Bíon tae amhlaidh
nuair a fhuaran sé tréis bheith te, nó bainne.



Sámhán — Tá an teine ag cur sámháin is colata orm =
sáimhiríocht.


L. 112


SÁMHÁNTA — Is sámhánta an duine thu = suaineasach,
socair, réidh, sámh, macánta, gan bheith ró-thapaidh: bog.



SAMHLUIGHIM — Níl ann ach samhlú go bhfuil na púcaí ann,
ná go bhfuil 5,000,000 de rudaí beó i mbraon uisce = tora
oibriú na h-aigne: níl ann ach taidhreamh. Tán tu deárth-
atach go maith le t'athair (atá sa chré), gura beó a samhlófar
thu = cainnt a deirtear nuair a samhluightear duine le duine
eile atá caillte — sé sin, nuair a deirtear go bhfuil sé
cosúil leis. Ní féidir liom an scríobh san a shamhlú le
h-éinní ach scríoba seana-chirce = a chur i gcomparáid le.
Nó, éinní do shamhlú leis ach —.



SAMPLA — Níl aon tsampla agam ar an bhfocal san
do chur ag obair sa tslí sin = níl aon tsampla agam tímpal
an focal a dh 'oibriú ar an gcuma san. Feic sompla.



SAMHRA — Báisteach shamhraidh = báisteach bhog. Ba samh-
raidh = peataí ba (nó bó), nó na cuileóga a bhíon ag imeacht
sa tsamhra is a bhéarfadh greim isteach id chroicean ag ól
do chuid fola.



SÁMHTHACH — Sáfach. Sáfach = feac na raínne, na sluaiste,
agus úirlisí mar sin. Lámh an bhuicéid, an chiseáin, an
taoscadáin. Cos na scine, an chasúir, na scuaibe, na tuagha.
Cluas na sciathóige, na birdeóige, an chupáin, an mhuga.



SAN — Mairean an bhean fhlaithiúil chó maith leis an rúcach:
mairean san. Táim tuirseach go maith: táim san. Sé an
dial é: sé san. Cuirean na focla san breis fuinnimh leis
an gcainnt.



SÁNAS — Bhí an bhreóiteacht go nímhneach ar maidin ach tá
sánas uirthi anois = boga, maolú, éadtromú. Tá sánas ar
an mbáistigh = gan í bheith chó trom is a bhí. Bí amuigh anois:
tá sánas air, nó ann = maolú nó stop ar feadh tamaill.
Bímíd ag obair ó 9.30 go dtí 11.30: ansan bíon leath-uair
an chluig sánais againn (nó ann), agus tosnuímíd aríst ar
a dódhéag. Sánas ón mbáistigh, ón obair, ón bpian. Tá
sánas ag teacht ar an gcith = lagú. Tá sánas ar an mbreói-
teachán ón mbreóiteacht = faoiseamh,


L. 113


SÁN-RUITH — Bhíos breóite ar feadh na seachtaine ach táim
im shán-ruith aríst indiubh = im sheana-shláinte: chó maith is a
bhím coitianta: chó maith is a bhíos riamh: im sheana-chló.



SHAOGHALTÁNTACHT — Nó saoltántacht = saoltacht. Ní
h-aon tairbhe bheith ag rith i ndiaidh na saoltántachta =
i ndiaidh saibhreas an tsaoil: i ndiaidh an tsaoil.



SAOIRE — Ní lá saoire Lá tSin Seáin mór, ach seadh Lá
tSin Seáin beag.



SAOISTE — Tá an obair seo go cruaidh, ach tá an saoiste
a bhíon ós (as a deirtear) ár gcionn go deas = maor na
h-oibre: fear cinn na h-oibre.



SAOL — Níl sa tsaol ach pinghin. Fan go mbéar-
faidh saol éigint eile ort, agus ansan tuigfidh tu nách olc
an áit an ball so. Ar raghair ar an aonach? N'fheadar
fós: dréir mar a bheidh an saol is an aimsir. N'fheadar
conus tá sí ag dul ar an saol = conus tá an saol ag eiríghe
léi. Níl aon ghnó ar an saol le déanamh agam indiubh =
i n-aochor. Ní raghadh an saol amach ort = ní raghadh éinne ná
éinní amach ort: ní dh'fhéadfadh tu thuiscint, t'aigne a
thuiscint: a thuiscint cad é an saghas meóin atá agat ná
cad é an fuadar a bhíon fút go mbíon an gníomh déanta agat.
Bhí gach scéal ag dul im choinnibh, agus ansan chaitheas an saol
i n-áirde liom féinig = d'eirígheas as aon tsuím a chur sa
tsaol — ach chuas ag ól is ag reic, béidir. Ní bhfuair m'athair
aon tsaol i n-aochor = faid saoil: nó saol sámh cóir.
Fágaim ag an saol go bhfuil an ceart agat. Nílim ach ag
cur an tsaoil díom an aimsir seo = ag caitheamh, ag cur
síos, ag meilt, na h-aimsire. Níl eiríghe an tsaoil liom i
n-aochor = níl an saol ag teacht liom: nílim ag dul chun
cinn sa tsaol. Nuair a gheibhean na cailíní sin órlach dá
gcainncín imíghid le h-aer an tsaoil = fiain ar fad: i
n-ainm an diail — ní bhíon aon staidéar ar aer an tsaoil
(ar an aer). Ní linn an saol so ach tamal beag. Tabhar-
faidh na laetheanta saoire breis saoil dom. Ní raghadh an
saol amach ort mar mhúinteóir, chun múinteóireachta = ní
sháróch: níl aon teóra leat: tán tu thar na beartaibh. Ní


L. 114


raghadh an saol amach ar an nGaoluinn atá agat = níl aon
scannra sa tsaol ach an —. An té ná raghadh an saol amach
air ní féidir dul amach air: ní féidir greim ceart tuis-
ciona a dh'fháilt air, agus ní thabharfadh sé féinig aon phioc dá
mheón uaidh (duit).



SAOLUIGHIM — Tá mac óg saoluithe dhóibh ó aréir = tagtha
ar an saol.



SAONTA — Duine saonta = mothaolach, símplí, maol: gan
bheith géar ná glic, ach macánta leanbuidhe. Sé an cabaire
an taobh eile. An fear bocht saonta ní bhéadh fhios aige
cathain a bheifá á thógaint, ag maga fé, á chur suas.



SAOR — Tugadh cead saor dom mo rogha rud a dhéanamh, a
chur ar bun = cead gan cheangal. Níl puínn den arán saor
agam — mar bím ag tuilleamh mo bheatha is ag obair go
cruaidh i gcómhnuí.



SAORÁIDEACH — Obair shaoráideach = gan aon duais ínti.
Tagan sé saoráideach orm an Ghaoluinn a labhairt = bog:
gan puínn duadha: ní ghoillean sé puínn orm.



SAOSÚR — Nuair a bhíon an bradán i saosúr is blasta an
t-iasc é, ach nuair a bhíon sé as saosúr bíon sé leamh tur = an
tráth ceart.



SAOTHAR — Bím ag obair is ag saothar ar an leabhar so
= ag obair go cruaidh.



SÁRUIGHIM — Sáruigh an bhó = téir roímpi amach. Nuair
a bhíon duine sáruithe caithean sé éisteacht = buailte fé
chois: nuair a bhíon an lá imithe air. Ní thiocfaidh liom an
méid seo oibre do shárú fén oíche = do chur fé chois, do
chríochnú.



SÁSAMH — Bhí ana-shásamh orm nuair a bhí mo bholg lán =
gan me ag braistint aon ní i n-easnamh orm. Ní bhfuighinn
aon tsásamh i bheith ag ól bhainne = ní shásóch sé me.



SÁSTA — Bhí criú mhaith shásta ar an mbád = deaslámhach,


L. 115


oiriúnach. Tá bróga breátha sásta agam: táid go sásta
orm (nó agam) = iad a bheith go deas bog oiriúnach éascaigh
ar mo chosa. Caipín sásta = oiriúnach.



SÁSUIGHIM — Sásuigh tu héinig den leitin = tóg, ith suas,
do dhóthin di. Níl faic le déanamh agam indiubh ach bheith am
shású féinig = am shásamh féinig; ag déanamh pé ní is toil
liom, pé ní 'na bhfuighinn sásamh nó spórt.



SÁTHACH — Ní mhothuíon an sáthach an tráthach ocrach = an té
a bhíon líonta lán ní bhraithean sé an té a bhíon tráighte is fé
ocras! ní chuirean sé aon tsuath ann: ní aithníon.



SÁTHAIM — Feic sághaim. bhíos a d'iarraidh í mhealla chuin
teacht, ach níor fhéadas boga ná sá a bhaint aisti = fille ná
feaca: an corruighe is lúgha. Thugas droch-shá dom héinig =
dheineas rud éigint nár chuaidh go maith dhom — buachaill, cig.,
a chuaidh go Muigh Nuadhat gan cuímhneamh ar cad a bhí á
dhéanamh aige is a thug suas an aidhm a bhí aige (nó fé): duine
a bhéadh ag obair moch déanach. Shághamair isteach (ón
bhfairrge) chun na talún nuair a tháinig cuma na báistí =
bhuaileamair isteach go tapaidh. Shághas isteach ón mbáistigh
go tig na scoile = phreabas, thugas sciúrd. Tá an fhairrge
ana-bholgtha indiubh agus ní gá dhuit aon droch-shá a thabhairt
duit féinig go dtí amáireach le dul amach. Nó fear a raghadh
isteach i dtig na mbéadh lucht óil.



SÁTHAIRE — Druid siar as san, a sháthaire ghránna = duine
a shághan é féinig isteach i ngach ní: duine a phreabfadh isteach
chun an bhúird ar eagla ná fuigheadh sé go leór. Bíon sé gan
bhéasa, mí-bhéasach-ach sé an sutha a dheinean an t-ithe mór.



SCABHAT — Fan aníos ón scabhat = an tonn nuair a bhrisean
sí ar an dtráigh, an t-eólaí a thagan aníos is síos tréis
bheith briste: nó, nuair a bhíon sí ag dul siar ós na car-
raigreacha. Bíon scabhat á dhéanamh ag gearrachailí ar an
úrlár nuair a bhíon na lámha ceangailte aca is iad ag gabháilt
tímpal i mboghsíní. Bíodh scabhat againn.



SCAFAIRE — Scafaire fir nó mná = duine breá árd
scafánta scópúil scaoilte láidir. Ní mór do dhuine bheith
dréir a chnámh chuige — seasamh is siúl aige is deigh-sheasamh.


L. 116


SCAFÁNTA — Bheith láidir anamúil scaoilte, agus an
scafántacht ann. Feic scafaire.



SCAGAIM — Tá an t-éadach ana-scagtha (scacaithe) =
ana-thanuí: dh'fhéadfá an solus a dh'fheiscint amach tríd.
Bíon ráil scagtha. Páipéar scagtha = chun scaga a dhéanamh.



SCAILÉATHAN — Is éachtach an fear scailéathain thu = chun
bréaga móra reamhra a rá: chun breis mhaith a chur le gach aon
scéal. Bhí scailéathan orm á rá go bhfuaireas airgead mór
ar an mbó = mustar. Bhí scailéathan air á rá go raibh air-
gead breá mór ar gach ní ar an aonach: gur maruíodh dubh-
chrónach = mustar is móireacht. Scailéathan = cainnt go
mbéadh sult ort á h-ínsint: agus an té go mbíon san air
cuirean sé breis le gach cainnt, coitianta. Ní bhíon aon
scailéathan ag baint leis an bhfear gan sult: ní bhíon a
fhuaim 'na ghlór.



SCAILIÚN — Tá na prátaí 'na scailiúin táid chó fliuch san
= ana-fhliuch ionnta féinig. Táid 'na scailiúin agat ag an
mbeiriú = an t-uisce bheith gabhtha tríotha isteach. Scailiúin
phrátaí.



SCAILP — Tá scailp cheóig ar an gcnoc = brat trom.
Nuair a bhís ag imeacht tháinig scailp throm dubh ar mo
chroidhe = uaigneas mór: ualach trom den uaigneas is den
nduairceas.



SCAIMH — Cuirean an madra scaimh air héinig nuair
athruíon sé an béal thar ceart leis an gcroicean tímpal an
bhéil a scúbha siar is na fiacla a nochta. Bhí Séamas ag cur
scaimheana air héinig chúgham = cumaí gránna. Tá scaimh ar
an lá indiubh, ar an bhfairrge = cuma ghránna: deárthamh an
uilc is na míshástachta. Cúis na scaimhe.



SCÁINTE — Tá na fiacla scáinte agam = scagtha, deighilte;
scáine (scáinne) eatora.



SCÁINTEACHT — Cad é an scáinteacht atá ort ná tiocfá
isteach? = náire, tu bheith scáinteach; támáilteacht. Tá
scáinteacht orm roimis an sagart mar níl mo phaidreacha
agam.


L. 117


SCAIPEATHÓIR Duine a scaipean a chuid go rábach:
a scaipean chó tiubh, nó níos tiúbha, ná mar a thuilean (a
dheinean) sé.



SCAIPIM — Chuas isteach i dtig an óil chun mo bhuairt, mo
bhuaidhreamh, a scaipe = a chur soir siar. Tá mo mheabhair
scaipithe chó mór san orm nách féidir liom greim a choimeád
ar faic.



SCAIRBH — Scairbh thráighte = sceilg, clocha a bhíon fén
uisce coitianta ach go múscluíon an rabharta iad.



SCAIRT — Scairt na n-éan = poll isteach i mbéal faille go
mbíon éanlaithe ann ar gor. An scairt chléibh = an falla atá
idir an gcliabh is na putóga. Aon tsaghas scairte.



SCALA — Íosfainn na prátaí amach as an scala = amach
as an uisce fliuchaigh. Íosfá iad ar na scala = nuair a
bheidís chó te is a dh'fhéadfaidís a bheith le bheith istig sa scala.
Tá an t-uisce, nó an bainne, ar an scalla, ar na scalaibh =
ag fliuchaigh; nó sa teas is giorra dhó. Tá an tae ar an
scala is ní féidir liom é dh'ól = ró-the, ag beiriú. Scala,
leis = brat gaoithe a ghluaisean le chéile ceart go leór i
n-aon líne amháin. Preaban amach de dhruim na talún chun
na fairrge, is féadtar é dh'fheiscint ag gluaiseacht amach le
chéile ar barra an uisce.



SCALAOIDEACH — Lá scalaoideach = scalaí móra bheith
ann: lá go mbíon gaoth mhór ann.



SCAMALL — Tá scamall éigint orm indiubh = rud éigint
dubh anuas ar mo chroidhe: gan me bheith geal-chroidheach. Is
mór an scamall le feabhas thu = scannra, úntas. Tá na
prátaí go maith agat. Táid: is mór an scamall iad.



SCANNÁN — Clúdach lag tanuidhe a bhíon ar na putóga
is ar mhórán nithe eile chun iad do choimeád i bhfóiribh, i
dteannta, a chéile. Nuair a théighean sé ar lár tagan
máchail an treó.



SCANNRA — Is mór an scannra an méid Gaoluinne atá


L. 118


agat = úntas. Tá scannra cainnte, scannra den gcainnt,
agat = uathbhás. Thógas scannra = cuireadh scannra orm:
scannruíodh me. Nách ort atá an scannra chun an airgid,
chun an tsaoil! = ana-dhúil bheith agat ionnta. Tá scannra
chun airgid ort = ana-shainnt. Bhí scannra air ag ithe an
dínnéir = é á alpa suas i slí éachtach: faor dian air chun na
h-oibre.



SCANNRUIGHIM — Scannruíodh me nuair a chonac an
tarbh = tháinig scannra orm: ghaibh scannra me: thógas
scannra. Tán tu scannruithe chun na Gaoluinne, chun airgid,
chun na h-oibre, chun éinní = scannra bheith ort: árd-shainnt
ionnat chúcha so.



SCANNRÚIL — Táim ana-scannrúil = ana-fhuirist scannra
a chur orm: ana-gheitiúil, ana-sceinnideach. Is scannrúil
an scéal é, an méid cainnte atá agat = chuirfeadh scannra
nó árd-úntas ar dhuine. Táid scannrúil chun na díghe =
scannruithe, scannra ortha.



SCAOB — Chaith sé scaob thairis = lán sluaiste nó ráinne
de chré nó d'aon tsaghas stuife.



SCAOILIM — Seo leat agus scaoil fén scéal = tabhair
fé, cuir chuige. Fear breá scaoilte = gan bheith crapaithe 'na
shiúl ná 'na dhéanamh.



SCAOILTEACHT — Chuir an féar glas scaoilteacht ar na
ba.



SCAOTHAIRE — Fear gaoithe móire: fear a bhíon á mhola
héinig is ag maoidheamh as héinig. Nó fear mór-chainnteach:
bíon ag síor-chainnt agus go minic gan bun ná fírine ná
cruinneas sa gcainnt.



SCAOTHAIREACHT — Cuir uait an scaothaireacht = maoidh-
eamh gan bun: ruithe-seama cainnte de pé saghas is túisce
thagan ar barra na teangan gan cuímhneamh, gan meágha.



SCARABHÁLAIM — Tá sé ag báistigh i láthair na h-uaire
ach deinfidh sé scarabháil ar ball beag = tiocfaidh éadtromú,


L. 119


breaca, air. Tá an lá scarabhálta suas = breacaithe,
triomuithe: an bháisteach stadtha (stataithe); é stadtha ón
mbáistigh. Níl an t-éadach (a bhí fliuch) trim fós, ach tá
scarabháil mhaith (dulta) air ó mhaidin = triomú. Tá scarabh-
áil ag dul ar an móin = screamh is triomú is cruadhacht nuair
a gheibhean sí cúpla lá triomaigh. Níl ar an gcíste ach
scarabháil fós = gan é bheith bácálta beirithe, ach screamh ag
teacht air is cruadhas. Níl an t-arán ach scarabhálta. Níl aon
scarabháil ag dul ar na h-éadaighe = triomú. Tá an lá
ag scarabháil = ag éadtromú: cuma thrim ag teacht air.
Bíon sé scarabhálta nuair a bhíon sé triomuithe ceart.
Ins an scarta bíon an bháisteach ann fós ach d'aithneófá air
go dtriomóch sé.



SCARÁN — Saghas crúca beag go mbíon súil ann is lúb
ag imeacht leis, agus deinid i dteannta a chéile gnó an
chnaipe. Scarán is lúb.



SCARTAIM — Feic scarabháil. Tá an lá ag scarta suas
= ag geala tréis ceóig nó báistí. Tá sé scartaithe suas =
breacaithe suas, gealta suas. Bhí sí ag scartuíl, scartuíol,
gáirí = gáire mór fada a dhéanamh, is bheith ag leanúint siar
amach air ar feadh tamaill mhóir. Tá láthair an tíghe nua á
scarta agam = á ghlana amach. Scart amach ón dtig =
glan amach 'na thímpal. Táimíd ag scarta na h-oibre =
chun na h-oibre, ag glana na h-áite chuige.



SCARTAIRE — Soitheach a gearrtar 'na lár: leath-
shoitheach (sathach). Bíon an drabhlach idir sin agus an beiste
i dtoirt.



SCÁTH — Shuidheas síos dom héinig ar scáth na gréine =
san áit ná béadh an ghrian ag taithneamh orm — an taobh eile
den ndeiseal. Níl ionnat ach scáth an bhuidéil = scáth a
bhíon ana-lom, ana-lag ar fad — le duine a bhíon ana-thanuidhe.
Ní chuirfeadh mo scáth eagla orm = gan me bheith eaglach.
Thug sé na cosa leis ar scáth na neamh-thuisciona = á leigint
air nár thuig sé an cúrsa — fear a tugadh ós cóir an bhreithimh
is a saoradh toisc gur leig sé air nár thuig sé cad a bhí á
dhéanamh aige. Ag foghluim na gunnadóireachta a bhíos ar
scáth an cheóil = is me á leigint orm gur ceól a bhí á fhoghluim
agam: an ceól agam mar phúicín, mar bhrat clúduithe.


L. 120


SCATHA — Tá scatha maith den lá curtha fé chois = tamall,
scathamh: blúire maith.



SCEABHCHÓIRE — Siad na sceabhchóirí croithe (croidhthe) na
bprátaí a gearrtar chun síl: an bhásta a bhíon ar an síol.



SCÉACHTAINT — Feic scéithim. Tá an falla ag scéach-
taint = ag caitheamh amach, pluc ag teacht air, blúire ag
tuitim amach as: pluc ag teacht amach as. An fhaill nó
inní a bhíon ag at amach bíon sé ag scéachtaint. Tá cuid den
bhfalla scéidhte cheana = blúire tuitithe amach as. Tá an
féar ag scéachtaint amach tríd an mála = ag brise.



SCÉAL — Tá an donas ag teacht ar gach aon scéal agam.
scéal a thairigíon scéal = tairigíon cainnt cainnt eile anuas.
Tán tu chó h-áiféiseach san go ndeinfá scéal Madra na
n-ocht gCos as rud beag = scéal mór éachtach úntach. Sé
scéal Madra na n-ocht gCos agat é = scéal mór fada casta
gur deacair é choimeád (sa mheabhair). Ní maith le duine
macánta scéal a tharac anuas air héinig = na daoine chur ag
cainnt tímpal air: é héinig a shá isteach i gcúrsa. Tá
droch-lá againn ach deinimíst an scéal is fearr de = an ceann
is fearr: tógaimíst i bpáirt mhaitheasa é. Níl aon deagh-
shaol agat anso ach is féidir leat a leigint ort nuair a
raghair abhaile gurab é an scéal is fearr é = go raibh gach ní
ar fheabhas. Tháinig scéala chúgham chun bheith ag imeacht =
focal. Chuireas scéala uaim go mbéinn ag imeacht = focal,
tuairisc, cúntas, fios. Deirean tu go ndeinfar an tsíocháin,
ach nách 'in é an scéal? = an cúrsa, an fhadhb. Bhíos breóite i
mórán áiteana ach tá feabhas ag teacht ar gach aon scéal
anois = gach cuid den mbreóiteacht: gach blúire de chúrsa ar
bith.



SCEAMH — Dhein, nó leig, an madra sceamh.



SCEAMHACH — Sceauach a deirtear agus an a srónuithe go
maith. Tá an fhairrge sceamhach glas indiubh = cuíbhsach garbh
is siolla maith glas gaoithe ann. Tá sé sceamhach ar muir
is ar talamh. Is sceamhach láidir fuar an lá é indiubh = gaoth
ghlas ann is í cuíbhsach láidir.


L. 121


SCEAMHUÍOL — Tá an madra ag sceamhuíol ar an mbó
mar shádhas léi é = é ag bagairt uirthi (go feargach) le n-a
ghlór. Bí an madra ag sceamhuíol orm mar d'aithin sé
gur stróinséar me. Istoíche bíon na madraí ag glórthuíl
dóibh féinig is ag sceamhuíl go breá bog ar a chéile. Sin
ualthartach.



SCÉAN — Bhí scéan buile 'na dhá súil nuair a chualaidh sí
an scéal = scannra, úna: nó, d'oscail na súile amach go
mór. Tá scéan i súilibh (i radharc) Sheáin le malluitheacht =
an radharc bheith lasta suas ionnta, agus tagan athrú cló
ortha is corruighe nuair a bhíon duine chun díobháil a dhéanamh.
Bíon scéan sa radharc, leis, le h-eagla. Is le dian-scéan
na h-eagla a thug sé an gunna uaidh = dian-neart.



SCEANACH — Dá mbéinn ag gearra búird le sciain bhéinn
ag déanamh sceanaigh air. Dhein na Gearmánaigh ana-
sceanach ar na Sasanaigh = ana-lot, ana-dhíobháil, an-thuargain
is gearra a thabhairt dóibh. Deineadh sceanach orm leis an
litir a cuireadh ar an bpáipéar. Dhein sí sceanach orm le
n-a teangain = gearra maith a thabhairt dom. Bhí sceanach
cainnte aige = cainnt chruaidh fhuinniúil ghéar. Dheineadar
sceanach ar a chéile sa troid = laitiméireacht. Bíon sceanach
i ndiaidh na bprátaí a bhíon againn chun dínnéir = na croicne
agus gach aon bhlúire a bhíon gearrtha nó scúbhaite nó tuitithe.
Dhein an ghaoth sceanach ar na crannuíocha is ar na prátaí =
laitiméireacht; na billeóga a leaga anuas nó díobháil níos
measa. Tá sceanach á dhéanamh ag Sasana ar Éirin, is is
fada athá.



SCÉANSHÚIL — Scéanúil a deirtear. Tá dhá scéanúil
agat = dhá shúil go bhfuil scéan is scannra ionnta. Tháinig
dhá scéanúil dom nuair a chuala é. Tá scéanúilí agat nó
ionnat = gan na súile bheith socair ach scannruithe.



SCÉANÚILÍ — Tá scéanúilí buile id dhá shúil = iad a bheith
scannruithe go maith: féachaint ana-fhiain ana-chorruithe
ionnta. Is éachtach an scéanúilí atá sa ngarsún san —
nuair a bhéadh sé ag iompó na súl ó thaobh taobh ar nós an
duine go mbéadh eagla mór air. Cad é fáth na scéanúilí?


L. 122


SCÉANÚLACH — Ní gá dhuit bheith scéanúlach.



SCEATHARACH — Sceatharach tíghe = tig gan fásca: an
chómhla briste: an laiste as treó: nithe ar míghléas ann.
Tá an tig 'na sceatharaigh — dh'fhéadfadh sé bheith go maith ach i
slite beaga. Naomhóg briste is ag scéachtaint is as múnla
bhéadh sí 'na sceatharaigh. Nó cruach mhóna dá ndeinfí go
h-olc í, is pluic amach uirthi is í ag scéachtaint. Ach bíon an
bhathalach go h-olc (le críne, go minic) is i n'fhotharaigh nách
mór.



SCEIDHTÉAR — Ná h-éisteófá do bhéal, a sceidhtéir =
duine gan éifeacht ag baint leis a bhéadh ag cainnt is ag
gáirí. Caithtear an focal go minic le gearrachaile a bhéadh
ag imeacht gan chiall; ruaiseach, siúbhlach, gan staidéar: a
gheóbhadh sult i rudaí ná béadh aon éifeacht leótha: a bhéadh
pas beag fiain gan bheith thar teórain.



SCÉIMH — Tá scéimh amach ar an bhfaill = faor. Chuas
amach ar scéimh an phuirt = ciúmhais. Scéimh an fhalla. Tá
scéimh na báistí ar an lá = cuma, cló. Bhíos cúnlaithe isteach
fé scéimh carraige i mbun gleanna ón mbáistigh = an charraig
bheith ag caitheamh amach ós mo chionn. Chuireas scéimh na
h-aingilíochta ar an seómra = ana-scéimh, ana-áilneacht.



SCEIMHLE — Chuir an coga sceimhle is eagla orm = scannra
saoil. Tá sceimhle ocrais orm = ocras uathbhásach; ocras a
scannróch duine: buile ocrais. Táim sceimhlithe agat =
sceimhle agat orm (ó sceimhlíghim). Bhíos sceimhlithe im
beathaigh roimis na dubhchrónaigh = chó sceimhlithe is a dh'fhéad-
fainn a bheith.



SCEINNEBHEARTACH — Duine sceinnebheartach = tapaidh: a
phreaban gan chuímhneamh chun ní a dhéanamh: duine fairsing
flaithiúil go mbíon síntiús maith aige is ná bíon an chníopair-
eacht ann. Ní bhéadh an tarna húistéar aige tímpal rud
beag. Dá loirgeófá lasán air thabharfadh sé lán a dhuirn
uaidh. Nó sconnabheartach.



SCEINNIM — Ba bheag nár bádhadh thu. Seadh: sceinneas
go beacht = ní raibh ann ach gur thánag saor. Sceinn an focal
uaim, nó orm = éaluigh: phreab amach sar a raibh fhios agam.


L. 123


SCÉIRDIÚIL — Áit scéirdiúil = gan fuithin; go mbéadh
luighe na gaoithe air. Lá scéirdiúil = nuair a bhíon sé ag
séide go trom. An áit scéirdiúil ní bhíon sé torthúil.



SCEIT — Thóg an capal sceit is rith sé = scannra, baineadh
preab as, nó geit.



SCÉITHIM — Tán tu mar a scéithfeadh t'athair, nó do
mháthair, thu = ana-dheárthatach leis an athair, nó an mháthair.



SCEITIMÍNÍ — Bhí sceitimíní is mire orm ag dul ar an
aonach = tógaint croidhe is áthas, is me ag léimrigh. Bhí
sceitimíní orm chun árd-cheann an airm a dh'fheiscint = me
ar sciobthaigh le dúil chun é dh'fheiscint. Bhí sceitimíní
orainn leis an eagla go bpreabfaí isteach orainn sa bhfoghail =
neamh-shocaireacht ag baint linn: gan é ar ár gcumas greim
ceart a choimeád orainn héinig. Bhí sceitimíní uirthi ag
gáirí = í imithe ó smacht ag an ngáirí. Bhéadh sceitimíní
orm eachtra mar sin a chlos: nó, chun go gcloisfinn eachtra
den tsaghas san = bhéinn ag léimrigh le dúil chun é chlos.
Sceitimíní áthais, eagla.



SCÉITHÍN — Cuireadh as anál me le buille beag sa scéithín =
áit bheag bhog atá i n-íochtar an uchta san áit go mbíon na
h-easnuíocha ag deighilt amach ó n-a chéilig: tá sé suidhte sa
chlais atá i lár an uchta 'na bhun thíos: is deacair bagairt
air: é deóchailleach go maith is gan mórán fulaig ann má
gheibhean sé aon chúis. Tá mo scéithín ar lár ag an mbuillín
beag.



SCEÓ — Tá sceó beag leac-oidhreach ar an uisce = cómharthaí
éadtroma: tá brat beag di ann, ach sin a bhfuil. Chuir
mo mháthair sceóbeag ime ar an arán dom = clúdach beag —
i slí go bhfuil sé le h-aithint, ach sin a bhfuil.



SCEÓLBHACH — Rug sé isteach (nó suas) ar sceólbhaigh orm
= scórnach.



SCEÓNUÍL — Tá sceónuíl im bolg = glórthuíl: na putóga
ag glórthuíl leótha.


L. 124


SCIAN — Thugas an scian don (ar an) gcórda. Scaoil an
scian ar an gcórda. Tharraing sé an rásúr (treasna) ar
a scórnaigh. Bhíos (sínte) ar mo sciain sa leabaidh = ar mo
chliathán. Téir ar do sciain i dtreó ná tógfaidh tu suas an
iomarca slí. Th'anam 'on sciain = 'on ndial, 'on ndiucs.



SCIATHÁN — Bhí sciatháin orm nuair a chuala gur thógas an
scrúdú = árd-áthas, is me ag léimrigh is ag preabarnaigh is
ag oibriú na lámh is ag baint boghsíní san aer leótha. Thugas
fuisce isteach chuige fém sciatháin = i gan-fhios — agus dá
mbéadh fhios é béidir ná raghadh sé go maith ná ar fóghnamh
dom. Ní ceaduithe dhíbh bheith ag cogarnaigh ansan fé sciathán
Ghaoluinn a dh'fhoghluim = fé scáth: é sin mar leath-scéal
agaibh is brat clúdaigh.



SCILIGEÓIR — Duine a dheinean an t-arbhar (arúr) a
bhrise go garbh. Is mór an sciligeóir thu = duine ná tugan ach
breac-mheilt dá chainnt, is scaoilean amach í garbh gáirseálta
gan aire cheart a thabhairt di, ná do cad a bhíon á rá aige
— fíor nó bréag. Sciligeóir éithigh.



SCILIGIM — Tugtar scilige don gcoirce in sa muilean =
meilt gharbh-i n-inead é mhín-mheilt. Ná bí ag scilige
cainnte mar sin = as tabhairt amach go tiubh — mín agus garbh,
an fíor is an bhréag. Ag scilige éithigh a bhíon tu = á stealla
amach as muilean na cainnte. Ní bhíon ins na páipéirí ach
scilige éithigh tímpal mórán cúrsaí. Tá an coirce sciligthe.
Ná bí ag scilige = ag stealla na cainnte amach gan aire.



SCILIMIS — Scannra, sceimhle.



SCÍMÍN — Rud chun bainne a scimeáil, chun an uachtair a
bhaint de.



SCIOBAILE — Sciobaile feóla = blúire beag a bhéadh ag
sile anuas as phíosa mór. É níos lúgha ná an sciolpa agus
bíon gan mór-mhaith.



SCIOBAIM — Thug sí scioba fém gcaipín is árduigh léi =
snap.


L. 125


SCÍOBAS — Blogam (bolgam) beag: blaise beag de
rud éigint fliuch: an méid a thógfá isteach le barra do
theangan. Ní dh'ólfá ach scíobas beag den uisce fliuchaigh.
Slugóg = lán do bhéil go maith.



SCIOBTHAIGH — Sciobaig a deirtear. Bhíos ar sciobaig
chun dul ar an aonach = lán de dhúil, ag preabarnaigh. Ar
sciobaig chun na Gaoluinne dh'fhoghluim, chun na bróga nua a
dh'fheiscint = sceitimíní dúlach ar an nduine.



SCIOLLA — Sciolla cloiche = cloch bheag thanuídhe. Trom
sciolla aráin = píosa tanuídhe. Siad na sciollaí beaga is
tábhachtaighe (táchtaí) sa gcainnt = na spallaí.



SCIOLPA — Thug sé sciolpa aráin dom = blúire, cannta.
Sciolpa tobac. Thugas cead sciolpa dhó = cead bheith ag
gearra roimis: cead dul ar aghaidh.



SCIOLPÓG — Bhaineas sciolpóg as an gcíste, as éinní =
blúire cuíbhsach maith. bhain an dochtúir sciolpóg dem béir
(mhéir), dem órdóig. Trom sciolpóg den úbhal san.



SCIOMAIM — Bainne do sciomáil, nó scimeáil.



SCIORLACH — Tá an tig tógtha, ach tá sciorlach mhaith cloch
ann fós = clocha caite thall is i bhfus gan aon eagar. Dá
dtuitfeadh tig bhéadh sé 'na sciorlach: nó, dá dtuitfeadh
blúire den bhfaill nó den bhfalla thabharfá sciorlach ar an
mbrúscar.



SCIORTA — Tá sciorta maith den nGaoluinn agat =
paiste maith, cuid mhaith. Sciorta mo bheist, mo chasóige, an
éadaigh = imeall. Sciorta talún = paiste caol.



SCIOTHA — Tá sciotha siúil fút pé ball go bhfuilean tu
ag dul = do cheann rómhat amach le bárr reatha nó siúil: nó,
le reacht reatha nó siúil. Bíon sciotha siúil fén gcapall
ráis, fén árthach. I lár an sciotha do thuiteas. Tá an long
díreach as a tosach is sciotha ar a deire = í scúmhaite fúithi
as a deire: cabha isteach fúithi.


L. 126


SCIOTA — Chloisfá sciota beag gáirí ó gach cúinne den
tseómra = brise beag gáirí-aon bhrise amháin.



SCIOTUÍOL — Bhí na gearrachailí ag sciotuíol gháirí = gáirí
beaga tiubha gan éifeacht á ndéanamh aca. Ní h-aon scarta
amháin aníos ón gcroidhe an sciotuíol, ach bíon sé leanúnach is
ní bhíon oscailte amach.



SCIÚCH — Mo ghrá do sciúch! = do scórnach, do ghuth — le
duine a bhéadh ag gabháilt amhráin. Tá sciúch mhaith láidir
agat agus cloisfí i bhfad ó bhaile thu = pé áit go dtagan an
chainnt as. Tá an sciúch sínte léi laistiar den bpíopán mór
garbh, is is tríthi a ghabhan an bia is an deoch siar 'on gcorp.
Thabharfainn amhrán dá mbéadh an sciúch agam chuige. Lár
na sciúiche = an chanáil atá ag dul go dtí an ngoile.



SCIÚCHUIGHIM — Táid ag sciúcháil a chéile = ag tachta: ag
cur na sciúiche ar mí-ghléas.



SCIÚIRSE — Tá sciúirse den tseana-Ghaoluinn agam =
stráice, paiste. Thug sé sciúirse isteach chúghainn = sciúrd,
gan puínn moille a dhéanamh. Sciúirse fir, mná, buachalla,
gearrachaile = duine árd is lom go leór. Ach bíon an
balcaire téagartha. Tá sciúirse fút = dian-imeacht, ana-
shiúl. Is maith an sciúirse gearrachaile (greachaile a deir-
tear) í. Bíon an slataire gan críochnú.



SCLÁTA — Scláta iarain nó adhmaid = píosa ar nós píosa
slinne: píosa tanuí fada.



SCLÉIPIÚIL — Duine scléipiúil = aerach, geal-chroidheach,
meidhreach, meidhréiseach.



SCLOGAIM — Ba dhóbair dom é scloga = é thachta.



SCODALACH — Nó scodal. Sin leite thanuí. Níl sa
bhó san ach scodalach gránna gan mhaitheas = í bheith lom, neamh-
chórach. Ceann d'iascana na fairrge seadh an scodal
(scudal a deirtear) ná fuil aon chnámha (ná maitheas) ann,
agus ithean na h-éisc eile é. Scudal fir, capaill = árd
neamh-chórach lom. Tugan an mháthair scudal ar an mbunóic


L. 127


nuair a bhíon sé nochtuithe. Scudalach fir = fear lom,
cnámhach, gan slacht.



SCOIL — Bhíos déanach don scoil, ó scoil. Táid stadtha
(stataithe) ón scoil indiubh, nó ar fad. Bhíomair ar aon
scoil amháin = ag dul ar —. Tá Séamuisín istig (ó scoil)
indiubh = gan bheith ar scoil. "Anso" nó "istig" a deir-
tear nuair a ghlaodhan an máistir na h-ainmneacha amach.



SCOILTIM — Scoilt na prátaí ar an mbó — le h-í at amach.
Scoilt Seán ar an mbó-le h-úirlis, le h-í pholla = oscail
sé ar an mbó, dhein sé roll a chur ínti.



SCOITHIM — Táim chó caithteach san go scoithfinn foirtiún
amach = go raghainn tríd. Scoitheas púnt ar an aonach;
scoitheas órán airgid ag ceannach gach aon tsaghas ní =
chaitheas. Scoitheas £100 amach lem thrus go Bleá Cliath
= chaitheas gan pinghin de.



SCOL — Bhí ana-scol éisc ann aréir = ana-ráth.



SCOLB — Scolb fir = fear cruaidh. Cúpla lá sar a
dtagan an sicín d 'aon tsaghas amach as an ubh bíon scolb
ar an bplaosc = brise — bíon sé cnagtha (cnacaithe).



SCOLPÁN — Dún amach na scolpáin = cómhlana na fin-
neóige.



SCONNA — Tá sconna cainnte agat = cainnt a labhartar
amach go rábach tiubh. Tá sconna buinníghe ar an laogh =
ana-thaom den scaoilteacht. Gheóbhair deoch 'en uisce amuigh
ansan ag an sconna. Sconna báistí. Dhein sé sconna ag an
scaoilteacht.



SCÓP — Thugas scóp dó chun rínce a dhéanamh = seans, slí,
caoi, cothrom. Tá scóp chun gnótha, chun reatha, chun éinní
orm = fonn: gan me bheith crapaithe isteach ionnam héinig.
Deinfidh Seán obair mhaith don nGaoluinn ach scóp a thabhairt
dó = slí. Bhíos dubh go leór indé ach tá scóp go maith orm
indiubh = eirighe croidhe, eirighe ó thalamh, áthas croidhe, is
fuinneamh is faor dá réir. Tá scóp fút = réim, faor, gluais-


L. 128


eacht. Sé an scóp atá fé póca maith airgid a dhéanamh =
fuadar. An té ná bíon an scóp fé bíon sé crapaithe isteach
le chéilig 'na mheabhair nó 'na ghéaga: ní bhíon sé scópúil.
bhí scóp is fonn orm chun an rínce.



SCÓR — Ní raghainn (nó ní chuirfinn me héinig) ar aon
scór amháin leat = ar aon leibhéal (ar aon imeacht) amháin
leat.



SCORN — Bhfuil aon scorn ná náire ort roimis na daoine?
= náire, támáilteacht.



SCÓRNACH — Poll na scórnaighe = an poll a bhíon ag bun
na scórnaighe: lag isteach sa muineál seadh é. Ubhal na
scórnaighe.



SCOTH — Scoth feamanaighe í sin = feamanach bhreá thofa.
Scoth na bhfear = togha. Fuaireas scoth na bprátaí dom
dhínnéar = an chuid do b'fhearr díobh. Scoth an bhídh. Tá
scoth ghruaige ort = gruaig bhreá fhada. Bíon an scoth gharbh
de sna mionnaí aige sna daoine garbha = an chuid is gairbhe
(gairí) de sna mionnaí. Scoth, leis = rinn amach sa bhfairrge
a nochttar nuair a bhíon an rabharta ann. Deire na scotha.
Tá muilte ann a thugan an scoth cheart amach, ach tá cuid eile
díobh ná deinean ach scilige = (obair gharbh).



SCOTH-BHRISTE AGUS MAR SIN — Tá an tsláinte scoth-
bhriste agam = cuíbhsach briste, briste go leór gan bheith go
h-olc. Mar sin scoth-fhliuch, scoth-láidir, scoth-aosta, scoth-
reamhar, scoth-mhaith, scoth-mhór. Tá an bóthar scoth-fhada go
leór. Tá scoth-eólas agam ar chainnt na Gaoluinne. Tá
mo scoth-dhóthin ite agam = cosúil le (cómhngarach do, isteach
is amach le) mo dhóthin. Níl ar na prátaí ach scoth-phraghas =
airgead cuíbhsach. Scoth-ghaoth = briota gaoithe, gaoth bheag:
scoth-ghéar: scoth-fhiain: scoth-fhuar: scoth-bhia: scoth-
chuíbhsach: scoth-Ghaoluinn: scoth-úntas. Bhí scoth-úntas mór
orm. Tá Gaoluinn scoth-chuíbhsach agat.



SCOTHÁN — Scothán aitin = slapaire. Scothán raithnighe =
aon tslapaire amháin — bé go mbéadh 12 scothán i dtor
raithnighe.


L. 129


SCOTHÓG — Ní rudaí beaga a bhíon ar fhabra seáil nó
cuilte: saghas eirbaill a bhíon amach asta. Thabharfá ar
eirball an éisc, leis.



SCOULAERACHT — Nó scobhlaeracht. Mhairbh sí me leis
an scoulaeracht = le n-a teangain, le scalla na teangan.
Níor fhág sí thíos ná thuas orm é = níor fhág sí faic orm:
bhain díom gach blúire den gclú.



SCRABHA — Dhein sé scrabha maith báistí aréir = cuid
mhaith. Dheineas scrabha maith oibre = ádhbhar maith. Tá
scrabha maith aimsire ann ó chonac thu cheana = tamall maith.
ól scrabha den mbainne sin = deoch mhaith. Nuair a bhíon
duine ar bog-mheisce bíon scrabha maith ólta aige. Tá
scrabha mait siúlta agam, scrabha maith den nGaoluinn
foghlumtha. Bain an camán scrabha den gcroicean díom =
paiste. Bhaineas scrabha den éadach díom héinig chun
iománuíochta.



SCRÁBACH — Spriúnlaithe suarach, cruínn cruaidh tímpal
airgid. Tá mórán scrabhaite ag imeacht indiubh = ceathana
neamuana.



SCRABHAIGHIM — Nó scrabhaim. Scrabhaigh sé me. Bhí
sé am scrabha. Táim scrabhaite agat = na h-ingine curtha
ag obair agat orm.



SCRABHAITEACH — Tá an lá scrabhaiteach ó mhaidin = scrabh-
ana ag imeacht. Aimsir ana-scrabhaiteach.



SCRABAL — Bhíomair ag cur scrabail ar an bhfeamanaigh
= scaob thall is scaob i bhfus chun í choimeád ar na leapacha.



SCRÁBÁN — Droch-éadach tanuídhe. Níl agat ach scrábán
éadaigh go mbéadh na h-uillin is na glúna amach tríd i gceann
seachtaine.



SCRABHTÁLAIM — Tá scrabhtáil mhaith bháistí ann ó
mhaidin = scrabhana ag imeacht: tagan sánas air anois is
aríst, agus ansan líonan sé isteach aríst. Tá sé ag scrabh-
táil ar feadh an lae.


L. 130


SCRAISTE — Níl ionnat ach scraiste díomhaoín = duine
leisciúil: duine beag-mhaitheach ar mhuíng nó ar mhachaire.
is suarach na scraistí iad.



SCRAITH — Clúdach geal a bhíon ar an dtaobh amuigh den
mblonaig. Is maith an scraith í sin ar an gcaoire. Scraith
gheire. Scraith bhlonaige sa mhuic = brat blonaige: nó an
brat beag a bhíon ar an mblonaig.



SCRAITEAL — Níl scraiteal fé dhíon an tíghe agam =
níl faic: tá an tig folamh ós gach aon ní. Feic screabal.



SCREABAL — Níl screabal den éadach orm de cheal an
táilliúra = níl aon faic. Níor fhág na dubhchrónaigh screabal
agam, ná an ghaoth aon screabal de dhíon an tíghe ann = aon
bhlúire, aon phioc.



SCREACHAIL — Cnapán a thagan ar dhuine nó ar bheithíoch
idir an gcroicean is an fheóil: nó aon tsaghas cnapáin.



SCREAMH — Níl agam den nGaoluinn ach an screamh = an
beagán: an chuid a bhíon ar an dtaobh amuigh is ná téighean
ró-dhoimhin isteach tar an gcroicean. Dá mbéadh aon
screamh ar an lá raghainn amach = aon fhásca, aon triomach.
Ní leigean an bháisteach dhó aon screamh do theacht air = aon
chruadhas. Níl aon screamh ar an móin = fásca, cruadhas,
crústa. Tá an screamh ana-chruaidh ar an gcíste: tá sé
na chrústa le cruadhacht. Bhí screamh ar mo theangain ar
maidin toisc gan an goile bheith ar fóghnamh. Níl aon screamh
ort mar labhran tu amach gach uile shaghas = níl aon chruas ort
ar an dtaobh amuigh chun pé ní a bhíon istig a choimeád istig:
ní choimeádan tu greim ort héinig. Tá screamh maith
uachtair ar an mbainne. Níl aon screamh ag teacht ar an
bhfear breóite = cruachtdh, crotha, fásca: níl sé mar a bhéadh
rud a bhéadh trim cruaid fáiscithe fuinniúil. Nách fada atá
aon screamh ag teacht ar an saol? = aon fhásca: an saol a
bheith suaite neamh-shocair.



SCRÍBÍN — Tá scríbín ar siúl againn = sinne a bheith ag
imirt ar scríbín — nuair a roinnfí amach na cártaí, an té,
cig., go mbéadh an cárta do b'fhearr aige (nó aon tsaghas


L. 131


go mbéadh socruithe air) tabharfaí pé airgead a bhéadh ar
an mbórd dó.



SCRÍOB — Bhuail scríob láidir fhiain sinn amuigh ar an
bhfairrge indiubh = siolla cruaidh a thagan go h-oban. Tá
scríob ar an oíche = cuma go dtiocfaidh stoirm. Tá cuma
na scríbe ort = cuma na gaoithe géire, cuma an fhuachta —
fiú amháin dá mbéadh duine leathta anuas ar an dteine.
Thugas an trus ó inis go Luimneach d'aon scríb amháin =
d 'aon iarracht amháin: gan sos a thógaint. Leigeadh na
príosúnaigh amach d'aon scríb amháin = iad go léir i dteannta
a chéile. B'uathbhásach an scríob ghaoithe a rug (riug) orainn
indé = séide cruaidh. Thugas an scríob siar amach liom chun
na fairrge = imeacht cruaidh. Tá scríob ghránna mhalluithe
ag imeacht (nó ag rith) imeasc na dúthaighe ag Rialtas Shasana
= sciúrd fola is báis. Thógas an cúrsa d'aon scríb amháin.
Chríochnuíos an ceacht amach d'aon scríb amháin = d'aon bhobhta
díreach amháin gan stad a dhéanamh. Thugas cúig déag liom
sa scríb sin = bobhta i n'imirt chártaí. Bíon an trus agam ó
inis go dtí an Scairbh d'aon scríb amháin gan teacht anuas
den rothar.



SCRÍOBAIM — Níl déanamh an chíste sa mála is é scríoba
= fiú amháin dá ndeinimíst é scríoba = na h-ingine a chur ag
obair ar an mála. Muna féidir leat scríoba dhuit féinig
anois, ní scríobfaidh tu go deó = muna féidir leat bia is
beatha a bhaint amach — ar nós na circe. Táim scríobtha
(scríopa) aige sna dubh-chrónaigh, ag éinní = gan faic fágtha
agam. Scríobtha aige sna cártaí.



SCRÍOBÁLAIM — Tá an chearc ag scríobáil ar feadh
an lae do sna sicíní = ag scríoba. Bhíos ag scríobáil an
phláta, an chorcáin. Chuas amach ag scríobáil dom héinig
indiubh = ag bailiú (go cruaidh). Níor fhágas im dhiaidh ar
an bpáirc ach scríobáil féir = fuighleach beag: oiread san
nár mhór duit dul ag scríobáil chun é bhailiú. Níor fhágas
i ndiaidh mo dhínnéir ach scríobáil bheag.



SCRIOSAIM — Tá an croicean scriosta dem láimh ag an
uisce beirithe. Scriosamair an mhuc = na guairí agus barra
an chroicin a bhaint di: dheineamair í scrios.


L. 132


SCRIOSÚNACH — Scriosúnach fir = fear árd fada: na
cnámha go maith aige: fear maith mór.



SCROBHAIM — Feic scrabhaim. Thug sí scrobha fúm agus
ghearraigh go maith me. Scrobhaigh sí me = scríob. Thug sí
fém scrobha = fém scríoba. Tugadh scrobha maith den
dteangain dom = scoulaeracht mhaith. Thug sé scrobha fén
muic leis an sciain chun í mharú = iarracht. Chuiris do scrobha
ionnam = scrobhaís me: táim scrobhaite agat. Tagan an
scrobha báistí cruaidh go maith agus le fuinneamh.



SCRUGAL — Áit chaol idir dhá áit leathana: slí chaol,
cig., idir dhá shliabh nó slí chaol isteach i gcuas. Níl ionnat
ach an scrugal is an t-iogán ó bheith ag obair = gan puínn
díot bheith fágtha.



SCRUGUÍL — Bhíos ag scruguíl síos ó bharra na faille =
me ag féachaint thar fiacail na h-aille síos is an muineál
sínte amach agam. Bhíomair ag scruguíl ar an gcluiche =
síne bainte as an scrugal againn leis an bhféachaint. Bhí sé
ag scruguíl isteach tríd an bhfinneóig: ag scruguíl de
dhruim an fhalla. Cad é an scruguíl seo oraibh ag an ndoras?
Bídh amuigh nó istig.



SCRUIG — Áit chaol i snáth toisc é bheith rithte amach leis
an iomarca den gcasa. Tá an snáithín lán de scruigeacha.
Scruig áirneáin = nuadhuíocht éigint bídh (nó bia de shaghas
éigint) siar amach san óiche do dhaoine a bhíon ag áirneán.



SCRUPAL — Bhéadh scrupal orm na prátaí breátha so a
thabhairt do sna muca = áithmhéala (áiféala).



SCRUPALACH — Fear scrupalach = go luighfeadh aon droch-
ní a dheinfeadh sé ar a choinsias.



SCRUTHÚIL — Fear (nó capall) scruthúil = maith mór:
go mbéadh toirt mhaith ann. Nílim ró-scruthúil im póca,
im shláinte: nílim ró-scruthúil i gcóir na bliana = gan
bheith acfuinneach láidir: bheith gan seift.



SCRUTHUÍOCHT — Níl aon scruthuíocht ionam = toirt, ac-
fuinn: me bheith lag im chorp nó im póca.


L. 133


SCUABACH — Lá scuabach = lá go mbéadh anam na gaoithe
ann go maith. Bíon a leithéid i gceist tímpal na Márta go
maith. Tá an fhairrge scuabach = suaite, corruithe: séidhte:
ag imeacht le fuinneamh is faor.



SCUABAIM — Tá an tír scuabtha (scuapa) amach ó
dhaoine = na daoine bailithe amach aisti glan.



SCUAIBÍN — Úirlis a bhíon aca ins na siopaithe ag tómhas
an phlúir nó an tsiúicre.



SCUAN — Tháinig an scuan isteach go lán-deithiniseach
(deabhfarach) = traen.



SCÚBHACHÁN — Bainean an plána scúbhacháin anuas den
adhmad = blúirí adhmaid a bhíon ana-ana-thanuídhe ar fad.
Ní slisní bágúin a fuaireas dom breicfeasta ach scúbhacháin
go n-íosfainn leath-acra díobh. Scúbhacháin phrátaí = an
sceannach: na rudaí a faghtar leis na prátaí a scúbha.
Thabharfá scúbhacháin ar na blúirí beaga a bhainean an tuagh
anuas ach iad a bheith ana-thanuí. Deinean an t-inneal
scúbhacháin de sna turnaipí. Scúbhacháin iongan = scúbha
iongan. Tá scúbhacháin ar m'ingine.



SCÚBHAIM — Bhí sé ag scúbha prátaí = ag baint an chroicin
díobh. Bhíos ag scúbha na bhfiacal chuige = á nochta. Scúbhaigh
amach na cártaí = dein amach iad go tiubh tapaidh. Tán tu
scúbhaite anuas de sna cnámha chun na Gaoluinne = gach
blúire den bhfeóil imithe dhíot chúichi, le dúil ínti. Táim
scúbhaite chun oibre = dian, scannruithe. Tá sí scúbhaite
anuas de sna cnámha ag an bhfoghluim, ag éinní. Tháinig
scúbha fairrge fén naomhóig agus thóg chun siúil í; léim sí
le bár srutha = tonn a phreaban isteach go h-oban is a ghlanan
gach ní chun bóthair. Ní h-aon mhaith dhuit bheith ag scúbha
t'fhiacla chun Gaoluinne mar ná tógfá (ná foghlumófá) go
deó í — sé sin, le dúil ínti. Tháinig scúbha aníos orm a
fhliuch mo bhróga. Táim ag scúbha an airgid, nó éinní, liom =
ag baint an chroicin de, ag imeacht tríd, á chur díom. Ná
bí ag scúbha t'fhiacla chun an chíste mar ní bhfuighir aon phioc de.
Tá pláitín scúbhaite air = cloigean maol. Tá scúbha orm
chun na Gaoluinne = me bheith ana-dhúlmhar, ana-dhúlmharach,


L. 134


ínti. Ná bí ag scúbha geaitirí duit héinig = gnó bog díomh-
aoín sa tsiúl agat: ag tógaint an tsaoil go breá bog.
Tá sé scúbhaite i ndiaidh an tobac. Ní bhfuaireas ach tae
scúbhaite = lom: tae gan faic eile: nó tae is arán tur —
dréir an méid scúbha a deinfí. Bhí sí ag scúbha a cuid
gruaige siar = á chur siar, á scaoile, á chíora siar. Táimíd
ag scúbha go tiubh ár gcúil bhreá phrátaí = ag ithe, ag ídeach.
Cuirean an bh ana-shrónú i bhfeidhm ar an ú.



SCUDAL — Feic leat scodal. Nách gránna an scudal
fir é! = fear caol sliastach, fear mór lom nea'-chórach.



SCUN-SCAN — Tá sé marbh scun scan, nó scun scan amach
= marbh amach is amach, chó marbh is is féidir leis a bheith.
Tá an lá againn oraibh scun scan = go fairsing. Chríochnuíos
an ceacht scun scan (amach) laistig den am = gach blúire de.
Tá an tae imithe scun scan ort, nó uait — do phléasc an
cupán. Thóg £100 an tig scun scan = gach órlach den dtig.
Thóg an tig an £100 scun scan = gach pingin de. Táim scun
scan gan aon éisteacht = gan aon phioc den éisteacht agam.
Tá mo bhróga imithe scun scan = imithe ar fad: i slí nách
féidir iad a dheisiú ná faic.



SCUR — Ní bheidh aon scur ceart orainn go mbeidh an
scrúdú dinn = aon tsaoire cheart ón obair. Níl aon scur
ar an snaidhm = níl aon scaoile, aon réiteach. Níl aon scur
ar an dtuisle sin ach é scaoile amach den adhmad leis an
gcasúr ladhaire.



SEABHAIR — Níl aon tseabhair agam sa nGaoluinn, i
dtobac = dúil.



SEABHRACH — Tá an sean-fhear go seabhrach = go h-anamúil,
meidhreach, cruaidh, breá, fuinniúil. Deirtear é le h-éinne a
bhéadh cruaidh tapaidh éascaidh. Bhí an leanbh breóite indé ach
tá sé go seabhrach indiubh. Tán tu ag féachaint go breá
seabhrach indiubh = go maith, anamúil: go deigh-chroicin is go
galánta is go glan deighéadaigh. Tá an sicín óg go seabhrach
tréis teacht amach as an ubh, nó as corcán uisce.



SEACHNUIGHIM — Seachain sa cheann me = ná buail sa
cheann me; nó ná buail i slí a ghortóch me.


L. 135


SEACHRÁN — Tá Tomás sa tseachrán, ar an seachrán,
imithe ar an seachrán, imithe chun seachráin = amú, as an slí
cheart-ag an ól, cig. Tá an post (na litreacha) imithe chun
seachráin anois: níl sé ag rith i n-aochor.



SEACHT — Tá pian im cheann agus an goile bun ós cionn
agam agus seacht máchailí eile = mórán eile de sna gearánta.
Ba dhóigh leat go raibh seacht máchailí an tslé, seacht gcúraimí
an tslé, air = mórán máchailí nó cúraimí. Tá na seacht
dteangcacha aige-siúd = mórán teangcacha (teanngcacha).
Ní deirimíd an focal san ach uair má seacht: ní théighim amach
ach uair má seacht = uair fhánach.



SEADÁLAIM — Tá an chos ag seadáil braoin gach aon lá
is gan aon chneasú ag teacht (ag dul) uirthi = í ag séide, ag
scaoilte, an bhraoin amach aisti. Tá an fhairrge ag seadáil
sáile i n-airde pa spéir. Tá seadáil mhaith ghaoithe ann
anois = séide maith, siolla maith láidir.



SEALBHUIGHIM — Tá an bás ag sealbhú ionnat = ag fáilt
greama ort. Ní shealbhuíon tu an focal i gceart fós = níl sé
sealbhuithe i gceart agat: níl an greim ceart agat air ná
an tuiscint cheart ann. Níl an talamh sealbhuithe go ceart
agam = níl seilbh cheart agam air.



SEALGAIRE — Duine a bhíon sa tseilg; bíon mear
fuinniúil fuadrach: agus sealgaire seadh gach éinne a chuirean
crúca i rud éigint chun é thabhairt abhaile leis.



SÉALUIGHIM — Tá an lá séaluithe leis = imithe, caite,
tugtha. Tá an samhra ag séalú uainn (nó tharainn) is an
fóghmhar ag teacht. Tá an tseana-bhean ag séalú léi = ag
imeacht, ag fáil bháis. Tá sí séaluithe léi, beanacht Dé le
n-a h-anam = an dé imithe aisti.



SEAMA — Cuir uait na seamana cainnte sin. Feic leat
rithe-seama, nó ruithe-seama. Seama seadh é seo — níl an
coirce bainte againn fós, a chroidhe, agus bheidh an bháisteach
ann feasta, agus lobhfaidh sé is n'fheadar cad a dheinfimíd.
Bíon an ruithe-seama ana-thapaidh. Seamana magaidh =
cainnt den tsaghas so thuas ach í magúil.


L. 136


SEAMALASC — Tá an tae, an bainne, na prátaí, 'na
seamalasc = fuar, nó suas le bheith fuar, an teas imithe
asta tréis bheith te nó beirithe.



SEAMRÓG — Tá seamróg na gceithre gcluas agat = an
t-ádh a bheith ort, nó agat.



SEÁN — Lá tSin Seáin "an lá is sia sa mbliain."



SEANA-BHEIRITHE — Tá na prátaí seana-bheirithe = ró-
bheirithe, beirithe le fada. Tá seana-thaithí agam ar mo
chéird = le fada. Tá an obair seana-dhéanta agam, agus
mar sin díobh. Éist do sheana-phus — cuirean "seata"
breis tarcuisne leis an bhfocal "pus."



SEANA-BHLAS — Bhí seana-bhlas orm liom héinig i dtaobh é
rá = mí-bhaochas. Ní bhfuaireas an blas ceart orm héinig dá
bharra. Tá seana-bhlas agam ort = gan me bheith sásta ná
baoch díot.



SEANA-BHRÓG — Ná téir chun seana-bhróg ar an scéal =
dul ró-fhada air: ná bí á dhéanamh ró-fhada: nó, ná bí ag
cur síos air i gcómhnuí i slí go mbéadh sé caithte amach ar
nós seana-bhróige. Téir isteach go dtí Séamas ag lorg
casúir uaidh. Ach! ní maith liom dul chun seana-bhróg air:
fuaireas é seo is é sin is é siúd uaidh le déanaighe, agus ní
maith liom dul ró-fhada (dul chun seana-bhróg) ar an gcúrsa,
nó leis an gcúrsa.



SEANA-CHRÍONA — Bíon duine óg seana-chríona nuair
a bhíon sé ró-ghasta ró-ghlic dá aois.



SÉANAIM — Caithfar an siúicre a shéana anois mar tá
sé ró-dhaor = fanacht amach uaidh: druim lámha a thabhairt
dó. Nuair a casadh orm sa tsráid é do shéan sé me = níor
leig sé air gur aithin sé me ná go raibh aithne aige orm.



SEANA-LÁMH — Seana-lámh ar (nó ins) an obair sin seadh
mise = ana-thaithí agam uirthi: me bheith i bhfad ínti, agus ag
gabháilt di. Táim im sheana-láimh ar an bpeann d'oibriú.


L. 137


SEANAPHUÍDHEACH — Nó seanafuíach. Feic bó.



SÉANAS — Tá séanas it' fhiacla = iad a bheith scagaithe:
slí mhór idir na fiacla tosaigh. Tá séanas 'na bhéal = mannt
nó poll a bheith ins na beóla: iad a bheith scagtha thuas is
thíos: nó, thuas nó thíos.



SEANDRAOI — Seanndraoi a deirtear. Conus tá an
duine óg? Tá sé (nó sí) 'na sheanndraoi ('na seanndraoi) =
bheith níos géire ná a aois (a h-aois), bheith gasta glic is aighneas
géarchúiseach sa tsiúl roim aois.



SEAN-DUINE — Bíon duine 'na shean-duine nuair a bhíon
sé críona go maith, nó nuair a bhíon sé (má tá sé óg) ró-
ghéar dá aois. Sé is sine is is críne. Tá "duine aosta"
níos buige.



SEANMÓINÍ — Is breá an seanmóiní an t-ath. Seán.



SEANNDA — Tá an fear, an t-adhmad, an t-éadach, an
t-ím, seannda críona. Tá an naomhóg aosta nó seannda nó
críona. Feic friseáilte.



SEANNRACHT — Bhí an focal san ag imeacht sa tseannracht,
insa tseannracht = sa tsean-aimsir, i n-allód, fadó fadó.



SEANNTÁN — Seanntán féir = tig stáin chun féir. Thóga-
mair seanntán adhmaid chun iasc a leasú.



SEANS — N'fheadar an dtiocfaidh liom na muca a dhíol
ar an aonach ach raghad sa tseans leótha = féachfadh cad é an
tseans a bheidh agam. Ní bhíon aon tseans liom, nó orm = ádh:
an ainise a bhíon orm. Bhí ana-sheans liom mar fuaireas
púnt caillte. Beidh airgead agam ag teacht abhaile dréir
an tseans a bheidh liom ar an aonach. Níl aon tseans agam
ar an obair sin a sheasamh = níl aon chosúlacht go dtiocfaidh
liom é sheasamh. Is maith an seans a bhí againn agus an lá
breá do bhuala linn ar an mbóthar. Chuas isteach sa tig sa
tseans go bhfuighinn deoch. Níor bhuail aon tseans liom
indiubh = ádh. Fuaireas ana-sheans nár bádhadh me = bhí an
t-ádh liom go maith nár deineadh: ní raibh ann ach gur threabhas


L. 138


(gur thánag as). Chuas san arm ar mo sheans = gan fhios
agam conus eireóch liom. Ní chuirfeadh Éire i dtreó
aon tseansa me = sa mball go mbuailfeadh aon tseans
liom. Níor theicheas nuair a bhí an tóir dian, ach
d'fhanas (chuas) sa tseans leótha = thógas mo sheans leótha.
Dá dtabharfaí an seans dom do dheinfinn raic ort = an
cothrom. Níl aon tseans air go dtógfad an scrúdú mar
táim ró-lag. Níl agat ach lag-sheans teacht as an mbreói-
teacht. Nuair a gheóbhair an seans tóg é.



SÉANS — Dheineamair ana-shéans den gcéad ghluaisteán a
tháinig an treó = naith: thógamair ana-cheann do.



SÉANTACH — Má dheinis rud as an slí héin nílean tu
séantach ann = nílean tu á rá nár dheinis é; tán tu admhálach
ann. Is minic a gheall Seán Buidhe rud d'Éirin agus gur
chuaidh sé séantach ann = nár choimeád sé a gheall. Thug a
airgead do B is chuaidh B séantach ann = dúbhairt nár tugadh
dhó é. Cuireadh an cúrsa im leith (orm) ach chuas séantach ann
= dúbhart ná rabhas cionntach ann. Ná bí ag dul séantach
ins na fallaí a leaga mar bhíos ag féachaint ort.



SEARBH — Tae shearbh = gan siúicre. Chó searbh leis an
searbhán guirt — plannda searbh é sin.



SEARRAIM — Chaitheas searra a bhaint as mo shúile chun
an cló mion a léigheamh = iad d'oscailt breis. Bhain an
radharc searra as na súile againn le h-úntas.



SEARÚS — Tá searús agam ort = leamhas, seana-bhlas: ní
thaithníon tu liom. Fuair an máistir searús orm bíodh nár
thugas a chúis dó = tháinig seana-bhlas aige orm: míothaith-
neamh. Ní bhfuaireas uatha ach an searús = chainnt shearbh.
Ní gá dhuit dul chun searúis ar an gcainnt, ar an scéal =
eiríghe chun searúis, chun bheith searbh. Chuaidh an t-aighneas chun
searúis eadrain.



SEASUIGHIM — Táimíd ag seasamh ort = ag braith ort:
tá ár seasamh ort. Bhí sí ag seasamh suas as Phádraig á
rá go raibh sé go tréan chun Gaoluinne = ag seasamh suas 'na
pháirt. Sheasuíos m'fhocal = sheasuíos lem fhocal: choimeádas


L. 139


m'fhocal: choimeádas lem fhocal: choinníos (choinnigheas)
m 'fhocal, nó lem fhocal. An seasóidh an lá? = an bhfanfaidh
breá, cig.? Níl aon airgead agam i láthair na h-uaire ach
seasód duit ar a ball nuair a bheidh agam = tabharfad duit.
Thugas ana-sheasamh uaim sa gcomórtas = ana-chaitheamh.
Thug na bróga so ana-sheasamh uatha = ana-thriail: ana-
thabhairt: caitheamh maith. Seasóidh an fheirg orm go h-oíche
= fanfaidh. Sheasóch gach focal leat = gach focal a déarfá
dh fhéadfaí é bhreaca síos ar pháipéar: bhéadh sé cruinn ceart
is níor ghá é athrú. Bhíomair ag obair faid a sheasaimh an
solus. Ba cheart seasamh suas dom is me chosaint. Ná
bac éinne ná fuil seasamh a chirt ann = ná fuil ann a cheart a
sheasamh, a éileamh. Sheasaimh Liam deoch dhom = thug. Fear
deigh-sheasaimh = a choimeádan é héinig díreach. Bhí seasamh
na radharc nuair a bhuail sé isteach tréis an taidhbhse (taidhse)
a dh fheiscint = iad ar leatha is cló an úntais nó na h-alltachta
ionnta. Sheasaimh an lá amach = d'fhan go maith go deire
thiar.



SEASUITHEACH — Aimsir sheasuitheach = aimsir a sheasuíon
mar a bhíon sí-ach is leis an aimsir bhreá is mó a deirtear é.



SÉIDEÁN — Tá gainimh shéideáin is fairrge cháiteach ag
imeacht = gainimh shéidhte: gainimh a bhíon sa tsiúl san aer.
Feic séidim.



SÉIDEÁNACH — Tá an lá ana-shéideánach = lá go mbéadh
scoth-ghaoth mhaith, gála maith gaoithe, séide maith gaoithe, ag
imeacht.



SÉIDEÓG — Tabhair séideóg don dteine = séide maith
den anáil. Tá séideóg bheag ghaoithe ag imeacht = séide
beag, puth beag. Thabharfá séideóg ar an bpléasc a dhein-
feadh fraoch nó rud mar sin sa teine.



SÉIDFUÍL — Séidean an rón amach as a shróin nuair a
thagan sé aníos. Sin séidfuíl = séide anuas nó amach tríd
an sróin. Bhí an t-iasc ag séidfuíl = glór a dheinid nuair a
mhúchaid. Bíon an capall ag séidfuíl, leis, anuas trí n-a
shróin. Chrom an máistir ar shéidfuíl mar níor thaithn mo
chainnt leis.


L. 140


SÉIDIM — Tá an chneadh ag séide braoin = ag seadáil.
Bhíomair ag séide púdair fén dtig = ag cur an phúdair ag
obair ar an dtig. Ubh séidhte = ubh go mbéadh an bia séite
amach as. Séideán = fearras chun an bia a shéide amach as.
Shéid sé a shrón = dhein í ghlana leis an salachar a shéide anuas
tríthi. Ní féidir liom boga ná séide a bhaint as an gceacht,
as éinní = sá, corruighe. Dá mbeifá ag séide go dtí go
mbéadh an t-anam séite asat ní dh'fhéadfá an teine a lasa.
Séidfidh (séiti) sé anocht = beidh gaoth ann. Séidfidh an oíche.
Shéid an oíche aréir ar ghála is ar bháistigh = tháinig gála is
báisteach as an séide. Táim séite leis an ocras = gan aon
anam ná fuinneamh fágtha ionnam: tuitithe, tráighte. Tá an
leath-scéal san séite amach fadó riamh = caite, pé cómhacht a
bhí ann séite amach as. Tá na gais ag séide aníos (tríd an
gcré) go tiubh = ag borra. Táim ana-shéite suas ó bheith ag
rith, ag an slaghdán = easba anála orm, nó cuma atuithe orm.
bhíos ag séide na teine. Tá an fear san ana-shéite = bolg
mór air (nó aige), cig., nó cló atuithe air ar aon tsaghas slí.
Tá sé séite sa cheann, ins na cneatha (cinneacha).



SEIFT — Níl aon tseift agam chun na Gaoluinne a dh'fhogh-
luim mar bím ró-ghnóthach = cothrom, seans. Níor chuas ann
cheal seifte = cheal slí, cheal caoi. Sin é an ceal seifte a
bhí orm ceal pinn (chun litir a scríobh). D'imreas seift ar
an ndochtúir = cleas, slí. Is maith an tseift stoc ar aonach
chun airgead a dhéanamh = slí. Má tá aon tseift id chroidhe
chun púnt a sholáthar dom múscail dom í. Níl aon tseif-
teana againn = slite, bóithre, pleanana, cleasa: nó slite
chun airgead a dhéanamh: rudaí a dheinfeadh airgead.



SEIFTÍGHIM — Bhíomair ag seiftiú suas do sna stróin-
séirithe = ag socrú, ag ullmhú suas fé n-a mbrághaid: ag
cur rudaí i dtreó dhóibh. Táimíd ag seiftiú (suas) roimis
an sagart; fé bhráid, nó i gcóir, an tsagairt; nó don
sagart.



SEILBH — An tseilbh an teideal is treise. Tá an fear
bocht ar sheilbh an bháis = crúcaí an bháis greamaithe ann.
Táim-se i seilbh na cainnte is ná bí ag teacht treasa orm
= agam-sa atá an chainnt á dhéanamh. Seilbh shlán = iomlán.


L. 141


SEILE — Bhíodar ag caitheamh seilí ar a chéile. Caith do
sheile thairis sin-thairis a láimh = cainnt a déarfadh duine a
bhéadh ag spreaga beirt bhuachailí chun bruighne.



SEILG — Dheineamair seilg mhaith indé = mharuíomair
mórán éisc, nó mórán d'éinní. Nó déarfadh bacach an mhála
a leithéid dá mbéadh cuid mhaith soláthruithe aige, nó daoine
a raghadh amach ag bailiú airgid. Cáil an tseilg tréis an
lae? Níl a dhath ann = níl aon faic againn.



SÉILTHEÁN — Tá séiltheán maith gearrtha isteach sa talamh
ag uisce an tslé = riasta, slí. Bhíon séiltheáin bheaga ar an
mbóthar ag an mbáistigh = slite beaga. Tá séiltheán uisce
ag imeacht siar an bóthar = sruth. Níl aon tobar uisce ná
go bhfuil séiltheán uisce ag imeacht uaidh = stríoca caol
uisce, nó an riasta caol fada go raibh uisce ann, nó go
bhféadfadh uisce bheith ann.



SÉILTHEÁNACH — Nách é an séiltheánach é! = duine caol
fada gan puínn feóla air.



SÉIMH — Bé an coga séimh díbh é = coga deas cneasta, coga
a thug airgead is compórd díbh.



SEIRBHÍS — Tóg an peann agus bé go ndeinfidh sí seirbhís
duit = maitheas, áis.



SÉIRSE — Bhíodar ag obair ar séirse, nó ar a séirsín
díchil = ar a ndícheal, ar a míle dícheal. Bhíos ar séirse ag
teacht suas libh bhí an siúl chó géar san agaibh = ar mo dhícheal.



SEISREACH — Raghainn leat dá mbéadh an tseisreach ar an
bhfód agam = dheinfinn iad do scur ón dtreabha: raghainn
leat pé cur-isteach a dheinfeadh sé orm.



SEITHE — Níl úmpar na seithe ann = tá sé ana-lag.



SEÓ — Is úntach an fear thu chun seóig = chun spóirt is
magaidh. Dubhart an focal leath 'na sheó ('na shó a deirtear)
is leath dáríribh = leath 'na mhaga. Bhí seó an domhain againn
ar Éamon. Tá seó cainnte agat = ana-chuid, uathbhás. Tá
seó ólta agam ó mhaidin. Bhain an dochtúir seó fola asam.


L. 142


SEÓID — Baineadh ana-leaga asam ach níl seóid a bharra
orm = níl faic. Bhfuil aon Ghaoluinn agat? Seóid a bharra.
Níl seóid a bharra sa tig seo ach an folamhas (folúas).



SEÓINÍNTEACHT — Cuir uait an tseóinínteacht agus bí
it 'fhear = bheith id sheóinín (i teóinín a deirtear).



SEÓINSEÁLACH — Siúinseálach a deirtear. Tá an aimsir
ana-shiúinseálach = bheith ana-athruitheach. Tá an lá ag siúin-
seáil, nó ag siúnseáil. Nó siúnseálach.



SEÓLAIM — Níor thuigeas uaidh ach seóla an scéil = bunús:
luighe an scéil. Sheólamair chuin siúil chun an aonaigh =
siúd linn sa tsiúl.



SEÓRAÍ — Bíon seóraí móra ar siúl agat i gcómhnuí =
cainnteana móra ar bheagán gnímh. Is minic a bhí fear i
mbruighin agus mórán seóraí aige ar bheagán maitheasa — á
rá go maróch sé a raibh ann, agus cainnteana mar sin;
cainnteana maithe móra baotha.



SEÓRDÁN — Tá seórdán orm = saghas ceócháin a bhíon
san ucht nó sa scórnaigh: píopaí: fuaim sa scórnaigh,
nuair ná féadfadh duine an anál do tharac ciúin socair.
Tá seórdán ag an bpíp, sá phíp = glór á dhéanamh aici — rud
a bhéadh dá mbéadh sí leath-stopaithe nó uisce ínti: feaduíl
inti. Tá seórdán gaoithe ag teacht isteach tríd an bhfinneóig
= siolla gaoithe, feaduíl ghaoithe: tá feaduíl ghaoithe isteach
tríd an bhfinneóig. Tá seórdán orm de dheascaibh na
treatha = fuaim na gaoithe im píopaí nó im scórnaigh nó
aníos óm ucht. Tá píopaí (nó píopaí seórdáin) orm, nó
ionnam. Tá seórdán agam, tá seórdán im scórnaigh (ó
shlaghdán, cig.). Níl ann ach seórdán báistí = báisteach
bheag mhion.



SEÓRDÁNACH — Tán tu seórdánach go maith. Tá an lá
seórdánach = rud beag fliuch.



SGIORLACH — Ghaibheas treasna tré lár na screallaighe =
áit go mbíon uisce caol i n-abhain nó ag bun faille: bíon
gainimh nó clocha nó gairbhéal ann). Sgiorlach na h-abhan, na
faille.


L. 143


SGLUGÓG — Bhaineas sclugóg as an gcopán = bolgam.



SIAMSA — Nó simsa. Bhí simsa is spórt is seó againn
aréir = spórt, caitheamh aimsire.



SIANS — Nó séans. Is maith liom glór na ngadhar is
sians na seilge = ceól, binneas. Dheineas ana-shéans de
Sheán a dh'fheiscint ar an árdán = ana-úntas, ana-naith:
thógas ana-cheann do.



SIAR — An raghair go Bleá Cliath amáireach? Ó! bean-
nuím uaim siar é = go deimhin ní raghad. Tá an focal san
ana-fhada siar im cheann, agus ana-mhúchta ann. Nuair a
fuaireas an buille cuireadh bannda (stráice, fáisceán)
treasna siar ar m'éadan. Bhí sé siar go maith san oíche
nuair a bhriseamair suas (nuair a chuireamair na cártaí
uainn) = fada amach go maith. Nó siar amach san oíche.
Bheannuíos uaim siar an leabhar a bhí sé á thairiscint dom =
chuireas uaim é. Chaitheas an copán, an buidéal, siar orm
héinig = dhiúgas é siar isteach im scórnaigh. Beannuím
uaim siar sibh (nó soir nó aon treó eile) = mo bheanacht
chúghaibh sa treó san — pé ball 'na bhfuil sibh. Bhíodar ag
leanúint siar amach ar an áiteamh = ana-fhada: i bhfad. Bé
an cuímhneamh ba shia siar im cheann é. Tá an focal siar go
léir im cheann, chó fada siar nách féidir liom é thabhairt
aniar. Ag dul i bhfeabhas siar (nó síor?) atán tu = i
gcómhnuí. Ag dul i bhfeabhas siar sibh = atán sibh. Leanas
siar amach ar an mbóthar = siar go dtí n-a dheire, nó ana-
fhada siar. Táim anso caite siar sa leabaidh is gan aon
mhaith ionnam. Bhí Máire ag míogarnaigh ar an gcathaoir
agus ar deire thuit a ceann siar léi = siar ar dhruím, nó de
dhruím, na cathaoireach. Tá a cheann siar síos leis is é na
chola. Bhí an bhanaltra ag cur na purgóide siar orm = ag
cur orm í thógaint. Tá an fear bocht san siar as an saol =
iarsma den tsean-aimsir seadh é: níl sé ar chómh-imeacht
leis an saol atá anois ann. Tá sé chó maith dhúinn gan bheith
siar ná aniar leis an scéal (leis an ngnó, leis an gcúrsa, le
h-éinní) ach gnó glan a dhéanamh de = gan bheith ag gíotáil air
ach é chríochnú amach. Ní fearra dhom bheith siar is aniar leis
an gceacht ach é chríochnú amach d'aon scríb amháin. Ní bhead
siar ná aniar leis ach -. Táim ag dul siar im ghoile = mo


L. 144


ghoile ag imeacht uaim. Tá an bhó ag dul siar 'na cuid
bainne. Má thagan tu isteach anso nuair a bhead san obair
cuirfidh tu siar ar mo ghnó me, nó im ghnó. Táim siar go
maith (im shláinte, im ghnó, ar aon tsaghas slí) ag an mbreói-
teacht. Cheangluíos an t-aprún siar fém chom. Ní fearra
bheith siar is aniar go deó leis an droch-scéal san = ag tarac
chúghat i gcómhnuí ar an ndroch-scéal céadna san. Bhí sí ag
imeacht is ribíní siar léi (ag an ngaoith). Tá an abairt sin
siar agat = spalla éigint aisti: gan bheith chó fada is ba
cheart di a bheith. Cur-siar ar na prátaí seadh gan a ndóthin
gas bheith ortha: ar an iascaire seadh gan a cheart fearrais
aige: ana-chur-siar ar éinne sead ceal misnigh = rud a
choimeádfadh siar é: a choimeádfadh (siar) é ón bhfeabhas
ceart, ón bhfeabhas a bhéadh i gceist muna mbéadh an chúis sin.
Cur-siar orm agus ar mo ghnó seadh gan me bheith ar fóghnamh.
Tairig do chosa siar ón dteine. An té a bhíon 'na roilleán
bíon sé siar as éifeacht, i n-éifeacht = gearra, gan a cheart
di aige. Tá an bhó siar 'na cuid bainne indiu pé rud atá
uirthi. Táim siar sa tsaol = bocht: gan eiríghe an tsaoil
liom. An focal atá ráite is deacair é tharac aniar = é
chasa: é chur ar neamh-ní. Táid ana-shiar as an saol = an
saol bheith ag dul 'na gcoinnibh go mór (nó feic an abairt
den tsaghas céadna thuas).



SIC-BHEIRITHE — Tá tá prátaí, an fheóil, sic-bheirithe agat
= seana-bheirithe, ró-bheirithe, beirithe an iomarca: beirithe
amach is amach.



SICIDIÚIR — Tá mo bhean 'na sicidiúir sa chúinne (in sa
gcúinne) agam = suarach, gan mhaith, gan sláinte. Tugtar
ar gach saghas ainmhí é, agus is féidir leis bheith 'na shicidiúir
ach é bheith gan mhaith, gan fuinneamh, agus é bheith beó. Tá na
bláthana a chuireas 'na sicidiúirí = gan neart ionnta ná fás
ná borra fútha.



SÍFIREÓIR — Is éachtach an sífireóir, an sífireóir duine,
thu = mion-chúntaisí agat ar mhórán rudaí, nó cúntaisí agat
ar a lán mion-rudaí, agus gan aon ana-éifeacht le mórán
den eólas. Tá sífireóir ar an mbaile seo go bhfuil cuímhne
riamh aige = seana-chúntaisí, seana-scéala, seana-chuímhne
aige ar mhórán nithe: bhéadh fhios aige an gaol a bhéadh idir


L. 145


na daoine: cathain a thárlaigh so súd is súd is so agus gach
aon ní mar sin: abróch leat gach ar thuit amach leath-bhliain ó
shoin, nó fiche bliain.



SÍFIREÓIREACHT — Ní gá dhuit dul chun sífireóireachta
ar fad ar an scéal = bheith ag dul isteach ró-mhion ann. Tán
tu ag déanamh an iomarca sífireóireachta ar an gcúrsa =
ag tabhairt an iomarca de sna mion-rudaí ar barra.
Bhíomair i bhfad ag sífireóireacht ar conus a bhí cúrsaí an
airgid eadrainn = ag tabhairt na gcúntaisí chun cinn: á
phlé cathain a díoladh é seo is é sin, cad a fuaireas uaidh, cad
a fuair seisean uaim, agus mar sin tríd síos go mion
cruínn. Ag sífireóireacht tímpal an airgid = ag scrúdú
mórán póirsí tímpal air. Is mó uair an chluig a thugas
féinig is Tomás ag sífireóireacht ar an nGaoluinn, ar na
focla = á shocrú cad ba chiall leis na focla agus conus a
chuirfá ag obair iad is á mion-scrúdú. Cuir uait do chuid
sífireóireachta a bhainean leis an seana-shaol.



SILIM — Tá an coirce silte cheal é bhaint = na gráinniacha
tuitithe ar an dtalamh. Shileadar a gcuid uisce le sceimhle is
scannra. Tá an coirce ag sile: tá sé ana-shilte; tá
mór-chuid de silte. Mar an gcéadna, tá sé ana-luighte
(ag an mbáistigh, cig.). Tá an gráinne silte as. Táim
silte ag an ocras = tuitithe, imithe, an fuinneamh imithe
asam. Nuair a thána isteach ón mbáistigh bhíos as an sile
maol-bháite (nó bhíos maol-bháite) = me bheith ana-fhliuch:
bhíos sa tsile. Tá mo lámh ar sile síos liom le seachtain
toisc í bheith gortuithe. Tá sile ag teacht as mo shróin le
slaghdán, de dheascaibh slaghdáin = tá sí ag sile. Bhí an sile
as mo chuid éadaigh, as mo shróin = an t-uisce ag sile asta
(síos). Bhíos ag sile alluis = á chur go tiubh: an t-allus
bheith liom. Tá a ceann ar sile anuas — gé a bhí ar crocha.



SILÍN — Táid 'na silíní searbha agam = rudaí go bhfuil ana-
dhúil agam ionnta ach nách féidir liom teacht ortha. Sé
dálta an mhada rua is na silíní agat é = an rud nách féidir
teacht tímpal air a cháine. "Silíní searbha," arsan mada
rua.



SÍN — Níl aon tsín is measa ná an sioc (= droch-aimsir),


L. 146


ach buadhan an tsíor-bháisteach air. Is éachtach an tsín báistí í
= báisteach throm, nó báisteach is gaoth. Is eaglach an tsín í
= sín a chuirfeadh eagla ort. Dún an fhinneóg: tá sí ag
tarac na síne isteach ón spéir = gaoth is báisteach: sneachta.
Níl aon tsín is fuaire ná an sioc. Má tá droch-fhalla i
dtig bíon sé ag tarac na síne isteach, leis.



SINE — Sine seáin = an rud beag a bhíon le feiscint thiar
i scórnaigh duine: bíon ar sile anuas ón gcarabhat (carbal).
Tá an tsine seáin atuithe anuas ar an dteagain agam thiar
i mbéal mo scórnaighe.



SÍNEÁIL — Díon seómra: nó, falla adhmaid idir dhá
sheómra.



SÍNIM — Níl síne ná seáine á dhéanamh agam an aimsir
seo = níl faic. Táim sínte is seáinte mo dhóthin = strus mo
dhóithínt oibre orm, is é am thraocha go maith. Shíneas an bata
go teann te leis an asal nuair a tháinig an stailc ann = an
bata a chur na luighe go dóite air. Ba bheag nár shíneas an
bata le cliatháin na bó. Sín an bata leis an ndial agus
pleannc an droch-mhúine as.



SÍNSEARACHT — Tá an Ghaoluinn fé dhroch-mheas le sín-
searacht = le fada fada: le fada bhlianta, tamal fada
bhlianta (de bhlianta). Níl aon ana-shínsearacht ag baint lem
chine = nílid , ann ana-fhada. Gustal gan sínsearacht ní
fuirist é dh'úmpar.



SÍOB — Thug sé síob 'on mbaile dhom = marcuíocht. An
mbeidh síob agat?



SIOBHÁN — Siobháinín an chlúimh = Seáinín an chlúimh: péist
a bhíon ag imeacht is clúmh dubh air. Siobháinín buídhe = éan
go mbíon a bhurlach (brollach) buidhe.



SIOC — Dhein sé sioc aréir. Tá ana-shioc déanta aige.
aimsir sheacúil í seo.



SÍOCHÁIN — Thánadar chun síochána le chéilig is bhí triúr
ón dtaobh ar láthair na síochána. Nuair a bhí a shíocháin


L. 147


déanta le Dia aige fuair sé bás. Ní mór dom dul 'on
tséipéal (sáipéal a deirtear) chun m'anam a dhéanamh is
síocháin le Dia = mo chúntaisí a shocrú le Dia is maitheamh-
nachas a dh'fháil im peacaí (mathúnachas).



SIODAR — Siodar-ghaoth = gaoth cuíbhsach láidir. Is mór
an tsiodar-ghaoth atá ann ó mhaidin = é ag séide ceart go
leór. Ag eiriú chun siodar-ghaoithe atá sé.



SIOLG — Bím ag siolg go minic = ceal a bheith orm.



SIOLGAIR — Táid siolgair go maith = ana-olc as.



SIOLGAIRE — Duine a bhíon siolgair: go mbíon ganntar
air. Siolgaire bocht annróach ocrach = go mbíon easba air.
Siolgaire, leis = duine stuamdha seasamhach ríghin, agus
bíthear á phlé cioca is fearr é nó an sealgaire.



SIOLGAIREACHT — Feic siolgaire. Táim ag siolgaireacht
le seachtain 'e cheal aon bhlúire tobac, nó éinní — tae nó faic
= ag imeacht fé ghanntar. Nuair a bhíon duine ar dhroch-
bhia bíon sé ag siolgaireacht — é sin nó an bia bheith gann.



SIOLLA — Tá ana-shiolla aighnis fút = ana-chuid: ana-
imeacht: ana-fhlúirse. Siolla, leis = scríb cheóil. Tá
siolla maith fútha ó mhaidin = géar-imeacht — cainnte nó
oibre: táid ag imeacht nó ag obair nó ag cainnt go tiubh:
ba dhóigh leat ortha go rabhadar cruadhógach. Is éachtach an
tsiollaireacht chainnte atá aca = cainnt thiubh, nó cainnt
mhear gan aon stad. Bhí ana-shiolla cainnte fén mbacach =
ana-ruith.



SIOLLAIREACHT — Nílean tu ach ag siollaireacht gan
éifeacht = ag stealla amach na cainnte go tiubh te gan aon
stad ná laga do theacht ort. Bíon siolla cainnte fé n-a
leithéid is is siollaire é héinig. Feic siolla.



SIOLLÁN — Chuirfeadh sé an siolán fúm dá bhfuigheadh sé
an cothrom chuige = an córda a chrochan na daoine: chrochfadh
sé me: shocróch sé liom.


L. 148


SÍOLMHACH — Nára maith a raghaidh do shíolmhach = go dtéighidh
do shíolmhach go h-olc — sé sin do shliocht, do chlann, na daoine
a thiocfaidh id dhiaidh.



SÍOLRUIGHIM — Níl aon mhaith ionnam chun prátaí ná éinní
a shíolrú = a chur ag fás: a chur ag dul i líonmhaireacht.
Tá na préacháin ag síolrú go tiubh toisc gan na gunnaí bheith
ann = ag dul i líonmhaireacht.



SÍOLUIGHIM — Níl Éire ag síolú chuige (= i n-aochor) an
aimsir seo, ach tá síol na h-Éirean ag síolú i n-áiteana
eile. Tá na coiníní ag síolú go tiubh ar a shon go mbítear á
marú. Feic síolruighim. Tá an Fhrainnc ag síolú 'e bhreis
ar Shasana = ag dul i líonmhaireacht. Bhíon gach iasc ag
síolú gach bliain = breis do theacht ortha.



SÍOMÁDUIDHE — Duine neamh-anamúil chun gnótha, nó
chun éinní: duine mall: ní thuitfeadh aon obair leis. Ní
bheidh éinní scríobhtha agat go deó, a shíomáduí.



SÍOMÁDUÍOCHT — Ní ag obair a bhíon tu ach ag síomáduíocht
= ag obair go neamh-anamúil, go mall dúr. Bhíos ag síomá-
duíocht liom ar scoil = ag gluaiseacht go mall ríghin. Ag
síomáduíocht ó scoil = ag éaló, agus gan sa tsiúl ach marbh-
ghnó (mara-ghnó) de shaghas éigint — bheith caite cois claidhe nó
cúrsa éigint eile gan anam.



SÍON — Thána ó thaobh na síne go taobh na fothana = an
taobh go mbíon an bháisteach is an ghaoth is an sneachta.



SIOPA — Nuair a bhíos ag cur Eibhlín go dtí an gclochar
thugas isteach 'on mbaile mór í is thairigíos tríd an siopa í =
fuaireas sa tsiopa gach ball éadaigh di is gach ní a theastuigh
uaithi: gach ní a dh'fháilt nua di. Níor mhaith liom duine a
tharac tríd an siopa anois mar tá na h-earraí ró-dhaor. Tá
sé de chuma ort gur tairigíodh tríd an siopa thu indé tán
tu chó galánta san.



SÍOR — Ag dul i bhfeabhas síor me, ag dul i bhfeabhas síor
atáim = i gcómhnuí. Feic siar.


L. 149


SÍORUÍOCHT — Is anamh a thagan éinne thar n-ais ón síor-
uíocht = ón saol eile. Táim ag treabha (liom) ar an síoruíocht
= ar an mbás, ag déanamh ar an mbás. Tá Dia ann an
uile shíoruíocht roimis an uile shaol = chó fada is atá fada
ann: níos fuide ná mar a dh'fhéadfá a thuiscint.



SÍOS — Fuair na prátaí ana-bhrise síos aréir ón ngaoith =
deineadh iad do bhrise síos go mór. Tógan sé rógaire chun
rógaire eile a chur síos = a shárú, greim a dh'fháilt air, an
lá a dh'fháilt air. Táimíd ag dul síos san imirt is caith-
fimíd tabhairt suas = tá ag dul ró-dhian orainn, tá an lá á
dh'fháilt orainn: sinne bheith ag cailliúint. Níor chuaidh an
chainnt (nó éinní) síos ró-mhaith liom = níor thaithn go ró-
mhaith liom. Níor chuaidh an fheóil síos go maith liom, ná na
milseáin, mar d'itheas an iomarca díobh = ghoill an fheóil is na
misleáin orm. Bhíos á mhola go bínn is chuaidh san síos go
h-éachtach leis. Bhís a d'iarraidh me chur síos = me ísliú,
mo chreidiúint a bhrise, a dhúbhachtaint. Tá an mála plúir
ana-fhada síos is gan é againn ach seachtain = mór-chuid de
ídithe. Tá sé síos go dtí n-a bhun, beag nách. Tá sé thíos
ar fad, agus sin é an críochnú a théighean ar gach mála =
gan aon faic fágtha ann, é croithte amach. Dá mbéinn
déanach don dtraen ní raghadh sé síos liom i n-aochor. Tá
mo mhisneach síos go maith i ndiubh = íseal, briste. Is minic
síos droch-bhean tíghe — síos ón dteine is ar fuaid na cistine
= deinean sí mórán imeachta ar fuaid na cistine: tógan sí
trí truis chun gnó an t-aon trus amháin ag an ndeigh-bhean
tíghe a dhéanamh. Tá an taobh síos suas den bhfear bocht =
tá sé iompuithe taobh síos suas, bun-ós-cionn-dá ndeinfí
díobháil mhór dhó, a bhean do dh'fháilt bháis, nó aon droch-ní mór.
Táim tríd an dtalamh síos le náire = ana-náire bheith orm:
oiread san go raghainn síos tríd an dtalamh chun me héinig
a chur i bhfolach. Cuir síos do pheacaí = inis iad: tabhair
amach iad — sagart ag éisteacht faoisdine a déarfadh.
Chuaidh mo mhisneach síos nuair a chuala an droch-scéal. Thug na
saighdiúirí an taobh síos suas dom sheómra = gach ní a chur
bun-ós-cionn ann: é réaba. Tá an taobh síos suas dem
sheómra aca. Tá síos suas orm le seachtain = gan an goile
bheith socair agam: an bia a théighean síos tagan sé aníos
aríst: nó cur-amach is buinneach bheith ann i dteannta a
chéile. Tá an dorn prátaí luatha a bhí agam síos go dtí


L. 150


an gcré ag an sioc, ag an asal = dóighte síos, nó ite síos.
Thugas an taobh síos suas do Shéamas le h-aon bhuille amháin =
leagas é. Scríobh an ceacht go tapaidh is ná bíodh aon tsíos
suas agat leis = gíotáil: bheith suas is anuas leis: gan
bheith ag spreóitseáil air. Ní raibh aon tsíos suas agam leis
an ngnó ach chríochnuíos amach é d'aon scríb amháin. Ní bheidh
aon tsíos suas agam leis an bhfear san = deighleáil, nó
deighleáil ar feadh tamal aimsire.



SIOSMAIREACHT — Cuirídh uaibh an tsiosmaireacht ansan =
cogarnach: cainnt íseal le chéile nuair a bhíon an anál ag
feaduíl amach as an mbéal.



SIOSMAIRT — Bhí ana-shiosmairt cainnte aca = daoine bheith
ag siosmaireacht: scata páistí, cig., ag meabhrú rud
éigint, nó gasra daoine is gach éinne ag cur a scéil héinig
i n-úil sa tslí seo thuas. Cliosmairt agus gliosmairt dhá
fhocal eile air.



SIOT — Bhí siot fuaim fothram ar fuaid an tseómra =
ana-fhothrom. Leanaid na focla san i dtriúr a chéile.



SIOTA — Sin peata, nó an téad bheag a choimeádan an
seól i mbád: ceangluíon sí eirball an tseóil thíos.



SIOTALACH — Balcaire tútach de dhuine: duine maith
garbh reamhar: alpachán de gharsún (nó de ghearrachaile) go
mbíon an fheóil go maith air.



SISÉAL — Ceann d'úirlisí an tsiúinéara.



SISIÚRTHA — Tán tu sisiúrtha = géar sa teangain: gearra
is faor in sa gcainnt agat: gan an t-aighneas sa bhfraoch ort
nuair a theastuíon sé.



SIÚBHAL — Ar chualaís aon scéal nua ar do shiúlta, id
shiúlta, trís do shiúlta? = nuair a bhís san imeacht mar seo
is mar siúd: it 'imeachtaí. Nuair a bhíon scéal (nó éinní)
ag imeacht ar siúl ba mhaith liom greim a dh'fháilt air = san
imeacht, sa tsiúl. Bí siúl maith fén ngluaisteán, fén
árthach = gluaiseacht. Scaoileas litir sa tsiúl chúghat indé


L. 151


= chuin siúil. Ní gá dhóibh ach méar a leaga ar a chéile agus
siúd an bhruighin sa tsiúl eatorra = ar bun, ag imeacht. Tá
ana-shiúl cainnte fút = gluaiseacht. Feic siúbhlóid.



SIÚBHLÓID — Bím ag siúlóid oíche = ag siúl san oíche, ag
siúl oíche. Cuir uait an tsiúlóid oíche. De shiúlóid oíche a
thánag ón Scairbh go h-inis.



SIÚD — Dubhart leis so nó súd de rud a dhéanamh = é seo
nó é siúd: saghas éigint. Táim níosa fearr ná thu mar seo
is mar siúd = ar an slí seo is ar an slí siúd: ar gach uile
shaghas slí. Is mó é mo sheómra ná do sheómra-sa mar seo
is mar siúd. Conus é siúd a bhí an scéal agat? = cad é an
tslí siúd a dúbhraís a bhí an scéal agat — ag tagairt d'ínsint
éigint a tugadh cheana ar an gcúrsa nó ar an scéal?



SIÚICRE — Níl blas an tsiúicre ar an dtae. Tá an
iomarca siúicre ar an dtae. Siúicre rua = an siúicre
a bhíon saghas buídhe i n' fhéachaint. An siúicre coitianta =
siúicre bán a bhíon 'na ghráinniacha beaga. Siúicre bán.
Siúicre na sagart = an saghas a bhíon 'na chnapánaibh. Cuir
siúicre go leór ar do chuid tae.



SIULPAIM — Tá an gamhain ag siulpa na bó, an t-uan na
caorach, an coileán an mhadra = ag deól nuair a bhíon an
bainne gann ag an máthair. Shiulp sé í. Tá an bhó siul-
paithe. Shniug an cailín an bhó is ansan shiulp an gamhain
í = dheól pé deór (diúr) a bhí fágtha. Ní bhfuaireas dom
breicfeasta ach siulpa beag bainne = braon beag. Dheineas
an bhó a shiulpa tréis í chrú.



SIÚRÁIL — Táim i n'amhras láidir gur tusa dhein é ach
níl aon tsiúráil cheart agam air = deimhniú. Dá mbéadh
aon tsiúráil cheart agam id choinnibh gheófá uaim é. Tá
sórt siúrála agam air ach ní leór é.



SIÚRÁLTA — Chó siúrálta is atá an ghrian an an spéir:
chó siúrálta leis na réilthíní, le bás = le h-aon rud riamh.



SLADUÍOCHT — Eirigh as an sladuíocht = robáil, bithún-
tuíocht, an saghas is tofa den ngoid.


L. 152


SLAGHDÁN — Is minic a fuair duine fuacht is nár tháinig
sé chun slaghdáin dó.



SLAIMICE — Slaimice Feóla nó cabáiste = blúire a
bhíon bog liobarnach. Ní tugtar slaimice air go mbíon sé bog
beirithe, ach bhéadh sé amhlaidh, leis, sar a mbeireófaí i n-aochor é.
Tá an cabáiste 'na shlaimice. Maitheas an tslaimice. Fág
an áit, a shlaimice = gamal liobarnach bog baoth, gan bheith
fáiscithe. Tá slaimicí éadaigh orm = éadaighe gioblacha
boga. Bearraigh na slaimicí sin dem chasóig = giobail.



SLAIMICEÁIL — Bhí sé ag slaimiceáil an bhídh ar a dhícheal
= á alpa is á shluga is á chur siar go tapaidh gan slacht, gan
ghearra go mion deas. Bhíos ag slaimiceáil liom ar mo
dhícheal. Slaimiceáil chúghat é sin is brostuigh = caith isteach
chúghat héinig gan bheith ró-airitheach. Tá an méid sin slaimi-
ceálta agam.



SLAIMICEÁLTA — Tá an fheóil slaimiceálta (nó an
t-éadach, nó duine) = bheith briste giobalach stracaithe. Tá
an aimsir gránna priosalálta slaimiceálta = fliuch salach
bog. Tá an lá slaimiceálta salach.



SLÁINTE — Is milis an rud an tsláinte. Nílim baoch
dom shláinte mar níl sí ar fóghnamh. Ní thiocfair chun do
shláinte aríst mar tán tu ró-imithe = ní dheinfidh tu teacht
suas ceart ná teacht chun cinn. Sláinte gan slaghdán chúghat.
Sláinte na bhfear is go mairidh na mná go deó = sláinte a
óltar uaireanta. Fé thuairim do shláinte, a mhic ó. Nó
"do shláinte": nó "sláinte mhaith." Sláinte 's saol
chúghat is tréithe maithe; is tréis do shaoil duit bás gan
pheaca. D'ólamair sláinte na sár-fhear, sláinte Mháire.
Tar id shláinte. Dá ndeineadh duine sraoth is é breóite
deirtear gur brise ar an mbreóiteacht é is deirtear "tar
id shláinte" (i tsláinte). Deirtear é le h-éinní a bhéadh
gabhtha thairis an anachain nó tréis triail nó cruachás nó
galar a chur de. Déarfaí le duine a bhéadh tréis rás a
chríochnú, nó trus fada a thabhairt nó éinní mar sin. Níl aon
phioc den tsláinte fágtha agam.



SLAMÁS — Tá slamás gas ar na prátaí = gais shaibhre
bhoga. Níl ins na gais sin ach slamás. Tá na prátaí 'na


L. 153


slamás. Tá an iomarca slamáis ar an ngort = saibhreas
barra. Tá na prátaí 'na slamás fuar-bheirithe — prátaí a
bhéadh beirithe fuar le fada = i n-aon bhrat trom saibhir
amháin. Níl na prátaí ró-thrim agaibh? Níl: prátaí
slamáis seadh iad = bhí an iomarca de sna gais ortha. Gas
slamáis = gas (árd) bog lán d'uisce. Ní gá dhuit dul chun
slamáis ar an bhfeóil, ar aon tsaghas bídh = an iomarca de
a chaitheamh. Ná téir chun slamáis ar an móin = gan an
iomarca di a chur síos. Ar an airgead = gan é (nó an
iomarca de) a chaitheamh go bog. Is féidir an focal slamás
do chur ag obair ar aon tsaghas tora (coirce, cig.) a bhéadh
ró-shaibhir. Bíon tor slamáis ar gach aon tsaghas díobh. Tá
slamás breá gruaige agat.



SLÁN — Slán an bhó: nó, slán máthair an bhainne = gura
slán — deirtear nuair óltar deoch bhainne. Fuaireas seilbh
shlán sa talamh = seilbh cheart iomlán nár bhaol dom í chailliú-
int. Fuair an fear bocht bás gránna, slán mo chómhartha
(nó, slán ár gcómhartha) = cainnt a deirtear nuair a bítear
ag trácht thar duine a fuair bás nó gur thárluigh droch-ní
éigint dó. Tá cos thinn ag Pádraig go bhfuil mannta maith
aisti, slán mo chómhartha. Tugaim mo shlán fút, bheirim mo
shlán fút = dein do dhícheal (is do mhíle dícheal): níl aon
bheann agam ort ná ar do dhícheal: mise is beag beann ort:
is beag mo bheann ort. Tógfad an lampa as do sheómra.
a shlán fút: nó a shlán fút é dhéanamh, é thógaint = tugaim
(nó bheirim) a shlán fút é thógaint as mo sheómra.



SLÁNUIGHIM — Táthar ag déanamh cleamhnais ach níl sé
slánuithe fós = críochnuithe amach. Slánóchad (slánód) céad
má bhíon an tsláinte ar fóghnamh agam = mairfead leis an
méid sin aoise. Níor shlánuíos uair a' chluig sa tig = níor
chríochnuíos, níor thugas amach.



SLAOD — Bhíos im shlaod colata = cnap colata, trom-
shuan a bheith orm. Táim i n-aon tslaod amháin = gan bheith
anamúil; marbh ag cola nó slaghdán nó breóiteacht, nó
inní: bhéadh duine amhlaidh dá mbéadh sé lasta suas is cuma
bhreóite air. Tá a cuid gruaige ag imeacht i n-aon tslaod
amháin le gaoith = i n-aon bhrat amháin.


L. 154


SLAT — Tá an naomhóg lán go slait = lán go barra, lán
suas. Tá an leabhar nótaí lán go slait = líonta lán amach.
Mar an gcéadna bhéadh mála, mo cheann, béal, bolg, lán go
slait. Cad tá ar an slait do (de) san? = an mór a chosnóch
slat de (d'éadach, cig.)? Cheannuíos an capall ar shlat-
mharga = ar ana-mharga: saor go maith. Slat na croiche
= an tslat a bhíon ag imeacht treasna agus go mbíon an
raca (raca na teine) air.



SLEABHAC — Tá ana-shleabhac san áit, sa bhóthar, ar an
gcnoc = ísleán, fánaidh. Chuireas sleabhac maith orm héinig
= leath-cheann, leath-taobh: me héin nó mo cheann a chaitheamh
amach nó cliathánach ag cainnt nó ag éisteacht. Tá sleabhac
ort chun aighnis. Bhí faid mo bhaise de shleabhac uirthi = a
ceann sáite amach an fhaid sin aici, nó a ceann ar a bais
is é sáite amach an fhaid sin.



SLEABHACAIRE — Duine go mbéadh aghaidh chaol air:
bhéadh a bhéal is a smig ag caolú amach — nuair a bhéadh sé ag
cainnt, ach go h-áirithe.



SLEAMHAIN — Íosfadh cat sleamhain féin páideóg = ithean
cat ciúin féin ím: cuma mhacánta bheith air. Tá an buachaill
úd slím sleamhain = glic: agus cuma shéimh dheas mhacánta
ar an dtaobh amuigh aige. An taobh sleamhain amach is an
taobh cam isteach = imeacht an rógaire, an té a bhíon glic.
Coimeádan sé an droch-mhianach gan teasbáint.



SLEAMHNUIGHIM — Ná sleamhnuigheadh aon fhocal uait =
ná ritheadh ort, ná scéitheadh. Bhí an pháirc sleamhain is
baineadh sleamhnú asam = shleamhnuíos. Bhí an fhairrge garbh
ach tá sí ag sleamhnú aríst = ag eiriú sleamhain. Tá an lá
ag sleamhnú tharainn, nó uaim = ag imeacht (i gan fhios). Tá
an lá sleamhnuithe uaim = imithe, caite, i gan fhios dom.
Tabhair aire dot' shláinte mar ní bhraithfá ag sleamhnú uait
í. Baineadh sleamhnú aisti — as mo theangain = d'imigh
cainnt ná raibh oiriúnach orm: scéidh cainnt orm.



SLEANNDAR — Tá sleanndar sróna ort = cainncín fada
caol.


L. 155


SLÍ — Seachain tu héinig air sin: tá an dá shlí aige =
an dá thaobh: tugan sé an dá thaobh leis. Bhí fios slí an
tsagairt againn roim ré = bhí fhios againn cad é an saghas
slí a bhí aige, cad é an saghas meóin is béasa is mar sin.
Dhíolas púnt as na bróga is ní raibh san as an slí = gan bheith
ró-dhaor ná ró-shaor. Ní fearr slí a dh'fhéadfá tharac
chúghat (nó ort) chun tu héinig a neartú ná siúl fada a
dhéanamh gach lá = seift, imeacht. Níl na cosa as an slí
agat = bheith bun-ós-cionn: nílid, cig, ró-mhór. An tslí
dhíreach is fearr = an tslí mhacánta. Tán tu go mór as an
slí sa bhfreagra = amú. Ní ceart duit tu héin a chur as
do shlí ar mhaithe liom = as an slí a bhéadh réidh díreach rómhat:
breall do chur ort héinig. Cuir slí ar an dtreasc = an
faor do chur uirthi i gceart: í shocrú chun oibre. Raghad
abhaile amáireach ar aon tslí = ach go h-áirithe, pér domhan é:
ar chú nó ar chleas. An tslí a bhím ar maidin bím tráthnóna
= bím tráthnóna fé mar a bhím ar maidin. Ní mór dom
slí a chur ar an dtreasc mar tá sí ró-dhocht chun dul tríd an
adhmad. Táim sásta liom héinig i n-aon tslí ná béinn i
bhfiacha = ach gan fiacha bheith orm. Tá daoine ann a thabharfadh
na seacht slite isteach chun rud a rá nó a dhéanamh = bhéadh
an oiread san slite aca chun —. Ní féidir liom camán a
dhéanamh toisc gan an tslí agam chuige = na h-úirlisí, na
fearaistí. Níl slí agam ar rud = cóir, neart, cothrom,
nílim ábalta air. Níl an tslí agam chun féar a tharac ná
cleamhnas a dhéanamh = níl capall agam ná airgead. Níor
chuala an focal ar aon tslí go gcuímhníghim air = chó fada is is
féidir liom é thabhairt chun mo chuímhnte ar aon tsaghas slí.
Dheinfinn mo shlí leis an mBéarla = mo ghnó. Bhíos sa tslí is
go mb'fhearr liom bheith marbh = i slí go -. Nílim leath-
shlí tríd an gceacht fós. Tá slí bhreá bhog agat, is slí chráite
channcarach agam. Bhíos leath-shlí chun bheith ar meisce. Sé
do shlí-se bheith ag imeacht le h-aer an tsaoil i gcómhnuí.
imigh ar do rogha slí: dein an obair ar do rogha slí = mar
is maith leat, dréir do thoile féinig.



SLIBIRÍN — Bhíomair 'nár slibiríní maol-bháite = fliuchaithe
go maith. Tá sé 'na shlibirín maol-bháite, is é cúnlaithe
isteach is tairricthe caol ag an bhfliucha. Táim im shlibirín
fliuch fuar, fáiscithe isteach ar a chéile. Slibín nó slipín,
leis.


L. 156


SLIGIRÍN — Dá mbéadh sligiríní ar sile leat, nó ag
tuitim asat, ní phósfainn thu = na h-órnáidí a bhíon ar sile
síos as slabhra uaireadóra, as fáinní cluas, agus mar sin.



SLÍM — Is slím sleamhain an bórd é = leibhéalta, mín, gan
bheith garbh: nó tanuí.



SLIMIDE — Seilmide. Nách tu an slimide! = nách mall
dúr an duine thu-le duine a bhéadh ag teacht nó ag obair
go mall.



SLIMIDEÁIL — Nílimíd ach ag slimideáil linn indiubh
= ag gluaiseacht, ag obair, go mall. Cuir uait an tslimi-
deáil = imeacht an tslimide.



SLINNEÁN — Tá slinneán na bó ar lár = imithe síos as
ionad i slí is go mbéadh cos léi níosa sia ná na trí cosa eile.



SLIOS — Tá slios uirthi chun cainnte = sleabhac: leath-
cheann: leath-taobh: gob. Ní rabhas riamh sa tslios san ó
dheas = dúthaigh, ceanntar.



SLIS — Blúire adhmaid chun éadach a níghe.



SLOINNE — N'fheadair éinne cad é an tsloinne gur díobh
thu = cine, muíntir. Níl fhios agam cad é an tsloinne a bhí
uirthi = cad é an tarna cuid dá h-ainm, ciaca Dálach í nó
Ceallachánach, cig. Níl do shloinne ar an mbaile seo = duine
den tsloinne chéadna. Daoine d'aon chine, d'aon mhuíntir
amháin = d'aon tsloinne amháin.



SLUGAIM — Ag sluga bainne = á leigint siar go tiubh,
agus 'na thaoscáin mhóra. Bhí sé ansan ag sluga na cainnte
= á tógaint isteach — gach focal de. Tán tu ag sluga na
h-imeartha anocht = á thabhairt isteach chúghat héinig go tiubh:
á bhuachtaint go léir. Bhí ana-shluga ar iasc thall i Sasana
nuair a bhí an coga mór sa tsiúl = ana-éileamh, ana-thógaint.
Nách éachtach an sluga atá aca — le daoine amplúla i n-ithe
nó i n-ól = an tslí atá aca chun rudaí a leigint síar. Bíon
góilín mór fairsing de scórnaigh aige n-a leithéidí.


L. 157


SLUGÓG — Bain slugóg as an gcupán, as an mbainne =
casa díghe, deoch ná béadh ró-mhór, an deoch a thógfá d'aon
iarracht amháin.



SLUID — Agat-sa a fuarathas an tsluid = cuid dhuine
eile: rud a bhéadh goidthe (goitithe).



SLUPAR-SLAPAR — Tá slupar-slapar aige sa phluda;
nó, gach aon slupar-slapar = nuair a bhéadh na cosa ag teacht
anuas go trom sa phluda, nó san uisce. Ní ag snámh atán tu
ach ag slupar-slapar leat.



SMACHTÍN — Smuta reamhar tútach adhmaid, lámh chaol air
is tacuíocht. Smachtín tobac = blúire maith reamhar.
Smachtín fir, tairbh, róin = ailp mhaith, ceann aca so a bhéadh
téagartha go maith.



SMÁILC — Níl smáilc ná smáil ort = níl maisle ná
máchail: locht.



SMEÁDAR — Bhí gach aon smeádar aige orm = buille
trom marathach.



SMEÁDARÁLAIM — Thugas smeádaráil mhaith dhó = buala
tréan dian.



SMÉAR — Tá an oíche chó dubh le sméir = leis na sméara
dubha, le pic. Sméara ciaráin = sméara dúbha mílse, is
súile beaga (liathróidíní) ionnta.



SMEARA — Chuireas smeara fém bróga, fén gcairt.
Smeara cairte.



SMÉIDIM — Shméid sé orm = bhagair orm, dhein cómhartha
dhom.



SMIGÍN — Tá aith-smigín agam, nó fúm = an tarna ceann
díobh.



SMIOG — Níor labhair sé aon smiog cainnte = aon fhocal.
Ní raibh aon smiog aige faid a bhíos i láthair = cainnt, foca


L. 158


cainnte. Níor fhan aon smiog agam nuair a chuala an droch-
scéal.



SMIOLLÓG — An buille a dheinfá leis an órdóg is an
mhéar fhada, nó le méar na h-órdóige is an mhéar fhada anuas
ar a chéile.



SMIOTAIM — Smiot sé a chúl ar an bhfalla: smiotas mo
chos ar an gcloich is tá sciolpóg mhór di: smiotas mo cheann
ar an bhfárdoras mar bhíos ró-árd = bhuaileas. Smiotas mo
leabhar leis an sisiúr = na cúinní a bhaint de. Smiotfá na
cúinní de leis an sisiúr nó le sciain nuair a bhéadh sé ag
dul chun aoise. Bím ag smiota mo phínn luadha leis an
sciain gach aon lá is ní fada go mbeidh sí smiotaithe ar fad
agam = caite go bun leis an bhfaor.



SMÍSTE — Blúire maith reamhar de rud éigint. Tá
smíste maith aráin agam = blúire téagartha reamhar tútach.
Níl ionnat ach smíste amadáin = sail amadáin. Is maith an
smíste fir thu = fear téagartha, bulcánta: balcaire trom
fir. Tá sé féinig ansan thuas 'na smíste is ní dheinfidh sé
faic dhom = cnapán tútach trom leisciúil. Smíste d'aon
tsaghas ruda.



SMÓLACH — Thuiteas ar mo smólaigh (smórlaigh, smúr-
laigh) = anuas ar mo shróin, ar mo bhéal is m'aghaidh. Sí an
tsrón a dhíolan as an dtuitim, ach go h-áirithe. Thuit sé
ar a smúrlaigh amach an doras mar bhuail sé a chos ar an
dtáirsigh.



SMUGA — Bhí na smugaí síos ar an leabhar aige, an rud
salach. Bhainfeadh an ghaoth an smuga díot tá sí chó fuar
láidir san.



SMUILC — Tá smuilc ort = cainncín is béal amach ort.
Ní bhainean sé le greann.



SMUILCEACHÁN — Duine go mbíon smuilc air. Ceann
firean de sna smuilceacháin = ceann tofa aca.



SMUIRT — Cuir smuirt ionnat héinig = anam. Duine


L. 159


gan smuirt é sin = neamh-anamúil, gan lúth 'na lámha ná 'na
chosa.



SMÚIT — An salachar beag a bhíon ag imeacht 'na cheó is a
chífá san aer idir tu héin is an teine lá gréine. Tá smúit á
bhaint as na bóithre ag an ngaoith = ceó bóthair. Bhaineamair
smúit as an naomhóig, as éinní, le bárr siúil = dúiseacht,
rammsach. Baineas smúit as an gcapal nuair a fuaireas
me héinig sa diallait = ceól. Fuaireas dínnéar breá is
bhaineas smúit mhaith as = rammsach: dheineas ithe maith air.
i lár na smúite (an rammsaigh) do stadas.



SMÚITEÁN — Níl ach smúiteán gail ag casa amach ón
dteine = gal beag, deatach beag. Smúiteán gail atá as mo
phíp 'e cheal tobac = marbh-ghal (mara-ghal a deirtear).



SMÚITIÚNTA — Tá an spéir ana-smúitiúnta = sórt
ceóigh ag imeacht gan ghrian. Lá smúitiúnta = ceóch, salach.
Tig smúitiúnta = smúit ag imeacht ann is gan é bheith geal.



SMÚSACH — Bhaineas smúsach as Sheán = rammsach, ceól,
dúiseacht: thugas greada maith dhó. Thuiteas amach ar mo
smúsaigh = ar mo bhéal is m'fhiacla.



SMÚSAÍL — Ní deas é an nós bheith ag smúsaíl = duine
bheith ag súgha suas chuige. Na daoine go mbíon slaghdán
cinn ortha bíd ag smúsaíl = ag séide na sróna chúcha is uatha,
agus is smúsacháin iad féinig.



SNÁCÁIL — Tán tu ag snácáil leat leis an ngnó, le
h-éinní = ag imeacht go h-ana-mhall, ar nós an tslimide.
Snácáluí seadh an té a bhíon amhlaidh. Cad é an tsnácáil
atá ort?



SNAIDHM — Bain an tsnaidhm den mála = scaoil é.
scaoil an tsnaidhm ded bhróig. Snaidhm shingil = ná bíon
ínti ach aon tsnaidhm amháin. Glas-shnaidhm = nuair a bhíon
dhá cheann díobh anuas ar a chéile is an tarna ceann cruaidh
(gan bheith 'na shnaidhm ruthaig). Snaidhm an ghaid = snaidhm
ana-dhaingean. Tá snaidhm ar do bhéal agat an tráthnóna so
= gan tu bheith ag cainnt: nó tu bheith cúramach id chainnt: nó
na beóla fáiscithe ar a chéile agat. Chuir sé snaidhm ar a


L. 160


bhéal chun an focal a thabhairt amach i gceart = shocruigh é i
slí neamh-choitianta, d'fháisc é. Nuair a thóg sé an phurgóid
chuir sé seacht snaidhmeana déag ar (a) aghaidh = mórán
cumaí mí-shástachta: dhein an aghaidh do chrapa isteach ar a
chéile. Snaidhm traenach = áit 'na stadan traenacha: ball
teachta is imeachta dhóibh, agus go gcaithfá buala amach as
ceann aca is buala isteach i gceann eile.



SNAIDHMIM — Bhriseas mo chos ach tá an cnámh ag snaidhme
(snuíme nó snuime) aríst = ag dul 'na chéile. Tá an cnámh
snaidhmthe ar fad (snuimthe) = ceangailte, dulta 'na chéilig.



SNÁITHÍN — Bhainfeadh snáithín an ceann di-bean go raibh
muineál ana-chaol aici. Snáithín crochta = an snáithín a
cheangluíon an líon den dtéid. Snáithín deisiúcháin = an
saghas a úsáidtear dá mbéadh poll tagtha sa líon.



SNÁMH — Táim ar snámh, ar snámh d'allus, agat = brat
alluis orm agat. Bhíodar ag múine snámh géilín dá chéile =
ag múine snámha leis an lámh a choimeád fén smigín. D'imíos
ar snámh dom héinig = ag snámh. Tá sé ag snámh ana-fhada
amach. Bhfuilean tu ag teacht abhaile ón snámh? = ó bheith ar
snámh, ag snámh. Beidh tu tagtha (tacaithe) ón snámh sar a
mbeidh an dínnéar ullamh. Ní fada a dh'fhanfad sa tsnámh.
Táim ag dul 'on tsnámh = ar snámh. Thánag isteach ón áit
sin amuigh de shnámh (do shnámh a deirtear).



SNÁMHAIM — Ní fada go mbeidh an tarbh snámhaite isteach
chúghainn = snámh déanta aige isteach chúghainn. Snámhas
an fhaid sin cheana.



SNÁMHÁN — Níl sé ach ag snámhán = gluaiseacht na péiste
aige: ag imeacht go mall ríghin: ag snácáil. Ní leanan
mór-fhuadar aon cheann aca.



SNAOIDHIM — Snaoidhean an eitin duine amach = caithean
amach: bainean an fheóil anuas de sna cnámha. Táim
snaoidhte (snuite) anuas de sna cnámha ag an obair = gan
faic den bhfeóil fágtha orm. Tán tu snaoidhte (isteach) go
dtí sna cnámha = gan faic fágtha ar na cnámha agat. Bím
am shnaoidhe is am chaitheamh amach le buairt. Táim ag snaoidhe
is ag caitheamh = ag dul as, ag loma.


L. 161


SNAOIS — Tá an léine (nó éinní) 'na snaois = chó trim
(tirim) le snaois: ana-thrim.



SNAP — Bíon sé ag tabhairt snapana i gcómhnuí le n-a
theangain = ag breith greamana: ag rá cainnteana géara
tapúla. Thug sé snap orm is gan aon chúis aige orm.
Dheineas snap colata = tamall beag, dreas, colata. Tá
ana-shnap aige Seán = é bheith go maith chun greim a bhreith ar
rudaí, ar liathróid, cig., a scaoilfí i n-áirde, nó rud ar
chlibirt. Thug an gadhar snap orm ach ní bhfuair sé greim.



SNAPAIM — Má deirim focal beag bun-ós-cionn ní gá
dhuit me shnapa suas mar sin = an focal a thógaint láithreach
i slí mhíchéatach ghránna.



SNAS — Tá ana-shnas ar do chuid Gaoluinne = í bheith ana-
dheas. Níl snó ná snas ort indiubh = níl aon deárthamh, aon
chló: tu bheith ag féachaint go dona. Níl aon tsnas ar an
gcapall = croicean maith. Ní mór do dhuine cúpla céad
púnt chun aon tsnas a bheith air = cuma chóir: saibhreas.
Snas liath = fás a thagan ar sheana-bhróga, leabhartha, is mar
sin, nuair a bhíd i n-áit thais.



SNÁTHAID — Ba dhóigh leat gur amach as an snáthaid a
tháinig sé — le rud a bhéadh ana-chaol. Tá cluth nua ag Seán
amach as an snáthaid = chó nua is is féidir a bheith: an chluth a
bheith i n-áirde aige don gcéad lá, don gcéad trus.



SNIGH — Snig a deirtear. Tá do cheann lán de shneágha =
uibhe beaga go dtagan péistíní beaga asta. Bás na snige.



SNÓDH — Tán tu i snó mhaith. Tá snó an bhídh ort = cuma.
Tá snó an duine ag teacht ort aríst tréis na breóiteachta =
cuma, gné, an duine. Tá snó na h-aimsire ann anois =
an chuma ba cheart a bheith ar an aimsir. Tá an snó aige
anois — ag an aimsir = tá sé go maith: mar ba cheart.



SNÓDHACH — Tán tu deagh-shnódhach go maith = snó maith
ort: croicean maith, rian do choda ort.



SO — Bhí so súd is súd is so á rá aige = gach aon tsaghas ní:


L. 162


mórán nithe. Bhíos sásta an leabhar nó an peann a thabhairt
dó, ach theastuigh so súd (so is súd) uaidh = an dá cheann.
Theastuigh uaithi so is súd a dhéanamh amach = gach ní. An
fíor é sin? So is súd orm gurab eadh = m'anam, am
briathar, gur fíor. So is súd orm go bhfuil gluaisteán
ag teacht = th'anam 'on riach, má mhairim beó: fágaim le
h-uacht.



SOBUL — Cuir sobul fút féinig, nó chúghat héinig, agus
bogfaidh sé an fhéasóg. Bhí sobul cúmhráin lem béal = mór-
chuid cúmhráin. Sobul báistí = báisteach bhuan throm a dhein-
feadh sobul ar an dtalamh. Bíon sobul lastuas díobh aige
sna báid-fó-thuínn: cuirid sobul lasináirde díobh héinig =
cúmhrán. Tá sobul tearraic (tarraic) ann = cúmhrán á
dhéanamh ag an dtarrac (tearrac a deirtear nó teaireach);
an fhairrge ag eiriú i n-áirde sa spéir go bog (nó go fear-
gúil, leis). Cuir sobul féd smigín. Mar an gcéadna,
cuir smeara féd mhéir, féd bhróig.



SOC — Tá soc uirthi chun aighnis = an smig caoluithe amach ar
nós soc an chéachta: nó, dá mbéadh a smigín ar a bais aici
agus an smig is an béal is an ceann sáite amach.



SOCAIR — Tóg socair é: tóg socair an saol, nó éinní =
bog: breá, bog. Tá an cúrsa socair eatora = socruithe.
Tá an scéal san socair agam = gan bheith bun-ós-cionn ar aon
tsaghas slí: socrú tugtha air. Labhair níos socara = níos
maille. Bhíomair idir dhá aigne tímpal an chúrsa ach nuair
a labhair Pádraig linn dhein san scéal socair de = scéal
socruithe: dhein sé é shocrú. Bhí an fear bocht leóinte go
h-olc ach chuireas piléar isteach tríd is dhein san scéal
socair de = chríochnuigh amach é. Tán tu socair suas go breá
chun an rínce = déanta suas, socruithe (slachtuithe, ullamh)
suas: i n-ana-ghotha. Dhein sé socair é héinig gan aon
spalla de Sheán Buídhe a thabhairt isteach 'na chainnt =
shocruigh sé, bheartuigh sé. Má thógamair araon an gluais-
teán ar an dtrus so ní mór domh-sa díol as a leath. Ná
bac leis sin: tá an scéal san socair = ní gá aon réiteach
breise a thabhairt air, tá sé réitithe agam. Tá na daoine
socair anuas ó neamh = sé Dia a choimeádan, a dheinean,
socair iad.


L. 163


SOCAIRE — Duine a bhíon socair.



SOCARÁNTA — Tán tu socair socaránta = breá bog:
tógan tu foighneach nach ní: faid-tsaolach: duine thu nách
fuiriste feirg do chur air: duine nách fuirist é thógaint
ná é chur suas.



SOCHAS — Seachas is mó a scríobhtar. Ba dheic scillinge im
póca fanacht aige baile (ag baile) sochas dul ar an aonach =
spárálas an méid sin le fanacht sa bhaile. B'fhearra liom
bheith ag léigheamh istig sochas bheith ag ráistéireacht ar fuaid
an bhaile = ná. Táim bocht anso sochas dá mbéinn i bpost
maith = rud ná béadh i gceist dá —.



SOCHMA — Fear sochma faid-tsaolach foighneach = breá bog:
nár bh'fhuiriste é thógaint ná é chur suas chun feirge ná éinní.



SOCHRAID — An rabhais sa tsochraid? An raibh an sagart
sa tsochraid, nó leis an sochraid?



SOCRUIGHIM — Dá bhfuighinn greim ar do scrogal ní fada
a bhéinn ag socrú leat = ag socrú an scéil, ag socrú cúntaisí,
leat: ad mharú: ad dhíol: ag déanamh réitigh leat. Is
fuiriste socrú liom tímpal airgid = réiteach a dhéanamh
liom. Dá mbéadh gunna agam níorbh aon mhoill orm tu
shocrú = tu mharú, tu dhéanamh socair. Tá an saol (an
aimsir, éinní) suaite, ach socróidh sé fós = tiocfaidh socair,
eireóidh socair, tiocfaidh isteach mar ba cheart. Tá mo
shúil cam, ach socróidh sí ar ball = díreóidh. Ní féidir liom
socrú síos chun oibre. Shocruíos me héinig suas chun dul ar
an aonach = ullmhuíos.



SÓGHAIL — Bia sóghail = deigh-bhlasta, cúmhartha, gan bheith
géar ná searbh. Thug an dochtúir purgóid shóghail dom =
deigh-bhlasta, bog, gan bheith nímhneach. Deoch shóghail.



SOILÉIR — Tá an cló so soiléir go maith le léigheamh. Níl
an scéal ró-shoiléir i n-aochor aige sna daoine a chuaidh amach
agus an fhairrge bolgtha ortha anois = ró-shímplí.



SOILÉIREACHT — Tán tu ag tuitim a chola le soiléireacht
an scéil is gan an scéal críochnuithe = á mheas ná fuil aon


L. 164


deacaracht ag baint leis. Ná téir a chola ar shoiléireacht an
chúrsa = ná meáigh go bhfuil sé réidh rómhat: ná téir a chola
ar an gcluais sin. Níl aon mhaith ionnat chun soiléireacht a
dhéanamh ar scéal = chun é dhéanamh soiléir: chun é shocrú is é
réiteach. Níor dheineas aon tsoiléireacht den scéal mar
ná raibh cuma na fírine air ná deimhniú fachta agam air =
níor thógas 'na scéal soiléir é, níor mheághas go raibh sé gan
chonnstaicí (cúnstaicí). Ní ceart an ráfla a thógaint i
n áirithe ná soiléireacht a dhéanamh air go mbeidh a thuille
feasa againn.



SOIMISIÚNTA — Táim soimisiúnta ar an leabhar so do
chur i gcló = ceapaithe, beartuithe. Táim soimisiúnta glan
ar dhul abhaile (nó chun dul abhaile) = meághaite beartuithe
amach is amach.



SOIR — N'fheadaraís soir sochas siar i n-aimsir cheóigh nó
oíche dhorcha = ní bhéadh fhios agat cad é an treó a bheifá ag
gabháilt. Nuair a fuaireas me héinig istig i lár na ceiste
n fheidir me soir sochas siar = ní raibh fhios agam ó thalamh
an domhain cá rabhas ná conus a thabharfainn réiteach ar an
bhfaidhb.



SOITHEACH — Sathach an fhuaim. Sathach éisc = baraille díobh.
iasc nó muc a chur sa tsathach, nó 'on sathach = iad a chur isteach
ann fé leasú, á leasú. Sathach an ghamhna = an áit go mbíon
an gamhain istig sa mbó. Saimí an tsoithigh = fear an
tsoithigh (lá aonaigh, cig.).



SOLÁTHRUIGHIM — Raghad amach sa tsoláthar indiubh = ag
lorg rudaí. Teastuíon lampa de sheana-dhéanamh uaim is
táim go dian sa tsoláthar á lorg. Imeód ag déanamh
soláthair mo bheatha dom héinig = ag soláthar mo bheatha.



SOLUS — Tán tu im sholus = sa tsolus orm. An ngabhan
an solus tríot, a Mháire? = ná glanfá amach as an solus?
Níl aon tsolus sa tsúil sin = radharc. Tá sé a deich a chlog
ar sholus an lae = le solus an lae, dréir —. Solus sídhe
na bportaithe = Seán sídhe na bportaithe: solus a bhíon ag
imeacht ins na portaithe istoíche. Táimíd i solus an chuain =
na radharc, i n-áit go bhféadaimíd é dh'fheiscint. Is fada


L. 165


go mbeir i solus an Choláiste sa bhóthar abhaile dhuit. Ba
mhaith liom an cainnteóir a dh'fheiscint is chuas 'na sholus =
'na radharc: i n-áit go bhfeicfinn é. Táim i solus mo
ghnótha = radharc agam air: é ar m'aghaidh amach agus eólas
agam air. Táim i solus an Ghaoluinn a léigheamh = ábalta
ar í léigheamh. Nílim i solus é sin a dhéanamh, a thógaint, a
bhrise, a éinní.



SOMPLA — Sceinn madra treasna an bhóthair agus ansan
d'fhág sé ár radharc. Sompla do b'eadh é sin = cómhartha:
rud éigint ós cionn nádúrtha (as cionn).



SÓRT — Leabhar maith dá shórt seadh é = dá shaghas: agus
an saghas d'áireamh.



SOS — Ba cheart duit sos a thógaint = tamall scuir,
suaineas. Tabhair sos duit féinig. Ní bhead, ní raghad, i
mbun mo shois go ceann tamaill = ní bheidh aon tsaoire agam.



SPADALACH — Spadalach fir = fear mór cnámhach garbh
gan puínn cóiríochta ann, ná an mianach ann dréir a thoirte.
Spadalach aimsire = aimsir ná fuil go maith ná buan ar aon
tsaghas slí: gan an mianach ceart ínti. Spadalach coirce =
ní bhíon sé le mola: bíon mór garbh ach uí bhíon an tora air
dréir a thaidhse (taidhbhse). Spadalach aráin — nuair a bhíon
sé beirithe ró-fhada is an blas ceart ag imeacht de. Spadalach
móna = móin gan mhaith: spairt.



SPAGA — Sparán.



SPAILPÍNTEACHT — Bhíos ag spailpínteacht = ag tuilleamh
mo pháigh le prátaí is arúr (arbhar) a bhaint.



SPALLA — Conus tá gach aon spalla dhíot? = blúire.
Tá spalla éigint amú san abairt sin = blúire éigint di.
Tugtar spallaí ar na mion-chlocha a cuirtear isteach sa
bhfalla nuair a bítear á thógaint. Is féidir a thuille spallaí
a chur isteach san abairt más maith leat é. Tá spalla éigint
amuigh as an scéal i slí nách féidir liom é leanúint.



SPALLAIM — Tá spalla an bháis orm = íota, ana-thart.
Níl aon spalla san aimsir seo = triomach. Spall an droch-


L. 166


thuairisc suas me = thriomuigh suas me: thriomuigh mo bhéal
is mo scórnach i slí nár fhéadas labhairt. Táim spallta
ag an dtart = múchta, tachtuithe. Spall sé le náire me
nuair a dúbhairt sé an chainnt sin = thriomuigh me: thóg
an chainnt uaim. Tá spalla triomuigh ann = ana-thriomach:
an lá bheith ana-bhrothalach. Tá spalla triomuigh orm =
spalla tarta: ana-thriomach tarta. Is treise íota ná
spalla is is treise spalla ná tart (tort a deirtear).



SPALPAIRE — Thugais spalpaire leabhair, spalpaire
éithigh = leabhar (éithigh) mór groidhe; éitheach mór groidhe.
Spalpaire fir — fear breá mór groidhe, is fuinneamh ann.



SPANNLA — Spannla gé, circe, lachan = ceathrú, cos.
Tá spannlaí fada fút = cosa caola fada.



SPANNLAOR — Cainnt an spannlaora = duine go mbéadh
na cosa fada aige: iad ró-fhada is ró-chaol don gcorp.



SPÁRÁLACH — Tán tu ana-spárálach ar an móin = ana-
spáráil á dhéanamh agat uirthi.



SPÁRÁLAIM — Seo dhuit mo sparán is ná dein aon
spáráilt air = bain ceól is rammsach is dúiseacht as.



SPARRA — Sparra gealúnaighe, iarainn, tobac, adhmaid,
cloiche = stráice fada caol. Sparra fir = fear fada caol.



SPEABHRAOIDÍ — Tá na speabhraoidí mar chéird agat =
agat coitianta. An té go mbíon na speabhraoidí air measan
sé go bhfeicean sé is go gcloisean sé nithe ná bíon i gceist i
n-aochor. Speabhraoidí óil, meisce, colata, éinne. Thiocfadh
colata ar (air a deirtear) dhuine dá mbéadh sé i bhfad gan
chola.



SPEACH — Tugadh speach ghearráin dom = buille ar an
gcluais leis an méir fhada tréis í chur i bhfeac ar an órdóig.



SPÉACHÁLAIM — Tá sé ag spéacháil (ag spréacháil, ag
spréachuíl, ag spréachaláil) bháistí = braonacha fánacha ag
tuitim — le fuinneamh: braonacha thall is i bhfus.


L. 167


SPEAL — Crann na speile: an lann: an clár: an
chloch. Corráinín = rud a bhainean ón speil nuair a bhíon sí
ró-imithe don gclár. Speal choise = cos a bhíon fada sa
troigh. Speala cos = cosa go mbíon an galar san ortha.



SPEALADÓIR — Tá sé ag spealadóireacht = ag baint
le speil. Spealaire = duine go mbíon na cosa fada aige.
bhíos ag speala (ó spealaim) aitin = á bhaint, á ghearra, le
speil.



SPEILP — Tá cuid mhaith de speilp an tsaoil agam =
saibhreas. Níl aon speilp sa tsaol ort = níl aon rath ort
(níl faic agat) i n-aochor.



SPEIR — An chos ó bhun na sáile go dtí an t-alt. An
dtéighean an speir suas go dtí uachtar na bróige? Is
fada liom suas é = ní dóigh liom go dtéighean sí chó fada san.
as san (ón alt) suas go dtí an gcolpa = caol na coise. An
colpa ó chaol na coise go dtí an nglúin. An cheathrú ansan
go dtí an gcromán. Níor cheapas go raibh aon speir sa
dúthaigh 'na raibh an Ghaoluinn ach anso = paiste.



SPÉIR — Tá an spéir ag árdú = ag geala ag bun an
fhioghair. Tá finneóga ag teacht sa spéir = áiteana geala.
Ní siúrálta an ghrian ar an spéir ná go bhfuilim fíor, go
bhfuil an fhírine agam. Ná téir amach fé spéir na h-oíche,
fé spéir na gealaighe = fén oíche. Tháinig sé abhaile ón
aonach is a cheann sa spéir aige = go ceannasach, go mórálach.



SPÉIRGHEALACH — Tá an oíche anocht spéirghealaighe = an
ghealach ar an spéir ach gan í le feiscint. Tá spéirghealach
ann = na scamaill 'dir tu is í.



SPÉIRIÚIL — Nách spéiriúil atán tu is an bhruid oibre
atá rómhainn = aerach: cuma anamúil a bheith ar dhuine is
gur maith leis ráiseana is spórt is gach uile shaghas. Tá
cuma spéiriúil uirthi = aerach: a ceann san aer aici.



SPÉIRLINT — Nó spiairlint. Breac éisc fada caol
a bhíon sa bhfairge ar nós na h-eascún san abhain. Spéirlint
mná = bean fhada chaol.


L. 168


SPIAIREACHT — Deineadh spiaireacht orm = ínsint: gnó
an spiaire. Bí sí ag spiaireacht orm.



SPINABHAIT — Tóg amach do spinabhaití (spinauití) cos =
cosa caola: sparraí caola.



SPIODA — Níl spioda fiatha ort = tu bheith lom caite
snaoidhte (mar a bhéadh breóiteachán go minic): an croicean
buailte anuas ar na cnámha agat. Níl spioda fiatha i
n-áirde ort = faic: aon fheóil.



SPIOR — Dhein an breitheamh spior spear (nó spir spear)
den gcúis = dhein sé í leighe: dhein neamh-ní di, is chuir deire
léi. Deineadh spior spear dem chainnt = tairigíodh gach ní
na choinnibh is níor fágadh aon mhaitheas ínti.



SPLANNC — Ba mhór an oíche splanncacha is uisce an oíche
aréir = na lasracha is an bháisteach ag imeacht go tiubh. Níor
dheineas splannc colata aréir = néal.



SPLEÁCHAS — Nílim i spleáchas éinne = nílim ag braith
ar éinne. Táim neamh-spleádhach leat = gan bheith id spleá.
chas: níl aon bheann agam ort.



SPLINC — Níl splinc agat = níl ciall ná meabhair agat
(ná aon éifeacht leat).



SPOCHAIREACHT — Tá Seán is Máire pósta. Seadh!
is fada a bhíodar ag spochaireacht le n-a chéilig = seó beag
eatora: á dhéanamh suas i dtreó a chéile. Ní raibh ead-
rainn ach spochaireacht seóig = mion-bhuala mar mhaga, agus
imeachtaí mar sin. Tá Éire is Sasana ag spochaireacht ar a
chéilig = ag pleannca. Cuirean an pósa deire leis an
spochaireacht seóig. Bhí an bheirt ag bruighin. Ní h-aon
úntas é: is fada ag spochaireacht ar a chéile iad = ag
déanamh cur-suas ar a chéile is ag braith a chéile. Bhí an
dá choileach ag spochaireacht ar a chéile 10 nóimintí sar ar
phleanncadar a chéilig = iad gob le gob, is ag cur suas
feirge. Bhéadh beirt a bhéadh ag caitheamh pluda ar a chéile
mar sheó ag spochaireacht (ar a chéile, le chéile, chun a chéile).


L. 169


Bhíodar ag spochaireacht ar a chéile sa tseómra = ag tabhairt
na bhfocal dá chéile (sar a dtosnóidíst ar bhruighin na ndóirne).



SPOTHÁNACH — Tá an spothánach go dial chun an citeal a
chur aníos (do bheiriú) = craobh (fraoch) fheóidhte bhán: nó
fraoch nuair a bhéadh an duilliúr bainte de ar an sliabh.



SPRÉACH — Níl aon spréach meabhrach aige (nó, 'na cheann) =
léas. Lár na spréiche.



SPRÉACHARNACH — Bíon fíon ag spréacharnaigh =
spréacha ag teacht as. Bíon an fhairrge ag spréacharnaigh fé
thaithneamh na gréine.



SPRÉACHUÍL — Tá sé ag spréachuíl bháistí = breac-bhraon
sa tsiúl. Níl ann fós ach spréachuíl bháistí-sin é mar a
bhíon nuair a bhíon braonacha an cheatha ag teacht ar dtúis.



SPREALLAIRE — Spreallaire spealadóra = a bhíon neamh-
shlachtmhar. Fágan an spreallaire spailpín na prátaí ana-
dhiomáisteach 'na dhiaidh — sa talamh, is geárrtha. Spreal-
laire scríobhnóra. S. de bhean tíghe = ná béadh aon rud fé
shlacht aici.



SPREANNG — D'eirigh sé amach as an leabaidh le spreanng
= de léim. Tá spreanng díth céille ort = níl do cheart
céille agat: tán tu siar beagán in sa gcéill. Lár an
spreanga. Spreangaí.



SPREILL — Níl ínti ach spreill mhná = bean gan chúram,
gan mhaith, gan mhór-chrí. Spreallaire seadh í: gan slacht ná
cnúisciún (crí) ínti. Ní bhíon cnúisciún ná crí uirthi (inti).



SPREÓITSEÁLAIM — Ná bí ag spreóitseáil ar an
bpáipéar san: níl sé léighte fós agam = ag baint blúire
dho is blúire dho. Nó, ag spreóitseáil an pháipéir. Spreóit-
seáil seadh bheith ag baint spreótaí anuas den dtaobh amuigh
de bhloc adhmaid. Aon rud a bhainfá anuas de rud eile
spreóta seadh é. Spreóta aráin, cig., agus spreótáil seadh
roinnt mhaith de sna sciolpaí. Spreótáil = spreóitseáil,
leis. Bailighidh (bailíg) chúghaibh an spreótáil aráin sin.


L. 170


Bhíos ag spreóitseáil ar adhmad, ar chloich, ar leabhar, ar
inní = ag déanamh píosaí díobh, ag baint píosaí díobh.
Dheineadar spreóitseáil mhaith ar a chéile sa troid = bhain-
eadar spreótaí dá chéile: dheineadar fuil is gearra ar a
chéile. Bhí sé ag spreóitseáil ar an bpeann luadha
leis an sciain = ag baint sciolpóga di: ag cur
bearra uirthi is á gearra. Ní raibh na dochtúirí
ach ag spreóitseáil rómpa féachaint cá raibh an mháchail
orm. Bhí an cruinniú ró-fhada is bhíomair ag spreóit-
seáil ar deire = ag corruighe na gcos, cig., ó bheith cortha ag
an seasamh. Nílean tu ach ag spreóitseáil ar an nGaoluinn
fós = ag casa le h-í labhairt: sciolpóga di sa tsiúl agat.
bhí an cailín ag spreóitseáil chun rud éigint a dh'iarraidh
orm = ag teacht tímpal ar an gcúrsa. Bhíodar ag spreóit-
seáil chun labhairt liom = ag réiteach an bhóthair. Ná bí ag
spreóitseáil ach abair amach lom díreach a bhfuil le rá agat
= ag baint boghsíní. Ní ag obair atán tu ach ag spreóit-
seáil = ag gíotáil. Ag spreóitseáil ar ghluaisteán do
chur i ngléas = ag tabhairt fé: ag cur chuige i slí ná béadh
ró-chruínn.



SPREÓTA — Blúire beag adhmaid: an blúire a bhainfá
anuas de bhloc le tuagh, cig., nó le sciain. Blúire maith
fada giúise nó daraighe. Níl i Séamas ach spreóta d'fhear
éadtrom caol lom = é bheith caol fada fíneálta ar nós an
spreóta giúise: agus fairis sin dh'fhéadfadh sé bheith leisciúil
nea'-anamúil ar chuma an spreóta.



SPRID — Níor fhéadas mo sprid, nó mo spridí, do
choimeád suas = mo chroidhe, mo mhisneach.



SPRIOC — Nó spriuc. Sin cloch fhada chaol a bhíon sáite
sa talamh: golán. Nó, an chloch a cuirtear síos ar an
dtalamh nuair a bítear ag imirt airgid nó cnaipí. Bhíomair
ag sprioc-imirt = ag imirt airgid nó cnaipí ar spric.
bhuaileas an phingin anuas ar lár na sprice. Sprioc na
bpinginí = an sprioc go mbítear ag caitheamh airgid air.
Tán tu ag imeacht anois abhaile, is cathain a bhainfidh tu ceann
sprice amach? = deire t'aistir: an rud a bhíon le sroisint,
le baint amach Tá tosnuithe agam ar an gceacht ach tógfaidh
sé tamall ceann sprice a bhaint amach = é chríochnú: an


L. 171


ball atá beartuithe agam a shroisint. Trí seachtaine ó
indiubh an sprioc-lá atá agam chun an leabhar a chríochnú =
an lá atá beartuithe, spriocaithe, spriocálta, leagtha amach.
sprioc-am, agus sprioc-áit. Ní raibh sí sa sprioc-áit ar
an sprioc-am = ní raibh san áit a socruíodh ar an am a
socruíodh. Fút-sa atá láthair an rínce a cheapa mar tusa an
ceann sprice = an máistir, an t-uachtarán, an fear cinn, an
maor, an captaon, an fear go gcaithtear scéal a chur fé
n-a bhráid.



SPRIOCAIM — Sin é an t-am a bhí spriocaithe againn,
nó spriocálta = ceapaithe, socruithe. Tá spriocaithe, nó
spriocálta, agam ar an lá amáireacht chun fágaint. Nár
spriocálaís lá (nó ar lá) chun dul abhaile? Dheineas áit
a spriocáilt, nó a spriocáilt amach. Nó spriocuighim.



SPRIOGUIGHIM — Ní ceart duit bheith am spriogú = ag
meargú fúm, ag séide fúm, am chur suas — chun maith nó
olc.



SPRIÚNLAITHE — Tá ainm ana-spriúnlaithe ort = é bheith
de cháil ort tu bheith amhlaidh.



SPÚIRSEACH — Spúirseach bó = bó mhór lom: cosa fada
is cnámha móra. Spúirseach mná.



SPUR — Tá an bheirt (nó pé méid daoine is maith leat)
ag caitheamh na spur le chéile = ag imeacht i dtreó a chéile:
suas is anuas le chéile: mór le chéile. Tá an dá mhuíntir
ag caitheamh na spur le chéile. Spur talún ag imeacht
isteach sa bhfairrge = rinn, cuiripe. Spur slé (sléibhe).



SRAICE — Is mór an tsraice oibre a dheinis ó shoin =
paiste, dreas. Bhaineas sraice colata amach. Sraice
adhmaid = blúire fada caol. Sraiceana.



SRAITH — Tá an coirce ar sraith agam fén mbáistigh =
leathta amach fé mar a bhíon tréis é bhaint. Tá na h-éadaighe
ar sraith = ar leatha, ar tuar. An mhóin ar sraith = leathta
amach tréis í bhaint.


L. 172


SRAITHIRTÍN — Tán tu caite ansan cois claidhe id shraithi-
rtín = id liaghairne díomhaoín: ar chuma an fhóid mhóna.
Táim im shraithirtín anso sa leabaidh gan mhaith gan chrí = sínte
gan fuinneamh gan chorruighe.



SRAMH — Tá sramh tae thiar agam = braon beag. Nó
sreamh.



SRATHAR — Níor chuiris an tsrathar ar an gcapall cóir
(nó ceart) = níor chuiris an milleán ar an nduine ceart.
ólfadh sé an sop as an srathar = ólfadh an phingin dhéanach a
bhéadh aige. Chuireas an tsrathar ar an gcapall cóir dóibh.



SREANGÁN — Tá sreangán maith fliuch ann amuigh =
ceó fliuch a bhíon go tiubh.



SREANNG — Sreanng ón áirseóir a phrioc me (chun rud
éigint a dhéanamh) = prioca.



SRIAN — Bhí capall ar shriain agam = an tsrian agam air
agus greim agam ar an sriain. Cuir srian led theangain
= cosc.



SRIMILEÁLUÍDHE — Nó srimideáluí. Duine a dheinean
a chuid oibre go nea'-shlachtmhar: gan eólas aige ar a ghnó.
S. scríobhnóra = scríobhnóir a bhíon ag snácáil leis (toisc
gan na méireana bheith éascaigh) nó a bhíon nea'-
shlachtmhar.



SROITH-GHREAN — Grean is gainimh trí n-a chéile ach gur
mó den ngrean a bhéadh ann. Níor mhór é chriathairt dá
mbeifá ag tógaint tíghe.



SROMA — Sroma an tslimide = an rian a dh'fhágan sé.
Tá sroma ar an iasc = can sleamhain a cheanglóch ded lámha:
cosúil le glóthaigh.



SRÓN — Tá mo shrón stopaithe. Lean do shrón = ar aghaidh
díreach. Tabhair cead a shróna dhó = cead a chos. Bhí a shrón
ar an dtalamh ag an madra ag blathuíl.


L. 173


SRUMARTUÍL — Tá srumartuíl cholata ag teacht orm =
sórt sranntarnaighe is cola: séide trom tríd an gcainncín
sa tsiúl agam san am gcéadna.



SRUTH — Tá sruth eólais agat ar an nGaoluinn = mórán.
Tá sruth cainnte aige = cainnt phras thiubh. Aon tsruthán
amháin atá chun an dá fhocal san = aon tslí (aon bhóthar)
amháin chun dul go dtí iad, chun iad a chur ag obair. Sruth a
tugtar ar thaidhse: srut bheag.



SRUTH-EÓLAS — Bhí sruth-eólas agam ar an nGaoluinn
bliain ó shoin = eólas cuíbhsach, ceart go leór. Níl agam ach
sruth-mheabhair ar mo cheacht = é bheith tógtha agam go cuíbhsach
is gan ann ach san.



STADAIM — Tá an scoil 'na stad = dúnta, stopaithe.
Tá an bainne 'na stad thar oíche, stadtha (stataithe) thar oíche
= gan suatha, ag déanamh uachtair. Stad an dochtúir an
fhuil. Bhfuil aon stad déanta ag an mbreóiteacht ort? =
gan í bheith ag dul níosa measa ort. Táim stataithe den
gcainnt = gan í á dhéanamh agam i láthair na h-uaire.
Stataithe d'aon ní, den scoil (ón scoil). Cá bhfuilean tu
ag stad? = ag cur fút. Nó, id stad. Stadaim sa tig
seo i gcómhnuí = fanaim, cuirim fúm.



STÁDAR — Ní ag caitheamh na laetheanta saoire in sa
gcathaoir atán tu ná ag stádar = ag siúl go breá bog
socair fuinte ar nós na bpóilíní síos suas. Ní fada ó
bhaile a théighean an té a bhíon ag stádar ach suas síos i mbéal
a dhoiris héinig.



STAIC — Níor fhéadas corruighe ach oiread leis an staic a
bhíon sa bhfalla = blúire adhmaid a bhíon sáite isteach sa
bhfalla (nó isteach in sa dtalamh). Tá an bhó 'na staic ansan
thiar ag an bhfuacht = mar a bhéadh blúire adhmaid, gan anam,
gan chorruighe. Tá sí ar staic = ceangailte den staic.
Bíon na potaí is na líonta ar staic amuigh in sa bhfairrge =
ceangailte de (do) chlocha thíos. Staic fir, mná, buachala,
inní = duine íseal téagartha: duine daingean gur deacair
inní a dh'fháilt uaidh, ná corruighe a bhaint as. Dhein aon
staic amháin díom nuair a chuala go mbrisfí amach as an


L. 174


bpost me = d'imigh an t-anam as gach blúire díom. Dheineas
staic den máistir le h-amadán a thabhairt air = bhaineas an
chainnt de is chuireas náire air. Dúbhart leis an máistir
nách mise a bhris an fhinneóg ach dhein Seán aon staic amháin
díom le teacht suas is a rá go bhfeacaidh sé me á dhéanamh.
Tá an coiléar crochta ar an staic.



STAIDÉAR — Níl aon staidéar ag baint liom = socaracht:
fuaimint, éifeacht: me bheith saghas éaganta. Níl aon
staidéar ar an bhfear a bhíon ag gabháilt tímpal is a thugan
oíche anso is oíche ansúd. Cá bhfuil staidéar ar an ath.
Séamas (ar éinne a bhéadh socruithe síos i bpost)? = cáil sé
ag fanacht, ag déanamh gnótha: cad é an paróiste 'na bhfuil
sé?



STAIDÉARTHA — Duine staidéartha ciallmhar bun-ós-
cionn leis an ruathaire éaganta a bhíon ag imeacht soir siar
gan aon staidéar air, ná ciall aige.



STAIL — Níor choinnibh an láir an stail. Stail amadáin,
nó sail amadáin = amadán mór groidhe: nó amadán nea'-
anamúil.



STAILC — Tán tu id stailc agam = id thost: tán tu
stopaithe agam: bhaineas an chainnt díot. An capal a
bhíon 'na stailc ní théighean sé a thuille. Tá stailc in sa
gcapal = é bheith tuaisceartach, ceanndána, dolúbtha: stop-
fadh sé suas nuair a bhuailfeadh an smaoineamh é, is ní bhog-
fadh: ní thairiceóch an chairt. Dheineas stailc díot =
chuireas iachal ort stad suas: gan a thuille corruighe a
dhéanamh.



STAINNCÍN — Tá stainncín éigint ort, ní foláir, mar
nílean tu ag cainnt = míshásamh. Bhíodar ag casa asucháin
liom is tháinig stainncín orm = fearg is míchéata is mí-
shástacht. Má chuirean tu bréag ar dhuine tiocfaidh stainn-
cín air chúghat. Dá mbéadh rud á roinnt is ná fuigheadh
duine aon faic thiocfadh stainncín air. Táim geal go maith
anois ach is fuiriste an stainncín a chasa orm = me chasa ón
seó go dtí an míoshásamh. Bhéadh míoshásamh ar an té go
bhfuigheadh duine muínteartha leis bás, ach ní h-aon stainncín
sin nó saghas feirge is míchéata. Má bhíon cúpla scoláire


L. 175


déanach cuirfidh sé stainncín ar an máistir = casfaidh ón
meón ceart sásta é. Stainncín duit seadh labhairt na
Gaoluinne. Bhéadh stainncín mo dhóthin orm dá mbéadh ceal
tobac orm: ní bhéadh aon ana-shult ionnam. Níl do cheart
suilt agat: tá stainncín éigint ort. Bhéadh stainncín ar
bhuachail dá n-abrófaí leis ná raibh a cheacht foghlumtha aige
agus go raibh: dá mbuadhfadh buachail eile air i rás = olc
beag. Stainncín buachala = buachail gur fuiriste é chur chun
uilc: é chur suas: é chur chun seímtha, chun feirge. B'fhuir-
iste bagairt air. Stainncín a dhéanamh ar dhuine = é atharú
ar an slí seo thuas ó bheith 'na shult.



STÁIR — Léigh stáir den leabhar = paiste, tamal. Tá
stáir mhaith den oíche caite. Níor stadas den stáir sin gur
bhaineas an baile mór amach = imeacht mear, scríob. Ba
mhaith liom stáir a scríobh = smut. Tá stáir mhaith den
nGaoluinn agat = blúire. Lár na stáire.



STAIRFHIACAIL — Fiacail fhada gharbh i dtosach an bhéil
aníos nó anuas.



STALCA — Nó stailc. Dhein stalca dhíom = níor fhan
ar mo chumas corruighe a dhéanamh ná cainnt a rá. Deineadh
stalca dhíom i measc na ndaoine = triomuíodh me. Tá an
císte 'na stalca = gan bheith beirithe i gceart: ana-cheangailte
dá chéilig fé mar a bhéadh an taos. Tá mo dhínnéar i n-aon
stalca amháin ar mo chroidhe.



STALCAIRE — Duine nó éinní (capall, cig.) gur fuirist
stalca a dhéanamh de: é chur chun tormais i slí ná tabharfadh
sé aon fhocal cainnte dhuit. Bíon sé ceanndána is ní
dheinfeadh ach a thoil héinig. Stalcaire capaill, fir = capal
nó fear ná bíon macánta, ach a bhíon ag stalcuíocht. Nó
stailcire. Ana-stailcire sead thu = an stailc bheith ionnat
is gur deacair réiteach leat.



STALCUÍOCHT — Bhí sé ag stalcuíocht chainnte = ag cainnt
tamalacha is tamalacha 'na thost. Ná bí ag stalcuíocht =
ag teacht chun tormuis, chun stalca: ar nós an chapail a
dheinfeadh tamal oibre is ansan a stopfadh suas. Tá Seán
ag stalcuíocht is tá a rian ar a chainnt.


L. 176


STÁLUIGHIM — Ba cheart go bhféadfadh an capal ceól
a bhaint as an mbóthar mar tá sé stáluithe ó bheith sa stábla
= cruaidhte. Tá an pórtar ró-fhada ins na buidéil is tá sé
stáluithe = géaruithe: an blas úr imithe dhe. Bíon arán
stáluithe nuair a bhíon sé ró-fhada bácálta.



STAMPA — Tá an leabhar 'na stampa ó bheith fé luighe,
fé theas, na gréine = feóite casta ar a chéilig. Tá an
píosa feóla stampálta ag an dteas, ó bheith i n-aice na
teine = tá mar a bhéadh stampa a bhéadh san áit gcéadna.
Tá an t-iasc stampálta amuigh ansan — iasc a cuireadh
amach ag triomú.



STAMPÁLAIM — Táim stampálta (nó mo mhéireana
nó mo ladhracha) ag an bhfuacht = im stampa, gan corruighe
ionnam. Tá an t-éadach stampálta ag an sioc = cruaidhte:
fé mar a bhéadh sé séaluithe, buailte i gcló. Stampáil an
fuacht me. Tá mo chos stampálta ó bheith ag sile anuas is
me in sa gcairt = cola ínti: i slí ná deinfeadh sí rud orm.



STÁN — Táim im stán ó bheith ag ithe is ag ól = lán suas:
teann go maith. Ní dheinfead stán dem cheann leat = ní
bhead ag bodhra mo chinn leat. Bíodh deoch agat. Ní bheidh:
táim am stán aige cheana = lán suas.



STÁNÁLAIM — Táim stánálta (suas) le pórtar.
Stánálta ag rud ar bith. Eirigh as an mbia: ní gá dhuit tu
héinig a stánáil suas leis.



STANNCAIREACHT — B'fhearra liom bheith ag stann-
caireacht ná bheith ag éisteacht libh = ag déanamh gnó gan bhrí.
Tá sí ag stanncaireacht di féinig = ag imeacht sall is anall.



STANNCUIGHIM — Táim stanncuithe ag an bhfuacht =
stalcaithe, im stalca. Tá an mhóin stanncuithe = trim,
fáiscithe, cruaidh isteach ar fad.



STANNG — Péirse cearnach.



STANNGAIRE — Fear ag imeacht gan chrí: fear siúil
a bhíon ag fulag teasa is fuachta.


L. 177


STAONAIM — Níl staona báistí déanta le cheithre lá =
níl staona ar bháistigh: níl stad ná stop. Má thagan an
bháisteach caithfidh sibh staona = an obair a chaitheamh uaibh.



STÁRTHA — Bhíodar ar na stártha ag teacht abhaile ón
aonach = ar meisce go maith: ar buile ag an meisce. Bhí
sé ag gabháilt stártha orm = am buala go trom is go tréan:
ag gabháilt stealla. Feic steall.



STEAIG — Níl agam ar an bpláta ach steaig feóla =
feóil gan súghlach, gan mhéithreas, gan mhaith, gan substainnt.



STEALL — Bhíos ag gabháilt stealla don nGaoluinn go
raibh sí agam ar fóghnamh = ar mo dhícheal (dítheal): go dian.
bhí m'athair ag gabháilt stealla orm mar gheall ar an marga
a dheineas = ag tabhairt leasú na teangan dom: ag gabháilt
dom go tréan ar aon tsaghas slí.



STEALLAIM — Bhí sé ag stealla éitheach amach as a bholg
= á scaoile amach go tiubh. Bhíos ag stealla na ngrást =
caoch ar meisce: nó, ag scaoile grásta Dé tharam go rábach
ar aon tsaghas slí.



STEANGA — Tá steanga maith triomaigh ann = triomach
maith cruaidh: caithean gaoth bheith ann, nó anam na gaoithe.
Raghaidh an steanga so go maith don gcoirce. Tá an t-arán
na steanga = cruaidh: cruaite. Tá steanga maith sa lá
indiubh = an lá bhéith trim láidir gaothmhar (gaofar).



STEANNCAIM — Tá an fheóil steanncaithe ansan i n-áirde
= casta ar a chéile, cruaidh, ó bheith i bhfad ann. Táim
steanncaithe ag an ngaoith is ag an bhfuacht = cruaidhte.



STIALL — Bhuail sé stiall (dá bhais) orm = buille maith
láidir: nó buille mhaide, buille d'fhuip, den raínn, den
tsluasaid: stiall le h-éinní, le dorn. Bíon tarac maith
ag baint leis: é sin nó go luighean an buille go maith ar an
rud a buailtear. Stiall aráin, ime = blúire maith fada.



STIALLAIM — Stiallas an crú ón gcapal = stracas
anuas: dheineas é tharac uaithi go tapaidh. Stiall an scríob


L. 178


an anairt anuas den mbád = strac go h-oban. Stiallas
mo bhróga díom is léimeas isteach san abhainn = bhaineas
go tapaidh. Stiallas an feac as an ráinn, an sáfach as an
sluasaid, an speal as an gcrann. Stialladh na bróga dem
chosa nuair a thuiteas.



STIPÉAR — Táim tamal maith im stipéar: táimíd 'nár
stipéir = im sheasamh ('nár seasamh) gan chorruíghe.



STIÚRUIGHIM — Stiúruigh isteach anso é = seól: teasbáin
an tslí dhó. Stiúruigh Tomás me ar cad a dheinfinn = thug
eólas dom.



STOC — Aonach stuic is aonach muc.



STOCÁN — Dá ngeárrfá buachalán buidhe nó feóchadán
nó éinní mar sin thabharfá stocán ar an stúmpa a bhéadh
fágtha thíos. Bhí sé 'na shuidhe i n-áirde ar stocán cloiche =
cloch ghéar ar muir nó ar talamh: cloch a bhéadh ag sá i
n-áirde is í géar 'na barra.



STÓINSITHE — Bád muiníneach stóinsithe = ná béadh ag
tarac an uisce: teann. Fear stóinsithe daingean = gur
deacair aon chorruighe a bhaint as: fear diongabhálta: nár
bh'fhuiriste fios a shlí a dhéanamh amach: ná nochtóch a aigne:
fuinte go maith ar a chéile.



STOIRM — Ní bhíon stoirm samhraidh buan ná calm
geimhridh.



STOLC — Tá an t-arán 'na stolc ar mo ghoile = stalca:
i n-aon ualach amháin.



STOLLAIM — Go mairir is go gcaithir iad is go stollair
is go stracair iad — bróga (nó éadaighe) nua.



STOLLAIRE — Ní thairiceóch an stollaire capaill sin
faic = capal éadtrom gan mhaith: stracaire. Stollaire
fir = leis, fear acfuinneach.



STOP — Tá an clog 'na stop = 'na stad: stopuithe.


L. 179


Níor chuir na saighdiúirí aon stop ar an mbia chúgham = níor
stopadar é theacht chúgham.



STRÁCÁIL — Nílim ach ag strácáil liom = ag straca liom
i gcómhnuí: ag cur díom go mall. Tá an aimsir go h-olc
is caithfimíd bheith ag strácáil léi = ag straca, ag plé, a
d'iarraidh earruíocht a bhaint aisti.



STRACAIM — Fuair sé bás is bhí straca aige n-a dhaoine
muínteartha ar a chuid airgid = clibirt.



STRACAIRE — Tá an aimsir 'na stracaire = stracaithe:
gan bheith glantha suas.



STRAC-EÓLAS — Muna mbéadh an dearúd san déar-
fainn go raibh strac-eólas ceart go leór aige ar an nGaol-
uinn = eólas cuíbhsach go leór. Chuir t'imeacht strac-
uaigneas orm = gan bheith ró-mhór ná ró-bheag.



STRADHNÁLAIM — Nuair a labhras leis do stradhnáil sé
chúgham = éadtromuigh sé 'na mheabhair: tháinig buile feirge
air. Feic straidhn.



STRAE — Bhíos ar strae, ag dul ar strae = amú: as
eólas.



STRAETHIRE — Straethire fir = fear fuar díomhaoín gan
fásca. Straethire tíghe = tig mór gan slacht: straethire
cruaiche = fada mór gan chrí: gan aon fhásca ínti.



STRÁICE — Stráice fir, mná, éadaigh, aráin = píosa fada
caol: duine árd caol. Níl againn ach stráice beag prátaí
= paiste caol. Cas stráice ar mo láimh mar tá sí geárrtha
= bannda fada caol. D'imigh mo bhróga 'na stráicí as a
chéile. Tá stráice breá bóthair as so go dtí an scairbh =
paiste.



STRAIDHN — Bhí straidhn is buile orm = me bheith curtha
suas (chun feirge) go maith: me ar buile le feirg. Ní
dheinfeadh sé amhlaidh muna mbéadh go raibh straidhn éigint
air = éadtromacht, buile. Straidhn bhuile.


L. 180


STRÁILLE — Stráille fir, mná, cailín, buachala = duine
árd caol faid-chosach: cuma leisciúil ar a shiúl is a imeacht
(bíodh is ná béadh sé ag gluaiseacht go mall, béidir). Nó
duine fuar a mheilean an lá ar bheagán maitheasa a dhéanamh.



STRAIMÉAD — Tabharfad straiméad (den maide, de
dhorn, den bhfuip) duit = buille trom, agus luighe maith ann.



STRAIN-FHIACAIL — Fiacail fhada. Feic stranna.



STRAMPÁLAIM — Nách ort atá an strampáil! Ná
fanfá socair? Brisfidh tu an chathaoir led chuid strampála
= únthairt, ag caitheamh na ngéag soir siar. Tá srampáil
éigint ar an gcapall indiubh = únthairt: é ag caitheamh na
gcos: nó ag buala na talún: nó ag luighe is ag eiríghe.
Tá sí ag imeacht: tá strampáil an bháis aici, uirthi. Bhí an
fear meisce ag strampáil le n-a chosa = á gcaitheamh amach
uaidh mar seo is mar siúd mar a bhéadh duine a bhéadh gabhtha ag
teinneas dian. Tá an capall ag strampáil = ag caitheamh
na ngéag: ag ceartú suas síos. Tá strampáil im bolg =
glór á dhéanamh aige sna putóga: nó gaoth sa mbolg is í ag
corruighe. Tá strampáil éigint i n-áirde an staighre
aca = prammsáil. Fear strampálta = ná féadfadh fanacht
socair (nó ná fanfadh).



STRANNA — Tá an stranna fiacaile seo ar boga agam,
bhí stranna mór i dtosach mo bhéil. Trí cinn de strannaí
(nó strainní) atá fanta agam = fiacla fada garbha (gan
bheith dlúth, coitianta: is deighilt eatora).



STRAOILLEÓG — Duine liobarnach, neamh-chruínn. Nó
sleamhnú. Fuaireas straoilleóg ó chianaibh = sleamhnú.
Baineadh straoilleóg asam a leag me (nó i ngiorracht dó).
i lár na straoilleóige fuaireas mo ghreim.



STRAOILLIM — Straoill mo chos uaim = shleamhnuigh —
amach nó siar.



STRAPAIRE — Strapaire fir = fear árd caol (dréir
mar ba chóir), cruaidh.


L. 181


STREALL — Dá gcaithfá uisce isteach i mbuicéad (bucaod)
léimfeadh streall aníos, béidir. Nó nuair a bhainfá an
corc as buidéal léimfeadh streall phórtair isteach ins na
súile ort. Chaith sí streall uisce an doras amach = uisce
sa tsiúl mar sin: nó dá mbéadh sé á shéide amach as séideán,
cig.; streannc, i lár na streabhaille. Dhein sé streall
mhagaidh fúm = paiste, beagán. Nách leór dhuit streall
mhagaidh a dhéanamh fúm is gan bheith ag maga go deó fúm?



STREALLAIRE — Fear grinn is fonómhaide.



STREALLUÍL — Tháinig an tsáile isteach oraibh? Níor
tháinig ach strealluíl = streall bheag anois is aríst. Bíon
sé ag strealluíi mhagaidh fúm.



STREANNCÁN — Bhuail streanncán den uisce me =
streall. Streanncán uisce, sáile, bainne. Bhaineas
streanncán ceóil as an bheidhlín = ádhbhar maith ceóil, siolla
maith ceóil. Caitheadh streanncán uisce anuas orm =
streall i leath-chrúiscín nó mar sin. Is minic a thagan
streanncán den tsáile aníos an fhaill anso.



STRÍOPACH — Bean (nó fear) choitean dhrúisiúil.



STRÓ — Cad é an stró atá ag breith ort ansan thuas? —
le duine a bhí i n-áirde an staighre = moill. Ní choimeádfad
mórán stró ar an leabhar uait = moill: ní choimeádfad i
bhfad uaith é — leabhar a tabharfaí le léigheamh. Níl aon stró
beirthe orm = dul amú, ar stró = dulta amú. Thánag
ag lorg speile. Ní bheidh aon stró ort: gheóir láithreach í.



STRÓC — Tá Tomás ag teacht isteach chúghainn ar bog-
stróc, nó ar a bhog-stróc = go breá bog mall: á thógaint go
foighneach. Táim chó maith (chó h-éinní) leat gach aon stróc =
gach aon bhlúire: gach aon phioc. Tháinig ana-stróc ar an
gcapal aréir = pian géar: greim. Cuirfidh an bainne
fuar san stróc ort tréis alluis = greim géar id bholg.



STRÓINSÉAR — Ní dheinfinn stróinséar díot anois =
ní bheifá id stróinséar agam: ní bhfuighfá déanamh an
stróinséir uaim. Stróinséirí.


L. 182


STRÓINSÉARTHA — Tá bád stróinséartha chúghainn isteach
= bád ná bainean leis an áit seo: iasachta: isteach ó
thaobh eile. Tá mórán daoine stróinséartha tagtha chúghainn.



STROPA — Stropa na bróige = an tarracthóir (tair-
riceóir a deirtear) thiar.



STRUITHILE — Bhí sé 'na struithile fir = fear fuar
díomhaoín: stráille.



STRUPÁLAIM — Táim strupálta chuin oibre = cuid den
éadach bainte dhíom. Ach, táim nochtaithe chuin snámha.



STRUS — Riug ana-strus orm ag teacht abhaile i gcoinnibh
na gaoithe = duadh mór ó obair throm. Nuair a bhíon duine
sa rith is ar na cosa a bhíon, a thagan, an strus. Níl aon
strus ins an obair sin = obair shaoráideach seadh í: obair
gan strus. Tá an iomarca struis oibre ag teacht orm'
Is déine, is treise, strus ná duadh.



STUACACH — Tá an fhairge ana-stuacach indiubh = ana-
gharbh. Aimsir stuacach = gránna, feargúil: gaoth láidir
ag imeacht. Tá an lá ag dul chun stuacuíochta: nó ag teacht
chun — = ag eiriú stuacach.



STUACAIM — Tá an fhairge stuacaithe go leór = stua-
cach: curtha chun stuacuíochta.



STUAIC — Níl aon deagh-stuaic ar an lá indiubh = deagh-
chuma, cló. Tá ana-dhro'-stuaic ar Phádraig = ana-dhroch-
chuma: ana-dhroch-ruibe. Tá stuaic ort = mothalach gruaige
i dtosach do chinn ag sile anuas nó 'na sheasamh i n-áirde,
Tá droch-stuaic ar an bhfairrge indiubh = cuma mhalluithe
fheargach — nuair a bhéadh na coilithíní ag imeacht is na borrai
bolgtha i n-áirde. Tá stuaic bhuartha ort = deárthamh.



STUAICEACH — Bíon duine amhlaidh nuair a bhíon stuaic
ghruaige air.



STUAICÍN — Saghas móna a bhíon ag imeacht: is gan


L. 183


ann ach scraithíní. Ar bharra slé nó ar uachtar portaigh a
gheibhtear.



STUIF — Táthar ag leatha stuife amach ar na prátaí =
an chloch ghorm. Beifar ag cur stuife amach ar na bóithre =
clocha: mianach bóthair.



STÚMPA — Dúbhras stúmpa mór bréige.



STUNAIRE — Stunaire fir = fear beag suarach gan
acfuinn. Stunaire mná a chuirfinn síos im póca. Stun-
aire capaill ná tabharfadh (túrfadh) paca plúir abhaile.
Nó, stunaire = fear árd garbh gan feóil: go bhfuil na
cnámha go maith aige. Stunaire capaill = a leithéid céadna.



SÚ — Tá an sú sa tsimné. Mála súig.



SUADHAIM — Suaidh (suaig) an moirtéal. Tá sé suaite.
Táim á shuatha. Tá an focal san tugtha agam mar sin, ach
má suaidhtear é ní oirean sé = má cuirtear malairt cló air.



SUAINEAS — Bhí an leanbh ag gol is mise a d'iarraidh é
chur chun suainis = é chur i n'éisteacht. Bhfuil aon tsuaineas
ag dul ar an nduine breóite? = sánas ar an mbreóiteacht:
aon bhoga ag teacht ar an mbreóiteacht. Cuir t'aigne chun
suainis tímpal na ceiste sin. Tabharfad cuid den mbata dhuit
mara mbeidh do shuaineas agat = mara bhfanair socair ciúin.
Tóg do shuaineas = tóg bog é (an saol). Rith an traen léi
ach tháinig sí chun suainis i gceann tamaill = chun staid:
stad sí. Ní bheidh suaineas lae ná oíche orm go mbeidh an
clausúr air seo agam. Tá an saol go dian ort anois ach
nuair a raghair chun suainis raghair i bhfeóil. Táimíd ag
tuitim chun suainis ar fad tímpal na Gaoluinne = á tógaint
ró-bhog. Thuit an duine breóite 'na shuaineas = 'na chola.
Ceap do shuaineas = fan socair: tóg bog é. Bíodh do
shuaineas agat = iompair (úmpair) tu héinig — le buachail
crosta. Tóg do shuaineas. Tóg do shuaineas nuair a
gheóbhair é = tóg bog an saol nuair a gheóbhair an seans.
Tháinig an liathróid chun a suainis. Tháinig suaineas ar an
leanbh a bhí ag gol. Bhí an saol ana-bhuartha aimsir an chogaidh


L. 184


ach tá sé ag teacht chuin suainis (tá suaineas ag teacht air)
anois = ag socrú síos.



SUAINSEÁN — An chainnt a thabharfadh duine ó thig cómhar-
san go tig cómharsan ag cur síos ar cad a bhí ar siúl istig
sa chéad tig nó cad a bhí á rá. Bíon suainseán aige sna
mná nuair a bhíd i dtreó a chéile. Bíon dro'-bhrí ag dul
leis an bhfocal, coitianta. Suainseánach = tugtha don
suainseán: agus suainseánuí = an té a chleachtan é.



SUAITH — Feic suath.



SUAITHINSEACH — Focal suaithinseach = neamh-choitianta.
Biadh suaithinseach seadh na prátaí nua nuair a thagaid an
treó. Chuala scéal suaithinseach = úntach: nua. An ní
a bhíon suaithinseach bíon sé stróinséartha. Tá brat suaithin-
seach gas ar na prátaí.



SUAN — Chuir an chainnt is an gleó suan is síocháin na
h-oíche amú orm = cola: suaineas.



SUARACH — Tá sí suarach fé Ghaoluinn = gan mórán di
aici.



SUARACHÁN — Duine (nó rud) gan éifeacht: gan mhaith 'na
chiall ná 'na ghnó: spriúnlaithe.



SUAS — Tá na prátaí ag cur na ngas suas ag an mbáistigh
= fás a bheith fé sna gais tréis iad a theacht ar barra. Ach,
tá na prátaí ag teacht aníos go maith = ag brise aníos tríd
an gcré. Tá an ghrian, an ghealach, suas = na suidhe. D'fhanas
suas aréir go dtí n-a dódhéag = gan dul 'on leabaidh.
N 'fheadar cad tá suas aca anois = cad tá fútha: cad tá
ar bun aca: cad táid meáite ar a dhéanamh: cad é an
fuadar atá fútha. Tháinig sí isteach suas leis an am =
ar an am: ar an sprioc-am. Bhíos istig don Aifrean
(suas leis an am) suas leis an nóimeat = díreach i n-am.
Dúbhan na prátaí suas = dúbhaid. Tá na billeóga (bleóga
a deirtear) ag buidhiú suas. Tá an lá ag breáthú suas, ag
geala suas, agus mar sin. Tá an t-am suas = tugtha, caite.
Ba mhaith liom bheith ag déanamh suas le daoine uaisle, le


L. 185


daoine go bhfuil deagh-Ghaoluinn aca, le h-éinne = bheith i
dtreó leótha: ag dul 'na gcoidreamh: ag tuitim chun
muíntearthais leótha: a d'iarraidh bheith ceanúil leótha is
tuitim isteach leótha. Bhí Pádraig am chur suas = am chur
chuin feirge. Bhíodar ár gcur suas chuin an falla a leaga =
ár spreaga, ag séide fúinn. Tá ana-chur suas ionnat = é
bheith de mhianach ionnat daoine a chur suas. Dhein an seirbh-
íseach na seómraí suas = chóirigh iad, shlachtuigh iad. Bhí ad
dhéanamh féinig suas chun an aonaigh = at ullmhú héinig.
capall a dhéanamh suas don aonach = a dh'ullmhú, é chothú go
maith. Táim ullamh suas im shagart = im shagart críochnuithe.
Táim ullamh suas chun bheith im shagart, chun dul amach ag
treabha, chun éinní = ullamh amach: ní theastuíon uaim a
thuille den ullmhú. Ba mhaith liom me héinig a dhéanamh suas
leat = tuitim chun muíntearthais, chun caradais, leat — nó
tabhairt fé sin ach go h-áirithe. Nuair a bhí m'am suas leis an
máistir d'fhilleas abhaile = istig, tugtha — buachail aimsire a
bhí i gceist. Leath-scéal a dhéanamh suas = a chuma. Go
bhfágaidh Dia suas thu = beó, id shaol (i taol) is id shláinte
(i tláinte). D'ullmhuigh (ulluigh) sé suas me chun bheith im
chléireach bainnc. Fuair mo bhean bás ach níorbh fhada gur
chaitheas an bhuairt is an brón suas liom héinig = gur chaitheas
uaim iad: gur eirígheas as aon tsuím a chur ionnta. Nuair
a bhí gach ní ag dul im choinne chaitheas an saol suas liom héinig
= níor chuireas suath ná suím ann feasta. Chaitheas suas
an tobac mar ná raibh sé ag réiteach liom = d'eirígheas as:
chuireas uaim é. Tá an t-am (a h-am) suas ag an mbó
chuin beirtha, is caithfimíd bheith ag faire an lae amáirigh
uirthi = súil a bheith uirthi ar feadh an lae amáirigh. Tá an
post caite suas agam = caite uaim (bhuaim a deirtear).
Chaith an sean-fhear an talamh suas ar a mhac = thug dhó é, is
d'eirigh se héinig as bheith 'na chúram. Aithníghim ort go
bhfuilean tu suas chun rud éigint a dhéanamh = ag faire ar
(ag cuímhneamh ar, beartuithe meághaite ar, bainte ar)
rud éigint: bainte chun —. Coimeád suas í (an naomhóg) =
i gcoinnibh na gaoithe nó i gcoinnibh na taoide. Sin é gnó
an aidhnleóra an bád a choimeád suas i gcoinnibh pé ní a
bhéadh á corruighe. Coimeád suas do mhisneach is tiocfaidh
leat = gan leigint dó tuitim (titim a deirtear) síos.
Tairig do stocaí suas ort héinig. Tairig suas do chosa
chúghat — le duine go mbéadh na cosa ar sile síos aige.


L. 186


Thairig an Frínseach suas as thír na hÉirean ó bheith i n'Fhear
Inid = d 'imigh amach as an dtír is d'fhág ansan í: eirigh amach
aisti. Thairigíos suas as an cártaí ar fad = d'eirígheas asta.
Tairig as an gcúrsa is fág ansan é. Bhí áthas orm a dhéanta
suas (nó chó déanta suas) is a bhís = tu bheith slachtuithe suas
chó maith. Chuirfinn suas de labhairt an bhéarla, d'aon ní
= eireóin as: ní bhéadh aon bhaint agam leis. Chuireas suas
den obair a bhí á chur orm = chuireas 'na choinnibh, ní ghlacfainn
leis. Tá an fuisce sin go diail chun meisce a chur suas.
Bhíos ag cur faoir suas leis an gcláirín. Ag cur meisce
suas = ag tuitim chun meisce. Ní deas an ní bheith ag cur
feirge suas = ag dul chun feirge: nó ag cur duine eile chun
feirge. Aduigheadh suas teine nuair a thána isteach. Táimíd
ag déanamh suas le chéilig = ag déanamh (ag tuitim chun, ag
teacht chun) muíntearthais le chéilig. Ach, d'eirigh difir
bheag eadrainn agus bhíomair amuigh le chéile, ach táimíd á
dhéanamh suas anois (le chéilig) = ag slánú an charadais:
an tuitim amach á thabhairt suas againn. Bhíos á dhéanamh
suas conus a ghoidfinn na caoira = á shocrú, á bheartú, á
cheapa-nó conus a dheinfinn aon ní.



SUATH — Chuireas ana-shuath ins an leabhar san = ana-shuím,
thógas ana-cheann do. An raghair ar an rínce? Ach! níl
aon tsuath agam ann = is cuma liom faic, is cuma liom éinní,
mar gheall air: níl aon spéis agam ann. Ní chuirim aon
tsuath i milseáin.



SUATHAIM — Faghaim ana-shuatha ón obair seo = traocha,
tnátha. Muna mbéadh an coga agus suatha na h-aimsire ní
bheimíst go h-olc as = an aimsir bheith suaite, nó an suatha a
thugan an aimsir dúinn. Táim am shuatha go maith ó mhaidin ag
baint na móna = am oibriú, gan suaineas agam aige. Bíon
suatha ar an gceann ag an bhfear go mbíon obair throm
inithine aige á dhéanamh = ní bhíon an ceann 'na shuaineas aige.
Ceist a shuatha = a phlé: corruighe maith a thabhairt di.



SUBH — Tá subh sa bhfairrge = súgha: í bheith láidir garbh
bolgtha, is tarac ínti. Bíon subh sa bhfairrge lá na stoir-
meach; í eirithe i n-áirde is breis taraic (teairic) ar na
clocha: breis siúil aici.


L. 187


SUBHÁILCEACH — Tá na bróga subháilceach = breá bog
oiriúnach. Tá an lá, an fhairrge, an obair, an biadh, amhlaidh =
taithneamhach; gan bheith docht ná crosta ná goirgeach, ná
canncarach.



SUBSTAINNT — Níl aon tsubstainnt san arán san, sa
bhfear san = acfuinn, neart. Níl aon ana-shubstainnt in
sa mbainne sin mar tá sé ró-uiscealach, ná sa mbórd mar
tá sé ró-lag. Níl aon tsubstainnt agam = saibhreas: aon
rud go mbéadh tabhairt mhaith ann agus caitheamh. Tá aon
tsubstainnt amháin leis an dá fhocal san = aon bhun amháin, aon
bhrí bunaig amháin. Ní thuigim cad é an tsubstainnt atá
leis an bhfocal san. Sé an t-ím substainnt na cuigine, an
bhainne. Tuigim an focal san sa tsubstainnt ach ní thuigim
amach is amach é = tuigim an bun-bhrí, gan é thuiscint go
cruínn ná go baileach. Ní féidir liom greim a dh'fháilt ach
ar shubstainnt do chainnte.



SUC — Suc, suc = an chainnt a déarfá le gamhain ag glaoch
air.



SÚD — Bhí so-'s-súd is súd-is-so ar siúl aca = gach ní:
gach aon tsaghas.



SÚDAMÁN — Duine breá bog socair réidh. Aon ní a
bhéadh aindeis (ainis a deirtear) trom, pé aca bó, capal,
bean, asal, fear, nó buachail é.



SUDÓG — Císte a bheireófá fén ngríosaigh. Tá lár na
sudóige dóighte.



SÚGACH — Táim go breá súgach = gan bhuairt, geal. Bíon
duine amhlaidh gan aon mheisce má bhíon sé sásta go maith.



SÚGHAIM — Tá an léine ag súgha na h-anama asam. Ní
deas an béas bheith ag súgha suas = ag smúsuíl. Páipéar
súighte = chun an dubh, cig., a shúgha den bpáipéar. Tá ana-
shúgha sa lá, nó súgha mór = triomach. Tá súgha maith in sa
bhfairge indiubh = súrac, sumh, tarrac (bíon san i gceist
nuair a bhíon breis siúil fúithi). B'fhearra liom bheith ag
súgha shúig im béal ná bheith ag éisteacht leat — le duine go


L. 188


mbeifá bodhar aige = b'fhearra liom éinní (mar ní blasta an
earra an súgh). Tá ana-shúgha san áit sin den abhainn =
sciobfadh sí chun siúil (nó síos) thu ansan.



SÚGÁN — Leig chúgham an súgán — an té a bhéadh ag casa a
déarfadh. Cas uaim é: táim-se á leigint. Thabharfadh
súgán sneachtaidh go dtí an mbaile mór thu = an cúram is
lúgha: an tarrac is lúgha neart.



SÚGHLACH — Fuaireamair dínnéar maith is mise á rá leat
gur bhaineamair súlach as = dúiseacht, rammsach. Bhain an
bheirt súlach as a chéile = ceól maith. Nuair a fuaireamair
an lá saoire bhaineamair súlach as = ana-spórt. Muna
dtugan tu an peann thar n-ais dom bainfead súlach as do
chnámha, as do shúile, as t'aghaidh, as do phus.



SÚGHRAICÍGHIM — Bhíos ag súrac mo bhéil (m'fhiacal,
milseán). Tá an gamhain ag súrac (na bó), ag súrac seana-
bhróige. Tá na gamhna ag súrac a chéile. Shúraiceóch sé
seana-liobar.



SÚGUÍOCHT — Feic súgach. An té a bhíon súgach coitianta
bíon súguíocht ag baint leis = é bheith de nádúir ann bheith
súgach. Tá mianach na súguíochta ann = an tslí sin a bheith
aige: an déanamh san a bheith air.



SUÍDHEACHÁN — Leaba shuídheacháin = seiteal.



SUIDHIM — Chuir an dochtúir suite ar an gcathaoir me =
chuir me im shuídhe. Táim suite ar an mbórd = im shuídhe.
Ní dheinim aon tsuidhe ó mhaidin go h-oíche = ní shuidhim síos.



SUÍDHTE — Táim suídhte (nó suíte) meághaite lán-deimh-
nitheach go bhfuil an ceart agam = nílim i n-aon amhras 'na
thaobh.



SÚIL — Cheapas go dtiocfadh Máire indiubh ach tá mo
shúil curtha agam di anois mar tá sé ró-dhéanach = nílim ag
súil (a thuille) le h-í theacht. Níor tháinig an leabhar chúgham
go dtí so ach tá mo shúil leis fós = táim ag súil leis, tá
coinne agam leis. Bhí sé im shúil £20 a dh'fháilt ar an mbó =


L. 189


mo shúil ar an méid sin, me ag súil leis. Nuair a tháinig
an lá stoirmiúil bhí a súil díom (bhí mo shúil díobh) = ní
rabhadar ag súil liom. Bhí súil abhaile leat aréir = bhítheas
ag súil leat abhaile. Fuaireas £30 ar an mbó agus b'in é
an tsúil nár sílígheadh (nó nár síleadh) = an tsúil, an ní, nár
measadh go dtiocfadh sé chun cinn, go bhfíorfaí é.



SÚIL — Bé go bhfágfainn súil dhubh agat anois, féach. Tá
súil chirce thíos fém bonn = boghsín beag tímpalach go mbíon
rudín beag istig ann is ana-thochas ag baint leis. Tá obair
(ag dul) go súile orm = me bheith múchta leis an obair.
Súil ribe = gléas chun beirthe ar choiníní: lúb reatha seadh í.
Táim dall as súil liom = gan aon radharc i gceann dem dhá
shúil. Luigh sé a shúil orm á chur i n-úil go raibh sé ag maga.
Cheapas go bhfeaca fear chúgham ach ní raibh éinní ann: ar mo
shúile a bhí sé = ní raibh an fear ach ar mo shúile, ar mo radharc.
Cuireadh ar mo shúile go raibh fear 'na sheasamh ós (as) mo
chóir amach = i slí gur mheasas go raibh sé ann. Bhí súil i
n-áirde agam le mórán scéala uait = me bheith ag braith
(ag breath a deirtear) ar mórán —: ana-shúil agam le —.
bhí mála milseán aige ach ní thabharfadh sé oiread dom is a
chaochfadh mo shúil (nó barra mo shúile) = ní thabharfadh aon
phioc. Chaitheadar sa tsúil orm é go rabhas ar meisce
aréir = chasadar liom é. Tá an ghrian ag dul im shúile.
Tá súile dearga agat (ag an ngol). Tá cáithnín, tá rud
éigint, fém shúil. I dtosach mo shúile = i n-aice na sróna.
Deire na súile = an taobh eile. Tá bracha ar do shúil, ar
do shúile = an salachar bán a thagan i dtosach na súl, uair-
eanta. Bhí ceó go súile ann aréir = ceó trom trom — rud
ná fuil le mola ar an bhfairge (rud nách maith). Bíon an
tsúil (nó an tsúilín) chirce istig i lár an dógha talún.



SUÍM — Ní chuirfinn puínn suím é dhéanamh = thiocfadh sé
breá bog orm: ní chuirfinn aon tsuath ann.



SÚISTE — An crann: an buailteán: an burlach (brollach)
= an rud a cheangcluíon iad: an iall = an gad a cheangluíon
iad.



SÚISTEÁIL — Fuaireas súisteáil mhaith óm athair = buala
breá te. Tugan an súiste súisteáil don gcoirce.


L. 190


SULT — Tán tu ag cailliúint an tsuilt = gan bheith chó geal
is ba ghnáthach leat.



SÚMAIRE — Nó súmadóir. Sin ainmhí ar nós an tslimide
chun droch-fhuil a shúgha amach. Níl ionnat ach súmaire gan
anam. Maran tusa an súmadóir caite istig sa leabaidh
ansan is é a deich a chlog = duine marbh gan anam. Fanan sí
'na súmaire díomhaoín cois na teine.



SÚNCÁLAIM — Shúncáil an t-árthach = chuaidh síos go tóin
an phuill. Shúncálas me héinig in sa mbannc = chuas síos
go doimhin: chuas isteach ar bhior mo chinn in sa mbannc.
Cárr súncálta = cárr a bhíon láidir trom 'na dhéanamh.



SÚSÁN — An féar trim a bhíon ar an stuaicín.



SUTHA — Duine a théighean thar fóir ar bhia is ar dheoch:
duine uathbhásach chun bia is deoch a chaitheamh. Sutha fir:
sutha amadáin: sutha bó: sutha cránach. Is diail an sutha
thu.



T



TÁ — Cad tá ansan amuigh? Ó! táthars ann, a mhic ó! =
tá rud éigint ann-á chur i n-úil nách aon rud coitianta é.
Deir tu go ndubhart-sa an chainnt sin. Go rabhad aige Dia
má dúbhart = go bhfuighead bás. Táid chúghainn isteach. Ná
rabhaid = fastuím, a dhuine: ní chreidim focal de. Ba
cheart go bhfuil an mála san 20 cloch meáchaint, mar mheághas
tamal ó shoin é. Tá an blúire tobac so dhá únsa, leath-
phúnt. Tá an chluth éadaigh seo £5 ón siopa agus £6 ón
dtáilliúir (nó púnt eile ón dtáilliúir). Nílean tu an t-aos
fós chuin ciall a bheith agat, chun éinní. Níl sé an t-am (chuin
dul isteach go dtí an t-Aifrean). Bhí an méid sin púnt im
póca = an oiread san.



TÁBHACHT — Níorbh aon tácht (á srónuithe) liom púnt a
chailliúint = níorbh aon ní: ba chuma liom. Ní h-aon tácht an
buille beag san = ní fiú trácht air: ní fiú éinní é.


L. 191


TÁBHACHTACH — Feirmeóir tábhachtach = go maith as: láidir:
gur fiú cuid mhaith a thuairim.



TABHAIRT-AMACH — Feic tugaim. Níl aon tabhairt-amach
ionnat = aon rabairneacht: níl aon mhaith ionnat chun rud a
chur chun cinn — rínce, cig., nó obair nó éinní; níl caitheamh ná
teacht aniar ionnat. Tá tabhairt-amach maith, nó tabhairt
maith, in sa gcapal ráis = teacht abhaile, seasamh. Ní raibh
aon tabhairt-amach, aon tabhairt abhaile ínti = fuinneamh ná
neart ná croidhe ná eiríghe ó thalamh ná ceól. Bhí ana-thabhairt-
amach ag an gcruinniú = óráid mhaith, nó óráideana maithe:
rudaí sa tsiúl.



TABHARTHAS — Is mór an tabharthas ó Dhia an lá breá =
bronntanas: rud a bronntar. Is fairsing é tabharthas Dé
= tugan Sé mórán neithe maithe uaidh — déarfaí, cig., dá
dtiocfadh bia chun daoine is iad 'na ghátar go géar. Tá
tabharthas aighnis agat = buadh aighnis: cainnt bhreá. Ba
dheacair Máire a chur i dtabharthas ó n-a máthair = í aithniúint
thar a máthair — toisc iad a bheith ana-dheárthatach le chéile.
Ba dheacair an chainnt atá agaibh a chur i dtabharthas (nó i
dtobhras) ó ghibiris na ngéana.



TACA — Siad na scoileana taca is seasamh na teangan
agus is olc an taca iad = rud a bhíon ag coimeád rud éigint
eile suas (ó thuitim). Níor mhaith an taca thu fiche bliain ó
shoin = ní raibh mórán maitheasa ionnat.



TACUÍOCHT — Níl taca ná tacuíocht ionnam = fuinneamh,
cómhacht mhaith, neartú. Táid ag díol is ag ceannach na bó ach
níl aon tacuíocht eatora fós = socrú, greamú, daingeanú.
Dhein Seán tacuíocht liom i mbaint na móna = chabhruigh liom.
Fuaireas tacuíocht leis an mbó go mbéarfadh sí fé n-a
leithéid seo de lá = urrús, daingeanú. Chuaidh sí níosa shia
ná an tacuíocht = thóg sí níos mó aimsire ná an tacuíocht:
chuaidh sí thar an dtacuíocht, thar an urrús, thar an am a bhí
geallta. Dhein an máistir tacuíocht leis an mbuachail
aimsire a chuir sé chúgham = chuaidh sé fé go raibh an oiread
so maitheasa ann, go bhféadfadh sé a leithéid seo d'obair a
dhéanamh, agus mar sin. Ní raibh an buachail chó maith leis an
dtacuíocht, le n-a thacuíocht.


L. 192


TADHALL — Tadhall snátha = scáinne — chun fuaghála, nó
chun stocaí a dheisiú.



TAGAIM — Tagan an focal san isteach i mórán slite —
isteach in sa gcainnt = úsáidtear é. Coimeádfad an iall
mar tiocfaidh sí isteach úsáideach uair éigint = beidh sí,
tárlóidh sí. Úsáidfinn an focal san dréir mar a thiocfadh an
chainnt isteach = dréir mar a déarfaí an chainnt is a tabharfaí
slí don bhfocal. Nuair a deineadh níghe ar an éadach tháinig as
= chuaidh sé i bhfaid. Ní féidir liom teacht suas leat, lem
chuid gnótha, le díol as an gcapall = me héinig a chur ar aon
scór amháin le —. Níl ach deór (diúr) beag ag an mbó
anois, ach tiocfaidh sí chun bainne mhaith nuair a gheóbhaidh sí an
deagh-chothú = beidh bainne maith aici. Má bhíon bó imithe i
ndísc is deocair (deacair) í thabhairt chuin bainne. Bhí an
fear bocht chó h-olc san ná raibh ann ach "tar" nó "imigh" =
bhí sé idir dhá cheann na meágha, ní bhéadh fhios agat cioca a
gheóbhadh sé bás nó ná fuigheadh. Bíodh "tar" nó "imigh "
agat = fan nó ná fan, dein nó ná dein: tóg taobh éigint:
bíodh taobh éigint agat: dein teacht nó imeacht. Bíon an
focal san ag teacht go tiubh orainn = úsáidimíd go fuigheach é.
Phrioc deilgín mo mhéar is tháinig sí ana-theinn = d'eirigh sí
amhlaidh. Tá tagtha fé sna sléibhte (sléite) tar éis an
triomaigh mhóir = táid fliuch go maith: an t-uisce ag brise
amach tríotha. Tá ag teacht fém chuid éadaigh sa tseómra =
taisiriú beag, drúchtíní ag teacht ortha cheal gaoithe is teasa.
Bíon ag teacht fés gach aon ní mar sin. Táimíd héinig ag
teacht isteach le chéile gach aon lá = ag tuitim chuin caradais.
Táim ag teacht isteach ar an nGaoluinn, ar do chainnt, ar
do shlí, ar éinní = ag dul i dtaithí na Gaoluinne is mar sin
díobh. Abair é uair nó dhó, is muna dtagaid leat tar leó
= muna dtuitid isteach leat tuit-se isteach leótha. Nílim
sásta leis an slí go bhfuil an saol ag teacht orm = ag eiríghe
liom: ag teacht mo shlí. Sin é díreach atá ag teacht liom =
nách féidir liom a thuiscint, a réiteach: atá am shárú.
Bhéinn go maith chun iománuíochta muna mbéadh an anáil:
sin é atá ag teacht liom = ag teacht im choinnibh. Tá droch-
ghalar ag teacht le Seán = air, ag cur isteach air. An rud a
bhíon ag teacht leat mar sin ní féidir leat é dh'fhágaint
id dhiaidh. Bíon an galar san ag teacht liom i gcómhnuí =
ag casa chúgham is uaim i gcómhnuí. Tagan an hata dhuit = an


L. 193


dath ceart is an déanamh ceart a bheith air. Feic oiriúnuighim.
Tiocfad suas leat, a chladhaire = ní ag dul uait atá sé
(buala, nó díoghaltas). Tá ag teacht ionnat gach aon lá =
tu bheith ag dul i méid, i bhfeabhas. Tá ag teacht id chuid
Gaoluinne = í bheith ag fás agat. Is uafásach an duine é:
ní bhainfeadh a dtiocfaidh ná a dtáinig riamh aon chothrom do
(de). Tagaim leat sa méid sin = aontuighim: táim ar
aon aigne amháin. Ní féidir liom an Ghaoluinn a thabhairt
amach indiubh: níl sí, níl an chainnt, níl an teanga, níl na
focla, ag teacht liom = nílid ag eiríghe liom, chúgham.
Tá teacht fén dtalamh, fén dtig = uisce ag brise aníos.
Tá ag teacht féd mhuilean tar éis an tost go léir = tá an
chainnt ag teacht chúghat. Sin é an focal ba thúisce (a tháinig)
chun mo bhéil = bé ba thúisce chúgham. Níor fhéadas tu thuis-
cint, ach táim ag teacht ort anois = ar tu thuiscint, táim ag
teacht isteach ort. Tá Séamas so 'gainne i mbéal a theacht
'amach = i mbéal a thugtha amach, i mbéal a thabhartha amach:
ullamh chun teacht amach as héinig agus déanamh dó héinig:
ullamh chun pósta, chun post a thógaint, chun dul i mbun a
shlí bheatha héinig a thuilleamh. Ní ag teacht rómhat air sin é,
ach ní dóigh liom go bhfuil an ceart á rá agat, á dhéanamh agat
= ní h-amhlaidh is áil liom teacht treasna ort, cur isteach
ort. Cainnt leath-scéalach é sin a deirean duine nuair
a bhíon sé ag brise isteach ar chainnt nó ar ghnó dhuine eile.
Níl tagtha agam ar an leabhar san fós = níl sé aimsithe
agam: níl mo mhéar buailte air.



TAGRAIM — Táim fé smacht an iomarca is caithfidh é
sin a thagairt lem báistir (lem mháistir) = ní mór dom é sin
a chur i n-úil dó: focal a rá leis 'na thaobh. Má theastuíon
uait cóir a bhaint amach ní mór duit gach aon scéal mar sin
a thagairt = a chur i n-úil: cuímhneamh a tharac ortha. Níl
fhios agam cad dó (cé dhó, cé dhóibh) go raibh sé ag tagairt
na cainnte.



TAICID — Bead i Luimneach fén dtaicid seo amáireach.
bhíos breóite an taicid seo anuiridh, indé = am, tráth.



TAIDHRÍGHIM — Níl aon ní á thaidhreamh dom do ló ná


L. 194


d'oíche ach an Ghaoluinn = ní thagan cuímhneamh ar éinní eile
isteach im cheann.



TAIDHSEAMH — Dheineas taidhseamh a thabhairt don éadach
= cleanndar (deinean sé láidir é): cuma mhaith.



TAIDHSÍGHIM — Taidhsítear dhom go bhfuil Gaoluinn bhín
agat = chítear: measaim: tá sé á shoillsiú isteach orm.
Taidhsíodh dhom go rabhas ceart bíodh ná féadfainn é dheimhniú
= bhí rud éigint á rá, á theasbáint dom. Taidhbhsíghim.
Taidhsíon tu ana-dheas indiubh = sámhluíon tu. Taidhsíon sé
ana-dheas agam, nó dhom = tá sé amhlaidh im shúile. Ní
thaidhsíon tu reamhar = ní fhéachan tu bheith amhlaidh. Taidh-
sítear dhom ná fuil aon mhaith in sa mbó = samhluítear.
Taidhsíon an t-am ana-fhada nuair a bhíon ocras ar dhuine.
Tá ceist na h-Éirean ag taidhseamh go maith = ag féachaint
go maith. Tán tu ag taidhseamh go breá láidir = féachan tu
mar sin im shúile. Chuireas taidhseamh ar an éadach = iarnáil
a thabhairt dó is cleanndar a chur ann: cló maith.



TAIGHDÍGHIM — Bhí an madra ag taighde (nó ag taighle) na
gainímhe = ag déanamh puíll isteach ann. Cuireadh an bhó, ach
dhein na madraí taighde uirthi = rómhar síos chun í bhaint amach.
Chuaidh an coinín isteach i bpoll is chaitheamair taighde a
dhéanamh chun teacht air. Taighde a dhéanamh ar cheist =
scrúdú, cuardach. Tán tu ag taighde chun tosaigh i gcómhnuí
= ag dul chun cinn le taighde. Dheineas ana-thaighde ar
litríocht na Gaoluinne.



TAIMHILT — Níl aon taimhilt mheabhrach ná radhairc agat =
léas. Níl aon taimhilt agam chuin Gaoluinne = me bheith
fiain, as mo mheabhair, chúichi: scúmhaite chúichi. Tá taimhilt
bheag den gcéird, den nGaoluinn, agam = rud beag, blúirín.



TÁIR — Tá an táir-anuas sa tig seo = an bháisteach anuas,
an braon anuas.



TAIRBHE — Conus tá an duine breóite? Níl tairbhe ná
maitheas air = níl aon fheabhas. Níl tairbhe ná maitheas
ionnat chun éinní. Níl tairbhe ná maitheas ag teacht orm


L. 195


fós chun na Gaoluinne, is ní gairid dom é. Go bhfuighir a
thairbhe, tairbhe éinní. Nár fhuighir a thairbhe. Nó tairfe.



TAIRBHÍGHIM — Fuaireas oideas ón ndochtúir ach níor
thairbhigh sé dhom = níor dhein tairbhe dhom, ná maitheas: níor
fhóghnuigh. Ní thairbheóidh an obair seo dod shláinte. Bhíomair
ag obair go díchealach ach níor thairbhíomair faic dá bhárr =
níorbh aon tairbhe dhúinn é.



TÁIR-FHLIUCH — Tá an lá (an mhaidin, an tráthnóna) táir-
fhliuch go maith = báisteach mhaith ann. Tá sé táir-fhliuch
amuigh.



TAIRIGIGHIM — Tarraingim. Bhíos ag taireac (tarrac)
mo phípe = ag baint gail aisti: ag taireac ar mo phíp.
Beidh an méid seo tairicthe agam anocht = críochnuithe. Bhí
Seán ag taireac feirge, uilc, muíntearthais, caradais,
cainnte, éinní, eatora = ag cur ar bun: ag tabhairt anuas.
Thairig an chainnt sin easaontas (easádhantas) idir me is í.
Tá sé a h-aondhéag nó ag taireac ar a dódhéag = ag déanamh.
Ní bhfuaireas tora an scrúdú fós ach tá sé ag taireac ar an
am chuige anois = ag déanamh isteach ar —. Bhí sé ag taireac
ar an am fhios bheith againn cad deinfí. Ná tairig chúgham
an lá san = ná tabhair anuas, ná dein é luadha. Ná tairig
chúgham an fear san = ná tosnuigh ar chainnt a dhéanamh chúgham
tímpal air. Ní bhfuighean éinne post gan é thaireac — muna
mbíon ana-lé leis = gan é thuilleamh: gan obair dhian a
dhéanamh chuige. N'fheadar cad a thairig ar a chéile iad =
cad a chuir an troid nó an t-olc ar bun eatora. Níor mhaith
liom Seán (nó fearg Sheáin) a thaireac orm = a thabhairt
anuas orm. Tán tu curtha chuin costais ana-mhóir ag an
bhfeirm sin, is ní thairiceóir as go deó = ní thiocfaidh tu as:
ní thabharfaidh tu tu héinig as go bráth. Tairigíodh £25 dom
ar an mbó. Thairig Séamas dom = thairig sé troid dom:
d fhógair sé na dóirne orm. Ní maith liom bruighin ná
crosa ná searús a thaireac. Ní bhfuaireas an bhó ar mo
thairiscint = ar an méid a thairigíos uirthi. Thairigíos do
Mháire go ndíolfainn as an ngluaisteán (nó díol as an
ngluaisteán) ach ní thoileóch sí chuige. Is deacair cion (nó
aigne) na ndaoine a thaireac ar an nGaoluinn. Tá taireac
tríd sa tsráid seo = brú is obair is achran is trangaláil:


L. 196


ní mór do dhuine brú roimis chuin teacht tríd an sráid.
Cunathaobh go bhfuil an focal san tairicthe gorm agat? =
line gorm tairicthe tríd nó fé n-a bhun. Dheineas an leatha-
nach san do thaireac gorm mar go raibh mianach fóghanta ann.
Tan tu ana-thairicthe id chóntanós, id chom = fáiscithe, caol,
seanng. Tá aghaidh thairicthe ort is tu héinig tairicthe. Tá
sé tairicthe agat = tá tairicthe tríd agat: tá críochnuithe
agat, tán tu tagtha abhaile. Is maith an taireac tríd agat
é — ceacht cruaidh a deineadh go maith. Bhíos ag taireac
siar abhaile = ag treabha liom. Thairigíos an tráigh, an
baile mór, an tig, leathanach éigint i leabhar = shroiseas,
bhaineas amach. Thairigíos an Scairbh soir ar a dó a chlog.
Tán tu ag taireac leat = ag imeacht leat ag treabha go
dian. Mo ghrá do thaireac aniar! = do theacht aniar, do
theacht thar n-ais, do chríochnú amach. Níor ínseas scéal riamh
ná níor thairigíos orm héinig a leithéid a dhéanamh. Thairi-
gíos do Sheán dul leis = é chómhrac — nó dul 'na theannta
chun éinní. Tá deire an fhocail seo tairicthe agam anois.
Tá an dá choláiste tairicthe ar a chéile = i gcoinnibh a chéile
(i gcomórtas báire, abair).



TAIRINGE — Tairingí seaca = iad so a cuirtear fé
chapal lá seaca. Bróg thairngí: bróga tairngí. Tairnge
ceártan = é seo a bhíon i gcrú an chapaill.



TAIRNGIREACHT — Bhí sé sa tairngireacht go raibh a
leithéid seo le tuitim amach.



TAIRSING — Thána go faor na tairsinge = na táirsíghe.
Tairsingí.



TAIRT — Tá an mhóin 'na tairt = na spairt; móin fhliuch
go mbéadh an tsubstainnt is an súghlach imithe aisti. Tairt-
fheóil = feóil gan íle, feóil thur.



TAISIRIÚ — Tá taisiriú alluis orm = allus beag éadtrom.
Tá taisiriú ar an bhfalla ag an aimsir fhliuch = fliucha beag.
Bíon taisiriú ar an móin nuair a bhíon sí eirithe bog ó bheith
cruaidh.



TAISTEAL — Máille ar a gcíortaí an líon. Bhíos ag
taisteal (an bhóthair) liom.


L. 197


TAISTHLÁTH — Tá sí taisthláth = gan bheith malluithe; caoin
cneasta.



TAITHÍGHEACH — Aithneófá ortha gur daoine oilte eól-
gaiseacha taithígheacha ar a ngnó iad = taithí a bheith aca. Táim
taithígheach ar an bpeann.



TAITHIGEACH — Leabhar (bean, buachail, capal) taithigeach =
mór go maith; reamhar leathan láidir.



TAITHÍGHIM — Níor thaithíos an Ghaoluinn riamh = níor
chleachtuíos, ní raibh taithí ná cuidreamh agam uirthi.



TAITHNEAMH — Thug mo chroidhe taithneamh don ngarsún
bocht, do n-a chainnt, d'éinní = thuit i ngreann le -. Tá
rudaí ann 'e bhreis ar a chéile go dtabharfá taithneamh dhóibh =
a thaithneóch leat.



TAITHNEASC — Níl puínn taithnisc ins na prátaí = toirt.
Tá taithneasc maith ins na bróga so.



TÁL — Bhí an chráin ag tál ar na banbhaí = ag tabhairt an
bhainne dhóibh.



TALAMH — Ní dheinfeadh an grán aon talamh ar róin =
ní raghadh sé i bhfód air, nó ann: ní dheinfeadh sé aon lámh
air: ní ghorthóch sé puínn é. Ní féidir liom aon talamh a
dhéanamh ar na h-eascainithe = ní féidir liom iad a thabhairt
suas (eiríghe asta). Luach do shaothair go raibh agat ar
neamh agus ar talamh. tá an talamh déanta go luath ag
Tomás indiubh = tá sé tagtha, tá a ghnó déanta aige, go
luath. Chuas ann do thalamh. D'fhairge an tslí eile. Tá an
talamh déanta agam rómhat = táim anso rómhat, tá an gnó
críochnuithe agam rómhat. Tá ana-eiríghe-ó-thalamh ort
indiubh = ana-thógaint croidhe: ana-scléip is misneach. Tá
an ceól ag imeacht fé thalamh = díomhaoín, gan bheith ag imeacht
fé chosa éinne: gan éinne bheith ag rínce. Bhí an chráin, an
fear buile, ag ithe na talún = á thóch is a thaighde is ag ithe na
cré. Chuireas an t-airgead síos i bpoll talún síos go dtí an
guidhean. Chuir an scéal ag crith ó thalamh me = gach blúire
díom. Buail sé ó thalamh me = thug ana-bhuala dhom: dhein


L. 198


gach blúire dhíom a bhuala. Tógadh ó thalamh me le h-aon
dorn amháin = ós cionn na talún: baineadh na buínn uaim.
Gaedhal ó thalamh seadh thu = togha Gaedhil: gach spalla díot
ós na buínn suas go dtí mullach do chinn. Tá Gaoluinn ó
thalamh agat = togha is rogha di: mar a bhéadh tig a bhéadh
tógtha go maith gach ruainne de ón nguidhean suas go frathacha.
Talamh na curadóireachta = an chuid uachtarach den dtalamh
go bhfuil an tabhairt ann. Fé n-a bhun sin bíon an guidhean,
agus thíos fé sin aríst an grinneal. Tá talamh maith á
dhéanamh agat ar an gceacht = tu á chur díot go tiubh. Ní
bheidh an talamh déanta i n'iomláine ar an leabhar so go
mbeidh sé críochnuithe amach. Scaoileadh na h-úbhla fé thalamh
orm = síos ar an dtalamh, fan na talún, i dtreó na talún.
Dhíolas ó thalamh as an marga = go breá, go dóite. Ní
féidir liom aon talamh a dhéanamh ar an bhfocal san = aon
éifeacht a bhaint as, an lá do dh'fháilt air. Talamh a dhéanamh
ar bhloc adhmaid = é bhrise. Nuair a bhíon an talamh déanta
agat ar rud bíon an fear maith déanta agat air agus an
clausúr agat air.



TALAMHUIDHE — Tán tu ana-thalamhuí = daingean, dion-
gabhálta, ceangailte ar an dtalamh. Táim talamhuí im
dhéanamh is talamhuí im aigne. Is minic a chaith balcaire
d'fhear teann talamhuí an cleithire fáiscithe fuinte = is
minic a leag.



TÁMÁILTE — Duine támáilte = go mbéadh a cheart náire
ag baint leis is ná béadh ró-dhána. Nách neamh-thámáilte an
gnó dhuit teacht anso gan chead?



TÁMÁILTEACHT — Tháinig támáilteacht uirthi nuair a
chonnaic sí an sagart = mhaoluigh sí anuas: tháinig náire
uirthi.



TAMALL — Bím tamal ag obair is dhá thamal díomhaoín.
Tamalacha bím breóite go maith.



TÁNAISTE — Táim tánaiste do bheith chó maith leat =
gairid do. Sí Bríd is deise, agus tá Peig i dtánaiste di =
Peig is gorra di tímpal áilneachta. Nílim ach tánaiste
chuin Gaoluinne = cuíbhsach: gan bheith olc ná maith. Dá


L. 199


mbéinn i dtanáiste dhuit tímpal Gaoluinne ní bhéinn go
h-olc = cómhngarach duit. Ar an té is fearr tugtar an
cíonáth. Níor thógas an duais ach chuas i dtánaiste (nó i
ndánaiste) dhó = i ngiorracht. Chuaidh sé i dtánaiste (a)
anam a chailliúint i bpoll portaigh. Bhí an bháisteach i dtán-
aiste (do bheith) chó trom is a chonac riamh = beag nách.



TANN — Tá tann maith dem aois caite agam, tagtha agam
= cuid mhaith. Tá tann maith den nGaoluinn agat, tann
maith páipéirí ins an mbosca; tá tann maith prátaí againn.
Nó tonn.



TANUIDHE — Fan istig san uisce tanuí ón uair ná fuil
snámh agat = caol, gan bheith doimhin.



TANUIGHIM — Ní mór duit an tae a thanú: tá sí ró-
láidir = í lagú, uisce a chur ínti. Bhíos ag tanú turnapaí
amuigh in sa ngort. Tá a chuid gruaige ag tanú.



TAOBH — Cunathaobh gur dheinis é sin? Níl aon taobh =
níl aon chúis, níl faic. Nó, gach aon taobh = gach aon chúis.
Labhras ar do thaobh = id leith. Bhí ochtar ón dtaobh againn ag
imirt. Ciaca Gaoluinn nó Béarla atá agat? An dá
thaobh = an dá cheann. Tá an bhó (nó éinní) amuigh ansan i
dtaobh éigint = i mball éigint. Chonac an focal i dtaobh
éigint. Tháinig an námhaid ón dá thaobh ar an ndaingean ó
mhuir is ó thalamh. Thug sé an t-aighneas dom ó
thaobh taobh. B'fhearra liom mo thaobh féinig a bheith
agam ná aon ní ar an saol = mo thoil héinig. Ní
ceart bheith ag tromuíocht orm taobh thiar díom =
gan me bheith ag éisteacht ná i láthair. Fuair sé
buala uaim ar an dá thaobh is ar an mbolg = buala tréan ó
gach uile phoinnte. Ní mór do dhuine dhá thaobh an scéil a bheith
aige sar a dtugan sé breith. Sé an díomhaointeas an taobh
eile tímpal den obair.



TAOBHÁN — Bhí sé ag gabháilt den dtaobhán ort = bata
breá téagartha. Taobhán teann tarraing as = bíodh do
tharac agat as rud nuair a gheibhean tu an tseans-cómhairle
go mbainean an rógaire úsáid mhaith as.


L. 200


TAOIBHÍN — Muna bhfuil do dhóthin agat ansan cuir taoibhín
leis = breis bheag: taidhgín.



TAOIDE — Tá sé (nó sí) ag líona = tá sé (sí) ag teacht
isteach: tá an t-uisce ag teacht, ag eiríghe. Tagan an
taoide isteach mar sin go dtí go mbíon sé 'na bharra taoide.
Nuair a bhíon sé 'na bharra taoide (nuair a bhíon sí 'na barra
taoide, agus mar sin i ngach uile chás eile) bíon deire leis
an líona. Tá sé 'na rabharta nuair a líonan sé ana-fhada
isteach, agus nuair a thrághan sé ana-fhada amach. Scúbhan an
cladach ana-fhaid síos amach an uair sin, agus fuinneamh
buile fén uisce isteach is amach. Chómh-chómhacht atá aici ag
teacht is ag dul (ag imeacht). Tá an taoide casta, casta ó
bheith ag líona nó ag trágha. Tá sé ag trágha = ag tuitim, ag
imeacht, ag dul síos, ag dul amach. Bíon an t-uisce mar
sin go dtí go mbíon 'na lac-trágha (lag trágha), nó 'na lac-
trágha mara. Bíon 'na stad ansan gan aon taoide ann is
ní thrághan amach a thuille. Bíon sé (nó sí) 'na thráigh, 'na
lac-trágha, nuair a bhíon sé imithe chó mor is imeóidh sé is ag
faire ar chasa. Imeall (umall) lac-trágha = teóra na
fairge nuair a bhíon sí tráite amach. Imeall an bharra
taoide = an teóra nuair a bhíon líonta lán isteach. Íochtar
trágha = bun trágha: lac-trágha — pé faid a raghaidh sé amach.
Dá fhaid amach a raghaidh an t-uisce indiubh 'e bhreis ar an lá
indé tiocfaidh sé isteach an fhaid chéadna. Chómh-fhaid aimsire
a thógfaidh sé ag teacht is ag imeacht dó. Tugtar rabharta
ar an dtaoide nuair a bhíon breis siúil is fuinnimh fúithi.
Tá sé na bharra taoide rabharta = barra taoide nuair a
bhíon an rabharta ann (barra a bhíon ana-fhada isteach). Má bhíon
tarac, nó teaireac, láidir ann glanfaidh sé an dá theórain
aníos is síos. Nuair a bhíon an gnáth-fhuinneamh fén dtaoide
tugtar malabhair (mall-mhuir) uirthi. Beidh an mhalabhair
ann sara fada. Barra taoide malabhrach. Lac-trágha
malabhrach. Tá sé 'na bharra taoide malabhrach. Tá an
rabharta ar bun = ag teacht, tosnuithe. Tá sé 'na thaoide
thuille' tá taoide thuille ann = tá sé ag líona. Tá sé
ag taoid atha, 'na thaoid' atha = ag trágha. Tá sé (sí) ag
tuille = ag líona, ag teacht isteach. Tá sí (sé) 'na lac-
trágha: 'na barra taoide: 'na malabhair, 'na rabharta.
D'fhanas thuas ag barra taoide = ag an áit is sia isteach
go dtagan an taoide (dréir mar a bhíon rabharta nó malabh-


L. 201


air ann). Tháinig an barra taoide ana-thamal aníos. Tá
sé ag taoid' atha, 'na thaoid' atha. Tá sé i n'aoirde lán
= chó fada isteach is a thiocfaidh. Tá aoirde lán na taoide
ann. Nuair a thosnuíon an trágha caithfidh sí an ainm sin
(aoirde lán) a shéana. Tá lag-thaoide ann = taoide lag.
Dá mbéadh carraig in sa bhfairrge agus an taoide ag gabháilt
andeas bhéadh taoide chas ar an dtaobh thuaidh den gcarraig =
taoide ná béadh ar aon imeacht amháin, a bhéadh ag brise
isteach i gcoinnibh a chéile, nó i gcoinnibh éinní a chasfadh í ó
bheith ar aon rian amháin. Fairge chas = fairge bhriste gan
ghaoth — fairrge a bhíon ag brise i gcoinnibh a chéile, rud a
bhíon i gceist nuair ná bíon an ghaoth is an fhairge i n-aon treó
amháin. Is olc a raghaidh an rabharta ar an malabhair duit =
is olc a raghaidh an saol breá (a bhí agat) ar an ndroch-shaol
(a bheidh agat feasta) = is olc a thiocfaidh an saol maith
isteach ar an ndroch-shaol, is olc a raghaidh an t-athrú dhuit.



TAOINNTE — An méid snátha a cuirtear sa tsnáthaid.
Chaitheas an taoinnte déanach den bpeann luadha = an blúire
deireanach. Níl taoinnte maitheasa ionnat.



TAOMANACH — Cur ana-thaomanach seadh na prátaí =
tagan mórán galar ortha. Tá an bhliain seo ana-thaomanach
ar na beithígh = tugan mórán taomana léi.



TAOS — Tá an iomarca taois in sa gcíste agam = adhbhar
císte a dhéanamh nuair a bhíon sé fuinte ar a chéile. Tá an
císte 'na thaos fós. Tá an taos leis an oighean againn =
an císte deireanach thíos againn: sinne bheith gátarach go
maith: gan aon taos (ná adhbhar taois) againn ach a bhfuil
ins an oighean.



TAOSCAIM — Bhíos ag taosca an bhainne isteach ionnam
héinig = á ól isteach: á dhiúga.



TAOSCÁN- — Chailleas an taoscán a bhí agam = an t-árus
chuin bád a thaosca amach. Tá taoscán mór eólais agam =
cuid mhaith. Dheineas taoscán maith colata = dreas maith.



THAP — Thuit an t-uaireadóir uaim ar an dtalamh is
tháinig mí-thap orm mar gheall air = geit, droch-léim croidhe.


L. 202


Baineadh mí-thap asam nuair a chonac na dubhchrónaigh chúgham
= léim mo chroidhe le scannra. Cár ghá dhuit an thap san a
bhaint asam? = geit, sceit, a bhaint asam. Bím ag baint
thapana as gach éinne. Feic hap.



TAPA — Ní rabhas ar mo thapa chun breith ar an dtraen =
ullamh, i n-am, ar bior. Ní rabhas ar mo thapa i n-am chun na
leitreacha a leigint leat go dtí an mbaile mór = ar bior,
ar tinneal. Ní rabhamair ar ár dtapa chun an coinín a
lámhach = ní rabhamair tapaidh go leór. Tá ana-thapa ionnat
= ana-anam.



TAPAIDH — Tháinig an focal tapaidh orm is ní h-aon
mhascaine é = d'éalaigh orm. Tá Tomás ana-thapaidh = ana-
e ear, ana-chrosta; léimfeadh sé chun feirge go grod: ní
thógfadh sé puínn uait. Is maith tapaidh atá an obair
déanta agat = go breá tapaidh, ana-thapaidh: is maith a
luatha. Ar an imeacht gcéadna is maith breá atá an obair
déanta agat = is ana-bhreá: breá go maith.



THAR — Duine thar daoine seadh thu = ní duine den tsaghas
a bhíon ag imeacht coitianta: ní h-é gach éinne a dh'fhéadfadh
seasamh id bhróga: duine éagsamhail. D'imigh an chainnt
sin thar mo chluasa = níor chuala é: níor chuaidh sé isteach im
chluasa. Scaoileas an focal thar mo chluasa = níor thógas aon
chluas do: leigeas tharam é gan suím a chur ann. Tán tu
tórsa go léir in sa scrúdú, i n-éinní = níos fearr ná iad go
léir. Tá an t-árthach thar do radharc soir = níosa shia soir
ná mar is féidir leat feiscint. Nách é an dial é go gcaithfá
bheith ar meisce an lá so thar laetheanta an domhain? = an lá
so thar ('e bhreis ar) aon lá eile. Dheineas thar mo thoil é =
i gcoinnibh mo thoile. Ní dóigh liom go bhfuil sé éinní thar a
9 a chlog = níos mó ná —. Bhítheas a d'iarraidh orm scéal a
rá, ach bhíos ag gabháilt thairis á rá go rabhas ró-mhanntach = á
chur (chuir a deirtear) díom. Cuirfidh an t-ól thar do
shláinte, thar do mhaitheas, thu = fágfaidh sa tslí thu ná beidh
aon mhaith ná sláinte ionnat. Cuirfidh an obair thar do
chlainn thu = i slí ná beidh a thuille clainne agat. Chuirfeadh
inní éinní thar éinní eile. Má tá púnt agam ní mór
thairis = de bhreis air, níos mó. Tá Bríd ana-lag is níl dul
thar an oíche anocht aici = ní raghaidh sí thar an oíche anocht:


L. 203


gheóbhaidh sí bás anocht. Bhíos as baile ach deineadh an obair
thar mo cheann dom = im inead. Ghaibh sé thar Aifrean =
ghaibh thairis is an tAifrean á rá. Is minic a théighean leas-
ainm tharat = is minic ná beirean sé greim ort, ná tugtar
ort é, ná béadh sé oiriúnach duit. Chuas thar mo dhícheal =
dheineas níos mó ná é. Ná téir thar do dhóthin ar an bhfeóil =
ná h-ith an iomarca di. Ní féidir dul tharat le nímhneacht =
tu shárú. Chuala gur tusa a bhris an lampa is ní chuirfinn
tharat é = ní déarfainn ná deinfá é: ní raghainn ag lorg
inne eile chun an brise a ghreamú anuas air. Tóg na
prátaí seo: ní dh'fhéadfá dul thórsa = iad a shárú: a sárú
a dh fháilt. Cuir do lámh tharam aniar. Níor mhaith liom aon
rud a rá a bhéadh thar ceart = a bhéadh lasmuigh den gceart,
den bhfírine. Tá an t-uisce sin istig thar oíche = tugadh
isteach aréir é is tá sé istig ar feadh na h-oíche. Níor mhaith
liom fanacht oiread is nóimeat thairis an gceart = níos
mó ná an ceart. Ní rabhas riamh thar an Scairbh soir = níos
mó soir ná an Scairbh. Táim im throsca is é thar am dom.
Tá sé ag cur thairis sa tsiopa san = ag cárthnán (cárnán)
airgid: nó, ag cárthnán nó ag cur le chéile go tiubh is ag
spáráilt éinní. Tá an tig ceannuithe agam thar a bharra,
nó thar n-a bharra = amach is amach. Chuaidh sé thar mo neart
dhéanamh = níor leór é mo neart chun é dhéanamh. Dh'fhéadfá
inní do chur tharat chó maith leis an airgead. Scéal thairis
sin agus caith uait é = scéal ná bainean leis an gcúrsa
atá á phlé: scéal a tairigítear anuas chun scéal eile a
chur i leath-taoibh. Bíodh an gníomh san 'na scéal thairis
anois = scéal ná deinfar trácht air, scéal ná beidh 'na chúrsa
cainnte. Chuireas an téadán tharam héinig siar = anuas ar
an mbolg a bhuaileas é ar dtúis. Táim thar abhainn = an
abha tharam agam: an abha gabhtha agam. Nuair a bhíos sa
leabaidh thairigíos na h-éadaighe aníos thar mo cheann le
h-eagla na bpúcaí. Beidh cruinniú i n-inis indiubh ach glac
bog tharat é = ná bac leis: ná bíodh aon bhaint agat leis:
scaoil tharat é gan é dhéanamh aon tinnis duit.



TÁR — Mheallfadh (nó mhealltfadh) an cailín sin a thár ón
siongán (seangán) = an máilín beag bán a bhíon á úmpar
aige: mhealltfadh sí aon ní uait.



TARASBÁR — Nó tearasbár. Nuair a bheidh do dhóthin


L. 204


ithte agat cuir an tearasbár in sa gcurpad. Cuir tearasbár
an bhlúire tobac isteach id phíp = fuighlach, an rud a bhíon
spártha. Níl mórán tearasbáir, nó earaspáir, againn.
Bhfuil aon tearasbár agat? — i gceist uimhríochta.



TÁRLUIGHIM — Thárluíomair le chéile indiubh ag barra
an chnuic = bhuaileamair le chéile. Táimíd tárluithe le
chéile. Ní maith liom droch-rudaí mar sin bheith ag tárlach-
taint = ag tuitim amach. Bhuaileamair le chéile san áit
thárluithe = i n-áit na coinne.



TARRAC — Nó teaireac. Tá corruighe maith teairic ann
indiubh = fairge mhaith láidir is siúl is fuinneamh ínti. Bhí
an dá chapall ar chómh-theaireac = aon teaireac amháin á
dhéanamh aca: tarac cothrom. Mar an gcéadna, nílimíd
ar chómh-thuairim: ní chómh-chúram atá orainn. Tá ana-
shobul tarraic ann = cúbhrán maith aige ar na clocha. Bhí an
dá naomhóig ar chómh-tharac in sa rás = ar aon rian amháin:
aon imeacht amháin.



TARRAINGIM NÓ TAIRIGIGHIM — Na gearrachailí a
thairig chun na cainnte, chun na feirge, chun éinní, me = a thug.
Tá an fhinneóg ag tarac na gaoithe = ag tabhairt, ag leigint,
na gaoithe isteach. Tán tu ag tarac droch-aigne, feirge,
baochais, na ndaoine ort héinig = á bhailiú anuas ort héinig.
Ní maith liom aghaidh na ndaoine a thabhairt orm héinig = a
tharac orm héinig. Tá an duais tairricthe buaidhte agam =
tógtha. Ní maith liom an focal san do tharac chúgham = úsáid
a dhéanamh de. Thairigíomair do bhuachaillí an pharóiste
sin iad d'imirt. Tá an trínse sin ag tarac mórán uisce
leis = ag tabhairt. Tá sé (ualach féir) ró-láidir ansan:
tairig isteach chúghat é. Tairig chúghat — cainnt a deirean an
fear a bhíon thuas ar an ualach féir leis an té a bhíon thíos
á fhásca. Tá cuid mhaith den nGaoluinn tairicthe ón Laidin =
tógtha: na préamhacha bheith sa Laidin. Bhíos ag tarac mo
phípe = ag tarac ar mo phíp = ag baint gail aisti. Thairi-
gíomair na líonta = thógamair isteach sa naomhóig iad tréis
iad a bheith in sa bhfairrge. Labhran na sean-daoine an
Ghaoluinn eatora féinig, ach ní mór dóibh teanga eile do
tharac go dtí sna leanbhaí (leanaí). Níl tarac na gcos, mo
chos, ionnam = me bheith ana-thugtha. Tá tarac suas orm


L. 205


= seórdán: an anál a bheith briste. Táim ag tarac (liom)
chun na gnáthóige, chun an tíghe = ag teacht i gcómhngar, ag
déanamh ar. Níor dheineas ach ceann na circe do tharac as a
píopán = do straca — gan é bhaint di. Thairig sé an ceann
as an muineál aici. Ní mór do dhuine a ainm do tharac
= do thuilleamh. Níl aon tarac chúgham agam = airgead,
cig., go bhféadfainn mo lámh a bhuala air dá mba mhian liom é.
Tá tarac chúghat agat tímpal na Gaoluinne = mórán di agat.
Thug se tarac den mbata anuas sa phlaosc dom = thairig
sé buille den mbata. Tá leath-tharac ort = gan tu bheith ag
imeacht cothromach: breis taraic ar thaobh éigint díot.
Cearc a mharú is a cuid fola do tharac = do thaosca amach
aisti. I phrioca is na putóga a tharac aisti = a bhaint
aisti. Ba mhaith liom do bhaochas a tharac = a thuilleamh, a
dh fháilt i slí éigint. Tá tarac agam ar sparán maith airgid
= é ar mo chumas é tharac chúgham, earruíocht a bhaint as.
Tán tu ag féachaint tairicthe go maith = caol, seanng. As
an bpeann a thairigím mo shlí bheatha = a bhainim. B'fhearra
dhuit bheith níosa thairicthe = níosa chaoile. Tá na caoire
oiriúnach anois chun pingin mhaith airgid a tharac = a dhéanamh,
a thabhairt isteach. Má thógais an duais héinig is as an
dteine a thairigís í = bé do dhícheal é dhéanamh; ní raibh puínn
spártha agat. Bhí na capaill ana-chothrom agus is as an
dteine a thairig an capall tosaigh an rás. Ní mór an plúr a
tharac caol anois = é spáráilt: gan flúirse de bheith ag
imeacht. Nuair a bheidh an leabhar so críochnuithe tairiceód
an obair caol go ceann cúpla seachtain = tógfad bog é.
ar a tharac (tarac éinní) a bheidh a spáráil nó a chaitheamh =
dréir mar a deinfar tarac caol nó tarac rabairneach air.



TÁSC — Sé lorg an ghadhair is gan tásc a dhatha agat é =
tuairisc. Gnó gan deárthamh é sin.



TÁSTÁIL — Ní féidir liom croma síos go dtí an dtalamh
gan na cosa a lúba: is minic tástálta agam é = is minic
a thugas fé. Sar a gceannód peann deinfead í thástáil =
triail a bhaint aisti.



THATH — Thah, nó hah. Thah amach = cainnt a deirtear le
capall nó asal á rá leis gluaiseacht amach.


L. 206


TÁTH — Ba chóir duit an táth a tharac thar a chéile = an
ceangal a bhíon ag duine ag ceangal choirce.



TATHAG — Tá tathag san éadach san = neart is caitheamh.
Ní bhíon aon tathag sa rud a bhíon bog plubartha. An rud
go mbíon an tathag ann bíon sé láidir tútach reamhar ríghin.



TÁTHAIRE — Níl ionnat ach táthaire beag = duine beag
suarach gan mhaith is é leisciúil ciotianta. Táthaire cinn
tealaigh (ceann tealaigh = fear an tíghe).



TÁTHUIGHIM — Níl aon táthú ar an gcíste = níl aon screamh
cruaidh, clúdach cruaidh, air. bhfuil aon táthú tagtha ar an
mbainne fós? = téigheamh; bhfuil sé te (ag an dteine)?
bhfuil na prátaí beirithe? Nílid ach ag táthú, nílid ach
táthuithe, níl ach an táthú aca = boga bheith ag teacht ortha
(ó bheith ag beiriú), iad a bheith bogtha (bocaithe). Níl aon
táthú ar an nGaoluinn sin = í bheith ar nós an chíste a bhí 'na
thaos: gan bheith cruaidhte: ach bog plubartha.



TEACHT — Tá sé ag teacht ana-dhian orm an gnó so
a dhéanamh. Ní ag teacht rómhat air sin é = gabhaim párdún
agat me bheith ag cur isteach ort. Tá mo pheann basctha is
gan aon teacht suas agam le h-í leigheas thar n-ais = gan aon
tseans go bhféadfainn í —. Tá ana-theacht aniar i Seán:
pé gnó a thabharfá dhó le déanamh dheinfeadh sé é = tá ana-
thabhairt ann: is féidir leis gnóthaí a thabhairt chuin cinn.
bhí ana-theacht-abhaile ins na h-oileánaigh chun dlithe ann-
chearta do chur ar gcúl = bhí ana-mhianach ionnta, ana-sheasamh
ionnta, chun —: eirígheadh go breá leótha.



TEACHTAIREACHT — Tá sí imithe ar theachtaireacht, ag
déanamh teachtaireachta, dhom.



TÉACHTUIGHIM — Tá an braon ag téachtú im béir = ag
reamhrú, ag dul 'na chéile. Tá an leite, an rís, an ghlothóg,
téachtuithe = reamhruithe. Bíon bainne téachtuithe nuair a
bhrisean sé is dheinean meidhg is gruth de. Tá an sneachta
téachtuithe ar an dtalamh = é greamaithe isteach 'na chéilig is
aon bhrat amháin déanta de. Déarfá téachtuithe le gráinne


L. 207


reamhar sneachtaidh. Tháinig an sneachta anuas ana-théachtuithe
= na gráinníacha bheith reamhar téagartha ag teacht anuas.



TÉAD — Bhí bó ar théid agam = téad ceangailte di is
greim agam ar an dtéid. Téad ualaigh = an téad, an
téadán, a bhíon ag ceangal an fhéir nuair a bhíon sé sa gcairt.
bhí fhios agam go raibh an droch-úmpar in sa mbuachail is
scaoileas leis faid a théide go bhfuaireas greim air =
thugas cead a thoile dhó: thugas téad a dhóthin dó — gur chroch
sé é héinig. Tabhair faid a dtéide dhóibh = oiread téide is
a theastuíon uatha.



TÉAGAR — Tán tu caol ach bé go dtiocfaidh tu i dtéagar
fós = chuin téagair: go n-eireóidh tu téagartha. Níl aon
ana-théagar sa leabhar san = é bheith tanuí.



TÉAGRAIM — Nuair a chuala an t-uathbhás do théagair mo
theanga = chuaidh i dtéagar, d'at suas i slí ná féadfainn í
d'oibriú chuin cainnte: deineadh stalca díom is dem
theangain.



TEALLAIRE — Níl ionnat ach teallaire beag = duine beag
gan mhaith go mbíon an iomarca den mion-chainnt aige:
bíon an teanga sa tsiúl go maith aige is gan aon éifeacht:
duine beag crabanta.



TEALLAIREACHT — Cuir uaim do chuid teallaireachta =
cainnt chrabanta: an iomad den ngearr-aighneas: aighneas
beag néamh-úntach.



TEAMHAIR — Níor bh'aon teamhair (nó tseamhair?) liom
siúl go Luimneach = níorbh aon ní, aon dua, liom é: ní chuir-
finn aon tsuím, aon naith, ann. Bhíos im báistir ar an ngnó
is níor chuireas aon teamhair ann: tháinig sé bog orm.



TEAMPAL — Obair theampail = obair leadaránach mhall.
Tá an ceacht i n'obair theampail agat: brostuigh = é i bhfad
sa tsiúl agat.



TÉALMHUIDHE — Nó téabhuídhe. Tán tu ag féachaint
téamhuidhe = scáil bheag bhuidhe bheith tríd an mbán agat: gan


L. 208


bheith buídhe ná geal bán: rud beag den mbuidhe bheith
ionnat.



TEANACHAR — Tlú an ghabha. Tagan béim an ghutha ar an
"ach" is bíon an "ea" ana-ghairid. Truime an teanachair.



TÉANAM — Téanam liom: téanam leat = seo leat.



TEANGA — Teanga liom leat = teanga a bhíon liom (ar
an dtaobh so) is leat (ar an dtaobh súd): teanga plámáis
a thógan an dá thaobh: a thugan an dá thaobh léi. Ghluais
ceathrar againn chun cainnt a dhéanamh leis an máistir is
bé Séamas an teanga labhartha a bhí orainn, a bhí againn =
an fear labhartha, an fear a dheinfeadh pé cainnt a bhéadh le
déanamh. Teanga labhartha = leis, an duine a bhíon ann (i
dtig cúirte, cig.) chun aistriú a dhéanamh ó theangain go
teangain más gá é. Tá an fear san ana-léigheanta: tá na
seacht dteangcacha (teanngcacha a deirtear) aige = mórán
teangcacha — pé seacht iad. Is mó rud a deirean an teanga
ná bíon sa chroidhe. Tán tu go breá bladartha milis ar do
theangain = chó fada is a théighean do chainnt. Bhí sé ag cur
a theangan amach chúgham (= fúm). Ní féidir liom mo
theanga a thabhairt di tá sí chó malluithe san = labhairt léi.



TEANGMHUIGHIM — Teanguighim a deirtear. Ná tean-
gaigh lem chois mar tá sí gortuithe = ná bain. Má bhíon aon
teangáil (nó teangáilt) agat lem leabhartha brisfead do
phus = aon bhaint, aon ní le déanamh agat leótha. Ná deinídh
(diníg a deirtear) aon teangáilt leis an dteine go mbeidh
beirthe aici ar a greamana. Tá tinneas fiacal ag teangáilt
liom = ag tosnú liom, orm: im threó. Is ana-dheacair
teangáilt leat = aon chainnt a rá leat, aon bhaint a bheith aige
duine leat gan snap a dh'fháilt. Táid teangálta le chéile
anois — i n-aighneas, i mbruighin, i n-éinní = gabhtha le chéile,
i dtreó a chéilig. Má théighean tu amach ag imirt chnaipí
teangóidh (nó teangóidh sé) díot (nó duit) = gheóir é: gheóir
droch-ní as: díolfair as. Teangóidh (sé) díbh amáireach
muna mbeidh na ceachtana agaibh = gheóidh sibh ón máistir ét
Theangaigh dhom dul amach ar an dtír mar tháinig breóiteacht
fhairrge orm = dhíolas as. Teangóidh díot an fuisce sin a


L. 209


dh'ól mar sé an dial dearg le nímhneacht é = bainfidh droch-
ní dhuit.



TEANN — Tán tu chó teann le lomhnán = an bolg bheith
lán go maith agat: nó tu bheith cruaidh cruinn spriúnlaithe,
agus nách baol go dtrághfaidh do chuid airgid. Bhí a bholg
teann le bainne. Is cuma liom gluaisteán a cheannach mar
tá teann ar mo chúlaibh agam = tá neart laistiar díom:
táim go maith as. Ní raghad leat sa troid: tá's agam go
bhfuil teann ar do chúlaibh agat, rud ná fuil agam-sa =
cabhair laistiar díot: rud gur féidir leat tarac air tráth
an chruatain. Feirmeóir teann = láidir go maith. Tá
teann ar mo chúlaibh agam chun pé ní is mian liom a dhéanamh
= neart, airgead, cabhair. Feic teannaim.



TEANNAIM — Bhítheas ag teanna díghe liom ar an dtóramh
= á chur siar orm dom ainneóin. Ag teanna bídh. Bhí
an máistir ag teanna léighin liom le bata = á chur isteach, á
ropa isteach, im cheann leis an mbata. Ach, dar ndó, ní
d'ainneóin an duine i gcómhnuí é. Níl teanna ar a cúlaibh
aici = teann. Teann an téad = dein teann: tairig chun í
dhéanamh tairicthe go maith. Teann an fhinneóg ansan: tá
sí ag cnagarnaigh = dein díngthe: cuir í ó bheith ar boga.
bhíomair ag teanna na téide ó chéile gur bhriseamair í.



TEANNAS — Teastuíon a thuille teannais ón mála
coirce: tá sé ró-bhog = teastuíon í bheith níosa díngthe,
níosa teinne (ó theann).



TEANNTA — Nuair a bhíon duine ag strapadóireacht
(drapadóireacht) ní mór dó teannta bheith aige = greim
coise: áit 'na gcuirfeadh sé a chos. Bhíos ag siúl amach san
uisce gur chailleas teannta = go dtí nár bhéidir liom mo
bhuínn a bhuala ar an dtalamh thíos. Bhfuil teannta agat
fós? = greim ar an dtalamh, ar éinní, le do chosa (nó
le do lámha más ar do lámha a bheifá ag brath chun tu héinig a
choimeád suas). Trom teannta (a déarfadh an strapa-
dóir) = teanntuigh liom: teanntuigh liom aníos: torm sá
aníos. Bainimíd ana-theannta as an líon chun maireach-
taint = ana-chabhair, ana-chongnamh. An bfuairís teannta
fós? — le duine a bhéadh ag snámh. Tá an Béarla agam i


L. 210


dteannta na Gaoluinne = le, i bhfochair. Níor tugadh aon
teannta dhom chun dul i n-áirde ar an gcapal. Táim i
dteannta anso idir an mbórd is an bhfalla = i n-áit nách
féidir liom me héinig a réiteach amach as: táim teann-
tuithe. Chuir an cheist i dteannta me = i gcruadh-chás: i
bpúnc. Tá mo chos lag is ní mór dom maide mar theannta
chun siúil = cabhair.



TEANNTÓIR — Bíon an maide agam mar theanntóir =
chun teannta a thabhairt dom: rud a thugan teannta, nó a
dheinean teanntú. Is éachtach an teanntóir caorach an
madra san.



TEANNTUIGHIM — Bhíomair ag teanntú caorach chun iad
a bhearra = á gcur i dteannta, i gcúinne, i n-áit ná féad-
faidís teacht as; á dtabhairt isteach le chéilig. Táim
teanntuithe agat, ag an gceist = i bpúnc. Dhein na saigh-
diúirí na daoine a theanntú tréis an Aifrin = teacht tímpal
ortha is iad a thabhairt le chéile i n-aon scata amháin. Tean-
tuigh liom, a deirean an strapadóir leis an nduine a bhíon
thíos fé n-a bhun = trom sá aníos: teanntuigh liom aníos,
trom teannta. An dteastuíon aon teannta uait?



TEARC — Tá na prátaí tearc. Ní h-aon ghalar tearc é =
gann. Feic tirceacht.



TÉARMA — Ní féidir liom fanacht thar a cúig a chlog
mar sin é an téarma atá liom = teóra. Chuireas téarma
liom héinig tímpal bídh = bheartuíos ná h-íosfainn a leithéid
seo, nó ná h-íosfainn ach an oiread so. Tá téarma curtha
agam liom héinig leis an méid seo coirce bheith bainte
agam fén oíche (oíthe) = an méid sin leagtha amach: ní bhéadh
an teóra sroiste agam go dtí go mbéadh an méid sin ar
lár. Chaitheas téarma maith den lá ag léigheamh = tamal.
Tá téarma curtha agam leis na cártaí anocht = teóra de
shaghas éigint: ná h-imreóin thar a 10, cig.: nó ná caillfinn
níos mó ná 5s. Nó, chuireas téarma éigint orm héinig.
Tá an oiread so oibre le déanamh agam i n'oiread so
téarma = an oiread so aimsire. Is minic a chuir duine
téarma leis héinig, air héinig, roimis héinig amach, is gur
dhícheal dó é thabhairt amach = é chríochnú amach, é dhéanamh.


L. 211


Nuair a bhím díomhaoín bíon téarmaí móra agam is braidhnsí
= me bheith ag cuímhneamh ar nua-rudaí móra: cuímhntí
nua, seifteana (pleanana) nua á mbeartú agam. Ba
mhaith an téarma móin a cheanach anois agus í chó saor =
machtnamh. Tá téarmaí (nó braidhnsí) nua ag an sagart
chun na Gaoluinne a bhreaca síos = atharú slí, slí nó slite
nua. Bíon téarmaí nua aige sna Sinnféinithe chun na
póilíní a stop is a dhalla, is is maith na téarmaí iad; ach
fuair na dubhchrónaigh téarmaí nua chun cur-isteach a dhéanamh
ortha san = slite.



TÉARNAMH — Ó théarnaim. Bhíos ag téarnamh chuin baile
= ag teacht, ag fille, ag teacht i ngiorracht: ag déanamh
ar an mbaile. Táimíd ag téarnamh amach ar dheire na
h-oibre = ag druidim le —.



TEAS — Tá teas maith fén gcíste — ón dteine. Feic
teasuíocht.



TEASARGAN — Teasaragan a deirtear. Bhí beirt ag
troid is nách mór an t-úntas nár tháinig éinne a dheinfeadh
teasaragan ortha = a chosnóch, a scarfadh, a chuirfeadh ó n-a
chéile iad. Cosantóir seadh fear an teasaragain. Fuair
sé bás i mbruighin gan teasaragan = gan éinne do theacht á
shaora: bás gan chosaint. Is minic nár chuaidh fear an
teasaragain as = is minic a fuair sé héinig pleannca:
is minic a greamuíodh é. Tá teasaragan 'dir Éire is
Sasana anois = suaineas: cosaint i mbruighin. Ní raibh aon
teasaragan agam ar an dtarbh ach léime i n-áirde ar an
bhfalla. Is minic a shaor teasaragan duine = teacht isteach
idir é is an té a bhéadh chuige.



TEASBACH — Tá an bhó ag rith le teasbach = í bheith te ínti
féinig (ag an mbrothal, cig., nó ag an gcothú). Bhí teasbach
maith ar thír na h-Éirean nuair a bhí coga na Frainnce sa
tsiúl.



TEASBÁNAIM — Tá sé teasbánta agat go bhfuilean
tu it 'fhear maith. Thugas púnt dó ach níl aon teasbána
agam leis = admháil: rud a theasbánfadh gur thugas. Tá an
cheárd san agam; táim im shagart ach níl aon teasbána


L. 212


agam eis ach mo phortus. Is gnáth linn teasbána beag a
dhéanamh do stróinséar nuair a thagan sé an treó = rud
éigint suaithinseach a thabhairt dó, rudaí a dhéanamh dó is
a thabhairt dó ná deinfimíst dúinn héinig.



TEASBÚIL — Tán tu ana-theasbúil indiubh = teasbach a
bheith ort (ní h-aon droch-fhocal é). Ní rabhas ró-theasbúil
nuair a chuala go raibh na traenacha stopaithe is ná tiocfadh
aon bhia chúghainn. Bím níosa theasbúla nuair a bhíon braon
thiar agam ná roimis sin.



TEASTUIGHIM — Tabhair aire don leabhar san: bé go
dteastóidh sé fós = go mbeidh sé ag teastáil.



TEASUÍOCHT — Táim préachta ag an bhfuacht is teastuíon
teasuíocht uaim = éadaighe teó is deocha teó is rudaí teó a
chur liom. Tá an mhaidin fuar ach beidh teasuíocht ann ar ball.
Ní bhíon an teasuíocht trom; ní bhíon chó trom leis an dteas.
Ní bhead ag tarac móna indiubh ag an dteas — rud atá trom.
Tá an lá fuar go leór fós, ach raghaidh sé chuin teasuíochta
fé n-a 2. Thugas púnt uaim (dheineas éinní) as an dteas-
uíocht = nuair a bhíos te: sar ar leigeas dom héinig fuara,
nó ár cuímhneamh ar cad a bhí á dhéanamh agam. Bhuailfinn
duine as an dteasuíocht (as mo theasuíocht), is ansan bhéadh
cathú orm. Tá sé chó maith dhúinn tabhairt fén obair fé n-ár
dteasuíocht = as ár dteasuíocht: sa teasuíocht dúinn:
gan leigint dúinn féinig dul chun fuaire chun na h-oibre.



TEICHIM — Sé teiche ón dteas go dtí an bhfuacht agat é =
ó thig an diail go tig an deamhain: deirtear nuair a
dh imeóch duine ó áit chruaidh go h-áit chruaidh eile: ó áit de
shaghas éigint go dtí an taobh eile tímpal a bhéadh chó h-olc
céadna, béidir. Táid teite (teichte) as an áit.



TEIDEAL — Níl aon teideal agat teacht (nó chun teacht)
isteach anso gan chead = ceart. Bhíos i dteideal (chun) an
fheirm a dh 'fháilt, ach ní bhfuaireas = bhí tarac agam ar í
dh'fháilt; bhí ceart agam chuige. Táim i dteideal teacht
isteach anso pé uair is maith liom é agus gan spleáchas leat.
is as an áit sin a thógan an tiarna san a theideal. Go
mairir do theideal nua — le duine a gheóbhadh teideal nua.


L. 213


Ní bhfuairís aon teideal uaim-se mo chamán a thógaint amach
leat.



TEIDEALACH — Fear teidealach = go bhfuil teideal nó
teidil aige: fear a bhéadh i n-inead uasal, nó go mbéadh
céimeana móra léighin aige. Nách teidealach atán tu ná
h-éisteófá do bhéal? = corráistiúil, máistiriúil.



TÉIDHIM — Deinim te. Tá an féar ag téidheamh (téamh a
deirtear) san iothlain = ag eiriú te. Ba cheart go mbeifá
téite go maith ag an dteine anois = déanta te: te: tagtha
te.



TÉIGHIM — Cá raghair anois? = cá bhfuilean tu ag dul?
Suas amach a gheóbhair? = a raghair: atá do thriall. Níl
aon dul amach agam ar an gceist sin = níl aon eólas agam
air: ní féidir liom í réiteach: táim dall aici. Níl aon
fhocal Gaoluinne le dul díot ach focal fánach = a theipfeadh
ort: a imeóch díot. Ní théighean mo chuid fola le Seán
Buidhe = ní théighean mo chroidhe leis; ní maith liom é: ní
ghealan mo chroidhe dhó. Is mór mar atán tu ag dul as,
mar a chuais as = mar a chaillis an fheóil, mar atán tu ag
loma; ag dul i luimeacht, i dtanuíocht. Níor mhaith liom
dul gan siúicre = déanamh gan é. Dá raghadh ar an dtae
cad a dheinfimíst? = dá rithfeadh sí gairid. Tá an lá
ag dul ort = ag dul id choinnibh: an fear maith á dh'fháilt
ort. D'imigh an comóras orainn, nó éinní. Níl an áit
seo (an bia, éinní) ag dul dom = ag dul chuin tairbhe dhom:
ag déanamh maitheasa dhom. Fliuchán is measa a théighean
dom = is measa a réitíon liom: is mó a dheinean díobháil
dom. Tá an dínnéar dulta ar an ngort = imithe amach go
dtí sna fearaibh. Chuaidh san éadach = chrap sé suas. Tá
na prátaí ag dul ana-dhéanach i mbliana = go mbeidh sé ana-
dhéanach sar a mbeidh ag teacht isteach, aibidh. Dúirt (dúbh-
airt) sé liom na caoire a chur isteach i n-áit ná raibh aon dul
go deó air = ná féadfaí a shroisint. Glaoidh abhaile ar
Sheán go raghaidh sé ar scoil. Chuaidh an gluaisteán cean-
gailte in sa gcairt = cheangail sé. Tá an slaghdán dulta
ceangailte isteach im scamhóga = tá sé ceangailte istig
ionnta anois. Chuaidh na mná ceangailte na chéilig: chuas
ceangailte in sa nGaoluinn, i n-éinní. Chuas ort chó fada


L. 214


is a dh'fhéadas in sa gcainnt = chuas chó dian ort is —. An
raghaidh tu liom? = an ndeinfidh tu me chómhrac? An mór
a raghadh isteach sa mbosca san? = a choimeádfadh sé. Cáil
do dhul? = cá raghair? Is deacair dul amach ar íntin
Sheáin = is deacair greim a dh'fháilt uirthi, í thuiscint. Táim
id threó le seachtain is ní ró-mhaith atáim dulta amach ort
fós = imithe i dtaithí ort: ní ró-mhaith a thuigim thu, nó do
shlí. Cheapas go raibh an dochtúir Pádraig ana-íogair gur
chuas amach ar a shlí = gur bhraitheas is chleachtuíos is fuaireas
amach fios a shlí. Ar chuaidh an t-ím mórán indiubh? = ar
chosain? Ní raghaidh an bhó an méid sin airgid ar an aonach
amáireach = ní dheinfidh: ní thabharfaidh isteach. Bhí an bheirt
bhuachaillí ag faire ar dhul le chéile = ag cuímhneamh ar (ar
bharaoidí) cómhrac a thosnú. An fad' ó bhaile a raghair
anois? An raghfá le Séamas? = an dtroidfá é? Níor
mhaith liom dul leis = tabhairt fé. Tá na daoine imithe ana-
ghallda = eirithe. Táim ag dul isteach ar bheith im búinteóir:
ag dul isteach ar phost. Tá an ghrian dulta fé = imithe síos
fé bhun an íoghair. Ní dh'fhéadfainn dul a thuille (ar bhia, ar
cheacht, ar obair, ar éinní) = a thuille de a dhéanamh, a chur
díom, a sheasamh. Chuaidh an mháthair ana-mhór chun bróin
nuair a fuair an mac bás. Ná h-íosfá a thuille? Ní
dh'fhéadfainn dul a thuille = a thuille a dh'ithe. Ní h-aon dul
suas ó dhúchas dhuit an chladhaireacht a bheith ag baint leat =
tá sí ionnat dréir do dhúchais: anuas ó t'athair nó ód
mháthair a tháinig san, a thugais san leat: anuas chúghat a
tháinig dúchas na cladhaireachta. Théightá = théighthá. Mar sin
thagtá = thagthá.



TEIGHLACH — Teaghlach in sa bhfoclóir. Teighlach (nó teigh-
leach) an rí; teighleach an tíghe: an rí-theighleach. Ach tealach
an ghabha. Tá airgead ag an ngabha.



TEILGEAN — Níl aon teilgean in sa mbean san = spár-
áilt, coigilt. Tá sé ag teilgean chuin báistí = ag ullmhú
(ullú), ag cuirneáilt chúichi. Níl aon teilgean ins na
prátaí i mbliana = níl aon fhaid le dul ionnta: níl an
tsubstainnt cheart ionnta. Ní mór an teilgean púnt an
aimsir seo = ní sheasóch sé i bhfad: ní h-aon ana-mhaith é.
an té ná bíon an teilgean ann bíon sé ró-rabairneach:
nó ní bhíon sé cruínn: leigean sé rudaí trí n-a ladharacha.


L. 215


Níl aon mhaith ionnam chun teilgean a dhéanamh = ní féidir
liom rud a chur i bhfaid. Bain teilgean as an arán mar níl
a thuille plúir againn = dein spáráilt air. Ba cheart
breis teilgin a bhaint as na bróga. Tá an buachail ag teil-
gean go cruínn dó héinig chun na mbróg = ag bailiú na
bpinginí.



TEIMHEAL — Deinean an mh srónú. Thána as an gcúrsa
gan teimheal = gan smáilc ná smól, díth dochar ná basca.
Níl aon teimheal ar an obair, ar an bpáipéar, ar do chuid
Gaoluinne = locht, smáil, smáilc.



TEIMHEALUIGHIM — Tá do chasóg teimhealuithe = teimheal
curtha uirthi: smeara nó rud éigint mar sin. Tá do cháil
is do chlú teimhealuithe go maith anois = gan bheith glan: bheith
sailithe: salachar ortha.



TEINE — Tá an teine as againn, nó orainn = múchta.
Cuir síos fód eile: tá sí ag faire ar mhúcha = ag cuímhneamh
ar mhúcha. Bhíos idir dhá theine = idir dhá amhras: idir dhá
chómhairle, dhá eagla: idir dhá chúrsa nár mhaith liom aon lámh
a bheith agam i n-aon taobh aca; i slí ná béadh suaineasach.
Chaithfá an teine dhearg do chaitheamh ortha chun iad a chur
amach (cuirean an teine dhearg duine ag preabarnaigh chuin
siúil). Bhíos idir dhá theine Lae Bealtaine = i gcruadh-chás:
i gcruadh-chás idir dhá chúrsa dhiana. Chuireas teine leis an
gcarn páipéirí = thugas teine dhó. Tá an tig, éinní, fé
theine = an teine ag oibriú air, á dhógha: tá sé tré theine.
Teine dhia = an galar fáinneach, an screamh fáinneach a thagan
ar bheithíoch nó ar cheann an duine. Trí teinteacha (tínteacha a
deirtear).



TEINEACHAIR — Tlú an ghabha. Tineachair a deirtear.



TEINN — Táim teinn breóite = ana-bhreóite: ana-olc.
Duine neamh-theinn seadh me = ní chuirean an saol aon teinneas
orm.



TEINNE — Nó teine. Ba dhóigh leat gur i Sasana a
cuireadh in sa gcliabhán í le teine a cuid Béarla = blas,
fuaim. Tá teine ar do chainnt = fuaim a dheinean do-


L. 216


thuisceanta í. Conac "tuin" mar litriú ar an bhfocal
so.



TEINNEAS — Nó tinneas. Sé atá ag cur tinnis orm, ag
déanamh tinnis dom, nách féidir liom dul ar an aonach, ná
fuil na prátaí go maith agam, go bhfuilim gann fé airgead;
nó éinní = atá ag déanamh buartha dhom, ag cur buartha orm.
Ní rabhas i mbun an obair a dhéanamh ná puínn dá thinneas
orm = ní rabhas ag cuímhneamh mórán air: ní raibh sé am chrá:
ní raibh aon bhuairt orm aige. Níor thógas an scrúdú, ach
má seadh nílim 'na thinneas mórán = níl aon ana-bhuairt
orm tímpal air. Táim i bhfiacha go maith ach ní chuirean san
aon tinneas orm. Sé an tinneas atá orm go bhfuil droch-
theine agam.



TEIPIM — Tagan daoine anso ná bíon aon teip eile
ortha ach fuaim na Gaoluinne = tagan gach aon ní eile leótha
ach amháin —.



TEIST — Tá sé de theist uirthi go bhfuil sí gan mhaith = ainm.
Tá ana-theist ort = ana-dheigh-cháil. Thug Tomás droch-theist
orm = droch-ainm, droch-chlú: dúbhairt sé droch-rud éigint
im thaobh. Tá teist mhaith ar do chuid Gaoluinne.



TEÓRA — Ní mór dom bheith ag imeacht amáireach mar tá
san mar theórain agam = marc, téarma. Tá na daoine
san lasmuich de theórain na gréine = i n-áit ná fuil an ghrian
ag taithneamh: nó ná bíon an ghrian ag taithneamh. Tán
tu ag imeacht thar teórain amach leis an salachar cainnte
sin = thar an gceart: thar cailc. Tá an dá pháirc, an
dá éinní, i dteórain le n-a chéilig = sínte suas le chéilig.
Tá £40 ar bhó thar teórain ar fad an aimsir seo = ró-árd:
an iomarca. Tá an dá chnámh i dteórain le n-a chéilig ansan
= ag teacht isteach, ag teangáilt, le chéile ansan. Tá mo
lámh gortuithe i dteórain an dá chnámh = san áit go mbíon
an dá chnámh ceann le ceann.



TÍACHTUIGHIM — Feic téachtuighim. Tá an braon, an
bainne, an leite, tíachtuithe = eirithe (eighrithe a deirtear)
reamhar.


L. 217


THIAR — Chuas amach ag tógaint an aeir dom héinig tráth-
nóna thiar = thiar sa tráthnóna: i n-eirball an lae thiar.
Beidh sé siar sa tráthnóna nuair a bheidh an clausúr ar an
obair agam = déanach go leór — ach gan a bheith thiar. Tá
cúpla focal suaithinseach thiar i ndeire an leabhair = thiar
'na dheire. Aon rud a dúbhart id choinnibh ní taobh thiar
díot a dúbhart ach suas le t'aghaidh. Thógas an bhliain go
breá bog leisciúil agus tá thiar orm anois = gan me bheith
chun cinn: me bheith chun deire: gan an gnó críochnuithe agam
nó breall éigint sa scéal. Tá an méid sin thiar agam =
thiar im bolg: curtha siar síos. Beidh thiar orm ag an
ndroch-aimsir muna sínean Dia a lámh amach chúghainn go
tapaidh. Is baol liom go bhfuil thiar orm sa scrúdú = ná
fuil eirithe liom. Thiar sa deire do gheallas an t-airgead
do = sa deire ar fad.



TIARGÁLAIM — Bhíos ag tiargáil chuin dul ar an aonach =
ag ullmhú: ag bórdáil, am chur héinig i bhfearras. Táimíd
ag tiargáil linn = ag obair.



TIARNA — A Thiarna na trócaire.



TIARNÚIL — Nách tiarnúil atán tu! = mar a bhéadh tiarna:
údarás is néamh-úntas ag baint leat. Mhuise, gan tu
mhór-leigint dom muna tiarnúil atán tu = clóchaiseach, borb,
údarásach: ádhbhar néamh-úntais ag imeacht leat.



TIG — Dein (din a deirtear) do thig féinig den dtig
seo = bí istig leat héinig anso.



TIGHEASACH — Is maith an tigheasach é, nó í = is maith an
fear tíghe é, an bhean tíghe í. Is maith na tígheasaigh iad
araon. Ní maith an tígheasach é siúd 'na thig féinig ná
fágfadh an duine bocht istig thar oíche. Deagh-thígheasach
seadh an té a bhíon go maith is go rabairneach fial istig 'na
thig féinig: bhéadh sé go maith dhuit dá raghfá chuige 'na thig
féinig. Is féidir do dhuine bheith 'na thigheasach maith amuigh
is na dhroch-thigheasach aige baile.



TÍMPAL — Tán tu tímpal aois do phósta. Tímpal libh,
a bhuachailí, i mboghsín — a déarfadh máistir scoile. Tá an


L. 218


bacach san ag cimilt tímpal orm i rith an lae: nó ag cimilt
im thímpal = ag fanacht im fhochair: ag buala suas liom go
minic. Bhíos ag cimilt tímpal ar an easbog is ag lútáil
air mar gur theastuigh uaim bheith mór leis. Bhí sé suas
roimis Naomh Pádraig nó tímpal air, am éigint = tímpal
aimsir Naomh Pádraig. Bíon an ghrian ag tabhairt an
tímpal léi i gcómhnuí = ag imeacht tímpal i mboghsín. Tá
an dá fhocal san tímpal is mar a chéile = suas is anuas le
bheith mar a chéile. Táid ana-dhian tímpal airgid, tímpal
na Gaoluinne = ana-scannruithe i dtaobh, mar gheall ar —.
is ana-dheacair mo mháthair a thabhairt tímpal chun me leigint
go dtí an rínce = í mhealla: í atharú ó bheith mí-thoiltheanach
tímpal go dtí bheith toiltheanach. Beidh an bhó ag teacht
tímpal ar ball. Tá Tomás imithe siar an cnoc tímpal
na gcaorach = mar gheall ar na caoire, i dtaobh na gcaorach.
Bi daoine ag cimilt tímpal orm ag braith ar dheoch uaim.
Tá ana-thímpal agat = tu bheith ana-théagartha. Bíon tímpal
an domhain tabhartha isteach ag an ngréin ins (nó ar) na cheithre
h-uaire fichid. Bhíos ag cainnt tímpal ar an gcúrsa san,
nó tímpal an chúrsa san. Níl aon tímpal agam ach tímpal
beag = nílim tímpalach téagartha im chorp. Nó tíompal.



TINNEAL — Tá an guna ar tinneal = i slí gur féidir
urchar a scaoile uaidh: an casúr i n-áirde. Cuir an guna,
an t-inneal, aon tsaghas gléis, ar tinneal = i slí go mbéadh
sé ullamh chuin preab a thabhairt. Bhíos ar tinneal chuin
aighnis = sa tslí nár theastuigh ach an rud ba lúgha chuin me
chur chuin aighnis: i riochtaibh aighnis. Bhíos ar tinneal chun
léime anuas ort dá ndéarfá focal.



TINNEÁLAIGHE — Thuiteas i dtinneálaí gáirí fé Sheán = i
slí nár fhéadas m'anáil a tharac: an anáil á bhaint díom ag
an ngáirí. Tá sé ag tinneálaí gáirí = á thachta féinig suas
le gáirí, le fáscaí gáirí: obair aige an anáil a tharac.
Bhíomair ag tinneálaí gáirí.



TIOMÁNAIM — Bhí tiomáint mhór ar bha ar an aonach
indiubh = glaoch mór. Bíon ana-thiomáint agat ar na
bóithre chun na Gaoluinne d'oibriú = ana-éileamh: bíon tu
ana-dhian tímpal ortha. Táid imithe an bóthar siar is


L. 219


tiomáint mhaith fútha = gluaiseacht. Tá tiomáint gáirí
oraibh = pléasca gáirí. Tá tiomáint fén gciteal = teine
maith: an teas ag teacht ann go tiubh. Tógaidh bog é: tá
ana-thiomáint agaibh = imeacht géar. Bhí ana-thiomáint ar
an iasc nuair a bhí an coga mór ar siúl = ana-thógaint.
Bhuaileamair isteach i dtig na scoile is níorbh fhada go raibh
an tiomáint ar siúl = tuargain ag an rínce: buala nó
gluaiseacht tréan. Bhí tiomáint mhaith againn ar an gcúrsa
= dheineamair é chíora go maith. Nách ort atá an tiomáint
leis an obair? = deabha.



TIOMNUIGHIM — Dhearbhuíos is thiomnuíos ná deinfinn go
deó aríst é = thugas an leabhar.



TIONNLACAIM — Thionnlaic sé me. Táim ag dul á
thionnlacan abhaile (tiúnlacan). Thionnlaicíos abhaile í.
Tiúnlacaim a deirtear.



TÍORAIDHEACHAS — Bhí an garsún garbh mí-shíbhíalta ach tá
sé ag teacht chun tíoruíochais = ón bhfásach go dtí an áit 'na
gcómhnuíon daoine daona: chun mánlachta: ó dhroch-bhéasa
go dtí deigh-bhéasa nó go dtí bóthar a leasa. Tá an bhean
(an pháirc, éinní) tugtha chun tíoruíochais aige = déanta
min séimh. Níl ag an mbuachail sin ach garbh-eólas is beidh
sé deacair go maith é thabhairt chun tíoruíochais i slí go
bhfuigheadh sé post = é shocrú suas: eólas is múine ceart a
thabhairt dó.



TÍORGÁLAIM — Feic tíargálaim. Tá sé i n'am dom
bheith ag tíorgáil chun dul abhaile: chun féir a chur isteach
= ag socrú suas: ag déanamh socrú suas: ag déanamh ullmhú.



THÍOS — Pé duine a dhein é tusa a bheidh thíos leis = a chaillfidh
(a bheidh caillte) leis: a bheidh máchailleach aige: ort-sa a
cuirfar, a buailfar, é (= id leith-se a cuirfar é).



TÍR — Chuas (amach) ar an dtír — ó oileán. Tháinig an
t-árthach i dtír anso = chuir sí i dtír.



TIRIM — Trim a deirtear. Bhíos trim ag an dtarbh
muna mbéadh gur tháinig fear suas = gan chainnt, marbh.


L. 220


Fear ana-fhliuch ar aonach seadh me = a chuirean siar mórán
díghe. Fear trim = an taobh eile tímpal.



TIUBH — Tá sé seo ana-thiubh ag tuitim amach = ana-chomónta.
Tá na fiacla (nó éinní) ana-thiubh ar a chéile agat = ana-
dhlúth; gan mórán slí eatorra.



TIUC — Tiuc, tiuc, a deirtear ag glaoch ar na cearca.
Fianach, fianach, ar na lachain.



TIUL — Bhí sé ag brise na mbuidéal chó tiubh le tiul = ana-
thiubh: ana-thapaidh — le rudaí a bhíon ag tuitim amach i
ndiaidh a chéile. Nuair a bhíon an piléar imithe as an nguna
deirean an fear a bhíon i láthair "tiul, tiul" (nuair a
chloisean sé an fhuaim). Dh'fhéadfadh sé "pléasc, pléasc"
a rá ar an imeacht gcéadna. Bhí tiul tiul aige sna gunaí is
thuit na coiníní marbh. Bíon bior dearg ag buachail is
sádhan sé fé bhuachail eile ag rá — "tiul tiul" — chó maith is
dá mbéadh sé á lámhach le guna.



TLÁTH — Nuair a tháinig sé anso ar dtúis bhí sé ana-thláth =
ana-mín, ana-shéimh. Táimíd ana-thláth le chéile = ana-mhór:
síbhíalta deas: gan bheith gránna garbh. Tá Seán is Bríd
ag teacht ana-thláth le chéilig = ana-mhór: ana-cheanúil.
ach! nárab eadh = nílid?! an fíor san?!



TLÁTHUIGHIM — Bhíodar ag tláithínteacht liom tímpal an
phuist = iad a d'iarraidh bheith mór liom: iad ag cainnt
liom go mín sleamhain deas a d'iarraidh mé bhogha chuin an
post a thabhairt dóibh. Bhíos ag tláithínteacht a d'iarraidh
airgead a mhealla uatha = ag cainnt go deas ceanúil, ach bhí
an lorg ar an dtaobh thiar den gcainnt. Tá an buachail is
an cailín ag déanamh tláithínteachta le n-a chéilig.



TNACHTAIM — Tá sé tnachta = buailte, buailte amach,
sínte siar leis an dtuirse, an puth deireanach as. Táim
tnachta ag an gcola = cortha traochta buailte amach. Thnacht
an cola, an obair, é = bhuail, choir. Táim tnachta ó mhaidin
ó bheith ag baint coirce. Táim tnachta tnáithe ag an gcola
is an tuirse.


L. 221


TNÁTHAIM — Tá ana-thnátha ag baint leis an obair =
choirfeadh sé thu. Tá ana-thnáth ag baint le Seán, le n-a
chainnt, le n'easba cainnte, le fear maith i gcomórtas:
le fear ná béadh go maith in sa gcomórtas ach a thuirseóch thu
go maith. Tá tnátha maith san obair sin = traocha, marú.
is tnáite an scéal dom bheith ag obair istig anso = cortha,
tuirsiúil.



TNÚITHÍNTEACHT — Tá sé anso ag tnúithínteacht le digh
is gan aon chúram eile air = ag tnúth le, ag braith ar —.
Táim ag tnúithínteacht tímpal anso ag braith le marcuíocht
= ag súil go dian le —.



TNÚTHAIDHEACHT — Cad é an tnúthuíocht atá anois ort?
= tu bheith ag tnúth coitianta nó ar feadh i bhfad. Ní h-aon
bhean í chun puínn tnúthuíochta a dhéanamh léi = chun bheith ag
súil le mórán uaithi. Thánag anso ag tnúthuíocht le tobac =
ag tnúthán le, ag tnúth le, ag tnúithínteacht le, ag súil go
dian le.



TNÚTHAIRE — Nó tnútháluidhe. Níl ionnat ach tnúthaire
beag = fear beag suarach gan mhaith.



TNÚTHAIRTHÍN — Nó tnúthairín. Sin fear beag beag ná
béadh lán do dhuirn ann.



TOBÁN — Beiste na muc. Drabhlach an bhainne. Scar-
taire an nígheachain. Sathach an leasuithe. Sin é an baraille
agat ó sháil rinn.



TÓCHAIM — Tá an mhuc ag tóch (túmhach a deirtear).



TOCHAS — Ba cheart duit tochas bheith id shróin mar bhíomair
go léir ag cainnt ort.



TOCHRAISTE — Ceirtlín tochraiste seadh thu = duine cruaidh
fáiscithe fuinte. Fear tochraiste leathan = ar chuma an
cheirtlín snátha a bhíon tochraiste anuas ar a chéile.



TOCHT — Bhí tocht guil orm = uabhar guil: me bheith tachtuithe
gan chainnt ag an ngol a bhéadh ag buirbeáil ionnam bíodh ná


L. 222


béadh briste amach aige. Tocht áthais, uaignis, agus mar
sin de. Ach oibríd go léir ar an gcuma gcéadna.



TOCHTUÍL — Bhíos ag tochtuíl ghuil = tocht trom guil ag
brise amach orm anois is aríst.



TOFÓG — Dheinis tofóg, nó leigis tofóg = breidhm gan
fuaim: breidhm ná bíon aon fhuaim léi: an ghaoth a chuirean
duine nó ainmhí as gan ghlór. An té a bhíon ag leigint
tofóg bíon sé tofógach.



TOGHA — Phós sé togha a shúl de chailín = cailín ba rí-bhreá
deárthamh. Chuireas togha an deabhaidh ón dtig ortha = an
chuid do b'fhearr den ndeabha: ana-dheabha. Amadán
tofa = críochnuithe: stail-amadán: sail amadáin (=
amadán mór). Tán tu ar na daoine is tofa anso chun
Gaoluinne = is fearr. Bhí clagarnach thofa ann aréir =
clagarnach bhreá throm.



TÓGAIM — Thóg an capall cíoch, gairbhéal = cloch nó
gairbhéal do dhul isteach ceangailte 'na bhonn. Thógas an
rás = bhuadhas. Níor thog sí an scrúdú = níor ruith sí an
scrúdú: níor eirigh léi sa scrúdú. Níl aon mhaith ionnam
chun rud a thógaint, a thógaint isteach de ghlan-mheabhair = do
mheabhrú. Tán tu ag féachaint ana-thógtha = ana-chorruithe —
fearg mhór, iminí mór, áthas mór, eagla mór, nó éinní mar
sin, ort. Thógas leis an mbithúnach le h-aon bhuille dhorn
amháin = do leagas é tréis é thógaint den dtalamh. Ní
bínn liom an áit seo ach ar an scéal a thógaint le chéile
b'fhearr liom bheith anso ná ansúd = le gach blúire den
gcúrsa a mheágha le chéile. Is féidir leis an dá chapall an
t-ualach do tharac le h-iad a thógaint le chéile = a chur le
chéilig. Fuair an Ghaoluinn ana-thógaint cinn le déanaí =
fuair sí árdú i slí nár ghá di aon náire bheith uirthi ach a ceann
bheith san aer. Tá an gearrachaile tógtha suas go deas =
tabhartha suas. Tógadh liom go h-oban = leagadh me tréis me
thógaint den dtalamh, tréis me bhaint dem buínn. Feic
teideal. Tán tu tógtha (tócaithe) go maith = curtha chuin
feirge nó aon tsaghas mothú. Ná tóg an obair sin ort
héinig mar nílean tu ábalta dhó. Ní gá dhuit me thógaint
suas chó capaidh san = mo chainnt a thógaint suas: ceann


L. 223


a thógaint di, is bheith tógtha aici: mo chainnt a thógaint
chúghat héinig. Nuair a bristear cnámh tógan sé an oiread
so lá chuin snaidhmthe. Thógas ana-cheann don bhfocal san =
chuireas ana-shuím ann: dheineas ana-naith de (dho a deirtear).
Tá ceann tógtha ag an bpóilín díom-sa = táim tugtha fé
ndeara aige ('e bhreis ar dhaoine eile). Nuair a tógtar
le duine bíon rith nó gluaiseacht nó boga den dtalamh ag
imeacht leis an leaga. Shleamhnuíos is tógadh liom (den
dtalamh). Tá an bhó ar tógáilt ag an ocras = ana-lag: gan
ar a cumas seasamh ná eiríghe 'na seasamh. Is féidir
liom duine (nó aon tsaghas cúrsa) a thógaint isteach go
tapaidh = a thuiscint; dul amach air; a dhéanamh amach cad
an saghas meóin a bhéadh aige. Thógas an cluiche (clutha
a deirtear). Níor thóg sé a lámh chun cabhrú liom = níor
dhein faic. Tógfad gach cómhngar sa tslí abhaile = gheóbhad.
Ná tóg an leabhar dréir a chlúdaigh. Ní féidir liom seómra
a sholáthar duit mar tá an tig go léir tógtha cheana = gabhtha:
tógtha suas: gan bheith díomhaoín. Thógamair mórán éisc
aréir = mharuíomair: riugamair ar —. Raghad amach
nuair a bheith mo dhínnéar tógtha agam = ithte, caite. Tóg
deoch eile. Chuala gur thógais do cheacht aréir ó Éamon =
go bhfuairis greim ar a leabhar ceachta is gur scríobhais
sios an ceacht fé mar a bhí sé sa leabhar san. Chuir na
póilíní tógaint orm = thógadar me; ghabhadar (nó ghaibhea-
dar) me. Níor thóg na bróga an smeara = níor shúghadar
isteach é: níor imigh sé tríotha isteach. Bé gur chuala an
focal, ach má seadh níos thógas (isteach) im cheann. Ar arán
is bainne (nó, le h-arán is bainne) a tógadh an leanbh san =
sin é an cothú a fuair sé. Thógas glan ón dtalamh é. Tóg-
aimíd an focal trom (= tabhair dhom) ana-ghairid ar chuma
éigint = tugaimíd amach gairid go maith é. Táim rud
beag mall chun scéal a thógaint síos = a chur síos dréir mar
a chloisfinn é, nó tréis é chlos. Bhíos breóite lag, is chaitheas
an leaba thógaint = dul ag triall ar an leabaidh is isteach
ínti. Thógas an buachail i n-áirde ón dtalamh leis an dá
chluais. Nuair a chuala an glór bhíos ag tógaint mo chluaise
= ag cur cluas le h-éistcacht orm héinig. Tógadh liom
is buaileadh ar bhior mo chinn me = bainead dem bonn (dem
buínn, dem chosa) me. Dia linn: táimíd tógtha ó thalamh
na h-Éirean anois nó riamh = scriosta, marbh, ídithe (cainnt
a dúbhairt duine nuair a conacthas na dubh-chrónaigh ag


L. 224


teacht). Táim tógtha ó thalamh na h-Éirean aige sna fiacha
go léir = briste ceart. Ní tógfar an chainnt sin uait
gan é rá níosa cruinne = ní glacfar le -. Ní rabhas sásta
sin a thógaint i n'fhírine gan é fhiarthú thar n-ais an tarna
h-uair. Ní tógth' ort (= tógtha ort) bheith ag mola do
chonndae féinig = ní ceart milleán a chur ort mar gheall ar
tu bheith —. Thógfainn léighean go tapaidh = d'fhoghlumóin.
Thóg an scéal maith suas me = chuir áthas croidhe orm. Bíon
tógaint-suas croidhe ag baint le scéal geal. Thógfadh
droch-scéal duine = chorróch: chuirfeadh ar staid mhí-shuain-
easach. Ní thógfá an ainm sin "balcaire" i n-aochor mar
tán tu ró-fhada = ní oiriúnóch sé dhuit. Bíon tu a d'iarraidh
me thógaint i gcómhnuí = me chur suas. Thógas Tomás chun
cabhruithe liom = thóghas: thugas liom. Ní ceart duit an
chainnt sin a thógaint chúghat héinig mar ní chúghat-sa a bhíos
= a mheas gur duit-se a bhíos á thagairt. Thóg Pádraig an
focal san = níor thaithin an focal leis: thóg sé suas é. Níl aon
tógáilt ar phrátaí anois = éileamh, glaoch, tógaint, ruith. Is
ana-sho-thógtha an duine thu = gur fuirist tu thógaint, tu chothú.
Bíon daoine go tréan chun foghluim a thógaint is daoine
eile mall. Tá an bhó ag tógáilt = ar tógáilt. Tá an bád
ag tógaint an uisce (= á thógaint isteach thar a faor) is á
tharac (á tharac aníos). Ná tóg orm teacht treasna ort:
ná tóg orm gan bheith i láthair, éinní = ná buail a mhilleán
orm. Tógfaidh sé leath-uair a' chluig uaim an ceacht a scríobh.
Thógfá Máire ar mhná ciallmhara an domhain = mheasfá gur
duine díobh í. Tóg an focal san ana-fhada. Tá súil agam
ná tógfaidh Dia orm fanacht istig ón Aifrean = ná leanfaidh.
Dá dtógfá do lámh chúgham bhrisfinn do phus. Táim ag
tógaint an lae go breá bog. Má bhris sí an copán féin
ní tógtha uirthi = ní ceart é thógaint uirthi.



TÓGÁLACH — Tá aicíd thógálach orm = aicíd gur fuirist
í thógaint. Nách tógálach an duine thu! = duine nách fuirist
labhairt leis ná baint leis mar go bpreabfadh sé chúghat:
duine gur fuirist é thógaint, é chur suas, é chur chuin feirge.



TOGHDUITHE — Tán tu chó toghduithe, chó tuathalach, le sean-
asal. Bíon duine toghduithe nuair a mheasfá go mbéadh
mar a bhéadh ualach trom ar a dhrom: bhéadh sé ag imeacht
trom, marbh.


L. 225


TOGHDUITHEACHT — D'fhág an obair toghduitheacht is tinn-
easaí i ngach aon tsnaidhm dem chorp. Snaidhm anso = alt:
an áit go dtagan na cnámha isteach le n-a chéile.



TOGRAIM — Ní de rogha a thogair sé dul ann ach gur
chaith sé é = a thoibh sé.



TOIL — Tá an seanduine ag fáil bháis, ach caithfimíd an
scéal a dh'fhágaint fé thoil Dé. Bím ag eascainí ach ní
bhíon mo thoil ach le cuid aca = bíon an chuid eile lasmuigh
dem thoil. Bhí an máistir ar buile mar gur fhágas an scoil
gan a thoil = gan chead uaidh: gan a thoil do lorg. Tá
Gaoluinn ar do thoil agat = gur féidir leat í chur ag obair
fé mar is mian leat. Tá an saol ar mo thoil agam anois =
go breá breá: chó breá is ba thoil liom. Bhí fhios agam nár
cheart é dhéanamh, ach bhuaidh an toil ar an dtuiscint agam.



TÓIN — Tá tóin an hata briste = an méid tímpal a bhíon
thuas is ós cionn mullach an chinn nuair a bhíon an ceann in sa
hata. Béal an hata = an oscailt go gcuirtear an ceann
isteach ann. Duille an hata = an chuid de a bhíon leibhéalta:
a choimeádan taithneamh na gréine amach as an súile. Bhí sé
ag imeacht tóin thar ceann — dá mbéadh duine suite ar nós
an táilliúra dh fhéadfadh sé a cheann a bhuala anuas ar an
dtalamh agus ansan é héinig a chasa chun cinn ar nós na
liathróide. Chaitheas an buachail uaim síos den árdán tóin
thar ceann = é ag casa sa tuitim síos: ní bhéadh sé ag tuitim
síos ceann ar aghaidh, ná cosa ar aghaidh. Bíon an cladhaire
sin ag obair fé thóin = fé cheilt, i gan fhios. Tá an scéal
tóin thar ceann agat = bun ós-cionn. Bhí na leabhartha
caite tóin thar ceann aige = soir siar = trí n-a chéile: gan
bheith socair ceart. Bíon na spiairí ag obair fé thóin i
gcómhnuí. Tá an tóin bainte as an leath-scéal agam = gan
aon mhaith fágtha ann agam: gan aon bhonn bheith fé. Cainnt
gan bhun gan bhárr gan tóin gan cheann gan leath-imeal =
cainnt ná féadfá aon tuiscint a bhaint as: a bhéadh measctha
trí n-a chéile go h-olc. Bhí an teine leis an dtóin agam is
chaitheas teithe = bhí an tóir go dian lem shála. Ní dh'fhéad-
fadh sí fiche focal cainnte do chur as tóin a chéile = do chur
le chéile: i ndiaidh a chéile i gceart. Níl sé de mheabhair
ionnam dhá líne filíochta do chur as tóin a chéile. Tá an tóin


L. 226


as an saol, tuitithe as an saol, an aimsir seo = é bheith
buartha neamh-shocair go maith. Níl an tóin ró-dhaingean sa
tsaol fós. Ní féidir le duine suidhe gan a thóin bheith fé.
Tuitfidh an tóin as indiubh (as an spéir, as an lá) = tiocfaidh
ana-bháisteach anuas. Ní féidir liom tóin ná ceann a chur
ar an scéal = ní féidir liom aon tuiscint a bhaint as, aon
éifeacht a dh'fheiscint ann. Buail é sin isteach fé thóin
cártaí = fé sna cártaí a geárrtar agus ná bíon san imirt.
an cárta a bhíon fé thóin cártaí bíon sé as radharc is fágtar
ansan é: ní bhíon sé san imirt. Chuir Seán fé thóin cártaí
me sa scrúdú = bhuaidh sé orm. Tá an sagart fé thóin
cártaí ag an easbog = caite isteach i gcúinne, i bpóirse
éigint: gan aon mheas ag an easbog air. Cuireadh fé thóin
cártaí in sa gcomórtas sinn = buadhadh is briseadh orainn:
fuarthas an lá orainn. Caith isteach fé thóin cártaí é sin.
Tán tu ag titim ar tóin = ag dul siar, ag dul i n-olcas.
Duine ag titim ar tóin i rás = ag titim siar. Duine a bhí
ag cúla ó chleas a dh'imirt bhí sé ag titim ar tóin.



TÓIR — Tá eagla orm go dtiocfaidh an tóir isteach = an
namhaid is fuadar fé. Tá an tóir i nbhúr ndiaidh. Tá an
tóir fén dtóin, leis an dtóin, againn = go dlúth 'nár ndiaidh.
Nuair a bhraith sé an tóir chuige léim sé an fhinneóg amach.



TOIRMEASC — Bhíodar ag déanamh toirmisc ar an lánúin
phósta = á gcur i gcoinnibh a chéile. Gheóbhaidh sé na flaithis
gan dua gan toirmeasc. Ná bíodh sé den dtoirmeasc an
leabhar san a leigint uait ná é chailliúint. Toirmeasc seadh
rud a chailliúint nó aon mhí-ádh mar sin, nó gan é dh'fháilt
dá mbeifá á lorg = clampar, cúis trioblóide. Níl aon
toirmeasc eadrainn ach toirmeasc na móna = clampar.



TOIRMISCIM — Thoirmisc sé orm é dhéanamh = dúbhairt
sé liom (bhagair sé orm, órduigh sé dhom) gan é dhéanamh:
chosc sé orm -.



TOIRRCHEAS — Tá toirrcheas ar an mbean = í ag úmpar
cloinne.



TÓIRTÉIS — Tá ana-thóirtéis ag baint leat = eiríghe i
n-áirde. Tá árd-thóirtéis orm mar gheall ar na bróga


L. 227


nua = me bheith mór ionnam féinig aca. Ní chuirfeadh £20
ar bhó aon ana-thóirtéis ar dhuine an aimsir seo ná compórd
(cúmpórd a deirtear) = árdú croidhe, tógaint cinn. Tá
tóirtéis agam (nó orm) as mo dhuine muínteartha atá ag
déanamh na ngníomhartha móra. Bhéadh ana-thóirtéis orm
(chuirfeadh sé ana-thóirtéis orm) a chlos go raibh an tsíocháin
bunaithe. An raibh aon eagla ort nuair a chonnaicís
na dubhchrónaigh chúghat? Ní raibh aon tóirtéis i n-aochor
orm = ní raibh aon fhuíghleach den misneach nó den gcroidhe.



TÓIRTÉISEACH — Thóg sé tig mór tóirtéiseach = go raibh tóir-
téis ag baint leis. Táim ana-thóirtéiseach as an nduais a
bhuadhas = eiríghe i n-áirde, nó mustar, orm mar gheall air.
Táim tóirtéiseach as m'athair mar go bhfuil cáil mhór air.



TÓIRTHNEACH — Ní toran go tóirthneach = an tóirthneach an
toran is mó. Mheasfá gur thóirthneach bhalbh an fhuaim =
tóirthneach a bhéadh i bhfad uait is ná cloisfá go ró-shoiléir.
Tá tóirthneacha balbha ag imeacht ó mhaidin.



THÓIS — Thóis amach = gaibh amach — le bó.



TOISC — Is ait é toisc an tsaoil = imeacht an tsaoil:
beidh úntaisí ann go deó.



TOISE — Thugas mo thoise don ngréasuí chun feidhre bróg:
don dtáilliúir chun cluth éadaigh. Thóg an táilliúir mo
thoise. Thógas mo thoise héinig indé is táim sé troithe is
órlach ar aoirde. Thógas toise Shéamais le h-aon dorn
amháin = leagas (shíneas)ar an dtalamh é — ar (a) fhaid is ar
a leithead. Ní ceart duine a thógaint dréir a thoise = dréir
a dheárthaimh, dréir a thoirte, dréir mar fhéachan sé. Ní
fada a bhíos ag tógaint a toise nuair a tháinig sí chúgham = á
meas: á dhéanamh amach cad é an saghas í. Fé mar a thógas
do thoise istig im aigne tán tu sé troithe.



TÓITEÁN — Tóiteán teine = teine mhór ghroidhe: bladhma.
Bhí tóiteán tobac ar siúl agam = gal mór as an bpíp.



TOLCA — Feic tulca.


L. 228


TÓMHAISIM — Tán tu tómhaiste agam = do thoise tógtha
agam. Is féidir liom duine a thómhas go tapaidh. Bhíos
am thómhas féinig leat = beirt ag seasamh suas díreach le
chéile nó i gcoinnibh a chéile féachaint ciaca do b'aoirde.



TÓMHAISÍN — Thógas tómhaisín beag fuisce = deoch bheag:
tómhas beag de. Is maith liom tómhaisín a bhaint as nuair
a théighim 'on mbaile mór.



TÓMHAS — Is deacair talamh a chur amach as an dtómhas =
nuair a chaithean duine an síol is an leasú a cheannach sa tsiopa.
Cuir an mála siúicre isteach sa tómhas féachaint cad é an
mheáchaint atá ann = gléas chun rud a thómhas. Bead ag
imeacht anois mar tá tómhas liom = marc, téarma: tá
orm rud éigint a dhéanamh, nó é dhéanamh laistig d'am áirithe.
Tá cuid dár dtómhas aige Seán cheana = cuid dár dtoise
aige, nó tógtha aige. Ná bíodh peaca an tómhais ort — le
siopadóir = gan bheith spriúnlaithe ag tómhas amach na
n-earraí: leaga an tómhais (na meágha) bheith aige sna
h-earraí: piúnta maith pórtair, cig., a líona amach. Cad é
an tómhas é sin? = cad é an mheáchaint, an fhaid, atá ann?



TÓMAS — Tá ubh anso i dtómas gach duine = i gcóir: le
h-aghaidh: fé chóir. Cuireadh ubh síos i dtómas gach éinne
againn. Tá ceist agam anso id thómas = féd bhráid, féd
chóir. Cuireadh blúire maith den bhfeóil i leath-taoibh féd
thómas (fé tómas a deirtear).



TÓN — Nó tóin. Thuit an tón as an lá = d'iompuigh sé
chun báisteach throm, nó chun báistíghe truime.



TÓNACHÁN — Bhí sé ag tónachán leis fan an fhalla a
d 'iarraidh éaló amach as an seómra = an tóin á chimilt fan
an fhalla aige is é ag imeacht. Bíon duine ag tónachán
nuair a bhíon sé ag teacht anuas fan chliatháin cnuic (nuair
a bhíon an cnoc ana-ghéar) = ag siúl ar a thóin. D'aistríos
liom ag tónachán.



TONN — Tá tonn maith dem aois caite agam: ní fada
eile a raghad = cuid mhaith: téarma maith fada. Tá tonn
(nó tamhain) maith dá h-aois tagtha.


L. 229


TONN — Chuireas tonn mhór fola aníos, nó amach = mórán
de. Tagan an tonn taoscach orm nuair a théighim ar an
bhfairrge = úirlicí: taosctar aníos gach ní as mo ghoile.
Nó, tonn taoscach = sconna buinníghe.



TOR — Tor raithníghe = nuair a bhéadh roinnt mhaith de sna
slapair ag fás isteach ana-ghairid dá chéile. Ní fiú faic
thu ach mar sin héinig is fearr thu ná tor aitin. Bhí an lá
fén dtor againn = díomhaoín, ar ár dtoil: fé mar a bhéadh
ag duine ná béadh ag obair i lár na páirce ach é cúnlaithe
isteach fé thor.



TORADH — Ní raibh mórán triomaigh ann le chúig bliana is
sé a thora san atá anois ann = an rud atá tagtha as san.
is féidir liom an Ghaoluinn a labhairt ceart go leór, ach dá
mbéadh cainnteóir maith istig liom ní dh'fhéadfainn aon tora
a thabhairt air = ní dh'fhéadfainn cainnt cheart a choimeád
ar siúl leis. Dóghadh mo thig ach ní bhfuaireas aon tora as =
sásamh Dá gcuirfá leanbh ag triall ar theachtaireacht ní
bhfuigheadh sé puínn tora = ní cuirfí aon ana-shuím ann. Ní
thugaim aon thora ar mo mháthair = ní dheinim faic uirthi:
ní chuirim aon naith i pé ní a deirean sí.



TÓRAMH — Táim tuirseach ó bheith ar an dtóramh aréir.
Deineadh an corp do thóramh. Chuir sé tóramh ar a bhean
= dhein í thóramh. Feic tóruighim. Bhí tóramh breá uirthi.



TÓRMACH — Tá an bhó ag tosnú thórmaigh = na siní ag at
amach ag an mbainne is an ú anuas teann ag líona amach.
Tá an bhó ag tórmach. Tá ana-thórmach déanta aici. Tá an
fuacht ann anois is tórmach aimsire laistiar de = tórmach
chun droch-aimsire laistiar de: é ag buirbeáil chun droch-
aimsire. Cheannuíos bó thórmaigh = bó go raibh tórmach á
dhéanamh aici. Is mór an tórmach atá ar an mbó. Is
éachtach an tórmach a tháinig ar Sheán chúgham = at le feirg:
tháinig sé séidhte amach, lasta suas, le feirg. Tórmach
mór is gan do theacht as ach mara-laogh, mara-ghamhain = ana-
ullmhú, ana-obair, is beagán tora. Tá ana-thórmach ar an
oíthe anocht = é ag buirbeáil chuin báistí nó sneachtaidh: an
spéir trom is líonta isteach: cló na báistí nó an tsneachtaidh
go maith air. Nách éachtach an tórmach atá sa tír an aimsir,


L. 230


seo, tithe á ndógha, saighdiúirí ag marú, agus mar sin de =
fearg, at: agus ansan achran is marú. Maruíodh póilín
aréir is is dócha go dtiocfaidh tórmach as = at feirge is
droch-obair is buirbeáil.



TORMAISTIÚIL — Duine tormaistiúil = gur deacair é
shásamh: gur beag leis a bhfuighean sé: go mbíon tormas
air.



TORMAS — Tá tormas ar an leanbh, nó tá sé ag tormas =
tá sé mí-shásta: tá pus air. Tá tormas orm indiubh cheal
tobac = mí-shásamh, mí-shástacht. Dá mbéadh do chuid móna
goidithe (goitithe a deirtear) uait bhéadh tormas ort. Bhí
tormas orm mar nár leigeadh isteach sa bhfuirin báire me.



TORRACH — Nó tarrach. Ní íosfad a thuille bídh ná ní
ólfad a thuille díghe mar táim torrach aca = lán suas.



TORTHACH — Páirc thorthach = saibhir: páirc go mbéadh ana-
thabhairt ínti: torthúil (nó torúil).



TÓRUIGHIM — Tóruíodh an corp = deineadh é thóramh.



TOSACH — Bíodh tosach na breithe ag Dia (ar dhuine éigint)
= is aige Dia ba cheart an chéad bhreith a bheith: is ba cheart
dúinn an chéad bhreith sin a dh'fhágaint Fé. Tá cáithnín fé
thosach mo shúile = an chuid di is cómhngaraighe don tsróin.
Fé dheire na súile = sa chúinne eile. Ar radharc na súile =
istig ar a lár. Táid i dtosach a gcloinne = gan ach tosnuithe
ar an gclainn aca. Táim i dtosach mo mhaitheasa = ná raibh
aon mhaith ionnam go dtí so. Níor mhaith liom labhairt leat
chun tosaigh = an chéad chainnt a bheith agam = tosnú na cainnte
a dhéanamh. Tá leabhar á scríobh aige. Tá: sé an tosach
aige é = an chéad cheann: an tosnú. Sé Seóirse tosach na
cloinne aca = an chéad duine cloinne. Tháinig stróinséirithe
isteach is sagart chun tosaigh ortha = ar an gcéad duine aca.
Cuir tosach fém bróig = an méid den mbróig a théighean ar
an dtalamh is gan an tsál d'áireamh. Tá na tosaighe ar
fóghnamh ach tá na sála ar lár agam. Bhí an capal chun
tosaigh ar an láir (= roímpi amach) is an t-asal 'na ndiaidh


L. 231


aniar. Téir ar tosach = chun tosaigh leat — a déarfadh an
máistir scoile le garsún á chur suas go ceann na buidhne.



TÓSDALACH — An té a bhíon tósdalach bíon sé mórálach
(nó mórdálach) ann féinig: cuirean é héinig ós cionn a
chumais.



TOSNUIGHIM — Tosnuíon páirc le p is críochnuíon le c.



TOST — Thuit sé dhá thost: thuit sí dhá tost = stop den
gcainnt. Ar an imeacht gcéadna thuiteas dom chola, is
mar sin.



TRÁCHTAIM — Níl aon aithne agam ar an ndochtúir ach
clos trácht (nó tráchta) thairis = gur chuala tagairt bheag dho:
cainnt bheag mar gheall air. Bhíomair ag trácht an bhóthair
le cois a chéile = ag siúl, ag cur dínn. Ní raibh aca ach
trácht thar a chéile = sin a raibh d aithne aca ar a chéile — rud
nárbh fhiú é dh'áireamh). Casadh orm Éamon i dtrácht an
bhóthair = agus an bóthar á chur díom agam. Bhíomair araon
i dtrácht an bhóthair ag cainnt le chéile. Bé go bhfuighidh
Éire rud éigint ó Shasana i dtrácht na h-aimsire = leis an
aimsir, le h-imeacht na h-aimsire. Tá ana-thrácht ag an
bhfear san, ag an siopa san = mórán daoine bheith ag déanamh
air: mórán ceannaigh ar siúl ann: ana-ghlaoch ar pé ní a
bhéadh ann.



TRÁGHAIM — Cloch thráite = cloch go mbíon an t-uisce
imithe anuas di. Tá mo bholg tráite ag an obair = gach ní a
bhí ann imithe as: folamh. Tán tu ag féachaint tráite go
leór = an fuinneamh is an neart is an dath imithe asat.



TRÁIGH — Ná bí a d'iarraidh an dá thráigh a thabhairt leat =
an dá thaobh: dá ní. Bhíos a d'iarraidh an dá thraigh a thabhairt
liom, bheith ag scríobh is bheith ag cainnt. Ní dh'fhanan tráigh le
h-eadarshuth = pé ní a thárluíon deinean an tráigh, trá na
fairrge, a ghnó feinig. Lag trágha. Feic taoide. Is
fada amach atá an tráigh indiubh = mórán den dtráigh a
bheith nochtuithe. Fágadh ar an dtráigh me = ar an bhfóghraíl
ar fóghraíl. Bhris an gluaisteán is ansan bhíos ar an dtráigh
go breá = gan aon rud agam: gan aon tseift ná fuascailt


L. 232


agam. Nuair a bheidh na prátaí ídithe againn beimíd ar an
dtráigh = follamh: gan bhia.



TRÁIGH-LÍ — Tháinig poll i mála an phlúir sa tslí abhaile
is d fhág san Tráighlí ar an mbóthar againn = d'fhág ar
fóghruíl. Bhí Tráighlí ar an mbóthar againn nuair a bhris an
cárr is gan ionainn é dheisiú = bhíomair fágtha i bpúnc, i
dteannta. Thug an seana-thraen Tráighlí ar an mbóthar
dúinn nuair a bhí na rálacha tógtha chuin siúil. D'fhág
Pádraig Tráighlí ar an mbóthar agam sa rás, sa scrúdú =
d'fhág chun deire go mór me: d'fhág ansan me is d'imigh
uaim. Nuair a bhíon Tráighlí ar an mbóthar aige duine ní
féidir leis a chás a réiteach-go ceann tamaill ach go h-áirithe.



TRÁLAERACHT — Ag trálaeracht a bhíon an t-árthach san
= ag iascach le trál.



TRANGALÁIL — Feic trangalam. Bhí téada in sa naomhóig
is seólta is trangaláil eile = rudaí eile trí n-a chéile: nó
rudaí eile a dheinean trangalam is achran (le bheith sa tslí).
Tá ana-thrangaláil ar an mbórd agat = rudaí bun-ós-cionn,
nó rudaí de mhórán saghasana. Tá trangaláil mhaith im
pócaí. Bhí trangaláil agam ag dul ar mo laetheanta
saoire = málaí is giúirléidí: ní dh'fhéadfá é thabhairt ró-
mhaith ar aon mhála amháin, ach san am gcéadna pé beag mór
ar an dtaobh amuigh díot féinig is trangaláil é mar
bainean trangalam leis. Leanan mórán trangalála an
tig seo, nó aon tig go mbíon mórán gnóthaí trí n-a chéile
ann. Bíon trangaláil mhaith i gcómhnuí ar an gcoirce nuair
a bhíon an droch-aimsir ann = trioblóid: á leaga is á thógaint
is á thriomú.



TRANGALÁLACH — Is trangalálach an fear thu = tran-
galáil a bheith agat i gcómhnuí: nó á dhéanamh agat.



TRANGALÁLTA — Bíon an tig seo ana-thrangalálta
lá aonaigh = trangáil mhór is achran is straca is brúgha ann:
daoine is cairteacha ag teacht is ag imeacht. Bhí an lá
indiubh trangalálta go maith = trangaláil ag baint leis:
mórán sa tsiúl tré chéile. Níl aon tslí sa naomhóig dhuit:
tá sí ró-thrangalálta achranach = an iomarca trangalálta ínti


L. 233


is earraí. Tá sibh trangalálta go maith indiubh = rudaí á
n-aistriú mar seo is mar siúd agaibh gan aon tslí chóir. Tá
an bórd trangalálta agam = mórán nithe anuas air is gan
iad riaruithe.



TRANGALÁLUIDHE — Duine go mbíon trangaláil ag
baint leis: nó a bhíon ag cur trangalála is toirmisc ar
bun, is a bhíon ag teacht treasna ar dhaoine.



TRANGALAM — Is minic a tháinig trangalam maith as
fhear seóig, as bhean tseóig = bruighin, clampar, crosa. Tá
an scéal 'na thrangalam eadraibh = meascaithe, achranach,
na bhruighin. Fear mór trangalaim = fear mór cros:
a bhíon a d'iarraidh daoine a chur amuigh le n-a chéile. Tá
an lá na thrangalam againn = nuair a bhéadh gach gnó soir
siar: ná béadh obair an lae ag rith le duine is gan éinní dá
bhár aige: bun-ós-cionn. Tá na cómharsain i dtrangalam
dlí = i n-achran dlí. Leanan mórán trangalaim gnó feirme.
Táim i dtrangalam = i gcás: i gclampar: i mbruighin.
bhéadh trangalam ar dhuine dá gcaillfeadh sé a chuid stuic, dá
mbéadh sé go h-olc as = ní bhéadh sé réidh. Bhí trangalam
eatorra ach tá deire leis = aighneas is bruighin. Dá n-iadhfadh
an bannc ar do chuid airgid bhéadh trangalam ort = trioblóid,
achran. Bhí trangalam aca mar gheall ar rud éigint. An
té a bhíon, i bhfiacha bíon sé i dtrangalam. Bhí trangalam
agam a d 'iarraidh an bhó a thabhairt ar an aonach = trioblóid.
Nó trangalam orm. Nuair a chuaidh an bád amach riug
trangalam uirthi mar níor fhéad sí teacht isteach ag an
dtarac = achran, dua. Dhein an bithúnach san ana-thrangalam
eadrainn = chuir clampar is droch-aigne ar siúl, is achran.
Táim i dtrangalam mór mar gur riugadh orm ag goid
caorach. Nuair a bhíos ag imirt cnaipí chuaidh an chráin
isteach ins na prátaí; á tiomáint amach dhom gheárras í
le sciolpóg cloiche, is ansúd ní trangalam a bhí déanta ach
dhá thrangalam. Bhí trangalam mór á dhéanamh i dtír na
h-Éirean tamal ó shoin = díobháil is achran. Bhí lá mór
trangalaim againn = mórán rudaí le h-aistriú: mórán
gnóthaí le déanamh is le réiteach: lá bruigheanta is cros is
achraintí. Lá trangalaim seadh lá aonaigh i gcómhnuí.



TRAOCHAIM — Bhíodar ag traocha a chéile amach = ag cur


L. 234


ana-thuirse suas ar a chéile. Ní raghadh aon traocha orm de
lá ná d'oithe dá mbéadh an phíp lán agam.



TRÁTH — Is minic a bhíodh an máistir an meisce, ach lá de
sna laetheanta is tráth de sna tráthana bhuail an cigire
isteach chuige gan choinne.



TRÁTHÁLAIM — Tá an fhairge tráthálta againn ó mhaidin
ar bheagán seilge = cuarduithe le trál: trálaeracht déanta
uirthi. Thráthalas an t-aonach is ní fhaca oiread is bó a
thaithneóch liom. Thráthálas an baile ag lorg airgid is ní
bhfuaireas faic.



TRÁTHAR — Tá mo mhéar i bpoll tráthair = i n-áit nách
féidir liom í tharac as go ró-mhaith: táim i bpúnc: bruid
airgid, cig., a bheith orm.



TRÁTHNÓNA — Tráthnóna meala = glórmhar, aoibhin.
Tráthnóintí.



TRÉ — Raghadh an cladhaire sin tríot isteach le dílseacht =
leigfeadh sé air go raibh sé ana-cheanúil ort.



TREABHAIM — Má tán tu ag súil le h-airgead uaim
beidh gan treabha agat, a mhic ó = beidh an gnó gan déanamh:
beidh fuar agat. Tá Séamas slán aríst, ach ní raibh ann ach
gur threabhaigh sé = bé a dhícheal é teacht as an mbreóiteacht:
ní raibh ann ach gur tháinig sé as. Táim chun treabhtha, nó
chun treatha, nó chun treabhaite, arís = chun fiadhaigh: ar
fóghnamh, ábalta ar ghnó a dhéanamh. Táim ag treabha liom,
ag treabha tríd an gceacht = ag saothar liom go mall réidh.
Bhíos ag treabha riamh is choidhche gur bhaineas Bleá Cliath amach
de shiúl mo chos = ag baint as: ag cur díom. Táim ag
treabha ar dhul abhaile amáireach = ag cuímhneamh, ag faire
ar —. Bhíos ag treabha a d'iarraidh é dhéanamh = ar mo
dhícheal.



TREAGHDÁN — Treaghdáin = na h-ainmhithe beaga a bhíon
i gceann, nó ar cheann, dhuine: míola cinn.



TREALLA PÓIR — Duine a bhíon ag siúl go trom ainis
(aindeis).


L. 235


TRÉAN — Tá teine thréan thíos agat = ana-láidir. Táim
go tréan = go h-ana-bhreá. Tán tu go tréan chun gaoil
do thabhairt isteach (do chómhaireamh) = go diail.



TREASÁILT — Nó triosáilt. Triosáil (ó thriosálaim)
suas bun do bhríste ón bpluda = fill suas é. Triosáil i
n-áirde an t-éadach ar an mbórd = bailibh, cúnlaigh isteach.
Baineadh treasáilt asam = treascairt, leaga. Baineadh
treasáilt as mo phágh = íslíodh anuas é. Thriosáil sé an
leanbh suas go dtí an tsíneáil = thug caitheamh i n-áirde dhó.



TREASCAIRIM — Treascairíodh me = leagadh; baineadh
treascairt asam. Anso a bheidh do threascairt = a leagfar
thu: a brisfar thu: a gheóbhair bás. Fuaireas na bróga
so ar a leath-threascairt = ana-shaor: ar leath a gcuid
airgid: ar leath-luacha (nó leath a luacha). Tá na h-earra
ag imeacht ar a leath-threascairt anois = mórán fé bhun an
méid is fiú iad. Fan socair ar an gcathaoir nó bé go
bhfuighir do threascairt.



TREASNA — Ná tóg orm teacht treasna ort = dul id
choinnibh: brise isteach ar do chainnt: gan réiteach ná teacht
leat. Tán tu ag fás treasna = i leithead. Scéal treasna
= scéal nó cainnt a thagan treasna is a chuirean i leath-
taoibh scéal eile: nó a deirtear chun é chur i leath-taoibh.
Chuireas dhá mhála ar a bhfaid in sa gcairt is mála eile ar a
threasna = chuireas treasna sa chairt é. Bhuail ceist treasna
orm aréir nárbh fhéidir liom í réitheach = casadh orm. Chuireas
an mála treasna anuas ar an dá cheann eile. Ní ar 'fhaid
(a fhaid) ná ar 'aoirde a bhí sé ach ar a threasna. Níl aon
treasna ionnat = leithead. Tómhas ar mo threasna me is
ar m'aoirde. Chuir sé an tómhas ar mo threasna = treasna
orm — táilliúir, cig.



TREASNÁIL — Tá an treasnáil ag baint leat = tu bheith
ag teacht treasna ar dhaoine. Deinfimíd go maith muna
raghaimíd chun treasnála ar a chéile = chun mion-áitimh. Nó
treasnuíl. Bím ag treasnuíl (nó ag treasnáil) ar dhuine
éigint i gcómhnuí. Fear mór treasnuíle (nó treasnála)
seadh me.


L. 236


TREASNÁLTA — Bíon an treasnáluí treasnálta.



TREASNÁLUÍ — Duine a bhíon ag teacht treasna ar
dhuine eile. Nuair a bhíos ag labhairt ón árdán bhí treasnáluí
éigint thíos a bhí ag síor-bhrise isteach orm. Cuir amach an
treasnáluí.



TREASNÁN — Rud a bhíon ag gabháilt treasna. Treas-
náin na cómhlach = na cláracha a bhíon ag gabháilt treasna na
cómhlach is iad greamaithe ar na cláracha a ghaibhean suas
síos. Treasnán, leis, seadh an maide buaice.



TREASNUÍL — Feic treasnáil. Dá mbéadh aon fhocal
ann go mbéadh aon treasnuíl ann bé ná tuigfinn é = deaca-
racht: focal a thiocfadh treasna ort. Bímíd ag treasnuíl
ar a chéilig. Ní théighean aon laga ar do chuid treasnuíola =
áiteamh is aragóint.



TREIDHNA — Nó tradhna. Mhuise, cola an tradhna chúghat,
a bhuachail! Cad é an cola s'ort (so ort)? — le buachail
a bhéadh na chola nuair ba cheart dó bheith dúistithe. Ceann de
sna colatánaigh seadh an tradhna.



TRÉIGIM — Thréig sé (éadach) = d'imigh an dath as: chaill
sé an dath (a dhath). Tá mo bhríste tréigithe (tréice a deir-
tear) = tréice na dhath. Tá tart gan tréigean orm = gan
staona: tart a dh'fhanan, ná fágfadh, ná lagóch.



TRÉINT — Ghluaiseamair linn sa tréint = i n-ana-rás:
go h-ana-thapaidh. Siúd an girriadh in sna tréintibh siúil
nuair a chualaidh sé chuige na gadhair = ar luas na gaoithe.
Ba dhiail an tréinte siúil a dheineamair = gluaiseacht ghéar.
Siúd ar a thóir na gadhair sa tréint, nó ar tréint = go tiubh
tapaidh. Nuair a bhí na h-úbhla goidthe (goite) againn chuir-
eamair in sna tréinte. Nó treidhnt. I lár na tréinte
chaitheas stad.



TREIS — Cad a bheidh sa treis agat nuair a dh'fhágfad thu?
= ar siúl, ar bun. Nó i dtreis. Cad tá i dtreis agaibh
anois? = cad é an gnó, an t-adhbhar cainnte, atá ar bun
agaibh? Bí ar t'aire mar tán tu sa treis le duine maith


L. 237


anois = sa treó, i gcoinnibh. Tá fhios agam gur goideadh
an gluaisteán (gur deineadh éinní) ach ní rabhas-sa sa treis =
ní rabhas sáite isteach ann. Tá rud éigint sa treis ag an
naomhóig ná fuil sí tagtha isteach = ar bun, i gceist, amú.
Nílim i dtreis, sa treis, san obair sin = níl aon lámh agam
ínti. Níor mhaith liom dul 'na threis = dul 'na choinnibh: dul
i n'ionntaoibh: dul leis, na threó: tabhairt fé. Táthar sa
treis thall i Lúndain tímpal ceist na h-Éirean = ag cómhrá,
ag troid, gnó ar bun aca. Ní rabhamair ró-gheal dá chéilig
tamal ó shoin, ach níl faic sa treis eadrainn anois = sa
difir: i gceist. Tá sé sa treis go bhfuighimíd ár saoirse =
sa tairngireacht: ráite: ag imeacht. Bím héin is Tomás
sa treis (i dtreis) le chéilig = le chéilig, i dtreó a chéilig, i
dteannta a chéilig. Ní raibh éinne sa treis liom nuair a
bhriseas mo chos = im theannta. Tá ceist na h-Éirean sa
treis aca thall = ar siúl. N'fheadar cé bhí sa treis léi sa
droch-ghnó = sáite isteach léi sa droch-ghnó: ag cabhrú léi:
lámh aige ínti.



TREISE — Is fearr treise aigne (nó treise tola) ná
neart lámh = fuinneamh, neart. Táim níos treise ná thu
= níos láidre, níos tréine. Tán tu go treis = go láidir
tréan groidhe: go breá. Tá an bhreis agam ort ar aoirde =
táim níos aoirde ná thu.



TREISEACHT — Dá threiseacht í an fhiacail seadh is mó an
saigheadh (pian géar) a bhíon aisti.



TREÓ — Táim ag dul i dtreó canna uisce = fé dhéin.
Tán tu ag fágaint treó na díghe = an áit, an treó, go bhfuil
an deoch. Bhíos ag teacht as threó, nó ó threó, na cainnte.
Cad é an treó atá á thabhairt ort héinig agat anois? = cáil
do dhul? Treó an aonaigh. Chuas i dtreó gloine fuisce =
sa treó 'nar cheapas go mbéadh sé, nó ag trial ar dhuine gur
dhóigh liom go bhfuighinn uaidh é. Chuas 'on oileán Tiar i
dtreó na Gaoluinne. Táimíd i dtreó a chéilig ó mhaidin =
i dteannta —. Bhfuil an cheist (an seómra, éinní) i dtreó
agat fós? = réitithe, socair suas, ullmhuithe. Chuireas an
bhó i dtreó tairbh mhaith. Chuireas an mhaise id threó = ag
triall ar an áit go rabhais. Ní ceart scata daoine óga a
dh'fhágaint i dtreó a chéile mar sin.


L. 238


TREÓIR — Táim gan chrí gan áird gan treóir = imeacht
seólta.



TREÓRUIGHIM — Táim ag treórú chun imeachta, chun
inní = am dhéanamh féinig suas chun, ag ullmhú chun -.



TRIAIL — Tá triail agam ort is nílean tu go ró-mhaith =
tástáil. Cuir chúgham feidhre bróg ar triail, le triail =
le tástáil (is níl geárrtha orm iad do choimeád muna
dtugaid triail mhaith uatha). Thug sé ana-thriail uaidh sa
gcomórtas, sa scrúdú, i n-aon tsaghas cúrsa = dhein sé go
maith: triail leóin. Thug an gluaisteán droch-thriail uaidh
is níor choimeádas é. Thug an lá ana-dhroch-thriail uaidh
agus a bhreáthacht a bhí sé ar maidin = iompuigh sé amach go
h-olc: níor sheasaimh sé go maith.



TRIAILIM — Bím ag triail gach éinní lem cheann is ní
féidir liom é leigheas. Níl trialta agam ar an lampa nua
fós = ní raibh aon triail agam air: níor bhaineas triail as.



TRIALL — Chuireas mo lámh im póca ag triall ar
hainceisiúir.



TRIAN — Tá dhá dtrian an leabhair léighte agam is trian
uaim = dhá dtrian den leabhar.



TRIANTÁN — Triantán aráin = píosa maith: nó císte
slán ar fad.



TRÍD — Bhíos ag imeacht tríd (nó thríd) an sráid = ag
cur na sráide dhíom: fén sráid. Inis an scéal tríd is tríd
= ó thosach deire. Bhí gach éinne á rá liom go raibh an tsíoch-
áin déanta, ach tríd is tríd níor chreideas an scéal =
d'ainneóin na cainnte go léir.



TRÍNSEÁLAIM — Trínseáladh me le buille chamán =
cuireadh ar mí-threóir: bíod go mbéadh, béidir, ar mo
chumas obair bheag a dhéanamh. Táim trínseálta ag mo ghoile
= buailte amach: máchail a bheith orm nách féidir liom me


L. 239


héinig a bhoga as. Muna bhfuaireas ach 20 fén 100 sa
scrúdú táim trínseálta.



TRIOBLÓID — Chó leisciúil ná cuirfeadh sí de thrioblóid
uirthi héinig an doras a dhúna = dua. Tá trioblóid mhaith ar
an bhfear bocht indiubh = é breóite go leór: pianta air.
Tá sé trioblóideach a dhóthin indiubh = mhí-shuaineasach: dua
na breóiteachta air.



TRIOLLABHAIT — Triollauit a deirtear. Buaileadh i
n-aon triollabhait amháin é síos leis an bhfaill ar an dtráigh =
tuitim trom marbh: an fhuaim a dheinfeadh an tuitim sin.
bhí scata mór bollán ag teacht anuas tríd an sráid i n-aon
triollabhait amháin = i n-aon scata amháin is glór trom na
gcos aca. Is diail an triollabhait daoine iad = scata mór
daoine, cig., a rithfeadh amach as tig a bhéadh tré theine, nó
a bhrúghfadh amach tréis an Aifrin. Thuit an falla i n-aon
triollabhait amháin. Thuiteas i n-aon triollabhait amháin
anuas den mbórd = tuitim i n-aonacht, tuitim díreach gan
greim a dh'fháilt ar éinní: tuitim is buille trom. Cuir
uait an triollabhait = fuaim throm led chosa.



TRIOMACH — Fuaireamair cúpla lá triomaigh = cúpla lá
go raibh triomú ionnta. Tá breis triomaigh ag eiríghe anois.
Nuair a bheidh an cith imithe bheidh sé 'na thriomach arís =
triomach, triomú, bheith ann.



TRIOMUIGHIM — Thriomaigh an tobar (suas) ar fad =
d'imigh an t-uisce as. Tá sé 'na bháistigh anois ach triomóidh
sé ar a ball. Nuair a thriomaigh an bád = nuair a tháinig
sí i dtalamh is gur imigh an t-uisce uaithi. Thriomóch an
bithúnach me muna mbéadh gur saoradh me = chuirfeadh sé
ó chainnt, ó aighneas, me: mharóch sé me: bhéinn trim aige.
bhí sé ag cainnt go rábach ach nuair a tháinig an máistir
isteach do thriomuigh sé, do thriomuigh sé suas = stad sé den
gcainnt. Thriomuíos é le h-aon bhuille amháin dem theangain.



TRIOP — Tá triop treap suas síos an staighre agat ó
mhaidin = buala suas síos is cnagarnach cos ar siúl agat.



TRIOPAL — Ní deacair triopal an sparáin a thabhairt i


L. 240


n-áirde nuair ná bíon puínn ann = tóin: é dh'fhollamhú. Tá
triopal do chasóige (do chóta) fliuch = a h-íochtar thiar. Tá
triopal an áruis i n-áirde = tá sé follamh. Bhíomair ag cor
le chéilig ach tugadh mo thriopal i n-áirde = leagadh me.
Nuair a bhíon an triopal i n-áirde bíon duine ar a bhéal is ar
aghaidh le ceart. Bhí triopal treapal aige ag teacht go dtí
an dtig = é ag siúl go trom: coiscéim fhada fhánach throm
aige.



TRIOPAL — Nuair a dh'fhiarthuíos de an dtiocfadh sé ní
raibh aige ach triopal-treapal = neúmhdar neámhdar. Bhí
scéal triopal-treapail aca = béidir agus béidir eile agus
mar sin. Tá an scáth fearthaine 'na thriopal-treapal agat
= gan aon bhonn fé: ag luasca anonn is anall: guagach.
Fáisc an t-árdán go maith le chéile is ná bíodh sé 'na thriopal
treapal agat = ag faire ar thuitim: guagach.



TRIOPALACH — Tá an t-aprún deas triopalach agat =
fáiscithe, gan bheith giobalach. Gúna triopalach = ná béadh
ag dul síos go dtí bonnuíocha na gcos: ná béadh liobarnach.



TRITHEAMH — Tháinig tritheamh gáirí orm = brise gáirí
gurb é mo dhícheal — nó thairis — é dh'úmpar. Bhíos i dtrith-
eamh casachtaighe = taom casachtaighe a leanfadh ar feadh
tamail.



TRIUTH — Nó triuch. Ní thabharfainn deich triuth ort = ní
thabharfainn faic — le rud gan mhaith. Sé (nó sí) is measa sa
phaca é (í). Tá triuch ar ceann. Tá aon triuth agam.
Tagan casachtach 'na trithí troma ar dhuine nuair a bhíon an
triuth (aicíd é sin) air.



TROID — Scaoilfead troid leat — i n-imirt chártaí =
tabharfad fút chun tu choimeád ón gcluiche, nó chun é bhaint
amach dom héinig.



TROIG — Ní raghaidh troig díom an aon aonach = faic: ní
raghad i n-aochor.



TROM — Bean trom seadh í = tá meáchaint mhór ínti.
Nách trom an bhean í? Ach, tá sí 'na bean throm = tá sí ag


L. 241


úmpar linbh. Má bhíon múinteóir istig ó scoil cuireann
san leath-trom ar na múinteóirí eile = breis oibre. Tá
leath-trom ar an dtaobh so den gcárr = leath-cheann air
ag an mbreis mheáchaint.



TROMÁN — Tá tromán im chasóig ag an (nó ón) mbáistigh =
í bheith níos truime: rud trom. Táim ag dul i dtromán =
i meáchaint. Tugadh tromáinín beag bíd chúgham mar
dhínnéar. Sé an tromán a bhíon ag coimeád na feirste sa
turan (nó turn).



TROMLUIGHE — Tagan an obair 'na thromluighe i n-aonacht
ar na daoine san earrach = i n-aon ualach trom amháin.
Cuirtear é i gcomórtas le tromluighe na leapan é nuair
a meastar go mbítear ag tuitim le faill nó i bpúnc
uathbhásach.



TROMMPALÁN — Ainmhí beag ar nós na ciaróige a
bhíon ana-mhall sa tsiúl. Trommpalán duine = duine gan
siúl, nó gan bheith go maith chun siúil.



TROSCA — Tá trosca ar fheóil ann indiubh. Táim ag
déanamh trosca ar fheóil, ar éinní. Bíon troscaí fada le
déanamh agam agus gan orm ach droch-chothú = tamalacha fada
gan bhia.



TRUAGHÁN — Duine nó ainmhí go mbéadh truagh agat dó:
bhéadh laige éigint cuirp ag baint leis. Truaghán fir, mná,
bó, gamhna = suarach, nó beag dá aois.



TRUAGHNAIRT — Duine go mbéadh luige chorportha air:
go mbéadh truagh agat dó. Truaghán nó truaghnairtín.



TRUCAIL — Na trucailí fáilte rómhat = mórán díobh —
de sna fáiltí.



TRÚIN — Is mó rud mar thrúin bháis ann = cúis bháis; a
thugan an bás leótha. Cad é an trúin bháis a bhí aige t'athair?
= bun báis: cúis bháis. Cad é an trúin go bhfuil na prátaí
caillte i mbliana? Ceal cré? Ní h-eadh. Tá réiteach
níosa fearr ná san air.


L. 242


TRUIP — Bhuaileas truip ar an asal = buille chois. Bhíos
ag gabháil de thruipeana ar an ndoras = á bhuala lem bróig.
Níl aon leigheas ar an scéal de thruip na h-uaire = in san
am fé láthair.



TRUIPEÁLAIM — Thruipeáil sé an doras = bhí ag buala
truipeana air. Thruipeáil sé mo chaipín tréis é bhaint dem
cheann. Ní deas an nós bheith ag truipeáil gach aon chloch a
chítear ar an mbóthar.



TRUIST — Baineadh truist as an mbuachail a shuidh síos
ar stól a bhí ar tinneal fé = tuitim trom. Bhuaileas mo
chos i gcoinnibh cloiche is baineadh truist asam.



TRÚMPA — Ní thabharfainn trúmpa gan teanga ort ná
madra alla gan fiacail = faic. Ní mór an luach an lá san
thu.



TRUS — Turas. Bhíos ag cainnt leat trus = uair, aon
uair amháin. Tá an plúr gann anois is ní bhfuighfá thar cloch
de sa trus sa tsiopa = gach uair a raghfá á lorg. Bímíd i
mbun na h-oibre ar ár dtrus = mise indiubh, duine eile
amáireach, duine eile an lá 'na dhiaidh sin: ansan mise aríst,
agus mar sin tímpal. Ní beag liom an cúram san ar mo
thrus = nuair a thagan mo thrus. Bíon oíthe shaoire aige sna
cailíní ar a dtrus. Ní bhíon na ceachta foghlumtha agat aon
trus. Chuas ar na rásana is tá luach mo thruis agam mar
thógas cúpla púnt = luach m' aistir: rud a dhíol me as an
aistear. Bíon fáilte rómhat gach aon trus a thagan tu.
Thugas trus ar an áit sin.



TRUSÁLAIM — Trusáil suas an mhóin = bailigh, cúnlaigh.
Trusáil suas do ghúna as an bpluda: do mhuinithirle.
Tugadh trúsailt mhaith dhom amuigh ar an bpáirc le h-aon
ghuala amháin = baineadh trusáilt asam = tógadh liom is
síneadh me. Baineadh trusáilt as mo phágh = íslíodh é: leaga
anuas. Fuaireas trusáilt is me ag rith síos, mar shleamh-
nuíos is tógadh liom. Bainean boga den dtalamh le
trusáilt. Tá na páipéirí trusálta go deas agat ar an
mbórd = curtha le chéile go slachtmhar.


L. 243


TRUSÓIREACHT — Bím ag trusóireacht = ag tabhairt truis
bheaga anso is ansúd.



TUAIRGÍN — Tuairgín de bhean theann láidir = bean
chruaidh théagartha.



TUAIRIM — Tabhair tuairim do (de) cé mhéid airgid
atá agam. Nílim ar aon tuairim leat = aigne: ní mar a
chéile do thuairim-se is mo thuairim-se. Is dóigh liom gur
focal iasachta é sin, ach tá daoine ann ná fuil ar an dtuairim
sin = nách é sin an tuairim atá aca. Ní h-aon mhaith dhuit
bheith ag caitheamh thuairimí = bheith ag tuairimiú. Ní ceart
duit bheith ag cainnt as tuairim = gan ach tuairim nó tuairimí
bheith laistiar den gcainnt agat. Sé mo thuairim ar do
Ghaoluinn (nó ded Ghaoluinn) go bhfuil sí go maith = sé an
tuairim atá agam di, nó uirthi. Tuairim an lae seo anuiridh
do buaileadh breóite me = i gcómhaireamh an lae seo, nó
tímpal is mar sin. Sé an tuairim a thugadar ar chuma na
spéire go raibh aimsir bhreá go deó air = sin é an éifeacht
a bhaineadar as chuma na spéire. Fuaireas an scian san
áit go raibh mo thuairim = sa mball gur mheasas go bhfuighinn
í. Ní fearra bheith ag caitheamh tuairimí ar cad a thuitfidh
amach amáireach = ag tuairimíocht ar —. Níl fhios agam
cáil do dhul ach tá tuairim agam do = 'na thaobh. Chaitheas
tuairim go mbéadh an lá breá = mheághas. Tá mo thuairim
le h-í theacht amáireach = sé mo thuairim go dtiocfaidh sí.
bhí tuairim agam go rabhais níos óige ná san = bhíos i n-amhras:
mheasas. Sé mo mhór-thuairim go — = sé mo thuairim
láidir, go macánta. Bhíos ag tabhairt tuairime, tuairimí
= ag tuairimiú. Tá tuairim airgid agam ort = tá tuairim
agam go bhfuil airgead agat. Tabhair do thuairim fén
gceist = abair cad is dóigh leat tímpal na ceiste. Fuaireas
post san áit ná raibh puínn tuairime agam do = san áit
nár mheasas puínn go bhfuighinn post. Tá saibhreas anso
in sna tithe nách tuairim puínn. Ní chuirfinn féd thuairim
go ndeinfá a leithéid = ní mheasfainn go —; ní chuirfinn
id threó. An dtabharfá tuairim do cad tá im dhorn? =
cad is dóigh leat atá —? Dheinis an gníomh uasal is ní
chuirfinn a mhalairt fé tuairim (= féd thuairim). Ní
cuirfí fém thuairim go deó é = ní bhéadh aon amhras ag éinne
go ndeinfinn é: ní measfaí aon ní eile dhom ach go ndeinfinn


L. 244


é Tá sé 'na shagart anois is níor mheasas riamh aon rud
eile dho. Tá na tuairimí go léir dulta i gcoinnibh na
ndaoine a deireadh go mbrisfí an tsíocháin.



TUAIRIMÍGHIM — Thuairimíos go dtiocfadh an bháisteach =
bé mo thuairim. Ní thuairimeófá cad a fuaireas ar an mbó
= ní bhuailfá le tuairim. Ní thuairimeóin go deó dho go
n-iompóch sé amach 'na spiaire. Níor thuairimíos aon lá
riamh go bhféadfá an talamh a thabhairt dom = me leaga.



TUAIRIMÍOCHT — Sé tuairimíocht na ndaoine anso go
leanfaidh an tsíocháin = tuairimí a bhíon ag imeacht is á
ndéanamh is á gcaitheamh. Bíon tu ag tuairimíocht i gcómhnuí
= ag caitheamh tuairimí. Ní théighean aon laga ar an áit seo
ach ag síor-thuairimíocht.



TUAIRISC — Tá sí imithe ar thuairisc na gcaorach = á
lorg. Bhí an máistir ag cur tuairisce (nó tuairiscí) féachaint
cé bhris an fhinneóg = ag fiarthú, ag cur ceisteana, ag lorg
eólais. Nuair a chuala go raibh sí breóite chuas ar a tuairisc
= féachaint conns a bhí sí: á féachaint. Bhíodar le bheith
anso ar a 3 ach níl aon tuairisc ortha fós = níl aon bhlúire
díobh le feiscint. Thugas trus ar thuairisc Sheáin.



TUAIRTEÁIL — Thugas tuairteáil mhaith dhó = súisteáil
mhaith: tuargaint throm: búrdáil: brúgha: buala tréan
trom.



TUAISCEARTACH — Duine tuaisceartach = garbh: mí-
shéimh: duine goirgeach gur deacair réiteach leis. Ní
ghlacfadh sé aon chainnt uait gan an taobh garbh a theasbáint.
Coitianta bíon sé deacair rudaí a chur i dtuiscint do.



TUAR — Is olc an tuar ar an lá an ghaoth bheith ag aistriú =
cómhartha. Is maith an tuar ar an lá amáireach an oíthe
anocht bheith chó ciúin. Is olc an tuar dúinn an scéal bheith
mar sin = droch-chuma ar an gcúrsa seadh an scéal —. Is
olc an tuar do dhaoine na gais bheith glas is gan faic fútha =
ní dheárthuíon an scéal go maith i n-aochor dóibh. Is olc an
tuar chun maireachtaint na prátaí bheith chó mion san. Ní
maith an tuar é má buailtear an coga aríst i n-Éirin = maise.


L. 245


Is olc an tuar do sna h-iascairí gan aon cheannach bheith ar an
iasc = bail, slí, cómhartha roim ré. Is olc an tuar mná óige
thu (deirtear le fear bocht nó fear gan mhaith) = dréir
cosúlachta is olc an taca thu chun í chothú, chun í choimeád suas,
chun cúram ceart a dhéanamh di.



TUARAIM — Líon a thuara = a gheala le h-é chur amach fén
spéir.



TUARGAIM — Tá Máire thíos ag an sruthán ag tuargaint
éadaighe.



THUAS — Níl an chrú thuas ag an ngabha fós = fén gcapal.



TUATH — Ar an dtuath a riugadh me.



TUATA — Éist do bhéal, a thuata = duine gan eólas.
Ceárduí an taobh eile. Bé go bhfuil an peann agat ach níl
ionnat ach tuata tímpal gréasuíochta. Nó tuatach. Níl aon
mheas agam ar thuataigh an pharóiste sin = cábóga.



TUATHAL — Tá an gnó déanta ar dtuathal agat = i slí
cham, sa tslí cham. Ar deiseal = an tslí cheart. Tá gach
rud ar dtuathal anso = taobh síos suas. Thugas casa tuathail
= i leith na lámha clé: sa treó neamhcheart. Casa deisil =
an taobh eile. Tá sí ró-ghlic chun an taobh tuathail a theas-
báint = an taobh cam malluithe: an droch-mhianach atá ínti
a theasbáint. Nuair a bhíon an taobh tuathail (de chasóig)
amach bíon an taobh deas isteach. Chuir sé air an chasóg
taobh tuathail isteach is an taobh deas amach. Tuille an
tuathail (tuille den dtuathal) chúghat = tuille an donais, nó
den ndonas. Tá an áit 'na chíl-tuathail = 'na réaba roilge:
bun-ós-cionn go dona. Roinnt de sna daoine a bhí ar
dtuathal (= ag taobhú le Sasana) táid ar deiseal anois
(= ar thaobh na h-Éirean, dílis d'Éirin).



TUATHALÁN — Níl ann ach tuathalán fir ná feadair faic =
duine gan eólas gan síbhíaltacht: duine tuathalach, go mbíon
dearúid á ndéanamh aige is mar sin de.



TUBAIST — Bhí an saol ag dul im choinnibh ach buaileadh


L. 246


buille na tubaiste ar fad orm nuair a dóghadh mo thig = an
buille a chuir bárr ar an ndonas: a chríochnuigh amach an mí-
ádh: buille a chuaidh ana-olc dom. Chuas 'on mbaile mór,
agus ní h-ag áireamh na tubaiste é, thugas fiche púnt ag cean-
nach earraí = gan tubaist an scéil d' áireamh i n-aochor:
gan an méid a dh'imigh briollach do thabhairt isteach (i n-aochor):
lasmuigh de bhreall an chúrsa.



TUGAIM. — Ní féidir linn an obair seo a dhéanamh, is
caithfimíd tabhairt suas = eiríghe as, géille. Chaitheas tabhairt
suas aige sna cnapáin a bhí ar mo chosa is an rásúr a thabhairt
dóibh, nó ortha = chaitheas an siúl a chur uaim nó pé ní a bhí
á dhéanamh agam. Ní fada a thug an siopa ann mar chuaidh
sé i bhfiacha. Thugas seachtain ag obair = chaitheas. Ní
féidir liom an léim sin a thabhairt = a chaitheamh, a dhéanamh.
Thug an falla = thuit. Thug iall mo bhróige = bhris. Thug mo
bhróga = tháinig brise is máchail ionnta is níor fhéadadar a
ngnó a dhéanamh. Tá an teine ag tabhairt = ag múcha. Thug
an coiste daor me = dhaoradar me (i pé ní a bhí im choinnibh).
Thugas suas an mhúinteóireacht = d'eiríos as: chrochas suas
i. Ta sé tugtha suas dó gusab é an duine is fearr chuin
Gaoluinne anso = tá sé ráite admhuithe 'na thaobh. An
gníomh san a dheineas thug sé mí-chlú orm = thairig. Tá na
sicíní go léir tugtha amach (as na b-uibhe) ag an gcearc.
Má tán tu chó cruaidh san orm caithfidh me an post a thabhairt
suas = a chaitheamh suas, a chaitheamh uaim. Ní féidir liom aon
Béarla a thabhairt leis an bhfocal san = do chur air. Ní
féidir liom an focal san do thabhairt chun cainnte = é chur ag
obair i gcainnt. Níl ag teacht liom an lá san a thabhairt
chun mo chuímhnte = greim a dh'fháilt air lem chuímhne. Thuga-
mair a h-aghaidh (aghaidh an bháid) san ngaoith = i gcoinnibh na
gaoithe. Bhíos ag tabhairt m'aimsire (na h-aimsire) ag
foghluim na céirde. Nuair a bheidh an aimsir tugtha agam
tosnód ar phágh a tharac. Níor thugais an déanamh ceart ar
an gcamán = níor chuiris an cló ceart air. Bhí an ceann
á thabhairt chun an tailimh aige is na cosa ag lúbarnaigh fé ag
an meisce = ag tuitim i dtreó na talún. Tugaim mo lán-
toil duit leis an gcleamhnas a dhéanamh = tá lán-chead agat
uaim chun —. Tá an fear bocht tugtha suas ag an sagart
is ag an ndochtúir = deirid go bhfuighfidh sé bás: ná tioc-
faidh sé as. Tugan an chainnt sin ciall an fhocail amach =


L. 247


nochtan. Ní féidir liom me héinig a thabhairt r scríobh-
nóireacht na Gaoluinne = m'íntin is m'aigne do chur ag obair
ar an scríobhnóireacht agus gan bac le h-éinní eile. Níl aon
tabhairt in sa ngort san = ní féidir leis aon rud a chur ag
fás. Níl tabhairt na féasóige ionnat. Thugas na cosa don
mbóthar = chuireas sa tsiúl. Ní feidir liom brí a thabhairt
leis an bhfocal san duit = ciall a bhaint amach as. Chuirfeadh
sé stró ar éinne a thabharfadh cainnt dó = a labharfadh leis.
Níl tabhairt an fhéir sa pháirc. As an áit seo a thug mo mhuíntir
a n-ainm = a fuaireadar, a thairigíodar. Bhí ana-obair ag an
ndlígheadóir na h-oighrí cearta a thabhairt isteach, a thabhairt
chun baile = dhéanamh amach. Thugas an litir fém láimh =
chuireas m'ainm léi. Thugas suas i lár an ráis = níor
dheineas a thuille reatha as san amach. Bhí ana-oíthe 'thabhairt
amach againn = ithe is ól is ceól is amhráin is spórt is mar
sin: agus cainnt leis. Tán tu ana-thugtha do sna leabhartha
= ana-spéis agat ionnta, is tu ag gabháilt dóibh go minic.
Ní thabharfainn isteach don ráfla san = ní ghéillfinn, ní
chreidfinn é. Chodaluíos go h-olc aréir, ach an méid nár
chodaluíos aréir tabharfad suas anocht é = an méid a chailleas
aréir codalód anocht é. An t-am a thugas díomhaoín ar
maidin ní mór dom é thabhairt suas fén oíthe = cúiteamh a
dhéanamh ann: an méid oibre ba cheart dom a dhéanamh ar
feadh an ama san a dhéanamh fén oíthe. Aon rud a thabhairt
suas mar sin. Thug sé orm gan dul ann = mheall sé me chun
gan dul ann. A 6 is a 7 agus sin a 13: cuir síos an 3 agus
tabhair leat an 1. Bhí furmhór mo nirt tugtha tréis cas-
tuíocha is annró n-a h-oíthe = caite. Ní bheidh sé ar ár gcumas
an méid sin oibre a thabhairt amach fé n-a 3 a chlog = a
chríochnú. I n-imirt na gcártaí tugan an má mór breis
leis i gcómhnuí. Ní féidir liom aon tuiscint a thabhairt
liom as an gcainnt = a bhaint amach dom héinig. Ba bheag
nár thugas an rás liom = nár thógas, nár bhuadhas. Is maith
liom bheith ag iománuíocht ach ná deinim-se tuirseach thu = ná
cuirim-se tuirse ort. Tá Cáit i mbéal a tugtha amach = tá
sí i n-aois a pósta: ullamh chun déanamh di féinig. Nuair a
bhíon duine amhlaidh bíon sé chun reatha má bhíon go deó. Bhí
Seán á thabhairt amach agam sa rás = á thraocha.



TUIGIM — Ní féidir liom aon tuiscint a bhaint as an
bhfocal = aon chiall. Tá an chainnt sin le tuiscint = is féidir


L. 248


í thuiscint. Tuigim dom héinig go mbeidh an lá breá = tá sé
meáite agam, táim á cheapa: táim á thuiscint dom héinig.
Sé mo thuiscint amach as an bhfocal san duit go — = sé an
tuiscint a bhainim as. Ní thuigim an Ghaoluinn ach tuigim di
= táim léi: táim ar a taobh, is ba mhaith liom í dhul chun cinn.
Dá mbéadh call-shaoth ar dhuine is truagh agat dó thuigfá dhó.
Tuigim dóibh go maith mar tá's agam nách aon dóichín an
obair atá rómpa. Tuigean Bríd di féinig ós (as a deir-
tear) cionn chách eile = bíon sí gairid di féinig: ní chuirean
cúrsaí éinne eile aon tinneas uirthi ach a cúrsaí féinig.
Dheineas é sin ar an dtaobh amuigh dem thuiscint = níor
thuigeas an cúrsa: níor thuigeas cad a bhí á dhéanamh agam.



TUILE. — Bhailimh na tuiltiacha gach aon phioc ruide amach
leótha sa bhfairrge (nó ar an bhfairrge). Tá sí (an fhairrge)
'na tuile = ag tuile: 'na taoide thuile: ag líona.



TÚILÍN-TSEABHRACH — Táim ar mo thúilín-tseabhrach = ar
mo thoil ceart: ar mo chraedó: ar mo chothrom. Bhíomair
ar ár dtúilín tseabhrach = ar ár suaineas: 'nár luighe fén
ngréin, ag siúl go breá bog: ag déanamh oibre a thaithn go
breá linn: ag imeacht le h-aer an tsaoil i ngluaisteán:
suite go seascair cois na teine.



TUILLE — Oibreóinn tuille is dhá thuille dá mba ghá é.



TUILLEAMH — Ní raibh aon tuilleamh agam ar an airgead
san = níor thuilleas é ar aon tsaghas slí.



TUÍNCÉIREACHT — Nílean tu ach ag tuíncéireacht ar an
lampa a d'iarraidh é dheisiú = ag útamáil, ag srimileáil,
ag slimideáil. Bhí sé ag tuíncéireacht ar an nGaoluinn leis
an bpeann = a d'iarraidh í scríobh is gan é ar a chumas ach i
slí stracaithe thútach.



TÚIRLICÍGHIM — Bé go dtúirliceóch an Spioraid Naomh
air is é spreaga chun a bhéal a dhúna = go mbuailfeadh Dia
isteach 'na cheann.



TUIRSIÚLACHT — Táim ag dul i dtuirsiúlacht = tuirse


L. 249


bheith ag teacht orm: nó, an tuirse a thagan le h-ainise nó le
críneacht is a dh'fhanan.



TÚIS — Léigheas an leabhar ó n-a thúis go dtí n-a dheire.
i dtúis an lae scríobhaim paiste beag = tosach.



TÚISCE. — Labhraim amach an focal is túisce chúgham =
an chéad fhocal a thagan chun mo bhéil. Cé's túisce chúgham?
= cé is túisce a bheidh críochnuithe? — máistir scoile a déar-
fadh le buidhin tréis ceist a thabhairt dóibh le réiteach.



TUISCEANACH — Ba cheart duit bheith tuisceanach dom =
tuiscnit dom. Ní bhíon gach múinteóir tuisceanach don
scoláire.



TUISLE — Brise na tuisle. Tá na tuislí briste.



TUITIM — Sciob an aicíd Seán, agus ba dhóigh leat go
gcaithfeadh an cnoc titim (sin é a deirtear) air chun é chur ar
mí-threóir = go dtógfadh sé mórán chun é bhuala amach: fear
go raibh ana-chuma sláinte air. Cheapas dá dtitfeadh an
cnoc air ná maróch sé é. Thit sé orm fanacht istig i bhfeighil
an tíghe = bé m'uain é, mo thrus. Thit mór-chuid oibre liom
indiubh = dheineas mórán. Beidh na leathanaigh seo ag titim
liom 'na gceann is 'na gceann go mbeidh deire leótha = á gcur
díom, á scríobh. Táimíd titithe amach le chéile = an caradas
briste eadrainn. Ba cheart duit leigint dod bhia titim
agat tréis dínnéir = socrú síos id ghoile. Caithfar titim
is eiriú leis an saol = gluaiseacht leis an saol, leis an aimsir.
Táim titithe san aois is sa gcríneacht = imithe. Bhí sé titithe
amach (i n-earaid) liom ach táimíd ag teacht isteach le chéilig
(á dhéanamh suas) aríst. Beidh Gaoluinn agam nó titfead
léi = caillfar me á foghluim. Tá sé ag titim chun ceóigh,
chun báistí. Is fada gur thit liom mórán oibre a dhéanamh.
Ní thitean mórán oibre liom na laetheanta so pé cúis atá
leis. Fág mise i mbun an ghnótha: is mise is fearr a thitfidh
leis = a thabharfaidh aire dhó. Tá an aimsir ag titim chun
brothail, chun maruíochta = ag dul: ag teacht. Tán tu ag
titim chun feóla, chun builg, chun aoise = an fheóil, bolg mór,
an t-aos ag teacht ort. Tá sé ag titim chun ciúinis, seaca,
colata, sneachtaidh, agus mar sin de. Ní orm a thit an


L. 250


oighreacht = ní chúgham-se a tháinig: ní mise a fuair. Níl
titim focail ort = ní shleamhnuíon aon fhocal thar ceart uait:
ní féidir breith amuigh ar do chainnt. Táim ag titim chun
laige = an neart bheith am fhágaint. Ach rud eile seadh bheith
ag titim i laige. Raghad nó ní raghad dréir mar a thitfidh
amach = dréir mar a thitfidh an cúrsa amach, dréir mar a
thárlóidh. Ní maith liom aon titim amach do chur idir tu agus
= aon titim amach le chéile. Thit ana-shaibhreas orm =
thiteas mórán chun saibhris. Cáil Séamas? Tá sé thiar
ansan: thit braon díghe air = bhain an braon an bonn uaidh:
chuaidh sé ar meisce — is féidir leis an mbraon duine a leaga
chó maith le cloich. Tit an cupán uaim = as mo láimh. Tit-
fead amach leat muna n-éistir. Is mór mar do thitis le
déanaí = mar do chuais chun olcais, siar. Táim ag titim =
ag dul chun críneachta, chun laige, agus mar sin. Táim titithe
leis an ocras = séite: gan aon neart fágtha ionnam. Tán
tu ag titim isteach leis na daoine móra = ag eiriú mór
leótha: ag dul 'na n-aithne is 'na gcoidreamh. Tá an fhairge
ag titim = ag ciúiniú. Ag eiriú, ag árdú, an taobh eile:
nó ag bolga. Thit an fear bocht leis aon ól is thóg an bás é =
dhruid sé leis. Táim ag titim chun meádhon-aoise, chun
inní. Níl na h-earraí ag titim in sna siopaithe = ag teacht
anuas san airgead. Beidh paiste maith déanta againn
dréir mar thitfidh = dréir mar thitfidh amach, nó dréir mar
thitfidh an obair linn. Táim titithe dubh amach leat = amach
is amach.



TULCA — Tá an bháisteach ag titim 'na tulcaí = go trom
trom. Bhí an chainnt ag teacht uaidh 'na tulcaí = 'na srutháin
mhóra mhaithe. Tá tulca ar an lá indiubh = deárthamh an
tulca. Dhein sé tulca trom aréir = tháinig tuile mhór throm
anuas. Tulca báistí, sneachtaidh; ghoil sí tulca deór. Tá
tulca ceóigh ann = mórán de.



TULCUÍL — Bíon sé ag tulcuíl chainnte = ag cur cainnte
as 'na tulcaí. Bhí sí ag tulcuíl ghuil = ag sile na ndeór
go tiubh te. Beidh sé ag tulcuíl shneachtaigh ar a ball: nó
ag tulcuíl bháistí = á leigint anuas go tiubh trom. Bhí an
fear ag tulcuíl le feirg = an oiread san feirge air ná
féadfadh sé an chainnt a chur de i gceart ach tulca di anois is
tulca di aríst. bhéadh amhlaidh, leis, dá mbéadh tocht mór guil


L. 251


ar dhuine. An té a bhíon ag tulcuíl ghuil bíon an scéal
céadna aige, uaireanta: agus chloisfá ag gol é is ach tarac
isteach anála.



TULMUS — Níl aon tulmus prátaí ná Gaoluinne agam,
ná tulmus d'éinní = cuid mhaith: radhairse (nó raidhirse).
Níl puínn tulmuis ag teacht isteach chúgham an aimsir seo.
Níl aon ana-thulmus den nGaoluinn agam. Níor bhuail aon
tulmus díghe ná éinní eile liom indiubh. Thógamair tulmus
mór éisc aréir. Ná bí ag súil le h-aon airgead uaim mar
níl aon tulmus agam = saibhreas mór.



TÚMAIM — Thúm sé a cheann san uisce = chuir sé a cheann
fé loch, isteach san uisce. Thug sé tuma do féinig = thúm sé é
héinig.



TÚMHAS — Thugas túmhas de dhorn dó = buille maith.
Damhas i gCo. an Chláir.



TÚN — Tún ar boga, nó tón ar boga = áit bhog sa tsliabh
nó i bportach agus dá siúlófá ann raghfá ar lár is bhéadh an
talamh tímpal ort ar crith. Tonn in sa bhfoclóir.



TUNUAR — Tá tunuar beag colata titithe air = snap
beag, is ní bhíon aon mhotháilt aige féinig air (ní bhraithean
sé é).



TUR — Arán tur = gan annlan: gan im, gan feóil, gan
ubh, gan tae. Tae thur = gan faic agat ach í is an t-arán.



TURACH — Nó torach. Táim turach ag an gcainnt sin, nó
den gcainnt sin = lán suas di: an iomarca di fachta agam.
Ag, nó de, éinní eile.



TURMAS — Feic tormas. Tán tu i dturmas indiubh pé
ní atá i gceist.



TÚRTAOIBH — Táim i dtúrtaoibh le púnt = ag braith ar
phúnt: gan agam ach é: i dtaoibh le (nó i dtiúntaoibh le)
púnt.


L. 252


TÚTACH — Bróga tútacha reamhra seadh bróga an ghréasuí =
garbh: gan bheith mín deas sleamhain. Níl aon droch-bhrí le
tútach reamhar a thabhairt ar dhuine ach amháin ná bíon sé
munlaithe go mín. Tá sé ana-thútach ar a chneatha (cinneacha
an litriú comónta) = garbh.



TUTANÁLUIDHE — Thabharfainn tutanáluí ar an ndroch-
spealadóir. Fág an áit sin, a thutanáluí, uaim. Feic
leat potanáluí is útamáluí.



TÚTAR — Tá tútar gail agaibh anso = gal mór: búirthé.
Bhéadh tútar ann dá scaoilfí blúire feóla nó éadaigh isteach
sa teine a thabharfadh droch-bhlath uaidh.



TUT-BHALBH — Táim tut-bhalbh = beagán bailíochta (bailbh-
ídheacht) ag baint liom: gan é ar mo chumas an chainnt a
thabhairt amach go breá pras. Bíon duine amhlaidh nuair a
bhíon na fiacla caillte aige i dtosach an bhéil.



U.



UABHAR — Tháinig uabhar goil orm nuair a chuala go raibh
m'athair caillte = saghas tocht uaignis is bróin. Tagan
uabhar ar dhuine nuair a chloisean sé gur dhein duine muín-
teartha olc air = luighean sé ar a chroidhe is deinean goine
géar air. Beidh uabhar orm nuair a bheir-se imithe = uaig-
neas go mbíon troma-chroidhe ag imeacht leis. Bíon
uabhar ar na daoine a bhíon i n-áit uaigneach, nó ar na príos-
únaigh nuair a bhíd ag cuimhneamh ar a bhfuil caillte aca. Ná
tagadh aon uabhar ort — deirean an té a bhíon ag imeacht
thar lear leis an té a dh'fhanan is an té a dh'fhanan leis an té
a bhíon ag imeacht.



UACHTAR — Ní h-é ár dtoil a bheidh ar uachtar sa scéal = i
n-uachtar: a gheóbhaidh an lámh uachtair: ní h-é a cuirfar i
bhfeidhm. Uachtar na bróige = an chuid di a bhíon ós cionn an
bhuínn is na sáile. Ní h-é ár gcainnt a bhí ar uachtar ag a
gcruinniú ach cainnt na muinntire thuaidh. Ba mhaith liom ár
nguth bheith i n-uachtar (ar uachtar) ach ní h-é a chuaidh chun
uachtair = chun cinn, chun tosaigh.


L. 253


UAIBHREACH — Chuala gol uaibhreach san oíthe = gol uaig-
neach. Bí sí ag caoine go h-uaibhreach. Capall uaibhreach =
a bhéadh ag rínce ar an mbóthar chun imeachta.



UAIBHREACHT — Ní leigfeadh an uaibhreacht dom labhairt =
uaigneas agus brise-croidhe, nó an mothú a bhéadh ag duine
dá ndeinfeadh cara leis droch-bheart air (ní bhéadh an mhotháilt
chéadna i gceist más duine eile a dheinfeadh).



UAIM — Uaim (nó ughaim) = an dá chléibh le chéile a bhíon
ar an asal. Ag brise na h-uaime. Cheithre h-úmacha.



UAIM — Caithim m'uain a thógaint ar fhuireach (nó chun
fuireach, fanacht) i mbun an tíghe = mo thrus nuair a thagan sé
an treó tímpal. Thógas m'uain ar an dtig (nó chun an
tíghe) a choimeád, nó a dh'aodhaireacht. Sé m'uain é chun an
tíghe a dh'aodhaireacht = chun fanacht i bhfeighil an tíghe. Fuair
Seán uain na ceártan uaim = thugas uain na ceártan dó:
leigeas do a ghnó ag an gceártain a dhéanamh rómham bíodh
is go rabhas ag an gceártain roimis. Sé t'uain-se anois é
(chun) an liathróid a bhuala amach. Uain na taoide ní fhanan
le h-éinne = aon imeacht amháin a bhíon fén dtaoide pé
rud eile a thárluíon: nuair is mithid di líona nó trágha
deinean sí amhlaidh díreach. Is olc an uain í anois = an
aimsir atá ann i láthair na h-uaire. Bhí ana-uain againn ar
an bhfear bocht, ar an rínce, ar éinní = spórt, seó, greann.
Bí ana-uain bháistí ann nuair a bhíos ag teacht isteach = ana-
thitim báistí an tráth san. Bhog an uain ar a dó. Bhíos
ag fanacht leis an uain chun preaba amach = tamall oiriúnach.
Ghlasuigh (ar) an uain. Bhí uain bhreá againn ag dul amach is
an droch-uain ag fille thar n-ais. Ba mhór an uain seóig a
bhí againn = tamal. Nuair a bhíomair i lár an bhóthair d'eirigh
an uain orainn = do neartuigh. Tugtar droch-aimsir ar
aimsir a bhíon olc ar feadh tamail: bé ná seasóch an droch-
uain ceathrú an chluig. Beidh an uain ag breaca ar ball beag
= ag glana, ag triomú. Tá an uain agam ort = tosach
aimsire — duine a bhéadh ag an gceártain a déarfadh, nó
buachail a thosnóch ar rás roim buachail eile. Ní mór duit
fanacht le t'uain mar táimíd go léir anso rómhat. Bhíos ag
fanacht, ag fuireach, ag braith, lem uain chun an dochtúir a


L. 254


dh'fheiscint. Tá m'uain suas anois = istig. Bí anso ar
an uain cheart = ar an am ceart.



UAINÍOCHT — Bhíomar ag uainíocht ar a chéile san obair =
a uain féinig á thógaint aiges gach éinne dréir mar thagadh:
gachara tamal againn san obair go dtí go mbíodh uain gach
inne istig, agus ansan an scéal céadna tímpal aríst.
Bhíodar ag uainíocht ar an rothuíocht = ag rothuíocht dréir mar
do thagadh trus gach éinne tímpal san uain cheart. Ní
thugaimíd aon uainíocht ar a chéile anso = ní bhíon aon uain-
íocht ar siúl anso: an té go mbíon gnó aige bíon sé sa
ngnó san gan faoiseamh ó éinne eile.



UAIR — Thabharfadh an madra so fé mhadra a bhéadh trí
h-uaire chó mór leis héinig. Bí anso ar an dá uair déag =
ar a dódhéag. Ón uair gur tugadh an leabhar dhuit coimeád é
= ós rud (é) gur —. Tagan uair na h-aichiní = an uair go
mbítear ag guidheachtaint air. Bhíos ag máineáil liom
d'uair is de thamal gur bhaineas an baile mór amach =
tamal sa tsiúl agam is tamal sa stad.



UAIREADÓIR — Is breá an t-uaireadóir í.



UAITHNE — Tá dath na h-uaithne ort = dath an bháis, na
h-iúire.



UALACH — Má tán tu mall tán tu trom-ualaigh = ualach
trom a bheith ort. Cainnt é seo a bhainean le h-ualach féir.
Tairrig isteach é ón dtaobh san. Fáisc chúgham é — a déarfadh
an fear a bhéadh ag ceangal thíos. Ceangail é — leis an bhfear
thíos. Gaibh air = faigh greim air leis an dtéad a chasa
tímpal an leath-luighe (leachluí a deirtear). Tairig as,
tairig é, stath é. Deirtear "bain uaidh" leis an gcoca,
leis.



UALACHAS — Chuirfeadh sé ualachas ort a chlos gur daoradh
duine san éagcóir: agus chuirfeadh, leis, uaireanta dá
mbéadh sé cionntach, ach ní bhéadh sé chó mór = maoineachas,
corruighe croidhe. Chuir sé ana-ualachas orm a dh'fheiscint
gur cuireadh an fear bocht isteach i bpríosún aríst. Sé
an taobh eile den lúcháir (lúthgháir) é.


L. 255


UAN — Tá an chaoira i n-uan = uan ínti; ag úmpar uain.



UATHBHÁS — Uafás a deirtear. Sé an t-uafás saoil an
méid Gaoluinne atá agat = úntas: scannra.



UBH — Ní fiú uisce na n-ubh thu (nó deoch d'uisce na n-ubh) =
an t-uisce 'nar beiríodh ubh nó uibhe. Chuireas an chearc
anuas ('na suidhe) ar na h-uibhe. Ubh guir, uibhe guir = ubh (nó
uibhe) go raibh an chearc 'na suidhe ortha. Ubh fiaidh (fiaig a
deirtear) = ubh ná béadh aon phlaosc air ach an scannán: bogán.
Sé is mó a gheítear iad so nuair a bhíon ruagairt ar na cearca.



UBHAL — Ubhal na scórnaighe = an cnámh a bhíon ag sá amach
i lár na scórnaighe.



ÚBHLÚIRD — Bhíos i lár na h-úbhlúirde = páirc nó gort
'na mbíon úbhla go tiubh.



ÚGH — Ú a deirtear. Tá úgh bhreá bhainne ag an mbó = an
áit thiar 'na mbíon an bainne aici. Lár na h-úgha.



UGHAIM — Feic uaim. Tá mo dhóthin d'uaim orm = de
chúram, de strus. Cuirtear an té a bhíon ag obair go
cruaidh i gcomórtas le h-uaim an asail. Nó, tá mo dhóthin
d'uaim tharraic orm.



UGÁN — Níl ionnat ach an t-ugán is an chreatalach ag an
obair = gan puínn díot fágtha. Nó iogán.



ÚGHDAR — Is údar ar an aimsir me = duine me go bhfuil
mór-eólas agam tímpal na h-aimsire: gur fiú mórán
mo thuairim. Is dóigh liom gur fíor an chainnt sin a deirim
mar tá údar maith agam leis = chuala é ó dhuine go mbéadh
eólas maith aige 'na thaobh: údarás. Focal údair i mbéal
amadáin-seanfhocal.



ÚGHDARÁS — Ba mhór an t-údarás uait (nó duit) mo
sheómra a chuardach = dánuíocht. Bheifá údarásach go leór
chun píp a chaitheamh i láthair an easbuig = dána: tiarnúil.



ÚGHDARUÍOCHT — Bíon tuiscint na bhfocal so agam


L. 256


coitianta ach bé go raghaidh an údaruíocht díom an trus so =
an t-údarás: me bheith im údar: bé go dteipfidh sí orm.



ÚGHMACHA — Feic leat uaim is úghaim. Chuir an cheist sin
trím úmacha mc = thug sé mo dhóthin — nó breis — dom í
réiteach. Chuir sé trím úmacha an obair a dhéanamh = bhí sé
air agam, bé mo dhítheal, é dhéanamh. Cuireadh trím úmacha
mc go maith aréir nuair a chonac cló an duine in sa ndorchadas
= baineadh triail mhaith asam: scannruíodh me go maith.



UILE — I nGaoluinn uile an Oileáin níl aon abairt is
deise ná é sin. Ó bhíos chun faoisdine cheana dheineas é
seo is é seo is é seo eile: sin uile = sin a bhfuil: sin a
bhfuil le h-ínsint agam.



UIMHIR — Cad é an uimhir a thógan tu i mbróga? Uimhir a
9. Tá uimhreacha cothroma agus uimhreacha corra ann.
Feic leat cruiceach.



ÚIR — Tá dath na h-úire ort = dath báiteach bán baoth
buidhe: dath an bháis: dath na cré.



UIRC — Gheall sé na h-uirc is na h-eairc ach níor dhein sé
faic = gheall gach éinní. Tá na h-uirc is na h-eairc agat =
gach éinní.



UIREASBA — Uirisa a deirtear. Níl easba ná uirisa
orm = nílim i ngátar éinní. Ar an dtarna i a thitean béim
an ghutha.



UIREASBACH — Táim nea'-uirisach go maith = mo dhóthin
go maith agam.



UISCE — Bíon an mháthair 'na h-uisce beirithe mar gheall ar
an leanbh nuair a théighean sé amach ar eagla go dtárlóch
aon droch-ní dhó = bíon sí neamh-shuaineasach go maith. Táim
im uisce beirithe agat ar eagla go scéidhfá orm. Nuair a
ghluaisean lán árthaigh de dhaoine sall bíon a muíntir 'na
n-uisce beirithe go bhfuighid cúntas uatha. Tá na báid i
gcómh-uisce = ar aon rian (ar aon scór) amháin san uisce.
An fear a bhíon crosda nó a bhíon ag ól nó amuigh san oíthe


L. 257


bíon a bhean 'na h-uisce beirithe aige. Fear idir dhá uisce =
fear a thugan an dá thráigh leis: go mbíon lámh thall aige
is lámh i bhfus: go mbíon lámhuíocht aige le gach taobh. Bíon
sé ag obair idir dhá uisce. Ná bí ag caitheamh aon uisce
shalaigh orm = ag déanamh aon tromuíochta orm. Bíon tu
ag imeacht idir dhá uisce = ag tabhairt an dá thaobh leat.
Bhí uisce óm fhiacla agam, nó orm, le bár dúlach ins na rudaí
a chonac. Bhéadh uisce le t'fhiacla ag óráiste searbh nó
úbhal géar = bhainfidís uisce ó t'fhiacla. Nílean tu ach ag
caitheamh uisce ar fhranncach báite = obair nea'-thairbheach sa
tsiúl agat: nó ag déanamh rud lag níos measa ná mar
atá sé. Bíon a thuille de sna gnóthaí i gcómh-mheas leis
gan gcúrsa san = gan ach an tairbhe chéadna ionnta. Uisce
iarainn = uisce go mbíon dath an iarainn air.



UISCIÚIL — Tá an lá so uisciúil go maith go dtí so =
fearthanach, fliuch, báistiúil.



UISE — Nó uisin. Mo dhá uisin = taobhana an chinn siar
ós na súile beagán. Tá m'uiseana tinn deóchaileach. Sidí
m'uisin chlé. Lár na h-uisine deise.



ULFAIRT — Últhairt a deirtear.



ULLAMH — Táim ullamh suas chun éinní = socair suas.



ULLMHUIGHIM — Ulluím a deirtear. Thugas ullú maith
dhó nuair a chuir sé chuige me = socrú, cóiriú, deisiú, buala:
cuma-bhrú. Féadtar é sin a rá gan aon droch-bhrí.



ÚLTHAIRT — Ná bí ag últhairt = ag glamuíl, ag glaoch
amach, glór mór láidir agat. Thabharfadh sé últhairt agus
snap ort gan aon chúis = snap.



ÚLTHARTACH — Tá an madra ag últhartaigh = ag sceamhuíl,
ag glóruíl: glór mór á dhéanamh aige. Dh'fhéadfá glaoch
orm go séimh is gan bheith ag últhartaigh sa tslí gharbh láidir
sin. Nó úalthartach.



UMHAL — Táim úmhal do Phádraig = tá leaga, agam leis is
deinim rud air.


L. 258


UMALL — Imeall an litriú in sa bhfoclóir. Chuas i
n-umall an dainnséir = i n'aice.



UMÁN — Nó iomán. Tá umán ag scríoba na talún ag
an ngné = cnapán blonaige a bhíon fé n-a bolg nuair a bhíon
sí reamhar go maith. Tá umán ag an ngné: titithe ag an
ngé.



UMAR — Táim i n-umar na h-aimiléise = i lár an donais:
i bpoll na h-ainise. Ag imeacht ó lár an donais go h-umar
na h-aimiléise = ó thig an diail go tig an deamhain. Ar mo
chraedó, ar mo thúilín-tseabhrach, an taobh eile.



UMHLATA — Uisce umhlata nó umhalta = uisce cos: uisce
go mbeidís nighte ann.



ÚNÁMH — Tá an bád ag únámh di féinig = ag imeacht go
breá socair mall: gan mór-shiúl. Bhuaileas (nó ghaibheas)
an bóthar siar ag únámh dom héinig = á thógaint go breá
bog. An t-iasc a bhíon ag pileáil bíon se ag únámh. Ní ag
obair atáim ach ag únámh = gluaiseacht mall sa tsiúl agam.
An té a bhíon tréis eiriú tréis breóiteachta bíon sé ag
únámh = cos leis thall is cos leis i bhfus is gan ann siúl ceart
a dhéanamh. Ní mór an siúl a dheinim fós ach ag únámh dom
héinig.



ÚNÁN — Cúbhrán: an bárr bog bán a bhíon ar bhainne bó
(an bainne a bhíon te tréis a chrúite), a bhíon ar phórtar nó
ar an bhfairrge: cúbhar.



ÚNCAM — Faighean fear post le scrúdú is fear eile le
h-úncam na ndaoine = lé na ndaoine bheith leis.



ÚNDÚIR — Is mór an t-úndúir ar do ghnó thu = duine
go bhfuil eólas maith ar a ghnó agus fhios aige conus é dhéanamh.
Úndúir ar éinní = údar.



ÚNDÚIREACHT — Is mór an úndúireacht atá ag baint
leat = feiste is cnúisciún is cruinneas: duine nár mhaith
leis éinní a leigint ar bóiléagar. Tá úndúireacht mhaith
ag baint lem chuid oibre = cruinneas. Tá úndúireacht na


L. 259


teangan ag dul chun cinn = cruinneas tímpeal uirthi. Úndúir-
eacht = cruinneas is eólas ar ghnóthaí is ar chainnt, agus
fé mar a dh'oirean sé don gcruinneas gnótha oirean sé
don gcruinneas cainnte i slí an té go mbíon briolláil
chainnte aige ná bíon an úndúireacht ann.



ÚNRACHAS — Nó ionrachas. Táim tréis 100 cloch prátaí
a dhíol leat is tabharfad 5 clocha breise dhuit mar únrachas
duit = gan díol asta: saor i n-aisce. Thugas an méid
sin únrachais dó; nó an méid sin mar únrachas. Chuas ann ar
únrachas go bhfuighinn prátaí = le súil. Chuas 'on mbaile
mór ar únrachas prátaí a dh'fháilt mar thabharthas nó le
ceannach = ag súil le. Bhuaileas isteach ar únrachas dínnéir.



ÚNSA — Is fearr únsa aire ná púnt leighis. Níl únsa
meabhrach agat = splinc (meabhrach).



ÚNTHAIRTEACH — Fear únthairteach = fear ná fanann socair
cúnláisteach, ach a bhíon corrathónach ag imeacht ó ghnó go gnó
bíon ag aistriú is ag strampáil.



ÚNTHAIRTEÁLUIDHE — Duine a bíon ag únthairt, ag
únthairteáil: duine únthairte.



ÚNTHAIRTÍGHIM — Bhraitheas an bithúnach ag únthairt lem
pócaí féachaint an raibh aon airgead ionnta = á mbraith
le n-a láimh ón dtaobh amuigh. Fear únthairte = fear a
bhíon corrathónach, ag gabháilt do rudaí nua gachara uair.



UNÚMHA — Níl an t-unúmha ag an mbó fós = an t-am
ceart chun beirtha. Bhfuil sé i n'unúmha Aifrin fós? =
i n'am, i n'aimsir. Is geairid go mbeidh unúmha an choirce a
bhaint ann = an t-am ceart chuige (bíodh is ná béadh an coirce
féin ullamh chun a bhainte). Níl an t-unúmha ann fós chun dul
ar scoil. Ba cheart go mbéadh an dínnéar ullamh mar tá
an t-unúmha ann- tá an t-unúmha aige (ag an ndínnéar).
Tá a unúmha féinig chun gach aon ní. Tá an cabáiste sin as
unúmha anois = an saosúr chun é dh'ithe imithe. Tá sé i
n-unúmha fós. Tá sé thar unúmha = a unúmha imithe. Níl an
bia san tagtha i n-unúmha. Tá sé roim unúmha. Níor tháinig
an t-unúmha fós chun breith ar an mbithúnach = an neómat


L. 260


ceart. Bé go mbeidh an t-unúmha chun dul ag snámh imithe
má dheinimíd a thuille moille. Tá sé san unúmha ag an
aimsir bheith ag boga anois. Tá unúmha maith ann anois chun
snámha. Thánamair díreach i lár an unúmhaig. Tá na
h-unúmhaig go léir imithe anois is an geimhre dubh ann =
unúmha gach éinní. Is minic a bhíon an t-unúmha caite ag an
té a bhíon ag braith ar fhear an neúmhdar-neámhdair. I
mbliana beidh unúmha na bprátaí ann is gan na prátaí
aibidh. Tá unúmha na h-aimsire ann chun na prátaí a bhaint
= an t-am ceart (pé rud eile a bhéadh ceart nó ná béadh).
Tá unúmha na móna i leath-taoibh is sé unúmha an choirce an
chéad unúmha eile.



UNÚMHACH — Lá unúmhach é seo = lá aoibhin breá pé tráth
den mbliain é: oiriúnach. Tá an aimsir seo unúmhach chun
laetheanta saoire = oiriúnach. Tá an lá indiubh unúmhach chun
pé ní is maith leat.



URA — Téighean an t-ura isteach sa mbannc leat chun an
t-airgead a dh'fháilt ar iasacht duit.



URCHAR — Ruchar a deirtear go minic. Ní d'ruchar a
dh'fhéadfá é dhéanamh = de gheith. Rith sé isteach d'ruchar =
go h-ana-thapaidh. Ghlan sé an claidhe d'aon ruchar amháin.
Tá an t-urchar (truchar) cruinn id láimh = is féidir leat rud
a dh'aimsiú go cruinn. Dhíol sé an bhó agus bé an truchar
deireanach aige é = an tseilft dheireanach: bé deire a nirt
is a chómhachta é; deire a chumais. Tá an truchar deireanach
caite agam = deire na bpiléar: gan aon tseift eile fágtha
agam le tarac chúgham.



ÚRLAICEACH — Tá an bhean bhocht ag úirlicigh ag an mbreóiteacht
fhairrge = ag cur amach: ag úirliocan. Táim ag
gabháilt d'úirlicí folamha ó mhaidin = ag úirlicigh is gan aon
ní ag teacht. Tá úirlicí, úirlicí folúna, orm. Beidh
fonn úirlicíghe ort le bárr Gaoluinne = is beag ná beir
ag cur amach beidh tu chó lán de Ghaoluinn.



ÚRLÁR — Tán tu ag cainnt (ag rínce, ag éinní) fada go
leór anois agus tabhair an t-úrlár do dhuine éigint eile =
leigint dó rínce nó cainnt: tabhair seans dó.


L. 261


ÚRLÚR — Tá sí gan chainnt gan úrlúr = urlabhra.



URRÚS — Chuas i n-urrúr ar Phádraig sa mbannc = chuas
mar ura, mar thaca, go ndíolfadh sé thar n-ais an t-airgead a
thóg sé ar iasacht. Téightear i n-urús ar a chéile sa mbannc
go tiubh: nó ar aon tsaghas slí eile.



URTHLACH — Saghas mála a bhíon aige duine nuair a bhíon
sé ag sá phrátaí.



ÚSÁID — Tá mo chos (mo lámh, éinní) as úsáid = ní féidir
liom í úsáid. Tá an rothar as úsáid ag an gcuma-bhrú a
fuair sé i gcoinnibh an fhalla. Tá úsáid mhaith agat ar
éadach, ar phrátaí, ar pháipéar scríobhtha = úsáidean tu
mórán díobh: ithean tu, caithean tu.



ÚSÁIDIM — Ní dh'fhéadfainn an focal "giobalach"
d'úsáid leat = do chaitheamh leat, do thabhairt ort, do rá
leat.



USTAS — Nó ostas. Níl puínn ostais in sa dtír i
mbliana = cothú, bia. Chaitheas cuid den stoc a dhílol 'cheal
an ostais. Ostas seadh féar, cabáiste, turnapaí, arán,
is gach ní mar sin. Nó oráiste. Níl puínn oráiste againn
istigh ná amuigh = ustas.



ÚTAMÁIL — Nuair ná béadh ach beagán de rud i siopa is
mórán á lorg bhéadh útamáil 'na thímpal = brú is straca ar
a chéile siar uaidh. An té nách féidir leis gnó a dhéanamh go
slachtmhar bíon sé ag útamáil = slí gharbh neamh-eólgaiseach
aige. Ní bheidh an lampa i dtreó agat go deó: nílean
tu ach ag útamáil air = ag gabháilt do i slí thútach. Níl agam
tímpal seómra a chur i gcóir ach útamáil.



ÚTAMÁLUIDHE — Duine a bhíon ag útamáil: duine,
cig., ná béadh ag cur ceirte ar lámh theinn i gceart. Más
maith leat aon tslacht bheith ar an gcamán ná bíodh aon lámh
aige Tomás ann mar níl ann ach útamáluí.


L. 263


FUIGHLEACH BEAG.



Tá an teanga aibidh agat = lúthmhar, pras. Cad é an
t-Aifrean a bhí agat indiubh? = ar a rabhais. Chómh siúrálta
is atá Pádraig mar ainm orm. Bé an bronntanas ceart
i n-aisce do b'fhearr liom. Fágaimíst i n'aon marbh é = ná
deinimíst é dh' áireamh mar seo ná mar siúd — rud go mbéadh
díospóireacht na thaobh, Níl aon tuiscint aige ach mar an asal.
Tá barraliobar ar an lá leis an bhfuacht = é chó fuar san go
gcuirfeadh sé barraliobar ort — na méireasta bheith lúbtha
isteach ar a chéilig is ná féadfá iad a dhíriú amach. Bhí sé
ag cimilt baise dhom (díom) = é bheith bladartha liom. Béal-
bach chasta = an bhéalbach go mbíon an t-iaran casta ann,
Béalbhach mhór = an ceann go mbíon slabhra ag imeacht léi
fé chorrán an chapaill. Tá na leanbhaí imithe beó beathaidheach
= nochtaithe. Nuair a bhéinn ag buachtaint i rás bhéadh sé
(= an scéal) go bínn agam. Stuacánuidhe de bhodhránuidhe
mío-thuisceanach. Beir bog ort héin = tóg bog é. Tá gach
aon fhocal chó fada le bogha báistí agat = le h-éinní riamh,
Ní maith liom na bóithre atá fút = na cúinsí atá agat:
lúbaireacht, is mar sin. Is mó bóthar 'na bholg = cleas is
cúinse ar siúl aige. Buacas = an rud a bhíon i lár na
coinnle nó ar lasa ins an lampa. Ní bhíon aon bhuancas sa
rud ná bíon aon tseasamh ann = tabhairt: seasamh: caitheamh,
Is mór an bhúrlóg fir é = fear téagartha: chó téagartha san
go dtaidhseóch sé beag dhuit: cloch mhór, chómh-chruinn. Búr-
lóg mná, greachaile (gearr-chaile), buachala. Tá bús báistí
ann = báisteach ana-throm. Tá ana-bhús ag an ngluaisteán
= ana-ghlór, bhéadh bús ag cloich dá gcaithfá le fuinneamh í
ag an ngearra a dheinfeadh sí tríd an aer. Cac an tsiopa =
dríodar an tsiopa. Tháinig deire an lae 'na chac báistí —
is mó a deirtear le tráthnóna nuair ná béadh aon choinne
leis an mbáistigh agus an lá féinig go maith. Tháinig sé
chúgham díreach fé mar do chacfadh an t-asal é — liathróid,
cig,, i gcomórtas báire = rud éigint a thárlóch díreach fé
mar ba mhian leat é. Cacamus leabhair = leabhar gan mhaith.


L. 264


Éadach cairte: bróga cairte = iad so a bhíon á ndíol i
gcairt lá an aonaigh: is tugtar ar earraí leath-nua bíodh
gur i siopa istig a gheófá iad. Tá an chainnt go calma agat
= go tréan, go binn. Ná bíodh aon leath-phingin cam agat in
sa gcómhaireamh = gan bheith ceart. Tá an focal san cam
agat = neamh-cheart. Sháigh sé a cheann in sa gceannraigh
agus greamuíodh air. Tugtar biorán ar leath-chearchail =
cearchail thanuidhe. Gura buan a bheidh tu ós cionn do ghnótha
= i mbun. Bhíos ag cíosú Sheáin = ag tabhairt cíosú dhó:
ag tabhairt scalla dhó le cainnt nó le scríobh: nó bheith ag
priocaireacht air: nó don mbladhgaire nuair ná tabharfá
aon chluas do n-a chainnt. Gheóbhfadh (gheóch) an bháisteach
trí chlár daraighe bhí an oiread san fuinnimh fúithi. Gheóch
an lá indiubh trí chlár daraighe leis an bhfuacht = trí éinní.
Cláir-fhiacail = fiacail leathan i dtosach an bhéil thuas. Dhá
cheann díobh an chuid is mó a bhíon ag imeacht. Cleithire =
rógaire (bíon brígheana eile ag imeacht leis chó maith),
Cleithiúnach = fear téagartha láidir. Chuaidh cloch i mbonn an
chapaill = chuaidh greamaithe. Buail do chos ar an scéal
san, ar éinní, agus fág mar sin é. Má choimeádan tu leis
an ngnó san ní baol duit = má chlaoidhean tu. Bhí coiscéim á
bhaint as an mbóthar agam = me á chiorrú. Cuirfí do lámh
suas mar gheall ar bheith ag déanamh cómharthaí dod pháirtí i
n-imirt chártaí. Th'anam 'on riabhach is do chorp. Tá Seán
chó lom san go ngeárrfadh a chorrán tobac dhuit. Tá ana-
chorruíocht ag baint libh — le daoine a bhíon corra, ait, crosta:
corrathónach. Tá an trus fada, ach deinfidh £10 an costas =
díolfaidh. Ní raibh aon chostas mór orm leis an obair.
Chuas ar an aonach is thug mo mham costas an lae dhom = pinginí
póca i gcóir an lae. Tá mo chóta bán déanta — buachail,
cig., go gcasfaí cailín air le pósa go mbéadh mór-chuid airgid
aici a déarfadh. Tugtar cráin ar ghé a bhíon tímpal is dhá
bhliain d'aois. Tá na crathacha (creathacha) ag teacht amach
tríd an mbó = na cnámha: na h-easnuíocha. Níl aon chrí
ar Sheán chun cainnt a dhéanamh = níl aon mhaith ann. Bhain-
feadh an gála an croicean de chat. Chuirfeadh sé cosa
cruinne fé chearca = dheinfeadh sé (d'fhéadfadh sé) éinní.
Tá crústach maith agam = urchar, buille. Ní cú atá againn
ach coite = níos mó ná aon chú amháin. Chuireadar cona
fiana liom = na madraí: oiread buala is léasa a thabhairt
dom ná féadfainn gan cuímhne a choimeád air. Ní raibh


L. 265


aon lá dá chuimhne agam cúig bliana ó shoin go mbéinn á
scríobh so = níor tháinig aon lá dá chuimhne chúgham: ba bheag
a mheasas. Cuasnóg = an áit go mbíon na meacha (beacha)
bailithe chun meala a dhéanamh. Cruic = an geóbosca go mbíd
ann. Bhfuil cruiceóga agaibh? Ní mór atá, bhíomair
i gcuibhrean-cárn = ag ithe is ag ól le chéilig: i dteannta a
chéilig, is aon bhia, aon phláta amháin againn. Bhí an bia i
gcuibhrean-cárn aca. Ní raibh madra ar cheithre cúinní an
pharóiste ná raibh in sa bhfiadhach = bhí gach aon mhadra in sa
bparóiste ann. Thugas cheithre cúinní an pharóiste isteach im
shiúl = shiúlas mór-thímpal an pharóiste go léir. Bhí cuiripe
cloiche ag sá aníos as an dtalamh = cloch ghéar fhada. Is
dialta an cúmadóir thu = duine chun scéalta, leath-scéalta,
bréaga agus mar sin a chuma, a cheapa. Cúthalach = cúthail,
Bhíos ag obair, ag scríobh, ag éinní, ar dalla = go dian
dícheallach i slí ná féachainn rómham ná im thímpal. Tá an
dial ar a bhfuil de chainnt agat = is díolta an méid cainnte
atá agat. Cad é an dial atá ag teacht ort? An dial
fhios agam cad ba cheart duit a dhéanamh. Bhéadh ana-
dhamaint ag baint leis an té a bhéadh ag priocaireacht ort is
a chuirfeadh ag eascainí thu. Dheinfeadh peaca marathach
duine a dhamaint. Bhí ana-thrácht ar na bróga nua = ana-
éileamh. Níl ach difríocht an fhocail eadrainn. Is measa
thu (is daille) ná an t-each meascaithe = each a shíolruíon ó
asal is láir — agus ní miúl é. Tá fuairthneamh ar mo
mhéireasta = iad ríghin marbh ag an bhfuacht. Féith-ar-
boga = tón-ar-boga: áit sa tsliabh go raghfá ar lár ann,
Ainm flúirseach é sin. Ó tháinig sí abhaile ón gclochar ní
fhliuchfadh sí a méar dom. Tá goile fallsa agat = goile
nách cóir, mí-nádúrtha. Raghad ann fé bheith slán dom =
má bhím amhlaidh: é sin mar agó. Tá an teanga fuaighte
agat den lasca in sa mbróig go dtí an cúigiú poll. Bhfuil
teanga fuaighte agat ins na bróga nua? Cuir uaim an
ghalúnach = an bladar, an chainnt bhog. Bhéadh aghaidh duine
géar nuair ná béadh aon fheóil uirthi. Gaibhim orm gur
dheinis ana-chainnt = bíodh orm gur —. Capall geitiúil =
sceinneadach; go bhfuil geit ann. Tán tu gigealach thar
fóir = gur fuirist gigilis a chur ort thar an gcoitiantacht: go
léimfá ,dá mbuailfí lámh ort. Tá an tseana-chairt ag
gíoscán ar an mbóthar = ag scréacháil toisc gan aon smeara
uirthi. Gline = an gléas, an fráma beag, go gcuirean an


L. 266


t-iascaire an darúgha air: glinne. Níl oiread airgid
agam is a dheinfeadh glór ar ghrideal. An té a bhíon 'na
ghliogaire (nó glugaire) bíon sé gliuganta. Glúnacha na
gcathaoireacha, táim greamuithe agat = teanntuithe: greim
agat orm. Ní raibh sé ach ag cainnt trí n-a sheana-hata =
san aer. Droch-imeacht air mar asal. Is láidir ná fuil
na stampaí nua tagtha fós = úntach, éachtach. B'fholláin duit
nách indiubh a thánaís isteach agus an bháisteach go léir atá á
dhéanamh aige. Má theastuíon uait rud ar an gceaint cuir
do dhá láimh air = faigh greim daingean air — agus láithreach.
Lataí = na maidí beaga tanuidhe a bhíon ag imeacht laistig
den bplástaráil i dtig. Tá an leacoidhir briste agat = an
chéad chuid de rud déanta — rud nár mhaith leat tosnú air.
Tá na leaga liatha aca. Feic leaga-laithe. Leag an ghrian
= chuir taom breóiteachta air nó mearathal leis an mbrothal.
Duine faid-fhoidhneach. Ghlaodhfá lúbaire ar dhuine go
mbíon cleasa ag baint leis, bíodh is ná béadh sé cam. Lúbán
duine — fir nó mná = duine caol is gur fuiriste dhó lúba.
Lúbán rógaire. Níl aon luighe agam leis an áit seo = níl aon
chion asam air: gan aon lé agam leis: gan aon fhonn orm
chuige. Níl aon luighe agam le h-iománuíocht = gan aon
éileamh agam air. Luigh an ghrian orm = ghoill: dhóigh. Scian
mhaide níor mhairbh sí éinne riamh = scian adhmaid. Tógadh
dem báithreacha (máithreacha) me = baineadh ana-phreab asam,
Tá an mála air ag an ól = chaith sé breith ar an mála is dul
ag lorg na déirce. Níor cuireadh an mála riamh orainn go
dtí an méid seo = an méid seo a dh'imir lár an donais
orainn. Thánag isteach máluatha = go tapaidh. Tá fear
máluatha ag teacht go dtí an t-Aifrean = daoine (fir) ag
teacht go tapaidh. Bíon fear máluatha ag teacht i gcómhnuí
san áit go marbhuightear an t-iasc (chun a thuille a mharú).
San áit go dtuitean úntas amach bíon fear is bean máluatha
ag teacht — nó ag teithe (teiche) ó láthair an donais. Tán
tu marbh ach tu níghe = in sa gcéim is giorra do bheith marbh:
ní theastuíon uait ach níghe an chuirp chun bheith marbh amach ar
fad. Ní beag a bhfuil déanta agat le 2 uair an chluig is ar
dheinis roimis sin a dh'fhágaint marbh = gan trácht air; gan é
dh'áireamh. Chuirfeadh sé masmus orm bheith ag labhairt le
lucht na droch-Ghaoluinne. Níl lán méaracáin den nGaoluinn
aici = níl aon phuínn. Meathtachán nár dhein faic nuair a
bhí an coga ar siúl = fear meathta, lagmhisniúil, gan mhaith.


L. 267


Bhí ana-mhiangas chun an óil air = dúil mhór — níos láidre ná
mian. Tá mianach an bhéarla imithe isteach in sa nGaoluinn
atá againn. B'éigin dom mo mhionna is mo mhó d a thabhairt
gur liom-sa an bhó = gach saghas deimhniú a thabhairt. Níl
misneach cait aige = an chuid is lúgha de. Tugtar mogal,
leis, ar, sméar mór dubh, .mhún an leanbh fé aréir — nuair
a bhí sé na chola. Nuair a chífir dhá cheann ar an nóinín chífir
do chuid airgid thar n-ais ón rógaire sin, bhíodar ag cur
uatha le scannra = ag breith phiscíní. Crobh phréacháin =
salachar nó fiaghaile a bhíon ag imeacht in sa dtalamh. Tá
an focal san agam ó phréimh = ó thúis m' óige. Tabharfad
réasún duit (chuin) gan bheith ag cainnt mar sin = cúis, a
chúis. Faid a bheidh an saol 'na shaol beidh daoine aite ann.
Chaitheas an t-úbhal i n-áirde ar sciob-sceab = ar chlibirt.
Bhí ana-sciob-sceab againn. Casóg sciotaithe = maol: gairid:
gan bheith fairsing go leór. Tabhair scóp go leór dos na
fuaimeana leathana = slí. Ní mór scóp a thabhairt don
dteangain chun an focal san a thabairt amach = gan í bheith
crapaithe, cúnlaithe. Bhí sé ag smiota an chrainn = ag baint
an chroicin de: ag spreóitseáil air. Sleagh: sleathana.
Ag smiotuíl gháirí = ag mion-gháirí. Bhí spórt na h-oíthe
againn ar an rínce = ana-oíthe spóirt: spórt feadh na
h-oíthe. Chuir sé streanncán buile orm = taom maith den
bhfeirg. Sin é an talamh anois agat = rud éigint nár bhain
aon amhras leis. Ní féidir teacht tímpal ar an gceist
sin = greim a dh'fháilt uirthi: cur chúichi. Bhíos a d'iarraidh
teacht tímpal air chun an speal a dh'fháilt uaidh = é mhealla-
Bhí ana-thinneas orm i dtaobh ná raibh aon Ghaoluinn agam le
labhairt leat. Tá tinneas orm le h-eagla gur chuireas
trioblóid ort. Tháinig tuile cainnte chúgham = ana-ruith.
Tuit (tit a deirtear) id chola is ná bí am bodhra. Níl aon
leigheas beó ar an saol ar an gcúrsa san = níl aon réiteach
i n-aochor.




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services