Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Teagasg na Máthara

Title
Teagasg na Máthara
Author(s)
Craig, J. P.,
Composition Date
1921
Publisher
Craig, D. G. & Co.

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Teagasg na Mathara.



An mhathair. Anois, a pháistí, tá uair na Gaelge ann,
agus caithfamuid gan focal a lóirt ach Gaelic; agus ó
tharla go bhfuil eagla mhór orm nach bhfuil moran da
fheoluim agaibh air an sgoil ach beurla, caithfidh me-fhéin
an Ghaelic a theagasg daoibh as seo amach. Achan oíche
air an hocht ó chlug, béidh clár oibre agam fa mur gcuinne,
agus caithfar a ghol fríd go duthrachtach. Toiseochamuid
anocht air an chiod cheacht, agus tóirigidh aire go gcuinne-
ochaidh sibh cuimhne air an rud a léighfeas me as an leor
seo. (Ag léadh.)



1. AN TUM SPÍONOG.



"Tá tum spíonog againne," arsa Róise, "agus tá
se ag fás aig an tubar anns an gháraidh. Ní fhuil aon
spíonog air go fóoll, agus ní bhéidh go cionn tumaill.
Ach nuair a thiocas an samhradh béidh an t-uathas spíonog
air an tuin sin, agus béidh achan chionn ocú co mór le do
dhórn agus co milis le mil."



An mhathair. Anois, a Nóra, go dé tá aig bunadh
Róise?



Nóra. Tá tum spíonog ocú, a mhathair.



An mhathair. Ca náit a bhfuil an tum seo ag fás, a
Shéamuis?



Séamus. Tá se ag fás aig an tubar, a mhathair.


L. 2


An mhathair. Agus ca náit a bhfuil an tubar, a Mháire?



Máire. Tá se sa gháraidh, a mhathair.



An mhathair. Bhfuil spíonogaí air bith air an tum, a
Sheaghain?



Seaghan. Ní fhuil spíonogaí air bith air go fóill, a
mhathair, agus ní bhéidh go cionn tumaill.



An mhathair. Agus ca nuair a mbéidh na spíonogaí air,
a Nuala?



Nuala. Nuair a thiocas an samhradh, a mhathair.



An mhathair. Go dé'n mhéid a bhéas anns na spíonogaí
seo, a Nóra?



Nóra. Béidh achan chionn ocú co mór le do dhórn, a
mhathair.



An mhathair. Agus go dé'n blas a bhéas orthú, a Mháire?



Máire. Béidh blas na meala orthú, a mhathair.



An mhatair. Anois, a Mhéabha, beidir go dtiocadh
leatsa innse dúinn go dé deir Róise fa dtaobh de'n
tum spíonog.



Méabha. Deir Róise go bhfuil tum spíonog ocusan,
agus go bhfuil se ag fás aig an tubar anns an gháraidh.
Deir sí nach bhfuil aon spíonog air go fóill, agus nach
mbéidh go cionn tumaill; ach nuair a thiocas an samhradh
go mbéidh an t-uathas spíonog air an tum sin, agus go
mbéidh achan chionn ocú co mór le do dhórn agus co milis
le mil.



An mhathair. Maith an cailin, a Mhéabha ! Tá sin taite.
Agus anois, a Shéamuis, innis thusa an sgéilín anns an
aimsir chaite.



Séamus. Dúirt Róise go rabh tum spíonog ocusan,
agus go rabh se ag fás aig an tubar sa gháraidh. Dúirt
sí nach rabh aon spíonog air go fóill, agus nach mbéadh
go cionn tumaill; ach, nuair a thiocadh an samhradh, go


L. 3


mbéadh an t-uathas spíonog air an tum sin, agus go
mbéadh achan chionn ocú co mór le do dhórn agus co milis
le mil.



2. AN CUINÍN ÓG.



Bhí cuinín óg na shuidhe a mbeul puill a bhí astuigh faoi
chrann fuinnseoige. Amuigh air an leuna bhí an feur go
bug glas, agus an ghrian ag soillsiu anuas air. Bhí
ocras air an chuinín, agus siud amach air an leuna é.
Ach ní mór go rabh dhá phlaic ite aige gur chualaidh se
madadh ag tafaint. Do shuidh se aniar air a chosa deiridh
agus d'áirdigh cionn da chluasa. A gcionn tumaill bhig
d'áirdigh sé an chluas eile. Thug se fa dear go rabh an
madadh ag taraint air, agus ruith se le na anam. Ach
nuair a bhí se ag gol asteach sa phull, sgiob an madadh
an tum-bán dae.



An mhathair. Ca náit a rabh an cuinín, a Nuala?



Nuala. Bhí se na shuidhe a mbeul puill, a mhathair.



An mhathair. Agus ca rabh an pull, a Nóra?



Nóra. Astuigh faoí chrann fuinnseoige, a mhathair.



An mhathair. Go dé'n dóigh a rabh an leuna, a Mhéabha?



Méabha. Bhí an feur go bug glas, a mhathair, agus an
ghrian ag soillsiu anuas air.



An mhathair. Go dé rinn an cuinín, a Shéamuis?



Séamus. Chuaidh se amach air an leuna.



An mhathair. Ca tuige a deachaidh se amach air an
leuna, a Sheaghain?



Seaghan. Tá, mar go rabh ocras air, a mhathair.



An mhathair. Ar ith se a sháith, a Mháire?



Máire. Níor ith, a mhathair. Ní mór go rabh dhá phlaic
ite aige gur chualaidh se madadh ag thafaint.


L. 4


An mhathair. Agus go dé rinn se, a Nóra?



Nóra. Tá, a mhathair, shuidh se aniar air a chosa deiridh
agus d'áirdigh cionn da chluasa, agus a gcionn tumaill
bhig eile d'áirdigh se an chluas eile.



An mhathair. Go dé rinn se nuair a thannaic se an
madadh ag taraint air, a Mhéabha?



Méabha. Ruith se le na anam, a mhathair.



An mhathair. Ar rug an madadh air an chuinín, a
Nuala?



Nuala. Níor rugh, a mhathair, ach nuair a bhí se ag gol
asteach sa phull sgiob an madadh an tum-ban dae.



An mhathair. Go dé'n chiall atá le 'dhá phlaic,' a
Shéamuis?



Séamus. Is ionann dhá phlaic agus dhá ghrim, a
mhathair.



An mhathair. Agus go dé rud tum-bán?



Séamus. Tá, a mhathair, sin an ruball beag giortach a
bhíos air an chuinín agus air an ghearfiadh.



An mhathair. Innis an sgeilín seo anns an aimsir
fháistinigh, a Sheaghaín.



Seaghan. Béidh cuinín óg na shuidhe a mbeul puill a
bhéas astuigh faoi chrann fuinnseoige. Amuigh air an
leuna béidh an feur go bug glas, agus an ghrian ag soillsiu
anuas air. Béidh ocras air an chuinín agus rachaidh se
amach air an leuna, ach ní mór go mbéidh dhá phlaic ite
aige go gcluinfidh se madadh ag tafaint. Suidhfidh se
aniar air a chosa deiridh agus áirdeochaidh se cionn da
chluasa, agus a gcionn tumaill bhig áirdeochaidh se an
chluas eile. Bheirfidh se fa dear go mbéidh an madadh ag
taraint air, agus ruithfidh se le na anam. Ach nuair a
bhéidh se ag gol asteach sa phull sgiobfidh an madadh an
tum-ban dae.


L. 5


3. AN t-ÚLLA DEARG.



Bhí Máire bheag amuigh anns an gháraidh air maidín dia
Dónaigh, agus thannaic sí úlla mór dearg shuas air bhárr
cruinn. Ba mhaith léithe an t-úlla a bheith aicí, ach ní
thiocadh léithe é a bhuint mar go rabh an crann ró-árd.
Sgairt sí air a deárthair. Thainic sesean agus chuaidh
suas anns an chrann. Bhuin se an t-úlla agus chaith anuas
chuicí é. Nuair a fuair Máire an t-úlla bréagh apuidh
d'ith sí é mar go rabh se an-mhilis.



An mhathair. Anois, a Shéamuis, cé bhí sa gháraidh?



Séamus. Bhí Máire bheag sa gháraidh, a mhathair.



An mhathair. Ca nuair a rabh sí ann, a Sheaghain?



Seaghan. Air maidín dia Dónaigh, a mhathair.



An mhathair. An bhfacaidh sí rud air bith, a Nóra?



Nóra. Thannaic, a mhathair; thannaic sí úlla mór dearg



An mhathair. Ca náit a rabh an t-úlla, a Mháire?



Máire. Bhí se shuas air bhárr cruinn, a mhathair.



An mhathair. Ar bhuin Máire bheag an t-úlla, a Nuala?



Nuala. Char bhuin, a mhathair.



An mhathair. Agus ca tuige nar bhuin sí é, a Mhéabha?



Méabha. Tá, a mhathair, de bhrigh go rabh an crann
ró-árd.



An mhathair. Go dé rinn sí, a Sheaghain?



Seaghan. Sgairt sí air a deárthair.



An mhathair. Nuair a thainic sesean, go dé rinn se, a
Shéamuis?



Séamus. Chuaidh se suas anns an chrann, a mhathair.



An mhathair. Ar bhuin se an t-úlla, a Nóra?



Nóra. Bhuin, a mhathair, agus chaith se anuas annsair
Mháire é.


L. 6


An mhathair. Go dé rinn Máire bheag leis an úlla, a
Mháire?



Máire. D'ith sí é, a mhathair.



An mhathair. Ca tuige ar ith sí é, a Nuala?



Nuala. Tá, a mhathair, mar go rabh se an-mhilis.



An mhathair. Tóir dúinn a gcontrártha seo, a Sheamuis:
úlla mór?



Séamus. Úlla beag.



An mhathair. Úlla mór milis?



Séamus. Úlla beag searbh.



An mhathair. Crann mór árd?



Séamus. Crann beag íseal.



An mhathair. Úlla apuidh?



Séamus. Úlla neamh-apuidh.



An mhathair. Shuas air bhárr cruinn?



Séamus. Shíos aig bun cruinn.



An mhathair. Chuaidh se suas anns an chrann?



Séamus. Thainic se anuas as an chrann.



An mhathair. Tóirigidh fa dear, a pháistí, go ndeirthar
"úll" co maith le "úlla, ach gur "úlla" is mó a chluintear
againne.



Máire. Maise, a mhathair, d'íosfinnse cionn ocú
anois da bhfuínn é, agus níor mhiste liom ceocú úll no
úlla a bheirfí air.



An mhathair. Tá me fír-chinnte de sin, a Mháire, ach
ní fhuil na húllaí ann go fóill, a thaisgí, agus ní bhéidh go
dtí aonach an fhómhair.



4. AN CAT.



Ainimhí an-ghleoite atá sa chat. Ní fhuil se moran níos
mó ná cuinín, ach a bhfad níos dise air a bhunnaí. Tá


L. 7


ciora cosa air agus ruball bréagh fada, ach is é an cionn
an ball is dise dae. Tá cluasa giortacha air, agus
bíonn siad bunas a gcomhní anáirde aige. Fa na bheul tá
tumog féasoige, agus bíonn achan ruibe sa tumog sin
crumadh go maith air fad. Ann a chionn deas cruinn tá
an dá shúil is dise da bhfacas ariamh, agus tidh siad sa
dorchadas co maith le a lár an lae ghil. Tá fionnadh an-
deas air, agus nuair a slíocthar dó é, bíonn se co sásta
sin go dtoisigheann sé ag crónan.



An mhathair. Anois, a Shéamuis, innis dúinn go dé'n
ceanal ainimhí an cat.



Séamus. Ainimhí an-ghleoite atá ann, a mhathair.



An mhathair. Go dé deir Séamus, a Sheaghain.



Seaghan. Deir se gur ainimhí an-ghleoite an cat.



An mhathair. Go dé'n mhéid atá ann, a Mháire?



Máire. Tá se bórdaig air mhéid an chuinín, a mhathair.



An mhathair. Go dé deir Máire, a Nuala?



Nuala. Tá, a mhathair, deir sí go bhfuil an cat bórdaigh
air mhéid an chuinín.



An mhathair. Ceocú is dise, a Nóra, an cat no an
cuinín?



Nóra. Is dise an cat, a mhathair.



An mhathair. Go dé'n ceanal rubaill athá air an chat,
a Sheaghain?



Seaghan. Ruball bréagh fada.



An mhathair. Léarnucht cionn an chuit, a Shéamuis.



Séamus. Tá cionn deas cruinn air, a mhathair, agus
cluasa giortacha.



An mhathair. Agus go dé'n dóigh a mbíonn na cluasa, a
Nuala?



Nuala. Bíonn siad a gcomhní anáirde aige.


L. 8


An mhathair. Go dé'n ceanal súi le atá aig an chat, a
Mháire?



Máire. Dhá shúil dheasa, a mhathair, agus thig leofa
feiceal anns an dorchadas co maith le a solas an lae.



An mhathair. Go dé deir Máire, a Nóra?



Nóra. Deir sí go bhfuil dhá shúil dheasa aig an chat,
agus go dtig leis feiceal sa dorchadas co maith le a
solas an lae.



An mhathair. Go dé tá fa bheul an chuit, a Nuala?



Nuala. Tumog féasoige, a mhathair.



An mhathair. Agus go dé'n fhad atá sa tumog?



Nuala. Tá achan ruibe dae crumadh air fad, a mhathair.



An mhathair. Go dé níos an cat, a Sheaghain, nuair a
slícthar é?



Seaghan. Tá, a mhathair, toisigheann se ag crónan.



An mhathair. Agus go dé is ciall do'n chat, a Nóra,
a léithid sin a dheánadh?



Nóra. Tá, mar go dtugann an slíocadh pléisiur
mór dó.



An mhathair. A Mhéabha, go dé'n chiall atá leis na
focla seo:- Ainimhí an-ghleoite?



Méabha. Beaitheach an-deas.



An mhathair. Cluasa giortacha?



Méabha. Cluasa gairide.



An mhathair. Tá crumadh sa tumog?



Méabha. Tá fad méire sa tumog.



An mhathair. Nuair a slíocthar é?



Méabha. Nuair a chumailtear é.



An mhathair. Fa na bheul?



Méaba. Timpeall a bhéil.



An mhathair. Bunas a gcomhní?



Méabha. Feudaim a rá a gcomhní.


L. 9


An mhathair. A Shéamuis, tóir thusa dúinn contrártha
na bhfocal seo:- Ainimhí gleoite?



Séamus. Ainimhí gránna, ainimí neimh-ghleoithe.



An mhathair. An ball is dise?



Séamus. An ball is gráice, an ball is míofura.



An mhathair. Cluasa giortacha?



Séamus. Cluasa fada.



An mhathair. Co sásta sin?



Séamus. Co mí-shasta sin.



An mhathair. Toisigheann se?



Séamus. Stadann se.



5. AN SPIDEOG AGUS AN CAT.



Bhí spideog na suidhe air thum spíonog agus í a ggol
cheoil go binn. Giota beag amach ón tum bhí cat mór
riach. Bhí ruball mór fada air an chat seo, agus bhí an
ruball sínte amach aige. Bhí cionn da chosa tosaigh tógtha
de'n talamh, a chionn sínte ann tosaigh agus a dhá shúil
sáite sa spideog. A gcionn tumaill bhig thug an bithúnach
léim as a chorp agus rug air an eun bhocht. Stróc se
agus stiall se í, bhrúigh se agus mharaidh se í, agus d'ith
í eadar corp crámha agus cluimhreach.



An mhathair. Ca náit a rabh an spideog, a Shéamuis?



Séamus. Bhí sí na suidhe air thum spíonog, a mhathair.



An mhathair. Go dé bhí sí dheánadh air an tum, a Sheaghain?



Seaghan. Bhí sí ag gol cheoil, a mhathair.



An mhathair. Ca náit a rabh an cat, a Nóra?



Nóra. Bhí se na sheasadh giota beag amach ón tum.



An mhathair. Go dé'n ceanal cuit a bhí ann, a Mháire?



Máire. Cat mór riach, a mhathair.


L. 10


An mhathair. Go dé'n ceanal rubaill a bhí air an chat
seo, a Nuala?



Nuala. Tá, a mhathair, ruball mór fada.



An mhathair. Go dé'n dóigh a rabh an ruball, a Shéamuis?



Séamus. Bhí se sínte amach aige, a mhathair.



An mhathair. Go dé'n dóigh a rabh an cat na sheasadh, a
Sheaghain?



Seaghan. Bhí se na sheasadh air thrí cosa, a mhathair.



An mhathair. Agus ca rabh an ceathradh cos, a Nóra?



Nóra. Bhí an ceathradh cos tógtha de'n talamh aige.



An mhathair. Agus a chionn agus a shúile, a Mháire?



Máire. Bhí a chionn sínte ann tosaigh, agus a dhá shúil
sáite sa spideog.



An mhathair. Go dé tharla a gcionn tumaill bhig, a
Nuala?



Nuala. Tá, a mhathair, thug an cat léim as a chorp agus
rug air an eun bhocht.



An mhathair. Go dé'n bhuile a thug se orthí, a Shéamuis?



Séamus. Tá, a mhathair, stróch se agus stiall se í,
bhrúigh se agus mharaidh se í, agus insin d'ith se í eadar
corp, crámha agus cluimhreach.



An mhathair. A Sheaghain, tóir thusa dúinn a gcontrártha
seo:- Bhí an spideog na suidhe?



Seaghan. Bhí an spideog na seasadh.



An mhathair. Ruball mór fada?



Seaghan. Ruball beag giortach.



An mhathair. Cionn da chosa tosaigh?



Seaghan. Cionn da chosa deiridh.



An mhathair. Go dé'n chiall atá leis na ráite seo, a
Nóra:- Agus í ag gol cheoil?



Nóra. Tá, a mhathair, ag deánadh ceoil.



An mhathair. A dhá shúil sáite sa spideog?


L. 11


Nóra. É ag amharc go geur orthí.



An mhathair. Thug se léim as a chorp?



Nóra. Thug se léim mhillteanach



6. AN CAT AGUS AN MADADH.



Bhí madadh mór dubh agus cat mór buidhe aig Máire
Bhán, agus bhíodh an bheirt ocú go minic ag truid. Lá
amháin bhí an cat da grianú fhéin aig bun cruinn shíos aig
an tubar, agus nuair a shóruigh an madadh í thug se ruaig
síos. Ach ma bhí an cat na culladh fhéin, cha rabh an dá
shúil druite aicí, agus nuair a thug sí fa dear go rabh an
madadh ag taraint orthí, thug sí léim suas anns an chrann.
"Tar anuas inseo go bhfuigh me grim sgeadamain ort!"
ars an madadh. "Nach bug atá an craiceann ort !"
ars an cat. "Tá mise go baganta san áit a bhfuil me,
agus ní thóirim áird air bith air do leithid-sa. Bug leat
na bhaile ná cuirfidh me sileog ann do shúil !" Cha rabh a
árthú le deánadh aig an mhadadh. D'imigh se agus cár
searbh go leor air.



An mhathair. Go dé bhí aig Máire Bhan, a Shéamuis?



Séamus. Madadh mór dubh agus cat mór buidhe.



An mhathair. An rabh siad mór le cheile, a Sheaghain?



Seaghan. Ní rabh, a mhathair; bhíodh siad a gcomhní ag
truid.



An mhathair. Go dé deir Seaghan, a Mháire?



Máire. Tá, a mhathair, deir se go mbíodh an cat agus
an madadh ag truid.



An mhathair. Ca náit a rabh an cat lá amháin, a Nóra?



Nóra. Bhí sí da grianú-fhéin aig bun cruinn, a mhathair.



An mhathair. Rabh an cat na culladh, a Nuala?



Nuala. Sílim go rabh, a mhathair.


L. 12


An mhathair. Go dé deir Nuala, a Shéamuis?



Séamus. Deir sí go síleann sí go rabh an cat na
culladh, a mhathair.



An mhathair. Agus go dé rinn an madadh, a Mháire?



Máire. Thug se ruaig síos annsorthí, a mhathair.



An mhathair. Go dé deir Máire, a Mhéabha?



Méabha. Tá, a mhathair, deir sí go dtug an madadh
ruaig síos.



An mhathair. An bhfacaidh an cat é, a Nuala?



Nuala. Thannaic, a mhathair.



An mhathair. Go dé deir Nuala, a Shéamuis?



Séamus. Deir se go bhfacaidh an cat an madadh ag
teacht.



An mhathair. Go dé'n dóigh a dtiocadh léithe é a fheiceal
ma bhí sí na culladh, a Sheaghain?



Seaghan. Tá, a mhathair, mar nach rabh an dá shúil
druite aicí.



An mhathair. Go dé rinn an cat, a Mháire?



Máire. Thug sí léim suas anns an chrann, a mhathair.



An mhathair. Go dé dúirt an madadh léithe, a Nóra!



Nóra. Dúirt se léithe a theacht anuas go bhfuigheadh se
grim sgeadamain orthí.



An mhathair. Agus go dé dúirt sise?



Nóra. Tá, a mhathair, dúirt sí leis bugadh leis na
bhaile ná go gcuirfadh sí sileog ann a shúil.



An mhathair. A Nuala, léigh an sgéilín anns an aimsir
fháistinigh fhad leis an fhocal 'crann.'



Nuala. Béidh madadh mór dubh agus cat mór buidhe
aig Máire Bhán, agus béidh an bheirt ocú go minic ag
truid. Lá éigin béidh an cat da grianú fhein aig bun
cruinn shíos aig an tubar, agus nuair a shórochaidh an
madadh í, bheirfidh se ruaig síos. Ach ma bhíonn an cat na


L. 13


culladh fhéin, ní bhéidh an dá shúil druite aicí, agus nuair
a bheirfidh sí fa dear go mbéidh an madadh ag taraint
orthí, bheirfidh sí léim suas anns an chrann.



An mhathair. Tá sin taite, a Nuala, ach ca tuige nar
dhúirt tú "ach ma bhéidh an cat na culladh "?



Nuala. Tá, a mhathair, mar nach ceart uasaid a dheánadh
de'n fhuirm fháistinigh a ndéidh 'ma' ná 'cha.' A n-áiteacha
dé'n tseort nithear uasaid de'n fhuirm laithrigh, agus
nuair is é an briathar 'tá' a bhíos againn caithfar uasaid
a dheánadh de'n ghnáth-laithrigh. Da bhrigh sin, a mhathair, is
grách linn a leithidí seo a chluinstin:- "Ma bhíonn tú do
ghasúr mhaith gheoidh tú ceapaire," "ma bhriseann tú an
tslat air an mhadadh béidh eagla air rót." Da ndéirfinn
"ma bhéidh tú," "ma bhrisfidh tú," ní bhéadh ciall air bith
le mo chainnt, innean go bhfuil an bhrigh fháistineach faoi
mhíniú.



7. AN BHÓ.



Tá ciora cosa air an bhó, agus cuinnigheann siad go
han-daighean air a bunnaí í. Tá dhá aeirc chama orthí agus
dhá chluais mhóra. Leis na cluasa thig léithe achan rud a
chluinstin go beacht, agus bíonn na haerca uasaideach le
í-fhein a chosaint. Tá cúdach fionnaidh orthí, agus
cuinnigheann seo an fuacht air shiul uaithe sa gheimhreadh
Le na chois seo, tá ruball bréagh fada orthí leis na
cuileogaí a chuinneailt uaithe sa tsamhradh.



An mhathair. Anois, a Shéamuis, ca mheud cos air an
bhó?



Séamus. Tá ciora cosa orthí, a mhathair.



An mhathair. Go dé'n bhuntaiste atá ionntú, a Sheaghain?



Seaghan. Tá, a mhathair, go gcuinnigheann siad go
daighean air a bunnaí í.


L. 14


An mhathair. Go dé'n ceanal aerca ata orthí, a Mháire?



Máire. Aerca móra cama, a mhathair.



An mhathair. Agus go dé'n tairbhe atá anns na haerca,
a Nóra?



Nóra. Tá, a mhathair, bíonn siad uasaideach le í-fhéin
a chosaint.



An mhathair. Gho dé'n ceanal cluasa atá orthí, a Nuala.



Nuala. Cluasa móra fada, a mhathair.



An mhathair. An bhfuil buntaiste air bith anns na
cluasa, a Shéamuis?



Séamus. Tá, a mhathair, thig léithe achan rud a chluinstin
go beacht leo.



An mhathair. An bhfuil cúdach air bith air an bhó, a
Sheaghain?



Seaghan. Tá, a mhathair, tá cúdach fionnaidh orthí.



An mhathair. Agus go dé'n mhaith atá sa chúdach seo
duíthe, a Mháire?



Máire. Cuinnigheann se go bréagh teith sa gheimhreadh í.



An mhathair. Go dé'n ceanal rubaill atá orthí, a
Nóra?



Nóra. Ruball bréagh fada, a mhathair.



An mhathair. Go dé'n uasaid a nídh sí leis an ruball,
a Nuala?



Nuala. Cuinnigheann sí air shiul na cuileogaí leis, a
mhathair.



8. BUNTAISTE NA BÓ.



Is mór an bhuntaiste atá sa bhó. Ach ab é í ba dona an
saol a bhéadh againn, ná cha dtiocadh linn tráth sultmhar a
dheánadh gan í. Nuair a bheirthar aire mhaith do'n bhó bheir
sí neart bainne dúinn le hól. Ón bhainne seo gheibhmuid
an t-uachtar a chuirtear air an tae, agus as an uachtar


L. 15


gheibhmuid an t-im a chuirtear air an aran. A dtaoibh
feola, fosta, támuid faoi chumaoin mhór aig an bhó, ná
ní dóiche liom go bhfuil feoil air bith co déagh-bhlasta le
feoil na bó.



An mhathair. Ca tuige ar chóir dúinn a bheith buidheach
do'n bhó, a Shéamuis?



Séamus. Mar go mbéadh saol dona againn, a mhathair,
ach ab é í.



An mhathair. Go dé bheir sí dúinn, a Sheaghain?



Seaghan. Bheir sí neart bainne dúinn, a mhathair.



An mhathair. Agus go dé gheibhmuid ón bhainne, a
Mháire?



Máire. Ón bhainne gheibhmuid an t-uachtar, a mhathair.



An mhathair. Go dé nithear leis an uachtar, a Nóra?



Nóra. Cuirtear air an tae é, a mhathair.



An mhathair. Agus go dé'n dóigh a bhfaghthar an t-im,
a Nuala?



Nuala. Cuirtear an t-uachtar sa chuinneog a chiod uair,
a mhathair, agus insin nithear an maistearadh, agus air an
dóigh sin gheibhthar an t-im.



An mhathair. Ceocú is milse, a Shéamuis - an t-im no
an t-uachtar?



Séamus. Maise, dheon fhios agam, a mhathair, ach
amháin gur milse leis an chat an t-uachthar, agus gur
milse liomsa an t-im nuair a gheibhim ceapaire.



An mhathair. Maise, ní fhuil aon amhras, a Shéamuis, ná
go bhfuil cuid mhaith de'n bheadaigheacht ag gol do'n bheirt
agaibh. Ach, a dtaoibh na bó, a Sheaghain, an bhfaghthar rud
air bith eile uaithe ach bainne, uachtar agus im?



Seaghan. Gheibh, a mhathair, gheibhmuid feoil uaithe, agus
deirtar nach bhfuil feoil air bith eile co brighmhar agus co
déagh-bhlasta le feoil rósta na bó.


L. 16


An mhathair. A Nóra, tóir dúinn co-fhocla na bhfocal
seo: - Saol dona?



Nóra. Saol bocht, saol suarach.



An mhathair. Tráth sultmhar?



Nóra. Béile maith, beile só-chaite.



An mhathair. Ach ab é an bhó?



Nóra. Mur mbéadh an bhó.



9. AN CHAORA.



Dálta na bó, ainimhí an-uasaideach is eadh an chaora, ná
is uaithe a gheibhmuid an olann a ndeántar ar gcuid eadaigh
leis. Fásann an olann air a druim agus lumtar uair
amháin sa bhliain í. Cárdaltar agus sníomhtar an olann
agus nithear éadach de'n tsnáth. Nuair a bhíos sin deánta
tig an táilliur agus nídh se cultacha dúinn. Is mór an
tairbhe, fosta, feoil na caorach, ná ní fhuil feoil air bith co
só-chaite leis an chaoir-fheoil.



An mhathair. An bhfuil buntaiste air bith sa chaora, a
Shéamuis?



Séamus. Tá, a mhathair, is uaithe a gheibhmuid an olann,



An mhathair. Ca náit a bhfásann an olann, a Sheaghain?



Seaghan. Fásann an olann air dhruim na caorach, a
mhathair.



An mhathair. Go dé'n dhóigh a bhfaghthar an olann uaithe,
a Mhéabha?



Méabha. Tá, a mhathair, lumtar leis an deimheas í.



An mhathair. Go dé nithear leis an olann, a Mháire,
nuair a bhuintear de dhruim na caorach í?



Máire. Cárdaltar agus sníomhtar í, a mhathair.



An mhathair. Agus go dé'n chiall atá leis sin?


L. 17


Máire. Tá, go mbristear no go slámtar í, a mhathair,
agus insin go ndeántar snáth duí.



An mhathair. Agus insin, a Nuala?



Nuala. Insin, a mhathair, nithear éadach de'n tsnáth.



An mhathair. Go dé'n uasaid a nithear de'n éadach, a
Nóra?



Nóra. Nithear cultacha dae, a mhathair.



An mhathair. An bhfuil tairbhe air bith eile sa chaora, a
Mhéabha?



Mhéabha. Tá, a mhathair, bheir sí feoil sar-mhilis dúinn



10. AN CAPALL.



Ainimhí ceathar-chosach atá sa chapall agus tá se go
han-daighean air a bhunnaí. Ní mór do seo, ná tá meáchan
íontach ann, agus ó tharla go mbíonn an t-uathas oibre aige
le deánadh cuirtear cruitheacha air. Nuair nach mbíonn se
ag obair bíonn se go minic amuigh air feurach, agus nuair
a bhíonn se ag obair, coirce is mó a gheibh se le hithe.
Ainimhí an-ghlan is eadh an capall, agus nuair a bhíonn se
ag ól dighe tarnigheann se an deoch fríd a fhiacla mar
bhéadh síolthan ann. Air fud na blianna is é an capall
a níos an chuid is truime de'n obair do'n fheirmoir.
Nuair a bhithear ag treobh anns an earrach tarnigheann se
an tseisreach, agus na mílte de oibreacha tairbheacha
eile, sé an capall a níos iad.



An mhathair. Go dé'n ceanal ainimhí an capall, a
Shéamuis?



Séamus. Ainimhí ceathar-chosach atá ann, a mhathair.



An mhathair. Ca tuige a gcuirtear cruitheacha air an
chapall, a Sheaghain?


L. 18


Seaghan. Tá, a mhathair, ó tharla go mbíonn an t-uathas
oibre aige le deánadh.



An mhathair. Go dé rud cruitheacha, a Mháire?



Máire. Tá, a mhathair, bróga iarainn.



An mhathair. Agus ca tuige nach ndeánfadh bróga
leathair graithe?



Máire. Ó tharla go bhfuil meáchan sóruigheach san
ainimhí seo, a mhathair, cha mbéadh faic a mhaith a mbróga
leathair dó, agus cha seasochadh aon rud faoi'n mheáchan
mhillteanach sin ach an t-iarann.



An mhathair. Go dé'n dóigh a gcothuighear an capall, a
Mhéabha?



Méabha. Nuair nach mbíonn se ag obair, is grách dó
a bheith air feurach, ach nuair a bhíonn se ag obair, coirce
agus feur tirim is mó a gheibh se le hithe.



An mhathair. Go dé'n dóigh a n-ólann an capall a
chuid dighe, a Nóra?



Nóra. Tá, a mhathair, tarnigheann se fríd a fhiacla é,
mar bhéadh síolthan ann.



An mhathair. Creidim go mbíonn an capall na chuideadh
mhór aig an fheirmoir air fud na blianna, a Shéamuis?



Séamus. Bíonn, a mhathair, is é a níos bunas na
hoibre dó.



An mhathair. A Sheaghain, abair air dhóigh eile - Ní
mór dó a bheith daighean?



Seaghan. Is éigin dó a bheith daighean, tá se riachtanach
aige a bheith daighean.



An mhathair. Meáchan íontach?



Seaghan. Meáchan mór, meáchan uathasach.



An mhathair. An t-uathas oibre?



Seaghan. Moran oibre, treun obire, an-rud oibre



An mhathair. Bíonn se air feurach?


L. 19


Seaghan. Bíonn se ag innilt.



An mhathair. Mar bhéadh síolthan ann?



Seaghan. Air nós síolthain.



An mhathair. A ruith na blianna?



Seaghan. A gcathadh na blianna.



11. AN DÓRCHU.



Ainimhí an-dainnsearach an dórchú. Tá se air chosúlacht
cú, ach go bhfuil soc a bhfad níos fuide air ná atá air an
chú. Tá an soc seo cúig chrumadh go maith air fad, agus
tá gub geur nimhe amuigh air a bhárr. Air locha agus air
aibhneacha is mó a bhíonn sé, agus áit air bith a mbíonn
madaidh uisge, deirtar go mbíonn an dórchú na righ orthú.
Ach, ó tharla nach gcastar orainn fa lathair é, is dóiche
liom nach bhfuil anns an chainnt seo fa'n dórchú ach finn
sgeul.



An mhathair. Anois, a Shéamuis, innis dúinn go dé'n
ceanal áinimhí an dórchú.



Séamus. Ainimhí an-dainnsearach atá ann, a mhathair.



An mhathair. Ce leis a bhfuil se cosúil, a Sheaghain?



Seaghan. Tá se cosúil le cú, a mhathair.



An mhathair. An bhfuil difear air bith eatorú, Mháire?



Máire. Tá, a mhathair: Tá a shoc a bhfad níos fuide
ná soc an chú.



An mhathair. Agus go dé'n fhad atá ann, a Mhéabha?



Méabha. Tá se cúig chrumadh go maith, a mhathair.



An mhathair. An bhfuil difear air bith eile eatorú, a
Nóra?



Nóra. Tá, a mhathair, tá gub geur nimhe amuigh air a
bhárr.


L. 20


An mhathair. Ca náit is mó a bhfeicthar an dórchú, a
Nuala?



Nuala. Air locha agus air aibhneacha, a mhathair.



An mhathair. An mbíonn cuacht air bith aige, a Shéamuis?



Séamus. Bíonn, a mhathair: áit air bith a mbíonn
madaidh uisge bíonn an dórchú na righ orthú.



An mhathair. Agus an gcreideann tusa an sgeul seo, a
Sheaghain.



Seaghan. Ní chreidim, a mhathair, agus ní dóiche liom go
rabh a leithid ann ariamh.



An mhathair. Ca tuige a síleann tú sin, a Sheaghain?



Seaghan. Tá, a mhathair, de bhrigh nach mbíonn aon chionn
ocú le feiceal anois.



An mhathair. Agus air an ábhar sin, nach bhfuil aon
fhírinne sa sgeul?



Seaghan. Caithfidh se nach bhfuil ann ach finnsgeul, a
mhathair.



An mhathair. Beidir go bhfuil an ceart agat, a Sheaghain,
ach, na dhéidh sin 's uilig, tá sórú air an méid sgeultaí a
chluintear fa dtaobh de'n ainimhí seo, agus murb fhuil
ionntú ach finnsgeultaí ní fhuil gar a bheith ag cainnt.



12. DÓRCHU LOCH FINNE.



A bhfad ó shoin, deirtar go rabh dórchú aig Loch Finne, a
dTír Conaill, a rinn millteanas mór le na linn, agus
bhíodh eagla a gcuirp air mhuintir na háite a ghol a chóir
an locha. Ach, lá amháin, tharla go rabh bean as na
Gleanntaí ag gol an bealach, agus, da chórtha sin, bhí clóca
dearg orthí. Chualaidh an bhean seo iomra air an dórchú,
agus, mar sin dae, chuinnigh sí súil gheur ann a cionn air
eagla go dtiocadh an droch ainimhí orthí. Ach ma chuinnigh


L. 21


cha rabh a bhfad gur chualaidh sí an sgread uathasach,
Dhearc sí tharstí, agus, cinnte go leor, bhí m' oganach ag
teannadh orthí! A mothú na súil bhuin sí duíthe an clóca
agus spréigh air charraic é. Ní mór go rabh faill aicí a
ghol a bhfolach a gcul carraice eile go dtainic an dórchú.
Bhí se cinnte gurb í an bhean a bhí aige faoi'n chlóca, agus
thug se léim as a chorp le na ghub a chur fríthe. Ach nuair
a thainic se anuas air an charraic, bhris gub, soc, cionn
agus uile na gcunamar, agus thit an dórchú marbh.



An mhathair. Ca náit a rabh an dórchú seó, a Mháire?



Máire. Aig Loch Finne, a mhathair.



An mhathair. Deárn se moran millteanais fa'n áit,
a Nóra.



Nóra. Deir an sgeul go deárn, a mhathair.



An mhathair. Go dé deir Nóra, a Mhéabha?



Méabha. Deir sí go n-abrann an sgeul go deárn an
dórchú millteanas.



An mhathair. Agus go dé mar thaitean sin le bunadh
Loch Finne, a Nuala?



Nuala. Níor thaitean se leofa air chor air bith, a
mhathair, ná bhí eagla a gcuirp orthú a ghol a chóir an locha.



An mhathair. Agus go dé tharla, a Shéamuis?



Séamus. Tharla go rabh bean as na Gleanntaí ag gol
an bealach.



An mhathair. Rabh fhios aicí go rabh dórchú san áit?



Séamus. Chualaidh sí iomra air, a mhathair.



An mhathair. Agus go dé rinn sí?



Séamus. Tá, a mhathair, chuinnigh sí súil gheur ann a cionn



An mhathair. An bhfacaidh sí dadaidh, a Shéaghain?



Seaghan. Chan fhacaidh, a mhathair, ach chúalaidh sí sgread
uathasach.


L. 22


An mhathair. Go dé deir Seaghan, a Mháire?



Máire. Deir se nach bhfacaidh sí dadaidh, ach gur
chualaidh sí sgread uathasach.



An mhathair. Agus go dé rinn sí, a Mhéabha!



Méabha. Tá, a mhathair, bhuin sí duíthe a clóca agus
spréigh air charraic é.



An mhathair. Go dé deir Méabha, a Nóra?



Nóra. Deir sí gur bhuin an bhean duíthe a clóca agus
gur spréigh sí air charraic é.



An mhathair. Agus ca tuige a deárn sí sin, a Nuala



Nuala. Tá, a mhathair, ionas go sílfadh an dórchú gurb
í-fhéin a bhí faoi'n chlóca.



An mhathair. Nuair a thainic an droch ainimhí seo fhad
leis an chlóca, a Shéamuis, go dé rinn se?



Séamus. Thug se léim as a chorp, a mhathair, le na ghub
nimhe a chur fríd an chlóca, ná bhí se fír-chinnte gurb í an
bhean bhocht a bhí aige.



An mhathair. Go de dúirt Séamus, a Sheaghain?



Seaghan. Dúirt se go dtug an dórchú léim as a chorp
le na ghub a chur fríd an chlóca, ná go rabh se fír-chinnte
gurb í an bhean bhocht a bhí aige.



An mhathair. Agus go dé tharla nuair a thainic se
anuas air an chlóca, a Mháire?



Máire. Tá, a mhathair, bhris se a ghub agus a shoc agus
a chionn na gcunamar, agus thit se marbh.



An mhathair. A Mhéabha, fosgail do leor agus léigh an
sgéilín anns an aimsir fháistinigh, agus deán árthú air
bith eile a síleann tú a bhéas riachtanach.



Méabha. San am atá le theacht deirtar go mbéidh
dórchú aig Loch Finne, a dTír Conaill, a dheánfas mill-
teanas mór le na linn, agus go mbéidh eagla a gcuirp
air mhuintir na háite a ghol a chóir an locha. Ach lá éigin,


L. 23


is amhlaidh a bhéas bean as na Gleanntaí ag gol an bealach,
agus da chórtha sin, béidh clóca dearg orthí. Cluinfidh an
bhean seo iomra air an dórchú, agus mar sin dae, cuinneo-
chaidh sí súil gheur ann a cionn air eagla go dtiocadh an
droch ainimhí orthí. Ach ma chuinnigheann, cha mbíonn a
bhfad go gcluinfidh sí an sgread uathasach! Dearcfidh sí
tharstí, agus cinnte go leor, béidh m'oganach ag teannad
orthí! A mothú na súil buinfidh sí duíthe an clóca agus
spréighfidh sí air charraic é. Ní mór go mbéidh faill aicí
a ghol a bhfolach a gcúl carraice eile go dtiocaidh an
dórchú. Béidh se cinnte gurb í an bhean a bhéas aige faoi'n
chlóca, agus bheirfidh se léim as a chorp le na ghub a chur
fríthe. Ach nuair a thiocaidh se anuas air an charraic,
brisfidh gub, soc, cionn agus uile na gcunamar, agus
titfidh an dórchú marbh.



An mhathair. A Nuala, léarnucht thusa na ráite seo: -
Ainimhí dainnsearach?



Nuala. Ainimhí cuntúirteach, ainimhí urchoideach.



An mhathair. Tá se air chosúlacht cú?



Nuala. Tá se cosúil le cú.



An mhathair. Ní fhuil ann ach finnsgeul?



Nuala. Ni fhuil ann ach sgeul a cumadh.



An mhathair. Le na linn?



Nuala. Le na shaol, fhad agus bhí se beo.



An mhathair. Chuinnigh sí súil gheur ann a cionn?



Nuala. Bhí súil anáirde aicí, bhí sí ag cúimhead go
haireach.



An mhathair. Bhí m'oganach ag teannadh orthí?



Nuala. Bhí an bithúnach ag taraint orthí.



An mhathair. A mothú na súil?



Nuala. A smeideadh, fhad agus bheithea ag ra "Dia's
Muire liom."


L. 24


An mhathair. Thug se léim as a chorp?



Nuala. Thug se leim uathasach.



An mhathair. Bhris gub, soc agus uile?



Nuala. Bhris an gub, an soc agus iomlan.



An mhathair. Na gcunamar?



Nuala. Na ngiotaí beaga.



An mhathair. Tóirigidh fa dear, a pháistí gurb ionann
"dór" agus "uisge." Focal arsa is eadh é nach gcastar
orainn ach go fíor-annamh, agus tá se an-chosúil le
"húdór" sa Ghréigis. Da bhrigh sin, ní fhuil anns an
fhocal "dórchú" ach "uisge-chú" no "cú uisge." An
dtiocadh leat focal air bith eile a nuchtadh dúinn, a
Shéamuis, a bhfuil "dór" có-cheangailte leis?



Séamus. Tá áit cógarach dúinn, a mhathair, a dtugthar
Gaoth Dóir mar ainim air, ach ní thuigim go ró-mhait an
phrimh-chiall atá leis an fhocal. An é go mbíonn an ghaoth
ag séideadh air an uisge ann?



An mhathair. Feuch, a Shéamuis, ní hionann an "ghaoth"
a shéideas agus an "gaoth" seo a bhíos có-cheangailte
le "dór."



Séamus. Agus go dé'n míniu atá leis, a mhathair?



An mhathair. Is ionann "gaoth" agus "sleagh."
Nuair a théann an lán-mara asteach anns an tír, bheirthear
"gaoth" mar ainim air an bhealach uisge sin.



Séamus. Agus, a mhathair, ó tharla go dtugthar
"gaotha" air na bealaigh uisge seo, creidim go mbíonn
siad cosúil le gaoth no sleagh?



An mhathair. Bíonn cuid ocú díreach mar bhéadh gaoth no
sleagh ann, ach bíonn cuid eile ocú cam go leor. Da
n-amharcfa air léarsgáil Thír Conaill, tífea go bhfuil an
Gaoth Beara díreach go maith, agus go sílfea gur sleagh no
claidheamh a bhí sáite asteach sa tír aig an fharaige. Is


L. 25


ionann "Gaoth Beara" agus "gaoth a bhfuil bíor air,"
agus tá a dhálta sin air an bhealach uisge chianna. Tá
clacan cógarach do phurt Leitir Ceanainn a dtugthar
Bonagee (Bun an Ghaoith) air, agus téann an lán-mara go
dtí'n áit fríd gheug de'n tSúiligh. Ní chuireann duine air
bith sórú sa ghaoth bheag cham seo, ach thá an gaoth ann, agus
sin an t-ábhar a bhfuair an clacan seo a ainim.



Séamus. Agus go dé'n dóigh a bhfuair Gaoth Dóir a
ainim, a mhathair.



An mhathair. Air an dóigh chianna, a Séamuis, fuair
Gaoth Dóir an t-ainim seo ón ghaoth tá ag teacht asteach
ón fharaige ann.



13. NEAD SMÓLAIN.



Bhí Peadar ag buachailleacht sa choill agus fuair se
nead smólain a dtum sgeach. Bhí an smólan na suidhe
go clúfar anns an nead, agus sheas se tumall ag amharc
orthí. Ach a gcionn bumaite d'éirigh an t-eun agus d'imigh
sí. Insin chuaidh Peadar suas anns an chrann agus shóruigh
se go rabh ciora huibhe deasa gorma sa nead. Ní miste
a rá go rabh bród mór air Pheadar.



An mhathair. Cé bhí sa choill, a Shéamuis?



Séamus. Bhí Peadar ann, a mhathair.



An mhathair. Go dé bhí se dheánadh sa choill, a Sheaghain?



Seaghan. Bhí se ag buachailleacht, a mhathair.



An mhathair. Bhfuair se dadaidh sa choill, a Mháire?



Máire. Fuair se nead smólain ann, a mhathair.



An mhathair. Ca náit a rabh an nead, a Nuala?



Nuala. Tá, a mhathair, astuigh a dtum sgeach.



An mhathair. Rabh an smólan í-fhéin sa nead, a Nóra?



Nóra. Bhí, a mhathair, bhí sí na suidhe go clúfar ann.


L. 26


An mhathair. Agus go dé rinn Peadar, a Mhéabha?



Méabha. Sheas se tumall ag amharc orthí.



An mhathair. Go dé tharla a gcionn tumaill, a
Shéamuis?



Séamus. Tá, a mhathair, d'éirigh an t-eun agus d'imigh sí



An mhathair. Creidim gur imigh Peadar, fosta, a
Sheaghain?



Seaghan. Char imigh, a mhathair, ach chuaidh se suas anns
an chrann.



An mhathair. Agus go dé fuair se sa nead, a Mháire?



Máire. Fuair se ciora huibhe ann, a mhathair.



An mhathair. Go dé'n dath a bhí air na huibheacha, a
Nuala?



Nuala. Tá, a mhathair, dath deas gorm.



An mhathair. Creidim go rabh athas air Pheadar, a
Nóra?



Nóra. Bhí, a mhathair, agus bhí bród mór air.



An mhathair. Fosgail do leor, a Mhéabha, agus léigh an
sgéilín anns an aimsir fháistinigh.



Méabha. Béidh Peadar ag buachailleacht sa choill agus
gheoidh se nead smólain a dtum sgeach. Béidh an smólan
na suidhe go clúfar anns an nead, agus seasfidh se
tumall ag amharc orthí. Ach a gcionn tumaill éireochaidh
an t-eun agus imeochaidh sí. Insin rachaidh Peadar suas
anns an chrann, agus sórochaidh se go mbéidh ciora huibhe
deasa gorma sa nead. Ní miste a rá go mbéidh bród
mór air Pheadar.



An mhathair. Bhfuil ceist air bith le fiafruigh sul a
dtémuid giota eile air aeidh?



Máire. Tá bumaite ó shoin dúirt Nuala go rabh ciora
"huibhe" sa nead, agus insin d'fhiafruigh tusa, a mhathair,
go dé'n dath a bhí air na "huibheacha." Ní thuigim ca tuige


L. 27


a bhfuil dhá fhuirm iolraidh aig an fhocal sin "uibh." Nar
cheart do Nuala "ciora huibheacha" a rá?



An mhathair. Tá stuaim, stuidear agus ciall leis an
cheist sin, a Mháire. Feuchaigidh, a pháistí, tá moran
focla inseo agus insiud sa Ghaelic a bhfuil dhá fhuirm
iolraidh ocú, cionn ocú rialta agus an cionn eile neimh-
rialta, no mar a deirtar cor uair, tá cionn ocú lug agus
an cionn eile láidir. Nuair a chuirtear cunntas air rud
air bith, sin mar déarfa, nuair a thráchtar air an uimhir
áirighe, caithfear uasaid a dheánadh de'n fhuirm rialta,
ionas go n-abartar "ciora huibhe," "cuig héin," "cúig
húill," "trí pínne," "trí blianna." Ach Nuair a
thráchtar air na rudaí seo go neimh-chinnte, nithear uasaid
de'n fhuirm neimh-rialta, ionas go n-abartar "tá na
huibheaca daor," "tá na heunacha ag gol cheoil," "tá an
húllaí milis," "tóir aire do na pínneacha," "tá na
blianta ag gol thart." Agus air an ábhar sin, a Mháire,
bhí an ceart aig Nuala nuair a dúirt sí go rabh "ciora
huibhe" sa nead.



14. NA hEUNACHA ÓGA.



Fa tuairim seachtaine na dhéidh seo, bhí Peadar sa choill
aríst, agus thug se fa dear go rabh ciora héin óga sa nead,
agus nuair a mhothuigh siadsan an tarman a rinn Peadar,
shín siad amach a muineil agus d'fhosgail a mbeul ag
iarraidh bidh. Núair a thannaic sesean seo bhí íontas mór
air. Air ball thainic an sean eun agus cuiteog ann a
gub aicí. Shín gach sgallachan amach a mhuineal agus
d'fhosgail a bheul. Rinn an mhathair ciora chuid go han-
chliste de'n chuiteog le na gub agus chuir giota a mbeul
achan chionn ocú, agus as go brách léithe ar ais aríst le
tilleadh a fháil daofa.


L. 28


An mhathair. Ca nuair a deachaidh Peadar na coilleadh
ar ais, a Shéamuis?



Séamus. A gcionn seachtaine, a mhathair.



An mhathair. Creidim go dtug se cuairt air an nead,
a Sheaghain?



Seaghan. Thug, a mhathair, agus thug se fa dear go rabh
ciora héin óga ann.



An mhathair. Agus go dé tharla, a Mháire?



Máire. Tá, a mhathair, nuair a mhothuigh na heunacha óga
an tarman, shín siad amach a muineil agus d'fhosgail
siad a mbeul.



An mhathair. Agus ca tuige a deárn siad sin, a
Nóra?



Nóra. Tá, a mhathair, mar go rabh ocras orthú.



An mhathair. Go dé rinn Peadar, a Nuala?



Nuala. Cha deárn se dadaidh, a mhathair, ach nuair a
thannaic se an t-amharc sin bhí íontas mór air.



An mhathair. Agus go dé tharla air ball, a Mhéabha?



Méabha. Thainic an sean eun, a mhathair, agus cuiteog
ann a gub aicí.



An mhathair. Go dé tharla, a Shéamuis, nuair a thainic sí?



Séamus. Tá, a mhathair, shín gach sgallachan amach a
mhuineal agus d'fhosgail a bheul.



An mhathair. Agus go dé rinn an mhathair, a Sheaghain?



Seaghan. Rinn sí ciora chuid de'n chuiteog, a mhathair.



An mhathair. Go dé'n dóigh a deárn sí é, a Mháire?



Máire. Rinn sí go han-chliste é le na gub.



An mhathair. Agus insin go dé rinn sí, a Nuala?



Nuala. Chuir sí giota a mbeul achan chionn ocú, a
mhathair.



An mhathair. Go dé rinn sí nuair a bhí seo deánta
aicí, a Nóra?


L. 29


Nóra. Tá, a mhathair, d'imigh sí leithe fa chuinne tilleadh
bidh daofa.



Mhéabha. An bhfuil an crot ceart Gaelge air na ráite
seo, a mhathair: - Rinn sí "ciora chuid" de'n chuiteog,
d'fhosgail siad "a mbeul"? Ca tuige nach deárnadh
uasaid de'n uimhir iolraidh?



An mhathair. A ndéidh na n-uimhreach, is minic a chuirtear
sémheadh air ainim uathaidh, agus nuair a nithear seo, bíonn
brigh iolraidh aig an fhocal. Da bhrigh sin cluintear a
leithidí seo: - trí ghrim, trí bhuille, ciora chuid, ciora
chaora, cúig chaora dheug, cúig chéad, sé mhíle, se thonna,
agus c. Ach ó tharla nach bhfuil an uasaid seo for-leathan, ba
chóir do dhuine a bheith air a fhaichillt. Is minic, fosta, a
nithear uasaid de'n uimhir uathaidh a n-áit na huimhre
iolraidh nuair nach mbíonn uimhreacha air bith: - Geárr "an
barr" daofa, air "bhárr" na gcránn, buin "an
craiceann" daofa, nigh siad "a n-aeidh," tá "ar
gcroidhe" briste leat, chuir siad ann "a gcionn,"
d'fhosgail siad "a mbeul," rith siad le "na n-anam,"
nuair a bhí "a gcuid" ann "a mbolg" ocú, agus c.



15. SIC SIC NA nEUNACH.



Nuair a thannaic Peadar an dóigh dhona a rabh an mhathair
da gcothú d'imigh se agus fuair lán a dhuirn de chuiteogaí.
Nuair a thainic se fhad leis an nead bhí na ciora muineil
agus na ciora béil anáirde, agus "sic, sic" mhillteanach
ocú. Chuir Peadar cuiteog a mbeul achan chionn ocú
agus, a smeideadh, bhí siad slugtha siar ocú, agus thoisigh
an "sic, sic, sic" ar ais. Insin chuir se dha chuiteog a
mbeul achan chionn ocú, ach ma chuir thubair go sgiobfadh
siad na meura dae. Chuir se tilleadh chucu, ach is amhlaidh


L. 30


a bhí an gleo ag éirigh níos measa. Chuir seo íontas agus
uathas air, ná bhí na muineil ag éirigh níos fuide agus na
béil ag fosgladh níos mó agus níos mó achan iarraidh,
agus, a n-áit an t-ocras a bheith ag maoladh, is amhlaidh a
bhí se ag meudú orthú. Ní miste a rá go rabh fearg air
Pheadar siocair nach bhfuair se buidheachas air bith uafa
ach "sic, sic, sic!"



An mhathair. Anois, a Shéamuis, innis dúinn go dé rinn
Peadar nuair a thannaic se an dóigh dhona a rabh an mhathair
ag cothú na sgallachan.



Séamus. D'imigh sé, a mhathair, agus fuair se lán a
dhuirn de chuiteogaí le féasta beag a thóirt do na
créatúirí bochta.



An mhathair. Nuair a thainic se fhad leis an nead, a
Sheaghain, go dé tharla?



Seaghan. Tá, a mhathair, go rabh sic, sic mhillteanach aig
na heunacha.



An mhathair. Agus go dé'n chiall atá le "sic, sic," a
Mháire?



Máire Is ionann "sic, sic" agus "biadh, biadh," a
mhathair.



An mhathair. Ar theisein siad air dhóigh air bith eile, a
Nóra, go rabh ocras orthú?



Nóra. Theisein, a mhathair; shín siad amach a muineil
agus d'fhosgail siad a mbeul.



An mhathair. Agus go dé rinn Peadar, a Nuala?



Nuala. Tá, a mhathair, chaith se cuiteog asteach a mbeul
achan chionn ocú.



An mhathair. Creidim gur shásuigh sin iad, a Mhéabha?



Méabha. Níor shásuigh, a mhathair, ná ní mór go rabh na
cuiteogaí ann a mbeul ocú go rabh siad slugtha siar ocú,
agus insin chan "sic, sic" a bhí ocú ach "sic, sic, sic! "


L. 31


An mhathair. Agus go dé'n míniu atá le "sic, sic
sic," a Shéamuis?



Séamus. Tá, a mhathair, "tilleadh, tilleadh, tilleadh!"



An mhathair. Agus leis an chíocras seo a mhaoladh, a,
Nóra, go dé rinn Peadar?



Nóra. Chuir se dhá chuiteog a mbeul achan chionn ocú, a
mhathair.



An mhathair. Rabh muill air bith orthú an dá chuiteog a
leigint siar, a Mháire?



Máire. Mhaige maise, cha rabh, a mhathair, ach a n-áit
sin, bhí an oiread sin sputair orthú da slugadh gur bheag nar
sgiob siad na meura de Pheadar.



An mhathair. Go dé rinn Peadar insin, a Nuala?



Nuala. Tá, a mhathair, thug se tilleadh daofa, ach ma
thug char shásuigh sin iad ach oiread, ná bhí an gleo ag éirigh
níos measa, agus chuir seo íontas air Pheadar.



An mhathair. Ca tuige a rabh íontas air, a Mhéabha?



Méabha. Mar go rabh na muineil ag éirigh níos fuide
agus na béil ag fosgladh níos mó agus níos millteanaighe
achan iarraidh.



An mhathair. Réir chuma, a Shéamuis, char bhuin an
féasta sin an t-ocras de na sgallachain sóruigheacha
seo?



Séamus. Char bhuin, a mhathair, ach a n-áit sin is amhlaidh
a bhí se ag meudú orthú.



An mhathair. Creidim nach rabh Peadar sásta leis an
droch mhúnadh seo a bhí air na sgallachain, a Sheaghain?



Seaghan. Is cinnte nach rabh, a mhathair, ná bhí fearg
mhór air.



An mhathair. Agus ca tuige a mbéadh fearg air, a
Mháire?



Máire. Tá, a mhathair, siocair nach bhfuair se buidheachas


L. 32


air bith ó na sgallachain air son a chroidhúlachta ach
"tilleadh, tilleadh, tilleadh!" no, mar atá se a
canamhuin na n-eunach, sic, sic, sic! "



An mhathair. A Mháire, fosgail do leor agus léigh
amach an giota seo de'n sgéilín san aimsir ghná-chaite go
dtí "ar ais."



Máire. Nuair a tíodh Peadar an dóigh dhona a mbíodh
an mhathair da gcothú, d'imigheadh sé agus gheibheadh lán a
dhuirn de chuiteogaí. Nuair a thigeadh se fhad leis an nead
bhíodh na ciora muineil agus na ciora béil anáirde agus
sic sic mhillteanach ocú. Chuireadh Peadar cuiteog a
mbeul achan chionn ocú, agus, a smeideadh, bhíodh siad
slugtha siar ocú, agus thoisigheadh an sic, sic, sic ar ais.



An mhathair. A Mhéabha, cuir thusa anns an aimsir
fháistinigh é.



Méabha. Nuair a tífeas Peadar an dóigh dhona a
mbéidh an mhathair da gcothú, imeochaidh se agus gheoidh lán
a dhuirn de chuiteogaí. Nuair a thiocaidh se fhad leis an
nead béidh na ciora muineil agus na ciora béil anáirde
agus sic sic mhillteanach ocú, agus, a smeideadh, béidh
siad slugtha siar ocú, agus toiseochaidh an sic, sic, sic
ar ais.



16. AN AIRC SLÉIBHE.



Lá amháin samhraidh bhí gasúr ag buachailleacht air bhárr
sléibhe. Bhí an ghrian amuigh agus teas mór air fad ann.
Mar sin dae, shuidh an gasúr air thúrtog, agus cha rabh a,
bhfad gur thit se na chulladh. Bhí a bheul fosgailte aige
agus é ag srannfuigh go brighmhar binn nuair a léim airc
sléibhe asteach ann a bheul agus amach síos ann a bholg.
Air ball mhusgail se, agus nuair a thainic an tranóna
sheol se a chuid bó na bhaile.


L. 33


An mhathair. Go dé tharla do'n ghasúr seo, a Mháire?



Máire. Bhí se ag buachailleacht bó air bhárr sléibhe, a
mhathair.



An mhathair. Go dé rinn se, a Shéamuis?



Séamus. Tá, a mhathair, shuidh se air thúrtog agus thit
se na chulladh.



An mhathair. Ar chulluigh se go ciuin, a Sheaghain?



Seaghan. Níor chulluigh, a mhathair, ná bhí a bheul
fosgailte agus é ag srannfuigh mar bhéadh rud air bith ann.



An mhathair. Agus go dé tharla insin, a Nóra?



Nóra. Chuaidh airc sléibhe asteach ann a bheul, a mhathair.



An mhathair. Creidim go dtainic sí amach ar ais, a
Mhéabha?



Méabha. Cha dtainic, a mhathair, ach chuaidh sí amach síos
ann a bholg.



An mhathair. Rabh an gasúr a bhfad na chulladh, a,
Nuala?



Nuala. Is dóiche liom, a mhathair, go rabh se tumall
maith na chulladh



An mhathair. Nuair a thainich an tranóna, go dé rinn se
a Mháire?



Máire. Tá, a mhathair, sheol se a chuid bó na bhaile.



An mhathair. Anois, a Shéamuis, cuir a gcás gurb í
Méabha a d'innis an sgéilín seo, innis thusa dúinn go dé
dúirt sí.



Séamus. Dúirt Méabha go rabh gasúr lá amháin
samhraidh ag buachailleacht air bhárr sléibhe; go rabh an
ghrian amuigh agus teas mór air fad ann, agus mar sin
dae, gur shuidh an gasúr air thúrtog, agus nach rabh a bhfad
gur thit se na chulladh. Dúirt sí go rabh a bheul fosgailte
aige, agus go rabh se ag srannfuigh go brighmhar binn
nuair a léim airc sléibhe asteach ann a bheul agus go


L. 34


deachaidh sí amach síos ann a bholg; gur mhusgail se a
gcionn tumaill, agus, nuair a thainic an tranóna, gur
sheol se a chuid bó na bhaile.



An mhathair. A Sheaghain, léarnucht thusa na ráite
seo:- ag buachailleacht?



Seaghan. Ag tóirt aire do bha no do chaoirigh.



An mhathair. Bhí an ghrian amuigh?



Seaghan. Bhí an ghrian ag soillsiu.



An mhathair. Shuidh se air thúrtog?



Seaghan. Shuidh se air árdan bheag thirim.



An mhathair. Air ball mhusgail se?



Seaghan. A gcionn tumaill bhig thainic se as a chulladh



An mhathair. Sheol se a chuid bó?



Seaghan. Thiomainn se a chuid bó.



An mhathair. Ag srannfuigh mar bhéadh rud air bith ann?



Seaghan. Ag srannfuigh go treun láidir.



17. AN tSEAN-BHEAN CHLISTE.



Char mhothuigh an gasúr go rabh aon rud cuntrailte leis,
ach amháin go mbíodh ocras agus tart millteanach achan
bhumaite sa lá air. Ach fa dheireadh d'éirigh mo dhuine
bocht co treith tanaí sin go rabh eagla air a mhathair go
bhfuigheadh se bás. Bhí sean-bhean chliste air an bhaile
agus cuireadh fa na cuinne. Co luath agus leag sise a
súil air an ghasúr dúirt sí gur airc sléibhe a bhí ann a
ghoile; go rabh sí ag slugadh achan rud da gcáitheadh an
gasúr, agus gur fhág sin gan fuil gan feoil esean.



An mhathair. Ar mhothuigh an gasur go rabh rud air bith
cuntrailte leis, a Shéamuis?



Séamus. Char mhothuigh, a mhathair, ach amháin go mbíodh
ocras agus tart millteanach go han-mhinic air.


L. 35


An mhathair. Agus go dé tharla dó sa deireadh, a
Sheaghain?



Seaghan Tá, a mhathair, d'éirigh se co treith tanaí sin
go rabh eagla air a mhathair go bhfuigheadh se bás.



An mhathair. Ar fheuch siad leis an duine bocht a léas,
a Mháire?



Máire. D'fheuch, a mhathair. Bhí sean-bhean chliste air
an bhaile agus cuireadh fa na cuinne.



An mhathair. Agus go dé dúirt sise, a Nóra?



Nóra. Dúirt sí go rabh airc sléibhe ann a ghoile.



An mhathair. Agus go dé'n dochar a rabh an airc da
deánadh air, a Nuala?



Nuala. Tá, a mhathair, go rabh an damantoir beag ag
slugadh gach uile rud da gcaitheadh an gasúr bocht.



An mhathair. Go dé'n dóigh ar ghuill seo air an ghasúr,
a Mhéabha?



Méabha. Tá, a mhathair, gur fhág se an créatur bocht
gan fuil gan feoil, ionas nach rabh ann ach na crámha.



An mhathair. A Shéamuis, léigh an t-áit sin anns an
aimsir fháistinigh.



Séamus. Ní mhoitheochaidh an gasúr go mbéidh aon rud
cuntrailte leis, ach amháin go mbéidh ocras agus tart
millteanach achan bhumaite sa lá air. Ach, fa dheireadh,
éireocaidh mo dhuine bocht co treith tanaí sin, go mbéidh
eagla air a mhathair go bhfuigh se bás. Béidh sean-bhean
chliste air an bhaile, agus cuirfear fa na cuinne. Co
luath agus leagfidh sise a súil air an ghasur, deirfidh sí
gur airc sléibe a bhéas ann a ghoile, go mbéidh sí ag
slugadh achan rud da gcaitfidh an gasúr, agus go bhfágfidh
sin gan fuil gan feoil esean.



An mhathair. Thug me fa dear, a Séamuis, gur thoisigh


L. 36


tú le "Ní mhoitheochaidh an gasúr." Nach mbéadh "cha
moitheochaidh an gasúr" co maith?



Séamus. Ní bhéadh, a mhathair: ní grách uasaid a dheánadh
de "cha" roimh an aimsir fháistinigh. Cuirim a gcás, ní
ceart duinn lóirt mar seo: - Cha mbrisfidh se, cha dtiocaidh
se, cha rachaidh se, cha ndeánfidh se, cha dtóirfidh se.



An mhathair. Agus go dé'n dóigh ar cheart iad a lóirt?



Séamus. Mar seo, a mhathair: - Ní bhrisfidh se, Ní
thiocaidh se, ní rachaidh se, ní dheánfidh se, ní fheicfidh se,
ní thóirfidh se.



An mhathair. Mar sin dae, leis an aimsir fháistineach
a chur róinn, caithfar a gcomhní uasaid a dheánadh de "ní."
Nach é sin do phuinnte, a Shéamuis?



Séamus. Sé, mhathair, nuair a nithear uasaid de fhuirm
fháistineach an bhriathair. Ach, is minic a bheir "cha "
fórsa fáistineach do fhuirmeacha na haimsire laithrighe;
sin, mar déarfa, nuair a bhíos an aimsir fháistineach faoi
mhíniu.



An mhathair. Agus an dtóirfa cupla sompla dúinn, a
Shéamuis?



Séamus. Cinnte, a mhathair. Cead againn na somplaí
roimh-ráite a leathanú mar seo: - Cha mbrisim do chroidhe
go deo, cha dtig se na bhaile níos mó, cha dtéim na bhaile
mhóir go dtí amárach, cha ndeánaim a léithid níos mó, cha
dtóirim oiread agus pínn ruadh duit go mbéidh an obair
deánta agat.



An mhathair. Tá me sásta go maith, a Shéamuis, go
gcuireann na somplaí sin brigh na haimsire fáistinighe
róinn go sóiléar, agus leis an t-eolas seo a chur a
bhféim, a pháistí, caithfamuid aire a thóirt gan uasaid a
dheánadh de "cha" roimhe na fuirmeacha fáistineacha;
agus, air an taobh eile, ma nithear uasaid de na fuirmeacha


L. 37


seo, caithfar "ní" a chur rupú ma bhíonn an briathar
diulta. Agus anois, a Shéamuis, ó tharla go bhfuilmuid
ag trácht air "cha," agus, réir chuma, go bhfuil deise na
teangan go cruinn ann do chionn agat, beidir go
n-innseocha do'n rannc ca tuige a gcastar "chan" orainn
go minic a n-áit "cha."



Séamus. Ní bhéidh muill air bith orm sin a dheánadh, a
mhathair: Nuair a nithear uasaid de'n bhriathar "is,"
árthuigheann "cha" go "chan." Cuirim a gcás, "chan mé
an fear," "chan tú a rinn é." Roimhe f, fosta, nithear
uasaid de "chan," ach a n-áit an chiod litir seo a mhúchadh,
mar is grách do "cha" a dheánadh, cuireann se an
séimhiu air, mar seo: - chan fhuil, chan fhaghaim, chan fhuair
me.



18. PURGOID NA SEAN-MHRÁ.



Insin rinn an tsean-bhean réidh tráth de bhiadh an-ghoirt,
agus dúirt leis an ghasúr an méid a thiocadh leis dae a
shlugadh, ach gan oiread agus deor dighe a ól. Nuair a
bhí an phurgoid seo na sean-mhrá caite aige, dúirt sí leis
a ghol agus luighe air bhruach na hónna, agus leigint air a
bheith na chulladh. Rinn sesean amhlaidh; luigh se síos a
chois sgeárdain, d'fhosgail a bheul, agus thoisigh ag
srannfuigh.



An mhathair. Go dé rinn an tsean-bhean, a Shéamuis?



Séamus. Rinn sí réidh tráth de bhiadh an-ghoirt, a
mhathair.



An mhathair. Ca dó a rabh an tráth seo, a Sheaghain?



Seaghan. Do'n ghasúr, a mhathair.



An mhathair. Ar chaith an gasúr an biadh goirt sin, a
Mháire?


L. 38


Máire. Slug se siar an méid a thiocadh leis dae, a
mhathair.



An mhathair. Agus go dé dúirt an tsean-bhean leis
insin, a Nóra?



Nóra. Dúirt sí leis a ghol agus luighe a chois na hónna.



An mhathair. Creidim go deárn se sin go fonnmhar, a
Mhéabha?



Méabha. Rinn, a mhathair, luigh se síos a chois sgeárdain
agus leig se air a bheith na chulladh.



Seaghan. Tithear damhsa, a mhathair, go bhfuil locht
sóruigheach anns an sgéilín, agus gur chóir a cheartú sul
a dtémuid níos fuide.



An mhathair. Maise, char shóruigh me-fhéin go rabh aon
locht ann, ach ma tá léigh amach dúinn é, a Sheaghain.



Seaghan. Seo é, a mhathair: "Nuair a bhí an phurgoid
seo na sean-mhrá caite aige."



An mhathair. Amuidigh, a Sheaghain, ní fhuil locht air bith
air an Ghaelic sin.



Seaghan. Tá eagla orm go bhfuil, a mhathair.



An mhathair. Maise, ma tá, léigh amach an dóigh cheart.



Seaghan. Réir riagla an ghramair, a mhathair, seo mar
ba chóir dó a bheith: Nuair a bhí purgoid seo na sean-mhrá
caite aige.



An mhathair. "Purgoid seo na sean-mhrá" - Ní fhuil
an crot ceart air, a Sheaghain. Ach tá mise a gcruadh-chás
ó tharla nach bhfuil eolas air bith agam air ghramar ach an
méid atá ann mo chionn, agus creidim nach bhfuil moran
maith anns an eolas sin le taobh an ghramair a gheibhthar
anns na leorthí. Ach beidir go dtiocadh le Méabha an
cheist seo a réiteach ó tharla gur fheoluim sise cuid mhór
de'n ghramar fosta.



Méabha. Tá eagla mhór orm, a mhathair, nach deachaidh


L. 39


Seaghan dóinn go leor sa ghramar ná is furust ainnthe
nach bhfuair se an grim ceart air an riaghail a bhuineas
leis an "locht sóruigheach" seo.



Seaghan. Deir an riaghail, a mhathair, nach ceart don'
airteagal a bheith leis an chiod ainim.



Méabha. Deir, a Shéamuis, ach nach bhfuil fhios agat go
mbíonn diulta le bunas achan riaghail, agus diult nach
ceart dearmad a dheánadh dae is eadh an diult seo.



An mhathair. D'athainn me sin.



Méabha. Is fíor do Sheaghan go bhfuil an riaghail adaí
ann, ach tá riaghail eile a deireas go gcaithfar uasaid a
dheánadh de'n airteagal achan uair da ndeántar uasaid
de'n fhorainim taisbeantach, ionas go n-abairtear "an
bhó seo," "na muca sin," a n-áit "bo seo," "muca sin."
Air an dóigh chianna tá an t-airteagal riachtanach ann a
leithid seo de ráite:- "Anns an ghleann seo na ndeor,"
"air an pháirc sin do mhathara." Da bhrigh sin, ní fhuil locht
air bith air "an phurgoid seo na sean-mhrá," agus béidh
se air Seaghan dearcadh níos géire as seo amach, ná béidh
an dhomhan mhór ag gáirigh magadh air-fhéin agus a chuid
gramair. Tá daoiní ann, a mhathair, a bhfuil an gramar
ceart astuigh ann a gcionn ocú, agus nuair a thoisigheann
siad ag sgríobh, druideann siad a súile air an lón
luachmhar sin le greamú air riagla gramair nach bhfuil ach
fíor-bheagan eolais ocú orthú, ionas go sgríobhann siad
moran de'n Ghaelic adaí Sheaghain.



An mhathair. Maise, mo sheacht n-anam thú, a Mhéabha!
Dheánfidh an óraid sin maith do Sheaghan. Tá bumaite ó
shoin, bhí eagla orm-fhéin nach í an Ghaelic cheart a bhí agam,
ach mhínigh tusa an cheist co deas sin gur sguabadh air
shiul an eagla sin.


L. 40


19. AN LÉAS.



Bhí an airc sléibhe da céasadh le tart a ndéidh an méid
de'n fheoil ghoirt a bhí slugtha aicí, agus nuair a chualaidh sí
fuaim an sgeárdain agus glugarnach an tsruthain, siud
amach annsair an uisge í. Co luath agus fuair an gasúr
faill, as go brách leis na bhaile, agus thug áltú do Dhia
agus do'n tsean-bhean.



An mhathair. Go dé'n dóigh ar ghuill an fheoil ghoirth air
an airc, a Shéamuis?



Séamus. Tá, a mhathair, go rabh sí da céasadh le tart.



An mhathair. Agus go dé rinn sí, a Sheaghain?



Seaghan. Nuair a chualaidh sí fuaim an tsruthain agus
go rabh beul an ghasúir fosgailte thainic sí amach.



An mhathair. Ca tuige a deachaidh sí amach, a Mháire?



Máire. Le deoch uisge a fháil, a mhathair.



An mhathair. Go dé rinn an buachaill, a Nóra?



Nóra. Tá, a mhathair, ruith se na bhaile an méid a bhí
ann a chorp.



An mhathair. Agus go dé rinn se nuair a sroich se an
baile, a Mhéabha?



Méabha. Thug se áltú do Dhia agus do'n tsean-bhean.



An mhathair. Mínigh na focla seo, a Nuala:- thug se
áltú?



Nuala. Thug se buidheachas mór.



An mhathair. Bhí sí da céasadh?



Nuala. Bhí sí da crádh, bhí sí a bpéin.



An mhathair. Tráth de bhiadh ghoirt?



Nuala. Béile de bhiadh a bhfuil salann ann.



An mhathair. Fuaim an sgeárdain?



Nuala. Tuaim (no crónan) an easa.


L. 41


An mhathair. Glugarnach an tsruthain?



Nuala. Sluparnach-slaparnach an tsruthain.



An mhathair. Siud amach annsair an uisge í?



Nuala. Chuaidh sí amach go dtí'n t-uisge.



An mhathair. As go brach leis na bhaile?



Nuala. D'imigh se na bhaile co tiuth as thiocadh leis.



20. AN GHRIAN AGUS AN GHEALACH.



An mhathair. Caith fod mónadh air an teiní, a Mháire.
Ó tharla go bhfuil an Ghealach amuigh, agus an oíche chóir a
bheith co geal leis an lá, ní bhéidh féim air bith le coinnle
anuchth.



Séamus. Ca tuige, a mhathair, nach dtugann an Ghealach
solas dúinn co maith leis an tsolas a bheir an Ghrian
dúinn?



An mhathair. Tá, a Shéamuis, mar nach bhfuil méid air
bith anns an Ghealaigh le taobh an mhéid atá anns an Ghréin;
agus, rud eile, a Shéamuis, innean go dtóireann sí solas
dúinn inseo anucht, chan é a solas fhéin atá aicí da thóirt
uaithe, ach solas na Gréine a bhíos a dóladh ag titim orthí.



Séamus. Agus, a mhathair, ca náit a bhfaghann an
Ghrian a solas?



An mhathair. Tig se aistí-fhéin, a Sheamuis. Meall
mór teineadh atá anns an Ghréin, agus sin an t-ábhar a
mbíonn a gatha co teith sin. Air an dóigh chianna, ní thig
teas air bith as an Ghealaigh de bhrigh nach bhfuil teas air
bith inntí-fhéin.



Séamus. Agus an rabh teas air bith ariamh inntí, a
mhathair?



An mhathair. Is dóiche liom go rabh. Amach siar a
gciantaí na gceo, deirtar go rab an Ghealach na meall


L. 42


teineadh mar atá an Ghrian anois, ach gur fhuaruigh sí a réir
a cheile a gcathadh na gciantaí. Da chórtha sin, fosta, bhí
an Domhan seo na crap teineadh a dtús báire, agus
innean go bhfuil se fuaruíste air an taobh amuigh fa lathair
tá an teiní go fóill ann a chroidhe. Tá fhios againn, mar
gcianna, go bpléasgann agus go mbruchtann an teiní sin
anois agus aríst air éadan na cruinne.



Seaghan. Agus, a mhathair, ca tuige nar fhuaruigh an
Ghrian co maith leis an Ghealaigh?



An mhathair. Tá, a Sheaghain, de bhrigh go bhfuil an Ghrian
a bhfad níos mó ná an Ghealach.



Nuala. Maise, le hamharc orthú, a mhathair, shílfea nach
bhfuil moran difir eatorú.



An mhathair. Tá sion fír go leor, a Nuala, ach ná deán
dearmad go bhfuil an Ghrian a bhfad níos fuide air shiul
ná an Ghealach. Tá an Ghealach an-chógarach dúinn, agus is
air an ábhar sin go síltear go bhfuil sí co mór leis an
Ghréin.



Nóra. Go dé'n fhad a bhfuil an Ghealach uainn, a
mhathair?



An mhathair. Ní fhuil sí ach bórdaigh air cheathradh milliun
míle uainn, a Nóra.



Nóra. Agus an Ghrian, a mhathair?



An mhathair. Tá an Ghrian chóir a bheith céad milliun
míle uainn, agus da mbéadh an Ghealach an fhad sin air
shiul ní fheicfí air chor air bith í.



Méabha. Ach, a mhathair, níor innis tú dúinn ca tuige
nar fhuaruigh an Ghrian co maith leis an Ghealaigh?



An mhathair. Mar a dúirt me cheana féin, d'fhuaruigh
an Ghealach ó tharla nach bhfuil inntí ach mionogan le taobh
na Gréine.



Máire. Arú, go dé rud mionogan, a mhathair!


L. 43


An mhathair. Tá, a Mháire, rud atá co beag sin nach
mór go dtig é a fheiceal.



Máire. Bhfuil se níos lú ná dúlogan, a mhathair?



An mhathair. Maise, measaim go bhfuil an dúlogan
céad uair co mór leis an mhionogan, a Mháire.



Seaghan. Ach ma tá an Ghrian mór fhéin, a mhathair, ca
tuige nach dtiocadh léithe fuarú?



An mhathair. Ní abraim ná go bhfuil sí ag fuarú, a
Sheaghain. Is é a mheasann na reult-ollamhna go bhfuil sí
ag fuarú, ach, ó tharla go bhfuil toirt uathasach innthí, go
bhfuil an fuarú ag gol air aeidh co fadalach sin nach léar
dúinn é, agus da mairfadh sinne míle blian eile nach
dtóirfadh sinn fa dear go mbéadh aon árthú orthí.



Séamus. Tá sin deacair go maith a thuigbheal, a
mhathair.



An mhathair. Measaim go bhfuil, a Shéamuis, ach
dheánfidh me mo dhitheall le na nuchtadh níos soiléire dhuit:
Ma líonaim an pota mór sin thall le huisge galach, agus
insin an meurocan seo atá air mo mheur a líonadh mar
gcianna, agus an bheirt ocú a fhágail na suidhe air an
urlar, ceocú ocú a bhéas fuaruíste a chiod uair?



Séamus. Béidh an meurocan fuar a bhfad roimhe 'n
phota, a mhathair.



An mhathair. Is cinnte go mbéidh, a Shéamuis. Béidh
an t-uisge anns an mheurocan fuar a gcionn chúig bhumaite,
ach, a gcionn cúig n-uaire, is dóiche liom go mbéidh an
t-uisge anns an phota gear theith go fóill.



Séamus. Is fíor sin, a mhathair.



An mhathair. Tá go maith. Anois, a Shéamuis, da
dtiocadh leat smaoitiu air phota a bhéadh co mór leis an
dhomhan seo, nach sileann tú go mbéadh se co fadalach sin
ag fuaradh nach mór go dtiocadh le duine a thóirt fa dear?


L. 44


Séamus. Maise, da mairfinn míle blian no mar sin,
a mhathair, beidir go sórochainn árthú beag air theas an
phota uathasaigh sin, ach ó tharla nach mbíonn saol an duine
moran níos mó ná ciora sgór blian, tá eagla mhór orm
nach bhfeicfí aon árthú air.



An mhathair. Anois, a Shéámuis ó tharla go bhfuil an
méid sin go soiléar ann do chionn, tuig go bhfuil, feudaim
a rá oiread difir eadar an Ghrian agus an Ghealach agus
tá eadar an pota uathasach sin agus an meurocan.



Séamus. Tuigim an puinnte go fíor-mhaith anois, a
mhathair, ach ba mhaith liom eolas níos cruinne a fháil air
mhéid na Gréine.



An mhathair. Tá meid uathasach inntí, a Shéamuis. Da
dtiocadh í a gheárradh ann a milliun giota, bhéadh achan
ghiota ocú seo co mór leis an Dómhan seo. Da mbéadh
bothar iarainn thart timpeall na Gréine agus go suidhfea
a dtraen a bhéadh ag deánadh trí fichead míle san uair,
agus é ag síor-ghluaiseacht oíche agus lá, ní bheithea aig
deireadh do thurais timpeall na Gréine, a Shéamuis, go
mbéadh cúig blianna caite.



Séámus. Is dóiche liom, a mhathair, go ndíolfinn go
geur air an ticeid.



Seaghan. Agus go dé'n mhéid atá sa Ghealaigh, a
mhathair?



An mhathair. Da ngeárrfí an Domhan na leith-chéad
giota, bhéadh achan giota ocú co mór leis an Ghealaigh, agus
feudtar a mheas as seo nach bhfuil anns an Ghealaigh ach
mionogan le taobh na Gréine.



Máire. Ba mhaith liom-fhéin, a mhathair, eolas níos
cruinne a bheith agam air an spéir agus air na reultogaí.
Tamuid uilig tursach ag cainnt air néithe talamhanta.



An mhathair. Maise, tá me air aon intinn leat insin,


L. 45


a Mháire. Da mheud agus da mhinice a dhearcthar air
oibreacha Dé, is amhlaidh is mó ar n-íontas. Ma dhearcan-
muid air aeidh na Cruinne, nuchtfar dúinn mór-chuacht agus
mór-intleacht an Chruthuigheora. Ach tógamuid suas ar
súile agus dearcamuid air chruinn-chlár gorm na firmi-
minte. Nach aoibhinn an t-amharc é a lár an lae ghil, nuair
nach mbíonn aon rud le feiceal air aeidh na spéire ach an
Ghrian ghlórmhar, a bhfuil a solas co leunmhar láidir sin
go múchann se achan solas eile! Ach ní shilim go bhfuil
amharc air bith eile da bhfacaidh súil an duine ariamh a
shárochadh amharc na spéire san oíche, agus go hairid nuair
a bhíos cruinn-mhachaire neimhe cúduighthe le reulta ró-
dheasa, agus an Ghealach aoibhinn ómra ann a gceart-lár.



21. AN GHRIAN AGUS A CUALACHT.



Ní fhuil reult sa spéir nach mbíonn ag síor-ghluaiseacht.
Ach tá cuid ocú co fada sin air shiul nach léar dúinn go
bhfuil aon bhugadh ionntú, agus air an ábhar sin is grách a
rá go mbíonn siad a gcómhní san áit chianna. Reulta
buana a bheirtar orthú seo. Tá reulta eile ann, agus
bheirtar fa dear nach mbíonn siad aon bhumaite san áit
chianna, ach a dóladh ag gluaiseacht thart fa dtaobh de'n
Ghréin. Reulta neamh-bhuana a bheirtar orthúsan.
Planoidí an t-ainim atá air na triallairí seo, agus ní
fhuil air an spéir go huile ocú ach ocht gcinn mhóra agus
bórdaigh air chúig chéad de mhion-phlanoidí. Seo ainimnacha
na bplanoid mór:- Mercerí, Bhéanus, an Chruinne (no an
Dómhan), Márs, Iupiter, Sathurn, Uránus agus Neptiun.
Tá méid mhillteanach anns na planoidí seo, ach da mheud
a méid agus a meáchan, tá an Ghrian coradh agus seacht
gcéad uair co mór leis an iomlan ocú curtha le cheile.


L. 46


Ach an rud is íontaighe fa dtaobh de'n teaghlach neimhe seo,
sé go bhfuil na planoidí a nglaic na Gréine, agus go
daighean faoi na smacht. Bíonn sí a choíche da dtaraint
agus da dtiomaint co brighmhar beacht sin nach dtig leo
a ghol oiread agus órlach thar an líne atá geártha amach
aicí daofa.



An mhathair. Anois, a Mháire, ca mheud ceanal reult
ann?



Máire. Dhá cheanal, a mhathair, reulta buana agus
reulta neamh-bhuana.



An mhathair. Maith an cailín, a Mháire. Innis dúinn
anois go dé rud reult buan.



Máire. Tá, a mhathair, reult a bhíos a gcómhní san áit
chianna.



An mhathair. Agus an mbíonn na reulta buana, da
rírimh, san áit chianna a gcómhní?



Máire. Ní bhíonn, a mhathair, ach tá siad co fada sin air
shiul nach bhfeicthar dúinne go bhfuil aon bhugadh ionntú.



An mhathair. Agus go dé rud reult neamh-bhuan, a
Nóra?



Nóra. Tá, a mhathair, reult a bhíos a gcomhní ag
gluaiseacht.



An mhathair. Ca náit a mbíonn siad ag gol, a Mhéabha?



Méabha. Bíonn siad ag deánadh turais timpeall na
Gréine.



An mhathair. Agus an bhfuil moran de'n cheanal seo
ann, a Shéamuis?



Séamus. Bórdaigh air chúig chéad, a mhathair, ach tá ocht
gcinn mhóra orthú.



An mhathair. Cuir ainim air na hocht gcinn mhóra, a
Mháire.


L. 47


Máire. Mercerí, Bhéanus, an Domhan, Márs, Iupiter,
Sathurn, Uránus agus Neptiun.



An mhathair. An bhfuil ainim air bith eile air na reulta
seo, a Nóra?



Nóra. Planoidí a bheirtar orthú, a mhathair.



An mhathair. Ca tuige a dtugthar an t-ainim sin orthú,
a Nuala?



Nuala. Tá, a mhathair, de bhrigh go mbíonn siad a
gcómhní ag triall, ná is ionann "planoid" agus
"triallaire."



An mhathair. Agus ca tuige a mbíonn siad ag triall
timpeall na Gréine, a Mhéabha?



Méabha. Tá, a mhathair, de bhrigh go bhfuil siad a nglaic
na Gréine agus go mór faoi na smacht.



An mhathair. Réir chuma, a Shéamuis, tá srian aicí air
achan chionn ocú?



Séamus. Tá, a mhathair, agus tiomaineann sí co deas
sin iad nach dtéann siad oiread agus órlach thar an líne
atá geárrtha amach aicí daofa.



An mhathair. An bhfuil moran méid anns na planoidí,
a Seaghain.



Seaghan. Tá, a mhathair, ta méid sóruigheach ionntú.



An mhathair. An bhfuil aon chionn ocú co mór leis an
Ghréin, a Mháire?



Máire. Is cinnte nach bhfuil, a mhathair, ná, da mbéadh
ní dóiche go mbéadh a leithid de smacht aicí orthú agus tá.



An mhathair. Da ndeánfí planoid amháin de na hocht
gcinn mhóra, a Nóra, an mbéadh an phlanoid úr seo co
mór leis an Ghréin?



Nóra. Cha mbéadh, maise, ach da dtiocadh seacht gchead
ocú a fháil agus planoid amháin a deanadh daofa, insin
bhéadh an phlanoid sin chóir a bheith co mór leis an Ghréin.


L. 48


22. MERCERÍ AGUS BHÉANUS.



Is é Mercerí an phlanoid is cógraighe do'n Ghréin. Tá
se níos lú ná aon chionn eile de na planoidí móra, ach a
bhfad níos guiste ná ceachtar ocú. Tá se rud beag níos
mó ná an Ghealach, agus air a thuras timpeall na Gréine,
siuileann se naoi míle fichead a mbuille cluig, sin mar
déarfa, go gcuireann se coradh agus 1700 míle tairis a
mbumaite cluig, ionas nach miste a rá go mbíonn se air


L. 49


chos anáirde. Siuileann se iomlan an bhealaigh timpeall
na Gréine a dtrí mhí, no mar sin. A ndéidh Mhercerí, is
í Bhéanus is cógraighe do'n Ghréin. Tá an phlanoid seo a
bhfad níos solasmhaire ná aon reult eile sa spéir, ionas
go dtig í a fheiceal a lár an lae. "Reult an Tranóna "
a bheirtar orthí nuair a bhíonn sí le feiceal anns an
tranóna, agus nuair a bhíonn sí le feiceal air maidín, is
grách "Reult na Mainne" a thóirt orthí. Ta sí bórdaig
air mhéid an Domhain, agus siuileann sí dhá mhíle fichead
a mbuille cluig, agus cuireann sí a turas timpeall na
Gréine tharstí a n-ocht mhí.



An mhathair. Ceocú de na planoidí is cógraighe do'n
Ghréin, a Shéamuis?



Séamus. Mercerí, a mhathair.



An mhathair. An bhfuil moran méid ann, a Sheaghain?



Seaghan. Tá se rud beag níos mó ná an Ghealach, a
mhathair.



An mhathair. Go dé'n dóigh a siuileann se ann a thuras,
a Mháire?



Máire. Tá, a mhathair, go mbíonn se air chos anáirde.



An mhathair. Go dé'n ghuisteacht atá ann, a Nóra?



Nóra. Siuileann se naoi míle fichead a mbuille
cluig.



An mhathair. Go dé'n fhad a mbíonn se air a thuras
timpeall na Gréine, a Mhéabha?



Méabha. Trí mhí, a mhathair.



An mhathair. A ndéidh Mhercerí, a Nuala, go dé'n
phlanoid is cógraighe do'n Ghréin?



Nuala. Tá, a mhathair, an phlanoid Bhéanus.



An mhathair. An bhfhuil ainim air bith eile air an phlanoid
seo, a Shéamuis?


L. 50


Séamus. Tá, a mhathair, Reult an Tranóna agus Reult
na Mainne.



An mhathair. An bhfuil rud air bith sóruigheach fa dtaobh
de'n phlanoid seo, a Sheaghain?



Seaghan. Tá, a mhathair, tá sí a bhfad níos solasmhaire
ná aon reult eile sa spéir, agus thig í a fheiceal a lár
an lae ghil.



An mhathair. Go dé'n mhéid atá inntí, a Mháire?



Máire. Tá sí bórdaigh air mhéid an Domhain, a mhathair.



An mhathair. Go dé'n luas atá aicí, a Nóra?



Nóra. Siuileann sí dhá mhíle agus fiche a mbuille
cluig, a mhathair.



An mhathair. Mbíonn sí a bhfad ag deánadh a turais
thart fa dtaobh de'n Ghréin, a Mhéabha?



Méabha. Bíonn sí ocht mhí da chríochnú, a mhathair.



An mhathair. Ca tuige a bhfuil Bhéanus co solasmhar as
tá sí, a Nuala?



Nuala. Deirtar go bhfuil sraith de aer thrum air an
phlanoid seo, a mhathair, agus measaim gurb é sin an
t-ábhar a bhfuil sí co solasmhar.



23. AN DÓMHAN AGUS MÁRS.



Air an taobh amuigh de Bheanus tá an Domhan, agus tá
se coradh agus ciora sgór go leith mill un míle ón Ghréin.
Siuileann se ocht mhíle dheug a mbuille cluig, agus réir
mar théann se ann tosaigh bíonn se ag síor-chasadh mar
bhéadh sníomhog ann, agus glacann se ciora uaire fichead
le é-fhein a thiunta uair amháin air a cheart-lár. Bíonn
an Domhan bliain ag deánadh a thurais timpeall na
Gréine. Tá mion-phlanoid amháin leithe, sin mar déarfa,
an Ghealach, agus théid sise thart timpeall an Domhain


L. 51


uair amháin sa mhí. Air an taobh amuigh de'n Domhan tá
an phlanoid Márs, agus siuileann sesean sé mhíle dheug
a mbuille cluig. Dálta an Domhain, tiuntuigheann se
air a cheart-lár uair amháin a gciora uaire fichead. Tá se
naoi n-uaire níos lú ná an Domhan, agus bíonn se dhá
bhliain air a thuras timpeall na Gréine. Tá dhá mhion-
phlanoid leis, agus Deimos agus Fóbos ainimancha an dá
ghealaigh seo.



An mhathair. A Shéamuis, ca náit a bhfuil an Domhan a
gCualacht na Gréine?



Séamus. Tá, a mhathair, go bhfuil se ag siul air a thuras
ciorcalta taobh amuigh de Bhéanus.



An mhathair. Go dé'n ghluaiseacht ata aige, a Sheaghain?



Seaghan. Siuileann se ocht mhile dheug a mbuille cluig,
a mhathair.



An mhathair. Go dé nídh sé réir mar théid sé air aeidh,
a Mháire?



Máire. Tá, a mhathair, go mbíonn se ag tiunta air a
cheart-lar mar bhéadh sníomhog ann.



An mhathair. Mbíonn an Domhan a bhfad ag tiunta air a
cheart-lár, a Nóra?



Nóra. Bíonn se ciora uaire fichead ag tiunta uair
amháin air a cheart-lár.



An mhathair. Agus go dé'n fhad a mbíonn se air a thuras,
a Mhéabha?



Méabha. Bíonn sé bliain da dheánadh, a mhathair.



An mhathair. Go dé'n t-ainim atá air an mhion-phlanoid
atá aig an Domhan, a Nuala?



Nuala. An Ghealach, a mhathair.



An mhathair. Ca náit a bhfuil Márs a gCualacht na
Gréine a Sheaghain?


L. 52


Seaghan. Air an taobh amuigh de'n Domhan, a mhathair.



An mhathair. Go dé'n luas atá faoi'n phlanoid seo, a
Shéamuis?



Séamus. Siuileann se sé mhíle dheug a mbuille cluig,
a mhathair.



An mhathair. An bhfuil moran méid ann, a Mháire?



Máire. Tá méid mhór ann, a mhathair, ach ghlacfadh se
naoi gcinn mar é le Domhan amháin a dheánadh.



An mhathair. Go dé'n fhad a mbíonn Márs ag deánadh a
thurais thart timpeall na Gréine, a Mhéabha?



Méabha. Glacann se dhá bhliain, a mhathair, ach air an
phlanoid sin ní bhéadh anns an dá bhliain sin ach bliain
amháin.



An mhathair. Tá an ceart agat insin, a Mhéabha, ná
bíonn na ciora séasúir air Mhárs dhá bhliain da gcríochnú,
agus ó tharla gurb ionann bliain agus ciora shéasúr, is
léar nach bhfuil anns an am seo ach bliain aig muintir
Mhárs. Air an ábhar sin, a Mhéabha, ceocú arbh fheárr leat
a bheith do chomhní air an Domhan seo no air Mhárs?



Méabha. Maise, a mhathair, is dóiche liom go mb'fhearr
liom a bheith air Mhárs ó tharla go mbheadh samhradh bréagh
fada agam.



An mhathair. An bliain fhada no bliain ghairid atá ocú
air Mhercerí, a Nóra?



Nóra. bliain ghairid, a mhathair, ó tharla nach bhfuil
inntí ach trí mhí.



An mhathair. Ar mhaith leat a bheith do chomhní air
Mhercerí, a Nuala?



Nuala. Is cinnte nar mhaith liom, a mhathair, ná, da
mbéinn, bhéinn dhaichead bliain de aois.



An mhathair. A Shéamuis, ar thug tú fa dear aon
chosúlacht eadar Mhárs agus an Domhan?


L. 53


Séamus. Is cinnte go dtug, a mhathair: Cuirim a
gcás, tiuntuigheann an bheirt ocú air a gceart-lár uair
amháin a gciora uaire fichead, agus mar sin dae, go
mbíonn oíche agus lá ocú air Márs go díreach mar atá
againn fhéin air an phlanoid seo againne.



An mhathair. Ar thug tusa fa dear cosúlacht air bith
eile, a Sheaghain?



Seaghan. Thug, a mhathair; tá an luas cianna ocú,
feudaim a rá, ná siuileann Márs sé mhíle dheug a mbuille
cluig, agus siuileann an Domhan ocht mhíle dheug air a
thuras a mbuille cluig.



An mhathair. Tá sin fíor go leor, a Sheaghain, ach, air
an taobh eile, tá fhios againn go dtig leis an Domhan dhá
thuras a dheánadh fhad agus bhíos Márs ag deánadh turas
amhain?



Seaghan. Tá an ceart agat insin, a mhathair: tá treo
ciorcalta Mhárs giota maith air an taobh amuigh dé'n
chasan a bhfuil an Domhan ag siul, agus ó tharla go bhfuil
se rud beag níos fadalaighe, agus bunas a dhá oiread
bealaigh aige le ghol, bíonn se dhá bhliain air a thuras.



An mhathair. Tá sin taite, a Sheaghain. Anois, a
Mháire, ar shóruigh tusa cosúlacht air bith eile eadar an
dá phlanoid seo?



Máire. Shóruigh, a mhathair. Tá teaghlach beag aig achan
chionn ocú; sin mar déarfa, go bhfuil mion-phlanoidí leofa.



An mhathair. Is fíor sin, a Mháire; tá an Ghealach
againne air an Domhan, agus bíonn sí uasaideach againn
air mhoran dóigheannaí.



Nóra. Bheir sí solas dúinn san oíche, a mhathair, ach
shílfinn nach mbéadh moran mathais inntí air dhóigh air
bith eile?



An mhathair. Tá, a Nóra: da dtitfadh an Ghealach


L. 54


amach as an spéir anucht, bhéadh brón agus buaireadh a
n-achan bhaile-phuirt a nÉirinn air maidín; ná, ó tharla
nach mbéadh lán-mára air bith againn, cha dtiocadh leis
na lunga a theacht asteach ná a ghol amach.



Méabha. Nuair a bhíos an Ghealach ag gol timpeall an
Domhain, a mhathair, an dtiuntuigeann sí air a ceart-lár?



An mhathair. Tiuntuigheann, a Mhéabha, ach ó tharla nach
ndeánann sí ach aon chasadh amháin a ruith a turais tithear
dúinne nach dtiuntuigheann sí air chor air bith, de bhrigh nach
bhfeicthar ach taobh amháin duí. Ach mar sin fhéin, tiun-
tuigheann sí air a ceart-lár uair amháin sa mhí, ionas go
bhfeiceann sinne an taobh cianna duithe a gcomhní.



Nuala. Creidim, a mhathair, gurb é sin an t-ábhar a
ndeirtar go mbíonn aeidh na Gealaighe a gcomhní orainn?



An mhathair. Is cinnte gurb eadh, a Nuala; ach ca
mheud gealach aig Mars?



Nuala. Tá beirt aige, a mhathair, agus Deimos agus
Fóbos na hainimnacha atá orthú.



An mhathair. Tá an ceart agat, a Nuala. Is é Fóbos
an cionn is lú ocú, agus ó tharla nach bhfuil ann a lár-
mhiosúr ach seacht míle, ní fhuil ann ach sgidín le taobh na
Gealaighe. Gluaiseann se co cliste sin timpeall na
planoide go mbíonn a thuras deánta fa thrí aige fhad agus
bhíos Márs ag tiunta uair amháin air a cheart-lár, sin mar
déarfa, nídh se a thuras a n-ocht n-uaire. Bíonn Deimos
deich n-uaire fichead ag criocnú a thuras-san.



Máire. Ba mhaith liom-fhéin a bheith air an phlanoid sin
a mhathair, go bhfeicfinn an t-amharc sóruigheach sin.



24. IUPITER AGUS SATHURN.



Sé Iupiter an cionn is mó de na planoidí. Tá se
bórdaigh air mhíle uair co mór leis an Domhan, agus tá se


L. 55


chóir a bheith cúig chéad milliun (500,000,000) míle ón
Ghréin. Siuileann an fách mór seo ocht mhíle a mbuille
cluig, agus bíonn se dhá bhliain deug air a thuras timpeall
na Gréine. Tá ciora mhion-phlanoid da leanaint, agus
bíonn siad ag síor-ghluaiseacht na thimpeall. Air an
taobh amuigh de Iupiter tá Sathurn, agus tá se chóir a


L. 56


bheith co mór leis. Tá an phlanoid seo, feudaim a rá,
naoi gchead milliun (900,000,000) míle ón Ghréin.
Siuileann se sé mhíle a mbuille cluig, agus cuireann se a
thuras timpeall na Gréine thairis a naoi mblianna fichead.
Tiuntuigheann an dá phlanoid seo air a gceart-lár uair
amháin a n-achan deich n-uaire. Tá teaghlach mór aig
Sathurn, ná tá naoi mion-phlanoidí faoi na chúram, agus
le na chois seo, tá fáinne mór órdha thart fa dtaobh dae,
ionas nach bhfuil aon raerc eile sa spéir co deas leis,
ach is doiligh an fáinne a fheiceal gan telescóp láidir.



An mhathair. Anois, a Shéamuis, ceocú de na planoidí
is mó?



Séamus. Iupiter an cionn is mó ocú, a mhathair.



An mhathair. Go dé'n mhéid atá ann, a Mháire?



Máire. Tá se bórdaig air mhíle uair co mór leis an
Domhan, a mhathair.



An mhathair. Ca náit a bhfuil se a gCualacht na Gréine,
a Nuala?



Nuala. Air an taobh amuigh de Mhárs, a mhathair.



An mhathair. Creidim go bhfuil se giota maith air shiul
ón Ghréin, a Nóra?



Nóra. Bórdaigh air chúig chéad milliun míle, a mhathair.



An mhathair. Go dé'n ghluaiseacht athá faoi, a Mhéabha!



Méabha. Siuileann se ocht mhíle a mbuille cluig, a
mhathair.



An mhathair. Mbíonn se a bhfad air a thuras, a Shéamuis?



Séamus. Bíonn se dhá bhliain deug air, a mhathair.



An mhathair. Ca mheud gealach da leanaint, a Sheaghain?



Seaghan. Ciora cinn, a mhathair.



An mhathair. Agus go dé níos na mion-phlanoidí seo
a Mháire?


L. 57


Máire. Tá, a mhathair, go mbíonn siad ag síor-
ghluaiseacht thart fa dtaobh de'n phlanoid.



An mhathair. Go dé'n mhéid atá a Sathurn, a Nóra?



Nóra. Tá se chóir a bheith co mór le Iupiter, a mhathair.



An mhathair. Ca náit a bhfuil Shathurn a gCualacht na
Gréine, a Nuala?



Nuala. Air an taobh amuigh de Iupiter, a mhathair.



An mhathair. An mbíonn se a bhfad ag deánadh a thurais,
a Mhéabha?



Méabha. Bíonn, a mhathair; bíonn se naoi mblianna
fichead da chríochnú.



An mhathair. Tá sin fadalach go leor. Go dé'n
choisigheacht atá aige?



Méabha. Siuileann se sé mhíle a mbuille cluig, a
mhathair.



An mhathair. Ó tharla go mbíonn se an fhad sin air a
bhealach, a Shéamuis, caithfidh se go bhfuil se giota maith
amach ón Ghréin?



Séamus. Tá, a mhathair; bórdaigh air naoi gcead
milliun míle



An mhathair. Bhfuil teaghlach air bith aig an phlanoid seo,
a Sheaghain?



Seaghan. Maise, tá an donas air fad air, a mhathair,
murb fhuil, ná tá naoi gcinn de mhion-phlanoidí faoi na
chúram.



An mhathair. An bhfuil rud air bith eile sóruigheach fa
dtaobh de'n phlanoid seo, a Mháire?



Máire. Tá, a mhathair; tá fáinne deas órdha thart fa
dtaobh dae, agus deirtar nach bhfuil aon raerc eile sa
spéir co deas leis an phlanoid seo.



An mhathair. An bhfuil puinntí air bith de chosúlacht
eadar an dá phlanoid seo, a Nuala?



Nuala. Tá, a mhathair; tiuntuigeann achan chionn ocú


L. 58


air a cheart-lár mar níos an Domhan agus Márs. Ní
bhíonn siad ach deich n-uaire ag tiunta uair amháin air a
gceart-lár, agus air an ábhar sin bíonn na laethe agus
na hoícheannaí a bhfad níos giorra orthú ná mar bhíos air
an phlanoid seo againne.



An mhathair. A dtaoibh a luais, a Shéamuis, an bhfuil
cosúlacht air bith le sórú eatorú?



Séamus. Tá, a mhathair: siuileann Iupiter ocht míle
a mbuille cluig, agus cuireann Sathurn sé mhíle thairis
anns an am chianna.



An mhathair. Tá go maith, a Shéamuis, ach ó tharla go
bhfuil a bhfad nios fuide aig Sathurn le siul, agus nach
bhfuil se co gasta le Iupiter, glacann sesean a dhá
oiread ama le na thuras a dheánadh.



Séamus. Is fíor sin, a mhathair, agus ó tharla go
mbíonn Iupiter dhá bhliain deug ag críochnú a thuras, is
léar go bhfuil bliain air an phlanoid sin co fada le duisín
blian air an Domhan, agus, da chórtha sin, go mbéadh páiste
thrí blianna air an phlanoid sin na dhiulach sean-chionnta go
maith.



An mhathair. Tá corp na fírinne insin, a Shéamuis, ach
air Shathurn bhéadh an cás a bhfad níos greannúire, ó tharla
go bhfuil bliain air an phlanoid sin co fada le naoi
mblianna fichead againne, agus, mar sin dae, go mbéadh
páiste thrí blianna air Shathurn na athair-mhór, air an
chuid is lú.



25. URÁNUS AGUS NEPTIUN.



Tá Uránus os cionn míle go leith milliun míle ón
Ghréin, agus tá se coradh agus trí fichead uair níos mó
ná an Domhan. Siuileann se go fadalach ó tharla nach
gcuireann se thairis ach míle a mbuille cluig, agus bíonn


L. 59


se os cionn chiora fichead bliain ag críochnú a thurais
timpeall na Gréine. Dálta Iupiter, tá ciora mhion-
phlanoid da leanaint. Sé Neptiun an phlanoid is fuide
air shiul ón Ghréin de bhrigh go bhfuil se os cionn dhá mhíle
go leith milliun (2,500,000,000) míle uaithe. Siuileann se
trí mhíle a mbuille cluig, agus bíonn se coradh agus ocht
sgór blian ag críochnú a thurais timpeall na Gréine.
Sé Uránus an phlanoid is fadalaighe de iomlan na
bplanoid, agus Neptiun an phlanoid is fuide air
shiul.



An mhathair. Anois, a Séamuis, ca náit a gCualacht na
Gréine a bhfuil Uránus?



Séamus. Tá se air an taobh amuigh de Shathurn, a
mhathair.



An mhathair. An bhfuil moran méid ann, a
Sheaghain?



Seaghan. Tá se bórdaigh air thrí fichead uair co mór
leis an Domhan, a mhathair.



An mhathair. Go dé'n dóigh a siuileann se, a
Mháire?



Máire. Siuileann se go fadalach, a mhathair: ní
fhuil se ábulta a dheánadh ach míle a mbuille cluig.



An mhathair. Tá sin fadalach go leor, a Mháire.
Creidim go mbíonn an fallsoir seo tumall maith air a
thuras?



Máire. Bíonn, a mhathair, coradh agus ciora fichead
bliain.



An mhathair. An bhfuil teaghlach air bith aige, a Mhéabha?



Méabha. Tá, a mhathair; tá ciora mhion-phlanoid faoi
na chúram.



An mhathair. Go dé'n t-ainim atá air an hochtadh
planoid, a Nuala?


L. 60


Nuala. Neptiun a thugthar air, a mhathair.



An mhathair. Creidim go bhfuil se giota maith air shiul
ón Ghréin, a Nóra?



Nóra. Bordaigh air dhá mhíle go leith milliun míle, a
mhathair.



An mhathair. Mhaige gur bréagh fada an srian atá air,
a Nóra.



Nóra. Tá leun go deo air, a mhathair, agus da leigfadh
an Ghrian leis moran níos fuide, is dóiche liom go
mbrisfadh an srian, nó cib air bith druitheacht atá aicí
air.



An mhathair. Go dé'n áit atá aig an phlanoid seo a
gCualacht na Gréine, a Shéamuis?



Séamus. Sé an triallaire is fuide amach de'n iomlan
ocú é, a mhathair, agus, mar sin dae, gurb é is teora do'n
Chualacht.



An mhathair. Go dé'n ceanal coisigheacht atá aige, a
Sheaghain?



Seaghan. Siuileann se trí mhíle a mbuille cluig, a
mhathair.



An mhathair. Agus creidim go mbíonnn se tumall
maith ag deánadh a thurais, a Mháire?



Máire. Bíonn se coradh agus ocht sgór blian da
dheánadh, a mhathair, sin mar déarfa, fad saoil
duine.



An mhathair. Is cinnte gur fada an turas é, a Mháire,
agus anois ó tharla gur thráchtmuid air iomlan na
bplanoid, ba mhaith liom cupla ceist fa leith a chur oraibh
fa dtaobh de'n phuinnte mhór-chúiseach seo. An dtig
leatsa innse dúmn, a Shéamuis, an fad atá eadar an
Ghrian agus na phlanoidí?


L. 61


Séamus. Thig liom, a mhathair, agus cuirfidh me a
n-órdú iad, mar seo:



Mercerí 36 milliun míle ón Ghréin.
Bhéanus 67 milliun míle ón Ghréin.
An Domhan 93 milliun míle ón Ghréin.
Márs 141 milliun míle ón Ghréin.
Iupiter 483 milliun míle ón Ghréin.
Sathurn 866 milliun míle ón Ghréin.
Uránus 1800 milliun míle ón Ghréin.
Neptiun 2800 milliun míle ón Ghréin.



An mhathair. Maith thú, a Shéamuis, tá an cheist sin
réití go beacht agat. An dtiocadh leatsa innse dúinn, a
Sheaghain, an luas atá aig achan chionn ocú?



Seaghan. Seo an dóigh a siuileann siad, a mhathair:-



Mercerí 29 míle a mbuille cluig.
Bhéanus 22 míle a mbuille cluig.
An Domhan 18 míle a mbuille cluig.
Márs 16 míle a mbuille cluig.
Iupiter 8 míle a mbuille cluig.
Sathurn 6 míle a mbuille cluig.
Uránus 1 míle a mbuille cluig.
Neptiun 3 míle a mbuille cluig.



An mhathair. Maith an gasur, a Sheaghain, is cinnte go
bhfuil sin air fheos, agus tá luthair mhór orm go bhfuil sibh
co cliste aig an fheoluim. Agus anois, a Mhéabha, tá
dúil agam go mbéidh tusa co maith le duine, agus innse
dúinn an t-am a bhíos na planoidí sóruigheacha seo air a
dturas?



Méabha. Ní bhéidh muill air bith orm sin a dheánadh a,
mhathair: bíonn -


L. 62


Mercerí 88 laethe air a thuras.
Bhéanus 225 laethe air a thuras.
An Domhan 365 laethe air a thuras.
Márs 2 bhliain air a thuras.
Iupiter 12 bhliain air a thuras.
Sathurn 29 bhliain air a thuras.
Uránus 84 bhliain air a thuras.
Neptiun 165 bhliain air a thuras.



An mhathair. Tá sin go maith, a Mhéabha. A dtaoibh
méid, a Mháire, an dtiocadh leatsa an puinnte sin a
léarnuchtadh dúinn.



Mháire. Tá méid uathasach ionntú, a mhathair, agus ní
fhuil muill air bith méid achan phlanoid ocú a fháil ona
lár-líne. Seo na lár-línte atá ocú:-



Mercerí 3,000 míle.
Bhéanus 7,700 míle.
An Domhan 8,000 míle.
Márs 4,200 míle.
Iupiter 87,000 míle.
Sathurn 71,000 míle.
Uránus 31,000 míle.
Neptiun 35,000 míle.



Séamus. Nach íontach, a mhathair, go dtiocadh le duine
air bith lár-línte na bplanoid a thós?



An mhathair. Is cinnte go bhfuil se íontach go leor,
a Shéamuis, ach tá daoiní ann a dtig leofa na néithe seo
a dheánadh, daoiní a bhfuil an fheoluim thar bárr ochú;
agus chan amháin go dtig leofa na lar-línte a thós, ach
thig leofa meáchan na bplanoid a thoirt dúinn.


L. 63


Séamus. Agus, a mhathair, go dé'n meáchan atá
ionntú?



An mhathair. Maise, ní innistear ca mheud tonna,
ná ca mheud míle tonna atá a n-achan cionn ocú, a
Shéamuis, ach tá fhios aig an uile duine againn go bhfuil
meáchan uathasach anns an phlanoid seo a bhfuilmuid sinne
nar gcomhní air. Thig linn x a thóirt air an mheáchan sin,
no b'fheidir gurbh fheárr dúinn 1 a thoirt air. Air an
dóigh seo bhéadh meáchan na bplanoid mar seo:-



Mercerí 1/23
Bhéanus 4/5
An Domhan 1
Márs 1/9
Iupiter 316
Sathurn 95
Uránus 15
Neptiun 17



Nóra. Nar chóir, a mhathair, go mbeadh Sathurn níos
truime?



An mhathair. Ca tuige ar chóir dó, a Nóra?



Nóra. Tá, a mhathair, ó tharla go bhfuil a lár-line chóir
a bheith co mór le lár-líne Iupiter, shílfinn gur cheart dó
a bheith chóir a bheith co trum leis. Ach, a n-áit sin, ní fhuil
se trian co trum leis.



An mhathair. Tá ciall agus réasún leis sin, a Nóra,
ach is dóiche liom go bhfuil mianach Iupiter níos cruaidhe.
Ní fhuil a Sathurn ach meall uathasach teineadh bug-léite,
agus thart fa dtaobh dae tá crios dóinn de neulta agus
de aer thrum. Meall mór teineadh is eadh Iupiter
fosta, agus innean go bhfuil lár-line Shathurn chóir a bheith
co mór le lar-líne Iupiter, ma dhearcthar níos géire


L. 64


tífear go bhfuil níos mó de dhifear eatorú ná shílfadh
duine air an chiod amharc.



26. AN PHLANOID AGUS AN REULT.



An mhathair. Anois, a pháistí, ó tharla gur thráchtmuid
air iomlan na bplanoid, agus go bhfuil borúil mhaith
againn air a méid agus a meáchan, air an dóigh a siuileann
siad thart fa dtaobh de'n Ghréin, agus air an dóigh a bhfuil
siad uilig faoi na smacht, ba maith liom fiafruigh an bhfuil
aon cheist eile agaibh le cur fa dtaobh daofa?



Máire. Maise, a mhathair, innean gur fheoluim sinn
moran fa dtaobh de na triallairí sóruigheacha seo, char
innis tu go fóill dúinn an dóigh le iad a athaint ameasg
na mílte de reulta na spéire?



An mhathair. Is fíor sin, a Mháire, agus tá me sásta
go maith gur chuir tú an cheist sin a gcuimhne damh.
Daoiní nach bhfuil eolas ocú air reult-eolas, is deacair
daofa difear air bith a fheiceal eadar na planoidí agus
na reulta, ach ní bhíonn muill air bith air an reult-ollamh
planoid a athaint nuair a tidh se í.



Nuala. Agus, a mhathair, go dé'n difear atá eatorú?



An mhathair. Tá, maise, go mbíonn na reulta a
gcomhní ag drithliu mar solas electreach ach bíonn solas
na bplanoid a choíche go ciuin seasmhach mar bhéadh rolas
coinnle ann, no mar solas na Gealaighe.



Nóra. Agus, a mhathair, go dé bheir air na reulta a
bheith ag drithliu?



An mhathair. Dálta mar thig solas na Gréine as teas
agus teinte na Gréine, a Nóra, is léar go dtig solas
na reult astú-fhéin, ná grian soillseach atá a n-achan
chionn de na reulta, agus tá cuid ocú a bhfad níos mó


L. 65


ná grian sagainne. Ná deán dearmud de sin, a Nóra,
go dtig solas na reult astú-fhéin, agus sin an t-ábhar a
mbíonn a solas a gcomhní ag drithliu agus ag damhsa.



Séamus. Agus, a mhathair, ca tuige nach mbíonn
solas na bplanoid ag drithliu agus ag damhsa?



An mhathair. Tá, a Shéamuis, ó tharla nach astú-fhéin a
thig a gcuid solais. Ní fhuil a solas na bplanoid ach
solas na Gréine, a bhíos ag titim orthú, agus sin an
t-ábhar a mbíonn solas na bplanoid ciuin seasmhach mar
solas na Gealaighe.



Seaghan. Shíl me, a mhathair, gur dhúirt tú gur
mealltracha móra teineadh a bhí a gcuid de na planoidí,
agus, air an ábhar sin, shílfinn go bhfeudfadh a gcuid
solais a theacht astú-fhéin?



An mhathair. Is cinnte gur dhúirt, a Sheaghain. Ní
fhuil amhras air bith ná go bhfuil Iupiter agus Sathurn na
mealltracha teineadh go fóill, ach mar sin fhéin ní fhuil
siad a mbárr a dteasa, agus is dóiche le cuid de na
reult-ollamhna go bhfuil siad ag gol a ndeireadh a
dteasa. Air sgor air bith, tá siad a bhfad ó bheith anns
an staid chruaidh, agus ó tharla go bhfuil teas mór ionntú
go fóill, tá duimhne uathasach de ghal agus de aer thrum
na dtimpeall. Os cionn seo aríst tá sraith dhóinn eile
de neulta, ionas go bhfeicthar dúinne go bhfuil na
planoidí seo a bhfad níos mó ná atá siad da rírimh.
Mar sin dae, ach ab é solas na Gréine atá ag soillsiu
orthú, bhéadh an dá phlanoid seo na mealltracha dorcha.



27. ÉIRIGHE NA bPLANOID.



Máire. Agus, a mhathair, an leor, an méid sin le
ainnthe a chur air na planoidí?


L. 66


An mhathair. Ní leor, a Mháire, ach béidh se na
chuideadh mhór. Tuigigidh, a pháistí, go n-éirigheann na
planoidí san oirthear, agus ag claonadh anoir ndeas,
téann siad faofa san iarthar. Mar sin dae, ní fhuil
faic a mhaith a bheith da gcuartú san áird thuaidh, ná achan
órb solasmhar da bhfeicthar san áird sin, chan planoid
atá ann, ach reult.



Máire. Da bhrigh sin, a mhathair, caithfamuid ar gcúl
a thiunta air an áird thuaidh agus dearcadh seir, siar, no ó
dheas. Tá sin soiléar go leor, ach go dé'n dóigh a
mbéimuid ábulta na planoidí a phiocadh amhach ameasg
na mílte de shoillse eile atá ag breacadh na firmiminte?



An mhathair. Cuir a gcás, a Mháire, go bhfuil an oíche
fórstineach, agus go bhfuilmuid ag dearcadh san áird
cheart de'n spéir; insin ní bhéidh muill air bith orainn
na planoidí a phiocadh amach. Anns an chiod áit,
caithfamuid cuimhniu go bhfuilmuid-fhéin air chionn de na
planoidí, agus mar sin dae, nách bhfuil againn le cuartú
ach seacht gcinn. Tá beirt ocú seo, Uránus agus
Neptiun, nach dtig a bhfeiceal le nar suile nuchttha, agus
ní bhíonn Mercerí le feiceal ach go fíor-annamh ó tharla
go bhfuil se có cógarach sin do'n Ghréin. A n-aon fhocal,
ní fhuil againn ach ciora cinn le cuartú - Bhéanus, Márs,
Iupiter agus Sathurn.



Máire. Is dóiche liom, a mhathair, gurb annamh a bhíos
na ciora cinn seo le feiceal air an spéir san am chianna?



An mhathair. Is fíor sin, a Mháire. Air fiog leath
na blianna ní bhíonn Bhéanus le feiceal ach go luath air
maidín, agus air an ábhar sin is grách "Reult na Mainne "
a thóirt mar ainim orthí. Cor uair bíonn Márs bliain
as amharc ionas nach bhfuil againn anois ach Iupiter agus
Sathurn le aon triobloid a thóirt dúinn.


L. 67


Nóra. Ach nuair a bhíonn siad le feiceal, a mhathair, go
dé'n dóigh is feárr le na bpiocadh amach?



An mhathair. Mar a dúirt me cheana féin, is furust na
planoidí a athaint ó tharla nach mbíonn siad ag drithliu.
Bíonn a gcuid solais ciuin seasmhach mar solas síochanta
na Gealaighe. Ma amharcanmuid air chionn de na
planoidí, agus, a gcionn cucaoise, dearcadh aríst air,
tífeamuid nach mbíonn se a gcomhní san áit chianna.
Anucht bheirfar fa dear go bhfuil se cógarach do reult
éigin; cucaois, no mí na dhéidh tífear go mbéidh se giota
maith air shiul ón reulth sin.



28. AN DOMHAN NA GHLUAISTEAN.



Séamus. Agus go dé is ciall do sin, a mhathair?



An mhathair. Tá an puinnte furust go leor a léarnuch-
tadh, a Shéamuis. Nach minic a bheirtar fa dear nuair a
bhithear ag maircigheacht air ghearran rása, no ag deánadh
turais air an traen, go síltear dúinn go mbíonn na
tuighthe agus na cruinn a bhíos cógarach dúinn ag imeacht
air chos anáirde, ach na tuighthe agus na cruinn a bhios a
bhfad uainn, nach mbíonn bugadh air bith ionntú.



Séamus. Bhaiste maise, a mhathair, go bhfuil corp na
firinne msin, ná thug me fa dear an rud cianna sin an lá
adaí a deachamuid ó Ailt an Chorrain go Leitir Ceanainn
air an traen - Nach bréagh cliste an gearran rasa an
traen sin, a mhathair?



An mhathair. Caithfar a admhail, a Shéamuis, go bhfuil
coisigheacht mhaith aig an ghearran chianna, agus innean go
nglacann se an stad anois agus aríst le na sgeadaman
dearg a fhliuchadh, bheir se faill do'n triallaire an tír
álainn a fheiceal. Ach ta sinne nar suidhe a dtraen, no


L. 68


a ngluaistean atá a bhfad níos guiste, agus is é an
Domhan an gluaistean sin, a Shéamuis. Air a thuras
síorthaidh cuireann an gluaistean sin ocht mhíle dheug
thairis a mbuille cluig, agus réir mar théid se ann tosaigh
bíonn se ag sníomh mar bhéadh sníomhog ann, agus sé mhíle
dheug sa bhumaite an luas atá aig an tsníomh sin. Dálta
na dtuighthe agus na gcrann a bhí, dar linn, air chos anáirde,
tithear dúinne go mbíonn na planoidí ag siul tharainn
mar gcianna, rud nach mbéadh ach ab é go bhfuil siad
cógarach dúinn, agus go mbíonn an gluaistean sóruigheach
seo againne ag sníomh mar a dúirt me.



Seaghan. Agus, a mhathair, ca tuige nach mbíonn siad
air chos anáirde?



An mhathair. Tá, a Sheaghain, ó tharla nach bhfuil siad
có cógarach dúinn as tá na tuighthe agus na cruinn
roimhráite.



29. REULT AN TRANÓNA.



Nóra. Tá gear-eolas maith againn anois, a mhathair,
air na planoidí, agus air an dóigh le iad a athaint ameasg
na mílte de reulta eile, ach níor innis tú go fóill dúinn
an dóigh a n-ainntheochar na ciora planoidí ona cheile.
Cuir a gcás go bhfeicfinnse cionn ocú anuchth, go dé'n
dóigh a mbéidh fhios agam ceocú Iupiter no Sathurn no
Bhéanus no Márs a bhéas agam?



An mhathair. Amharc air an iarthar, a Nóra, agus
cógarach don áit a dtéann an Ghrian faoi, is minic a
timuid Reult aoibhinn an Tranóna, sin mar déarfa,
Bhéanus. Is furust í a athaint ó tharla nach bhfuil aon
reult eile leath Co geal léithe. Ní fhuil sí air chor air
bith cosúil leis na planoidí eile siocair nach mbíonn a
solas co ciuin seasmhach. A n-aon fhocal, taisbeanann sí


L. 69


rud beag de'n dritliu, agus sé is cionntaigh leis seo go
bhfuil sraith dóinn de aer thrum air an phlanoid shóruigheach
seo, ionas go lasann solas na Gréine co mór sin í go
mbíonn sí a bhfad níos gile na reult air bith eile. Da
bhrigh sin, ní fhuil muill air bith an phlanoid aoibhinn seo a
athaint co luath agus leagthar súil orthí.



30. IUPITER.



Nuala. Ceocú de'n truir eile is dise, a mhathair?



An mhathair. A ndéidh Bhéanus, sé Iupiter is fusa a
fheiceal, ó tharla go bhfuil se a bhfad níos mó agus chóir a
bheith co solasmhar léithe, innean go bhfuil se 400 milliun
míle níos fuide air shiul. Is grach an phlanoid seo a
fheiceal anns an oirthear, agus ona sholas ciuin geal ní
fhuil faic a mhuill an fách mór seo a feiceal.



Meabha. Agus an dtig é a fheiceal go soiléar, a
mhathair?



An mhathair. Is cinnte go dtig, a Mhéabha. Duine air
bith a bhfuil súile geura ann a chionn aige, thig leis Iupiter
a fheiceal mar bhéadh gealach bheag ann, ach da mbéadh
bínocloir aige, bhéadh an ghealach bheag sin a bhfad níos
soiléire, agus thiocadh leis na ciora gealacha atá leis an
phlanoid seo a fheiceal fosta. Ach ó tharla go mbíonn
siad ag gol timpeall na planoide, beidir nach bhfeicfí
ach cionn no beirt ocú san am chianna, mar go bhfuil
Iupiter co mór sin go mbíonn siad tumall maith as
amharc nuair a bhíonn siad ag gol na thimpeall.



Séamus. Agus an dá phlanoid eile, a mhathair?



An mhathair. A dtaoibh na beirte eile, ní fhuil Sathurn
co geal ná co furust a fheiceal le Iupiter, ach ní bhíonn
muill air bith Márs a athaint de bhrigh go bhfuil dath


L. 70


sóruigheach dearg air. Mar sin dae, a pháistí, cuinnigidh
cuimhne mhaith air an méid seo: Bíonn Bhéanus le feiceal
anns an iarthar um tranóna, no anns an oirthear go luath
air maidín. Planoid bheag dhearg is eadh Márs, agus ó
tharla go bhfuil Iupiter co mór agus co sóruigheach sin, ní
baol go sílfadh duine gur Saturn a bhéadh aige, de bhrigh
nach bhfuil sesean air chor air bith co sóruigheach ná co
só-fheicsionach.



Máire. Tá eolas bhréagh againn anois, a mhathair, air
achan chionn de na planoidí. Léarnuchtadh dúinn a méid
agus a meáchan, an fhad atá siad air shiul ón Ghréin, uainne
agus uafa-fhéin. Mhínigh tú dúinn go beacht an dóigh a
bhfuil srian aig an Ghréin air achan bhall da teaglach-fhéin
agus mar ghéilleann siadsan go múinte macanta do
"Chionn an Teaghlaigh." Agus, an rud is íontaighe de'n
iomlan, go lasann an Ghrian an t-iomlan ocú le na solas
fhéin. Ní miste a rá, a mhathair, gur fíor-dheas an
teaghlach é.



An mhathair. Feudann tú sin a rá, a Mháire, agus nach
deas an sompla dúinne é, agus nar cheart do achan
teaghlach air an phlanoid seo againne aithris a dheánadh air
an déagh-ordú aoibhinn neimhe seo?



Séamus. Measaim gur cheart, a mhathair, ach reir
chuma, ní fhuil an t-órdú sin da chleachtadh air phlanoid
sagainne, go hairid a moran de áiteacha air fud na
hEoropa, agus go dearfa, cha mbéadh íontas air bith da
mbugfadh an Ghrian an grim atá aicí orainn, agus an
t-iomlan againn a leigint ann donais.



An mhathair. Is cinnte go bhfuil an fhírinne insin, a
Shéamuis, ach caithfamuid ar ndóchas a chur a nDia Ulchuachta
a chruthuigh an Ghrian agus a cualacht, agus a chuir an déagh-
órdú sóruigheach seo orthú.


L. 71


31. GLUAISEACHT NA GRÉINE.



Méabha. An mbíonn an Ghrian a gcomhní na suidhe san
áit chianna, a mhathair?



An mhathair. Innean nach bhfeicthar dúinne go bhfuil aon
bhugadh inntí, a Mhéabha, bíonn sí achoíche ag gluaiseacht, agus
tarnigheann sí léithe iomlan na bplanoid. Tá reult-
ollamhna sar-eolacha ann, a pháistí, agus chan amháin go
bhfuil fhois ocú go bhfuil an Ghrian agus a cualacht ag siul,
ach go bhfhuil eolas cruinn ocú air an áird agus air an
phuinnte de'n spéir a bhfuil siad ag taraint air.



Seaghan. Agus ca náit a bhfuil an puinnte sin, a
mhathair?



An mhathair. Tá reult an-solasmhar san áird thuaidh
cógarach do thriopall-shoillse Líora. Reult de'n chiod
rannc atá ann, agus Bhéaga an t-ainim atá air. Deir
na reult-ollamhna go bhfuil an Ghrian agus a cualacht ag
taraint air an reult sin, agus go bhfuil siad ag siul co
gasta sin go gcuireann siad dhá mhíle dheug tharstú a
mbuille cluig, sin mar déarfa, coradh agus milliun míle
achan lá!



Máire. Go moltar an Righ! Agus nach íontach an rud,
a mhathair, go seolann an t-iomlan ocú co cliste agus co
deas déagh-orduighe sin air a dturas síorthaidh, gan taisme
gan tuathal, agus a leithid de chleasaigheacht da dheánadh
ocú air an bhealach.



Seaghan. Agus an cúrsa damhsa sóruigheach atá aig cuid
ocú! Ní fhuil fhios agam faoi'n Righ, a mhathair, go dé'n
dóigh a dtig leis an Domhan a bheith ag sníomh air a cheart-
lár, ag cuibhrint leis na planoidí eile anns an rása
timpeall na Gréine, agus anns an am chianna ag gol air


L. 72


chos anáirde fríd na firmimintí ag taraint air thriopall
Líora.



An mhathair. Arú, a Sheaghain, ní shíleann an Domhan
níos mó de sin ná shíleas an tsníomhog de bheith ag sníomh
air an urlar. Réir mar bhíos an tsníomhog ag sníomh, is
grách léithe turas ciorcalta a dheánadh ann do thimpeall,
agus le na chois sin bíonn sí ag gol cheoil a ruith an ama.



Seaghan. Tá me sásta, a mhathair, go dtiuntuigheann an
tsníomhog air a ceart-lár mar níos an Domhan, agus go
ndeánann sí turas thart fa dtaobh daom, go díreach mar
níos an Domhan thart fa dtaobh de'n Ghréin; ach, ó tharla
go bhfuil me-fhéin agus an t-urlar gan aon bhugadh, ní fhuil
an tritheadh gluaiseacht adaí aig an tsníomhog?



An mhathair. Admhuighim, a Sheaghain, go bhfuil tú níos
géire ná shíl me. Ach cuir a gcás go mbeithea air bórd
luinge, agus an lung ag seoladh go mear maordha air a
turas. Insin bhéadh an tritheadh gluaiseacht aig do
shníomhog, agus da bhrigh sin, a Sheaghain, is léar go bhfuil
cosúlacht mhór eadar an lung sin agus Cualacht na Gréine.



Nuala. Is dóiche liomsa, a mhathair, go bhfuil cleas-
aigheacht a bhfad níos dise agus a bhfadh níos deacra da
dheánadh aig an Ghealaigh, de bhrigh go bhfuil ciora ghluaiseacht
aicí, ná tiuntuigheann sí air a ceart-lar, ní sí turas
timpeall an Domhain, cuinnigheann sí coisigheacht leis an
Domhan thart fa dtaobh de'n Ghréin, agus siuileann sí le
Cualacht na Gréine.



An mhathair. Tá sin amhlaidh, a Nuala: nídh sí cúrsa
timpeall an Domhain achan mhí, agus tiuntuigheann sí air
a ceart-lár uair amháin sa chúrsa sin, agus nídh sí seo
air dhóigh go mbíonn a haeidh a doladh air an Domhan.
Ceanal de cuimheadoir atá inntí de bhrigh go mbíonn a
súil a gcomhní aicí orainn.


L. 73


32. AN REULT IS CÓGRAIGHE DÚINN.



Nóra. Réir chuma, a mhathair, ceanal de thriopall no
de threibh atá a gCualacht na Gréine?



An mhathair. Sin go díreach é, a Nóra. Ceanal de
theaghlach atá a bpáirc fa leith anns an spéir, agus innean
go bhfuil lár-mhiosúr na páirce sin 5,500 milliun míle,
ní fhuil ann ach mionogan ameasg na mílte milliun de
theaghlaigh eile de'n tseort atá sgabtha a gcruinn-chlár
ghorm na firmiminte. Tá achan reult da bhfeicthar anns
an spéir co mór, agus cuid ocú a bhfad níos mó, ná an
Ghrian; agus ó tharla gur grian atá a n-achan chionn ocú,
is dóiche go bhfuil a bplanoidí-fhéin aig an uile chionn ocú.
Ach tá siad co fada sin air shiul nach féidir dúinne aon
phlanoid ocú a fheiceal.



Máire. Ach is dóiche liom, a mhathair, go bhfuil cuid
de na reulta gear chogarach dúinn?



An mhathair. An reult is cógraighe dúinn, a Mháire, tá
se coradh agus fiche billiun míle (20,000,000,000,000
míle) níos fuide air shiul ná an phlanoid Neptiun. Ní
furust seo a thuigbheal go beacht; ach da mbeadh gluaistean
aera agat, agus go gcuirfea ann do chionn cuairt a
thóirt air Neptiun; agus cuir a gcás go mbéadh an
gluaisthean abulta trí fichead míle a dheánadh san uair,
agus é ag siul oíche agus lá gan stad, bheithea ciora
mhíle blian (4,000 blian) air do thuras sul a sroichfea
Neptiun! Cuir a gcas aríst nach ndeánfa aon mhuill aig
Neptiun ach amháin gloinne fíona agus briosga a ghlacadh
ona Shoillse, agus insin seoladh leat, bheithea trí fichead
milliun (60,000,000) blian ag gol go dtí'n reult is
cógraighe do Chualacht na Gréine.


L. 74


Séamus. Ní fhuil fhios agam, a mhathair, go dé'n dóigh
a bhfuair na reult-ollamhna amach go rabh Cualacht na
Gréine ag taraint air thriopall shoillse Líora?



An mhathair. Cuir a gcas go bhfuilmuid air bórd
luinge agus sinn ag teachth na bhaile; go bhfuilmuid air
amharc talaimh, agus, a gcionn tumaill, go bhfuil an cuan
le feiceal a bhfad uainn. Cuir a gcás, fosta, go bhfuil
muineal caol air an chuan a n-aice an phuirt, agus go
bhfuil, mar is grách, dhá lochrann-cionn air achan taobh
de'n mhuineal - le solas a thóirt do na lunga san oíche.
Tá an oíche ag titim agus sinn ag gol asteach sa chuan,
agus a bhfad uainn tímuid an dá lochrann seo; ach de
bhrigh go bhfuilmuid sinne fiche míle uafa, tithear dúinn go
bhfuil siad an-chógarach da cheile. Ach réir mar theid an
lung ann tosaigh bheirmuid fa dear an dá lochrann ag
sgaradh óna cheile, ionas, nuair a thigmuid fhad leis an
mhuineal, go bhfuil cionn ocú giota maith air shiul air thaobh
na láimhe dise, agus an cionn eile a chó-fhad air shiul air
thaobh na láimhe clí. Anois, a Shéamuis, tá dhá reult a
dtriopall shoillse Líora, agus bhí na reult-ollamhna da
gcuimhead agus da sgriudú air fiog moran blianta.
Dálta na lochrann, shóruigh siad go rabh an dá reult seo
ag sgaradh óna cheile, agus air an dóigh seo nuchtadh go
soiléar daofa go rabh Cualacht na Gréine, air nós na
luinge, ag tarint air chuan Líora.



33. TURAS GO DTÍ'N GHEALACH.



Séamus. Tá an Ghealach amuigh anucht, a mhathair, agus
tá sí lán.



An mhathair. Tidhim sin, a Shéamuis, agus tá sí ag
amharc go haoibhinn.


L. 75


Seaghan. Tá, a mhathair, agus tá "Domhnall" da
stiurú go galanta.



Máire. Ca tuige, a mhathair, go dtugthar "Domhnall
na Gealaighe" air an bhall sin atá air chosúlacht duine?



An mhathair. Tá, maise, a Mháire, sean sgeul a deir
go rabh gasúr ann uair amháin a bhí ag tóirt moran
triobloide da mhathair. agus gurb é an deireadh a bhí air
gur sgiob Dia air shiul é, eadar corp agus anam, agus
gur chuir air an Ghealaigh é. Ach, dálta moran de shean
sgeulta eile, ní fhuil ann ach finnsgeul.



Méabha. Mhaige maise, a mhathair, go bhfuil se an-
chosúil le duine! Amharc air a dhá chois agus air a chionn!



An mhathair. Tidhim iad go soiléar, a Mhéabha, ach innean
go bhfuil an chosúlacht sin ionntú, chan duine atá ann ach
sléibhte álpacha agus áltraca earagalta na Gealaighe.



Nóra. Ó tharla go bhfuil an Ghealach co cógarach sin
dúinn, a mhathair, nach sílfea go bhfeudfí turas a dheánadh
chuicí?



An mhathair. Is cinnte gur dheas an rud é, a Nóra,
da dtiocadh a dheánadh; ach sul a ndeánfí a leithid de
thuras bhéadh na puinntí seo le socrú againn:



1. Ca mheud a chosnochadh se?
2. Fad an turais;
3. An gleus siuil, agus
4. An rud a tharlochadh dúinn air an bhealach.



Nuala. Da mbéadh fhios againn ca mheud míle go
dti'n Ghealach, a mhathair, measaim nach mbéadh muill
air bith an costas a chunntas.



An mhathair; Tá go maith, a Nuala; ach, ó tharla nach
bhfuil gleus siuil air bith againn le turas de'n tseort


L. 76


sin a dheánadh, is dóiche liom nach dtiocadh linn rud níos
feárr a chur róinn ná é a dheánadh a spiorad.



Séamus. Agus go dé'n dóigh a rachamuid ann,
mhathair?



An mhathair. Maise, a Shéamuis, siomaid dóigh a
dtiocadh é a dheánadh: cuir a gcás, thiocadh linn a ghol
de shíul ar gcos, no air an rothar. Thiocadh linn a ghol air
mhuin capall no air an traen; no d'fheudfí a dheanadh
air ghluaistean no air ghluaistean aera. Ach bhéadh eagla
orm-fhéin a ghol a ngluaistean aera, innean gur a spiorad
atámuid ag gol air an turas seo.



Séamus. Da dtiocadh linn smaoitiu air bhothar
iarainn a bheith leagtha amach eadar an Domhan agus an
Ghealach; insin ní bhéadh aon rud le deánadh againn ach ar
lón a dheánadh réidh agus a ghol air bórd. Is dóiche liom
go mbéadh achan duine sásta leis an ghleus siuil sin, a
mhathair?



An mhathair. Tá go maith, a Shéamuis, ach da gcuirfadh
sinn róinn siul air an traen, agus a ghol 3adh rannc,
bhéadh luach achan ticeid míle punnt, ná tá se 240,000
míle ón Domhan go dtí an Ghealach. Air an ticeid
dúbailte chaitfi dhá mhíle punnt a dhíol.



Seaghan. Seadh, a mhathair, ach ní fhuil insin ach pínn an
mhíle. Is dóichc liom go gcaithfear an méid sin a
dhúbailt ó tharla go bhfuil costas an tsiuil air na boithre
iarainn suas céad sa chéad fa lathair?



An mhathair. Tá an ceart agat, a Sheaghain; agus, mar
a deir tú, caithfear £4,000 a sgilleadh amach air achan
ticeid ma thémuid air an traen - ach nach mór an gar
gur a spiorad a dhíolfar é!



Máire. Tá eolas againn anois, a mhathair, air fhad ar
dturais, agus ni fhuil againn ach socrú air an ghleus siuil.


L. 77


Ach cib air bith dóigh a ndeánfamuid an turas ba chóir
dúinn fios cruinn a bheith againn go dé'n fhad a bhéasmuid
air an bhealach, ionas go mbéadh lón da réir linn.



An mhathair. Caithfear gan dearmad a dheánadh de'n
lón, a Mhaire, agus go hairid flúirse de cheapairí agus
ginger-pop. Go dearfa, is maith gur smaoitigh tú
air, ná ní fhuil tuighthe ósta air bith air an bhealach le
tráth bidh a fháil, ná aon "teach-leath-bealaigh" le nar
sgórnaigh a fhliuchadh ann.



Méabha. Go dé'n fhad a ghlacfadh se le ghol de shiul
ar cos, a mhathair?



An mhathair. Da dtiocadh linn deich míle fichead a
shiul achan lá, ghlacfadh se coradh agus fiche bliain le ghol
fhad leis an Ghealaigh, ach is dóiche liom go mbéadh an
gleus siuil sin ró-fhadalach?



Nuala. Ní bhéadh ciall air bith leis, a mhathair; ná,
sul a sroichfinn-se an baile ar ais, bhéinn ann mo
sheanbhean lum liath, agus bheithea thusa do shean chailleach
gan fuil, gan feoil, gan fiacail.



An mhathair. Tá me air aon intinn leat insin, a Nuala:
da bhfuínn bás air an turas, beidir gur air an Ghealaigh
a chuirfí mé, agus níor mhaith liom sin air chor air bith.



Nóra. Agus da dtéadh sinn air mhuin capall, a mhathair,
go dé'n fhad a mbéadh sinn air an turas?



An mhathair. Da dtiocadh leis na caiple ocht mhíle a
chur tharstú san uair, agus gan aon stad a dheánadh oíche
ná lá, ach a choíche air chos-anáirde, bhéadh siad chóir a bheith
trí blianna go leith air a dturas sul a gcuirfadh siad cos
air an Ghealaigh.



Séamus. Nach dtiocadh linn seoladh linn a long-aera,
a mhathair, no a ngluaistean aera?



An mhathair. Maise, de bhrigh nach bhfuil aer air bith a


L. 78


nduimhneacht na firmiminte, a Shéamuis, cha mbéadh aon
ghar dúinn a ghol a long-aera ná a ngluaistean aera -
ach amháin fhad agus bhéadh sinn ag gol fríd shraith aera an
Domhain.



Seaghan. Ma thémuid air an traen, a mhathair, an
mbémuid a bhfad air an turas?



An mhathair. Ma shiuileann an traen trí fichead míle
san uair, agus gan aon stad a dheánadh, bémuid aig an
Ghealaigh a gcionn leath-blianna.



Máire. Tá an gleus siuil sin réasúnta go leor, a
mhathair, ó tharla go mbémuid ar ais na bhaile a gcionn
na blianna.



An mhathair. Tá go maith, a Mháire. Mar sin dae, a
pháistí, smaoitigidh go bhfuil sibh uilig mur suidhe go
baganta a gcaraiste de'n traen, agus ticeid dúbailte
a chosain £4,000 a bpóca achan duine agaibh; go bhfuil
mur málaí siuil anáirde air an racaid, agus trucal
lán de bhiadh agus digh ceangailte do dheireadh an traen,
air eagla go dtiocadh an "feur gortach" oraibh a gcathadh
an turais, agus a ndéidh fead uathasach ón ghearran
iarainn a chluinstin, go bhfuil sibh fa dheireadh ag gol
amach as an staisiun, agus an trean air a shean rása
ag strócadh air aeidh chum na Gealaighe.



Méabha. Da mbéadh sinn da rírimh ag deánadh an
turais, a mhathair, is dóiche liom go mbéadh an t-uathas
saoil de íontais le feiceal againn air an bhealach.



An mhathair. Ní miste duit sin a rá, a Mhéabha. Anns
an chiod áit, bhéadh agaibh le siul chóir a bheith iomlan
an bhealaigh go dtí'n Ghealaigh anns an dorchadas. Ná, a
ndéidh a ghol fríd an chúdach aera atá thart fa dtaobh
de'n Domhan, bhéadh agaibh le iomlan an chuid eile de'n
turas a shiul a nduibhe an duibheagain shíorthaidh.


L. 79


Nuala. Agus, a mhathair, an mian leat a rá nach mbéadh
an Ghrian agus na reultogaí fhéin le feiceal againn?



An mhathair. Cha mbéadh an Ghrian ná na reultogaí
ábulta aon solas lae a thóirt daoibh ó tharla nach mbéadh
aer air bith ann mur dtimpeall. Ach innean go mbéadh
sibh a ndorchadas, thiocadh libh an Ghrian agus na reultogaí
a fheiceal ag soillsiu, ach cha mbéadh anns an iomlan ocú,
an Ghrian có maith leis an chuid eile, ach puinntí geala ag
cathadh a ngatha oraibh a lár an duibheagain shíortaidh.



Nora. Go moltar an Righ! Nach meura dúinn, a
mhathair, gur a spiorad atámuid air an turas seo, agus
nach da rírimh atámuid da dheánadh!



An mhathair. Seo rud sóruigheach eile a tharlochadh
daoibh air an turas seo: bhéadh an fuacht trí chéad grád
(300°) faoi phuinnte an teasa!



Séamus. Air an ábhar sin, a mhathair, ba cheart dúinn
oiread éadaigh agus thiocadh linn a thóirt linn, eadar cótaí
móra, cídeogaí truma, agus craicne clúfara teodha.



An mhathair. Air an turas seo, tá me cinnte gur mhaith
libh fáil cógarach do na planoidí agus iad a sgriudú go
geur, ach ní chasfí aon chionn ocú oraibh. Bhéadh na reultogaí
co fada air shiul as bhí siad ariamh; agus, an Ghrian í-fhéin,
cha mbéadh aon chosúlacht orthí gur árthuigh sí a méid. An
rud is íontaighe, beidir, a chasfí oraibh air an turas seo
sé an phlanoid úr a d'éireochadh ann os cuinne mur súil;
sin mar déarfa, an Domhan, a d'fhág sibh mur ndéidh nuair
a thoisigh sibh air an turas seo chum na Gealaighe, agus atá
anois mar fách uathasach ag imeacht go fadalach uaibh go
dtí, nuair a bhéas sibh chóir a bheith aig an Ghealaigh, go
mbéidh sí ciora huaire có mór as d'amharc an Ghealach
nuair a d'fhág sibh an baile.



Séamus. Ní mór go dtig linn an t-amharc aoibhinn sin


L. 80


a thóirt asteach go cruinn, a mhathair, agus is cinnte gur
mhaith liom-fhéin é a fheiceal da rírimh.



An mhathair. Maise ní miste a rá gur mhaith linn uilig
an phlanoid úr seo a fheiceal; ach, ó tharla go bhfuilmuid
ceangailte duithe ní thig linn í a fheiceal na planoid. Ach
támuid chóir a beith aig deireadh ar dturais. Tá ar lón
bidh agus dighe, eadar ceapairí agus ginger-pop, bunas
raite. Tá righeacht mhór na Gealaighe ag éirigh agus ag
meudú os ar gcuinne. Tá a sléibhte móra árda na
seasadh os ar gcóir amach, sléibhte níos uirde ná thannaic-
muid air an Domhan, aghus iad ag soillsiu faoi ghatha na
Gréine. Ach cuirfidh se íontas mór oraibh nach bhfuil aon
sruthan ná sgeárdan, loch na faraige le feiceal, ach
ciuinéas síorthaidh, gan oiread agus séidean fionn-fhuar
as duimhne an duibheagain nuair atá mur dtraen ag gol
asteach go priomh-stáisiun na Gealaighe! Air ball tig
an gárda amach agus sgairteann, "Árthuigheadh gach uile
dhuine inseo! "Ach ma sgairt, dheón focal a chualas, de
bhrigh nach dtig fuaim a chluinstin gan aer, agus air an
Ghealaigh ní fhuil aer air bith.



Máire. A Righ na gcarad, a mhathair, tá sórú go deo
air an méid sin!



An mhathair. Tig na triallairí uilig amach as an traen.
Tá a dturas fada fuar críochnuighthe. Tá siad sé mhí
níos sine, ach tá siad fa dheireadh air an Ghealaigh. Agus
anois, ó tharla go bhfuil an tráchtas seo fada go leor an
iarraidh seo, ní thig liom moran níos mó a rá. Ach sul a
gcuirim deireadh leis, ba mhaith liom go gcuirfí sórú
anns an méid seo: an duine a bhéadh bórdaigh air dhá
chloich dheug air meáchan air an Domhan, ní bhéadh se ach dhá
chloich air meáchan air an Ghealaigh, ionas go mbéadh se sé
huaire níos láidre agus níos lúfaire. A n-áit a bheith


L. 81


ábulta cúig truithe de léim a thóirt, thiocadh leis léim
deich dtruithe agus fiche a thóirt go héasgaidh, agus a
n-aon bhoc-léim amháin thiocadh leis a ghol thar ghear theach
mhaith. A n-aon láimh leis, thiocadh leis ciora chéad
meáchan a thógail air a shuaimhneas, agus cha mbéadh muill
air bith air 180 míle sa lá á shiul.



34. AN SPÉIR REULTACH.



An mhathair. Ca náit ar stadmuid, a Mháire?



Máire. Bhímuid air an Ghealaigh, a mhathair.



An mhathair. Sm go díreach é, a Mháire. Chuaidh sibh air
thuras go dtí'n Ghealach, agus tá dúil agam go bhfuair sibh
ar ais go slán sleamhain?



Máire. Dar mo bhaiste go bhfuair, a mhathair, agus gan
moran muille; ná ní mór go rarbhmuid ann gur chuir
tusa as an solas orainn, ionas go mbeigean dúinn
pilleadh co maith agus thainic linn anns an dorchadas.



An mhathair. Maise, sin corp na fírinne, a Mháire.
Rinn me de aontoisc é ó tharla nach dtiocadh libh oiread
agus focal a chluinstin óna cheile, agus da olcas an dóigh
atá orainn air an phlanoid mhí-ámharaigh seo, tá se a bhfad
níos clúfara agus níos seasgaire ná a bheith siocuighe air
an ghealaigh.



Séamus. Dar mo bhríste, a mhathair, nar mhothuigh me-
fhéin an fuacht air chor a bhith.



An mhathair. Is fíor sin, a Shéamuis, ach da ndeánfa
an turas adaí da rírimh, a n-áit a ghol ann a spiorad,
bheithea do bhior éireoige air an ghealaigh aniu. An bhfuil
an ghealach air an spéir anucht, a Shéamuis?



Séamus. Ní fhuil, a mhathair, ach tá an oíche ciuin, agus


L. 82


tá an spéir lán de reultogaí. Ní fhacaidh tú a leithid de
amharc ariamh, a mhathair!



An mhathair. Tá go maith, a Shéamuis, siuilamuid linn
amach go bhfeicfamuid an t-amharc aoibhinn. (Téann siad
amach.)



Nóra. Tá leun go deo air an méid reultog atá
amuigh anucht, a mhathair. Go dé'n dóigh a dtainic siad
uilig ann, ná cha dtug me fa dear ariamh go rabh siad co
líonmhar as tá siad anucht?



An mhathair. Tá siad co líonmhar, le noinní na
bpáirceann, agus co tiuth le duilleogaí na gcrann. Tá
achan reult da bhfeiceann sibh air an mhachaire neamhda sin
os mur gcionn co mór, agus cuid ocú a bhfad níos mó ná
iomlan na bplanoid curtha le cheile, an ghrian agus uile.
Ach tá siad co fada sin air shiul nach léar dúinne go bhfuil
aon mhéid ionntú ach mar a amharcann siad anucht.



Seaghan. An bhfuil aon chionn de na planoidí le
feiceal anucht, a mhathair? Ní léar damh-fhéin go bhfuil -



An mhathair. Fan, a Sheaghain, tá tú ag amharc san áird
chuntrailte. Ní fhuil planoid air bith anns an áird thuaidh.
Ach amharc seir, agus beidir go dtiocfa air chionn ocú.
Tóirigidh fá dear go bhfuil na reultogaí uilig ag drithliu,
agus ma tidh sibh reultog nach bhfuil drithliu air bith inntí,
feudann sibh a bheith cinnte gur planoid atá inntí. Ó
tharla go bhfuil an oiread sin de reultogaí air an spéir
tá se gear dhoiligh na planoidí a thóirt fa dear. Clap-
sholas an t-am is feárr le toisiu air na planoidí a
chuartú; sin, mar déarfa, sul a dtig baraidheacht de
na reulogaí amach. Ach mar sin fhéin, a pháistí, ma
dhearcann sibh go geur, ba chóir nach mbéadh muill air bith
breith air Iupiter. Tá me cinnte go bhfuil se sheir-
adaí os mur gcuinne.


L. 83


Máire. Tá se agamsa, a mhathair! Bhfeiceann tú
an reult mhór adaí sheir a bhfuil a solas co ciuin bug sin
go sílfea gur gealach bheag atá inntí



An mhathair. Maith thú, a Mháire; sin an fách mór
é-fhéin, go dearfa. Thannaic mise é co luath agus thainic
me amach, ach char leig me dadaidh orm go bhfeicfinn an
dtiocadh libh-fhéin é a fháil. Ach anois, ó tharla go
gcaithfamuid rud ínteacht a fheoluim fa dtaobh de'n
mhachaire aoibhinn óra seo shuas, bhéarfamuid cead a
gcinn do na planoidí anucht.


L. 84


34. AN tSEISREACH.



Séamus. Is dóiche liomsa, a mhathair, go mbéidh ar
sáith le deánadh againn ma chaithfear ainthe a chur air
iomlan na reult seo?



An mhathair. Is fíor sin, a Shéamuis, ach toiseochamuid
leis na triopaill soillse is mó a bhfuil eolas orthú.



Máire. Agus an bhfuil moran ocú ann, a mhathair?



An Mháthair. Is cinnte go bhfuil, a Mhaire, ach ní thig
linn iad uilig a sgriudú anucht. An tSeisreach an chiod
chionn atá le sgriudú againn, ó tharla gur uaithe is fusa
eolas a fáil air na reulta eile.



Nóra. Agus, a mhathair, ca náit air an spéir a bhfuil an
tSeisreach?



An mhathair. Anns an Earrach bíonn sí go hárd os ar
gcionn anns an spéir; anns an tSamhradh bíonn sí san
iarthar; anns an Fhómhar bíonn sí gear íseal anns an
áird thuaidh; agus, anns an Gheimhreadh bíonn sí san oirthear.



Máire. Agus ca bhfuil an tSeisreach anucht, a mhathair?



An mhathair. Siud sheir í os ar gcuinne. Bhfeiceann
sibh a seacht reulta?



Nóra. Tidhimsa go soiléar iad, a mhathair, agus tá an
chosúlacht sóruigheach go maith.



Méabha. An bhfuil rud air bith sóruigheach fa dtaobh
de n tSeisrigh, a mhathair?



An mhathair. Tá, a Mhéabha. Deirtar go siuileann sí
thart timpeall Reult na Cuaille uair amháin sa bhliain.



Séamus. Ca náit a bhfuil an reult sin, a mhathair?



An mhathair. Tá sí san áird thuaidh, a Shéamuis, agus
da bhrigh sin bíonn "An Reult Thuaidh" mar ainim orthí
co maith le "Reult na Cuaille."


L. 85


Seaghan. Agus ca tuige a dtugthar Reult na Cuaille
orthí, a mhathair?



An mhathair. Tá, maise, ó tharla go mbíonn sí a dóladh
os cionn cuaille thuaidh an domhain.



35. REULT NA CUAILLE.



Máire. Ba mhaith liom Reult na Cuaille a fheiceál, a
mhathair.



An mhathair. Maise, cuideochaidh an tSeisreach linn í
a fháil.



Máire. Go dé'n dóigh, a mhathair?



An mhathair. Bhfeiceann tú soc na Seisrighe?



Máire. Tidhim, a mhathair. Tidhim ciora reulta air
chruth cearnoige.



An mhathair. Tá go maith. Amharc anois air an dá
reult de'n chearnoig atá air thaobh do láimhe dise.



Máire. Tidhim iad, a mhathair; tá cionn ocú os cionn
an chinn eile.



An mhathair. Maise, da dtairneochaí líne ón reult
iachtarach go dtí'n reult uachtarach, agus é a sheoladh air
aeidh, rachadh an líne sin fríd Reult na Cuaille. Anois,
a Mháire, feuch an bhfuithea an reult sin.



Máire. Is dóiche liom gurb í a tidhim, a mhathair, agus
innean go bhfuil an t-uathas de reulta eile cógarach do'n
líne, tidhim cionn amháin agus tá sí a bhfad níos gile ná
an chuid eile.



An mhathair. Sin Reult na Cuaille, a Mháire, agus sin
an reult is mó a mbíonn trácht orthí anns an leathchruinne
thuaidh. Co luath agus tithear í ní bhíonn muill í a athaint
aríst de bhrigh nach mbugann sí a choíde as an áit a bhfuil sí.
Éirigheann na reulta eile atá ann a córsanacht, no téann


L. 86


siad faofa; no, dálta na Seisrighe, tumann siad go
híseal gan a ghol faofa. Ach ní bhíonn árthú air bith air
Reult na Cuaille; samhradh agus geimhreadh bíonn sí a
choíche san áit chianna.



36. ARCTÚRUS.



Nóra. Go dé'n reult í siud, a mhathair? - Nach í atá
geal!



An mhathair. Sin Arctúrus, a Nóra, agus reult de'n
chiod rannc í, agus ach amháin reult amháin eile, ní fhuil
aon chionn air an spéir co deas ná co geal léithe. Bíonn
sí a gcomhní cógarach do'n tSeisrigh. Tóirigidh fa dear
go bhfuil camadh beag a ruball na Seisrighe, agus da
seoiltí an ruball giota maith ar gcúl, agus leanaint
do'n chamadh chianna, bhéarfadh an líne sin do shúil fhad leis
an reult aoibhinn seo.



Méabha. Réir chumha, a mathair, is triopall an-
uasaideach an tSeisreach.



An mhathair. Feudann tú sin a rá, a Mhéabha - Ach fan,
tithear damh go bhfeicim triopall soillse an Leoin Mhóir.



Séamus. Ca bhfuil se, a mhathair?


L. 87


37. An Leon Mór.



An mhathair. Amharcaigidh arís air an dá reult atá a
soc na Seisrighe. Ma tharaintear líne ón reult uachtarach
go dtí'n reult iachtarach, agus an líne sin a sheoladh,
bheirfidh se mur súil asteach go corp an Leoin Mhóir.



Seaghan. Tidhimse é, a mhathair, agus tá leath dhuisín ná
níos mó de reultogaí anns an triopall, agus tá reult
amháin ocú an-gheal. Go dé'n t-ainim atá air an reult
adaí, a mhathair?


L. 88


An mhathair. Reult de'n chiod rannc í sin, a Sheaghain,
agus Regulus an t-ainim atá orthí.



Máire. Ca tuige ar tugadh "an León" air an triopall
soillse seo, a mhathair?



An mhathair. Tá, maise, ó tharla go bhfuil se cosúil
le león. Tá cúig no sé reulta ann a chorp, agus aig
na chosa tosaigh atá an reult aoibhinn adaí Regulus. Tá
reult gear-mhór, fosta, shiar aig na ruball, agus aig na
mhuineal tá reult deas dúbailte, sin mar déarfa, dhá
reult atá co cógarach sin le cheile go bhfeicthar dúinne
nach bhfuil ann ach reult amháin.



Nóra. Tá an reult dúbailte sin, a mhathair, chóir a
bheith co geal le Regulus, agus tidhim trí reulta eile ós
a cionn nach bhfuil co geal.



An mhathair. Is iad na trí reulta sin cionn an Leóin,
a Nóra, agus ma dhearcann tú go geur tífidh tú, fosta,
go bhfuil cosúlacht corrain anns na reulta atá a gcionn
agus a gcosa tosaigh an Leóin.



38. AN RACAN.



Séamus. Agus an darna triopall soillse, a mhathair?



An mhathair. Ma thóganmuid ar súile de'n tSeisrigh
agus de'n León, agus dearcadh air an taobh thall de
Reult na Cuaille, agus bórdaigh air an fhad chianna air
shiul uaithe, tífeamuid triopall eile a bhfuil cúig reulta
cógarach da cheile.



Saeghan. Measaim go bhfeicim an triopall sin, a
mhathair. Tá se air chosúlacht w, sin mar déarfa, go
bhfuil reult aig achan chorneal de'n litir.



An mhathair. Sin an Racan, a Sheaghain, no Casiopeia
a mbeurla, agus is iad sin na reulta is gile de'n triopall.


L. 89


Máire. An mbíonn an Racan a gcomhní san áit chianna,
a mhathair?



An mhathair. Ní bhíonn, a Mháire. Nuair a bhíos an
tSeisreach go hiseal anns an áird thuaidh, bíonn an Racan
go hárd anns an spéir, agus nuair a bhíos an tSeisreach
go hárd anns an spéir, bíonn an Racan go híseal san
áird thuaidh. Tóirigidh fa dear, fosta, a pháistí, go bhfuil
Reult na Cuaille bórdaigh air leath bealaigh eadar an
tSeisreach agus an Racan.



Nóra. An bhfuil triopall sóruigheach air bith eile ann,
a mhathair?



An mhathair. Tá, a Nóra, ach caithfamuid an Cleith-
fhorste a chuartú a chiod uair,



39. AN CHLEITH-FHORSTE.



Méabha. Agus ca bhfuil an Chleith-fhorste, a mhathair?



An mhathair. Dearc ar ais air Reulth na Cuaille agus


L. 90


air an Racan. Anois, da dtarneocha líne díreach ó
Reult na Cuaille go dtí'n taobh is fuide air shiul de'n
Racan, agus an líne seo a sheoladh a fhad eile, bhéarfadh
se do shúil asteach a lár Cearnog Mhór na Cleith-fhorste.



Méabha. Tidhim an chearnog, a mhathair, agus tá reult.
aig achan chorneal duí. An dtéann an Chleith-fhorste
timpeall Reult na Cuaille mar níos an Racan agus an
tSeisreach?



An mhathair. Ní théann, a Mhéabha. Éirigheann sí agus
téann si fuithe achan lá. Ní furust í a fheiceal anns an
Earrach agus anns an tSamhradh, ach anns an Fhómhar agus
anns an Gheimhreadh bíonn a ciora reulta le feiceal go
soiléar. Astuigh a gCearnog na Cleith-fhorste tá moran
de reultogaí eile, ach leis an tsúil nuchttha, ní bhíonn le
feiceal anns an tír seo ach bórdaigh air sgór go leith ocú.
Anns an Ghréig, thannaic fear a rabh súil gheur aige coradh
agus céad.



40. CAPELLA AGUS ÓRIAN.



Séamus. A mhathair, tidhimse reult íontach geal air
fad! Feuch, tá sí giota maith taob shíos do'n Racan, air
thaobh do laimhe clí. Go dé'n t-ainim atá air an reult
sin, a mhathair?



An mhathair. Maise, sin cionn de na séada is dise sa
spéir, a Shéamuis. Capella an t-ainim atá air an reult
sin, agus reult de'n chiod rannc atá inntí. Dearcaigidh
go geur air an áit a bhfuil an reult aoibhinn seo, ná béidh
sí an-uasaideach againn. Agus, da chórtha sin, ma
tharaintear líne díreach ó Reult na Cuaille go dtí'n
reult seo, agus an líne cianna a sheoladh bórdaigh air a
fhad eile, bheirfidh se do shúil asteach go lár an triopaill
shoillse is dise air an spéir.


L. 91


Máire. Agus, a mhathair, go dé'n t-ainim atá air an
triopall sin?



An mhathair. Tá, Triopall Soillse Óriain. Feuch an
bhfuithea é, a Nóra.



Nóra. Tá se agam, a mhathair; agus, rud eile, bhí me
ag amharc air an triopall aoibhinn sin ó thainic me amach,
agus b'iontach liom nar lóir tú air go dtí anois.


L. 92


An mhathair. Is cinnte gurb é an triopall deireannach
seo an cionn is dise, a Nóra, agus caithfamuid dearcadh
go geur air sul a dtémuid asteach. Ba mhaith liom-fhein
moran eile a theiseint daoibh, ach tá se ag eirigh mall,
agus caithfamuid é a fhágail go dtí an chiod oíche mhaith
eilé. Ach sul a dtémuid asteach ann tuigh, dearcaigidh
go geur air Órian. Anns an triopall seo tá dhá reult
shóruigheacha de'n chiod rannc, cionn ocú aig bárr, agus an
cionn eile aig bun an triopaill. Ma dhearcann sibh
ar ais ar Reult na Cuaille, agus leanaint do n líne
roimhráite fríd Chapella, tífidh sibh go bhfuil an reult
uachtarach giota beag air thaobh na láimhe clí de n líne,
agus feudaim a rá go dhtéann an líne fríd an reult
iachtarach. Betelgéis, no reult Óriain, an t-ainim atá
air an reult uachtarach, agus Rigel atá air an chionn
iachtarach.



Méabha. Tidhimse trí reulta cógarach da cheile a
n-aon líne, eadar an dá reult mhóra, a mhathair.



An mhathair. Sin crios Óriain, a Mhéabha, agus ma
dhearcann tú níos géire, tífidh tú faoi n chrios mion-
triopall eile a bhfuil duisín ná níos mó de reultogaí
cógarach da cheile. Sin Nebula Óriain.



Máire. A mhathair, tidhimse dhá reult eile cógarach do'n
triopall seo, cionn ocú giota maith síos air thaobh na
láimhe clí, agus é cothrum le Rigel, agus tá an cionn eile
taob shuas de Bhetelgéis agus air thaobh na láimhe dise
de'n líne roimhráite.



An mhathair. An reult iachtarac sin atá air an líne
cothrum le Rigel, is í sin an reult is solasmhara sa
spéir. Reult de n chiod rannc atá inntí, ach tá sí a bhfad
níos gile ná reult air bith eile de'n chiod rannc, ionas go
mbeigean rannc speirealta a dheánadh duíthe-fhién.


L. 93


Sirius, no Reult an Mhadaidh, an t-amim atá air an reult
aoibhinn seo. Aldebaran an t-ainim atá air an reult
eile, agus is reult de'n chiod rannc í. Air son go bhfuil
an dá reult dheasa seo a gcórsanacht thriopall Óriain,
ní fhuil triopall air bith eile air an spéir co haoibhinn
leis; ná, ní fhuil aon triopall eile a bhfuil oiread
reulta de'n chiod rannc ann agus tá a dTriopall Soillse
Óriain.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services