Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Micheál Ruadh

Title
Micheál Ruadh
Author(s)
Ó Grianna, Séamus,
Pen Name
Máire / William Sling / Jonneen Khordaro
Composition Date
1925
Publisher
Preas Dhún Dealgan

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Tairgim an leabhar seo do
m'athair
Ó's leis a b'annsa cuid éachtaidhe
na sean-iondairidhe a aithris.


L. 1


Reamhrádh.



Ní cumraidheacht ar bith na sgéaltaí seo. Bhí leithéid
Mhicheáil Ruaidh ann agus rinne sé na gníomharthaí
atá fágtha air. An té a thiocfas go Rann-na-feirsde
gheobhaidh sé a bhunadh annsin go fóill, agus iad ábalta
a thréathra a innse go beacht. Mhair Micheál Ruadh
amuigh is astuigh ar chéad bliadhain ó shoin — go díreach
sul a dtainig teangaidh agus nósaí na ngall i dtreis
i n-Éirinn, sul ar éag Clanna Míleadh na gcath, agus
sul a dtainig an donán leath-ghallta a leig a mhaidí
le sruth ins an chéad 's chuaidh thart.



Deir scríbhneóirí gur cuireadh deireadh le Clanna
Míleadh ag Ceann t-Sáile. Cuireadh, de thairbhe seilbh
an talaimh agus riaghaltas na tíre agus deánamh cogaidh.
Ach mhair an sean-spiorad dhá chéad bliadhain 'na
dhiaidh sin, ariamh nó go bhfuair an Ghaedhilg bás ins an
tír. An té a léighfeas cuid gníomharthaí Mhicheáil
Ruaidh agus annsin a léighfeas sgéal Fianaidheachta
'na dhiaidh, ní féidir dó gan a thabhairt fá dear comh
cosamhail agus tá siad le chéile. Throid Diarmuid
Donn agus Oscar agus Oisín le claidhmhtheachaibh agus
le sleaghthachaibh. Throid Micheál Ruadh le steafóg
dhroighin cionn 's nach rabh cead ag Éireannach san am
sin, arm ní ba chontabhairtighe a iomchur. Cé nach
dtiocfadh leis a thuigbheáil, Micheál Ruadh a bheith ag
gabhail un spáirne le Meargach nó le h-Arraigín Mór,
agus Diarmuid Donn ag baint éiric bheairtín Chróna
as an cheannuidhe, nó Oscar ag siubhal de chosaibh trioma
ar chuid corp a námhad trasna abhainn an Chlocháin
Léith? Bheir Micheál Ruadh agus a mhacasamhail le
fios dúinn nar éag spiorad na Féinne le linn
Pádruig an tonn bhaiste a chur ar Oisín, agus fáinne


L. 2


draoidheachta na h-óige a mheilt 'na dheoir ar a bhois.
Dhíbir an creideamh fíor a rabh íseal ins an Phágánach
ach níor bain sé dá rabh uasal ann. Fad is mhair an
Ghaedhilg dá canstan ar fud na tíre agus na sean-
nósaí dá gcleachtadh, mhair tréathra na Féinne — grádh
ar ghaisgeamhlacht os cionn gach uile nidh, cabhair don
duine lag agus comhrac don duine láidir, croidhe
mór agus fairrsingeach agus féile. Níorbh' olc an
t-ainm ar Mhicheáil Ruadh “An Fian Deireannach,” nó
sin an rud a bhí ann go fíor.



Le linn an Ghaedhilg imtheacht, chaill na daoiní na
tréathra seo. Agus náisiún ar bith a gcaillfidhe a
clann na tréathra céadna, is goirid a seal. Agus ba
ghoirid seal na h-Éireann murab é go deachaidh corr-
dhuine dearcach a dh'iarraidh an teangaidh a thabhairt
ó'n bhás. Agus nuair a chualaidh na Fianna na glórthaí
binne arís, mhuscail siad agus theann ortha a gcuid
airm agus éididh.



Ó thárla go bhfuil an spiorad ag spreagadh na
ngaedheal arais ba chóir de na sgéaltaibh seo taitmheáil
leo. Níl siad saor ó locht: tá siad sgríobhtha go díreach
mar d'innis an seanchuidhe iad. Agus tá fhios ag an
t-saoghal go gcailleann sgéal cuid mhór le linn é a
scríobhadh. An guth a thig ó'n pháipeár bidh sé fuar
marbh le taobh ghuth bheo an t-seancuidhe. 'Sé a dtig
leis an léightheóir a dheánamh, le iomlán suilt a bhaint
as na sgéaltaibh seo, smuaintiughadh i n-a intinn ar
an t-seanchuidhe — 'na shuidhe ins an chlúdaigh oidhche
chiúin fhoghmhair, nó oidhche ghaothach gheimhridh, é cnámhach
lom ricneach liath, glór a chinn ag áthrach le achan áthrach
dá bhfuil sa sgéal, coimeádadh sé na lámha agus an corp,
ag gabhail nuair a thig an seanchuidhe go dtí gníomh
éifeachtach nó cainnt uasal; agus b'fhéidir an gol ag
briseadh air corr-uair le tréan bróid agus le neart
cumhaidhe, “anois nuair nach maireann siad.” Má ghnidh
an léightheóir sin, béidh na focla beo. Cluinfidh sé glór
Dhonnchaidh Sheáin Óig ag teacht aniar ó'n t-sean t-saoghal
agus tchífidh sé Micheál Ruadh ag imirt a chleasa arís.



"Iolann Fionn."


L. 3


Micheál Ruadh.



Fad ó shoin nuair a bhí mise 'mo ghiorsaigh, ghníodh
Donnchadh Sheáin Óig mórán áirneáil againn. Cómh-
ráidhteach breágh a bhí ann, agus má b'fhada a shaoghal, ag
cainnt ar a ghaisgidhigh agus ar ghníomharthaí gaisgeamhla.
'Scuma ca h-air a dtarrónaidhe an seanchus, bhéarfadh
focal beag dá lagad é, na laochraidh i gceann
Dhonnchaidh. Agus chaithfeá cluas a thabhairt dó, cé
gur chualaidh tú na sgéaltaí céadna aige míle uair
aroimhe. Is beag oidhche ar chor ar bith, ó thigeadh fad
beag ar an oidhche fá Lúghnasna, go dtéigheadh an Fhéil
Pádruig sin a bhí chugat amach, nach dtugadh sé cuairt
ar an teach 's againne. Bhí dúil mhór aige a bheith ag
cainnt ar fhearaibh maithe na Rosann. Ach bhí fear
amháin os cionn an iomláin nach leigeadh sé oidhche ar
bith thart gan cuid dá chuid tréathra a innse — mar bhí
Micheál Ruadh Ó Baoighill as Rann-na-feirsde.



Is maith is cuimhin liom oidhche amháin i dtratha na
Samhna a tháinig sé dh'áirneál chugainn agus ní dheachaidh
drod ar a bhéal ó ghabhail ó solus de go rabh am-luighe
domhain ann ach ag sgéaluidheacht ar Mhicheál Ruadh.
Tháinig sé isteach le clap-sholus mar ba ghnátach leis,
a dhá láimh ar chúl a chinn aige, hata bog dubh air, agus
dúdóg phíopa i n-a bhéal aige. Bhí an dúdóg chéadna
aige ó tháinig cuimhne chugam, agus anois bhí dath uirthi
comh dubh le cloich a' bhac.



'Sé do bheatha dh'áirneál,' arsa mo mhathair leis.



'Níl mé fad na fáilte amuigh,' arsa Donnchadh.



'Druid aníos leis a' teinidh,' arsa m'athair.


L. 4


'Níl an oidhche atá ann fuar,' arsa Donnchadh, ag
suidhe ag éadán an bhalla-bhig.



'Níl sé te ach oiread, ó thig a' lá seo 'n bhliadhain,'
arsa m'athair. 'Cuir do chathaoir i bhfos annseo sa
chlúdaigh. Tá siorradh beag fuar isteach ar bhun a'
dorais druidthe sin.'



Tháinig Donnchadh aníos 'na clúdadh agus chuir sé
aibhleóg ar an dúdóig. Leoga is iomdha uair ó sin
go h-am luighe a chuir sé aibhleóg ar an dúdóig chéadna
nó ní rabh ann ach go mbéadh sí dearg mar ba chóir aige
go leigeadh sé as arais í leis an chomhrádh.



'Goidé mar tá tú ar aghaidh leis an obair?' arsa
m'athair. 'Creidim go bhfuil bunadhas na bpreátaí
bainte agat.'



'Maise, féadaim a rádh go bhfuil' arsa Donnchadh
'ach dhá nó 'r trí 'iomaireacha de phreátaí malla atá ar a'
Phollán-bhog agam agus níl deifre ar bith orm leo,
nó tá siad glas go fóill agus cuid mhór aca nach mó
'ná go bhfuil siad sgaithte de na barra.'



'Droch rud a mbaint agus gan iad sgaithte,' arsa
m'athair. 'Tá contabhairt ortha lóghad sna poill
arís.'



'Grásta ó Dhia ar na mairbh,' arsa Donnchadh, 'is
fada an lá ó thug Micheál Ruadh a bhí thuas annseo
comhairle domh gan preátaí a bhaint a choidhche fad is
bhéadh aon dhuilleóg amháin glas ar na barra. Bhí an
talamh sin aige ar a' Phollán-bhog atá agam-sa anois,
agus níor bhain sé aon phreáta ariamh as go dtéigheadh
lá Samhna amach.'



'Nar shíl mé gur i n-íochtar a' bhaile a bhí Micheál
Ruadh 'na chomhnuidhe,' arsa m'athair.



''S ann a tógadh é,' arsa Donnchadh. 'Ach ar a'
Phollán-bhog a chaith sé deireadh a shaoghail. Ní rabh sé
os cionn dhá bhliadhain déag nuair a d'fhág sé an baile
agus chuaidh sé 'un a' Lagáin. Ar chualaidh sibh ariamh
goidé d'éirigh dó an chead bhliadhain a chuaidh sé amach?'


L. 5


Dubhairt achan dhuine nar chualaidh. Shuidh mé féin agus
an chuid eile de na páistí thart fá'n teinidh, agus
thoisigh Donnchadh a sgéaluidheacht.



'Tá,' arsa Donnchadh, 'ní rabh sé ach i gcionn a dhá
bhliadhain déag nuair a d'fhág sé an baile agus chuaidh
sé go h-aonach a' tSeanbhaile i Leitirceanainn a iarraidh
fastóidh. Ní rabh sé i bhfad ar an aonach go dtáinig
Albanach as Gleann-tSúilighe thart agus go dteárn sé
Micheál a fhastódh fá choinne buachailleachta, ar shé sgilling
déag seal na leith-bhliadna. Bhí go maith go dtí eadar
sin a's tráthas, agus cé casadh ar an mhaighistir ach an
gasúr a bhí aige anuraidh roimh sin. Chuaidh an bheirt
'un margaidh; agus ba é an deireadh a bhí air go dteárn
sé an dara gasúr a fhastódh ar dhá sgilling déag, go
Samhain.



'Chuaidh sé fhad le Micheál Ruadh. "Is feárr duit,"
ar seisean leis, "a bheith 'baint a' bhaile amach sul a
dtigidh coim na h-oidhche; tá gasúr eile fastódhuighthe
agam-sa." ‘Rinne tú mise a fhastódh,’ arsa Micheál,
"agus níl cead agat a ghabháil ar do thóin in do mhargadh.
Má théighid, caithfidh tú an phíghinn dheireannach de mo
thuarastal a dhíol liom sul a bhfágaidh mé an t-aonach.’
"Fág m'amharc, a smugacháin," ars an maighistir,
"nó bheárfainn thart le bois thú."



'Ní dheárn Micheál Ruadh ach bogadh leis agus níor
stad sé go rab sé i nGleann-tSúilighe. Nuair a
tháinig an maighistir agus an gasúr eile leis, fuair
sé Micheál cóir istuigh roimhe. "Tchím go dtáinig
an t-ógánach chugaibh," ar seisean le n-a mhnaoi, "i ndiaidh
mise innse dó nach rabh gnoithe agam leis." "Sé ach
d'innis tú roimh sin domh go rabh gnoithe agat liom,"
arsa Micheál, "agus," ar seisean, "sin an margadh
céadna a gcaithfidh tusa seasamh dó. Nó ní rachaidh
mise 'na bhaile go lá Samhna." "Rachaidh tú 'na bhaile
ar béal maidne," ars an maighistir. "Chá dtéighim,"
arsa Micheál. "Mur' dtéighidh," ars an maighistir,
"chead agat a bheith beo gan bhiadh. Nó dheamhan greim
a gheibh tú annseo."


L. 6


'Ar maidín a' lá thar na bhárach sgaoileadh amach
an t-eallach leis an ghasúr eile. Chuir sé sin slat fá
dtaobh daobhtha agus siud é dá dtiomáint amach 'na
chnuic. Shiubhail Micheál amach i n-a chuideachta. Bhí
go maith go dtí go dtáinig an meádhon-lae, agus
tháinig giorsach amach agus gogán bracháin agus bainne
léithe chuig an ghasúr eile agus ní rabh a dhath fá choinne
Mhicheáil. Bhí an gasúr eile ní ba mhó agus ní ba sine
'ná Micheál, ach má bhí féin, níor chuir sin beag-uchtach
ar bith ar Mhicheál.



“‘Caithfidh mise leath a' bhracháin a fhághail," arsa
Micheál.



“‘Chan fhághann, nó diabhail deor," ars an gasúr
mór.



“‘Chan ólann tú ach a leath an iarraidh seo gan troid
ar a shon," arsa Micheál.



'D'amharc an gasúr mór ar an draoidín a bhí ag
cur troda air agus rinne sé gáire.



“‘Seo, ní ádhbhar gáire ar bith an sgéal," arsa
Micheál. "Fág síos an gogán."



'Chuir an gasúr mór an sponóg sa' bhrachán, a' brath
toiseacht dhá ól. Le sin theann Micheál anonn leis
agus bhuail sé le cúl a bhoise trasna an bhéil é. Ní
rabh an dara focal ann. D'fhág an gasúr mór an
gogán ar an fhéar agus fuair sé féin agus Micheál
dhá ghreim sgeadamáin ar a chéile. Níor luaithe a
fuair Micheál greim air 'ná bhuail sé faoi é. Leig sé
dó éirghe, agus chuaidh an bhéirt le n-a chéile arís. Ach
ba é an míniughadh 's réidhteach a bhí ann gur bhuail
Micheál leithead a chraicinn air.



“‘Bhfuil do sháit buailte ort?’ arsa Micheál.



“‘Tá,’ ars an gasúr mór.



“‘Bhail anois,’ arsa Micheál, ‘toisigh agus ól
leath a' bhracháin agus an bhainne, agus fág an leath
eile agam-sa."



'Rann siad an brachán le chéile. Nuair a chuir siad
an t-eallach 'na bhaile tráthnóna, d'innis an gasúr
mór an sgéal go díreach mar thárluigh sé, ó n-a thús go
dtí n-a dheireadh.


L. 7


“‘Ádhbhar fir atá ionnat,’ ars an maighistir
le Micheál. ‘Ní bhéidh fiachadh ort troid ar son do
chodach an dara lá.’



'Choinnigh sé an bheirt ghasúr go Samhain agus níor fhág
Micheál Ruadh an teach sin ar feadh chúig leith-bhliadnach.
Dá bhrígh de, b'fhuras aithne go ndeánfadh sé fear
maith nó bhí sracadh ann, 'na ghasúr féin.”



'A Dhonnchaidh,' arsa m'athair, 'an rabh aon fhear
eadar an dá fhearrsaid a bhí ion-churtha leis i gcionn
bata?'



'Eadar a' dá fhearrsaid!' arsa Donnchadh. 'Ní
rabh nó ó sin go Sligeach.'



''S mór a' focal é,' arsa m'athair.



'Tá siud fíor, 'Fheidhlimidh,' arsa Donnchadh. 'Agus
'sé an rud a bheir orm sin a rádh, bhuail sé tincleóir
nach rabh aon fhear an taobh seo de uisce na Bóinne
nach rabh eagla air roimhe.'



'Maise, 'n abair tú sin liom?' arsa m'athair.



'Tá siad uilig marbh anois,' arsa Donnchadh, 'ní
ceart domh cor an fhocail a chur ortha. Chualaidh mé
le mo dhá chluais Séamus Anna Ní Árluigh ag innse
an sgéil níos mó 'ná uair agus 'ná dhá uair. Tháinig
an tincleóir isteach i gceárdcha Shéamuis lá amháin
agus shuidh sé a chómhrádh le Séamus agus a chaitheamh
tobaca as píopa fada cailce a bhí aige. Nuair a bhí
an píopa caithte aige go dtí an tón, cé tháinig isteach
ach Micheál Ruadh. Shín an tincleóir an píopa chuige
agus d'iarr air toit a chaitheamh. Bheir Micheál air,
agus an chead smailc a tharraing sé, líonadh a bhéal le
gríosach dhearg the. Tháinig mothughadh feirge air agus
chuir sé a lámh i n-a phóca a' brath an píopa a líonadh.
Ach goidé a bhí ach dearmad deánta dá chuid tobaca
aige. Nuair a chonnaic sé nach rabh a dhath tobaca aige
fuair an fhearg buaidh air, 's ní dheárn sé ach an píopa
a tharraingt as a bhéal agus smionagar a dheánamh de
ar an inneóir.



“‘Dá mbéadh mo chuid tobaca liom líonfainn féin
é," ar seisean. "Nuair nach bhfuil bíodh sin agat.


L. 8


Bhéarfaidh sé le fios duit gan píopa folamh a shíneadh
do'n fhear go deo arais."



“‘Bhéarfaidh mise le fios duit-sé,’ ars an tincleóir,
"sul a rabh mé réidh leat, nach mbriseann tú píopa a'n
fhir a choidhche ar a leithid de dhóigh."



“‘Da' Dia chá dtugann,’ arsa Mícheal, "nó sin rud
nach dtig leat a dheánamh."



“‘Béidh le fiacháil," ars an tincleóir, ag breith
ar a bhata agus ag gabháil a léim amach ar a' doras.



'Chuaidh Micheál amach 'na dhiaidh agus a bhata féin
leis.



“‘'Mhicheáil," arsa Séamus Anna Ní Árluigh i gcogar
le Micheál, "níl aon fhear a' siubhal na tíre ion-churtha
leis an fhear sin i gcionn bata. 'S feárr duit gan
roinn a bheith agat leis. Dá fheabhas thú, tá eagla orm
go mbuailfidh sé thú.’



“‘Fad 's rachaidh mise, rachaidh mé,’ arsa Micheál,
agus siud síos é i n-diaidh an tincleóra go dtí léana
beag glas a bhí faoi dhoras na ceárdcha.



'Chuir an gabha a dhá láimh sna h-ursannacha agus
sheasuigh sé dh'amharc amach ortha. Chaith an bheirt daobhtha
go dtí na léinte agus tharraing dhá léab ar a chéile.
Throid siad gur fheann siad na h-ailt ag n-a chéile
agus ní fhuair aon fhear ariamh aca buille ar chloigeann
an fhir eile. Sa deireadh bhuail Micheál é ó chúl a
láimhe trasna ar fhad na cluaise agus d'fhág sínte 'na
bhradán ar an fhéar é. Chuir sin deireadh leis. Ní
throidfeadh an tincleóir níos mó. Ó'n lá sin ní ba
mhó bí cliú Mhicheáil Ruaidh ar fud na tíre.'



“'Mháire, cuir síos an teinidh' arsa mo mháthair liom
féin, 'agus thig leat éisteacht a thabhairt do'n sgéal
ins an am chéadna.'



'Tá do sháith 'e theinidh thíos,' arsa Donnchadh.



'Ba mhór a' truaigh a bhás mar Mhicheál Ruadh,' nó
ba é scoith an fhir é' arsa m'athair.



“'S leis a ba chóir a rádh' arsa Donnchadh. 'Dhuine,
bí sé 'n 'fhear ar achan dhóigh a rachadh fiacháil air. Ní


L. 9


hé amháin de go rabh sé 'na throdaidhe ach bhí sé
fearamhail ionraice, uasal, déirceach. Mur' bhfuil
sé geal sna Flaithis anocht go bhfóiridh Dia ar a lán
eile, nó ní rabh a'n bhall claoidhte istuigh ann. An
gcualaidh tú ariamh goidé mar chuir sé féin agus Seán
Ó Connachán gnoithe an phaidirín?'



'Char chualaidh,' arsa m'athair.



'Tá,' arsa Donnchadh, 'bhí Seán Ó Connachán 'na
chomhnuidhe sa Ghleann-chuallach agus teach óstáidh aige.
Oidhche amháin gheimhridh tháinig Micheál Ruadh isteach
chuige, tamall beag roimh am-luighe. D'iarr sé óstádh
na hoidhche go maidín agus fuair. Cé'n oidhche a bhí
ann ach oidhche Aonaigh an Gheimhridh i Leitirceanainn.
Oidhche gaoithe móire a bhí ann agus é 'plúchadh shneachta. Bhí
Micheál 'na shuidhe a chois na teineadh agus a bhróga
de, nuair a tháinig beirt bheaga ghasúr isteach agus
iad faoi shneachta ó mhullach a gcinn go bárr a gcoise,
agus anglach ionnta le fuacht i n-diaidh siubhal as
Leitirceanainn. Bhí siad amuigh ar a' mhargadh, agus
ní fhuair ceachtar aca fastódh. Sheasuigh siad ar bhun
an urláir, go fuar faitcheach agus deor as achan ribe
daobhtha, agus d'iarr óstádh na h-oidhche go maidín.
D'fhiafruigh Seán daobhtha an rabh oiread airgid aca
agus dhíolfadh a n-dolaidh. Dubhairt siad-san nach
rabh aon phíghinn aca. Dubhairt Seán, ó thárla nach
rabh, go gcaithfeadh siad a ghabháil amach.



“‘'Sheáin,’ arsa Micheál Ruadh, "má chuireann tú
amach na gasraí an oidhche atá ann, béidh a mbás ort.
Ní bhuaidhfidh leobhtha a ghabháil Bealach-gaoithe go deo
fríd a t-sneachta, ar shiubhal na hoidhche. Ní bhéidh
siad beo ar maidín má chuireann tú amach iad."



“‘Ní bhéinn féin i bhfad beo," arsa Seán, "dá
dtugainn biadh agus deoch agus leabaidh dá 'dtig an
bealach seo agus gan píghinn i n-a bpócaí."



“‘Tabhair a 'bealach do na gasraí," arsa Micheál,
"agus díolfaidh mise cé bé bhéas i n-a n-éadán ar
maidín. Deánadh duine agaibh réidh tráth bidh daobhtha.
Aníos libh a ghasraí," ar seisean, "agus suidhidh ag an
teinidh."


L. 10


'Bhain na gasraí fútha go maidín agus an lá thar
na bhárach dhíol Micheál a n-dolaidh agus d'imthigh sé
féin 's iad féin.



'Ní rabh de sin ach sin go dtí cúig bliadhna ó'n
oidhche sin, agus tamall beag roimh am-luighe isteach le
Micheál toigh Sheáin Uí Connachán arís agus é i ndiaidh
a bheith ar mhargadh Leitirceanainn ag díol olna. Teacht
'un a' toighe dó bhí fear óg 'na shuidhe 'chois na teineadh
ceanntárnocht agus éadach bán thart ar a mhuineál
mar bhéadh sgeadamán nimhneach aige. Goidé bhí ann ach
sagart, acht ní rabh fhios seo ag Micheál Ruadh. Dar
le Seán, a Mhicheáil, bainfidh mé do mhí-apaidh asat
os coinne an t-sagairt. Bhí go maith go deárn Micheál
a shuipeár. "Taisbeánadh duine agaibh," ar seisean,
"mo leabaidh domh-sa go dtéighidh mé 'luighe."



“‘Ó, 'Mhicheáil, cinnte ní rachthá a luighe go n-abraimid
an paidrín,’ arsa Seán.



“‘Abraidh féin mur bpaidirín," arsa Micheál, "is
sibh is lugha 'thuirse ó'n lá. Tá mise i ndiaidh siubhal
as Leitirceanainn agus ba chóir go ndeánfadh urnaighe
ba táire 'ná paidirín mo ghnoithe anocht.’"



“‘Anois, a Shagairt,’ arsa Seán Ó Connachán, ag
tabhairt aghaidh ar an fhear a bhí sa chlúdaigh, "goidé
mur mbaramhail de'n fhear sin a leigeas air féin gur
Gaedheal é agus nach n-éisteann an paidirín?"



'Rinne an sagart draothadh gáire.



“‘Bhail anois, a Shagairt," arsa Micheál Ruadh,
"éistidh liom-sa bomaite, chan a thabhairt de an-órdughadh
díbh é. Bhí mise annseo go minic in mo shaoghal, agus
níor choguigh Seán Ó Connachán ariamh mé fá phaidirín
go dtí anocht. Agus ní labhairfeadh sé ar phaidirín
anocht," ar seisean, ‘ach a gheall ar duine diadhanta
a dheánamh de féin cionn's sibh-se a bheith sa lathair.
Ach ó thárla go dtug seisean iarraidh mo chliú a chur
liom-sa, fanaidh anois a Shagairt go gcuiridh mise a
chliú leisean. Tá sean aithne agam-sa ar Sheán Ó
Chonnachán,’ ar seisean. ‘Is fada a' teacht 'un a thoighe
mé. Cúig bliadhna gus an oidhche anocht a bhí mé annseo
go deireannach. Agus bhí sneachta a' gabhail go leath


L. 11


mo mhealltaí orm a' teacht trasna an chnuic domh,
agus an oidhche comh dorcha agus nar léar duit do
mhéar a chur in do shúil. Tháinig dhá lupadán leinbh,"
ar seisean, "tháinig sin isteach a iarraidh óstaidh na
h-oidhche, agus chuirfeadh Seán Ó Connachán amach iad
an oidhche a bhí ann, agus chead aca bás fhághail sa'
t-sneachta, mhurabh é gur dhíol mise a ndolaidh. Sin
Seán Ó Connachán agaibh, a Shagairt,’ ar seisean.
"Cá mhéad paidirín a bhéadh a dhíoghbháil air a rádh sul
a gcuirfeadh sé de an cháipís a d'fhágfadh bás na ngasúr
sin air? Agus rud beag eile de, a Shagairt," arsa
Micheál, "nuair a goideadh dhá bhearach na baintrea-
bhaighe ó'n chnoc, cheannuigh Seán Ó Connachán o'n
ghaduidhe iad cionn's go bhfuair sé ar leath a luach iad,
agus fios maith aige go dtáinig siad go mí-ionraice.
Cá mhéad paidirín a deárfas sé sul a dtugaidh Dia
maitheamhnas dó ins na bearaigh?"



“‘Seo, seo," ars an sagart, "tá go leor canta."



“‘Ta barraidheacht canta, a Shagairt," arsa Micheál,
"dá mbéadh neart air. Ach," ar seisean, "ó thárla
go gcaithfidh mé bheith dith-múinte, ba mhaith liom dá
n-innseadh sibh an méid seo domh. An bhfuil sé
d'fhiachaibh ar Sheán Ó Connachán na bearaigh nó a luach
a thabhairt don bhaintreabhaigh? Nó an ndeánfaidh sé
gnoithe dó comhrac guidheadórachta a chur ar achan
dhuine 'a dtiocfaidh 'un a thoige. Má ghnidh, níl dochar
i gcuid na comharsann agus níl sa t-Soisgéal ach
bagar.”



'Bhail, cinnte ba bheag a ba lugha ar Sheán Ó
Chonnachán 'ná é 'na dhiaidh sin,' arsa m'athair.



'Thug sé féin le fios gur bheag,' arsa Donnchadh.
'Nó bliadhain 'na dhiaidh seo bhí Micheál arais ann,
agus cé bhí 'baint faoi ann an oidhche chéadna ach diúlach
as Inbhear dar bh'ainm Cathal 'Ac Nialluis. Bhí ainm
fir mhaith ag Cathal seo, agus dúil bhreágh aige sa ghloine.
Goidé rinne Seán Ó Connachán ach leath-phionnta uisce
bheatha a gheallstan dó dá mbuaileadh sé Micheál Ruadh.
Chuir m'ógánach 'un tosaigh ar Mhicheál é. Chuaidh a' bheirt
le chéile agus bhuail Micheál é.


L. 12


“‘Anois, a Sheáin Uí Chonnachán,’ ar seisean, ‘go
mbeiridh an diabhal leis fear a sheasuigh ar d' urlár
ariamh nach mbuailfinn-se.’



'Bhí go maith go cionn chupla bliadhain agus bhí Micheál
thiar i n-Inbhear fá choinne lód sgadán-beag. Tháinig
an oidhche agus siud a chuartughadh lóistín é. Shiubhail
sé cúig toighthe agus ní fhuair sé lóistín i n-aon
cheann aca. "Dar a bata tá in mo láimh," ar seisean
leis féin, "an chead teach eile a dtiocfaidh mé fhad
leis ní rachaidh mé amach daobhtha."



'Shiubhail sé leis agus cé'n chead teach a dtáinig
sé fhad leis ach teach Chathail 'Ic Nialluis. "Tá mé
ar shiubhal ag iarraidh dídean na h-oidhche," ar seisean,
nuair a chuir sé a cheann isteach ar an doras. "Agus,"
ar seisean, "tá cúig toighthe as déis a chéile siubhalta
agam agus chuir achan cheann amach mé. 'S tá mionna
orm nach bhfágaim an teach seo go maidín, sin nó go
gcuirtear amach mé le treise lámh.’



'Bhí fear a' toighe 'na luighe ar cholbha na leabtha
agus chualaidh sé an t-ógánach dith-múinte, dar leis
féin, a' botalaigh ag n-a dhoras.



“‘Dar fiadh," ar seisean ag éirghe aniar agus ag
breith ar a bhata, "mur bhfuil a dhíoghbháil ort ach fear
a chuirfeas amach thú, chá bhíonn tú i bhfad annsin. Las
coinneal ghiúbhais dúinn," ar seisean leis an mhnaoi,
"gur léar dúinn cloigne a chéile."



'Chuir bean a' toighe slis ins an teinidh agus las sí í,
agus theann Micheál Ruadh aníos i n-aice lár an urláir
nó go bhfacaidh Cathal 'aghaidh, le solus na slise.



“‘'S tú Micheál Ruadh,’ ar seisean, ‘a bhí a' troid
liom-sa toigh Sheáin Uí Chonnachán sa Ghleann-chuallach.’



“‘'S mé," arsa Micheál.



“‘Bí 'do shuidhe, a bhrathair," arsa Cathal, "nó ní
thiocfadh liom do chur amach dá bhfiachainn féin leis."



'Tháinig Micheál aníos agus shiudh sé, agus rinneadh
réidh tráth bidh dó. Chaith sé an oidhche toigh Chathail
'Ic Nialluis agus rinne an beirt oidhche mhór chomhráidh.'


L. 13


'Dheamhan gur shíothamhail na fir mhaithe sin,” arsa
m'athair, 'an dóigh nach n-aifeóradh a'n fhear aca a dhath
ar an fhear eile.'



'Sin an chuid a b'fheárr uilig daobhtha' arsa Donnchadh.



'Nuair a bhí an troid thart bhí sí thart agus bhíodh siad
mar nach dtiocfadh aon fhocal eatarrtha ariamh. Ar
ndóighe an lá a cruinnigheadh ar Mhicheál Ruadh i mBaile-
an-teampuill, shábhail Ceallaigh Mór é agus an bheirt
i n-diaidh a bheith a' troid. Má tá, sin an chliú fir a
b'fheárr a fuair sé ariamh mar Mhicheál Ruadh. Fear
millteanach a bhí i gCeallaigh Mhór. Bhí sé fiche cloch
mheádhchoin, agus chan bog feolmhar a bhí sé ach lom
cruaidh cnámhach. Agus ní rabh Micheál Ruadh ariamh
os cionn thrí gcloch déag, ach go rabh sé daingean.
Cluinfidh tú.



“Bhí Micheál ar mhargadh Bhaile-an-teampuill fá
choinne coirce, agus ar siocair cuid mhór a bheith go
h-olc dó mar bíthear dá mhacasamhail i gcomhnuidhe,
bhíodh claidheamh ar iomchur leis nuair a bhíodh sé i bhfad
ó bhaile. Bhí sí leis an lá seo, agus ba é an áit a rabh
sí ar iomchur leis síos le na sgoróig taobh istuigh de
n-a bhríste agus sreangán a crochadh as ceann de na
cnaipí.



'Cheannuigh sé dhá-fhichead cloch choirce ar an mhargadh
agus chuir a' dá-fhichead cloch isteach i mála amháin.
Ní thiocfadh leis féin cromadh ar siocair an chlaidhimh,
agus sgairt sé amach go rabh mála coirce annseo
aige agus go dtabharfadh sé buideál uisce-beatha do'n
fhear a bhaiceóladh é. Le sin tháinig buachaill breágh
anall fad leis. "Baiceólaidh mise é," ar seisean.
"Tógaidh orm é."



“‘Chá bhaiceólann," arsa cailín óg a bhí ann. "Nó
smugachán ar bith a líonfadh sac nach mbéadh sé féin
ábalta a bhaiceáil, ba mhaith an airidh air an béal a
bhriseadh aige."



'Theann an buachaill ar a chúl.'



“‘Níl fhios agam," arsa Micheál, leis an chailín,
"cé aca is tú deirbhshiúr an fhir óig seo nó a bhean.


L. 14


Ach is cuma," ar seisean, ag tarraingt amach an
chlaidhimh. "Coinnigh seo domh-sa bomaite agus fiach-
aidh mise mé féin leis an t-sac."



'Fuair an cailín greim ar an chlaidheamh as a láimh.
Tógadh an mála ar Mhicheál, agus leag sé trasna é
ar dhruim an bheathaigh. Anall leis arais go dtí an
cailín agus bheir sé ar an chlaidheamh as a láimh. "Tá
mé buidheach duit," ar seisean. "Dá mbéadh aithne
agam ó thús ar dhuine ar bith a bhéarfadh aire do mo
chlaidheamh, ní iarrfainn ar dhuine ar bith mo shac a
bhaiceáil. Agus anois a chailín maith," ar seisean,
"Ní thiocfainn-se go Baile-an-teampaill agus sac
coirce a líonadh ann mur' mbéinn ábalta a iomchur.
Agus," ar seaisean, ‘is lugha 'ná mar sin a thiocfainn
dá mbéadh fhios agam go gcasfaidhe aon fhear orm a
dtiocfadh leis mo bhéal a bhriseadh."



'Le sin go díreach tháinig an t-ógánach mór anall
go dtí é agus bhuail bos sa t-slineán air.



“Is mór-uchtamhail do bholgam cainnte ar maidín,"
ar seisean.



'D'amharc Micheál air. "Is tú," ar seisean,
"Ceallaigh Mór Bhaile-an-teampaill?"



“‘Bheir siad an t-ainm sin orm," ars an fear eile
"An tusa Micheál Ruadh Ó Baoighill as na Rosa?"



“‘'S mé" arsa Micheál.



“‘Is maith mar thárluigh ar a chéile sinn," arsa
Ceallaigh Mór. Is fada mé ag éisteacht go bhfuil
tú a' rádh nár buaileadh ariamh thú."



“‘Maise is fíor domh," arsa Micheál.



“‘Maith go leór, a chailleach," arsa Ceallaigh Mór
"chá bhíonn sin le rád níos fuide agat. Amach leat."



'Shín Micheál an claidheamh arais ionnsair a' chailín,
fuair greim ar an bhata agus chuaidh an bheirt le chéile
i lár an aonaigh. An chead dá léab a tharraing siad
ar a chéile bhí bata achan fhir aca as láimh an fhir eile
leis. Agus an dara h-uair bhí a bhata féin le achan
fhear arais. Chruinnigh an t-aonach. Thoisigh an greadadh.


L. 15


Agus ar feadh leath-uaire ní fhuair aon fhear aca aon
bhuille ar an fhear eile. Agus rith an ama ní thug
Micheál iarraidh ar bith air nó gur leig sé do Cheallaigh
é féin a chlaoidh. Sa deireadh buailidh Micheál i gclár
an éadain é, agus reath an fhuil isteach i n-a shúile.
Ní dheárn seo ach tuilleadh mire a chur ar Cheallaigh Mhór,
agus thoisigh sé a smíochtáil leis ar theann a dhithchill
agus gan é ag coimheád goidé bhí sé a dheánamh. Shíl
sé gur cheart dó Micheál a chlaoidh le tréan urraidh.
Sa deireadh thóg sé i n-áirde a bhata a' brath a theacht
anuas ar Mhicheál i mullaigh 'n chinn. Theann Micheál
coiscéim i leath-taobh agus thuit an buille le na thaobh.
Nuair a fuair Micheál cloigeann Cheallaigh gan chosnughadh
tharraing sé an bata ó chúl a láimhe, bhuail ar fhad na
cluaise é, agus shín ar 'fhad ar a' t-sráid é. D'éirigh
sé agus ní rabh ann ach go rabh sé ar a chosa nuair a
chuir Micheál an bealach céadna é. Dar le Ceallaigh
is feárr domh breith isteach ort, agus chaith sé uaidh a
bhata. Chaith Micheál uaidh a cheann féin agus fuair
an bheirt dhá ghreim ar a chéile. Bheir Micheál thara
n-a chorp air, thug sé thart le aon rúchlaidh amháin é agus
bhuail ar shlait chúl a chinn ar a' t-sráid é.



“‘An bhfuil tú buailte anois?" ar seisean.



“‘Tá," arsa Ceallaigh.



'Le sin chruinnigh lucht an aonaigh a' brath gan a
leigin ar shiubhal as áit na mbonn go mbuailtidhe a
sháith air. Sgairt fear amháin é a mharbhadh. Cuaidh
Ceallaigh Mór i n-áirde ar thóin bairille a bhí ann.
"'Fheara," ar seisean, "éistidh liom-sa. An bhfuil
fear ar bith sásta Micheál Ruadh a throid? Má tá,
seo 'am. Ach ní rachaidh an dara fear air. Nó má
théid béidh mise annsin. Tá Micheál Ruadh annseo i
bhfad ó n-a cháirde, agus ba náireach le rádh é nach bhfuair
sé ceart fir i mBaile-an-teampaill."



'Nuair a chualthas nach bhfuigheadh cead a ghabháil air
ach aon fhear amháin ar a sheal, bhánuigh an t-aonach síos
siar. Chuaidh Ceallaigh Mór isteach 'un a thoighe féin
agus nigh sé an fhuil de féin. Thug sé isteach Micheál
Ruadh agus thug biadh agus deoch dó féin agus do n-a


L. 16


bheáthach. Agus rinne a chomóradh cúpla míle amach as
a' bhaile tráthnóna.



“Bhí sé lá eile 'gabháil go Leitirceanainn agus é a'
siubhal dhe 'chois. San am sin bhí Tadhg Ó Baoighill 'na
chomhnuidhe ar an Losaid agus ceathrar mac aige comh
breágh agus chasfaidhe duit i siubhal lae. Bhí Conall
Thaidhg gortha ar fheara maithe Íochtar na condae. Ní
rabh aithne ar bith ag Baoigheallaigh na Loisde ar Mhicheál
Ruadh cé go rabh siad a' maoidhim gaoil air agus gur
mhinic a chualaidh siad iomrádh air. Ach a' lá seo ar
scor ar bith, goidé a chuaidh ach cliobóg le Tadhg Ó
Baoighill i n-díg agus bhí Tádhg agus a cheathrar mac
thart fá'n chliobóig ag iarraidh a tarraingt nuair a
nochtas Micheál Ruadh chuca aníos an bealach-mór.
Nuair a tháinig sé go díreach os coinne na díge sheasuigh
sé a choimheád ortha.



“‘Gabh anall annseo," arsa Conall Thaidhg, "agus
cuidigh linn an beáthach a thabhairt as an abar."



“‘Ó, nar fheicidh m'anam fiadh" arsa Micheál Ruadh,
"má théighim ar a' seiseadh fear indiu a tharraingt
a' chlibistín sin." Agus sheasuigh sé san áit a rabh sé.



“‘Má bhíonn tú annsin," arsa Conall Thaidhg, "nuair
a bhéas an chliobóg amuigh againne, rachaidh tú féin sa
díg i n-a h-áit."



“‘Maise ní choróchaidh mé go mbidh sibh réidh," arsa
Micheál Ruadh. Agus sheasuigh sé san áit a rabh sé.



“‘Cuirfidh mise sa díg é i n-áit na cliobóige,"
arsa Conall Thaidhg.



“‘Tabhair a d'aire, a mhic," ars an t-athair. "Sé
'mheasaim nach bhfuil an dara fear a sheasóchadh annsin,
ó seo go h-íochtar na Rosann ach Micheál Ruadh. Agus
má's é Micheál Ruadh atá ann, is tú 'rachas ins a' díg."



“Le sin anall le Conall 'un a' bhealaigh mhóir. "An
bhfuil dochar domh ceist a chur ort c'ainm thú?" ar
seisean.



“‘Níl a dhath," ars an fear eile. "Micheál Ó
Baoighill as na Rosa mé. Micheál Ruadh a bheir siad
orm."


L. 17


'I n-áit troid a chur air, cuireadh faradh na fáilte
roimhe, agus chaith sé dhá lá agus dhá oidhche toigh Thaidhg
Uí Bhaoighill ar a' Losaoid.



'Seo dhuit do phíopa, 'Fheidhlimidh,' ars an seancaidhe
le m'athair.



'Cad chuige nar chaith tú?' arsa m'athair.



'Chaith mé 'gceart,' arsa Donnchadh. 'An gcualaidh
tú ariamh fá'n lá' bhuail sé ceannuidhe na stocaí ar an
Chlochán Liath?'



'Char chualaidh,' arsa m'athair.



'Tá,' arsa Donnchadh, 'bhí aonach ar an Chlochán Liath
fá Lughasna agus bhí ceannuidhe stocaí as baile isteach
ann. San am sin ba ghnáthach le cuid ban na Rosann
a bheith 'deánamh stocaí margaidh. Shníomhadh siad a
gcuid olna féin agus ghníodh siad stocaí de'n t-snáth
agus bheireadh siad 'na' mhargaidh iad. Ba é a rabh
de ghléas beatha ag cuid mhór aca é. Ach bhí bean as
íochtar tíre dar bh'ainm Crón, bhí sin ar an aonach agus
beairtín de stocaí íongantacha deasa léithe. Chuaidh
sí fhad leis an cheannuidhe agus thairg sí a n-díol leis.



“‘Cá mhéad?" ars an ceannuidhe.



“‘An oiread seo," arsa Crón.



'Ní dheárn an ceannuidhe a dhath ach an beairtín a
chaitheamh uaidh agus cá h-ait ar thuit sé ach isteach i
suinc lábáin a bhí ar thaobh an bhealaigh mhóir. Chuaidh
Crón anonn agus thóg sí amach na stocaí, fliuch báidhte
salach cáidheach, agus bhris an gol uirthi, nidh nach
íongnaidh, nuair a chonnaic sí saothar a bliadhna amudha
uirthi. Shiubhail sí léithe amach Cnoc-an-aonaigh a'
tarraingt ar an bhaile agus an beairtín léithe. Cé
casadh uirthi ins an phanc a' tarraingt isteach 'un
aonaigh agus a bhata i gcúl a dhuirn leis ach Micheál
Ruadh.



“‘A Chrón a thaisgidh," ar seisean, "goidé tá ort?"



“‘Tá," ar sise, "mo shaothar samhraidh amudha
orm," ag toiseacht 's ag innse dó.


L. 18


“‘Pill arais annseo," arsa Micheál Ruadh.



'Phill. Chuaidh siad 'na mbeirt suas go leath-lár
na sráide an áit a rabh an ceannuidhe, agus sgaifte
ban thart air a' díol a gcuid fóghainte leis.



“‘Goidé thug ort," arsa Micheál leis, "cuid stocaí
na mná seo 'chur ó mhargadh? Cad chuige, má ba daor
leat iad nar leig tú an bealach díthe féin agus daobhtha
féin?"



'Níor leig an ceannuidhe air féin go rabh sé ag
éisteacht leis.



“‘'Gcluin tú mé, a ghiolla thuas?" arsa Micheál.
"Tabhair luach a cuid stocaí don mhnaoi ó thárla gur
chuir tú ó mhargadh iad. Glac mo chomhairle-sa."



'Níor labhair an ceannuidhe. Theann Micheál aníos
leis. "Mur nglacaidh tú comhairle," ar seisean,
"glacfaidh tú cómhrac," a' tarraingt a' bhata 's a
bhualadh ar fhad an leicinn. Thuit an ceannuidhe ar a'
t-sráid, dearg i n-a chuid fola.



“‘An gceannóchaidh tú anois iad?" arsa Micheál.



“‘Ceannóchad" ars an ceannuidhe.



“‘Cá mhéad atá tú a iarraidh ortha?" arsa Micheál
le Crón.



“‘An oiread seo," ar sise.



“‘Cunntais anall an t-airgead chuicí" arsa Micheál.



'Chunntais.



“‘Beir ar na stocaí anois," ar seisean.



'Bheir.



“‘Anois," ar seisean, ‘sáith síos iad go tóin an
phaca i gcuideachta na codach eile.’



“‘Nach sílfeá gur chuma duit goidé dheánfainn leo
nuair a thug mé a luach ortha," ars an ceannuidhe.



“‘Tá mé 'gheall ar do chur sa chruth 's nach ndeán
tú a leithid a choidhche arís ar aonach ins na Rosa," arsa
Micheál. "Sáith síos go tóin a' phaca iad."



'Sháith.'


L. 19


'Ba deas a mhargadh comhairle a ghlacadh ar tús,'
arsa m'athair.



'Agus nar dheas mar dhubhairt Micheál é,' arsa mo
mhathair. “‘Mur' nglacaidh tú cómhairle glacfaidh
tú cómhrac.’”



'M'anam maise gur sin buaidh eile a bhí aige,' arsa
Donnchadh. 'Níor throid sé aon chath ariamh gan rud
éighinteacht a rádh fá dtaobh de a mbéadh cuimhne air
le n-a linn. Ar ndóighe an lá bhuail sé an Bulaidh
'Ac Aodh' féin, dubhairt sé gur sin "gníom fir ar a
Choitcheann.’”



'Goidé fá dtaobh de sin, a Dhonnchaidh?' arsa
m'athair.



'Tá,' arsa Donnchadh, 'bhí lá tráigh chorr thíos annseo
agus bhí sgaifte mór cruinn ann. Bhí deárbhrathair
de Mhicheál Ruadh ann agus gan é ach eadar a bheith 'na
ghasúr agus 'na stócach. Goidé a fuair sé ach bradán
istuigh ar cheann de na loicheáin agus siud 'na dhiaidh é.
Thug an Bulaidh 'Ac Aodh' as Gaoth-dobhair — bhí sé sa
tráigh — thug sin iarraidh ar an bhradán fosta. Bheir
sé air agus choinnigh sé é.



“‘Liom-sa an bradán sin," ars an gasúr …



“‘Goidé bhéarfadh gur leat-sa é?" ars an fear
eile.



'Dubhairt an gasúr gur bh'é féin a chonnaic é agus
go mbeirfeadh sé air fosta dá bhfanadh an fear eile
uaidh. "Agus," ar seisean, "tabhair domh an bradán
nó béidh daor ort."



“‘Á, mar siud 's mar seo," arsa Mac Aodh', "má
tá 'n fhear maoidhte ort a bhfuil eagla orm-sa roimhe."



'Do bhrígh de, bhí an Bulaidh 'Ac Aodh' é féin dána
go maith, a leitheid de fhocal a rádh i dtráigh Rann-na-
feirsde. Chuaidh an gasúr 'na' bhaile agus ní rabh
istuigh ach an t-sean-lánamhain. D'innis sé daobhtha
goidé a bhain de.



“‘Arú mar athchuinge ort," ars an mhathair, "ná
labhair ar sin os coinne Mhicheáil, nó ní dheánfaidh tú
ach tuilleadh bruighne a chur 'na suidhe."


L. 20


“‘Labharfaidh mé air, maise," ars an gasúr.



'Agus labhair. 'Teacht do Mhicheál d'innis an
gasúr sgéal an bhradáin dó. Níor leig Micheál air
féin tá tú ag cainnt nó níl. Níor dhubhairt sé 's maith
nó 's olc go dtáinig maidín Dia Domhnaigh, agus
ghleás sé é féin fá choinne siubhail. Shíl a mhuinntir
ar ndóighe gur go h-Aifreann Cheann-caslach a bhí sé
a' gabháil. Nuair a bhí Micheál réidh bheir sé ar a bhata
agus amach ar an doras leis. Chuaidh a mhathair amach
'na dhiaidh agus i n-áit a bheith a gabháil siar a' tarraingt
ar Cheann-caslach, bhí sé ar shiubhal soir ag Tom-na-
haitinighe a' tarraingt ar fhearrsaid Ghaoth-dobhair.
Phill sí 'un' toighe.



“‘Tá sé ar shiubhal soir ag tarraingt ar fhearrsaid
na Cloiche-duibhe," ars an mhathair.



“‘Goidé dubhairt tú?" ars an t-athair.



“‘Tá," ar sise.



“‘Tá, tá sé ar shiubhal go Gaoth-dobhair a chur troda
ar a' Bhulaidh 'Ac Aodh," ars an t-athair, "agus gheobhaidh
sé a sháith indiú 's gan aige ach é féin."



'Bhí go maith, bhain Micheál teach-a-phobail amach agus
d'éist sé an t-Aifreann. 'Teacht amach dó, sheasuigh sé
taobh amuigh de dhoras theach-a-phobail. Ní rabh aithne ar
bith aige ar an Bhulaidh. Ar seisean le fear a bhí ann,
"Tá fear sa phobal seo ar mhaith liom labhairt leis
agus níl aithne agam air."



“‘C'ainm é,’ ars an fear eile.



“‘Maise," arsa Micheál, "níl fhios agam cad is
ainm baiste dó. De Chloinn 'Ic Aodh' é. Bulaidh.
'Ac Aodh' a bheir siad mar leas-ainm air."



“‘Sin a dtugtar de ainm air annseo," ars an
fear eile, "agus," ar seisean, a' síneadh a mhéir ionns
air, "sin thall é."



“‘Tá mé buidheach duit," arsa Micheál agus choinnigh
sé a shúil ar an Bhulaidh gur imthigh sé a' tarraingt ar
an bhaile. 'Gabháil suas a' mhalaidh dó taobh thoir de
theach-a-phobail, tháinig Micheál aníos fhad leis, tharraing


L. 21


a' bata air agus rinne ceirthlín de i lár a' bhealaigh
mhóir. "Sin," ar seisean, "gníomh fir ar a Choitcheann:
Bulaidh 'Ac Aodh 'na bhloc.’



'A dheárbhrathair a bhfuil m'anam ionnat, shín na
scaiteacha síos an mhalaidh, Micheál a' teicheadh agus
leath a' phobail 'na dhiaidh. Ní rabh droichead ar bith
an uair sin ar an abhainn atá faoi theach-a-phobail.
Nuair a tháinig Micheál go bruach na h-abhanna chuaidh
sé de léim trasna agus as go bráthach leis.



'Ba mhór-uchtamhail an gníomh é i bpobal choimhthigheach,'
arsa m'athair.



'A dhuine,' arsa Donnchadh, 'mur' dtéigheadh siad a
chaitheamh cloch air, ní bhfuigheadh oiread aca go dtí é
agus dheánfadh dochar dó. Tháinig cúigear fear air
agus bataí leo lá amháin thall annsin ar a' Tráigh
Bháin, agus bhuail sé an cúigear i gcuideachta a chéile.
'S cosamhail gur bhuail Micheál a n-athair i mbruighin
éighinteacht a d'éirigh fá aonach a Chlocháin Léith bliadhain
roimh sin agus bhí na fir óga fá n-a choinne. Clann
Shéarluis 'Ic Murachaidh as a Braghaid atá mé rádh.
Ach an lá seo chonnaic siad a' teacht aniar an tráigh é
agus gan leis ach é féin, agus amach roimhe leis an
chúigir a' brath a sháith a bhualadh air. Nuair a tháinig
siad fá fhad cainnte dó chuir siad troid air.



'D'amharc Micheál ortha. "Cinnte, a fheara breághtha
muinteardha," ar seisean — bhí a mathair agus é féin
gaolmhar — "chan cúigear agaibh a rachadh a chur troda
ar sheanduine mar mise, i n-deireadh mo shaoghail 's
mo laethe feasta 'choidhche?"



'Dubhairt siad-san gur bhuail sé a n-athair agus
go mbéadh cúitiughadh aca. Agus thug siad iarraidh
air. Thoisigh an troid. Níor bh'fhada go rabh an cúigear
'na luighe ar a' tráigh ag Micheál agus nuair a bhéarfadh
fear aca iarraidh éirghe i gcomhnuidhe bhuailfeadh Micheál
smitín den bhata air, nó gur bhuail sé leithead a
gcraicinn ar an iomlán aca. Níor bh'fhada go dtáinig
fear aca un a' toighe agus é dearg i n-a chuid fola.



“‘Goidé tháinig ort a rún," ars an t-athair.


L. 22


“‘Micheál Ruadh," ar seisean, "a bhuail mé."



“‘Bhail, a mhic,’ ars an t-athair, "chan locht sin ort,
nó 'siomdha fear a b'fheárr 'ná thú a bhuail Micheál
Ruadh."



'Le sin tháinig an dara mac isteach buailte.



“‘An é Micheál Ruadh a bhuail thusa fosta?" ars
an seanduine.



“‘'Sé," ars an mac.



“‘Tchím go bhfuil sracadh go fóill ann," ars an
t-athair.



'Le sin tháinig an triúr eile isteach agus iad millte
geárrtha. D'amharc an t-athair ortha. "An é Micheál
Ruadh," ar seisean, "a bhuail uilig sibh?"



'Dubhairt siad-san gur bh'é.



“‘Á mur n'anam ná rabh ag an diabhal," ars an
t-athair, "dhiúil sibh an chíoch lochtach. D'imir sibh dáimh
gaoil leis agus níor imir seisean dáimh ar bith libh-se."



“‘Ó, 'athair," arsa fear aca, "chan a gheall ar
dáimh a imirt leis a chuamar a bhaint éiric as. Ach
bhuailfeadh sé ar n-oiread eile. Bhí a chloigeann comh
cumhduighthe aige 's dá mbíodh sí istuigh faoi bhéal pota.
Dheamhan buille a gheobhamuis air is bímis a' gabháil
dó go maidín.’”



'Ba mhillteanach an gníomh é,' arsa m'athair, 'a rádh
's de gur bhuail fear amháin ar bith cúigear.'



'Maise,' arsa Donnchadh, 'rinne sé gníomh a b'éifeachtaighe
'ná sin lá amháin ar a' Chlochán Liath. Ba é an rud a
thóg é, tórramh a bhí lá amháin i dTeampall-cróna.
B'ann a chuirtidhe muinntir a' dá phobal san am. Ní
rabh roilig ar bith i gCeann-caslach nó 'n cheann ar a'
Chlochán Liath ach oiread. Bhí sgaifte mór fear ar an
tórramh. Níl fhios agam anois leisg bréag a dheánamh
cé bhíthear a chur. Ach ar scor a' bith bhí cloch sa bhallóig
a bhíodh ag coinneáil uisce choisrioctha nuair a bhí an
teampall i n-úsáid, agus bhíodh cuid mhór de na fir
ag iarraidh a tógáil ach is beag fear a dtiocfadh
leis a corughadh ó'n talamh. Bhí na fir cruinn thart


L. 23


ar a' chloich an lá seo, cuid a bheir uirthi agus leig
amach arís í agus cuid eile a thóg órlach ó thalamh í.
Bhí fear amháin as taobh amuigh de shliabh ann, de dhiúlach
mhór alpardha. Fuair seisean greim uirthi agus thóg
sé aníos go dtí n-a dhá ghlún í.



“‘Sin," ar seisean, "dubhshlán aon fhir ar tógadh
ariamh i n-Íochtar-tíre."



'Cé bhí ag éisteacht leis ach Micheál Ruadh.' Chuaidh
sé anonn go dtí an chloch. "Seasaidh 'mach," ar seisean,
ag breith ar an chloich. Bhí fuinneóg ann a rachadh a
h-íochtar go dtí an brollach ar fhear. Fuair Micheál
Ruadh greim ar an chloich, thóg ó'n talamh le 'n rúchladh
amháin í, agus d'fhág 'na suidhe i n-áirde san fhuinneóig
í. "Sin," ar seisean, "dubhshlán aon spailpín dár
ól bainne-cíoch fá shléibhte ariamh."



"Chruinnigh na fir thart air. Ghoill an focal ortha.
Ach amach le Micheál ar an réidhteach agus d'iarr sé
ar fhear ar bith dár mhian leis a theacht amach leis. Ní
rachadh fear ar bith leis.



'Nuair a chuaidh bunadh na sléibhteach 'na' bhaile
agus d'innis siad goidé mar bhí, bhí mí-shásadh mór
leis a' chainnt a dubhairt Micheál Ruadh i dTeampall
Cróna. Dubhairt fear amháin an chéad lá aonaigh a
thiocfadh sé 'na' Chlocháin Léith gur cheart asnacha
tinne a fhágáil aige. Dubhairt duine eile nar bh'fhurast
sin a dheánamh leis an fhear a chur an chloch úd i n-áirde
san fhuinneóig. Dubhairt an tríomhadh fear mur
mbuaileadh beirt é go mbuailfeadh triúr é. Ba é
an deireadh a bhí ar an sgéal go deárnadh amach seachtar
de na fir a b'fheárr sna sléibhte a ghabháil 'na' Chlocháin
Léith an t-aonach sin a bhí chuca agus dá mbéadh Micheál
Ruadh annsin leithead a chraicinn a bhualadh air.



'Bhíodh Micheál ar achan aonach. Tháinig maidín an
lae. Fuair Micheál greim ar a bhata agus shiubhail
leis. Bhí muinntir na sléibhteach istuigh go luath agus
iad 'na seasamh ar bhruach na h-abhanna an taobh seo i
bhfos — ní rabh droichead ar bith ar abhainn an Chlocháin
Léith san am — agus a gcuid bataí leo fá choinne


L. 24


toiseacht ar Mhicheál nuair a thiocfadh sé 'un tosaigh.
Chonnaic lucht an aonaigh an seachtar fear ag spais-
deóracht aniar agus siar a chois na h-abhanna agus a
gcuid bataí leo, agus iad ag amharc soir anois agus
arís mar bhéadh siad ag feitheamh le duine nó daoine
éighinteacht a theacht anoir.



'Chuaidh an sgéala amach fríd an aonach gur le Micheál
Ruadh a bhíthear a' feitheamh. Agus cé bhí ar an aonach
ach Crón, a rabh beairtín na stocaí léithe an lá bhuail
Micheál an ceannuidhe. Dia, chualaidh sise gur le
Micheál a bhíthear ag fanacht. Siud síos í agus trasna
an clochán, fiacháil a gcasfaidhe Micheál uirthí, go
n-innseadh sí dó goidé bhí fá n-a choinne dá dtéigheadh
sé isteach 'un 'aonaigh. Casadh uirthí ag Páirc-na-
dtomóg-árd é, a bhata faoi n'asgaill, agus cuaifín
ceoil thuas aige.



“‘Dia duit a Chrón,’ ar seisean. ‘An bhfuil
ceannuidhe eile le bualadh indiu agam?"



“‘Níl," ar sise, "ach tháinig mé in d'arraicis go
n-iarrainn ort pilleadh 'na' bhaile. Tá seachtar fear,
agus seacht mbata aca, ar a' Chlochán Liath ag fanacht
le tú 'ghabháil isteach go mbuailidh siad thú."



“‘Rachaidh mé giota eile go bhfeicidh mé iad," arsa
Micheál Ruadh.



“‘A rún," arsa Crón, "seachnuigheann súil nidh
nach bhfeiceann. I n-ainm Dé, pill 'na' bhaile."



“‘Tá do theachtaireacht-sa deánta," arsa Micheál,
"agus tá mise íongantach buidheach duit. Ach rachaidh
mé giota beag eile."



'Shiubhail leis. Nuair a d'áirdigh sé Cnoc-an-
aonaigh chonnaic sé na fir thíos ag an abhainn mar d'innis
Crón dó. Síos leis go rabh sé ag n-a dtaobh. Dhroid
beirt aca anall leis gan focal a labhairt agus thug
iarraidh bhuailte air. I bhfaiteadh na súl bhí an bheirt
'na luighe aige le dhá bhuille. Nuair a chonnaic an
chuid eile goidé comh h-achmuir agus buaileadh an
bheirt a chuaidh 'un spáirne leis, sgánruigh achan fhear
go mbéadh sé féin a gheall leis. Agus goidé rinne


L. 25


siad ach iarraidh a thabhairt teicheadh trasna na h-abhanna.
Nuair a fuair Micheál ag gabháil anonn roimhe an
clochán iad lean sé iad, agus bhuail sé fear i ndiaidh
an fhir eile aca i gcúl a' chinn gur fhág sé 'na luighe san
abhainn iad agus gur shiubhal trasna ortha de chosa
trioma.'



'Tionntóigh thart, a Dhonnchaidh go n-ithidh tú preáta'
arsa mo mhathair ag teacht chuige le gogán bainne
ramhair.



Ní dheárn mé ach siubhal ó bhí mé 'g ithe,' arsa
Donnchadh.



'Seo seo,' arsa m'athair, 'ith greim a chuideóchas
leat go h-am-luighe.'



Shuidh Donnchadh agus m'athair isteach ag an tábla
agus sinne agus mo mhathair thart fa bhaisgaid a chois
na teineadh.



''S maith tirim na preátaí atá agat, 'Fheidhlimidh,'
ar seisean.



'Tá,' arsa m'athair, 'sin rudaí a d'fhás ar thalamh
gainimh.'



''S ar a' ghainimh féin a bhéadh na preátaí maithe,'
arsa Donnchadh. 'Nois d'íosfá do sháith aca sin tur
tirim, chan ionann sin agus na preátaí uisceamhla a
fhásas ar chadharán bhárr a' bhaile. Goidé an cineál
preátaí iad, 'Fheidhlimidh?”



“Tá, Scoits Dhearga,” arsa m'athair.



'Shíl mé gur bh'fhada reaithte as cineál iad,' arsa
Donnchadh, 'nó is maith an tamall ó tháinig siad 'na
tíre.'



'Creidim gur maith, a Dhonnchaidh.'



'Is maith leoga. Grásta ó Dhia ar na mairbh, Micheál
Anna Móire a thug anall as Teach-a'-mhadaidh-dhuibh
iad bliadhain an fhóghmhair mhaith. Goidé mar chuaidh
agat-sa a gcoinneáil i gcineál an fad seo?”



'Tá,' arsa m'athair, 'áthruighim iad 'ach dara bhliadhain
eadar an gainimh agus an dumasach.'


L. 26


'Go mbuanaidh Dia fairrsingeach bidh agaibh,' arsa
Donnchadh, nuair a bhí a chuid deánta.



“Amén agus d'achan dhuine 'á n-iarrfaidh dúinn é,'
arsa mo mhathair.



'Seo dhuit agus dearg é seo,' arsa m'athair ag
síneadh a phíopa chuig Donnchadh.



Támuid bruithte ag gabháil dó,' arsa Donnchadh.



'Seo, dearg é. 'Sé a bhfuil de chineál againn é le
deánamh ar an té a thiocfas 'un 'toighe.'



Bheir Donnchadh ar an phíopa. Thóg sé aibhleóg as
an teinidh agus chuir sé cupla séideóg uirthí.



'An gcuala tú ariamh,' ar seisean, ag fágáil síos
an mhaide, iomrádh ar an lá a chuir sé troid ar Mhósaí
Mhac a Tóighir thíos annseo ar an árd os cionn Loch a'
Chairn-bhuidhe?'



'Tá mar bhéadh mear-chuimhne agam go gcualaidh
mé na seandaoiní a' cainnt ar an lá sin,' arsa m'athair.
'Ach tá dearmad deánta agam de.'



'Tá,' arsa Donnchadh, nuair a bhí an píopa dearg
aige, 'bhí beiric shaighdiúir thíos annseo ar a' Phoinnte
aon uair amháin. Sin an teach go fóill an áit a bhfuil
an sgoil ag na h-Albhanaigh anois. Bhí bealach-mór
dá dheánamh ar an Phoinnte san am agus sgaifte mór
fear ag obair air, agus ba é an díolaidheacht a gheibheadh
siad cloch mhine buidhe sa t-seachtmhain. Cineál de
oifigeach saighdiúir a bhí i Mósaí Mhac a' Tóighir seo,
agus ba é a bhí ag amharc os cionn an bhealaigh-mhór.
Bhí fear beag as Mullach-dubh, — agus Albanach a bhí
ann, a tháinig 'na tíre tamall roimh sin — bhí sin ag
obair ar a' bhealach-mhór, agus cé bith a rinne sé as
casán bhuail Mósaí ciac air. "Bhuail tú mise," ars
an t-Albanach, "cionn's gur Albanach mé. Agus is
dona an dáimh duit é 'imirt le fear de do chineál
féin. Ach ní leigfeadh an eagla duit fear de na Gaedhil
a bhualadh nó bhéadh fhios agat go mbainfidhe éirich asat."



“‘Á, dheamhan fear sna Rosa, 'na Ghaedheal nó 'na
Ghall é,’ arsa Mósaí, "nach mbuailfinn-se."


L. 27


'Níor labhair aon dhuine. Cé bhí ag gabháil thart
agus chonnaic an t-iomlán ach Mánus Mór Ó Cuireáin
as an Dún-mhór. Foladóir a bhí ann mar Mhánus
agus ba é an siubhail a bhí faoi ag tarraingt go Loch-
an-Iubhair go sgaoileadh sé cuisle ag Donnchadh Óg a
bhí 'na luighe 'n-aicid na sgamhán. Bhí Mánus é féin
ainmnighthe i measg na bhfear maith, ach 'na dhiaidh sin
ní rabh uchtach aige troid a chur ar Mhósaí. Ar a theacht
isteach thuas toighe Dhonnchaidh Óig i Loch-an-Iubhair dó,
cé bhí istuigh ach Micheál Ruadh ag amharc ar an fhear
a bhí 'na luighe. D'innis Mánus an méid a chonnaic
sé agus a chualaidh sé.



“‘Is maith dó féin nach Gaedheal a bhuail sé," arsa
Mánus. "Nó dá mba é, chuirfinn-sé troid air."



“‘Agus damnughadh nar thigidh ar an phéist cháidhigh,"
arsa Micheál Ruadh, "nar mhór an croidhe dó créatúr
lag a bhualadh cionn's gur bh'Albanach é agus gur mheas
sé nach rabh aon dhuine le cúitiughadh a bhaint as. Cé
uilig a bhí ann?" ar seisean.



'D'ainmnigh Mánus na fir mhaithe uilig agus níor
labhair sé ar dhearbhrathair de Mhicheál Ruadh a bhí ann.
Ghoill seo ar Mhicheál.



“‘An rabh Eoghan 's againne annsin?’ ar seisean.



“‘Bhí sé annsiud comh maith le fear," arsa Mánus
"agus má bhí féin níor labhair sé."



“‘Dia, dona é," arsa Micheál Ruadh.



“‘B'fhéidir," arsa Mánus, "dá mbeitheá thusa
annsin fosta go leigfeá thara do chluais an sgéal.



“‘Á, bheirim do chorp don diabhal," arsa Micheál.
"Goidé an fáth a n-abórthá go mbéadh eagla orm-sa
roimh aon fhear sa dá phobal? Dá mbínn-sé annsin, a
Mhánuis," ar seisean, "chuirfinn troid ar Mhósaí
Mhac a Toighir agus bhuailfinn é féin agus tusa 'na
dhiaidh — as do chuid cainnte."



“‘I n-onóir Dé leat, a Mhicheáil," arsa bean a toighe,
"agus ná cuir an fear fríd a chéile agus é 'gabháil a
bhaint amach fola."


L. 28


'Ní dheárn Micheál ach breith ar a bhata agus a ghabháil
a léim amach ar a' doras. Bhí a ghearrán diallaide
taobh amuigh den teach. Chuaidh sé 'léim ar a dhruim
agus d'imthigh leis ar steallaigh cosa i n-áirde, agus
níor stad go dtáinig sé 'na Chairn-bhuidhe tráthnóna,
tamall beag sul ar stad na h-oibridheannaí a bhí ag
deánamh an bhealaigh-mhóir. Tháinig sé anuas de'n
ghearrán, cheangail do chloich é, agus chuir troid ar
Mhósaí Mhac a Tóighir. Agus rachadh Mósaí leis ceart
go leor, ach nuair a chonnaic a bhean cé bhí ann, chuir sí
a dá láimh thar n-a chorp agus ní leigfeadh sí amach é.



“‘Leig amach mé, a bhean," ar seisean.



“‘Chá leigim," ar sise. "Mairbhfidh an fear sin
thú má théid tú leis.



“‘Chá mharbhann," arsa Mósaí. "Leig amach mé."



“‘Mairbhfidh" ar sise. "Is cuimhneach liom-sa an
lá a thóg m'athair an gárradh mór sin thiar." (Nighean
de Ghán a bhí inntí-se). "Bhí oiread fear cruinn ann
agus nach bhfuair achan fhear ach dhá ghloine as ceig
dheich ngalún uisce-bheatha. Agus ní rabh fear ar bith
ann a bhí leath ion-churtha leis an fhear sin. Mairbhfidh
sé thú gan bhréig má théid tú leis."



'Bhuail eagla Mósaí agus ní rachadh sé amach. Bhí
oifigeach beag eile ann, de dhiúlach bheag éadhtrom
éidhtreórach, agus steall seisean ar mire cionn's nach
rachadh Mósaí amach le Micheál Ruadh. Tháinig sé féin
anuas go dtí Micheál agus fuair greim ar a bhata,
a' brath a tharraingt as a láimh.



“‘Leig amach mo bhata agus ná bíodh fiachadh orm
do ghortughadh," arsa Micheál Ruadh.



'Ní leigfeadh.



“‘Nanach gcualaidh tú ariamh," arsa Micheál Ruadh, "gur
minic a loit beáthach állta beáthach uasal. Leig amach
an bata."



'Ní leigfeadh.



'Le sin, chas Micheál an bata amach as a lámha. "Dá
mb'fhiú liom a dheánamh, a mhárla bhradaigh," ar seisean,


L. 29


"rannfainn do cheithre cnámha ar a chéile. Nó dheamhan
fear ó Innis Eoghain 'na gCeall nach mbuailfinn-se
ach Seán Anna.’”



'Agus, a Dhonnchaidh, cé'r bhé Seán Anna?' arsa
m'athair.



'Tá,' arsa Donnchadh, 'diúlach a bhí thiar annseo i
Mullach-dearg a bhí i n'am féin ar an fhear a bfheárr
sna trí phobal. Ach bhí sé anois i gcionn a cheithre
sgór agus corradh bliadhantach, agus é ag tuitim ar a
bhata. Agus an Domhnach 'na dhiaidh sin nuair a bhí sé
ag teacht aniar 'na' bhaile ó Aifreann Cheann-caslach,
amach roimhe le Seán Anna agus thug cuireadh 'un'
toighe dó. Bhí cárta uisce-bheatha aige fá n-a choinne.
"A Mhicheáil Ruaidh," ar seisean, "chuir sé bród agus
luthgháir orm gur thóg tú as measg na bhfear mé sul
ar chuir tú troid ortha."



“‘Bhí tú lá de do laethe agus chaithfinn do thógáil
asta,’ arsa Micheál, "agus bhéadh sé mór agam sin a
shéanadh anois cionn's tú a bheith aosta.’”



'Dheamhan gur dheas an rud dó a ghabáil i leith an
Albanaigh' arsa mo mhathair.



'Ó, ba chuma goidé rud é,' arsa Donnchadh, 'ach
Micheál a shílstin go rabhthar a' suidhe i n-a bhun agus
gan a chosnughadh féin ann. Rachadh sé i leith an fhir
nach bhfacaidh sé ariamh a roimhe ach é a shílstin go rabhthar
a' deánamh éagcóra air. Agus rachadh sé i n-éadan
Shagart na paroiste ach é 'mheas go rabh an sagart
sa chearr. Throideadh sé féin agus na sagairt cuid
mhór, agus cé bith ba chiall daobhtha, bhí siad uilig go
maith dó, fríd a' t-súithche.



'Bhí sagart sa phobal seo aon uair amháin a dtugadh
siad an Sagart Ruadh air. Fear dána dolba a bhí
ann ar mhaith leis a chómhairle féin a fhághail. An Cháisc
i ndiaidh é theacht 'na phobail bhí sé ar éisteacht i Rann-
na-feirsde. Thuas annseo toigh Eoghain Uí Bhaoighill
a bhí na Stations, agus ins an am sin ní bhíodh éisteacht
ach dhá uair sa bhliadhain ann, agus an lá seo bhí sgaifte
mór cruinn toigh Eoghain Uí Bhaoighill. Bhí siad
ann, aosta agus óg, agus cé bé nach rabh ann bhí Micheál
Ruadh ann.


L. 30


'Bhí an Sagart Ruadh 'na shuidhe sa t-seomra ag
éisteacht, agus bhí sgaifte thart fá'n doras ag brúghadh
a chéile ag iarraidh a ghabháil suas. Bhí sgaifte taois
óig ann agus bhí sean mhná aosta ciorthamacha ann
agus cuid aca costárnocht. Dá bhrigh de, ní rabh bróga
comh fairrsing an uair sin agus tá siad anois. Ach
bhí cuid de'n taos óg ag brughadh agus ag baint na
gcos de na sean-mhná, agus é 'na chuid chuideachta
aca. Bhí Micheál Ruadh ag breathnughadh an iomláin
agus é ag glacadh na feirge de réir a chéile. Sa
deireadh ar seisean leo go suaimhneach, "nar chóir
go mbéadh truaighe agaibh do na seandaoiní bochta
agus gan lámh chruaidh a choinneáil leo."



'Ach ní rabh gar a bheith leo. Sa deireadh bhléasc
Micheál ortha. "Go dtógaidh an dubh-dhiabhal leis
sibh," ar seisean, "ó's aige a bhéas sibh ar scor ar bith.
Cuirim damnughadh ar mur n-asnacha, a bhaicle mhalluighthe,
an síleann sibh chugaibh féin go mbéadh sibh a' tabhairt
a leitheid de íde do shean daoiní bochta deileóire.
Níl fhios agaibh cé bhéas ag coinneáil lámh chruaidh libh
féin i ndeireadh mur saoghail. Sgrios ó'n Righ oraibh,
seasuigidh amach ó dhoras an t-seomra agus réidhtigidh
an casán do na seandaoiní, nó nar fheicidh m'anam
ach Dia go mbéinn a' damhsa in mur gcuid fola."



'A dhearbhrathair a bhfuil m'anam ionnat, anuas
thar dhoras an t-seomra leis an tSagart Ruadh," agus
bata buidhe i n-a láimh leis. Ní rabh aithne nó eolas
aige ar Mhicheál. "Cé 'gheobhadh 'e chroidhe," ar seisean,
"toiseacht a mhallachtaigh agus a thabhairt mionna mór
lá ar cheart d'achan dhuine a bheith 'deánamh aithreachais
ins an méid den obair sin atá deánta aige le bliadhain?
Tusa a bhí ar obair?" ar seisean le Micheál, nó
chonnaic sé achan dhuine ag amharc air.



“‘S mé go díreach, a Shagairt," arsa Micheál, agus
thoisigh sé brath an sgéal a innse do'n t-sagart. Ach
bhí an sagart tógtha sa chloiginn dar mhéad 's bhí de
fheirg air agus ní leigfeadh sé aon fhocal amach ar a
bhéal. "Bí 'do thost," ar seisean. Ná labhair a'
dara focal."


L. 31


“‘Labhairfead," arsa Micheál.



“‘Nar dhubhairt mise nach labhairfeá," ars an sagart.



“‘Dubhairt mise go labhairfinn" arsa Micheál.



“Le sin thug an sagart iarraidh de'n bhata air. Chuir
Micheál a lámh i n-áirde i n-éadan an bhuille.



“‘Éistigidh liom-sa, a Shagairt, bomaite beag,"
ar seisean. ‘Ní thógfaidh mé lámh libh má bhíonn sibh
gan mo bhualadh. Ach dar a' bata tá in mo láimh, an
chead deor de mo chuid fola a tharrónaidh sibh, buailfidh mé
oiread oraibh agus nar bhuail mé ar a'n fhear ariamh.
Nó sin rud nach deárn mise agus nach ndeánaim, mo
chuid fola a leigin le fear ar bith, bíodh sé 'na shagart
nó 'na thuata."



'Thionntóigh an sagart suas un' t-seomra arís agus
shuidh sé a dh'éisteacht. Shiubhail Micheál amach ar an
doras agus bhain sé an baile amach. Nuair a bhí deireadh
éistighthe chuir an sagart ceist cá rabh an fear mire a
bhí annsin ar ball. H-innseadh dó gur imthigh sé 'na
bhaile. "Gabhadh duine agaibh fá n-a choinne," ar
seisean, "agus abradh sé leis a theacht annseo go bhfuil
gnoithe agam-sa leis."



'Chuaidh. Tháinig Micheál arais go teach an éistidh.



“‘Gaibhtse agus deán d'fhaoiside," ars an sagart.



“‘Ní thig liom indiú," arsa Micheál. "Tá mé ró
thógtha san inchinn."



“‘Seo," ars an sagart, "deán d'fhaoiside."



“‘Ní thig liom, a shagairt," ar seisean, "faoiside ar
bith a dheánamh go síothluighidh mé. Rachaidh mé go
Mín-na-leice i mbárach" ar seisean.



“‘Maith go leor" ars an sagart. "Ach anois,"
nar chóir, gur chuma goidé an fhearg a chuirfidhe ort,
nach dtoiseóchthá a thabhairt mionna mór. Nach ag
urnaighe ba cheart duit a bheith agus chan a' tabhairt
mionna mór."



“‘'S doiligh domh m'urnaighe a rádh," arsa Micheál
Ruadh, "nuair a tchím an dream a chaitheas leath a saoghail
ag urnaighe, agus gan creideamh nó Críostamhlacht


L. 32


ionnta. Tá siad annsin ó mhaidín indiu agus a gcuid
conórach Muire aca, agus a Shagairt, ghoidfeadh siad
an chras o'n asail. Agus anois nanach síleann sibh-se
a Shagairt, go mb'fheárr gan an t-olc a dheánamh 'ná
bheith ag iarraidh bheith dá léigheas le h-urnaighe?"



'Ach ar scor ar bith, níor fhág Micheál an teach go
deachaidh sé 'un faoiside. Agus ní rabh aon charaid
ag an t-sagart ní b'sheárr 'ná Micheál Ruadh go dtí
an lá a d'fhág sé na Rosa, mar sagart.



'Bhail, throid sé féin agus an Sagart 'Ac Searraigh
'na diaidh sin. Agus ba fá gnoithe ofhrála a d'éirigh
an troid. Fuair fear as an bhaile seo bás agus
d'fhág sé bean agus muirín lag pháistí 'na dhiaidh. Ba
é Micheál Ruadh a thóg an ofhráil, agus rinne sé amach
gur mhó 'thruaighe an bhaintreabhach 'ná an sagart agus
thug sé díthe í. Chualaidh an sagart goidé mar bhí agus
tháinig sé fhad le Micheál. Ní thug Micheál sásadh ar
bith dó agus b'éigean dó a fhágáil mar fuair sé é.
Tamall 'na dhiaidh sin bhí sé ag gabháil go Leitirceanainn
mar Mhicheál agus cé casadh air ach an sagart.



“‘Cá bhfuil tú 'gabhail?’ ar seisean.



'D'innis Micheál dó.



“‘An dtabharfaidh tú galún fíona chugam?" ars
an sagart.



“‘Bhéarfad" arsa Micheál.



'Ní thug an sagart airgead ar bith dó. D'imthigh
Micheál leis, cheannuigh sé an fíon agus thug chuig an
t-sagart é. Ní thug an sagart aon phíghinn dó.
Bliadhain o'n am sin, bhí sé 'gabháil go Leitirceanainn
arais agus casadh an sagart air.



“‘An dtabharfaidh tú galún fíona chugam?" ars
an sagart.



“‘Bhéarfad" arsa Micheál.



'Nuair a tháinig sé agus an fíon leis thug an sagart
luach an dá ghalún dó.



'Ní rabh sé ach ag cur fiachála air,' arsa m'athair.


L. 33


''Dhath amháin,' arsa Donnchadh. 'Agus nuair a
chonnaic sé nach dtug Micheál meas rógaire air, bhí sé
go maith dó ariamh 'na dhiaidh.'



'Seo dhuit do phíopa, 'Fheidhlimidh.'



'Caith,' arsa m'athair.



'Chaith mé 'gceart,' arsa Donnchadh.



'Bhí sé lá eile i mBealach-Seanaigh, mar Mhicheál, a
rabh sé i n-áit a chartuighthe. Bhí fear as a' bhaile seo,
ógánach dár bh'ainm Eoghan Mór Ó Braonán, bhí sin
'na chomhnuidhe thiar i mBealach-Seanaigh. Agus bhí
sgaifte de mhuinntir a' bhaile seo a' teacht aniar fríd
a' bhaile lá amháin ar a mbealach as Sligeach agus málaí
olna leo. Bhí Micheál Ruadh ann cé bé nach rabh ann.
Nuair a bhí siad a' teacht aniar sráid Bhealach-Seanaigh,
arsa Micheál, ar seisean, ‘tá sé náireach againn a
ghabháil thart gan gloine a thabhairt do Eoghan Mhór agus
é as an áit linn féin."



“‘Nach eisean a ba chóir deoch a thabhairt dúinne,"
arsa fear eile.



“‘B'fhéidir gur furas dó é," arsa Micheál. "Coinnigh-
eadh fear agaibh greim sréin ar mo bheáthach agus béidh
mé soir 'mur ndiaidh."



'Chuaidh Micheál fad le Eoghan Mór, thug isteach
i dteach ólacháin é agus sgairt ar phionnta uisce-bheatha.
Ní rabh air ach sgilling san am.



“‘Bhail anois," arsa Eoghan Mór, "tá sáith ceathraire
annseo. Agus tá beirt de bhuachaillí óga leigthe
gasta ar an bhaile seo agus tá siad iongantach mór
liom-sa. Rachaidh mé fá n-a gcoinne go gcuidighidh
siad linn seo 'ól," ar seisean. "Agus ní dheánfaidh
sé dochar ar bith duit aithne a chur ortha. Nó," ar
seisean, "bíonn do shiubhal achan áit agus dá mba
ndán 's go dtiocfadh bruighin ar bith ort a choidhche ar
an bhaile seo, b'fheárr duit a gcabhair 'ná a gcealg."



“‘Maith go leor," arsa Micheál.



'Chuaidh Eoghan fá choinne na beirte agus h-óladh
an t-uisce-beatha. D'imthigh Micheál 'na bhaile. D'innis


L. 34


sé do na fir goidé mar thárluigh. Bhí go maith go dtí
dornán bliadhantach 'na dhiaidh seo agus goidé tháinig ach
ganntanas mór bidh ins na Rosa. Agus d'imthigh
Micheál Ruadh agus sgaifte de mhuinntir Rann-na-
feirsde agus a gcuid beáthach leo go Bealach-Seanaigh
fá choinne lódaí coirce. Bhí cuid de mhuinntir an
bhaile nach rabh sásta an coirce a leigin ar shiubhal, ach
níor labhair siad ariamh go rabh a gcuid lódaí thuas ag
muinntir na Rosann agus iad ag imtheacht. Agus
annsin lean sgaifte de na smugacháin sin a bíos fá
na bailte móra, lean sin iad, a' brath bail na madadh
a thabhairt ortha. Bhí fear amháin ann, de dhiúlach
bhratógach bhrocach agus cuma air go rabh a sháith amach
de'n díth-múineadh ann. Aníos leis fhad le beáthach
Mhicheáil, cuiridh sé a ghualainn le sac a' choirce agus
caithidh sé go talamh é.



“‘Is dona do thallann," arsa Micheál, "a leithid
sin a dheánamh ar fhear atá leis féin ar a' bhaile seo."



'Tógadh an mála agus shiubhail siad leo giota eile.
Tháinig an fear brocach agus chuir sé a ghualainn leis
a' t-sac agus leag sé an dara h-uair é. "Sin anois
dhá uair a leag tú é,’ arsa Micheál. "Ná bain feasta
de."



'Tógadh an mála an dara h-uair agus ní rabh ann
ach go rabh sé thuas ar dóigh nuair a chuir an fear brocach
anuas arais é. Le sin tharraing Micheál an bata ar
fhad bhun na cluaise air agus d'fhág 'na luighe i n-a
chuid fola ar a' t-sráid é. A dhearbhrathair a bhfuil
m'anam ionnat, sin an áit a rabh siad san fhaopach.
Chruinnigh an baile thart ortha. Dhroid Micheál anonn
le balla a bhí ann agus an chuid eile de chuid fear na
Rosann le n-a thaobh. Smaoitigh Peadar Sheáin — bhí
sé 'na sheasamh ar ghualainn Mhicheáil — smaoitigh sé
ar Eoghan Mhór Ó Bhraonán agus sgairt sé amach sean-
árd a chinn.



“‘Sheacht mh'anam thú, a Mhicheáil Uí Bhaoighill" ar sei-
sean. "Baiceólaidh mé féin céad fear annseo indiu thú."



Le sin tháinig beirt bhuachall anall fhad leo. "Bíodh
geall," arsa fear aca le Micheál, "gur tú Baoigheallach
Eoghain Mhóir."


L. 35


“‘Tá aithne agam ar an fhear," arsa Micheál.



“‘'S tú bhí 'g ól in ar gcuideachta a leithid seo de
lá," ars an fear eile.



“‘'S mé," arsa Micheál.



“‘Dar fiadh," ar siad san, "chá dtéid aon bhuille
in mur gcraiceann indiu." Agus chruinnigh suas le fiche
fear thart ortha. Agus rinne a gcomóradh amach as a
bhaile.'



'Tháinig a ghar i gcasán Eoghain Mhóir sa deireadh,'
arsa m'athair.



'Tháinig,' arsa Donnchadh, 'de bhrigh de, is fíor
gur feárr duit an madadh go maith duit 'ná go h-olc
duit. Bhí diúlach sa tír seo fad ó shoin a dtugadh
siad Dubhall Creag air. Cineál de leath-dhuine a bhí
ann nach rabh an taobh amuigh de'n chéill aige, nó a
chosnughadh féin ann, agus bhíodh an taos óg i gcómhnuidhe
a' teacht i dtír air. Bhí siad oidhche amháin ag fidileóir
i Seascann-a-Róin agus bhí an Dubhall bocht ann agus é
i mbárr a chéille ag an taos óg. I dtratha leath am-
luighe tháinig Micheál Ruadh isteach. Chonnaic sé an
bhail a bhí ar an Dubhall aca, agus bhagair sé ortha. Bhí
an Dubhall bocht 'na shuidhe thall i gcoirneál go pislíneach
bratógach agus shílfeá nach rabh tabhairt fá dear a dhath
ann.



'Ní rabh de sin ach sin go cionn bliadhana eile, agus
bhí Micheál a' teacht ó Aonach a' Gheimhridh oidhche shneachta
agus níos mó 'ná 'n mheasardhacht ólta aige. Teacht
aniar druim Chroch-Uí-Bhaoighill dó, tháinig lagar air
agus b'éigean dó luighe síos ins a' t-sneachta. Chuaidh
an fuacht go dtí an croidhe ann agus chaill sé a mhothughadh
agus a mheabhair. Cé bhí ag gabhail thart ach Dubhall
Creag, agus tháinig sé ar Mhicheál 'na luighe sa' t-
sneachta. Reath sé an méid a bhí i n-a chnámha go dtí
an teach a ba deise dó agus d'innis sé go rabh fear
a' fághail bháis ins an t-sneachta. Tugadh Micheál fá
theach, tugadh deochannaí teo dó, agus nuair a tháinig
sé chuige féin fuair sé é féin 'na luighe ar sráideóig
a chois na teineadh agus Dubhall Creag 'na shuidhe ag
n-a chosa.'


L. 36


'Mo thruaighe, nar laghach an mhaise dó é' arsa mo
mhathair. 'Cé shílfeadh do'n chréatúr go mbéadh an
oiread sin i n-a cheann.'



'Bhí an oiread sin i n-a cheann,' arsa Donnchadh,
'agus an bhfeiceann tú an dóigh a dtáinig gar Mhicheáil
Ruaidh i n-a chasán.'



'Sin mar bíos go minic,' arsa m'athair.



'Bhail, bhí sé bliadhain eile,' arsa Donnchadh, 'a deachaidh
sé suas go Baoigheallach le lód uisce-bheatha agus
d'fhobair go mairbhfidhe é. 'Inne reatha a thug sé a
cheann leis. Lá aonaigh a chuaidh sé suas agus bhí fir
na tíre annsin roimhe agus iad dá bhfiacháil féin
tráthnóna, ag tógáil cloiche a bhí ann. Thóg Micheál
an chloch aníos go dtí n-a dhá ghlún. D'amharc fear
aca air. "An dtig leat," ar seisean, "achan rud a
dheánamh comh maith le tógáil na cloiche?"



“‘Sé mo bharamhail go dtig," arsa Micheál.



“‘Maith go leor," ars an fear eile. "Troidfidh
tú mise."



“‘Maise," arsa Micheál, "tá mé annseo liom
féin agus ní fhóireann troid domh. Ach bhéarfaidh mé
car duit."



“‘Maith go leor," ars an fear eile. Agus fuair
an bheirt dhá ghreim ar a chéile. Leag Micheál é.



D'éirigh siad agus chuaidh siad le chéile an dara h-uair.
Leag Micheál é. Le sin thug an fear eile iarraidh de
dhórn air.



“‘Nár dhubhairt mé libh," arsa Micheál, "nach rabh
troid a' fóirstin domh agus mé liom féin. Ach ó
thárla go gcaithfidh an troid a bheith ann, an bhfuil fear
ar bith annsin a rachas isteach i dteach ghlasta liom?"



'Dubhairt fear amháin a bhí ann go rachadh sé féin
Chuaidh. Droideadh an doras taobh istuigh. Agus
chuaidh fear de na fir ar gach taobh de thábhla a bhí ann.
Níor chuimhnigh Micheál ar a chasóg a bhaint de go dtí
seo. D'fhág sé síos a bhata ar an tábla agus nuair
a fuair an fear eile é a' baint a chuid lámh amach as na


L. 37


muinchillí bhuail sé le buille de'n bhatha é agus chuir
ar a ghlúine é. Léim sé anall i mullaigh an tábla
'brath gan leigin dó éirghe go mbuaileadh sé é. Chuir
Micheál suas a lámh agus fuair sé greim sgeadamáin
air. Choinnigh sé amach uaith féin é agus chuir sé an
lámh eile síos i bpóca a bhríste agus tharraing sé
aníos sgian-phóca a rabh bonn uirthi mar bhéadh casúr
ann. Bhuail sé trí bhuille gan stad air isteach i mbun
na sróna. Thuit sé sin marbh. D'éist an mhuinntir a
bhí taobh amuigh. Ní rabh smid le cluinstin aca. "Tá
an troid thart," arsa fear aca, "agus caithfidh sé go
bhfuil fear éighinteacht aca marbh, nuair nach bhfuil aon
dhuine aca a' teacht amach."



“‘Tá, agus is ag fear na Rosann a chaithfeas
an bhuaidh a bheith. Dá mbéadh sí ag ar bhfear féin
thiocfadh sé amach," arsa duine eile.



'Sgairt siad ag fiafruighe goidé mar chuaidh an
troid.



“‘Tá eagla orm go bhfuil sé seo marbh," arsa
Micheál.



'Le sin thug an mhuinntir a bhí amuigh iarraidh a brath
an doras a bhriseadh. D'fhosgail Micheál an doras
agus d'amharc sé amach. "A fheara," ar seisean
"fanaidh anois go n-innsidh mise sgéal díbh. Bhí fear
san áit s' againne aon uair amháin dar bh'ainm Muldaí
Mac Cormaic. Thuit sé amach le muinntir na h-áite
agus b'éigean dó an áit a fhágáil. Na bliadhanta 'na
dhiaidh sin tháinig sé thart i n-éideadh fir bhoicht agus
tháinig sé fhad le háit a rabh sgaifte fear ag gearradh
léimneach. Gheárr sé léim agus h-aithnigheadh é agus
leanadh é. D'fhág sé 'na dhiaidh iad uilig ach fear
amháin. Nuair nach rabh dul ag an fhear sin greim
fhághail air, tharraing sé amach piostal agus chuir sé
urchar i n-a láiric. Nuair a bhí Muldaí 'na luighe agus
an fear eile ag teacht go dtí é tharraing sé féin
amach piostal agus chuir sé sé h-urchair fríd a chroidhe.
'Thug tú do shonas ar mo dhonas, a dhuine bhoicht,' ar
seisean. 'Sé a dhálta sin agaibh-se é, a fheara," arsa


L. 38


Micheál Ruadh. "Féadann sibh mise a mharbhadh ach chá
mharbhann gan fear éighinteacht a bheith 'gheall liom.
An chead fhear a thiocfas fhad liom-sa caithfidh sé a
shonas a thabhairt ar mo dhonas."



'Dia, sgánruigh achan fhear gurab é féin a bhéadh
thíos leis, agus d'imthigh siad 's d'fhág siad é. Ach
rinne siad luigheachán roimhe, a' brath gan a leigin ar
shiubhal as an áit gan breith air ar dhóigh éighinteacht.
Le bódharánacht an lae ar maidín chuaidh Micheál ar a
bheáthach agus d'imthigh sé a' tarraingt ar a' bhaile.
Níor bh'fhada a chuaidh sé gur mhothuigh sé an tóir 'na
dhiaidh. Bhí siad a' sgairtigh leis na fir a bhí sna toighthe
ar thaobhannaí an bhealaigh-mhóir agus ag innse go rabh
fear marbh ag an fhear a bhí 'teicheadh. Le n-a linn seo
bhí an sluagh ag méadughadh agus an tóir a' teacht ní
ba ghéire ins na sála ar Mhicheál. Bhí ceathrar
deártharach a' spealadóracht i gcuibhreann míodúin
le taobh an bhealaigh-mhór. Sgairt an sluagh leo an
murdaróir a philleadh. Tháinig an ceathrar aníos agus
amach ar a' bealach-mhór roimhe agus a gcuid speal
leo. Le sin tháinig an mháthair amach as an teach. "A
chlann," ar sise, "cuirim de fhiachaibh oraibh an fear a
bhfuil an tóir 'na dhiaidh a leigin le n'olc féin." Chuaidh
na fir síos 'na' mhíodúin arais agus d'imthigh Micheál
tharstú ar steallaigh cosa 'n-áirde agus cruitheacha an
bheathaigh a' baint teineadh amach as clocha an bhealaigh-
mhóir.'



'D'imthigh sé as gábha an lá sin,' arsa m'athair.



'Féadann tú sin a rádh,' arsa Donnchadh.



''S goidé a d'éirigh don fhear a buaileadh leis an
sgin?' arsa mo mhathair.



'Fuair sé biseach,' arsa Donnchadh, 'agus chaith Micheál
agus é féin oidhche ag ól i gcuideachta a chéile tamall
'na dhiaidh seo. Bhí fiacha aige ar dhaoiní thuas i mBaoi-
gheallach de thairbhe bheith 'díol uisce-bheatha leo, agus
níor mhaith leis a ghabháil suas leis féin ar a lorg. Lá
amháin tháinig fear as Baoigheallach dar bh'ainm Macadán
Mór Ó Muighe, tháinig sin anuas 'toighe Dhonnchaidh Óig i


L. 39


Loch-an-iubhair fá choinne póitín. Cé bhí toigh Dhonnchaidh
ó oidhche ach Micheál Ruadh. Bhí siad 'na suidhe go mall
aréir roimh sin agus bhí Micheál Ruadh 'na luighe sa
t-seomra ar maidín nuair a mhothuigh sé an chainnt
choimhthigheach thíos sa chistinigh. D'éist sé leis an
chomhrádh.



'‘An bhfuil sé i bhfad ó seo go dtí an áit a bhfuil
Micheál Ruadh Ó Baoighill 'na chomhnuidhe?" arsa
Macadán Mór.



“‘Dhá nó'r trí mhílte," arsa fear a' toighe.



“‘Tá," arsa Macadán, "bhí sé thuas sa tír s' againne
aon uair amháin agus níl ann ach gur imthigh sé le n'anam.
Chluinim go bhfuilthear a' feitheamh leis a ghabháil suas
arais ar lorg fiach atá amuigh aige agus go bhfuilthear
le na mharbhadh. Agus," ar seisean, "dá mbínn-sé
sa chruinniughadh an lá sin shábhólainn é."



'Le sin tharraing Micheál air a cheirteach agus anuas
leis. Chuir sé fáilte roimh na fir, bheir ar bhuideál
agus ar ghloine agus chuir thart deoch. D'ól achan
fhear a ghloine. Líonadh an dara h-uair iad agus
h-óladh arais iad. Líon Micheál an tríomhadh gloine
agus líon sé amach ar an t-súil é. ‘'Fheara," ar seisean,
"nach bhfuil sé sin lán?" Dubhairt achan fhear go rabh.
Chaith Micheál siar é. D'aithin na fir go rabh rud
eighinteacht faoi, agus ní ólfadh aon dhuine níos mó.



“‘Bhail anois, a ghiolla mhóir," arsa Micheál, "goidé
mar shábhóltha thusa mé dá mbitheá ar an aonach an lá
sin?"



“‘Agus an tusa Micheál Ruadh Ó Baoighill?"
arsa Macadán Mór.



“‘'S mé," arsa Micheál.



“‘Tá," arsa Macadán Mór, "dá mbéadh fear ar
bith ins an chruinniughadh ion-churtha leat a' tógáil na
cloiche, ní chuirfidhe troid ort. Ba é an rud a ghoill
ar na fir tú bheith ní b'fheárr 'ná iad uilig. Dá mbínn-se
sa láthair thógfainn an chloch agus ní bhéadh ní ba mhó
de."


L. 40


'Ní dheárn Micheál ach ceig cheithre ngalún déag a
tharraingt aniar o'n doras druidte. Bheir sé greim
dhá fheireamh air agus shín sé a dhá sgiathán i n-áirde
os cionn mhullach a chinn leis. "Cuir an ceig sin i
n-áirde," ar seisean, "go bhfeicidh mé an dtiocfadh leat
mo shábháil dá mbitheá ar an aonach an lá sin."



'Bheir Macadán Mór ar a' cheig ach ní rabh sé ábalta
a thógáil os cionn a bhrollaigh. "Bhail, tchím," ar
seisean, "níor chabhair ar bith mise duit dá mbéinn
annsin féin. Ach anois," ar seisean, "gabh suas lá
ar bith ar mian leat é agus 'bhéarfaidh mise m'fhocal
duit nach labhairtear go fiadhta leat go dtigidh tú
arais."



'Chuaidh. Chuir Macadán Mór duine fá choinne
buideáil agus chuir sé cuireadh ar an fhear seo a bhí
ag troid le Micheál. Tháinig sé sin. Nuair a chonnaic
sé Micheál, chraith sé lámh leis agus shuidh siad thart.
"Bhail anois," ars an fear seo, "níl olc nó urchóid
agam duit, ach innis domh cá leis ar bhuail tú mé."



“‘Tá," arsa Micheál Ruadh, "nuair a fuair tú mé a'
baint díom mo chasóige bhuail tú mé agus leag tú
mé."



“‘Bhuail," ars an fear eile.



“‘Agus nuair a fuair tú 'mo luighe mé tháinig tú
de léim trasna an tábla a' brath mo bhualadh 'mo
luighe."



“‘Rinne mé sin," ars an fear eile.



“‘Agus," arsa Micheál, "nuair a chonnaic mise
nach rabh an dara suidhe sa bhuailidh ann," ar seisean,
ag cur láimhe i n-a phóca agus ag tarraingt aníos na
sgine, "bhuail mé le trí bhuille díthe sin thú i mbun
na sróna."



“‘Tá sé uilig maithteach agat," ars an fear eile,
"nó's mé féin ba chionntaighe. Agus anois," ar
seisean, ‘lá ar bith ar mian leat a theacht go Baoigh-
eallach le do ghnoithe ná bíodh eagla ort go gcuirtear
chugat nó uait."


L. 41


'Chaith siad an oidhche i gcuideachta a chéile toigh
Mhacadáin Mhóir, d'ól siad sláinte a chéile agus bhí
an carthanas deánta.'



'Ghníodh sé cuid mhór póitín,' arsa m'athair.



'Ghníodh,' arsa Donnchadh, 'agus dhíoladh sé achan
áit ar fud na condae é. Bhí sé oidhche amháin ag gabháil
amach ag Cró-na-sealg ag tarraingt go Bealach-féidh,
é 'marcuidheacht ar beáthach agus dhá cheig ar a bhéalaíbh
leis. Oidhche shneachta a bhí ann agus tchí sé chuige an
diúlach dána dolba i gcosamhlacht, agus a bhata faoi
n'asgaill leis. Cé bhí ann ach Mánus Beag Ó Domhnaill
as Innis-Saille. Agus bhí ógánach fir, a mhic. Chuir
Micheál forán air. "Mh-anam, rath ort," ar seisean,
"gur maith ládasach an giota dh'fhear thú i gcosamhlacht."



“‘Dá mbéadh braon dá bhfuil ins na ceigeannaí
agam," arsa Mánus, "d'fhéadfá sin a rádh."



“‘Bhéarfaidh mise sin duit," arsa Micheál, ag
tarraingt amach buideáil agus a shíneadh ionnsair. D'ól
Mánus tarraingt a chinn as. "Sonas ar do chineál,"
ar seisean. "Agus is maith a rinne tú a thabhairt
domh go suaimhneach nó mur' dtugthá, ní fhágthá an
talamh a bhfuil tú ann go mbaininn díot é."



“‘Béidh le fiacháil," arsa Micheál, "ag teacht 'e
léim anuas de'n bheáthach. Dhroid sé féin agus Mánus
le chéile agus tharraing an bheirt dhá léab ar a chéile.
Throid siad tamall. "Seo," arsa Mánus Beag,
"dheánfaidh sin gnoithe. Ní thiocfadh liom deoch a
bhaint díot dá mba mhian leat a coinneáil uaim."



“‘An ólfaidh tú tuilleadh?" arsa Micheál.



“D'ól achan fhear aca glincín eile, agus thug siad
dhá chúl a gcinn le chéile.'



'An bhfuil sé i bhfad ó fuair sé bás?' arsa m'athair.



'Níl sé an fad sin uilig' arsa Donnchadh. 'Is
cumhan liom-sa mé féin é 'fheiceáil 'na sheandhuine
urradhanta. Bhí aois mhór aige nuair a fuair sé bás.


L. 42


Bhí sé i bhfad os cionn na gceithre sgór. Chluininn na
seandaoiní a rádh go rabh sé i gcionn a fhichid bliadhain
Samhradh na gorta. Bhí sin ar cheann de na chead
éactaí a chuir a gháir ar fud a' phobail, an oidhche a bheir
sé ar an ghaduidhe ag goid na mine. Bhí cófra mine
coirce ag n-athair sa sgioból agus bhíthear a goid.
Oidhche amháin thug Micheál leis claidheamh, chuaidh sé
isteach 'na' sgiobóil agus luigh sé i bhfolach i gcúl
chófra an choirce. Níor bh'fhada gur mhothuigh sé tormán
na coise a' teacht anuas an cabhsa. Le sin cuireadh
sean-spád isteach faoi bhun na cómhlach agus caitheadh
de'n doras í. Chuaidh m'ógánach go cófra an choirce
agus bhain an clár de. Le sin phreab Micheál 'na
sheasamh agus thug iarraidh ar an ghaduidhe. Ba mhaith
an mhaise don ghaduidhe é, bhí léim a' dorais aige, agus
Micheál amach 'na dhiaidh. Shín an tóir. 'Gabhail suas
lag an Áird-bháin daobhtha bhuail Micheál i dtaobh na
cloigne é le cúl a chlaidhimh. Agus thuit an gaduidhe.



“‘Ó 'Mhicheáil, ná buail," ar seisean.



“‘Chá bhuailim," arsa Micheál. "Éirigh."



“D'éirigh. "Ní rabh aon ghreim bidh agam le tabhairt
do na páistí," ars an gaduidhe, "agus tháinig mé
'thabhairt liom lán mo hata de'n mhin sul a leiginn a
a luighe 'na dtrosgadh iad."



“‘Pill annseo," arsa Micheál, agus líonfaidh mise
do hata duit."



“Phill. Nuair a fuair Micheál greim ar an hata dá
cheann thuit mála amach as. "Bhí tú 'brath ní ba mhó
'ná lán a' hata bheith leat," arsa Micheál. Bhuail
náire an fear eile. "Seo," ar seisean, "ní thabhairfidh
mé a'n ghráinín díthe liom."



“‘Mhaighe maise go dtabhairfidh," arsa Micheál,
agus thoisigh sé a chur na mine sa mhála. "Dá dtigtheá
chugam-sa 'chead uair," ar seisean, "agus innse domh
nach rabh aon ghreim le hithe ag na páistí, ní leigfinn
a luighe 'na dtrosgadh iad." Agus líon sé an mála
amach 'ar a' t-súil dó. ‘'Nois, a gheall ar Dhia, a
Mhicheáil," ars an gaduidhe, "agus tá athchuinge amháin


L. 43


agam le h-iarraidh ort. Is mór náire an duine. Ná
h-innis a choidhche orm go dtáinig tú orm in do sgioból
a' goid mine."



“‘Ní chluinfidh aon dhuine a choidhche é," arsa Micheál.



“‘Go dtugaidh Dia a luach duit," ars an fear eile,
"mur' mbidh mise ábalta a thabhairt duit. Bh'fhéidir
go dtiocfadh do ghar in mo chasán lá éighinteacht."



'Ní rabh de sin ach sin go ceann tamaill, gur bhisigh
an saoghal agus bhí Micheál Ruadh ag deánamh téigheadh
uisce-bheatha. Bhí leath-choróin le fágháil san am sin
as spíodóracht a dheánamh ar théigheadh, agus goidé do
bharamhail nach deachaidh an gaduidhe seo dá dhá chois
go rabh sé istuigh thiar ar a' Chlochán Liath, agus rinne
spíodóracht ar Mhicheál. Oidhche shneachta a bhí ann
agus tchífeadh cuid de na Ribhíní ag an dubh-dhonas é
as coiscreadh a chur fútha a leithid de oidhche. Ach
chaithfeadh siad a theacht amach nuair a fuair siad an
sgéala. D'fhág siad an Clochán Liath i dtratha leath
am-luighe agus an spíodóir leo a' deánamh an eolais
daobhtha. Bhí oidhche réab ghealaighe ann agus eadar
sin agus an sneachta tchífeá duine fad d'amhairc uait.
I dtratha an mheádhon-oidhche, bhí Seimisín Tharluigh Bhig,
go ndeánaidh Dia grásta ar na mairbh, bhí sin ag teacht
as Port Innis-míl, i ndiaidh a bheith thiar ar faire, agus
tchí sé na Ribhíní ag teacht anuas bárr a' Mhurlaigh. Bhí
fhios aige go rabh Micheál Ruadh a' téigheadh, agus dar
leis féin le fios nó le h-amhras is cóir domh sgéala
a thabhairt duit go bhfuil na Ribhíní ar a gcois. Bhí
sé 'na lom trágha, agus ní dheárn Seimisín a dhath ach
a bhróga a bhaint de agus anuas an tráigh leis an méid
a bhí i n-a cheithre chnámha, go rabh sé sa chró ar ghob na
Báinseadh. Chuir na fir iomlán i bhfolach agus bhain
siad an baile amach. Luigh Micheál Ruadh istuigh i
dtom aitinighe le taobh an chabhsa, an bealach a dtiocfadh
na Ribhíní. Bhí sé fada buan annsin, mar bhain sé
moill asta-san a theacht thart maolacha Ath-na-goire
agus anuas bachtaí an Pholláin-Bhoig. Ach ins an
deireadh mhothuigh sé tormán a gcos fríd a' t-sneachta.
Anuas leo thart leis agus gan fear ar bith a' labhairt.


L. 44


Nuair a bhí siad ar amharc an chró chaith an spíodóir é
féin síos i ndíg agus d'imthigh an chuid eile leo. Ar
theacht 'na' chró daobhtha, bhí an teinidh as agus gan oiread
a's cipín amháin den trioc nach rabh ar shiubhal. D'aithin
siad go mb'éigean de na stileóirí go bhfuair siad
sgéala, agus ní rabh gar leo cuartughadh ar bith a
dheánamh. Phill siad arais. 'Teacht thart leis an
spíodóir daobhtha d'éirigh sé as an díg agus bhí sé leo.
D'aithin Micheál Ruadh cé bhí ann. Leig sé thairis giota
maith iad, agus annsin d'éirigh sé agus shiubhail sé 'na
ndiaidh. Níor leig sé as 'amharc iad ariamh. Ar
theacht go h-Athnagoire daobhtha, d'imthigh na Ribhíní leo
siar agus chor m'óganach soir bealach-mór Mhín-na-
leice, a' brath a theacht thart bealach cúil 'na' bhaile.
Shiubhail sé leis agus shiubhail Micheál 'na dhiaidh. Gabhail
soir ag teach Mhánuis Bhig daobhtha thionntuigh an spíodóir
thart agus tchí sé an duine a' siubhal 'na dhiaidh. Ghéaruigh
sé a chos. Ghéaruigh Micheál a chos.



“‘Fan 'do sheasamh," arsa Micheál.



“Le sin leig an fear eile é féin un a' reatha agus
leig Micheál é féin un a' reatha 'na dhiaidh. Shín an
tóir, soir an Ailt, thart Mín-na-leice agus anonn
a' tarraingt ar Bhárr Ghaoth-dobhair. 'Gabháil soir
Clochán-an-fhir-mhóir daobhtha tháinig Micheál fá fhad
buille dó, Bhuail i gcúl a' chinn leis a' bhata é agus
d'fhág ar a bhéal 's ar a shróin sa chlochán é.



“‘Ó, 'Mhicheáil, ná buail" ars an fear a bhí 'na
luighe.



“‘An tusa tá annseo," arsa Micheál. "Is mairg
domh a líon an mála duit an oidhche a tháinig mé ort
a' goid mo chuid mine, agus is mairg domh a gheall do
ghníomharthaí a cheilt ar an t-saoghal go lá mo bháis.
Ach" ar seisean, "dá mb'fhiú liom mo lámh a fhágáil
thíos leat, a thruaill shalach, rannfainn do chnámha ar
a chéile.’”



'Bhail a Dhia, 'Dhonnchaidh, nar bh'é an t-anairidhe é,
thar a gcuala mé ariamh. B'olc an airidhe air an gar
a rinneadh dó,' arsa m'atair.


L. 45


'Féadann tú sin a rádh,' arsa Donnchadh.



'Agus ar innis Micheál annsin air goidé rinne sé?”
arsa m'athair.



'Níor innis,” arsa Donnchadh. “Níor chualaidh aon
dhuine ariamh ach bean Mhicheáil cé'r bh'é an gaduidhe.
Agus seo mar fuair sise amach é. Tamall maith
bliadhantach 'na dhiaidh sin, bhí faire thall annseo toigh
Phádruig Nórann, agus bhí lán a' toighe ann. Bhí
Micheál Ruadh agus a' bhean annsin. Agus cé bé nach
rabh ann bhí an fear seo ann a rinne an ghaduidheacht
agus an spíodóracht. Thoisigh an comhrádh ar chineálacha,
agus sa deireadh tharraing duine éighinteacht air Samhradh
na Gorta. Bhí achan dhuine ag innse a sgéil féin fá'n
ampla agus fá'n ocras agus fá'n ghaduidheacht a bhí
ann san am. Thoisigh Micheál agus d'innis sé a sgéal
féin. "Agus anois," ar seisean, "nár bh'olc an
seanadh a bhí ann! An chead téigheadh uisce-bheatha a
rinne mé 'na dhiaidh sin, chuaidh sé siar 'na Chlocháin
Léith chuig na Ribhíní go deárn sé spíodóracht orm.
Chuir mé a lorg agus lean mé é go bhfuair mé greim
air ag Clochán-an-fhir-mhóir. Agus níor bhuail mé air
ach aon bhuille amháin de bhata."



“Bhí bean Micheáil Ruaidh 'na suidhe thíos i dtaobh a
toighe, agus cé bhí ag n-a thaobh ach an gaduidhe. Bhruid
sé í agus thug cogar díthe. "Gheall ar Dhia," ar seisean,
"'s tabhair 'na' bhaile é, nó ainmneóchaidh sé amach i
lár a' toighe mé."



“‘'Mhicheáil," ars an bhean, ‘nach bhfuil an t-am
againn ar n-aghaidh a thabhairt ar a' dream a d'fhágmar
ar ndiaidh."



“‘Maise, b'fhéidir a rún go bhfuil," ar seisean.
Agus d'imthigh siad.



'Gabhail suas lag an Áird-bháin daobhtha, ars an
bhean, "chuir tú lán a chraicinn de náire ar a leithid
seo anocht."



“‘Cé d'innis duit," arsa Micheál, "gurab eisean
an gaduidhe?"


L. 46


“‘Tá," ars an bhean, "bhruid sé mé agus thug cogar
domh tú a thabhairt 'na' bhaile nó nach rabh fhios aige
cé'n bomaite a d'ainmneóchthá i lár a' toighe é."



“‘Gabh ar do dhá ghlún annsin anois," arsa Micheál,
"agus geall do Dhia nach gcluintear sin a choidhche
uait."



'Chuaidh. Agus go deachaidh sí i dtalamh níor innis
sí an sgéal don dara duine. Nó ní fhuarthas amach
ariamh cé'r bh'é an gaduidhe.'

'Dheamhan gurab é a bhí seasmhach! arsa m'athair.



'Níor innis sé ariamh air é,' arsa Donnchadh.



'Ní rabh fear ar bith ar an líne a tháinig 'na dhiaidh
ion-churtha leis?' arsa m'athair.



'Ní rabh nó leath ion-churtha leis,' arsa Donnchadh.



'Chonnaic mise mé féin é thíos annseo ar an Oitir
Mhóir i gceann a thrí sgór go leith bliadhain agus
bhaiceáil sé sac brach' a sháirigh ar an fhear óg a ba
láidire sa dá phobal.'



'Cé gur bh'aosta é!' arsa m'athair.



'Siud an aois a bhí sé,' arsa Donnchadh. 'Chuala
sibh iomrádh ar an uair a báitheadh Conall Shorcha Bige
thíos annseo ar dhruim na hOitreacha Móire. Bhí sé
ag teacht as a' Bun-bheag agus lasta brach' leis i
gcurach. Tháinig stoirm ceatha air a líon a' curach
agus báitheadh é.



'Ins an am sin bhí bás duine tearc le taobh mar
tá sé anois, de bhrígh go rabh na daoiní níos gainne
i bhfad. Agus bhí bunadhas bhuachaillí na Rosann
cruinn ar an fhaire. Le na chois sin b'as Gaoth-dobhair
Sorcha Bheag agus bhí cuid mhór de chuid fear Ghaoth-
dobhair ann fosta.



'Nuair a tháinig an oidhche agus thráigh sé, dubhairt
cuid de na comharsannaí a bhí ar an fhaíre nár bheag a
rabh caillte agus gur chóir an bhraich a thabhairt fá theach
agus gan a leigin amudha. Bhí mála amháin ann a
rabh deich gclocha fichead do bhraich thirim ann agus níl


L. 47


fhios goidé an meádhchon a bhí ann anois, nó bhí an sáile
ólta aige. Hubhradh go gcaithfidhe an mála seo a rann
'na chuideannaí nó go rabh sé ro-throm ag fear ar bith
le baiceáil agus ag beáthach ar bith le h-iomchur. Bhí
Cormac Dhiarmada as Gaoth-dobhair ann, agus é san
am sin ar fhearaibh láidire an phobail.



“‘Dar fiadh," ar seisean, "chan fhuil sé ro-throm le
baiceáil. Má tá aon bheáthach sna Rosa a iomchóras é,
baiceólaidh mise é."



'Bhí capall beag caol dubh ag Néillín Thaidhg Óig
agus chuathas fá n-a choinne. Bhí oidhche bhreágh ghealaighe
ann agus é 'na lag trágha, agus níor fhan fear ar thóin
toighe i dteach na faire nar imthigh síos 'na h-Oitreach
Móire. Agus síos le Micheál Ruadh i gcuideachta
na cuideachta. Tógadh mála na brach' ar Chormac
Dhiarmada. Nuair a leigeadh amach é, lúb na
h-iosgadaí faoi, agus b'éigean an mála a bhaint de
n-a dhruim. "Tá sé ro-throm," ar seisean. "Ní
bhaiceólaidh fear ar bith é."



“‘Tógaidh orm-sa é," arsa Micheál Ruadh.



'Tógadh.



“‘Leigidh amach é," ar seisean.



'Leigeadh. Chuaidh fear anonn fá choinne an beáthach
a thabhairt anall go dtí n-a thaobh.



“‘Fág an beáthach," arsa Micheál Ruadh, agus shiubhail
sé anonn gur leag sé mála na brach' ar dhruim an
bheathaigh. Bhí teach Shorcha Bige ar bhruach an chladaigh
agus leac shleamhain ó'n tráigh aníos go dtí an dorus.
Nuair a tháinig an beáthach 'na chladaigh chuaidh Micheál
Ruadh faoi an mhála arís agus d'iomchuir suas an leac
é gur fhág istuigh sa sgioból é.



“‘'Nois," ar seisean, "tá gearrán ins na Rosa a
dtig leis sac 'iomchur agus fear a dtig leis a bhaiceáil.
Agus, 'mo sheandhuine 's mar tá mé, cuirfidh mé cúig
phunta de gheall ar an fhear agus ar an ghearrán chéadna
i n-éadan aon fhir agus aon ghearráin sna trí phobal.’”



'Ba maith an fear thrí sgór go leith é,' arsa m'athair.


L. 48


“'Dhuine, bhí a chuid urraidh uilig ann go bhfuair sé
bás,' arsa Donnchadh. 'Níor caitheadh ar chor ar bith é.
An lá bhí sé 'na luighe marbh bhí dhá ghualainn agus
muineál air a chuirfeadh maise ar do shúile cinn. Is
maith mo chuimhne ar an lá bhí sé marbh. Chonnaic mé
seanduiní a bhí 'tuitim ar a gcuid bataí, a' teacht un
a' toighe agus a chaoineadh go h-árd acfuinneach.



'I dtrátha na Féil' Eoin a fuair se bás. Bhí a
mheabhair aige go dtí an bomaite deireannach agus
é láidir urradhanta. Bhí mé istuigh a' fágháil bháis
dó, agus ar m'anam atá in mo chliabh, 'Fheidhlimidh,
má chonnaic mé a dhath ariamh aroimhe nó 'na
dhiaidh a ba chumhaidheamhla liom 'ná an dóigh ar
imthigh sé. Cupla bomaite sul a bhfuair sé bás d'éirigh
sé 'léim amach as a' leabaidh, bheir ar a bhata agus
shiubhail síos go dtí an doras. Ba é doras na fairrge
a bhí fosgailte agus bhí maidín ann comh deas agus
tháinig ó shoin. D'amharc sé amach ar an fhairrge ghoirm
agus ar na h-oileáin agus ar mhéilte geala na Maoile
Móire.



“‘Tá ciúnas fairrge ann" ar seisean, "mar
bhíodh fad ó shoin."



“‘Seo 'athair," arsa a nighean leis, "ná seasuigh i
bhfad annsin ar eagla 's gur fuacht a gheobhfá dá fheabhas
an lá."



'Phill sé aníos 'na leabtha. Bhí gearrán ceangailte
i gcúl an bhalla bhig. 'Teacht thart leis a' ghearrán dó
tharraing sé an bata agus bhuail sé fríd na leasracha é.
"Lá de do laethe," ar seisean, "ba tú a bhuailfeadh
an buille." Tháinig sé aníos go colbha na leabtha,
chaith sé an bata sa chlúdaigh agus chuaidh a luighe. Níor
labhair sé ní ba mhó. Ní rabh an paidirín leath-ráidhte
go rabh sé marbh.'



Thost an seanchuidhe tamall beag. D'amharc mé
féin air agus bhí deóra móra geala 'na rith anuas le
na leicne.



'Go ndeánaidh Dia 'mhaith air má 'sé a thoil féin é,'
arsa m'athair.


L. 49


'Tá dúil agam gur geal a lóistín anocht,' arsa mo
mháthair.



'Mur' bhfuil sé go maith,' arsa Donnchadh, ag cumailt
a mhuinchille do na shúile, 'go bhfóiridh Dia ar a lán
eile. Nó is beag a bhí cosamhail leis… Ní rabh
mórán… Á, ní rabh aon duine.'



Deireadh.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services