Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Iúl, 1926

Title
Iúl, 1926
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1926
Publisher
An Lóchrann

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


AN LÓCHRANN



PÁIPÉAR GAEDHILGE IN AGHAIDH GACHA MÍ.



Uimh a 8. (An 3adh Srath). IÚL, 1926. Dhá Phinginn a Fhiacha.



MAR BAISTEADH MAIDHC.



Níorbh' aon sgéal mór in-ao'-chor é, i
mBaile an Deataigh, go raibh duine breise
tagaithe ar mhuintir Mhurchadha. Ní mhair-
eann suim ann ná iomrádh ar a leithéid de
sgéal nuair a thárluigheann sé ró-mhinic
agus dob' é seo an tríú turus déag go
raibh a leithéid de nuadhacht ar an muintir
chéadna san. Mhairbh san an t-iongnadh.



“Dhé, caith uaim é mar sgéal,” arsa
Peaid Mór, “tá an dream san chomh
rathmhar leis a' raithnigh.”



Agus ní mór an suathadh a cuireadh ar
mhuintir Mhurchadha féin. Bhí Seán — sé sin
fear a' tighe, i mbun a ghnótha ar fuaid na
feirmeach agus ní aithneochadh an saol áthas
ná a mhalairt air ach é ciúin, cúramach.
Shéan sé an tigh ar fad agus d'fhág sé
fé rialú ban é. Chaitheadar glaodhach trí
h-uaire air chun teacht agus a dhínnéar
d'ithe. Ní raibh aon chaitheamh aige i ndiaidh
comhluadair na laethannta so.



Dob' í Seana-Neil Cluimhin do chuir
fáilte roimh an mbunóic ar an saol. Dob' í
an Neil chéadna a chuir fáilte roimh a
dtáinig de bhunócaibh i mBaile an Deataigh
le fiche bliain agus thuig Seán, is dócha,
nár ghádh cabhair ná comhairle do ghabháil
léi sa ghnó.



D'fhan an sgéal mar sin cúpla lá. Níor
cheistigh sé siúd na mná agus ní lugha ná
thugadar san aon eolas do ach gach duine
agus a chúram féin air.



Bhí sé a' druidim le h-aimsir chodlata
is t-oidhche Dia h-Aoine nuair do tháinig
Seana-Neil aníos as an seomra agus do
labhair le Seán.



“Dubhairt bean a' tighe go mb' fhearra
dhuit an chairt a bhualadh ar an gcapall
amáireach agus é siúd a thabhairt' dtí an
Séipéal,” ar sise.



Dob' é ‘é siúd’ ná an bhunóc.



“É bhaisteadh amáireach, in-eadh?”



“Seadh” ars' í sin.



“Nach preabúil atá sé agaibh,” arsa
Seán, agus níor chaitheadar a thuilleadh
cainnte air mar sgéal.



Lár a' lae Dia Sathairn bhí gach rud ullamh
réidh ag fear a' tighe chun gluaiseachta.
Shuidh Seana Neil isteach sa chairt agus an
bhunóc aici.



“Beam a' gluaiseacht is dócha,” arsa
Seán, agus leath-thuairim aige, mar sin
féin, go raibh órduighthe fós ná raibh
fachta aige.



“Dubhairt sí féin leat do cheann a chur
isteach nóimeat sar a dtéigheam chun bóthair,”
arsa Neil.



Chuaidh Seán go dtí béal dorais a'
tseomra.



“Cad é seo anois é?” ar seisean le
'na bhean thíos.



“Cad é an ainm a thabharfair air sin?”
ar sise.



“Cá bhfios domh-sa cad a thabharfair
air?” arsa Seán.



“Ná fuil éinne ded' shínnsear gur
bhfiú leat é 'na chomh-ainm aige?” adubhairt
an bhean, agus a fhios aici go maith ná luadh-
fadh Seán aon ainm as a stuaim féin
go deo agus ní lugha na theastuigh san
uaithi leis.



“Níl,” arsa Seán. “B'fhearra dhuit
tarrac ar do shínnsear féin nó ainm éigin
cúl le cine a thabhairt air, ach brostuighimís.”



Is dócha gur mó rud a samhluightear do
mháthair in a leithéid de ócáid. B'fhéidir
gur mheas an bhean mhacánta so go mbeadh
a maicín 'na fhear mhór léighinn lá éigin,
nó 'na shagart, nó 'na Theachta Dála, nó go
raghadh sé go dtí tíortha san imigcéin agus
go mbeadh a ainm i mbéalaibh na ndaoine
agus i leabhraibh na saoi faid a mhairfeadh
an saol, trí bhuaidh a ínntleachta. Ní foláir
nó taidhsigheadh rud éigin d'á shaghas di mar
cad é an dian-chuardach ar ainm ba ghádh
dá mba dhóigh léi gur aon chineál eile
saoghail a bheadh roimis. Níorbh' é saghas
mná í bean Sheáin Uí Mhurchadha a shamhlóchadh
aon nidh d'á cloinn ach saol galánta, uasal,
agus mar sin ba ghádh, ar an gcéad bhuile,
ainm galánta, uasal, ar a maicín.



“Tabhair Fred air, mar sin,” ar sise,
“agus bailigh leat.”



“Cad é seo adubhrais?” arsa Seán,
agus chuir sé cluas le h-éisteacht air féin.



“Fred,” ars' í sin.



“Fred! ar ndóigh, ní raibh a leithéid sin
ar éinne riamh.”



“Nách cuma dhuit ach é a thabhairt air
siúd,” ar sise.



Ní ró-mhaith a thaithn an sgéal le Seán ach
ní raibh de rogha aige anois ach rud a
dhéanamh uirthi.



“Tá go maith,” ar seisean. “Ní cás
liom-sa go dtabharfá ‘gaoth i dtreabhsar’
air.” Do léim sé isteach sa chairt agus
thug fé'n mbaile mór.



Nuair a bhíodar a' déanamh isteach ar an
mbaile do labhair Seana-Neil aniar.



“Cé bheidh 'na athair bhaistighe agat air
seo?” ar sise.



“Maidhc Shéamais sa tsráid,” arsa Seán,
“má bhíonn sé romhainn.”



Bhí Maidhc rómpa agus é go fáiltiúil.
Fear tabhairne do b'eadh Maidhc agus sean-
chompánach ag Seán. Deineadh an capall
a scur agus bhuaileadar go léir isteach 'on
tigh go bhfeiceadh na mná an leanbh agus go
gcuirthí nidhthe i gcóir chun dul fé'n Séipéal.
D'fhan Seán agus Maidhc amuich sa tsiopa.
Dar ndóigh, ba mhór agus ba mhaith le Maidhc
bheith 'na athair bhaistighe ar éinne de chloinn
Sheáin. D'óladar sláinte an leinbh. Bhí
moill ar na mnáibh. D'óladar deoch eile.
Chuir Maidhc tuairisg na mná agus an
dáréag eile cloinne. D'óladar deoch eile.
Chuireadar a gcomh-cháirdeas i n-iúil d'á
chéile agus ní fada go raibh sé 'na chomhrádh
dighe eadortha.



Tar éis uair' an chluig tháinig Seana-Neil
amach.



“An mbogfaidh sibh choidhche,” ar sise.



“Libh-se a bhíomair a' fanúint,” arsa
Seán, go fearúil. “Seo leat, a Mhaidhc.”


L. 58


FEIS IAR-MHÚSCRAIDHE
I MAGHCHROMDHA



LUGHNASA 22adh



Duaiseanna Maithe do'n Saoghal
Fódhla



An Clár ó Mh. Ó Luasaigh,
Cill na Martra.



DEOCH
BHLASTA
FHOLÁIN



ISEADH



“TANÓRA”



Sugh Óráistí atá ann agus
Cois Laoi a deintar



Scríobh chuig



SEÁN Ó DÁLAIGH
IS A CHUA. TTA.,
I gCORCAIGH



in a thaobh



FEIS THIGH MOLAIGE
DÉ DOMHNAIGH, an 4adh lá d'IÚL



Fé fhallaíbh na SEAN-MHAINISTREACH



Comórtasaí ar fheabhas —



CEOL, RINNCE & LÚITHCHLEASA



Ní lá “doilig duairc” ach lá
SOILBHIR SUAIRC a bheidh ann



FEIS BHÉAL ÁTHA 'N GHAORPHAIDH



LÚL AN 11 adh LÁ



Ana Chomórtasaí. Lá aoibhinn sa Ghaeltacht
Eolus ón Rúnaí



Bhuaileadar isteach san Séipéal. Tháinig
an sagart agus an cléireach agus chuaidh an
obair chun cínn go breágh. D'imthigh Maidhc
bocht amugha sa Chré cúpla uair — toisc an
mhearbhthaill is dócha — ach tháinig Seana Neil
chun fóirtheana air go tráthúil.



Dhein an sagart a lán cainnte — cainnt
nár thuig Seán a bheag ná a mhór di. Sa
deire do labhair sé le Seán.



“Cé'n ainm é seo a thabharfair air, a
Sheáin,” ar seisean, go cneasta.



Bhain san stad as Seán. Dhein sé
machtnamh. Níorbh' aon chabhair do é. Bhí
an ainm imithe glan as a chuimhne. Thug sé
súil ar Sheana-Neil féachaint an bhfaghadh
sé aon nod uaithi mar ba sheanabhean
deaghmheabhrach í. Thuig sise an cás 'na
raibh sé ach ní raibh aon leigheas aici air
mar nár innis bean a' tighe an ainm di
féin in-ao'-chor.



“Nár shocruighis ar ainm éigin le bean
a' tighe 's tú a' teacht an doras amach,” ar
sise, go cabharthach.



Ní raibh gíog as Seán bocht. Bhí an sgéal
dulta sa mhuileann air.



Tharraing cléireach an tsagairt leabhar
chuige agus léigh sé liosta d'ainmneacha
naomh agus aingeal. Níor éirigh le Seán
an ainm do luaidh bean a' tighe do aimsiú
'na measg, dá mhéid bhí ann díobh. Bhí sé 'na
bhalbhán. Bhí náire air ós comhair na ndaoine.
Labhair sé le Maidhc ar leathtaoibh beagáin-
ín mar go raibh gach duine eile teipithe air
fé'n dtráth so.



“Féach,” ar seisean le Maidhc, “tá
Seáinín agus Séamaisín agam agus Tomáis-
ín agus Páidín … agus d'ainmnigh sé an
dáreág cloinne do réir mar saoluigheadh
iad — 'na gcúplaibh nó duine ar dhuine.



“Ainmnigh arís iad,” arsa fear a'
tabhairne. Dhein Seán san go solamhanta,
dí-mhisniúil.



“Ádhe! a dhuine!” arsa fear a' tabhairne,
“níl aon Mhaidhc agat ortha,” agus bhuail
sé buile ar ghualainn ar Sheán sa tslí gur
bh'éigin do súd cúpla coiscéim a thabhairt
i ndiaidh' chúil ar eagla a thuitithe.



“Fíor duit,” arsa Seán, agus braoinín
de'n bhfuil a' teacht 'na chroidhe. Mar sin
féin is maith a thuig sé nárbh' é sin an ainm
a dubhrathas leis a thabhairt ar an leanbh.



“Cogar,” ar seisean le fear a tabhairne,
“an raibh aon Mhaidhc riamh imeasg na
mbeannaithe?”



“Dhera, nárbh' é ba mhó ortha, a dhuine.
Nárbh' é a chlaoidh na Deamhain Uabhair?”



“Fíor dhuit,” arsa Seán. Mar sin féin,
níorbh' é sin an ainm adubhairt a bhean leis.
Thuig fear a' tabhairne go raibh sé idir dhá
chomhairle.



“Maidhc is ainm dom féin,” ar seisean.



“Fíor duit,” arsa Seán, “Maidhc atá
ort féin,” ach ar a shon san ba leasg leis
imtheacht ó chomhairle na mná. Is annsan
do labhair an sagart.



“Seo anois, a Sheáin,” ar seisean.
“Brostuighimís.”



“Agus féach, a Sheáin,” arsa fear a'
tabhairne, i gcogar ós árd leis, “ní raibh
Maidhc riamh ar dhroc-fhear.”



“Seadh, a Athair,” arsa Seán, “tugaimís
Maidhc air.”



Cúig bliana déag 'na dhiaidh san bhí
buachaill óg a' lorg teastas ar a
aois mar go raibh sé ar intinn dul fé
scrúdú. D'fhiafruigh an cléireach de cad
é an ainm a bhí air.



“Fred Ó Murchadha,” ar seisean.



Chuardaigh an cléireach an leabhar.



“Níl do leithéid annso,” ar seisean.
“Cathain a rugadh tú?”



“Ar an 17adh de Mhí an Mheithimh 1911,”
arsa an garsún.



“Bhfuilir cinnte gur Fred is ainm duit?”



“Ní thug éinne a mhalairt riamh orm.”



“Ní rugadh do leithéid an lá san,” ars'
an cléireach, “ach rugadh mac athar 's
máthar duit gur baisteadh Maidhc air.”



Ní raibh réidhteach an sgéil sa bhaile go
dtáinig Seán isteach tráthnóna.



Níor chodail Seán go sámh an oidhche
sin. Beag iongnadh san. Bhí a bean
go searbh-ráidhteach.



Mícheál Ó Siochfhradha.



CLUICHE COIS TEINE.



Bíonn bata ag an gcéad duine.



“Seo dhuit é seo,” adeir sé leis an
dara duine.



“Céard é seo?” adeir an dara duine
'á thógaint.



“Sin é seo an crann-abhall cam.”



Cuirtear ó dhuine go duine 'á rádh sin
gach uair.



Tosnuigheann an chéad duine arís.



“Seo dhuit é seo.”



“Céard é seo?”



“Sin é seo an féar cam a d'fhás faoi'n
gcrann-ubhall cam.”



Cuirtear thart arís é …



An treas uair adeirtear:



“Seo dhuit é seo.”



“Céard é seo?”



“Sin é seo an capall cam a dh'uaigh
(d'ith) cam an féar a dh'fhás cam faoi'n
gcrann-ubhall cam.”



Cuirtear rud nua leis gach uair go deire
an chluiche.



Ó Thamhain.


L. 59


IASCAIRE CHILL h-ÁIRNE.



Fear do bhí ag iascach ar Loch Léin.
Duine iasachta dob' eadh é. Do bhí iascaire
ó Chilláirne fairis sa bhád. Bhíodar ag
teacht tar iascaireacht agus do bhí an
duine deorata ag innsint scéalta móra
iascaireachta do'n duine ó Chilláirne. Do
chreid seisean iad go léir agus do bhí a
bhéal ar leathadh le h-iongantas na
ngníomhartha gaiscidh do dhein an duine ias-
achta ar bhreacaibh agus ar bhradánaibh agus
ar mhíoltaibh móra. B'aoibhinn leis an duine
iasachta a shaoráidighe a chreideadh an
duine bocht maol na scéalta breághtha
san, agus cheap sé gur mhór an truagh
gan iad a thabhairt do.



“Is dóigh liom,” ar seisean, “gurab é
an cruadhtan is mó rug riamh orm — lá bhíos
ag siubhal cois trágha san Afraic Thiar.
Do bhí brothal beirbhithe ann agus cheapas
go raghainn ag snámh. Do bhaineas díom.
Isteach liom agus shnámhas tamall amach,
ach nuair chasas isteach arís cad a bheadh
idir mé féin agus an talamh ach Searc.
Seo chugham é. Thugas fé éalú. Bhí sé
ró luath dhom. Thumas fé. Thúm seisean
fúm-sa. ‘Táim réidh,’ arsa mise. Thugas
me féin suas do Dhia, ach sin é an uair
díreach a chuimhnigheas ar an sciain a bhí im'
phóca. D'oscluigheas í. Thug an Searc
arís fúm. Chuireas an scian n-a chab.
Leis an siubhal a bhí fé do scoilt an scian
go h-eirball é! Do shaor an scian me.”



Do mhol iascaire Cille h-Áirne an scéal
sin go mór. Dubhairt sé gur mhaith an
ceapadh an scian. “Agus cuireann san
i gcuimhne dhom,” ar seisean, “rud beag a
thárla dhom féin lá dá rabhas ar an loch
so. Bhíos ag iascach bradán. Ní fhuaireas
priocadh go ceann i bhfad. Tráthnóna thiar
d'éirigh an rud i bhfuirm bradáin. Chuaidh
an dubhán i bhfastódh ann. Síos leis.
Scaoileas dorugha chuige. Aníos arís leis
agus tharrgaingeas go dlúth air. Do dhein
sé fáinní agus lúbanna timcheall orm féin
agus ar an mbád. Bhíos 'á thraochadh.
Tháinig sé i n-aici an bháid uair. Fuaireas
mo ghatha. An mhaidean chéadna 'seadh
chuireas plannda fuinnseoige mar chois
ann. Chuireas an gatha 'na eirball. Bhain
sé cor as féin. Choimeádas mo ghreim.
Annsan do thúm sé. Tharraing sé thar bórd
me. Síos liom 'na dhiaidh agus greim ar
mo ghatha agam. Siúd linn araon fé'n loch
anonn. Ach bhíos dom bháthadh, bhíos dom
mhúchadh. Scaoileas uaim an gatha agus
thánag aníos. Bhí an báidín míle go leith
uaim!



Bliain is an lá san díreach — lá breágh
Bealtaine, bhíos ag iascach arís ar an loch.
Níorbh' fhada gur éirigh aníos chugham mo
sheana-chara, bradán na bliana roime sin.
Bhí marc maith agam air — an gatha bhí
sáithte 'na eirball agus fás bliadhna
tagaithe ar an bplannda fuinnseoige
agus duilleabhar nuadh á chlúdach! Thosnuigh-
eamar ar a chéile. An pléidhe bhí bliadhain
roime sin againn bhí sé arís againn. Bhí sé
chomh láidir le tarbh. Thugas i n-aice an
bháid é. Phreabas. Cheangluigheas téadán
an bháid de'n fhuinnseoig. Siúd leis an
mbradán. Shuidheas i ndeire an bháidín
agus dheineas an phíp a dheargadh. Thug
an bradán cúrsa an locha fá thrí. Bhí
cubhrán bán le tosach an bháidín 'na dhiaidh
aniar. Tráthnóna thug sé aghaidh ar Bhéal
na Leamhna. Síos an Leamhain linn. Fé
dhroichead na Leamhna linn. Thar Paróiste
na Tuaithe linn agus Cillorglan, gur bhain-
eamar amach an fhairrge ag an gCromán.
Siúd linn siar bagh an Daingin, thar na
Cealla, thar Cuan Cromtha, thar Oileán
Dairbhre go Ceann Breagha agus gach aon
chnag a bhuaileadh mo bháidín ar ailp fairrge
go measainn go bpléasgfadh sí. Nuair
bhíos ag an Sceilg cheapas gurbh' fhearr
stad agus do ghearras an téadán. D'imthigh
an bradán. Thánag-sa abhaile.



An Seabhac.



PAIDIR AR SON NA MARBH.



Ofrálaimíd suas cúig paidir, cúig Ábhé
Máire, cúig Glória Parta (?) agus Cré na
n-Aspal le h-anmann na marbh go dílis
dúthrachtach, leis an anam is déannaighe
d'fhág sinn is le gach anam eile is mó
atá 'na ghábhtar, le h-anmann ár ndlúth-
cháirde muinnteardha agus le h-anmnachaibh
bochta ná fuil aoinne leo féin ar an
saoghal so chun guidhe ortha. Cuirimíd
fé chuidiú na guidhe seo iad 'á iarraidh
ar Dhia na bhFlaitheas tré athchuinghe na
Maighdine Muire, má tá aon trioblóid
ó'n saoghal so ag déanamh aon díobhála
dá n-anam, fuascailt agus fuarthan agus
saorbhreithiúntas go dtugaidh Dia d'á
n-anam chun Ríocht na bhFlaitheas agus
ar [? d']anmnachaibh Purgadóireachta an
domhain mar orduigheann Dia agus an
Eaglais dúinn guidhe ortha, ar ár n-anam
féin nuair a ragham 'á iarraidh. Laigheadú
ar a bpianta, méadú ar a nglóire agus
go soilsighidh an Solus Glórmhar ortha agus
go gcomhnuighidh siad sa tSíocháin, Amen.



Muiris Breathnach.



[Paidir í seo a bhí coitianta i gCiarraighe sular
deineadh Aingliseóireacht ar an Eaglais againn.
B'fhéidir go gcuirfeadh duine éigin cóib níos iomláine
chughainn di. Fr. an L.].



Beir mo thuairisc go dtí an fear stuamdha
go bhfuilim-se 'meath,
Is gur thréigeas comh-luadar is cuideachta
fear;
Le fuacht mór mo ghualann go bhfuil mo
luirgne breac,
Agus buanacht na luaithne gur bhaineas
de'n chat.



Ó Scanaill, cct.



MAINISTIR NA MÓRNA
FEIS & CLEASA LÚITH



18adh lá de MHÍ an IÚIL



Tagaidh uile beidh togha spóirt ann — RINNCE,
AMHRÁIN, BHEIDHLÍN, CLEASA LÚITH dhá fheabhas;
Duaiseanna flaitheamhla: Buinn Óir, &c.



Gach eolas le fagháil ó Rúnaidhe na Feise



“MIC MO ROGHA!”
(“Mick for me”)



Caith Tobac



“MIC Mc QUAID”



is é is fearr ar domhan



Isiad lucht a dheunta —



P. Ó CEARBHAILL
is a Chua (Teor)
DÚNDEALGAN



COLÁISDE
CHAIRBRE



CUAN DOR



Mí Lughnasa. 1926



Ball-searc an deiscirt Cuan Dor



GAEDHLUINN MHAITH
OLLAMHNACHT ANA-MHAITH
AOIBHNEAS MÓR TÍMPAL
agus
LÓISDÍN GAN LOCHT



MICHEÁL Ó CUILLEANÁIN, O.S.,
An Sciobairín,
Rúnaí



ÉIST! A Ghaodhail na n-aran



Má tá CLÓDÓIREACHT uait
cabhraigh le
SPREALLAIRÍNÍ DUBHA SHASANA;
LEÓ SIÚD ATÁ LÁN DE PHÓNAIRE;
nú le
TADHGÍN A' DÁ THAOBH,
Ach ar t'anam ná dein ach
MACHTNAMH ar CHLÓ NA LAOI
(21 Terrace Theas), Corcaigh.


L. 60


AN LÓCHRANN.



Seoltar i dtaobh cúrsaí gnótha nó airgid nó
díolacháin nó fógríochta an pháipéir seo go dtí —



Bainisteoir “An Lóchrann,”
27 Sráid Tucaí i gCorcaigh



agus



Seoltar litreacha i dtaobh eagarthóireachta agus
scríbhneóireachta go dtí —



Fear Eagair “An Lóchrann,”
119 Bóthar Morehampton, Domhnach Broc
Bleá Cliath.



Seoltar síntiúsaí oinigh go dtí —



Tadhg Ó Tuama,
Muirebhille, Bhóthar Bhictória,
Corcaigh.



“An Lóchrann” saor tríd an bpost ar feadh
Bliana 3/6



AG MÚSCAILT.



Tá lucht na Gaedhilge ag múscailt arís.
Tá a nglór le clos thoir is tiar ar fuaid
na tíre ag fógairt agus ag teagasc an
chreidimh fhírinnigh .i. gurab é an Gaedhealachas
an chuspóir náisiúntais is tábhachtaighe, is
uaisle agus is riachtanaighe i láthair na
h-uaire seo. Tá a chomhartha ann go bhfuil
cuid de na Gaedhil 'á thuigsint le tamall
gur rud beag naoi lá aon chineál polait-
íochta atá ann fé láthair — gur rud polait-
íocht a bhíonn géar teasaidhe ar nós fiabhrais
ar feadh na laetheannta a mhaireann sí ach
go dtrághann sí nuair a imigheann an teas
agus riachtanas na h-aon uaire a thug ar
an saoghal í. Ní'l sa pholaitíocht ach práinn
na h-aon uaire. Ní h-ionnam san agus
an náisiún. Maireann san choidhche nó
gheibheann buan-bhás. Tá Gaedhil ag teacht
ar an dtuigsint sin arís. Is maith é agus
is mithid.



Ní mór do lucht na Gaedhilge bheith i bhfad
níos dána agus i bhfad níos glóraighe i
dtaobh a gcuspóirí féin. Ní'l aon chuspóir
eile is aoirde náisiúntas ná ath-Ghaedhealú
ár ndaoine agus aon duine chuireas aon
rud eile roim an rud san NÍ GAEDHEAL É.
Sin é iomláine an scéil.



Dá bhrí sin cuirtear an Gaedhealachas os
cionn gach uile ní. Tugadh cách géilleadh
dho agus deineadh cách saothar do. Ná bíodh
aoinne ag cur a choinsiasa chun suaimhnis le
bheith 'á rádh gur cheart nó gur mhait an rud
go gcuirfeadh an Rialtas so — nó an Rial-
tas eile ba mhaith leo féin — an Ghaedhilg ar
a bonnaibh. An té ná déanfaidh a chuid féin
de — 'na phearsain féin, 'na ghnó féin, 'na
thinnteán féin — ní'l ann ach gal suip nó
teanga liom leat a fhágann rudaí mar
bhíodar roim ré. Bíodh feidhm sa ghnó. Ní
mhairfidh Gaedhilg gan í labhairt agus ní
mhairfidh sí i dteaghlachaibh mara dtugtar
do'n chlainn óig í. Ní bheidh ainm Ghaedheal-
ach ar dhuine mara ndeinidh sé troid gach
lá i gcoinnibh an dreama nach maith leo
ainm Ghaedhealach a bheith ar aoinne agus ná
leigfidh d'aoinne í chur air féin mara ndeinidh
sé troid. Tugadh Gaedhil fé eirghe las-
náirde de dhrisibh agus de neanntógaibh na
n-achrann a bhí i nÉirinn le ceithre bliana
agus fógruídís teagasc uasal na náisiún-
tachta — an náisiúntacht d'ár di Cormac
agus Brian agus Ceallachán agus Seán an
Díomais agus Pádraig Mac Piarais agus
na céadta miliún Gaedheal dár mhair agus
dár éag i nÉirinn riamh. Is é ar ngnó-na
iarrachtaí agus cuspóirí na tíre a cheangal
de'n smaoineamh san agus iad a rialú agus
a stiúrú dá réir.



Fr. an L.



BUIDHEACHAS.



I n-uimhir na Samhna agus arís i n-uimhir
Abrán agus Bealtaine bhí i gcló liostaí
d'ainmneacha daoine thug síntiúsaí oinigh
do'n “Lóchrann.” Seo 'n-ár ndiaidh annso
liosta d'ainmneacha daoine eile do chabhruigh
linn sa tslighe chéadna. Dóibh go léir, de
bhárr a mór-fhéile, tá ár bhfíor-bhuidheachas
ag dul. Ní'l deire le líon ár gcarad sa
méid seo ámh, agus fillimíd ar an scéal
arís.



LIOSTA.



£ s. d.



Máire Ní Mhainin, O.S,,
Baile 'n Fhiritearaigh 1 0 0



Conbheint Trócaire Naomh Muire,
An Oileáin, Corcaigh 1 0 0



Séamus Ó Casaide,
Cluain Tairbh 1 0 0



Pádraig Ó Dálaigh,
Áth Cliath 1 0 0



Mícheál Smidic,
Áth Cliath 1 0 0



Mícheál Ó Ríoghbhardáin, O.S.,
Áth Cliath 1 0 0



Pádraig Ó h-Aodha, M.G.
Béara 10 0



Muiris Ó Cathain, O.S.,
Áth Cliath 10 0



Cormac Breathnach, O.S.,
Áth Cliath 10 0



Bean Uí Éaluighthe, O.S.,
Áth Cliath 10 0



Máire Ní Shíothcháin, Droichead Dortha
Áth Cliath 10 0



“AN SCUAB.”



Is clos dúinn go bhfuil “An Scuab” 'á
thógáil ar láimh ag dream nua agus go
bhfuiltear a shocrú chun go bhféadtaí lean-
úint de. Beidh moill míosa ar an gcéad
chur amach eile do réir mar is clos dúinn.
Tá súil againn go mbeidh scuabadh maith
fairsing á dhéanamh arís aige mar ba
dhual do.



Fr. an L.



ORTHA NA bhFRANNCACH.



Tá a fhios ag gach duine a tógadh in
san nGaedhltacht go mbíodh daoine ann
gur bh'fhéidir leo Franncaigh do chur ó áit
go h-áit fé mar ba thoil leo. Deirtear
go bhfuil daoine ann fós a dhéanfadh é. Le
h-ortha is eadh deintear é, agus tugtar
díolfiach maith uaireanta do'n té dhíbrígh-
eann na Franncaigh amach as tigh, mar crádh
éachtach mór do dhuine is eadh Franncaigh a
bheith in a thigh.



Thugas féin cuaird air Chlaedigh um
Nodlaig seo caithte, agus do h-ínnseadh
scéal dom ann i dtaoibh mná áirithe air a
dtugtí Peig Ní Bhuachalla, go mbíodh sé de
bhuadh aici na Franncaigh do dhíbirt. Bhíodh
sí in a cómhnaidhe ar Doire Aimhréidh, baile
atá ar an dtaobh theas de Ghleann Chlaedíghe,
ar an mbóthar mór ó Chill Áirne go Baile
Bhúirne. File searbhasach do b'eadh í, agus
cuireadh fios uirthe, oidhche Gheimhridh, go tigh
feirmeóra, chun Franncaigh do dhíbirt as an
áit. An oidhche chéadna, bhí an tigh lán de
dhaoinibh ó'n gcómharsanacht do tháinig ann
ag scoruídheacht. Ortha so do bhí fear oibre
ar a dtugtí “Braidlí” mar leas-ainm.
Nuair a chualaidh seisean cad do thug Peig
ann, do dhírigh sé air bheith ag magadh fúithe
agus ag fonómhaid, mar nár chreid sé in
aon ortha, ná go bhféadfadh aon chómhacht
de'n tsórt san a bheith ag éinne. Níor
labhair Peig focal. Tar éis ana-chuid
magaidh a bheith déanta, agus na daoine a
bhí istigh ag eirighe cortha dhe, d'athruigh fear
an tighe an scéal, agus d'iarr sé ar Pheig
Ní Bhuachalla labhairt.



“Cé leis go labhrfad?” arsa Peig.



“Labhair leis na Franncaigh,” arsa fear
an tighe.



Do labhair Peig mar leanas:



“Aoir agus athchuingí iaraim ar an bhFran-
cach is liaithe agaibh,
Bríste ‘Bhraidlí’ d'fhiadhach dom, a's é a
ghearradh a's a stiall go mion;
Ó is fíor go bhfuil seana-bheist liath air
nár tumadh fós riamh sa tsruth
Stríocaidh ó dheas agus siar é, a's bíodh
giobail in bhúr ndiaidh go tiugh,”



Nuair a éirigh “Braidlí” lá ar na
bháireach, ní raibh de'n bhríste ná de'n bheist
fágtha aige, ach na giobail.



Seán Ó Cuill.



1. Do dhaoine fad-shaoghlach is fearr
cáirde na h-aimsire.



2. An rud is eagal liom a rádh liom bíodh
a thúis agam féin.



3. “Cionnus taoi'n tú, a Dhiarmaid?”



“Cuibheasach gan a bheith maoidhteach,”
arsa Diarmaid, “ná ró claoidhte ach ag
caitheamh an tsnátha liom mar bhíodh seana-
mhná Cnoc na Gaoithe.”



Seán Ó Cadhla,
Chuilinn.


L. 61


AN TOST.



1916.



An Aoine tar éis na Cásga do bhí ann.
Do b'fhada ó chonaic Baile Átha Cliath Cáisg
chomh h-áluinn aimsear — grian an earraigh
ag taithneamh anuas gach aon lá as spéir
gan smál. Ach bhí lasair ba thréine agus
ba ghlórmhaire ná an ghrian féin ar lasadh
sa chathair aoibhinn, agus gaethe na lasrach
san ag imtheacht ar fuaid an domhain —
lasair an tír-ghrádha do sprioc buidhean
bheag Gaodhal chun Éire do shlánú le
h-ídhbirt fhola. An troid sin fé ndeár
folamhas na sráideanna agus an ciúnas
ait corruitheach do réabtí anois agus arís
ag “fuaim an mhacalla agus lámhach gunnaí
tréan.”



Duairc go maith do bhí Seán Ó Suibhne
agus é 'n-a luighe san ospidéal mar ar
tugadh é uair a' chluig roimis sin. Ní ar
an nglóire a luigheann smaointe an té go
mbíonn a ghlúin 'n-a dhá leath ag piléar. Bhí
a chuid smaointe ag casadh arís agus arís
eile ar an mbóthar gcéadna. Bunú na
n-Óglaoch sa mbliadhain 1913; an fás mí-
chuibheasach do bhí fútha ar dtúis, an meath
mí-chuibheasach ar ball; díoghrais an dreama
d'fhan dílis; an dubhsglábhuidheacht do bhí
déanta aige féin ar son na cúise, agus
anois — buille leinbh i n-ionad buille tréin-
fhir, an neart go léir imthithe ar neamhnidh,
agus dóchas na Banban múchta.



Nuair a chuimhnigheadh sé ar a chás féin is
beag má bhíodh an sgéal aon phioc ní b'fheárr.
An obair i n-a raibh sé sáithte le cúpla
bliadhan, bhí de bhuadh aici ná tugadh sí
uain dó ar a sgéal féin do chásamh
mórán. An phian úd do bhíodh 'n-a chroidhe
tar éis do Mháire é thréigean, bhí sí nach
mór dearmhadta aige. Ach bhí deire leis
an obair sin feasta, dar leis, agus bheadh
an t-ádh leis mura mbeirtí air agus é
ropadh isteach i bpríosún, agus b'fhéidir
cos bhacach bheith fé go deó. Ba bhreágh an
saoghal do bhí roimis!



Do h-osgladh an dorus agus ghaibh banaltra
na h-oidhche isteach. Ní raibh sa tseómra ach dhá
leabaidh; fear eile do bhí sa tarna ceann agus
gan cor aige dá chur de. Dhein an bhanaltra
anonn air sin agus d'fhéach go géar air.
Annsan tháinig sí anall mar a raibh Seán.
An chéad fhéachaint do thug sé uirthi, d'aithin
sé an folt ciardhubh agus an béal miochair
do chuireadh a chroidhe ag preabadh — cé'n
fhaid ó shoin?



Máire! A Dhia, nár leór a raibh de
bhriseadh-chroidhe air gan an tseana-chréacht
d'osgailt athuair!



Níor thug sé an tarna féachaint uirthe ach
d'iompuigh ar a chliathán go fann, agus an
tseana-phian ag réabadh a chroidhe istigh.
An grádh do mheas sé bheith marbh, bhí sé beó
dáiríribh anois, agus é ghá chéasadh. Cad é
an tuairim a bhéadh aici fé'n éirighe-amach?
Níor dhóichighe sgéal de ná go gcuirfeadh sí
a mallacht air, ar nós na mban úd do
dhiúltuigh cabhair ar bith do thabhairt leis
féin nuair a gonadh é.



“A Sheáin,” ar sise, go réidh. Má
chualaidh sé an focal, ní thug sé aon áird
uirthi.



“A Sheáin, ba bhreágh an troid do
dheineabhair. Beidh ainm na h-Éireann
anáirde go deó!”



Bí cinnte gur airigh sé an méid sin.
Dá mhéid do bhí an ghlúin ag cur air,
d'iompuigh sé sa leabaidh agus d'fhéach suas
uirthi. Ní ag magadh do bhí sí, dar leis.



“An dáiríribh ataoi?”



“Am' briathar go bhfuilim, a Sheáin.”
Do thuig sí nár mhór cur leis an méid sin,
agus do chuir: “Is amhlaidh a fuaras ciall
Dia Luain seo caithte,” ar sise.



Bhí sé ag féachaint uirthi fós, agus eagla
air sul a ndeineadh sé deimhne d'á dhóchas.
Taidhbhreamh do bhí d'á dhéanamh dó, is dócha,
agus dhúiseochadh sé ar ball.



Chuir sí lámh léi ar chlár a éadain go mín
réidh. Ní túisge do chuir ná bhuail seisean
lámh leis anuas ar an láimh sin. Is amhlaidh
a bhí leath-choinne aige go n-imtheochadh gach
aonnidh ar ceal sar a n-éirigheadh leis an
méid sin do dhéanamh; ach d'éirigh. Do rith
leis, de phreib, gur ar a láimh clé do bhí
greim aige, agus ná raibh aon fháinne uirthi.
Má ba thaidhbhreamh é seo, mheas sé nár
mhiste leis tuille d'á shórt!



“A Sheáinín” ar sise (agus do bhíodhg a
chroidhe ar an leas-ainm do chlos dó), “éist
liom go fóill. Beidh na saighdiúirí ag
teacht ar maidin amáireach ag cuardach an
tighe seo, agus aithneófar láithreach tú.
Caithfir éalú as so ar chuma éigin — ach ní
fheadar conus.”



“Nach féidir mé aistriú anocht?”



“Ní féidir. Cuid de mhuinntir na
sráide seo adubhairt leó go raibh Ógláigh
ghonta annso, agus bheidís ag faire.”



Thuit an lug ar an lag aige arís. Dá
mbéadh a chiall cheart aige, b'fhéidir go
gcuimhneochadh sé ar sheift éigin — ach ní raibh
ann machtnamh dá leithéid do dhéanamh tar
éis ar ghaibh sé tríd, gan trácht ar phéin na
glúine.



Do thóg Máire an lámh dhe (ba leasg leis
bogadh dhi), agus do chuaidh anonn go dtí
an leabaidh eile. An fear do bhí innti,
níor chuir sé aon chor de ó shoin. D'fhan sí
neómat ag féachaint air, agus annsan do
tháinig thar n-ais go dtí Seán.



“Dá mbeitheá marbh,” ar sise, “ní
bhacfadh na saighdiúirí thú. Is amhlaidh a
gheobhaidís sásamh sa sgéal.”



Dá mbéadh sé marbh! “Ní thuigim,” ar
seisean.



Do shín sí méar i dtreó na leabthan eile.
“Tá sé siúd marbh le dhá uair a' chluig
agus tá sé cosamhail go leor leat-sa.
Dá mbeitheá-sa 'n-a leabaidh sin, agus
eisean annso, bheidís sásta nuair a chífidís
an éide Ógláigh le n'ais. Dá mbraithidís
aon atharrach ad' dheallramh, déarfaidís
gurbh é an bás fé ndeár é.”



Thuig sé an sgéal annsan, ach ní raibh aon
ionntaoibh aige aisti mar sheift. “Airiú,” ar
seisean, “cad mar gheall ar a mhuinntir
siúd — ná beid siad ag teacht? Agus ní
h-amhlaidh a fuair sé bás i gan fhios d'aoinne!”



“Ní fál go h-aer é. Fear é sin do
leagadh sa tsráid seachtmhain ó shoin, agus
níl fiú a ainm againn. Ní tháinig duine
ná deóraidhe ag cur a thuairisce ó tugadh
annso é. Mise agus an séipilíneach do
bhí le n'ais nuair éag sé, agus ní baoghal
duit an sagart.”



“A Mháire, murab ort-sa atá an ceann!
Agus dá n-abrainn é, tá do chroidhe dá
réir.”



Do gháir sí. “Seo, dá luathacht a
dhéanfaimíd an malairtiú iseadh is feárr
é — d'eagla aoinne do chur isteach orainn.
Taraingeochad do leabaidh-se anonn go
dtí an leabaidh eile ar dtúis, agus annsan
caithfidh tusa éirighe isteach sa cheann eile.
Mura mbéadh na h-uimhreacha bheith ortha níor
ghádh san.”



“Ach cad mar gheall ar — an marbh?”



“Ná bíodh ceist ort. Táim taithightheach
go leór ar chorpáin ó thánag annso.” Le
n-a linn sin bhí sí ag tarang na leabthan go
réidh treasna an urláir, go raibh an dá
leabaid le h-ais a chéile.



“Anois,” ar sise, “caithfir-se éirighe
agus fanamhaint ad' sheasamh an fhaid a
bhéad ghá aistriú so.” Ní gan mórán d'á
dhuadh do tháinig leis éirighe, ach ba mhór an
sólás dó an taca do bhí aige chuige.



D'iompuigh sí annsan chun an mhairbh.
“Tusa Seán Ó Suibhne feasta” ar sise
go staidéarach. “Trócaire Dé le t'anam,
a Sheáin.”



“Amen,” arsa'n té do bhí 'n-a sheasamh
idir an dá leabaidh.



Do thogh sí an corpán bocht go solamhanta
urramach, agus do chuir sa leabaidh eile é.
Annsan do chabhruigh sí le Seán chun éirighe
isteach sa leabaidh fholamh. Nach fuar do
bhí sí! Níor fhéad sé gan bheith ag crith leis
an bhfuacht agus le h-eagla éigin íogair a
bhain leis an marbh.



Ach ní fada d'fhan cuimhne an mhairbh aige
agus cuideachta Mháire aige. Fiche neómat
'n-a dhiaidh san, bhí an teódas ag rith tré n-a
bhallaibh beatha go léir, agus an leabaidh
eile thar n-ais mar a mbíodh sí. Tháinig
Máire isteach arís.



“Cuimhnigh,” ar sise, “gur Liam Ó
Brádaigh is ainm duit go fóill. Cuimhneoch-
aidh tú air sin nuair a dhúiseochair ar
maidin, agus tiocfaidh do “dhriotháir” ad'


L. 62


MÁ THEASTUIGHEANN UAIT
LEABHAR GAEDHILGE DE
SHAGHAS AR BITH



Gheobhair annso é



Deinimíd



LEABHAR an ATHAR PEADAR
do chraobhscaoile



Sinne Muintir



BRÚIN & NUALLÁIN
2 Sráid an Chócaire,
i gCORCAIGH



PÁDRAIG DE BÚRCA
10 SRÁID CHÚC, CORCAIGH



A GHAEDHEALA! Nuair a bheidh TAE, SIÚICRE,
TOITÍNÍ, &c., ag teastáil uaibh ceannuighidh
uaim-se iad



D. T. Ó SÚILLEABHÁIN



Reiceadóir Rothar & Mótar
Gunnaí agus Ceatrisí



37 SRÁID CHÚC I gCORCAIGH



lorg um thráthnóna, agus beidh tú chomh
maith sin go n-árdochaidh sé leis thú.”



“Tuigim, a Mháire. Mura mbéadh tusa
bhí an príosún, ar a luighead, i ndán dom.
Ach …”



“Ach cadé?”



“Cathain a chífead arís thú, má imthighim
as so?”



Do gháir sí go meidhreach. “Tá aithne
agam ar do “dhriotháir” agus chífimíd a
chéile mar sin. Pól so againne a bheidh
ann — tá sé pósta. Ach ba chóir duit-se
bheith ad' chodlad fé'n am so” — agus
d'imthigh sí.



Codladh? Conus a chodlochadh sé agus
an t-amhrán úd ar siubhal 'n-a chroidhe? “A
bhuidhe le Dia na nGrást, agus le Muire
Mháthair, Cúis ár n-áthais!” adeireadh sé,
arís agus arís eile. Agus sin mar do
thuit sé d'á shuan sa deire.



An mhaidin a bhí chughainn, tháinig banaltra
eile isteach. Ní bhéadh am Mháire istigh go
ceann tamaillín eile. Dhruid an cailín
eile anall chúichi.



“Nach iongantach ar fad an t-éirighe atá
déanta ag Uimhir a 15?” ar sise. “Ba
dhóigh leat nach é an duine céadna i n-aon
chor é.”



“Is iongantach,” arsa Máire. “Dubhairt
sé liom gurab amhlaidh a bhíodh buairt mhór
éigin ag cur air, ach gur tógadh an t-ualach
d'á chroidhe aréir. Agus thug sé a ainm
agus a sheoladh dhom.”



Do ghluais mí. An racht guil do tháinig
ar na spéartha féin agus iad ag caoineadh
na sár-laoch do thuit, bhí sé i leathtaoibh,
agus níor dhóigh leat ar aghaidh na tíre
indiú go dtáinig brón riamh ar chlainn
Adhaimh.



Dá mbeitheá i mbeann Éadair, chífeá an
bheirt ag siubhal le cois a chéile ar imeall
na coille bige, cailín bláthmhar agus óigfhear
go raibh éislinn éigin bhacaighe ann. Tar
éis tamaill do shuidheadar. D'fhéach an
cailín roimpi amach ar an áilneacht do bhí
'n-a dtímpal ar gach taobh agus a croidhe
lán d'aoibhneas na h-uaire.



Is mó uair, roimis seo, d'fhéach Seán Ó
Suibhne ar an radharc gcéadna, agus ba
mhinic é ghá dhearbhú ná raibh a shárú de radharc
ar domhan. Ach an uair seo, adeirim, ní ar
mhuir ná ar thír do bhí sé ag féachaint. Mar
adeir lucht na matematica, is móide uille
an radhairc a ghiorracht a bhíonn an rud
duit, i gcás gur féidir dod' láimh, ach í
bheith i n-aice do shúl, aghaidh na gréine do
cheilt ort. Ar an gcuma gcéadna — ach
ní léigheacht é seo.



Fé dheire do labhair sé.



“A Mháire,” ar seisean, “an cuimhin
leat … an cuimhin leat an uair
úd a bhí fáinne agam duit?”



“Is cuimhin, go maith.”



Do sgeinn smóilín anáirde as an aiteann
le n-a dtaobh — sul a gcloiseadh sé a thuille,
is dócha.



“Sdó, tá — tá — tá (bhí lóipín ar a thean-
gain, cinnte!) — tá sé am' phóca anois.
Cuir i gcás …”



Focal ní dubhairt sí, ach do sín an lámh
chlé chuige. Bhí greim aige ar an láimh eile
le tamall. Do chrom an smóilín ar
channtain ar a dhícheall lastuas.



Ach dá mhéid binneas a bhí sa cheól, ba
bhinne ná é an tost.



Barra Ó Caochlaoich.



ÁILNEACHT LÉIN-LOCHA.



I gcaol-ruis im' aonar i ngaortha ghlas aoibhinn,
Cois léin-locha 'raer is mé ag taisteal um neóin,
Bhí tímpireacht ag éanaibh i ngéagaibh im' thimcheall
Do réidhfeadh gach daoirse le h-aiteas a gceóil.
Bhí míolta 'gus tréan-phuic ag pléireacht ar ínseacha,
Slaod mheala i gcír age beacha chun stóir;
Na crainn uile ag géilleadh le h-aontortha milse
Is mianach glan soillse le h-amharc an óir (?).



Éisc mheara ag preabadh chun tailimh ó'n líon,
Géim ag an easaigh ar shleasaibh an ghlinn,
Is d'á réir ba thaithneamhach maise gach baill
Ó thaobh Tuirc go Leamhain is as san go Rinn.



Finghin Ó Scanaill, cct.



TOBAR NA SÚILE.



Bhí feirmeóir 'na chómhnaidhe i n-aice le
Baile Thaidhg i gCiarraighe. Bhí an tigh aige
i n-aice le Tobar na Súile atá sa ghleann
ach ní as an dtobar san a gheibhtí aon uisce
chun gnó an tighe a dhéanamh leis.



Tráth d'á dtáinig, fuair sé cailín aimsire
ó áit éigin i bhfad ó bhaile. Tráthnóna d'á
raibh sí ag ullmhú béile na h-oidhche dos na
fearaibh a bhí ar an ngort, thárla ná raibh
aon bhraon uisce istigh agus b'éigean di
dul 'á iarraidh. Toisc gan eolas na
h-áite aici thóg sí as an gcéad tobar a
bhuail léi é — Tobar na Súile. Chuir sí lán
chitil de ar an teine. I gcionn uair a
chluig ní raibh aon teas tagaithe ar an
uisce. Mhéaduigh sí an teine fé ach níorbh'
aon mhaith é — ní théidhfeadh an t-uisce.



Tháinig an feirmeóir agus na fir isteach
agus nuair ná raibh an biadh ullamh dóibh
bhítheas ag gearán. Leis sin d'innis an
cailín go raibh trí theine mhóna caithte fé'n
gciteal.



“Cá bhfuairis an t-uisce?” arsa fear
an tighe.



“Fuaireas i dtobar sa Ghleann é,” ar
sise. B'éigean di dul agus an áit a
thaisbeáint do.



“Faid a mhairfidh tú beo,” ar seisean
léi, “ná cuir braon de'n uisce sin ar
theine. Sin é Tobar na Súile agus ní
chuirfeadh a bhfuil de mhóin i n-Éirinn ar
fiuchaidh é.”



Daoine go mbíodh galar súl ortha
thagaidís go dtí an tobar so agus
thugaidis “turus” air. Deintí an tsúil a
nighe leis an uisce agus is minic a leighistí
daoine mar sin. D'fhágadh daoine comharthaí
'na ndiaidh ag an dtobar — cuir i gcás
cnaipí nó snátha olna nó eanga éadaigh.



Mícheál Ó Raghaill,
Daingean-Uí-Chúise.



DÁ mBEITHEÁ THIAR.



Beirt phósta a bhí ann agus bhíodh an fear
ag déanamh gaiscidh i gcomhnaidhe faoi'n áit
a bhí ag a mhuinntir san iarthar. Gach uair
dá ndéarfadh an bhean rud ar bith i dtaobh
a h-áite féin déarfadh seisean — “Dá
mbeitheá thiar!”



Sa deireadh chuaidh sí siar i gan fhios dó
agus tháinic sí aniar. Nuair a bhí sí ag
cainnt faoi rud eicínt dubhairt seisean —
“Um! Dá mbeitheá thiar.”



“Bhí mé thiar,” ar sise.



“Céard a chonnaic tú thiar?” ar seisean.



“Sean-fhear críon, liath,
Sean-bhean gan aon chiall,
Sean bhó bhreac gan laogh, gan lacht,
Agus pocaide gabhair ceangailte ar
iall.”



Séamas Ó Glasáin do sholáthruigh
sa Ceathramhain Ruaidh,
i gConnachtaibh Thiar.


L. 63


GAOIS.



Slibire de gharsún a b'eadh é seo. Bhí
biorán sábháltha i mbóna a chasóige; bos a
chaipín briste ag iomad fearthaine 's leadhb
de anuas ar a shúilibh; cúl an chaipín chéadna
ag tarrac gaoithe go fairsing agus liataisí
bróg air gur mhór an éirim aigne bhí ins an
té thug fé iad a shnasadh, mar snasta a
bhíodar. Obair i siopa bhí uaidh agus dada
eile ní thógfadh sé.



N'fheadar cad a bhain do Thadhg na
Cluaise agus é leigint isteach 'na shiopa.
Is mó fear carthanachtúil a thabharfadh béile
bídh do agus déarfadh leis annsan bheith ag
bogadh, acht b'fhéidir go dtug Tadhg fé
ndeara féachaint ghéar na gaoise 'na dhá
shúil agus bhí a fhios againn go léir go raibh
fód ar Thadhg.



B'é a chéad lá san tsiopa é agus ní
nárbh' iongnadh bhí Máirín 's Brighdín 's
Gobnait ag freasdal go mion minic ar
thigh Thaidhg. Níor bh'é gnás muinntire ár
mbaile-ne coimhthigheach bheith na measc gan
súil a choimeád air. Caithfí é bhreithniú agus
a thomhas agus a agallamh.



Tháinig aimsir an dinnéir agus chuir Tadhg
na mionna dubha ar an ngeócach gan luach
cionóige leigint uaidh ar cáirde. Fuair
sé na leabhair bhreaca agus na geallúintí
díochra ná leigfí agus b'sheo leis isteach
sa chistin.



B'shin í an chaoi a bhí ó Mhaidhc Fhada.
Shúghfadh a bhróga báisteach ó Mhám na
Fearthaine agus maidir le gaoith bhíodh
fuarmáil agus feadghail aici tímcheall a
órdóg nuair a shéideadh sí andeas. B'sheo
seans chun a malairt d'fhagháil agus seo
isteach chun an gheócaigh é. Pheidhre bróg
a bhí uaidh. Bhíodar ag an bhfear beag agus
b'é sás a molta é. Ní raibh Maidhc ró dhian
agus deineadh an margadh ar naoi sgillinge.



Ceathair is raol a bhí ag Maidhc 's bhí an
diad de dheabhadh air! Bhí na prátaí ar an
ithir, is an claidhe manntach agus bheadh sé
annso amáireach leis an gceathair 's raol
eile. Cad é an dearmhad a bhain do agus
é d'fhágaint na dhiaidh — ná raibh sé 'na
bhríste Domhnaigh i dteannta roinnt nótaí!



“Gheobhainn an bóthar,” ars an bioránach
óg, “dá dtugainn duit iad.”



“Ó! ná bíodh ceist ort,” ars Maidhc,
“tá aithne mhaith ag Tadhg orm-sa.” B'fhíor
do san — bhí aithne ag Tadhg air agus a
chúis aige.



“Ó má tá,” ars an díthreabhach, “déan-
faidh san.”



D'fheistigh sé suas an beart!



“Beir annso amáireach?” ar seisean.



“Gan teip,” arsa Maidhc, is a theanga
na phluic.



Ghread sé leis an doras amach agus i
gceann tamaill tháinig Tadhg ó'n gcistin.



“Ar dhíolais aon ní ó shoin?” ar seisean.



“Pheidhre bróg.”



“Go maith! Fuairis airgead ortha?”



“Ní bhfuaireas ach a leath,” arsa mo dhuine.



“A mhífhortúnaig, ná dubhairt leat gan
faic a leigint uait ar cáirde. Seo, a
phleidhce amadáin, gluais is ná feicim
arís tú.”



“Do Mhaidhc Fhada a thugas iad agus
beidh sé annso amáireach leis an airgead.”



“Do Mhaidhc Fhada! Sgrios adeirim!”
agus chuir sé liúgh as.



Níor chorruig an buachaill. Dhún sé a
shúil chlé go gasta agus tháinig mionga
gaire na bheólaibh.



“Tabharfaidh,” ar seisean, “Dhá bhróig
chlé a thugas do agus bheidh sé annso ar
maidin.”



B'fhíor do.



Tamall ó shoin ó thuit so amach ach
ráinigheas an tslíghe anuraidh agus bhí ana
oidhche agam. Pósadh ingine Thaidhg leis
an slibire a bhí ar siubhal. Ach níor shlibire
é an tráth so ach fear groidhe cumasach.
Cloistear dam ó shoin ná fuil aon chúram
ar Thadhg anois ach ag luascadh cliabháin
agus ag coimeád na sicíní ó'n ngarraidhe.



S. Ó M.



AN DÁ CHOMHAIRLE.



Dhá chomhairle thug athair dá mhac bhí ag
fágaint an bhaile:



(1) “Ná bí cruaidh agus ná bí bog!
I gcúntas Dé, a Sheáin, ná bí ró-bhog ach
go h-áirithe!”



(2) “Má bheireann fear ar bith cor
asat aon uair amháin mo náire air-sean!
Má bheireann sé an cor asat an tarna
h-uair mo náire ort-sa!”



Beir mo thuairisc go dtí an fear stuamdha
go bhfuilim-se 'meath,
Is gur thréigeas comh-luadar is cuideachta
fear;
Le fuacht mór mo ghualann go bhfuil mo
luirgne breac,
Agus buanacht na luaithe gur bhaineas de'n
chat.



Ó Scanaill, cct.



Adeir fear Leitir Calaidh le Sagart
Leitir Mhór lá — “tá fad mhéire de pháiste
le baiste' agam. An mbaistfidh tú é?”



“Má tá,” ars an Sagart, “beir leat
aniar in do phóca ar ball é.”



(Ó'n gCeathramhain Ruaidh).



SEÁN Ó CONAILL



Dealbhóir Gaedhlach,
SRÁID MHIC CHURTÁIN, CORCAIGH



Sgríobh ag triall air



COLÁISDE
na
MUMHAN



I mBÉAL ÁTHA
'n GHAORTHAIGH



BEIDH AN COLÁISDE AR
SIUBHAL, Mar ba ghnáthach,



I MÍ IÚIL AGUS I
MÍ na LUGHNASA



Gheobhfar gach tuairisc i dtaobh na
Coláiste ó'n Rúnaí —



LIAM DE RÓISTE,
27 Grand Parade,
Corcaigh



AN BONN
a's
AN CORN
a's
AN CHRAOBH DO'N
LÚTHAIDHE



AN SEÓD LUACHMHAR
& obair chondualach air



An stoc so againne-ne níl
a shárú in Éirinn
breághthacht agus buaine



LIAM MAC AODHGÁIN
Is a Chl. Mhac
Seódoirí agus Gaibhne geala,
31 & 32 SR. PHÁDRAIG NAOMHTHA
I gCORCAIGH


L. 64


CHÓMH BLASTA
le
H-AON-ÍM!



MARGAIRÍN
“LEANDAR”



TÁ 'Á DHÉANAMH
I gCORCAIGH



ag



Ó DUBHDAILL
Ó MATHÚNA
agus a gCualacht



Bí 'á lorg ar lucht siopa,
led' thoil.



AN PHÍOB CHEOIL.



Bhí feirmeóir ann aon uair amháin agus
bhí aon mhac amháin aige gurbh' ainm do
Conchubhairín. Nuair a bhí an mac deich
mbliana d'aois cailleadh a mháthair. Bhí
an feirmeóir annsan gan aoinne aige chun
bó a chrúdh nó chun béile bídh a ghléasadh.
Phós sé baintreach go raibh beirt mhac aici.
An fhaid a mhair a athair do leog an leas-
mháthair uirthi go raibh ana-chion aici ar
Chonchubhairín, ach ní fada gur cailleadh an
t-athair agus d'fhág san an saoghal ar mí-
chomhthrom ag an dighileachtaidhe. D'fhág
an t-athair a raibh aige le h-udhacht ag
Conchubhairín agus chuir an méid sin an
leas-mháthair le báiní agus bheartuigh sí 'na
h-aigne Conchubhairín a chur chun báis.



Bhí dhá chaora aca agus chuireadh sí ar an
sliabh i bhfad ó'n dtigh gach lá iad. Nuair
a théighidís amú chuireadh sí Conchubhairín ar
a lorg agus nuair ná beireadh sé abhaile
iad do dhíoladh sé as. Bhíodh sé amuich fliuch,
tirm; moch, déannach. Bhíodh sé 'á leathadh
leis an bhfuacht agus leis an ocras, agus
nuair a chruadhadh an scéal go mór air
chromadh sé ar ghol i lár an tsléibhe amuich,
agus do ghlaodh ar a athair is ar a mháthair
teacht agus é bhreith leo ó'n leas-mháthair.



Bhí sé ag gol go cráidhte mar sin lá
nuair a sheasaimh duine beag, íseal, ar
a aghaidh amach. “Cad é seo ort, a
Chonchubhairín?” ar seisean leis. D'innis
Conchubhairín do. Bhí trua an domhain ag
an bhfear beag do. “Mise do shin-sean-
úncail,” ar seisean. Tharraing sé píob
cheoil as a phóca. “Seo dhuit an phíob so,”
ar seisean, “agus aon uair a bheir ag lorg
na gcaorach arís níl agat ach cromadh ar í
sheinm agus tiocfaidh na caoire chughat.
Tá buadh eile ag an bpíb seo — aoinne
chloisfeadh an ceol a déanfaí uirthi chaith-
feadh sé rinnce leis agus ní fhéadfadh sé
stad go stadfadh an ceol. Nuair a
raghair abhaile anocht téir' go dtí an tor
draighin atá ar aghaidh an tighe agus leig
ort bheith ag féachaint isteach ann. Nuair
a thiocfaidh do leas-mháthair fiafrochaidh sí
dhíot cad air go bhfuilir ag féachaint.
Abair léi go bhfuil fáinne breá óir istigh i
nid atá sa tor agus ná féadfá teacht air.
Raghaidh sí sa tor d'iarraidh an fháinne.



Nuair a bheidh sí istigh sa tor crom-se ar
an gceol agus ná stad de go ngeallaidh
sí dhuit saoghal níos fearr a thabhairt duit.”



D'imigh an fear beag uaidh annsan. Chuir
Conchubhairín an phíob 'na bhéal agus do
chrom ar sheinm. Ní túisce sin ná seo
chuige an dá chaora agus thiomáin sé roimis
abhaile iad.



Nuair a tháinig sé 'on bhuaile chuaidh sé
anonn chun an toir draighin agus bhí ag
féachaint isteach 'na lár. Tháinig an leas-
mháthair i leith chuige.



“Cad tá uait annsan?” ar sise.



“Tá,” arsa Conchubhairín, “fáinne breá
óir sa nid sin istigh sa tor agus ní fhéad-
fainn dul chuige.”



“Fág an áit sin!” ars an leas-mháthair,
“do chailleas fáinne óir an lá fé dheire
agus is dócha gurab é an t-éan bradach
san a bheir uaim é.”



Nuair a bhí sí istigh i lár an toir tharraing
Conchubhairín chuige a phíob cheoil agus do
chrom ar sheinm. Má chrom, siúd an bhean
ag rinnce istigh sa tor agus deilgne an
draighin 'á stracadh agus í ag scréachaigh
leis an dtinneas.



“Coisc an ceol!” ar sise, “coisc
an ceol!”



“Ná an riach cosc,” arsa Conchubhairín
“mara dtugair geallúint go bhfaghad mo
cheart.”



“Ní bhfaghair cóir ná ceart uaim-se,”
ar sise.



Chrom sé sin arís ar an gceol agus níor
stad go raibh an bhean sa tor stracaithe
gearrtha agus an fhuil ar sileadh léi. Bhéic
sí. “Ar son Dia! leog amach me. Táim
traochta. Geallaim duit aon ní is maith
leat.” Stad sé annsan agus tháinig an
leas-mháthair amach as an dtor agus í
mínithe go maith agus ó'n lá san go dtí
an lá cailleadh í bhí sí 'na ceann mhaith
do Conchubhairín.



Áine Ní Chonaill,
Cathair Domhnall.



Nách buadhartha bhídh na daoine ar uireaba
lóin,
Is an uaigh dá líonadh dhíobh go minic san ló;
Ní luaithe do'n chill an fíothal foirbhthe
d'reóil
Ná an luaith-fhear groidhe nó an naoidhean
gan fuinneamh n-a ghlór.



SNASÁIN “SCIENCE”



“GILE NA GILE”



SNASÁIN agus SMEARA



Do'n BHRÓIG Do'n ÚRLÁR Do'n TROSCÁN



SNASÁIN GAN LOCHT



Ná glac ach “SCIENCE”



PUNCH is a CHUAL. i gCORCAIGH a dheineann

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services