Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Nodlaig, 1920

Title
Nodlaig, 1920
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1920
Publisher
An Lóchrann

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


AN LÓCHRANN



PÁIPÉAR GAEDHILGE IN AGHAIDH GACHA MÍ.



Uimh. a 57. NODLAIG, 1920. Dhá Phinginn a Fhiacha.



JIMÍN MHÁIRE THAIDHG.



Bhí Mam ar feadh coigthíse agus ní
fhéadfainn a dhéanamh amach cad a bhí
ag gabháil di — ag machtnamh a bhíodh sí
tá's agat agus stadadh sí uaireannta
i lár a cuid gnótha agus bhíodh sí ag
smaoineamh. Annsan uaireannta eile chínn
ag cainnt le Daid í ach ní bhíodh á radh
age Daid ach “Tá an ceart agat. Is
agat-sa is fearr fhios a chroidhe.” D'iar-
ras ar Cháit faire a dhéanamh ar Mham
féachaint cad a bhí ar siubhal aici ach
níl aon mhaith i gCáit chun spiaireachta
agus b'éigean dom plean eile a tharrac
chugham.



Nuair cuireadh a chodhla me istoidhche chuas
isteach 'on leabaidh tamall ach annsan
nuair a bhí mo mháthair agus Daid cois
na teine sa chistin d'éaluigheas isteach
i seomra na beirte aca agus chuas lais-
tigh de chlóca mhór mo mháthar a bhí ar
crochadh ar an bhfalla agus d'fhanas leo
go dtiocfaidís 'on tseomra. Tá's agat,
bíonn siad go minic ag cainnt nuair a
théighid siad a chodhla. Ach ar mh'anam go
raibh feitheamh fada ar chosa laga agam
mar chaitheadar an oidhche ag cadráil cois
na teine agus na glúine ag lúbarnaigh
agam-sa. Ach fuaireas luach na soidhne
sa deire mar chuir Daid an madra an
doras amach agus chuir sé an bollta sa
doras agus tháinig sé féin agus Mam
chun dul a chodhla. Do leanadar den
chainnt a bhí ar siubhal thíos aca nuair
thánadar 'on tseomra:



“Caillfimíd mála airgid leis ach níl
dul as is dócha,” arsa Mam. “Seadh,
agus b'fhéidir gar abhaile arís chughainn
a cuirfí é mar ná féadfaidh sé é féin
d'úmpar,” arsa Daid. Níor thaithn san
le Mam “má tá droch-úmpar ann ní ón
a mháthair a thug sé é,” ar seise. Do
bhain m'athair crothadh as a cheann le
mí-mhisneach: “Och mhuise,” ar seisean,
“sé an sean-phort céadna i gcomhnaidhe
agat é.”



Thuigeas féin ós na bréithre sin gur
don mac so a bhítheas ag tagairt. Sin
é uair d'éirigh an sot go léir orm chun
feasa dh'fhagháil cá rabhthas am' chur agus
conus a bhítheas chun an mála airgid sin
a chaitheamh orm. Tar éis tamaill tháinig
an bheirt aca chun bladair arís. “Bain-
fidh sé deich mbliana dho sar a mbeidh
sé 'na shagart,” arsa Mam.



Ní mór ná gur thuiteas féin i láthair
mo chos nuair a chuala an méid sin a
dhuine. Mise im shagart! Chuir an scéal
mearathal orm & ní mór ná gur scéidheas
orm féin laistiar de'n chlóca. “Arú,”
arsa m'athair, “b'fhearr liom é chur le
céird éigin éile. Bíonn siad 'na shean-
duiní anois sara dtugtar paróiste dhóibh.”
Ach thug Mam fé arís agus dubhairt sí
nach chun airgid ná saidhbhreasa a dhéan-
fadh sí sagart dá mac féin ach chun
seirbhíse Dé. D'éist Daid tamall, am
baic, tar éis an méid sin. Annsan ar
seisean: “Cé dhéanfaidh an treabhadh
agus an fuirse nuair a bhuailfidh an
t-aos mise.



“Nár leigid Dia go mbuailfeadh mhuise,
laige ná aos tusa, a dhaltha!” arsa Mam.
Ón nglór a bhí 'na guth thuigeas gur sear-
bhas a bhí ar siubhal aici “ach ná bíodh
eagla ort,” ar sise, “gheobhad-sa cliain
isteach duit-se a raghaidh i mbun seisrighe
dhuit.” “Uf,” arsa Daid, agus d'umpuig
sé ar a chliathán agus thuit a chodhla air.



Bhí Mam uair a chluig sarar thuit aon
néal uirthi agus deirim-se leat go raibh
na cosa fuar go maith agam-sa sar ar
fhéadas éalú as a tseomra.



Ar maidin nuair a chonnac Cáit:
“Bead-sa im shagart,” arsa mise. Do
gháir Cáit “Ní bheir, a mhuise,” ar sise,
“ach bead-sa im' mhnaoi rialta.” “Cuir
uait im baiste!” arsa mise, “fanfair-se
sa tigh seo agus tabharfaidh Mam fám-
aire de chliain isteach chun tú phósadh
agus chun an treabhadh a dhéanamh do
Dhaid. Níl dul as agat — tá san socair
id' chóir age Mam.” Chrom an óinsín
ar ghol agus cé chualaidh í ach Mam.
“Cad é seo anois ort?” ar sise.
“Bhu-hú!” arsa Cáit, “ní phósfad-sa
aon chliain isteach!”



D'fhéach Mam uirthi agus annsan d'fhéach
sí orm-sa. Cheapas féin am baisc gurbh
fhearr rith maith ná droch-sheasamh agus
chuireas díom suas go tigh Mháire Aindí.



Máire agus Nell a bhí istigh; “Ara
cad a thug chomh luath so ar maidin
tu?” arsa Nell. “Mam, dar fia! do
chuir an rith orm,” arsa mise, “i dtaobh
gur innseas do Cháit go rabhadar chun
cliain isteach a dh'fhagháil di.” “Arú,
a bhligeáirdín, cad a chuir é sin id'
cheann?” arsa Máire Aindí. Chuir sé
sin olc orm féin. “Ní h-aon bhligeárd
me,” arsa mise, “ach tá Mam chun sag-
airt a dhéanamh díom agus beidh sibh go
léir ag tabhairt ‘Father James’ orm
annsan & b'féidir ná tabharfá bligeárd
an uair sin orm.”



“Mo ghrádh-sa Dia,” arsa Máire, “ag
magadh fúm atánn tu.”



“Níl aon fhocal éithigh ann,” arsa mise
agus d'innseas di gach aon ní. Níor
fhágas aon ní istigh nár scaoileas amach.
Ní raibh leigheas agam air — ní fhanfadh an
riach ruda istigh. Sin é an locht mór
atá orm-sa, tá's agat, me bheith im'
béal le h-Éireann. Ní cheilim faic ar
aonne ach ar Mham ach gheibheann sí sin
fios ar mo ghnóthaí gan mise á n-innsint
i n-ao' chor di.



Ní túisce bhí mo bhothún déanta agam-
sa ná bhí sé go léir innste ar fuaid an
bhaile. Ní raibh an oidhche ar fónamh ann
nuair ghaibh Máire Aindí isteach go dtí
Mam, “Mhuise go gcothuighidh Dia dhíbh é
an scéal maith,” ar sise. “Cad é an
scéal?” arsa Mam. “Jimín beag a
bheith ag dul le sagartóireacht, bail ó
Dhia air,” do ráidh Máire. Baineadh ana-
phreab as Mam bocht. Níor fhan focal
aici. D'fhéach sí anall orm-sa & mheasas
nár fhan oiread luiche ionnam leis an
scannradh. Chonnac go raibh sí go cráite
dóite toisc an scéal a dhul amach roim-
ré. Níor mhaith liom í bheith ag féachaint
orm agus d'imíos liom go maolchluasach
go dtí an leabaidh agus gan é ach a
leath-uair tar éis a seacht. Deirim-se
leat ná rabhas buidheach dem' theangain mar
cheapas siúrálta go bhfaghainn búrdáil
mhaith an oidhche sin. Ach ní fhuaireas, a
dhuine. Nuair a bhí Mam ag dul a
chodla tháinig sí le coinnill mar a
rabhas-sa agus d'fhéach sí orm. Bhíos
im' chnap chodlata, a mhic ó, agus ná
h-osclochainn súil liom ar mhíle púnt.
“Hum,” ar sise, “codla an tradhna
chughat-sa, a bhuachaill,” agus thuigeas go
raibh droch amhras aici ar an suan a bhí
orm. D'imigh sí áfach agus thugas mo
bhuidheachas do Dhia a thug saor an uair
sin me.



Bhí babhta bruighne agam féin is ag
Micilín Eoin lá'r na mháireach. Nuair a
chonnaic sé chuige me, “Ara, féach aníos
‘Father James’!” ar seisean. Tháinig
beirbhthean uilc orm chuige agus leanas
suas 'on pháirc é agus chuireas fuilshrón
leis. B'fhéidir go múinfeadh san béasa



Gúnaí & Hataí do Chailíní; Carabhataí Gaedhlacha, Stocaí, Bónaí, & c., do fhearaibh; Táiliúireacht ar fheabhas.



D. MacCurtáin, 5 Sráid an Chaisleáin, Corcaigh


L. 2


Ceannóchaimíd uait nó
díolfaimíd leat:



TUIGHE nó ARBHAR nó FEUR



Uainn-ne gheobhair na



SÍOLTA agus na LEASÚ
is tairbhighe amuigh.



Scríobh chugainn. Beidh fáilte
roim litir Gaedhilge againn.



SÉAMUS Ó NÉILL
IS A CHLANN MHAC (TEO.)



CIONN TSÁILE, sa' Mhumhain.



Tá le fághail uainn-ne —



TÉ BLASTA CÚMHRA.



Ceannuigh púnt de mar shompla.



SIMCOX is a chlann mhac (Teo.)
10 Sráid Phádraig N., CORCAIGH.



FEIDHRE SÚRA CEART
OLNA AR 50/—!



I gCorcaigh a deineadh,
as olann ghlan Ghaedhlach.



Abhar Culaithe Breá
Eudaigh ar 40/—!



I gCorcaigh a deineadh.



Cuir fios ar shampla den eudach.
Fíor-olann Ghaedhlach gach snáth dhe.



Seumas Ó h-Úrdail,
13 Sráid Uashington, i gCORCAIGH.



“SEANCHAS.” An Fear Mór do scríobh.



Má's deacair duit é d'fhághbháil, cuir
1/— go dtí an Rúnaidhe, Coláiste na
Rinne, ins na Déisibh, agus cuirfear
chugat é ar chasadh an phuist.



Bhí árd teist riamh
Ar IM Chorcaighe,
Ach tá teist chomh maith
Ar a cuid Margairín



ós ann a deintear



MARGAIRÍN



AN



“LOVING CUP.”



Cuir tuairisc a luachta, &c., ar



SHEUMAS Ó DÁLAIGH & A CHL. MHAC,
TEO.,



ag an Sean-Dún, i gCORCAIGH.



dho. Ach níor stop san an chuid eile
de'n mbaile mar bhíodh an ainm ar
siubhal aca go léir orm — mór mór ag
na scithirí gearrchaillí. Bhíos cráite aca,
ach me féin fé ndeara é a scaoil lem'
theangain i láthair Mháire Aindí.



Ar feadh trí seachtaine 'na dhiaidh sin
níor chuaidh stad ar Mham ach ag ullmhú
rudaí dhom. Thug sí trúnc nua ó'n
nDaingean chugham agus bhí seódh rudaí
istigh ann. Bhí léinteacha ann & tubháilí
agus cíor dom chuid gruaige agus máilín
beag chun mo léine oidhche a chur isteach
ann, a dhuine. Bhí hainceasúirí póca,
leis, ann agus stocaí agus dhein an
táiliúir dá chulaith éadaigh dom. Fuair-
eas dhá fheidhre gleoite bróg ná raibh
aon tairrnge ionnta ach iad ag gíoscán
nuair a shiubhlófá. Bhíos ag gabháil an
bóthairín síos lá nuair a ghlaoidh Tadhg
Óg thar n-ais orm “Cogar i leith, a
Jimín,” ar seisean, “cad tá an dá
bhróig sin a rádh le chéile?” “Tin
t'fhiarthaithe ar do sheana-mháthair!” arsa
mise. Bhíos cráite aige ach níor dhein
sé ach gáirí fúm. Is dóigh leis go bhfuil
sé ana-smartálta.



Beidh mé ag imeacht amáireach agus
do réir mar a chloisim ní ró mhór an
aga a bheidh agam chun a thuille cúntaisí
mar seo a scríobh. Is dócha go bhfuil
an cruatan rómhan. Deir Mam liom
go gcuirfear urchall annsúd liom agus
srian agus go mbead ag gol fós i
ndiaidh mo mháthar agus an tsaoghail
bhreagh a bhí agam uaithe. Dar fia! má
bhíonn siad níos cruaidhe orm ná mar
bhí Mam tá an riach buidhe go léir
ortha. Ní ró mhaith atáim i n-ao' chor
istigh liom féin na laetheannta so agus
ar dhá bhiorán ní raghainn i n-ao' chor
ann. Táim idir fonn is faitchíos a
dhuine; ach tá beartaithe agam má
bhíonn an scéal ró dhian orm sa Chol-
áiste ná fanfad aca, dar fia!



Tháinig Máire Aindí araer agus thug
sí dá fheidhre stocaí dhom. Thug Tadhg
Óg is Nell bille púint dom. Tháinig
Micilín Eoin chugham ó chiainibh agus bhí
saghas náire air agus ní dubhairt sé
aon ní go ceann tamaill. Annsan
thairrig sé scian as a phóca agus chuir
sé im' aice ar an mbórd í agus deora
ó na shúile. Thug sé iarracht ar rud
éigin a rádh ach ní fhéadfadh leis an
dtocht guil. Annsan rith sé an doras
amach uaim ag gol. Deir Cáit go raibh
Micilín ana-cheanúil orm-sa. Thugas an
phíp adhmaid a bhí i bhfolach sa stáca
agam do Cháit chun é thabhairt do
Mhicilín amáireach.



Tá mo thrúnc pacálta sa chistin. An
rud deirinneach a chuir Mam ann ná
císte mór aráin go raibh rísíní ann.
Tá na comharsain ar fad sa chistin — is
dócha gur mar gheall orm-sa é. Thug
a lán aca scillingí agus leathchorónacha
dhom agus bhíodar go léir am chomhairliú
agus am mholadh. Tá Cáit ag gol ar
feadh an tráthnóna agus níl focal as
Daid. Nílim féin ar mo chúilín tseabh-
rach ach chomh beag le duine. Níl aonne
go ceart ach Mam. Ní chorrochadh an
saoghal í sin.



Táid siad go léir imithe abhaile agus
dubhart Mam liom-sa dul a chodla.
Nuair thána 'on tseomra lean sí me
agus bhí sí i bhfad am chomhairliú. Ann-
san rug sí barróg orm agus phóg sí
me agus chonnac deora na súile nuair
d'imigh sí.



Ní mór go bhfeicim féin an páipéar
so go bhfuilim ag scríobh air le gachra
racht guil agus uaignis.



Caithfimé stad is dócha agus an peann
a leigint ar lár. Aon rud dár scríobhas
mar gheall orm féin go dtí so níor
chuireas ann ach an fhírinne ghlan. Tá's
agaibh anois cad é an saghas mé. Dá
mbeinn ar nós a lán dem aithne ní
bheinn chomh béalscaoilteach i dtaobh mo
lochtaí féin agus cheapfadh sibh annsan
gur buachaill maith me. Ach is cruaidh
an scéal ar bhuachaill a bheith go maith —
mharbhochadh sé é tar éis aon tseachtaine
amháin. Dheininn-se mo dhícheall uair-
eannta me féin d'úmpar ach chaithinn
briseadh amach arís gan bhuidheachas dom.
Tá gach aonne chomh h-olc liom. Ní
fheicim-se aonne go ceart ach Mam.



Caithfead dul a chodla. Beannacht
Dé agaibh go léir agus má's fiú libh
orm é iarraidh ar Dhia go gcuirfeadh
Sé Jimin Mháire Thaidhg ar a leas.



Mise Jimín.



IN ÍBH RÁTHACH THIAR.



Fonn: “Máirseáil Uí Chonaill” nó “Tally ho!
the hounds, Sir.”



InÍbh Ráthach Thiar, na bhfear bhfionn bhfial,
Do chuala féin an méid seo,
Go raibh deire le dlí na mbrúideach mbuidhe,
Is a rialú féin ag Gaodhlaibh.



Curfá le step rinnce (ríl):



Fol de dow, fol de dum,
Fol de dow, fol de dum,
Fol de dow row, da row,
Ta row, idle idle.
Dow, fol de dum,
Fol de dow, fol de dum,
Fol ta ral, da ral, derum,



Ólfam lionn is beoir le fonn,
Agus seinnfeam tiúin de'n nGaoluinn,
Beidh Seóirsí 'nsúd gan ch'sóin gan phúnt,
Gan sólás búird ná féasta.



'San bhFóghmhar so chughainn 'seadh dóghfam
Lúnndain
Le cabhair na Rúiseach léigheanta;
Beidh ór go flúirseach ag gach óigfhear fionn,
Cé gur fada dhúinn 'na n-éamais.



I seómraibh Ifrinn tá adhbhar maith teine,
Gallaphuic ramhra bréana —
Go rabhaid ann go tiugh fé bhliain ó 'ndiu,
Is go scóltar an croidhe 'sna haedh 'cu.



Carl Hardebec do chuir síos an fonn.



Seán Shéamuis.



“BRÓGA NA LAOI,” idir bhróga ísle is bróga árda, bróga lorgan is bróga glún. Tá le fághail i ngach sráid-bhaile.



Scríobh chun “Lucht deunta Bróg na Laoi,” i gCorcaigh.


L. 3


TALAMH AGUS CURADÓIREACHT.



50 — Téigheann an bainne sa Gheimhreadh
go h-adharca na mbó.



51 — Bíonn tuirse na ngaibhne ar na
buachaillí bó.



Cé ná h-oibrigheann siad go ró-chruaidh.



52 — Is fearr droch-bhláthach ná droch-
choigeann.



53 — Sé an breac sa bainne é.



.i. An chuil san ómbra — cionnus a thárla é
bheith ann?



54 — Mian buachalla na mbó: an ghaoth
anuaidh, an ghrian andeas, claidhe
cluthmhar, bolg lán is sláinte
mhaith.



55 — Íochtar is uachtar is maith an t-adhbhar
coiginne é.



56 — Mara gcuirir sa Earrach ní bhainfir
sa bhFoghmhar.



57 — Breac-luirgneacht Earraigh do ghní
formadacht Foghmhair.



.i. An té a chaitheann an lá cois na teine san
earrach bíonn formad air sa bhFoghmhar nuair a chíonn
sé na barraí breaghtha a bhíonn ag a chomharsanaibh.



58 — Fál samhraidh nó claidhe Geimhridh.



Fál — is maith sa tSamhradh óir bíonn sé ion-
fhuar gaothmhar. Claidhe is fearr sa Gheimhreadh ar
a mhalairt de chúis.



59 — Cúl le gaoith agus aghaidh le teas.



.i. Talamh maith agus é árd thoir thuaidh agus a
aghaidh siar-is-ódheas.



60 — Bascadh na lár is báthadh na bhun.
A chúl leis an ngréin is a aghaidh ar
an sioc.



.i. Cáineadh do dhein Máire Ní Dhuibh ar thalamh a
bhítheas a thathant uirthi a cheannach.



61 — Leasú seacht mbliadhan brúcht maith
sneachtaigh.



62 — Ní moill faobhar ach is mór an mhoill
bheith gan é.



.i. Faobhar ar speil.



63 — Fód as an díg dhá fhód ar an gclaidhe.



Nuair bhítear ag tógáil cladhthach is gnáth an
chainnt sin ar siubhal.



64 — Falla feidín — falla ar feadh dín.



.i. Falla a deintí de chré bhuidhe agus de thuighe.
An fhaid a bhíodh díon os a chionn d'fhanadh sé slán.



65 — Ní lugha sméar sa bhFoghmhar ná é.



.i. Rud nach fiú 'áireamh iseadh é.



66 — Coll is cuileann rogha na coille.



67 — Is fearr an té chuireann aiteann ar
chlaidhe ná an té chuireann caisleán
i gcoill.



68 — Tá crainn sa choill thar an gcaorthan.



Déarfaí é sin nuair ba ghádh a innsint do dhuine
go raibh daoine eile ann chomh maith leis féin.



POST DO GHAEDHILGEÓIR.



Teastuighean ó Chonnradh na Gaedhilge i
Luimneach duine a bheadh mar chigire scol
agus mar fhear le scríobha' don Chraoibh.
Ní mór dó Gaedhilg agus eolas ar mhúin-
teóracht bheith ar fheabhas aige; agus eolas
leis ar chúntasuíocht. Ceithre púint sa
tseachtain an tuarastal. Gheóir tuille
eolais ón Rúnaidhe, 17 Sráid Thomáis,
Luimneach.



LÉIG NA FÓGRAÍ, A CHARA, MÁS É
DO THOIL É.



PAIDRÍN PÁIRTEACH



I gCÓIR AN CHARRGHIS (AGUS MÍ NA
SAMHNA).



Sean-phaidrín é seo adeirtí sa Ghaedhal-
tacht in ionad na Coróinneach Muire i
gcaitheamh an Charrghis:



“Ofráilimís suas an phaidir 'is a' chré
seo atá fém' aithris go dílis duthrachtach
'á iaraidh ar Dhia saor-bhreithiúnachas a
thabhairt ar na h-anamnachaibh a chuaidh 'á
iaraidh agus eispesialtha ar anamnachaibh
ár ndluth mharbh-mhuinntire féin cho maith
is dá n-abraimís in ainm is i sloinne iad.



“Guidhimíd Dia an Carríos a chur thar-
ainn fé mhaise; agus sinn a bheith fé mhaise
is fé áthas ó anocht, i ngrá Dé agus na
gcomharsan. Ar an inntinn sin:



“Ár n-Athair atá ar neamh” (aon uair
amháin). “Go mbeannuíthar duit, a Mhuire”
(trí h-uaire). Mar chúig deichniúr abair



“Ár n-Athair” (aon uair amháin, mar is
gnáthach) agus in ionad “Go mbeannuíthar
duit, a Mhuire,” abair:



“'ÍOSA CRÍOST, is a Rí na trua'-
mhéile” (deich n-uaire). Freagra — “Suain-
eas síoraidhe tabhair dóibh, a Thiarna” (deich
n-uaire).



Agus in ionad “Glóir don Athair” abair
é seo:



“Go soillsígh solus síoraidhe dhóibh.”



Freagra — “Go gcomhnuígh sé sa tsíoch-
áin dóibh, tré thoradh DO dhaor-pháise; agus
Amen 'ÍOSA.”



Agus sid í an phaidir scuir — í rádh i
ndeire an Phaidrín:



“'Fhíor-Chabhartha na bhfíor-pháirteach, go
raghmíd (? go dtéimíd) ó fhulang go glóire
sa tsíoruíocht, i gcomhluadar na naomh agus
na n-aingeal; agus Amen 'Íosa.”



“Síocháin Dé in ár measc. Glóir do
Dhia go h-árd. Suaineas síoraidhe chun
anamna marbh purgadóireacht a' domhain
mar orduighean Dia 'is an Eaglais dúinn
guidhe orra.”



Fuaireas an paidrín sin cúpla blian ó sin ó
R. Ó Foghlú, oide scoile, i ghCaisleán Nua Luimne.
Dubhairt sé gur mhinic chuala sé 'á rádh i bParóiste
na tuatha é. Is baoghlach go bhfuil an paidrín seo
imithe gan a thuairisc as an ndúthaigh sin, dála a lán
seóid eile Gaedhilge.



Seán Tóibín.



A RÉALT NA NODLAG.



Fáilte rómhat
A Réalt na Nodlag,
Réalt an eolais;
Réalt an tsonais;
Tár d'ár saoradh
Ó gach daoradh
Go dtigidh an bás
D'ár sgaradh ó'n tsaoghal so.



Caolán Ruadh.



AR EAGLA AN LOSCAIDH.



Ní ró-mhaith fhreagran lucht ceannaithe
cóib sinn le fada. Níl aon dul againn
ar na leabhair chúntais a scrúdú ró-mhinic
mar ní fé dhíon an tighe cheudna a bhíd
na leabhair agus ‘na cléirigh’ an aimsir
seo — ar eagla an tóirse lasrach. Má
tá síntiús gan díol agat, a chara, cuir
chugainn indiu é, led thoil. Am gátair
é seo.



S. T.



I GCÓIR NA FEIRME.



Na h-Úirlisí is fearr
da ndeintear agus
Síolta na meathfidh
is uainn-ne gheóir,



Ó LUASA & Ó CONAILL,



Bóthar an Reumonnaigh,



I gCORCAIGH.



Tá togha na n-earraí maithe Gaedhlacha anso.



Gheobhaidh do
Chlann Mhac



TOGHA NA SCOLUÍOCHTA



agus deunfar cúram ar
leith den GHAOLUINN
dóibh, agus beidh gach
cóir ar fheabhas aca



I gCOLÁISTE FHLANNÁIN



le h-ais na h-ÍNSE,



I gCONNDAE GHEAL CHLÁIR.



AN t-ATHAIR LIAM Ó CINNÉIDE,



Ollamh le Diadhacht,



An t-Uachtarán.



'BHFUIL GAEDHILG AG
DO CHLANN?



Tá scoil cheart Ghaedhlach
do sna leanbhaí i Múscraí
Mumhan anois, fé stiúrú oidí
maithe agus fé riar na sagart.
I mBéal Átha an Ghaorthaidh atá.



Gheóir eólas an scéil ón



ATHAIR D. Ó DONNACHÚ,
Beul Átha an Ghaorthaidh,
Magh Chromtha.



Tá Cóistí agus Mótair d'á ndéanamh againn-ne. Cuirimíd Gléas Góma (rubair) fé rothaí cóiste gan ró-mhoill.
Cros & a Chlann Mhac, 18 & 19 Port Uí Shúileabháin (Sullivan's Quay), Corcaigh.


L. 4


NA
SNASÁIN ‘SCIENCE’



mar atá:



Snasán ‘Science’
do Bhrógaibh,



é DUBH
nó CRÓN
nó RUA-BHUIDHE (‘ruby’).



SNASÁN ‘SCIENCE’
DON TRIOSCÁN.



SNASÁN ‘SCIENCE’
DON ÚRLÁR.



‘PUNCH & CO.’ a dheinean
i gCORCAIGH.



TROSCÁN AGUS LEABTHACHA,
ar fheabhas agus ar shaoire.



Deunfad-sa gnó a' Gaedhilg leat!



Seán Mac Eóinín,



‘CUALUCHT TROSCÁIN NA MUMHAN,’



Sráid a' Chapaill Bhuidhe a 63,



CORCAIGH.



DATH DO CHUR AR AN
DTEAMPALL



nó ar an dtigh, sinn-ne a dheanfaidh go
toghtha dhuit é. Bhuamar-na chúig
teastas agus dhá dhuais ar an obair



DHATHUÍOCHTA AGUS ÓRNÁIDE



a dheineamar ó am go h-am.



Labhair sa ghuthán linn (‘Tel. a 587,’
Corcaigh) nó scríobh chugainn.



DONNCHA & ÁISTÍN Ó NÉILL,
21 Sráid an Acadaimh,
I gCORCAIGH.



MÁ TÁ CEAINT
LE DEUNAMH AGAT



ar throscán nó ar thig;
ar thalamh nó ar stoc;



Cuir fios ar



PHEADAR Ó h-ANNRACHÁIN,



Reiceadóir, sa' SCIOBAIRÍN.



‘Auctioneer and Valuer,’



AN LÓCHRANN.



Páipéar don Ghaedhealtacht.



Sráid Ribeáird a 6, i gCorcaigh — an Oifig.



An Fear Gnótha:
Seán Tóibín, Baile an Teampaill,
i gCorcaigh



An Fear Eagair:
An Seabhac, Daingean Uí Chúise



Na Díoltóirí:
Ó Cuill & a Chua.,
95 Sráid Phádraig, Corcaigh



Easún & a Chl.-Mhac, Áth Cliath



Má's maith leat bronntanas a thabhairt d'aon
cheanntar sa Ghaedhealtacht agus bheith ag cabhrú' leis
“An Lóchrann” san am gcéadna, cuir roint airgid
ag triall orainn & cuirfimid cóibeana gach mí go
ceann bliana chun aon áite a déarfar linn.



Sinn-ne — Lucht An Lóchrainn.



BEANNÚ.



GO DTUGA DIA NODLAIG MHAITH
DHÍBH, A CHÁIRDE, AGUS NÁRA
FHEICEAM AN TANN-SMACHT AR
ÁR MÁTHAIR NODLAIG EILE.



TIMMÍ.



“Níor tháinig anacra riamh 'na aonar,”
arsa Siobhán léi féin nuair a thug an
cigire nua cuaird ar an sgoil, “agus
ní móide go raghad saor an bobhta so.”
Máighistreás sgoile dob' eadh í, agus
cé nár mhair sprid ná púca riamh a
chuirfeadh eagla uirthi, is beag ná go
n-atharuigheadh a cuid fola le sgannradh
shaoghalta nuair a chíodh sí an cigire ag
déanamh ar thigh na sgoile. Dá olcas é
an seana-chigire 'na raibh aithne aici air
le coraidheacht is chúig bhliana, ba sheacht
measa ná san cigire iasachta ná raibh
aithne curtha aici fós air, agus nárbh
fhios di cad déarfadh sé ná cad a
dhéanfadh sé ná cad iad na rudaí nua
a theastóch' uaidh. Ba bheag an iongna
ná raibh an bhean bhocht ró-mhaith istigh
léi féin an lá so agus ná raibh sí
ábalta ar aoinní do dhéanamh sa cheart.



Is ar éigean do bhí an cigire socair
síos insa chathaoir mhóir do bhí taobh
thiar de dhesc an mhúinteóra agus é
ag piardáil sa mhála cleasaidheachta
do bhí aige nuair a bhuail an stúmpa
beag de gharsún stróinséartha an dorus
isteach. Ní fheacaidh Siobhán riamh roimis
sin é ní lugha ná mar bhí fhios aici
cárb' as é ná cér díobh é. D'aithin sí
láithreach ámh nárbh aon gharsún fónta
é. “Raimpéir óg,” ar sise 'na h-aigne
féin, “go bhfuil briseadh tighe is áite
ann.” Do ghlaoidh sí i leith chúichi air
agus chrom ar é cheistiú.



“Cé chuir anso thu, a gharsúin?”



“Mo mham adubhairt liom dul ar
scoil.”



“Cad is ainm duit?”



“Ní fheadar.”



Tháinig dha shúil mhaithe mhóra do Shiobhán
nuair a chualaidh sí an freagra san. An
uile gharsún riamh dá dtáinig ag triall
uirthi, bhí san ar an gcéad cheist a chuir-
eadh sí chúcha ach b'é an chéad uair aici
a leithéid sin de fhreagra fhagháil, agus
níor thuig sí cad ba cheart a rádh ná a
dhéanamh. Garsún ná raibh fios a ainme
féin aige! Nár mhór an sult a bhain-
feadh sí as mar sgéal mara mbeadh an
seana-dhiabhal cigire do bheith láithreach
agus é ag faire uirthi mar a dhéanfadh
cat ar luich. Chaithfeadh sí rud éigin do
rádh nó do dhéanamh. Ach cad déarfadh
sí? Cad a dhéanfadh sí? Bhí sí i bponnc.
Mallacht ar an gcigire ná leigfeadh di
léasadh maith a thabhairt do'n ngarsún
agus é chur abhaile go dtí n-a mháthair.



Fé dheire tháinig an cuimhneamh isteach
'na ceann. B'fhéidir nár chualaidh an
garsún in aon chor cad dubhairt sí.
B'fhéidir go raibh iarracht d'allaoire ag
gabháil do. Ba mhaith an cuimhneamh é.
Thástálfadh sí arís é. Do dhein sí cas-
achtach bheag ag glanadh na sgórnaighe
dhi. Ansan d'éirigh sí 'na coilg-sheasamh
agus do chuir sí gáir mhór láidir aisti.
“Cad is ainm duit?” ar sise ag
glaodhach amach i n-árd a cinn is a
gutha, i gcás go gcloiseadh an garsún
í dá mba go mbeadh sé chómh bodhar le
bonn bróige an tsáirsint.



“Ní fheadar!” ars an garsún; agus
má b'árd a labhair sise ag cur na
ceiste dhi, dob' aoirde ná san a labhair
seisean 'gha freagairt.



Do sgairt a raibh sa sgoil amach ag
gáirí agus níor thaise do'n chigire. Sin
é nuair d'éirigh an fhearg ar fad ar
an máighistreás agus do dhírigh sí ar an
ngarsún arís agus faobhar nimhe uirthi
chuige. “An as do mheabhair atánn tú?”
Ní fheadraís cad is ainm duit. Ní fhead-
raís an ar sgoil nó ag baile atánn tú,
is dócha. An bhfeadair tú aoinní? Nár
mhúin do mháthair de chaint duit riamh ach
ní fheadar, ní fheadar, ní fheadar…”



Mar sin mar a lean sí de agus bhí
an chainnt ag dul i ngéire agus i seirbhe
i n-aghaidh gach focail dar labhair sí, agus
tríd an gcainnt go léir bhí a lámh beart-
aithe i n-áirde aici fé mar a bheadh sí
chun an garsún do bhualadh anuas insa
leath-cheann le clamhta dá bais. Ach bíodh
gur chun an gharsúin a bhí sí ag labhairt
ní air sin a bhí sí ag cuimhneamh ach ar
an mí-ádh cigire úd agus ar cad é an
saghas tuairisge a chuirfeadh sé ag triall
ar an Oifig i mBleá Cliath.



Bhí seisean 'na shuidhe fós taobh thiar
de'n desc, a leabhrín beag dearg 'na
ghlaic aige agus é ag cur síos na nótaí
go tiubh agus gachara bhféachaint aige ar
Shiobhán agus ar an ngarsún. Fé dheire
dob' am leis an gcigire cur isteach uirthi
agus stop a chur leis an aighneas. Do
cheap sé dá leanadh sí de'n réim sin
gur ró-bhaoghlach go mbrisfeadh ar an
bhfoidhne ar fad aici agus cár bhfios
ná go marbhóch sí an garsún sgun sgan
amach le buille dhorn nó le grideóig
de'n tslait do bhí aici. Do chaith sé
súil-fhéachaint i dtreo buaic an tighe —
comhartha é sin, dar le Siobhán, go
raibh droch-thuarasgáil sgríobhtha aige 'na
leabhar. Do dhún sé an leabhar go
hobann, d'éirigh, agus bhuail anonn chúichi.



“In n-ainm a bhfuil de dhroch-mhúinteóirí
ó Thigh Mhóire go Donncha Dí,” ar seisean,
“éirigh as agus tóg an fhoidhne. Ní mar
sin a mheallfaidh tú a ainm uaidh. 'Ghá



Ticéidí in a “gCeirthlíní” do lucht comórtha spóirt & Cnaipí Daithte — mar chomharthaí sóirt ó Chlóchualucht Dúndealgan, Dundalk



Leabhair agus Peictiúirí chun Gaedhilge a mhúineadh. Faigh an Liosta ó Chlóchualucht Dúndealgan, Dundalk


L. 5


sgeimhliú atánn tú. Dá chomhartha san
féin tá an garsún bocht ar na creathaí
le barr anaithe. Fág fúm-sa é agus
bíodh geall go n-inneosa sé a ainm
dom. Nuair a dúntar an comhngar ní
mór gabháil tímpal.” Le linn an focal
deireanach do rádh dho, do chaoch sé a
shúil ar Shiobhán: rud a chuaidh i ngior-
racht dá meabhair shaoghalta do bhaint
di, mar ní fheacaidh sí riamh roimis seo
cigire ag caochadh a shúile ar óig-mhnaoi
agus ní chreidfeadh sí go ndéanfadh sé
a leithéid.



Do chrom an cigire ar an garsún do
cheistiú ansan agus is breágh mall réidh
a labhair sé mar a dhéanfadh duine uasal
'na mbeadh árd-mhuinghin aige as féin.



“Tar i leith chugham, a gharsúin: ba
mhaith liom beagáinín cainte a dhéanamh
leat. Maith an buachaill. Suidh anso
am'aice. Éist liom go cruinn anois.
Dá mbeadh t'athair istig sa tigh agus
tusa do bheith amuich ar an mbuaile
agus ins an am chéadna an dínnéar
do bheith ullamh ar an mbórd. Cionnus
a ghlaodhfadh t'athair ort? Cad déarfadh
sé leat?”



“Ní déarfadh faic,” arsa Timmí (biní
a ainm).



“Cad na thaobh ná glaodhfadh sé ort?”



“Mar bheadh sé ag ithe na bprátaí
agus ní bhfaghadh sé labhairt,” arsa Timmí.



“Tá an chéad iarracht buaidhte agat-
sa, a dhiabhail óig,” ars an cigire istigh
in aigne féin. Níor leig sé aoinní air
áfach agus ba dhó le h-aoinne air go
raibh sé ana-shásta leis an bhfreagra a
fuair sé. Ní leigfeadh náire dho, ámh,
féachaint i dtreo na máighistreása le
h-eagla go mbeadh sise ag gáirí fé —
cé gur beag an baoghal do'n mnaoi
bhoicht a leithéid a dhéanamh. “Maith an
buachaill,” ar seisean ós árd, “sin é
díreach an freagra go raibh coinne agam
leis. Sin é an freagra ceart. Aithnighim
ort gur garsún cliste thu. Ach cogar i
leith chugham anois. Dá mbeadh t'athair
'na sheasamh insa dorus agus tusa bheith
amuich ar an ngort. Dá dteastuigheadh
ó t'athair tusa do theacht chuige, ná
glaodhfadh sé ansan ort?”



“Ní dhéanfadh,” arsa Timmí. “Chuir-
feadh sé fead as.”



“Is ansan do thuig an cigire go raibh
sé fuar aige bheith a d'iarraidh aon cheart
a bhaint de agus d'éirigh sé as. Má
theip an chomhngar ar Shiobhán do theip
an tímpal air féin. Ba ghearr na dhiaidh
san gur bhailimh sé a raibh de leabharthaibh
& de pháipéaraibh aige isteach 'na mhála
agus do ghluais an dorus amach. Nuair
a bhain Siobhán an tigh amach tráthnóna
bhí a h-athair insa dorus roimpi. D'fhéach
sé go géar uirthi. “Dhera, 'nghean,” ar
seisean, ”cad tá ort? An amhlaidh a
chonnaicís Murchadh?” Chonnac,” ar sise,
“agus bhí a mhac na theannta, agus ní
mheasa an seana-leaid ná an garsún.”



Ráithe 'na dhiaidh san tháinig an cigire
thar n-ais chun na sgoile agus níorbh é
a dhearmhad gan tuairisg Thimmí do chur
ar an máighistreás. “Féach ansúd é,” ar
sise, “agus is mór a chuaidh sé i bhfeabhas
ó bhís anso cheana. Tá sé ar an ngarsún
is cliste agus is deagh-bhéasaighe insa
ranng anois.” “Maith liom é chlos,” ars
an cigire go tur. “Cuir cúpla ceist
chuige go bhfeicead an bhfuil sé chomh
h-oilte ar na ceisteanna do fhreagairt
is do bhí cheana.”



An lá roimis sin do thug Siobhán ceacht
dos na garsún bheaga nar chuir sí síos
ar na h-ainmhithe allta, a mbéasa is a
dtréithe agus gach ar bhain leo. Do chuir
Timmí ana-shuim insa cheacht san, dar
léithe, agus do mheas sí nárbh fhearra dhi
rud a dhéanfadh sí ná é cheistiú i dtaobh
na n-ainmhithe anois.



“Seadh, 'Thimmí,” ar sise, “an cuimhin
leat na h-ainmhithe go rabhmair ag trátht
ortha indé?”



“Is cuimhin go maith,” arsa Timmí.



“Innis dom ainm ainmhidhe allta éigin
má seadh.”



“Machtíre,” arsa Timmí.



“Maith an buachaill,” ar sise. “Innis
dom ainmhithe allta eile anois.”



“Machtíre eile,” arsa Timmí.



Thuit an lug ar a lag ar fad aici
nuair a chualaidh sí an freagra san mar
thuig sí dá leanadh sí de'n cheistiuchán
nárbh fhada nó go mbeadh sí 'na ceap
magaidh ag an uile gharsún sa sgoil.
D'fhéach sí i dtreo an chigire. Tháinig
truagh aige dhi agus tháinig sé chun
cabhruithe léi.



Seadh, anois, a gharsúin,” ar seisean,
“innis dom ainmhidhe atá i bhfad níos mó
ná an machtíre is mó dá rugadh riamh.”



“Fathach mór de mhachtíre agus é tar
éis dá mhachtíre eile ba mhó ná é féin
d'ithe,” arsa Timmí.



“I n-ainm Chruim,” ars an cigire agus
é ag éirghe chun feirge, “caithimís uainn
iad mar mhachtírí agus innis dom ainmhidhe
éigin ná beadh aon deallramh aige le
machtíre.”



Do dhein Timmí machtnamh ar feadh
beagán aimsire ansan do labhair sé go
mall. “Dá mbeadh,” ar seisean, “mach-
tíre mór agus a sheithe iompuighthe taobh
tuathail amach & é péinteáltha le dearg,
bán, is gorm agus sgiatháin air agus é na
sheasamh ar chúinne na sráide ag seinnt
“Go saoraidh Dia an Rí” ar fhideóig,
sin agat ainmhidhe ná beadh aon deallramh
aige le machtíre.”



D'fhéach an cigire ar Thimmí: ansan
d'fhéach sé ar Shiobhán. Tug sé iarracht
ar rud éigin do rádh ach do théagair
a theanga. Níor dhein sé ansan ach
breith ar a hata is a mhála agus b'eo
insa tsiubhal é an dorus amach.



An Fiolar.



“A Talbot Press Book.” Sin é teidiol
atá ag Cló-lucht Talbóid don liosta nua
leabhar atá aca. Is fiú fios do chur ar an
liosta, ach is trua ná deinid an Cló-lucht
iaracht níos fearr ar leabhraibh Gaedhilge
thabhairt dúinn. 89 Sráid Talbóid, Baile
Átha Cliath, an oifig.



Gheobhair ó



Lúcás De Búrca



LÉINTE
STOCAÍ
BÓNAÍ
AGUS
CARABHATAÍ



DE DHÉANTÚS
GAEDHAL.



Is saoire le 25% a gheobhair na rudaí sin sa
tsiopa so 'ná in aon tsiopa eile:



105 Sráid Phádraig,
Corcaigh



(‘LUKE BURKE’)



Ar an bpingin is lugha



agus de



DHEUNTÚS GAEDHAL.



CULAITHE
CÓTAÍ MÓRA
CAIPÍNÍ
LÉINTE
AGUS
FÓ-EUDAIGHE



T. Ó FINN IS A CHUA.



52 Sráid Uashington,
70 & 80 Sr. an Chapaill Bhuidhe,
CORCAIGH.



A MHÚINTEÓIRÍ!



nach deacair ar fad an rud a mhúineadh de
scoláirí na Gaedhilge í labhairt agus
í scríobhadh go réidh nádúrtha?



Ach faighidh



“CEAPADÓIREACHT
CAINNTE AGUS
SCRÍOBHTHA”



.i. leabhar nua do scríobh
“AN SEABHAC” agus
“AN FIOLAR”



d'aon ghnó chun an dá shaghas ceapadóireachta a
mhúineadh. Níor cuireadh a leithéid de leabhar
riamh cheana le chéile le h-oiriúnaighe agus le
clisteacht agus le slachtmhaire. Sé an chabhair
é is fearr dá bhfuair múinteóir riamh.



5/ — an chóib (5/3 insa phost) ó



‘GUY AND CO. LTD.’



Sráid Phádraig N. a 70, i gCorcaigh.



FÉM' DHÉIN-SE A THAGAID
NA GAEDHIL



nuair a bhíon ao' rudaí
uatha mar:



LEABHAIR,
PÁIPEUR chun scríbhinne,
PÁIPÉIRÍ nó
TOBAC.



LIAM RUISÉAL,



“The Fountain Book Shop,”



CORCAIGH.



“EUDACH NA DRUIPSIGHE.” Níl a shárú ann, a Ghaedhala. Áit atá go Gaedhlach amuigh is amach iseadh an ball
in a deuntar é — Muileann Eudaigh na Druipsighe, i Múscraidhe, sa' Mhumhan.


L. 6


I gCORCAIGH
A DEINTEAR.



Tacán do mhias na bprátaí
é sin; é den tsean-shaghas
Gaedhlach.



GACH RUD RIAMH I BHFUIRM
ÁRTHAIGH AIRGID IS FÉIDIR
É DHEUNAMH SA TSIOPA SO:



Cupáin, Cuacha, agus Cuirn;



agus



Áraistí i gcóir Té nó Caifí.



Earraí don Teampall



mar atá: Cailísí, Monastráin,
‘Ciboria,’ Coinnleóirí, Clogana,
agus Seastáin leabhar Aifrinn,
Althóirí Adhmaid, Páileana
agus Crannóga.



Scríobh ag trial orainn d'iaraidh
leabhráin na ndealbhán agus fios
luachta na n-earraí:



LIAM MAC AODHGÁIN



is a Chl. Mhac,



Seódóirí agus
Gaibhne Geala,



32 SRÁID PHÁDRAIG N.,
CORCAIGH.



SEÁN Ó CONAILL,



Sráid an Churtánaigh, i gCORCAIG



Scríobh chuige



An Sicín Dubh



(Madame De Ségur do chéad scríobh sa bhFrainncis.
Cormac ó Cadhlaigh do chuir i nGaedhilg).



Do théigheadh Máire le na maimí gach
aon mhaidin go dtí cró na gcearc mar
a raibh cearca áilne de gach aon tsaghas.
Do bhí a maimí taréis roinnt ubh do chur
fé chearca guir agus gach aon lá do
bheireadh sí Máire léi féachaint ar tháinig
aon tsicíní amach. Do thugadh Máire arán
léi i gciseáinín beag agus do chaitheadh sí
chun na gcearc é. An túisge thagadh sí,
léimeadh na cearca go léir agus na
coiligh na tímpal, agus bhídís ag gobadh
an aráin as a lámhaibh agus as an gcis-
eáinín nach mór. Do bhíodh Máire ag
gáire agus ag rith agus do leanadh na
cearca í agus thaithneadh san go seóid
le Máire.



Le na linn sin do théigheadh a maimí
isteach i bpóirse bhreagh fhairsing mar a
mbíodh na cearca guir & na máithreacha
áil. Agus is iad a bhí ar a sástacht,
bosgaí agus botháin aca go léir dhóibh
féin agus faichín beag deas os comhair
gach tighe amach. Do thagadh Máire isteach
chúiche nuair do bhíodh deire an aráin ithte
ages na cearca amuich. Do bhíodh sí ag
féachaint ar na sicíní beaga ag teacht
amach as a dtigín agus ag siubhal ar a
bpáircín féin dóibh féin.



Maidin dár tháinig Máire isteach mar
sin do chonnaic sí a maimí agus sicín
gleoite, ná raibh ach uair an chluig nó
mar sin as an ubh, ar a láimh aici.



Máire: Ó, an sicín deas, a mhaimí! tá a
clúmh chomh dubh le clúmh an phriacháin.



Maimí: Féach leis cad é mar chíor bhreagh
atá ar a cheann aige. Déanfaidh san
coileach breagh. Do chuir a maimí i
n-aice na máthar áil é. Is ar éigean
a dhein nuair thug an chearc anabhuille
guib aon tsicín bhocht. Bhuail a maimí
buille ar ghob na circe, agus thóg sí
an sicín beag do bhí ar lár agus é ag
sgréachaigh agus do chuir sí i n-aice
na circe arís é. An uair sin thug
an chearc bhuile a dó nó a trí 'bhuillibh
guib do agus ruaig sí uaithe ar fad é
nuair do cheap sé filleadh.



Rith maimí Mháire agus rug sí ar an
tsicín a mheas an mháthair áil a mharbhú.
Thug sí cúpla braon uisge dhi leis an
anam a chur ann.



“Cad a dhéanfaimíd leis an sicín
seo?” ar sise. “Ní féidir é dh'fhág-
aint anso le na mháthair míbhéasaigh, do
mharbhóch sí é. Tá sé chomh breagh san
nár mhaith liom gan é thógaint.



Máire: Féach, a mhaimí, cuir ins an chiseán
mhór é sa tseomra mar a bhfuil mo
bhréagáin. Déanfaimíd é chothú, agus
nuair a bheidh sé fásta, cuirfimíd thar
n-ais i gcró na gcearc é.



Maimí: Measaim go bhfuil an ceart agat.
Beir leat é di' chiseáinín agus deinimís
leabaidh dó.



Máire: Ó, a Mhaimí, féach ar a mhuineál.
Tá sé ag tabhairt fola & a dhrom, leis.



Maimí: Na buillí guib fé ndear san.
Nuair a bhéarfair chun an tighe é, iarr
roinnt luibhíce ar an mbuime agus
cuir roinnt di ar na comharthaí.



Ní raibh Máire ró-shásta i n-ao' chor na
créachta dh'fheiscint ar an sicín ach do bhí
aoibhneas uirthi a bheith d'fhiachaibh uirthi an
luibhíce d'fhághail. Mar sin do rith sí
roim a maimí agus do thaisbeáin sí an
sicín don bhuime. D'iarr sí an luibhíce
uirthi agus ansan do chuir sí 'na sreatha
í ar gach áit do bhí ag tabhairt fola.
Ansan do mheasg sí uibhe, arán agus
bainne ar a chéile, do bhrúigh sí iad
agus do shuaidh sí iad ar feadh uair
an chluig. Do bhí an sicín bocht go
tinn lag breoite. Ní raibh dúil sa bhiadh
aige. Níor dhein sé ach cúpla braon
d'fhíor uisge dh'ól.



I gcionn trí lá, do bhí créachta an
tsicín cneasaithe & do bhí sé ag siubhal
ins an gháirdín. Mí na dhiaidh sin, éan
áluinn ar fad ab' eadh é agus é go
h-ana-mhór dá aois. Déarfá go raibh sé
trí mhí ar a luighead. Do bhí a chlúmh
go dubh ghorm agus go geal sleamhain
fé mar dá dtagadh sé as an uisge.
Do bhí a ghob agus a chosa ar dhath
an róis. Coiscéim bhreagh uaibhreach aige.
Súile geala aibiúla. Ní fheacthas riamh
sicín ba dheise ná é.



Máire do cuireadh na bhun. Is í do
bheireadh a chuid bídh chuige. Is í do
thugadh aire dho nuair a bhíodh sé ag
siubhal ar aghaidh an tighe. Agus ansan
i gceann cúpla lá bhítheas chun é chur
thar n-ais i gcró na gcearc. Bhí sé ró
dheacair bheith ag tabhairt aire dho. Do
chaitheadh Máire uaireanta rith na dhiaidh
ar feadh leath-uair an chluig gan breith
air. Aon uair amháin ba dhóbair dó é
féin do bháth i mbáisín lán d'uisge ná
feaca sé, bhí sé ag rith chomh tapaidh sin
chun dul ó Mháire. Thug sí sin iaracht
ar ribín do cheangal dá chois ach do chuir
sé na choinnibh chomh mór sin gurbh' éigean
é bhaint de ar eagla go mbriseadh sé a
chos. Agus ansan dubhairt a Maimí léi
é chur i gcró na gcearc agus gan é
leigint as a thuille.



“Tá an iomad seabhac tímpal a bhéar-
fadh leo é. Mar sin ní foláir fanúint
go mbeidh sé mór a dhóithin chun cead
a chos do bheith aige,” adubhairt sí.



Ach ní raibh Máire go h-umhal agus
do lean sí d'á bhreith amach gan fhios
dá maimí, agus aon lá amháin nuair a
bhí fhios aca go raibh a maimí go gnóthach
ag sgríobhadh thug sí an sicín amach ar
aghaidh an tighe.



Do bhí an sicín ag cuardach na gcuil
agus na bpiast ins an ghainimh agus ins
an bhféar. Do bhí Máire ag cíoradh a
bábóige cúpla coiscéim ón sicín ach má
seadh do bhí súil aici na dhiaidh chun ná
h-imtheoch' sé ró-fhada uaithi. Féachaint
dá dtug sí i n-áirde, cad a chífeadh sí
ach éan mór an ghuib chaim agus é na
sheasamh ar bhárr sgeiche bige i n-aice
an tsicín. Do bhí sé ag féachaint go
nimhneach ar an sicín agus súil eaglach
aige ar Mháire. Ní raibh cor as an
sicín mbocht. Do bhí sé na luighe ar
an dtalamh agus é ar crith le h-eagla.



“Nach áit an t-éan é siúd! arsa
Máire léi féin. “Éan breagh iseadh é
ach nach greannúr an fhéachaint atá aige!
Nuair a fhéachann sé orm deallruigheann
sé eagla do bheith aige romham agus
nuair a fhéachann se ar an sicín tugann
sé súil nimhneach air! Ha! ha! ha! Nach
ait an saghas éin é!”



Ar an nóimeat san do chuir an t-éan
liach ghéar árd fhiain as. Phreab sé ar an



‘G. A. A.’, — Camáin Bhreátha Láidre de phréimh na fuinnseóige. Gheóir fios a luachta ó Ch. Ó Conaill agus a Chua.,
Sráid Liadrom, i gCorcaigh



REICEADÓIR agus MEASTÓIR, ag 56 Sráid an Chapaill Bhuidhe i gCorcaigh, iseadh SEÁN Ó NUALÁIN (“Auctioneer.”)


L. 7


TÁ CÓIR MHAITH LOINGEASA



IDIR



ÉIRE AGUS AMERICA



anois. Má tá rudaí le
cuir thar lear agat, nó má
tá rudaí le cur chugat ó
America, deunfaimíd-ne
go saor é.



DÚDÁLL IS A CHUA. TTA.,



Lucht ionaid do lucht Loingeasa,



I gCORCAIGH.



ÁIRCÉID NA MUMHAN



‘Robertson, Ledlie, Ferguson and Co. Ltd.‘



CORCAIGH,



EUDATHÓIRÍ AGUS TÁILIÚIRÍ
DEN tSAGHAS IS AOIRDE.



Tá rudaí Gaedhlacha le fáil ag gach
cúntúird sa tigh. Cabhraímíd
go fonnmhar le gach



TIONNSCAL GAEDHLACH.



DON DRÁMA NÓ D'AON
TSAGHAS AISTEÓRACHTA:



Culaithe Eudaigh, Peiribhicí,
Hatai agus eile. Tá le
fáil ar chíos.



Feusóga is Folta Bréige,
agus Smeara-dhathú. Tá le
ceannach uainn



Cuir tuairisc a luachta, &c., orainn:



P. Ó SÚILEABHÁIN is a Chua.,



38, 39 Sráid Uashington,



I gCORCAIGH.



Ceannaigh an



‘Ghallúnach Cheilteach‘



a dheinean Muinntir Riain.



Tá balath deas uaithe agus is eusca
mar a dheinean sí sobal.



Bí 'á h-iaraidh ar an bhfear siopa.



Cuireadh lucht siopaithe
fios ar shampla dhi chuig



E. Ó RIAIN IS A CHUA. TTA.



I gCORCAIGH.



sicín do chuir sgréach eagla as. Rug
na chrobh air agus d'árduigh sé leis agus
siúd leis i n-áirde sa spéir le dicheall
a dhá sgiathán.



D'fhan Máire mar a raibh aici agus
í ar mearbhall. Tháinig a máthair amach
nuair d'airigh sí na liacha. D'innis Máire
dhi conus mar a rug an t-éan an sicín
leis ach níor thuig sí cad ba bhrigh leis
mar sgéal.



“Tuigim-se brigh an sgéil go maith,
mhaise,” ars a maimí. “Cailín easumhal
iseadh tusa. Agus seabhac ab' eadh an
t-éan úd agus leigis do an sicín breagh
d'fhuadach leis. Agus anois tá an sicín
bocht marbh ithte ag an seabhac. Agus
caithfirse dul láithreach chun do sheomra
agus is ann a bheidh do dhinnéar agat
indiu agus fanfaidh tú ann an tráthnóna
go léir. B'fhéidir go múinfidh san ciall
duit agus ná beir go h-easumhal feasta.”



Do chrom Máire a ceann agus d'imigh
sí go dubhach chun a seomra. Agus is
ann a thug a buime a dinnéar chúiche
an lá sin agus nuair d'airigh sí sgéal
an tsicín ba thruagh léi Máire bhocht.
Agus do bhí Máire bhocht ag caoine a
sicín agus do b'fhada gur chuir sí a
bhuairt di.



Cormac Ó Cadhlaigh.



LEABHAIR NUA.



Tá súil againn go mbeidh éileamh maith
ar na leabhraibh nua so:



“Ceapadóireacht Cainnte is Sgríobhtha”
ar 5/— ó Ghuí is a Chua., i gCorcaigh.



“Comhairle an Mhúraigh” ar 1/— ó Chua-
lucht Bhréanainn, i gCill Áirne.



“Ó Fáilbhe Mór ,, ar 1/- ó Bhrún agus
Ó Nualáin, i mBaile Átha Cliath.



“Leabhar na Pólainne” ar 3/6 ó'n
gCualucht um Tráchtáil Eadarnásiúnta, i
mBaile Átha Cliath.



“Cad ba dhóbair do” ar 2/6 ó Ridireacht
Liteardha na Gaedhilge (Siopa na Leabhar
Gaedhilge), i mBaile Átha Cliath.



“Eachtra an Bharúin Munchausen” ar
1/— ó Muinntir Dáibhís, Lucht Foillsithe, i
mBaile Átha Cliath.



“Eachtra an Bharúin Munchausen.” —
Pádraig Ó Broithe d'aistrigh Eachtra an
Bharúin chróga ón mBéarla. Dosna daoine
óga an leabhar so agus tá sé maisithe
'na gcóir le flúirse pictiúirí. Muinntir
Dáibhís, foillsitheóirí do chuir amach é.
Scilling a fhiacha.



“Cad ba dhóbair do.” — Is cuimhin le
daoine aosta againn gur cuireadh ar bun
blianta ó shin “Ridireacht Liteardha” chun
Gaedhilge a sholáthar a chur amach. Tá
leabhar beag curtha amach aca fé dheoidh —
beart beag de scéalta gearra a dhein
Liam Ó Rinn. Is maith linn Liam ag scéal-
íocht — tá súil againn gur de sin a lean-
faidh sé. Sé an leabhar so is fearr linn
dá saothar — mór mór toisc gur 'na aigne
féin a ceapadh ar dtúis é. Ní fios dúinn
cad é fiacha an leabhair seo ach gur 2/6 a
bhí ar lucht na Ridireachta a íoc. Iarratar
an dara 2/6 láithreach agus cuirtear leabhar
eile amach.



“An Seabhac.”



TÁ BAGÚN
DO PHOBLACHT ÉIREANN



againn-ne;



agus UIBHE, IM
agus SUBH, agus



Earraí Gaedhlacha eile go tiubh.



Ó DONNABHÁIN & MAC CÁRTHA



39 Sráid an Phrionnsa,
I gCORCAIGH.



TÁ SEÓGH EARRAÍ
GAEDHLACHA ANSO



sa tsiopa eudaigh is
mó agus is fearr
i gCiarraidhe.



‘R. HILLIARD & SONS LTD.’



CILL ÁIRNE,



Agus sa t-siopa eile i dTráighlí.



NÁ BÍ AG SEÓLADH NA
GCOINÍNÍ THAR LEAR!



Ceannócham-na coinín, nó míle coinín uait,
ar an bpinginn is aoirde. Ní ghadh aon cheann
do chur sall chún an tSasanaigh. Scríobh indiu
chughainn:



‘Siopa Lóin
Uí Dhonnabháin,’



SRÁID AN PHRIONNSA, CORCAIGH.



Gheobhair togha Earraí Gaedhal anso.



Cad é an leabhar é siúd
atá uait?



Gheóbhaimíd-ne dhuit é; agus
deunfaimíd gnó a' Gaedhilg
leat, más é is fearr leat.



Siopa na leabhar nGaedhlach



45 Sráid ‘Dáson,’



BAILE-ÁTHA-CLIATH.



CÓISTÍ IS CAPAILL is gach cóir eile chun cóisre nó sochraide. Tá againn-ne.



Muinntir Chróinín, ar Chalaphort Uí Shúileabháin, i gCorcaigh.



Biadh do Ghaedhlaibh — Ceannuigh do chuid aráin, cístí, &c., ó Mhuíntir Dhálaigh, Sráid a' tSáirséalaigh, i Luimnigh.


L. 8


Má tá Leigheasana uait,



iad go maith is go saor,



tar ag trial orainn-ne.



Ó Súileabháin agus Ó Dálaigh



31 Sráid Uashington,



CORCAIGH.



FEÓIL ÚR GHAEDHLACH.



Uaim-se gheobhair san,



agus



Eunlaith is Glasairí.



Mícheál Baróid,



Both a 64 & a 65, Margadh na Feóla,



Corcaigh.



Guthán a “276, Corcaigh.”



GUAILNEÁIN
SEANDÚNA.



Bhí cúigear ar chárr ag gluaiseacht
Gur bhriseadar na humaí,
Is nuair thuigeadar a bhfionntar
Ba chráidhte dúr a gcló.



“Ach, tá peidhre 'n Shandon Braces”
Ars an t-iománaidhe leó go scléipeach
“Agam, is táid chómh tréan san
Go ndéanfaid dúinn an gnó!”



Le fághail in a mór-chodaibh ó'n té
dheinean —



TOMÁS Ó GORMÁIN



Calaphort an Phápa, CORCAIGH.



ó



THOMÁS Ó MURCHADHA



a gheobhair biadh maith blasta de
dheuntús Gaedhal, i gcóir Céilidhe
nó Feise, nó aon tsórt fleidhe.



UIBHE, BAGÚN



agus



GACH SAGHAS EILE LÓIN!



SRÁID SHEÓIRSE A 111



(ar aghaidh Árd-Oifige an Phuist anonn),



i gCORCAIGH.





MARGAIRÍN
‘LEANDAR’



CÓMH BLASTA, CÓMH MILIS,
CÓMH CÚMHRA AD' BHEÓL,
LE CÁISE, LE LEAMHNACHT,
LE H-IM NÓ MAIRT-FHEÓIL.



Tá dhá saghas Margairín 'á dheunamh
againn fé láthair,
mar atá:



“EXTRA LEANDER”



agus



“LEANDER.”



Níl sárú “Extra Leander” le fáil in
Éirinn ná in aon tír eile. Bu dhóich le
h-aonne gur im a bheadh 'á ithe aige.
Scríobh chugainn ar chárta puist agus
gheobhair iomlán eolais air.



Dúdáll, Ua Mathúna



agus a gCualucht, Tta.,



LUCHT DEUNTA MARGAIRÍN,



I gCORCAIGH.



DEOCH BHLASTA FHOLÁIN



ISEADH



“TANÓRA”



Sugh Óráistí atá ann agus
Cois Laoi a deintar.



Scríobh chuig



Seán Ó Dálaigh is Chua. TTA.,



I gCORCAIGH,



in a thaobh.



TÁILLIÚIREACHT agus gach rud
i bhfuirm éadaigh do fhearaibh!



Níl dá ndíol againn-ne ach earraí a deineadh
i nÉirinn.



Ó GLASÁIN IS A CHUA,
11 Sráid Uí Chonaill, BAILE ÁTHA CLIATH.



AR MHAITH LEAT



£5,000,000



A CHIMEÁD IN ÉIRINN?



Bheirid Gaedhil na h-Éireann
an carn mór san airgid gach
bliain do Sheán Buidhe i ngeall
ar airgead urrúis



AR LOSCADH AR THIONÓISC; agus
AR SHAOGHAL DAOINE,



agus cailliúint cheart d'Éirinn iseadh £80
a' gach £100 de sin!



Tá cualucht Gaedhlach urrúis
anois ann:



‘An Gaedhal-Chualucht
Taighde um Urradhas
Náisiúnta, Teóranta’



(‘The Irish National Assurance Co. Ltd.’)



agus neart dóibh gach saghas
urrúis a dheunamh. Cimeádfid
siad an t-airgead i n-Éirinn
chun gnóthaí na h-Éireann a
chothú agus obair a sholáthar
do Ghaedhlaibh. Tá an méid seo
aca; £60,000, agus é curtha
i dtarrac i ngnóthaí Gaedhlacha
nó sa bhannc. £1,500 gach
seachtain an teacht isteach;
agus é ag meudú ó sheachtain
go chéile. (Mí Iúil, 1920.)



An Árd-Oifig ag 30 Faiche an Choláiste,
in Áth Cliath, Cois Life, agus oifig eile ag
34 Sráid Mharlboro, i gCorcaigh, Cois Laoi.



Déin do chuid urrúis
leis an gCualucht so!



Clóchualacht Seandúna, Corcaigh, do chlóbhuail.



Togha gacha bídh i gcóir na mbeithidheach, le fághail ó Mhuíntir Dhálaigh, Sráid an tSáirséalaigh, i Luimnigh.



Cló-bhuailfimíd-ne leabhar Gaedhilge nó Leabhar Béarla dhuit. — Clóchualucht Dúndealgan, Dundalk.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services