Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Meitheamh, 1920

Title
Meitheamh, 1920
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1920
Publisher
An Lóchrann

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


2d.
AN LÓCHRANN



PÁIPÉAR GAEDHILGE IN AGHAIDH GACHA MÍ.
Uimh. a 51. MEITHEAMH, 1920. Dhá Phinginn a Fhiacha.



GABHAIR SHÉAMAIS.
Dandet do scríobh.



Bhí sean-fhear fad ó agus is fad ó bhí.
Ní i n-Éirinn a bhí comhnaidhe air ach a
bhfad ó bhaile; i dtír a bhfad i gcéin
mar a bhfuil faol-choin, beithreacha agus
a lán ainmhithe allta nach iad le fagháil.
Séamas ab' ainm do'n sean-fhear. 'Seadh,
do bhíodh a lán gabhar age Séamas, ach
mo thruagh é an fear bocht! ba chuma
cad é an méid a bhíodh aige, do cailltí
iad. Do cailltí ar an gcuma gcéadna
iad go léir — maidin bhreágh bhrisidís na
teadáin, chun siubhail leo ag dreapadóir-
eacht ar an gcnoc agus d'alpadh an
machtíre iad.



Bhí Séamas ana-cheanúil ar a chuid
gabhar agus do chuir an scéal go mór
air. Dheineadh sé a dhícheall iad a chosc
ach d'á lom deirigh aindeona, d'imighidís
leó. Ba dhóigh leat ortha gurbh' fhearr
leó bheith saor tamaillín & bás d'fhagháil
ná beatha bhreágh shuairc i mbraighdeanas.
Níor thuig Séamas bocht an meón san
agus cheap sé gur fuath fé leith a bhí age
sna gabhraibh dó féin. Bhí sé i gcruadh-
chás. “Seadh,” ar seisean, “Táid cortha
dhíom-sa, ní choimeádfad ach aon ghabhar
amháin feasta.”



Cheannuigh sé gabhar breágh. I gceann
tamaill bhuail meón taistil an gabhar;
d'imigh sé leis go rug an fhaol-chú air.
B'é an scéal céadna é ag ceithre cinn
nó cúig cinn eile de ghabhraibh. Bhí Séamas
cráite. Fé dheire chuimhnigh sé ar sheift —
gheobhadh sé mionán gabhair, ba ghearr go
mbeadh taithighe aige siúd ar bheith cean-
gailte agus ní baoghal go n-éalóchadh sé.



Bhí go maith agus ní raibh go h-olc.
Fuair sé an mionán. Ainmhidhe beag,
gleoite, ab' eadh é. Rudín beag go
raibh súile cneasta, meigioll deas, & cosa
dubha, taithneamhacha, aige. Chuir Séamas
sa chlós é. Cheangail sé de théid bhreágh,
fhada, é. I gcionn treimhse bhí cleachtadh
ag an mionán ar bheith sa chlós, bhíodh sé
ag soláthar dó fhéin agus é lan-tsásta.
“Seadh,” arsa Séamas, “fanfaidh sé seo
agam.” Bhí breall air, ámh.



Lá, bhí an mionán ag féachaint ar an
gcnoc agus é ag machtnamh dó féinig.
“Nár bhreágh an scéal bheith thuas ann.
Mhuise, is ainnis an rud é téad féd
'mhuinéal! Is cuma do'n asal bheith cean-
gailte; ní foláir do'n ghabhar cead a
chos a bheith aige.”



As san amach bhí féar an chlóis feóite,
dar leis. Ní raibh sé istigh leis féin.
Chuaidh sé i dtanaidheacht. Ba thruagh leat
bheith ag féachaint air, an téad ar síneadh
aige, é ag féachaint i dtreó an chnuic,
aer an cnoc á tharrac isteach aige.
“Meg-eg,” a deireadh sé go brónach.



Thug Séamas fé ndeara go raibh rud
éigin ar a pheata gabhair. Lá, bhí sé 'na
sheasamh i n-aice an mhionáin agus é ag
féachaint go géar air; d'fhéach an gabhar
air go truaighmhéileach. “Meg-eg,” a
deireadh sé. “Seadh,” arsa Séamas, “tuig-
im thú. Fonn atá ort a rádh gur mhaith
leat imeacht uaim agus cúrsa an chnuic
úd a thabhairt. Ní imeochair, mhuis'; tá
an machtíre thuas agus mharbhochadh sé thú.”
“Meg-eg-eg,” ars' an mionán agus an
téadán 'á stracadh aige. “Ní leigfead
duit imeacht, a mhionáin bhig, ghleoite!”
arsa Séamas agus rug sé chun siubhail
isteach san eachlainn é agus chuir an
doras fé ghlas. Do dhearmhaid sé an
fhuinneóg, ámh, & ba ghearr an mhoill ar
an ngabhar bualadh amach tríd an bhfuin-
neóig & rith chó tapaidh & bhí na chosaibh.



Do shrois sé an cnoc agus suas leis
ar a dhícheall. Nach air a bhí an teasbach
agus é ag rith gan córda, gan ceangal.
Do léim sé, do rith sé, d'umlaisc sé é
féin san bhféar bhorb. Do lean ar an
gcuma san go tuitim na h-oidhche. Ag
dul i nglaise a bhí sé agus scamaill
mhóra dubha ag teacht treasna na spéire.
Ní raibh duine ná daonaidhe le feiscint.
Tháinig saghas uaignis ar na mionán mbeag.
Do chuala sé glaodh. D'aithnigh sé guth
Shéamais. Ar lorg a pheata a bhí sé gan
amhras. Do sheasaimh an mionán. Ba
mhaith leis filleadh anois. Chuimhnigh sé
ar an dtéid, ar an gclós, ar chead a
chos ar an gcnoc — do rith sé isteach
ameasc na gcrann. Chuala sé fothrom
laistiar de, d'iompuigh sé, chonnaic sé
an machtíre. D'fhéachadar ar a chéile.
D'á luigeadh é an mionán, ainmidhe calma,
cróga, ab' eadh é. Níor chúb sé chuige.
Thuig sé go maith gur beag an tairbhe
dhó a chuid adharc i gcoinne an namhad
so; ach bhí sé lán-cheapaithe an fód a
sheasamh. Do throideadar faid gach 'nfhaid.
Fé dheire, do briseadh ar an mionán mbocht,
ní nach iongnadh. Thuit sé, chuaidh an mach-
tíre de léim ann — ba ghearr go raibh sé
alpaithe aige. Mo thruagh é mionán beag,
gleoite Shéamais!



M. Ní Áinle d'aistrigh



CUMHA BAINTRIGHE.



Bhí bean bhreagh dathúil óg ann gur
cailleadh a fear. Do sgread agus do
ghoil sí go h-éachtach n-a dhiaidh.



“Fan liom, a stóir,” ar sise, agus í
n-a seasamh ar bhruach na h-uaighe d'éis
na sochraide. “Leanfad gan mhoill thú …
ní bhfaghad faoiseamh ná áthas feasta gan
tú …” D'imigh an fear n-a aonar,
ámhthach.



Bhí athair na mná óige ann ag éisteacht
léi. Fear ciallmhar dob eadh é. Leig
sé do'n sruth deór do thuitim & annsan
labhair sé léi:



“A inghean ó!” ar seisean, “ní beag
dhuit a bhfuil caointe agat anois. Nílir
ach ag lot t'áilneachta leis na deóraibh
sin. Ní gádh dhuit bheith chomh h-uaigneach
san ar fad. Tá fir mhaithe ar an saoghal
i gcomhnuidhe. Tá duine am' shúilibh duit —
fear breagh córach acfuinneach — fear is
fearr ná an té atá imithe uait.”



“Ó!” ar sise, “ní bhead-sa am chéile
ag aonne feasda ach ag Dia amháin.”



Níor bhac a h-athair a thuille rádh léi.
Do leig sé dhi cumha an fhir eile do chur
di chomh maith is dob fhéidir léi.



D'imigh mí go buartha brónach; go dubhach,
do-mheanmnach.



An mí n-a dhiaidh sin ní stadadh an
bhaintreach óg ach ag cur malairt éadaighe
uirthi féin ó mhaidin go h-oidhche is ag
cíoradh is ag díoradh a cuid gruaige
is á déanamh suas ar gach aon chuma
dob 'áilne 's dob éagsúlaighe ná a chéile.



Ba ghearr ná raibh i gculaithibh dubha
an bhróin ach adhbhar maisiúlachta agus
mór-thaidhse ag an mbaintrigh is gan de
chúram uirthi ach cá bhfaghadh sí na h-éadaighe
is fearr a theasbánfadh áilneacht a pear-
san. Bhíodh fir óga na h-áite na tímpal
coitianta le taithneamh dí. Tháinig tráth
an gháire agus na gcluithchí cártaí agus
na ndamhsaí ansan.



Níor leig a h-athair aon ní air …
níor tharraig sé chúichi sgéal cleamhnais
ná pósadh.



Fé dheire do bhris ar an bhfoidhne ag
an mnaoi óig is do labhair sí lá mar
seo le n-a h-athair: “A Dhaid,” ar sise,
“an fear óg úd do gheallais dom, cá
bhfuil sé?”



Cormac Ó Cadhlaigh,
D'aithris ón bhFrainncis.



Gúnaí & Hataí do Chailíní; Carabhataí Gaedhlacha, Stocaí, Bónaí, &c., do fhearaibh; Táiliúireacht ar fheabhas.
D. MacCurtáin, 5 Sráid an Chaisleáin, Corcaigh.


L. 2


Ceannóchaimíd uait nó
díolfaimíd leat:



TUIGHE nó ARBHAR nó FEUR



Uainn-ne gheobhair na
SÍOLTA agus an LEASÚ
is tairbhighe amuigh.



Scríobh chugainn. Beidh fáilte
roim litir Gaedhilge againn.



SÉAMUS Ó NÉILL
IS A CHLANN MHAC (teo.)



CIONN tSÁILE, sa' Mhumhain.



CAD É AN LEABHAR É SIÚD
ATÁ UAIT?



Gheóbhaimíd-ne dhuit é; agus
deunfaimíd gnó a' Gaedhilg
leat, más é is fearr leat.



SIOPA NA LEABHAR nGAEDHLACH
45 Sráid ‘Dáson,’
BAILE-ÁTHA-CLIATH.



I LIOS TUATHAIL
gheobhair
GACH CÓIR TIGHE,
ÁRAISTÍ IARAINN,
ÚIRLISÍ,
SÍOLTA agus
LEASÚ



ó
SHEÁN MAC EANNA,
I SRÁID AN MHARGAIDH.



CEANNUIGH DO CHUID
BAGÚIN AGUS
DO CHUID EILE LÓIN



ó
Ó CÉILEACHUIR & MAC EANNA
Sráid an Chapaill Bhuidhe a 82,
CORCAIGH.



I LIOS TUATHAIL
gheobhair Bróga Gaedhlacha agus
Eudach Maith Gaedhlach
ó



Ó MÓRÁIN,
I SRÁID AN MHARGAIDH.



“CEANNDÁNACHT.”
(Dráma Gearmánach so.)



Buachaill ab eadh Séamus a bhí i n-aimsir
i dtigh dochtúra, agus bhí sé i gcleamhnas
le Máirín, cailín aimsire ins an dtigh
chéadna. Lá d'á raibh Máirín i bhfeidhl
na cistineach thárla do Shéamus gan bheith
ró-bhruidiúil, agus tháinic sé isteach chun
cabhrú léi, mar a dhéanfadh aon fhear a
bheadh 'na chás. Nílim á rádh go gcuireadh
sé suim mhór i n-obair an tighe ach cé
thógfadh air é má theastuigh uaidh bheith i
bhfarradh Mháirín? B'é b'fhada leis go
raibh an áit deisithe acu, agus nuair a
bhí, níor fhéad sé a bhéal do chimeád
dúnta le teann na luthgháire a bhí air.
Bhuail sé fé ar chathaoir i n-aice na teine,
agus é ag rádh: “Bíodh an riabhach agat,
mar obair!” tré n'a fhiaclaibh. D'airigh
Máirín a chuid cainnte, ach níor thuig sí
i gceart í. “Cad é sin agat á rádh,
'Shéamuis?” ars ise. “Ó?” arsa Séamus,
“is gnáthach liom urnaighe beag a dhéanamh
tréis críoch a chur ar aon ghnó. Sean-nós
diadha is eadh é, agus ní mór duit-se é
dhéanamh chomh maith. Suidh annso im' aice
anois, agus abair ‘Baochas le Dia, tá'n
méid sin thart!’” “Dhera, fastaoim, a
dhuine,” arsa Máirín. “Ó! 'Mháirín,”
arsa Séamus go duthrachtach, “ní h-aon
chúrsaí grinn é; caithfidh tú é rádh!”
“Caithfead, a lán!” arsa Máirín go
scigiúil. Do lean an scéal mar sin
acu go ceann tamaillín, Séamus ag
tathant ar Mháirín na focail a rádh, agus
ise ag cur 'na choinnibh ar a seacht
ndícheall. B'é deire an scéil é go
ndubhairt sé gur rabha i n-am dó ná
géillfeadh sí dhó 'san méid sin, agus ná
béadh sí 'na mnaoi phósta aige go deo.
Suas an staighre le Máirín agus í ag
gol. Bhain Séamus an dorus amach le
h-aon truslóg amháin, agus thug sé an
cnoc amach air féin



Ní thug aoinne acu fé ndeara go
raibh an dochtúir féin 'na sheasamh ins an
dorus fad a bhí an t-aighneas go léir ar
siubhal acu. Ach do bhí, agus bhí sé ag
tuitim i laige, beagnach, le méid an
ghrinn a bhí 'á bhaint as an scéal aige.
Siúd chun an phárlúis é, mar a raibh a
bhean, agus é ag dul ins na trithíbh.
D'innis é an scéal go léir di, chomh
maith agus leigfeadh a gháire dhó é dhéanamh.
Ach ní cúis gáire a fuair sise as an scéal,
ach a mhalairt; agus do mhol sí ó chroidhe
an stailc a chuir Máirín suas. “Féach
anois, a Eibhlís, a chroidhe,” ars an dochtúir
go bladarach, “an measann tú a rádh
ná géillfeá dhom dá n-iarrainn rud i
n-athchuinge ort?” “Ó! do ghéillfinn,
gan amhras, ach dá n-iarrthá a leithéid
sin d'amadántacht, am briathar ná géill-
finn.” Shíl an dochtúir gur mhaith an bhail
air an lámh-uachtar d'fhagháil i dtosach a
saoghail pósta, mar b'é seo an chéad
cheo d'éirigh eatorra. Mar sin do bhí
sé ag tathant ar a mhnaoi na bréithre a
rádh. B'in mar ba mhó, áfach, do chuaidh
sí i gceanndánacht gur bhris a gol ar
an mnaoi bhoicht i ndeire na dála, agus
bhí an mí-ádh déanta an ath-uair ag na
bréithre gan éifeacht.



Ar an bpointe baise d'oscail Máirín
an doras. Bhí rian na ndeor ar a
h-aghaidh fós, agus nuair d'fhéach sí ar a
máistreás, ba léir di ar an nóimeat
cúis an bhróin a bhí uirri siúd. Ach cé
shiubhalfadh isteach le sálaibh an chailín
aimsire ach athair agus máthair Eibhlíse.
Tháinic siad chun an tráthnóna do chaitheamh
i gcuideachtain a gcleamhna. Do dhubh
agus do dhorchuigh ar an máthair ar fhéach-
aint ar a h-inghin di. Thug an dochtúir
fé ndeara go raibh crot a' chomhraic ag
teacht uirri, agus do cheap sé nárbh'
fhearr rud a dhéanfadh sé ná'n scéal
brónach go léir a nochtadh dhóibh. Chó maith
do dhein. Dubhairt an mháthair go raibh
iomlán an chirt ag an mbantracht, ach
dubhairt an t-athair, agus é ag cur
smuta gáire as, gur ceart do'n fhear
an smacht a chur ar a mhnaoi i n-am agus
“dá mbeinn-se id' chás, a chliamhain ó!”
ars'eiseann, “ba ghearr an mhoill orm
iachall a chur uirri. An tsean-bhean seo
agam-sa gabhaim-se orm go ndéanfadh
sí rud orm.” Annsin d'eirigh an colg
ar an máthair agus bhí an tigh 'na réabadh
roilig aici gur sceinn an dochtúir amach
as an seomra le bárr buartha.



Ar theacht isteach arís do, do bhí rud
éicint 'na láim aige. Siúd chun a mhná
é. Sháith sé an rud isteach 'na láimh.
Boiscín ab' eadh é. D'oscail Eibhlís é,
agus cad a bhéadh istigh ann ach seód
óir 'na luighe i leabthain bháin. Tháinic
luisne 'na ceannachaibh agus d'fhéach sí
go grádhach ar a fear. Do las a shúile
air le méid an áthais a bhí air. Shíl
Eibhlís annsan gur cheart dí féin an
ceanndánacht a chur uaithi, agus na focail
a rádh. Annsan ní raibh le ceannsú ach
an mháthair agus an lucht aimsire.



Rith leis an máthair go mb'fhéidir léi
féin leis brontanas éigin a bhaint d'á
fear. Mar sin, chuir sí i n-iúl dó go
ngéillfeadh sí dá bhfaghadh sí biorán óir
uaidh ar nós na beirte nua-phósta. Ach bhí
an sean-duine ró-chliste dhi. “Déanfair
níos saoire na san fós é,” ars' eisean.



Is é an cuma a bhí an scéal ag an
sean-mhnaoi annsan ná gur mhian léi an
néal feirge do bhí ag gabháil di d'agairt
ar dhuine éigin. Do ghlaoidh sí isteach
ar Mháirín & ar Shéamus, agus dubhairt
leo gurbh' iad ba chionntach leis an dtub-
aiste ó thúis deire agus go ndíolfadh
Máirín as an ruaille-buaille a bhí déanta
aici. “Abair anois ós árd os cómhair
na cuideachtan ‘Baochas le Dia, tá'n
méid sin thart,’” ars an mháthair. Is
ar éigean a bhí an méid sin ráidhte aici
nuair scairt a raibh ann ag gáiridhe.
“Bhí fhios agam go ndéanfá saor é,”
ars an t-athair. Ní raibh le déanamh ag
an máthair ach brú fúithi. Rith focail
do chaill í. Ach bhí Máirín ann fós, agus
í chó ceanndána le miúil. “A Mháirín,”
arsa bean an dochtúra, “abair na focail
agus tógfad cúram do phósta orm féin.”
“Pósadh!” arsa Máirín, “Ó, baochas le
Dia!” “Lean leat! Lean leat! Abair
an chuid eile.”



“BRÓGA NA LAOI,” idir bhróga ísle is bróga árda, bróga lorgan is bróga glún. Tá le fághail i ngach sráid-bhaile.
Scríobh chun “Lucht deunta Bróg na Laoi,” i gCorcaigh.


L. 3


Annsin do thuig Máirín. Chuir sí a
práiscín thar a h-aghaidh, agus chualathas
“tá'n méid sin thart!” ó dhoimhneas an
phráiscín agus í ag sceinneadh an dorus
amach.



Seán Mac Gabhann,
An Coláiste, Roscré.



BREITH LE BÁIDH.



Do bhí muinntir an bhaile go léir thoir
ar pháirc an aonaigh agus na súile ar
leathadh aca le h-iongnadh ag féachaint
ar chleasuithibh ag déanamh na gcleas.
Do bhí aon chleasuidhe amháin ann agus
ní stadadh na daoine á mholadh go h-árd
gach ra nóimint. Chun deire maith chur
leis an gcluiche do tháinig sé sin amach
ar an árdán 'na aonar. D'úmhluigh sé
dos na daoinibh agus do chlúduigh sé a
cheann le beann dá bhrat agus ansan do
thosnuigh sé ar aithris do dhéanamh ar
sgréachaigh bainbh muice. Do dhein sé
chomh maith san é gur cheap gach aonne
go raibh an banbh fé na bhrat aige dáríribh.



Do liúigh na daoine air a bhrat agus
a chulaith do chrothadh, rud do dhein sé,
agus nuair ná raibh aon ní fútha, do
chrom na daoine go léir ar liúirigh agus
ar bhéicigh thar na beartaibh le h-áthas á
mholadh.



Do bhí fear tuaithe ann agus nuair
airigh sé an liúgh árd, mholta, do tháinig
buile seirbhthin air agus adubhairt sé:



“A dhaoine muinteardha, níl an ceart
agaibh i n-ao' chor bheith ag moladh an
amadáin úd mar sin. Níl sé chomh maith
de chleasaidhe i n-ao' chor agus is dóich
libh-se é. Is fearr d'fhéadfainn-se aithris
do dhéanamh ar bhanbh muice agus mara
gcreididh sibh mé, níl agaibh ach teacht
anso amáireach ar an uair chéadna agus
cuirfead-sa i n-iúl daoibh é.”



Do bhí an-bháidh ages na daoinibh leis
an gcleasuidhe cheana féin ach má seadh
thángadar lá'r na mháireach na sluaightibh
agus ní chun an fhir tuaithe do mholadh
thángadar ach chun é cháineadh.



Do sheasaimh an dá iomathóir ar an
árdán i dteannta a chéile. Do thosnuigh
an cleasuidhe agus do moladh níos mó
go mór é ná mar do moladh é an lá
roimis sin.



Ansan d'umhluigh an fear tuaithe agus
do chlúduigh sé a cheann le 'na bhrat fé
mar do dhein an cleasaidhe. Do bhí banbh
fé na asgaill aige i gan fhios dos na
daoinibh agus do thosnuigh sé ar a chluais
do tharraing i dtreo go raibh an banbh
ag sgréachaigh go fíochmhar.



Mar sin féin do thug an lucht éisteachta
an chraobh don chleasaidhe. Ní bhfuair an
fear ón dtuaith ach liú mhagaidh.



Leis sin do thóg an fear tuaithe an
banbh amach agus do thaisbeáin sé ós árd
dos na daoinibh é. “A dhaoine uaisle,”
ar seisean. “Ní fúm-sa atánn sibh ag
magadh i n-ao' chor ach fén mbanbh féin.
Nach maith na breithimh sibh!”



Cormac Ó Cadhlaigh
(Ón bhFrainncis).



CAOINE AN GABHA.



Bhí gabha uair ann agus bhí bean aige
agus cheap sé nach ró mhór an grádh a
bhí aici dho. Leig sé air bás d'fhagháil —
chun triail a bhaint aisti. Tháinig drifiúr
an ghabha agus do bhí sí á chaoine:



B'fhuirist dom aithint
Ar mo theacht fé'n áit seo,
Nuair nár chuala fuaim do cheard-
chan,
Na h-úird dá mbualadh go luath
mear láidir
Go rabhais sínte síos fé chlár ann.



'S a bhean úd thíos go bhfuil ort
an síoda,
Ná tiocfá annso agus t'fhear a
chaoine.



Bean an ghabha:



Fear a gheobhad-sa má bhíonn ní
'gam,
Is dritheáir ní fhaghair-se anois ná
choidhche.



An drifiúr:



A dhritheáir ó! is a dhritheáir na
gcarad!
Is fuirist rian na droch-mhná d'aithint
ar do leacain,
Gaotha Márta agus drúcht na maidne,
An droch-thúibh(?) is an céallacan
fada.



Tháinig an sagart isteach:



Éist! Éist! a bhraobaire caille.



An Drifiúr:



Éist féin! a bhraobaire sagairt,
Tuill do réal is fill abhaile
Is caoinfead-sa féin mo dhritheáir
go maidin.



Leis an bhfear “marbh”;



Dá mbeitheá 'gam-sa cois Abha
Bríde,
Cois Abha Fleasca nó cois Abha
Taoide (?);
Annsúd do gheobhainn-se féin mná
caointe
An fhaid sheasochadh Máire, Cáit is
Brighde
'S an bhean chaol donn a thug súgh
a croidhe dhuit.



A dhritheáir ó! 's a dhritheáir na
gcarad!
Tá'n fhuiseóg ag labhairt is an lá
ag breacadh;
Is mithid dom féin bheith ag triall
ar an mbaile
Chun innsint dot' mháthair is dod'
athair
Gur gol mná aonair a bhí araer
ar a leanbh.



An Gabha, ag preabadh:
“Fan, a dhrifiúr,” ar seisean, “is
bead-sa i n-éineacht leat.”



Ón tsean-aimsir.



LÁ AOIBHNIS —
FEIS THRÁIGHLÍ.



Abair leis na comharsain gur i dTráighlí
a bheidh an caitheamh aimsire go léir lá na
Feise: Lá 'le Peadar is Pól, an 29adh lá
den mhí seo (Meitheamh).



LÉIG NA FÓGRAÍ, A CHARA, MÁS É
DO THOIL É.



ÁIRCÉID NA MUMHAN
‘Robertson, Ledlie, Ferguson and Co. Ltd.’
CORCAIGH,



LUCHT DÍOLTA agus LUCHT DEUNTA
EARRAÍ EUDAIGH.



Tá rudaí Gaedhlacha le fáil ag gach
cúntúird sa tigh. Cabhraímíd
go fonnmhar le gach



TIONNSCAL GAEDHLACH.



Gheobhaidh do
Chlann Mhac



TOGHA NA SCOLUÍOCHTA



agus deunfar cúram ar
leith den GHAOLUINN
dóibh, agus beidh gach
cóir ar fheabhas aca



I gCOLÁISTE FHLANNÁIN



le h-ais na h-ÍNSE,
i gCONNDAE GHEAL CHLÁIR.



AN t-ATHAIR LIAM Ó CINNÉIDE,
Ollamh le Diadhacht,
An t-Uachtarán.



TROSCÁN AGUS LEABTHACHA,
ar fheabhas agus ar shaoire.



Deunfad-sa gnó a' Gaedhilg leat!



SEÁN MAC EÓINÍN,
‘CUALUCHT TROSCÁIN NA MUMHAN,’
Sráid a' Chapaill Bhuidhe a 63,
CORCAIGH.



Tá Cóistí agus Mótair d'á ndéanamh againn-ne. Cuirimíd Gléas Góma (rubair) fé rothaí cóiste gan ró-mhoill.
Cros & a Chlann Mhac, 18 & 19 Port Uí Shúileabháin (Sullivan's Quay), Corcaigh


L. 4


STADAÍDH!



Órdú é seo do dhaoine
atá ar lorg luagh a
a gcuid airgid:



GLUAISIDH FÉ DHÉIN
SIOPA A 39
I SRÁID AN PHRIONNSA
I gCORCAIGH,



an Siopa in a bhfaighe' sibh



ÍM,
UIBHE,
BAGÚN



AGUS GACH SAGHAS EILE LÓIN.



‘Ó DONNABHÁIN
agus
MAC CÁRTHA.’



AN LÓCHRANN.
Páipéar don Ghaedhealtacht.
Sráid Ribeáird a 6, i gCorcaigh — an Oifig.



Seán Tóibín, Baile an Teampaill,
i gCorcaigh
an Fear Gnótha.



An Seabhac, Daingean Uí Chúise An Fear Eagair



Ó Cuill & a Chua.,
95 Sráid Phádraig, Corcaigh



Easún & a Chl.-Mhac, Áth Cliath
Na Díoltóirí.



Má's maith leat bronntanas a thabhairt d'aon
cheanntar sa Ghaedhealtacht agus bheith ag cabhrú' leis
“An Lóchrann” san am gcéadna, cuir roint airgid
ag triall orainn & cuirfimid cóibeana gach mí go
ceann bliana chun aon áite a déarfar linn.



Sinn-ne — Lucht An Lóchrainn.



Ó REACHRAINN, IN ULTAIBH.



Bha Cólla as píobaire lá de na laithean
ag dól seacha air seandún 's bha uaimh ag
dól fón talamh a's fón dún cuideachd.
Thúirt a' píobaire gum faigheadh é amach
dé bha san uaimh gus chaidh é 'steach ach
nuair a bha é tamall istigh thúirt é leis
a bhalach:



“Cólla an rúin, seachain an dún, seach-
ain an dún, seachain an dún! tá mise
ann a' láimh. Is truagh nach robh trí lámhan
agham — dá láimh sa phíob a's lámh sa
chlaidheamh. Bí na searraigh óga 'nan éich
mhóra mu'n a till mise as mu'n a ruig
mise beul an uaimhe, moghráidh. Bí na
meannan óga nan gabhar creige mu'n a
till mise go beul an uaimhe so.”



CÓLLA CIOTACH.



Chuidigh an Domhnallach ainmeil so le
Mórair Mhun-rós san cogadh in Albain
ar thaoibh an Rí Séarlas san 17 aois.
Tá go leor sgéalta na thaoibh i Reachrain
fós. Deirtear i gcomhnuidhe gur duine
an-láidir a bhí ann as nách leigfeadh sé
do dhuine ar bith pé bith duine é dhul
na aghaidh. Tá sé curtha sa Mhumhain, i
gCo. Chorcaighe, dar liom.



S. Ó Duibhlearga do scríobh.
Reachrainn, Aibreán, 1920.



SEANCHAS (le Séamas Ó h-Eochadha,
“An Fear Mór;” ar 1/- ó “Chualucht
Oideachais Éireann,” in Áth Cliath.) Ag
cainnt dom ar an leabhar san, i “Lóchrann”
an Abráin, dubhart rud ná raibh cruinn .I.
“go bhfuil athrú ar an gcainnt sin Déiseach
in aghaidh an lae.” Ag tagairt do nithe
beaga mar “ar chuir tú” in ionad “ar
chuiris” a bhíos.



Adeir an t-Athair Mícheul Ó Síothcháin,
Ollamh le Teangachaibh liom, nách aon ais-
triú ar an gcainnt é sin, go bhfuil sé
ann ó aimsir an Chéitinnigh* pér domhan
é, agus go bhfuil cainnt mar “chuireas,”
&rl., ag Déisigh, mar seo: “Ar chuir
tu na ba isteach?” “Chuireas.” “Má
chuiris, tá cead agat dul abhaile.”



(* Féach leat “Stories from Keating” (Bergin):
“Béaraidh mise liom í,” leathanach a 3, líne a 17;
“Béaraidh me leam thu,” lch. a 12, l. a 22; “Biaidh
tú it aon-mhnaoi agam-sa,” lch. a 22, l. a 51; “D'innis
mé dhuit,” lch. a 39, l. a 36; “Muna dteaga tusa
liom,” lch. a 75, l. a 68 — Micheul Ó Síothcháin.)



Seán Tóibín.



LÉIG NA FÓGRAÍ, A CHARA, MÁS É
DO THOIL É.



JIMÍN MHÁIRE THAIDHG.



Fuspar i leith, ná h-innis d'aoinne 'á
rugadh é. Táim-se im' shaighdiúir! Ar
mh'anam ná fuil aon bhréag ann. I n-arm
na hÉireann atáim agus me ag foghluim
na saighdiúireachta go tiugh. Bím ag
iompó deiseal agus ag iompó clé agus
ag iompó ar ais agus ag bualadh mo shál
le n-a chéile. Tadhg Óg a mhúin na focail
órdaithe dhom. Sé Tadhg an captaen atá
annso ar na buachaillí móra, tá's agat.
Sin é dhein saighdiúir díom-sa agus a theais-
beáin dom cionnus geáitsí an tsaighdiúra
a dhéanamh. Ach ní fhaghaim aon bhlas ortha
gan na bróga bheith orm, mar ná deineann
mo chosa aon ghlór, tá's agat. Bhain Mam
na bróga dhíom oidhche nuair rug sí orm
i dtigh an bhainne agus iad orm agus mé
ag máirseáil tíompall agus ag iompó &
ag casadh agus ag cnagadh mo shál. Bhíos
ag bualadh mo chos fúm go breágh láidir.
“Ar dheis!” arsa mise liom féin fé mar
chuala Tadhg Óg á rádh leis na buachaillí.
“Deas agus clé, a bhioránaigh,” arsa Mam
ag teacht an doras isteach chugham agus
am thógaint le dhá chlabhta, deas agus clé.
Annsan rug sí orm agus bhí sí am chrothadh
gur thuit na bróga dhíom. Ní rabhadar
fáiscithe i n-ao' chor, tá's agat; agus ní
raibh aon stoca orm. Is olc an sás mo
mháthair chun misneach a chur ar aonne a
bheith 'na shaighdiúir ar son na hÉireann —
is olc san. Tá na seana-mhná go léir
mar sin, mar nuair a bhíd siad bailithe
tíompall na teine ins na tighthe, ní théigh-
eann aon lagadh ortha ach ag cáineadh na
ndaoine atá ag cur isteach ar an ngobher-
mint “atá chó láidir, a chroidhe,” agus
“b'éidir gurab amhlaidh a stopfaí an
pinsiun uatha féin,” agus “ná fuil aon
tseans go deo go mbogfadh an Sasannach
a ghreim i nÉirinn.” Sin é saghas cainnte
bhíonn aca san. Ach b'fhearr scaoileadh
leo — níl fios a mhalairt age sna rudaí
bochta. Táid siad dall, mo ghraidhn iad!



Nuair ná raibh aon duine dem' chómhaois
im' theannta d'iarras ar Thadhg Óg cead
a thabhairt do Mhicilín Eóin, leis, bheith
'na shaighdiúir. Thug, agus is é gnó thug
sé do bheirt againn bheith ag faire agus
ag éisteacht, agus ag breith eolais chuige
féin i dtaobh aonne bheadh ar tí na mbuach-
aillí san áit. Ghearánas na seana-mhná
ar fad leis ach is amhlaidh a gháir sé
fén méid sin. Spiairí agus daoine bheadh
ag breith scéalta chun na namhad — eolas
ortha san a bhí uaidh, a dubhairt sé.



As san amach ní raibh stad le Micilín
ná liom féin ach ag cuardach do spiairí.
Bhímís laistigh des na clathacha istoidhche
ag éisteacht les gach aonne ghaibheadh an
bóthar. Chualamair Tadhg Mór á rádh le
na bhean, agus iad araon i dteanna chéile
ag teacht ón nDaingean go raibh “gob
chun cainnte uirthi.” Dubhairt sí sin nár
mhór di faobhar a chur uirthi féin mar
go raibh smísde amadáin d'fhear aici.
Chonncamair Flúirsín ag imeacht, oidhche
eile, le cliabh móna as cruaich Bheit
Móire, ach tuit an t-anam as, nach mór,
nuair bhéiceamair air é chur thar n-ais.
Chuir — go tapaidh. D'éaluigheamair oidhche



Ticéidí in a “gCeirthlíní” do lucht comórtha spóirt & Cnaipí Daithte — mar chomharthaí sóirt ó Chlóchualucht Dúndealgan, Dundalk
Leabhair agus Peictiúirí chun Gaedhilge a mhúineadh. Faigh an Liosta ó Chlóchualucht Dúndealgan, Dundalk


L. 5


eile treasna dá pháirc chun teacht ar
chúl Thomáisín Nellí agus Mháirín Dhonncha
a bhí ag cadráil le n-a chéile age lúib
an bhóthair. Dar fia! ní raibh aon rud
le h-éifeacht á rádh aca, ach cainnt gan
chiall! Caitheamair scraithín leo agus
d'imigheamair. Ar an slí sin fuaireamair
fios deiscréideach ar gach aon rud a bhí
ar siubhal sa pharóiste agus is mór na
rudaí a bhí ar siubhal ann i gan fhios, fé
chlúid na h-oidhche. Tar éis ár ndíchill
ámhthach ní fhuaireamair aon spiaire sa
pharóiste agus b'orainn a bhí an míoshásamh.



Nuair a theip Muinntir an pharóiste
orainn cheapamair go mb'éidir go mbuail-
feadh seans éigin linn dá bhfairimís stróin-
séirí bhíodh ag teacht is ag imeacht. Bacaigh
is mó thaghadh, agus a gcuid ban. Is mó
uair a chluig a thugaimís á bhfaireadh agus
ár gcroidhe go cráite toisc gur daoine
macánta iad go léir. Tháinig fear ón
nDaingean lá agus cosa cama fé agus
asal aige, ach níorbh iad Éire ná Sasanna
a bhí ag cur tinnis air sin. Tháinig fear
eile ar leathchois go raibh dá mhaide croise
aige. Ní chreidfeadh Micilín nár spiaire
é i gcló bacaigh agus d'fhaireamair é
féachaint an gcuirfeadh sé an tarna cos
fé ach níor chuir.



Annsan thug tinncéir fiarshúileach ruadh
turus ar an mbaile, agus a bhean agus
scata mór de thinncéirí beaga fairis.
Chuarduigheadar gach aon tigh ar feadh an
lae agus tráthnóna d'imigheadar soir go
dtí an crosaire — iad féin agus asal agus
cairt a bhí aca — agus chuireadar fútha ann
i gcóir na h-oidhche. Bhí droch-fhuadar fútha,
dar linn, & iad d'fhanacht annsan. Bhear-
tuigh an bheirt againn éalú amach tar éis
ár muinntire a dhul a chodla chun an
tinncéir agus a bhean a dh'fhaire. Amach
tríd an bhfuinneóig a chuas féin le smut
de théadán a bhí ceangailte agam de chois
na leabthan. (Is minic a chuas amach mar
sin i gan fhios do Mham, tá's agat.) Bhuail
Micilín liom sa bhuaile agus chuaidh an
bheirt againn soir tré sna páirceanna go
dtí an chrois. Bhí na tinncéirí fós ann
agus teine ar lasadh aca agus rud éigin
aca á róstadh. Fuaireas amach ó shin gurbh
é bárdal Mháire Aindí a bhí aca. Nuair
a bhí se róstaithe d'itheadar láithreach é
agus thugadar na cnámha do sna leanbhaí
beaga le cogaint. Bhíodar go léir ag
dul a chodla annsan ach an t-athair. Rug
sé sin an t-asal leis agus chuir sé isteach
i móinéar Pheats Teaimí é agus i n-ionad
dul a chodla i dteannta na coda eile
is amhlaidh a thug sé aghaidh siar ar na
tighthe arís. Bhain san preab asainn & beirt
againn i ndíg ag faire air. “Hanaman
riach, a Mhicilín,” arsa mise, “spiaire!”
Chloisfeá croidhe Mhicilín ag bualadh agus
a anál á bhaint de. Siúd linn 'na dhiaidh
ag éalú.



Nuair tháinig an tinncéir i n-aici tighe
Mháire Aindí chuaidh sé ar éalú cois a'
chlaidhe agus é ag stad agus cluas air
gach 'ra nóimeat. Bhí adharc bheag den
ghealaigh ann an oidhche sin. “Ag spiair-
eacht ar Thadhg Óg atá sé,” arsa mise
i gcogar le Micilín, nuair chonnac an
bithiúnach ag dul isteach ameasc na dtighthe
i mbuaile Mháire Aindí. Bhí mo chroidhe
féin im' bhéal & allus orm agus mo lámha
ar crith agus ná feadar cad a dhéanfainn.
Ba mheasa Micilín ná mé agus bhí aghaidh
bhán air. Chonnac an tinncéir agus é ar
a chromadh ag éalú ó thigh go tigh sa bhuaile
agus rud éigin 'na bhaclainn aige.



Dubhart le Micilín annsan rith leis
go ciúin agus cuid de chomrádaithe Thaidhg
Óig a mhúscailt agus a bhreith leis chun
go mbeiridís ar an spiaire. Siúd le
Micilín agus d'imigheas féin ag lamhncán
laistiar de'n dtigh go dtána go dtí an
seomra mar a mbíonn Tadhg na chodla.
Bhí tairrnge im' phóca agus chromas ar
an ngloine a scríobadh leis agus ní fada
go dtáinig Nell chugam. Bhagruigheas uirthi
a béal d'éisteacht. D'oscail sí an fhuin-
neóg go ciúin agus dubhart léi annsan
Tadhg a mhúscailt go grod agus é chur
amach chugam. Mheasas ná beadh Tadhg
múscailte go deo aici, ach tháinig sé
go dtí an fhuinneóg sa deire. “Tar im'
dhiaidh,” arsa mise, “tá spiaire agam,”
agus siúd liom ag lamhncán arís go dtí
cúinne an tighe. Nuair a thána annsan
do stadas mar fuaireas radharc ar mo
bhioránach arís ag éalú ameasc na dtighthe
agus a hata anuas ar a shúilibh aige ag
féachaint gach ra coiscéim ar an dtigh
cónaithe agus rud éigin mór 'na bhaclainn.
Chuaidh sé go ciúin go doras tighe an bhainne
agus do bhain an lúb den doras & d'éaluigh
isteach agus do dhruid an doras amach 'na
dhiaidh. Phreabas féin anonn agus chuireas
an lúb arís ar an ndoras ón dtaobh amuich.
“Seadh, a bhuachaill, ceap do shuaineas
annsan duit féin,” arsa mise. Le na
linn sin tháinig Tadhg Óg, agus chonnac
chugam anuas Micilín agus ceathrar des
na buachaillí agus gan a gcuid éadaigh
i gceart ar aonne 'ca.



Chromas láithreach ar a chur i n-iúl
dóibh go raibh spiaire fé ghlas agam i
dtigh an bhainne, go rabhamair ar feadh
na h-oidhche ar a thóir agus go gcaithfí
é lámhach nó é chrochadh. Ní raibh gíog as
an mbioránach a bhí fé ghlas. Is dócha go
raibh sé ag breith chuige, an fear bocht!
Chromadar san am cheistiú agus giorra-
anáil ortha leis an bpreab a bhain an
scéal asta, agus leis an iongantas;
agus iad go léir ag cainnt ós íseal.
Bhíos féin agus Micilín d'iarraidh an
scéal a chur i dtuiscint dóibh & giorra-
anáil orainne, leis, agus bhíomair i bhfad
sar ar fhéadamair brí an scéil a chur 'na
luighe ortha.



I lár na cainnte istigh, cad a bhraithfimís
chugainn i leith an bóthar ach trucaill mór
gluaisteáin agus solus mór, geal, ar a
thosach. Do stadamair le h-iongantas ag
féachaint air agus gan aon fhocal asainn.
Bhí sé ag gluaiseacht go dtáinig sé go bun
an bhaile. Annsan do stad sé agus crom
gasra mór fear ar léimeadh amach — faigh-
diúirí agus píléirí!



Chonncamair ag teacht aníos iad go léir
fé dhéin tighe Mháire Aindí. “Droch-
fhuadar!” arsa Tadhg Óg. “Ní fearr
bheith annso ná thuas i mbóthar an chnuic.”
D'éaluigheamair linn suas gan iad ár



SOCRAIGH AT' AIGNE



I DTAOBH
TEACHT 'ON DAINGEAN
I MBLIANA.



Beidh an Coláiste ar oscailt
i rith mí Iúil agus Lúnasa.
Cuir fios ar an gclár
agus tuairisc i dtaobh
lóistín go luath.



An Rúnaidhe, Coláiste an Daingin,
i gCiarraighe.



Beidh
COLÁISTE GAEDHILGE
CHORCAIGHE



ar siubhal i gCorcaigh i rith mí Iúil



(a) Ranng do Thosnathóirí.
(b) Ranng an Teastais.
(c) Ranng an Teastais Dá
Theangan.



Cuir tuairisc gach ní ar



An Rúnaidhe,
i gColáiste na Toirbhirte,
i gCorcaigh.



GAEDHEALG DO NA LEANBHAÍ



Tá sí le
faghbháil in



IOL-SCOIL NA MUMHAN
I RINN Ó gCUANACH.



Is ann is buige, binne, blasda labhartar í.



Tá scoil ann do leanbhaí óga ón a seacht
go dtí a deich mbliana d'aois & í fé chúram
an “Fhir Mhóir.”



Beidh na páistí chomh compórdamhail agus
dá mbeidís ar a dteinteán féin ag baile.



Scríobh go dtí
“An Fear Mór.”



COLÁISDE CHAIRBRE



Sin é an ball duit más
Gaedhilg atá uait.



TAR GO CUAN DOR
I mí Iúil nó mí Lúnasa,
agus beidh a fhios agat.



Gheobhair Clár an Choláiste ó



MHICHEÁL Ó CUILLEANÁIN, Rúnaidhe,
An Sciobairín.



“EUDACH NA DRUIPSIGHE.” Níl a shárú ann, a Ghaedhala. Áit atá go Gaedhlach amuigh is amach iseadh an ball
in a deintar é — Muileann Eudaigh na Druipsighe, i Múscraidhe, sa' Mhumhain.


L. 6


NUAIR A THAGAIR
GO CORCAIGH



Ná dearmhaid glaodhach
chugainn-ne.




ÁTHRAIGHE AIRGID



den tsaghas so go
h-oireamhnach mar



BRONNTANAS BAISTE.



Deinimíd-ne iad san agus an
uile-shaghas eile mar atá —



CAILÍSÍ, CUIRN & CUACHA
agus
ÓRNÁIDÍ I BHFUIRM BONN
agus
CROSANA CEILTEACHA.



SINN-NE A DHEINEANN ANSO
COIS LAOI.



Cuir tuairisc a luach ar



LIAM MAC AODHGÁIN
is a Chl. Mhac,
Seódóirí agus
Gaibhne Geala,



32 Sráid Phádraig N.,
CORCAIGH



bhfeiscint & nuair stadadar san ag an
dtigh, stadamair-ne ag féachaint síos ortha.



Chuarduigheadar an tigh do réir deall-
raimh, ar lorg Taidhg, ach ní raibh aon Tadhg
ann dóibh. Nuair ná raibh sé le fagháil
istigh aca seo leo ag cuardach na dtighthe
amuich. Nuair chuadar i dtigh an bhaine
agus bhuail an tinncéir leo bhí gleo mór
agus glaotí ar siubhal aca & cainnt mhór
láidir ag an dtinncéir. Ní chreidfidís
nárbh é Tadhg Óg a bhí aca. D'árduigheadar
leo é agus na ceangail air.



Nuair a thánamair-ne anuas chun na
dtighthe arís bhí an baile go léir na suidhe
agur gach tigh aca ar lorg a dhuine féin.
Bhí Máire Aindí ag dul i bhfanntaisí agus
bhí Nell ag gol agus Tadhg 'á cur ar a
suaineas. Níl aon réasún le mnáibh!



Chuaidh Tadhg go tigh an bhainne ar maidin
agus fuair sé mála an tinncéara ann agus
trí cinn déag de chearca Mháire Aindí
istigh ann marbh. Nuair d'innis sé dhomhsa
é thuigeas an scéal. Bhí deistin orm.



Mise Jimín.



Ó PHARÓISTE NA TUATHA.
“Beirt Fhear” a chuir chughainn.



Beirt dritheár, de mhuinntir Chrón, Seán
agus Séamas a bhí i bparóiste na Tuatha.
Filí ab eadh iad. Do bhí duine aca,
n'fheadar ciaca, mar bhuachaill aimsire
ag fear de mhuinntir Liam ar an Maol
Lios. Dáith ab ainim do'n mháistir, agus
fear beag, spriúnlaithe ab eadh. Is Nuair
do bhí trí rátha istigh ag an gCrónach
cheap Dáith é chur chun siubhail ach gan a
thuarasdal a thabhairt do. Do thuig an
buachaill aimsire cad a bhí in aigne an
mháistir, agus dubhairt sé:



Nuair a théighim-se annso siar,
Agus Dáithín im' dhiaidh,
Bíonn a dhá shúilín dúbha aige
Dá ndúnadh is dá n-iadh;
Dá dtéigheadh sé sa diabhal
Mar atá sé 'dul riamh,
Ní fhágfad-sa an áit seo,
Go slánó' ad mo bhliain.



Is dóigh liom gurbh é Seán Crón a bhí
tamall mar aodhaire bó ar an gcnoc.
Bhíodh lucht na mbeithíoch ag ceistiúchán an
aodhaire, agus é nach mór bodhar aca.



Tá an stráille bocht Crón
Cráidhte ag lucht bó,
Ag fiafrú gach lá
Conas tá siúd i dtreo;
Mhaise, a rí gheal na gcómhacht,
Cad a dhéanfad-sa leó,
Ná fuil tarbh agus fásach
Agus Seán le na dtóin?



SLIOCHT SLEACHTA.



Sliocht sleachta ar shliocht do shleachta,
agus ná raibh sliocht ná sleachta ar an
té nár mhaith leis sliocht agus sleachta
bheith ar shliocht do shleachta.



CÁIT AN CHAILLE DUAIRC.



Sí Cáit an chaille duairc,
Caithteach, dealbh, cruaidh,
Guidhim ar maidin chun Rí na n-Aingeal
Gan í bheith fada buan.
A caoire i ngalar thruagh
Ag cluimh 's ag mada-ruadh;
Guidhim a ba gan laogh, gan lacht,
'Sa gheimhre lag go luath.



CEARDAIDHTHE, OBAIR, LEISCE.



93 — Is leór ó Mhóir a dícheall.



.I. Cé ná beadh sí chomh maith is ba cheart.



94 — Sé an sop i n-ionad na scuaibe é.



Droch-chóir nó droch-ghléas oibre i n-ionad gléis
foghanta.



95 — An scuab nuadh is fearr a scuabann
an tigh.



96 — Ní fhéadfadh mála folamh seasamh ná
cat marbh siubhal.



Ní fhéadfadh duine oibriú gan biadh.



97 — Bíonn an rath ar an srimileáil.



Srimileáil .i. oibriú gan slacht gan chruinneas.



98 — An té ná bíonn 'na mháighistir ar
a chúram bíonn a chúram 'na
mháighistir air.



99 — Ar tuitim don drúcht tagann fonn
ar an drochsheirbhíseach.



.I. I ndeire an lae thiar.



100 — Ní dheaghaidh an tuathal amugha ar
aoinne riamh.



.I. Ní raibh duine riamh ná déanfadh rud éigin ar
shligh neamhcheart.



101 — Is umhall éascaidh drochsheirbhíseach i
dtigh duine eile.



102 — Is árd glór 's is beag gníomh é.



103 — Bainistighe thuill anáirde — is fada
ó'n áit seo bheimíd arís.



.I. Nuair nach sinn-ne bhéas ann amáireach is
cuma cad é an tsligh fhágfam rudaí 'nár ndiaidh!
Iompuightear gach rud ar a bhéal fé agus doirtthear
an uile ní agus scaiptear.



104 — I mbéal a' mhála bhíonn an bhainistighe.



.I. Is ann ba cheart tosnú leis an mbainistighe
is gan ach déanamh do ghnótha de'n mhin a thógaint as.



105 — Taobhán teann tarraing as — ní bheam
ann ó Shamhain amach.



Taobhán adhmaid an tighe dá chur sa teine óir ní
sinn bhéas ann ó Shamhain amach!



106 — Cuir sa chófra é is gheobhaidh tú gnó
dho.



.I. Ná scaoil aon rud amugha óir gheobhair gnó
dho lá éigin.



107 — Lúb ar lár is gearr go mbeidh 'na
pholl.



.I. I stoca, ach is gnáth é rádh i dtaobh aon ghnótha
ná deintear an lúb ar lár ann a dheisiú.



108 — Leithscéal chun mine.



Gnó ná beadh ann ach leithscéal chun tuarasdail
nó maitheasa d'fhagháil ar a scáth. Le linn an droch-
shaoghail do bhí fear ar thaobh bóthair ag bualadh
cloiche le h-iarann smúdála i leith is gur ag
briseadh cloch a bhí sé. Nuair a fiafruigheadh de
cad é an díth céille bhí ar siubhal aige dubhairt
sé gur “leithscéal chun mine.” Min an tuaras-
tal a bhíodh le fagháil



109 — Slán mar n-innstear é — móin ag
Síle Sheáin.



.I. Rud annamh ná tiocfadh ach de thoradh cruadh-
shaothair agus é ag duine nár ghnáth dícheallach.



110 — Ní thagann an dá thráigh leis an
ngobadán.



.I. Ní féidir le duine bheith i dhá n-áit an uair
chéadna chun rud a dhéanamh ionnta.



111 — Ní féidir bheith ag feadghail 's ag
ithe mine.



Ní féidir dhá ghnó bheith ar siubhal an uair chéadna
ag duine.



112 — An rud nach féidir ní féidir é.



113 — Ag cimilt do mhéire ar chloich.



Obair gan tairbhe — ní fhágfaí aon rian ar
an gcloich.



Min Mhaghchromtha. An mhin is fearr blas is is 'mó substaint. Scríobh chun an t-é dheinean — Mícheál Ó Caoimh, i Maghchromtha.
Biadh do Ghaedhlaibh — Ceannuig do chuid aráin, cístí, &c., ó Mhuíntir Dhálaigh, Sráid a' tSáirséalaigh, i Luimnigh.


L. 7


114 — Ag cimilt do mhéire i n-áirde an
aeir.



.I. D'iarraidh rud a dhéanamh thar do chumas.



115 — Ní h-aon ghnó amháin a chothuigheann
tigh.



116 — Do ghnó féin déin, a dhuine; ná bac
mo ghnó-sa ná mise.



.I. Comhairle Mhaith.



117 — An rud ná baineann leat ná bain
leis.



118 — Ní neart go cur le chéile.



.I. Nuair bhíonn an uile dhuine ar aon tarrang
sin é uair is treise bhíd.



119 — Ar scáth a chéile mhairid na daoine.



.I. Bíonn gach duine ag brath ar an duine thall =
ní féidir le daoine maireachtaint gan cabhair a
chéile.



120 — Rígheacht gan duadh ní dual go
bhfaghtar.



.I. Ní gnáth maith d'fhagháil gan oibriú ar a
shon — nó:



121 — Ní bhfachtar maith le mugha.



122 — Ní bhíonn buadh mór gan chontabhairt.



123 — Sé dícheall an scéil meath.



.I. Tugaimís fé'n obair, ní fhéadfaidh rath níos
measa bheith uirthi ná í do theip orainn.



124 — Is fearr gnó ná cainnt — imthigheann
an chainnt is fanann an gnó.



125 — Do dhuine gan náire is fusa a
ghnó a dhéanamh.



Nuair is droch-ghnó a bhíonn ar siubhal aige.



126 — Ag scubhadh geaitirí.



Obair leadránach mhall nár mhór foidhne mhór
chun a dhéanta. Nuair a bheadh duine 'ghá rádh go raibh
deire na foidhne caithte aige leis an té bheadh ghá
chrádh déarfadh sé ná beadh sé “ag scuabadh geaitirí”
a thuille dho agus éirigheann sé na choinnibh.



(Tuille le Teacht.)
An Seabhac.



Ní 'samhlú beó le marbh é.



Tá sí mucalach, mucalach, tá sí mucalach,
gléigeal.
Tá sí mucalach, mucalach, tá mar olann
na caorach.



“Sioc fé thalamh ar bheatha na ndaoine.”
Duine éigin a dubhairt é sin ag cur síos
ar an nduibheachán a tháinig ar na prátaibh
sa droch-aimsir.



Ní i gceann a bhíonn ciall ach i gceann-
aibh. (Sean-fhocal.)



Trí shaghas fear ann: fear, firín, agus
Pil Aindí.



Seán Ó Néill, Biorra.



NÁ DEARMHAD SO, A CHARA.



Ceannuigh do chuid earraí ó sna daoinibh
a bhfuil fógra aca sa “LÓCHRANN,” agus
cuir i n-iúl dóibh gur sa “LÓCHRANN” a
chonaicís an fógra. Cabhróchaidh san go
mór linn.



POST DO GHAEDHILGEÓIR.



Tá múinteóir Gaedhilge ag teastáil ó
Choiste Ceanntair i gCill Manntáin i
Laighnibh go ceann ceithre mí, nó bliana
b'fhéidir. Gheóir eolas an scéil ó Sh.
Ó Coisdealbha i gCill Manntáin.



BAILE A' BHUINNEÁNA',
COIS FARRAIGE.



Má's áil leat na laethe saoire chaitheamh
mara mbeidh sláinte is aoibhneas le fáil
agat, tar go dtí Baile a' Bhuinneána' is
féadfair an Ghaedhilg 'fháil chomh maith.
Beidh an Coláiste Gaedhilge ar siubhal ó
mhí Iúil a 19 go dtí Meadhon Fomhair a 10



SCRÍOBH CHUN AN RÚNAIDHE,
Sráid Liam, LIOS-TUATHAIL.



Gheobhair ó
LÚCÁS DE BÚRCA



LÉINTE
STOCAÍ
BÓNAÍ
AGUS
CARABHATAÍ



de DHÉANTÚS
GAEDHAL.



Is saoire le 25% a gheobhair na rudaí sin sa
tsiopa so 'ná in aon tsiopa eile:



105 SRÁID PHÁDRAIG,
CORCAIGH.
(‘LUKE BURKE’)



Gheobhair



TROSCÁN, CÁRRANA,
SLINNTE, ÁRAISTÍ CRÉ,
TÁTHÁN (‘Nine Elms’ Cement),
SÍOLTA agus LEASÚ



go maith is go saor ó
CHOMPLUCHT UÍ DHONNABHÁIN,
I dTRÁIGHLÍ,



An siopa is sia ar bun i gCiarraidhe.
‘Donovan,’ Tráighlí — an focal sranng-sceul.



Scríobh indiu chúca.



CARABHATAÍ den PHOIPLÍN
AR GACH DATH is
AR GACH GNÉ DATHA.



LIAM Ó hAIMHEIRGÍN,
(‘W. Bergin’)
A DHEINEAN DO LUCHT SIOPAITHE.



Scriobh ag triall air go
62 SRÁID GHRAFTON,
in ÁTH CLIATH.



Tá le fághail uainn-ne —



TÉ BLASTA CÚMHRA.
Ceannuigh púnt de mar shompla.



SIMCOX IS A CHLANN MHAC (Teo.)
10 Sráid Phádraig N.,
CORCAIGH.



GUAILNEÁIN
SEANDÚNA!



Bhí cúigear ar chárr ag gluaiseacht
Tráth Bhriseadar na húmaí,
Is nuair thuigeadar a bhfionntar



Ba chráidhte dúr a gcló.
“Ach, tá peidhre 'n Shandon Braces”
Ars an t-iománaidhe leó go scléipeach
“Agam, is táid chómh tréan san
Go ndéanfaid dúinn an gnó!”



Le fághail in a mór-chodaibh ó'n té
dheinean —



TOMÁS Ó GORMÁIN
Calaphort an Phápa, Corcaigh.



Gach cóir chun tig do dheunamh,



ÓN ÚRLÁR GO BÁRR
AN TIGHE:



Adhmad, Táthán (‘Cement’) & Slinnte;
Áraistí Iarainn, Stóbhana, & Bácúsa;
Dathán, agus an uile shaghas Íle & Ola.



Tá le fághail ó
‘EUSTACE & CO. LTD.,’
I gCORCAIGH.



Scríobh chúca.



UAIM-SE A GHEOBHAIR
AN ROTHAR MAITH:



“AN LÚCÁNIA”



Nó deiseóchad MÓTAIR nó
MÓTARÁN go tapaidh is
go toghtha dhuit.



PÁDRAIG Ó h-AODHA,
Sráid Phembróc, tigh a 4, agus
Sráid an Chinn Thuaidh, tigh a 17,



I gCORCAIGH.



FEÓIL ÚR GHAEDHLACH.



Uaim-se gheobhair san.
agus
EUNLAITH is GLASAIRÍ.



MÍCHEÁL BARÓID,
Both a 64 & 65, Margadh na Feóla,
CORCAIGH.



Guthán a “276, Corcaigh.”



CÓISTÍ IS CAPAILL is gach cóir eile chun cóisre nó sochraidhe. Tá againn-ne.
Muinntir Chróinín, ar Chalaphort Uí Shúileabháin, i gCorcaigh.


L. 8


'Sé MAC CUILINN
FEAR NA RÁSÚR



Is aige atá
AN TEASBÁNADH RÁSÚR
Is mó in Éirinn; a luach ón
a 1/6 go 14/6.



Earra ar leith é seo:



RÁSÚR ÉADTROM
DEA'-FHAOBHAIR ar 9/-
(‘Hollow Ground.’)
Postas is uile.



Cuirfidh sé faobhar maith ar shean-rásúr ar 7d.,
postas is uile.



MAC CUILINN, Fear na Rásúr,
SRÁID CHAPEL a 35, 36,
BAILE ÁTHA CLIATH.



AISTREÓCHAD-SA
DO CHUID EARRAÍ NÓ
TROSCÁIN DUIT



ó áit go h-áit eile. Tá gach
cóir agam chuige. Mise dheinean
cárraidheacht i gCorcaigh, agus
ar fuaid na Mumhan, do lucht
deunta earraí.



RISTEÁRD DE BHAILÍS
Sráid Mharlboro a 26,
I gCORCAIGH.
‘Express Carrier.’



SEÁN Ó CONAILL,
Sráid an Churtánaigh, i gCORCAIG
Scriobh chuige




MARGAIRÍN
‘LEANDAR’



CÓMH BLASTA, CÓMH MILIS,
CÓMH CÚMHRA AD' BHEÓL,
LE CÁISE, LE LEAMHNACHT,
LE H-IM NÓ MAIRT-FHEÓIL.



Tá dhá saghas Margairín 'á dheunamh
againn fé láthair,
mar atá:



“EXTRA LEANDER”



agus



“LEANDER.”



Níl sárú “Extra Leander” le fáil in
Éirinn ná in aon tír eile. Bu dhóich le
h-aonne gur im a bheadh 'á ithe aige.
Scríobh chugainn ar chárta puist agus
gheobhair iomlán eolais air.



DÚDÁLL, UA MATHÚNA
agus a gCualucht, Tta.,



LUCHT DEUNTA MARGAIRÍN,
I gCORCAIGH.



DEOCH
BHLASTA
FHOLÁIN



ISEADH
“TANÓRA”



Sugh Óráistí atá ann agus
Cois Laoi a deintar.



Scríobh chuig



SEÁN Ó DÁLAIGH is a Chua.
tta.,



I gCORCAIGH,
in a thaobh.



I LIOS TUATHAIL
gheobhair
Áraistí Iarainn, Troscán & Rothair
ó
THOMÁS Ó CRÓINÍN,
I SRÁID LIAM.



DO FHEAR NA FEIRME
É SEO:




SÍOLTA,
LEASÚ,
ÚIRLISÍ,
agus
BIADH BEITHÍOCH



le fáil, go maith is go saor, sa
tsiopa so:



‘SIOPA PLÚIR IS
MINE SHRÁID AN RÍ,’



An 3adh tigh i Sráid an Churtánaigh,
CORCAIGH.



Scríobh indiu & cuir tuairisc
a luacha &c.



Clóchualacht Seandúna, Corcaigh, do chlóbhuail.



Togha gacha bídh i gcóir na mbeithidheach, le fághail ó Mhuíntir Dhálaigh, Sráid an tSáirséalaigh, i Luimnigh.
Cló-bhuailfimíd-ne Leabhar Gaedhilge nó Leabhar Béarla dhuit. — Clóchualucht Dúndealgan, Dundalk

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services