Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Nodlaig, 1918

Title
Nodlaig, 1918
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1918
Publisher
An Lóchrann

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


AN LÓCHRANN
PÁIPÉAR GAEDHILGE IN AGHAIDH GACHA MÍ.



Uimh. a 33. NODLAIG, 1918. Dhá Phinginn a Fhiacha.



Lá 'le Stiophán.



An Dreóilín.



Dreóilín a fuaireas-sa thíos ar an ínse,
Fé bhráid carraige 's carabhat síoda air,
Tugas-sa chugaibh-se é, 'lánamha 'n tighe seo,
'Is gura seacht fearr um a' dtaca so arís sibh!



Fanaígh is gheobha' sibh dreóilín glic
A thiocfidh le fórsaibh 'niar is anoir;
Cuirfar an rí cóir arís 'nár gcionn
Agus ólfaimíd sláinte an tsár-fhir ghil.



Ó Chló-lucht Chuala, i nDúndroma, i Laighnibh, a fuaireamar an dealbhán san tuas.
Táimíd fé chumaín aca. S. T.



Dia Bheatha ad' Shláinte!



Rann cráibhtheach do ráidhtear gach oidhche Nodlag i dtaca an mheadhoin oidhche:



Ceud fáilte rómhat, a Leinbh,
Do geineadh sa' Mhárta!
Ceud fáilte rómhat, a Leinbh,
Do rugadh sa' stábla!



Ceud fáilte rómhath, 'Íosa, aoin-Mhic
Mháire!
Ceud míle milleón moladh leat,
Is Dia bheatha ad' shláinte!



A' láimh-scríbhinn Dhl. Mhic Cába ón mBáintír. An t-Ath. Diarmuid Ó Cathasaigh do chuir chugainn.



Ó Fáilbhe Mór.
(Dráma Duaise).



A lucht cómhráidh anso:
Seán Ó Fáilbhe — seanduine
Aodh agus Domhnal — a bheirt mhac san
Tadhg Ó Duinnín
Seanchaidhe Uibh Ráthaigh
An t-Athair Muiris Ó Beóláin
Fear Sceula 'fhógairt (gan eisean dá thaisbeáint
féin)



Is tráth don dráma — an t-ochtmhadh céad déag.
Is ionad don dráma — bothán tuaithe gan ró chrot air.
Cúldorus ann agus fuinneoigín. Teinteán
ann i leith na láimh' deise. Doras seómra
ar thaoibh na láimh' clé. Loinnir na teine
móna ar fuaid an tighe.



In a suidhe ag clár dóibh seo: do Sheán
Ó Fáilbhe is dá mhac — Domhnal. Iad do
iniúcha leabhair mhóir. An leabhar in a láimh-
scribhinn.



Seán (ag feuchaint in a thímpal do): Tá
an teine ag dul in eug, a Dhomhnail.
B'fhearr í adú.



Domhnal (ag eirighe agus ag dul fé dhein na
teine dho): Níl againn ach fíor bheagán
brosna. Tá tamal ann ó bhailighmar
aon roinnt de.



Ag cur brosna ar an dteine dho. É ar tí
suidhe arís. É do stad agus do thosnú ar a
mhachtnamh. Seán do leanamhaint do iniúcha
an leabhair.


L. 2


GUAILNEÁIN
SEANDÚNA.



Bhí cúigear ar chárr ag gluaiseacht
Tráth bhriseadar na húmaí,
Is nuair thuigeadar a bhfionntar
Ba chráidhte dúr a gcló.



“Ach, tá peidhre 'n Shandon Braces'
Ars an t-iománaidhe leó go scléipeach
“Agam, is táid chómh tréan san
Go ndéanfaid dúinn an gnó!”



Le fághail in a mór-chodaibh ó'n té
dheinean —



TOMÁS Ó GORMÁIN



Calaphort an Phápa, Corcaigh.



A Ghaedheala! Ceannuighidh bhúr gcuid



TÉ, MÍSLEÁN is SIÚICRE,
MINCHOIRCE, RÍS is UBHLA,
ó
MHÍCHEÁL Ó RÍOGHARDÁIN & a Chua.,



2 An Mheadhon-tsráid Theas,
(2 South Main Street)



CORCAIGH.



“Éadach na Druipsighe”



Agus beidh sibh ag cabhrú le muileann
atá go Gaedhealach amuich is amach.



Muileann Éadaig na Druipsighe (Teo.)
Co. Chorcaighe.



Tá i nDaingean Uí Chúise



TOGHA GACHA BÍDH — Plúr,
Min, Té is Siúicre;



SÍOLTA IS ÚIRLISÍ don
bhfeirm;



ÁRAISTÍ IARAINN is stáin
don tig.



ag “John Atkins & Co. Ltd.”



Is aca bhíon Plúr an Ruiséalaig
ó Luimneach.



Má tá báigh cheart agat



led' dhuthaigh, ceannóghair earraí a
dheinid gaedhil. Is uaim-se a gheobh-
air na rudaí seo & iad go maith:



Bróga is Stocaí,
Léinte is Guaileáin,
Lámhainní is Bónaí.



T. Ó Lochlainn,
19 Sráid na Páirliméide, BAILE ÁTHA CLIATH.



Gheobhaidh do mhac togha
na scoluidheachta —



i gColáiste Cholmáin Chluana
MAINISTEAR FHEAR MUIGHE,
CO. CHORCAIGHE.



Gheobhair gach eolas ó'n Uachtarán,
An tAthair Tomás Tóibín.



Seán: “Den cine Greugach ab eadh í agus
Ó Chathair Flóransa is eadh tháinig!”



Domhnal: Is fearra dhom bheith sa chró
amuigh, sara dtagan Aodh agus bí-se i
bhfeighil ruda éigin anso. Ní móide
go mbeidh ro-fhearg ansan air.



Seán (ag caint do leis féin): Má's é
an duine ceudna é … Ruairí na
nDeabhach Fíona agus Ruairí na Coille,
tá an dá thaobh den sceul tabhartha le
chéile agam. Sceul iseadh é a théighan
i bhfad siar (In a stad do) … Siar
chun an duine úd, Fáilbhe, a rug saor
Rí Caisil as bárc Thuirgéis. Dob
fhéidir gur mise is táiniste don Ua
Fáilbhe úd! Feuch san anois agus gan
ionam-sa indiu ach duine bocht brúite.
Tá ocht gceud blian ann ó bualadh
an cath úd cois fharraige thoir. Ocht
gceud blian den daoirse is don chos-
ar-bolg! A Mhuire Mhór! (ag feuch-
aint do sall ar an bhfalla).



Domhnal: Cuir uait an leabhar san 'athair.
Cúrsaí buartha dhuit iseadh é.



Seán: Ní fada go mbeidh dhá thaobh an
scéil tabhartha le chéile agam!



Ag eirighe in a sheasamh do é ar tí suatha
mór lámh do dheunamh ach é dá chosc féin.
Seasamh rí ann. É do shuidhe arís.



Cad é siúd a dubhraís, a mhic liom?
Ar ghlan an aimsir fós!



Domhnal: Táim 'á iarraidh ort an leabhar
san do chur uait — é chur thar n-ais sa
chófra.



Sean: ‘An leabhar’ mar Phort i gcomhnaidhe
agaibh anso. Anuas ar an leabhar atá
milleán gacha ní!



Domhnal: Muran (munar) leór an gort
bheith báidhte & tuile mhór san abhainn
chun fearg do chur ar mo dhritháir, tá
fhios agat cad a dhéanfaidh an leabhar
san leis!



Seán: Fan leat nómat, a Dhomhnail. Tháinig
smaoineamh dom …



Domhnal: Smaoineamh as ucht smaoinimh!
Ní théighan aon stad ort-sa ach ag
smaoineamh … Tá an iomad aimsire
caithte anso agam-sa indiu. Bu chóra
dhom bheith ag saothar liom sa ghort.



Seán: Ní raibh ann ach gearra-thréimhse, a
Dhomhnail. An mór leat tamailín den
lá do chaitheamh im' theannta-sa?



Domhnal: Tá mo chnámha is mo chuisleana
ag eirighe bog ón diomhaointeas!
Me ró-mhinic ar an dteinteán. I
dteannta Aodha bu chóra dhom bheith
ó mhaidin!



Seán: Ní shin é atá ag eirighe dhuit, a
Dhomhnail, ach do chroidhe bheith ag eirighe
cruaidh! Bheith ag baint éirime as an
leabhar so na mór-rún, gnó do threun
duine é sin! Gnó don chroidhe is gnó
don mheabhair é! Do buadhadh ar cnámh
is ar chuislinn an Ghaedhil ach níor
buadhadh riamh ar a chroidhe 'ná ar
'aigne. Theip ar Strongbó ó Bhriostó
Shasana misneach an Ghaedhil do mhúchadh.
Theip! agus ar gach Gall d'á dtáinig
riamh ó shin! Do dhritháir — Aodh — atá
baoth agus lag. Níl in a cheann súd
ach sceul muc & machaire. Ní túisce
chugainn an dorus isteach é 'ná siúd
dúinn go léir in ár lucht daoirse is
dealbhais (dealúis)! … Suidh, a
Dhomhnail. Tá dea'-smaointe m'aigne
d'á lot agaibh araon.



Domhnal: Ní shuidhfad (hífad) … Ní
fheudfainn é. Beidh Aodh chugainn aon
nómat agus fearg air — fearg gur
samhail di, teine chreasa is tóirthneach!



Sean: Má's fíochmhar, ní buan í fearg Aodha.



Domhnal: Ach, feuch go gcuirean sí náire
orainn, agus allus!



Seán (ag bogadh dho): Is cuma san. Suidh
arís, a Dhomhnail, go gcuiread in iúl
duit gur aonne amháin an dá Ruairí úd.



Domhnal: Ní leis sin atá m'aigne anois.
Tá titim na h-oidhche ann agus tá Aodh
ag scur dá chuid oibre. Air siúd
atáim ag cuimhneamh agus ní ar an dá
Ruairí. Beidh sé sa dorus againn gan
ró-mhoill agus má chíon sé an leabhar
san, beidh sé 'á chasadh arís leat gur
ar sheana-leabhar a chaithis do stór,
agus fíor san. Táimíd beo bocht d'á
dheascaibh! Ní bhfuair aon lá den rath
sinn ó thugais leat isteach é! Cuir
uait é, in ainm Muire!



Seán: Ní binn liom do chaint, a Dhomhnail.
Umás! ná tréigfir-se, leis, mé!



Domhnal: Ní tráth leightheórachta é seo.
Cuir uait é go dtagaidh dú'luachair na
bliana — Samhain an cheóigh, is Nodlaig
an reodha. Gealfaidh sé an saoghal
dúinn ansan.



Seán: Níl tréimhse saoghail in áirithe
d'aonne. Cá bhfios dúinn cá faid a
mhairfimíd? Tá an sceul so an dá
Ruairí ró-fhada gan réidhteach.



Domhnal: Ní anocht a réidhteochair é.



Seán: Má thagan an bás orm agus gan
súd réidhtithe agam — adeirim leat go
mbeidh mar bhuairt orm lá cruinnithe
an tsaoghail bhraonaigh! … Gheobhainn
bás naomhtha, ach é bheith in a sceul léir
agam.



Domhnal: Iaraim in 'achuinge ort é chur
uait go dtí an mhaidin. Is aibighe
chuige a bheidh ár meabhair ansan.



Seán: Seán maith léighanta Mac Garbhaighe!
Mo bhrón nár mhair sé chun so do réidh-
teach dom! … Agus an oidhche úd
an anaithe go dtugas liom an leabhar
so de dhruim Chathrach Chonrí, agus mé
dá fháiscaidh lem' chroidhe, amhail fháscan
bean a ceudpháiste. Bu chuma liom
gaoth 'ná garbh-shíon gur shroiseas tigh
Sheáin Uasail Mhic Garbhaighe. Agus
mé 'á mheas am' aigne an rí-fháilte a
chuirfadh sé romham 'is roim an leabhar
seód a bhí ceannaithe agam le sparán
mo líntighe. Glaodhas ós árd air agus
mé ag dul thar tairsigh isteach, ach a
Dia Mhóir Áird! b'shiúd romham sínte
ar chlár é — Seán Uasal Mac Garbhaighe.
An teanga bhinn in a tost agus an
tsúil aibigh úd gan gile!



Domhnal: Tosach an mí-ádh agat ab eadh é
sin, dar le h-Aodh. Ná trácht a thuille
ar Sheán Mac Garbhaighe anocht.



Seán: Dá mbu bheó dho anocht bu bheag an
mhoill air an ní seo an dá Ruairí do
réidhteach. Do ghlanfadh solus a shúl
an ceó den dá lea'-rann so.



Domhnal: Ach, dar nó, ní mhairean sé!



Seán: Ní mhairean 'ná aonne eile de lucht
léighinn is seanchuis Chiarraidhe. Tá
roint éigin eolais ag Tadhg Ó Duinnín
ach níl an mheabhair ró-léir aige. Tá
toradh an óil is an raghairne air. Deir
sé gur lag-radharc atá air. Ní h-eadh
ach mearthall meabhrach!



Domhnal: Cad deurfad-sa le h-Aodh nuair
'fhillfe sé ó ghort na fliuchra?



Seán (go fíochmhar): Abair leis an ní
adubhraís nuair a bhí an tarbh sínte
marbh roimis!



“BRÓGA NA LAOI,” idir bhróga árda, bróga lorgan is bróga glún. Tá le fághail i ngach sráid-bhaile.
Scríobh chun “Lucht deunta Bróg na Laoi,” i gCorcaigh.


L. 3


Domhnal: Beidh ró-thuirse anocht air, & an
mhí-shástacht is measa amuigh 'seadh an
mhí-chiatacht a ghabhan le tuirse. Beidh
mí-ádh an lae le feicsint in a shúilibh —
bádha 'gus milleadh ár gcuid eórnan.
Tá scannra orm roimis!



Seán: Le h-Aodh na rudaí sin. Suarachas
iad san seachas an leabhar so ár
sean is ár sinnsear. Dá mbu leis seo
chuirfeadh sé a mheón, bheadh saibh-
reas Deasumhan aige. Bheadh caisleán
'athardha aige in inead an bhotháin seo
an deataigh! Abair leisé, a Dhomhnail.
Dub.raís leis cheana é.



Domhnal: Ní abrochad aon ní anocht leis, &
an abha ag bagairt ar ár gcuid. Má
bhrisean an claidhe, cad a dheunfam?



Seán: Ní bhrisfidh!



Domhnal: Bhí Aodh ag trácht ar an rae is
ar an dtaoide is ar ngaoith.



Seán: Ní h-ionnann sceul don abhainn is
don bhfarraige.



Domhnal: Ach tuigean Aodh na nithe sin.



Seán: Ní thuigean!



Domhnal: Bhí an tuille ag gabháil don
chlaidhe, adubhairt sé.



Seán: Ní baoghal don chlaidhe!



Domhnal: Dá mbu ar an gclaidhe sin a
chaithfá fiacha an leabhair sin! Fiche
giní buidhe!



Seán: Cad í sin mar chaint agat-sa?
Agat-sa 'Dhomhnail!



Domhnal: Níl leigheas agam ar mo chaint
anocht. Don leabhar san a bhíomar ag
cnósacht an airgid; agus anois má
bhrisean an claidhe!



Seán: Caint agus meón Aodha! Tá go
h-iomlán anois agat-sa. Ná feuch-
se go bráth arís ar leabhar dán Ua
bhFáilbhe! Bailigh leat uaim amach!
Ní fiú do leithéid-se seod a bheith aige.
Mhalartóchá-sa ar chruaichín eórnan é!
Leabhar duanta Ua bhFáilbhe ar dhias
eórnan! Tóg do shluasaid is do
spranng agus seo leat amach chun
saothar na sclábhuithe. Sin é 'oirean
díbh, beirt!



Ag caint do leis an leabhar, amhail is ná
beadh Domhnal sa tseomra in aon chor.



A stór liom! mo chuid-se den tsaoghal
atá 'am dhalladh is 'am ghealadh. Mo
cheól tú, is tu chuirean óige orm. A
long liom, is tu bheirean as raon mo
namhad mé! Mo dhíon ar ghaoith na
mara thu! A lóchrainn liom is a
reult eólais! mo theinteán thu! mo
chomrádaidhe is mo rí-chóluadar thu.
Is taithneamhaighe liom thu 'ná an fíon
Spáinneach agus is buacaighe dhom thu
'ná biadh d'á fheabhas. Is tu Rós an
Áthaisagus Lil na Gile, a dhuanaire na
bhfíor-laoch!



Domhnal: 'Athair! 'athair a' chroidhe, fan!
bí ciúin! Ní dubhart ach an ní a deur-
faidh Aodh, is baoghalliom, le mór chuid
feirge.



Seán: Cá bhfios díbh-se'ná do lucht suarach
Dheasumhan cad is fiú an rí-leabhar so
mo shinnsear-sa? Ní fios, óir táthaí
gan léigheann gan laoi. Tá dea'-
thréithe Gaedhal imthithe — an luathas
inntinne, an cruinneas cainte, an
deisbheulaighe & an fhéile, d'imthighdar
uile sar a rugadh tu. Ach ní cóir dom
bheith 'á chasadh san leat-sa. A Mhuire!
dá mbeadh Seán maith Mac Garbhaighe
in a bheathaidh anocht agam! Agus sid
é Domhnal agam — an t-aonne amháin
díobh a thuigan an sceul, agus ní fearr
é' ná cách eile. Mhalartochadh sé duan-
leabhar Ua bhFáilbhe ar phunainn eornan!



Domhnal: 'Athair! 'athair a chroidhe, maith
dom má chuireasfearg ort. Ach, 'athair,
níl ceart deunta agam le h-Aodh me
anso cois teine díomhaoin agus eisean
in 'aonar ag troid le tuile nah-abhann.
Bí go séimh leis nuair a thiocfa' sé.
Ní h-ionann saoghal agus meón dó sin
agus dúinn-ne, beirt.



Seán (go réidh): Bead go séimh leis, a
Dhomhnail … Tá saoghal d'á chuid
féin aige sin, agus is minic dom ag
cuimhneamh air — mo bhuachaill maith
cródha! Tá nithe ann dheinean buairt
do —



Domhnal: An leabhar!



Seán (ag leanamhaint do ar a chaint féin):
Nithe ná deinean buairt dúinn-ne. Ní
chuirean sé aon-spéis i nduantaibh 'ná
i gceól. Bu cheól do eumh leinbh is
crónán máthar, dá mbeadh líntighe d'á
chuid féin aige; ach ní féidirdo pósadh.
Tá truagh agam do, a Dhomhnail, agus
ní baoghal do, mo cuid-se feirge
anocht. Béad go cneasta réidh leis.



Domhnal: Beidh fearg air, pé sceul é, ach
cuirfe sé dhe í le ruthag cainte. Is
fearr, 'athair, gan an leabhar san bheith
le feicsint aige. Cuirimís uainn é.



An seanduine d'eirighe ansan; é do dhúnadh
an leabhair is d'á cheangal le mór chuid ribíní.



Seán: Bíodh in a mhargadh, ach deunfad
féin amus eile air seo (an leabhar)
amáireach.



Domhnal: Seo chugainn é, 'athair. Bros-
taigh! Raghad-sa amach i bhfeighil na
mbó … Tá an oidhche ag cnósacht
feirge arís.



Domhnal do dhul amach, ansan.



(Ní Críoch).



Domhnal Ó Corcra (is ughdar do “A Munster
Twilight”) do rinne an dráma san. Iar n-a thionn-
tó go Gaedhilg do Sheán Tóibín. Do bronnadh an
cheud-duais (a leath) ar an dtionntó san ar an
Oireachtas i mbliana.



Rí na n-Eun.



San am úd 'n-a raibh caint ag na
h-eunlaithe, dheineadar suas a n-aigne
go mbeadh rí acu. Bhí eud aca le na
chéile, ámhthach, is ní fhéadfaidís réidhteach
eatorra i dtaobh ciacu acu bheadh n-a
rí a' gcuid eile. 'Sa deire thiar thall
do shocruigheadar an t-eun is aoirde
raghadh sa spéir go ndéanfaí rí dhe.
Suas leo uile go léir ach do chaith cuid
acu filleadh sara ndeaghadar i bhfad.
Chuaidh an corr-iasg tamall maith. Chuaidh
an préachán níosa shia is chuaidh an seabhac
níosa shia fós, ach d'eirigh an fiolar ós a
gcionn go léir is nuair a bhí sé chómh
h-árd sa spéir is dob fhéidir leis dul
do ghlaodhaigh sé amach:



“Hurú!” ar seisean, “mise rí na
n-eun.” Ach cá raibh an dreóilín ach fé
sgiathán an fhiolair is do léim sé amach
is in áirde ar a dhrom.



“Ní tu,” ar seisean, “mise an rí.”
Ó'n lá san amach tugtar Rí na n-Eun'
ar an ndreóilín.



Thug an fiolair mar mhallacht air pé
áit 'na ndeunfadh sé nead go mbeadh
an braon anuas air. Sin é an fáth go
mbíonn a béal fúithe ag gach aon nead
dreóilín.



Séamus Ó Curráinn,
Ceanntrágha.



Leabhair a Thaithnfidh
le Gaedhlaibh,



Idir Leabhair Ghaedhilge & Leabhair Bhearla
le fághail uainn-ne.



Gach leabhar atá fé chló, tá cóib de le fághail
sa tsiopa so. Aon leabhar ná fuil againn
féin, cuardóchaimíd dógh agus andógh
'á lorg duit. Scríobh ar lorg
… clár na leabhar …



Labhartar Gaedhilg go fonnmhar i



Siopa na leabhar
… nGaedhealach,



SRÁID DÁSON, a 45,
BAILE-ÁTHA-CHLIATH.



Sranngscéala mar seo: “Larch, Áth Cliath.”
An Guthán: “4804 Áth Cliath.”



Im ar fheabhas
an domhain é seo:



IM C.C.C.



Nuair a bheir 'á lorg ar fhear an tsiopa, féach
chuige go mbeidh an cómharta san: ‘C.C.C.’ ar
chlúdach gacha bosca.



Is ann is féidir é cheannach in a mhórchodaibh
sa' 21adh tigh



ar CHALA-PHORT NA gCEANNAITHE
(Merchants' Quay),



I gCORCAIGH.



Ní deintear aon phíopaí
eile in Éirinn ach



Píopaí Mhic Pheadair



agus is fada farsaing
atá a gcáil.



Le ceannach i ngach siopa tobac.



Cuir a dtuairisc ar
lucht a ndéanta —



Capp & Mac Peadair Teo.
FAICHE SHAIN STIABHNA,



Áth Cliath.



Seán Ó Conaill,
Sráid an Rí, i gCorcaig



Scríobh chuige.



Tá Cóistí agus Mótair d'á ndéanamh againn-ne. Cuirimíd Gléas Góma (rubair) fé rothaí cóiste gan ró-mhoill.
Cros & a Chlann Mhac, 18 & 19 Port Uí Shúileabháin (Sullivan's Quay), Corcaigh.


L. 4


CEANNUIGH EARRAÍ GAEDHALACHA



ó



Lúcás De Búrca.



LÉINTE
FO-LÉINTE
STOCAÍ
BÓNAÍ
CARABHATAÍ
de DHÉANTÚS GAEDHAL



Is saoire le 25% a gheobhair na rudaí sin sa
tsiopa so 'ná in aon tsiopa eile:



Sráid Pádraig N. a 105
CORCAIGH.
(‘Luke Burke’)



Gach cóir chun tig do dheunamh



Ón Úrlár Go Bárr
an Tighe:



Adhmad, Táthán agus Slinnte;



Áraistí Iarainn, Stóbhana, agus
Bácúsa;



Dathán, agus an uile shaghas Íle
'gus Ola.



Tá le fághail ó



‘CHOMPLUCHT EUSTACE,’
i gCorcaigh.



Scríobh chúca.



Cois Farraige Thiar



atá an



Coláiste Atlantic.



Múintear Sranngscéaluidheacht &
Scéaluidheacht-gan-Srainng ann do
ógánaig atá idir a 16 agus a 24.



Gheobhair gach eólas ó'n Árd Oide —



Muiris Mac Gearailt,
CATHAIR SAIBHÍN I gCIARRAIDHE.



Síol agus Leasú'



don bhfeirm nó don gháirdín.



Áthraighe Iarainn agus
Stáin.



Arán, Min, Plúr, Té
agus Biotáile.



SEÁN Ó RIADA,
An tSráid Mhór,
Cill Áirne.



Leabhair Bheaga Bhlasda na
Gaedhilge



Ar n-a dtabhairt amach faoi stiúradh na díse
seo .i. An Seabhac agus Fionán Mac Coluim.



“MÍ DEM SHAOGHAL,” le Bríd Stac, 3d.
“LUIBH-EÓLAS,” le Seán Tóibín, 1½d.
“SEAN-AMHRÁIN NA MUMHAN,”



Cuid a 2, 3d.



Le fághail ó
Mháire Ní Raghallaigh,



'Sa tsiopa in a bhfuil Páipéir, Leabhair is Tobac
ann don Ghaedhilgeoir:



UACHTAR SRÁIDE NA DRISEOIGE a 87,
i mBAILE ÁTHA CLIATH.



An Lóchrann.



Páipéar don Ghaedhealtacht.



Seán Tóibín, Baile an Teampaill,
i gCorcaigh … an Fear Gnótha.



An Seabhac, Daingean Uí Chúise … An Fear Eagair



Ó Cuill & a Chua.,
95 Sráid Phádraig, Corcaigh
Easún & a Chl.-Mhac, Áth Cliath … Na Díoltóirí.



Má's maith leat bronntanas a thabhairt d'aon
cheanntar sa Ghaedhealtacht agus bheith ag cabhrú' leis
“An Lóchrann” san am gcéadna, cuir roint airgid
ag triall orainn & cuirfimid cóibeana gach mí go
ceann bliana chun aon áite a déarfar linn.



Sinn-ne — Lucht An Lóchrainn.



Ár nGuidhe.



Go dtuga Dia Nodlaig mhaith dhuit,
a chara, agus go raibh Éire againn
fé theacht na Nodlag arís!



Sadhbh Trínseach.



Is mór is oth linn bás na dea'-mhná,
Sadhbh Trínseach, Bean Uí Chobhthaigh. Bu
mhaith an chara don “Lóchrann” í. Níl
ach mí ó shin ó scríobh sí ag trial orainn
,á rádh go ndeunfadh sí pictiúir mar
‘dhuileóg Nodlag’ don “Lóchrann” dá
mbu mhaith linn é. Bu mhaith linn, ach
níorbh é toil Dé í 'fhágaint ar an saoghal
chun an gnó 'dheunamh. Dé bheatha grásta
Dé! Síocháin. Dé ar a muinntir agus ar
muinntir an uile-Ghaedhil d'fhág sinn le
deunaighe. S. T.



An tabharthas thug Feóras
go Baoi.



Do scríobh Seán Husae, file do bhí i
nDrom Caor fadó, aor ar mhnaoi do
dhein é 'ghearán le Cormac Ó Conaill
'á rádh go raibh sé ag lot a lae ar
na fearaibh oibre. Mar seo leanas a
thosnuigh sé:



“Ní measa an tabharthas thug Feoras
go Baoi
Ná an tóiridhe caillighe úd gan náire.”



Mada ruadh lán de laoighin (.i. de choil-
eánaibh) ab' eadh an tabharthas san. Chual-
aidh an mada ruadh go raibh Baoi Bheura
lán de ghéanaibh is de chearcaibh ach
chuaidh de dul isteach ann go dtí uair
go raibh an Feoras so ag dul isteach
tar éis bheith tamal as baile. Cad do
dhein an mada ruadh ach luighe ar an
dtráigh inaice an bháid is leigint air
go raibh sé marbh. Ní feacathas aon
mhada ruadh riamh roimis sin i mBaoi
& mar sin cheap Feóras go mba mhór
an tabharthas do mhuinntir an oileáin é
'bhreith anonn chúca is chuir sé isteach sa
bhád é. Nuair do shroich sé an t-oileán
do rug sé leis pé earraí do bhí aige
chun a thighe ar dtúis is do thug sé thar
n-ais leis cuid de mhuinntir na h-áite
chun go bhfeicfidís mada ruadh marbh ach
ní raibh tásg ná tuairisg ar an mada
ruadh. Ba gheárr go raibh léirsgrios
dá dhéanamh aige ar ghéanaibh an oileáin
is ní raibh éinne buidheach de Fheóras
mar gheall ar an tabharthas thug sé go
Beura.



Cormac Ó Cadhlaigh do sholáthruigh ó Shímion
Ó Ceallaigh, Cathair Domhnall.



Sgeulta ó Chairbre.



III. — LAOGH NA MÍLE.



Bhí buachail aimsireach ann, uair, i
dteannta dhuin'uasail mhóir & dubhairt
an duin'uasal leis, lá, dul go dtí an
tráigh, agus ualach gainmhe thabhairt leis.
“Agus ná tair abhaile chugam-sa,” dubh-
airt sé “gan ‘Laogh na Míle,’ nú má
thagan tú, beidh do cheann ar spíce!”



Do ghaibh an buachail an capal agus
d'imthigh sé air go brónach, agus é ag
gol, mar ní fheadair sé goidé an rud
Laogh na Míle, nú cá bhfaghadh sé é le
tabhairt chun an duin'uasail.



Bhí sé ag cur a bhóthair de agus do
tháinig fear suas leis agus d'iar an
fear marcuigheacht air, agus dubhairt sé
go dtabharfadh agus fáilte. Ní tháinig
stad ar an mbuachail ach ag gol, agus
d'fhiaruigh an fear de ca' na thaobh go
raibh sé ag gol mar sin. D'inis an
buachail do go dtug a mháighistir órdú
dho Laogh na Míle a thabhairt abhaile leis,
nú mara dtabharfadh go gcuirfeadh sé a
cheann ar a' mbloc.



“Ná bac é,” arsan fear eile. “Seo
slaitín duit, agus féadfaidh tú Laogh na
Míle a dheunamh leis,”



Bhí sé go sásta ansan, agus dubhairt
an fear leis nuair a bheadh sé ag dul
abhaile go gcasfaí trí ba air, ar thaobh
a' bhóthair ag iníor; agus dubhairt sé
leis an slaitín do bhualadh ar gach ceann
acu agus go gceanglóidís d'á chéile.



Bfhíor dho. Nuair a bhí an buachail ag
teacht abhaile, do casadh na ba air, agus
do bhuail sé leis an slaitín iad, agus
do cheangladar dá chéile.



D'imthíghdar roimis amach & gach aon
“Hó! Hó! Laogh na Míle” aige ortha,
agus níor stadadar go ndeighdar isteach
i dtigh a bhí ar thaobh a bhóthair. Bhí bean
a' tighe tréis na h-áraistí go léir a
nighe, agus chuaidh sí suas chun na teine,
agus d'fheuch sí síos feuchaint conus a
bhíodar ag feuchaint.



“Ó! dar so súd,” adubhairt sí nuair
a chonaic sí chomh breágh iad: “Tán sibh
go léir ag magadh fúm-sa, agus is mór
d'bhúr nduadh fuaras 'bhúr nighe.” Do rith
sí síos chun na n-áraistí & do chaith sí
iad go léir ar fuaid a' tighe, agus do
dhein sí briseadh níos measa ortha. Bhí
sí 'á mbriseadh ar a dícheal, nuair siúd
isteach na ba chúici agus iad ceangailte
d'á chéile. “Ó! a dhiabhla,” dubhairt sí,
“táim cráite mo dhóithin cheana agus
imthighidh amach uaim!” Nuair a bhí an
ceann deunach ag gabháil amach, do bhuail
sí leis an gcasúr í, agus do cheangail
sí féin agus an casúr di, agus d'imthigh
sí féin len a gcois, agus í ceangailte
dhíobh.



“Bhí a fear ag obair amuigh sa gháirdín
agus nuair a chonaic sé í ag imtheacht
dubhairt sé: “Airiú cá raghair, 'óinsín?”
agus do rith sé chun í réiteach, ach má
dhein do cheangail sé suas díobh.



Leabhair agus Peictiúirí chun Gaedhilge a mhúineadh. Faigh an Liosta ó Chlóchualucht Dúndealgan, Dundalk


L. 5


D'imthighdar leó agus ba ghearr gur
casadh fear siubhail ortha & mála aniar
air. D'fheuch sé ortha. “Airiú!” dubhairt
sé, “cad tá oraibh, nú a' bhfeudfainn-se
sibh a réiteach?” & chuaidh sé 'á réiteach
agus do cheangail sé dhíobh, leis. “Hó!
Hó! Laogh na Míle,” dubhairt an fear
a bhí 'á gcomáint.



Bhí sé 'á gcomáint roimis go dtáinigh
sé chun tighe an duin'uasail. Do rith an
duin'uasal amach, agus bhí sé ar dearg
bhuile, nuair a chonaic sé iad. Fuair sé
fuip agus bhí sé ag sleaiseáil na mba
amach. Nuair a chonaic sé an chuma 'na
rabhdar ceangailte, chuaidh sé chun iad
do sgaoile', agus má dhein, do cheangail
sé suas díobh go léir.



“Hó! Hó! Laogh na Míle,” arsan
buachail.



Nuair a fuair an bhean uasal go raibh
an duin'uasal ceangailte tháinig sí amach
agus í ag bualadh bas. Chuaidh sí chun é
sgaoile', agus má dhein, do cheangail sí
dhíobh go léir.



Bhí an buachail agus gach aon “Hó!
Hó! Laogh na Míle” aige ortha, agus
é 'á gcomáint ar fuaid na páirce go
rabhdar leath-mharbh aige. Dubhairt an
duin'uasal leis iad do sgur nú goidé
an fáth do an cleas san do dheunamh.



“Ná dubhraís liom Laogh na Míle
do thabhairt chugat, agus do dheineas!”
adubhairt an buachail.



Dubhairt an duin'uasal leis ansan go
dtabharfadh sé oiread airgid do & do
dheunfadh len a shaoghal é, dá sgaoileadh
sé iad, agus imtheacht as a radharc, agus
gan teacht chuige go deo airís.



Bhí an buachaill sásta leis sin agus
ansan thug sé buile eile dá shlaitín
dóibh agus do sgaoil sé iad go léir.



Do chomáin sé na ba mar a bhfuair
sé Iad ar dtúis. Chuaidh an fear eile
agus a bhean abhaile chun a dtighe féin,
agus do chuir an fear siubhail an bóthar
de airís. Do chuaidh an duin'uasal agus
a bhean isteach abhaile agus fuaradar an
t-airgead dó agus thugadar do é — an
méid ba mhaith leis a bhreith leis, agus 'siad
a bhí go buidheach i dtaobh sgaramhaint
chomh bog leis. D'imthigh sé uatha agus
a chuid airgid aige, agus ní fheaca sé
aon lá bocht as san amach.



Sin é mo sgeul-sa agus má tá breug
ann bíodh.



Seán Ó Murchadha d'innis.
Micheál Ó Cuileanáin do scríobh.



LÉIG NA FÓGRAÍ, A ChARA, MÁS É
DO THOIL É.



An Dreóilín.



An peictiúir sin ar leathanach a h-aon,
tá sé le fá'il ar Pháipeur maith láidir
ar 1/6 a' chóib ó Chló-lucht Chuala, Dún-
droma, Co. Átha Cliath.



NODLAIG
MHAITH DHUIT!



AN RÓSARNACH — Leabhar a II. (ó
Ruaraidh Arascainn is Mháirr, Sráid a'
Mhuilinn a 14, Peairt, in Albain, ar 10/6).
Tá a lán Éireannach ann a bhfuil airgead
go flúirseach aca agus uain a ndóthain
aca chun gníomh do dheunamh don Ghaedhilg
— dá mbeadh an meón Gaedhlach go leor
aca chuige! Duine de uaislibh Alban a
bhfuil grádh aige don Ghaedhilg & tabhairt
suas a dhóthain air sa Ghaedhilg chun obair
mhaith do dheunamh di iseadh Ruaraidh
Arascainn. Ní leor leis an “Scottish
Revie” agus “Guth na Bliadhna” do
bheith 'á gcothú aige as a los féin gan
irisleabhar a bhfuil árd-litríocht ann do
chur ar bun. Adeir sé nách féidir obair
mhaith a dheunamh fé dhithinas agus an té
théighea ar thóir na h-Áilneachta nách mór
do imtheacht go mall is bheith ag síor-
scrúdúchroimis is in a thímpal. Dá bhrí
sin, ní uirean sé cló ar “An Rosarnach”
ach uair sa bhliain agus ní ghlacan sé le
h-aon-rud ach an rud a dheinean údar
eólgaiseach.



Tá cur síos breágh sa Rósarnach ag
Eachain Mac Dhubhgaill ar “Eideard
Brús, Rí nan Éireannach” agus is mór
is fiú é mar aiste seanchuis.



Na nithe ar a scríobhan Ruaraidh Ara-
scainn féin, ní bhacan aon scríobhnóir in
Éirinn len a leithéidí, óir an t-é go
mbíon an t-eolas aige, ní bhíon Gaedhilg
go leor aige chun scríobha ortha agus
vice versa, fóiríor! “Ionad eolais an
Nadurra am beartachadh an Anama” is
teidiol don ní ata aige sa dara Ros-
arnach” so. Is truagh gan a leithéid sin
de Ghaedhal ar thalamh Airt. Tá daoine
againn a thabharfadh na mílte púnt chun
ceol nó cantan Greagórach do bhunú is
do bhuanú in Éirinn ach ní chuimhneochaidís
go deó ar an nGaedhilg bhocht. Maise
ar aon leabharlainn An Rósarnach bheith
innte.



Seán Tóibín.



MAITH AN tSNAOIS —



“Snaois Chorcaighe.”



Sinn-ne a dhein ar dtúis í
agus atá 'á deunamh fós.



Tobac sár - mhaith
an dá shaghas so:



“Shandon Plug”



agus …



“Exhibition Roll.”



Scríobh chugainn-ne:



“Cualacht Lambcin,”



Sráid Naoimh Pádraig a 9,



CORCAIGH.



RÁSÚIR MHAITHE
don duine bocht nó don duine saibhir;
a luach ó 2/- go 10/6.



Rásúr “Cosanta”



ná gearran an croiceann — 1/- go 21/-;
gheobhair ceann aca san & trí lanna
“Gillette” ag gabháil leis, ar a 2/3,
tríd a' bpost.



CUIRFEAD FAOBHAR ar sheana-rásúr duit ar
7d. tríd a' bpost.



MAC CUILINN,
35-36 Sráid Chapel, i mBaile Átha Cliath.



ARÁN HOSFORD.



Ná h-ith a Mhalairt!



Sa 62 tigh sa Mheádhon-tSráid Thuaidh,
i gCORCAIGH, a deintar.



Ní Gádh Beurla 'Labhairt,



ach an uair a raghair ar lorg



SAIGRÉIDÍ MAITHE,



agus deunfaidh dhá fhocal cúis ansan.



Abair



“SILK CUT”



le cailín an tsiopa.



I nDÚNDEALGAN



a deintear, agus tá 'á gcaitheamh



AR FUAID ÉIREANN.



P. Ó Cearbhaill is a Chua.
(teor.)



Lucht a ndeunta.



Ticéidí in a “gCeirthlíní” do lucht comórtha spóirt & Cnaipí Daithte — mar chomharthaí sóirt ó Chlóchualucht Dúndealgain, Dundalk.


L. 6


Tá le fagháil uainn-ne



Buínn Óir is Buínn Airgid



den déanamh Ceilteach agus marc
earra Ghaedhealaigh ar gach bonn aca.



Tá Átraighe Óir is
Áthraighe Airgid



mar atá — miasa, cailísí, cuirn, agus cuacha
dá ndéanamh againn-ne, anso i gCorcaigh. Tá
an comhartha gaedhealach ar gach ceann aca.



Scriobh chugainn ar lorg an deilbhleabhair
agus an luachliosta.



Liam Mac Aodhgáin & a Chl.-Mhac Teo.,
32 SRÁID PHÁDRAIG N.,
CORCAIGH.



Tá 200,000 Baraile Plúir dá dhéanamh
in aghaidh gacha bliana ag



T. Ó hAILEANÁIN & a CL. MHAC, teo.



Muileann abhancoradh, Mainistir na Corann,
agus Muileann Ghleanna Duileáin,
Mainistir Fhearmuighe,
Co. Chorcaighe.



Sranngscéala: “Hallinan, Midleton.”
Guthán: 7 Cork. 1 Midleton.



Do Fhear na Feirme
é seo:





Síolta,



Leasú,



Úirlisí,



agus



Biadh Beithidheach



le fághail, go maith is go saor, sa
tsiopa so:



‘Siopa Plúir is
Mine Shráid an Rí,’



AN 3adh tigh i Sráid an Rí,



Corcaigh.



Scríobh indiu & cuir tuairisc
a luacha &c.



Ghaedheala! Ceannuighidh rothar Gaedhealach .i.



“An Lúcania”



(de dhéantús na hÉireann)



ó



Dhomhnall Ó Buachalla, Magh Nuadhat.



Ó Dhea'-Ghaedhal ná Mairean.



Do scríobh Risteárd Mac Crócaigh (“An Fiach
Dubh”) ag trial orainn i dtosach an Fhomhair agus
chuir sé roint paidreacha chugainn: “Bheidís oir-
eamhnach do “Lóchrann” na nodlag (más beo dhúinn
an taca san). Beannacht chugaibh ón bhFiach nDubh.”



‘Más beo dhúinn an taca san' ars an fear
bocht! Go dtuga dia toradh na bpaidreacha so
d'á anam anocht. S.T.



PAIDREACHA Ó SHLIABH LUACHRA.



ag dul a chodla dhuit.



Éirigh aniar 'sa leabaidh agus dein fíoghar
na croise trí h-uaire ar an gcuilt
agus abair:
Cros Chríost 'dir me
A's namhaid m'anama 's mo chuirp.”



TRÉIS CUMAOINE DHUIT.



Míle fáilte romhat, a Chuirp a' Thighearna!
Tá'n tú agam anois,
Glan an áit n-a bhfuilir
Díbir rúta an Pheaca;
A's a Mhaighdean Ghlórmhar
Tar am' chaoinleacht.



Sar a mblaisfir aon-bhiadh tréis cum-
aoine, is ceart deoch fíor-uisge 'ól n-a
trí bolamacaibh & an phaidir seo leanas
do rádh le n-a linn:



Roim an gcéad bholamac abair:
Sidí sláinte an Mhic ghrástaigh do leath a
ghéaga.



Roim an dtarna bolamac abair:
Sidí sláinte na mná do rug mac gan
céile.



Roim an dtriomhadh bolamac abair:
Sidí sláinte Naoimh Pádraig do bheannuig
Éire;
Sláinte na ngrást le chéile.



NA CORÓINNEACHA.



Tá coróinneacha eile ann seachas an
choróinn Mhuire. Tá Coróinn Rí an Domh-
naigh, adeirtear ag gabháil an bóthar chun
Aifrinn do dhuine. Coróinn Mhíchíl, adeir-
tear nuair a bhíon duine ag fághail bháis
— 'sé Mícheál Naomhtha maor an anama;
agus Coróinn na Marbh, adeirtear nuair
a bhíon duine tréis bháis.



CORÓINN RÍ AN DOMNAIGH.



Ar na clochaibh móra:



Céad fáilte romhat, a Rí an Domhnaigh
bheannuithe
Do tháinig le cabhair chugainn tréis na
seachtaine,
Corruig mo chos go moch chun Aifrinn,
Corruig im' béal na bréithre beannuithe,
Corruig mo chroidhe & díbir an ghangaidh as.
Féacham suas ar mhac na Banaltran
Agus ar a h-aon mhac trócaireach
Mar 'sé is fearr a cheannuig sinn
Agus gur leis féinig beo is marbh sinn.



Ar na mion-chlochaibh:



Céad fáilte romhat, a Rí an Domhnaigh
ghlórmhair;
A Mhic na h-Óighe a's a Rí na glóire,
A Íosa mhilis a's a mhic Muire,
Dein trócaire orainn.



CORÓINN MHÍCHÍL.



Ar na clochaibh móra:



A Mhíchíl glach é (nú í) id' láimh
A's dein a shíocháin le Mac De,
A's má tá aon namhaid ar a thí
Cuir-se Críost idir sinn a's é.



Ar na mion-chlochaibh:



'Iosa mhilis, a Mhuire, a's a Mhíchíl, fóir orainn
'Iosa 'cheannuig sinn, beannuig sinn & dein
trócaire orainn.



CORÓINN NA MARBH.



Ar na clochaibh móra:



A Mhaighdean bhrághaid-gheal bhán,
Gur daoradh do mhac sa Pháis,
Cuir t'achuinge chun Rí na ngrást
Maitheamhnachas 'thabhairt dúinn a's do chách
As do gach n-aon eile atá n-a ghádh.



Ar na mion-chlochaib:



'Iosa Críost, a Rí na trua'-mhéile
Suaineas síoraidhe, tabhair 'óibh, Ó a Thighearna.



AG TÓGAINT SNAOISE DHUIT.



Seacht lán d'oileán Phádraig,
Seacht lán de thuama Chríost
De bheannachtaí Dé let' 'anam
A's le h-anamainn na seacht sínsear
D'fágh n-a ndiaidh tu.



An Fiach Dubh do fuair sa' Chathair
Bheárnaigh, láimh le Sliabh Luachra.



Úna.



ABHRÁN BEIRTE.



Ó Thomás Ua Criomhthain do tháinig an chuid is mó
de'n abhrán breágh so: Fuaireas tuille dhe anso is
ansúd. Duibhneach eile a thug an fonn dom. Tá an
ceól le fá'il leis, i leabhar do scríobh An Dochtúir
Seóghach .i. “Ancient Irish Music.” Bheursa as
“Éamon a' Chnuic” iseadh a III. ach cuirtear leis an
abhrán so i gcómhnuidhe é.



Finghin na Leamhna.




I.
Órú, a Úna, an tinn nó an dubhach leat
Mise bheith a' siubhal am' aonar,
Is ná braithim do dhúthracht im chodla ná im
dhúiseacht
Is go ndeunfainn-se rún go h-eug ort.
Is mór a' t-iongna liúm-sa, tusa bun-os-
cionn liom.
Is mise lán d'fhonn a bheith taobh leat,
Is dá dtiocfadh sé 'sa chúrsa, muirear ná
cúram,
Gur duine mé do mhúinfeadh léigheann
dóibh.



II.
Is anamh a h-áirimheadh cruach ná stáca
Ag(e) máighistir scoláirí 'dheunamh,
Is mar mheasaim-se dob' fheárr dhom mo
mhacha bó a' tál chugam
Ná glagar do ghárlach a' léigheamh duit.
Dob' fhearra liom an sglábhuidhe, do rómhar-
fadh an gáirdín
'Sa chuirfeadh na prátaí i gcré dhom,
Ná spreallaire máighistir gan fuinneamh,
gan fáscadh,
Do chuirfeadh le fán a' tsaoghail mé.



III.
A ghrádh ghil 's a chuid go brách ná tuig,
Go ndeunfainn do mhalairt céile
Go dtráighfidh an mhuir is go dtreabhfaidh na
muilth
Is go mbuailfar na cnuic ar a chéile,
Go dtóisfar an ghrian chó' díreach le riaghail,
Is go dtógfar an ciach so d'Éirinn,
Go bhfásfaidh an biolar trí chroidhe na lice,
Is go n-ionntóghaidh an londubh gléigeal.



Min Mhaghchromtha. An mhin is fearr blas is is 'mó substaint. Scríobh chun an t-é dheinean — Mícheál Ó Caoimh, i Maghchromtha.
Biadh do Ghaelaibh — Ceannuig do chuid aráin, cístí, &c., ó Mhuíntir Dhálaigh, Sráid a' tSáirséalaigh, i Luimnigh.


L. 7


IV.
A fhairire mhúinte na labhartha ciúna,
Taithnighean do chlú 's do mhéinn liom
Níorbh 'fhearra leat súgra ar mh'fhallaing ná
Ach liaúrm esagla tú bheith breugach,
Mar is sgafaire tú tá meanmnach súgach,
Go bhfuil cleasuidheacht i gcúinne do
chlaon-roisg,
Is go mb'eaglach liom, dá leanainn-se thu,
Gur casadh fé chumha do dheunfainn.



V.
Éiri' t' shuidhe,' Úna, is cuir-se chun siubhail
liom,
Is beimíd go súgach aerach,
Is béarfad mo rún lem thaobh ar an ndrúcht
Fé chrao'chaibh cúmhartha faochrainn.
Ó thánga-sa a' tnúth leat, ní cóir duit me
dhiúltadh,
Mar is mó ainnir fhionn bhreagh ghléigeal
Go dtugas dóibh diúltadh, ar amharc do
ghnúise,
Is gur sheunas iad súd go léir duit.



VI.
Nílim am' thabhairt duit is nílim ad' dhiúlta,
Is níl fios mo chúise 'g aon fhear,
Ach ar eagla an Úird-Mhic, nuair thiocfadh
lá an Chúnntais —
Is m'anam ná tabharfainn ar Éire,
Ach má gheallann tú dhómh-sa go seasóghair
liúm-sa
I gceangal dlú na cléire,
Má thaithnighean mo shnua leat, ní cóir dom
tú dhiúlta,
Is bímíd sa tsiubhal in éinfheacht.



Faochrann = caithne (?).



Bruighean an Bhacaig le Cáit



(Tuille dhe).



Ó bhéal-aithris Thaidhg Uí Chonchubhair,
Lios Póil, Ciarraighe.



(Tá an garsún ar lár. Cuirean sé fead as.



Tagan ceathrar nó cuigear de fhearaibh agus labhran
duine aca.



Fear: Dhera, 'alfraist bacaig is a mhuirdir-
éir chrónta — b'é sin mac na bain-
trighe agat marbh ar an mbóthar?



Mícheál: Dhera, a chómharsa, níl ormsa an
náda — ach tá mo mháthair aige baile
'sis dócha ná mairean sí féin dtráth
so —



Casaig thar n-ais & beirighidh libh é seo
ina láthair.



Fear: Caithfe sé fille linn agus beagán
sásaimh — is má tá sí marbhi sé gheobh-
aidh an bás láithreach.



Gabhann an bacach leath-sgéalleó gurbh
í an bhean fé ndeara is gur chaith
sí an teine dhearg leis. Nuair a
tugtar chun a tighe é tá Cáit ball-
ghlórach is saithach uisge beirbhithe aici
chun sgóla na muice thabhairt do.
Nuair a chíonn na fir nach fiú biorán
atá uirthi deinid iarachtar Cáit a chur
ar a suaimhneas. Níl aon ní uaithe
sin ach an bacach a mharbhú. Ceapan
na fir go bhfuil sí ag imtheacht dá
meabhair. Cuimhnighean duine acu
ar sheift: í bhogadh chun cleamhnais.
Labhrann sé leis na fearaibh eile.



Fear: Dá mba dhóigh léi go mbeadh aon
spárán fóghantaaige bifhé gostríoc-
fadh sí — anuiridh chuir sí sgéala chun
píopaire an Chuilinn is nuair ná
raibh aige aon Phinginn níor bhac sí
é Phósadh chuige.



(Glaodhann duine acu ar leath-taoibh uirthi is
labhran i gcogar).



Fear: Anois, a Cháit, tá fhios agam go
bhfuil an bacach san ag cuimhneamh
ar Phósadh, agus b'fhé gurb' é an
rud céadna thug an bóthar é —



Pé bean a bhuailfidh leis is di tá
airgead aige na dhóirne — an bhean
a gheobhaidh é ní bheidh aon easba go
deo uirthi.



Cáit: 'Alfraits dhéanta is a chrochaire an
chórda! B'amhla a mheasan tú dómh-
sa an bacach san a Phósadh — an rop-
aire a dhobair a mharbhóch' mé.



Fear: Anois, a Cháit, ná cuirfeadh sé ort
aon iongntas — níl aon bhaile as so
go Baile Mhúirne ná go bhfaghad sé
sin bean is beirt is triúr ann, agus
pé bean a gheobhaidh a bhúndla is aici
bheidh an saoghal socair súgach.



(Téidhean Cáit beagán chun socaireacht
ansan).



Cáit: Dhera, a Mhichíl, a dhaltha dhil, conus
a Phósfainn-se an bacach san tar éis
an fhir áluinn a bhí cheana agam —
fear chó' h-árd chó' ceannasach chó'
groidhe chó' calma agus do gheobhfá
i gcathair é.



Fear: Ar ndóir, a Cháit, ní rabhabhair pósta
ach an fhaid a mhairfeadh sibh, agus
ar ndóin nuair cailleadh Suímon
sgaoileadh an ceangal díbh,



Má thógan tú mo chómhairle-si tógfair
an t-airgead agus féadfair beagán
Aifreann a chur len' anam bocht.



Cáit: Mhuise, a Mhicíl, a dhaltha, b'fhé go
mb'fhearra dhom stríocadh —



Cé ná pósfainn lem mharthain ach ar
mhaithe le h-anam bocht Shúímin



Ach tá an símpleóir bacaig sin
beagáinín íogair — B'fhéidir ná bac-
fadh sé mé tar éis na bruighne.



Fear: A Cháit, dearmhadtar an bhruidhean
nuair cuimhnightear ar a' gcleamhnas
agus dearmhódfaidh an bacach é,
táim-se in amhrus —



Fiafróghad-sa dhe ar a spota agus ní
bheam i bhfad a ndomhat ann.



Tharraic sé chuigean cleamhnas, agus do deineadh é.
Bhí oidhche rí-rá ann. Do labhair an mac arís:



Mac: Dhera, a mháthair, mheasas tamall ná
feicfinn éinne choidhche agat in inead
m'athar —



Cáit: Arai éist do bhéali a bhligeáird, ar
mhaithe leat féin atáim — Ar ndó
déanfa sé inead athar duit-se agus
drithár.



Do leanadh den cheól is do dhein an bacach rinnce
go ndubhairt Cáit leis:



“A mhíle grádh gheal stad nó bifhé go
bhfaghfá allus as.”



Níl slán ag Tadhg anois ach an méid sin de.
deir sé go bhfuil a lán eile dhe ann ach go bhfuil sé
dearmhadta aige féin. Tá os cionn trí fichid bliain
ó fhoghlumaig sé ó sheanduine é. Má tá ag aonne
eile ba mhaith liom a thuairisg d'fhághail.



Finghin na Leamhna.



“Nodlaig Mhaith Dhuit.”



Táimíd go buidheach den té thug dealbh.án
an Phictiúra san ar iasacht dúinn: an
Bainisteoir atá ar “Dhún Emer” i Sráid
Harduici in Áth Cliath. Tá a lán den
tsaghas ceudna aige i bhfuirm cártaí
Nodlag. S. T.



Don Léightheoir.



Ceannuigh do chuid earraí ó sna daoinibh
a bhfuil fógra aca sa “LÓCHRANN,” agus
cuir i n-iúl dóibh gur sa “LÓCHRANN” a
chonaicís an fógra. Cabhróghaidh san go
mór linn.



Scáth ó'n nGréin,
nó fós ó'n bhfearthainn.



Foscáin Gréine,
Foscáin Fearthanna,
Bréagáin Leanbh, is
Madaí Dorn.



TIGH “AN BHATA DROIGHIN ÉILLE” Teó.,
(‘H. JOHNSTON’)



Sráid Phádraig N., i gCORCAIGH.



Siopa eile ar Sráid an Chladaigh i gCóibh Chorcaigh.



CHÓMH BLASTA LE h-AON-ÍM!



Margairín
“Leandar”



Tá 'a dhéanamh i gCORCAIGH
ag



Ó Dubhdaill, Ó Mathúna
Agus a gCualucht.



Bí 'á lorg ar lucht siopa, led' thoil.



Tá le fághail uainn-ne —



TÉ BLASTA CÚMHRA.



Ceannuigh púnt de mar shompla.



SIMCOX IS A CHLANN MHAC (Teo.)
10 Sráid Phádraig N.,
CORCAIGH.



Biadh don Duine is
Biadh don Bheithidheach.



Tá raidhse de gach saghas
bídh le fághail uainn-ne.



Cuir cárta chúgainn ar lorg gacha eolais —



Séamus Ó Néill
IS A CHLANN MHAC (Teo.),



Cionn tSáile, Co. Chorcaighe.



Feóil Úr Ghaedhlach.



Uaim-se gheobhair san.



agus



Eunlaith is Glasairí.



Mícheál Baróid,



Both a 64 & a 65, Margadh na Feóla,



Corcaigh.



Guthán a “276, Corcaigh.”



CÓISTÍ IS CAPAILL is gach cóir eile chun cóisre nó sochraide. Tá againn-ne.
Muinntir Chróinín, ar Chalaphort Uí Shúileabháin i gCorcaigh.


L. 8


GACH CÓIR SCOILE!



Tá againn-ne



Leabhair don Leabharlainn



agus



Leabhair mar Dhuaiseanna.



Scríóbh chugainn ar lorg eolais:



Muinntir Fhallamhain
(Fallon Bros. Ltd.)



Cúirt Dáma a 13 & a 14,
in Áth Cliath.



Smithfield a 88, i mBealfeirste.
Sráid Uí Chonaill a 72, i bPortláirge.



Tá …



Scéaluidheacht-gan-
Sraínng



d'á múineadh
ag togha na
múinteóirí



I Scoil Uí Shúileabháin



sa ‘Mhardíog,’
I gCorcaigh.



Is í an scoil is mó cáil agus
is fearr cóir i n-Éirinn.



Múintear



Sranng-Scéaluidheacht



ann do chailiní, i gcóir Oifige
an Phuist, sa ló nó istoidhche.



Scríobh chun an Árd-Oide.



TÉIG FÉ DHÉIN



“AN EMPÓRIUM”



ar lorg Earraí Gaedhlacha —



Bónaí, Carabhataí,
Léinte, Ciairsiúraí
agus línéadach.



M. Ó Súileabháin & a mhac,
CILL ÁIRNE.



SÍOL, LEASÚ, is úrlaisí don bhfeirm.
TROSCÁN TIGHE.



SEÁN Ó CURRÁIN,
sa DAINGEAN.



an fear a thabharfaidh go maith dhuit iad.



EUDACH
BUAN-tSEASAMHACH.



An Chulaith do-gheobhair uainn-ne,
beidh sí go córach dei'-dheunta.



Le dachad blian anuas, tá tosach
'á thabhairt againn-ne do dheun-
túisí Gaedhal. Níl muilionn in
Éirinn 'ná go gceannuighmíd-ne
togha na n-earraí ann — eudach ná
raghaidh ann, is ná dortfaidh
an dath as.



DO MHNÁIBH UAISLE —
TÁILIÚIRACHT AR 'FHEABHAS.



Gach Gúna dár dheinamar riamh,
bhí cuma is crot air.



Bainean deise ar leith leis na
Casógaibh a dheinan na táiliúirí
seo againn-ne.



Tá ana-chuid eudaigh den tsaghas
úd go n-abarthar leis “Saothar
Lámh” ar taisbeáint anso.



Ní dhortfaidh an ghuirme as an
eudach gorm atá le ceannach
uainn-ne. Raghaimíd fé bhannaí
air, agus is mór an ní é sin,
an aimsir seo.



Scríobh (nó glaodhaig) chugainn.



LIAM Ó CONCHUBHAIR
is a Mhac,



SRÁID MHÓR SHEÓIRSE, a 40,



i gCorcaigh.



Carabhataí den Phoiplín



AR GACH DATH is
AR GACH GNÉ DATHA.



Liam Ó hAimheirgín,
(‘W. Bergin’)



a dheinean do lucht siopaithe.



Scríobh ag triall air go



62 Sráid Ghrafton,
in Áth Cliath.



WITH THE IRISH IN FRONGOCH.
J. W. Brennan-Whitmore, do scríobh.



Tá cúntas cruinn so leabhar so i dtaobh
an tsaoghail & an chaithimh aimsire bhiodh ag na
buachaillí ó Éirinn a bhí fé smacht Gall i
bhFrongoch taréis Eirighe Amach bliana a 1916.



Tá morán sgeul brónach, agus morán sgeul
grinn chómh maith, d'á innsint ag an ughdar,
agus is cliste an peann atá aige chun snas a
chur ar sgeul, pé aca brónach nó meidhreach é.



Cuireann sé síos go h-an-mhaith ar gach iar-
racht dá dtugadh fé chuid des na buachaillí a
sciobadh isteach san arm, agus ar an slighe
gur cuireadh cosg leis an obair sin. Tá
peictiúirí maithe sa leabhar.



2/6 glan, a luach. 2/10, tríd an bpost.



An dara cur amach de seo:



A CHRONICLE OF JAILS.
Darrell Figgis do scríobh.



1/- glan, a luach. 1/3, tríd an bpost.



ó



‘Chló-lucht Talbóid,’



Sráid Talbóid a 89, in ÁTH CLIATH.



ó ‘Chualucht
Eumoinn Mhic Eóin, Tta.’
(‘Ed. Johnson Ltd.’)



a gheóbhair



BUINN, SEÓDA,
FÁINNÍ is CLOIG,



ar dheise is ar shaoire.



Scríobh ar Lorg an
‘Luach-leabhráin’ go



Sráid Ghrafton a 94,
in Áth Cliath.



In



Áircéid na Mumhan



gheobhair



Lámhainní Olna



de dhéantús Gaedhal agus de shaothar lámh.
Iad ar a lán saghas datha mar atá: crón,
dubh, glaschaorach, geal agus donn.



Tá EARRAÍ GAEDHLACHA le feicsint
ar gach cúntúir sa' tsiopa:



Áircéid na Mumhan



Le ‘Robertson, Ledlie and Ferguson,’



I gCorcaigh.



Clóchualacht Seandúna, Corcaigh, do chlóbhuail.



Togha gacha bídh i gcóir na mbeithidheach, le fághail ó Mhuíntir Dhálaigh, Sráid an tSáirséalaigh, i Luimnigh.



Cló-bhuailfimíd-ne Leabhar Gaedhilge nó Leabhar Béarla dhuit. — Clóchualucht Dúndealgain, Dundalk.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services