Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Bealtaine, 1917

Title
Bealtaine, 1917
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1917
Publisher
An Lóchrann

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


AN LÓCHRANN
PÁIPÉAR GAEDHILGE IN AGHAIDH GACHA MÍ.



Uimh. a 14. BEALTAINE, 1917. Pinginn a Fhiacha.



FEIRMEÓIREACHT.



TEACHT AN tSAMHRAIDH.



Féach an feirmeóir 'n-a sheasamh ar
árdán i gceann a chuid tailimh, a hata
'n-a láimh aige, boige an aeir agus neart
na gréine ag innsint do gach ball dá
bhallaibh beatha go bhfuil breághthacht na
bliana ar tí pléasgadh 'n-a thíompal. Nách
cráibhtheach a chromann sé a cheann, agus
a deireann sé ó'n a chroidhe amach: “An
Samhradh! moladh 's baodhachas le Dia.”



Cad a chídheann an feirmeóir a chuir-
eann an t-áthas san go léir air, agus
a chuireann ag altughadh le Dia chómh
dúthrachtach é? An é bláth an aitinn-
bhuidhe ar an leath-chnoc, óg-dhuilleabhar
na gcrann sa ghaorthadh, nó na móin-
fhéaracha bog-ghlasa atá ar gach taobh 'n-a
thíompal?



Siad agus ní shiad. Tá an radharc
céadna le feiscint agat-sa agus agam-
sa. Tá sé le feiscint ag fear na
cathrach nuair a thagann sé ar cuaird
fé'n dtír. Tá sé le feiscint ag an
dteasdalaidhe nuair a sguabann sé trí
ghleanntaibh 'n-a ghluaisteán shocair.
Admhuighmíd uile gur radharc áluinn é.
Féachamíd air agus molamíd é díreach
mar fhéachfamís ar pheictiúir bhreágh do
chídhfimís ar crochadh le falla; acht ní
mar sin fhéachann an feirmeóir air.
Faghann sé sólás éigin sa radharc san na
féadaid daoine eile d'fhághail as.



Cionnos san?



Ar thugais riamh fé ndéara braisle
bheag leanbh ag spórt ar mhóin-fhéar i
n-aice an bhóthair? Féach mar a rithid
siad anonn 's anall ag bailiughadh
bhláthanna. Táid siad lúthmhar, láidir.
Féach mar umlasgaid siad sa bhféar
bhog iad féin. A gcloiseann tú an
gheoin, an clisiam atá aca? Nách deas
an radharc iad? Cá bhfuil an fear,
mar an bastún droch-chroídheach mí-dhaon-
achtamhail é, ná stadfadh tamall ag
féachaint ortha agus áthas air? Féach
thar do ghualain ar an dtaobh eile de
bhóthar, agus chídhfir tigh beag agus bean
'n-a seasamh sa doras. 'Sí máthair na
leanbh í agus tá sí ag féachaint ortha
a' spórt mar a tá'n tusa. An é an
t-áthas céadna atá ag an radharc dá
thabhairt daoibh araon? Á! is fíor nách
é. Féach i gceart ar an mnaoi. A'
dtugann tú fé ndeara an solus atá
'n-a súil, an luisne atá 'n-a leacain,
an béal ar leath-oscailt agus cuma na
mion-gháire air? Tá áthas uirthe ná
mothóchair-se choidhche, mar is iad a cuid
féin iad; is í do thóg iad; is í do thug
aire dhóibh faid bhíodar lag; is í do thuit
leo faid do bhíodar breoidhte; is í do
chosain ó fhuacht an earraig iad; agus
is í, agus is í amháin, go bhfuil súil
aici brabhadh leo 'n-a dhiaidh seo nuair a
dhéanfaidh fir agus mná dhíobh.



Seo díreach mar atá an sgéal ag an
bhfeirmeóir. Na nidhthe a dheineann an
radharc áluinn ar a bhfuil sé ag féach-
aint, agus a hata 'n-a láimh aige, is leis
féin iad. Féach an gort mór arbhair
úd thall. Tá an geamhar ag borradh go
buacach ann. Is taithneamhach an radharc
anois é, acht is taithneamhaighe i súilibh
an fheirmóra é ná id shúilibh-se. Is é
do bhog agus do ghlan an ithir do; is
iad a lámha féin do chroth an síol agus
do chlúdaig é; is é do chosain ar an
bpréachán é. Is fíor gur b'é Dia do
chuirfidh an toradh air, ach is maith le Dia
cabhair d'fhághail, agus is é an feirmeóir
congantóir Dé san obair. Páirtithe is
eadh iad — é féin agus Dia na glóire —
agus is é a n-obair: an t-ocras agus
an fuacht do chiomeád ó'n gcine daona.



Ní iongna gur geal le croidhe an
fheirmeóra teacht an tsamhraidh. Bhí sé,
mar a déarfá, ag obair 'n-a aonar ar
feadh an gheimhridh. Bhí sé ag iarraidh
an fhuachta do chiomeád uaidh féin agus
ó'n a lín-tighe; bhí feidhm air mórán
nidhthe do chur i dtaisge ó'n sioc; bhí sé
aindeis go leor ag tuitim le buaibh,
ghá gcosaint ó'n síon agus ag soláthar
bídh chúcha. Ach anois tá an Páirtí Mór,
Rí na nDúl, ag fóirithin air. Tógfaidh
sé an gnó air féin. Tá a fhurmór
tógtha cheana air féin aige. Féach na
ba ag teacht abhaile am eadarthra chun
iad do chrúdhadh. Nách righin, mall atáid
siad ag cur na slighe dhíobh i ndiaidh a
chéile; ach ní le laige é. Táid siad lán
leathan idir na maothánaibh, ach tá úth
trom bainne ag gach ceann aca, agus
bíonn ortha siúbhal go mall.



Sid iad na ba do chuir imshníomh sa
gheimhreadh air, mar bhí eagla air ná tioc-
fadh leis iad do chothughadh. Tá Dia gá
gcothuthadh anois gan duadh ó éinne.



Féach an t-úbhallghort beag úd shíos féi
'n-a bhun. Is gearr ó bhí na crainn ann
ag cromadh le h-ualach sneachtaidh; is
gearr roime sin ó bhí an gála ghá
réabadh. Do cheangail sé i gcoinnibh na
gaoithe iad, agus 'n-a dhiaidh sin do chroth
sé an sneachta dhíobh. Sin ar fhéad an
fear do dhéanamh leo, ach ba mhaith an
rud gur dhein sé an méid sin. Ar
theacht an tsamhraidh do chimil an Páirtí
eile a lámh díobh, agus dá dheasgaibh sin
tá ualach mór eile anois ortha — cocáin
de bhláthaibh boga, bána.



Tá cruiceoga beach le h-ais na
gcrann. I ndubhluachair na bliadna ní
thuiseadh éinne dhóibh go raibh beach 'n-a
beathaidh ionnta. Bhí a mhalairt d'fhios
ag an bhfeirmeóir. Do dhéin sé seascair
ó'n mbáisdig agus ó'n sneachta iad, agus
bhí foidne aige. Do tháinig Dia 'n-a am
féin, agus do chuir Sé anál bog an
tsamhraidh fútha. Do dhúisig san iad.
Nách binn é a gceol i gcluasaibh an
fheirmeóra anois, agus iad go gnóthach
ameasg na mbláth. Tá tuille aca ag
eirighe agus ag casadh sa spéir ghlan-
ghorm ós a chionn. Cá bhfuil ceol-sidhe
is binne ná dórdán beach sa spéir? Is
dóigh leis an bhfeirmeóir gur dheacair é
fhághail; agus nuair a thiocfaidh an lá,
trí thrócaire Dé, go mbeidh a anam féin
ag dul fé dhéin na spéire uachtaire,
beidh sé lán tsásta má bhíonn ceol chómh
binn leis i n-a chluasaibh.



Ní h-iongna go n-umhluigheann sé go
cráibhtheach ag rádh: “An Samhradh! moladh
's baodhachas le Dia.”



Gruagach an Tobair.



Brabha leo, tairbhe do bheith dá mbárr.



SUIDH INSO, MHÚIRNÍN LÁIMH LIOM.



Bhíos-sa lá i gCill Áirne,
Is gan fághail ar dhig agam, óró,
Do bhuail stuaire na gruaige finn' orm,
Suidh inso, mhúirnín láimh liom.



D'fhiosruig sí dhíom, goidí an chine mé, óró,
Dubhartsa léi, gur de mhuintir Dhigin mé,
Suidh inso, &rl.



D'fhiafraigh sí dhíom, a n-imireoghainn cluiche
léi, óró,
Dubhartsa léi gur ró-bhreágh chuige mé,
Suidh inso, &rl.



Tá mo chroidhe scóltha, ó phósas an fhinne-
bhean, óró,
Ní chrúdhfadh sí bó, is ní dhéanfadh sí cuigean
dom,
Suidh inso mhúirnín láimh liom.



Scríobhtha síos ó bhéal seanduine i bparróisde na
Dromod in Íbh Ráthach.



Gúnaí & Hataí do Chailíní; Carabhataí Gaedhlacha, Stocaí, Bónaí, &c., do fhearaibh; Táiliúireacht ar fheabhas.
D. MacCurtáin, 5 Sráid an Chaisleáin, Corcaigh.


L. 2


CIARRAIDHE.



AN T-EMPÓRIUM,
le
M. Ó SÚILEABHÁIN & A MHAC,
CILL ÁIRNE.



ÉADATHÓIRÍ MAITHE



Tá le fághail uatha;



Lása Gaedhealach de'n déanamh & de'n phatrún
is órnáidighe amuich agus saothar lámh is
eadh gach órlach de.



Éadach ó Bhothánaibh Chiarraidhe ar a lán sórt
datha.



Ciarsúirí de'n Línéadach Cheart Ghaedhealach is
a lán saghas eile línéadaigh atá oireamhnach
do ghnóthaí tighe agus i nÉirinn do deineadh.



Carabhataí de'n Phoiplín Ghaedhealach ar gach dath
is ar gach gné datha.



Bróga is Buataisí ó Áth Cliath is ó Cheatharlach
(Muintir Winstanlí & Mac Gabharnaigh a
dheinean.)



Brait Chlúdaig (Rugana) de'n olainn is fearr
agus flúirse dhíobh ann. I n-Éirinn do
deineadh.



Nuair a bheir ag taisdeal
in UIBH RÁTHACH ÁLUINN,



— cuir fút sa tigh seo —



TIGH ÓSTA AN GHEARALTAIGH
I gCATHAIR SAIDHBHÍN,



An tig is fearr in Uibh Ráthach.
Labharfar Gaedhilg leat ann.



SÍOL agus LEASÚ'
don bhfeirm nó don gháirdín.



ÁTHRAIGHE IARAINN AGUS
STÁIN.



ARÁN, MIN, PLÚR, TÉ
AGUS BIOTÁILE.



SEÁN Ó RIADA,
An tSráid Mhór,
CILL ÁIRNE.



tá i nDAINGEAN UÍ CHÚISE



TOGHA GACHA BÍDH — Plúr,
Min, Té is Siúicre;



SÍOLTA IS ÚIRLISÍ don
bhfeirm;



ÁRAISTÍ IARAINN is stáin
don tig.



ag “John Atkins & Co. ltd.”



Is aca bhíon Plúr an Ruiséalaig
ó Luimneach.



Tá CÓISTÍ & MÓTAIR d'á ndeanamh againn-ne.



Cuirimíd GLÉAS GÓMA (rubair)
FÉ ROTHAÍ CÓISTE gan ró-mhoill.



CROS agus a CHLANN MHAC,
18 & 19 Port Uí Shúileabháin (Sullivan's Quay),
CORCAIGH.



SEAN-FHOCAIL NA
MUIMHNEACH.



“An Seabhac” do bhailigh



52 — Gach dream dá dtigidh ag dul i
mine is i mbréagaighe,
Is gach bliain dá dtigidh ag dul i
bhfliche is i ndéanaighe.



53 — Is mairg ná bíonn buairt iasachta
air.



.i. Is mairg ná leigeann air a bheith imnidheach i
dtaobh a chomharsan.



54 — Táid siad buartha thall is ní sos i
bhfus dóibh é.



55 — Ní fhuair meathach slígh i gcath.



Meathach .i. duine meathta.



56 — Ní fiú deoch d'uisce na n-ubh é.



57 — Ní fiú trúmpa gan teanga é.



58 — Ní fiú uisce na gcos é.



59 — Croidhe loin agus guth leomhain.



Verb. sap.



60 — Dá olcas é Séartha is measa bheith
na éagmais.



.i. Bheith gan é. Is minic “Séamas” i n-ionad
“Séartha.” Bean adubhairt an chainnt sin nuair a
cailleadh a fear agus gan an fear go maith, is
cosamhail.



61 — Púca an duibhré.



A tugtar ar dhuine a bhíonn amuich istoidhche.



62 — Cailín ag Móir is Mór ag iarraidh
déirce.



Le daoine a bheadh ag iarraidh cuma uasal a
choimeád ortha féin tré mhórchúis, agus gan an gustal
aca. Féach “Bás,” Uimhir 51.



63 — Teasbach gan dúthchas teasbach gan
iomchar.



64 — Ná cuir tú féin i gcomórtas le Rí
maran Rí tú.



65 — Cuir do cheann i gcúinne an iarta
is gheobhair pé foirtiún do gheall
Dia dhuit.



Sárú é sin an seanfhocal gur “maith le
Dia congnamh d'fhagháil.”



CAINNT.



1 — An rud is giorra do'n chroidhe sé is
giorra do'n bhéal.



2 — A scéal féin scéal gach aoinne.



3 — Cuimhnigh sara labhrair is féach sara
léimir.



4 — Beagán is a rádh go maith.



5 — Is binn béal 'na thost.



6 — Amhrán an bhéil dúnta.



7 — Is binn béal ar siubhal, ach ní dhearna
béal na chomhnaidhe aimhleas riamh.



8 — Ní dheineann béal 'na chomhnaidhe
aighneas.



9 — Deineann ceann ciallmhar béal
iadhta.



10 — Is ciúin iad na linnte lána.



11 — Soitheach follamh is mó torann.



12 — Is árd glór 's is beag gníomh é.



13 — Focal mór is gníomh beag.



14 — Ní fearr cainnt ná éisteacht.

Iomarca cainnte ag neach
Do bheir neamh chion ar a chéill;
'S is fíor go ndeineann feadán glór
Spadán dó'n chóir féin.



15 — Mórán cainnte ar bheagán cúise.



16 — Tá cainnt saor is airgead ar
thobac.



17 — Ní bhíonn aon chustam ar chainnt.



18 — Glór mór i gceann beag.



19 — Cé ná bíonn aon chnámh sa teangain
is minic a bhris sí ceann duine.



20 — Is mairg a labharfadh go teann.



21 — Múchadh feirge so-fhreagra.



22 — Is mairg ná cuireann srian le na
ghuth.



23 — Seachain an duine ná labhrann
mórán.



24 — Ná gearradh do theanga do scórnach.



.i. ná h-abair focal a thiocfadh i d'choinnibh uair
eile.



25 — Is minic a cheanglochadh do theanga
rud ná scaoilfeadh t'fhiacla.



26 — Ní fearr a rádh ná cuimhneamh air.



27 — Tá trí réidhteach agus trí chur amach
ar gach aon fhocal:



Go bhfóiridh Dia ar an bhfírinne!



28 — Bíonn dá innsint ar scéal [agus dhá
ghabháil déag ar amhrán].



29 — An té thabharfadh scéal chugat bhéar-
fadh sé dhá scéal uait.



30 — Is críonna an duine a ghníos rún
air fein.



31 — Innis domhsa innis do'n chloich é;
innis d'aoinne eile innis do'n
bhóthar é.



32 — Is mairg a leigeas an cogar ciúin,
Ná a leigeas a rún le mnaoi;
Mar an rud a théigheann ó bheirt go
triúr
Imthigheann rúd ar fuaid an tsaoighil.



33 — Leigheas gach bróin comhrádh.



34 — Is minic a bhíonn ciúin cionntach.



35 — A gcomhrádh féin a dheineann pléisiúr
do gach amadán agus óinsigh.



36 — Bíonn focal úghdair ag amadán.



37 — Ná feic gach ní chítear duit,
Beag an díoghbháil do ghní tost,
Éist le comhrádh daoine [n]glic,
Tuig, 's leig mórán thort.



38 — Is fada ó'n stuaim an stocaireacht.



Stuaim = ciall. Stocaireacht = cainnt bhaoth
mhaoidhimh.



39 — Maoidheamh na gcloch [bh]follamh.



.i. Maoidheamh follamh.



40 — Níor bhris focal maith fiacal riamh.



.i. Cé ná déanfadh sé maith ní dhéanfadh sé
díoghbháil ach chomh beag.



41 — Is fearra dhuit do dhrochfhocal féin
ná drochfhocal aoinne eile.



42 — Tá a theanga na phóca aige.



.i. Duine ná labhrann nuair ba cheart do.



43 — Duine nach eol do labhairt ní h-eol
do éisteacht.



.i. Labhrann sé agus deineann sé botún.



(Tuille le Teacht.)



Cló-bhuailfimíd-ne Leabhar Gaedhilge nó Leabhar Béarla dhuit. — Clóchualucht Dúndealgain, Dundalk


L. 3


RÍ NA gCEÁRDAIGHTHE.



Nuair do bhí Rí Solamh (an té is
ciallmhaire d'ar mhair, do réir na Scríbh-
inne Diadha) — nuair do bhí sé ag tógbháil
an teampaill mhóir i gCathair Ghiriúsalem
timchioll trí mhíle bliain ó shoin, do thug
sé cuireadh, lá, dos na ceárdaighthibh do
bhí ag obair ar an dteampall teacht
chun féasta do bhí ullamhuighthe aige dhóibh.



Nuair do bhí a sáith ithte agus ólta
acu tháinig an Rí isteach mar a raibh an
féasta acu le fonn aitheantas níos
feárr d'fhághail ortha. Do labhair sé le
duine acu agus adubhairt —



“Dí'n cheárd atá agatsa, a chara?”



“Siúinéir, a Rí,” d'fhreagair an fear.



“Cé rinne do chuid úirlisí?”



“An gabha,” d'fhreagair an ceárdaighe.



Do labhair sé leis an dara duine —



“Dí'n cheárd atá agatsa?”



“Saor-cloch, a Rí,” d'fhreagair an
fear.



“Cé rinne do chuid úirlisí?”



“An gabha,” d'fhreagair an saor-chloch.



Do chuir an Rí an cheist chéadna ar
an tríomhadh fear agus do fhreagair
seisean gur phluiméar é agus mar an
gcéadna gurbh' é an gabha do rinne a
chuid úirlisí.



Do chuir Solamh na ceisteanna céadna
ar mhórán díobh is ní raibh éinne acu
nár admhuigh go bhfuair sé cabhair ón
ngabha chun a chuid úirlisí dhéanamh.



Fé dheire do chonnaic sé fear mór
láidir aige bun an chláir agus d'fhiafraigh
Solamh de —



“Dí'n cheárd atá agatsa, a fhir mhaith?”



“Gabha,” d'fhreagair an fear mór.



“Agus cé do rinne do chuidh úirlisí?”



“Mé féin, a Rí,” d'fhreagair an gabha.



“Tabhair dhom do lámh, a Rí na gceárd-
aighthe,” adubhairt Solamh leis, “mar is
féidir leatsa do chuid úirlisí féin do
dhéanamh gan congnamh d'fhághail ó dhuine
ar bith agus tá sé d'fhiachaibh ar gach
ceárdaighe eile congnamh d'fhághail uaitse
chun obair do dhéanamh. Ar an adhbhar
san glaodhaim ‘Rí na gCeárdaighthe’ ort-
sa, agus beidh an ainm sin ar an ngabha
go deire an tsaoghail.”



(An té chuir é seo chughainndo dhearmhaid sé
nó sí aon ainm a chur leis an scríbhinn.)



FEIS TUAMHAN,
BEALTAINE 19Adh, 1917.



Ní déanfar aon ghnóthaí feise ar an
nDomhnach i mbliana i Luimnigh. Níl
cead traenach ag lucht na Feise.



Is olc san mar scéal, ach tá súil
againn go gcabhróghaidh gach Gaedheal
atá i gcomhgar Chathair Luimne le lucht
na Feise ar an Satharn. Muran féidir
leis dul ann, bu mhaith an chabhair síntiús
beag airgid a sheoladh chun an Chisteóra
atá sa 17adh. tigh ar Shráid Thomáis,
i Luimnigh.



AN AIBÍD.



Chuaidh bean bhocht isteach, lá, go siopa
mór éadaigh sa Daingean ag ceannach
stuif a dhéanfadh aibíd dá fear pósta
a cailleadh an oidhche roimhe sin.



Do thaispeáin fear an tsiopa cuid
mhaith sórt stuifeanna di, ach ní raibh sí
sásta leis an airgead a bhí ortha.
“Seadh,” ars an siopadóir ar deire,
“seo stuif breágh a dhéanfaidh aibíd
áluinn, agus níl air ach sgilling an tslat.
Ana-mhargadh ar fad!”



Thóg an bhaintreabhach an t-éadach agus
láimhseáil sí é.



D'fhéach sí suas ar fhear an tsiopa.
“Ó, mo chroidhe thu,” ar sise, “ní chuir-
finn an stuif sin ar Mhicí dá bhfaghainn
i n-aisge é. Bhead á dhá ghlúin amach
tríd i gcionn seachtmhaine.”



Mícheál Ua Conchúbhair,
Scoil Smerbhic.



A MHUINNTIR ABHANNASCÁIL.



Tomás Bácaeir do chúm.



A mhuinntir Abhannascáil is na háite seo
timcheall,
Is geal liom bhúr ngáire, bhúr gcáil is bhúr
n-inntinn.
Tá fhios aige n-ar tháinig, áilneacht bhúr
ndaoine
Siad súd clann na sáir-fhear is na máith-
reacha mín-tais.



Céad beannacht na naomh ngeal leis na
sean-daoine
Do choinnibh ár nGaedhilge is ár gcreid-
eamh go dílis
Imeasg lucht an éirlig bhí ghá réabadh ar
a ndithchioll
Ach gurbh' é toil an Éin-Mhic gurbh' éigean
dóibh stríocadh.



Tiocfaidh an lá is ní fada go dtí é,
Nuair a bheidh lucht an Bheurla 'n-a madraíbh
mine,
'S go mbeidh Oileán na h-Éireann 'gainn
féin is ag ár ndaoine,
'S go neartuighidh Rí na naomh leis gach
éinne atá dílis.



The Scottish Review. 14 Sráid an
Mhuilinn, Am Peairt, in Albain. 1/- gach
ráithe. Adeir “Ad Astra per Ardua”
i “Review” an Earraig, ná beidh puinn
toradh ar an gComhdháil Síothchána a tion-
ólfar um dheire cogaidh, go mór-mhór
más síothcháin de bhárr buadha a bhíonn
ann. Níl sa tsaghas san síothchána ach
síol mioscaise. Ní raibh buaidh riamh ann
nár Lorguigheadh sásamh sa bhuaidh i gcionn
aga is aimsire. Tuigean “Ad Astra”
an scéal thar bárr ach ní ró shoiléir a
chuirean sé i n-iúl san dúinn; tá sé
ró-thugtha do'n bhfoth-scéal agus don
scéal cliatháin. Labhran an Diuc Mháirr
ar an saoghal breágh atá roimis na
Ceiltig amach, nó gur chóir go mbeadh.
Ag freagairt Mr. John, M.P. agus
“Bealfeirsde” atá i dtaobh “Entrat
an Ceilteach.” Béarla ar fad “An
Review” san. S. T.



LEABHAIR A THAITHNFIDH
LE GAEDHLAIBH,



Idir Leabhair Gaedhilge & Leabhair Bhearla
le fághail uainn-ne.



Gach leabhar atá fé chló, tá cóib de le fághail
sa tsiopa so. Aon leabhar ná fuil againn
féin, cuardóchaimíd dógh agus andógh
'á lorg duit. Scríobh ar lorg
clár na leabhar.



Labhartar Gaedhilg go fonnmhar i



SIOPA NA LEABHAR
nGAEDHEALACH,
SRÁID ÍOCH. BHAGÓID, a 50,
BAILE-ÁTHA-CHLIATH.



Sranngscéala mar seo: “Larch, Áth Cliath.”
An Guthán: “4804 Áth Cliath.”



A Ghaedheala! Ceannuighidh



“ÉADACH na DRUIPSIGHE”
Agus beidh sibh ag cabhrú le muileann
atá go Gaedhealach amuich is amach.



Muileann Éadaig na Druipsighe (teo.)
Co. Chorcaighe.



TÁILLIÚREACHT agus gach rud
i bhfuirm éadaigh do fhearaibh!



Níl dá ndíol againn-ne ach earraí a deineadh
i n-Éirinn.



Ó GLASÁIN IS A CHUA.,
11 Sráid Uí Chonaill, BAILE ÁTHA CLIATH.



RÁSÚIR MHAITHE
don duine bocht nó don duine saibhir;
a luach ó 2/- go 10/6.



RÁSÚR “COSANTA”
ná gearran an croiceann — 1/- go 21/-;
gheobhair ceann aca san & trí lanna
“Gillette” ag gabháil leis, ar a 2/3,
tríd a' bpost.



CUIRFEAD FAOBHAR ar sheana-rásúr duit ar
7d. tríd a' bpost.



MAC CUILINN,
35-36 Sráid Chapel, i mBaile Átha Cliath.



Gaedhilg agus
Suairceas Saoghail:



I gCOLÁISTE CHAIRBRE



a bheidh, i rith mí
LUGHNASA, 1917.



Cuir tuairisc gacha ní ar



MHÍCHEÁL Ó CUILEANÁIN, O.S.,
Seanachúirt, SCIOBAIRÍN.



Gheobhair deaghmhargadh
uaim-se i gcomhnaidhe.



TÉ, ar fheabhas, ó 2/6 go dtí 4/- a' púnt. Díol-
fad-sa an postas ar cheithre púint de.



PLÚR Gaedhlach.



MIN Ghaedhlach ó Maghchromtha; min choirce is min
bhuidhe.



SIÚICRE, agus gach rud eile ar fheabhas.



SEÁN MAC CURTÁIN,
SRÁID A' tSEANDÚNA, CORCAIGH.



Peictiúirí Deasa Daithte, Saothar Láimh. Leabhair agus Bróidíneoracht. Faigh an Liosta. “Cuala Press” Dúndroma, Áth Cliath


L. 4


IOL-SCOIL NA MUMHAN
(RING IRISH COLLEGE).



Samhradh, 1917.



An Chéad Teurma:
Ó'n dara lá Iúil go 27mhadh.



An Dara Teurma:
Ó'n chéad lá Lughnasa go 29mhadh.



Áit mhór Gaedhilge is eadh an Rinn. Árus
breaghdha is eadh an Coláisde agus an tigh
comhnuighthe. Déintear an obair ann & í go
cuideachtamhail. Atá aer breaghdha farraige
ann agus na hOidí go toghtha.



PÁDRAIG Ó CADHLA,
An Fear le Scríobhadh.



CARABHATAÍ den PHOIPLÍN



AR GACH DATH is
AR GACH GNÉ DATHA.



LIAM Ó hAIMHEIRGÍN,
(‘W. Bergin’)



a dheinean do lucht siopaithe.



Scriobh ag triall air go



62 Sráid Ghrafton,
in Áth Cliath.



COLÁISDE NA MÚMHAN.



OSCALÓFAR AN COLÁISDE
i mBÉAL ÁTHA 'N GHAORTHAIGH,



Dia Luain an naomhadh lá de
mhí dheire 'n tSamhraidh, 1917.



Tá gach aon tuairisc i dtaobh an Choláisde le
fagháil ó Liam De Róiste, 28 Sráid Mharlboro,
i gCathair Chorcaighe.



COLÁISTE AN DAINGIN



Dhá Théarma —
Mí Iúil agus Mí Lughnasa, 1917.



Tá Coláiste an Daingin i lár
na dúthaighe is Gaedhlaighe
i gCúige Mumhan.



Má's Gaeluinn atá uait
tar 'n Daingean.



Gach eolas le fagháil ó



AN RÚNAIDHE,
Coláiste an Daingin,
Daingean Uí Cúise.



ó
CHOMPLUCHT DONOBHÁIN,
I dTRÁIGHLÍ,



a gheobhair an deaghmhargadh, má
bhíon aon rud mar iad so uait



TROSCÁN TIGHE,
ÁRAISTÍ BÚIRD,
ÁTHRAIGHE STÁIN is IARAINN.
GUAL, AOL,
BRÍCÍ, “SEIMÍN,”
agus gach cóir eile oirean DO LUCHT
TÓGÁLA TEACH.



AN LÓCHRANN.
Páipéar don Ghaedhealtacht.



Seán Tóibín, Baile an Teampaill,
i gCorcaigh
An Fear Gnótha.



An Seabhac, Daingean Uí Chúise An Fear Eagair.



Cóip gach mí, tríd an bpost, ar 2/- sa bhliain.
Dhá choip gach mí tríd an bpost ar 3/- sa bhliain.



Scríobh chun an Tóibínig i dtaobh fógraí, &c. Is
chuige is ceart síntiúisí agus airgead eile a chur.



Scríobh chun “An Seabhac” i dtaobh nithe a bhainean
leis an Eagarthóracht agus is chuige is ceart scribhinní,
&c., do chur.



Ó Cuill & a Chua.,
95 Sráid Phádraig, Corcaigh
Easún & a Chl.-Mhac, Áth Cliath
Na Díoltóirí.



Má's maith leat bronntanas a thabhairt d'aon
cheanntar sa Gaedhealtacht agus bheith ag cabhrú' leis
“An Lóchrann” san am gcéadna, cuir 16/- ag triall
orainn agus cuirfimid 12 chóip gach mí go ceann
bliana chun aon áite a déarfar linn.



Sinn-ne — Lucht An lóchrainn.



TAGAIRT DINN FÉIN



Is é saghas páipéir ar ar clóbhuail-
eadh “AN LÓCHRANN” go dtí so 'ná
an páipéar a bfhearr bhí le ceannach in
Éirinn. Níl a thuille den tsaghas san
le fághail anois, is baoghal linn, agus
má bhíonn atharach páipéir ann an mí
seo chugainn, tuigfir cad 'na thaobh, a
léightheoir.



Tá geall le 50% de bhreis costais
orainn anois i dtaobh cló, & má déan-
tar a thuille árdú mar sin orainn, ní
bheidh de leigheas air ach “AN LÓCHRANN”
bheith in a pháipéar Trí Leithphinge (1½d.)
as so amach, ach ní dhéanfaimíd é sin
go mbeidh an scéal go cruaidh orainn.



Fuaireas scríbhinní le mí uatha so:



Eibhlín Ní Chonchubhair, Sc. Cheanntrágha
Cáit Ní Chiabháin, Sc. Cheanntrágha
* Cáit Ní Ghearailt, Sc. Cheanntrágha
Eibhlín Ní Mhuircheartaigh, Sc. Cheanntrágha
* Sinéad Ní Lubhaing, Sc. Cheanntrágha
Brighid Ní Chiabháin, Sc. Cheanntrágha
Séamas Ó Caomháin, Sc. Dhúnchaoin
Seán McGearailt, Scoil Smerbhic
Éamonn Ó Muircheartaigh, Scoil Smerbhic
* Mícheál Báicéar, Scoil Smerbhic
* Mícheál Ó Muircheartaigh, Scoil Smerbhic
Seán Ó hUallacháin, Scoil Smerbhic
* Eibhlís Ní Shéaghdha, Sc.Chillmhicadomhnaigh
Eibhlín Ní Lubhaing, Sc.Chillmhicadomhnaigh
Etel M. Ní Shúilleabháin, Scoil na
Caislighe, Uíbh Ráthach
Síle Ní Chlúbháin
* — Ní Fhlaithbhearta ó Inis Meadhon
Árann



Sean scéalta fuaireas uatha san ar fad.



* Duaiseanna.



Ó CHÚNDAE SPÉIRGHLAN CHLÁIR.



Níl aon tseogh ach a bhfuil de ghearra-
nithe deasa ag sean-Ghaedhilgeóirí, dá
scríobhadh na Gaedhilgeóirí nua (sinn-ne)
iad. Bhí neart nithe beaga grinn ag
Seán Ó Coisdeala i Lios Dúin Bheárnaigh,
agus is é is oth liom nár chaitheas níos
mó dem' chuid aimsire in a theannta,
nuair d'fhéadfainn é. Níl leigheas ar
an gcathú san anois mar tá Seán Ó
Coisdeala imithe ar shlighe na Fírinne.
Go ndeine Dia trócaire ar a anam.
Is uaidh a chuala na giotaí beaga so
thíos. Canamhaint na gCláiríneach atá
ortha:



Beirt fhear on sliabh
Bata an Bháid. agus ní fhacadar bád
riamh, chuadar go Cathair
Luimne, lá, agus bu'dh é an chéad uair
dá bhfacadar bád. Bhí sé i lár na
h-abhann agus í in a stad. Bhí crann
beag innte is gan aon tseól air.
D'fhanadar 'fiug tamail ag féachaint
uirthe, is do labhair duine aca ansuin:



“Ní fheadar, a Mháirtín an tríd a'
mbád, d'fhás a' bata?”



“Ní headh, 'amadáin, ach nuair a dein-
each a' bád, sádhach a bata ann!”



Duine a bhíod ag teacht
An Ghaedhilge an tsligh seo (Lios
cheart. Dúin Bheárnaigh), agus
bu'dh é bhí ann 'ná an
t-ana-Ghaedhilgeóir. D'fhiafruigh sé de
chuid againn céardí a' Ghaedhilge a chuir-
fimíst ar a' mBéarla so:



Age is honourable,
Youth is valuable,
Pride is abominable.



Agus nuair nár chuireamar an Ghaedhilge
cheart air, bu'dh é a dubhairt sé féin
'ná:



Is uasal é cúrsa an fhir aosta,
Is tairbheach é cúrsa an fhir óig,
Ach, maidir le fear na h-áiféise —
Masla is tarcuisne gheóbhaidh.



Cúrsaí ceart
smachta.



Nuair a chuireadh na
scoileana Béarla ar
bun anso fadó, bhí bean
san áit seo, agus chuir
sí Seáinín ar scoil — bu'dh é sin an mac
ab óige bhí aici. Ceann cipín bu'dh
eadh Seáinín bocht, agus ní raibh sé ag
foghluim dada is bhuail an maighistir é.
Nuair a chuala an bhean an rud a bhain
dá peata, siúd léi chun an mhaighistir.
Níorbh 'fhéidir léithe aon tsásamh bhaint
as sin agus dhein sí caoint bhog leis
ansuin:— “'Rú, mhaighistir, a laogh, ná
buail Seáinín seo 'gam-sa ar chor ar
bith, ach buail an garsún is giorra dhó,
agus cuirfidh sé sin eagla ar Sheáinín!”



Bacach athá tú?



Deineadh cliúmhnas d'
Bacach athá tú? fhear anso tráth, agus
bogachán bu dh'eadh an
duine bocht agus níor chuir sé aon cheist
ar aonne i dtaobh an chailín bhí 'á fághail
do. Bhíodar pósta 'fiug roint laethe
nuair a chonnaic sé ag dul 'dtí an
dtobar í agus bu ghreanumhar leis an
cuma in a raibh sí ag siubhal. Chuaidh
sé in a coinne nuair a bhí sí ag filleadh
ón dtobar.



“Bacach athá tú?” ar seisean.



“Touch beag,” ar sise.



Truagh liom go deo ná rugas liom
níos mó des na gearra-scéaltaibh grinn
sin ó Sheán suairc Ó Coisdeala.



Bu dh'eadh (‘bu yah’) = ab eadh.



Seán Tóibín



Leabhair agus Peictiúirí chun Gaedhilge a mhúineadh. Faigh an Liosta ó Chlóchualucht Dúndealgain, Dundalk.


L. 5


BEATHADH DOCHTÚRA Ó ÍCEADHA.



Mac amhra oirdhearc rugadh do Uibh
Íceadha an tan ba shlán aon bhliadhain
seascad ocht gceud ar míle don
Tighearna. Mícheul ainm an mhic sin,
agus is ann rugadh, 'sa Charraig-bhig le,
h-ais abhann sleamhain-ghlan na Siúire.
Baile beag áluinn Gaedhlach b'eadh an
Charraig-bheag an uair sin, acht níor dheise
ná níor Ghaedhlaighe í ioná a chómh-ainm,
Carraig na Siúire, atá thar abhainn
anonn; iad araon lán do dhaoinibh agus
do ghnó agus teann fá rath.



I gCarraig na Siúire iseadh do rigne
an mac beag so a cheud fhoghluim, fá
riar na mBráthar gCríostamhail. Do bhí
suim agus spéis sa Ghaedhilg aige ó thúis
agus is dá foghluim do chaitheadh gach
uain dá mbíodh aige. Ba leor mar
theist ar fhoirbhtheacht agus ar ghlaineacht
a Ghaedhilge 'na dhiaidh sin a bheith fá an
oide éirmeamhail Seán Pléimeann, ó
Ráith gCormac. Is le sagartóireacht do
luadhadh ó thúis é agus do chuaidh sé go
Coláiste Naoimh Eóin i bPortláirge an
uair ba shlán seacht mbliadhna deug
dó, gur ghlac órd bheannuighthe na sagart
ann sé bliadhna na dhiaidh sin. An uair
ba shagart óg cuireadh go h-Albain é go
dtug naoi bliadhna ann i bhfarradh agus
i bhfeighil a threud. Ar gcaitheamh na
h-aimsire sin dó, do ghlaoidh Easbog
Phortláirge thar n-ais dá dheóiseas fhéin
air, agus do bhí ar feadh bliadhain go leith
'na Chongntóir Catoiliceach i bparróiste
na Cille. Do rigneadh scrúduightheoir
don deóiseas de sa Teagosc Críostuidhe
iarsin, agus do chuir sé feabhas ar an
obair sin ná raibh uirre roimhe sin. Is
le linn na h-aimsire ceudna do bhronn
an t-Easbog an céim onóireach D.D.
air tré an Róimh, mar dheimhniughad ar
a árd-réim i léighean agus i sagart-
óireacht.



'Sa mbliadhain 1896 toghadh é mar
oide re Gaedhilg i gColáiste Mhuighe
Nuadhat i ndiaidh an Athar Ó Grabhnaigh.
Ba bheag le rádh an Ghaedhealg an uair
sin i Muigh Nuadhat. Ní raibh suim ag
óg ná aosta, ag oide ná ag mac-léighinn
innte, nó má bhí b'fhuiris iad d'áireamh.
Acht níor chuir sin díth meanmain ná
uireasbadh misnig ar an Dochtúir Ó
Íceadha, mar do bhí sé lán do ghrádh a
thíre agus a theangan dúthchais, d'oibrigh
sé moch deigheanach ag iarraidh an sprid
cheart do chur isteach i gcroidhthibh na
mac léighinn agus ag cur i n-iúil dóibh
nár chóir is nár chuibhe dhóibh a dteangadh
dhil fhéin, an Ghaedhealg bhinn mhilis do
thréigean, mar gurbh í anam & beathadh
an náisiúin í. D'oibrigh sé istigh is amuigh.
Do bhí dlúth-bhaint aige le Connradh na
Gaedhilge sin am sin agus níorbh shuarach
í a chongnamh i ndeagh-obhair na Gaedhilge,
óir ba é a túr deabhtha agus a ceann
costadha agus a cuaille cosanta é, agus
is tairptheach treun do ghníodh troid in
aghaidh a namhad go dtugadh briseadh &
madhm agus ruathar orra amhlaidh sin.



Níorbh obair amugha a obair agus do-
chonnaic sé féin toradh a shaothair. Do
chonnaic sé na micléighinn ag cur suim
agus spéis i saothar a sean & a sinsir
agus ag tabhairt taithneamh do theangadh
agus nósaibh sean - Ghaedheal. Cuireadh
Cuallacht Coluim Cille ar bun & cuireadh
tosach ar an deagh-obair, athá ó choin ag
meudughadh agus ag feabhsughadh .i. aith-
scríobhadh & léiriughadh sean-litridheachta
na nGaedheal. A bhuidhe le Dia, ní fada
uainn an lá sin a mbeidh scoileanna
againn in Éirinn iath-ghlais arís, mar do
bhí anallód fá Naomh Fhinnéin i gCluain
Árd & fá Naomh Bhreandán i gCluain-
Fheart.



Nuair do bhidheadh ag cur na h-Iolscoile
Náisiúnta ar bun d'éirigh an-phléidhe i
dtaobh na Gaedhilge innte. Do theastuigh
ó dhreamh áirighthe gan í do bheith 'na
h-adhbhar-léighinn ríochtanach i scrúdughadh
tosnuighthe na h-Iolscoile, acht do chuir
Connradh na Gaedhilge agus gach cara
d'Éirinn in a gcoinne, ní nach iongnadh.
Do rigne an Dochtúir Ó Íceadha ceannta
fir don obair. Do throid sé go fear-
mhail fíochmhar, amhail is da mbadh air do
bhí a mharthan. Do chuir sé in Iúil do
chách le caint agus le scríobhadh cadé
an díoghbháil do thiocfadh d'Éirinn de &
cadé an aithis agus masladh do bhidheadh
ag tabhairt di. Rug sé an buaidh mar ba
dhual dó, acht níorbh bhuaidh gan duadh é ná
buaidh in aiste. 'Sa troid dó, d'éirig idir
é féin & na h-easbuig & do chaith sé Coláiste
Muighe Nuadhat d'fhágaint. Ba mhór an
briseadh croidhe dho sin, acht do ghlac sé
go maith leis. Do chuaidh sé go dtí an
Róimh chumh a chúis do phléidhe ann. Seacht
mbliadhna do bhí ar longais ó Éirinn &
níorbh iongnadh liom dá ndeuradh, tré
mhéid a dhíograise agus a mhór ghrádha dí,
mar adubhairt Colum Cille in Oileán Í
in Iarthar Alban:



“Beir mo bheannacht leat siar;
Is briste mo chroidhe im chliabh.
Dá dteagmhadh éag-dála dam,
Is ar mhéid grádha Gaedheal.”



Do chas sé arís ar Éirinn i ndiaidh na
h-aimsire sin, i mí an Iúil anuraidh &
do bhí ameasc a mhuintire féin i gCar-
raig-ghil na Siúire go ndeachaidh d'éagaibh
ann an 19adh lá do mí na Samhna. Radharc
na bhflaitheas go bhfuighbhe a anam.



Conidh é so gearr-thuarascbháil beathaidh
an fhir eagnaig airmhidnigh, agus an suadh
so-eoluigh agus an churaidh chosanta na
Gaedhilge conicce so. Amen. Finit.
Amen.



Brighid Ní Lonáin,
Coláiste na Rinne.



CONGNAMH NA gCARAD.



Ceannuigh do chuid earraí ó sna daoinibh a
bhfuil fógra aca sa “LÓCHRANN,” & cuir i
n-iúl dóibh gur sa “LÓCHRANN” a chonaicís
an fógra. Cabhróghaidh san go mór linn.



Gheobhaidh do mhac togha
na scoluidheachta —



I gCOLÁISTE CHOLMÁIN CHLUANA
MAINISTEAR FHEAR MUIGHE,
CO. CHORCAIGHE.



Gheobhair gach eolas ó'n Uachtarán,
An tAthair Tomás Tóibín.



SEÁN Ó CONAILL,
Sráid an Rí, i gCORCAIG



Scriobh chuige.



A BHEAN A' TIGHE! Cad é an saghas plúir
a bhíon agat?



Is é an PLÚR “EAGLE,” an plúr
is tuíslinnighe i gcóir an tighe; agus
an PLÚR “LION” is
fearr do lucht - aráin - a - dhíol.



Mhuíntir Mhic 'Ille Sheathanaich a dheinean
i gCocaig.



GEO. SHAW & SONS,
Muileann Sain Seán, i gCORCAIGH.



A Ghaedheala! Ceannuighidh bhúr gcuid



TÉ, MÍSLEÁN is SIÚICRE,
MINCHOIRCE, RÍS is UBHLA,



ó
MHÍCHEÁL Ó RÍOGHARDÁIN & a
Chua.,
2 An Mheadhon-tsráid Theas,
(2 South Main Street)



CORCAIGH.



Má tá



TRUCAIL, CÁRR nó CÓISTE
uait,
Nó deisiú le déanamh
ar rothaí, &c., &c.,



Scríobh nó glaodhaig chugainn-ne:



C. Ó CONAILL agus a Chualucht,
SRÁID LIADROM,
CORCAIGH.



SÍOL, LEASÚ, is úrlaisí don bhfeirm.
TROSCÁN TIGHE.



Seán Ó Curráin,
sa DAINGEAN.
an fear a thabharfaidh go maith dhuit iad.



Ticéidí in a “gCeirthlíní” do lucht comórtha spóirt & Cnaipí Daithte — mar chomharthaí sóirt ó Chlóchualucht Dúndealgain, Dundalk


L. 6


Do LUCHT COMÓRTHA SPÓIRT!



Tá le fághail uainn-ne:



BUÍNN ÓIR is BUÍNN AIRGID,



den déanamh Ceilteach &
marc earra Ghaedhlaigh ar
gach bonn. Sinn-ne a
dheinan anso i gCorcaigh.
Scríobh chugainn ar lorg
an deilbh-leabhair agus
an liosta airgid.



LIAM MAC AODHGÁIN & A CHL.-MHAC
Teo.,
32 SRÁID PHÁDRAIG N.,
CORCAIGH.



Sinn-ne a dhein
SNAOIS CHORCAIGHE
ar dtúis agus atá 'á déanamh
i gcómhnaidhe.



TOBAC CÚMHRA
an dá shórt so —



“Exhibition Roll” agus
“Shandon Plug.”



Má theastuighean uait aon tobac nó
saigréidí do chur chun aonne atá sa
chogadh, déanfaimíd-ne dhuit é, saor ó
cháin, ach leath phúnt, ar a luighead,
bheit sa 'bheairtín idir thobac is saigréidí.



LAMBKIN BROS.,
9 Sráid Phádraig N.,
CORCAIGH.



BIADH DON DUINE is
BIADH DON BHEITHIDHEACH.



Tá raidhse de gach saghas
bídh le fághail uainn-ne.



Cuir cárta chúgainn ar lorg gacha eolais —



SÉAMUS Ó NÉILL
IS A CHLANN MHAC (teo.),



Cionn tSáile, Co. Chorcaighe.



IN AMERICE,



Tá gach saghas earraí Gaedhealacha
ar díol sa tsiopa so, agus is le
Connradh na Gaedhilge é:



‘Irish Industries Depot,’



624 Madison Avenue,
in NUA-EABHRACH (NEW YORK).



DO BHEATHA 'S DO SHLÁINTE
ANSO.



II. — FUITHIN.



Ní fhéadfaimís maireachtain gan fuithin
ón spéir agus ón aimsir: tig & éadach
a thugann an fuithin sin dúinn. Chomh
luath & bhíonn an buachaill i n-a fhear
bíonn sé ag tnúth le tig do féin; agus
nuair a gheibheann sé é tugann sé aire
mhaith dho agus caitheann sé é féin chun
é choimeád suas & slacht is compórd
do chur air. Ní bhíonn duine socair sa
tsaoghal go mbíonn tig agus baile aige.
Bíonn grádh ag gach deaghdhuine ar thair-
sing a thighe. Nuair a bhíonn sé leathis-
tig de'n tairsing sin ní h-é an fear
céadna é bhí amuig. Is féidir na rudaí
a thaithneann leis do chruinniughadh isteach
san tig sin — leabhair & pictiúirí agus
baill throsgáin. Má 's duine deaslámhach
é déanfaidh sé cuid mhaith de'n trosgán
é féin, & is móide a mheas air gur le
n-a dhá láimh féin a dhein sé é. Bíonn
fear n-a thig féin saor ó n-a lán de
cathuighthibh & de bhuadhairt an tsaoghail.
Is buan fear n-a dhúthaig féin, agus is
buaine ná san é n-a thig féin.



Ní féidir tig a dhéanamh ná a choimeád
suas gan obair. Is iad na fir do
dheineann na tighthe ach is iad na mná
a chuireann slacht ortha. Ní féidir iad
do dhéanamh ná slacht a chur ortha gan
obair. Is chun oibre a tháinig daoine
ar an saoghal so agus an té atá ró
leisgeamhail chun oibre ní fiú é tig ná
áit a bheith aige; agus an cailín atá ró
leisgeamhail chun foghluim cionnus tig do
dhéanamh slachtmhar & do choimeád suas
ní fiú í céile ná baile bheith aici ar
ball. Níor mhór tig a bheith mar nead
cluthmhair, compórdamhail, luchtmhar istig
is amuigh.



An t-athair is an mháthair a bhfuil géar-
cúis ionnta bíonn siad ag faire amach
dá gcloinn ó thosach a saoghail chun tig
& baile do sholáthar dóibh & oileamhaint
a chur ortha i dtreo go bhféadfaidhís
díon an tighe do choimeád os a gcionn
ar feadh a saoghail. Coigleann siad do
san ó thosach & ní chuirid ann rud amugha
— ní bhíd ag caitheamh ná ag sgaipeadh
ach mar is gádh.



An tír a mbíonn an iomarca spóirt
is caitheamh aimsire innti & an iomarca
reatha annso & anusúd fé sna daoinibh
ní bhíonn an cion aca ar a dtig féin
is dual do, & tá an rud san ag fás
ins an saoghal fé láthair & ag déanamh
díoghbhála do'n saoghal.



Na daoine ná coimeádann slacht ar
an tig ní fhanann a leanbhaí sa bhaile
aca ach a luighead agus is féidir leo é.
Nuair ná bíonn teas agus solus ins an
tig agus cóir éigin ann chun caitheamh
aimsire is fearr leo bheith amuigh. Is
mó rud a chíonn siad amuigh ná téidh-
eann chun maitheasa dhóibh & n-a theannta
san ní fhásann an cion ionnta ba cheart
dóibh bheith aca ar a mbaile féin & ar
ball ní bhíonn fonn ortha tig a dhéanamh
dóibh féin, & is minic imthighid le fán
an tsaoghail.



Ní rud beag simplí tig do chur suas
agus ins an saoghal atá anois ann ní
fuiris é choimeád suas ach ós rud é
atá riachtanach caithfear tabhairt fé, &
cuirfimíd síos ar ball ar cad is tig
oireamhnach ann.



(Tuille). Peig.



FIDILÉIR AN AONPHUIRT.



Nuair a bhí mo mháthair óg deir sí
go mbíodh fidiléar ag teacht chun an
bhaile seo gach geimhreadh. Fear caol
árd dubh a í ann, éadan fada air,
srón beag caol, mallaí móra dubha air;
cluasa móra fada, agus suile beaga
gorma air freisin. Do chaitheadh sé i
gcomhnuidhe culaith dubh mar culaith shag-
airt. Bhíodh an bríste an-fhada do agus
bhíodh sé fillte suas agus é in a chreap
mór ag béal a bhróg. Bhí sé bacach
agus bhíodh sé ag dhul thart ó bháile go
baile ar mhaide croisín agus maide
siubhail, an fidil faoi na ascaill aige
ag déanú slighe beatha dho féin.



Ba dhuine an-amaideach é ach ba spórt-
amhail an fear é na dhiaidh sin. Nuair
a thagadh an oidhche agus nuair a bhíodh
na daoine uiligh cruinn chaithfeadh siad
cathaoir a chur suas ar bhórd agus rachadh
seisean suas ar an gcathaoir. Ansinn
bhíodh sé os cionn gach duine mar rí in
a chathaoir ríoghacht agus é ag buala
ceoil, dá mb' fhíor do féin. Ní raibh
aon cheol ar bith aige ach aon phort amháin
agus an t-ainm a bhí air “An Táilliúir
Aerach,” agus is ar éigin d'aithneochthá
an port sin ceanna céadna. D'iarradh
cailín air “An bóthar ó thuaidh go Tráighlí”
a shinneamhaint agus sé ding dong a
thagadh as an fidil. D'iarradh fear air
“Na Trí Drumadóirí” a bhualú agus
phléasgadh gach duine ag gáiridhe nuair
aithneochadh sé “An Táilliúir Aerach” dá
sheinneamhaint aige. D'iarradh fear eile
air “Rocky Road to Dnblin” a shein-
neamhaint agus céard a bheadh aige airís
ach “An Táilliúir Aerach.” Is mór an
usáid a bhain sé as an táilliúir aerach.
Rachadh na daoine ag damhsa agus eisean
ag bualadh agus ag smalcadh an bhóird
le na dhá chois ag bualú ama do féin.
Ní shásochadh an méad sin gleoigh é mar
choinneochadh sé crónán ar siubhal chomh
maith. Níorbh' fhéidir rinnce dá chuid
ceoil mar ní raibh tús na deireadh léithe
ach leigeadh an t-aos óg orrtha gur ag
damhsa a bhí siad mar bhí truagh mhór acú
dó. Deireadh sé leis na daoine gach
oidhche go raibh naoí gcéad port aige
agus nach raibh an méad sin ag fidiléar
ar bith eile agus ar an adhbhar sin ar
seisean, “Is mé an fidiléir is fearr sa
domhan.” Déarfadh na daoine go mb'
fhíor dó mar nár casú leo aon fhidiléar
mar é airiamh. Bhíodh na cailíní gá mholadh
i gcomhnuidhe agus shíleadh sé go raibh
siad ag tuitim i ngrádh leis agus bhíodh
an-bhród air. Bhíodh na mná i gcomhnuidhe



Biadh do Ghaedhlaibh — Ceannuig do chuid aráin, cístí, &c., ó Mhuíntir Dhálaigh, Sráid a' tSáirséalaigh, I Luimnigh.


L. 7


ag déanú cleamhnais do agus a rádh go
mbeadh an t-ádh dearg ar an gcailín a
gheobhadh é mar fhear. Chreideadh sé gach
rud a d'innseochaidhe dó dá mba é an
bhréag ba mho a chuala duine airiamh.



Cé nach raibh aon mhaith ann mar cheol-
tóir bhí sé in a Ghaedhilgeoir cliste agus
bhí amhráin bhreaghdha agus sgéalta áilne
aige chomh maith. Caitheadh sé an chuid
ba mhó do'n oidhche ag gabháil amhrán
Gaedhilge. Bhí guth an-bhinn aige cé nach
raibh sé an-láidir agus b'fhiú éisteach leis
ag gabháil na sean-amhrán. Is iomdha
amhrán a fuair an t-aos óg uaidh.



“An Dreóilín,”
Acaill Bheag.



An Craoibhín Aoibhinn do rinne an t-amhrán so ar
sguabadh na bprátaí thar lear.



AN PRÉACHÁN MÓR.



I.



Ca bhfuil na prátaidhe do bhí go h-áluinn
Ag Tadhg a's ag Pádraig an tráth so indé?
Na prátaidhe blasta 's na gais bhreagh' ghlasa
Ar iomairibh snasta bhí 'fás go réidh?
Cad é an sgéal-so ar fud na h-Éireann
Go bhfuilmíd tréigthe gan ceart ná cóir,
Agus toradh na hÉireann gach lá dá réabadh
Ag an éan dubh bréan sin — an Préachán
Mór.



II.



Och! d'imthigh a's d'éaluigh prátaidhe glégeal'
Do bhí go séanmhar ar bhárr na cré,
Thug lón a's biadh do'n t-seanóir liath,
Thug lón a's biadh do'n pháistín féin.
Acht tá siad sgaptha, ithte a's sgartha,
Pioctha a's lobhtha a's olc go leór,
Ag an éan dubh bradach tá teacht as Sachsain,
'S gur b'é a ainm an Préachán Mór.



III.



Na crainn gabáiste bhí insan ngáirdín
Ar chúl na páirce, le h-ais an tighe,
Nach raibh siad millte, briste, sgriosta,
Goidthe, ithte ar feadh na h-oidhch'.
Is mór damáiste mo chuid gabáiste
Acht sé caill na bprátaidh d'fhág mise i
mbrón,
Goidthe ag gaduidhe tá teacht as Sacsain
'S gur b'é a ainm siúd an Préachán Mór.



IV.



Do bhí mé sínte amuigh san oidhche
Ag faire siar uaim, a's mé mo luidhe,
Nuair chualas torann ag teacht go h-obann
A's fuaim a's fothram os cionn an tighe.
Do chaill gach réalt a sholus glégeal,
Do chaill an ghealach ar fad a glóir'
D'fhéach mé suas — a Mhuire, is truagh!
Cad é bhí shuas acht an Préachán Mór!



CAILÍN DEAS ÓN DTUAITH.



Tá cailín na comhnaidhe i n-aice
Luimnighe. Cailín ana-dheas iseadh í —
ar nós na gcailíní go léir san áit sin.
Bhí sí sa Chathair lá le déanaighe agus
chuaidh sí isteach i siopa chun laimhní do
cheannac. Siopa ana-mhór dob eadh é
agus bhí mór-chuid fear óg agus cailíní
ann ag díol na rudaí go léir.



Do dhruid an cailín deas go dtí an
cúntar mar a raibh na laimhní le fagháil.
Buachaill báire dob' eadh an buachaill a
bhí ann, agus nuair a chonnaic sé an
cailín ón dtuaith ag teacht cheap sé go
ndéanfadh sé magadh fúithe. D'innis sí
dho cad a bhí ag teastáil uaithe agus
do theasbáin sé dhi a raibh de laimhní
aige. Bhí laimhní donna, agus laimhní
bána, agus laimhní glasa, agus laimhní de
gach aon dath dá bhfeacaís riamh aige.
Bhí an cailín tamall maith ag toghadh ach
fé dheire fuair sí peidhre d'oir di.



“An mór atá ortha let' thoil?” arsan
cailín deas.



(Fear magaidh dob eadh an cléireach
mar adubhart cheana).



“Níl ach póg, a laogh,” ar seisean go
milis.



“Go h-ana-mhaith ar fad!” arsan cailín
ón dtuaith. “Béarfad trí pheidhre liom
aca agus cuirfead mo shean-mháthair
chughat tráthnóna agus díolfaidh sí asta!”



Bhí na laimhní aici agus d'imthigh sí
agus an buachaill báire ag féachaint na
diaidh agus a bhéal ar leathadh. Níor
airigheamar fós cad a thuit amach tráth-
nóna nó cionnus do scar sé leis an
sean-mháthair, ach ní dóigh liom go mbíonn
sé ag magadh a thuille fé chailíní tuaithe.



Seán Ó Clúmháin, O.S.,
Móin a' Lín, Luimneach.



SCÉAL AR SCEILG MHICHÍL.



Dall a bhí in Íbh Ráthach fad ó is bhítí
gá taidhbhreamh do dá dtabharfadh sé
turus ar bior Sgeilge mar a bhfuil
seipéal Mhichíl go bhfaghadh sé a radharc.
Bhíodh sé i gcomhnuidhe a rádh go dtabhar-
fadh sé an turus dá bhfaghadh sé aon bhád
a bhéarfadh isteach é.



Dubhairt iasgairí ó'n gCalaith leis, lá,
go rabhadar ag dul fé dhéin na Sceilge
chun iasgaig is go mbéarfaidís isteach
é. Nuair a chuadar go dtí an Sceilg
chuireadar an dall ar chloich i mbéal an
chuain. Chonnacadar an t-iasg is chuadar
ag iasgach. Ba ghearr gur eirig an
fharaige ortha is b'éigin dóibh comáint
leo a bhaile.



Níor fhéadadar dul fé dhéin an daíll
go ceann seachtaine arís is ní raibh aon
choinne acu ná go raibh sé marbh nó
báidhte. Chuardaigheadar go h-árd agus
go h-ísiol do is nuair a bhí gach aon
áit cuardaighthe acu chuadar isteach sa
tséipéal is cé bhí ann rómpa ná an dall
is é a rádh a úrnuighthe. Dúbhradar leis
bualadh amach go mbéarfaidís a bhaile é.



“Fan go fóil go gcríochnóghad mo
Choróin,” ar seisean; “tá deichneabhar
dem Choróin gan rádh agam.”



Nuair a bhí an Choróin críochnuighthe
aige d'fhéach sé mór-thimchioll an tséipéil
is bhí a radharc aige.



D'fhiafraig na fir de an fada bhí sé
astigh sa tséipéal. Dubhairt sé leo
nárbh fhéidir go raibh sé uair a chluig
ann mar ná raibh thar an méid sin
aimsire ó d'fhágadar féin é. B'iongnadh
le gach éinne a chuala an sgéal conus
a bhain sé amach an séipéal agus conus
ar mhair sé sé lá na seachtaine gan biadh
gan deoch ach b'in é mar do fuair sé a
radharc.



Tomás Ua Fianachta, Spúncán.



Scáth ó'n nGréin,
nó fós ó'n bhfearthainn.



Foscáin Gréine, Foscáin Fearthanna,
Bréagáin Leanbh, is Madaí Dorn.



H. JOHNSTON,
TIGH “AN BHATA DROIGHIN ÉILLE”
Teo.,
Sráid Phádraig N., i gCORCAIGH.



GUAILNEÁIN
SEANDÚNA.



Bhí cúigear ar chárr ag gluaiseacht
Tráth bhriseadar na humaí,
Is nuair thuigeadar a bhfionntar



Ba chráidhte dúr a gcló.
“Ach, tá peidhre 'n Shandon Braces'
Ars an t-iománaidhe leó go scléipeach
“Agam, is táid chómh tréan san



Go ndéanfaid dúinn an gnó!”



Le fághail in a mór-chodaibh ó'n té
dheinean —



TOMÁS Ó GORMÁIN
Port an Phápa, CORCAIGH.



CHÓMH-BLASTA LE h-AON-ÍM!



MARGAIRÍN
“LEANDAR”



Tá 'a dhéanamh i gCORCAIGH
ag
Ó DUBHDAILL, Ó MATHÚNA
Agus a gCualucht.



Bí 'á lorg ar lucht siopa, led' thoil.



Tá le fághail uainn-ne —



TÉ BLASTA CÚMHRA.



Ceannuigh púnt de mar shompla.



SIMCOX is a chlann mhac (Teo.)
10 Sráid Phádraig N.,
CORCAIGH.



Is ann is fearr a gheobhair rudaí a dheinid
Gaedhil: sa tSIOPA BAGÚIN
atá ag



TOMÁS Ó MURCHADHA,
(‘T. J. Murphy’)
111 Sráid Sheóirse, CORCAIGH,
ar aghaidh Árdoifige an Phuist anonn.



le MÁIRE NÍ RAGHALLAIGH



An siopa in a bhfuil Páipéir, Leabhair
is Tobac ann don Ghaedhilgeoir:



UACHTAR SRÁIDE NA DRISEOIGE a 87
i mBAILE ÁTHA CLIATH.



Togha gacha bídh i gcóir na mbeithidheach, le fághail ó Mhuíntir Dhálaigh, Sráid an tSáirséalaigh, i Luimnigh.


L. 8


GACH CÓIR SCOILE!



tá againn-ne



LEABHAIR don LEABHARLAINN
agus
LEABHAIR mar DHUAISEANNA.



Scríobh chugainn ar lorg eolais:



MUÍNTIR FHALLAMHAIN,
(Fallon Bros. Ltd.)



Cúirt Dáma a 13 & a 14,
in ÁTH CLIATH.



Smithfield a 88, i mBealfeirste.
Sráid Uí Chonaill a 72, i bPortláirge.





SCÉALUIDHEACHT - GAN -
SRAÍNNG



d'á múineadh
ag togha na
múinteóirí



I SCOIL UÍ SHÚILEABHÁIN
SA ‘MHARDÍOG,’
I gCORCAIGH.



Is í an scoil is mó cáil agus
is fearr cóir i n-Éirinn.



Múintear
SRANNG - SCÉALUIDHEACHT



ann do chailiní, i gcóir Oifige
an Phuist, sa ló nó istoidhche.



Scríobh chun an Árd-Oide.



A CHARA!
Má's mian leat greann, má's mian leat Gaedhilg,
Má's mian leat spóirt agus pléisiúr mór,
Má's mian leat sláinte, má's mian leat féile,
Má's mian leat céilidh, rinnce 'gus ceól



Tabhair cuaird i mbliana ar



COLÁISTE
EOGHAN UÍ CHOMHRAIDHE
Carraig a' Chabhaltaigh,
i gCondae an Chláir.



An Chéad Shéasún —
Ó Iúl go Lughnasa 4adh.



An Tarna Séasún —
Ó Lughnasa 6adh go M. Fómhair iad.



Gheobhair gach eolas ó'n Rúnaire —
Brian Ó hUigín, Coláiste Uí Chomhraidhe,
Carraig a' Chabhaltaigh.



An Mhin Choirce is fearr blas agus is
mó substaint — MIN MHAGHCHROMTHA



Mícheál Ó Caoimh, a dheinean,
I MAGHCHROMTHA.



Scríobh chuige.



SÍ MO BHEAN AN RÓGAIRE.



Gléas C.



Curfá:



Bhéarsa:



Sí m o bhean a' rógaire,
Sí mo bhean a' cladhaire,
Sí mo bhean a' rógaire,
Is cuirfidh sí le faill me.



Chuireas sgéal amach chúici
Go gceannóghainn macha bó dhi,
Do leig sí sgéal isteach chugam
Gurbh' olc a' sás a seolth' í.



Sí mo bhean a' radaire,
Sí mo bhean a' cladhaire,
D'éaluigh sí le Carabhat
Is n'fheadar-sa cá bhfaghad í.



Chuireas sgéal amach chúichi
Go gceannóghain n túirnín lín di,
Leig sí sgéal isteach chugham
Gurbh' olc a' sás a shnímh í.



Tá mo bhean a' radaireacht.
Tá mo bhean a' rásaidheacht,
Tá mo bhean a' radaireacht,
Is d'éaluig sí le sclábhuidhe.



Do chuireas sgéal amach chúichi
Go gceannóghainn jaunting car di,
Do leig sí sgéal isteach chugham
Go ndéanfadh maide chláir í.



Tá mo bhean a' radaireacht,
A' radaireacht 's a' sráidigheacht,
D'imthig sí le píobaire
Chun gaoithe chur na mhálaí



Do chuireas sgéal amach chúichi
Go gceannóghainn leabaidh chlúimh di,
Do leig sí sgéal isteach chugham
Go ndéanfadh sop sa chúinn' í.



Sí mo bhean a' rógaire,
Sí mo bhean a' cladhaire,
Sí mo bhean a' rógaire,
Is cuirfidh sí le faill me.



Do chuireas sgéal amach chúichí
Go gceannóghainn button boots di,
Do leig sí sgéal isteach chugham
Go ndéanfadh slipper shoes í.



Sí mo bhean a' rógaire, &rl.



Do chuireas sgéal amach chúichi
Go gceannóghainn ribín buidhe dhi,
Do leig sí sgéal isteach chugham
Go ndéanfadh súgán tuighe í.



Sí mo bhean, & rl.



Do chuireas sgéal amach chúichi
Go gceannóghainn cana cláir di,
Do leig sí sgéal isteach chugham
Go ndéanfadh ceaintín stáin í.



Chuaidh m o bhean a' radaireacht,
Chuaidh mo bhean ag ól uaim,
Do chuaidh sí thar faraige,
Is nár fhillidh sí go deo chugham!



Finghin na Leamhna do sholáthruigh.



Ceol curtha i ngléas ag Úna Ní Mhainnín.



Ghaedheala! Ceannuighidh rothar Gaedhealach .i.



“AN LÚCÁNIA”
(de dhéantús na hÉireann



ó



DOMHNALL Ó BUACHALLA, MAGH NUADHAT.



Is maith an chóir iad so chun Gaedhilge
do mhúineadh:



“Scéalta don Aos Óg,” 2d.
“Ceachta Scoile,” a I., II., III. 2½d., 3½d., 4½d.
“Cairteanna chun Cómhrádh do Mhúineadh” —
iad go daithte is go hoireamhnach ar gach
chuma. I., II., III., IV. 4/-, 4/6, 4/6, 4/6



Gaedhil a bhfuil Trácht ortha:



Peictiúirí dhíobh so — Meadhbh, An Sáirséalach,
Naomh Pádraig, Brian Bóraimhe, Naomh
Colmcille, Uolf Tone, Naomh Bréandán,
An Búrcach, Riobárd Emmet & Dómhnal
Ó Conaill. 10 gcinn ar fad — iad fé
gharmaí dara agus ciumhais órdha le gach
garm — £3 an beart.



Leabhair iad so a thaithnfidh leat — “Every
Irishman's Library.” 2/6 a' leabhar —



“Saints and Sinners (Dr. Hyde),
“Humours of Irish Life (C.L. Graves, M.A),
“Irish Orators and Oratory” (Prof. Kettle),
“Irish Poetry” (A. P. Graves, M.A.),
“Selections from Thomas Davis”
(T. W. Rolleston, M.A.).



“Songs of Myself and Lyrics”
(Thomas Mac Donagh), 4/6.
Poetical Works of Joseph M. Plunkett, 3/6.



Cuir cárta ag triall orainn
ar lorg leabhráin eolais:



“The Educational Co. of Ireland,”
89 Sráid Talbóid, Áth Cliath.



EARRAÍ GAEDHEALACHA DO GHAEDHLAIBH!



Léinte. Lámhainní. Carabhata.
Stocaí “Guailneáin.” Bróga.
Caipíní agus Hataí,



ó
TH. Ó LOCHLAINN,
19 Sráid na Páirliméide, Baile Átha Cliath.



BÍODH PÍOPA MAITH
GAEDHLACH AGAT.




PÍOPAÍ MHIC PHEADAIR
le ceannach i ngach siopa tobac.



Cuir a dtuairisc ar
lucht a ndéanta —



CAPP & MAC PEADAIR Teo.
FAICHE SHAIN STIABHNA,
ÁTH CLIATH.



Má léighir Béarla,
LÉIGH LEABHAIR MHAITHE.



“Poets and Poetry of Munster,” by James Clar-
ence Mangan; 3/- agus postas 4d.
Ta Béarla is Gaedhilg ann.



“Knocknagow,” by C J Kickham; 4/- agus
postas 5d.



“In Dark and Evil Days,” by F.Sheehy-Skeffing-
ton; 3/6 agus postas 5d.



“The Red Spy,” by D. M. Lenihan; scéal ar
cogadh Gaedhal ar son tailimh is treabhachais
é sin; 3/6 agus postas 5d.



“Convict No. 25,” by James Murphy; scéal ar
ruagairt Ghaedhal ó thalamh na Midhe; 3/6 &
postas 5d.



Scríobh ar lorg liosta agus tuille eolais.



SÉAMUS Ó DUBHTHAIGH & A CHUA.,
Sráid Westmoreland a' 38, ÁTH cliath.



Clóchualacht Seandúna, Corcaigh, do chlóbhuail.



Ceachta Cainnte Gramadaighe. Seán Ó Catháin do scríobh. An Ghramadach Ghaedhilge is fearr. 2/6. Muinntear Ghuill, Áth Cliath




















19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services