Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Samhain agus Mí Nodlac 1910

Title
Samhain agus Mí Nodlac 1910
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1910
Publisher
Muintir Raighill is Cuirc

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


AN LÓCHRANN.



PÁIPEUR LE GAEDHILG IN AGHAIDH AN MHÍOSA É SO.



LEABHAR III. UIMHIR X.
SAMHAIN AGUS MÍ NODLAG, 1910.
PINGINN.



SEAGHAN AMADÁN.



“Come bottle and do your duty.”



Bhí bean ann fadó, & bhí amadán do
mhac aici, & is é an ainm a bhí ná
Seághan. Lá bhí sé ag obair sa ghort
& chonnaic sé gach aoinne a' gabháil
soir agus gan aoinne a gabháil siar.
Siud a bhaile go dtí a mháthair é & an
sgeul nuadh ar a theangain aige. “Ó
a mháthair” ar seisean, “Cad na
thaobh go bh' fuil gach aoinne a gabháil
soir & gan aoinne a ghabháil siar.”
“Mar sin” ar san mháthair, “tá
aonach shoir agus gan aon aonach shiar”
“Bog is briathar orm” arsa Seaghán
“go m-beurfaidh mé bó liom.” “Bog
is briathar ormsa” ars an mháthair
“ná beurfair.” Bhíodar ag bruighean
agus ag achrainn agus fé dheire bhuaidh
Seághan agus d' árduigh sé leis an bhó.
Nuair a chuaidh sé ar an aonach, bhuail
fear leis agus d' fhiafruigh sé do
Sheághan cad a bhí uaidh ar an m-boin.
“Buidéal,” arsa Seághan. Bhí an
fear sásta agus thug sé dó an buid-
éal. Tháinig Seághan abhaile go sásta
dar leis féin. Bhí a mháthair roimis
aige'n doras agus d' fhiafruidh sí dho
cad a fuair sé ar an m-boin. “Buid-
éal,” arsa Seághan go neamh-iongan-
tach. “Nár leigidh Bia don bhuidéal
thu,” ar sise. Bhí an mháthair go
cráidhte dúbhach agus mar an d-tug
sí do'n amadán bocht é ní lá fós é.
Níor mhoithig Seághan an marbhughadh,
acht dúbhairt sé le na mháthair an bórd
a tharrac go lár an tíghe go tapaidh,
agus leithead bán a chur air. Dhein
an mháthair é, an bhean bhocht go tapaidh.
Chuir Seághan an buidéal ar lár an
bhuird agus dúbhairt “Come bottle,
do your duty.” Ní túisge bhí an focal
as a bheul nár eirig dhá chócaire bána
aníos as an m-buidéal, agus d'olla-
mhuíghdear an biadh is breághtha a
chonnaic Seághan ná a mháthair riamh.
Do leath a dhá súil ar a mháthair agus
shuigheadar araon agus d'itheadar a
n-dóthain. Nuair a bhí a n-dóthain tthe
aca chuaidh an dá chóchaire síos insa
bhuidéal airís agus d'imthig gach rud
do'n m-bórd acht an t-eadach bán.



Lá eile bhí Seághan amuigh sa ghort
airís agus chonnaic sé gach aoinne ag
gabhail siar agus gan aoinne ag ga-
bháil soir, d'imthig sé a bhaile agus
dúbhairt sé lé na mháthair an rud
ceadhna, agus ar deire d'imthig Seá-
ghan leis an-d-tarna bó. Bhuail an
fear ceadhna leis agus dhein sé mar-
gadh lé Seághan. Thug Seághan an bhó
do ar chruisín agus ar bhaitín. Tháinig
sé a bhaile agus é go lán t-sásta.
Bhí a mháthair a gabháil stealla dho
mar gheall ar a chuid amadántáidhe-
acht' acht ní thug Seághan aon tor'
uirrthi. L g-ceann cúpla lá na dhiaidh
san thaínig an tighearna talmhan agus
na póilíní ag baint an chíosa amach
do Sheághan. Nior dhein Seághan
acht breith ar a chrisín agus a
rádh “fáisg fáisg, a chrisín buail,
buail, a bhaitín, agus buail do dhóthain
ar an d-tighearna bhalmhan.” Bhuail
agus bhuail an baitín, dh'fháisg agus
dh'fháisg an crisín go dtí go raibh an
tighearna talmhan agus na póilíní
leath mharbh agus mí-shásta go leór.



AN RÉILTHEAN LEANBACH.



(Pádraig Pléimeann agus “An Seabhac” do ghléas.)




AN RÉILTHEANN LEANBACH.



I



Tá an Réiltheann Leanabach 'sa r
lastuaidh;
Tá gile agus finne le fághail 'na
gruaidh;
Tá a píop mar an eala agus í 'na
suan;
'S gur bhinne liom a glaodh ná ghéim
ó'n gcuaich.
'S is é mo léan gan mé 'gus í
I ngleanntán sléibhe nó ar mhaol-chnoc
fraoigh,
Mar ar bh'eól dúinn cluithche nó stró
beag imirt,
A bháibín na finne, dá dtéigheadh siúd
linn.



II



'Sí an Réitheann leanabach do ghrádhas
ar dtúis,
'S is fíor gur thugas taithneamh di thar
mhnáibh na Mumhan.
Ó, dá mbeinn-se marbh 's an bás im'
chionn —
'S a rúin, ná tréig mé agus éaluigh
liom;
Ná leig-se chum fáin mé mar chách ar
siubhal,
'S gur'bh aoibhinn an lá do bheinn sea-
lad agus tú,
A rós gan dearmad, beir sgéala
cruinn a bhaile uaim



Go n-éalóghaid an cailín deas tar
sáile liom.



III



'S tolt trom triocallach ag fás
go féar
Ó bhárr a bathais go sálaibh léi;
A píop mar an sneachta ar bhárr an
fhéir
Agus sgáil 'na leacain mar bhláth na
gcraobh.
Sí ba dheise d'á bhfeaca-sa fós;
A súil ba ghlaine ná an drúcht ar
feór;
A béal ba bhinne ná an chuach 's ná an
druide
'S ná éanlaithé na cruinne 's iad ag
síor-sheinm ceóil.



IV.



Leig-se feasda ded' ráidhtibh béil
Go bhfaghad fios a hainme ó bháb na
gcraobh
Gur le coimheasgar catha agus le
grádh d'á sgéimh
Na mílte ó bhaile gur bh' árd do
phléidh.
Ní'l óig-bhruinneall díobh ins an tír
go léir
Go gcóimhreógháinn í ná gur ghnaoi
liom é,
Acht an bháb chiúin leanabach gur thugas
grádh d'á pearsain,
'S gur fhúig sí lag marbh mé go
claoidhte i bpéin.



Chaitheadar bailiúghadh leó gan bhuidhea-
chus dóibh agus mhair Seághan agus a
mháthair go sásta ar san amach.



Sin é mo sgeul-sa má tá breug
ann bíodh.



CÁIT STAC,
Baile an Firtéaraigh.



MION-RANNA.



Dá n-innsinn Eachtra an Mhadra
Maoil im' sgéal,
Nó an laoich sa charraig lér cailleadh
na mílte laoch;
Gach caismirt catha thug clanna mhic
Fhinn 'san bhfhéinn,
Aon mhac fleascaigh ní abair gur binn
mo sgéal.



Mo léir chreach nach cléireach do
deineadh díom-sa,
Is me adéarfadh gach téx duit idtean
gain dílis;
Do bhéadh raolacha agus braonacha ag
teacht im' shlig-se
'S dob'fhearr mar chéird sin le déidh-
eannaighe ná seinm píbe.



Ní d'aitheannta na h-Éaglaise an fial,
má's lag,
'S an t-eagnach, má's dealbh é, a
a bhiathra is leamh;
Gan airghead níl maise ar bith ná
mian i neach,
'S ar fleascach tur, má's tairbheach,
is ciall é ar fad!



Uabhar ná puimp ná bíodh ag duine
as stór,
Is duairc ná bíodh má bhíonn gan pin-
ginn n-a dhóid;



Dá uaisle rí 'san rígheacht lán-tuilt
de'n ór,
Ní buaine bhíos ná'n sgaoinse itheann
a lón.



Deoch gan dram is lag an t-ól dar
linn,
Ach deoch a's dram 's a dteacht ar
bhórd do shíor;
Ní deoch gan dram a's ní dram go
h-ól na dighe
Ach deoch agus dram 's is deas an
t-ól a dís.



Má bhíonn tú tuirseach lag ná cás-
mhar
Ó shughlach ubhall nó leanna láidir;
Arís má's fonn leat teacht it'
shláinte —
Glac ruibe de chlúmh na cú san la'r
na mháireach.



Nuair thagann piúnt bíonn piúnt na
dhiaidh gan mhoill,
'S is gnáthach piúnt ar phiúnt go
nglaodhann arís;
Ceud gráin ar an bpiúnt glas
a thraochann buidhean,
Gan chiall gan meabhair gan
céille ar baoid.



AN RÉILTHEAN LEANBACH.



Beidh cóipeanna de'n amhrán sin ar
díol ag Muintir Raighill & Uí Chuirc
ar 3d. an dosaon.



Copies of the above song to be had
at 3d. per doz. from “Star” and
“People” Office, Tralee.



DUAISEANNA.



Ag so ainmneacha na ndaoine go
bhfuil duaiseanna na míosa so ag
dul dóibh.



CIARRAIGHE.



An cheud duais — Cáit Ní Ghuithín, An
Blascaod Mór, Dúnchaoin.



An dara duais — Seumas Sheaáin uí
Chonaill, Cill Droilligh, Baile an
Sgeilg.



An tríomhadh duais — Pádraig Ó Súil-
eabháin, Sgoil na mbráithre, insa
Daingean.



CONNDAE CHORCAIGHE.



Duais speisialta do Neil agus
Sighle Ní Loineacháin, Cum
Sheoladh, Beanntraighe.



Tá duais speisialta eile agam le
tabhairt do gharsún as Conndaé
an Cláir — Páid Ó Ceallaigh, in-
Aice Cill Ruis.



Dá mbeadh a fhios agam cad é an
sgoil i bhfuil sé do chuirfinn an duais
chuige. Cuireadh sé cárta ag triall
orm.



Duine fial flaitheamhail de mhuinthir
Cháinte atá n-a chomhnaidhe i n-aici le
Clanna Caoilte i gConndae chorcaighe
thug seisean duaiseanna dhom le
bronnadh ar an mbeirt nó triúr is
fearr de leanbhaibh sgoile an Chonndae
sin gach mí. Is é an buidheachas is
fearr leis ná na leanbhaí sgoile sin
do sgríobh an Ghaedhilg. Seo chuige
sibh a paistí ó Bhaoi Bheara go Brigh
Ghobhann! Badh mhait an sgéal dá
mbeadh tuilleadh go bhfuil airgead
aca chomh suimeamhail insa ghaedhilg.



FEAR AN LÓCHRAINN.


L. 2


ORTHAÍ AGUS SEAN-PHAIDREACHA GAEDHEAL.
“AN SEABHAC.”



Ortha eile da bhí insa sgribhinn sin
Sheaáin UÍ Dhubhdha. “Ortha Mhuire”
a ainm agus adeirtear í do mhnáibh
na luighe seoil.



9. ORTHA MHUIRE



Mar rug Anna Muire a's
Mar (rug) Muire Críost,
Mar rug Eilís Eóin Baiste
Gan dith coise ná láimh'
Fóir ar an mbean, a Mhic,
Fóir féin, a mháthair
Ós tu rug an Mac,
Tabhair an ghein ó'n gcnámh,
Agus go mbadh slán a bhéas an
bhean.



Seo sórt ortha nó dán adeirthear
nuair bhítear ag gabháil tímcheall leis
an gCrois Brighde. Ní chuala riamh
cheana é díreach mar atá se annso gidh
go gcuala cuid dí go minic i n-or-
taibh eile.



10. CRIOS BRIGHDE NA GCROS.



Crios Brighde na tcros,
Crios na gceithre gcros,
Crios le nar geinead Críost,
Criostaidhe do geinead as;
Eirigh suas, a bhean a' tighe,
Agus gabh trí h-uaire amach.
I n-ainm an Athar agus an Mhic & an
Spioraid Naomh. Amen.



so ortha do cuirtí do níos mó
ghalar amháin.



11. ORTHA ANAGHAIDH EASBAIDH.
(Kings Evil, Worms and Toothache.)



Marbhuigheann m'ortha easbaidh bruth,
Eachmaidh nadh eachmaidh nadh,
Gach anuimh i ndéad agus gach péist a
mbíonn nimh ann,
In-ainm an athar agus an Mhic agus
an Spioraid Naoimh
I onóir do Dhia agus don Mhaighdin
ghlórmhair, do bhainrioghain na h-
easbadh.



12. ORTHA COLUIM CILLE NÓ
ORTHA NA SEILGHE.



Ortha do chuir Coluim Cille le toil
Righ Neimhe,
Ar bhéim súl, as uroóid chnuic ar
seilg agus ae,
Leigheas é ar an mball dubh atá
i n-aice an chléibh
Ar an leic le n-a mbeagthar na h-aedhe
(aebhaidh),
Le grasa Mhic Mhuire a's le míor-
bhuile Mic Dé.
Leigheas na colna a's an anál bheith
réid.



Seo paidir a deirtí ag dul a chod-
ladh agus, dom dóigh, is paidir Ghaedh-
ealach ceart í. Is minic do-chuala an
líne deirigh i bpaidreachaibh eile.



13. ORTHA AN TROMLUIGHE.



An triúr is sine,
An triúr is óige,
An triúr is treise i bhflaith-
eas na glóire,
An t-Athair an Mac a's an
Sphioraid Naomh,
Don' shábháil a's dom' ghar-
dáil ó anocht go dtí
bliadhain & anocht féin.
In-ainm an Athar & an Mhic
& an Spioraid Naiomh.
Amen.



Ag so ortha agus ba chóir gur mhór
an áis do daoinibh óga í. Is feasach
do'n saoghal mór go gcuirtear ní
éigin i ndigh nó i mbiadh chuig duine i
gan fhios do; agus do bheadh an duine
sin ó shin amach d'á bhuaidhreadh go mór
le searc & síór-ghradh do'n té do chuir
an ní insa digh nó insa bhiadh. Ní
fheadar-sa, fóraoir, cad é a tugtaí
do'n duine i gan fhios dó acht seo í
an ortha adearthaí an uair do bhítí d'á
chur insa dig nó insa bhiadh:



14. ORTHA SEIRCE & SÍOR-
GHRADHA.



Ortha a chuir Muire i n-im —
Ortha seirce a's síor-ghradha.
Nár stadaidh do cholann,
Acht t'aire bheith orm
Go leanaidh do ghradh mo ghnaoi
Mar leanas an bhó an laogh
Ó'n lá so go h-uair mo bháis.



Níor mhisde an ortha sin do chur i
bhfeidhm ar dhaoinibh 'sa' tsaoghal so
anois againn. Táthar ag eirghe go
h-an-leisgeamhail fá phósadh do deun-
amh!



Gach n-aon de bhunadh Gaedheal & go
mór mór má's Gaedhilgeóir é tá a
fhios aige gan aenne d'á innsint do
go mbíonn púcaí agus sluaighthe sidhe
agus deamhain aeir agus badhbha ar
cuaird san oidhche. Sprideanna gan
urcóid nó olc iseadh a lán díobh. Acht
tá droch-sprideanna ortha agus is olc
an ionntaoibh iad. Is iomda “poc”
do bhuaileadar ar dhaoinibh riamh. Is
iomdha duine gur bhaineadar radharc
a shúl de agus luth a gheug. Is iomdha
duine gur chuireadar cruit air agus
iomard le n-a shaoghal. Ní maith an
ara cuid de na sprideannaibh sin. Ag
so annso ortha 'n-a n-aghaidh.



15. ORTHA I N-AGHAIDH DEAMHAN
AEIR.



Glacaimíd le n-a gcomairce
Agus diúltaimídh d'á n-amhairce
A gcúl linn & a n-aghaidh uainn
I n-ainm an Athar & an Mhic & an
Spioraid Naoimh.



Ag so síos cóip de'n Paidir Gheal
do fuaireas anall ó chathair Leipsigh ó
Sheán Ó Cuill. Fada fairsing atá
an Phaidir Gheal sin. Ó n-a shean-
mháthair i n-Éirinn de fuair sé í & é
n-a leanbh. Do cailleadh an bhean úd
ó shin. Guidheadh gach léightheoir Dia
do dheunamh trócaire ar a h-anam.



AN PHAIDIR GHEAL.



'Ní Dia dhoit (.i. go mbeannuighe Dia
dhoit) a Phaidir Gheal!
Go mbeannuighthear doit féin!
Cár chodluighis aréir?
Mar ar chodail Mac Dé.
Cá gcodlochair amáireach?
Mar a gcodlochaidh Pádraig
Cá gcodlochair amanathar?
Codlochad insna flathasaibh.
Cad é sin romhat?
Dhá chéad (réag?) Aingeal,
Cad é sin it' dhiaidh?
Dhá cheud (réag?) aspal.
Cad é sin it' láimh dheis?



Uisge coisreacan Do thug Muire
dhómh-sa
Cad é sin it'láimh chlé?



Corp Chríost do leog Muire liom-sa,
ag deunamh eolais dom ó'n
ndorus so go doras Parathais,
(mar) go rabhas ar leacain (lea-
canaibh) loma sealbhlosga (? seal
'om losgadh) go dtáinig an bhain-
rioghan chaoin im' chosaint.



A Mhic na h-Í 's na h-Óighe, A Mhic
na coise caoile (na “gcosa gcaola”)
cró, ó is agat-sa atá an callán,
ólaimís 'dhá lán déag an challáin
d'uisge an-tshrutháin ruaidh úd shall
is treise ná na leabhair & ná an t-athach
mór úd shall go bhfuil an fhleasg air
a cheann.



Brighid i mbun a bra(i)t, Muire i
mbun a Mac (Mic ?), Micheál i mbun
a sgiath. Dhá láimh bhoga gheala Dhia
(dhé) idir sinn & gach ciach, ó anocht go
bliadhain ó anocht & anocht leis amháin
le Dia.



Téanam ion sa' tigh mór so amach,
mar a bhfuil na trí Mhuire ag rinnce
agus Mícheál ag coimeád na coinnle.
Árd-righ an Domhain mhóir ar chrann do
shaoir sinn.



Bog mo chos go docht (i) chun aif-
rinn;
Corruigh mo bhéal chun na mbréithre
mbeannuighthe;
Luathaigh mo Lámh ag soláthar chun
mh'anama,
anama,
Ag feuchaint suas ar Mhac na Ban-
arthlan —
Mar is É féin is fearr do chean-
nuig sinn.



(Dóig gurab é “doith” do bheadh mar a bhfuil
“docht F. an L.)



AN BRAT BEANNUIGHTHE.



Do ghaibh Muire & a Mac amach go
moch 'sa' lá. Do chonnaiceadar Naomh
Síomun, an fear beannuighthe ó'n Róimh.
Do thugadar do an sgaifléir tair-
ringthe tré bhrainnsíbh óir. Go mbean-
nuigthear díbh a lucht na mbrat. Ná
tugaidh faillighe ion bhur ngnó. Ná
ithidh feoil De Céadaoin agus na ga-
bhaidh éagcaoin tré thuirse, tugaidh
aire do'n Chré & dos na Féileachaibh
Muire. Déin do shíothchain le mac Dé
& beir comh-n-aos le leinbh.



Is é mo bhrat-sa brat na dtrí
mbeann,
An brat gor rugadh Críost as,
Agus an brat gor baisteadh Críost
ann.



Níl aeinne déarfadh mo mhairiniubh
(marabhna) gach aon maidin Luain ná
go bhfaghaidh sé Flathas Dé mar dhual-
gas gan duagh gan tuirse, & radharc
air Mhuire trí h-uaire roim bás.



Seán ó Cuill.



AN EIS-EIRGHE BHEAG.



(Liam Ó Buachalla, Ráth Chumaill, Báin Tír,
do chuir an ní seo leanas ag triall orainn.
Ba mhaith linn dá ndeineadh gach duine eile gach
aon t-sean-phaidir dá gcualadar riamh do chur
ar triall orainn. Táimíd buidheach de Liam &
tá súil againn má tá a thuilleadh dhíobh aige go
gcuirfidh sé chugainn iad. Fear an Lóchrainn).



Sid í an eis-eirghe bheag ba bhreaghtha
liúm d'ar chuala riamh, ó léigheadh an
leabhair go cíochtadh (? go tigheacht do)
Chríost. Sid í an uaill chughainn anall,
ag gabháil ar Mhac an Righ go teann
an fear thall d'á radh, agus an tsleagh
dhearg n-a dheasláimh, Dá gcneasuigh-
eacht (? … uigheadh) cneadha an daill,
gur mín-gheal bheadh taobh ár dTigh-
earna.



Ó! a Thighearna a céasadh Dia h-
Aoine,
Agus do cuireadh É ar chroich na
spíne;
Ceangladh É córdaí righne;
Fuair Sé deoch le díol as,
Cuid de domblas dragún díoblas.
A bhuidhe le Dia mar a chuaidh san
díobh san;
Do shábháil Sé na céadta míle,
Do bhí 'ges na diabhlaibh fé dhaoirse,
Ná feadar lá seochas oidhche,
Go ndeaghadar go Parathas geal
na Soillse
Mar a bhfuaradar ceol breagh agus
aoibhneas
Bairlinn gheal a chuir fé chioch an Righ
'gus an tslóigh.



Nuair a fuair Muire a deigh-Mhac
dÁ ghabháil, ghread sí a basa boga
bain-ríoghna, le beagháinín bantracht
ban: trí Mhuire na Siúire, trí Ráithe
ar aon-rath, tri bhogha-gheal na Soillsé,
trí Shoillse na Slógh.



An té go mbeadh an eis-eirghe bheag
so aige 'gus í radh gach ló, chífidh sé
Neamh le toradh a ghluaiseachta agus
ní fheicfidh Ifreann fuar go deo.



[Mar seo fuaras an phaidir sin thuas ó
shean-bhean atá n-a comhnaidhe i Ráth Chumhaill.
Tá a lán paidreacha eile nach í aici Seo
ceann eile aca:]



Tá dream ar an sliabh so thiar 'na
aonar,
Tiocfaidh Dia go dian d'á bhféach-
aint,
Tiocfaidh Muire le friothal dá n-
éisteacht,
Éist, a Mháthair, leog at' phléidhe
dom,
Mar fuil mo chroidhe do bhí a
chéasad (? taosgadh)
Agus mo chliathán deas a bhí á réa-
badh,
Mo cheann sa chrois thar a gceann
go léir ann,
Mar gheall ar an dream so nach
ceannsa le chéile.



Liam ó Buachalla.



I ONCE LOVED A BOY.



Seo amhrainín beag Béarla, atá
fan “Ancient Irish Music,” leabhar
do scriobh G. Petrie. Fonn Gaedhlach
atá leis, ach pé ainm do bhí ar dtúis
air tá sé imthigthe 'sa bhfraoch
orrainn anois. Do chualaidh bean ua-
sal airighthe cailín aimsire 'gha chafnadh
i gConndae an Doire, do scríobh sios,
& do chuir cun Petrie é. Deir seisean
'sa leabhar atá luaidhte shuas go
mbhíodh an t-amhráinín seo faoi mheas
ag n-a míltibh Im-Baile Átha Cliath
deireadh an ochtadh aoise déag.



I once loved a boy, and a bonny,
bonny boy,
Who'd come and go at my request,
I loved him so well, and so very,
very well,
That I built him a bower in my
breast —



In my breast,
That I built him a bower in my breast.



I once loved a boy and a bonny, bonny
boy,
And a boy that I thought was my own.
But he loves another girl better than
me,
And has taken his flight and is gone —
And is gone,
And has taken his flight and is gone.



The girl that has taken my own bonny
boy,
Let her make of him all that she can,
For whether he loves me or he loves
me not,
I'll walk with my love now and then —
Now and then,
I'll walk with my love now and then.



TREASA MIC COLUIM,
Do Sholatruig.


L. 3


AN GHLUAIS AN SO SÍOS.



(Gluais beag an ní so síos do cuirfar leis
an nGreas fuirsearachta dó sgríobh Risteird
de Hendeberg insa Lóchrann. Is gearr go
mbeidh an greas sin n-a leabhrán.)



Léighthear is an cheud leitheanach



GREAS FUIRSEÓRACHTA .i. NÍ
BEAG D'FHEIDHM AN FHUIRSEÓRA .i. FIR
DEUNTA AN GHRINN ANALLÓD.



Samm .i. an chlaoine bhíos i méinn
duine istigh.



Is fiadhain sin. IS amhlaidh labharthar
gan béim gotha ar sin. .i. sn.



Andé do bheadh ag corraighe .i. dá
mbeadh duine ag corraighe.



mbíd araon air .i. cuirtear sin ar
ar an bíd araon .i. a mbíd
araon.



Atá, siubhal réidh is ród, &c. Cuir-
tear atá amhlaidh sin go minic i
dtosach freagartha. Ionann é
& i.e.



Gá bun .i. go a bun.
Is an dara leitheanach.
Léim Conchulainn .i. an rinn is iar-
tharaighe le bun Sionna i dtuaidh.



Aniar .i. i bhfad uait thiar.
Maran miste leat .i. marab díoghbháil
leat an cheist sin do chur ort.



Ba mhóide é m'eolus .i. dá mbeadh
fios a thoisc ag daoinibh is
fearrde dogheunthaidhe eolus
do.



Maithe .i. cuirtear so 7 massa ar
dar an mbaiste.



Is an treas leitheanach.



Cia atá agam .i. cia atá ag labhairt
liom.



An G.S. sin atá tu do iarraidh. Atá
tuiseal na geinidine don chean-
gal choibhneasta ar an do so.
Feuch leat na fir atáimid do
mharbhadh .i. na fir mharbhaimid.



Feuch ar sin leat anois .i. nach ion-
gantach é sin anois.



Da fhichead míle uaim, no dam.



L. 4.



Dá ndaingniughadh .i. chum iad do
dhaingniughadh.



An fear atáim-se do lorg. Feuch
leat andubhart romham ag trácht
ar atá tu d'iarraidh ag l.3.



Atá mo thurus-sa tabhartha agam .i.
& is fearrde sin me. Nó atá sé
briste agam .i. & is miste dham
é. Níor bhfíor do Zimmer andu-
bhairt gorab aithris ar an aimsir
bhfoirbhthe atá ar gach aon tean-
gaidh aile atá innso, óir ní hion-
ann ciall dóibh araon. Ní hé
adeurthaidhe mar bheurla ar an
ní so I have finished my journey,
acht i have my journey finished,
& is aoibhinn dam é.



Go léighe me .i. an modh foagomhal atá
ar so & ní cóir go léighfe me
ann.



L. 5.
Is iad sin deunta aige .i. feuch leat
a bhfuil romhat ar mo thurus-sa
tabhartha agam.



L. 6.
Buaidh beatha .i. bioth, beatha .i. an
domhan.



L. 7.
Amen go dóighte .i. amen le binib &
le neart an uilc leis. Luigheann
an béim gotha ar an cheud
siolla don ní as amen.



Cait as sin .i. is minic an tuiseal to-
gharthadha dá chur amhlaidh sin
isan Ghaedhilg gan aon a leis.



Geallaim-se dhuit .i. déimhnighim duit.
Adeirim-se bás le hocrus leat .i. atá
baoghal uirre. .i. is beag dá bhao-
ghal atá uirre.



Suim i suidhiste .i. mian codl ata ar
suidhiste .i. siege ar n-adheunumh
do shúgán bhíos cois teineadh istig.



L. 8.
Dearmhaid bean an tighe .i. aon fhocal
is eadh bean-an-tighe & sin é an
chúis ná teigheann diall ar bean.
Dearmhaid sin doghní an bhean an
tan ná cuireann an biadh i gcoi-
mheud i gceart.



M'anam í sin .i. focal ag mnaoi nuair
phógas a leanbh.



Dar bhrigh a bhfuil do ghabhair sa Mhao-
thail .i. a bhfuil do leabhair .i.
do leabhraibh. Luighe sin nó mionn
mór ag daoinibh i Maothail Bhró-
gán tar teorainn ó Bhaile Ui
Chuinn agus le Cuirreach Mhóir
aniar i nDéisibh Mumhan.



Nach tomhus .i. acht tomhus.



Gabhaim siar .i. ní thuigim focal uait.
Isteach sa amach ann .i. cead do
bheith acu dola isteach is amach
ann.



Sceim féin, &c. .i. bíonn cás & cúram
a ghnó féin ar gach aoinneach.
Seanráidhte ann.



L. 9.
Mo sceim-se ar aoinneach .i. do
bhronnfainn-se le buidheachus
mo chúram féin ar neach beo.



An smachtín chrón, &c. .i. maileud
beag crón .i. donn-ruadh. mailéi-
dín beag donn-ruadh .i. únsa
tobac, agus crón .i. bó dhonn-
ruadh. an bhó sin do chrú go
meidhreach .i. an sean-dúidín do
chaitheamh .i. dá olcas é an sao-
ghal gail don phíopa do chaith-
eamh. Sean-ráidhte ann. crún
adeirtear.



Dá bhfaghbhadh an aois a ritheann leis
i. ní léi. óir ba neutar aois .i. dá
bhfaghbhaidís na sean-daoine gach
ní ba mheabhair nó ba dhóigh leo do
thiocfaidís prátadha gan a gcur
ar aon chor .i. is leamh cuimhneamh
an tseanóra.



L. 10.
Is fuiris a d'fhaghbháil iad .i. is fuiris
iad d'fhaghbháil.



An t-uisce an t-iomadamhlacht .i.
tugtar iomadamhlacht ar an
uisce i sceul éigin fiannuidh-
eachta.



L. 11.
Toicín túcáilidh. Cuirtear tuiseal
na geinidine ar túcáilidh .i. tú-
cáileadha. Cuirtear an oiread
aile ar rúcáinidh. it'dhiaidh.



Puic, cuir piuc ann.



L. 12.
Atá feuchaint strus uirre .i. deall-
radh strusamhail uirre.



Buain an chluais se dhíom .i. sean-
ráidhte deimhnighthe focail ann.



Fa do chosaibh istigh .i. gan slighe agat
do ghnó do dheunamh acu.



L. 13.
Acht cogar me se leat .i. eist liom
nó innis dam an méid se.



L. 14.
Dogheuna sin leadhb gan lúth .i. beidh
sin na leadhb ar an ball.



Ar son Dia adeirtear ar agus ní
er innso.



L. 15.
Sé rud is lugha orm é .i. is mo bhfuil
a fhuath orm.



L. 16
An saoghal ag rioth ort .i. an iomar-
cra agat le deunumh.



L. 17.
Cuir chughat é .i. cuir i gcoimheud
leat, nó cuir id' phóca é.



Ar leith i leith .i. leis féin a aonur.



L. 18.
Idir goid & déirc .i. a bhfeudfa tu do
bhuain amach le goid & déirc.



L. 19.
Do chuimhneamh féin .i. a bhfeudfa do
chuimhneamh do chur leo.



Gabhaim párdún agat .i. gaibh agam.
Maiste isé sin féin é .i. nach deas
an obair í.



L. 20.
Más meabhair leat é .i. más maith
leat é.



A dtuitim i ngabhail na croiche .i. a
gcrochadh.



Drannadh an mhadra go deoidh .i. biodh
do dheimhin agat gorab ionnan é
& gáire an tSassnaigh.



L. 21.
Aná se istigh annsin .i. atá droch-
mhianach ann.



Cá bhfuighbhthidhe é .i. Sin é ba dhual
athar & máthar do.



L. 22.
Atá do mhaireachtain orra .i. tríotha
sin atá do chothughadh.



Cad ba chor do .i. cad ba dháil do,
nó cad bhainfidh do.



L. 23.
Agus a leagaint i gcionn bliadna, &c,
.i. é do fhágbháil fa mhuintir sidhe
an tigh do leagaint i gcionn
bliadna, & aroile.



Fuacht in a comm .i. an morteul ar
aghaidh na cloiche leath is muich
& lár an bhalla fuar gan mor-
teul.



Atá greas oibre deas innsin agat .i.
cuir i gcás go mbeadh greas
oibre deas innsin agat cuirtear
atá & do bhí ar do beadh isan
Ghaedhilg deismireacht ar do bhí
Marbheadh feabhus mo reatha ag
léim tar clathacha do bhí mo
chuid leathair i dteanntaibh.



Ón tráth go chéile .i. ón a leithéid
se do thráth indiu go dtí an
tráth ceudna arís lá ar na
mbárach.



L. 24.
Teighimid fa'n gcoill .i. ar teigheam.
atá sin, .i. modh faogamhal air.



Agus an coir in aghaidh an chaimm-se,
&c., .i. is cóir droch-bheart i
bhfeidhm in aghaidh fheill-bhearta.



Múinfidh an bhliadain-se chughainn .i.
óir do bhí i gcontabhairt do a bheo
nó a mharbh.



L. 25.
Godar gan sugradh .i. duine ag tabh-
airt na gcor i lúib chórda
chnáibe gá chrochadh.



Rince an ghaid .i. an ní ceudna.



I dteanntaibh an da fhichead .i. i
dteanntaibh ar fad. Ní fhead ar
cia hiad an da fhichid marab iad
an da fhichid mairtíreach ar ga-
bhadh fuacht orra ar leac oighre
an locha reoidhte gor fhuascaill
an bás orra. nó bheith i dteann-
taib ag an da fhichid amhail ade-
irtear an diabhal san deamhan
san da fhichid.



Fiuchadh feirge gan feiscint .i. fearg
amba éigean do a ceilt.



An gob grádhmhar .i. gach snódh gáir-
eatach bréige chuireas neach
air fhéin le ceilg d'fhonn neach
aile do mhealladh.



L. 26.
As so amach .i. tar éis an áit se
d'fhágbhail.



tríom neulta .i. gach aisling dogh-
eunthaidhe 'na chodladh do dhuine
.i. per quietem.



An chú féin .i. adeirtear go b'í an
chú an spiorad is meassa do-
chífeadh duine.



Na gcúig gcaol .i. dá chaol dá chos
dá chaol dá lámh agus caol an
mhuiníl.



B'fhearrde a rún é .i. a mbeith marbh.
Ní scaoil marbh rún.



L. 27.
Mar cheardaidhi .i. in a gceardaidhibh.



L. 28.
Is na craobhacha .i. bheith ag im-
theacht fiadhta nó ar buile.
craocha adeirtear.



Do thuillfidís díchiollach .i. & iad
ar a ndíchioll.



L. 29.
Lá eile ag an Phaorach. sean-ráidhte
ann .i. beidh lá eile ag an Phao-
rach & cead aeirigheacht (aer-
eacht adeirtear) gá chailínibh.
A fearaibh .i. a fheara.
Nár theaga sibh .i. nár theaga sib
slán. Eascaine ann.



L. 30.
I gcomhnaidhe .i. go fóil .i. atá ann as
sin go so.



Atá sé sáidhte .i. cuir i gcás go
mbeadh sé sáidhte. Feuch leat
andubhradh romham ag trácht ar
greas oibre léightear ag l. 23.



Bím-se innso .i. modh fógartha ann
& an cheud phearsa air.



Futráilidh bocht bocht .i. futráilidh-
bocht bocht. Gabhaidh an ceud
bocht le futráilidh & is ar an
dara ní dhíobh thuit an béim
gotha le searbhus adubhradh
bocht fa dhó ann.



L. 31.
Ár dtuarastal dúinn anóis .i. tabhair
ár dtuarastal dúinn anois.



Cadé an rud é .i. dae 'r dae adeir-
tear.



Teacht thairis .i. trácht air.



L. 32.
Buaidh ar chaisleán .i. feabhus thar
gach caisleán.



Ag deunumh amadáin de .i. ag magadh
faoi ag maoidéamh a mbreagh-
dhachta féin leis.



Do bhuainfidhe an snab de .i. buaidh
maise orra sin thairis & múchadh
dá chlú sin amhlaidh.



Buaidh gan buadhchain air .i. bíodh
buaidh air ná buadhfaidhe air.



A rí .i. atá r. caol innso.



Fa n-a déin sin .i. chum í d'fhaghbháil.



L. 33.
Deich gcinn .i. deich gceann.
Cumma baoghal .i. is cumma liom
baoghal.



L. 34.
Eolus do thighe dham .i. deun eolus
dam, &c.



L. 35.
Don bhaile, a bhaile adeirtear.
do bhuain don ní as do
cheann ná raibh béim air
chailleamhain acht .a.



A mba fhada tháinig tu mar sin
adubhairt a mba. & mar sin le
méid a hurrama dho.



L. 36.
Sidé áit díreach do bhí me do lorg.
.i. ar. Sidé an áit .i. a do dheu-
numh don an gan bhéim agus an
.a. sin do shúghadh isteach ag an
.é. fada trom do bhí roimhe.



Díreach .i. go díreach.
Mhaiseadh, wisha adeirtear.
Níor bhfhiu leat a buain iad .i. iad do
bhuaint.



L. 37.
Mar so ghabhaim innsin .i. mar so
shiubhlaim.



L. 38.
Ar ghabhas tríd acu .i. ar chuireas
d'amhgair & do chráidhnis díom
tar a gceann.



Ná bí ag caint a bhean .i. níor airigh
tu a leithéid riamh a bhean, nó a
shamhail.



Foighneamh gan foighne .i. gor bh' éig-
ean do foighneamh is gan an
fhoighne aige.



Ró-dhian ort .i. ró-chruaidh ort.
Sceimhle na hoibre dá cur díobh .i.
sceoin do bhí orra chum i
hoibre do chur díobh.



L. 40.
An ainm-se .i. an ainm.
Dá mba mhadra é dobheuradh sé orm.
.i. sean-ráidhte adéirtear nuair
bhíos duine ag cuardach a lán
ag lorg ní & é as a chomhair.



L. 41.
Seo leat anois .i. se leat adeirtear
.i. cuirim geall leat nó tiomáin
leat anois feuchain cadé an
gaisceadh dogheuna tu, nó go
bhfeicim-se do ghaisceadh .i. mo
shlán fád dhíchioll.



Greim orra .i. geimheal nó cuibhreach
nó ceangal.



Greim asta .i. greim do bhuain asta.


L. 4


OWNED BY THE PEOPLE!
CONTROLLED BY THE PEOPLE!!
FOR THE BENEFIT OF THE PEOPLE!



THE
Cork Coal Co.
LIMITED.
COPLEY STREET, CORK.
The Pioneers of Cheap Coal.
The above Company has been the means of
reducing Price of Coal fully 30 per cent.



MAC SWEENY'S
OF RED IVY,
CURLS CORNS ABSOLUTELY WITHOUT PAIN



IN BOTTLES 1/-



POST FREE, 1s. 1c. from MACSWEENEY'S
Prescription Pharmacy.
91, PATRICK STREET, CORK. 946



“AN LÓCHRANN.”



SAMAIN & MÍ NODLAG, 1910.



BAILE BINN BHÉARLAC MAC
BUAIN.



Bhí triuir ua ag Capha mac Cinga
mic Rosa mic Rudhraighe .i. Monach
agus Baile agus Fercorb.



Aon mhac amháin do bhí ag Baile &
Buan dob ainm dó. Agus gach naon
dá bhfeiceadh nó dá gcluineadh é, bhiodh
grádh aca go léir idir fhearaibh agus
mnáibh dó ar fheabhas a urscéal. Bshiné
an chúis go dtugtí Baile binnbhéarlach
air.



Bhí, iomorro, inghean áluinn ag
Lughdach mac Feargus Fairrge. Ail-
eann a hainm, agus nuair airigh sí
Gacht ar thréithibh agus ar uaisle Bhaile,
sí grádh cléibh dó. Agus de bharr
an grádha agus na seanseirce sin
ein sí coinne leis teacht chuichi go
s na Righ ag Lainn Maolduibh ar
ach Bóinne Breagha.



Tháinig an fear adtuaidh ó Eaain
tar Sliabh Fuad, agus tar Mur-
mne go Dún Dealgan agus sluagh
mór dh Ultaibh lena chois. Ar theacht
chun na Bóinne dhóibh, do scuireadar
a gcarbaid, do chuireadar a n-eich ar
inníor, agus do chromadar ar áineas
agus ar aoibhneas go teacht na hinghine
'na láthair.



Níor bh'fhada dhóibh ansan ar bruach
na Bóinne go bhfeacadar chucha andeas
an duine uathmhar allta. Ba dhian a
chéim agus a chruaidhi-mtheacht, agus é
ag cur an bhóthair de amhail sighe sea-
bhaic de bhárr faille nó gaoth os cionn
na mara glaise. Bhí a chlé le tír.



“Téightear 'na choinne siúd” ar
Baile” go bhfiafruightear de cá bhfuil
a thriall nó cá dtainig sé nó cad é
fáth a dhoithinis.”



Do-chuadhthas na choinne agus do
fiafruigheadh sgeala dhe, fá mhar adu-
bhairt Baile.



“Go Tuaigh Inbhear ó thuaidh seadh
téighim” arsa sé “agus ó Shliabh
Suidhe Laighean iseadh thánag anois.
Agus níl de sgéalaibh agam acht in-
ghean Lughdach mic Feargusa thug grádh
agus seare do Bhaile mac Buain agus
do bhí ag teacht 'na choinne, go ruga-
dar óig Laighean uirthí, agus gur mhar-
bhuigheadar í. Agus bhí sin indán di”
ar sé “amhail do ghealladar draoithe
agus deaghfháidhe dhóibh ná tiocfaidís le
chéile go deó 'na mbeathaidh, agus go
rachaidís iar n-a mbás, agus ná sgar-
faidís go bráth.



“'Siad sin mo sgheala” arsa sé,
agus d'imthigh sé uatha mar sídhe
gaoithe tar ghlasmhuir agus níor bhfhéi-
dir a chongbháil.



D'fhill na teachtairí thar n-ais mar
a raibh Baile, agus an chlos an sgéil
sin do, thuit sé marbh gan anam.
Claidhtear a fheart agus a ráith. Sáidh-
tear a lia os a leacht, agus do ghníth-
ear a aonach gcumha leh Ultaibh.



D'fhás crann ubhair aníos tríd an
uaigh agus dealbh cinn Bhaile do bhí ar
a bharr.



Ní go Tuaigh Inbhear ámh, do ghluais
ar duine iasachta ach ó dheas arís go
dtí an áit 'na raibh an inghean .i. Ail-
eann, an tráth san agus í ghá hollmhu-
ghadh féin chun gluaiseachta ó thuaidh go
bruach Bóinne Breagha mar a raibh an
coinne aicí le Buan.



Siúd leis isteach 'san nGrianán.
Bhí Aileann istigh roimis agus cuid-
eachta finnbhean in a fochair. Bhí iong-
nadh agus alltacht ortha a leithéid
d'fheicsint chucha isteach.



“Cad as do'n té nach n-aithnighi-
míd?” ar Aileann.



“As tuaisceart leithe Éireann, a
inghean,” arsa sé “Thó uaigh Inbhear,
agus táim ag dul thairis seo go Sliabh
Suidhe Laighean.”



Tháinig luisne i leacainn Ailinne
mar is amhlaidh do cheap sí gur ó
Bhaile mac Buain a tháinig sé le sgéa-
laibh.



“An bhfuil aon sgéala agat?” arsa
sí leis.



“Níl aon sgéal dobh fhiú a innsint
anois” arsa sé acht do connac Ultaigh
ag aonach gcumha le hais na Bóinne,
agus ag claidheadh rátha, agus ag rádh
lia agus ag sgríobhadh anma Bhaile mhic
Buain Righdhamhna Uladh do fuair bás
agus é ag teacht i gcoinne leannáin
agus mná seirse dá dtug grádh.
Agus bhí sin indán dó, mar ghealladar
draoithe agus fáidhe agus fir feasa
ná sroichfidís a chéile 'na mbeathaidh,
agus ná feicfidís a chéile 'na mbeo.”



Agus iaa n-insint an mí-sgéil sin
do ling amach as an g=nGrianán, agus
níor bh'fhéidir a thuille sgéala do
bhaint de.



Ach ar chlos an sgéil sin do'n inghin
.i. Ailinn, do thuit sí marbh gan anam
ar an láthair sin.



Claidhtear a feart agus a ráith.
Sáidhtear a lia ós a leacht, agus sgrí-
obhtar a hainm i n-ogham chraoibh. Ba
ghearr gur fhás crann ubhall aníos trí
n-a huagh, ba chrann mór é i gcionn
seacht mbliadhan agus dealbh cinn
Ailinne ar a uachtar.



I gcionn seacht mbliadhan tháinig
filí agus fádhe agus fir feasa agus
leagadar an t-iubhar bhí os cionn
Bhaile mhic Bhuain. Deineadh tabhall
file dhe agus do sgríobhadh físe agus
searca agus tochmarca Uladh innti.



Da teasgadh an crann ubhall bhí ag
os cionn Ailinne mar an gcéadhna.
Deineadh tabhall file dé agus do
sgríobhadh tochmarca Laighean innti.



Tamall fada 'na dhiaidh sin, do
tionóil Art mac Cuinn feis agus aos
gacha dána chun na feise sin amhail ba
bhéas. Thugadar a dtáibhlí leo.



Do chonnaic Art iad, agus iar n-a
bhfeicsint dó, d'iarr sé ar na filí iad
chun go bhféacfadh sé ortha. Tugadh
chuighe an dá thabhaill úd go rabhadar
'na lámhaibh aige ar aghaidh a chéile. Ní
túisce bhíodar mar sin ná greamu-
gheadh dá chéile iad amhail féithleann
um urshlait, agus níor bhféidir a sga-
radh.



Agus bhíodar amhail gach seod uasal
eile i dTeamhraigh gur loisc Dunlaing
mac Enda, iad, nuair do loisc sé na
hingheana i dTeamhraigh, i mbliadhain
241, ar bheith do Chormac mac Airt i
righe Éireann.



CORMAC UA CADHLAIGH,
do sholáthruigh.



SUGRADH NA LEANBH.



Seo cleas deas anois a bhíonn ag
cuid dos na páisdíbh tímcheall an
bhaill seo.



Tógann duine aca blúire de chipín
agus cuireann sé ceann dé sa teine.
Nuair bhíonn sé dearg tógann sí amach
é, & síneann sí chum an duine i n-a
h-aice féin é, agus deireann sí & an
cipín i n-a láimh aici:



“Seo mo bhirín duit, birín beó,
birín marbh,
Má fhaigheann mo bhirín bás idir do
láimh
Bíodh an trom trom ort.
Sicín circe ag siubhal na muinge,
Cos léi briste, is beart uirthi.”



Tógann an duine i n-a h-aice uaithe
é annsoin, & tugan sí do dhuine eile
é ag rádh na rann céadna. Pé duine
go múchfhaidh an birín 'n-a láimh cuir-
fidh na daoine eile dalladh-phúicín
uirthi, síneann sí ar an úrlár, agus
cuirid rud éigin anuas ar a drom
mar ursal, nó stól, nó fód móna, ag
rádh le gach aon ualach:



“Is trom é, is trom é,
'S cad tá anuas ort?”



Beidh sí ag tomhas cad tá ar a drom,
& fágfar annsoin é go mbeidh an to-
mhas ceart aici. Mar so, má chuir
duine éigin fód móna ar a drom &
nuair deir sí, b' féidir, go bhfuil an
gadhar anuas uirthi, déarfaidh an
duine eile: “Fan annsoin, a fhóid
mhóna, go dtiocfaidh an gadhar,” — acht
ar a mbás ní chuirfheadh siad an gadhar
anuas uirthi 'n-a dhiaidh sin.



Is cuimhin liom tamall ó shoin, gur
mhúc an birín in mo láimh-se, & sinn
ghá imirt sa bhaile, & go deimhin do
chuir an chuid eile ualach capaill de
rudaíbh anuas orm, sar ar thugas
tomhas ceart; acht fé dheireadh do
chuireadar cearc anuas ar mo cheann,
agus do chuaidh a cosa i n-achrann im
chuid gruaige, agus b'fhéidir annsoin
go raibh tomhas ceart, agus tinneas
ceart, leis, agam.



Sighle ní Loineacháin.



CEART.



Bhí beirt bhitheamhnach le crochadh.
Bhíodar i n-áirde ar an sgálán, gach
rud socair nách mór, an sagart ag
tabhairt chómhairle dhóibh, agus iad ag
cur suime n-a chaint. Bhí culaith
bhreagh ar dhuine de na bitheamhnachaibh,
agus ní raibh ar an duine eile acht
culaith shalach ghiobhallach. Bhí fear na
ngiobhall ag druidim isteach go
gcloiseadh sé gach fochal ó'n sagart.
Chuir san fearg ar an bhfear eile, &
do labhair sé:



“Dhruid siar uaim,” ar seisean
leis an bhfear mbocht, & bíodh foidhne
agat.”



“Ní dhruidfead,” ars' an fear
gioballach, “tá sé chómh ceart agam-
sa bheith annso is atá agat-sa.”



Sighle ní Loineacháin.



ÁIREAMH.



Fuaras na ceisteanna so ó shean
mhnaoi i gCuilinn. Fagaim a réidh-
teach fé léightheóirí “An Lóchrainn,”
go mór mór fá'n aos óg.



AN CHEUD BAILIUGHADH.



1. Congbhuigheann cisean sé h-ubhla,
an mó ubhall do chongbhochadh cúig cis-
eáin dá leithéid?



2. Cuireann Máire tuistiúin
dtaisce gach seachtmhaine, an mór a
stór i ndeire nadála?



3. An mó cos fá ocht mbórdaibh,
cheithre cosa fá gach ceann aca?



4. Tá cheithre póca ag Seáan agus
seacht gcnaipí ins gach póca aca. Dá
dtugadh sé uaidh cúig cinn de sna
cnaipíbh. Cá mheud bheadh aige i n-a
ndiaidh?



5. Do dhíol buachaill sráide ocht
bpáipéirí nuadhachta gach maidin ar
feadh cúig lá, an mór do dhíol sé ar
fad?



6. Cheannuigh Pádraig luach chúig
bpinginn d'ubhlaibh — cheithre cinn ar
phinginn agus fuair sé seacht gcinn
eile ó n-a mháthair, an mo ceann bhi
aige annson?



7. Do bhí dhá chnó deug i mála, agus
do chuireas a cheithre oiread mar
thuilleadh ann; an mó cnó do bhí ann
annsan?



8. Tuilleann buachaill coróinn gach
seachtmhain go ceann sé seachtmhaine
& tuilleann buachaill eile seacht scil-
linge ar feadh cheithre seachtmhain. Cá
mheud tuarasdail do bhíonn le fagh-
bháil aca araon agus an mór sa
mbreis bhíonn ag duine aca ar an
nduine eile.



9. Do bhí ochtar buachaillí i ngach
buidhinn de chúig buidheannaibh agus i
sé buidheannaibh eile do bhí seiseir
cailíní ins gach ceann aca. An mór
sa mbreis do bhí ag na na buachaillíbh
ar na cailíníbh.



10. Do bhí sé mhála ag buachaill agus
deich n-ubhla ins gach mála, agus do bhí
seacht málaí ag a dheirbhshír agus ocht
n-ubhla ins gach ceann aca san; an
(mó) ubhall do bhí ag an mbeirt?



11. Tá sé choróinneacha ag Tomás
agus cheithre coróinneacha ag Seáan;
an mó scilling sa mbreis atá ag
Tomás ar Sheáan?



12. Tá aon mhion-chloch deug ag
Máire agus tá a naoí n-oireadh ag
Nóra; an mór atá acá araon?



(Fógartar gach ceart ar cosnamh).



A Fhir an Lóchrainn, — Má thaithneann na
ceisteanna so le sna Leightheoiribh oga gheobhad
tuille ón sean mhnaoi ceudna agus cuirfead
ag triall ort é.



SEÁAN Ó CADHLA.



Cuilinn Uí Chaoimh,
18, XI., 1910.



DHÁ BHIORÁN.



I gcathair mhóir áirighthe do bhí fear
ag lorg oibre ar feadh a bhfad agus
ní raibh an obair le fághail aige. B'é
an freagra ceudna a gheibheadh sé i
ngach tig, ná raibh aor fhear ag teas-
tabháil uatha. Fé dheire thiar thall do
thárla aon lá amháin go ndeaghaidh sé
isteach i siopa áirighthe feuchaint an
bhfaghadh sé aon nidh le deanamh, ach
dubhairt fear an tsiopa leis ná raibh
aon ghnó aige dhe & d'iompaigh an fear
ar a sháil chun dul amach. Chonnac sé
biorán ar an urlár agus da chrom sé
& do thóg sé é. Nuair thug fear an
tsiopa an méid sin fé ndeara do
ghlaodhaigh sé thar n-ais ar an bhfear &
thug sé post sa tsiopa dho mar du-
bhairt sé gur thaisbeáin an gníomh
beag san gur fear cúramach tiúsga-
lach é.



Seadh! bhí fear eile ag lorg oibre
san am ceudna & nuair airigh sé an
sgéal san dubhairt sé go ndéanfadh
sé féin aithris ar an bhfear eile feu-
chaint a mbeadh an t-ádh ceudna air.



Chuaidh sé isteach i siopa mór áirithe.
D'fhiafruig sé cá raibh fear an tsiopa.
Do taisbeánadh do é. Chaith sé biorán


L. 5


ar an urlár a gan fhios d'éinne sar a
ndeachaidh sé chun cainnte leis. Nuair
airig fear an tsiopa gur obair a bhí
uaidh, dubhairt sé ná raibh aon obair
aige féin do. Bhí an fear ag imteacht
leis féin. Do chrom sé & do thóg sé
an biorán a chaith sé uaidh tamaillín
roimis sin. Nuair chonnac fear an
tsiopa é 'á dheanamh ghlaoidh sé ar
fhear eile. “Feuch” ar seisean leis,
“ná leog an fear san as do radharc
go mbeidh sé taobh amuigh de'n dorus
agat, éinne a ghoidfeadh biorán do
ghoidfeadh sé aon rud eile a fhéadfadh
sé chomh maith.



D'imthigh an fear bocht amach go
dólásach gan focal do rádh. Cad é
an mhaith dho é.



Sin mar bhíonn an saoghal go minic.



MÁIRE NÍ SHÍTHÉ.



AMHRÁN NUADH.



I gCATHAIR SAIDHBHÍN DO BHÍOS
FEADH SEALAID.



Fonn: “An Spailpín Fánach.



I.



I gCathair Saidhbhín do bhíos feadh sea-
laid,
Measc daoine ceannamhail lághach
deas,
Ag sreagadh na mbuidhean chun Gaodh-
ilge labhairt,
Mar ghnidheadh sein-treabh Uibh Ráthach;
Níor bh'anamh am shuidhe me go dtí an
mhaidean,
Ag scríobhadh na teangan ársa,
As ag machtnamh ar chrích an rioghacht
seo againn,
Fé chuinng as smacht ag námhadáibh.



II.



Thaithneadh lem chroidhe an tír bhí am'-
aice
As suidheamh na gcnoc mór árd ann,
Gach leaca fhraoigh, a's rinn a's caraig,
Ar gach nidh cois taoide as trághana;
Is dearbh gurbh bhinn lem chroidhe na
hainnir,
Ba mhín, tais, bhanamhail, mhánla,
Do chasadh an shligh, lem' linn, san
Chathair,
As fé'n dtír, go gasta grádhmhar.



III.



Ag teasdal na tíre, bhinn feadh
tamaill,
Ón Snaidhm go dtí Gleann Chárthaig,
Ón gCathair go dtí Cill Droigheallaig
gharbh,
As cois taoid' go Doire Fhionáin
theas.
Cois Bórd Eoghainín foth oidhche d'fhan-
ainn,
Le buidhean ba chneasda, fáilteach,
As i nDairbre an ghrinn le daoine
greannta
Do bhínn fé rath go sásta.



IV.



Bhí aicme dúr fé chlú ró fhada,
San dútaigh sin Uibh Ráthach,
Sár dteanga bhúidheach do bhrúghadh sa
lathaig
Dob fhonn leis an ngramaisc námhai-
deach;
Níor bhfearra an scéal ag Gaedhil
gan mhaitheas,
De shéanaidh teanga a máthar,
As do chanad Béarla bréan na Sac-
son,
Mar ghnéadh gach staigín grádna.



V.



Caithtear gan mhoill, fé dhraoib a's
lathaig,
Earaidhe as teanga Sheáin ghlic;
Ná fanam san díg, mar dhaill bheadh
balbh,
Gan bhrígh, gan neart, gan choráisde;
Cantar arís go bínn an teanga,
Mar labhair bhúr sínnsear cáileamhaíl;
A ghasra ghroidhe d'fhuil fhír na seabhac
Ná bídh-se lag san mbeárrain!



PEADAR Ó hANNRACHÁIN,
I gCathair Saidhbhín dom.



20-x-1910.



DO DHÁ SHAGHAS GHAEDHILGE ANNSO THÍOS.



Giota beag a cuireadh fá chló i n “Guth na Bliadhna, am Foghar 1907,”
e seo leanas. Tá sé dá innsint agam in ár nGaedhilg féin chun an deifir
atá idir an dá Ghaedhilg do chuir i gcéill díbh & do chífear dibh nách mór é.



“Nilim im' scoláire; a's ní háil liom a bheith.”



Más fior an scéal, bha sionnach agus
mada-allaidh a' triall comhla madainn
a' bha sin, is faicear iad asail ag ion-
altrach air léanag uaine. Tharraing
iad dluth ar an asail agus ars' an
sionnach ris an mada-allaidh — “Mur
'eil mo shúilean 'gam mhealla, tha
sgriobha neorach air brog dheire clith
na h-asail; rach an taobh a tha i
agus leúgh dé tha ann, oir is sgoilear
thu. Cha d'fhuair mi fhein a bheag
de'n sgoil riamh.” Bha am mada-
allaidh cho próiseil gu'n d'fhuair é
urram na sgoilearach, gu'n deach é
'n taobh a bhá'n asail, a bhuail breab
'sa chlaigionn air a chuir an t-eanch-
ainn as. Nuair a chonnaic an Sionn-
ach mar a thachair, labhair é na bria-
thran a tha anois air an suaineadh am
measg nan sean-fhacal — “Cha'n 'eil
mi 'm sgoileir; 's cha'n áill leam a
bhi,” mar a thubhairt am madaruadh
ris am mhada-allaidh.



Más fíor an scéal, bhí siónnach agus
mada-allaidh (machtíre) ag triall cois
a chéile, maidin, agus do chonnacadar
Tharraing asal ag inbhéar i léana glas, do thar-
rangadar i gcomhgar an asail agus
ars an sionnach leis an mada-allaidh
— “muna bhfuil mo shúile 'gam mheal-
ladh, tá scribhinn éigin ar chruidh deiridh
clé an asail; téidh-se mar abhfuil sé
& léigh 'dé atá ann, óir is scoláire thu.
Ní bhfuair mé féin morán scoluidh-
eachta riamh.” Bhí an mada-allaidh
chómh mhórálach sain go bhfuair sé ainm
(urraim) na scoluidheachta, go ndea-
chaidh sé mar a raibh an t-asal, do
bhuail an t-asal buille sa chloigean
air, a bhain an innchinn as. Nuair a
chonnaic an siónnach conas mar a
thárla, dubhairt sé na briathra so atá
anois ameasc na sean fhocal “Nílim
im' scoláire, & ní háil liom a bheith,”
mar adubhairt an mada-ruadh leis an
mada-allaidh.



Tá an scéilín seo le cloisint i gCo. an Chláir freisin, ach ní ar chrudh asail
a bhí an sgríbhinn ach ar chrúdh chapaill. Mada ruaidh & asal a bhí ag caint.
“Téidh-se & léigh na focail sin” ars an mada-ruadh “ós ort atá an fhog-
luim,” do chuaidh an t-asal 'á dheanamh & do bhuail an capall speach air a
mhairbh é. “Ní fearr iomarca den léigheann 'ná bheith fá'n a bhun,” mar
adubhairt an mada-ruadh leis an asal.



SEÁN TÓIBÍN.



SGEUL “BHACACH A
MHÁLA.”



Bhí bacach ann fadó a' lorg a
dhéirca. Fuair sé gráine púire ó
bhean tíghe agus chuaidh sé isteach idtíg
eile agus chuir sé an gráine púire ar
cheap an toirn & dúbhairt sé le bean
a tíghe é sin a choimeád do. Nuair
d'imthig an bacach amach tháinig cearc
isteach agus d'ith sí an gráine púire.
Nuair a tháinig an bacach isteach
d'fhiafruigh sé do bhean a tíghe. Cá
raibh an púire, agus dúbhairt sí go
dtáinig cearc isteach agus gur sgiob
sí léithe é. “Is liomsa an chearc,”
ar sa an bacach. “Ní leat,” ar sa an
bhean. Bhíodar ag áiteamh ar a chéile
mar sin ar feadh tamaill ach pé
nÉirinn é do sgaoileadh an chearc
leis an mbacach. D'imtig sé leis
annsan agus an chearc aige. Dochuaidh
sé isteach go bean tighe eile agus thug
sé an chearc di le choimeád go dtioc-
fhadh sé féin a triall uirthi arís. Nuair
d'imthigh sé amach tháinig muc isteach
agus d'ith sí an chearc. Nuair a tháinig
an bacach arís d'fhiafruigh sé don
mhnaói cá raibh an chearc. “Tháinig
muc isteach ó chiannaibh agus dh'ith sé
an chearc. “Is liom-sa an mhuc,” ar-
sa an bacach. “Ní leat,” arsa an
bhean acht ar deire do thug an bacach
an mhuc leis. D'imthigh sé leis agus an
mhuc aige agus chuaidh sé isteach go
tig eile. Do chomáin sé isteach an
mhuc agus dúbhairt sé lé bean a tíghe
aire do thabhairt don muic sin go
dtiocfhadh sé isteach. Nuair d'imthigh
sé amach tháinig capall isteach agus
bhris sé cos na muice. Nuair a tháinig
an bacach isteach d'fhiafruig sé do
bheanatíghé cá raibh an mhuc. Dúbh-
airt sí go dtáinig capall isteach
agus gur bhris sé cos na muice. “Is
liom sa an capall,” arsa an bacach.
“Ní leat” arsa an bhean. Do cuadar
i láthair na cúirte agus b' é an soca-
rúghadh a deineadh ná an capall a
scaoilead leis an mbacach. D'imthigh
sé leis go tig eile agus cheangail sé
an capall agus dúbhairt sé lé bean
a tíghe aire a thabhairt do go dtioc-
fadh sé isteach. Nuair d'imthig sé
tháinig cailín isteach agus do sgaoil
sí an capall amach an doras. Nuair
a tháinig an bacach isteach d'fhiafruig
sé cá raibh an capall. Dúbairt an
bhean go dtáinig cailín isteach agus
gur sgaoil sí an capall amach an
doras. “Is liomsa an cailín,” arsa
an bacach “Ní leat,” arsa an bhean,
acht do caitheadh an cailín a scaoileadh
leis an mbacach. Dúbhairt an bhean
go gcuirfeadh sí an cailín isteach i
mála. Bhí madradh bán ag an mnaoí
agus do chuir sí isteach sa mhála in
ionad an chailín é. Do thug sí an
mála don mbacach agus do bhuail sé
thíar ar a dhrom é. D'imthigh sé leis
go dtáinig sé go mullach cnuic agus
d'osgail sé an mála go gcaithfeadh
sé an cailín anuas leis an gcnoc.
Nuair a dh'osgail sé an mála do léim
an madrad amach agus siúd leis
abhaile. Do bhí gach aon liúgh ag an
mbacach ar an madradh bán, acht do
fágadh é gan chearc, gan mhuc, gan
chapall 's gan aon rud eile thar eis a
laé.



Sin é mo sgéul-sa & má tá bréag
ann bíodh.



Siobháinín Ní Lubhaing.
Baile an Fhirtearaigh.



AR DTEANGA FHONN-BHREAGH.



Fonn: Cois Leamhan tonn-támhach.
Mac Liag cct., 1910.



(Do fuair so an cheud duais ag Feis Cathrach
Domhnall i mbliadhna. Seaghan Ó Seaghdha
an file,)



Ár dteanga fhonn-bhreagh cé fada
fann-tláith ag achtaibh Gall lán-
chlaonmhar —
'S de dheasgaíbh trom-shámh 'bhí'r fhear-
aibh leamhais fáil nár dhearc an
an fealltath déanta —
Beidh feasta 'r ceann clár na Seanad
neamh-nár gan eagal anthláis
méirleach,
'S 'n-ár sgolaibh oll-árd i bhfocháir
togha (ea)ládhan, go socair sean-
rádhach léigheafar.



A's cleachtaimís buan ár dteanga
bhinn shuairc 'thug Clanna Gaoidhil
suas d'Éirinn,
An teanga ghlinn-bhuadhach badh ghrama-
daighe fuaim dár chéap an Righ
suas d'aonneach;
Ag Aimheirghín druadh badh ghasta mín-
luadhach í 'g canadh laoi-dhuan
d'Éilge,
'S táid againn faoi stuadh ó pheannaibh
ríogh-shuadh, (a)ch gur cas an nidh
duadh a léighte.



'S í chan go brígheamhail ár n-Aspal
sítheamhail ar faithche ríogh-dhún
Laoghaire,
'S ab tseamair mhín úr 'n-a ghlaic ag
suidhiughadh Trí bPearsan bhfíor-
dhlúth Dé ghil;
'S í labhair Brighid chludha(mha)il an
bhean badh ghnaoidheamhail ag tea-
gasg buidhean ciúin naomh-bhan,
A's Colm fíor-stiúir na ndronga
ndaoitheamhail d'á sporadh 'r
slighe úmhal naomhtha.



IS aiteas mór trácht thar sheanaid
Chrócáin ar Daire Fhionáin árd
aerach,
Mar 'gcleachtfaidh ógáin gach aiste 's
rócán i dteangain ró-dhámh Gaedh-
ilge;
Gach ainnir óg mhná ar dath an róis
bhláith, foiltleabhair, órnáidheach,
péarlach,
Ag canadh beodha-dhán go greant(a) i
bhfoghar bhreagh mar spreagadh
ceoil gradh(a) Orphéus.



Ní fhanfaidh Gaoidhilgeoir i dteach i
gcríoch Eoghain ná tacfaidh faoi
mór-shóirse,
Go faithche 'n tighe mhóir i ngar do'n
bhuidhin ceoil 'tabhairt aga groidhe
leo 'g éisteacht;
Dob' fhearsa faoi dhó do neach ar dith
sóigh an tamall scíth' 'gheobhadh
taobh leo,
Ná (a) bhfeacaidh d'fhior-spórt ar
talamh-dhruim fás d'á faid a bhí
gclódh shaoghaltha.



SEAGAN A' BHRÍSTE LEATHAIR.



I.



Hy! for cups and saucers,
Hy! for shaney dishes,
Hy! for the lad I love
That broke my heart with kisses.



Curfá:



Teabha rail leabha rail leá,
Teabha rail leabha rail leaidí,
Teabha rail leabha rail leá,
Seaghan 'sa' bhríste leathair!



II.



Hy! for Saturday night,
Sunday is 'long time coming,
Till I go down the street
To see my darling coming.



Teabha real leabha, &c.



III.



Bhí me lá 'gen aonach,
Dhruid me suas le standing,
Cé chifinn ann ach lady
Is í ceannach ubhal' is crackers.



Teabha rail leabha, &c.



IV.



Dhruid mé lé go dána,
Thóg mé an veil d'á bonnet;
Chuir sí nimh a súl
I bpóca 'n bhríste leathair.



Teabha rail, &c.



V.



Airiú, a Sheagháin, a laogh,
Cuir uait your tricks and magadh,
Gheobhair sugar-a-candy ar raél
A Sheaghain a' bhríste leathoir.



Teabha rail leabha, &c.



SEAGHAN Ó CEARBHAILL
Re Chan.


L. 6


RÍOGHDHAMHNA, MAC
RÍOGH DEISCEARTA NA
h-ÉIREANN.



Fad ó, is na ciantaibh sar ar fhág
sin-sin-sean-athair shin-sin-sean-athar.
Finn mhic Chumhail broinn a mháthar do
mhair righ comhachtach i ndeisceart na
h-Éireann. Ní raibh de chlainn mhach
aige acht an t-aon mhac amháin. Ríogh-
dhamhna a b'ainm do'n mhac san. Nuair
bhí sé i n-aois a fhoghlumha do cuireadh
é fé lámhaibh an ghaisgidhigh ba mhó cáil
le fagháil ar fuaid na h-Éireann.
Fuair so órdughadh cleasa gaisge
agus deagh-laoich a mhúineadh do'n
ógánach. “Fanfaidh mo mhac trí bli-
adhna id'fhochair, a ghaisgidhigh,” ars an
righ, “agus i gcionn na h-aimsire sin,
má bhíonn sé ábaltha ar shleagh a chaith-
eamh leath-mhíle ó bhaile agus torc a
bheidh an fhaid sin uaidh a mharbhadh leis
an urchar sain, béadsa sásta agus
gheobhair-se t'iomchur féin de bhuidhe-
ór mar thuarastal.”



Sar a raibh an tréimhse sin aimsire
istigh b'fheárr Ríoghdhamhna féin ná a
mháighistir ar gach cleas a múineadh
do. Bhí lúghas na con fiadhaigh agus
neart an leomhain agus clisteacht thar
fearaibh na h-Éireann ann. Chuirfeadh
sé ga chómh h-árd-san 'san spéir go
m-beadh uain ag duine a bhí t'réis
trosgadh trí lá a dhéunamh a leor-
dhóthain bhidh a chaitheamh sar a bhfilleadh
an ga.



Seadh: nuair bhí a théarma tugtha
aige leis an ngaisgidheach do thugadh
sé furmhór a aimsire ag fiadhach agus
ag sealgaireacht fé bhorb-choilltibh
ríoghachta a athar. Ba mhinic 'n-aonar
é, acht ba mhincighe ná san uaisle
cúirte a athar le 'na chois.



Aon lá amháin ghluais sé amach leis
féin fé'n g-coill. Do theastuigh uaidh
teacht suas le torc mór a bhí ag
scrios na tíre mór dtímcheall. Ní
ráinig le Riághdhamhna riamh fós súil a
leagadh air, acht fuair sé sgeula an
oidhche roimhe sin go bhfeacathas an
torc an lá céadna san agus gur
sciob se leis mac gárnóra an ríogh.



Bhí Ríoghdhamhna ag siubhal 's ag
cuardach tamall fada gan bith tuair-
isge an tuirc d'fhagháil. Fé dheireadh,
tháinig sé go ciúmhais máighe réidhe a
bhí i n-imeall na coille. Dhearc sé
uaidh amach é scáth na g-crann, agus
cad a chidhfeadh sé faid urchair sleighe
uaidh acht an torc ba mhó a connaic sé
riamh agus é ag éalughadh fé dhéin
fiolair a bhí 'n-a throm-shuan fé bhun
toir. “D'réir gach comhartha,” arsa
Ríoghdhamhna léis féin, “seo é an torc
go bhfuil an díoghbháil deunta aige.”



D'árduigh agus do dhirigh Ríogh-
dhámhna a shleagh. Chuir sé iomlán a
nirt 'san g-caitheamh. D'imthigh an
t-sleagh cruinn-díreach fé dhéin an
tuirc, agus do chuaidh tré cheart-lár
a chroidhe anonn. Acht níor tháinig an
fiolar saor ar fad uaidh. Ráinig leis
an dtorc cos a bhaint de sar ar buai-
leadh é féin.



“Níl tuilleadh díoghbhála fágtha
ionnatsa a thuirc,” arsa Rióghdhamhna,
“acht tá eagla orm gur fhágais do
chomartha ar an bhfiolar.” Bhí an fio-
lar ag sgréachaigh go beo-ghlórach & a
chúis aige, mar bhí cos bainte dhe.
Chuaidh Ríoghdhamhna sall chuige. Bhí
iongnadh a chroidhe air nuair chualaidh
sé an fiolar ag caint. “A Ríogh-
dhamhna, a phrionnsa uasail,” ar seis-
ean, “bheirim mo mhíle buidheachas
duit i d-taoibh gur shaorais ó bhás mé.
Mar sin féin ní fheadar ná go mb'
fheárra dhom an bás ná mé bheith im'
mhairtíneach go deireadh mo shaoghail
pé fada gearraid anois é. Tuig nách
í seo mo dheilbh cheart. Prionnsa
dluasal-fhuil Uladh is eadh mise agus
do cuireadh fé dhraoidheacht ar an
g-cuma so mé de bhrigh gur eitigheas
ar phósadh inghean Rígh na n-Oileán.
Ban draoi chomhachtach a b'eadh banar-
thla na mná óige, agus d'imir sí a
cleasa draoidheachta ormsa. Thárla
d'éis caitheamh mo bhéile dhom gur
thuit trom-chodladh annso orm. Tá
amhras láidir agam gur bh'í an bhan-
draoi cheadna a sheol an torc nimhneach
sain fe'm chomhair le súil go marbhó-
chadh sé mé, mar sin rud ná fuil 'n-a
cumas féin a dheunadh. Mara mbeadh
ádhmharaighe do theacht-sa chun fóirtine
orm, béile ag an d-torc orm.”



“Cá bh-fuil do chos anois?” arsa
Ríoghdhamhna.



“Tá sí i g-craos an toirc. Ní raibh
uain aige ar í chogaint sar ar buail-
eadh é.”



Tharraing Ríoghdhamhna sgian gheur as
a phócha, D' osgail sé craos an tuirc
agus bhain amach cos an fhiolair. “Tá
na liagha is feárr an dhruim an do-
mhain i gcúirt m'athar, agus má fhil-
leann tú im' theannta-sa, bheirim-se
mo bhriathar go n-deunfar tú leigh-
eas.” “Má deintear an méid sin
maitheasa dhom', ars' an fiolar. “Cé
gur oighre ríoghachta mé, beidh mé mar
sheirbhiseach duit an fhaid a mhairfead.”
“Acht fan,” ars' eisean, “feúc mar a
bh-fuil mo namhaid.”



D'fheuch Ríoghdhamhna mór dtímcheall,
acht chuaidh de í fheiscint.



“Tá sí os do chionn anáirde 'san
aer,” ars' an fiolar.



D'fhéuc Ríoghdhamhna anáirde agus
do chonnaic sé fiach dubh. “An í sin
í?” ars' eisean. “Is í go cinnte
bain cleite as mo sgiathán deas:
cuir i ngath é agus caith léi é.”



Dhein Ríoghdhamhna gach a ndubharthas
leis. Dhírigh sé a bhogha ar an bhfiach
dubh, agus do sgaoil sa' tsiubhal an
ga. Do thuit an fiach dubh, i gcló
seanmhná, fuar marbh go talamh agus
an ga sáithte 'na h-ucht.



“Mo ghraidhin do shúil, a Ríoghdhamh-
na! Tá sise as an t-slighe go deo
airís, agus ní bhaoghal dom feasda í.”



Annsan do thugadár a n-aighthe ar
chúirt an ríogh — an fiolar i mbac-
lainn Ríoghdhamhna.



Ar an mbóthar dóibh, d'fhiafhruigh
Ríoghdhamhna de'n phrionnsa eile an
raibh aon dul go bhfaghadh sé a chló
féin go bráth.



“Ní bheadh aon dul air,” ar seisean,
ar seisean, “dá maireadh an t-sean-
bhean úd gur imríghis an bás ó chianaibh
uirthe. Anois tá sise as an t-slighe
agus dob' fhéidir mo leigheas d'fhagháil
dá mbeadh fear neamheaglach meis-
neamhail raghadh 'a thóraidheacht dom.”



(Ní críoch),
“seaán na gcleas.”



NA RINNCÍ GAEDHLACHA.



II. — AN COR NO RIL SINGIL.



The reel dance is of several kinds, of
which the most in use are the eight-
hand reel and the common reel.



The manner of dancing the common
reel bears some resemblance to that of
the jig, but in saveral respects they dif-
fer. In the jig the dancers remain
stationary, and dance part after part
consecutively without ceasing — occa-
sionally moving round the room for
relaxation; but in the reel they dance
only every alternate part — moving
round the room while the other parts
are played. Thus, the first eight bars
are danced — the movement round the
room, or promenade, occupies the next
eight, and as this alternate succession
continues usually to the end of the
dance, the reel is, therefore, much
less fatiguing than the jig. As in the
latter also the reel is “halved,” and in
a similar manner; and as usual, the
most difficult and fatiguing portion of
the dance follows.



The reel promenade is performed in
this way. The dancer first steps for-
ward with the right foot — the left im-
mediately follows, but is not placed
beyond the right, and the body leans
on it for an instant, while the right
foot is raised one or two inches off the
floor and let fall again with a slight
sound, taking the weight of the body
and leaving the left free to be moved
forward as the right was moved in the
beginning. Thus the dancer steps
forward with each foot alternately, and
each step occupies half a bar, or four
quavers. This movement is sometimes
continued all round the room, and at
other times is varied, in the middle of
the promenade, with other movements.



I may also observe that, in the reel,
as well as in the different kinds of
jig, the dance is not commenced imme-
diately; there is always a preliminary
movement that occupies one part of
the time — sometimes two. The part-
ners on first coming out stand side by
side — the woman to the left of the
man — and generally allow the first part
of the tune to be played without mov-
ing. They then, hand in hand, move,
first forward and then backwards,
keeping strict time to the tune, and,
lastly, separate to their respective places
to commence the dance. The whole is
concluded by a similar movement.



“Battering,” as applied to the reel,
is called “triple battering,” or more
commonly “thribbling.” It differs,
however, from the battering of the
jig, the floor being struck four times,
corresponding with the four quavers
forming half a bar of common time, in-
stead of three, as in the jig — once by
the foot on which the body leans, and
three times by the foot thrown for-
ward: and it is from this latter circum-
stances it derives its name.



“Drumming,” too, is employed in
the reel, and is generally sounded in
triplets, i.e., there are three strokes to
correspond with two quavers. The
dance of a common reel is always com-
menced with “the side step,” in which
the dancers move lightly on tiptoe from
left to right, and from right to left,
alternately, during the first two or
three parts of the tune.



The eight-hand reel is, as its name
indicates, danced by eight persons —
four men and four women. They first
stand in a circle round the room, and
then go through a regular series of com-
plicated evolutions, somewhat like
the figures of quadrilles, but much
more animated as all are continually
in motion. In these movements there
are regularly recurring pauses, during
which the women stand still, while the
men exercise themselves to their hearts'
content in “thribbling,” taking parti-
cular care during these intervals, how-
ever short, never to allow a single bar
or note of the music to go waste.



It is an object with the musician
to procure the recurrence of the eight-
hand reel as frequently as possible, for
the men who dance it always pay him.
After it is concluded and a minute or
two allowed for rest, four of the dan-
cers — of whom two are women — stand
up and dance a common reel, a jig or
a hop-gig according to the choice of
“the girls.” These are followed by the
other four. On first standing out
after eight-hand reel — which passes
off without any immediate payment,
this being reserved for the dance
succeeding — each man puts a piece of
money into the hands of his partner,
who hands it to the musician. This
payment varies from a penny up to a
shilling, but seldom goes above two-
pence; as the same person may have
to pay several times during the same
evening. The payment, however, of a
shilling, or any large sum in the com-
mencement, exempts the person from
further charge. Among the poorer
classes of peasantry, each man pays
one penny — seldom more — every time
he dances a reel. The woman fre-
quently increases the offering by an
addition of her own; but this is an act
of generosity from which, if she please,
she may always exempt herself.



The dance of the women is generally
of a lighter and less fatiguing kind
than that of the men: they seldom
use battering, drumming, grinding or
any other of those heavier operations
performed by the men. In this re-
spect, however, there is a great differ-
ence between the usage in the counties
of Limerick and Cork — as far at least
as I have been able to observe. In
Cork the women endeavour to emulate
the men in all the various and difficult
movements with few exceptions, while
in Limerick, this, for a woman, is con-
sidered unbecoming. I have seen them
dance repeatedly in both counties, and
where I to pronounce judgment, I
should feel inclined to coincide with the
opinion of the Limerick folk. My
knowledge in this matter is, however
confined to a very limited extent of lo-
cality.



(Ar Leanmhuint).



AN SLUAGH SIDHE.



Dubhairt bean liom go ndubhairt bean
léi,
Go ndubhairt bean eile gur innis bean
dí,
Go bhfeacaidh sí bean ag bun na
sgéiche,
Agus bean nár bhean, acht sidh bhean í



II



Dubhairt bean liom go ndubhairt bean
léi,
Go raibh sean-eolas aici ar mhnaoi,
Do-chualaidh bean agus í ag innsint,
Gur seinneadh 'na cluais sa ceolta
sidhe.



III



Dubhairt bean liom go ndubhairt bean
léi,
Go raibh crann ann agus pálás faoi,
Líonta suas le daoinibh uaisle,
Agus gurbh' í sin cúirt an ríogh.



IV.



Dubhairt bean liom go ndubhairt bean
léi,
Go raibh bean bhán, bean dhearg, bean
bhuidhe,
Ag deunamh rinnce an fuaid na
gcoillte,
Insan oidhche ameasg na sidhe.



V



Dubhairt bean liom go ndubhairt bean
léi,
Go bhfeacaidh sí bean ag gol 's ag
caoi,
Sean-bhean aosta nach de'n tsaoghal
so,
Agus a gruaig ag dul le gaoith.



VI



Dubhairt bean liom go ndubhairt bean
léi,
Gurab í sin an tsean-bhean sidhe,
Agus gur tuar mór uilc do dhaoinibh
Í bheith ag caoineadh timcheall tighe.



VII



Dubhairt bean liom go ndubhairt bean
léi,
Oidhche bhí sí i n-a suidhe,
Go bhfeacaidh féin na mílte solas,
Insan lios, agus sgannruigheadh í.



VIII.



D'innis an bhean an sgeul go snasda,
Blasda briatrach binn le brigh,
An sgeul do fuair sí ó bhean ad-
tuaidh,
'S do fuair an bhean adtuaidh ó
mhnaoi.



SIOBHÁN NÍ CHONCHUBHAIR,
Droichead na Dóinne.


L. 7


A FHEIRMEÓIRÍ!



We stock the highest grades of



SEEDS,
COALS,
MANURES,
IMPLEMENTS
FEEDING
STUFFS.



IRISH MANUFACTURED GOODS
a specialty.



Prices and all particulars gladly
furnished on application.



SUTTONS,
LIMITED.
1 South Mall, CORK, and
Depots.



AN FILLEADH BEAG.



AN CULAITH GAEDHEALACH
I n-IOMLÁN, agus
BRÍSTÍN, agus
BRAT, agus
DEALG, agus
CAIPÍN, i n-a Theannta ar —
50/-



SERÍOBHAIDH CHUGHAM GO SRÁID AN RÍGHO
49A I gCORCAIG.



TOMÁS Ó GORMÁIN.



TROSGÁN TIGHE.



HOUSE FURNISHING.



I beg to call attention to my present
stock of
Furniture and Bedsteads.



My Irish-made



Parlour & Dining-room Suites
cannot be beaten for Price and
Quality.



All my Bedding is now made in my
own Workshops.



Catalogues Free
on application to



JEREMIAH O'KEEFFE,
HOUSE FURNISHER,
Pembroke Street, Tralee.
(IYL810)



FÓGRA.



LEABHRÁIN PINGINNE
“AN LÓCHRAINN.”



Táid na leabhráin seo leanas ullamh anois —



1. PÁIRLIAMENT NA MBAN,
Cuid I.



2. PÁIRLIAMENT NA MBAN,
Cuid II.



(Cormac Ua Cadhlaigh do chuir in eagar).



3. CAISMIRT NA gCEARC.
Cuid I.



4. CAISMIRT NA gCEARC.
Cuid II.



5. AN SIOTA 's A MHÁTHAIR.



6. LIAM NA GIÚISE.
(“An Seabhac” do chuir in eagar).



16 Leathanaigh de glan-Ghaedhilge ngach
ceann.



Le fághail saor tríd an bpost ar 1½d. an
ceann nó ar 9d. an dosaen.



Scríobhtar go dtí



Raighill is MacCuirc,



TRÁIGH - LÍ.



THE BEST STOCK



OF



IRISH-MADE GOODS
IN KERRY,



AT



T. LYONS & CO.,
LIMITED,
21 and 22 THE MALL,
TRALEE.



The Largest Drapers in Ireland.



SEANCHUS.



THE LATEST IRISH TEXT BOOK.



BY



MICHEÁL UA FLAINN,



Múinteoir Gaedilghe.



The Lessons are based on an entirely new
plan, and are arranged to suit the requirements
of learners.



Ní'l focal sa leabhar ach gnath-chainnt na
ndaoine.



Tá and is fully explained conversationally.
PRICE, 4D; BY POST, 5D.
FROM — THE MANAGER, “People” Printing
Works, Wexford; or from
MICHEÁL UA FLAINN, Ballymullen, Tralee.



WILLIAMS & WOODS LTD
JAMS.



MADE FROM SELECTED IRISH GROWN FRUIT.
NO FINER PRESERVES OBTAINABLE.
ON SALE WITH ALL THE LEADING GROCERS & PURVEYORS



LATCHFORD & SONS, LIMITED,
TRALEE, LISTOWEL AND DINGLE,



OFFER



Richardson's Chemical Manure Co. Ltd.,



CELEBRATED



Special Manure for each Crop. XXX Super 36%
Special Dissolved Bone Compound Super 26%
Dissolved Bone Compound Dissolved Grane, &c.



ALL IRISH MANUFACTURE.
ANALYSIS GUARANTEED



QUALITY AND CONDITION UNRIVALLED.
OUR PRICES WILL DEFY COMPETITION.



EMPORIUM.



We stock a Variety of Sizes, Shapes and Styles.



“WINSTANLEY'S”
FAMOUS IRISH-MADE BOOTS.



None Better for Wear. Lowest Prices Anywhere.



M. O'SULLIVAN & SON,
KILLARNEY.



IF YOU WISH TO UNDERSTAND
THE LANGUAGE MOVEMENT



One Penny
Weekly.



If you want to know the aims and methods of the
Gaelic League, to learn the tune, meaning of its
doctrines, to become acquainted with its organ-
isation and development, You must read …



“AN CLAIDHEAMH SOLUIS,”



Yearly
Subscrip-
tion
6s. 6d.



Published by the Gaelic League, and the Only
Authoritative Exponent of its views.



News of the Week in Irish. Articles and Stories
in Irish by the best writers. Lessons in Irish
and Hints to Students.



Offices — 25 RUTLAND SQUARE, NORTH, DUBLIN.


L. 8


PIERCE CYCLES



IRISH AND BEST.



Illustrated Art Catalogues
FREE ON APPLICATION.



MANUFACTURERS —
PHILIP PIERCE & CO.,
WEXFORD, IRELAND.
456



Mackey's Farm Seeds
OF PROVED GERMINATION AND
PURITY.



Mackey's Irish Farmers
Manual
POST FREE.



Sir James W. Mackey, Ltd
SEEDSMEN, DUBLIN.
FOUNDED 1777.
450



GAIRM SCOILE.



DO SCOILEANNAIBH CHORCAIGHE
agus
CHIARRAIGHE.



Tá ádhbhar airgid fachta againn ó
dhaoinibh a chuireann suim i n-obair na
Gaedhluinne, le bronnadh an leanbhaíbh
scoile i gconndae Chorcaighe is i gCo.
Chíarraighe. Roinnfimíd an t-airgead
so idir na scoláirí scoile ó-n dá
chonndae seo a chuirfidh na sgéilíní is
feárr 'sis taithneamhaighe chughainn gach
mí. Cuirtear na sgéilíní go dtí
Mícheál Ua Floinn, ag Connradh na
Gaedhilge i dTráighlí.



Ask for



O'MARA'S
Limerick Hams
and Bacon.



A Ghaedhla, cabhruighidh le chéile!
FOR IRISH CYCLES.



P. J. O'HEA,
17 North Main Street,
CORK.



M. H. GILL & SONS,
BOOKSELLERS.



Publishers to the Gaelic League.



Full Catalogue sent Post Free on
Application.



50 UPPER O'CONNELL STREET,
DUBLIN.



NA BÚTASAÍ IS FEÁRR,
At STEPHENS & BOURKE'S,
26, Stephens Green, DUBLIN.
(Next Shelbourne Hotel)



DO THIGHTHIBH AOIDHEACHTA INSO.



Má's as baile dhíbh a Ghaedhilgeóirí gheobhaidh
sibh ósduigheacht & bárr freasdail má chuireann
sibh fúibh ins na tighthibh Gaedhlacha so:



I gCORCAIGH.



Tigh Inghín Ní Bhuachalla, 6 Sráid an
Droichid.
(Láimh le Droichead Pádraig).



Grianán na nGaedhal
44, MOUNTJOY STREET, DUBLIN.



PRIVATE HOTEL.
Five Minutes walk from G.P.O. 890
TERMS MODERATE.
MISS McCARTHY, PROPRIETRESS.



I gCILLÁIRNE.



PARK PLACE HOTEL
(Le Seághan ó Murchudha.)
GAEDHLUINN AG MUINTIR AN TIGHE. 1033



FOLEY'S PRIVATE HOTEL,
WATERVILLE.
(A few minutes' walk from the sea and from
Loch Cuirreain).



Gaedhluinn ag muintir a' tighe. 57



LEE'S HOTEL, DINGLE.



WELL APPOINTED, COMFORTABLE,
AND COMMODIOUS.



M. McCARTHY,
Proprietor.
551.



IN UÍBH RÁTHACH ÁLUINN.



Aoidheacht maith do Ghaedhlaibh.



BEAN UÍ DHUILLEAIN,
Spúncán, An Cuirreán.



KENNEDY'S
DYGATE ST., DINGLE.



Good Fare. Comfort and Satisfaction, at a
Moderate Tariff.
Five minutes' walk from Railway Station.



Labhartar Gaedhilg 'sa' tig seo.



GLANACHAR
SAOIRSEACHT
SÍBHÍALTACHT.
Temperance Hotel, Castleisland.
M. D. BROSNAN, Proprietor.



I LÚNNDAIN SASANA.



CUIRIDH FÚIBH I DTIGH AN
PHAORAIGH.



DESMOND HOUSE.
2, GREAT ORMOND STREET,
LONDON W.C.



GEARY'S HOTEL,
49 & 50 THOMAS STREET,
LIMERICK.



Very Select and Central. Breakfasts, Luncheons,
Dinners and Teas, at shortest notice.



PRICES MODERATE. 953



SOCAIR-LIOS DO GHAEDHEALAIBH,
I nDÚN GARBHÁN.



Tá teach aoidheachta deas ag.
MAIGHRÉAD NÍ ANNRACHÁIN
(Private Hotel, 26 Mary-street,
Dungarvan). 867



Baile an Fheirtéaraig an Craoibhín Aoibhinn,
Ameasg Ceanntair Gaedhlacha nÉirinn tíom-
pall.
Tá ann greann Seana-nósa a's ceólta ár sinn-
sear.
Tá rinnce is damhas ann & amhráin bhríoghmhar



Má tá Gaedhluin uait, ná cunlaiste chum í
fhoghluim, nó airgiod agat le caitheamh cuir
fios air an fear fíor-ghaedhlach Liam ó Lúbhaing.
Baile an Firtéaraig, Daingean.



I dTráighlí.



TIGH-ÓSTA UÍ SHUILIOBHÁIN,
33 UPPER CASTLE STREET.
TERMS MODERATE. 1058



MUINTIR AODHAGÁIN,
32, SRÁID PHÁDRAIG, 32
I gCorcaig.



Makers of Medals in Gold and Silver. Celtic Designs a specialty.
GAELIC LEAGUE BADGES IN GOLD AND SILVER.



Makers of Irish Poplin Vestments.



RELIABLE WATCHES FROM 10s. 6d. UPWARDS.
W. EGAN & SONS, 32 PATRICK STREET, CORK



The Highest Point



IN ARTISTIC
FURNISHING
has been reached with the superb
new designs we have now on show.
People who know good furniture when
they see it, and have studied furniture
designing are making a point of seeing
our showrooms.



MUNSTER FURNISHING CO.,
11 Great George's St., CORK.



TÁILLIÚIREACHT.



DONNCHADH UA LIATHÁIN,
43, Sráid Marlboro,
I gCorcaigh.



Tailoring by First-class Tailors,
On the premises,
Labhartar Gaedhilge ann.



TROSGÁN TIGHE.



HOUSE-FURNISHING.



LOOK through my Stock before
buying. I hold the best Variety
and GIVE THE BEST VALUE.



M. RYAN,
36 and 37 King St., CORK.



SOLUS
NA nGAEDHEAL
déanta
I mBAILE ÁTA CLIATH



Irish Medicines.



WE guarantee our Irish Manufactured
Medicines equal, if not superior,
to any imported.



We employ more Qualified Chemists
than any firm in Ireland — all Irishmen.



We have maintained our proud posi-
tion as Premier Chemists of
Ireland for 105 Years.



CORK CHEMICAL & DRUG CO.
(LIMITED),
HARRINGTON'S
80 and 81 Patrick Street,
CORK. 7812/1



IRISH GOODS ONLY
AT THE
IRISH ART COMPANIONS,
28, Clare Street, DUBLIN.
Gach aon saghas earraí le fághail ann.
WRITE FOR CATALOGUE.



CÓMHLUCHT NA FÍRINNE CATOILICE
I N-ÉIRINN,
LEABHAR ÚRNAIGHTHE,
PRAYER BOOK IN IRISH,



Containing the ordinary Morning and Even-
ing Prayers, Prayers for Mass, Confession and
Communion, Litanies, Indulgenced Prayers,
Devotions to the Sacred Heart, Holy Family,
and the Prayer En Ego after Communion,
etc., etc.



Paper Boards, 1d; Cloth. 9d; Leather Gilt, 1s 6d.



CATHOLIC TRUTH SOCIETY
OF IRELAND,
24 UPPER O'CONNELL STREET, DUBLIN.
Complete Catalogue, post free on application.



FÉ CHOMAIRCE
NAOMH PÁDRAIG.
AG SRÁID AN RÍOGH
I gCORCAIG.
SEÁN Ó CONAILL



SAOR EALADHANTA AGUS
SNAIGHTHEADÓIR CLOICHE.



IS uaidh a gheobhfar gach aon nidh dá
fheabhas mar chros-liag, leac-cuimhne
altóra, agus mar sin dóibh, chun
órnáidí ar uaghaibh agus ar eaglaisíbh



C. MURPHY.
100, Great Britain Street, DUBLIN,
FOR goods of Irish Manufacture. Gene-
ral House Furnishing, Ironmongery,
Brush, Lamp, Glass and China Ware-
house. Goods Hired out.



PÍOPAÍ GAEDHLACH.
SMOKE FITZGERALD'S
Absorbent Clay Pipes.



2 Adelaide St., CORK.



GALÚNAC GAODHLACH.



KELTIC SOAP,
2d., 2½d., and 3d. Sizes.



E. RYAN & CO., LTD.
Manufacturers, CORK.



JM. RUSSELL & SONS, Ltd.
Flour and Meal Millers,
NEWTON PERY LOOK AND
CORBALLY MILLS.
LIMERICK.



“AN LÓCHRANN.”
Ar na chur amach gach mí ag Muintir
Raighill is Cuirc i dTráigh-lí. Le
fághail saor tríd an bpost ar trí
réalacha san mbliadhain.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services