Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Seabhac na Ceathramhan Caoile

Title
Seabhac na Ceathramhan Caoile
Author(s)
Ó hAodha, Tomás,
Pen Name
Caoilte Mac Ronáin
Composition Date
1906
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Seabhac na Ceathramhan Caoile



Rachfad le fonn gurab togha na bhfear fionn
Seabhac na Ceathramhan Caoile,
An faraire cabhartach, bronntach, fearamhail,
Fonnmhar, flaitheamhail, fíonmhar,
Thar a maireann san domhan ar dhrom na talmhan
D'fhoghluim, ceart, nó dlighe ar bith,
'Sé thoghfainn mar rogha ortha labhairt mo chneas-sa
Do thabhairt ó'n gcroch úd, Ínse.



Ó Inis Cluan Rámhfhad' go teora Mhuirisín Fódradh
an firín sásta,
Cá bhfuil a shórt a mbórd na gcorn,
Nó an eol díbh ann níos fearr é?
Tá miotal an leoghain ann, clódh agus con-bhrigh,
Spórt is uireasbhaidh gnáthach,
Ta gile na glóire, clodh na haingilidhe,
Clónradh 'gus luisnidhe neamhdha tríd.
S' nach neámhaidhe chím a ghnaoi 'sa phearsa,
'S is binn 's is blasta a bhréithre,
Go hálainn, íogmhar, tigheacht gan chealg


L. iii


Gan puímp gan mhasladh dhéanadh,
Grádh lem' chroidhe an Cuimíneach greannta,
Líomhtha, laidneamhail, léigheanta,
'S do chnámh na righthe Mhíleadh leath é
Agus d'fhíor-scoth cheart na Gréige.

Níl tréithe treon 'n-a Fódla ar fad
Nach eol dam a bheith i nÉadhmonn
Réidh le cóir, i gcóir chun catha,
Eolgasach, deigh-mhéineach.



"Tiucfaidh an Gearaltach agus culaidh nimhe air,
Agus deirim-se gur díth dhíbh An Cuimíneach fá'n
bhfód."


L. v


An Chéad Fhuireann



Do léirigh



Seabhac na Ceathramhan Caoile



ag an Oireachtas, 1906.



An Cuimíneach … Tadg Ó Donnchadha.



Eibhlís Craech … Cáit Ní Dhonnchadha.



Seabhac na Ceathramhan Caoile … An Colbárdach.



Roibeárd Cuimín … Pádraig Ó Ceallacháin.



Eibhlín Ní Ghormáin … Maighréad Ní Fhoghludha.



Peig Ní Chorbáin … Síghle Ní Ailghéasa.



Cormac na gCaorach … Piaras Béaslaoi.



Tadhg … Seaghán Ó Ceallaigh.



An tAthair Gearróid Ó
Sionnáin … Séamus Ó Muirgheasa.



An Brianach … Pádraig Ó Beacháin.



Captaon Mac Donnchadha … Séamus Ó hÉalaighe.



An Stacabólach … Ruaidhrí Ó Síothcháin.



Domhnall … Ruaidhrí Ó Síothcháin.
Brian … Párthalán Ó Riain (Saighdiúirí)



Dromadóir … Cathal Paor.



Cáit Bhuidhe (bean-feasa) … Nóra Ní Fhoghludha.



Stiúrthóir: Cathal Mac Garbhaigh.


L. vi


Daoine an dráma.



An Cuimíneach … Duine uasal agus file.



Eibhlís Craech … Bean an Chuimínigh & Sleamhnánaidhe
Slightheach.



Éadhmonn ("Seabhac na Ceathramhan Caoile"),
Roibeárd - Beirt Mhac an Chuimínigh.



Eibhlín Ní Ghormáin … Bean Uasal óg atá i ngrádh leis
"An Seabhac."



Peig Ní Chorbáin … Ropaire Mná.



Cormac na gCaorach … Mac Pheig agus Crochaire de bhitheamh-
nach.



Tadhg … Giolla Gasta an Chuimínigh.



An Brianach (Tighearna an Chláir),
Captaon Uaithne Mac Donnchadha - Taoisigh i nArm na
Frainnce.



An Stacabólach … "Buailim-sciath" de Ghall-phoc.



An tAthair Gearróid Ó Sionnáin … Sagart Díbeartha.



Bean Feasa, Píobaire, Drumadóir, Saighdiúirí, agus daoine eile.


L. 1


Seabhac na Ceathramhan
Caoile.



Gníomh an hAon.



AN ÁIT - I gConntae an Chláir agus i bhFlónndras.
AN tAM - Ó 1740 go 1750.



AN RADHARC - Seomra i dtigh Mhór Chille Chrocáin agus é gléasta
ar nós leabharlainne. Doras isteach ar an taoibh chlé agus
fuinneog ar an taoibh thiar. Bórd i lár an urláir. Leabhra,
páipéar, buidéal duibh, dhá choinnleoir airgid, &rl., ar an
mbórd. Pictiúir mná óige áilne ar crochadh ar an mballa
le hais na fuinneoige. Cófra mór i gcúinne agus ceangal
iarainn agus glas air. Cathaoir nó dhó agus troscán
oireamhnach eile.



AN CUIMÍNEACH ('n-a shuidhe ag an mbórd agus
leabhar 'n-a láimh aige dhá léigheadh):



"A Phádraic, sin agat mo scéal,
Mar thárla dham féin gan ghó,
Mo dhul is m'imtheachta go beacht,
'S mo theacht tar m'ais Ó Thír na nÓg."



'Seadh, (go háithbhéasach) míle moladh le Rígh na
Glóire gur fhág Sé agam mo radharc, mo mheamhair,
agus mo shláinte go raibh an laoi seo críochnuighthe
agam! Agus, a Chuisle Ghil na hÉigse, mo chéad míle
buidheachas leat-sa leis! Do chuireas neart mo
chroidhe agus m'aignidh san obair - Á! agus cad do
bhéarfadh ná cuirfinn?



[Éirigheann sé agus féachann ar an bpictiúir ar an
mballa.]


L. 2


Nach ort-sa, a Áine Ní Bhriain, a luthráinín ghlan-
mhaisigh, a aingil ghléigil - nach ort-sa do bhíos ag
cuimhneamh, nach ort-sa do bhíos ag féachaint agus mé
ag ceapadh na tuairisce úd ar áilneacht agus ar
bhreághthacht Niamh Chinn Óir, cé go bhfuil tú fá'n
gcréafóig san roilig úd thall le sé bliadhna fichead!



[Tagann beirt bhan taobh amuigh de'n bhfuinneoig agus
féachann siad isteach ar feadh tamaill.]



Ní raibh éan-rud eile ag teacht idir mé féin agus mo
shuaimhneas le fada acht an laoi seo. Acht cad táim
a rádh? Bhí rud éicint eile ag cur buaidheartha orm.
Is annamh do bhíodh Seabhac na Ceathramhan Caoile as
mo chuimhne. Á! a Sheabhaic, badh dhlúth daingean do
choimeád tú an rún i gcomhnaidhe, agus badh bheag an
iongnadh é dá mbeadh an fhoidhne caithte agat fad ó.



[Éirigheann sé agus féachann amach ar an bhfuinneoig.]



Chím go bhfuil an lá ag spalpadh suas arís. Is fada
nár chorruigheas amach agus ó thárla go bhfuil an gnó
so críochnuighthe agam is dóigh liom go raghaidh mé ar
cuaird ar feadh tamaill. (Téigheann go dtí an
doras.) A Thaidhg, a Thaidhg, - bhfuil tú annsoin.



GUTH AMUIGH. - Táim, a Mháighistir.



AN CUIMÍNEACH. - Gabh i leith annso, tá gnó agam
díot.



GUTH AMUIGH. - Beidh mé chughat láithreach, a
Mháighistir.



[TADHG isteach.]



AN CUIMÍNEACH. - Gaibh an capall dam, a Thaidhg,
táim ag dul ar cuaird tamall.



TADHG. - Féach, a Mháighistir, mara bhfuil práidhinn
mhór amach ort, ná corruigh as an tigh indiu.



AN CUIMÍNEACH. - Cia an ciall, airiú?



TADHG. - Níl deallramh ró-mhaith ar an lá; tá cuma
na báistighe air, agus beidh ceathanna troma ann.


L. 3


AN CUIMÍNEACH. - Chím gealacht ag teacht, agus
má thagann cioth beag féin ní dhéanfaidh braoinín de'n
bháistigh ciotaighe ar bith dham.



TADHG. - Tá droch-dhath ar an bhfairrge i mbun na
gaoithe; acht b'fhéidir go nglanfadh sé. Ar a shon
soin féin b'fhearr liom go bhfanfá istigh. (I leath-
taoibh). Chím go bhfuil Peig Ní Chorbáin annso agus
ní haon ghnó macánta do thug chughainn í.



AN CUIMÍNEACH. - Seo leat, a Thaidhg. Bí ag
corruighe agus nuair bheidh an capall gléasta agat
tar isteach chugham arís.



TADHG. - Tiocfad, a Mháighistir, agus ní bheidh mé
an fhaid is do bheitheá a rádh "Dia lem' anam" ag cur
an chapaill i gcóir duit.



[TADHG amach.]



AN CUIMÍNEACH. - Nach cúramach atá Tadhg bocht
orm! Agus do thugas fá ndeara go raibh sé an-
cheanamhail ar an Seabhac leis. Buachaillín lághach
duineamhail deagh-chroidheach 'seadh Tadhg. (Tógann sé
an laoi 'n-a láimh.) Tá sé chomh maith dham an seod so
do chur i dtaisge leis an gcuid eile. (Osgluigheann
sé an cófra agus féachann isteach ann.) Tá saothar
mo shaoghail ar fad annso idir filidheacht agus scéal-
aidheacht, acht ní móide gur chuireas ann riamh éin-nidh
ní b'fhearr 'ná an laoi seo.



[Dúnann sé an cófra agus cuireann an glas air. Annsoin
seasann sé ag an bhfuinneoig arís.]



[TADHG isteach arís.]



TADHG. - Tá an capall ag an doras, a Mháighistir.
(I leath-taoibh.) 'Seadh, agus tá an diabhal san
gcistean.



AN CUIMÍNEACH. - Cá bhfuil Roibeárd indiu, a
Thaidhg?



TADHG. - Tá sé ag fiadhach san nGleann Doimhin.


L. 4


AN CUIMÍNEACH. - Cia tá i n-éinfheacht leis? An
Seabhac, is dócha!



TADHG. - An Seabhac; agus go deimhin duit, a
Mháighistir, níor airigheas riamh a leithéid de dhroch-
aoide is do thug an Mháighistreás dó nuair bhí sé ag
dul amach.



AN CUIMÍNEACH. - Do Roibeárd, an eadh? Dhe
airiú, cia an chiall?



TADHG. - Tá 'fhios agat go bhfuil an Seabhac agus
Roibeárd an-cheanamhail ar a chéile.



AN CUIMÍNEACH. - Aithnigheann an fhuil - Ó! 'seadh,
'seadh, do thugas fá ndeara go rabhadar go han-mhór
le n-a chéile le fada; acht an mar gheall air sin do
thug sí an droch-aoide do Roibeárd?



TADHG. -'Seadh, go deimhin. "Nach deas an scéal
é," ar sise, "tusa do bheith ag imtheacht le stróinnse
de stócach ná fuil 'fhios ag éinne cé'r bh'é a athair."



AN CUIMÍNEACH. - Shaoileas go raibh sí féin go
han-mhuinnteardha leis an Seabhac.



TADHG. - Bhí go dtí le déidheannaighe.



AN CUIMÍNEACH. - Agus cia an chiall ar iompuigh
sí 'n-a choinne?



TADHG. - Tá mo thuairim féin agam air sin; acht, a
Mháighistir, mara bhfuilim ró-dhroch-mhúinte, bhfuil 'fhios
agat-sa cé'r bh'é athair an tSeabhaic?"



AN CUIMÍNEACH (agus sceon air) - A-a-a
Thaidhg, cia an chiall ar chuiris an cheist sin orm-sa?



TADHG. - Rud éicint adubhairt Peig Ní Chorbáin an
lá fá dheireadh.



AN CUIMÍNEACH. - Peig Ní Chorbáin! Há! Agus
cad do bhí le rádh ag an mbiadánaidhe úd?



TADHG. - "Bhfuil 'fhios agat, a Thaidhg," ar sise,
"cé'r bh'é athair an tSeabhaic?"


L. 5


AN CUIMÍNEACH. - 'Seadh, tiomáin leat.



TADHG. - "Ar thugais fá ndeara riamh, a Thaidhg,"
ar sise, "go bhfuil cosamhlacht mhór ag an Seabhac
le Roibeárd? Do chreidfeadh éinne gur bheirt
dearbhráthar iad."



AN CUIMÍNEACH. - An bháirseach nimhneach! Acht a'
ndubhairt sí éin-nidh eile?



TADHG. - "Ní fheadar," ar sise, "cia an chiall a bhfuil
báidh chomh mór soin ag an Máighistir leis an Seabhac."



AN CUIMÍNEACH. - Nach mór atá sé ag goilleamh-
aint uirthi, an bháidh atá agam leis. Rath do chéirde
ort-sa, a Pheig, ní hí seo an chéad uair do chuir do
bhiadán daoine trí n-a chéile.



TADHG. - Agus "dul i n-aois dul i n-olcas" di.



AN CUIMÍNEACH. - Acht ní fheadar cad tá 'n-a
ceann aici i dtaoibh an tSeabhaic.



TADHG. - Táim-se suidhte dhe gur dóigh léi go bhfuil
gaol éicint idir tú féin agus an Seabhac.



AN CUIMÍNEACH. - Buille fá thuairim! Is dócha
gurbh' í Peig a bhí ag cainnt leis an Máighistreás.



TADHG. - Bí cinnte dhe; tá siad an-mhór le chéile le
déidheannaighe. Tá rud éicint eatortha.



AN CUIMÍNEACH. - Má tá, cuirfidh mise deireadh
leis go tapaidh.



TADHG. - Badh mhaith liom dá gcuirfeá, a Mháighistir,
mar ní lugha orm an deamhan féin 'ná Peig.



AN CUIMÍNEACH. - Acht, a Thaidhg, 'sé an gnó atá
agam díot-.



TADHG. - Seadh, a Mháighistir.



AN CUIMÍNEACH. - Téighir anonn go dtí an
Cheathramha Chaol go Máire Bhán agus abair léi gur
chuireas tusa chúichi chun a rádh nach fada uaithi anois an
lá ar a bhfuil sí ag brath.


L. 6


TADHG. - Níl agam le rádh acht an méid sin - nach
fada uaithi anois an lá ar a bhfuil sí ag bráth.



AN CUIMÍNEACH. - Níl, acht ná leig ort le héinne
ca bhfuil tú ag dul nó cad é do ghnó.



TADHG. - Ní gábhadh dhuit an chomhairle sin do
thabhairt dom, a Mháighistir. Níor fhágas ar chumas
éinne riamh fós é "béal gan stothadh" nó béal
scaoilte" do chuir mar leas-ainm orm-sa.



AN CUIMÍNEACH. - Acht ar eagla go mbuailfeadh
Peig Ní Chorbáin nó an Mhaighistreás id' threo -



TADHG. Badh bheag an mhaith dhóibh é; acht cuireann
sé sin i gcuimhne dham gur maith leis an Máighistreás
rud éicint a rádh leat sul a n-imtheochaidh tú.



AN CUIMÍNEACH (i leath-taoibh). - Há, ní fheadar
cad tá uaithi anois. (Le Tadhg.) Abair léi theacht i
leith annso, a Thaidhg.



TADHG. Déanfad soin, a Mháighistir.



[TADHG amach.]



AN CUIMÍNEACH (ag siubhal anonn is anall go
buadhartha). - Ní fheadar i n-éan-chor an bhfuil éin-eolas
ag Peig i dtaoibh an tSeabhaic. Tá amhras éicint
uirthi go háirithe. An bitheamhnach bradach! Do
ruagas í as an áit seo cheana; acht chomh fada is atá
Eibhlís muinnteardha léi ní chuinneochadh fear agus píce
amach í. Agus cad tá le rádh ag an Máighistreás
liom, ní fheadar? Is annamh a thagann sí chugham-sa a
d'iarraidh comhairle nó chun éin-nidh d'innsint dam;
acht beidh fhios agam go gairid anois cad tá uaithi.



[EIBHLÍS isteach]



EIBHLÍS. - Chím go bhfuil tú ag dul ar cuaird.



AN CUIMÍNEACH. - Bhíos ag cuimhneamh air.



EIBHLÍS. - Badh mhaith liom rud éicint a rádh leat
sul a n-imtheochthá.


L. 7


AN CUIMÍNEACH. - Suidh, a Eibhlís, níl éin-deabhadh
orm. Cad tá ort?



EIBHLÍS. - Tá mo dhaoithint orm: tá Roibeárd 'om'
chéasadh le déidheannaigh.



AN CUIMÍNEACH. - Ag imtheacht ar a chomhairle
féin, is dócha.



EIBHLÍS. - Go díreach, agus tá sé ró-mhór ar fad
le Seabhac na Ceathramhan Caoile; gach éan-uair a
fhaghann sé cead a choise bíonn sé i gcuideachta an
tSeabhaic agus ní maith liom soin.



AN CUIMÍNEACH. - Cia an chiall?



EIBHLÍS. - Ní dhéanfaidh sé pioc maitheasa dhó a bheith
ag imtheacht gach aon lá le stróinnse dhíomhaoin mar é
siúd - stollaire ná fuil 'fhios ag éinne cé hé féin nó
cé'r bh'é a athair nó a mháthair acht an oiread.



AN CUIMÍNEACH. - Níl géireacht do theangan ag
maolughadh go háirithe.



EIBHLÍS. - Nuair do labhras le Roibeárd i dtaoibh a
bheith ag imtheacht leis an Seabhac is amhlaidh d'éirigh sé
im' choinne go droch-mhúinte.



AN CUIMÍNEACH. - Níor dhein sé a leithéid sin
riamh roimhe seo.



EIBHLÍS. - Deamhan pioc sásaimh a thug sé dham acht
dubhairt sé liom gur bh'fhearr míle uair an Seabhac 'ná
an buicín is galánta i nUí Bhriocáin -.



AN CUIMÍNEACH (i leath-taoibh). - Graidhn mo
chroidhe thú, a Roibeárd!



EIBHLÍS. - Agus chomh fada is bhí tusa sásta, go
raghadh sé leis gach éan-uair badh mhaith leis - nach deas
an tabhairt suas é sin?



AN CUIMÍNEACH. - Agus bhí an ceart ag Roibeárd.



EIBHLÍS. - Bhí an ceart ag Roibeárd! agus níl
sásamh le fághail agam acht an méid sin?


L. 8


AN CUIMÍNEACH. - Nior airigheas riamh gur dhein an
Seabhac éan-rud as an tslighe.



EIBHLÍS. - Acht ar a shon soin féin ní compánach oir-
eamhnach do Roibeárd é.



AN CUIMÍNEACH. - Buachaill lághach múinte deigh-
bhéasach 'seadh é, agus táim suidhte dhe dá bhfeicfeadh
sé Roibeárd ag dul amugha i n-éin-tslighe go gcuir-
feadh sé ar bhealach a leasa é.



EIBHLÍS (go magamhail). - Nach mór an mhuinghin atá
agat as an Seabhac?



AN CUIMÍNEACH. - Tá aithint agam air le fada.
Níor dhein sé éan-rud lag-bheartach riamh ar m'
eolas-sa.



EIBHLÍS (ag tabhairt súil-fhéachainte air). - Dar
fiadh, acht do chreidfeadh éinne gur gaol gairid duit
féin an Seabhac. Acht ní chun aighneas do chur ort do
thángas chughat.



AN CUIMÍNEACH. - Agus cad do thug annso thú
mar sin?



EIBHLÍS. - Ag féachaint a' gcuirfeá deireadh leis
an gcaidreamh so atá idir an Seabhac agus Roibeárd.



AN CUIMÍNEACH. - Ní chuirfead. Bhfuil tú sásta
anois?



EIBHLÍS. - Beidh aithmhéala ort ar ball.



AN CUIMÍNEACH (ag éirghe). - Bíodh. An bhfuil
éan-rud eile agat le rádh liom anois?



EIBHLÍS. - Tá.



AN CUIMÍNEACH. - Cér'd é sin? (Suidheann sé.)



EIBHLÍS. - Teastuigheann roinnt airgid uaim.



AN CUIMÍNEACH. -'Dé an gnó atá agat de'n
airgead anois?



EIBHLÍS. - Beidh cóisir mhór i Rinn na Spáinneach i
gceann coigthighise -


L. 9


AN CUIMÍNEACH. - Tuigim ambasa; agus an mbeidh
an costas ar fad ort-sa?



EIBHLÍS. - Tá fonn magaidh ort; acht féach, tá
cuireadh fághálta agam-sa, acht ní féadfainn dul ann
gan culaith nuadh.



AN CUIMÍNEACH. - Cé tá ag tabhairt na fleidhe
uatha?



EIBHLÍS. - Na Ma'Ruanaigh, agus airighim go mbeidh
uaisle Uí Bhriocáin go léir ann.



AN CUIMÍNEACH. - Beidh na Gall-phuic agus na
bodairí a shéan a dtír agus a gcreideamh agus atá
anois ag gabháil de chosaibh ins na daoinibh - beidh siad
súd ann.



EIBHLÍS. - Do bheitheá féin chomh dona leo mara'dh
go bhfuil mise agus mo mhuinntir agat mar dhídean
ó'n dlighe.



AN CUIMÍNEACH. - Uaisle Uí Bhriocáin, an eadh?
Á, fóiríor! tá uaisle Uí Bhriocáin buailte fá chois.
Tá sean-Ghaedhil na háite seo imthighthe, acht d'fhágadar
dríodar salach 'n-a ndiaidh, agus leigeann siad súd
ortha gur uaisle iad. Níor chuireadar cuireadh
chugham-sa.



EIBHLÍS. -Ó! ní raghfá-sa ann; b'fhearr leat a bheith
ag déanamh filidheachta agus ag léigheadh sean-leabhra
dreoighte annso -



AN CUIMÍNEACH. -'Ná a bheith ag ríth i ndiaidh na
nGall-phoc. Tá an ceart agat.



EIBHLÍS. - Féach, ní tháinig mise annso chun adhbhar
magaidh do dhéanamh díom féin. A' dtiubhraidh tú
dham an t-airgead?



AN CUIMÍNEACH. - Cé mhéid atá uait?



EIBHLÍS. - Is dóigh liom go ndéanfadh deich nginí an
gnó.


L. 10


AN CUIMÍNEACH (ag feadghail). - Deich nginí!
Luach seisrighe. Nach bog atá tú!



EIBHLÍS. - Beidh Roibeárd ag teacht liom agus teas-
tuigheann culaith éadaigh uaidh sin leis.



AN CUIMÍNEACH. - Roibeárd ag dul leat, an
eadh? Beidh rud éicint agam-sa le rádh mar gheall
air sin.



EIBHLÍS. - Tá sé bliadhain is fiche d'aois anois agus
badh chóir dúinn bheith ag féachaint i ndiaidh mná dhó.



AN CUIMÍNEACH. - Nuair bheidh sé i n-am pósta do
Roibeárd gheobhaidh mise bean dó - nó rud ní b'fhearr,
b'fhéidir, gheobhaidh sé féin céile dhó féin - agus mo
lámh agus m'fhocal duit ní de shíolradh na Sasanach a
thiocfaidh sí. Do dheineas féin dearmhad -



EIBHLIS. - Is mise do dhein an dearmhad agus
sean-bhreallán ded' leithéid-se do phósadh.



AN CUIMÍNEACH. - Ní dhéanfaidh sé pioc maitheasa
dhuit droch-aoide do thabhairt damh-sa. Glac mo
chomhairle agus ciúinigh tú féin.



EIBHLÍS. - A' dtiubhraidh tú an t-airgead dam?



AN CUIMÍNEACH. - Ní thiubhrad. Níl ann acht mí ó
thugas deich nginí dhuit cheana. Dá mbeadh mianach óir
agam ní sheasóchadh sé an scabáiste seo.



EIBHLÍS (ag éirghe go feargach). - Nach cruaidh an
cás é go bhfuilim buailte fá chois ins an gcuma so!
Thugas cúig céad giní annso liom, gan trácht ar éan-
rud eile, agus cá bhfuil an t-airgead anois?



AN CUIMÍNEACH. - Tá a dhá oiread caithte agat
ort féin agus ar na sutairíbh do bhíodh ag rith id' dhiaidh
annso.



EIBHLÍS. - Tabhair aire dhuit féin agus ná tarraing
mise ort.



AN CUIMÍNEACH. - Níl fonn bruighne orm-sa indiu,


L. 11


agus ní raibh súil ar bith agam leis an gcollóid seo
nuair thángaís isteach.



EIBHLÍS. - Bíodh a mhilleán ort féin.



AN CUIMÍNEACH. - Caithfidh mé bheith ag imtheacht
anois, agus ní bheidh mé ar ais go ceann cúpla lá.
Go dtugaidh Dia lá maith dhuit.



[AN CUIMÍNEACH amach.]



EIBHLÍS. - Nár éirghe an t-ádh it' bhóthar leat, agus
nár leigidh Dia dhúinn tú ag filleadh dhuit, a shean-
cheithearnaigh, agus nach agat tá an greim ar an
airgead. Mo shaoghal dearg ort!



[Téidheann sí go dtí an fhuinneog, féachann sí amach agus i
gceann tamaillín airightear an capall ag imtheacht.]



A, a shean-bhrealláin, ní hí seo an chéad uair do thug
tú iarracht ar mhise do chur fá chois, acht ní éirgheochaidh
sé leat. (Téidheann sí go dtí an doras) A Pheig, a
Pheig, gabh i leith annso.



[PEIG isteach.]



PEIG. - Táim annso, a Mháighistreás (ag umhlughadh).
Do sheirbhíseach, a Mháighistreás.



EIBHLÍS. - Táim nach mór glan as mo mheamhair,
a Pheig.



PEIG. - Chím go bhfuil tú buaidheartha agus tré n-a
chéile, a Mháighistreás.



EIBHLÍS. - Agus ní gan fáth é. Ní amháin gur eitigh
an sean-leastar mé, acht dubhairt sé ná leigfeadh sé
Roibeárd liom go Rinn na Spáinneach. Ar airigh
éinne riamh éan-rud mar é sin?



PEIG. - Go deimhin féin, a Mháighistreás, níor airigh,
agus ní fuirist foidhne do bheith agat ag pléidhe leis.



EIBHLÍS. - Acht cad do dhéanfaidh mé anois? Caith-
fidh mé an t-airgead d'fhágháil ar chuma éicint.


L. 12


PEIG. - Ní fhéadfá dul go Rinn ná Spáinneach gan
culaith nuadh, pé ar domhan é, nó Roibeárd acht an
oiread. Acht is goire cabhair Dé 'ná an doras.
Cuarduigh an teach agus b'fhéidir go bhfuightheá spáig i
n-áit éicint ann.



EIBHLÍS. - Ní annso atá sí curtha i dtaisce aige.
Tá sé ró-ghasta, agus is baoghal liom ná fuil scilling
le fágháil san tigh.



PEIG. - D'airigheas féin go minic go raibh a shaidh-
bhreas ar fad i dtaisce aige ins an seomra so
(preabann sí le háthas agus buaileann a dhá bhais le
chéile) agus dar fiadh, bhí ughdarás éicint leis an
scéal, mar féach, (beireann sí ar Eibhlís agus teas-
bánann sí an cófra dhi) féach ar an gcófra úd agus
ar an gcaoi 'n-a bhfuil sé greamuighthe le hiarann. Tá
saidhbhreas an Chuimínigh istigh ann chomh cinnte is táim-
se annso.



EIBHLÍS. - A Pheig, ní hí an chéad bhearna d'fhosglaís
dam. Rith agus faigh casúr nó tuagh nó rud éicint
eile go mbrisfimíd an glas.



PEIG (i leath-taoibh). - B'fhéidir gur bhearna dham
féin atá mé chun fhoscailt.



[PEIG amach.]



EIBHLÍS. - Ní fheadar cad do dhéanfainn i n-éan-
chor mara'dh Peig. Shaoileas go rabhas buailte ar fad
agus do cheap an "file," is dócha, go raibh buaidhte
aige orm go glan. Acht beidh mo dhaoithint airgid
agam anois gan spleádhchas dó.



[PEIG isteach arís.]



PEIG. - Seo, a Mháighistreás, fuaireas tuagh an
tSeabhaic san gcistean go tráthamhail, agus ní bheidh tú
ró-fhada anois gan airgead.



[Beireann EIBHLÍS ar an tuaigh. Briseann sí an glas agus
oscluigheann an cófra. Téidheann sí ar a glúinibh agus caith-
eann amach na leabhra agus na páipéir. Seasann Peig taobh


L. 13


thiar di ag féachaint uirthi. Nuair tá an cófra nach mór
folamh sciobann Peig rolla páipéir as an gcarn ar an
urlár agus cuireann i bhfolach i n-a brághaidh é i gan fhios
d'Eibhlís. Nuair tá an cófra folamh éirigheann Eibhlís go
canncrach.]



PEIG. - Agus níl éin-nídh ann, a Mháighistreás.



EIBHLÍS. - Níl pioc ann acht an méid a chíonn tú.
Do dheinis dearmhad an uair seo go háirithe, a Pheig.



[Seasann An Seabhac i ndoras an tseomra ag féachaint ortha.]



PEIG. - Féach air sin anois! Do thógfainn an
leabhar air go raibh spáig mhór san gcófra, acht caith-
fimíd í lorg i n-áit eile anois.



EIBHLÍS. - Cá bhfuil an t-airgead i dtaisce aige, ní
fheadar? (Féachann sí timcheall uirthi.)



PEIG. - Geobhmaoid amach é má tá sé san tigh; acht
tá sé chomh maith dhúinn na leabhra do chur isteach san
gcófra arís.



EIBHLÍS (go feargach). - Ní raghaidh ceann aca isteach
ann go bráth arís. Déanfaidh mé teine cnámh díobh
láithreach amuigh ar an tsráid.



AN SEABHAC (ag tabhairt sceimhle isteach eatortha).
- Cad é sin adeireann tú?



[Baintear geit as na mnáibh agus iompuigheann siad de
phreib ag féachaint cé tá ann.]



PEIG. - Seabhac na Ceathramhan Caoile!



EIBHLÍS. - Seabhac na Ceathramhan Caoile! Agus
cad do thug annso thusa?



AN SEABHAC. - Táir chun na leabhra do dhóghadh.



EIBHLÍS. - Cad é sin duit-se?



AN SEABHAC. - Do rugas oraibh go glan ag réabadh
na háite ar lorg airgid. Acht féach, ní dhéarfaidh mé
focal mar gheall air má chuireann sibh na leabhra
isteach san gcófra arís.



EIBHLÍS (ag gáiridhe go fonnmhar). - Ha! ha! ha!


L. 14


nach lághach atá sé! Dar mo bhriathair acht do chreid-
feadh éinne go raibh éileamh éicint aige ar an áit.
Seo; bailigh leat as so go tapaidh no cuirfidh mise
iachaibh ort imtheacht.



AN SEABHAC. - Ní chorróchaidh mé cos as an áit seo
go gcuirfear na leabhra ar ais arís.



EIBHLÍS. - Seo, a Pheig, beir leat amach na sean-
rudaí dreoighte seo agus caith taobh thiar de'n teine
iad.



AN SEABHAC. - Ná déin, a Pheig, ná leag méar
ortha nó beidh aithmhéala ort.



EIBHLÍS. - Cuirfead-sa teine leo agus feicimís cé
chuirfidh cosc liom.



AN SEABHAC (ag preabadh idir na mnáibh agus na
leabhraibh). - Cuirfead-sa cosc leat. Ní leigfead-sa
dhuit-se nó d'éinne eile méar do leagaint ar
leabhraibh m'athar - (stadann sé go hobann).



EIBHLÍS (scannruighthe). - Leabhra t'athar! A Pheig,
a Pheig, ar airighís cad dubhairt sé - an Cuimíneach a
athair.



PEIG. - Ha! ha! ha! Do scéith sé an rún. Bhí
'fhios agam-sa go maith gur mhac do'n Chuimíneach é.



EIBHLÍS. - A Dhia mhóir na bhFeart, agus nach náireach
an scéal é! Acht fan go dtiocfaidh an sean-
bhitheamhnach a bhaile agus scaoilfidh mé teine tríd.
Ó faire go deo! agus is dócha go mbeidh sé seo ag
éileamh na háite seo ar ball.



PEIG. - Ná cuir tú féin trí n-a chéile, a Mháighis-
treás; ní call duit eagla do bheith ort mar gheall
air sin, ar thabhartanas atá sé.



AN SEABHAC. - Ní maith liom é rádh leat, acht tá
tú dearg-bhréagach; agus dá mbadh í an chéad uair
thugais t'éitheach do thachtfadh sé thú.



PEIG. - Ní chuirfidh tú méar fám' shúil-se chomh bog


L. 15


soin. Tá 'fhios agat go maith gur ar thabhartanas atá
tú.



AN SEABHAC. - Á, a bhiadánaidhe, níor tháinig sé
chun baile dhuit riamh focal maith a rádh i dtaobh éinne
acht an focal is measa id' bhéal i gcomhnaidhe.



EIBHLÍS. - Agus an amhlaidh a dhéarfá go raibh an
Cuimíneach pósta sul ar phós sé mise?



AN SEABHAC. - Bhí, i gan-fhios do'n tsaoghal. Tá
teistiméireacht an phósta agam-sa agus sid í pictiúir
mo mháthar.



EIBHLÍS (i leath-taoibh). - Teisteiméireacht an phósta!
Caithfidh mé greim fhágháil air sin nó bainfidh sé a
oighreacht de Roibeárd. (Leis an Seabhac.) Scéal
fíor! B'ait liom í fheicsint. Seo, bailigh leat as so.



AN SEABHAC. - Ní chorróchaidh mé cos as an áit seo
indiu go gcuirfear na leabhra i dtaisce arís.



EIBHLÍS. - An amhlaidh tá fonn ort seilbh do thógaint
annso cheana féin? (Téidheann sí go dtí an doras
agus glaodhann amach.) A Pháidín, a Cheallacháin,
tagaidh i leith annso! Cuirfidh mise iachaibh ort
imtheacht.



[PÁIDÍN agus CEALLACHÁN isteach. Tá corrán agus téad
'n-a láimh ag Páidín.]



PÁIDÍN. - Támaoid annso, a Mháighistreás.



EIBHLÍS. - Beiridh ar an mbitheamhnach úd agus caithidh
amach é.



PÁIDÍN (scannruighthe). - Seabhac na Ceathramhan
Caoile!



CEALLACHÁN (ag féachaint ar Pháidín go himnidh-
each). - Seabhac na Ceathramhan Caoile!



EIBHLÍS. - Beiridh air, adeir mé libh, agus chaithidh
amach é.



PÁIDÍN (le Ceallachán). - Seo leat, a Cheallacháin.


L. 16


CEALLACHÁN. - Tabhair-se faoi i dtosach.



PEIG. - Féach ortha, airiú! Ar mh'anam acht tá siad
ag crith le faitchíos roimhe.



EIBHLÍS. - Cad tá oraibh, nó an bhfuil eagla ar an
mbeirt agaibh roimhe? Ha! ha! ha!-faire fúibh!
Seo, beiridh air, adeir mé libh!



[Druideann siad araon go haireach agus go himnidheach
isteach ar an SEABHAC. Seasann seisean go ciúin, socair,
agus é ag mion-gháiridhe fútha. Nuair thagann siad 'n-a
ghaobhar, glacann siad scannradh agus ritheann siad siar arís].



AN SEABHAC. - Glaoidh ar bheirt eile isteach, a Pheig.



EIBHLÍS. - 'S gráin oraibh, a shúmairí! Cad é an
mhaith atá ionnaibh, nó 'bhfuil éin-mhisneach agaibh? Cia
an chiall ná preabann sibh isteach air? Tabhairfidh
Peig agus mé féin congnamh díbh.



PÁIDÍN. - Bea-bea- b'fhearr lio-lio- liom gan
éan-bhaint a bheith agam le - leis, a Mháighistreás.



CEALLACHÁN. - Ragh-ragh- raghaidh mise fá dhéin
pí- píce, a Mháighistreás.



[Leigeann an SEABHAC scairt as. Cromann sé agus beir-
eann ar an tuaigh].



EIBHLÍS (ag tabhairt súil-fhéachaint' ar an Seabhac).
- Ná bac leis an bpíce go fóil. Ní maith liom é do
ghortughadh. B'fhéidir go n-imtheochadh sé anois go
macánta agus gan a thuilleadh aighnis do chur orainn.



AN SEABHAC. - Téighir fá dhéin na píce, a Cheall-
acháin, go bhfeicimíd cad is féidir leat a dhéanamh léi
- is fada ná rabhas i n-éan rocán anois.



PEIG (ag sleamhnughadh taobh thiar de'n tSeabhac). -
Agus ná fuil sé d'intinn ag an mbeirt agaibh é
d'aimsiughadh?



EIBHLÍS. - Ó! mhaise, go bhfóiridh Dia orainn! Ní
fhaca mé riamh éin-bheirt badh lugha misneach 'ná na
snámhairí seo. Fáire go deo! Níl ionnta acht spreas-
áin.


L. 17


PEIG (ag baint a clocha dhi) - Go deimhin féin, a
Mháighistreás, ní fiú iad do chothughadh, mar is olc atá
siad ag frith ort indiu.



[Teasbánann sí an clóca do PHAIDÍN agus do CHEALLACHÁN
agus bagruigheann sí ortha.]



EIBHLÍS. - Dá mbeinn-se im' fhear, do bheadh beirte
agam air fad ó.



[Caitheann PEIG an clóca anuas ar cheann an tSEABHAIC.
Preabann PÁIDÍN agus CEALLACHÁN isteach. Beireann siad
air agus leagann é. Tugann PEIG agus EIBHLÍS congnamh
dóibh. Ceangluigheann siad an SEABHAC go docht, acht ní gan
obair mhóir. An fhaid atá siad ar mhullach an tSEABHAIC
brostuigheann siad a chéile mar seo: "Maith an fear, a
Pháidín," "Beir ar a lámhaibh," "Cuir ar phleasg a dhroma é,"
"Sin é é," "Tá sé agam anois," agus mar sin de.]



EIBHLÍS. - Anois, a Sheabhaic na Ceathramhan Caoile,
cad é an tairbhe dhuit do lúth agus do mhisneach agus
do cháil? Tá tú ar lár againn go glan.



AN SEABHAC. - Ní mé an chéad fhear do thuit le
cealg mná.



EIBHLÍS. - Anois, a bhuachaillí, cuarduighidh a phócaí
agus a chuid éadaigh agus féachaidh an bhfuil éan-
pháipéar foluighthe ionnta.



AN SEABHAC (ag gáiridhe go fonnmhar). - Ha! ha!
ha! Tá's agam cad tá id' cheann agat. Tá tú i
ndiaidh na teistiméarachta. Is gasta an bhean thú, acht
dheinis dearmhad an uair seo - ha! ha! ha!



EIBHLÍS. - Rith, a Pheig, agus faigh cadhrán móna go
gcuirfimíd gobán i mbéal an bhlaodhthaire seo. [PEIG
amach.] Agus deinidh mar adubhairt mé libh, a chabúin.



AN SEABHAC. - Ní gábhadh dhóibh dul fá éin-triob-
lóid, mar níl an páipéar atá uait-se orm.



[PEIG isteach.]



[Cuirtear an cadhrán móna i mbéal an tSEABHAIC agus
cuarduighthear a chuid éadaigh. An fhaid atá an gnó so ar
siubhal atá siad go léir ag cainnt le chéile mar so: "An
póca so!" "Bhfuil éin-nídh ann?" "An póca eile anois!"
"Féach an bhfuil póca taobh istigh dá chasóg." "Oscail a
bheasta," & rl.]


L. 18


EIBHLÍS (i leath-taoibh). - Tá gach éan-rud ag dul
im' choinne indiu, acht beidh sásamh éicint agam. (Le
Peig) A Pheig, beir leat amach an drabhfhuigheall so
agus cuir taobh thiar de'n teine iad. Do bhí an
Cuimíneach i bhfad níos cúramaighe ortha-so 'ná do bhí
sé órm-sa riamh.



PEIG. - Go deimhin féin, tá an ceart agat san
méid sin, agur badh mhór an feall é, a Mháighistreás -
badh mhór.



[Bailigheann PEIG gabháil de sna leabhraibh le chéile. Tos-
nuigheann an SEABHAC ag únfairt, agus luigheann sé ar chuid
aca].



EIBHLÍS. - Seo leat agus dóigh an sprus salach so.



[PEIG amach.]



Agus, a Sheabhaic na Ceathramhan Caoile, a dhuine
bhoicht! is beag do shaoileas ó chianaibh go raibh tusa
mar leas-mhac agam. Is amhlaidh bheidh gach éinne ag
tnútháin liom feasta mar gheall ar dhuine chomh cáil-
eamhail leat-sa do bheith agam mar mhac.



[Ritheann PEIG isteach agus scannradh uirthi].



PEIG. - A Mháighistreás - a Mháighistreás, seo an
Cuimíneach chughainn!



EIBHLÍS. - Há! ambasa beidh ceol againn anois;
acht ní fheadar cad d'éirigh dó. A Pheig, a Pháidín,
a Cheallacháin, tagaidh i leith annso chugham. (Ag
cogairnigh.) Cuirfimíd i leith an tSeabhaic é gur
tháinig sé annso chun na háite do réabadh, agus cuimh-
nighidh gur leis an tuagh.



[Seasann an CUIMÍNEACH ins an ndoras agus tagann
iongantas air nuair chíonn sé na daoine eile ins an seomra.]



AN CUIMÍNEACH. - Cad é seo? Cad é seo? Cad
tá ar siubhal agaibh? - nó cad do thug sibh-se go léir
isteach im' sheomra-sa gan chead? Agus Peig Ní
Chorbáin annso! Do chuireas an ruaig ort-sa cheana,
acht chím ná raibh éan-mhaith ann. Seo, bailigh leat as


L. 19


so; (leis an mbeirt eile) agus badh chirte dhíbh-se a
bheith i bhfeidhil bhur ngnótha. Seo, bailighidh libh go
tapaidh.



EIBHLÍS ('n-a sheasamh idir an Cuimíneach agus an
Seabhac). - Ná cuir chun siubhail iad fós. Béidh rud
éicint aca le rádh leat-sa láithreach.



AN CUIMÍNEACH. - Cad do bheadh aca le rádh liom-
sa? (Tugann sé an Seabhac fá ndeara.) Agus cé
hé seo sínte ar an urlár agaibh? (Druideann sé
isteach agus féachann sé air.) Dar fiadh, acht 'sé an
Seabhac atá ann! Cia an chiall ar cheangal sibh mar
sin é? - nó cad do dhein sé oraibh?



(Leigeann an SEABHAC grág as agus tugann iarracht ar
éirghe.)



EIBHLÍS. - Is maith an scéal é ná rabhamar go léir
sínte marbh agus an teach dóighthe loiscthe romhat.



AN CUIMÍNEACH (ag tabhairt an cófra fá ndeara).
- Agus cad é seo - nó an ar mo shúilibh atá sé? An
cófra réabtha briste, agus na leabhra imthighthe. Na
leabhra - na leabhra, cad do dhein sibh leo? A Eibhlís,
a Eibhlís, cá bhfuil siad?



EIBHLÍS. - Níor bhain mise leo.



AN CUIMÍNEACH (go suaidhte). - A Dhia mhóir na
bhFeart! an ag taibhreamh atáim? Nílim leath-uair a'
chluig imthighthe as an seomra so, agus féach ar an
ndíoghbháil atá déanta ó chuaidh mé amach - an cófra
briste, na leabhra sciobtha, agus an Seabhac cean-
gailte ar an urlár.



PEIG. - Agus an t-anam scannruighthe asainn go
léir, a Mháighistir.



AN CUIMÍNEACH. - Agus cad do thug annso é?
A Sheabhaic, cad do thug annso thú i n-éan-chor?



EIBHLÍS. - Ní féidir leis labhairt leat.



AN CUIMÍNEACH. - Cia an chiall? Cad tá air?


L. 20


EIBHLÍS. - B'éigin dúinn gobán do chur 'n-a bhéal, bhí
sé ag liúghairigh chomh huathbhásach soin.



[Leigeann an SEABHAC grág eile as].



AN CUIMÍNEACH. - An as a mheamhair a bhí sé?



PÁIDÍN.- Bhí sé mar bheadh deamhan dearg aníos ó
ifreann, a Mháighistir.



AN CUIMÍNEACH (le Páidín agus le Ceallachán). -
Seo, scaoilidh é, agus leig dó éirghe.



EIBHLÍS. - An as do mheamhair atá tú? Má scaoil-
tear é mairbheochaidh sé gach éinne san tigh.



PÁIDÍN. - Ní bhainfidh mise leis, a Mháighistir.



CEALLACHÁN. - Do bheadh eagla orm-sa dul 'n-a
ghaobhar tá sé chomh millteach soin.



PEIG. - B'fhearra dhuit é fhágaint mar atá sé go
dtiocfaidh sé chuige féin.



AN CUIMÍNEACH. - Ó bhó, bhó, bhó, cad do dhéanfaidh
mé i n-éan-chor? Bhfuil 'fhios agaibh cad do bhain dó nó
cad do thug annso é?



EIBHLÍS (agus dranna uirthi). - Cad do thug annso é
acht ag lorg a choda féin, is dócha!



AN CUIMÍNEACH (scannruighthe). - Cad é sin adeir-
eann tú? A' lorg a choda féin!



EIBHLÍS. - 'Seadh, nach é do mhac féin é, agus do
mhac is sine leis? Á' a shean-chladhaire, do scoilt sé
ort.



AN CUIMÍNEACH (Buaidhreamh 'n-a fhéachaint agus é
ag crith ó bhun go bathas). - Á! agus an mar sin atá
an scéal? Do scéith sé chughaibh an rún. Is dócha gur
bhris ar an bhfoidhne aige, acht bíodh an milleán orm
féin.



EIBHLÍS. - Seadh, bíodh an milleán ort féin agus
tuilleadh tubaiste chughat.


L. 21


AN CUIMÍNEACH (leis an Seabhac). - Á, a
Éamoinn, a Éamoinn, dá mbeadh foidhne agat go
ceann seachtmhaine eile bhíos chun é admháil ós cómhair
an tsaoghail gur tusa mo mhac dlisteanach féin.



EIBHLÍS. - Agus a shean-bhitheamhnaigh, níl náire ort é
rádh suas lem' bhéal go raibh mac ar thabhartanas agat
sul ar phós tú mise. Féach, dá mbeadh scian agam do
sháithfinn id' chroidhe í go dtí an chos.



AN CUIMÍNEACH. - Féach, a Eibhlís, táim cráidhte
mo dhaothaint cheana, agus gan an choir ghránda úd do
chur im' leith; acht ár ndóigh bhí droich-intinn agat i
gcomhnaidhe.



PEIG. - Ná fuil teistiméireacht an phósta ag an
Seabhac agus nach í siúd pictiúir a mháthar, a Mháighis-
treás?



AN CUIMÍNEACH. - Go ndeinidh Dia trócaire uirthi.



EIBHLÍS. - Is dócha gur le stainncín orm-sa do
chongbhuigh sé an phictiúir annso; acht beidh sásamh
agam-sa.



[Beireann sí ar an gcorrán agus tugann iarracht ar an
bpictiúr do lot. Preabann an CUIMÍNEACH idir í féin agus
an bpictiúir agus baineann di an corrán.]



AN CUIMÍNEACH. - Iomchuir tú féin, a Eibhlís. Má
leagann tú méar ar an bpictúir úd beidh aithmhéala
ort.



EIBHLÍS. - A bhitheamhnaigh bhradaigh, fuairís mo chúig
céad giní le feall-bheart.



AN CUIMÍNEACH (ag gáiridhe). - Mhaise go deimhin
duit támaoid bodhar agat féin agus na cúig céad
giní úd. Cúis gháire ó Dhia chughainn!



EIBHLÍS. - Cloisfidh tú a thuilleadh mar gheall ortha
adeir mise leat-sa; acht ní fhanfaidh mé nóiminte
eile fá dhíon an tighe seo chun geoin magaidh do
dhéanamh díom féin, mar chím ná fuil meas an mhadraidh


L. 22


orm annso nó ní raibh riamh. (i leath-taoibh.) Tá
sgiatháin an tSeabhaic gearrtha anois go háirithe.



[EIBHLÍS amach.]



AN CUIMÍNEACH. - A Pheig, cad do dhein an Seabhac
as an tslighe?



PEIG. - Do shleamhnuigh sé isteach annso agus tuagh
'n-a láimh aige, agus do bhris sé glas an chófra. Badh
scannradh saoghalta dhuit a bhéith ag féachaint air agus
an rabharta feirge do ghabh é.



[Tugann an SEABHAC iarracht eile ar éirghe.]



AN CUIMÍNEACH. - Go bhfóiridh Dia orm! níl 'fhios
agam an ar mo cheann nó an ar mó chosaibh atáim im'
sheasamh.



PEIG. - Go deimhin féin, a Mháighistir, ní gan fáth é
agus is truagh Mhuire thú indiu.



AN CUIMÍNEACH. - Féach, a Pheig, ní thugann do
thruagh-sa éan-tsásamh domh-sa. Níl éan-ghnó agat
annso feasta. Seo, bailigh leat as so. (Leis an
mbeirt eile.) Agus tá sé chomh maith dhíbh-se a bheith
ag imtheacht leis; fágaidh annso mé go fóill.



PEIG. - Go dtugaidh Dia lá maith dhuit, a Mháighistir,
agus is truagh liom do chás. (i leath-taoibh.) Tá
greim daingean agam ortha go léir anois, ha!
ha! ha!



[PEIG agus na BUACHAILLÍ amach.]



AN CUIMÍNEACH. - Á, a Sheabhaic, a Sheabhaic, cad í
an mhearaidheacht, nó cad é an donas a thuit ort agus
an feall so d'imirt orm?



[Scaoileann sé na ceangail agus baineann an gobán as
béal an tSEABHAIC].



Do sháithis saighead nimhneach im' chroidhe indiu go
háirithe; agus ní chreidfinn ó'n domhan go ndéanfá
beart chomh náireach soin mara'dh go bhfaca mé lem'
shúilibh féin í.



[Éirgheann an SEABHAC, tógann sé leabhar do bhí faoi ar
an urlár agus cuireann ar an mbórd é].


L. 23


AN SEABHAC. - Agus a' gcreideann tú go bhfuil
mise cionntach? Féach, níl san méid adubhairt na
bitheamhnaigh úd leat acht éitheach ó thúis deireadh, agus
dearg-éitheach leis.



AN CUIMÍNEACH. - Ní dhéanfaidh an leath-scéal soin
an gnó. Á, a Éamoinn, ní raibh éin-cheart agat
teacht annso.



AN SEABHAC. - Fágaim fé Dhia é ná raibh éan-
bhaint agam leis an gcófra.



AN CUIMÍNEACH. - Agus cionnus do tháinig Eibhlís
agus Peig agus an bheirt eile ar éan-fhocal amháin?



AN SEABHAC. - 'Neosaidh mé dhuit gach éan-rud go
díreach mar do thuit sé amach.



AN CUIMÍNEACH. - Seo leat.



AN SEABHAC. - Tháinig mé ar Eibhlís agus ar Pheig
agus iad ag briseadh an chófra. Bhíodar ag lorg
airgid ann.



AN CUIMÍNEACH. - Agus cionnus do thángaís isteach
chomh tráthamhail sin? D'airgheas go raibh Roibeárd
agus tú féin ag fiadhach san nGleann Doimhin indiu.



AN SEABHAC. - Bhíomar san nGleann Doimhin acht -



AN CUIMÍNEACH. - Agus cá'r fhágais Roibeárd?



AN SEABHAC. - Bhíos chun é sin d'innsint duit. Do
ghortuigh Roibeárd a chos agus tháinig mé a bhaile fá
dhéin an chapaill dó.



AN CUIMÍNEACH. - Roibeárd gortuighthe! Nár
leigidh Dia go bhfuil an scéal níos measa.



AN SEABHAC. - Agus an amhlaidh adéarfá gur bhain
mise le Roibeárd?



AN CUIMÍNEACH. - Is aisteach an gnó é. Nach
tráthamhail go raibh mise amuigh nuair thángaís; nach
tráthamhail go raibh Roibeárd as an tslighe; agus rud
eile, nach leat an tuagh so?



AN SEABHAC. - Is liom, acht -


L. 24


AN CUIMÍNEACH. - Ní ghlanfadh an méid uisce atá
san bhfairrge thú, agus badh chaillte an mhaise dhuit é mo
chroidhe bhocht do scóladh i ndeireadh mo laetheanta.



AN SEABHAC. - Mara bhfuil tú ar mire ar fad do
thuigfeá mar ar thuit an scéal amach.



AN CUIMÍNEACH. - Tuigim an scéal go han-mhaith;
ná ceap gur 'madán mise, do gheobhthá an chroch ar an
bhfiadhnaise atá id' choinne. D'éirigh tú mío-shásta cé
go raibh saoghal breagh agat. Thángaís annso mar
ghadaidhe chun iachaibh do chur orm-sa do chuid féin do
thabhairt duit agus -



AN SEABHAC. - Fágaim fé Dhia é go raibh an scéal go
díreach mar d'inniseas duit é agus ná fuilim cionntach.



AN CUIMÍNEACH. - Ná habair a thuilleadh anois.
Bíodh deireadh leis an scéal. Tá mise réidh leat.
Seo roinnt airgid duit (síneann sé sparán chuige
acht ní ghlacann AN SEABHAC é), agus téighir i n-áit
éicint as mo radharc - pé áit is maith leat; acht ná
tar im' ghaobhar ó'n lá so amach. Ní thiubhraidh mé mo
mhallacht nó mo bheannacht duit - fágaim fé Dhia thú.



AN SEABHAC. - Conbhuigh do chuid airgid. Is cos-
amhail ná raibh uait acht leath-scéal chun mise do
dhíbirt. Seadh, imtheochaidh mé ar feadh tamaill chun
suaimhnis do thabhairt duit; acht tiocfaidh mé ar ais
arís, agus ní bheidh gach éan-rud ar a toil féin ag
Eibhlís. Go maithidh Dia dhuit an éagcóir atá déanta
agat orm-sa, agus is baoghal liom go mbeidh aithmhéala
ort go gairid.



[An SEABHAC amach.]



AN CUIMÍNEACH (ag rith go dtí an doras). - A
Éamoinn, a Sheabhaic, fan; ná himthigh. A Sheabhaic, a
thaisce, fan go fóill. Tá sé imthighthe (cuireann sé a
lámh le n-a éadan agus siubhlann sé anonn is anall
go buaidheartha). Cad tá déanta agam? Bhíos as
mo mheamhair agus bhíos ró-chruaidh air (druideann


L. 25


sé isteach leis an gclár agus tugann an leabhar fá
ndeara). A Dhia mhóir, cad tá annso agam! Laoi
Oisín - buidheachas mór le Dia! Cad d'éirigh dam
i n-éan-chor agus an gnó so do chur 'n-a leith? Go
maithfidh Dia dham é. Mairbheochaidh an lá so mé. A
Sheabhaic, mo sheacht míle beannacht ort (tagann
creathadh 'n-a ghlór) agus nár leigidh Dia go n-imtheoch-
aidh tú go bhfeicim arís thú.



[Suidheann sé go trom tuirseach agus leagann sé a cheann
ar an gclár tuitim i bhfanntaisne].



BRAT ANUAS.


L. 26


An Tarna Gníomh.



AN RADHARC - Oidhche ghealaighe i n-áit chreagaigh ar bhruach na
fairrge i n-iarthair Uí Bhriocáin. Cosán agus streapaí ó'n
talamh chomhthrom go dtí an tráigh. SEABHAC NA CEATHRAMHAN
CAOILE agus EIBHLÍN NÍ GHORMÁIN 'n-a suidhe ar na cairrgeach-
aibh ag cainnt le chéile.



AN SEABHAC. - Tá an scéal ar fad agat anois ó
thúis deireadh, a Eibhlín.



EIBHLÍN. - Is aisteach an scéal é, a Sheabhaic, a
chroidhe. Acht cad do dhéanfaidh tú anois, a Éamoinn?



AN SEABHAC. - Is baoghal liom go gcaithfimíd
scaramhaint le chéile ar feadh tamaill, mar ní fhéad-
fainn fanacht annso níos fuide.



EIBHLÍN. - Ní fhéadfá, ár ndóigh, mar tá 'fhios agam
go maith go bhfuilir ró-neimhspleádhach agus ró-
dhuineamhail. Acht, a Sheabhaic, a chroidhe, gheobhaidh mé
bás leis an uaigneas má imthigheann tú uaim.



AN SEABHAC. - A Eibhlín, ná leig an galar dubhach
id' ghaobhar, a stórach; níl éan-chall leis.



EIBHLÍN. - Agus, a Sheabhaic, cá raghaidh tú?



AN SEABHAC. - Raghaidh mé go dtí an Fhrainnc chun
slighe bheathadh do bhaint amach ann le neart mo láimhe
agus le faobhar mo chlaidhimh.



EIBHLÍN. - Go dtí an Fhrainnc!



AN SEABHAC. - 'Seadh; beidh long ag teacht amach
anocht ó Lios Ceannúir agus tá currach ag teacht i
leith annso chun mise do thabhairt amach chúichi.



EIBHLÍN. - Och, mo chumha chroidhe! Do bhíos ag brath
ar rud éicint mar sin. Acht, a Sheabhaic, is baoghal


L. 27


liom má imthigheann tú go gtí an Fhrainnc ná feicfidh
mise go bráth arís thú.



AN SEABHAC. - Ná habair é sin, ná habair é sin, a
Eibhlín. Tá súil le Dia agam go dtiocfaidh mé ar
ais chughat agus gan pioc i measa liom.



EIBHLÍN. - Ní maith liom i n-éan-chor an imirce seo
go dtí an Fhrainnc. Níl fear óg ó Cheann Léime go
Buirrin a d'fhéadfadh claidheamh d'iomchur ná fuil
imthighthe ann.



AN SEABHAC. - Acht tiocfaidh siad ar ais lá éicint.



EIBHLÍN. - Támaoid ag feitheamh leo le dáfhichid
bliadhain, acht ní thángadar fós.



AN SEABHAC. - Acht ní fada uainn anois é.



EIBHLÍN. - Cumha láir lem' chroidhe, is minic mé ag
smuaineamh ar an dtír bhoicht seo agus ar an gcaoi
'n-a bhfuil sí tráighte traochta ó chogadh agus ó ghéir-
leanamhaint na nGall.



AN SEABHAC. - Acht cuirfimíd deireadh leis an
anró go gairid -



"Beidh leagadh 'gus gearradh 'gus brúth,
Beidh scaipeadh 'gus scannradh 'gus uireasbhaidh,
Gallaibh dá gcaitheamh gan chabhair
Nuair ghreadfas an Franncach teine leo!"



EIBHLÍN. - Dá mbeadh aga chuige i mbárach, cá bhfuil
na fir a sheasfadh san mbearnain?



AN SEABHAC. - Tá siad dá ngléasadh féin thall
agus tiocfaidh siad ar ais lá éicint agus fuadar
nimhe fútha.



EIBHLÍN. - Acht a' dtiocfaidh na Franncaigh leo chun
an chomhair do díol?



AN SEABHAC. - Bí cinnte dhe. Nár thugadar iarr-
acht faoi cheana agus d'éirgheochadh leo mara'dh go
raibh an ghaoth 'n-a gcoinnibh.


L. 28


EIBHLÍN. - B'fhéidir é, acht tá eagla orm. Agus a'
bhfuil tusa ag dul ann i ndáiríribh?



AN SEABHAC. - Táim, agus mara'dh go rabhas chomh
ceanamhail sin ort-sa, agus mara'dh go raibh an grádh
ceangailte chomh mór soin im' chroidhe, bhíos imthighthe
ann anuraidh.



EIBHLÍN. - Agus an bhfuil do ghrádh ag trághadh anois?



AN SEABHAC. - Cad é an sórt cainnte é sin, a
Eibhlín?



Eibhlín. - Dubhraís anois láithreach go rabhais chomh
ceanamhail sin orm anuraidh is ná féadfá imtheacht
uaim, acht táir chun scaramhaint liom anois agus do
réir deallraimh níl spalla bróin ort - á, do leigis
amach ort féin, a Sheabhaic (leigeann sí gáire beag
aisti).



AN SEABHAC. - Cúis gáire ó Dhia chughainn!



EIBHLÍN. - Agus is dócha nuair raghaidh tú thar sáile
agus nuair bhuailfidh bean uasal áluinn éicint id'
threo go ndéanfaidh tú dearmhad ar fad orm-sa.



AN SEABHAC. - Éist léi, airiú! An cuimhin leat
an lá úd fad ó nuair do bhíomar ag bailiughadh
na sméara dubha i bhfochair a chéile san gCeathramhain
Chaoil?



EIBHLÍN. - Lá na tóirnighe, an eadh?



AN SEABHAC. - 'Seadh; nuair d'éirigh an t-anfadh,
agus nuair tháinig duibhthean go hobann ar an spéir,
agus nuair do bhí splanncracha ag léimnigh agus an
tóirneach ag pléascadh go huathbásach ós ár gcionn -
An cuimhin leat é?



EIBHLÍN. - Is maith is cuimhin liom é.



AN SEABHAC. - Bhís an-bheag an uair sin, agus
bhís i riocht tuitim i bhFanntaisne le lagachair is le
scannradh agus le heagla an lá úd.



EIBHLÍN. - Nach maith an chuimhne atá agat air!


L. 29


AN SEABHAC. - Do ghlacas truagh an domhain duit
agus is iongantach an rud é nár thosnuigheas ar ghol i
n-einfheacht leat.



EIBHLÍN. - Ag gáiridhe agus ag déanamh magaidh
fúm-sa do bhís.



AN SEABHAC. - Chun misneach do thabhairt duit; acht
pé'r domhan é, do bhailigheas thú isteach im' ghabháil mar
do dhéanfainn le leinbhín -



EIBHLÍN. - Agus do léimis trasna an tsrotháin agus
mise ar do bhaclainn agat.



AN SEABHAC. - Agus chuamar ar foscadh ó'n
gclagarnaigh, agus nuair do bhís ag teannadh isteach
liom le huamhan agus le neart faitcheasa, do phógas
do bhéilín beag milis agus dubhairt leat ná raibh
baoghal ar bith ort agus gan éin-eagla do bheith ort.



EIBHLÍN. - 'Seadh, agus ghlacas misneach agus
d'imthigh an eagla láithreach. Á, a Sheabhaic, do shaoil-
eas na lá úd ná raibh buachaill níos misneamhla, nó
níos groidhe, nó níos breaghtha i nÉirinn 'ná tusa.



AN SEABHAC. - Do thugas fá ndeara gur imthigh an
scannradh, agus do mhothuigheas rud éicint ag
corruighe im' chroidhe - b'é an grádh do thugas duit
'n-a dhiaidh sin do bhí ag dúiseacht ann, agus tá sé ag
neartughadh agus ag borradh gach lá ó shoin.



EIBHLÍN. - B'é an scéal céadna agam-sa é, a
Sheabhaic, a ghrádh.



AN SEABHAC. - 'Seadh, agus nuair do tháinig an
ghealacht i ndiaidh an duibhthin, nuair stad an chlagar-
nach, agus nuair spalp an ghrian amach go taithneamhach,
do chuamar araon a bhaile ag gáiridhe go spleodrach
cé go rabhamar fluich báidhte.



EIBHLÍN. - Cad do chuir cuimhne an lae úd id' cheann
anocht?


L. 30


AN SEABHAC. - Tá duibhthean ar an spéir dúinne
fá láthair, acht, le congnamh Dé, tiocfaidh an ghealacht
ar ball.



EIBHLÍN. - Go leigidh Dia soin; agus, a Sheabhaic,
a ghrádh agus a leomhain, ní fheadar-sa cia an chiall é,
acht ó thosnuighís ar chainnt ar an lá úd táim i bhfad
níos sásta im' aigne 'ná do bhíos roimhe sin.



AN SEABHAC. - Fanfaidh tú liom mar sin go
dtiocfaidh mé ar ais chughat arís?



EIBHLÍN. - Fanfaidh mé leat agus beidh mé dílis
duit pé fhaid a bheith tú imthighthe; agus tiubhraidh mé
dhuit mo lámh agus m'fhocal air ná beidh éan-chur-
isteach agam le fear ar bith eile go bhfillfidh tú arís.



[Éirgheann sí agus síneann chuige a dá láimh. Éirgheann
an SEABHAC agus glacann iad.]



AN SEABHAC. - Dubhrais ó chianaibh go mb'fhéidir go
ndéanfainn dearmhad ort-sa nuair raghainn tar sáile.



EIBHLÍN. - Ní rabhas acht a' déanamh greine ort, a
Sheabhaic, a stóir.



AN SEABHAC. - Féach, a mhaoineach. (Cuireann sé
a lámha go ceannasach ar a guailnibh). Nuair thrágh-
faidh an fhairrge ar nós go raghaidh an mhuir bhraonach
isteach i n-adharc gabhair, nuair thiocfaidh ísleán ins an
áit 'n-a bhfuil Sliabh Colláin anois, agus nuair déanfar
luathramhán agus spruadar de sna carraigeachaibh
agus de'n ailltreach annso fúinn - dá mairfinn go
dtí an lá soin ní dhéanfainn faillighe nó dearmhad ort-
sa. Bhfuil tú sásta anois, a stórach?



EIBHLÍN. - Á, a Sheabhaic na Ceathramhan Caoile, ní
fhéadfainn gan a bheith sásta agus pé duadh nó dochar
a bheidh romham fanfaidh mé leat go bhfillfidh tú arís.
'Seadh, agus má bhaineann éin-nídh dhuit ní phósfaidh mé
éinne eile go bráth.



AN SEABHAC. - A Eibhlín, a chumainn, tá fáinne óir


L. 31


agam annso - fáinne pósta mo mháthar - agus tá dhá
leath déanta agam de.



EIBHLÍN. - Á, cia an chiall ar bhrisis é, a Sheabhaic?
B'fhearr liom é fhágháil uait mar bhí sé.



AN SEABHAC. - Seo dhuit a leath agus cuinneochaidh
mé an leath eile dham féin. Má thagann éán-athrughadh
orm-sa - má bhuaileann an bhean uasal áluinn úd
trasna orm - cuirfidh mé mo leath-sa a bhaile chughat
ar chuma éicint, agus beidh tú saor annsoin pé nídh is
maith leat do dhéanamh 'n-a dhiaidh sin. Dein-se amhlaidh
le do chuid-se, má's féidir leat, agus má bhíonn
gábhadh leis.



EIBHLÍN. - Táim sásta, acht nár leigidh Dia go mbeidh
éan-chall go bráth an margadh so do cóimhlíonadh.



AN SEABHAC. - Agus anois, a stórach, ná bíodh
uaigneas ort. Beidh teachtairí go hÉirinn gach mí
nach mór ó'n bhFrainnc agus cuirfidh mé scéala a
bhaile chughat go minic - is mithid do sna bádóiríbh do
bheit annso anois.



[Téidheann siad araon amach go bruach an ailltrigh.]



[TADHG isteach.]



TADHG (ag féachaint 'n-a ndiaidh). - Go díreach glan
mar bím féin agus Siobhán nuair gheibhmíd aga chuige.
'Seadh ambasa, do shaoileas ná raibh an aicíd seo ag
gabháil d'éinne chomh trom soin is do bhí sí dúinne
araon - mhaise, nach breagh an lánamhain a dhéanfaidh
siad, bail ó Dhia ortha; agus nach é an feall é go gcaith-
fidh an Seabhac an cailín gleoidhte úd 'fhágaint 'n-a
dhiaidh! (Leis an Seabhac) A Mháighistir, a Mháighistir,
gabhaim pardún agat.



AN SEABHAC. - 'Seadh, a Thaidhg, cad tá ort?



TADHG. - Nílim-se a' féachaint oraibh i n-éan-chor,
a Mháighistir, nílim go deimhin; acht badh mhaith liom a
rádh leat go bfuil an long fá sheol agus í ag
tarraingt chughainn.


L. 32


AN SEABHAC. - Las an teine, a Thaidhg, gan mhoill.



TADHG. - Fágfaidh mé slán agat mar sin, a Mháighis-
tir.



AN SEABHAC (ag teacht i leith chuige). - Is 'mdhó lá
sultmhar do chaitheamar le chéile, a Thaidhg! acht beidh
aimsir aerach againn fós má mhairim-se leis.



TADHG. - Do thiubhrann fuil mo chroidhe dhuit, a
Mháighistir, agus tá súil le Dia agam go n-éirgheochaidh
go geal leat thall.



AN SEABHAC. - Tá súil agam féin go n-éirgheo-
chaidh, a Thaidhg.



TADHG. - Agus féach, a Mháighistir, tabhair cúis caoi
do lucht an fheill nuair gheobhaidh tú faill ortha.



AN SEABHAC (ag gáiridhe). - Tabharfad le fonn, a
Thaidhg.



TADHG. - Déin agus go neartuighidh Dia leat (beir-
eann sé ar láimh an tSeabhaic). Go n-éirghe an t-ádh
leat agus go dtugaidh Dia slán a bhaile arís thú.



[TADHG amach.]



EIBHLÍN. - Bhí gach éinne buidheach dhíot, a Sheabhaic,
agus beidh siad go léir ag guidhe ar do shon (airightear
fead ó'n tráigh). Á! tá na bádóirí ag glaodhach ort.



AN SEABHAC. - A Eibhlín, a chroidhe, caithfimíd
scaramhaint le chéile fá dheireadh (bailigheann sé chuige
í, cuireann a ghéaga 'n-a timcheall agus fáscann le
n-a chroidhe í). Bíodh misneach agat anois, a stórach,
agus beannacht leat, a mhúirnín dílis.



EIBHLÍN. - Agus mo sheacht míle beannacht leat-sa
leis, a Sheabhaic, a stóir, agus go mbuaidhidh Dia leat,
go mbuaidhidh Dia leat.



[Imthigheann an SEABHAC agus seasann Eibhlín ag féachaint
'n-a dhiaidh go brónach. Nuair tá sé imthighthe tosnuigheann sí
ag caointeachán.]


L. 33


EIBHLÍN. - Á, mo chreach ghéar agus mo lón dóighte!
is agam atá an croidhe scólta anocht cé nár leigeas
orm é -



Ochón mo Sheabhac, mo ghrádh geal,
Is é anois ag dul tar sáile,
Is mé go tréith lag tnáidhte
Ag gol 'n-a dhiaidh go cásmhar!
Acht guidhim ar Rígh na nGrás nGeal
Go bhfillfidh sé 'n-a shláinte
Ó chogadh claidhimh na sáir-fhear
Gan bascadh agus gan bearna!
Is dá mbeadh sé chugham i mbárach
Is roimhe chuirfinn fáilte.



[Ritheann Tadhg isteach.]



TADHG. - A Mháighistreás, a Mháighistreás, tá Peig
Ní Chorbáin ag teacht i leith annso.



EIBHLÍN. - Cad a dhéanfaimíd, a Thaidhg?



TADHG. - Raghaimíd i bhfolach uaithi. Corruigh, a
Mháighistreás, nó beidh sí anuas orainn.



[Téidheann siad araon i bhfolach taobh thiar de sna cairrgeach-
aibh agus tagann PEIG isteach.]



PEIG (ag féachaint 'n-a timcheall). - Níl sí annso
fós. Teastuigheann eolas uaithi i dtaobh an tSeabhaic,
is dócha, acht caithfidh sí díol as. Tá greim daingean
agam uirthi anois - acht tá sí chugham.



[EIBHLÍS isteach]



EIBHLÍS. - Ta tú annso romham, a Pheig, acht cá
bhfuil Cormac?



PEIG (ag umhlughadh). - Go mbeannuigidh Dia is
Muire dhuit, a Mháighistreás. Beidh Cormac annso go
gairid. 'Seadh, tá sé chughainn cheana féin.



[CORMAIC isteach.]



PEIG. - Cad do chuir moill ort, a righineálaidhe?



CORMAC. - Go mbeannuighidh Dia dhuit, a Mháighis-
treás shéimh. Cad do chuir moill orm an eadh? Badh
chóir go mbeadh 'fhios agat cad do chuir moill orm.
Ná raibh mé ar thóir an tSeabhaic?


L. 34


EIBHLÍS. - Cad mar gheall ar an teistiméireacht. A
Chormaic, nó a' bhfuairís í?



CORMAC. - Badh chontabhartach an obair í, a Mháigh-
istreás, agus b'éigin dam mo ghnó do dhéanamh go
ciúin mar tá 'fhios agat gur bitheamhnach millteach an
Seabhac. 'Seadh, bitheamhnach an-mhillteach ar fad.



EIBHLÍS. - Acht an teistiméireacht - bhfuil sí agat?



CORMAC. - Bhíos ar bhaillchrith an fhaid do bhíos ar a
lorg mar dá bhfuigheadh an Seabhac greim orm bhí
deireadh liom.



EIBHLÍS. - Tabhair dham an páipéar, má tá sé agat.



CORMAC. - Go deimhin duit, a Mháighistreás, do
thuilleas go maith pé rud a tiubhraidh tú dham ar son
mo thrioblóide.



EIBHLÍS (ag tarraingt sparáin amach). - Seo, a
Chormaic, tabhair dham an teistiméireacht anois (tug-
ann sí roinnt airgid do Chormac).



CORMAC. - Go méaduighidh Dia do chuid airgid, a
Mháighistreás (ag féachaint ar an airgead). Do
thuilleas a dhá oiread acht táim sásta. Tá an Seabhac
imthighthe go dtí an Fhrainnc.



EIBHLÍS. - Imthighthe go dtí an Fhrainnc! Acht a'
bhfuairís an teistiméireacht sul ar imthigh sé?



CORMAC. - Deirthear go bhfuil sé imthighthe le
seachtmhain.



EIBHLÍS. - Acht an teistiméireacht, an airigheann tú
mé? Cá bhfuil sí?



CORMAC (ag cur an airgid 'n-a phóca). - Ní
fhuaras éan-fhaill ar an Seabhac chun í do bhaint de.



EIBHLÍS. - Agus ar leigis uait é mar sin? Á, is
olc a frithis, a chabúin. Níl éan-mhaith ionnat.



CORMAC. - Ní fhéadfainn teacht 'n-a ghaobhar, a
Mháighistreás, ní fhéadfainn go deimhin.


L. 35


EIBHLÍS. - Tá buaidhte orm arís, a Pheig; acht
caithfidh mé an teistiméireacht úd fhágháil dá mb'éigin
dam an Seabhac a leanamhaint ar fuaid an domhain.



PEIG. - Acht ní féidir leat féin dul ar a thóir, a
Mháighistreás.



EIBHLÍS. - Cuirfidh mé Cormac 'n-a dhiaidh má bhíonn
sé sásta.



PEIG. - Cad do bhéarfadh ná beadh sé sásta?



CORMAC. - Sásta chun dul go dtí an Fhrainnc an
eadh? Dar fiadh acht is bog a thagann cainnt chughaibh.



EIBHLÍS. - Geobhaimíd pasáiste dhuit i mbád an
Dhubhghallaigh.



CORMAC. - Gé fiadháin do dhéanamh díom mar a
déarfá!



EIBHLÍS. - Díolfar go maith thú, ná bíodh eagla ort.
Tabharfaidh mé dhuit an méid airgid is do chuirfidh ar
do bhonnaibh thú. Bhfuil tú sásta?



CORMAC. - Táim, a Mháighistreás. Acht cad do
bheidh orm le déanamh?



EIBHLÍS. - Caithfidh tú an teistiméireacht úd fhagháil
dá mbadh gábhadh dhuit-ha! cia hé so chughainn anois?
'Sé Roibeárd atá ann.



[ROIBEÁRD isteach.]



ROIBEÁRD. - Tusa annso, a Mháthair, agus go
deimhin féin is galánta an chuideachta atá agat, acht
cad do thug annso thú? (i leath-taoibh) Tá cam is
calaois ar siubhal arís, is baoghal liom.



EIBHLÍS. - Gnó éicint a bhaineann duit-se.



ROIBEÁRD. - Acht cad é an bhaint atá ag an
mbeirt seo leis an ngnó úd?



EIBHLÍS. - Deir Peig annso liom go bhfuil sé
socruighthe ag an Seabhac sinne go léir do ruagairt
as Cill Chrocáin.


L. 36


ROIBEÁRD. - Tá Peig ró-ghasta dhuit-se; níl sí
acht ag tochrais ar a ceirtlín féin. Seo, siubhal leat
a bhaile agus ná bac le Peig.



PEIG. - Tá tú an-ghéar orm, a Mháighistir, bean
mhacánta 'seadh mise.



ROIBEÁRD. - Bean mhacánta! ha! ha! ha! Éist
léithi airiú. Dhe, mo dhiachair! Cad do dhéarfadh an
Seabhac leis sin, ní fheadar?



PEIG. - Ná bí dom' aithisiughadh fá rud nár dheineas.
Níor dhein mise pioc ar an Seabhac riamh.



EIBHLÍS. - Ná bac leis, a Pheig.



PEIG. - I n-ionad a bheith buidheach dhínn i dtaobh an
mhéid atáimíd a dhéanamh ar a shon is amhlaidh tá sé ag
tabhairt droch-aoide dhúinn. Seo siubhal leat a bhaile,
a Chormaic.



EIBHLÍS. - Ná himthigh go fóill, a Pheig, go socróch-
maoid an gnó so.



ROIBEÁRD. - Cad é an gnó é sin?



CORMAC. - Suidhfidh mise go fóill mar táim
tuirseach. (Suidheann sé).



EIBHLÍS. - Bainfidh an Seabhac an oighreacht díot
mara gcuirfimíd cosc leis.



ROIBEÁRD. - Ní dhéanfaidh an Seabhac éan-rud
lag-bheartach. Agus cuir i gcás go raibh fonn air an
oighreacht do bhaint díom cionnus a chuirfeá cosc leis?



EIBHLÍS. - Caithfimíd an teistiméireacht úd atá aige
do bhaint de ar chuma éicint.



ROIBEÁRD. - Níl fágháil uirthi anois mar tá an
Seabhac imthighthe i n-áit nach féidir libh teacht suas leis.



EIBHLÍS. - Cuirfimíd Cormac 'n-a dhiaidh, acht caith-
fidh tusa innsint dúinn cá bhfuil sé imthighthe.



ROIBEÁRD. - Má tá ciall ag Cormac fanfaidh sé
ag baile.


L. 37


CORMAC. - Raghainn go hifreann ar son do mháthar
dá n-iarradh sí orm é.



ROIBEÁRD. - Ná bíodh deabhadh ró-mhór ort, a mhic
ó, mar sroichfidh tú an áit úd i n-am do dhóthaint.



PEIG. - Comhraighe Dé chughainn! Á, a Mháighistir, ná
habair sin lem' phortán bocht.



ROIBEÁRD. - Seo, a mháthair, siubhail leat a bhaile.



EIBHLÍS. - Féach, a Roibeárd, ó'n lá do chuir Dia
chugham thú do bhí sé socruighthe agam, dá mairfeá leis
go mbeitheá fá réim agus fá mheas ins an áit seo,
agus go mbeitheá go hárd imeasc uaisle Uí Bhriocáin
mar badh chuibhe agus badh dhual duit.



ROIBEÁRD (go tarcuisneach). - I measc na nGall-
phoc an eadh?



EIBHLÍS. - Sin í cainnt dícéillidhe t'athar arís. Do
thugas cúig céad giní liom go Cill Chrocáin -



PEIG. - Gan trácht ar an airnéis, a Mháighistreás.



EIBHLÍS. - Go díreach, a Pheig (le Roibeárd) agus badh
chóir go mbeadh rud éicint agam-sa le rádh le pé soc-
rughadh a dhéanfaidh t'athair.



ROIBEÁRD. - Is baoghal liom ná fuil éan-náire
ort. Cad badh ghábhadh dhuit t'aigne do nochtadh agus
fios do ghnótha do thabhairt do Pheig Ní Chorbháin?
Beidh gach éan-fhocal a dubhairt tú annso anocht ar
fuaid an pharóiste i mbáireach agus socrughadh ag
Peig air.



PEIG. - Ó faire go deo, a Mháighistir, ní dhéanfainn
é sin. Ní dhéanfainn go deimhin, a Mháighistreás.



CORMAC (i leath-taoibh). - Mhaise, nár chuirimíd
bréag ort - ní dhéanfá mar 'dheadh.



EIBHLÍS. - Féach, a Roibeárd, níl 'fhios agat cad tá
tú a chaitheamh uait.



ROIBEÁRD. - Agus cad táim a chaitheamh uaim?


L. 38


EIBHLÍS. - Éirigh ar maidin i mbáireach agus téighir i
n-áirde ar Chnoc na Lioda. Féach uait síos go dtí
an Chathair agus as soin amach go bruach na fairrge,
go Rinn an Uachtair; thart thimcheall go Caisleán
an Fhraoigh; soir ó thuaidh go Droman agus i
leith trasna an Oileáin go dtí an Baile Árd agus
Cill Chrocáin arís. Má bhíonn an mhaidean go breagh
beidh amharc áluinn fá do shúilibh - níl amharc
níos deise i nÉirinn. Breathnuigh ar na machairíbh
féarmhara úd i gCluan Bóinne i gCnoc an tSean-
bhaile, agus ins an gCluain. Is 'mdhó acra méith
saidhbhir atá taobh istigh de'n limistéar úd agus táir
chun na háite go léir do leigint uait.



CORMAC (i leath-taoibh). - Dar fiadh, acht tá a lán
cainnte sa méid atá le rádh ag Eibhlís anocht.



ROIBEÁRD. - Acht, ár ndóigh, ní lem' athair an méid
sin talmhan?



EIBHLÍS. - Ní leis, acht déanfaidh mise cleamhnas
duit le inghin an Ghearaltaigh agus beidh an chuid is mó
dhe agat-sa annsoin.



ROIBEÁRD. - Nach deas atá gach éan-rud soc-
ruighthe agat. Seo, siubhail leat a bhaile, agus ná leig
do sna bitheamhnaigh seo óinseach ar fad a dhéanamh díot.



CORMAC (i leath-taoibh). - Tá an coileán óg ag
amhastraigh arís.



EIBHLÍS. - Nílim-se acht ag féachaint a' gcoimeád-
fainn an áit duit mar badh mhaith liom rud éicint do
bheith agat de bhárr na gcúig céad nginí úd do thugas
liom go Cill Chrocáin - cúig céad giní, a Pheig.



PEIG. - Badh bhreagh an spréidh í, a Mháighistreás.



CORMAC (i leath-taoibh). - Dá mbeadh a leath agam-
sa do thiubhrainn gaoth dhó agus do bhainfinn sult as
an saoghal leis.



EIBHLÍS. - Cad é sin a deireann tú, a Chormaic?


L. 39


CORMAC. - Mo phaidreacha do bhíos a rádh, a
Mháighistreás, do dheineas dearmhad ortha ar maidin.



EIBHLÍS. - A' 'neosaidh tú dhúinn cá bhfuil an Seabhac
imthighthe?



ROIBEÁRD. - Ní 'neosad.



EIBHLÍS. - Geobhaimíd amach é gan spleadhchas duit,
agus geobhaimíd an teistiméireacht leis dá mbeadh sé
orm féin an Seabhac do leanamhaint go dtí an
domhan thoir.



ROIBEÁRD. - Agus é mharbhadh.



EIBHLÍS. - Éist do bhéal, a bhaotháin; bhí duine éicint
ag séideadh fút le déidheannaighe.



ROIBEÁRD. - Tá Peig ag séideadh fút-sa go
tréan le déidheannaighe.



EIBHLÍS. - Seo, bailigh leat a bhaile as so, ní éistfidh
mise nísa shia le cainnt dá leithéid seo.



ROIBEÁRD. - Féach, a mháthair, is bean an-uaibhreach
agus an-chruaidh-chroidheach agus an-chruadhálach tusa.
Tá an tsainnt agus an mhór-chúis 'od' dhalladh.
Seachain tú féin ar Pheig agus cuimhnigh go bhfuil Dia
i n-áirde. Táim-se réidh leat-sa agus le Cill
Chrocáin anois.



[Roibeárd amach].



CORMAC (i leath-taoibh). - Galar nimhe id' bhéal
agat, a ghlaigín.



EIBHLÍS. - Ha! ha! ha! Tá na sciatháin ró-lag fós
agat, a mhic ó, chun nead do mháthar do thréigint chomh
luath soin.



CORMAC. - Tá na seolta ró-árd aige mar
adéarfá.



EIBHLÍS. - Acht, a Chormaic, níl éan-bhaoghal air acht
go leanfaidh tú an Seabhac.



CORMAC. - Níl an margadh déanta ar fad fós
againn a Mháighistreás.


L. 40


EIBHLÍS. - Féach, a Chormaic, tabharfaidh mé deich
nginí síos duit agus fiche giní nuair thiocfaidh tú ar
ais leis an teistiméireacht.



PEIG. - Agus b'fhéidir, a Mháighistreás, go dtabhar-
fá féirín maith dhúinn nuair a dhéanfaidh tú an
cleamhnas úd do Roibeárd.



EIBHLÍS. - Tabharfad go cinnte; acht cad deir tú
lem' thairgsint, a Chormaic?



CORMAC. - Ní maith liom freagra do thabhairt duit
anocht, a Mháighistreás. B'fhéidir ná féadfainn dul
ar an turus so i n-éan-chor, agus do bheitheá id' bhann-
bairne annsoin. Acht tabharfaidh mé freagra dhuit
ist oidhche i mbáireach.



EIBHLÍS. - Tá go maith. Bídhidh ag Tobar na Cille
ist oidhche i mbáireach mar sin le héirghe na gealaighe.



PEIG. - Beimíd ann, a Mháighistreás, fé bheith slán
dúinn.



EIBHLÍS. - Go dtugaidh Dia oidhche mhaith dhíbh!



[Eibhlís amach.]



PEIG agus CORMAC. - Go dtugaidh Dia slán a
bhaile thú, a Mháighistreás.



PEIG. - Dar fiadh, a Chormaic, acht do dheinis do
ghnó go háluinn anocht. Bhí eagla orm go loitfeá an
scéal ar fad acht níor loitis.



CORMAC. - Bhíos ró-bhóg léi.



PEIG. - Bíodh foidhne agat go mbeidh greim ar
an teistiméireacht agat.



CORMAC. - Acht a' mbeidh sé im' chumas an Seabhac
do mhealladh?



PEIG. - Cad do bhéarfadh ná beadh? Beir biorán
suain leat ag imtheacht duit. A' dtuigeann tú?



CORMAC. - Tuigeann Tadhg Taidhgín - fág fúm-sa é


L. 41


PEIG. - Agus nuair bheidh an gnó socruighthe thall
agat agus dorn óir faghta agat ó Eibhlís -



CORMAC. - Agus an féirín úd -



PEIG. - Bhíos ag teacht chuige sin - ní déanfar an
cleamhnas úd go bráth.



CORMAC. - Cia an chiall?



PEIG. - Tá croidhe lag ag Roibeárd agus gheobhaidh
sé bás obann lá éicint, a' dtuigeann tú?



CORMAC. - Táim buailte an uair seo.



PEIG. - Nuair bheidh An Seabhac agus Roibeárd as
an tslighe gheobhaidh tusa do chuid féin agus bainfidh
mise cuid de'n bhrothal d'Eibhlís mar do bhain sise an
flaitheas díom-sa.



CORMAC. - Acht cionnus a éirgheochaidh sé go
bhfaghaidh mise mo chuid féin.



PEIG. - Mar ní bheidh sé i gcumas d'éinne an áit
do thógaint an fhaid a bheidh na páipéirí seo - acht cá
bhfuil siad nó cad do dhein mé leo? (Cuarduigheann
sí a cuid éadaigh). Dar fiadh, acht tá siad caillte
agam. Nach mé an óinseach! Is amhlaidh do thuiteadar
as mo phóca nuair leagamar an taistealach úd ó
chianaibh, droch-rath air! Seo leat go bhfeicimíd a'
bhfuil siad ar an mbóthar. Mara bhfuil siad le fágháil
arís beimíd buailte.



CORMAC. - Acht cad iad na páipéirí a bhí agat?



PEIG. - Páipéirí a dhéanfadh fear saidhbhir díot-sa.



CORMAC. - Seo leat, seo leat mar sin, corruigh.



[Peig agus Cormac amach ar thaoibh na láimhe chlé. An
tAthair Gearóid isteach ar thaoibh na láimhe deise.]



AN tATHAIR GEARÓID (ag féachaint 'n-a ndiaidh
agus ag bagairt ortha le n-a dhorn). - Dearg-náire
chughaibh lá aonaigh agus margaidh agus nach sibh-se do
thug an bascadh dham a' féachaint an raibh airgead agam.


L. 42


Agus nach deas an cleas d'imir Peig mhacánta orm leis
an gclóca. Acht ní fheadar cad é seo d'fhágadar 'n-a
ndiaidh (tógann sé ceanglachán as a phóca). Rud
éicint a ghoideadar, táim suidhte dhe, acht beidh 'fhios
agam go gairid cad tá ann.



[Téidheann sé amach go bruach an ailltrigh].



Buidheachas mór le Dia go bhfuilim ar ais in Uí
Bhriocáin arís, pé fhaid a bheidh sé i gcumas dam fanacht
ann - acht, a Dhia mhóir na bhFeart, cad é seo atá ar
siubhal fám' shúilibh annso? (iompuigheann sé isteach go
hobann) fear agus bean i bhfolach ag suirighe an uair
seo de'n oidhche. Ó, bhó! bhó! bhó! an iongna ar bith é go
bhfuil an tír bhocht so fá chrádh agus fá anró má bhíonn
gnó de'n tsórt so ar siubhal ann de ghnáth. (Téidheann
sé go bruach an ailltrigh arís). Faire fúibh! Éirighidh
as soin agus bailigidh libh a bhaile. Éirigh, a shiorthoirín
shalaigh, agus dá mbeadh bata agam do bheinn ag gabháil
de bhata ionnat agus san dailtín úd id' fhochair go
dtuitfinn as mo sheasamh. An airgheann sibh mé?



[TADHG aníos.]



TADHG. - Céad míle fáilte romhat, a bhaile arís, a
Athair Ghearóid.



AN tATHAIR GEARÓID. - Go raibh míle maith agat,
a Thaidhg, agus an tusa atá ann? Acht, a Thaidhg, ní
maith liom an gnó so. D'fhéadfá -



[EIBHLÍN aníos.]



EIBHLÍN. - A Athair Gearóid, a Athair Gearóid, tá
aibhéis croidhe orm go bhfuil tú ag baile arís, agus
céad míle fáilte romhat.



AN tATHAIR GEARÓID. - Agus, a Eibhlín, a leinbh
mo chroidhe, an tusa do bhí i bhfochair Thaidhg thíos
annsoin?



EIBHLÍN. - Is mé, agus bhíomar araon ag scoilteadh
le gáiridhe ag éisteacht leat.


L. 43


AN tATHAIR GEARÓID. - Á, ní raibh 'fhios agam cé
bhí ann. Gabhaim míle párdún agaibh, acht cad do thug
annso sibh an uair seo de'n oidhche?



EIBHLÍN. - Thángamar chun slán a fhágaint ag an
Seabhac. Tá sé imthighthe go dtí an Fhrainnc.



AN tATHAIR GEARÓID. - Slán beo aige agus go
n-éirghidh an t-ádh leis. Acht do bhí súil agam go
mbéarfainn air sula n-imtheochadh sé.



EIBHLÍN. - Bhí 'fhios agat mar sin go raibh sé chun
imtheacht.



AN tATHAIR GEARÓID. - Bhí, mar bhíos ag cainnt
le n-a shean-bhanaltra, Máire Bhán, indé agus fuaras
an scéal ar fad uaithi: acht a' bhfaca sibh Peig Ní
Chorbáin agus beirt eile - fear agus bean - annso ó
chianaibh?



TADHG. - Nach uatha do chuamar i bhfolach, leaghadh
chuipe na habhann ortha!



AN tATHAIR GEARÓID (go feargach). - A Thaidhg,
ná bí ag eascainithe - cuimhnigh go bhfuil bean uasal
láithreach.



TADHG. - Gabhaim míle párdún agat, a Athair, agus
agat-sa leis, a Mháighistreás.



EIBHLÍN. - 'Siad Eibhlís Craech agus Cormac na
gCaorach an bheirt eile.



AN tATHAIR GEARÓID. - Ar thóir an tSeabhaic a
bhíodar, is dócha.



TADHG. - Bás múchtha ortha, ní headh mar ní raibh 'fhios
aca go raibh sé annso.



AN tATHAIR GEARÓID. - Ag eascainidhe arís, a
Thaidhg?



TADHG. - Mhaise, féach, a Athair, níl leigheas agam
air. Do scoiltfinn mara leigfinn amach í, mar do
chuaidh sé thríom go mór an feall d'imreadh ar an
Seabhac bocht. Tóirneach ortha!


L. 44


EIBHLÍN. - Do réidhtigheadar annso ó chianaibh go
raghadh Cormac ar thóir an tSeabhaic chun teistiméir-
eachta an phósta do ghoid uaidh nó é féin do chur as an
tslighe.



AN tATHAIR GEARÓID. - Comhraighe Dé chughainn,
acht is diabhalta an gnó é, agus is baoghal liom go
mairbheochaidh an crochaire malluighthe úd é má gheibheann
sé faill air.



EIBHLÍN (go mórdhálach). - Ní mhairbheochaidh, a Athair,
mar raghaidh mise go dtí an Fhrainnc chun an tSeabhaic
do chur ar a sheachaint.



AN tATHAIR GEARÓID. - Greidhin mo chroidhe thú, a
Eibhlín! Fuil Táil go deo! míle moladh le Rígh na
Glóire, níl sean-spiorad na nGaedheal múchta ar fad
fós. Acht, a Eibhlín, a chroidhe, ní fhéadfá dul ar an
dturus fada contabhartach so id' aonar. Theastóchadh
giolla uait.



TADHG. - Raghaidh mise léi, a Athair, agus má gheibhim-
se greim ar Chormac thall cíorfaidh mé a cheann dó go
háirithe.



AN tATHAIR GEARÓID. - An Tál-fhuil uasal arís!
Tabhair dham do lámh, a Thaidhg. Ní fhéadfadh an fear
is mó cáil i nÉirinn indiu beart níos fearamhla do
dhéanamh ar son mná uaisle ar bith. Agus guidhim-se
ar Dhia go n-éireochaidh libh. Tabharfaidh mé dhíbh gach
congnamh is féidir liom chun na mbitheamhnach úd do
chlaoidhe agus do smachtughadh. Go mbuaidhidh Dia libh,
agus Dia go deo le Seabhac na Ceathramhan Caoile!



BRAT ANUAS.


L. 45


AN TRÍOMHADH GNÍOMH.



[An chéad radharc. - Meadhán oidhche i gcampa i gciumhais
coille i bhFlonndras, le hais Fhontanoi. Cábán ar thaoibh na
láimhe deise, agus SEABHAC NA CEATHRAMHAN CAOILE 'n-a
shuidhe ann ag scríobhadh litre ar cheann droma. Dromadóir 'n-a
sheasamh le taoibh an TSEABHAIC agus lanntaer 'n-a láimh aige
ag tabhairt soluis dó. Teine mhór ar an taoibh thiar agus
saighdiúirí 'n-a luighe annso agus annsúd thart thimcheall na
teineadh agus iad ag amhrán dóibh féin.]



A GHASRA BHREAGH.



A ghasra bhreagh so 'en Tál-fhuil mhuair
Tá i bhfad ar fán ó Chlár gheal Thuamhan,
'Seadh gabhaidh fé áthas gártha is duain
Don táin fé bhuairt i n-iaithibh Eoghain!
Is fada sinn-na, slógh na mbuadh,
Ag braith ar filleadh i gcóir 's i bhfuaim
Chun bratach druinge cróine an chruais
Do chur a tuathaibh Bhriain go deo.



Curfá:



Dia go deo le slógh na nGaedheal!
Sia go deo le comhacht a lámh!
Dia dhár seoladh, i gcóir an lae,
'Mun Brianach cródha ar Éirinn bháin!



Is cuimhin linn tnáthadh ár ndúithche glé -
A cnaoi 's a cás, 's a brughadh age Béir;
Na buidheanta b'áilne i gcumhangrach géar
Thár sáile i gcéin gach bliadhain fé sheol;
Acht gabhaidh misneach, músclaidh féin,
Is fairidh linn-na ar lonnradh an lae
Go gcasfam uile i bhfonn 's i bhfaobhar
Ar chríochaibh Gaedheal fé'n mBrianach Mór.



- Curfá.


L. 46


'Sé deir an sáir-fhear saordha suairc:
"Beidh deireadh lá le ré na ruag;
'S ní theipfidh táinte tréana Thuamhan
Ba ghléire i mbuadh 's i ngliadhaibh slógh."
Tá an seana-smior sa laoch so luadhaim;
Don tSasanach is baoghal a luas;
Is leanfam-na go héag, dar Duach,
San raon go buadhach i ndiaidh an leoghain!



- Curfá.



BRIAN. - Á, mo lomadh! is fada sinn ag braith
ar filleadh, acht is baoghal liom gur fada uainn an
lá fós.



DOMHNALL. - Cad tá ort i n-éan-chor anocht, a
Bhriain, go bhfuil gruaim chomh mór soin ort? 'Seadh,
a dhuine, ná bí ag cannrán agus gach éinne id' fhochair
chomh spleodrach soin.



BRIAN. - Má táim ag cannrán féin, a Dhomhnaill,
b'fhéidir go bhfuil fáth leis. Éistidh liom go fóill, a
bhuachaillí. Táim-se i n-arm na Frainnce le cúig
bliadhna déag, agus is 'mdhó preabaire groidhe do
chonnacas ag teacht chughainn ó Éirinn ar feadh na
haimsire sin. 'Seadh agus do bhí súil aca go léir go
bhfillfidís arís lá éicint; acht cá bhfuil siad indiu?
Tá na milte aca fá'n bhfód agus tá a gcnámha ag
leasughadh na talmhan ar fuaid na hEorpa; agus cad
tá againn dá bharr?



SAIGHDIÚIR. - Deamhan pioc, a Bhriain.



SAIGHDIÚIR EILE. - Dar fiadh! acht tá roinnt
céille i gcainnt Bhriain; leigidh dhó. Seo leat, a Bhriain.



BRIAN. - Támaoid-ne ag troid ar son na Frainnce
le cúig bliadhna is dáfhichid, acht a' bhfuil deireadh
curtha fós againn le géar-bhruid agus géir-lean-
amhaint na hÉireann? Ná fuil uachtar-lámh ag na
Gall-phuic ann indiu níos tréine 'ná mar bhí sé riamh
aca?


L. 47


DOMHNALL. - Seo, a Bhriain! Ól smeatháinín
brannda agus ruaigfidh sé na smaointe dubha úd as
do cheann.



BRIAN. - Ní indiu ná indé d'éirigh na smaointe
seo im' aigne, agus ní chuirfeadh smeatháinín brannda
as mo cheann iad.



DOMHNALL. - Beidh lá aereach againn i mbáireach, a
Bhriain. Cuirfimíd an ruaig ar na Sasanachaibh.



BRIAN. - Agus cad é an maitheas a dhéanfaidh sé
sin do'n tír bhoicht chráidhte d'fhág sibh-se 'n bhur ndiaidh
anuraidh?



DOMHNALL. - Brisfear cumhacht na Sasanach i
mbáireach, a Bhriain.



BRIAN. - Dá mbrisfeadh cainnt í! Is baoghal liom
go mbeidh siad ró-láidir dúinn; acht b'fhearr liom-sa
go mór cumhacht na Sasanach do bhriseadh ag baile - ar
mhachairíbh Thuadh-Mhumhan, cuir i gcás.



DOMHNALL. - Brisfimíd annsúd í ar ball, a Bhriain,
nuair "bheidh barca líonta ar barra taoide is fuaim
ar sáil."



BRIAN. - Gaoth, gaoth, a Dhomhnaill.



SAIGHDIÚIR. - An ghaoth aniar!



[Scairteann siad go léir ar gháiridhe.]



BRIAN. - Go séididh an diabhal aniar í mhaise! Chím
ná fuil éan mhaith a bheith ag cainnt libh. Níl uaibh-se
acht faill a fhágháil ar na Sasanachaibh annso.



DOMNALL. - Agus geobhaimíd i mbáireach í fé
bheith slán dúinn.



SAIGHDIÚIR. - Fan, a Bhriain, go gcloisfidh tú an
scread a leigfidh An Seabhac as i mbáireach.



BRIAN. - Beidh Laoiseach fá chomaoin mhóir agaibh;
acht a' ndíolfaidh sé an comhar ní fheadar? Mo lomadh!


L. 48


Is breagh an rud an óige, ochón! (Leigeann sé cnead
as.) Tá an codladh 'om thraochadh agus mo chroidhe
bocht cráidhte.



DOMHNALL. - Támaoid go léir tuirseach, agus is
dóigh liom go dteastuigheann dreas codalta uainn i
gcoinne an lae i mbáirigh.



SAIGHDIÚIR (ag cneadadh). - Tá an ceart agat, a
Dhomhnaill.



Cáit Bhuidhe (bean feasa) agus CORMAC na gcaorach
isteach ar thaoibh na láimhe deise.



CÁIT. - Seo í an áit agat anois, agus sin é an
Seabhac annsúd san gcábán.



CORMAC. - 'Sé go deimhin; agus tá tú cinnte go
n-éirgheochaidh mo thurus liom.



CÁIT. - Táim deimhnighthe dhe. 'Seadh, agus éirghe-
ochaidh tú féin go hárd san tsaoghal lá éicint - (i
leath-taoibh) - ar bhata na croiche.



CORMAC. - Ní gábhadh dhuit teacht níos sia liom
anois. Go dtugaidh Dia oidhche mhaith dhuit.



[Imthigheann CORMAC anonn trasna agus amach ar thaoibh
na láimhe clé.]



CÁIT. - Gurab amhlaidh dhuit. Bitheamhnach 'seadh é
siúd, táim suidhte dhe, agus tá an t-airgead go fair-
sing aige. B'fhéidir gur brathadóir é. Cuirfidh mé an
Seabhac ar a thóir láithreach.



[Fairgtheoir isteach ar thaoibh na láimhe clé.]



AN FAIRGTHEOIR (go ciúin). - Bhfuil sibh 'n bhur
gcodladh, a bhuachaillí?



SAIGHDIÚIR. - Tá cuid againn; cad tá uait -
smeatháinín brannda, an eadh?



AN FAIRGTHEOIR. - Ní headh. Tá an tIarla ag
teacht i leith annso.


L. 49


CÁIT. - An Brianach féin! Dá bhfeicfeadh sé annso
mé, do bheinn caillte.



[CÁIT amach ar thaoibh na láimhe deise.]



SAIGHDIÚIR. - An tIarla! Cad é an gnó atá aige
annso, ní fheadar?



AN FAIRGTHEOIR. - Deamhan a bhfeadar. Éist,
tá sé chughainn!



[Imthighean an Fairgtheoir. Tagann an Brianach isteach
ar thaoibh na láimhe clé. Captaon Mac Donnchadha isteach
ar thaoibh na láimhe deise.]



AN BRIANACH. - Á! a Mhic Uí Dhonnchadha, agus
cia an bhail atá ort?



AN CAPTAON. - Táim go groidhe, a Thighearna -
do chuirís fios orm?



[Croitheann siad lámh le n-a chéile.]



AN BRIANACH. - Do chuireas. Tá rud éicint agam
le rádh leat.



AN CAPTAON. - I dtaobh an lae i mbáirigh, is
dócha? Cionnus a n-éirgheochaidh linn, an dóigh leat?



AN BRIANACH. - Brisfimíd an cath ar na Sasanachaibh
mara bhfuil díoghbháil déanta.



AN CAPTAON. - Cionnus a mbeadh díoghbháil
déanta?



AN BRIANACH. - Tá aithmhéala orm a rádh leat go
bhfuil fealltóir 'n-ár measc, agus is baoghal liom go
bhfuil eolas ag na Sasanachaibh ar an gcaoi 'n-a bhfuil
gach éin nídh curtha i gcóir annso i gcoinne an chatha.



AN CAPTAON. - Dar fiadh! acht is olc an scéal é
sin - an-olc ar fad. Acht a' bhfuil 'fhios agat cé hé
an bitheamhnach seo?



AN BRIANACH. - Tá, agus cuirfidh sé iongantas
ort-sa nuair chloisfidh tú cé hé.


L. 50


AN CAPTAON - Beir air agus tabhair dó an chroch.
Acht cé hé féin?



AN BRIANACH. - Níl sé ró-fhada uait anois.



AN CAPTAON. - Éireannach an eadh?



AN BRIANACH. - An Cuimíneach.



AN CAPTAON (scannruighthe). - An Seabhac?



AN BRIANACH. - Is dóigh liom go bhfuil an t-ainm
úd ag na saighdiúiríbh air.



AN CAPTAON. - Is baoghal liom gur mealladh thú
ar chuma éicint, a Thighearna.



AN BRIANACH. - Níor mealladh, go deimhin. Feall-
tóir 'seadh é chomh cinnte is táim-se ag cainnt leat.



AN CAPTAON. - Ná habair é sin, a Thighearna, ná
habair é sin. Ní chreidfinn ó éinne gur fealltóir é.
Níl fear chomh seasmhach leis i measc na nÉireannach
go léir.



AN BRIANACH. - Tá fiadhnaise láidir agam-sa 'n-a
choinne.



AN CAPTAON. - Cé thug an t-eolas duit?



AN BRIANACH. - Do rugadh ar theachtaire do chuir
sé go campa na Sasanach um thráthnóna.



AN CAPTAON. - Saighdiúir, an eadh?



AN BRIANACH. - Ní headh; acht Éireannach b'eadh é,
agus fear ó Uí Bhriocáin leis.



AN CAPTAON. - Badh mhaith liom é fheicsint.



AN BRIANACH. - Níl tásc ná tuairisc againn air.
D'éaluigh sé uainn arís go díreach glan mar do
shluigfeadh an talamh é.



AN CAPTAON. - Há! agus cad dubhairt sé i
dtaobh an tSeabhaic?



AN BRIANACH. - Dubhairt sé gur thug an Cuimíneach
litir dhó le tabhairt go campa na Sasanach, agus tá an
litir agam-sa. Cad deir tú anois?


L. 51


AN CAPTAON. - Cad do bhí san litir?



AN BRIANACH. - Eolas cruinn i dtaobh suidhimh an
airm agus líonmhaireachta na bhfear.



AN CAPTAON. - Níor scríobh sé an litir úd riamh;
agus má's rud gur scríobh, éirgheochaidh mise as an arm
agus tabharfaidh mé mo chlaidheamh suas duit láithreach.
Teaspáin dam an litir, má's é do thoil é.



AN BRIANACH. - Faigh lanntaer dam.



AN CAPTAON. - A Dhromadóir, beir i leith chugham
an lanntaer go fóill.



AN DROMADÓIR. - Beidh mé chughat láithreach, a
Chaptaon.



[Tagann an dromadóir i leith agus beannuigheann sé dhóibh.]



AN BRIANACH. - An Franncach tusa, a Dhromadóir?



AN DROMADÓIR. - Franncach, a Thighearna? Badh
dheacair an rud Franncach do dhéanamh díom-sa ná
luch acht an oiread - Éireannach 'seadh mise agus saigh-
diúir leis.



AN BRIANACH (ag gáiridhe). - Dar fiadh! acht is
géar-chúiseach an duine beag thú. Seo píosa óir duit
agus tá cead do choise agat go fóill.



[Imthigheann an Dromadóir.]



AN CAPTAON. - An litir anois, a Thighearna.



AN BRIANACH. - Seo dhuit í, agus is baoghal liom go
gcuirfidh an litir chéadna an lúb fá mhuineál an
tSeabhaic.



AN CAPTAON (ag féachaint ar an litir agus ag
gáiridhe). - Ní baoghal dó, a Thighearna; níor scríobh sé
an litir seo riamh (cuireann sé an páipéar idir é féin
agus an solus agus féachann sé air).



AN BRIANACH. - Cá bhfios duit?



AN CAPTAON. - Ní hí scríbhneoireacht an tSeabhaic
atá san litir seo.


L. 52


AN BRIANACH. - D'fhéadfadh sé athrughadh do dhéanamh
ar a scríbhneoireacht.



AN CAPTAON. - Níor chuir sé cleite leis an
bpáipéar so riamh.



AN BRIANACH. - Nár chuir anois? - cá bhfios duit?



AN CAPTAON. - Do deineadh an páipéar so i
Sasana agus cá bhfuigheadh sé páipéar de'n tsórt so?
Tá feall éicint dá imirt ar an Seabhac.



AN BRIANACH. - Feall dá imirt ar an Seabhac, an
eadh?



AN CAPTAON. - Gan amhras. Féach, siúd é thall
san gcábán é; buailimís anonn chuige agus beidh 'fhios
againn go gairid an bhfuil sé cionntach nó ná fuil.



AN BRIANACH. - Táim sásta. Acht féach, a Chaptaon,
má tá sé cionntach daorfaidh mise chun crochta ós
comhair an airm i mbáireach é.



AN CAPTAON. - Agus cuirfidh mise an téad fá
n-a mhuineál duit, a Thighearna.



[Téidheann an Brianach agus an Captaon isteach sa
gcábán.]



GUTH AMUIGH. -
"Tá mo chosa dóighte 'n-a gluigibh scólta,
Ó shiubhal na mbóithre fada fraoigh."



Is millteach an áit í seo, agus nach orm a bhí an butún
an lá d'fhágas mo dhúthaigh féin. Ó bhó! bhó! bhó! Á,
dar fiadh acht tá mo chos briste.



[Cormac isteach agus crúiscín fá n-a oscaill aige. Bain-
tear tuisle as ag teacht isteach dó.]



CORMAC. - Ní fheadar i n-éan-chor cá bhfuil
muinntir Uí Bhriocáin annso. Táim ar a lorg ó
mhaidin agus táim tnáidhte; acht b'fhéidir go bhfuil
siad agam anois. Bail ó Dhia oraibh, a bhuachaillí!
A' bhfuil éinne annso ó Uí Bhriocáin?


L. 53


DOMHNALL. - Tá, Dia bheatha chugainn. Druid i
leith chugainn. Cé hé tú féin?



CORMAC. - Buachaill bocht ó Uí Bhriocáin 'seadh
mise.



NA SAIGHDIÚIRÍ. - Ó Uí Bhriocáin, an eadh?
Mhaise, céad fáilte romhat. Bhfuil éinne leat?



CORMAC. - Deamhan duine acht mé féin.



DOMHNALL. - Druid isteach go dtí an teine agus
suidh. Ce'r díobh thú i nUí Bhriocáin - cé an t-ainm atá
ort?



CORMAC. - De sna Cathalaigh 'seadh mise - Eoin
Ó Cathail is ainm dam.



DOMHNALL. - Agus cad é an scéal atá agat ó Uí
Bhriocáin?



CORMAC. - Mhaise, go bhfóiridh Dia orainn! Gach
scéal níos donaighe 'ná chéile.



BRIAN (ag dúiseacht). - Do shaoileas go raibh sibh go
léir 'nbhur gcodladh fad ó.



DOMHNALL. - Tá fear ó Uí Bhriocáin annso, a
Bhriain.



BRIAN. - Tá agus deichneabhar - téighidh a chodladh.



DOMHNALL. - Acht tá fear annso do tháinigh chughainn
anois láithreach.



BRIAN. - Cá bhfuil sé?



CORMAC. - Táim annso, a dhuine uasail?



BRIAN. - Agus cad do thug annso thú - a dhuine
uasail?



CORMAC. - Ag féachaint a' bhfuighinn aga chun dul
san arm?



BRIAN. - Agus cad é an gnó atá agat san arm?



CORMAC. - Congnamh do thabhairt díbh-se námhaid na
hÉireann do chuir fé chois.



[Scairteann na saighdiúirí go léir ar gháiridhe.]


L. 54


BRIAN. - Ní headh, airiú, acht féach ar an leibide
atá ag brath ar dhul san arm! mhaise, mo shaoghal
dearg ort.



CORMAC. - Ní bheadh eagla orm roimh diabhal ná
duine.



BRIAN. - Dá mbeadh fear agus píce id' choinne is
beag an treoir ná an teacht-aniar do bheadh ionnat.



DOMHNALL. - Éist do bhéal, a Bhriain! níl 'fhios
agat acht b'fhéidir go bhfuil ádhbhar taoisigh ann, agus
glacfaimíd é má bhíonn sé oireamhnach. A Dhromadóir,
cá bhfuil tú?



AN DROMADÓIR (le Cormac). - Seas annso ós
mo chomhair go bhfeicidh mé 'bhfuil éan-mhaith ionnat.



CORMAC. - Fan go bhfuighidh mise faill ar na
Sasanachaibh agus chífidh sibh annsoin an bhfuil éan-mhaith
ionnam.



AN DROMADÓIR (ag cur a láimhe fá smigín
Chormaic). - Árduigh do cheann agus dírigh tú féin.
Sin é é. Ní gábhadh dhuit do bholg do chur amach chomh
fada soin.



[Tugann an dromadóir poc san mbolg dó agus leig-
eann Cormac grág as. Scairteann na saighdiúirí go léir
ar gháiridhe arís].



CORMAC. - Chím go bhfuil fonn magaidh oraibh, acht
leigidh dham agus tabharfaidh mé braoinín brannda
dhíbh.



DOMHNALL. - Beidh an brannda againn ar ball -
bhfuil an scrúdughadh thart, a Dhromadóir?



AN DROMADÓIR. - Cúmrachán 'seadh é seo. Tá
sé chomh cam le hadharc réithe, agus caithfimíd an
phluid a thabhairt dó.



NA SAIGHDIÚIRÍ. - Seadh, an phluid, an phluid.


L. 55


[Beirtear ar Chormac agus cuirtear 'n-a luighe ar an
bpluid é. Bailigheann na saighdiúirí go léir timcheall na
pluide, beireann siad ar a ciumhais agus árduigheann siad
Cormac. Caitheann siad i n-áirde as an bpluid é fé dhó
agus iad go léir ag sgairtighíl. Airgheann an Seabhac an
cárábó agus tagann sé amach as an gcábhán].



AN SEABHAC. - Cad tá ar siubhal agaibh annso,
a bhitheamhnaigh? An phluid, an eadh? Seo, scuiridh.
Agus cé hé seo atá agaibh innti?



CORMAC. - Fear ó Uí Bhriocáin, a dhuine uasail,
agus is dócha gur tusa Seabhac na Ceathramhan Caoile.



AN SEABHAC. - Do bhíodh an leas-ainm úd orm ag
baile.



CORMAC (ag éirghe):



Rachad le fonn gurab togha na bhfear fionn
Seabhach na Ceathramhan Caoile,
An faraire cabhartach, bronntach, fearamhail,
Fonnmhar, flaitheamhail, fionmhar,
Thar a maireann san domhan ar dhrom na talmhan,
D'fhoghluim, ceart, nó dlighe ar bith,
'Sé thoghfainn mar rogha ortha labhairt mo chneas-sa
Do thabhairt ó'n gcroch úd Ínse.



[Leigeann na saighdiúirí gáir áthasach asta].



AN SEABHAC. - Is éachtach an moladh é siúd.



CORMAC. - Do thuillis é, do thuillis é. Acht féach,
a dhuine uasail, tá braoinín brannda agam annso.
Bhíos chun é roinnt i measc na bhfear, agus ó thárlaidh sé
go tráthamhail go bhfuil tú annso tógfaidh tú sáilín
beag de agus ólfaimid go léir sláinte na gcarad
d'fhagamar 'n-ár ndiaidh i nUí Bhriocáin.



AN SEABHAC. - Ólfaidh mé an tsláinte úd cé ná
fuil dúil mhór agam i mbiotáille; acht ná tabhair dam
acht braoinín beag.



CORMAC. - Is breagh, bríoghmhar an braon é seo,
agus ní dhéanfaidh sé ciotaighe ar bith dhuit - is amhlaidh
do chuirfidh sé chun suain thú ar ball.


L. 56


[Cuireann Cormac rud éicint ins an gcorn i ngan fhios
do'n Seabhac.]



AN SEABHAC. - Seachain anois, braoinín an-bheag
domh-sa.



CORMAC. - Braoinín an-bheag ar fad. Faighidh na
cuirn, a bhuachaillí, go dtabharfaidh mé steall díbh-se.
Ha! ha! ha! is suairc na buachaillí sibh gan amhras,
agus is sultmhar an cleas é siúd - cleas na pluide.
Seo dhíbh an brannda.



AN SEABHAC. - Ná tabhair dóibh é tar éis an mhéid
do dheineadar ort ó chianaibh.



CORMAC. - Is le muinnteardhas liom a bhíodar ag
déanamh greine orm, a dhuine uasail. Mhaise nach ar
mo mhuinntir ag baile do bheadh an t-áthas anois dá
mbeadh 'fhios aca gur bhuaileas treasna ar Sheabhac na
Ceathramhan Caoile chomh tráthamhail sin.



AN SEABHAC. - Seo, a bhuachaillí, fá thuairim bhur
sláinte agus sláinte na gcarad d'fhágamar n-ár
ndiaidh i nUí Bhriocáin, agus léirscrios ar na
Gallphuic.



NA SAIGHDIÚIRÍ (ag éirghe.) - 'Seadh, léirscrios ar
na Gallphuic agus ar náimhdibh na hÉireann agus Dia
go deo le Seabhac na Ceathramhan Caoile.



[Cuireann An Seabhac an corn le n-a bhéal. Ritheann
Tadhg isteach, beireann ar láimh an tSeabhaic agus doirteann
an deoch.]



AN SEABHAC. - Cad é seo i n-éan-chor? An é
Tadhg atá agam annso. Dhe airiú, a Thaidhg, a dhuine
bhoicht, cad do thug chugham thú?



TADHG. - Buidheachas mór le Dia go rabhas i n-am.
Beiridh ar an mbitheamhnach úd agus ná leigidh uaibh é.
Tháinig sé ar do thóir ó Uí Bhriocáin chun tú do mharbh-
ughadh agus chuir sé nimh id' dhigh dhuit.



AN SEABHAC (ag féachaint isteach san gcorn). -
Tá púdar éicint ins an gcorn go háirithe; acht cé hé
seo, a Thaidhg?


L. 57


TADHG. - Mac Pheig Ní Chorbáin. A' dtuigeann tú
an scéal anois?



AN SEABHAC. - Is dócha gurbh' í Eibhlís do chuir ar
mo thóir é.



TADHG. - Bí cinnte dhe; acht bhíos ró-ghasta dhóibh.



AN SEABHAC. - Dar fiadh, a Thaidhg, acht do bheinn
marbh anois mara'dh thú.



BRIAN. - Cad do dhéanfaimíd leis an bhfealltóir
seo, a bhuachaillí?



SAIGHDIÚIR. - Tabhair dó an chroch.



SAIGHDIÚIR EILE. - Ceangail agus cuir ar an teine
é.



DOMHNALL. - Stracaimís ó chéile é agus déininís
spruadar dá chnámhaibh.



AN SEABHAC. - Ná leagaidh méar air. Fágaidh
fúm-sa é.



[Éirigheann gleo mór agus tagann AN BRIANACH agus AN
CAPTAON amach as an gcábán.]



AN BRIANACH. - Is millteach an cárábó atá ar
siubhal agaibh annso. Cad tá oraibh, nó an ar meisce
atá sibh go léir go bhfuil sibh chomh scléipeach soin?



AN SEABHAC. - Tá fearg ortha, a Thighearna.



AN BRIANACH -Agus cad do chuir fearg ortha?



AN SEABHAC. - Tháinig bitheamhnach annso chun deoch
nimhe do thabhairt domh-sa, a Thighearna.



AN BRIANACH. - Deoch nimhe do thabhairt duit-se,
an eadh! Cá bhfuil an bitheamhnach so?



AN SEABHAC. - Féach annsoin é.



AN BRIANACH. - Cé hé seo? Dar fiadh acht is é
an fear a raibh an litir aige. Is diabhalta an gnó é seo.



AN CAPTAON. - Ná dubhras leat, a Thighearna, go
raibh uisce fá thalamh dá dhéanamh?


L. 58


AN BRIANACH. - Tar i leith chugham annso, a chladh-
aire mhalluighthe. An raibh focal na faire agat ag
teacht go dtí an campa so?



CORMAC. - Bhí, a dhuine uasail.



AN BRIANACH. - Cé thug duit é?



CORMAC. - An Stacabólach, a dhuine uasail.



AN CAPTAON. - An fear atá i n-arm Shasana, an
eadh?



CORMAC. - An fear céadna, a dhuine uasail.



AN CAPTAON. - Tá an-bháidh ag an Stacabólach so
leis an gCuimíneach, a Thighearna. Ná fuil, a Sheabhaic?



AN SEABHAC. - Teasbánann an corn so go bhfuil.



AN BRIANACH (le Cormac). - Cionnus a' bhfuair sé
siúd focal na faire?



CORMAC. - Do chuiris ceist orm, a dhuine uasail.



AN BRIANACH. - Agus cionnus ar thug tú na cosa
leat comh bog soin indiu?



CORMAC. - Bhí buidéal brannda agam agus do
chuireas an saighdiúir a bhí im' choimeád ar meisce leis.



AN BRIANACH (le beirt saighdiúir). - Beiridh libh
siar an crochaire seo agus cuiridh fá ghlas daingean é.
Crochfar i mbáireach é.



AN SEABHAC. - Féach, a Thighearna, ní hé seo atá
cionntach acht na daoine atá taobh thiar de. Scaoil
uait é agus beidh mise réidh leis na cladhairíbh eile ar
ball.



AN BRIANACH. - Ná bí ag cainnt mar sin. Crochfar
i mbáireach é. Agus caithfidh tusa aire mhaith do
thabhairt duit féin. Bhí amhras agam ort ó chianaibh
acht tá aitmhéala orm anois. Féach, dein do ghnó go
maith i mbáireach agus cuimhneochaidh mise ort fá bheith
slán dúinn araon. Beannacht leat. Siubhail, a Chap-
taon, beidh sé 'n-a lá geal go gairid.


L. 59


AN CAPTAON. - Beannacht leat, a Sheabhaic. Bhí
an bás an-ghairid duit anocht; acht nár leigidh Dia go
mbeidh sé i ndán duit i mbáireach.



AN SEABHAC. - Go n-éirghidh an t-ádh libh araon.



[An Brianach agus an Captaon amach.]



TADHG. - Bhíos nach mór ró-dhéidheannach, a Mháighistir.



AN SEABHAC. - Do frithis go maith anocht, a Thaidhg,
pé ar b'ann é. Tar i leith annso go 'neosaidh tú an
scéal ar fad dam. Acht cia an bhail athá ar Eibhlín
agus ar gach éinne ag baile?



[Airightear stoc dá séideadh amuigh agus píob mhór ag
spreagadh ceoil.]



NA SAIGHDIÚIRÍ. - Fógradh an chatha! Fógradh an
chatha! Furrá! furrá! furrá! (ag amhrán):-



Dia go deo le slógh na nGaedheal!
Dia go deo le comhacht a lámh!
Dia dhár seoladh, i gcóir an lae,
'Mun Brianach crodha ar Éirinn bháin!



RADHARC-BHRAT ANUAS.



AN TARNA RADHARC. - Cosán tré choill. Airightear plaoscadh
gunnaí mór agus gáirtheadh agus gleo ó'n taoibh thiar. TADHG
agus EIBHLÍN isteach ar thaoibh na láimhe clé.



TADHG. - Corruigh, a Mháighistreás, corruigh.



EIBHLÍN. - A Thaidhg, ní raghaidh mé níos sia leat. Tá
an t-anam ag tuitim asam le neart faitcheasa. Cad
do thug annso i n-éan-chor mé?



TADHG - Ní baoghal duit, a Mháighistreás; ní call
duit eagla ar bith a bheith ort. Corruigh, má's é do
thoil é. Dein.



EIBHLÍN. - Airighim an talamh ag luascadh fá'm
chosaibh le pléascadh na ngunnaí mór. Tá siad an-
ghairid dúinn anois.



TADHG. - Tá siad níos fuide uait ná creideann tú.
Bíodh misneach agat.



EIBHLÍN. - Is beag do shaoileas nuair d'fhágas Uí
Bhriocáin go mbeinn i gceart-lár an chogaidh annso.



TADHG. - Dá mbeadh sinn i n-áirde ar an gcnocáinín
úd thall is dóigh liom go mbeadh amharc áluinn againn.
Corruigh, a Mháighistreás.



EIBHLÍN. - Raghaidh mé an fhaid sin leat, acht ní
raghaidh me coiscéim níos fuide.



[TADHG agus EIBHLÍN amach ar thaoibh na láimhe deise.
CORMAC isteach ar thaoibh na láimhe clé.]



CORMAC. - Ha! ha! ha! Nach tráthamhail do
bhuaileas trasna ortha. Dar fiadh acht bhí an ceart ag
Cáit Bhuidhe nuair dubhairt sí go n-éirgheochadh liom.
Cuinneochaidh mé súil ar Eibhlín anois agus gheobhaidh mé
greim ar an Seabhac ar ball (cuimiligheann sé a lámha
dá chéile le sásamh agus leigeann sé gáire bog as).
"Crochfar i mbáireach é," ars' an tIarla - croch árd
lá gaoithe chuige féin, mhaise. 'Seadh, béarfaidh mé ar
Eibhlín ar dtúis agus cuirfidh mé fá ghlas í. Annsoin
cuirfidh mé scéal chuig an tSeabhaic ag rádh leis go
bhfuil sí i ngéar-bhruid. Tiocfaidh sé gan mhoill agus
beidh siad araon agam annsoin. Agus nach iad Eibhlís
Craech agus An Stacabólach a bheidh buidheach díom.
Seadh, agus nuair gheobhaidh mé an méid airgid atá
geallta dham beidh mé gan uireasbaidh an tsaoghail
orm go bráth arís, ha! ha! ha!



[Cormac amach ar thaoibh na láimhe deise.]



RADHARC-BHRAT SUAS.



AN TRÍOMHADH RADHARC. - Cnocán i measc na gcrann i gciumhais
coille. Gleo catha ó'n taoibh thiar. TADHG agus EIBHLÍN ar
an gcnocán agus iad ag féachaint ar an gcath.



TADHG. - Tá sé ag gabháil go cruaidh ar arm Laoisigh,
a Mháighistreás.




EIBHLÍN. - Ó go bhfóiridh Dia orainn, a Thaidhg.



TADHG. - Tá na Sasanaigh dá dtiomáint féin aníos
mar dhíng isteach i gceart-lár airm na Frainnce chun
é do scoilt 'n-a dhá leath; agus má eirgheann leo bris-
fear an cath ar Laoiseach agus beidh léirscrios déanta.



EIBHLÍN. - Is olc an scéal é sin; acht nár leigidh
Dia go n-eirgheochaidh leis na Sasanachaibh.



TADHG. - Is baoghal liom go bhfuil dearmhad éicint
déanta indiu.



EIBHLÍN. - Cá bhfuil na hÉireannaigh, nó cad tá siad
a dhéanamh?



TADHG. - Deamhan pioc, mhaise. Tá siad ag seasamh
go díomhaoin taobh thiar de choill annsúd thall, agus ní
raibh éin-pheaca riamh acht iad d'fhágaint annsúd agus
a namhad ag déanamh léirscris fá n-a súilibh.



EIBHLÍN. - Is mór an feall é; acht cé tá cionntach?



TADHG. - Deamhan a bhfeadar; acht dá bhfuighidís
faill ar na Sasanachaibh anois do scuabfadh siad as an
tslighe iad go díreach glan mar do scuabfadh an ghaoth
dorn cáithe roimpi lá garbh san Earrach. Acht éist!
An airgheann tú éin-nídh?



EIBHLÍN (ag cur cluaise uirthi féin). - Airighim
fuaim an-chosamhail le fuaim na fairrge nuair do bheadh
na tonntracha ag tuairgint go trom ar chlochar Loch
Domhnaill agus an ghaoth ag séideadh go dian aniar
ndheas.



TADHG. - Screadghail na nGéanna Fiadhain.



EIBHLÍN. - Ní headh acht búithreamh leomhan Thuadh-
Mhumhan, tá siad scaoilte fá dheireadh.



TADHG. - Tá an fhuaim ag éirghe níos fíochmhaire
agus í ag druideamhaint linn.



EIBHLÍN. - A Thaidhg, tá mo chroidhe im' bhéal agam;
ní fheadar a' bhfuil éan-bhaoghal orainn annso.


L. 62


TADHG. - Níl pioc, a Mháighistreás, ná bíodh eagla ar
bith ort. Acht ní fheadar cionnus tá an lá ag imtheacht
anois - ha! éist leo airiú.



EIBHLÍN. - Cad é sin, a Thaidhg?



TADHG. - Mór-gháir do leigeadar asta. Dar fiadh
acht chím anois iad. Féach ortha, a Mháighistreás. Ná
feiceann tú iad? Agus is iad atá ag teacht go
tréan agus go boirb-neartmhar. Hó, hó! Tá siad
ar sodar anois, acht ní sodar i ndiaidh na huaisle é
an uair seo acht sodar i gcoinne na nGall-phoc. Tá
na Sasanaigh fé mar do bheadh claidhe mór rompa san
tslighe acht scuabfar i leath-taoibh iad gan moill. Tá
siad fé thréin-rith agus iad ag teacht go fíochmhar
anois. Ní sheasóchadh éan-rud i gcoinne an ruathair
sin. Beidh dearg-ár ann láithreach. Táid anuas ortha
fá dheireadh agus tá siad i n-achrann 'n-a chéile. Acht
tá na Sasanaigh ag seasamh suas go dána leo. Tá na
Gaedhil dá mbrughadh agus dá mbascadh anois. Is
éachtach an léirscrios é. Tá na Sasanaigh ag géilleadh.
Fan, tá siad ag rith. Tá siad ag rith go díreach glan
mar scata caorach roimh faol-choin. Furrá! furrá!
furrá! Cuireadh an ruaig ortha go glan.



EIBHLÍN. - Míle moladh le Rígh na Glóire.



TADHG. - Éist, éist, a Mháighistreás. An airigheann
tú?



GUTHANNA AMUIGH. - Cuimhnigidh ar Luimneach agus
ar fheill na Sasanach.



TADHG. - Go neartuighidh Dia libh; 'seadh cuimhnigidh
ar Luimneach agus ar fheill na Sasanach.



EIBHLÍN. - Acht a' bhfeiceann tú an Seabhac i n-éan-
chor, a Thaidhg.



TADHG. - Níl sé le feicsint acht cuirfidh mé geall
go bhfuil sé i dtosach na seadairí. Raghaidh mé rud
beag níos giorra dhóibh, a Mháighistreás.



EIBHLÍN. - Ná déin, a Thaidhg, ná déin.


L. 63


TADHG. - B'fhéidir go bhfeicfinn an Seabhac. Fan-
se annso agus beidh mé ar ais chughat láithreach.
Seachain anois agus ná corruigh, a Mháighistreás.



[TADHG amach]



EIBHLÍN. - A Thaidhg, a Thaidhg, ná fág annso mé im'
aonar. Ó bhó! bhó! bhó! Nách dána atá sé? Agus
cad do dhéanfainn dá mbuailfeadh éinne trasna orm
annso?



[CORMAC isteach.]



CORMAC. - Ní leigfead-sa d'éinne méar do
leagaint ort, a Mháighistreás. Ní bheidh baoghal ort
an fhaid atáim-se id' fhocair.



EIBHLÍN (go suaidhte). - Cormac na gCaorach.



CORMAC. - An buachaill céadna, a Mháighistreás,
agus is maith liom gur bhuaileas trasna ort mar
táir i gcontabhairt annso. Táir go deimhin.



EIBHLÍN. - I gcontabhairt, a Chormaic?



CORMAC. - Tá an cath ar siubhal thart thimcheall
ort agus mairbheochar thú má fhanann tú annso.



EIBHLÍN. - Comraighe m'anam ort, a Chormaic, agus
ná habair sin! Dá mbeadh Tadhg annso féin! Ní
fheadar cad tá ag cur moille air.



CORMAC. - Siubhail leat liom-sa, a Mháighistreás,
agus saorfaidh mé as do ghéar-bhruid thú.



EIBHLÍN. - Ní chorróchaidh mé cos go dtiucfaidh
Tadhg.



CORMAC. - Seo, caithfidh tú teacht liom-sa.



EIBHLÍN (ag glaodhach). - A Thaidhg, a Thaidhg.



CORMAC (ag bagairt uirthi). - Féach, má leigheann
tú gíog eile asat gearrfaidh mé do scórnach dhuit.
Seo leat anois.



[Beireann CORMAC uirthi agus stracann amach í ar thaoibh
na láimhe clé. CÁIT BHUIDHE isteach ar thaoibh na láimhe deise.]



CÁIT. - Bhí fhios agam gur bitheamhnach a bhí ann;


L. 64


acht bheidh mise suas leis. Leanfaidh mé an buidheachán
go bhfuighidh mé cabhair.



[CÁIT amach ar thaoibh na láimhe clé; TADHG isteach ar thaoibh
na laimhe deise.]



TADHG - A Mháighistreás, a Mháighistreás, tar i leith
go bhfeicfidh tú na Sasanaigh ag rith - dá mbeadh agat
acht éan-gháire amháin do dhéanfá é ag féachaint ortha.
Ní fhaca mé riamh a leithéid de spórt agus b'fhiú teacht
ó Uí Bhriocáin an radharc so d'fheicsint. (Ag féachaint
'n-a thimcheall). Acht cá bhfuil sí airiú? Do ghlac
scannradh í, is dócha. Ho! hó! Dia go deo libh a
phreabairí; tabhair dóibh é. A Mháighistreás, ní bheidh
baoghal ar bith ort annso adeir mé leat.



GUTH AMUIGH. - Beidh baoghal ort-sa nuair thiocfaidh
mé suas leat, a phleidhce.



[CORMAC isteach agus é ag féachaint go himnidheach thar a
ghualainn. AN tATHAIR GEARÓID isteach 'n-a dhiaidh agus
piostal 'n-a láimh aige. EIBHLÍN agus CÁIT BHUIDHE isteach
taobh thiar de siúd arís.]



TADHG (ag rinnce). - Ha! Dar fiadh acht is breagh
é sin. Tá an ruaig ortha go glan anois agus tá
buaidhte ag Laoiseach; acht mara'dh na hÉireannaigh bí
an lá caillte.



AN tATHAIR GEARÓID (ag gáiridhe). - Tá an
'madán so as a mheabhair (téigheann sé anonn chuige).
Cad tá ort, a Thaidhg?



TADHG. - An tAthair Gearóid annso i bhFlónndras!
Ní bheidh deireadh le míorbhailtibh go bráth. Nár
fhágamar tusa 'n-ár n-diaidh i nUí Bhriocáin. Agus an
é siúd an crochaire malluighthe úd Cormac na
gCaorach arís?



AN tATHAIR GEARÓID. - Nach deas an chuma 'n-ar
fhágaís an bhean uasal so ó chianaibh. Bhí sí fhuaduighthe
ag Cormac mara'dh Cáit bhocht annso.



TADHG. - Bhíos ag féachaint ar an gcath, a Athair, a
chroidhe, agus dá mbeitheá féin annso do bheitheá ag


L. 65


rinnce le háibhéis ag féachaint ar na héachtaibh do dhein
na Géanna Fiadhaine indiu.



AN tATHAIR GEARÓID. - B'fhearr liom-sa míle
uair rud éicint mar é siúd d'fheicsint ag baile, a
Thaidhg.



TADHG. - Agus liom-sa leis, a Athair. Acht - cad é
seo chugainn anois? Sasanach agus bratach aige.
'Seadh agus tá Éireannach 'n-a dhiaidh. Seo, seo,
druididh siar agus béarfaidh mise air. Druididh siar,
adeir mé libh, druididh siar.



[Téigheann siad go léir as an t-slighe. Ritheann ROIBEÁRD
isteach éaduighthe mar fó-chaptaon i n-airm Shasanna agus
bratach 'n-a láimh aige. Tagann AN SEABHAC go dlúth ar a
shálaibh. Preabann TADHG amach agus beireann ar ROIBEÁRD.
Sciobann AN SEABHAC an bratach uaidh. Bailigheann
saighdiúirí AN tSEABHAIC isteach. Féachann na dearbh-
ráithreacha ar a chéile.]



AN SEABHAC. - Roibeárd!



ROIBEÁRD. - Seabhac na Ceathramhan Caoile!



AN SEABHAC. - Tusa i n-arm Shasana!



ROIBEÁRD. - Seo dhuit mo chlaidheamh.



[AN BRIANACH isteach.]



AN BRIANACH. - Tabhair dhom do lámh, a Chuimínigh.
Molaim go mór thú. Bhí an Rí féin ag féachaint ort
agus ba mhaith leis rud éicint a rádh leat ar ball.
Mairfidh do cháil an fhaid a bheidh féar ag fás nó uisce
ag rith le fánaidh.



AN tATHAIR GEARÓID. - Agus molaim thú leis, a
Sheabhaic. Beidh t'ainm i n-áirde láithreach.



AN SEABHAC. - An tAthair Gearóid! Míle moladh
le Dia na Glóire.



AN tATHAIR GEARÓID. - Tá mo chroidhe go geal
leat, a Sheabhaic; acht tá bean uasal annso go bhfuil
a croidhe míle uair níos gile leat.



AN SEABHAC. - Eibhlín! Ní hí Eibhlín atá leat.


L. 66


EIBHLÍN. - A Sheabhaic! a Sheabhaic!



[Ritheann sí chuige ag gáiridhe. Fáscann AN SEABHAC le
n-a chroidhe í agus leagann sisi a ceann go ceanasach ar a
ghualainn.]



AN tATHAIR GEARÓID. - Dia go deo le Seabhac
na Ceathramhan Caoile.



NA SAIGHDIÚIRÍ. - Dia go deo le Seabhac na
Ceathramhan Caoile, furrá! furrá! furrá!



BRAT ANUAS.


L. 67


AN CEATHRAMHADH GHNÍOMH.



AN RADHARC - Páirc mhór leathan le hais Cille Chrocáin. EIBHLÍN
agus ROIBEÁRD ag cainnt le chéile.



ROIBEÁRD. - Is maith liom gur tháingís, a Eibhlín,
mar do bhíos ag lorg aga le fada chun rud éicint a
rádh leat.



EIBHLÍN. - Cad mar gheall air, a Roibeáird?



ROIBEÁRD. - Thugas fá ndeara ná rabhais ar
fóghnamh le déidheannaighe. Is baoghal liom go bhfuil
tú ag géar-chaoi fós ar bhás an tSeabhaic agus go
bhfuil sé sin ag goilleamhaint ar do shláinte.



EIBHLÍN. - Á mo bhuaidhirt agus mo bhrón! do ghoill
bás an fharaire uasail go mór orm agus tá smúit ar
mo chroidhe ná glanfaidh de go bráth. Do múchadh an
solus orm an lá do tháinig an scéal a bhaile go raibh
sé marbh; agus fágadh mé gan tréine gan treoir
ó shoin.



ROIBEÁRD. - Nídh nach iongantach; acht féach, a
Eibhlín, do ghoillfeadh sé go mór orm-sa dá mbain-
feadh éan-rud duit-se anois.



EIBHLÍN. - Bhí-se go han-cheanamhail ar an Seabhac, a
Roibeáird; agus nuair bhí gach éinne 'n-a choinne bhí
tusa ar a thaoibh.



ROIBEÁRD. - Bhíos, agus badh mhór é mó bhrón agus
badh ghéar é mo chumhadh nuair do cailleadh é; acht do
mhairbheochadh sé ar fad mé anois dá mbeirfeadh an
t-éadóchas greim ort-sa.



EIBHLÍN. - Bhí croidhe mór fial agat i gcomhnaidhe, a
Roibeáird.


L. 68


ROIBEÁRD. - Do chuaidh sé tríom go mór an
tubaiste agus an butún do bhuail id' threo-sa i
dtosach do shaoghail agus do ghlacas truagh an domhain
duit.



EIBHLÍN. - Ní gábhadh dhuit é sin a innsint dam,
a Roibeáird.



ROIBEÁRD. - Agus anois, a Eibhlín, caithfidh mé
rún beag a scaoileadh chugat.



EIBHLÍN. - Cér'd é sin, a Roibeáird?



ROIBEÁRD. - Ní call dam a rádh leat go bhfuil
árd-mheas agam ort agus go mb'fhearr liom míle uair
mo theanga do ghearradh as mo cheann ná éan-rud a
rádh leat a thabharfadh eas-onóir duit, nó a chuirfeadh
tré n-a chéile thú.



EIBHLÍN. - Ní chreidfinn go bhféadfá a leithéid de
rud a dhéanamh, a Roibeáird.



ROIBEÁRD. - Táim buidheach díot i dtaobh na
muinighne atá agat asam.



EIBHLÍN. - Acht cad é seo atá agat le rádh liom, a
Roibeáird?



ROIBEÁRD. - Dubhras leat anois láithreach gur
ghlacas truagh an domhain duit nuair tháinig an scéal
a bhaile go raibh an Seabhac bocht fá'n bhfód.



EIBHLÍN. - Dubhrais, agus beidh cuimhne agam ar do
bháidh agus ar do charthannacht go raghaidh mé féin san
úir.



ROIBEÁRD. - 'Seadh; acht, a Eibhlín, tá rud éicint
eile im' chroidhe seachas truagh dhuit, le déidheannaighe.



EIBHLÍN. - Cad tá ort, a Roibeáird? Cad tá ort,
nó cad é an sórt cainnte é sin?



ROIBEÁRD. - Tá sé im' cheann agam anois le
fada a fhiafruighe dhíot an mbeitheá sásta mise do
phósadh i gceann tamaill.


L. 69


EIBLÍN. - A Roibeáird, a Roibeáird, athchuingím ort
gan focal eile a rádh i dtaobh na ceiste seo anois.
Do thugas geallamhaint do'n Seabhac ag imtheacht dó
ná pósfainn éinne eile go bráth dá mbainfeadh éan-
rud dó.



ROIBEÁRD. - Dá bhféadfadh sé labhairt leat anois
do shaorfadh sé ó'n ngeallamhaint sin thú, agus do
chomhairleochadh sé dhuit a dhéanamh mar táim-se a
d'iarraidh ort.



EIBHLÍN. - Agus rud eile, a Roibeáird, is minic
bhíonn sé im' cheann agam le déidheannaighe go
mb'fhéidir ná fuil sé marbh i n-éan-chor.



ROIBEÁRD. - Ní fhuaramar tásc ná tuairisc air
anois le dhá bhliadhain acht amháin scéal a bháis; agus
dá mbeadh sé 'n-a bheathaidh do bheadh scéal faghta agat-
sa uaidh fada roimhe seo - ná beadh?



EIBHLÍN. - Badh bheag é cruinneas an teachtaire do
thug an scéal chughainn; acht pé beo nó marbh é, ní
féidir liom a chuimhne do leigint as mo cheann. Nách
le súil go bhfuighinn tuairisc éicint air do thángas
annso indiu - á, ní fonn spóirt a bhí orm.



[AN tATHAIR GEARÓID isteach].



AN tATHAIR GEARÓID. - Bail ó Dhia oraibh! bail
ó Dhia oraibh! agus cé tá agam annso? Eibhlín Ní
Ghormáin - plúr na mban - agus Roibeárd. Cia an
bhail atá oraibh araon?



ROIBEÁRD. - Céad míle fáilte romhat a bhaile arís,
a Athair Ghearóid.



EIBHLÍN. - A Athair Ghearóid, a Athair Ghearóid, a'
bhfuil éin-scéal agat ó'n Seabhac?



AN tATHAIR GEARÓID. - A' bhfuair sibh-se éin-
scéal uaidh le déidheannaighe?



ROIBEÁRD. - Tháinig saighdiúir a bhaile ó'n bhFrainnc
go Tuaith Uí Ruadhain anuraidh agus bhí sé mar scéal
aige go raibh an Seabhac curtha.


L. 70


EIBHLÍN. - A' bhfaca tusa i n-éan-chor é le déidheann-
aighe, a Athair Ghearóid?



AN tATHAIR GEARÓID. - Ní fhaca mé anois é le
breis agus bliadhain, acht is baoghal liom go raibh
úghdarás éicint le scéal an tsaighdiúra.



EIBHLÍN. - Á, a Athair Ghearóid, táim suidhte dhe im'
chroidhe istigh go bhfuil fios gach éin-nídh agat-sa acht
badh mhaith leat an scéal a scaoileadh chughainn beagán
ar bheagán. Cad do bhain dó, a Athair?



AN tATHAIR GEARÓID. - Do leagadh ar lár é le
poc trom teinnis - slán beo buan a bheimíd go léir.
A Eibhlín, a chroidhe, bíodh misneach agat.



EIBHLÍN. - Táim ag caoi mo ghrádh ghil le bliadhain
agus níl an scéal so ag teacht go hobann orm.
Seo leat, a Athair.



AN tATHAIR GEARÓID. - Bhí sé ar leabaidh a bháis
nuair bhíos ag cainnt leis agus thug sé dham an beirtín
seo chun é do bhreith a bhaile chughat-sa.



[Tugann sé an beirtín d'EIBHLÍN agus oscluigheann sise é].



EIBHLÍN. - Á mo mhíle buaidhirt! Tá an fáinne ar
fad agam anois; acht cuirfidh mé an dá leath le chéile
agus caithfidh mé an fáinne i ndíl-chuimhne an tSeabhaic.
(ag siubhal amach ar thaoibh na láimhe deise) Go ndeinidh
Dia trócaire ar t' anam, a Sheabhaic, a stóir, agus
Dia bheatha grásta Dé.



AN tATHAIR GEARÓID. - Ár ndóigh ní ag imtheacht
atá tú, a Eibhlín!



EIBHLÍN. - Ní headh, a Athair. Raghaidh mé síos go
dtí an tobar beannuighthe go fóil agus b'fhéidir go
dtiucfainn ar ais ar ball.



EIBHLÍN amach.



AN tATHAIR GEARÓID. - Á, a Eibhlín, a leinbh, is
truagh Mhuire thú indiu. Agus, a Roibeáird, is baoghal
liom go mbéarfaidh an galar dubhach uirthi.


L. 71


ROIBÉARD. - Tá an eagla chéadna orm-sa, a Athair.



AN tATHAIR GEARÓID. - Is mór í mo thaithghe ar
an saoghal anois idir suaimhneas agus gleo, síothcháin
agus cogadh, agus níor casadh orm riamh fós éin-bhean
uasal a sháruigh uirthi i gceannsacht ná i modhamhlacht,
agus is mór an truagh é go bhfuil sí claoidhte mar atá
sí indiu.



ROIBEÁRD. - Is fíor dhuit, a Athair, agus do
phósfainn i mbáireach í dá mbeadh sí sásta.



AN tATHAIR GEARÓID. - Dar mo bhriathar, a
Roibeárd, acht ní fhéadfá cuimhneamh ar leigheas ní
b'fhearr. Acht leig di go fóil go laighdeochaidh
truimeacht an bhróin, agus socróchaidh mise gach éan-
rud go deas díbh. Tá's agat go bhfuil taithige mhór
agam-sa ar a léithéid seo de ghnó le dá fhichid bliadhain,
ha! ha! ha!



ROIBEÁRD. - Is éadtrom an croidhe atá agat, a
Athair Ghearóid, bail ó Dhia ort.



AN tATHAIR. - Agus is minic do bhí an croidhe sin
cráidhte go leór, a Roibeáird; acht ní dheineann
gruaim mórán maitheasa d'éinne.



ROIBEÁRD. - Ar chuir an Seabhac éin-teachtaireacht
chugham-sa, a Athair Ghearóid?



AN tATHAIR GEARÓID. - Do chuir sé na páipéirí
seo chugat.



ROIBEÁRD. - Cad iad seo, airiú?



AN tATHAIR GEARÓID. - Is dóigh liom go bhfuil
léas gabhaltais t'athar annsúd agus scríbhneoireacht
ó'n Seabhac féin ag bronnadh gach éan-rud ort-sa a
bhí ag teacht chuige féin do réir cirt agus dlighe.



ROIBEÁRD. - Á, mo dhuine bocht! Acht cá bhfuair
sé an léas? Bhíos féin suidhte dhe cé gur dóigheadh é le
leabhraibh m'athar.



AN tATHAIR GEARÓID. - Is amhlaidh do ghoid Peig


L. 72


Ní Chorbáin an léas. Do chaill sise é agus fuaras
féin é go tráthamhail. Ní raibh aga agam é do thabhairt
dod' athair sul ar cailleadh an fear bocht.



ROIBEÁRD. - Is 'mdhó rud a thuigim anois a rabhas
dall ortha roimhe seo. Agus do chuir an Seabhac bocht
an léas a bhaile chugham-sa!



AN tATHAIR GEARÓID. - Do chuir agus a sheacht
míle beannacht leis.



ROIBEÁRD. - Acht a' bhfuil fhios agat, a Athair
Ghearóid, cia an chiall a raibh mioscais chomh mór soin
ag Peig i gcoinne mo mhuinntire-se?



AN tATHAIR GEARÓID. - Do chreid Peig éan-
uair amháin go bpósfadh t'athair í.



ROIBEÁRD. - Go bpósfadh m'athair Peig Ní Chorb-
áin, an eadh?



AN tATHAIR GEARÓID. - 'Seadh, agus, a Roibeáird,
do bhí lá ag Peig agus ní raibh cailín ní ba bhreaghtha i
nUí Bhriocáin 'ná í.



ROIBEÁRD. - Is iongantach an t-athrughadh do
tháinig uirthi; agus is dócha gurbh' é an fuath do bhí 'n-a
croidhe aici máthair an uilc ar fad.



AN tATHAIR GEARÓID. - Bí cinnte dhe; - acht cé
hiad seo chughainn anois?



ROIBEÁRD. - Na daoine ag bailiughadh chuig an
phatrúin. Beidh an-spórt ar siubhal annso ar ball,
mar beidh mise ag dul i gcomórtas leis an Staca-
bólach.



[Dream daoine isteach - beirt anois, triúr arís, agus mar
sin de. Seasann cuid aca ag cainnt le n-a chéile agus siubh-
lann cuid eile aca anonn 's anall.]



AN tATHAIR GEARÓID. - Agus a' mbéidh an bith-
eamhnach úd annso? A Roibeáird, seachain tú féin ar
an gcladhaire chealgach úd.



ROIBEÁRD. - Is beag an caidreamh a bhí agam-sa
riamh leis.


L. 73


AN tATHAIR GEARÓID. - Is mór liom a laighead,
agus ná bíodh a thuillead agat leis.



ROIBEÁRD. - Agus ní thósfá cé bheidh annso?



AN tATHAIR GEARÓID. - Ní fheadar mé.



ROIBEÁRD. - An Captaon.



AN tATHAIR GEARÓID. - Captaon Uaithne?



ROIBEÁRD. - An fear céadna. Do casadh orm i
nInis Diomáin é an lá fá dheireadh agus do thugas
cuireadh dhó theacht annso indiu.



[TADHG isteach.]



TADHG. - Agus an é seo an tAthair Gearóid atá ag
baile arís? Tá seacht gcéad míle fáilte rómhat, a
Athair, agus 'sé mo chroidhe atá geal leat; 'sé go
deimhin. Acht an fíor é go bhfuil an Seabhac bocht
curtha san bhFrainnc, a Athair?



AN tATHAIR GHEARÓIDH. - Tá aithmhéala orm a rádh
leat go bhfuil, a Thaidhg.



TADHG. - Á, go ndeinidh Dia trócaire ar a anam,
agus is díth dhúinn an bile fá'n bhfód. Cabhair Dé
chughainn.



[EIBHLÍS, an STACABÓLACH agus daoine eile isteach.]



EIBHLÍS. - Níl tosnuighthe agaibh fós! Cad tá ag
cur moille oraibh?



ROIBEÁRD. - Bhíomar ag fanacht libh-se; acht
tosnóchaimid láithreach. Bhfuil tú réidh, a Stacabólaigh?
Tá an chloch annso.



AN STACABÓLACH. - Bain-se an chéad iarracht
aisti.



ROIBEÁRD. - Tosnuigh tusa, ma's é do thoil é.



AN STACABÓLACH (le hEibhlís). - Is baoghal liom
go bhfuil faitchíos ar Roibeárd go mbuaidhfidh mise
air.


L. 74


EIBHLÍS. - B'fhéidir anois go dtabharfadh sé do
dhaoithint mhór le déanamh duit. Seo, seo, tosnuighidh.



[Baineann AN STACABÓLACH a chóta dhe agus cuireann sé é
féin i gcóir agus mór-chúis an domhain faoi.]



AN STACABÓLACH (le hEibhlís). - Ná dubhrais ó
chianaibh go mbeadh Eibhlín Ní Ghormáin annso? Is dóigh
liom go ndéanfainn i bhfad níos fearr dá mbeadh sí
ag féachaint orm.



EIBHLÍS. - Beidh sí annso ar ball.



ROIBEÁRD. - Ní ró-mhór é an meas atá aici ort-sa
is baoghal liom.



AN STACABÓLACH. - Agus is baoghal liom-sa go
bhfuil an t-éad ag gabháil duit-se.



EIBHLÍS. - Cuiridh uaibh agus tosnuighidh.



AN STACABÓLACH. - Ní raibh an iomarca tathaighe
agam ar an ngnó so le déidheannaighe, acht seo -



[Caitheann AN STACABÓLACH an chloch.]



ROIBEÁRD. - Dheinis go han-mhaith an chéad iarr-
acht. Beir i leith chugham an chloch úd.



TADHG. - Cuimhnigh ar cháil do shinnsir, a Mháighistir.



[Caitheann ROIBEÁRD an chloch agus buaidheann sé ar AN
STACABÓLACH. Leigeann na daoine gáir áthasach asta.]



NA DAOINE. - An Cuimíneach a buaidh! An
Cuimíneach a buaidh!



AN STACABÓLACH. - Badh mhaith an t-urchur é siúd,
a Chuimínigh, acht féach a' mbeidh sé i gcumus duit teacht
suas leis an urchur so.



[Caitheann AN STACABÓLACH an chloch agus buaidheann sé
ar ROIBEÁRD.]



ROIBEÁRD. - An é sin do dhícheall?



AN STACABÓLACH. - 'Neosaidh mé sin duit ar ball.
Dein-se níos fearr anois.


L. 75


ROIBEÁRD. - Badh bheag é mo lúth mara mbeadh sé
im' chumus urchur níos fearr do chaitheamh.



[Baineann ROIBEÁRD iarracht eile as an gcloch acht
teipeann air urchur AN STACABÓLAIGH do shárughadh.]



EIBHLÍS. - Cad tá ort, a Roibeáird? Ó faire,
faire! ní'lir ag déanamh do dhíchill i n-éan-chor indiu.



ROIBEÁRD. - Do shleamhnuigh mo chos uaim, acht
bainfidh me iarracht eile as an gcloch.



[Caitheann ROIBEÁRD an chloch acht teipeann air arís.]



AN STACABÓLACH. - Níor shleamhnuigh do chos uait
an uair sin, a Chuimínigh. Seo, cuir uait, tá buaidhte
agam ort.



ROIBEÁRD. - Fan go fóill, tá iarracht eile agam.



EIBHLÍS. - B'fhéidir go mbeadh an t-ádh ar an
tríomhadh iarracht. Seo leat, a Roibeáird.



ROIBEÁRD. - Ní fheadar cad tá orm indiu.



AN STACABÓLACH. - Tá sé chomh maith dhuit éirghe
as agus é admháil go bhfuil buaidhte agam ort.



ROIBEÁRD. - Ní'l buaidhte agat orm fós. Cuir-
fidh mé geall leat go sáróchaidh mé ar t'urchur an
uair seo.



[CAPTAON MAC DONNCHADHA, a GHIOLLA agus EIBHLÍN isteach.]



AN STACABÓLACH. - Cad é an gheall a chuirfidh tú
liom?



ROIBEÁRD. - Cuirfidh mé mo ghabhaltas ar fad
leat.



EIBHLÍS. - A Roibeáird, cad tá ort?



AN STACABÓLACH. - Acht ní'l éin-éileamh agat-sa
ar an áit seo.



ROIBEÁRD. - Tá léas na háite annso agam im'
phóca agus ní fhéadfadh éinne éileamh níos láidre do
bheith aige.


L. 76


EIBHLÍS (i leath taoibh). - An léas! Acht cá bhfuair
sé é, ní fheadar?



AN STACABÓLACH. - Bíodh sé 'n-a gheall mar sin.
Seo leat.



[Caitheann ROIBEÁRD an chloch acht teipeann air arís
urchur AN STACABÓLAIGH do shárughadh.]



ROIBEÁRD. - Tá buaidhte agat orm go glan; seo
dhuit an léas.



EIBHLÍS (scannruighthe). - A Roibeáird, a Roibeáird,
cad tá déanta agat? Ó bhó! bhó! bhó! Tar éis an
mhéid do dheineas chun na háite do choimeád duit tá
sí imthighthe anois.



AN STACABÓLACH. - Bhí 'fhios agam-sa go maith ná
raibh sé i gcumas dó buadhchaint orm-sa. Seadh (go
maoidhtheach) agus níl fear ar an bpáirc seo indiu nó
i nUí Bhriocáin ar fad a d'fhéadfadh buaidh fhágháil
orm-sa.



AN CAPTAON. - Is beag a chreidim-se ded' ghlór.
Ná labhair chomh dána soin, a mhic ó; ní raibh id' choinne
acht garsún. Acht tá giolla annso agam-sa agus
cuirfidh me mo ghabhaltas leat i gcoinne léasa an
Chuimínigh go mbuaidhfidh sé ort go bog.



AN STACABÓLACH. - Cé hé seo?



AN CAPTAON. - Fear a d'fhág rian a chlaidhimh ort-
sa san bhFlónndras.



ROIBEÁRD. - 'Sé Captaon Mac Donnchadha atá
ag cainnt leat.



AN CAPTAON. - Cad deir tú, a Stacabólaigh?



AN STACABÓLACH. - Bíodh sé i n-a gheall. Cá
bhfuil an fear so?



AN CAPTAON. - Gabh i leith annso, a Dhonnchadh.
Bain-se an chéad iarracht as an gcloich, a Stacabólaigh.



AN STACABÓLACH. - Táim sásta. Beir chugham
an chloch.



[Caitheann AN STACABÓLACH an chloch arís.]


L. 77


AN CAPTAON. - Anois, a Dhonnchadh, agus ní
thabharfaidh mé dhuit acht éin-iarracht amháin. Dein do
dhícheall anois.



[Caitheann AN GIOLLA an chloch, buaidheann sé ar AN
STACABÓLACH, agus leigeann na daoine mór-gháir asta.]



TADHG. - A Athair Ghearóid, a' bhfeacaís an chaoi n-ar
chaith an fear úd an chloch? Do chreidfeadh éinne gurab
é an Seabhac féin a bhí ann.



AN tATHAIR GEARÓID. - Fear breágh scaoilte
'seadh é go háirithe agus bainfidh sé an mórchúis de'n
Stacabólach anois.



AN STACABÓLACH. - B'éachtach an t-urchair é sin.
B'ait liom iarracht eile do bhaint as.



AN CAPTAON. - Is féidir leat a bheith ag gabháil
dó anois go meadhán oidhche, má's maith leat é, acht sin
a mbeidh agat dá bhárr.



TADHG. - Acht cér'd é seo chughainn anois?



[PEIG NÍ CHORBÁIN agus CORMAC NA gCAORACH isteach, a
lámha ceangailte le chéile le slabhradh, croiceann caorach ar
a ghualainn ag CORMAC agus beirt saighdiúir taobh thiar
díobh.]



ROIBEÁRD. - Cad do dheineadar so as an tslighe?



SAIGHDIÚIR. - Do ghoideadar caora athrughadh aréir
agus fuaramar croiceann agus cnámha na caorach
foluighthe ins an tigh aca.



TADHG. - Do thuit mallacht an Athair Gearóid ortha.



AN tATHAIR GEARÓID. - Éist do bhéal, a 'madáin
níor thugas mo mhallacht d'éinne riamh.



TADHG. - An cuimhin leat an oidhche do bhí an Seabhac
bocht ag imtheacht nuair do leagadar thú? Cad dubhairt
tú leo?



AN tATHAIR GEARÓID. - Ní cuimhin liom é, a
Thaidhg.


L. 78


TADHG. - "Dearg-náire chughaibh lá aonaigh agus
margaidh" arsa tusa agus tá dearg-náire faghta aca
indiu.



AN tATHAIR GEARÓID. - Ní tháinig sé óm' chroidhe,
a Thaidhg.



[Sleamhnuigheann AN STACABÓLACH leis as an gcomhthalán.]



PEIG. - A Mhaighistreás, a Mháighistreás, athchuingim
ort gan leigint dóibh sinn-ne do dhaoradh. Ná déin,
a Mháighistreás, ná déin, a chroidhe.



[AN GIOLLA amach i ndiaidh AN STACABÓLAIGH.]



CORMAC. - A Mháighistreás, cuimhnigh gur chuadhas
go dtí an Fhrainnc duit chun an tSeabhaic do chur as
an tslighe.



EIBHLÍS (leis na saighdiúiríbh). - Beiridh libh na
bitheamhnaigh seo as ar radharc, níl éan-aithint againne
ortha.



PEIG. - B'fhéidir go labharfadh an Stacabólach ar
ár son, a Chormaic. Á mhaise, comraighe Dé ort agus
déin, a dhuine uasail.



SAIGHDIÚIR. - Seo, bidhidh ag brughadh; seo libh.



[PEIG, CORMAC agus na SAIGHDIÚIRÍ amach]



ROIBEÁRD. - M'anam ó'n riasc acht tá an Staca-
bólach imthighthe agus an léas aige. Féach air ag rith
fá dhéin a chapaill agus an Giolla go dlúth ar a shálaibh.
Tá beirthe ag an nGiolla air. Ta siad ag troid le
n-a chéile. Tá an Stacabólach ar lár agus gan cor
as. Seo chughainn an Giolla arís agus an léas aige;
acht tá rud éicint ar an Stacabólach is baoghal liom.
Tá súil agam ná fuil sé gortuighthe.



[AN GIOLLA isteach.]



AN CAPTAON. - Bhfuil éan-rud ar an Stacabólach,
a Dhonnchadh?


L. 79


AN GIOLLA. - Níl pian ná tinneas air, a Mháighis-
tir. (I leath-taoibh) Ní chuirfidh sé deoch nimhe i gcóir
d'éinne arís. (Le Roibeárd) Seo dhuit do léas, a
dhuine uasail.



ÉIBHLÍS. - Támaoid fá chomaoin mhóir agat, a dhuine
mhaith.



ROIBEÁRD. - Támaoid, go deimhin, agus táim-se
go han-bhuidheach dó leis.



AN GIOLLA. - Agus tá rud éicint agam duit-se
annso, a Mháighistreás.



[Síneann AN GIOLLA páipéar chúichi agus féachainn sisi air.]



EIBHLÍS (go suaidhte). - Cad é seo, cad é seo?



AN GIOLLA. - Tá agat anois rud do theastuigh
uait go mór tamall ó shoin.



EIBHLÍS (ag féachaint go géar air). - Cé hé tusa?
(I leath-taoibh) Cá'r airigheas an glór úd cheana?



AN GIOLLA (ag baint de a cháibín agus an liab
atá ar a leath-shúil aige). - Is dócha go bhfuil aithint
agat ar Sheabhac na Ceathramhan Caoile.



NA DAOINE GO LÉIR. - Seabhac na Ceathramhan
Caoile!



EIBHLÍS (scannruighthe). - Seabhac na Ceathramhan
Caoile 'n-a bheathaidh!



EIBHLÍN (ag rith chuige). - A Sheabhaic! a Sheabhaic, a
stóir! na mílte fáilte romhat! Bhí súil agam i
gcomhnaidhe go bhfillfeá arís chugham. Dia bheatha
chughainn, a chroidhe.



TADHG (ag rinnce) - A Athair Ghearóid, an ag
magadh fúinn a bhís? An Seabhac ag baile 'n-a
bheathaidh arís! Míle moladh le Dia. Ní raibh a
leithéid de lá i nÉirinn riamh roimhe seo.



[Ritheann TADHG chuige, beireann ar a lámhaibh agus pógann iad.]



EIBHLÍS. - Á, do dheineas éagcóir mhór ort, go


L. 80


maithidh Dia dham é. Cad tá orm? Teistiméireacht
an phósta! A Sheabh - A - Sheabhaic - na - na - Dia lem'
anam!



[Tuiteann EIBHLIS i bhfanntaisne agus tugtar i leath-taoibh í.
Téigheann an tATHAIR GEARÓID amach'n-a diaidh]



ROIBEÁRD. - A Sheabhaic, ní féidir liom fáilte do
chur romhat, tá áthas chomh mór sin orm. Bíodh an
áit ar fad agat anois.



AN SEABHAC. - Tá mo chuid féin de'n tsaoghal
annso agam agus táim sásta.



TADHG - Fad saoghail chughaibh araon agus Dia go
Deo le Seabhac na Ceathramhan Caoile!



NA DAOINE GO LÉIR. - Dia go deo le Seabhac
na Ceathramhan Caoile!



[AN tATHAIR GEARÓID isteach.]



AN tATHAIR GEARÓID. - Scuiridh de'n liúghraigh
seo. A Roibeáird, a mhic, bíodh misneach agat.
A dhaoine mo chroidhe, tá Eibhlís Craech ins an
tsíorraidheacht.



BRAT ANUAS.



A CHRÍOCH.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services