Historical Irish Corpus
1600 - 1926

An Baile Seo 'gainn-ne - Cnuasach Sgéal n-Úrnua

Title
An Baile Seo 'gainn-ne - Cnuasach Sgéal n-Úrnua
Author(s)
Ó Siochfhradha, Pádraig,
Pen Name
Bhn Smmbhbc / Seabhac, An / Sigfrid
Composition Date
1921
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


AN BAILE SEO
’GAINN-NE



“Beannacht leat, a leabhráin, agus
beannacht ar lucht do léighte.”
— l. viii


L. iv


“Seo do chéile,
Tabhair do dílse,
Umhla déin do,
Duille i mbruighin leis.”



“Is iongantach an baile é an baile seo againn-ne ar a bhfuil
de dhaoinibh greannmhara ann.”


L. v


BROLLACH ÓN BHFEAR EAGAIR.



Cé gur sgríobhas “fear eagair” thuas, tuigtear uaim nach
le mórtas ná le mustar é, acht gur bh’éigean dam an focal
do sgríobhadh, chum go mbeadh a fhios ag an saoghal nach é an Seabhac
féin is ciontach leis an méidín beag suarach so.



Ní gádh dham an Seabhac do mholadh agus a theist is a thuarasgbháil
le fagháil ag an saoghal Fódlach go léir um an dtaca so, an méid
is Gaedhealach dhíobh. Tá sé ag déanamh árd-oibre um adhbhar
léightheoireachta do sholáthar dá dhúthaigh féin .i. do Chorca Dhuibhne,
an tír úd is iongantaighe agus is fairsinge insgríbhinne oghaim
chraobh agus eile. Ní hé nach déanfadh áitreabhthóirí na hÉireann,
an méid díobh atá i n-ala-thuathaibh ó Chorca Dhuibhne, a leas fairis
sin tré léigheadh an leabhair seo; do dhéanfaidís gan amhras
agus tá súil agam go léighfear é i ngach aon chúil agus chearna
agus anach sa tír nó ar a laighead i ngach aon áit i bhfuil léightheoir
Gaedhilge ’na steill-bheathaidh.



Do chuir an Seabhac d’ualach orm gan aon mhíniughadh do thabhairt
ar na casfhoclaibh tré Ghaillbhéarla. Badh mhaith uaidh an bheart
sain dá mbeadh níos mó Gaedhilgeoirí i nÉirinn ná mar atá
indiu. Fóiríor dóighte! Béarlóirí atá i n-urmhór mór na
nÉireannach ón Málainn go Carn Uí Néid, Bearlóirí gan Gaedhilg
fairis sin! “Caithfear fuine i n-aice na mine,” a n-abair an
seanfhocal. Caithfimíd-ne dá réir sin úsáid do bhaint as an
nGaillbhéarla ’na ghléas mínighthe go ceann i bhfad eile, pé olc
maith linn é.



Rud eile, táid sgolairí na hEorpa ag toighdeadh fan nGaedhilg
indiu, agus ba mhó do chomhgar agus do ghar féin dóibh sin míniughadh
ar chasfhoclaibh tré Ghaillbhéarla.



Acht ní hé mo mhian-sa troid do chur ar an Seabhac uime sin
acht cabhrughadh leis ar mo shlighe féin, mar is fearr fhéadfad é,
agus is truagh léir liom an gléas is fearr fóghnamh díobh do
chaitheamh i leathtaoibh ar impidhe an ughdair.



Acht stadam de mar channrán agus cuiream beannacht an
Charsalaigh leis an leabhar .i.



“Gluais romhad, a leabhráin bhig,
Go hua nDuibhne rig ad réim.
Chomh luath is fhuicfeas tú an cló,
’Na áras dó soirbhigh sén.”



Baineam ár gciall féin as “ua nDuibhne” .i. duine do
shíolruigh ó Dhuibhne, sinsear Chorca Dhuibhne uile.



SEÓSAMH LAOIDE.


L. vi



L. vii


BUIDHEACHAS



Ní mór dom mo bhuidheachas a chur i n-iúl ós árd do
Seosamh Laoide, M.R.I.A., i dtaobh a chúramaighe a léigh
& a dheisigh sé téx an leabhair seo sular tugadh do’n chlódóir
é & fós i dtaobh na sreathanna fromhtha do mhion-fhéachaint
& do cheartú. Is mór an cruinneas & an tslachtmhaire
ar an leabhar a ndearnaidh Seosamh Laoide de shaothar air.
Agus, fairis sin, táim buidheach de Mhícheál Ó Riada, Oide
Saoircheard i gCill Áirne, óir is é do dhein an phictiúir
atá ar chlúdach an leabhair seo. Is mór an mhaise ar
leabhar pictiúir & tá súil againn nach é seo an t-aon
cheann amháin a dhéanfaidh Mícheál i gcóir leabhair Ghaedhilge.



“AN SEABHAC.”



Meitheamh an tSamhraidh, 1913.


L. viii


BEANNACHT.



Beannacht leat, a leabhráin, agus gura fada ó bhaile
bhéarfair sgéala an bhaile seo ’gainn-ne.



Beannacht leat, a leabhráin, agus gurab é aoibhneas is
mó bhéarfaidh ort bheith dod’ léigheamh ag Sean-
Dhiarmaid cois teine do Dhonnchadh Pheig agus
do Liam na Giúise agus do’n Ghad & do’n chuid
eile againn.



Beannacht leat, a leabhráin, agus nár castar donas
choidhche ort is measa ná lucht cuarduighthe do
ghrinn i bhfoclóiríbh.



Beannacht leat, a leabhráin, agus má tá bréag bheag,
féin, ionnat, féach! ní fheadar arbh’ fhearr
liom fíor tú: agus nach gnáth dhá innsint
ar sgéal.



Beannacht leat, a leabhráin, agus beannacht ar lucht do
léighte.



“SBHC.”


L. 1


CÓIRIÚ NA LEABTHAN.



I.



Is náireach an sgeul é le hinnsint, ach mo mhairg! is fíor
é, dar ndóigh, go mbíd lánamhna ann agus ná tugaid
an urraim is dual dóibh dá chéile. Is mó dhíobh a bhíonn
ann, leis, ná mar bheadh ’fhios agat. Eatortha féin, nuair
ná bíonn aoinne ag éisteacht leo, iseadh bhíonn an chaismirt
aca sain agus coimeádann siad chúcha féin é. Bíd siad
go sítheach grádhach Dia Domhnaigh ag dul chun an Aifrinn,
& a lámh siúd ’na uilinn sin iad ar chomh-chéim go caradach,
deagh-shomplach. Tá tuilleadh aca ann ámhthach, agus bíonn
’fhios ag fiadh ’s ag fiolar go mbíonn mío-thaithneamh meoin
eatortha; agus téigheann an sgeul chomh mór sain chun
an chnuic ortha ná cuireann sé aon teinneas ortha a fhios
sain do bheith ag fiadh ’s ag fiolar.



Lánamha mar sin dob’ eadh Tadhg Geanncach agus Peig
Bheag do bhí ar an mbaile againn-ne. Táilliúir ab’ eadh
Tadhg. Do bhí sé beag teasaidhe agus cos cham fé. Do
bhí teaichín beag aige le hais an tobair agus do bhímís go
léir istigh ann istoidhche. Táilliúir tuaithe de’n tsean-
aimsir dob’ eadh Tadhg. ’Sé a dheineadh na céad chulaitheanna
do bhíodh orainn-ne, garsúin, nuair a bhíodh an iomad de’n
fhear ag teacht ionnainn chun cótaí gearra do chaitheamh.
Do dheineadh sé casóga bréide dos na sean-daoine agus
bhestanna muiriltí (muinchillí), agus brístí de Chórda an
Ríogh. Ní raibh aon mheas ag na hógánaigh a bhíodh ag rinnce
agus ag suirghe ar tháilliúireacht Thaidhg. Bhí sé ró-thútach,
dubhradar.



Pé rud do chuir i gceann an táilliúra é do thaidhrimh
sé ar phósadh. “Ní bhíonn aon deáramh (deallramh) ar
thigh gan bean ar an teinteán,” ars’ an táilliúir. Ach


L. 2


ambasa ní gach aoinne a gheobhadh sé, toisg na coise caime,
tá’s agat. Do chuarduigh sé a lán gan aoinne d’fhagháil
go dtí tráthnóna Domhnaigh do chuaidh sé de shiubhal a chos
is a mhaide croise go tigh Sheáin Mhicil agus buidéal ’na
phóca aige, agus, a cháirde mo chroidhe, an dóigh libh ná go
bhfuair sé Peig bheag ó Sheán? Ní dubhairt Peig ach —
“Caitfimid pósadh, go bhfóiridh Dia ’rainn, ó’s rud atá
romhainn é, go bhfóiridh Dia ’rainn.”



Do pósadh iad. Dubhairt gach aoinne gur “leis a
bhí an seans, a chroidhe!” Do cheap an táilliúir go raibh
ana-ghaisge deunta aige. Do bhí ana-shuim go léir aige
innti ar dtúis. Do dheineadh sé mion-gháire léi. Uair
amháin tháinig tocht grádha chomh láidir sin air, cad deirir
leis ná go dtug sé póg di. Thug, dar deimhin mhuise!
Do dhein an grádh foiréigean air an turus sain. I gcionn
tamaillín ní théigheadh sé chomh mór sain chun cnuic air.
Ní bhíodh sé chomh minic ag gáiridhe léi. Is dócha gurab
é meon láidir an fhir fé ndeara sain. B’fhéidir nárbh’ é.
A cháirde na páirte, an gcreidfeadh sibh é? Do bhí rudaí
beaga ag teacht idir an táilliúir agus a cheud míle grádh,
rudaí beaga bídeacha, nárbh’ fhiú biorán is iad, ach go mbídís
ann gach lá agus gur ag dul i n-olcas a bhídís, go mór-mhór
aon rud beag amháin. Ochón, a thruagh mhór é.



Is baoghal go raibh Tadhg Geanncach ag éirghe ceanamhail
air féin. Do cheap sé gur cheart dá mhnaoi bheith ó mhaidin
go hoidhche ag fuaradh agus ag téitheadh dho agus ag cur
seasgaireachta agus compóird air agus bheith leis mar
do bheadh sí le peata ceana.



Is fuirist d’fhear grádh do thabhairt do mhnaoi nuair
ná bíonn sí sin ag deunamh a chuid té dho maidin is tráthnóna,
ná ag beirbhiú a chuid ubh do, ná ag nighe a chuid bónaí ná
’ghá n-iarnáil. Níor mhór an gaisge d’fhear grádh do bheith
aige do mhnaoi mar sin dá ndeineadh sí na gnóthaí sin do
go slachtmhar; ach níor mhair an fear sain riamh do thabharfadh
grádh do mhnaoi a chaithfeadh bónaí boga gan snas chuige
maidin Dia Domhnaigh, nó steanncán de thé leamh leath-fhuar
gach maidin is tráthnóna, nó uibhe gan deáramh chun


L. 3


breacfasta. Cionnus do bheadh grádh ag duine dhi?
Cionnus do gheobhadh sé ó n-a chroidhe bheith ’ghá pógadh? Ní
ghrádhfadh ná ní phógfadh. Níl an gean chomh láidir sin.



Sin é mar do bhí ag an táilliúir. Ní raibh sé pósta
mí nuair thug sé “liobar gan chrích” ar a mhúirnín mná
agus ar a cheud míle searc. Och! och!



Agus cad a chuir tobar na seirce i ndísg? Cad a
chuir Cuipid na gcleas an doras amach uatha? Do bhí
sain ann. Cad a dhein é? Och, mo mhilleadh! An leabaidh
a dhein é, agus a cháirde, nárbh’ é an sgrios é? Deireadh
Tadhg go mbíodh cnapáin sa tochta. Deireadh Peig bheag
go tur ná bíodh, ach gur ag tormas a bhíodh sé. Do bhíodh
an ceart ag Peig.



Deireadh mná an bhaile go mbíodh an leabaidh go bláthmhar
agus go deas — “dóthain sagairt an pharóisde de leabaidh,
a chroidhe!” gurbh’ olc an díol ar tháthaire bheag mhíosásta
mar é leaba ná súsa bheith aige; gur teasbach gan dúthchas
a bhí air agus éirghe anáirde gan cur leis. “Arú, a ghrádh
ghil! Nach deacair cur suas leis?”



II



D’éirigh Tadhg maidean. Do chualathas thuas insa
seomra é ag cneadaigh agus ag mianfuigheach. Do stad
an mianfuigheach go hobann. “O!” ar seisean, “O! O!
’gcúntas Dé! mo dhrom,” ar seisean, “mo dhrom!”
“Ó! an teinneas. S-s-s-s-…” ar sé sin, ag tarrac
a anáile isteach tré n-a fhiacla. Do bhí an duine bocht go
diombádhach. “Ohó,” ar sé ós árd, “mo mhilleán ort
mar leabaidh!” agus do bhaineadh sé crothadh as a cheann
chun na leabthan.



Do chuala sé Peig sa chistin ag canadh —



“Ní phósfainn-se an táilliúir,
Ní phósfainn-se an táilliúir,
Ní phósfainn-se an táilliúir —
Mar ní bhíonn aige ach snáthad


L. 4


Is ó goirim goirim thu!
Gradh mo chroidhe ’s mo chumainn thú,
Is ó goirim goirim thu —
’Sé mo pheata beag an táilliúir!”



“Dúbhlú thíos ort,” arsa Tadhg, ach b’fhéidir nach ó n-a
chroidhe.



Tháinig Peig ’n tseomra. “Arú,” ar sise, “cad é
seo anois ort?”



“Dhera mhuise, is maith atá ’s agat é,” ar seisean
go diombádhach.



“Is is beag dá chás ort,
Mo dhrom ’na dhá leath.
Ag tochta gránna,
Go bhfuil lag is árd ann.”



“Hu, agus an é do dhrom bocht atá ag cur indiu
ort? T’ easnadhacha do bhí tinn indé. Ní fios cad é
an ball ded’ chorp a bheidh as ionad amáireach. Mhuise
mo ghraidhn go bráth thu, a dhaltha, nách ort anuas atá an
crann!”



“Leig dod’ mhagadh, a chailín,” arsa Tadhg. “Dá
ndeinteá-sa an leaba ar fóghnamh ní bheadh …”



“Ná bí ag cur éithigh ar an leabaidh?” arsa Peig.
“Pé teinneas nó treighid nó gúta nó dathacha bheidh ort,
gaibhim-se orm gur ar an leabaidh a dheunfar é agairt.
Deirim-se ná raibh aon locht ar an leabaidh.”



“Deirim-se go raibh agus dhá locht,” arsa Tadhg.



“’Sdóigh, ní raibh,” ar sise.



“’Sdóigh, do bhí,” ar seisean.



“Ní raibh,” arsa Peig.



“Bhí,” arsa Tadhg.



Níorbh’ fhéidir, dar ndóigh, dul níos sia leis sin mar
sgeul. Do stadadar. Níor thaithnigh an t-uaigneas leo.
Do bhíodhg Tadhg. “S-s-s-s-, Ó!” ar seisean, “an
teinneas!” agus bhí sé go teinn dar leat. Ní raibh aon
truagh ag Peig do.


L. 5


“Tá leigheas ar theinneas droma agam duit,” ar sise.



“Tá-á,” arsa Tadhg go mío-shásta.



“Tá ar mh’fhallaing, mhuis,” ar sise, “leigheas láidir
bainne cíoch circe ’s é bhleágh i n-adhairc mhuice agus cleite
cait a chur dá mheasgadh.”



“Nár chúitighthear do shaothar leat,” arsa Tadhg, agus
smuilc seirbhthin air.



“Cúiteófar,” ar sise, “mar beir-se ag caitheamh trí
léim táilliúra sa pháirc sin amuich maidin amáireach. Níl
aon teora leis chun na dathacha do bhaint as cnámha sean-
daoine.”



“Deirim-se nách dathacha i gcnámha sean-daoine atá
orm ach cnapán sa tochta,” arsa Tadhg.



“Deirim-se gurab eadh agus nach aon chnapán sa
tochta é,” ar sise.



“Deirim-se nach eadh ach gurab eadh,” ar sé.



“Deirim-se gurab eadh agus nach eadh,” ar sise.



“’Sdóigh, ní headh, ach ’seadh.”



“’Sdóigh, ’seadh, agus ní headh.”



“Ní headh, ach ’seadh,” ars’ an táilliúir.



“’Seadh is ní headh,” arsa Peig.



“Ní headh!” ar seisean.



“’Seadh,” ar sise.



Ní fhéadfaidís, agus a ndícheall a dheunamh, an chainnt
a ghiorrú níos giorra ná sain agus b’éigean dóibh éirghe
aisti. Bhíodar ciúin tamall beag eile gur bhíodhg Tadhg
fé mar sáithfí biorán ann. “Ó!” ar seisean, “an
phian.” Ní ghéillfeadh Peig go raibh aon teinneas air.
Do bhí croidhe cruaidh ag Pieg.



“Arú, a dhuine, cuir uait!” ar sise, “agus ná bí ag
deunamh Máire Ní Ógáin díot féin. Nách tú an fear
breágh sguabach agam ag cainnt ar sheana-thochtaí leabthan.
Nár cloisidh do námhaid thu,” ar sise leis. Níorbh’ aon
tairbhe é, ámhthach.



“Deirim leat, a chailín, go bhfuil an iomad cainnte
agat,” arsa Tadhg.


L. 6


“Deirim-se ná fuil ná leath mo dhóthain cainnte agam,
ar sise.



“Deirim-se go bhfuil,” ar seisean.



“Deirim-se ná fuil,” ar sise.



“’Sdóigh, tá,” ar sé.



“’Sdóigh, níl,” ar sí.



“Tá,” arsa Tadhg.



“Níl,” arsa Peig.



Do bhíodar teanntuighthe arís annsain. Do bhí ciúineas
tamall. Annsain do labhair an bhean.



“Má táim chomh tugtha sain do’n chainnt, deinimís
margadh,” ar sise.



“Cad é an margadh é?” arsa Tadhg.



“An té is túisge againn a chuirfidh cainnt ar an duine
eile: an duine sin do dheunamh na leabthan feasta.”



“Cad é an tairbhe é?” arsa Tadhg. “Nách ort-sa
raghaidh?”



“Deirim-se nach orm,” ar sise.



“Deirim-se gur ort,” ar seisean.



“’Sdóigh, ní horm,” ar sise.



“’Sdóigh, is ort,” ar seisean.



“Ní horm,” arsa Peig.



“Is ort,” arsa Tadhg.



Do stadadar arís. “’Seadh,” arsa Tadhg i gcionn
tamaill, “ní haon tairbhe bheith ag cainnt. Bíodh sé ’na
mhargadh.”



Agus do dheineadar an margadh.



III.



Uair a chluig na dhiaidh sain do bhí Tadhg agus a mheuracán
agus a shnáthad agus an gamhná bán agus an gamhná dubh
agus an siosúr agus an miosúr agus an cláirín agus an
t-iarann — bhíodar uile go léir anáirde ar an mbórd. Bhí
bhest mhuiriltí le Seana-Dhiarmaid dá dheunamh aige. Do


L. 7


bhí a chroidhe go heudtrom. “Níor chás di!” ar seisean,
“a béal a choimeád dúnta.” Do bhí fuadar sé ag fuagháil.
Do bhaineadh sé ceol as an snáithín nuair a theannadh sé é.



Do bhí Peig le hais na teine agus a turann coise
aici agus í ag baint cheoil as. Do bhí sí ag portaireacht
agus ag fliuchadh barraí a meur ar a beola idir siollaí
an cheoil agus ag tarrac an lín chúichi le n-a méireanna,
agus d’fhanadh an ceol le fliuchadh na méar:-



“Tipsaoi aighdil aighdil,
Tipsaoi aighdil tuirinnín;
Tipsaoi aighdil aighdil,
Is é mo ghraidhn-se ’n coigealach.



Gheobhad-sa bunnach breagh mín
Is deunfad a shníomh go caithiseach;
Deunfad-sa léine lín
Dom’ sgafaire bríoghmhar seanduine.”



“Tipsaoi aighdil aighdil,” adeireadh Peig ag fliuchadh
a méar agus ag feuchaint cliathánach ar Thadhg. “Tipsaoi
aighdil seanduine. Tipsaoi aighdil aighdil, beidh éad ag
roinnt de’n bhaile leis!” agus do leanadh sí ag deunamh
ranna áiféise mar sin agus í go haereach cois na teine
agus a cos ar thromán an tuirinn aici. Thugadh sí súil-
fhéachaint ar Thadhg anois is arís.



Ní leigeadh Tadhg air go gcloiseadh sé í, ach do chloiseadh
go maith. Thugadh sé súil mhillteach mhío-shásta uirthi nuair
ná bíodh sí ’ghá thabhairt fé ndeara. Do bhí an cláirín ar
a dhá ghlúin aige agus cúinne de’n bhest anuas air sin
agus deirim-se leat má fuair bhest iarnáil riamh go
bhfuair an bhest sain é; agus do bhí port aige ar siubhal
’n-a theannta sain.



“Falda dídil um,
Falda diúdil um,
Falda dí —
Saing Saing,”


L. 8


adeireadh sé le gach sáthadh a thugadh sé síos suas de’n
iarann; agus do bhuaileadh sé buille de’n iarann ar an
bhest le gach “Saing Saing!” i gcomhnaidhe. Má théigheadh
aon rud bun os cionn air do cheapadh Peig go mbíodh an
“droch-chrích ort!” adeireadh sé beagán ró-fhuinneamhail
do’n chúis fé ndeara é. Thosnuigheadh sí féin go meidhreach.



“’S a tháilliúirín mhagaidh, ní phósfaidh mé thú mar fhear,
’S is mór go mb’fhearra liom sgafaire rómharfadh clais.”



Do chuireadh sain an táilliúir ar neul. Thosnuigheadh
sé ar an bhfuagháil ar nós sídhe gaoithe agus:-



“Falda dídil um,
Falda diúdil um,
Falda dí,
Saing Saing!”



ar siubhal aige agus do bhaineadh sé cling cheoil as ar
snáithín gamhná, “Saing Saing!”



Nuair do thrághadh an fhearg de, do chromadh sé ar
chainnt leis féin. Seanfhocail do bhíodh aige dá rádh — aon
tseanfhocal dá gcuala sé riamh i gcoinnibh na mban. Do
gheibheadh sé sásamh an domhain asta. “Hu!” adeireadh
sé, “‘Bean mar mhuic, bean mar chirc, bean mar chaora.’
Dar an meuracán, mhuise, is fíor sain. ’Seadh, ’bhuaidh
a’ bhean ar a’ muic, ’s bhuaidh a’ mhuc ar an aonach.’ Ahá”
arsa Tadhg, agus ba mhór a shult.



Thosnuigh Peig arís —



“Tipsaoi aighdil á
Gamhná bán is meuracán,
Deimheas, miosúr is clár,
’S an táilliúir cráidhte ciapaithe.”


L. 9


IV.



Mar sin do chaitheadar an lá. Do bhí an sgeul ag
éirghe leadránach aca agus na ranna agus na seanráidhte
ídighthe aca. Annsain chualadar fothrom mór stáin agus
ceaintíní ag an doras. Tháinig fear isteach. É árd.
É buidhe. É stracaithe. Coinnleach seachtmhaine nó coig-
thighis d’fheusóig fhionna-ruaidh ’na coilg-sheasamh ar a
chorrán géill. Liobar de hata bhog air. Hainceasúir
breac fé n-a mhuineál. Lán córda de cheaintíní stáin
ar a uillinn. Paca leathair ar mhaol-árd a dhroma.
É bagarthach iarratach. É brostuighte lán-fhoclach. Do
bheannuigh isteach, ach níor fhan le comaoin na beannachtan
sain.



“Seo chúghat mé, a bhean,” ar seisean, “Mise an
Gorradh Mór, Rí na ród, stánaire an stáin, fear deisighthe
na gcorcán, fear curtha cluas ar cheaintíní is crúiscíní
is buisgíní, mise an …”



“Óra! leig ’om féin,” arsa Peig. “Cad tá agat?”



“Tá, a bhean uasal a’ tighe, an mhias árd, an mhias
íseal, an ceaintín beag, an ceaintín mór, canna na bó
a chrúdh agus canna an uisge ón abhainn, bosga an té do’n
chailligh agus buisgín na snaoise do’n tseanduine, crúisgíní
de roighin-stán stóinsighthe gan poll beag, gan poll mór,
gan braon dá sgaoileadh tríotha, gan sguilb, gan ruic,
gan …”



“Ó mhuise, le hanamann do mharbh, stad!” arsa
Peig. “Níl stán ná eile uaim.”



“Ná fuil corcán gan chos agat, ná pota té gan sgrugall,
ná crúsga gan chluas, ná poll i n-oighean, ná sáspan gan
clúdach, ná …”



“Níl,” ar sise. “Ó feuch, fan,” ar sise agus do
stad sí. “Dar so súd, a tháilliúirín, ach go mbainfead-sa
cainnt asat-sa,” ar sise ’n-a haigne féin. “Tá galún
an uisge ag sgaoileadh uaidh,” ar sise leis an nGorradh
Mór. “B’fhéidir go bhfeudfá é dheisiú.”


L. 10


Bhí an táilliúir ar buile. Ar chuma éigin níor thaithnigh
fear so an stáin leis.



“Falda dídil um,
Falda diúdil um,
Falda dí, Saing Saing!”



ar seisean agus ba dhóigh leat go mbrisfeadh sé an cláirín
le gach buille de’n iarann.



D’fheuch fear deisighthe na sáspan air. “Dar corcán
na leitean!” arsa sé, “is binn an fear ceoil fear an
mheuracáin.”



Do tharraing sé chuige a chuid giúirléidí annsain agus
thosnuigh sé ar ghreadadh na stán agus ag amhrán go fórsach —



“Ding deang dedaró, ding deang déró.
Ding deang dedaró, buail sin, séid seo,
Ding deang dedaró, ding deang déró —
D’imthigh mo bhean leis an táilliúir aereach!”



“Cuirfead-sa stán annsain duit, a bhean a’ tighe,” ar
seisean agus siolla cainnte fé gan aon stad. “Stán
a choimeádfaidh an t-uisge go dtí go mbeidh mac mic
Philib a’ Chleite fé chlár, stán agus dá mbeadh sé ar thaobh
luinge nár bhaoghal di cogadh na bpiléar. Do leagas-sa
féin triúr pílear le canna de’n stán sain ar Aonach a
Phuic coigthigheas ó shoin. Táid siad ar leabaidh an bháis
ó shoin. Do leagfainn an sáirsint leis ach go raibh sé
leagaithe rómham ag Brighdín le buille de shrathar an
asailín sa chúl. D’fhágas thoir ag an gcrosaire ó chiainibh
í féin agus na rudaí beaga. Is ann a thugamair an oidhche
aréir.”



“Cár chodluigheabhair?” arsa Peig.



“Fé’n trucail, a bhean. Bhí na páistí beaga sa trucail
agus sop féir anuas ortha ach go dtáinig bó bhradach istoidhche


L. 11


agus gur ith sí an sop féir. Bhí leath-bheannlámh de ghúna
Bhrighdín ithte, leis, aici nuair thug Brighdín súnnc dom
fhéin éirghe agus an bhó a thiomáint.”



“Ní bhíonn aon leaba le cóiriú ’ge Brighdín mar sin?”



“Falda dí, Saing Saing!” arsa Tadhg agus do bhuail
sé an t-iarann anuas ar an mbórd le fuinneamh, agus
do chrom ar fuagháil — “Saing Saing!”



“Leaba!” arsa fear na gcorcán, agus “ding deang”
d’á bhaint as píosa stáin aige. “Hu! leaba ag tuinncéir!
Ní raibh aon phioc de’n fhearamhlacht riamh i n-aoinne go
mbeadh dúil sa leabaidh aige.”



“Falda diúdil um,
Falda dí, Saing Saing,”



ars’ an táilliúir agus thug sé strac-fheuchaint fé fhabhraí
a shúl ar an stánaire. Lean seisean air.



“Bhí fhios agam-sa tuinncéir a cheannuigh leaba uair,
a bhean a’ tighe. Bhfuil fhios agat cad d’imthigh air? Níl
focal éithigh ann — fuair sé bás! Do mhairbh an sámhán é.”



“Falda diúdil um,” arsa Tadhg agus thug sé tarrang
treun feargach do’n snáth gur bhris do’n iarracht sain é.
“Droch-chrích ort!” arsa Tadhg agus é ag iarraidh an
snáithín a chur sa chró arís. Níor fheud sé sain do dheunamh,
ámhthach, mar ’sé ceann caol na snáthaide go raibh sé ag
lorg an chró ann.



“Leaba!” ars’ an tuinncéir, “dhe rú, ná bac aon
fhear leabthan. Ní leagfadh sain pílear. Ní fiú trumpa
gan teanga é ach chun cnáimhseáin agus tormais.”



“Saing da diúdil um.
Diúdil aing dalal,
Faing Deang!!”



Do bhí an port ag dul sa mhuileann ar fhear na snáthaide.


L. 12


“Sin é an saghas é,” ars’ an stánaire. “Ní sásóchadh
an saoghal é. Bíonn an adhairt ró-árd nó na cosa ró-íseal,
nó bíonn cnapán sa tochta, nó bíonn …”



D’éirigh an táilliúir. Do bhí deire na foidhne caithte.
Rug sé ar chluais ar cheaintín stáin. Ní fheaca sé ná
raibh aon tón sa cheaintín. Do tharraing sé ar an tuinncéir.
Tháinig hata an tuinncéara agus leath a chinn go barr a
shróna aníos as an gceaintín. Tháinig dá shúil mhóra do’n
tuinncéir. Do leig Peig liúgh beag aisti.



“Bíodh sain agat, a ghiolla na gciteal is na gcorcán!”
arsa fear an tsnáithín ghamhná.



Do bhí an tuinncéir agus dhá shúil mhóra air ag feuchaint
fé liobar an tseana-hata thar faobhar an cheaintín amach
ar an táilliúir. “Dar asal a’ chlúimh!” ar seisean,
agus rug sé ar an gcasúirín agus do bhí sé ar tí an táilliúra.



Nuair a bhí an gníomh deunta ag an táilliúir agus
nuair a chonnaic sé an sgriosamhnach fir ar a thí, do sgéidh
an gaisge as. Do chuaidh sé de léim taobh thuas de Pheig
insa chúinne.



“Ó, a Pheig, a Pheig, a bhuidheannach, cosain mé, cosain
mé!” ars’ an táilliúir bocht.



“Cóiriú na leabthan ort, a Sheáin, a ghrádh ghil,” ar sise.



“Ó, ’seadh, a dhaltha, agus fiche leaba go bráth na breithe,”
arsa Tadhg bocht, “ach cosain mé, cosain mé!”



Do bhí an tuinncéir ruadh ag beartú dul sa chúinne
i ndiaidh an fhir bhig. Rug Peig ar chiteal d’uisge bheirbhighthe
de’n teine.



“Fan uaidh amach,” ar sise.



Tháinig stad sa tuinncéir. Níor mhaith leis uisge
beirbhighthe.



“Tabhair do bhóthar ort,” arsa Peig.



Do bhailigh an stánaire a chuid ghiúirléidí agus é ag
easgainidhe go lasánta luath-fhoclach. Nuair a chuir sé a
chos thar táirsigh do dhaingnigh Peig an bollta sa doras.



Annsain ’seadh tháinig a chainnt do’n tuinncéir. Do
raid sé uaidh na stánanna agus na ceaintíní agus na
sáspain agus an paca i n-aon charn amháin ag cnagarnaigh


L. 13


agus ag gliogarnaigh ar an talamh. Do chaith sé de a
chasóg. Do chaith sé dhe a hata. Do chaith sé dhe a charabhat.
Ba chuma leis cár thuiteadar. Annsain, do chaith sé trí
léim as a chorp. Do chuir sé liúgh as. Rug sé ar chnapán
cloiche agus do sgaoil sé fé’n doras é. Do dhein sé
annsain deismireacht bhagartha catha agus cruadh-chómhraic,
agus thug sé fógra genearálta do tháthairí táilliúirí
na hÉireann teacht — cosa briste agus maidí croise agus
cláiríní, siosúir agus miosúir agus méaracáin — chun dul
chun teangbhála leis féin, ach ó thárla ná raibh mian gaisge
ag gríosadh aoinne de ridirí na snáthaide an uair chéadna,
ní tháinig aoinne agus do fágadh dúil gan sásamh ag an
nGorradh Mhór. Ba mhór mar do ghoill an míolaochas sain
air. D’fhógair sé lucht déanta balcaisí san áit sin nach
gádh dhóibh bréid toisg an bhrothail, & nuair a bhí a chuid
stánanna agus a chuid rudaí eile bailighthe aige, d’imthigh
sé leis soir an bóthar ag feadghail agus níor stad sé gur
bhain sé Brighdín agus na rudaí beaga amach.


L. 14


FLÚIRSÍN.



Do bhí fear ar an mbaile seo againn-ne fad’ ó, is do
bhí an donas dearg air le gorta. Flúirsín an
ainm a thugaimís air. Rug sé an geall leis ar sprionn-
laitheacht ó n-a dtáinig riamh de lucht ocrais & doichill sa
cheann so ’dhúthaigh, & is mór an focal é sin! Do bhí sé
mar sin riamh. “Gorta ab’ athair do sain, a’ dtuigeann
tú leat me?” adeireadh Sean-Dhiarmaid, “& Cníopair-
eacht a mháthair!”



Má bhí an ceart ag Diarmuid, is cruinn a thug Flúirsín
dúthchas a athar agus a mháthar leis. Deireadh mórán
daoine nár cheart bheith milleánach air má bhí sé mar sin,
mar gurbh’ é sin an croidhe a thug Dia dho, & ná féadfadh
sé bheith ach mar do cheap Dia é. Ní dóigh liom féin gur
macánta an leithsgéal é sin i n-ao’ chor — bheith ag cur
an mhilleáin ar an bhfear thall nuair a bhíonn locht ar rud
nó ar dhuine; agus tugaim fé ndeara ar dhaoine, má
bhíonn rud nó duine le moladh aca nach ar Dhia a bhíonn aon
phioc dá bhuidheachas acu. Cleas suarach iseadh é & ba cheart
gan a dhéanamh; ach tá daoine ar an saoghal, go sábhálaidh
Dia sinn, agus ní bheadh náire ná allus ortha cleas sprionn-
laithe mar sin a dhéanamh ar Dhia féin.



Ach an Flúirsín seo adeirim, ní raibh teóra ná cuimse
leis an doicheall agus leis an ocracht a bhí ann. Bhí sé
mar sin ’na leanbh. Aon rud a gheibheadh sé do choimeádadh
sé, is ní thugadh sé aon ní uaidh choidhche. Nuair a bhíodh sé
ag gabháil an bóthar do bhíodh a cheann fé aige, agus ní
bhíodh oiread na frighde ar an mbóthar i gan fhios do. Dá
gcailleadh garsúinín eile cnaipe práis nó liathróidín
gloine nó píosa córda nó aon rud eile gur mór ag garsún
é, ní raibh ceann aca sain nach thíos i bpóicín Flúirsín a


L. 15


gheobhthaí é luath nó mall. “Garsúinín gasta,” adeireadh
máithreacha na leanbh eile & do bhídís ag gabháil dá gclainn
féin i dtaobh gan iad a bheith chomh gasta leis. Bíonn díth
céille mar sin ag baint le máithreacha leanbh — ní bhíonn
aon tuisgint aca do smaointe na leanbh mbocht.



Feirm bheag thalmhan a bhí ag athair Fhlúirsín. Ní raibh
de chlainn aige ach an t-aon duine. Nuair a bhí an maicín
cúig bliadhna déag d’aois do shín a athair siar agus do
fuair sé bás. Is dócha gur cheap sé go raibh a ghnó déanta
aige, agus gur leor sain, is go raibh mac a dhiongmhála
’na dhiaidh chun seasamh i n-ionad a shean agus a shínsear,
agus chun clú & teist a mhuintire do bhuanú & do chur i
méid.



Ba mhaith an mhaise ar an dílleachtaí bocht é, do ghlac
sé go cneasta leis an gcúram trom a cuireadh air. Do
dhein feirmeoir gasta dhe. Ní raibh oiread agus sop le
dul ar bóiléagar uaidh. Do réir mar bhí sé ag dul i
n-aois na tuisgiona, is amhlaidh is mó a bhí an chruinneacht
ag dul i ngreim ann. Dubhairt Donncha Pheig go bhfeaca
sé lá é ag dul treasna trí bpáirc chun criochán práta
do bhaint de phréachán go raibh ocras air. Ní mór an
ionntaoibh ar fad a bheadh agam as aon rud adéarfadh
Donncha, mar tá dúil aige sa sgailéathan, ach go ndeireann
Sean-Dhiarmaid gurab ’in rud a dhéanfadh Flúirsín, mar
go bhfeaca sé féin cleas chomh sprionnlaithe dá dhéanamh aige.
“Bhí sean-bhó age Flúirsín, a’ dtuigeann tú leat me?”
arsa Sean-Dhiarmaid, “agus ní leigeadh a chroidhe dho gan
cleas suarach d’imirt uirthi. Uaireanta leigeadh sé air
leis an mboin go mbíodh sé ag tabhairt chabáisde dhi. Ní
bhíodh a leath ’na chabáisde, a’ dtuigeann tú leat me? ach
is amhlaidh a bhíodh duilleoga spuinnc is cupóga sráide
measgaithe tríd, mar ’dheadh is gur chabáisde glas é go
léir. Nach suarach an cleas é sin le déanamh ar aon
ainmhidhe bocht?” arsa Sean-Dhiarmaid.



Ní raibh sa tigh ag Flúirsín ach a mháthair. Deireadh
sé go raibh an donas uirthi, do bhí sí chomh caithteach sain
i dtaobh móna. “Dhóghfá móin na hÉireann, a bhean,”


L. 16


adeireadh sé. “I gcúntas Dé! cuirfir an tigh tré theine
leis an dtóiteán lasrach sain”; agus ní bhíodh ar an teine
an uair chéadna ach dá fhód de “stuaicín” go mbíodh an
féar glas ag fás as agus spré bhocht uaigneach theine &
saothar gaisgidhigh dá dhéanamh aici ag iarraidh gan dul
i n-éag do dhroich-mhisneach & d’uaigneas.



Do bhí ó meitheal aige ag cur phrátaí — meitheal Dómh-
naill Spirín: duine is ?. Sin é an sórt meithile
a bhíodh i gcómhnaidhe aige. “D’íosadh sgata aca sain an
polca te, a chroidhe!” adeireadh sé go leithsgéalach.



Ar maidin go luath do bhíodh sé go piaclach: “Och, och,!
tá an lá caithte agus gan pioc déanta. Seo seo, seo seo!”
Do bhíodh a chroidhe go cráidhte nuair a glaoidhtí a-bhaile
ortha chun dinnéir. “Biadh, biadh!” adeireadh sé go
mí-chéatach. “Ní théigheann aon stad ar dhaoinibh anois
ach ithe, ithe, ithe, ó mhaidin go hoidhche. Níor thug Dia an
déanamh ceart ar an duine i n-ao’ chor. Badh cheart
déanamh an chléibh a thabhairt air agus dóthain seachtmhaine
a chur isteach ann d’aon iarracht & gan a bheith ag rith mar
seo gach aon uair a chluig,” agus do bhíodh sé ag cur de
an uair chéadna go mbíodh sé i gceann na páirce ba ghiorra
do’n tigh. Do liúghadh sé annsain. “A mháthair! A
mháthair!!” adeireadh sé, “a’ bhfuil an bainne ins na
mugaí fós agat?” Eagla a bhíodh air, a’ dtuigeann tú,
go mbeadh an méid sin de mhoill ortha ag an tigh.



Do shuidhidís, d’ithidís roinnt, ach ní mór a bhíodh ithte
aca nuair a phreabadh Flúirsín ó’n mbórd & do bhaineadh
fíoghar na croise air féin ós árd “i nAinm an Athar & an
Mhic & an Spioraid Naoimh.” Dar ndóigh, ní leigfeadh
náire do’n chuid eile gan an cleas céadna a dhéanamh &
d’éirghidís féin ón mbórd agus ocras tar éis athluighthe ar
chuid aca.



Do bhí garsún bocht neamhurchóideach ar meithil lá ag
Flúirsín. Do bhí ríghneas coganta ag gabháil do’n ngarsún
bocht & d’ fhág sain ocras gan sásamh aige ag dul an doras
amach do. Do bhí buaidhirt ar an mbuachaill bocht, ní nach
iongantach sain, agus thug seanduine a bhí ann fé ndeara é.


L. 17


“Cad tá ort, a bhuachaill?” ar seisean.



“Níor itheas leath mo dhóthana,” ars’ an garsún bocht
& d’fhéach sé timcheall air féin & eagla air go gcloisfeadh
Flúirsín é.



“Cionnus itheann tusa prátaí?” ars’ an seanduine.



“Cionnus d’íosainn iad ach práta do sgubhadh & é
d’ithe,” ars’ an garsún.



“Sin é d’fhág tusa ar chaol-chuid,” ars’ an fear.



“Cionnus ba cheart dom iad d’ithe mar sin,” ars’
an garsún & iongnadh air.



“Aon uair a bheir i dtigh na gannchoda arís déin mar
seo — bíodh práta dá ithe agus práta dá sgubhadh agat,
bíodh dhá phráta i gcúil do dhuirn agus do dhá shúil agat
ar dhá phráta eile ar an mbórd.”



“Ó hanamain!” ars’ an garsún.



Do bhí Flúirsín samhradh agus ní bhíodh aon chasóg air.
Fear sgafánta ab’ eadh é tá’s agat, agus b’aindeis leis
casóg! “Nach breagh sgópamhail an rud bheith gan chasóg?”
adeireadh sé. Ach do bhí a fhios ag na comhursain go léir
gurab amhlaidh ná raibh aon chasóg aige. Sean-chasóg le
n-a athair a bhíodh dá caitheamh go dtí sain aige, ach tháinig
laige sean-aoise uirthi sin, agus do bhí ball di ag imtheacht
mar seo & ball ag imtheacht mar siúd; & ba ró-mhisde
iad an sgaipeadh & an fán fada sain, go dtí ar deire
thiar thall go ndeaghaidh an bhalcais aosta éadaigh sin ar
sgaipeadh agus ar ceal generálta, agus do fágadh Flúirsín
bocht gan fothain na slinneán aige. Do bhí a fhios againn
go léir cionnus mar do bhí an sgéal, ach do bhíodh Flúirsín
ag iarraidh a chur ’n-a luighe air féin agus orainn-ne gur mar
sin ab’ fhearr do’n sgéal a bheith. Is baoghal ná raibh sé
go maith chun cleasa mar sin a dhéanamh, óir is brónach an
sgéal le hinnsint é nár chreid an duine féin é féin, &
níl aon bhaoghal gur chreideamar-ne é. Do bhíomar deacair
a chomhairliú riamh mar sin.



Tháinig deire foghmhair & tús seaca ar Fhlúirsín. Do
bhain sain creathaí as an duine. “An deamhan me! ach
gur mhaith í an tsean-chasóg” ar seisean. Tháinig gaoth


L. 18


anoir & sneachta. “Och mhuise!” adeireadh sé, “slán
beo le sean-chasóig mo dhaid!” Siúd leis chuig Tadhg
Geanncach táilliúir agus píosa bréide d’fhan i ndiaidh
a athar aige.



“A Thaidhg, a bhuidheanach,” arsa Flúirsín, “cad air
go ndéanfá bheist dom?”



“Ar leathchoróin,” arsa Tadhg.



“Ó dhe mo bhrón! is cá bhfaghainn-se dhuit leathchoróin,”
arsa Flúirsín bocht go diombádhach, “ach cogar i leith
chugham, a bhuidheanach, cogar i leith chugham; bhéarfaidh mé
sgilling & pic phrátaí dhuit — prátaí breaghtha plúracha go
gcuirfidís breághthacht ar do chroidhe ach féachaint ortha.”



“Níl aon ghnó agam díobh,” arsa Tadhg Geanncach, “tá
trí mhála prátaí sa chúil cheana agam.”



“Dhe ’ra ’s nach breágh an rud an fhlúirse, a chroidhe,
nach breágh an rud an fhlúirse? Seo a dhaltha, faigh do
mhiosúr & tóg mo thoise (thomhaise). Sin é. Go bhfágaidh
Dia do shláinte agat, a Thaidhg, a stóraigh.



Féach, go gcuire Dia an rath ort, & chun slacht a chur
uirthi cuir dá mhuinchille léi, ar nós na casóige tá’s agat,
ach mar sin féin, a Thaidhg, a dhaltha, is bheist í. Agus
féach, le hanmann do mharbh, agus cuir earball beag thiar
léi mar atá ar chasóig Sheáin an Ghleanna. Déin agus
nár fheicidh Dia dealbh go deo thu; ach mar sin féin, a’
dtuigeann tú? is bheist í! Féach mhuise, ní mór ná gur
dhearmhadas é — ní bhíonn aon chrot ar bheist gan bóna
beag slachtmhar a bheith léi. Mhuise féach, go mbuailidh
Dia seans maith chúghat, a tháilliúir, a ghrádh dhil, & cuir
bóna beag léi; ach mar sin féin ’s bheist í tá’s agat. Tar
éis duit cúpla póca maithe a chur lasmuich uirthi agus
póca mór laistigh, má bhíonn aon chuid d’fhuighleach an
éadaigh agat — agus dar ndóigh beidh mór-chuid — cuir i
dtaisge dhom é; & féach! go seolaidh Dia s’nuachar agus
bean shlachtmhar tighe chughat (agus ba mhaith an díol ort sain,
a dhuine ’chroidhe ’stigh) agus soláthruigh trí nó ceathair
dos na cnaipí breághtha móra a bhíonn chomh flúirseach agat
& cuir innti iad mar bheidís i gcasóig; ach mar sin féin
is bheist í, tá’s agat.


L. 19


’Seadh, a tháilliúir, a ghrádh dhil, bheannacht Dé & na
Maighdine Muire ort féin & ar do chúram,” agus d’imthigh
Flúirsín ar leathshodar an doras amach.



Sin é an sórt saoghail a bhí dá chaitheamh ag Flúirsín.
Is í a mháthair a dheineadh gnó an tighe & a chrúdhadh na ba.
Ach do bhí an bhean bhocht ag dul san aois agus na dathacha
ag teacht ins na cnámha aici. Ar deire thiar thall, ní bhíodh
sí ábalta ar na ba a chrúdh i n-ao’ chor agus níor mhór do’n
duine féin é dhéanamh. I gcionn tamaill eile tháinig an
chríne chomh trom sain uirthi ná féadadh sí biadh d’ullmhú
dhi féin ná do Fhlúirsín agus b’éigean do-san é sin a dhéanamh,
leis, agus dar ndóigh, do chuireadh sain an lá amúdha go
mór air. Do bhí sé teanntuighte. “Ó dhe mo léir!”
adeireadh sé. “Nach orm-sa anuas atá an crann?
Gaibhim-s’ orm má bhí dathacha le teacht ar aoinne gur ar
mo mháthair-se a thiocfadh. Caithfead cailín aimsire a
sholáthar is dócha, ach bead creachta! bead creachta!!”



Do fuair sé saghas cailín aimsire, ach ní raibh na trí
seachtmhainí déag ’na ráithe. Níor thug sí aige ach trí
lá, ach do bhí seachtmhain spóirt ar an mbaile mar gheall air.
Is amhlaidh d’éirigh achrann eatortha — idir Fhlúirsín & í
féin. Do bhí dhá innsint ar an sgéal — innsint Fhlúirsín
agus a hinnsint sin. “O hó léan uaithe!” adeireadh
seisean. “Ba dh’óbair dom me sgriosadh aici, a chroidhe.
D’íosadh sí siúd an mhuclach ’na ’rán chruithneachtan is ’na
leitin mhin-choirce!”



Sin é adeiread Flúirsín.



“’S amhlaidh ná tabharfadh sé aon rud le n-ithe dhom,”
ars’ an cailín, “ach trí práta bruthóige agus liath-uisge.”



Ní fhéadfaimís-ne dá thaobh an sgéil a thabhairt le chéile
ar aon chor. Ní fhéadfaimís taobh aca do chreideamhaint
gan a chur ’n-a luighe orainn féin gur éitheach an taobh
eile, & is cruaidh an ghreim é sin ar aoinne. ’Sé an tslighe
is fearr a dhéanamh le ceisteanna achrannacha mar sin
ná gan aon iarracht a dhéanamh ar iad a réidhteach i n-ao’
chor — iad a chur as t’aigne ar fad — gan leigean duit
féin aon mhachtnamh a dhéanamh ortha.


L. 20


Do fuair Flúirsín cailín eile agus cailín eile agus
mar sin do go raibh a ainm anáirde imeasg cailíní aimsire
na dúthaighe le n-a dheacra é shásamh. An biadh a bhí ’á mharbhú.
An cumas ithte bídh a bhíodh ag na cailíní go léir, sin é a
chuireadh an t-uathbhás air. D’éirigh sé sa cheann aige.
“Ó ’chroidhe,” adeireadh sé, “n’ fheadrais ach a chostasaighe
bean a chothú. D’íosaidís an polca te, a dhuine!”



Sa deire bhí sé ag dul de aon chailín aimsire i n-ao’
chor d’fhagháil a thiocfadh ’na ghoire ná ’na ghaor. Do bhí
sé amuich air ná beadh aon ghnó ann ag aon chailín d’íosadh
aon ghreim. Do bhí sé i gcruadh-chás annsain. Do bhí a
mháthair & gan corruighe na coise innti & níor mhór di duine
éigin a bheith sa tigh i gcomhnaidhe. Do bhí Flúirsín bocht
ag iarraidh freasdal ar an dá thráigh — rud a theip ar éan
éigin, cloisim — agus dá bhrígh sin ní ró-shlachtmhar a dheineadh
sé gnó aon trágha aca. Do bhí sé mar sin istigh lá & é ag
nighe corcán na leitean, nuair a bhuail slataire de chailín
caol árd an doras isteach chuige.



“Bail ó Dhia oraibh annso,” ar sise, agus níor stad cos
léi gur bhain sí amach an stóilín thuas mar a mbíodh an
teine, uair, & do shuidh ann.



“Cad a thug tusa annso?” arsa Flúirsín.



“Cailín me atá ag lorg aimsire,” ar sise.



“Mhuise ’n eadh ’nois?” arsa Flúirsín. “An mór a
bheadh uait?”



“Trí púint sa ráithe,” ar sise.



“A dhe ’Mhuire Mháthair! céad moladh go hárd leat!
Ná faghainn cailín eile ar a deich fichead,” ar seisean.



“Ní mo leithéid-se a gheobhthá,” ar sise.



“Cad é an feabhas atá ionnat-sa ná fuil sa chuid eile
aca?” ar seisean.



“Tá,” ar sise, “ná feicfir greim bídh ag dul im’
beal dá fhaid fhanfad annso.”



“An ndeireann tú liom é?” ar seisean.



“Tá sé ráidhte agam,” ar sise.



“Ó moladh go deo le Dia,” arsa Flúirsín is d’éirigh
a chroidhe go huachtar a chléibh le háthas. “Do leithéid


L. 21


a bhí uaim, a bhuidheanach, mar táim creachta ag sgata
straoilleóg a bhíodh annso agam le fada.



’Seadh, dar ndóigh, do bhí an sgéal go maith annsain
aige. Do bheirbhigheadh an cailín a chuid leitean d’ fhear
an tighe agus thugadh sí biadh ’n tseomra go dtí an tseanbhean.
Annsain do sgóladh sí corcáinín na leitean ós comhair a
shúl amach & do chuireadh i gcoimeád é & ní fheiceadh sé féin
greim ná lán béil dá ithe aici. Do bhí sé go sásta. Do
théigheadh sé amach ar an ngort & nuair a castaí duine
des na comhursanaibh air do bhíodh sé ag trácht thar an
gcailín. “Ó dhuine! ana-chailín ar fad, ar fad iseadh í.
Níos túisge ná mar dhóghfadh sí móin raghadh sí trí mhíle
ó bhaile chun brosna d’fhagháil. Ach ba leathchuma liom
mar gheall air sin, ’sé an tslighe atá aici chun bídh is mó
a thaithnigheann liom. Nuair a bhím ag tathant uirthi suidhe
& greim d’ithe (b’in dearg-éitheach ag Flúirsín) ’sé deir
sí liom ach ná féadfadh sí féin aon rud d’ithe, mar gur
leor de bhiadh do’n chócaire go deo bolaith an bhídh a bhíonn
dá ullmhú aici. Is mór an tsábháil é sin, a chroidhe, do
dhuine bocht mar mise.”



Do bhí an sgéal mar sin ar feadh trí lá, & ar feadh na
haimsire sin do bhí Flúirsín ag cuimhneamh agus ag smaoin-
eamh. Do bhí sé ag baint phrátaí lá & é ag cainnt leis
féin. “Is maith an cailín í gan dabht ar domhan, agus
is mór an slacht atá ar mo ghnó aici. Ach ar an taobh eile
arís, is mór an méid airgid trí púint sa ráithe. Dia
lem’ anam, do bhrisfeadh sain tighearna. Cá bhfaghainn-se
an t-ualach sain airgid? Ó faire! sin práta breagh gearrtha
agam. Trí púint sa ráithe, & leath-choróin de sin féin
cheana orm — fiacha leath-mhála prátaí! Och féach, cnap
eile ’n-a dhá leath agam. Is buaidheartha atá an sgéal
agam. Ní fheadar cad a dhéanfad. É? cad a dhéanfainn?
Í phósadh an eadh? Dar so súd ach níorbh’ olc an tseift —
Ó h’anam ó’n riabhach! práta breagh eile imthighthe gan
mhaith — níorbh’ olc an plean í phósadh. Ar mh’ anam go
ndéanfad, & beidh sí féin & na trí púint sa ráithe i dteannta
’chéile agam.” Do sháidh sé an ramhan sa talamh agus siúd


L. 22


leis a-bhaile ar a bhog-shodar. Do bhí sí istigh & nuair a chuala
sí ag teacht é do chuir sí rud éigin isteach sa churpad. Do
bhí sí ag cur cléithe ar stoca leis nuair tháinig sé isteach.



“Cad a thug a-bhaile chomh luath so thu?” ar sise.



“An deamhan me, ach go dtugas grádh dhuit!” ar
seisean.



“Slán an sgéalaidhe,” ar sise.



“An bpósfá me, a ghrádh?” ar seisean.



“B’fhéidir nár bh’ fhearra dhom bheith ag rith choidhche,”
ar sise.



Deir Jimín Mháire Thaidhg go raibh sé féin ag faire
ortha tríd an bhfuinneoig bhig isteach agus go bhfeaca sé
go maith iad & go rug Flúirsín barróg uirthi agus gur
phóg sé í. Ach ní chreidfinn an Jimín sin gan fínné maith
’na theannta. Bíonn sgéal éigin gan deallramh mar sin
i gcomhnaidhe aige.



Pé sgéal é do pósadh Flúirsín is an cailín. Is mó
de chainnt a deineadh i dtaobh an phósta sain ná a raibh
de phóstaidheacha sa pharóiste le fiche bliadhain.



Do fuair Flúirsín a chulaith éadaigh Domhnaigh ar iasacht
ó Thomás Mór. Do raghadh an duine bocht go léir idir
chorp croiceann isteach i n-aon chois amháin de’n bhríste
mhór a bhí ag Tomás agus do bhí leath-troigh de gach muinchille
ar an gcasóig ag dul thar barraibh a mhéar air; ach mar
sin féin do dhéin sé gnó an phósta i bhfad níos tighearnamhla
ná mar dhéanfadh Tomás Mór féin é dá mhéid an toirt
chuirp a bhí aige. “Brostuigh ort, a Athair, tá an mhaidean
caithte gan mhaith orm,” ar seisean go himnidheach. “Ní
gádh na h-‘Andrú Meártins’ ar fad.”



Do shiubhail sé a-bhaile i dteannta a mhná go dtáinig
sé chomh fada le gort na bprátaí.



“Imthigh-se leat a-bhaile,” ar seisean léi annsain,
“bead-sa chugat tráthnóna,” agus do-chuaidh sé sa chúlóig
ag baint gur chuir an doircheacht a-bhaile é tráthnóna thiar.



Lá ar n-a mháireach do fuair sé cúpla cloch mhine coirce
i gcóir leitean agus thug sé dá mhnaoi é & dubhairt sé
léi é chun i gcoimeád i n-áit ná faghadh luchaigh ná aon lucht


L. 23


fuadaigh eile é. “Déanfaidh sain go hoidhche Shamhna dhom,”
ar seisean léi.



Ní dubhairt sise aon ní & d’imthigh Flúirsín amach ar an
ngort. Ní fada a bhí sé imthighthe nuair do chuir an bhean
nua-phósta faobhar uirthi féin. “Bead-sa im’ mháighistir
annso,” ar sise. Siúd léi amach agus annsain siúd léi
isteach agus gabhál móna aici. Do bhuail sí síos teine
bhreagh mhór. Rug sí ar shean-sguaib fhraoigh a bhí sa chúinne.
Thosnuigh sí thuas ag an teine ag sguabadh & fuadar fúithi.
Do bhí an tsean-bhean sa tslighe uirthi. “’N tseomra leat,
a chailligh, & fan ann,” ar sise leis an sean-mhnaoi. Ní
dhearna an bhean aosta ach imtheacht léi go ciúin, “Go
bhféachaidh Dia orainn!” ar sise.



Nuair a bhí an t-úrlár sguabtha ag an mnaoi óig,
tháinig sí & fuair sí dorn maith mine coirce agus piúnt
leamhnachta, agus do chuir sí san sgilléidín i dteannta
’chéile iad. Nuair a bhíodar beirbhighthe i gceart do thóg
sí de’n teine iad & do leig an leite amach ar an aon-phláta
amháin gan briseadh ann a bhí i dtigh Fhlúirsín. Annsain,
nuair a bhí sé fuar, do sholáthruigh sí an spiúnóg ab’ fhearr
a bhí istigh. Do chuir sí an pláta ar cheann an bhúird agus
d’ith sí a béile ar a suaimhneas. “B’fhéidir go gcuirfeadh
sé buaidhirt ar m’ fhear pósta me d’fheiscint ’á ithe so,
agus cá tairbhe aon bhuaidhirt nach gádh a chur ar mo ghrádh
geal? Níor cheart dom a dhéanamh agus ní dhéanfad,” ar sise.
Is mór an tabharthas ó Dhia bean tuisgeanach mar sin.



Nuair tháinig Flúirsín bocht a-bhaile an tráthnóna sain
do chonnaic sé an t-atharrú go léir ar an tigh, do chonnaic
sé an teine mhór ar an dteinteán. D’fhéach sé i n-aghaidh
a mhná agus do chonnaic sé teine eile ’na súilibh sin. Idir
an dá theine sin do ceap sé gurbh’ fhearr foidhne ná buirbe
mhór.



“Ó!” ar seisean, “nach breágh an teine atá agaibh?”



“’Seadh,” ar sise, “do cheapas go mbeadh fuacht
ort, a ghrádh dhil.”



Ní dubhairt Flúirsín bocht aon ní. Do fuair sé a
chuid leitean & d’ith.


L. 24


“Cá bhfuil mo mháthair?” ar seisean.



“Do chuireas ’n tseomra í, mar cheapas gurbh’ ann
ab’ fhearr í,” ar sise.



Ní dubhairt Flúirsín aon ní. Do chuaidh sé a chodladh
agus tocht ’na chroidhe.



“Och, mo chreach is mo díth,” ar seisean, “nach claoidhte
an galar an grádh! Is mairg a bhacfadh leo i n-ao’ chor
mar mhná.”



“Ach bíonn an grádh riabhach ann, a thaisge,” arsa a bhean
a bhí laistiar de i gan fhios do.



Do chaitheadar coigthigheas mar sin agus ise ag leathnú
a smachta ar an teaghlach uile. Thug Flúirsín bocht lag-
iarracht nó dhó ar a lámh féin a bheith i n-uachtar, ach do bhí
teangbhálaidhe maith istigh leis agus do théigheadh gach cath
aca ar Fhlúirsín de neart & d’fheidhm aigne & teangan
a mhná & a bhainchéile. Ar deire thiar b’ éigean do éirghe
as & forlámhas na mná do ghabháil air féin go humhal an-uasal.
Do bhíodh eagla air a theasbáint ós árd nár mhaith do thaithn
an bhansmacht sain leis & b’ éigean do é bhrúgh ar a chroidhe.



An rud a bhíonn dá bhrúgh mar sin ar an gcroidhe, goilleann
sé de ghnáth ar an aigne. Sin mar do bhí ag Flúirsín bocht.
Is minic a cloistí ag cainnt leis féin é & é ag féachaint
go sgáthamhail ’na thimcheall ar eagla go gcloisfeadh aoinne é.



Do gheibheadh sé a chuid leitean maidin ’s tráthnóna
’na aonar, & do chíodh sé an bhean ag cur an sgilléidín i
gcoimeád i gcomhnaidhe. Do thuig sé gur mealladh go
mór é i dtaobh a mhná i ngach cúrsa eile, ach do thuig sé ’n-a
aigne féin, & ba mhór an sásamh an méid sin, go raibh sgéal
an bhídh ’na cheart, pé rud eile bhí bun os cionn. Mo thruagh
é, an duine bocht; is beag eolas a bhí aige ar chealgaibh ban.



I gcionn na coigthighise tháinig Flúirsín a-bhaile tráthnóna
thiar agus tinneas droma air ó bheith ag piocadh prátaí
& ’á gcur i bpoll. Do bhí bean a’ tighe cois na teine &
níor dhóigh leat uirthi go raibh an saoghal ag cur aon bhuadhartha
mhóir uirthi. Bean réidh righin ab’ eadh í. Do shuidh Flúirsín
bocht ag ceann an bhúird. “Cá bhfuil an leite, a chroidhe?”
ar seisean


L. 25


“Godé an leite?” ar sise.



“Mhuise, greim beag leitean dómh-sa, a dhaltha. Tá
ocras beag orm tar éis an lae,” arsa Flúirsín bocht go
modhamhail.



“Ba dheacair leite a dhéanamh gan choirce,” ar sise,
gan aon rud a leigint uirthi.



“É ’riú, cad dubhrais?” ar seisean, “an amhlaidh
atá sé go léir ithte agam?”



“Againn araon, a thaisge,” ar sise.



“É go léir?” ar seisean.



“É go léir,” ar sise.



“É go léir, léir?” ar seisean.



“É go léir, léir,” ar sise.



Agus leis sin d’imthigh pé léas beag dá mheabhair a bhí
go dtí sain aige ó Fhlúirsín. Tháinig an donas mór sain
d’aon bhuille obann amháin. D’itheadh a bhean biadh! Och,
níorbh’ fhéidir tubaist ba mhó! Do bhuail sé a bhasa go
cráidhte croidhe-bhriste. “É go léir, léir!” ar seisean.
“É go léir, léir!” agus d’imthigh sé ar siubhal ar fuaid
an tighe & na háite agus gan de phort ar siubhal aige ach
“é go léir, léir,” a bheith ithte ag a mhnaoi & ag a chéile
chroidhe ’stigh.



Agus ise, an bhean bhocht — nach uirthi tháinig an donas
mór. Do bhí sí anois gan a fear cosanta & a soláthruighe.
Nár dhi-se ba ghádh treise tola & cruinneas meabhrach le
linn a léin agus a buadhartha!



Do chuir sí Flúirsín insa leabaidh agus annsain do
chuir sí fios ar fhear dlighe agus caibideal. Tháinig sé.



“M’ fhear tighe ná fuil ar fóghnamh,” ar sise, “& ba
mhaith leis udhacht a dhéanamh.”



“Tá go maith,” arsa fear na dlighe, & do chuadar ’n
tseomra.



“Cad d’fhágfair ag bean do thighe?” ar seisean, leis
an bhfear breoidhte.



“Ó! é go léir, léir!” ar seisean. “É go léir,
léir!”


L. 26


Do sgríobh fear na dlighe “é go léir, léir” & thug sé
a bhóthar air.



Dá mhéid dúil a bhí ag Flúirsín i n-ollmhaitheas an
tsaoghail, d’fhág sé é go léir léir ’na dhiaidh trí lá ’na
dhiaidh sain, mar go rug an bás leis é d’aindeoin guil
& greadadh bas na baintrighe boichte uaignighe. Ach nach
cuma leis an mbás gol mná bróin ná baintrighe croidhe-
bhriste? Ó! a chladhaire, a bháis!



Ráithe ’na dhiaidh sin tháinig Púncán a-bhaile chughainn
ó Americeá. Nuair a chonnaic sé an bhaintreach & í chomh
hóg agus chomh huaigneach do líon a chroidhe le grádh dhi
& d’iarr uirthi bheith ’na mnaoi & ’na bainchéile aige. Do
bhí éadach iasachta air agus uaireadóir mór buidhe ’na
phóca agus flúirse mhór chainnte aige; & dubhairt sé go
raibh roinnt de “ríol estéit” thall aige. Do fhreagair
sise grádh dho is do pósadh iad.



Do-chuaidh an Púncán ar meisge an tráthnóna a pósadh
iad & d’ fhan sé ar meisge go ceann trí mbliadhan, gur
ól sé an sop as an srathar, gur ól sé an ghamhain agus
an bhó gheadach, gur ól sé an mhiúil bhán agus an trucail,
gur ól sé an fheirm, gur ól sé an mhaistín gadhair a bhí
san tigh, agus an sean-chat breac a bhí ar leath-shúil. Annsain
nuair ná raibh a thuille le n-ól aige tháinig sé a-bhaile oidhche
agus do bhí ag gabháil de chiceannaibh ar gach rud sa tigh
& uirthi-se gurb’ éigean di teicheadh amach sa phortach uaidh.
Thuit sí síos i bpoll portaigh agus do bádhadh í. Do crochadh
eisean. Sin é mo sgéal.


L. 27


LEITE DHONNCHA PHEIG.



Tá tigh ar an mbaile againn-ne is is minic a bhíodh
buaidhirt agus clampar ann. Donncha Pheig fear
an tighe agus Neil bheag Ní Dhálaigh a bhean. Tá a gclann
éirighthe suas chúcha — tá Peats Dhonncha agus Máirín
Dhonncha agus Néil óg. “Geannc” is mó a thugaimíd
ar Pheats, toisg srón de’n déanamh sain a bheith air.



Dubhart cheana go mbíodh buaidhirt & clampar insa
tigh. Do bhíodh, cé gur mhór an truagh sain, mar bean
bhocht deas ab eadh Neil, agus do dheineadh sí gach aon phioc
d’á gnó go cruinn & go slachtmhar, ach aon rud beag amháin.



Tá dúil san leitin aca i dtigh Dhonncha agus ní nach
iongantach sain, itheann siad í agus ní foláir do Neil
í dheunamh gach aon tráthnóna. Ní fuiris leite a dheunamh —
tá’s ag an saoghal é sin. Do bheadh sí ró-reamhar nó
ró-thanaidhe agat, nó do dóghfaidhe ort í nó ní bheadh salann
a dóthain uirthi, nó níor dhóithighe sin féin ná an iomarca
salainn a chur innti. Cócaire maith a dheunfadh leite.



An leite sin do mhill bean Dhonncha. Dob’ í an leite
sin fé ndeara an bhuaidhirt agus an clampar. Do bhí
Neil bhocht dearmhadach tá’s agat. Is olc an rud bheith
dearmhadach i mbun leitean. Do dheineadh sí dearmhad
ar an salann. B’fhearra dhi gan aon leite i n-ao’ chor
a dheunamh. Cad é an mhaith leite gan salann? Cé
íosfadh leite gan salann? Bíonn deá’ramh les gach aon
sgeul. Ach leite gan salann — ú!!



Thagadh Donncha & a chlann isteach tar éis lae ag baint
phrátaí um Shamhain. Do bhíodh ocras air, dar ndóigh. Do
shuidheadh sé ag ceann búird. “Leite!” adeireadh sé,
agus mara mbíodh leite chuige gan mhoill do bhíodh an sgeul
’n-a phraisigh láithreach.


L. 28


Do cuirtí chuige an leite. Do chuireadh sé lán spiúnóige
dhi ’n-a bheul. Sin é an uair a bhíodh a croidhe ag preabarnaigh
ag Neil bhocht. Mara mbíodh an salann sa leitin do
thagadh seacht snaidhm deug ar aghaidh Dhonncha. Do dhubhadh
ar a aghaidh & ar a ghnúis. Thagadh grabhas seirbhthin & gráin
air, gur dhóigh leat gur purgóid a bhíodh aige d’iarraidh é
sgaoileadh siar. “Ó mhuiricín!” adeireadh Neil bhocht,
“an salann dearmhadtha arís agam!” agus do theicheadh
sí go dtí an cúinne. An bhean bocht! do bhíodh sí ar buile
chúichi féin.



Do thagadh a chainnt do Dhonncha. “Nár leigidh Dia
ach ’mháin dom thu, a leadhb óinsighe!” adeireadh sé léi,
agus do bheireadh sé ar an leitin a’s do stealladh sé an
doras amach í. “Sin í agat anois í!” adeireadh Donncha,
agus do théigheadh sé suas chun na teine. Do thairrngigheadh
sé chuige a dhúid agus do bhaineadh sé tóiteán deataighe
aisti. Nuair a chuimhnigheadh sé ar aon chainnt mhaith ghéir
do bhaineadh sé an phíp as a bheul agus deireadh sé an
chainnt, agus grabhas air ’á radh. Tá flúirse mhór chainnte
ag Donncha, tá’s agat, agus maidir le baisteachán — ’sé is
fearr chuige.



Neil bhocht a bhíodh go maol-chluasach is go ciúin an chuid
eile de’n oidhche. Dá mbeadh ciall aici deurfadh sí leis
dul ag feadghail. Ní deireadh, ámhthach. Is amhlaidh a
bhíodh náire uirthi gan an leite a bheith deunta go ceart aici
agus do luigheadh sé ar a croidhe go mór; ach dá bhfaghadh
sí Éire air ní fheudfadh sí cuimhneamh ar an mío-ádh salainn
sin. Sin é fé ndeara an bhuaidhirt agus an clampar i
dtigh Dhonncha Pheig.



Do bhí an sgeul mar sin tamall maith aca. Do bhí
an leite ag teacht idir iad agus an suaimhneas agus an
ghrádhmhaire, agus do bhí “Praiseach Dhonncha” mar focal
áiféise ar fuaid an pharóisde. Annsain tháinig fuasgailt
ar an gcruadhtan. Tháinig suaimhneas ar chorcán na
leitean.



Do bhí Donncha & an chlann amuich tráthnóna ar an
ngort. Do bhí Neil istigh. Nuair a bhí an doircheacht ag


L. 29


teacht fuair Neil corcán na leitean agus do dhein sí
é nighe agus a sgiomradh. Do chuir sí an t-uisge ann
agus an mhin choirce. Annsain, pé taidhreamh a deineadh
di, do chuimhnigh sí ar an salann. Do chuaidh sí go dtí
an chómhra agus do thóg sí mám salainn as máilín de
pháipéar ruadh a bhí ann. Do chuir sí i gcorcán na leitean
é. “’Seadh,” ar sise, “tá liom anocht, pé sa’ domhan
sgeul é.”



An oidhche cheudna sain tháinig Donncha agus lucht an
ghuirt a-bhaile luath. Nuair a thánadar ’n bhuaile d’fhan
Máirín agus Geannc i mbun an chapaill agus na bprátaí.
Do chuaidh Donncha isteach a-bhaile. Do bhí Neil agus Neil
Óg ag crúdh na mbó sa chró. Do-chonnaic Donncha an
corcán leitean ag plubarnaigh ar an teine. Nuair a
chonnaic, chuaidh sé anonn go dtí an chomhra agus thóg sé
mám maith salainn as agus do chaith anuas ar an leitin é
“’Seadh,” ar seisean. “Beidh sí go ceart anocht, pé
sgeul é.” Do dhearg sé a phíp annsain agus do chuaidh
sé amach i bhfeidhil na bprátaí.



I gcionn tamaill tháinig Máirín isteach chun í féin
a théidheadh leis an teine. Do-chonnaic sí an corcán.
“’Seadh, is dócha nár chuimhnigh mo mháthair ar an salann
anocht ach chomh beag,” ar sise. Do phreabh sí chun na comhrann
agus d’ osgail, agus do thóg amach mám salainn agus
do chuir ar an leitin é. Annsain do dhein sí an leite a
shuathadh agus d’imthigh sí amach arís.



Ní raibh aon tsolas i dtigh na bprátaí agus do chuaidh
Geannc isteach a-bhaile chun smut de choinnill d’fhagháil.
Chonnaic sé an leite ar an teine. “Ar eagla na heagla,”
ar seisean; agus siúd leis chun na comhrann agus do
chuir mám mór salainn insa leitin agus do chorruigh.
Fuair sé an choinneall agus seo amach arís leis.



Do bhí Neil Ní Dhálaigh insa chró agus í ag crúdh go
bhreagh réidh & í ag bog-amhrán do’n bhoin, nuair chuimhnigh
sí ar an gcorcán do bhí ar an teine. “A Neilín, a dhaltha,”
ar sise le n-a hinghin, “rith leat agus corruigh an leite
ar eagla go ndóghfaidhe í.”


L. 30


D’imthigh Neilín agus do dhein sí an leite a shuathadh
go maith. Do bhí sí chun imtheacht arís nuair a stad sí.
“Chomh siúrálta agus atáim im’ beathaidh, níor chuir sí
aon tsalann ann,” arsa Neil Óg. D’osgail sí an chomhra
& do fuair sí lán a duirn de’n tsalann agus do chuir
síos isteach insa chorcán é. “Ní bheidh m’athair ag gabháil
di anocht pé sgeul é,” ar sise. Do chorruigh sí an leite
arís agus d’imthigh sí chun na ba a shniugadh.



Ar ball tháinig bean a’ tighe isteach agus do thóg sí
an corcán de’n teine. Tháinig Donncha isteach agus an
chlann. Do shuidh Donncha ag ceann an bhúird & rug sé
ar spiúnóig mhóir ’n-a láimh. “Puirseach!” ar seisean,
agus sin a ndubhairt sé as a bheul.



Do chuir Neil bhocht lán pláta dhi chuige. Ní raibh aon
eagla chúichi uirthi an babhta sain. Thóg Donncha lán
spiúnóige de’n leitin agus ó thárla an t-ocras ar an
bhfear, ní ró-mhór an mhoill a dhein sé chun go raibh an leite
’n-a bheul aige agus é ’á leigint siar. Ach do stad sé.
Tháinig grabhas air. Do cheapfadh aoinne gur treighid
éigin a tháinig air. Do leig sé ulfairt as nuair a sgaoil
sé an ghreim a bhí ’na bheul siar as an slighe.



“Loisgreán teinn dóighte ort, a shrimileálaidhe gan
chrích!” ar seisean. “Cad é an mac mallachtan atá ag
séideadh fút, nó an amhlaidh a mheasann tú sinn a mharbhú
led’ chuid méiseála? Níl faic na ngrást anocht agat
ach salann. Go mbeiridh ’n …” agus dubhairt Donncha
Pheig cainnt mhór-ghlórach lasánta le linn na huaire sin
ar fuaid an tighe.



D’imthigh a misneach ar fad ó Neil bhocht.



“Go dtugaidh Dia an fhoidhne dhúinn léithi mar leite,”
ars’ an bhean bhocht, “mheasas go raibh sí i gceart anocht
agam, marab ionann ’s gach aon oidhche eile. Tá mo
chroidhe briste aici mar phuirseach, pé mío-ádh atá anuas
uirthi,” agus do chrom sí ar ghol.



Mo ghreidhin í an bhean bhocht, níorbh’ iongnadh dhi bheith
cráidhte.


L. 31


“Dhera ná bhí ’ár mbodhradh,” arsa Donncha, “tu ag
iarraidh a mhilleán a chur ar an lei —,” ach díreach annsain
’seadh tháinig a chuimhne dho gur chuir sé féin mám salainn
sa chorcán. “Dar a leabhar-sa,” ar seisean leis féin,
“me fhéin a loit a leite. Ach cad dob’ áil liom ag
cainnt?” ar seisean, “dar ndóigh, ní dheunfadh doirnín
salainn chomh diabhail goirt sin ar fad í.” Ní dubhairt
sé faic ós árd!



Do cheap Geannc bocht gurab é féin a mhill an leite,
ach ambasa má cheap, níor shleamhnuigh aon phioc dá thuairisg
uaidh. Do bhí eagla air roime n’ athair. Níor leig Máirín
ná Neil Óg ortha go raibh aon eolas aca féin olc, maith
ná donaidhe ar cad d’imthigh ar an leitin. D’éirigh gach
aoinne go brónach ó’n mbórd gan greim a bhlaiseadh, agus
do shuidheadar cois na teine go neamh-chainnteach. Do bhí
Donncha ag machtnamh go dian ar an sgeul. Fé dheire
do labhair sé.



“Ní naon tairbhe bheith ag cainnt,” ar seisean, “ach
tá mío-rath éigin ar an tigh seo seach is a bhfuil de thighthe
eile sa pharóiste. Ní mar a chéile an leite a bhíonn sa
tigh seo ’s a bhíonn i n-aon tigh eile. Ní bhíonn sí choidhche
go bhfeudfadh duine í dh’ithe. Ní fheadar ’en tsaoghal cad
é an crann atá anuas uirthi. Éirighimís aisti mar leite.
Caithimís uainn í. Ná hithimís a thuilleadh dhi. Badh mhór
an suaimhneas ar a dtigh é. Éirighimís aisti i n-ainm Dé.



“Ní itheann, a ’dhaltha, Donncha so ’gam-sa aon ghreim
leitean anois,” arsa Neil le Cáitín Mhá Gabha mí ’n-a
dhiaidh sain agus iad ag cainnt le chéile taobh amuich de
dhoras an tséipéil, Domhnach. “D’éirigh sé aisti, a chroidhe.
Is fearr leis braonín beag té d’fhagháil tráthnóna tar
éis teacht ó’n ngort do.”



“Dhera! is ná fuil fhios ag an saoghal,” arsa Cáitín,
“gurab é an braonín beag té is oireamhnaighe dho, leis
tar éis an lae!”


L. 32


MÉINÍN.



Cailín óg i n-aois a hocht mbliadhan déag — bhí sí ag
amhrán i lár na sráide. Amhrán éigin i dtaobh
saothair curadóireachta a bhí aici, óir deireadh
sí i ndeire gach bhéarsa —



“’S is baoghal liom féin nach féidir leat-sa
Leaca an Bháin a threabhadh,”



agus, dar guth na cuaiche, ba mhaith an sás í chun ceol a
ghabháil. Do bhaineadh sí mac alla as taobh na sráide
leis.



Do bhí sgata mór de mhuinntir na tuaithe bailighthe ’na
timcheall agus breághthacht ar a gcroidhe agus iad ’á moladh
gan doicheall, gan teorainn. “Mhuise, mo ghradh deoil
thu!” adeireadh duine. “Chugham aniar thu!” adeireadh
fear eile. “Mhuise, ’chroidhe,” adeireadh seanbhean, “nach
breagh an rud an óige?”



Níor chailín ró-árd í ná ró-íseal, ná ní déarfainn
go raibh sí téagarta, ná caol. Bhí sí ’na preabaire de
chailín chruaidh anamamhail. Bhí sí fionna-ruadh agus a
glib ag dul isteach ’na súilibh. Bhí breicneach innte. Do
bhí mala duine uirthi nár bh’fhuiriste eagla a chur air. ’Sé
a buailfidhe isteach it’ aigne agus tú ag féachaint uirthi
gur duine í go raibh a fhios aici cad a bhí ’á dhéanamh aici
agus tu ag féachaint uirthi; agus cad a dhéanfadh sí chomh
luath agus bheadh an méid sin déanta aici; agus arís, cad
a dhéanfadh sí dá ritheadh capall nó dá dtéigheadh tigh tré
theine nó dá dtugadh sgafaire d’fhear óg póg di, nó dá
dtuiteadh aon ní mío-chuibheasach mar sin amach go hobann
— ainnir ná faighfidhe i n-aisge choidhche ceal lán-chomhthrom


L. 33


a meabhrach agus a géarchúise. Bhí brat uirthi agus é
fillte ar chuma ná raibh air ach trí cúinní agus bhí an cúinne
láir ar sileadh síos le n-a sálaibh. Ní raibh aon ní ar a
ceann ná ar a muinéal.



Nuair a bhí an t-amhrán ráidhte aici do stad an cailín
agus do shiubhail sí ar an gcuideachtain go léir ag tathant
ortha na hamhráin a cheannach uaithe. “Pinginn a’ ceann
atá ortha, a bhean,” ar sise leis an tsean-mhnaoi a bhí ag
moladh na hóige. “Mhuise, a ghradh dhil, tógfad ceann
uait,” ar sí sin, “ar shon ná féadfainn féin é léigheamh
dá bhfaghainn Éire air,” agus do thosnuigh sí ag cuardach
cá raibh a póca.



Níorbh’ fhuirist sin d’fhagháil, dar ndóigh, toisg mío-
chomhthromaighe na háite ’n-a raibh an póca agus a dheacra
a bhéal d’aimsiú. Tar éis iomad útamála, ámhthach, do
fuarthas an póca agus do tairngeadh an sparán ó’n
doimhneas dob’ íochtaraighe a bhí ann. Annsain tar éis
a lán córdaí casta do bhí air a sgaoileadh agus snaidhm
achrannach a bhí ar a bhéal a bhogadh do fuarthas an phinginn
agus tugadh mar mhalairt ar an “mbeailit” é.



Nuair a fuair an t-amhránaidhe fionna-ruadh an phinginn
bhí sé istigh ’na stoca aici an fhaid a bheithfá a rádh “Dia
lem’ anam,” agus bhí sí an uair chéadna ag rádh rud éigin
i dtaobh an cheangail lae is bliadna a thugadh Fionn ar a
churrachán agus i dtaobh lucht casta córdaí ar sparánaibh
caola; ach ní chualaidh an tseanbhean í — bhí sí sin ag cur
na beailite go cúramach isteach sa sparán.



D’imthigh an cailín óg tamaillín beag suas an tsráid
agus do bhain sí crothadh as a ceann chun an ghlib a chur as a
súilibh, agus do chrom sí ar “Leaca an Bháin” arís agus
do bhailigh sí gasra eile agus do fuair sí roinnt phingní
agus do chuir cuid aca ’na stoca agus do choinnibh an
chuid eile ’na láimh.



Bhí sí mar sin go dtí tráthnóna. D’éirigh sí as an
gcantaireacht annsain agus d’imthigh sí léi. Bhí tigh
búistéara ar an slighe roimpi agus nuair a bhí an cailín
ag déanamh ar an tigh bhí ceathramha chaoirfheola ar chrúca


L. 34


ó’n taobh amuich. Nílim ag cur amhrais ar aoinne — ba
shuarach liom sain — ach nuair a bhí an cailín gabhtha thar an
siopa ní raibh an chaoirfheoil ar an gcrúca.



Bhí sí ag imtheacht léi go dtáinig sí go dtí áit a bhí taobh
amuich de’n bhaile beagán. Do bhí cruinniú mór annsain
d’asalaibh agus de pháistíbh beaga leath-nochtuighthe agus
de mhnáibh gioblacha agus de thrucaillibh asal go raibh potaí
gorma agus leathlaidhthe dearga ortha, agus de mheal-
bhógaibh go raibh cúinní stáin agus tairrngí práis ortha
agus de cheaintíníbh agus de stánánaibh agus de neithibh
eile ba liosta le háireamh. Do chuaidh an cailín mar a
raibh garsún beag go raibh a leath leis agus é ag cur sgaimhe
agus smuilc air féin tré choiléar asail agus sgata de
pháistíbh níos óige agus níos nochtuighthe ná é féin mar
lucht molta agus féachana aige; agus gur uathbhás saoghail
leo na cumaí greannmhara a chuireadh an dearbhráthair
mór air féin.



“Cá bhfuil m’athair?” ar sise.



“Ag díol asail,” ars’ an buachaillín, agus do dhún
sé súil agus d’osgail sé an ceann eile go han-leathan
agus do bhain sé casadh as a bhéal ar shlighe gur fé bhun
a chluaise deise a bhí an chuid sin dá aghaidh i n-ionad bheith
fé’n sróin. Do liúigh na páistí beaga agus bhíodar féin
ag iarraidh an smuilc chéadna a chur ortha féin.



“Cia leis?” ars’ an cailín, ag tagairt do dhíol an
asail.



“Le duine de’n Chloinn Bhuidhe,” ars’ an smulcaire.



Treabh eile de lucht ealadhan na sáspan ab’ eadh an
Chlann Bhuidhe ná raibh aon ghaol aca le muinntir an chailín
— an Chlann Ruadh.



Do-chuaidh an cailín anonn mar a raibh a máthair. Do
bhí sí sin ’na suidhe ar mhealbhóig a fir agus a tighearna,
agus í ag cur paiste ar ghlúin le balcais chos an tighearna
chéadna, agus, mar is béas le n-a comh-mhnáibh i seomraíbh
sámháin agus suidhte, do bhí toit agus gal dá chaitheamh aice
de’n tobac — ní raibh de dheifir i nós a chaithte ach gur i
bpíp a bhí sé ag an stánaire mná. Thug an cailín an


L. 35


t-airgead a bhí ’na láimh aici do bhean an tóiteáin tobac.
Ní dubhairt sí aon rud mar gheall ar an airgead a bhí sa
stoca.



Nuair a bhí an tráthnóna ag dul chun fíor-dheireannais
agus nuair ná raibh sínsear na Cloinne Ruaidhe ag teacht,
do cuireadh garsún na smulc dá chuardach. Níor ghaibh
dúthracht mhór é sin chun na hoibre, óir is náireach a rádh
nár chás leis ná tiocfadh a dhaid ar ais chúcha go deo ná
go bráth; agus do dhein sé iomarbháidh fhada le n-a mháthair
i dtaobh an sgéil; ach do dhein sise tathant ba mhó air —
le leath-ama an asail — agus d’imthigh an buachaillín agus
glórtha bróin agus croidhe-bhriste dá dhéanamh aige os
árd. Nuair a bhí sé tamall síos an bóthar do chonnaic
sé duine uasal ag bualadh aníos chuige. D’éirigh ar an
mbuaidhirt aige gur thruagh Mhuire leat an firín bocht
le hiomad an bhróin a bhí air, agus a dhrom le claidhe.



“Och a gharsúinín bhoicht,” ars’ an duine uasal, “cad
tá ad’ chur ag gol?”



“Goile mór is beagán lóin, a dhuine uasail,” ars’ an
buachaillín bocht. “Greim níor itheas ó ’réir, a dhuine
uasail. Le hanmann do mharbh agus let’ anmann féin,
tr’om cabhair nó congnamh éigin. Tá m’athair sa chré, a
dhuine uasail, agus mo mháthair san óispidéal agus níl
duine im’ chúram ach me im’ dhílleachtaidhe bhocht. Ar son
Dia — mhuise go bhfágaidh Dia do shláinte agat, a dhuine
uasail, agus ná raibh ocras ar aoinne bhaineas leat go
bráth!”



Fuair sé dá phinginn ó’n amadán duine uasail agus
do chuir sain misneach ní b’fhearr air chun dul ar lorg
a athar. ’Sé céad rud a dhein sé ná lúbán de’n tobac
go dtugtar “Eirball Cuit” air a cheannach ar an dá
phinginn. Do bhain sé píosa de’n “eirball” le n-a
fhiacla agus do chuir ’n-a bhéal é ’á chogaint. Do bhí cleas
iongantach aige chun seilí a chaitheamh. Do chrústóchadh sé
rud ceithre slata uaidh leis, tré mhannt a bhí ’na fhiaclaibh.



Do-chonnaic sé bean uasal ag gabháil ’n-a threo agus
gadhairín ar éill aici agus bhí cuma plubartha beathuighthe


L. 36


ar an ngadhairín. Níor thaithin an gadhar sain leis an
mbuachaillín bocht ar chuma éigin, agus nuair a bhí sé ag
gabháil thairis do steall sé súghlach an tobac isteach idir
an dá shúil air. Do leig an peata gadhair glam as agus
do dhein sé mairg mhór agus tré-chéile agus do bhí an
bhean uasal go cásmhar agus an tsráid go léir go buaidheartha.
Rug sí léi an gadhar go dtí dochtúir speisialta súl ’na
dhiaidh sin, agus do chuir seisean spéaclaí gorma air agus
fuair sé cúig giní mar dhíolaidheacht as a chuid saothair.



Do bhí an buachaillín bocht sásta go leor leis féin um
an dtaca sain agus thosnuigh sé ar cheann na sráide agus
do chuarduigh sé leis gach tigh go raibh bairrlí agus buidéil
ann. Níor chuarduigh sé aon tigh eile. Ní fheadar-sa cad
’na thaobh. Ach pé sgeal é, ní bhfuair sé i n-aon tigh é.



I gcionn tamaill chuala sé geoin mhór agus clampar
thíos i mbun na sráide. Níor chuarduigh sé aon tigh eile
ach d’imthigh air síos. Is amhlaidh do bhí ann ná an Chlann
Bhuidhe agus an Chlann Ruadh ag gabháil de dhornaibh agus
d’fhuipeannaibh ar easnaibh agus ar mhullaighibh ceann a
chéile mar ba dhual agus mar ba bhéas leo an uile shíorraidh-
eacht roimis an uile shaoghal. Is gránna an rud bruighean,
ach bíodh gurab eadh, is mó go mór an tsuim a bhíonn ag an
sluagh ann ná dá mbeadh daoine ag déanamh muinnteardhais
agus grádh croidhe dá chéile. Do bhí sluagh mór bailighthe
timcheall na dtrodairí agus iad uile ar sgiobthaigh chun
an greann go léir d’fheiscint. An buachaillín beag, ní
raibh sé díomhaoin. Bhí sé i gcomhgar a athar agus nuair
a gheibheadh sé caoi cóir chuige do chuireadh sé púróg cloiche
ag léimrigh de mhalainn duine éigin de’n Chlainn Bhuidhe.



I gcionn tamaill tháinig lucht na dlighe a chur i bhfeidhm
agus do ghabhadar an dá Chlainn, idir Bhuidhe agus Ruadh
dhóibh, agus do chuireadar i n-uaigneas agus i gciúineas
an phríosúin na stánairí go léir. Ní mór dom a rádh
annso, ámh, mar laghdú ar mhío-chlú na gabhála sain, nach
ar ais ach ar ró-éigean a rugadh ruadh ná buidhe iad go
dtí an carcar cruaidh sin. Ach cá tairbhe gail agus gaisge
i n-aghaidh troime slógh síothmhaor?


L. 37


D’imthigh an buachaillín mar a raibh an bhanluct stáin.



“Tá sé istigh,” ar seisean agus ní dubhairt sé cad
é an áit ná aon rud eile.



“Ól nó bruighean?” ars’ an mháthair.



“Bruighean” ar seisean go grod agus shleamhnuigh
sé suas an bóthar tamall agus do ghoid sé gabhál féir
dos na hasalaibh as iothlainn feirmeora, agus trí cinn
d’uibhe cearc a fuair sé sa choca féir, agus tháinig sé
a-bhaile agus do chuaidh sé a chodladh fé thrucaill asail.



Tá aithne agam-sa ar dhaoinibh agus bheadh náire ortha
bheith i bpríosún. Ní bhíonn Ridirí an Stáin amhlaidh. Bhí
an dá Chlainn istigh agus iad go súgach agus gach re amhrán
aca agus iad ag trácht ar ghorraidhthibh agus ar stánannaibh
agus ar chorcánaibh briste agus ar iomad de neithibh eile
a bhaineas le healadhain déanta na sáspan. As sain
d’éirigheadar ar bhladar le chéile agus ar chuardach a
dhéanamh ar a gcraobhaibh geinealaighe agus gaoil. B’é
tháinig as sain gur ceapadh gur mhaith a dhéanfaidís é agus
ceangal pósta do dhéanamh idir an dá Chlainn. Adubhairt
Sinnsear na Clainne Ruaidhe le Sinnsear na Clainne
Buidhe:—



“Tá Méinín agam-sa,” ar seisean.



“Agus Cluasach agam-sa,” ars’ an fear Buidhe.



Do dhein sain sgéal socair de. Bhíodar chomh pósta
agus dá luaidhtí de’n altóir fé thrí iad. Níor cuireadh
isteach a thuilleadh ar an sgéal. Thabharfadh an Chlann
Ruadh asal óg agus trucaill do Mhéinín agus bhí culaith
an asail ag an gCluasach. Cad eile bheadh uatha, ná ó aon
stánaire eile



Lá ar n-a mháireach do sgaoileadh amach na fir Bhuidhe
agus na fir Ruadha. Bhí an bhantracht ag feitheamh leo
ag cúinne na bearraice. Ní mór an t-airgead a bhí ag
aoinne aca ach do bhailigheadar a raibh aca agus do chuadar
isteach i dtigh i raibh adhbhar múchta tarta agus do fuaireadar
galún de’n lionn dubh go raibh cúbhrán ar a bharr. Do
tugadh a chuid féin do gach duine. Chroth cuid aca piobar


L. 38


air, óir deirtear go ndeineann sé níos bríoghmaire nó
níos teó nó níos rud-éigin an pórtar. Annsain thug
gach duine aca múchadh agus bás obann dá thart féin.



Do chuaidh an Ruadh-stánaire ag triall ar Mhéinín.



“Tá do chóta bán déanta,” ar seisean.



“Mhuise le hanmann do mharbh!” ar sise, “agus
cad é féin?”



“An Cluasach Buidhe,” ar seisean.



“Stunaire maith fir, am baisce!” ar sise. “Do
gheobhainn saghas ba mheasa, agus b’fhéidir ná tiocfadh
saghas ab’ fhearr am’ iarraidh. Má tá sé buidhe tá croidhe
geal aige.”



Do hinnseadh an comhrádh sain d’athair an Chluasaigh.
“Seadh,” ar sé. “Ní fhóghnann leadrán do luath-intinn
ban. Póstar iad.”



Tugadh an Cluasach agus Méinín i láthair. Fuair an
tuinncéir ba shine a bhí ann mealbhóg tuinncéara agus
chuir sé ar an dtalamh os a gcomhair é, agus chuir sé lámh
Mhéinín i láimh an Chluasaigh agus annsain chuir sé iarann
sádarála anuas ar an dá láimh.



“Beannacht ar an lánamhain,” ars’ an
seana-stánaire,



“Grádh i gcroidhthibh chúcha,
Rath ar ródaibh ortha,
Gorradh ar fiuchadh aca,
Sliocht i dtrucaill aca.”



D’iompuigh sé ar an gCluasach agus ar seisean:—



“Tabhair dod’ bhean
Grádh ó chroidhe uait
Siubhal gach róid,
Is ól gach dighe leat.
Codladh i gcoiréal
Nó i mbéal teinaoileach:
Má théigheann thar maol
Tabhair faobhar coill di.”


L. 39


Ar seisean le Méinín:



“Seo do chéile,
Tabhair do dílse,
Úmhla déin do,
Buille i mbruighin leis.
Ceol ar shráidibh
Goid ó chruachaibh,
Fuadach tíre,
Déirc ó thuathaibh.”



“Agus anois, a chlann ó,” ars’ an seanduine, “tugaidh
an poc-léim thar paca agus an mear-léim mealbhóige, mar
thug bhur seacht sínsear rómhaibh, agus beidh an gnó déanta.



“Ní háil liom gan tuilleadh,” arsa Méinín.



“Cad sain, a inghean ó?” do ráidh an stánaire aosta



“Pósadh cille agus cléire,” arsa Méinín.



Leis sin d’éirigh buaidhirt mhór imeasg lucht an
stáin. Tháinig sinsir an dá chlann agus do ghabhadar de
chainnteannaibh míne mealltacha ag comhairliú na mná
óige chun leanamhaint go dlúith de nós a sean. Ach ní
fhéadfaidís ceart ná cóir a bhaint di agus do dhein sí
dío-mholadh agus cáineadh gan chuimse ar phacaibh agus
ar mhealbhógaibh mar úirlisí pósta. Annsain chuir sí an
sgéal fé bhrághaid na mban.



“Comhairle dhom, a mhná,” ar sise. “Ná fuil an
ceart agam?”



“Tá,” arsa na mná.



Ní dubhairt na fir a thuilleadh.



“Seo, a Chluasaigh,” arsa Méinín, “gluais leat chun
an tsagairt.”



Do ghluaiseadar go léir — a raibhann díobh Ruadh agus
Buidhe — chun tighe an tsagairt. Do dhein duine aca
cnagarnach ar an doras le cois ”aipe a bhí aige. Tháinig
an cailín ’on doras.



“Bhfuil an sagart sa bhaile fu rsa athair an Chluasaigh



“Tá sé ag ithe a bhricfeast tar éis Aifrinn,” ar sise.


L. 40


“Maith mar do thárla,” ars’ an cóisire go léir, agus
seo leó isteach — fir agus mná agus páistí — sar a raibh
uain ag an gcailín “’seadh” ná “ní headh” a rádh.
D’osgluigheadar doras an tseomra mar a raibh an sagart
ag ithe agus ag léigheamh leitreacha.



Duine dob’ eadh an tAthair Tomás go raibh dúil mhór
i ndeagh-bhéasaibh aige agus i maordhacht iomchair agus i
ngach ní eile dá chreideamhnaighe. Do bhí de mhaordhaighe
ann féin go ndeirtí ná gáireadh sé choidhche. Do bhí an
ghráin dhearg aige ar ól agus ar lucht óil — agus dá bhrígh
sin ar lucht stáin.



Nuair a chonnaic sé an sgata aerach an doras isteach
chuige gan cuireadh gan iarraidh agus iad chomh neamh-urram-
amhail chomh beag náire, d’óbair go dtiocfadh an liathbhuidhe
ar an duine. Bhí dhá shúil mhóra air ag féachaint thar
bharraíbh na spéaclaí amach ortha agus bhí an mhaordhacht
chomh mór sain imthighthe ar fán uaidh ná leigfeadh an tocht
feirge dho labhairt leó agus iad a dhíbhirt as an seomra.



“Bail ó Dhia ar an obair, a Athair,” arsa athair a
Chluasaigh. “’Sé capall na hoibre an biadh. Muicfheoil
atá agat, an eadh? ’Seadh. Níl aon bhiadh is taithneamhaighe
ar maidin ná slisne muicfheola agus dhá ubh circe. Ní
hiongnadh a Athair, tú bheith ag léimrigh as do chroiceann
le teasbach dearg, bail ó Dhia ort.



Do chuir sain fearg bhaoghalach ar an sagart — aoinne
á cheapadh go ndéanfadh sé aon rud chomh huathbhásach le
bheith ag léimrigh i n-ao’ chor, gan trácht olc ná maith ar
bheith ag léimrigh as a chroiceann! Agus b’ shin masla ar
fad — croicheann do rádh le linn bricfeasta ’n-a sheomra
féin le duine ná déarfadh a lán rudaí dá bhfuil sa Bhíobla
naomhtha os árd.



“Cad a thug annso sibh?” ars’ an tAthair Tomás,
agus do bhí oiread uilc agus míothaithnimh ’n-a chainnt
agus ná ceapfadh aoinne beó a bheith ’na chorp uile ó bhathas
go bonn.



“Mhuise, a Athair, thug,” arsa fear molta na muicfheola
agus na n-ubh, “cúram beag; beirt atá annso agus


L. 41


ba mhaith leo go n-árdófá do lámh ós a gcionn agus snaidhm
an ghaid a chur ortha, a’ dtuigeann tú?”



Ní dubhairt an sagart gur thuig ná nár thuig, óir ba
dhroch-mhúineadh ó’n tuinncéir, dar leis, “A’ dtuigeann
tú,” a rádh leis féin. Do cheap sé ná raibh ach aon tseift
amháin chun iad a dhíbirt an doras amach uaidh. Níorbh’ olc
an tseift í.



“Ní phósfad gan púnt iad,” ar seisean.



Thuit an lug ar an lag ag na stánairí go léir. Níor
imhnigh aoinne aca, toisg gan taithighe a bheith aca ar
phósadh dá leithéid, is dócha, gan an sagart a bheith go baodhach
“ná léighfidhe an tÉgó Bhós,” mar adubhairt an Siota.
Do dheineadar mór-chuid aighnis agus aragóna, ach ní bhogfadh
an tAthair Tomás. Dubhradar rudaí bagarthacha leis, ach
níorbh’ aon tairbhe é Cheap sé dá bpósadh sé an bheirt
sin i n-aisge go mbeadh a ainm anáirde imeasg tuinncéirí
na dúthaighe agus gur chuige a thiocfaidís nuair a bheadh
fonn pósta ortha, agus a fhios ag an saoghal ná fuil aon
dream i nÉirinn chomh tugtha do phósadh a dhéanamh leis
na tuinncéirí céadna. Bhí Méinín ar buile agus í ag
bogadh an doras amach uaidh agus rud éigin dá rádh aici
mar gheall ar “cheathrar sagart”; agus an tuinncéir
Buidhe ag tagairt do “bhráithre” éigin agus do “chaoire
reamhra.” Chuadar go léir amach ar an mbóthar agus
iad ag cainnt agus ag easgainidhe. Ní raibh aon rud dá
rádh ag Méinín. Fé dheire dubhairt sí:—



“Éistighidh,” ar sise. “Ní fál go haer é.”



“Cionnus?” ar siad.



“Féach,” ar sise, agus thóg sí rud mór dubh amach ó
bheinn a brait — cóta mór an Athar Tomás. “Fágfam é
seo ar geall,” ar sise.



“’Seadh, dar an nGorradh mór!” arsa na stánairí go
léir, “ach is tú rug buadh ó n-a dtáinig ó Arístotil i
leith.”



Chuadar go dtí “tigh an ghill” agus d’fhagadar an
cóta mór ar geall ann. Fuaireadar púnt air. Siúd
leo go léir ar ais arís go dtí an sagart.


L. 42


Bhí ordú ag an gcailín dá dtagaidís arís gan iad a
leigint isteach ach a rádh ná raibh sé féin sa bhaile. Sin
nós a bhaineann le deagh-bhéasaibh. Dubhairt an cailín leo,
amach tríd an bhfuinneoig, ná raibh an tAthair Tomás sa
bhaile ’n-a gcomhair; ach bhí fuar aici bheith ag gabháil deagh-
bhéas le tuinncéiribh. Do ghluaiseadar sain mór dtimcheall
an tighe agus bhíodar ag féachaint isteach tré gach fuinneóig
ann. Do bhí an tAthair Tomás bocht agus a chroidhe lán
de dhiombádh agus d’uathbhás na buidhne sin, agus nuair
a leathnuigh stánaire aca srón mór i gcoinnibh fuinneoige
an tseomra ’n-a raibh sé agus d’fhéach isteach air agus
adubhairt — “Tá an púnt againn, a Athair,” bhí an duine
galánta creideamhnach beagnach ag tréigean aon ionntaoibh
a bhí aige as nádúir an duine, ná a uaisleacht aigne ná
a dheigh-iompar. Do ghlaoidh sé ar an gcailín aimsire
agus fuair sé a leabhar agus a stoil agus a léine bhán.



“Leig isteach na daoine dána olca sain,” ar seisean.



Do leigeadh.



“Sin é an púnt agat, ’Athair,” arsa Méinín agus
do bhuail sí ar an mbórd é.



D’fhéach an tAthair Tomás uirthi le feirg ró-mhóir agus
le mío-thaithneamh ró-uathbhásach, ach is náireach le hinnsint
é, nár chuir sain múisiam ar bith uirthi.



“Tar i leith, a Chluasaigh, a bhuachaill ó!” ar sise.



Do pósadh iad. “Tar slán, a Chluasaigh,” arsa athair
Mhéinín, “tá bean do dhiongmhála agat.”



“Cá bhfuil ughmacha an asailín, a Chluasaigh,” arsa
Méinín, agus d’imthigheadar leo. “Gan an fhaid sin
de luigheachán na bliadhna ort, a Athair,” ar siad go léir
agus iad ag cur an doras amach díobh.



Dubhairt an sagart leis an gcailín aimsire gach fuinneóg
insa tigh d’osgailt agus an ghaoth a sgaoileadh isteach agus
an tigh a sguabadh agus a sgiomradh ó bhun barr. Thóg sé
an púnt ar bharr sgeine an pháipéir go haiclidhe agus
do choinnibh sé amach uaidh faid a ghéige é.


L. 43


“Beir leat é sin,” ar seisean, “agus tabhair do
Pheig na bPaidreacha é chun a chur amach go Tír na bhFear
nGorm chun paistí dubha a cheannach chun Críostaidhthe a
dhéanamh díobh.”



Maidean lá’r n-a mháireach fuair an tAthair Tomás
leitir go raibh rian pórtair amuich uirthi agus ticéad gill
istigh innti.



“Och,” ars’ an duine bocht. “Is buan iad clann na
mío-ghrást.”


L. 44


LIAM NA GIÚISE.



Tá fear ar an mbaile againn-ne. Liam na Giúise
a tugtar air, i dtaobh go mbíonn móin is giúis
’á ndíol aige sa bhaile mór thíos. Níl bean ná clann
aige. Tá feirimín beag talmhan aige, ach ní mór an
chuireadóireacht a dheineann Liam boct air. Badh dheacair
do sain, mar níl san bhfeirm ar fad ach portach fuar
fliuch ná fásfadh práta ná meacan ann. Ach mar adubhairt
Liam féin — “an rud badh mheasa leat ar domhan n’fheadaraís
ná gurab é lár do leasa é.” Tháinig Liam ar imeall an
phortaigh agus do bhain an mhóin agus an ghiúis agus do
thiormuigh iad, agus do bhíodh sé gach lá, nách beag, ar shráid
an bhaile mhóir agus ráil mhóna nó ualach giúise ’á dhíol
aige.



Thárla, tríd sin, gur chuir Liam aithne ar an ól; ach
níorbh’ é an saghas aithne a mheuduigheann tarcuisne é.
Níorbh’ eadh i n-ao’ chor, mar is amhlaidh do meuduigheadh
a urraim do’n ól, agus a dhúil ann, leis an aithne a chuir
sé air. De dheasgaibh an bhreis aithne sin is minic, slán
mar a n-innstear é, do bhíodh Liam ar mí-threóir ag teacht
a-bhaile tráthnóna agus is minic a thuiteadh a chodladh air
istigh ’sa’ trucail.



Do bhí seana-mhiúil bhuidhe aige. Ní raibh fhios ag aoinne
cé an t-aos a bhí aici; ach ní fuláir liom nó bhí sí cnag-aosta
go maith, mar ní fheaca-sa aon mhiúil riamh ba mhó ciall
agus meabhair ná í. Ní mór ná go dtuigeadh sí cad a
bhíodh ar siubhal ’n-a aigne ag Liam, agus do dheineadh sí
rud air i gcómhnaidhe. Agus nuair ná bíodh Liam ann
chun an rud ceart a dh’innsint di, dheineadh sí féin an gnó
’á iongnais.



Aon tráthnóna thuiteadh a chodladh ar Liam san trucail
istigh, agus é ag teacht a-bhaile, is iongantach an bheartaidheacht


L. 45


a ghníodh an mhiúil. Gluaisigheadh sí léi go socair suaimh-
neasach. Ní ghaibheadh sí sall ná anall, ná isteach ’sa’ díg,
ná anáirde ar an gclaidhe. Nuair thagadh sí chun an dorais
do stadadh sí, agus ní chuireadh sí cor ná casadh aisti féin
go ndúisigheadh Liam.



Lá d’á raibh sé ar an mbaile mór, do luigh sé chun
dighe, agus ar a bhóthar a-bhaile dho thuit a chodladh air.
Tháinig an mhiúil a-bhaile leis agus nuair a shroich sí an
tigh, do stad sí ag beul an dorais mar ba ghnáth léi, agus
bhí sí ag feitheamh go foidhneach go dtiocfadh a chiall do Liam



Tá beirt bhuachaillí ar an mbaile — Tadhg Ruadh agus
Seán Catach. Ní bhíonn aon toirmeasg ar siubhal ná bíonn
an bheirt aca sáithte ann. Bhí sé de mhí-rath ar Liam go
bhfeacadar súd an mhiúil i mbeul a’ dorais an oidhche sin.
Chonnacadar Liam féin istigh ’sa’ trucail agus é ’n-a
chodladh. Chromadar ar chogarnaigh. Annsain do gháireadar
ós íseal. Bhain Tadhg na cipíní as geata na rálach agus
do thóg amach an geata.



“’Seadh ’nois,” ar seisean i gcogar le Seán. “Beir
go haireach air. Seachain ná suathuigh é. Tóg go réidh é.
Socair! Socair! Cuir annso ar an bport é. Sin é!
Má mhúsgluigheann sé anois táimíd crochta”; agus do
chuireadar Liam bocht uatha ar an dtalamh. Chuarduigh
Seán pócaí Liam go bhfuair eochair an dorais agus d’osgail
an doras léi. Do sguradar an mhiúil. Annsain do
bhaineadar an ráil de’n trucail agus nuair bhí sain deunta
aca do bhaineadar an dá roth uaithe. Tháinig Tadhg, annsain,
idir dhá leathlaidhe na cairte, rug Seán ar an dá sháilín
agus rugadar leo isteach ’on tigh an chairt. Annsain
rugadar isteach leo an dá roth agus chuireadar ar an
gcrann iomchair arís iad. Rugadar an ráil isteach leo
agus cuireadar ar an gcairt arís í. Rugadar isteach an
mhiúil agus do ghabhadar fé’n dtrucail í, agus a ceann suas
chun na teine. Annsain rugadar Liam isteach agus chuir-
eadar ’sa’ trucail é agus do dhúnadar an ráil arís.



“Téirigh-se amach, anois,” arsa Seán, “go ndúnad-sa
an doras arís.”


L. 46


Chuaidh Tadhg amach. Chuir Seán an glas ar an ndoras,
chuir sé an eochair ar ais arís ’sa’ phóca ceudna ’n-a bhfuair
sé í agus, annsain, tháinig sé amach tríd an bhfuinneoig
go dtí Tadhg.



“’Seadh,” ar seisean, “tá an méid sin deunta go
maith againn agus beidh spórt ar an mbaile ar maidin,
nó tá an riabhach sa sgeul.”



D’imthigheadar ortha a-bhaile agus d’fhan Liam an
oidhche sin go léir ’sa’ trucail istigh, agus is é do chodail
go sámh.



Maidean lá ar n-a mháireach, do ghaibh Seán soir thar
tigh Liam ag dul ag feuchaint na mbó, mar ’dheadh. Stad
sé ag doras an tighe agus do chuir cluas le héisteacht air
féin. Ní chuala sé istigh ach Liam agus é ag sranntarnaigh.
Chuir sé a cheann tríd an bhfuinneoig isteach. Do bhí gach
aon rud istigh díreach ’sa treo cheudna ’n-ar fhág’ sé iad.



Siúd leis amach ar an mbóthar arís. Chuir sé liúgh
as. Siúd leis an bóthar siar agus é ag liúirigh. Tháinig
sé go dtí doras an cheud tighe agus do chrom ar ghabháil
de chiceannaibh air. “Éirighidh,” ar seisean, agus do lean
se de na ciceannaibh agus de’n ghleo.



“Go sábhálaidh Dia sinn!” arsa fear an tighe ag dul
de léim as a leabaidh amach i lár an tighe. “Cad é seo
i n-ao’ chor? Cad tá ort, a dhuine? Brostuigh! A Dhia
mhór na bhfeart! a gharsúin, cad a sgannruigh thu?”



“Ochón go deo!” arsa Seán, agus an t-anam ag
tuiteam as le sgannradh mar ’dheadh, “ar son Dia, a
Dhómhnaill, brostuigh ort soir go tigh Liam na Giúise.
Tá cor éigin uathbhásach tugtha air. Tháinig na púcaí ag
triall air nó d’imir duine éigin draoidheacht air, nó chuir
droch-rud éigin lámh ann. Tá sé ’sa tigh thoir istigh agus
tá an mhiúil bhuidhe istigh agus í gabhtha fé’n gcairt agus
an ráil ar an gcairt agus Liam istigh innti sínte siar
agus gan gíog ná míog as! Ochón go deó ó!” arsa Seán
agus siúd leis ar fuaid an bhaile agus gach aon bhéic agus
gach aon liúgh aige agus gach aon chic as na dóirsibh.


L. 47


D’éirigh an baile ar fad agus siúd leo soir an bóthar.
Níor fhan cuid aca le n-a gcuid eudaigh a chur ortha i gceart.
Bhí gach aoinne ag rith agus iad ag fásgadh a gcuid balcaisí
ortha an uair cheudna. Bhailigheadar go léir ós coinne
an tighe amach. Ní leigfeadh eagla d’aoinne ’ca dul
isteach i n-aice an tighe. Tháinig Seán Catach. Do bhí an
eagla air sin chomh maith le cách! Ca mb’ fháth ná beadh?
“Nách é a fuair a’ sgannradh, mo ghreidhin é!”



Do chuir Seán a cheann ’san bhfuinneóig agus d’ fheuch
isteach. “Ochón!” ar sé, “tá Liam bocht ’sa treo cheudna
fós. Ochón mo mhairg!”



“Ochón!” ar siad go léir.



Tháinig Tadhg Ruadh ar an bhfuinneóig thall agus d’ fheuch
go sgáthmhar isteach. Tháinig duine eile agus d’ fheuch go
sgáthmhar isteach. Tháinig duine eile agus d’ fheuch thar
a ghualainn sin agus tháinig duine eile agus duine eile
agus ba ghearr go raibh an sluagh go léir timcheall an tighe
agus iad ag feuchaint isteach trés na fuinneóga agus
trí pholl na heochrach agus fé’n doras. Do bhí iongnadh
a gcroidhe ortha. Ca mb’ fháth ná beadh?



“Dia linn!” arsa Donnchadh Pheig, “connus, ar
thalamh an domhain, a chuaidh an mhiúil agus an trucail
isteach?”



“Och, mo thruagh mhór gan do chiall thu!” arsa Seana-
Dhiarmaid, “nách minic thu ’á chlos go gcuirfidís siúd
isteach i bpoll miongáin thu?”



“Cia hiad féin, ariú? Na púcaí an eadh?”



“Cé heile, an dóigh leat, cé dheunfadh é?” arsa
Seana-Dhiarmaid.



“Ochón go deo!” arsa Donnchadh.



“Ochón!” ar siad go léir.



“Brisimís an doras,” arsa Tadhg Ruadh, agus do
rug sé féin agus Seán Catach ar shail mhóir ghiúise agus
bhuaileadar buille ar an ndoras leis agus bhriseadar
an doras.



Do chuir duine a cheann isteach. Dhruid duine eile
isteach i n-aice leis. Do bhrúghadar go léir tímcheall an
dorais agus d’fheuch cuid aca trés na fuinneoga isteach.


L. 48


Do mhúsgail glór an dorais ’á bhriseadh Liam. D’éirigh
sé aniar agus é ag osnaighil is ag mianfuigheach. “Ochón
go deo!” as seisean, agus do chuimil sé bas dá shúile
agus d’fheuch thar barra na rálach amach. “Ó dhe ’Thigh-
earna!” ar seisean, agus d’fheuch sé mór dtimcheall
air féin. D’fheuch sé ar an dtigh. D’fheuch sé’ ar an
miúil. D’fheuch sé ar an dtrucail. “Ochón go deo!”
ar seisean, “cad é an cor so anois orm? N’fheadar
an amhlaidh atáim ar meisge? Nílim ná ar meisge!
Níl meisge ná mearathal orm. Ach connus tháinig an
mhiúil isteach? Dhe ra! n’fheudfadh sí teacht isteach is
a dícheall a dheunamh! Ach ambaiste, tá sí istigh! Ní
haon mhearathal é. A’ bhfeacaidh aoinne riamh a leithéid?”



Do labhair duine éigin. “An tu Liam?” ar sé sin.



“Ambaiste, a dhuine, ní lugha ná a amhras atá orm
nach me. Dá mbadh mise Liam is ar an taobh amuich do
dhoras a bheinn féin is mo mhiúil! Ach is dócha gur me
Liam, pé míorbhuilt a thug isteach me. Mhuise connus, ar
thalamh an domhain a thángamair isteach? Dá bhfeudadh
an mhiúil teacht isteach an doras féin — rud ná feudfadh —
ná raibh an glas ar an doras agus an eochair im’ pócha;
agus seo agam im’ póca fós í. Mhuise, a’ bhfeacaidh
aoinne riamh a leithéid? Cé an diablaidheacht do himrigheadh
orainn?”



Do bhí uathbhás an sgéil orainn go léir.



“Ach ní hé sin an chuid is measa de’n sgeul” arsa
Liam arís. “Níorbh’ aon díoghbháil miúil is trucail do
theacht isteach — pé slighe thángadar — ach connus a cuirfar
amach arís iad? Sin í an fhadhb! Ambaiste is í; agus
ní haon fhadhb shuarach í. Ó dhe, mo léir! is tá iomard
orm lem’ shaoghal. Connus a cuirfar amach an mhiúil
bhuidhe, nó connus a tháinig an mhiúil bhuidhe isteach?”



Níor chuimhnigh aoinne ar aon tseift go ceann seacht-
mhaine. Annsain do ceapadh seift chun an mhiúil bhuidhe
d’fhuasgailt. Seán Catach agus Tadhg Ruadh do cheap an
plean!



Níor ól Liam na Giúise aon bhraon dighe ó shoin i leith.


L. 49


AN TRAONA.



Is iongantach an baile é an baile seo againn-ne ar a
bhfuil de dhaoinibh greannmhara ann. Sin é a cheapaim
féin, pé sgéal é, agus táim le tamall anois ag tabhairt
gach aoinne aca fé ndeara. ’Sé mo thuairim láidir go
bhfuil gach duine ar an mbaile greannmhar ar chuma beag
éigin. Rud eile atá tugtha fé ndeara agam — nach í an
ghreannmhaireacht chéadna atá i n-aon bheirt aca. Tá a
mheon ait féin i ngach duine ar an mbaile, agus gach aon
mheon go láidir ’n-a dhuine féin, fé mar bhí i mbanbh Sheosaimh.
Ní chualais-se trácht thar an ainmhidhe iongantach sain, is
dócha. Ní fheaca-sa riamh adhbhar muice chomh haisteach leis
an gcéisín úd. Ó’n lá a cheannuigh Seosamh ar an sráid
é ní raibh aon éifeacht i n-ao’ chor leis, ach é ag imtheacht
’na dhul amugha bhocht aonair. Is amhlaidh atá an muicín
sin im’ chuimhne-se agus é ag éalú leis féin ar bog-shodar
ag dul i n-áit éigin ná raibh a fhios ag aoinne ach aige féin.
Is é áit a gheibheadh Seosamh bocht é tráthnóna thiar, tar
éis iomad cuardaigh agus tar éis iomad na nguidhe millte
do chur síos go Belsuibob ar a shon, ach ’n-a shuidhe ar a
spearacha beaga i mbarr an chnuic ag féachaint na fairrge
agus aoibhneas na tíre ’n-a thimcheall, agus doilbheas
agus brón mór ’na dhreach is ’na shúil. Agus do dheineadh
an muicín sin é sin gach aon lá go dtí gur mhairbh Seosamh
gcóir na Nodlag é.



Do bhí aon bheirt amháin ar an mbaile, ámhthach, agus
ar chuma éigin do bhuail an meon céadna iad. B’é meon
é ach meon treasnuigheala agus áitimh. Do dhéanfaidís
argóint ar aon tsórt roda. Ní íosfaidís i gceart mara
mbeadh duine éigin ag áiteamh leo. Ní thuitfeadh a chodladh


L. 50


ar aoinne aca mara mbeidís ag argóint le bean a’ tighe
nó le duine éigin insa tseomra i n-aice leo, agus beirt
aca ag liúirigh ar a chéile.



“An Gad” a thugaimís ar dhuine aca, agus Caistín
ar an bhfear eile. Ní ó n-a athair ná ó n-a shean-athair
a fuair aoinne aca na hainmneacha sain, dar ndóigh; ach
ba mhinic cheana a thugamair-ne ainm cúl le cine ar dhuine
— chun áise agus cómhgair, tá’s agat. Slibire d’fhear
caol iseadh An Gad agus sgruig de mhuineál fhada idir
an ceann mór trom atá air agus a cholann. Tá sé bolg-
shúileach, faid-leicneach agus cuma brónach air. Firín
beag buidhe iseadh Caistín agus glór ana-gharbh cainnte
aige.



Nuair a bhíonn beirt ar aon mheon ba chóir go réidh-
teochaidís. Do réidhteochadh beirt go mbeadh mian
paidreoireachta ionnta nó mian ciúinis nó mian múchta
tarta, nó aon mhian réasúnta eile. Ní mar sin do’n bheirt
seo againn-ne — níor réidhtigh duine aca riamh leis an dara
duine. Nuair a bhuaileadh an Gad leis an gCaistín do bhíodh
deire le réidhteach. Do théighidís ar na bréithre treasnui-
gheala láithreach bonn baill. Dheinidís áiteamh. Deireadh
sean-Pheig Dhiarmada go n-áiteochaidís muc ar shagart;
agus tá’s ag an saoghal gurab ’in craobh agus buadh agus
uachtar argóna.



Ba ghéar na ceisteanna áitimh a bhíodh eatortha uaireanta.
Is cuimhin liom go maith go rabhamair go dtí a haon a
chlog oidhche i dtigh Shean-Dhiarmada ag iarraidh a réidhteach
cad fé ndeara do ghadhar casadh fé thrí sara luigheann sé.
Do fágadh an sgéal gan réidhteach ar a haon a chlog ar
maidin. Oidhche eile bheadh an bheirt ag sárú a chéile
d’fhéachaint ciaca ba thúisge a deineadh tlú nó casúr;
agus oidhche eile arís dóibh ar malairt tuairime i dtaobh
ciaca an chearc nó an t-ubh ba thús agus ba thosach dá bhfuil
de chearcaibh agus de choileachaibh agus d’ubhaibh anois ann.



Dá mba ná beadh istigh ach aoinne amháin de’n bheirt
do bheadh ciúineas ann ceal aoinne a choimeádfadh ceann
cuinge leis. Do chuaidh ainm na treasnuigheala amach


L. 51


ortha, tá’s agat, agus ní raghadh aoinne ar na foclaibh
sáruighthe leo ach duine éigin a bheadh ar meisge; agus
b’fhearr leat bheith ag suathadh laithighe ná ag argóint le
duine aca sain. Níor thuig fear meisge aon rud riamh
ach pílear.



Do bhí Caistín, lá fliuch, ar aonach sa tsráid. Muc
a bhí le díol aige. Thosnuigh sé ar argóint go luath ar
maidin, é féin agus an mhuc. Mian a bhuail í sin gan
dul ar an aonach i n-ao’ chor. D’éirigh aighneas idir an
bheirt aca ar an mbóthar. Ag sárú a chéile dhóibh do leag
an mhuc Caistín. Is amhlaidh a ghaibh sí comhgar idir a dhá
chois. Fé dheire, ámh, is é Caistín is fearr a dhein sárú
agus b’éigean do’n mhuic gluaiseacht léi, cé nach gan a
mío-shásamh a chur i n-iúl é go gnúsach cneadach.



B’éigean do Chaistín labhairt go fórsach arís nuair
a tháinig ceannaidhe muc chuige a cheap a chur ’n-a luighe
air gur slibire céise a bhí ar chórda aige.



“Céis!” arsa Caistín. “Léan uait is léir! Nach
shin shlataire muice chomh breagh is tá ar an aonach?” agus
do bhí colg ar an nduine croidhe ’stigh ag cosaint clú na
muice, “agus a fhios aige féin gur mó cloch mine agus
corcán prátaí a bhí ithte aici, agus gur aige féin ab’ fhearr
a bhí a fhios cad a bhain le muca, agus nach ag gaigí ceannuigh-
theoirí ó chathair na ngríscíní, a’ dtuigeann tú leat me?”



Nuair d’imthigh an ceannaidhe sin thug sé mar chomhairle
deiridh do Chaistín an “slibire” a bhreith a-bhaile leis
agus í chur sa chúinne thuas i bhfochair a sheanmháthar mar
a mbeadh gach ra seach de’n phíp aca araon. Do chómhairligh
Caistín le fuinneamh dúthrachta do-san dul san áit sin
i bhfuil teine bhreágh bhrothalach i gcóir lucht fuarchrábhaidh
agus fáin an tsaoghail; ach ní dhearna an fear rud air.



Do dhíol sé an mhuc, pé sgéal é, agus do fuair sé a
chuid airgid. Bhí gnó an lae déanta annsain aige, ach
bhí leisge air tabhairt fé’n mbóthar a-bhaile toisg an
bháisteach a bheith chomh trom. Do chuir sé a dhrom le doras
agus bhí sé ag sgaoileadh na droch-uaine thairis. Ní fada


L. 52


a bhí sé ann nuair a bhuail an Gad chuige agus leath-cheann
muice fé n-a asgaill aige.



“Nach caillte an uain í, go sábhálaidh Dia snn!”
ars’ an Gad.



“Tá sí breagh bog, mhuise, buidheachas le Dia,” arsa
Caistín.



“Téanamh ort,” ars’ an Gad, “téighimís ó’n bhfear-
thainn.”



D’imthigheadar, agus do bhuail beirt nó triúr eile
leo. Chuadar isteach agus d’óladar braon agus dhá
bhraon, agus bhíodar ag feitheamh go ngealadh an aimsir.
Ní tháinig aon lagú ar an bhfliche agus do chuir sain moill
ortha. Do chaitheadar an aimsir ag cainnt agus braon
dá ól anois is arís aca. Do dhein na braonacha beaga
meidhreach iad agus bhíodar go suairc agus go grádhmhar,
agus is ’mó rud greannmhar a chuireadar tré chéile. Ní
bhíodh aon rud adeireadh aoinne de’n bheirt (ná aoinne
de’n chuideachtain) ná go sáruigheadh an fear eile é láithreach.
Do bhíodh cuid de’n chuideachtain taobhach le duine aca
agus an chuid eile ag taobhú leis an bhfear eile, agus
iad ag cabhrú leo, mar ’dheadh, ach ní thugaidís de chabhair
dóibh ach “Maith a’ fear, a Ghaid!” a rádh, nó “Mhuise,
mo ghrádh do ghéarchúis, a Chaistín!” Annsain nuair a
bhíodh an cheist réidhtighthe thagadh tocht grádhmhaire ortha
go léir agus d’ólaidís braon eile agus do bhídís ag crothadh
lámh le chéile agus ag moladh a chéile ins na céimeannaibh
árda.



Ach ar ball do bhuail ceist leo a chuaidh díobh a sgaoileadh.
Sa chainnt dóibh thárla aragóint eatortha i dtaobh traona
agus cionnus a bhíonn sí agus í ag déanamh ceoil agus
seanma. Dubhairt an Gad gurab amhlaidh a bhíodh sí agus
a gob sáithte i dtalamh aici, agus bhí Caistín ’á áiteamh
gur speabhraoidí a bhí ar an nGad agus nach mar sin a
bhíodh an t-éan i n-ao’ chor ach sínte ar shlait a droma agus
a cosa san aer. D’éirigh ’na chath cainnte idir an bheirt
agus gach duine aca ar a dhícheall d’iarraidh an duine
eile a chur ar a leas. Ní bhíodh ponnc áitimh dá dtarraingeadh


L. 53


duine aca chuige ná deineadh an fear eile sgaipeadh agus
mion-bhriseadh air, agus, dar ndóigh, is mór an moladh
agus an maoidheamh a deintí do’n té aca a dheineadh neimhní
de phonncaibh a chéile. Deireadh duine aca, agus crothadh
stuamdha céillidhe dá bhaint as a cheann aige — “Um! do
bhí ’os agam-sa go maith go bhfeicfeadh Caistín an poinnte
sin, agus féach go bhfeacaidh!” Bhíodh gach aoinne de’n
chuideachtain ag leigint air go bhfeaca sé féin na poinntí
go léir; ach dar ndóigh ní fheaca, ná cuid de, go ceann
cúpla lá ’na dhiaidh sin.



Níor fhéadadar teacht ar aon fhocal i dtaobh an traona.
Ní fheacaidh aon duine aca riamh traona ag amhrán. Ach
cé nár fhéadadar réidhteach, ní bheidís sásta i n-ao’ chor
éirghe as an sgéal. Do bhí righneas aragóna tagaithe ortha
leis an mbraoinín a bhí ólta aca. Bíonn leadrán mí-
réasúnta mar sin ag gabháil le lucht óil. Thiocfadh duine
aca chughat agus do chroithfeadh sé lámh leat agus a gháire
’á dhéanamh aige, agus chuirfeadh sé i gcuimhne dhuit gur
mhór an diabhal bitheamhnaigh do sheanathair nó t’athair nó
tú féin “clann na seana-mhuintire, tá’s agat.” Dá
réidhtightheá leis, d’fhonn suaimhnis, agus a rádh nár mhaith
an saghas do sheanathair ná t’athair ná tú féin, ní stopfadh
sain é. Do bhéarfadh sé ar láimh arís ort agus do bhrúghfadh
sé na cnámha bochta istigh innti (le corp muinteardhais)
agus thabharfadh sé “an diabhal, moladh is buidheachas leis!”
ná raibh ropaire bitheamhnaigh riamh i nÉirinn ba mhó ná
seana-Dhiarmaid an Bhreasail do sheanathair.” Bíonn lucht
na dighe go hana-leadránach mar sin gan ghádh, gan riachtanas.



Do lean an Gad agus an fear eile de’n traona go
raibh deireannas na hoidhche ann. Do chuadar ins na
healadhnaibh diamhra agus ins na cainnteannaibh léigheann-
ta le chéile, ach níorbh’ aon tairbhe é. Fé dheire thiar thall
tháinig an tráth de’n oidhche nuair éirigheann fear tighe an
óil agus cuireann sé deire, cé gur leasg leis é, leis an
bhféile agus leis an bhfáilte mhór a bhíonn ’na chroidhe do
phobal an tarta nár múchadh, agus dúnann sé doras an
doichill ar lucht íota agus tiorma-sgórnaighe. D’éirigh fear


L. 54


an tábhairne sin agus do chuir sé i gcuimhne do’n chuideachtain
suairc a bhí ann go raibh tráth dúnta tagaithe agus go
mb’fhéidir go mbeadh a muintir sa bhaile ag feitheamh leo.
Tugaim fé ndeara go mbíonn lucht tighe tábhairne go
han-imshníomhach mar sin i dtaobh do mhuintire sa bhaile,
nuair a bhéarfadh an deireannas déidheanach mar sin ort ’n-a
dtigh.



D’éirigh an chuideachta go léir amach ar an sráid. Ann-
sain d’imthigh fear aca soir agus fear eile siar agus an
tríomhadh fear i n-áit éigin eile. Do fágadh beirt an
áitimh ’na n-aonar le chéile. Bhí an ghealach ’na suidhe. Do
bhí an leath-cheann muice fé n-a asgaill ag an nGad. Do
ghluais an bheirt leo a-bhaile agus gur mó go mór a bhí
leithead an bhóthair ag goilleamhaint ortha ná a fhaid, óir
do bhí donas éigin ar na cladhthacha an oidhche sin go lúbaidís
amach i lár an bhóthair agus go mbuailidís i gcoinnibh na
beirte, agus d’éirigheadh cnapáin sa bhóthar, ná raibh riamh
roimhe sin ann ná ó shoin, chun barra-thuisle a bhaint asta.
Ach mar sin féin do bhíodar ag mealladh an bhóthair leo.
Ar feadh na haimsire go léir ámhthach, ní dheaghaidh aon
lagú ar sgéal an traona.



“’Sdóigh mhuise, féach!” adeireadh an Gad. “Dá
mbeitheá ag cainnt go dtuitfeadh an teanga asat, ní
fhéadfá a rádh ach gur sa talamh a bhíonn a gob sáithte aici.”



“Dhe ra éist, a dhuine, is ná cloiseadh aoinne thu.
Cionnus d’fhéadfadh an créatúir bocht a gob a sháth …
seachain an claidhe arís!… B’fhéidir gur ar charraig
a bheadh sí ’na seasamh agus cionnus d’fhéadfadh sí … Ó!
féach air sin mar pholl i lár an bhóthair!… A gob sa
talamh! Fastaoim! Is ar a drom a bhíonn sí,” arsa
Caistín.



“Seo ’nois,” arsan Gad, “ní maith liom bheith ag
aragóint, ach ná fuil a fhios agat, má tá aon splannc
meabhrach id’ cheann …”



“Críc, creáic, críc, creáic,” arsa traona istigh i lár
guirt geamhair ar thaobh an bhóthair.


L. 55


Do stad an bheirt agus do chuireadar cluas ortha
féin. Diaidh ar ndiaidh tháinig gean gáire ar aghaidh gach
fir aca.



“Féach anois, cad dubhart-sa leat,” arsa Caistín.



Ní thug an Gad aon chluas do ach a rádh féin do rádh.



“Mhuise, mo ghrádh mo shúil!” ar seisean. “Féach
anois cá bhfuil a gob.”



“Ná feiceann tú a dhá cois?” arsa Caistín.



“Cad é sin ar siubhal agat?” ars’ an Gad.



“Cad iad na speabhraoidí seo ort?” arsa Caistín,
agus d’fhéachadar ar a chéile.



I gcionn tamaill thuigeadar nach le n-a shúilibh cinn
a chonnaic aoinne aca an traona. Annsain do réidhtigh-
eadar go raghaidís isteach chúichi féachaint cionnus a bhí
sí. Thugadar fé’n gclaidhe agus tar éis iomad strapad-
óireachta do-chuaidh an Gad ar a bharr. Do dhearmhad
sé go gcaithfeadh sé dul síos an fhaid chéadna ar an taobh
eile. D’imthigh sé síos gan aon duadh — ná aon mhoill ach
chomh beag — ach ’sé an áit i nar thuit sé ach i ndíg uisge.
Le cabhair Chaistín d’éirigh sé amach as agus bhí sé tamall
ag iarraidh an t-uisge d’fhásgadh as liobracha a chuid éadaigh.



“Dhe ra, níor imthigh seoid a bharra ort,” arsa Caistín
leis.



“Mhuise, nár imthighidh orainn go bráth ach é,” ars’ an
Gad bocht, agus do bhíodar mar sin ag iarraidh meisneach
a thabhairt dá chéile.



Do bhí an traona istigh ar a dícheall ag gabháil aoibhneasa
a ceoil. Do ghluais an bheirt tré lár an gheamhair isteach
agus druinn ortha ag éalú. Toisg ná raibh ach éisteacht
a gcluas aca mar dheimhniú ar an áit i raibh an traona
d’éirigh achrann eatortha ’na thaobh. “Mar seo,” adeireadh
an Gad. “Dhe ra, léan uait! Ní headh ach mar seo,”
adeireadh an fear eile, agus do stadaidís i lár an ghuirt
ag áiteamh agus druinn ortha agus a dhá srón ag bualadh
ar a chéile nach mór. Do chualaidh an traona an gíotam
agus d’éist sí. Do stad an bheirt tamall agus an lug
ar an lag aca. Annsain ba mhaith leo an milleán a chur


L. 56


ar a chéile. “Léan uait,” ars an Gad, “ná bainfá-sa
mairbh as uaigh leis an mbéicigh a bhíonn agat.”



“Dhe ra éist, a shlibire sgudalaigh!” arsa Caistín,
“ná feicfidhe an máinléad cinn sin ort-sa fiche míle ó
bhaile agus é sáithte i n-áirde ins na sgamaill agat.”



Sul ar fhéadadar dul a thuilleadh leis na bréithre taith-
neamhacha sain, do chualadar an traona agus í ag críc
creáic di féin ar an taobh eile de’n ghort. Siúd leo
arís fé n-a déin agus chun ná feicfeadh sí iad an turus
sain is amhlaidh a chuadar a lamhancán. Do bhí an geamhar
timcheall troigh go leith ar aoirde agus tar éis fearthanna
an lae bhí braonacha móra uisge ar sileadh as a bharr agus
do fhliuch sé an bheirt go croiceann — nó duine aca, óir
bhí an Gad fliuch cheana féin ó’n díg. Ach níorbh’ fhiú biorán
is é sin, dar ndóigh; bhí ceist dá réidhteach aca agus raghaidís
i mbaoghal a mbáidhte chuige sin.



Tá beirt gharsún ar an mbaile seo agus ar chuma
éigin tá sé de rath nó de mhío-rath nó de chrann ortha
nó de nós aca go mbíd siad i gcomhnaidhe i n-áit gurbh’
fheairrde an sgéal é gan iad a bheith ann. Dá mbeadh
duine ag soláthar toirín beag cabáiste dho féin as garrdha
a chomharsan nó mála de mhóin tirim as cruaich nár leis
féin, níor dheimhnighe an ghrian insa spéir um eadartha
ná an bheirt sin a theacht ar an bhfód agus an sgéal a bheith
leathta ar fuaid na dúthaighe an fhaid a bheithfá a rádh “Cuit
as sain.” Seán Catach agus Tadhg Ruadh atáim a rádh.



Do bhí sé de bharr donais ar bheirt an traona go
bhfeacadar súd iad. Bhí iongnadh an domhain ortha cad
a bhí ar siubhal istigh sa gheamhar ag an mbeirt i lár na
hoidhche. Ní fada go raibh amhras aca nuair a chonnaiceadar
iad ag éalú fé dhéin na háite mar a raibh an traona ag
sgréachaigh, agus nuair a chonnaiceadar iad ag imtheacht ag
lamhancán fé n-a déin an dara huair, bhí ’os aca go maith
cad é an fuadar a bhí fútha.



“Bíodh babhta seoidh againn ortha,” arsa Seán Catach.


L. 57


Siúd leis agus níor stad sé gur bhain sé barr an
ghuirt amach. D’fhan Tadhg Ruadh mar a raibh sé.



Do bhí an bheirt istigh ag lamhancán leo tríd an ngeamhar,
an Gad ar tosach agus a cheann mór dá árdú os cionn an
gheamhair anáirde aige anois agus arís, agus é ag féachaint
agus ag éisteacht. “Ní fada uainn anois í,” ar seisean,
ach ní slán a bhí an méid sin as a bhéal nuair do stad an
ceol arís. Do stad an bheirt leis agus d’fhéachadar ar
a chéile, ach sul a raibh uain aca an milleán a chur ar a
chéile arís chualadar “críc creáic” thuas ag barr an
ghuirt. Suas leo ag lamhancán. Nuair a bhíodar i ngiorracht
fiche ramhan do’n bharr do stad an traona thuas, ach má
’seadh chualadar ceann eile thíos agus “críc creáic” aici.
Síos leo agus faobhar ag teacht ortha chun an éin. Níorbh’
fhada gur stad an fear thíos agus thosnuigh an fear thuas
i n-áit éigin eile. Siúd leis an mbeirt arís.



Mar sin dóibh síos suas, soir siar go raibh an gort
siubhalta (ní headh ach lamhancánta) seacht n-uaire déag
ar fhichid aca agus go raibh an bheirt traochta agus uisge
ag sileadh asta. Ach ní staonfaidís de’n ghluaiseacht ar
aon rud.



Ar deire thiar thall nuair do bhí an bheirt stadaithe
i lár an ghuirt féachaint cá labharfadh an t-éan arís, do
thosnuigh an dá thraona ar sheinm i dteannta ’chéile. Do
dhein sain mearbhall mór do’n bheirt féachaint ciacu éan
a leanfaidís. Do bhí deallramh maith ar aon traona aca
agus b’in é milleadh an sgéil. D’éirigh ceist agus caingean
eatortha. “Siar,” arsa duine aca. “Soir,” ars’ an
duine eile; ach ní raghadh fear an oirthir siar ná fear
an iarthair soir. Do ghuidh gach aoinne aca an “fear
mór” ’á bhreith féin leis dá dtéigheadh sé truslóg ach sa
treó ba mhaith leis féin dul. Do chuaidh an sgéal ó réidhteach
ortha. Annsain thug gach fear aca aghaidh ar a thraona
féin agus fearg ag teacht air.



Siar a thug an Gad a aghaidh agus ’sé an traona a bhí
annsain ach Tadhg Ruadh. Nuair a tháinig an Gad i n-aice
leis do stad Tadhg, ach má ’seadh, níor stad an Gad ach


L. 58


do lean air. B’éigean do Thadhg teicheadh agus dul go
dtí an taobh eile de’n ghort amuich, agus mar olc ar an
nGad do thosnuigh sé arís ar an gceol. Seo leis an nGad
thar claidhe amach sa ghort amuich. Prátaí a bhí curtha
annsain agus bhí iomairí síos suas ann agus na claiseanna
clúduighthe leis na gasaibh. Do bhí faobhar ar an nGad
ag imtheacht agus ní fheiceadh sé go ró-chruinn cá mbíodh
an chlais, agus do baintí síneadh as an duine bocht. Fuair
sé an oiread sain de shuathadh gur imthigh an faobhar de.
Nuair a bhí sé i lár an ghuirt d’imthigh sé go hobann as
radharc Thaidhg síos i gclais agus d’fhan sé thíos. Do
dhein Tadhg a dhícheall ar é bhogadh le ceol traona, ach níorbh’’
aon mhaith é — do bhí an Gad ’na chodladh.



D’imthigh Caistín i ndiaidh a thraona féin. Nuair a
tháinig sé go claidhe an ghuirt chuala sé an traona amuich
ar an bportach. Amach leis. Chuala sé é dar leis ag
ceann cruaiche móna. Bhain sé amach ceann na cruaiche.
Chuala sé an ceol ag an gceann eile de’n chruaich annsain.
Timcheall leis. Nuair a bhí sé ag dul síos taobh chuala
sé an traona ar an taobh eile. Rith sé go dtí an taobh
eile, ach ní raibh tuairisg an traona ann. Chuala sé an
ceol annsain, dar leis, ag bun cnuchaire móna amuich ar
an bportach. D’imthigh sé ar bog-rith amach chuige, ach
b’ olc an turus aige é, óir thuit sé de dhruim phuirt síos
i bpoll móna. Do chuir an duine bocht béic as nuair a
bhraith sé an t-uisge fuar dubh ag éirghe thar mhullach a
chinn anáirde air. Bhí sé ag éirghe aníos agus ag imtheacht
síos gach re tamall agus ba bhaoghal do mara mbeadh go
dtáinig Seán Catach chuige agus go rug sé ar chúl air.
Dhein sé a dhícheall ar é tharrac as an bpoll ach níor éirigh
leis. Do chrom sé ar liúirigh agus níorbh’ fhada go dtáinig
Tadhg Ruadh ag triall air agus saothar ar an mbuachaill
croidhe ’stigh. Rugadar araon air, agus le hiomad
cneadaighe agus le hiomad dá dteangain a chur thar cliathán
a mbéal amach do thógadar aníos as an bpoll é.



Níor labhair Caistín bocht gíog. Tháinig duine aca fé
gach asgaill leis agus do ghluaiseadar leo go brónach gur


L. 59


bhaineadar amach an bóthar. Do ghluaiseadar an bóthar
soir go mall agus go ciúin, agus níor stadadar gur
bhaineadar amach doras tighe an Chaistín. D’fhágadar an
duine ann, agus tar éis cnag nó dhó a bhualadh ar an doras
do chuadar go múinte taobh thiar de’n tor truim a bhí
ag fás san atrainn. Tháinig an bhean ’on doras. Tháinig
bíodhgadh insa Chaistín.



“Ó!” ar seisean, “an rabhais id’ chodladh, a chroidhe?”



“Codladh an traona a bhí ’á dhéanamh agam, a dhaltha,”
ar sise, agus do cheap an bheirt amuich gur mó de shearbhas
ná de ghrádh a bhí ’na guth. D’imthigheadar.



“Cár fhágais an Gad?” arsa Seán le Tadhg.



“’N-a chodladh i ngort phrátaí Dhonncha Pheig,” arsa
Tadhg, “agus ní dhúiseochadh trúmpa deire domhain é.
Caithfeam é bhreith a-bhaile ar chuma éigin nó beidh a mharbh
orainn, ach beidh sé ró-throm agus ró-leabhair do bheirt
againn.”



Do shuidheadar ar an gclaidhe ag machtnamh tamall.
Annsain do chuimhnigheadar ar sheift. D’imthigh Seán síos
agus do ghoid sé trucail na miúlach buidhe ó dhoras Liam
na Giúise. Do chuireadar an fear fada isteach innti
agus a dhá chois ar sileadh amach. Thiomáineadar an trucail
rómpa agus stad ní dhearnadar gur shroiseadar doras
tighe an Ghaid. Do bhuail Tadhg cic ar an ndoras agus
annsain do theicheadar araon nuair chualadar bean an
Ghaid ag teacht.



“Mo thruagh-sa na mná bochta atá aca,” arsa Seán
Catach.



Seana-Dhiarmuid a bhí ar na craobhacha feirge lá ar
n-a mháireach nuair a chonnaic sé a ghort coirce agus na
bóithríní go léir tríd. “Agus ní bhfuaireas rian ná comhartha
ann, a chroidhe,” ar seisean, “ach leath-cheann muice agus
é fillte i bpáipéar.”


L. 60


SEÁN CROIDHE CRÁIDHTE.



DO bhí fear ann fad’ ó. Sin tús gacha sein-sgéil;
ach sin a bhfuil de dheallramh ag an sgeul so le
haon de na sean-eachtraíbh. Ar an mbaile seo againn-ne
is eadh bhí sé. Do bhí an fear áirighthe sin pósta; ach, do
réir gacha tuairisge, ní ró-shuaimhneasach go léir an saoghal
do bhí aige féin agus ag á mhnaoi i dteannta a chéile.
Cráidhteachán críochnuighthe dob’ eadh an fear & ní théigheadh
aon lagadh air ó mhaidin go hoidhche ach ag lochtughadh na
mná & gach ní dá ndeineadh sí. Dá gcreidthí é, ní dheineadh
sise aon ní sa cheart. Agus an laighead do bhí le deunamh
aici! — sin é do chráidh a chroidhe ar fad. Ba dhóigh le
duine air féin go raibh seacht gcúraimí an tsléibhe air.
Do bhíodh port nuadh gach uair aige. Do bhíodh so, súd is
súd um á so ’ghá chrádhadh agus ’ghá chiapadh; agus Cáit, an
bhean bhocht — ba mhór an ní dhi go dtug Dia grásta na
foidhne dhi, mar ba ghádh dhi é.



Maidean áirighthe do bhí ana-“chlismirt” ag an mbeirt
mar gheall ar an dteine. An fear féin fé ndeara é.
Ní lasfadh an tsean-spairt mhóna thug sé leis ón bportach.
Badh mhaith leis a mhilleán a chur uirthi-se agus d’éirigh
eatortha. Annsain ’seadh chífá an greann! A dhuine
chroidhe ’stigh! ó bearradh na róinte, ní chualathas a leithéid
de “chibeal” i nÉirinn. Thugadar d’á chéile go breágh
slachtmhar é agus, cé gurbh’ é an fear ba mhó gleodh de ’n
bheirt, ní hé is fearr do-chuaidh as. Dob’ é deireadh an
sgéil aca gur réidhtigheadar go ndeunfaidís malartú
gnótha feasta — ise do ghabháil amach & a ghnó-san do dheunamh,
eisean d’fhanacht istigh i mbun an tighe.


L. 61


Nuair do bhí an bhean ullamh rug sí ar an speil agus
siúd chun bóthair í. Níorbh’ fhada do-chuaidh sí, ámhthach,
nuair d’fhill sí chun an tighe agus do chuir a ceann thar
doras. Do bhí Seán istigh agus é ag réidhteach a phípe.



“A’ gcloiseann tú leat me?” ar sise. “Tá an bhó
’sa’ chró fós. Téirigh agus crúidh í & ná dearmhad í do shniugadh.
Cuir dorn criochán ar an dteine & beirbh iad & tabhair do
na muca iad, tar éis iad do bhrúgh. Fair an chearc bhreac
sain ar eagla go mbeurfadh sí amuich, nó, ar mh’anam-sa,
má bheireann, deunfair-se gan uibhe cearc ar maidin.
Déin an mheadar sain a sgóladh go maith le huisge beirbhthe
& déin an chuigeann. Faigh an bhró agus meil an coirce
i gcóir an dínnéir & déin cístí greidil de; agus seachain
agus ná dóigh iad. Snímh an spól snáith; agus, ar do
cheann, ná bíodh sé reamhar ná cnapánach. Nigh na háraistí
búird sin & cuir braon bainne ar an dteine & téidh do’n
leanbh sain ’sa’ chliabhán é, & ná bíodh sé ’n donas ort an
páisde do sgóladh leis nó bhus cuimhin leat”; agus síos
an casán léi go fuadrach agus an speal ar a gualainn
aici.



“Amás! deunfad níos mó ná an méid sin,” arsa
Seán, & do cheap go ndeunfadh ar a shuaimhneas. Ac mo
mhairg!



’Sé an cheud ghnó do ghabh sé ar láimh ná na háraisti
búird do nighe. D’éirigh leis an ní sin do dheunamh cuibh-
easach go leór go rug sé ar chupán Cháit. Do bhí árd-chion
ag Cáit ar an árus gceudna. Sean-cheann dob’ eadh é
agus do bhí sgoilt ó mhullach talamh ann. Pé donas do
bhí ar Sheán — is dócha gurbh’ amhlaidh ná raibh na méireanna
ró-aicillidhe aige, nó gurbh’ easbadh eolais ar an saghas
sin oibre do bhí ag cur air — do luigh sé ró-mhór ar an
gcupán agus, slán mar a n-innstear é, do thuit a leath
uaidh ar an dtalamh & do deineadh coda beaga briste dhe.
D’fheuch Seán air. Is dócha go raibh sé cráidhte.



“Á!” ar seisean, agus dá bhfaghadh sé a ghuidhe an uair
sin badh sheacht mine deug do bheadh an cupán sain.


L. 62


Ach ní raibh leigheas ar an sgeul do’n chor sain. Rug
sé ar an ngalún crúidhte agus do chuaidh fé dhéin na bó
agus do ghabh dá crúdh ar a dhícheall. Do bhí sé ag dul
ar aghaidh go hálainn agus an bhó ag cogaint na cíorach ar
a suaimhneas. Do chuaidh sgeul an chupáin i ndearmhad
ar Sheán & do chrom ar ghabháil:–



Bó, bó, bó na leath-adhairce,
Bó, bó, an tsean-chaor’ adharcach —



go breagh bog socair nuair do deineadh taidhreamh éigin
toirmisg do’n bhoin. Thóg sí a cos deiridh agus ar chrap’
na súl do bhí Seán bocht sínte ar shlait a dhroma ar an
úrlár agus an canna mór bainne doirtighthe anuas air.
Dob’ é sin an greann, bheith ag feuchaint ar an bhfear agus
é ag baint preumhacha as talamh d’iarraidh sásamh do bhaint
amach. Ach ní bhíonn treun buan. Do stad sé fé chionn
tamhaill.



Tamall ’’na dhiaidh sin do chuaidh sé isteach a-bhaile agus
do chuir na mion-phrátaí ar an dteine i gcóir na muc.
Nuair do bhíodar ullamh aige do chuaidh sé amach leis an
mbeiste go cró na muc. Ní raibh an doras ró-árd nuair
d’ísligh an fear bocht síos chun go dtéigheadh sé isteach, cad
deirir leis nár bhuail buille dá shrón ar an bhfárdoras
agus do sgaoileadh na caisí fola leis. Níor dhein sé ach
an beiste do raideadh uaidh chun na muc agus rith isteach
a-bhaile & síneadh siar agus a shrón san aer aige gur stad
an fhuil.



Fé chionn aga agus aimsire d’éirigh sé aniar agus do
chuir sé an bainne ’san meidir agus do chrom ar chuigeann
do dheunamh. Ní obair gan duadh an loinithe d’oibriú &
ba ghearr go raibh saothar ar Sheán agus tart air & níorbh’
thart beag é. Do ghabh sé síos san tseomra mar a raibh
baraille leanna aige agus do bhain an coc as an mbaraille.
Le n-a linn sin do-chualaidh sé an mhuc ag teacht isteach
san gcistin & do rith sé fé n-a déin. Is amhlaidh do bhí an
sgeul san gcistin ná gach aon bhraon d’á chuiginn agus é doirtighthe


L. 63


ar fuaid an tighe & cráin mhuice & í go dtí n-a leath isteach
san meidir & na cnapóga ime d’á n-ithe aici. Rug Seán
ar ghrafán. Siúd an mhuc an doras amach & eisean i n-a
diaidh. Thug sé fúithi le buille millte & do shín ar an
mbuaile í ’n-a pleist marbh.



“Ó! mh’anam ó’n riabhach,” arsa Seán, “tá sí ’n-a
bagún agam!” agus do thuit an lug ar an lag ag an
duine bocht & tháinig séideadh alluis amach tríd.



“’Seadh! ní bhíonn leigheas ar an gcinneamhaint,” ar
seisean. Tháinig sé isteach. “Ó! an baraille,” ar sé
ag preabadh. Nuair do shroich sé an seomra ní raibh braon
i gcroidhe an bharaille ná raibh taosgaithe i n-a fhuar-lochán
ar an úrlár roimhe. Níor labhair sé focal. Is é do bhí
cráidhte.



Annsain do tháinig sé mar a raibh an mheadar arís agus
do chuir tuilleadh uachtair ann & do bhí ag gabháil di gur
chuimhnigh go raibh an bhó ’n-a trosgadh fós. Dob’ fhada
leis í do chur ar an bpáirc. Do bhí an tigh isteach le port
agus do bhí geamhar breagh ag fás ar an dtigh. Is dócha
gur chuir donas na maidne speabhraoidí ar an nduine
bocht. Do cheap sé an bhó do chur anáirde ar an dtigh.
Ar dtúis badh mhaith leis deoch do thabhairt dí. Siúd leis
chun an tobair le canna; agus ar eagla go ndoirtfeadh
an leanbh ná aon rud eile an dara cuigeann air, do chuir
sé chuige thiar ar a mhuin air féin an mheadar. Nuair
d’ísligh sé síos chun an uisge ba dh’óbair do é mhúchadh leis
an gcaise & an tuile mhór bhainne agus uachtair & bláthaighe
& cnapóga ime do stealladh anuas ar chúl ar an aindeiseóir
bocht mío-ádhmharach. Ó! is é do bhí go cráidhte.



Tháinig sé a-bhaile & do fuair corcán na leitean & do
chuir ar an dteine é. Annsain do-chuaidh sé amach & do
chuir an bhó anáirde ar an dtigh & do cheangail ann í; ach
ar eagla go dtuitfeadh sí anuas an fhaid is do bheadh sé
féin ag deunamh na leitean do tharraing sé ceann na
téide anuas tríd an seimné & do cheangail dá cheathramhain í.



Dála Cháit, dob’ fhada léi go rabhthas ag glaodhach chun
dínnéir uirthi & fé dheire thiar thall do chuir sí an speal


L. 64


ar a gualainn agus tháinig i dtreo an tighe. Ba mhaith
an teacht é. Do leath a súile uirthi nuair do tháinig sí
ar an mbannrach. Ba chuma é nó cath Ghabhra an áit go
léir, & gach aon ní taobh tuaithil anáirde ann. Do chonnaic
sí grafán smeartha le fuil caithte thall uaithe; muc & í
sínte marbh i bhfus; fuar-loch bainne lasmuich de dhoras;
deatach ag séideadh an doras amach is gan pioc de ag
éirghe anáirde as an seimné; agus an bhó ar sileadh anuas
le taobh an tighe & í ag búithrigh agus ag réabadh na talmhan
mór-dtimcheall uirthi le n-a cosaibh deiridh. Do sgannruigh
Cáit bhocht &, dar ndóigh, cárbh’ iongnadh sain. Do phreab
sí. Thug sí faobhar na speile ar an dtéid. Suas leis
an méid nár fhan ceangailte ar an mboin di. Isteach
le Cáit. Do bhí an páiste istigh agus é ag béicigh leis an
anaithe & leis an bhfuadar. Do bhí Seán bocht & é tuitthe
anuas ar an dteine; a cheann istigh i gcorcán na leitean
aige & an teud snaidhmthe ar a cheathramhain agus gan
gíocs ná míocs as, ach é lán de shúgh agus d’aindeise. Fé chionn
ana-thamaill tháinig a chiall agus a úrlabhra dhó.



Ní ’nneosad a thuilleadh dá sgéalaibh díbh, ach nár mhíne
sean-chat cianaosta ná é, an chuid eile d’á shaoghal.


L. 65


DOINNCHÍN



Tá daoine ann, agus mar adeir Sean-Dhiarmaid seo
againn-ne “ní bhainfeadh a’ riabhach an bhearna dhíobh
ná lár an chlaidhe.” Sórt dúthchais i gan fhios a bhíonn
ionnta, is dócha. Buadh fé leith a bhíonn ionnta seach is
daoine eile timcheall ortha, fé mar bhíonn filidheacht nó
flúirse na cainnte nó féile nó doicheall nó gadaidheacht
i ndaoinibh seach is a chéile. Ní bhíonn leigheas ag aoinne
ar na daoinibh sin, is dócha, & ar na tréithe a bhíonn ionnta,
ach cur suas leo agus a iarraidh ar Dhia iad do chur ar a
leas, mar adubhairt an t-Athair Donnchadh annso le “Sioc”
nuair a thug Sioc trí réalacha dho chun an séipéal nuadh
a thógaint. Fear go bhfuil dá fheirm thalmhan agus siopa
aige insa pharóiste iseadh Sioc, is deirtear ag an gceardchain
annso go bhfuil na naoi mílte naoin-uaire aige. Do
bhí Sioc ar buile leis an sagart, ach dubhairt an sagart
ná tógfadh sé ar Shioc bheith ar buile — gurab ’in tréith eile
a bhain leis an tréith mhór a bhí ann, is ná raibh leigheas ag
Sioc ar a ghalar.



Is dóigh go raibh an ceart ag an sagart, agus gur
cuid de’n duine féin na tréithe sin a bhíonn ann, agus
ná fuil aon dul uatha aige, ach go gcaithid siad briseadh
amach fé mar bhriseann a dhúthchas féin sa chat nó, mar
adubhairt Sean-Dhiarmaid lá eile & sinn ag trácht thar
Pilib a’ Mhustair — “’Sé an dálta ag Pilib é, a’ dtuigeann
tú leat me? dálta na muice,” arsa Diarmaid. “Dá
gcuirtheá síoda buidhe ó shoc go hearball uirthi, ní fhéadfadh
sí a radh ach ‘Hu.’ Ní bhíonn leigheas ag an muic air,”
ar seisean.



Nuair a bhí Diarmaid ag tagairt do dhaoinibh ná bainfeadh
an deamhan diablaidhe an poll euluighthe dhíobh, ’sé duine
bhí i gceist aige ach Doinnchín Eoin, garsún atá i mbun


L. 66


an bhaile thíos. Ní fheadar-sa an raibh aoinne de ghollaíbh
adharcánacha Bheilsuibub riamh ag iarraidh na géaraidheachta
d’imirt ar Dhoinnchín so againn-ne, ach tá‘s agam go raibh
cuid dá dheisgioblaidh ná fuil adharc ná earball ortha, ag
iarraidh é dhéanamh agus nach aca bhí an chuid ab’ fhearr
de’n sgéal nuair a bhí deire aca le Doinnchín. Deirtí
go raibh sé maith a dhóthain do Phísín, pé hé féin, & ná bainfeadh
a’ Dá Dubh aon cheart de.



Buaidh leis féin a bhí ag Doinnchín — buadh seift &
ceapadóireachta. Ní bhfuarthas riamh i n-airgidh é ceal
seifte. Sórt iasgaire ab’ eadh é. Má bhíodh sé ceal
baighte i gcóir na ngliomach do-gheibheadh sé seana-pháipéirí
agus do chaitheadh sé íle ortha agus do dheineadh sé beartanna
beaga dhíobh & do cheangluigheadh sé thíos i dtóin an phota
iad. “Ní bheidh fhios ag an ngliomach go mbeidh sé istigh,”
adeireadh Doinnchín, “agus deineadh sé a dhícheall annsain.”
Thuit a dhúidín i bhfairrge lá uaidh & ní fhéadfadh sé aon
ghal a chaitheamh gan phíp. Níor dhein sé ach dul & ordóg
ghleamaigh d’fhagháil, an bior amuich a bhaint di, & níorbh’
fhada go raibh tóiteán tobac aige. Lá eile thóg an taoide
léi báidín Shéamais a’ Bhallaigh. D’fhág Séamas ar lag
trágha í & gan de cheangal uirthi ach cloch a chuir sé anuas
ar an téadán. D’éirigh an taoide agus thairrig an báidín
an téad ó’n gcloich, is siúd leis an sruth í. Do liúigh
Séamas & do bhéic & d’imthigh sé síos ’n chuaisín & thairrig
sé bád beag Dhoinnchín go dtí béal na tuinne agus do
phreab sé isteach innti tar éis í shádh amach ó’n gcladach.
Annsain ’seadh thug sé fé ndeara ná raibh aon mhaide rámha
innti. B’éigean do léimeadh i bhfairrge arís & í tharrac
isteach. Thosnuigh sé annsain ag guidhideoireacht air
féin.



Is amhlaidh a bhí maidí rámha Dhoinnchín ’na bhád féin ó
mhaidin ag Séamas. Ní raibh sé de chrích air maide rámha
ná aon rud do bheith aige féin riamh ar fóghnamh. Ceann
des na daoine iseadh é a thiocfadh indiu chugat chun iasacht
maide rámha d’fhagháil, agus amáireach bheadh feadh nó
dhó de theudán nó de chnáib nó de dhorugha uaidh nó píosa


L. 67


snáithín chun líon a dheisiú, nó dorn iasgán chun dul ag
iasgach bhallach. Ní raibh aon chríochnamhlacht ann riamh ach
bheith ag útamáil leis.



Tháinig Doinnchín ar thaobh na cuaise agus chonnaic sé
cionnus mar a bhí an sgéal.



“Ca’ na thaobh ná leanann tú do bháidín?” ar seisean.



“N’fhéadfainn é,” arsa Séamas, “tá do mhaidí-se
innti, & bheadh eagla orm tabhairt fé shnámh chomh fada sain.
Bheadh sí an bhágh siar sar a mbeirinn uirthi.” “Agus cad
ab’ áil leat ag snámh,” arsa Doinnchín, “& mo bhád-sa
agat. Fan leat go fóil,” ar seisean le Séamas. Do
bhuail sé suas a-bhaile & tháinig anuas arís & sluasad aige.
Do phreab sé isteach ’na bhád féin agus i gcionn deich nóimeataí
bhí báidín Shéamais a’ Bhallaigh istigh sa chuaisínaige.



“Bhuel, m’anam ón riabhach,” arsa Séamas, “& ní
fhéadfainn-se cuimhneamh air sin.”



Tá conaigear & duimhche gainimhe i n-aice an bhaile
againn-ne agus tá an áit lán de choiníní. Le Seón de
Búrca iseadh an áit. Ní leigfeadh Seón d’aoinne na
coiníní d’fhiadhach mar gheibheann sé féin suas le dachad
púnt ó dhuine éigin i mBaile Átha Cliath a thagann gach
saosúr chun na coiníní a mharbhú. Dá marbhuigheadh aoinne
de’n áit coinín & dá gcloiseadh Seón sain do bheadh an
saoghal go buaidheartha go ceann tamaill ag an gcuirptheach.
Bhí Seón bocht níos imnidhighe i dtaobh na gcoiníní gclúmhach
sain ná mar bheadh sé i dtaobh a pháistí féin dá mbeidís
aige — rud ná raibh. Bhí sé ráidhte go mbíodh sé amuich
istoidhche ’á bhfaire. ’Sé mo thuairim láidir go n-aithnigheadh
na coiníní é, mar ní rithidís uaidh ná ní bhíodh eagla ortha
roimhe. Dubhairt Seán Léan go bhfeaca sé Seón de Búrca
oidhche spéir-ghealaighe ar an duimhich agus sean-choinín liath
fireann ’n-a shuidhe ar a chorra giob ós a chómhair amach,
& é féin & Seón ag déanamh cainnt na mbodhar & na mbalbhán
le chéile. Do bhíodh an coinín ag bagairt a chluas agus
a dhá lapa ar Sheón, & ag luighe na súl agus ag drannadh
& ag gáiridhe chuige; is bhíodh Seón ag bagairt a lámh agus


L. 68


a mhéireanna ar an sean-choinín agus ag luighe na súl
air agus ag cur sgaimhe agus smulc air féin chuige. Sin
é adubhairt Seán Léan agus thug sé na móidí móra ann
gurbh’ fhíor é. Ach n’fheadar. Do bhíodh Seán ar meisge,
tá’s agat, agus n’fhéadfá focal a chreideamhaint uaidh.
Aoinne ólann bíonn siad mar sin. B’fhéidir gurbh’ fhíor
a ndubhairt sé i dtaobh Sheóin agus an tsean-choinín fhirinn:
ach ní dóichighe ar domhan ná gur speabhraoidí éigin iad
do bhí dá ndéanamh do Sheán Léan nuair a bhí a inchinn ag
dul ar seachrán aige tré thaosgadh na dighe go ró-dhian.



Lá foghmhair bhí Doinnchín sínte ar bharra na haille.
Ní raibh aon rud le déanamh aige agus dá bhrígh sin bhí taidhrithe
dá ndéanamh do. Machtnamh gan toradh ortha ab’ eadh
a lán aca, is dócha. Ní fuláir nó ní bhfuair Doinnchín aon
bhlas ortha mar do bhain sé searradh as féin & d’iompuigh
sé ar a thaobh chlé & do chuir a uillinn ar an talamh agus
a bhas fé n-a cheann agus do thairrig a chaipín anuas ar a
shúil dheis agus do bhí ag féachaint uaidh soir ar an duimhich.



Ní fuláir nó chuir an duimhich rud éigin i gcuimhne
do Dhoinnchín, mar ní fada a bhí sé ag féachaint soir nuair
a phreab sé agus do chuir sé a dhá chois fé mar bheadh táilliúir,
do dhírigh sé a chaipín ar a cheann agus do chrom sé ar mhachtnamh
arís agus a shúil dheas leath-dhúnta aige. Ní dubhairt sé
aon ní ach nuair d’éirigh sé ’na sheasamh d’fhéach sé ar an
spéir. “’Seadh,” ar seisean. “Beidh an oidhche ’nocht
chomh dubh le pic.”



Do bhuail sé síos fé’n mbaile. B’é an chéad gharsún
a bhuail leis mac le Donncha Pheig. “Geannc” a thugaimís
go léir ar mhac sain Dhonncha. Ní mór gur gádh dhom a
innsint cad ’na thaobh. B’in nós a bhí againn, óg agus
aosta ar an mbaile, leas ainmneacha a bheith againn ar a
chéile. Bhíos féin im’ fhear beagnach sar a raibh fhios agam
cad é an sloinneadh a bhí ar leath dá raibh ar an mbaile.
Ní bhíodh d’ainm againn ar aon líon tighe ach “na Bánaigh,”
nó “na Gleannaigh,” nó “muintir Choirní,” nó “iad so
thuas.”


L. 69


“Cogar, a Gheannc,” arsa Doinnchín, “cad déarfá
le dul ar an nduimhich anocht ag marbhú coiníní?”



“Dar lia, do raghainn,” arsa Geannc, “ach go bhfuil
eagla orm go mbéarfadh an Búrcach orainn.”



“Beag a’ baoghal nach ’na chodladh a bheidh,” arsa
Doinnchín.



“’Seadh leis! Ní thuiteann aon néal codlata air
sin de ló ná d’oidhche. Nár chualaís cad dubhairt Seán
léan a chonnaic sé an oidhche bhí sé ar —”



“Arú! gan geir air, an sgaothaire amadáin. Ná
fuil fhios ag an saoghal gur speabhraoidí óil a bhí air sin?
An amhlaidh a chreideann tusa go bhfuil aon choinín ar an
nduimhich a bhagróchadh a chluasa ná a luighfeadh a shúile ar
dhuine? Fastaoim, a dhuine!” arsa Doinnchín.



Ní fhéadfadh Geannc bocht aon chosaint a dhéanamh ar
aon sgéal chomh fastaoimeach leis sin. D’éirigh sé as
sain agus do bhí ag iarraidh constaicí eile do sholáthar mar
leithsgéal chun gan dul ann.



“Cad é an tairbhe dul ann?” ar seisean. “Ní
hamhlaidh a cheapann tú go bhfanfaidh na coiníní linn chun
go mbeirimís ar chluasa ortha.”



“Ní dócha go bhfanfaidís,” arsa Doinnchín, “agus ar
eagla ná fanfaidís béarfad-sa liom traimil na mballach
so ’gam-sa agus béarfaidh sé sin ortha. Ná déanfaidh sain
an gnó?”



“Ní dhéanfaidh,” arsa Geannc. “Cad é an tairbhe
líon nuair ná féadfair-se na coiníní a ruagadh as an
bpoll?”



“É? Poll!” agus do stad Doinnchín. “Feuch, am
briathar nár chuimhnigheas air sin anois!… Iad a chur
as an bpoll …?” Do sháidh Doinnchín a dhá láimh go
huillinn i bpócaí a bhríste agus do bhí ag cuimhneamh tamall.
“Ó! léan léir air mar sgéal,” ar seisean, “ní fuláir
nó tá slighe éigin chun iad a chur amach.”



“Cad é?” arsa Geannc.



“Dhé! bíonn na seifteanna ann ach cuimhneamh ortha.
Cuirfimíd amach iad dá gcaithimís an banbh muice atá


L. 70


agom’ mháthair a chur isteach sa pholl ’na ndiaidh. Bí thíos
sa chuaisín anocht ar a deich; béarfaimíd an báidín linn.”



D’imthigh Doinnchín leis & b’éigean do Gheannc bheith
sásta. Níorbh’ aon tairbhe bheith mío-shásta: ní raibh aon
duine ag éisteacht leis. Do chuaidh sé a-bhaile & d’ól
sé a chuid té.



Nuair a bhí sé ag déanamh ar a deich a chlog do bhuail
Geannc síos chun an chuaisín. Ní raibh aon tseift ceapaithe
aige sin; do bhí sé chomh fada ó choiníní agus do bhí aoinne
riamh. Do bhí Doinnchín sa chuaisín roimis agus an báidín
ullamh aige.



“An rugais an banbh leat?” arsa Geannc le leamhas.



“Ní rugas,” arsa Doinnchín, “cheapas go mb’fhéidir
go mbeadh sé ag sgreadaigh & go dtairriceóchadh sé an
baile orainn. Ní déarfainn ná go mbeadh sé ró-árd do’n
pholl ar aon tslighe,” agus ní raibh smiogadh gáire ná suilt
ar aghaidh Dhoinnchín & é ’ghá radh sain. “Déanfaimíd an
bheart gan é ar aon tslighe,” ar seisean.



“Cad eile cad tá agat mar sin?”



“Nach mór atá fios uait?” arsa Doinnchín, agus níor
chuir Geannc a thuilleadh ceisteanna air.



Chuadar sa bhád. Chuadar le hais na gcloch soir sa
doircheacht gur shroicheadar an tráigh fé bhun na duimhche.
Do leanadar cois trágha soir.



“Cá ragham i dtír?” arsa Geannc.



“Bhfuil fhios agat an duimhich mhór ag ceann an chonaigir?
Tá an áit sin lán de choiníní. Ragham annsain.”



Nuair a thángadar go ceann an chonaigir do-chuadar
i dtír. Bhí an oidhche dorcha go maith. Rug Doinnchín ar
bhosga a bhí fé thochta deiridh an bháid aige.



“Cad tá sa bhosca?” arsa Geannc.



“Salann,” arsa Doinnchín.



“Cad chuige?” arsa Geannc.



“Le crothadh ar earball na gcoiníní,” arsa Doinnchín
B’éigean do Gheannc éirghe as na ceisteanna.



“Beir-se leat an líon agus na maidí sin,” arsa
Doinnchín leis.


L. 71


Nuair chuadar ar phort na duimhche do chualadar na
coiníní ag teicheadh & ag dul ins na puill.



“Beifear gan choiníní ar mh’anam!” arsa Geannc



“Si-s-s-s-s!” arsa Doinnchín.



Thangadar idir an duimhich ba shia amach agus an dara
duimhich.



“Líon,” arsa Doinnchín. Rug sé ar cheann an lín
agus thairrig sé síos é. Thairrig Geannc an ceann eile
suas. Fuair Doinnchín ceann des na maidíbh. Thug sé
casadh de’n téidín bun lín air agus do sháidh sé an maide
i dtalamh. Annsain chuir sé cor de’n téidín barr lín
ar bharr an mhaide. Annsain fuair sé an dara maide
agus tháinig sé ar an líon, tímcheall cúig feadh ón gcéad
mhaide, & do dhein sé an cleas céadna & ba ghearr go raibh
an fiche feadh de líon ar fad ’na sheasamh mar sin aige.
Ach ní raibh aon mhuinghin ag Geannc as an obair.



“Cá bhfuighfear coiníní anois?” ar seisean.



“Sis-s-s-s!” arsa Doinnchín. “Tá an gleann bodhar
agat.”



Rug sé leis an bosca & Geannc annsain, agus thángadar
ar an taobh ba shia ó’n líon de’n dumhach ghainimhe. “Ní
fada go mbeidh coiníní ag cur díobh anois!” arsa Doinnchín



“Is h’anam ’on donas, cionnus?” arsa Geannc bocht
agus a chroidhe ag leaghadh le mío-fhoidhne.



“Óra, fan leat go bhfeicir!” arsa Doinnchín.



Bhí sé ag cuardach insa doircheacht go bhfuaireadar
béal puill. “’Seadh,” ar seisean, “cuirfimíd dhá cheann
annso isteach.”



“Dá cad é?” arsa Geannc agus iongnadh air



“Féach iad,” arsa Doinnchín agus d’osgail sé an bosga
a bhí aige. “Tóg amach iad,” arsa Doinnchín. Do chuir
Geannc bocht a lámh sa bhosca. Ní túisge chuir ná thairrig
sé amach arís í. Ach bhí sé ró-mhall. Rug rud éigin ar
lúidín air & d’fháisg & d’fháisg, agus do bhí Geannc bocht
ag rinnce timcheall na duimhche le tinneas. Fé dheire
do chuir sé an rud fé n-a bhróig & do bhain an t-anam as.


L. 72


“Go —! —! —!” agus dubhairt Geannc cainnt an
uair sin nach ar sgoil d’ fhoghluim sé í. Bhí Doinnchín ag
iúnnfairt ar an talamh ag iarraidh na gáiridhe a chur de
gan glór ró-mhór a dhéanamh.



“Cad é an mí-ádh atá sa bhosga?” arsa Geannc.



“Portáin, dar ndóigh,” arsa Doinnchín.



“Portáin!” arsa Geannc, “cad chuige na portáin
i n-ainm na maothaile!”



“Chun na coiníní a chur amach,” arsa Doinnchín.



“Ar son Dia,” arsa Geannc & ní fhéadfadh sé athuille
a radh.



“Seo,” ars’ an cleasaidhe, “coinnibh an portán so.”



“Cad chuige é choinneáilt?” arsa Geannc.



“Chífir féin ar ball,” ar sé sin leis.



Rug Geannc ar chúl ar an bportán agus do choimeád
sé socair ar an dtalamh é. Bhí a dá chrúb ar leathadh
ag an bportán & é ar sgiopaigh d’iarraidh breith ar rud
éigin chun sásamh a bhaint as; ach toisg an croiceann a
bheith ’na shliogán air, níor fhéad sé casadh siar ar mhéireanna
Gheannca. Do chuir Doinnchín lámh ’n-a phóca is do thairrig
sé amach rud éigin bán.



“Godé an rud é sin?” arsa Geannc. “Féach,” arsa
Doinnchín & do las sé lasán istigh i mbéal an phuill agus
do chuir an smut de choinnill a bhí ’na láimh aige ar lasadh.
Níor chuir Geannc aon cheist eile air. Bhí an iomarca
de’n iongnadh air ag na gnóthaí go léir. Nuair a bhí braon
de’n gheir leachta istigh sa choinnill do leig Doinnchín an
braon anuas ar dhruim an phortáin agus do chuir an píosa
choinnill ’n-a shuidhe ar an mbraon & ní fada go raibh an
choinneall ceangailte go dlúith. Do bhí a bhéal ar leathadh
ag Geannc & é ag féachaint ar an mblaodhm. Do chuir
Doinnchín an portán bocht isteach sa pholl agus do sgaoil
uaidh sa tsiubhal é. D’imthigh an portán isteach & fuadar
siubhail leath-chliathánach fé. “M’anam é sin,” arsa
Doinnchin.



Annsain rug sé ar an dara portán agus do dhein
an cleas céadna leis agus do sgaoil ar thóin an chéad phortáin


L. 73


é. Do chuaidh sé féin is Geannc annsain go dtí poll eile
& chuireadar dhá phortán eile isteach sa pholl sain & dhá
choinnill ar mhaol a ndroma anáirde aca is búithreán soluis
asta. Bhíodar ag imtheacht go raibh deich bportáin istigh
aca.



Ní fhéadfadh Geannc smacht a chur ar a ghreann níosa
shia. Do bheadh eagla air sgartadh amach ag gáiridhe agus
is amhlaidh a bhí sé ’á iomlasg féin ar an talamh d’iarraidh
na trithí a chur de.



“Cad é an gháiridhe seo ort?” arsa Doinnchín.



“Dar a leabhar-sa,” arsa Geannc, “cad é an dá
shúil a thiocfaidh dos na coiníní nuair a chífid siad na soillse
chúcha trés na póirsí.”



“Ach!” arsa Doinnchín, “ní haon chúrsaí grinn é sin.
Imthigh leat síos ag faire an lín & má chloiseann tú coinín
ag iúnnfairt ann, preab agus beir air. Raghad-sa ar
an gceann thuas de’n líon.”



“Agus má bheirim air,” arsa Geannc, “cad a dhéanfad
annsain leis.” Garsún simplidhe ab’ eadh Geannc bocht.



“Tabhair gal tobac do!” arsa Doinnchín go searbhasach
ag imtheacht leis, “agus fiafruigh de cionnus atá an
an tsean-bhean!” Ní fhéadfadh sé foidhneamh le Geannc.



Ní fada a bhí Doinnchín ag an líon nuair chuala sé coinín
ag teacht mar thiocfadh piléar as gunna. Baineadh stad
as an gcoinín mbocht nuair bhuail sé an líon. Bhí Doinnchín
ag lapadáil sa doircheacht go bhfuair sé greim air. Ann-
sain rug sé ar dhá chois deiridh air ’na láimh chlé, & ar cheann
air ’na láimh dheis. Bhain sé síneadh as an gcoinín mbocht,
chas sé a cheann siar, agus do chuir sé a mhuineál as ionad
le n-a ordóig. Le n-a linn sin chuala sé coinín eile sa
líon ag Geannc agus Geannc ’á ghreamú. Pé liobarnacht
a bhí air sin, d’imthigh an coinín idir na ladhracha uaidh
& thug sé an duimhich siar air féin ar nós na gaoithe. Bhí
Geannc cráidhte. “Nár éirghidh do thurus siar leat,” ar
seisean go dúthrachtach, ach níor bhain aon mháchaill don
choinín ar a shon sain


L. 74


Dhein Geannc beart ní b’fhearr ar na trí coiníní eile
tháinig ’na threo. Do mhairbh Doinnchín cúig cinn aca.
D’fhan an bheirt tamall eile annsain, ach ní raibh aon
choinín eile ag teacht. Do chuaidh Doinnchín mar a raibh
Geannc.



“Níl a thuilleadh coiníní ann,” ar seisean. “Téighimís
a-bhaile”.



Thángadar ar an gceann thuas de’n líon chun é bhailiú
leo síos. Le n-a linn sin díreach ’seadh chualadar an duine
chucha a dtuaidh.



“An dian, go bhfuil beirthe orainn!” arsa Geannc.



Thug Doinnchín súnc do & dubhairt leis luighe & fanacht
socair. Do luigheadar. Do bhí an duine ag gluaiseacht
fé dhéin na duimhche ach nuair a bhí sé i ngiorracht fiche ramhan
do do stad sé go hobann. Bhí iongnadh ar an mbeirt
cad ’na thaobh gur stad sé ach nuair d’fhéach Doinnchín i
dtreo na duimhche thuig sé go maith cad fé ndeara é. Is
amhlaidh a bhí ceann dá phortánaibh féin tar éis teacht tré
chnocán na gainimhe amach agus do bhí sé ag gluaiseacht
cliathán na duimhche anuas agus é ag baint na trágha amach
ar a shéirsín díchill, agus a sholas go soillseach dá iomchar
ar mhaol a dhroma anáirde aige. Ní fada ó bhaile a bhí
an portán sain nuair seo amach portán eile as lár na
duimhche & annsain ceann eile arís, & bhíodar ag teacht go
raibh seacht gcinn aca i ndiaidh a chéile i n-aon struillín
amháin & iad i gcomh-rás chun na fairrge.



Nuair a chonnaic Seón de Búrca an chéad sholas ag
preabadh as an talamh aníos, do baineadh preab as. Ní
raibh sé d’uain aige an iongnadh a chur de nuair phreab
an dara solas chuige & an tríomhadh solas, & do réir mar
bhíodar ag preabadh chuige is amhlaidh is mó a bhí ag méadú
ar an iongnadh agus ar an eagla agus ar an uathbhás. Ní
fhéadfadh sé rith ná teicheadh ach an dá shúil ag dul amach
as a cheann le sgéan buile. Thabharfadh sé an leabhar gur
púcaí a bhí ann. Do shéid fuar-allus amach tríd & do
bhí sé ar eudtromacht céille ag féachaint ortha.


L. 75


I gcionn tamaill thuit an chéad phortán thar bruach
an phuirt ghainimhe síos ar an tráigh. Do chuaidh an solas
sain i n-éag. Tháinig an dara portán go dtí an áit chéadna.
Síos leis. Tháinig an tríomhadh ceann ann. Síos leis
Tháinig gach ceann aca i ndiaidh a chéile. Síos leo go léir;
& fé mar thuiteadh ceann aca síos do théigheadh a sholas
sain i n-éag. Níorbh’ iongantaighe an tslighe a phreab na
soillse as an talamh ar dtúis ná mar chuadar i n-éag ar
deire. Sin é a cheap Seón bocht. Ní raibh fhios aige cad
as a dtángadar na soillse, ná cad a bhí ’á n-iomchar ná
cad a mhúch iad. Ní fheaca sé acht draoidheacht ó thúis
deire.



Nuair a tháinig an doircheacht dubh arís do bhain sain
preab eile arís as. “Ó! Dia lem’ anam!” ar seisean,
& siúd leis ins na feilimintibh siubhail fé dhéin an tighe
siar. Níorbh’ fhada gur cuireadh ar bhior a chinn é thar
bosca Doinnchín amach, agus cá mbuailfidhe é ach isteach sa
traimil i n-aice na beirte. Do chuaidh sé ceangailte sa
líon. Do bhí a cheann sáidhte isteach i mogall mhór agus
a lámha sáidhte isteach tré chúpla mogall mór eile. Nuair
bhí sé ag iúnnfairt sa doircheacht d’iarraidh é féin a réidhteach
bhí sé ag stracadh an lín ar a dhícheall & b’é deire an sgéil
i n-ionad teacht as go ndeaghaidh sé isteach ar fad sa líon
idir na mogaill mhóra is na mogaill bheaga. Leis an
iúnnfairt do staith sé na maidí go léir as an talamh ach
níor fhéad sé teacht as an achrann.



D’éirigh Geannc & do bhí sé ag teicheadh chun an bháid.
Siúd le Doinnchín ’na dhiaidh agus thug sé cor coise dho
& do shín é.



“Cad dob’ áil leat a dhéanamh?” ar Doinnchín.



“Teicheadh dar muige!” arsa Geannc.



“Agus mo líon-sa d’fhágaint ag an mBúrcach!” arsa
Doinnchín. “Seo, beir air agus tairrig.”



Rugadar ar an líon agus do chromadar ar é tharrac
fé dhéin an bháid. Nuair bhraitheadar an t-ualach thiar
air cheapadar láithreach gurab amhlaidh a bhí an Búrcach
ag iarraidh é tharrac uatha. Do bhí sé ró-dhorcha aon rud


L. 76


d’fheiscint. Do chuir an bheirt aca an neart i bhfeidhm
ar an líon agus do bhíodar ag tarrac an Bhúrcaigh leo
síos chun an bháid. Léimeadar thar bruach na duimhche
síos ar an tráigh is seo leó chun an bháid agus iad ag tarrac
ar a ndícheall. Bhí an Búrcach casta insa líon mar do
bheadh cat i mbunnach & é dá tharrac ar feadh na talmhan.
Nuair tháinig sé chomh fada le bruach na duimhche, síos leis
Le fánaidh, agus do cheap sé ná stadfadh sé choidhche. Chrom
sé ar bhéicigh, an duine bocht, & ní raibh a fhios aige cad é
an chéad chor eile thabharfaidhe air. Do phreab an bheirt
isteach sa bhád & do shádhadar de’n tráigh amach í. Bhí eagla
chúcha ortha sain, leis, agus ní raibh fhios aca cionnus do bhí
an sgéal ar an gceann eile de’n líon. Siúd leis an
mbáidín amach ach nuair a teannadh an líon arís do baineadh
stad aisti. Ní fhéadfadh sí dul ordlach eile cé go raibh
an bheirt agus saothar ortha ag cur sáile ’n-a cheo san
aer leis an dá mhaide rámha. Do stad Doinnchín.



“Ní haon tairbhe é,” ar seisean. “Cuir do mhaide
sa tslab & sáidh.”



Ba threise bhíodar mar sin, agus do bhí an Búrcach
dá tharrac síos go barra taoide aca. Níor fhéadadar
faic d’fheiscint bhí sé chomh dorcha sain, ach do bhraitheadar
an líon ag bogadh chúcha.



Nuair a bhrath an Búrcach é féin ag dul san uisge do
liúigh sé & do bhéic sé & chas sé na seacht míle ologón. Bhí
gach aon “Dia lem’ anam” aige, agus “i gcúntas Dé!”
go rabhthas ’á bháthadh. Chrom sé ar an líon a réabadh
d’iarraidh é chur de, agus san iúnnfairt do, ráinig leis
éirghe ar bhonnaibh a dhá chos. Chuir sé an dá chois i bhfeac
sa ghainimh. “Seo ’nois,” ar seisean, fén’ fhiaclaibh, “tá
an diabhal buidhe oraibh má bheireann sibh thairis seo me.”
Bhí an sáile thar crománaibh air, ach ba chuma sain, bhí sé
chomh daingean ’s mar bheadh an charraig.



“Táimíd sáruighthe arís,” arsa Geannc agus saothar
air le tréine na tairrice.



“Nílimíd fós,” arsa Doinnchín, “tá an taoide ag
éirghe & má fhanann sé siúd istigh mar a bhfuil sé bádhfar é.”


L. 77


“Cumá ná bogann sé de’n líon?” arsa Geannc.



“Feuch ná deineann!” arsa Doinnchín. “Ach triall-
aimís cleas eile air. Tá anncaire i dtosach an bháid.
Caith amach é agus sgaoil cúig feadha de’n téid leis.
Coimeádfad-sa mo ghreim an fhaid a bheir ’á dhéanamh.”



Do chaith Geannc an t-anncaire i bhfairrge mar
adubharthas leis agus annsain fé mar bhí sé ag sgaoileadh
na téide uaidh bhí Doinnchín ag tarrac an lín isteach sa
bhád. Nuair a bhí na cúig feadha amuich do chuir Geannc
casadh de’n téid ar an tochta tosaigh. Do chuir Doinnchín
casadh de’n líon ar an tochta deiridh. Do ghreamuigh an
t-anncaire.



“Deineadh sé a dhícheall anois,” ar Doinnchín is do
shuidh sé ar faobhar an bháid. Do shuidh Geannc, leis, is
bhíodar ag cur a dtuirse dhíobh agus gan aon amhras aca
cionnus mar do bhí an sgeul ag an duine a bhí ar cheann
an lín. Ní go ciúin ná go socair a bhí seisean ach é ag
cur as go lasánta agus ag guidhideóireacht go máchailleach
mío-labhartha. Do bhí lúb de’n téid íochtair lín timcheall
ar a mhuineál & lúb de’n téidín uachtair ar chois leis is
é istigh i mbolg na traimile.



Nuair ba mhór le Doinnchín, fé dheire, cionnus mar
do bhí an sgéal ag dul chun leadráin bhí sé ag iarraidh
cuimhneamh ar sheift éigin eile.



“Féach, a Gheannc,” ar seisean, “tá an t-anncaire
láidir a dhóithin do sain istigh. Dá dtéightheá-sa anois &
do neart féin a chur ag tarrac an lín chughat, bheadh an
t-anncaire & tu féin annsain chuige. Bhéadh an tarrac
go léir ar an anncaire, dar ndóigh, agus ar eagla go
mbeadh sain ró-mhór air, cuirfead-sa mo mhaide rámha
sa tslab agus sáidhfead leat-sa & leis an anncaire. Dá
bhféadaimís an buachaill istigh a bhogadh amach sa doimhneas
b’fhéidir gur ghairid Dia leis an líon a sgaoileadh uaidh.”



Do dheineadar amhlaidh. Sin é an uair a thosnuigh an
stracadh i ndáiríribh. Bhí an sgéal go cruaidh ar an mBúrcach.
Do bhítheas ag dul ró-dhian air agus do bhí an ghainimh ag
imtheacht ó n-a chosa. D’éirigh a chroidhe air nuair a bhraith


L. 78


sé an fairrge ag éirghe aníos mór dtimcheall air. Ní
mór ná go dtáinig an liath bhuidhe le sgannradh ar an nduine
bocht. Do bhúir sé is do bhéic sé agus do sháidh sála a chos
sa ghainimh d’iarraidh teannta d’fhagháil. Ach níorbh’ aon
tairbhe é, b’éigean do bogadh. Le n-a linn sin do chuimhnigh
sé ar a sgiain. Sháidh sé a lámh dheas i bpóca a bhríste.
Is ann a bhí an sgian, ar ádhmharaighe an tsaoghail. D’osgail
sé ar éigean í. Thug sé an faobhar ar an téid a bhí timcheall
a mhuiníl. Annsain thug sé an faobhar ar an téid eile
bhí tímcheall a chos. An méid de’n líon ná raibh réabtha
aige roimh ré d’imthigh sé as a chéile. D’imthigh an ghreim
de’n líon. Thuit Geannc ar fhleasg a dhruma síos i dtóin
an bháid agus do bhuail sé buille dá chúl ar faobhar tochta
an bháid. Ba chuma leis. Do chuir sé liúgh maoidhte
buaidhe as. “Hú-ú-ú,” ar seisean & a dhá chois san aer
aige.



Is ar éigean a bhí sé de bhrígh sa Bhúrcach dul i dtír.
Nuair a shroich sé an talamh thirim do luigh sé ar an ngainimh
agus bhí sé ag cur tochtaí laige dhe go ceann uair a chluig.
A leithéid de challshaoth ní bhfuair sé riamh.



Do chuaidh an bheirt a-bhaile ’na dhiaidh sin agus bhíodar
buidheach tré a fheabhas mar do chuadar as; ach maidin
lá ar n-a mháireach bhí Doinnchín diombádhach go leor nuair
a chonnaic sé an íde do bhí ar cheann a lín. “Cad é an
díoghbháil liom,” ar seisean, “dá mbeadh sé de shásamh
agam na coiníní féin a bheith agam”


L. 79


UDHACHT SHEÁIN A’ GHLEANNA.



CÓISIRE! Nach aoibhinn an rud sain? Nách aereach
a bhíonn gach aoinne? Eudaighe Domhnaigh ar
fhearaibh. Eudaighe gléigeala ar mhnáibh. Capaill
ar cosa anáirde. Cóistí is cairteacha ag gluaiseacht ar
bhóithribh. Garsúin bheaga is cailíní beaga agus a lámha
agus a bpócaí lán de bhriosgaíbh agus de mhisleánaibh agus
de phingníbh. Garsúin mhóra ag deunamh comhrádh cogair
agus cainnt bhladair le cailíní móra. Bacaigh is lucht
siubhail is lucht ceoil! Ithe ’gus ól is rinnce! Och, is
aoibhinn é an chóisire. Is aoibhinn do’n lánamhain óig. Is
aoibhinn do’n athair is do’n mháthair. Is aoibhinn don dream
d’itheann a lón is d’ólann a ndeoch. Cá bhfuil aon rud
níos meidhrighe ná cóisire? Níl a leithéid ar bith.



Do bhíos-sa ar chóisire uair ar an mbaile seo againn-ne.
Mac Sheáin a’ ghleanna do pósadh. Inghean Toirdhealbhaigh
bhig ó pharóiste na Lice do pósadh leis. Thug sí trí cheud
go leith púnt léi go dtí na Gleannaigh. Daoine móra
ab’ eadh na Gleannaigh. Bhí féar fiche bó de thalamh aca.
Do bhí Seán féin ’na dhuine de Lucht Chomhairle an Cheanntair.
Fear creideamhnac ’n-a pharóiste féin ab’ eadh Seán
a’ Ghleanna.



Do bhí a chlann go léir curtha i gcrích aige go dtí an
mac so adeirim.



Do bhí an inghean is sine pósta i mBaile na Leac le
feirmeóir mór ann. Trí cheud púnt a thug a hathair
di le breith léi go Baile na Leac. Do dhein sí cleamhnas
maith dhi féin. Do bhí feur trí mbó agus fiche ann is
do bhí stoc maith ar an talamh. Do bhíodh hata uirthi gach
Domhnach, agus cóiste aici ag teacht chun Aifrinn. Ba
mhaith an chríoch do chuir a hathair uirthi.


L. 80


Do bhí inghean eile leis thoir aige Seumas Dhomhnaill
Thaidhg. Do bhí sise, leis, agus ionad maith aici. Do bhí
cúig cinn deug de bhuaibh ag teacht ’n bhuaile tráthnóna
chúichi, agus comhgar trágha agus móna aici, agus iothla
dá sgioból aici. Tá sé imthighthe as mo chuimhne anois
an mór an méid airgid a rug sí léi go dtí Domhnall
Thaidhg. Do bhí cuid mhaith airgid ann, pé sgeul é.



Do chuir Seán a’ Ghleanna mac leis mar chliamhain
isteach go dtí Peaid Biorthnach thuaidh ag Áth na gCeap.
Dá cheud & cheithre fichid púnt an spré dob’ éigean do
thabhairt do Pheaid sar a mbogfadh sé a ghreim de’n talamh.
Ní raibh ach ceud ag Seán tar éis an dá inghin do phósadh
agus dob’ éigean do dul fé bhannaí go dtabharfadh sé
na naoi bhfichid eile uaidh nuair a thiocfadh spré mná an
mhic a bhí sa bhaile chuige.



Agus tháinig an spré sin chun cuid de’n spré eile do
dhíol agus spré do dheunamh do’n inghin óig do bhí tar éis
teacht ó’n sgoil. Ba chuma le mac Sheáin a’ Ghleanna
cia mhéid spré a thabharfadh a bhean léi. Pinginn de ní
bhfaghadh sé féin. B’fhéidir gur chuma leis, leis, cia an
sórt mná a gheobhadh a athair do. B’fhéidir gur mhaith
leis cuid mhaith airgid a bheith aici chun ná beadh a dheirbhshiúr
óg ag déunamh cumhangraigh air nó í d’fhanacht sa tigh aige
gan pósadh, áit d’fhanfadh dá mbeadh sí gan spré. B’fhéidir
gur mhaith le mac Sheáin cailín éigin eile, nár chuimhnigh
a athair in-ao’ chor uirthi, a phósadh. B’fhéidir ná raibh
aon airgead ag an gcailín sin. B’fhéidir go bpósfadh sé
í dá mbeadh an t-airgead aici. ’Seadh, b’fhéidir so &
b’ fhéidir súd ach cad é an bhrígh “b’fhéidir” nuair a bhí
trí cheud go leith púnt ag inghin Thoirdhealbhaigh Bhig ó
Pharóiste na Lice. Do chuir sain deire le “b’fhéidir.”



Do bhíos-sa ar an gcóisire. Do bhíos im’ gharsúinín
beag an uair sin. Do bhí cúig cóistí deug ann agus iad
lán de mhnáibh & de dhaoinibh. Do bhí capaill mharcaigheachta
go leór ann. Do-chuamair go dtí an baile mór go dtí
an séipéal. Annsain, nuair bhíodar pósta do chuamair
go dtí tigh an óil agus do bhítheas ag ól is ag rinnce
ann go tráthnóna.


L. 81


Do bhí tuitim na hoidhche ann go maith nuair thánamair
go dtí tigh an phósta an oidhche sin. Tháinig na sluaighte
daoine ann. Ba mhór aca Seán a’ Ghleanna an oidhche
sin. Do bhíodar ’ghá’ mholadh. “Ní raibh sé riamh ach go
maith. Ba dhual athar do bheith go galánta. Comharsa
carthannach agus cara i gcruadhtan, b’shin é féin a ainm,
an duine croidhe ’stigh! An t-athair maith, go raibh a chlann
i gcrích is i rachmas aige, beo samhlóchthar é an duine!
Nach é d’oibrigh moch déidheanach dóibh agus a thóg go galánta
iad is a fuair spré throm agus feirmeacha talmhan dóibh,
agus nár mhaith an chlann a bí aige, agus nár mhór é a
meas air a n-athair.”



Agus do bhí gach aoinne mar sin ag crothadh lá leis
agus ag deunamh mórtais agus maoidhimh leis agus cainnt
bhreagh bhog aca dá thabhairt do’n duine bocht aosta agus
iad ag ithe a chuid aráin & ime & feola is ag ól a chuid dighe
’na taosgánaibh. Ba mhór aca go léir Seán a’ Ghleanna
an oidhche sin nuair do bhí an rath air ’n-a thigh féin.



Tugadh na naoi bhfichid púnt do bhí ag dul do Pheaid
Bhiorthnach do; agus ní túisge tugadh ná thug Peaid d’fhear
é go raibh feur deich mbó aige le tabhairt dá mhac nuair
phósfadh an mac inghean le Peaid nó le haon Pheaid eile
a thabharfadh dhá chéud púnt do féin.



Annsain thug Seán a’ ghleanna an chuid eile de’n
airgead mar spré le n-a inghin óig — í siúd do bhí ar sgoil
aige — nuair do phós sí fear insa bhaile mór go raibh tigh
óil aige. Is cuimhin liom é sin go maith mar ní raibh aon
chóisire aca. Is amhlaidh a pósadh ar a seacht a chlog ar
maidin iad agus d’imithigheadar ar an traen ceathramha
chun a hocht. D’fhilleadar i gcionn trí lá; agus as sain
amach ní bhíodh de chúram uirthi sin do bhí ar sgoil ach ag
tómhas agus ag riar piúntanna de phórtar dhubh ar lucht
óil agus tarta.



Agus Seán a’ ghleanna? Do bhí a chlann tógtha go
galánta aige sin. Do bhíodar curtha i gcrích go slachtmhar
is go galánta aige. Ná raibh a chion deunta aige? Ná
raibh a shuaimneas tuillte aige i gcóir deire a shaoghail


L. 82


thiar. Nach do ba cheart a bheith subhach sásta ’n-a shean-
aois is ’n-a bhliadhantaibh deiridh?



Tháinig an chríne ar Sheán. D’imthigh neart a gheug.
D’imthigh mire a choiscéim siubhail. Tháinig an chruime is
an laige agus easbadh na sláinte. Ní raibh aon mhaith a
thuilleadh ann. Ní raibh airgead ná ór aige. Ní raibh
talamh ná bó aige, óir b’éigean do an fheirm go léir do
thabhairt dá mhac sar a bhfaghadh sé an trí cheud go leith
slán le bean a mhic.



Níor sin ba dhearmhad sain, agus ní hí nár chuir i
n-iúl do é. “Mo thrí ceud go leith púnt!” adeireadh
sí.



Do réir socruighthe an phósta do bhí ortha an seanduine
a chothú. Do bhí sain ag dul do dá cheart féin. Do bhí
cál aige chun an méid sin, ach ní raibh aon chál aige chun
focail chneasta mhuinteardhais, ná chun gáire shuairc shásta,
ná chun urraim deire aoise. Ní raibh, agus ó ná raibh
ní thug bean a mhic do iad. Ní raibh sé san margadh a
teanga súd do chosg ó bheith ag bearradh air ’s ag piocadh
air ó mhaidin go hoidhche.



Ní bhíodh sí mar sin nuair a bhíodh aoinne istigh. Ní
bhíodh, bean ghalánta ab’ eadh í. Do bhíodh hata uirthi Dia
Domhnaigh & cóiste ar a capall aici ag dul chun Aifrinn.
Nuair a bhíodh aoinne des na comharsanaibh insa tigh ní
leigeadh sí uirthi ná go mbíodh cion an domhain aici ar an
seanduine bocht; ach an uair sin féin ní fheudadh sí gan
piocadh thabhairt do i gan fhios do’n chomharsain. Ní thuigeadh
an chomharsa go mbíodh aon rud dá leithéid dá dheunamh
aici ach do thuigeadh an seanduine bocht go maith é
D’iompuigheadh sé isteach chun na teine & do labhradh ós
íseal leis an drol: “Á!” adeireadh sé go cráidhte,
“a shean-chroch shúghaigh, is chughat-sa sain.”



Ceal foidhne agus fulang, fé dheire, d’árduigh an
seanduine a leabadh leis agus d’imthigh sé amach do dtí
seana bhothán tighe do bhí ann agus do chuir sé fé ann.
Do bheadh sé ó faobhar a teagan annsain, cheap sé. Ní
fheadar an raibh uaigneas ná brón ar bhean a mhic.


L. 83


Thugadh cailín aimsire a chuid chuige — ní bhíodh aoinne
eile ’n-a chúram. Do chóirigheadh sé féin a leaba dho
féin. Do sguabadh sé an bothán beag. Do bhaineadh sé
brosna chun teine do féin; ní thabharfadh sé le rádh dhi
go ndóghfadh sé mórán de’n mhóin uirthi.



Do bhí sé mar sin ar feadh dhá bhliadhan go huaigneach
agus go haonarach agus go haindeis. Ní thagadh aoinne
an uair sin chuige ag crothadh lámh leis ná ag deunamh
mórtais ná maoidhimh leis. Thagadh na hingheanacha agus
a bhfir pósta agus an mac eile go raibh inghean Pheaid
Bhreathnaigh pósta aige — thagaidís Domhnach timcheall uair
sa mbliadhain go dtí an sean-áit. Do bhíodh Seán bocht
i dtigh na muintire an lá sain agus do fiafruightí dhe
cionnus do bhíodh sé; agus d’iarrtaí air súil a bheith aige
i ndiaidh na gcapall do bhí amuich. D’imthighidís go léir
tráthnona agus a gcapaill agus a gcóistí aca, agus a
hataí ortha agus a gcasóga móra agus a ribíní — daoine
creideamhnacha galánta. Do théigheadh sean-Sheán bocht thar
n-ais go dtí an sean-bhothán aonarach arís.



Ní raibh mórán de throsgán tighe insa bhothán aige ach
an leaba agus cathaoir agus bosga beag sgríbhneóireachta
go raibh glas air. Do bhíodh an glas coitchionnta ar an
mbosca sain aige. Lá do chonnacthas an seanduine ag
sgríobhadh go cúramach. Nuair a bhraith sé duine ag teacht
d’fhill sé an páipéar go hobann agus do chuir isteach insa
bhosca é agus do chuir an glas ar an mbosca. Do chonnacthas
’ghá dheunamh é. Tháinig iongnadh ortha. “Cad a bheadh dá
sgríobhadh aige?” “Dar lia, b’fhéidir gur udhacht é!”



Do chonnachtas Tadhg Sgoláire istigh ’na theannta lá.
Do chuathas chuig Tadhg.



“Ní ceaduighthe dhomh-sa a innsint cad tá ann,” arsa
Tadhg, “ach caithfear é léigheadh an lá bheifear ’ghá chur
nuair bheidh a mhuintir go léir bailighthe le chéile.”



Cheapadar láithreach gur fhan airgead éigin ag an
seanduine.



Ní fada go ndeaghaidh bean a mhic chuig Seán sa bhothán
agus d’iarr sí air teacht chun comhnuidhthe isteach i dtigh


L. 84


na muintire. Ní raghadh. Tháinig sí arís is arís eile
agus bhí sí go himnidheach mar gheall air, dar leat.



“Imthigh ort, a bhean,” adeireadh Seán. Ní raghadh
sé léi i n-ao’ chor.



Do cailleadh Seán annsain.



Tháinig a mhuintir go léir idir chlann agus cliamhain.
Do chaoineadar go geur goirt é. Do bhíodar go diom-
bádhach agus go huaigneach ’n-a dhiaidh — “An t-athair maith,
ologón ó!”



Do bhí tórramh mór air agus sochraid mhór aige. Tháinig
na daoine bochta de shiubhal a gcos ann. Tháinig feirmeoirí
beaga ar a dtrucaillí ann agus lucht siopaithe na sráide
agus dochúirí agus sagairt ann ’na gcóistí & na gcárranna.
Do bhítheas ag trácht thar an duine bhí imthighthe agus ’ghá
mholadh agus ag áireamh a mormhaitheasaí. “Nárbh’ é a
chuir a chlann i gcrích is i rachmas?” “Nárbh’ é dhein so
& nárbh’ é a dhein súd é?” “Ba mhaith an fear Seán
a’ Ghleanna agus ba chreideamhnach!”



’Seadh, lá na sochraide do bhí an chlann go léir is a mná
is a bhfir & muintir a gcéile bailighthe isteach insa seómra
mór. Do fuarthas bosga an tseanduine. Bhí an glas
air sin agus ní raibh an eochair ag aoinne. Do fuarthas
tuagh agus do briseadh an bosga. Ní raibh istigh ann ach
duille páipéir. Do hosgluigheadh é sin. Och! Tháinig
stad ionnta. Ní fheudfadh aoinne aca é léigheadh. Gaedhilg
do bhí ann.



Do cuireadh teachtaire amach. Do chuir sé sin cúigear
teachtairí eile ar siubhal. Do bhí fuadar fé’n seisear
aca ar lorg Thaidhg Sgoláire. Fuarthas Tadhg Sgoláire.
Tugadh isteach é. Do cuireadh an páipéar ’n-a láimh.
D’fheuch sé ar an bpáipéar agus annsain d’fhéach sé ar fuaid
an tseomra. Ba chreideamhnach na daoine do bhí ann.
D’fheuch sé ar an bpáipéar arís agus annsain ar na daoine
arís agus ar ais ar an bpáipéar. Do chuir sé casachtach
bheag as.



“Ní mór atá annso, a dhaoine,” ar seisean, “agus
léighfead daoibh é. Sid é é:


L. 85


“Gabháil le tuaigh i mbaic a mhuiníl
Ar an té thabharfadh a chuid ar fad do mhac ná d’inghin.”



Tháinig ciúineas mór insa tseomra sain.



Ní dubhairt aoinne gíog. Níor fheuch aoinne ar an
duine eile. Annsain d’éirigh duine agus d’imthigh sé
amach. D’éirigh duine eile agus do lean sé an cheud
duine. D’imthigh an tríomhadh duine agus an ceathramhadh
duine & annsain iad go léir. Do chuireadar hainceasúirí
le n-a súilibh. Do-chuadar ins na cóistíbh. Do ghluais
an tsochraid — sochraid chreideamhnach ghalánta.


L. 86


MOLADH BEIRTE NA FAILLE
MÓIRE.



BÍMÍD go léir bailighthe isteach i dtigh Sheana-Dhiarmada
gach oidhche ó tháinig an fuacht ins an aimsir. Bíonn
tobac d’á chaitheamh againn agus sinn ag cainnt is ag cadaráil
is ag cur tré chéile. Bíonn Diarmaid ’na shuidhe le hais
an iarta. Caipín breac cnotálta air. Píp ’na bheul
aige. Gan aon chasóg air. Ceann liath air. Carraig ar
chéill é. Ollamh ar eolas é. Fáidh ar fheallsamhnacht agus
ar fhíor-gheurchúis é.



Is iomdha sgeul a bhíonn d’á shuathadh againn. Ní minicí
sinn ag trácht thar potaíbh gliomach agus líonta agus
iomairí prátaí agus an “praghas” a bhíonn ar mhucaibh
ná ag trácht thar Cath Fionntrágha, nó Táin Bó Cuailnge,
nó Fionn Mac Cumhaill, nó Seán Réamonn, nó Hóm Rúil,
nó lá Philib an Chleite, nó rudaí móra iongantacha éigin
dá leithéidí. D’éirigh eadrainn aréir i dtaobh cia an
bhrígh bhí leis an gcainnt sin “Moladh beirte na Faille
Móire: an fear ba threise bheith i n-uachtar.” Do bhí sé ag
dul dínn é do réidhteach agus b’éigean dúinn an sgeul
do chur fé bhrághaid Sheana-Dhiarmada go réidhtigheadh seisean
an bhroid do bhí orainn.



“Agus an amhlaidh ná fuil fhios agaibh cionnus a deineadh
an moladh beirte sin?” arsa Seana-Dhiarmaid.



“Cá bhfios dúinn-ne sain,” arsa sinn-ne, “agus nach
cuimhin linn riamh tusa ’á dh’innsint dúinn.”



“Tá go breagh agaibh, am baisce! má’s ag brath orm-sa
atánn sibh chuig gach aon eolas a mhúineadh dhíbh,” do ráidh
Seana-Dhiarmaid, “beidh gan treabhadh!” ar seisean.



“Agus a’ bhfuil sgeul na Faille Móire agat-sa?”



“Tá go maith,” arsa Seana-Dhiarmaid, “ca mb’ fháth
ná beadh.”


L. 87


D’éist gach aoinne a bheul go ceann tamaill agus
annsain do thosnuigh Seana-Dhiarmuid.



“Tá, a’ dtuigeann tú leat me,” ar seisean, “paróisde
i nUibh Ráthach theas go dtugaid siad paróisde na Faille
Móire uirthi. Dáltha a lán paróistí eile ní raibh aon
sgoil insa pharóisde sin insa tsean-aimsir. Ní mó ná
sásta a bhíodar leis an sgeul a bheith ar an gcuma sain
aca. Bhí an dúil insa bhfoghluim aca an uair sin agus
is ’mó seift do cheapadar chun sgiorta beag éigin di a
sholáthar. Bhí sórt múinteóirí taisdil ann an uair úd
go dtugaidís “sgoláirí bochta” ortha. ’Sé an gnó ceudna
bhíodh ar siubhal aca nach mór — iad ag imtheacht ó áit go
háit agus gan iad d’fhanacht ró-fhada i n-aon áit; agus
ní mór ná gurbh’ iad an saghas ceudna daoine iad — ga’
haoin-ne ’cu leath-aereach ann fhéin.



Ach pé ’ca sain é, tháinig fonn léighinn agus foghluma
ar mhuintir na Faille Móire agus ní bheidís sásta mara
bhfuighidís é.



Do chuadar ar thuairisg sgoláire bhoicht a thiocfadh
chúcha ar feadh ráithe. Níorbh’ fhios cá bhfuighfí duine de’n
aicme sin — bhídís le fuacht is le fán. Chuarduigheadar ó
Bhólus go Glísg is go Dairbhre an Ghrinn, ach do-chuaidh
díobh aoinne a sholáthar. Bhí a gcroidhe ’á shnaoidhe le
himshníomh agus le mío-fhoidhne; agus ba chrádh leo an
fhoghluim a bheith ag dul ar seachrán uatha. Thiomáineadar
teachtaire ’n Daingean, ach do bhí an dian-ghádh insa Daingean
leis an duine a bhí aca féin. Chuadhthas go Poc. Bhí sgoláirí
an Phuic go léir ar tuilleamh agus ar tuarasdal i dtaobh
éigin eile.



Do bhítheas i ndeire na preibe. Do bhí mian gan sásamh
aca agus fonn gan feidhm agus dúil gan mhúchadh.



Fé dheire thiar thall do-chualathas go raibh sgoláire bocht
díomhaoin i Neidín theas. Is deallraitheach ná raibh mian
sgolaidheachta ná dúil mhór léighinn ag baint le muintir
Neidíneach is a rádh go raibh fear na foghluma díomhaoin
aca. B’fhéidir gurbh’ é dáltha an Fáidh ’n-a thír féin a bhí
air. Ach pé sgeul é ba ghearr an mhoill ar mhuintir na
Faille Móire an sgoláire a bhreith leo.


L. 88


Tháinig sé chúcha agus bhalait a leabhar agus ceiste na
n-úghdar thar a ghualainn aige agus “a chleití gé aige i
gceart ’s i gcóir.” Rug feirmeóir de’n áit chun a thighe
féin é agus do choingibh sé i n-aisgidh é i ngioll ar aon
mhúineadh thugadh sé ar a chloinn féin. Tháinig mórán
daoine chun na sgoile agus faobhar chun na foghluma ortha.
Chuir an sgoláire geáitsí móra air féin. Tháinig ughdarás
mór ann, agus “mór is fiú,” agus tóirtéis. Ba bhreagh
leo-san an fhoghluim. Thug sé an méid sin fé ndeara
go maith. Sgaoil sé an fhoghluim fútha. Sgaoil sé chúcha
’na srothanna lána líonmhara í agus ’na cairrgreacha móra
millteacha. Do chuir sé iongnadh ortha leis. Dhein sé
dall caoch iad leis. Níor fhág sé splannc meabhrach ’na
gceann le Beurla agus le Laidin agus le cruaidh-eolas.
Chuir sé i n-iúl dóibh gur duine foghlumanta é. Do
ghéilleadar go léir gurbh’ eadh. Ní raibh duine ’sa’ pharóisde
ná raibh sórt sgátha air roimh fear na foghluma.



Annsain tháinig éirghe anáirde ar an sgoláire nuair
a bhraith sé an saoghal go breagh bog aige. Níor fhan aon
mheas ar na daoine aige. Thugadh sé tuataigh agus daoine
oitire ortha. Níor mhúin sé aon rud dóibh — do dhall sé
agus do chaoch sé iad. Nuair ná rabhadar ag foghluim
dubhairt sé narbh’ aon iongnadh i n-ao’ chor é mar gur
chábóga iad.



Ar dtúis is amhlaidh a bhíodh sórt náire ortha agus do
chreididís é agus do dheinidís a ndícheall. B’é an sgeul
ceudna é. I gcionn tamaill ba chuma leo cad deireadh
sé. Nuair lean sé siar ar an sgeul tháinig mío-shásamh
ortha; agus thagadh fearg ar chuid aca. Níor fhan aon
mheas ar an bhfoghluim aca ná aon mheas ar fhear na foghluma.
Annsain do thréigeadar an sgoil ’n-a nduine is ’n-a nduine.



Nuair do chuaidh an sgoil chun deiridh rug an sgoláire
arís ar bhalait a leabhar agus ar a chleití gé chun a bhóthar
a bhaile a chur de arís. Do-chuaidh sé go dtí an feirmeóir
agus dubhairt go tur leis dhá phúnt do thabhairt dó i ngioll
ar an múineadh thug sé ar a chloinn. Bhí iongnadh ar an
bhfeirmeóir.


L. 89


“Dá phúnt, an eadh?” ar seisean.



“’Seadh!” ars’ an sgoláire, “cad eile cad a thabharfá
dhom? N’ fheadar cé bheadh ag freasdal foghluma led’
chloinn gan faic. Tabh’r ’om an rud atá tuillte go maith
agam.”



“Tabharfad sain,” arsa fear an tighe go mín.



Chuaidh sé síos ’n tseomra. I gcionn tamaillín tháing
sé thar n-ais.



“’Seadh,” ar sé, “gheobhair an rud atá tuillte go
maith agat. Pé méid é, fágfam fé mholadh beirte é.
Seo,” ar seisean, “toghaibh-se do rogha moltóir asta sain
araon,” agus do shín sé chuige dhá bhata deasa droighin.



Thuit an lug ar an lag ag fear na leabhar láithreach.
D’imthigh an tighearnamhlacht. Do bhain laige d’á gheugaibh
siubhail agus ní fheudfadh sé rith dá mbadh mhaith leis é
dheunamh. Ní raibh sé de mhisneach ann labhairt, ní áirighim-se
é féin a chosaint le bata.



D’osgail an feirmeóir an doras. “Sgrios,” ar
seisean, agus geallaim duit gur sgrios, agus teann
deabhaidh fé. Ag gabháil thar táirsigh dó do chuir an feir-
meóir barra na bróige ’na luighe thiar air. Do lean sé
sa tóir ’na dhiaidh agus ba mhór an bhreis siubhail a dhein
an sgoláire d’á brígh sin, gur chuir sé Abha na Feirsde
anonn de. Chuaidh an feirmeóir a-bhaile annsain agus thug
fear na leabhar aghaidh ar Neidín.



“B’ fhéidir go dtiocfadh anuiridh arís,” ar seisean,
agus do bhagair sé a dhorn ar an bhFaill Mhóir.



Do cheap muintir na Faille Móire go raibh deire
aca leis an sgol-mháighistir. Bhí dearmhad ortha. An
Domhnach a bhí chúcha agus iad ag dul chun Aifrinn chonncadar
mar bheadh sochraid ag gabháil thar mám cnuic fé dhéin an
tséipéil. B’iongnadh leo nár chualadar aon lógóireacht.
Thosnuigh an sagart ar an Aifreann a léigheadh agus do
chuaidh na daoine go léir isteach.



Nuair thángadar amach is ortha bhí an t-iongnadh nuair
a chonncadar sluagh mór fear agus iad mór dtimcheall
an tséipéil go léir agus ná leigfidís aoinne a-bhaile.


L. 90


Cleithirí óga lúthmhara dob’ eadh iad, agus bataí droighin
aca go léir agus droch-fhuadar fútha. Annsain seadh d’éirigh
an pililiú. Do chrom na mná ar lógóireacht agus ar
iarraidh ar Dhia iad a chosaint ar mhuintir Neidíneach;
agus d’iarradar go dtiocfadh basgadh agus brúghadh ar an
ndream ceudna — ach ní ar Dhia d’iarradar é sin, a’
dtuigeann tú leat me?” ar Seana-Dhiarmaid.



“Ach a dtáinig an feirmeóir amach as an séipéal do
chuaidh fear na leabhar go dtí é agus d’umhluigh go talamh
dó. Níl aon bhaoghal go bhfuair sé an chomaoin cheudna
ó’n duine eile.



“Feuch, a dhuine chroidhe ’stigh,” ars’ an sgoláire, agus
a gháire ’á dheunamh aige, “ní bhfuighinn óm’ chroidhe gan
teacht thar n-ais chughat chun go ndeininn cúiteamh éigin
leat — do bhís chomh fial chomh flaitheamhail sin liom. Thugais
dom go slachtmhar agus go maith é. Do bhrúghais an
muinteardhas orm. Do chuiris orm de mholadh beirte é.
Ba mhaith liom an chomaoin cheudna do chur ort. Cuirfead
ort de mholadh beirte é. Toghaibh-se do rogha moltóir
asta sain araon,” agus do shín sé dhá bhata deasa droighin
chuige.



D’fheuch an feirmeóir ar na bataí. D’fheuch sé ar
fhear na leabhar. D’fheuch sé ar an sluagh fear. Do
chonnaic sé an droch-fhuadar. Dá mbuaileadh sé fear na
leabhar bheadh cogadh ar an aonach. Bheadh fuil dá dortadh.
Bheadh marbhú agus murdal ann. Thuig sé é sin go maith.



“’Seadh,” ar seisean, “bíodh leat-sa indiu. Tá an
lámh is treise i n-uachtar agat. Seo dhuit an t-airgead.”



D’imthigh an feirmeóir agus muintir na Faille Móire
a-bhaile agus níor fan aon mheas aca ar sgol-mháighistrí
ná ar léigheann ná ar fhoghluim, ach droch-mheas agus droch-
ionntaoibh.



B’shin é mar a deineadh moladh beirte na Faille Móire,”
arsa Seana-Dhiarmaid, “an fear ba threise bheith i n-uachtar,
an dtuigeann tú leat me?”


L. 91


LUCHT DLIGHE AGUS GÉARCHÚISE



(Sgeul Aoir.)



OIDHCHE lae ’le Pádraig fad’ ó, do bhí na Gaedhil go
léir bailighthe i dteannta ’chéile ins na flaithis.
Do bhí na sluaighte aca ann. Do bhí Fionn & na
Fianna ann. Do bhí Brian Bórumha agus Dál gCais ann.
Do bhí Niallaigh & Domhnallaigh & Conchubhraigh & Brianaigh
agus gach aon “-aigh” eile dá raibh riamh i nÉirinn ann.
Do bhí rí-rá mór aca & gleo & “tabhairt amach.”



Do bhí aon tseanduine liath amháin istigh ’na lár agus
iad go léir bailighthe ’na thimcheall agus iad ag deunamh
muinteardhais agus gáirdis leis agus iad go léir ag
gáiridhe agus ag deunamh suaircis & aoibhnis & grinn. An
Seanduine liath fé ndeara an dibhearsion go léir. Pádraig
Naomhtha mac Calphruinn do bhí ann, agus do bhí Clanna
Gaedheal go léir ag gabháil cion & cáirdeasa leis le linn
lae a fhéile. Do bhí allaidhir ar an duine bocht aca, agus
giorradh anáile ó bheith ag crothadh lámh leo; agus ní bhíodh
leath-fhreagra tugtha aige ar dhuine nuair a bheireadh fear
mór faid-gheugach leathan-tslinneánach fionn-fhéasógach as
chrobh ar mo dhuine bocht agus do bhaineadh fásgadh as an
gcrobh do chuireadh an fhuil ar ais go gualainn ann. Ní
bhíodh “beo samhlóchar thu, a dhuine” ráidhte ar fóghnamh
aige sin nuair do thagadh laoch lúthmhar éigin eile de
Ghaedhealaibh taobh istigh de agus do bhíodh greim beartha
aige ar an gcrobh bocht arís agus fásgadh uathbhásach eile
bainte aige as. Do bhí Pádraig bocht ar mearbhall aca,
agus cárbh’ iongnadh sain, dar ndóigh; ná raibh a chúis
aige? A leithéid de rí-rá ’s do bhí aca agus d’fhuirse
umá rabhdilium!


L. 92


D’éirigh Conán Maol mac Mórna ar chnocán féarach
os a gcionn agus do bhí ag cur cainnte agus bladhmainn
as.



“Dar trí shlána Dé,” arsa Conán. “Ní fheaca
i n-árd ná i bhfánaidh, thoir, ná thiar, aon gháirdeas ar
Ghaedhealaibh níos mó ná an gáirdeas atá annso anocht
ortha; ach ní bhfaghaim a mhéid ná a uaisle do chur i gcéill,
mar nach ceaduighthe dham na seacht mionna ná na seacht
mallachta do chur mar threise le briathraibh mo bhéil. Ach,
dar liom féin, ní haoibhneas ceart go deagh-cheol. Faghaimís
ár lucht ceoil agus seanma, agus deinimís rinnce agus
gliogram cos!” arsa Conán.



Agus do fuarthas an lucht ceoil agus seanma agus
do seinneadh ceol dóibh, ceol do bhog agus do chorruigh
an croidhe aca go rabhadar go subhach sámh ’á éisteacht, ceol
do bhíodhg is do mhúsgail iad go rabhadar go cródha, cath-chalma
aige, ceol do-chuaidh fé na cosa aca agus ná feudfaidís
na cosa do choimeád socair aige ach preabadh ar an úrlár
agus sásamh a gcroidhe agus a meanman do rinnce dhóibh
féin. Ba shuairc do bhítheas ann. Do bhí fear mór
míleadhta amháin ag rinnce. Dair-chrann ar mhéid & ar
threise é. Goll mac Mórna do bhí ann. Do bhí Conán
ag feuchaint air. Dar leis ná raibh sárú a bhráthar de
rinnceoir ins na flaithis; agus do bhí sé ag maoidheamh
as a dhuine muinteardha.



“Mhuise chugham aniar thu, a Ghoill, a bhráthair, is cuimhnigh
ar mhuintir do mháthar. Mo ghrádh é tapadh do throighthe
agus clagar do chos le ceol, agus nár chaillir …”



Ach do dhein Conán an donas leis an moladh sain.
Thug Goll léim rinnceóra as a chorp agus tháinig anuas
ar leithead a dhá bhonn ar an úrlár agus leis an searradh
a bhain sé as an úrlár d’imthigh a raibh fé n-a chosa síos
tríd an spéir. Ba dh’óbair do Gholl imtheacht síos leis
ach go rug sé ar an bhfaobhar agus do tairrigeadh aníos arís é.



“Dar croiceann na fóisge,” arsa Conán, “tá an
donas deunta!”


L. 93


An sgailp de’n úrlár d’imthigh — carraig ab’ eadh í —
bhí sí ag tuitim ’s ag tuitim síos, síos, síos go ndeaghaidh
sí as radharc na nGaedheal do bhí bailighthe ag beul an
phuill, thuas ins na flaitheasaibh.



An uair cheudna do bhí mac ag Belsuibob — ní cuimhin
liom cad é an ainm a bhí ar an diabhailín óg ach, dar ndóigh,
is cuma. Do bhí ana-dheallramh aige len’ athair. Do bhí
earbaillín beag air agus do bhí ionga bheag cham ar nós
iongan cait amuich ’n-a bharr, & do bhí dhá adhaircín ag fás
ar chláirín a eudain díreach mar bheadh ar mhionnáinín
gabhair. Do bhí árd-mheas ag á dhaid air & ba mhór an
t-aoibhneas beith ag feuchaint ortha agus an buachaillín
óg ar a leath-ghlúin ag an Sean-bhuachaill, agus mo bhioránach
agus féasóg liath-ghorm gharbh a athar & a dhaid dá stathadh
aige ar saothar. “Deunfaidh sé sin fear maith fós,”
adeireadh an Sean-bhuachaill. Is geal leis an bhFear nDubh
a ghearrcach féin!



Do bhí an mac beag lá agus é ag lamhancán thíos ar
leacacha dearga na bpian. Bhí an cailín aimsire, mar
is gnáth le n-a leithéid, ag cainnt le pílear óg ag an
dorus, nuair a chualathas an chnagarnach agus an glós
& an fothrom. Isteach leis an gcailín aimsire agus is
amhlaidh do bhí istigh ná an oighre óg agus é ’na chíste greidil
gan anam agus carraig mhór anuas air. Annsain iseadh
d’éirigh an murdal agus an gheoin agus an chlibit. Do
chuirfeadh sé náire ar Chonán Maol na Mallacht an lá
ab’ fhearr a bhí sé riamh, an chainnt & na bréithre adubharthas
annsúd. Do bhí deatach briomstón ag éirghe as a mbeulaibh
le fuinneamh agus le faobhar & le feidhm na bhfocal. “Cé
hé an mac!!! do chaith an chloch?” ar siad.



Do bhailigheadar go léir timcheall uirthi & do bhíodar
’a hiniúchadh.



“Anuas a tháinig sí,” arsa fear. Ní raibh adharca ná
ierball ná ionga ar an bhfear sain, ach é dóighte go maith.



“Ca bhfios duit-se sin?” arsa Belsuibob.



“Tá’s agam go maith,” ar sé, “fínné fáth-chliste
mise ar gach rud a bhaineann le clocha a thuitim. Anuas


L. 94


a bhíonn feidhm na gcloch i gcómhnaidhe. Ní thuitid suas
choidhche.”



“Tháinig an chloch so i bhfad,” arsa duine eile, agus
do bhí an deallramh ceudna air sin & do bhí ar an gceud
duine.



“Ca bhfios duit?” arsa Belsuibob.



“Fear geuraidheachta agus cruinn-fhaisnéise ab’ ead
mise nuair a bhíos ar an saoghal. Is mé a réidhtigheadh
gach doimhin-cheist deacrach. Dá n-innstí dhom cia an
fhaid do chuaidh cloch i dtalamh do dheunfainn amach cia
an fhaid ó bhaile a bhí an té a chaith í. Dá gcloisinn an
glór a dheunfadh sí ag dul tríd an aer do bheadh ’fhios
agam cia an siubhal a bheadh fúithi & cia an fhaid a raghadh
sí & cia an neart a bhí insa té a chaith í. An chloch so,” ar
seisean, “tháinig sí faid gach ’n fhaid. Tháinig sí anuas
chomh fada is tá suas ann.”



B’in í an cheist annsain. “Cad as a dtáinig an
chloch?” Bhí Belsuibob ag tochas a adhairce.



“Tá’s agam-sa cad as a dtáinig sí,” arsa fear eile.



“Cionnus sain?” ar siad go léir.



“An bhfeiceann sibh an chúnlach (.i. caonach) atá ar an
gcloich sin?” ar seisean.



“Chímíd,” ar siad.



“Fear iseadh mise go bhfuil eolas speisialta agam
ar chúnlachaibh. Aon chúnlach a theasbáinfídhe dham
d’inneosainn láithreach cár fhás sé. Níor fhás an chúnlach
sain riamh insa dúthaigh seo — tá an brothal agus an teas
go ró-mhór ann. Ná níor fhás sé ar an domhan daonda.
Níor fhás sé i n-aon áit eile ach ins na Fla … Ní
headh, ach mar a bhfuil na Fíré … Ní headh, ach san
áit i dtéigheann na … na … daoine ná tagann
annso.”



“Peadar a mhairbh mo gharsún!” arsa Belsuibod agus
buile feirge air.



“Fan leat go fóil,” arsa fear eile. “Nach é seo
oidhche lae ’le Pádraig. Tá’s agam-sa, mar nach fear
mise go bhfuil eolas speisialta agam ar ghnóthaí mar s.


L. 95


Bíonn rí-ra agus tabhairt amach mór ag na hÉireannaigh
tuairim na hoidhche anocht i gcomhnaidhe. Iad sain a
dhein é.”



“Ach is i dtigh Pheadair atáid siad agus Peadar a
dhíolfaidh as,” arsa Belsuibob. “An ndearbhóchaidh sibh?”
ar seisean leo.



“Dearbhócham,” ar siad go léir. “Cad é féin?”



“Gur bh’ é Peadar fé ndeara é,” ar sé.



“Tabharfam an leabhar ann,” ar siad.



“An bhfuil fear dlighe againn chun an chúis a phléidhe,”
arsa Belsuibob.



“Tá!” agus do baineadh mac alla as póirsíbh ifrinn
le glór na nguth go léir ’ghá radh.



“Áirmhigh iad,” arsa Belsuibob le fear go raibh eolas
speisialta aige ar figiúirí. Do thosnuigh an fear. Chaith
sé i bhfad ag cóimhreamh. Do chuaidh na figiúirí thar teorainn
air. Do stad sé agus do thochais a cheann. “Ní haon tairbhe
é,” ar seisean; “tá mo chuid figiúirí go léir ídighthe, &
feuch tuilleadh de lucht dlighe ann fós gan áireamh.”



“Gheobham an fear is clisde ortha,” arsa Belsuibob.
“Cad is féidir leat-sa a dheunamh?” ar seisean le
duine aca.



“Chuirfinn an dubh ’n-a gheal ort,” ar sé sin.



“Chuirfinn-se ’n-a luighe ar chuirptheach gur duine
macánta é,” ars’ an dara fear.



“D’áiteochainn muc ar shagart,” ars’ an tríomhadh
duine.



“Ní beag sain,” arsa Belsuibob, “bhfuil aon bháille
annso?” ar seisean.



Tháinig sluagh mór báillí chuige.



“Imthigh,” arsa Belsuibob, “agus fógair dlighe ar
Pheadar.”



D’imthigh báille agus d’fhógair sé dlighe agus éilighthe
ar Pheadar. Do bhí Peadar bocht go buaidheartha. Seo
leis chuig Pádraig. “A leithéid seo, a dhaltha,” ar sé
“Mac le Belsuibob do marbhuigheadh. Sibh-se do leag
carraig air.”


L. 96


Ní raibh aon bhrón ar na hÉireannaigh: “Truagh nach
ar a athair a thuit sé,” arsa Conán.



“Ologón ó!” arsa Peadar bocht, agus seo leis ag
lorg cabhartha. Thug gach aoinne fé ndeara ar feadh dhá
lá ’n-a dhiaidh sain go raibh ana-bhuaidhirt agus an-imshníomh
air, agus ní raibh aon lagadh air ar feadh na haimsire ach
ag cuardach & ag lorg agus ag cur tuairiscí, agus ní
thaidhbhsigheadh sé go bhfaghadh sé an ní a bhíodh uaidh.



Tháinig lá na cúirte. Tháinig an breitheamh agus do
shuidh. Tháinig Belsuibob agus a lucht dlighe agus a chuid
fínidhthe fáith-chlisde — sluaighte móra dhíobh — agus do shuidh-
eadar, agus d’fhanadar le Peadar agus a lucht chabhartha.



Ní raibh Peadar ag teacht. D’fhanadar leis go mío-
fhoidhneach. I gcionn tamaill chonncadar teachtaire ag
teacht.



“Dubhairt sé go mbeadh sé chughaibh ar ball,” ars’ an
teachtaire, “is dóigh liom go bhfuil rud éigin dá lorg
aige. Tá an tigh ’n-a réabadh roilig aige, pé rud atá
uaidh.”



Do fanadh tamall eile — tamall fada, agus do bhítheas
ag éirghe mío-fhoidhneach. Do bhí an breitheamh ar buile.
I gcionn tamaill do chonncadar duine ag teacht. Do
bhí sé ag rith & do bhí saothar air agus allus ar sileadh leis.
Do bhí sé gan hata gan caipín, agus bhí ceann dá shean-
shlipéirí tuithte dhe, agus an duine bocht ag teacht ar
séideadh. Peadar do bhí ann, agus ba bhuaidheartha an
Peadar é. Níor stad sé go dtáinig sé ’n doras, agus
ní tháinig sé ach go dtí sain. Do léigh sé liúgh ar an
mbreitheamh agus ar lucht na dlighe.



“Hé!” ar seisean. “Bog breágh tamaillín eile,
b’fhéidir go bhfaghainn fós é,” agus siúd leis arís san
rith agus coiscéim bhacaighe san duine bocht ó’n leath-shlipéir,
agus é ag síor-chuardach agus ag síor-lorg.



Do shuidh lucht na dlighe & na cúirte arís agus bhíodar
ag cainnt ’s ag cadráil go ceann tamaill. Ar ball
bíodar ag éirghe tuirseach. Do théigheadh duine ’n doras
& d’fheuchadh sé suas an casán, ach ní fheiceadh sé Peadar


L. 97


ag teacht. Théigheadh beirt ’n doras agus do théighidis
ar an gclaidhe anáirde & d’fheuchaidís suas an bóthar, ach
ní bhíodh aoinne ag teacht. Fé dheire do bhítheas ag éirghe
mío-shásta le Peadar. Dubharthas so & dubharthas súd &
ní ’á mholadh adubharthas aon rud. Tugadh leathuair a’
chluig eile dho.



Tháinig an leathuair a’ chluig, ach ní tháinig Peadar
Do bhítheas i bhfeirg chuige. Do bhítheas ar buile chuige.
Níor fhan truagh ná trócaire ag aoinne dho. Do bhí deire
na foidhne caithte ag an mbreitheamh féin leis. D’éirigh
sé agus do bhí sé chun breith daortha a thabhairt i n-aghaidh
Pheadair nuair do liúigh duine amuich. “Tá sé chughainn,”
ars’ an duine.



Do bhí sé ag teacht, ach b’ shin é an teacht gan fuadar.
B’ shin é an teacht gan fonn. B’ shin é an teacht gan
deithneas. Do bhí sé ag teacht an casán anuas go leadránach
agus coiscéim bhacaighe ann agus é go searbh agus go
canncarach & go tuirseach. Badh dhóigh leat air gurab
amhlaidh a bhí gach aoinne a bhain leis riamh fé chlár. Do
chuir sé a cheann ’n doras agus d’fheuch ar an mbreitheamh
go brónach. D’fhan gach aoinne ciúin. Do labhair Peadar.



“Éirighim as,” ar seisean go dubhach agus a cheann dá
chrothadh aige. “Ní haon tairbhe é,” ar seisean. “Tá
na Flaithis cuarduighthe seacht n-uaire agam, agus thíos
ná thuas ann, thoir ná thiar ann, beag ná mór ann, ní
bhfuaireas fínné fáith-chlisde ná fear dlighe do dhearbhóchadh
dom, ná a phléidhfeadh mo chúis dom. Mo mhairg go dubhach
sain, ’s nách dealbh an cúrsa é?”



D’imthigh Peadar ó’n doras arís & do ghluais go mall
& go brónach suas an casán.


L. 98


TRIÚR BACACH AGUS MOLT.



DO bhí aonach ar siubhal lá thoir i mBaile an Chláir. Do
bhí an saoghal mór ’s a mháthair ann. Do bhí gnó
ann ag cuid aca agus a thuilleadh aca gan aon
ghnó i n-ao’ chor ann aca. Do bhí bacaigh ann, mór-chuid -
bacaigh a bhí bacach, agus bacaigh eile ná raibh aon choiscéim
bhacaighe ionnta. Bhí bacaigh ann agus dá mhaide croise
aca agus bacaigh ná raibh ach maide aca agus bacaigh ná
raibh aca ach bataí siubhail. Ach gach bacach dá raibh ann
do bhí bianna ar a mhaide aige — bianna mór miotail.



Tá daoine ann a théigheann ar an aonach gan ghnó, ach
má tá ní bacaigh iad. Ní bhíonn bacach choidhche ar aonach
gan ghnó. B’ait leis sin. Sé lá an aonaigh an dara uain
is cruaidhe a bheireann ar bhacach. Oidhche an aonaigh an
uain is cruaidhe dhíobh ar fad.



Is fuadrach a bhíd bacaigh ar aonach. Bíonn bacach is
“Mála an Éithigh” aige agus sgata garsún ag satailt
ar a chéile timcheall air. Bíonn bacach agus Cipíní Aitinn
aige agus sgata fear ag iarraidh na gcipíní a leagadh le
liathróid, agus ná féadfaidís ach cipín aca a leagadh dá
gcaithidís bliadhain leis. Bíonn bacach i mbairrle agus
bacach eile ’na bhun agus é ag bailiú pingní ó lucht trí
n-urchar a chaitheamh le fear an bhairrle. Bíonn bacach
ag amhrán agus bacach ag rinnce agus bacach ar meisge
agus beirt bhacach ag pleanncadh a chéile agus gach aon
bhacach aca ag liúighrigh agus ag déanamh gleoidh. Lucht
gnótha ar aonach bacaigh.



Bhí triúr bacach ar bhacaigh Aonaigh an Chláir — bacach ó
Oileán Dhoire Mhóir, bacach ó Oileán Ínse agus bacach
ó’n Oileán Tiar. Do bhíodar a dtriúr bacach. Do bhí
dá mhaide croise ag gach duine aca. Do bhí an dá mhála


L. 99


dhéag aca ar gach beilt agus ar gach búcla. Do bhí duine
aca caol sgrogallach árd. Do bhí an dara duine ’na
phlubaire bhog bheathuighthe. Do bhí an tríomhadh duine
seirgthe suarach súighte. Do bhíodar go léir go féasógach
agus go fíochmhar agus go lasánta.



Do bhuail an triúr le chéile. “An mór atá agat?”
arsa gach duine aca le n-a chomrádaidhe bacaigh. Do chomh-
airigheadar. Ní ró-shásta a bhítheas. Do bhíodar tamall
ag ceisneamh & annsain do chuadar agus do cheannuigheadar
molt eatortha. B’fhearra dhóibh gan a cheannach riamh.
Do dhein an molt toirmeasg. Chun é d’ithe cheannuigheadar é.



“Cá n-ullmhócham é?” ar siad.



“Sa Doire Mhór,” arsa duine aca.



“Ar an Ínse,” arsa fear eile.



“San Oileán Tiar,” ars’ an tríomhadh duine.



Sin é an uair d’éirigh an fhearg ar na bacachaibh, agus
a fhios ag gach aoinne aca “mar a leagtar an crann gurab
ann a bhíonn na slisneacha.” Do bhí gach aoinne aca ag
tarrac an mhuilt chuige féin.



“An Doire,” ars’ an táthaire.



“An Ínse,” ars’ an plubaire.



“An t-Oileán,” ars’ an slibire.



“Ó thuaidh, do bheirim diabhail!” ars’ an fear beag.



“Soir, is nára maith,” ars’ an fear mór.



“Siar a gheobhaidh, nó an dian me —” ars’ an fear
árd.



Cnag! pleannc! buille! Liúgh! brúgh! murdal! Sin
é áit gur buaileadh an cath agus an cruadh-chomhrac idir
an triúr, agus fuaim ag maidí croise ag pléasgadh go
tiugh. Ba dhóigh leat gur muileann gaoithe gach bacach
aca agus an dá mhaide dá mbeartú agus dá gcasadh aige.
Do bhodh maide ag cosaint agus maide ag bualadh, agus
bacach ag béicigh agus bacach ag tuitim agus bacach ag
éirghe. Do bhaineadh biannaí na maidí croise teine chreasa
as a chéile leis an mbualadh.



I gcionn aga agus aimsire do thángthas eatortha agus
do chuaidh ciúineas ar an gcath. Níorbh’ fhéidir, ámhthach, sgéal


L. 100


an mhuilt do réidhteach. Do-chuaidh an sgéal ar fuaid
an aonaigh agus do bhí an t-aonach tré n-a chéile mar gheall
air. Dá mbeadh fear ag ceannach bó ó fhear eile, níorbh’
fhada go mbeadh an bhó dearmhadtha aca agus iad ag aragóint
i dtaobh an mhuilt. Dá mbeadh bacach i lár ceathramhan
amhráin, thiocfadh bacach eile ag á chluais agus chuirfeadh
sé tuairisg an mhuilt, agus cá raghadh sé, air. Do bhí
gnó an aonaigh ar seachrán ag molt na mbacach.



Nuair a bhí an sgéal mar sin do cuireadh fios ar fhear
Bharamhla an Aonaigh. B’in fear go mbíodh réidhteach gach
ceiste aonaigh air. D’innis na bacaigh an sgéal do agus
is iad a bhí go diombádhach agus go buaidheartha. Do bhí
an Bharamhail i bhfad ag machtnamh.



“Tá sé ag dul díom,” ar seisean fé dheire.



“Ochón mo dhíth!” ar siad go léir.



Annsain do chuaidh an Bharamhail i gcomhairle le seanóirí
agus le lucht tuisgiona an aonaigh agus do shocruigheadar
go raghadh an molt leis an mbacach ba shine aca. Dubharthas
sain leis an triúr.



“Mise is sine,” arsa bacach an Oileáin.



“Thugais t’éitheach,” arsa fear Dhoire Móir.



“Nach cuimhin liom-sa, agus me im’ fhear, tusa dh’fheiscint
ar dhrom do mháthar ag dul ar thurus Thobar na Molt.”



“Ó! gcloistí mar a steallaid siad éitheach!” arsa
bacach Ínse, “agus féasóg orm féin sar a rugadh aoinne
aca.”



“Go maithidh Dia dhaoibh é, an sgailéathan,” arsa bacach
an Oileáin. “Féach, a dhaoine,” ar seisean, “ná creid
iad-san — d’áiteóchaidís sin muc ar shagart. Nach maith is
cuimhin liom-sa an táthaire beag sain thar Cathair Conroí
anoir a bheith ar bhaclainn a mháthar agus mé ’á gcur araon
thar Sruth an Bhealaigh anonn im’ naomhóig uair dá dtug
a mháthair cuaird bhacaigh d’iarraidh déirce ar an Oileán.
Agus i dtaobh an phlubaire sin ó Ínse. Dhera! nach cuimhin
liom-sa é agus cóitín beag stracaithe air agus é ag bailiú
ruacan ar Thráigh Ínse thoir. God í ’n chainnt sin oraibh
mar sin?”


L. 101


Do bhí an Bharamhail sáruighthe arís.



“Féach.” ar seisean le bacach Dhoire Mhóir, “cad é
an t-aos atá agat-sa?”



“Tá mhuise,” ar seisean, “sgoth-aos, agus tá comhartha
maith agam air. Nuair a bhíos-sa im’ fhear óg,” ar seisean
ag cur láimhe ’na phóca, “do chuir m’athair fios ar ualach
luinge de sgeanaibh agus d’fhorcannaibh im’ chóir féin ar
leithiligh. Níor dhíolas ceann aca. Níor bhronnas ceann
aca. Ní lugha ná bhriseas ceann aca. Ní lugha ná ghearradar
greim le cur i mbéal aoinne eile ach an méid a ghearradar
le cur im’bhéal féin, agus,” ar seisean ag tarrac sean-sgian
a bhí briste agus forc a bhí leóinte as a phóca, “sin iad
an dá cheann deiridh aca.”



“Tá cnag-aos maith agat,” ars’ an Bharamhail. “Cad
é an t-aos atá agat-sa?” ar seisean le bacach Ínse.



“Sean-aos, mhuise,” ar sé sin. “Nuair a bhíos-sa
im’ fhear óg, táilliúir ab’ eadh me. Do chuir m’athair
fios ar ládáil luinge de shnáthadaibh, de mhéaracánaibh
agus de shiosúraibh. Níor díoladh ceann. Níor bronnadh
ceann. Ní lugha ná briseadh ceann. Ní lugha ná chuireadar
greim d’aon duine ach ’mháin ar chuireadar dom féin.”
Do chuir sé lámh ’na phóca agus do thairrig sé amach sean-
shíosúr, sean-mhéaracán agus sean-tsnáthad chaithte. “Táid
siad go léir caithte,” ar seisean, “ach an méid sin.”



“Tá an chúil-fhiacal agat,” ars’ an Bharamhail. “’Seadh,”
an seisean leis an slibire bacaigh ó’n Oileán. “Cad é
an t-aos atá agat-sa?”



“Breac-aos maith fada,” ar sé sin. “Bearrabóir
caorach ab’ eadh mise agus me óg. Do chuir m’athair fios
ar lán luinge de dheimheasaibh dom. Níor dhíolas ceann.
Níor bhronnas ceann. Ní lugha ná bhriseas ceann. Ní lugha
ná bhain aon cheann aca ribe olna le cur mar éadach ar
aoinne eile ach orm féin amháin, agus,” ar seisean, “sin
iad na sean-bhalcaisí stolta stracaithe anois orm.”



“Ní banbh muc dot’ aos,” ars’ an Bharamhail.



“Is liom-sa gheobhaidh an molt,” arsa fear an Oileáin.


L. 102


“Ní leat, dar mo bhataí croise!” arsa fear Ínse,
agus do dhein se deismireacht catha chun fir an Oileáin.



“Nárab eadh ná leat-sa leis,” ars’ an firín beag
clóchaiseach ó’n Doire Mhór, agus do bhagair sé cómhrac
ar an mbeirt. Do bheartuigheadar a dtriúr a mbataí
arís agus do bheadh ’na bhrúsgar eatortha mara mbeadh
go rug lucht an aonaigh ortha agus gur choimeádadar ó
chéile iad.



“Cuirfead ceist eile ortha,” ars’ an Bharamhail.
“Cogar,” ar seisean le bacach Dhoire Mhóir. “Cad é
an lúth is mó bhí riamh ionnat?”



“Do bhí lúth maith ionnam, dar deimhin mhuise,” ar sé
sin. “Bhí ceithre muilte ag m’athair — muileann i ngach
cúinne de cheithre cúinníbh na hÉireann agus is orm-sa
a bhíodh fogha a choimeád fé gach muileann aca sain. Do
choinnighinn na ceithre muilte sin ag obair i n-éinfeacht.”



“Bhí lúth maith ionnat,” ars’ an Bharamhail. “Cad é
an lúth is fearr a dheinis-se?” ar seisean leis an mbacach
mór ó Ínse.



“Do dheineas,” ar seisean, “lúth nár lag. Do
cuireadh geall liom uair ná cuirfinn sgata de sgiathánaibh
leathair do bhí ar an Ínse isteach go póna Bhaile an Chláir.
Do thosnuigheas ar maidin leo,” ar seisean, “agus sar a
ndeaghaidh an ghrian i bhfairrge tráthnóna bhí an ceann
déidheanach curtha ’n phóna agam.”



“Ní raibh aon dathacha an uair sin ionnat,” ars’ an
Bharamhail. “’Seadh,” ar seisean, le bacach an Oileáin
Tiar. “Cad é an lúth ab’ fhearr a bhí ionnat-sa?”



“Mhuise,” ar sé sin, “ba mhaith í mo lúth-sa lá dá
rabhas. Leasmháthair a bhí orm-sa. Do bhí tochta breágh
clúimh aici. Do taidhrigheadh dhi, lá, an clúmh a chur leis
an ngréin. Do dhein agus do chuir sí mise ’á aireadh.
Leis an teas a bhí ó’n ngréin do thuit néal beag codlata
orm féin. Le n-a linn sin tháinig feóthan gaoithe anoir
’dtuaidh agus nuair a dhúisigheas is amhlaidh a chonnac an
clúmh ag imteacht ’na cheo ’san spéir de dhruim Shliabh
Dhonncha siar agus ó dheas. Do bhí eagla na leasmháthar


L. 103


orm. Siúd chun siubhail me. Ní raibh aon ride riamh
de’n lán tochta sain de chlúmh ná raibh bailighthe le chéile
tráthnóna agam; agus b’in lúth maith agus ní hé lúth na
beirte bacach sain, agus is liom-sa gheobhaidh an molt,”
arsa bacach an Oileáin.



“Deirim-se gur thugais fámaire éithigh,” arsa fear
na hÍnse.



“Asmhuchán an chitil leis an gcorcán,” arsa fear Dhoire
Mhóir; agus do lámhsigheadar a dtriúr na maidí croise
arís chun an t-éitheach do phleanncadh as corpaibh a chéile.
B’éigean fóirneart na síothchána d’imirt ortha arís chun
iad a chosg.



Nuair a bhítheas ciúin arís do labhair an Bharamhail.



“Tá an sgéal ag dul ó réidhteach orm,” ar seisean.
“Caithfead ceist eile a chur. Féach,” ar seisean le bacach
Dhoire Mhóir, “cad é an leisge is mó a bhuail riamh thu.”



“Is mó leisge mhaith a bhuail,” ar sé sin, “ach an leisge
ba mhó ná gach leisge dá raibh riamh orm — do bhuail sí mé
lá tar éis báire comórtais a bhí ar siubhal againn ar
Oileán Dhoire Mhóir. Do shíneas ar an bpáirc,” ar seisean.
“Ní leigfeadh an leisge dhom éirghe agus dul a-bhaile.
Do chrom an oidhche ag cur sheaca. Níor chorruigheas.
D’éirigh ar shioc agus ar fhuacht na hoidhche go raibh coinnle
reodha ar sileadh lem’ fhéasóig agus le mothal mo chinn.
Níor chorruigheas. Níor stad an sioc gur dhóigh sé lúthacha
mo chos,” ar seisean, “agus sin é d’fhág im’ mhairtíneach
me go dtí an lá atá indiu ann.”



“Ba mhaith an leisge í sin,” ars’ an Bharamhail. “Cad
é an sámhán is mó thárla dhuit-se?” ar seisean le fear
Ínse.



“Thárla mhuise, sámhán gan phreab gan lúth gan fuinneamh,
agus tá a rian orm. An oidhche sin tar éis dom na sgiatháin
leathair a chur i bpóna Bhaile an Chláir, do bhuail tuirse
me. Do shíneas sa bhothán ar shop. Ní raibh aon ní eile
beo istigh ach me féin agus an cat. Pé míoshuaimhneas a
bain do’n chat, an diabhach dó ná gur chuir sé an teine sa
tsop. Do thosnuigh an sop ar dhóghadh. Níor chorruigheas.


L. 104


Tháinig an teine fúm isteach agus níor stad sí gur dhóigh
sí lúthacha mo chos. D’fhág sain dá mhaide croise ó shoin
agam-sa.”



“Leisgeamhail go leor!” ars’ an Bharamhail. “Ar
thárla aon leisge riamh ort-sa?” ar seisean leis an
mbacach fada ó’n Oileán Tiar.



“Thárla go maith,” ar sé sin, “agus ní leisge bheag í.
Bhí báire ar thráigh an Oileáin uair agus mise im’ sgafaire
d’fhear óg. Do bhí camán airgid a’ dul do’n té ab’’ fhearr
gaisge insa bháire. An bhean ba bhreaghtha agus ba mhaiseamhla
agus ba thaithneamhaighe ar an Oileán a bhí ceapaithe chun
an duais a bhronnadh. Do-chuadas féin sa bháire agus
ba mhaith mo bhuille camáin agus ba dhíreach an poc báire
do bhuailinn ann. Do chuireas an báire ar an gcuid eile
seacht n-uaire. Annsain d’éirigheamar as. Do bhuail
tuirse me féin. Do shíneas ag barra taoide. Chuireas
mo cheann fúm. Annsain tháinig an bhean. Och, a dhaoine,
ba bhreagh an bhean í! ‘Éirigh, a ghaisgidhigh,’ ar sise, ‘agus
tóg an duais atá tuillte agat let’ lút agus let’ ghaisge”
agus ba bhinne a guth ná ceól éan i ngarrán coille. Níor
chorruigheas. “Agus do-geobhair mo phóg-sa féin, ar sise.
Níor chorruigheas. Tháinig sí ar a glúinibh agus do chuir
sí cogar im’ chluais; ‘Téanam,’ ar sise, ‘agus béad-sa
féin inar mhnaoi agat.’ Níor chorruigheas,” arsa bacach
an Oileáin Tiar, “agus d’imthigh sí uaim ag gol.”



“Ó! fuil is gráin ort!” arsa bacach Dhoire Mhóir,
“thugais náire do’n Oileán”; agus do bheartuigh sé a
dhá mhaide croise chun meathtacht an ghnímh a dhein an fear
fada ar an mnaoi d’agairt go dóighte ar a phlaosg is ar
a easnadhacha.



“Och! dar a bhfuil de chosa briste i n-Éirinn,” arsa
bacach Ínse agus fearg air, “tá drochmheas agus náire
shaoghalta tairricthe aige ar bhacaigh na dúthaighe. Ó léan
air,” ar seisean agus thairrig sé buille namhdach feadh
na cluaise ar bhacach an Oileáin.



Ba mhaith an mhaise air sin é, do dhein sé cleas cosanta
le n-a mhaidíbh féin agus d’imthigh na buillí siar sí s de.
Annsain do chuir sé liúgh as


L. 105


“Siar a gheobhaidh an molt!” ar seisean.



“Seadh cheana,” ars’ an Bharamhail. “Siar a gheobhaidh.”



Agus siar do chuaidh sé. Do-chuaidh bacach an Oileáin
ar tosach. Chuir sé an dá mhaide croise fé n-a dhá osgaill.
Chuir sé ceann an dá mhaide ar an talamh. Thug sé léim
as a chorp. Cúig slata a ghlan sé de’n léim sin. Tháinig
bacac Ínse ’n-a dhiaidh sin agus a dhá mhaide i bhfearras
aige agus thug sé léim as a chorp agus do-chuaidh sé na
cúig slata. Bhí an bacaichín beag ó Dhoire Mhór ’n-a ndiaidh
aniar agus é chomh maith le fear, agus a chúig slata dá
thabhairt aige leis, le gach truslóig. Do tógtaí na sé
maidí le chéile agus do cuirtí ar an talamh le chéile arís
iad. Annsain d’éirigheadh an triúr bacach le chéile de
bhonnaibh a gcos agus thagadh gach duine aca anuas díreach
ar rian cos an té bhí roimis amach, agus do leanadar
ortha ar an gcómh-imtheacht sain agus gach ’ra coiscéim cos
agus maidí aca gur imthigheadar as radharc an aonaigh
thar árd Gharrdha na dTor siar agus an molt ar sodar
rómpa amach.



Níl de sgéala ar an triúr rábairí bacach sain, foraoir,
ach go ndeaghadar féin agus an molt i naomhóig i bhFaill
Chliath agus go rabhadar ag cur Sruth a’ Bhealaigh díobh
amach nuair d’éirigh achrann éigin eatortha. Thosnuigheadar
ag pleanncadh a chéile agus as sain gur hiompuigheadh an
naomhóg ar a béal fúithe; agus toisg nach aon ana-chabhair
maidí croise chun snámh leo, do báthadh an triúr, slán
mar n-innstear é. Tháinig an molt i dtír i dTráigh a’
Choma agus leis an gcallshaoth a fuair sé níor stad sé
bhain sé amach an feirmeóir a dhíol é thoir ar an Mín
Áir.


L. 106


CALLSHAOTH.



MAIDEAN bhreagh fhoghmhair i n-Inis Faoileann, nuair
do bhí na cánóga ar chliathán na faille ag baint
searradh asta féin agus ag mianfaoidheach d’iarraidh tuirse
agus dathacha an chodlata a bhaint as a gcnámha & as a súilibh,
d’éirigh Tumaisín ’ac Eoin as a leabaidh shuain & shámhairidh-
eachta amach. Thóg sé anuas an triús agus an bhalcais
chlúduighthe cos ab’ fhearr a bhí aige agus do sháidh a ghéaga
siubhail siar síos ann agus annsain do dhaingnigh timcheall
a chuirp agus a chabhlach é le feadh de chórda dorugha. Do
nigh sé a lámha agus a aghaidh, agus ar eagla go ndéarfadh
aoinne gur aon mhíothaithneamh a bheadh agam do, ní mór
dom a radh go dtáinig an duine croidhe ’stigh ar a dhá
ghlúin agus gur bhain sé fíoghar na croise dhe féin i n-ainm
an Athar agus an Mhic agus an Spioraid Naoimh, & gur
chuir sé é féin fé chomairce Dé & Muire. Do chuir sé
dhá chor dá charabhat fé n-a mhuineál annsain & snaidhm
ruthaig ar an gcarabhat. Annsain do bhuail air a bhest
Domhnaigh & lae saoire agus nuair a bhíodar sain i bhfearras
aige air féin do shuidh sé ag ceann an bhúird.



“’Seadh,” ar seisean, “caith chugam an t-uisgealach
té sin, a Cháit.”



Do bhí bean ag Tumaisín, an dtuigeann tú? Is ’mó
fear nach é, dar ndóigh, go raibh bean aige agus gurbh’
fheairrde é í; ach mar sin féin dá bhfeicthá Tumaisín,
níor bh’iongnadh leat dá n-innstí dhuit go raibh sé ar díth
céile, ceal bean a phósfadh a leithéid. Ní raibh sé ró-
dheabharthamhail (.i. deallramhail), tá’s agat, ach é caol
buidhe; agus i dteannta bheith mar sin do, deirtí go
raibh sé de’n donas air go mbuadhadh a mhian ar a thuisgint
i neithibh áirighthe. Is ’mó duine nach é ar an Inis go mbíodh


L. 107


mian láidir mar sin ann agus go mbítí ’á mholadh mar
gheall air. Do bhíodh mian airgid a chur i sean-stoca ag
gabháil do Sheán Sheosaimh. Mian deargáin a mharbhú a
bhíodh i nDonncha Mór. Mian potaí gliomach le daoinibh
eile a chuardach an mian mór a bhí ag baint codladh na
hoidhche de Thadhg Learaí. Ach ní bhíodh aoinne ’á mholadh
sain mar mhian, ar chuma éigin.



Níorbh’ aon mhian mar sin a bhí i dTumaisín ámhthach.
’Sé mian do bhí annsúd ná mian leadráin is moille a
dhéanamh ar shráidibh agus ar láthribh aonaigh. Agus níor
bh’fheairrde é é go minic. Do cheapainn féin agus mé beag,
gur chruaidh an obair obair aonaigh, nuair do chínn an driuch
suaidhte do bhíodh ar Thumaisín ar a theacht a-bhaile i gcionn
na seachtmhaine ó Bhaile an Chuain. Ní bhíodh a sheana-chrot
buidhe féin air go ceann coigthighise ’na dhiaidh. Deireadh
sé féin gur mhór an suathadh ar fhear ladhar éisg a dhíol
lá aonaigh agus go mb’ fhearr do dhuine gan dul go Baile
an Chuain go deo, “ach god é an mhaith sin? Ná caithfidh
iasgaire bocht a mhaide tosaigh a chur amach chun aon cheart
a bhaint de’n saoghal so,” adeireadh Tumaisín.



Ach ag tagairt do’n mhnaoi sin do bhí ag Tumaisín. Do
bhí si aige & dar deimhin, do bhí sí go maith aige. Í árd
fionna-ruadh dathamhail agus í gealgháireatach gasta. Ní
fheadar-sa féin cad a bhí dá thaidhreamh di nuair do phós
sí an fear buidhe, ach dáltha a lán eile a dheineann mná,
& ná tuigim-se, is dócha go raibh a cúis féin aici.



Thug sí “an t-uisgealach té” dá fear, agus d’ól
seisean é & d’ith a chuid. Annsain do bhuail sé a chasóg
Domhnaigh fé n-a asgaill agus do bhí sé ag imtheacht an
doras amach. Do labhair Cáit.



“Cathain a chífear sa bhaile arís thu?” ar sise.



“’Sdóigh, ní mór an mhoill a bheidh orm,” ar seisean,
“ach an t-iasg a dhíol. B’fhéidir go mbainfeadh sain
tamall maith dhíom, ach déanfad mo dhícheall,” arsa
Tumaisín.



“An sean-dhícheall, is dócha, a Thumaisín; ach féach!
cogar i leith chugam,” ar sise, “mara dtagair-se a-bhaile


L. 108


i dtráth réasúnta annso ó Bhaile an Chuain, ní chuirfir
aon lá dá chathú go bráth díot”; agus le linn di an chainnt
sin do rádh do bhí fuinneamh ’na glór & faghairt ’na súil
nár ghnáth a bheith ionnta roimhe sin, i dtreo gur chuir sí
eagla ar Thumaisín.



D’imthigh seisean leis. Chuir sé an t-iasg leasuighthe
’san naomhóig agus do chuir sé Sruth an Bhealaigh anonn de
go dtí an tír mhór. Sholáthruigh sé fear annsain go raibh
capall agus trucaill aige chun an t-iasg a bhreith soir
thar cnoc deich míle go dtí Baile an Chuain. Siúd leo
agus níl sgéal ná tuairisg ortha gur shroicheadar an baile
mór. Do leagadar an t-ualach ag béal dorais tighe
an tábhairne.



Do bhí, dar ndóigh, an tiormach ag cur ar na sgórnachaibh
aca um an dtaca sain, agus tá’s ag an saoghal gurab olc
an chabhair chun éisg a dhíol sgiúch spallta a bheith ag fear
a dhíolta. Do chuadar isteach agus d’óladar deoch agus
lán-deoch, agus, dar ndóigh, cia déarfadh gur locht sain
ortha? Thángadar chun an éisg annsain agus do chromadar
ar é dhíol — deargáin a bhí buidhe le leasú, agus séirdíní,
& calmóirí go raibh faid an lae amáirigh ionnta. Níor
bh’ fhearr duine aca chun a ndíolta ná an dara duine, is
ba mhaith an díol ortha rud maith a bheith le díol aca.



Nuair a ceannuightí dorn deargán nó calmóirí uatha
agus nuair do gheibhidís an t-airgead, níorbh’ fhuláir, dar
ndóigh, dul & deoch eile d’ól, d’fhonn muinteardhais is
galántachta, tá’s agat.



Do bhí an t-iasg dá dhíol agus na deocha dá n-ól mar
sin go ceann i bhfad, agus im’ baisge má bhí, is amhlaidh
ba mhó a bhí a mbrígh agus a bhfuinneamh agus a gcainnt
ag teacht don bheirt. Do chloisfeá ó cheann ceann na
sráide iad, agus iad ag moladh an éisg agus ag aragóint go
guth-árd greannmhar.



Do cheannuigh feirmeoir ó Chom Bó Deirge leath-chéad
séirdíní uatha agus nuair a bhí sé ag díol asta theastuigh
uaidh gan dul isteach ag ól, ach ní mór ná gur stracadar
an chasóg de ’á bhreith leo. Do ghlaodar ar shlugóig eile


L. 109


dige agus an fhaid do bhíodar ag gabháil do, do bhíodar ag
cur a muinteardhais agus a nglúiní gaoil i n-iúl dá chéile;
agus mar sin, dar ndóigh, fuaireadar amach go raibh
comhgaracht éigin gaoil eatortha. Annsain b’éigean dóibh
deoch eile d’ól & is iad a bhí go bladarach mór-chainnteach
dá chionn. Ní raibh gaol ná comhgus eatortha, ná cás do,
ach cloisim go dtagann an mearbhall sain ar dhaoinibh a ghníos
na cáirt a dhiúgadh go ró-mhinic.



Nuair thángadar amach arís ní raibh aon teora leis
an gcainnt a bhí aca. Do bhí an chainnt ag dul thar teorainn
tuisgiona aca; nó b’fhéidir gurab amhlaidh a bhí an tuisgint
féin ag dul beagán ar seachrán ortha. Do bhítheas ’á
dtabhairt fé ndeara, pé sgéal é. Do bhailigh cuid de
chóip na sráide ’na dtimcheall. Aon áit i mbíonn cóip
sin na sráide bíonn buaidhirt ann. Do chromadar ar
mhagadh fé bheirt an éisg. Dubhairt duine éigin aca cainnt
mhagaidh fé lucht sgadán & séirdíní. Níor sgaoil Tumaisín
i n-aisge leis é; dubhairt sé a chomh-mhaith de chainnt i
dtaobh lucht lánaí agus suaraigheachta “agus an diabhal!
a’ dtuigeann tú leat me, ní raibh aoinne a bhain leat ins
na seacht sinsearaibh go mbeadh aon bheann again-sa aon
lá riamh air,” arsa fear na sgadán. D’fhás a bhrígh agus
a ghaisge go mór i dTumaisín le hiomad na ndeoch a bhí
ólta aige.



Ba mhór le fear na sráide an díomholadh agus an
aithis sin tugadh ar an seachtar deagh-athar tháinig roimhe;
& chun a ghaisge féin a chur i n-iúl do’n chabóg iasgaire
sin, rug sé ar dheargán agus do bhuail sé Tumaisín idir
an dá shúil leis. Do bhí ’n-a chath láithreach. Thug Tumaisín
fé, agus do bhuail agus do leag. Thug beirt eile aca
sain fé Thumaisín. Nuair chonnaic fear an chapaill é sin,
ní raibh sé sásta gan a chion féin de’n chath a sheasamh. Do
bhí buaidhirt mhór agus tranglam aca go ceann i bhfad.



Annsain do liúigh duine éigin go raibh na píléirí ag
teacht. Do bhí beirt an éisg ag cur an chatha go calma,
ach thugadar fé ndeara go hobann ná raibh aoinne ag bruighin
leo. Bhí gach aoinne de lucht troda na sráide imthighthe


L. 110


mar imtheochadh an doircheacht ó’n ngréin. Tháinig na
píléirí. Do chonnacadar mo bheirt agus cuma colgach
catha ortha. Rugadar ortha agus rugadar leo go háit
a gcosanta & a gcoimeádtha iad i gcóir na hoidhche, agus
do fágadh ann iad gur fhuaradar.



Nuair a sgaoileadh amach lá ar n-a mháireach iad do
bhí náire ortha agus do bhí a gciall agus a ngoile tagaithe
dhóibh, ach go raibh a n-inchinn beagáinín tré n-a chéile ó
imtheachta an lae roimhe sin. Do cheistigheadar féin a
chéile. Dubhairt fear an chapaill go raibh ocras air féin.
“Spalladh an bháis atá orm-sa,” arsa fear an éisg.



“Téanam ort go tigh an bhídh,” arsa fear an chapaill,
& rug sé ar chasóig air ’á tharrac leis.



“Dá mbeireadh an Fear Mór leis thu, beidh tigh na
dighe ar dtúis againn,” arsa Tumaisín agus rug sé ar
fhear an chapaill chun é bhreith leis.



Sin mar chaitheadar tamall maith ag sárú ar a chéile
nó nár fhágadar snáth ar a chéile gan stolladh gan stracadh.
Fé’n am go rabhadar tnáithte marbh ag a chéile do bhí a lán
tagaithe ar an bhfód agus do bhíodar ag déanamh ádhbhacht’
agus grinn de’n bheirt.



Nuair chualaidh fear an tighe ósta fear an ocrais a
bheith ann, seo chuige é chun é a thabhairt chun an bhídh leis.
Níorbh’ aon mhaith dho é ámhthach; ní sgaoilfeadh fear an
tarta leis é. Nuair chuala fear an tábhairne fear an
tarta a bheith ann cheap sé gur mhór an sgrios tart a bheith
ar dhuine agus deocha chomh flúirseach. Rug sé ar Thumaisín
chun go mbeireadh sé leis chun na dighe é; ach ní bhogfadh
fear an ocrais a ghreim. Do bhuail fear an tábhairne
buille ar fhear an ocrais chun a ghreim a bhogadh d’fhear
an tarta. Do bhuail fear an ósta buille ar fear an
tábhairne chun cabhrú le fear an ocrais. Do bhuail Tumaisín
buille ar fhear an ósta chun cabhrú le fear an tábhairne.
D’éirigh an ceathrar chun a chéile annsain agus do bhaineadar
fuil mhairt as a chéile leis na dóirnibh, agus an baile
cruinnighthe timcheall ortha.


L. 111


Is ag éirghe ortha a bhí, nuair a tháinig na píléirí arís
ortha — an bheirt chéadna a rug indé roimhe sin ar bheirt
an éisg. Do ghlaodar sain ar chabhair agus rugadar leo an
ceathrar & bhuaileadar i bpríosún iad. Tháinig cáirde
na beirte de’n bhaile mór & rugadar leo amach a muinntir
féin; ach ní raibh aoinne i gcúram beirte an éisg. Do
chaitheadar sain oidhche eile i n-uaigneas agus iad go dubhach
’á chásamh go dtugadar aon turus riamh ar an mbaile
mí-ádhmharach sain.



Ar maidin lá ar n-a mháireach do tugadh sórt éigin
greamataigheal bhídh dóibh agus do sgaoileadh iad araon
amach — gach duine aca as a phúicín bheag féin. Do bhí
fáilte Uí Chealla’ aca roimh a chéile. Do bhí ciall cheannaigh
aca an uair sin, agus ní holc an rud é sin nuair a theipfeadh
an chiall nádúrtha ar dhuine.



Nuair thángadar chun bladair le n-a chéile, do shocruigh-
eadar go raghaidís ar thóir an chapaill agus na trucaille.
Do chuadar. Ní raibh capall ná trucaill ann rómpa.
Do chuireadar a dtuairisg ar mhuintir na sráide. Dubhairt
cuid aca sain ná feadair siad sain. Dubhairt lucht magaidh
go bhfeacadar an trucaill ar mhuic agus an capall ’n-a shuidhe
istigh ann is “Hach amach!” aige leis an muic. Ba
dh’óbair go mbeadh bruighean eile aca annsain ach gur
innis garsúin bheaga éigin dóibh go raibh an capall & an
trucaill insa phóna le dhá lá. Do chuir sain tré n-a chéile
arís iad.



“Dar so súd, tá náire shaoghalta fachta ar fad anois
againn,” arsa fear an chapaill.



Do chuadar go dtí an póna agus náire an domhain ortha.
Fuaireadar an capall ach díol as. Dob’ éigean d’fhear
an éisg díol. Do bhí cúpla céad séirdíní agus deargán
insa trucaill. Thángadar amach ar an sráid arís.



“’Seadh ’nois,” arsa fear an chapaill, “iarraimís
cabhair & trócaire ar Dhia, agus ná féachaimís anonn ná
anall ach imtheacht caol díreach as an mbaile mí-ádhmharach
so amach, ar eagla gurab é céad rud eile a dhéanfaidhe
linn sinn a chrochadh!”


L. 112


“Go dtugaidh Dia cabhair dúinn ár namhaid a sheachaint,
agus tiomáin leat,” arsa Tumaisín.



Bhíodar ag cur díobh siar go deas socair agus ná
féachfadh fear an chapaill ar aon tigh óil ná ar thaobh na
sráide i n-ao’ chor ach é cuitcheannta ag féachaint ar an
spéir idir dá chluais an chapaill amach. Do bhí Tumaisín
agus é ar a dhícheall ag cóimhreamh na gcloch a bhí ar an
mbóthar & é ag gabháil thársta. Ní fada eile raghaidís
nuair a bheidís ó bhaoghal; ach is cosamhail go raibh crann
éigin mí-fhoirtiúin anuas ortha an lá sain. D’fhéach Tum-
aisín ar thigh. Níorbh’ aon díoghbháil sain, dar ndóigh; ach
do chuir an tigh sin rud éigin i gcuimhne dho.



“Ó! mo dhearmhad!” ar seisean.



“Hach amach!” ars’ an fear eile leis an gcapall
& é ag iarraidh éalú leis siar.



“Stop an capall,” arsa Tumaisín.



“Ná ’n diabhach stop,” ars’ an fear eile.



“Ar mh’ anam is ar mo shláinte, do mharbhóchadh Cáit
me dá ndearmhadainn é,” arsa Tumaisín.



“Cad é, arú?” arsa fear an chapaill.



“Púits té do Cháit,” ar seisean.



“Masmus go gcuire sé uirthi!” arsa fear an chapaill.



Tháinig Tumaisín as an dtrucaill agus do chuaidh isteach
& d’órduigh an té agus a chomhthrom siúicre. Thárla, ar
mhí-ádhmharaighe an domhain, gur tigh óil an tigh. Nuair
do chonnaic Tumaisín na buidéil go léir, tháinig dúil
aige ionnta. Do ghlaoidh sé isteach ar fhear an chapaill.
“Cad ólfair?” ar seisean leis.



“Ó go marbhuighidh sé me!” arsa fear an chapaill
“má chuirim braon im’ béal de.”



“Ó léan uait,” arsa Tumaisín, “caith braon.”



Do bhíodar ag treasnuighil i bhfad ar a chéile mar sin
agus, d’fhonn réidhtigh, d’ól fear an chapaill leath-ghloine.
Nuair a bhí Tumaisín ag díol as an té, do sprioc rud
éigin fear an tsiopa agus thug sé dhá leath-ghloine eile
dhóibh. Do cheap fear an chapaill annsain go mbeadh náire
shaoghalta fachta aige féin mara mbeadh sé chomh maith le


L. 113


fear, agus dá bhrígh sin do ghlaoidh sé ar bhraon eile. Do
bhog sain an bheirt, agus slán mar n-innstear é, do leanadar
ó dheoch go deoch go rabhadar go súgach suairc, agus a
gcainnt ag teacht arís dóibh.



D’fhanadar mar sin go dtáinig an tráthnóna. Annsain
is eadh do buaileadh isteach i gceann fir an chapaill dul
a-bhaile. Ní raibh aon fhonn a-bhaile ar Thumaisín ámhthach.
Níor chás do, dar ndóigh.



“Seo seo, téanam ort,” adeireadh fear an chapaill.



“Óra, bog breagh!” adeireadh Tumaisín, “ní hé
deire an tsaoghail fós é. Bog breagh!”



Do bhí an fear eile ag cuimhneamh ar gach aon chleas
d’iarraidh Tumaisín a mhealladh a-bhaile.



“B’fhearra dhuit dul a-bhaile chun do mhná,” ar seisean.
“Bean dathamhail óg. Cá bhfios duit ná gur imthighthe le
duine éigin eile atá sí.”



“Dhé ra nárab eadh!” adeireadh Tumaisín. “An í
Cáit, arú? Dhe ra, is agam-sa tá an bhean! ’Bhfuil
aithne agat ar Chait, a fhir a’ tighe?” adeireadh sé le fear
tighe an óil. “Sin í an bhean! agus bhéarfad-sa púits
té ag triall uirthi. Cáit! ’Bhfuil aithne agat ar Cháit?”



Do bhí fear an chapaill cráidhte aige. “Seo, seo,”
ar seisean, “an dtiocfaidh tú nó an bhfanfaidh tú?”



Do chrom Tumaisín ar amhrán:—



Óró ’n dtiocfaidh tú nó’n bhfanfaidh tú?
Eibhlín a rúin.
A’ dtiocfaidh tú nó’n bhfanfaidh tú?
Eibhlín a rúin.
A’ dtiucfaidh tú nó’n bhfanfaidh tú?
Eibhlín …



Ach níor fhan fear an chapaill a thuilleadh. Amach leis
agus do léim sé isteach sa trucaill agus do bhuail buille
de ceann an tsriain ar an gcapall agus siúd leis siar an
bóthar ar cosa anáirde agus fothrom ag an trucaill ’á
dhéanamh go gcloisfá trí mhíle ó bhaile é. Bhí sé ag imtheacht


L. 114


mar sin ar néal buile go ceann trí nó ceathair de mhíltibh
agus séirdíní buidhe agus deargáin ag tuitim ar feadh
an bhóthair.



Annsain do chuaidh an roth sa díg agus do hiompuigheadh
an trucaill ar a béal fúithe agus do caitheadh fear an
chapaill seacht slata fichead isteach sa pháirc. Nuair a
tháinig a chuimhne arís do do bhí sgata fear bailighthe timcheal
air agus iad ’á chimilt chun an t-anam a chur ann. Do
bhí an capall istigh sa pháirc agus é ag ithe, agus gan pioc dá chuid
ghleóthálacha air ach an coiléar. Do bhí an trucaill ’n-a
smidiríní beaga ar fuaid an bhóthair agus insa díg. D’éirigh
fear an chapall ’na sheasamh. Ní dubhairt sé focal. Rug
sé ar mhuing ar an gcapall agus thug sé leis amach ar an
mbóthar é. Ní dubhairt sé gíog, ach imtheacht leis thar
mám siar go mall agus go brónach agus ní dhearna sé
stad ná comhnaidhe gur bhain sé an tigh amach. Annsain
do luigh sé agus d’fhan sé ann coigthigheas.



D’fhan Tumaisín ’n-a shúmaire i dtigh an óil & gan aon
bhuaidhirt ag an mbaile dá chur air. Do lean sé de’n
amhrán gan stad gan staonadh:—



A’ dtiocfaidh tú nó’n bhfanfaidh tú?
Eibhlín a rúin.
A’ dtiocfaidh tú nó’n bhfanfaidh tú?
Eibhlín a rúin.
An dtiocfaidh tú nó’n …



Agus ní raibh a thuillead de aige ach an t-aon líne amháin
agus do lean sé dhe sin siar go heirball timcheall, & do
cheap sé ná raibh a shárú féin d’amhránaidhe binn i nÉirinn.
Bíonn lucht óil go mí-réasúnta mar sin. Do bhí an tigh
bodhar aige agus nuair tháinig a deich a chlog rugadar
air agus chaitheadar ar bhior a chinn amach ar an tsráid é.



Do bhí sé ag póirseáil leis annsain sa doircheacht agus
é ag bog-amhrán do féin. I gcionn tamaill do shuidh sé
ar chliathán báid ag leac an bháid cois trágha, agus do
bhí ag cuimhneamh ’s ag smaoineamh. Sin é an uair a chuimhnigh


L. 115


sé ar an rud adubhairt fear an chapaill i dtaobh a mná
a bheith imthighthe le duine éigin eile. Do chuaidh an rud
sain i n-achrann ’na aigne ar chuma éigin, dá mhéid an
mearbhall a bhí air, agus do tuigeadh do thré mhí-tuisgint
éigin gur mar sin a bheadh an sgéal mara mbrostuigheadh
sé air a-bhaile.



Tháinig fuadar fé Thumaisín láithreach. Rug sé ar an
mbáidín beag agus thug sé iarracht ar í tharrac síos. Do
bhí fánadh mhór i leac a’ bháid agus ní mór ná gur rith an
báidín beag síos uaithi féin; do chuaidh sé isteach innti
agus do bhí sé ag lapadáil léi gur bhain sé amach béal an
chuain. Annsain thuit a chodladh ar an duine bocht. Thug
an sruth an báidín leis amach fé’n bhfairrge mhóir.



Ní chodlóchadh Tumaisín chomh sámh dá dtuigeadh sé
cionnus mar do bhí an sgéal ag an mbád. Is amhlaidh a
bhí sí sin agus gan aon chorc i bpoillín an uisge, & nuair
do cuireadh ar snámh í, seo isteach leis an uisge tríd as
bpoillín. Ní thug Tumaisín fé ndeara an méid sin insa
doircheacht. Nuair a bhí a chodladh ag tuitim air do shuidh
sé ar thóin an bháid agus chuir a cheann ar an tochta. Tháinig
an t-uisge fé agus d’éirigh sí aníos air, ach níor dhúisigh
sé go raibh an sáile ag dul isteach ’na bhéal & ’á mhúchadh.
Do baineadh preab as, dar ndóigh, is d’éirigh sé ’na sheasamh,
ach chomh luath & d’éirigh a chabhail os cionn an uisge, d’imthigh
an báidín síos fé n-a chosaibh. Nuair a théigheadh Tumaisín
fé uisge arís d’éirigheadh an bád. I gcionn tamaillín
do thuig sé ná féadfadh sé a chabhail a choimeád as an uisge
i n-ao’ chor agus do shuidh sé. Do bhí an t-uisge ag teacht
thar faobhar an bháid isteach agus ní raibh radharc ar aon
phioc de Thumaisín ach ar a cheann amháin & é os cionn uisge
& gur dhóigh leat ná raibh aon oighre riamh ar rón ach é;
agus gach aon “Dia lem’ anam!” ag an duine bocht.



Do bhí sé mar sin go ceann i bhfad insa doircheacht
agus is é a bhí go mío-fhoidhneach. Anois agus arís do thagadh
tonn i leith a chúil air agus d’éirigheadh sí os cionn an bháidín
agus os cionn Tumaisín anáirde agus do bhíodh sé leath-mhúchta
aici, agus é ag casachtaigh is ag iarraidh an sáile a chur


L. 116


as a bhéal is as pollaibh a shróna agus as a chluasa; ach
ní leigfeadh sgannradh dho corruighe ar eagla go n-imtheochadh
an poitín beag de bhád a bhí fé n-a chosaibh uaidh & gan idir
é agus an bás, i lár na fairrge móire sin, ach í.



Fé dheire do chonnaic sé an lá ag breacadh thoir. Do
chuir sain misneach mór ar an duine bocht. I gcionn tamaill
tháinig na báid mhóra iasgaigh amach as an gcuan, agus
chonnaic sé go rabhadar ag teacht ’n-a threo ag dul amach
ar an mBannc Fiadhain ag iasgach. Do ghaibh an chéad bhád
i ngiorracht leath-mhíle dho & ní fheacadar i n-ao’ chor é. Do
ghaibh an dara bád thairis agus ní fheacadar sain é ach chomh
beag, cé gur bheag ná gur mhúch an tonn a chuir sí uaithi
Tumaisín bocht. Do bhí a chroidhe ag leaghadh le himshníomh.
Chonnaic sé bád eile ag déanamh cruinn díreach air. Chonn-
acadar lucht an bháid sin an rud ins an uisge. “Féach
an rón,” arsa duine. Rith fear eile síos fé’n mbórd
agus thug sé gunna aníos leis chun an rón a lámhach. “Nach
dána an diabhach róin é,” ar seisean & d’árduigh sé an
gunna. Chonnaic Tumaisín an gunna dá dhíriú air féin.
Cheap sé go raibh a phort seinnte — go raibh deire le marbhú
deargán aige — go raibh an chaidhp bháis air. “A Dhia, go
maithir dom,” ars ’an fear bocht, agus d’éirigh sé ’na sheasamh
de phreib agus do shín amach a dhá láimh chun Dé, agus ba
dóigh leat go raibh sé ’na sheasamh ar an uisge. Annsain
do chrom sé ar dul fé’n uisge síos gur chlúduigh sí ar fad é.



Fear an ghunna gur baineadh an phreab as! Do baineadh
dá chosaibh é. Thuit sé ar fhleasg a dhroma ar chlár na
luinge & d’imthigh an piléar insa spéir. “An púca, an
púca!” arsa fear an ghunna.



Ach dob’ fhearr an radharc a bhí ag an bhfear stiúrach.
“Fear atá ann,” ar seisean. “Aire dhíbh, a bhuachaillí.
Sgaoil siota an tseoilín tosaigh. Suas léi! Amach leis
an mbád mbeag. Sin é! Preabaidh nó beidh an diabhal
bocht báithte rómhaibh!”



D’imthigh beirt aca sa bháidín & iad ’na seasamh féachaint
á sáithfeadh Tumaisín a cheann aníos arís. Níorbh’ fhada
go dtáinig sé chúcha arís & é ag séideadh sáile as. Rugadar


L. 117


ar sgoith chinn air agus i gcionn cúig nóimeatai do bhí
Tumaisín sínte ar chlár na luinge aca agus iad ag iarraidh
an t-anam a thabhairt ar ais arís ann.



Nuair tháinig a chiall do, thugadar malairt éadaigh
do, agus ar an slighe siar dóibh do chuireadar i dtír i gCuas
na Bó é. D’imthigh sé leis siar go mall mín gur bhain
sé amach, tráthnóna, an caladh ar aghaidh Inse Faoileann
isteach. Chuir duine éigin a bhí ag dul ag iasgach thar
Sruth an Bhealaigh anonn é. Nuair tháinig sé ar an oileán,
d’imthigh sé suas fé dhéin a thighe féin. Níor chuir aoinne
aon chainnt air. Badh dhóigh leat ortha nár mhaith leo bualadh
leis. Níor mhór leis dóibh sin. B’ fhearr leis féin gan
bualadh leo. Do bhí an fear bocht mínighthe go maith.



Tháinig sé chun a thighe féin. Do bhí an doras dúnta
agus an glas air. Do stad sé tamall agus ní dubhairt
sé aon ní. Annsain tháinig sé anuas chun tighe Mháire
Mhuiris.



“A’ bhfeacaís Cáit?” ar seisean.



“Chonnac,” ar sise. “Dubhairt sí a rádh leat go
bhfaghfá an eochair i bpoll an chlaidhe.”



Do stad sé go ceann tamaillín agus ní dubhairt sé
aon ní. Annsain do labhair sé go ciúin mí-mhisneamhail.



“Cá bhfuil sí imthighthe?” ar seisean.



“Go hAmericeá,” ar sise.



Ní dubhairt Tumaisín ’ac Eoin a thuilleadh. Do chuaidh
sé go mall righin go poll an chlaidhe & do fuair an eochair.
D’osgail sé an doras agus do chuaidh sé isteach. Ní raibh
teine ná teas san teinteán folamh. Do shuidh Tumaisín
ar stól agus do chrom ar ghol.


L. 118


TOBHACH CHÍOSA AN OILEÁIN.



I.



OILEÁN uaigneach aonair atá i meádhon mara agus
mór-fhairrge amuich i n-iarthar Éireann. Inis
Faoileann ainm na hinse sin; acht is gnáthaighe
“an tOileán” mar ainm air ag lucht long agus leabhair-
bharc.



Is é méid an oileáin trí láin-mhíle ar faid agus míle
ar a leithead; agus atá sé ós an muir mar do bheadh
ard-shliabh ós mín-mhachaire. Ní mór atá ann de réidh-
thalamh, acht é beagnach ar fad ’n-a chnoc agus is beag
fuithin ná fasgadh ó ghaoith ’ná ó ghréin ann. Tá faillte
árda uathbhásacha mór dtimcheall air, agus níl faill díobh
nach bhfuil ós cionn trí chéad troigh ar aoirde agus imeall
bhorda uile an oileáin ar an gcuma sin, ionnus nach féidir
acht do’n chuil chrónánaigh nó d’éanlaithibh an aeir dul ar
an oileán acht san aon chuasán amháin atá ann; agus is
amhlaidh atá an chuas sin agus é ag rith isteach mar a bhfuil
gabhailín beag mara. Níl de leithead ann acht leithead
aon-naomhóige agus a cuid maidí rámha agus faillte
árda urdhíreacha ós a chionn, gach taobh, agus atá de dhírighe
i ngach taobh díobh dá sgaoiltí cloch nó cadhrán le fánaidh
na faille nach mbainfeadh dá taoibh ná do thaoibh carraige go
dtuitfeadh síos is an bhfairrge chomhdhoimhin choimhthigh. Tá
casán beag míochomhthromach suas cliathán na faille ó
cheann an ghabhailín istigh, agus níor mhór do dhuine gan
aon mhearbhall do bheith air chun an casán sin do ghabháil.



Níl acht tuairim cúig acra fichead de thalamh báin as
an oileán ar fad. Níl san gcuid eile acht carraig agus
mór-chlocha; agus móin ar fad atá ar bharr an oileáin.


L. 119


Ní bíonn ubhla ar bharr géag ann ná sugha craobh is mílse,
ná ní hiomadamhail an lacht bhainne do blighthear ann, ná
ní trom iad a dtáinte bó ann ná a dtréada caorach; acht
tá sgreamh ann de luath-choiníníbh liath-dhonna, agus is
maith ann iad do’n té go mbeadh gunna aige. Tá éag-
samhlacht mór éan ann ’n-a n-ealtaibh dubha do-áirighthe
agus iad leathta ’n-a n-aon-bhrat clúduighthe ar an oileán
agus ar na failltibh agus ar an muir umá gcuaird. Agus
san muir sin mór dtimcheall atá an uile shórt éisg agus
ilphéiste muiridhe, agus ó’n gcráin duibh go dtí an donáinín
d’áireamh, agus mar adubhairt an file:—



“Bíonn an breac ’s a’ bradán feárna ag preabarnaigh
sa líon.”



Is deacrach do-fhulangtha an t-ionad é; acht dá ghairge
agus dá uaignighe é, tá daoine ’na gcomhnaidhe ann —
timcheall céad go leith dhíobh, idir fheara agus mná agus
páisdí; agus sin iad an mhuintir mhear mhór-fhulang,
agus an drong dian dána, agus an cineadh cruaidh colgánta,
agus an lucht nach rugadh riamh amuich ortha agus nár ghaibh
riamh uamhan ná eagla roimh ní ar bith dá dtáinig dá
n-ionnsuighe de dhruim tuinne ná tuile. Fuilt fhionn-chasa
ortha agus iad árd leabhair-ghéagach leathan-tslinneánach.
Bíd fial fáilteach fairsing. Bíd lághach le lagaibh agus
le lucht seachráin na mara móire, agus ní lugha bhíd teann
teasaidhe le lucht uilc agus éagcóra.



Tá seanrádh aca ann — “Is cuma nó muc fear gan
seift,” agus is fíor sin ar an oileán, óir an té do bheadh
gan seift ann badh bhaoghal do an lá do dhul air. Caithtear
seift nuadh do cheapadh go mion minic, nó muna ndéantar,
bíonn an sgéal ar míochomhthrom ag lucht an oileáin. Tig
dá chionn sin gurab cumasach an lucht iad chun seifteanna
do cheapadh — do bheadh seift ceapuighthe ag fear an oileáin
do thabharfadh ó’n mbás thu an fhaid do bheithfá ag radh
“Dia lem’ am!”


L. 120


Tháinig de sin go ndeaghaidh clú mór gliocais amach
ortha ameasg lucht na móirthíre, agus atá sgéalta go
leor ar n-a n-innsin n-a dtaobh agus cionnus mar do-ghníd
so, agus mar do-ghníd súd, agus mar do bhuaileadar
an bob ar dhaoinibh do cheap bob do bhualadh ortha. Badh
fheidhmeamhail, go dearbh, na cleasa d’imrighidís.



Lá n-aon do-chuaidh ceannaidhe éisg isteach ’n oileán.
Fear mór do b’eadh é. Cóta mór air. Ní tháinig aon
cheannaidhe eile an lá céadna — do-chuadar i n-áit eile.
Do bhí a fhios sin ag an gceannaidhe. Do bhí árd-cheannach
ar iasg an uair chéadna — púnt ar an gcéad de. Do
cheap fear an chóta mhóir bob do bhualadh ortha san oileán.
Do bhain dearmhad do.



Do bhí deich míle éisg ar an oileán an mhaidean sin —



“Bhéaraidh mé coróin an céad díbh air!” ar sé leo.



“Bhéaraidh tú agus cheithre coróin,” arsa Tadhg Mór.



“Sgilling eile ní bhfaghaidh sibh uaim,” ar sé, agus
ní thabharfadh acht an choróin dóibh. D’éirigh an t-aighneas
eatortha agus an aragóint acht níorbh’ aon tairbhe dhóibh é.
“Coróin an céad,” ar seisean agus ní dubhairt sé a
thuilleadh.



Do-chuadhthas ar fód fé leith uaidh agus do thosnuigh
an chogarnac. I gcionn tamaill thángathas ar ais. “Seadh,
bíodh sé agat,” arsa Tadhg Mór.



Mar adeir an sein-sgéal — “do mhuidh a ghean gháire”
ar an gceannaidhe. Do bhí a bhob buailte aige, dar leis.



“’Seadh, a mhná agus a gharsúna,” ar sé, “tagaidh ar
meall an chúil éisg seo, agus leasuighidh é.”



Níor bhog bean ná garsún.



“Seo, cé an leisge seo oraibh?” ar sé.



“Cad do-gheobhain uait ach é leasughadh?” do ráidh
bean díobh.



“Cad do-gheobhadh sibh ach an rud do-gheibheann sibh
ga’ haon lá eile?”



“Gheobham an méid sin,” ar sí, “agus cúig déag
a’ céad ’na theannta,” agus do bhíodas na mná ag imtheacht
le n-a linn sin.


L. 121


Annsin do thuig sé an bob do bhí buailte aca air. Ní
raibh aoinne do leasóchadh an t-iasg ní ba ghiorra dhó ná
an tír mhór agus ní raibh dul ortha sin d’fhaghail do’n chur
sin. Do chuir sé struillín aidhmhillte áirseóirí as le méid
na feirge do bhí air. Do liúigh lucht an iasgaigh. Do
bhí an báire leo agus do fuaireadar an t-airgead.



Is minic go dtéigheann daoine iasachta ag triall ar
mhuintir an oileáin chun eolas do chur ortha. Bíonn sé
socair ’n-a n-aigne ag cuid aca ag teacht dóibh gur daoine
greannmhara iad atá ar an oileán. Tuigid siad sin an
ní sin, agus is minic bhítear ag innsin sgéalta greannmhara
do’n duine iasachta. Gan amhras is mór an t-iongnadh
a bhíonn ortha & is mór an truaighmhéil do bhíonn aca do
na daoinibh bochta.



“Oh!” adeireadh bean aca, “what an extremely
unsophisticated people,” nuair do hinnstí finnsgéal
áiféiseach di.



“’Seadh go deimhin mhuise,” adeireadh duine aca léi,
agus do luigheadh sé an tsúil chlé ar an gcuid eile, “agus
nuair a ghníthear cuigeann is amhlaidh a cuirtear an
t-uachtar isteach ’sa’ mheidir thuas ar bhinn an chnuic agus
an mheadar a sgaoileadh síos le fánaidh agus léimeann
sí de dhruim na faille amach ar an bhfairrge mhóir — áit
ná bristear í. Nuair tugtar an mheadar i dtír bíonn
an chuigeann déanta!” agus cuireann an bhean bhocht
símplidhe síos ’n-a leabhar an sgéal sin.



Is é a fhaid ar a ghiorracht é, agus is é adeir cách, ná
bainfeadh Arístotle an bhearna dhíobh ná lár an chlaidhe.



II.



Ní dhíolaid muintir an oileáin cíos ná cáin ná ní
dhíolfaid go deo. Dob’ é Iarla na Glinne Deirge an
tighearna talmhan do bhí ar an oileán; acht dáltha go leor
tighearnaidhe eile, ní mór go bhfeacaidh sé a thighearnas


L. 122


riamh. Do fuair an sean-fhear bailighthe cíosa do bhí san
gceann sin de dhúthaigh aige bás, agus do chuir sé fear
nuadh ’na ionad. Fear fuinneamhail an fear nuadh. “Do
chaithfeadh sé cíos d’fhagháil ó mhuintir an oileáin — ní dhéanfadh
a gcuid púpá-pin an gnó.” Do chuir fé fógraí ag triall
ortha. Do gháireadar muintir an oileáin.



“Tá gaoth aige!” ar siad.



D’éirigh a fhearg leis sin. Do chuir sé báillí an
tSirriaim ar siubhal láithreach. Do ghluaiseadar sin agus
thángadar go ciumhais na trágha ar an dtír mhóir, acht ní
bhfaghaidís aoinne do chuirfeadh isteach do’n oileán iad.
Ní thaithnid báillí le lucht na tíre sin. Do chuadar ag
triall ar na hAodhairí Cuan agus do sháthadar sin síos
a mbád agus do chuireadar rámha cheithre mhaide uirthi
agus siúd leo thar Sruth an Bhealaigh anonn fé dhéin as
oileáin.



Ba neamhghnáthach leis na báillíbh úd dul ar fhairrge na
dtonn luasgánach, agus ba ghearr gur ghoill sin ortha.
D’iompuigh an lí ionnta. Tháinig casadh ’n-a ngoile. Do
shéid an t-allus amach tríotha agus annsin tháinig fuacht
nimhneach ortha do chuaidh go smior agus go smúsach isteach
aca. Is annsin do chuir gach báille dhíobh a cheann thar
cliathán an bháid amach agus ní aithristear a thuilleadh dá
sgéalaibh go rángadar Cuas an Oileáin.



An lá céadna thárla an ní sin, do bhí na fir go léir
ag iasgach ar an dtaobh thiar thuaidh de’n oileán. Ní raibh
ag baile acht na mná agus na páisdí agus na seandaoine.
Acht ní mná sgeinnideacha sgáthmhara laga liúirighe atá ar
an oileán. Ní headh go dearbh. Tá gach bean aca chomh
clisde ar ainnliughadh naomhóige le fear ar bith, agus ní
thuiteann an lug ar an lag aca le linn cruadhtain.



Do bhí na mná ag breithniughadh an bháid. D’aithnigheadar
culaith na máirnéalach do bhí ar lucht iomartha an bháid.
Ní rabhadar gan súil aca leis na báillíbh. Do thuigeadar
gurbh’ iad do bhí chúcha, acht ní tháinig mearbhall ar bith ortha.
Do chuadar síos do’n chuas agus ar cliathánaibh na cuaise.
Tháinig an bád isteach ann.


L. 123


“Anois, a mhná na páirte, tugaidh fútha,” arsa bean
aca, agus do thugadar. Ba ghearr go raibh geoin san
gcuas sin istigh. Do bhí ceathanna mion-chloch agus sgraithíní
agus éisg lobhtha dá gcáthadh anuas ar an mbád agus
ar na báillíbh. Tháinig mearbhall ortha agus do baineadh
a gciall díobh le déine an éigin ’n-a rabhadar. Annsin,
rug fear ar mhaide rámha. Rug fear eile ar mhaide
eile.



“Cúlaidh, a dhiabhla!” arsa an chéad fhear, agus do
chúladar agus ba bheag nár bhriseadar na maidí agus iad
ag caitheamh steanncán sáile ’san spéir uatha. Do bhí na
mion-chlocha agus na cadhráin dá dteannadh leo le dúthracht
gur chuireadar béal an ghabhailín amach díobh.



Is ar éigean do bhíodar amuich, nuair do chonnacadar
chúca naomhóga an oileáin agus an cubhran bán fá n-a
dtosach le racht siubhail. Do bhéic an Báille Mór ar an
lucht iomartha:



“Dar bhur gcorp, báthfaidh siad súd sinn mara ndeinidh
sibh tarrang.” Do shuidheadar ar na tochtaibh. Do chuir-
eadar na maidí isna hádhbharaibh. Do chuireadar a sála
i bhfeac i gcoinnibh na maidí cos agus do-rinneadar iomramh
dian dícheallach; acht do theip ortha dul ó’n dream eile.
Do rinneadh iad do chluithcheadh. Do rug duine ar eirball
ar eascoin mhairbh agus do sgaoil d’urchar fé na báillíbh í.
Do bhuail sí fear i mbaic a mhuiníl. Do bhí d’fhuinneamh
léi gur chas sí mór dtímcheall ar a mhuineál mar bheadh
carabat. Do chrom lucht na naomhóg ar bheith ag caitheamh
cnúdán dearg agus leathóg beag agus deargán agus
mion-iasg eile leo, agus ba dhona an driuch do bhí ar lucht
na dlighe aca. Tháinig naomhóg Thaidhg Mhóir le hais an
bháid. Rug Tadhg Mór ar an mbád. Rug sé ar eirball
ar mhadra éisg agus do ghaibh ar an mBáille Mór leis
de bhuillibh móra míleadhta. Do fuair an Báille Mór
céadna an oiread sin de challshaoth ó mhaidin an lae sin
go raibh sé ar shlighe gur chuma leis a bhas nó a bheatha i
láthair na huaire sin. Do tharraing sé bona a chóta mhóir
thar a cheann.


L. 124


“’Seadh, tarraing leat anois ar do dhícheall,” ar
seisean. Do bhí sé go cráidhte!



Nuair do bhíodar sásta do sgaoileadar uatha na
báillí.



III.



Nuair do chuaidh an sgéal amach ar fuaid na dúthaighe
do bhítheas ag déanamh grinn de agus ag déanamh magaidh
fé lucht curtha na dlighe amach, agus do bhítheas ag moladh
agus ag móradh muintire an oileáin.



“Mhuise mo cheol iad!” adeireadh duine, “siad an
dream nár theip riamh ortha iad. Ní bheidís siúd ag sgubhadh
geaitirí do bháille ná sirriam.”



Do bhí an Sirriam go mí-chéatach. Tuataigh mar iad
súd ag dul ó smacht uaidh! Ba chrádh croidhe leis é.



“Caithfear teacht i ngan fhios ortha,” ar sé.



I gcionn tamaill i n-a dhiaidh sin tháinig ceathrar daoine
uaisle ag caitheamh a saoire, dubhradar, ar Chuimín Uí
Churráin ar an dtír mhóir, ar aghaidh an oileáin isteach.
Do bhí bothán anairte aca agus cóir chun codalta ann.
Do cheannuighidís biadh ó na daoinibh ar imeall an Chuimín.
Do fuaireadar bád mór ar iasacht agus do bhídís ag
lapadáil innti le hais na gcloch, agus doirighthe agus
dubháin aca agus iad ag iasgach, mar ’dheadh.



D’fhanadar san áit sin suim de laethibh, acht maidean
áirighthe nuair d’éirigh muintir an Chuimín ní raibh na daoine
uaisle ann ná an bothán ná an bád, ná ní raibh fios a
dtuairisge ag aon duine. Do bhí fear an bháid ag baint
préa’cha as talamh ’á lorg.



Ar éirghe gréine an mhaidean chéadna nuair tháinig
muintir an oileáin amach ar an bhfaithche, is eadh do fuair-
eadar ann, ceathrar de bháillíbh reamhra agus iad ag suidhe
a mbotha agus a mbéalsgátha ar lár na faithche sin.



Annsin ’seadh d’éirigh an gheoin ar fuaid an oileáin.
Do rith duine thall agus de rith duine i bhfus agus do


L. 125


ritheadar tré n-a chéile. “Cad a dhéanfam anois?” ar
siad.



“T’anam an sgian,” arsa Seán Láidir, “téighimís
cúcha agus deinimís cúl-bhrúghadh a thabhairt dóibh.”



“Ní ragham, a Sheáin, a dhaltha,” arsa Tadhg Mór. “Sin
mar a dhéanfadh aon amadán é. B’ óinseamhaltha an gnó
dhúinn é.” Annsin thug Thadhg Mór cogar do gharsún beag
bulcánta. D’éaluigh an garsún síos fé dhéin na cuaise
agus do-chuaidh na fir ag faire ar na báillíbh.



Do bhí an mhaidean fliuch agus d’ fhan na báillí istigh
san mbothán. Ar gcasadh do’n rabharta do gheal an lá
agus do ghluaiseadar amach ar fuaid an oileáin. I gcionn
tamaill d’fhilleadar agus dhá chaora ar adhairc ag gach
duine de thriúr aca, agus an reithe mór ar adhastar ag
an mBáille Mór. Thángadar ar an bhfaithche arís agus
d’fhógair an báille, de ghuth mhór mhíleadhta, go gcuirfeadh
sé piléar tré n-a chorp ag an té do dhéanfadh aon “chur
isteach” ortha. Do mhuidh a ngean gháire ar fhearaibh an
oileáin fá’n gcaint sin.



Do cheangladar gach dá chaora dá chéile i gcionn tamaill.
Do leagadar an bothán anairte arís agus do ghluaiseadar
leo síos fé dhéin na cuaise. Nuair do shroicheadar an
chuas do stadadar.



“Cá bhfuil an bád?” arsa an Báille Mór.



Ní raibh rian di ann. Do bhí sí trí mhíle an bealach
ó thuaidh an uair sin tar éis an garsúinín beag bulcánta
’á sgaoileadh.



“Dar bhur gcorp do’n diabhach!” ar sé le muintir
an oileáin, “cia ’ca ’gaibh a sgaoil an bád?”



“Din t’fhiafruighthe thort,” do ráidh an buachaillín beag
bulcánta.



“Dar bhur! —! —!” agus adubhairt sé easgainithe
éagsamhla árd-ghlóracha aidhmhillte do’n chur sin, gur ba
iongnadh nár mhear-labhair an mhuir agus nár chriothnuigh
an cnoc ós a chionn le fuinneamh na feidhme do bhí ionnta.
Do bhí easgainithe móra maithe ag an mBáille Mór.


L. 126


Do sgaoileadar de na caorchaibh. Do-chuadar ar ais
agus do chuireadar an both ’n-a shuidhe arís. Do shuidheadar
istigh ann. Ní dubhairt aoinne aca oiread is focal
i gcionn tamaill do phreab an Báille Mór.



“Och!” ar seisean, “táimíd i bpoll miongáin anois
marab ionann is riamh — ’gheobhaimíd bás de’n ghorta annso.”



“Och! och!” ar siad go léir go truagh-chráidhte.



Do chuireadar duine aca fé’n mbaile amach d’fhéachaint
an bhfaghadh sé roinnt bídh le ceannach. Tháinig sé ar ais
go doilgheasach agus gan aon ní aige. “Ní thabharfaidís
dom é,” ar sé, “ar chomhairle Thaidhg Mhóir, go mbeadh
ár ngoile go maith againn.” Ba dhocht an sgéal ag lucht
curtha dlighe amach é. “Och! och!”



An oidhche sin tháinig doineann agus droch-uain. Do
shéid na gaotha garbha agus do thuit na ceathanna clagairnighe.
Do bhí an sgéal go dona ag lucht an bhotháin anairte. Do
bhí an braon anuas ortha agus an braon aníos; acht ní
rug barr an donais ar fad ortha go dtáinig cam-fheothan
gaoithe aniar dtuaidh ar an mbothán agus gur séideadh
é idir cleith agus cnapás amach i lár Srotha an Bhealaigh.



“Ochón!” ar siad, “mairg a bheadh ’n-a bháille!”



Tamall beag ’n-a dhiaidh sin do bhí Tadhg Mór istigh
cois na teine. Do bhí gasra de dhaoine eile istigh. Tháinig
bualadh ar an doras.



“Cia ’tá amuich?” ar Tadhg Mór.



“Ar son Dia, agus le hanmann dílis do mharbh, tabhair
dúinn bheith istigh go maidin,” arsa an Báille Mór.



Do hosgluigheadh an doras dóibh. Thangadar isteach.
Ba thruagh iad gan hata ná caipín, acht glib ar gach aoinne
aca leis an bhfliuchán. D’fhanadar i dtigh Thaidhg an oidhche
sin, acht gurbh’ éigean dóibh ar dtúis a gcuid barántasaí
do chur san teine. “Breagh an teine do ghní barántasaí,”
do ráidh an garsún beag bulcánta.



Lá ar n-a mháireach thugadar cúig phúint do Thadhg acht
iad do chur i dtír. Do chuir. Do bhí fear an Chuimín
ar an bport rómpa.



“Cá bhfuil mo bhád breagh uaibh?” ar sé.


L. 127


“D’imthigh sí an bealach ó thuaidh uata indé,” arsa
Tadhg.



“Deich bpúint dom ar mo bhád,” arsa fear an Chuimín,
agus do bhí fearg air ag a rádh.



Tugadh na deich bpúint dó. D’imthigh na báillí leo
a bhaile agus ba dhoilgheasach an lucht taisdil iad an lá
sin.



IV.



Ar maidin lá ar n-a mháireach do ghaibh an ceathrar
an doras isteach go dtí an Sirriam.



“’Seadh, an ’mó caora thugabhair libh?” ar sé.



“Ná an diabhal caora, ná fóisg,” arsa an Báille
Mór, agus d’innis sé a n-imtheachta dhó ó thúis deireadh.



Is annsin adubhairt an Sirriam caint lonn-bhladhmannach
lasánta agus bréithre móra máchailleacha agus d’fhógair
sé báillí botúnacha, agus lucht comhnaidhthe ar oileánaibh
agus báid, agus iomad de rudaibh eile tháinig chun cuimhne
aige, síos go fíor-íochtar áidhbhéise Bheilsibub, idir cheirt
croiceann, idir corp agus anam; agus ba mhór an sásamh
aigne leis an tocht sin do chur de.



Iarla úd na Glinne Deirge ba thighearna talmhan ar
an oileán, duine mór-thábhachtach dob’ eadh é. Do bhí cuid
agus cumas aige. Do bhí cead uilc is maitheasa aige.
D’fhéadfadh sé duine do bhreith ó’n gcroich leis agus annsin,
é do chrochadh arís má ba mhaith leis. Do fuair sé sgéala
ar imtheachtaibh an Bháille Mhóir ar an oileán agus é ag
tobhach cíosa dhó féin. D’éirigh a fhearg leis na sgéalaibh
sin.



“Cuirfead-sa teinneas cluaise ortha súd,” ar sé.



Do chuaidh sé ag triall ar dhuine mhór eile, agus do
dhein caint leis. Do phreab an duine mór.



“’Dhéanfar soin,” ar sé, agus do chuaidh ag triall
ar dhuine mhór ba lugha céim ná é féin agus do labhair
leis. Do-chuaidh seisean go dtí duine eile agus do dhein


L. 128


an cleas céadna, agus ba ghearr go rabhadar go léir ag
preabarnaigh agus ag rith agus ag saothar. Is mór atá
i gcumas duine mhóir, agus is mairg ná bíonn dá réir.



Maidean ghlé ghréine i gcionn coigthighise ’n-a dhiaidh
sin do ghaibh “An Chráin Mhara,” .i. long bhronn-fhairsing
bhórd-leathan chogaidh, béal Cuain Thrágha Gile isteach. Do
sgaoileadh anuas d’á taoibh na báid bheaga agus na báid
mhóra agus thángadar fé ró-shiubhal rámhaidheachta isteach
go bun calaith mar a raibh tuairim ceithre fichid pílear
agus ochtar báillí agus an Báille Mór agus an Sirriam
ag feitheamh leo. Do cuireadh ar bórd an árthaigh iad
agus do ghluais sí leo fé’n bhfairrge amach agus na smúiteána
dubha deataighe ag éirghe ’san spéir ghlain anáirde as na
trí seimnéithibh craos-fhairsinge ’n-a lár.



I dtaobh muintire an oileáin, do bhí a fhios aca nár
bh’fhada go mbeithfidhe chúcha arís, acht níor ghaibh uamhan ná
eagla iad. Do dheineadar ullmhúchán, agus nuair do bhí
sin déanta aca, ní raibh aca acht bheith ag faire. Do bhí
gach duine aca ’n-a fhear faire agus gidh beag é fiach mhara
nó seabhac faille fuaire nó ceann róin — ní tháinig ní de
na neithibh sin idir iad agus an spéir, ná ar dhruim na
mara umá gcuaird, ar feadh na haimsire sin, ná tugadar
fé ndeara é.



Lá áirighthe do chonnacadar an long chúcha gach comhgar.
Do chuadar go léir amach ar na cladhthacha ag faire uirthi.



“Táthar chughainn,” arsa Tadhg Mór, “long chogaidh í
siúd.”



Dob’ fhíor dó. Do bhí sí ag teacht ar luas fáinnle,
agus í ag caitheamh sáile dá tosach, gach taobh, ’na chubharán
bhán. Nuair tháinig sí i ngiorracht do’n oileán do-chuaidh
bá siubhal, agus i gcionn tamaill do stad sí. Do sgaoileadh
anuas anncaire mór. Síos leis agus an slabhradh ag
déanamh ceoil ag rith tríd an bpoll éaluighthe.



Annsin do sgaoileadh anuas bád fada. Do-chuaidh
máirnéalaigh innte. Annsin do-chuaidh na póilí agus na
báillí innte, agus ’n-a ndiaidh sin tháinig an Báille Mór
agus an Sirriam. Do ghluais an bád i dtír agus rámha
sé mhaide uirthi.


L. 129


“Tagathar ar an gCuaisín, a fheara agus a mhná,” arsa
Tadhg Mór. Do chuadar, ós a chionn anáirde, gach taobh.
Ní raibh gíog as aoinne.



Tháinig an bád isteach. Do bhí sí ag imtheacht go mall,
óir do bhí an áit cumhang di. Ní raibh daonnaidhe san
gcuas istigh rómpa. Do cheap an Báille Mór gurab
amhlaidh do theith muintir an oileáin agus go ndeachadar
i bhfolach.



“’Seadh!” ar seisean, “is mór an ní —,” acht ní
bhfuair a thuilleadh do rádh, mar do buaileadh le sgailp
de sgraithín i mullach a bhathais é.



Do stad an bád láithreach. D’fhéachadar ’n-a dtimcheall.
Ní raibh aoinne ann.



“Aire dhaoibh annsúd thíos!” arsa duine éigin ar bharr
na haille. D’fhéachadar uatha anáirde agus is eadh do bhí
ann, cúigear fear agus gallán mór cloiche aca ar faobhar
na haille agus iad chun í do sgaoileadh anuas ortha.



Do liúghadar agus do bhéiceadar agus tháinig an
liathbhuidhe ortha.



“A Dhia láidir, tá ár mbáillidheacht déanta!” arsa
an Báille Mór. Do sgaoil na fir anáirde an chloch uatha.
Do bhí sí chomh mór le tarbh. Anuas léi agus í ag casadh
agus ag casadh. Do léim an chuid ba phraitneamhla de
na mairnéalaigh i bhfairrge. Síos leis an gcarraig agus
do bhain torann uathbhásach as an uisge díreach ag taobh
an bháid. D’éirigh an t-uisge an áirde san spéir. Do
thuit cuid de thall agus do thuit cuid de i bhfus agus do
thuit mór-chuid de isteach san mbád agus do bháidh sé agus
do mhúch sé iad. Ní slán do bhí an chéad charraig i bhfairrge
ná siúd anuas ’n-a diaidh ceann eile ó’n dtaobh thall. Do
thréig a gciall agus a gcalmacht lucht an bháid.



“Anois, a dhaoine, sgaoilidh fútha!” arsa Tadhg Mór,
agus do sgaoileadar go móir-mheanmnach. Annsin ’seadh
do bhí an gheoin agus an ghárthaigheal agus an cluithcheadh
agus an chnagarnach ann. Do bhí ceathanna tiugha teo ag
teacht anuas ar lucht an bháid sin de sgraithíníbh agus de
sgailpeannaibh cré agus de mhion-chlochaibh agus de smutaibh


L. 130


sean-chlár agus de shean-bhrógaibh agus de ghrean agus de
ghainimh agus de phortánaibh agus de mhadraíbh éisg agus
de ruthaíbh agus de chnúdánaibh dearga agus de mhion-
ghréithribh iomdha eile ba liosda le háireamh.



D’aimsigh duine éigin an Sirriam le portán mór
dearg, agus do chuir an portán tré thóin an hata caroline
síoda do bhí air, síos; gur mhalluigh seisean é féin fá
seacht i dtaobh go dtáinig ar an gcuaird sin ar aon chor.



Acht cheana, do chuadar ar éigin as an gcuas sin amach
go ndeachadar fé mhéala agus fé mhairg ar bórd na luinge
arís agus thugadar an fhairrge amach ortha féin agus ní
haithristear a bheag ná a mhór d’á n-imtheachtaibh ó shoin
amach.



Gurab é sin Tobhach Chíosa an Oileáin go nuige sin.


L. 131


DO-SHÁSTACHT AN DUINE.



DO bhí rí ann fad’ ó — rí tuisgionach ciallmhar cóir.
Do bhí urraim agus fómós ag á mhuintir do, agus
ba mhaith an ceart dóibh sain mar ba mhaith an rí é.
Ní raibh sé mar righthe eile ná leigeann ach lucht a dteaghlach
féin ’na ngoire na ’ná ngaor, agus ná faghann aon chúntas
ach an cúntas is maith le lucht a dteaghlach. Do bhí a mhalairt
de mheon ar fad aige. “Raghad amach,” ar sé leis féin.
“agus raghad imeasg na ndaoine agus beidh fhios agam
cad tá uatha agus cad badh maith dhóibh agus cad a dheunfadh
go síothach agus go suairc agus go sásta iad.”



Agus do chuaidh an rí amach. Níor aithin na daoine
gurbh’ é an rí é. Sin é a theastuigh uaidh. Théigheadh sé
tré lár an aonaigh agus ar fuaid na sráide agus imeasg
na gcuideachtan agus na gcómhthalán agus ní bhíodh sgeul
ná rud dá mbíodh ag deunamh buaidheartha dos na daoine
ná bíodh a bhrígh agus a bhunudhas agus a bhun agus a bhárr
aige.



Oidhche dá ndeaghaidh an rí amach do casadh é ameasg
gasra do bhí ag caitheamh aimsire agus ag pléisiúr agus
ag éisteacht le ceol agus le lucht grinn. Do bhí an rí
’á dtabhairt go léir fé ndeara. Do bhí gach aoinne go
deagh-chainnteach agus go sgléipeach.



Do chonnaic an rí duine de lucht a theaghlaigh féin
ann — duine go raibh meas mór aige féin air agus ionntaoibh
mhór aige as. Thug sé fé ndeara ná raibh fonn grinn
ná gáire ar an bhfear sin. Do bhí sé go brónach agus go
neamhshuimeamhail. Dob’ iongnadh leis an righ sain, óir
cheap sé ná raibh aon chúis ghearáin ná gruama aige-sean.
Do chuaidh sé chun cainnte leis an bhfear óg. Níor aithin
seisean an rí.


L. 132


“Is iongnadh liom gan tu go gealgháireatach agus
go suairc ar nós cách eile,” ars’ an rí.



“Tá a chúis agam, a dheagh-dhuine,” ars’ an fear óg.



“Is iongnadh liom sain — tusa agus cúis bhróin agat.
Tusa go bhfuil an óige agus an uaisleacht agat, agus an
cháil agus an chómhacht, go bhfuil meas an ríogh féin ort,
agus a mhuinghin agus a ionntaoibh asat — cad é an chúis
bhróin a bheadh agad léitheid?”



“Á! a dhuine chroidhe ’stigh, tá na neithe sin go léir
agam. Tá cuid agus clú agus cómhacht agam agus comh-
urraim rí agus daoine agam; ach cá tairbhe na maitheasaí
sin go léir nuair atá an t-aon ní amháin dob’ fhearra
liom ná iad go léir i n-easnamh orm, an t-aon ní amhain
gur dóigh liom dá mbeadh sé agam go mbeinn sásta; ach,
mo dhíth! níl sé agam agus ní bheidh agus is fada ó bheith
suairc ná sásta me.”



“Agus cad é an ní amháin sin go mbadh mheasa leat
agat é ná a bhfuil ’sa tsaoghal agat cheana; agus ná
fágann maith ná tairbhe isna neithe móra maithe atá id’
sheilbh?”



“Tá an ní sin ann, a dhuine,” ars’ an fear óg.
“Óigbhean álainn uasal dá dtugas gean agus grádh mo
chroidhe, agus dob’ áil liom mar mhnaoi agam féin í. Ach
mo mhairg! ní háil léi-se mise, dá mhéid mo chuid agus
mo chumas,” agus do léig sé osna cléibh, agus d’imthigh
leis fé bhrón agus fé throma-chroidhe.



An dara hoidhche, do bhí an rí ameasg lucht caithte feusta
i dtigh duine d’uaislibh na cathrach. Níor aithin aoinne
de’n chuideachtain é. Do bhí gach aoinne go séimh agus
go suairc agus go grádhmhar agus go gealgháireatach. Do
bhí aoibhneas agus suairceas ar gach n-aon de lucht caithte
na fleidhe sin. Ach ní raibh an té thug an fhleadh dhóibh go
suairc ná go so-mheanmnach. Thug an rí fé ndeara é.
Thug sé fé ndeara ná raibh aon tsuim ’san bhfleidh aige ná
i lucht na fleidhe. Do bhí cuma duairc dubhach do-mheanmnach
air. Do chuaidh an rí chun cainnte leis.


L. 133


“Truagh liom an duairceas so ort, a dhuine,” ars’ an
rí, “nó cad a bheir duit gan bheith soilbhir mar chách? óir
is duit nach misde, mar is ort ná fuil easbadh ná gádhtar.
Tá gach ní dár mhian le haon duine beo agat.”



“Tá, mo mhian agam,” ar sé, “tá ór agus ollmhaitheas
an tsaoghail agam — dóthain rí. Tá cead uilc is maitheasa
agam dá réir. Tá mo thoil féin agam. Níl aon ní gur
chuireas mo chroidhe riamh air ná fuaireas agus ná fuil
agam. Ach mo bhrón! nílim sásta, ná leath-shásta. Do
bhíos tráth agus do cheapas dá bhfaghainn teacht ar na neithe
go léir atá agam anois go mbeinn ar mo shuaimhneas agus
go mbeadh m’aigne ar a suaimhneas. Ach ní mar síltear
a bhítear, agus táim indiu níos buaidheartha im’aigne
ná bhíos an lá ba bhoichte dá rug riamh orm. Níl ’sa’ tsaoghal
so, agus i n-ollmhaitheas an tsaoghail, ach sgáth bog baoth
éadtrom ná maireann ach lá!” agus do lean dá shiubhal
go hochlánach agus go dubhach.



An tríomhadh oidhche do-chuaidh an rí amach agus do ghaibh
sé síos tré shráidín chumhang dorcha. Do bhí sé chomh dubh
dorcha ann ná feicfeá meur a chur id’ shúil. Níorbh’ fhada
do-chuaidh nuair a shatail sé ar dhuine éigin a bhí ’n-a luighe
ar chlocha na sráide agus ba dh’óbair an rí do leagadh.
Do léig an duine ulfairt mhíoshásta as.



“Greadadh chughat, a thuathaláin,” ar seisean, “ná
fuil mío-adh agus aindeise mo dhóthain cheana orm gan
tusa do shiubhal lasnáirde orm,” agus do chuir sé gnús
míoshásta eile as.



“Gabhaim párdún agat, a dhuine, ach ní fheaca ’sa’
doircheacht thu. Ní gádh dhuit bheith chomh mío-shásta, leis,
má siubhluightar ort, má’s rud é gur rogha leat codladh
ar thaobh na sráide.”



“Níl a mhalairt agam,” ar seisean.



“Cionnus sain?” ars’ an rí.



“Mar go bhfuil an mío-ádh orm — rud a bhí orm riamh
agus a bheidh go deo. Níl tigh ná treabh agam. Níl bó
ná caora agam. Níl béile na hoidhche ’nocht agam, na


L. 134


béile na maidne amáireach. Níl fuithin o’n bhfuacht agam
ná ó’n bhfliuchán, ach na sean-ghiobail stracuighthe seo ná
leigfeadh náire dhom dul ar an sráid mhóir amach leo.
Níl ionntaoibh ag aoinne asam, ach droch-amhras aca orm
agus dhroch-mheas. Dúnaid lucht na cathrach a ndóirse
im’ aghaidh nuair a chíd siad chúcha mé, agus rithid na páisdí
uaim le heagla. Níl an tsláinte agam ná níl brígh ionnam,
ach an t-ocras agus an fuacht agus an droch-úsáid am’
lagú agus am’ mharbhú & am’ mhilleadh, & gan truagh ná
trócaire ná muinteardhas ag aoinne beo dhom. ‘Ná bím
míoshásta.’ Ochón, mo chráidhteacht! Nach me an truagh
Muire! Nach me an donán bocht donaidhe! Nach me an
mac mío-áidh! Nach me atá im dhreoilín spóirt ag an
saoghal!” agus do shín sé é féin ar an dtalamh agus
d’fhan ann.



Do-chuaidh an rí a-bhaile agus do chrom ar mhachtnamh
Dob’ fhada an machtnamh aige é.



“’Seadh!” ar sé fé dheire, “is ait é cúrsa an duine,
agus is ait é an duine, agus is deacair é shásamh. Bíodh
sé agus gan aige ach an dealbhas agus an aindeise agus
is cráidhte an duine é. Bíodh sé agus go leór aige agus
ní háil leis gan tuilleadh; nó bíodh sé agus an saoghal
mór agus a bhfuil ann ar a thoil aige, is é an dá mhar a
chéile é. Ní bhíonn sé choidhche sásta.


L. 135


AN TOIRMEASG.



DO bhí triúr dearbhráthar ann fad’ ó agus ní raibh
riamh aon triúr ba mhó cion ar a chéile ná iad, ná
ba ghrádhmhaire, ná ba dhúthrachtaighe dá chéile. Do
bhí an triúr aca pósta agus dá cheanamhlacht iad na fir
ar a chéile, dob’ fhearr go mór a dtriúr ban; agus ba
shéimhe agus ba shoilbhre. Ní raibh aon trí lánamhna sa tír
sin mar iad, agus, cé go rabhadar ’n-a gcómhnaidhe i n-aon
tigh amháin, ní raibh aithne a choda féin ag aoinne aca ach
iad i gcomh-pháirt.



’Seadh, bhí sain go maith go dtí lá áirighthe ghluais an
t-áidhbhirseóir ag teacht ag triall ortha. Do bhuail an
sagart leis ar an mbóthar agus d’fhiafruigh de cá raibh
a thriall.



“Raghad ag triall ar thriúr dearbhráthar, agus a dtriúr
ban, atá annso thiar,” ar seisean.



“Agus cad dob’ áil leat ann?” arsan sagart.



“Chun imreas éigin a dheunamh eatortha,” ar sé sin,
“tá droch-shompla aca ’á thabhairt uatha.”



“Buail isteach chúgham ar bhfilleadh dhuit,” ars’ an
sagart.



D’imthigh an t-áidhbhirseóir air agus ní dhearna sé sos
ná cómhnaidhe go ndeaghaid sé anáirde ar lochta an tighe
aca, agus do-chuaidh sé isteach i gcliabh mór olna do bhí
ann. Níorbh’ fhada ann do nuair adubhairt na mná gur
cheart dóibh rud éigin a dheunamh de’n olainn do bhí ar
an lochta.



“Deinimís bréidín di,” arsa duine aca.



“Ní headh, ach déantar plainín di,” ars’ an dara
bean.



“Ní dheunfam bréid ná plainín de’n olainn sin,”
ars’ an bhean eile aca, “ach deunfam píosa breagh plaid
di.”



“Bréid,” ars’ an cheud bhean.


L. 136


“Plainín,” do ráidh an tarna duine.



As sain gur dhírigheadar ar chaint agus ar bhréithre
bagartha, agus dob’ é críoch an sgéil go rabhadar ar mhullaighe
ceann ag á chéile.



Do bhí duine des na fearaibh ag gabháil d’fheur amuich
san iothlainn. Nuair do chuala sé an gheoin istigh, seo
isteach leis.



“Cad é an diabhach atá anois oraibh ná raibh riamh roimhe
seo oraibh?” ar sé.



“An olann so,” arsa bean aca, “agus an chrích badh
mhaith liom-sa a chur air nárbh’ é badh mhaith leis an mbeirt
eile, agus as sain gur éirigh an t-aighneas.”



“Is fuirist an sgeul sain a réidhteach,” ars’ an fear,
“déinidh an olann a roinnt agus deineadh gach aoinne
agaibh a rogha rud le n-a chuid féin.”



Do roinneadar an olann annsain, ach thárlaidh go
raibh púnt di spártha. Do thosnuigh an chainnt arís i
dtaobh an phúint. D’éirigh a bhfearg ortha leis an gcainnt
a dheineadar agus ba ghearr go raibh ’na chogadh dhearg
arís aca.



Do chualaidh an fear an clampar arís. Seo isteach
leis agus píce trí mbeann ’n-a láimh aige.



“Cad é an diabhach so arís oraibh?” ar seisean.



D’innseadar do gurab amhlaidh a bhí púnt de’n olainn
spártha aca agus nárbh’ fhéidir a réidhteach.



“Nár thugaidh Dia aon lá dá thairbhe dhíbh,” ar seisean,
agus do sháidh an píce ann agus do chuir an púnt olna
isteach i gceart-lár na teine.



Cad do bheadh ná an t-áidhbhirseóir agus é istigh ’sa’
phúint; ach má bhí, níorbh’ fhada an mhoill air an doras
amach a chur de agus teann deabhaidh fé.



Níorbh’ aistear leis gabháil chun tighe an tsagairt ag
dul ar ais do. D’fhiafruigh an sagart de cionnus d’éirigh
leis.



“Am briathar,” ar seisean, “ná fuaireas mo dhóithin
siamh i n-aon áit ’ár ghabhas go dtí gur casadh eatortha
súd me; agus tá súil agam gur fada arís go mbeurfaidh
a leithéid de challshaoth orm,” agus d’innis sé a sgeula
o thúis deire.


L. 137


AN TSAINNT.



DO bhí fear ann fad’ ó. Ní rugadh riamh fear ba mhó
dúil i n-airgead ná é. Do bhí an tsainnt ’n-a
chroidhe, agus an doicheall, agus an sgannradh chun
an tsaoghail. Níor thug sé déirc do bhochtaibh riamh ná
ní fheacaidh Dia riamh é agus rud ’na láimh aige ’á shíneadh
chun an dílleachtaí. Do bhailigh sé a chuid go bocht agus
go sprionnlaithe. Do bhailigh sé cuid mhaith dhe — do bhí na
naoi mílte naoi n-uaire aige.



Annsain do fuair sé bás.



Tugadh breith damanta láithreach ar fhear sin na sainnte.
Ní raibh an dara focal air. An tsainnt do dhaor é. An
tsainnt do mhill é. An tsainnt do chuir go deo i n-umar
na haimléise é.



Do ghluais sé leis fé dhéin Lice na bPian agus níor
bh’fhada go dtáinig ar bruach Abhann Stics. Do ghlaoidh
sé ar Chonán na Féinne. Tháinig Conán agus a shean-bhád
aige agus an croiceann fóisge aniar air.



“Cad a bheadh uait ach me chur thar abhainn?” arsa fear
na sainnte.



D’fheuch Conán síos agus suas air.



“An uile mhío-ádh orm-sa,” ar seisean, “má chuirim
anonn gan réal thu.”



“Réal! ó dhe mo léir, is cá bhfaghainn-se dhuit réal,”
ar sé sin, “an amhlaidh a mheasfá me chreachadh. Cogar
i leith chúgham, a Chonáin,” ar seisean, “tabharfaidh mé
tistiún is leath-phingne dhuit.”



Níl cur síos ar an gcainnt adubhairt Conán; ach do
labhair sé go fórsach.



“Ochón!” arsa fear na sainnte go cráidhte, “nách
orm atá an mío-ádh”; agus do bhí sé go buaidheartha


L. 138


agus go mío-shuaimhneasach agus go dóighte; ach ní thabharfadh
sé an réal uaidh i n-ao’ chor. I ndeire thiar thall ’sé dhein
sé ná dul de léim san abhainn bhréin bhracaigh sin agus
do chuaidh de bhuillí snáimh anonn ar an dtaobh eile.



Do chuir sain Ifreann go mór tré n-a chéile. Do
bhítheas go buaidheartha ann agus go bagarthach. Do-chuadar
na deamhain mhóra i gcomhairle a chéile.



“Cad do-dheunfam leis?” ar siad.



“Ceangaltar de’n charraig i dteannta Próiméitis é,”
arsa duine aca.



“Curtar ag tarrac an uisge fara Danáideas é,”
arsa deamhan eile.



“Téigheadh sé i dteannta Sisiphus ag tiomaint na
cloiche rómpa,” ars’ an tríomhadh deamhan.



D’éirigh an deamhan mór ’n-a sheasamh.



“Ná déantar,” ar sé sin, “aon ní des na neithe sin
leis. Ceapaimís pionós éigin níos déine dho — rud éigin
a chrádhfaidh an croidhe ann. Curtar ar ais ar an saoghal
arís é go bhfeicidh sé an droch-chrích atá ’á thabhairt ar a
chuid airgid ag an dream go dtug sé dhóibh é.”


L. 139


“Ó THIGH MHÓIRE GO DONNCHADH DÍ.”



I.



AN uair is mian le Gaedhil a rádh go raibh dhá áit nó
dhá rud i bhfad i gcéin ó chéile, adeirid do ghnáth —
“Táid chomh fada ó chéile is atá Tigh Mhóire is Donnchadh
Dí”; agus ní beag leo an méid sin de shlighe idir aon
dá rud. Dom’ dhóigh-se, leis, ní beag d’aistear an
t-aistear sin fós idir aon dá áit, gidh go bhfuil réidh-róid
agus bóithre iarainn agus capaill iarainn agus foluamhnáin
aeir anois againn, agus go bhfuil sé i gcumas dúinn
gluaiseacht ar luas fáinnle nó feirbe ó áit go chéile,
rud ná raibh i gcumas d’ár sínsearaibh an uair do rinneadar
an sean-rádh sin.



Tá Tigh Mhóire ar bruach na mara i nDún Chuinn i nIarthar
Chorca Dhuibhne i gcrích Chiarraighe, agus is é an tigh is giorra
i nÉirinn do’n Domhan Tiar é. Tá Donnchadh Dí i gConndae
an Dúna thoir thuaidh agus is é an baile is giorra d’Albain
é de bhailtibh Éireann.



Cionnus thárla an dá ainm sin ar an dá áit sin, agus
cionnus thárla an sean-rádh i n-a dtaobh? Seo mar thárla.



Insa tsean-aimsir do bhí fear i nÉirinn, síos amach,
gurbh’ é a ainm Donnchadh Dí. Ní fios cia an sórt duine é.
Ní fios an raibh sé beag nó mór, breágh nó gránna. Do
bhí bean aige. Mór ainm na mná. Adeirthear gurbh’
inghean do thaoiseach treibhe ise agus gur euluigh sí le
Donnchadh, ar mhéid a ngrádh d’á chéile, nuair ná tabharfad
a hathair cead di-se Donnchadh do phósadh. Is dócha gurab
é do bhí i gcoinnibh Dhonnchadha aige, go raibh an fear bocht
... táinte bó ná tréada caorach. Mairg do bheadh gan
... ná tréada!


L. 140


Ach is galar gan smacht an grádh, agus do bhí a shaothar
i bhfaighid ag an bhfear críonna. D’imthigh an bheirt le
chéile, agus do cheapadar, ní nach iongantach sain, ar feadh
tamaill, gur leor de mhaoin agus de shaidhbhreas an tsaoghail
aca an grádh do bhí aca d’á chéile. Ach, mo mhairg! Dáltha
a lán eile, do fhuaruigh ar an ngrádh aca. Is greannmhar
an galar an grádh ceudna: bíonn sé go dian, ach imthigheann
sé mar gach galar eile. Pé sgeul é, i gcionn tamaill
ní go sítheach ná go grádhach do bhí an sgeul ag Donnchadh
agus ag Móir. Do bhí an droch-mhianach innti siúd, agus
nuair thárla sain amhlaidh, agus nuair d’imthigh an grádh,
agus nuair do thagadh uaisleacht a hathar agus a muintire,
agus an-uaisleacht a fir, chun a cuimhne, ba dhona an íde
thugadh sí ar Dhonnchadh bocht.



Duine breágh bog dob’ eadh Donnchadh. Níorbh’ fhearr
leis cainnt ná éisteacht. Badh mhaith leis an taobh ba
réidhe agus ba shuaimhneasaighe de’n sgeul do bheith aige
i gcomhnaidhe. Nuair ná tiocfadh duine leis do raghadh sé féin
leis an duine, d’fhonn an réidhtigh. Sin mar do bhíodh an
sgéal aige féin agus ag Móir. Nuair do chromadh sise
air ní ghníodh sé aon treasnuigheal ná aon áiteamh uirthi,
ach bualadh an doras amach agus í d’fhágáil istigh. Do
bhí sain maith go leór dá mbeadh an gnó amuich ar fóghnamh
ná ar feidhm, rud ná raibh, mar do bhí an saoghal ag dul
’n-a choinnibh ’stigh is amuich.



Do bhí sé lá cois na teine istigh — lá fliuch geimhridh —
agus gal tobac d’á chaitheamh aige. Chrom sí air.



“Losgadh doighe go gcuiridh an tobac ort,” ar sise.
“maran deas é do ghnó i gcorp-lár an lae istigh. Chughas
uaim as sain, a liadhairne dhíomhaoin. ’Chirte dhuit beart
brosnaighe a bhreith ó’n gcoill leat agus gan sinn a bheith
d’ár leathadh annso ar an dteinteán fuar feannaideac
so. Mhuise, gan tú ’leigint dúinn mar fhear tighe —”



D’éirigh Donnchadh agus ní dubhairt sé dadadh ach —
“Go gcuiridh Dia ar do leas thú, a bhean,” agus do bhuail
sé amach fé dhéin na coille. Do-rinne sé gad agus do
chrom sé ar bhrosna do bhailiú agus ba ghearr gur imth...


L. 141


cuimhne Móire as a cheann agus tháinig a mhisneach arís
dó. Do bhí sé ag briseadh na slapar agus ag portaireacht
agus crónán amhráin ar siubhal aige.



I lár a shaothair istigh do taidhbhsigheadh dó go gcualaidh
sé an duine ag glaodhach air. Níor chuir sé aon eadh ann.
Do lean sé air. “A Dhonnchadh!” ars’ an duine arís.
Do baineadh geit as Donnchadh. Do stad sé. Tháinig
sórt sgátha air agus níor fhreagair. Do ghlaoidh an guth
arís air ach nuair thug Donnchadh iarracht ar labhairt is
amhlaidh tháinig snagadh ’na sgórnaigh. Do bhí an eagla
ar an nduine bocht. D’aithin an duine do bhí ann go raibh
an eagla ar Dhonnchadh agus do labhair go cneasda
cáirdeamhail leis. “A Dhonnchadh,” ar sé, “ná bíodh sgáth
ná eagla ort. Mise Bréanainn mac Fionnlogha, agus
do chuir Dia na glóire chughat ó neamh mé d’á rádh leat
go bhfaghair pé dá athchuinghe is maith leat; agus is mar
gheall ar tú bheith chomh foidhneach agus chomh fad-fhulaingtheach
led’ mhnaoi agus le haindeise an tsaoghail a thug Dia
duit an dá athchuinghe sin.”



D’imthigh Bréanainn Naomh. Ní raibh a fhios ag Donnchadh
go ceann tamaill cionnus mar do bhí an sgeul, i n-ao’
chor. Do bhí mearbhall air tamall. Nuair tháinig a chiall
agus a thuigse dhó ba bhuaidheartha an duine é. Do shuidh
ar an mbeart brosnaighe.



“Och! dar ’a leabhar-sa,” ar seisean, “ach go bhfuil
agam! Feuch, is mairg ná beadh foidhne aige … An
rud badh mheasa le duine ná — a bhean d’á chrádh, n’fheadair
sé ná gurab é lár a leasa é … Ní héidir gur a’
magadh fúm a bhí sé. Och, nárab eadh! Ní tháinig aoinne
riamh ó Flaithis Dé chun bob a bhualadh ar aindeiseóir mar
mise … Dá athchuinghe! … Cad é dh’iarrfad? Sin
í an fhadhb… Airgead agus ór? Saoghal fada? …
Mór a mhíniughadh — aililiú, dá gcloiseadh sí mé! … An
bheatha shíorraidhe — badh mhaith sain, dar ndóigh … Ach
mo dhíth, níl agam ach dhá athchuinghe … Dar muige!
Is geairrid le dul iad mar dhá athchuinghe … Ní féidir
so is súd a bheith agam. Ní fearr so ná súd, agus ní


L. 142


fearr aon cheann aca ná an tríomhadh rud … Ó dhe,
mo léir agus peacaidhe mo shaoghail! Cad a dheunfad? …
B’fhéidir nach é mo leas a dheunfainn … Seachnuighim
nach é “an tabharthas a thug Feoras go Baoi” agam é.
Ar eagla na heagla, ní bhainfead leo. Inneósad an
sgeul do Mhóir. Bean tuisgionach iseadh í — nuair ná
bíonn fearg uirthi … ’Seadh, sin é a dheunfad.”



Agus d’fháisg sé gad ar an mbrosna agus d’árduigh
air féin aniar é agus chuir an talamh de a-bhaile go tiugh
te. Beart mór trom dob’ eadh é agus ba ghearr gur
ghoill a throime ar Dhonnchadh. Do bhí sé traochta sul a
raibh sé leath-slighe, agus b’éigean dó an beart do leagadh
ar an dtalamh. Do shuidh sé air. “Ochón! mo ghuala,”
ar seisean. “B’fhearr liom ná rud maith go mbeinn
féin ’s an beart so ’sa’ Bhaile …”



Ní raibh an focal as a bheul aige nuair tógadh leis
féin agus leis an mbeart ós cionn talmhan agus do ghluais
sé trés an aer go mear mór-shiubhlach fá thuairim a thighe
féin. Do liúigh Donnchadh is do bhéic, ní nach iongantach
sain, agus do cloisfidhe isna tíortha tuadha an gheoin do
dhein sé. Do bhí greim daingean do-sgaoilte aige ar
an mbeart agus a dhá chois leathta air, gur ba iongnadh é,
an té do chífeadh é, insa spéir-sheoladh sin.



Do-chuala Mór an gleó. D’éirigh a croidhe uirthi.
Siúd an doras amach í. Do chonnaic sí ag teacht a fear
agus ba ghreannmhar léi inar theacht aige é. D’éirigh a
croidhe a thuilleadh uirthi nuair do chonnaic sí é. Do
thuirling an beart. Do thuirling Donnchadh. Do bhí a
chroidhe is a aedh ag rith ar a chéile le héigean an anaithe
do bhí air.



“Óra, ’Dhonnchadh, a ghrá’ gil!” ar sise, agus rug sí
barróg air. “Cad a thárla dhuit i n-ao’ chor, a dhaltha,
nó cad d’imthigh ort?”



Dob’ éigean deoch ’n uisge do thabhairt do Dhonnchadh
bocht sul a dtáinig a chainnt dó, agus ise ag freasdal
air agus gach aon “mo ghrádh é sin,” agus “a chuid,” agus


L. 143


“a thaisge,” aici leis. Annsain d’eachtruigh sé dhi cionnus
mar do dhein sé a bhotún.



Annsain ’seadh d’éirigh an ceol! Thug sí sgalladh dhó.
Thug sí dho ó thalamh é. Thug sí dho ar a fhaid agus ar a
leithead é. Do ghearán sí le n-a croidhe é is do ghearán
sí le n-a cloinn é. Do bhí a chúis aici, dar léi, agus do bhí
an fhearg uirthi agus ní raibh smacht ar an dteangain aici
agus do sgaoil sí léi féin.



D’éirigh seirbhthean agus canncar i n-a chroidhe ag
Donnchadh. Níor bheag leis chuige an botún do dhein sé
féin — agus ba chráidhte sgólta, dúr-chroidheach do bhí sé
mar gheall air — gan ise do bheith ag gabháil de chipín air
agus ag á chrádh nísa sheacht measa. D’éirigh a fhearg.
Tháinig gráin agus fíoch agus gomh aige di-se agus do féin
agus do gach ní i gcoitchionn. Olc agus fearg mhearbhallach
mhío-réasúnta do bhí air.



“Á!” ar sé, “mairg dom riamh gur casadh orm thu,
agus dob’ fhearr liom Éire uile eadrainn, a challaire
mhí —”



Ní dubhairt sé a thuilleadh. Tógadh leis ins an aer
anáirde. Tógadh le Móir is le n-a cloinn insan aer
anáirde. Soir ó thuaidh leis-sean. Siar ó dheas leo súd.
Níor stad Mór is a clann go ndeaghaidh sí go Dún Chuinn
i n-iarthar Chorca Dhuibhne. Do thuirling Donnchadh ar
bruach Srotha na Maoile thoir thuaidh i nUltaibh.



Tá Thigh Mhóire i gCorca Dhuibhne fós agus Donnchadh
Dí ar an áit gur fhan Donnchadh ann agus gur cailleadh
ann é. Is de sin atá an seanrádh .i. “Ó Thigh Mhóire go
Donnchadh Dí,” ó shoin i leit.



II.



“Íde Chlainne Mhóire
Do seóladh leis an gcat fé dhraoidheacht.”



— Sean-amhrán.



D’fhan Mór is a clann .i. triúr mac agus inghean, i
nDún Chuinn. D’fhás an chlann go rabhadar na mic ’n-a


L. 144


bhfearaibh agus an cailín ’n-a mnaoi. Tháinig atharrú mór
ar mheón agus ar aigne Mhóire i n-imtheacht na haimsire
sin. D’imthigh an faobhar di agus tháinig cneastacht agus
mánlacht ’n-a áit. Thuig sí nárbh’ fhearr bréithre diana
do mhnaoi ná í bheith ciallmhar riaghalta mánla mín, agus
do bhí a fhios aici, leis, dá olcas é Donnchadh gurbh’ fhearr
é ná bheith ’n-a uireasba; ach ní raibh leigheas ar an sgeul
sin.



Do-chuaidh an bheirt ba shine d’á macaibh ar a bhfairrge
lá ag iasgach. Curachán beag beul-osgailte do bhí aca.
Tháinig an droch-uain. Do shéid na gaotha garbha gáibhtheacha.
D’éirigh an borradh insa bhfairrge go raibh aoirde árd-
shléibhe i ngach tuinn taobh-uaithne dhi. Tháinig na ceathaí
fuara fearthanna agus an torann agus an droch-shíon.
Tháinig an oidhche dhubh agus an mhaidean bhrónach; ach ní
raibh tuairisg na beirte le fagháil, marbh ná beó. Ba
thruagh an mháthair Mór. Ba thruagh an mhuintir muintir
Mhóire. Is beag má gháireadh sí riamh ’n-a dhiaidh sin, ná
ní thagadh fearg uirthi le duine ar bith, ach í go mín mín,
agus go ciúin ciúin.



Do bhí an sgeul mar sin ar feadh seacht mbliadhan go
dtí oidhche, agus an mac óg ’n-a chodladh, do taidhrigheadh
dó go raibh sé fara a dhearbhráithreachaibh; ach nuair do
dhúisigh sé ba bheag nár ghoil sé nuair ná raibh aon díobh
ann ná a dtuairisg. Dubhairt sé nárbh’ fhuláir dó dul
ar a dtuairisg. D’iarr sé ar a mháthair lón lae agus
láin-bhliadhna do dheunamh do. Rug sé leis an lón ar an
dtráigh. Do bhí curacháinín aoibhinn áluinn annsúd aige
agus do-chuaidh innte. Thug sé a tosach do mhuir agus
a deireadh do thír agus d’árduigh anáirde a seólta beann-
árda bána agus nuair do théigheadh as an ngaoith dhó do
tharraingigheadh sé chuige a dhá mhaide reamhra bas-leathna
rámha, agus níl aon bhuille rámhaidheachta d’á dtugadh sé
ná cuireadh sé seacht slata d’fhairrge í.



Do ghluais sé ’n-a aonar an fhairrge amach gan de
chuideacht ná de chomhluadar aige ach róinte agus míolta


L. 145


móra na fairrge, agus na faoilinn ós a chionn. Do bhíodh
sé ag cainnt agus ag cómhrádh le murdhúchainn na mara
do thagadh chuige ar bhárr na tuinne d’á ghríosadh agus ag
deunamh eolais dó insa tráthnóna thiar nuair do bhíodh
an ghrian ag faoidhe agus ag dul ar sgáth na mara móir-
leithne; ó d’fhág sé a thráigh féin amach, riamh is choidhche,
gur bhuail sé tosach an churaigh ar thráigh an Oileáin Bháin.



Do-chonnaic rí an Oileáin Bháin an curach. Do chuir
sé fios ar an bhfear feasa do bhí aige. Tháinig seisean.



“An cara nó eascara dhom gaisgidheach an churaigh?”
do ráidh an rí.



Dubhairt an seanndraoi dá ndeuntaí cáirdeas leis an
ngaisgidheach go mb’ fhearrde an rí é; ach dá mbadh mhío-
mhuinteardhas do-dheuntaí leis, gur mhisde an rí é.



“Cionnus is féidir sain?” ar an rí, “agus go bhfuil
an dá ghaisgidheach is fearr ar domhan agam.”



“Is fearr d’fhear é siúd ná do dhá ghaisgidheach, a rí,”
ar an seanndraoi.



Do chuir an rí an dá ghaisgidheach ar an dtráigh chun
fáilte do chur roimh fear an churaigh.



Tháinig mac Mhóire i dtír. Thángadar an bheirt
ghaisgidheach go dtí é agus do fhearadar na fáiltí leis, agus
d’iarradar air dul leo go cúirt an rí.



Do ghluais sé leo.



“Imrighimís cleas iomána,” ar duine aca.



“Ní rugas mo chamán liom,” ar mac Mhóire; ach thug
an fear ba shine aca camán dó agus do-chuaidh sé féin
agus an dara fear aca le chéile. Do chuir mac Móire
an cluiche ar an dara fear.



“Raghad-sa cor iomrasgála leat,” ar an fear ba
shine aca leis; agus do-chuadar agus ins an iomrasgáil
dóibh do bhuail an gaisgidheach fé thíos mac Móire, ach ní
túisge bhíodar ar lár ná gur éirigh seisean ar an ngaisgidheach.



“Níor éirigh aoinne riamh orm d’ár leagas,” ar an
gaisgidheach, “ach an dearbhráthair óg d’fhágas im’ dhiaidh
i nÉirinn.”


L. 146


“Agus níor leag aoinne riamh mise ach dearbhráthair
ba shine ná mé bhí agam fad’ ó,” ar mac Mhóire.



“B’fhéidir gur mar sin féin é,” ars’ an fear eile,
agus d’fheuchadar deilbh agus deunamh agus snódh agus
pearsa a chéile. Thug an fhuil ’n-a gcroidhe aithne ar a
chéile agus rugadar barróg ar a chéile, agus do phógadar
a chéile go dil agus do diochra; agus do shileadar frasa
deór le dian-áthas.



Do-chuadar tar éis sin go cúirt an rí agus ba mheidhreach
mór-áthasach an chuideacht do bhí ann an oidhche sin. Do
chaitheadar a trian ag ithe is ag ól, trian ag fiannaidheacht
agus ag éisteacht ceóil, agus trian ag suan agus ag
sámh-chodladh.



Lá ar n-a mháireach d’iarr an mac óg ar an mbeirt
dearbhráthar teacht a-bhaile leis d’fheuchaint a máthar is
a muintire. Adubhradar-san go raghaidís dá dtugadh
an rí cead dóibh. Do-chuadar ag triall ar an rí. Ba
leasg leis sin iad do sgaoileadh uaidh, ach, mar shásamh
dóibh, adubhairt sé leo dul a-bhaile. Do chuir sé de gheasaibh
ortha, ámhthach, gan bheith amuich uaidh ach lá agus bliadhain.



Do ghluaiseadar ortha a dtriúr thar an muir uaignigh
ucht-fhairsing, agus ní innstear a bheag ná a mhór d’á
dtuairisg gur ghabhadar Faill Chliath aníos tráthnóna aoibhinn
gréine. Do bhí Mór ar an gcalaith ann rómpa agus ba
bheag ná deachaidh sí le gealaigh agus í ’gá bpógadh agus
’gá n-ath-phógadh.



Ba shubhach do bhítheas aca annsin, agus ba mhór de’n
bhrón d’imthigh d’á máthair. Ba bheag léi gach córú d’á
dtug sí ortha agus ba bheag leo-san gach a ndeárnadar
ar mhaithe léi-se. Do bhí ní amháin ag deunamh buaidheartha
dhi, ámhthach. Tháinig fuath ós meodhon aici do’n bhfairrge.
D’iarr sí mar athchuinghe ortha gan dul ar an muir go
deó arís. Do ghéilleadar di. D’imthigh cuimhne an
Oileáin Bháin agus cuimhne na ngeas do cuireadh ortha,
agus tháinig an lá agus an bhliadhain agus níor fhágadar
an baile ná níor chómhlíonadar a ngeasa. Dob’ fhearr
leo bheith fara a máthair. Ní bhfaghaidís ó n-a gcroidhe


L. 147


sgaramhaint dá ndeóin léi arís; agus badh sgaramhaint
cuirp le hanmain di-se iad d’imtheacht uaithi an tráth sin.
Olc, ámh, an chinneamhain agus an chríoch do bhí i ndán dóibh. Is
mairg ná cóimhlíonann a gheasa; agus is dá mhairg do
bheadh fé gheasaibh, beag ná mór.



Tráthnóna fóghmhair ’n-a dhiaidh sin do bhí clann Mhóire
ar an mbán ós cionn na mara. Ní raibh neul gaoithe as
an spéir an tráthnóna sin, ach an calm agus an ciúineas
ann. Ní raibh tonn d’á suathadh, ná muir d’á luasgadh,
ach an fhairrge go léir go sámh socair meirbh-thréith. Do
bhí ceo doilbh diamhair insa spéir agus ar an muir, agus
doirche agus doiléire ar gach ní. Níorbh’ uain í do chuirfeadh
suairceas ná soi-mheanma ar aoinne d’á mbeadh ann.
Ní raibh ann ach an ciúineas agus an doilbheas agus an
diamhaire. Olc an tuar an tráth sin do chlainn Móire.
Tháinig a lá. Do bhítheas chúcha.



Is annsain do-chonnacadar an long leabhair lán-mhór
an Bealach Mór a dtuaidh chucha. Do bhí sí, dar leo, ag
imtheacht ar seachrán slighe, agus ní raibh stiúir d’á stiúradh
ach í ag seoladh ar a hádhbhar féin leis ar sruth. Long gan
lucht luinge innti í, dar le clainn Mhóire.



Do-chonnaic Mór an long. D’éirigh a croidhe uirthi,
agus do líon d’eagla agus d’fhuath na luinge sin. Níorbh’
dhi ba imshníomh gan adhbhar. Olc an tuar toisg na loinge
sin chúichi. Do labhair sí le n-a clainn. Do chan sí bréithre
milse mealltacha leo. D’iarr sí ortha gan dul do’n
luing. Do-chuaidh sí go bog is go cruaidh ortha d’á athchuinghe
ortha gan dul. Rug sí barróg ortha agus do phóg iad
agus do shil frasa deor agus do bhí ar buaidhirt go mór,
’ghá éileamh ortha gan dul do’n luing sin. Ach níor ghéill
an triúr di. Olc an chomhairle do-dheineadar!



Do ghluais an triúr gaisgidheach — an triúr calma, an
triúr nár traochadh — fá’n dtráigh síos. Do-chuadar i
gcurach agus do shádhadar ó’n dtráigh amach í. Do-chuaidh
Mór ar an gcarraig ós a gcionn agus do bhí go dubhach
ag cur a beannachtan leo. Do-chuadar do’n luing. Ní
raibh duine ná daonnaidhe innti. Ní fheacadar beo ar a


L. 148


bórd ach cat dubh draoidheachta. Do dhein an cat cómhartha
dhóibh dul leis féin síos fé’n mbórd. Do-chuadar. Dob’
é sin an dul gan teacht! Mairg ar a mbeadh geasa!



Do dúnadh an clár ar chlainn Mhóire. Tháinig sidhe
gaoithe fá na seóltaibh. Do gabhadh an stiúir, agus do
ghluais an long an fhairrge amach go dtáinig ceo doilbhthe
draoidheachta do chuir fé chlúid agus fé cheilt í.



Agus tháinig Mór ar an bhfaill, agus do chaoin agus
do ghread a basa. Truagh an dáil thárla dhi. Truagh
Mhuire í ag gol ’s ag caoi. Dubhach an brón a brón sain.
“Uch! uch!” ar sí, “mo thriúr calma! mo thriúr fearamhail!
mo thriúr gan locht! … Truagh mé anocht ’nbúr n-eugh-
mais … Mairg do’n mháthair do thóg sibh go bhfeicfeadh
sí d’bhur bhfuadach sibh ós comhair a súl … Docht an
sgeul mo sgeul-sa agus is truagh gan an bás am’ bhreith …
Mór mo bhrón anocht is níl brón mar mo bhrón-sa ar
aoinne… Uch, a long, is tú do mhill iad … a mhuir
mhór, is tú rug uaim iad! … Uaigneach bhur máthair
ar an bhfaill, a thrír! Uch, uch ón! Doilbh bhur gcúrsa
anocht agus is dá dhoilbhe ná sin domh-sa … och, och,
monuar! …” agus tháinig déidheanaighe agus doircheacht
oidhche thar an tír agus do-chuaidh na healtain éan chun
suain agus tháinig an sionnach seang as a phluais, agus
an broc as a bhroclaigh, agus do ghluais an sluagh sídhe
agus an bhadhbh agus an púca ar feadh na tíre; ach níor
chorruigh Mór ó’n gcarraig, ná níor sguir d’á caoineadh
ná d’á gol, ach í go dubhach dubhach ag deunamh bróin i
gciúineas na hoidhche annsúd ós tonnaibh na mara móire.






19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services