Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cómhairle Ár Leasa

Title
Cómhairle Ár Leasa
Author(s)
Ua Laoghaire, Peadar, An tAthair,
Pen Name
Cath Muige Mucrime
Composition Date
1923
Publisher
Brún & Ó Nóláin, Teor.

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


CÓMHAIRLE ÁR LEASA. An tAthair Peadar Ua Laoghaire.



FÁTH ÁR SGÉIL.



A mhuinntir na h-Éireann, a Chlanna Gaodhal amuich
agus i mbaile, tá rainnt cainnte againn le déanamh libh.
Ní h-é ár dtuairim go dtaithnfidh an chainnt ró mhaith
le cuid agaibh. Is minic nách í cómhairle a leasa an
chómhairle is fearr a thaithnean le duine. Is sean fhocal
é go mbíon an fhírinne searbh. Ach ní fhágan san ná
gur fiú an fhírinne í innsint agus éisteacht léi. Tá
aon nídh amháin deimhnightheach. Sa pháipeur nua so
neósfar an fhírinne dhaoibh pé'cu thaithnfidh sí libh ná ná
taithnfidh.



Seo fírinne. Táthaoi ag éisteacht le fada, le
daoinibh agus le páipeuraibh, 'ghá shíorshéide isteach i
nbhúr gcluasaibh gur ceart Éire bheith 'n-a náisiún fé
leith, agus nách féidir Éire bheith 'n-a náisiún fé leith
go dtí go mbeidh déanamh ár ndlighthe fúinn féin.
Glacan sibh an chainnt sin agus is dóich le gach duine
agaibh ná fuil aige le déanamh acht a dhrom do thabhairt
le falla, ag feitheamh go mbeidh déanamh ár ndlighthe
fúinn féin!



Tá sgéal nách é sin againn le h-innsint daoibh sa
pháipeur nua so. Tá sé le h-innsint daoibh gur 'mó
rud a théidhean chun náisiúin fé leith do dhéanamh agus
do chur 'na sheasamh ar a bhunaibh féin, i n-éaghmuis
dlighthe agus párlimíntí. Ba mhaith an rud dúinn ár
ndlighthe féin do dhéanamh, ach ní foláir dúinn leis ár
nósa féin do dhéanamh, ár n-inntleacht féin d'oibriú, ár
ngnótaí féin do chur chun críche agus chum tairbhe, ar
n-inntinn féin, ár mbéasa féin, ár nGaedhluinn féin,
do shaothrú agus do chur i bhfeidhm agus i ngníomh, do
réir acfuinne agus misnigh ár n-aigne féin. Ní le


L. 2


párlimíntí ná le déanamh dlighthe a curtar neithe de'n
t-sórd san i ngníomh. Ní h-eadh ach is le neithe de'n
t-sórd san a deintear dlighthe agus a curtar i bhfeidhm
iad. Ní h-é an dlighe a dheinean an náisiún, acht isé
an náisiún a dheinean an dlighe. Conus is féidir do
náisiún dlighthe dhéanamh go dtí go mbeidh an náisiún
ann chuige!



Ní leigheasfar an dochar is lugha ar Éirinn le bladh-
man, le búithreach cainnte gan éifeacht, ag déanamh
árdmholadh ar Éirinn, agus ar Ghaodhalaibh, 'ghá dhéanamh
amach gur uaisle sinn a shíolruidh ó'n bhfuil is aoirde.
Má tá aon duine go bhfuil dúil aige i mbladhman
de'n tsórd san ní gádh dhó an páipeur nua so do léighe.
Iarramíd oraibh-se, a mhuinntir na h-Éireann agus a
Chlanna Gaodhal, pe'cu íseal nú uasal sibh, pe'cu i
mbréid nú i síoda dhaoibh, pe'cu glas nú buidhe nú
uaithne an dath a thaithnean libh, cúl do thabhairt feasta
le bladhman agus le bladar agus le teanga liom
leó, agus ar lucht seirbhíse na súl. Iarraimíd oraibh
aghaidh a thabhairt lom díreach ar obair éigin a dhéanfidh
tairbhe do'n náisiún bhocht so na h-Éireann, agus gan
staonadh ó'n obair go dtí go gcurfar chun cinn í.



AN NAMHAID IS MÓ AGAINN



Gan amhras is namhaid mharbhthach againn dlighe agus
riaghaltas Sacsan. Ach is 'mó namhaid nach iad againn.
Ní h-é dlighe ná riaghaltas Sacsan a chuirean fhiachaibh
orainn ár gcuid airgid, dá luighead é, agus ár n-aimsir,
agus ár sláinte, agus cuid ár gclainne, do chaith-
eamh le h-ólachán. Ní h-é dlighe ná riaghaltas Sacsan
a chuir fhiachaibh orainn teanga shaidhbhir, bhríoghmhar,
chiallmhar, léigheanta ár sínsear do chaitheamh as ár
mbeul agus an dríodar Béarla is measa agus is


L. 3


bochte sa domhan do ghlacadh 'na h-inead. Is árd é
guth na bpáipeur nGallda so atá i n-Éirinn againn,
'ghá shíor-innsint dúinn cad iad na h-eugcórtha móra
atá déanta, agus dhá ndéanamh, orainn ag dlighthibh
cama Sacsan ach is anamh a leigean eagla d'aon
pháipeur acu labhairt amach go dána agus an fhírinne
d'innsint dúinn suas le n-ár mbeul, gur sinn féin
ata ag déanamh na n-eugcórtha is truime orainn féin,
agus gur againn féin atá na h-eugcórtha san do
leigheas. A Chlanna Gaodhal, agus a mhuinntir na
h-Éireann ní raghaidh an sgéal san gan innsint feasta.
Ta coir throm againn le cur i leith na bpáipeur
mBéarla so atá dhá gcur amach agus dhá léighe i nÉirinn
indiu. Isé an páipeur poibilidhe cómhairleach na
ndaoine a léighean é. Isé céad cheangal atá ar chómh-
airleach an fhírinne d'innsint gan sgáth gan eagla.
Ma iarraim cómhairle ar dhuine agus go ndéarfidh sé
liom an rud is dóich leis a thaithnfidh liom i n-inead
an ruda is tairbheach dom, deinean sé orm an eugcóir
is troime ar a chumas. Siní díreach an eugcóir atá
anois ag páipeuraibh Béarla na h-Éireann dhá dhéanamh
ar phoibilidheacht na h-Éireann. Lasmuich de'n fhíor
bheagán acu, ní h-áil leo focal do rádh ach an focal
is fearr a thaithnfidh le lucht a léighte, go mór mór leis
an méid de lucht a léighte atá saidhbhir acfuinneach
bunúsach. Tá smacht ar na páipeuraibh Gall-Ghaodh-
alacha so. Ní ghlacfidh an páipeur nua so smacht ó
aoinne ná ó aon aicme daoine. Is dócha go bhfuil sé
i n-áirighthe dhúinn fearg do chur ar a lán. Má tá
féin is fearr an t-imreas 'ná an t-uaigneas. Is fearr
fearg 'ná a shlighe féin a thabhairt do dhuine a bheidh ag
dul ar a aimhleas. Is fearr fearg 'ná plámás. Is
fearr bréagnú agus sárú agus an t-éitheach a thabh-
airt gan fuaradh do dhuine, 'ná teanga liom leó
thabhairt do'n t-é a bheidh ag brath ar chómhairle a leasa
d'fhághail uainn chómh fada agus théidhean ár ngustal
agus ár dtuisgint.


L. 4


DÍOMHAOINTEAS.



"Ó, a mháthair! tuitfidh me! tuitfidh me!" arsa
Binín le n-a mháthair. "Airiú, a Bhinín a ghrádh dhil,
cad a leagfidh thu?" "Díomhaointeas, a mhathair!"
arsa Binín, agus le n-a linn sin do chaith sé é féin ar
an dtalamh 'n-a fiadhnaise. Peata dob eadh Binín
agá mháthair. Seana gharsún seacht mblian ndéag dob'
eadh é. Níor chuir a mháthair aon smacht riamh air, agus
is sean-fhocal é ná bíon an rath ach mar a mbíon an
smacht.



Is olc an galar díomhaointeas. Tá an galar san
anois ar a lán de mhuinntir na h-Éireann. Is gnáth
leis an bhfear díomhaoin leath-sgéal a bheith aige. "Tá
an lá indiu ró fhliuch. Ní féidir obair a dhéanamh
indiu;" agus fanan sé istigh 'ghá shearadh féin. "Tá
an lá indiu ró bhrothalach chun oibre;" agus siúd
sínte ar an gclaidhe é 'ghá ghrianadh féin. "Dá mbeadh
Home Rule againn dhéanfimís obair. Dá mbeadh
déanamh ar ndlighthe againn féin dhéanfimís fut fat
agus cat a's dá eirball, chuirfimís an Ghaedhluinn dhá
múine in sna sgoileanaibh. Fan go mbeidh Home Rule
againn agus déanfimíd obair a chuirfidh iongna ar an
ndúthaigh!"



Tá go breágh! Ní'l sa chainnt sin ach leathsgéal
chun díomhaointis. Má tá Gaedhluinn agat ní'l aon
dlighe chun tu chosg ar í labhairt. Mara bhfuil sí agat
ní'l aon dlighe ad chosg ar í fhoghluim. Ní'l ad chosg ach
galar Bhinín, .i. díomhaointeas. Lean leat tamailín
eile ar an ndíomhaointeas san agus geallaim dhuit
go mbainfar geit asat. Tá Connradh na Gaedhilge ag
dul i neartmhaire. Tá an tslat aici agus cuirfidh sí
an tslat i bhfeidhm ort. B'fhearra dhuit go mór luighe
isteach anois sa n-obair agus an díomhaointeas do
chrothadh as do ghéagaibh 'ná an tslat san a bheith ag


L. 5


cuardach na n-asnaidheacha agat ar ball. Slat ghéar,
nímhneac iseadh í, agus nuair a thiocfidh sí ar do chroi-
cean bainfidh sí an leisge dhíot, geallaim dhuit é.



DÍOMHAOINTEAS.



"Cuir uait an chainnt sin! Ní'l leisge ná díomh-
aointeas orm ach chómh beag agus atá ort féin, nú
b'fhéidir níos lugha. Dhéanfinn obair, chómh maith le
fear, dá bhfaighinn an chaoi ar í dhéanamh. Na daoine
go bhfuil déanamh na ndlighthe acu, is acu atá obair
do chur ar bun nú do chosg. Is acu atá láimhseáil an
airgid. Is acu atá an tsrian 'n-a láimh. An obair a
chuirfid siad ar siubhal isí a déanfar, agus isí a raghaid
chun cinn. An obair ná taithnean leó-san, ní h-aon
mhaith do dhuine eile tabhairt fúithi. Cad is féidir
do dhaoine dhéanamh gan airgead, gan chreideamhaint,
gan chumas, gan chómhacht! Cad tá i ngach duine acu
ach duine aonair! Cé thaisbeánfidh dóibh an obair!
Cé ghearrfidh amach í! Cé stiúróchaidh í! Cé dhíolfidh
tuarastal aisti! Ní bheidh agat ach gach fear i n-a
aonar ag déanamh oibre fé leith, i bpáirc fé leith, ar
chuma fé leith, ar aigne fé leith. Cad é an toradh ná
an tairbhe a bheidh agat ar ball de bharr saothair de'n
tsórd san! Ní h-aon mhaith dhuit bheith ag cainnt.
Ní bhuadhfadh ar deineadh riamh de chainnt ar an bhfírinne.
Ní féidir obair náisiúnda do dhéanamh gan dlighe an
náisiúin 'ghá ceapadh agus 'ghá córú agus 'ghá stiúrú
chun cinn. Ní féidir do dhlighe an náisiúin san do
dhéanamh go dtí go mbeidh an dlighe ann chuige. I gcás
nách gádh dhuit bheith ag magadh fé 'n muinntir atá ag
feitheamh le Home Rule. Is maith an rud obair agus
gnó, gan amhras, agus is olc an rud díomhaointeas,
ach tá sean fhocal adeir "Is fearr bheith díomhaoin
'ná droch-ghnóthach.'"


L. 6


Tá a lán a labhran mar sin. Tá dhá thaobh ar gach
sgéal agus tá daoine ná feicean choidhche ach aon taobh
amháin. Tá aon fhreagra amháin againn le tabhairt
ar an gcainnt sin thuas. Feuch ar an obair atá ar
siubhal ag Connradh na Gaedhilge. Do cuireadh an
obair sin ar siubhal gan feitheamh le Home Rule. Tá
an obair ag dul ar aghaidh agus ag dul chun cinn gan
chabhair gan chongnamh ó dhlighe. Ní thaithnean an obair
le lucht na ndlighthe dhéanamh. Ní h-eadh ach do mhúc-
fidís an obair le dlighe ar maidin dá bhféadfidís é!
Is acu atá an tsrian ach ní fhéadan an tsrian an obair
do chosg. Is daoine gan airgead, gan chreideamh-
aint (sa chéill 'n-a ndeirir é), gan chumas, gan chómh-
acht, a chuir an obair sin ar siubhal ar dtúis. Tá
creideamhaint agus cumas agus cómhacht sa n-obair
anois, bíodh ná fuil puinn airgid inti-fós. Tá neithe
sa tsaoghal is mó comacht 'ná airgead. Daoine
aonair a chuir an obair díobh! Cad é an dlighe a
stiúruigh iad! Cé dhíol tuarastal as an obair.
Tá gach duine acu anois ag déanamh oibre fé leith,
i bpáirc fé leith, ar aigne fé leith. Ach sin toradh
agus tairbhe go líonmhar ar an obair, ar fuid na
h-Éireann agus thar lear. Tá gach duine ag obair
fé leith ach isí an obair chéadna atá acu go léir
'á dhéanamh.



Seo fírinne. Dá ndeineadh párlimínt na Sacsan
dlighe chuthaigh, deich mbliana ó shin, ag cur Connartha na
Gaedhilge ar bun, do theipfadh ar an ndlighe. Níor
chuaidh dlighe riamh i bhfeidhm i gceart gan toil agus
aigne agus inntinn na ndaoine a thugan neart do dhlighe.
Dá gcuireadh na daoine a dtoil i bhfeidhm do caithfadh
an dlighe aontú leó gan buidheachas.



Is fíor an sean fhocal, "Is fearr bheith díomhaoin 'ná
droch-ghnótach," ach ní sáruighthear an sean fhocal má
deirtear, "Is fearr bheith deagh-ghnóthach 'ná bheith
díomhaoin." Luigh isteach agus dein obair nú beidh
sé thiar ort! Deirim leat go mbeidh!


L. 7


AN CHAILLEACH.



"Cé h-é sin amuich
'Na bhfuil an faobhar ar a ghuth,
A' raobadh mo dhoruis dúnta!"



Tá an chailleach 'na suidhe istigh i gColáisde na
Tríonóide, ar chárnán luaithrighe, le fada bhliantaibh.
Tá a ceann cromtha aici agus í ag míogarnaigh. Tá
léighean ársa na h-Éireann fé ghlas aici agus na
h-eochracha ar a cromán aici, agus ní féidir d'aon
sgoláire Gaodhlach radharc d'fhághail ar na seanleabh-
raibh. Tá san mar sin le fada. Nuair a theipeadh ar
dhaoine an chailleach do dhúiseacht ní dhéinidís ach
imtheacht leó nuair a bhídís cortha de bheith ag bualadh
an doruis. Tá duine ag labhairt anois a bhainfidh an
mhíogarnach de'n chailligh. Tá "faobhar ar a ghuth"
agus cuirfidh sé píoparnach i gcluasaibh na caillighe. Is
mithid dá leithéid labhairt. An mhíogarnach agus an
galar díomhaointis atá ar an gcailligh sin táid siad go
daingean ar a lán nách í. Galar tógálach iseadh míog-
arnach agus tá díomhaointeas chómh tógálach leis. Is
dá ghalar iad gur deacair iad do leigheas nuair a
théid siad i n-achran i gceart i nduine. Ní'l ach aon
leigheas amháin ortha, faobhar gutha nú faobhar slaite,
nú b'fhéidir an dá fhaobhar i n-aonfheacht. Tá preab-
aire meanmnach tagaithe i n-ár measg. Tá an dá
fhaobhar ar tarrang aige go líomtha. Is gearr go
gcurfar lucht míogarnaighe agus lucht díomhaointis
ag sgreadaigh agus ag rinnce, agus ní bheidh aon truagh
ag árd ná ag íseal dóibh.



Seachain tu féin, a chailleach! Táthar chughat! Ó'n
lá a cuireadh ansan isteach thu go dtí an lá indiu tá
mórán maitheasa fágtha gan déanam agat agus tá
mórán díobhála déanta agat. Tá airgead na tíre
caithte agat 'n-a shlaodaibh, agus ní'l toradh ná tairbhe
le taisbeáint agat dá bharr. Tá léighean na tíre curtha


L. 8


agat ar neamhnídh agus ní'l leabhar ná léighean curtha
agat i n-a inead. B'é do ghairm agus do dhualgas
na daoine do mhúine, agus isé rud atá déanta agat
'ná na daoine do dhalladh. Bhí ort inntleacht agus
aigne an náisiúin do bheathú agus do chothú le h-eólus
agus le tabhairt suas, agus isé rud atá déanta agat
'ná inntleacht agus aigne na ndaoine do chur 'on
ghorta. Chuiris an bia fé ghlas uainn agus thugais
an cáth le n-ithe dhúinn, agus do chuais féin a chodladh!
Bhí ort sinn do stiúrú ar bhóthar an eóluis agus na
foghluma, agus ní'l agat dhá dhéanamh riamh ó tháinís
ach 'ghár gcur amú ar do chroidhe díthil. Nuair a tháinís-
se chughainn bhí cainnt ár sínsear againn i n-Éirinn go
buacach agus go bríoghmar agus go fórleathan. Chuiris
mille agus meathlú ar an gcainnt sin. Do shladais
uainn í féin agus a raibh de shaidhbhreas eóluis agus
feasa ar iompar aici. Tá sí nách mor leaghta os
cómhair ar súl. Níor thugais 'n-a h-inead dúinn ach
"Béarla briste," an brúscar cainnte is measa sa
domhan. Ach tá do lá tagaithe, a chailleach. Díolfir
anois as do dhroch-bheartaibh, agus is mór atá le
freagairt agat. Ní dhéanfidh an mhíogarnach, ná an
neamhshuim, ná an bhodhaire, ná an cur-amú an gnó dhuit
a thuille. Tá do chúrsa rithte. Táid do chleasa
imeartha. Tá deire na míogarnaighe déanta agat.
Tá an preabaire amuich, agus tá faobhar ar a ghuth,
agus "raobfar do dhoras dúnta."



FREAGRA NA CAILLIGHE.



"Tá an preabaire amuich, agus faobhar ar a ghuth,
agus "raobfar mo dhoras dúnta."" Tá dearmhad
ort, a phreabaire. Ní gádh dhuit an doras a bhrise!
Siné ar dian-leathadh agat é! Suidh síos ansan agus


L. 9


'neósfad sgéal duit. Ní'l míogarnach ná codladh
orm-sa. Ná creid ó aoinne go bhfuil. Na daoine
is dóich leat a bheith 'n-a ndúiseacht isiad atá 'n-a
gcodladh. Ní'l daille ná bodhaire ná mairbhitighe
meanmna orm-sa, agus ní raibh, ó cuireadh am shuidhe
anso mé. Ach tá daille agus bodhaire agus mair-
bhitighe agus míchiall, agus fiche galar nách iad, ar an
muinntir atá ag tromaidheacht orm. B'ádhbharaighe
dhuit-se go mór, a phreabaire, iad súd féin do leigheas
ó n-a ngalaraibh líonmhara 'ná bheith, dar leat féin,
ag baint na míogarnaighe ná fuil orm díom-sa. "Ní'l
sprid ná púca gan fios a chúise aige féin." Tá fios
mo chúise féin agam-sa níos fearr ná mar atá sé
agat-sa. Cé dubhairt leat gur cuireadh mise anso
isteach chun na ndaoine do mhúine? Pé duine a
dubhairt leat é ní raibh puinn d'á fhios aige cad a bhí
aige dhá rádh. Nuair a cuireadh mise anso isteach
do tugadh aon ghnó amháin dom le déanamh agus níor
tugadh ach san. Do tugadh aon dualgas amháin dom
agus dubhradh liom dá bhfeadainn an dualgas san do
chomhlíonadh agus do chur chun cinn go mbeadh rath agus
séan ar mo shaothar agus buidheachas tuillte agam ó gach
órd agus ó gach aicme, ó gach sliocht agus ó shliocht gach
sleachta. Sidé an gnó a tugadh dom le déanamh. Sidé
an dualgas a tugadh dom le cómhlíonadh. Dubhradh liom
aghaidh do thabhairt go dian agus go díthealach ar mhuinntir
na h-Éireann d'fhuasgailt agus do shaoradh ó'n sean
chreideamh a bhí agá sínsear; an sean chreideamh cruaidh
daor dochma a bhí 'ghá mille le trosgadh agus le tréigh-
neas agus le smacht; agus iad do mhealladh, i ndiaidh
ar ndiaidh, chun an chreidimh nua; an creideamh breágh
bog saor sochma, ná cuirean trosgadh ná tréighneas
orainn, paidir ná cré orainn, smacht ná dlighe orainn,
ach adeir linn go breágh réidh ciallmhar deagh-chroidheach,
creideamh gach duine bheith do réir a thoile agus a
thuisgeana féin. Táim ag déanamh na h-oibre sin ó
thánag anso, a phreabaire. Ní ró mhaith atá eirghithe


L. 10


liom i dtaobh an chreidimh ach tá eirghithe liom maith
go leór ar shlightibh eile. Tá greidhm diúid ag muinntir
na h-Éireann ar a sean chreideamh, pé deamhan grádh
atá acu dhó, ach tá neithe eile sgaoilte uatha acu bog
go leór. Táid na sean nósa nách mór imthighthe. Tá
droch-mheas ag Gaodhalaibh féin, amuich agus i mbaile,
ar a sean nósaibh agus ar a sean bheusaibh féin. Níor
bhfhéidir tarcuisne ba mhó a thabhairt anois d' Éireanach
'ná a rádh gur "duine ana Ghaodhalach" é! Ní dóich
liom go bhfuil cailín óg i nÉirinn indiu ná gur mó an
fearg a bheadh uirthi dá ndéarfí í bheith "Gaodhalach"
'ná mar bheadh uirthi dá ndéarfí í bheith "stálaithe." Tá
an Ghaedhluinn féin, cainnt na h-Éireann riamh, nách mór
imthighthe. Ní mise dhíbir í. Ní mise a chuir meathlú
uirthi. Muinntir na h-Éireann féin a dhein é, agus
táid siad 'ghá dhéanamh fós ar a ndítheal. Go dtí gur
eirigh an t-amadántacht so ar a dtugtar "Connradh na
Gaedhilge," ní raibh Éireanach ná bádhfadh é féin níos
túisge 'ná leigfadh sé air focal Gaedhluinne bheith 'na
phluc. Tá mo shúil go láidir agam go gcuirfad an
dualgas chun cinn fós d'aindeóin bhúr ndíthil. Táid
na sean bheusa imthighthe. Tá meas na nGaodhal ortha
féin imthighthe. Tá an tsean chainnt nách mór imthighthe.
Is dearbhtha nách fada go leanfidh an sean chreideamh
na sean neithe eile. Ansan iseadh bheidh réim gan
imchosg ag cómhactaibh Shasana i nÉirinn.



(An P.) Dar fiadh, a chailleach, is truagh nách ad
chodladh bhís! Nára' fada go dtuitidh do chodladh ort
dáiríribh, agus nuair a thuitfhidh ní'l agam-sa le rádh
leat ach, "codladh an tsicín sa charn chughat!"



(An chailleach.) Imthigh anois agus ná h-innis cá
rabhais!


L. 11


AN GOBÁN.



"A Bharraigh ghroidhe,
An ad chodladh 'taoi,
Nú cad é sin ort!"



Bhí an file ar a leabaidh. D'airigh sé an guth ó'n
marcach a bhí ar an "gCaoil-each Ruadh." Bhí dachad
míle d'fhearaibh tréana, "Mar a seólfí aodhaireacht bó,
gan aodhaire ar thaobh na gréine de Shliabh na mBan."
Ní raibh tásg bá tuarisg ann ó fhearaibh Múmhan.
Bhíodar ar a leabaidh, ar nós an fhile féin. Tháinig an
ghlaodh chun an Bharraigh agus níor fhreagair an Barrach
an ghlaodh. Is amhlaidh a chrom sé ar allus a chur de,
agus d'imthig an Caoil-each Ruadh. Do fágadh an
tsluagh bhocht ar Shliabh na mBan gan chabhair gan
chonghnamh ó'n gcuid eile de Chlannaibh Gaodhal - agus do
cuireadh ainim ar Vinegar Hill.



Tá an Caoil-each Ruadh amuich airís. Tá guth an
mharcaigh i n-ár gcluasaibh airís. Tá an port céadna
ar siubhal aige. "A Bharraigh Ghroidhe, an ad' chodladh
'taoi! Nú cad é sin ort!" Tá teanga ár sínsear
i gcontabhairt chruaidh. Tá sí ag dul ar neamhnídh os
cómhair ár súl. Tá ag teacht n-a h-inead chughainn
brúsgar cainnte gan bhrígh gan éifeacht gan acfuinn
gan stuaim. Tá an brúsgar cainnte sin ag leathadh
ar fuaid na h-Éireann. Tá aigne agus smaointe agus
machtnamh agus urlabhra ár ndaoine crapaithe, loitithe
aige. Tá gobán curtha go daingean aige i mbeul gach
duine d'ár n-aos óg. Do cuireadh an gobán san n-a
mbeul agus do ceangaladh laistiar d'á gcluasaibh é
nuair a tháinig na sgoileana Gallda so i n-ár measg.
Do deineadh ár n-aos óg do dheighilt agus iad do
gheaíiradh amach go glan ó'n oileamhaint inntinne agus
aigne a bhí go saidhbhir agus go flúirseach agus go
líonmhar le fághail acu i n-úrlabhra a sínsear. D'fhás-
adar suas gan cainnt gan tuisgint, gan machtnamh


L. 12


gan smaoineamh, gan aigne gan éirim, ach nách mór
mar a bheadh an beithidheach allta, agus gan de chumas
acu ar aon tsaghas gnótha ná oibre dhéanamh ach an gnó
nú an obair is gnáth a thabhairt le déanamh do'n bheith-
idheach allta. Do seóladh 'n-a slóightibh iad thar na
faraigíbh fuara, gan ceárd sa láimh acu, gan oilteacht
ná gliocas sa n-aigne acu, gan focal sa bheul acu ach
"de harse an' de pig, an' de cow, an' de spade, an'
de pint o' porther." Do thuig lucht seirbhíseach do
lorg ná beadh aon ghnó i n-aon chor acu d'á leithéidí
agus tháinig amach go tur an fógra, "No Irish need
apply." Curtar an tsrathar ar an gcapall gcóir!
Isiad sgoileana "Náisiúnda" na h-Éireann is athair
agus máthair do'n fhógra mhillteach mhifhoirtiúnach san.



Tá an gobán fós daingean i mbeulaibh ár n-aos óg.
Tá an púicín fós daingean ar shúilibh ár n-aos óg. Tá
an glór gan éifeacht sa sgoil fós. Ní tabhairt suas
atá dá thabhairt d'aos óg na h-Éireann fós, ach tabhairt
anuas. Ní h-osgailt aigne atá dá dhéanamh ortha ach
dúnadh aigne. Má leanan an obair tamal eile, agus
ní tamal ró mhór é, beidh sgéal ag Clannaibh Gaodhala
bheidh míle uair níos measa 'ná sgéal Vinegar Hill.



Tá seacht mbliana agus breis caithte ag Connradh
na Gaedhilge ag glaodhach ar mhuinntir na h-Éireann
agus 'ghá iarraidh ortha an gobán a bhaint a' beul an
leinbh ach ní feictar go bhfuil aon toradh ag muinntir
na h-Éireann ar an nglaodh! Ní théidhean an ghlaodh
chun cinn! Táid muinntir na h-Éireann bodhar agus
tá clann na h-Éireann balbh! An gobán atá anois i
mbeulaibh na leanbh tá sé tar éis a ghnótha do dhéanamh,
go beacht agus go h-iomlán, i mbeulaibh na n-athar
agus na máthar. Ní féidir an neamhshuim do thuisgint
ar aon chuma eile. Is bocht an gnó bheith ag glaodhach
ar chluasaibh bodhra.



"A Bharraigh ghroidhe!
An ad chodladh 'taoi!
Nú cad é sin ort!"


L. 13


DROCH SGOLUIGHEACHT.



"I sgeólaibh na sgol, I gceólaibh na gcrot
I seóidibh na sean, Is ró bheag mo ghean."



Sin mar a labhair Séafra Caol ua Donchadha agus é
ag caoine a ghadhairín. Sult dob eadh an caoine. Árd
fhile dob eadh Séafra. Dob' é Ua Donchadha an Ghleana
é. Peata beag dob eadh an gadhairín. Druimín a
ainim. Dálta gach peata, gadhar nú duine, rud gan
puinn tairbhe dob eadh é. Thug sé snap ar luichín lá,
agus do chuaidh an luch 'na sgórnaigh agus do tachtadh é.
Dhein an file aiste ana dheas, ana shultmhar, ag caoine
an ghadhairín. Sin thuas dán as an aiste. Le méid a
bhuartha tré bhás a ghadhairín níor fhan a thuille suime ag
an bhfile, dar leis, in sna trí neithibh ba mhó le rádh ag
lucht léighinn agus eóluis i n-Éirinn sa n-am san, .i.
sgoluigheacht agus seanchas agus ceól. Do tuigeadh
imeasg na ndaoine go h-áluinn méid an ghrádh a bhí go
coitchian ar na trí neithibh sin, agus do tuigeadh leis
ná raibh aon duine beó le 'na linn ba mhó greann ortha
'ná Séafra féin. Dob' é sult an sgéil Séafra 'ghá
rádh gur chuir méid a bhuartha, mar gheall ar ghadhairín
shuarach, an greann san as a chroidhe. Is léir dúinne
an méid seo, laistigh de'n tsult, .i. nár fhéad an file
cuimhneamh ar aon nídh eile, chun méid a bhuartha do
thaisbeánt níos éifeachtaighe 'ná a rádh gur bhain an
bhuairt an greann san de. Ba dhian an bhuairt d'fhéad
a leithéid sin de dhíobháil a dhéanamh! Na trí h-adh-
bhair sóláis ba mhó a bhí ar chumas an duine, do chur ar
neamhnídh uaidh! Na trí neithe dob' fhearr riamh chum gach
dóláis aigne do leigheas! Chítear go soiléir cad é
an mór-mheas a bhí ag an bhfile féin, agus ag an gcoit-
chiantach leis, ar sgoluigheacht agus ar sheanchas agus
ar cheól, sa n-am san. Do chúm an file an fhilidheacht
chun suilt a dhéanamh do'n choitchiantacht. Do thuig an


L. 14


choitchiantacht an chainnt, dá ghontacht í, agus an sult,
dá shultmhaire é, a bhí i bhfolach sa chainnt.



Tá a mhalairt sin de sgéal againn anois. Tá an
ghéarchúis aigne imthighthe ó n-ár ndaoine. Táid "sgeólta
na sgol" imthighthe. Táid "seóide na sean" imthighthe.
Tá "ceólta na gcrot" imthighthe. Tá an Ghaedhluinn
nach mór imthighthe. Níor imthigheadar san go léir go
dtí gur tháinig na sgoileana Gallda so chughainn;
sgoileana gan sgoluigheacht; múine gan meabhrú;
glór gan éifeacht; léighean agus gan ann ach fuaim
focal; leabhair agus gan ionta dhúinn ach páipeur
breac; cainnt agus gan inti dhúinn ach mar bheadh
cainnt na ngéana. Tá an cor san dhá imirt ar aos óg
na h-Éireann le trí fichidh blian. Tá a thoradh againn
anois. Táimíd ag dul amú le trí fichid blian. Is
fada an seachrán é. Is fada an t-aistear é ó'n
mbóthar gceart. Cad a dhall sinn! Cad a chaoch
sinn! Níor ghádh ach aon fheuchaint amháin chun a thais-
beáint dúinn cad é an dul amú a bhí againn dhá dhéanamh.
Ní gádh ach aon fheuchaint amháin anois féin chuige, agus,
feuch, táid na mílte againn ag gluaiseacht ceann ar
aghaidh ag dul amú, agus gur dhóich leat gur b' amhlaidh
atáid siad fé gheasaibh a súile do choimeád dúnta go
dlúth le h-eagla go bhfeicfidís an tslighe chóir agus go
bhféadfí, luath nú mall, sgoluigheacht d'fhághail i sgoil
gan sgoluigheacht. B'fhéidir gur dóich leó go bhféad-
fidís, luath nú mall, an "giorfhiadh do chur as an dtor
ná fuil sé." Tá breall ortha! Táid siad ag bualadh
an toir sin le trí fichid blian agus an giorfhiadh 'n-a
chodladh sa tor eile. "Do dalladh a n-éirim 's is nár
dóibh." Táimíd ag dul amú le trí fichid blian. Cé
fé ndeár é? Isiad na sgoileana gan sgoluigheacht
fé ndeár an t-ainbhfios agus an daille inntinne atá
ar ár ndaoine, ach cé fé ndeár sgoileana gan sgol-
uigheacht do bheith againn? Curtar airís "an tsrathar
ar an gcapall gcóir." Sinn féin fé ndeár é. Dá
gcuirimís cos i dtalamh go dána agus go daingean,


L. 15


aon lá le trí fichid blian bheadh atharach sgéil againn
indiu. Níor chuireamair agus tá a rian orainn.
Oirean cainnt an fhile dhúinn anois, ach ní cainnt le
sult againn í. Is féidir linn a rádh, go dúbhach, i n-ár
dtaobh féin agus i dtaobh ár ndaoine:"



I sgeólaibh na sgol, I gceólaibh na gcrot
I seóidibh na sean, Is ró bheag ár ngean!"



Is truagh an sgéal é!



"TEANGA LIOM LEÓ."



Sin ainim atá riamh i n-Éirinn ar aicme áirighthe.
Ní ró ghrádhmhar an aicme iad. Ní ró mhaith an aicme
iad. Má bhuailean duine acu umat agus go gcuirfir
stró cainnte air, molfidh sé an dubh 'n-a dhubh leat,
agus molfidh sé an geal 'n-a gheal leat. Molfidh sé
leat an rud is dóich leis is fearr a thaithnfidh leat.
Ansan nuair a bhuailfidh duine eile uime, an rud a
mhol sé'n-a dhubh leat-sa molfidh sé 'n-a gheal leis siúd
é, agus an rud a mhol sé 'n-a gheal leat-sa molfidh sé
'n-a dhubh leis siúd é. Tá teanga fé leith aige do gach
duine fé leith. Is dóich leis féin gur duine ana
ghasta é. Ní fada a théidhean leis, amh, nuair a h-aith-
nightear go maith é. Ansan curtar an ainim úd air,
"Teanga liom leó."



Sar a dtáinig an Béarla go h-Éirinn bhí ar an aicme
ghasta san a ngastacht d'imirt ar dhaoinibh i nGaedhluinn.
Chómh luath agus tháinig an Béarla níor leigeadar
puinn aimsire thórsa gan an ghastacht chéadna do chur
i bhfeidhm sa Bhéarla. Bhí dhá "Theanga liom leó" acu
ansan, agus ba dheacair bheith suas leo. Ach ní raibh
an sgéal ar a dtoil i gceart acu go dtí gur cuireadh


L. 16


na páipéir nuadhachta ar bun. Ansan iseadh bhí cead a
dteangan acu. Ansan iseadh bhí caoi acu ar an ndubh
a chur 'n-a gheal ar dhaoine. Bhí a rian air. Thugadar
agaidh láithreach ar na páipeuraibh. Aoinne acu go
raibh gustal aige chuige chuir sé páipeur amach agus é
lán ó cheann go h-eirball de "Theanga liom leó."
An chuid acu ná raibh an gustal acu chun páipéir fé
leith do chur amach, níor dheineadar ach cleite cheannac
agus cromadh ar sgríobh. Is ortha ba ghiorra an mhoill
na páipéir do líonadh le cainnt, agus dar ndóich
ní raibh sa chainnt ar fad ach "Teanga liom leó."
Nuair a chídheadh na seandaoine gan léighean an páipeur
mór fada leathan, agus é go léir clúdaithe le cló,
bhíodh iongna ortha agus deiridís; "Airiú éitheach iseadh
a fhormhór san! Nuair a théidhean de'n fhírinne acu
ní foláir dóibh rud eigin do chur síos chun an pháipéir
do bhreacadh. Ní chreidfinn focal uatha! "Nuair
a léightí cuid de'n chainnt dóibh agus nuair
a curtí i nGaedhluinn dóibh í, ní dheinidís ach a gceann
do chrothadh agus a rádh, "Ní'l ann ach "Teanga liom leó.""



Bhí an ceart ag na seandaoinibh. Ní raibh ann ach
"teanga liom leó," an uair sin, agus ní'l i bpái-
peuraibh na h-Éireann riamh ó shin ach "teanga liom
leó."



D'fhás prátaí bána go maith i n-Éirinn sar a dtáinig
an dubh ortha. Fásan adhmad go maith ann. Fásan
feur glas go maith ann. D'fhásfadh na daoine go
maith ann dá bhfaighdís ceart. Ach níor cuireadh síol
riamh i dtalamh i n-Éirinn d'fhás leath chómh borb agus
d'fhás an "Teanga liom leó" in sna páipeuraibh,
chómh luath agus do cuireadh ar siubhal iad. Do shéid
an droch-shíol láithreach. D'eirigh na gasa. Do leath
an duilleabhar. Fé dheire do bhí an phoibilidheacht
múchta le cainnt, cainnt gan ghus gan éifeacht, cainnt
agus gan inti ach lóchán, cainnt go bfáisgfá leath mhíle
dhi ad bheul gan aon diúir de'n fhírinne do bhlaise inti,
ach éitheach agus diomblas.


L. 17


Ba mhithid an sgéal san d' atharú. Ba mhithid an
t-olc san do leigheas. Ach cé dhéanfadh an leigheas!
Cé thabharfadh fé amháin!



Bhí fear ag feuchant ar an ndroch-obair. Bhí a
chroidhe agus a aigne ar lasadh le feirg agus le mí-
cheadtacht agus le díombádh. Fé dheire do bhris ar an
bhfoidhne aige. Do rug sé ar shúiste mhaith agus
dhírigh sé ar an "dteanga liom leó" do léasadh! Tá
an léasad ar siubhal go bríoghmhar. Tá ag an mbuail-
teóir, "colpa coll, buailteán coilinn, úrlár lom
agus sgrios-bhuille!" Tá sgeit i gcroidhe an "teanga
liom leó." Go mbuaidh Dia leis an súiste!



"NÍ H-É LÁ NA GAOITHE LÁ NA SGOLB."



"NÍ H-É AM NA CNEADAIGHE AM NA
H-AITHRIGHE."



Sin dá sheanfhocal. Is doimhinn an chiall atá ionta.
Is soiléir an brígh atá leó.



Tá duine agus a thigh i ngádh le díon. Tá a fhios
aige go bhfuil a thigh i ngádh le díon, ach tá an aimsir
breágh, ciúin, tirm agus deir sé leis féin: "Tá aimsir
mo dhóithin agam chun an dín a chur suas. Raghad amach
sa choill an tseachtmhain seo chughainn, le congnamh
Dé, agus bainfad sguilb mhaithe agus tabharfad liom
iad agus déanfad iad do bhiorú go breágh slachtmhar,
agus gheóbhad tuighe breágh fada, láidir, glan, cruith-
neachtan, agus cuirfad cóta dín ar an dtigh sin, a
mhairfidh ar feadh fiche blian! Ní chuirfad-sa aon
sguilb aitinn ná aon tuighe coirce ar mo thigh! Ní
chuirfidis trí Shamhradh dhíobh nuair bheidís imthighthe le
gaoith a's le gréin!"



Is sásamh iomlán ar a aigne an méid sin a rádh.
Bheadh an sgéal go maith aige dá mbeadh an aimsir
agus é féin ar aon aigne sa sgéal. Ach is cuma leis


L. 18


an aimsir cad a dhéanfidh "an tseachtmhain seo chugh-
ainn." Siúd atharú uirthi sar a mbeirean an oidhche
air. Siúd stoirm agus sín agus clagarnach, agus
fliuchadh agus sguabadh, ag fuadach an tsean dhín
agus ag nochtadh na dtaobhán. Siúd eisean anáirde
ar dhréimire agus sop i láimh leis agus cloch sa láimh
eile, agus é ag casadh leis an bhfuadach a chosg, ach
nuair a bhíon áit daingean aige bíon dhá áit eile ar
osgailt ag an ngaoith. Chíd na cómharsain é. Bainid
siad crothadh as a gceann. "Humth!" a deirid:



"Ní h-é lá na gaoithe lá na sgolb."



Tagarthar an seanfhocal so do'n uile shaghas gnótha
ná deintear i n-am agus nách féidir é dhéanamh sa
cheart i n-anntráth.



Má bhíon duine láidir, deagh-shláinteach ansan, agus
é chomh neamhspleádhach san ná bíon beann aige ar Dhia
ná ar dhuine: agus má chaithean sé a shaoghal go h-olc,
gan creideamh gan coínsias, gan úrnuighthe gan aith-
righe, gan faoisdin gan comaoine, gan aifrean, gan
órd, rithfidh leis, b'fhéidir ar feadh rainnt blianta.
Má deirtear leis gur ceart dó cuimhneamh ar Dhia
agus a phaidreacha do rádh ní dhéanfidh de'n chómhairle
ach magadh. Cuirfidh sé gáire as agus déarfidh sé:-



"Paidreacha asdoidhche, ní bhím abhfad leó,
A's paidreacha ar maidin ní deirim go deó."



Fé dheire brisean ar an bhfoidhne ag Dia na glóire,
moladh go deó leis! agus brisean an tsláinte ag an
nduine. Imthighean an neart. Fágtar faon ar
fleasg a dhroma é, teinneas 'n-a cheann, teinneas 'n-a
dhrom, teinneas 'n-a chroidhe agus 'n-a chliabh, teinneas
'n-a bhallaibh beatha go léir. É ag saothar agus ag
unfairt agus ag cneadaigh. Tagtar 'ghá fheuchaint.
Chíon an uile dhuine go bhfuil an bás buailte leis.
Iartar air cuimhneamh ar a anam. Déanfad, adeir
sé, "chómh luath agus chuirfad an taom beag so dhíom."
Téidhean sé i n-olcas go tiugh. Meuduighean an


L. 19


saothar agus an chneadach. Téidhean d'á mheabhair.
Leathan a chainnt air. Brisid na súile 'n-a cheann.
Bainean sé cupla leathadh as a bheul. Sínean sé a
chosa agus imthighean sé i láthair Dé!



Ní chrothaid na daoine a gceann. Ach deirid siad,
'n-a n-aigne:-



"Ní h-é am na cneadaighe
Am na h-aithrighe!"



Is fíor dóibh é.



"NÁ BAC D'FHONN D'Á AINDEÓIN."



Nuair iartar ar dhuine obair nú gnó áirighthe do
dhéanamh, agus nuair a chítear neamhfhonn a bheith air
chuige, is minic a deintear tathant mór air. B'fhéidir
go ngéillfidh sé do'n tathant, ach má ghéillean is i
gcoinnibh a thoile a ghéillean, is "d'á aindeóin" a
ghéillean sé. B'fhéidir, ag feuchaint air, go measfadh
duine go bhfuil sé ag déanamh na h-oibre le fonn, ach
má 'seadh is "fonn d'á aindeóin" an fonn a thais-
beánan sé. Ní bhíon a chroidhe sa n-obair. Ní bhíon a
dhúrthacht sa n-obair. Ní ghoillfidh an sgéal puinn air
má theipean ar an obair dul chun cinn. Má théidhean
an obair ar tuathal nú i ndiaidh lámha, isé "d'fhonn dh'á
aindeóin" an chéad duine a déarfidh, "bhí a fhios
agam-sa gur mar sin a bheadh!" Ní h-eadh cuirfidh
sé féin an obair ar tuathal agus ar neamhnídh le
n-a chuid neamhshuime agus easba dúrthachta, agus
ansan, nuair a chífidh sé an díobháil déanta, déarfidh
sé go dána, "D'innseas-sa dhaoibh gur mar sin a
bheadh!"



Ní'l nídh ar bith is mó a chuirean seirbhthean ar an
muinntir go bhfuil dúil sa n-obair acu 'ná beart agus


L. 20


cainnt de'n tsórd san. Tá sean aithne i n-Éirinn ar
an mbeart agus ar an gcainnt agus tá sean fhocal ag
muinntir na h-Éireann ar an gcuma 'n-ar ceart idir
bheart agus cainnt do sheachnadh. Nuair nách maith le
duine luighe isteach sa n-obair agus í dhéanamh gan
iomad tathaint d'iarraidh chúichi deirtear ná fuil sa
duine sin ach "d'fhonn d'á aindeóin." Tuigtear 'n-a
thaobh gur mó go mór an dochar agus an díobháil is
gnáth le na leithéid a dhéanamh do'n obair 'ná an tairbhe
is gnáth leis a dhéanamh di. Tuigtear gur fearr é
bheith as an obair 'ná é bheith inti, agus deirtear
láithreach, "Ná bac d'fhonn d'á aindeóin."



Is mó "d'fhonn d'á aindeóin" againn i n-Éirinn
anois. Tá dlighe déanta le fada, ar mhaithe leis an
bhfeirimeóir, ach is d'fhonn d'á aindeóin é. Is d'á
aindeóin a dheinean an dlighe sin aon tairbhe do'n
bhfeirimeóir. Ní dheinean sé de mhaitheas ach an méid
is lugha fhéadan sé, agus an méid sin féin chómh mall
agus fhéadan sé, agus é choimeád ó dhul chun cinn
chómh fada siar agus is féidir é. Tá Bórd Sgoluigh-
eachta againn chun tabhairt suas do chur ar aos óg na
h-Éireann. Is d'fhonn d'á aindeóin an Bórd san ó
thosach. Tá a rian air. I n-inead aigne agus innti-
leacht na n-aos óg do chothú le h-eólus agus le múine
agus le h-oileamhaint isé rud atá ag an mBórd
san dhá dhéanamh riamh 'ná ag dalladh agus ag caochadh
na n-aos óg, agus 'ghá gcur amú. Sar a dtáinig an
Bórd san chughainn bhí inntileacht agus éirim agus
tuisgint i n-ár ndaoine. Bhí ár dteanga bhreágh
bhríoghmhar cheolmhar féin againn ar tarrang agus
tiomáint. Bhí meabhair agus tuisgint agus éirim
aigne againn. Ní raibh paróiste i n-Éirinn gan file nú
dhó inti, filí breághtha ceolmhara deisbhéalacha. Tá
cuid d'á bhfilidheacht sgríobhtha againn agus ní'l fili-
dheacht sa domhan is fearr 'ná í. Ní'l le fághail i
n-Éirinn anois ach filí bata, filí gan rath, filí gan
chiall gan mheabhair gan tuisgint gan chainnt gan éirim


L. 21


gan chothram urlabhra. Nuair a cuirid siad chun
abhráin a dhéanamh ní bhíon acu go léir ach an t-aon
tosnú amháin. Isé sin:-



Sin mar a dhein an Bórd linn é! Bhain an dlighe ár
maoin shaoghalta dhínn. Bhain Bórd na sgoluigheachta
ár gcainnt dínn. Bhaineadar araon ár meabhair
asainn. D'fhágadar beó bocht sinn.



"Ná bach d'fhonn d'á aindeóin!"



SGOIL GAN SGOLUIGHEACHT.



Tá os cionn trí fichid blian ó cuireadh na sgoil-
eana Gallda ar bun i n-Éirinn. Bhí áthas mór ar
dhaoinibh, idir íseal agus uasal, nuair a tráchtadh ar
dtúis ar iad do chur ar bun. Ní raibh aon taithighe ag
muinntir na h-Éireann ar aon rud fóghanta d'fhághail ó
mhuinntir Shasana, agus bhí iongna ar an uile dhuine cad
a bhí ag eirighe dhóibh. Tamal beag roime sin, dá
bhfaighfí greim ar fhear ag múine sgoile i n-Éirinn do
crochfí é. Agus b' shin iad na crochairí féin anois ag
cur sgoileana ar bun chun na ndaoine do mhúine!
Do ceapadh láithreach gurab amhlaidh a bhí cathú ar
mhuinntir Shasana mar gheall ar a raibh de dhíobháil
déanta acu i n-Éirinn agus go raibh fonn ortha leór-
ghníomh éigin a dhéanamh. Do cuireadh míle fáilte
roimis an obair, agus dubhradh "go neartuighidh Dia
léi!" Do h-osgaladh na sgoileana agus do líon an
mhuinntir óg isteach. Bhí áthas agus móráil agus mór-
chroidhe ar gach aoinne. "Ó," adubhairt daoine,
"beidh ana shaoghal againn anois. Beidh eólus ag ár
gclainn. Beid tabhairt suas ortha. Beidh léighean
acu. Beid siad ábalta ar ghabháil tríd an saoghal
go neamhspleádhach. Ní gádh dhóibh a gceann a chromadh


L. 22


roim aoinne. Ní múinfar aon fhocal Gaedhluinne in sna
sgoileana. Ach ní dheinean san ceataighe ar bith. Tá
Gaedhluinn ár ndóithin againn, breis mhór agus ár
ndóithin. Múinfar an Béarla do'n aos óg. Siné
atá i n-easnamh orainn. Tá Gaedhluinn ár ndóithin
againn. Dá mbeadh an Béarla againn chóm maith
agus atá an Ghaedhluinn againn bheimís ar muin na
muice.



Cuaidh an obair ar aghaidh. Do lean bliain ar
bhliain go dtí go raibh fiche bliain imthighthe. Ansan
do chonaic na seandaoine rud a chuir iongna ortha.
I n-inead sgata de bhuachaillíbh agus de chailíníbh a bheadh
géarchúiseach, tuisgionach, deagh-labhartha deagh-eóluis,
múinte, béasach, d'fheisgint ag eirighe suas 'n-a dtímpal,
chonacadar paca de dhallachánaibh ná raibh aon fhocal
Gaedhluinne acu agus ná raibh acu ach drabhuíol Béarla
a chuirfadh náire ar dhuine.



Chonaic na sean daoine an nídh sin agus níor fhéada-
dar é thuisgint. Sgoil agus máighstirí agus leabhair
agus léighean, cleití agus páipéar, an uile chóir d'ár
bh' fhéidir cuimhneamh air, agus gan sgoluigheacht ná
tabhairt suas ag teacht as! Níor bh' é sin féin é,
ach pé éirim a bhí ó dhúchas ag an aos óg, é ag imtheacht
uatha! Is mó seanduine, ag machtnamh dó ar an rud
greannmhar san, adeireadh as a mhachtnamh, "Ní dóich
liom féin go bhfuil aon mhaith in sna sgoileanaibh nua
so. Is mó an fhoghluim a gheóbhadh buachaill nú cailín,
i n-aon rátha amháin, ó sheana Chonchubhar Máighistir
'ná gheóbhaidís i gcaitheamh na bliana go léir sa sgoil
sin thoir! Ní fheadar cad 'tá ortha, ach ní dóich liom
go bhfuil pioc dhá mhúine in sna sgoileanaibh Gallda so.
Nú má múintear é cailltear é chómh tiugh agus a múin-
tear é. Isiad na sgoileana gan mhaith iad!"



Sin mar a labharthí. Ach níor tuigeadh an sgéal i
n-aon chor. Chonaic an uile dhuine go raibh rud éigin
bun os cionn, ach níor fhéad aoinne a dhéanamh amach
cá raibh an "Lúb ar lár."


L. 23


Tímpal chúig bhliana fichid ó shin cheap na Coimisin-
éirí go raibh an "Lúb ar lár" fághalta amach acu.
Siúd láithreach iad ag leigheas an sgéil. Chuireadar an
"Results System" ar bun. Dhein san an donas ar
fad ar an obair. Má b' olc a bhí an sgéal ar dtúis
ba sheacht measa ansan é.



"Bhuail clog sa chill, agus níor bhinn an clog;-



Ach bhuail clog eile sa chill a dhein clog binn de'n
chlog."



Tá an "clog eile" ar siubhal le chúig bhlianaibh
fichid. Tá an trímhadh clog le cur ar siubhal anois.
Dar linn beidh an trímhadh clog níos bodhaire agus níos
balbha 'ná aon cheann de'n dá cheann eile.



Tá aon cómhairle amháin againn le tabhairt do sna
Coimisinéiríbh. "Ní thuigean sibh an obair. Táthaoi
'ghá lot le trí fichid blian. Is mithid daoibh eirighe
aiste. Tógaidh libh bhúr ngiúirléidí agus imithighidh
uainn ar fad, agus fágaidh an obair fúinn féin."



Siné leas gach taoibh, ár leas-na agus leas na
gCoimisinéirí.



AN SÚISTE.



Tadhg: Seadh, a Dhonchadh, cad é do mheas ar an Súiste?



Donchadh: Tá sé go feilmionta! Tá an buailteán
go maith agus tá an colpa go maith agus tá an
gad go maith. Ach an buailteóir! Ní fheaca
riamh a leithéid! Fágaim le h-uadhacht, nuair a
léigheas an páipeur ar dtúis gur mheasas ná
raibh fasg aige, ach geallaim dhuit go bhfuil a
mhalairt de mheas anois agam air.



Tadhg: Cad é an locht a bhí ar dtúis agat air?



Donchadh: Sdó cheapas go raibh an iomad de'n fhírinne
aige dhá innsint. Ní thaithnean an fhírinne linn i


L. 24


n-Éirinn. Tá sí ró shearbh. Cheapas ná féadfadh
aon pháipéar dul chun cinn i n-Éirinn ach páipéar
ná neósfadh an fhírinne. Nuair a chonaic an Súiste
ag stealadh na fírinne idir an dá shúil orainn,
"Ambasa, a mhic ó," arsa mise am' aigne féin,
"ní dhéanfir an bheart! "Ach chím anois go raibh
dearmhad orm.



Tadhg: Ca bh'fhios duit fós 'ná go raibh an ceart agat.
Ní'l puinn aimsire curtha dhe fós ag an Súiste.
Is arm nua fós é. Tá roimis. Ca bh'fhios duit 'ná
go mbrisfadh an gad, nú go sgoilfadh an buail-
teán, nú go dtiocfadh dathach i gcuislinn an bhuail-
teóra?



Donchadh: Ná bíodh eagal ort. Ní baoghal do'n
ghad ná do'n bhuailteán ná do'n bhuailteóir. Ní
thaithnean an fhírinne linn i n-Éirinn, ach isé uair
ná thaithnean sí linn an uair ná h-innstear dáiríribh
dúinn í. Nuair a h-innstear i gceart dúinn í ní'l
aon rud ar an dtalamh so is fearr a thaithnean línn
'ná í. Is fearr linn an t-éitheach lom 'ná leath-
innsint ar an bhfírinne. Ach nuair a gheibhmíd an
fhírinne, cruaidh, lom, foláin, gan sgáth gan eagla,
gan beann ar namhaid ná báidh do charaid, is bia
agus is deoch linn í. Níor tháinig aon rud riamh
crosta orm is mó chuir d'áthas ar mo chroidhe 'ná
an uair a chonac conus mar a thug an Súiste "bualadh
an chléirigh chamshúiligh" do sna páipéaraibh eile an
chéad lá tháinig sé amach. A leithéid de léasadh!
Mheasas go n-iompóchadís go léir air agus go
marbhóchaidís an fear bocht. I n' inead san isé
rud a dheineadar 'ná cúbadh chucha agus na buillí
do ghlacadh agus d'fhulang, díreach mar a dhéanfadh
an t-asal ar thaobh an bhóthair! Cheapadar, ach leigint
leis an gcéad bhuille, ná bualfí ortha ach an buille
sin. Dheineadar dearmhad. Táthar 'ghá léasadh ó
shin agus ní'l gíocs ná míocs asta! Cad é cúis ná
h-iompuighid siad agus iad féin do chosaint ar an


L. 25


Súiste? Tá a ndóithin de chúis acu. Tuigid siad go
h-áluinn, istigh 'n-a gcroidhe féin, go bhfuil an
ceart aige chucha! Isé mo thuairim láidir gur
mheasadar féin riamh ná raibh aon bhreith acu ar
mhaireachtaint agus ar iad féin do choimeád suas
i n-Éirinn dá luighidís amach ar an bhfírinne
d'innsint i gcómhnuighe gan spleádhchas. Is amhlaidh
atá iongna anois ortha a rádh go bhféadfadh aon
pháipéar é dhéanamh. Tá a fhios acu go maith, dá
luighidís féin amach anois ar aithris a dhéanamh ar an
Súiste gur b' amhlaidh a bheimís go léir ag cur
an anama amach ag gáirí úmpa. Tá an sgéal ag
dul sa mhuilean ortha. Ní dhéanfidh éitheach ná
fírinne an gnó dhóibh feasta. Ní fheadair siad cad
is maith dhóibh a dhéanamh. Tá an Súiste tar éis
iad do bhasgadh, agus ní h-amháin iad do bhasgadh ach
iad do chur amú.



Tadhg: Is fíor do chainnt, a Dhonchadh. Tá an
Súiste 'ghá mbasgadh agus 'ghá gcur amú i n-aonfheacht.
Ach tá rud, agus dá rud, nách é sin ag an Súiste dh'á
dhéanamh. Ní'l uain againn indiu ar a thuille do rádh.
Thugais-se do mhachtnamh féin domhsa indiu ar
shaothar an tSúiste. Tabharfad-sa mo mhachtnamh-sa
dhuit-se lá eile ar shaotar an tSúiste.



Donchadh: Go mbuaidh Dia leis mar Shúiste!



Tadhg: Amen! Agus leis an mbuailteóir!



AN SÚISTE.



Tadhg: Dubhart leat an lá déanach, a Dhonchadh,
go raibh tuille agam le rádh leat i dtaobh an t-Súiste.



Donchadh: Comáin leat. Táim ag éisteacht leat.



Tadhg: Chuir an Súiste ag machtnamh mé go mór.


L. 26


Táim ag déanamh machtnaimh ó'n gcéad lá a chonac é.
Is dócha gur minic airighis cad dubhairt an Gárlach
Coileánach i dtaobh a mháthar:-



"Bliain a's lá 'máireach
A báthadh mo mháthair.
Bheadh sí tímpal ó shin."



Is amhlaidh a bhí an mháthair ag teacht abhaile ó áit éigin.
Bhí abha ar an slighe roímpi. Bhí áth aici le gabháil,
treasna na h-abhan, nú drochad, dá dtéidheadh sí
cúpla míle tímpal. Bhí tuile sa n-abhainn. Bhí
dithineas abhaile ar an mnaoi. Bhí an leanbh 'n-a
diaidh sa bhaile agus gádh le deoch aige. B' fhada
léi dul go dtí an drochad. Thug sí fé an áth do
ghabháil. Bhí níos mó uisge sa n-abhainn 'ná mar a
cheap sí. Do báthadh í, agus do fágadh an leanbh gan
deoch. Dá ndeineadh sí machtnamh gheóbhadh sí tímpal.
Ní chaillfadh sí bliain leis an aistear. Ní mharbóchadh
an ríghneas an leanbh. "'Sí an bheart shiúrálta
nár chaill."



Donchadh: Conus a bhainean san leis an Súiste?



Tadhg: Go réidh, a Dhonchadh. Tá muinntir na
h-Éireann ag fulang eugcóra, le fada d'aimsir, ó
chómhachtaibh agus ó dhroch-dhlighthibh Sacsan. Is minic
le céad blian agus breis a cuireadh an eugcóir i
bhfeidhm chómh dian agus chómh trom, gur bhris ar an
bhfoidhne ag muinntir na h-Éireann, ó am go h-am.
Is seanfhocal é, "Seachain fearg ó fhear na
foidhne." Nuair a bhriseadh ar an bhfoidhne ag
muinntir na h-Éireann is amhlaidh a rithidís láithreach
chun airm do láimhseáil agus chun cogaidh a dhéanamh.
Siné díreach an rud a theastuigheadh ó'n namhaid. Ní
bhíodh ag muinntir na h-Éireann ach arm gan mhaith,
pící a deintí i gceártain, spealana, ráinní, sluaisde,
seana ghunaí cama, meirgeacha, púdar ná glacadh
teine. Ní bhíodh san féin ag leath na slógh. Bhíodh
gach sórd airm dá áilleacht ag an namhaid. Bhíodh a


L. 27


rian air, ní bhíodh ag an namhaid ach na Gaedhil bhochta
do ghearradh rómpa. Bhíodh Céim an Fhiadh againn, agus
Sliabh na mBan, agus Vinegar Hill. Ansan
bhíodh cos ar bolg dhá dhéanamh orainn níos measa
'ná riamh.



Donchadh: Agus cad a mheasfá a dhéanamh?



Tadhg: Siní díreach an cheist atá ag an bpáipéar
nua so dhá réidhteach. Tá an Léader 'ghá thaisbeáint
dúinn gur 'mó cuma 'n-ar féidir namhaid do
throid d' éaghmuis é throid le cogadh. Mheasamair
riamh ná raibh le déanamh againn ach troid nú
fulang. Ba rogha a' dhá dhíg é, agus dob' é an
cogadh díg ba mheasa dhíobh. D' airigheas féin focal
ó dhuine d'ár namhaid lá. B' é am é 'ná an uair
a bhí an Land League ar dearg-lasadh ar fuaid na
h-Éireann. "A!" ar seisean "is truagh chráidhte
ná deinean sibh arm do ghlacadh agus eirighe amach
agus cogadh dhéanamh linn!" "Cad 'na thaobh?"
arsa mise leis. "Mar do sguabfí as an saoghal
sibh i n-aon lá amháin agus ansan bheadh suaineas
againn uaibh!" ar seisean.



Donchadh: Go deimhin le fírinne dhuit, a Thaidhg, pé
machtnamh a dhéanfinn ar an sgéal ní féidir liom
a fheisgint cad eile atá ag muinntir na h-Éireann
le déanamh ach an eugcóir d' fhulang nú an namh-
aid do throid.



Tadhg: Dein an Léadar do léighe go cruinn, agus
dein machtnamh go dlúth agus go géar ar a chainnt,
agus ní fada go dtuigfir at' aigne gur 'mó
saghas troda is féidir a dhéanamh d'éaghmais
troid cogaidh. Isé an cogadh, gan amhras, an
troid is cómhngaraighe. Ach dubhairt an Gárlach
úd, agus b' fhíor dó é, gur bh' fhearr an tímpal 'ná
an cómhngar.


L. 28


AN SÉALA (THE BRAND).



Táid Coimisinéirí na sgol, gan sgoluigheacht, go
sgiathánach agus go bladhmanach agus go fuadarach.
An tairbhe nár deineadh le trí fichid blian, táid
siad ghá mhaoidheamh go h-árd go ndéanfar anois é.
Is fada é an feitheamh. Ní miste a rádh "má's maith
é gur mithid é." Ach feuch, níor tháinig aon bhluire
de'n tairbhe fós. Ní deirtear, "má's maith é is
mithid é," go dtí go dtigean an mhaith. Tá mórán
fothraim dhá dhéanamh pé 'n Éirinn é. Táid dlighthe
agus riaghalta dhá ndéanamh go tiugh. Táid oibreacha
nua dhá gcur ar bun, le déanaighe, in sna tighthibh
sgoile. Obair díobh san iseadh a mhúine do gharsún
conus cipíní do chur i n-aice chéile nú i gceann a chéile!
Beidh an t-athair agus an mháthair sa bhaile, ag obair
go dian, ag cur alluis díobh, ag casadh le bia do
sholáthar dóibh féin agus do'n gharsún agus an garsún
ar an sgoil ag foghluim conus cleasa do dhéanamh
le cipíníbh! Dá múintí do'n gharsún conus laingis
a dhéanamh do chaoira nú do mhuic, nú conus beárna
chlaidhe do dhúnadh nú d' osgailt, nú conus sruthán
uisge do leigint ar mhóinfhéar sa chuma is fearr a chuir-
fadh an feur ag fás tríd aníos, b'fhéidir go bhféadfadh
an garsún congnamh a thabhairt d'á athair nuair a
thiocfadh sé abhaile ó'n sgoil. Ach-cleasa le cipíníbh!
Sgiathána! Agus bladhman! Agus maoidheamh!
Agus gan ag teacht as ach cleasa le cipíníbh! Is deas
an sgoluigheacht í tar éis ár dtrí fichid blian! Trí
fichid blian ag dul amú, agus ansan dul ag déanamh
cleas le cipíníbh! Dá maireadh sean Chonchubhar Máigh-
istir cad é an leathadh a bainfí as a shúilibh!



Is leamh an obair í, ach tá nídh is leimhe 'ná í. Tá
muinntir na h-Éireann ag éisteacht leis an mbladhman.
Táid na riaghalta nua so os cómhair a súl, idir chípíní
agus cleasa agus uile, agus ní'l focal ag teacht a'


L. 29


beul aoinne acu i n-aghaidh na breallántachta. Is
iongantach an nídh é sin, agus fós ní h-iongantach. Do
b' iongantach an nídh é dá mbeadh ár gciall i gceart
againn, ach ní'l. Thug na sgoileana gan sgoluigheacht
trí fichid blian ag múchadh agus ag dalladh ár n-aigne
agus ár n-inntinn. Tá ár meabhair agus ár dtuis-
gint chómh lag, chómh suarach, chómh maol acu fé dheire
nach miste dhóibh sinn a chur ag déanamh cleas le cipíníbh.
Cúis gháire chughainn!



Ach tá aon cheataighe amháin tagaithe as an gcur
amú. Do fógradh, le cuid de'n bhladhman, go ndéanfí
gleacaidheacht (drill) do mhúine ar an sgoil, agus do
chuaidh ráfla amach go gcurfí séala ar gach leanbh mic,
i dtreó go bhféadfí é chur sa n-arm nuair a bheadh sé
eirighthe suas. Ghlac sgannra na daoine go léir.
Coimeádadh na garsúin sa bhaile ó'n sgoil le h-eagla
go gcurfí an séala ortha! Is duine gan chiall a
chuimhnigh ar a leitéid, agus is daoine gan chiall a
chreid é. Is daoine iad gur fhág an sgoil gan sgol-
uigheacht séala daingean ortha féin, séala ainbhfiosa,
séala neamhthuisgiona, séala dúire agus daille
inntinne.



Is mór an truagh, nuair h-osgaladh an chéad sgoil
Ghallda i n-Éirinn, nár liúigh duine éigin mar seo.
"Ná téidh aon leanbh isteach sa sgoil sin! Má théidh-
ean curfar séala grána, sganalach air a leanfidh go
deó dhe!"



Níor liúigh aoinne. Tá a rian air. Tá an séala
orainn. Tá sé trí fichid blian ag dul isteach ionainn.
Is fada go mbeidh a dheire amach.



AN SÚISTE.



Donchadh: Is maith an rud "bualadh an chléirigh chamshúi-
ligh," a Thaidhg, ach am briathar mhóide ná taithnean


L. 30


an bualadh san liom nuair a chím buille sa n-eug-
cóir ó'n gcléireach.



Tadhg: Cad dó go bhfuilir 'ghá thagairt sin, a Dhonchadh?



Donchadh: Sdó siné an cómhthionól sin d'fhearaibh
Éireann a bhí i mB'l'áth Cliath an lá fé dheire. Ní
fhéadfadh an namhaid is droch-aigeanta dá bhfuil
againn bheith níos cruadha ortha 'ná mar a bhí an
Súiste!



Tadhg: Suidh síos ansan, a Dhonchadh, agus neófad
sgéal beag seanchais duit. Is minic airighis teacht
thar chómhrac Chúchulainn le Feardia. 'Seo nídh a thuit
amach sa chómhrac san agus b' fhéidir go gcuirfadh sé
rainnt iongna ort. Bhí fear i bhfochair Chúchulainn 'n-ar
bh' ainim dó Laogh mac rígh an Ghabhra. Ba sheirbhíseach
é, ach má 'seadh, ba chara ana dhílis do Chúchulainn é.
Bhí árd chion acu ar a chéile. Nuair a bhí an cómhrac ar
siubhal ar feadh tamail do thuig Chúchulainn gur bhaoghal
dó go mbeadh breis agus a dhóithin le déanamh aige sa
chómhrac. Thug sé cogar do Laogh. "A Laoigh," ar
seisean, "bí ag faire ar an gcómhrac, agus má thugan
tú fé ndeára Feardia ag buachtaint orm labhair go
h-árd agus dein mise do cháine chómh géar agus chómh
dian agus chómh h-olc agus is féidir le d' bheul é.
Dein mé ghlamadh agus d' aithisiú agus do tharcaisniú.
Ná bíodh truagh ar bith agat dom. Ná staon ó'n aithi-
siú. Siné dhúiseóchaidh m' fhearg agus mo neart.
Tabhair an uile shórd masla dhom."



Donchadh: Tuigim thu, a Thaidhg. Dar leat is ar
mhaithe le fearaibh Éireann atá an Súiste. Nár chóir
nár bheag dóibh an namhaid chucha?



Tadhg: Táim ag feuchaint ar fhearaibh Éireann, a
Dhonchadh, agus ag éisteacht leó, le fiche blian. Thuga-
dar deich mbliana ag moladh a chéile i dtreó gur dhóich
leat gur bh' aingeal, bog teith anuas as na flaitheas-
aibh, an uile dhuine acu. Ansan do thuiteadar amach
le chéile agus thugadar deich mbliana eile ag cáine
agus ag spíde a chéile, i dtreó gur dhóich leat gur


L. 31


dhiabhal aníos a h-iachtar ifrinn an uile dhuine acu! Is
amhlaidh mar a bhí an sgéal acu, a Dhonchadh, nuair a
bhíodar ag moladh a chéile ní raibh an moladh dáiríribh,
agus nuair a bhíodar ag cáine a chéile ní raibh an cáine
dáiríribh. Fir mhaithe iseadh iad, ach ní'l aingeal ná
diabhal ortha. Ní'l aon duine ar an saoghal so, a
Dhonchad, gan a locht féin air. Má mholan duine
thu choidhche, agus go ndéarfidh sé leat ná fuil locht
ar bith ort, tuig-se láithreach at' aigne gur ag magadh
fút atá sé. Tá masmas orainn go léir i n-Éirinn
ó'n sórd san cainnte. Is sgéal nua dhúinn fear do
theacht i n-ár measg go bhfuil sé de mhisneach aige sinn
do cháine agus do ghlamadh agus do tharcuisniú, thoir,
thiar, thall, tré n-a chéile dhúinn! Má tá ciall againn
ní dhéanfidh an cáine aon díobháil dúinn. Is amhlaidh
a chuirfidh sé fhiachaibh orainn feuchaint chughainn féin
agus ár lochta do leigheas. Mara bhfuil ciall againn
ní dhéanfidh moladh ná cáine tairbhe ná díobháil dúinn!



Donchadh (ag cur gáire as): "Sgaoilimís tharainn,
gan moladh gan cáine, a Thaidhg."



Tadhg (ag cur gáire eile as): "Ná mol agus ná
daor," a mhic ó, "óir ní faghtar saoi gan locht." 'Sé
sin le rádh, a Dhonchadh, mara bhfuil ciall ag duine
ná bí ad' bhodhradh féin 'gá mholadh ná 'ghá cháine; má
tá ciall aige gheóbhair locht le cáine ann agus isé cáine
na locht a leigheas.



Donchadh: Ambasa b' fhéidir smut de'n cheart do
bheith agat. "Buail do bhuille nuair fhéadfir é."



AN SÚISTE.



Donchadh: Go deimhin, a Thaidhg, pé maitheas a dhein
Laogh do Chúchulainn nuair a cháin sé é ní chuirfadh an
saoghal 'n-a luighe orm 'ná gur b'olc an rud d'fhear
an tsúiste ár ndaoine féin do cháine. Tá namhaid


L. 32


ár ndóithin againn chun sinn a cháine agus is ró mhaith
chuige iad. Tá gráin ag ár namhaid ar Fhearaibh Éireann,
go mór mór, nuair a chítear Fir Éireann i gceann a
chéile mar a bhíodar an lá fé dheire a mB'l'áth Cliath
sa n-Árd Fheis. Thánadar ann o'n uile pháirt d'Éirinn.
Ba dhóich liom gur chirte dhúinne iad do mholadh agus
an cáine d'fhágáilt fé an namhaid.



Tadhg: Is fíor dhuit, a Dhonchadh, gur ceart an cáine
d'fhágáilt fé an namhaid, ach ní ceart innsint na fír-
inne d'fhágáilt fé 'n namhaid mar ní baoghal go 'neósaidh
namhaid an fhírinne. Is sean-fhocal é go mbíon an
fhírinne searbh. An ceart, mar gheall ar a seirbhe, í
fhágáilt gan innsint.?



Donchadh: Ní ceart. Ach cad í an fhírinne seo a deirir?



Tadhg: Is dócha go n-admhóchair, a Dhonchadh, nuair a
bhíd Fir Éireann i bhfochair a chéile, gur ceart dóibh
iad féin d'iompar go ciallmhar agus go stuamdha
agus go staidéartha; gur ceart dóibh éisteacht go
breágh, ciúin, foidhneach, le h-innsint gach taoibh de'n
sgéal atá le dul fé n-a mbreitheamhantas. Conus is
féidir do dhuine breith dhleaghthac a thabhairt mara n-inns-
tear dhá thaobh an sgéil dó! "Ná tabhair do bhreith ar
an gcéad sgéal go mbeiridh an dara sgéal ort. "Má
éistim leis an dtaobh de'n sgeal a thaithnean liom
agus má dhiúltuighim d' aon éisteacht a thabhairt do'n
taobh ná taithnean liom cad é an saghas breithimh mé!



Donchadh: Stó, cuir i gcás go raibh fios gach taoibh de'n
sgéal go h-áluinn agat roim ré.



Tadhg: Má bhí cad ba ghádh dhom éisteacht le h-aon
taobh de! Ba cheart dom gan éisteacht le h-aon taobh
nú an cothrom céadna thabhairt do'n dá thaobh.



Donchadh: Agus an amhlaidh nár tugadh an comhthrom
céadna do'n dá taobh sa n-Árd Fheis?



Tadhg: Bhíos ann, a mhic ó. Do labhair an ceann
uraid, an Réamonach. Thug sé cómhairle a leasa
d' Fhearaibh Éireann. Dubhairt sé leó, má ba mhian
leó uraim a bheith ag an saoghal mór dóibh, agus do'n


L. 33


Árd-Fheis a bhí 'n-a suidhe acu, go raibh sé ceangailte
ortha go léir éisteacht go ciúin agus go stuamdha
le gach fear a dhéanfadh cainnt leó, pé 'cu thaithnfadh
an chainnt leó nú ná taithnfadh; go raibh an uile chaoi
acu ar a mbreith do thabhairt do réir a n-aigne agus a
dtoile agus a dtuisgiona féin. Nuair airigheas an
chómhairle sin do cheapas, nídh nár bh' iongna, go mbeadh
an obair go h-áluinn againn. Do ghluais an gnó go
maith an fhaid a bhí an chainnt chun a dtoile ag formhór
na Feise. Ar ball do labhair fear ag cur an taoibh
eile de'n chás i bhfeidhm, ach má labhair d'eirigh búirtheach
agus liúireach agus sgreadach agus an uile shaghas droch-
iompair as an uile thaobh de'n tseómra. D'iarr
fear na cathaoireach, airís agus airís eile, ar an bhfeis,
céad cainnte thabhairt do'n t-é a bhí n-a sheasamh. Ní
raibh aon mhaith ann. Ní túisge chuireadh sé focal as
'ná do múchtí an focal le búirtheach ghrána. Do tugadh
an córú céadna do'n uile chainnteóir a dubhairt aon
fhocal nár thaithn le lucht na búirthighe. Bhí náire agus
ceann-fé orm. An fhaid a mhairfad ní feicfar airís
mé ag Árd-Fheis de'n tsórd san. Mara múinidh an
Súiste ciall dóibh ní mhuinfidh aon nídh iad.



Donchadh: Go deimhin, a Thaidhg, is truagh an sgéal é
sin! Ná féadfidís éisteacht agus ansan a n-aigne
shásamh i ndeire barra nuair a bheadh an bhreith le tabhairt!



Tadhg: Ná féadfidís, astó!



Donchadh: Na buidhne, ar fuid na h-Éireann, a chuir
ann iad, isiad a chaill an sgéal. Bhí sé ceart acu a rádh
le gach fear díobh, "Fan anso sa bhaile mara féidir
leat tu féin d' iompar agus staonadh ó bhúirtheach!"



AN SUISTE.



Tadhg: An focal déanach úd a dubhraís anso an lá
fé dheire, a Dhonchadh, do chuir sé ag machtnamh go mór
mé.


L. 34


Donchadh: Cad é an focal é? Ní cuimhin liom é.



Tadhg: Dubhraís gur b' iad na buidheanta atá ar fuid
na h-Éireann fé ndeára tigh amhas a dhéanamh de'n
Mhór-Fheis úd a bhí i mB'l' Áth Cliath, óir nár chuireadar
uatha tar a gceann chun na Feise sin daoine d' fhéadfadh
iad féin d' iompar agus staonadh ó bhúirtheach.



Donchadh: Agus cad é an machtnamh mór fhéadfá a
bhaint as an méid sin! Dar ndóich ní'l gnó ná obair
ar an dtalamh so do féadfí a dhéanamh dá mba ag
búirthigh a bheadh lucht a dhéanta! Go mór mór, má's
gnó é 'n-a gcaithtear dhá thaobh sgéil d' aireachtaint
agus do thuisgint agus do bhreithniú.



Tadhg: Is fíor. Is le ciúnas a deintear breithniú.
Ní féidir é dhéanamh lé bladhman. Ach tá níos mó
'ná san sa sgéal. Isé rud a chuir ag machtnamh mé 'ná
tú 'ghá rádh gur bh' iad buidheanta na h-Éireann a dhein
an dearmhad, le gan a chur ar a súilibh do sna teachtairíbh
conus ba cheart dóibh iad féin d' iompar sa bhFeis.



Donchadh: Andaigh, a Thaidhg, ba chóir go dtuigfadh na
teachtairí féin an méid sin, ach ba mhór an truagh gan
duine éigin 'ghá chur ar a súilibh dóib.



Tadhg: Isé focal a bhí i mbeul gach duine, tar éis
na Feise ná, "Seadh! Nách deas an Parlimint a
bheadh i n-Éirinn againn! "Do cuireadh an chainnt
sin i mbeulaibh ár namhad agus ní raibh aon bhlúire
gátair leis. Dá suidheadh na teachtairí ansúd agus
gan oireadh agus aon ghlór amháin do chur asta an
fhaid a bhí an chainnt ar siubhal, ach a mbreith a thabhairt
i ndeire an ghnótha, do réir a dtoile agus a dtuis-
giona féin, bheadh an toradh céadna díreach acu d'á bharr
a bhí acu de bharr na búirthighe, agus bheadh rud eile acu
d'á bhárr ná raibh acu de bhárr na búirthighe; bheadh meas
ag an uile dhuine ortha, idir charaid agus namhaid.



Donchadh: 'Sdó 'sé ball 'n-a bhfuil an donas ar fad
orainne, i n-Éirinn, ní féidir linn éisteacht le focal
is dóich linn nách fíor gan an t-éitheach a thabhairt láith-
reach dó!


L. 35


Tadhg: Díreach! Chómh maith agus go ndéanfadh sé
aon bhlúire deifrigheachta sa sgéal sinn do thabhairt an
éithigh dó nú gan a thabhairt! Ach pé 'cu éitheach
nú fírinne é ní le búirtheach is ceart é chur ar
neamhnídh ná é chur i bhfeidhm, ach le cainnt bhreágh réidh
chiallmhar.



Donchadh: Tá go breágh, a Thaidhg, ach conus a múin-
far san do mhuinntir na h-Éireann?



Tadhg: Pé cuma 'na ndéanfar an múine caithfar é
thosnú sa n-áit a dubhraís-se féin.



Donchadh: Cad é 'n áit, airiú!



Tadhg: In sna buidhnibh ar fuid na h-Éireann.



Donchadh: Ó, tuigim.



Tadhg: Nuair a thuigfidh poibilidheacht na h-Éireann
gur feis gan mhaith feis búirthighe, gur feis gan stuaim
í, gur feis gan chiall í, gur feis gan chreideamhaint
amuich ná i mbaile í, geallaim-se dhuit go
gcuirfidh poibilidheacht na h-Éireann deire leis an
mbúirtheach.



Donchadh: Éist do bheul, a Thaidhg. Ná bí ag leigint
na gaoithe isteach! Cad tá ag poibilidheacht na
h-Éireann féin dhá dhéanamh, le deich mbliana agus
breis, ach ag bladhman, agus ag búirthigh nuair a bhíon
aon ghnó poibilidhe idir lámhaibh acu! An rud céadna
a deirir-se a dhein tigh amhus de sheómra na Feise, isé
atá ar siubhal gach aon lá'n tseachtmhain ar fuid na
h-Éireann. Nuair a bhíon cómhthionól mór poibilidhe
ar siubhal, má labhran aon duine focal ná taithnfidh
le formhór an phobuil múchtar a chainnt láithreach le
buirtheach agus la béiceach.



Tadhg: Go réidh, a Dhonchadh. Ní mar a chéile cómh-
tionól poibilidhe agus feis. Bíon an uile shaghas
daoine sa chómthionól phoibilidhe. Daoine toghtha a
bhíon cruinnighthe i bhfeis. Ba cheart do mhuinntir na
feise bheith chómh ciúin chómh stuamdha leis an ndáreug
'n-a mbeadh ortha duine dhaoradh chun báis, nú do shaoradh
uaidh.


L. 36


BUN PHRÉIMH AN SGÉIL.



Donchadh: Cogar, a Thaidhg. Ní fheadar ar léighis
cainnt a thug sagart a Máigh Nuadhad uaidh i gCorcaigh
an lá fé dheire. Is fada nár léigheas féin cainnt
chómh h-áluinn, chómh bríghmhar, chómh doimhinn, chómh
bunúsach léi.



Tadhg: Níor léigheas. Cad dubhairt sé?



Donchadh: Chuir sé ar dtúis os cómhair na ndaoine a
bhí ag éisteacht comparáid idir aos óg Chorcaighe trí
fichid blian ó sin agus aos óg Chorcaighe indiu. Dhain-
ginigh sé an chomparáid ar chainnt a chaith sgríbhneóir
Béarla d'ár bh' ainim Thackeray. Bhí Thackeray i
gCorcaigh agus ag bualadh ar fuid na catharach dó
d'airigh sé cainnt agus cómhrádh idir chuid de garsúnaibh
na sráide. Ag trácht ar leabhraibh agus ar léighean
agus ar ghnóthaíbh ealadhan iseadh bhíodar. Do leath a dhá
shúil agus a dhá chluais ar an úghdar léigheanta nuair
airigh sé an chainnt. Cainnt bhreágh chiallmhar, léigh-
eanta, thuisgionach, ag teacht ó dhailtíníbh sráide, agus
iad cosnochtuighthe, ceann-lomrachta, droch-éadaigh! Bhí
iongna ar an úghdar, agus seo mar innis sé féin an
rud a chuir an t-iongna air. "Dailtíní sráide, ná
feacaidh an taobh istigh d'aon sgoil fhóghanta riamh, ag
trácht ar leabhraibh léigheanta, agus ag breithniú ortha,
i gcainnt bhreágh, shaidhbhir stuamdha, do thaisbeáin gur
thuigeadar brígh agus bunús na leabhar ... Ní faghtar
aos óg de'n tsórd san thall i Sasana, ní h-amháin
imeasg dailtíní sráide ach fós imeasg na n-uasal
in sna sgoileanaibh is fearr. Deirim leat nách ag
muinntir Shasana atá an buadh chómh fada agus a théidh-
ean éirim agus tuisgint agus aibeamhlacht inntinne
na n-aos óg. Tá an buadh san ag dailtíníb sráide
Chorcaighe."



Nuair a chuir an sagart os cómhair na ndaoine an
méid sin, dubhairt sé leó mar seo:- "Dá dtagadh


L. 37


Thackeray anois go Corcaigh, an bhfaghadh sé an éirim
agus an inntileacht agus an tuisgint sin i n-ár n-aos
óg? Ní bhfaghadh! Cad n-a thaobh? Cad fé ndeár
an t-atharú? Ní raibh aon sgoileana i n-Éirinn an
uair sin gur bh' fhiú iad d'áireamh. Tá an dúthaigh lán
de sgoileanaibh anois, agus dailtíní na sráide dhá
dtiomáint isteach in sna sgoileanaibh le dlighe. Is ait
an cúrsa é. Na sgoileana ag dul i méidh agus an
sgoluigheacht i luighead! An múine ag dul i ngéire
agus inntileacht na leanbh ag dul i maoile! Cad fé
ndeár é! Agus cad é mar obair do mhuinntir na
h-Éireann cur suas leis. Nú an amhlaidh atá an
sórd sgoluigheachta atá in sna sgoileanaibh tar éis
aigne na ndaoine do mhaolú agus do mhúchadh agus do
dhalladh chómh mór san ná tuigid siad féin an eug-
cóir atá déanta ortha, agus an eugcóir chéadna a bheith
dhá dhéanamh agus dhá mheudú ar a gclainn?"



Nuair a bhí an cheist sin curtha aige os a gcómhair
go breágh soiléir solusmhar, do rug sé leis siar iad
tríd an aimsir atá caithte, ar feadh dhá chéad, trí chéad
blian, a d'iarraidh freagra d'fhághail dóibh ar an
gceist. Ní'l freagra is gnáth a thabhairt ar an gceist
nár strac sé as a chéile agus nár nocht sé a neimh-
fhírinne. Thaisbeáin sé conus nár bh'é ár na ndaoine
sa droch-shaoghal, nuair a dhuibh prátaí, fé ndeár an
maolú aigne. Tháinig ár ba mheasa 'ná é go minic
roimis gan aon mháchail d'fhágáil 'n-a dhiaidh ar inntinn
Ghaodhalach. Conus fhéadfadh an droch-shaoghal deir-
ineach rud a dhéanamh nár dhein aon droch-saoghal d'ár
tháinig roimis?



I ndeire na cainnte dó thaisbeáin sé go soiléir
go raibh aon chúis amháin, agus ná raibh ach an t-aon chúis
amháin, d'fhéadfadh an aigne Ghaodhalach do dhalladh
agus do mhaolú. Nuair a deighileadh aigne na ndaoine
ó chainnt nádúrtha na ndaoine do dalladh a n-aigne.
Nuair dh'imthig an chainnt gheurchúiseach d'imthig an
gheurchúis. Mara bhfuil ach an t-aon chúis amháin leis


L. 38


an olc, gan amhras ní'l ach an t-aon leigheas amháin ár
an olc. Má tá an gheurchúis le casadh ní foláir an
chainnt do chasadh. Ní miste a rádh 'ná gur fear
geurchúiseach an sagart úd. B' fhiú dhuit an páipeur
d'fhághail agus do léighe.



Tadhg: Déanfad go deimhin.



BUN PHRÉIMH AN SGÉIL.



Tadhg: Do léigheas an chainnt úd, a Dhonchadh. Mar
a dubhraís, is cainnt gheurchúiseach í, agus is ó aigne
geurchúiseach a tháinig an chainnt. Ach feuch, a Donchadh,
is 'mó chainnt gheurchúiseach a labharthar i n-Éirinn gan
puinn tairbhe ag teacht aisti 'n-a dhiaidh sin. An dóich
leat an ndéanfidh an chainnt sin an tsagairt aon
tairbhe i gCorcaigh? Is eagal liom-sa ná déanfidh
sí puinn. Daoine iseadh muinntir na h-Éireann, i
gCorcaigh chómh maith le gach aon bhall eile, gur maith
leó éisteacht le cainnt mhaith agus an chainnt do mholadh,
ach nách maith leó choidhche beart do dhéanamh do réir na
cainnte. Má thuigid muinntir Chorcaighe, ní headh
ach muinntir na h-Éireann go léir, gur b'é caillea-
mhaint na Gaedhluinne fé ndeár imtheacht na geur-
chúise uainn féin agus ó n-ár n-aos óg, agus ná fuil
aon tslighe ar bith chun na geurchúise sin do chasadh thar
n-ais chughainn ach an Ghaedhluinn féin do chasadh thar
n-ais agus do shaothrú agus do mhúine d'ár n-aos óg,
nár chóir go bpreabfadh muinntir Chorcaighe agus
muinntir na h-Éireann go léir suas, do thoil a chéile,
agus go luighfidís láithreach ar an dteanga d' fhoghluim
agus do mhúine!



Donchadh: Agus dar ndó táthar 'ghá fogluim agus
'ghá múine go tiugh anois i gCorcaigh agus ar fuid na
h-Éireann.


L. 39


Tadhg: Tá iaracht bheag shuarach dhá dhéanamh anso agus
ansúd ar í shaothrú, ach sin a bhfuil. Tá rainnt fear
agus ban atá ag obair go dian agus go díthealach a
d'iarraidh i shaothrú, ach cad 'tá ag an gcoitchiantacht dhá
dhéanamh? Tóg aon leath dosaon amháin daoine amach
a' Cathair Corcaighe agus cad bheidh 'n-a ndiaidh agat
ann! Bheadh deire láithreach leis an saothrú. Nuair
a cruinnightear feis bailightear a lán daoine agus
deintear a lán fothraim agus a lán cainnte, cuid di,
ba dhóich leat, geurchúiseach go maith. Moltar an
obair agus moltar an Ghaedhluinn. Buailtear basa
agus deintear gártha go h-árd. Ansan téidhtear
abhaile agus fágtar an obair chruaidh ar an leath-
dosaon! Dá stadadh an leath-dosaon fé mar a
stadaid an choitchiantacht cá mbeadh an obair! Rud
eile dhe. Ní féidir do'n leath-dosaon féin an obair
a dhéanamh gan airgead. Isé ba lugha ba ghann do'n
choitchiantacht a dhéanamh, mara fonn leó féin an obair
a ghlacadh ar a lámhaibh, rainnt éigin airgid do thabhairt
mar chongnamh chun na h-oibre dhéanamh. Ní'l de
chongnamh acu dhá thabhairt uatha ach gártha agus bualadh
bas. "Ní chothuighid na bréithre na bráithre." Deir-
tear go bhfuil Éire ró dhealbh. Ná fuil aon ghustal
aici chun Connradh na Gaedhilge, ná aon chonnradh eile,
do chothú ná do choimeád suas mar ba chóir, le h-acfuinn
airgid. Is 'mó an t-airgead a théidhean chun aon tighe
tabhairne amháin do choimeád suas ó cheann ceann de'n
bhliain 'ná mar a tugtar do Chonnradh na Gaedhilge
sa bhliain, ó cheann ceann de'n oileán so! Nách deas,
ciallmhar, tuisgionac, geurchúiseach an rud é sin, a
Dhonchadh!



Donchadh: Ach, ní dóich liom go bhfuil an sgéal chómh
h-olc san ar fad, a Thaidhg. Gan amhras, tá an obair
phoibilidhe ag brath ar bheagán daoine fós ach ní bheidh
an sgéal abhfad mar sin. Téid na daoine abhaile ó
sna feiseana agus ó'n mbualadh bas, ach ní fhanaid
siad go léir díomhaoin sa bhaile. Tá mórán daoine


L. 40


anois ar fuid na h-Éireann atá ag foghluim na Gaedh-
luinne go tiugh sa bhaile, a gan fhios do'n tsaoghal. Is
daoine iad go bhfuil sgáth ortha iad féin a thaisbeáint
go poibilidhe go dtí go mbeidh an t-eólus ceart acu
ar an dteangain. Nuair a bheidh, mo lámh duit ná
fágfar an obair go léir ar an leath-dosaon.



Tadhg: Níor ghádh d' aoinne aon sgáth a bheith air mar
gheall ar chongnamh airgid a thabhairt uaidh!



Donchadh: Tiocfidh an t-airgead leis.



Tadhg: Dar fiadh, a Dhonchadh, is fada súil leis agus
is fada ag teacht é!



SGOIL GAN SGOLUIGHEACHT.



Tadhg: Feuch, a Dhonchadh. Seo leitir a fuaras ó dhuine
tá cúpla lá ó shin ann. 'Neósfidh sí féin a sgéal duit.
"Ní'l mé i n-ann," a deir sé, "an peann a chasadh
chómh cliste a's ba mhaith liom é mar ní'l an t-eolus
agam chuige. Tá a fhios ag mo chroidhe gur chaith mé
aimsir mo dhóithin ag dul go sgoil náisiúnta, agus go
mba chóir dom rud éigin a phiocadh suas dá mbeadh
aon mhaith ionta. Ach, a Thaidhg, a chroidhe, dá bhfanainn
sa n-áit ó shin agus na h-oidí céadna bheith ann diabhal
a mbeadh a fhios agam conus an cheist is simplidhe do
réidhteach! Na h-oidí a bhí ann le mo linn-se ní raibh
aon fhocal Gaedhilge acu ach an oiread a's tá ag bonn
do bhróige, agus maidir le Béarla bheith agam-sa, ní
raibh.



"Níor thuigeamair féin a chéile, agus a Thighearna
Dia! nár bh' aithiseach an rud é, agus nár sganalach
an sgéal é, na diabhail sin - go maithidh Dia mo pheachaí
dhom! - a bheith 'ghár lasgadh sa cheann agus in sna cosa
agus ins gach áit eile nuair ná beadh a fhios againn
cad a bheidí sa rádh!


L. 41


"Chuaidh mé tríd an trímhadh leabhar de Eúclid.
D'fhreagair mé na ceisteana do'n mháighistir agus
do'n cheistineóir, agus dá mbeinn ar leabaidh mo
bháis, a Thaidhg, d'fhéadfinn a rádh leat ó mo chroidhe
amach, nár thuig mé aon fhocal de'n méidh a bhí mé a rádh
ach an oiread leis an naoidhean a rugadh aréir!



"Dá dhonacht a bhí an sgéal agam-sa bhí tuille ní ba
mheasa 'ná mé. Níor dhual dom bheith dúr ná dall.
Bhí inntinn mhaith ag gach duine de m' ghaoltaibh ar gach
taobh. Ach do maoladh ár n-aigne istigh ionainn.
M'athair, beannacht na ngrást le n'anam! agus gach
duine mar é, nach ndeachaidh ar aon sgoil náisiúnta
riamh ach a fuair, b'fhéidir, cion bliadhna ó shean mháigh-
istirí thagadh isteach sa n-áit agus d'imthigheadh ó theach
go teach ag múine, is mó an sgoluigheacht a bhí acu agus
ba thuisgionaighe iad go mór 'ná a gcuid clainne, a
chaith an oiread blianta ag dul ar sgoil agus a
chaitheadar-san seachtmhainí!



"Níor plóchadh agus níor dalladh a n-aigne mar a
rinneadh linne. Ní'l agamsa le tabhairt do na
sgolaibh Náisiúnta ach mo sheacht míle mallacht. An
méid beag oideachais atá agam ní ar an sgoil a fuaras
é ach an fhaid a bhí mé ag imtheacht am ruatharach ar fuid
an t-saoghail. Ach gan amhras ní'l an cruinneas céadna
am aigne a bheadh inti agam dá múintí sa cheart mé do
réir réasúin agus nádúir."



Cad deirir leis sin, a Dhonchadh?



Donchadh: Deirim, gan dabht ar domhan, gur b'shiné
ár sgéal go léir. Is fada ó chéile an sgoil'n-a rabhas-
sa air agus an sgoil 'n-a raibh an fear san air, ach ba
dhóich le duine gur aon sgoil amháin iad! Ní fheicim
blúire deifrigheachta eatartha.



Tadhg: Is fíor duit é, a Dhonchadh. Siné ár sgéal go
léir. Ach an bhfuil a fhios agat cad is mó chuirean ar
buile mise nuair a mhachtnuighim ar an sgéal? Cuirean
an obair féin ar buile mé gan amhras, ach ní fiú biorán
an bhuile sin seachas an bhuile thagan orm nuair a


L. 42


chuimhnighim ar conus mar a bhí uaisle na h-Éireann ag
feuchaint ar an obair sin agus nár labhair aoinne acu
focal amach as a bheul chun aon chosg a chur leis an
léirsgrios a bhí dh'á dhéanamh os cómhair a súl ar
aos óg na h-Éireann!



Donchadh: Dar fiadh, a Thaidhg, is eagal liom gur fada
go gcuirfir an bhuile sin díot! Tá an léirsgrios
céadna ar siubhal fós. Ní h-eadh ach is measa anois
é 'ná ar dtúis. Siniad uaisle na h-Éireann ag feuch-
aint anois leis air, agus iad chómh balbh agus a bhíodar
an uair sin!



Tadhg: Fan leat go fóil, a Dhonchadh. Táid na
h-uaisle 'n-a gcodla. Ní thaithnean fothram leó. Ach
mo lámh agus mh' fhocal duit go bhfuil an fothram ag
teacht. D'réir an fhuadair atá fé 'n gConnradh so na
Gaedhilge ní fada go gcurfar píoparnach i gcluasaibh
ár n-uaisle agus go múinfar a ndualgus dóibh!



Donchad: Cogar, a Thaidhg, Cad é an rud "plóchadh?"



Tadhg: Fagaim le h-uadhacht, a Dhonchad, ná feadar.
Níor airigheas riamh é. Ach ní mheasaim gur b' aon rud
fóghanta é.



SGOIL GAN SGOLUIDHEACHT.



Donchadh: Feuch, a Thaidhg. Deir daoine go bhfuil
eugcóir agat-sa dhá dhéanamh ar an mbórd sgoluigh-
eachta so againn.



Tadhg: Cad í an eugcóir atá agam 'á dhéanamh ortha?



Dochadh: Sdó tá an uile phioc de mhilleán na sgol
agat-sa dhá chur anuas i mullach an chinn ar an mBórd,
agus deirtear go bhfuil a gcion féin de'n mhilleán ag
dul do dhaoinibh eile, go mór mór ó cuireadh na riaghalta
nua so ar bun. Sean ghearán agat-sa iseadh na leabh-
air léighinn a bheith neamh-oireamhnach do'n aos óg. Do


L. 43


réir na riaghal nua ní'l bac ar aoinne go bhfuil cúram
sgoile air, na leabhair léighinn a thoghadh do réir a
bhreitheamhantais féin. Agus má 's maith leis an
bhfear cúraim an Ghaedhluinn a chur dhá múine sa sgoil
deirtear go bhfuil lán chead ó'n mBórd chuige. Cad
eile fhéadfadh an Bórd a dhéanamh!



Tadhg: Is eól dom, a Dhonchadh, go bhfuil an chainnt
sin ar siubhal, ach is daoine ná fuil aon pioc de thuis-
gint an sgéil acu a labhran mar sin. Ní h-amháin ná
fuil aon phioc de thuisgint an sgéil acu, ach fós ní'l
aon bhreith ar bhunús an sgéil do léiriú agus do mhíniú
i bhfocalaibh cainnte dhóibh, ar chuma 'n-a dtiocfadh leó
greim aigne d'fhághail air. Dá mbeadh feirm thailimh
ansan ag duine agus go mbeadh droch shaothrú aige
dhá dhéanamh uirthi ar feadh trí fichid blian an dóich leat
an bhféadfí olc na dtrí bhfichid blian do leigheas le
h-aon chéachta amháin nua do cheannach! Nú cuir i
gcás go bhfuil líntighe ansan atá ag déanamh aimhleasa
riamh, ó'n t-é is sine go dtí an t-é is óige acu, an
dóich leat an bhféadfá líntighe grástamhail ciallmhar
a dhéanamh díobh le h-aon fhocal amháin cómhairle!
Táid na droch leabhair dhá léighe in sna sgoileana le
trí fichid blian. Tá inntileacht na leanbh dhá shladadh
asta, i ndiaidh ar ndiaidh i gcaitheamh na h-aimsire sin.
Isé an Bórd is cionntach leis an sladadh san. Anois,
nuair atá ár ndíobháil déanta, ní'l ag an mBórd le
rádh linn ach, "Má tá locht agaibh ar na leabhraibh seo
bíodh bhúr rogha leabhar agaibh." Dá mbeadh duine
ansan go mbeadh a shláinte briste agus an t-anam
nách mór sladaithe as le droch-bhia agus le droch-chóir,
cad é mar obair do'n dochtúir a rádh leis "Imthigh
agus faghaidh bia fóghanta dhuit féin." Cad é an
tairbhe dhó an bia fóghanta go dtí go leighisfar ar
dtúis é! Agus rud eile dhe, a Dhonchadh, deirtear
liom go bhfuil cead agam mo rogha leabhar fhághail
do'n sgoil. Cad é an mhaith dhom an cead san d'fhághail
an fhaid ná fuil ann ar fad ach leabhair gan tairbhe!


L. 44


Is deacair rogha bhaint a' dhá dhíg. Má fheuchaim tríd
na "Readers" atá tabhartha amach le h-aghaidh na sgol
ní fheicim choidhche ortha ach leabhar is measa 'ná a chéile.
Ní'l aon bhlúire eóluis le fághail as aon "Reader" acu.
Is amhlaidh atáid siad déanta suas de bhlúiríb beaga
cainnte gan ceangal bríghe ná ceangal sgéil eatartha.
Is cuma aon leabhar acu nú leastar an bhráthar. Cad
é an tairbhe dhúinne anois a rádh linn ár rogha leabhar
acu do thógaint! Ní measa Cách 'ná Cunchubhar ortha.
Tá a lán de leabhraibh Béarla ar bith ach ní h-eól dom
leabhar maith sgoile ortha go léir. Tá an leabhar maith
sgoile gan cumadh fós, a Dhonchadh.



Donchadh: Agus nár chóir go bhféadfí é chumadh.



Tadhg: Ba chóir. Ach deirim an méid seo leat. Ní'l
leabhar is deacara a chumadh 'ná leabhar maith sgoile,
agus ní'l deacaracht is lugha a tuigtear 'ná an dea-
caracht chéadna san. Ní'l aon ghiolla-mo-leithéid ná
féadfadh smuta beaga cainnte do chur i mbun a chéile
agus "School Reader" a thabhairt mar ainim ortha,
ach is beag an mhaith an t-ainim.



Donchadh: "Nuair a bhíon an leabhar againn ní bíon
an léighean againn!"



Tadhg: Ní'l an leabhar ná an léighean againn!



BULA DALL.



Donchadh: Ar airighis, a Thaidhg, cad a dhein Mac Ui
Dhomhnaill an oidhche fé dheire, thall i bhfeis na Sacsan?



Tadhg: Ambriathar gur airigheas, a Dhonchadh, agus
gur chuir sé i gcuimhne dhom an rud úd a dubhairt Síle
bheag fad ó nuair a bhí bean éigin ag spídiúchán uirthi.
Bí an chainnt ró mhaith ag an mnaoi agus bhí an lámh
uachtair aici dhá fhághail ar Shíle. Fé dheire chuimhnigh
Síle ar sheift agus do labhair sí go h-árd i dtreó go


L. 45


n-aireóchadh a raibh láithreach í. "A thoice gan áird,"
ar sise, "mara n-éistfá do bhéal dhéanfinn bula dall
ar lár an bhóthair díot le Béarla! "Ní raibh aon
fhocal Béarla ag an mnaoi eile. Tháinig eagla uirthi
roimis an mBéarla agus d' éist sí. Do sgairt a raibh
láithreach ar gháirí agus cheap an bhean gan Béarla gur
fúithi féin a bhíodar ag gairí. Chuimhnigheas ar Shile
bheag nuair a chonac conus mar a dhein Mac Ui Dhómh-
naill bula dall de'n Speaker i bhfeis na Sacsan.
Chuir an sgéal a lán smaointe am' aigne. Nách deas
an sórd ruda, a Dhonchadh, Speaker gan chainnt! Nár
dhóich leat gur cheart don Speaker bheith ábalta ar
chainnt a dhéanamh le gach feisire sa teangain is fearr
a thuigfadh, nú do labharfadh, an feisire féin. Cad é
mar obair fear do thoghadh chun na cainnte do riarú
agus gan eólus aige ar an gcainnt! Ach tá sean
thaithighe againne anso i n-Éirinn ar an sórd san oibre.
Na daoine is lugha eólus ar Éirinn ná ar gnó na
h-Éireann isiad a curtar chughainn anall anso ó Shasana
chun na h-oibre ná tuigid siad do dhéanamh. An aon
iongna go bhfuil an obair dhá lot riamh! Dá mb' í
an obair seo atá ar siubhal í le tamal idir thineón-
taithibh agus máighistirí talmhan i n-Éirinn tá an bárthan
céadna uirthi. Caithtear an cíos a cheapadh le meas
agus le moladh meastóirí. Cé h-iad a dheinean an
cíos do shocarú? Daoine ná h-aithneóchadh droch-
thalamh ó thalam fhóghanta. Daoine ná h-aithneóchadh
neóinín ó bhileóig slánluis! Daoine ná h-aithneóchadh
feóchadán ó ghas raithinighe!



Donchadh: Tá píoparnach ag an Ruiséalach dhá chur
'n-a gcluasaibh do chuid acu.



Tadhg: Ba mhithid do dhuine éigin go mbeadh ciall
éigin aige labhairt. Tá an Ruiséalach go maith. Tá
an breitheamhntas go maith aige agus tá cothrom na
cainnte go maith aige. Tá súil agam go n-éistfar
leis.



Donchadh: Ní fheadar, a Thaidhg, an bhfuil aon tsúil go


L. 46


luighfidh an Speaker ar Ghaedhluinn d'fhoghluim. Is
ceatach an obair dó bheith 'n-a shuidhe ansúd gan focal
'n-a phluc nuair labharfidh Mac Ui Dhómhnaill cainnt na
h-Éireann airís leis. Is leamh an gnó dhó má bí-
tear ag déanamh bula dall de os cómhair feise na
Sacsan!



Tadhg: Do dhuine gan náire is usa a ghnó dhéanamh.
Tá an leathar ró ríghin ar an - , agus ar an gcuid
eile d' fheisiríbh na Sacsan. Ní féidir náire chur
ortha. Ach isé mo thuairim láidir go bhfuil cuid
d fheisiríbh na h-Éireann a ghearrfidh an leathar acu
feasta dá ríghne é. Chím go bhfuil buidhean d'fheis-
iríbh na h-Éireann ceapaithe cheana féin chun feuchaint
i ndiaidh na sgol so gan sgoluigheacht atá againn. B'
fhéidir anois go mbeadh duainéis agus buaireamh
aigne ar na bodachaibh seo gan eólus atá suidhte i
mB'l'áth Cliath chum bheith ag gabháil de chosaibh i n-ár
n-oideachas! Do réir gach dlighe nádúir is ag athair
clainne atá oideachas do thoghadh agus do cheapadh
d-á chlainn féin. Agus sid iad na preabairí dúra do-
eóluis seo i mB'l'áth Cliath ag ceapadh oideachais d'ár
gclainn-ne! Níor tugadh caoi dhúinn ar an mBórd
do thoghadh ná ar an oideachas do thoghadh. Do thoghadar
iad féin! D'fhág san Éire gan oideachas. Tá nead
cluthar i mB'l'áth Cliath ag na rógairí! Ach ní deirim
'ná gur gearr go ndéanfar an nead do sgartáil.
Is mithid é. "Is fada nár coruigheadh nead Sheáin!"



LEASTAR AN BHRÁTHAR.



Donchadh: Cad e an rud "Leastar an Bhráthar,"
a Thaidhg?



Tadhg: Leastar a tugtí ar an bhfeircín ime a líontí
i ndeire na bliana nuair a bhíodh an t-ím gann. Bhíodh


L. 47


an feircín abhfad dhá chruinniú agus ní bhíodh an t-ím
ró mhaith ná ró chúmhrtha. Do coimeádtí an t-uachtar
go dtí go mbíodh sé géar go maith agus ansan do
cuirtí sa mheadar é agus deintí an chuigean. B'
fhéidir go ndéanfí seacht gcuigne sar a mbeadh an
feircín lán, agus bhíodh seacht saighseana ime ó bhara
an fheircín go dtí a bhun, agus gan saghas acu ach saghas
ba mheasa 'ná chéile. Leastar a tugtí mar ainim ar
an bhfeircín ime sin.



Bhí bráthair bocht ann, tá is dócha suas le céad
blian ó shin, agus bhíodh sé ag siubhal roimis ag lorg
a dhéarca. Gheibheadh sé dorn mine i dtigh agus dorn
plúir i dtigh agus go minic gheibheadh briola ime i dtigh.
Chuireadh sé an briola ime i leithtaoibh go dtí go
mbíodh oiread de'n ím aige agus a líonfadh feircín.
Ansan do líonadh sé an feircín agus bheireadh sé leis
é go Corcaigh agus dhíoladh sé é. Bhí file éigin sa n-áit
agus tháinig eud air chun an bhráthar agus dhein amhrán,
nú aiste filidheachta, ag magadh fé 'n mbráthair agus
fé n-a chuid ime agus ag áireamh gach datha fé leith
agus gach baluith fé leith d'á raibh le fághail ar ím an
leastair ó bharr go bun. "Leastar an Bhráthar" a
thug an file mar ainim ar an aiste filidheachta san.
Bhí árd shult agus árd chaitheamh aimsire ar fuid na
dútha ar feadh tamail mar gheall ar "Leastar an
Bhráthar," agus fé dheire b' éigin do'n Bhráthair teiche
leis féin. Sheasóchadh duine dána troid ach ní fhéad-
fadh aoinne magadh do sheasamh. Cuirean an file
Gaodhlach faobhar magaidh ar a chuid filidheachta agus
gearran an faobhar san ó chroicean go cnámh agus ó
chnámh go smior agus ó smior go smúsach. Agus ní
ag maolú a bhíon an faobhar san le h-aimsir ach ag dul
i ngéire.



An lá déanach úd a bhíomair ag cainnt anso do
chuireas-sa an School Reader so na sgol i gcompar-
áid le "Leastar an Bhráthar." Tá an chomparáid
cruinn. Feuch, sin ceann acu agat, leig do shúil


L. 48


tríd. Feuch, ní'l ann ar fad ach cúpla céad leathnach,
agus tá deich mblúire agus dachad cainnte ann!
Ní'l aon dá bhlúire cainnte acu san ná tráchtan ar nídh
fé leith. Ní'l aon bhaint i n-aon chor ag aon bhlúire
acu le h-aon bhlúire eile acu. Táid siad chómh fada
ó chéile agus 'tá Cléire agus Corcaigh. Rud is measa
'ná san féin, ní'l tosach ná deire, tosnú ná críochnú,
ar aon bhlúire cainnte acu. Ní'l i ngach blúire bheag
acu ach smut beag amach a' lár úghdair éigin, agus gan
aon phioc eóluis dhá thabhairt ar cad a bhí i n-aigne an
úghdair. Cad é an tairbhe do leanbh na smuta beaga
cainnte sin do léighe! Ní féidir do 'n leanbh ciall an
úghdair d'fhághail. Ní fhéadfadh an t-úghdar féin a
chiall do chur sa smut beag san. Ní féidir an smut
beag san do thuisgint gan feuchaint ar chainnt an
úghdair roimis an smut beag san agus 'n-a dhiaidh.
Is minic nách foláir cuid mhór de leabhar an úghdair
do léighe sar ar féidir an smut beag a thuisgint i
gceart. Cad tá ag an leanbh le déanamh! Isé an
smut cainnte sin a cheacht indiu. Ní thugan an smut
cainnte sin aon leus eóluis dó. Beidh smut eile
amáireach aige, ná bainean i n-aon chor leis an smut so.
Fágfar chómh dall amáireach é agus do fágadh indiu é.
Mar sin dó go dtí go mbeidh an leabhar críochnuighthe
aige. Sin mar atá a n-aimsir caithte ag aos óg na
h-Éirean ar na sgolaibh seo le trí fichid blian! Siné
an School Reader agat! Nách beag an iongna a
n-aigne agus a n-inntinn a bheith fuar folamh ag an
muinntir a chaith tosach a saoghal ag dul ar na sgoil-
eanaibh sin! Nách beag an iongna, nuair a chuaidh
daoine bochta, a dalladh ar an gcuma san, amach
go dúthaíbh iasachta ag tuilleamh a mbeatha, go
ndubhradh leó láithreach, "No Irish need apply!" Ní
fhéadfadh inntileacht an duine leabhar a chumadh
níos díobhálaighe 'ná School Reader, mar atáid siad
againn.


L. 49


IOMRASGÁIL.



Donchadh: A Thaidhg airiú, an bhfeacaís tuairisg na
h-iomrasgála úd a bhí thall i seómra feise na Sacsan
an oidhche fé dheire?



Tadhg: Am briathar go bhfeaca, a Dhonchadh, agus gur
bhain sé gáirí asam.



Donchadh: Dar fiadh, a Thaidhg, do shíleas-sa gur b'
amhlaidh a chuirfadh sé fearg ort!



Tadhg: Cad a bhí ann chun feirge chur orm?



Donchadh: Sdó bhí a leithéid sin d' fhearg ort nuair a
bhí lucht feise na h-Éireann ag búithrigh i mB'l'áth Cliath,
cheapas nár bhfios cad í an fhearg a bheadh ort nuair a
chífá iad ag iomrasgáil thall i bhfeis na Sacsan.



Tadhg: Ní mar a chéile an dá sgéal i n-aon chor, a
mhic ó. Idir cháirdibh iseadh bhí an t-imreas i mB'l'áth
Cliath. Ní féidir liom foidhneamh le mioscais idir
cháirdhibh. Go mór mór nuair a chuirean an mhioscais
sinn féin ag tarcaisniú a chéile agus ag aithisiú a
chéile agus ár namhaid ag stealadh-mhagadh fúinn. Do
bhain gnó Bh'l'áth Cliath ó'n stuaim ba cheart a bheith i
gcómhthionól agus i gcómhairle ár lucht feise.



Donchadh: Agus nár bhain an iomrascáil úd ó'n
stuaim ba cheart a bheith i bhfeis na Sacsan?



Tadhg: Do bhain go díreach, agus siné chuir ag gáirí
mé. Tá a fhios agam, agus tá a fhios agat-sa leis,
ná fuil aon nídh ar bith is mó ag muinntir Shasana 'ná
an stuaim sin a bhíon, dar leo, i seómra na feise acu.
"The dignity of the House" a thugaid siad air. Is
dóich liom gur mó acu an stuaim 'ná an gnó agus 'ná
an dualgas a chuir na tuatha ortha nuair a toghadh iad.
Deintear droch-dhlighthe, curtar an dubh 'n-a gheal ar
dhaoinibh, tosnuightear cogadh a chosnóchaidh na céadta
míle púnt agus a mharbhóchaidh na céadta mílte fear,
fuilingeóchaid muinntir Shasana é go léir ach gan
stuaim na feise do lot! Ní'l de dhia-beag acu ach


L. 50


an stuaim sin. Tá oread urama acu do'n stuaim
sin agus bhíodh ag muinntir na h-Éigipte fadó do
sna cait.



Donchadh: Aililiú! Airiú cad é an saghas urama a
bhí acu do sna cait!



Tadhg: D' adhraidís na cait.



Donchadh: Ach aidhe! Is minic airigheas rud ait go
leór ag náisiúnaibh dalla dhá adhradh ach do bhuaidh
adhradh an chait ar ar airigheas riamh fós!



Tadhg! Dob adhradh teinn do mhuinntir na h-Éigipte
é, ar ócáid áirighthe. Bhí namhaid mór ag cur cogaidh
ortha uair. D' airigh an namhaid an uraim go léir
a bheith acu do'n chat. Chuir sé teachtairí mórthímpal
na dútha agus bhailigh sé na mílte cat. Díreach nuair
a bhí an dá shluagh ag tabhairt aghaidh ar a chéile chun
catha, do sgaoil an namhaid amach na cait. Chómh luath
agus chonaic na h-Éigipteacha bochta na slóighte cat
chaitheadar iad féin ar a nglúinibh. Do rith an
namhaid isteach 'n-a measg láithreach ag déanamh éirligh
ortha. Do rug an namhaid buadh tré bhithinn na gcat.



Donchadh: Ó mhaise, a Thaidhg, ní'l aon teóra leat!



Tadhg! Is fíor dhom é! Ach níor adhar aon
Éigipteach riamh an cat is fearr a bhí aige leath chómh
dúrthachtach agus d' adhran an Sasanach an stuaim
seo atá 'n-a cheann aige i dtaobh seómra na feise.
Mheasas go sgoilfadh orm ag gáirí nuair a chonac
conus mar a ghaibh fir na h-Éireann de chosaibh sa
stuaim, conus mar a dheineadar cimil-a-mháilín de'n
stuam, leis an iomrasgáil! Ó cad é an seirbhthean
agus an canncar agus an fhearg agus an diombádh
a bhí ar fheisiríbh stuamdha Shasana nuair a bhíodar
ag feuchaint ar an spórt. Ba bhreágh liom-sa bheith
ag feuchaint ortha-san! "Dignity!" dar leó. Mór-
chúis! Ceithearnamhalacht! Bodachas Sheáin Bhuidhe!
Agus triúr nú ceathrar de bhuachaillíbh na h-Eireann
ag gabháil de chosaibh sa "Dignity!" Rógaire fill,
a Dhonchadh, iseadh an "Dignity" sin. Tá sé 'ghár


L. 51


gcreachadh le costas, agus ansan ní leómhfimíd
gearán a dhéanamh sar a ndéanfimís masla ar an
"Dignity!" Ní fheacaís aon rud riamh, a Dhonchadh,
is fearr a mhúinean ciall do'n "Dignity" sin 'ná
stathadh maith a bhaint as a shróin!



SULT AG DUL I BPUTÓGAIBH.



Donchadh: Ní fheacaís riamh, a Thaidhg, ach an chaismirt
atá ar siubhal i dtaobh na h-iomrasgála úd a dhein Fir
Éireann thall i bhfeis na Sacsan. Déarfadh duine
leat. "Ach! ní'l fasg ag fearaibh óga na h-Éireann!
Tá náire shaoghalta tabhartha acu dhúinn! Ní fheadair
aoinne acu conus é féin d'iompar imeasg daoine
galánta. Ní bheidh aon mheas go deó airís ar Fhearaibh
Éireann i bhfeis na Sacsan!" Ansan déarfidh duine
eile leat; "Mo ghraidhn croidhe iad! Isiad a dhein
an ceart agus níor dheineadar aon dá leath dhe.
Bhaineadar an mhóráil go beacht de'n Dignity. Feasta,
nuair a bheidh feisire dhá thoghadh ó aon tuath de thuathaibh
Éireann chun dul anonn agus gnó na h-Éireann a
dhéanamh i bhfeis na Sacsan, pé tréithe maithe eile a
bheidh ann ní foláir dó bheith go maith chun na h-iom-
rasgála. Ansan nuair a bheidh an phléidh ar siubhal
thall agus nuair a bheidh ceart na h-Éireann aige 'á
chosnamh, má bhíon preabaire acu nách mian leis éis-
teacht leis an bhfírinne, ní bheidh ag an Éireannach ach a
rádh leis go dána, "Raghaidh mé cor iomrasgalá leat
ar lár an tseómra!" "Is amhlaidh mar atá an sgéal
agam eatartha, a Thaidhg, ní fheadar i gceart cé 'cu
is ceart d' Fhearaibh Éireann uraim a thabhairt do'n
Dignity nú tarcaisne thabhairt dó. Ní maith liom
feisirí Shasana bheith ag magadh fé Fhearaibh Éireann
agus boicíní na h-Éireann anso sa bhaile againn a


L. 52


bheith ag déanamh an mhagaidh chéadna, ag aithris ar
mhuinntir Shasana. Sa n-am gcéadna is breágh liom
ár mbuachaillí bheith go maith sa n-iomrasgáil. Ní
fheadar cad is maith dhom a rádh idir an dá thaobh.



Tadhg: An chéad phuínte 'ná cheile dhe, a Dhonchadh, ná
cuir suim ar bith i n-aon fhocal a thiocfidh amach a' beul
aoinne de bhoicíníbh na h-Éireann! Ní'l sprealairíní
ar an dtalamh so is críochnuighthe 'ná boicíní na
h-Éireann. Is dócha ná fuil aon tír sa domhan gan
sprealairíní le fághail inti. Ach do chuirfinn geall
le h-aon fhear beó, dá ráineóchadh iomarbhádh amáireach
idir thíorthaibh an domhain, féachaint cá mbeadh an
sprealairín ba mhó le fághail go mbéarfadh boicín
ó Éirinn an buadh leis! Is sean fhocal é gur b' olc
an t-eun a shailighean a nead féin. Ní'l eun beó is
fearr chun an gnímh sin 'ná boicín ó Éirinn. Ná cuir-
se blúire suime 'n-a chainnt; ach so amháin; má deir sé
leat go bhfuil lár an lae ann creid at' aigne gur b'é
lár na h-oidhche atá ann - mara bhfeicir féin an ghrian.



Ach i dtaobh mhuinntir Shasana agus an iomrasgáil
agus an Dignity, 'neósfad sgéal beag duit. Bhí
duine uasal i n-Éirinn fadó agus bhí sé saidhbhir,
acfuinneach, neamhspleádhach, tamal d'á shaoghal. Bhíodh
uaisle na cómharsanachta ar dínnéar aige go minic.
D'ithidís an bia agus d'ólaidís an deoch agus bhídís
ana shultmhar ana ghealgháiriteach leis an bhfear a thugadh
dóibh an bia agus an deoch. Bhíodh sórd amadáin
ag teacht chun an tighe. Chíodh sé an tabhairt amach agus
chíodh sé an sult. Bhí amhras éigin aige gur mhó an
grádh a bhíodh ag an gcuideachtain do'n chóir mhaith 'ná
do'n fhear a thugadh an chóir mhaith uaidh dóibh. Cheap
sé gur bh' í an chóir fé ndeár an sult. Isé rud a
deireadh sé leó 'ná:-



"Sult ag dul i bputógaibh!"



Siné díreach an údhalta ag muinntir Shasana agus
a gcuid Dignity. Tá sochar na n-Éireann acu dhá


L. 53


bhreith leó, agus é acu dhá bhreith leó le Dignity. Is
beag an iongna meas mór acu ar an Dignity. Is beag
an iongna fearg ortha nuair a tugtar aon mhasla
do'n Dignity. Ach go deimhin isé rud é 'ná:-



Dignity ag dul i bputógaibh; nú
Dignity ag dul i bpócaíbh.



"CHUIR FEAR NA LUAITHE FEAR NA CRUAICHE
AMACH."



Tadhg: Bhí fear saidhbhir ann. Bhí talamh agus stoc
agus airgead agus ór agus ollmhaitheas aige. Bhí
dritháir aige a measadh bheith 'n-a leath-amadán. B'é
an dritháir an t-oighre ceart ach do deineadh an eugcóir
air. Nuair a tuigeadh ná raibh ann ach leath-amadán do
fágadh sa chúinne é agus níor cuireadh de chúram air ach
bheith ag cur na luaithe amach. Bhíodh ól agus imirt agus
rabairne sa tigh agus mórán substainte ag dul amú
ann. Chrom fear na luaithe ar bheith ag cur an bhásta
chun suime. Ba ghearr go raibh sparán aige a gan
fhios do'n tsaoghal. Ba ghearr go raibh easba airgid ar
fhear an tighe. Cheannuigh an t-amadán uaidh bó anois
agus bó airís, páirc anois agus páirc airís. Fé dheire
ba leis an amadán an áit go léir. Ansan do tuigeadh
go h-áluinn gur bh'amadán ana chiallmhar é, agus
dubhairt na daoine a chonaic an sgéal - "Chuir fear
na luaithe fear na cruaiche amach!"



Tá ag dul amú uainn anso i n-Éirinn, a Dhonchadh,
oiread saidhbhris agus do dhéanfadh, dá gcuirtí chun
suime é, an t-oileán so ná h-Éireann do cheannach
amach, do chorp ceart, i n-aon deich mbliana fichid
amháin!


L. 54


Donchadh: Aililiú! Conus fhéadfadh saidhbhreas bheith
ag dul amú uainn agus an uile dhuine 'ghá rádh go
bhfuilimíd féin ag dul 'on ghorta!



Tadhg: Léigh an Leader, a Dhonchadh, agus dein macht-
namh air, agus taisbeánfidh sé dhuit conus is féidir
duine bheith gan bhia gan éadach agus idir bhia agus
éadach ag dul amú uaidh.



Má ghlacaid muinntir na h-Éireann dáríribh an
chomhairle seo atá ag an Leader dhá thabhairt dóibh,
chífir-se agus mise go "gcuirfidh fear na luaithe fear
na cruaiche amach," gan cabhair ó chogadh.



FEAR NA LUAITHE AGUS FEAR NA CRUAICHE.



Donchadh: Feuch, a Thaidhg. An áit ná bhíon ann ach
an dealbhas ní fachtar as ach an dealbhas.



Tadhg: Cad dó go bhfuilir 'ghá thagairt sin, a
Dhonchadh?



Donchadh: Dubhraís-se gur chuir fear na luaithe
fear na cruaiche amach, agus gur bh'é cuma 'n-ar dhein
sé é 'ná le bheith coitchianta ag faire ar na neithibh a
bhíodh ag dul amú agus 'ghá gcnósach agus 'ghá gcur
chun suime go dtí go raibh sparán aige. Cad a bheadh
ag fear na luaithe le déanamh dá mba rud é go mbeadh
an teaghlach ró dhealbh agus ná beadh aon nídh ag dul
amú ann?



Tadhg: Ní'l agam le déanamh, a Dhonchadh, ach a fhiaf-
raighe airís díot cad dó go bhfuilir 'ghá thagairt sin.



Donchadh: Táim 'ghá thagairt do'n nídh chéadna
díreach d'ár dheinis-se an sean-fhocal do thagairt.
Chuiris muinntir na h-Éireann agus comhacht Sacsan
sa n-oileán so i gcomparáid le fear na luaithe agus
fear na cruaiche sa tsean-fhocal. Ní mheasaim-se
go bhfuil an chomparáid cruinn.


L. 55


Tadhg: Ca bhfuil an t-easnamh ar an gcruinneas?



Donchadh: Teaghlach flúirseach dob eadh teaghlach fir
na cruaiche úd. Bhí neithe ag dul amú sa teaghlach
mar bhíodar ann le dul amú. Áit ró dhealbh iseadh
Éire. Ní'l cothú a daoine inti, ní áirighim aon rud a
bheith ag dul amú inti. Is fada bheadh fear na luaithe
i n-Éirinn ag faire ar an mbrúscar sar a mbeadh
puinn sa sparán aige!



Tadhg: Siné díreach, a Dhonchadh, an seana dhearmhad
atá againn go léir dhá dhéanamh riamh! Tá Éire dealbh.
Ach cad é an chúis go bhfuil sí dealbh? An bhfuil a
fhios agat, a Dhonchadh, cad é an t-airgead a díoltar
a' h-ólachán i n-Éirinn i n-aghaidh na bliana?



Donchadh: "Is milis dhá ól é agus is searbh dhá dhíol
é"; andaigh ní fheadar, a Thaidhg. Is dócha go bhfuil
pingin dheas ann.



Tadhg: Tá trí míle dhéag de mhíltibh púnt airgid dhá
dhíol a' h-ólachán i n-Éirinn, a Dhonchadh, an uile bhliain
d'á n-eirighean uirthi! Beartuigh at' aigne, a Dhonchadh,
cad é an cómhreamh atá sa méid sin airgid. Is mór
an t-airgead míle púnt. Is mór an t-airgead deich
míle púnt. Is ar éigin fhéadfá a bheartú at' aigne
cad í an chruach óir a bheadh agat i ndeich céad míle
púnt. Tá breis agus trí cruacha déag óir de'n tsórd
san ag imtheacht uainn an uile bhliain agus gan de
thoradh ná de thairbhe againn as an saidhbhreas san go
léir ach ár mbolg do líonadh, agus ní le bia foláin é
ach le droch-dhigh!



Donchadh: Ail-il-iú! Cad as go dtagan an t-ór
go léir!



Tadhg : Tagan sé lom díreach ainíos a' talamh na
h-Éireann. Isé talamh na h-Eireann an talamh is
torthamhala sa domhan dá bhfaghadh sé ceart. Dubh-
raís ná raibh aon nídh ag dul amú i n-Éirinn. Ca
bhfuil na trí cruacha déag óir sin ag dul gach bliain?
Nách amú atáid siad ag dul? Dá gcuireadh fear na
luaithe, i n-Éirinn, a shúil ortha agus iad do chasadh


L. 56


chuige agus do choimeád, ba ghearr go mbeadh sparán
teann aige! Ba chirte agus ba chiallmhaire dhó a shúil
do chur ar an ollmhaitheas go léir sin agus é chur chuige
agus do choimeád 'ná bheith ag feuchaint suas ar an
spéir agus meill air, feuchaint cathain a thiocfadh mór-
shluagh aingeal anuas chun cómhacht Sacsan do dhíbirt
a' h-Éirinn dó! Is fada bheidh fear na cruaiche gan
cur amach má 's anáirde sa spéir a bhíon a shúile ag
fear na luaithe!



Donchadh: Am briathar, a Thaidhg, gur b' eagal liom go
bhfuil codladh na h-oidhche bainte agat díom go ceann
seachtmhaine! Trí cruacha déag óir! Agus deich
céad míle púnt i ngach cruach díobh! - Agus é go léir
léir ag imtheacht gan tuairisg, - ag imtheacht i n-aghaidh
na bliana! Is uathbhásach an cíos é!



Tadhg: 'Seadh, agus ní thagan bum ná báile ná pró-
cadóir 'ghá iarraidh orainn! Ní'l bac orainn an
saidhbhreas san go léir do choimeád againn féin láith-
reach má 's maith linn é! Nách dall na daoine sinn!



ÓLACHÁN.



Donchadh: Is mór an t-airgead atá in sna trí cruacha
déag óir úd, a Thaidhg, agus is mór an truagh é bheith
a' dul amú uainn. Nách mór an iongna ná deintear
aon iaracht ar ghreim a choimeád air.



Tadhg: Is minic a deineadh iaracht ar an ngreim sin
a choimeád air, ach níor deineadh iaracht díobh nár theip.
Chun an ghreama do choimeád ar an airgead ní raibh le
déanamh ach stad de'n ól. Dá stadadh daoine de'n
ól d'fhanfadh an t-airgead acu. Ba chóir gur shaor-
áideach an leigheas é. Deirtear gur "milis dhá ól é
agus gur searbh 'á dhíol é." Is mór an costas é.
Isé atá ag fágáilt na h-Éireann chómh dealbh agus


L. 57


atá sí. Ach tá díobháil ann is measa go mór 'ná an
costas féin. Tá aigne agus inntleacht na ndaoine
loitithe uaidh. Tá éirim agus tiúsgal agus obair
agus gnó agus imníomh curtha ar neamhnídh aige. An
t-é bhíon ag ól ní bhíon suim aige i n-obair ná i ngnó
ná i dtiúsgal. Bíon a chroidhe agus a aigne fuar
failightheach. Bíon sé leath a shaoghail ar meisge agus
an leath eile ag cur an mheisge dhe. Bíon a thigh gan
cúmpórd, a chuid ag imtheacht ar bhásta, a chlann ar a
dtoil féin ag imtheacht gan smacht gan stiúrú gan
chómhairle. Ní bhíon righe ná rath amuich ná i mbaile air.
Dá mba ná beadh mar sin ach foth dhuine bheadh an sgéal
olc go leór, ach ní mhothóchadh an náisiún go léir é,
puinn. Ach nuair atá againn ar an gcuma san oiread
daoine agus a shloigean luadh trí milliún ndéag de'n
ól ní féidir puinn de'n rath a bheith ar an náisiún.
Tá a lán cainnte 'á dhéanamh ar dhroch-dhlighthibh agus
ar dhroch bhainistighe Shasana i n-Éirinn. Tá an chainnt
go léir fíor, ach is mó an díobháil atá déanta dhúinn,
agus dhá dhéanamh dúinn, ag ár gcuid ólacháin féin 'ná
ar dhein dlighthe Shasana riamh dúinn. Ní'l rud ar an
dtalamh so is mó chuirean seirbhthean agus buile orm
'ná bheith ag éisteacht le h-Éireannach ag spídiú ar dhroch-
dhlighthibh Shasana agus é féin ar meisge! Greadadh
chuige! An spreas!



Donchadh: Ach cogar, a Thaidhg. Ar cheap aon duine
riamh fós i n-a aigne a dhéanamh amach cad é an chúis
go bhfuil an mí-ádh san ar mhuinntir na h-Éireann?
Pé bog cruaidh é leigheas an uilc ní féidir an leigheas
a dhéanamh go dtí go dtuigtear a chúis; go dtí go
dtagtar ar bhun phréimh aige.



Tadhg: Is 'mó machtnamh atá déanta ar an sgéal, a
Dhonchadh. Tá níos mó 'ná aon phréamh amháin ar an
olc. Tá cuid acu a chítear agus cuid acu ná feic-
tear choidhche. Déarfidh duine leat: "Na droch-
dhlighthe fé ndeár é. Dá mbeadh déanamh ár ndlighthe
againn féin ba ghearr go leighisfimís an t-olc."


L. 58


Dearfidh duine eile leat: "An t-Éireannach féin fé
ndeár é. Tá an dúil chómh malluighthe sin sa n-ól
aige gur cuma leis cad a dheinean bean ná clann ná
cúram an fhaid a gheóbhaidh sé an deoch le slogadh."
Ach feuch, a Dhonchadh. Is dóich liom féin gur b' iad
mná na h-Éireann is mó atá cionntach.



Donchadh: Aililiú a Thaidhg, na h-abair a leithéid!



Tadhg: Déarfad, a Dhonchadh, agus ní h-indiu ná
indé chuimhnigheas ar dtúis air. Ar airighis cad 'dubh-
airt an bhean-chaointe fadó:



"Tá 'fhios agam-sa cad a ghoill ort!
Fuacht an earraigh, tart an gheimhrigh,
Bualadh 'n úird ar aghaidh na gaoithe,
'S nuair thigteá abhaile gan cara mná-thighe
rómhat."



Beidh fear ag obair i gcaitheamh an lae agus nuair
a thiocfidh sé abhaile chífidh sé teinteán fuar roimis,
agus bia gan ullmhú mar ba cheart. Caithfidh sé an
bia. Goillfidh an bia ar a ghoile. Beidh an bia sin
'n-a stalca i lár a chléibh. Ní foláir dó dul amach go
tigh an tabhairne agus braon beag dighe fhághail chun
an stalca san do bhogadh. Mná tighe gan eolus, a
Dhonchadh, isiad fé ndeár a lán de'n olc!



ÓLACHÁN.



Donchadh: 'Sdó, a Thaidhg, measaim gur maith leat-sa
a dhéanamh amach gur b' iad na mná-thighe is mó atá
cionntach leis an ólachán so atá coitchianta dhá chur
i n-ár leith i n-Éirinn. Is trom an choir í sin le cur
i leith ban na h-Éireann. Agus feuch; ní'l aon aicme
is mó gheibhean de dhochar agus d' annró agus de
chruadhtan beatha mar gheall ar an ólachán céadna 'ná
na mná so na h-Éireann. Is minic a fágtar an t-ocras,


L. 59


agus an tart, agus an fuacht, agus easba na teine
agus na fothana, ortha féin agus ar a gclainn, agus
go bhfágtar an t-airgead i dtigh an tabhairne uatha.
Is bocht an leigheas ar a gcruadhtan a rádh leó, "Sibh
féin fé ndeár é." Conus is féidir do mhnáibh bochta
compórd ná slacht ná glanachar a bheith acu, ar a dtigh
ná ar a gclainn ná ortha féin, má 's i dtigh an tabh-
airne a fágtar an t-airgead!



Tadhg: Tá dhá innsint ar an sgéal, a Dhonchadh. I
dtosach an uilc iseadh is usa an leigheas. Nuair a
ghlacan bean uirthi féin cúram tighe agus cúram fir
agus cúram clainne ní foláir di eólus maith do bheith
aici ar conus gach cúram díobh san do chómhlíonadh sa
cheart. Tá sgoileana againn i n-Éirinn le trí fichid
blian. Táid ár gcailíní beaga ag dul isteach in sna
sgoileanaibh sin ó cuireadh ar bun iad. Téidhean an
leanbh ar sgoil chómh luath agus bhíon sí ábalta ar
shiubhal. Isé céad rud a mhúinean an sgoil do'n
leanbh 'ná droch-mheas ar a h-athair agus ar a máthair.
Ní deirtear leis an leanbh, lom díreach, gur ceart
di droch-mheas a bheith aici ar a h-athair agus ar a
máthair, ach curtar 'n-a luighe ar aigne an leinbh, go
daingean, gur daoine dalla a h-athair agus a máthair,
toisg gan tabhairt suas Béarla bheith ortha. Isé rud
a thagan as san, gan an meas ceart a bheith ag an leanbh
ar eólus agus ar chómhairle a máthar. Fásan agus
neartuighean aigne na h-inighne gan stiúrú gan smacht
ó'n máthair. Má's cailín maith diadha í ní thabharfidh
aon droch-mhúine d'á máthair. Sgaoilfidh sí an focal
léi, ach ní ghlacfidh sí an chómhairle mar ní'l meas aici
ar an eólus. Is minic ná bíon sé de ghrástamhlacht
i gcuid acu staonadh ó'n ndrochmhúine féin. Ní fada
a bhíd na blianta ag imtheacht. Tagan an t-am, agus
deintear cleamhnas do'n inghin. Téidhean sí abhaile
chun a fir féin agus chun a tighe féin. Tagan an cúram
go léir uirthi láithreach. Tagan fiche gnó uirthi nách
féidir a dhéanamh sa cheart gan eólus cruinn. Níor


L. 60


tugadh aon phioc de'n eólus di ar an sgoil. Níor
ghlac sí aon phioc de ó n-a máthair. B'fhéidir ná raibh
an mháthair ró tugtha chun an eóluis do chur 'n-a luighe
uirthi. Tá a lán de sna máithreachaibh i n-Éirinn agus
b' fhearr leó bheith ag éisteacht leis an inghin ag léighe
leabhair éigin Béarla 'ná a chur fhiachaibh uirthi cuid de
ghnó an tighe do dhéanamh agus d'fhoghluim. Bíon a
rian air. Nuair thagan gnó a tighe féin ar an inghin
ní fheadair sí conus an gnó dhéanamh. Nuair a thagan
a fear a bhaile um thráthnóna ní bhíon "cara mná thighe"
roimis. "Fallaí fuara," agus "bean-tighe ghuagach"
iseadh bhíon roimis. Déanfidh sé foidhne má's fear
maith é. Ach má thagan an droch-mhúine i dteannta an
mhí-eóluis ní fada go m-brisfidh ar an bhfoidhne aige.
Imtheóchaidh sé go tigh an tabhairne. Béarfidh sé an
t-airgead leis. Ní féidir dó bheith abfhad i dtigh an
tabhairne gan airgead. Ar ball beidh fuacht agus
ocras ar a mhnaoi agus ar a chlainn 'n-a thigh féin agus
truagh ag na cómharsain do'n mhnaoi bhocht. Gan amhras
is mór an truagh í, ach cé fé ndeár an t-olc, a Dhonchadh?



Donchadh: B'fhéidir, a Thaidhg, gur dóich leat go
ndéarfad gur b'í féin fé ndeár é.



Tadhg: Agus, dar fidia, a dhuine, marb í féin fé
ndeár é cé fé ndeár é!



Donchadh: An rud a tháinig agus do chuir deighilt
aigne idir í féin agus a máthair ó thosach a saoghail,
an sgoluigheacht mhí-nádúrtha a thug droch-mheas do'n
leanbh bocht ar a máthair agus do chuir ó smacht agus ó
chómhairle a máthar í, agus d'fhág a h-aigne folamh ó'n
eólus ná féadfadh aon duine eile a thabhairt di ach
máthair mhaith, thuisgionach, chiallmhar.



Tadhg (ag cur gáire as): Is fíor dhuit é, a Dhonchadh.
Is chuige sin díreach a bhíos ag teacht, agus is gasta
bhainis as mo bheul é. Siné díreach bun agus barr an
sgéil. Ní indiu ná amáireach a déanfar meas cruinn
ar mhéid na díoghbhála atá déanta i n-Éirinn ag na
sgoileanaibh mí-ádhbharacha san!


L. 61


Ólachán.



Donchadh: Chuiris i gcuimhne dhom, a Thaidhg, leis an
gcainnt úd a thárla eadrainn an lá déanach, nídh atá
am' aigne le fada riamh. Isé nídh é 'ná an chuma 'n-a
bhfuil an líntighe ins gach tigh i n-Éirinn iompuighthe
taobh síos suas ó tháinig na sgoileana Gallda so.
Fadó, sa tsean aimsir, nuair ná raibh de mháighistiríbh
sgoile ach seana Chonchubhar Máighistir agus daoine
dh'á shórd, do curtí aos óg ar sgoil agus do múintí
eolus éigin tairbhtheach dóibh. Pé rud eile a múintí
dhóibh bhí aon nídh amháin a curtí 'n-a luighe ortha go dain-
gean. Dob' é sin, nár bh'fholáir dóibh uraim a thais-
beáint do'n mhuinntir a bhí níos sine 'ná iad, go mór
mór d'á n-athair agus d'á máthair. Bhíodh uraim do'n
mháighistir sa sgoil agus uraim do'n athair agus do'n
mháthair sa bhaile. Chómh luath agus a thánadar na
sgoileana Gallda so d'imthigh an uraim sin. Níor
leigeadh aon fhocal Gaoluinne amach a' beul an leinbh
ar an sgoil. Má labhair an leanbh i n-aon chor an fhaid
a bhí sé sa sgoil chaith sé an Béarla Briste do labhairt.
Chómh luath agus do labhradh an leanbh an Béarla Briste
chromadh an máighistir ar mhaghadh féi. An magadh a
deintí fé Bhéarla an leinbh ba mhagadh é fé Béarla
an athar agus fé Bhéarla na máthar agus fé n-a raibh i
ndiaidh an leinbh sin sa bhaile. Cad é an díobháil dom
é ach Béarla an mháighistir féin chómh h-olc díreach agus
chómh briste le Béarla an leinbh! B' é asachán an
chorcáin leis an gciotal é. Is cuimhin liom go maith
an chuma 'n-a mbídís na máighistirí úd agus gur dhóich
leat gur cloichín a bhíodh fé n-a theangain ag gach aon
spreasán acu, a d'iarraidh


L. 62


Ba ghearr go raibh an "home" agus gach aoinne a
bhí ann curtha fé tharcuisne agus fé dhroch-mheas. Isé
rud a tháinig as fé dheire 'ná, i n-inead na n-aos óg
a bheith ag feuchaint suas chun na muinntire críona
gur b'amhlaidh a bhí an mhuinntir chríona ag feuchaint
suas chun na n-aos óg! Ní raibh líntighe i n-Éirinn
'ná gur b'amhlaidh a bhí "an t-uan ag múine méilighe
dh'á mháthair" ann. Bhí gach aon rud taobh-síos-suas.
Is 'mó olc atá tagaithe as an bun-os-cionn san.



Tadhg: Tá an sgéal go léir go cruinn agus go
blasta agat, a Dhonchadh. Is fíor dhuit gur 'mó olc
atá tagaithe as. Ach deirim aon nídh amháin leat, a
Dhonchadh. Bheadh uilc ba sheacht míle measa tagaithe
as an mbun-os-cionn san mara mbeadh aon nídh amháin.
Mara mbeadh an greim daingean a bhíodh ag an gcreid-
eamh i gcroidhe na ndaoine, idir óg agus aosta, dhéan-
fadh an bun-os-cionn droch-obair ba mheasa 'ná an
droch-obair atá déanta aige. D' aindeóin na sgol
do choimeád an Ceathramhad Aithne greim i gcroidhe
na n-aos óg - "Tabhair do t'athair agus do d'mháthair
onóir."



Donchadh: Am briathar féin, a Thaidhg, gur deacair
do'n Aithne sin a greim do choimeád. Is mó suathadh
grána a bhain na sgoileana Gallda aiste le trí fichid
blian! Ní fheadar, a Thaidhg, an bhfuil an Creideamh
chómh láidir againn agus a bhí sé?



Tadhg: Ceist dheas iseadh í sin, a Dhonchadh.



ÓLACHÁN.



Donchadh: Sdó anois cogar a leith chugham, a Thaidhg.
Dheinis a lán cainnte anso an lá déanach ar an ndío-
bháil atá déanta, agus dhá dhéanamh, ag na sgoile-
anaibh Gallda so, do mhnáibh na h-Éireann. Do mhín-
ighis dom do h-áluinn, agus is fíor do chainnt, conus


L. 63


mar atá gach líntighe i n-Éirinn iompuighthe taobh síos
suas ag na sgoileanaibh sin. I n-inead ár n-aos óg
a bheith maol, múinte, beusach, umhal do'n athair agus
do'n mháthair, gur b' amhlaidh atáid siad ceannárd,
dána, droch mhúinte, agus droch-mheas acu ar an
muinntir a thuit leó agus do chothuigh agus thóg iad.
Tá san go léir fíor. Ach innis an méid seo dhom.
Ná h-oirean an chainnt sin go léir d'ár ngarsúnaibh
chómh maith díreach agus oirean sí d'ár gcailíníbh beaga?



Tadhg: Go deimhin, a Dhonchadh, is fíor dhuit go
n-oirean, foraoír ghéar! Is beag ná go ndéarfinn
gur fearr 'oirean an chainnt d'ár ngarsúnaibh 'ná
d'ár gcailíní beaga. I slightibh áirighthe is mó an gádh
atá ag buachaill le smacht agus le chómhairle ó athair
agus ó mháthair 'ná mar atá ag cailín beag. "Ní
bhíon an rath ach mar a mbíon an smacht." Is usa go
mór an buachaill do chur ó smacht 'ná an cailín beag
do chur ó smacht. Má chuir na sgoileana Gallda na
cailíní beaga ó smacht athar agus máthar is mó 'ná san
a chuireadar ó smacht athar agus máthar na buachaillí.
Agus dar ndó, a Dhonchadh, má dhein na sgoileana
díobháil thiobaisteach do sna cailíníbh beaga, ní cos-
aint ortha a rádh gur dheineadar díobháil ba mhó 'ná
san do sna buachaillíbh.



Donchadh: Ní 'ghá gcosaint atáim, a Thaidhg. Sidé
atá orm. Má dhein an sgoluigheacht Ghallda so níos
mó díobhála do bhuachaillíbh na h-Éireann le trí fichid
blian, 'ná mar a dhein sí do cailíníbh na h-Éireann,
is léir gur measa a luighean iarsma na sgoluigheachta
san anois ar fhearaibh na h-Éireann 'ná ar mhnáibh na
h-Éireann.



Tadhg: Is fíor é. Ach cad a thagan as san duit?
"Is deacair rogha a bhaint a' dhá dhíg." Tá an dío-
bháil atá déanta do sna mnáibh tiobaisteach a dhóthain.
Is suarach an bogadh ar an ndíobháil sin, a Dhonchadh,
a rádh go bhfuil díobháil is tiobaistighe 'ná san déanta
do sna fearaibh.


L. 64


Donchadh: Ní h-ag bogadh aon taoibh acu atáim. Ní
bhogadh a dheinid siad ar a chéile ach cruadas. Dá
olcas é aon taobh acu fé leith, is breis olcais ar gach
taobh acu iad a bheith i n-aonfheacht. Ach dubhraís-se,
an lá fé dheire, gur bh' iad na mná ba mhó ba chionntach
le h-ólachán na h-Éireann agus gur bh' iad na sgoil-
eana fé ndeár san. Má dhein na sgoileana oiread
díobhála do sna fearaibh agus dheineadar do sna mnáibh
nách mór an eugcóir an milleán go léir do chur ar na
mnáibh bochta!



Tadhg: Tá an ceart agat, a Dhonchadh, chómh fada
agus a théidhean do chainnt, ach tá neithe móra fágtha
agat lasmuich det' aigne agus ded' chainnt. Is
daoine a cheap an rígheacht agus dlighe na rígheachta.
Is daoine a cheap párlimintí agus na riaghalta a
leanan iad. Is daoine a cheap tighthe cúirte chun
dlighthe na rígheacht do chur i bhfeidhm. Ach isé Dia féin,
moladh go deó leis, do cheap an líntighe. Cheap Dia
an t-athair chun bheith 'na cheann ar an líntighe. Thug
Dia úghdarás do'n athair chun an líntighe do riaradh
agus do stiúrú agus chuir sé d'obliogáid air bia
agus éadach do sholáthar d'á mhnaoi agus d'á chlainn.
Ach do chuir Dia ar mháthair na clainne, ar an mnaoi-
thighe, an cúram is naomhtha d'ár cuireadh riamh ar aon
duine fé bhun Dé ar an dtalamh so, cúram na clainne
do thógaint sa cheart. Ní'l ach aon nídh amháin is sia
théidhean 'ná an tairbhe a dheinean bean-tighe mhaith, isé
nídh é sin 'ná an díobháil a dheinean droch-bhean-tighe.



ÓLACHÁN.



Tadhg: Mar a dubhart leat an lá déanach, a Dhonchadh,
ní'l ach aon nídh amháin is sia théidhean 'ná an tairbhe
a dheinean bean-tighe mhaith. Isé nídh é sin 'ná an


L. 65


díobháil a dheinean droch-bhean-tighe. Fé mar a dubh-
raís féin, do dhein an droch-sgoluigheacht díobháil
dúinn go léir idir fhearaibh agus mná, ach is mó an
t-iomárd a dhein an díobháil a deineadh d'ár mnáibh
'ná an díobháil a deineadh d'ár bhfearaibh. Ní féidir
rath ná séan a bheith sa tigh 'n-a mbíon bean-tighe gan
eólus. Ach tá eólus agus eólus ann. Feuch ad
thímpal. Cad í an ghluaiseacht, nú cad é an fuadar
a chíon tú anois fé fhormhór ár gcailíní óga? Las-
muich d'fhíor bheagán acu ní'l ag déanamh buartha dhóibh
ó mhaidin go h-oidhche ach conus a dhéanfid siad órnáidí
éadaigh do chur ortha féin! Buailean an cailín óg
amach agus bata agus ribíní uirthi, agus casóg fir
uirthi! Siní a máthair le n-a gualainn agus caipín a
clóca ar a ceann aici. Feuch go cruinn ar an mnaoi
óig agus tabharfir fé ndeára go bhfuil ceann fé agus
scorn uirthi mar gheall ar a máthair a bheith chómh
"Gaodhlach," dar léi. Má bhíon sé de mhisneach ag
an máthair labhairt leis an inghin sin agus a rádh léi
"gan bheith ag feuchaint 'na tímpal chómh dána," snap
drochmhúinte iseadh a gheóbhaidh an mháthair mar fhreagra.
Ní'l blúire eóluis ag an mnaoi óig sin ar aon tsaghas
bídh d'ullmhú. Dá ndéanfadh sí císte bhácáil duit
bheadh a dhá thaobh dóighte agat agus é fuar 'n-a lár istigh.
Ní fhéadfadh sí blúire aráin mine choirce dhéanamh duit
dá bhfaghadh sí Éire air. Bheadh sé ag tuitim as a chéile
idir a lámhaibh. Ní fhéadfadh sí deoch meidhg dhá bhainne
dhéanamh do dhuine bhreóite ach ar chuma a dhéanfadh
díobháil dó. Ní'l aon bhlúire eóluis aici ar na taom-
anaibh beaga a bhíon ag teacht ar dhaoinibh coitchianta
ná ar na leighiseana a bhainean leó, agus gur ceart
do'n mhnaoi-thighe iad do bheith sa tigh aici, mar ná
feadair sí cad é an neómat a bheadh gnó aici dhíobh.
Níor múineadh riamh di, ar an sgoil ná i n-aon áit eile,
conus na taomana san d'aithint ó chéile ná conus an
leigheas ceart a dhéanamh ar gach taom acu an túisge
'n-a dtaisbeánfadh sé é féin, gan bheith ag feitheamh le


L. 66


dochtúirí nuair ná beadh ann ach dithineas agus déan-
aighe. Ach tá eugcóir agam dhá dhéanamh ar an gcailín.
Tá aon leigheas amháin ar eólus go maith aici. Is
leigheas aici é ar an uile shaghas taoma. Isé leigheas
é 'ná braoinín fuisgí, "an braoinín fóghanta." Isé
leigheas gach galair é.



Nuair a pósfar an cailín sin béarfidh sí léi chun
tighe a fir an "leigheas" san. Coimeádfidh sí é,
fé ghlas, go ceanamhail. Nuair a ghoillfidh an droch-
chíste ar a fear tabharfidh sí braon de'n "leigheas"
dó. Nuair a ghoillfidh an droch-chíste uirthi féin tóg-
fidh sí braon de'n "leigheas." Nuair a thiocfidh an
chlann agus nuair a bheidh ag teacht ortha na seacht
ngalair déag ar fhichid a bhainean leis an óige tabh-
arfidh sí an t-aon "leigheas" amháin ar gach galar
díobh go léir, tré n-a chéile dhóibh.



Imtheóchaid na blianta. Is gearr an mhoill ortha
imtheacht. Cad a chífir ar ball? Chífir an fear
i dtigh tabhairne, - 'ghá "leigheas" féin. Na buachaillí
óga i dtigh tabhairne eile - 'ghá "leigheas" féin. An
bhean agus na cailíní sa bhaile 'ghá "leigheas" féin,
agus ag trácht ar hataí agus ar ribíní! Deirim leat,
a Dhonchadh, gur b'iad na mná is bun le mórán de'n
ólachán.



Donchadh: Fan go fóil, a Thaidhg a bhráthair, agus
éist liom beagáinín. Ná fuadaigh an sgéal ar do
mhuin leat ar fad. Má 's fíor a n-airighmíd bhí níos
mó ólacháin agus níos mó meisge i n-Éirinn céad
blian ó shin 'ná mar atá anois.



Tadhg: Caithfad gluaiseacht, a Dhonchadh. Socar-
ócham an méid sin an chéad lá eile.


L. 67


Ólachán.



Tadhg: An lá déanach a bhíomar ag cainnt anso, a
Dhonchadh, dubhraís go rabhas-sa ag fuadach an sgéil
ar mo mhuin liom i dtaobh an ólacháin agus i dtaobh
na mban, nuair a dubhart gur b'iad na mná is mó
atá cionntach anois leis an olc san.



Donchadh: Sdó ba dhóich le duine ort-sa ná raibh
meisge ná ólachán riamh i n-Éirinn go dtí go dtáinig
na sgoileana Gallda so agus gur loiteadar bann-
tracht na h-Éireann orainn. Ar airighis riamh cad
dubhairt an bhean úd i mBaile Mhúirne fadó? Tá, is
dócha, dachad blian ó dubhairt sí é. Tar éis mheathlú
na bprátaí dob eadh é. Bhí an saoghal brúighte síos
go talamh. Bhí leath na ndaoine tar éis bháis le pláig
agus le gorta agus ní raibh aon rud leis an anam
'sa méid a bhí beó dhíobh. Geallaim dhuit ná raibh aon
teasbach ar aoinne. Chonaic an bhean a deirim conus
mar a bhí an saoghal go léir imthighthe chun deiridh. Ní
raibh tuairisg ná cuimhne ar bháire ná ar liathróid ná
ar chómhchalán ná ar rinnce ná ar cheól. An t-é a bhí
trí fichid bhí driuch cheithre fichid air. An t-é a bhí deich
mbliana fichid bhí sé liath cheana féin agus an sean-
duine sa n-éadan agus in sna guailnibh aige. Cad
dubhairt an bhean úd? "Níor fhan aon rath ar an
saoghal," ar sisi, "ó imthigh bruigheanta agus ólachán!"
Ní déarfadh sí an chainnt sin mara mbeadh gur chuimhin
léi go maith na bruigheanta agus an t-ólachán a bheith
flúirseach go maith sa tsaoghal i n-aimsir a h-óige
féin agus óige a h-athar agus a sean-athar. An uile
fhocal tuairisge d'á bhfuil againn ar an sean aimsir,
siné an port i gcómhnuighe ann, bruigheanta agus
ólachán agus meisge. Ní raibh sgoileana Gallda
an uair sin ann chun an donais a dhéanamh ar aos óg
na h-Éireann ar dtúis agus ansan ar fhearaibh agus


L. 68


ar mhnáibh na h-Éireann. Measaim, a Thaidhg, gur mór
an truagh ná raibh sgoileana Gallda i n-Éirinn an
uair sin.



Tadhg: Airiú cad 'na thaobh! Nár chóir nár bheag
dhúinn a luatha a thánadar!



Donchadh: Sdó bheadh rud éigin againn go bhféad-
fimís milleán ólacháin na h-aimsire sin do chur air.
Táimíd ar ár dtoil anois. Pé creachadh ná brise ná
lot ná díobháil anama agus chuirp a dheinean an
t-ólacán dúinn ní'l againn ach an milleán go léir do
chur ar na sgoileanaibh Gallda! Nách breágh an
saoghal againn é agus nách gádh dhúinn aon phioc de'n
mhilleán a chur orainn féin! An amhlaidh a mheasfá a
chur 'n-a luighe orm, a Thaidhg, ná beadh bataí ná ribíní
ar chailíníbh óga na h-Éireann mara mbeadh na sgoil-
eana Gallda. Tá breis mhór agus céad blian, is
dóich liom, ó dubhairt file éigin an chainnt seo:-



"Tá cathú mór ar m'aigne,
A's dólás leis,
Mar chím an saoghal ag atharú
Le tréimhse a's breis.
Clann na dtaoiseach gceannasach
Dhá dtabhairt anuas chun tarcaisne,
'Gus clann na lópach atharach
Faoi Chárdineil!"



Dá mbeadh sgoileana Gallda ag an bhfile úd ba
mhór an sásamh aigne air é. D'fheadfadh sé milleán
an Chárdineil ar fad do chur anuas i mullach an chinn
ortha. Ba mhór an bogadh é sin ar a "chathú" agus ar
a "dhólás." Cuir "an tsrathar ar an gcapall gcóir,"
a Thaidhg!



Tadhg: Má bhíos-sa ag fuadach an sgéil ar mo mhuin
liom an lá déanach, a Dhonchadh, tá an donas ar fad
d'fhuadach agat-sa dhá dhéanamh indiu air. Ach, "beidh
lá eile ag an bPaorach."


L. 69


ÓLACHÁN.



Tadhg: D'arduighis leat, an lá déanach, a Dhonchadh,
an sgéal so i dtaobh an ólacháin. D'árduighis leat
é ar do thoil, go borb agus go dána agus go mích-
uibhsach. Dubhraís go raibh ólachán i n-Éirinn sar a
dtaínig aon sgoil Ghallda riamh i n-ár measg. Má
bhí ólachán i n-Éirinn an uair sin bhí a chúis féin leis
an uair sin. Conus fhágan san nách iad na sgoileana
Gallda fé ndeár anois é? Ach má bhí ólachán an uair
sin againn i n-Éirinn tá deifrigheacht mhór idir an
ólachán a bhí ann an uair sin agus an t-ólachán atá ag
déanamh an donais ar mhuinntir na h-Éireann anois.
Cé h-iad is mó a dheineadh an t-ól an uair sin, an bhfuil
a fhios agat?



Donchadh: Andaigh measaim go ndeineadh gach aoinne
rainnt de.



Tadhg: Siné bhall 'n-a bhfuil an dearmhad ort, a
Dhonchadh. Ní dheineadh formhór na ndaoine ach fíor
bheagán de. Dheineadh na h-uaisle é, agus ba mhaith
chuige iad. Dheineadh na daoine braon d'ól nuair a
théidís ar an aonach nú ar an margadh, agus nuair
ólaidís an braon san bhíodh a fhios ag an saoghal mór,
mar ní fheadidís é fhulang i gceart. Ní bhíodh an
taithighe acu air. D'airightí na mílte ó bhaile iad ag
amhrán agus ag liúirigh. Nuair a bheadh beirt nú triúr
as an gcéad acu ar meisge ar an gcuma san ba dhóich
le duine go mbeadh an t-aonach go léir ar meisge.
Is minic ná bíodh an bheirt nú triúr san féin ach ar
leathmheisge agus ná bídís ach 'ghá leogaint ortha go
mbídís ar dearg-mheisge, ag aithris ar na h-uaisle.
Is mó go mór an fothram a dheinidís 'ná an fhoghail a
dheinidís ar an ól. B'fhéidir go mbeadh na daoine
céadna san rátha gan aon bhraon a bhlaise airís.
B'fhéidir go mbeadh foth-dhrúncéir thiobaisteach anso
agus ansúd, ach bha ró fhuiriste iad do chómhreamh sa


L. 70


phobal. Ná curtar droch ainim ar an bpobal, a
Dhonchadh, mar gheall ar fhoth-dhrúncéir! Ba mhór an
obair na daoine do dhul chómh saor ó'n olc agus an
droch-shampla acu dhá fhághail chómh millteach ó sna
h-uaislibh. Ach bhí creideamh agus measardhacht agus
eagla Dé i gcroidhe na ndaoine an uair sin, agus bhí
grásta Dé ag cabhrú leó. Bhí uraim ag aos óg
d'athair agus do mháthair agus meas acu ar a gcómh-
airle, agus ba dhual meas do'n chómhairle mar bhí sí
go maith agus go ciallmhar agus go diadha, marab
ionan agus anois. Ach i dtaobh na mban. Is cuimhin
liom féin aimsir agus dá bhfeictí bean, ní déarfad
ar meisge, ach dá bhfeictí ag ól i dtigh tabhairne í, nú
dá bhfeictí rian nú iarsma dighe uirthi, bheadh náire
shaoghalta fághalta aici! Do raghadh an tasg amach
uirthi láithreach "go n-ólfadh sí an bhó agus an cap-
aillín glas! "Ní bhíodh an t-ól sa bhaile in sna tighthibh
ag na mnáibh an uair sin mar a bhíon anois. Ní bhíodh
an t-aon "leigheas" amháin acu ar gach galar an uair
sin mar atá acu anois. Bhí eólus agus tuisgint ag
mnáibh tighe an uair sin ar ghalaraibh agus ar na neithibh
a leighiseadh iad. Bhí eólus ba thairbhighe go mór 'ná
an t-eólus san féin acu, an t-eólus a dheineadh rud
dob' fhearr 'ná leigheas, an t-eólus ná fágadh gádh leis
an leigheas, an t-eólus a choimeádadh an galar gan
teacht. Bhí eólus acu ar bhia d'ullmhú, d'á bhfearaibh
agus d'á gclainn, ar chuma 'n-a mbeadh sé deighbhlasta,
foláin, sláinteamhail. Fuaradar an t-eólus san ó
n-a maithreachaibh. Fuair na máithreacha ó n-a sínsear
é. Tá an t-eólus san imthighthe. Dhíbir na sgoileana
é. Ní'l d'eólus ag máthair ná ag inghin anois ach ar
chupán té dhéanamh agus ar ribíní chur ortha féin, agus
ar a nglór do chasadh chun Béarla Gallda do labhairt,
mar dh'eadh.


L. 71


ÓLACHÁN.



Donchadh: Leogaim leat, a Thaidhg. Is dóich liom
go bhfuil an ceart agat. Bhíos ag cainnt le fear
thíos ansan indé. Tá sé as a shláinte le tamal. Deir
sé ná réidhtighean an bia le n-a ghoile. Nuair ithean
sé an t-arán agus d'ólan sé an cupán té, i n-inead
iad do dhul chun sochair dó agus tairbhe dhéanamh dó,
agus fuinneamh a chur 'n-a chroidhe agus 'n-a ghéagaibh,
is amhlaidh a dheinean lochán searbh de'n bhia istigh n-a
ghoile i dtreó go mbíon sé lúbtha le losgadaí agus le
teinneas 'n-a chliabh i gcaitheamh an lae, agus é ag tarr-
ang a chos 'n-a dhiaidh, gan ann aon stróc oibre ná
gnótha dhéanamh. Tá an t-arán agus an té tar éis
an tsaoghail go léir do lot amuich 's amach. An plúr
so a thagan chughainn tar faraige ní bia ceart i n-aon
chor é. Deintear donus éigin air a dheinean mífho-
láin é. Nuair ithim féin an t-arán a deintear de,
gheibhim i gcómhnuighe iarbhlas beag géar searbh air.
Ní ghabhan mo ghoile le n-ais choidhche i gceart é. Bíon
sé uaireanta ar feadh leath an lae i lár mo chléibh i
n'ualach, i dtreó go measaim gur cuma é nú lán
mo dhá lámh de mhairtaol aoíl agus gainimhe. Ní
fheadar an tsaoghal cad é an mac malachtain cor a
tugtar dó. Ní dócha gur fhás an chruithneacht as an
dtalamh ar an gcuma san, pé dúthaigh i n-ar fhás sí.
Is cuimhin liom fadó, nuair a bhíodh cruithneacht ag fás
againn féin agus nuair a beirtí mála dhi go dtí
muilean Phádraig Mártain agus do meiltí í, go
ndeineadh an plúr bia breágh foláin deigh-bhlasta.
Nuair íosfá smut de'n chíste a dheineadh mo mháthair
de, beannacht Dé le n-a h-anam, ní baoghal go mbeadh
sé i n'ualach ar do chroidhe. Is amhlaidh a bheadh neart
agus misneach ad' chroidhe uaidh agus teas ad' chuid
fola. Nuair a bhuailfá amach lá Geimhrigh nú Earraigh,
tar éis bhéile dhe d'ithe, ní bheadh beann agat ar shioc


L. 72


ná ar shneachta, agus ba chuma leat cad a dhéanfadh
bia as san go mbéarfadh am dínnéir ort. B'shiné
an bia buacach, a Thaidhg! B'shiné an bia ná raibh
an t-ualach ann agus go raibh an neart agus an bunús
agus an tathac ann! An bhulóg so a gheibhmidh anois
is amhlaidh a bhíon sí 'n-a h-ualach ar dhuine, agus ní
bhainean sí an t-ocras de. "Ocras tar éis athluighthe"
i gceart iseadh fhágan sí ar dhuine. Dubhairt an bhean
úd Bhaile Mhúirne nár fhan aon rath ar an saoghal ó
imthigh bruigheanta agus ólachán, ach deirim-se nár fhan
rígh ná rath ar an saoghal ó tháinig arán a's té chugh-
ainn! Ní fir agus mná atá eirighthe suas chughainn,
ar an gcothú san, ach spreasáin agus cailithóga gan
fuinneamh ná fonn gnótha ná oibre ionta, rudaí creath-
ánacha, annleisgeamhla, go ndéanfadh aon fhear amháin
de'n tsean aimsir úd oiread oibre le ceathrar acu,
agus gan tuirse ná troime bheith um thráthnóna air.
Is amhlaidh mar atá an sgéal, a Thaidhg, má leanaid
na daoine ag dul chun deiridh mar atáid is gearr
gur cuma dhúinn cad a dhéanfidh ól ná imirt ná dlighthe
ná riaghalta i n-Éirinn.



Tadhg: Go réidh, a Dhonchadh, a mhic ó. Ní mar sin is
ceart aghaidh a thabhairt ar an sgéal. Táid na daoine
ag dul chun deiridh gan amhras, mar a deirir, agus is
fíor dhuit leis gur b'é an droch-bhia fé ndeár é. Isé
an droch-bhia fé ndeár a lán de'n ólachán leis. Agus
isé daille na mban fé ndeár a lán d'olcas an bhídh.
Ach ní leigheas ar olc bheith 'ghá chásamh, a Dhonchadh. Dá
leighiseadh cásamh ár n-uilc is fadó bheadh uilc na
h-Éireann leighiste. Ní foláir dúinn stad de'n
chásamh, a Dhonchadh, agus aghaidh a thabhairt ar shlighe éigin
thairbheach i n-a dtiocfidh linn teacht ar bhun phréimh gach
uilc fé leith agus an phréamh do ghearradh aige.


L. 73


Ólachán.



Donchadh: "Ar bhun phréimh gach uilc fé leith," arsa
tusa, a Thaidhg. Siní díreach an obair. Conus a
tiocfar ar bhunaibh na bpréamh? Cá ndéanfar an
chéad thaighde ar na préamhchaibh? Tá an talamh go
léir clúdaithe leis na h-olcaibh.



Tadhg: Ó 'sé an t-ólachán atá idir lámhaibh againn ná
beadh sé chómh maith againn préamh an uilc sin do lorg
ar dtúis? Is fíor go bhfuil níos mó 'ná aon phréamh
amháin 'ghá chothú. Is dóich liom, ámhthach, gur bhuailis
féin do méar ar phréimh acu an lá déanach a bhíomair ag
cainnt. Bhios-sa 'ghá dhéanamh amach go raibh a lán
de'n mhilleán ar na mná-thighe. Níor bhfoláir leat-sa
na mná do chosaint. Ach sa chosaint sin duit do luigh
t'aigne ar an ndroch-bhia. Isiad na mná fé ndeár
a lán d'olcas an bhídh, ach ní h-iad fé ndeár é go léir.
Pé eólus a bheadh ag mnaoi ar bhia d'ullmhú ní fhéad-
fadh sí arán foláin a dhéanamh de phlúr a bheadh mí-
fholáin. Ach tá an dá bhárthan i n-aonfheacht orainn i
n-Éirinn indiu, a Dhonchadh. Tá an plúr mí-fholáin
agus na mná gan eólus. Is cuimhin liom-sa an corcán
praisge. Is dócha gur cuimhin leat-sa leis é. Mholais
an císte a dheineadh do mháthair de'n phlúr a thagadh
abhaile ó'n muilean san. Tá cuimhne agat fós ar an
iarbhlas milis a bhíodh ad' bheul i gcaitheamh an lae tar
éis béile de'n arán san d'ithe ar maidin duit. An
cuimhin leat an mórnán praisge as an gcorcán mór
úd, ar thuitim na h-oidhche? B'shiné an deoch a
bhaineadh an fuacht as an sneachta agus an nimh as an ngaoith
agus an cruadas as an sioc. Bhí bia agus deoch agus
sláinte agus sásamh ann. Nuair a bhíodh cúpla mór-
nán de'n phraisigh sin ólta ag Seán Ó h-Iarlaithe,
beannacht Dé le n' anam! bhaineadh sé gáirí as a mbíodh
láithreach. Deireadh sé, lom dáiríribh, an fear bocht


L. 74


agus an séide sneachtaigh amuich, "Is dóich liom go
bhfuil an oidhche ag dul i mbrothalaighe!"



Tá an aimsir sin imthighthe, a Dhonchadh. Tá an té
tar éis na praisge dhíbirt, agus ní fhéadan an té an
"oidhche do chur i mbrothalaighe." Na muilte úd a
bhí 'n-a seasamh ar chasadh gach abhan agus gach srutháin
i n-Éirinn, agus do mheileadh an chruithneacht agus an
coirce dhúinn, táid siad imthighthe gan tuairisg. Ní
locht ar mhnaoi thighe anois gan í bheith ábalta ar chorcán
praisge dhéanamh mar ní'l an chóir aici chuige, ach dá
mbeadh an chóir féin acu anois ní'l an t-eólus acu.
Ní'l bia ná deoch ar bail ná ar beus fágtha ag daoine
i n-Éirinn. Dá mb'é an práta bán féin é, níor fhan
an bia ceart ann ó tháinig an meathlú. Ní féidir do
dhuine fiú deoch bhainne fhághail má bhíon tart air. Tá
an creamery tar éis an bhainne do shlogadh, agus ní
h-iad na gamhna amháin atá ag fághail bháis d'á easba.
Tá galar agus leiceacht agus meathtacht agus droch-
shláinte ar leanbhaíbh na h-Éireann d'á easba. Is
sean fhocal ar an leanbh gur "as a bholg fhásan sé."
Ní féidir do'n leanbh fás ceart a dhéanamh ar an saghas
bídh agus dighe atá le fághail i n-Éirinn anois aige.



Labharfidh fear eagair i bpáipéar, nú breitheamh ar
bhínse, nú easbog i gcómhairle. Beid siad go léir
ar aon fhocal amháin. "A mhuinntir na h-Éireann
seachnaídh an t-ólachán! Is droch-nídh é! Nimh iseadh
é! Aimhleas anama agus chuirp iseadh é! Staonaídh
uaidh ar fad má 's maith libh rath ná séan a bheith oraibh
ar an saoghal so ná ar an saoghal eile!"



Cómhairle mhaith gan amhras. Ach is cómhairle í go
bhfuil rainnt easnaimh uirthi. Tá níos mó 'ná aon eas-
namh amháin uirthi. Ba mhór an congnamh chun na cómh-
airle sin a chur chun cinn dá bhféadfí a rádh 'n-a h-aice,
"glacaidh an deoch eile seo atá foláin, sobháilceach,
tairbheach, agus ansan ní bheidh aon ghádh agaibh leis an
ndroch dhigh."



Donchadh: Is truagh gan tuille aimsire againn.


L. 75


Ólachán.



Donchadh: An focal úd a dubhraís an lá déanach, a
Thaidhg, i dtaobh na cómhairle úd, "A mhuinntir na
h-Éireann seachnaídh an t-ól … "agus i dtaobh na
cómhairle eile úd ba mhaith leat a bheith i n-aice leis
an gcéad chómhairle, .i. "Glacaidh an deoch eile
seo … ; "chuir do chainnt i gcuimhne dhom rud a bhíon
am' aigne go minic nuair a mhachtnaighim ar an sgéal. Is
'mó rógaireacht 'á dhéanamh i n-Éirinn ar sgáth maith-
easa, ach is dóich liom go bhfuil tosach agus barr agus
buadh ortha go léir ag an rógaireacht a deintear ar
sgáth na measarthachta (temperance). Beartóchaidh
fear i n'aigne nách foláir dó an t-ól do sheachaint.
Ní réidhtighean an deoch leis. Bíon a bhean agus a
chlann ag troid leis. Bíon a ghnó ag dul chun deiridh.
Bíon a lucht oibre failíghtheach. Bíon gach aon rud
ag dul bun os cionn aige. Fé dheire déarfidh sé
leis féin, "Cuirfad deire leis mar ól!" "Ní
bhlaisfad aon bhraon de go ceann bliana ó 'ndiu le
congnamh Dé! "Beidh a aigne sásta ansan. Tabh-
arfidh sé aghaidh ar a ghnó agus ar a chúram. Chífidh an
bhean an t-atharú agus beidh áthas uirthi. Chífidh an
chlann é agus beidh imghníomh ortha. Chífidh an lucht
oibre an t-atharú, agus déanfar an obair. Tiocfidh
lá an aonaigh. Raghaidh an fear san ar an aonach.
Déanfidh sé a ghnó go maith agus go rathmhar. Nuair
a bheidh an gnó dhá chríochnú ní foláir dul isteach i dtigh
tabhairne éigin, nú i gcábán éigin, agus an gnó do
fhliuchadh. "Ní ólaim-se deoch meisgeamhail," adeir
an fear. "Tugtar chugham deoch éigin neamh-mheis-
geamhail." Tabharfar chuige rud éigin i mbuidéal,
sórd éigin uisge do cuireadh isteach sa bhuidéal san
rátha, b'fhéidir, roime sin. Cuirfidh sé a bhfuil sa
bhuidéal amach i ngloine agus ólfidh sé é. Ní fada


L. 76


bheidh sé ólta aige nuair a thiocfidh rud éigin ná taithn-
fidh leis air. Tiocfidh teinneas beag 'n-a chliabh istigh.
Beidh sé ag casadh le cainnt a dhéanamh agus a leo-
gaint air ná fuil aon nídh air. Meudóchaidh an
teinneas. Fé dheire ambasa ní féidir é cheilt níos
sia. "Ní fhéachan tú ar fóghnamh," a déarfidh duine
de'n chuideachtain. "Do ghoill rud éigin ort,"
adéarfidh duine eile. "Is dóich liom," adéarfidh an
fear, "nár réidhtigh an buidéal san liom, pé rud a
bhí ann!" "Dhé sgeimhle air mar bhuidéal!" adéar-
fidh duine eile. "Is dóich liom féin gur nimh a cur-
tar in sna buidéalaibh sin. Pé rud a bhíon ionta bíon
sé go h-olc. Bíon sé lobhtha ó bheith 'n-a stad sa bhuid-
éal mara mbíon aon locht eile air. Ní bhlaisfinn aon
bhuidéal acu dá mbeinn ag fághail bháis le tart!"
'Sé crích an sgéil é go ngéarruighean an trioblóid ar
ghoile an fhir agus go gcaithtear deoch maith biotáile
thabhairt dó chun é leigheas. Chomh luath agus théidhean
an biotáile isteach cuirean sé an ruag ar an mbuidéal
agus tagan an duine 'n-a chlódh féin agus 'n-a shláinte
féin airís. Má ba mhaith é an chéad deoch de'n bhiot-
áile dar ndóich is maith é an tarna deoch. Ólfidh an
fear san an tarna deoch, agus an trímhadh deoch. Ní
deintear an cómhreamh as san amach. Tagan an fear
abhaile ar meisge agus siné an tigh agus an áit agus an
gnó agus an obair agus an cúram 'n-a phraisigh airís!
Tá sé buailte isteach am' aigne, a Thaidhg, agus ní
h-indiu ná indé do chuimhnigheas ar dtúis air, go
gcoimeádaid lucht tabhairní na droch bhuidéil sin
d'aon ghnó chun a chur fhiachaint ar dhaoine brise ó n-a
ngeallamhnaibh agus an deoch meisgeamhail d'ól! Is
deacair do mhuinntir na h-Éireann an t-ól do sheach-
nadh an fhaid a bheidh feall de'n tsórd san ar gach
bóthar agus cosán rómpa, mar a bheadh an leac-ar-
tinniol roimis an bhfrancach nú an tsúil-ruibe roimis
an ngiorfhiadh!


L. 77


Ólachán.



Donchadh: Dar fiadh, a Thaidhg, is ró bheag an iongna
ólachán i n-Éirinn! Sin cheithre thrúig bhunaidh áirimhthe
agat-sa chuige, agus is dócha nách fios an 'mó trúig
eile d'fhéadfá dh'áireamh dá mba mhaith leat é. Tá,
ar dtúis, an droch-sgoluigheacht. Dá dhruim sin tá
neamh-eólus na mban, iad i n-ainbhfios ar conus ba
cheart bia d'ullmhú i dtreó go mbeadh sé foláin,
deigh-bhlasta. An trímhadh trúig, an gráinne ag teacht
chughainn tar lear, agus nimh éigin dhá chur sa phlúr
chun é dhéanamh geal, agus ansan go gcaithean an t-é
ithean an t-arán a deintear de'n phlúr san braon
"fóghanta" d'fhághail chun an aráin sin do chur d'á
ghoile. Agus an ceathramhadh trúig díobh agat - na
buidéil! Cheithre thrúig chun ólacháin agus gach trúig
acu ábalta ar an náisiún go léir do chur ar dearg-
mheisge ó mhaidin Dé Luain go dtí asdoidhche Dé
Satharainn. Bheadh an sgéal go cruaidh againn agus
is fada bheimís ag machtnamh feuchaint cá mbeadh an
leigheas le fághail dá mba ná beadh le cur as an slighe
againn ach aon trúig amháin de sna cheithre trúigeana.
Ach nuair atá an ceathrar ag obair i n-aonfheacht, ag
cabhrú le chéile agus ag cothú a chéile agus ag neartú
a chéile, is ró dheacair cuimhneamh ar aon sórd leighis
d'fhéadfadh oibiriú 'n-a gcoinnibh le h-aon fheidhm.
Má tugtar an t-eólus do sna mnáibh ní bheidh puinn
maitheasa déanta, mar ní féidir do'n eólus is fearr
a ceapadh riamh, bia foláin a dhéanamh de phlúr mhí-
fholáin, agus siné an droch-bhia ag coimeád an ólácháin
ar siubhal. Má bheirean fear go dtí an muilean leis
mála de'n choirce d'fhás ar a chuid tailimh féin agus
iná dheinean sé mála de mhin bhreágh fholáin choirce
do thabhairt leis abhaile chun a mhná agus chun a chlainne
agus chuige féin, beidh an sgéal maith go leór acu,
b'fhéidir, go dtí go dtiocfidh lá an aonaigh agus na


L. 78


buidéil úd. Bíodh buaidhte againn ar an ndroch-
sgoluighcacht. Bíodh buaidhte againn ar mhí-eolus na
mban. Bíodh an plúr mí-fholáin curtha i leithtaoibh
againn agus an gráinne Gaodhlach, d'fhás aníos a' cré
bhreágh, fholáin, nádúrtha na h-Éireann, curtha i n-inead
an bhídh mhí-fholáin, siné an buidéal ag teacht, lá an
aonaigh, agus ag lot na h-oibre go léir!



Tá eagal orm, a Thaidhg, gur "'mó madra géar
agus droch-bhean" a chuirfimíd dínn sar a' mbeidh aon
fhoghail mhór deanta againn i n-Éirinn ar an ólachán
do chur ar neamh-nídh.



Tadhg: Pé madraí géara ná droch-mhná a chaithfimíd
a chur dínn sa n-obair, a Dhonchadh, is obair í a caithfar
a dhéanamh, agus san gan ró mhoill. Is obair í a caith-
far a dhéanamh pé deacaracht atá ag baint léi. Ní
cúrsaí deacarachta ná saoráide i n-aon chor é. Má
bhíon duine dhá bháth déanfidh sé a dhítheal ar theacht i
dtír pé deacaracht a bheidh roimis. Tá Éire dhá báth
leis an ólachán so. Caithfar deire chur leis an ólachán
nú cuirfhidh an t-ólachán deire linn go léir. Pé
deacaracht atá sa sgéal ní foláir aghaidh a thabhairt air,
agus san láithreach. Pé rud a dhéanfidh an droch-
sgoluigheacht, pé rud a dhéanfidh mí-eólus ban-tighe,
pé rud a dhéanfidh arbhar iasachta ná droch phlúr ná
droch mhin, pé rud a dhéanfidh biotáile "fóghanta"
ná buidéil lobhtha, tá aon rud amháin agus caithfar é
dhéanamh láithreach - caithfar deire chur le h-ólachán i
n-Éirinn.



Donchadh: Is uiriste cainnt a dhéanamh, a Thaidhg,
agus is uiriste "caithfar" do rádh. Ach is mór
m'eagla-sa gur 'mó rud a caithfar a dhéanamh sar
a mbeidh deire le h-ólachán i n-Éirinn.


L. 79


Ólachán.



Tadhg: Is fíor dhuit sin, a Dhonchadh. Is 'mó rud a
caithfar a dhéanamh sar a mbeidh deire le h-ólachán
i n-Éirinn. Ach 'neósfad duit aon rud amháin atá
dhá dhéanamh le fada agus ná fuil puinn tairbhe ann.
Tá cainnt dhá dhéanamh le fada ar an sgéal. Dá leigh-
iseadh cainnt uilc na h-Éireann bheidís go léir leighiste
fadó, idir ólachán agus gach olc eile d'á bhfuil ag cur
orainn. An iomad cainnte iseadh atá againn, an
iomad ar fad. Tá cainnteóirí ár ndóithin againn
agus an donas le deisbhéalaighe ortha. Ní'l olc d'á
raibh ar Éirinn riamh ná d'á bhfuil uirthi anois ná fuil
na cainnteóirí ábalta ar é mhíniú agus do léiriú agus
do chur i n-iúil go breágh glan, slachtmhar, soiléir.
Ach an bhfuil a fhios agat cad a chuirean an iongna orm
féin, a Dhonchadh? Nuair a bhíon an t-olc léirighthe
amach go soiléir ag an gcainnteóir stadan an cainn-
teóir ar an áit sin. Ba dhóich le duine ar an gcainn-
teóir gur b'é an léiriú an leigheas. Nuair a bhíon a
chuid cainnte déanta ag an gcainnteóir ba dhóich leat
air go mbíon gach aon rud déanta aige. Is cuma
an cainnteóir sin nú dochtúir a thiocfadh chugham dá
mbeinn breóite agus bhéarfadh ar chuislinn orm, agus
d'fheuchfadh ar mo theangain, agus do bhreithneóchadh
an galar agus do 'neósfadh dom cad é an galar é,
agus ansan do ghluaiseóchadh chun siubhail gan pur-
góid ná plástar a thabhairt dom. Tá gach aoinne a
labhran ag déanamh na cainnte ar an ólachán, 'ghá
innsint dúinn gur droch-nídh é agus 'ghá thaisbeáint
dúinn cad iad na trúigeana atá chuige, ach ní thugan
aoinne aon eólus ceart dúinn ar conus an droch-nídh
do dhíbirt uainn. Chimíd rud greannmhar uaireanta.
Chimíd fear atá chómh saidhbhir le Démur, pé 'r bh'é féin,
fear gur b'as an ólachán do fuineadh agus do fáisgeadh
a chuid saidhbhris, chímíd an fear san 'n-a sheasamh


L. 80


anáirde ar chlár, agus é ag déanamh cainnte go tréan,
ag spídiú agus ag aithisiú ar ól agus ar lucht ólacháin,
ag áireamh na n-olc agus na n-aimhleas a thagan de
dhruim ólacháin, agus 'ghá iarraidh, go bog a's go
cruaidh, ar mhuinntir na h-Éireann a leas do dhéanamh
agus eirighe as an ól. Tá a fhios ag an bhfear san go
maith dá nglactí an chómhairle sin uaidh gur b'é féin
is túisge a bheadh thíos leis. Tá a fhios aige go maith,
ámhthach, nách baoghal dó, mar nách baoghal go nglacfar
an chómhairle. Sgéiméir iseadh an fear san. Dá
mbeadh tocht 'n-a ghlór agus deóracha le n-a shúilibh ná
creid focal uaidh. Sgéiméir iseadh é. Rud eile
dhc. Sgéiméirí iseadh na meisgeóirí a bhíon ag éist-
eacht leis an gcainnt a dheinean sé. Molaid siad an
chainnt agus is árd an liú a chuirid siad asta 'ghá
moladh. Ach geallaim-se dhuit-se nách baoghal go
molfidís an chainnt sin dá mba dhóich leó go gcuirfí
an chainnt i bhfeidhm ortha. Is breágh í an chainnt agus
is maith í an chómhairle. Taithnean idir chainnt agus
cómhairle leis na meisgeóiríbh. Cad é an chúis?
Mar tá a fhios acu ná fuil sa chainnt ach gaoth agus
nách baoghal go gcaithfid siad an chómhairle do ghlacadh.
Idir chainnteóirí agus meisgeóirí dhóibh, a Dhonchadh,
sgéiméirí iseadh iad. Ní baoghal go ndéanfid siad
aon leigheas choidhche ar olc an ólacháin i n-Éirinn. Ní
leigheas a bhíon uatha. Isé rud a bhíon uatha, ar gach
taobh, 'ná a leigint ortha fuath a bheith acu do'n ólachán,
rud ná fuil acu dhó. Ní bhíon sa chainnt go léir agus
in sna guthaíbh go léir ach "tóg uaim é - agus gan
uaim ach é!"



ÓLACHÁN.



Donchadh: Go deimhin le fírinne dhuit, a Thaidhg,
nuair a bhíos ag éisteacht leat anso ag cainnt an lá
déanach bhíos ag cur an anama amach ag gairí, am'
aigne féin.


L. 81


Tadhg: Agus cad a bhí chun tu chur ag gáirí? Ní
mheasaim go raibh aon chúis gáirí in sna neithibh a bhí ar
siubhal againn? Má tá an t-anam 'á shladadh a'
h-Éirinn le h-ólachán agus gan aon leigheas dhá
dhéanamh ar an sladadh ach cainnt gan bhrígh, gan
éifeacht, measaim féin gur mó an chúis goil 'ná an
chúis gáirí atá sa sgéal.



Donchadh: Asdó b'shiné thusa ag spídiú ar lucht na
cainnte agus ar na meisgeóirí, agus ag tabhairt
sgéiméirí ortha, trí n-a chéile dhóibh, toisg gan aon
leigheas a bheith acu le déanamh ar an ngalar ach cainnt,
agus b'shiné mise agus mé bodhar ó bheith ag éisteacht
leat-sa ag cainnt, agus gan focal ag teacht as do
bheul i dtaobh aon leighis ach chómh beag agus a tháinig
riamh amach a' beul an sgéiméra ba mhó acu! Ha,
ha, ha!



Tadhg: B'éigean dúinn stad an lá déanach, a
Dhonchadh, sar a raibh deire ráidhte agam, agus is
dócha go gcaithfam stad indiu leis sar a mbeidh aon
fhoghail mhór déanta againn ar an sgéal. Ach ná bíodh
ceist ort. Tá an leigheas ann ach eólus d'fhághail
air, agus ansan úsáid a dhéanamh de.



Donchadh: Is sean fhocal é, "Dá mbeadh fhios ag
duine bheadh leigheas aige, ach do chuiris leis, a Thaidhg.
Is beag 'ná gur sháruighis an sean fhocal. Gan an fios
is deacair an leigheas d'fhághail, ach is beag an mhaith
idir leigheas agus fios mara ndeintear úsáid díobh.
Tá lár an chirt sa méid sin agat. D'áirís a lán de
sna trúigeana, agus gan amhras is trúig láidir chun
ólacháin gach trúig d'ár áirmhís. Is dóich liom, ámhthach,
gur fhágais gan áireamh trúig atá chómh torthamhail le
h-aon trúig d'ár áirmhís.



Tadhg: Cad é an trúig é?



Donchadh: Tá, sprideamhlacht. Raghaidh duine ar an
aonach nú ar an margadh agus déanfidh sé a ghnó.
Nuair bheidh a ghnó déanta aige ní foláir leis a chur
'n-a luighe ar chách gur fear sprideamhail é. "Téanam,"


L. 82


adeir sé leis an nduine a dhein an deighleáil leis,
"agus ólaimís braoinín. Tá braon fóghanta anso
thall." Sar a sroisid siad an áit thall beidh, ó
bheirt, b'fhéidir, ceathar nú cúigear acu ann. Glaoidh-
fidh an fear sprideamhail ar na chúig deochaibh. Bei-
far ag cainnt 's ag ól. Nuair a bheid na deocha san
ólta ní foláir leis an dara fear a chur 'n-a luighe ar
chách go bhfuil sé féin chómh sprideamhail leis an gcéad
fhear agus glaodhfidh sé ar chúig deochaibh eile. Bei-
far ag cainnt agus ag ól ar feadh tamail eile. Seólfar
isteach chómharsa agus cómharsa eile. Tá dhá dheóch
ólta i n-aisge ag an dtrímhadh fear. Tuigean sé i
n'aigne go mbeadh náire shaoghalta le fághail aige
dá ngabhadh sé amach gan deoch a thabhairt uaidh. Ní
foláir dó deoch sa tímpal a thabhairt do'n mhórsheisear
atá cruinnighthe um an dtaca san. Glaodhtear an
deoch san agus óltar é agus deintear cainnt os a
chionn. An chéad fhear a tháinig ba mhaith leis imtheacht.
Bogan sé chun an doruis. Measan sé sleamhnú chun
siubhail a gan fhios. Chítear é. "Dar so 's súd!"
adeir an ceathrmhadh fear a tháinig, "ní chaithfir im-
theacht go n-ólair deoch uaim-se!n "Castar isteach
é d'á aindeóin bháis. 'Sé crích an sgéil é ná fuil
fear sa chuideachtain sin ná caithfidh a chur 'n-a luighe ar
chách gur fear sprideamhail é. Glaodhfidh an uile
dhuine acu ar dhigh do'n chuideachtain agus díolfidh
sé as. Ar ball, má ráinighean dáréag sa chuideach-
tain, beidh dá dheoch dhéag ólta ag gach duine, - chun a
chur 'n-a luighe ar chách gur fear sprideamhail é!



ÓLACHÁN.



Tadhg: 'Sé sin le rádh a Dhonchadh, ní foláir do dhuine
glaodhach ar dhá dheoch déag agus iad go léir d'ól


L. 83


isteach 'n-a bholg féin nú déarfí gur fear gan sprid
é! Tá an ceart agat go cruinn, a Dhonchadh. Sin
trúig chun ólacháin agus ní h-indiu ná indé do thos-
nuigh an trúig sin ar a chion féin de'n droch obair
a dhéanamh i n-Éirinn. Dá mbeadh tart ar dhuine ba
bhreágh galánta an rud dó preabadh isteach i dtigh
tabhairne agus deoch d'ól a bhainfadh an tart de agus
ansan preabadh amach airís agus aghaidh a thabhairt
ar a ghnó, nú, dá mbeadh a ghnó críochnuighthe aige, aghaidh
a thabhairt ar an mbaile. Ach, dar le daoine, ní bheadh
san sprideamhail. Bheadh san ró spriúnlaithe ar fad.
Ba lag leis an nduine sin aon bhraon dighe do bhlaise i
n'aonar, pé tart a bheadh air. Ní foláir dó cuideachta
bheith aige. Dar liom, ámhthach, ní h-ar an nduine sin
féin is cóir an milleán ar fad a bheith. Dá mbeadh sé
de dhánaidheacht sa bhfear san an bheart chiallmhar a
dhéanamh agus dul isteach i n'aonar agus an deoch
a theastóchadh uaidh d'ól i n'aonar is fada fairsing
a déanfí cáine agus cúl-chainnt air. Is 'mó duine
a dhéanfadh an bheart chiallmhar mara mbeadh le h-eagla
roim beul na ndaoine (public opinion). Beul na
ndaoine féin fé ndeár a lán de'n sprideamhlacht.
Mara mbeadh beul na ndaoine ní bheadh an sgannra
san ar gach aoinne le h-eagla go ndéarfí ná beadh
sprid aige, nú le h-eagla go dtabharfí fear spriún-
laithe air. Sar a bhféadfar aon leigheas a dhéanamh
ar an dtaobh san de'n olc, a Dhonchadh, tá gnó mór
trom le déanamh. Caithfar a chur 'n-a luighe go soiléir
agus go daingean ar an bpoibilidheacht go bhfuil
sprideamhlacht agus sprideamhlacht ann, sprideamh-
lacht atá dílis agus sprideamhlacht atá bréagach. Ní
sprideamhlacht cheart do dhuine é féin do chur ar meisge
le h-eagla go ndéarfí gur sprealairín é! Ní
sprideamhlacht cheart do dhuine, má's é toil Dé glaodhach ar
dhuine d'á mhuinntir thighe, é féin agus a chlann do
chreachadh agus do mhúchadh le fiacha, ag stealadh biot-
áile ar fuid na sochraide!


L. 84


Donchadh: Tá corp na fírinne ansan agat, a Thaidhg.
Is minic a chuimhnigheas féin ar an eugcóir a dheinid
daoine ortha féin le costas ólacháin ar shochraidíbh.
Ba chóir nár bheag dhóibh d'iomárd an bás do theacht
isteach sa tigh chucha le leamhnú Dé, moladh go deo leis,
gan dul agus iomárd eile do chur ortha féin le n-a
dtoil mhacánta, gan ghádh gan riachtanas, ach le corp
eagla roim beul na ndaoine, sar a ndéarfí ná raibh
sochraid ghalánta acu! Is ait an sgéal é, bás agus
buairt agus gol agus caoine sa tigh. Gan fonn áthais
ná pléisiúir ar aoinne. An uile dhuine dúbhach dob-
rónach. Agus ansan ól dhá stealadh mórthímpal i
dtreó gur dhóich le duine gur b'amhlaidh a bheadh an
uile dhuine i riocht imtheacht as a chroicean le neart
áthais!



Tadhg: Seadh, agus gan de chúis leis an ndíthcéile
go léir ach le h-eagla roim beul na ndaoine. Beul na
ndaoine fé ndeár an t-amadántacht go léir. Caith-
far beul na ndaoine do chur ar an staid chóir sar a
bhféadfar an t-olc do leigheas.



Donchadh: Is ait na daoine iad. Ní foláir a mbeul
do líonadh le h-ól nú do lomfidís na cnámha ag an
bhfear mbocht go bhfuil an bhuairt air. Is cruaidh an
cás é!



ÓLACHÁN.



Tadhg: Is fíor dhuit sin, a Dhonchadh. Is cruaidh an
cás é. Sgannra ar dhaoinibh roim beul na ndaoine.
Iad ceapaithe, cóir cam díreach, ar shlighe éigin a dhéanamh
amach dóibh féin ar dhul ó bheul na ndaoine agus nách
féidir leo cuimhneamh ar aon tslighe eile ach beul na
ndaoine do líonadh agus do dhúnadh leis an ól.



Donchadh: Fágaim le h-uadhacht, a Thaidhg, ná feicim
féin go bhfuil aon tslighe eile chuige. Cad 'tá ag an


L. 85


bhfear go bhfuil an tart air le déanamh? Ní mór dó
deoch d'fhághail. Tiocfid na cómharsain isteach.
Mara nglaodhfidh sé ar na chómharsain chun dighe
dh'ól 'n-a chuibhrean déarfar gur dothal atá air. Má
ghlaodhan sé ar chómharsain seachas cómharsa eile beidh
eud de bharr an sgéil. Má ghlaodhan sé ortha go léir,
fé mar a ráinighean iad do bheith láithreach, ní foláir
dó gach 'ré ndigh d'ól le gach duine sa chuideachtain,
agus dá mbeadh ceann práis air beidh sé ar meisge
ar ball. Is usa leis bheith ar meisge, agus an peaca
do dhéanamh, agus teinneas cinn agus creathán agus
easba goile bheith ar maidin lar na mháireach air, 'ná
aghaidh na ndaoine thabhairt air féin, agus beul na
ndaoine bheith 'ghá ithe agus 'ghá ghearradh ó cheann ceann
de'n pharóiste go ceann bliana ó'n lá san.



Tadhg: Feuch, a Dhonchadh. Bhí nós áirighthe sa náisiún
so, tá suim bliadhanta ó shin. Tá an nós céadna
thall sa bhFrainc acu fós. Nós gan chiall iseadh é,
ach ní foláir do dhuine sa bhFrainc, indiu féin, an nós
do leanmhaint agus beart a dhéanamh d'á réir, nú do
thiocfadh beul na ndaoine air agus do lomfí na cnámha
aige agus do séanfí é amuich agus i mbaile i dtreó
go gcaithfadh sé rith leis féin as an ndúthaigh. Isé
nós é 'ná an nós go dtugtar comhrac aonfhir (duelling)
air. Dá mbuaileadh rascail umat ar an sráid agus
go gcaithfadh sé seile idir an dá shúil ort, bheadh súile
na ndaoine ort láithreach. Ba mhaith leat bualadh do
bhóthar agus gan aon chur isteach, olc maith ná danaidhe,
do dhéanamh ar an rascail sin. B'shiní an bheart chiall-
mhar duit. Ach dá ndeinteá an bheart chiallmhar san
an bhfuil fhios agat cad d'imtheóchadh ort? Do
thabharfadh beul na ndaoine droch ainim duit láithreach.
Do tabharfí camalach (a poltroon) ort láithreach. Do
mholfadh gach aoinne an rascail a chaith an seile ort
agus cháinfadh gach aoinne thusa.



Donchadh: Agus cad a bheadh uatha?



Tadhg: Go bhfógróchthá comhrac aonfhir ar an


L. 86


rascail, agus go seasochthá os a chomhair agus é
throid le claidheamh nú le piostol.



Donchadh: Seadh, agus go dtabharfinn caoi dhó ar
mé 'lámhach, tar éis an ghnímh eile a bhí déanta aige
orm!



Tadhg: Go díreach, a mhic ó.



Donchadh: Dar fiadh, a Thaidhg, dá olcas é cás an
ólacháin againne, is measa go mór cás an chómhraic acu
sa bhFrainc. Ba dhóich liom dá mbéinn sa bhFrainc
go gcuirfinn mo chos i dtalamh i n-aghaidh nóis de'n
tsaghas san. Do sgaoilfinn tharm an rascail, agus
dá dtugadh daoine camalach orm nuair ná déanfinn
an cómhrac ní thabharfinn d'fhreagra ortha ach a rádh leó
dul sa diabhal! Ní'l fasg ag aon daoine a mheasfadh
a chur fhiachaibh orm comhrac de'n tsórd san a dhéanamh.



Tadhg: Bhuailis do mhéar, a Dhonchadh, ar chuid de
leigheas an ólacháin. Tá suím blianta anois ó
cheap daoine áirighthe spriúnlóir a thabhairt orm-sa
nuair ná cuirfinn mé féin ar meisge le sprideamh-
lacht. Dubhairt leó dul sa diabhal!



ÓLACHÁN.



Donchadh: Dá mba ná beadh le déanamh, a Thaidhg,
chun droch nósa na h-Éireann do leigheas, ach a rádh le
daoine dul sa diabhal is beag na droch nósa a bheadh
againn anois mar is fadó a bheidís go léir leighiste!
Tá daoine agus bheadh an leigheas san cómhngarach go
leór dóibh. Aoinne a dheinean rud ná taithnean leó
táid siad tugtha go leór chun an leighis sin a thabhairt
ar an olc a dheinean sé ortha. Is minic gur ró bheag
an chúis iarraidh siad chun a rádh le duine dul sa diabhal,
ach ní h-é mo thuairim gur dhein an focal san puinn
leighis riamh ar aon rud.


L. 87


Tadhg: Níor thuigis mé, a Dhonchadh. Ní sa bhfocal do
measas-sa a rádh go raibh an leigheas ach sa dhiúltú
daingean a thaisbeánfadh an focal. Ní chuirfadh ar
deineadh riamh de'n ól ar meisge mé gan é chur isteach
am' béal ar dtúis. Ní raghadh sé isteach am' béal gan
me féin 'ghá thógáilt le m' láimh agus 'á chur chun mo
bhéil. Ní dhéanfadh san féin an gnó mara n-osgaló-
chainn mo bheul. Ní dhéanfadh osgailt mó bhéil an gnó
mara súghainn isteach an deoch. Ní dhéanfadh é shúghadh
isteach an gnó mara sloiginn siar é. Ach chómh luath
agus do raghaidh an deoch siar táim fé smacht aige.
Cuirfidh sé ar meisge mé pé saghas duine mé. Is cuma
leis cia'cu uasal nú íseal mé. Is cuma leis cia'cu
bocht nú saidhbhir mé. Ní'l aon uraim aige d'aoinne
a leogfidh siar é. Dá mb'é an rí é leagfidh an
deoch é má leogan sé an deoch siar. Ach an fhaid a
choimeádfidh sé an deoch lasmuich d'á fhiacalaibh ní
baoghal dó. Má tá an gloine ar an mbórd ní'l ag
duine ach a lámh do choimeád ó'n ngloine. Má tá
gloine 'n-a láimh aige ní'l aige ach an lámh do choimeád
gan árdú chun a bhéil. Má tá an gloine chun a bhéil
aige ní'l aige ach gan an deoch do shúghadh isteach 'na
bheul. Bíodh go bhfuil an deoch istigh sa bheul ní féidir
dó dul siar mara sloigtear é. Sin cheithre chaoi ag
duine ar dhiúltú do'n digh sar a mbeidh aon chumas
ag an ndeoch ar aon díoghbháil a dhéanamh dó, diultú
do'n ghloine thógáilt de'n bhórd, dhiúltú d' é árdú chun
a bhéil, diúltú d' é shúghadh isteach sa bheul, agus diúltú
d'é shlogadh. Dhéanfidh aon diúltú acu an gnó ach
é chur i bhfeidhm go daingean, díreach mar a churfá-sa
i bhfeidhm an diúltú úd do'n chómhrac nuair a déarfa
le muinntir na Fraince dul sa diabhal.



Donchadh: Is dóich liom gur b'é an chéad diúltú an
diúltú dob' fhearr.



Tadhg: 'Seadh, gan an gloine thógáilt i n-aon cor
de'n bhord?



Donchadh: Seadh go díreach.


L. 88


Tadhg: Nár dhóich leat gur mhaith an rud fanamhaint
amach ó'n mbórd ar fad?



Donchadh: Ba mhaith, dá mba ná féadfadh duine an
lámh do choimeád ó'n ngloine. An t-é ná féadfidh
an lámh do choimeád ó'n ngloine ní fhéadfidh sé an
gloine do choimeád ó'n mbeul, - agus má théidhean
an gloine go dtí an beul mo thruagh-sa an deoch!
Súghfar isteach é agus sloigfar siar é, le h-airc!



Tadhg: Déanfar. Agus ansan mo thruagh-sa an
duine! Casfar tímpal é, agus leagfar ar lár é sa
lathaigh!



Donchadh: 'Seadh, agus míllfar an t-anam agus leag-
far ar lár é - sa pheacadh!



Tadhg: Is olc an dóichín é mar ólachán!



Donchadh: Is 'mó tiobaist anama agus chuirp aige
dhá dhéanamh!



ÓLACHÁN.



Donchadh: Is dóich liom, a Thaidhg, gur tusa a bhuail
do mhéar ar leigheas an ólacháin.



Tadhg: Ní fheadar, a Dhonchadh. Is 'mó leigheas ar
ólachán na h-Éireann gur buaileadh méar air le deich
mbliana a's dachad, agus tá Éire chómh fada ó'n
leigheas indiu, measaim, agus bhí sí deich mbliana
a's dachad ó shin. Ach conus is dóich leat a bhuaileas-
sa mo mhéar ar an leigheas? Má bhuaileas mo mhéar
air truagh gan an mhéar do choimeád air.



Donchadh: Dubhraís aon fhocal amháin a chuir ag macht-
namh mé, agus do choimeád ag machtnamh mé coit-
chianta, ó'n lá déanach úd a bhíomair ag cainnt anso.



Tadhg: Ochón! Airiú cad é an focal é? Ní
cuimhin liom go raibh aon fhocal d'á ndubhart chómh
h-uathbhásach san.


L. 89


Donchadh: Dúbhraís go raibh cheithre chaoi ag duine ar
dhiúltú do'n digh sar a bhféadfadh an deoch é chur ar
meisge. Chuir an focal san ag machtnamh mé. Táim
ag éisteacht an fhaid atá cuimhne am' cheann le cainnt
dhá dhéanamh i dtaobh dighe agus i dtaobh meisge.
Daoine deaghlabhartha, léigheanta, foghlumanta, ag
spídiú ar an ndigh agus gan iad féin ag diúltú do'n
digh! Chuireadh an chainnt i gcuimhne dhom saghas
spóirt a bhíodh againn nuair a bhíos am' leanbh. An
"trom trom" a thugaimís air. Do shuidheadh duine
againn i gcathaoir agus shuidheadh an chuid eile mór-
thímpal air. Ansan do thugadh fear na cathaoirach
an dlighe dhúinn; mar seo: "Aoinne a dhéanfidh sraedh
ná casachtach ná gáire ná osna ná é féin do thochas
beidh an trom trom air, - ach beidh cead agam féin
mo phort feaduíola do bheith agam." Ansan do chas-
fadh fear na cathaoirach a phort feaduíola dhó féin
agus bheadh an dá shúil aige ar an gcuid eile feuchaint
cé 's túisge bhrisfadh an dlighe. Ní fhéadaim gan cuimh-
neamh ar an spórt san gach aon uair airighim fear ag
séide cainnte uaidh, ag spídiú ar ól agus ar dhigh
agus ar lucht meisge, - ach, "cead aige féin a phort
feaduíola bheith aige!" Cead aige féin imtheacht
agus a dhóithin d'ól nuair a bheidh tart i ndiaidh na
cainnte air! Ní baoghal go leighisfidh cainnt de'n
tsórd san olc an ólacháin, a Thaidhg. Ní leighisfidh
dá mbeadh sí ar siubhal go lá Philib an chleite, pé h-é
féin. Ní'l aon nídh chun an uilc sin do leigheas ach an
t-aon nídh amháin, 'sé sin diúltú do'n digh. Má diúl-
tuightear do'n digh ní'l aon ghádh leis an gcainnt.
Mara ndiúltuightear do'n digh ní'l aon mhaith sa chainnt
dá mbeadh sí ar siubhal go dtí go gcuirfadh an cainn-
teóir clog ar a charbal.



Tadhg: Má chuirean sé clog ar a charbal cá mór dó
braoinín dighe chun an chloig do leigheas!



Donchadh: Ambasa is fíor dhuit é! Is amhlaidh mar
atá an sgéal, a Thaidhg, má tá an t-ólachán le leigheas


L. 90


caithfidh an uile dhuine fé leith a chion féin de'n leigheas
a dhéanamh, díreach mar a dheinis-se nuair a chuiris do
chos i dtalamh 'n-a choinnibh deich mbliadhna fichid ó shin.
Má's fíor a gcainnt ní'l duine i n-Éirinn indiu gan
árd dúil n-a chroidhe agus i n'aigne go leighisfí an
t-olc agus go gcurfí deire le h-ólachán agus le meisge
imeasg Gaodhal, i n-Éirinn agus i ndútaíbh iasachta.
Deineadh gach duine fé leith a chion féin de'n leigheas
agus siné an leigheas go léir déanta. Cuireadh gach
duine a chos i dtalamh, - a chos féin - mar a dheinis-se.
Coimeádadh gach duine a lámh féin ó'n ngloine agus
an gloine ó n-a bheul féin. Deineadh gach duine a
chion féin de'n diúltú.



Tadhg: Tá an dúil sa leigheas againn go léir, a
Dhonchadh, ach is amhlaidh atá dúil ag gach duine againn
go ndéanfadh gach duine eile againn an diúltú.



Donchadh: 'Seadh agus a phort feaduíola bheith aige
féin! Fágfidh sin gan leigheas sinn. "Fágfidh sin
ba gan dáir ag Sinicín!"



ÓLACHÁN.



Tadhg: Ní fhágfidh sin gan leigheas sinn, a Dhonchadh,
má dheinimíd atharú air.



Donchadh: Cad air?



Tadhg: Ar an rud atá ag cosg an leighis.



Donchadh: Is 'mó rud atá ag cosg an leighis, a
Thaidhg.



Tadhg: Is fíor é sin. Is 'mó fáth atá le teip an
leighis, ach má breithnightear na fáthana go léir chífar
go bhfuil fáth bunaidh ortha. Sar ar féidir aon leigheas
a dhéanamh ní foláir an fáth bunaidh do dhéanamh amach
ar dtúis. Má gheibhtear amach an fáth bunaidh, agus
ansan má tagtar ar an rud a chuirfidh as an slighe an


L. 91


fáth san, sin as an slighe láithreach na fáthana atá ag fás
as an bhfáth mbunaidh sin. Is fáth ólacháin tart. Ní
fáth bunaidh é, ámhthach. Nuair a bhíon dúil sa n-ól ag
duine ólan sé a dhóithin pé'cu bhíon tart air nú ná
bíon. Ólan sé "deoch an tarta ná táinig." Mura
raibh tart roim ré air cuirfidh an t-ól féin tart air.
Má's fáth óil tart is fáth tarta ól. Ní fáth bunaidh
do'n ólachán aon taobh acu. An rud is leigheas ar
thart ní leigheas ar ólachán é.



Is fáth do'n ólachán sprideamhlacht. Ach is minic
gur b'é an braon dighe a thugan an sprideamhlacht do
dhuine. Siné chúis gur minic a chítear fear ag stealadh
airgid go breágh bog uaidh i dtigh an tabhairne, agus
nuair a thagan sé abhaile nách féidir d'á mhnaoi sgilling
fhághail as a chrúcaíbh ach díreach mar a bhainfá an cnámh
a' beul an mhadra! Nuair a bhíon sé i dtigh an tabh-
airne ní leogan an sprideamhlacht dó a chuid airgid
do choimeád 'n-a phóca. Ca bhfuil an sprideamhlacht
nuair a thagan sé abhaile! Coimeádfidh sé an greim
diúid ar an airgead ansan agus a fhios aige an bhean
agus an chlann a bheith go cruaidh i ngádh leis! Aon
fhear go mbeadh sprid fir istigh 'n-a chroidhe ní
fhuilingóchadh sé easnamh bídh agus éadaigh ar a mhnaoi
agus ar a chlainn an fhaid a bheadh sgilling 'n-a phóca.
Má chaithan sé uaidh an sgilling i dtigh an tabhairne - le
sprideamhlacht, deirim-se go bhfuil breall air féin
agus ar a chuid sprideamhlachta. Ní sprideamhlacht
atá aige ach spreallairínteacht. Deirim, agus is
fíor dhom é, ná fuil spreallairín ar an dtalamh so
chómh críochnuighthe leis an spreallairín sprideamhail
a chaithfidh uaidh i dtigh an tabhairne, ar bhraon dighe, an
t-airgead ba cheart dó a thabhairt abhaile chun na mná
agus chun na clainne a chuir Dia 'n-a gcúram air. Is
fáth chun ólacháin an sprideamhlacht. Is ceart, ámhthach,
an ainim cheart a thabhairt air nú ní déanfar an leigheas
ceart air. Spreallairínteacht iseadh é, agus spreall-
airín iseadh an fear a thaisbeánan é.


L. 92


Donchadh: Dar fiadh, a Thaidhg, mara bhfuil aon leigh-
eas le déanamh ar ólachán go dtí go leighisfar na
spreallairíní agus go ndéanfar sprideamhail iad,
tá eagla mo chroidhe orm gur fada a bheidh an t-ólachán
gan leigheas!



Tadhg: Pé'cu sprideamhlacht nú spreallairínteacht
é ní h-é fáth bunaidh an ólacháin é, agus dá bhrígh sin
is cuma cé'cu a leighisfar é nú ná leighisfar.



Donchadh: An dóich leat, a Thaidhg, an bhfuil níos mó
ná aon fháth bunaidh amháin leis an ólachán so?



Tadhg: Ambasa, a Dhonchadh, is gairid an mhaoil ort
ceist do chur! Ní mór dhúinn lá eile chun na ceiste
sin do réidhteach, má réidhtighmíd i n-aon chor í.



ÓLACHÁN.



Donchadh: Seadh, a Thaidhg, an bhfuil réidhteach na
ceiste úd agat?



Tadhg: Is dócha, a Dhonchadh, go bhfuil, do réir dheabh-
raimh, níos mó 'ná aon fháth bhunaidh amháin le h-olc an
ólacháin i n-Éirinn. Is dócha ná fuil olc ar bith gan
níos mó ná aon phréamh amháin air. Measaim gur b'
shin é cúis go bhfuil sé chómh deacair na h-uilc do leigh-
eas. Nuair a gearrthar préamh fásan an t-olc ó
phréamh eile. I n-aimsir an Athar Maitiú cheap gach
aoinne go raibh bunphréamh uilc an ólacháin gearrtha
agus an leigheas déanta dáiríribh. Isí préamh a ghearr
an t-Athair Maitiú 'ná an phréamh atá i dtoil an duine.
Ní féidir do'n duine olc do dhéanamh ach le n-a thoil
mhacánta. An fhaid a bheidh toil an duine i gcoinnibh
an uilc ní féidir do'n duine bheith cionntach sa n-olc.
Thaisbeáin an t-Athair Maitiú do sna daoine conus ba
cheart dóibh a dtoil do shocarú agus do cheapadh agus do
dhainginiú i gcoinnibh an ólacháin. Mar bhreis daingin


L. 93


ar an dtoil thaisbeáin sé dhóibh conus ceangal do chur
ortha féin gan aon bhraon óil a bhlaise, agus, go mór
mór, conus cabhair agus congnamh agus grásta
d'iarraidh agus d'fhághail ó Dhia chun geallamhna an
cheangail sin do chómhlíonadh. Ní féidir do'n duine an
t-olc do sheachnadh ná an mhaith do dhéanamh gan cong-
namh ó ghrásta Dé, moladh go deó leis! Tá toil an
duine ró lag chun puinn maitheasa dhéanamh as a gus-
tal féin. Tá toil an duine ró ghuagach. An t-olc
a seachantar indiu déanfar amáireach é, agus an mhaith
a ceaptar indiu séanfar amáireach í. Is deas a chuir
an file an nídh sin 'n-a dhán:



"Is bocht an toisg an toisg go bhfuilim i bpéin,
Mo thuisgint ó m' thoil, a's mo thoil ag druidim
ó m' chéill.
Ní thuigean mo thoil an toil dom' thuisgint is
léir;
Nú má thuigean ní toil léi ach toil a tuisgiona
féin."



Is maith do thuig an t-Athair Maitiú an méid sin. Is
maith a bhí a fhios aige pé socarú aigne a déanfí i
n-aghaidh óil ná beadh an socarú marthanach gan grásta
Dé. Thaisbeáin sé do sna daoine conus a n-aigne
do shocarú agus ansan conus grásta Dé d'iarraidh
mar dhaingean ar an socarú.



Donchadh: Tá go maith, a Thaidhg, ach feuch gur gairid
a mhair a shaothar! Tá an t-olc chómh fada ó leigheas
anois agus bhí sé nuair a chuir an t-Athair Maitiú chun
é leigheas. Ní h-eadh ach níos sia.



Tadhg: Mar sin níor glacadh a chómhairle, nú
bh'fhéidir gur cheart dom a rádh, do glacadh an chómhairle
ar feadh tamailín bhig ach níor leanadh di. An fhaid
a leanadh di do dhein sí an leigheas. Dá leantí ó shin
di ní bheadh an t-ólachán i n-Éirinn anois againn mar
atá.


L. 94


Donchadh: Tá go breágh, a Thaidhg! Ní fheicim go
bhfuil puinn tairbhe i gcainnt de'n tsórd san. Nách
shin é díreach corp an uilc! "Níor deineadh an leigh-
eas mar níor leanadh an chómhairle." Dar ndóich isé
rud atá uainn a chur fhiachaint ar dhaoine an chómh-
airle do leanmhaint agus a leas a dhéanamh. Ní fheicim-
se go mbeidh leigheas againn go dtí go "dtuigfidh ár
dtoil an toil d'ár dtuisgint is léir."



Tadhg: Tá an ceart ansan agat, ach beidh lá eile
againn air.



ÓLACHÁN.



Donchadh: Cogar, a Thaidhg, nár dhóich leat gur cheart
dúinn an t-ólachán so do chaitheamh uainn agus díriú
ar chainnt do dhéanamh ar rud éigin eile. Tá eagal
orm go bhfuil na daoine cortha dhe. Measaim gur
gearr go ndéarfid siad, mara bhfuil sé dhá rádh cheana
acu, gur b'é an t-ólachán ó Shamhuin go Bealtaine
againn é!



Tadhg: Is fíor dóibh é. Isé an t-ólachán ó Shamhuin
go Bealtaine againn é, agus isé an t-ólachán ó Shamhuin
go Bealtaine é ag daoine nách sinn. Isé an t-ólachán
ó Shamhuin go Bealtaine é ag an muinntir ná taithnean
ár gcainnt leó. Is ait an aicme daoine iad. Ba
bhreágh leó bheith ag éisteacht le spídiú ar ólachán, ach
ná beadh an spídiú dáiríribh. Ba mhaith leó bheith "ghá
chaitheamh agus ghá cháine! "Déarfidh duine acu,
"gráin air mar ól! "agus é lán go sgórnaigh an uair
sin. Déarfidh duine eile acu, "Is olc an earadh é
mar ól! "agus gan istigh 'n-a chroidhe ach, "tóg uaim
é - agus gan uaim ach é! "Déarfidh duine eile acu;
"Ní féidir aon lá de'n rath a bheith ach ar an t-é ná
blaisean i n-aon chor é! "agus go dtabharfadh sé a


L. 95


dhá shúil an uair sin ar ghloine. Déarfidh duine eile
acu, suas le m' beul, "Ní rabhas-sa ar meisge riamh!
Ólaim braon, ach ní fheacaidh aoinne riamh as an slighe
me!" agus mo dhá shúil ag feuchaint air ag teacht
abhaile ar dearg mheisge ó'n sráid trí nú ceathair
d'uairibh sa tseachtmhain! Dar fiadh, a Dhonchadh, is
tú thug a theist i gceart air. Isé an t-ólachán ó Shamh-
uin go Bealtaine é, agus ó Bhealtaine go Samhuin
airís. Ní fheadar an tsaoghal cad a dhéanfidh Éire
seo mara rud é go bhféadfar aon nídh a dhéanamh a
chuirfidh cosg leis an olc. Is 'mó olc ag imirt orainn
agus is 'mó iomárd agus leathlámh orainn d'á ndruim
go léir, ach isé an t-ól atá ag baint an anama ar fad
asainn. Tá sprid agus aigne agus meanmna na
ndaoine lobhtha uaidh.



Donchadh: "Ní thuigean ár dtoil an toil d'ár dtuis-
gint is léir."



Tadhg: Tá an sgéal níos measa 'ná san féin againn.
Is amhlaidh atáimíd gan toil gan tuisgint. Ní féidir
liom aon chomórtas d'fhághail ar an gcuma n-a bhfuili-
míd ach an cor a bhí ar na daoinibh úd go gcuireadh
Círche an draoidheacht ortha. Dheineadh sí muca agus
madraí grána salacha dhíobh agus thugadh sí dumalas
mar bhia dhóibh agus múnlach mar dheoch, ach le neart na
draoidheachta mheasaidís féin go mbídís n-a righthibh
uaisle, agus go mbíodh an buadh acu ó dhaoinibh an
domhain go léir le breághthacht a gcrotha agus a ndealbh,
agus mheasaidís gur bhia áluinn a bhíodh acu nuair a
bhídís ag ithe an dumalais, agus nár óladh fíon riamh
dob' fhearr 'ná an múnlach.



Donchadh: Sé an sgéal céadna díreach é, a Thaidhg ag
meisgeóirí na h-Éireann. Bhíos ag éisteacht uair le
sprealairín acu agus ní raibh de phort aige ach, "As
sure as you're born I'm the best man in Kilworth!"



Tadhg: Bhí a bholg lán de'n mhúnlach an uair sin.


L. 96


ÓLACHÁN.



Donchadh: Tá a lán ráidhte agat-sa, a Thaidhg, i dtaobh
an uilc. Tá agus agam-sa leis. Ach ó thosnuighmair
ar chainnt a dhéanamh anso ar an ólachán tiobaisteach
so, ní dubhairt aoinne againn focal amach as a bheul
fós i dtaobh aon tsórd leighis air. Cad ba dhóich leat
a leighisfadh é?



Tadhg: Marar thráchtamair-ne ar an leigheas tá
daoine eile do thrácht air minic go leór. Ní'l rae
sholuis 'ná go n-airighim duine éigin ag liúirigh go
bhfuil an leigheas aige féin. Tá deich mbliadhna fichid
anois ó dubhairt duine éigin go leighisfí an t-ól amuich
's amach ach na tighthe tabhairne do dhúnadh Dé Domhnaigh.
Nuair airigheas an leigheas san ar dtúis chuir sé i
gcuimhne dhom an siúinéir úd a mhaoidhimh go ndéanfadh
sé cliabhán le trí bhuille thuaigh! Do deineadh an dlighe.
Do cuireadh an dlighe i bhfeidhm. Do dúnadh na tighthe
tabhairne gach Domhnach. Tá deich mbliana fichid
imthighthe ó shin agus ca bhfuil an leigheas! Is iongan-
tach an daille aigne a bhíon ar lucht dlighthe dhéanamh, a
Dhonchadh. Is dóich leó, pé rud a bheidh ag dul bun os
cionn ná fínl acu ach dlighe dhéanamh agus go mbeidh sé
'n-a cheart láithreach. Ní'l aon rud ar an dtalamh so,
a Dhonchadh, is treise 'ná dlighe, má bhíon inntinn agus
aigne na ndaoine ag gabháil leis. Ach má bhíonn
inntinn agus aigne na ndaoine ag gabháil bun os cionn
le dlighe, ní'l aon bhlúire nirt sa dlighe sin. Ní féidir
an dlighe sin do chur i bhfeidhm i gceart ach oiread agus
is féidir a chur fhiachaibh ar uisge rith i gcoinnibh an
chnuic. Níor dhein dlighe de'n tsórd san aon tairbhe
riamh agus ní dhéanfidh go deó. Ach 'neósfad duit
cad a dhéanfidh sé. Déanfidh sé díoghbháil. Ní ghlac-
fid na daoine é. Beidh caismirt idir na daoine agus
an dlighe. Beid na daoine a d'iarraidh búntáiste
bhreith ar an ndlighe. Beidh an dlighe, nú lucht a dhéanta,


L. 97


a d'iarraidh greama bhreith ar na daoine. Ní fearrde
dlighe ná daoine an nídh sin. Caillfidh an dlighe a ghreim
agus tiocfhidh droch mheas ag na daoine ar an ndlighe.
Brisfar an dlighe agus ní tabharfar aoinne chun lámha
mar gheall air. Ní bheidh ansan agat ach dlighe mar
dh'eadh. 'Sé sin le rádh, ní bheidh sa leigheas ach leigheas
mar dh'eadh. Má curtar cosg leis an abhainn atá
ansan ag rith le fánaidh cad a thuitfidh amach? Stad-
fidh an sruth ar feadh tamail. Eireochaidh loch lastuas
de'n chosg. Pé daingneacht a bheidh sa chosg líonfidh
an t-uisge lastuas de go dtí go mbrisfar é agus go
sguabfar le fánaidh é. Ansan gluaiseóchaidh an
t-uisge le fánaidh agus beidh a seacht n-oiread fuinnimh
leis agus bheadh dá leogtí dó féin ó thosach. Siné
an údhálta ag an ndlighe a bhíon bun os cionn le h-aigne
agus le h-inntinn agus le toil na ndaoine. Déanfar
brúsgar ar ball de, díreach mar a dheinean an abha
de'n rud a cheapfadh cosg a chur léi. Agus rud eile.
Díreach fé mar a dheinean an abha léirsgrios ar gach
taobh di nuair a rithean sí le fánaidh 'n-a tuille ruadh,
tar éis an choisg do sguabadh roimpi dhi, ar an gcuma
gcéadna deinean an dlighe a bristear agus a curtar fé
dhroch mheas díoghbhail aigne do'n mhuinntir a bhrisean
é. An droch mheas a thagan do dhaoine ar dhlighe gan
mhaith, ní deacair do chuid de teacht acu ar an uile
shaghas dlighe, olc agus maith.



Pé rud a leighisfidh an t-ólachán, a Dhonchadh, ní leigis-
fidh dlighe é.



Donchadh: 'Sdó feuch anois, a Thaidhg, taoi'n tú sa
n-áit chéadna airís. Ní h-é an rud ná leighisfidh é atá
uainn ach an rud a leighisfidh é. Is cuma thu nú an
Gárlach gCoileánach nuair a chuir a leasmháthair ag lorg
na ngamhan é. "Imthigh," ar sise, "a chuirpigh! agus
cuardaigh na gamhna!" "Cá gcuardóchad iad, a
mháthair?" ar seisean. "Cuardaigh dóich agus andóich
dhóibh!" ar sise. D'aimsigh sé dréimire agus siúd
anáirde ar bhuaic an tighe é, agus chrom ar an dtigh do


L. 98


sgartáil. Bha ghearr go bhfeacaidh sí é. "A bhitheamh-
naigh!" ar sise, "cad é sin agat dhá dhéanamh!"



"Taím ag cuardach na ngamhan, a mháthair," ar seisean.



"Airiú greadadh chughat a chlaidhre!" ar sise, "dar
ndóich ní ansan atáid siad!"



"Dubhraís liom," ar seisean, "dóich agus andóich
do chuardach dóibh. Anso atá andóich pé ball n-a
bhfuil dóich."



Tadhg: Is fíor dhuit, a Dhonchadh. Pé ball n-a bhfuil
dóich, chun leigheas an ólacháin do lorg ann, isé an dlighe
andóich.



ÓLACHÁN.



Donchadh: Tá an ceart agat, a Thaidhg. Pé ball n-a
bhfuil dóich isé an dlighe andóich. Ach cá bhfuair an
Gárlach na gamhna, nú an bhfuair sé i n-aon chor iad?
Is deas an chomparáid agat í, dóich agus andóich dhá
chuardach chun leighis d'fhághail ar olc an ólacháin agus
andóich dhá chuardach ar dtúis! Nár chóir go gcuar-
dóchfí dóich ar dtúis!



Tadhg: Níor chuardaigh an Gárlach dóich ar dtúis
mar bhí sé ceapaithe ar olc a dhéanamh ar a leasmháthair.
Ní chuardaighid muinntir na h-Éireann dóich ar dtúis
mar ní'l a fhios acu ca bhfuil dóich. Tá a lán acu agus
ba dhóich leat ortha gur fearr leó go mór andóich do
chuardach 'ná dóich; mar ná fuil aon lorg acu ar an
leigheas d'fhághail. Ní'l aoinne is aoirde cainnt 'ná
iad, ná is géire sa lorg 'ná iad, ach is ag sgartáil an
tighe ba mhaith leó dul chun an leighis do lorg. Is 'mó
tigh cluthar compórdach atá sgartáltha ar fuid na
h-Éireann acu le fiche bliain, agus is 'mó líntighe
chreideamhnach atá curtha acu le fuacht agus le fán,
agus iad ar a gcroidhe díthil, ba dhóich le duine, ag lorg
an leighis.


L. 99


Donchadh: Le h-anaman t'athar, a Thaidhg, abair
féin rud éigin! An é andóich atá agat-sa dhá chuardach
chómh maith le cách? Ca bhfuil dóich? Ca bhfuil an
leigheas le fághail, do réir do thuairime? B'fhearr
liom aon fhocal amháin eóluis uait 'ná an spídiú go
léir. D'fhéadfadh aoinne go mbeadh dímheas mhaith
bhéil air spídiú dhéanamh.



Tadhg: 'Sdó ní féidir liom foidhneamh le ropairí
bitheamhnach a bhíon ag labhairt go h-árd agus ag sile
deór mar gheall ar olc an ólacháin agus iad ag cur
airgid i gcórthaíbh, agus ag cur síodaí ar a mnáibh agus
ar a gclainn, agus ag cur blonaig go h-árd ar a
n-asnaidheachaibh féin, le sochar an uilc! Ach i dtaobh
an leighis. Níor dhein dochtúir leigheas riamh gan a
lán rudaí do mheasgadh ar a chéile ann. Tá cosmha-
lacht sa méid sin idir leigheas cuirp agus leigheas
ar dhroch-nós nú ar dhroch-bheus. Ní foláir a lán neithe
do chur i leigheas an ólacháin agus iad do mheasgadh ar
a chéile go maith agus go h-eólguiseach, sar a' mbeidh
sé 'n-a leigheas i gceart. Nídh dhíobh san iseadh a chur
'n-a luighe go daingean ar aigne gach duine i n-Éirinn
nách rud sprideamhail dó é féin do chur ar meisge.
Abhfad uaidh, gur sprealairínteacht amuich 's amach é.
Ná fuil ar an dtalamh so sprealairín is críochnuighthe
'ná sprealairín meisgeóra. Ná fuil glaigín le fághail
is críochnuighthe 'ná an glaigín fir a bhíon i dtigh an
tabhairne ar leath-mheisge, agus ná stadan a chlaibín
béil ach ag maoidheamh as a dheagh-thréithe, go dtí go
mbíon gach aoinne bodhar aige agus bréan de! Dá
bhféadfadh an glaigín sin radharc d'fhághail air féin
nuair a bhíon sé sa riocht san d'imtheóchadh sé abhaile
agus do raghadh sé i bhfolach ar feadh bliana, go dtí
go mbeadh a ghlaigínteacht imthighthe a' cuimhne na
gcómharsan!



Donchadh: Nách iongantach, a Thaidhg, an deabhramh atá
ag na glaigíníbh go léir le n-a chéile! Chómh luath
agus bhíon oiread ólta acu agus chuirean ar leath-


L. 100


mheisge iad tagan an driuch céadna díreach ortha go
léir. Ba dhóich le duine gur aon líntighe amháin iad.
Bíon an fheuchaint chéadna agus an ghnúis chéadna agus
an chainnt chéadna agus na gothaí (gestures) céadna acu
go léir. Daoine ná feacaidh a chéile riamh agus nár
tháinig riamh i ngioracht céad míle d'á chéile, fágaim le
h-uadhacht, nuair a bhíd siad n-a nglaigíníbh ar leath-
mheisge, gur dhóich le duine gur ar aon úrlár amháin a
tógadh iad!



Tadhg: Seadh agus ba dhóich le duine gur b'iad na
seana ghlaigíní aithreacha agus máithreacha na nglaigíní
óga!



Donchadh: Cúis gháire chughainn!



ÓLACHÁN.



Donchadh: Idir sheana ghlaigíní agus glaigíní óga,
a Thaidhg, measaim gur ró dheacair aon chor a thabhairt
dóibh ná aon eólus d'imirt ortha a dhéanfadh iad do
leigheas. D'fhéadfadh dochtúir duine breóite do
leigheas. D'fhéadfá progóid do thógaint dá mbeadh
teinneas ad' bholg. Dá mbeadh duine ag dul ar a
aimhleas d'fhéadfí cómhairle thabhairt dó. Ach cad
fhéadfá a dhéanamh le glaigín meisgeóra! Is dóich
leis gur aige féin atá ciall an domhain.



Tadhg: Nár dhóich leat, a Dhonchadh, dá dtiocfí air
nuair a bheadh an mheisge curtha dhe aige, agus glaigín
eile meisgeóra thaisbeáint dó, go mb'fhéidir go
dtuigfadh sé é féin agus go ndéarfadh sé leis féin,
"Sin mar a bhím-se nuair a bhím ar meisge! Ní bheidh
mé mar sin airís le congnamh Dé!"



Donchadh: Éist do bheul, a Thaidhg. Ní déarfadh sé
aon nídh d'á shórd. Bhíos ag gabháil an bóthar ó thuaidh
ó Chnocán na Biolaraighe (Watergrass Hill) go Mainis-
tir Fhearmuighe (Fermoy), maidean bhreágh Shamhraidh.


L. 101


Bhí fear le m' chois a bhíodh go minic n-a ghlaigín meis-
geóra, ach ní raibh sé ar meisge an mhaidean san. Is
dóca go mbeadh ach ná raibh fiacha an dighe aige. Ba
ghearr go bhfeacamair gadhar gliobach buidhe 'n-a shuidhe
anáirde ar chlaidhe an bhóthair, agus gan aon tsaghas
tighe i gcomhgar na h-áite ar aon taobh. "Cad a thug
an gadhar san sa n-áit sin," arsa mise, "chómh fada ó
aon tigh?" "Siné gadhar Chonchúbhair Dhuibh," ar
seisean, "Is dócha go raibh Conchúbhar ag marbhú mhuc
i n-áit éigin sa chómharsanacht, agus ná fuil sé abhfad
ó'n ngadhar anois."



Thánamair go dtí an áit. Bhí Conchúbhar sínte i
ndíg an bhóthair agus é caoch ar meisge, agus an gadhar
'n-a shuidhe ar an gclaidhe ag tabhairt aire dho! Bhí an
uile bhlúire de chuid éadaigh Chonchúbhair clúdaithe le
draoib agus le pluda, agus cúrán le
n-a bheul, agus dath an bháis ar an bhfear mbocht.
D'fheuch an fear eile ar feadh tamail air, ansan do labh-
air sé, as a mhachtnamh. "Mhaise do chroidhe 'n diabhal,
a bhitheamhnaigh shailigh!" ar seisean. "Is truagh gan
mé mar thu!" Feuch nách amhlaidh adubhairt sé, "an
fhaid a mhairfad airís ní bheidh mé mar thu!" Ní dubh-
airt mar ní h-é a bhí n-a chroidhe. 'Sé andóich airís
agat é, a Thaidg. Ní h-aon mhaith dhuit a thaisbeáint
do ghlaigín meisgeóra cad é an cor a bhíon air nuair a
bhíon sé ar meisge. Níor bh'fhearr leis rud a dhéanfá
'ná é féin do chur ar meisge airís, mar sholuíd ar an
sgéal.



Tadhg: Tá an ceart agat, a Dhonchadh. Loitean an
t-ól croidhe agus aigne an duine nuair a leantar
ró fhada air. Ní fhágan sé aon mhothú sa n-aigne ar
cad is olc ná cad is maith, ar an rud is fíor seachas
an rud is éitheach. Neósfidh meisgeóir éitheach duit os
cómhair do shúl agus ní bheidh blúire náire 'n-a thaobh
air. Déanfidh sé beart spriúnlaithe agus ní bheidh
náire 'n-a thaobh air. Ní mhothuighean sé choidhche go bhfuil
peaca aige dhá dhéanamh nuair a chuirean sé é féin ar


L. 102


meisge. Ní bhíon aon chuimhneamh ar Dhia aige, 'ná ar
é bheith freagarthach i láthair Dé mar gheall ar a chuid
meisgeóireachta. Measaim féin ná fuil aon rud is
mó a loitean obair an tSlánuightheóra i n-anam an
duine 'ná meisgeóireacht. Cuir i gcás go dtuitfidh
duine i n-aon pheaca eile de sna cinn-pheacaí marbha
féadfar labhairt. Mara nglacaidh sé cómhairle féad-
far troid leis. Geóbhfar lom ar a choínsias ar thaobh
éigin. Ach nuair a bhíon duine 'n-a ghlaigín meisgeóra
caithfar bualadh thairis agus é fhágaint ansan.



Donchadh: Nuair a chonac an gadhar ar an gclaidhe
agus an duine sa díg dubhart am' aigne féin gur
bh'uathbhásach an bun-os-cionn é, ach nuair airigheas an
focal úd ó'n bhfear eile; "Ambasa," arsa mise, am'
aigne féin, "Is uathbhásaighe go mór de bhun-os-cionn
tusa 'ná an fear sa díg!"



Tadhg: "Is deacair rogha bhaint a' dhá dhíg!" Tá
gach taobh acu go h-olc go dtí go bhféachfá ar an
dtaobh eile.



ÓLACHÁN.



Donchadh: Go deimhin, a Thaidhg, an focal úd adubh-
airt an fear úd leis an nduine a bhí sínte sa díg ar
meisge, ní féidir liom é chur as m' aigne.



Tadhg: Ó 'seadh, nuair adubhairt sé gur thruagh leis
ná raibh sé féin sa riocht gcéadna.



Donchadh: Siné díreach adubhairt sé, ach go ndubhairt
sé níos tiobaistighe go mór 'ná san é.



Tadhg: Agus cad é an mearathal aigne d'fhéadfadh
an focal san a dhéanamh duit? Dá ndeinidís malairt
le chéile bheadh an formad céadna ag an bhfear sa díg
leis an bhfear thuas. Nuair a dheinean meisgeóir i
gceart de dhuine dar leis is cuma nú bheith i bhflathas
Dé bheith ar dearg-mheisge. Bíon a chúis féin aige leis


L. 103


sin. Má bhíon sé cúpla lá, nú seachtmhain, gan fiacha an
dighe aige ní foláir dó an méid sin aimsire chaitheamh
ar a chéill. An fhaid a bhíon sé ar a chéill bhíon nimh
an óil 'n-a chuid fola, agus 'n-a ghoile, agus 'n-a cheann
agus istigh i smior na gcnámh aige. Cuirean an nimh
sin teinneas 'n-a cheann agus teinneas 'n-a chnámhaibh
agus teinneas 'n-a chroidhe agus teinneas i n'aigne,
teinneas nímhneach, mallaighthe, ná cuirean aon trúig
eile teinnis a leithéid ar an nduine. Ní féidir do'n
t-é nár mhothuigh riamh 'n-a cholainn féin é, a thuisgint
i n-aon chor cad é an saghas an teinneas san, ná conus
a thiomáinean sé ar buile an daonaidhe bocht 'n-a mbíon
sé greamuighthe ann. Leanan tart an teinneas.
Tart is measa go mór 'ná an teinneas, dá olcas é.
Is dócha go raibh an tart agus an teinneas i n-aon-
fheacht ar an bhfear úd a dubhairt an chainnt úd. Is
dócha gur cheap sé go raibh sé féin mar a bheadh sé i
n-ifreann; agus go mbeadh sé i bhflathas Dé dá
mbeadh sé mar a bhí an fear sa díg.



Donchadh: 'Seadh, 'ghá iomlasg féin sa draoib ar nós
na muice!



Tadhg: Ba bhreágh, ionfhuar, sobháilceach an rud leis,
an draoib seachas an teine nímhe a bhí 'ghá losgadh agus
an tart a bhí ag baint an anama as. B'fhearr leis
deoch maith an uair sin 'ná saidhbhreas an domhain. Isé
an deoch, dar leis, an t-aon leigheas amháin ar a theinn-
eas agus ar a thart agus ar an gcruadhtan atá ar a
chroidhe agus ar a aigne. Dá bhfaghadh sé árthac maith
dighe le cur ar a cheann agus le slogadh siar 'n-a chraos
agus síos 'n-a sgórnaigh bheadh sé ar meisge láithreach
agus ba chuma leis as san amach cad a dhéanfadh bean
ná clann, saidhbhreas ná bochtaineacht, cíos ná fiacha,
airgead ná ór, Dia ná an diabhal. D'imtheóchadh an
tart láithreach agus d'imtheóchadh an teinneas as a
chnámhaibh, agus an sníomh as a chroidhe, agus an bhuile
as a aigne. Ba bhreágh an rud bheith sa díg ar nós na
muice ach iad san a bheith imthighthe!


L. 104


Donchadh: Nár bhreágh ionfhuar, sobháilceach an rud
do dhuine go mbeadh tart air deoch maith uisge d'ól?



Taidhg: Deoch uisge! Mo thruagh do cheann! Airiú
ní leighisfadh deoch uisge an tart úd i n-aon chor. Ba
mhar a chéile dhuit oíle chaitheamh ar theine agus uisge
chur ar an dtart úd. Siné chuirfadh ar buile ar fad
é. An biotáile láidir bríothmhar, meanamnach, isé a
réidhtighean leis an dtart úd. Ní bheirean aon rud
eile greim ceart air. Ní gheibhean an meisgeóir aon
bhlas ar aon rud eile. Ní thógfadh aon rud eile ó
ifreann go flathas Dé é.



Donchadh: Is olc an sgéal é, a Thaidhg! Is eagal liom
gur fada a bheidh an t-ólachán gan a leigheas i n-Éirinn.
Má tá greim chómh daingean san ag olc an ólacháin
ar mheisgeóiríbh na h-Éireann is eagal liom gur fada
go bhfaghfar amach aon rud chun an ghreama do bhogadh.
Beidh an meisgeóir ar buile le tart agus le teinneas
go dtí go bhfaghaidh sé deoch eile biotáile le slogadh.
Nuair a thiocfidh sé ó mheisge an dighe sin beidh teinneas
agus tart níos mó air 'ná mar a bhí roimis. Caithfidh
sé deoch níos mó do shlogadh. Is amhlaidh a bheidh sé
ag méadú an teinnis agus ag méadú na ndeoch go
dtí go mbeidh a cholann bhocht 'n-a h-aoibhleóig dhóighte
aige agus go gcaithfidh sé bás d'fhághail. Ansan
iseadh bheidh an t-anam ag dul i láthair Dé 'n-a sméar-
amhán ó'n bpeaca. Ansan iseadh bheidh ifreann i
gceart aige, agus ní leighisfidh biotáile é.



ÓLACHÁN.



Taidhg: Gan amhras, a Dhonchadh, ba ghrána an radharc
Conchúbhar Dubh nuair a bhí sé sínte sa díg agus é clú-
daithe le draoib agus le pluda agus dath an bháis air,
agus an gadhar, nár thug Dia dhó ach ciall gadhair, 'n-a


L. 105


shuidhe ar an gclaidhe ag faire an duine, chómh maith agus
chómh dílis agus thug a chiall gadhair dó an faire dhéanamh.
Ba ghráinne go mór 'ná san féin éisteacht leis an
bhfocal adubhairt an fear eile nuair a chonaic sé an
radharc san. Ach feuch, a Dhonchadh a mhic ó, dá mbeadh
Conchúbhar, agus é sa mheisge chéadna, sínte ar leab-
aidh chlúimh éan i seómra uasal, agus síoda agus sról
casta air, agus órnáidí óir agus airgid ar an leabaidh,
agus rothana geala fé chosaibh na leapan, agus seirbh-
ísigh i gculaithibh daora ag frithálamh air, agus cor-
óinn ríoga thuas ar cheann na leapan, i n-inead an
ghadhair ar an gclaidhe, an dóich leat an mbeadh an radh-
arc níos lugha gráinneacht? An dóich leat ar chuma
puinn cia'cu síoda nú draoib a bheadh casta ar an meis-
geóir? Nú an dóich leat 'ná go bhfuil an duin' uasal
sa tsíoda, nuair a dheinean sé beithidheach de féin le
craos agus le meisge, chómh cosmhail leis an muic sa
mhúnlach agus bhí Conchúbhar nuair a bhí sé sínte sa
draoib? Agus nuair a thagaid na h-uaisle eile
isteach agus chíd siad an beithidheach uasal 'ghá iomlasg
féin sa tsíoda, agus nuair a bhíon uraim acu dhó agus
báidh acu leis, agus nuair adeirid siad 'n-a n-aigne
gur truagh gan iad mar é, an dóich leat an bhfuil puinn
deifrigheachta idir iad agus an fear úd a bhí ag for-
mad le Conchúbhar?



Donchadh: Deir an sean fhocal, "Ní measa cách 'ná
Conchúbhar." Ach go deimhin is dóich liom gur measa
go mór an cách san adeirir-se 'ná Conchúbhar. Isé
droch-shampla na n-uasal a chomáinean daoine bochta
i n-ainim an diabhail. Isé atá 'ghá dhéanamh riamh.
Siné an droch-shampla a chuirean 'n-a luighe ar an
nduine mbocht gur rud galánta, sprideamhail bheith
ar meisge, gur comhartha uaisleachta é, gur cómhartha
fearamhlactha é. Deirim leat, a Thaidhg, go bhfuil a
lán le freagairt ag uaislibh, agus nách sa n-ólachán
amháin atá a lán le freagairt acu. Isé Dia thug an
saidhbhreas dóibh agus d'fhág na daoine bóchta i n-a


L. 106


éaghmais. Do lean a dhualgas féin an saidhbhreas san
a tugadh dóibh. Tá sé ceangailte ortha i láthair Dé
úsáid mhaith a dhéanamh de'n tsaidhbhreas. Tugan an
saidhbhreas creideamhaint dóibh ameasg na ndaoine
mbocht. Bíd na daoine bochta ag feuchaint suas chucha.
Dá ndeinidís féin a leas do chuirfadh a ndeagh-shampla
fhiachaint ar na daoine bochta a leas do dhéanamh leis.
Táid na daoine bochta ana thugtha chum aithris a dhéanamh
ar na h-uaislibh. Dá dtugadh na h-uaisle dhóibh an
deagh-shampla agus an deagh-radharc atá ceangailte
ortha a thabhairt dóibh do glacfí an deagh-shampla.
Ansan bheadh na h-uaisle féin ag cómhlíonadh an dual-
gais a chuir an saidhbhreas ortha. Bheadh toil Dé acu
dhá chómhlíonadh ar a dtaobh féin, agus bheadh toil Dé
ag cách dhá chómhlíonadh mar gheall ortha. Bheadh toradh
ar an bhfocal ud "go ndeintear do thoil ar an dtalamh
mar a deintear ar neamh." Ach ní mar sin atá. Is
amhlaidh atá an saidhbhreas ag cur na n-uasal ar a
n-aimhleas, agus tá droch-shampla na n-uasal ag cur
na ndaoine mbocht ar a n-aimhleas. Deirim leat go
mbeidh rud le freagairt ag na h-uaislibh! Ní h-iongna
go ndubhairt Beul na Fírinne an focal cruaidh úd;
"Is usa do'n bheithidheach mhór gabháil tré chró na snáth-
aide 'ná do'n duine saidhbhir dul isteach i bhflathas
Dé!"



Tadhg: Tá dearmhad mór déanta agat ad' shlighe
bheatha, a Dhonchadh.



Donchadh: Cad é an dearmhad atá déanta agam?



Tadhg: Ad'shagart ba cheart duit a bheith.



Donchadh: Achaidhe! Airiú dá mbeinn-se am' shagart
ní shásóchadh an saoghal mé go dtí go mbeinn am' eas-
bog!



Tadhg: B'fhéidir nách fearra dhuit rud a dheinis 'ná
bheith ad' "Dhonchadh - ar a thoil féin."


L. 107


ÓLACHÁN.



Donchadh: Ní fheadar, a Thaidhg, an 'mó trúig chun an
ólacháin atá áirighthe againn um an dtaca so.



Tadhg: Ní'l bac ort iad do chómhreamh.



Donchadh: 'Sdó tá oiread san acu ann is ar éigin
a chuimhneóchainn ortha go léir.



Tadhg: Cuir síos iad fé mar a chuimhneóchair ortha.
Má théidhean ceann acu amú uait b'fhéidir go gcuimh-
neóchainn-se air.



Donchadh: Is dóich liom go gcuirfad an sprealairín
sprideamhail ar tosach.



Tadhg: Ní misde dhuit é sin a chur ar tosach. Spreal-
airín iseadh é amuich 's amach, agus ní foláir leis a
chur n-a luighe ar a chómharsanaibh go léir gur duine
sprideamhail é. Leogfidh sé uaidh i dtigh an tabhairne
an t-airgead, go breágh fial, mar dh'eadh, agus gan
leathphinne de'n airgead san ná bainean stracadh as
a chroidhe nuair a bhíon sé ag sgaramhaint leis. Ansan,
má 'sé do thoil é, ní foláir le gach sprealairín eile a
bhíon ag feuchaint air an sprideamhlacht chéadna do
thaisbeáint. Sin mar a dheinean an trúig sin na
sprealairíní do chur ar meisge. Ní dóich liom go
bhféadfadh aon trúig eile meisgeóir a dhéanamh de 'n
sprealairín ach an trúig sin.



Donchadh: Agus cad déarfá dá gcuirinn an baoth-
aire sprideamhail i n-aice an sprealairín?



Tadhg: Ní fearr áit 'n-a gcuirfir é. Is deacair
rogha a bhaint asta. Ní ró fhuiriste a dhéanamh amach
cia' cu dhíobh is mó atá 'n-a thrúig chun meisgeóireachta
againn. Ní fheadar cia' cu is mó atá againn de sna
baothairíbh nú de sna sprealairíníbh.



Donchadh: Measaim, a Thaidhg, go bhfuil a lán d'ár
sprealairíníbh a bhíon 'ghá leogaint ortha gur baoth-
airí iad le h-eagla go ndéarfí gur sprealairíní iad.



Tadhg: Tá an ceart agat. Sin dá thrúig mhóra


L. 108


mhaithe, chun ólacháin curtha síos agat. Comáin leat.



Donchadh: Tá, ansan,



"Tabharthas Uí Bhriain
'S a dhá shúil 'n-a dhiaidh!"



An fear a ghlaodhfidh isteach me i dtigh an tabhairne
agus thabharfidh deoch dom, agus ansan a bheidh ar
dearg-bhuile mara dtugad-sa deoch dó san!



Tadhg: 'Seadh agus má bhíon dáréag acu ann nách
foláir le gach duine an t-aoinne déag eile do "thrae-
tiáil" sa tímpal, i dtreó go mbeid siad ag gabháil
amach ar theacht an mheadhon-oidhche b'fhéidir agus a
dhá dheoch déag féin ólta ag gach duine acu! Dá mb'
áil le gach muic acu dul i gcúinne léi féin agus an
dá dheoch déag d'ól 'n-a h-aonar, as a h-umar féin,
ní dheanfidís leath oiread fothraim ná leath oiread
díoghbhála.



Donchadh: Ambasa, a Thaidhg, do chuiris a ainim i
geart ar an dtrúig sin! "Traetiáil"! Focal
ana ghrana iseadh é ach tá sé maith a dhóithin do'n trúig
a chialluighean sé. Agus go deimhin féin ní bréag muca
thabhairt ar an dáréag a thabharfadh an lá agus leath na
h-oidhche ag "traetiáil" a chéile ar an gcuma san.



Tadhg: Aon fhear a ghlaodhfadh mé isteach i dtigh
tabhairne chun dighe thabhairt dom agus ansan do ghlac-
fadh eud agus fearg mara dtugainn-se deoch i n-inead
an dighe sin dó, ní'l aon ainim ró ghrána dhó. Dá
mbeadh aon bhlúire de'n fhear istigh 'n-a chroidhe is
amhlaidh a thiocfadh fearg air dá dtaraiginn a dheoch
féin arís dó. Spriúnlaitheacht ar fad atá i gcroidhe
an fhir sin, spriúnlaitheacht agus neamhthuisgint, agus
buadhan an spriúnlaitheacht ar an neamhthuisgint aige.
Thug sé deoch dom ach má thug ní raibh sa deoch ach mar
a dubhraís,



"Tabharthas Uí Bhriain
'S a dhá shúil 'n-a dhiaidh."


L. 109


Donchadh: An chéad duine eile acu a bhéarfadh duine
isteach mar sin agus thabharfadh deoch dó, ag brath ar
dheoch d'fhághail i n-a inead ba mhór an truagh gan dail-
tíní na sráide do chur ag rith 'n-a dhiaidh agus iad a
liúirigh na bhfocal san:



"Tabharthas Uí Bhriain
'S a dhá shúil 'n-a dhiaidh!"



ÓLACHÁN.



Tadhg: Fágaim le h-uadhacht, a Dhonchadh, gur chuiris
i gcuimhne dhom sgéal a h-innseadh dom, tá is dócha
breis agus dachad blian ó shin ann. Bíos thiar i
dTráigh Lí agus fuaras féin agus beirt nú triúr eile
cuire dínnéir ó dhuine uasal go raibh aithne mhaith aige
orainn. Ana Gaeilgeóir le feabhas dob eadh fear an
tighe. Bhí a fhios aige an dúil a bheith agam-sa sa
Ghaeluinn. Do luighmair ar chainnt agus ar shean-
achaidheacht. D'innis seisean sgéal agus d'innseas
féin sgéal. Bhíomair ag trácht ar an sean aimsir
agus ar na bárdaibh agus ar na filíbh iongantacha a
bhí i n-Éirinn fadó. Fé dheire d'innis fear an tighe
an sgéal so dhúinn: "Go dtí gur chuaidh an saoghal
chun deiridh ar fad," ar seisean, "do lean na filí
de'n tseana nós a bhí acu nuair a bhí Éire saidhbhir,
neamhspleádhach. Do raghadh cúigear nú seisear acu
ar chuaird ollamhnachta, mar dh'eadh, go tigh duine uasail
éigin de'n tseana shliocht. Geóbhdís a ndóithin le n-ithe
agus le n-ól, agus ansan, ag imtheacht dóibh, dhéan-
fidís dán maith, nú abhrán breágh ceólmhar, ag moladh
an taoisigh a thug an chóir mhaith dhóib. Gan amhras ba
chostasamhail an aicme iad ag teacht isteach i dtigh
aoinne, agus is minic go mbíodh an chóir a gheibhdís
níos fearr go mór 'ná an fháilte a bhíodh rómpa. Is


L. 110


minic leis a thuigidís féin an méid sin, agus nách ó
chroidhe a dheinidís an moladh. Is minic, agus a dhíth-
eal a dhéanamh, ná féadadh fear an tighe gan a thabhairt
le feisgint n-a ghnúis cad é an bhuile feirge agus cann-
cair agus tré-chéile aigne agus díombáigh a bhíodh istigh
n-a chroidhe. Bhíodh na filí ró ghéarchúiseach agus chídís
an dothal. Thainig gasra dhíobh lá chun tighe duine
uasail d ár bh'ainim Seághan ua Mangáin, a déarfimíd.
Fuaradar ana chóir agus ana onóir. Fuaradar, mar a
deir an tseana chainnt "nua gacha bídh agus sean gacha
dighe,' agus fuaradar a lán ndóithin díobh. Níor
bh feidir dóibh aon locht fhághail ar an dtigh ná ar an gcóir
na ar an gcúram a déineadh díobh, ná ar aon fhocal
cainnte d'ár labhradh leó. Ach do chonacadar go
gléineach i ngnúis fir an tighe go raibh a chroidhe i riocht
sgolta leis an ndothal. Níor leogadar aon nídh ortha
go dti go rabhadar ag imtheacht. Ansan, nuair a bhí
slan le fágáilt ag fear an tighe agus an dán mholta
le labhairt, seo mar a labhair an file.



"'A Sheághain Uí Mhangáin ó'n Sliabh,
Is mór é do bhia, 'gus do dheoch!
Is mór é do dhranntán n-a dhiaidh!
T' anam 'on diabhal a's do chorp!'"



Donchadh: Ó! Airiú nár bh'olc an cothú iad! Is
maith an gnó a bhí aige dhá dhéanamh ag soláthar bídh
agus dighe dhóibh, agus is maith an gnó a bhí ag muinntir
a thighe dhá dhéanamh ag frithálamh ortha. Dá mbeinn i
gcás Sheághain Uí Mhangáin thabharfinn cúis mo cháinte
dhóibh sul a dtabharfinn an bia ná an deoch dóibh. Ansan
mara mbeadh mo chlú agam bheadh mo chuid agam. Dá
ndéanfinn dranntán bheadh sásamh éigin agam as an
ndranntán.



Tadhg: "Tabharthas Uí Bhriain, Agus a dhá súil 'n-a
dhiaidh a chuir i gcuimhne dhom é.



Donchadh: Ní fhéadfá an dán san a mhúine do dhail-
tiníbh na sráide. Tá an easgaine ró thiobaisteach.


L. 111


Tadhg: Ní'l aon easgaine ró thiobaisteach do'n
sprealairín gan meas air féin a bhéarfadh isteach i
dtigh tabhairne mé agus thabharfadh deoch dom, agus
ansan go mbeadh a chroidhe cráidhte mara dtugainn
a dheoch féin thar n-ais dó.



Donchadh: Ní dócha go bhfuil puinn de'n tsaghas san
daoine againn.



Tadhg: Tá dearmhad ort. Tá an dúthaigh lán díobh.
Chuirfinn geall leat gur b'é an sprealairínteacht
chéadna san fé ndeár formhór an acharainn a bhíon i
dtighthibh tabhairne. Airiú ní chodlochadh sprealairín
acu an oidhche dá mbeadh piúnt pórtair ólta ag spreal-
airín eile air, agus gan piúnt fághalta aige féin thar
a cheann!



OIDHCHE NODLAG.



Donchadh: Mórán de Nodlaigíbh maithe chughat, a
Thaidhg!



Tadhg: Gurab amhlaidh dhuit, a Dhonchadh. Am' thaobh
féin de, ní dócha go bhfuil mórán eile acu le fághail
agam, pé feabhas a bheidh ortha. Ach ba mhór an nídh iad
a bheith go maith, dá mb' é toil Dé é, pé méid atá le
teacht díobh chugham. Tá a lán acu tagaithe pé 'n Éirinn
é, buidheachas le Dia! Is dócha go raibh suas le chúig
cinn fhichid acu tagaithe chugham sar a dtáinig an chéad
cheann acu chughat-sa.



Donchadh: An ndeirean tú liom é! Níor mheasas
go rabhas a fhaid sin laistiar díot ag teacht dom. Is
dócha gur 'mó tuairisg bhreágh d'fhéadfá thabhairt dúinn
ar na Nodlaigíbh a tháinig an fhaid a bhí an saoghal am'
éaghmais-se.



Tadhg: D'fhéadfinn tuairisg mhaith do thabhairt ar
chuid acu gan amhras, ach go deimhin ní ró mhaith an


L. 112


tuairisg fhéadfinn a thabhairt ar thuille acu. Is cuimhin
liom go maith nuair a bhíos ana óg go mbíodh Nodlaigí
brothalacha ins gach aon áit, agus mórán suilt agus
caitheamh aimsire; an Bloc-Nodlag sa tínteán, agus
teine ar lasadh mórthímpal an bhloic sin do théidheadh
leath slighe suas an simné agus do chuireadh brothal
agus teas tríd an dtigh ins gach aon chúinne, i dtreó
gur dhóich leat gur bh'é Mitheamh an tSamhraidh a bheadh i
lár an Gheimhridh agat. Ní bhíodh aon fheirimeóir an
uair sin ná marbhuigheadh mart i gcóir na Nodlag.
Bhíodh a rian air; nuair a thagadh oidhche Lae Nodlag
bhíodh ualach feóla ar an mbórd ins gach tigh, dóithin dhá
oiread daoine agus a bhíodh ann chun na feóla d'ithe.
Agus geallaim dhuit gur bh' shiní an fheóil a bhíodh ullamh
i gceart. Bhíodh eólus ag mnáibh tighe an uair sin ar
bhia d'ollmhú, agus nuair eirigheadh na cailíní suas
bhíodh an t-eólus acu leis mar do múintí dhóibh go
maith é. Dá mhéid sult agus caitheamh aimsire agus
cóir bídh agus dighe a bhíodh ann ní bhaineadh san ó'n
gCreideamh a bhíodh i gcroidhe na ndaoine, idir óg agus
aosta. Is maith a thuigidís cad é an brígh a bhí le
Féile na Nodlag, agus conus ba cheart onóir a
thabhairt do'n tSlánuightheóir an uair sin, agus do Mhuire
Mháthair, agus do'n Athair Síoruidhe. Is dúrthachtach
a bheiridís buidheachas le Dia a thug saor iad ó iomár-
daibh na bliana a bhíodh imthighthe, agus is dúrthachtach
d'iarraidís air a ghrásta agus a thrócaire do bhronnadh
ortha i gcóir na bliana a bhíodh ag teacht. Ba ghnáth
an uair sin athlú tar éis bídh i gcómhnuighe, ach bhíodh
athlú áirighthe acu an oidhche sin. Is minic a bhíodh focail
Laidne sa n-athlú san. Is cuimhin liom go maith gur
minic d'airighinn mh'athair, beannacht Dé le n'anam,
ag rádh an athluighthe. Nuair a bheadh a chuid féin ráidhte
aige déarfadh duine éigin d'á mbeadh ag an mbórd
"Benedicamus Domino," agus d'fhreagróchadh an
chuid eile, "Deo Gratias." Bhíomair oidhche áirighthe.
Is cuimhin liom an oidhche chómh maith agus is cuimhin


L. 113


liom an oidhche aréir. Bhí an Bloc-Nodlag go maith
agus bhí an teine go maith. Bhí an sneachta amuich chómh
h-árd leis na bataí snaidhm ach ba dhóich leat istigh gur
oidhche Shamhraidh a bhí ann. Bhí áilteóir buachalla i
n-aimsir againn gur bh'ainim dó Seán Ua Cathasa.
Ana bhuachaill chun spóirt dob' eadh é agus ní fhéadfadh
aon nídh dul uaidh bhí sé chómh deisbhéalach san. Nuair
a bhí béile na h-oidhche caithte againn agus ár ndóithin
aimsire caithte againn léi, do choisric m'athair é féin
agus chuir sé a dhá láimh le chéile agus chrom sé a cheann:
"Bheirimís buidheachas na beatha so do Dhia mhór
n'uilechómhacht i dtaobh a thabharthaistí dhúinn! ... Cosg
ó Dhia mhór n'uilechómhacht ar ár n-eascáirdibh i dtaobh
anama agus chuirp! Go dtugaidh Dia suaineas síor-
uidhe do sna h-anamnacha d'fhág sinn, agus d'anam-
nachaibh marbh progodóireachta an domhain! Agus
má's maith atáimíd anocht i ngrástaibh Dé agus an
tsaoghail gura seacht fearr a bheimíd bliain ó 'nocht,
agus mara fearr nára measa! "Bhí ár gcinn go
léir cromtha agus níor labhair aoinne. "Athluighidh!"
arsa m'athair. "Benedicamus Domino!" arsa beirt
againn i n-aonfheacht. "Dhá Dheó gratias!" arsa
Seán Ua Cathasa, láithreach bonn, ag tabhairt freagra
ar an mbeirt, dar leis. Geallaim dhuit go raibh
gáirí againn ar feadh tamail. Níor dhein Seán macánta
gáire ná cuid de gháire. Mheas m'athair cosg do chur
leis an sult, ach nuair a chonaic sé an aghaidh stuamdha
agus an fheuchaint bheannuighthe a chuir Seán air féin
níor fhéad sé gan sgeartadh amach ar gháirí.



Donchadh: A' mbíodh aon fhocal Béarla dhá labhairt
an uair sin, a Thaidhg?



Tadhg: Dhe greadadh chuige mar Bhéarla, ní bhíodh,
focal ar domhan, mara labharfí focal anois a's airís
le leanbh nú le gadhar, nú b'fhéidir le capall. Ní
labhradh na daoine aon fhocal Béarla choidhche eatartha
féin. Is cuimhin liom go dian mhaith go seachantí an
Béarla le droch-mheas air. Ní thabharfadh na daoine le


L. 114


rádh d'á chéile go labharfidís aon fhocal Béarla le
n-a chéile, agus go deimhin bhí Béarla ag cuid acu níos
fearr go mór 'ná an Béarla a gheibhtear anois in
sna sgoileanaibh Gallda so.



Donchadh: Tá a fhios agam go maith go raibh an
Gaeluinn go maith acu, ach ní h-é mo thuairim, a Thaidhg,
go gcreidfí uait anois go raibh an Béarla chómh maith
agus a deirir acu.



Tadhg: Is cuma liom cia' cu a creidfí é nú ná
creidfí é, is fíor é. Bhí an Gaeluinn acu go h-áluinn,
agus an t-é go mbíon sí sin go maith aige tugan sí
éirim aigne dhó a bhainean léi féin, agus an t-é go
mbeidh an éirim aigne sin aige labharfidh sé go maith
agus go bríoghmhar, pé teanga n-a labharfidh sé. An
t-é ná beidh an éirim aigne sin aige ní labharfidh ar
fóghnamh choidhche, pé teanga n-a labharfidh sé. Na
daoine go raibh an Ghaeluinn agus an Béarla i n-aon-
fheacht acu, bhí cothram machtnaimh acu agus bhí cothrom
cainnte acu do réir an mhachtnaimh. D'oibrigh an
aigne agus an chainnt a' láimh a chéile acu. Fuair an
aigne, i gcómhnuighe, caoi ar an machtnamh ba ghunta
agus ba dhoimhne do chur i gcainnt nár leog aon chuid
de amú uaithe. Ansan do chuir guntacht agus caoile
agus doimhneas an mhachtnaimh tuille cruinnis agus
tuille léire agus tuille cumais sa chainnt. Do lean
an t-oibriú san aigne agus cainnte, a' láimh a chéile, ag
cur a chéile i bhfeabhas, go dtí go rabhadar araon ar
áilleacht. Ansan do tháinig na sgoileana Gallda agus
dheineadar an donas ar fad. Bhaineadar an Ghael-
uinn a' beulaibh na leanbh agus níor chuireadar n-a
h-inead ach glugar, cainnt nár rug an aigne aon ghreim
riamh uirthi, cainnt ná raibh inti ach gogalach na ngéan
nú grágalach na gcearc. Nuair dh'imthig an brígh as
an gcainnt d'imthig an machtnamh as an aigne. D'éist
an aigne leis an ngogalach agus leis an ngrágalach
agus fé dheire do thuit sí n-a codla. Na daoine óga
so atá fásta suas againn anois ar fuid na h-Éireann


L. 115


agus gan aon fhocal Gaeluinne n-a mbeul, ní'l aon
leus machtnaimh n-a n-aigne. Tá a n-aigne 'n-a codla,
'n-a codla go sámh. D'fhéadfadh duine acu an lá is
sia sa tSamhradh do chaitheamh, ó eirighe gréine go dul
gréine fé, gan cuimhneamh ar aon nídh a bheadh níos sia
amach uaidh 'ná a chuid bídh nú a bhalcaisí! Is baoghal
liom nách n-a codladh atá an aigne acu ach gur b'amhlaidh
nár fhás sí riamh chucha. Táid siad gan aigne gan éirim
agus ní'l fios a n-easnaimh acu. Táid siad díreach
mar a bhíon an leathamadán, fios a mháchaile ag gach
aoinne agus gan aon phioc d'á fhios aige féin. Is
truagh an sgéal é, a Dhonchadh!



Donchadh: Ach, is gearr go mbeidh an Ghaeluinn airís
againn chómh bríoghmhar agus bhí sí riamh. Tá gach aoinne
'ghá foghluim, óg a's aosta. Geallaim dhuit gur gearr
go stadfidh an ghrágalach agus an ghogalach, agus go
mbeidh cainnt ag daoine n-a mbeidh éifeacht éigin léi.
Tá Éire go léir ar buile 'ghá foghluim. Tá sí dhá múine
anois in sna sgoileanaibh go léir. Tá aigne na
ndaoine ag dúiseacht as an gcodla úd a dubhraís.
Tá daoine ag cromadh airís ar mhachtnamh a dhéanamh.
Éist do bhéal, a dhuine! Do réir an fhuadair atá fé
dhaoine ní déarfinn 'ná go bhfeicfir, sar a fada, Nod-
laig chómh brothalach leis an Nodlaig úd fadó, agus
buachaillí ag an mbórd chómh maith le Seán Ua Cathasa
agus a "Dhá Dheó gratias"!



Tadhg: Mhaise cúis gháire chughainn, a Dhonchadh. Tá,
gan amhras, mórán fothraim dhá dhéanamh. Ach chím
rudaí anso agus ansúd ná taithnean ró mhaith liom.
Chím a lán daoine ag déanamh an fhothraim seo go h-árd,
agus gur dhóich leat ortha go measaid siad, nuair a
bhíon an fothram déanta go mbíon an obair déanta.
Imthighid siad abhaile tar éis an fhothraim agus ba dhóich
le duine a bheadh ag éisteacht leó go bhfuil an Ghaeluinn
ar láimh shábhála fé deire agus gur b'iad féin a chuir
ar láimh shábhála í. Nuair a chuardaighim, laistiar de'n
fhothram, isé rud a gheibhim amach 'ná go mbíd lucht


L. 116


an fhothraimh ó cheann ceann de'n bhliain gan dá
fhocal Gaeluinne do labhairt!



Donchadh: Sdó b'fhéidir ná bíon sí acu le labhairt.



Tadhg: Ná féadfidís focailín éigin di dh'fhoghluim?
Dá bhfoghlumochadh duine fiú aon fhocal amháin di sa
ló bheadh oiread aige dhi i gceann bliana agus nár
ghádh dhó puinn aon fhocal Béarla do labhairt.
B'fhearr san 'ná an fothram go léir.



Donchadh: Go deimhin, a Thaidhg, ní mór fothram a
dhéanamh leis. Mara mbeadh an fothram ní dúiseófí
aoinne choidhche. Cad é an bac a bheadh ar dhuine obair
agus fothram a dhéanamh i n-aonfheacht!



Tadhg: Ba chuma liom cad é an fothram a déanfí
dá bhfeicfinn an obair dhá déanamh le fonn agus le
h-imghníomh agus ar dítheal.



Donchadh: Tá sí dhá déanamh ar an gcuma san díreach.
Mórán de Nodlaigíbh maithe chughat, a Thaidhg. Ní
mór dhom bheith ag imtheacht.



Tadhg: Go mbeirimíd slán ar an am so airís, a
Dhonchadh. Go mbeiridh Dia slán abhaile thu!



ÓLACHÁN.



Donchadh: Ní h-éidir, a Thaidhg, go mbeifá ag cur
leis an sgéal a gan fhios duit (unconsciously exag-
gerating). Má tá aon nídh seachas a chéile go dtugan
an t-ógánach Éireannach creideamhaint dó féin as, isé
nídh é 'ná go bhfuil sé sprideamhail i dtigh an tabh-
airne i dtaobh óil. Dá mbeadh an piúnt pórtair a
thug sé uaidh gan piúnt d'fhághail thar a cheann, ag baint
codladh na h-oidhche dhe ar an gcuma san, nár chóir go
dtuigfadh sé i n'aigne gur sprealairín ana spriún-
laithe é i n-inead aon sprideamhlacht a bheith ann?



Tadhg: Tuigfidh gach aoinne spriúnlaitheacht sa bhfear
thall ach ní thuigfidh sé go deó an spriúnlaitheacht a


L. 117


bhíon ann féin. Ní'lim ag cur leis an sgéal. Is
mó atáim ag baint uaidh. Ní'l leath na fírinne agam
dhá innsint ar chuid de sna h-ógánachaibh atá againn
i n-Éirinn. Beidh gasra acu a dtigh tabhairne ag ól
's ag glaodhach. Is dóich le gach ógánach acu ná fuil
aon fhear sa chuideachtain is sprideamhla 'ná é féin.
Agus cad a bhíon acu dhá dhéanamh i gcaitheamh na h-aim-
sire? Níor fhair cat riamh ar luich níos géire 'ná
mar a bhíd siad go léir ag faire ar a chéile feuchaint
cé leogfadh a "thorn" thairis gan glaodhach ar a
"thraéit." Ansan, nuair a comáinfar amach iad ar a
h-aondéag a chlog sa n-oidhche, má bhí aoinne ar a
measg nár ghlaoidh ar a "thraéit" nuair a tháinig a
"thorn" ní miste dhuit a rádh 'ná go gcíorfidh an chuid
eile é. Cíorfid siad é ar an slighe abhaile dhóibh.
Cíorfidh gach duine acu é i gcaitheamh na h-oidhche, i
n'aigne féin, go dtí go dtuitfidh a chodladh air. Beidh
siad go léir 'ghá chíoradh go ceann seachtmhaine, agus
isé deire a bheidh acu go léir i gcómhnuighe ar an gcíoradh,
'ná "He is as mane as durt." Sin iad ógánaigh na
h-Éireann agat, a Dhonchadh, an chuid acu, pé 'r domhan
é, a dheinean taithighe de thigh an tabhairne. Agus go
deimhin ní h-é mo thuairim go bhfuil puinn acu ná dein-
ean taithighe dhe. Mara mbeadh go ndeinid siad an
taithighe sin conas a mhairfadh na tighthe tabhairne go
léir? Tá spriúnlaitheacht eile sa sgéal, a Dhonchadh,
nár thráchtas fós air. Ní féidir do'n ógánach
Éireannach a "thorn" d'fhrithálamh i dtigh an tabhairne
gan airgead a bheith 'n-a phóca aige. Má's buachaill
aimsire é coimeádfidh sé a thuarastal ó'n máthair a
thóg é, i dtreó go bhféadfadh sé labhairt go dána i dtigh
an tabhairne agus glaodhach nuair a thiocfadh a "thorn",
agus a chion de'n chíoradh dhéanamh ar an spriúnlóir
a leogfadh a "thorn" thairis. Má's mac feirmeóra
é b'fhéidir nár ghádh dhó an t-airgead a bheith 'n-a phóca
aige, ach glaodhfidh sé nuair a thiocfidh a "thorn," agus
déanfidh sé a chion de'n chíoradh, agus beidh an t-air-


L. 118


gead 'n-a choinnibh sa leabhar. Ní bheidh an tuarastal
aige mar a bhíon ag an mbuachaill aimsire. Caithfidh sé
rud éigin a dhéanamh chun an airgid d'fhághail le díol as
an ndigh. Imtheóchaidh sé agus guidfidh sé gabhar. An
bhfuil a fhios agat, a Dhonchadh, cad é an rud an gabhar?



Donchadh: Ambriathar go bhfuil fhios agam go maith
cad é an rud é. Mála coirce, nú mála cruithneach-
tan, nú rud éigin de'n tsórd san, do ghuid ó n-a
mhuinntir agus do thabhairt do dhuine éigin a cheannó-
chaidh uaidh é, ar leath an méid is fiú é.



Tadhg: Sin é díreach é. Nách deas galánta creid-
eamhnach an rud do mhac feirimeóra gníomh de'n tsórd
san a dhéanamh mar gheall ar dhigh!



Donchadh: Sdó feuch anois, a Thaidhg, tá dhá thaobh ar
an sgéal san féin, dá olcas é. Is eól dom mac
feirimeóra. Tá sé suas le fiche bliain d'aois.
Bíon sé ag obair d'á athair ó cheann ceann de'n bhliain,
agus ó dhubh go dubh, agus is maith chuige é, agus níor
thug an t-athair sin oiread agus aon sgilling amháin
airgid póca riamh do'n bhuachaill sin! Cad é an mhaith
dhuit bheith ag trácht ar ghabharaibh! Dar ndóin tá fhios
ag an saoghal ná féadfadh ógánach fiche blian bheith
ag imtheacht ameasg na gcómharsan gan leathphinne
n-a phóca ach mar a bheadh leanbh seacht mblian ná
beadh aon phóca i n-aon chor air!



Tadhg: Tá an ceart ansan agat gan amhras. Ach ní
dheinean dhá olc maith. Dá mba ná teastóchadh ó'n
mac ach airgead ná caithfí ar ól, ní ró mhór de a theas-
tóchadh uaidh agus is luath a thuigfadh an t-athair gur
bh'é a bhuac féin an méid sin a thabhairt do'n mhac go
fonnmhar. Ach ní fhéadfadh an t-athair, agus a dhítheal
a dhéanamh, oiread airgid a thabhairt do'n mhac agus
a theastóchadh uaidh chun an óil. Ansan ní foláir an
gabhar do ghuid. Imthighean an mhaoin. Bristear an
t-athair. Curtar an líntighe le fuacht agus le fán, -
agus gheibhean an t-ól a thrí míliúin déag!



Donchadh: Tá an donas thiar air mar sgéal!


L. 119


Ólachán.



Tadhg: Is fíor dhuit sin, a Dhonchadh. Tá an donas
thiar air mar sgéal. Agus is baoghal gur donas é
ná leighisfar go ceann tamail. Táid na préamhcha
curtha ró dhoimhinn, ró dhaingean aige i gcroidhe agus
i n-aigne agus i mbéasaibh na ndaoine, bocht agus
saidhbhir, óg agus aosta, léigheanta agus gan léighean,
íseal agus uasal. Tá an dearmhad céadna ortha go
léir, thíos agus thuas dóibh. An rud is fíor spriúnlaith-
eacht is dóich leó gur galántacht é, agus an rud ba
cheart do'n Chríostaidhe go mbeadh meas aige air féin
do dhéanamh, is dóich leó gur spriúnlaitheacht é. Is
dóich leis an mbuachaill aimsire gur rud galánta dhó
ghlaodhach nuair a thiocfidh a "thorn" agus ní thuigean
sé gur rud grána, spriúnlaithe, aithiseach, náireach dó,
bheith ag faire le h-eagla ná faghadh sé thar n-ais an
deoch a thug sé uaidh, agus gur gráinne 'ná san féin
dó, a thuarastal do chaitheamh i dtigh an tabhairne agus
b'féidir gádh go cruaidh sa bhaile leis. Is dóich le
mac an fheirimeóra gur rud galánta, sprideamhail
dó glaodhach 'n-a "thorn," sar a mbeifí 'ghá chíoradh
ar ball, agus ní thuigean sé gur rud grána, spriún-
laithe, salach, tarcuisneach dó, an gabhar a ghuid, bith-
eamhnach a dhéanamh de féin i dtigh a mhuinntire, a
mhuinntir do chreachadh chun airgid an óil do dhéanamh
amach. Gan amhras molfidh an chuideachta an gníomh
san. Sult agus caitheamh aimsire iseadh gheóbhaid siad
ann. Is tapaidh adéarfid siad go léir gur fear
sprideamhail a dhéanfadh é! Ní baoghal go gcíorfar
é mar gheall ar an ngabhar, ná go ndéarfar, "He's
as mane as durt!" agus gur b'é rud ba cheart a rádh
leis 'ná," He's maner than durt!"



Donchadh: Ní dóich liom, a Thaidhg, go bhfuil puinn de
sna gabhraibh dhá nguid an aimsir seo.



Tadhg: Mara nguidtar an gabhar imthighean an sub-
staint agus an mhaoin ar chuma éigin eile. Pé cuma


L. 120


'n-a n-imthighean sé, ná pé cúrsaí a thugan sé, is i dtigh
an tabhairne a stadan sé sa deire. Pé duine a bhíon
thíos leis isé tigh an tabhairne a bhíon beirtha leis i
ndeire na sgríbe. Dar ndó cá bhfaghfí na trí míliúin
déag sa mbliain!



Donchadh: Tá eugcóir agat dhá dhéanamh, a Thaidhg, ar
an mbuachaill aimsire agus ar mhac an fheirimeóra.
Tá a lán daoine eile chómh cionntach leis an mbeirt
sin. Cad deirir le mac an táiliúra, agus le mac an
ghréasaidhe, agus le mac an t-siúinéara, agus le mac
an ghabha, agus le mac an mháighistir sgoile?



Tadhg: Ó's 'ghá n-áireamh duit sgaoil leó mac an
dochtúra, agus mac an atúrné, agus mac an chounsil-
éara, agus mac an bhreithimh, agus mac an P.L.G.,
agus mac an J.P. agus dar ndóich, mac an M.P. féin.
Táid siad go léir ag díol go fonnmhar chun na dtrí
míliún ndéag úd.



Donchadh: Ní h-ag dul a bhfeabhas a gheibhmíd iad, a
Thaidhg, fé mar a dhruidimíd suas ortha.



Tadhg: Am briathar nách eadh, a mhic ó, ach ag dul i
n-olcas go tiugh agus go trom. Daoine galánta
creideamhnacha iseadh lucht "tabharthais Uí Bhriain"
agus lucht na ngabhar a ghuid, seachas an coileán ar a
dtugtar go minic mac duin'uasail. Anuas ó sna
h-uaislibh iseadh do leathan an uile shaghas uilc ameasg
na ndaoine. Deirim leat, a Dhonchadh, agus dubhart
cheana é, go bhfuil mórán le freagairt ag uaislibh na
h-aimsire seo. Ní h-uatha a gheóbhfar puinn cabhartha
ná puinn conganta chum uilc an ólacháin do leigheas,
pé ball 'n-a bhfaghfar an leigheas.



Donchadh: Má's olc thíos iad agus má's measa thuas
iad beidh sé air agat iad do leigheas.



Tadhg: Abair é, a mhic ó.


L. 121


OLACHÁN



Donchadh: Is baoghal, a Thaidhg, go bhfuil díoghbháil
againn dhá dhéanamh leis an gcainnt seo atá ar siubhal
againn.



Tadhg: Conus san, a Dhonchadh? Cad tá againn dhá
dhéanamh ach ag innsint na fírinne? Cad é an díogh-
bháil fhéadfhadh an fhírinne dhéanamh?



Donchadh: Ó ambasa is minic a dhein an fhírinne díogh-
bháil mhór, a Thaidhg. Go mór mór nuair a bheadh an
fhírinne ró shearbh agus gan taithighe uirthi. Ní'l puinn
taithighe ag muinntir na h-Éireann ar an bhfírinne, chómh
fada agus a théidhean a dtréithe féin. Ó aimsir
Dhómhnail Uí Chonaill anuas níor labhradh focal poibilidhe
'n-a dtaobh 'ná gur 'ghá moladh a bhíothas, agus níor
sgríobhadh focal 'n-a dtaobh ach focal a bhí gá moladh.
Thug Dómhnal Ua Conaill, "The finest peasantry in
the world" ortha, agus tá an port céadna ag an uile
chainnteóir agus ag an uile sgríbhneóir d'ár labhair nú
d'ár sgríbh focal ó shin anuas ortha. Ní'l, agus ní
raibh riamh, sa domhan aon treabhchas daoine leath chómh
maith leó. Agus sin beirt againne 'ghá dhéanamh amach,
dar linn féin, ná fuil ionta ach spriúnlóirí agus
spealairíní agus meisgeóirí, idir fhearaibh agus mná,
idir óg agus aosta dhóibh. Má creidtear ár gcainnt-
ne tuigfar láithreach ná raibh sa mholadh go léir riamh
ach bladar agus plámás. Caillfid na daoine an meas
mór a bhí acu ortha féin. Nuair a chaillean duine a
mheas air féin caillean sé gach misneach aigne agus gach
fonn maitheasa agus gach dúil i ndeagh-chlú. Is cuma
leis feasta cé 'cu moladh nú cáine a gheóbhaidh sé ó chách,
íseal ná uasal, amuich ná i mbaile. Níor dhóich liom
gur mhaith an toradh a leithéid sin, a Thaidhg, ar ár gcuid
cainnte.



Tadhg: Ní h-é sin toradh a bheidh ar ár gcainnt, a
Dhonchadh. Ná bíodh eagal ort. Mar adeirir, tá


L. 122


bladar agus plámás go tiugh agus go neamh-mion
(without stint) dá thabhairt do mhuinntir na h-Éireann
le fada. Ní raibh deagh-thréith i n-aon daonaidhe nár
maoidhimheadh cion beirte dhe do bheith sa n-Éireannach.
Ach tá aon deagh-thréith amháin nách dóich liom go bhfeaca
fós dhá mhaoidheamh ortha, agus is dóich liom féin go
bhfuil cion duine, an chuid is lugha dhe, ag an Éireannach
de'n deagh-thréith sin. Is dóich liom má taisbeántar
do'n Éireannach nídh d'á lochtaibh go n-admhóchaidh sé an
locht chómh luath agus d'admhóchadh aoinne é, agus go
dtabharfidh sé iarracht dáiríribh ar an locht do leigheas,
chómh tapaidh agus do dhéanfadh duine d'aon náisiún
eile.



Bhíos ag cainnt indé le duine do léigh an chainnt
úd a dheineamair ar:-



"Thabharthas Uí Bhriain
'S a dhá shúil 'n-a dhiaidh."



D'admhuigh sé glan go raibh an ceart againn agus
go raibh an fhírinne againn. Tá sé ag feuchaint riamh,
adeir sé, ar an rud san, buachaill ag glaodhach ar
bhuachaill eile isteach i dtigh tabhairne agus ag tabhairt
dighe dhó, agus ansan ag faire agus ag feitheamh go
bhfaghadh sé féin deoch i n-inead an dighe a thug sé uaidh.
Agus deir sé nách dóich le h-aoinne go bhfuil aon
spriúnlaitheacht sa bhfaire ná sa bhfeitheamh san, ach gur
rud ana spriúnlaithe do'n t-é gheóbhaidh deoch bualadh
amach gan deoch a thabhairt uaidh i n-inead an dighe a
bheidh ólta aige. Feuch a leith orm, a Dhonchadh. Tá
sé buailte isteach am' aigne dá dtuigeadh an fear
a ghlaoidh an deoch gur rud ana spriúnlaithe dhó féin
deoch do ghlacadh i n-inead an dighe sin, nách baoghal go
nglacfadh i n-aon chor é, ní áirighim bheith ag faire agus
ag feitheamh air. Is mó an neamhthuisgint 'ná an
spriúnlaitheacht atá sa bhfaire agus sa bhfeitheamh agus
sa chíoradh agus sa chainnt.


L. 123


Donchadh: Ó seadh. Mhúinfá ar dtúis dóibh cad í an
bheart atá spriúnlaithe agus cad í an bheart atá sprid-
eamhail agus ansan ba dhóich leat go ndéanfidís d'á
réir sin.



Tadhg: Thar a bhfeacaís riamh!



ÓLACHÁN



Donchadh: Go deimhin le fírinne dhuit, a Thaidhg, is
beag 'ná gur mheasas a rádh go bhfuil breall ort!
Ní déarfad mar sin é, ach déarfad agus deirim go
bhfuil dearmhad mór ort.



Tadhg: Agus cad é an dearmhad mór so atá orm, a
Dhonchadh, le d'thoil?



Donchadh: Dar leat do mhúinfá d'fhearaibh óga na
h-Éireann cad í an bheart atá spriúnlaithe, i dtaobh
an óil, agus cad í an bheart atá sprideamhail, agus
ansan do cheapfá go nglacfidís an múine agus go
ndéanfidís d'á réir. Ansan ní bheadh le feisgint i
n-Éirinn go deó airís buachaill ag glaodhach ar bhuach-
aill eile isteach i dtigh tabhairne agus ag tabhairt dighe
dhó, agus 'n-a dhiaidh san ag faireachán agus ag casach-
taigh agus ag guaileáil agus ag feuchaint ar an mbuach-
aill a fuair an deoch, feuchaint an mbeadh aon chuimh-
neamh aige ar an gcómhar do dhíol. Is breágh bog a
thagan an sgéal chughat, a Thaidhg, atharú dhéanamh láith-
reach bonn ar dhroch-bhéas atá curtha isteach 'n-a n-aigne
do bhuachaillíbh óga na h-Éireann, leis an dtógáilt a
fuaradar agus leis an oileamhaint a fuaradar agus
le gach sampla agus soluíd d'ár cuireadh os a gcómhair
ó fhágadar an cliabhán. Ó'n gcéad fhocal cainnte do
thuig an fear óg níor airigh sé ach árd mholadh ar an
bhfear a dhíol cómhar an dighe agus cáine gan staonadh
ar an bhfear nár dhíol. Cuarduigh do chuimhne féin, a


L. 124


Thaidhg. An meisgeóir ba thiobaistighe a bhí riamh ar
t'aithne, má bhí sé fial, neamhmion, i dtig an tabhairne
ar airighis riamh dhá cháine é? Ar airighis riamh spriún-
lóir dhá thabhairt air? Níor airighis go dtí go raibh a
chuid airgid imthighthe. An fhaid a sheasaimh an t-air-
gead nú an chreideamhaint ní raibh aon fhocal le labh-
airt air ach focal dob' fhearr 'ná 'chéile. "Fear gal-
ánta, sprideamhail, mórchroidheach," dob' eadh é. Sin
é an port atá dhá shéide riamh isteach i gcluais an
leinbh Éireannaigh, agus isteach i gcluais an gharsúin
Éireannaigh, agus isteach i gcluais an ógánaigh
Éireannaigh. Tá an port san tar éis dul i bhfeidhm
i n-aigne an ógánaigh Éireannaigh chómh daingean san
go bhfuil sé laistigh de gach smuineamh eile i n-a aigne
anois. Agus do mheasfá-sa an aigne sin do chur ar a
leas um an dtaca so de ló le focailín cómhairle!
Deirim leat ná déanfidh focal cómhairle an gnó, a
Thaidhg, ná dhá fhocal, ná fiche focal. Feuch ad thimpal,
a dhuine. Nách shiniad ár gcainnteóirí agus ár n-oidí,
ár sagairt agus ár n-easboig, ár sgríbhneóirí tréithacha,
ár lucht léighinn agus eóluis agus ealadhan, ag brise a
gcroidhe ag tabhairt na cómhairle uatha le dachad blian,
lé céad blian, agus cad é an tairbhe atá déanta acu?
Ná fuil an meisgeóir "mórchroidheach" chómh mór-
chroidheach agus bhí sé riamh, i mbeulaibh a chómharsan!
Ná moltar anois é chómh maith agus do moladh riamh
é! Dá nguideadh sé caoira ó chómharsain is tapaidh
d'imtheóchadh a chlú. Níor ghádh do shagart ná d'easbog
aon fhocal a rádh 'n-a choinnibh. Níor bheag an t-aon
fhocal amháin do dhul amach air, gur bitheamhnach é, agus
sin deire le n-a chlú agus le n-a chreideamhaint. Ní
baoghal go molfar as san amach é.



Dá bhféadthá-sa, a Thaidhg, cáil an bhitheamhnaigh do chur
ar an meisgeóir déarfinn go mb'fhéidir go ndéanfá
fir óga na h-Éireann do chur ar a leas i dtaobh an óil.
Ach an fhaid do leanfidh meas agus moladh na ndaoine ar
an meisgeóir agus ar a bheartaibh agus ar a ghnóthaíbh,


L. 125


an rud a theip ar a dtáinig rómhat teipfidh sé
ort-sa.



Tadhg: Tarraig t'anál, a Dhonchadh! Is grána é clú
an bhitheamhnaigh i n-Éirinn riamh. Ach ca bhfuil an
bitheamhnach atá leath chómh grána leis an meisgeóir!



ÓLACHÁN



Tadhg: Dheinis a lán cainnte anso an lá déanach,
a Dhonchadh, 'ghá chur 'n-a luighe orm go bhfuil meas ró
árd ag muinntir na h-Éireann ar ólachán agus ar
mheisge agus ar mheisgeóiríbh, agus an fhaid a bheidh san
mar sin nách féidir aon leigheas bunúsach a dhéanamh
ar olc an ólacháin i n-Éirinn. Thugais bitheamhnach na
gcaorach mar sholuíd dom. Leogaim leat an méid
seo. Dá bhféadfí an tarcuisne atá ar bhitheamhnach
na gcaorach do chur ar an meisgeóir bheadh an leigheas
déanta láithreach. Gan amhras is measa an meis-
geóir 'ná an bitheamhnach, ach tá gráin ag an bpoibili-
dheacht ar an mbitheamhnach agus ní'l an ghráin cheart ag
an bpoibilidheacht ar an meisgeóir. Is ait an sgéal
é, an t-é mhachtnóchadh air. Sagairt agus easboig agus
lucht léighinn agus lucht dlighthe dhéanamh, ní h-eadh ach
an uile aicme sa rígheacht, idir uasal agus íseal, ag
cáine an mheisgeóra riamh, ag mallachtaí agus ag aith-
isiú agus ag spídiúchán air, agus, d'á n-aindeóin go
léir, báidh na ndaoine leis agus meas air, agus creid-
eamhaint aige, i dtreó díreach gur dhóich le duine gur
gníomh éigin uasal a bhíon déanta aige nuair a chuirean
sé é féin ar meisge! Is ró dheacair leigheas a dhéanamh
amach ar olc 'n-a bhfuil báigh na ndaoine leis ar an
gcuma san.



Ní deirim 'ná go mbeinn ar aon aigne leat sa sgéal
mara mbeadh aon nídh amháin. Tá aithne againn go
léir ar olc eile i n-Éirinn agus, go dtí a bhfuil le


L. 126


déanaighe, bhí sé chómh tiobaisteach, nú b'fhéidir níos
tiobaistighe, ar shlighe, 'ná an t-ól féin. Isé olc é sin
'ná an chuma 'n-a mbíon an t-Éireannach coitchianta ag
déanamh moncaí dhe féin ag aithiris ar chainnt agus ar
bheusaibh agus ar nósaibh agus ar ghothaíbh an tSasanaigh.
Isé an moncaí mór, an t-óraing-útaing, an t-ainimhidhe
is gráinne amuich, agus isé fáth a ghráinneamhlachta
an chosmhalacht a chítear idir é agus an duine. Nuair a
shocaruighean an t-Éireannach a aigne chun aithris a
dhéanamh ar an Sasanach, 'n-a chainnt agus 'n-a shiubhal
agus 'n-a sheasamh agus 'n-a bheusaibh go léir, is amhlaidh
a dheinean sé óraing-útaing de féin amuich 's amach,
agus go deimhin is gráinne d'óraing-útaing é go mór
ná an beithidheach allta féin dá ghráinneacht é. Ní'l
idir an óraing-útaing allta agus an duine ach cosmha-
lacht cuirp. Ach deinan an t-Éireannach a bhíon ag
aithiris ar bheusaibh agus ar nósaibh agus ar bhrios-
garnach cainnte an tSasanaigh, óraing-útaing d'á
aigne agus d'á cholainn i n-aonfheacht.



Go dtí a bhfuil le fíor dhéanaighe ní raibh meas ná
creideamhaint le fághail ag aoinne i n-Éirinn ach ag
an t-é is fearr fhéadfadh óraing-útaing a dhéanamh
de féin. An t-é fhéadadh, le neart taithighe agus
oileamhainte, aithiris cruinn do dhéanamh ar na nósaibh
Gallda, in sna mion-neithibh ba lugha, isé gheibheadh
creideamhaint agus cáil agus onóir. An duine fíor-
Gaodhlach, go mbíodh an nádúr Gaodhlach ró láidir
agus ró dhaingean 'n-a cholainn agus 'n-a chnámhaibh agus
i n 'aigne, agus go dteipeadh air glan óraing-útaing a
dhéanamh de féin is amhlaidh a bhíodh ceist agus ceann-
fé air agus formad aige leis an bhfear a bhíodh i
n'oraing-útaing chríochnuighthe.



Bhí san amhlaidh, a Dhonchadh, go dtí gur mheas-
amair gur ghearr ná beadh le fághail i n-Éirinn ar
fad ach sliocht an óraing-útaing. Níor mheas aoinne
beó go bhféadfí an t-olc san do leigheas. Ach feuch,
a Dhonchadh, do tháinig an leigheas. Tá an leigheas ar


L. 127


siubhal agus é ag oibiriú go dian. Tá an leigheas ag
gluaiseacht ar fuid na h-Éireann anois, ar dearg
lasadh, mar a ghluaiseochadh teine tré bhrosna. Tá an
t-óraing-útaing i gcruadhchás. Tá "sgath a chluas dhá
ghearradh," agus ní dhá ghearradh atá sé ach dh'á losgadh.



ÓLACHÁN.



Donchadh: Go deimhin le fírinne dhuit, a Thaidhg, tá
eagal orm go ndéarfid daoine go bhfuil ag dul de
m' chéill!



Tadhg: Agus cad é an botún é seo atá déanta anois
agat go ndéarfadh daoine a leithéid sin leat?



Donchadh: 'Sdó nuair a bhíos ag dul abhaile as so an
lá fé dheire ní fhéadainn gan cuimhneamh, ag gabháil an
bhóthair dom ar an óraing-útaing úd, agus nuair a
chuimhnighinn air ní fhéadainn gan sgeartadh gáire chur
asam go n-aireófí leath mhíle shlighe mé. Thug rainnt
daoine fé ndeára mé agus do stadadar ag feuchaint
orm. Tá fhios agam go rabhadar 'ghá chuimhneamh gur
cheart feuchaint am' dhiaidh le h-eagla go dtabharfinn
aon droch-chor dom féin.



Tadhg: Ambriathar, a Dhonchadh, gur dhoich liom-sa
gur mó an chúis ghoil 'ná an chúis gháirí a bhí agat sa
n-óraing-útaing. Is bocht an radharc é, ógánach
Éireannach ag déanamh óraing-útaing de féin ag aithris,
cad air? Ar dhuin'uasal? Ní h-eadh ach ar óraing-
útaing eile a thagan chughainn anall anso ó Lúnduin
agus a loirgean uainne anso an meas ná tabharfadh an
dailtín sráide is giobalaighe i Lúnduin dó!



Donchadh: Ach! leog dom féin, a dhuine! Nuair a
chuimhnighim ar ár mbuicíní agus ar ár seóiníní agus
iad piocaithe, bearrtha, cíortha, snasta, agus gach aon
snámhaire acu ag siubhal sráide agus maig n-a dhrom
agus gnúis mhórchúiseach air, agus é ag guaileáil agus


L. 128


ag suathadh a chinn anonn 's anall, mar dh'eadh gur
duin' uasal Gallda é; agus ansan tusa 'ghá dhéanamh
amach nách duin'uasal é, ná cuid de dhuin'uasal, ach
óraing-útaing críochnuighthe, ní féidir liom, feuch, gan
liú mhagaidh a chur asam. O! an sprealairín bocht!
Dá mbeadh a fhios aige ná fuil ann, tar éis a shaothair
go léir, ach óraing-útaing!



Tadhg: Ní'l aon phioc d'á fhios aige. Agus rud ba
mheasa 'ná san, ní raibh aon phioc d'á fhios ag daoine
eile ach chómh beag leis, go dtí a bhfuil le fíor dhéanaighe.
Ach tá a fhios ag teacht go tiugh do dhaoinibh eile anois,
a Dhonchadh. Táid daoine ag dul i ngéarchúisighe.
Táid siad ag tosnú ar an óraing-útaing do thabhairt
fé ndeára go soiléir, laistigh de'n eudach uasal agus
de'n ghuaileáil agus de sna gothaíbh. Is sean focal é:
"Dá mbeadh fios ag duine bheadh leigheas aige." Tá
muinntir na h-Éireann ag tosnú ar aithne do chur ar an
óraing-útaing, agus nuair a curfar an aithne air i
gceart, agus nuair a déanfar an liú mhagaidh sin uime a
dheinean tusa anois, agus an sgeartadh gáire úd a dheinis
an lá fé dheire uime, geallaim-se dhuit gur gearr
go gcurfar a mhalairt de churam air d'éaghmuis bheith ag
rábaireacht siubhail agus ag guaileáil agus ag déanamh
gothaí, 'ghá chur'n-a luighe ar dhaoinibh gur duin'uasal é má
'sé do thoil é. Ní'l aon rud ar an dtalamh so is
fearr agus is glaine a dhéanfidh leigheas ar an óraing-
útaing 'ná an liú mhagaidh agus an sgeartadh gáire.
Sin é a bhainfidh an maig as a dhrom agus an smidireacht
Gallda as a chainnt. Sin é a bhainfidh an ghuaileáil de,
agus a bhainfidh an mhórchúis as, agus a bhainfidh na
gothaí dhe. Ansan iseadh thuigfidh sé i n-a aigne gur
galánta agus gur creideamhnaighe go mór dó, agus
gur ciallmhaire, an t-óraing-útaing do chur uaidh agus
dul n-a riocht féin airís, agus a admháil gan náire
gan ceann fé, go raibh athair maith Gaodhlach aige agus
máthair mhaith Gaodhlach, agus gur fearr go mór agus
gur b'aoirde an uaisleacht atá aige ó'n athair agus


L. 129


ó'n máthair sin, agus ó'n sínsear a tháinig rómpa ar
feadh na mílte blian, 'ná uaisleacht an óraing-
útaing a tháinig anall ó Lúnduin an lá fé dheire. Tá
an t-óraing-útaing Éireannach dhá leigheas go tiugh, a
Dhonchadh. B'fhéidir le Dia go dtiocfadh linn, sar a'
fada, cuid de'n rud atá ag leigheas an óraing-útaing
do chur siar ar an meisgeóir!



ÓLACHÁN.



Donchadh: Is dóich liom, a Thaidhg, go bhfuil muirighean
do dhá lámh d'obair curtha rómhat agat. Thosnuighís
ghá rádh nár bhfoláir, chun uilc an ólacháin do leigheas
i n-Éirinn, na mná tighe do chur ó'n ól. Dubhraís, dá
mbeadh bean an tighe ábalta ar bhia d'ullmhú i gceart
d'á fear agus d'á clainn, gur mhór an congnamh é chun
iad a choimeád ó thigh an tabhairne. Dubhraís ansan go
gcaithfí a mhúine do'n Éireannach óg nách rud galánta,
ach gur rud spriúnlaithe dhó, má thugan sé deoch uaidh i
dtigh tabhairne, bheith ag feitheamh go dtabharfí deoch i
n-inead an dighe sin dó thar n-ais. Dubhraís a lán
neithe de'n tsórd san. Ní cuimhin liom a leath. Ach
dar nóin caithfir na h-uilc sin go léir do leigheas sar
a bhféadfir teacht ar an ólachán chun é leigheas. Seo
olc eile tarraigthe anuas anois agus, olc is measa, is
doich liom-sa, 'ná aon cheann deis na h-olcaibh eile.



Tadhg: Cad é an t-olc é sin?



Donchadh: An t-óraing-útaing.



Tadhg: O, greadadh chuige, an raispín! Is fíor dhuit
é. Isé is measa dhíobh go léir, agus isé is deacra a
leigheas. Ní féidir rud do leigheas má bhíon sé go
léir dreóite. Ní féidir do'n leigheas oibriú ach ar an
méid a gheóbhfar foláin sa rud, pé 'cu duine nú beith-
idheach é. Má bhíon an dreó tar éis dul tríd ar fad ní


L. 130


féidir do'n leigheas greim fhághail ar aon nídh foláin,
agus mara bhfaghaidh an leigheas greim ar rud éigin
foláin ní féidir dó aon tairbhe dhéanamh. Is mó duine i
n-Éirinn a dheinean ól agus meisge agus nách le dúil
sa digh é ach tré dhroch-chómhluadar nú tré dhroch-bheus
nú tré chorp neamhthuisgint; é tar éis dul 'n-a luighe
ar a n-aigne go bhfuil galántacht éigin ann, nú sóri-
deamhlacht éigin. Ní ró dheacair, is dóich liom, an sórd
san daoine do leigheas. Dá gcurtí 'n-a luighe i gceart
ar a n-aigne go bhfuil dearmhad ortha i dtaobh na galán-
tachta, gur do'n fhear a choimeádfidh a chiall agus a
mheabhair atá an chreideamhaint ag dul agus nách dó'n
ghlaigín meisgeóra, isé mo thuairim go ndéanfadh a
bhformhór an bheart a thuillfadh an chreideamhaint dóibh.
Is dóich liom féin, a Dhonchadh, go bhfuil atharú ag dul
ar an saoghal cheana féin sa phuínte sin. Is dóich liom
go bhfuil níos lugha meas ar an meisgeóir anois 'ná
mar a bhíodh. D'airighinn fadó fir mhaithe chreideamh-
nacha ag maoidheamh as an méid biotáile d'fhéadaidís
d'iompar. Airighim anois foth-dhuine ag déanamh
maoidhimh as a luighead biotáile d'fhéadfadh sé dh'iompar.
Sin é an maoidheamh ceart. Ní h-aon chreideamhaint
do dhuine bheith ábalta ar bhairile biotáile dhéanamh de
féin! Ní cómhartha nirt ná cómhartha feabhais é. Spa-
dalach gan mhaith iseadh an fear d'fhuilingeóchaidh, gan
chorbhuais, biotáile do stealadh isteach 'n-a bholg mar a
steallfí isteach i mbolg muice é, nú isteach i bportach
na móna! Ní rud é gur ghádh d'aon fhear maoidheamh
as ach d'fhear éigin gan meas air féin. Is dóich liom
go bhfuil an croidhe foláin ag formhór gach aicme eile
ar ar thráchtamair, a Dhonchadh. An fhaid a bheidh an
croidhe foláin ní'lim gan mainighin agam as an leigheas.
Ach an t-óraing-útaing! Is eagal liom ná fuil croidhe
fir i n-aon chor aige. Níl ann ar fad ach fear
bréige. Is cuma é nú an íomhágh fir, nú mná, a chífá i
siopa éadaigh, chun a thaisbeáint conus a luighfadh an
t-éadach ar chnámhaibh duine.


L. 131


Donchadh: Tá cuid mhaith de sna fearaibh bréige sin
againn i n-Éirinn, a Thaidhg.



Tadhg: Tá, agus a lán cur amú acu dhá dhéanamh.



ÓLACHÁN.



Tadhg: Is fíor dhuit é, a Dhonchadh. Tá a lán de
sna fearaibh bréige againn agus tá a lán cur amú acu
dhá dhéanamh orainn. Go dtí a bhfuil le fíor dhéanaighe
is bheag má bhí i n-Éirinn ar fad ach aithris ar nósaibh
Gallda. Ní raibh sé de mhisneach ag aoinne a bheatha
agus a bheusa d'oibiriú amach as a chroidhe agus as a
aigne féin, ach gach aoinne ag faire ar an uaisleacht,
dar leis, ar an uaisleacht bhréagach, ar uaisleacht an
óraing-útaing, agus ag cumadh a bheatha agus a bheus
d'á réir. 'Sé sin le rádh, an uile dhuine againn ag
déanamh óraing útaing de féin ag aithris ar óraing
útaing eile. Bhí an uile shaghas dílse agus fírinne
agus fearamhlachta dhá sgrios go glan amach a' croidhe
agus a' h-aigne an Éireannaigh. Ní raibh aon rud dhá
fhágáilt slán i gcroidhe an Éireannaigh ach an Creideamh.
D'fhan an Creideamh dílis d'aindeóin gach claodh-
chlódh d'ár tháinig ar aigne na ndaoine. Dá mb'é an
t-óraing útaing féin é, an raispín bocht baoth, gan
ghus, gan dílse, gan fearamhlacht, do choimeád an
Creideamh greim 'n-a chroidhe, mheasas a rádh dá ain-
deóin. Is dóich liom dá n-abrainn é ná beinn ró
fhada ó'n gceart. Is dóich liom gur 'mó óraing útaing
acu dhéanfadh aithris ar an uaisleacht sa Chreideamh féin
dá bhféadidís e. Ní féidir leo an Creideamh do
shéanadh, ach deinid siad é chlúdach leis an uaisleacht maith
go leór i dtreó gur minic ná feictar i n-aon chor é.



Dá leanadh an claodhchlódh tamal eile, a Dhonchadh,
gan aon rud a theacht chun aon chosg do chur leis, an
bhfuil fhios agat cad a dhéanfadh sé? Nuair a bheadh


L. 132


aigne na ndaoine millte, loitithe, curtha ar meath aige,
do loitfadh sé agus do mhillfadh sé agus do chuirfadh sé
ar meath agus ar feódh an Creideamh leis.



Ach do tháinig an cosg. Tháinig sé nuair ná raibh
blúire coinne leis. Tá sé ag obair leis, ag obair ar
chuma ná raibh coinne ag aoinne leis.



Deich mbliana ó shin, má bhí slighe dob' fhearr 'ná
chéile 'n-a dtagadh leis an óraing útaing a chur 'n-a
luighe ar dhaoine gur dhuine uasal é, b'é slighe é 'ná a
leogant air nár airigh sé riamh focal Gaeluinne. "Ar
iompáil na n-each tig atharach na sgéal." Tá an méid
sin de shaoghal bhréige an óraing útaing bhoicht iompuighthe
taobh síos suas. Tá sgiot sgot déanta de leath a chod'
uaisleacht' ar an bhfear mbocht. Ní fhéadaim gan gáire
dhéanamh nuair a chím anois é ghá mhaoidheamh go láidir
go bhfuil an Gaeluinn aige go blasta agus go raibh sí
riamh aige. Nuair a chím nídh de'n tsórd san deinim
gáire, ach go deimhin agus go dearbhtha is gáire le h-áthas
a dheinim. Nuair fheuchaim 'dir an dá shúil ar an bhfear
mbocht agus é ag rádh na cainnte sin chím go soiléir
ná fuil aon phioc de'n óraing útaing sa chainnt 'ná
sa bhfear a deir í! Ansan, nuair a thagaim abhaile agus
dheinim mo mhachtnamh ar an sgéal, buailimh buile de
m' bais as mo ghlúin agus deirim liom féin; "Dar
fiadh isí an Gaeluinn an leigheas!"



Isí an Gaeluinn an leigheas, a Dhonchadh. Tá cuid
mhaith de'n leigheas déanta cheana féin aici. Is 'mó
fear óg agus bean óg i n-Éirinn ná raibh d'aidhm
shaoghalta acu deich mbliana ó shin ach iad féin a dhéanamh
chóm Gallda agus dob fhéidir leó, agus go dtuigid
siad anois ná rabhadar ach ag dul amú. Chím anois
iad 'ghá ndíriú féin suas agus ag cur a gcos i dtalamh,
agus i n-inead aithris a dhéanamh ar an óraing útaing,
buile le fuinneamh acu dhá bhualadh idir an dá shúil air!



Leighisfidh an Gaeluinn an neamhdhílse, agus an
bhréagaighe agus an spadántacht, agus ansan leighisfidh
an Ghaeluinn an t-ólachán.


L. 133


ÓLACHÁN



Donchadh: Gan amhras, a Thaidhg, ní h-olc an sás
machtnaimh a dhéanamh tu, agus nuair a bhíon do mhachtnamh
déanta agat ní h-olc an sás cainnte dhéanamh tu.
Ach isé mo thuairim láidir nár mhiste, uaireanta, duine
bheith ag feuchaint ad dhiaidh.



Tadhg: Cad 'tá déanta anois agam as an slighe?



Donchadh: Dheinis do mhachtnamh ar olc an ólacháin,
agus dheinis do mhachtnamh ar an óraing-útaing. Ansan
dheinis do mhachtnamh ar an gcuma 'n-a bhfuil an obair
seo na Gaeluinne 'ghá mhúine do'n óraing-útaing conus
é féin do dhíriú suas ag seasamh go daingean agus go
dána ar a chosaibh deiridh féin agus gan bheith i n-a
óraing-útaing a thuille ach bheith i n'fhear mhaith láidir
bhríghmar churanta Ghaodhalach, mar ba dhual sínsear dó
bheith. Ansan tugan tú "léim Chúchulainn" agus
buailean tú buille bhais ar do ghlúin agus "Seadh!"
arsa tusa, "'Sí an Gaeluinn leigheas an ólacháin!"
Is fada an léim í sin, a Thaidhg. Conus a dhéanfá amach
gur b'é an leigheas céadna atá ar an óraing-útaing
agus ar an ólachán? Nú an amhlaidh nách cuimhin leat
go raibh ólachán go tiugh againn anso i n-Éirinn céad
blian ó shin nuair a bhí Gaeluinn i mbéal an uile
dhuine óg agus aosta? Má 'sí an Ghaeluinn leigheas an
ólacháin cad 'na thaobh nár choisg sí an t-ólachán an
uair sin? Is maith an rud machtnamh, a Thaidhg, agus
is maith an rud toradh bhaint as an machtnamh, ach má 's
maith le duine toradh fírinneach a bhaint as a mhachtnamh
ní foláir dó leogaint d'á mhachtnamh an uile thaobh d'á
bhfuil ar an sgéal do chuardach agus do bhreithniú go
maith.



Tadhg: Ná bíodh ceist ort, a Dhonchadh. Dheineas-sa
an nídh sin go díreach sar ar shocaruigheas m'aigne ar
thoradh mo mhachtnaimh. Tá deifrigheacht mhór idir an


L. 134


nGaeluinn mar atáthar 'ghá h-oibiriú anois agus an
Gaeluinn chéadna mar a bhítheas 'ghá labhairt an uair
sin. Bhítheas 'ghá labhairt an uair sin, go breágh ceól-
mhar cruinn blasta buacach, ach pé donus a bhí ar aigne
na ndaoine ní raibh an meas ceart acu uirthi. Ní raibh
'ghá mbaint de'n tsaoghal ach feuchaint conus a thiocfadh
leó í chaitheamh uatha ar fad agus Béarla do labhairt
'n-a h-inead. An leigheas is fearr a ceapadh riamh ar
aon tsaghas uilc ní féidir dó tairbhe dhéanamh má bhion
sé fé dhroch-mheas. Ní déanfar aon úsáid de chun an
leighis. Bhí an t-óraing-útaing an uair sin againn
chómh h-aibidh díreach agus 'tá sé anois. Bhíodh sé
coitchianta ag brise a chroidhe ag casadh le Béarla do
labhairt. Is cuimhin liom bheith ag éisteacht le h-óraing-
útaing acu agus é ag ruagadh an chait ó rud éigin.
"Cat fan dat! "ar seisean. "Cat fan dat!" agus
nuair a theip air an cat do dhíbirt, "I can't the cat!"
ar seisean. Bhí Gaeluinn ag an bhfear san chómh breágh
agus bhí sí ag Eoghan Ruadh féin. Ba bhreágh leat bheith
ag éisteacht leis ag labhairt Gaeluinne. Ach óraing-
útaing críochnuighthe dob' eadh é, agus dá fheabhas a bhí
an Ghaeluinn aige níor dhein sí aon leigheas ar an óraing-
útaing ann, mar ní raibh aon mheas aige uirthi. Níor
thuig sé a h-uaisleacht. Ní mar sin do'n mhuinntir atá
ag foghluim agus ag saothrú na Gaeluinne anois.
Tuigid siad a h-uaisleacht. Tá meas acu uirthi agus
uraim acu dhí. Tuigid siad 'n-a n-aigne gur leó féin í,
gur b'í a gcuid féin í, gur b'í an teanga í is ceól-
mhaire agus is bríghmhaire agus is saidhbhire d'ár labhradh
riamh amach a' beul duine. Tuigid siad gur cine uasal
an chine do labhair agus do saothruigh a leithéid de
theanga. Tuigid siad gur thánadar féin ó'n gcine sin.
An t-é thuigean san i gceart ní féidir dó bheith i n-a
óraing-útaing feasta.


L. 135


ÓLACHÁN



Donchadh: 'Seadh ansan, tú a Thaidhg?



Tadhg: Ní'l an léim chómh fada agus mheasan tusa é,
ó leigheas an óraing-útaing go leigheas an ólacháin.
Bíodh gur dhóich le duine fheuchfadh ar an dá olc go
bhfuilid siad ana fhada ó chéile, ní'lid. Ní'l ach slighe
bheag eatartha agus is as an aon phréimh amháin atáid
siad araon ag fás. Cad a dheinean óraing-útaing
de dhuine? Deinean easba meas air féin agus iomad
meas a bheith aige ar an bhfear thall. Siné chuirean
fhiachaint air bheith coitchianta ag brise a chroidhe a
d'iarraidh a bheusa féin agus a nósa féin agus a chainnt
féin do chaitheamh uaidh, agus a d'iarraidh cainnte agus
nósa agus beusa an fhir thall do ghlacadh. Ní dheinean
sé aon rud choidhche uaidh féin ach é i gcómhnuidhe ag
aithris ar an bhfear thall. Ní thagan an aithris chuige
ach go neamhchruinn agus go tútach agus go breallach,
díreach mar a thagan cosmhalacht an duine do'n óraing-
útaing. Dá mbeadh an meas ceart ag an nduine sin air
féin, dá dtuigeadh sé i n'aigne gur fearr a bheusa
féin 'ná beusa an fhir thall, pé h-é féin, gur fearr a
nósa féin 'ná nósa an fhir thall, pé saghas iad, gur
fearr agus gur saidhbhre agus gur ceólmhaire de chainnt,
a chainnt féin 'ná cainnt an fhir thall, gan chomórtas,
i n-inead bheith ag faire ar an bhfear thall chun aithris a
dhéanamh air, is amhlaidh a bheadh sé ag faire go dlúth air
féin sar a ndéanfadh sé aon aithris air. Cad é an
chéad rud a thagan as san dó? Tagan go mbíon meas
ag an bhfear thall air. Bíon meas ag an bhfear thall ar
an t-é 'n-a mbion meas aige air féin. An t-é ná bíon
meas aige air féin ní bhíon aon mheas ag aoinne, thall
'ná abhus, air. An t-é a bhíon a d'iarraidh aithris a
dhéanamh ar an uaisleacht, dar leis, bíon sé coitchianta
ag feuchaint suas chun na h-uaisleachta san, agus ag


L. 136


lúbaireacht agus ag lútáil tímpal uirthi. Geibhean sé
a thuarastal. Bíon gráin ag an uaisleacht air. Is eól
duit an sean fhocal, "Ní searbha an súgh 'ná an
umhluigheacht gan iarraidh." Ní'l aon umhluigheacht is ísle
'ná an aithris. Agus ní'l aon umhluigheacht is mó gheibhean
de ghráin 'ná í, ó'n té go ndeintear an aithris air.



Ach má chíon an fear thall go bhfuil meas agat ort
féin tiocfidh meas aige ort láithreach. Agus rud eile,
beidh a mheas-san ort díreach do réir do mheas-sa ort
féin.



Ó thosnuighmair sa n-oileán so ar ár gcainnt duchais
féin do shaothrú agus d'fhoghluim agus do labhairt, do
chaithamair uainn an lúbaireacht agus an lútáil a bhíodh
againn chun an Bhéarla. Táimíd 'ghár ndíriú féin suas
ar ár gcosaibh deiridh. Tá driuch an óraing-útaing
againn dhá chaitheamh dínn, agus tá clódh agus seasamh
agus daingneacht an fhir againn dhá ghabháil orainn féin.
Tá an t-atharú san ag dul ar aghaidh i n-aghaidh an lae,
a Dhonchadh, agus má tá sé ríghin tá sé buan.



Ach sid é an rud go bhfuilim ag teacht chuige. Is 'mó
trúig atá ag cabhrú le h-olc an ólacháin i n-Éirinn.
Deirim-se ná fuil aon trúig acu is mó atá ag cothú
an uilc sin 'ná an lúbaireacht agus an lútáil seo an
óraing-útaing chun na h-uaisleachta. An spadántacht
chéadna a dheinean óraing-útaing de dhuine, isé a
dheinean meisgeóir de. Meas air féin iseadh thógan
duine suas agus chuirean fhiachaint air gan bheith ag
aithris ar nósaibh iasachta. An meas céadna san, ag
an Éireannach air féin, iseadh thabharfidh gráin dó ar
mheisge, agus ar an meisgeóireacht, agus ar ólachán,
agus ar an uile nídh d'á sórd a bhainfadh ó'n meas ba
mhaith leis a bheith ag cách air.



Ní'l aon rud is mó atá ag tabhairt an Éireannaigh
anois chun meas a bheith aige air féin 'ná an saothrú so
na Gaeluinne atá ar siubhal. Deirim leat, a Dhonchadh,
gur b'í an Ghaeluinn an leigheas ar an óraing-útaing
agus ar an ólachán i n-aonfheacht.


L. 137


Donchadh: Is grána é an t-óraing-útaing, agus is
grána é an meisgeóir, ach tá an donus ar fad ar
óraing-útaing meisgeóra!



ÓLACHÁN.



Tadhg: Is maith a dubhraís é, a Dhonchadh. "Óraing-
útaing meisgeóra"! Siné díreach é. Measaim go
bhfeicim é. Siné n-a sheasamh é ag dorus tighe an
tabhairne agus piúnt n-a dhorn aige, agus ná stadan
a chlaibín béil ach ag gleó agus ag cainnt, agus gan
focal ag teacht as a bheul ach focal is géire 'ná chéile
chun a chur n-a luighe ar a bhfuil láithreach ná fuil aoinne
acu is uaisle 'ná é féin, agus, d'á chómhartha san féin, go
raibh sé ag cainnt le n-a leithéid seo de dhuin'uasal
ar a leithéid seo d'ócáid agus le n-a leithéid siúd
de dhuin'uasal ar a leithéid siúd d'ócáid, agus conus
mar a dubhairt an duin'uasal eile úd "Damn you!"
leis ar a leithéid siúd eile d'ócáid. Ansan cuirean
sé sgeartadh gáire as, chómh maith le n-a rádh, "Greadadh
chughaibh, a shloigisg, cathain a dubhairt duin'uasal "Damn
you!' le h-aoinne agaibh-se!" An sprealairín súigh!



Chím airís é, agus é ar a chéill agus é ag rith, 'n-a
mhaidirín lathaighe, le sálaibh raispín éigin go bhfuil
guna n-a láimh aige, ag umhlú dhó agus ag lútail 'n-a
thimpal, agus ag innsint gnóthaí a chómharsan dó,
agus ag tromaidheacht ortha agus ag cúlchainnt ortha.
Ansan ag teacht abhaile agus 'ghá rádh le daoine "go
raibh sé ag fiach i n-aonfheacht leis an nduin'uasal!
Agus go raibh sé féin agus an duin'uasal chómh mór
san le chéile go ndubhairt an duin'uasal "Damn you!
leis."



Donchadh: Dar fiadh, a Thaidhg, ach deirim go mbeidh
sé air agat má leighisean tú an t-óraing-útaing meis-
geóra san le Gaeluinn! Tá an dá ghalar istigh i
smior na gcnámh aige.


L. 138


Tadhg: Ní mar a chéile, a Dhonchadh, a deintear leigheas
ar aigne an duine agus ar a cholainn. Le radharc maith
láidir glan ar an bhfírinne iseadh a deintear leigheas
ar an aigne. Dúil mhallaighthe sa n-uaisleacht, agus
gan a fhios a bheith aige ca bhfuil an uaisleacht cheart,
iseadh chuirean fhiachaint ar an nduine mbocht san meis-
geóir agus maidirín lathaighe dhéanamh de féin ar an
gcuma san. Dá bhféadainn-se breith ar dhá chluais
air agus a cheann a thógáilt anáirde agus a aghaidh
do thabhairt ar an bhfírinne agus a chur fhiachaint air
í bhreithniú go cruinn, dá bhféadainn a thiomáint
isteach i n'aigne gur tarcuisne agus míchlú agus
droch-mheas ó íseal agus uasal atá aige dhá thabhairt air
féin, i n-inead aon ghalántachta, ba dhóich liom go gcuir-
fadh an dúil chéadna úd fhiachaint air casadh ar a sháil
agus dul i ndiaidh na fíor uaisleachta. Meas ar
dhuine féin agus beart d'á réir, siní an fhíor uaisleacht.
Go dtí go dtiocfidh an meas ag duine air féin ní
féidir do beart a dhéanamh d'á réir. Istigh i gcroidhe
an duine féin iseadh atá préamh na fíor uaisleachta.
Amach a' croidhe an duine féin iseadh fhásan an fhíor
uaisleacht. Ní féidir fíor uaisleacht do chur uime
dhuine mar a curfí casóg uime. Conus súd adubhairt
an file? -



"Nár thaithighdar riamh
Ach croicean gadhair fiaigh,
'S é casta ortha aniar
Mar bheadh ialait ar mhuic!"



Sin díreach mar a thagan an uaisleacht do'n óraing-
útaing meisgeóra a bhíon ag brise a chroidhe ag rith 'n-a
diaidh. Má ráinighean dó choidhche teacht suas le h-aon
stráméad nú le h-aon ghiobal de'n uaisleacht iasachta
san, is amhlaidh a bhíon sí "casta air aniar mar bheadh
ialait ar mhuic."



Donchadh: Is dócha, a Thaidhg, gur as san d'fhás an
focal eile úd leis, "Nár chaithidh an mhuc an laingcis!"


L. 139


Tadhg: Is as go díreach. Is ró mhaith a thuigid muintir
na h-Éireann cad é an deifrígheacht atá idir an bhfíor-
uaisleacht agus an "croicean gadhair fiaig." Bhí an
t-eólus san ag imtheacht as a n-aigne go dtí go
dtáinig an saothrú so ar an nGaeluinn. Tá an
Ghaeluinn ag tabhairt an eoluis thar n-ais chucha. Isí
an Gaeluinn, a Dhonchadh, creid mé leis, d'osgalóchaidh
a shúile do'n óraing-útaing meisgeóra - má osgalan
aon rud go deo iad.



Donchadh: Anois a dubhraís é, "Má osgalan aon
rud go deó iad."



ÓLACHÁN



Tadhg: "Má osgalan aon rud choidhche iad," arsa
tusa. Bhíos féin tamal, a Dhonchadh, agus am' briathar
mhóide go raibh sé buailte daingean isteach am' aigne
ná h-osgalóchadh aon rud choidhche iad. Nuair a chídhinn
an t-óraing-útaing meisgeóra ag dorus tighe an
tabhairne agus é ag clabaireacht agus ag glugaireacht,
agus gasra 'n-a thímpal agus iad ag feuchaint suas
chuige, agus ag formad le n-a chuid Béarla briste
agus le n-a mhaoidheamh a' conus mar a dubhairt
an raispín "duin'uasail" "Damn you" leis, agus
iad 'ghá chuimhneamh ná feicfidís aon lá bocht choidhche
dá mbeireadh sé n-a mbeathaidh ortha go ndéarfadh
"duin'uasal" éigin "Damn you" leó féin, do
chromainn mo cheann agus bhuailinn mo bhóthar agus
deirinn liom féin, "Ní h-aon tairbhe bheith leó so!
Tá a súile dúnta agus ní h-osgalóchar choidhche iad!"



Ach tá atharú tagaithe ar an saoghal, a Dhonchadh, agus
tá an t-atharú ag fás go tiugh. Ó thosnuigh an t-atharú
níor airigheas, ag dorus tighe tabhairne ná i n-aon
bhall eile, duine 'ghá mhaoidheamh go ndubhairt raispín


L. 140


"duin'uasail" "Damn you," leis. B'fhéidir gur
deineadh an maoidheamh uaireanta. B'fhéidir go ndein-
tear fós é uaireanta, ach má deineadh níor thárla
dhómhsa gur airigheas é. Is dóich liom, a Dhonchadh, go
bhfuil a lán d'ár ndaoinibh óga anois agus gur
túisge leó go mór bheith 'ghá mhaoidheamh go ndubhradar
"Damn you" le raispín éigin "duin'uasail" ná 'ghá
mhaoidheamh go ndubhairt seisean leó é.



Donchadh: Am' briathar, a Thaidhg, ní ag teacht rómhat
air sin é, ach gur dóich liom go bhfuil fághaltas maith
de'n mhuinntir eile againn fós.



Tadhg: Is fíor dhuit sin. Ach táid siad ag dul i
luighead agus ag dul fé dhroch-mheas. Chómh luath agus
thuigid siad i gceart nách creideamhaint, ach tarcuisne,
dhóibh an seana bheus, iompuighidh siad ó'n seana bheus.
Ní ró fhuiriste na seana bheusa do bhrise, ach táid siad
dhá mbrise go tiugh. Tá a lán neithe ag cabhrú chun
iad do bhrise, ach ní fheicim aon rud atá ag déanamh
cimil-a-mhailín díobh chómh tiugh agus 'tá an Ghaeluinn
'ghá dhéanamh. Deinean neithe eile leigheas anso agus
deisiú ansúd ar aigne an Éireannaigh, ach beirean an
Gaeluinn léi ar fad an aigne, do chorp ceart. Droch-
mheas ar an nGaeluinn iseadh thug do mhuinntir na
h-Éireann droch-mheas ortha féin. Agus droch-mheas
ortha féin iseadh fé ndeára dhóibh bheith coitchianta 'ghá
gcaitheamh féin ar a nglúinibh sa lathaigh i láthair gach
aon chlamh-Shasanaigh "duin'uasail" a bhuaileadh úmpa.
Nuair a chaith na daoine an Ghaeluinn uatha ní raibh 'n-a
mbeul ach an Béarla briste. An Béarla briste i
mbeul an Éireannaigh agus an Béarla fóghanta i mbeul
an tSasanaigh. Chuir san an Sasanach os cionn an
Éireannaigh go deó. Nuair a bheidh duine os mo chionn
sa chainnt siné os mo chionn é ins gach aon rud. Eisean
ar tosach i gcómhnuidhe agus mise ar deire i gcómhnuidhe.
Gach aon rud fóghanta d'á dtiocfidh bheidh a thosach aige-
sean agus ní bheidh agam-sa ach a fhuighlach-san. Fé
dheire téighim i dtaithighe an sgéil. Suidhim síos ag


L. 141


faire, ar nós an mhadra, go gcaithfidh an "duin'uasal"
crústa chugham agus "Damn you" mar annlan leis!
An droch-mheas a thugan easba na Gaeluinne, agus an
Béarla briste, dhom orm féin, tugaid siad dom é ar
mo chómharsain. Ní'l againn go léir ach an Béarla
briste agus ní'l againn, d'á bhrígh sin, ar a chéile ach
dróch-mheas. Seirbhthean agus droch-mheas againn go
léir ar a chéile agus sinn go léir ag feuchaint suas
chun an "duin'uasail" agus ag feitheamh le n'fhuighlach!
Is grána an cor ar dhaoinibh é, a Dhonchadh, ach deirim
leat go bhfuil atharú ag teacht air. Agus feuch, a
Dhonchadh. An bhfuil 'fhios agat cé tá 'ghá thabhairt fé
ndeára go géar go bhfuil an t-atharú ag teacht? Tá
an "duin'uasail" féin. Tá sgannra ag teacht air
nuair a chíon sé an chuma 'n-a bhfuil an Ghaeluinn ag
dul ar aghaidh. Tá a fhios aige go dian mhaith, má
ghlacaid muinntir na h-Éireann a dteanga féin airís
go mbeidh deire leis an lámh uachtair dó-san. Tá sé
díreach mar bheadh duine a bheadh ar muin capaill agus
go bhfeicfadh sé an bhéalbhach ag sleamhnú as beul an
chapaill! Tuigean marcach de'n tsórd san go bhfuil
droch-obair i n-áirighthe dhó.



Donchadh: Is eagal liom, a Thaidhg, nuair a bhíon an
iomad taithighe ag an gcapall ar an marcach a bheith ar
a mhuin aige, gur cuma an bhéalbhach 'n-a bheul nú as a
bheul.



Tadhg: Ná bac san. Tá spriúch i n-ár gcapaillibh
óga fós.



ÓLACHÁN.



Donchadh: Cogar, a Thaidhg. Dá mbeifá chun leighis
an ólacháin a dhéanamh le Gaeluinn cá dtosnófá? Nú
cad 'tá sa Ghaeluinn chun na ndaoine chosg ar ól, seachas
aon tsaghas eile cainnte? Ba dhóich liom dá mbeadh


L. 142


tart ar dhuine, nú dúil i ndigh aige, go n-ólfadh sé an
deoch dá bhféadadh sé teacht suas leis, pé saghas cainnte
bheadh 'n-a bheul. Ní h-eadh ach dá mbeadh sé balbh, dá
mbeadh sé gan focal i n-aon chor'n-a bheul, ach tart a bheith
air go n-iarrfadh sé an deoch le cómharthaí sóird, agus
dá bhfaghadh sé an deoch go n-ólfadh sé é, gan aon
chómharthaí sóird a dhéanamh os a chionn. Conus a leigh-
isfá meisgeóir balbh le Gaeluinn, a Thaidhg?



Tadhg: Dá mbeadh na meisgeóirí go bhfuil an chainnt
acu leighiste agam dob fhusaide liom é, pé rud a
dhéanfadh na daoine balbha. Agus ní gádh an magadh, a
Dhonchadh. Ní cúrsaí magaidh é. Tá Éire sgriosta,
creachta, loitithe glan ag ólachán. Táid na trí miliúin
déag airgid úd ag imtheacht gach bliain uainn,
díreach fé mar a thógfimís amach as ár bpóca é agus é
chaitheamh le fánaidh na h-abhan. Ní h-eadh ach níos
measa go mór 'ná dá gcaithfí le fánaidh na h-abhan é.
Dá gcaithtí le fánaidh na h-abhan é bheadh deire leis.
Ní bheadh a thairbhe ná a dhíobháil thairis sin againn. Ach
nuair óltar é imthighean sé agus fanan a dhíobháil 'n-a
dhiaidh. Daoine ag teacht abhaile ar meisge. Tighthe
gan compórd. Clann gan bhia, gan eudach, gan slacht,
gan áird, gan múine, gan tabhairt suas, gan phaidir
gan Chré. Gorta agus oireasba istigh 's amuich. Dá
gcaillfí an t-airgead ach gan é dh'ól bheadh an sgéal
dona go leór, ach is seacht measa é nuair a bhíon an
chailleamhaint agus an meisge i n-aonfheacht orainn.
'Na choinnibh sin thall, dá stadadh an t-ól bheadh an dá
olc curtha dhínn againn. Is sean fhocal é, "An t-é
ná déanfidh a leas ní foláir dó a aimhleas a dhéanamh."
Tá an taobh eile de'n chainnt sin fíor leis. "An t-é
ná déanfidh a aimhleas ní foláir dó a leas a dhéanamh."
An t-é a sheachnóchaidh an t-ól, an t-é ná beidh choidhche
as a mheabhair, ní féidir dó gan úsáid a dhéanamh
d'á mheabhair. Beidh sé ag cuimhneamh ar an gcúram
a chuir Dia air, "a chlann do thógáilt i ngrádh agus i
n-eagla Dé." Cuirfidh sé a chlann ar sgoil agus
déanfidh sé a dhítheal ar iad a bheith múinte, beusach,


L. 143


slachtmhar, glan, ag dul ann. Beidh meas aige air
féin agus tuillfidh sé meas a chómharsan. Déarfidh
gach aoinne, "Sin fear galánta, creideamhnach." Ní
baoghal go ndéarfidh aoinne, "Sin fear sprideamhail
gur beag aige sgilling i dtigh an tabhairne!" Ní'l
aon bheann aige ar thigh an tabhairne ná ag tigh an
tabhairne air-sean. Ní chuimhnighid siad choidhche ar a
chéile. Caithfidh fear an tabhairne a shúil a thabhairt i
dtaobh éigin eile chun é féin a choimeád suas.



Dá mbeadh muinntir na h-Éireann go léir ar an
gcuma san is beag na tighthe tabhairne a bheadh in sna
sráidibh agus ar na crosbhóithribh againn. Ní ró mhór
an beann a bheadh ag Éire ar eugcóir agus ar dhroch-dhligh-
thibh Shasana. Bheadh na trí miliúin déag úd sa
mbliain aici 'á choimeád go daingean 'n-a póca féin.
Tá cainnt árd agus gleó mór déanta le tamal mar
gheall ar na trí miliúin eugcóra úd atá dhá dhéanamh
ar Éirinn i dtógáilt na cána. Labhartar go h-árd
agus go borb 'ghá rádh le muinntir Shasana go gcaithfid
siad leóirghníomh a dhéanamh. Ní chuirid muinntir
Shasana suim sa chainnt. Leorghníomh a dhéanamh!
B'ait leó san! Is éagsamhlach na daoine sinn! Ag
calaireacht ar mhuinntir Shasana 'ghá iarraidh ortha ár
dtrí miliúin atá acu á ghuid uainn do thabhairt thar
n-ais dúinn, agus trí miliúin déag againn á sgaoile
chucha anonn gach aon bhliain eirighean orainn! Ná
beadh sé chómh maith againn stad de'n chalaireacht agus
lámh do luighe ar na trí miliúin déag!



Donchadh: "Éist le fuaim na h-abhan," a Thaidhg,
"agus gheóbhaidh tú breac! "Cé luighfidh lámh ar na
trí miliúin déag?



Tadhg: An uile dhuine a cheapfidh i n'aigne gan deoch
meisgeamhail d'ól luighfidh sé lámh ar a chion féin
de sna trí miliúin déag.



Donchadh: Ó, tuigim anois tú. Ambasa ach is fíor
dhuit é. Isé an diúité a dheinean an chuid is mó de'n
airgead. An t-é ná h-ólfaidh an deoch, ní dhíolfidh sé as
an ndigh, agus an t-é ná díolfidh as an ndigh ní dhíolfidh


L. 144


an diúité. Dar fiadh, a Thaidhg, dá ndeineadh muinntir
na h-Éireann an nídh sin bheadh an diabhal déanta acu
ar mhuinntir Shasana! Is beag ná go ndéarfinn go
mbeadh sásamh bainte dhíobh againn as ar dheineadar
orainn riamh!



Tadhg: Seadh, agus an sásamh a bhaint amach gan ghuna
gan phíce! gan faobhar gan fuil!



ÓLACHÁN.



Donchadh: Ní féidir liom, a Thaidhg, an focal úd a
dubhraís an lá fé dheire do chur as m'aigne.



Tadhg: Cad é an focal? Tá oiread san ráidhte
againn araon le tamal, agus oiread san curtha tré
chéile againn, ní fheadar cad dó go bhfuilir ag tagairt
anois.



Donchadh: Táim ag tagairt do sna trí miliúin déag
airgid úd atá ag imtheacht uainn gach bliain, agus gan
bhac orainn ár lámh do luighe air agus é choimeád againn
féin anso i n-Éirinn aon lá is maith linn é.



Tadhg: 'Seadh agus nuair adubhart-sa an méid sin
dubhraís-se láithreach, "Cé luighfidh lámh air?"



Donchadh: Dubhart, agus ní gan chúis adubhart é. Is
cuimhin leat an sean fhocal; "Éire i bpáirt, Éire ar
lár." An rud fhéadfadh gach aoinne againn a dhéanamh
is amhlaidh a bhíon gach aoinne ag feitheamh le gach aoinne
eile chun a dhéanta. Isé rud a thagan as dúinn sa
deire, ní dheinean aoinne é. Choimeádfimís ár dtrí
miliúin déag sa mbliain dá luigheadh gach duine againn
a lámh féin ar a chion féin de'n airgead. Ba bhreagh
agus ba mhaith an rud le déanamh é dá ndéanfadh gach
aoinne é. Ach nuair ná déanfadh gach aoinne é cad é
an tairbhe dhómhsa ná dhuitse bheith 'ghá dhéanamh? Tá'n
tusa 'ghá dhéanamh, uait féin, le fada. Cad é an fhaid
atá, a Thaidhg, ó dhíolais-se aon leathphinne diúité a'
h-ól?


L. 145


Tadhg: Am briathar go bhfuil tamal maith ann, a Dhon-
chadh. Ní ró fhada go mbeidh dachad bliain ann.



Donchadh: Is fada an aimsir dachad bliain. Is 'mó
cor a chuir an saoghal de i gcaitheamh na h-aimsire sin.
An dóich leat an bhfuil puinn díobhála déanta agat
do mhuinntir Shasana leis an méid airgid diúité atá
bainte dhíobh agat? An dóich leat an mothuighid siad
uatha an méid a choimeádais-se uatha? Ach, rud is mó
le rádh go mhór 'ná san, dá n-iarrthá-sa anois ar dhuine
eile an rud atá déanta agat féin do dhéanamh cad
déarfadh sé leat? Déarfidh sé; "Cad tá de bharr
do shaothair agat le dachad bliain? Cad é an tairbhe
atá déanta agat d'Éirinn ná do mhuinntir na
h-Éireann? Cad é an mhaith dhómhsa aithris a dhéanamh
ort-sa mara bhféadad a dhéanamh ach oiread tairbhe
agus 'tá déanta agat-sa i gcaitheamh an dachad blian
atá chughainn! "Tá eagal orm, a Thaidhg, má's mian
leat daoine do chur suas chum a lámh do luighe ar a
gcion féin de'n airgead go bhfuil sé chómh maith agat
gan trácht i n-aon chor ar an ndachad blian san.



Tadhg: Ní mise tharraig anuas anois é, ach tusa. Ní
raibh aon fhonn orm trácht air. Tusa chuir an cheist
chugham. Ach tá deifrigheacht mhór idir an aimsir atá
anois againn agus an aimsir a bhí againn dachad bliain
ó shin. Tá machtnamh dhá dhéanamh anois ná raibh dhá
dhéanamh an uair sin, agus ná raibh dhá dhéanamh aon lá
i gcaitheamh na h-aimsire sin go dtí a bhfuil le fíor
dhéanaighe. Tá an t-olc dhá bhreithniú anois, agus dhá
thuisgint, níos fearr agus níos cruinne ná mar a
tuigeadh é aon lá i gcaitheamh na h-aimsire sin go dtí
a bhfuil le fíor dhéanaighe. Ó thosnuigh daoine ar a
bhreithniú agus ar a thuisgint n-a n-aigne gur rud
creideamhnach do dhuine Gaeluinn a bheith aige agus í
labhairt, tá a lán neithe eile leis acu 'á bhreithniú agus
'á thuisgint n-a n-aigne. Táid siad 'ghá bhreithniú go
bhfuil creideamhaint agus creideamhaint ann, agus
gur creideamhaint bhréagach an chreideamhaint a gheibhid
daoine de bharr iad a bheith fial sa n-ól. Chím ó'n Leader


L. 146


go bhfuil fir óga anois, agus nách beagán é, agus go
bhfuil sé socair 'n-a n-aigne acu an bhreallántacht san
ar a dtugtar "tréatáil" do chur fé chois. Sin ciall,
a Dhonchadh. Sin sgian mhaith, láidir, ghéar, 'á chur ar
aon phréimh amháin de'n olc pé n-Éirinn é. Dá dtarrai-
geadh duine chuige an sgian san dachad bliain ó shin is
amhlaidh a beifí ag stealadh mhagadh fé. Táid ár
bhfir óga ag glacadh an sgéil anois do chroidhe dháiríribh.
Is fada nár airigheas aon sgéal is mó chuir d'áthas orm
'ná an sgéal san. Na fir óga atá ag cuimhneamh ar an
nídh sin tá súil le Dia agam go gcuirfid siad a gcos
i dtalamh go daingean agus ná leogfid siad d'aon
tsaghas cómhachta ná comhairle an chos a bhogadh go
deó!



Donchadh: Má chuirid siad cos i dtalamh, mar a
deirir, a Thaidhg, agus gan an chos a bhogadh, beidh sgéal
acu sar a gcuirfid siad dachad bliain díobh ná fuil
agat-sa tar éis do dhachad bliain.



ÓLACHÁN.



Tadhg: Is 'mó sgéal nách é sin a bheidh ag muinntir
na h-Éireann, a Dhonchadh, sar a mbeidh dachad bliain
curtha dhíobh acu ná fuil againne tar éis ár ndachad
blian, má chuirid siad cos i dtalamh anois go dain-
gean agus gan an chos a bhogadh choidhche.



Donchadh: Siné díreach é, "gan an chos a bhogadh
choidhche." Is beag an tairbhe an chos a chur daingean i
dtalamh indiu má bogtar amáireach í. Má tá rainnt
d'fhearaibh óga na h-Éireann a chuirfidh cos i dtalamh
anois agus a cheapfidh n-a n-aigne gan deoch a thabhairt
i dtigh tabhairne d'aoinne beó, ní ró fhuirste a thiocfidh
sé chucha an aigne sin do chur i ngníomh. An chéad uair
a chífar duine acu ag dul isteach i dtigh tabhairne i


L. 147


n'aonar agus ag glaodhach ar dhigh agus ag ól an dighe i
n'aonar agus ag díol as agus ansan ag gabháil amach
chun a ghnótha, gan aon speic a chur ar aoinne, geallaim
dhuit go ndéanfar cúlchainnt air. Tabharfar spriún-
lóir air, agus tabharfar sprealairín air, agus tabharfar
bochtán air. Má ráinig go raibh cuideachta istigh sa
tigh tabhairne sin, ag ól agus ag glaodhach go "spride-
amhail" agus go "galánta," agus má chonacadar é, ag
teacht isteach agus ag glaodhach ar a dhigh féin agus ghá
ól agus ag díol a chúpla pingin as, beidh eachtra acu
go ceann seachtmhaine. Má bhuailean an fear san um
aoinne acu lasmuich is ar éigin fheuchfidh sé air. Má
castar beirt nú triúr de'n chuideachtain sin ar an
bhfear san is amhlaidh a bheid siad ag bagairt na súl ar
a chéile agus ag cogarnaigh le chéile, agus; "feuch
airiú! fear an dá phingin!" acu, agus an cogar árd
a dhóithin dó-san le h-aireachtaint. Tá eagal orm,
a Thaidhg, go mbogfidh an fear san a chos. Mara
mbogfidh is fear as an gcéad é. Ní h-eadh ach fear
as an míle.



Tadhg: Fan go fóil, a Dhonchadh. Má shocaruighid fir
óga na h-Éireann, nú rainnt díobh, a n-aigne chun na
h-oibre sin a dhéanamh ní h-ar an gcuma san a dhéanfid
siad í. Oibireóchaid siad a' láimh a chéile. Ní h-iarrfar
ar aon fhear aonair aghaidh a thabhairt ar shloigisg gan
chiall de'n tsórd san. Níor cheart a iarraidh air. Cuir
i gcás go mbeadh an chuideachta chéadna san a dubhraís
istigh sa tigh tabhairne chéadna, agus iad ag ól agus
ag glaodhach go "sprideamhail," mar adeirir, agus
cuir i gcás go dtiocfadh isteach cúigear nú seisear
d'fhearaibh óga, láidire, deagh-chúmtha, deagh-éadaigh,
agus go nglaodhfadh gach fear díobh ar a dhigh féin agus
go n-ólfadh gach fear díobh a dheoch féin, agus ansan
go ndíolfadh gach fear a dhá phingin féin, agus ansan
go n-eireochaidís agus go mbuailfidís amach i n-aon-
fheacht, conus a bheadh an sgéal ag lucht na cogarnaighe?
Nuair a bhuailfadh cuid de'n mhuinntir "ghalánta" um


L. 148


aoinne de'n chúigear san amuich ar ball, an dóich leat
an mbeadh aon bhagairt súl ná aon chogarnach ar siubhal?



Donchadh: Ambasa, a Thaidhg, ní dóich liom go mbeadh.
Agus dá mbeadh aon phioc ar siubhal de ní dóich liom
go raghadh sé abhfadh. Is gearr go dtuigfí go maith
aigne agus inntinn an chúigir sin, agus is tapaidh a
thuigfadh lucht na cogarnaighe nár bh'aon dóithín iad.
Ní bheadh bagairt súl ná cogarnach dhá dhéanamh úmpa,
agus dá labharthí i n-aon chor n-a láthair is go múinte,
beusach a labharfí. Agus déarfinn ní nách é sin.
Déarfinn gur beag má bheadh oiread agus aon duine
amháin sa chuideachtain sin ná déarfadh, nuair a mhacht-
nóchadh sé ar an sgéal gur ag an gcúigear a bhí an ceart.
Deirim leat, a Thaidhg, má déintear an obair ar an
gcuma san go raghaidh an obair chun cinn.



Tadhg: Tá iontaoibh mhór agam as na fearaibh óga
agus as na mnáibh óga atá ag tosnú anois ar leas na
h-Éireann do bhreithniú agus do thuisgint, agus d'aithint
go cruinn, seachas a h-aimhleas. Isé an t-ól aimhleas
na h-Éireann riamh ó tháinig dlighthe Sacsan chughainn.
Isé leas na h-Éireann an t-ól do chur fé chois. Má
dheinid ár ndaoine óga an gníomh so atá acu dhá mhacht-
namh cuirfid siad an t-ól fé chois. Bainfid siad an
"ghalántacht" as an ólachán, agus an rud a chaillean
a "ghalantacht" tugtar druim lámha leis.



ÓLACHÁN.



Donchadh: Ar airighis airiú, a Thaidhg, an t-éirleach so
a deineadh i mB'l'áth Cliath Dé Domhnaigh?



Tadhg: Ó 'seadh; an tabhairt amach a bhí acu i dtaobh
na Gaeluinne. D'airigheas. An rabhais ann?



Donchadh: Ambriathar go rabhas. Ní fheaca le m'
shaoghal radharc eile a chuir oiread áthais orm agus


L. 149


chuir an radharc a chonac ann. Admhuighim duit nuair
a bhíos ar an slighe, ag dul ann, go raibh sórd eagla orm
ná beadh sa tabhairt amach ach gal suip. Bhí a fhios
agam cad é an droch-mheas a bhí ar an nGaeluinn riamh i
mB'l'áth Cliath agus ní raibh aon choinne agam ná go bhfan-
fadh na daoine "galánta" gó léir sa bhaile n-a dtighthibh
féin, agus gur b'amhlaidh a bheidís ag feuchaint amach
as na finneógaibh ar na h-"amadáin," dar leó. I
n'inead san is amhlaidh a bhí na mílte acu sa chruinniú,
ag áit an choinne. Bhí an lá fliuch, fuar, agus níor
choimeád san sa bhaile iad. Nuair a tháinig am gluaiste
do'n tslógadh do luig na daoine go léir isteach agus
shiubhluighdar, "gach buidhean um a dtaoiseach agus gach
réim um a ríogra," go breágh, daingean, stuamdha:
fuaim a gcos ag freagairt do cheól bhreágh Gaedhlach,
go dtí gur shroiseadar áit an chómhthionóil. Nuair
fheuchfá ortha ba dhóich leat ná raibh aoinne óg 'ná aosta
sa chathair ná raibh ann. Ach bhí na mílte in sna finneó-
gaibh, ar an slighe, ag feucaint ar an ngluaiseacht, agus
gan amhras is 'mó duine de sna míltibh sin a cheap ná
raibh puinn brighe ná puinn bunúis le gnó na Gaeluinne
go dtí go bhfeacadar an radharc san. Is mór an
truagh ná rabhais ann, a Thaidhg! Deirim leat go
bhfuil neart i ngnó na Gaeluinne nár mheas aoinne
beó a bheith ann! Bheinn lán tsásta dá ngealltí roim
ré dhom go mbeadh ceathramhadh cuid na ndaoine ann
a bhí ann. Dhéanfadh sé deich mbliana níos óige thu dá
mbeifá ann agus an radharc d'fheiscint. Ansan
iseadh bheadh iontaoibh agat a' fearaibh óga agus a'
mnáibh óga na h-Éireann.



Tadhg: Is maith é sin, a Dhonchadh. Do léigheas an
cúntas atá in sna pápeuraibh ar an dtabhairt amach,
agus do thaithn an sgéal go mór liom. Ach is fearr'ná
san cúntas d'fhághail air ó dhuine a chonaic le n-a
shúilibh féin é. Is 'mó tabhairt amach d'á shaghas a bhí i
mB'l'áth Cliath le trí fhichid blian agus níor tháinig puinn
toradh d'á mbarr. Ach do réir mar a mheasaim, tá rud


L. 150


sa tabhairt amach so ná raibh i n-aon tabhairt amach d'ár
tháinig roimis riamh fós i n-Éirinn le cuimhne aoinne
atá suas. Roimis seo, nuair a deintí cruinniú de'n
tsórd san, agus gluaiseacht, agus ceól, agus fothram,
agus cainnt 'n-a caisíbh, go borb agus go dána, is
amhlaidh a bhíodh gach aoinne agus é 'n-a luighe ar a aigne
ná bíodh aoinne eile dáiríribh sa dánacht ná sa bhuirbe.
Is dócha go bhfeacaís uair éigin, a Dhonchadh, dhá ghadhar
gadhar mór agus gadhar beag, cnámh ag an ngadhar
láidir, agus an gadhar beag ag amhstaraigh. B'é an
Sasanach an gadhar láidir riamh roimis seo i n-Éirinn.
Is aige bhíodh an cnámh. Ní bhíodh ag Éire le déanamh
ach an amhstarach. Is dóich liom go bhfuil atharú ag
dul ar an sgéal san. Sa ghnó so na Gaeluinne isí
an Ghaeluinn an cnámh. Má 'sí is againn féin atá an
cnámh anois agus is ag an Sasanach atá an amhstarach
le déanamh, amhstarach Béarla. B'fhéidir go ndéarfadh
duine éigin; "Má 'sí an Ghaeluinn an cnámh ní'l puinn
feóla ar an gcnámh. Ní chuirfidh sí puinn blonaig
orainn!" Tá dearmhad mór ar an t-é a labharfadh ar
an gcuma san. Tá neart aigne sa Ghaeluinn. Is
treise neart aigne 'ná neart cuirp. Dá mba ná
déanfadh an Ghaeluinn aon rud eile go ceann tamail
ach neart a chur n-a n-aigne do mhuinntir na h-Éireann i
dtreó go ndéanfadh gach duine acu lámh do luighe ar a
chion féin de sna trí miliúin déag airgid úd atá ag
imtheacht sa n-ólachán, nár mhaith, milis, méith, an cnáimhín
é le piocadh! Chuirfadh sé rainnt blonaig orainn.
Bhainfadh sé rainnt amhstaraighe as an ngadhar mór. Ní'l
in sna trí miliúin déag ach aon chnáimhín amháin. Tá
fiche cnámh nách é sin go bhféadfimis fiacal a chur ann
dá mbeadh a fhios againn conus é, nú dá mbeadh sé de
neart aigne ionainn é dhéanamh. Neart agus misneach
aigne, a Dhonchadh, lom dáiríribh, iseadh chuir fhiachaibh
ar an mórshluagh san i mB'l'áth Cliath an gníomh san
a dhéanamh Dé Domhnaigh. Isí an Ghaeluinn a thug
an misneach aigne sin dóibh. Mar a thug sí an


L. 151


misneach san dóibh tabharfidh sí an misneach eile
dhóibh. Na daoine a dhein an gníomh san Dé Domhnaigh
déanfid siad tuille. Bain an chluas díom nú
déanfid.



ÓLACHÁN.



Donchadh: Gan amhras, a Thaidhg, is maith an rud neart
agus misneach aigne, ach is dóich liom go bhfuil daoine
ann a déarfadh leat gur beag an mhaith neart aigne do
dhuine a bheadh gan arm 'n-a lámh aige. Dá mbeadh piostal
'n-a láimh ag spriosán do lámhfadh sé an gaisgidheach is
treise dá mba ná beadh ag an ngaisgidheach ach a dhá
dhorn.



Tadhg: Is fíor é sin, a Dhonchadh, chómh fada agus a
théidhean an t-aon spriosán amháin agus an t-aon ghais-
gidheach amháin, nú chómh fada agus théidhean aon ghníomh
amháin ar aon ócáid amháin. Ach ní h-ar ghníomh aonair
ná ar ócáid aonair atáimíd ag cainnt, a Dhonchadh.
Agus ní h-ar laige cuirp ná ar neart cuirp atáimíd
ag cainnt. Ní'l sa ghaisgidheacht ach neart cuirp agus
ní'l sa spriosán ach easba an nirt sin. Is eól duit
an sean fhocal; "Ní h-iad na fir mhóra a bhainean
an fóghmhar." Tá obair le déanamh i n-Éirinn anois
agus oirean an sean fhocal do'n obair. Tá saothrú
againn le déanamh agus ní h-iad na gaisgidhigh ná na
spriosáin a dhéanfidh an saothrú san. Lucht macht-
naimh a dhéanfidh é. Daoine a dhéanfidh a gcuid
machtnaimh féin go cruinn agus go soiléir agus
go dlúth, agus a chuirfidh daoine eile ag machtnamh
mar an gcéadna. As an machtnamh tiocfidh eólus.
As an eólus tiocfidh neart. Ní féidir go Ghaedhlaibh
machtnamh ceart a dhéanamh gan Gaeluinn a bheith
acu. Le saothrú na Gaeluinne anois, d'á bhrigh


L. 152


sin, iseadh bainfar fóghmhar maith eóluis ar ball.
Leis an bhfóghmhar eóluis sin tiocfidh fóghmhar nirt,
foghmhar nirt aigne agus inntinne. Nuair a bheidh an
t-eólus agus an neart agus an misneach aigne ag an
ngaisgidheach, is 'mó cuma n-a bhfeadfidh sé teacht ainiar
adtuaidh ar spriosán an phiostail. Ní'l aoinne is
fearr a thuigfidh an méid sin 'ná an spriosán féin, agus
is tapaidh a chaithfidh sé uaidh an piostal. Tabharfidh sé
na miona ná raibh uaidh riamh ach an tsíothcháin! Ní chuir-
fidh an gaisgidheach puinn suime n-a shíothcháin ná 'n-a
phiostal.



Donchadh: Is breágh an targaireacht í sin, a Thaidhg.
Tá súil agam go dtiocfidh sí. Ní'l aon iontaoibh mhór
agam a' targaireacht. Is 'mó targaireacht bhreágh a
dhein an "Spéirbhean" do sna filíbh le cúpla céad
blian. Measaim go raibh dearmhadh ar an "Spéir-
bhean." B'fhéidir braon beag farais an gceart a bheith
ólta aici.



Tadhg: Mara raibh sé ólta ag an "Spéirbhean" is
dócha go raibh sé ólta ag an bhfile. Níor deineadh an
obair an uair sin atá dhá déanamh anois. An bhfeacaís
an páipeur nua Gaeluinne seo atá tagaithe amach?



Donchadh: An páipeur ar a dtugtar Banba an é?



Tadhg: 'Sé go díreach. Ar léighis é?



Donchadh: Chonac é ach níor léigheas é. Ní'l aon fhocal
Béarla ann.



Tadhg: Mara bhfuil tá Gaeluinn ann, agus tá macht-
namh ann, agus tá neart agus éirim ann. Cad 'n-a
thaobh nár chuir na filí a gcómhairle agus a n-aigne le
chéile céad go leith blian ó shin agus páipeur de'n
tsórd san a thabhairt amach i n-inead bheith ag taidhreamh
ar an "Spéirbhean" agus ag moladh céibhe a cinn go
dtí gur cheart di teinneas cinn a bheith uirthi! Ní raibh
blúire coinne agam-sa go bhféadfadh aon chualacht
daoine i n-Éirinn páipeur chómh maith, chómh bríoghmhar,
chómh bunúsach leis an bpáipeur san a thabhairt amach go
ceann fiche blian eile an chuid ba lugha dhe. Tá sé


L. 153


go léir go h-áluinn ach tá aon ealadha amháin ann agus
mheasas go sgoilfadh orm ag gáirí an fhaid a bhíos 'ghá
léighe.



Donchadh: Bhíos ag feuchaint tríd ach ní dócha gur
thugas fé ndeára an ealadha sin.



Tadhg: Conall Ceárnach a thugan an sgríbhneóir air
féin. Téidhean sé céad blian ar aghaidh agus tugan
sé dhúinn cainnt a bhí idir é féin agus Sasanach d'ár
b'ainim Mr. John Smith. An Sasanach 'ghá chásamh
go raibh an Béarla nách mór imthighthe as an saoghal agus
cainnt na Rúisínach curtha i n'inead i Sasana, agus
cómhairle aige dhá iarraidh ar Chonall i dtaobh conus
d'fhéadfí an Béarla d'athnuachaint. Ní fheacaís riamh ach
a dheiseacht a chuirean Conall an Gaeluinn chaol, chrochta,
i mbeul an tSasanaigh! Is fiú dhuit é léighe. Tá sé
dhuine dhéag ag sgrí Gaeluinne do'n pháipeur san,
agus iad go léir go fíor oilte ar a ngnó.



Donchadh: Agus cé h-é "Aongus Draoi," a Thaidhg?
Is iongantach an sult a chuirean sé in sna peictiúiríbh.



Tadhg: Déanfidh Aongus obair. Déanfid siad go
léir obair. Siniad na daoine a leighisfidh an t-ólachán.



ÓLACHÁN.



Donchadh: Táim 'ghá chuimhneamh, a Thaidhg, go mbeidh
obair níos mó go mór i leigheas an ólacháin i n-Éirinn
'ná mar a mheasan tusa.



Tadhg: Tá daoine sa tsaoghal, a Dhonchadh, agus ní
fheuchaid siad choidhche ach ar an dtaobh is deacra d'aon
saghas oibre. An obair is saoráidighe d'ár deineadh
riamh chuirfadh na daoine sin ó dhéanamh í le n-a gcuid
constaicí. Bhís ag cainnt le duine éigin acu ó bhís
anso an lá déanach.



Donchadh: Dar fiadh, a Thaidhg, ach tá an ceart agat sa
méid sin pé n-Éirinn é. Bhíos ag cainnt le Seán Bolg.


L. 154


Tadhg: Is ró fhuiriste do Sheán Bolg cainnt a dhéanamh.
'Sé an t-ólachán a chuir an bolg air, agus ní h-é an
méid d'ól sé féin ar fad ach an glaodhach atá ar an ól
'n-a thigh agus an córtha breágh airgid a fágtar aige i
ndeire gach seachtmhaine. Dá leighistí an t-ólachán sa
dúthaigh ní fada go n-imtheóchadh an bolg de Sheán. Geal-
laim dhuit nár ró fhada go mbeadh sé seang go leór. Ní
h-aon iongna Seán agus a leithéidí bheith ag cur cons-
taicí suas i n-aghaidh gach sórd leighis a cheapfadh aoinne
dhéanamh ar an ólachán. Ach cad deir sé, a Dhonchadh.



Donchadh: Deir sé fiche rud. Deir sé ná fuil aon
chiall ag an muinntir seo atá 'ghá cheapadh anois cos a
chur i dtalamh i n-aghaidh an nóis sin ar a dtugtar
"tréitáil." Gur b'amhlaidh a bheid na daoine ag magadh
fútha, agus i n-inead an nóis do bhrise gur b'amhlaidh
a neartóchar é. Deir sé, dá bh'fhéadfadh aoinne dár
mhair riamh olc an ólacháin do leigheas i n-Éirinn go
ndéanfadh an t-Athair Maitiú é trí fichid blian ó shin.
Deir sé, an rud a theip ar fhear de shaghas an Athar
Maitiú go bhfuil sé pas fiain ag sgata garsún tabhairt
fé anois. Ní fhéadfinn a innsint duit leath a ndeir
sé, ach táim 'ghá chuimhneamh ná tiocfidh an obair chómh
saoráideach agus is dóich le daoine áirighthe é.



Tadhg: Cuirfidh mé geall go ndubhairt sé dá leantí
de'n chos i dtalamh agus go raghadh an leigheas chun cinn
gur mhó an díobháil 'ná an tairbhe bheadh d'á bharr againn
i n-Éirinn.



Donchadh: Ambriathar go ndubhairt, chómh maith díreach
agus dá mbeitha ag éisteacht leis! Agus ambriathar
gur léirigh sé amach go breágh cruinn fiche leathlámh
agus fiche iomárd agus fiche cruadhtan a thiocfadh orainn
as an gcos i dtalamh san dá ndeintí é.



Tadhg: Tá smut de'n cheart aige. Thiocfadh fiche
leathlámh agus fiche iomárd agus fiche cruadhtan dó-san
agus dá leithéidí as. Ach i dtaobh deacarachta an sgéil,
a Dhonchadh, tá deifrigheacht mhór idir na daoine atá
anois ag cuimhneamh ar an gcos i dtalamh so dhéanamh agus


L. 155


na daoine a bhí beó i n-Éirinn i n-aimsir an Athar Maitiú.
Bhí aigne na ndaoine an uair sin brúite síos go talamh
fé chosaibh na Sasanach i n-Éirinn. Dhein na Sasanaigh
cos ar bolg ar na daoine bochta, agus i n-inead aon
chosaint a dhéanamh ar na daoine is amhlaidh a thóg an
dlighe páirt leis an eugcóir agus leis an gcos ar bolg.
Níor fhán iontaoibh ag aon Éireannach as aon saghas dlighe
ríghachta. Níor dhein na daoine ach a gceann a chromadh
agus luighe fé'n eugcóir. Níor fhan blúire misnigh
ionta, nídh nár bh'iongna. Ní raibh sólás saoghalta acu
ach sa bhraon óil nuair fhéadaidís é fhághail. Do luighdar
amach ar an sólás san do ghlacadh an iomad. Tháinig
an t-Athair Maitiú. Do labhair sé leo. Chuir a chainnt
spionadh ionta. Ní raibh ann ach spionadh. An fhaid
a lean sé bhí an sgéal go maith. Ach ní leanan spionadh
abhfad, agus nuair imthighean sé tuitean an lug ar an
lag níos measa 'ná riamh. Sin mar a thuit amach do
mhuinntir na h-Éireann chómh luath agus d'imthigh an
spionadh a chuir cainnt an Athar Maitiú ionta. Ní h-ag
brath ar spionadh de'n tsórd san a bheidh na daoine
atá 'ghá cheapadh anois cos a chur i dtalamh i n-aghaidh an
ólacháin, a Dhonchadh. Feuch, a Dhonchadh. Curfar cos i
dtalamh chun an ólacháin do leigheas díreach fé mar atá
an chos curtha i dtalamh chun na Gaeluinne do shaothrú.



Donchadh: Beidh an dá chois i dtalamh ansan.



Tadhg: Beidh, a Dhonchadh, agus ní bogfar iad, pé
rud a thiocfidh as do Sheán Bolg!



ÓLACHÁN.



Donchadh: Ach cogar, a Thaidhg. Cá ndéanfar an tos-
nú? Má bhíon páirc le saothrú ní foláir tosnú dhéanamh
i dtaobh éigin de'n phairc. Ní foláir bara na ráinne
chur i dtalamh i n-áit éigin. Ní dhéanfidh cainnt an obair.
Ní baoghal go n-iompóchaidh an chainnt oiread agus aon


L. 156


fhód amháin. Ní'l aon daoine is fearr a thabharfadh
cainnt duit ar olcaibh ólacháin 'ná na daoine is mó
a dheinean de'n ólachán. Ní fhéadaim gan dranagháire
dhéanamh nuair a chím duine acu ar bog mheisge agus
gan an tarna focal ag teacht as a bheul ná bíon "Dhrink
is a curse!" aige thiar leis. Bíon dúil agam' rúitíníbh
'n-a chluais! Is ar éigin fhéadaim mo lámh a choimeád
socair nuair a bhím ag éisteacht leis. An spreas!
Is fada bheidh an chos gan cur i dtalamh sar a gcuirfidh
a leithéid sin i dtalamh í.



Tadhg: Tá fhios agam cé h-é féin, a Dhonchadh. Leog
dó féin. Sgaoil leis. Nílimíd ag brath ar a leith-
éidíbh sin anois, mara bh'ionan a's an t-Athair Maitiú.
Bhí an dúthaigh lán díobh an uair sin, agus rud ba mheasa
'ná an dúthaigh a bheith lán díobh, bhí meas ortha agus bhí
uraim dóibh.



Donchadh: Dar fiadh, a Thaidhg, ach tá a lán acu sa
tsaoghal fós, pé meas atá ortha.



Tadhg: Má tá féin tá daoine nách iad sa tsaoghal
anois, daoine a dheinean úmpa an dranagháire céadna
úd a dheinis-se um - .



Donchadh: Ní dhéanfidh an dranagháire aon tairbhe ach
chómh bheag leis an gcainnt mara ndéanfar rud éigin
i bhfuirm gnímh.



Tadhg: Stó déanfar adeirim leat!



Donchadh: Ca bhfuil an rud i bhfuirm gnímh? Cé
dhéanfidh é? Cá dtosnóchfar? Cathain a curfar bara
na ráinne i dtalamh?



Tadhg: Go réidh! go réidh! a Dhonchadh. Bíodh foidhne agat.
Tá bara na ráinne sa talamh cheana. Tá daoine ins
gach aon pháirt d'Éirinn ag machtnamh go dlúth anois ar
an seanfhocal úd do shárú, "Ná bris nós agus ná dein
nós." Táid siad 'ghá shocarú 'n-a n-aigne nách foláir
feasta an nós so ar a dtugtar "tréitáil" do bhrise n-a
bhrusgar agus gabháil do chosaibh ann. Ní féidir rún
maith de'n tsórd san do chur i ngníomh do phreib.
Caithfar aimsir a ghlacadh chuige. An rud d'fhásan ró


L. 157


thapaidh feóchan sé go luath. An rud a bhíon fad-
shaoghalach, buan, bíon sé mall ag fás i dtosach bára.
An neart a phreaban suas go h-oban, le spionadh,
tuitean sé chómh tapaidh agus d'eirighean sé. An
neart d'fhásan go réidh agus a gheibhean caoi agus
aimsir agus uain ar chruinniú i gceart agus ar chruach-
taint, siné an neart a bheidh marthanach agus do chlaoidh-
fidh gach neart d'á mbeidh 'n-a choinnibh. Tá san fíor, a
Dhonchadh, i dtaobh gach sórd nirt corpartha, ach tá sé i n'
fhírinne níos mó go mór i dtaobh nirt na h-aigne.
Nuair a théidhean an machtnamh ceart isteach sa n-aigne
cuirean sé síol an nirt sa n-aigne. Fásan an síol
istigh sa n-aigne agus bíon an machtnamh fóghanta
fírinneach ag neartú an tsíl sin coitchianta, do ló
agus d'oidhche, a gan fhios do'n tsaoghal. Ar ball
tagan glaodhach ar an neart aigne sin. Cuirean an
duine sin roimis rud éigin a dhéanamh do réir thairbhe
an mhachtnaimh. Leathaid a súile ar an bpoibilidheacht
agus cuirid siad a mbasa anairde agus liúid siad
go bhfuil an duine sin as a mheabhair. Ní chuirean an
duine sin aon tsuim ionta. Tugan sé aghaidh ar an
obair a chuir sé roimis agus deinean sé an obair do
réir a mhachtnaimh.



Donchadh: 'Seadh, agus ansan atharuighean cách a liú.
"Ach!" adeir cách, "cad é an iongna an obair sin!
Dhéanfadh aoinne é! Dhéanfinn féin é - níos fearr
go mór!"



Tadhg: Siné direach mar atharóchaidh cách a chainnt ar
ball, a Dhonchadh, nuair a bheidh an "tréitáil" curtha
fé chois.



Donchadh: Go dtugaidh Dia san!


L. 158


ÓLACHÁN.



Donchadh: Is minic a bhím ag machtnamh, a Thaidhg, ar
olc an ólacháin i n-Éirinn, agus ní dóich liom go bhfuil
aon rud eile ar a ndeinim machtnamh is mó chuirean
amú mé 'ná an t-aon rud amháin sin. Nuair a mheasaim
go dtuigim an sgéal go bun, preaban rud éigin suas
a thaisbeánan dom go soiléir go bhfuilim as an slighe.
Deirim Liom féin, cuir i gcás, nách foláir nú tá dúil
éigin mhalluighthe, ó nádúr, ag muinntir na h-Éireann
sa n-ól, agus gur b'shiné bun-phréamh an uilc. Ní túisge
bheidh an méid sin socair agam, agus m'aigne sásta go
bhfuil an ceart agam, 'ná bhuailfidh b'fhéidir seana mheis-
geóir umam ar maidin Dé Luain agus a cheann ag sgoltadh
le teinneas agus a theanga n-a crústa istigh n-a bheul
agus a ghoile bocht gan fulang ar bholmac uisge ann,
tar éis ramhcáin an Domhnaigh agus an tSatharainn.



"Is uathbhásach an dúil atá agat ann mar ól," adeirim
leis," agus a rádh go gcurfá a leithéid sin de phionós
ort féin mar gheall air! Dá dtagadh teinneas ad'
cheann le toil Dé, nú dá dtagadh taom breóiteachta
ort le toil Dé, bheadh truagh ag duine dhuit agus ba
mhaith le duine a iarraidh ar Dhia, dá mb'é a thoil naomhtha
é, fuasgailt a thabhairt ort. Ach cad é an truagh fhéad-
fadh aoinne bheith aige dhuit-se! Dá mb'é an chéad
uair agat é b'fhéidir go mbeadh truagh ag duine dhuit.
Déarfadh duine; "Ní raibh fhios aige cad a bhí chuige." Ach
bhí fhios agat-sa go maith cad a bhí chughat. "Sé an Satharn
agus an Domhnach céadna agat é" le ní fheadar cad é an
fhaid, agus an cruadhchás agus an teinneas cinn céadna
ar maidin Dé Luain. Is eól duit an seanfhocal,
"duine bocht ar thoil Dé - agus duine bocht ar a thoil
féin." Nú "duine breóite ar thoil Dé - agus duine
breóite ar a thoil féin." Is uathbhasach an dúil é,
Dé Satharainn agus Dé Domhnaigh, agus a rádh ná
féadfadh teinneas an Luain é leigheas. "Bíon eagal


L. 159


ar an leanbh a dóightear." Ach ní bhíon eagal ar an
meisgeóir a dóightear. Cad na thaobh na bíon eagal
ar an meisgeóir a dóightear? Cad fé ndeár an dúil
mhalluighthe sa n-ól?" Cad is dóich leat, a Thaidhg,
a deir an meisgeóir sin liom?



Tadhg: Tá fhios agam go maith cad deir sé leat. Is
minic a dubhairt sé liom féin é. "Ó," adeir sé,
"Tá dearmhad ort. Ní'l blúire dúil sa n-ól agam.
Mairfinn go bhrách gan braon a bhlaise dhe. Is le
seirbhthean a bhlaisim an chéad ghloine um thráthnóna
Dé Satharainn. Is ar éigin fhéadaim é shlogadh. Dúnan
mo sgórnach agus mo ghoile n-a choinnibh. Ach ní thabhar-
finn le rádh dhóibh ná h-ólfinn é. Ní imthighean an
seirbhthean go mbíon dó nú trí dheochaibh ólta agam.
As san amach sloigim é mar a shloigfadh gamhain leamh-
nacht agus ní chuimhnighim choidhche ar "Mhargadh an Luain."
Ach, mar a deir an sean amhrán, "Margadh an Luain sé
chráidh mé 'm chroidhe!""



Donchadh: Siné díreach an focal atá acu go léir.
Ní mheasaim go mbíd siad go léir ag ceapadh éithigh sa
sgéal. Mara mbíd ca bhfuil an dúil sa n-ól? Má's
fíor an chainnt sin a deirid siad, nú má's fíor an
chuid is mó de'n chainnt, ní dúil sa n-ól is bun le h-olc
an ólacháin i n-Éirinn. Is ait an obair í. Daoine
'ghá gcreachadh féin, agus 'ghá lot féin, agus ag brise a
slainte agus ag brise clú an náisiúin os cómhair an
domhain, agus 'ghá ndamaint féin le h-ólachán, agus
gan aon dúil sa n-ól acu!



Tadhg: Tá a lán de bhun-phréimh an uilc, a Dhonchadh, sa
bhfocal úd adeirid siad go léir. "Ní thabharfinn le
rádh dhóibh ná h-ólfinn é." Tá a lán machtnaimh déanta
agam féin ar an bhfocal san ach ní'l uain againn ar a
thuille cainnte dhéanamh indiu.



Donchadh:- Do thuigfinn duine 'ghá rádh ná tabharfadh
sé le rádh do dhaoinibh go ndéanfadh sé droch-bheart.
Ach duine 'ghá rádh ná tabharfadh sé le rádh do dhaoinibh
go seacnóchadh sé droch-bheart.


L. 160


Tadhg: Deirim leat, a Dhonchadh, gur 'mó droch-bheart
chaillte a deintear mar gheall ar an bhfocal san féin,
"Ní thabharfinn le rádh dhóibh ná déanfinn é."



ÓLACHÁN.
Tadhg: Deirim leat, a Dhonchadh, gur fiú an focal
san machtnamh a dhéanamh air. "Ní thabharfinn le rádh
dhóibh ná h-ólfinn é." Ní dóich liom go bhfuil focal is
minicighe a deirtear 'ná é, agus pé uair a h-innstear
bréag ní h-innstear é nuair a deirtear an focal san.
Nuair adeir meisgeóir ná fuil dúil i n-ól aige b'fhéidir
go ndeir sé bréag. Nuair adeir sé gur le meas ar
mheisgeóir eile a thugan sé deoch dó deir sé bréag mhór.
Ní'l aon mheas ag meisgeóir ar mheisgeóir eile ach
droch-mheas. Nuair a ghlaodhan sé ar dheoch do chuideach-
tain mhór, agus nuair a tharraigean sé mám airgid as
a phóca chun díol as an ndigh, agus nuair fheuchan sé sa
tímpal ortha, go séimh agus go sultmhar, ghá leogaint
air ná fuil blúire suime aige sa n-airgead, deir sé
bréag ana mhór. Ní'l aon phíosa de'n airgead san
ná bainean fásgadh as a chroidhe, an cníopaire! Ach
nuair adeir se, "Ní thabharfinn le rádh dhóibh ná glaodh-
finn!" agus, "Ní thabharfinn le rádh dhóibh ná raibh
spirid agam!" agus, "Ní thabharfinn le rádh dhóibh go
raibh aon doicheal orm!" agus, "Ní thabharfinn le
rádh dhóibh ná raibh airgead agam!" agus, "Ní thabharfinn
le rádh dhóibh go ndéanfinn beart lag!" ansan bíon an
fhírinne ghlan aige. Níor mhiste dhó aoirde an tighe de
leabhraibh a thabhairt n-a chainnt nuair adeir sé, "Ní
thabharfinnn le rádh dhóibh é!"



Donchadh: Ach feuch, a Thaidhg. Cé h-iad ná tabhar-
fadh sé le rádh dhóibh é? Daoine díreach mar é féin!
Daoine a thuigean an uile chor d'á bhfuil n-a chroidhe


L. 161


chómh maith agus dá mbeidís istigh ann! Daoine a
thuigean go h-áluinn ná fuil sa tséimhe ach púicín agus
ná fuil sa tsult ach púicín eile, agus go bhfuil an
croidhe bocht, cruaidh, spriúnluithe, doichealach, laistigh
díobh araon! Ní'l duine sa chuideachtain ná tuigean an
méid sin.



Tadhg: Rud is greanmhaire 'ná san féin, a Dhonchadh;
tá a fhios aige-sean go dian mhaith go dtuigid siad é.
Agus tá a fhios acu-san go dtuigean seisean iad.
Tuigid siad féin a chéile go h-áluinn.



Donchadh: Agus cad chuige na púicíní mar sin?



Tadhg: Asdó ní thabharfidís le rádh d'á chéile go
dtuigid siad a chéile. Siné bun agus barr na cleasaidh-
eachta ar gach taobh. Ní foláir leó, ar gach taobh, bheith 'ghá
leogaint ortha le chéile gur daoine galánta iad.



Donchadh: Agus cad é an mhaith an ghalántacht nuair
atá fhios acu, ar gach taobh, ná fuil sa ghalántacht ach
galántacht bhréagach!



Tadhg: Bhuailis do mheur air. Dúil sa ghalántacht
a bhíon ag cur ortha ar gach taobh agus nuair nach
féidir leó an rud fírinneach d'aithint ó'n rud bréagach
bíd siad coitchianta ag rith i ndiaidh an ruda bhréagaigh.
Siné atá ag lot na nÉireannach riamh sa náisiún so. An
dúil sa ghalántacht 'ghá mbaint de'n tsaoghal agus gan
acu le fághail, thoir thiar ná thall, ach an ghalántacht
bhréagach. Tá sí go h-olc agus go tiobaistach, ach dá
olcas í is fearr í, dar leó, 'ná gan aon ghalántacht a
bheith acu. Aon tsaghas ruda gur dóich leó go bhfuil
ainim na galántachta air, "Ní thabharfidís le rádh d'á
chéile ná déanfidís é." Tá a rian air. Táid siad,
ó mhaidin go h-oidhche, agus ó Luan go Satharn, agus ó
shliocht go sliocht, ag déanamh a n-aimhleasa, le corp
galántachta, agus "Ní thabharfidís le rádh d'á chéile"
go ndéanfidís a leas. Is glan a h-innstear an
fhírinne nuair adeirtear, "Ní thabharfinn le rádh dhóibh
ná h-ólfinn é!"



Donchadh: An bhfuil slighte eile, a Thaidhg, 'n-a ndeinid


L. 162


muinntir na h-Éireann aimhleas, ag rith i ndiaidh
galántachta, d'éaghmais an óil?



Tadhg: Am briathar go bhfuil, fiche slighe. Buile chun
galántachta iseadh fé ndeára dhóib an Gaeluinn a
chaitheamh uatha, agus Béarla briste bheith n-a mbeul acu
n-a h-inead. Buile chun galántachta fé ndeára dhóibh
gan aon mheas a bheith acu ar aon rud a deintear i
n-Éirinn, agus a cheapadh gur rud éigin uasal gach
drabhuíol a thagan tar lear. Ní thabharfidís le rádh
d'á chéile go mbeadh aon mheas acu ar aon rud a bheadh
Gaedhlach!



Donchadh: Agus nách rudaí Gaedhlacha iad féin!



Tadhg: 'Seadh, agus siniad ag déanamh a gcroidhe
dithil iad chun rudaí Gallda dhéanamh díobh féin!



ÓLACHÁN.



Donchadh: "Ag déanamh a gcroidhe díthil chun rudaí
Gallda dhéanamh díobh féin! "Is uathbhásach an chainnt
í sin, a Thaidhg. Ní ceart cainnt de'n tsaghas san do rádh
mara mbeadh duine lán deimhnightheach go mbeadh an
fhírinne aige. Táim ag éisteacht le gnóthaíbh poibilidhe
anois ó tháinig brígh ionam, agus le cainnt phoibilidhe,
agus chómh fada agus théidhean mo thuisgint, isé bunus
na ngnóthaí agus na cainnte riamh daoine fíor Ghaedh-
lacha dhéanamh de mhuinntir na h-Éireann. Ní'l gnó
poibilidhe d'á gcurtar ar bun i n-Éirinn nách chun tairbhe
éigin a dhéanamh do mhuinntir na h-Éireann, nú chun cirt
éigin a bhaint amach dóibh, a curtar ar bun é. Ni'l aon
fhear poibilidhe d'osgalan a bheul chun cainnte i n-Éirinn,
nách 'ghá shíor chur i bhfeidhm a bhíon sé ar mhuinntir na
h-Éireann gur ceart dóibh seasamh le chéile go dána
agus ceart na h-Éireann do bhaint amach, dóibh féin
agus d'á sliocht, ó eugcóir agus ó chlaon-dlighthibh


L. 163


Sacsan. Dá mbeidís go léir ag déanamh a gcroidhe
dithil chun rudaí Gallda dhéanamh díobh féin conus
fhéadfidís bheith coitchianta ag cur gnóthaí ar bun agus
ag déanamh cainnte i n-aghaidh na Sacsan?



Tadhg: Ní'l sa méid sin ach taobh de'n sgéal, a
Dhonchadh, agus tá an dá thaobh ar an sgéal so fé mar
atá ar gach sgéal eile. Is fíor, mar a deirir, gur 'mó
gnóthaí móra a cuireadh ar bun i n-Éirinn le trí fichid
blian, agus is 'mó cruinniú mór daoine a bailigheadh,
agus is 'mó cainnt a deineadh os cómhair gach árd
chómhthionól díobh, ach cad é an saghas cainnte a deintí?
Béarla. Go dtí a bhfuil le fíor dhéanaighe bhí Gaeluinn
bhreagh bhlasta ag an uile dhuine d'á mbíodh ag na cómh-
thionólaibh móra san agus níor labhradh riamh aon fhocal
di leó, ach gur labhair Domhnall ua Conaill rainnt di
leó uair éigin 'n-ar theastuigh uaidh amadáin a dhéanamh
de sna spiairíbh a tháinig chun a chainnte do sgrí síos,
chun greama éigin do bhreith air 'n-a chainnt. Béarla do
labharthí i gcómhnuighe ar na cómhthionólaibh móra san.
Cad na thaobh ná labharthí aon fhocal de'n Ghaeluinn?
Mar ní h-í a thaithneadh leis na daoine. Dar leó b'é
an Béarla ba ghalánta. Ní raibh aon mheas acu ar an
nGaeluinn. Bhí sí ró Ghaedhlach. Rud éigin Gallda
a bhí uatha. Dá mb'é an Béarla féin é, isé an cainnteóir
ba Ghallda a labhradh é b'fhearr a thaithneadh leó. Dá
Gallda, dar leó, a bhíodh an Béarla agus dá olcas a
thuigidís é iseadh is fearr a thaithneadh sé leó. Agus
i dtaobh na gcainnteóirí, ní bhíodh an Béarla ró mhaith
agá lán acu, ach dheinidís é chasadh agus é chrochadh 'n-a
mbeul agus a nglór do chasadh, agus srangán do chur
fé n-a dteangain, mar dh'eadh gur "English accent" a
bhí acu. Is amhlaidh mar a bhí an sgéal acu, ní thuigeadh
na cainnteóirí féin an chainnt a bhíodh acu dhá stealadh
amach chun na ndaoine, agus ní thuigeadh na daoine an
chainnt, ach do leogadh gach taobh ortha, idir chainnteóirí
agus daoine, go dtuigidís go h-áluinn í. Ní thabhar-
fidís le rádh d'á chéile ná tuigfidís an Béarla. Ba


L. 164


lag leó an fhírinne d'innsint. Cad 'tá ansan, a Dhon-
chadh, ach iad go léir, idir chainnteóirí agus daoine, ag
déanamh a gcroidhe díthil chun iad féin a dhéanamh Gallda!
Rud galánta dob eadh bheith Gallda, dar leó. An
dúil sa ghalántacht laistiar de'n mheisge, agus an dúil
sa ghalántacht laistiar de'n Galldacht. "An láir
bhan ag dul ar sgáth na cupóige agus an chupóg ag
teiche uaithi!"



Donchadh: Stad! stad! a Thaidhg. Tá an donus agat
dhá dhéanamh. An amhlaidh a mheasfá a chur 'n-a luighe orm,
dá labharadh Dómhnall Ua Conaill Gaeluinn leis na
daoine in sna cómhthionólaibh móra, ná taithnfadh san
leis na daoine! Ní chreidim focal de sin, a Thaidhg.
An uair sin díreach iseadh do cailleadh an sgéal ar fad
i dtaobh na Gaeluinne. Dá labharthí an uair sin í leis na
daoine do thaithnfadh sí leó agus bheadh meas acu uirthi
agus bheadh sí láidir beó anois againn.



Tadhg: Gaoth! a Dhonchadh. Níor labhradh leó í mar
ní h-í a bhí uatha. Béarla a bhí uatha. Galántacht a bhí
uatha. Galldacht a bhí uatha. Míchéadtach go leór a
bheidís de'n t-é ná labharfadh Béarla leó. "An
amhlaidh is dóich leis ná fuil aon Bhéarla againn!"
Ní fearr bheith siar ná aniar ar an sgéal, a Dhonchadh.
Eirigh siar nú ódheas nú óthuaidh anois go h-áit éigin
'n-a bhfuil Gaeluinn dhá labhairt agus labhair Gaeluinn
le duine ann agus feiceam cad é an freagra gheóbhair.
Cuirimís an tsrathar ar an gcapall gcóir.



GALÁNTACHT.



Donchadh: Cad é an brígh a bhí agat an lá déanach, a
Thaidhg, leis an bhfocal úd a dubhraís i dtaobh na galán-
tachta: An láir bhan ag dul ar sgáth na cupóige agus
an chupóg ag teiche uaithi?"


L. 165


Tadhg: Focal é sin, a Dhonchadh, a bhíodh ag seana Liam
Ua h-Ógáin fadó, agus an sgéal fianaidheachta aige
dhá innsint dúinn.



Donchadh: Ach cad é an brígh a bhíodh aige leis an
gcainnt? Cad é an rud an láir bhán? agus conus
fhéadfadh an láir dul ar sgáth na cupóige?



Tadhg: An ghealach an láir bhan, agus an sgamal an
chupóg. Nuair a bhíodh an tráthnóna ann, dar leis an
sgéalaidhe, bhíodh an ghealach ar an spéir agus í féin
agus na sgamail ag iomaigh le chéile, an ghealach a
d'iarraidh í féin do shádh laistiar de'n sgamal agus, chómh
luath agus bhíodh sí sáidhte i bhfolach ann, an sgamal ag
imtheacht uaithi i dtreó go mbíodh sí dhá nochtadh airís
chómh tiugh agus théidheadh sí i bhfolach. Sin mar a bhíodh
"an láir bhán ag dul ar sgáth na cupóige agus an
chupóg ag teiche uaithi."



Donchadh: Agus conus a thagran tusa an chainnt sin
do'n dúil úd sa ghalántacht atá, mar a dubhraís, lais-
tiar de'n mheisge agus laistiar de'n Galldacht ion-
ainn anso i n-Éirinn?



Tadhg: Dúil sa ghalántacht atá 'ghár marbhú riamh,
a Dhonchadh. Isé atá 'ghár mbaint de'n tsaoghal. Dá
bhfanadh ár gcroidhe agus ár ndúil socair ar an ngal-
ántacht cheart bheadh an sgéal go maith againn, ach níor
fhan. Rud fíor ghalánta do dhuine iseadh a bheatha do
riarú do réir a ghustail. Ach cad a chímíd ag daoine
dhá dhéanamh i n-Éirinn coitchianta? Chímíd iad ag
bualadh amach chun margaidh nú chun aonaigh nú chun aif-
rinn, i n-órdú eudaigh atá os cionn a ngustail. Bíd
siad ag déanamh eugcora ortha féin sa bhaile chun na
sgléipe sin a dhéanamh lasmuich. Ní bhíon sólás ná
cúmpórd sa bhaile acu toisg gan an gustal a bheith do
réir an chostais. As san tagan fuath acu do'n bhaile
agus do gach aon nídh a bhíon ann. Ní'l an tigh galánta
a dhóithin. Ní'l an triosgán galánta a dhóthain. Ní'l
an t-athair ná an mháthair galánta a ndóithin. Ní dóich
leis na cailíní go bhfuil na buachaillí galánta a ndóithin.


L. 166


Is dóich leis na buachaillíbh ná fuil a ndeirbhshéracha
féin leath chómh múinte ná chómh beusach ná chómh galánta
leis na cailíní a bhuailean úmpa amuich. Bíon an
sgéal céadna díreach ag an muinntir amuich i dtaobh
a n-athar agus a máthar agus a líntighe féin. Tagan
fuath agus droch-mheas acu go léir ar an seana thigh,
agus ar an seana líntighe, agus ar an seana thínteán,
agus ar an seana úrlár. Ní thabharfhidh athair ná máthair
ná dritháir ná drifiúr focal cneasta d'á chéile ó cheann
ceann de'n bhliain.



Leathan an t-olc. An dúil i ngalántacht nách féidir
fhághail, tugan sé droch-mheas do'n líntighe ar a chéile.
Tugan sé droch-mheas do mhuinntir an bhaile ar an
mbaile. Tugan sé droch-mheas do mhuinntir na paró-
iste ar an bparóiste. Agus fé dheire thiar thall,
tugan sé droch-mheas do mhuinntir na h-Éireann ar
Éirinn. Téidhan sé isteach go daingean n-a n-aigne
nach féidir aon nídh Gaodhlach a bheith galánta. Is maith
í an Gaeluinn. Is breágh bog, milis, bríghmhar an
chainnt í. Ach ní'l sí galánta. Agus cad é an mhaith
í nuair ná fuil sí galánta.



Donchadh: Agus dar ndóich tá sí galánta! Cad é
an mhaith dhuit bheith ag cainnt ar an gcuma san!



Tadhg: Táim ag cainnt, a Dhonchadh, ar an ngalántacht
bhréagach so atá ag dalladh na ndaoine. Ní'l aon
phioc de'n ghalántacht bhréagach san sa Gaeluinn.



An airighean tú leat mé, a Dhonchadh? Tá a lán
cainnte déanta le tamal ar cad fé ndeára do mhuinn-
tir na h-Éireann bheith ag imtheacht thar na faraigíbh. Isé
mo thuairim féin gur corp dúil sa ghalántacht atá ag
cur ruaig an ráis ortha!


L. 167


GALÁNTACHT.



Donchadh: Chuir do chainnt anso an lá déanach ag
machtnamh mé, a Thaidhg. Is dóich leat-sa go ndeinan
tú féin dhá thaobh gach sgéil do bhreithinú i gceart agus
le cruinneas, agus ná fágan tú aon nídh i n-aon taobh
de'n sgéal gan feuchaint chuige agus a chothrom féin
brighe agus éifeachta thabhairt dó. I n'inead san ní
feicim aoinne is mó a rithan chun siubhail le taobh de'n
sgéal ná thu, agus an taobh eile fágtha ad' dhiaidh ar
fad agat.



Tadhg: Aililiú! Agus cad é an taobh de sgéal na
galantachta d'fhágas am' dhiaidh an lá déanach?



Donchadh: Dá nglacadh duine do thuairisg-se ar
línibh-tighe na h-Éireann ní ró mhór an meas fhéadfadh
sé bheith aige ar mhuinntir na h-Éireann, óg ná críona,
amuich ná i mbaile. Pé dúil atá acu i ngalántacht
d'fhagais-se gan puinn galántachta iad! Agus dheinis
eugcóir ortha, a Thaidhg, eugcóir throm. Tá aithne
maith agam ar a lán acu, agus deirim leat nách í do
theistiméireacht-sa an teistiméireacht atá tuillte acu.
B fhéidir gur minic ná bíon neithe sa bhaile chómh galánta
agus ba dhóich le duine a chífadh cailíní agus buachaillí
an tighe, ag gabháil amach Dé Domhnaigh chun an aifrinn.
Ach má' eadh ní baoghal go n-aireóchaidh aoinne focal
amach a' beul aoinne acu ach focal a thaisbeánfidh go
bhfuil meas acu ar a chéile agus go bhfuil uraim acu
d'á n-athair agus d'á máthair. Abair-se, nú abradh
aoinne eile, i láthair duine acu, focal tarcuisneach
leis an athair nú leis an máthair nú le h-aoinne de'n
chlainn, agus geallaim duit ná déarfir an focal an
tarna h-uair. Ní'l le fághail sa domhan, is cuma
liom canad é, líntighe chómh dílis d'á chéile agus
chómh mór cion ar a chéile, agus chómh mór cion ar
athair agus ar mháthair, le líntighe Éireannach. Is ró
anamh a bhíon an sgéal ar a mhalairt de chuma. Is ró


L. 168


anamh a h-airightear buachaill óg nú cailín óg i n-aon
áit i n-Éirinn, chómh fada agus a théidhean m'aithne-se,
ag cogarnaigh agus ag tromaidheacht ameasg cómharsan
ar an muinntir a bhíon 'n-a ndiaidh sa bhaile. Pé uair
fhánach a h-airightear a leithéid bíon gráin ag na cómhar-
san ar an t-é dheinean é. Ar an ngráin sin iseadh
tháinig an sean fhocal úd; "Is olc an t-eun a shailighean
a nead féin." Taisbeánan an sean fhocal nách indiu
ná indé do thosnuigh an ghráin sin ar an saghas san oibre.
Agus dhéanfá-sa amach anois, agus churfá 'n-a luighe
orm, go bhfuil an sgéal ar a mhalairt de chumha ar fad.



Tadhg: Fan go fóil, a Dhonchadh. Má thógas-sa liom
taobh de'n sgéal do thógais-se leat an taobh eile dhe
go beacht. Is fíor an uile fhocal d'á bhfuil ráidhte
agat-sa. Is fíor an méid a dubhart-sa leis; an uile
fhocal de. Cuir an dá thaobh le chéile agus cad tá agat?
Deirim-se ná fuil cailín óg ná bhuachaill óg i n-Éirinn
indiu gan uabhar agus bochtainacht agus ceann fé
ortha toisg gan an líntighe i n-ar tógadh iad do bheith
níos galánta. Deirir-se ná fuil cailín óg ná buachaill
óg i n-Éirinn indiu ná buailfidh buille dhorn isteach sa
bheul ar aoinne a thabharfidh asachán ná tarcuisne dóibh
féin ná d'aoinne a bhainean leó. Tá corp na fírinne
sa dá chainnt. Ach feuch, a Dhonchadh, a mhic ó; cad tá
sa chainnt go léir, ar gach taobh, ach corp galántachta!
Leogaim leat gan amhras go bhfuil dhá shaghas galán-
tachta ann, galántacht bhréagach agus an ghalántacht
atá fírinneach, dílis, ceart.


L. 169


GALÁNTACHT.



Tadhg: Is 'mó cor i n-aigne an duine, a Dhonchadh, a
mhic ó; agus is mó taobh, agus leathtaobh, ar mheón an
duine.



Ní'l focal d'á ndubhraís i dtaobh na dtréithe maithe
atá sa líntighe Éireannach ná fuilim-se ar aon aigne
leat ann. Táid siad go léir, idir athair agus máthair
agus clann, fíor dhílis d'á chéile, agus tuigean an uile
dhuine acu, ar gach taobh, dá mhéid meas a thaisbeánfidh
sé do'n chuid eile de mhuinntir an tighe gur b'eadh is mó
an meas a thabharfidh sé air féin ó sna cómharsain.
Agus tuigean sé leis, aon rud a chuirfidh droch-mheas ar
an líntighe n-ar tógadh é go gcuirfidh sé droch-mheas
air féin. Ní dóich liom go bhfuil aon daoine is fearr
a thuigean an méid sin ná mar a thuigid muinntir na
h-Éireann é. Thuigadar riamh é. Tháinig an tuisgint
chucha anuas ó sna seacht sínsireacha. Ní raibh aon nídh
riamh ba mhó ag an Éireannach 'ná a bheith le rádh aige nár
bh'fhéidir d'aoinne asachán do chasadh le h-aoinne a bhain
leis. Ba mhór agus ba mhaith an congnamh an méid sin
chun na ndaoine choimeád uasal 'n-a n-aigne. An t-é
go ngoillfadh sé chómh daingean san air asachán a bheith
le casadh leis féin ná le h-aoinne a bhainfadh leis is 'mó
cruadhtan d'fhuilingeochadh sé sar a ndéanfadh sé
beart spriúnlaithe nú beart lag, le h-eagla go gcasfí
i n'asachán leis é 'n-a dhiaidh san, ná le h-aoinne bheadh
i ngoireacht seacht nglúine gaoil dó. Ach feuch, a
Dhonchadh, cad 'tá ansan ar fad ach galántacht aigne?



Donchadh: Agus darfidia, a dhuine, an amhlaidh a
mheasfá gur cheart do dhaoinibh an ghalántacht aigne
sin do chaitheamh uatha!



Tadhg: Ní h-amhlaidh i n-aon chor. Ach nuair a chím an
ghalántacht aigne sin 'ghá chur n-a luighe ar dhuine gur
ceart dó, cuir i gcás, é féin a chur ar meisge, nú duine
éigin eile chur ar meisge, nú costas a dhéanamh os


L. 170


cionn a ghustail, ag rith i ndiaidh uaisleachta, nú casadh
chur 'n-a ghlór, mar dh'eadh go raibh taithighe aige ar chómh-
rádh daoine uaisle, nú fiche rud eile de'n tsórd san,
deirim leat ná taithnean sé liom, agus nách féidir liom
gan a rádh am' aigne féin ná fuil sa tsaghas san galán-
tachta ach galántacht ag dul amú.



Feuch ar an líntighe chéadna san, a Dhonchadh, go bhfuil
an uraim go léir acu d'á chéile, agus d'á n-athair agus
d'á máthair. Imtheóchaidh duine acu thar faraige, anonn go
Sasana nú siar go Sasana Nua. Tiocfidh sé abhaile i
gcionn bliana nú leath-bhliana. Éist le n-a chainnt.
Ba dhóich leat air gur cloichín atá fé n-a theangain aige!
Sar ar imthigh sé bhí cainnt bhreágh, bhlasta, ghrádhmhar,
aige. Anois cad tá aige? Tá dranntán caoch-
shrónach! Tá casadh coimhtheach 'n-a ghlór. Ba dhóich
leat air gur b'amhlaidh a tháinig máchail éigin ar a charbal,
slán mo chómhartha! Cad fé ndeár an t-atharú san
a Dhonchadh? Cad a chuir an chloichín fé theangain an
bhuachalla san? Cad a chuir an casadh coimhtheach san
'n-a ghlór? Cad a chuir an caoch-shrónaighe air? Ní
raibh aoinne a bhain leis riamh caoch-shrónach! Bhí guth
breágh bínn ceólmhar ag an uile dhuine riamh acu. Cad
a chuir an mháchail ar a charbal san? Cad a dhein balbhán
caoch-shrónach de i n-aon bhliain amháin!



Donchadh: An ghalántacht is dócha.



Tadhg: Cuir focailín eile leis agus tuigfimíd
a chéile. Galántacht ag dul amú iseadh thug an cor
san air. Feuch, a Dhonchadh. Dá mbeadh Gaeluinn
mhaith ag an mbuachaill sin ag fágáilt an bhaile dhó, agus
meas aige uirthi; agus dá mbuaileadh daoine thall uime
go mbeadh Gaeluinn mhaith acu agus meas acu uirthi, ní
baoghal go mbeadh sé 'n-a bhalbhán chaoch-shrónach ag teacht
abhaile chughainn.


L. 171


GALÁNTACHT.



Donchadh: "Balbhán caoch-shrónach!" Dar fiadh, a
Thaidhg, siní an ainim is deise d'airigheas riamh, le tabhairt
ar an bhfear a théidhean thar faraige agus chaithean rainnt
aimsire i ndúthaigh iasachta, agus ansan, nuair a thagan
sé abhaile ná tuigfá focal uaidh, ach é ag snagaireacht
tré n-a shróin, i dtreó gur dhóich le duine gur b'amhlaidh
a bheadh an sine-seáin tar éis tuitim aige!



Tadhg: Seadh, agus ná tiocfidh an tarna focal caoch-
shrónach féin as a bheul gan, "Oi guess," nú "Oi kelclet,"
nú brúscar éigin de'n tsórd san aige, roimh gach focal
agus i ndiaidh gach focail, agus casadh 'n-a phus agus
a chainncín anáirde aige, chómh maith le n-a rádh
nár cóir aon mheas a bheith ar aoinne ná labharfadh
caoch-shrónach agus ná déarfadh "Oi guess," agus
"Oi kelclet."



Donchadh: Is fíor dhuit é. Ní cuimhin liom, puinn,
duine acu nár fhág an baile agus cainnt bhreágh mhilis
cheólmhar n-a bheul, agus nár tháinig abhaile, mar a deirir,
'n-a bhalbhán chaoch-shrónach. 'Sé rud a bhíodh agam féin
dhá chuimhneamh 'ná gur bh'é an t-aer iasachta do ghoilleadh
ortha. Is 'mó atharú eile a bhíon ortha i n-éaghmais
atharú cainnte. An fear a théidhean amach 'n-a
sgriosaire bhreágh, phlucach, bhorb, luisneamhail, tagan
sé abhaile 'n-a chrúnca mhílítheach. Mheasas nár bh'fholáir
nú gur bh'é an rud a bhaineadh an luisne as a ghnúis
do baineadh an ceól as a chainnt. Ach ní dóich liom
gur b'é.



Tadhg: Ní h-é mhaise. Ní bhainean aon rud an ceól
as a chainnt ach corp galántachta. Nuair a théidhean sé
ameasg na muinntire thall agus nuair airighean sé gach
aoinne ag labhairt caoch-shrónach ní bhíon suaineas aigne
air go dtí go bhféadan sé a shrón féin a dhéanamh chómh
caoch le sróin gach aoinne eile. Má castar air aoinne
d'á chómharsain a chuaidh anonn roimis ní leogfidh náire


L. 172


dhóibh dul n-a chuideachtain ná aoinne 'ghá bhfeisgint ag
cainnt leis, go dtí go mbeidh an chaoch-shrónaighe i
gceart air. Daoine maithe, deaghchroidheacha, iseadh iad.
Déanfid siad a ndítheal dó. Tabharfid siad bia agus
éadach dó, agus déanfid siad amach post oibre dhó,
chómh luath agus is féidir é. Ach beid siad i riocht dul
síos tríd an dtalamh le náire má airighean aoinne ag
cainnt é sar a mbeidh an chaoch-shrónaighe tagaithe i
gceart air agus é ábalta ar "Oi guess," agus
"Oi kelclet, do chur isteach n-a chainnt do réir na
galántachta.



Donchadh: Nár chóir, a Thaidhg, go dtuigfadh muinntir
na h-Éireann go bhfuil a gcainnt féin chómh galánta, an
chuid ba lugha dhe, le "Oi guess" nú "Oi kelclet." Ná
fuil "Tiss my 'pinion," dá olcas é, chómh galánta le
"Oi kelclet "?



Tadhg: Tá gan amhras. Ní'l eatartha ach rogha a' dhá
dhíg. Ach tá an méid seo agam le rádh sa sgéal. Is
'mó droch shaghas Bhéarla dá labhairt ar fuid an domhain
le cúpla céad blian anois. Tá formhór an Bhéarla
san go h-olc agus go breallach. Ach as na saighseana
go léir ní'l aon tsaghas le fághail, ag teacht amach a' beul
duine, leath chómh h-olc, leath chómh grána, leath chómh tiob-
aisteach, leis an sórd Béarla atá dhá labhairt anso
i n-Éirinn againn, ó chaithamair uainn an Ghaeluinn.
Tuigean an t-Éireannach an nídh sin nuair a théidhean sé
sa dúthaigh iasachta. Bíon náire air mar gheall ar an
saghas Béarla a bhíon aige féin. Is dóich leis go
gcuirfidh sé feabhas ar a chainnt le h-aon tsaghas atha-
ruighthe. Siné díreach ball n-a ndeinan sé an dearmhad.
Isé Béarla an Éireannaigh, i n-Éirinn, an Béarla is
measa le fághail, agus isí caoch-shrónaighe an Éireannaigh
thall an chaoch-shrónaighe is measa le fághail.



Donchadh: Dar liath ach tá an donus thall 's abhus ar
an Éireannach bocht!



Tadhg: Dá mb'áil leis an Éireannach a chainnt nádúrtha
féin cainnt a shínsear, an Ghaeluinn, do choimeád 'n-a


L. 173


bheul abhus agus thall, ní bheadh an donus thall ná abhus
air. Ní bheadh beann aige ar chaoch-shrónaighe ná ar a
mhalairt.



GALÁNTACHT.



Tadhg: Galántacht, ag dul amú, a Dhonchadh, iseadh
atá ag lot na h-Éireann anois, agus an rud céadna
isé atá 'ghá lot leis na céadta blian. Is dóich leis na
daoine seo atá ag rith i ndiaidh na galántachta ná
fuil aon rud Gaedhlach galánta. Sé mo thuairim láidir
dá bhfeiceadh duine acu duine Gallda a mheasfadh sé a
bheith galánta, agus dá bhfeiceadh sé ciscéim bacaighe
sa bhfear Gallda san, gur dhóich leis gur rud galánta
an chiscéim bacaighe sin!



Donchadh: Am briathar mhóidhe, a Thaidhg, go bhfeacaidh
mo dhá shúil an rud céadna san! Bhí aithne agam ar
Shasanach a bhí bacach. Bhí aithne agat-sa leis air ach ní
gádh dúinn anois a innsint cé 'r bh' é. Is cuimhin leat an
sórd stíbhaird a bhí aige. Bhí dhá chois mhaithe ag an
stíbhard. Ní raibh aon bacaighe air, ná cuid de bhacaighe.
Nuair a thagadh sé ag seasamh leis na fearaibh a bhíodh ag
obair, bhíodh sé ag siubhal síos agus suas, mar bheadh
duin'uasal, mar dh'eadh, agus tá 'fhios agam' chroidhe,
a Thaidhg, go mbíodh an chiscéim bacaighe ann, sa tsiubhal,
díreach mar a bhíodh n-a mháighistir.



Tadhg: Am briathar gur cuimhin liom é go dian mhaith.
Is 'mó sult agus magadh a dheineadh na fir mar gheall
air. Agus an cuimhin leat an mháchail bheag a bhí ar
chainnt an duin' uasail chéadna?



Donchadh: Is cuimhin go maith. Ní fhéadadh sé "r"


L. 174


do rádh. "Gocht" a thugadh sé ar "ghort," agus
"bamach" a thugadh sé ar "bhramach." "Táim cáidhte,"
a deireadh sé i n-inead "Táim cráidhte." Agus is
cuimhin liom leis cad a dheineadh an stíbhard. Bhíodh
an "gocht" agus an "bamach" agus an "cáidhte"
aige, díreach mar a bhíodh ag an nduin' uasal, go dtí uair
éigin ná cuimhnigheadh sé air féin. Nuair a dheineadh
sé dearmhad de'n ghalántacht d'imthigheadh an bhacaighe
agus do thagadh an cruinneas ceart sa chainnt aige.



Tadhg: Go díreach. Nuair a dheineadh sé dearmhad
de'n ghalántacht. Ach feuch, a Dhonchadh, ba shuarach an
sgéal aon fhear amháin ag déanamh amadáin de féin ar
an gcuma san ag rith i ndiaidh na galántachta, ach
Éire go léir ag déanamh amadáin di féin! Agus an
rud céadna díreach dá bharr aici, an bhacaighe agus an
bhailbhe. B'usaide é dá mbeadh sí ag rith i ndiaidh gal-
ántachta a chuir fadhfeabhas uirthi, nú a chuirfadh comaoin
uirthi, ach galántacht a bhainean a cuisidheacht agus a
cainnt di!



Donchadh: Éist, a Thaidhg. Ná bíodh ceist ort. Tá
galántacht eile curtha os a cómhair feasta, galántacht
a thabharfidh a cainnt agus a cuisidheacht thar n-ais chuichi.



Tadhg: 'Seadh, an Ghaeluinn. Is mithid é. Tá an
Gaeluinn ag dul chun cinn maith go leór ach ní'l sí ag
dul chun cinn leath chómh maith agus ba cheart di dul,
ná leath chómh maith agus ba ghádh dhi dul.



Donchadh: Ó, go deimhin tá sí ag dul chun cinn go
h-ana mhaith. An bhfeacaís an leabhrín nua so a thug
Tadhg Ua Donchadha amach?



Tadhg: Chonac. Leabhrín filidheachta iseadh é. Is
leabhrín ana thairbheach é. Leabhrín diadha iseadh é.
Níor bhain an ghalántacht an Creideamh dínn fós, buidhea-
chas le Dia! Ach ní filidheacht aicionta atá sa leabhrín
sin. Is amhlaidh d'aistirigh Tadhg ó'n mBéarla é.



Donchadh: Domhaise go deimhin, a Thaidhg, measaim-se
gur fearr an fhilidheacht atá ann 'ná an fhilideacht
Bhéarla ó n-ar h-aistirigheadh í.


L. 175


Tadhg: Níor dheacair di sin. Ní'l filidheacht ar bith
is dona 'ná filidheact Bhéarla, ach fíor bheagán di. Do
dhuine go mbeadh taithighe mhaith aige ar fhilidheacht
Ghaeluinne is cuma filidheacht Bhéarla nú mar a crothfí
seana shlabhra.



Note. - Aicionta, natural, i.e., original. Not shaped
out of something else.



GALÁNTACHT.



Donchadh: Ní deacair pas beag magaidh a dhéanamh
fé'n stíbhard úd, a Thaidhg; an fear úd a chuir an chiscéim
bacaighe ann féin agus do chuir an clampín ar a thean-
gain, a d'iarraidh teacht suas leis an ngalántacht, "agus
an chupóg ag teiche uaidh"; ach ní mar a chéile an fear
san agus an buachaill a théidhean as so anonn go Sasana,
nú siar go h-America, agus do chaithfidh tuarastal
fhághail le tuilleamh láithreach nú bás d'fhághail do'n
ghorta i ndúthaigh iasachta.



Tadhg: Is fíor do chainnt, a Dhonchadh; ach cad a
mheasfá a chur n-a luighe orm as an gcainnt sin? Nú
an amhlaidh a mheasfá a rádh gur túisge a gheóbhadh duine
tuarastal le tuilleamh thall dá mbeadh cisceim bacaighe
ann agus clampín ar a theangain 'ná mar a gheóbhadh sé
dá mbeadh lúth a ghéag aige agus cruinneas cainnte?



Donchadh: Ní h-amhlaidh go deimhin. Ní gádh dhom a
innsint duit-se nách fonn liom aon níd d'á shórd do
rádh. Ach feuch ar an dtaobh so de'n sgéal. Sin
buachaill óg Éireannach. Tá sé ocht mbliana déag d'aois.
Ní'l aon rud le déanamh i n-Éirinn aige mara maith
leis a shaoghal do chaitheamh ar mhullach a chinn ag rómhar sa
díg, ag casadh le cíos a dhéanamh. Deir sé i n'-aigne
féin gur bh'fhearra dhó bás d'fhághail láithreach 'ná aghaidh
a thabhairt ar shaoghal de'n tsórd san. Imthighean sé go
h-America. Téidhean sé ag lorg oibre. Ní túisge


L. 176


d'osglan sé a bheul' ná thugan gach aoinne "Green-horn"
air. Tá Gaeluinn mhaith aige ó n'óige. Tá Béarla
aige chómh maith agus bhí le fághail sa n-áit 'n-ar tógadh é,
nú sa sórd "National School" ar a dtéidheadh sé. Ach
idir Ghaeluinn agus Béarla dhó, chómh luath agus bhogan
sé a bheul chun cainnte thall ní'l ann ach "Green-horn."
Ach sidé donas an sgéil. Tugtar an obair do sna
balbhánaibh caoch-shrónacha agus fágtar an "Green-horn"
'n-a sheasamh díomhaoin agus a dhrom le fala an mhargaigh,
agus a bholg chómh folamh le n-a phóca. Tugtar "Green-
horn" air, ach ní'l sé leath chómh "green" agus is dóich
leó. Tugan sé an lá ag déanamh taithighe de'n bhailbhe
agus de'n chaoch-shrónaighe. Tagan sé go dtí an margadh
amáireach. Nuair airightear an chaoch-srónaighe ann meas-
tar go bhfuil seana thaithighe aige ar an dtír agus
faighean sé an obair. Nách eól duit an sean-fhocal,
a Thaidhg.



"Má théidhean tú sa Róimh
Bí ad' Rómhánach leó."



An amhlaidh a mheasfá a rádh, a Thaidhg, gur cheart do'n
bhuachaill sin bás d'fhághail do'n ghorta níos túisge 'ná
a leogaint air bheith balbh, caoch-shrónach?



Tadhg: Ní h-amhlaidh, a Dhonchadh. Agus ní lugha 'ná
mheasfinn an seanfhocal do shárú. Deir an sean-
fhocal liom, má théidhim sa Róimh bheith am' Rómhánach
leó. Ach ní deir an seanfhocal aon nídh i dtaobh cad is
ceast dom a dhéanamh nuair a thiocfad abhaile ó'n Róimh.
Ní'l aon locht i n-aon chor agam le fághail ar an
mbuachaill a leogfadh air bheith balbh, caoch-shrónach, chun
na h-oibre dh'fhághail, ach cad é mar obair dó an bhailbhe
agus an chaoch-shronaighe a thabhairt leis anso abhaile
chughainn agus bheith 'ghá chur n-a luighe orainn gur b'iad
plúr na galántachta iad!



Tá rud eile agam-sa le rádh i dtaobh an sgéil sin, a
Dhonchadh, ach ní'l uain againn indiu ar a thuille do rádh.


L. 177


GALÁNTACHT.



Donchadh: Seadh, a Thaidhg, cad é siúd a bhí agat le
rádh an lá deirineach, i dtaobh an ógánaigh Éireannaigh ná
féadfadh obair fhághail i ndúthaigh iasachta gan balbhán
caoch-shrónach a dhéanamh de féin?



Tadhg: Tá rud agam le rádh 'n-a thaobh, rud go bhfuilim
ag machtnamh air le mórán blianta.



Céad blian ó shin ní raibh aon chuimhneamh ag aoinne
ar imtheacht a' h-Éirinn nuair a thiocfadh sé chun aois a
sheacht mblian ndéag. Bhí sé socair in aigne gach óigfhir
feuchaint 'n-a thímpal agus é féin do shocarú sa tsao-
ghal, sa n-áit 'n-ar rugadh agus 'n-ar tógadh é, a shaoghal
do chaitheamh fé mar a chaith a shínsear a saoghal, agus
dul ag triall ortha sa roilig nuair a bheadh a shaoghal
caithte agus a ghnó ar a shaoghal déanta aige. Tháinig
atharú ar an slighe sin. Chuir an dlighe deire le gach sórd
oibre i n-Éirinn ach obair na ráinne. D'árduigh san
an cíos ar an dtalamh. Thuig an fear óg ná raibh aige
ach a rogha de dhá nídh, a shaoghal a chaitheamh i n-Éirinn, ag
obair chun cíosa dhéanamh, nú rith leis féin go dúthaigh
éigin eile mar a bhféadfadh sé a thuarastal do chur 'n-a
phóca féin. Do rith duine. Do rith beirt. Ba ghearr
go rabhadar ag imtheacht 'n-a bhfichidíbh, 'n-a gcéadtaibh,
'n-a míltibh. Sin mar atáid siad ag imtheacht anois.



Nuair a thosnuighdar ar imtheacht, a Dhonchadh, bhí
Gaeluinn bhreágh acu agus Béarla briste. Chaitheadar
uatha an Ghaeluinn bhreágh agus choimeádadar an Béarla
briste. Thug an Béarla briste droch-mheas ortha thall.
Dheinadar a ndítheal ar an mBéarla briste dhéanamh
galánta le bailbhe agus le caoch-shrónaighe. Ach pé
cor a tabharfí dhó ní raibh ann ach Béarla briste. Ní
raibh aon mheas thall air ach chómh beag agus bhí abhus air.
D'fhág san droch-mheas thall ar mhuinntir na h-Éireann
agus rud ba sheacht measa 'ná san féin, droch-mheas
ag muinntir na h-Éireann ar a chéile nuair a théidís


L. 178


anonn. Ní raibh d'ainim ag an "Yank" ortha ach,
mar a deirir, "Green-horn," agus ní raibh d'ainim
acu féin ar a chéile thall ach "Green-horn." D'fhág san
sa díg thall iad fé mar a bhíodar sa díg abhus.



An chainnt atá i mbeul duine, a Dhonchadh, isí thugan
creideamhaint dó nú a mhalairt. An t-é go mbeidh
cainnt bhríghmhar, bhunúsach, uasal, ghunta, 'n-a bheul
aige beidh eagla ag cách roimis. An t-é go mbeidh
eagla ag daoine roimis beidh uraim acu dhó. Beidh
eagla ag an uile dhuine roimis bíodh ná beadh sé ach i
n'aonar. Ach má bhíon beirt, nú fiche duine, nú míle
duine, guala le gualainn, agus an chainnt bhríghmhar
bhunúsach, uasal, ghunta chéadna 'n-a mbeul acu feiceam
cé dhéanfidh aon chimilt leó, ná mheasfidh aon tarcuisne
thabhairt dóibh! Feiceam cé mheasfidh eugcóir a dhéanamh
ortha!



Nuair a thosnuigh muinntir na h-Éireann, a Dhonchadh,
ar dhul in sna dúthaíbh iasachta, dá múintí dhóibh cunus an
Ghaeluinn do choimeád agus úsáid a dhéanamh di eatartha
féin, ní geóbhfí do chosaibh ionta in sna dúthaíbh iasachta
mar a gabhadh. Bheidís daingean, dlúithte in a chéile
thall. Bheadh comhacht agus cumas agus creideamhaint
acu. Bheidís mar a bheadh punan bhreágh mhór agus an
Ghaeluinn mar chuibhreach ar an bpunainn. I n-inead an
"Yank" a bheith ag feuchaint síos ortha agus ag tabhairt
tarcuisne dhóibh is amhlaidh a bheadh sé ag feuchaint suas
chucha agus uraim aige dhóibh, agus eagla aige rómpa.
Thabharfadh sé a gceart féin dóibh go tapaidh agus
beagán d'á bhuidheachas air!



Donchadh: Agus cad 'na thaobh nár deineadh é sin, a
Thaidhg?



Tadhg: Cad 'na thaobh nár deineadh é! Éist do bheul,
a dhuine. Cad 'na thaobh ná deintear anois féin é!


L. 179


GALÁNTACHT



Tadhg: Tuig an méid seo, a Dhonchadh, agus dein
machtnamh air. Tá daoine ó'n uile pháirt de'n Eúróip ag
tabhairt aghaidh ar America chómh maith le muinntir na
h-Éireann. B'fhéidir ná fuil oiread acu ag dul ann
ó thíorthaibh eile, do réir mhéid na tíre, agus atá ag dul
ó Éirinn, ach táid siad ag dul ann go tiugh agus go
líonmhar, ó'n bhFrainc, agus ó'n Almáinn, agus
ó'n Spáinn, agus ó'n Iodáil. Nuair a théidhean
an Franncach go h-America buailid na Franncaigh
thall uime agus labhraid siad an Fhrainncis leis.
Tugaid siad eólus na h-áite dhó. Tugaid siad eólus
ar na daoine dhó agus innsid siad dó cé h-iad gur
maith dhó cómhluadar a dhéanamh leó agus cé h-iad is
maith dhó a sheachaint. Nuair a chítear 'n-a chuideachtan
thall iad ní bhíon sgorn ná ceann-fé ortha mar gheall
ar a chainnt mar bíon a gcainnt féin acu eatartha féin,
agus ní bhíon aon bheann acu ar chainnt an "Yank."
Ní gádh do'n Fhranncach nua bheith ag déanamh taithighe
de'n chaoch-shrónaighe agus de'n bhailbhe ná a d'iarraidh
teacht isteach ortha, chun é féin a dhéanamh oireamhnach
ar phost oibre dh'fhághail.



Donchadh: Dar fiadh, a Thaidhg, ní gádh dho'n Fhranncach
puinn de dhuadh na caoch-shrónaighe dh'fhághail. Tá an
fear bocht caoch-shrónach a dhóithin cheana.



Tadhg: Pé cuma 'n-a bhfuil sé ní'l aon bheann aige
ar an "Yank." Ní gádh dhó bheith ag feuchaint suas chuige
chun é féin a dhéanamh galánta mar dh'eadh. Ní h-eadh
ach nuair a chíon an "Yank" na Franncaigh ag labhairt
na Frainncise eatartha féin, is amhlaidh a bhíon meas
aige ortha agus uraim aige dhóibh. Is amhlaidh a bhíon
seisean ag feuchaint suas chucha-san. Is amhlaidh a
bhíon mórtais ortha má iarran sé post oibre ortha. Bíon
mór-is-fiú ortha fear oibre chómh neamh-choitchianta
bheith acu. Má labhran sé Béarla leó agus má bhíon


L. 180


an Béarla go h-áiféiseach, gheibhid siad spórt ann,
b'fhéidir, ach ní baoghal go dtaisbeánaid siad aon
droch-mheas dó mar gheall ar an mBéarla áiféiseach.
Tugaid siad aire mhaith gan aon droch-mheas a thais-
beáint do'n Fhranncach mar tá fhios acu, pé breallachas
atá ar a chuid Béarla, go bhfuil teanga dúchais aige
agus nách aon dóithín í. Tá fhios acu go bhfuil neart
agus funneamh sa teangain dúchais sin, agus faobhar
uirthi, agus gur fearra dhóibh go mór gan aghaidh an
fhaobhair sin do tharrang ortha. Tá fhios acu, má tugtar
aon tarcuisne do'n Fhranncach san go bhfuil daoine
laistiar de a thógfidh a pháirt. Agus tá fhios acu, leis,
má tugtar uraim do'n Fhranncach san go bhfuil daoine
laistiar de a bheidh buidheach mar gheall ar an uraim sin.
Duine gasta iseadh an "Yank," a Dhonchadh. Geóbhaidh sé
do chosaibh ionat má's dóich leis go leogfir leis é. Ach
pógfidh sé an talamh rómhat má's doich leis gur bh'é a
bhuac é.



An chuma atá ar an bhFranncach thall siné díreach an
chuma atá ar an Almáinneach, agus ar an Spáinneach,
agus ar an Iodáileach, agus ortha go léir ach an t-Éire-
annach amháin. Ach i dtaobh an Éireannaigh, ba dhóich le
duine air gur chun go ngeóbhfí do chosaibh ann a ceapadh
é! Tá gach aoinne sa bhreiceal air! Nuair a théidhean
an t-Éireannach go h-America rithid na h-Éireannaigh
thall uaidh an fhaid a bhíon sé 'n-a gcosaibh. Séanaid siad
é go dtí go ndeinan sé an chaoch-shrónaighe d'fhoghluim.



Bíon muinntir gach tíre eile mar a bheadh an phunan;
fuinte, fáisgithe, cruaidh, daingean; agus an teanga
dúchais mar chuibhreach ar an bpunainn.



Bíon muinntir na h-Éireann mar a bheadh an phunan
go mbainfí an chuibhreach di; gach dias ag imtheacht leis an
ngaoith 'n-a h-aonar go dtí ná bíon a tuairisg thoir ná thiar!



Donchadh: Tá aimsir mhaith chughainn, a Thaidhg. Cuir-
far an chuibhreach ar an bpunainn airís.



Tadhg: Tá súil le Dia agam go gcurfar! Ba
mhithid é.


L. 181


GALÁNTACHT



Donchadh: Ó'n lá déanach a bhíomair ag cainnt, a
Thaidhg, táim ag machtnamh ar an dá fhocal úd a tháinig
uait.



Tadhg: Cad iad an dá fhocal iad, a Dhonchadh?



Donchadh: An phunan, agus an chuibhreach; muinntir
Fraince thall i n-America agus iad dlúite le n-a chéile
mar a bheadh an phunan; agus an Fhraincis, cainnt na
Fraince, cainnt a dtíre féin, 'ghá gcoimeád dlúite le
n-a chéile díreach mar a choimeádan an chuibhreach na
diasa dlúite le n-a chéile sa phunainn. An cor céadna
díreach ar mhuinntir na h-Almáinne agus ar mhuinntir
na Spáinne agus ar mhuinntir gach tíre eile nuair a
théid siad anonn, ach muinntir na h-Éireann amháin.



Ba dhóich liom féin, a Thaidhg, nách cúrsaí iongna,
i n-aon chor, an sgéal a bheith mar sin ag an méid de
dhaoinibh na dtíortha san a chuaidh anonn. An chómharsa
ná cuirim, b'fhéidir, puinn suime ann nuair a bhuailean
sé umam sa bhaile, dá mbuaileadh sé umam i ndúthaigh
iasachta, na céadta míle ó bhaile, bheadh oiread mórála
orm agus dá mba anuas as an spéir a thuitfadh sé
chugham. Measaim gur mar sin díreach atá an sgéal
ag gach aoinne. D'á bhrígh sin, nuair a théidhean an
t-Almáinneach anonn go h-America ní h-aon iongna
go dtugan sé aghaidh ar a mhuinntir féin thall, agus go
labhran sé leó an teanga atá 'n-a mbeul san agus 'n-a
bheul féin ó fhágadar an cliabhán. Ba mhór go léir an
iongna é thabhairt aghaidh i n-aon treó eile ach i dtreó a
mhuinntire féin. An fhaid a bhíon sé ameasg a mhuinntire
féin thall agus cainnt a dtíre féin ar siubhal acu, bíon
an Almáinn thall acu. Is cuma é nú bheith sa bhaile.
Ba dhóich liom ná fuil aon nídh is nádúrtha dhóibh 'ná
teacht i bhfochair a chéile ar an gcuma san, agus fan-
mhaint i bhfochair a chéile, agus sgáth a dhéanamh d'á chéile,


L. 182


agus cabhrú le n-a chéile. Is eól duit an seanfhocal:
"Ar sgáth a chéile a mhairid na daoine." Má's ar
sgáth a chéile a mhairid na daoine sa bhaile is mó an gádh a
bhíon acu le sgáth a chéile nuair a bhíd siad sa dúthaigh
iasachta. Cad é an chúis, a Thaidhg, nár dhein na h-Éirean-
naigh thall mar a dhein muinntir gach tíre eile nuair
a chuadar anonn? Is éagsamhlach an sgéal é! Muinn-
tir gach tíre eile, nuair a théid siad anonn, ag fanmhaint
i bhfochair a chéile agus ag maireachtaint ar sgáth a chéile,
agus muinntir na h-Éireann, an mhuinntir go bhfuil an
seanfhocal san acu, ag tabhairt a gcúl le chéile thall,
agus sgorn agus bochtaineacht agus náire ortha roim a
chéile, agus i n-inead maireachtaint ar sgáth a chéile, iad
ag teiche ó n-a chéile mar a theichfadh duine ó'n mbolgach!
Má's é easnamh na Gaeluinne fé ndeár an sgaipe cad
'na thaobh nár choimeádadar an Ghaeluinn fé mar a
choimeád an t-Almáinneach an Almáinnis, nú an
Franncach an Fhrainncis, nú an Iodáileach an Iodáilis?



Tadhg: Is ceist mhór í sin, a Dhonchadh. Ní foláir
dúinn lá fé leith a thabhairt di.



GALÁNTACHT.



Donchadh: Mar a dubhart leat an lá déanach, a Thaidhg,
is mór an iongna liom muinntir gach tíre eile ag gabháil
le chéile nuair a théid siad i ndúthaigh iasachta, agus
muinntir na h-Éireann ag séanadh a chéile nuair a théid
siad i ndúthaigh iasachta. Má's rud galánta do
mhuinntir gach tíre eile gabháil le chéile i ndúthaigh
iasachta, agus má tá an dúil go léir sa ghalántacht ag
muinntir na h-Éireann, nár chóir gur bh'iad muinntir
na h-Éireann is mó gheóbhadh le chéile, pé rud a dhéanfadh
muinntir aon tíre eile. Deirir-se gur b'é easba na
Gaeluinne fé ndeár é. Má seadh cad 'na thaobh nár
choimeádadar an Ghaeluinn?


L. 183


Tadhg: Sgéal fada iseadh é, a Dhonchadh. Nuair a
fuair muinntir Sasan an lámh uachtair ar fad i n-Éirinn,
tar éis aimsire Chrumuil, do thosnuigh daoine ar mheas
a bheith acu ar an t-é fhéadfadh Béarla do labhairt agus
ar dhroch-mheas a bheith acu ar an t-é ná féadfadh. Do
lean an sgéal ar an gcuma san ar feadh mórán aimsire.
I gcaitheamh na h-aimsire sin go léir do bhí meas daoine
ar an mBéarla ag méadú agus a meas ar an nGaeluinn
ag luighdú. Do buaileadh isteach i n-aigne na ndaoine,
i ndiaidh ar ndiaidh go raibh galántacht sa Bhéarla ná
raibh sa Ghaeluinn. Bhí an lámh-uachtair ag lucht an
Bhéarla. Ba leó an talamh. Ba leó saidhbhreas na
tíre. Is acu a bhí an t-airgead. Bhí fabhar na dlighe leó.
Bhí uaisle na h-Éireann imthighthe thar na faraigíbh nú
sínte sa n-uaigh. An méid de shliocht na nGaedhal a bhí beó
i n-Éirinn ní raibh talamh ná tighearnas, airgead ná ór
acu. Bhíodar go léir ar mhulach a gcinn ag sclábhuidheacht.
Ó shliocht go sliocht ní raibh aon áirighthe acu choidhche ar
aon tslighe bheatha eile ach ar an sclábhuidheacht. Fé mar
fhoghluim duine acu anso agus ansúd focailín Béarla
b'fhéidir go bhfuair sé sórd éigin de thógáilt cinn.
Níor thógáilt cinn ró mhór é ach ba rud éigin é, agus
thug sé búntáiste mhór dó ar na daoine ná raibh aon
fhocal Béarla acu. Ní raibh aige féin ach droch Bhéarla
ach do thóg sé a cheann láithreach agus ní fheuchfadh sé ar
an dtaobh de'n bhothar 'n-a mbeadh na daoine ná raibh aon
fhocal Béarla acu. D'eirigh an ghalántacht 'n-a cheann
láithreach.



Bí an sgéal go h-ait ansan aige. Níor fhan aon
mheas aige ar a mhuinntir féin a bhí gan Béarla, agus
dá luighead meas a bhí aige ortha ba lugha 'ná san an
meas a bhí ag muinntir an Bhéarla air féin, mar ní
raibh aige ach Béarla briste.



Tuig at' aigne anois, a Dhonchadh, conus mar a chuir
san an sgéal i n-olcas do'n Ghaeluinn. Bhí an sgéal
dona go leór ag an nGaeluinn an fhaid a bhí an comórtas
idir í féin agus an Béarla. Bhí an Béarla galánta


L. 184


agus ní raibh aon ghalántacht sa Ghaeluinn. Ach nuair
a phreab an Béarla briste suas do tháinig láithreach
dúbailt tarcuisne ar an nGaeluinn. Bhí droch-mheas
ag an mBéarla fóghanta ar an mBéarla briste agus
droch-mheas ag an mbriste ar an nGaeluinn.



Fé mar fhéad daoine teacht isteach ar an mBéarla
briste do labhairt do thugadar a gcúl leis an nGaeluinn.
Bhí sí ar eólus acu go h-áluinn agus bhíodar ábalta ar
í labhairt go h-áluinn, agus do thaithn sí leó 'n-a gcroidhe,
ach tríd sin a's uile ní labharfidis focal di le h-eagla
go mbainfadh sí ó n-a ngalántacht.



GALÁNTACHT.



Tadhg: Ansan, a Dhonchadh, do tháinig atharú eile sa
tsaoghal. Ní raibh, mar adubhart, aon tslighe bheatha ag
an Éireannach i n-Éirinn ach an sclábhaidheacht. Bhí air
an talamh a shaothrú nú síne siar agus bás d'fhághail.
Dá mb'é saothrú an tailimh féin é níor fágadh aige é.
B'éigean dó an uile bhlúire de thoradh a shaothair do
dhíol i bhfuirm cíosa. B'éigean dó an t-arbhar a dhíol
chun an chíosa dhéanamh. B'éigean dó an t-ím a dhíol
chun an chíosa dhéanamh. B'éigean dó an colainnín
agus an ceartaos a dhíol chun an chíosa dhéanamh.
Níor fágadh aige féin chun bídh, dó féin agus d'á mhnaoi
agus d'á chlainn, ach an práta agus an braon bainne
ghéir. Bhí an Ghaeluinn go ceólmhar aige féin agus agá
mhnaoi agus ag á chlainn. Bhí amhráin Ghaeluinne aige,
agus sgéalta fianuidheachta. Bhí an Teagasg Críos-
daidhe i nGaeluinn aige agus ba dheacair é chur amú
ann, ná an dubh a chur 'n-a gheal air ann. Ach bhí aon nídh
amháin coitchianta os cómhair a aigne agus ní fhéadadh
sé choidhche sgaramhaint leis. B'é rud é sin 'ná an rud
úd a bhí i n-aigne an fhile nuair a fágadh sa chistin é agus


L. 185


do rugadh an bhean go raibh an t-airgead aici suas
sa phárlús. Seo mar innis an file cad a bhí i
n'aigne:-



"Cidh thánag ó árdfhlathaibh péacacha,
'S go ráinig fuil Chárthach ó thaobh ionam,
Go bhfuil dáin mhaithe ar cláirsigh a's Béarla
agam,
Dob fhearr bheith mar Mháire ní Chéileachair."



Donchadh: Nách deas adubhairt sé é! Ba mhór an
truagh é fhágáilt sa chistin.



Tadhg: Do fágadh sa chistin é, bíodh a's go raibh,
mar a dubhairt sé, an Béarla aige.



Donchadh: Thaisbeánfadh san, a Thaidhg, go raibh gal-
ántacht dob fhearr 'ná chéile ann an uair sin. Bhí an
Béarla briste níos galánta 'ná an Ghaeluinn, agus bhí
an Béarla cruinn, ma bhí a leithéid ann, níos galánta
'ná an Béarla briste. Ach do dheabhrochadh an sgéal
go raibh an t-airgead níos galánta 'ná aon taobh acu.



Tadhg: Tá corp na fírinne agat, a Dhonchadh, a mhic
ó. Bhí an t-airgead níos galánta 'ná aon taobh acu an
uair sin, agus tá an t-airgead níos galánta 'ná aon taobh
acu anois leis. Gan amhras, dá mbeadh ceart le fághail,
is mó an meas a bheadh ar shaidhbhreas aigne 'ná ar shaidh-
bhreas póca. Ach ní'l ceart le fághail sa sgéal. Beir-
tear an saibhbhreas póca suas sa phárlús agus fágtar
an saidhbhreas aigne sa chistin. Is suarach an sólás
do dhuine a chuid saidhbhris aigne má bhíon a bholg folamh
agus a dhrom gan foithin. Is beag an iongna má deir
sé leis féin gur "bh'fhearr bheith mar Mháire ní Chéileach-
air." Gan amhras do dhein an file dearmhad. Chuir an
tarcuisne agus an t-ocras agus an easonóir fhiachaint
air an dearmhad san do dhéanamh. Ach ba dhearmhad é
ó bhun. Pé ocras a bhí air, ná pé tarcuisne a tugadh
dó, b'fhearra dhó bheith mar bhí sé 'ná bheith mar
Mháire ní Chéileachair. Dhein sé dearmhad bunaidh. Ní


L. 186


h-é amháin a dhein an dearmhad san, a Dhonchadh. Siné
an dearmhad d'fhág muinntir na h-Éireann, in sna
dúthaíbh iasachta, gan Bhéarla gan Ghaeluinn.



GALÁNTACHT.



Donchadh: An dóich leat, a Thaidhg, an mbeidh an
Ghaeluinn choidhche ag muinntir na h-Éireann, sa dúthaigh
iasachta, fé mar atá an Fhrainncis ag an bhFranncach, nú
an Almáinnis ag an Almáinneach?



Tadhg: 'Neósfad an fhírinne dhuit, a Dhonchadh; go
dtí a bhfuil le fíor dhéanaighe ní raibh aon bhlúire coinne
agam go mbeadh go deó. Bhí an uile dhuine de mhuinn-
tir na h-Éireann ag déanamh a chroidhe díthil chun na
Gaeluinne shéanadh ar gach aon tsaghas cuma. Daoine
go raibh Gaeluinn mhaith acu ní leogfadh sgorn dóibh a
leogaint ortha go raibh aon fhocal di acu. Na daoine
ná raibh aon fhocal acu dhi, is amhlaidh a bhídís coitchianta
'ghá mhaoidheamh ná raibh sí acu agus nár airighdar focal
di riamh dhá labhairt ar úrlár a n-athar agus a máthar.
Dar leó do thaisbeánfadh san go bhfuaradar tógaint
galánta. Bíodh an maoidheamh san acu dhá dhéanamh sa
bhaile i n-Éirinn nuair a gheibhdís an chaoi air, agus chómh
luath agus chuiridís cos ar thalam tirim i ndúthaigh
iasachta, isé céad rud a thagadh as a mbeul é. An fhaid
a bhí san amhlaidh níor mheasas go bhfaghadh an Ghaeluinn
aon tógáilt cinn choidhche, amuich ná i mbaile. Ach tá
atharú tagaithe ar an saoghal agus ar aigne na ndaoine.
Tá an t-atharú ag teacht le naoi nú deich 'e bhlianaibh,
ach tá an t-atharú ag dul ar aghaidh go h-iongantach agus
go h-uathbhásach ó tháinig an "Leader" so amach. Is
amhlaidh mar atá an sgéal, a Dhonchadh, má leanan an
t-atharú san ag dul ar aghaidh mar atá sé, agus má
leanan an "Leader" ag gearradh na gcnámh, gan taise


L. 187


gan truagh, do sna droch-eunaibh "galánta" so a bhíon
"ag sailiú a nead féin," ní déarfinn 'ná go bhfeicfir
an lá 'n-a mbeidh muinntir na h-Éireann sa dúthaigh
iasachta agus an Ghaeluinn acu, fé mar a bhíon an
Fhrainncis ag an bhFranncach agus an Almáinnis ag an
Almáinneach.



Donchadh: Agus an dóich leat, a Thaidhg, an mbeidh
muinntir na h-Éireann 'ghá mhaoidheamh an uair sin go
raibh an Ghaeluinn dhá labhairt ar úrlar a n-athar agus
a máthar?



Tadhg: Leog dom féin, a dhuine! Tá cuid acu 'ghá
mhaoidheamh cheana féin.



Donchadh: Am briathar mhóide, a Thaidhg, gur b'é sin
an púnc is éagsamhlaighe de'n atharú. "Nuair a chrua-
dhan an tslat is deacair í shníomh." Sin slat agus níor
mheasas féin go bhféadfí fille ná feacadh bhaint aisti
go deó. Níor mheasas go raibh aon chómhacht ar an
dtalamh so d'fhéadfadh a chur fhiachaint ar an Éirean-
nach a bhíodh 'ghá mhaoideamh ná raibh Gaeluinn aige iom-
páil agus bheith 'ghá mhaoidheamh go bhfuil!



GALÁNTACHT. - STAIGÍNÍ.



Tadhg: Is fíor dhuit é, a Dhonchadh, tá sean aithne
againn go léir ar an aicme sin a bhíon coitchianta 'ghá
mhaoidheamh ná raibh aon fhocal Gaeluinne dhá labhairt
ar úrlar a n-athar agus a máthar. Is eól do gach
aoinne an cheacht a bhíodh acu ó mhaidin go h-oidhche agus
ó Luan go Satharann.
Is ionan san, dar leó,
agus a rádh,
Siné agat é, a Dhonchadh! An ghalántacht ag baint a
meabhrach asta. Ach tá ciall ag teacht dóibh. Le


L. 188


déanaighe ní airighim puinn daoine 'ghá mhaoidheamh ná
raibh Gaeluinn sa bhaile acu. Ach airighim go minic
daoine ag tabhairt milleáin d'á n-athair agus d'á máthair
mar gheall ar an nGaeluinn a choimeád uatha. Tá an
leigheas ag dul i bhfeidhm ar an aicme sin. Táid
siad ag teacht chucha féin. Ní fada go mbeid siad ar
an aicme is fearr chun na Gaeluinne do chur chun cinn.



Tá aicme eile againn, ámhthach, agus isiad is mó
atá ag déanamh ceataighe agus díobhála dhúinn anois.



Is éol duit, a Dhonchadh, nuair a curtar craobh de
Chonnradh na Gaeluinne ar bun, conus mar a thagaid
sluaighte móra chun na h-oibre an chéad oidhche. Déan-
fid siad cainnt agus déanfid siad mustar, i dtreó
gur dhóich leat go n-iompóchaidís an saoghal taobh síos
suas. Ceannóchaid siad na leabhair agus cromfid siad
ar fhoghluim. Ní bheidh seachtmhain curtha dhíobh acu nuair
a bheidh an mustar go léir imthighthe leis an ngaoith.
Fanfid siad sa bhaile ó'n sgoil oidhche. Fanfid siad sa
bhaile oidhche eile. Ansan fanfid siad sa bhaile ar fad.



Is mó go mór an díobháil atá ag meathalóirí de'n
tsórd san dhá dhéanamh do'n Ghaeluinn, a Dhonchadh, 'ná
ag aon namhaid eile d'á bhfuil aici. Guagairí gan
neart gan misneach iseadh iad. Dá bhfanaidís sa bhaile
ó thosach ní dhéanfidís aon díobháil. Ach nuair a thagaid
siad agus nuair a dheinid siad an mustar go léir,
agus ansan nuair a bhreugnuighid siad an mustar,
cuirid siad seirbhthean agus mímhisneach ar gach
aoinne. Staigíní a tugtar i nGaeluinn ar na daoine a
dheinan beart de'n tsórd san. Is mó go mór an
díobháil atá ag na staigíní sin dhá dhéanamh do'n Ghae-
luinn, 'ná ag aon namhaid eile.



Donchadh: Cogar, a Thaidhg. Nár dhóich leat, nuair
a bheadh buidhean ag tabhairt fé obair a dhéanamh do'n
Ghaeluinn, gur mhaith an rud dóibh gan aon staigín a
leogaint isteach sa n-obair?



Tadhg: Caithfar rud éigin de'n tsórd san a
dhéanamh sar a fada.


L. 189


GALÁNTACHT. - STAIGÍNÍ.



Tadhg: Tá an ceart agat, a Dhonchadh. B'fhearr go
mór na staigíní d'fhanmhaint amach as an obair ó thosach
dá mb'fhéidir iad do choimeád amach, ach ní h-uiriste
iad a choimeád amach. Nuair a bheidh craobh de
Chonnradh na Gaeluinne le cur ar bun i n-áit ar bith,
isiad na staigíní bheidh i gcómhnuighe i dtosach na
h-oibre. Isiad a dhéanfidh na gothaí is mó. Isiad
is aoirde a labharfidh. Molfid siad an Gaeluinn as
Béarla. Déarfid siad go dána gur náireach an
bheart d'aon Éireannach gan cainnt a thíre féin a bheith
ar eólus aige. Déanfid siad gach nídh an fhaid a bheidh
an Chraobh dh'á cur ar bun agus ní fhágfid siad faic
ag aoinne eile le déanamh.



Leanfidh an sgéal mar sin go dtí go mbeidh aimsir
an fhothraim imthighthe agus na daoine ag luighe isteach
chun na h-oibre. Ansan foghlumóchaidh an staigín
cúpla focal Gaeluinne. Déanfidh sé cúpla dearmhad.
Déanfar gáire uime b'fhéidir. Tuigfidh sé i n-a aigne
nách mar a chéile bladhman Béarla agus an obair chiúin
chruaidh le n-a ndeintear an Ghaeluinn d'fhoghluim.
Cuirfidh sé osna as. Déanfidh sé mianfuigheach.
Fé dheire crothfidh sé a cheann agus déarfidh sé, "Really
and truly I couldn't ever learn it!" Siné deire na
ngotha go léir aige, agus deire an fhothraim, agus
deire an mhustair, agus deire an bhladhmain. Fanfidh
sé sa bhaile as san amach. Déanfid na staigíní eile
an cleas céadna díreach. Tiocfid siad an fhaid a
bheidh aon fhothram le déanamh agus fanfid siad sa bhaile
nuair a bheidh an obair le déanamh. Dá dtugadh an
fóthram eólus dóibh ar an nGaeluinn bheadh an sgéal
go maith acu. Dá ritheadh an Ghaeluinn chucha fé mar
a rith an Béarla chun Síle, bheadh gach nídh ar a dtoil acu,
ach ní rithean. Ní foláir obair chiúin chruaidh a dhéanamh
chun Gaeluinne d'fhoghluim. Ní thaithnean obair ciúin


L. 190


chruaidh leis na staigíní. Seachnaid siad an obair.
Tugaid siad druim lámha léi. Fanaid siad sa bhaile
uaithi. Ansan, an Chraobh a cuireadh ar bun le bladhman
agus do measadh a chothú gan obair, téidhean sí ar
neamhnídh nuair a stadan an bladhman.



Donchadh: Dar fiadh, a Thaidhg, is dócha gur b'shiné
chúis go gcurtar Craobh de Chonnradh na Gaeluinne ar
bun chómh minic, agus ná bíon tásg ná tuairisg
uirthi i gceann trí seachtmhaine!



Tadhg: Siné díreach an chúis, thar a bhfeacaís riamh.
Na staigíní a chuirean ar bun iad. Ní féidir a
fhághail as an staigín ach an rud atá ann, an mustar
agus an bladhman agus an beagmhaith.



Donchadh: Ba dhóich liom gur cheart cómhartha éigin a
chur ar an staigín, a Thaidhg, i dtreó go n-aithneófí é,
agus go gcurfí amach as an obair é an chéad lá.



Tadhg: Ba dhóich liom féin nár ghádh a thuille cómharthaí
air ach gur staigín é.



GALÁNTACHT. - STAIGÍNÍ.



Donchadh: An chainnt úd a dubhraís anso an lá
déanach, a Thaidhg, do chuir sí ag machtnamh mé.



Tadhg: Deirimíd araon a lán cainnte, ó am go h-am
agus ó lá go lá. Cad é an rud so a dubhart-sa an lá
déanach a bhain an machtnamh go léir asat?



Donchadh: Dubhraís gur b'iad na staigíní fé ndeár an
oiread san d'obair na Gaeluinne do dhul ar neamhnídh.
Go gcuirid siad an obair ar bun le fothram agus le
bladhman agus ansan go rithid siad leó féin.



Tadhg: Sin mar a dheinid siad go díreach, agus nuair
a stadan an fothram agus an bladhman stadan an
obair. Ach cad é an machtnamh a bhainis-se as an méid
sin, a Dhonchadh? Dar ndó ní'l a thuille le rádh 'n-a


L. 191


thaobh ach nuair a stadan an bladhman go stadan an
obair.



Donchadh: Am briathar go bhfuil, a Thaidhg, tuille le
rádh 'n-a thaobh agus dhá thuille. Rithean fear an bhladh-
main leis féin, mar a deirir, nuair a bhíon deire na
cainnte ráidhte aige: deire an fhothraim déanta aige,
agus deire an bhladhmain. Fágan sé an obair fé'n
muinntir nár dhein aon fhothram ná aon bhladhman.
Nuair a bhíon muinntir an fhothraim agus an bhladhmain
imthighthe ní deacair muinntir na n-oibre do chómhreamh,
ní bhíon puinn acu ann. Nuair a chíd siad féin a luigh-
ead a bhíon ann acu tagan mímhisneach agus lag-
spridighe ortha. Deirid siad leó féin:- "Ní h-aon tairbhe
dhúinn bheith a d'iarraidh Gaeluinne mhúine do mhuinntir
na h-áite seo. Ní'l aon tsuim acu inti. Ní féidir
dúinn i mhúine dhóibh d'á n-aindeóin! Bhí breis agus
céad duine anso againn an chéad oidhche. Ní'l anois
againn ach sinn féin. Tá sé chómh maith againn eirighe
as mar ghnó agus gan na daoine bheith ag magadh fúinn."
Ansan fanaid siad sa bhaile agus ní airightear a thuille
de ghnó na Gaeluinne sa n-áit sin. An bhfuil a fhios
agat, a Thaidhg, cad deir muinntir an fhothraim ansan?



Tadhg: Am briathar go bhfuil a fhios agam go maith
cad deirid siad. Cuirid siad an milleán go léir ar
mhuinntir na h-oibre. "Ó," adeirid siad, "do
chuireamair an Chraobh ar bun dóibh go h-áluinn, agus
níor fhéadadar í choimeád ar bun. Dheineamair cainnt
bhreágh dhóib agus mhínighmair dóibh conus ba cheart dóibh
an obair a dhéanamh, ach níor dheineadar í. Dheinea-
mair fothram agus gleó agus tabhairt amach i dtreó
gur líonadh an tigh dóibh, ach níor fhéadadar na daoine
choimeád. Chuaidh an Chraobh ar neamhnídh ach cad é ár
leigheas-ne air sin? Thaisbeánamair cad ba cheart a
dhéanamh agus níor deineadh é. Bíodh ortha féin anois."



Donchadh: Siné é go díreach. "Bíodh ortha féin
anois." Cé ortha? Ar an muinntir a dhéanfadh an
obair dá leogtí dhóibh í dhéanamh. Conus fhéadfidís


L. 192


an obair a dhéanamh agus na staigíní bladhmanacha ag
lot na h-oibre ortha ó thosach! Deirim leat, a Thaidhg,
go gcaithfar rud éigin a dhéanamh a choimeádfidh na
staigíní amach as an obair ar fad. Ní'l uatha ach bheith
ag éisteacht le n-a nguth féin ag déanamh bladhmain.
Téidís amach ar chnocán éigin agus bídís ag búirthigh
ann go mbeid siad cortha. Ní'l aon ghnó acu i n-obair
na Gaeluinne.



GALÁNTACHT. - STAIGÍNÍ.



Tadhg: Tá go breágh, a Dhonchadh. Tagan cainnt
saoráideach go leór chughat-sa uaireanta. Caithfar rud
éigin a dhéanamh, dar leat, a choimeádfidh na staigíní
amach as an obair, ar fad. Ach conus a choimeádfir
amach iad? Cuir i gcás go bhfuil craobh de Chonnradh
na Gaeluinne le cur ar bun i mball éigin. Glaodhfar
ar mhuinntir na h-áite agus iarrfar ortha teacht i
bhfochair a chéile chun na craoibhe cur ar bun. Tiocfid
siad go léir. Tiocfid na staigíní chómh maith leis an
muinntir a bheidh seasamhac. Conus is féidir, an chéad
lá, na staigíní d'aithint ó'n muinntir a bheidh seasamhach?
Mara féidir iad d'aithint conus is féidir a rádh leó
gan teacht sa n-obair? Bhí rí fadó ar phobul Dé,
ar an bpobul Eabhra. Bhí an rí ag gleusadh na ndaoine
chun cogaidh i n-aghaidh a namhad. Tháinig na daoine go
léir i dtreó go raibh sluagh ana líonmhar ag an rí. Bhí
na mílte agus na mílte fear aige agus iad go léir
ceapaithe 'n-a n-aigne ar throid go crodha i n-aghaidh a
namhad. Nuair a bhíodar ag gluaiseacht fé dhéin an
chatha do ráinig go raibh ortha dul thar shruth a bhí ar an
slighe rómpa. Bhí an lá brothalach agus bhí tart ar na
fir. Dubhairt an t-aingeal leis an rí faire dhéanamh
ar an sluagh agus an fear ná déanfadh ach a bhas a chur


L. 193


sa n-uisge agus bolmac d'ól d'á bhais, leogaint dó
dul ar aghaidh, ach an t-é do luighfadh síos agus do shádh-
fadh a cheann sa n-uisge chun a bhuilg a líonadh dhe, é
chur abhaile. Do dhein an rí mar a dubhradh leis agus
ar ball ní raibh aige, as na mílte go léir, ach sluagh
ana bheag. Ach thug sé aghaidh ar an namhaid le n-a shluagh
bheag agus bhuaidh sé ar an namhaid agus chuir sé ár
agus dearg-ruathar ortha.



Donchadh: Ambasa tuigim é. Staigíní ab eadh an
mhuinntir a luigh síos i n-aice an tsrutha agus do líon
a mbuilg de'n uisge. B'fhearr sa bhaile iad 'ná sa
tsluaigh. Do theichfidís nuair a thiocfadh an cath dian
ortha. Chuirfidís mímhisneach ar na fir mhaithe agus
bhéarfidís leó sa teiche iad. Ba mhaith mar a cuireadh
abhaile iad.



Tadhg: Níor bh'fhéidir iad a chur abhaile mara n-aith-
neófí iad, agus ní féadfí iad d'aithint gan cómhartha
éigin ortha. Ní'l aon chómhartha againne ar ár staigíní
féin.



Donchadh: Dar fiadh, a Taidhg, ach tá cómhartha maith
againn ortha, is beag ná gur b'ionan é agus an cómhartha
úd a tugadh do'n rí ar na staigíní a bhí 'n-a shluagh féin.
Do líonadar súd a mbuilg le h-uisge. Líonaid ár
staigíní-ne a mbuilg le rud is measa go mór 'ná uisge.
Má ba staigín, an uair sin, an fear a líon a bholg de'n
uisge, cad 'tá le rádh anois leis an bhfear a líonfidh a
bholg de bhiotáile? Tá staigín, ar a chéill, neamhthairbh-
theach go leór, ach is fear fóghanta é seachas staigín ar
meisge. Níor cheart leogaint d'aon staigín meis-
geóra teacht isteach i n-ár n-obair, a Thaidhg.



Tadhg: Tá staigíní ná bíon ar meisge choidhche, a
Dhonchadh, agus do chaillfidís ort i lár na h-oibre,
díreach chómh maith agus a chaillfadh staigín an óil ort.
Dhéanfidís an fothram agus an bladhman an chéad lá
agus ansan d'fhágfidís déanamh na h-oibre fé dhuine
éigin eile nú d'fhágfidís gan déanamh ar fad í. Tá
trí shaghas staigíní againn, a Dhonchadh, staigíní uisge


L. 194


agus staigíní meisge agus staigíní gaoithe. Caithfar
iad go léir a choimeád amach ar fad as an obair seo na
Gaeluinne má's maith linn an obair a dhul chun cinn sa
cheart.



GALÁNTACHT. - STAIGÍNÍ.



Donchadh: Is maith an rud, a Thaidhg, na staigíní do
cháine. Tá cáine tuillte acu. Táid siad 'ghá thuilleamh
fós ar a ndítheal. Ach is olc an rud an eugcóir a
dhéanamh.



Tadhg: Agus ca bhfuil an eugcóir, a Dhonchadh?
Mara ndeintear ortha ach an cháine atá tuillte acu
ca bhfuil an eugcóir?



Donchadh: 'Sdó cuir i gcás, a Thaidhg, go bhfuil duine
ansan nár airigh aon fhocal Gaeluinne riamh amach a'
beul aon duine. Aireóchaidh an duine sin an chainnt
seo go léir atá ar siubhal anois i dtaobh na Gaeluinne;
gur bh'í teanga ár sínsear í; gur fearr agus gur
blasta í 'ná aon teanga eile d'ár labhradh riamh; má
choimeádaimíd í go ndéanfidh sí ár n-éirim aigne féin
do neartú agus do leathanú agus creideamhaint a
thabhairt dúinn ó náisiúnaibh an domhain; má leogaimíd
uainn í go mbeidhmíd láithreach fé chosaibh daoine agus
beithidheach ar fuid an domhain, gan chlú gan cháil, gan
meas ag aoinne orainn ná againn féin ar a chéile. An
duine seo a deirim ceapfidh sé i n'aigne nách foláir dó
í dh'fhoghluim chómh maith le cách. Ceannóchaidh sé na
leabhair agus cromfidh sé ar an obair. Foghlumóchaidh
sé rainnt focal. Casfar Gaedhilgeóirí air. Ní foláir
leis rud éigin do rádh as Gaeluinn. Tiocfidh, "It is
a fine day," chun a aigne. Cuirfidh sé Gaeluinn ar an
gcainnt. Déarfidh sé, "Tá sé lá breágh." Feuchfid
na Gaelgeóirí ar a chéile. Ní gháirfidh aoinne. Táid
muinntir na h-Éireann ró bheusach chun gáire de'n


L. 195


tsórd san a dhéanamh uim aoinne. B'fhéidir go ndéar-
fidh duine éigin leis, i gcogar, ná fuil aon chor leis na
focail sin, "ta sé lá breágh," agus gur "Tá sé 'n-a lá
bhreágh," nú, "Is breágh an lá é," bha cheart dó a rádh.
Cromfidh sé ar mhachtnamh. "Tá - sé - 'n - a - lá -
bhreágh," adeir sé. "Dá mbeinn ag machtnamh go deó
air," adeir sé, "Ní fhéadfinn ciall na cainnte sin a
dhéanamh amach!" Ansan buailtear isteach i n'aigne
ná beadh aon bhreith aige choidhche ar Ghaeluinn d'fhoghluim.
Eirighean sé as an obair mar tuigean sé i n'aigne gur
obair í atá os cionn a chumais amuich 's amach. An
dóich leat-sa, a Thaidhg, an mbeadh sé ceart ná dleagh-
thach staigín a thabhairt ar dhuine de'n tsórd san?



Tadhg: Ní'l agam le rádh le duine de'n tsórd san,
a Dhonchadh, ach mara staigín é go bhfuil eugcóir throm
aige dhá dhéanamh air féin. An chainnt sin nach féidir
leis a thuisgint tá ciall agus brígh léi. Deir sé
go bhfuil an chiall san os cionn a chumais amuich 's amach.
Deirim-se gur suarach an meas atá aige ar a chumas
féin. Is lag an obair dó a rádh agus a admháil go bhfuil
sé os cionn a chumais aigne an chainnt a thuisgint a thuigid
na h-amadáin i n-Éirinn! Is searbh an fheuchaint a
thabharfadh sé orm-sa dá n-abrainn go bhfuil a aigne
chómh maol san ná tuigfadh rud a thuigfadh amadán!
Beadh an ceart aige, a Dhonchadh. Ní'l aon mhaoile ar
a aigne. D'fhéadfadh sé an Ghaeluinn d'fhoghluim dá
mba mhaith leis í dh'fhoghluim. Ní féidir aon rud a rádh
leis ach gur staigín é. Téanam ag snámh. Tá an lá
breágh agus an t-uisge go h-áluinn.



Donchadh: Téanam ort.



GALÁNTACHT. - STAIGÍNÍ.



Donchadh: Am briathar, a Thaidhg, gur dóich liom go
bhfuil a lán daoine i n-Éirinn againn anois atá ag
déanamh na h-eugcóra úd ortha féin. Ní'l de phort


L. 196


acu ó mhaidin go h-oidhche ach



Tadhg: Seadh, agus dá n-abradh aoinne le duine acu,
"You must be a very stupid person," Cad í an fhearg
a thiocfadh air! Is tapaidh a thiocfadh cochal air chun é
féin a chosaint. Is mí-chéadtach an fheuchaint a thabharfadh
sé ar an t-é a déarfadh an chainnt. "I have to tell you
that you are making a mistake!" adéarfadh sé, agus
snagaireacht n-a ghlór le friuchadh feirge "I have my
faults," adéarfadh sé, "but no one ever said I was
stupid!"



Donchadh: Ní'l aoinne 'ghá rádh anois go bhfuil sé
"stupid" ach é féin.



Tadhg: Go díreach. Mara bhfuil sé "stupid" cad
'na thaobh ná foghluman sé an Ghaeluinn? Mara bhfuil
sé ar a chumas í dh'fhoghluim conus is féidir dó
bheith ach "stupid?" Bhí Gaeluinn bhreágh bhlasta ag
Seán na mbreac agus amadán ab eadh é. Má tá an
Ghaeluinn chómh cruaidh sin ar fad conus fhéad an t-ama-
dán í dh'fhoghluim agus í labhairt? Má deir duine liom
ná féadfadh sé an Ghaeluinn d'fhoghluim mar gheall ar í
bheith chómh cruaidh, nách shiné é féin 'ghá admháil ná féad-
fadh sé rud a dhéanamh a dhein Seán na mbreac? Nách
mar a chéile san agus a admháil go raibh Seán na mbreac
níos géarchúisighe 'ná mar atá sé féin? Marab é sin
é ní foláir dó a admháil gur le corp leisge ná deinean
sé í dh'fhoghluim. Agus má's le corp leisge ná deinean
sé í dh'fhoghluim cad 'tá le rádh leis ach gur staigín
críochnuighthe é!



Donchadh: Is cruaidh an rogha a' dhá dhíg é, a Thaidhg.
Má tá sé ábalta ar í dh'fhoghluim agus ná leogan
an leisge dhó é, ní foláir staigín a thabhairt air. Ní'l
aon dul uaidh aige. Má tá sí ró chruaidh dó agus ná
féadfadh sé í dh'fhoghluim is dúradán é. Bíodh a rogha
aige féin. Ach feuch, a Thaidhg. An bhfuil fhios agat
cad tá agam féin dh'á thabhairt fé ndeára le déanaighe?



Tadhg: Ní fheadar. Sgaoil chughainn é.


L. 197


Donchadh: Táim 'ghá thabhairt fé ndeára le déanaighe,
má deir duine, i gculaith mhaith eudaigh, agus snas ar a
chuid Béarla, "It is a very difficult language. I never
could master it!" go mbeidh fiche dailtín ag aithris
láithreach air agus a gcainncíní sa n-aer acu agus an
port céadna ar siubhal acu. "Oh," adeirid, "it is a
very difficult language. I could never learn it!"



Tadhg: Galántacht, a mhic ó! Chíd siad an fear
galánta, dar leó, 'ghá mhaoidheamh ná féadfadh sé Gae-
luinn d'fhoghluim agus ní foláir leó féin bheith chómh
galánta leis.



GALÁNTACHT. - STAIGÍNÍ.



Donchadh: Is ait an sgéal é, a Thaidhg. Duine 'ghá
cháine féin agus 'ghá lochtú féin agus 'ghá ísliú féin os
cómhair a chómharsan, agus é 'ghá dhéanamh san le corp
galántachta.



Tadhg: Bhí rí ann fadó, a Dhonchadh, agus bhí drún air.
Cad deirir le n-a raibh d'uaislibh 'n-a thímpal nár imthig
agus nár chuir drúna ortha féin! Chuir gach duine acu
muiciris éigin thiar ar bhaic an mhuiníl air féin, laistigh
d'á chasóig, agus chrom sé a shlinneána, agus do
ghluais sé díreach mar a ghluaisigheadh an rí, a cheann
cromtha agus a dhrom anáirde, chómh mórchúiseach
díreach leis an rí féin.



Donchadh: "A dhrom anáirde," arsa tusa! Is 'mó
sórd eirighe-anáirde a chonac ach do bhuaidh san ortha.



Tadhg: Galántacht, a mhic ó. An t-é go mbíon an
dúil cheart sa ghalántacht aige ní'l aon anchor ná tabhar-
fadh sé dhó féin chun bheith galánta dar leis.



Donchadh: Cogar, a Thaidhg. An bhfeacaís an chainnt
seo a dubhairt sagart paróiste Mhainistir na Corann
an lá fé dheire?



Tadhg: Ó seadh; i dtaobh na Gaeluinne agus conus


L. 198


mar is ceart do gach aoinne í fhoghluim agus í labhairt.
Do chonac an chainnt, a Dhonchadh, agus go deimhin agus
go dearbhtha is fada nár léigheas aon chainnt Bhéarla is
fearr thaithn liom.



Donchadh: Seadh go díreach. Dar ndó tá fhios ag an
saoghal go dtaithnfadh aon chainnt Bhéarla leat-sa ach
go molfadh sí an Ghaeluinn agus go gcómhairleóchadh
sí do dhaoine í fhoghluim agus í labhairt.



Tadhg: Tá níos mó 'ná san ann, a Dhonchadh. Tá
fhios agam-sa cad a bhainean le Béarla blasta chómh
maith díreach agus tá fhios agam cad a bhainean le
Gaeluinn bhlasta. Ní cuimhin liom cathain a léigheas
aon bhlúire Béarla ba dheise ná ba bhríghmhaire 'ná an
blúire cainnte a thug an sagart san uaidh an uair sin
do mhuinntir Mhainistir na Corann. Is ró dheacair dóibh
gan a chómhairle do ghlacadh.



Donchadh: Ní fheadar cé'r bh'iad na h-uaisle a bhí ar
na rotharaibh agus go raibh an gleó go léir acu as
Gaeluinn?



Tadhg: Ní fheadar cé'r bh'iad féin, ach pé'r bh'iad
féin ní raibh aon staigín ortha.



Donchadh: Fuaradar beannacht mhaith ó'n sagart de
bharr a gcuid Gaeluinne.



Tadhg: Fuaradar í le dúrthacht agus bhí sí tuillte
acu. Tá súil le Dia agam gur dhein sí tairbhe dhóibh,
agus go dtuillfidh tuille an bheannacht chéadna.



Donchadh: Nách slachtmhar a chuir sé ar a súilibh do
mhuinntir Mhainistir na Corann cad ba cheart dóibh a
dhéanamh!



Tadhg: Dhein sé mar sin é. Má tá aon staigíní i
Mainistir na Corann ní deirim ná go mbeadh lán a
gcroidhe d'eagla acu roime n-a theangain.



Donchadh: Eagla na h-áirighthe.


L. 199


FEIS NA MUMHAN.



Donchadh: Dubhairt sagart paróiste Mhainistir na
Corann go raibh súil aige gur ghearr go bhféadfadh
muinntir an bhaile sin feis a bheith acu.



Tadhg: Ba chóir nár ghádh dhó an méid sin a rádh leó.
Ba chóir go gcuimhneóchaidís féin air. Cad é an bac
atá ortha feis a bheith acu má's maith leó é? Ná
féadfidís obair feise a dhéanamh chómh maith agus
fhéadan muinntir Maghchromtha, nú muinntir Bhaile-
Mhúirne?



Donchadh: Nú muinntir Chorcaighe.



Tadhg: Seachain, a Dhonchadh. Ní do mhuinntir Chor-
caighe is cóir creideamhaint a thabhairt i dtaobh Feise
na Múmhan. Gan amhras is i gCorcaigh a chómhnuighean
an bhuidhean bheag a dhein obair Feise na Mumhan
ach ní fheicim go bhfuaradar cabhair ná congnamh
ó mhuinntir Chorcaighe. Bhíos ag Feis na Mumhan i
gCorcaigh. Ní fheaca muinntir Chorcaighe ann. Agus
fós ní nár le muinntir Chorcaighe creideamhaint na
Feise do ghlacadh chómh maith díreach agus dá mba iad a
bheadh tar éis na h-oibre dhéanamh. Cuirid siad i
gcuimhne dhom rud a thuit amach sa Róimh fadó. Dhein
file dán ag moladh an Ímpire Augustus. Chuir an
file a dhán suas i n-áit phoibilidhe. Do chonacthas an
dán. Do tugadh chun an Ímpire é. Do thaithn an dán
go mór leis an Ímpire. Chuir sé amach fógra 'ghá iar-
raidh ar an bhfile teacht ag triall air. Níor tháinig an
file. Cuireadh amach fógra eile 'ghá iarraidh ar an
bhfile teacht. Níor tháinig. Ansan do tháinig file
eile agus dubhairt sé gur bh'é féin a dhein an dán.
Thug an t-Ímpire saidhbhreas mór dó. Ansan tháinig
an file ceart, sa n-oidhche, agus chuir sé suas ar an
gclár na cheithre línte seo:-


L. 200


"Mar sin daoibh-se, agus ní daoibh féin:-



"Mar sin daoibh-se, agus ní daoibh féin:-



"Mar sin daoibh-se, agus ní daoibh féin:-



"Mar sin daoibh-se, agus ní daoibh féin:-"



Do tugadh an sgríbhinn chun an Ímpire. Chuir sé fios
ar an bhfile a fuair an saidhbhreas "Cuir isteach an
t-easnamh fhágais sa sgríbhinn seo," ars an t-Ímpire.



D'fheuch an file bocht ar an sgríbhinn agus d'iompuigh
a líth ann. B'eigean dó a admháil nár bh'é féin a
dhein an sgríbhinn. An oidhche na dhiaidh san tháinig an
file ceart agus chríochnuigh sé an dán mar seo:-



"Mar sin daoibh-se 'gus ní daoibh féin,
A bheacha baoithe, ag déanamh meala.



Mar sin daoibh-se 'gus ní daoibh féin,
A dhamhra gléasta, ag déanamh treabhtha.



Mar sin daoibh-se 'gus ní daoibh féin,
Ag tabhairt na bréide, a chaoire geala.



Mar sin daoibh-se 'gus ní daoibh féin,
Ag breith na n-ubh sa t-sop, a chearca."



Donchadh: Ambasa tuigim é. An bhuidhean bheag 'ghá
marbhú féin leis an obair agus muinntir Corcaighe
ag fághail na creideamhna go léir. 'Sé an sgéal
céadna riamh é!



FEIS LUIMNIGHE.



Donchadh: Tá daoine saidhbhre i gCorcaigh, a Thaidhg.
Má's maith leó creideamhaint fhághail de bharr Feise na
Mumhan ba cheart a chur fhiachaint ortha an chreideamhaint


L. 201


do thuilleamh, nú an chreideamhaint do cheannach. Má's
maith leó an chreideamhaint a thuilleamh bainidís a lámha
as a bpócaíbh agus luighdís isteach sa n-obair láith-
reach agus deinidís an obair. Má's maith leó an
chreideamhaint a cheannach bainidís an t-airgead as a
bpócaíbh agus díoladís an t-airgead go fial i dtreó
ná beidh na daoine atá ag déanamh na h-oibre ag luighe
fé obair agus fé chostas i n-aonfheacht.



Tadhg: Tá go maith, a Dhonchadh, ach má deir daoine
saidhbhre Chorcaighe leat ná déanfid siad an obair agus
nách gádh leo é. Go bhfuil cúram éigin eile ortha. Agus
nách lugha 'ná thabharfid siad an t-airgead uatha. Go
bhfuil gnó éigin eile acu dhe. Agus má tá creideamhaint
ag dul do chathair Chorcaighe, mar gheall ar an bhfeis,
go nglacfid siad a gcion de'n chreideamhaint sin agus
ná tabharfid siad aon tsásamh duit-se ná d'aoinne
eile sa sgéal. Ansan cad a bheidh le rádh agat, a
Dhonchadh, a mhic ó?



Donchadh: Nílim gan freagra ullamh agam dóibh, a
Thaidhg. Tá an Mhúmhain fada fairseag. Ní le muinn-
tir Chorcaighe, bocht ná saidhbhir dóibh, an Mhúmhain go
léir. Tá cathair mhaith sa Mhúmhain gur b'ainim di Luim-
neach. Tá cathair mhaith eile sa Mhúmhain gur b'ainim
di Portláirge. Cad 'na thaobh na féadfadh Feis na
Múmhan suidhe bliain i Luimnigh? Cad 'na taobh ná
féadfadh Feis na Múmhan suidhe bliain eile i bPort-
láirge?



Tadhg: Deirim, a Dhonchadh, go bhfuil ciall le d'
chainnt. Dá suidheadh Feis na Múmhan i Luimnigh ní
h-é mo thuairim go dtabharfadh daoine saidhbhre na catha-
rach san druím lámha léi chómh críochnuighthe agus
a thugaid muinntir Chorcaighe druim lámha léi i
gcomhnuidhe. Tá an tuairim chéadna agam i dtaobh
catharach Phortláirge. Ach an bhuidhean bheag so atá
ag déanamh na h-oibre i gCorcaigh ó thosnuigh an
obair, is dócha nár mhaith leó imtheacht go cathair
iasachta chun na h-oibre dhéanamh ann.


L. 202


Donchadh: Níor ghádh dóibh aon nídh d'á shórd san a
dhéanamh, a Thaidhg. Tá buidhean i Luimnigh a bhíon ag
déanamh oibre na Gaeluinne do ghnáth ann. Dá gcuir-
eadh buidhean bheag Chorcaighe sgéala chucha san 'ghá rádh
leó: "Má's maith le muinntir catharach Luimnighe go
suidhfadh Feis na Múmhan acu féin i mbliana táimíd-ne
sásta í fhágáilt fútha."



Tadhg: Dar fiadh, a Dhonchadh, dá ndeintí mar sin is
deas fheuchfadh "uaisle" Chorcaighe agus a meur 'n-a
mbeul acu!



Donchadh: Ní h-é a mhalairt atá tuillte acu.



"BRÉAG, A MHÁIGHISTIR."



Tadhg: Is fíor dhuit sin, a Dhonchadh. Ní h-é a mhalairt
atá tuillte acu. Is cuimhin liom féin nuair a bhí
Donchadh Pléimion bocht beó, beannacht Dé le n'anam,
go bhfeaca rud a chuir ag machtnamh an uair sin me, agus
níor sgar an machtnamh san liom ó shin. Bhí buidhean
bheag Chorcaighe beag go leór an uair sin, ach má bhíodar
beag dheineadar obair dhian. Bhí Donchadh, agus aoinne
amháin eile, ag obair, níos déine 'ná cách. Níor mhór le
rádh obair na Gaeluinne an uair sin, a Dhonchadh. Ach
do thárla go raibh cómhthionól poibilidhe i n-áit éigin i
gCorcaigh. Bhí cainnteóir áirighthe ag an gcómhthionól.
Do labhair sé go feilimionta* ar a lán neithe. Do labhair
sé go h-árd agus go feilimionta ar an nGaeluinn.
Do mhól sé í thar na beartaibh. Fear saidhbhir dob eadh
é. Duin' uasal dob eadh é dar leis féin. Éireannach
dílis dob eadh é, dar leis féin agus dar le gach duine a
bhí ag éisteacht leis. Bhí Donchadh Pléimion agus a chara
ag éisteacht leis. Cheapadar, nídh nár bh'iongna, go
raibh a chroidhe do réir a chainnte. Bhí clann mhac agus
clann inghean aige. Bhí sgoil bheag Ghaeluinne i gCorcaigh


L. 203


ag Donchadh agus agá chara agus iad ag casadh le cíos
a dhíol as an dtigh agus le gnó na sgoile dhéanamh um
thráthnóna gach lae, tar éis a gcuid oibre féin i gcaitheamh
an lae. Ní raibh oiread sgoláirí ag teacht chucha agus
dhíolfadh an cíos dóibh, gan trácht ar aon díoluigheacht a
thabhairt dóibh féin. Chuaidh Donchadh ag triall ar an
bhfíor-Éireannach úd a dhein an chainnt bhreágh ag an
gcómhthionól, agus d'iarr sé air duine nú beirt d'á
chlainn a chur ar an sgoil ag foghluim na Gaeluinne.
Airiú d'eirigh an "duin' uasal" ar buile. "An as do
mheabhair ataoi!" ar seisean le Donchadh. "Duine nú
beirt de m'chlainn a chur ag foghluim Gaeluinne?
B'fhearr liom go mór iad a bhreith ansan amach sa pháirc
agus iad do lámhach! Glan as mo radharc leat féin,
a bhrealláin!"



Donchadh: Oidhe! Agus cad é an brígh a bhí aige leis
an gcainnt a dubhairt sé ag an gcómhthionól!



Tadhg: An brígh a bhíon go minic ag duine le bheith ag
moladh máthar a chéile maidin na sochraide. Ó shin, aon
uair airighim-se cainnt de'n tsórd san, a Dhonchadh, ní
fhéadaim gan a rádh am' aigne féin, "bréag, a mháighis-
tir!" Bhí cathair Chorcaighe lán suas, an uair sin, a
Dhonchadh, de "dhaoin' uaisle" de'n tsórd san. Ní'l
mórán blianta ó shin ann. Táid na h-"uaisle" céadna
fós ann. Níor thánadar chun Feise na Múmhan. Ba
lag leó é. Ní lugha 'ná mar a thugadar aon chongnamh
airgid chun na Feise. Is dócha gur lag leó é sin leis.
Ach ní'l aon locht acu ar an gcreideamhaint. Tagan sí
saor chucha.



Donchadh: B'fhéidir, a Thaidhg, go bhfuil "uaisle" i
Luimneach leis, agus go molaid siad an Ghaeluinn, agus
ná fuil 'n-a gcainnt ach "Bréag, a Mháighistir!"



Tadhg: Is docha, ambasa, go bhfuil a leithéidí ann.
Ba dhóich liom, ámhthach, nár mhisde triail a bhaint asta.
Ba mhór an nídh a fhios a bheith againn cad a dhéanfidís.
Tá a lán cainnte ag teacht ó chuid acu.



Donchadh: "Bréag, a Mháighistir!"


L. 204


TÁ BREALL AR GWYNN.



Donchadh: Feuch airiú, a Thaidhg, cad é an saghas fir é
seo atá ag cainnt i gColáiste na Tríonóide?



Tadhg: Ó seadh. Guinn macánta. Is deacair a rádh
cad é an saghas é, ná cad é an brígh atá le n-a chainnt.
Measaim uaireanta gur ag stealadh mhagadh fúinn go
léir a bhíon sé. Ach dar fiadh measaim uaireanta eile
go mbíon sé do chroidhe dháiriríbh. Amadán iseadh é nú
rógaire iseadh é. Ní féidir liom a dhéanamh amach
ciacu. Deir sé gur fhoghluim sé an Ghaeluinn agus go
bhfuil eólus thar barr aige uirthi. Ansan deir sé nách
focal Gaeluinne i n-aon chor an focal "táthar," ach
gur smut é de Bhéarlagar na Saor, agus gur b'amhlaidh
a glacadh isteach sa Ghaeluinn é ó'n mBéarlagar.



Donchadh: Cá ndubhairt sé an chainnt sin, a Thaidhg?



Tadhg: Is amhlaidh a bhí sé ag tabhairt fínné uaidh i
láthair coiste d'uaislibh an choláiste.



Donchadh: An ag múine Gaeluinne dhóibh a bhí sé?



Tadhg: Ach, ní h-eadh. Ní'l aon fhonn ortha Gaeluinn
d'fhoghluim. Ní'l uatha ach a fhios a bheith acu conus ba
cheart í mhúine.



Donchadh: Aililiú! Airiú conus fhéadfidís a fhios
san a bheith acu mara bhfoghlumóchaidís féin ar dtúis í!



Tadhg: Ní thuigean tú an sgéal, a Dhonchadh. Tá a
fhios acu súd go maith nách féidir do dhuine aon rud
eile ach Gaeluinn a mhúine mara mbeidh eólus aige féin
ar dtúis air. Ach i dtaobh na Gaeluinne, is dóich leó
ná fuil aoinne is fearr a thaisbeánfidh conus is ceart
í mhúine 'ná an t-é is lugha eolus uirthi. Siné cúis gur
thugadar Guinn 'n-a láthair chun fínné thabhairt uaidh os
a gcómhair agus a innsint dóibh conus is ceart an
Ghaeluinn a mhúine. Is amhlaidh mar atá an sgéal ag
Guinn, tá an Ghaeluinn os cómhair a shúl aige agus tá
Béarlagar na Saor os cómhair a shúl aige, ach dá
bhfaghadh sé Éire air ní fhéadfadh sé iad d'aithint ó chéile.


L. 205


Donchadh: Ó tuigim. Siné a' chúis gur dóich leis gur
le Béarlagar na Saor a bhainean an focal "táthar."



Tadhg: Do réir dheabhraimh. Deir sé, leis, gur le
Béarlagar na Saor a bhainean an focal "bítear,"
agais an focal "beifar."



Donchadh: Aililiú! Ar airigh aoinne riamh a leithéid!
An bhfuil an leabhar air, a Thaidhg?



Tadhg: Ach, ní'l. Ní'l air ach a innsint, do réir a
bhreitheamhntais, conus is ceart Gaeluinn a mhúine.



Donchadh: Is maith é sin. Dar fiadh, a Thaidhg, dá
mbeadh an leabhar air bhí sé réidh. Nách gasta a dhein
an Coiste a ngnó agus gan an leabhar a chur chuige!



Tadhg: Maise is dócha gur chuma ciacu.



Donchadh: Is fíor dhuit é. Má "táthar" ag brath
ar a leithéidí chun na Gaeluinne mhúine, agus má
"bítear" ag brath ortha, agus má "beifar" ag brath
ortha, agus dá "mbeifí" ag brath ortha, "tá sé,"
agus "bíon sé," agus "beidh sé," agus do "bheadh sé"
thiar ar an nGaeluinn, a Thaidhg.



Tadhg: Nách truagh gan an méid sin a thabhairt mar
cheacht le foghluim do Ghuinn!



Donchadh: Ní deirim 'ná go bhfuil breall ar Ghuinn,
a Thaidhg.



Tadhg: Tá, agus breall ar an gCoiste.



TÁ BREALL AR GWYNN.



Donchadh: go deimhin, a Thaidhg, tá iongna agus alltacht
orm mar gheall ar a ndeirean tú liom i dtaobh Ghuinn
seo. Deir sé gur fhoghluim sé Gaeluinn. Ansan
deir sé nách focal Gaeluinne i n-aon chor an focal san
"táthar" atá riamh i n-ár mbeulaibh go léir! Tá an
méid sin áiféiseach* go leór. Ba dheacair a amadán-



*Aiféis, outrageously absurd.


L. 206


tacht do shárú. Ach innis an méid seo dhom. Cad é an
dalladh-bodhradh-buicín a bhí ar an gcoiste d'uaislibh
léigheanta a thug an fear san n-a láthair chun eóluis a
thabhairt dóibh ar an gcuma 'n-ar ceart Gaeluinn a
mhúine do dhaoine! Dá n-oireadh do'n choiste sin
eólus d'fhághail ar an gcuma 'n-ar cheart Frainncis a
mhúine, an nglaoidhfidís 'n-a láthair, chun an eóluis sin
a thabhairt dóibh, ar dhuine ná h-aithneóchadh Frainncis
ó Bhéarlagar na Saor! Dá n-oireadh dóibh eólus
d'fághail ar conus ba cheart siúinéireacht a mhúine,
an raighdís ag lorg an eóluis sin ar fhear ná
h-aithneóchadh casúr seachas tráchar! Dá n-oireadh dóibh
eólus d'fhághail ar conus ba cheart talamh do shaothrú
an raighdís ag lorg an eóluis sin ar fhear ná feidir
ciacu roimis an gcéachta nú 'n-a dhiaidh ba cheart an
capall a bheith! Dá n-oireadh dóibh eolus d'fhághail ar
conus ba cheart gnóthaí cogaidh a chur ar bun an raighdís
ag lorg an eóluis sin ar dhuine ná feidir ciacu ceann
de'n ghuna ba cheart dó a chur le n-a ghualainn!



Tadhg: Am briathar, a Dhonchadh, ní h-ag teacht rómhat
ar sin é, ach is dóich liom ná fuil abhfad ó cuireadh
gnóthaí cogaidh ar bun leis an saghas san eóluis díreach.



Donchadh: Má seadh cé dhíol as?



Tadhg: Ambasa is fíor dhuit é, a mhic ó. Dhíoladar
féin as go daor. Do múineadh an t-eólus dóibh agus
ní h-i n-aisge é. Ach, mar adúbhart leat an lá déanach,
a Dhonchadh, ní mar a chéile múine na Gaeluinne agus
aon ghnó de sna gnóthaíbh eile sin a chuiris síos. Isé
buadh na Gaeluinne, dar leis na sgoláiríbh, ná fuil
aoinne is fearr eólus ar conus is ceart an Ghaeluinn
a mhúine 'ná an t-é is lugha eólus ar an nGaeluinn
féin.



Donchadh: Mhaise beannacht Dé dhuit, a Thaidhg, agus
éist do bheul agus ná bí ár mbodhradh le d'chuid magaidh!
Dar ndóich tá 's ag an saoghal ná creidean aoinne é sin.
Tá dearmhad, nú botún, nú bun-os-cionn éigin sa
sgéal agus ní tuigtear é.


L. 207


Tadhg: Ní'l aon bhlúire magaidh agam 'á dhéanamh,
a Dhonchadh, ná aon phioc d'á fhonn orm. Ach tá an ceart
agat go bhfuil botún sa sgéal. Ní h-eadh ach is botún
ar fad é, an seana bhotún tiobaisteach atá dh'á dhéanamh
riamh i n-Éirinn ag muinntir Shasana ó'n gcéad lá a
thánadar ann. Is dóich leó riamh gur fearr go mór an
t-eólus atá acu féin ar conus is ceart gnóthaí na
h-Éireann a dhéanamh 'ná mar atá ag muinntir na
h-Éireann air.



Donchadh: Éist, a Thaidhg. Éist do bheul. Tá eólus
áluinn ag muinntir Shasana ar conus gnóthaí na
h-Éireann a dhéanamh ar an gcuma is fearr a leogfidh
dóibh saidhbhreas na h-Éireann a bhreith leó anonn. Ní'l
dearmhad ná botún acu dh'á dhéanamh sa méid sin. Ar
ár dtaobh-ne atá an botún. Measaim-se, a Thaidhg,
go bhfuil a chiall féin ag Guinn agus agá cháirdibh, pé
breall atá ortha ná ná fuil.



"BITHEAMHNAIGH!"



Tadhg: Is 'mó focal de'n fhírinne atá ráidhte agat
anso le tamal, a Dhonchadh, ach is dóich liom go bhfuil
an focal déanach úd a dubhraís an lá fé dheire ar an
bhfocal is fírinnighe d'á ndubhraís fós. "Measaim,"
arsa tusa, "go bhfuil a chiall féin ag Guinn agus agá
cháirdibh, pé breall atá ortha ná ná fuil." Siné díreach
réidhteach na ceiste go léir. Ní thaithnean an Ghaeluinn
le Guinn ná le n-a cháirdidh i gColáiste na Tríonóide.
(An mhuinntir a chuir ar dtúis a leithéid d'ainim ar a
leithéid de choláiste go maithidh Dia dhóibh é!) Isé gnó
na coláiste sin, ó cuireadh ar bun í, aigne agus éirim
na nGaedheal do bhrise agus do bhrúth agus do mhille.
Bhí sé buailte isteach i n-aigne na muinntire a chuir ar
bun an choláiste sin, dá mbeadh an léir-sgrios san


L. 208


déanta acu ar aigne agus ar chroidhe agus ar éirim
agus ar thuisgint Gaedheal na h-Éireann go mbeadh rith
an ráis leó as san amach chun an Chreidimh a mhúchadh i
n-Éirinn. Bhí ag eirighe leó go h-áluinn. Bhí an léir-
sgrios ag dul chun cinn. Bhí an Ghaeluinn ag imtheacht.
Bhí drabhuíol cainnte a bhí gan bhun gan bharr ag teacht 'n-a
h-inead. Bhí éirim na ndaoine ag caolú agus ag lagú.
Rud ab fhearr leis an namhaid 'ná gach nídh eile, bhí an
Creideamh ag lagú agus ag dul i bhfuaire. Bhí an lagú
agus an fuaradh san ag dul chun cinn chómh ríghin chómh
réidh sin gur ar éigin a mhothuigh aoinne é. Is amhlaidh
a bhí an Ghaeluinn dh'á guid uainn, a Dhonchadh, agus bhí
an Creideamh dh'á ghuid uainn ar sgáth na Gaeluinne.
Fé dheire do labhair na gadhair, gadhair Chonnartha na
Gaeluinne. Do liúghadh "Bitheamhnaigh!!!" Níor
thaithn an liú san leis na bitheamhnaigh, nídh nách iongna.
Do liúghadh "Bitheamhnaigh!!!" airís agus airís eile.
Do tógadh an liú ar gach cnocán i n-Éirinn ó Dhonchadh
Dí go Tigh Mháire. Tá an liú ar siubhal, agus rud is
fearr 'ná liúireach, táid na gadhair i ndiaidh na
mbitheamhnach ar séide. Tá atharach sgéil ag muinntir
Choláiste na Tríonóide. Tá a saothar go léir dh'á lot os
cómhair a súl. Ar dheineadar de dhroch obair i n-Éirinn
ó tánadar, tá sé dh'á lot os cómhair a súl agus gan
leigheas ar bith acu air.



Donchadh: Dar fiadh, a Thaidhg, ach tá breall ortha
níos mó 'ná an breall atá ar Ghuinn tré Bhéarlagar
na Saor!



Tadhg: Tá fhios acu féin go dian mhaith, a Dhonchadh, go
bhfuil an bhreall san ortha, agus siné atá ag cur na
feirge ortha agus ní h-é Béarlagar na Saor. Ní'l
sa chainnt ar Bhéarlagar na Saor acu ach corp díombá
agus míchéadtachta agus feirg agus bhuile, mar gheall
air gur fuaradh amach an bhitheamhantas a bhí ar siubhal
acu agus gur cuireadh na gadhair mhalluighthe seo 'n-a
ndiaidh.



Donchadh: Agus cogar, a Thaidhg. Cad fé ndeár an


L. 209


fuath go léir seo atá acu d'ár gCreideamh? Ní'l meas
ná beann ró mhór acu, do réir mar a thuigim-se, ar a
gCreideamh féin. Measaim nách mór is cuma leó
i n-aon chor cad a dheinean creideamh. Mara bhfuil
aon mheas acu ar a gCreideamh féin cad 'na thaobh go
mbeadh aon dúil acu go nglacfimís-ne é? Mara
bhfuil dúil acu go nglacfimís-ne a gCreideamh féin
cad 'na thaobh go mbeidís a d'iarraidh ár gCreidimh-ne
do dhísgiú?



Tadhg: "Ní'l sprid ná púca gan fios a chúise aige
féin," a Dhonchadh. An cuimhin leat an focal úd a
dubhraís anso an lá déanach? Saidhbhreas na h-Éireann
atá uatha. Is cuma leó sa diabhal cad a dhéanfadh
Creideamh ach ná tiocfadh sé, dar leó, idir iad agus an
saidhbhreas a bhreith leó. Ní leó féin ar fad sinn, dar
leó, an fhaid a bheidh an Ghaeluinn agus an Creideamh
againn. Dá mbeadh an Ghaeluinn as an slighe, dar leó,
níor bhfada go leanfadh an Creideamh í. Ansan, dar
leó, agus is fíor dóibh é, iseadh bheimís fé n-a gcosaibh
i gceart acu.



Donchadh: Nára fada go mbeidh fiacala na ngadhar
úd ionta, go daingean!



Tadhg: Am briathar, a Dhonchadh, go bhfuil a lán d'ár
muinntir féin a thógfadh a bpáirt fós.



Donchadh: Aililiú! Nách dall atáimíd!



AN BOB MÓR.



Tadhg: Táimíd chómh dall san díreach, a Dhonchadh. Tá
sé ana fhuiriste bob* a bhualadh orainn i neithibh áirighthe.
Má chímíd culaith mhaith eudaigh ar dhuine agus deabhramh
duin'uasail air is gnáth linn é ghlacadh ar a theistiméi-



*Bob, a confidence trick.


L. 210


reacht féin, agus iontaoibh a bheith againn as. Má deir
sé linn go dtuigean sé ár ngnó agus go dtabharfidh
sé aire dhó ach é fhágáilt fé fhéin, siúd láithreach sinn
ag fágáilt an uile phioc d'ár ngnó ar láimh an fhir sinn
chómh maith agus dá mbeadh aithne againn air agus tástáil
riamh againn air. Ar ball nuair éaluighean sé leis
féin oidhche éigin agus ár gcuid airgid 'n-a phóca aige,
is amhlaidh a bhíon iongna ár gcroidhe orainn a rádh
go ndéanfadh duin'uasal chómh deagh-bheusach cam chómh
grána.



Donchadh: Is dócha go dtugan neithe de'n tsórd san
ciall cheannaigh dúinn, a Thaidhg, agus gur fearrde sinn
é. Deir an seanfhocal gur "Fearr ciall cheannaigh
'ná dhá chéill a múintear"



Tadhg: Tá cuid againne, a Dhonchadh, agus ní maith
linn ciall cheannaigh féin a ghlacadh. Dá dtagadh an
duin'uasal úd thar n-ais fé cheann beagán aimsire
agus leathsgéal éigin a dhéanamh 'ghá thaisbeáint cad
'na thaobh dó a bhitheamhantas a dhéanamh, agus ná raibh
leigheas aige air, fágaim le h-uadhacht go bhfuil cuid
againn a ghlacfadh isteach é agus a chuirfadh an iontaoibh
chéadna airís as!



Donchadh: Éist, a Thaidhg. Ní'limíd chómh dall san ar
fad!



Tadhg: Táimíd chómh dall san ar fad, ní h-ad' bhréag-
nú é. Tá seanfhocal againn a deir linn "adharc bó,
tón capaill, drannadh madra nú gáire Shasanaigh," do
sheachnadh. Tá fhios againn gur fíor an seanfhocal san.
Agus fós tá a lán againn agus gealan ár gcroidhe
nuair a gheibhmíd an "gháire" sin. Tá an "gháire" sin
'ghá chur 'n-a luighe orainn le dhá chéad blian gur teanga
gan mhaith an Ghaeluinn agus gur teanga bhreágh uasal
an Béarla agus mheasamair go léir go dtí a bhfuil
le fíor dhéanaighe go raibh an ceart ag an "ngáire."
Cad tá againn go léir dh'á dhéanamh leis an dá chéad
blian san ach ag brise ár gcroidhe a d'iarraidh na
Gaeluinne chaitheamh uainn agus an Béarla do labhairt


L. 211


'n-a h-inead! Ar buaileadh a leithéid de bhob ar aon
daoine eile riamh!



Donchadh: Tá atharú tagaithe ar an sgéal san, a
Thaidhg.



Tadhg: Tá an t-atharú ag teacht gan amhras,
ach is go ríghin atá sé ag teacht. Feuch chughat féin, a
Dhonchadh. Tá a lán againn féin anois 'ghá mhaoidheamh
gur teanga bhreágh uasal an Ghaeluinn, ach abair leó an
Ghaeluinn do sgrí' síos duit fé mar a labhartar í agus
cad déarfid siad leat? Déarfid siad leat gur
bh'fhearr go mór leogaint di imtheacht as an saoghal
'ná í sgrí' ar an gcuma san! Ná taisbeánan san
gur dóich leó fós féin ná fuil aon mhaith sa Ghaeluinn
atá i mbeulaibh na ndaoine?



Donchadh: Agus, greadadh chucha, ca bhfuil an Ghaeluinn
le fághail ach i mbeulaibh na ndaoine atá 'ghá labhairt!



Tadhg: Andaigh is díreach san, a Dhonchadh. Is amhlaidh
mar atá an sgéal acu tá an bob daingean ortha fós.
Tá an púicín fós ar a súilibh. Deir an "gháire" leó,
"You should make your language classical," pé brígh
atá ag an "ngáire" leis sin, agus siúd láithreach ár
n-amadáin ag cuardach seana leabhar agus a d'iarraidh
cainnte na seana leabhar a chur i mbeulaibh na ndaoine!



Donchadh: Tá breall ortha!



CA BHFUIL A SGOLÁIREACHT?



Donchadh: Ach cogar, a Thaidhg. Ní mheasaim-se go
bhfuil aon deifrigheacht mhór mar sin idir chainnt na
seana leabhar agus an chainnt atá i mbeulaibh na ndaoine.
Nuair a léightear seana leabhar dom ní shamhluighim go
mbíon aon deifrigheacht i n-aon chor eatartha ach deifrigh-
eacht shuarach. Má dheinid na sgoláirí cainnt na seana
leabhar a mhúine dhúinn nách amhlaidh is fearrde sinn é?


L. 212


Ba dhóich liom gur mhór an osgailt aigne ar dhuine eólus
a bheith aige, nuair a dheinean sé cainnt, ar an gcuma
n-a ndeintí an chainnt chéadna chúig céad blian ó shin,
nú míle blian ó shin.



Tadhg: Dá mbeadh sgoláirí ciallmhara againn, a
Dhonchadh, bheadh an sgéal go maith. Ach nuair osgalóchaidh
sgoláire acu a bheul agus nuair adéarfidh sé, "Ní'l
aon mhaith sa Ghaeluinn atá againn anois. Ní'l inti
ach drabhuíol cainnte. Má's maith linn Gaeluinn
cheart a bheith againn ní foláir dúinn dul siar agus
an chainnt a bhí ag daoine chúig céad blian ó shin i n-Éirinn
d'fhoghluim agus do labhairt."



Donchadh: Agus dar ndóich 'sí an chainnt chéadna í!
Má's drabhuíol an chainnt atá anois againn ba
dhraibhuíol an chainnt a bhí i n-Éirinn chúig céad blian
ó shin!



Tadhg: Dar fiadh, a Dhonchadh, ach bhí sgoláirí ann chúig
céad blian ó shin agus d'áiteóchaidís, caoch, ar na
daoine a bhí ag labhairt na Gaeluinne sin an uair sin,
ná raibh inti ach drabhuíol!



Donchadh: Agus cá ndeiridís sin a bhí an Ghaeluinn
cheart le fághail?



Tadhg: Ag na daoine a bhí ann chúig céad blian roimis
sin airís!



Donchadh: Ach mo dhíth! Ní'l fasg ag an saghas san
sgoláirí.



Tadhg: Ní'l go díreach, fasg acu. Ach do chuirfadh
sé iongna ort, a Dhonchadh, conus mar a bhuailid siad
bob ar an saoghal.



Donchadh: Is dócha, ó's sgoláirí iad gur dóich le gach
aoinne go mbíon an ceart acu.



Tadhg: Is dóich le formhór na ndaoine é. Ach bíon
i gcómhnuighe foth dhuine a deir leó go bhfuil breall
ortha. Deinid siad díobháil mhór, ámhthach. Buailid
siad bob ar fhormhór na ndaoine. Cuirid siad 'n-a
luighe ortha go bhfuil faid an lae amáirigh de dheifrigheacht
idir, cuir i gcás "Caoira mhaol-úthan" agus "Caoira


L. 213


úthan-mhaol." Deirid siad gur Gaeluinn cheart,
"Caoira mhaol-úthan," agus ná fuil rígh ná rath ar
"Caoira úthan-mhaol."



Donchadh: Airiú dar ndóich má tá an chaoira "maol-
úthan" conus fhéadfadh sí bheith ach "úthan-mhaol"?



Tadhg: Ní'l ach sgoláire fhéadfadh an cheist sin a
réidhteach, a Dhonchadh, a mhic ó.



Donchadh: Léir ortha mar sgoláirí! Ba chóir nách
chun bheith ag cur na ndaoine amú a deineadh sgoláirí
dhíobh.



Tadhg: Ba dhóich le duine ortha gur dhóich leó féin
gur b'eadh. Feuch an fear san i gColáisde na Tríonóide
a chuirean Eóghan Ua Camhrí agus Dochtúir Atcinson ar
aon leibhéal!



Donchadh: Is dócha gur bh'é sin a bhreitheamantas.



Tadhg: Má's í ca bhfuil a sgoláireacht?



SGOLÁIREACHT AR IARRAIDH.



Donchadh: Ca bhfuil a sgoláireacht? arsa tusa. Is dócha
go bhfuil sí ar iarraidh. Do labhair Eóghan Ua Camhraí
Gaeluinn ó thosach a óige. Thug Dia éirim agus inntileacht
agus cúil-fhéith dhó. Bhí aigne agus meabhair agus tuis-
gint aige. Nuair eirigh sé suas dhein sé breithniú go geur
agus go doimhinn agus go fórleathan ar an gcainnt a
bhí 'n-a bheul aige agus ar an gcainnt a fuair sé in sna
seana leabhraibh nuair fhoghluim sé iad. Do thómhais sé
le n-a chéile, go cruinn agus go geurchúiseach, an
chainnt a bhí n-a bheul aige agus an tseana chainnt.
Fuair sé ar an gcuma san eólus ar an seana chainnt
nár bhféidir i n-aon chor do dhuine fhághail ná beadh
eólus aicionta aige ar an nGaeluinn bheó. Do sgríbh
sé síos agus d'fhág sé againn sgríobhtha toradh a thómhais


L. 214


agus a shaothair. Cuirean fear Coláisde na Tríonóide
an fear san i gcomórtas le Dochtúir Atcinson, le
fear ná féadfadh, dá gcuireadh sé a dhá shúil ar chipín,
a dhéanamh amach cad é an deifrigheacht atá idir an dá
fhocal bheaga san, "is" agus "tá."



Tadhg: Airiú is dócha go dtuigean sé an méid sin!
Dar ndó, mara dtuigfadh sé an méid sin conus
fhéadfadh sé focal Gaeluinne i n-aon chor a thuisgint!



Donchadh: Deirim leat ná tuigean. Feuch a leith
orm. Má deir duine, "Is adhmad clár," tugan sé
eólus uaidh ar rud. Sa bhfocal "adhmad" atá an
t-eólus, agus isé an clár an rud ar a dtugtar an
t-eólus. Ní gádh dhom a innsint duit-se, chómh luath
agus adeir duine, "Is," nách foláir focal an eóluis
do theacht láithreach i ndiaidh an fhocail "is."



Tadhg: Agus dar ndó ní dócha go ndéarfadh Dochtúir
Atcinson go bhféadfadh an sgéal a bheith ar a mhalairt
de chuma.



Donchadh: Feuch anso. Seo leabhar a chuir Dochtúir
Atcinson amach. Agus feuch anso ag deire an leabhair
sraith de sholuídí beaga deasa a phioc sé as an leabhar
chun go múinfadh sé, dar leis, do'n léightheóir cad é an
gleus a ghabhan le h-"is." Feuch ansan agat iad. Siné
"is" ar tosach i n-a áit féin. Siné ansan, láithreach
n-a dhiaidh an rud ar a dtugtar an t-eólus, sa n-áit
nách féidir é bheith. Agus feuch, siné an t-eólus féin
ar deire, sa n-áit nách féidir é bheith, sa n-áit ná féadfadh
Diarmuid an Stoca féin é chur dá mbeadh sé ag rádh
na cainnte.



Tadhg: Sín chugham an leabhar san, a Dhonchadh, le d'
thoil. Ó, ambasa chím é:-



"Is" "Subject" "Predicate."



Is uathbhásach an sgéal é sin! Agus feuch airiú!
iad go léir, síos go bun, ar an gcuma gcéadna!
Aililiú! Ní raibh aon cheart agat Diarmuid an Stoca
chur i gcomórtas leis an bhfear san. Eugcóir throm


L. 215


ar Dhiarmuid iseadh é. Bhí Gaeluinn mhaith ag Diarmuid,
beannacht Dé le n'anam!



Donchadh: Agus cad é mar obair Eóghan Ua Camhraí
chur i gcomórtas leis an bhfear san!



Tadhg: Duine eile acu féin a dhein é.



Donchadh: Is cuma liom cé dhéin é, dhein sé tuathal
agus dhein sé amadán de féin.



Tadhg: Gabhaim párdún agat, a Dhonchadh. Níor dhein
sé amadán de féin.



Donchadh: Níor dhein an eadh!



Tadhg: Am briathar nár dhein, mar ná féadfadh sé é.
Bí sé i n'amadán cheana.



Donchadh: Ó tuigim. Cúis gháire chughainn!



AN NODLAIG.



Donchadh: Seadh! a sheana bhuachaill, sin Nodlaig
eile anuas i mullach an chinn ort!



Tadhg: Tá, moladh le Dia! Tá bliain eile imthighthe.
Ní'l ach aon locht amháin agam le fághail uirthi.



Donchadh: Cad é an locht é, a sheana bhuachaill? Ní
fheicim-se go bhfuil aon chúrsaí gearáin agat. Taoín tú
chómh liath, chómh láidir, anois, Dia 'd bheannachadh, agus
a bhís bliain an taca so, nú aon tráth le deich mbliana.
Ach is dócha, nuair a théidhean daoine sa n-aois nách
féidir leó gan bheith ag gluaireán. Siní an Ghaeluinn
gur mheasais ar feadh tamail de d'shaoghal ná raibh
aon bhreith aici ar aon tógáilt cinn fhághail go deó,
siní anois í agus gan i mbeul gach aoinne, óg a's
aosta, iseal a's uasal, ach conus is fearr a tiocfar ar
i shaothrú agus do chur ar aghaidh.



Tadhg: Ní'l ach aon locht amháin agam le fághail, a
Dhonchadh, ar an mbliain seo atá imthighthe. 'Sé sin,
a ghiorracht a bhí sí 'ghá bailiú féin chun siubhail. Is


L. 216


greannmhar an sgéal é. Ní mheasaim na blianta leath
chómh fada agus shamhluighinn iad fadó nuair a bhíos óg.
Is ar éigin, ba dhóich leat, a bhíon an bhliain tosnuighthe
nuair siúd imthighthe í agus an Nodlaig airís agat!
Ní'l aon ghluaireán agam dh'á dhéanamh. Caithfimíd
bheith sásta le toil Dé, moladh go deó leis! Agus go
deimhin féin, mar a deirir, ní'l aon chúrsaí gearáin
agam-sa. Tá an tsláinte go maith agam, buidheachas
le Dia. B'fhéidir dá mba ná beadh sí sin chómh maith
agam gur ríghin go leór a mhothóchainn an bhliain ag
imtheacht. Ach, "go mbeirimíd slán ar an am so
airís!"



Donchadh: Amen! Agus "má's maith atámíd anocht
i ngrástaibh Dé agus an tsaoghail, gura' seacht
fearr a bheimíd bliain ó 'nocht, agus mara fearr nára
measa!" Sin mar a dubhraís é bliain an taca so
agus sin mar atá tagaithe. Tá an obair seo na
Gaeluinne anois níos seacht fearr 'ná mar a bhí sí an
uair sin. Bhí rainnt daoine an uair sin a bhí dílis,
dúthrachtach go leór sa n-obair ach tá a sheacht n-oiread
acu anois atá amhlaidh. Is cuimhin leat go maith conus
mar a bhí an sgéal, foth dhuine, nú foth bhuidhean bheag
daoine, 'ghá marbhú féin leis an obair agus na slóighte
móra ag magadh fútha. Na daoine a bhí ag déanamh
an mhagaidh an uair sin tá a bhformhór bailighthe isteach
sa n-obair, agus an méid díobh ná fuil bailighthe isteach
fós, geallaim dhuit nách fonn magaidh atá ortha. Ní
h-eadh i n-aon chor. Is amhlaidh atá sgannra ortha mar
chíd siad go maith nách ró fhada go gcaithfid siad féin
luighe isteach agus a gcion de'n obair a dhéanamh.



Tadhg: Ní deirim, a Dhonchadh, ná go bhfuil rainnt
eugcóra agat dh'á dhéanamh ortha. Ní mheasaim féin
go raibh aon dothol riamh acu roimis an obair. Is
amhlaidh nár thuigeadar 'n-a n-aigne go raibh aon tairbhe
sa tsaothar. Ní maith le h-aoinne allus a chur air féin
le saothar mara bhfeicfidh sé aon deabhramh go mbeidh
toradh ar a shaothar.


L. 217


Donchadh: Am briathar gur dóich liom go raibh so 's
súd ar a lán acu. Agus am briathar gur dóich liom
go bhfuil sé ar a lán acu fós.



Tadhg: Seadh! Cé 'tá ag gluaireán anois?



Donchadh: Ní h-ag gluaireán atáim, ná ag camhrán,
ná ag lochtúchán, ach nuair a chuimhnighim ar an gcluiche,
agus ar an gclipe, agus ar an bhfiach atá déanta againn
i gcaitheamh na bliana, ar na staigíníbh, agus ar na
meisgeóiríbh, agus ar gach aicme galánta eile acu, ní
fhéadaim gan bheith míchéadtach, cancarach, feargach, nuair
a chím fós iad, ar leacachaibh na sráide, gach aon ghaige
gan éifeacht acu agus a phlaoisgín folamh anáirde aige
agus gan oiread agus aon fhocal amháin Gaeluinne
'n-a phluc!



Tadhg: Seadh! Ambasa, a mhic ó, tá ag eirighe fút.
Thosnuighis go h-áluinn ó chianaibh. Ba dhóich le duine
ort ó chianaibh go raibh gach aon rud chun do thoile i dtaobh
na Gaeluinne. Ba dhóich le duine ort anois gur
b'amhlaidh atá gach aon rud bun os cionn ar fad.
Caithfimíd foidhne bheith againn, a Dhonchadh. Tá maith
agus olc sa sgéal. Ní'l an mhaith chómh maith agus a
mhaoidhis ar dtúis é bheith, agus ní'l an t-olc chómh h-olc
agus a mheasan tú anois é bheith. Tá obair mhór mhaith
déanta i gcaitheamh na bliana. Do dheinamair féin cion
beirte dhe. An gaige gan éifeacht úd a dubhraís, is
lugha an meas atá anois air 'ná mar a bhí air bliain an
taca so. Bliain an taca so bhí na staigíní go léir gan
baiste. Tá ainim agus sloinne anois ortha.



Donchadh: "Nár mhairid siad a n-ainim ná a sloinne!"



Tadhg: Ní baoghal duit go mairfid siad abhfad iad.
Ní'l aoinne gur chuaidh an ainim sin, "staigín" i
bhfeidhm air ná déanfidh a chroidhe díthil ar ainim éigin
eile thuilleamh dó féin chómh luath i n-Éirinn agus
d'fhéadfidh sé é. Níor bhainamair cleití fós as an
ngaige gan éifeacht, ach tá breith againn air. Tá lá
teith roimis an ngaige mara gcuiridh sé uaidh na geáitsí
agus an Ghaeluinn d'fhoghluim mara bhfuil sí aige cheana.


L. 218


Is minic go mbíon sí aige cheana. Is minic go mbíon
sí aige, níos fearr 'ná mar a bhíon an Béarla aige. Má
tá sí cheana aige ní bheidh sé ró dheacair dó dul uainn.
Ní bheidh aige le déanamh ach í tharrac chuige agus í labhairt.



Donchadh: Sin rud ná déanfidh sé. Ní dóich liom go
bhfuil 'fhios agat i gceart, a Thaidhg, cad é an saghas an
gaige. Isé mo thuairim féin dá mbeadh an gaige i gcás
éigin i n-a gcaithfadh sé a bheul d'éisteacht ar fad nú
Gaeluinn a labhairt gur b'amhlaidh a dhúnfadh sé suas
a bheul agus ná labharfadh sé aon fhocal, olc maith ná
danaidhe!



Tadhg: Fágaim le h-uadhacht, a Dhonchadh, go gcuirean
tu rud i gcuimhne dhom. Bhíos tamal ó shin i
gcuideachtain agus shocaruighmair ar gan a labhairt ach
Gaeluinn. Do ghluais an chainnt. Bhí gaige acu sa
chuideachtain. Oiread agus smiog níor tháinig as a
bheul an chuid eile de'n oidhche. "Airiú," arsa mé féin
leis fé dheire, "an amhlaidh atá teinneas fiacaile ort!"
Níor dhein sé ach eirighe agus rith leis féin.



Donchadh: Go deimhin, a Thaidhg, dá mba ná déanfadh
an Ghaeluinn ach a chur fhiachaint ar na gaigíbh a mbéal a
choimeád dúnta níor ró olc i n-aon chor an tairbhe a
bheadh déanta aici. Bím bodhar acu le n-a gcuid
"How d'do?" nú "good af' n'n," nú "Ba Jove!"
agus an uile shaghas drabhuíola de'n tsórd san a phiocaid
siad suas anso a's ansúd ameasg na ngaigí iasachta
a thagan anall thar faraige ag tabhairt a gcuarda sa
n-oileán so.



Tadhg: Éist, a Dhonchadh. Go dtugaidh Dia mórán
de Nodlaigíbh maithe dhuit - agus mórán foidhne!
Caithfidh tú foidhne dhéanamh leis na gaigíbh bochta.
Déanfid siad rud maith fós. An fear úd go raibh
an teinneas fiacaile air, níor bh'fhada go bhfeaca airís
é i gcuideachtain eile agus ní raibh Gaedhilgeóir ann
ba bhinne 'ná é. Ní féidir d'aoinne dul abhfad i
gcoinnibh an phobuil. Caithfidh sé gabháil leis an bpobal
nú brúthfar é agus tuitfidh sé agus geóbhfar do chosaibh


L. 219


ann. Siné atá ag cur an áthais go léir orm féin le
déanaighe, a Dhonchadh. Tá pobul na Gaeluinne ag
dul i méid. Tá troime agus neart agus stuaim ag
teacht sa phobul fé mar atá méid ag dul air. An
fear ná cuirfadh cainnt ná cómhairle ná tathant fhiachaint
air gluaiseacht sa bhóthar ceart, cuirfidh an pobul
fhiachaint air é dhéanamh. Ní'l againn ach na gaigí agus
na staigíní agus lucht na bplaosg bhfolamh do sgaoile
isteach sa phobul. Caithfid siad gabháil leis an bpobul
pé olc maith leó é.



Donchadh: Agus feuch, a Thaidhg. Ná beidh ar dhuine
éigin an pobul féin do stiúrú?



Tadhg: Ambasa, a Dhonchadh, ach déanfir-se an gnó,
mar adubhairt an seana phríochán leis an bpríochán óg.
"Nuair a chífir," arsan seana phríochán, "buachaill ag
cromadh chun cloiche sgeinn leat féin."



"Agus, a mháthair," arsan príochan óg, "cad ba
cheart dom a dhéanamh dá ráineóchadh go mbéadh an
chloch 'n-a phóca ag an mbuachaill?"



"Déanfir an gnó," arsan seana phríochán, "imthig
leat féin."



Beidh, a Dhonchadh, ar dhuine éigin an pobal féin do
stiúrú. Agus pé duine nú pé daoine, go mbeidh san
ortha beidh ualach trom ortha. As so amach anois atá
againn go léir cuimhneamh air sin, agus cuimhneamh
go maith air. Tá an saoghal lán de dhroch stiúrthóiríbh.
Daoine go bhfuil an aigne go h-olc acu, agus go bhfuil
an chloch n-a bpóca acu. Ní foláir dúinn féin agus
do'n phobul sinn féin a sheachaint go maith ortha.



TÁ BREALL ORTHA.



Donchadh: Mhaise go deimhin, a Thaidhg, isé rud a
mheasaim féin 'ná gur mór an truagh daoine de shaghas
Atcinson. Táid siad ag déanamh a gcroidhe díthil


L. 220


chun na Gaeluinne d'fhoghluim, agus siné an Béarla, a
gcainnt féin, 'ghá gcur amú an uile chor d'á gcuirid
siad díobh. Má deir duine, "Táim am' dhúiseacht,"
is "I am awake" atá aige mar Bhéarla air; agus má
deir duine, "Bím am dhúiseacht," ní'l de Bhéarla aige
air ach an rud céadna díreach, "I am awake." Conus
is féidir d'fhear an Bhéarla choidhche a fhios a bheith aige
cad a bhíon i n-ár n-aigne-ne nuair a deirimíd "Táim
am dhúiseacht"? Ní'l aon deifrigheacht sa Bhéarla
eatartha.



Tadhg: Gabhaim párdún agat, a Dhonchadh. Tá deif-
righeacht eatartha sa Bhéarla, ach is ó'n gcainnt a ghabhan
leó a tuigtear an deifrigheacht. Má deir duine,
"I am awake now," cialluighean,
"táim am' dhúiseacht"; ach má deir duine,
"bím am dhúiseacht."



Donchadh: Dar fiadh, a Thaidhg, dá mba mhaith le
muinntir an Bhéarla a gcainnt féin a thuisgint i gceart
ní bheadh aon rud dob fhearra dhóibh 'ná Gaeluinn
d'fhoghluim láithreach. Is usa go mór an Béarla do
thuisgint le congnamh na Gaeluinne 'ná é thuisgint as
a ghustal féin.



Tadhg: Is fíor dhuit sin, a Dhonchadh. Ach go deimhin
ba dheacair duit an méid sin a chur 'n-a luighe ar mhuinntir
an Bhéarla. Is dóich leó ná fuil aon teanga d'á
labhairt is iomláine agus is forlíonta ar gach aon
chuma 'ná an Béarla agus gur b'é an Béarla an teanga
is fearr ar domhan chun duine thabhairt isteach ar thean-
gain iasachta.



Donchadh: Agus, greadadh chucha, conus is féidir dóibh
rud de'n tsórd san a rádh! Nách shiné an Béarla agus
gan ann ach aon fhocal amháin, go mion minic, i n-aghaidh
an dá fhocal sa Ghaeluinn! Feuch, "bím" agus "táim,"
"bhíos" agus "bhínn," "má táim" agus "dá mbeinn."



Tadhg: Ná h-áirimh a thuille acu, a Dhonchadh. Ní
bheidís áirighthe go ceann seachtmhaine agat. Ach an


L. 221


bhfuil fhios agat cad a dheinid muinntir an Bhéarla nuair
a bhíd siad ag casadh le teanga iasachta d'fhoghluim?
An focal go mbíon focal ag freagairt dó sa Bhéarla
acu foghlumaid siad é, nú measaid siad go bhfoghlumaid
siad é, agus an focal ná bíon aon fhocal ag freagairt
dó acu sa Bhéarla chaithid siad uatha é.



Donchadh: Ó! airiú cad é mar shaghas foghluma é sin!
Dar ndó ca bhfios dóibh nách sa bhfocal a chaithfidís uatha
a bheadh an brígh go léir?



Tadhg: Is ró mhinic gur b'ann, agus bíon a rian
air, ní thugaid siad leó go minic ach brígh áiféiseach,
brígh amadánta. Ansan, nuair a chuirimíd go léir
suas an liú mhagaidh fútha, ní bhíd siad ach ag feuchaint
'n-a dtimpal agus a súile ar leatha acu agus iongna
agus alltacht ortha. Ní féidir leó féin aon spórt
fheisgint sa sgéal. Ní dheinid siad ach a rádh 'n-a n-aigne
féin, "Is uathbhásach na h-amadáin na Gaedhilgeóirí seo!
Táimíd ag déanamh ár ndíthil chun na Gaeluinne mhúine
dhóibh sa cheart ach ní'l ar a gcumas í fhoghluim sa cheart."



Donchadh: "Sa cheart!" Airiú cé aca go mbeadh sí
sa cheart ach ag an muinntir atá 'ghá labhairt riamh?



Tadhg: Dar leó féin isiad an mhuinntir nár labhair
focal riamh di go bhfuil sí sa cheart acu.



Donchadh: Tá breall ortha!



FEIS ULADH.



Donchadh: A Thaidhg airiú, an bhfeacaís an chainnt seo
adubhairt an Cárdinél i bhFeis Uladh?



Tadhg: Ní fheaca. Cé h-é an Cárdinél? Cad í an
chainnt? Ní foláir nú dubhairt sé rud éigin iongantach
tra 's gur chuir a chainnt a leithéid seo de ghliadar ort.



Donchadh: 'Gcloistí air! "Cé h-é an Cárdinél?"
Ná fuil fhios agat ná fuil againn ach aon Chárdinél


L. 222


amháin, Árd-easbog Árd-Mhacha, Príomh-easbog na
h-Éireann, Cómharba Naoimh Pádraig!



Tadhg: Agus cad í an chainnt iongantach so adubhairt
sé a chuir ar mire thu ar an gcuma so?



Donchadh: Dubhairt sé a lán cainnte agus ní raibh
focal d'á ndubhairt sé ná raibh go h-ana mhaith. Ach
dubhairt sé aon nídh amháin a chuirfidh gliadar ort-sa chómh
maith a's chuir sé orm-sa. Dubhairt sé gur bh'é a
bhreitheamhntas féin, tar éis machtnaimh agus meághchaint
a dhéanamh ar an sgéal, ná fuil aon ghnó ar siubhal
anois i n-Éirinn atá ag déanamh níos mó tairbhe 'ná
an gnó so na Gaeluinne.



Tadhg: An ndubhairt sé an chainnt sin, a Dhonchadh!



Donchadh: Seadh! Cé 'tá ar mire anois? Siné an
páipeur agat. Léigh féin an chainnt. Tá sí ansan
agat go breágh cruinn, díreach, soiléir, so-thuisgionta.



Tadhg: Ambasa, a Dhonchadh, tá sí anso, soiléir, so-
thuisgionta, mar a deirir. Ní h-é mo thuairim go
ndubhairt an duin'uasal céadna, Dia 'ghá bheannachadh!
focal riamh amach as a bhéal ach focal a bhí soiléir so-
thuisgionta. Nuair a labhran sé ní baoghal gur gádh
d'aoinne choidhche a fhiafraighe cad é an brígh a bhíon le
n-a chainnt. Cuirean sé an brígh amach chómh solusmhar
san nách féidir gan é thuisgint. Dar fiadh, a Dhonchadh,
ach sin cainnt! Agus feuch, deir sé an chainnt níos
treise 'ná mar a thugais-se leat í. Deir sé go bhfuil
níos mó tairbhe ag gnó na Gaeluinne dh'á dhéanamh 'ná
mar atá ag gnó na Párlimínte dh'á dhéanamh. Agus
deir sé rud eile, feuch. Deir sé, agus is fíor dó é,
ná fuil aon ghnó eile ar siubhal i n-Éirinn anois is mó
atá ag cabhrú le h-obair ár lucht Párlimínte 'ná gnó
na Gaeluinne. Feuch a leith orm, a Dhonchadh. Siné an
focal is tuisgionaighe d'ár labhradh i n-Éirinn fós ó
thosnuigh obair na Gaeluinne! Nuair a bhíd ár lucht
Párlimínte thall i Lúnduin, i dtig na Párlimínte ní
chuirid an mhuinntir thall suim ionta ach do réir an nirt a
bhíon laistiar díobh i n-Éirinn. Dá mbeadh Demostenes


L. 223


thall ansúd ag cainnt leó ní chuirfidís blúire
suime sa chainnt is uaisle a thiocfadh uaidh mara dtuig-
fidis 'n-a n-aigne go raibh neart laistiar de. Tá dhá
shagas nirt ann, a Dhonchadh, neart corpartha agus neart
aigne. Ní'l aon bheann acu súd thall ar neart corpartha
na h-Éireann. Ní bheadh aon nídh dob fhearr a thaithnfad
leó ar maidin 'ná dá n-eirighmís go léir amach le n-ár
ráinní agus le n-ár sluaiste chun troda leó. Chuirfidís
deire linn agus ansan bheadh Éire acu féin. Ach nuair
a gleustar neart aigne 'n-a gcoinnibh ní h-ar ráinníbh
'na ar shluaistibh a bhíon ortha aghaidh a thabhairt.



Donchadh: Agus cad air, má 'seadh?



Tadhg: Siné díreach a mhillean iad. Bíd siad dall
ar cad air. Oibirighean neart aigne ar an uile shaghas
cuma. Tuigean an namhaid nách aon dóichín an neart
san agus gur fearr é ghlacadh réidh.



Donchadh: Agus nách mór an iongna ná tuigid ár lucht
Párlimínte an nídh sin! Is dóich leó gur díobháil atá
ag gnó na Gaeluinne dh'á dhéanamh dóibh.



Tadhg: Bíodh foidhne agat. Tagan maith le cáirde.
Tuigfid siad fós é.



BAIN DÍOT AN BHRÉID.



Donchadh: Cogar, a Thaidhg. An bhfuil Gaeluinn
ag an gCárdinél?



Taidhg: Am briathar go bhfuil go súgach! Cad 'na
thaobh?



Donchadh: Seadh! Is maith é sin anois. Tá oiread
san daoine ag moladh na Gaeluinne agus ag moladh
na h-oibre agus gan aon fhocal Gaeluinne acu féin
ná aon fhonn ortha í dh'fhoghluim, go raibh eagal orm
go mb'fhéidir gur bh'shin mar a bhí an sgéal ag an
gCárdinél. Dá mb'eadh do bhainfadh san go mór ó
tairbhe na cainnt úd a dubhairt sé ag Feis Uladh.



Tadhg: Ná bíodh ceist ort. Tá an Ghaeluinn aige


L. 224


go suairc. Do labhair sé í ag an bhFeis. Labhran sé í
go minic agus is maith chuige é. Ach cad é an chúis gur
chuir an sgéal aon bhuaireamh mar sin ort? Dar ndó
is mó duine ná fuil sí aige agus a labhran 'n-a páirt go
maith agus go tairbheach.



Donchadh: 'Sdó siné díreach atá ag cur orm. Tá a
lán daoine ná fuil aon fhocal di acu agus dá n-aireóchthá
ag cainnt iad, ag moladh na Gaeluinne agus ag tathant
ar an uile dhuine, óg agus aosta, díriú uirthi agus í
dh'fhoghluim láithreach, ba dhóich leat ortha "ná h-íosfidís
dhá bhéile ar aon bhórd agus ná codlóchaidís dhá oidhche
ar aon leabaidh" go dtí go mbeadh sí do ghlan mheabhair
agus do ghlan eólus acu. I n'inead san is amhlaidh,
chómh luath agus bhíon an moladh agus an tathaint déanta
acu, as Béarla, má's é do thoil é, imthighid siad abhaile
agus ní aireóchaidh aoinne oiread agus "Dia 's Muire
dhuit" amach as a mbéal as san go dtí go mbeidh caoi
acu ar ghoradh eile Béarla thabhairt uatha ag moladh
áilneachta na Gaeluinne.



Tadhg: Am briathar, a Dhonchadh, má tá an sgéal san
ag cur ort-sa, go bhfuil sé ag cur orm-sa leis, agus
nách le lá é ná le dhá lá, ach le fada riamh. Táim ag
feuchaint ortha agus ag faire ortha agus ag éisteacht leó
agus cuirean sé iongna orm a fhaid fhéadan cuid acu
dul, 'ghá leogaint ortha go bhfuil obair thairbhtheach acu dh'á
dhéanamh agus gan blúire acu dh'á dhéanamh ach cainnt!



Donchadh: Dá mb'áil leó an chainnt a dhéanamh as
Gaeluinn dob usaide é.



Tadhg: Ach, dá ndeinidís an chainnt as an nGaeluinn,
sin a mbeadh uaim. Ní fhéadfidís an chainnt a dhéanamh as
Gaeluinn gan eólus a bheith acu ar an nGaeluinn agus
dá mbeadh an t-eólus acu ar an nGaeluinn bheadh a
gcion féin de'n obair déanta acu. Isé rud ba cheart
a dhéanamh leó 'ná mar a dheineadh seana Sheón Léadar le
n-a lucht oibre.



Donchadh: Cad a dheineadh Seón?



Tadhg: Mheasadh sé dá bhfeiceadh sé a chasóg ar fhear


L. 225


oibre ná beadh an fear san ag déanamh oiread oibre
agus ba cheart dó a dhéanamh. Bhuailfadh sé amach chun
na bhfear an lá is fuaire sa n-Earrach. Bhíodh na casóga
ortha, nídh nár bh'iongna. Mheasadh Seón go mbíodh sé
creachta le luighead na h-oibre bhíodh 'á dhéanamh.
Thagadh fearg air agus do liúghadh sé ortha:-



"Bainidh díbh an bhréid, a bhuachaillí!" a deireadh sé.



Donchadh: Dar fiadh, a Thaidhg, ach tá 'fhios agam cad
a dhéanfad-sa feasta. Nuair a chífad duine ag cainnt
agus gan aon obair aige d'á dhéanamh cuirfad liú
asam chuige:-



"Bain díot an bhréid!" adéarfad leis.



SEACHAIN AN BIOR.



Donchadh: Ní fheadar an tsaoghal, a Thaidhg, cad 'n-a
thaobh go bhfuil sé chómh deacair a chur fhiachaint ar chuid
de mhuinntir na h-Éireann an bhréid a bhaint díobh chun
na h-oibre seo na Gaeluinne. Déanfid siad cainnt.
Déanfid siad gleó. Déanfid siad fothram. Déanfid
siad troid ar son na Gaeluinne le h-aon tsaghas duine
dhéanfidh aon tarcuisne thabhairt di. Ní'l nídh ar bith
ná déanfid siad go fonnmhar ach an t-aon nídh amháin,
an bhréid a bhaint díobh chun na h-oibre agus an Ghaeluinn
d'fhoghluim!



Tadhg: Ó, cuir uait, a Dhonchadh. Tá éagcóir agat
dh'á dhéanamh. Tá a lán daoine an neómat so ag
foghluim na Gaeluinne ins gach aon chúinne d'Éirinn.
Tá a lán daoine 'ghá foghluim thall i Lúnduin. Tá
a lán daoine 'ghá foghluim thall i n-America. Tá daoine
'ghá foghluim a gan fhios do'n tsaoghal agus ní maith leó
a leogaint ortha go bhfuil an obair acu dh'á dhéanamh
go dtí go mbeid siad ábalta ar an nGaeluinn a labhairt
ar chuma ná cuirfid daoine ag gáirí umpa. Tá an
bhréid bainte dhíobh, a Dhonchadh, ag níos 'mó daoine go


L. 226


mór 'ná mar is dóich leat-sa. Tá an obair acu dh'á
dhéanamh leis, níos déine go mór, deirim leat é, 'ná
mar a deintear obair foghluma i sgoileanaibh ná i
gcoláistibh.



Donchadh: Ní dheinim aon dabhta dhe, a Thaidhg, ná go
bhfuil a lán daoine ag obair go dian agus go torthamhail.
Ach, i n-aghaidh gach duine atá ag obair ar an gcuma san
feuch an 'mó duine atá díomhaoin! Nuair a thosnuigh
an obair ar dtúis, naoi nú deich dhe bhlianaibh ó shin, is
cuimhin leat an mustar a dheinidís 'ghá mhaoidheamh, dá
mbeadh na leabhair acu, go ndéanfidís "fut fat agus
cat a's dá eirbal." Tháinig na leabhair. Tá leabhair a
dhóithin anois ag aoinne gur maith leis úsáid a dhéanamh
díobh. Ach tá lucht an mhustair agus an díomhaointis chómh
fada ó aon úsáid a dhéanamh agus bhíodar riamh. Tá
an bhréid ortha fós chómh cluthar agus bhí sé ortha nuair
a bhídís 'ghá mhaoidheamh nár bh'fhios cad é an t-éirleach
a dhéanfidís ag foghluim Gaeluinne dá mbeadh cothrom
Leabhar acu. Ní fheadar an tsaoghal, a Thaidhg, cad
déanfar leó. Thugamair "staigíní" ortha. Thugamair
"rudaí Gallda" ortha. Thugamair "gaigí gan
éifeacht" ortha. Ní fheadar an bhfuil aon mhaith dhúinn
ann. Is eagal liom gur saothar i n-aistear bheith ag
baisteachán ortha. Is cuma iad nú an t-asal a bheadh
sa tslighe ort ar an mbóthar agus nuair a thógfá do
bhata nú do shlat chun buille bhualadh air, 'ghá chur as
an slighe uait, gur b'amhlaidh iompóchadh sé a dheire leat,
chómh maith le n-a rádh, "dein do dhítheal!"



Tadhg: Am briathar, a Dhonchadh, go bhfeaca-sa asal
de'n tsórd san a bhí sa tslighe orm ar an mbóthar lá.
Mheasas é chur as an slighe uaim ach i n-inead imtheacht
is amhlaidh d'iompuigh sé a dheire liom go teann, chómh
maith le n-a rádh, mar a deirir, "dein do dhítheal."
Dheineas, agus geallaim duit gur imthigh sé go tapaidh
as an slighe, ar cos anáirde. Ní baoghal gur fhan sé
leis an tarna buille.



Donchadh: Bíon oiread san clúimh ar chuid de sna


L. 227


h-asalaibh sin is ana dheacair buille chur i bhfeidhm ortha.



Tadhg: Cad is gádh iad a bhualadh sa n-áit 'n-a mbíon
an clúmh tiugh ortha!



Donchadh: Ambasa, a Thaidhg, is fíor dhuit é. Nú dá
mbeadh bior maith géar i mbara an bhata ag duine ba
shuarach an chosaint clúmh asail 'n-a choinnibh.



Tadhg: Tá go maith. Cuir-se bior i mbara do mhaide.



SAIDHBREAS - FÉ CHOSAIBH.



Tadhg: Ach feuch a leith orm, a Dhonchadh. Ní dóich
liom gur maith an chiall dúinn bheith ag cailleamhaint
iomad aimsire le lucht an díomhaointis. Gan amhras is
maith an rud an bior a bheith agat i mbara do mhaide
agus rop a thabhairt anois agus airís do'n asal ríghin.
Ach tá neithe is gátaraighe go mór a dhéanamh 'ná bheith
ag faire ar na h-asalaibh ríghne. Tá mórán saothair
déanta againn go léir le deich mblianaibh, ach ní foláir
a admháil go raibh a lán de'n tsaothar i n-aistear agus
go raibh a lán eile dhe do féadfí a chur chun sochair níos
fearr 'n-á mar a cuireadh é.



Donchadh: Gabhaim párdún agat, a Thaidhg. Ní dóich
liom gur ceart trácht air sin. Is eól duit an sean-
fhocal, "Tar a éis a tuigtear gach beart." Nuair a
bhíon daoine ag brise isteach i ndúthaigh nua ní féidir
dóibh gan bheith ag dul amú go minic sar a ndeinid
siad amach an tslighe chóir. Ní féidir dóibh gan mórán
d'á saothar a dhul i n-aistear. Ní ceart san a chasadh
leó n-a dhiaidh san nuair a bhíon eólus ar an slighe chóir
ag gach aoinne.



Tadhg: Ní'lim 'ghá chasadh leó, a Dhonchadh. Nár
leogadh Dia go mbeinn.



Donchadh: Agus cad 'tá uait, má 'seadh?



Tadhg: Sidé atá uaim. Tá an Ghaeluinn dh'á múine


L. 228


anois i n-a lán áiteana ná fuil aon fhocal di dh'á labhairt.
Na daoine atá 'ghá múine in sna h-áiteanaib sin tá
obair ana mhait, ana dhian, acu 'á dhéanamh. Na
daoine atá 'ghá foghluim in sna h-áiteanaibh sin tá obair
ana mhaith, ana dhian, acu 'á dhéanamh leis. Tá áiteana
eile i n-Éirinn agus tá an Ghaeluinn dh'á labhairt
ionta chómh binn, chómh bríoghmhar, chómh blasta, chómh
h-iomarcach agus do labhradh riamh i n-Éirinn í. Ba
dhóich leat ná cuimhnighean aoinne ar aon sgoil a
chur suas in sna h-áiteanaibh sin. Tá áit ná fuil
abhfad ó Bhaile Mhuirne. An Tóchar, is dóich liom,
a tugtar ar an áit. As an dtuairisg a chím ar an áit
sin agus ar an gcuma 'n-a bhfuil an Ghaeluinn dh'a
labhairt ann, tá sé buailte isteach am' aigne go ndéan-
fadh sgoil oiread oibre ann i n-aon mhí amháin agus dob
fhéidhir a dhéanamh, i n-áit gan Gaeluinn beó ann, ar
feadh bliana. Ba dhóich liom gur cheart aghaidh a thabhairt
láithreach ar áit de'n tsórd san agus sgoil a chur suas
ann agus an obair a chur ar siubhal ann.



Donchadh: 'Sdó, a Thaidhg, isé adeir daoine liom-sa
'ná, na daoine is fearr go bhfuil an Ghaeluinn acu ó n-a
sínsear gur b'iad is lugha suim inti.



Tadhg: Ná creid focal de. Ní'l suim acu inti
fós - mar níor cuireadh puinn suime fós ionta féin.
Conus is féidir dóibh a thuisgint 'n-a n-aigne go bhfuil
saidhbhreas mór 'n-a seilb an fhaid atá an Ghaeluinn 'n-a
seilbh, nuair ná tagan aoinne chucha ag lorg an tsaidhbhris
ortha! Tagadh daoine ag lorg an tsaidhbhris ortha.
Curtar suas an sgoil 'n-a measg. Tugtar le tuisgint
dóibh go bhfuil Éire go léir, agus sliocht Gaedheal go
léir, ag feuchaint chucha-san anois chun na Gaeluinne
d'fhághail uatha, agus feiceam cad a dhéanfid siad.


L. 229


TAITHÍGHE.



Donchadh: Ambasa, a Thaidhg, ach tá an bhréid 'á bhaint
anuas.



Tadhg: Cé h-iad atá ag caitheamh na gcasóg díobh
anois?



Donchadh: Tá muinntir Chill Áirne, ambasa. Ní 'ghá
gcaitheamh díobh atáid siad ámhthach. Táid na casóga
cáithte dhíobh acu cheana agus tá obair mhaith déanta
acu. Má leanaid siad do réir mar atá tosnuighthe
acu beidh dálta Thomáis Ruaidh féin acu. "Cloisfar
uatha fós."



Tadhg: Ó seadh. "Loch Léin," atá ar siubhal agat.
Chonac é. Tá sé go h-ana dheas agus go h-ana mhaith.



Donchadh: Ach feuch, a Thaidhg. Chím gur léighis an
leabhrán beag. Tá sé, mar a deirir, go h-ana mhaith,
ach measaim féin go bhfuil lúb ar lár anso agus ansúd
i ndéanamh na cainnte ann.



Tadhg: Éist do bheul, a Dhonchadh. Is dóich leat-sa
gur lúb ar lár sa chainnt aon rud ná fuil taithighe agat
féin air. Sin ceann de sna lochtaibh is mó a chím ar
ár gcainnteóiríbh Gaeluinne. Aon rud i n-aon chor
atá bun os cionn le n-a dtaithighe féin is dóich leó ná
fuil sé ceart. Pé ceart nú pé deise cainnte atá i
mbeul cainnteóra i ndúthaigh áirighthe cad é mar obair
dó a cheapadh i n-a aigne ná fuil ceart ná deise cainnte
i n-aon áit eile ach sa n-áit 'n-ar rugadh agus 'n-ar tógadh
é féin!



Donchadh: Sdó, cad é an leigheas atá aige air sin,
a Thaidhg? Má 's fearr a thaithnean cainnt a dhútha féin
leis 'ná cainnt aon dútha eile i n-Éirinn, cad é an
leigheas atá aige air?



Tadhg: Innis an méid seo dhom, a Dhonchadh. Cad é
an chúis gur fearr a thaithnean nós cainnte do dhútha
féin leat-sa anois 'ná nós cainnte aon dútha eile i
n-Éirinn?



Donchadh: Fan go fóil anois. Leog dom machtnamh


L. 230


beag a dhéanamh ar an sgéal. Ní féidir liom aon
fhreagra thabhairt ar do cheist ach so. Is fearr a
thaithnean cainnt ár ndútha féin liom mar is uirthi
atá taithighe riamh agam.



Tadhg: Tá go maith. Ní fhéadfá freagra níos
cruinne thabhairt. Bhuailis do mheur ar an leigheas.
Cuir-se taithighe, chómh luath agus d'fhéadfir é, ar na
nósaibh cainnte atá ag daoine i ndúthaíbh eile agus
gabhaim-se orm go bhfaghair amach, as an dtaithighe, go
bhfuil nósa cainnte i ndúthaíbh eile atá chómh cruinn
agus chómh deas, nú b'fhéidir níos cruinne agus níos
deise, 'ná cuid de sna nósaibh a thaithnean chómh mór so
leat anois ad' dhúthaig féin.



Donchadh: Is dócha go bhfuil an ceart agat. Ach
feuch, a Thaidhg. Tá aon rud amháin sa leabhrán so ó
Chill Áirne, agus ní h-é mo thuairim go bhfeaca fós aon
rud chómh breágh leis. Dán filidheachta iseadh é a dhein
Tomás Ruadh nuair a bhí sé i n-óspidéal na pláige i
mBaile Átha Cliath.



Tadhg: Chonac é go deimhin agus do léigheas é. Tá
sé go h-áluinn. B'fhiú d'aoinne an leabhrán do cheannach
agus do choimeád ar son an aon dána amháin sin.



Donchadh: Agus feuch, a Thaidhg. Sin iad muinntir
an Oileáin thiar agus an bhréid bainte dhíobh acu.



Tadhg: Fanaimís go bhfeicimíd cad a dhéanfid siad.
Tá daoine a bhainean díobh an bhréid chun cainnte agus
chun fothraim agus cuirid siad umpa an bhréid chéadna
airís chómh luath agus bhíon an chainnt agus an fothram
déanta.



Donchadh: Ní dóich liom gur mar sin a bheidh an sgéal
ag muinntir an Oileáin.



Tadhg: Fanaimís go bhfeicimíd.


L. 231


TOMÁS RUADH.



Donchadh: Feuch, a Thaidhg, do léigheas airís an dán
beag diadha so a dhein Tomás Ruadh Ua Súiliobháin
nuair a bhí sé sa n-óspidéal i mB'l'Áth' Cliath, agus
go deimhin is fearr a thaithn sé liom an tarna h-uair
'ná mar a thaithn sé liom an chéad uair. Is dóich liom
dá léighinn seacht n-uaire é gur fearr a thaithnfadh sé
liom an seachtmhadh h-uair 'ná aon uair roimis. Tá
doimhneas agus neart agus ceól agus mísleacht ann
nách féidir a innsint.



Tadhg: Is fíor dhuit-se sin. Agus téidhean an
neart agus an mhísleacht tré chroidhe dhuine agus tré
n-a aigne ar chuma nách féidir a innsint, feuch:-



"A Rí an Domhnaigh, tar le cabhair chugham,
Agus tóg i n-am ó'n bpéin mé.
A Rí an Luain ghil, bí-se buan liom
Agus ná leig uait-se féin mé."



Feuch mar a labhran croidhe an fhile le Dia na glóire sa
chainnt sin! Tá neart Creidimh sa chainnt sin, agus
neart dóchais agus mainighine as Dia, nách féidir a
shárú. Nuair a léighean duine an chainnt sin tógan an
chainnt croidhe an duine suas chun Dé díreach mar a
thógan an ghaoth an t-eun suas ó'n dtalamh sa spéir.
Is iongantach an tabharthas í, mar fhilidheacht, nuair a
bhíon sí i gceart ag duine. Feuch chómh deas, chómh réidh,
chómh símplidhe agus a ghluaisean an chainnt. Níor
dhóich leat go bhfuair an file aon phioc d'á duagh. Ba
dhóich leat gur b'amhlaidh a rith an chainnt chuige uaithi
féin, mar a rithfadh an sruth.



Donchadh: Cogar, a Thaidhg. Seo rud atá ag déanamh
mearathail dom. Sin dán diadha, dán creidimh, dán
cráibhtheachta. Ach ní bheinn cortha de bheith 'gá léighe.
Ní bheinn cortha go deó de bheith ag cur na bhfocal tré


L. 232


m'aigne agus 'ghá dtarrach tré m'beul. Bíd siad ag
gluaiseacht tré m'aigne agus tré m'beul uatha féin
agus mé ag gabháil an bóthar nú ag déanamh mo ghnótha.



Tadhg: Ó, ní h-aon iongnadh é sin. Sin mar a bhíon
an sgéal i gcómhnuighe ag fíor fhilidheacht.



Donchadh: Tá 'fhios agam gur b'eadh. Ní h-é sin atá
orm ach so. Filidheacht dhiadha iseadh an fhilidheacht so.



Tadhg: Agus nách shin mar is breághtha ba chóir í bheith?



Donchadh: Innis an méid seo dhom, má 'seadh. Is
minic a castar orm blúire filidheachta diadha i mBéarla
agus ní túisge a chím gur filidheacht dhiadha í 'ná mar
a thagan fuath agam di agus seirbhthean orm roímpe.
Má léighim i n-aon chor í is i gcoinnibh mo chos a ghabhaim
tríthi. Pé cúis é is amhlaidh a thugan sí droch-mheas dom
ar gach sórd cráibhtheachta. Ní fearrde mé choidhche
aon fhocal di do léighe. Cad é an chúis ná tógan sí mo
chroidhe agus m'aigne suas chun Dé mar a dheinean an
fhilidheacht so Thomáis Ruaidh?



Tadhg: 'Neosfad-sa san duit go cruinn, a Dhonchadh.
Tá dhá chúis leis. Ar dtúis, ní'l sé ar chumas an Bhéarla
croidhe dhuine thógáilt suas chun Dé mar a dheinean
an Ghaeluinn. An tarna cúis, na daoine a dheinean
na dánta beaga cráibhtheachta san a deirir, ní filí
i n-aon chor iad. Ní'l blúire filidheachta 'n-a gcroidhe
ná 'n-a n-aigne ná 'n-a gcuid fola ach oiread leis
an stumpa giúise sin ansan! Cuirean a gcuid
filidheachta seirbhthean ort mar ní filidheacht é ach
snagaireacht focal!



AN BHRÉID.
Donchadh: Feuch airiú, a Thaidhg. Tá tuille de'n bhréid
dh'á chaitheam díobh ag daoine.



Tadhg: Cé h-iad is déanaighe a chaith dhíobh é? Pé
h-iad féin is mithid dóibh é.


L. 233


Donchadh: Ach! éist, a dhuine. Is fearr an déanaighe
'ná an ró-dhéanaighe.



Tadhg: Dar fiadh ach ba dhóbair dó bheith 'n-a ró-
dhéanaighe. Cé h-iad féin?



Donchadh: Muinntir Dhúnaráil. Bhí ana chruinniú
acu an lá fé dheire agus flosg mór go léir chun na
h-oibre ortha. Thug an sagart paróiste cainnt ana
bhreágh, ana ghunta, ana thuisgionach uaidh. Bhí Donchadh
Ua Laoghaire ann agus ní miste dhuit a rádh 'ná gur
thug sé cómhairle mhaith uaidh dhóibh. Do réir an fhuadair
atá fútha is é mo thuairim go ndéanfid siad obair
mhaith sa tseana shráid sin.



Tadhg: Ní ró fhada an aimsir atá ó bhí cruinniú
mór sa Bhlárnain, a Dhonchadh. Dhein daoine mórán
fothraim ann agus mórán cainnte. Bhí an uile dhuine
acu, ba dhóich leat, strupálta 'n-a bhríste a's 'n-a léine,
bhí a leithéid sin d'fhuadar buile fútha chun na h-oibre.
Ca bhfuil siad anois, agus ca bhfuil an obair? Chómh
luath agus do stad an chainnt agus an fothram d'imthigh
gach aoinne acu agus chuir sé a chasóg uime airís agus
dhún sé na cnaipí go daingean. Is dócha go bhfuil
beirt nú triúr sa Bhlárnain agus gur cheapadar go
ndéanfadh an Bhlárna éirleach nuair a chonacadar
an fuadar go léir. Measaim go raibh dearmhad ortha.
Cad fhéadfadh beirt nú triúr de dhaoinibh crodha a
dhéanamh le sluagh staigíní! Nách mór an iongna,
a Dhonchadh, ná tuigid na sgaigíní seo nách le cainnt a
deintear obair! Dá mba as Gaeluinn a déanfí an
chainnt bheadh cuid de'n obair inti. Ach nuair is as
Béarla a deintear í dar ndó is ag saothrú an Bhéarla
a bhíd na cainnteóirí i n-inead bheith ag saothrú na
Gaeluinne. Deir an t-Athair Pádraig Ua Síothcháin
gur b'iad na daoine, muinntir na hÉireann féin,
is cionntach le meathalú na Gaeluinne. Cé fhéadfadh a
rádh 'ná gur b'iad staigíní na Blárnan féin is cionntach
leis an meathalú a tháinig chómh luath ar an obair a
chuireadar ar bun le h-oiread fuadair agus fothraim!


L. 234


Ba bheag an iongna go dtuitfadh a lug ar a lag ag
daoinibh dílse nuair a chíd siad an spadántacht a
dheinid na staigíní.



Donchadh: Bíodh foidhne agat, a Thaidhg. Ní staigíní
atá ins gach aon bhall. Feuch ar an obair seo a deineadh
cúpla lá ó shin theas i mBirinn.



Tadhg: Ó 'seadh. Bhí cruinniú ann i dtaobh dlighe
na talmhan agus do labhair an t-Athair Tadhg Ua Tuama
as Gaeluinn leis an gcruinniú. Is fearr 'ná san
é, mar ní'l abhfad ó thosnuigh an sagart san féin ar an
nGaeluinn d'fhoghluim. Cad 'na thaobh ná deinean
gach aoinne a ghnó ar an gcuma san? Feuch, a Dhonchadh.
'Seo rud nách féidir liom cur suas i n-aon chor leis.
Duine ag teacht i láthair pobuil agus ag baint a chasóige
dhe chun oibre, agus ghá mhaoidheamh go h-árd go ndéan-
fidh sé an obair, agus ansan ag imtheacht leis féin
gan cuimhneamh a thuille ar an obair ná ar an maoidheamh
a dhein sé! Cad é mar shaghas duine an t-é dhéanfidh
beart de'n tsórd san! Mara raibh sé ceapaithe ar an
obair a dhéanamh ná féadfadh sé fanmhaint sa bhaile
ó thosach agus gan bheith ag teacht ag cur daoine amú,
ag innsint éithigh dóibh!



Donchadh: Is dóich liom gur gearr go gcurfar san
ar a shúilibh dó.



CEANNTUIRC.



Donchadh: Ach! a Thaidhg, is gearr ná bheidh fear óg
i n-Éirinn againn ná beidh strupálta 'n-a bhríste agus
'n-a léine ag déanamh oibre na Gaeluinne!



Tadhg: Aililiú! Cé h-iad atá chun alluis a chur
ortha féin anois?



Donchadh: Tá muinntir Cheanntuirc ambasa. Is
ar éigin a bhí a chúl tabhartha ag Donchadh Ua Laoghaire


L. 235


le muinntir Dhúnaráil nuair siúd siar é go Ceann-
tuirc. Bhailigh na sagairt agus na daoine chuige
láithreach agus do cuireadh an obair ar siubhal, agus
dar go deimhin is dóich liom go ndéanfar an obair
leis. Ba chóir go ndéanfí obair mhaith sa tsráid sin.
'Sé mo thuairim go bhfuil Gaeluinn mhaith ó n-a sínsear
ag formhór na sean daoine ann. Má tá, ba chóir nár
dheacair do sna daoinibh óga í phiocadh suas ó bheulaibh
na sean daoine nuair a bheadh na leabhair agus na sean
daoine i n-aice 'chéile acu. Nuair a bheadh súil dhuine
ar an leabhar agus a chluas ag éisteacht le fuaim na
cainnte ba chóir nár bh'fhada go mbeadh an chainnt 'n-a
bheul aige féin. Is é mo thuairim go ndéanfidh Ceann-
tuirc rud maith.



Tadhg: "Ba chóir; ba chóir; ba chóir"; arsa tusa,
a Dhonchadh. Gan amhras ba chóir a lán neithe a dhéanamh
agus ní móide a deintear iad.



An bhfuil 'fhios agat, a Dhonchadh, go dtáinig, tá
anois suim maith blianta ó shin ann, buidhean d'fhearaibh
óga ó Chorcaigh go Ceanntuirc agus gan aon ghnó eile
acu ag teacht ann ach chun oibre na Gaeluinne chur ar
siubhal sa tsráid sin. Bhailigh muinntir na sráide
'n-a dtímpal láithreach. Do deineadh a lán cainnte
agus a lán fothraim. Chuir muinntir Cheanntuirc an
uair sin na geallamhna ba chruadha agus ba dhaingne
ortha féin go ndéanfidís an obair. Nár dhóich leat,
a Dhonchadh, gur chóir go ndéanfidís na geallamhna
cruadha san do chómhlíonadh? Ní túisge a bhí muinntir
Chorcaighe imthighthe ódheas abhaile 'ná mar dh'imthigh na
geallamhna cruadha as cuimhne muinntire Cheanntuirc!
Is dócha go raibh, mar is gnáth, beirt nú triúr ann
agus gur cheapadar, fé mar a ceapadh sa Bhlárnain,
nuair a déanfí geallamhna go gcómhlíonfí na geall-
amhna. Is dócha, mar is gnáth, leis, gur dhein an
bheirt nú triúr a nditheal chun na h-oibre chur ar siubhal
dáiríribh, ach gur theip ortha aon obair a bhaint as na
staigíníbh. Ní fheadar an tsaoghal cá bhfuaradh an


L. 236


sluagh staigíní atá againn! Nár chóir, nuair a gheall-
fadh duine, go h-árd agus go poibilidhe, go ndéanfadh
sé beart áirighthe, go mbeadh náire air tarrac siar
ó'n mbeart san do dhéanamh fé mar a gheall sé! Ní
mar sin a bhíon an sgéal ag ár staigíníbh, ach ba dhoích
leat ortha go measaid siad 'n-a n-aigne féin ná fuil
aon bhrígh i n-aon chor le geallamhnaibh cruadha,
poibilidhe, de'n tsórd san, ach iad a dhéanamh nuair a
bhíon gach aoinne 'ghá ndéanamh agus ansan gan
cuimhneamh a thuille ortha! Agus feuch, is dóich leis
na staigíníbh go léir gur b'é sin díreach an ceart agus
gur duine gan chiall an t-é do thuigfadh ná dhéanfadh
a mhalairt.



Tá rud éigin bun os cionn, a Dhonchadh. Tá lúb ar
lár i mball éigin. Tá dul amú éigin ar aigne
phoibilidhe na h-Éireann. Mara mbeadh go bhfuil,
an t-é chuirfadh geallamhaint phoibilidhe air féin agus
ansan d'fhágfadh an gheallamhaint sin gan cómhlíonadh,
le corp díomhaointis, ní fhéadfadh sé feuchaint in sna
súilibh ar a chómharsain.



Donchadh: Bíodh foidhne agat, a Thaidhg. Cómhlíonfar
na geallamhna go léir fós.



Tadhg: Ba mhithid é, aon lá feasta.



LOCH LÉIN.



Donchadh: Feuch, a Thaidhg, sidé Loch Léin airís againn.
A' dtáinig sé chughat-sa?



Tadhg: Tháinig, a Dhonchadh. Tá sé go maith. Tá
aon tréith amháin ann nach ró mhinic a chím fós i
nGaeluinn ár sgríbhneóirí. Measaim gur dóich le
cuid d'ár sgríbhneóirí Gaeluinne nách foláir do
dhuine bheith ana ghruama, ana dhorcha 'n-a chainnt má's
maith leis a thaisbeáint go bhfuil éirim aigne aige níos
fearr 'ná mar atá ag daoine eile. Is dóich leó, ach
bheith gruama, dorcha, ársa 'n-a gcainnt go gcuirfid


L. 237


siad 'n-a luighe ar chách gur árd literature an chainnt
sin. Isé rud a thagan as dóibh, ámhthach, 'ná chómh luath
agus a léighean duine cúpla giota de'n chainnt go
dtagan seirbhthean air agus go gcaithean sé uaidh an
páipeur.



Donchadh: Am briathar mhóide, a Thaidhg, gur minic
a dheineas féin an rud san díreach. Ní thaithneadh an
chainnt liom agus chaithinn uaim an páipeur. Ach is
amhlaidh a mheasainn gur orm féin a bhíodh an locht.



Tadhg: Ní h-ort. Feuch air seo:- "Do bhuail taom
breóidhteachta "Hector" - ní h-é Hector a throid
sa Trae thoir, acht gadhairín do bhí ag an bhfile." Cuirfidh
mé geall, nuair a léighis an méid sin nár chaithis uait
an páipeur.



Donchadh: Dar fiadh ach tá an ceart agat. Níor
chaitheas. Is amhlaidh a tháinig fonn orm chuige, agus
dúil agam é léighe tríd síos. Ach cad a bhéarfadh gur
b'é an rainnt bheag focal san a chuirfadh an fonn orm?



Tadhg: Isé an tosnú san díreach a chuir an fonn
ort, a Dhonchadh. Bhí neart do Shéamus Dhubh ar a chainnt
do thosnú ar aon chuma eile 'n-ar mhaith leis í thosnú.
Do thosnuigh sé í díreach ar an gcuma is fearr a chuirfadh
fonn ort-sa chun í léighe. Bhí Séamus ag cuimhneamh
ort-sa agus ar do leithéidí nuair a bhí a pheann 'n-a
láimh aige agus é chun na cainnte sin do chur síos.
Do leag sé a bhreitheamhntas go cruinn oraibh. Shocaruigh
sé ar an módh cainnte is fearr a thaithnfadh libh, dar
leis. Chím nár dhein sé dearmhad.



Donchadh: Agus cad 'na thaobh ná deinid siad go
léir beart de'n tsórd san?



Tadhg: Déanfid siad fós é, a Dhonchadh. Ní gear-
ánta ortha, b'fhéidir. Chím féin go bhfuilid siad go
léir ag dul i bhfeabhas go h-iongantach. Feuch siar
ar an saghas Gaeluinne do sgrítí deich mbliana ó shin.
Ní h-é amháin ná beadh aon fhonn ort an chainnt do
léighe ach dá léightheá í ní fhéadfá dá mbeadh Éire agat
le fághail air, a dhéanamh amach cad é an brígh bheadh


L. 238


léi. Ní mar sin anois di, pé locht eile a bhíon uirthi.
An rud céadna so adeirim i dtaobh Shéamuis Dhuibh
tá sé le rádh agam i dtaobh Oscair, agus i dtaobh Oisín,
agus i dtaobh Dhiarmuda Uí Dhuibhne, agus i dtaobh
Caoilte Mhic Rónáin. Níor fhéadas an leabhrán a chur
as mo láimh go dtí go rabhadar go léir léighte agam
ó thosac go deire. Tá greann agus sult agus meidhir
agus geal-gháire le fághail sa leabhrán, dóithin a
sheacht n-oiread, agus tá an buadh ar fad ag an
gCoileáinín gleóite, nídh nách iongna.



LÁ FHÉILE PÁDRAIG.



Donchadh: Feuch, a Thaidhg. Cad é an gleó é seo ar
siubhal anois ar fuid na h-Éireann i dtaobh Lae 'le
Pádraig a bheith 'n-a lá shaoire? Gach aoinne agus a
cheann anáirde aige 'ghá rádh go gcaithfar lá saoire
dhéanamh de Lá 'le Pádraig! Ná fuil Lá 'le Pádraig
'n-a lá shaoire i n-Éirinn riamh, ó'n lá a fuair Naomh
Pádraig bás?



Tadhg: Tá, a Dhonchadh, gan amhras, Lá 'le Pádraig
'n-a la shaoire riamh i n-Éirinn. Níor deineadh obair
shaothruightheach i n-Éirinn riamh Lá 'le Pádraig go
dtí go dtáinig nósa Gallda isteach i n-ár measg.
Nuair a tháinig na nósa Gallda do thosnuigh lucht siopaí
agus lucht ceanaidheachta in sna sráid bailtibh anso
i n-Éirinn ar aithris a dhéanamh ar an aicme chéadna i
dtíorthaibh eile. Thosnuighdar ar neithibh beaga do dhíol
le daoine a thagadh chucha isteach tar éis Aifrinn an lae
shaoire. Do neartuigh an droch-bheus go tiugh, agus
ba ghearr gur lá margaidh ar fad an lá saoire, ach an
fhaid a bhíodh an t-Aifrean dh'á rádh. Ba ghearr gur
bhrúigh an margadh isteach ar aimsir an Aifrinn féin
agus go mbíodh a lán daoine ná bíodh aon Aifrean acu
an lá san. D'áitighdís ortha féin ná bíodh leigheas acu


L. 239


air mar go dtagadh gnó an mhargaidh ró dhian ortha agus
ná bíodh an uain acu chun dul agus an t-Aifrean
d'éisteacht. Ba ghearr ná bíodh aon bhreith i n-aon
chor ag fear an tsiopa ar Aifrean lae shaoire bheith aige
choidhche mara rithfadh sé chun an Aifrinn ar a seacht
'o chlog ar maidin. Dá mba ná beadh sé 'n-a shiopa
nuair a thiocfadh na daoine do raighdís go siopa eile.
Bá ghearr, in sna siopaíbh móra, in sna catharachaibh, go
gcaitheadh na cléirigh go léir, idir fhearaibh óga agus
mná óga, fanmhaint sa tsiopa an lá saoire go leir
ó dhubh na maidne go dubh na h-oidhche, gan cuimhneamh
ar Aifrean ná ar órd. Sin mar a bhíon an sgéal anois
acu nuair a thagan Lá 'le Pádraig ortha. I n-inead
Lae 'le Pádraig a bheith 'n-a lá shaoire acu is amhlaidh
a bhíon sé ar an lá is déine sa mbliain acu.



Dá ndúntí aon tsiopa amháin an lá san do déanfí
an gnó go léir in sna siopaíbh eile agus do creachfí
an siopa san.



Donchadh: Dá ndúntí iad go léir do sheasochadh an
gnó go dtí lá éigin eile agus ní creachfí aoinne.



Tadhg: Siné díreach an brígh atá leis an ngleó so
atá ar siubhal. Táthar 'ghá chur 'n-a luighe ar gach aon
tsaghas lucht ceannaigheachta gair ceart dóibh go léir
a siopaí do dhúnadh, do thoil a chéile, Lá 'le Pádraig
seo chughainn agus suaineas an lae sin a ghlacadh dhóibh
féin agus d'á lucht frithálmha, an lá san a thabhairt
suas do Dhia agus do Naomh Pádraig.



Donchadh: Ba chóir nár ró dheacair an bheart san
do chur chun cinn. Ba dhóich liom, idir cheannaidhthibh
agus cléirigh dóibh, gur mhór an sólás aigne leó a bheith
ar a gcumas suaineas an lae sin a thabhairt dóibh féin.
Bheadh an suaineas acu agus bheadh onóir acu dh'á
thabhairt do Dhia agus do Naomh Pádraig. Dá ndeinidís
an nídh sin ba dhóichighde go mbeadh rath ó Dhia ortha d'á
bharr, ar an saoghal so agus i gcóir an tsaoghail eile.



Tadhg: Is dóich liom go ndéanfar é. Tá an Creideamh
i n-Éirinn fós.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services