Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Táin Bó Cuailnge 'na Dhráma

Title
Táin Bó Cuailnge 'na Dhráma
Author(s)
Ua Laoghaire, Peadar, An tAthair,
Pen Name
Cath Muige Mucrime
Compiler/Editor
Knott, Eleanor
Composition Date
1915
Publisher
Brún & Nuallán

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


L. ix


AN FHUIREAN.



Athairne … File Ultach.



Bláth … Cailín aimsire i dteaghlach Mhéibh.



Calaitín Dána … Draoi Connachtach



Cathbhadh draoi



Ceat mac Mághach … Fear do Laochaibh Connacht.



Céir … Cailín aimsire i dteaghlach Mhéibh.



Collach … Bean Chaointe.



Conaire Sléibhe Mis … Rí de righthibh Mumhan.



Conchobhar mac Fachtna … Rí Uladh.



Cormac Conloingeas … Mac do Chonchobhar.



Cú Chulainn mac Sualtaim … Rí-laoch Uladh.



Cú Raoi mac Dáire. … Rí de righthibh Mumhan.



Dáire mac Fiachna … Treabhthach.



Deisceartach Droma Fornocht … Rí de ríghthibh Mumhan.



Díle … Laoch d’fhearaibh Éireann.



Dolbh … Aon de cháirdibh sídhe Chú Chulainn.



Dubhthach Daol Uladh … Laoch Ultach ar ionnarba i
gCruachain.



Eadarcomhal … Mac d’Oilill agus do Mhéibh.



Earc mac Cairbre … Mac inghine do Chonchobhar.



Eidirsgeól … Rí de ríghthibh Mumhan.



Fear Diadh mac Damháin … Comhalta Chú Chulainn



Fear Logha … Aon de mhuintir Oiliolla.



Fearghus mac Róigh … Laoch Ultach ar ionnarba i
gCruachain.



Feathan … Bean chaointe.



Feidhealm Banfháidh …



Feircheirtne … File Ultach



Fiacha mac Fir Fheibhe … Laoch Ultach ar ionnarba i
gCruachain.



Fionn Fionnabhrach … Rí de ríghthibh Mumhan.



Fionnabhair … Inghean Mhéibh agus Oiliolla.



Fionnchadh … Fear de mhuintir Chonchobhair.



Follamhain … mac do Chonchobhar.


L. x


Glas mac Dealga … Laoch d’Fhearaibh Éireann, ua do
Chalaitín Dána.



Idh mac Rianghabhra … Ara Fhir Diadh.



Iondolbh … Aon de cháirdibh sídhe Chú Chulainn.



Laogh mac Rianghabhra … Ara Chú Chulainn.



Laoghaire Lice … Rí de ríghthibh Mumhan.



Lon … Laoch d’Fhearaibh Éireann.



Lonn … Liagh ó Longphort Fear Éireann.



Lugh mac Eithleann … Rí de Thuathaibh Dé Danann.



Luisionn Luachra … Rí de ríghthibh Mumhan.



Mac Roth … Eachlach de theaghlach Mhéibh.



Maine … Mac d’Oilill agus do Mhéibh.



Méibh … Banríoghan Chonnacht, bean
Oiliolla.



Mhórríoghan, an … Bean sídhe.



Nad Crandail … Laoch d’Fhearaibh Éireann.



Oilill … Rí Chonnacht, fear Mhéibh.



Oilill Milteanga … Laoch Ultach.



Órlámh … Mac d’Oilill agus do Mhéibh.



Reochaidh mac Faitheamhain … Laoch Ultach.



Uala … laoch d’Fhearaibh Éireann.



Stíobhard, ríghthe, maithe, eachlacha agus daoine eile.


L. 1


Táin Bó Cuailnge
'Na Dhráma



An Chéad Ghníomh.



An Chéad Radharc.



An Áit — Cruachain Aoi.



Méibh agus Oilill 'na rí-theach.



Oilill. — Is maith bean deigh-fhir, a Mhéibh.



Méibh. — Is fíor sin, a Oilill. Ach conus a bhainean
an sean-fhocal leat-sa, nó cad dó go bhfuilir
'ghá thagairt?



O. — Bainean an sean-fhocal liom-sa ar an gcuma
so, agus is do so atáim 'ghá thagairt. Is maith
an bhean tusa ó thugas-sa liom thu.



M. — Ba mhaith an bhean mise, a Oilill, sar a bhfeaca
riamh thu.



O. — B'shin maith nár chualamair agus ná feacamair, a
'nghín ó. Is é rud a chualamair agus a chonacamair
ná go mbíodh lucht na gcríoch ba ghiorra dhuit ag
fuadach do chreach agus do bhó-tháinte agus do
mhaoine, agus ná bíodh ar do chumas iad do chosg.



M. — Ní mar sin a bhíodh, a Oilill. Agus ní'l aoinne
is fearr gur bh'eól dó san ná mar dob eól duit-se
é. Cér bh'é m'athair? Eochaidh Feidhleach, árdrí
Éirean! Cé fhéadfadh bó-tháinte do bhreith uaidh


L. 2


sin i bhfuadach? Bhí seisear inghean aige, Deirbhre
agus Eithne agus Éile agus Clothra agus Mughain
agus Méibh, mise. Dob uasal an tseisear iad,
agus mise an inghean dob uaisle dhíobh. Is me
ba mhó séada agus maoin agus saidhbhreas. Is
me ba chródha agus ba churata i gcath agus i
gcomhlann. Is agam a bhí an teaghlach oirdheirc
de na fearaibh dob fhearr clú agus dob uaisle
cine dá raibh i nÉirinn. Bhí agam chúig céad déag
rígh-amhus, togha ríogra Éirean uile. Bhí agam a
gcomhmeas san de mhacaibh uasal. Is é sin le rádh,
deichniubhar le gach amhus agus móir-sheisear le
gach amhus, agus cúigear le gach amhus, agus
ceathrar le gach amhus, agus triúr le gach amhus,
agus dís le gach amhus, agus amhus le gach amhus.
B'shin iad mo ghnáth-theaghlach, a rí. Farais sin,
thug m'athair dom cúige de chúigíbh Éirean, an
chúige seo 'na bhfuilimíd, cúige Chruachan. Agus
is mar gheall air sin a tugtar Méibh Chruachan
orm. Agus féach, a rí, do tánathas 'gam iaraidh-se
mar bhain-chéile ó Fhionn mhac Rosa Ruaidh, ó rí
Laighean, agus thugas diúlta dhó.



O. — Ambasa, a ríogan, is eól dúinn go dtugais
diúlta dhó san.



M. — Is dócha gurab eól duit leis go dtánathas 'am
iaraidh ó Chairbre Nia Fear, mac Rosa Ruaidh, rí
Teamhrach, agus gur thugas an diúlta céadna
dhó.



O. — Is eól.



M. — Agus b'fhéidir gurab eól duit go dtánathas 'am
iaraidh ó Chonchobhar mac Fachtna, rí Uladh, agus
gur thugas an diúlta céadna dhó.



O. — Ha, ha, ha! Thugais diúlta dhó gan amhras, ach


L. 3


níor bh'é an diúlta céadna é. Tuigimíd an ní
sin go háluinn, a 'ghnín ó. Ha, ha, ha!



M. (Ag féachaint go géar air.) — Cad a thuigean tú?
Cad é “an ní sin”?



O. — Is neamhní anois é, ach níor neamhní an uair sin
é. Ha, ha, ha!



M. — Níor neamhní an uair sin é. Níor bh'eadh cheana,
mar is me d'iar na coinghill iongantacha, nár iar
bean romham riamh.



O. — Cad iad na coinghill iad san?



M. — Dubhart ná pósfainn choidhche ach fear a bheadh
gan éad, gan náire, gan eagla.



O. — Is ait na coinghill iad san gan amhras. An amhlaidh
ná fuarais ag Conchobhar iad?



M. — Mara bhfuaras ag Conchobhar iad, do fuaras
Agat-sa iad, a rí.



O. — Agus cad chuige dhuit iad do lorg?



M. — Sdó, is bean gan eagla mise, agus dá mba
fear omhnach imeaglach a bheadh pósda agam ní
oirfimís dá chéile. Agus is bean me gan suim
i n-éad agus dá mba fear éadmhar a bheadh pósda
agam ní oirfimís dá chéile. Agus is bean mhí-
náireach me agus dá bhrígh sin ní oirfeadh aon
fhear dom ach fear ná féadfaí náire do chur
air. Ní bhfuaras aon fhear go raibh na trí coinghill
sin aige ach tusa, a rí. Ha, ha, ha! An dtuigean
tú an méid sin a rí? Agus féach, a Oilill. Ní
tusa a thug tabharthas agus saidhbhreas domhsa mar
is gnáth le fear do thabhairt dá mhnaoi ach is mise
a thug duit-se iad. Thugas tiomthacht dáréag d'éide
gach datha dhuit, agus carbad trí seacht gcumhal,
agus comhleithead t'aghaidh de dhearg-ór, agus
comhfhad do láimhe clé d'fhiondruine. Agus rud


L. 4


eile, a rí, atá agam le rádh. Dá dtugadh duine
masla dhuit-se anois, ní tusa dhéanfadh an masla
do dhíogailt air ach mise. Is fear ar sgáth mná
thu, a Oilill!



O. — Stad, a 'ghnín ó. Tá dearmhad ort. Ní fear ar
sgáth mná me. Tá mo chlú agus mo cháil féin
agam. Is fear me do shíolraigh ó'n bhfuil is uaisle.
Bhíodar dhá dhearbhráthair mhaithe agam. Duine acu
Cairbre, 'na rí i dTeamhair, agus an fear eile 'na
rí ar Laighnibh. Fuaras féin an chúige seo Connacht
i ndualgas cirt mo mháthar. Agus féach, fuaras
mar mhnaoi an inghean rí is uaisle dá raibh i nÉirinn
riamh, tusa féin, a Mhéibh, inghean Árdrí Éirean,
agus an inghean is fearr dár tháinig fós ar ríogra
Éirean. Agus i dtaobh maoine agus saidhbhris, is
mó mo shaidhbhreas agus m'ollmhaitheas ná do
shaidhbhreas-sa, a Mhéibh.



M. — Ní fíor sin, a rí.



O. — Deintear ár saidhbhreas do mheas agus chífear
gur fíor.



M. — Imtheóchad láithreach agus cuirfead an meas dá
dhéanamh.



(Imthigheas Méibh.)



O. — Is éagsamhlach an bhean í! Tá aigne agus croidhe
agus misneach fir aici. Is 'mó fear ná fuil leath
chomh mór-aigeanta lé. Is 'mó fear ná fuil croidhe
leath chomh láidir chomh cródha aige. Ní hé gach aon
fhear d'fhéadfadh seasamh os a comhair agus féachaint
idir an dá shúil uirthi gan crithniú. Ní dóich liom
go bhfeadair sí cad a bhainean le heagla. An
rud a chuirfeadh eagla agus crith chos agus lámh ar
mhnaoi eile is amhlaidh a chruadhan sé í agus chuirean
sé fuinneamh inti. Ní fheaca riamh aon ní chomh


L. 5


huaibhreach lé nuair a bhíon fearg i gceart uirthi.
Is cuma nó an splanc í. Mo thruagh-sa an namhaid
'na dtugan sí aghaidh an uair sin air! Ach nuair
a bhíon sí ar a suaineas agus ar a socracht, agus
a haigne ciúin ó fheirg agus ó bhuairt níor dhóich
leat gur bh'í an bhean chéadna bheadh agat i n-aon chor,
bíon sí chomh mín chomh maordha chomh cneasda san.
Annsan is eadh chítear áilneacht a gnúise agus
daonacht a croidhe agus solus a gáire. Is minic
a chrádhaim í, ach ní bhíon leigheas agam air. Ní
beag liom do shult bheith ghá cur i bhfeirg agus
annsan ghá maolú. Díolaim as go minic, ach
d'fhuilingeóchainn oiread eile. Ní dóich liom go
raibh an bhean san riamh i nÉirinn do b'fhearr ná í.
A! a Chonchobhair, is olc a sgarais lé. Tu féin fé
ndeár é. Ach is mise a bhuaidh leis. Chuir sé
teachtaireacht 'ghá hiaraidh ach ba theachtaireacht é
nár bh'fholáir diúlta dhó. Diúlta iseadh do theastaigh
ó Chonchobhar. Cheap sé go mbeadh an dá thráigh ag
teacht leis nuair a bheadh iartha aige agus ná glacfaí
é. Is dóich liom go raibh ana-dhúil aici go n-iarfaí
í ar chuma 'na bhféadfadh sí é ghlacadh. Is dóich
liom go raibh sí i ngrádh leis go mór tamal. Níor
bh'iongna go mbeadh. Is áluinn, uasal, ríoga an
fear é. Pé cleas d'imir sé uirthi san iaraidh a
chuir fhiachaibh uirthi diúlta dhó, tá a thoradh anois
aige. Tá fuath nimhneach marbhthach aici dhó, mo
ghraidhn í! Is dóich liom gur mó an fuath atá aici
dhó ná mar a bhí aici do Dheirdre féin. Ní fheadar
cad do dhall Conchobhar. Is fiú seacht nDeirdre
Méibh. Dá mb' ag trácht ar áilneacht féin é is
breághtha go mór í ná Deirdre. Is ait mar atá
an sgéal anois ag Conchobhar. Do dhein sé feall


L. 6


ar Mhéibh le grádh do Dheirdre agus ní'l Deirdre
ná Méibh anois aige. Ní'l aoinne is fearr a tháinig
as ná mise. Tá an bhean is fearr agus is breághtha
agus is uaisle de'n bheirt agam, agus má gheibhean
sí lom ar Chonchobhar beidh táinte bó go tiugh ó
Chúige Uladh agam.



(Imthigheas.)



An dara radharc.



Hala i rí-theach Cruachna. Tig Méibh isteach.



M. — Dheinis an feall, a Chonchobhair. Tá rithte leat
tamal maith gan díol as. Tiocfar suas leat.
Dheinis feall fuathmhar orm. Chuiris teachtaireacht
'am iaraidh. Teachtaireacht bhréagach. Teachtaireacht
éithigh. Ní me bhí uait. Tá buadh urlabhra agat.
Do chumais an chaint go gasda. Chumais í i dtreó
nár bh' fholáir d'inghin Eochaidh an diúlta do thabhairt
duit. Ní foláir dom a admháil gur dhall do
phearsa uasal agus do mhór-chlú me. Ach d'osgail
an teachtaireacht mo shúile. Táim buidheach díot
a Chonchobhair. Chuiris comaoine orm. Mhúinis
ciall dom. Ní ceart é dhul níos sia gan a
chúiteamh leat. Ó, cia mheasfadh feall chomh dubh
do bheith fé éagosg chomh huasal! Ach ní horm-sa
amháin a dheinis feall. Is measa a dheinis ar
Dheirdre é ná orm-sa féin. Is fearr a thuig sí
thu ná mar a thuigeamair-ne thu. Ní hiongna liom
anois í dh'imtheacht uait le Naoise. Agus tusa


L. 7


id' cheann ar uaislibh na Craobhruaidhe. Faire! faire!
faire! Ó, a Dheirdre bhocht, is ort a bhí an mí-ádh.
Seadh! tá fear is fearr ná Conchobhar agam.
Agus na huaisle is fearr a bhí ag Conchobhar táid
siad annso agam-sa anois.



(Tig Mac Roth.)



Seadh a rí eachlach, an bhfuil an t-airmheas déanta?



M. R. — Tá sé déanta, a ríogan.



M. — Ceoca againn is mó ollmhaitheas?



M. R. — Féach, a ríogan (ag síne sgríbhinne chúichi).



Sin áireamh ar na seóidibh uaisle atá agat-sa
agus ag Oilill agus is comh-líonmhar, comh-uasal
iad, ar gach taobh. Sin áireamh (ag síne sgríbhinne eile)
ar na hordnasgaibh atá agat-sa agus ag Oilill agus
gan a bheag ná a mhór de dheifrigheacht idir an dá
áireamh. Agus seo (ag síne an tríomhadh sgríbhinne)
áireamh ar bhur bhfáinníbh óir, agus an cothrom céadna
eadraibh. Sid iad (ag síne an cheathramhadh sgríbhinne)
bhur n-éadaighe ioldaithte, idir chorcra agus gorm
agus uaithne agus dubh agus buidhe agus breac
agus lachtna agus odhar agus riabhach. Féach
féin, a ríogan, gur cruinn atá an cothrom
céadna díobh uile agat-sa agus ag an rí. Sid
é (ag síne an chúigeadh sgríbhinne), an t-áireamh a
deineadh ar bhur dtréada caorach agus ar bhur
mall-tréada muc agus ar bhur mbó-tháinte, ar
bhur n-innile agus ar bhur n-almha, ar bhur n-eich
agus ar bhur n-eachra tré mhaghaibh agus tré chluanaibh
agus tré thalamh fosaidheachta agus tré choilltibh
diamhra Cúige Connacht, agus is comh-shaidhbhir tusa
agus an rí i ngach ollmhaitheas díobh san, ach go
bhfuil aon tseóid amháin ar bhuaibh an rí agus gan
a leithéid ar do bhuaibh-se, a ríogan.


L. 8


M. — Cad é an seóid é sin, a rí-eachlach.



M. R. — Tarbh áluinn saineamhail is eadh é, agus Finn-
bheannach is ainm dó. Is ar do bhuaibh-se do rugadh
agus do hoileadh é. Ach nuair fhás sé suas 'na
tharbh ba lag leis bheith fé smacht mná agus d'imthigh
sé anonn ar bhuaibh an rí. Dá mbeadh tarbh mar
é ar do bhuaibh-se, a ríogan, bheadh bhur saidhbhreas
comh-mór arís.



M. — An bhfuil a fhios agat-sa, a Mhic Roth, cá bhfuil
a leithéid sin do tharbh eile le fagháil?



M. R. — Tá a fhios agam, a ríogan, cá bhfuil tarbh is
fearr ná é le fagháil.



M. — Cad é an áit?



M. R. — Ag Dáire mac Fiachna, i dtriúcha céad
Cuailnge thoir. An Donn Cuailnge is ainm do
agus is fearr de tharbh é ná an Finn-bheannach.



M. — Eirig-se uaim-se a Mhic Roth ag triall ar Dháire
mac Fiachna, agus abair leis iasacht an tairbh sin
do thabhairt domhsa ar feadh bliadhna agus go
dtabharfar dó mar dhíoluigheacht as an iasacht san
an Donn Cuailnge féin tar éis na bliadhna agus
caogad samhaisg le n-a chois. Agus má bhíon aon
chur 'na choinnibh ag muintir na tíre sin an tarbh
do leogaint uatha, abair le Dáire teacht annso
agus a tharbh do thabhairt leis, agus go bhfaghaidh
sé cothrom a fhearainn i gCuailnge de'n talamh
is fearr agus is míne agus is torthamhla san áit
seo, agus caradas fé leith uaim-se féin.



M. R. — Déanfar an ní sin, a ríogan.



(Imthigheas M. R.)



M. — Ní thabharfaidh Dáire an tarbh uaidh. — Nó má
thugan ní leogfaid muintir na háite uatha é. —
Eiteóchar me. — Ní fhuilingeóchaid muintir Chúige


L. 9


Connacht san. Dá shíothchánta é Oilill ní foláir
dó an t-eiteachas san do dhíogailt. Anois an t-am!
Tá Conchobhar 'na cheas. Tuigim-se cad iad na
ceasnaí atá ar Chonchobhar. Tá tocht agus náire
ar ríogra Uladh mar gheall ar íde Chlainne Uisnigh.
Ní thiocfaidh duine acu ag cabhrú leis. D'fhéadfaí
Cúige Uladh do sgrios anois, ó Chuailnge go
hEamhain agus go faraige ó thuaidh. Tá Fearghus
agus an chuid is fearr de ríogra Uladh annso
agam. Féach chughat féin a Chonchobhair! Táthar
chughat! Ní shaorfaidh “Tóg uaim é 's gan uaim
ach é” tu orm an turus so.



(Imthigheas.)



An Tríomhadh Radharc.



Cuailnge — Faithche tighe Dáire mhic Fiachna.
Dáire féin ann. Tig Mac Roth agus a naonbhar
eachlach ar an bhfaithche.



Dáire. — Míle fáilte romhat, a Mhic Roth! Conus
fhágabhair Méibh agus Oilill agus maithe Connacht
i nbhur ndiaidh?



Mac Roth. — D'fhágamair iad uile go maith, agus
cuirid grádh agus ionmhuine agus gach déigh-mhéinn
chughaibh-se, a rí. Agus tá a lán de mhaithibh Uladh
thiar againn anois agus dubhradar linn a ndéigh-
mhéinn agus a ndúthracht do thabhairt do mhaithibh
Cuailnge agus go mór mór do Dháire mhac Fhiachna
féin.


L. 10


D. — Is maith linn sin a Mhic Roth, agus is ana-bhuidheach
sinn de Mhéibh agus d'Oilill agus de mhaithibh
Connacht uile mar gheall ar an mbáidh agus ar
an muintearthas atá taisbeánta acu do ríogra
Uladh atá anois ar díbirt ó n-a mbailtibh dúthchais
féin.



M. R. — Is mór an t-áthas liom-sa, a rí, a bheith le
hinnsint agam do Mhéibh agus d'Oilill agus do
mhaithibh Connacht nuair fhillfead go bhfuil buidheachas
Dháire mhic Fhiachna acu mar gheall ar an ngníomh
atá déanta acu.



D. — Ní hé mo bhuidheachas-sa amháin atá acu de bharr
an ghnímh ach buidheachas Ultach uile.



M. R. (Ag cur smuta gáire as). — Ní dócha go bhfuil
buidheachas Chonchobhair acu!



D. — Tá dearmhad ort, a rí-eachlach. Tá buidheachas
Chonchobhair acu agus beidh sé acu. Ní'l gniomh
ar bith is fearr a thuillean buidheachas ó dhuine
ná an gníomh a choisgean, nó a leighisean, nó a
bhainean ó n-a dhroch-ghníomh féin. Tá olc a dhóithin
tagaithe ar Chonchobhar ó n-a dhroch-ghniómh féin. Ach
do bheadh olc ní ba sheacht measa ná é tagaithe air
féin agus ar Chúige Uladh mara mbeadh an díon
so a fuair Fearghus agus Cormac Conloingeas
agus an chuid eile dár muintir i gConnachtaibh.
Agus, a Mhic Roth, mar chomhartha ar mo chion-sa
de'n bhuidheachas, pé gnó a thug tusa agus do
naonbhar eachlach annso indiu déanfad-sa mo
dhícheall ar é chur chun cinn duit má theastuighean
mo chongnamh uait.



M. R. — Tá eagal orm go ndéarfair gur greannmhar
an toisg a thug me. Ach is dócha ná fuil agam
ach teacht 'na thosach agus é innsint duit tríd síos.


L. 11


Tá tarbh ar bhuaibh Oiliolla. Seóid uasal saineamhail
is eadh é. Ar bhuaibh na ríogna is eadh do rugadh
agus do beathuigheadh é. Beithidheach iongantach is
eadh é. Tá mar bheadh ciall daonna aige. Chomh
luath agus bhí sé fásta suas 'na tharbh d'imthigh sé
ó bhuaibh na ríogna anonn ar bhuaibh Oiliolla.
Deirtear gurab amhlaidh ba lag leis bheith fé
smacht mná.



D. — Níor lag do dhuine ná do bheithidheach bheith fé
smacht Mhéibh.



M. R. — Ní bheidh Méibh sásta choidhche go dtí go mbeidh
tarbh chomh maith leis, nó níos fearr ná é, ar a
buaibh féin. D'airigh sí trácht ar an dtarbh so
atá agat-sa. Is dóich lé dá mbeadh an Donn
Cuailnge ar iasacht aici ar feadh bliadhna go
ráineóch go dtiocfadh gamhuin firean uaidh d'fhásfadh
suas 'na tharbh agus do bhéarfadh buadh agus barr
ó'n dtarbh so atá ag Oilill. Chuir sí mise chughat a
d'iaraidh iasachta an tairbh ort. Dubhairt sí liom
a rádh leat go gcurfaí an tarbh chughat tar n-ais
i gcionn na bliadhna agus caogad samhaisg le n-a
chois. Agus dubhairt sí liom rud eile do rádh
leat. Dubhairt sí liom a rádh leat, má's olc le
muintir na háite seo an tarbh do leogaint uatha,
tu féin do theacht i n-aoinfheacht leis an dtarbh
agus go dtabharfaí dhuit oiread t'fhearainn féin i
gCuailnge de'n talamh is fearr i Magh Aoi, agus
carbad trí seacht gcumhal, agus caradas fé leith
uaithi féin.



D. — Dar lámh m'athar, a Mhic Roth, pé olc maith le
muintir na háite seo é, tá an tarbh le fagháil ag
Méibh! Beiridh libh amáireach é. Féadfar é chur
annso abhaile nuair bheifear réidh leis. Ní glacfar


L. 12


díoluigheacht as an iasacht. Téanam go gcurfar
cóir éigin oraibh tar éis bhur n-aisdir.



(Imthighid.)



An Ceathramhadh Radharc.



Mac Roth agus a naonbhar eachlach 'na suidhe
ag bórd. Glainí leanna ar a n-aghaidh amach.
Iad ar bog mheisge. Cuid acu ag amhrán agus
cuid acu ag caint.



Eachlach. — Dar Duach, a Mhic Roth, is maith an áit 'nar
thug ar gcosa sinn!



Eachlach eile. — Éist do bhéal a bhriolóig! Ní hiad ár
gcosa a thug annso sinn ach cosa na n-each.



An Chéad E. — Ó, nách deisbhéalach é! Níor mhisde
dhuit-se cosa an eich do bheith fút. Ní bhéarfadh
do chosa féin ró fhada ar an slighe thu.



An Dara E. — Admhuighim ná raibh breith acu ar
fheabhus na gcos a bhí fút-sa an lá úd a rugadar
saor tu ó Fhearchú Loingseach!



M. R. — Go réidh, a bhuacaillí! Ní haon náire d'aoinne
a chosa ghá bhreith saor ó'n annsgian san.



An D. E. — Is fíor dhuit-se sin, a rí. Is mór an
truagh cead a chos aige chomh fada. Dá mb'
agam-sa bheadh slóighte Mhéibh agus Oiliolla
ba dhóich liom go mbainfinn ó n-a choisidheacht
fad ó.



E. Eile. — Dar Duach, is áluinn an lionn é seo! Cé


L. 13


mheasfadh lionn chomh bríoghmhar do bheith i dtriúcha
céad Cuailnge!



(Tig isteach, laistiar, stíobhard tighe Dháire mhic Fhiachna,
agus fear le n-a chois fé lionn, agus fear sé bhiadh.)



Ní dóich liom go bhfuil lionn is fearr ag Méibh
féin.



An D. E. — Má tá lionn is fearr ná é ag Méibh ní
hé is dóichighe gur thug sí dhuit-se le n'ól aon chuid
de. Is mairg di nár thug! Annsan is eadh bheadh a
fhios agat ná fuil aon bhreith ag an lionn so air,
dá fheabhus é.



An Tríomhadh E. — Ba bheag an tairbhe dhi é thabhairt
dó. Ní aithneóch sé lionn foghanta seachas spaid!



M. R. — Tá an deoch go maith, a chlann ó, agus is fear
maith an fear go bhfuilimíd 'na rí-theach, agus a
thug dúinn an deoch.



An Ch. E — Deirim-se ná fuil fear i nÉirinn is fearr
ná é!



An T. E — Bain uait féin, a mhic ó. Is fear maith
é gan amhras, ach tá fear i nÉirinn is fearr ná é.



An Ch. E. — Deirim-se leat-sa ná fuil aon fhear i
nÉirinn is fearr ná Dáire mac Fiachna indiu!



An T. E. — Neósfad-sa aon fhear amháin duit is fearr
ná é.



An Ch. E. — Cé hé féin?



An T. E. — Is fearr Conchobhar ná é, mar is ag
Conchobhar atá ríghe na Cúige! Anois cad tá le
rádh agat?



An Ch. E. — Deirim-se gur fearr Dáire ná Conchobhar,
ar shlighe.



An T. E. — Ar shlighe? Cad é an slighe?



An Ch. E. — Ar an slighe seo. Tá ní ag Dáire dá
dhéanamh amáireach agus ní fhéadfadh Conchobhar é


L. 14


dhéanamh. Ní headh ach ní fhéadfadh cheithre hollchúige
Éireann é dhéanamh!



An T. E. — Cad é an ní é sin airiú!



An Ch. E. — Ní fhéadfadh cheithre hollchúige Éireann an
Donn Cuailnge do bhreith ó Chúig' Uladh leó, agus
sin é Dáire 'ghá thabhairt dúinne, 'nár naonbhar
eachlach, le breith linn amáireach. Cad deirir leis
sin?



An T. E. — Deirim gur mhaith an sgéal fuil do chur
leis an mbéal adubhairt an chaint sin! Is maith
atá a fhios ag Dáire, mara dtugadh sé uaidh an
tarbh ar ais go gcaithfeadh sé é thabhairt uaidh ar
éigin. Is maith is eól dó go dtiocfadh mór-
shlóighte Mhéibh agus Oiliolla a d'iaraidh an tairbh,
fé stiúrú agus fé mhór-eólus Fhearghuis mhic Róigh.
Tá ciall ag Dáire agus is maith an bhail air féin
go bhfuil.



(An triúr atá laistiar tigid chun an bhúird agus gnúis gach
fir acu dubh le feirg. Buailid an biadh agus an lionn ar
an mbórd agus imthighid gan labhairt. Tig tocht ar na
heachlachaibh agus féachaid ar a chéile go hamadánta.)



An Cúigeadh Radharc.



Tig Dáire mac Fiachna.



D. — Is iongantach an bhean Méibh seo! Tá an
chraobh aici. Ní'l aon teóra lé. Namhaid fíochmhar
do Chonnachtaibh dob eadh Fearghus. Namhaid dóibh
dob eadh Cormac, mac Conchobhair. Ní raibh duine
de ríogra Uladh ná raibh fuath agus mioscais aige


L. 15


riamh do Chonnachtaibh agus acu dhó. Sin é an
bainne cíghe a fuaradar ar gach taobh, agus a
sinsir rómpa, ó chiantaibh aimsire. Agus anois
sin iad Fearghus agus Cormac Conloingeas, agus
na laochra atá leó, socair go sítheach agus go sámh
i gCruachain, chomh neamhchorbhuaiseach agus bhíodar
riamh i nEamhain Mhacha, agus gan aoinne de mhacaibh
Mághach ag cur chúcha ná uatha! Nuair a chuadar
ann ar dtúis níor mheasamair go réidhteóch an áit
leó. Go deimhin níor mheasamair. Cheapamair gur
ghiorraide a saoghal an t-aistriú. Níor cheapas
féin go raibh comhacht ar an dtalamh so d'fhéadfadh
caradas agus muintearthas do thabhairt idir dhaoinibh
chomh mór fuath dá chéile. Bhí a fhios agam go raibh
smacht Mhéibh daingean go leór, ach níor mheasas
go raibh smacht ar bith d'fhéadfadh an ní sin do
chur i bhfeidhm. Is ait an teachtaireacht é seo curtha
aici chugham-sa. Ní foláir nó tá ní éigin laistiar
de. Tá níos mó ná an Donn Cuailnge uaithi.
“Má tá aon chur 'na choinnibh ag muintir na tíre
seo an tarbh do leogaint uatha, me féin do dhul
siar agus an tarbh do bhreith liom.” Ní dócha gur
ag cuimhneamh a bheadh sí ar thuille de ríogra Uladh
do mhealladh lé siar. Nár chóir nár bheag di a
bhfuil aici cheana dhíobh? Cad dob áil lé dá thuille
acu? An ar mhaithe le Conchobhar agus le Cúige
Uladh atá sí 'ghár mbailiú lé siar? Gheabhair an
Donn, a Mhéibh. Ach ní bhfaghair mise go fóil. Ní
haon cheataighe dhúinn tu bheith buidheach dínn. Ní
fios conus oirfeadh do chongnamh dúinn. Ba
mhór an lán béil Conchobhar tamal. Tá sé lag
go leór anois. Tá locht air is measa ná a laige.
Ca bhfios do'n chara is dílse aige ná himtheóch air


L. 16


féin mar d'imthigh ar Naoise! Do ghearr Conchobhar
an fód ó n-a chois féin nuair a dhein sé an feall
san! Do thuit aer agus talamh ar a chéile i gCúige
Uladh nuair a chuaidh tásg an fhill sin ameasg
daoine ann. Níor dheacair an chúige sin do chur
fé chosaibh namhad san am so. Ní'l sé ar chumas
Chonchobhair é féin ná sinne do chosaint. B'fhéidir
nár mhisde dhúinn do lámh a bheith linn, a Mhéibh.
Ach bíodh foidhne agat! Gheabhair an Donn ach ní
bhfaghair a thuille go fóil.



(Tig an Stíobhard.)



Stíobhard. — Ní dócha, a rí, gur fíor an ní seo a deirtear.



D. — Go gcloisead é ní fios dom an fíor é nó an
bréag é.



St. — Deirtear go bhfuil an Donn Cuailnge ag imtheacht
amáireach go Cúige Chonnacht.



D. — Agus má's fíor é, a fhir tighis, cad é sin d'aoinne
eile sin?



St. — Agus deirtear gurab é Dáire mac Fiachna atá
ag tabhairt an Duinn do na heachlachaibh seo, le
breith leó ag triall ar Mhéibh.



D. — Mara dtugadh Dáire mac Fiachna dhóibh é le breith
leó ní dócha go bhféadfadh aoinne eile é thabhairt
dóibh.



St. — Is fíor an chaint sin, a rí, agus is dócha gur fíor
leis, an rud a deir na heachlacha féin.



D. — Cad deir na heachlacha féin?



St. — Deir na heachlacha go bhfuil ciall ag Dáire
mac Fiachna agus gur maith an bhail air féin go
bhfuil.



D. — Ní ró-fhuirisde locht d'fhagháil ar an gcaint sin,
a fhir tighis. Ach cad í an chiall áirithe a deir na
heachlacha atá ag Dáire mac Fiachna, agus cad í


L. 17


an bhail fé leith atá air mar gheall ar an gcéill
sin?



T. — Bhí mo dhá chluais ag éisteacht leó aréir 'ghá
mhaoidheamh nár chóir bheith buidheach de Dháire mhac
Fhiachna mar gheall ar an dtarbh do thabhairt uaidh
mar gur ró-mhaith a bhí fhios aige, mara dtugadh sé
uaidh ar ais é go gcaithfeadh sé é thabhairt uaidh ar
éigin nuair a thiocfadh mór-shochraide Mhéibh agus
Oiliolla 'ghá iaraidh, dá stiúrú fé mhór-eólus
Fhearghuis mhic Róigh. Dar leó, tá ciall ag Dáire.
Is fearr leis an tarbh do thabhairt uaidh ar ais ná
é thabhairt uaidh ar éigin.



D. (Ag lasadh le feirg). — Tá go maith, a fhir tighis,
dubhairt an t-eachlach, mara dtugtaí ar ais go
mbéarfaí ar éigin. Deirim-se anois ná faghfar
an tarbh ar ais ná ar éigin. Imthigh, a fhir tighis.



(Imthigheas an St.)



Dar lámh m'athar! A Mhéibh, tá dearmhad mór
ort. Ní maith í do chiall nó níor mhúinis a gceacht
go cruinn dod' theachtairíbh. Nó má mhúinis níor
thugadar leó an sgéal i gceart. Má's tuille
de mhaithibh Uladh atá uait ní mar sin a thiocfair
ar iad do bhreith leat. “Mara dtugtar ar ais
é do bhéarfar ar éigin é!” Tá go maith! Ní
béas le Mac Fiachna caint de'n tsórd san do
fhulang. Is líonmhar iad do shlóighte. Beidh gá
agat leó uile chun an Duinn do bhreith ar éigin
leat.



(Tig mac Roth.)



M. R. — Is dócha, a rí, go bhfuil sé chomh maith againn
bheith ag gluaiseacht abhaile. Is dócha nách féidir
dúinn an Donn a bhreith linn gan cúpla samhaisg
do bhreith i n-aoinfheacht leis.



D. — Ní bhéarfair samhaisg ná tarbh leat, a rí-eachlach.


L. 18


Agus dá mba bhéas domhsa feall do dhéanamh ar
eachlachaibh ná ar lucht taisdil slighe, ní bhéarfadh
sibh bhur n-anam libh ach chomh beag!



M. R. — Aililiú! a rí onóraigh! Ní foláir nó tá
tuathal éigin déanta. Cad fé ndeár an t-athrú
aigne, le toil t'onóra?



D. — Tá tuathal déanta, agus sibh-se do dhein an
tuathal.



M. R. — Cad é an tuathal é, a rí? B'fhéidir go
bhféadfaí leigheas éigin do dhéanamh air.



D. — Dubhraís-se aréir, mara dtugainn-se an tarbh
uaim ar ais go gcaithfinn é thabhairt uaim ar éigin,
tré mhór-shlóighte Mhéibh, fé stiúrú agus fé mhór-
eólus Fhearghuis mhic Róigh. Agus dubhraís gur mhaith
an chiall dom an tarbh do thabhairt uaim ar ais.
Deirim-se leat-sa nách maith an chiall do Mhéibh
teachtaireacht de'n tsórd san do chur chugham-sa.



M. R. — Ach! a rí. Ná cuir-se suim i gcaint gan
éifeacht a tháinig ó eachlachaibh gan chiall, agus iad
ar meisge le feabhas an leanna a thugais dóibh.



D. — Ní chuirim suim 'na gcaint, agus ní bhéarfair an
tarbh leat an turus so.



(Imthigheas.)



M. R. — Ochón! Sin casadh timcheall agat! Dar
grian agus éasga, a Dháire mhic Fhiachna, tá eagal
orm go bhfuil droch-fhuadar fút! Is é mo thuairim
láidir nách fearr le Méibh cuma 'na bhfuil an sgéal
ná mar sin! Ní deirim ná gur airigheas í 'ghá
rádh le duine dem' eachlachaibh, mara dtugtaí an
tarbh ar ais go gcaithfí é thabhairt ar éigin. Is
dócha gurbh' shin é a chuir an t-eachlach ag caint.
Dá luathacht a bheimíd thiar sa bhaile iseadh is
fearr é.



(Imthigheas)


L. 19


An Séamhadh Radharc.



Rí-theach Cruachna. — Méibh agus Oilill.



O. — An dtáinig Mac Roth fós, a Mhéibh?



M. — Níor tháinig. Ní ró-fhuirisde teacht ó Dháire.



O. — Ní headh. Fear fial. Fear foghanta. Is mór é
onóir Dháire 'na dhúthaigh, deirtear nách beag de
sheó an rath atá ar thriúcha céad Cuailnge agus ar
Dháire féin ó tharla an Donn Cuailnge san áit.
Is deacair a rádh go leogfaid muintir na háite
an tarbh uatha.



M. — Ní leó an tarbh ach le Dáire féin.



O. — Ní le Connachtaibh an Finn-bheannach ach liom-sa
agus dá dtigheadh teachtaireacht ó Dháire 'ghá iaraidh
ar iasacht is dóich liom gur maith na cáirde sídhe
a bheadh ag an té a bhéarfadh chun siubhail é.



M. — Ca bhfios ná go dtiocfadh Dáire agus an Donn
i n-aoinfheacht.



O. — Níor mheasa a thúis ná a dheire. Tá breis mhór
agus ár ndóithin Ultach annso cheana againn. Ní
fheadar cad dob áil leat díobh. Is cosdasamhail
an ara iad. Rud is measa ná san féin: is
contabharthach an ara iad. Mara gcurfar cóir
mhaith ortha millfear ár n-oineach. Má curtar cóir
ró mhaith ortha beidh éad ar ár n-uaislibh féin. Idir
Ultaibh agus Connachta dhóibh, táid siad éadmhar,
teasaidhe, tógálach, ar gach taobh. Má eirghean
eatartha beidh droch-obair againn.



M. — Ní fheicean tusa choidhche, a rí, ach dubh an sgéil.
Tá mo smacht-sa chomh daingean san ar Mhacaibh
Mághach agus ar na slóightibh atá fútha, agus tá


L. 20


a leithéid sin d'iontaoibh agam asta gur cuma
liom an domhan conus a dhéanfaid Ultaigh iad
féin d'iomchar annso. Dá mbuaileadh Ultach
Connachtach treasna an bhéil ní baoghal duit go
bhfreagrófaí an buille!



O. — Seachain, a Mhéibh. Is féidir smacht do bheith ró
dhian. Rud is measa ná san: sgéidhfidh do smacht
do rún. Má bhuailean Ultach Connachtach agus
ná freagróchar an buille, cad déarfaid Ultaigh
leis sin? Déarfaid siad go bhfuil beart dhoimhinn
éigin agut-sa laistiar de'n smacht.



M. — Ochón! Is deacair tu shásamh! Ní dhéanfaidh
bainne a's luch ann an gnó dhuit na bainne a's
luch as!



O. — Ní luchaigh iad ach coin chraosacha!



M. — Ríogra uaisle, onóracha is eadh iad! Fir is
eadh iad d'fhuilingeóch bás níos túisge ná bhrisfidís
a bhfocal. Cad a chuir annso ar dtúis iad? Ní
raibh bac ortha fanamhaint thoir 'na ndúthaigh féin.
Cad a dhíbir ó n-a muintir agus ó n-a ngaolta
iad? Ní raibh de dhia beag acu ach Conchobhar.
Cad fé ndeara dhóibh druim lámha thabhairt leis
agus aghaidh do thabhairt ar dhúthaigh iasachta? Ar
dhúthaigh namhad? Ort-sa agus orm-sa agus ar
chlannaibh Mághach uile? Ní raibh ach an t-aon chúis
amháin acu leis. Níor fhéadadar fulang leis an
bhfeall a dhein Conchobhar. An té ná fuilingean
feall ní dhéanfaidh sé feall.



O. – “An té ná fuilingean feall ní dhéanfaidh sé
feall!” Bíodh an sgéal go léir agat, a ríogan.



(Imthigheas.)



M. — Cad déarfadh Oilill anois dá mbeadh a fhios aige
cad é an neart atá sa smacht! Do neósfadh


L. 21


Ceat mac Mághach dó cad tá ag coimeád
Connachtach socair. Ba dheacair Ceat féin do
choimeád ar slighe na síothchána mara mbeadh an
ní atá ar ár n-aigne.



(Tig mac Roth.)



Seadh, a Mhic Roth, ar thugabhair an tarbh lib?



M. R. — Ambasa, a ríogan, níor thugamair.



M. — Cad fé ndeár san?



M. R. — Nuair a thugas-sa an teachtaireacht do Dháire mhac
Fhiachna bhí sé lán tsásta iasacht an tairbh do thabhairt
uaidh. Dubhairt sé gur leis féin an tarbh agus ná
tabharfadh sé aon tsásamh do mhuintir na háite i
dtaobh an tairbh do choimeád nó do thabhairt uaidh,
pé 'cu ba mhaith leis féin. Agus dubhairt sé ná
glacfaí aon díoluigheacht as an iasacht. Cheapas
go raibh gach ní socair. Do friotháladh sinn go maith
le rogha gach bídh agus leanna. Nuair a ghabhas
amach ar maidin lar na mháireach agus chuas fé
dhéin an tairbh chun é chomáint liom do choisg Dáire
me. Dubhairt sé ná leogfaí an tarbh liom, agus
mara mbeadh nár bhéas dó féin feall do dhéanamh
ar eachlachaibh ná ar lucht taisdil slighe ná tioc-
faimís tar n-ais beó. D'fhiarfaigheas de cad fé
ndeár an t-athrú aigne.



M. — Cad dubhairt sé leis sin?



M. R. — Dubhairt sé go ndubhairt duine dár n-each-
lachaibh aréir roimhe sin, mara dtugtaí an tarbh
ar ais go mbéarfaí ar éigin é, le mór-
shlóighte Mhéibh agus le mór-eólus Fhearghuis mhic
Róigh.



M. — Tá go maith, a Mhic Roth. Ní gá aon athrú mór
do dhéanamh sa chaint. Dubhairt an t-eachlach “mara
dtugtaí ar ais é do bhéarfaí ar éigin é.” Ní' l


L. 22


agam-sa le rádh ach nuair ná tugtar ar ais é do
bhéarfar ar éigin é. Imthigh, a Mhic Roth.



(Imthigheas M. R.)



"Nuair ná tugtar ar ais é do bhéarfar ar éigin
é." — Is beag an blúire cainte an méid sin focal.
Is réidh éasga a rithid siad a béal duine. Ní'l
ionta ach anál agus fuaim. Ní puinn de sin féin
atá ionta. Cé mheasfadh anois, an mó braon fola
a sgaoilfear le fánaidh mar gheall ar an méid
sin cainte! Cé shamhlóch go bhféadfadh na focail
bheaga san slóighte líonmhara do chruinniú ó chríoch-
aibh fada, fairsinge, imigcéineamhla! Fir óga
uaisle do tharrang abhfad ó bhaile! Daoine nár
labhair aon fhocal riamh le n-a chéile, ní áirmhighim
fuath ná miosgais do thabhairt dá chéile, do chur
ag gearradh a chéile le faobhar! Fuil agus ionathar
daoine, agus cuirp 'na srathanaibh, do chur ar
áthaibh agus ar bhántaibh, ar mhaghaibh agus ar bhearnaibh,
ó Shionainn go hEamhain Mhacha! Ní raibh ach buille
fé thuairim ann nuair a dubhart leis an eachlach
mara dtugtaí an tarbh ar ais go mbéarfaí ar
éigin é. Bhí tuairim agam ná féadfadh sé a bhéal
do choimeád dúnta, ach níor mheasas go dtiocfadh
an sgéal amach chomh mór chun mo thoile agus a
tháinig. Seadh! Tá an chú 's an cat 's an girrfhiadh
ar aon úrlár agam anois, pé cuma 'na dtiocfar
as. Cad é an dúiseacht a gheabhaidh Conchobhar as
a chodla! Ní'l Ultach beó gan diombádh agus
seirbhthean agus dúr-chroidhe air mar gheall ar an
bhfeall gcaillte a deineadh ar Naoise agus ar a
bheirt dhriothár. Tá Conchobhar 'na cheas. Tá
ceasnaí a dhóithin air. Ní'l an fear san beó ar


L. 23


uaislibh Uladh do tharraingeóidh arm ar a shon go
deó arís. — Ca bhfios ná go leanfadh tuille acu
Fearghus agus Cormac Conloingeas. Tá comhar
amuich agat orm, a Chonchobhair, le bliadhain agus
fiche. Is mithid é dhíol leat. Chuiris teachtaireacht
'am iaraidh. Táim chughat fé dheire.



(Imthigheas.)



(Brat anuas.)



Deire an Chéad ghnímh.


L. 24


An Dara Gníom.



An Chéad Radharc.



Rí-theach Cruachna. — Méibh agus Oilill. Mórsheisear
giollaí turuis ar gach taobh de'n chlár.



M. — Seo, a ghiolla. Imthigh-se ag triall ar Mhaine
Athramhail agus tabhair an sgríbhinn sin dó. Agus
imthigh-se agus tabhair é sin do Mhaine Mháthramhail,
agus beir-se leat é sin ag triall ar Mhaine
Mhórghus. Agus tusa, a ghiolla, tabhair é sin de
Mhaine Mhionghus, tabhair-se é sin do Mhaine Aoi.
Agus tusa, tabhair é sin do Mhaine Mhóeibert. Agus
beir-se é sin ag triall ar an Maine eile. Amach libh!



(Imthighid an mórsheisear san.)



Seo, deinidh-se ar an gcuma gcéadna. Tabhair-se
é sin do Cheat mhac Mhághach — fear ná fuil puinn
grádha do Chonchobhar aige — é sin d'Anluan — é sin
do Mhoccorb — é sin do Bhascall — é sin d'Éan
é sin do Sgandall é sin d'Éadgha. Bídh ar siubhal!
Ná teipeadh ar luas bhur gcos!



(Imthighid.)



O. — Tá mórsheisear de na Mhainibh ag teacht, agus
mórsheisear de Mhacaibh Mághach. Cad é an líon
a thiocfaidh gach Maine agus gach mac de Mhacaibh
Mághach, a Mhéibh?



M. — Dubhart le gach fear díobh a thríocha céad do
thabhairt leis.



O. — Sin cheithre thríocha céad déag. Sin dhá mhíle
agus dachad míle.


L. 25


M. — Tá Cormac Conloingeas ag teacht. Ní thiocfaidh
sé sin fé bhun an tríocha céad Dubhloingse atá 'na
ngnáth-theaghlach aige ó fhág sé Conchobhar.



O. — Sin chúig míle agus dachad míle.



M. — Go réidh, a rí. Tá tríocha céad Ultach ag
Cormac i n-éaghmais an tríocha céad Dubhloingse.
Ní háil leat choidhche feitheamh le deire sgéil!



O. — Sin ocht míle agus dachad míle. Ní ró fhada le
dul iad ar shlóightibh Chonchobhair. Dá olcas atá an
sgéal aige níor bh'fhada an mhoill air dhá oiread
an méid sin do chruinniú i gCúige Uladh fós, gan
bac dá bhfuil uaidh ar díbirt. Agus ní eile, a
Mhéibh. Ní'l fear óg ná aosda i gCúige Uladh ná
fuil Conchobhar tar éis gach sórd eóluis gaile agus
gaisge do mhúine dhó, ar an uile shaghas airm agus
gnímh.



M. — Is beag an tairbhe dhó anois ar mhúin sé riamh
dóibh. Do mhúin sé dhóibh an t-eólus is fearr a
múineadh do laochra riamh nuair a mhúin sé dhóibh gur
neamhní gach aoibhneas saoghalta seachas réim chlú,
agus ná faghtar réim chlú, gan dílse i mbriathar.
Ghaibh sé de chosaibh 'na theagasg agus 'na chlú
féin nuair a ghaibh sé de chosaibh 'na bhriathar
rí. Táid ríogra Uladh bréan de Chonchobhar. Ní
luaisgfidh duine acu claidheamh ar a shon.



O. — Ná codail ar an gcluais sin, a Mhéibh. Bíodh go
bhfuil seirbhthean a ndóithin anois ar ríogra Uladh
chun Conchobhair agus gur fuath leó claidheamh do
nochtadh ar a shon, nochtfaid siad an claidheamh
tapaidh go leór ar a son féin. Gabhaim-se orm
go bpreabfaid siad suas go mear nuair a chífid
siad slóighte Connacht ag déanamh losgadh agus
léirsgrios ar a ndúthaigh. Ach tá ní eile, a 'nghín ó.


L. 26


M. — Cad é an ní eile sin? Is iongantach mar a chíon
tú neithe nách féidir le haon duine eile d' fheisgint!



O. — Nuair a chífidh Fearghus agus Cormac Conloingeas
agus a bhfuil annso agat díobh, a ndúthaigh féin
dá lot, tabharfaid siad druim lámha linn. Tógfaid
siad páirt le n-a ngaoltaibh agus le n-a gcáirdibh
féin, ní nách locht ortha. Ní'l ach claidheamh
adhmaid ag Fearghus ó tháinig sé annso. Má bhíon
sé ag dul i gcath ní foláir an Caladhcholg do
thabhairt dó thar n-ais. Má thógan sé páirt le
Conchobhar agus an claidheamh san d' iompáil 'nár
gcoinnibh brisfear cath láithreach orainn.



M. — Éist, a rí. Éist! Ní fheadraís cad tá agat
dá rádh. Ní baoghal duit Fearghus. Is fear tréan
Fearghus ach tá rud ná féadfadh sé a dhéanamh.



O. — Is dócha go bhfuil. Cad é an rud é?



M. — Ní fhéadfadh sé a fhocal do bhrise.



O. — Ach! Baoithreacht! a 'nghín ó.



M. — Ní hiongna liom tu 'ghá rádh san, a rí. Ní thuigean
folamh sáitheach.



O. — Conus san?



M. — Ní thuigean t'aigne-se aigne Fhearghuis. Ní fhéad-
fadh Fearghus a fhocal do bhrise mar ní leogfadh
an fhírinne atá istigh 'na chroidhe dhó é dhéanamh.



O. — Tá go breágh!



M. — Níor ghá dhuit an claidheamh do thógaint uaidh.
An fhaid a bhí focal a bhéil agat dob fhearra dhuit
an Caladhcholg aige ná uaidh.



O. — B' fhéidir é. Mar sin féin is mór an suaineas
liom ar m' aigne an claidheamh do bheith agam féin.
Cad é an díoghbháil dom a fhocal agus a chlaidheamh
do bheith i n-aoinfheacht agam?



M. — Ní haon tairbhe dhom bheith leat!


L. 27


O. — Ní fíor san, a Mhéibh. Is tairbhe mór dhuit bheith
liom. Breithnigh an abha sar a dtéir 'na cuilith.
Má théighean tú go Cúige Uladh agus gan agat ach
caogad míle fear, ní thiocfair-se ná iad abhaile go
Cruachain arís.



M. — "Caogad míle fear!" Cé dubhairt go rabhas
ag dul go Cúige Uladh agus gan agam ach caogad
míle fear!



O. — Ní fheicim a thuille san áireamh atá déanta agat.



M. — Agus níor thugais uain dom ar a innsint duit
go bhfuil áireamh eile le déanamh agam. Níor
thugais uain dom, a Oilill, ar a innsint duit go
bhfuil Cú Raoi mac Dáire ag teacht aneas ó Chathair
Con Raoi, agus dhá thríocha céad aige, a ghnáth-
theaghlach féin. Agus níor thugais uain dom ar a
innsint duit go bhfuil dhá rí dhéag dá éaghmais
ag teacht ó'n Mumhain chughainn agus tríocha céad
de chaith-bhilíbh cruadha calma ag gach rí dhíobh. Fir
go bhfuil seana-thaithighe ag gach fear acu ar arm
agus ar chath agus ar chogadh. Fir a chuir teiche
agus ruag agus dearg-ár go minic ar shlóightibh
Uladh.



O. — Agus ar shlóightibh Connacht.



M. — Ní mince a chuireadar ruag ar shlóightibh Connacht
ná mar a chuir slóighte Connacht ruag ortha-san.



O. — Ambasa, a Mhéibh, is dóich liom gur dheinis an
abha do bhreithniú. Céad míle fear! Agus gan fear
ortha nách namhaid agus biodhbha báis do Chonchobhar
agus d'Ultaibh! Déanfair an bheart, a Mhéibh.



M. — Is fada go dtáinig sé asat! Déanfad an
bheart! Bainfead an mhór-chúis de Mhac Fachtna!
Geabhad de chosaibh 'na ghradam! Curfar ceó ar do
shoilse, a mhic Neasa! Millfear an mhór-uaisleacht.


L. 28


Leagfar an réim chlú! Fágfar Eamhain 'na huaig-
neas agat, a Chonchobhair! Fágfar an chúige sin
Uladh 'na dearg-fhásach! Is mairg duit nár sgaoil
thart inghean Eochaidh! Dheinis do phas magaidh
fúithi! Tiocfaidh an magadh 'na dháríribh chughat!
Ní sgarfaidh sí leat go gcuiridh sí do ghnúis
le grean agus a cos ar chúl do chinn!



O. — An fear bocht! Is truagh gan a fhios aige cad
tá chuige. Dá mbeadh a fhios aige cad tá chuige
ní fhanfadh sé leat. D'imtheóch sé a hÉirinn, ní
headh ach as an saoghal, níos túisge ná fhanfadh sé
le n-a leithéid de chor do thabhairt air.



M. — Bíodh do shult agat, a rí. Beidh mo dhíoghaltas
agam-sa. Dá mb' é Impire na Rómha é bainfear
an t-uaibhreas dé!



O. — Ambasa, a Mhéibh, ní fheicim a mhalairt d' fhuadar
fút.



AN DARA RADHARC.



Méibh agus a draoi.



M. — Thánag a d'iaraidh feasa agus fáisdine ort, a
dhraoi.



D. — Abair linn an toisg a thug tu, a ríogan.



M. — Tá cruinnighthe agam annso ar aon láthair, idir
cheithre átha Mhuighe hAoi, breis agus céad míle
fear armtha. Táid slóighte Connacht ann agus
cheithre rí-fhéinne déag 'na mbun, na seacht Maine
agus seacht Maca Mághach. Táid slóighte Mumhan
ann fé Chú Raoi mac Dáire agus fé dhá rí dhéag


L. 29


eile ó'n Mumhain. Táid slóighte Laighean ann, an
Dubhloingeas agus pobul Teamhrach. Ní'l aon fhear
díobh san go léir nár sgar le caomh agus le cara,
le crích agus le fearan, le gaol agus le comhgas,
le hathair agus le máthair, ag teacht dóibh ar an
slógadh so liom-sa. Tá súile fliucha agus croidhthe
buartha 'na ndiaidh sa bhaile ag aosda agus ag
óg, agus mara dtigid siad slán thar n-ais is
orm-sa a bheidh osna agus mallacht na muintire sin
atá 'n-a ndiaidh, mar is mise fé ndeár iad do tharang
ar an slógadh so. Ba mhór an sólás agus an
sásamh ar m' aigne dá n-innsteá dhom an mbéar-
faimíd buadh agus an dtiocfaidh a bhformhór
so slán ó'n gcogadh. Ach is fearr linn deagh-
fháisdine ná san féin. Innis-se dhomhsa an fhírinne,
an dtiocfam nó ná tiocfam.



D. — Pé duine a thiocfaidh ná ná tiocfaidh tiocfair-se
féin.



(Imthigheas an D. Tig Feidhealm banfháidh isteach. Féachas
Méibh uirthi.)



M. — Cé hé thusa, a 'nghín ó, nó cad tá uait?



F. B. — Feidhealm banfháidh is ainm domhsa. Is de
d' mhuintir-se me agus thánag ag taisbeánadh do
leasa dhuit.



M. — Cia de m' mhuintir-se thu, a Fheidhealm banfháidh?



F. B. — Is mise banfháidh sídhe Rátha Cruachna.



M. — Cad fá go dtánaís ag taisbeánadh mo leasa
dhomhsa, a Fheidhealm banfháidh?



F. B. — Mar táid cheithre ollchúige Éirean agat dá
mbreith leat i gcríochaibh Uladh, agus is 'mó cóir
agus éagcóir, olc agus maith, leas agus aimhleas,
a thiocfaidh as an mbeartú san, duit féin agus
do'n mór-shluagh atá fé d' láimh agat. Is ban-


L. 30


chumhal de d' mhuintir me. An rud a ghoillfidh
ort-sa agus ar do mhór-shluagh goillfidh sé orm-sa.



M. — Maith, a Fheidhealm banfháidh; agus conus a chíon
tú ár sluagh?



F. B. — Chím fordheargadh ortha! Chím ruag ortha!



M. — Tá Conchobhar 'na cheas i nEamhain. Tháinig
m'eachlacha chugham uaidh. Ní baoghal dom Conchobhar.
Gan Conchobhar ní baoghal dom Ultaigh uile. Ach
abair fíor, a Fheidhealm banfháidh.



F. B. — Chím fordheargadh ar shlóightibh Mhéibh agus
Oiliolla. Chím ruag ortha.



M. — Tá Cúsgraidh Meann 'na cheas i nInis Cúsgraidh.
Tháinig m' eachlacha chugham-sa uaidh. Ní'l ann
sluagh do chruinniú ná claidheamh do luasgadh. Ní
sos dá mhuintir é. Bhéarfadh buidhean shuarach
táinte bó ósna dóirsibh acu gan chosg. Ní heagal
liom Cúsgraidh Meann ná Ultaigh uile. Ach abair
fíor, a Fheidhealm banfháidh.



F. B. — Chím fordheargadh — Chím ruag.



M. — Tá Cealtchar mac Uitheachair 'na cheas i nDún
Cealtchair. Tá meirg ar an Luin Cealtchair.
Tháinig m' eachlacha chugham ó'n nDún. A bhanfháidh
sídhe Rátha Cruachna, ní heagal liom-sa Ultaigh.
Ach abair fíor, a Fheidhealm banfháidh.



F. B. — Chím fordheargadh — Chím ruag.



M. — Ní liom-sa a bhainean an brígh atá agat-sa leis
an gcaint sin, a bhanfháidh sídhe. Is ar ár namhaid
a bheidh an fordheargadh agus an ruag sin a chíon
tú. Nuair a bheid ár sluaighte ag gluaiseacht
i n-aoinfheacht soir ó thuaidh ní hag troid le slóightibh
namhad a bheid siad, mar ní bheid na slóighte ann
chuige. Ach is ag iomaidh le chéile a bheid fir Éirean,
ag baint tosach slighe dá chéile ag gabháil dóibh thar


L. 31


áth nó thar abhainn, nó ag féachaint cé aige go mbeidh
céad ghoin muice nó fiadh. Ní'l aon choinne ag
Ultaigh linn. Ní'l aon amhras acu go bhfuiltear
chúcha. Ní'l cúinne i gCúige Uladh nár tháinig
m' eachlacha chugham-sa as. Táid Ultaigh 'na gcód-
la. Beidh ár gcuaird tabhartha againn agus an
sgrios déanta sar a ndúiseóigh aoinne acu as
a chodla. Ní heagal liom iad, a bhanfháidh sídhe.
Ach abair fíor, a Fheidhealm. Conus a chíon tú ár
sluagh féin?



F. B. — Chím fordheargadh. — Chím ruag. — Chím fear fíor, —
fear is uasal aigne — fear óg is áluinn dath, —
fear is léir gníomh. Caomh a ghnúis le caraid.
Garbh a lámh ar namhaid. Draganta a dheilbh i gcath.
A lann líomhtha 'na láimh dheas. A sgiath chosanta
'na láimh chlé. Géillid slóighte roimis. Fuil agus
cuirp 'na dhiaidh. Is onchú do Chonnachtaibh an Cú.
Is míchlú do Chonnachtaibh a chlú. Beid maithe móra
ar míthreóir. Laochra ar lár. Slóighte dá lead-
radh. Goilfid leinbh. Caoinfid mná! Is líon-
mhar cáirde sídhe ag Cú Muighe Muirtheimhne.



(Imthigheas.)



M. — Cé hé an "fear fíor?" Níor thrácht aoinne
de m' eachlachaibh air. Ní heól dom aoinne de
mhuintir Chonchobhair ag freagairt do'n tuarasgbháil
sin. Cé hé an "Cú Muighe Muirtheimhne" go
bhfuil na cáirde sídhe aige? — Ach is mar a chéile
é. Cad é 'bhrígh aon laoch amháin im' choinnibh se
anois!



(Imthigheas.)


L. 32


An Tríomhadh Radharc.



Rí-theach Cruachna. — Méibh agus Oilill agus
Fearghus agus na seacht Maine agus seacht Meic
Mághach agus Cú Raoi mac Dáire agus dhá rí dhéag
na Mumhan, agus iad i gcomhairle.



M. — Ní'l aon duine ar an sluagh so, a Fhearghuis, is
fearr chun eóluis do dhéanamh romhainn ná thusa.
Tá eólus chúige Uladh agat chomh maith agus atá ag
Conchobhar féin, agus tá eólus na cúige seo
Connacht agat go maith um an dtaca so.



Cách. — Is fíor! Is fíor!



F. — Tá go maith, a ríogan. Mar is maith libh.



M. — Tá sgís agus suaineas maith déanta ag an sluagh
anois agus is mithid gluaiseacht. Ní hé ár leas
a thuille righnis do dhéanamh annso. Dá mb' iad
na Muimhnigh féin iad tá tuirse na slighe aneas
curtha dhíobh acu. Is olc an rud mór-shluagh neamh-
thuirseach do choimeád díomhaoin. An té ná déan-
faidh a leas ní foláir dó a aimhleas do dhéanamh.
Ní foláir dúinn gan a thuille aimsire do leogaint
tharainn. Ní'l tásg ná tuairisg fós i nEamhain,
ná i n-aon pháirt de Chúige Chonchobhair, ar an obair
atá déanta againn ná ar an bhfuadar atá fúinn.
Táid fir ghéara, ghlan-radharcacha, amuich uaim-se,
ar gach bóthar agus ar gach cosán, ag faire chun gan
aon sgéala do leogaint soir chúcha. Má ghluais-
imíd anois go tapaidh agus go luaimneach beidh
cuaird na cúige tabhartha againn agus ollmhaitheas
Uladh, idir bhuar agus bráighde, idir ór agus air-
gead, cruinnighthe annso againn, gan chath gan chomh-


L. 33


rac sar a mbeidh a fhios i gceart ag Conchobhar cad
a bheidh imighthe air. Isé luas ár ngnímh an gníomh
ar fad. Gluaiseam láithreach. Sid é órdú ár
ngluaiseachta. Gach rí i mbun a thríocha céad gan
stad. Fearghus mac Róigh ar tosach. Na seacht
Maine i ndiaidh na nUltach. Mise agus Oilill
'na ndiaidh sin. Na seacht Meic Mághach i n-ár
ndiaidh-ne. Cú Raoi mac Dáire agus na Muimhnigh
ag déanamh sgiath tar lorg ar an mór-shluagh.



Cú Raoi. — Ní bheidh puinn fuidhligh le fagháil ag an
sgiath tar lorg.



M. — Beidh tuille agus ár ndóithin againn go léir chomh
luath agus bheid ar gcosa ar bhántaibh Uladh. Leath-
faimíd sinn féin an uair sin agus tabharfar a rogha
treó do Mhuimhneachaibh.



Cú Raoi. — Tá go maith.



M. — Gluaistear, a ríogra!



(Imthighid uile ach Méibh agus Oilill.)



Seadh! a rí. A' bhfuilir sásta?



O. — Táimíd sásta, a 'nghín ó. Is gasta a chuiris
Muimhnigh ar deire; le hiontaoibh asta, mar 'dh eadh.
"Sgiath tar lorg" agus gan namhaid ann!
Is maith é! Ní misde sinn a bheith ag gluaiseacht.
Tá a bhfuil idir cheithre átha Muighe hAoi i n' ithir
dhearg acu! Ní fios cathin a gheabhaidh beithigheach
greim féir ghlais as an dtalamh ann. Dá bhfan-
aidís tamal eile ba neamhní é sin féin mar ní bheadh
beithidheach beó againn.



M. — Tabharfar do dhóithin acu ó bhántaibh Uladh chughat
ach foidhne bheith agat.



(Tig Fionnabhair isteach.)



F. (Ag rith chun a máthar agus 'ghá pógadh). — Ó, a mháthair
a chroidhe 'stigh, tá sgannradh orm!


L. 34


M. — Éist, a laogh liom. Cad fé ndeár an sgannradh?



F. — Ó, leog dhom féin, a mháthair. Tá uathbhás orm.
Tá an domhan go léir lán de ríghthibh móra agus
d'fhearaibh armtha agus de chapailibh agus de dhaoinibh,
agus gan aon fhear acu gan sleagh 'na láimh aige.
Nuair fhéachfá uait ortha ba dhóich leat gur coill
mhór fhada leathan a bheadh ann, agus í ag bogadh
agus ag luasgadh, agus í dá suathadh mar a bheadh
gort le gaoith. Ní féidir radharc d' fhagháil ar aon
fhód tailimh árd ná íseal, ach slóighte agus arm,
slóighte agus arm; agus fuaim, fuaim, fuaim;
im' thimcheall san aér agus istigh im' chluasaibh;
agus creathán sa talamh fé m' chosaibh. Tá sgeón
im' chroidhe ó bheith ag féachaint ortha. Tá sgeit
agus anaithe orm. Tá a bhfuil idir cheithre átha
Muighe hAoi 'na steillbheathaidh ba dhóich leat.
Cá bhfuaradh na slóighte go léir! Níor mheasas
go raibh oiread daoine i nÉirinn. Ó, a mháthair a
chroidhe 'stigh, má théid siad súd go léir go Cúige
Uladh ní fágfar duine ná beithidheach beó ann!



M. (Ag cimilt a baise de cheann a hinghine) — Éist, a laogh.
Ní baoghal duit. Is amhlaidh atá an mór-shluagh
ag bogadh chun gluaiste agus 'gha gcur féin i dtreó
agus i n-eagar chun a dtaisdil do dhéanamh gan
dochar ná iomard dá chéile. Tá mór-obair le
déanamh acu agus ní féidir mór-obair do dhéanamh
gan mór-chongnamh. Ná bíodh ceist ort, a ghraidhn.
Ní baoghal duit-se iad, geallaim duit é. Is
cáirde dílse dhuit-se iad go léir. Ní'l aon fhear
ar na mílte fear san ná himreóch a anam go fonn-
mhar ar do shon-sa. Ní'l rí uasal ná mac rí ortha,
ó aon chúige de na cheithre cúigíbh, ná déarfadh leis
féin láithreach go mbeadh an bhean is áilne agus is


L. 35


uaisle i nÉirinn aige dá bhfaghadh sé thusa mar
mhnaoi! Tá fios an méid sin agam-sa, a chailín.
Féach nách beag an sgannradh atá ar t'athair, agus
tá a fhios aige cad a bhainean le contabhairt agus le
buaireamh cogaidh.



O. — Ní headh ach féach nách beag an sgannradh atá ar
do mháthair, mar ní'l aon tsuim aici i gcontabhairt
ná i mbuaireamh cogaidh.



F. — Nách truagh ná féadan an saoghal déanamh gan
cogadh! Tá talamh agus tighearnas, agus maoin
agus saidhbhreas a ndóithin ag na Mainibh agus ag
Macaibh Mághach. Tá a ndóithin mór ag Cú Raoi
agus ag ríghthibh Mumhan. Tá an talamh is fearr
i nÉirinn sa Mhumhain. Cad tá ortha ná fanaid siad
sa bhaile agus a suaineas do cheapadh agus a gcuid
saoghaltachta do chur chun sochair agus chun tairbhe
le hobair agus le gnó agus le tiúsgal! Bheadh
Éire níos saidhbhre go mór ná atá sí da mba ná
beadh aon chogadh ann ach na daoine go léir d' fhan-
amhaint sa bhaile ag déanamh críche agus tiúsgail
agus deagh-chomharsanachta, ag cabhrú le n-a chéile
go síoch agus go suilbhir agus go suairc. Annsan
iseadh bheadh an rath ar Éirinn.



M. — Sdó féach anois, a laogh mo chroidhe. Tá neithe
ann is mó go mór ag mac rí nó ag inghin rí ná maoin
agus ná saidhbhreas agus ná sáimhe. Is beag acu
saidhbhreas gan mór-chlú. Cad é 'mhaith maoin
mara bhféadtar é chosaint! An fear a loirgean
sáimhe dhó féin ní'l ann ach spreas. Ní fada dhó
go dtiocfaidh an namhaid a bhainfidh an tsáimh-
rígheacht dé. Ní mar sin d' fhear an chroidhe mhir,
d' fhear an chroidhe uasail. Ní hi sáimhe ná i suaineas
atá a mhian ach i nduagh agus i bhfulang agus i


L. 36


ngníomharthaibh gaile agus gaisge. Cad é 'mhaith
mac rí nó inghean rí a gheabhaidh easonóir agus ná
déanfaidh dícheall ar an easonóir do dhíogailt.



O. — Is dóich liom, a leanbh, go bhfuil fios a haigne
féin agat' mháthair maith go leór. Tá sé chomh maith
againn cead a cinn a thabhairt di.



(Tig ara isteach.)



An t-ara (Ag umhlú). — Táid na carbaid ollamh.



(Imthighid.)



An Ceathramhadh Radharc.



Cúl Sibhrille. — Oilill 'na phubal. Fearghus 'na
phubal ar láimh dheis Oiliolla. Pubal Mhéibh ar
láimh chlé Oiliolla agus gan sa phubal ach Fionnabhair.
Na pubail eile as san amach ar gach taobh.



O. — Ní fheadar cad 'tá ag coimeád Mhéibh uainn.



Fear. — Is dóich liom gur b' amhlaidh nách foláir lé cuaird
do thabhairt ar na slóghaibh sar a leogaidh sí a heich
do sgur. Is maith lé gach ní d' fheisgint le n-a
súilibh féin, agus a fhios do bheith aici i gceart cad
é an líon a tháinig gach rí-fhéinne nó an bhfuil a
smacht dá chur i bhfeidhm ar an gcuma 'nar órduigh
sí dhóibh é.



O. — Is maith an chomhairle do Mhéibh an ní sin do dhéanamh.
Ní bhíon an rath ach mar a mbíon an smacht. Tá an
sluagh so ana-mhór. Is 'mó cine uaibhreach atá
cruinnighthe againn ann, gan puinn eóluis ná aithne
acu ar a chéile. Ní'l treabhchas díobh nách dóich leó


L. 37


gur fearr iad féin ná aon treabhchas eile dá bhfuil
ar an mór-shluagh. Gan an smacht do bheith láidir
agus gan é chur i bhfeidhm go dlúth agus go daingean
níor bh' fhéidir an sluagh do bhainistighe i n-aon
chur. Is deacair smacht láidir do chur i bhfeidhm
ar chine uaibhreach. Is dóich liom go bhfuil a lán acu
ná geabhadh smacht le n-ais ó rí ná ó ríogan eile
ach ó Mhéibh féin. Tá cumas éigin iongantach aici
ar dhaoinibh mór-aigeanta, ceann-árda, garbha do
lúbadh agus do chromadh chun a toile, agus ní dá
n-aimhdheóin é ach le n-a dtoil féin go hiomlán.
Deinid siad rud uirthi ná déanfaidís ar a hathair,
ar Árdrí Éirean!



Fionnabhair. — Sidí chughainn í! Cad a choimeád uainn
tu, a mháthair?



(Tig Méibh.)



O. — 'Seadh! a ríogan, conus atá an sgéal ag an
sluagh? Ar tháinig gach rí an líon a gealladh?



M. — Ní'l rí acu nár tháinig breis agus líon a thríocha
céad (ag cur smuta gáire aisti). Ní dhá thríocha
céad atá ag Cú Raoi mac Dáire ach cheithre thríocha
céad! Níor tháinig aon fhear ó'n Mumhain gan
céad nó dhó aige sa mbreis ar an dtríocha céad
a gheall sé. Is dóich liom gur b' amhlaidh a mheas-
adar ár mbuidheachas do thuilleamh níos fearr
ná mar bheadh sé tuillte ag ríghthibh Connacht.
Ach ba mhaith an mhaise ag Ceat mac Mághach é agus
ag an gcuid eile dár ríghthibh féin, do tháinig an
smuíneamh céadna chúcha. Ní'l duine acu nár thug
leis breis agus an tríocha céad do hiaradh air.
Dar leó go mbeadh buadh agus barr sa ní sin acu
ar ríghthibh Mumhan. Ní fheacaís riamh ach an diombádh
a bhí ortha ar gach taobh nuair a tuigeadh conus mar


L. 38


a sháruigh an dá fhormad ar a chéile. Ach do dheineas
sult dé, agus cúrsaidhe áthais dom féin, agus
ghabhas mo bhuidheachas gan staonadh leó agus do
mholas iad, idir Chonnachtach agus Muimhneach, i
dtreó fé dheire gur bh' amhlaidh a bhí an sgéal
acu ná ceadóch aon taobh acu, ar rud ná
déarfaidís, iad do theacht gan an bhreis do thabhairt
leó.



O. (Ag cur gáire as). — Ní fearr bheith ag caint air, a
Mhéibh, ach ní'l aon teóra leat!



M. — Ní'l do mhór-shluagh fé bhun dachad tríocha céad,
a rí!



O. — Agus gan tríocha céad ortha, aniar ná aneas
nách muirighean aigne agus meabhrach cinn do'n
fhear is treise bunús, iad do choimeád go maith
fé n-a láimh! Conus atá an smacht, a Mhéibh?



M. — Is 'mó cualacht líonmhar ar an slógadh agus is
maith is eól dóibh uile conus slógadh do dhéanamh;
ach ní'l ionta uile ach díosgar seachas aon tríocha
céad amháin, is iad san tríocha céad na nGailian.



O. — Cad é an deagh-obair a dheinid siad san seachas
cách, go moltar ar an gcuma san iad?



M. — Is dual moladh dhóibh. Bhí botha agus béalsgaláin
déanta acu um an am 'nar tháinig leis an gcuid
eile de'n tsluagh dúna agus longphuirt do dhéanamh.
Bhí an biadh dá bheiriú ag tríocha céad na nGail-
ian an uair a bhí an chuid eile ag déanamh botha
agus béalsgalán. An uair a bhí an chuid eile ag beiriú
an bhídh bhí a gcuid bídh ithte ag tríocha céad na
nGailian. Um an dtaca 'na raibh an biadh ithte
ag an gcuid eile de'n tsluagh bhí an chéad ghreas
codlata ag tríocha céad na nGailian. Tá slacht
agus fuinneamh sa chuma 'na ndeinean an tríocha


L. 39


céad sin an uile shaghas gnótha a bhainean le slógadh,
agus le gluaiseact armála, agus le déanamh
cogaidh.



O. — Is mór an tairbhe dhúinne mar sin a leithéidí do
bheith i n-aoinfheacht linn ar an slógadh so.



M. — Ní headh, a rí, ní had bhréagnú-sa é, ach is mór
an cheataighe agus an chontabhairt dúinn iad do bheith
ar aon tslógadh linn. Ní'l duine íseal ná uasal
ar an mór-shluagh ná fuil cheana féin ag faire
ortha agus ag féachaint suas chúcha agus a d' iaraidh
aithris do dhéanamh ortha. Ní'l aon mheas ar aoinne
eile ach ar thríocha céad Gailian! Ní ró fhada go
millfidh sin ár smacht. Ní toil liom-sa iad do dhul
i n-aoinfheacht linn níos sia. Is suarach le rádh
aon tríocha céad amháin seachas smacht ár mór-
shluagh. Ní rachaid siad linn agus ní bheifear
'ghá maoidheamh orainn.



O. — Téighdís tar n-ais go Cruachain, má 'seadh, agus
fanaidís ann.



M. — Ní rachaid siad thar n-ais go Cruachain. Dá
dtéighdís thar n-ais go Cruachain agus sinne do
dhul ar aghaidh go hEamhain, ní hagainne bheadh ríghe
Connacht ar ball ach acu-san.



Fionnabhair. — Cad 'tá le déanamh acu, a mháthair, mara
leogtar dóibh dul linn ná fanamhaint 'nár ndiaidh?



M. — Ar mhaithe linn féin, ar mhaithe leis an mór-shluagh,
ní fheicim-se go bhfuil againn le déanamh ach teacht
ortha agus iad do chur chun báis!



O. — Is olc an cor é sin le tabhairt dóibh mar gheall
ar a fheabhas a dheinid siad an obair a bhainean
le slógadh.



F. (ag preabadh 'na shuidhe). — Dar fíor ár mbriathar,
a ríogan, ní thabharfaidh aoinne bás do thríocha céad


L. 40


na nGailian ach an té imreóchaidh bás agus oidhe
orm-sa mar aon leó!



M. — Ní maith an chiall duit-se, a Fhearghuis, an chaint
sin do chaitheamh liom-sa. Ba chóir go dtuigfeá id'
aigne go bhfuil ar mo chumas-sa tu féin agus iad
féin do chur chun báis. Cad é an fhaid le dul
do thríocha céad-sa agus tríocha céad na nGailian
ar sheacht dtríocha céad na Maine agus ar sheacht
dtríocha céad chlainne Mághach, gan trácht ar mo
theaghlach-sa agus ar theaghlach Oiliolla?



F. — Ní gan eólus a labhras, a ríogan. Tá Cú Raoi
mac Dáire ar an slógadh so. Tá dhá rí dhéag
d'éaghmais Chú Raoi annso ó'n Mumhain. Ní'l
fé bhun chúig tríocha céad déag d' fhearaibh
cródha ó'n Mumhain annso. Dá mbeartóchaí an
gníomh san do dhéanamh ní bheadh agam-sa ach an
focal do rádh agus ba ró ghearr an mhoill. Ach
ní hí sin an chaint. — Is eagal leat-sa an tríocha
céad san Gailian do bheith ar an slógadh so agus
iad chomh mór níos oilte ar ghnóthaíbh cogaidh ná an
chuid eile de'n mhór-shluagh. Tá leigheas ar an
gceataighe sin gan dul chomh fada leis an éirleach
a deirir.



M. — Cad é an leigheas é sin? Ní háil liom-sa éirleach
do dhéanamh ortha ach mar sheachnadh ar éirleach ba
mhó ná é, éirleach a chuirfeadh sinn féin agus ár
mór-shluagh ar neamhní.



F. — Déintear tríocha céad na nGailian do dhíosgaoile
ar fhearaibh Éirean i dtreó ná beidh aon chúigear
acu i n-aon inead. Ní bheidh caoi acu annsan ar
chomhairle eatartha féin ná ar chomh-obair, agus ní
baoghal iad feasda.



M. — Is ró mhaith an chomhairle í sin, a Fhearghuis, agus


L. 41


taithnean sí go háluinn linn. Is cuma cad é an
cor a tabharfar dóibh ach gan iad do bheith sa chóir
agus sa chumas comhraic iona bhfuilid. Ní'l aoinne
is fearr a dhéanfaidh an díosgaoile sin ná thusa,
a Fhearghuis. Dá gcuireadh aoinne eile chun a
dhéanta ba dhóich leis an mbuidhin mbig sin gur ar tí
díoghbhála dhóibh a bheifí, ach nuair a chífid siad tusa
'ghá dhéanamh tuigfid siad 'n-a n-aigne gur ar
mhaithe leó é. Is deimhin leó ná déanfá-sa feall
ortha. Imthigh, a Fhearghuis, agus dein an díosgaoile
sin. Agus ní foláir domhsa féin imtheacht arís.
Tá an tsluagh ró mhór. Mara gcurtar riar cruinn
agus órdú soiléir ar na tuathaibh, agus ar na
treabhchasaibh, agus ar na haicmeachaibh, agus ar
gach cine fé leith, déanfaid siad iomard agus
toirmeasg dá chéile agus imtheóchaid siad ó smacht.
Tar-sa liom, a rí, go gcuiream gach drong um a
rí agus gach réim um a ríogra, gach buidhean um
a dtaoiseach agus gach rí agus ríoghdhamhna d'fhearaibh
Éirean i mbun a choda féin de'n mhór-shluagh ar
bhóthar fé leith.



(Imthighid.)



An Cúigeadh Radharc.



Fearghus i n' aonar.



F. — Is cruaidh an cás é. Is míorbhuilteach an bhean
í seo. Féach an chuma 'na bhfuilim aici agus gan
aon dul as agam. Me ag déanamh eóluis isteach
i gCúige Uladh do mhór-shluagh namhad, — agus nára


L. 42


maith agam! Mise, a cheap riamh ná fanfadh braon
fola im' chorp dá bhfeicfinn órlach de thalamh na
cúige sin fé chosaibh namhad! Sin é anois me im'
fhear cinn riain ag seóladh mo namhad isteach im' thír
dúthchais féin! A! a Chonchobhair, is olc an gníomh
a dheinis. Is fada anonn a théighean iarsma an
droch-bhirt. Is trom a luighean iarsma do ghnímh-se
orm-sa indiu, agus is gearr go luighfidh sé níos
truime ort féin agus ar an ndúthaigh mhífhortiúnach
'na bhfuil sé de chrann uirthi bheith fé annsmacht agat.
Táim idir dhá olc. Bhíos im' ghéilsine dhílis do
Chonchobhar go dtí gur bhris sé a bhriathar rí liom
agus gur mhairbh sé Clann Uisnigh thar mo chom-
airce. Do sgar an gníomh san me leis. Táim
im' ghéilsine do Mhéibh agus d' Oilill ó shin. Tá
sé chomh ceangailte orm anois bheith dílis do Mhéibh
agus bhí sé orm an uair sin bheith dílis do Chonchobhar.
Is ró mhaith atá fios an méid sin ag Méibh agus ag
Oilill. Is maith is eól dóibh nách féidir domhsa
mo cheangal géilsine do sgaoile mara mbristear
briathar rí liom féin ar dtúis. Nách namhaid agam
Conchobhar! Nách i n-aghaidh Chonchobhair atá an
slógadh so! Cad tá le rádh agam? Nách é is lugha
is gann dom eólus slighe dhéanamh do'n tslógadh
uasal atá ag teacht fé fhuacht agus fé annró chun
mo namhad do chlaoidh agus chun me féin do chur
arís i réim i dtalamh mo shinsear! Ó, a Mhéibh, is
doimhinn an bhean tu! Is daingean an greim atá
agat orm! Thugas cúl le m' dhúthaigh féin tré
ghráin ar an bhfeall a dhein Conchobhar. Sin feall
níos caillte ná é agam féin dá dhéanamh anois.
Cad é 'bhrígh feall Chonchobhair seachas an feall so!
Níor mhairbh Conchobhar ach triúr. An feall so


L. 43


agam-sa dá dhéanamh ní fhágfaidh sé duine ná beith-
idheach beó i gCúige Uladh. Beidh asachán grána
dá chasadh le Conchobhar go deó. Cad é 'bhrígh é
seachas an t-asachán a casfar le Fearghus! — An
bhfuil Fiacha mac Fir Fheibhe annsan! (go hárd.)



Fiacha (amuich.) — Tá sé annso, a rí.



(Tig Fiacha isteach.)



F. — Cad deirir anois leat féin, a Fhiacha?



Fiacha. — Deirim, a rí, gur b' annspianta an córú é,
ag dul a d' iaraidh tairbh. Is dócha gur mian le
Méibh triúcha céad Cuailnge do thabhairt lé agus é
chur mar oileán amuich i n-aice na nÁran.



F. — Is gasta a chuir sí púicín ar dhaoine leis an dtarbh.
Ní hé an tarbh ná triúcha céad Cuailnge atá uaithi,
bíodh go mbeid siad aici. Cúige Uladh ar fad atá
uaithi. Measan sí Cúige Uladh do sgrios. Ní'l
aon choinne ag Conchobhar ná ag ríogra Uladh lé.
Níor chuaidh soir ach an ráfla i dtaobh an tairbh.
Ní'l aon amhras acu thoir go bhfuil an slógadh so
chomh mór agus 'tá sé. Tiocfar i gan fhios ortha. Is
olc an obair í seo agam-sa dá dhéanamh, a Fhiacha.
Níor dheineas riamh obair níos measa. Is me atá
ag déanamh eóluis do'n tsluagh so. Eólus do
shluagh namhad isteach im' dhúthaigh féin! Isé
Fearghus mac Róigh atá 'ghá dhéanamh san! An
Fearghus nár dhein feall riamh. Is olc an obair í.
Tá orm an t-eólus do dhéanamh. Ach féach, a Fhiacha;
ní'l orm na comhngair do ghabháil. Tá a lán siubh-
alta againn cheana, ach ní soir atá puinn de'n
tsiubhal déanta fós. Táim ag cur righnis ortha
chomh maith agus is féidir liom é, le hionchas go mb'
fhéidir go sroisfeadh sgéala an tslógaidh chun
ár muintire luath nó mall.


L. 44


Fiacha. — Ní dóich liom, a rí, go bhfuil aon bhreith ag aon
tuairisg ar dhul soir, ach tuairisg an choimheasgair
i dtaobh an tairbh.



F. — Is fíor san. Ní'l bóthar ná cosán gan eachlacha
ó Mhéibh ag faire air. Ní fheicim go bhfuil le déanamh
againn ach aon ní amháin agus má theipean orainn sa
ní sin beidh deire le réim Chúige Uladh.



Fiacha. — Cad é an ní é sin, a rí?



F. — Tá, foláramh a thabhairt dom' dhalta, do Chú
Chulainn, agus mara ndéanfair-se an ní sin ní
dhéanfaidh aoinne é. Ní foláir duit sleamhnú
uainn i gan fhios, a Fhiacha, agus sgéala do chur ag
trial ar Chú Chulainn. Cuirfidh seisean sgéala ag
trial ar Chonchobhar agus ar an gcuid eile de
ríogra Uladh. Ní halaidh dhúinn cead a cinn ar fad
do thabhairt do'n mhnaoi seo. An bhfuil 'fhios agat
cad a cheap sí a dhéanamh le tríocha céad na
nGailian?



Fiacha. — D' airigheamair é, a rí. Ní haon iontaoibh í.
Mara mbeadh tusa 'ghár gcosaint is dócha go raghadh
an sgéal cruaidh orainn.



F. — Ní raghadh. Do chuirfinn-se an sgéal cruaidh
uirthi féin ar dtúis. Ach imthigh leat, a Fhiacha, agus
dein mar a deirim leat. An fhaid a bhead-sa ag
déanamh an eóluis déanfad an righneas is mó
fhéadfad do chur ar an sluagh so. Má thigean le
laochra Uladh a neart agus a ngustal do chruinniú
agus do ghléasadh i gceart b' fhéidir ná beadh a
cuaird ar a toil ar fad ag Méibh, dá fheabhas a dhein
sí í féin d' ollmhú. Is doimhinn, dorcha dúblálta
an bhean í! Is dócha, má buailtear cath trom gur
sinne is túisge a thuitfidh. Coimeádfaidh sí ar
tosach sinn. Sin mar is fearr é. Is fearr sinn


L. 45


do thuitim ná ár ngaolta go léir do thuitim agus
ár ndúthaigh do bheith 'na dhearg-fhásach.



Fiacha. — Is fíor, a rí. Déanfad-sa an rud a deirir
nó caillfead an t-anam leis.



(Imthigheas.)



F. — Agus déanfad-sa an rud eile, agus a Mhéibh, ní
chaillfead an t-anam leis. Ní bheidh an sgéal chomh
breágh chomh bog agus a mheasan tú agat.



(Imthigheas.)



An Séamhadh Radharc.



Oilill agus Fionnabhair, 'na seasamh.



Fionn. — Is dóich liom, a athair, gur amú atáimíd go
léir ag dul. Measaim gur ghabhamair an bóthar so
cheana indiu.



O. — Ní deirim, a 'nghín ó, ná go bhfuil an ceart agat.



(Tig Méibh isteach.)



M. — Is deas an obair í seo! Tá ár sluagh ag dul anonn
's anall ag measgadh ar a chéile agus ag déanamh
toirmisg dá chéile. Is baoghal go n-eireóchaidh
bruighean eatartha. Tá fiche míle 'shlighe curtha
dhínn againn ó mhaidean agus ní'limíd míle go leith
níos sia soir ná bhíomair ar maidin!



(Tig Fearghus isteach. Deineas Méibh suas ar Fhearghus
agus buailean sí buille dhorn fan na cluaise air.)



Is maith an sás eóluis do dhéanamh tu! Ní misde
dhúinn bheith ag brath ort! Is gearr go mbeimíd
i nEamhain agat! Tuigim thu. Tuigim an rud
atá istigh id' chroidhe chomh maith agus a thuigean tú


L. 46


féin é. Tá righneas agat dá chur orainn i dtreó
go mbeadh uain ag Conchobhar agus ag laochra Uladh
ar bheith ollamh dúinn. Ní fheadar-sa ná go mb'
fhéidir go bhfuil sgéala curtha agat chúcha. Níor
dhóichighe riamh é. Tusa! An Fearghus mac Rosa
úd nár dhein feall riamh!



F. — Is fíor é, a ríogan! Níor dhein Fearghus mac
Rosa feall riamh!



M. — Níor dhein dar ndóich! Ní feall bheith i ngéilsine
dhomhsa agus páirt do thógáilt le Conchobhar. Ár
sluagh do choimeád annso ag gluaiseacht ó thuaidh
agus ó dheas, ó thuaidh agus ó dheas; gan aon
chiscéim do thabhairt soir. Ní feall é sin. Ní headh
i n-aon chor. Ní mar sin a léightear feall i n-aigne
Fhearghuis. An rud dob fheall ó dhuine eile ar
Fhearghus ní feall ó Fhearghus ar dhuine eile é.
Abradh Fearghus a rogha rud, deirim-se gur feall
orm-sa ó Fhearghus bheith ag cur an mhór-shlóigh so
ar míriar ar mhaithe le Conchobhar. An té atá 'gá
dhéanamh deirim gur fear fill é. Agus deirim
gur fear fill Fearghus.



(Ag tabhairt fé n-a bhualadh arís. Gabhas Fearghus an
lámh 'na ghlaic 'ghá chosaint féin ar an mbuille.)



F. — Go réidh! a 'nghín Eochaidh. Ní thuigean tusa an
obair, agus dá dheasgaibh sin leog domhsa caint do
dhéanamh. Dá mba ná beadh sa tsluagh so ach a
bhfuil fé láimh ag na seacht Mainibh ní ró thapaidh
a féadfaí iad do chur ar siubhal. Níor bh' fholáir
aireachas maith cruinn do dhéanamh nó do chuir-
feadh caime na mbóithre agus anacra na slighe
tríocha céad díobh i n-acran i dtríocha céad eile.
Dá mba ná beadh againn ach an méid atá ag
na Mainibh agus ag Macaibh Mághach níor bh' fholáir


L. 47


a dhá oiread san, ní headh ach a thrí oiread, aireachais
do dhéanamh. Fé mar a méaduighthear an líon
ní foláir an t-aireachas do mhéadú ar a dhúbailt.
Tá cheithre ollchúige Éirean annso againn ar aon
tslógadh agus iad le stiúrú againn tré bhóithribh
cama cumhnga, i dtír chas anacair. Is maith an té
fhéadfadh iad do stiúrú agus eólus do dhéanamh
dóibh agus gan a leogaint do dhuine ná do
bheithidheach acu iomard ná toirmeasg a dhéanamh do
dhuine ná do bheithidheach eile acu. Is minic nách
foláir do chuid de'n tsluagh seasamh abhfad i n-aon
inead chun tuille do leogaint thórsa. Is minic
nách foláir do chuid acu dul sgathamh i ndiaidh a
gcúil chun gan tuille acu do chur i n-aimhréidh. Is
amhlaidh mar atá an sgéal, ní'l an fear san beó
d'fhéadfadh an mór-shluagh so do láimhseáil i gceart
mara mbeadh an riar a chuir Méibh féin ortha nuair
a chuir sí gach drong um a rí agus gach réim um
a ríogra agus gach buidhean um a dtaoiseach. Ní
buidhean ná cualacht atá fé láimh gach rí agus
ríoghdhamhna d' fhearaibh Éirean annso ach mór-
shluagh fé leith! Ní féidir na mílte fear so do
chur ar siubhal agus ar gluaiseacht i gceart gan
aimsir do thógaint chuige. Dá mba mhian liom-sa
feall do dhéanamh ar Mhéibh agus páirt do ghabháil
leis an bhfear a dhein an feall orm féin, ní bheadh
agam ach an ghluaiseacht do bhrostú. Annsan do
bheadh toil Mhéibh agam dá chur chun cinn. Do
mholfadh Méibh mo dhúthracht agus mo dhílse. Ba
ghearr go mbeadh toirmeasg agus fearg agus
tnúth agus miosgais idir bhuidhnibh agus idir ríghthibh
agus idir thuathaibh agus idir chineachaibh an mhór-shlóigh.
Ba ghearr go n-imreóchaidís an faobhar ar a chéile


L. 48


agus isé Conchobhar a bheadh buidheach ar ball. Do
cuireadh orm-sa an t-éolus do dhéanamh. Thuigeas
im' aigne go raibh orm é dhéanamh sa cheart.
Thuigeas im' aigne gur bh' fhearr é dhéanamh sa cheart,
agus aimsir do thógaint chuige ná é dhéanamh le
dithineas agus an obair go léir do lot agus an
tsluagh do chur ag marbhadh a chéile. Ach ní hé an
té a dheinean an ceart a gheibhean creideamhaint
uait-se, a ríogan, ach an té a dheinean do thoil.



M. — Ní foláir a admháil go bhfuil an chaint go maith
agat, a rí. Measaim ámh, go bhfuil an ní sin
réidhtighthe agat. Cathin a bheam ag druidim soir
ó thuaidh?



F. — Ní mise d' fhreagróchaidh an cheist sin, a ríogan.
Ní féidir domhsa a thuille eóluis a dhéanamh do'n
Mhór-shluagh so. Ní curfar feall im' leith arís
de bharr na hoibre seo.



M. — Sin feall eile!



F. (Ag cur smuta gáire as). — Is feall é dhéanamh agus
is feall gan é dhéanamh. Is cruaidh an ghéilsine í
sin, a ríogan. Nách dóich leat féin gur cruaidh?
Cad 'deir Oilill leis an ngéilsine sin? Ar
hiaradh riamh a leithéid ar aon fhear?



O. — Measaim go bhfuil mearbhal tuigsiona sa sgéal.
Pé aimsir atá riachtanach chun na hoibre do dhéanamh
ar an gcuma is fearr 'na n-eireóchaidh ár gcuaird
linn ní haimsir amú í. Ní mheasaim go ndéarfadh
Méibh gur b' eadh.



M. — Má caithtear an aimsir do'n réir seo beidh
cáirde fada againn sara mbeimíd i gCuailnge,
ní áirmhighim bheith i nEamhain!



F. — Tá do dhóithin daoine agat, a ríogan, chun an
eóluis seo do dhéanamh. Cuir 'ghá dhéanamh iad.


L. 49


Ní gá dhuit bheith ag brath orm-sa. Ní cóir agus
ní ceart an obair do chur orm-sa. Ní cara
agam-sa Conchobhar. Is namhaid agam é. Níor
mhisde liom eólus a dhéanamh do'n mhór-shluagh
so isteach i gcúige Conchobhair dá mba ná beadh
thíos leis ach Conchobhar féin. Ach tuigim go
bhfuiltear ar aigne léir-sgrios a dhéanamh ar chúige
Uladh go léir. Is bocht an saothar d' Fhearghus
mhac Róigh mór-shluagh do stiúrú chun a thíre
dúthchais féin do sgrios!



M. — Agus, a Mhic Róigh, cad 'na thaobh ná dubhraís
an méid sin ar dtúis?



F. — Táim i ngéilsine d' Oilill agus do Mhéibh. Ní
raibh dul agam ó'n ngéilsine go dtí gur briseadh
briathar rí liom agus gur cuireadh idir dhá olc
mé, agus gur cuireadh feall im' leith ar gach taobh.
Déarfadh Ultaigh go raibh sé ceangailte orm an
t-eólus do dhéanamh an fhaid nár cuireadh feall
im' leith. Ach déarfadh Ultaigh ná fuil an ceangal
san orm a thuille nuair a tugadh an easonóir dom.
Ní gá dhom an ní sin do léiriú níos mó dhuit-se,
a Mhéibh.



M. — Ní gá dhuit an ní sin do léiriú dhúinn i n-aonchor.
Thuigeamair nár bh' fhéidir d' Fhearghus feall do
dhéanamh agus bhí iongna orainn nuair a chonaic-
eamair an righneas. Ach caithimís uainn é mar
sgéal agus dein an t-eólus.



F. — Is léir do t' aigne fein, a ríogan, nách féidir
dom.



M. — Tá go maith. Caithfear duine éigin eile
d'fhagháil chuige.


L. 50


An Seachtmhadh Radharc.



Cliathán sléibhe. Tig beirt de'n tsluagh isteach,
duine ó gach taobh.



An chéad fhear. — Haló! Cé hé thusa?



An dara fear. — Mise me féin, agus cé hé thusa?



An chéad fhear. — An deamhan an dóich liom go bhfeadar
cé hé me féin ná cé hé aoinne eile! Ceocu
soir nó siar atá ár n-aghaidh?



An dara fear. — Ní hí sin an cheisd ach ceocu ó thuaidh
nó ó dheas atá ár n-aghaidh? Ní féidir liom a
dhéanamh amach cá bhfuilim ag gabháil.



An chéad fhear. — Is maith an bhail ort ná fuil a fhios ag
Méibh tu bheith ag gluaiseacht mar sin ar seachrán.
Dá mbeadh a fhios aici ba ghearr go múinfeadh sí
dhuit cé hé thu.



An dara fear. — Ní fheadar an tsaoghal cad 'tá orm.
Measaim gur ghabhas an bóthar so seacht n-uaire
ó mhaidean!



An chéad fhear. — Ní fhéadfá an bóthar so do ghabháil
i n-aonchor ó mhaidean i gan fhios domhsa. Táim
ag gabháil an bhóthair seo ó mhaidean, ag fille 's
ag aithfhille air, agus ní fheaca thusa go dtí an
neómat so. Cad as tu, le d' thoil?



An dara fear. — Ó chois Leamhna sa Mhumhain. Agus
dá mbeinn ann arís ní thiocfainn as. Tar éis a
tuigtear gach beart.



An chéad fhear. — Aililiú! Cathin a bheidh bhur ndeire
aneas?



An dara fear. — Nuair a bheidh ár n-aghaidh ó dheas.



An chéad fhear. — Ochón! Is deisbhéalach an duine thu!
Ní fheaca riamh Muimhneach ach deisbhéalach.


L. 51


An dara fear. — Mise mar sin!



(Tig fear eile isteach.)



Seo fear eile atá ar seachrán. Cé hé thusa, a fhir
mhaith?



An tríomhadh fear. — Éist! Tá Fearghus chughainn!



(Imthighid. Tig Fearghus agus Méibh isteach agus cualacht
ríogra leó.)



Fearghus. — Táthar chughaibh, a fheara Éirean. Déinidh
faire nó tiocfar i gan fhios oraibh. Tháinig a
mheanmna chugham. Is é mo dhalta féin é. Tháinig
a ghéar-mheanmna chugham. Is é an león leadartha
é, agus an brath biodhbha, agus an biodhbha sochraide,
agus an ceann cosdaidhtheach, agus an ciorbhadh
mór-shlógh. Is é mo dhalta é. Is me a mhúin a
chleasa gaile agus gaisge dhó. Táid na cleasa
go hoilte aige. Is cuma ameasg a namhad é nó
león ameasg caorach. Ní féidir do namhaid
teacht ar a aigne ná a fhios d'fhagháil cad é an
fuadar a bhíon fé, agus deinean seisean iad do
bhreithniú chomh cruinn sin nách féidir dóibh an
t-eólus ná an beartú a bhíon 'n-a n-aigne do
choimeád uaidh. Ní fhéadan sochraid mhór namhad
seasamh i na aghaidh, leagan sé agus gearran sé mór-
shluagh roimis amach, mar a ghearrfadh speal féar
glas. Is é mo dhalta é. Cú Chulainn mac Sual-
taim. Tá sé ag teacht agus ní maith an bhail ar
fhearaibh Éirean é bheith ag teacht. Is cuma é nó
cainneal adhanta. Tá solus a mhór-ghníomhartha
le lasadh agus le leathadh ar fuid na hÉirean ar
fad le déine an choisg a chuirfidh sé ar an mór-
shluagh so. Tá sé óg, ach dá óige é tá a chlú go
hárd cheana féin tré a fheabhas a dheinean sé for-
lamhas agus reacht agus smacht agus feidhm dlighe.


L. 52


ar a thír féin, ar Mhagh Muirtheimhne. Mór-ghlonnach
Muighe Muirtheimhne a tugtar air. Tá sé chughaibh.
Déinidh faire nó tiocfaidh sé oraibh i gan fhios.
Déinidh faire, ach ní shaorfaidh an faire ar a láimh
sibh, a fheara Éirean. Nuair a bheidh bhur laochra
ar míthreóir aige, agus bhur bhfeara cródha ar feódh
aige, ná habarthar gur fhág Fearghus sibh gan
foláramh. Tá foláramh agam dá thabhairt daoibh.
Déinidh faire, ach deirim libh ná déanfaidh faire
an gnó dhaoibh.



Méibh. — Is teann an chaint í sin, a Mhic Róigh. Ba theann
an chaint í le déanamh ar mhór-shluagh namhad dá
mbeidís ag teacht. Ach is annspianta an chaint
í le déanamh ar aon laoch amháin. Mheasfá a chur
'na luighe orainn go bhfuil ar a chumas ag aon laoch
amháin, i n-a aonar, gan a bheag ná a mhór de shluagh
ina fhochair, seasamh i n-aghaidh cheithre ollchúige
Éirean agus cath do bhrise ortha, agus éirleach do
dhéanamh ortha! Ní gnáth le Fearghus caint gan
éifeacht do dhéanamh, ach is dóich linn nár airigheamair
caint chomh baoth leis an gcaint sin atá déanta
anois aige. Is iongantach an obair mara bhféad-
faid cheithre ollchúige Éirean iad féin a chosaint
ar aon fhear amháin!



Fearghus. — Tá go maith, a ríogan. Nuair a bheidh
éirleach dá dhéanamh ar do shlóightibh agus gan
radharc agat ar an namhaid a bheidh ag déanamh an
éirligh, ná habair gur dhein Fearghus feall ort le
gan a innsint duit go raibh an t-éirleach ag teacht.
Nuair a bheidh t' anam féin i gcontabhairt ó chrann
tabhail Chú Chulainn ná habair gur bh' olc ó Fhearghus
gan a chur i n-úil duit gur tháinig géar-mheanmna
a dhalta chuige, agus go mór mór, ná habair gur


L. 53


ar mhaithe le Conchobhar a coimeádadh uait fios an
ghéar-mheanmna sin. Nuair a bheid cáirde sídhe Chú
Chulainn ag cabhrú leis sa lá éigin seo atá ag teacht
anois air, agus nuair a bheid na mílte d' fhearaibh
Éirean ag tuitim le neart ná claoidhtear le
faobhar, ná habair-se, a ríogan, gur dhein Fearghus
feall ar fhearaibh Éirean, 'ghá sgaoile gan foláramh
i ngleic le comhachtaibh do-mharbhtha sídhe.



M. — Tuig-se id' aigne, a Mhic Róigh, ná fuil ár mór-
shluagh gan cabhair agus comairce ó chomhachtaibh
uaisle sídhe atá chomh dílis agus chomh do-chlaoidhte
leis na comhachtaibh is fearr fhéadfadh a bheith ag an
gCú Chulainn sin a deirir-se, agus tuig id' aigne,
leis, go sloigfidh an talamh an Cú Chulainn sin nó
go bhfaghad-sa radharc air.



Fearghus. — Ní'l agam le rádh, a ríogan, ach ná habarthar
nár thugas foláramh uaim.



M. — Thugais. Mheasais sgeón a chur i n-ár muintir
roimh aon laoch amháin! Ná déinidh-se, a uaisle,
iomad suime de chaint Fhearghuis. Dá n-inn-
sinn m' aigne déarfadh sé gur feall a bheadh
agam dá chur 'na leith. Ach, ní nách iongna, is mó
aige an dalta beag so leis féin ná aoinne eile
do laochra Éirean. Is mór ag Fearghus Cú
Chulainn ach ní ró mhór agam-sa é. Is mór ag
Fearghus cáirde sídhe a dhaltáin ach ní'l a fhios ag
Fearghus gur namhaid do Chú Chulainn an Mhórríoghan!
Ní chuirim-se feall i leith Fhearghuis. Ní chuirim 'na
leith ach díth eóluis. Mheas sé sgeón a chur ionainn
go léir le crann-tabhail Chú Chulainn agus le n-a
cháirdibh sídhe. Ní daoine sinne chun sgeón do
ghlacadh ó árd-mholadh Fhearghuis ar a dhalta bheag!
Gluaisidh, a ríogra. Táimíd ag bogadh soir ó


L. 54


dhiúltuigh Fearghus do'n eólus a dhéanamh dúinn.
Ní locht air nách maith leis sinn do dhul ró fhada
soir. Ach ní'l leigheas aige anois ar an sgéal.



F. — Bíodh bhur dtoil agaibh, a ríogra.



An t-ochtmhadh Radharc.



Fearghus agus Méibh agus Oilill agus maithe
fear Éirean i n-aon láthair. Caraig mhór chloiche
ar an gclár laistiar, i gan fhios dóibh. Fúnsa dhe
shlataibh daraighe ar an gcaraig. Ogham sgríobhtha
ar an bhfúnsa.



M. — Ní foláir nó tá do dhalta i bhfolach a Fhearghuis.
Ní féidir linn tásg ná tuairisg d' fhagháil air
féin ná ar a chrann-tabhail.



F. — Tá breith agat air, a ríogan.



M. — Sdó, dubhraís an méid sin chomh minic cheana, a
rí, go bhfuil eagal orm gur breith fada anonn é.



F. — Ná bíodh ceisd ort, a ríogan. Bheirim-se m'
fhocal duit leis, nuair a gheabhair tuairisg ar Chú
Chulainn go mbeidh cathú ort ná raibh an bhreith níos
sia anonn.



M. — Is fuirisde caint do dhéanamh. Is minic airigheas
"deatach mór ar droch-theine." An té is árd
glór ní hé is maith gníomh, go minic. Ní maith
an chomaoine atá agat-sa dá chur ar do dhalta,
a Fhearghuis.



F. — Conus san, a Mhéibh?



M. — Mar ní fhéadfaidh sé go bráth teacht suas leis an
moladh atá agat dá dhéanamh air. Is dócha go


L. 55


dtuigean an fear bocht féin an ní sin agus gurab é
sin an chúis ná leogan an náire dhó é féin a thaisbeáint.



O. (Ag féachaint ar an gcloich). — Cad é seo annso againn?



(Féachaid uile ar an gcloich.) Féach, tá rud éigin
casda ar an gcloich. Rud éigin i bhfuirm fúnsa
iseadh é. Ní raibh aon ghá le fúnsa ag an gcloich
seo. Ní'l aon sgoilt inti. Cad chuige gur cuireadh
an fúnsa uirthi? Agus féach, tá sgríbhinn ar
bheinn an fhúnsa. Cad é an bhrígh atá leis an
obair seo? An geasa, nó an comhachta sídhe,
atá curtha romhainn annso? Má 's eadh ní foláir
dúinn comhachta eile do chur i bhfeidhm 'na n-aghaidh,
a chuirfidh iad ar neamhní. Ní thuigim an t-ogham.
An dtuigean tusa é, a Fhearghuis?



F. — Tuigim an t-ogham, agus tuigim na geasa, agus
tuigim na comhachta. Ainm Chú Chulainn an t-ogham.
Idh déanta de bhuinníbh daraighe iseadh an fúnsa.
Isé Cú Chulainn do bhain agus do chas agus do
shnímh na slata so, agus do dhein an idh seo dhíobh.
Chuir sé an idh ar chaol na cloiche agus do bhrúigh
sé síos í go dtí tiugh na cloiche, mar a bhfeictear
anois í. Annsan do sgríbh sé a ainm féin ar a
beann.



M. — Cad chuige, a Fhearghuis, gur dhein sé an ní sin?
Ní fheicim féin puinn tairbhe dhó sa tsórd san
cleasaidheachta. Ba dhóich liom gur bh' adhbharaighe
dhó mar shaothar bheith ag cruinniú fear agus ag
córú mór-shlóigh, má 's mian leis Magh Muirtheimhne
do chosaint orainne.



F. — Táid san idh seo, a ríogan, comhachta agus geasa
a chosnóchaidh Magh Muirtheimhne ort-sa níos fearr
ná chosnóch mór-shluagh, mara bhféadtar na geasa
agus na comhachta d' fhreagairt.


L. 56


M. — Léirigh-se dhúinn na comhachta, má 's eadh, agus
feiceam an bhfuil ar ár gcumas iad do fhreagairt.



F. — Do chuaidh an rí-nia úd amach fé 'n gcoill úd
amuich agus do bhain sé as an dtalamh na buinní
daraighe. Do shnas sé iad agus do ghlan sé iad.
Do chas sé ar a chéile iad, ag déanamh na hidhe
sin mar a chítear. Do dhaingnigh sé ar an gcloich,
mar a chítear, an idh. Do dhein sé an obair sin
go léir ar aon chois, ar aon láimh agus ar aon
tsúil. Leis an ngníomh san do chuir sé de gheasaibh
ar fhearaibh Éirean gan gabháil thar an áit seo
soir gan righneas lae agus oidhche do dhéanamh
annso, nó duine éigin d' fhearaibh Éirean do
dhéanamh idhe eile mar an idh seo, de bhuinníbh
daraighe mar iad so, agus í dhéanamh ar aon chois,
ar aon láimh agus ar aon tsúil, díreach mar a
dhein sé féin an idh seo.



O. — Dar ár mbriathar, a Fhearghuis, ní'l an fear san
ar fhearaib Éirean d' fhéadfadh an dair seo do
lúbadh ná do chasadh, agus a dhá láimh do chur chuige!



M. — Cad is gá dhúinn aon tsuim do chur ins na
geasaibh! Sin é an sean-sgéal, a Fhearghuis.
Righneas, righneas, righneas!



F. — Seachain, a Mhéibh. Tá comhachta móra laistiar
de na geasa. Má sháruighean an mór-shluagh an
idh, agus má gabhtar soir gan righneas lae agus
oidhche do dhéanam annso, nó idh eile do dhéanamh
mar a deineadh í seo tiocfaidh ar fhearaibh Éirean
bárthan agus mille agus léirsgrios a dhéanfaidh
níos mó díoghbhála dhóibh ná dhéanfadh brise catha
agus dearg-ruathar.



M. — Is mór an chaint í sin, má's fíor í. Ní bhréag-
nuighim thu, a Fearghuis, ach ca bhfhios dúinn ná


L. 57


fuil dearmhad ort? Sin é Cúige Uladh os ár
gcomhair. Ca bhfios dúinn nách ag magadh fúinn
atá an Cú Chulainn seo! Ní halaidh do mhór-
shluagh fear Éirean géille do chleasaidheacht de'n
tsórd so. Caraig cloiche agus fúnsa daraighe
uirthi! Téanaígh a uaisle, sara mbeidh uain ag
muintir na háite ar a mbuar do bhreith chun
siubhail uainn!



O. — Is féidir, a Mhéibh dearmhad do bheith ar Fhearghus
sa ní seo, ach ní minic a gheibhmíd dearmhad air.
Níor dhein aon fhear beó an idh sin, ar aon tsúil,
ar aon láimh, agus ar aon chois, gan comhachta
móra sídhe ag cabhrú leis! Ní halaidh dhúinn neart
na gcomhacht san do tharang ar ár mór-shluagh.
Ní gá an idh do shárú. Ní righneas mór dúinn
dúna agus longphuirt do ghabháil ar an gcnoc sin
thall ar feadh lae agus oidhche. Ní gá dhúinn stad
annso. Beidh ár ngluaiseacht ó'n gcnoc san níos
éasga ná bheadh ár ngluaiseacht as so. Ní shárócham
an idh, lom díreach, agus ní bheidh aon righneas
curtha orainn gur fiú é a áireamh.



M. — Ní maith liom an righneas, a Oilill, ach ní lugha
ná is maith liom caoi thabhairt ar urchóid do dhéanamh
dúinn. Ní chuige sin a thánamair.



F. — Measaim, dá luathacht a bheimíd ar an gcnoc agus
botha agus pubail curtha suas againn, gurab eadh
is fearr é. Tá droch-dheabhramh ar na sgamail.
Ní cuimhin liom an spéir do bheith ag féachaint
chomh lán, chomh trom, chomh dúr, ó'n oidhche úd an
tsneachtaidh mhóir fadó.



(Imthighid.)


L. 58


An Naomhadh Radharc.



An sliabh. — Tig triúr de'n tsluagh isteach,
agus anairt puible acu.



Fear acu. — Dubhradh liom go raibh coill annso. Má
tá ba chóir go bhféadfaimís foithin d'fhagháil inti.
Ní fheaca riamh sneachta ag tuitim chomh tiugh. Má
leanan sé ag cur shneachtaidh do'n réir seo múchfar
an saoghal.



Fear eile. — Leog dom féin, a dhuine. Ní hag cur
shneachtaidh atá sé ach an sneachta ag teacht anuas
i n-aon bhróin amháin!



Fear eile. — Deirim leat má leanan an obair seo go
maidin go mbeidh sgéal nua ag daoine. Ní bheidh
cnoc ná gleann le feiscint, ach an dúthaigh i n-aon
chlár gheal amháin, díreach mar a bhí fadó nuair a bhí
an sneachta mór ann.



An chéad Fhear. — Má thagan gaoith agus cáthadh beidh
an sgéal go holc againn.



An dara fear. — Cad 'na thaobh gur hiompuigheadh mar
seo siar sinn arís?



An tríomhadh fear. — D' airigheas-sa gur b' amhlaidh
atá Conchobhar romhainn ar an slighe lastair, agus
mór-shluagh Ultach aige, agus go ndubhairt Oilill
nár cheart cath a thabhairt dó go maidin.



An chéad fhear. — Ní hé sin d' airigheas-sa ach gur
b'amhlaidh a chuir Cú Chulainn Lugh mac Eithleann
agus a shluagh sídhe ar an mbóthar roimhe Mhéibh
agus go mb' éigean di casadh.



An dara F. — Ní chreidfinn focal de. Is mó na comh-
achta atá ag Cú Raoi mac Dáire ná ag Cú Chulainn,


L. 59


agus is fearr na cáirde sídhe atá aige ná cáirde
sídhe Chú Chulainn. Ní fhéadfadh Lugh draoidheacht
do dhéanamh ná déanfadh Cú Raoi draoidheacht 'ghá
fhreagairt, agus tá draoidheacht agus comhachta
agus cáirde sídhe ag Méibh féin chomh maith agus atá
ag aoinne acu. Méibh ag casadh thar n-ais tar éis
a saothair! Sgéal gan dath is eadh é. Níor iom-
puigh Méibh riamh fós i ndiaidh a cúil ó'n rud a chuir
sí roimpi, agus ní hag dul i ndiaidh a cúil atá sí
anois. Ní headh dá mbeadh a bhfuil do chomhachtaibh
sídhe i nÉirinn ar an mbóthar roimpi!



An chéad fh. — Táimíd ag gabháil siar pé sgéal é. Is é
mo thuairim-se gur abhaile atáimíd ag dul. Cé
fhéadfadh comhrac do dhéanamh le sneachta mar é
seo! Tá Méibh dána gan amhras, ach tá ciall aici.



An dara F. — Tá ciall ag Méibh, ach ní'l ciall le d'
chaint-se. Ní fhéadfadh Cú Chulainn draoidheacht
do dhéanamh ná déanfadh Cú Raoi draoidheacht a
bhuadhfadh air.



An chéad fh. — Má ' s eadh cad 'na thaobh ná cuirean Cú
Raoi an sneachta so ar neamhní uainn agus gan sinn
a bheith dár leathadh agus dár múchadh mar atáimíd?



An dara F. — Mar sin ní hó aoinne acu a tháinig an
sneachta so ach ó'n spéir féin. Tá a fhios ag an
saoghal gur treise comhacht spéire, agus comhacht
gaoithe, agus comhacht nimhe, ná aon chomhacht
draoidheachta. Is minic a chonacamair sneachta
draoidheachta, ach ba neamhní an sneachta draoidh-
eachta ba mhó dá bhfeacamair riamh seachas an
sneachta so. Ó'n spéir féin is eadh tháinig an
sneachta so.



An chéad fh. — Pé áit as a dtáinig sé, nó pé comhacht a
thug ann é, is eagal liom ná himtheóchaidh sé gan


L. 60


díoghbháil a dhéanamh. Má leanan sé cá bhfaghfar
biadh do'n mhór-shluagh so! Má leathtar sinn ar
chliathán an chnuic seo, nó má gheibhmíd bás do'n
ghorta, is suarach an sólás dúinn tusa 'ghá innsint
dúinn nách iad comhachta draoidheachta Chú Chulainn
a thug an sneachta ann, ach gur comhachta is treise
ná comhachta draoidheachta a thug ann é. Dar ndó
sin mar is measa an sgéal! An dóich leat ar
mhaith an chiall do Mhéibh aghaidh do thabhairt ar chomh-
achtaibh atá níos treise ná comhachta draoidheachta!
Ní dóich liom go mbeadh sí buidheach díot dá mbeadh
a fhios aici gur b' é sin meas atá agat ar a ciall.
Measaim, ámh, go bhfuil an ceart agat i dtaobh na
gcomhacht a thug an sneachta orainn, agus measaim
go dtuigean Méibh an sgéal! Ní haon scorn do
Mhéibh dul i ndiaidh a cúil ó chomhachtaibh spéire agus
néal agus gaoithe. — Nách fuar atá sé! Tá nimh
sa ghaoith. Tá an fuacht ag gabháil tré m' chnámhaibh
treasna! Deirim leat go ndéanfaidh an oidhche
anocht obair! Leathfar i n-ár mbeathaidh sinn.
Déanfaidh bró lic' oighre dár gcuid fola. Do
taidhbhrigheadh aréir dom go bhfeaca ár i ndiaidh
mór-chatha. Na mílte corp agus gan aon bhraon
fola leó. Is eagal liom go ndéanfaidh an oidhche
seo taidhbhreamh na súl osgalta de m' thaidhbhreamh!



An tríomhadh F. — Seo! seo! Beidh sé 'na thaidhbhreamh
súl osgalta agat féin agus ag an gcuid eile
againn láithreach má fhanaimíd annso puinn eile
aimsire. Má 'sé an spéir atá ag cur orainn dá
luathacht a chuirfimíd rud éigin idir sinn agus an
spéir is eadh is fearra dhúinn é. Má 'tá ag teip
ar Chú Raoi mac Dáire, nó ar Chú Chulainn, stop
a chur leis an sneachta agus leis an bhfuacht, ní


L. 61


hé mo thuairim go ndéanfaidh bhur nglugaireacht
cainte-se stop a chur leó. Nó an amhlaidh a mheas-
fadh sibh bheith ag caint go dtí go gcruadhfaidh an
sioc na carbail agaibh! Beiridh ar an anairt seo
im' theannta féachaint an bhféadfaimís pubal do
dhéanamh. Is suarach an díon anairt idir sinn agus
an spéir anocht.



(Gabhaid ag déanamh na puible. Tig beirt eile isteach
agus fear leath-mharbh acu dá iomchar eatartha.)



Duine de'n bheirt nua. — Féach, a fheara, tá an fear
bocht so i ndeire an anama. Ní thiocfaidh sé chuige
féin go deó mara bhféadam é thé ar chuma éigin.



An tríomhadh F. — Déinidh é thé má 's eadh.



An duine. — Sdó, ní'l an chóir againn chuige.



An tríomhadh F. — Ná bacaidh é má 's eadh.



An d. — Gheabhaidh sé bás mara dtéitear é.



An tríomhadh F. — Ní fearra dhó rud a dhéanfaidh sé.



An d. — Ná fuil aon truagh agat dó!



An tríomhad F. — Ní'l aon truagh ag an bhfuacht so d'
aoinne.



An d. — Nár chóir go leogfá dhúinn é chur isteach sa
phubal?



An tríomhadh F. — Ba chóir, dá n-iaradh sibh orm é, ach
níor iarabhair.



An d. — An misde leat sinn 'ghá chur isteach?



An tríomhadh F. — Ní misde. Ní bheidh ach corp sa mbreis
ann ar maidin.



(Beirid isteach é.)



Ní fheadar an bhfuil fuacht ar Mhéibh. Dá dtuigeadh
ríghthe i gceart an t-annró agus an cruadhtan a
thagan ar dhaoinibh de dhruim cogaidh ní fheadar an
mbeidís chomh tugtha chun cogaidh do dhéanamh.



An chéad fh. — Ní hé mo thuairim go bhfuil aon phioc dá


L. 62


mhearathal ortha, ach gur cuma leó, an fhaid a thioc-
faidh mór-chlú chúcha féin as, cad é an cor a bhéar-
faidh fir bhochta an tslóigh. Téimís isteach fé 'n
bhfoithin dá luighead é.



(Imthighid isteach sa phubal.)



An deichmhadh radharc.



Imeal coille. — Tig Cú Chulainn agus Laogh isteach.



Cú. — Ní maith atá ár ngnó déanta againn, a Laoigh.
Tá an mór-shluagh so gabhtha tharainn soir. Níor
sháruigheadar an idh, ach níor dhein aon fhear acu
a mac-samhail d'idh. Ní raibh aon fhear ortha
d'fhéadfadh a mac-samhail d' idh do dhéanamh ar aon
chois agus ar aon láimh agus ar aon tsúil. Dá
bhrígh sin do tháinig an sneachta ortha. Is maith
an bhail ortha nár sháruigheadar an idh. Dá sár-
uighidís í ní rachadh aon duine acu beó ó'n sneachta.
D' iompuigheadar i leith taoibh agus bíodh gur
dheineadar an righneas ceart níor chailleadar an
aimsir mar do bhí saoráid acu ar imtheacht ó'n
gcnoc ná beadh acu ar imtheacht ó'n áit 'na rabhadar,
dá bhfanaidís ann i longphurt, mar a mheasas iad
d' fhanamhaint. Do ghluaiseadar go héasga agus
táid siad sleamhnuighthe tharainn soir. Is mór an
truagh an ní sin! Is mór go léir an truagh é!
Ní cheadóchainn ar ríghe Uladh iad bheith imighthe
tharainn ar an gcuma san!



L. — D' innseas-sa dhuit, a rí, gur mar sin a bheadh.
Dubhart gur cheart an faire do dhéanamh.



C. — Féach a Laoigh, sid é a rian. Sid é sliocht-lorg


L. 63


an tslóigh. Tar annso, a Laoigh, agus breithnigh
an sliocht-lorg agus dein airmheas ar an líon a
chuadar tharainn soir.



(Cromas Laogh ag iniúchadh an tailimh agus imthigheas amach
ar an gcuma san.)



Do chaillis orm, a mhic Eithleann! Do chaillis orm
glan. Do mealladh Cathbhadh draoi. An lá a
ghabhas arm gaisge dubhairt sé liom, i láthair
Chonchobhair, go mbeadh mo shaoghal duthain, diom-
buan, dá ngabhainn arm an lá san, ach go
mairfeadh mo chlú agus m' árdsgéal i mbéalaibh
daoine go deó. Do ghabhas arm air sin. Ba
bheag agam mo shaoghal a bheith buan nó diombuan
seachas árdsgéal mo bheatha agus mo mhór-ghníomh
do leanamhaint i mbéalaibh na ndaoine, ó shliocht go
sliocht agus ó shaoghal go saoghal. Tá ceó ar mo
chlú indiu! Isé droch-sgéal an lae indiu a
leanfaidh i mbéalaibh daoine. Is ar thiubaist an
lae seo a mhairfidh cuimhne i gcroidhthibh Ultach go
deó deó, agus i n-aigne Gaedheal. Ní gan chúis
é. Tá Cúige Uladh fé chosaibh namhad. Táid na
tighthe dá losgadh cheana féin agus na daoine dá
marbhadh! Tá fuil Ultach ag rith le fánaidh agus
mise fé ndeár é. Isé focal a bhiodh ag muintir
Muighe Muirtheimhne le chéile, ó thosnuigh na ráflaí
ar chórú agus ar thoisg an mhór-shlóigh seo ar dhul
chúcha, "Ní baoghal dúinn Méibh agus Oilill! Ní
baoghal dúinn cheithre ollchúige Éirean! Tá Cú
Chulainn idir sinn agus ár namhaid! An fhaid a's
tá Cú Chulainn idir sinn agus iad ní'l baoghal
orainn!" Tá an namhaid 'na measg anois, ag
sladadh agus ag creachadh agus ag losgadh, agus
cá bhfuil Cú Chulainn! Beidh cuimhne acu ar an


L. 64


sgéal san. Sin é an t-árdsgéal a mhairfidh acu
agus ag an méid do fágfar beó chun sleachta dhíobh
i gcríochaibh Muighe Muirtheimhne. Bhí a n-iontaoibh
as Cú Chulainn agus do chaill Cú Chulainn ortha!
Dá mbeadh a n-iontaoibh níoba lugha a Cú Chulainn
ní tiocfaí i gan fhios ortha chomh críochnuighthe. Is
olc é an saoghal diombuan. Ach is fiú mór-chlú
é thuilleamh ar shaoghal dhiombuan. D' fhuiling-
eóchainn diombuaine agus duthaine go fonnmhar
ar mhórdhacht agus ar bhuaine sgéil mo bheatha; ar
a bheith le rádh go deó ag sliocht gach sleachta gur
bh' uasal agus gur bheacht mo ghníomh agus nár
chailleas i nguais dá ghéire ar an té chuir a
mhuinighin asam, nó an namhaid a chuir cath orm
nár chuaidh a ghníomh i n-aisge leis. Ach cá bhfuil
an té fhuilingeóch ná chuirfeadh suas le diombuaine
saoghail agus le mí-chlú i n-aoinfheacht!



(Tig Lugh mac Eithleann isteach Laistiar.)



L. M. E. — A Chú Eamhna, níor mealladh Cathbhadh agus
níor cailleadh ort-sa! Fíorfar séan an lae úd a
ghlacais arm! Clú uasal duit! Árdsgéal oir-
dheirc duit! T' ainm i mbéalaibh daoine an fhaid
a bheidh sliocht ar sliocht. Sin é an séan agus
gheabhair é. Tá sé le fagháil agat níos iomláine,
níos forleithne, níos uaisle, níos buaine, ná mar
a mheasais féin a gealladh duit é. Dein do
ghníomh ar fhearaibh Éirean, bídís lastair nó lastiar
díot. Is trom a bheidh do lámh ortha ach gan staonadh
ó d' ghníomh.



(Imthigheas. Filleas Laogh.)



Cú. — Ar theip an t-airmheas ort, a Laoigh?



Laogh. — Do theip, a rí. Tá rud éigin bun os cionn
sa riarú atá ortha.


L. 65


Cú. — Tá go maith, a Laoigh. Fan-se annso ag tabhairt
aire do'n eachra agus déanfad-sa an t-airmheas
má 's féidir é.



(Imthigheas Cú Chulainn.)



Laogh. — Is iongantach an fear é má dheinean sé an
t-airmheas san. Agus déanfaidh! Ní theipean aon
rud air. Ní bhuadhan aon rud air. Ní féidir
d'aoinne bheith suas leis. Aithnighean sé an rud a
bheadh i n-aigne dhuine agus ní féidir é cheilt air!
Bíon mo dhearbhráthair, Idh mac Rianghabhra, 'gá
áiteamh orm gur fearr de thriath agus de thighearna
Fear Diadh mac Damháin ná Cú Chulainn. Tá Fear
Diadh go maith, ach ní'l breith aige ar Chú Chulainn.
Nuair a chuadar araon ag foghluim gaisge ó Aoife
agus ó Sgáthaigh bhí Cú Chulainn abhfad níos óige
'ná Fear Diadh, agus dá bhrígh sin is é Cú Chulainn
a dheineadh friothálamh ar Fhear Diadh ag áireamh a
shleagh agus ag córú a leapthan dó. Ach níor bh'
fhada gur neartuigh Cú Chulainn dá óige 'bhí sé.
Is maith is cuimhin liom an lá a chuadar ag
iomrusgáil agus nár fhéad aoinne acu an fear
eile do leagadh! — Bhí sé buailte isteach im' aigne
féin go bhféadfadh Cú Chulainn é leagadh dá mba
mhaith leis é. Bhí iomad ceana aige air agus níor
mhaith leis an easonóir do thabhairt dó. Do
sguradar gan aoinne acu do leagadh an fhir eile.
Is iongantach an cion atá acu ar a chéile! Is
mór an truagh iad do bheith ar an dá thaobh. Agus
sin me féin agus Idh ar an dá thaobh leis. Is
olc an obair í. Tá ana chion agam ar Idh bhocht.
Má 's fear beag é tá croidhe mór aige. Is mó
an cion a bhí agam' báthair air ná ar aoinne eile
dá cloinn. Agus ní dóich liom go raibh aon éad


L. 66


ar aoinne againn mar gheall air sin. Bhí báidh
againn go léir leis an bhfear mbocht toisg gan é
bheith chomh láidir ná chomh deagh-chúmtha leis an
gcuid eile againn. Is mór an truagh é féin agus
Fear Diadh do dhul riamh i ngéilsine do Mhéibh agus
d' Oilill. Ach ní'l leigheas anois air.



(Tig Cú Chulainn isteach.)



Seadh' a rí, ar tháinig leat an t-airmheas do dhéanamh?



Cú. — Tháinig. Is é rud fé ndeár an bun os cionn ná
tríocha céad na nGailian do bheith díosgaoilte ar
an mór-shluagh i dtreó nách féidir liom thar rian
cúigir acu d' fheiscint choidhche i bhfochair a chéile. Tá
cheithre thríocha céad déag Connachtach ann, agus dhá
thríocha céad déag Muimhneach, i n-éaghmais gnáth-
theaglaigh Cú Raoi mhic Dáire féin. Tá Pobal na
Teamhrach ann. Tá tríocha céad na nGailian dío-
sgaoilte ar an mór-shluagh, an tríocha céad is fearr
ortha go léir. Cuir leis an méid sin gnáth-theaghlach
Méibh agus gnáth-theaghlach Oiliolla agus ní bheidh fé
bhun dachad tríocha céad agat, a Laoigh!



Laogh. — Och ón! och ón! Céad agus fiche míle fear!
Ní fágfar duine ná beithidheach againn! Ní fágfar
tigh ná treabh i gCúige Uladh!



Cú. — Gaibh na heich dúinn, a Laoigh, go leanam iad. Is
cuma liom ceocu rómpa nó 'na ndiaidh nó 'na lár
a thiocfad ortha, ach mara gcuiread rian mo lámh
ortha indiu ní bheidh mé beó!


L. 67


An t-aonmhadh radharc déag.



Fearghus agus Oilill agus na seacht Maine
agus seacht mic Mághach, i bhfochair a chéile. Tig
Méibh isteach.



Méibh. — Cad é seo ar siubhal annso! Cad a thug annso
sibh, a ríghthe? Cheapas go raibh gach rí agaibh i mbun
a thríocha céad.



Fearghus. — An bheirt úd a cuireadh ag déanamh an
eóluis im' inead-sa, bhíodar féin agus a n-araí
romhainn amach agus níor mhothuigheamair ní go
bhfeacamair a n-eachra ag fille orainn agus a
srianta casta ar a gcluasaibh agus dhá chorp gan
cheann, ag sile fola asta, ins gach carbad.



O. — Ní foláir nó tá an namhaid buailte linn. Is
amhlaidh a theangmhaigh an ceathrar so le trom-shluagh.
Mara mbeadh gur b' amhlaidh, thiocfadh duine éigin
acu thar n-ais beó chun foláraimh a thabhairt dúinn.



M. — Cad ba ghá do mhór-shluagh na cuirp agus na capail
do leogaint thar n-ais chughainn ag tabhairt foláraimh
dúinn?



O. — Is fíor é sin. Dá mbeadh trom-shluagh ann dob
é a mbuac gan an foláramh a thabhairt dúinn. Dob
é a mbuac gach ní do cheilt orainn agus gan aon
fhios a thabhairt dúinn ar iad do bheith ann go dtí
go dtiocfadh leó buille tiubaisteach a bhualadh.
Is deacair an sgéal do thuisgint. Má 's gearra-
bhuidhean atá ann agus iad 'na luighe romhainn i
gceilg, do chuirfidís na capail agus na cuirp seo
thar n-ais chughainn chun sinn do mhealladh isteach
san eadarnaidh atá ollamh acu dhúinn. Do chuir-


L. 68


feadh buidhean bheag shuarach brise ar mhór-shluagh
le cleas de'n tsórd san. Ní foláir dúinn féach-
aint romhainn. Ní féidir dúinn dul ar aghaidh go
mbeidh a fhios againn cad tá ar an slighe romhainn.
Is í mo chomhairle-se Cormac Conloingeas do
dhul ar aghaidh romhainn, agus a thríocha céad féin
aige, go dtí go sroisidh sé an áit 'nar marbhuigheadh
an ceathrar so. Má 's buidhean bheag atá ann, 'na
luighe i gceilg, béarfar 'na líon féin ortha. Má
tá Ultaigh ann, líon a slógh, ní ghoinfid siad mac
a rí ndílis féin.



M. — Is maith an chomhairle í. Déintear an chomhairle
sin. Agus anois, a ríogra, téigheadh gach rí agaibh
láithreach i mbun a thríocha céad agus ná fágadh
aon fhear a inead arís gan órdú uaim-se. An
té fhágfaidh is biodhbha báis againn é! Sin é mo
smacht-sa agus curfar i bhfeidhm é. Pé namhaid
a dhein an gníomh so do chuir sé chughainn thar n-ais
na capail agus na cuirp le hionchas go gcuirfeadh
an radharc sgéon ionainn agus as an sgéon san
go mbrisfí an riar atá ar ár mór-shluagh. Is
gearr ó bhrise riair brise catha. Chím gur beag ná
gur tháinig leis an namhaidh an riar a bhrise. Táid
na seacht mic Mághach agus na seacht Maine annso.
Conus a bheadh an sgéal anois dá mbeadh an namhaid
a mhairbh an ceathrar so ag déanamh éirligh ar bhur
muintir-se agus sibh-se annso! Ní mar sin a
deintear gnó cogaidh. Imthighidh láithreach! (ag
bualadh buille dhá cois i dtalamh.)



(Imthighid uile ach Méibh agus Oilill agus Fearghus.)



Cia is dóich leat a dhein an gníomh so, a Fhearghuis?



F. — Ní'l aon phioc dá mhearathal orm ná gur b' é mo
dhalta, Cú Chulainn, a dhein é. Dubhart libh aire


L. 69


thabhairt daoibh féin air. Níor cuireadh suim im'
chaint. Déanfaidh sé tuille díoghbhála mara ndéan-
tar aireachas maith.



M. — Níor dhein sé an gníomh san gan buidhean ina
fhochair, má 's é dhein an gníomh i n-aon chor. Is olc
an mhaise ag na heachlacha a chuaidh amach uaim-se é,
an fear san agus a bhuidhean do bheith ann i gan fhios
dóibh. Is olc an díol ortha brath tíre iasachta do
chur 'na chúram ortha. Má 's mar sin atá an chuid
eile dá ngnó déanta acu is olc an iontaoibh dúinn
beart do dhéanamh do réir an eóluis atá tabhartha
dhúinn acu. Ní bhfuaramair aon bhlúire eóluis
ar an bhfear so ná ar a ghnóthaíbh ach an méid eóluis
a thug Fearghus féin dúinn air.



F. — Ná bíodh aon mhilleán agat ar t'eachlacha, a ríogan.
Do dheineadar a ngnó go maith agus d'innseadar
an fhírinne dhuit. Ní'l a bheag ná a mhór de shluagh
ag Cú Chulainn. Is é a dhein an gníomh so. Is é
a mhairbh na fir seo, agus do mhairbh sé iad le n-a
láimh féin gan chabhair gan chongnamh ó aoinne.



M. — Fear comhlainn céad dob eadh gach fear de'n
bheirt churaí seo a marbhadh, a Fhearghuis, agus fear
comhlainn caogaid dob eadh ara gach fir díobh!
Conus fhéadfadh aon fhear amháin an ceathrar do chur
chun báis le neart a láimhe féin! Ní'l aon deabh-
ramh ar an sgéal. Tá trom-shluagh éigin romhainn
ar an slighe. Ní fhéadfadh gan a bheith. Ba dhall
an obair do na heachlachaibh a leithéid do bheith ann
i gan fhios dóibh. Caithfid siad freagairt ann.
Ní béas liom-sa, nuair a chuirim gnó 'na chúram
ar dhaoinibh, gan a chur fhiachaibh ortha an gnó do
dhéanamh chun mo thoile. Do deineadh faillighe
agus díolfar as. Tá díolta againn féin as ar


L. 70


dtúis. Is cródha an ceathrar atá caillte againn
mar gheall ar an bhfaillighe sin! Caithfidh Mac
Roth freagairt ann!



(Tig fear isteach.)



An fear (Ag umhlú). — Chuir Cormac Conloingeas
chughaibh mé, a ríogra, agus dubhairt sé liom a rádh
go bhfuil radharc uathbhásach le feiscint ar an áth atá
romhainn.



M. — An bhfuil trom-shluagh romhainn?



An fear. — Ní'l aon trom-shluagh romhainn, a ríogan,
ach tá gabhal adhmaid 'na seasamh i lár an átha agus
na cheithre cinn a baineadh de'n cheathrar a marbhadh
táid siad ar cheithre beannaibh na gaibhle. Agus
níl ach rian aon charbaid amháin ag teacht chun an
átha agus ag imtheacht uaidh.



M. — Aililiú! Cad iad na hiongnaí saoghail eile atá
le feiscint againn! Tá do chaint ag teacht amach
fíor, a Fhearghuis!



F. — B' é b' fhada leat, a ríogan, go rabhais ag bualadh
uime Chú Chulainn. Is eagal linn go ndéarfair
ar ball nách beag leat a luatha.



M. — Téanam go bhfeiceam an ghabhal úd.



O. — Gan le feiscint ach rian aon charbaid amháin! Is
iongantach an obair í!



(Imthighid)


L. 71


An Dara Radharc Déag.



Áth nGreancha. — Gabhal cheithre mbeann 'na
seasam ar lár an átha. Ceann fir ar gach beann
de na cheithre beannaibh, agus iad ag sile fola
asta. Méibh agus Oilill agus maithe fear
Éirean ar an gclár ag féachaint ar an ngabhal
agus ar na cinn.



M. — Dar lámh m'athar ach sin obair nár mheasas a
déanfaí orainn chomh luath so! Ní'l neart fear
i n-aon bhall i n-ár gcomhngar, agus ní'l rian slóigh
ag imtheacht as an áit seo. Is olc an mhaise agat-
sa é, a Mhic Roth, má tá mór-shluagh chomh hachmair
dúinn i gan fhios duit.



Mac Roth. — Ní fearr bheith ag caint air, a ríogan, ach
ní'l sluagh, beag ná mór, i n-aon bhall 'nár dtím-
cheall annso. Níor bh' fhéidir dá leithéid bheith ann
i gan fhios domhsa. Má gheibhean aoinne amach go
bhfuil, ná go raibh, cuirfead mo cheann ar an mbloc
duit!



O. — Níor bh' fhéidir an cosgar so do dhéanamh ortha so
mara mbeadh gur theangmhaigh sluagh leó.



M. — Féach. Tá sgríbhinn i dtaobh na gaibhle.



(Iniúchas Fearghus an sgríbhinn.)



Fearghus. — Sid é ainm Chú Chulainn agus tá geasa curtha
arís aige orainn. Do theasg sé an ghabhal so d'aon
bhuille, le neart aon láimhe, agus chuir sé i dtalamh
í d' aon urchar agus d' aon iaracht agus le neart
aon láimhe, agus é 'na sheasamh 'na charbad. Le
fuinneamh an urchair do chuaidh dhá dtrian na gaibhle
i dtalamh, síos tré chlochaibh glasa an átha, agus


L. 72


ní'l os cionn tailimh di ach a trian. Ní hamhlaidh a
dhein sé poll di agus í chur 'na seasamh sa pholl,
ach í thiomáint le fuinneamh an urchair síos tríd an
ngairbhéal glas. Agus is geis d'fhearaibh Éirean
dul thar an áth so soir go dtí go dtabharfaidh fear
éigin díobh aníos as an dtalamh í, d' aon iaracht
agus le neart aon láimhe.



M. — Ba chóir gur bh' usa í thabhairt aníos le neart aon
láimhe ná í chur síos le neart aon láimhe. Is dár
muintir-ne thusa anois, a Fhearghuis. Ó's é do
dhalta a chuir síos í tabhair-se aníos í. Mara
bhféadair-se í thabhairt aníos ní fhéadfaidh aoinne
í thabhairt aníos.



F. — Is 'na sheasamh 'na charbad a bhí seisean nuair a
chuir sé síos í agus is 'na sheasamh i gcarbad a chaith-
fidh an té thabharfaidh aníos í a bheith. Tugtar
carbad chugham. An carbad is fearr agaibh.



(Tugtar carbad chuige. Téigheas ann. Beireas ar an
ngabhal. Stathas. Bristear an carbad. Bristear carbad
eile; carbad eile; carbad eile. Bristear cheithre charbad
déag.)



M. — Eirig as, a Fhearghuis! Ná bris a thuille orainn!
Is dár muintir thu agus ní maith an bhail orainn é.
Dá mba ná beitheá ar an sluagh so againn is fada
soir a bheimís um an dtaca so agus is mór na
bráighde agus na bó-tháinte a bheadh againn. Ach
is fíor léir dúinn conus a théighean do chroidhe.
agus t'aigne sa ghnó so. Ní'l ní agat dá dhéanamh
ná focal ag teacht as do bhéal ná cor agat dá
chur de chois ná de láimh leat ach chun righnis do chur
orainn. Ní'l uait ar fad ach an aimsir do chaitheamh
i dtreó go mbeadh Conchobhar agus muintir Chúige
Uladh ollamh romhainn agus go bhféadfaidís cath


L. 73


a thabhairt dúinn. Mara feall an sórd san ní
fheadar-sa cad is feall ann!



F. — Cad é mo leigheas-sa ar bhur gcarbadaibh lobhtha!
Dá ndeininn an ceart d'fhágfainn an ghabhal mar a
bhfuil sí! Ní mise a chuir ann í. Is é an té a chuir
ann í atá ag cur an righnis oraibh agus is chun an
righnis a chur oraibh a chuir sé ann í. An locht san
air! Fágtar ann í. Bris na geasa. Sgaoil an
sluagh soir thar an áth d' aimhdheóin na ngeas agus
feiceam cé aige go mbeidh an ceann is measa de'n
sgéal!



O. — Tabhair an ghabhal as an áth, a Fhearghuis. Ní'l
aoinne eile chun a dhéanta.



F. — Tugtar chugham mo charbad féin!



(Téigheas Fearghus 'na charbad féin. Beireas ar an
ngabhal. Taraingeas aníos as an dtalamh í d'aon iaracht,
le neart aon láimhe, agus cuireas i láimh Oiliolla í.)



O. (Ag breithniú agus ag beartú na gaibhle 'na dhá láimh). —
Is deimhin gur cóir d' fhearaibh Éirean eagla bheith
acu roimis an bhfear a dhein an gníomh san! Is mó
gníomh neartmhar a chonac le m' ré ach do bhuaidh an
gníomh so ortha. Féach an mheadhachaint atá san
adhmad! Tá muirighean mo dhá lámh ann! Aghaidh
do thabhairt i n-a aonar ar cheathrar d'fhearaibh
cruadha calma, ar cheathrar d' fhearaibh toghtha, agus
na cinn a bhaint díobh gan righneas comhraic! Níor
thug sé buille d' aon fhear acu ach an buille a bhain
an ceann de! Cad a bhí acu dá dhéanamh! Ba
mhór an gníomh é sin dá mba ná déanfadh sé a thuille.
Ba mhór agus dob iongantach an gníomh an ghabhal
so do theasgadh agus do ghlanadh le haon bhuille
amháin de chlaidheamh. Ach seasamh 'na charbad
agus breith uirthi sin i n-aon láimh amháin agus í chur


L. 74


síos tré chlochaibh an átha d'aon urchar agus oiread
san fuinnimh do chur leis an urchar go ndeaghaidh
dhá thrian di i dtalamh! Deirim gur cóir eagla
bheith roimis an bhfear san! Thugais-se aníos í, a
Fhearghuis, agus do bhrisis ár gcarbaid le neart
an fheadhma. Ach dar ceann an Daghdha Deirg, a
Fhearghuis, ní chuirfeá síos í!



F. — Is fíor dhuit-se, a Oilill, gur cóir d' fhearaibh
Éirean eagla agus uamhan do ghlacadh roimis siúd.
An lámh a dhein an gníomh san ní cneasda an lámh
í le teangmháil lé agus í ag ramsáil claidhimh,
i láthair catha agus cruadh-chomhraic. Má 's trom
é an t-adhmad is trom é an claidheamh. Do chonac-
sa an fear san ag déanamh faobhair-chleas leis an
gclaidheamh gcéadna, agus níor fhéad mo shúil
radharc do choimeád ar an arm agus é ag casadh
'na láimh! Nuair imreóchar an t-arm san ar
fhearaibh Éirean beidh fuil agus cosgar agus sgéalta
móra go tiugh.



M. — Nách dóich leat, a Fhearghuis, go bhfuil iomad
maoidhimh agat dá dhéanamh as? Tá sé óg do réir
mar a deirir féin. Is dóich gur dhein sé ceilg
éigin, nó gur imir sé cleas éigin, ar an gceathrar
a mhairbh sé. Nuair a thaisbeánfaidh sé é féin geall-
aim-se dhuit gur mór an iongna liom-sa mara
bhfaighidh sé fear a chomórtais ar an sluagh so. Ní
hóga, i n-aois inghine macdhachta, a bheidh 'ghá
fhriothálamh feasda. Gheabhthar sás a ghonta ar fhearaibh
Éirean, geallaim dhuit é.



F. — Fan leat go fóil, a ríogan.



(Brat anuas.)



Deire an Dara Gnímh.


L. 75


An tríomadh Gníomh.



An chéad Radharc.



Craobhruadh Conchobhair i nEamhain. — Conchobhar i
n-a aonar.



C. — Is maith a bhí a fhios agam-sa go ndéanfadh an bhean
so droch-obair. Dubhart leó nár bh' é an Donn
Cuailnge a bhí uaithi. D'innseas dóibh ná raibh
sa Donn Cuailnge ach leathsgéal. Do léirigheas
dóibh agus do mhínigheas dóib ná raibh uaithi ach mór-
shluagh thabhairt le chéile ar sgáth an Duinn. Ní
chreidfidís me. Thuigeadar 'n-a n-aigne gur bh'
fhearr an aithne a bhí acu féin uirthi ná mar a bhí
agam-sa uirthi. Mheasadar gur ar mhaithe le Cúige
Uladh agus le ríogra Uladh a thug sí comairce agus
tarmuin do'n lucht a chuaidh ar ionnarba ag trial
uirthi féin agus ar Oilill. Nuair a thosnuigh sí ar
an mór-shluagh do chruinniú ní raibh uaithi, dar leó,
ach maca Fiachna agus triúcha céad Cuailnge do
sgrios. Nuair a mheasas a chur 'na luighe ortha go
raibh a haigne socair ar Chúige Uladh do sgrios agus
ná raibh a mhalairt d' fhuadar fúithi, dar leó bhí
brígh agus bunús eile le m' chaint. Dar leó ní
hí Méibh a bhí ag déanamh uisge-fé-thalamh im' aghaidh-
se agus i n-aghaidh na cúige seo Uladh, ar sgáth
an Duinn Cuailnge, ach is mise a bhí a d'iaraidh
ríogra Uladh do mhealladh chugham thar n-ais go
hEamhain, ar sgáth Mhéibh agus a mór-shluagh, ar
sgáth an eagla a bhí agam dá chur ortha. Is dóich


L. 76


liom go bhfuil a mhalairt sin de mheabhair acu um
an dtaca so. An rud a theip orm-sa a chur 'na
luighe ortha i dtosach bára tá sé curtha 'na luighe
go daingean anois ortha ag Méibh féin. Do theip
orm-sa ciall a mhúine dhóibh. Tá ciall múinte ag
Méibh dóibh agus tá díolta acu go daor as an
gciall. Dá nglacaidís mo chomhairle i n-am bheadh
an chiall acu gan díol aisti. Tá aithne agam-sa ar
an mnaoi sin níos sia agus níos fearr ná mar atá
acu-san. Ba dhóbair dom díol as an aithne ar
chuma ná tuigid siad-san. Dá dtuigeadh Fearghus
i n-am é, níor ghá dhó bheith sa chruadh-chás 'na bhfuil
sé, ag déanamh an eóluis do mhór-shluagh namhad
isteach 'n-a thír dúthcais féin, agus annsan ag
casadh leis an ndá thráigh a thabhairt leis; a d'iaraidh
an uilc sin do leigheas le sgéala chur chughainn i gan
fhios, 'ghá innsint dúinn go bhfuil an t-olc aige dá
dhéanamh! Dar le Fearghus níor dhein sé féin
feall riamh. Dar liom-sa ní raibh aon chiall riamh
aige. Níor dhein sé feall riamh. Níor dhein ach
an méid fill a dhein sé air féin. Mara mbeadh an
méid fill a dhein sé air féin ní hagam-sa bheadh
ríghe Uladh ach aige-sean. Tá mo mhac, Cormac
Conloingeas, chomh mór gan chiall leis. Ní'l fasg
aige, ná ag aoinne de'n chuid eile d'imthigh uaim
siar mar gheall ar mhacaibh Uisnigh. Níor dheineas-
sa feall ar mhacaibh Uisnigh. Iad-san a dhein an
feall orm-sa.



(Tig Cathbhadh draoi isteach.)



Fáilte romhat, a Chathbhaidh! An bhfuil ciall ag
teacht d'fhearaibh Uladh?



Cathbhadh. — Maith liom an fháilte, a rí, agus tá sgéala
maithe agam. An fhaid a mheasadar na ríghthe ná


L. 77


raibh ó Mhéibh ach triúcha céad Cuailnge do sgrios
agus buar agus daoine agus ollmhaitheas na tíre
sin do bhreith lé siar i dteannta an Duinn, níor
chuireadar cor díobh. Ní'l aon ghrádh acu do
mhacaibh Fiachna agus ní raibh le fada. Níor chás
léo i nguais iad. Ach nuair a mhothuigheadar agus a
thuigeadar nár stad an mór-shluagh i gCuailnge,
ach go rabhadar ag leathadh ar fuaid na cúige go
léir, tháinig fíoch agus fearg agus buile ortha. Do
ghléas gach rí dhíobh láithreach a ghnáth-theaghlach féin,
agus i dteannta an ghnáth-theaghlaigh, na céadta
tuathach a bhí ag líonadh chúcha isteach ag teiche ó'n
namhaid. Níor dheacair lucht na dtuath do ghléas.
Bhíodar go léir gléasta cheana ó'n oileamhaint
agus ó'n múine a dheinis-se féin ortha, a rí. Na
cleasa gaile agus gaisge, agus an t-eólus ar
úsáid gach airm comhlainn nó diobhraice, a thugais-
se do na ríghthibh óga i nEamhain, thugadar san, tar
éis dul abhaile dhóibh, an t-eólus céadna d'ógaibh
na tuatha, i dtréo ná fuil anois idir cheithre teór-
annaibh Chúige Uladh, fear uasal ná íseal nách
ceap le céad. Dá mbeidís cruinnighthe córuighthe
i riar agus i ngléas mór-shlóigh, ba ghearr an mhoill
ortha an sluagh namhad so do sguabadh rómpa, nó
gabháil de chosaibh ionta.



C. — An bhfuilid siad ag teacht go hEamhain mar a
hiaradh ortha?



Cath. — Dar leó is geis dóibh teacht go hEamhain,
ach tá coinne déanta acu go léir le n-a chéile bheith
lá áirighthe i gceann a chéile i Sleamhain Midhe, agus
má bhíon Conchobhar ann an lá san tugaid siad grian
agus éasga go mbeid siad uile dá réir chomh dílis
agus chomh dúthrachtach agus bhíodar riamh. An fhaid


L. 78


a bheid siad 'na mbuidhnibh beaga seachnóchaid siad
an mór-shluagh. Tá eólus na gcomhngar acu agus
beid siad i Sleamhain Midhe i gceann a chéile sar
a mbeidh a fhios ag Méibh ná ag Oilill cad tá ar
siubhal.



C. — Tá go maith, a Chathbhaidh. An bhfuil a fhios agat cé
hiad atá ag teacht?



Cath. — Tá áireamh cruinn annso agam ortha. (Ag tarang
sgríbhinne chuige.) Sid iad atá ag teacht. Reochaidh
mac Faitheamhain ó Ríoghdhonn adtuaidh; Fearghus
mac Léide, rí Line; Cúsgraidh Meann, do mhac
féin, a rí; Seancha mac Oiliolla, fear labhartha
slóigh Uladh; Cealtchar mac Uitheachair ó Dhún
Leathghlaise; Aimhirghin mac Eicead, an file; Eóghan
Mór mac Durthacht, rí Fearnmhaighe; Laoghaire
Buadhach mac Connaidh bhuidhe mic Iliach, ó Imeal
adtuaidh; Muinreamhar mac Geirrginn ó Mhodhuirn;
Connadh mac Morna, ó Challainn; Feidhlimidh
Ciolair Céadaigh; Fearadhach Fionn Feachtnach, ó
Shliabh Fuaid; Ros agus Dáire agus Iomchadh, trí
mic Fiachna, ó Chuailnge; Fiachna agus Fiacha, dhá
mhac Conchobhair; Eirrghe Eichbhéal, ó Bhrí Eirrghe
adtuaidh; Meann mac Salcholgain ó rannaibh
Bóinne; Fearghna mac Fionnchaoimhe ó ríghbhrugh
Uladh adtuaidh; Furbhaidhe Fear Beann mac Con-
chobhair adtuaidh ó Mhaighinis; Feircheirtne, ollamh
Uladh, agus Oilill Milteanga; mise féin agus
draoithe Uladh liom; Fínghin Fáithliaigh agus liagha
Uladh leis; Glas agus Meann, dhá mhac Uitheachair;
Trioscath, do thréan-fhear féin, a rí; Glas agus
Maine agus Conaing, trí mic Conchobhair; Conall
Cearnach; Earc mac Cairbre, agus fir Teamhrach
aige.


L. 79


C. — Cad é an líon a thiocfaidh gach fear díobh san, a
Chathbhaidh?



Cath. — Ní'l aon fhear acu ag teacht fé bhun tríocha
céad, agus tá níos mó go mór ná tríocha céad
agá lán acu.



C. — Gléastar an gnáth-theaghlach, a Chathbhaidh, agus go
Sleamhain Midhe linn láithreach.



An dara radharc.



I n-aice coille. — Cú Chulainn agus Laogh.



Cú. — Féach, a Laoigh, nách ait an obair d' Ultaibh má's
iad atá ag gearradh na coille sin, ag osgailt na
slighe d'fhearaibh Éirean! Imthigh i bhfeighil na n-each
go dtéighead-sa agus go bhfeicfead cé 'tá ag
gearradh an adhmaid annsúd.



(Imthighid ar sgaradh.)



(Tig ara Órláimh isteach agus beart cleathacha aige.)



An t-ara. — Má thagan Cú Chulainn orm annso táim
réidh.



(Tig Cú Chulainn isteach.)



Cú. — Cad é seo agat-sa dá dhéanamh annso, a fhir mhaith?



An t-ara. — Do bhriseamair ár gcarbad, a dhuine uasail,
ag leanamhaint na heilte oirdheirce úd, 'sé sin,
Cú Chulainn, agus do cuireadh mise annso chun na
gcleathacha so do bhaint agus do thabhairt liom chun
an charbaid do dheisiú. Is é is fada liom go
mbeidh an gnó déanta agam agus me imighthe liom
féin. Má bheirean Cú Chulainn annso orm tá deire
le m' chuid araidheachta. Dá mb' áil leat teacht,


L. 80


a dhuine uasail, agus congnamh a thabhairt dom chun
na gcleathacha do ghlanadh i dtreó go bhféadfainn
imtheacht go luath bheinn ana bhuidheach díot!



Cú. — Ceocu iad do sgothadh nó iad do dhíriú ba mhaith
leat me dhéanamh duit?



An t-ara. — Dein iad do sgothadh dhom, a dhuine uasail.
Is é is deacra a dhéanamh, agus measaim gur treise
thu ná mise.



(Cromas Cú Chulainn ar na cleathacha do sgothadh, 'sé sin,
an duilleabhar agus na mín-géaga do bhaint díob. Sguabas
idir dhuilleabhar agus slata agus géaga de gach cleith, d'aon
iaracht, 'ghá dtarac tré n-a láimh i n-aghaidh a bhfiara.
Leathaid a shúile ar an ara ag feisgint an ghnímh sin.)



An t-ara. — Dar Duach, a dhuine uasail, ach sin neart
ná feaca-sa fós i láimh fir! Cheapas go raibh obair
chruaidh agam 'á thabhairt duit le déanamh ach ní
puinn suime atá agat-sa inti. Ní righne an
t-adhmad id' láimh ná tuighe i láimh duine eile! Ar
mhisde leat a innsint dúinn cé hé thu?



Cú. — Mise Cú Chulainn agat, a mhic ó, an "Cú Chulainn
oirdheirc" úd a deirir.



An t-ara. — Seadh! Tá deire liom-sa feasda!



(Ghá chaitheamh féin ar an dtalamh, ar a bhéal a's ar a aghaidh.)



Cú. — Ní'l deire leat fós, a amadáin. Ní ghoinim-se
ara ná eachlach ná duine gan arm. Eirigh as san, a
ghiolla. (Eirigheas an t-ara.) Cá bhfuil do thriath nó
do thighearna?



An t-ara. — Tá sé ar an bhfaithche úd thall, a rí.



Cú. — Imthigh-se anonn ag trial air agus tabhair folár-
amh dó romham-sa. Sin é dualgas do sheirbhíse
dhó. Dein do dhícheall ar an bhfoláramh a thabhairt
i n-am dó, óir má thagaim-se air agus go gcomh-
raicfimíd tuitfidh sé liom-sa. Imthigh leat d'urchar.


L. 81


(Imthigheas an giolla. Imthigheas Cú Chulainn 'na dhiaidh.
Tig Órlámh isteach. Tig Cú Chulainn isteach 'na dhiaidh.)



Cú. — Stad! A mhic Oiliolla agus Méibh.



Órlámh. — Agus cé hé thusa a labhran chomh teann?



Cú. — Mise an fear atá uait. Fuaras giolla leat
ag baint adhmaid sa choill sin thall agus dubhairt
sé liom go rabhais ar mo lorg. Chuireas chughat
tar n-ais é, 'gha innsint duit go rabhas ag teacht
agus nár ghá dhuit a thuille cuardaigh a dhéanamh
orm.



Ó. — Dubhairt sé liom go bhfeacaidh sé Cú Chulainn.
Dár ndóich ní tusa Cú Chulainn! Bíodh go bhfuil
gnúis dhána agat, agus súil neamh-eaglach, ní'l ionat
ach gas!



Cú. — Pé rud atá ionam is mise Cú Chulainn agat. Ní'l
sé agat le rádh gur thánag i gan fhios ort. Ní bheidh
sé le rádh ag Méibh gur mhairbh Cú Chulainn a mac
gan fíre fear do thabhairt dó.



Ó. (Ag cur gáire as). — Ná bíodh ceisd ort. Ní baoghal
duit go gcasfaidh Méibh aon ní dá shórd san leat,
ná go mbeidh a chúis aici. Ach is maith mar a tharla.
Is 'mó fear d'fhearaibh Éirean atá le fada ag for-
mad le n-a chéile féachaint cé aige go mbeadh do
chosgar agus do cheann le breith ag trial ar Mhéibh.
Is maith an séan domhsa gur umam féin a bhuailis
indiu.



Cú. — Tá go maith!



(Comhraicid. Tuiteas Órlámh.)



Ó. (Ag fagháil bháis.) — Má's gas tu is gas iarainn tu.
Is tu Cú Chulainn gan bhréag! Cé mheasfadh a
leithéid de ghníomh a bheith i bhfear chomh hóg! (Le n-a
ara.) Innis do Mhéibh agus d'Oilill agus d'fhearaibh
Éirean, a ghiolla, gur thug Cú Chulainn fíre fear


L. 82


domhsa, — agus go dtabharfaidh sé fíre fear dóibh-
sin, — agus nách maith a thiocfaid siad as.



(Éagas Órlámh. Baineas Cú Chulainn an ceann dé.)



Cú. — A Mhéibh agus a Oilill, is mór é bhur neart. Is
líonmhar an mór-shluagh atá i nbhur bhfochair. Is
dána an chuaird í seo agaibh isteach i gcríochaibh
Uladh, talamh nár shatail cos namhad riamh fós air
gan a cheann d'fhágáilt 'na dhiaidh ann. Ní'l abhfad
ó thánabhair. Dá ghiorracht an aimsir sid é an
cúigeadh ceann de na ceannaibh is uaisle agaibh.
Sin fuil ríoga dá dortadh go tiugh oraibh. Cá
bhfuil bhur neart! Cá bhfuil bhur ngníomh! Cá
bhfuil bhur laochra calma! Is olc a chuireabhair
bhur saothar agus bhur n-aistear, ag teacht an treó
so chun na láimhe seo agam-sa dó choimeád i dtaith-
ighe a cuid cleas, ag baint na gceann díbh! Is olc
an mhaise agaibh é mara féidir le nbhur mór-shluagh
na cinn is uaisle agaibh do chosaint orm! Féach!
Sin é Órlámh! Órlámh uasal óg; mac Oiliolla
agus Mhéibh; an triath gaile agus gaisge dob aoirde
cáil ar fhearaibh Éirean! An lán béil is mó a bhí ag
Connachtaibh, agus Ceat mac Mághac do chur chuige! —
Dá dtigheadh a bhfearg do ríogra Uladh níor bh'fhada
le dul ortha do mhór-shluagh, a Mhéibh.



(Tig Lon agus Díle agus Uala isteach agus tugaid aghaidh
ar Chú Chulainn.)



Triúr i n-aoinfheacht! Sin gníomh aithiseach! Ach
seo mar a díoltar as.



(Comhraicid. Marbhas Cú Chulainn an triúr.)



Seadh! Dar libh féin bhí beart ghasta socair
agaibh. Is mairg daoibh nár chuir an bheart im'
chomhairle-se sar ar chuireabhair i ngníomh í. Beidh


L. 83


duine éigin eile ag brath feasda ar an dtuarasdal
a bhí le fagháil agaibh ó Mhéibh.



(Imthigheas.)



An tríomhadh Radharc.



Magh Muirtheimhne. — Méibh agus Oilill agus
maithe fear Éirean i gcomhairle.



M. — A mhaithe agus a mhór-uaisle agus a ríogra míleata,
is ró mhór an dochar é seo dá dhéanamh dár sluagh ó
láimh aon fhir amháin. Shiubhladar m' eachlacha an
mhagh so Mhuirtheimhne sar ar chuir aoinne againn
cos ar bhóthar agus thugadar chugham-sa cúntas
cruinn ar an dtír agus ar gach córú dá raibh ar
dhaoine agus ar mhaoin agus ar acfuinne na tíre.
Ba léir dúinn as an gcúntas san, ní hé amháin nár
bhaoghal dúinn teangmháil le trom-shluagh, ach fós
ná raibh sé i gcumas muintire na háite oiread
agus aon tríocha céad amháin d'fhearaibh armtha
do chur i gcóir chun catha i n-ár n-aghaidh. Chím gur
dheineadar na heachlacha an brath go hiomlán agus
go hana léir. Níor fhágadar fód gan siubhal ná
cúinne gan cuardach. D'innseadar fírinne nuair
a dubhradar linn ná raibh sluagh, beag ná mór, ar
an slighe romhainn. Is léir dúinn féin ó thánamair
an treó, ná raibh san. Ní'l oiread agus rian deich-
niubhair le feisgint, ar bhóthar ná ar chosán ná ar
áth, i n-aon bhall 'nar ghabhamair ná i n-aon bhall
i n-ár dtimcheall. Tá Magh Muirtheimhne 'na
huaigneas. Táid na daoine imighthe agus, le méid
a ndithinis ag imtheacht dóibh, d'fhágadar 'na ndiaidh


L. 84


againn a dtréadtha agus a mbuar agus a raibh
d'ollmhaitheas an tsaoghal acu. Ach ní fhágan san
saor sinn ó dhochar agus ó bhárthan agus ó dhíoghbháil.
Tá aithne curtha againn ar shaghas cogaidh ná feacathas
a leithéid riamh fós i nÉirinn. Aon fhear amháin ag
cur catha ar mhór-shluagh, agus ní hamháin ag cur
catha ortha ach 'ghá gcur chun báis go tiugh!



(Tig fear isteach agus sgeón ann.)



An fear. — Tá an ríogan Locha marbh! Do briseadh
'na thrí codaibh an mionn óir a bhí ar a ceann!



M. — Cad d'imthigh uirthi?



An f. — Í bhualadh le cloich ó chrann-tabhail, a ríogan.



M. — Cé bhuail í?



An f. — Ní fheadair aoinne.



(Tig fear eile isteach.)



An dara f. — Do marbhadh triúr anois tall sa long-
phort, d'aon urchar amháin ó chrann-tabhail.



M. — Cé chaith an t-urchar?



An f. — Ní feacathas aoinne 'ghá chaitheamh, a ríogan.



(Tig fear eile isteach.)



An tríomhadh f. — Tá an carbad ríoga briste brúite
agus triúr des na haraí marbh!



M. — An amhlaidh a rith na heacha?



An fear. — Ní hamhlaidh, a ríogan. Tháinig trí hurchair,
tiugh i ndiaidh chéile, ó chrann-tabhail éigin, ortha,
agus do marbhadh na fir agus do briseadh an
carbad. Deirtear gur b' é cúis gur caitheadh leis
an gcarbad mar gur measadh tu féin a bheith ann,
a ríogan, agus gur chughat-sa do bhíothas.



Fearghus. — Mo dhalta, Cú Chulainn, is é atá ann.
Thugas foláramh daoibh, a uaisle.



M. — Tabhair comhairle dhúinn anois. Is mó is gá
dhúinn é ná bheith 'ghá mhaoidheamh orainn gur thugais


L. 85


foláramh dúinn an uair sin. Cad tá uaidh? Conus
a curfar cosg leis féin agus le n-a chrann-tabhail?
Ar airigh aoinne riamh a leithéid d'obair! Aon
fhear amháin le n-a chrann-tabhail ag cur catha ar
mhór-shluagh!



F. — Seadh, agus 'ghá marbhadh go tiugh!



Oilill. — Cad tá le déanamh, a Fhearghuis? Ní foláir
rud éigin a dhéanamh láithreach.



(Tig fear eile isteach.)



An ceathramhadh f. — Do briseadh carbad eile sa long-
phort agus do cuireadh sgeón san eachra i dtreó
gur ghluaiseadar ar buile ar fuid an longphuirt.
Tá cuirp go tiugh ann agus mórán eile díoghbhála
déanta.



O. — Labhair, a Fhearghuis. Tuigean tusa aigne do
dhalta. Cad is fearr a dhéanamh?



F. — Measaim gur fearr teachtaireacht do chur ag trial
ar Chú Chulainn agus comha do thairisgint dó.



M. — Eirig féin ag trial air, a Fhearghuis. Is tu is
fearr a bhainfidh ceart dé.



F. — Dar m'arm gaisge, a ríogan, ní mise a rachaidh chun
cainte leis!



M. — Cad é 'chúis? An amhlaidh ná leogfadh eagla
dhuit é?



F. — Is amhlaidh go díreach, a ríogan, ach ní heagla
roimis féin é.



M. — Ní heagla roimis féin é! Cad eile cé roimis
go bhfuil an t-eagla agat?



F. — Romhat-sa, a Mhéibh.



M. — Ní tu an chéad laoch go raibh eagla aige romham-
sa. Ach conus is baoghal duit me sa ghnó so?



F. — Má théighim-se chun cainte le Cú Chulainn agus go
n-iarfaidh sé comha móra, is é rud a déarfair-se


L. 86


ná gur b'amhlaidh a shocruigheamair eadrainn an
sgéal, agus cuirfir feall im' leith-se arís mar a
chuiris cheana. Ní chuirfir feall im' leith arís, a
Mhéibh, mar ní thabharfad-sa caoi dhuit air.



M. — Ní'l slighe ar bith is fearr chuige sin, a Fhearghuis,
ná gan an feall do dhéanamh.



(Tig fear isteach.)



An fear. — Tá tríocha céad Mhaine Mháthramhail ag
cosgar a chéile! Do thuit duine acu le hurchar ó
chrann-tabhail agus cheap cara dhó, a bhí i n-aice leis,
gur duine de'n tríocha céad a bhuail é. Tharaing
an cara a chlaidheamh agus mhairbh sé an fear ar a
raibh an t-amhras aige. Leis sin do tharaing fear
eile agus do mhairbh eisean. Do tharaing fear agus
fear agus fear eile. Tá sé 'na Bhruighin Chaorth-
ainn acu!



(Imthigheas. Sgiúrdas Maine amach.)



O. (Ag eirghe.) — Má leanan an obair seo curfar dearg-
ruathar orainn!



F. (Ag eirghe). — Ní fheicim-se teachtaire is fearr le
cur ag trial ar Chú Chulainn ná Fiacha mac Fir Fheibhe.



M. — Imthigh láithreach, a Fhiacha.



Fiacha. — Cad iad na comha atá le fagháil aige?



M. — Abair leis teacht i ngéilsine dhomhsa agus d'Oilill,
agus go bhfaighidh sé a mheas féin de leor-ghníomh sa
mhéid díoghbhála atá déanta dhó 'na chuid, agus go
mbeidh feis agus fíon i gCruachain dó do ghnáth,
agus gur mó an sochar dó an méid sin ná bheith
i ngéilsine d'óigthighearna.



F. — 'gCloistí! Óigthighearna dá thabhairt ar Chon-
chobhar! An cúigeadhach is fearr agus is uaisle
a bhí i nÉirinn riamh!


L. 87


M. — Agus a dhein an feall is measa dár deineadh
i nÉirinn riamh.



(Imthighid.)



An Ceathramhadh Radharc.



Taobh coille. — Tig Cú Chulainn isteach ó thaobh
agus Fiacha mac Fir Fheibhe ó'n dtaobh eile.



Cú. — Míle fáilte romhat, a Fhiacha.



Fiacha. — Glacaim le báidh an fháilte sin, a rí.



Cú. — Is le báidh a tugtar duit í, a Fhiacha. Ní minic a
chím gnúis carad anois.



F. — Táid do namhaid id' thimcheall go líonmhar gan
amhras, a rí, agus má 's olc an bhail ort-sa san is
measa go mór an bhail ortha-san é. Cuireadh mise
chughat ag tairisgint comha dhuit.



Cú. — Cad iad na comha iad?



F. — Tu féin d'imdhéanamh a bhfuil de dhochar agus de
dhíoghbháil imeartha ar do thír agus ar do chuid agus
ar do mhuintir, agus Feara Éirean 'ghá leasú dhuit
go hiomlán agus ag déanamh leor-ghnímh ann; agus
tusa do chosg do chrann-tabhail ó fhearaibh Éirean,
agus tu theacht i ngéilsine d' Oilill agus do Mhéibh
agus feis agus fíon do dháil duit i gCruachain do
ghnáth. Dar leó is mó an sochar duit sin ná thu
bheith i ngéilsine d' óigthighearna.



Cú. — Abair-se, a Fhiacha, le Méibh agus le hOilill
agus le maithe fear Éirean, gur maith is eól dóibh
cé hé an t-óigthighearna go bhfuilim-se im' ghéilsine
dhó. Agus abair le Méibh féin, pé duine a thabh-


L. 88


arfadh óigthighearna ar Chonchobhar ná ná tabharfadh,
nách di-se is cóir an ainm a thabhairt air. Tuigfidh
sí féin brígh na cainte sin. Abair lé nách mise a
déarfaidh le Conchobhar "Tóg uaim é, agus gan
uaim ach é." Abair leó ná glactar na comha.



(Imthigheas Fiacha.)



"Im' ghéilsine d'óigthighearna!" Comha agus tar-
caisne i n-aoinfheacht! Níor ghá an tarcaisne
chun me chur ó ghlacadh na gcomha. Níor ghá na comha
chun me chur ó ghlacadh an tarcaisne. Is dall ó
Mhéibh a cheapadh go nglacfaí i n-aoinfheacht iad. Cad
é mar a dhallan comhacht agus neart slógh aigne an
duine! Do dalladh Conchobhar féin ar an gcuma
san. Ní bhuadhfadh comhachta an domhain air mara
mbeadh a ghníomh féin. Do mhill a ghníomh féin a
neart. Thug bás chlainne Uisnigh leaghadh chubhair
na habhann ar chomhacht na Craobhruaidhe. Sar
ar deineadh an gníomh san bhí ainm Chonchobhair 'na
thaca nirt, agus 'na chabhair i n-am gátair, agus 'na
dhíon cosanta, dá mhuintir agus dá cháirdibh, ní
hamháin i gcríochaibh Uladh ach ar fuaid Éirean uile,
agus bhí an ainm chéadna 'na throm-luighe agus 'na
thrúig eagla agus 'na chosg meanmna do namhadaibh
Chonchobhair ins gach áit 'na rabhadar le fagháil.
Nuair a deineadh an gníomh san do thuit a lug ar a
lag ag ár gcáirdibh go léir. Do múchadh an solus
ortha. Do chuaidh dá neart. Do chlaochluigh a
ngoil agus a ngaisge. Níor fhan fonn 'na gcroidhe
ná fuinneamh 'na ngéagaibh. Nuair a dhein Con-
chobhar feall do thuit grian a spéir agus chuaidh
ranna nimhe ar fán. Chuaidh sgaipe ar ríogra Eamhna.
Ní leogfadh náire dhóibh féachaint ins na súilibh ar
a chéile. Ní leogfadh náire dhóibh trácht ar ainm


L. 89


Chonchobhair ná ar Eamhain ná ar an gCraobhruaidh.
Tháinig tocht agus ceann-fé agus brón agus dúr-
chroidhe ortha. Chrom gach fear díobh a cheann agus
d'imthigh sé abhaile chun a theaghlaigh féin. D'fhág
san Cúige Uladh tréith. Thug san tógáilt cinn
dár namhaid. D'imthigh an t-eagla dhíobh. Tháinig
iongna ortha ar dtúis nuair airigheadar cad é an
gníomh le gráineamhlacht a bhí déanta agus cé hé
dhein an gníomh. Níor chreideadar a gcluasa féin.
Ní fhéadfaidís a mheabhrú 'na n-aigne go ndéanfadh
Conchobhar a leithéid. Ó, a Lugh! a Lugh! cé fhéadfadh
a chuimhneamh go ndéanfadh! An chéad lá a chonac
é, nuair a chuas imeasg an mhacra ar faithche na
hEamhna agus nuair a thug Follamhuin mac Con-
chobhair i láthair an rí me, is lag a shíleas go mbéar-
fadh sgéal an lae indiu orm. Nuair a chonac an
ghnúis uasal, ríoga, sholusmhar, áluinn, stuamdha,
staidéartha, dhaingean, agus nuair airigheas an
guth binn, blasda, glan, agus an chaint, chaoin,
chóir, chiallmhar, eagnaidhe, is lag a shíleas go bhféad-
fadh miosgais agus fearg agus éad agus feall
bheith laistigh díobh. An lá ghabhas arm gaisge,
nuair a bhris adhmad na n-arm im' láimh go dtí gur
thug sé a dhá shleagh féin dom, is beag dá choinne
a bhí agam (ag féachaint ar an dá shleagh), go mairfeadh
mo shaoghal níos sia ná mhairfeadh an meas a bhí an
uair sin agam ar an bhfear a thug dom iad so.
Dubhairt Cathbhadh Draoi go mbeadh mo shaoghal
diombuan. Ní fheadar an raibh a fhios ag Cathbhadh
go mbeadh clú Chonchobhair níos diombuaine!
"Óigthighearna!" Ní hiongna tu ghá thabhairt mar
ainm air, a Mhéibh! Ní'l óigthighearna beó ná
lasfadh le náire dá mbeadh a leithéid de ghníomh


L. 90


le cur 'na leith. A! a dhearbhráthair mo mháthar, do
chaillis orainn glan. Tá ceó ar do chlú, ceó
ná heireóchaidh go deó dhé. Tá an ceó céadna ar chlú
ár gcúige agus ar chlú ár ríogra. Tá iongna agus
móráil agus uaibhreas croidhe ar Mhéibh agus ar
ár namhaid go léir.



(Filleas Fiacha.)



Seadh! a Fhiacha, cad tá uatha anois?



Fiacha. — Comha eile ba mhaith leó a thairisgint duit, a rí.



Cú. — Cad iad na comha eile iad?



F. — An méid is saor de na daoine a rugadh uait do
thabhairt duit tar n-ais duit agus an méid atá
seasg de'n bhuar, agus cosg do chrann-tabhail ar
na slóghaibh.



Cú. — Ní glacfar na comha san. Dá nglactaí iad is
amhlaidh a bheadh an sgéal ag Ultaigh, chaithfidís na
ba seasga do mharbhadh chun bídh agus d'fhágfadh san
iad gan seasg gan bleacht. Agus chaitfidís a
mná saora do chur ag déanamh daor-oibre. Do
leanfadh masla ar mo chlú-sa dhé sin. Déarfadh
Ultaigh go mb' éigean dóibh banmhoghtha dhéanamh
d'inghinibh a ríghthe agus gur mise fé ndeár é.



F. — Má 's eadh, a rí, dubhradh liom comairce beatha
agus sláinte d'fhágáilt agat agus a iaraidh ort
teacht go Gleann Fochaine chun cainte dhéanamh le
Méibh agus le Fearghus.



Cú. — Tá go maith.



(Imthigheas Fiacha.)



Tá lán a gcroidhe d'eagla ortha nó ní bheidís
chomh tathantach so i dtaobh na gcomha. Tabharfad-sa
comha dhuit a Mhéibh.



(Imthigheas.)


L. 91


An Cúigeadh Radharc.



Gleann Fochaine. — Tig Méibh agus Fearghus isteach
ó thaobh agus Cú Chulainn ó'n dtaobh eile.



M. — Agus an é sin Cú Chulainn! Ach aidhe! Mheasas ó
d'chaint, a Fhearghuis, gur cheart a dhá oiread eile,
ní headh ach a thrí oiread eile, bheith ann. Féach!
Ní'l ruibe ar a ghial! Is eagal liom gur le béal
gan sgoth a thánamair chun cainte.



F. — Sin é Cú Chulainn, a ríogan. Sin é an fear a
mhairbh do cheathrar ag Áth nGabhla. Sin é an fear
a theasg an ghabhal úd le haon bhuille chlaidheamh,
agus do chuir i dtalamh í d'aon urchar, as neart aon
láimhe. Sin é an fear go bhfuil a chrann-tabhail ag
dísgiú do mhór-shlógh, a Mhéibh. Má 's béal gan
sgoth é ní béal gan binneas é, má 's binn béal 'na
chomhnuidhe. Chífir go bhfuil sé chomh deas ar a chaint
agus atá sé ar a ghníomh.



M. — Má dhein sé na gníomhartha úd mar a deirir tá
neart agus comhacht aige nách leis féin. Níor dhein
sé riamh iad le n-a neart féin. Ní'l ann ach gas.



F. — Táid na cáirde sídhe aige is fearr a bhí ag laoch
riamh. Deirtear go bhfuil Lugh mac Eithleann ortha.



M. — Labhair leis, a Fhearghuis, agus innis dó na comha
atá le fagháil aige ach go dtabharfaidh sé sos dúinn
ó n-a chrann-tabhail.



F. — Ambasa, a ríogan, tá sé chomh comhngarach duit
féin agus atá sé dhomhsa. Labhair féin leis. Ead-
raibh féin is fearr an sgéal. Sibh féin is mó cion
ar a chéile. Sibh féin is fearr a thuigfidh a chéile.


L. 92


M. — A Chú Chulainn na n-arm ngéar agus na ngníomh
iongantach, ní foláir a admháil gur mór ár n-eagla
romhat agus roimhead' chrann-tabhail. Is dóich linn,
ámh, gur b' olc an chiall d'aon laoch amháin, dá
fheabhas é a ghníomh, a ghaisge d'imirt ar mhór-shluagh.



Cú. — Ní gá dhomhsa a innsint duit-se, a inghin Eochaidh,
go bhfuil sé ceangailte ar gach fíor-chura, pé lag
láidir a neart, pé beag mór a ghaisge, iad d'imirt
go bás ag cosnamh a thíre agus a mhuintire.



M. — Cad is gá iad d'imirt go bás má gheibhean sé cos-
namh a thíre agus a mhuintire le himirt nách é. Is
'mó cuma 'nar féidir tír agus muintir a chosnamh
i n'éaghmuis troid go bás. Má's troid go bás é
d'aon laoch amháin i n-aghaidh mór-shlóigh is 'mó bás
a chaithfidh seisean d'imirt ortha-san agus ní'l le
himirt acu-san air-sean ach aon bhás amháin. Nuair
a himireóchar an bás san air, cé chosnóchaidh a thír
agus a mhuintir 'na dhiaidh? Má 's, é cosnamh a
thíre agus a mhuintire is dual dó a chomhlíonadh,
nách cóir dó, chuige sin, a bheatha agus a shláinte
féin do chosnamh ar dtúis ar chuma éigin eile i
n-éaghmuis troid go bás?



Cú. — Ní heól domhsa cuma eile sa choimheasgar so.
Is 'mó bás imeartha agam cheana féin ar Fhearaibh
Éirean agus níor dhearg arm orm uatha fós. Mara
bhfuil locht acu-san ar an imirt ní'l locht agam-sa
air. An té gur dian leis an cluiche taraingeadh
sé as. Is maith uait-se, a inghin Eochaidh, a rádh gur
bh' oth leat mo thír-se agus mo mhuintir gan fear a
gcosnaimh acu! Is deagh-chroidheach an bhean tu!
Cad é an cosnamh eile a thaisbeánfadh do dheagh-
chroidhe dhúinn i n-éaghmuis an chosnaimh seo atá
againn dá dhéanamh?


L. 93


M. — Nár mhaith an cosnamh, a rí, comha maithe do ghlacadh
dhuit féin agus do d'mhuintir agus do d'thír?



Cú. — B'fhéidir gur mhaith agus b'fhéidir nár mhaith. Ní
fear chun gliocais cainte me. Ní le caint a cos-
antar tír agus daoine nuair a bhíon aigne namhad
socair ar éagcóir a dhéanamh. Is le faobhar
claidhimh a deintear an cosnamh an uair sin.



M. — An té ná fuil láidir ní foláir dó bheith glic.



Cú. — Má's chun san d'innsint dom a tugadh annso
me ní misde dhom bheith ag imtheacht.



(Cuireas chun gluaiste.)



M. — Stad, a rí. Ní chuige sin a tugadh annso thu ach
chun comha thairisgint duit.



(Filleas Cú Chulainn.)



Do tairigeadh cheana dhuit a bhfuil saor de'n bhraid
agus a bhfuil seasg de'n bhuar. Níor ghlacais
sin, óir dubhraís go marbhóch Ultaigh a mba
seasga chun bídh, agus annsan go mbeidís gan
seasg gan bleacht; agus go gcaithfidís a mná
saora do chur ag déanamh daor-oibre agus gur bh'
aithis ar Ultaibh sin go deó. Tairingim-se comha eile
duit anois, a rí. Gheabhair a bhfuil daor de'n
bhraid agus a bhfuil bleacht de'n bhuar, agus coisg-
se do chrann-tabhail ó na slóghaibh.



Cú. — Ní féidir domhsa na comha san do ghlacadh, a
Mhéibh.



M. — Cad é an locht atá ortha? Ná féadfar na mná
daora do chur láithreach chun oibre agus na ba
bleachta do chrúth?



Cú. — Mara bhfuil le teacht abhaile chughainn ach ba
bleachta conus is féidir iad d'ithe agus iad do
choimeád le crúth? Agus mara bhfuil le teacht
abhaile chughainn ach mná daora caithfidh ríogra


L. 94


Uladh gabháil leó. De sin ní bheidh i gCúige Uladh
ar ball ach daor-shliocht ar fad. Ní glacfar bó
ná bean uait go gcurfar chughainn abhaile gach
duine dár rugadh uainn, idir shaor agus daor, gach
beithidheach, idir sheasg agus bleacht, agus le n-a
gcois, iomláine ar rugadh de mhaoin agus d'oll-
mhaitheas uainn. Ná curtar teachtaire chugham-sa
le comha de'n tsaghas san arís, nó má curtar is
giorraide a shaoghal é!



M. — O! Féach an ghnúis! Ní gá dhuit an fhéachaint sin
a thabhairt orm-sa, a rí! (ag féachaint ins na súilibh
air go fíochmhar.) Coimeád í do chóbach éigin mheathta.
Ní feabhas a chuirean sí ar do shnódh. Ach ní
misde an méid seo do rádh leat. Má théighean
teachtaire chun cainte leat ní gá dhuit é mharbhadh.
Má thugan tú an fhéachaint sin air ní baoghal duit
go rachaidh sé an dara huair ar na cosaibh céadna
do chúl ná d'aghaidh, ag trial ort! An bhfuil comha
ar bith a ghlacfair, a rí?



Cú. — Tá; iomad.



M. — Cad iad na comha a ghlacfair?



Cú. — Ní mise a shloinnfidh duit iad. Ach má tugtar
dom iad fanfad ortha.



(Imthigheas.)



M. — Cad iad na comha atá uaidh siúd, a Fhearghuis?



(Tig Oilill agus maithe eile isteach.)



F. — Ní fheicim-se gur aon tairbhe dhuit-se bheith ag
cuimhneamh ar na comha atá uaidh.



M. — Cad iad na comha iad asdó?



F. — Tá, fear d'Fhearaibh Éirean do dhul chun comhraic
aoinfhir a dhéanamh leis gach lá, agus an fhaid a bheidh
sé ag marbhadh an fhir sin sos do bheith ag na slóghaibh
ó'n gcrann-tabhail, agus nuair a bheidh an fear


L. 95


san marbh aige Feara Éirean do ghabháil dúna agus
longphuirt go heirghe gréine lar na mháireach; agus
sibh-se do thabhairt bídh agus éadaigh do Chú Chulainn
an fhaid a fanfar ar na comhaibh sin.



M. — "An fhaid a bheidh sé ag marbhadh an fhir sin!"
Ca bhfios nách mar seo do rithfeadh an chaint, .i.
"An fhaid a bheidh an fear san 'ghá mharbhadh-san!"



F. — Má tá fear ar Fhearaibh Éirean a chuirfidh an chaint
ar an gcuma san, anois an t-am aige, agus anois
an t-am agat-sa chun an chaoi thabhairt dó.



M. — Pé cuma 'na rithfidh an chaint ar ball, táid na
comha le fagháil aige. Is usa linn aon laoch uainn
gach lá 'na céad laoch gach oidhche. Cé rachaidh leis
na comhaibh sin ag trial air?



Cách. — Téigheadh Fearghus! Téigheadh Fearghus!



F. — Ní rachad-sa ag trial air — —



M. — Cad 'na thaob san?



F. — Go dtugtar móide agus rátha dhom um fhanamhuint
ar na comhaibh.



M. — Bheirim-se grian agus éasga um fhanamhuint ortha.



Oilill. — Bheirim-se na rátha céadna.



Cách. — Bheirimíd uile na rátha céadna.



F. — Do bhriathar rí ann, a Oilill.



O. — Mo bhriathar rí dhuit ann!



F. — Do bhriathar-sa, a Mhéibh.



M. — Tá sí cheana agat ann.



F. — Gabhthar m'eachra dhom.



Eadarcomhal. — Rachad-sa leat, a Fhearghuis.



F. — Dá ndéinteá mo chomhairle ní raghfá.



Eadar. — Cad 'na thaobh?



F. — Ní haon dóichín duit é siúd. Tá a neart ró mhór,
a lámh ró thapaidh agus a urchar ró chruinn. Dein
rud orm agus fan uaidh.


L. 96


Eadar. — An amhlaidh nách díon dom comairce agus
oineach Fhearghuis!



F. — Is díon cheana ach ná déanfair féin aon chur isteach
ar an bhfear úd, agus, go mór mór, ná hiarfair
comhrac air.



Eadar. — Ní baoghal duit go n-iarfad comhrac air.



F. — Téanam ort mar sin.



(Imthighid an bheirt.)



M. — Téanaigh uile. Is dócha go bhfuil an crann-
tabhail úd ag déanamh foghla orainn, agus go mbeidh
go dtí go mbeid na comha so i bhfeidhm. Is truagh
gan iad i bhfeidhm cheana. Is gearr ó'n inchinn an
anachainn againn go mbeid siad i bfeidhm.



(Imthighid, ach Méibh.)



Ní héidir gur b' é seo an "Cú" ar ar labhair
Feidhealm banfháidh. "Is onchú do Chonnachtaibh
an Cú," ar sise, "Is míchlú do Chonnachtaibh a chlú,"
ar sise. Déarfainn an uair sin gur bh ar Chon-
chobhar a bhí sí ag trácht ach nár bh' fhéidir "fear
fíor" a thabhairt air. — Cú Chulainn. — Ní'l de locht
air ach a luighead. Conus fhéadfadh sí an t-árd-
mholadh úd a thabhairt ar fhear chomh suarach! — Agus
conus is féidir d'fhear chomh suarach a leithéid d'éir-
leach a dhéanamh! Má tá Lugh mac Eithleann ag
cabhrú leis nách olc ó'n Mórríoghan mara dtig lé
an chabhrú do chur ar neamhní! Gheallais domhsa, a
Mhórríoghan, ná faghadh cualacht Logha an lámh
uachtair orm!



(Labhras an Mhórríoghan istigh.)



An Mhórríoghan. — Dubhairt Feidhealm fíor. Mise a
chuir chughat í. Breithnigh a caint. Táid comhachta
móra sídhe i n-aghaidh Logha sa chaismirt seo. Mise
a chuir i n-aigne an Chú na comha so d'iaraidh.


L. 97


M. — Tuigim. Tuitfidh Cú Chulainn sa chomhrac aoinfhir.
Ba chóir go dtuigfinn féin nár bh' fhéidir gan fear
a ghonta d'fhagháil ar Fhearaibh Éirean! Níor bh'
í comhairle do leasa dhuit, a Chú, an chomhairle a thug
ort na comha so d'iaraidh! — Tuigim.



(Imthigheas.)



An Séamhadh Radharc.



Idir Fhochain agus muir. — Cú Chulainn agus
Laogh ag imirt bhuanfaigh.



Laogh. — Aon laoch chughainn, a rí!



Cú. — Cad é an saghas é? Cuir a shamhail air.



L. — Cuirim i gcomórtas é le crann breágh mór a
bheadh ag fás ar faithche príomh-dhúine. Folt fionn-
bhuidhe, forórdha ar a cheann. A ghruaig forsgaoilte
ag tuitim ar a shlinneánaibh agus ar a ghuaillibh.
Brat corcra, cortharach uime. Dealg óir sa bhrat,
ar a bhrághaid. Mánaois leathan-ghlas 'na láimh,
ar dearg-lasadh. Claidheamh mór fada suidhte ar
a shliasaid.



Cú. — Aithnighim é! Míle fáilte roimis an bhfear fan!
Is é Fearghus, m'oide féin, atá ann.



L. — Chím carbad eile ag teacht i n-aoinfheacht le carbad
Fhearghuis, agus is aoibhinn a ghluaiseacht agus gluais-
eacht na n-each atá faoi.



Cú. — Duine éigin de mhacaibh Fear Éirean é sin, agus
is ag féachaint mo chrotha-sa atá sé ag teacht. Is
dóich leó go léir sa longphort gur b'iongantach
an fear me le méid.



(Tig Fearghus isteach, agus eadarcomhal leis.)



Míle fáilte romhat, a oide!


L. 98


Fearghus. — Is báidh liom an fháilte, a dhalta.



Cú. — Is le báidh a tugtar í. Is mór ár gcombáidh le
n-a chéile. Is maith is cuimhin liom-sa an oidhche a
thug Culann Ceard an cuire do Chonchobhar agus
duit-se agus do na maithibh eile a bhí i nbhur bhfochair,
chun na fleidhe. D'iar Conchobhar orm-sa dul libh
agus gan ionam an uair sin ach mac beag. Níor
fhéadas dul libh mar ní raibh deire a gcluichí imeartha
ag an macra. Ach do leanas sibh. Nuair a bhíos
ag teacht chun an dúna, agus sibh-se istigh, d'eirigh
an fearchú chugham. Bhí a fhios agam chomh luath agus
d' airigheas a ghlam, go gcaithfinn é mharbhadh nó go
marbhóch sé me. D' imireas an t-ubhall-chleas air
agus chuaidh an t-ubhall isteach 'na chraos agus tríd
siar. Do las m'fhearg agus do stracas as a
chéile é. Tusa an chéad duine a tháinig amach chugham,
agus thógais ar do ghuaillibh me agus rugais isteach
me. Fan annso im' fhochair anois, a Fhearghuis.
Tá gá agam leat anois níos mó ná a bhí an uair sin.
Ní'l ceangal géilsine ag Méibh ná ag Oilill ort
feasta. Do mhealladar thu, agus do mhealladar
sinn go léir, nuair a leogadar ortha ná raibh uatha
ach triúcha céad Cuailnge do sgrios. Bhí Méibh
ceapaithe, ó thosach, ar Chúige Uladh do sgrios. Dá
bhfantá im' fhochair-se anois do dhéanfaimís araon
iomard mór do'n tsluagh. Má tá an t-eagla
go léir seo acu romham-sa bheadh a dhá oiread eagla
acu roimh bheirt againn. Níor ghá dhuit aon eagla
bheith ort ná go bhféadfaimís seasamh i n-aghaidh an
mhór-shlóigh. Tá cothrom bídh agus dighe againn an
fhaid a bheidh fiadh ar cnoc, éan i n-aer, nó iasg
i n-uisge. Is eól duit conus nách féidir dóibh dul
uaim-se nuair a bhím ar a dtóir. Agus má thagan


L. 99


cath nó comhrac ort is mise ghlacfaidh idir chath agus
comhrac go fonnmhar thar do cheann. Dein, a rí!
Fan annso agam. Ná heirig thar n-ais go deó
ag trial ar an longphort.



F. — Tuigim do chombáidh, a Chú Chulainn. Tuigim do
ghrádh dhom. Agus is eól duit-se conus mar atá
mo chroidhe-se dhuit. Is eól domhsa gach maith dá
ndéanfá-sa dhom dá mbeinn id' fhochair annso. Ní
féidir, ámh, trácht ar neithibh de'n tsórd san anois.
Ní chuige sin a thánag, ach an cor so d'iarais ar
Fhearaibh Éirean, gheabhair é. 'Sé sin, comhrac aoin-
fhir gach lá, agus an fhaid a bheidh an comhrac ar
siubhal, imtheacht do na slóghaibh, agus nuair a bheidh
an fear san marbh agat-sa, dúna agus longphuirt
do na slóghaibh go heirghe gréine lar na mháireach;
agus biadh agus éadach duit-se ó Fhearaibh Éirean;
agus an crann-tabhail dá chosg ó na slóghaibh. Fan-
far ar na comhaibh sin má's áil leat-sa.



Cú. — Is áil agus fanfad ortha. Ná dein-se a thuille
righnis annso, a Fhearghuis, le heagla go ndéarfaí
gur sgáth a bheadh orm-sa roimis an gcomhrac.



(Imthigheas Fearghus. Fanas Eadarcomhal ag féachaint ar
Chú Chulainn.)



Cad air go bhfuilir ag féachaint, a ghiolla?



Ead. — Táim ag féachaint ort-sa.



Cú. — Ní fada an radharc duit-se sin. Tabhair súil orm
agus lean Fearghus. Cad is dóich leat dom?
Cad é do mheas orm?



Ead. — Meas maith. Macaomh deagh-chúmtha iseadh thu,
ach ní puinn díot atá ann. Ní hiomarcach tu idir
dheagh-laochaibh. Is truagh nár fhásais tuille! Ní'l
de locht agam ort ach do luighead!



Cú. — Is maith an bhail ort gur ar chomairce Fhearghuis


L. 100


a thánaís annso! Mara mbeadh san ní raghadh thar
n-ais ach do chnámha briste! Thánaís ar oineach
Fhearghuis. Imthigh slán!



Ead. — Tá go maith. Ach so. An cor so atá naisgithe
agat-sa ar Fhearaibh Éirean, an comhlonn aoinfhir
seo, mise an chéad fhear a thiocfaidh amáireach ag
freagairt duit ann.



Cú. — Imthigh leat, agus dá luathacht a thiocfair amáireach
bead-sa annso romhat.



Ead. — Cad is gá dhúinn fanamhaint go dtí amáireach!
Ná fuil sé chomh maith againn an comhrac do
dhéanamh anois!



Cú. — Ní buadh dhuit an comhrac a dhéanamh amáireach
agus is lugha ná san is buadh dhuit é dhéanamh anois.
Ach is ar oineach Fhearghuis a thánaís ó'n longphort
agus ní har do dhaingean féin.



Ead. — Is maith áiseach an leath-sgéal é!



Cú. — Ambasa gheabhair leath-sgeal nách é!



(Ag tarang a chlaidhimh. Comhracaid. Tuiteas eadarcomhail.)



Sin leath-sgéal agat, nuair ná beadh ciall agat!



(Teicheas giolla eadarcomhail.)



Beidh Fearghus ar buile chugham! Ach ní raibh
leigheas agam air.



(Filleas an giolla agus Fearghus le n-a chois.)



Fearghus (Le Cú Chulainn). — Cad chuige dhuit, a shioraite
shiabhartha, me shárú um an té tháinig annso ar
m'fhaoiseamh agus ar mo chomairce!



Cú. — Éist liom, a oide. Ar an altrom agus ar an
oileamhaint a thugais orm-sa, ceocu b'fhearr leat
mise 'ghá mharbhadh-san nó eisean 'gham mharbhadh-sa?
Tar-sa a leith, a ghiolla. D'airighis an tarcaisne
a thug an coileán san dom. Innis an sgéal.


L. 101


An giolla. — Dubhairt mo thighearna leis an rí gurab é
féin céad duine a thiocfadh amáireach ag freagairt
an chuir seo a bhí naisgithe ag an rí ar Fhearaibh Éirean.
Dubhairt an rí, dá luathacht a thiocfadh mo thriath go
mbeadh sé féin ollamh dó. Annsan dubhairt mo
thriath nár bh' fholáir an comhrac a dhéanamh anocht.
Dubhairt an rí nár bh' fhéidir dó féin comhrac a
dhéanamh le fear a tháinig ó'n longphort ar oineach
a oide. Dubhairt mo thriath ná raibh annsan ach
leath-sgéal chun an chomhraic do sheachnadh.



F. — Beannacht ar do láimh a dhalta! Faghaidh téad
dom, a ghiolla, go gceangaltar an corpán so lais-
tiar de'n charbad agus go mbeirtear tar n-ais ag
trial ar a mhuintir é.



(Ceangalaid an téad ar chosaibh an chuirp agus taraingid
amach é. Imthighid Fearghus agus an giolla.)



Cú. — Ní ró mhaith a ghlac Fearghus mo chaint i dtaobh é
fhanamhaint annso. Tá sé ró onóireach. Dá mbeadh
Méibh chomh honóireach leis dob usaide é. Ach ag
machtnamh ar an sgéal dom ní hiongna liom gan é
fhanamhaint. Ní'l aon fhear eile ar an mór-shluagh,
ach é, chun cirt a dhéanamh do na hUltaibh atá ann.
Dá bhfágadh Fearghus iad ní fios cad imtheóch ortha.
Ní hiontaoibh inghean Eochaidh! Déanfaidh sí an
ceart an fhaid isé a buac ceart do dhéanamh. Ach
ní baoghal go staonfadh sí ó'n éagcóir dá mba
dhóich lé go mbeadh sí aon rud beirtha leis. Dá
bhfanadh Fearghus annso agam-sa ní bheadh aon iongna
orm dá mb' é céad rud a dhéanfadh sí ná a bhfuil
d'Ultachaibh fé n-a smacht do chur fá ghion gaoi agus
claidhimh! Tá an ceart agat, a Fhearghuis. Ó taoi
ar an bhfód, ní foláir duit an fód do sheasamh.
Táid na comha i bhfeidhm. Tá comhrac aoinfhir


L. 102


agam le fagháil. Is mór m'amhras ná beidh sé 'na
chomhrac aoinfhir agam i gcomhnuidhe. Má dáiltear
fíre fear dom beid na comha chomh dian ortha agus
bhí an crann-tabhail. Mara ndáiltear fíre fear
dom tá an crann 'na gcóir arís agam. Is ortha
bhí an crann i gceart nuair a tháinig an crann so
crosda ortha.



(Imthigheas.)



An Seachtmhadh Radharc.



Méibh i ndorus a puible ag caint le ceardaidhe.



M. — Féach, a ghiolla. Tá an búcla nách mór briste sa
chrios san. Deisigh é nó cuir ceann nua ann. Agus
sin é an mionn óir a bhí ar cheann Locha bhocht nuair
a marbhadh í. Cuir na trí coda le chéile mar a
bhíodar cheana agus dein é shlánú dhúinn.



An ceardaidhe. — B'uathbhásach an buille é, a ríogan!
Rud chomh righin le hór do stracadh as a chéile ar
an gcuma san! Déanfar do réir do thoile, a
ríogan.



(Tig Fearghus isteach, agus an giolla, agus corp eadar-
comhail eatartha acu.)



M. — Cad é seo? Cé hé seo marbh anois? An amhlaidh
nár stad an crann-tabhail fós? — Ó! a leanbh! a
leanbh! A mhic mo chroidhe cad d'imthigh ort! Cad
d'imthigh i n-aon chor ort! Cé luigh lámh ort chomh
trom? Ó! a Chú Chulainn mheilteach is tu an
cuirptheach uilc os ár gcionn! Is 'mó droch-
ghníomh déanta agat orainn ach do bhuaidh an gníomh
so ortha go léir! Is 'mó fear tréan a leagais ar


L. 103


lár, ach bhíodar fásta, curanta, cruaidh. Do leagais
Órlámh ach bhí do dhóithin d'fhear ann. Ach an leanbh
bocht so! A Chú! a Chú! Is cruaidh é do chroidhe
agus a rádh gur thógais do lámh mharbhuightheach chuige
seo! Ní misde croidhe con do thabhairt ar do
chroidhe, croidhe gan truagh, croidhe gan taise.
Croidhe gan daonnacht. Ach gabhaim leath-sgéal
ag an gcoin. Ní dhéanfadh cú a leithéid. Tá fíoch
agus binb agus miosgais fearchon ionat, a Chú, agus
tá do dhroch-chroidhe fuathmhar féin ionat mar bharra
ortha. Ó! mo ghrádh go deó thu, a mhic mo chroidhe!
Is trom an buille é seo buailte indiu orainn.
Tá an luisne imighthe as do ghruadh. Tá an solus
imighthe as do shúilibh. Tá solus mo bheatha-sa
múchta feasta. Tá a mheanmna imighthe as mo
chroidhe. Tá a lúth imighthe as mo bhallaibh. Táim
gan neart gan fuinneamh gan misneach. Ní'l im'
chroidhe ar fad ach trom-ualach. Ochón! Ochón!
Is cuma liom feasda cad a dhéanfaidh braide 'ná
Bó-tháinte cúige Uladh, ná cé dhéanfaidh díoghaltas
ar mhac Fachtna. Bhí mo chroidhe dlúite ceangailte
sa leanbh so agus sin é marbh é. Ó! tá sé fuar!
fuar! marbh! Do sgriosas Magh Muirtheimhne ort,
a Chú. Cad é a bhrígh é seachas an sgrios atá déanta
agat-sa orm-sa indiu! Níor mharbhuigheas do
leanbh ort! D'fhágas Magh Muirtheimhne 'na
huaigneas agat. Cad é' bhrígh an méid sin seachas
an t-uaigneas atá fágtha agat-sa orm-sa indiu, a
Chú mheilteach! — Ach cad é seo agam dá rádh! Cá
bhfuil Fearghus? An mar sin a dheinean tusa
comairce! Do leogas leat mo leanbh. Bhí do
bhriathar curadh agam uait go dtiocfadh sé thar n-ais
chugham slán. — Ach dar ndóich ba leanbaidhe an


L. 104


obair dom nár chuimhnigh go raibh fir cheana ar do
chomairce agus nár thánadar slán! Ca bhfios
domhsa ceocu Fearghus nó Conchobhar ba mhó a bhí
ciontach! Ca bhfios dom anois ceocu ar
Fhearghus nó ar Chú Chulainn is ceart dom buidheach-
as an ghnímh seo do bheith agam!



Fearghus. — Comairghe mh'anma ort féin go fóil, a
ríogan! Tar annso, a ghiolla. Innis don ríogan
cad a tharla idir Chú Chulainn agus Eadarcomhal
agus conus a tharla bás an óig-fhir seo.



An giolla. — D'fhan mo thriath i ndiaidh Fhearghuis, ag
féachaint ar Chú Chulainn. Dubhairt Cú Chulainn
leis imtheacht agus Fearghus do leanamhaint. Dubh-
airt mo thriath ná himtheóch sé gan ceann Chú Chulainn
do thabhairt i mbuadh agus i gcosgar leis. Dubhairt
Cú Chulainn ná féadfadh sé féin comhrac a dhéanamh
le fear a tháinig ann ar oineach Fhearghuis. Dubhairt
mo thriath ná raibh sa chaint sin ach leath-sgéal chun
an chomhraic do sheachnadh, agus gur bh'eagla a bhí ar
Chú Chulainn roimis féin. Annsan do chomhracadar
láithreach. Ó! mo lá bróin é! Mo lá bróin é!
Is ar éigin a bhí an comhrac ar siubhal nuair a bhí mo
thriath ar lár!



M. (Ag labhairt go hárd). — An bhfuil fear le fagháil,
uasal ná íseal, ar an mór-shluagh so, go bhfuil 'na
láimh an gníomh so do chúiteamh!



(Tig Nad Crandail isteach.)



Nad. — Tá, a ríogan, mór-chuid. Seo aon fhear amháin
acu.



M. — Féach air sin, a rí! Nách marbhthach an radharc é
sin do mháthair leinbh! D'imthigh mo stór amach go
bhfeicfeadh an Cú Chulainn oirdheirc seo atá i mbéal
gach aoinne. Do chonaic agus, ochón! mo sgeimhle


L. 105


agus mo chreach theinn nimhneach, níor bh'fhearrde é
an radharc! D'imthigh sé uaim beó bríoghmhar agus
tháinigh sé mar a chíon tú é.



Nad. — Chífidh Cú Chulainn féin radharc amáireach a
raghaidh chomh holc dó agus a chuaidh a radharc-san
dó so. Ach, i dtreó ná beidh sé le rádh aige nár
tugadh caoi dhó ar bheith ollamh dúinn, cuir-se, a
Fhearghuis, sgéala chuige. Abair leis, do réir na
gcomha a nasgadh dó féin ar Fhearaibh Éirean, go
bhfuil Nad Crandail ag dul amach ar eirghe gréine
ar maidin, ní hamháin ag feisgint a chrotha agus a
dhealbha ach fós ag feisgint a ghaile agus a ghaisge.
Abair leis ná déanfaidh macghníomhartha an gnó
dhó an turus so.



F. — Curfar chuige an teachtaireacht.



(Tigid muintir Mhéibh agus Oiliolla isteach. Beirid leó
an corp. Leanaid Fearghus agus Nad Crandail iad. Gluais-
tear go mall. Seinntear goltraighe. Imthighid ar a
gcuma san.)



An t-ochtmhadh radharc.



Dorus puible Mhéibh. Tig Méibh agus Oilill
agus Fearghus agus maithe eile isteach. Tig Nad
Crandail isteach.



Nad. — Nad Crandail abú! Nad Crandail abú! An
Cú Chulainn éachtach so, a uaisle, go bhfuil an
maoidheamh go léir as, do theich sé romham-sa indiu!



M. — Ar thugais a cheann leat, a rí uasail?



Nad. — Níor thugas, a ríogan, mar níor fhan sé liom
chuige. Nuair a chonac cad é an saghas é agus ná
raibh ann ach maoith-óglach gan ulcha, i n-aois a
mhacdhachta, ba lag liom claidheamh d'imirt air,


L. 106


agus níor dheineas ach bior cuilinn a bhí im' láimh
do chaitheamh leis. Do raghadh an bior tríd agus
bheadh a chosgar agam chomh maith agus dá n-imireóch-
ainn claidheamh air, ach ba mhaith an mhaise aige é,
do ghaibh sé an bior 'na láimh. Is iongantach an
cleasaidhe é! Chaitheas an dara bior leis agus
do ghaibh sé rinn an bheara san i gcúl an chéad bheara.
Chaitheas an tríomhadh bior leis agus ghaibh sé rinn
an tríomhadh beara i gcúl an dara cinn. Ní fheaca
riamh cleas ba dheise! Ní foláir a admháil gur
cleasaidhe glic é. Annsan, ámh, iseadh d'imir sé an
cleas dob fhearr a bhí aige. Do theich sé leis féin.



M. — Mo ghraidhn mo shúil! Is maith a bhí a fhios agam-sa
ná seasóch sé an fód nuair a chífeadh sé fíor-laoch
ar a aghaidh amach!



(Imthigheas Fearghus.)



Is truagh nách é a cheann a thugais leat. Ach fós
ní holc mar a tharla. B'fhéidir anois go mbeadh
faoiseamh againn ó'n gcrann-tabhail! Níor bh'
é an crann-tabhail féin ba mheasa dhúinn ach an
sgannra agus an crith-eagla a bhí ar an sluagh
go léir roimis. Bhí sé daingean i n-aigne gach fir
díobh nár bh' é féin a bhí ag déanamh an éirligh ar fad
ach na mílte dá chairdibh sídhe bheith ag cabhrú agus
ag cuidiú leis. Nuair a haireóchar agus a tuig-
fear gur theich sé roimh aon fhear amháin imtheóchaidh
an sgannra. Is mó go mór is baoghal do mhór-
shluagh sgannra agus sgeón ná neart namhad.



(Filleas Fearghus.)



Fearghus. — Tá dearmhad ort, a rí. Tá teachtaireacht
annso dhuit ó Chú Chulainn.



Nad. — Cad í an teachtaireacht í? Nár theich sé romham
indiu?



(Tig Fiacha mac Fir Fheibhe isteach.)


L. 107


F. — Tabhair do theachtaireacht uait, a Fhiacha.



Fiacha. — Deir Cú Chulainn, a rí, gur thánaís chuige agus
beara crainn id' láimh agat, ach gur chóir a fhios a
bheith agat-sa agus ag Fearaibh Eirean nách béas dó
féin ara ná eachlach ná duine gan arm do ghoin.
Bhí iongna air tu 'ghá mhaoidheamh gur theich sé romhat
óir do chonaicís féin gur ag cluiche na n-ealta
éan a bhí sé, chun go bhfágfaidís cuid na hoidhche aige,
mar gur fhág an trom-shluagh so é gan puinn eile
fagháltais. Deir sé leat teacht go háit an chomh-
raic go moch ar maidin amáireach agus nách baoghal
duit go dteichfidh sé romhat ach go bhfeicfidh sé arm
id' láimh.



(Imthighid Fearghus agus Fiacha.)



M. — Ní fearr riamh é! An rud nár thugais leat
indiu tabharfair leat amáireach é; .i. a cheann agus
a chosgar. Ní chreidim an chaint i dtaobh na n-ealta
éan. Ní'l sa chaint sin ach leath-sgéal. Is amhlaidh
a theich sé romhat. Annsan tháinig náire air roim
Fhearghus agus na hUltaigh atá ar an mór-shluagh so.
Deirim leat gur b' amhlaidh a theich sé romhat.
Nuair a chonaic sé do chruth agus do phearsa d'imthigh
a mhisneach. Nuair a thiocfaidh sé os do chomhair
ar maidin, má thagan, ná staon ó chlaidheamh
d'imirt air, pé maoith-óige a chífir ann. Cuirp-
theach uilc iseadh é dá shleamhaine a ghial agus dá
óige a fhéachaint.



Nad. — Ní fheaca riamh cleas ba dheise ná an cleas a
dhein sé ar na bearaibh! Nuair a chaitheas an chéad
bhior leis thabharfainn grian agus éasga go bhfeaca
an bior ag gabháil tré champar a chléibh. Ní raibh
a leithéid d' iongna riamh orm agus bhí orm nuair
a chonac an bior 'na láimh aige. Chaitheas an dara


L. 108


bior láithreach sar a mbeadh uain aige ar mo bhior
féin a chaitheamh liom. Níor dhein sé oiread agus
druidim i leith taoibh ag seachnadh an urchair. Sheas-
aimh sé go dlúth mar a raibh aige. Chuireas breis
fuinnimh leis an dara hurchar. Ní raibh sgiath aige
agus da mbeadh féin gheabhadh an bior úd tríd, agus
tré n-a chliabh féin. Do ghaibh sé rinn an dara
beara ar chúl an chéad bheara! Ní fheaca aon rud
riamh chomh glic. Le fuinneamh an dara hurchair
chuaidh an dara bior tríd an gcéad bhior, ó chúl go
rinn! Chuaidh an tríomhadh bior, ar an gcuma
gcéadna, tríd an dara bior. Ní chreidim go bhfuil
fear eile beó a dhéanfadh an cleas, — agus a anam
air. Níor dhóich leat gur chuir sé blúire suime ann.
Tá rud éigin iongantach sa bhfear.



M. — Tá ainm na gcleas air. Ach ní le cleasaidheacht a
deintear gníomhartha gaile agus gaisge. Is le
neart lámh agus le misneach croidhe agus le hoilt-
eacht ar arm a deintear iad. Bhí a fhios ag Cú
Chulainn nuair a dhein sé na cleasa san duit-se go
nglacfá truagh dá óige agus ná himireóchthá arm
air. Chuige sin iseadh do dhein sé na cleasa.
Annsan do theich sé romhat. Bhí a fhios aige, má
ba lag leat arm d'imirt air toisg é bheith chomh hóg,
nár lugha ná ba lag leat é leanamhaint sa teiche.
Óig-fhear gasta iseadh é. Nách luath a mhaoidhimh sé
nách ag teiche romhat-sa a bhí sé ach ag cluiche na
n-ealta éan! Má leogtar leis maoidhfidh sé
an cleas a dhein sé leis na bearaibh, agus dear-
faidh sé, "Nuair a chonaic Nad Crandail na cleasa
tháinig eagla air. Sin é 'chúis nár lean sé Cú
Chulainn!" An mheathtacht a thaisbeáin sé féin
cuirfidh sé i leith Nad Crandail í. Nach tapaidh


L. 109


a leog sé air nách ag teiche a bhí sé ach ar thóir na
n-ealta!



Nad. — Cuirfead-sa i n-iúil dó amáireach ná déanfaidh
cleasa ná teiche an gnó dhó.



(Imthighid.)



An Naomhadh Radharc.



Pubal Fhearghuis. — Fearghus agus Cormac Con-
loingeas agus Fiacha mac Fir Fheibhe i gcomhairle.



Fiacha. — Chuir sé fáilte romham go cneasda agus go
caoin. Bí áthas mór air nuair a dubhart leis gur
ó Fhearghus a thánag chun cainte do dhéanamh leis.
"Cad í an chaint atá agat le rádh liom ó Fhearghus,
a Fhiacha?" ar seisean. "Ní'l caint ar bith is
annsa liom-sa ná pé focal cainte a thiocfaidh ó
Fhearghus chugham."



"Is eagal liom, a rí," arsa mise leis, "nách ró
mhaith a thaithnfidh an chaint leat a chuir sé liom-sa
chughat indiu. Ach ní foláir dom a iaraidh ort roim
ré gan fearg a bheith agat chugham-sa dá barr. Tá
orm an teachtaireacht a thabhairt uaim mar a tugadh
dom í le tabhairt."



"Ná bíodh ceisd ort, a Fhiacha," ar seisean, "ach
abair an chaint díreach mar a dubhairt Fearghus í.
Ní abran Fearghus caint mhí-thaithneamhach gan a
dhóithin de chúis chun a ráidhte aige. Abair an chaint
dúinn, a Fhiacha." "Sid í an chaint, a rí," arsa mise
leis. "Imthigh, a Fhiacha, agus abair le Cú Chulainn
gur bh' fhial an rud dó bheith ag seilg ar shlóightibh
fear Éirean an fhaid a bhí gníomhartha gaile agus
gaisge aige 'ghá dhéanamh ortha, ach gur bh' fhéile dul
i bhfolach ná teiche roimh aon fhear amháin díobh."


L. 110


Chomh luath agus d'airigh sé na focail do ghruamaigh
a ghnúis i dtreó gur tháinig faitchíos orm roimis.
"Cé dubhairt," ar seisean, "gur theicheas?"
D'innseas dó. Annsan d'imthigh an dorchú dá
ghnúis agus thug se dom an teachtaireacht úd do
Nad Crandail i gcóir na maidne amáireach.



Fearghus. — Isé eagla atá orm, a Chormaic, ná go
ndéanfar uisge-fé-thalamh éigin chun deire chur le
Cú Chulainn. Tá Méibh aon ní ach as a meabhair
mar gheall ar bhás Eadarcomhail. Ní staonfaidh
sí ó aon tsaghas fill chun díoghaltais a dhéanamh,
má 's dóich lé go bhféadfaidh sí an feall a cheilt, nó
má bheartuighean sí 'na haigne go dtiocfaidh lé
an dubh a chur 'na gheal ar dhaoinibh nuair a bheidh an
feall déanta agus Cú Chulainn curtha chun báis aici.
Ní foláir rud éigin a dhéanamh a chuirfidh as a cumas
an feall a dhéanamh, agus a chuirfidh i n-iúil di go
gcaithfear fíre fear a thabhairt do Chú Chulainn sa
chomhrac so, do réir na gcomha gur thug sí féin grian
agus éasga um fhanamhaint ortha. Cad í an chomh-
airle thabharfá-sa sa sgéal, a Chormaic?



Cormac. — An chéad ní ná 'chéile dhe dá n-imríghthí beart
fill ar Chú Chulainn sa chomhrac so agus sinne ar
an sluagh so, agus dá n-imríghthí bás agus íde ar
Chú Chulainn leis an bhfeall san, ní mhaithfeadh cúige
Uladh dhúinne go deó é! Ní glacfaí aon leath-
sgéal uainn. Ní dhéanfadh aon léiriú ná aon
mhíniú an gnó dhúinn. Dá n-abraimís, "do him-
readh feall ar Chú Chulainn i gan fhios dúinn! Ní
raibh leigheas againn air! Bhí ceangal géilsine
orainn do Mhéibh agus d'Oilill agus níor bh' fhéidir
dúinn an ceangal san do shárú," déarfaí linn
dár bhfreagra, "Má bhí ceangal géilsine oraibh-se


L. 111


do Mhéibh agus d'Oilill bhí ceangal comha, fé ghréin
agus éasga, ar Mhéibh agus ar Oilill, fíre fear a
thabhairt do Chú Chulainn sa chomhrac aoinfhir. Ar
mhaithe le fíre bhur ngéilsine féin bhí sé ceart agaibh
féachaint chun na gcomha agus a chur i n-iúil do chách,
ar gach taobh, go gcaithfí na comha do chur i bhfeidhm
agus ná raibh dul ar bith ag aon taobh ó fhanamhaint
ortha. Bhí ceangal na gcomha chomh daingean ar
Mhéibh agus ar Oilill, agus ar gach fear d'Fhearaibh
Éirean, agus bhí ceangal na géilsine oraibh-se.
Ba shárú dhíbh ar na comhaibh agus ar bhur ngéilsine
i n-aoinfheacht an éagcóir a leogabhair d'imirt ar
aonmhac áluinn amhra Uladh." Rud eile dhé. Bíodh
gur b' é brígh na gcomha imtheacht a bheith d'Fhearaibh
Éirean an fhaid a bheidh an comhrac aoinfhir ar siubhal
ní féidir a chosg ar chuid againn fanamhaint ag
féachaint ar an gcomhrac. Má's maith liom-sa,
cuir i gcás, fanamhaint ag féachaint ar an gcomhrac
cad é an bac atá orm mo thríocha céad do chur fé
láimh mo thánaiste san imtheacht agus annsan teacht
suas leis an mór-shluagh nuair a bheidh an comhrac
déanta? Ní ró fhada an aimsir a chaith Cú Chulainn
le haon chomhrac aoinfhir dá bhfuil déanta fós aige.
Ní dóich liom go mbeidh puinn slighe curtha dhíobh
ag Fearaibh Éirean um an dtaca go mbeidh Nad
Crandail imighthe ag trial ar Órlámh.



F. — Is maith í do chaint, a Chormaic. Sin é díreach an
machtnamh a bhí im' aigne féin sar ar labhrais. Nuair
a tuigfear ar measg an tslóigh go bhfuil cuid
againne ag fanamhaint ag féachaint ar an gcomhrac
isé is dóichighe go bhfanfaidh duine nó beirt de
mhuintir Mhéibh ag féachaint air leis, sinne ag faire
ortha-san sar a ndéanfaí feall agus iad-san ag


L. 112


faire orainne ar an aigne gcéadna. Idir an dá
fhaire ní baoghal ná go ndáilfear fíre fear ar gach
taobh. Ach i dtaobh an chomhraic féin, ní dóich liom
go dtuitfidh Nad Crandail chomh tapaidh agus a
thuit Órlámh. Curadh ana thréan iseadh Nad Crand-
ail. Deirtear nár bhuail a dhiongbháil riamh fós
uime, agus ná fuil fear a chomh-ghnímh ar Fhearaibh
Éirean. Ach is cuma san. Ní har Fhearaibh Éirean
atá Cú Chulainn. Tá sé chomh maith againn i dtriúr
bheith ag áit an chomhraic ar eirghe gréine. Go mba
buadh agus cosgar do Chú Chulainn!



C. — Go mb' eadh san!



Fiacha. — Go mb' eadh san!



(Imthighid.)



An deichmhadh radharc.



Áit an chomhraic. — Tig Fearghus agus Cormac
Conloingeas agus Fiacha isteach ó thaobh. Tig Ceat
mac Mághach isteach ó'n dtaobh eile.



Ceat. — Táthaoi go moch ar an láthair, a Ultacha.



Fiacha. — Níor leogais féin puinn linn, a rí. Níor
dheinis puinn righnis sa tsúsa.



Ceat. — Ní raibh aon choinne agam libh-se. Níor airigh-
eas aoinne 'ghá rádh go bhfanfadh sibh ag féachaint
ar an gcomhrac. B' é mo mheas gur chuir an ríogan
agus Oilill a smacht i bhfeidhm agus do réir an
smachta san nár cheadaithe d'aon rí ná ríoghdhamhna
bheith as a inead i gceann a thríocha céad agus an
mór-shluagh ag imtheacht.



Fearghus (Ag cur gáire as). — Ní hé gach aon lá a chífimíd


L. 113


comhrac mar an gcomhrac atá geallta dhúinn indiu, a
Cheit. Is dócha gur dá dheasgaibh sin a dheinis féin
dánaidheacht ar an smacht do shárú aon uair amháin.



(Tig Cú Chulainn isteach laistiar ar an gclár, agus é 'na
lán éide catha. Tig Nad Crandail isteach lasmuich.)



Nad. — Móra dhuit, a Cheit! Móra dhíbh a uaisle Uladh!
Níor mheasas go mbeadh aoinne annso romham ach
Cú Chulainn. Is iongantach an fear Cú Chulainn.
An lá úd a theich sé romham do dhein sé an cleas ba
dheise dá bhfeaca riamh. Ní dóich liom go bhfuil
an fear san beó is cruinne ná is luatha lámh ná é.
Is cuma a ghníomh nó an splanc! Tá do lámh-sa
tapaidh go leór, a Cheit, ach dar ár mbriathar ní
dhéanfá an rud a dhein sé siúd. Agus ní'l ann
ach maoith-óglach gan ulcha. Dá mbeadh aois agus
fás agus cruadhas fir aige ní dóich liom go mbeadh
aon fhear i nÉirinn d'fhéadfadh seasamh suas leis
lámh le láimh agus gníomh ar ghníomh. Is mór an
truagh é mharbhadh i dtosach a shaoghail! Is oth liom
go mór an gníomh a chaithfead a dhéanamh indiu!
Tá súil agam go mbeidh ciall aige agus go dteich-
fidh sé romham indiu arís.



Fiacha. — Ní thagan ciall roimh aois, a rí.



Nad. — Go deimhin, a Fhiacha, ní thagan, agus sin é con-
tabhairt an sgéil. Is dóich liom gurab amhlaidh a
tháinig náire romhaibh-se ar an óglach bocht, agus
mara mbeadh an náire sin ná fógróch sé an comh-
rac so orm-sa indiu. Is mór mh' eagla ná leog-
faidh an náire céadna dhó teiche romham arís! Is
mór an truagh é!



Fiacha. — Nár mhaith an rud duit-se, a Fhearghuis, comh-
airle a leasa thabhairt do d'dhalta agus a rádh leis
imtheacht indiu arís i ndiaidh na n-ealta éan!


L. 114


F. — Is baoghal go bhfuil sé ró óg chun na comhairle sin
do thuisgint agus í ghlacadh, a Fhiacha.



Ceat. — Ní chun magaidh a thánamair annso!



Nad. — Is fíor san, a Cheit. Ach cad tá le déanamh
againn ach caint do dtí go dtiocfaidh Cú Chulainn.
Mhaoidhimh sé go dána go mbeadh sé annso romham-
sa, b' fhéidir gur b' amhlaidh a tháinig ciall dó agus
ná tiocfaidh sé. "Is fearr teiche maith ná droch-
sheasamh." Ach is fearr fanamhaint sa bhaile ná aon
taobh acu. Ar a shon féin tá súil agam ná tiocfaidh
sé, agus má fhanan sé siar tá súil agam ná cas-
faidh sibh-se leis ar ball é. Tá sórd báidhe agam
leis mar gheall ar an ngníomh úd a chonac uaidh.
Má tá sé ag teacht nách fada an righneas atá aige
dhá dhéanamh!



Ceat. — Stad, a rí. Tá Cú Chulainn láithreach ag éist-
eacht le d'chaint.



Nad. — Cá bhfuil sé?



Ceat. — Sin é thall 'na sheasamh é, go ciúin.



Nad. — É sin! Ní hé sin Cú Chulainn! Ní hé sin an
fear a theich romham-sa indé.



Ceat. — Isé go deimhin agus ní dheabhruighean sé go
dteichfidh sé romhat indiu nó is olc mo thuairim.
Má tá báidh agat leis measaim gur báidh gan
combáidh í. Ní deirim go bhfuil puinn báidhe aige-
sean leat-sa.



Nad. — Ambasa ní haon mhaoith-óglach an fear san
ach laoch mo dhiongbhála. Nách mór an iongna ná
tiocfadh sé agus labhairt linn! Chughat me, a Chú
Chulainn! Cosain tu féin!



(Ritheas Nad Crandail anonn chun Cú Chulainn agus
buaileas. Deineas Cú Chulainn an faobhair-chleas le n-a
sgiath. Sa chleas dó, glacan sé an buille ó chlaidheamh Nad


L. 115


Crandail ar bhile na sgéithe i dtreó go sgeinnean an
claidheamh, 'na dhá leath, as láimh Nad Crandail. Sar a
dtuigean Nad Crandail i gceart cad tá imighthe air tagan
taithbhéim ó chlaidheamh Chú Chulainn sa cheann air agus
tuitean sé marbh ar an gclár.)



Cormac. — Dar fiadh, a Nad Crandail, sin splanc
agat!



Fiacha. — Is truagh nár theich sé romhat, a Nadh Crandail!



F. — Is olc a dheinis orainn é, a dhalta!



Cú. — Conus san, a Fhearghuis?



F. — Thánamair-ne agus Ceat mac Mághach annso,
i n-aghaidh smachta Mhéibh agus Oiliolla ag brath air
go bhfeicfimís comhrac maith fada fraochdha fíoch-
mhar, lán de chleasaibh breághtha oilte lúthmhara, agus
chríochnaighis an comhrac le haon chleas beag amháin,
agus dá 'mb' é an cleas beag san féin é, is ar
éigin a thugais uain dúinn ar é fheisgint! Dheinis
go holc orainn é!



Cú. — Dúna agus longphuirt do na slóghaibh go heirghe
gréine ar maidin amáireach! Imthigh, a Cheit, agus
comhlíontar na comha do réir mar a nasgadh iad.



(Imthigheas Ceat go gnúis-ghruamdha.)



Cormac. — An raibh a fhios agat-sa, a Fhearghuis, Ceat
do bheith le teacht annso indiu?



F. — Ní raibh, agus táim deimhnightheach nách aon ní fogh-
anta a thug é. Ní raibh aon choinne aige go bhfeic-
feadh sé sinne annso roimis agus tháinig fearg ar
nuair a chonaic sé sinn.



Cú. — Is maith an bhail air gur thánabhair. Is dócha go
n-ionnsóch an bheirt i n-aoinfheacht me. Dá ndéin-
idís bheadh an namhaid is mioscaisighe ag Ultaibh
curtha bun os cionn leó um an dtaca so. Is
mór an truagh ná tagan Ceat chun comhraic aoinfhir


L. 116


a dhéanamh liom! Imthighidh, a cháirde. Ná deinidh
righneas. Tá droch-fhuadar fé siúd. Fágaidh Nad
Crandail annsan. Tiocfaidh a mhuintir féin chuige.
Deagh-laoch dob eadh é. Fear maith tréan deagh-
chroidheach. Ach fear baoth.



(Imthigheas.)



Fiacha. — Ambasa, a Fhearghuis, is maith mar a thánamair.
Ní hé mo thuairim go raibh Ceat i n-a aonar. Bhí
congnamh fear i bhfolach aige agus ní habhfad uainn
é. D'airigheas iad.



F. — Má bhí ní'lid siad abhfad uainn anois. Téanam!



(Imthighid.)



An t-aonmhadh radharc déag.



Sliabh Fuaid. — Oilill agus Méibh agus Fearghus
agus a lán de mhaithibh Fear Éirean.



M. — Tá iomad aimsire caithte againn ar fuid na mball
so. Ní'l a thuille le fagháil annso againn ná ag
aoinne eile. Tá an áit sgriosta go baileach. Is
fearra dhúinn leanamhaint ar ár n-imtheacht ó thuaidh,
mar a cheapamair ó thosach, agus maitheas na cúige
bheith bailighthe againn agus tabhartha linn againn
sar a dtiocfaidh le Conchobhar eirghe as a cheas agus
a shlóighte do chruinniú. Má dheinimíd a thuille
righnis beidh uain aige ar a chomhachta do thabhairt le
chéile agus do chur i n-eagar agus i gcóir chun catha
agus iad do bheith romhainn ar an slighe ag gabháil
adtuaidh dhúinn. Déanfaidh sé a dhícheall chuige sin.
Má dheinimíd dithineas maith ní bheidh an uain aige
chuige. Beimíd thiar i gCruachain go socair sámh


L. 117


agus braide agus táinte bó go líonmhar againn,
sar a mbeidh aon dá thríocha céad amháin de shlóightibh
Uladh i n-aon inead aige. Annsan beidh sé fuar aige
féin agus agá shlóightibh bheith ag rith 'nár ndiaidh.
Tuigean Conchobhar féin an ní sin agus tuigid
Ultaigh uile go maith é. Caillfid siad an t-anam
nó beidh sluagh chun teasargan acu i n-áit éigin
annso romhainn ag fille dhúinn. Má fhillimíd níos
luatha ná shílfid siad, beimíd imighthe siar sar a
mbeid siad cruinnighthe, nó an ceann is measa dhé,
má bhíon aon chuid acu cruinnighthe tiocfaimíd ortha
sar a mbeidh córú ná eagar i gceart ortha agus
curfar ruag ortha. An cuirptheach san, Cú
Chulainn! Sgeimhle air! Isé an Cú teinn dúinne é!
Mara mbeadh é bheadh ár gcuaird tabhartha againn
um an dtaca so. Nuair a theich sé ó Nadh Crandail
mheasas go rabhamair réidh leis. I n' inead san is
amhlaidh mar atá an sgéal againn gur dócha gur
gearr ná féadfar fear d'fhagháil i n-aon chor cun
comhraic aoinfhir a dhéanamh leis! Dar ndóich ní
hiongna é. Ní comhrac a dheinean sé ach marbhadh.



Fearghus. — Cad 'na thaobh ná deinean fear eigin
marbhadh air-sean! An amhlaidh a mheasfá dhó
comhrac a dhéanamh gan marbhadh! Bhí Nadh Crand-
ail lán-cheapaithe ar é mharbhadh dá bhféadadh sé é.
An locht air-sean Nad Crandail a mharbhadh nuair
fhéad sé é!



M. — Ná bac leis. Gheabhfar fear a ghonta fós.
Caithfimíd gluaiseacht anois. Imthigh, a Cheit, agus
déin sgéala thabhairt do na ríghthibh agus do na
taoiseachaibh. Abair leó gur mar seo atá bear-
tuighthe againn, .i. imtheacht ó thuaidh lom díreach,
chomh fada le Dún Sobhairce agus annsan oll-


L. 118


mhaitheas na cúige do sguabadh romhainn adtuaidh.
Ní gá a dhul ó thuaidh ar fad ach trian ár mór-shlóigh.
Déanfaidh an dá thrian eile iad féin do leathadh,
trian soir agus trian siar, i meadhón slighe,
i dtreó ná fágfaimíd ní ar bith gan bailiú linn.



Oilill. — Is maith an chomhairle í. Dá luathacht a cur-
far i ngníomh í iseadh is fearr é. Déanfaimíd dith-
ineas maith. Beidh an ghaoth 'nár gcúl.



M. — 'Gloistí! Ar airigh aoinne riamh a leithéid sin
de chaint! Ar ndóich ní loingeas sinn!



O. — Níor thiomáin gaoth long riamh níos seólta ná
níos géire ná mar a ghluaiseóchaidh an mór-shluagh
so soir ó thuaidh, a Mhéibh, an fhaid a bheidh an Cú
Chulainn úd agus a chrann-tabhail ar séide 'nár
ndiaidh. Geallaim dhuit ná déanfar aon righneas
san imtheacht. Agus geallaim rud eile duit. Ní
baoghal go bhfanfaidh aon stráile siar. "Is olc
an ghaoth ná séidean do dhuine éigin."



F. — Tá dearmhad dá dhéanamh, a uaisle.



M. — Cad é an dearmhad é? Tá constaic éigin ag
Fearghus le cur romhainn, gabhaim-se orm.



F. — Ní'l aon chonstaic ag Fearghus le cur romhat, a
ríogan, ach an chonstaic a chuiris féin romhat féin
nuair a aontaighis ar chomha le Cú Chulainn agus
nuair thugais grian agus éasga um fhanamhaint ar
na comhaibh. Do réir na gcomha san ní'l sé cead-
aighthe do'n mhór-shluagh imtheacht ar aghaidh ach an
fhaid a bheidh comhrac aoinfhir ar siubhal idir Chú
Chulainn agus laoch éigin d'Fhearaibh Éirean.



M. — Ach! a Fhearghuis, a mhic ó, is ort-sa féin atá
dearmhad an turus so. Is fíor dhuit gur geis
d'Fhearaibh Éirean imtheacht gan comhrac aoinfhir ar
siubhal idir Chú Chulainn agus laoch díobh, an fhaid


L. 119


a fanfar ar na comhaibh. An túisge a stadtar
d'fhanamhaint ar na comhaibh imthighid na geasa. Ní
fhanaim-se ortha a thuille do'n chur so.



F. — Thugais grian agus éasga um fhanamhaint ortha!



M. — Thugamair grian agus éasga um chomhlíonadh na
gcoinghioll an fhaid a fanfaí ar na comhaibh! Dá
gcuirinn-se anois laoch d'Fhearaibh Éirean chun
comhraic aoinfhir a dhéanamh le Cú Chulainn agus
annsan gan an mór-shluagh do stad dá n-imtheacht
nuair a bheadh an comhrac san críochnuighthe, bheimís
ag sárú na ngeas agus ag bréagnú ár luighe. Do
mhairbh Cú Chulainn Nad Crandail. Tháinig Ceat
chughainn ó Chú Chulainn 'ghá fhógairt dúinn dúna
agus longphuirt do ghabháil go heirghe gréine ar
maidin indiu. Tá an ghrian 'na suidhe. Táid na
coinghill comhlíonta againn. Ní'l laoch ag dul
uainne indiu ag comhrac le Cú Chulainn. Má
théighean laoch éigin, ar a dhaingean féin chun an
chomhraic a dhéanamh cad é sin dhúinne san! Ní
hé mo thuairim go raghaidh. Annleisgeamhail a
ndóithin atáid siad ag iompáil amach chun na hoibre
sin. Chuir marbhadh Nad Crandail an donas ar
fad ar an sgáth atá ortha roim Chú Chulainn. Ná
bacaidh Fearghus, a uaisle. Ní'l grian ná éasga
anois orainn 'ghár gcosg ar imtheacht. Dá luathacht
a bheimíd ar siubhal agus dá ghéire chuirfimíd an
tslighe dhínn iseadh is fearr é. Tabharfad-sa agus
Fearghus agus Cormac Conloingeas le trian ár
slóigh, aghaidh ar Dhún Sobhairce ó thuaidh. Tabarfaidh
Oilill agus trian eile aghaidh ar Chlannaibh Rudh-
raighe agus ar Ráth Ciombaoith. Tabharfaidh Ceat
mac Mághach agus an tríomhadh trian aghaid ar
Shliabh Cuilinn agus ar Aileach, ach gan dul ró


L. 120


achmair d'Eamhain. Dein-si, a Chú Raoi, na Muimh-
neacha do dheidhilt 'na dtrí treanaibh. Cuir trian
acu liom-sa agus trian le hOilill agus trian le
Ceat. Do casadh linn, i dtosach ár n-imtheachta,
nár thugamair a lán-cheart do Mhuimhneachaibh.
Gheallamair an uair sin go bhfaighdís lán-chothrom
foghla agus argana chomh luath agus bheadh bánta
na cúige seo fé n-ár gcosaibh. Tabhair cothrom
na cúige ar fad dóibh, a Chú Raoi! Imthighidh, a
uaisle, agus déinidh na bearta san do chur i ngníomh
chomh tapaidh agus is féidir é.



(Imthighid ach Méibh agus Oilill.)



Seadh, a rí, cad deirir leis an mbeartú?



O. — Tá sé go háluinn, a ' nghín ó. Dheinis "sgiath
tar lorg" de na Muimhneachaibh i dtosach ár
n-imtheachta, ar mhaithe leó mar 'dh eadh, agus tá trí
treana déanta anois agat díobh, agus is dóich leó
gur mar mhaithe leó é. Is maith go léir an rud iad
a bheith deidhilte ó chéile. Ní ró mhaith an iontaoibh
atá agam asta.



M. — Mise mar sin. Dá bhfágtaí i bhfochair a chéile
iad, agus iad do chur soir nó siar nó ó thuaidh, bheadh
caoi acu ar chomhairle agus ar chomh-obair, agus ní
chuirfeadh sé aon iongna orm, chomh luath agus bheadh
cnósach maith braide agus tána acu, dá mb' í comh-
airle dhéanfaidís ná iompáil ó dheas abhaile agus
B'l'Átha Cliath d'fhágáilt ar an mbóthar againn.
Anois ní féidir dóibh cuimhneamh ar a leithéid, mar
ní bheidh a fhios ag trian díobh cad a bheidh ag trian
eile dá dhéanamh ná dá chuimhneamh.



O. — Ní fearr a dheinis leis na Muimhneachaibh é ná mar
a dheinis le Fearghus agus le Cormac Conloingeas.
Is cruaidh an radharc dóibh bheith ag féachaint ar


L. 121


Chúige Uladh dá léirsgrios os comhair a súl! Pé
fearg atá acu chun Conchobhair mar gheall ar an
bhfeall a dhein sé ar Chlainn Uisnigh is bocht an
sásamh dóibh ar an bhfeirg sin bheith ag féachaint ar a
ndúthaigh féin dá chreachadh agus ar a muintir dá
gcur fé ghion gaoi agus claidhimh, agus Conchobhar
go saor sábhálta istigh i nEamhain. An neamh-
chiontach ag fulang agus an ciontach saor! Is ró
mhaith a dheinis é, na hUltaigh a choimeád id' fhochair
féin.



M. — Is fearr bheith ag gluaiseacht, a rí. Ní'l aon
teip ná go leanfaidh an crann-tabhail sinn chomh
luath agus thuigfidh an fear úd ná fuiltear ag
fanamhaint ar na comhaibh.



(Imthighid.)



An dara radharc déag.



Taobh coille. Tig Cú Chulainn agus Laogh
isteach.



Cú. — Táid siad imighthe ó thuaidh. Anois a chífid muintir
an tuaisgirt go bhfuil dearmhad déanta acu.
Cheapadar olc a dhéanamh ar Chonchobhar, anois a
thuigfid siad gur ortha féin a bhíodar ag déanamh
an uilc. Dá n-eirghidís i n-am ní bheadh an namhaid
ag an ndorus acu mar atá.



Laogh. — Is dóich liom, a rí, go bhfuilid laochra an tuais-
girt ag eirghe go tiugh agus ná beidh a cuaird ó
thuaidh chomh cneasda ag Méibh agus a mheasan sí.



Cú. — Fáilte romhat, a Fhiacha.



(Tig Fiacha mac Fir Fheibhe isteach.)


L. 122


Fiacha. — Maith liom an fháilte, a rí, agus is chughat a
thánag ó Fhearghus, ag tabhairt sgéala dhuit agus ag
fagháil sgéala uait le breith ag trial ar Fhearghus.



Cú. — Tabhair dúinn na sgéala atá agat ar dtúis. Is
dócha go bhfuil an tír dá léirsgrios go baileach.



F — Tá an mór-shluagh ag gluaiseacht 'na dtrí treanaibh,
trian acu fé láimh Mhéibh féin ag tabhairt aghaidh lom
díreach ó thuaidh ar Dhún Sobhairce, trian fé láimh
Oiliolla ag tabhairt aghaidh soir ó thuaidh ar Ráth
Ciombaoith, agus an trian eile fé láimh Cheit mhic
Mághach ag gabháil siar ó thuaidh i dtreó Ailigh.



Cú. — Is dána an obair do Cheat agus dá thrian gabháil
i dtreó Eamhna. Is caillte an obair do Chonchobhar
má leogan sé dhóibh dul saor.



F. — Ní'l Conchobhar i nEamhain. Tá sé féin agus a
ghnáth-theaghlach ag déanamh, gach aon chomhngar, ó
dheas go Sleamhain Midhe, agus tá coinne déanta
ann aige le slóightib Uladh uile. Isé rud atá
beartuighthe acu ná leogaint do'n mhór-shluagh a
gcuaird ó thuaidh do chríochnú agus annsan bheith
rómpa ar an slighe, ag gabháil adtuaidh dóibh, agus
an comhar atá amuich acu do dhíol leó, agus breis.



Cú. — Is maith é sin! Is ana-mhaith é sin! Cad é an
líon slógh is dóich leat a thiocfaidh le Conchobhar go
Sleamhain Midhe?



F. — Deir Cathbhadh Draoi liom ná beidh puinn sa mbreis
ag mór-shluagh Mhéibh air. Táid ríogra Uladh lán
d'fhíoch agus d'fheirg agus d'fhurfhuath, agus má's
feargach na ríghthe ní sos do na hóglachaibh é. Ní'l
Ultach uasal ná íseal ná fuil lán-cheapaithe, dá
mbeadh fiche anam aige, iad d'imirt ag déanamh
díoghaltais ar an namhaid ró dhána so.



Cú. — Gura slán sgéalaidhe! Sin é sgéal is fearr


L. 123


a tháinig chughainn fós ó thosnuigh an droch-obair
seo.



F. — Tá aon chontabhairt amháin sa sgéal, a rí. Má
bhíon uain ag Conchobhar agus ag Ultaibh ar iom-
láine a nirt do chnósach i Sleamhain Midhe agus do
chur i n-eagar agus i n-órdú cheart chun catha, díol-
far an comhar gan easnamh. Ach má fhillean an
namhaid adtuaidh ró luath ní fuirisde bheith lán
ollamh dóibh. Isé a tuigtear ná, dá bhféadfaí
beart a dhéanamh a chuirfeadh righneas ortha gur
mhóide ba dhóichighe do Chonchobhar bheith ollamh
i gceart dóibh. Do réir mar a thuigim, tá cuid
de ríogra Uladh ceapaithe ar fhanamhaint lastuaidh
ag cur mion-chathaí agus mion-chomhrac ortha, ag
déanamh iomard agus toirmisg agus díoghbála
dhóibh chun righnis a chur ortha agus chun breis aimsire
thabhairt do Chonchobhar agus do na buidhnibh atá ag
teacht ag trial air go dtí áit an choinne.



Cú. — Is maith, is dian mhaith an bheart í sin, a Fhiacha.
Ach tá súil agam ná fanfaidh puinn ó'n gcoinne.
Ní foláir dúinne an mór-shluagh do leanamhaint
arís, a Laoigh. Dá mbeimís agus an crann-tabhail
ag imirt ár mbárthain ortha do chuirfimís righneas
maith ortha.



F. — Sin é díreach a deir Fearghus, a rí. Deir sé, dá
mbeadh na comha úd i bhfeidhm arís, agus na comh-
raic aoinfhir ar siubhal, gur minic a curfaí fhiachaibh
ortha dúna agus longphuirt do ghabháil ar feadh lae
agus oidhche, agus gur bh' fhearr de righneas san ná
aon righneas a curfaí ortha le mion-choimheasgar ó
bheag-bhuidhnibh.



Cú. — Abair-se le Fearghus, a Fhiacha, go gcurfar so
agus súd ortha. Ní ró mhaith a chuireamair ár


L. 124


n-aimsir annso ó sgarabhair linn, bíodh go bhfuil
cuid mhaith de na stráilíbh a bhí ag fanamhaint siar
uaibh ag déanamh foghla, curtha againn ó n-a thuille
foghla dhéanamh, agus ó phuinn sochair a bheith acu as
ar dheineadar. An mór úd díobh a shladamair, a
Laoigh?



L. — Tharlamair ar dtúis ar Fhearaibh Cruinge, agus iad
ag gabháil longphuirt. Thuiteadar le láimh Chú
Chulainn, a Fhiacha. Fiche fear acu a bhí ann. Annsan
do tharla orainn buidhean eile, buidhean uasal.
Ceathrar ar fhichid a líon. Bhí táin bheag bó acu dá
thiomáint rómpa amach i bhfuadach. Do thug Cú
Chulainn aghaidh ar an bhfear ba dhóich linn ba
thaoiseach ortha. "Cad is ainm duit-se, a óglaigh?"
adubhairt Cú Chulainn. "Nár chóir gur chuma
dhuit-se sin!" ar seisean. "Níor mheasas le
féachaint ort," arsa Cú Chulainn, "go séanfá
t'ainm le heagla romhain." "Ní'l aon ghrádh
agam duit, agus ní lugha ná mar 'tá aon eagla
agam romhat," ar seisean, "agus ní cheilim m'
ainm ort. Buidhe mac Báin Blaoi m' ainm, agus
ó chrích Oiliolla agus Mhéibh mise." "Seo geasa
ort, a Bhuidhe!" arsa Cú Chulainn, agus chuir sé
a shleagh tré chroidhe an óglaigh. Dá ghiorracht a bhí
an méid sin dá dhéanamh, nuair fhéachamair 'nár
dtimcheall bhí an chuid eile agus an táin bheag bó
imighthe.



Cú. — Críochnuigh an sgéal, a Laoigh!



L. — Bhí an Donn Cuailnge annsúd, a Fhiacha, imeasg
na mbó úd, agus níor aithnigheamair é! Tá an
Donn ag Méibh anois. Sin é méala is mó do
himireadh fós ar Chú Chulainn.



Cú. — Ní cheadóchainn ar mhór-chuid a leithéid d'imtheacht


L. 125


orm! Bhí an Donn Cuailnge agus caogad sámh-
aisg i n' fhochair acu, agus iad 'ghá chomáint rómpa
i bhfuadach. Beidh mórtais ar Mhéibh. Ach ní'l léigh-
eas anois air. Beidh lá pléidhe eile againn ar an
sgéal. Abair le Fearghus, a Fhiacha, go bhfuil Magh
Muirtheimhne nách mór glan agam ó na stráilíbh
agus ó'n lucht foghla a bhí ag fanamhaint siar ó'n
mór-shluagh, agus go leanfad sibh láithreach.



F. — Is dócha, a rí, go bhfuil Fearghus chomh fada ó thuaidh
le Dún Sobhairce um an dtaca so, agus go mbeidh
sé féin agus Méibh agus an mór-shluagh uile im'
choinnibh adtuaidh.



Cú. — Ní mór dom imtheacht láithreach.



(Imthighid.)



(Brat anuas.)



Deire an Tríomhadh Gnímh.


L. 126


An ceathramhadh gníomh



An chéad radharc.



An tulach i Sleamhain Midhe. Pubal Chonchobhair. —
Conchobhar agus Cathbhadh Draoi agus Fionnchadh i
gcomhairle.



Conchobhar. — Tá do chuaird tabhartha agat, a rí-eachlach.
Cad iad na sgéala atá agat? An bhfuil ár neart
ag cruinniú? Isé is fada liom go mbeidh lá éirligh
againn ar an namhaid seo atá ag gabháil de chosaibh
ionnainn.



Fionnchadh. — Thugas mo chuaird, a rí, agus ní droch-
sgéala atá agam, bíodh gur 'mó fear láidir tréan
atá caillte againn cheana féin. Táid ríogra Uladh
ag teacht chughainn as gach áird. Ní mall a gcosa
agus ní fuar a n-aigne. Ní'l óglach atá ábalta
ar arm a thógaint 'na láimh ná fuil ag teacht go
fonnmhar fé láimh a thaoisigh. Tá aon intinn amháin
socair i n-aigne gach fir, óg agus aosda, uasal
agus íseal. Isé sin, nách foláir mór-shluagh Uladh
bheith cruinnighthe annso i Sleamhain Midhe sar a
mbeidh sé d'uain ag Fearaibh Éirean a gcuaird do
bheith tabhartha acu agus bheith imighthe siar. Ghlacadar
uile an intinn sin chomh luath agus thuigeadar go
raibh coinne déanta ag Conchobhar leó san áit seo.
Do beartuigheadh 'na n-aigne do chuid acu gur mhaith
an rud righneas a chur lastuaidh ar Fhearaibh Éirean,
chun breis aimsire thabhairt do shlóightibh Uladh ar
chruinniú. Nuair a chonacadar an cor a bhí tabh-


L. 127


artha ortha féin agus ar a muintir agus ar a gcuid
de'n tsaoghal, agus ar dhúthaigh áluinn a sinsear,
ag mór-shluagh de bhitheamhnachaibh iasachta, níor fhan
beann acu ar anam ná ar bheatha ná ar shaoghal.
B'fhearr leó bheith marbh ná bheith ag féachaint ar an
léirsgrios. Le méid a bhfeirge dob fhada leó
feitheamh le lá an mhór-chatha. Cheapadar a bhfearg
do shásamh láithreach, a mbárthan d'imirt ar an
namhaid bíodh gur bhás agus íde dóibh féin é, agus a
gcomh-líon féin de'n namhaid do mharbhadh d'éagh-
muis raint righnis do chur ar a ngluaiseacht.



C. — Ba mhór an truagh aon fhear de'n tsórd san
d'fhanamhaint uainn. Fir de'n tsórd san a chuirean
misneach i gcroidhthibh carad agus ruag ar namhdaibh
i bhfriothghoin mór-chatha. Cé hiad na fir d'fhan siar
chun na hoibre sin, a Fhionnchaidh?



F. — D'fhan, ar dtúis, Ceithearn mac Fiontain ó Line
adtuaidh. D'airigh sé Cú Chulainn a bheith i n-a aonar
ag cosg an mhór-shlóigh agus chuaidh sé ag cabhrú
le Cú Chulainn. Mhairbh sé cuid mhór de'n tsluagh
agus thuit sé féin. Annsan do tháinig Fiontan
féin ag díogailt a mhic agus gan aige ach tríochad
fear. Mharbhuigheadar a dtrí comh-líona de'n
mhór-shluagh agus thuiteadar féin ach aon fhear amháin
gur thug Méibh agus Oilill anacal dó. Dob é sin
Criomhthan mac Fiontain. Annsan do tháinig
Meann mór ó reanaibh na Bóinne agus gan aige
ach dáréag. D'ionnsuigheadar an mór-shluagh. Níor
thuit Meann ach do goineadh go mór é, i dtreó
go raibh sé 'na rúisg ruadh-dhearg fola. Nuair a
chonaic Fir Éirean mar sin é dubhradar nár cheart
é chur chun báis. Do leogadh dó imtheacht ach ná
déanfadh sé a thuille ar Fhearaibh Éirean go dtí lá


L. 128


an mhór-chatha. Annsan do tháinig Iliach, sean-
athair Laoghaire Bhuadhaigh, agus dhein sé a leithéid
de bhrúth agus de mheilt ar na slóghaibh gur:—



(Ritheas eachlac eile isteach, agus sgárd 'na shuilibh!)



An dara heachlach. — Ó! Tá Cú Chulainn marbh!



(Preabas Conchobhar 'na shuidhe.)



C. — Cad é sin agat dá rádh!



An t-eachlach. — Comhrac aoinfhir a bhí idir Chú Chulainn
agus Lóch mór mac Feabhais. I lár an chomhraic
dóibh tháinig an Mhórríoghan, i riocht easgúine, agus
do chas sí í féin go daingean ar chosaibh Chú Chulainn.
Do chrom seisean a d'iaraidh í bhogadh dhé agus an
fhaid a bhí sé ar a chromadh do ghoin Lóch é tré champar
a chléibh!



(Féachaid uile ar a chéile agus uathbhás ortha. Tig eachlach
eile isteach. Féachas ortha.)



An tríomadh heachlach. — A rí! Cad é seo oraibh!



C. — Nár airighis Cú Chulainn a bheith marbh tré fheall
Mhéibh agus na Mórríoghna!



An t. he. — Níor airigheas, a rí. Ach d'airigheas rud
nách é. D'airigheas ná fuil abhfad ó mhairbh Cú
Chulainn Lóch mór mac Feabhais agus go bhfuil
tocht agus troma-chroidhe ar Mhéibh agus ar Oilill
agus ar Fhearaibh Éirean mar gheall air. Tá an uile
dhuine acu tar éis diúltú amuich 's amach do dhul chun
comhraic aoinfhir a dhéanamh, ar bhreib ná ar mhealladh,
le Cú Chulainn feasda. Do deineadh éagcóir air
ámh. I lár an chomhraic dóibh tháinig an Mhórríoghan
agus do naisg sí í féin 'na heasgúin ar chosaibh
Chú Chulainn agus thug Lóch droch-ghoin dó nuair a
chrom sé ag réidhteach a chos. Annsan do las fearg
dó agus mhairbh sé Lóch leis an ngaoi bolga.



C. (Ag suidhe arís 'na chathaoir ríoga). — Mo ghraidhn croidhe


L. 129


an mac so mo dheirbhshéar! Ach is eagal liom
go ndéanfar éagcóir air nuair nách féidir é
chlaoidh le ceart.



An t. he. — Do tugadh fé an éagcóir a dhéanamh air
cheana féin, a rí. D'airigh Fearchú Loingseach,
thiar imeasg na gcnoc, Cú Chulainn a bheith ag
déanamh an toirmisg seo do mhór-shluagh Méibh
agus Oiliolla. Cheap sé i n-a aigne, dá dtiocfadh
leis Cú Chulainn a mharbhadh go mbeadh comaoine
mhór curtha aige ar Mhéibh agus ar Oilill agus go
mb' fhéidir go dtabharfaidís síothcháin dó agus go
maithfidís a dhroch-bhearta dhó. Tháinig sé féin
agus a dháréag agus d'ionnsuigheadar Cú Chulainn.
Ach do mhairbh Cú Chulainn iad. Marar chuireadar-
san comaoine ar Mhéibh le marbhadh Cú Chulainn do
chuir Cú Chulainn comaoine uirthi, agus ar Chonn-
achtaibh uile. Ní dhéanfaidh Fearchú Loingseach a
thuille foghla ortha. Níor thugadar fíre fear do
Chú Chulainn. D'ionnsuigheadar i n-aoinfheacht é.
Ach bhí an cleasaidhe ró thapaidh dóibh. Tá trí leaca
déag curtha i dtalamh ag Cú Chulainn san áit 'nar
mhairbh sé iad, agus na trí cloigin déag suidhte ar
na leacaibh sin. Tá sgeit agus anaithe i gcroidhe
gach fir d'Fhearaibh Éirean roimhe Chú Chulainn.



(Tighid Feircheirtne File, agus Athairne, agus Oilill Mil-
teanga isteach.)



C. — Fáilte romhaibh, a uaisle.



Oilill M. — Maith linn an fháilte, a rí. Táid cuid de
bhuidhnibh Uladh tagaithe agus ba mhian leó teacht do
láthair Chonchobhair agus umhlú dhó.



C. — Tá go maith.



(Imthigheas Oilill M. amach. Tig sé isteach láithreach arís
agus a bhuidhean 'na dhiaidh. Fanas O. ar Lár cláir, ar


L. 130


aghaidh Chonchobhair. Gluaisid na fir, ar shiubhal míleata,
treasna an chláir go dtí go mbíon a leath ar gach taobh. Ann-
san deir O. "Stad!" agus stadaid. Deir O. "arm faon!"
agus leogaid a n-airm faon. Deir O. "feac!" agus
Leogaid iad féin i n-aoinfheacht ar leath-ghlúin. Deir O.
"Eirigh!" agus eirghid. Deir O. "arm cuilc!" agus
cuirid a n-airm suas díreach. Deir O. "Cas tuathal!" agus
casaid i Leith na láimhe clé. Deir O. "Gluais!" agus siubh-
laid amach. Deineas Feircheirtne mar an gcéadna le n-a
bhuidhin féin. Annsan deineas Athairne mar an gcéadna le
n-a bhuidhin. Imthighid uile ach Conchobhar agus Cathbhadh agus
Fionnchadh.)



Conchobhar. — Tá Cú Chulainn i gcontabhairt, a uaisle.
Do dáileadh fíre fear dó an fhaid a bhí súil le n-a
bhás ó aon laoch d'Fhearaibh Éirean. Chítear go
soiléir anois ná fuil breith ag an bhfear is treise
ortha ar sheasamh 'na láthair i gcomhlann. Tuigtear
go bhfuil buadhtha móra air agus go bhfuil cáirde sídhe
aige ná fuaradh a leithéid riamh roimhe seo ag cabhrú
le duine. Ní hiongna laochra Fear Éirean ag diúltú
do thoil a chéile, d'aon chomhrac aoinfhir a dhéanamh
leis. Isé rud a thiocfaidh as san dó ná go ndéan-
far iaracht éigin ar é mharbhadh le feall. Tá tabh-
artha fé sin cheana agus ní haon uair amháin é.
D'ionnsuigh Fearchú Loingseach agus a dháréag
i n-aoinfheacht é. Fuair sé an lámh uachtair ortha
i n-aoinfheacht. Ba mhór an gníomh é, ach ní fios
d'aoinne cad é an fhaid a théighean cáirdeas sídhe
le duine ná cathin a cailltear air. Dubhraís-se
féin, a Chathbhaidh, an lá ghlac sé arm gaisge, go
mbeadh a shaoghal diombuan. Is truagh ná fágan
sé an tsluagh 'na dhiaidh agus teacht chughainn annso.
Nó is truagh ná fuil ar ár gcumas congnamh fear
a chur ag trial air.



Cath. — Na laochra d'fhan siar uainn, a rí, ag déanamh


L. 131


toirmisg agus righnis do'n namhaid, bhí sé 'na
n-aigne ná féadfaidís an toirmeasg san agus
an righneas san do chur i bhfeidhm níos fearr ná
le dícheall a dhéanamh ar chabhrú le Cú Chulainn,
mar go raibh seisean ag déanamh na hoibre céadna.



Con. — Go n-eirghidh leó cabhair i n-am gátair a thabhairt
dó! Is 'mó iomard d'fhágfaidh an cogadh so ar
chúige Uladh. Ach má cailltear Cú Chulainn leis is
neamhní gach dochar eile seachas san.



(Imthighid.)



An dara radharc.



Pubal Mhéibh. Beirt sheirbhíseach agus iad ag
cur an phubail i dtreó.



Céir. — Brostuigh ort, a Bhláth. Beidh sí chughainn láith-
reach.



Bláth. — Ní'l leigheas agam-sa uirthi. Táim ag déanamh
mo dhíchill.



Céir. — Ambasa, a chailín, ní dhéanfaidh do dhícheall an
gnó dhuit má thagan sí orainn agus gan an obair
críochnuighthe againn. Ó mhairbh Cú Chulainn Lóch
mór tá an donas ar fad uirthi.



Bláth. — Ba mhór an obair do Chú Chulainn é mharbhadh.
Ní fheadar an fear mór Cú Chulainn. Ní foláir nó
is fear ana láidir é.



Céir. — Éist, a bhean gan chiall! Ní le neart lámh a
dheinean sé siúd daoine mharbhadh. Tá comhachta
sídhe aige siúd ó Thuathaibh Dé Danann agus
mharbhóch sé gaisgidheach mór le puth dá anáil.



Bláth. — Aililiú! Ní fheadar an fear breágh é.


L. 132


Céir. — Bíon sé lá ar an bhfear is breághtha dár luigh
súil air, agus bíon sé lá eile chomh huathbhásach san
nárbh' fearrde an té fhéachfadh air é. Aoinne
chífeadh sa droch-riocht é ní bheidh sé sa mhaise chéadna
i gcaitheamh a shaoghail arís, agus dá bhféachfadh sé
ort an uair sin do thuitfeadh an t-anam asat.



Bláth. — Aililiú! Do rithfinn faid mo radhairc uaidh!
Agus féach, sin iad ár mná uaisle go léir, chomh
luath agus gheibhid siad caoi air, ag brise a gcos
ag rith a d'iaraidh radharc fhagháil air.



Céir. — Deirtear nár thug sé an fhéachaint mharbhthach
riamh ar mhnaoi.



Bláth. — Éist! Tá sí chughainn!



(Imthighid. Tig Méibh isteach.)



Méibh ('na haonar). — Táid ríogra Uladh go léir ag
gluaiseacht ó dheas. Ní maith liom an fuadar atá
fútha. Mheasas go ndéanfaidís iaracht éigin ar
a saoghaltacht do chosaint. Ach tá an baile mór
agus a bhfuil ann fágtha againn. Ní foláir nó tá
coinne déanta i n-áit éigin laisteas acu. Má
bhíon uain acu ar chruinniú agus má throidid siad
chomh fíochmar agus do throid Ceithearn agus Meann
annso, beidh sé 'na chath dhian againn. Ní maith liom
an neamh-shuim seo acu sa léirsgrios atá dá
dhéanam ortha.



(Tig Mac Roth isteach.)



M. Roth. — Chuiris fios orm, a ríogan.



Méibh. — Chuireas, a Mhic Roth. Tá coinne déanta
i n-áit éigin laisteas ag slóightibh Uladh. Mara
mbeadh go bhfuil ní bheidís go léir ag gluaiseacht
ó dheas mar atáid agus ag fágáilt a mbuar agus
a mbailte agus a maoin saoghalta gan chosnamh
againn. Imthigh, a Mhic Roth, agus faghaidh amach


L. 133


dom cá bhfuil an coinne déanta, agus an bhfuil
Mac Fachtna le bheith ann.



M. Roth. — Déanfad, a ríogan.



(Imthigheas Mac Roth. Tig Fionnabhair isteach agus tocht
bhuartha uirthi; í ag greadadh a lámh agus ag fásgadh a
ladhar.)



Méibh. — Cad é seo ort, a leanbh?



F. — Ó a mháthair! a mháthair! Tá mo chroidhe briste!
Tá mo chroidhe agus m' aigne briste brúighte! Tá
buairt mhór throm tagaithe orm, buairt nár mheasas
riamh gur bh'fhéidir a leithéid do theacht ar mhnaoi.
Nuair a bhíomair ag teacht amach ó Chruachain bhí rud
éigin 'ghá thaisbeáint dom go raibh droch-ní geallta
dhom. Bhí ualach ar m' aigne agus sgeit agus sgeón
im chroidhe, agus do theip orm riamh ó shin é chaitheamh
díom. Nuair a thuitinn im' chodla san oidhche is
amhlaidh a bhíodh sé dá thaidhbhreamh dom go mbíodh
sgamal éigin dubh le m' ais, buailte liom suas,
agus droch-ní éigin uathbhásach istigh sa sgamal,
agus go mbíodh sé ag druidim chugham, ag druidim
chugham, go dtí go bpreabainn as mo chodla le
sgannra. Agus annsan féin bhínn deimhnightheach
go mbíodh an droch-ní le m' ais, agus ní leogadh
eagla dhom tuitim im' chodla arís. Is minic a
chaithinn an oidhche go maidin gan néal codlata.



M. — Á, a leanbh, bhí a fhios agam go raibh rud éigin bun
os cionn ar do shláinte. Thugainn fé ndeara do
shnó go minic, a laogh, agus bhíodh ceisd agus tré
chéile aigne orm nuair a chínn an aghaidh bhán mhí-
lítheach ort. Is minic a thagadh sé chun mo bhéil a
fhiafraighe dhíot cad a bhíodh ort.



F. — Níor thuigeas féin cad a bhíodh orm, a mháithrín,
ach tuigim anois é. Ní'l aoinne agam ach tusa go


L. 134


bhféadfainn m' aigne agus mo chroidhe do nochtadh
dó agus ní féidir liom mo rún do choimeád agam
féin níos sia.



M. — Agus, a laogh mo chroidhe, cad ba ghá dhuit é choim-
eád agat féin chomh fada? Tá a fhios agat go
maith ná fuil ní ar bith ná déanfainn-se chun áthais
a chur ort agus chun gach adhbhar buartha do thógáilt
díot agus do choimeád uait.



F. — Ó, a mháthair, tá fios an méid sin go fíor-mhaith
agam, ach bhí leisge orm teacht le m' ghnó beag féin
ag cur isteach ort agus cúram an chogaidh seo go
léir ort, agus 'na theannta san, bhí eagal orm, dá
luighead é mo ghnó-sa seachas do mhór-chúram eile,
go mb' fhéidir go mbeinn im' thrúig toirmisg agus
ceataighe dhuit i dtaobh na ngnóthaí móra atá ar
láimh agus ar aigne agat.



M. — Má 'sí an chaint seo atá ar siubhal i dtaobh ríghthe
Mumhan fé ndeár do bhuairt aigne, a leanbh, ná
déin a thuille buartha mar gheall air sin. Tá gach
rí acu 'ghá mhaoidheamh gur gealladh thusa dhó féin
ach teacht ar an slógadh so. Níor thugas-sa aon
gheallamhaint d'aoinne acu ach ar choinghioll gur thoil
leat-sa féin é. Ní dubhart le haon duine acu go
bhfaghadh sé thu i gcoinnibh do thoile féin. Dar
ndóich, do réir dheabhraimh, má tá croidhe agus
aigne acu chomh huasal agus a maoidhtear, níor ghá
trácht i n-aon chor ar an gcoinghioll sin. Cá bhfuil
an cura a thabharfadh bean leis i gcoinnibh a toile!
Má thabharfadh ní fíor-chura é. Mara fíor-chura
é cad é an gnó bheadh aige ag teacht ag lorg
m'inghine-se! Ná déineadh ríghthe Mumhan a thuille
buartha dhuit, a laogh.



F. — Táim ana bhuidheach díot, a mháthair, mar gheall ar


L. 135


an méid sin d'innsint dom. Bhí an ní sin féin ag
déanamh buartha dhom ar shlighe. Is mór an ní an
sgéal a bheith mar a deirir mar ní bheadh aon bhreith
agam ar thoil a thabhairt chun cleamhnais le haon rí
de ríghthibh Mumhan. Tá grádh agus searc ó chroidhe
agus ó aigne tabhartha cheana agam d'aon fhear
amháin. Sin é an rún a bhí agam le hinnsint duit,
a mháthair, agus is chun é innsint duit a thánag annso
ag trial ort.



M. — Dar ár láimh, a Fhionnabhair, ba neamh-ghá an
bhuairt! Dá mb' áil leat an méid sin d'innsint
i dtosach bára b'fhéidir gur 'mó trioblóid aigne
bheadh curtha i leith taoibh agam uait. Tá a fhios
agam go maith nár thugais grádh d'aon fhear gan é
bheith fíor-uasal.



F. — Fágfad san fút féin, a mháthair. Is cuimhin leat,
tamal sar ar thosnuigh an cogadh so, gur tháinig
rí dar' bh' ainm Reochaidh mac Faitheamhain, adtuaidh
ó Ríoghdhonn, ar chuaird, ag féachaint Fhearghuis agus
na nUltach eile a bhí againn i gCruachain. Is dóich
liom gur b' é fear is áluinne agus is bhreághtha dá
bhfeaca riamh an fear san. Chomh luath agus do
luigh mo shúil air thugas grádh agus searc mo chroidhe
dhó, agus thug seisean grádh dhomhsa ar an gcuma
gcéadna.



M. — Mo ghrádh mo leanbh! Is cuimhin liom é go maith.
Ní gá dhuit aon náire bheith ort mar gheall ar é admháil.
Ní'l fear is fearr ná é ná fear is breághtha ná é
i gcúige Uladh. Is truagh nár innseabhair an rún
domhsa sar ar fhágamair Cruachain. Dhéanfainn
an cleamhnas an uair sin dá mbeadh fios bhur sgéil
agam.



F. — Mo ghraidhn croidhe thu, a mháthair! Bhís go maith


L. 136


riamh. D'imthigh sé ó thuaidh abhaile an uair sin, agus
bhí ceapaithe aige, chomh luath agus bheadh neithe
áirithe curtha i dtreó aige, teacht adtuaidh 'am
iaraidh fé 'n gcóir agus fé 'n dtabhairt amach ba
chuibhe dár ngairm agus dár n-uaisleacht araon.
Sar a raibh sé d'uain aige fille tháinig an cogadh.
Cheapas féin ar dtúis ná raghadh an cogadh thar
Cuailnge ó thuaidh agus nár bhaoghal do-san. Bhí
an chorbhuais aigne orm, ámh, mar a dubhart. Níor
thuigeas go dtí indiu cad fé ndeár an guairneán
agus an teinneas a bhíodh im' chroidhe. Tuigim
anois é. Chonaicís, a mháthair, cad é an chuma 'nar
troideadar na buidheana beaga so a chuir cath
orainn le déanaighe, agus conus mar a thuiteadar
uile. Tá Reochaidh mac Faithemhain ag teacht
amáireach agus buidhean bheag aige chun catha do
chur ar an mór-shluagh. Marbhóchar é féin agus a
bhuidhean bheag agus, Ó! a mháthair! a mháthair! Cad
a dhéanfad! Cad a dhéanfad! Cad a dhéanfad!



M. — Éist, a laogh, tá leigheas ar an sgéal. Ní marbh-
óchar Reochaidh agus ní marbhóchar a bhuidhean bheag.
'Neósfad-sa láithreach d'Fhearaibh Éirean go bhfuil
cleamhnas déanta idir Reochaidh mac Faitheamhain
agus m'inghean, agus gur mise do dhein an cleamhnas.
Tiocfaidh sé amáireach chun catha thabhairt dúinn ach
glacfar é 'na chliamhain.



F. — (Ag gabháil a máthar chúchi). — Is tu an mháthair is fearr
a bhí ag leanbh riamh! Mó ghrádh go daingean tu!



(Imthighid.)


L. 137


An Tríomhadh Radharc.



Áit i gCrích Rois. — Cú Chulainn agus Laogh.



Laog. — Tá fear ag teacht chun comhraic aoinfhir a
dhéanamh leat, a rí.



Cú. — D'airigheas Fearghus a bheith ag teacht agus is
iongna liom é. Is cruaidh an sgéal é má chaithim
comhrac aoinfhir a dheanamh lem' oide féin agus é
mharbhadh. Pé dualgas géilsine atá ag dul do
Méibh agus d'Oilill ó Fhearghus ní chuirean sé
fhiachaibh air comhrac aoinfhir a dhéanamh le n-a dhaltán
féin. Ní chreidfead go ndéanfadh Fearghus a
leithéid go n-abraidh a bhéal féin liom é!



(Tig Fearghus isteach agus é i n-éide catha.)



Míle fáilte romhat, a oide!



Fearghus. — Maith linn an fháilte, a dhaltáin ár gcroidhe,
bíodh gur chun comhraic aoinfhir a dhéanamh leat a
thánamair.



Cú. — Ní maith an chuma chomhraic 'nar thánaís agus gan
an Caladhcholg agat. Ní'l ar do shliasaid agat ach
an claidheamh adhmaid a thug Oilill duit nuair a
ghuid sé an Caladhcholg uait.



F. — Is neamhní san, a dhalta. Dá mbeadh an Caladhcholg
agam ní hort-sa do himreóchthaí é. Do glaoidheadh
aréir me go pubal Mhéibh agus dubhairt Méibh liom
Fir Éirean, idir uasal agus íseal, do bheith tar éis
diúltú, amuich 's amach, do chomhrac aoinfhir a
dhéanamh leat-sa, agus dá bhrígh sin nárbh' fholáir
domhsa an bheart do ghabháil ar láimh. Dubhart-sa,
ghá freagra, nár chóir agus nár chuibhe a iaraidh orm-
sa comhrac aoinfhir a dhéanamh le m' dhalta. As an


L. 138


aighneas agus as an aragóint dúinn, thuigeas im'
aigne dá ndiúltuighinn do'n chomhrac aoinfhir go mb'
fhéidir go ndéanfaí droch-bheart ar na hUltachaibh
atá fé smacht Mhéibh. Annsan do bheartuigheas ní
eile im' aigne féin agus d'aontuigheas chun an
chomhraic. Ní'l a fhios aici gan a bheith agam annso
ach an claidheamh adhmaid. Dar lé tá mo sháith
d'armaibh gaisge agam d'éaghmuis an Chaladhchuilg.
Ach sidé, a dhalta, an ní atá ar m'aigne. Tá Méibh
agus Oilill agus maithe agus mór-uaisle Fear
Éirean annsúd anois ag faire orainn. Leog-
aimís orainn comhrac do dhéanamh agus annsan
déin-se teiche romham-sa. Leanfad tu sgathamh
beag agus annsan casfad tar n-ais.



Cú. — Sin rud nár dheineas-sa riamh, a Fhearghuis, teiche
roimh aon laoch, agus is ró dheacair liom é dhéanamh
anois, fé shúilibh Mhéibh agus Fear Éirean! Ná
hiar orm, a Fhearghuis, a leithéid do dhéanamh!



F. — As an altrom a thugas ort, agus as an altrom a
thug Conchobhar ort, a dhaltáin, agus as an gcion
atá agam ort, iaraim ort é dhéanamh! Agus féach,
déanfad-sa, nuair a thiocfaidh lá an mhór-chatha atá
i ndán dúinn, an rud céadna dhuit-se. Nuair a
bheidh an mór-chath ar siubhal beidh tusa ar shluagh
Chonchobhair agus bead-sa i bhfriothghoin ar thosach
slógh Fear Éirean agus an Caladhcholg agam. Tá
de gheasaibh ar Oilill an claidheamh a thabhairt dom
an lá san. Déin-se aghaidh a thabhairt orm-sa i
bhfriothghoin an chatha an lá san agus teichfead-sa
romhat, agus nuair a theichfead-sa romhat theichfid
Fir Éirean uile romhat.



Cú. — Tá go maith.



(Comhracaid, teicheas Cú Chulainn, leanas Fearghus é amach.


L. 139


Cuirid Méibh agus fir Éirean gáir suas istigh. Ritheas
Méibh agus Oilill agus tuille isteach.)



M. — Lean é, a Fhearghuis! Lean go dian é! Tabhair
a cheann agus a chosgar leat, feiceam!



(Filleas Fearghus.)



Ach! Cad 'na thaobh nár leanais é! Tá an sgéal
loitithe agath! Imthigh agus lean é! Imthigh! Ná
bíodh an obair chéadna agat amáireach arís air!



F. — Dar m' arm gaisge, a ríogan, ach ná leanfad-sa
a thuille é. Agus ní lugha ná bheidh an obair chéadna
arís amáireach agam air.



M. — Conus san! Ná fuil ort an comhrac do chríochnú!



F. — Tá mo chomhrac críochnuighthe agam. Dheineas comh-
rac aoinfhir leis agus do theich sé romham. Sin
rud nár fhéad aon fhear d'Fhearaibh Éirean a dhéanamh
fós leis. Ní dhéanfad-sa a thuille comhraic leis
go dtí go ndéanfaidh fear éigin d'Fhearaibh Éirean
oiread agus atá déanta agam-sa indiu!



(Imthigheas Fearghus. Tig Calaitín Dána isteach.)



M. — Féach, a Chalaitín, táim ciapaithe glan ag an bhfear
so! Tá orainn fear d'Fhearaibh Éirean do chur
chun comhraic aoinfhir do dhéanamh leis ach ní fonn le
haon fhear tabhairt fé'n gcomhrac ó mhairbh sé Lóch
mór. Caithfear deire chur leis ar chuma éigin.
Bheimís go léir thiar i gCruachain fad ó mara mbeadh
é. Má's aon fhear amháin Cú Chulainn agus a cháirde
sídhe ba chóir gur mó ná san is aon fhear amháin tusa
agus do sheacht maca fichid.



(Tig Fearghus isteach.)



Dá bhrígh sin, má ghabhan tusa agus do chlann mhac
do láimh an comhrac so do dhéanamh le Cú Chulainn
is comhrac aoinfhir é.



F. — Comhrac aoinfhir! Ochtar ar fhichid i n-aghaidh aon


L. 140


fhir amháin! Ní comhrac aoinfhir é, agus ní fíre
fear é a ríogan!



M. — Is fíor, a Fhearghuis. Ní comhrac aoinfhir an
comhrac, ach is ar Chalaitín agus ar a chlainn atá an
éagcóir 'á dhéanamh. Is mó go mór an bhreis agus
an bhúntáiste do Chú Chulainn a cháirde sídhe ná do
Chalaitín a chlann. Is cuid dá chorp féin clann
Chalaitín, ach ní cuid dá chorp féin cáirde sídhe
Chú Chulainn. Má ghabhan tú do láimh an comhrac a
dhéanamh, a Chalaitín, tá comha móra le fagháil agat
as.



Calaitín. — Gabhaim do láimh é, a ríogan.



(Imthighid. Tig Fiacha mac Fir Fheibhe agus Fearghus isteach.)



F. — Tá an donus déanta orainn fé dheire, a Fhiacha!



Fiacha. — Conus san, a rí?



F. — Tá Cú Chulainn le marbhadh ar maidin!



Fiacha. — Is uirisde é bheith le marbhadh ach cé mharbhóchaidh
é, ba mhaith liom a fhios a bheith agam?



F. — Tá Calaitín Dána agus a sheacht maca fichid ag dul
i n-aoinfheacht, mar dh'eadh ná fuil ionta ach aon
fhear amháin, chun comhraic aoinfhir a dhéanamh le
Cú Chulainn. Ní'l aon dul as aige uatha. Tá nimh
ar gach fear díobh agus nimh ar gach arm dá bhfuil
acu. Níor chaith aoinne acu urchar imroill riamh,
agus is bás an deargadh is lugha uatha. Ní'l aon
dul as aige. Is mór an chreach ar Ultaibh agus ar
Chúige Ulad é! Ó, a dhalta! a dhalta! Cad a
dhéanfad-sa id' dhiaidh!



Fiacha. — B'fhéidir nár mhisde do dhuine éigin, a rí, dul
amach agus bheith láithreach le linn an chomhraic.
Nuair ná tugtar fíre fear do Chú Chulainn isé is
lugha is gann an comhrac féin do bheith dleaghthach.



F. — Ní heól dom fear is fearr chuige sin, a Fhiacha, ná


L. 141


thusa féin. Imthigh leat amach ar maidin go moch,
sar a mbeidh Calaitín 'na shuidhe, agus innis do
Chú Chulainn cad 'tá chuige.



Fiacha. — Ní fhanfad go maidin, a rí. Imtheóchad amach
anois.



(Imthighid. Tig Méibh agus Oilill isteach.)



Oilill. — Ní thaithnean an sgéal liom, a Mhéibh. Tá
ceangailte orainn fíre fear a thabhairt dó. Is
bocht an cás é mara bhfuil fear ar Fhearaibh Éirean
d'fhéadfadh seasamh os a chomhair!



M. — Tá sgannra ortha roimhe n-a cháirdibh sídhe. Troid-
fid siad, dar leó, le fuil agus feóil, ach ní call
d'fhear shaoghalta, pé neart atá ann, troid a
dhéanamh le comhachtaibh do-fheisgthe, do-chlaoidhte
sídhe. Is éagcóir, dar leó, a iaraidh air. Ní fíre
fear, dar leó, a cháirde sídhe bheith ag cabhrú le
Cú Chulainn sa chomhrac agus gan ag an bhfear eile
ach neart a lámh féin.



O. — Bhí an Mhórríoghan ag cabhrú le Lóch mór. Níor
eirigh a chomhrac le Lóch dá bharr san, agus ní lugha
ná mar eirigh leis an Mórríoghain. Deirtear gur
bhain Cú Chulainn súil aisti. Ní thaithnean an sgéal
liom, a Mhéibh. Má thuitean sé le Calaitín agus
le n-a chlainn casfar go deó i n-a asachán linn é.



M. — Má thuitean sé beidh fuasgailt againn uaidh féin
agus ó n-a chrann-tabhail agus ó n-a cháirdibh sídhe,
agus beidh a leithéid sin de dhochma ar Chonchobhar
agus ar Ultaigh tríd go raghaidh a gcomhairle agus a
mbearta amú ortha agus ná tiocfaidh leó a neart
do chruinniú agus do ghléasadh agus do chórú chun
catha romhainn. Ní haon asachán dúinn dícheall a
dhéanamh ar a leithéid d'annsgian do chur as an
slighe uainn.


L. 142


O. — Is truagh nách ar chuma éigin eile atá an cur as
an slighe dá dhéanamh. Má thuitean Cú Chulainn le
Calaitín agus le n-a chlainn ní bheidh íde Chlainne
Uisnigh i n' aonar i mbéalaibh daoine.



M. — Má bhíon íde nách íde Chlainne Uisnigh i mbéalaibh
daoine ba mhaith liom-sa gur íde éigin eile a bheadh
'na mbéal d'éaghmuis íde Oiliolla agus Mhéibh!
Ní haon uair amháin ó thánamair sa dúthaigh seo a
cuireadh sinn féin agus ár mór-shluagh i gcontabh-
airt.



O. — Tá an ceart sa méid sin agat pé 'n Éirinn é.



(Imthighid.)



An Ceathramhadh Radharc.



Pubal Mhéibh. — Méibh agus Oilill.



Oilill. — Am briathar, a Mhéibh, gur b' eagal liom go
mbeidh an chú agus an cat agus an girrfhiadh agat
ar aon úrlár nuair aireóchaid ríghthe Mumhan sgéala
an chleamhnais. Pé rud a gealladh dóibh ná nár
gealladh dóibh, ní'l fear acu gan an sgéal socair
i n-a aigne aige gur dó féin atá Fionnabhair le
tabhairt mar mhnaoi.



M. — Is dó, leis — má ghlacan sí é. Níor mhór liom-sa
dhó í. Chonacadar go léir minic go leór í ó thánad-
ar ar an slógadh. Bhí an chaoi chéadna ag aon
fhear acu ar ghrádh agus ar ionmhuine d'fhagháil
uaithi agus do thabhairt di a bhí ag Reochaidh mac
Faitheamhain.


L. 143


O. — Fágaim le huadhacht gur fearr liom-sa ag Reoch-
aidh í ná ag an rí is fearr nó is uaisle ortha go
léir. Is fear breágh é agus is rí uasal é agus is
duine foghanta é. Is fear comhlainn céad é, leis,
ar gach arm gaisge. Is iongantach mar a mhúin
Conchobhar goil agus gaisge do ríogra Uladh.
Ní'l an fear eile sin i nÉirinn do thoghfainn mar
chliamhain dom féin roimhe Reochaidh mhac Faitheamhain.
Ach is eagal liom go mbeidh droch-obair againn de
bharr an chleamhnais.



M. — Ní measa an droch-obair a bheidh againn de bharr
an chleamhnais seo ná mar a bheadh againn dá ndeintí
an cleamhnas le rí de ríghthibh Mumhan. Pé rí acu
gheabhadh í déarfadh an chuid eile acu gur bh' shin
feall ortha féin. Tá dhá rí dhéag acu ann agus
ní'l againn ach aon Fionnabhair amháin. Ní mór
an toirmeasg sa mbreis fhéadfaidh dhá rí dhéag a
dhéanamh seachas aon rí déag.



(Tig Mac Roth isteach.)



Seadh a Mhic Roth, ar thugais na sgéala leat?



Mac Roth. — Thugas na sgéala liom, a ríogan. Ar an
dtulach i Sleamhain Midhe atá an coinne. Tá neart
mór de shlóightibh Uladh tagaithe i gceann a chéile
ann cheana, agus tá dubhadh na gcnoc agus na
gcoillte acu ag teacht ann ó'n uile árd. Tá
teaghlach Chonchobhair ann ar bhara an tulaigh.
D'aithnigheas anairt na bpubal agus bratach na
Craobhruaidhe. Chomhrímheas suas le fiche bratach
ann, mór-thimcheall an tulaigh, bratach os cionn
gach buidhne. Chomh fada agus théighean mo thuairim
ní'l buidhean acu nách tríocha céad a líon, nó os a
chionn.



(Tig Fearghus isteach.)


L. 144


Beidh ana mhór-shluagh ag Conchobhar um an am 'na
mbeid Ultaigh cruinnighthe i Sleamhain Midhe aige.



Fearghus. — Ní féidir d'Fhearaibh Éirean dul ó chath a
thabhairt do'n mhór-shluagh san. Beidh an cath dian
agus is cóir beith ollamh dó. Ní comhrac réidh
comhrac le laochra Uladh nuair atá a bhfearg
tagaithe dhóibh agus a neart cruinnighthe acu ar aon
láthair. Is ceart sluagh Fear Éirean do ghléasadh
agus do chórú i n-iodhnaibh catha agus comhraic gan
mhoill. Ní leogfaidh Conchobhar puinn aimsire uaidh
gan díoghaltas do dhéanamh ar Fhearaibh Éirean mar
gheall ar argain Uladh, go mór mór anois nuair
atá fíoch agus fearg Ultach uile ar dearg-lasadh.



M. — Ní dheinim-se ró bhrígh dhé sin, a Fhearghuis. Má
tá fíoch agus fearg ar Ultachaibh ní baoghal ná go
bhfriothálfar a bhfearg. Ní comhrac ró chneasda
comhrac le laochra Fear Éirean ar an slógadh so.
Tá ollmhaitheas Chúige Uladh fé n-a lámhaibh anois
acu. Is le neart a lámh féin a fuaradar an
t-ollmhaitheas san. Is le neart a lámh féin a choim-
eádfaid siad greim air.



(Ritheas Glas mac Dealga isteach agus fuil air.)



Glas mac Dealga. — Fiacha! Fiacha!



(Tuiteas Glas marbh.)



O. — Cad é an brígh a bhí aige leis an gcaint sin, a Fhear-
ghuis? Cad é an "fiacha" adeir sé?



Fearghus. — Andaigh ní fheadar, mara fiacha éigin a bhí
aige le díol le duine éigin sar a bhfaghadh sé bás.
Ach tá a chuid fiach go léir díolta anois ag an
bhfear mbocht agus is fiacha fola agus feóla dho-
san iad!



(Ritheas fear isteach.)



An fear. — Tá éirleach déanta arís ag Cú Chulainn


L. 145


a ríogra! Tá Calaitín Dána agus a sheacht maca
fichid marbh aige!



M. — Thugais d'éitheach, a chladhaire! Tá mallachar
radhairc éigin ort nó tá duine éigin ag magadh fút.
Cé thug na sgéala san duit le n'innsint?



An fear. — Ceat a chuir annso me, a ríogan, chun an
sgéil d'innsint láithreach. Tá Ceat féin agus
muintir Chalaitín imighthe amach chun na gcorp a
thabhairt leó le hadhlacadh.



M. — Aililiú! Calaitín agus a chlann marbh!



F. — Agus Conchobhar ar an slighe romhainn. Ní mór
dhúinn féachaint chughainn féin feasda!



(Imthighid uile. Tig beirt de mhuintir Chalaitín agus beirid
leó an corp. Tig Fearghus agus Fiacha mac Fir Fheibhe
isteach agus iad ag caint.)



Fiacha. — Bhí naoi feara fichid acu ann, Glas mac Dealga,
ua Chalaitín, an naomhadh fear ar fhichid. Chomh luath
agus thánadar i ngaor dó do ritheadar chuige agus
chaitheadar na naoi beara fichid i n-aoinfheacht ar
amus a chinn agus a chuirp. Ba mhaith an mhaise aige
é, do dhein sé an faobhair-chleas le n-a sgiath agus
ghaibh sé na beara ar an sgéith i dtreó nár bhain aon
bhior acu le n-a chroicean. Nuair a bhí na beara go
leir sáidhte sa sgiath bhí an sgiath ró throm. Thar-
aing sé a chlaidheamh agus chrom sé ar iad do sgothadh
de'n sgiath. Le n-a linn sin do rith Calaitín agus a
chlann chuige isteach. Níor thugadar uain dóibh féin
ar a gclaidhmhte do tharang. An méid acu go raibh
slighe acu timcheall air, do shádhadar a lámha 'na
ghruaig agus bhrúghadar fútha é gur chuireadar a
ghnúis le grean. Nuair a chonac an éagcóir agus
an éagcomhlann tháinig eall bháidhe agus connailbhe
dhom, agus tharaingeas mo chlaidheamh agus le haon


L. 146


bhuille amháin do theasgas a raibh de na lámhaibh
i n-achran 'na cheann. Nuair a baineadh na lámha
dhíobh do thuit gac fear siar ar an dtalamh le neart
feadhma an ghreama a bhí aige. Thóg Cú Chulainn
a cheann. "B' é an chabhair i n-a am féin é! a
dhearbh-chomhalta!" ar seisean liom. "Ba chabhair
duit-se é," arsa mise, "ach ní cabhair dúinne é.
Táimíd-ne, tríocha céad de mhaithibh Clanna Rudh-
raighe, i longphort Fear Éirean agus curfar sinn
uile fá ghion gaoi agus claidhimh má geibhtear fios an
bhuille seo a bhuaileas." "Bheirim-se mo bhriathar
duit," ar seisean, "ó thógais mo cheann agus gur
leogais m'anál dom, mara n-innsir féin ort fein,
nách baoghal duit go neósfaidh aoinne acu so ort,"
agus siúd chúcha é agus is air ba ró ghearr an mhoill
deire chur leó. Do rith Glas mac Dealga agus ba
dhóbair dó dul uaidh, ach d'aimsigh sé le hurchar é
sar ar shrois sé pubal Mhéibh.



F. — Ambasa, a Fhiacha, ba ró dhóbair do Ghlas mac
Dealga innsint ort! Do rith sé chughainn isteach
agus, "Fiacha! Fiacha!" ar seisean, díreach sar
ar thuit an t-anam as. Níor tuigeadh ach gur
bh'amhlaidh a bhí fiacha éigin aige le díol.



(Tig Méibh agus Oilill agus maithe fear Éirean isteach.)



M. — A mhaithe agus a mhór-uaisle, tá ár gcuaird nách
mór tabhartha againn. Tá ollmhaitheas na cúige
seo Uladh againn bailighthe go glan as an uile
chúinne de'n tír. Táid bánta Uladh sgriosta
againn. Táid laochra Uladh creachta againn. Tá
díolta acu linn as ar dheineadar d'éagcóir riamh
orainn. Tá gnúis uaibhreach Uladh curtha le grean
againn. Tá sgamal curtha againn ar oineach agus
ar mhór-chlú Mhic Fachtna. Tá ceó curtha againn


L. 147


ar sholus na Craobhruaidhe. Táid na soillse múchta.
Is chun Cúige Connacht a bheid súile Gaedheal ag
féachaint suas feasta. Tá rachmas agus réim chlú
ag Fearaibh Éirean ó'n slógadh so. Do shiubhalamair
Cúige Uladh 'na fódaibh caola agus ní raibh sé de
mhisneach ag ríogra na cúige, dá mhéid uabhar
agus dánacht agus dásacht agus creideamhaint a
maoidhtear dóibh féin agus dá dtriath ar fuid
Éirean, seasamh romhainn aon lá amháin i láthair catha.
Is fada go n-imtheóchaidh cuimhne an sgéil sin as
aigne agus a seanchus na tíre seo Gaedheal. Ach, a
ríogra, ní'l an obair críochnuighthe ar fad againn
fós. Tá coinne déanta ag an namhaid i Sleamhain
Midhe. Tá ceapaithe acu bheith romhainn san áit
sin agus iaracht éigin a dhéanamh ar chath a thabhairt
dúinn. Ní foláir dúinn, dá bhrígh sin, ár neart
do ghléasadh. Cuirfimíd ár mbuar agus ár
mbraide agus ár gcreacha líonmhara romhainn siar,
agus tabharfaimíd dóibh go fial an cath so atá uatha.
Fé mar eirigh ár gcuaird linn eireóchaidh an cath linn.
Tá an Donn Cuailnge agam-sa, agus ní gá a innsint
daoibh go leanfaidh an buadh an Donn. (Gártha.)
Gluaisidh anois, a ríogra, agus cuireadh gach rí a
thríocha céad i n-órdú mhaith chun an bhuille dhéanaigh
do bhualadh i dtreó go mbeidh síoth agus suaineas
agus sáimhe mharthanach againn thiar i gCruachain tar
éis ár saothair.



(Imthighid uile. Tig Ceat agus Méibh isteach.)



M. — Ní fheadar an tsaoghal cad a dhéanfam leis!
Mheasas nuair a chomhairlighis Fearghus do chur sa
chomhrac leis go raibh mám maith as na cártaíbh againn,
ach níor tháinig pioc as. Annsan cheapas ná beadh
aon dul as aige ó Chalaitín agus ó n-a chlainn, ach


L. 148


ba neamhní marbhadh Lóich mhóir seachas marbhadh an
naonbhur ar fhichid sin. Ní dhéanfaidh an fear is
tréine againn aon chur isteach air feasta, agus
beidh an crann-tabhail 'ghár milleadh agus 'ghár
mbasgadh do ló agus d' oidhche, agus ag cosg ár
slógh ar iad féin a chur i gcóir chun an mhór-chatha.



Ceat. — Tá aon fhear amháin ar Fhearaibh Éirean, a ríogan,
agus d'fhéadfadh sé chomhrac aoinfhir a dhéanamh le
Cú Chulainn agus Cú Chulainn do mharbhadh, ach is
dóich liom nár ró fhuirisde é chur suas chun an chomh-
raic. Isé comhaois Cú Chulainn é, fear a chomh-
ghnímh agus a chomh-fhoghluim agus a chomh-chleas, ar
ghoil agus ar ghaisge.



M. — Fear Diadh mac Damháin a deirir?



Ceat. — Siné an fear, a ríogan.



M. — Ní throidfidh Fear Diadh go deó le n-a chara. Ach
ní foláir rud éigin a dhéanamh. Cuirfead féin
fios air láithreach.



(Imthighid.)



An Cúigeadh Radharc.



Cliathán cnuic i radharc mór-shluaigh Fear Éirean.
Cú Chulainn agus Laogh.



Cú (Ag féachaint ar an mór-shluagh). — Sin iad os ár gcomh-
air iad, a Laoigh. Is fada fairsing an talamh
atá fútha. Is líonmhar iad a mór-bhuidhne. Is gléin-
each taithneamh a n-éidí agus a n-arm fé sholus na
gréine. Tá tuirse agus troma-chroidhe orm, a


L. 149


Laoigh, a rádh go gcaithfead féachaint ortha annsan
os mo chomhair 'n-a lán chumas. Tá Cúige Uladh
sgriosta acu. Tá ár gcuid an tsaoghal annsan os
ár gcomhair acu, ár mbuar agus n-ollmhaitheas, ár
mná agus ár bhfeara, agus ní'l ar ár gcumas iad
do bhaint díobh ná díoghaltas a dhéanamh ortha. Is
ró fhada atáim im' aonar ag casadh le cosg éigin
do chur ortha, ach tá ag dul de m' mhisneach fé dheire,
a Laoigh. Tá tuirse orm agus tá codla orm. Ní
féidir dom seasamh puinn eile aimsire.



Laogh. — Féach, a rí. Cé hé an laoch é siúd ag teacht
i n-ár dtreó treasna an longphuirt? Tá sé ag
gabháil tré lár an longphuirt agus ní'l aon stró
aige dá chur ar aoinne ná ag aoinne dá chur air!
Má's laoch d'Fhearaibh Éirean é nách mór an iongna
ná labhran aoinne acu leis, nó ná labhran sé le
haon duine acu. Tá sé ag gluaiseacht eatartha
agus ag teangmháil leó, ba dhóich leat, ach ní leog-
aid siad ortha go bhfeicid siad é, ná ní leogan
seisean air go bhfeicean sé iad. Is áluinn agus
is uasal an fhéachaint atá aige agus an siubhal
stuamdha, ríoga atá aige.



Cú. — Chíon sé iad, a Laoigh, ach ní fheicid siad-san é.
Aon de m' cháirdibh sídhe iseadh é. Tá fios mo
thuirse agus mo bhuartha aige, agus tá sé ag teacht
chun sóláis agus misnigh do chur orm, mar tá gá
agam le sólás anois má bhí gá riamh agam leis.



(Tig Lugh mac Eithleann isteach.)



Lugh. — A Chú Eamhna, a mhic amhra Uladh, is fada é do
shaothar. Is dian é do ghníomh. Is trom í do lámh
ar shluagh Fear Éirean. Ach is trom tuirse ort
féin anois. Ní foláir duit suaineas do ghlacadh
agus codla do dhéanamh chun do nirt agus do


L. 150


mhisnigh a chasadh thar n-ais ort. An dá ghoin sin a
fuarais ó Lóch, tré chleasaibh na Mórríoghna, táid
siad gan cneasú agat fós agus táid siad ag baint
ód' neart. Níor chodlais néal le fada mara
gcodlóchthá fíor-bheagán anois agus arís gan de
shuaineas agat chuige ach do shleagh do leogaint
ar do ghlún agus do cheann ar do dhorn. Ní
foláir duit codla ceart do dhéanamh nó cuirfidh
an tuirse deire leat, agus annsan beidh áthas ar
Mhéibh.



Cú. — An fhaid a bhead-sa im' chodla cé dhéanfaidh an
comhrac? Nó cé dhéanfaidh faire dhom?



Lugh. — Fanfad-sa agat ag déanamh na faire agus má
thagan comhrac glacfad thar do cheann é. Ach ní
thiocfaidh. Téanam.



(Imthighid ach Laogh. Tig Follamhain mac Conchobhair
isteach.)



Fol. — Cad é sin ort, a Mhic Rianghabhra! Ba dhóich le
duine ort gur b'amhlaidh a chonaicís sprid! Cá
bhfuil Cú Chulainn?



Laogh. — Ó! Ó! Ó! Ní fheadar cá bhfuil Cú Chulainn
agus ní fheadar cá bhfuilim féin! An laoch is
uaisle agus is áluinne dá bhfeaca riamh im' shúilibh
cinn, ghaibh sé chughainn anall annsan anois treasna
longphuirt Fear Éirean agus ní fheacaidh aoinne
acu é. Tháinig sé chughainn annso agus do labhair
sé le Cú Chulainn. Ní cuimhin liom cad dubhairt
sé leis, bhí a leithéid sin d' uathbhás orm. Chonac
ag imtheacht i n-aoinfheacht é féin agus Cú Chulainn,
díreach sar ar thánaís.



Fol. — Is truagh ná rabhas beagán níos luatha! D'oir-
feadh dom go cruaidh Cú Chulainn dh'fheisgint agus
raint cainte dhéanamh leis. Táim féin agus trí


L. 151


caogaid de mhacra na hEamhna tagaithe chun cabhrú
dhéanamh le Cú Chulainn sa troid seo aige dá
dhéanamh i n-aghaidh cheithre ollchúige Éirean.



Laog. — Agus, a Fhollamhain, cad é an fhaid le dul tu
féin agus do thrí caogaid i n-aghaidh a leithéid de
shluagh namhad! Tuigim go bhfuilid slóighte Uladh
ag cruinniú i gceann a chéile i Sleamhain Midhe, chun
teacht ar an slighe roimis an mór-shluagh so agus
cath a thabhairt dóibh. Nárbh' fhearr an chiall duit-se
agus do d' thrí caogaid mac rí, dul agus inead a
ghabháil i mór-shluagh Chonchobhair agus bhur mbárthan
d'imirt ar an namhaid nuair a bheadh foirneart
carad gualainn le gualainn libh?



Fol. — Nuair dh'imthigh Conchobhar agus a theaghlach ó
Eamhain, ag dul ó dheas go háit an choinne, d'fhanas-
sa agus an macra i nEamhain. Tháinig na sgéalta
dubha déarmhara chughainn isteach, an uile lá agus an
uile oidhche, ó gach áird de Chúige Ulad. Ár mbailte
dá sgrios. Ar dtighthe dá losgadh. Ar mbuar,
ár maoin, ár bhfeara, ár mná, dá bhfuadach. Fé
dheire do bhris ar an bhfoidhne agam féin agus ag
an macra. Tháinig gráin againn orainn féin, a
rádh go rabhamair beó agus a leithéid de chos ar
bolg dá déanamh orainn! Shocruigheamair i n-ár
n-aigne go leanfaimís sluagh Fear Éirean agus
go n-imireóchaimís ár mbárthan ortha, go dtabhar-
faimís ceann Oiliolla agus ceann Mhéibh linn nó
go bhfágfaimís ar gcosgar acu.



Laogh. — Isé bhur gcosgar a fágfar acu.



Fol. — 'Sin mar is fearr é. Pé buadh a gheabhaidh
Conchobhar sa mhór-chath is beag an sólás liom-sa é
tar éis na n-olc atá tagaithe ar Chúige Uladh. Ní'l
uaim feasda ach bás, ach é dhéanamh chomh daor agus


L. 152


is féidir é ar Mhéibh agus ar Oilill. Dá mbeadh
Cú Chulainn againn thabharfaimís fogha i n-aoinfeacht
fé 'n sluagh agus b'fhéidir go dtiocfadh linn pubal
Mhéibh do shroisint agus ár bhfearg do shásamh! Ba
chuma linn bás nó beatha annsan.



(Tig cuid de'n mhacra isteach.)



Féach, a óga. Sidé Laogh mac Rianghabhra agus
ní'l aon tuairisg aige ar Chú Chulainn. Cad a
dhéanfam anois?



Duine acu. — Déanfam an rud atá ceapaithe againn.
Ní rachaidh aon chos díom-sa órlach i ndiaidh mo chúil
go dtí go mbeidh ceann Mhéibh agam nó mo cheann
aici. Tá árus m' athar agus mo mháthar 'na smól
agus 'na luaithreach. Tá m' athair agus mo mháthair,
mo bheirt dearbhráthar agus mo dheirbhshiúr, i
ngeimhlibh braighdinis ag Méibh. Rud is cruadha ná
san uile, réiltean mo bheatha, an bhain-chéile a
gealladh dom, an inghin is uaisle agus is gile
gnaoi i nÉirinn, solus mo shúl, áthas mo chroidhe
agus m'anma, tá sí i ngeimhlibh braighdinis ag
Méibh agus mise beó! Ní chasfad thar n-ais an
fhaid a bheidh faobhar ar an gclaidheamh seo ná lúth
sa láimh seo!



An chuid eile. — Mise mar sin! Mise mar sin! Mise
mar sin!



Fol. — Tá go maith, a óga. Deirim-se leis, "Mise
mar sin!" Téanaigh, a óga. Déanfaidh gach fear
againn cion duine de dhíoghaltas ar ár namhaid.
Is díg dúinn beatha agus is díg dúinn bás. Isé
an bás rogha as an dá dhíg anois.



(Imthighid.)



Laogh (i n' aonar). — Dar fiadh, a Mhéibh, má tá an
mór-shluagh i bhfochair Conchobhair i Sleamhain Midhe


L. 153


chomh tugtha do throid go bás agus atá Follamhain
agus a thrí caogaid ní mholaim an t-ádh bheidh leat
sa mhór-chath!



(Imthigheas.)



An Séamhadh Radharc.



Cú Chulainn 'na chodla. Lugh mac Eithleann 'na
sheasamh i n' aice. Músclas Cú Chulainn as a shuan
agus preabas 'na shuidhe.



Cú. — Ó! Tá mo neart agus mo mhisneach arís agam.
Cad é an fhaid atáim im' chodla a óglaigh?



Lugh. — Trí lá agus trí oidhche.



Cú. — O! Futh, futh! Is olc an obair i sin!



Lugh. — Cad uime?



Cú. — Na slóighte gan ionnsaighe an fhaid sin.



Lugh. — An bhfuilid!



Cú. — Cé bhí chun catha ná comhraic do chur ortha?



Lugh. — An fhaid a bhís-se id' chodla tháinig an macra
ó Eamhain adtuaidh agus Follamhain mac Con-
chobhair leó, agus thugadar trí catha do na slóghaibh,
cath gach lá. Trí caogaid mac rí dob eadh a líon.
Do throideadar chomh fíochmhar san gur thuit a dtrí
comhlíona féin de'n tsluagh leó, agus do thuit an
uile dhuine dhíobh féin agus do thuit Follamhain mac
Conchobhair. D'fhéadfadh Follamhain teacht beó ó'n
gcath ach ní thiocfadh. D' imir sé a bhárthan ar
Fhearaibh Éirean go dtí gur thuit sé. Tháinig dhá
mhac Bheithe mhic Baoin chuige sa chomhrac agus do
leagadar é.



Cú. — Tá brón agus ceisd orm a rádh ná rabhas ann!
Dá mbeinn ann ní thuitfeadh an macra agus ní
thuitfeadh Follamhain. Is truagh ná rabhas ann.


L. 154


Bhíos im' codla agus mo cháirde dílse i gcruadh-
tan! Is bocht an sgéal é!



Lugh. — Ní táir do d' ghaisge-se agus ní haithis do t'
ionchaibh an ní sin tar éis a bhfuil déanta agat it'
aonar i n-aghaidh cheithre ollchúige Éirean cheana!



Cú. — Fan-sa anois im' fhochair-se, a óglaigh, agus ionn-
sócham araon an mór-shluagh i n-aoinfheacht agus
déanfam bás Fhollamhain agus an mhacra do
dhíogailt go fuilteach ortha!



Lugh. — Ní fhanfad, a Chú Eamhna. Pé comhlanna goile
agus gaisge a dhéanfadh laoch id' fhochair-se sa
chogadh so ní hé féin a gheabhadh a nós agus a gcreid-
eamhaint agus a n-oirdhearcas, ach is tusa gheabhadh
iad. Uime sin ní fhanfad-sa id' fhochair. Imir féin
do bhárthan ortha. Ní leó cumas gnímh an lae seo.



(Imthigheas.)



Cú. — A Laoigh!



Laogh. — Teacht! a rí.



(Tig Laogh isteach.)



Cú. — Inill an carbhad seardha má tá a threalamh agus a
chulaidh agat.



Laogh. — Táid siad agam, a rí.



(Imthigheas Laogh.)



Chú. (Ag machtnamh). — "Ní leó cumas gnímh an lae seo."
Tá go maith!



(Imthigheas.)



An Seachtmhadh Radharc.



Pubhal Mhéibh. Tig Méibh agus Ceat isteach.



M. — Ní haon mhaith bheith ag gabháil dó. Do tharaigeas
an uile shaghas comhtha dhó agus isé mo thuairim dá
dtairginn ríghe Connacht dó ná beadh aon mhaith


L. 155


dhom ann. Is amhlaidh a tháinig lasadh feirge dhó
nuair a thráchtas ar dtúis ar an gcomhrac. Tá árd
chion acu ar a chéile. Do las a dhá shúil i dtreó
gur bheag nár chrithnigheas roimis an bhféachaint a
thug sé orm. Is iongantach an fear é. Is mó
agus is truime d'fhear é go mór ná Cú Chulainn.
Dá mhéid caint ata ag daoine i dtaobh áilneachta
Cú Chulainn agus uaisleachta a phearsan agus a
dheilbhe measaim-se go bhfuil Fear Diadh abhfad
níos uaisle dealbh ná é. Agus, Ó! an neart atá
suidhte ann! 'Na chabhail, agus 'na ghuaillibh, agus
i ngach ball dá bhallaibh beatha! An ceann fionn,
uasal, ríoga; an t-éadan glan, solusmhar, leathan,
árd; na mailghe breághtha, daingeana, gan bheith
trom; an tsrón dheagh-chúmtha dhíreach; an dá leac-
ain fhada luisneamhla; an béal deas cruinnighthe,
socair, córach; agus an smeig comh-dhlúth, comh-
dhaingean. Ach na súile! Labhran mór-aigne an
churadh le duine amach as an dá shúil sin. Dob fhiú
iad fearg do chur ortha! Is dóich liom gur b' é
fear is breághtha é dá bhfeaca riamh agus Mac
Fachtna do chur chuige! Chonac é go minic cheana,
agus thugainn fé ndeara an téagar agus an neart;
agus, 'na choinnibh sin, an ghluaiseacht éasga éad-
trom, agus an chuma 'na mbeartuigheadh sé a chuid
airm ghaisge gur dhóich leat ná bíodh aon mheadhachaint
ionta. Ach ní fheaca go dtí indiu é i mbrúth agus
i gcoimheasgar feirge agus buartha i n-aoinfheacht!
Ní gheabhaidh sé do láimh an comhrac a dhéanamh.
Nó má ghabhan ní mharbhóchaidh sé a chara. Isé mo
thuairim láidir, dá ndeinidís an comhrac, gur
bh'fhearr leis é féin do thuitim le Cú Chulainn ná
Cú Chulainn do thuitim leis.


L. 156


Ceat. — Dá mbeadh an comhrac ar siubhal dá ríribh
d'atharóch an aigne sin, go mór mór dá dtuigeadh
sé, sa chomhrac dóibh, a mhalairt sin d'aigne bheith
ag Cú Chulainn do-san.



M. — Ca bhfios duit go bhfuil a mhalairt d'aigne ag
Cú Chulainn dó? Is dóich leis féin ná fuil, agus
siné is mó atá 'ghá chosg ar an gcomhrac.



Ceat. — Tá maoidhte ag Cú Chulainn go minic le tamal,
ná fuil aon fhear anois ar Fhearaibh Éirean d'fhéad-
fadh seasamh 'na láthair ar ghalaibh aoinfhir, ach Fear
Diadh amháin, agus gur b' iongna leis ná tagan
Fear Diadh chun comhraic do dhéanamh leis, agus
ná measan sé féin a chlú do bheith curtha suas i
gceart aige go dtí go dtuitidh Fear Diadh mac
Damháin i gcomhlann aoinfhir leis.



M. — Airiú níor airigheas focal dé sin! Ambasa má
tá an maoidheamh san déanta ag Cú Chulainn tá an
sgéal socair.



(Airightear fothram mar bheadh tóirthineach, agus airmghrith,
agus fuaim eachra, agus carbad, agus liúireach daoine i
n-anaithe agus fé sgannra báis.)



Cad é seo ar siubhal!



(Méaduigheas an tóirthineach agus an t-airmghrith agus an
Liúireach.)



Ní hé Conchobhar agus a shlóighte a bheadh tar éis
éalóch orainn! Níor bh'fhéidir dóibh teacht annso
ó Shleamhain Midhe i gan fhios do Mhac Roth agus
dá lucht faire!



(Ritheas fear isteach agus é ag cur an anma amach le
saothar agus le hanaithe. A chuid éadaigh stracaithe. Fuil
go tiugh air. Beireas Méibh ar ghualainn air.)



Labhair, a dhuine! Cad tá ar siubhal? Cad é


L. 157


an fothram é seo? Labhair! labhair nó crothfad
amach asat an méid de'n anam atá ionat!



(Ghá chrothadh.)



An fear. — Ó! a ríogan, ní fheaca riamh a leithéid de
radharc.



(Ritheas Oilill isteach. Neartuigheas an tóirthineach agus
géaruigheas ar an airmghrith agus ar an liúireach.)



Oilill. — Cad é an donas é seo atá ar siubhal! Nó
an amhlaidh atá an mór-shluagh ag marbhadh a chéile!



(Ritheas fear eile isteach.)



An fear eile. — Ó! a ríogra, tá ainimhidhe uathbhásach
éigin ag gluaiseacht ar buile tríd an longphort.
Do ghluais sé ar dtúis mór-thimcheall an long-
phuirt agus lasracha teine roimis agus 'na dhiaidh
agus os a chionn, agus tóirthineach agus búirtheach
aige dá dhéanamh agus an talamh aige dá raobadh
agus fóid agus clocha aige dá stealladh san aer.
Annsan do thug sé aghaid ar an longphort féin
agus tá sé ag gabháil tríd an sluagh anonn agus
anall, ag leagadh agus ag gearradh roimis. Tá
ár agus éirleach aige dá dhéanamh ar idir chú agus
each agus duine!



(Stadas an fothram agus an tóirthineach, agus ní cloistear
ach uail ghuil agus ologón. Imthighid uile amach. Tig Cú
Chulainn isteach agus brat ceóigh agus cré agus fola air, ó
mhullach go talamh. Tig Laogh isteach 'na dhiaidh agus an cor
céadna air.)



Cú. — Seadh! a Laoigh. Is dóich liom gur fhágamair
rian ár ngnímh ortha. Ach bhí an aimsir a tugadh
dúinn ró ghairid. Níor tugadh dom ach an méid
sin aimsire. Dá dtugtaí beagán eile aimsire
dhom ortha ní bheadh puinn le déanamh ag Conchobhar
lá an mhór-chatha. Ach b'éigin dúinn teacht uatha


L. 158


nuair a bhí an aimsir caithte. D' iompuigh an Liath
Macha gan do lámh-sa is dóich liom.



Laogh. — D'iompuigh, a rí, agus bhí iongna orm!



Cú. — Bhí comhacht nách tu 'ghá thiomáint agus ghá chasadh.
Dá ghiorracht a bhí an aimsir tá sgéal nua ag Fearaibh
Éirean. Beidh obair acu ar feadh tamail ag
adhlacadh a marbh agus ag leigheas a n-othar.
Téanam.



(Imthighid. Tig Méibh isteach agus í ag gol agus ag
bualadh bas.)



M. — Ó! a leithéid d'éirleach! a leithéid d'éirleach!
Mo laochra calma, sínte 'na srathanaibh! Mar a
bheadh an féar glas i ndiaidh na speile! Dá
dtagadh laochra Uladh ó Shleamhain Midhe chughainn
agus iad do theacht i gan fhios orainn, ní fhéadfaidís
éirleach ba mhó a dhéanamh orainn! Agus bheadh
aon tsólás amháin as san féin; dá chiúine thioc-
faidís orainn ní rachaidís uainn gan díoghaltas.
Ach pé comhacht é seo a tháinig orainn anois, d'imthigh
sé chomh hoban agus a tháinig sé, gan caoi ná lom
a thabhairt dúinn ar oiread agus aon bhuille amháin
cosanta do bhualadh.



(Tig Fearghus isteach.)



Cad é an mháchail millte draoidheachta é seo atá
tagaithe orainn, a Fhearghuis, nó cad é an bun nó
an brígh atá leis? Má thagan puinn eile dá leith-
éid orainn ní fíorfar choidhche caint Fheidhealma
bhanfáidh domhsa.



Fearghus. — Tá brígh agus bunús a dhóithin leis an éir-
leach so atá déanta ar Fhearaibh Éirean, a ríogan.
Ní ceadaithe geasa do shárú, agus ní lugha ná is
ceart búntáiste do bhreith ortha. Ní fhuilingid
comhachta sídhe duine saoghalta 'ghá cheapadh go


L. 159


bhféadfadh sé an lámh uachtair d' fhagháil ortha le
beartaibh claona agus le guntacht intinne.



M. — Conus a bhainean san leis an sgéal?



F. — Mar seo, a ríogan. Níor sáruigheadh geasa na
gaibhle ag Áth nGreancha, ach do seachnadh iad le
búntáiste bhreit ortha, agus ba dhóbair go ndíoladh
an mór-shluagh as san. Is cuimhin leat an sneachta.
Níor sáruigheadh an idh. Ach do rugadh an bhúntáiste.
Do tugadh grian agus éasga um chomhrac aoinfhir a
thabhairt do Chú Chulainn, agus fíre fear a thabhairt
dó. Níor tugad comhrac aoinfhir i gceart dó,
agus níor tugadh fíre fear dó. Do sáruigheadh
grian agus éasga sa ní sin. Dubhraís-se, a ríogan,
gur mhó an bhreis do Chú Chulainn a cháirde sídhe ná
do Chalaitín Dána a chlann mhac. Níor mhaith an
chiall duit-se cáirde sídhe Chú Chulainn do chur i
gcomórtas le daoine saoghalta. Níor mhaith an
chiall do dhaoine saoghalta dul i gcomórtas le
comhachtaibh sídhe. Do thuit Calaitín agus a chlann
sa troid. An lá díreach sar ar tháinig Follamhain
mac Conchobhair agus an macra adtuaidh annso ó
Eamhain chun catha do chur ar do mhór-shluagh, chonaic
Laogh mac Rianghabhra laoch uasal oirdheirc ag
gabháil anonn treasna longphuirt Fear Éirean
i dtreó Chú Chulainn. Ní fheacaidh aoinne sa long-
phort an laoch san. Do chuaidh sé anonn ag trial
ar Chú Chulainn agus do labhair sé leis agus dhein
sé truagh dhó. Chuir sé fhiachaibh air codla dhéanamh
ar feadh trí lá agus trí oidhche, agus chuir sé luibhne
íce agus sláinte 'na chneadhaibh agus 'na chréachtaibh.
I gcaitheamh na dtrí lá san iseadh throid Follamhain
agus an macra go bhfuaradar bás agus íde. Nuair
eirigh Cú Chulainn as a chodla bhí sé i n-iomláine a


L. 160


nirt agus a mhisnigh arís, gan cneadh gan créacht air.
Nuair airigh sé conus mar a thuit Follamhain agus
an macra d'iar sé ar an laoch sídhe teacht leis
d'ionnsaighe an mhór-shlóigh ag déanamh díoghaltais
ortha. Dubhairt an laoch leis é féin do dhul agus a
bhárthan d'imirt ortha óir "nár leó cumas gnímh
an lae sin." Do thuig Cú Chulainn an chaint.
D'inill sé an carbad seardha láithreach agus thug
sé aghaidh ar an longphort. Isé Cú Chulainn, 'na
charbad seardha, a bhí sa tsídh gaoithe úd a' déanamh
an éirligh, agus b'é Lugh mac Eithleann an tsídh
gaoithe féin. Níor tugadh do Chú Chulainn ach an
méid a bhí gan caitheamh de'n lá. Mara mbeadh san
ní fágfaí duine beó sa longphort. Ní maith an
chiall bheith ag cleasaidheacht le comhachtaibh sídhe,
ná ag casadh le sárú ortha.



M. — Nár chóir ná déanfadh na comhachta san an éag-
cóir! Ní hiad na daoine a marbhadh a dhein cleas-
aidheacht ná sárú ar chomhachtaibh sídhe ná ar aon
chomhachtaibh eile. Tá m' aigne agus m' intinn ar
mearaidhe sa sgéal. Sgéal dubhach iseadh é agam-
sa indiu, pé taobh ó n-a bhféachaim air!



(Imthighid.)



An t-ochtmhadh radharc.



Pubal Mhéibh. — Méibh agus Fear Diadh.



M. — Bhí a chlú agus a cháil árd go leór sar ar dhein sé
an gníomh deirineach so ach ní sheasóchaidh an saoghal
anois é. Gan amhras is mór agat-sa é. Tá sean
aithne agaibh ar a chéile.


L. 161


Fear Diadh. — Tá, sean aithne againn ar a chéile. Is
'mó lá a thugamair i bhfochair a chéile ag déanamh
ár bhfoghluma, ag Aoife agus ag Sgáthaigh. Thugam-
air cion agus grádh agus caradas dá chéile thar
aon bheirt, is dóich liom, dár mhair riamh. Níor
tháinig, le n-ár linn, cura ná mac rí sa bhfoghluim
d'fhéadfadh seasamh lámh ar láimh leis i n-aon tsaghas
súgra ná gleacaidheachta. Nuair a thigheadh cath nó
troid ar theaghlach Aoife, ó namhaid nó ó lucht
foghla, níor bheag a rádh leó go raibh Cú Chulainn
ann chun iad do chur ag teiche le n-a n-anam uainn.
Agus má ba gharbh, fíochmhar, fuilteach é, le namhaid
ní lughaide ba chaoin, cneasda, ceannsa, grádhach é
le n-a charaid. Is maise agus is mór-chlú d'Ultaibh
é go deó. Is obair ró mhí-chuibhseach duit-se, a
ríogan, a cheapadh id' aigne go bhféadfainn-se
comhrac aoinfhir a dhéanamh anois, tar cheann Fear
Éirean, leis an bhfear san gur mó agam a cheithre
cnámha ná a bhfuil beó, ní hamháin ar an mór-shluagh
so ach ar sliocht Gaedheal!



M. — Is dócha, a rí, má bhí san fíor roimis seo gur mó
is fíor anois é ná riamh.



F. D. — Is fíor riamh é agus is fíor anois é. Cad é
an fíoradh cheapfá bheith anois air seachas riamh?



M. — Asdó, má's le méid do cheana air nár bh' fhéidir
duit comhrac aoinfhir a dhéanamh leis roimis seo,
measaim ná beadh aon bhreith agat ar an gcomhrac
a dhéanamh anois. Chuir an gníomh deirineach so
uaidh a leithéid sin de bhreis ar an gcion. Is maith
é an cion, a rí. Is 'mó cuma 'na ndeinean sé áise.



F. D. (Ag cur gáire as). — Ná déineadh san aon bhuairt
duit, a ríogan. Is maith is eól do Chú Chulainn
nách le heagla romis ná déanfainn-se comhrac


L. 162


leis. An fhaid is eól do-san é táim bog ar cad a
mheasan aoinne eile.



M. — Is maith an bhail ort féin an méid sin, a rí, mar ní
chuirfidh an chaint seo atá ar siubhal aon mhearathal
ort.



F. D. (Ag lasadh suas). — Cad í an chaint?



M. — Tá sé i mbéalaibh daoine ar fuid an tslóigh go
ndeir Cú Chulainn ná fuil fear anois ar Fhearaibh
Éirean d'fhéadfadh seasamh 'na láthair agus comh-
rac aoinfhir a dhéanamh leis ach Fear Diadh amháin,
agus ná measan sé go mbeidh a chlú curtha suas
i gceart aige go dtí go dtuitidh Fear Diadh mac
Damháin leis, agus gur mór an iongna leis an t-aon
fhear amháin d' fhéadfadh an comhrac a dhéanamh do
bheith ag fanamhaint siar uaidh. Ach dar ndó ba cheart
dó a thuisgint nách le heagla roimis, ach le corp
ceana air, atá Fear Diadh ag fanamhaint siar,
— agus dá mhéid a bhí an cion ar dtúis gur chuaidh
ana bhreis air le cúpla lá. Is breágh agus is maith an
rud caradas, ach is fearr ná san é nuair a thuigid
caraid a chéile chomh cruinn sin!



F. D. (Ag siubhal anonn 's anall). — Tá dearmhad éigin sa
sgéal! Níor tháinig an smuíneamh san riamh
i n-aigne Chú Chulainn agus níor tháinig an chaint
sin riamh a béal Chú Chulainn — nó tá athrú mór
tagaithe air.



M. — Ní hiongna athrú air, agus na gníomhartha atá
déanta aige ar Fhearaibh Éirean ó thosnuigh an
slógadh so. Ba láidir agus ba stuamdha an aigne
bheadh ag an bhfear ná cuirfeadh na gníomhartha san
uabhar agus mór-chúis air.



F. D. — Do dhein sé gníomhartha chomh mór leó sar ar
thosnuigh an slógadh so riamh.


L. 163


M. — Ní'l agat ach bualadh tríd an longphort agus
tuairisg an sgéil do chur.



F. D. — Is maith is eól duit-se, a ríogan, agus
d'Fhearaibh Éirean, ná cromfainn-se chuige sin!



M. — Is eól dúinn go léir oineach Fhir Diadh, ach tá an
chaint ar siubhal pé cuma 'nar thosnuigh sí.



F. D. — Tá go maith, a ríogan. Mara bhfuil d' easnamh
ar oirdhearcas Chú Chulainn ach a chara do thuitim
le n-a láimh ní fhágfaidh a chara an t-easnamh san
abhfad eile air. Déanfar an comhrac!



(Imthigheas.)



M. — Seadh! Ba dheacair thu ghríosadh chuige! Tar-
aing chughat na cleasa is fearr agat anois, a Chú
na gcleas! Beidh gá agat leó go léir. Beirt
Ultach! Pé duine acu a thuitfidh is réidhteach é.
Má thuitean an bheirt is dhá réidhteach é. Tá a chomh-
aois i gceart ag gach fear acu sa bhfear eile. Beidh
an chomhrac dian. Sin fíre fear agat fé dheire,
a Chú. Tagadh do cháirde sídhe chughat anois nó
fanaidís uait! Cad é an doilgheas a bheidh ar
Chonchobhar nuair aireóchaidh sé sgéala an chomhraic
seo! An dá chura is tréine agus is uaisle dá raibh
ar Ultaibh riamh. Ní headh ach dá raibh ar Ghaedh-
ealaibh riamh. Is mór an truagh é! Is ríoga an
bheirt iad! Dá mbeadh Conchobhar féin chomh ríoga,
chomh huasal aigne, le haoinne de'n bheirt ní hi ríghe
Connacht a bheinn-se anois! Ach fágaimís siúd
mar atá sé.



(Imthigheas. Tig Fiacha mac Fir Fheibhe agus Fearghus isteach)



Fiacha. — Ar airighis é siúd, a rí?



Fearghus. — Cad é féin, a Fhiacha?



Fiacha. — Fear Diadh mac Damháin atá ag dul amach chun
comhraic aoinfhir a dhéanamh le Cú Chulainn.


L. 164


Fear. — 'Sdó d'airigheas gur cuireadh fios air go pubal
Mhéibh, chuige sin, agus gur dhiúltuigh sé do'n chomh-
rac go tur agus go feargach.



Fiacha. — Do cuireadh fios arís air agus pé bob a bhuail
Méibh air do chuir sí fhiachaibh air an comhrac do
ghabháil ar láimh. Deirtear go bhfuil an fearann
is fearr i Magh Aoi aige le fagháil, agus Fionnabh-
air mar mhnaoi, agus mórán de chomhaibh móra eile.
Is bocht an sgéal é! An dá uasal is fearr ar
Ghaedhealaibh, duine acu do thuitim leis an nduine
eile nó iad araon do thuitim le n-a chéile, tré cheilg
Mhéibh, agus Ultaigh go cruaidh i ngá le n-a neart
agus le n-a ngníomh araon!



F. — Ambasa, a Fhiacha, siné an sgéal is measa agus
is doilghe dár tháinig orainn fós. Ní mór dhom
imtheacht amach láithreach agus labhairt le m' dhalta.
Is eagal liom gur baoghal dó anois marab ionnan
a's riamh!



(Imthighid.)



An Naomhadh Radharc



Cú Chulainn agus Laogh.



Laogh. — Airighim, a rí, go bhfuil Méibh ceapaithe ar
cheilg a dhéanamh ort. Tá buidhean aici dá thoghadh
as na fir is calma aici chun teacht romhat i n-áit
éigin ná beidh coinne agat leó agus preabadh suas
id' thimcheall agus goin galann a dhéanamh díot mar
a deineadh d' Aonghus mac Aonláimhe Gáibhe i gcath
Átha dá Fhearta ar Sliabh Fuaid.



Cú. — Ní haon iongna liom cad a dhéanfadh sí feasta.
Tá iomad uilc déanta againne ar Fhearaibh Éirean.
Is 'mó gníomh fill a ghaibh sí do láimh i n-ár n-aghaidh


L. 165


ach níor eirigh aon ghníomh acu lé fós, agus ní
eireóchaidh.



(Tig Fearghus isteach.)



Míle fáilte romhat, a oide! Conus atá Méibh agus
Oilill agus an mór-shluagh?



F. — Pé maise atá ortha ní hort-sa atá a bhuidheachas
acu, a dhalta, ach is dóich liom dá n-eirgheadh dhá
choin chun comhraic le n-a chéile sa longphort go
ndéarfaí anois gur b' é Cú Chulainn fé ndeár é!
Ach tá ní nách é sin agam le hinnsint duit, a dhalta,
ní is doiligh liom-sa agus ná cuirfidh puinn áthais
ort-sa. Tá gabhtha do láimh ag Fear Diadh mac
Damháin, do chara dhílis féin agus do chomhalta,
teacht annso ar maidin chun comhraic aoinfhir a
dhéanamh leat-sa tar cheann Fear Éirean!



Cú. — Is olc an sgéal é sin, a Fhearghuis! Is dubhach
agus is doiligh liom-sa an fear san do theacht chun
comhraic liom thar a bhfuil d'fhearaibh beó, agus ní
le heagla roimis é, ach le grádh dhó. Tar a bhfuil
d'fhearaibh beó i nÉirinn níor mheasas go ndéanfadh
Fear Diadh mac Damháin an ní sin. Bhí iongna
orm nuair a tháinís-se chun comhraic liom ach ba
ghearr gur thuigeas nách dáríribh a tháinís. Tar
éis ár n-aithne ar a chéile agus tar éis ár
gcomhaltais agus ár gcomhluadair, ag Aoife agus
ag Sgáthaigh, agus tar éis ar thugamair de ghrádh
agus de chion agus d' annsacht dá chéile, níor
mheasas go ndéanfadh Fear Diadh an iompáil sin
orm-sa! Ach ó dhein ní foláir dó féachaint chuige féin.



F. — Ní foláir duit-se leis, a dhaltáin mo chroidhe,
féachaint chughat féin. Ní gá dhomhsa a innsint
duit-se cad é an saghas Fear Diadh. Is é fear
do chomhchleas agus do chomhghaisge é, agus níor


L. 166


dhearg reanna ná faobhar riamh fós air i gcath ná
i gcomhlann. Ní hionann comhrac leis agus le
haon fhear de na fearaibh a tháinig chughat fós i
ndáil comhraic.



Cú. — Táim ag déanamh dochair agus toirmisg do Mhéibh
agus d'Fhearaibh Éirean ó'n Luan roim Shamhain, ó
thosnuigh an cogadh so. I gcaitheamh na haimsire
sin níor chuas troigh i ndiaidh mo chúil ó chomhrac le
huathadh ná le sochaidhe, agus ní mó a rachad anois.
Ní'l aon fhear a throid liom nár thuit le m' láimh agus
tuitfidh Fear Diadh mar iad, — cé gur ró bheag
an t-áthas liom-sa é thuitim liom!



F. — Tá uisge fé thalamh éigin déanta ag Méibh sa sgéal.
Tá buairt mhór ar mhuintir Fhir Diadh mar go n-airigh-
id siad é coitchianta 'ghá rádh gur fearr leis é féin
do thuitim leat-sa ná tusa do thuitim leis. Deir-
tear gur taraigeadh comha móra dhó, comh-mhéid
a fhearainn féin de'n talamh is fearr i gConnacht-
aibh agus Fionnabhair mar mhnaoi, ach nár chuir sé
suim ar bith ins na comhaibh sin. Annsan do cuir-
eadh draoithe agus ollamhna an dúna chuige chun go
ndéanfaidís é ghlámadh agus d'aoradh agus
d'aithisiú. Deirim leat, a dhalta, gur ghlacam-
air-ne géilsine chruaidh orainn an lá a chuamair
i ngéilsine d'Oilill agus do Mhéibh. Is fada
anonn a théighean iarsma an droch-ghnímh. Is beag
dá chuimhneamh a bhí ag Deirdre cad iad na mílte
olc a thiocfadh dá barr! Féach chughat féin go maith,
a dhalta. Dá n-imthigheadh aon ní ort ní fhéadfainn-
se fanamhaint beó id' dhiaidh.



Cú. — Agus is beag dá chuimhneamh a bhí ag Conchobhar
go mbeadh sgéal an lae indiu againn go léir de
bharr íde Chlainne Uisnigh! Thabharfadh sé eólus


L. 167


agus teagasg agus tuisgint do'n chine daona, go
dtí gur bhain Deirdre a mheabhair as glan. Dhein
sí sgiot sgot dá chiall uasal. Ná bíodh ceisd ort,
a oide. Tháinig cara de m'cháirdibh sídhe chugham-sa
le déanaighe agus do leighis sé mo chréachta. Tá
mo neart agus mo mhisneach arís agam.



(Imthighid.)



An Deichmhadh Radharc.



Áth Fhir Diadh. Fear Diadh agus Idh mac Rianghabhra.



Fear Diadh. — Thánamair ró mhoch, a ghiolla. Ní'l Cú
Chulainn ag teacht fós.



Idh. — Tá sé ag teacht, a rí. Airighim fuaim an charbaid.
Aithnighim an seól agus aithnighim fuaim coisigheachta
na n-each. D'aithneóchainn ceól cos an dá each san
i n-aon áit. Ní'l dá each eile i nÉirinn a bhuailean
an fód ar an gcuma gcéadna.



(Tig Cú Chulainn agus Laogh isteach.)



F. D. — Fáilte romhat, a Chú Chulainn! Taithnean do
theacht linn.



Cú. — Bhíos lá, a Fhir Diadh, agus ba mhór agam an
fháilte sin, ach ní ró mhaith a thaithnean sí indiu liom.
Agus go deimhin, a Fhir Diadh, ba chóra dhomhsa fáilte
do chur romhat-sa ná dhuit-se fáilte chur romham-sa,
agus ba chóra dhomhsa dul do chomhrac leat-sa ná
dhuit-se teacht chun comhraic liom-sa, óir is agat-sa
atá mo mhná agus mo mhacaibh, m' eich agus m' each-
raidhe, m' almha agus m' innle teiche.



F. D. — Maith, a Chú Chulainn. Ach cad a bhéarfadh gur
cheart tusa do theacht chun comhraic liom-sa? Nuair


L. 168


a bhíomair araon ag Uathaigh, agus ag Sgáthaigh agus
ag Aoife níor bh'fhear diongbhála dhomhsa thusa, óir
is tu b'fhear friothálmha dhom, ag áireamh mo shleagh
agus ag córú mo leapan.



Cú. — Is fíor sin, a Fhir Diadh, agus isé cúis go ndein-
inn-se an friothálamh san duit mar bhíos abhfad
níos óige ná thu. Ní hí sin tuarasgbháil ar a bhfuil-
imíd indiu. Is fear diongbhála dhuit indiu me,
nó d'aon laoch i nÉirinn, i láthair catha nó cruadh-
chomhraic. Dá bhrígh sin, a Fhir Diadh, dá mbeadh comh-
rac le bheith eadrainn is orm-sa ba cheart a bheith
an comhrac do thosnú óir is agam atá an chúis chuige.
Is orm atá an éagcóir déanta ag Fearaib Éirean
agus ag Fear Diadh mar aon le Fearaibh Éirean.
Ach dá mbeadh oiread eile éagcóra déanta orm,
agus lámh Fhir Diadh do bheith san éagcóir go léir,
mar atá san éagcóir atá déanta, ní leogfadh
cuimhne an charadais agus an cheana agus an ghrádha
a bhí eadrainn domhsa comhrac aoinfhir a dhéanamh
leat-sa. Má tá lámh agat san éagcóir atá dá
dhéanamh orm ní mheasaim tu féin a bheith ciontach
ar fad leis. Tá éileamh ag Méibh ort tré cheangal
na géilsine. Ach ní théighean an ceangal chomh fada
agus gur ghá dhuit comhrac aoinfhir a dhéanamh le
d'chara féin mar gheall air. Is 'mó comhrac dian
a dheineamair araon riamh, a Fhir Diadh, ach is
ag cabhrú le chéile a bhímís. Is cruaidh an sgéal
indiu é go gcaithimíd iompáil i gcoinnibh a chéile,
go gcaithimíd feóil a chéile do ghearradh agus
fuil a chéile do dhortadh, agus gur b' annsa go
mór le gach fear againn fuil agus feóil an fhir
eile ná a chuid fola agus feóla féin! Is cruaidh
an chinneamhaint í!


L. 169


F. D. — Is ró fhada atáimíd ar an gcuma so, a Chú
Chulainn. Cad í an ghaisge ar a ragham indiu?



Cú. — Do rogha gaisge dhuit-se indiu, a Fhir Diadh, óir
is tu a ráinig an t-áth ar dtúis.



F. D. — An cuimhin leat na cleasa iorghala do dhein-
imís ag Aoife?



Cú. — Is cuimhin.



F. D. — Má's cuimhin téighimís ar na cleasaibh sin.



Cú. — Tá go maith.



(Imthighid. Tig isteach Dolbh, agus Iondolbh, cáirde sídhe
do Chú Chulainn.)



Dolbh. — Is meabhair liom an lá do rugadh an ghein uasal.
Tugadh domhsa an lá san, ó chomhachtaibh sídhe, mar
dhualgas lae agus oidhche, aire thabhairt dó agus
freagairt dá mheanmna, agus teacht 'ghá fhóirithin
agus 'ghá dhíon agus 'ghá chosnamh, i gcath agus i
gcomhrac, i n-éigin agus i n-iorghail, i nguais agus
i gcumhangrach, i bhfriothghoin agus i bhfeidhm dá
dhéine. Tugadh an dualgas céadna dhuit-se, a
Iondoilbh. Níor dhualgas gan duagh dhúinne sin,
cé nách puinn de shaoghal ár gcuradh atá caithte fós.
Bhí sé óg go leór nuair fhág sé árus Deichtine agus
tháinig sé go hEamhain agus dhein sé a chéad ghníomh-
artha lútha agus nirt ar mhacra na hEamhna. Ní raibh
sé ceaduighthe d'aon mhac eile teacht i gcluiche an
mhacra gan é féin do chur ar dtúis fé chomairce
na hóg-bhuidhne sin. Nuair a chuir an mac
beag iasachta an cluiche ortha go léir tháinig
fearg ortha agus chaitheadar a dtrí caogaid
camán i n-aoinfheacht ar amus a chinn. Chuir
sé dhé na camáin i dtreó nár aimsigh aon
urchar é agus annsan do ghluais sé fé an mbuidhin
agus do threasgair sé iad ar gac taobh dé go rabh-


L. 170


adar leath-mharbh aige. Ar ball, i n-inead eisean
do dhul fé n-a gcomairce-sin is amhlaidh a b'éigin
dóibh-sin dul fé n-a chomairce-sean, nó ní sgur-
fadh sé a ghníomh díobh. Bhíos-sa i n-aice an mhic
bhig an uair sin ag comhlíonadh mo dhualgais.



Iondolbh. — Agus an cuimhin leat-sa an oidhche, tamal
beag 'na dhiaidh sin, nuair a thug Culann Ceard an
cuire do Chonchobhar agus do mhaithibh na Craobh-
ruaidhe. D'iarr Conchobhar ar an mac beag teacht
leó agus gheall seisean teacht 'na ndiaidh nuair a
bheadh cluichí an mhacra críochnuighthe. Tháinig sé 'na
ndiaidh agus ag teacht chun an dúna dhó d'eirigh an
fearchú chuige. D'oibrigh sé an t-ubhall-chleas ar
an gcoin. Chuir sé an t-ubhall d' urchar isteach
i gcraos an árrachtaidhe agus siar tré n-a chorp
amach. Do rug sé ar an ainimhidhe agus dhein sé
ceathramhna dhé! Bhíos-sa i n-aice an mhic bhig an
uair sin, ag comhlíonadh mo dhualgais.



Dolbh. — Agus bhíomair araon i n-a aice an lá ghaibh sé
arm gaisge agus chuaidh sé ó dheas go Dún Mhac
Neachtain ag deargadh lámh. Mhairbh sé an lá san
an triúr laoch ba chalma dá raibh i Magh Breagh, an
triúr a bhíodh coitchianta 'ghá mhaoidheamh nár mhó a
bhí beó d'Ultaibh ná ar mharbhuigheadar féin díobh.
Mhairbh sé Fóill mac Neachtain, ar dtúis, fear ná
gabhadh reanna ná arm ná faobhar air. Annsan
mhairbh sé Tuachall mac Neachtain, fear nár bh'
fhéidir a mharbhadh mara leagtaí do'n chéad bhuille
nó do'n chéad urchar é. Annsan do mhairbh sé
Fainnle mac Neachtain, an laoch gur chomhdheas dó
comhrac aoinfhir a dhéanamh ag snámh i n-uisge nó
'na sheasamh ar thalamh tirim. Sin é an deargadh
lámh a dhein ár mac beag an lá ghaibh sé arm gaisge,


L. 171


agus sin é an buadh agus an cosgar a thug sé leis
thar n-ais go hEamhain an lá san. Chomhlíonamair
ár ndualgas go maith an lá san.



Iondolbh. — Is 'mó lá dian atá curtha dhínn againn ag
comhlíonadh ár ndualgais, ach measaim, a Dhoilbh,
gur b' é seo greim is géire dár tháinig fós. Chomh
luath agus thiocfaidh meanmna Chú Chulainn chughainn
caithfimíd bheith i n' aice láithreach sa troid agus é
dhíon ar bhuillíbh troma Fhir Diadh. Má thuigean
Fear Diadh i n' aigne sinn a bheith san iorghail is
baoghal ná tiocfaimíd saor ó n-a láimh!



Dolbh. — Ní foláir dúinn ár ndualgas do chomhlíonadh
pé rud a thiocfaidh as dúinn.



(Imthighid. Tig Méibh agus Oilill agus Fearghus agus
maithe eile isteach.)



M. — Fágaim le huadhacht ná feaca riamh, agus nár
mheasas go bhfeicfinn le m' ló, radharc chomh huasal
leis an radharc sin a chonacamair indiu. Is ion-
gantach an bheirt iad! Cad é mar a ghluaisigheadh
an t-urchar ó'n láimh, ar gach taobh! gur dhóich leat
go mbíodh anam sa ghaoi, agus dúil aige dul cruinn,
do réir mheanmna an té a chaith é! Agus níor
chuaidh urchar díobh amú ó thosach go deire. Níor
caitheadh urchar díobh nár chuaidh cruinn ach níor
chuaidh aon urchar díobh i mbeó. B'iongantach an
chosaint a deineadh ar gach taobh. Idir lámhach agus
cosaint ní fheaca a leithéid riamh. Is uasal an
bheirt iad! Cad é an sórd comhraic a dhéanfaid
siad anois, a Fhearghuis, ó sguradar de'n lámhach?



Fearghus. — Measaim, a ríogan, gur lámhach a bheidh
arís acu, ach gur le harmaibh níos truime é, le
mánaoisibh móra. Agus má ba mhaith le feisgint
an lámhach agus an chosaint a dheineadar an fhaid a


L. 172


bhíodar ar na harmaibh éadtroma, is dá mhó is maith
le feisgint a bheidh an radharc a chífear nuair a bheidh
na fir ar na harmaibh troma. Annsan iseadh
chífear neart na bhfear chomh maith le n-a bhfuinn-
eamh agus le n-a gclisteacht!



Oilill. — Ní'l a chomhaois beó ag fear díobh ach sa bhfear
eile. Is mór an radharc bheith ag féachaint ortha.
Ní fheaca riamh ach an ciúnas a bhí sa longphort an
fhaid a bhí an chéad ghora san ar siubhal! An mór-
shluagh uile, fir agus mná, óg a's críona, gan glór
asta ná cor acu dá chur díobh, ach iad ag faire sar
a gcaillfidís aon phioc de'n chleasaidheacht ion-
gantach. Níor dhearg aoinne acu fós ar an bhfear
eile agus seacht n-uaire mheasas go raibh urchar
ó dhuine acu tríd an bhfear eile, ach do cosantaí
an uile urchar. Is áluinn an comhrac é!



M. — Téanaigh, a ríogra. Is dócha gur gearr go
mbeidh an obair ar siubhal arís. Ní chaillfinn aon
phioc dé ar ríghe Connacht!



(Imthighid.)



An t-aonmhadh radharc déag.



Áth Fhir Diadh. Tig Fear Diadh agus Cú
Chulainn isteach agus fuil ortha agus ag sile leó.
Tig Idh agus Laogh isteach 'na ndiaidh agus sgiath
agus airm comhraic ar a bhaclainn ag gach duine
acu.



Fear Diadh. — Is maith a dheinis cleasaidheacht an lae
indiu, a Chú Chulainn. Ní misde dhuit a rádh gur


L. 173


meabhair leat na cleasa dheinimís ag Aoife! Ní
headh ach is fearr a dheinis indiu iad ná chonac tu
riamh 'ghá ndéanamh. Ní féidir liom a dhéanamh
amach cruinn ce 'cu againn do dhearg ar dtúis ar
an bhfear eile.



Cú. — Is dóich liom gur i n-aoinfheacht a chuaidh an chéad
dheargadh orainn araon. Is cuimhin liom go maith
an chéad urchar uaim a chuaidh i mbeó ort-sa, ach
do chuaidh urchar uait-se i mbeó orm féin le n-a
linn. Tá tuirse orainn araon anois agus ní
misde dhúinn suaineas do ghlacadh. Codail go maith,
a Fhir Diadh, agus bíodh do thapa agus do neart agus
do mhisneach agat ar maidin! Ní cluichí áineasa
atá romhainn amáireach!



F. D. — Mo ghraidhn croidhe thu! (Ag cur a dhá Lámh tim-
cheall ar Chú Chulainn agus 'ghá phógadh. Pógaid a chéile go
dlúth trí huaire.) Déin-se leis codla go sámh agus
bíodh do lúth agus do neart agat ar maidin. Pé
deire bheidh ar ár gcomhrac beidh ní ann le feis-
gint ag Méibh agus ag Oilill agus ag Fearaibh
Éirean ná feacadar a leithéid riamh fós. Agus
pé liagha a thiocfaidh ó'n longphort ag friothálamh
orm-sa agus ag leigheas mo chneadh caithfid siad
teacht anall annso chughat-sa agus an friothálamh
céadna do dhéanamh ort agus na leighseana chéadna
chur le pé créachta atá faghálta agat. Mara
ndéintear san ní dhéanfad-sa a thuille de'n
chomhrac!



Cú. — Is áthas mór ar mo chroidhe a fheisgint go bhfuil
croidhe mo chara chomh maith chomh dílis agus bhí sé
riamh — dá dtugtaí a cheart féin dó, mar chroidhe!



(Sgaraid agus imthighid ó chéile.)



Idh. — Is dóca gur ceart dúinne bheith tuirseach leis,


L. 174


a Laoigh. Tá tuirse mo dhóithin orm-sa pé 'nÉirinn
é. Ach is dócha go gcaithfimíd na hairm seo ghlanadh
sar a ndéanfaimíd aon chodla. Tá teinneas
im' shúilibh ó bheith ag faire ar an ngleacaidheacht.
Níor bh' iongna liom go mbeadh teinneas id' chnámh-
aibh-se, chomh maith le d' shúilibh.



Laogh. — Agus cad a bhí chun teinnis a chur im'
chnámhaibh?



Idh. — Sdó níor stadais i gcaitheamh an lae ach ag preab-
arnaigh agus ag léimrigh le gach urchar dá gcaithtí.
Ba dhóic le duine gur tu féin a bhíodh 'ghá gcaitheamh!
Ná féadfá fanamhaint socair!



Laogh. — Seo seo! leog do d'chaint dúinn agus glan
na hairm sin, nó curfar teinneas id' chnámhaibh ar
maidin, má chítear meirg ná cré ná fuil ar aon
arm díobh.



Idh. — Níor bhuail sé riamh me! Is dócha nách mar sin
do Chú Chulainn, gur chuir se teinneas cluaise
ort-sa uaireanta.



(Cromaid air na hairm a ghlanadh.)



Laogh. — Ambriathar nár chuir riamh. Ní headh ach níor
labhair sé oiread agus focal feargach riamh liom.
Ní dóich liom gur labhair sé focal feargach le hara
riamh ach an t-aon fhocal amháin a labhair sé le hIobhar
an lá bhíodar ar Charn Mhodhuirn.



Idh. — Cad dubhairt sé leis?



Laogh. — Dubhairt sé le hIobhar an carbad do thiomáint
go Dún Mhac Neachtain. Tháinig sgannra ar Iobhar
agus dubhairt sé pé duine a raghadh go Dún Mhac
Neachtain nách é féin a raghadh ann. "Raghaidh do
bheó nó do mharbh ann!" arsa Cú Chulainn leis.
"Isé mo bheó do raghaidh ann agus isé mo mharbh
d'fhanfaidh ann!" arsa Iobhar.


L. 175


Idh. — Fear meathta iseadh Iobhar. Ní fheadar cá
bhfuaradh é.



Laogh. — Geallaim dhuit ná deaghaidh sé ar aon chuaird
le Cú Chulainn ó shin.



Idh. — Is beag ná gur labhair Fear Diadh focal i bhfeirg
liom-sa ar maidin indiu. Gan amhras is i
gcoinnibh a chos a tháinig sé ag déanamh an chomhraic
seo!



Laogh. — Cad a chuir an fhearg air indiu?



Idh. — Ní dóich liom gur chodail sé an oidhche go ró shámh.
Bhí sé 'na shuidhe ana mhoch agus dubhairt sé liom na
heich do ghabháil. Dubhart-sa go raibh an t-am ro
mhoch agus gur bh' fhearr righneas a dhéanamh. Bhí
súil agam dá nglactaí an méid sin réidh uaim go
mb' fhéidir go dtiocfadh liom rud éigin a rádh do
chuirfeadh ó'n gcomhrac é. Do las sé suas agus
dubhairt sé, "Ní ghabhaim cosg sa ghnó so! gaibh
na heich dhúinn!" Thuigeas im' aigne go raibh sé
socair ar an gcomhrac agus nách le n-a thoil é. Is
truagh an sgéal é, a Laoigh!



Laogh. — Ní'l leigheas air. Téanam. Glanfaimíd an
chuid eile i n-aice na teine.



(Imthighid. Tig isteach Lonn agus Dubhthac, dhá liagh ó
longphort Fear Éirean.)



Dubhthach. — Mara bhfuilid créachta Chú Chulainn níos
doimhnne ná créachta Fhir Diadh beidh comhrac an
lae amáirigh níos déine ná mar a bhí comhrac an
lae indiu.



Lonn. — Is iongantach an chosaint a dheineadar ortha
féin! Bhíos ag féachaint ar an gcomhrac fan lae.
Ní fhéadfainn mo shúile thógaint díobh. Ní fheaca
riamh a leithéid de chleasaidheacht. Ach níor tháinig
fearg comhraic i gceart d'aoinne acu fós. Deir-


L. 176


tear ná fuil aon sgannra ach féachaint ar Chú
Chulainn nuair a thagan fíoch comhraic i gceart
air.



Dubhthach. — Is fíor é. An lá úd a dhein sé an dearg-
ár ar Fhearaibh Éirean le n-a charbad seardha, bhíos
i n-imeal an longphuirt agus chonac ag teacht é.
Fuaras radharc maith air agus é ag gluaiseacht
thorm mar a ghluaiseóch an tsídh gaoithe. Do tharla
gur fhéachas suas ins na súilibh air, agus an fhaid
a mhairfead ní chuirfead an fhéachaint as mo cheann
ná as mo chroidhe. Tháinig creathán orm agus tháinig
fuairthneamh im' ballaibh beatha agus do stad m'
anál orm. Níor fhéadas néal a chodla an oidhche
sin. Ní túisge thosnuigheadh codla dhom ná thagadh
an ghnúis uathbhásach os mo chomhair, agus ghluais-
igheadh an creathán arís agus an fuairthneamh agus
an tachtadh orm, agus an t-allus ag séide thríom
amach. Má thagan an ghnúis sin do Chú Chulainn
amáireach is láidir an sgairt atá ag Fear Diadh má
fhéadan sé an radharc do sheasamh!



Lonn. — Ca bhfios duit ná go dtiocfadh riasdradh
chomh huathbhásach leis d' Fhear Diadh féin agus go
mb' fhéidir go mbeadh sé air ag Cú Chulainn an
radharc d' fhulang?



Dubhthach. — Eatartha féin is fearr é. Ní foláir dúinne
ár ngnó féin do dhéanamh. Ní foláir dúinn anois
cneadha agus créachta Chú Chulainn do leigheas
díreach fé mar a leighseamair cneadha agus
créachta Fhir Diadh. Téanam ort.



(Imthighid. Tig isteach sluagh de bhocánaibh agus de bhanánaibh
agus de gheintibh glinne, agus ceól sídhe acu, agus Lugh mac
Eithleann leó, agus iad ag gluaiseacht timcheall ar shórd
eigin raince. Stadaid de'n raince.)


L. 177


Lugh. —



A chomhachta sídhe,
Na gceólta mbríghe,
Na nglórtha mbinn,
Na ngáir nguth-aoibhinn,
Is grinn bhur saoghal
Ag díochur baoghal
Ó ríghthibh Gaedheal,
I dtráth an iorghail.
Ní'l rí le fagháil
Is aoirde cáil
I gcríochaibh Fáil
Ná an Cú so Chulainn.
Is árd a sgéal
Ag táintibh aéir
Ó Ráth Ciombaoith
Go Cruachain Oilill!
Is bocht an gnó
A chosgar cró,
I láthair slógh,
I gcath, amáireach,
Ag cara a chléibh,
A chomhalta féin
Fear a chomhréim,
Mac glé-mhic Dáire.
A shluaighte sídhe,
Is uaisle gníomh,
Ag fuasgailt laoich
Ó chruadhtan cathaí,
Fairigh go dlúth
Aigne an Chú.
Leanaigh, ar lúth,
A shiubhal 's a chleasaidheacht.



(Gabhaid timcheall arís sa raince agus Labhraid uile mar
seo:)


L. 178


Iad uile. —



Má thagan chughainn a mheanmna,
Ó fheara-Chú na n-arm-chleas,
I n-ana-bhruid, nó i n-anaithe,
I n-éigin nó i nguais,
Ag caismirt le n-a chara dhil,
Dár chóra bheith 'ghá tharmuin,
Ní fada bheam i n-easnamh air.
Ní ghlaodhfaidh sé dhá uair!
Beidh cáirde sídhe i n-aice leis,
Beidh gártha sídhe ag freagairt dó,
Beidh sgáth a's díon go tapaidh dó
Agus faoiseamh go luath.
Ma's cosgar atá ceapaithe,
An fear is namhaid dá chara dhil,
Isé is mó gur b' eagal dó
A shaoghal gan bheith buan.



(Imthighid uile amach agus ceól sídhe acu.)



An dara radharc déag.



Áth Fhir Diadh. Tig Fear Diadh agus Cú Chulainn
isteach, agus an dá ara, Idh agus Laogh.



Fear Diadh. — Ní holc do shnó indiu, a Chú Chulainn,
agus is maith linn sin.



Cú. — Tá do chló agus do dheilbh agat-sa leis, a Fhir
Diadh. Tá súil agam go bhfuil do mheanmna agus
do mhisneach dá réir. Cad í an ghaisge ar a ragham
indiu?


L. 179


F. D. — Do rogha gaisge dhuit-se indiu, a Chú Chulainn,
óir is agam-sa a bhí rogha indé. Isé focal deir-
ineach a dubhraís aréir nách cluichí áineasa a bheadh
againn indiu. Is dócha, as san, go dtoghfaidh tú
gaisge trom éigin.



Cú. — Tá sé chomh maith againn dul indiu ar ár mán-
aoisibh móra múirneacha. Is giorra do'n áth a
bheidh ár gcomhbhualadh indiu ná mar a bhí ár gcomh-
dhiobhracadh indé. Agus gabhthar ár n-eich dhúinn
agus innilltear ar gcarbaid, agus deinimís an
comhrac as ár gcarbadaibh.



F. D. — Déintear san.



(Imthighid.)



Idh. — Is eagal liom, a Laoigh, go dtuitfidh duine éigin
acu indiu, nó go dtuitfid siad araon. Isé an
comhrac aimhleasta é! Tá Cú Chulainn ceapaithe
ar an gcomhrac do chríochnú. Mara mbeadh go
bhfuil, ní thoghfadh sé dul ar na mánaoisibh móra.
Ach is iongna liom é do thoghadh na n-arm san. Ar
na harmaibh troma iseadh is fearr Fear Diadh mar
gheall ar an neart chuthaigh atá ann. Agus isiad
na hairm éadtroma is fearr oirean do Chú Chulainn
mar gheall ar an bhfuinneamh agus ar an lúth atá
ann.



Laogh. — Tá dearmhad ort, a Idh. Gan amhras tá fuinn-
eamh agus lúth thar barr i gCú Chulainn, ach tá neart
ann ná fuil a fhios ag aoinne. Do neósfadh Oilill
duit ní dá neart ó chonaic sé an gníomh a deineadh
ag Áth nGreancha. Tá a fhios ag Cú Chulainn go
maith cad is féidir dó féin a dhéanamh ar na mán-
aoisibh. Ach ní mór dúinn imtheacht agus na heich
a ghabháil.



(Imthighid. Tig Méibh isteach agus Dubhthach Daol Uladh.)


L. 180


M. — Cad é seo atá uait, a rí, nó ná féadfá leogaint
dó go mbeadh an comhrac críochnuighthe?



Dubhthach. — Críochnóchar an comhrac, a ríogan, gan
chongnamh uainn, ach ní críochnóchar an gnó so atá
ar m'aigne-se go dtí go dtosnóchar ar dtúis é.
Is gnó é a bhainean go mór leat-sa, a ríogan, agus
le leas nó aimhleas an mhór-shlóigh seo Fear Éirean.



M. — Sgaoil chughainn é, sgaoil chughainn é, a rí.



D. — Tá aon fhear amháin ag déanamh ceataighe agus
toirmisg agus aimhleasa do'n mhór-shluagh ó thos-
nuigh an cogadh so. Tá cuid againn annso agus
do dhein an fear san díoghbháil agus toirmeasg
dúinn féin sar ar thánamair riamh ar an slógadh so.
Bhí sé daingean i n-ár n-aigne nárbh' fholáir dúinn
a dhroch-bhearta do dhíogailt air tráth éigin i gcaith-
eamh na haimsire seo, ach cheapamair, luath nó
mall, go dtuitfeadh sé le fear éigin de na fir a
bhí ag dul 'na choinnibh sa chomhrac aoinfhir. Ní hamh-
laidh sin a tharla ach thuiteadar uile leis-sean,
agus isé ár dtuairim láidir an chrích a rug iad-san
gur b' é bhéarfaidh Fear Diadh mac Damháin. Má
thuitean Fear Diadh leis, fé mar a thuit an chuid
eile, árdóchar clú an fhir agus neartóchaidh a chumas
agus a chomhacht ar fuid Chúige Uladh. Ní maith an
treó a bheidh orainne annsan. Táimíd ar aigne
féachaint romhainn féin. Má thuitean sé le Fear
Diadh tá an sgéal socair. Ach má thuitean Fear
Diadh leis-sean, — ní fearr bheith siar ná aniar ar
an sgéal — caithfimíd féin deire chur leis ar chuma
éigin!



M. — Cad dob áil leat 'ghá innsint sin domhsa, a rí!
Sibh féin sibh féin! Cad é sin domhsa cad é an
cor a thabharfaidh sibh dá chéile! Ní horm-sa ná


L. 181


ar Chonnachtaibh a bheidh lámh Chú Chulainn ag luighe
nuair a bheidh deire leis an gcogadh so. Má's
dóich libh-se gur b' é bhur mbuac agus bhur leas
feall a dhéanamh ar Chú Chulainn agus goin galann
a dhéanamh dé, conus is gá é innsint domhsa!



D. — An ní atá ar aigne againn, a ríogan, ní féidir é
chur i ngníomh i gceart gan é chur i n-úil duit-se
agus a fhios a bheith ag ár muintir ná fuil cur 'na
choinnibh agat. Gan fios an méid sin a bheith acu
ní ró fhuirisde iad do chur suas chun na hoibre.
Ní foláir teacht air an uair ná beidh arm 'na láimh
aige, agus tá a ndóithin de sgannra ar dhaoine
roimis ar an gcuma san féin.



M. — Mar a dubhart leat, sibh féin sibh féin. Cad a
bhéarfadh go mbeadh aon chur 'na choinnibh agam-sa
sibh 'ghá chur as an slighe uaim! Tá tuille id' aigne,
a rí — ach déin do thoil. Má deintear goin galann
de Chú Chulainn ní baoghal duit gur mise thabhar-
faidh aoinne chun lámha mar gheall air.



(Imthigheas.)



D. (I n-a aonar). — Nách cosantach atá sí uirthi féin!
Ach tá a dóithin ráidhte aici. — Ní beag dó bheith
ag marbhadh ar laochra gan bheith ag teacht 'ghá thais-
beáint féin dár mnáibh! Ní'l de phort ag an
mnaoi seo agam-sa ó chonaic sí é ach 'ghá mholadh!
Curfar a mhalairt de chúram ort, a Chú! Má's
ag magadh is maith leat bheith fé Dhubhthach Daol ní
raghaidh do chuid magaidh i n-aisge leat!



(Imthigheas. Tig Fiacha mac Fir Fheibhe isteach, agus
Fearghus 'n-a dhiaidh.)



Fearghus. — Cad é seo ort, a Fhiacha? Nó cad chuige
dhuit me thabhairt ó'n gcomhrac agus é ar siubhal
chomh dian!


L. 182


Fiacha. — Tá an comhrac dian, a rí, ach tá rud is déine
ná é ar siubhal. Is cuimhin leat Cú Chulainn do
theacht, an lá tar éis an éirligh mhóir, ag taisbeáint
a chrotha agus a dheilbhe do bhantracht Fear
Éirean?



F. — Is cuimhin. Cad 'na thaobh?



Fiacha. — Chonaic Dubhthac Daol an lá san a bhean féin
ag féachaint go dlúth ar Chú Chulainn agus ag déanamh
iongna dhé go mór. Cad deirir leis nár ghlac
éad! Tá sé ar buile le héad ó shin agus tá uisge
fé thalamh déanta aige chun Cú Chulainn do chur chun
báis! Bhíos im' sheasamh ó chiainibh ar árdán agus
me ag faire ar an gcomhrac. Bhí Dubhthach agus
cuid dá mhuintir 'na seasamh i ngar dom. D'airigh-
eas an chogarnach eatartha. Chuireas cluas orm
féin, ach do leogas orm bheith ag faire go ró dhlúth
ar an gcomhrac. Is eól duit, a rí, go bhfuil
Ultaigh ar an slógadh so nách ró mhór a ngrádh do
Chú Chulainn, agus nách grádh atá ag Dubhthach dó
ach fuath. Tá an tsean-mhiosgais eatartha go
doimhinn agus go láidir. Tá a gcomhairle curtha
le chéile acu, agus isí beart atá ceapaithe acu ná
éalóch as an longphort anocht agus teacht i gan
fhios ar Chú Chulainn nuair a bheidh sé 'na chodla
agus é traochta ó chomhrac an lae, agus é mharbhadh
'na chodla!



F. — Tá dearmhad éigin ort, a Fhiacha. Pé éad atá ar
Dhubhthach ná pé miosgais atá aige féin agus agá
mhuintir do Chú Chulainn ní dhéanfaidís beart de'n
tsórd san. Ní leómhfaidís a dhéanamh. Ní cheadóch
Méibh féin é, ná Oilill, ná an mór-shluagh. Dá
bhfaghadh an mór-shluagh amach go ndéanfadh Dubh-
thach beart de'n tsórd san do stracfaí idir chap-


L. 183


ailibh é! Ní'l puinn grádha ag an mór-shluagh do
Dhubhthac ná dá mhuintir, mar is eól duit.



Fiacha. — D'airigh mo dhá chluais an chaint, a rí, agus
thuigeas í go maith. Má gheibhtear Cú Chulainn marbh
ar maidin amáireach cé déarfaidh nách de dhruim na
gcréacht agus na gcneadh a bheidh faghálta indiu
aige a bheidh bás tagaithe air! Chíon an uile dhuine
cad é an gearradh agus an milleadh agus an bas-
gadh atá ag an mbeirt dá dhéanam ar a chéile sa
chomhrac. Níor bh' aon iongna dá dtagadh an bás
ortha araon i gcaitheamh na hoidhche, má chuirid siad
an lá dhíobh.



F. — Tá go maith, a Fhiacha. Ní'l againn ach cor i n-aghaidh
an chaim a thabhairt do Dhubhthach. Ná leog aon ní
ort le haoinne beó ach cruinnigh a bhfuil oireamhnach
chuige de d' mhuintir agus déanfad-sa an rud
céadna agus sleamhnuighimís amach agus luighimís
i n-aice phubail Chú Chulainn go bhfeicimíd cad a
thuitfidh amach. Má chuirean Dubhthach a cheann im'
threó-sa bíodh air fein!



(Imthighid. Tig Cú Chulainn agus fear Diadh isteach agus
iad go tnáithte, traochta, agus fuil ó mhullach go talamh
ortha. Laogh agus Idh le n-a gcois, agus na hairm agus an dá
sgiath acu. Cuireas Cú Chulainn a dhá láimh timcheall ar
Fhear Diadh. Gabhaid an dá Laoch a chéile agus pógaid a chéile
go dlúth trí huaire, agus sgaraid gan labhairt. Imthigheas
Fear Diadh. Síneas Cú Chulainn 'na leabaidh.)



Cú. — Féach, a Laoigh, tá an adhart so ró árd agam.
Leog mo cheann faon. Chailleas a lán fola indiu
agus tá iaracht de laige orm.



(Ceartuigheas Laogh an adhart.)



Siné! Déanfaidh sin an gnó.



(Imthighid Laogh agus Idh go ciúin agus beirid leó na hairm.
Éaluighid fir isteach lastiar de'n leabaidh agus iad folaighthe


L. 184


fé bhrataibh. Luighid ag faire. Éaluighid fir eile isteach
lasmuich de'n leabaidh agus iad mar an gcéadna folaighthe,
agus claidheamh nocht i láimh gach fir acu. Léimid an lucht
faire suas. Comhractar. Tuiteas duine de'n dara lucht.
Tógaid a mhuintir-sin leó é agus teichid. Preabas Cú
Chulainn as a chodla.)



Cú. — Taoi ar lár agam, a Fhir Diadh!



Fearghus (Duine de'n lucht faire). — Mise atá ann, a
dhalta mo chroidhe! Luigh agus codail. Tá gá
agat leis tar éis an lae indiu. Beidh na liagha
annso go luath agus ní fhéadfainn-se codla ná
suan a dhéanamh go mbeidh a fhios agam cad é meas
na liagh ar do chneadhaibh.



Cú. — Ag taidhbhreamh a bhíos is dócha. Mheasas go
rabhas ar lár agus go raibh Fear Diadh os mo chionn
agus a chlaidheamh ar tarang aige chun é shádh tré
m' chroidhe. Bhuaileas an iaracht i leith taoibh, dar
liom, agus chuireas mo cholg déid tré n-a chroidhe-
sin. Annsan do labhrais-se, a oide mo chroidhe!



(Tigid na Liagha isteach agus féachaid créachta Chú Chulainn.
agus cuirid leighseana leó, agus imthighid. Tuiteas a chodla
arís ar Chú Chulainn. Tig Fiacha aniar.)



Fiacha. — Seadh! a rí. Cad deirir anois le Dubhthach
Daol!



F. — Ní deirim ná go bhfuil deire le n-a dhroch-bheartaibh.
Níor mheasas é mharbhadh, bíodh go raibh sé tuillte
aige, ach níor fhéadas mo lámh do chosg nuair a
chonac an fuadar a bhí fé. An feallaire! Sin léigh-
eas oban ar a chuid éada dhó. Ní hobair dúinn
Cú Chulainn d'fhágáilt annso. Tá sé 'na shámh-
chodla anois. Beirimís linn é agus cuirimís
i n-a aragul é.



(Tógaid eatartha an leabaidh agus Cú Chulainn ann agus
beirid leó amach é.)


L. 185


An tríomhadh radharc déag.



Áth Fhir Diadh. — Tig Cú Chulainn agus Fear Diadh
isteach, agus an dá ara, Idh agus Laogh. Fear
Diadh ag féacaint go mí-lítheach.



Cú. — Is olc ataoi-se indiu, a Fhir Diadh.



Fear Diadh. — Cad a bheir duit sin do rádh, nó cad é
an t-olcas a chíon tú orm indiu seachas aon lá eile?



Cú. — Do dhorchaigh t'fholt agus do ruaimnigh do rosg,
agus do chuaidh do chruth agus do dhéanamh díot.



F. D. — Ní le heagla romhat-sa atáim-se ar an gcuma
san ná le sgáth romhat ná roimh do chomhrac. Tá
mo neart agus mo mhisneach indiu agam chomh do-
chlaoidhte agus a bhí riamh.



Cú. — Tá go maith. Cad í an ghaisge ar a ragham indiu?
is mise a fuair rogha indé.



F. D. — Is cuma liom-sa cad í an ghaisge ar a ragham.



Cú. — Tá sé chomh maith againn, mar sin, dul ar chluiche
an átha.



F. D. — Téighimís. Bíodh deire againn leis ar chluiche
éigin. Tá cluiche an átha chomh maith le haon chomh-
rac eile.



(Imthighid fear Diadh agus Idh.)



Cú. — Féach, a Laoigh. Beidh an comhrac dian indiu.
San iorghail agus sa chaismirt agus sa chomhbhualadh
dhúinn, má chion tú an lámh uachtair ag Fear Diadh
dá fhagháil orm-sa déin-se labhairt amach go hárd
agus go dána agus go géar agus déin mise do
ghlámadh agus d'aoradh agus d'aithisiú, ionus go
lasfadh m'fhearg agus go dtiocfadh mo lonn agus
fíoch mo chomhraic i gceart dom.


L. 186


Laogh. — Déanfad, a rí.



Cú. — Téanam.



(Imthighid. Tig Méibh agus Oilill agus Fearghus isteach,
agus mórán de mhaitibh Fear Éirean leó.)



M. — Is dóich liom gur as so is fearr a bheidh radharc
againn ortha. Tá sé chomh maith againn seasamh
annso. Féach! a Fhearghuis, cad é sin ag Fear
Diadh 'á dhéanamh. Ní hag comhrac atáid siad
i n-aon chor!



Fearghus. — Cleasa ána iolardha iongantacha iad san
atá ag Fear Diadh. Níor fhoghluim sé riamh iad ó
Aoife ná ó Sgáthaigh ná ó Uathaigh ná ó aon duine
eile, ach iad do cheapadh uaidh féin. Tá sé 'ghá gcur
anáirde anois os comhair Chú Chulainn, mar tá sé
ceapaithe ar iad d'imirt air i gcomhrac an lae
seo.



Oilill. — Agus féach, siné Cú Chulainn ag déanamh na
gcleas gcéadna anois!



F. — Tá, mar d'fhair sé ar Fhear Diadh an fhaid a bhí sé
ag déanamh na gcleas san agus do mheabhruigh sé iad
láithreach. Táid siad aige anois chomh maith agus
atáid siad ag Fear Diadh féin. Agus féach, siné
Cú Chulainn anois ag déanamh cleas eile a cheap
sé uaidh féin, agus 'ghá gcur anáirde os comhair
Fir Diadh.



O. — Tá. Agus féach, siné Fear Diadh 'ghá ndéanamh
'na dhiaidh ar an gcuma gcéadna.



M. — Thet! Ní hag comhrac atáid na fir ach ag múine
cleas dá chéile agus 'á bhfoghluim ó 'chéile!



F. — Fan leat go fóil, a ríogan.



O. — Táid siad 'na seasamh ar dhá thaobh an átha — .
Iad uile — Ó! Ó! Ó! Sin léim!



O. — Tá Cú Chulainn ar bhile sgéith Fhir Diadh 'ghá bhualadh


L. 187


sa cheann. Ní raibh aon choinne ag Fhear Diadh leis
an léim sin!



Iad uile. — Ó! féach air sin!



O. — Chuaidh sé do léim tar áth anonn, agus chaith Fear
Diadh tar áth anall é!



M. — Ní raibh coinne ag Cú Chulainn leis an gcaitheamh
san! Sin cleas nár múineadh dó agus nár cheap
sé uaidh féin, a Fhearghuis.



F. — Gan amhras is uathbhásach an neart a cuireadh sa
chaitheamh san! Féach! Sin léim eile. Siné arís
ar bhile sgéith Fhir Diadh é! Ó! Sin bualadh!
Conus fhéadan an clogad é sheasamh!



M. — Agus sin turainn eile! Is ait an comhrac é sin,
a Fhearghuis! Cú Chulainn ag léimt tar áth anonn
agus Fear Diadh 'ghá chaitheamh thar áth anall, chomh
héadtrom agus chaithfeadh sé punainnín eórnan!



O. — Féach! Tá Fear Diadh 'ghá leanamhaint! Táid
siad ag gleic i lár an átha! Féach mar a stealltar
an t-uisge! Táimíd ró fhada uatha!



(Imthigheas. Imthighid uile. Tig Ceat mac Mághach agus
Dubhthach Daol isteach. Éadach casta ar cheann Dhubhthaigh.)



Ceat. — Conus 'tá do cheann, a Dhubhthaigh? Ní deirim
ná gur chaol an dul as a bhí agat.



Dubhthach. — Ní'l mo cheann ar foghnamh. Is eagal liom
ná beidh sé ar foghnamh choidhche arís agam. Fuaras
ana bhuille. Is cuma dhom ó fágadh orm i n-aon
chor é mar cheann. Ní raibh blúire coinne agam le
haon namhaid a bheith i ngar dom. Bhí Cú Chulainn
'na shámh-chodla. Mheasas ná raibh agam ach mo
chlaidheamh a chur tríd nuair a preabadh suas las-
tiar dé agus do buaileadh mé. Gan amhras is
duine éigin dá cháirdibh sídhe a bhí ann.



C. — Pé rud a bhí ann ba dhóbair go ndeineadh sé do


L. 188


ghnó dhuit-se. Nách mór an iongna nách aoinne eile
a buaileadh ach tusa. Isé mo thuairim gur b' é Cú
Chulainn féin a bhuail tu, agus ná raibh sé ach 'ghá
leogaint air bheith 'na chodla.



D. — Is mór an truagh nár tháinís féin mar a gheallais
ar dtúis. Ní'l ní ar bith is fearr a thaithnean leat-
sa ná beart do cheapadh agus leogaint do dhaoinibh
eile an bheart do chur i ngníomh. Is truagh nách é
do cheann-sa bhí i n-inead mo chinn-se fé'n mbuille
úd. B' fhéidir annsan go mbeadh tuairim láidir
agat ce 'cu codla dá ríribh a bhí ar Chú Chulainn
nó nár bh'eadh. Ach isé mo thuairim-se, pé codla
bheadh air, ná leogfadh eagla dhuit-se teacht i n'
aice. Cad 'na thaobh duit fanamhaint siar tar éis
a rádh go dtiocfá?



C. — Cad 'na thaobh nár thánaís-se agus do bheart féin
a chríochnú gan dul ar dtúis agus é innsint do
Mhéibh? Ba chóir go mbeadh a fhios agat go maith
nár bhaoghal duit Méibh nuair a bheadh an gníomh
déanta. Bhís ró chosantach ort féin. Dá ndéin-
teá an gníomh gan aon bhlúire dá fhios a thabhairt
do Mhéibh d'fhágfadh san Méibh i dtreó mhaith chun a
chur 'na luighe ar Ultaibh gur bh' iad cneadha agus
créachta an chomhraic a bheadh mar thrúig bháis ag
Cú Chulainn. Ach d'imthighis agus d'innsis di cad
a bhí ar t'aigne agus cad a bhí ceapaithe agat, agus
d'fhág san í gan aon chumas aici ar so ná súd do
rádh le hUltaibh nuair a bheadh an gníomh déanta.
An aon iongna leat gur choisg sí mise ar aon bhaint
a bheith agam leat-sa ná le d' chuid fill!



D. — Seachain, a rí! Tá an leathsgéal san ró chaol
iaracht. Má bhí Méibh i dtreó mhaith chun a chur 'na
luighe ar Ultaibh gur bh' iad a chneadha ba thrúig bháis


L. 189


do Chú Chulainn cad é an t-athrú fhéadfadh sé a
dhéanamh ar an sgéal a fhios a bheith aici féin nár bh'
iad? Cé bhí chun é innsint go deó go raibh aon
phioc dá fhios aici nár bh' iad?



C. — Bhí Dubhthach Daol Uladh chun é innsint. Fear nár
ró fhada an mhoill air é innsint dá mba dhóich leis
gur bh' é a bhuac é. Nó fear gur chuma leis ceocu
b' é a bhuac é nó nár bh' é dá mbeadh fearg nó éad
air. Nách leanbhaidhe an duine thu!



O. — Is fíor! Is duine leanbhaidhe me agus iontaoibh
a thabhairt a' Ceat mac Mághach. Le heagla
go mb' fhéidir go mbeadh daoine eile a bheadh
chomh leanbhaidhe liom ní raghaidh an sgéal gan
innsint!



C. — Déin do dhícheall, a rí. Ná déin dhá chuid dé.
Abair le Fearaibh Éirean agus le n-a bhfuil
d'Ultaibh ar an mór-shluagh, gur cheapais féin beart
ceilge chun Cú Chulainn do mharbhadh 'na chodla,
le corp éada agus miosgaise. Abair gur innsis
do rún do Mhéibh agus gur dhiúltuigh sí láithreach
d'aon bhaint a bheith aici leis an ngnó. Abair
go raibh Ceat chun dul leat agus nár chuaidh.
Innis d' Fhearghus é. Innis do Chormac Conloin-
geas é.



(Imthigheas Dubthach i bhfeirg.)



Seadh! Beir leat an méid sin agus déin do
mhachtnamh air! Do tugadh Daol-teanga mar ainm
ort ameasg Ultach. Má fhanan tú abhfad eile
ameasg Connachtach agus go n-imireóchair faobhar
do theangan ortha b' fhéidir go bhfaighfí ainm éigin
eile le cur ort. Dá bhfaghainn-se mo thoil sa
sgéal ba ró ghearr gur chuma dhuit cad é an t-ainm
a bheadh ort! Má thuitean Cú Chulainn i gcomhrac


L. 190


an lae seo b'fhéidir gur ghearr go mbeadh atharach
sgéil agat agus ag tuille agaibh. Má thuitean
Cú Chulainn sa chomhrac so meilfidh sin misneach
Chonchobhair, agus nuair imtheóchaidh misneach Chon-
chobhair leaghfaidh misneach Ultach uile. Ní bheidh
sa mhór-chath atá chughainn ach mór-ár ar shlóightibh
Uladh. Buadh agus cosgar duit, a Fhir Diadh!
Ní headh ach bhur gcosgar araon dá chéile! Siné
buadh agus cosgar is adhbharaighe do Chonnachtaibh.



(Imthigheas. Tig Cú Chulainn isteach agus corp Fir Diadh ar
iomchar aige, agus laogh 'na dhiaidh. Leogas Cú Chulainn an
corp anuas ar an gclár agus tuiteas féin anuas ar an
gcorp i laige.)



Laogh (Ag casadh le Cú Chulainn a mhúisgilt). — Eirigh! eirigh,
a rí. Ní maith an áit é seo chun righnis a dhéanamh,



(Eirigheas Cú Chulainn i gcionn sgathaimh.)



Cú. (Ag féachaint ar ghnúis Fhir Diadh). — Is bán atá t'aghaidh,
a phlúr na laoch! Labhair liom, a Fhir Diadh! Abair
liom do shleagha do chomhaireamh! Abair liom do
leabaidh a chórú dhuit! Ó, ní labharfaidh sé liom
arís go deó! Táimíd sgartha, sgartha, sgartha ó
'chéile! Tá do lámh gan tapa! Ní fháisgfidh sí mo
lámh-sa arís! Agus féach, a Fhir Diadh, an lámh so,
lámh do chara dhílis féin, an lámh d' fháisgis id' láimh
chomh minic, isí a chuir mar sin tu! Tá do chroidhe
'na stad, a chuisle mo chroidhe-se! Nuair a stad
an croidhe seo do stad an croidhe dob uaisle
dá raibh riamh ar shliocht Gaodhal! Mise do stad
é!



Laogh. — Is ró fhada atáimíd annso, a rí. Tá a fhios
ag Méibh agus ag an mór-shluagh go bhfuil Fear
Diadh marbh. Tiocfar a d'iaraidh an chuirp le


L. 191


hadhlacadh. Tá fearg agus buairt agus diombádh
ortha go léir anois. Má gheibhtear tusa annso,
créachtach cró-línteach mar ataoi, beidh a bhfearg
níos treise ná a n-oineach, agus ní'l Cú Chulainn
i bhfuirim cheart anois chun lucht feirge do fhrioth-
álamh mar is cóir.



Cú. — Ó a mhic Rianghabhra, ná bí liom! Is cuma liom
cad a dhéanfaidh Méibh ná an mór-shluagh liom
feasda. Isiad fé ndeara dhom Fear Diadh mhar-
bhadh le m' láimh féin! Dá luathacht a marbhóchar
Cú Chulainn anois iseadh is fearr é. Tá solus mo
bheatha i n-éag. Tá aoibhneas mo bheatha imighthe
gan casadh go deó. Is áluinn an rud bás seachas
an bheatha atá romham. Is truagh chéasda nách mise
a thuit sa chomhrac.



Laogh. — Is mó croidhe dubhach dobrónach a bheadh indiu
i gCúige Uladh dá mba tusa thuitfeadh sa chomhrac!
Is éagcóir ar Ultaibh, a rí, an chaint sin agat 'á chaith-
eamh le neart do bhuartha! Is éagcóir ar Chon-
chobhar an chaint sin. Is éagcóir í ar a bhfuil beó
i Magh Muirtheimhne, idir fhearaibh agus mná, óg
agus aosda. Tá oiread ceana ag Conchobhar agus
ag bantracht agus laochra Uladh ort-sa agus bhí
riamh agat-sa ar Fhear Diadh. Dá mbeitheá-sa
i n-inead Fhir Diadh agus eisean id' inead-sa is
beag an bhreith a bheadh ag Méibh ar tu chur suas chun
comhraic aoinfhir a dhéanamh le Fear Diadh! Tá sé
i mbéal an uile dhuine, dá mhéid cion a bhí ag Fear
Diadh ar Chú Chulainn go raibh níos mó ceana ag
Cú Chulainn air-sean. Deir gach aoinne ná raibh
an cion comhthrom, agus gur maith an comhartha ná
raibh, a rádh gur fhéad Fear Diadh teacht chun
an chomhraic. Tuigean Conchobhar agus an uile


L. 192


Ultach beó go bhfuil san fíor. Cad déarfaidís
go léir dá mbeadh a fhios acu gur bh' fhearr le
Cú Chulainn é féin do thuitim sa chomhrac ná Fear
Diadh!



Cú. — Eirigh as, a Laoigh. Bain an gaoi bolga as an
gcorp agus tabhair leat é.



(Imthigheas. Baineas laogh an gaoi bolga as an gcorp agus
imthigheas.)



(brat anuas).



Deire an Cheathramhadh Gnímh.


L. 193


An Cúigeadh Gníom.



An chéad radharc.



Pubal Mhéibh. Méibh agus Fir Cuidridh Fear
Éirean, i gcomhairle.



M. — A fheara cuidridh, a uaisle míleata, tá ár
saothar ag druidim le críochnú agus le foircheann.
Do rugamair barr linn go dtí so i ngach cuaird, i
ngach ruag, i ngach argain agus fuadach agus losgadh.
Do lomamair an chúige seo Uladh go beacht agus
go glan. Ní bheidh daoine ná beithidhigh ag brúth
ar a chéile ann go ceann tamail arís. Ba chomaoin
ortha cuid de'n mhóráil a bhaint díobh. Bhíodar
imighthe ó smacht. Beidh neart do chúigíbh eile na
hÉirean a n-anál do tharang feasda agus a suaineas
a ghlacadh agus beatha bhreágh shocair shóghach a bheith
acu 'na mbailtibh dúthchais, gan uabhar agus teas-
bach agus ainnshriantacht Uladh bheith ag baint codla
na hoidhche dhíobh. Gheabhfar sos ó n-a bhfilíbh agus ó
n-a lucht aisge agus aoir. Ní bheidh an t-éadan
chomh dána ortha agus a bhíodh. Má thagaid siad
i n-ár measg anois agus má tugtar dóibh biadh agus
deoch agus foithin ó'n ngaoith, beid siad buidheach.
Ní hionann agus mar a bhídís, go teann agus go
tur agus go droch-mhúinte, ag lorg na n-aisge
nárbh' fhéidir a sholáthar dóibh agus ná féadfadh dul
chun aon tairbhe dhóibh, agus annsan ag tabhairt
náire shaoghalta do'n té ná féadfadh an aisge


L. 194


thabhairt dóibh. Gheabhfar cúthail iad anois go ceann
tamail.



An comhrac aoinfhir seo, a fheara cuidridh, a
tharla idir an dá laoch san, Fear Diadh agus Cú
Chulainn, bhíos ag brath air go ndéanfadh sé deire
nách mór a chur le haon tsúil a bhí ag Concobhar le
teasargain a dhéanamh. Dá dtuiteadh Cú Chulainn
sa chomhrac san bhí an t-ádh linn glan. Níor thuit.
Ach marar thuit ní raibh ann ach san. Ní dóich liom
go ndéanfaidh Cú Chulainn puinn eile bárthain
dúinne ná puinn eile tairbhe do Chonchobhar ná
d'Ultaibh. Is dóich liom gur b' ar a leabaidh a
chaithfidh sé an chuid is mó dá bhfuil le teacht dá
shaoghal.



Ach is cuma san. Is adhbharaighe go mór dúinne
anois aghaid ar n-aigne thabhairt ar an gceann is
measa ná ar an gceann is fearr de'n sgéal. Isé
an ceann is measa is baoghal dúinn. Tabharfaidh
an ceann is fearr aire dhó féin. Tá neart mór
slógh cruinnighthe ag Conchobhar i Sleamhain Midhe.
Ní féidir dúinn gabháil tharsa siar gan cath a
thabhairt dóibh. Dá mb' fhéidir féin níor cheart
é. Déarfaidís gur 'ghá seachnadh a bheimís.
B'fhéidir go ndéarfadh cuid acu gur ag teiche uatha
bheimís. Ní foláir dúinn ár neart go léir do
ghléasadh sa chuma comhraic is fearr agus pé deimhne
a bheadh againn ar an lámh uachtair d'fhagháil gan
aon rud d'fhágáil ag brath ar sheans.



Cuir i gcás, a uaisle, an ceann is measa dhé, go
mbeadh an mór-chath ag gabháil i n-ár gcoinnibh, isé
gnó atá ceapaithe agam-sa dhaoibh-se fé leith, anacal
a dhéanamh orm-sa agus ar Oilill; agus má's ar
Ultaibh a gheabhfar an lámh uachtair, ó isé is dóichighe,


L. 195


gan Cú Chulainn do dhul beó uaibh má's beó dhaoibh
féin. Gan amhras is cuma nó marbh é tar éis an
chomhraic seo a dhein sé le Fear Diadh, ach ní hion-
taoibh é an fhaid a bheidh anam ná anál ann. Tá na
cáirde sídhe ró chomhachtach, ró dhílis, aige.



Iad ule. — Déanfar do thoisc a chur chun cinn, a ríogan,
nó ní bheam-ne beó.



(Imthighid.)



An dara radharc.



Pubal Eidirsgeóil, rí de ríghthibh Mumhan. Tig
Eidirsgeól isteach, agus Conaire Sléibhe Mis, agus
Luisionn Luachra, agus Laoghaire Lice, agus Deis-
ceartach Droma Fornocht, agus Fionn Fionnabhrach,
agus mórán eile de mhaithibh Mumhan.



Eidirsgeól. — A mhaithe agus a mhór-uaisle Mumhan,
d'iaras oraibh teacht annso, agus nuair a chuirfead
os bhur gcomhair an chúis fár iaras san oraibh ní hé
mo thuairim go ndéarfaidh aon fhear agaibh ná raibh
mo dhóithin de chúis agam.



Nuair a thosnuigh Méibh ar an mór-shluagh so
d'Fhearaibh Éirean a chruinniú, bheartuigh sí 'na
haigne, agus do b'fhíor di é, ná beadh aon bhreith
aici ar neart slógh a thabhairt i gceann a chéile 'na
mbeadh cumas acu ar an obair a chuir sí roimpi
do chomhlíonadh i gceart mara dtigheadh lé slóighte
Mumhan a thabhairt 'na lán neart lé. Chuige sin
chuir sí teachtairí ó dheas go hEadarbhain agus go
Luachair agus go Sliabh Mis agus go Cathair Con
Raoi, agus ar fuid na Mumhan go léir, 'ghá iaraidh
orainn teacht ar an slógadh so lé, 'ghá rádh linn gur
bh' anois an t-am againn chun gach éagcóra dár


L. 196


dhein Ultaigh riamh orainn a dhíogailt ortha, agus
an buar a rugadar uainn ó thuaidh go minic le
corp lámh láidir, do thabhairt linn adtuaidh arís,
agus tuille leó. Do tugadh an teachtaireacht san
do ríghthibh Mumhan uile. Do tugadh an teachtair-
eacht san domhsa, a uaisle. Ach do tugadh domhsa,
le n-a chois, teachtaireact nár bh' é. Do tugadh le
tuisgint domhsa, ach teacht ar an slógadh so agus
tríocha céad a thabhairt liom de na fearaibh dob
fhearr a bhí agam, go raibh an óig-bhean áluinn,
Fionnabhair, inghean Oiliolla agus Mhéibh, le fagháil
agam mar mhnaoi. Tuigim anois go bhfuil an
inghean sin daingean i gcleamhnas le rí de ríghthibh
Uladh, le Reochaidh mac Faitheamhain ó Ríoghdhonn
adtuaidh! Sin feall orm-sa, a uaisle. An rud
is feall ar aon rí de ríghthibh Mumhan is feall ortha
go léir é. Is masla agus is easonóir ar an
Mumhain go léir, geallamhaint de'n tsórd san do
dhéanamh agus annsan an gheallamhaint do bhrise
gan oiread agus, "gabh mo leathsgéal," do rádh.
Is ar ríghthibh na Mumhan atá onóir na Mumhan do
chosaint. Is chuige sin atáim anois ag innsint mo
sgéil daoibh-se, a ríghthe, agus tá súil agam go
mbeidh sásamh le fagháil agam.



Conaire. — Dar lámh m'athar, a rí, tá dearmhad mór
ort! Ní dhuit-se a bhí an inghean áluinn sin le
tabhairt mar mhnaoi ach domhsa. Is domhsa a gealladh
í agus is orm-sa atá an feall déanta. Agus má
tá easonóir agus masla curtha ar an Mumhain agus
ar ríghthibh Mumhan is ar mo chlú-sa do luigh an
easonóir ar dtúis. Má's dual sásamh a thabhairt
d'aoinne is domhsa is ceart an sásamh a thabhairt.
Do labharfainn sar ar labhrais-se ach fágaim le


L. 197


huadhacht gur mheasas ná raibh aon bhlúire dá fhios ag
aoinne beó gur tugadh an gheallamhaint dom. Ní
raibh aon chuimhneamh agam gur tugadh a leithéid de
gheallamhaint d' aon fhear eile. Nuair a fuaras
an cleamhnas déanta le Reochaidh mac Faitheamhain
is amhlaidh a tháinig náire agus ceann-fé orm.
Cheapas ná raibh aon phioch d'fhios mo ghnótha ag
aoinne agus níor dheineas ach cos a luighe ar an
sgéal im' aigne féin. Cheapas, ní nár bh' iongna,
dá labhrainn ná beadh ach sult agus magadh le fagháil
ag Fearaibh Éirean sa sgéal. Ach ó labhrais-se
measaim nách alaidh dhomhsa gan labhairt leis agus
an fhírinne d'innsint.



Luisionn Luachra. — Ambasa a ríghthe (ag cur gáire as),
má bhuail Méibh bob ar bheirt agaibh-se ná bíodh aon
eagal oraibh go ndéanfad-sa aon mhagadh fúibh.
Bhuail sí an bob céadna orm féin! Is ait mar
atá an sgéal agam le raint laetheanta, me ag
gluaiseacht eadraibh ag faire ar ghnúis gach duine
agus ar gach focal dá ndeirtí, agus sgannra
orm féachaint cathin aireóchainn geóin suilt agus
magaidh ag eirghe im' thimcheall. Má's cúrsaidhe
magaidh anois é is mór an ní liom gan me bheith
im' aonar ar fad sa ghleó.



Fionn Fionnabhrach. — Dar fiadh, a Luisinn, isé mo
thuairim go bhfuil cuideachta mhór agat. Tá an
sgéal céadna agam-sa. As an smidireacht
gáirí a chím im' thimcheall ní deirim ná go bhfuil an
sgéal céadna againn go léir!



(Sgeartaid go léir ar gháirí. Téid i dtrithíbh gáirí ar
feadh tamail. Fé dheire labhras Conaire Sléibhe Mis.)



Conaire. — Ní cúrsaidhe gáirí ar fad é, a uaisle. Is
dóich liom gur ceart dúinn féachaint isteach cruinn


L. 198


sa sgéal. Innis dúinn, a Eidirsgeóil, focal ar
fhocal, cad é an chuma 'nar tugadh an gheallamhaint
duit-se!



E. — Siné donas an sgéil! Níor tugadh an gheallamh-
aint dom focal ar fhocal. Do tugadh le tuisgint
dom an rí a dhéanfadh so agus súd, díreach mar a
bhíothas 'ghá iaraidh orm-sa a dhéanamh, go raibh sí le
fagháil aige gan teip.



Con. — Siné díreach mo sgéal-sa.



Luis. — Agus mo sgéal-sa.



Iad uile. — Ní fearr bheith ag caint air, siné ár sgéal
go léir.



Con — Féach, a ríghthe. Gan amhras do himreadh sgéim-
éireacht ghránna orainn ach is fearr an sgéal a
bhreithniú cruinn, ó gach aon taobh. Do réir mar
a bhreithnighim-se an cás, seo mar a sheasuighean sé.
Do tugadh geallamhaint do gach fear againn agus
níor tugadh. Ghlac gach fear againn an sgéal sa
chéill is fearr a thaithn leis féin. Níor chuimhnigh
aoinne againn ar an ngeallamhaint do dhéanamh
daingean, focal ar fhocal, agus cuir agus rátha
d'fhagháil le comhlíonadh na geallamhna. Dá ndeineadh
an chéad fhear an méid sin ní féadfaí trácht i n-aon
chor ar an sgéal le haon fhear eile. Rud eile dhé.
Ní raibh aon bhreith i n-aon chor ar an ngeallamhaint
do chomhlíonadh gan toil na hinghine féin a bheith
chuige. D'fhéadfadh Méibh a rádh, "Gheallas duit
go raibh sí le fagháil agat. Chomh fada agus théigh-
ean mo thoil-se tá sí le fagháil agat! Árduigh
leat í! Mara toil lé dul leat cad é mo leigheas-
sa ort!" Ní'l bac ar Mhéibh an chaint sin a chaith-
eamh anois féin le haon fhear againn a labharfaidh!
Má labhraim-se anois, cuir i gcás, agus má deirim;


L. 199


"A Mhéibh, do gheallais Fionnabhair dhomhsa, agus
annsan thugais d'fhear eile í;" is féidir do Mhéibh
a rádh do m'fhreagra; "Cad 'na thaobh nár iarais
uirthi dul leat! Bhí sí le fagháil agat dá nglacadh
sí thu. An amhlaidh a mheasais dom í cheangal díot
ar ghad!" Measaim-se dá luighead a déarfaimíd
sa sgéal anois gur b'eadh is fearr dúinn féin é.
Tá ár gcion féin go maith bainte amach againn de
thoradh an chogaidh seo agus na foghla do lean é.
Ba dhóich liom-sa gur mhaith an chiall dúinn gan a
leogaint orainn go bhfuil suim ar bith againn san
inghin sin Mhéibh agus Oiliolla.



Iad uile (Ag gáirí). — Is fíor dhuit é! Ní'l leis!



(Imthighid uile ach Eidirsgeól. Bagras Eidirsgeól ar chuid
acu agus fanaid)



E. — Féach, a ríogra. Gan amhras tá a lán de'n cheart
ag Conaire. Ní gá dhúinn a leogaint orainn go
bhfuil aon chaitheamh i ndiaidh na hinghine againn, mar
ní'l. Ach d'imir Ceat agus Maine beart spriún-
laithe orainn. Pé rud a leogfaimíd orainn anois
beidh an bheirt sin 'ghá mhaoidheamh agus ag déanamh
suilt as conus mar a bhuaileadar bob ar ríghthibh
Mumhan uile. Ba mhaith liom a chur i n-úil dóibh
nár cheart dóibh magadh dhéanamh gan féachaint ar
dtúis an mbeadh aon chontabhairt sa mhagadh, nó
an mbeadh aon bhaoghal go dtiocfadh an magadh 'na
dhá ríribh dóibh. Tá an bheirt anois deidhilte amach
ó'n mór-shluagh, ag déanamh faire sar a dtiocfadh
Conchobhar i gan fhios ar Fhearaibh Éirean. Cad é
an bac a bheadh orainne anois ár gcongnamh do
ghléasadh agus teacht go hoban ortha agus éirleach
a dhéanamh ortha sar a mbeadh a fhios acu-san ná
ag Fearaibh Éirean cad a bheadh ar siubhal. Ní'l


L. 200


acu ach an dá thríocha céad. Níor bh' fhada an
mhoill orainn an méid sin. Annsan d'fhéadaimís a
mbuar san agus ár mbuar féin do thiomáint
romhainn agus aghaidh a thabhairt ó dheas abhaile, agus
leogaint do Mhéibh agus do Chonchobhar an chuid eile
de'n chaismirt a tharang ó chéile.



Iad uile. — Tá an ceart agat! Déinimís láithreach
é!



(Imthighid.)



An tríomhadh radharc.



Pubal Mhéibh. Méibh agus Oilill agus Reochaidh
mac Faitheamhain agus Fionnabhair.



M. — Ní fheacaís riamh, a Reochaidh, ach an sgannra a
tháinig uirthi nuair airigh sí thusa bheith ag teacht chun
do bhárthain d'imirt ar Fhearaibh Éirean. Isé mo
thuairim láidir dá maraíbhtí sa chomhrac tu ná beadh
sí beó abhfad id' dhiaidh.



Reochaidh. — Is daingean a bhí fios an méid sin im'
chroidhe-se agus im' aigne a ríogan, agus níor rug
aon ní riamh greim ar chroidhe orm ach a bheith orm
teacht sa chomhrac agus ise im' dhiaidh, mo ghraidhn í!
Do sheachnas an comhrac an fhaid dob fhéidir dom
é sheachnadh gan dochar do m'oineach. Ach an rud
a dhéanfadh dochar do m' oineach-sa an uair sin
dhéanfadh sé dochar d'oineach Fhionnabhair féin,
agus b' shin dochar ná fuilingeóchainn.



M — Siné díreach a thuig sí go háluinn, agus siné a chuir
'na luighe uirthi ná raibh aon dul as agat ó thuitim.



Reoch. — Mara mbeadh tusa, a ríogan, is fíor ná raibh
aon dul as agam. Thugais béim éislinne ar an
gcinneamhaint a bhí os mo chionn.


L. 201


Oilill. — Nách breágh bog réidh a thugaid siad an
plámás dá chéile, a Fhionnabhair! Ní hiongna
liom gur éalaigh do chroidhe uait-se chun an rí óig
seo. Is maith nách é croidhe do mháthar a dhein an
t-éalóch!



Reoch. — Go deimhin, a rí, tá dearmhad ort. Isé mo
chroidhe-se d'éalaigh uaim ag trial ar Fhionnabhair.
Agus ní hamhlaidh d'éalaigh sé uaim. Is amhlaidh
a sgeinn sé uaim, amach as mo chliabh, chomh luath
agus do luigh mo shúil ar a pearsain uasail
áluinn.



O. — Ach! Ní fios cá stadfar!



M. — Ní dóich liom gur thuit aon rud amach le fada is
mó chuir d'áthas ar Fhearaibh Éirean ná an cleamh-
nas so. Mheas Oilill ar dtúis go dtiocfadh
achran éigin as, ach is amhlaidh a bhí an uile dhuine, idir
íseal agus uasal, lán d'áthas agus de mhóráil nuair
a chuaidh an sgéal fé'n mór-shluagh.



O. — Ná bac í féin, a Reochaidh! Níor mheas Oilill go
raibh aon achran le teacht as an gcleamhnas, ach is
sean-bhéas ag Oilill bheith ag baint cainte a Méibh.
Ní ró dheacair an chaint a bhaint aisti uaireanta.



M. — Tá go breágh! Níor bh' iongna liom dá n-abradh
Oilill gur bh' é féin a dhein an cleamhnas, agus gur
b' é cuma 'nar dhein sé é ná le bheith ag baint cainte
a Méibh!



O. — Ní fheadar ámh ar bh' iongna leat, a Mhéibh, dá
n-abradh Oilill go bhfuil níos mó de'n fhírinne
id' chaint anois ná mar a mheasan tú féin! Ceocu
ar t'athair nó ar do mháthair is mó atá buidheachas
an chleamhnais agat-sa, a Fhionnabhair?



F. — Tá athair ana mhaith agam, a rí, agus máthair ana
mhaith! Isiad is fearr, is dóich liom, a bhí ag inghin


L. 202


riamh. Gura fada buan a fágfar agam iad
araon!



O. — Dar lámh m'athar, a 'nghín ó, ach tá duine agat anois
is fearra dhuit ná iad! duine is measa leat ná
iad, ní nách locht ort. Agus is air is mó atá
buidheachas an chleamhnais agat, ní nách iongna.
Dá mbeadh an cogadh so soir siar bheadh aimsir mhaith
againn ag dul ar ár gcuardaibh ó Chruachain go
Ríoghdhonn agus ó Ríoghdhonn go Cruachain.



M. — Tá an cogadh chomh maith le soir siar cheana féin.
Tá Cú Chulainn ar a leabaidh go créachtach cró-
línteach. Ní dhéanfaidh sé féin ná a chrann-tabhail
a thuille bárthain dúinn. Gan Cú Chulainn sa mhór-
chath ní bheidh rí ná rath ar shluagh Chonchobhair. Tuit-
fidh a lug ar a lag acu. Tiomáinfimíd romhainn
iad 'na ndíosgar.



(Ritheas fear isteach.)



An fear. — Tá feall caillte déanta ag Muimhneachaibh
orainn, a ríogra! Bhí Ceat agus duine des na
Mainibh sa bhfaire agus a thríocha céad ag gach rí
dhíobh agus iad ag faire ar na bóithribh ó Shleamhain
Midhe. Tháinig ceathrar nó cúigear de ríghthibh
Mumhan laistiar díobh, gan aon choinne acu leó,
agus chromadar ar iad d'éirleach. Do ritheas
féin annso chun an sgéil d'innsint agus cabhair
a chur amach. Is eagal liom ná tiocfaidh an chabhair
i n-am!



(Imthigheas. Ritheas Oilill agus Méibh amach. Cuireas
Reochaidh chun iad do leanamhaint. Beireas Fionnabhair
air.)



F. — Ó, a Reochaidh! a Reocaidh! a chéile mo chroidhe agus
mh'anma, ná himthigh uaim! Ná himthigh uaim!



Reoch. — Éist, a stór! Cad é an t-olc atá le teacht


L. 203


chugham-sa eatartha! Is cáirde dhomhsa iad go
léir! Ní'l aon díoghbháil acu le déanamh dom,
agus b' fhéidir tairbhe bheith agam-sa le déanamh
dóibh. Ní'l aoinne is fearr chun na síothchána dhéanamh
ná an té atá i gcaradas le gach taobh. Leog uait
me, a laogh, sar a mbeidh iomad díoghbhála déanta.



F. — Ó, a ghrádh mh'anma, ní féidir liom bogadh dhíot ná
tu leogaint uaim. Tá rud éigin 'ghá thaisbeáint
dom má sgaraim leat anois ná faghad lán mo dhá
shúl díot go deó arís! Ná himthigh uaim! Ná
himthigh uaim! Tá olc uathbhásach éigin buailte
linn. Do taisbeánadh dom é nuair a thosnuigh an
cogadh so. Bhí sé im' aice mar a bheadh sgamal
dubh do ló agus d'oidhche. Bhí mo shláinte nách mór
briste aige sar ar innseas dom' báthair é.
D'innseas di é nuair airigheas tusa bheith ag teacht
chun comhraic le Fearaibh Éirean. Tháinig sgannra
orm mar bhí a fhios agam dá ndeinteá an comhrac
go dtuitfeá ann. Dubhart lé ná raibh aon bhreith
agam ar fhanamhaint beó id' dhiaidh. Go raibh mo
ghrádh dhuit ró mhór, ró láidir, ró ghreamuighthe im'
chroidhe, agus go mbrisfeadh an croidhe istigh im'
chliabh dá dtuittheá! Nách iongantach an bhean le
feabhas í, a Reochaidh! Chomh luath agus d'innseas
mo sgéal di níor dhein sí ach an cleamhnas do chur
ar bun láithreach agus é fhógairt ar fuid an tslóigh.
Chuir san cosg leis an gcomhrac agus thug san
t-oineach-sa slán, agus d'imthigh an dubh-cheó dhíom-
sa. Ach tá sé orm anois arís chomh holc agus bhí
sé riamh. Do luigh sé ar mo chroidhe an túisge
'nar labhair an fear san a tháinig isteach. Ná fág
me, a chara mo chléibh. Níor chuir mo chroidhe ná
m'aigne blúire suime i n-aon fhear riamh chun gur


L. 204


tháinís-se! Ná fág me, a Reochaidh! Ná himthigh
as mo radharc! Ní mhairfinn dá n-imthightheá!



(Airightear amuich fothram, agus airmghrith, agus coisidh-
eacht, agus bualadh, agus gártha fear i bhfeirg.)



Ó 'gcloistí! Tá donus éigin iongantach ar siubhal!
Ná fág me, a Reochaidh!



(Tig Fearghus isteach ó thaobh agus beirt de ríghthibh Mumhan
i n-aoinfheacht leis. É eatartha agus greim ar chuislinn
aige ar gach rí acu. Tig Méibh agus Oilill isteach ó'n
dtaobh eile agus beirt eile de ríghthibh Mumhan le n-a gcois)



Oilill. — Mara mbeadh a luathacht a dheinis an t-eadar-
sgaradh, a Fhearghuis, bheadh an sgéal go holc
againn. Cad a chuir ar siubhal an bhruidhean? Nó
an bhfuil puinn daoine marbh?



Fearghus. — Ní heól dom cad a chuir an bhruidhean ar
siubhal, ach dá ghiorracht a sheasaimh sí tá droch-
obair déanta. Tá an dá thríocha céad a bhí ag
déanamh na faire nách mór dísgighthe. Ní fheadar
ar chuaidh Ceat ná Maine as. Agus mar is eól
duit, a rí, do thuit coraidheacht agus dhá thríocha
céad d'Fhearaibh Connacht sar ar fhéadamair an
chaismirt do chosg. Ní fheadar cad é an líon
d'Fhearaibh Mumhan atá marbh. Is dócha go bhfuil
a fhios san ag Eidirsgeól annso. Agus b'fhéidir
go bhféadfadh sé a innsint dúinn conus d'eirigh
an chaismirt.



Eidirsgeól (Ag síne a mhéire chun Reochaidh). — Siné an fear
fé ndeár an droch-obair;



Reoch. — Mise! Airiú cad a dheineas-sa chun sibh a
chur ag marbhadh a chéile!



E. — An bhfeicean tú an inghin áluinn sin ar do chúis-
linn agat? Nuair a bhí Ceat agus Maine ar
chuaird na Mumhan chun ríghthe Mumhan a thabhairt


L. 205


ar an slógadh so thugadar le tuisgint domhsa dá
dtagainn ar an slógadh go raibh an inghean san
le fagháil agam mar mhnaoi. Do tugadh an ní
céadna le tuisgint do gach rí fé leith de'n dá
rí dhéag a tháinig. Ní raibh a fhios ag aoinne againn
í bheith geallta d'aon rí eile againn go dtí go
bhfeacamair imighthe agat-sa í. Annsan do labh-
ramair le chéile. Annsan iseadh fuaramair amach
cad é an stealla-mhagadh a bhí déanta ag Ceat
agus ag Maine fúinn go léir. Dá mbeadh oiread
eile gliocais i gCeat agus oiread eile fill i Maine
curfar i n-úil dóibh gur magadh tinn bheith ag magadh
fúm-sa! Ní'l rí ar ríghthibh Mumhan ná fuil lán
cheapaithe ar a chion féin de'n mhagadh a chur 'na
dháríribh do Cheat agus do Mhaine agus d'aon duine
a bhí ag cabhrú leó ná ag séide fútha sa chleasaidh-
eacht. D'íosfainn mo cholg déid sar a leogfainn
d'aon mhac Mághach ná d'aon mhac Faitheamhain
stáicín áiféis a dhéanamh díom os comhair na
hÉirean!



Fionn. — Ná himthigh uaim, a Reochaidh! Ná leog uait
me! Táim ag imtheacht uait! Cad a dhéanfad!
Cad a dhéanfad! Lastar solus! An é an bás
atá agam, a Reochaidh?



(Éagas. Preabas Méibh agus tógas an corp ar a baclainn
agus beireas lé amach é agus í ag bog-osnaigheal.)



Reoch. — Mharbhaís í, a rí! Mharbhaís an inghean dob
fhearr agus dob uaisle i nÉirinn! Mharbhaís í le
nimh do chainte. Ach tabharfad-sa ní nách caint
duit!



(Taraingid araon a gclaidhmhte. Léimeas Fearghus
eatartha agus coimeádas ó chéile iad.)



Fearghus. — Stadaidh, a ríghthe! Ní beag a bhfuil de


L. 206


dhíoghbháil déanta! Imthigh, a Eidirsgeóil, agus
innis do Chú Raoi agus do ríghthibh eile Mumhan cad
atá tuitithe amach. Neósfad-sa agus Oilill do'n
chuid eile de'n mhór-shluagh an sgéal dubhach dob-
rónach so. Is 'mó súil fhliuch a bheidh ar Fhearaibh
Éirean de bharr an sgéil. Téanaígh, a ríogra.



(Imthighid uile ach Reochaidh.)



Reoch. (Ag sile deór). — "Is 'mó súil fhliuch a bheidh ar
Fhearaibh Éirean!" Is beag dá fhios ag Fearaibh
Éirean cad 'tá caillte acu! Is maith is eól
domhsa cad 'tá caillte agam féin! Ní raibh a
leithéid eile beó ar inghinibh uaisle Gaedheal. Nuair
a thuigeas im' aigne gur liom féin í ba mhó agam
mar shaidhbhreas í ná saidhbhreas an domhain. Is
gearr a lean an saidhbhreas díom. Bhí a croidhe
ró fhírinneach, ró dhílis, ró uasal. Níor fhuiling a
haigne ríoga an chleasaidheacht agus na claon-
bhearta so Cheit mhic Mághach. Ghaibh sé de chosaibh
'na hoineach ameasg ríghthe Mumhan. Chuir sé a
hainm fé tharcuisne ar fuid Éirean. An cladh-
aire! Cad é mar obair dó a hainm a chur i
mbéalaibh daoine ar an gcuma san! Ní hiongna
liom gur bhris a chroidhe 'na cliabh nuair a thuig sí
cad é an náire a bhí faghálta aici! Tá Méibh go
dubhach. Tá Oilill go buartha. Tá brón ar an
mór-shluagh go léir. Ach is agam-sa is mó atá
cúis bróin agus buartha. Imtheóchaidh an bhuairt
díobh go léir, ach ní'l bogadh ná faoiseamh le teacht
ar mo bhuairt-se go bhfeicead mo stór arís ar
shluagh na marbh. "Ná fág me, a Reochaidh!" ar
sise. A chuid an tsaoghal, ní fágfad beó ná marbh
tu! Ní baoghal duit go bhfágfad. Níor thugas
taithneamh ná gean riamh do mhnaoi go bhfeaca thusa.


L. 207


Ní baoghal go dtabharfad feasda. Gráin ort, a
Cheit! Agus gráin oraibh, a ríghthe Mumhan! Agus
nára sos do ríghthibh Connacht é! Gráin mo sgart
oraibh go léir, tré n-a chéile dhaoibh! Is caillte
an bheart a dheineabhair, agus is mise atá ag díol
as! Tugaim druim lámha libh! Do thachtfadh aer
na háite seo me dá bhfanainn ann a thuille!



(Imthigheas.)



An Ceathramhadh Radharc.



Sleamhain Midhe. — Conchobhar agus ríghthe Uladh.



Conchobhar. — A dhámh agus a dhraoithe agus a ríghthe
uaisle, a chomhachta dochlaoidhte Uladh, ní nár do
rí cúige ná do mhac árdrí Éirean mórdhacht aigne
agus bród intinne agus misneach agus dásacht
croidhe do bheith air ag féachaint 'na thimcheall dó
ar an mór-shluagh ríoga so atá cruinnighthe annso
ar an dtulach so indiu. Ní hé ár gcuimhne, ná
cuimhne na n-ollamh atá i n-ár láthair, go bhfeacathas
riamh fós a leithéid de chruinniú ar an maigh seo
Midhe. Má mheas Méibh agus Oilill agus mór-
shluagh Fear Éirean go raghadh argain Uladh i n-aisge
leó is fíor gur dheineadar dearmhad. Gan amhras
tá iongna agus alltacht ortha, a rádh gur leogadh
dóibh cuaird Uladh do thabhairt gan chosg. As an
sean-aithne a bhí acu ar laochra Uladh ní raibh aon
choinne acu ná go dtroidfí an uile throigh de
bhántaibh Uladh 'na n-aghaidh. Nuair a fuaradar an


L. 208


dúthaigh folamh rómpa ins gach áird, folamh ó lucht
cosanta agus lán de shaidhbhreas, gan acu le
déanamh ach an saidhbhreas do bhailiú chúcha agus
d'árdú leó, bhí iongna a gcroidhe ortha. Bhailighead-
ar leó an méid fhéadadar agus do loiteadar
an chuid eile. Do loisgeadar na tighthe. Do
dhóghadar an t-arbhar. D'óladar an lionn. Do
thiomáineadar rómpa mná agus mion-daoine, buar
agus eachra, innle agus almha. Ní mheasaim gur
thugadar uain dóibh féin ar a thuisgint nách gan fáth
a tugadh an saor-chuaird dóibh. Measaim go bhfuil
eólus an sgéil ag teacht chúcha anois i ndiaidh 'chéile.
Is sean-eólus dóibh, aon chomhacht riamh a chuir cath
ar Ultaibh ná deaghaidh i n-aisge leis an gcomhacht
san. Tá sé ag dul 'na luighe ortha i ndiaidh 'chéile
anois gur baoghal dóibh ná raghadh a gcuaird i
n-aisge leó féin, agus dá shaoire a leogadh leó
i dtosach bára gur b' eadh is daoire a dhíolfaid as
i ndeire bára. Tá greim daingean againn ortha.
Ní féidir dóibh gabháil tharainn siar. Ní gá dhom
a chur i gcuimhne dhaoibh-se, a laochra Uladh, ná fuil
aon bhreith acu súd ar sheasamh romhaibh i láthair catha.
Tá ag gach fear agaibh-se lán-oilteacht ar iomchar
agus ar úsáid gach sórd airm, idir arm comhraic
agus arm cosanta. Ní'l an oilteacht san acu súd.
Nuair a bheifear i bhfriothghoin gheabhadh sibh-se fútha
agus thórsa agus tríotha. Ní'l a fhios i gceart acu
cad tá chúcha. Tá a ndícheall déanta acu chun na
feirge ba mhó fhéadfaidís a chur oraibh agus ní'l an
cheisd curtha acu chúcha féin conus is féidir dóibh
bhur bhfearg do sheasamh nuair a thiocfadh lá na
feirge. Tá an lá san buailte leó feasda, a
ríogra Uladh. Cuirfidh an lá san i n-úil dóibh,


L. 209


agus do gach cine dá bhfuil beó ar Ghaedhealaibh, go
mbeidh réim agus clú agus cáil agus forlámhas
Uladh níos treise agus níos aoirde agus níos
foirleithne fós ná mar a bhí sar ar tháinig an cogadh
so. Bhí ainm chúig' Uladh 'na thrúig eagla do cheithre
ollchúigíbh Éirean abhfad sar ar tháinig an cogadh
so. Is dá mhó an sgáth agus an t-eagla a bheidh ar
cheithre ollchúigíbh Éirean roimh ghoil agus roimh
ghaisge agus roimh chródhacht Ultach nuair a bheidh
an cogadh so críochnuighthe ná mar a bhí riamh. Is minic
le m'chuimhne do chonac ríogra Uladh ag dul i ndáil
catha agus cogaidh agus cruadh-chomhraic. Ba mhaith
a gcórú agus ba dhána a bhfuadar agus ba theasaidhe
a bhfearg. Ní cuimhin liom riamh córú ní b' fhearr
ortha ná mar a chím anois ortha. Tá fuadar indiu
fútha ná raibh riamh fós fútha. Tá fearg indiu ortha
ná raibh riamh fós ortha. Tá cúis feirge indiu acu
ná raibh a leithéid riamh fós acu. Roimis an gcórú
san, roimis an bhfuadar san, roimis an bhfeirg sin
ar lán-lasadh, gluaiseóchaid cheithre ollchúige Éirean
i raon mhadhma agus i ndearg ruathar, agus mair-
fidh sgannra an áir sin i sgéalaigheacht agus i sean-
chas ó shliocht go sliocht.



(Uail-gháir. Tig Laogh mac Rianghabhra isteach.)



Laogh (Ag umhlú do Chonchobhar) — A rí uasail, do chuir Cú
Chulainn annso mise le teachtaireacht chun Conchobh-
air agus chun slóighte Uladh.



Con. — Innis do theachtaireacht, a mhic Rianghabhra, ach
innis ar dtúis dúinn conus atá Cú Chulainn tar éis
an chomhraic éachtaigh a dhein sé le Fear Diadh.



Laogh. — Tar éis an chomhraic dó, nuair a bhí Fear Diadh
marbh agus Cú Chulainn féin tláith go leór, tháinig
Seanoll Uathach agus beirt mhac Géigge, Muireadhach


L. 210


agus Coidreabh, agus do rugadar leó é go haibhníbh
Conaille Muirtheimhne chun a chneadh agus a chréacht
do nighe agus do ghlanadh agus a iolghona do leigheas.
Óir chuiridís Tuatha Dé Danann luibhe íce agus
losa sláinte ar ghlaisíbh agus ar aibhníbh críche
Conaille Muirtheimhne mar fhóirithin ar Chú Chulainn,
i dtreó go mbíodh na haibhníbh breac barr-uaine ó
na losaibh sin. Do tumadh Cú Chulainn i n-aghaidh
na sroth sin agus annsan do cuireadh ar a leabaidh
é. Tá sé ar a leabaidh ach tá a neart agus a mhis-
neach ag teacht chuige. Chuir sé mise uaidh chughaibh-se
agus dubhairt sé liom neithe d'innsint daoibh atá
riachtanach anois le hinnsint. Tá deifrigheacht mhór
éirighthe idir shlóightibh Mumhan agus slóighte Conn-
acht. Tháinig an sgéal chun toirmisg agus chun
bruidhne agus chun éirligh, i dtreó gur marbhadh dá
thríocha céad de Chonnachtaibh, agus iad ag déanamh
faire sar a dtiocfadh Conchobhar agus Ultaigh a
gan fhios ortha. Ní fios an mór de na Muimh-
neachaibh a thuit. Deirtear mara mbeadh Fearghus
mac Róigh go ndísgeóch Muimhneacha agus Connacht-
aigh a chéile siar go deire. Chuir Fearghus ó chéile
iad. Deir Cú Chulainn gur anois an t-am ag
Conchobhar agus ag Ultaigh eirghe i n-aoinfheacht agus
fogha i lán neart do thabhairt fé mhór-shluagh Fear
Éirean sar a mbeidh sé d'uain acu an t-achran do
leigheas.



Cathbhadh Draoi. — Sin comhairle mhaith agus dá luathacht a
déanfar beart dá réir iseadh is fearr é.



(Airightear gártha móra amuich. Tig isteach Leanbh áluinn.
.i. Earc mac Cairbre, agus éide catha air mar bheadh ar chura
i n-a lán aois. Fir mhóra chalma 'na thimcheall agus iad
umhal dó mar a bheidís d'árdrí. Síneas Conchobhar a dhá
láimh chun an leinbh agus gabhas chuige i n-a ucht é.)


L. 211


Con. — A mhic mo chroidhe, cad a thug tusa ar an
slógadh?



Earc. — Thánag ag cabhrú le m'shean-athair.



Con. — Agus cad é an cabhrú fhéadfair-se a dhéanamh
do d'shean-athair, a Eirc! Dar ndóich má gheibhean
Méibh greim ort béarfaidh sí lé siar thu go Cruachain,
agus annsan cad a dhéanfaidh do shean-athair id'
dhiaidh!



Earc. — Ambriathar, a shean-athair, gur ró bheag an
t-eagla atá ort-sa go bfaghaidh Méibh greim orm-sa,
ná go mbéarfaidh sí lé siar me!



Con. — Ca bhfios duit sin, a rí óig?



Earc. — Mar dá mbeadh an t-eagla san ort ní baoghal
gur ag déanamh suilt a bheifeá de'n sgéal. Deir
mo mháthair gur mó an chabhair agus an congnamh
duit mise agat ná líon tríocha céad de na fearaibh
is fearr ar do mhór-shluagh, a shean-athair.



Con. — Ce 'cu is measa leat do mháthair nó mise, a
Earc?



Earc. — Deir sí ná fuil aon fhear sa domhan is fearr
ná thusa. Cathin a bheifear ag dul sa mhór-chath, a
shean-athair? Má dheinim-se gníomh maith sa mhór-
chat b'fhéidir go ndéarfadh mo mháthair go bhfuilim
chomh maith leat-sa. Cá bhfuil Cú Chulainn, a shean-
athair? Ba mhaith liom é fheisgint. Ní bheidh mé
sásta go deó go dtí go mbeidh mé chomh maith le
Cú Chulainn!



Con. — A Laochra Teamhrach, measaim ó thugabhair libh
an mac beag so nách gan fáth a thugabhair libh é. Má
bhíon an sgéal ag dul dian orainn sa mhór-chath agus
go dtuigfid laochra Uladh aon chontabhairt a bheith
ag teacht chun an mhic bhig seo eireóchaidh dásacht
agus misneach dóibh a bhrisfidh an cath ar Fhearaibh


L. 212


Éirean mar thuile cuain! Ba mhaith an chiall an
mac beag so thabhairt libh. B'fhéidir gur fíor dó
an rud a deir sé féin, gur mó an chabhair dá shean-
athair é ná líon tríocha céad d'fhearaibh armtha.
Imthighidh, a laochra, agus gléasaidh bhur neart chun
an chatha, agus imthigh-se, a mhic Rianghabhra, agus
tabhair do'n mhór-shluagh so Uladh an teachtaireacht
a thug Cú Chulainn duit le tabhairt dóibh. Anois
an t-am chun a ndroch-bhearta do dhíogailt, d'aon
lán sgríb amháin, ar Fhearaibh Éirean! Anois atá
againn ciall cheannaigh a mhúine dhóibh! Is beart
gan chiall atá déanta acu. Is cuaird gan chiall
atá tabhartha acu ar an gcúige seo Uladh. Cur-
tar i n-úil dóibh anois, nuair ná raibh ciall acu
go mbeidh cuimhne acu!



(Imthighid.)



An Cúigeadh Radharc.



Pubal Chú Raoi mhic Dáire. — Cú Raoi féin agus
ríghthe Mumhan i gcomhairle.



Cú Raoi. — A ríghthe Mumhan, is doiligh liom an t-achran
so atá eirighthe idir sinn féin agus an chuid eile de
shluagh Fear Éirean. Ní féidir liom a rádh go
dtuigim i gceart cad ba bhun leis an achran ná
conus d'eirigh sé chomh hoban gan coinne ag aoinne
leis. Tuigim ámh go bhfuil comhairle ar aigne ag
cuid agaibh-se, a ríghthe, agus gurab í comhairle
í sin ná ríghthe Mumhan do thabhairt druim lámha


L. 213


leis an mór-shluagh agus sinn a dhul abhaile do thoil
a chéile. Is 'mó ní atá le rádh i gcoinnibh na comh-
airle sin, a ríghthe, agus ní ceart í chur i ngníomh
gan í bhreithniú go maith. Aon rí go bhfuil rud
aige le rádh i bhfabhar na comhairle sin glaodhaim ar
dtúis air.



(Suidheas Cú Raoi. Eirigheas Eidirsgeól.)



Eidirsgeól. — A Chú Raoi agus a ríghthe eile Mumhan,
tá rud agam-sa le rádh i bhfabhar na comhairle sin,
agus i gcead daoibh-se déarfad é, chomh comhngarach
agus chomh soiléir agus is féidir é. Dá n-abarthaí
linne, go breágh glan díreach, nuair a hiaradh orainn
teacht ar an slógadh so, go raibh, mar dhíol-fiach as
ár saothar, caoi dá thabhairt dúinn ar ár ndíogh-
altas d'imirt ar Ultaibh mar gheall ar na droch-
bhearta a bhí déanta cheana acu orainn, agus ar an
ollmhaitheas a bhí beartha acu uainn do bhaint díobh
agus do bhreith linn abhaile arís, ní bheadh aoinne
dob fhonnmhaire thiocfadh ná mise agus ní bheadh
aoinne throidfeadh an cás go deire na sgríbe níos
tathaicíghe ná mar a throidfinn-se é. Ach níor cuir-
eadh an cás os ár gcomhair lom díreach ar an gcuma
san. Do himreadh an cam orainn. Ní raibh aon
ghá leis an gcam. Bhíomair lan-tugtha chun teacht
gan cam ná calaois. Ní hé amháin gur himreadh
an cam orainn ach do himreadh orainn é ar chuma
nách fuirisde a ghabháil le n'ais. Do thánamair ar
an slógadh. Ghabhamair orainn ár gcion de dhuagh
agus de shaothar agus de thrioblóid an chogaidh.
Dá leanadh an feall gan nochtadh go dtí go mbeadh
an cogadh críochnuighthe ní raibh sult riamh i nÉirinn
ach an sult a bheadh ag Ceat mac Mághach ar ríghthibh
Mumhan! Ní raibh maoidheamh riamh i nÉirinn ach


L. 214


an maoidheamh a dhéanfadh sé as an ngliocas d'imir
sé ar ríghthibh Mumhan agus as a mhothaolaighe a
ghlacadar a ghliocas. Chuirfeadh sé 'na luighe ar
an saoghal mór nár bhaoghal go dtiocfadh aoinne
de ríghthibh Mumhan choidhche ar an slógadh mara mbeadh
an chuma 'nar bhuail sé féin an bob ortha. Cad a
bheadh againne le rádh 'na choinnibh? Níor bh' aon
tairbhe dhúinn bheith ag caint. Dá ghéire chuirfimís
chun sinn féin do chosaint iseadh is mó d'eireóch an
stealla-mhagadh fúinn. Bheadh an cogadh soir siar.
Ní bheadh aon chaoi againn ar ár bhfearg a chur i
bhfeidhm. Bheadh an uile dhuine againn ag dul abhaile
go dtí an Mhumhain agus a mhéar 'na bhéal aige!
Bheadh ár ndaoine féin sa Mhumhain ag stealla-
mhagadh fúinn, 'ghá fhiafraighe dhínn cár fhágamair
Fionnabhair. Ní raibh a leithéid de spórt sa Mhumhain
riamh agus bheadh ag mnáibh na Mumhan orainn!
Níor bh'fhios cathin a bheadh deire leis. Ach níor eirigh
a chuid gliocais ar fad le Ceat. Tháinig an feall
amach ró luath. Thug san an chaoi dhúinne ar a chuid
magaidh a chur 'na dhá ríribh do Cheat. Tá cuid mhaith
dhé curtha 'na dhá ríribh cheana againn dó. Ní bhain-
fidh sé puinn suilt as an méid sin dé. Níor thuit
sé féin ach bíodh a bhuidheachas aige ar Fhearghus.
Nuair a chonacamair Fearghus i lár na spéirlinge,
ceann-lomrachta, gan arm gan éide, gan oiread
agus slat 'na láimh aige, níor fhéadamair gan
urraim a thabhairt dó. Mara mbeadh san bheadh
deire le gliocas Ceit.



Siné brígh mo sgéil daoibh, a ríogra. Do measadh
sinn a thabhairt ar an slógadh so le bréig, le geall-
amhaint nár measadh riamh a chomhlíonadh. Tá
sgéidhte ar an mbréig sin anois. Ní féidir dúinn


L. 215


fanamhaint ar an slógadh fé easonóir na bréige
sin. Ní foláir dúinn, dá bhrígh sin, gluaiseacht
ó dheas abhaile láithreach.



(Suidheas. Eirgheas Conaire.)



Conaire. — Is deacair locht fhagháil ar chaint Eidir-
sgeóil, chomh fada agus a théighean sí. Ach measaim
go bhfuil neithe fágtha aige lasmuich dhi nách misde
a thabhairt isteach agus do leogaint fé n-ár mbreith-
eamhantas. Gan amhras do deineadh an bhréag.
Ach féach, is ar Cheat féin a luighfidh easonóir na
bréige sin go deó. Níor chuir aon rí de ríghthibh
Mumhan aon tsuim sa gheallamhaint. Níor iaradar
ceangal ná coinghioll leis an ngeallamhaint. Cad
tá ag aoinne le rádh ach gur chuma leó fíor nó
bréagach í! Má dheinean Ceat magadh is faoi
féin a bheidh an magadh aige dá dhéanamh. Má deir
Ceat gur bh' é geallamhaint na hinghine dhóibh fé
ndeara do ríghthibh Mumhan teacht ar an slógadh,
déarfar 'ghá fhreagra, "Má's eadh cad 'na thaobh
nár hiaradh ceangal do chomhlíonadh na geallamhna?"
Ní'l aon fhear i nÉirinn go neósfaidh Ceat a ghliocas
dó nách droch-mheas agus tarcaisne a thiocfaidh dó
ar Cheat féin, agus urraim do ríghthibh Mumhan.
Ach má bhrisid ríghthe Mumhan amach ó'n mór-shluagh
anois déarfar gur le corp feirge a dhéanfaid
siad é. Agus cad a chuirfeadh an fhearg ortha má
ba rud é ná raibh aon tsuim sa gheallamhaint acu?
Nuair a chífeadh mná na Mumhan sinn ag dul abhaile
i bhfeirg ba ghearr go bhfaighidís amach cúis na feirge.
Annsan iseadh bheadh an spórt acu orainn! Ach
má chríochnuighimíd amach an toisg fá 'r thánamair,
gan beann ar Cheat 'ná ar a ghliocas, beidh ár
n-oineach glan i láthair dámh agus ollamh agus éigeas.


L. 216


Measaim-se gur ceart dúinn an obair a ghabhamair
ar láim do chomhlíonadh.



(Suidheas. Eirgheas cú Raoi mac Dáire.)



Cú Raoi. — A ríogra, deirim-se, fé mar adubhairt
Conaire, gur deacair locht fhagháil ar chaint Eidir-
sgeóil, chomh fada agus a théighean an chaint. Ach
do fágadh neithe lasmuich dhi. Do fágadh níos mó
go mór lasmuich ná mar a thug Conaire isteach.
An inghean áluinn uasal a gealladh do ríghthibh
Mumhan, tá sí imighthe. Is cuma anois cé dhó gur
gealladh í ná cé dhó nár gealladh í. Bhí croidhe agus
aigne ró uasal aici, agus do bhris a croidhe 'na cliabh
nuair a thuig sí cad é an náire agus an aithis a bhí
tagaithe ar a hainm agus ar a clú agus ar a hoineach,
tré ghliocas agus tré éitheach Cheit. Do bhris an
croidhe 'na cliabh nuair a thuig sí conus a deineadh
úsáid dá hainm chun tarcaisne thabhairt do ríghthibh
Mumhan. Mara mbeadh go raibh árd urraim aici do
ríghthibh Mumhan ní ghoillfeadh an sgéal chomh daing-
ean ar a haigne agus ar a croidhe. Tá sí anois
ar shluagh na marbh. Measaim gur maith an rud
do ríghthibh Mumhan urraim a thaisbeáint anois do'n
óig-mhnaoi uasail sin. Agus measaim ná fuil
slighe ar bith is fearr chun na hurraime sin do thais-
beáint ná beart a dhéanamh a chuirfidh 'na luighe
ar an saoghal mór nár chuir ríghthe na Mumhan aon
tsuim i n-aon chor i gcaint bhréagach, chealgach Cheit
mhic Mághach. Má leanaimíd ar an slógadh agus
má chríochnuighimíd amach go beacht agus go hiomlán,
an toisg ar ar thánamair, chífid ríghthe agus daoine
ná raibh aon toisg eile ar aigne againn ach an t-aon
toisg amháin sin. Tá ní eile sa sgéal, a ríogra.
Má shocruighid dhá rí dhéag na Mumhan anois ar a


L. 217


neart do bhailiú chúcha agus ar imtheacht, is ró bhaoghal
gur b' iad slóighte Chonchobhair a bhéarfaidh buadh sa
mhór-chath atá le teacht. Má's iad ní'l aon dul ag
Connachtaibh ó'n léirsgrios céadna a thug Feara
Éirean ar Ultaibh. Nuair a bheidh cúige Connacht
sgriosta tabharfaidh Conchobhar agus Ultaigh aghaidh
ó dheas ar an Mumhain. Ní ró mhaith an áirithe
dúinne an áirithe sin. Is fearr féachaint romhainn
anois.



(Suidheas. Eirgheas Eidirsgeól arís.)



Eidirsgeól. — Fágaim le huadhacht, a ríogra, gur dóich
liom nách foláir dom a admháil go bhfuil athrú
tagaithe ar mh'aigne. Bhí a leithéid sin d'fhearg orm
mar gheall ar ghliocas agus ar chleasaidheacht agus
ar sgéiméireacht Cheit mhic Mághach nár thugas uain
dom féin ar bhunúsaibh eile an sgéil a bhreithniú
i gceart. Bhí sé buailte isteach im' aigne gur le
heólus agus le comhairle Mhéibh agus Oiliolla
agus Connachtach a dhein Ceat a chuid sgéiméireachta.
Mheasas go mb' fhéidir, dá uaisleacht í, ná raibh
Fionnabhair féin saor ó eólus agus ó aontú. Ach
is léir anois ná raibh aon phioc dá fhios aici go raibh
an t-uisge fé thalamh ar siubhal. Dá dtuiginn an
sgéal ó thosach mar a thuigim anois é bheinn ar aon
aigne le Conaire. Do ghlacfainn a chomhairle.
Ní tabharfaí an fogha úd fé Cheat agus fé Mhaine.
Ní thiocfadh eólus ar fheall Cheit ar aigne Fionnabhair
chomh hoban agus a tháinig sé. Bheadh sí anois beó,
fé mhaise agus fé áthas, ag mac Faitheamhain. Agus
go deimhin agus go dearbhtha níor mhór liom-sa dhó
í! Níor mhór liom dóibh araon a séan agus a rath.
Tar éis iseadh a tuigtear gach beart. B' fhéidir,
ámh, nách fearra dhi rud a tháinig uirthi ná an bás.


L. 218


Thiocfadh feall Cheit chun a heóluis luath nó mall.
Nuair a thiocfadh sé ní fhuilingeóch sí é ach chomh beag
agus d'fhuiling sí anois é. Is uirthi bhí an crann,
mo thruagh í! Má bhí Méibh agus Oilill ciontach sa
chleasaidheacht ní mholaim-se an aigne atá anois
acu! Ach, thar gach ní, deirim gur ceart dúinn
caint Chú Raoi do bhreithniú sa mhéid a deir sé
i dtaobh an mhór-chatha so atá ag teacht. Dá mba
dhóich liom go mbeadh aon bhaoghal gur bh' iad Ultaigh
a bhéarfadh buadh sa mhór-chath san ní raghadh aon chos
díom beó thar n-ais sa Mhumhain!



(Suidheas. Eirgheas Cú Raoi.)



Cú R. — Ní deirim, a ríogra, ná go bhfuilimíd ar aon
aigne. An rud a deir Eidirsgeól is dóich liom
gur b' é a deirimíd go léir, 'sé sin, dá mba dhóich
linn go mbeadh aon bhaoghal gur bh' iad Ultaigh a
bhéarfadh buadh sa mhór-chath, go gcaillfimis-ne an
t-anam níos túisge ná mar a leogfaimís an buadh
san leó. Is usa iad do chosg anois ná iad do chosg
ar ball. Má 'tá aoinne ná haontuighean labhradh
sé.



Iad uile. — Ní'l.



Cú R. — Tá go maith. Táimíd go léir ar aon aigne,
mar a bhíomair ó thosach. Troidfimíd amach an
cás mar is gnáth le fearaibh Mumhan. Imthighidh, a
ríogra, agus deineadh gach rí a neart do chruinniú
agus do chur i gcóir chun catha agus cruadh-chomhraic.
Tá sgéala na bruighne seo i Sleamhain Midhe cheana
féin, mar is eól domhsa, agus tá slóighte Uladh 'ghá
gcórú féin ar a ndícheall chun teacht ar Fhearaibh
Éirean sar a mbeidh, dar leó, aon leigheas déanta
ar an achran. Ba mhór an sgéal áthais leó dá
n-airighidís ríghthe Mumhan a bheith imighthe ó dheas


L. 219


abhaile. Ach is sgéal nách é sin a raghaidh chúcha indiu.
Tá an t-achran leighiste. Táimíd go léir ar aon
aigne agus ar aon inntinn. Táimíd ollamh dóibh.
Tagaidís!



(Imthighid uile.)



An séamhadh radharc.



Pubal Mhéibh. — Mac Roth agus Fearghus agus
Méibh agus Oilill láithreach.



Méibh. — Seadh, a Mhic Roth, cad iad na sgéala so agat
dúinn?



Mac Roth. — Tá, a ríogan, go bhfuil Conchobhar agus
ríogra Uladh 'ghá n-ollmhú féin chomh tiugh agus is
féidir leó é do'n mhór-chath. Tá tuairisg faghálta
acu ar an mbruighin seo d'eirigh idir Mhuimhneachaibh
agus Connachtaigh ar an sluagh so, agus tá sé daing-
ean 'na n-aigne dá luathacht a curfar an cath gur
b' eadh is lugha a bheidh an mhór-shluagh so glan ó
iarsma na bruighne agus gur b'eadh is dóichighide
dhóibh gan bheith i gcóir ná i gcumas chun an chatha
d'fhriothálamh. Nuair a thánag ó áit na faire bhí
gach rí ag córú agus ag gléasadh agus ag gríosadh
a bhuidhne féin. Isé mo thuairim go bhfuil an tsluagh
go léir 'na lán neart ag gluaiseacht fé n-ár ndéin
um an dtaca so.



Méibh. — Tagaidís! Táimíd ollamh dóibh. Is maith an
rud an dearmhad san a bheith ortha mar gheall ar
iarsma na bruighne. Do hinnseadh dóibh i dtaobh
na bruighne ach níor hinnseadh dóibh conus mar a


L. 220


chuir Cú Raoi mac Dáire iarsma na bruighne soir
siar. Tá súil acu le gan a bheith rómpa ach sluagh
silte neamh-fhonnmhar. Beidh iongna ortha nuair
a bhuailfid siad ceann ar aghaidh um shluagh dhaingean,
dheagh-riartha, dheagh-chóruighthe, gualainn le gualainn,
dóid le dóid, sgiath le sgiath, i n-iodhnaibh catha
agus cruadh-chomhraic. An rud ba mheasa le duine
ná a bhás ní fheidir sé ná gur b'é lár a leasa é. Ní
raibh ár sluagh riamh níos córuighthe, níos cruinnighthe,
níos ceapaithe chun comhraic ná mar atá anois.
Is leathan a leathfaid a shúile ar Chonchobhar nuair
fhiafróchaidh sé dhé féin cá bhfuil iarsma na bruighne!
Is minic a chuir dearmhad beag de'n tsórd san
ruag ar an sluagh a dhéanfadh é. B' fhéidir gur
bhruighean rathmhar dúinn í. Táthar ollamh dóibh
ar chuma ná fuil súil acu leis. Ní foláir duit-se,
a Fhearghuis, comhrac dian a dhéanamh sa mhór-chath
so indiu, agus é dhéanamh le lán dúthracht. Tá
sochar agus maoin agus saidhbhreas, talamh agus
tighearnas, faghálta agat i gConnachtaibh, agus
isé is lugha is gann duit indiu neart do láimhe
d'imirt go feidhmeamhail dúinn ar shlóightibh Uladh.



Fearghus. — Dá mbeadh mo chlaidheamh agam do dhéan-
fainn san go fonnmhar. Do ghearrfainn romham
agus im' thimcheall tríd an sluagh. Chuirfinn cuirp
ar chorpaibh 'na srathanaibh, agus cinn 'na gcárnaibh,
agus fuil 'na caisíbh ruadh-dhearga; ach go mbeadh
mo chlaidheamh agam!



Oilill (Go hárd). — An bhfuil Fear Logha annsan?



(Tig fear Logha isteach.)



Fear Logha. — Tá sé annso, a rí.



O. — Bliadhain agus lá indiu a thugas duit, sa Litir
i gCruachain. An claidheamh úd Fhearghuis. Dubhart


L. 221


leat aire mhaith a thabhairt dó agus é choimeád glan,
snasda, sleamhain, gan mheirg, gan cheó, caoin-
leasuighthe, caoin-bhláith. Tabhair chughainn anois
é, agus bheirim-se briathar duit ann, má's measa
a bhláth indiu ná an lá thugas duit le coimeád é
go ndíolfair as! Dá mbeadh fir Éirean 'ghad
chosaint orm ní bhéarfaidís saor uaim tu!



(Imthigheas fear Logha. Tig Cú Raoi mac Dáire isteach.)



Cú Raoi. — Táid slóighte Mumhan ag gluaiseacht, a
ríogra. Tá fonn agus fíoch agus dásacht ortha
chun an chatha. Is amhlaidh atá fearg na bruighne
tar éis breis faobhair a chur ortha chun na hoibre.
Ní baoghal go staonfaid siad. Ach is fearr a
dtaobh féin de'n chath d'fhágáil fútha féin agus gan
Ceat ná aoinne des na Mainibh do dhul ar a measg.



Méibh. — Bíodh riaradh na Muimhneach fút-sa ar fad, a
Chú Raoi. Má bhíon an cath ag dul dian ortha
glaoidh-se ar do rogha cabhair, nó glaoidh orm-sa
féin. Ní chaithfidh Ceat ná Maine dul 'na ngoire.



Cú R. — Má bhíon easba cabhartha orainn, a ríogan,
ní'l aoinne is fearr ó n-a dtiocfaidh an chabhair
ná uait-se féin nó ó t' fhearaibh cuidridh. Ach ní
hé mo thuairim go mbeidh aon ghá le cabhair againn.
Dá mbeadh, ní deirim ná gur thúisge le cuid mhaith
dár Muimhneachaibh tuitim sa chat ná buidheachas
a ndul as a bheith ar Cheat acu. Tá fuath naimh-
deach acu dhó.



(Tig fear Logha isteach agus an Caladhcholg aige, agus
cuireas i láimh Oiliolla an claidheamh. Iniúchas Oilill an
claidheamh agus annsan cuireas i láimh Fhearghuis é.)



F. — Fáilte! fáilte! fáilte romhat chun na láimhe
deise seo arís, a Chaladhcholg uasal! Is maith é
taithighe na láimhe seo ar do dhornchur chneasta,


L. 222


chóir, chruaidh, dhaingean! Breithnighim arís do
mheadhachaint mharbhthach, meadhachaint ná bainean
ó dheise do luasgadh, meadhachaint nách muirighean
ar an gcuislinn seo, meadhachaint ba throm
tuargaint ar gach namhaid dár bhuail riamh umam
i láthair catha. Tá greim im' láimh agam arís ort!
Tá faobhar do bhéil ar tarang agam arís! Tá
solus cnis do ráibe glaine ag taithneamh fé m'
shúil. Is fuilteach ruadh-dhearg a bheidh do bhéal
agus do chúl ar ball. A laochra Uladh, seachnaidh
an claidheamh so indiu, idir chúl agus faobhar, má
's maith libh bheith buan! Mo ghrádh thu, a Chaladhcholg!
Imreóchaidh Oilill a lán cleas sar a sgaraidh sé le
m'láimh-se thusa arís!



O. — Ní sgarfadh ná an uair sin mara mbeadh na cleasa
d'imir Fearghus féin.



M. — Seo seo! Caithidh uaibh é, a ríogra. Tá a mhalairt
de chúram anois orainn agus malairt cleas le
himirt againn!



M. R. — Dá luathacht a bheidh slóighte Connacht ag bogadh
chun gluaiste iseadh is fearr é. Beid Ultaigh sa
mhullach orainn annso má cailltear puinn eile
aimsire.



M. — Tá go maith. Seo ar siubhal sinn. Buadh agus
cosgar dúinn!



(Imthighid. Tig beirt fhear isteach. Bandaí línéadaig
casda ar cheann gach fir acu. Lámh le duine acu ceang-
ailte suas agus bandaí ar chois leis an bhfear eile.)



An chéad fhear. — Haló! a Dhiarmuid, an tu san?



Diarmuid. — Is me an daigh, an méid atá ann díom,
a Chormaic. Bhíos deimhnightheach ar dtúis gur bh'
iad slóighte Chonchobhair a bhí sa bhreiceal orainn,
ach níor bh'fhada gur aithnigheas sgéithe agus airm


L. 223


na Muimhneach. Ba dhiail an fogha a thugadar fúinn
pé cúis a bhí acu leis. Is cuma dhom ó thánag as.
Do marbhadh mo bheirt driothár! Cad fé ndeár
an bhruighean úd, a Chormaic? Nó cad a chuir ar
siubhal í? Ba ghreannmhar an t-am bruighne é
agus an namhaid buailte linn!



Cormac. — D'airigheas-sa gur bh'amhlaidh a ghoid Ceat eó
óir ó Eidirsgeól, an uair a bhí Ceat agus Maine
sa Mhumhain, agus ná feidir Eidirsgeól cad
d'imthigh ar an eó go dtí go bhfeacaidh sé í, cúpla
lá ó sin, i mbrat Cheit. Bhí amhras aige ar dhuine
dá mhuintir féin i dtaobh na gadaidheachta, agus
annsan nuair a chonnaic sé cé r' bh' é an bitheamh-
nach d'eirigh sé ar buile agus d'innis sé dá thríocha
céad an sgéal. As san do hinnseadh do thríocha
céad eile é, agus do thríocha céad eile, agus
d'eirgheadar go léir ar buile agus siúd amach iad
go dtí an áit 'na rabhamair féin agus Ceat agus
Maine ag déanamh na faire. Is mór an iongna
aoinne i n-aon chor againn do dhul as beó, thánadar
chomh hoban san orainn agus chomh fíochmhar.



Diarmuid. — D'airigheas-sa an sgéal san leis, a
Chormaic, ach sgéal gan dath iseadh é. Ceat mac
Mághach do dhéanamh na gadaidheachta san ar eó óir!
Níor dhein sé a leithéid. Níor ghá dhó é. Ní'l eó
óir sa Mhumhain ná fuil dhá eó is seacht fearr ná
í ag Ceat féin! D'airigheas sgéal eile, ámhthach,
sgéal is deabhraighthe go mór ná an sgéal san.
D'airigheas gur le corp fill a deineadh an fogha.
Gur bh'amhlaidh a shocraigh Muimhneacha ar chomhairle
tréigthe. Gur b' é rud a bhí ceapaithe acu ná an
lucht faire do dhísgiú agus imtheacht soir do thoil
a chéile agus páirt do ghabháil le Conchobhar agus le


L. 224


hUltaibh sa mhór-chath. Agus mara mbeadh Cú
Raoi mac Dáire agus Fearghus go ndéanfaidís
é.



C. — Ambriathar, a Dhiarmuid, go bhfuil an sgéal san
chomh beag dath leis an sgéal eile. Ní headh ach
níos lugha. Dá mhéid droch-aigne atá ag
Muimhneachaibh do Chonnachtaibh tá a sheacht n-oiread acu
do ropairíbh Uladh. Tá a chúis sin acu leis na
seacht sinsireachaibh. Ba rud éigin é dá mb'
amhlaidh a shocróichdís ar imtheacht ó dheas abhaile.
Ach páirt do ghabháil le Conchobhar agus le hUltaibh!
Ní'l ciall ná meabhair leis mar sgéal.



D. — Ní fheadar an tsaoghal, a Chormaic. Ach pé cuma
'nar eirigh an bhruighean do dhíol cuid againn go
daor aisti! Agus ba dhóbair dúinn díol níos
daoire aisti.



(Tig othar eile isteach.)



An t-othar eile. — Seadh! Táthaoi annsan.



C. — Táimíd annso, a mhic ó, agus taoi-se annsan.
A bhfuil puinn de d' chnámhaibh-se briste?



An t-o. e. — Ambasa, a mhic ó, tháinig an brise chomh
hoban san ortha, ní fheadar an mór acu atá briste
ná an mór acu atá slán.



Diarmuid. — Ar briseadh puinn de chnámhaibh na Muimh-
neach, a Chaoil?



Caol (an t-othar eile.) — Ní fheadar, a Dhiarmuid, ach tá
a fhios agam gur bhriseas féin cuid acu pé 'n
Éirinn é. A bhfeacaidh aoinne riamh a leithéid
d'obair! Fogha marbhthach a thabhairt fúinn gan
chúis gan adhbhar! Cheapas féin ar dtúis, dar
ndóich, gur buidhean éigin de shluagh Uladh a bhí ann.
A bhfuil a fhios ag aoinne cad fé ndeár é?



D. — Tá fiche innsint ar an sgéal!


L. 225


C. — Tá, agus ní'l innsint acu ach innsint is lugha ciall
ná 'chéile.



Caol. — Is dócha gur cuma anois cad fé ndeár é. Tá
a dhíoghbáil déanta aige. Is ait mar atá an sgéal
againn, ag fanamhaint sa longphort ag slánú ár
gcnámh an lá roimis an mór-chath. Ba rud éigin
dúinn bheit 'ghá slánú an lá 'na dhiaidh.



D. — Is 'mó cnámh a brisfear sa mhór-chath agus ná
slánóchar an lá 'na dhiaidh! Ní fheadar a bhfuil
puinn eile de lucht na gcnámh mbriste ag
fanamhaint siar?



Caol. — Tá; oiread, ba dhóich leat, agus ba cheart bheith
i ndiaidh mór-chatha.



D. — Téanam. Bíodh inead maith againn ar aon chuma.
(Imthighid.)



AN SEACHTMHADH RADHARC.



Aragul Chú Chulainn. Cú Chulainn ar a leabaidh.
Beirt bhan chaointe i n' fhochair. Laogh ann 'na
sheasamh, ag féachaint amach.



Cú. — A Laoigh, ná déintear aon ní sa chath indiu i gan
fhios duit agus innis dom gach ní a chífir.



Laogh. — Déanfad mo dhícheall chun gach ní d'fheisgint,
agus ní'l ní a chífead ná neósfad duit, a rí.



Feathan (duine des na mná caointe).



Ochón ó, go daingean!
Ár slóighte dá sgaipe.
Ár laochra dá leagadh,
Le faobhar a's le reannaibh.


L. 226


Ár saor-fhuil dá stealladh
'Na slaodaibh fé'n dtalamh,
Ag déanamh ruadh-bhreacadh
Ar fhraoch a's ar ghainimh.



Cú. — Cad a chíon tú, a Laoigh? An bhfuil an cath ar
siubhal?



Laogh. — Chím ailbhín stuic ar an magh idir an da shluagh
agus giollaí ag tabhairt aire dhóibh.



Cú. — Mana mór-ghliadh iseadh an ní sin. Raghaidh an
t-ailbhín ar an maigh agus comhraicfidh an giollanra
aniar agus an giollanra anoir um an ailbhín.



Laogh. — Is fíor dhuit, a rí. Tá an giollanra anoir
agus an giollanra aniar ag comhrac go dian féach-
aint cé acu go mbeidh an t-ailbhín.



Collach (an bhean chaointe eile.)



Mo chumha an radharc a chím-se
Im'aigne 'gus im'íntinn!
Laochra Uladh sínte
'Na srathanaibh ar maoilinn
Fé chosaibh each a's daoine,
Abhfad ó lucht a gcaointe.
Chím Conchobhar 'na chodla,
Sínte ar fleasg a dhroma,
A chliabh ag tabhairt na fola,
An Óchaoin ag a chosaibh
Stróicthe'na trí codaibh
Chím a shúil ar osgailt,
Ach ní'l sa tsúil aon tsolus,
Ochón ó, mo cheasna!
Cad dhéanfaid Ultaigh feasda
I láthair cumhngrach catha!
Gan fagháil ar úrmhac Fachtna!


L. 227


Ba ghnáth 'ghá gcumhad ar namhaid;
Ba dháileach, rúireach, rathmhar;
'Nar bh' árd a chlú 's a rachmas,
I nEamhain mhúirneach Mhacha.



Cú. — Conus a ghabhan an comhrac, a Laoigh, nó ceocu
giollanra atá ag breith bhuadha?



Laogh. — Táid óga Uladh ag breith bhuadha.



Cú. — Conus a curtar an cath eatartha?



Laogh. — Curtar go tréan. An áit 'na mbíon laoch
maith ag teacht ó'n dtaobh thoir cuirean sé tolg sa
chath roimis siar, agus an áit 'na mbíon laoch maith
ag teacht ó'n dtaobh thiar cuirean sé tolg sa chath
roimis soir.



Cú. — Is truagh gan mo neart féin agam-sa agus me
eatartha! Dá mbeinn ba léir mo tholg sa chath!



Laogh. — A Chú Chulainn, a ghrádh mo sgart, tá mórán
maitheasa déanta agat-sa cheana agus déanfair
mórán eile maitheasa fós. Chífear do tholg i gcath
arís ach foidhne bheith agat agus fanamhaint go bhfillidh
do neart féin chughat.



Cú. — Imthigh, a Laoigh, agus déin Ultaigh do ghríosadh
agus do spriocadh chun an chatha. Is mithid dóibh
feasda an cath do thosnú. Abair na focail seo
leó. "Comheirghidh! a ríogh-mhaca mór-ghlonnacha!"



(Imthigheas Laogh.)



Feathan. —



Ní hé do bhás is mó is truagh,
A Chonchobhair áluinn iolbhuadhaigh,
Na mbratach agus na mór-shluagh;
Ná teacht do ríghmhacra adtuaidh
Ag déanamh díoghaltais ar mhnaoi chruaidh,
A's iad do thuitim lé go luath;
D'fhúig mo chroidhe-se suidhte i nguais;


L. 228


Ach Cú na ngníomh ar díth luaidh!
Rí Muirtheimhne na mór-ruag!
'Na luighe annso, gan bhrígh gan luas
'Na ghéagaibh, a ghníodh éact ar shluagh.



(Tig laogh isteach.)



Cú. — A Laoigh, ar dhein Ultaigh comheirghe maith?



Laogh. — Chuirfeadh sé áthas ar do chroidhe bheith ag
féachaint ar an gcomheirghe a dheineadar an túisge
'nar airigheadar an focal úd a dubhraís liom a
labhairt leó, a rí. Chaitheadar díobh a mbrata
láithreach agus ghabhadar a n-airm i n-a lámhaibh, agus
an té 'na mbíodh aghaidh a phuible soir is amhlaidh a
bhriseadh sé tríd an bpubal siar, tré n-a fhaid leis
gabháil timcheall!



Cú. — Mo ghraidhn croidhe iad! Sin mar ba ghnáth leó
riamh dul i ndáil catha agus cruadh-chomhraic! An
bhfuil radharc as san agat ortha anois?



Laog. — Tá radharc agam ortha. Táid siad ag teacht
anoir chun an chatha i n-aon bhróin amháin, agus is
fada leathan an bhró í! Ní'l luid éadaigh ar aon
fhear acu ó n-a chrománaibh suas. A chuid airm
comhraic agus cosanta i láimh gach fir, agus cneas
gheal na ngéag agus na n-ucht ag taithneamh mar
sneachta fé sholus na gréine.



Cú. — Is truagh gan mise ann! An bhfuil radharc agat
ar an sluagh eile, a Laoigh? Cad 'tá ag Fearaibh
Éirean 'á dhéanamh?



Laogh. — Tá sluagh Fear Éirean, 'na lán neart, ag
gluaiseacht go mear, ag gabháil chúcha soir. Tá
Oilill agus Méibh agus slóighte Connacht ag gluais-
eacht i gcóir fé leith, agus is caoin, cuthaigh stuamdha
a ngluaiseacht, do réir a chéile. Tá Fearghus agus
Cormac Conloingeas agus na hUltaigh atá leó,


L. 229


ag gluaiseacht i n-órdú fé leith, agus tá tríocha
céad na nGailian i n-aice leó. Do leogadh
tríocha céad na nGailian i bhfochair a chéile arís,
le haghaidh an mhór-chatha, measaim.



Chú. — Is truagh chráidhte Fearghus agus na hUltaigh sin
a bheith san áit sin!



Laog. — Tá Cú Raoi mac Dáire agus dhá rí dhéag na
Mumhan thall arís fé leith agus a gcórú féin ortha.
Is daingean a gcóir i n-iodhna catha agus is teann
a ngluaiseacht.



Cú. — An bhfuil an dá mhór-shluagh abhfad ó chéile anois,
a Laoigh?



Laogh. — Tá an mhagh eatartha ag caolú go tiugh, agus
fé mar a chaoluighean an tslighe eatartha tá an
choisidheacht ar gach taobh ag géarú. Chím bratach
Reochaidh mhic Faitheamhain ag déanamh ar shluagh na
Muimhneach. Tá Reochaidh féin roimhe n-a mhuintir
amach agus é 'ghá ngríosadh chun an chomhraic.



Cú. — Má tá ciall ag Eidirsgeól seachnóchaidh sé
Reochaidh.



Laogh. — Is dóic liom gur b' é Reochaidh agus na Mhuimh-
nigh is túisge dhoirtfidh fuil. Ó! Ó! Tá an cath
ar siubhal idir mhuintir Reochaidh agus Muimhneacha
agus fir ag tuitim go tiugh ar gach taobh. Táid na
hiodhna ag dúnadh ar a chéile ó cheann ceann de'n
mhagh.



(Airightear amuich glór agus fuaim mar bheadh búirtheach
faraige.)



Collach. —



A ríghmhaca 'n anama,
Mo sgeimhle 's mo ghreadadh-sa
Mar chím ar an dtalamh sibh
Sínte gan tapa nirt,


L. 230


Claoidhte ag an ngasra
Bhríoghmhar so theangmhaigh libh.
Ní hí sin taragreacht,
Sílim, a gealladh daoibh
Ar chíochaibh bhur mbanaltran,
I gcríochaibh bhur n-athardha,
Nuair bhí Ulaidh ceannasach,
Uaibhreach, acfuinneach.



Cú. — Conus atá an cath dá chur, a Laoigh? Ce 'cu
sluagh atá ag géille?



Laogh. — Tá an cath dá chur go trom agus go dian, a rí.
Ní'l feacadh na géille dá bhaint as aon taobh fós,
ach go bhfuil tolg Reochaidh mhic Faitheamhain ag
brúth isteach go cuthaigh ar fhearaibh Mumhan. Tá
tolg eile, ámhthach, ag teacht 'na choinnibh, tolg Chú
Raoi mhic Dáire. Ó! Tá bratach Reochaidh ar lár.
Tá a tholg ag leaghadh agus ag sgaipe. Tá tolg
Chú Raoi ag brúth soir ar fhearaibh Uladh. Tá an dá
shluagh, ó thaobh taobh ag cur an chatha. Táid na
céadta corp ar lár, agus tá ceó fola ag eirghe
os cionn an chomhraic mar a bheadh ceó ar abhainn
maidean foghmhair.



Cú. — Is truagh gan me eatartha im' neart féin! Dá
mbeinn, ba léir mo tholg san áit 'nar déine an
cumhngarach!



Laogh. — Tá Méibh agus Oilill agus na seacht Maine
agus na seacht Mic Mághach ag brúth go dian ar
fhearaibh Uladh. Táid fir Uladh ag géille rómpa,
ach is go righin é. Tá Conchobhar agus teaghlach na
Craobhruaidhe ag brúth ar Fhearaibh Éirean agus Fir
Éirean ag bogadh uatha. Ní'l tolg sa chath is léire
ná tolg Fhearghuis. Tá sé i dtosach a bhuidhne agus


L. 231


an Caladhcholg 'na láimh aige, agus an áit 'na dtugan
sé aghaidh ní tolg a dheinean sé ann ach osgailt
slighe. Tá Conchobhar ag cur Fear Éirean i ndiaidh a
gcúil agus tá Fearghus ag cur na nUltach i ndiaidh
a gcúil. Mánaoiseacha ag imtheacht os cionn na
slógh mar bheadh grathain phréachán os cionn páirce
a bheadh dá treabhadh! Lanna líomhtha dá gcasadh
le lúth, agus daoine ag tuitim mar a thuitfeadh
coramhíola lá gaoithe! Tá Conchobhar ag imtheacht
ó n-a inead féin sa chath agus ag teacht fé dhéin
Fearghuis.



(Airightear fuaim mar a buailfí clog mór binn
Tógas Cú Chulainn a cheann. Airightear fuaim eile mar a
buailfí na mílte clog i n-aoinfheacht. Annsan airightear
tóirthneach laisteas agus lastoir agus lastuaidh.)



Cú. — Sin í Óchaoin Chonchobhair. Agus sin iad sgéithe
Uladh go leir 'ghá freagairt. Agus sin iad trí
Príomh-thonna Éirean ag freagairt na sgiath, tonn
Cliodhna agus tonn Tuaighe agus tonn Rudhraighe!
Cé hé an fear 'na raibh sé de dhánacht aige
buille do bhualadh ar Óchaoin Chonchobhair agus mise
beo!



Laogh. — Isé Fearghus mac Róigh a bhuail an buille, agus
is leis an gCaladhcholg a bhuail sé é.



Feathan. —



A Fhearghuis na n-arm ruadh,
Buail do thrí béimeanna buadh!
Fuarais an chúis, a's ba thruagh.
Bris an Óchaoin! Mairbh an rí!
Fág laochra Uladh gan bhrígh,
Dá ruagadh go luath ag mnaoi,
Go Gáirigh 's go hIolgháirigh.


L. 232


Collach. —



Och! leanfaidh an ruag
As so go Sliabh Fuaid
'S go hEamhain ó thuaidh
Gan staonadh.
Tá deire le comhacht
Mhic Fachtna go deó.
A Mhacha, tá an eó
Ag Méibh uait!



(Léimeas Cú Chulainn as a leabaidh agus beireas ar
Fheathan i láimh leis agus an Chollach sa láimh eile agus
buaileas a dhá gceann i gcoinnibh a chéile agus caitheas marbh
ar an gclár an bheirt.)



Cú. — Innill mo charbad dom, a Laoigh!



(Sgiúrdas amach. Sgiúrdas Laogh amach 'na dhiaidh. Tig an
Mhórríoghan isteach, agus í ar leath-shúil)



An Mhórríoghan (Ag féachaint amach ar an gcath mar a bhí
Laogh.)



A ríogra an anama leagaidh an lár iad!
Faoibhir a's reanna dhóibh! Gearraidh na cnámha 'cu!
An bhuidhean d'fhág dealbh bhur mbailte 's bhur mbánta.
'S i ndaoirse a cheangail bhur maca 's a máithre.
Sin iad an aicme fé ndeara mo mháchail!



A chuir me sa tsrúil
Ag iomaidh le Cú,
Gur bhrís sé mo shúil.
'S ná fuil mo shlánú
Mara dtigidh sé chugham
Ó'n té dhein an muthú!
A ríoghmhaca Connacht
A dhein díoghaltas ar Ulaidh,
Do chlaoidhchlóidh a gcumas


L. 233


Ó Raoilinn go Doire,
Ó linn Átha Conaill
Mór thimcheall go Sionainn,
'Sé an gníomh so dá imirt
Do mhillfidh nó chuirfidh
Bhur saothar chun suime.
Gabhaidh tríotha le mire
'Gus críochnuigh an cluiche!



Meilidh a chéile ó gach taobh! Ná téigheadh uasal
ná íseal agaibh saor ó'n sgealagar! Meiltear
Conchobhar! Meiltear Méibh! Fágtar Oilill
faon! Ciorrbhadh agus muthú ar an dá shluagh!
Sin agaibh aigne inghine Earnmais!



(Imthigheas.)



AN T-OCHTMHADH RADHARC.



Gáireach, áit an chatha. Cú Chulainn agus Laogh agus
Aimhirghin agus Conall Cearnach i láthair.



Cú. — Táid ár slóighte curtha i ndiaidh a gcúil chomh fada
le Gáirigh, a ríogra. Má curtar iad chomh fada
le hIolgháirigh tá buadh gan aon teip ag Fearaibh
Éirean. Nuair chonacadar me ag imtheacht ó
bhuidhin go buidhin eatartha agus nuair a labhras leó
chuireadar cos i dtalamh. Tá a ngreim acu dá
choimeád san inead san, ach tá an brúth ró dhian
ortha agus ní féidir dóibh é sheasamh mara dtugtar
bogadh éigin air. Fearghus mac Róigh agus na
hUltaigh atá ar ionnarba isiad is déine atá ag cur
orainn. Imthigh-se, a Aimhirghin, agus déin cosg


L. 234


a chur ar Chú Raoi. Tabhair-se, a Chonaill Chearnaigh,
aghaidh ar tholg Mhéibh agus Oiliolla. Fágaidh fúm-
sa Fearghus.



(Tig Conchobhar agus cuid dá theaghlach isteach i ndiaidh a
gcúil, 'ghá gcosaint féin, agus Fearghus agus a mhuintir ag
brúth ortha, 'ghá gcomhrac go dian. An Óchaoin anáirde ag
Conchobhar, 'ghá dhíon féin ar an gCaladhcholg agus ag folachadh
a chinn.)



Fearghus. — Cé hé an fear so atá ag seasamh an chatha
so chomh dána im' aghaidh-se indiu?



Conchobhar. — Tá fear is fearr ná thusa! Fear is fearr
athair agus máthair ná thu! Fear is fearr a tháinig
chun baile ná thu! Fear is fearr gníomh gaile
agus gaisge ná thu! An fear a mhairbh Clann
Uisnigh thar do chomairce, na trí coinnle gaisge
a chuir a muinighin asat agus nár fhéadais a chos-
namh. Mise an fear a dhíbir thu ó thalamh do shinsir
agus nár fhág leithead bonn do dhá chos de thalamh
Uladh agat. Mise an fear a chuir na beithidhigh
allta, fiadhaine, chun luighte i n-árus t' athar-sa
agus do mháthar agus a chuir tu féin fé smacht mná!
Mise an fear atá ag seasamh an chatha so id'
choinnibh-se agus i gcoinnibh na mná céadna san,
agus a chuirfidh ruathar fuilteach uirthi féin agus ar
a mór-shluagh bitheamhnach agus ort-sa atá ar bhain-
tionchair aici!



(Cuireas Fearghus a dhá láimh ar an gcaladhcholg
agus tógas an claidheamh chun buille bhualadh. Léimeas
Cormac Conloingeas agus cuireas a dhá láimh timcheall
ar Fhearghus.)



Cormac. — Stad! stad! a Fhearghuis, ná mairbh an rí
is fearr agus is áluinne agus is uaisle dá raibh
ar Ultaibh riamh! Tá an cath agat dá chur ar
Ultaibh. Ná bain an rí dhíobh. An fhaid a bheidh an


L. 235


rí acu tiocfaid siad ó bhrise an chatha ortha. Ach
má thuitean Conchobhar anois tá deire le réim
Uladh. Pé éagcóir a deineadh ort-sa ní hiad
Ultaigh is mó is ciontach san éagcóir. Ach má mharbh-
uighean tusa an té is mó is ciontach sin cúige Uladh
go léir marbh agat. As an gcaradas atá eadrainn,
a chara mo chléibh, aicim ort ná mairbh an rí!



F. — Bog díom, a Chormaic! Mara mbuailead mo thrí
béimeana biodhbha ní bheidh mé beó!



Corm. — Tá an cath fada fairsing. Imir do bhárthan
i dtaobh éigin eile agus trághfaidh t'fhearg.



F. — Má 'seadh téigheadh Conchobhar arís chun a inid féin
sa chath, mar a raibh sé cheana, agus seachnadh sé mise
agus seachnóchad-sa eisean.



(Sgaraid ar an gcuma san agus imthighid. Tig Cú
Chulainn agus Laogh isteach.)



Cú. — Tá Fearghus ag déanamh éirligh orainn! Ní
foláir cosg a chur leis ar chuma éigin. Cheapas
gur annso a bhí sé.



Laogh. — Bhí sé annso, a rí, anois beag.



Cú. — Imthigh, a Laoigh, agus féach an bhfeicfeá é, agus
tar chugham láithreach chomh luath agus gheabhair radharc
air. Tá Aimhirghin ag cosg na Muimhneach. Ní
hag cosg na gConnachtach atá Conall Cearnach ach
'ghá gcur i ndiaidh a gcúil. Dá bhféadaimís srian
a chur le Fearghus agus leis an gCaladhcholg b'
fhéidir go n-iompóchaimís an cluiche fós.



(Imthigheas Laogh.)



Ó, dá mbeadh Fearghus ar an dtaobh 'nar cheart é
bheith ba ghearr an mhoill orainn raon mhadhma do
chur ar an namhaid seo!



(Rithid buidhean Ultach isteach ar teiche. Tig Fearghus
isteach 'na ndiaidh 'gha leadradh agus 'gha marbhadh.)


L. 236


Cú. — Stad, a mhic Róigh! Iompuigh orm-sa!



(Ní airighean Fearghus é.
Tógas Cú Chulainn suas a chlaidheamh.)



Cú. — Iompuigh i leith orm-sa, a mhic Róigh, nó meilfead
thu mar a mheilfeadh muilean braich. Iompuigh
i leith orm nó gearrfad do chnámha mar a ghearrfadh
tuagh adhmad! Iompuigh!



F. — Cé hé an fear 'na bhfuil sé de dhánacht ann na mór-
bhriathra so do labhairt liom-sa?



(Imthighid an lucht teiche.)



Cú. — Mise atá ann, a oide.



F. (Ag caitheamh a chlaidhimh uaidh agus ag gabháil a dhalta
chuige idir a dhá láimh.) Ó, a dhalta mo chroidhe agus
mh'anma cad a bheir annso thu! Mheasas gur ar
do leabaidh a bhís, agus is ann ba cheart duit a
bheith! Cad é an mí-ádh a thug annso thu! agus arm
id' láimh agat! Do thuit Fear Diadh le d'láimh,
ach marbhóchaidh an lá so thusa, agus cad a dhéan-
fad-sa id' dhiaidh annsan! Imthigh, a dhaltáin, agus
luigh ar do leabaidh arís agus fan ann go dtí go
mbeid do chneadha agus do chréachta cneasuighthe.
Féach! táid siad go léir ar leathadh agat fós agus
do chuid fola ag teacht uatha chomh húr agus dá
mba indiu féin a bheidís faghálta agat!



Cú. — Fuaras cuid acu indiu féin, a oide. Ach is cuma
san. Má théighean an lá so ar Ultaibh is beag agam
ceocu a cneasóchar choidhche a bhfuaras indiu díobh
ná a bhfuaras ó Fhear Diadh dhíobh. Má théighean an
lá so ar Ultaibh ní bhéarfaidh lá eile orm-sa beó.
Raghad i bhfriothghoin an chatha agus déanfaid Fir
Éirean goin galann díom. Tá órdú tabhartha ag
Méibh dá fearaibh cuidridh má chíd siad sa chath me
gan me dhul beó as, pé 'cu ag Ultaigh nó ag Fearaibh


L. 237


Éirean a bheidh buadh; nó mara bhfeictear sa
chath me, dul agus me chur chun báis im' aragul
féin!



F. — Sin feall uathbhásach! Is iongna liom Méibh 'ghá
dhéanamh san! Nuair a tugadh an Caladhcholg
domhsa chun an chatha so d'fhiafraigheas de Mhéibh cé
air go n-imreóchainn é. Dubhairt sí liom, ar an
uile dhuine de shluagh Chonchobhair ach mara mbuail-
eadh fíor-chara umam. Mheasas gur ort-sa a bhí
sí ag cuimhneamh nuair a thrácht sí ar fhíor-chara.
Ach má thug sí an t-órdú san dá fearaibh cuidridh
id' thaobh-sa is ionann liom-sa san agus í 'ghá
thabhairt dóibh im' thaobh féin!



Cú. — Thug sí an t-órdú san. Ach féach, a oide, a
Fhearghuis. Nuair a thánaís-se amach ó'n longphort
chun comhraic aoinfhir a dhéanamh liom-sa d'iarais
orm rud a dhéanamh nár dheineas roimis sin ná ó
shin, rud ba ró dheacair liom a dhéanamh, rud ná
déanfainn ar aon fhear eile beó ach ort-sa.
D'iarais orm teiche romhat os comhair Fear Éirean!
Agus gheallais dom an uair sin go ndéanfá-sa
teiche romham-sa i láthair Fear Éirean nuair a
thiocfadh an mór-chath so. Do theicheas-sa romhat-
sa an lá san, nuair a iarais orm é. Dein-se anois
teiche romham-sa fé mar a gheallais.



F. — Is fíor do chaint, a dhalta. Thugas an gheallamh-
mhaint sin duit. Ní foláir an gheallamhaint do
chomhlíonadh. Tóg do chlaidheamh agus lean me
agus teichfead-sa romhat tríd an gcath. Nuair
a chífear mise ag teiche agus tusa ar mo thóir
teichfid Fir Éirean uile romhat. Annsan beidh
cúram éigin eile ar Mhéibh agus ar a fearaibh
cuidridh i n-éaghmuis bheith ag féachaint i ndiaidh


L. 238


Chú Chulainn i n-a aragul! Tóg do chlaidheamh agus
lean me, a dhalta!



(Ritheas Fearghus amach. Ritheas Cú Chulainn amach 'na
dhiaidh. Fillid an mhuintir a bhí ag teiche ó Fhearghus agus
cuirid liú suas, agus rithid amach i ndiaidh Chú Chulainn.
Tógaid Ultaigh an liú mór-thimcheall. Tig Conchobhar
agus cuid dá theaghlach isteach.)



Conchobhar. — Is linn an lá, a óga! Táid na Muimh-
neacha ag dul i ndiaidh a gcúil ó Aimhirghin. Tá
Conall Cearnach ag imirt a bhárthain ar chlainn
Mhághach. Ní comhrac atá ag an namhaid dá dhéanamh
feasda ach sgiath dín. Bheadh inghean Eochaidh sásta
anois dá bhféadadh sí an mór-shluagh do bhailiú lé
siar thar Áth Mór gan puinn cosgair. Nuair a
chonaic an dá shluagh Fearghus i raon mhadhma agus
Cú Chulainn 'na dhiaidh d'eirigh dásacht agus mire
agus misneach thar na beartaibh do shlóightibh Uladh
agus do thuit a lug ar a lag ag Fearaibh Éirean!
Is fearr an focal a thabhairt d'Fhearaibh Uladh an
namhaid do leanamhaint go dian agus a ndroch-
bhearta do dhíogailt go daingean ortha sar a dtioc-
faidh leó dul thar Áth Mór siar. Má curtar a
n-ár go trom anois is lughaide a bheidh fonn ortha
teacht arís.



Cathbhadh Draoi. — Gaibh mo leathsgéal, a rí. Ní
mheasaim-se ná gur mhaith an chiall gan dul ró dhian
ar fad ortha. Má thuigid siad 'na n-aigne go
bhfuil caoi acu ar dhul beó thar Áth Mór siar, soc-
róchaidh a n-aigne ar an inntinn sin agus ní'l
baoghal ar bith go gcuimhneóchaid siad ar iompáil
arís chun catha. Ach má tugtar le tuisgint dóibh
go bhfuiltear lán-cheapaithe ar iad d'ídiú idir
fhaobhar agus uisge, níor bh'iongna liom dá ndéan-


L. 239


faidís cos a chur i dtalamh agus an cath do thosnú
arís ó bheadh a n-anam air. Is fearr gan iad do
chur chuige.



Con. — Tá go maith. Ní'l againn ach leogaint do
dhásacht Ultach a lán féin a bhreith leis, gan gríosadh
gan maolú do dhéanamh air.



(Tig Aimhirghin isteach.)



Conus a théighean do thaobh-sa de'n chath a rí?



Aimhirghin. — Is chun sin d'innsint do Chonchobhar agus
do Chathbhadh a thánag. Nuair a bhíos féin agus na
hUltaigh atá im' fhochair ag cur na Muimhneach i
ndiaidh a gcúil tháinig teachtaireacht dhiombádhach ó
Mhéibh go Cú Raoi. D' fhógair Cú Raoi sos comh-
raic láithreach agus tháinig sé chun cainte liom-sa.
Dubhairt sé go raibh ríghthe Mumhan ar aigne gan a
thuille comhraic a dhéanamh sa chath so ach go bhfaighdís
geallamhaint ó Ultaibh ná déanfaí a thuille cur
ortha, agus ná déanfainn-se féin a thuille comhraic
sa chat so i n-aghaidh Fear Éirean.



Con. — Agus cad dubhraís leis, a rí?



A. — Dubhart gur thaithn an socrú san go maith liom, ach
gur dhóich liom gur bh'fhearr é chur i gcomhairle
Conchobhair agus ríogra eile Uladh.



Con. — Cad deirir-se, a Chathbhaidh?



Cathbh. — Deirim, a rí, gur b'é sgéal is fearr é dár
airigheas indiu fós! Nuair a chífear Cú Raoi agus
Muimhnigh ag imtheacht ó dheas abhaile ní fhanfaidh
speach ná spiona i gConnachtaibh! Is fearr a
rádh láithreach le Cú Raoi go ndéanfar do réir a
thoile. Má imthighid Cú Raoi agus ríghthe Mumhan
as an gcath, go n-imtheóchaidh Aimhirghin agus a theagh-
lach as an gcath.



A. — 'Seadh, agus go leogfar do Mhuimhneachaibh


L. 240


imtheacht abhaile i síth agus i gcaradas Ultach,
agus síth agus caradas a bheith daingean idir an
dá chúige ó'n lá so amach.



Cathbh. — Is fearr an socrú san a dhéanamh daingean
láithreach. Síth agus caradas daingean idir Ultaigh
agus Muimhnigh iseadh chuirfidh cosg ó'n lá so amach
le beartaibh uaibhreacha na mná so thiar. Is lugha
d' easnamh ar shluagh Uladh Aimhirghin agus a theaghlach
ná dhá rí dhéag na Mumhan ar Fhearaibh Éirean.



Con. — Imthigh, a Aimhirghin, agus abair le Cú Raoi mac
Dáire go dtaithnean an socrú le hUltaibh, agus
an tsíothcháin seo is mian leis a dhéanamh idir
Mhuimhneachaibh agus Ultaigh, nách mó is mian leis-
sean í ná linne, agus gur b' é ár ndúil agus ár
n-aigne seasamh uirthi agus leanamhaint uirthi indiu
agus ó'n lá so amach.



(Imthigheas Aimhirghin.)



Cathbh. — Is le hUltaibh buadh an lae seo feasda, a rí.
Do sháruigh Méibh uirthi féin le pé focal feargach a
chuir sí chun Cú Raoi mhic Dáire agus chun na
Muimhneach. Dá mhéid géarchúis atá inti níor fhéad
a mórchúis gan an ghéarchúis do dhalladh. Isé mo
thuairim láidir go bhfuil Cú Raoi agus na Muimh-
neacha bréan di féin agus dá géarchúis agus dá
mórchúis, agus go bhfuilid siad bréan go maith
díobh féin mar gheall ar fhanamhaint fé n-a smacht
chomh fada.



Con. — Ba mhaith liom go mbeadh a fhios agam cá bhfuil
Cú Chulainn agus conus atá sé. Sin é an fear a
thug fuasgailt ar Ultaibh i gcruadhtan an lae
'ndiu! Mheasas gur ar a leabaidh a bhí sé chun go
bhfeaca ar thóir Fhearghuis é agus a ghlaodh curadh
ag eirghe 'na thóirthnigh as uchtaibh ár slógh ó thaobh


L. 241


taobh de'n chath! Sin é an fear a shaor sinn ó
dhearg-ruathar agus ó ár ba dheirge. Dá gcuirtí
i ndiaidh ár gcúil sinn chomh fada le hIolgháirigh
ní raghadh duine againn as Beó!



(Imthighid.)



AN NAOMHADH RADHARC.



Méibh 'na haonar.



Méibh. — Is oban an t-athrú é! Bhí an lá againn dá
chur ortha go tréan go dtí gur tháinig an t-athrú san.
A Chú Raoi mhic Dáire do chaillis orm glan! Cad
é an donas fé ndeara d'Fhearghus teiche roim Chú
Chulainn! Ó! a leithéid de liú! Do luaisg an
talamh fé n-ár gcosaibh leis an bhfuaim! Mheasas
go raghadh Ceat i laige. Mheasas go raibh sé 'na
dhearg-ruathar orainn láithreach. Má fhéadaimíd
dul gan brise thar Áth Mór ní bheidh an sgéal ró
olc ar fad againn. "Pé duine thiocfaidh ná ná
tiocfaidh tiocfair-se féin." Ba mhaith liom gan
teacht im' aonar. Ba mhaith liom an méid ba mhó
fhéadfainn de na hógaibh seo a tháinig liom do
chur beó abhaile ag trial ar a máithreachaibh!



(Tig Cú Chulainn isteach.)



Comairghe mh'anama ort, a rí! Ná mairbh me!



Cú. — Cuir chughainn soir abhaile ar rugais de bhuar
agus de dhaoine agus d'ollmhaitheas a Cúige Uladh
leat!



M. — Táid siad uile ag gluaiseacht soir cheana féin,
a rí. Nuair a hiompuigheadh an cath orainn ní raibh


L. 242


aon bhreith againn ar iad do choimeád níos sia, ach an
méid díobh atá curtha siar go Cruachain. Tá aisge
agam le hiaraidh ort, a rí, ar ghrádh th'oinigh!



Cú. — Cad í an aisge d'fhéadfadh Méibh a iaraidh ar Chú
Chulainn tar éis a bhfuil d'olc déanta aici ar Chú
Chulainn agus ar Ultaibh! Cá bhfuil an Donn
Cuailnge, a ríogan?



M. — Tá an Donn, agus a chaogad samhaisg le n-a chois,
thiar i gCruachain. Ach do tharla orm anois sa chath
Dáire mac Fiachna agus a chlann mhac agus gheallas
dóibh dá sroisimís Cruachain go gcurfaí chúcha soir
abhaile láithreach an Donn agus an caogad samhaisg.
Ach an bhfaghad an aisge uait, a rí?



Cú. — Gheabhair, a ríogan. Abair an aisge. Níor eitigh
Cú Chulainn uasal ná íseal riamh fós ar aisge, pé olc
maith a bheadh eiteachas tuillte. Abair an aisge.



M. — Is tusa d'iompuigh an cath orainn, a rí. Is tusa
do shaor slóighte Uladh ó dhearg-ruathar agus ó
bhrise catha. Mara mbeadh tusa bheadh Conchobhar
agus a shluagh chomh fada i ndiaidh a gcúil le
hIolgháirigh againn um an dtaca so, agus dá
sroisidís an áit sin ní dearg-ruathar a curfaí ortha
ach dearg-ár. Ní raghadh duine acu beó as. Is
truime an t-olc atá déanta agat-sa orainne
indiu, a rí, ná mar a dheineamair-ne ort-sa sa
Táin ar fad, mar tá cath an lae seo curtha agat
orainn go beacht. Isí aisge d'iaraim-se ort anois
ná thu féin do theacht agus sgiath dín a dhéanamh
orainn ó shlóightibh Uladh, ionnus go bhféadfadh an
tsluagh bhocht so a n-anam a bhreith leó tar Áth Mór
siar. Ní bhéarfaid siad leó ach a n-anam. Curfar
chughaibh abhaile ar thógamair d'bhur gcuid agus
d'bhur ndaoine.


L. 243


Cú (ag cur gáire as). — Is ait an cúrsa é! D'iar Fearghus
an aisge chéadna san orm ó chiainibh! Déanfar an
ní sin a ríogan.



(Tig Dáire mac Fiachna isteach. Umhluigheas do Chú
Chulainn agus do Mhéibh.)



Dáire (Le Cú Chulainn). — Chím, a rí, táinte móra bó agus
slóighte daoine ag gabháil soir ó shluagh Fear Éirean,
ach ní fheicim ortha mo tharbh féin.



M. — Do cuireadh an Donn siar go Cruachain, tá suim
aimsire ó shin ann, a Dháire, ach tá socair agam-sa
anois le Cú Chulainn go gcurfar chughat abhaile an
tarbh agus an caogad samhaisg atá le n-a chois chomh
luath agus a shroisfead-sa Cruachain.



Cú. — Tiocfaidh do tharbh abhaile chughat, a Dháire.



(Tig Mac Roth isteach. Leathaid a shúile air nuair a chíon
sé Cú Chulainn agus Dáire ag caint le Méibh.)



M. — Cad tá uait, a Mhic Roth?



Mac Roth. Tá Fir Éirean go léir ag dul i ndiaidh a
gcúil, a ríogan, agus ní'l ag na ríghthibh dá dhéanamh
ach sgiath dín ar an sluagh, 'ghá gcosaint ar Fhearaibh
Uladh!



Cú. — Tá go maith, a Mhic Roth. Táim-se agus Méibh
ag dul anois láithreach ag déanamh na hoibre
céadna san atá ag ríghthibh Connacht dá dhéanamh.
Tarsa linn, a Dháire, go ndéanfam go léir sgiath
dín ar Fhearaibh Éirean, 'ghá gcosaint ar Chonchobhar
agus ar Fhearaibh Uladh. Mara dtéidh Méibh slán
go Cruachain conus is féidir di an Donn a chur
abhaile chughat-sa!



(Imthighid Cú Chulainn agus Méibh.)



M. R. — Cad é an saghas gnótha é seo, a rí! Méibh
agus Cú Chulainn ag déanamh sgiath dín ar Fhearaibh
Éirean! An sos comhraic é? Nó an síothcháin


L. 244


é? Nó cad tá ar siubhal? Nó an amhlaidh atá
daoine ag cailleamhaint a meabhrach ó bheith ag féach-
aint ar ár agus ar éirleach agus ar dhéine an
mhór-chatha so?



Dáire. — Is fíor dhuit é, a rí-eachlach. Níor bh'aon
iongna go n-imtheóch daoine as a meabhair ag
féachaint ar a leithéid de chomhrac. Is ró bheag
dá chuimhneamh a bhí agam-sa, an lá úd a tháinís a
d'iaraidh an Duinn orm, go n-eireóch obair an
lae seo as do thoisg! An t-eachlach úd leat a
dubhairt, "mara dtugtaí ar ais an Donn go
mbéarfaí ar éigin é," is truagh nách é a bhéal a bhí
gearrtha sar ar labhair sé an focal san! Mara
mbeadh an focal san bhí iasacht an Duinn ag Méibh
agus ní thiocfadh orainn go léir, thoir, thiar,
theas agus thuaidh, na mílte olc so atá tagaithe
orainn.



M. R. — Is dócha, a rí, go raibh na huilc seo i ndán dúinn
agus mara dtíghdís tré chaint bhaoith, éigciallaidhe
an eachlaigh úd go dtiocfaidís orainn ar chuma
éigin eile. Ach an sos comhraic é nó an síothcáin
é? Táid slóighte Connacht ag dul i ndiaidh a
gcúil.



Dáire. — Táid go tiugh. Tá síth agus caradas socair
idir ríghthe Mumhan agus Ultaigh. Tá dhá rí dhéag
na Mumhan imighthe as an gcath agus a n-aghaidh ó
dheas ar a ndúthaigh féin, agus ní'l anois ó Mhéibh
agus ó Oilill ach slóighte Connacht do bhreith leó
slán siar thar Áth Mór. Thugais-se oidhche im'
dhún-sa, a rí-eachlach, agus thaithn do mhéinn agus
t'aigne liom. Bíodh go bhfuilimíd ar an dá thaobh
ó shin sa chogadh so ní'l aon mhiosgais agam duit
féin. Dheinis do dhícheall an mhaidean úd chun an


L. 245


achrainn do sheachnadh. Ar mhisde leat do lámh
a thabhairt dom?



(Tugaid na lámha dhá chéile.)



Tá Méibh tar éis í féin agus a sluagh do chur fé
chomairce Cú Chulainn! Agus rud is mó d'iongna
ná san féin, tá Cú Chulainn tar éis í féin agus
Connachta do ghlacadh fé n-a chomairce!



(Tig Fearghus isteach.)



Fearghus (ag cur gáire as) 'Seadh, 'seadh! Is maith é sin!
Na lámha dlúithte i n-a chéile ag an mbeirt uasal
a ghlac eatartha an chéad fhearg úd as ar eirigh an
fhearg go léir ó shin! Is maith mar a tharla! An
bheirt chéadna do thosnú na síothchána! Go
sáruighidh rath na síothchána so tiubaist na feirge
úd!



Dáire (ag cur gáire as.) Do ghuidhe go bhfaighir, a rí!
Ach ní sinne thosnuigh an tsíothcháin. Cú Chulainn
agus Méibh féin a thosnuigh í. Tá Cú Chulainn agus
Méibh imighthe chun sgiath dín a dhéanamh ar Chonnacht-
aibh i n-aghaidh Ultach! Cú Chulainn agus Méibh
ag déanamh sgéithe dín, a láimh a chéile! Sin
míorbhuilt agat, a Fhearghuis!



F. — Ní gan fáth atá an ní sin ag Cú Chulainn dá
dhéanamh. Tá fios a aigne féin ag Cú Chulainn.
Tá sé chomh maith againne imtheact agus cabhrú leis.



(Imthighid.
Tig Conchobhar agus Cathbhadh agus tuille de mhaithibh
Uladh isteach.)



Conchobhar. — Tá an sgiath dín dá dhéanamh go maith;
níos fearr go mór ná mar a mheasas a déanfaí é.
Ó thosnuigh sé ní'l puinn cosgair dá dhéanamh ar an
namhaid. Táid siad ag bailiú leó siar agus 'ghá
gcoimeád féin ar láimh a chéile. Raghaid siad thar


L. 246


Áth Mór gan puinn iomaird a bheith déanta dhóibh.
Tá aon ní amháin ag cur iongna orm. Tá an buar
go léir agus an bhraid go léir acu dá sgaoile
uatha soir! Sin rud nách gnáth le sluagh a dhéanamh
agus gan sgaipe ná raon mhadhma ortha féin.
Raghaid siad thar Áth Mór gan brise catha ortha
agus déanfaidh an bhean mhórchúiseach san tuille
toirmisg dúinn.



Cathbhadh. — Ar bheartuighis id' aigne, a rí, conus mar
a theich Fearghus mac Róigh roimh Chú Chulainn, fé
shúilibh an dá mhór-shluagh? Nuair a chonaic Ultaigh
an teiche sin d'eirigh a ndásacht agus a misneach.
Sar ar deineadh an teiche sin bhí cruadhtan agus
brúth agus feidhm ar Ultaibh ná féadfaidís a
sheasamh puinn eile aimsire. Isé an teiche sin
Fhearghuis a bhog díobh an brúth agus an feidhm.
Níor ghá d' Fhearghus an teiche sin a dhéanamh. Níor
theich sé riamh roimhe sin ó aon laoch, i láthair catha.
Do theich sé indiu ó Chú Chulainn i láthair Fear Éirean,
agus Cú Chulainn créachtach cró-línteach ó chomhrac
Fhir Diadh! Tá sa ghnó san, a rí, rud éigin ná tuig-
tear fós. B'fhéidir dá luighead a tuigtear é gur
b'eadh is fearr é. Measaim-se ná fuil ach beirt
a thuigean é, agus gur b' iad beirt iad san ná
Fearghus agus Cú Chulainn! Tá Méibh géar-
chúiseach a dóithin chun an sgéil a thuisgint ach deirtear
gur tháinig measgán mearaidhe éigin ar a haigne
agus ar a hinntinn nuair a eirigh an liú uathbhásach
úd, agus go bhfuil a ciall ag leathadh uirthi ó shin.



Con. — Tuigim. Tá inead maith i gConnachtaibh ag
Fearghus agus agam' bac féin, Cormac Con-
loingeas, agus ag an gcuid eile de na hUltaibh
atá ar ionnarba. Ní háil leó an t-inead maith sin


L. 247


do lot ortha féin. Dá bhfaghadh Méibh buadh an
lae indiu bheadh a réim ar fuid Éirean, D'eireóch
a huabhar thar na beartaibh. Ba bheag aici annsan
cos do luighe go trom ar Fhearghus agus ar Chormac.
Agus dá mbristí cath anois ar shlóightibh Connacht
agus iad do thuitim le faobhar Ultach nó le huisge
na habhan, ba shuarach an chóir a bheadh laistiar 'na
dhiaidh san ar lucht ionnarba. Tá a fhios ag lucht
na hionnarba cad d'oirean dóibh.



(Tig Aimirghin isteach.)



Aimhirghin. — Thánag chun ceileabhartha dhuit, a rí. Táim
féin agus mo theaghlach ag imtheacht abhaile. Tá Cú
Raoi agus na Muimhneacha leis ag imtheacht o dheas
abhaile. Tá síth agus caradas socair, daingean,
idir Mhuimhneachaibh agus Ultaigh. Ní baoghal go
mbeidh comhaltas cogaidh arís idir Chonnachtaibh
agus Muimhnigh an fhaid a mhairfidh cuimhne an chog-
aidh seo theas ná thiar! Ní fheaca riamh a leithéid
d'fhearg! Is dócha liom, mara mbeadh corp náire,
go n-iompóch dhá rí dhéag na Mumhan ar shlóightibh
Connacht nuair a tháinig an focal baoith ó Mhéibh ag
trial ar Chú Raoi. An focal san fé ndeara brise
ar an bhfoidhne acu. Tá áireamh fada acu ar na
héagcórtha atá déanta ortha agus ar a bhfuil
d'easonóir tabhartha dhóibh ó'n uair a chuaidh Ceat
agus Maine 'ghá iaraidh ortha teacht ar an slógadh
go dtí an masla deirineach so a thug Méibh féin
dóibh.



Con. — Ní 'lid siad ag dul abhaile folamh.



A. — Do leogadar uatha an bhraid, a rí, agus cuid
mhaith de'n bhuar.



Con. — Slán leat, a ' Aimhirghin, a rí! Is olc linn
sgaramhaint leat, ach tá mac maith leat ag fanamh-


L. 248


aint againn. Tá Aimhirghin ag imtheacht ach tá
Conall Cearnach ag fanamhaint.



Aimh. — Slán agaibh, a rí!



(Imthigheas.)



Con. — B'fhearr liom go bhfeicfinn Cú Chulainn, a
Chathbhaidh. Téanam féachaint an bhfaighmís aon
tuairisg air.



(Imthighid)



AN DEICHMHADH RADHARC.



Áth Mór. Tig Fearghus agus Cú Chulainn isteach.



Cú. — 'Seadh, a oide, táid siad bailighthe siar agat slán
foláin. Tá a cuaird tabhartha ag Méibh. Is mó
go mór an buinne a bhí fúithi ag teacht aniar na
mar atá fúithi anois ag dul siar. Isé mo thuairim
go bhfuil a lán de'n mhórchúis agus an uile bhlúire
de'n teasbach bainte dhi féin agus dá mór-shluagh.
Tá a lán díoghbhála déanta aici agus ní mór atá
dá bharr anois aici tar éis a saothair. Is dócha
gur cheap sí go raghadh a smacht agus a comhacht
agus a forlámhas amach os cionn na hÉirean go
léir. Cheap sí ná beadh de phort ag dáimh ná ag
ollamh ná ag draoi i nÉirinn feasda ach ag moladh
gníomhartha agus mórdhachta Mhéibh agus Oiliolla
ó shliocht go sliocht. Tá athrú ar an aigne sin indiu
aici, measaim. Ní'l dámh ná ollamh ná draoi do
labharfaidh ar an gcogadh so na déarfaidh gur bhaoth
an chuaird ag Méibh an chuaird seo, gur chuaird
í a chosain mórán saothair ar bheagán sochair. Ní


L. 249


maith an sgéal é sin i mbéalaibh druadh agus ollamh.
Cheithre ollchúige Éirean do shuathadh le cogadh, cúige
Uladh d'argain agus do léirsgrios, cúige Connacht
féin do chreachadh le cothú an mhór-shlóigh uathbhásaigh
agus leis na costasaíbh eile a leanan cogadh, agus
gan dá bharr go léir i ndeire na hoibre ach "raghad
abhaile má fhéadaim é!"



Fearghus. — Is fíor, a dhalta. Ní maith an sgéal
i mbéalaibh suadh an sgéal atá ag Méibh agus ag
Oilill tar éis an chogaidh seo. Tá an mór-shluagh
glan tar Áth Mór siar ach is sluagh gan áird anois
iad. Ní'l rí ná rath ortha. Ní'l smacht ná stiúrú
ortha. Táid siad briste, silte; gach rí a d'iaraidh
a bhuidhne féin do bhreith saor leis, gan suim aige
i n-aon rí eile ná i n-aon bhuidhin eile. Ní maith an
mhaise a bheidh ar chlú agus ar ainm Mhéibh i n-árd-sgéal
an chogaidh seo nuair a neósfar é i ndántaibh
agus i laoithibh suadh. Ach tá aon fhear amháin,
a dhalta na hionmhuine, agus beidh a cháil agus a
chlú, i n-árd-sgéal an chogaidh seo, níos aoirde,
níos líonmhaire, ná clú aon duine eile do bhí páirt-
each ann. Bhí Conchobhar 'na cheas. Bhí ríghthe
Uladh ag tormas. Bhíos féin ar ionnarba. Tháinig
an namhaid, na mílte agus na mílte slógh. Bhí
cúige Uladh le hargain agus le sgrios. Ní raibh
lámh cosanta le feisgint ar aon taobh. Ach
d'eirigh aon fhear amháin agus thóg sé a chrann-
tabhail 'na láimh agus thug sé aghaidh ar an mór-
shluagh agus chrom sé ar an uile shórd ceataighe agus
bárthain agus uilc agus iomaird do dhéanamh dóibh.
Chuir sé cosg ortha nuair fhéad sé é, agus nuair
nár fhéad sé cosg a chur ortha chuir sé righneas ortha.
Do lean sé le n-a chrann-tabhail iad 'ghá lámhach


L. 250


agus 'ghá leagadh agus 'gha marbhadh, do ló agus
d'oidhche. Mhairbh sé na laochra ba threise a bhí acu,
i gcomhrac aoinfhir. Chuir sé a n-ár go fuilteach
le n-a Sheisreach Breislighe. Nuair a tháinig an
mór-chath agus nuair a bhí an greim ba ghéire agus
an feidhm ba dhéine agus an brúth ba thruime ar
Chonchobhar agus ar shlóightibh Uladh, chuaidh an t-aon
fhear amháin úd sa chath agus d'iompuigh sé an cath.
Isé clú mo dhalta-sa a mhairfidh go deó i n-árd-
sgéal an chogaidh seo.



Cú. — Níor dhein do dhalta-sa ach an ní a bhí ceangailte
air a dhéanamh, a Fhearghuis, a oide. Cosnan an
chearc a nead agus a hál, dá mba ar an bhfiolar é.
Ba bhocht an sgéal é dá mba ná cosnóch Cú Chulainn
Magh Muirtheimhne! Ach cad déanfar feasda,
a oide?



F. — Ní foláir domhsa imtheacht siar, a dhalta. Tá an
sluagh so ar láimh shábhála, thar Áth Mór siar, ach
ní' lid siad ar láimh shábhála ó easba stiúruighthe
agus ó easba aodhaireachta. Tá mearbhal éigin
ar Mhéibh. Is suarach an rud, b'fhéidir, a chuirfeadh
fhiachaibh ar na ríghthibh seo iompáil ar a chéile, nó a
chuirfeadh fhiachaibh, b'fhéidir, ar ríghthibh Connacht
iompáil ar na hUltaibh atá thiar agus a chasadh leó
gur b'iad fé ndeár tiubaist an lae seo! Slán
agat, a dhalta! Tabhair aire do d'chréachtaibh
anois agus cneasuigh go luath iad.



(Tugaid trí póga dá chéile. Imthigheas Fearghus. Tig
bean isteach agus cafra ar a ceann; arthrach i láimh
lé agus buarach sa láimh eile agus bó dhruimfhionn aici dá
tiomáint. Suidhean sí fé'n mboin 'gha crúth.)



Cú. — Tá ana thart orm, a bhean mhacánta. An dtabharfá
deoch leamhnachta dhom?


L. 251


An bhean. — Is beag an iongna tart ort, a rí tar
éis saothair an lae indiu — agus féach, tá do chuid
fola leat. Tabharfad bainne aon tsine amháin
duit, a rí, pé cuma 'na ndéanfad i n 'éaghmuis.



(Crúdhan sí sine agus tugan sí an méid sín bainne do
Chú Chulainn. Ólas Cú Chulainn an deoch agus síneas tar
n-ais chúichi an t-árthrach.)



Cú. — Is maith an deoch é sin! Táim buidheach díot,
a bhean.



An bhean. — An ólfá crúth sine eile, a rí?



Cú. — Mara bhfuil iomad gá agat' mhuint r féin leis.



An bhean. — Is measa linn tusa i ngá leis ná aoinne,
a rí uasail. Ba mhór ár ngá indiu mara mbeadh
tusa!



(Tugan sí crúth sine eile dhó agus ólas é, agus síneas
chúichi an t-árthrach.)



Cú. — Seo, a 'nghín ó. Táim ana bhuidheach díot!



An bhean. — Tabharfad an tríomhadh sine dhuit, a rí. Ná
bíodh ceisd ort. Ní dhéanfaidh sé aon cheataighe
dhúinn.



(Tugan sí bainne an tríomhadh sine dó. Ólas Cú
Chulainn an tríomhadh deoch, agus síneas an t-árthrach
chúichi.)



Cú. — Ro ba slán beannacht Dée agus Andée fort, a
inghean!



(Imthigheas Cú Chulainn.)



(Caitheas an bhean an cafra dá ceann agus chítear gur
b' í an Mhórríoghan í, agus go bhfuil an dá shúil slán
arís aici.)



An Mhórríoghan. — Ó! an radharc! an radharc! Solus
na súl; nách áluinn é! Nách aoibhinn é! Beidh
mo chuaird ríogna arís ó shíodhbhrugh go síodhbhrugh.
Slóighte sídhe ag teacht im' dháil. Comhachta sídhe ag
umhlú don Mhórríoghain. Ríghthe na gcúige agus


L. 252


Árdrí Éirean ag déanamh caradais agus muin-
tearthais liom. A d'iaraidh feasa agus fáistine
orm. Is me gnúis gan mháchail arís! Tháinig mo
shlánú ó'n té dhein an muthú. Is iongantach an Cú
é! Is mairg a raghadh ag iomaidh leis! Beidh
cuimhne ag Méibh air! Táid na tuatha sídhe ag
feitheamh liom. Iongna ortha a fhaid atáim uatha.
Ní fhéadfainn dul 'na radharc an fhaid a bhí an
mháchail orm. Tá an mháchail imighthe. A theaghlach
na Mórríoghna! Tagaidh annso!



(Tigid an teaghlach isteach. Sluagh de dhaoine sídhe.
Umhluighid do'n Mhórríoghain. Gluaisid 'na timcheall ar
shórd raince agus cantainn acu.)



An teaghlach. —



Fáilte do'n bhruinngheal mhiochair,
Áluinn na n-iomad gcumas,
Mánla na bhfinne ndlaithe;
Sámh-rosg na ruithneach teine;
Árd-mhala 's glaine gile.
Tál-fhuil na cine 's sine,
Fágan 'na hoise shnuighte
Snáth gorm i bhfinne lile.
Báidh-ghnúis a chuirean buinne
Áthais, a's buile mire,
Ar tháintibh a hiomad fuirean.
Fáilte 'gur fiche dhisi!



(Imthighid mar sin. Tig Conchobhar agus Cú Chulainn agus
maithe Uladh isteach.)



Conchobhar. — A mhaithe agus a mhór-uaisle, a churaí
cródha na Craobhruaidhe seo, a mhaca amhra Uladh,
a laochra nách meathta gníomh i n-am an chóimheas-
gair, i n-am an fheadhma, i bhfriothghoin dá dhéine
is 'mó árd-sgéal gaile agus gaisge curtha agaibh


L. 253


i mbéalaibh suadh ó thánabhair go haois mhíleata
agus ó ghabhabhair arm, ach tá buadh agus barr os
a gcionn go léir, ag árd-sgéal na hoibre seo atá
déanta indiu agaibh. Tá sáruighthe ós na ciantaibh
d'aimsir ag gaisge Ultach ar ghaisge Éirean uile.
Tá sáruighthe indiu ag Ultaigh, ní hamháin ar Éirinn
uile, ach ar ar dheineadar féin riamh roimis an lá
indiu. Tá buaidhte ag Ultaigh i gcath an lae seo ar
cheithre ollchúigibh Éirean agus iad cruinnighthe ar
aon láthair fé stiúrú na mná is míleata aigne agus
is géire íntileacht dár tháinig ar ríogra Éirean.
Tá buaidhte againn ortha agus tá ar mbraid agus
ar mbuar bainte dhíobh againn. Do sgriosadar
Ulaidh ó thaobh taobh, ach ba sgrios i n-aisdear dóibh-
sin é. Tá ár gcuid tagaithe chughainn abhaile arís.
Nuair a thosnuigheamair an cath gheallamair go
gcurfaí gach duine agus gach bó abhaile arís chun
a n-ionaid dúthchais féin. Ba mhór an gheallamhaint
í ach déanfar í chomhlíonadh. Ní headh ach tá sí comh-
líonta cheana tré bhuadh agus tré thoradh an mhór-
chatha so. Mar a sháruighean an ghrian ar reanna
nimhe do sháruigh an cath so ar ar cuireadh de chath-
anaibh móra i nÉirinn riamh. Ach, a ríogra agus a
mhór-uaisle, tá aon fhear amháin annso againn agus
tá a chlú agus a cháil indiu chomh hárd os cionn
Ultach uile agus atá clú agus cáil Ultach os cionn
Éirean uile. Do sheasaimh sé i n' aonar i n-aghaidh
an mhór-shlóigh ó thosnuigh an cogadh. Do lean sé
iad, do ló agus d'oidhche, ag déanamh an uile shórd
olc ortha agus ag cur an uile shórd righnis ortha.
Do leag sé a gcuraí móra i gcomhrac aoinfhir.
Chuir sé ár ortha 'na Sheisreach Bhreislighe. Nuair
a bhí an lá ag dul orainn indiu tháinig sé chughainn,


L. 254


agus é créachtach cró-línteach ó n-a chomhrac le
Fear Diadh mac Damháin. Tháinig sé chughainn,
agus an lá a bhí ag dul orainne d'iompuigh an
t-aon fhear amháin sin ar an namhaid é! An lá
ghlac sé arm gaisge uaim-se do hinnseadh séan
an lae sin dó. Dubhradh leis, an té a gheabhadh arm
an lá san go mbeadh a chlú árd ar fuid Éirean go
deó ach go mbeadh a shaoghal diombuan. Dubhairt
sé go mba rogha leis a árd-sgéal a bheith buan
marthanach i mbéalaibh na ndaoine dá mba ná beadh
de shaoghal aige ach aon lá amháin. An séan a bhí ar
an lá úd tá sé faghálta cheana. Pé faid ná giorr-
acht a bheidh ar do shaoghal féin, a mhic mo dheirbhshéar,
beidh ainm Chú Chulainn i mbéalaibh Gaedheal an
fhaid a bheidh béal Gaedhealach beó i nÉirinn!



(Brat anuas.)




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services