Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Róisín Bán an tSléibhe

Title
Róisín Bán an tSléibhe
Author(s)
Tóibín, Nioclás 1890-1966,
Pen Name
Renascence
Composition Date
1923
Publisher
Comhlacht Oideachais na hÉireann

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


ROIMH-RÁDH.



Seo chughaibh, a léightheoirí, ath-chló Róisín Bán an tSléibhe.
Badh mhaith liom mo leath-scéal a ghabháil leo so a bhí ar
éileamh an leabhair le tamall siar, agus gan é le fagháil.
Badh leasc agus badh liosta liom cur síos díbh ar cad ba
chionntach leis an mhoill. Pé scéal é, seo chughaibh arís
é, agus tá súil agam gur mó bhus taithneamhach libh é
fé n-a éide nua ná fé'n tsean-éide.



NIOCLÁS TÓIBÍN.


L. 5


CAIBIDIL I



I n-árus aoibhinn áluinn an Fhaolánaigh — aon
de shean-treibh ársa dhúithche Déiseach — i seoimrín
cúl-tighe ann, bhí lampa neamh-choitchianta cian-
aosta ar an mbórd ag déanamh soluis, agus
teine sa ngráta nár cheil an teas. Bhí Róisín
Bán 'an tSléibhe agus a sean-mháthair an oidhche
seo na suidhe le h-ais na teineadh. Bhí Róisín
ag léigheamh leabhair, agus a sean-mháthair —
Máire ní Fhaoláin — ag cnotáil. B' ait le
Róisín nuair ná raibh a sean-mháthair ag cur aon
chainte uirre agus is minic a thóg sí a ceann de'n
leabhar agus a thug sí súil-fhéachaint uirre. Bhí
an tsean-bhean ag féachaint an-chaithte dhi, ní ba
chaithte ná mar d' fhéach sí aon uair roimhe sin
riamh.



"A mham chríonna," arsa Róisín, "tá
rud éigin ort anocht. Féachann tú an-bhán,
an-chaithte dhom. 'Dé chúis ná fuil tú ag caint?"



"Ní'l aon chúis, a Róisín. Táim ag dul siar
ar na blianta atá caithte agam im' aigne féin."



"Agus cad is gádh dhuit sin? Ná raibh
saoghal deas agat? Ní hé sin a dhéanfadh aon
chaitheamh ort ná buaidhreamh duit anocht."



"Ní fheadar tú a leath ná a thrian, a Róisín.
Tá na blianta caithte agam-sa, acht ní i gan
fhios dom féin é. Fuaireas-sa mo chuid de
dhuadh agus de chrosa an tsaoghail. Abair-se
go bhfuaireas!"


L. 6


"Cionnus? Níor innis tú aon rud mar sin
riamh dom."



"Níor inniseas, ní raibh aon ghnó agam a
dhéanamh."



"Bhoil, innis dom anois é, agus déanfaidh sé
suaimhneas aigne a thabhairt duit."



"Ní dhéanfaidh."



"Acht cá bhfuil an díoghbháil duit é d'innsint
dom?" arsa Róisín, agus tháinig deallradh
an-fhiosrach, an-chinnsealach uirre.



"Tá aithreachas orm anois go ndubhras aon
rud mar sin leat."



"Ní gádh dhuit a bheith, agus rud eile shíleas ná
raibh aon rud ná h-inneosfá dom."



"Ní'l aon rud ceilte agam ort acht an rud a
bhfuil díoghbháil ann. Níor mhaith liom aon rud a
mbeadh díoghbháil ann d'innsint duit."



"Anois, beidh mise níos measa ná thusa,
mar ní maith liom-sa tusa bheith tré n-a chéile.
Innis dom do chuid trioblóidí agus iomcharochad
cuid díobh duit. Déanfaidh sin cuid de'n ualach
a bhaint díot."



"B'fhearr liom iad a bhreith liom san uaigh."



"Muna inneosair dom iad anois, ní chodlochad
néal agus ní bheidh aon suaimhneas orm."



"Tá sé cruaidh orm é dhéanamh, mar déanfaidh
sé mairg duit. Bainfidh sé casadh as do shaoghal.
Ní fheadar tú aon rud mar gheall air fós.
Coimeádadh uait é."



"Má tá aon bhaint aige le m' shaoghal ní ceart
é choimeád uaim. Coir iseadh é choimeád uaim.
Déineann sin an scéal níos measa arís — mo
shaoghal féin a bheith fé rún. Caithfead ceist
a chur ar m' athair mar sin."



"Ná cuir ar a bhfeaca tú riamh. Má chuirir


L. 7


féin ní thabharfaidh séisin aon bhreis eolais
duit."



"Mo shaoghal fé rún! An mar sin atáim?
Cionnus a thabharfaidh me aghaidh ar an saoghal?
Cad atá déanta agam-sa a thuill é?" agus
tháinig olthainn fuairnimhe agus feirge ar Róisín
a chuir cáthú agus aithreachas ar Mháire.



"A Róisín," arsa Máire, "éist liom mar
sin. Tá tú anois i mblianta na tuigsiona, agus
gheobhaidh tú féin rud a dhéanamh de'n méid atá
mé chum a rádh leat, ó caithfidh mé é rádh leat.
Ní cás duit-se ná dod' shaoghal é acht éist
liom … Bhí mise agus do shean-athair
annso agus ní raibh de chloinn againn acht aon
inghean amháin. Bhí sí i n-aois a pósta. Ní raibh
a h-athair sásta le h-aon chuimilt a bheith aici
le h-aon mhac feirmeora ná le h-aon duine eile i
measc na nGaedheal — ní rabhdar maith a dhóthain
dó. Dhein sé cleamhnas di le fear ionaid an
tighearna talmhan — Fiachadún. 'Sé ainm a bhí
ar an bhfear ionaid ná an Gárdúnach. Deineadh
an pósadh. Ní raibh an pósadh acht ráithe déanta
nuair a fuair do shean-athair bás. Timcheall
bliana 'na dhiaidh sin tháinig tusa ar an saoghal.
'Sé ainm a baisteadh ort ná Sibéal Gárdún.



"Agus 'de chúis gur Róisín a thugann tusa
orm?"



"Ainm cheana í sin a thugas ort, mar nár
mhaith liom Sibéal mar ainm. Sin ainm ná raibh
riamh ar chine Gaedheal. Ní rabhais acht bliain
d' aois nuair a chuaidh do mháthair san úir,
agus ní raibh sí acht leath-bhliain curtha nuair a
bhí leas-mháthair ort."



"Agus an raibh tusa sásta leis an scéal?"



"Ní rabhas sásta le h-aon phioc de'n scéal ó


L. 8


thúis deire, acht ní raibh dada le déanamh agam."



"Agus 'dé chúis go leigeann tú ort a bheith
sásta?"



"Nuair a fuair do shean-athair bás bhí an-chuid
airgid i n-a uadhacht domh-sa, agus nuair a bhí do
mháthair ar leaba a báis d' uadhachtaigh sí tusa
d' fhágaint agam-sa le tógaint. Dhein an
t-airgead a bheith agam caradas dom san áit
seo, agus nuair a bhí tusa agam le tógaint thug
sé croidhe dhom. Dubhras ná raghainn don úir
go mbeadh mo Róisín Bán ar láimh sábhála agam."



"Agus an bhfuilim?"



"Is dóigh liom go bhfuilir. Nár dhein an
scoláire bocht — Seán Mac an Bháird — tú mhúine
go maith?"



"Dhein agus tú féin. Innis dom cé thug
Seán annso."



"Bhí t' athair ar aigne tú chur go Sasana ar
scoil, acht bhí an t-uadhacht 'na choinne. Le linn
na h-uaire bhí scoláire bocht ag gabháil thimcheall
agus bhí togha na h-aithne ag an Athair Seán Paor
air. Thagadh an t-Athair Seán annso chugham-sa
go minic agus bhí baint aige le h-uadhacht do
mháthar. D'fhiafruigh t' athair de cé-gheobhadh sé
chun tú mhúine. Dubhairt an t-Athair Seán ná
raibh duine dob' fhearr a dhéanfadh é ná Seán
Mac an Bháird agus go bhfuighfidhe ar leath-
threasgairt é. Chuir sé tóir ar Sheán agus chuir
sé ag obair é. Acht ní ar leath-threasgairt é
acht lán-treasgairt, mar chuireas-sa barr air i
gan fhios."



"Bhí Seán go deas liom-sa."



"Tá fhios agam-sa go raibh."



"Ní raibh fios an scéil chómh maith sin agam
go dtí so. Acht ní ceataighe ná díoghbháil domh-sa


L. 9


fios mar sin a bheith agam. Ní'l ann acht beag-
áinín de stair na h-Éireann — an teagosc a
thugais féin agus Seán dom. Agus, dar ndóigh,
ní náir domh-sa aon rud mar seo."



"Ní h-eadh, a Róisín, acht táim-se tar éis
gabháil trí gach aon rud agus mo shúile oscailte
agam ag féachaint, ag féachaint i gcomhnuidhe —
ag féachaint agus gan aon rud agam á leigint
orm acht ag fulaing agus ag foidhneamh — an
croidhe á leaghadh asam."



"Agus an bhfuil tú sásta liom-sa anois?"



"Táim. Ní dhéarfad dada dá mhalairt leat.
Tá fhios agam ná déanfaidh tú aon rud acht an
rud ceart. Cuimhneochaidh tú orm-sa i
gcomhnuidhe."



"Féach anois go raibh sé ceart agat é d' inn-
sint dom. Táim sásta anois, agus, a shean-
mhaimín bhoicht, ná bí-se tré na chéile mar sin.
Má cheileadh a dúthchas ar mo mháthair-se ní
cheilfear orm-sa é."



"Maith an cailín. Ní mór duit do thréithe,
mar is iomdha cumhang agus caol romhat."


L. 10


CAIBIDIL II



Le linn agus an cómhrádh so bheith eatorra bhí
Róisín in aois a naoi blian déag. Níor chóirigh
naoi mbliana déag cailín ba ghile ná ba néata
ná í. Bhí maise agus cantacht innte. 'Na
siubhal agus 'na seasamh bhí sí éadtrom fuinn-
eamhail. Bhí folt fionn órdha 'na choróinn
trillseach ar a ceann. Bhí sí fáilteach geal-
gháireach agus í módhamhail measardha 'na theannta.
Chuireadh sí i gcuimhne do Shean-Mháire a h-óige
féin agus óige a h-inghine agus cé go raibh adhbhar
cathú agus caoine dhi annsin níor mhór léi a
h-áilneacht agus a maise do Róisín.



Buaileadh Sean-Mháire tinn. Bhí sí aosta go
maith agus ní raibh mórán muinighne go dtiocfadh
sí as an taom tinnis a bhí uirre. Ba í Róisín
a bhí ag tabhairt aireachais di; ní leigfeadh
Róisín do aoinne eile é dhéanamh. Acht níor
thaithnigh sin le Sean-Mháire mar thug sí fé ndeara
go raibh uireasba an chodlata agus an t-imshníomh
ag dul trí Róisín. Dubhairt sí léi Siobhán Cháit
.i. bean de'n chomharsanacht a thabhairt chúichi.
Cuireadh fios ar Shiobhán agus tháinig sí. Bhí
caradas agus cuidreamh riamh is i gcomhnuidhe
idir Mháire agus Shiobhán agus níorbh' iongna le
h-aoinne gur ar Siobhán a bheartuigh sí chum
teacht chúichi. D'fhan sí 'na fochair gur éag sí.



Lá dá raibh Róisín imthighthe amach bhraith Máire í
féin an-lag.


L. 11


"A Shiobháin!" ar sí.



"Seadh, a Mháire," arsa Siobhán.



"Táim lámh le bheith réidh."



"Tá baoghal ort. Corruigh suas do mhisneach
agus ná bí mar sin."



"Ní'l aon mhaith dhuit liom — táim réidh. An
bhfuil Róisín it' fhochair?"



"Ní'l, tá sí imthighthe amach."



"Bhfuil? Cad is dóigh leat di, a Shiobháin?"



"Cailín ciúin, ciallmhar, macánta a bhfuil
deallradh uirre agus taithneamh innte."



"Tá sí mar sin acht ní fheadar 'dé'n chríoch
bheidh uirre?"



"'Dé críoch bheadh uirre acht críoch mhaith.
'Dé'n baoghal a bheadh uirre?"



"Is iomdha baoghal sin, agus an baoghal is mó
liom-sa dhíobh ná í chuimilt le Sasanaigh — rud nár
chuibhe liom beo ná marbh."



"B'fhéidir gur beag gan chiall tú. Cár
bhfearr dhí ar domhan é? Nach iad is treise agus
is uaisle sa tír seo?"



"Bíodh is gurb iad, ní'lid uaim-se. Fuaireas
mo dhóthain díobh. B' fhearr do Róisín a bheith
bocht ar thaobh cnuic ná bheith ag pléidhe leo. Acht
ní gádh dhi bheith bocht. Tá a dóthain agam-sa le
tabhairt di. Má dhéineann sí mo réir beidh sé
aici; muna ndéanfaidh beidh sí gan é."



"Is maith an margadh é gan aon dabht."



"Sin é mar atá an scéal, a Shiobháin …
Cogar anois, a Shiobháin. Féach, cuir do lámh isteach
fé'n tocht annso. Tá leitir ann. Cuir chughat
an leitir agus coinnigh í. Tá trácht beag ar mo
uadhacht innte agus rud éigin mar gheall ort féin.
Beir leat a bhaile í agus cuir i gcoimeád í
go dtiocfaidh aois a bliana is fiche do Róisín,


L. 12


agus ní fada bheidh sin ag rith. Tabhair an leitir
sin di annsin. Ná h-innis do scéal do dhuine
dá maireann."



Fuair Siobhán an leitir agus bhí sí 'na láimh aici
nuair a bhuail duine ag an dorus. An Gárdúnach
a bhí ann. Dubhairt sé le Siobhán go raibh teacht-
aire ag dorus béal tighe á lorg. Leag sí uaithe
an leitir ar bhúirdín a bhí taoibh léi agus d'imthigh
sí. Ní raibh sí acht imthighthe nuair a bhí sí thar
n-ais arís. "Dhearmhadas rud éigin," ar sí.



Bhí an leitir 'na láimh ag an nGárdúnach. Bhí sé
tar éis láimhseáil bheag a dhéanamh uirre. Shín sé
chum Shiobháin í agus chuir sí chúichi í.



Fhaid agus bhí sí imthighthe bhí an Gárdúnach 'sa
seomra i bhfochair na sean-mná. Bhí sé d' iarraidh
caint a bhaint aiste acht focal ní raibh aici dó.
Chuaidh sí ar bhodhaireacht leis.



Nuair a tháinig Siobhán thar n-ais d' imthigh an
Gárdúnach.



"Dheinis an tuaiplis, a Shiobháin," arsa
Máire.



"Má dheineas féin ní mórán a gheobhaidh sé a
dhéanamh di. Téigheadh sé chómh fada le n-a
dhícheall," arsa Siobhán.



"Nach fada tá Róisín uainn? Ní fheadar cá
bhfuil sí? Braithim me féin ag teacht an-lag,
an-thabhartha."



Ní raibh an focal as a béal nuair a bhí Róisín
isteach chúcha. Gheal gnúis a sean-mháthar nuair
a chonnaic sí í.



"Cá rabhais ar feadh an lae uainn, a Róisín?
Táimíd araon annso ag tnúthán leat ó d' imthigh
tú," ar sí.



"Bhíos sa mbaile mór fé dhéin rudaí beaga
duit," arsa Róisín.


L. 13


"Maith an cailín. Tabhair rud éigin do
Shiobhán a chorrochaidh a croidhe. Ná bac liom-sa,
ní'l suim agam in aon rud."



B'fhíor di, ní raibh aon bheann aici ar aon rud.
Bhí an bhean bhocht ag fagháil bháis — ag tarraingt
ar an tsíorruidheacht. Thug sí léi go dtí lár na
h-oidhche go maith. Annsin chrom sí ag speabh-
raoid agus ag glaodhach ar an sagart. Bhí an
sagart 'na fochair gach aon lá le coigthigheas
roimhe sin. Mar sin féin, dubhairt Siobhán go
gcaithfidhe dul ag glaodhach air nuair a bhí sé
uaithe.



Bhí beirt bhan des na comharsain i láthair. Ní
raibh aon fhear ann agus ba leasc leo aon stró
a chur ar an nGárdúnach. B' fhearr leo dul go
dtí fear des na comharsain. D' imthigh Róisín
agus ceann des na mná. 'Sé áit a chuadar ná
go dtí ceárdcha. Ba é an cheárdcha an tigh ba
ghiorra dhóibh.



Sé áit a raibh an cheárdcha so ná ar bhóthar
Chluain Meala — an bóthar atá ag dul ó Chluain
Meala go Dúngarbhán — bóthar leabhair. Bhí tigh
ósda buailte leis an gceárdchain. "Tigh leath-
slighe," a thugtaí air. Ba le Séamas Gabha an
cheárdcha agus "Tigh leath-slighe." Bhí tarraingt
na dúithche air agus a ngabhadh an bóthar doth agus
déanach.



Bhí an Gárdúnach 'na chomhnuidhe i dtigh breágh
aolmhar timcheall leath-mhíle ó bhóthar.



Tháinig Róisín agus an bhean go dtí "Tigh
leath-slighe" mar a raibh comhnuidhe ar Shéamas
Gabha. Ghlaodar. D' eirigh an gabha agus chuir
sé Séamas Óg, a mhac, as an leaba agus chuadar
d' iarraidh an tsagairt. I gcionn leath-uaire
an chluig bhí an sagart agus iad féin ag déanamh


L. 14


ceann ar aghaidh cum tighe Mháire ní Fhaoláin.
Bhuail an t-Athair Seán isteach chúichi. Bhí a
cuimhne aici. Dhein an sagart a chion agus
d' imthigh. Le breaca an lae sin i lár an
earraigh d' fhág Máire ní Fhaoláin slán ag Róisín
agus ag an saoghal.



Bhí tórramh fada uirre. Bhí sí ar an gclár
trí lá agus dhá oidhche. D' fhág sí le h-uadhacht
tórramh fial flaitheamhail a bheith uirre agus
fáilte a chur roimh gach aoinne. Bhí, leis;
bhí uisce beatha 'na thuile ann agus tobac agus
píopaí agus snaoisín don saoghal. Is é an gabha
a bhí ag riar an uisce bheathaidh agus a bhean agus
Siobhán ag riar an tsluaigh. 'Sé an Gárdúnach
d'iarr ar Shéamas Gabha so a dhéanamh. Dhein
Séamas é acht ní le báidh leis an nGárdúnach é
acht leis an té a bhí ar an gclár.



Tháinig an dúthaigh agus Connchubhar an mhargaidh
go dtí an tórramh. Ní raibh slighe dóibh istigh ná
amuigh. Ar uair an mheadhon-oidhche a thosnuigh-
eadar ar scaipe beag a dhéanamh, agus sin é an
uair a cuireadh Micheál Ó Muirgheasa ag scéal-
aidheacht. Pé faid a bheadh san oidhche go dtí sin
ní aireochadh duine an chuid eile di ag imtheacht.
Gach aoinne agus cluasa orra ag éisteacht; faid
gach an fhaid i ngach scéal agus gach éacht de'n
scéal ag breith brágha ar a chéile le greann-
mhaireacht agus deaschaint. Ba é an scéal a
ghiorruigheadh an oidhche.



Níorbh' dhada an tórramh a bhí ar Mháire seachas
an tsochraid. Tháinig daoine ó árd agus ó íseal
chúichi. Bhí capaill is ceáranna ag bailiú ar
feadh na maidne. Bhí sluagh marcach ann agus
an bóthar dubh le coisidhthe. Go dtí an Caisleán
Nuadh tugadh í. Is ins an reilig ann a bhí a sinsir


L. 15


agus a muintir curtha. Bhí an reilig sé nó seacht
de mhíltí ón tigh agus deirtear go raibh an tslighe
ar fad fé'n tsochraid agus nár ghabh riamh agus
ná geobhaidh choidhche a leithéid eile de shochraid
ann. Níorbh' iongna é sin mar ceann des na
Brianaigh b' eadh Máire agus bhí a h-ainm agus a
clú agus a cáil anáirde i nDeiscirt Mumhan.



Agus ní raibh sí gan daoine chum í chaoineadh.
Bhí Máire ní Cheallaigh ann le linn agus í bheith á
tógaint amach.



"Óra, a chomharsain!" ar sí, "liúighí go
léireach,
Buailidhí bhur mbasa agus screadaidhí in
éinfeacht,
Féachaint an ndúiseochadh liúigh ná béic í,
Gol mná óige ná gol mná aosta,
Ná guil a Róisín ós sí ba mhéinn léi.
Uch, mo thúirse! dúiseacht ní baoghal duit,
Mar imthighthe romhat-sa tá plúr na nDéise;
Ó Chaiseal Mumhan go Cluain Fhiaidh Paorach;
Tiocfaid chughat na cuaillí tréana:
Na Brúnaigh, na Dúnaigh, Cárthaigh is Paoraigh,
Búrcaigh, na Dubhartaigh, Curránaigh is Caor-
Caorthainn,
Na Faolánaigh ba thréan seal, na Brianaigh
nár bhaoghal duit,
Na Maoldhomhnaigh nár thréig riamh, na Rian-
aigh nár ghéill fós,
Na Fearachair, na Breathnaigh, na Ceallaigh
go léireach,
Beidh siad ann it' fhaire is id' chaomhnadh,


L. 16


Ní h-ionann sin is na Gárdúnaigh chlaona,
Na Fiachadúin is gach pneuc dá ngaolta;
Ní bheidh siad romhat ná ní bheid it' dhéidh ann,
Mar dhein tú an meathadh orra fér éagais
Uch, a Mháire, go n-éirghidh an chré leat,
Ní bréag a rádh gur chráidh an saoghal thú.


L. 17


CAIBIDIL III



Nuair a bhí Máire curtha, thosnaigh an siosma i
measc na ndaoine. Bhí fhios ag gach aoinne go
raibh cealmán maith airgid ag Máire, agus ní
raibh de chúram orra acht fios a fhagháil 'dé mhéid é
an cealmán agus cérbh' leis ar thuit sé. Gach
duine agus a uimhir féin aige agus a uadhacht féin
aige do Mháire bhocht. Sé ráfla ba threise a bhí
amuigh ná gur fhág sí gach aon rud ag Róisín agus
dá bhrígh sin, pé duine a bhí i ndán do Róisín, go
mbeadh saoghal sámh agus biadh bog aige.



Níorbh' aon rud mar seo a bhí ag déanamh cúraim
do Róisín. Bhí a sean-mháthair imthighthe uaithe —
sin é an t-easnamh a bhí uirre. B' fhada léi an lá
agus ba shia ná sin léi an oidhche gan í. Ba
bhéas léi bheith 'na teannta de ló agus ag léigheamh
di asdoidhche. Ba iomdha oidhche fhada gheimhridh a
ghiorruigheadar mar sin — Róisín ag léigheamh agus
Máire ag cur síos di ar an rud a léigheadh sí.
Bhí togha an léighinn ar Mháire féin agus ba iomdha
rud d' innis sí do Róisín ná raibh isna leabhra.
Acht anois, ó bhíodar sgartha ag an mbás, b'éigin
do Róisín claoidh leis an leas-mháthair agus leis
an gcuideachtain a bhíodh 'na timcheall.



Ba nós leis an nGárdúnach agus le n-a bhean
cuideachta Sasanach 'na dtigh de ghnáth. Ba é
caitheamh aimsire ba choitchianta ag an dream sin
ná fiadhach agus sealgaireacht. Dá bhrígh sin ba
ghairid go raibh i n-áirighthe do Róisín capall


L. 18


lúbach láidir. Níor bhain sé mórán aimsire di
cleas an mharcaigh d'fhoghluim agus dul sa
bhfiadhach i n-éinfeacht leis na Sasanaigh. Ba
leasc léi é dhéanamh acht ar ghrádh an réidhtigh
agus an tsuaimhnis chlaoidh sí leis mar chaitheamh
aimsire.



An lá so bhí Fiachadún agus a bhean agus a mhac
— Seoirse — ag gabháil thar brághaid. Bhuaileadar
isteach. Cuireadh cóir bídh agus díghe orra. Bhí
an Gárdúnach agus a bhean agus Róisín ag an
dinnéar 'na bhfochair.



San itheadh dóibh dheineadar tagairt do Mháire
ní Fhaoláin. Labhair an Gárdúnach. "Tá sí
imthighthe," ar sé, "agus go réidhidh Dia an ród
di. Caithfead a admháil go rabhas-sa agus í féin
go deas, mín, macánta le n-a chéile. Ní cuimhin
liom aighneas ná imireas a bheith eadrainn an
fhaid a bhíomair sa tigh seo. Acht i ndeire
bhraitheas í ag bailiú doichill dom. Ní leomhfadh
sí me 'na fiadhnaise agus ní thabharfadh sí focal
olc ná maith dom. Ba é sin mo bhuidheachas tar
éis mo shéimhialtachta. Féach, gur mairg a bhíonn
ró-shéimh, ró-mhacánta, sa saoghal cealgach so.
Dá mbeadh fhios agam-sa mar atá fhios anois
bhainfinn preab as an gcailligh úd. Anois caith-
caithfead brughadh fúm mar chuir sí an ball orm. Is é
rud is mó bhfuilim in' aithreachas ná coimirce
agus oileamhaint mo inghine a bheith aici, in éagh-
mais í chur ar oileamhaint in áit éigin eile.
Anois is baoghal liom gurbh' olc an teagosc a
fuair sí agus go bhfuil sí gan scoil, gan léigheann,
gan éifeacht. D' fhág sí ar mhí-bhuidheachas í mar
d' fhág sí me féin - gan pingin ná leath-phingne dá
cuid airgid d' fhágaint aici. Ó! 'sí bhí meallta;
bhí an cor go cruinn sa chroidhe aici!"


L. 19


Bhí Róisín ag éisteacht leis an méid sin. Líon
a h-aigne le h-uabhar, le h-uaigneas agus le
díombhádh ionnus ná fuigheadh sí éisteacht le n-a
thuille. D' éirigh sí agus le cead na cuid-
eachtan d' fhág sí.



Níor chuir sin aon stad leis an seanchus.
Dubhairt Fiachadún gur mhór an feall aon rud
a bheith in easnamh ar Róisín, maidir le tabhairt
suas ná le deagh-bhéasa, agus gur dócha go raibh
feall déanta 'na h-óige uirre sa méid sin.



"Is agam-sa atá fhios," ars an Gárdúnach.



"Bhí sé ceart agat an fios sin a bheith agat ó
thúis," arsa Fiachadún, "agus rud a dhéanamh dhe.
Bhí sé ceart agat í chur as an tír seo fadó.
Milleann an tír seo an duine óg, mar ní'l le
feicsint innte acht aingcise agus cruadhtan
agus síor-obair ó aois go bás. Déineann sin
sean-duine de'n duine óg agus meathann sé
roimh ré 'na chrot agus 'na dheallradh é."



"Ní h-amhlaidh dóibh go léir."



"Tá fo-dhuine ann a leanann béasa agus
nósa ár muintir-ne. Ní'l acht fiadhantas sa
gcuid eile. Is maith atá fhios agat ná baineann
an uaisleacht ná an ghalántacht leis an dream
mí-ádhmharach so. Chomhairleochainn duit gan lá
ná oidhche eile scaoileadh thorat go mbeidh sí ar
bórd luinge anonn go Sasana agat. Déanfaidh
bliain nó dhó ann i measc mór-uaisle na tíre sin
duine nua di. Cuirfidh sé feabhas mór ar a
cuid léighinn, ar a teangain, ar a béasa agus
ar a slighte. Ní hí an duine céadna bheidh ar
aon chor ann. Gheobhaidh sí fuireach san ait
thall agam-sa."



"Ní'l aon amhras ná go ndéanfadh sin an-
mhaith di, agus go deimhin, is buidheach mise díot


L. 20


ar mé luathughadh chuige gan trácht ar í ghlaca
isteach fé dhíon do thighe féin mar a mbeidh sí
mar a bheadh sí sa mbaile. Is fearr go mór di
an méid sin ná sparán na caillighe.



"Agus cár ghabh an sparán má bhí a leithéid
ann?"



"Tá mé chómh dall air leat-sa acht amháin an
méid seo — Bhíos lá annso agus tháinig teachtaire
go dtí Siobhán Cháit, sin í bean Phádraig uí
Bhriain — an feirmeoir beag sin atá sa teora
linn. 'Sí bhí ag tabhairt aireachais do Mháire.
Chuadhas féin agus ghlaodhas ar Shiobhán. Ghabh sí
amach as an seomra agus d' fhanas féin ann go
gcasfadh sí. Bhí leitir leagtha ar an mbórd.
Rugas ar an leitir. Rith sé liom go raibh an
t-uadhacht innte. Ní raibh sí acht im' láimh agam á
meabhrú nuair a tháinig Siobhán thar n-ais agus,
dar ndóigh, chaitheas í thabhairt di. Chuir sí
chúichi í."



"Níor thug Siobhán aon admháil ó shin duit ar
cad a bhí innte?"



"An drae admháil, dá mbainfinn an ceann
di."



"Badh cheart é bhaint aiste ar chuma éigin."



"Cionnus a gheobhfá é dhéanamh?"



"Í féin agus a fear a chur i gcontabhairt iad
a chur as an tigh. Gheobhfaidhe iad a chur amach
agus iad a scaoileadh isteach arís, sé sin, dá
mbeidís raosúnta."



"Ní fuiris rud mar sin a dhéanamh."



"Is fuiris. Árdochad-sa an cíos orra sa
tslighe nach acfuinn dóibh é dhíol."



"Déanfaidh sin."



Tráthnóna Deire Fóghmhair ba eadh é seo agus
le linn agus iad sin a bheith ag caint istigh, bhí


L. 21


Róisín amuigh 'na suidhe ar shuidheachán fé scáth
crainn, agus leabhar 'na láimh aici. Bhí a méar
sa leabhar aici agus í ag déanamh a maranna
nuair d' airigh sí coisidhe chúichi. D' oscail sí an
leabhar agus chuaidh sí ar léigheamh. Níor thóg sí
a ceann gur labhair an guth.



"Dia dhuit, a Róisín. An annsin atáir?"



"Dia is Muire dhuit, a Athair. Annso
dom."



"Éireochaidh an léigheann id' cheann."



"Ní éireochaidh, ní'lim acht ag léigheamh scéilín
as an leabhar so."



"Masa, tá sé ag teacht breac-fhuar anois
chum a bheith suidhte annsin. B' fhearr dhuit a
bheith id' chorruighe féin."



"Is gairid a bhead annso, a Athair."



Bhuail an sagart isteach. Bhí gnó éigin aige
de'n nGárdúnach. Ní fada bhí sé leis. Ar a
theacht amach do dubhairt an Gárdúnach leis a rádh
le Róisín teacht isteach ón síon. Dhein an t-Athair
Seán amhlaidh, agus dubhairt sé léi aon uair a
bheadh aon mhairg uirre bualadh go dtí an tigh go
dtí é agus go mbeadh scathamh cainte aca.
Dubhairt sí go ndéanfadh.



Chuaidh Róisín isteach. Bhí an dinnéar caithte,
acht bhí an chuideachta ann fós. D' fhiafruigheadar
de Róisín arbh' mhaith léi dul agus scathamh a
chaitheamh i Sasana. Cuireadh síos ó thúis deire
dhi ar aoibhneas agus ar áilneacht na tíre sin,
agus ar an gcaitheamh aimsire agus ar an ngleo a
bheadh aici ann agus an tairbhe thiocfadh di as.



Níorbh' mhaith léi seadh ná ní h-eadh a rádh. Ba
chuma léi cá gcaithfeadh sí a cuid aimsire — an
tslighe a bhí sí caithte ar an saoghal. Badh bhreágh
léi comhairle an tsagairt d'fhagháil féachaint


L. 22


cad déarfadh sé. Bhí fhios aici go raibh an
scéal socair ag á h-athair agus ag Fiachadún,
acht ba threise léi an sagart ná aoinne aca chum
comhairle a leasa d' iarraidh air. Ba é sin an
teagosc a fuair sí.



"Is deacair dom freagra a thabhairt ar an
gceist sin," ar sí, "tháinig sí ró-obann orm.
B'fhearr liom fuireach tamall go ndéanfainn
mo mharanna."



"Ní'l aon mharanna ann," ars an t-athair,
"acht go bhfuil sé chómh maith agat dul."



"Go réidh," arsa Fiachadún, "tá an ceart
aici. Ní fuiris léim a thabhairt ó Éirinn go
Sasana. Tabhair cead di a maranna a dhéanamh."



Fuair sí an cead. Lá ar na bhárach chuaidh sí
ag triall ar an sagart. D' innis sí a scéal do.



"Is maith an scéal é sin." ars an sagart.
"Is deas duit an chaoi a bheith agat ar ghabháil trí
an saoghal. Foghluimeochaidh tú an-chuid. Beidh
cur amach agat ar an-chuid daoine agus ar an
tslighe bheidh aca, agus gheobhaidh tú an blas ceart
a chur ar do theangain."



"Ná féadfainn déanamh gan na rudaí seo
go léir?"



"Gheobhfá, acht nach é do shaoghal atá ann?
Ní hé gach aoinne a bhfuil an chaoi sin aige."



"Aontuigheann tú lem' dhul ann mar sin?"



"Aontuighim, acht bí aireach. Tabhair leat
do bheart i gceart ann. Ná bíodh sé le n-a
rádh aca go bhfuaireadar an lom ar chailín ó
Éirinn. Bí i gcomhnuidhe chum na gaoithe orra."



"Muna mbead, bíodh an milleán oraibh-se
atá im' chur ann."



"Táim-se sásta leis sin féin. Chuirfinn mo
cheann i ngeall leis go ndéanfair crádh deas do


L. 23


bhog-Shasanach éigin. Acht cuimhnigh nuair a thioc-
thiocfaidh tú a bhaile ar bhualadh chugham pé áit 'na
mbead."



"Ní baoghal ná go ndéanfad."



D' fhág sí slán ag an sagart agus chuir sí chum
bóthair a bhaile. Cé bheadh ag gabháil 'na coinne
an bóthar ná Séamas Óg an Ghabha.



"Cad a thug annso tusa nó cá bhfuilir ag
dul?" ar sí leis.



"In aon áit," ar sé.



"Is ait an áit é sin."



"Is aite ná sin an cheist. Ar mhisde a
fhiafruighe dhíot-sa cá bhfuilir ag dul?"



"Táim ar an mbóthar go Sasana.



"Beidh fuireach fada ort fé dtabharfaidh an
bóthar ann thú."



"Ní bheidh, táim ag dul ann."



"An ag magadh fúm atá tú?"



"Ní h-eadh acht i ndáiríre cheart."



"Cionnus a tháinig sin chum crích'?"



"Badh mhaith le m' athair me dhul ann, agus tá
an t-Athair Seán tar éis a rádh liom dul ann
anois. Badh chuma liom féin mar gheall ar dhul,
acht caithfead a dtoil siúd a dhéanamh."



"Agus an mar sin é?"



"Seadh."



"Tá sé chómh maith agam drom mo láimhe a
thabhairt leat mar sin."



"Dé chúis?"



"Mar an té bhíonn amuigh fuarann a chuid."



"Ná bíodh aon eagla ort, a Shéamais. Má
fhuarann aoinne ní mise é. Cuimhnigh air sin."



"Cuimhneochad, acht cad déanfaidh me gan tú
annso? Imtheochad as mo mheabhair."



"Ná beidh mise sa chás céadna. Leig ort go


L. 24


bhfuilim annso agus leigfead-sa orm gur annso
atáim. Anois, an bhfuilir sásta?"



"Saghas sásta."



D' fhágadar slán ag á chéile. Ba bhrise croidhe
an scaramhaint sin, mar ba mhór é a gcion ar a
chéile i gan fhios do aoinne.



Nuair a chuaidh Róisín a bhaile dubhairt sí le
n-a h-athair go raibh sí sásta ar dhul go Sasana.
I gcionn seachtmhaine ón lá sin bhí sí ar bórd
luinge anonn go Sasana.


L. 25


CAIBIDIL IV



Bhí an Nodlaig ar chois nuair d' imthigh Róisín.
Dhein sí an Nodlaig sin thall i Sasana i dtigh
Fhiachadúin. Ba sháthach agus ba shubhach an aim-
sear a bhí aici ann. Bhí sí ag caitheamh fléidhe
agus féasta i measc mór-uaisle Shasana. Ní
misde a rádh go raibh togha gacha bídh agus sean
gacha dighe ar bórd ann, agus meidhir agus magadh
ar an gcuideachtain. Ba thruagh Róisín 'na
measc mar ná raibh béasa ná gothaidhe ag gabháil
léi, ná iad tabhartha fé ndeara ró-mhaith aici go
fóill, ná aon rian de chanamhain an tSasanaigh
ar a teangain. Bhí sí mar a bheadh gé i measc
lachann bhfiadhain.



In Éirinn, san áit d' fhág sí 'na diaidh, bhí na
daoine ag déanamh na Nodlag mar ba ghnáth.
Gach aoinne ar tuaith agus ar baile mór ag triall
ar na siopuighthe agus ag breith leo a bhaile
sóghlúistí beaga mar d'oir. Sean-nós ag
daoine, ag Gaedhil go h-áirighthe, an Nodlaig a
dhéanamh chómh compórdamhail agus is féidir é,
mar urraim don Té tháinig ar an saoghal le comh-
aireamh an lae sin agus chum crann maith a chur
ar an mbliain a bhíonn 'na gceann.



Bhí Pádraig Ó Briain agus a bhean — Siobhán —
ag cuimhneamh ar an Nodlaig. Ar an Domhnach a
bhí Lá Nodlag ag tuitim, agus chaith duine éigin
dul go Cluain Meala Dia Sathairn. Asdoidhche
Dia h-Aoine bhí Pádraig agus Siobhán, agus na


L. 26


páistí thimcheall orra, suidhte go seascair cois
na teine. Arsa Pádraig go deas tigheasmhail
le n-a bhean, díreach agus dá mbeadh olc éigin
ag rith in a aigne — "Nár leigidh Dia go dtiocfadh
aon rud bun os cionn treasna orainn a thabharfadh
Nodlaig mhí-chompórdamhail dúinn."



"Cad a thiocfadh?" arsa Siobhán, "muna
ndéanfá féin é thabhairt ort féin. Ná fuilmíd
go maith as, buidheachas le Dia, acht amháin go
gcaithfir-se dul go Cluain Meala ambárach?
Ní bhfuighinn-se imtheacht ón tigh ná ós na páistí.
Gabh an mhiúil agus imthigh tráthmhail agus beidh an
lá fada agat chum do ghnó a dhéanamh. Ná bíodh
an iomarca de'n oidhche ag teacht agat, mar i
bhfad uainn an t-olc ní bheadh fhios ag duine cé
bheadh ar tí a dhíoghbhála."



"Is fíor duit," arsa Pádraig, "déanfad
mar adeirir, i n-ainm Dé, ambárach."



Tháinig an mhaidean agus chuir Pádraig chum
bóthair. Le linn am dinnéir bhí Siobhán agus na
páistí ag itheadh práta. Tháinig fear go dtí an
dorus. Dhein sé ceann ar aghaidh isteach agus
sheasaigh sé ar lár an úrláir. Bhí coiscéim
bhacaighe ann, agus bhí bata láimhe aige. Hata
cruaidh a bhí air. Bhí dhá thor féasóige ag fás
anuas le n-a ghruadhanna agus bhí a smeigín leis.
Blac maith de fhear ba eadh é acht amháin go raibh
tonn mhaith dá aois caithte. Ba threise a ghuth
ná a dheallradh. Labhair sé le faobhar agus le
h-iomadamhlacht.



"Bail ó Dhia — bail ó Dhia oraibh annso," ar
sé.



"Ó! bail ó Dhia is ó Mhuire ort," arsa
Siobhán. "An suidhfeá agus an íosfá práta?"



"Ní shuidhfead. Cá bhfuil fear an tighe?"


L. 27


"Tá sé as baile indiu. An misde a fhiaf-
ruighe cad a thug tú?"



"Ní misde. An sean-scéal i gcomhnuidhe.
Cíos do thighearna nó biadh do leanbh. Fuaireas
scéala óm' mhaighistir órdú thabhairt do Phádraig
Ó Briain, bheith i "dTigh leath-slighe," Lá an
Chinn — an séimheadh lá de'n mhí seo chughainn.
Beidh an tighearna féin ann ag glacadh an chíosa.
Sin a bhfuil agam-sa le rádh leat."



"Scéala maith ó Dhia chughainn, a mhic ó. Nach
deas an t-am a cheap sé chuige ar theacht na
Nodlag Naomhtha. Is dócha go gcaithfear dul ann
mar sin. Acht an bhfeadar tú dhom an dtabharfar
aon leagaint sa chíos dúinn? Tá an cíos an-mhór
ar an mblúirín beag talmhan, agus dar ndóigh,
tá sé in am againn leagaint d' fhagháil anois
agus a fhaid táimíd ag braith air."



"Ó, masa, ní fheadar. Ní bheadh fhios agat
nach árdach air a dhéanfaidhe. Caithfead-sa bheith
ag cur díom. Lá maith agat."



"Go n-eirghidh an t-ádh mór leat."



Ba é seo Domhnall Ó Cruadhlaoi, fear fógra
an chíosa. Seirbhíseach maith ba eadh Domhnall.
Bhí sé an-dhílis dá mhaighistir. Duine des na
daoine ba eadh é. Bhí comhnuidhe air 'na measc.
Ní raibh duine orra ná raibh aithne mhaith aige
air. Ní bhfuigheadh duine bocht cloch a chur os
cionn cloiche ar a bhlúirín talmhan, ná beithidheach
a dhíol, ná slacht a chur ar a thigh ná ar a theaghlach
gan fios a bheith ag Domhnall air, agus ba mhinic
gurbh' d' réir faisnéise Dhomhnaill a leagfaidhe
nó árdochthaidhe an cíos nó thabharfaidhe lucáiste
ann.



Tháinig Pádraig Ó Briain a bhaile. Thug sé
leis gach aon rud a bhí uaidh go cruinn baileach


L. 28


agus béidir fuighleach 'na bhfochair. Bhí sé
tuirseach mar theagmhaigh sé le n-a lán daoine
muinteardha, agus óir go raibh, níor bhac Siobhán
leis an droch-scéal a nochta dó. Nuair a bhí
greim ithte aige tharraing sé chuige a cheap agus
a chasúr agus chuir sé péire bonn fé bhróga
Mháirín .i. ceann des na páistí. Ní fheadar
Máirín nach péire nua bhí aici nuair a bhí na boinn
fútha.



Ar maidin Lae Nodlag bhíodar go léir ag an
chéad Aifreann. Tar éis an Aifrinn bhí an líon
tighe ag itheadh a mbreacfasta. San ithe dóibh
labhair Siobhán.



"Go dtugaidh Dia Nodlaig mhaith dhúinn, agus
go mbadh seacht bhfearr a bheimíd ar theacht na
Nodlag arís."



"Fé shláinte, fé shaoghal, agus fé ghrása Dé,"
arsa Pádraig.



"Amen," arsa Siobhán, "acht an dtomhaisfeá
cé bhí annso indé?"



"Ní thomhaisfinn. Cé hé?"



"Bhí Domhnall Ó Cruadhlaoi."



"Caithfimíd an tseafaid a dhíol mar sin.
Ní'l aon mhaith i n-a bheith ag braith ar lucáiste,
is baoghal liom. Ní bheannuigheann an Gárdúnach
dom an aimsear seo. Is dócha go bhfuil droch-
fhuadar éigin fé. Beidh an t-aonach i gCluain
Meala seachtmhain ó'n Mháirt seo chughainn. Tá
sé chómh maith an tseafaid a thabhairt ann."



"Mhuise, cabhair Dé is na naomh is na n-aingeal
chughainn. Ní bheidh aon rud againn annsin, acht tá
sé chómh maith scaramhaint léi mar adeir tú agus
gan greim a bheith aca ort. Nach deacair do


L. 29


dhuine bocht an Nodlaig féin a bheith fé shuaimhneas
aige ag á leithéidí?"



"Sin é mar a bhíonn — an duine bocht fé
leatrom i gcomhnuidhe."



Tháinig lá aonaigh Chluain Meala. Dhíol Pád-
raig an tseafaid. Pé rud a fuair sé uirre
chuir sé chuige é chum freagairt don chíos.


L. 30


CAIBIDIL V



Ar an Aoine a bhí Lá an Chinn. Chuaidh Pádraig
Ó Briain go dtí "Tigh leath-slighe." Bhí an-
chuid daoine ann roimhe. Bhí Fiachadún agus an
Gárdúnach ann ó n-a deich a chlog. Bhíodar sa
seomra a bhí ar an taobh clé ag dul isteach sa
chistin. Bhí Domhnall Ó Cruadhlaoi ar an dorus
agus é ag glaodhach ar na daoine d' réir a n-uain.
Uaireannta bhagruigheadh Fiachadún ar Dhomhnall
chum ceist a chur air.



Is iomdha duine a ghabh isteach sa seomra úd
an lá sin, agus a shín amach a ladhar airgid, agus
arbh' mhó go mór an phráidhinn a bhí aige féin leis
ná ag an té fuair é. Is iomdha duine ná raibh sé
ar acfuinn aca an cíos a dhíol agus a chaith
tamall de airgead d' fhagháil ó dhuine des na
comharsanaibh. Is iomdha duine leis a raibh
lucáiste uatha. Badh mhaith le gach aoinne a gcíos
a dhíol. Sean-rádh 'seadh é — "an cíos díolta
agus díon ar do thigh is má bhíonn prátaí ag
aoinne beidh siad agat." Badh chuma cad a bheadh
in easnamh gheobhfaidhe teacht uaidh ar chuma
éigin — aon rud acht gan an cíos a bheith díolta.



Thimcheall a dó a chlog ghlaoidh Domhnall Ó
Cruadhlaoi ar Dhiarmaid Ó Duinn — ceann des na
tiniúntaighthe a bhí ag fuireach le n-a uain. Chuaidh
sé isteach. Ní raibh aon chíos aige. D' iarr sé
ar an tighearna lucáiste a thabhairt do go
bhfairsingeochadh an saoghal.


L. 31


"Nár dhíol tú trí sheafaid ar aonach Leasa
Móir mí ó shin?" ars an Gárdúnach leis, "agus
ná fuil beirt mhac leat in aimsir ag tuilleachtain
duit agus ná fuil inghean leat in Americe?"



"Nár slán do scéalaidhe," arsa Diarmuid.
"Má dhíolas-sa féin trí sheafaid bhí glaoidhtí
eile orm a chaitheas a dhíol, agus má tá beirt
mhac ag tuilleachtain dom is gairid siar orra a
dtuilleachtain, agus má tá inghean dom in
Ameirice atá a dóthain mór le déanamh aici,
í féin a choimeád cuibheasach deallramhail. Cuimh-
nigh nach ceart duit-se bheith ag éileamh ar na
rudaí seo. Is é an talamh atá chum tusa a
dhíol agus adeirim-se leat ná fuighinn an oiread
le pingin a thabhairt duit de bhárr aon bharra a bhí
agam i mbliana. Chaill an fhearthainn gach aon
rud agus sin é annsin Domhnall Ó Cruadhlaoi.
Bréagnuigheadh sé mé muna bhfuil an fhírinne
agam."



Shíl Diarmuid go raibh cara i gcruadhtan aige i
nDomhnall mar bhí muinteardhas bheag eatorra i
gcomhnuidhe.



Ghlaoidh Fiachadún ar Dhomhnall.



"An bhfuil aon rud agat le rádh i bhfábhar an
fhir seo?" arsa Fiachadún.



"Ní'l," arsa Domhnall, "acht gur airigh mé
go bhfuair sé chúig phúint ó Shasana Nua seachtmhain
ó shin."



D' iompuigh Diarmuid air. "Gráin ort," ar
sé, "nach maith nach é an focal maith a bheadh
agat."



"Agus cad dob' fhearr a gheobhainn a rádh?"



"Is mór an nídh ná fuil an ceart agat, pé
scéal é. Tá an leitir a fuairear-sa ó m'inghin


L. 32


agam annso. Seo dhuit í," ar sé, á síneadh
chum an tighearna.



Thóg Fiachadún an leitir. Ní raibh innte acht
go raibh an cailín díomhaoin le tamall agus pé
pingin a bhí aici nár mhór di í choimeád le h-eagla
go mbéarfadh gairid uirre; acht le congnamh Dé
go mbéidir go mbeadh scéal ní b'fhearr sa
gcéad leitir eile.



"Tá go maith. Tabharfaimíd leath-
bhliain duit," arsa Fiachadún.



"Go bhfágaidh Dia do shláinte agat agus
faid ar do shaoghal," arsa Diarmuid, ag déanamh
ar an dorus agus ag imtheacht leis.



Bhí a thuille ag fuireach. Chuadar isteach 'na
nduine agus 'na nduine go dtáinig uain Phádraig
Uí Bhriain. Chuaidh sé isteach. Bhain sé de a
hata agus tharraing sé amach a chíos agus thug
don nGárdúnach é. Chomhairigh an Gárdúnach an
t-airgead agus chrom ag scríobhadh na h-admhála.
Bhí Fiachadún agus leabhar mór idir lámha aige.
Leag sé a mhéar ar áit áirighthe innte. "Chím
annso," ar sé, "go bhfuil dhá chíos gan díol
agat."



"Ní cuimhin liom-sa aon chíos d' fhágaint gan
díol," arsa Pádraig.



"Tá sé annso nár dhíol Pádraig Ó Briain
aon chíos sa mbliain 1799 ná sa mbliain 1800."



"Ó, Dia lem' anam! ní rabhas beo an uair
sin. Ba é sin mo shean-athair."



"Is mar a chéile é."



"Ní h-eadh ar aon chor, agus dá mbadh eadh
féin, tá sin ró-fhada imthighthe. Sé rud badh
cheart duit a bheith a thairgsint dom ná leagaint
sa chíos. Tá fiche bliain anois ó fuaireamair
aon leagaint. Sin é badh cheart duit a dhéanamh


L. 33


in áit a bheith ag éileamh fiacha atá ró-fhada
imthighthe."



"Caithfidh tú do chuid fiacha a ghlanadh fé
bhfuighidh tú aon leagaint."



"An drae glanadh. Tá sé dian go leor orm
maireachtain agus gan a bheith ag díol sean-
fhiacha."



"Dian nó gan dian, leagaint nó gan leagaint,
bíodh dhá chíos agat domh-sa i gcoinne na Nodlag
so chughainn. Muna mbeidh, beidh scéal nua
agat uaim-se," arsa Fiachadún.



"Tá go maith," arsa Pádraig, "acht
béidir go mbeadh dhá innsint ar an scéal sin."



Ba ghairid go raibh an cíos deireanach glactha.
Bhailigh an Gárdúnach chuige a chuid cáipéisí
agus d' imthigh sé féin agus Fiachadún. D' imthigh
Domhnall Ó Cruadhlaoi leis. Aoinne ná raibh
aigne shásta aige tar éis an lae d' fhan sé i
"dTigh leath-slighe," chum a chuid gruama a
mhúchadh le roint leanna. D'fhan Diarmuid
Ó Duinn ann agus Pádraig Ó Briain. Tar éis
aonaigh Chluain Meala bhí fo-dhuine ag déanamh a
shlighe a bhaile agus bhuaileadar isteach. Bhí
Stiophán, peidléir, ann agus Donabhán, tincéir,
agus Maitiú, mongaire éisc ó Dhúngarbhán.
Bhí triúr feirmeoirí ann a raibh trí capaill
óga nár dhíoladar aca.



Ní raibh aon rud ag Stiophán, peidléir, acht a
shiopa ar bolg. Bhí sluagh asal, ban agus páistí
ag gabháil le Donabhán, tincéir. Bhí miúil ag
Maitiú, mongaire, ná feacaidh aoinne riamh ar
mhargadh ná ar aonach a leithéid eile. Is é lón
bóthair ba ghnáth leis a thabhairt di ná bollóg
aráin agus piúnta leanna. Nuair a bhíodh sin
ithte agus ólta aici ní bhíodh aon fhagháil ag aoinne


L. 34


dul i ngiorracht béice asail di acht ag Maitiú
féin. Ní bhíodh suaimhneas uirre acht ag éirghe
as a cosa tosaigh agus ag preabadh as a cabhail
agus ag caitheamh a cos deire san aer agus
annsin ag béice le neart droch-mhianaigh. Níorbh'
aon rud léi tona meádhchaint d' iomchar i gcoinne
cnuic an uair sin, agus níor dhóichighe sin de ná í
dhul leath-mhíle i ndiaidh a cúil agus, dá rithfeadh
léi, trucail agus culaith a chur ag rinnce san
aer. Ní raibh aoinne in iúil ar cheart a bhaint
di acht Maitiú, mar bhí an droch-mhianach céadna
ann féin.



Thimcheall a naoi a chlog bhí an leann ag dul sa
cheann ag an gcuideachtain so bhí i "dTigh leath-
slighe." Bhí an gabha tar éis teacht isteach —
bhí sé féin agus a bhean sa líonadh. Bhí an mac
isteach agus amach.



"Ní fheadar," ars' an gabha, "an bhfuil a
chuid airgid comhairighthe ag Fiachadún fós? Is
dócha go bhfuil sé féin agus a chléireach agus
Domhnall ag ól ár sláinte mar seo."



"Is dóibh is féidir ól agus ithe a dhéanamh,"
arsa Pádraig Ó Briain, "acht is dócha go
gcuirfidh sé mise agus mo bhean agus mo pháistí
beaga amach as an tigh. Tá dhá chíos gearrtha
aige orm i gcoinne na bliana so chughainn



"Cionnus sin?" ars an gabha.



"Dhá chíos nár dhíol mo shean-athair sa tsean-
aimsir agus nach cuimhin liom-sa ná le m'athair
romham."



Tá sin greannmhar. Is dócha ná rabhdar acht
d' iarraidh teacht ón taobh chaoch ort."



"Ní'l aon dócha ann ar aon chor."



"Uch, éist. Ná fuil sean-araorsaí ar an
saoghal?"


L. 35


"Tá, acht féach ná fuiltear anuas ar aoinne
acht ar mo leithéid-se de aindiseoir, go bhféachaidh
Dia orm."



"Seo! seo!" arsa Maitiú, mongaire,
"caith uait an chaint. Corruigh suas do mhis-
neach. Dá mbeadh orm-sa an tsean-mhiúil a
dhíol fóirfead ort."



"Agus mise," arsa Stiophán, "má tá ainm
bhocht féin orm ní dhúnfad mo shúile ort, a
Phádraig."



"Bhoil," arsa Donabhán, tincéir, "ní dhéar-
fad-sa go ndéanfad aon fhóirthint mar sin ort,
acht má bhítear id' chur amach agus go dtiocfaidh
sé dtí m' chluasa ní bheidh fear stáin sa Mhumhain
ná beidh id' mhacha chum buille a bhualadh."



Bhí na feirmeoirí agus cluas le h-éisteacht
orra.



"Sin í an chaint a bhfuil aon deallradh uirre,"
arsa ceann acu, "agus bead-sa ann chomh maith
leat."



"Agus mise," ars' an tarna fear.



"Agus mise 'nbhur bhfochair," ars an tríomhadh
fear. "Ní'l aon mhaith a bheith ag luighe fé
chosa an dreama sin, acht an ceart a chur ag
obair orra."



Bhí Diarmuid Ó Duinn ag éisteacht ar feadh na
h-aimsire agus gan focal as.



"Ciacu de'n triúr úd ba mheasa," ar sé, ag
baint casadh as an scéal, "Fiachadún nó a
chléireach nó Domhnall bacach?"



"Mar a chéile iad go léir," arsa Pádraig.



"Níor loisc aoinne aca orm-sa," arsa
Diarmuid, "acht Domhnall na féasóige. Mheas-
as é bhualadh fan phoill na cluaise."


L. 36


"'Dé chúis?" ars an gabha.



"Ní raibh an cíos agam agus bhí lucáiste
uaim. Cad déarfá le Domhnall nár thug gach aon
fhaisnéis uaidh im' thaobh agus annsin adubhairt
go bhfuaireas chúig phúint óm' ghearrchaile atá i
Sasana Nua!"



"Agus cionnus a tháinig tú as?"



"Dubhairt mo bhean liom fé'r fhágas an tigh
go mbéidir go mbeadh an fhaisnéis ag an tighear-
na, agus scríobh sí leitir, mar dh' eadh, in áit na
leitreach a tháinig. Theasbáineas don tighearna
í agus thug sé spásach leath-bhliana dhom. Bhréag-
naigh an t-éitheach an fhírinne."



"Mhuise, níor chaill uirre riamh. Meireach
na mná ní fheadar cad a dhéanfadh sibh," arsa
bean an ghabha.



Bhí sé buailte ar a deich a chlog um a dtaca so.
Thug an gabha deoch an doruis don chuidheachtain,
agus adubhairt sé le Pádraig Ó Briain gan aon
phráidhinn airgid a bheith air an fhaid a bheadh
ceann ar an sean-tigh seo aige féin. D' óladar
sláinte Shéamais Gabha, agus dhein gach duine ar
a árus féin.


L. 37


CAIBIDIL VI



Ar thaobh na fairrge tamall ó dheas ó Londain
bhí tigh aoibhinn áluinn ag Fiachadún. Bhí bán mín,
leathan, réidh thimcheall an tighe agus ar fuaid an
bháin sin bhí crainn, torthaí, bláthanna agus gach
aon rud a bhéarfadh bárr maise agus scéimhe
ar an áit.



Bhíodh beirt inghean le Fiachadún de ghnáth insan
áit seo muna mbeadh uair fáin a mbeidís ar a
saoire in áit éigin eile. Ba ghairid a bhí Róisín
'na bhfochair nuair a thugadar taithneamh di —
taithneamh ní ba mhó ná do aoinne eile ar a
h-aitheantas. Bhíodh sí ar tuaith agus baile mór,
amuigh agus istigh leo, ag gleo agus ag aoibhneas
'na bhfochair. Ní thabharfaidís órlach ar ór di.



Bhí beirt dritheár aca — an té ba shine dhíobh
bhí sé san Aifrice Theas d' iarraidh smacht agus
rian a chur ar chine na tíre sin agus d' iarraidh
réim an tSasanaigh a chur chum cinn agus chum
críche ann, leis an linn chéadna ag tuilleachtain
clú agus cáil agus meas do féin. An dritheáir
eile, Seoirse, bhí aca, ba mhinicí i nÉirinn é ná
in aon áit eile. Buachaill canta ba eadh é.
Ní raibh aon easnamh air maidir le crot agus
deallradh agus ní raibh aon easba deagh-bhéasa air.
Bí sé go séimh greannmhar i gcuideachtain agus
go deas ar sheanchas do dhéanamh. Ba dheas a
bheith ag éisteacht leis ag cur síos ar fhiadhach
agus ar shealgaireacht nó ar na cineacha allta


L. 38


mar atá i gcéin agus i gcomhangar nó fós 'sé
inneosadh cionnus an bradán nó an breac do
thraochadh ar bhruach na h-Abhann Móire.



In éaghmais na beirte driféar agus Seoirse,
bhíodh daoine ag teacht agus ag imtheacht ó am go
h-am. Bhíodh cuideachta mhaith daoine ann de
ghnáth. Bhí Róisín tamall fé raibh imtheacht na
h-áite aici. Ar dtúis bhí sí dá rian ar fad
ann, agus bhí sí ag cuimhneamh go daingean ar
iompódh ar a sáil agus cur di a bhaile arís. Bhí
an áit agus na daoine, dar léi, bun os cionn.
Ní raibh aoinne le feicsint ó mhaidin go h-oidhche
aici acht mór-uaisle — mná agus síoda agus sról
ag cnagadh orra agus gan aon rud sa tsaoghal
ag déanamh scime dhóibh. Fir ar an imtheacht
chéadna. I gcúrsaí oibre ná gnó ní fheaca sí
aoinne á ndéanamh. Bhí gach aon rud ag dul os
cionn meabhrach uirre agus is é mhairbh ar fad í
ná an teanga mhí-nádúrtha Bhéarla a bhí aca.
Bhainidís geit aiste nuair a labharaidís léi.



Acht ní bhíonn acht tamall ar aon rud. Ba
ghairid go raibh Róisín oilte ar a slighte agus go
raibh sí cuibheasach sásta léi féin.



Acht má bhí aoinne páirteach le h-í bheith sásta
ba í an bhean tighe bhí sa tigh an duine sin. Thar
chlann Fhiachadúin agus a dtáinig agus ar imthigh
ba í seo an t-aon duine amháin a dtug Róisín
taithneamh di. Bean mheadhon aois ba eadh í.
Bhí sí neamh-choitchianta 'na slighe agus 'na caint
leis an dream eile. Ón gcéad lá a chuir Róisín
aithne uirre, bhí sí ag brughadh mhuinteardhais
uirre. In áit a chéile gheibhdís amas ar chaint a
dhéanamh agus as an gcaint tháinig bádh agus
cion aca dá chéile.



Ní mórán uaineach a gheibhdís ar a chéile; acht


L. 39


mar sin féin, dhéinidís ionad coinne in aghaidh
an lae ar theacht chum a chéile. B' fhada le
Róisín go dtagadh an t-am chum a bheith 'na
cuideachtain. Ba é an sólás ba mhó a bhí san
áit léi é.



Níorbh' fhada gur dhein Róisín amach 'dé chúis
an bhean so a bheith chómh Gaedhleach sa mbreis ar
aoinne eile san áit. Chuir sí an cheist uirre.



"Nuair a bhíos im' chailín óg," ars an bhean
tighe, "cuireadh go h-Éirinn me. Ní raibh
ionam mórán a dhéanamh le linn na h-uaire, acht
tar éis cheithre bliana dhom i dtigh Fhiachadúin bhí
fios mo ghnó agam. Nuair a phós an Gárdúnach
chuadhas leis mar bhean tighe agus chaitheas trí
bliana in' fhochair. Annsin thángas annso."



"'Dé chúis nár fhanais níos sia?" arsa
Róisín.



"Bhí mo chúis féin agam. Cuireadh do shean-
athair agus do mháthair le m' linn ann agus is
cuimhin liom tusa a bheith id' leanbh beag id'
thógaint ag do shean-mháthair. Ní h-iongna mise
a bheith rud beag Gaedhleach agus trí bliana a
chaitheamh 'na fochair."



"Níor airigh me riamh í ag trácht ort."



"Níor airigh tú, is dócha, agus is beag trácht
a dheineas-sa uirre sin, cé, dá nochtfainn m'
aigne, bheadh níos mó ná aon rún amháin agam le
h-innsint. Deineadh feall sa tigh sin, agus ba
í do shean-mháthair do mhair chum é d' fhulaing."



Ba bhéas le Róisín cathú a theacht uirre le
linn aoinne thrácht ar a sean-mháthair. Bhí sí
ag éisteacht leis an mbean tighe ag rádh na cainte
seo acht níor chuir sí mórán suime sa chaint.
Bhí fhios aici ó bhéal a sean-mháthar féin gur
deineadh an feall agus nárbh' fhiú bheith á aithris.


L. 40


Ní hé sin a bhí ag cur an chathú uirre acht an
cion a bhí aici uirre.



Nuair a chonnaic an bhean tighe gur dhein sí
corruighe ar a h-aigne bhain sí casadh as an
scéal.



"'Dé'n fhaid atáir annso anois, a Róisín?"
ar sí.



"Thimcheall bliana. Ní'lim an bhliain fós.
Bhí an samhradh caithte anuraidh nuair a tháinig
me, agus ní'l deire an tsamhraidh fós againn.



"Ní'l, agus is é is gairid linn a bheidh sé ag
imtheacht."



Ní raibh acht an méid sin eatorra nuair a
tháinig beirt inghean Fhiachadúin chúcha. D' imthigh
an bhean tighe.



"Bhíomair id' lorg, a Róisín," arsa ceann
aca. "Ní fheadar an dtiocfá go Londain?"



"Níorbh' fhearr liom dul," arsa Róisín.



"Is leasc liom corruighe as an áit 'na bhfuilim,
tá an lá chómh brothallach sin."



"B' fhearrde do shláinte corruighe bhaint
asat féin."



"Is fíor sin, acht 'beatha dhuine a thoil'
agus bheadh sé chómh maith agaibh eirghe asam
indiu."



"Tá go maith, is dócha ná fuil aon mhaith bheith
leat mar sin," agus thugadar a mbóthar orra.



Ní rabhdar acht imthighthe nuair a tháinig an
bhean tighe arís.



"An annsin atáir?" ar sí le Róisín. "Is
iongantach nár chuadhais 'na bhfochair go Londain."



"Nach iongantach go bhfuil fhios agat cad a bhí
ar siubhal eadrainn," arsa Róisín, "cad a
bheadh uaim ann?"


L. 41


"Ná fuil Seoirse ag teacht an tráthnóna
so?"



"Agus cad é sin domh-sa?"



"An mar sin atá tú?"



"Seadh, cad air atá tusa ag cuimhneamh?"



"Is maith atá fhios agat, nó muna bhfuil fhios
agat, is gairid go mbeidh fhios agat."



"Masa, ní fheadar cad atáir a rádh. Is
dócha gur mó fios atá agat-sa i dtaobh an
tsaoghail ná agam-sa."



"Is mó, ambárach. Pé scéal é, déarfad
an méid seo leat. Tá fhios agam gurbh' fhearr
le Seoirse tusa d' fheicsint ná aoinne de'n
mbeirt atá imthighthe 'na choinne. Meireach tusa
is anamh a bheadh a thriall annso."



"Cá bhfuair tú an fios so go léir?"



"Tá an fios sin agam agus fios nach é. Acht
aon chomhairle amháin a thabharfad duit, bí
aireach. Tá an saoghal so cealgach agus is fuiris
feall a dhéanam."



"Tá an teagosc sin faighte cheana agam."



"Má tá, déin rud de."



Dubhairt an bhean tighe annsin le Róisín go
raibh a cuid i gcóir di, agus chuaidh sí á chaitheam.


L. 42


CAIBIDIL VII



Tar éis a cuid a chaitheamh bhuail Róisín amach.
Shuidh sí ar chathaoir a bhí fé scáth crainn tamall
ón tigh. Tharraing sí chúichi leabhar a bhí aici
agus chrom á léigheamh. Acht ní léigheamh ba
mhéinn léi. Dhún sí an leabhar. D' fhéach sí
thimcheall uirre féin. Bhí radharc aici ar an
mbán leathan a bhí os comhair an tighe agus ar na
crannaibh neamh-choitchianta a bhí annso agus
annsúd ag fás ar a fhuaid agus ar na casáin a bhí
soir siar, anonn agus anall i ngach áit eatorra —
gach casán agus líne de bhláthanna iol-dhathacha
áilne le gach taobh de. Agus óir go raibh an áit
gairid don bhfairrge chíodh sí, anois agus arís,
idir na cranna', loingeas Shasana agus a seolta
donna dubha go teann tarraingthe ag gabháil na
gaoithe orra agus iad go mín socair ag treabhadh
na mara. Agus bhí le h-aireachtain aici na h-éin
ag ceileabhar. Do b' aoibhinn léi a radharc agus
a h-éisteacht; ba chumhra é bolath na mbláth.
Acht dá mhéid agus dá áilneacht a raibh fé'n a
súile, ba threise go mór léi an t-adhbhar machtnaimh
a bhí 'na h-aigne. Dá bhrígh sin shleamhnaigh an
radharc ó-n a súile i gan fhios di. Chaill na
bláthanna a maise agus a mbolath di agus ní
raibh aon toradh ag á cluais ar ghlór — bhí sí ar a
maranna.



Ba é sin an maranna leadránach. Bhí míle
rud ag rith 'na h-aigne agus an chuid ba mhó dhíobh


L. 43


ag teacht treasna ar a chéile. Chuimhnigh sí ar
a sean-mháthair, na laetheanta fada a chaith sí 'na
fochair; ní raibh bóithrín cam ná díreach 'nar
ghabhdar ná raibh 'na h-aigne; ní raibh claidhe ná
scairt, crann ná cloch, garrdha ná gort sa
mbaile ná h-áireamhochadh sí. Ba bhinne léi, dar
léi, glór an tsrutháin ag gabháil thar brághaid a
tighe féin ná ceol-aoibhneas Shasana. Nár bhreágh
dhi bheith sa mbaile ag féachaint ar fhearaibh agus
ar mhnáibh ag obair agus ag gnó, ag cur agus ag
cúiteamh, agus ag éisteacht le n-a gcómhrádh
agus le n-a gcuid deas-chainte agus le n-a
ngeal-gháire, seachas a bheith de shíor imeasc
dreama nár thaithigh riamh sult ná greann acht
amháin an gob grána?



Acht 'na choinne sin annsin arís bhí ag an
dream so an suaimhneas, an t-iolmhaitheas agus
an saidhbhreas saoghalta. Bhíodar léigheanta
galánta, rud ná raibh Gaedhil.



Agus annsin an ionann suaimhneas agus sonas,
saidhbhreas agus suairceas, galántacht agus
uaisleacht, léigheann agus intleacht? Is minic
ag gabháil le n-a chéile iad agus is minic ag
milleadh a chéile iad.



Sin é mar a bhí sí ag cur gach rud trí n-a
chéile 'na h-aigne. Ní gan chúis a bhí sí á dhéanamh.
Bhí fhios aici go raibh Seoirse Fiachadún ar a
tóir agus dá mbeadh sé aici ní fheadar an mbeadh
na subháilcí roimh-ráidhte i ndán di. Badh
dheacair a rádh agus in éaghmais na subháilcí seo,
nó béidir na dubháilcí bhí ceist creidimh ann.
Aon rud acht an creideamh a shéanadh. Sin é
teagosc a fuair sí ó n-a sean-mháthair agus ó'n
Athair Seán. Agus annsin cad dubhairt sí le
Séamas Óg an Ghabha. Ní aithne ó indiu go dtí


L. 44


indé a bhí aici ar Shéamas, acht aithne ó bhí sí 'na
páiste. Ní raibh an saidhbhreas saoghalta a bhí ag
Fiachadún aige, acht bhí a dhóthain aige. Bhuaidh
an sean-bhádh agus an dúthchas agus an oileamhaint
ar gach aon rud eile a bhí 'na h-aigne agus
fuair sí an faothamh.



As a maranna chrom sí ag crónán amhráin agus
óir go raibh a croidhe agus a h-inntinn ann d'
árduigh sí fé in áit a chéile go mba bhinne a guth
ná an lon agus ná an chéirseach ar séirse agus
ná ceol dá fheabhas ar shreang ná ar théid. Ba
é amhrán é ná —



AN TURAS GO TÍR NA n-ÓG



I



Tá gaoth na tíre ag séideadh is tá na héanla dul
'un suain.
Tá 'n dubhar ag dul 'un síne ar an mbán.
Ó éadan ruadh an tsléibhe tagann méileachán na
n-uan,
Is fuaim na caise ag caoine ar an tráigh.
Tá uaigneas ar m' anam 's is fada liom an
oidhche,
Ba mhian liom seal ag gluaiseacht leis an ngréin,
Ón mbuadhairt seo tá ar m' aigne is ó chealg
rún an tsaoghail
Go tír a bhfaghainn-se fuascailt ar mo phéin.



II



Agus glaodhtar orm aniar is is binn liom an
glór


L. 45


Mar a bheadh leoithne chaoin ag cogar thar an
gcuan,
Raghad 'um luinge nó go scaoilfidh me mo sheol
Is go ndeonuighthear mo shroisint slán anonn.
Ní tír go h-iomad soillse ná laoithe liom dob'
fhearr,
Acht tír bheadh lán de charthanacht im' chóir,
Mar a maireann féile croidhthe idir shaoithe
Inse Fáil,
Is ann atá mo thriall — go Tír na n-Óg.



Bhí sé isteach sa tráthnóna le linn agus í bheith
a rádh an amhráin seo. Bhí Seoirse agus a
bheirt driféar tar éis teacht abhaile — bhí, agus
cluas ar Sheoirse ag éisteacht leis an amhrán.
Ba bhinne leis é ná aon cheol dár airigh sé riamh
acht amháin go raibh imtheacht agus tnúthán insan
cheol a bhí ar aon dul leis an gcaint. Tháinig
sé i láthair Róisín agus do bheannaigh di go deagh-
bhéasach. Chuir sí fáilte roimhe.



"Is deas liom do ghuth," ar sé léi.



"Amhráinín simplidhe iseadh é sin," ar sí.
"Sin é "An Turas go Tír na n-Óg". D' airighinn
ag mo shean-mháthair é, beannacht dílis Dé le
n-a h-anam, agus thógas uaithe é."



"Is dubrónach an ceol atá leis ar a shon go
bhfuil sé go deas. Badh dhóigh le duine nárbh'
fhearr leat ar domhan é ná bheith i dTír na nÓg."



"Dar ndóigh, níorbh' fhearr leis. Badh dheac-
air áit ní ba dheise a dhéanamh amach. Acht,
féach go bhfuair tú locht ar an amhrán dá mhéid
é do mholadh air. Shíleas gur fonn a bheadh ort é
d' fhoghluim."



"Badh eadh leis, acht 'sé an uair a dhéarfainn


L. 46


é acht an uair a bheinn cortha de m' shaoghal agus
fonn orm deire a chur leis."



"An amhlaidh mheasann tú rádh go bhfuilim-se
cortha de m' shaoghal?"



"Measaim go bhfuilir cortha de rud éigin.
Is dócha ná taithnigheann an áit seo leat ná na
daoine atá ann. Airighim agus chím go mbíonn
tú it' aonar i gcomhnuidhe acht amháin nuair ná
bíonn leigheas agat air, agus ná bíonn lagadh ort,
an uair sin féin, acht ag cuimhneamh agus ag
maranna."



"Is dócha gur slighe í sin atá agam. Acht
nach deas an rud duine bheith sásta le n-a
chuideachtain féin?



"Is deas. Acht adeirtear nach folláin don
duine a bheith i n-a aonar nuair is díomhaoin do."



"Ciall mhúinte í sin. Baineann sé le deall-
radh gur díomhaoin a bhí an duine dubhairt é sin
nuair adubhairt sé é agus gur mhó d' oir an chaint
do féin ná do aoinne eile."



"Oireann sí do gach aoinne."



"Chím go n-oireann sí go maith do chuid de
mhuintir Shasana. Dá mbeadh duine ag obair ó
mhaidin go h-oidhche agus ó Luan go Satharn badh
dhéirc leis scathamh i n-a aonar ar a shuaimhneas."



"Má 'seadh, ní ag cuimhneamh agus ag síorm-
mharanna air féin é mar a bhíonn tusa. An
amhlaidh nach maith leat a bheith annso?"



"Ní maith."



"'Dé chúis?"



"Tá gach aon chúis. Ní mar a chéile an tír
seo agus mo thír féineach. Ní h-ionann na daoine
'na slighe ná 'na ngnó. Ní h-íad an teanga
chéadna ná an creideamh céadna tá aca. Tá
gach aon rud bun os cionn agus óir go bhfuil


L. 47


cionnus is féidir domh-sa bheith sásta le m'
shaoghal?"



"Is fíor nach mar a chéile an dá dhream. Ní
hé sin le rádh gur fearr muintir na h-Éireann.
Tá fhios ag an saoghal gur saidhbhre agus gur
treise in gach aon tslighe Sasana ná Éire.
Tá na daoine d' réir na dtíreach. Tá muintir
na h-Éireann bocht agus cé go n-oibreann cuid
aca go dian dícheallach ní bhíonn toradh a saothair
aca. Ní mar sin do mhuintir na tíre seo.
Tá an chuid is mó aca neamh-spleádhach leis an
saoghal.



"Anois, i gcúrsaí teangan na nGaedheal,
tá deire léi. Is é an Béarla bheidh feasta
aca mar tá ciall ag teacht dóibh. Agus maidir
le creideamh molann gach aoinne a chreideamh
féin. Is iongna liom duine chómh tuigsionach
leat-sa a bheith ag cuimhneamh ar Éirinn ar aon
chor."



D' eirigh Róisín de'n suidheachán de'n iarracht
sin. Tháinig nádúir uilc agus stuaice uirre.
Thosnuigh sí ag siubhal agus má thosnuigh shiubhail
Seoirse le n-a cliathán in éinfeacht léi. Bhain
sí stuir aiste féin agus d' iompuigh air.



"Níor ghádh dhuit," ar sí, "cur síos ar leath
an méid sin liom. Tuigim agus chím féin go
maith é. Is fuiris do Shasana maoidheamh as
saidhbhreas, mar tá an saoghal ar a toil aici le
fada agus í ag stracadh ón saoghal. Ní mar
sin do Éirinn; tá sí fé chois agus fé chruadhtan
agus gan ceart sa tsaoghal aici. Gach duine
agus a ghreim féin aige aiste agus an ghreim is
doimhinne agus is dóighte ag Sasana aiste.
Ní h-aon bhuidheachas ar Shasanaigh beatha shámh
suairc a bheith aca nuair is féidir leo a gcuid a


L. 48


sciobadh ó dhaoine eile agus gan díol orra 'na
dhiaidh.



"Is beag ort teanga na nGaedheal agus tá
deire léi, adeirir. Má tá, sin é creach agus
deire na nGaedheal. Is i dteangain na nGaedh-
eal tá seasamh na nGaedheal agus is d' réir
mar a mheathfaidh a dteanga is eadh mheathfaidh
siad féin. Tá an ceart agat maidir le creid-
eamh, acht, cuimhnigh ná fuil aon deighilt idir
Ghaedheal agus Gall níos géire ná deighilt an
chreidimh; bíodh is gur cuma 'dé'n creideamh é
an creideamh ceart. Beidh creideamh Críost fé
réim in Éirinn agus leaghadh cubhar na dtonn ar
Impireacht Shasana."



"Is iongantach doimhinn iad do ráidhte, acht
is é thuigim-se ód' bhriathra go bhfuilir ag moladh
muintir Shasana agus ag maoidheamh asta. Teas-
báineann tú go soiléir go bhfuil buadh aca thar
gach dream ar domhan agus go bhfuil ríoghacht
agus rachmas aca ar fuaid na cruinne. An
fhaid agus a bheidh sin amhlaidh is cuma i dtaobh
teangan ná creidimh. Gheobhaidh siad a n-ionad
féin," arsa Seoirse.



"Tá dearmhad ort. Ní hé sin is brígh le
m' chuid cainte. An rachmas agus an t-iolmhaith-
eas agus an smacht atá ag Sasanaigh ní le ceart
a fuaireadar é acht le mí-cheart, le foghail agus
le fóir-éigin. Níor thuilleadar beannacht ó
aoinne riamh acht mallacht agus mí-bhuidheachas.
Agus cé gur beag agat-sa creideamh agus
teanga mairid agus imthigheann rachmas — Ní
bhíonn buan acht an ceart."



"Is teann a labhrann tú agus tú it' aonar
annso."



"Sin í mo thuairim, tóg mín nó garbh í."


L. 49


"Is ait liom tú. Cad chuige cuireadh chum
na tíre seo thú acht chum daoine agus a mbéasa
a thabhairt fé ndeara agus a mheabhrú?"



"D' réir mar is mó dhéinim stuidéar orra
is eadh is lugha mo mheas orra agus is mó mo mheas
ar mo mhuintir féin."



"Cionnus sin?"



"Annso déinid Dia dá saoghal. In Éirinn
mairid a saoghal chómh maith agus is féidir leo,
acht tá a súil ar shaoghal níos fearr."



"Tá sé 'na chreideamh arís agat. Seo caithi-
mís uainn é mar aighneas. Is dócha go bhfuilir
ag dul abhaile mar sin go luath."



"Ní fheadar, ní liom mo thoil chum sin a
dhéanamh. B' fhearr liom go mbeinn."



An fhaid a bhíodar ag déanamh na cainte seo
bhíodar ag brughadh iarracht ar an tigh. Agus
níorbh' fhearr le Seoirse ar domhan é mar bhí an
chaint ag teacht roint dian air. B' ait leis
Róisín, cailín chómh áluinn léi, a bheith chómh te
agus chómh tomanta chum achrainn. Bhain sé casadh
as an scéal —



Acht níor ghádh dho casadh ná ath-chasadh bhaint as
mar bhí cailín ar an dorus á rádh leo teacht agus
cupán té bheith aca, dá mbadh mhaith leo é.



Níor chuireadar siar de. Chaitheadar uatha
an t-aighneas ag an té mar bhí a thuille á ól 'na
bhfochair.



Ní túisce bhí an té ólta ag Róisín ná ghoid sí í
féin léi go dtí 'n suidheachán céadna ar a raibh
sí 'na suidhe roimhe sin. Bhí Seoirse agus é ag
coimeád chainte leis an dream eile, acht ba
ghairid go dtug sé siar dóibh mar bhí an-eagla air
go raibh sé tar éis Róisín a ghortú 'na h-aigne
agus b' fhada leis go mbeadh sé thar n-ais arís


L. 50


chum í chneasú ar chuma nó ar chleas. Tháinig sé
mar a bhfuair sé roimhe sin í, agus shuidh sé le
n-a h-ais.



"Is oth liom," ar sé, "ná fuil tú sásta
leat féin annso. Ní fheadar an bhféadfainn
aon rud a dhéanamh a thabharfadh sásamh aigne
dhuit. Béidir nach maith leat an dream daoine
thagann annso. Mar an maith ní gádh dhuit dul
'na ngoire ná 'na ngaor agus déanfad-sa
seift gan iad a bheith annso ró-mhinic."



"Ní'lid ag cur pioc carbhuaice orm.
Strannséir is eadh mise agus sin iad do cháirde
agus do dhaoine muinteardha agus do ghaolta.
"Is mise is ceart duit a dhíbirt agus ní h-iad
sin.



"Is tú agus ní tú."



"Sasanaigh is eadh iad sin agus Gaedheal
mise."



"Tá an fhírinne sa méid sin agat, acht is
annsa liom-sa thusa ná aoinne dá bhfeacas
riamh"



"Ní thagann sin do d' chuid cainte. Is
Gaedheal mise agus tá droch-mheas caithte agat
ar Ghaedhil."



"Thugas mo thuairim duit díreach mar a
dheinis féin. Chaith tusa an droch-mheas céadna
ar Shasanaigh."



"Dá bhrígh sin is deacair dúinn aon mheas
a bheith againn ar a chéile."



"Ag tagairt do náisiúntacht a bhíomair;
ní h-ionann sin agus a rádh ná fuighmís-ne araon
tuitim le n-a chéile."



"Is ionann. Is d' réir an duine a bhíonn an
náisiún mar adubhrais féin ó chiana. Má tá
gach duine dílis dá thír, sin is náisiún ann.


L. 51


Muna bhfuilid tréigid agus cailleann a dtír a
náisiúntacht. Ní bhíonn annsin aca acht a n-ainm
agus a sloinne agus is minic go séanann siad
iad sin féin."



"Tá an iomarca tír-ghráidh ionat. Dá mbeinn-
se mar sin ag cuimhneamh ar mo thír d' imtheochainn
im' gheilt."



"Is deas duit nach gádh duit. Is dócha gur
grádh ban a bhíonn ag gabháil duit."



"Ní h-eadh acht grádh mná."



"Is gairid go mbeidh oidhche againn mar sin,
muna bhfuil sí neamh-shuimeamhail."



"Sin í an cheist."



"Agus tá freagra di."



"Má tá, ní'l agam-sa."



"Agus cé eile mbeadh sé aige?"



"Agat-sa."



"Agam-sa!"



"Seadh."



"Cionnus?"



"Tusa an bhean."



"Ní bean mise acht cailín atá ag foghluim
fós."



"Cuma sin, is tú is rogha liom-sa thar mhná
mo shiubhalta agus dhéanfadh sé sonas agus
suaimhneas dom ar feadh mo shaoghail tú bheith im'
chúram. Thabharfainn léigheann agus foghluim duit
agus ní bheadh aon rud sa ríoghacht so ná féadfá
do lámha a leagaint air."



"Is iongantach sin anois. Ní raibh fhios
agam go rabhas chómh taithneamhach sin leat. Is
ait nár chuiris in iúil dom sin cheana agus a
mhinicigheacht a chonnacamair a chéile."



"Níor mhaith liom é rádh leat."



"Níor ghádh dhuit sin"


L. 52


"Níor ghádh acht shíleas ná beifeá sásta."



"'Dé 'n díoghbháil a bheadh annsin féin?"



"Bheadh díoghbháil ann."



"'Dé'n díoghbháil?"



"Dá dtabharfá an diúlta dhom ní mhaithfinn
dom féin choidhche é."



"Béidir gur romhat atá."



"An mar sin é?"



"Béidir, adeirim. Ní fheadar ceart fós.
Ní'l aon rud ag déanamh scime dhom anois acht
Sasana d' fhágaint agus dul a bhaile. Táim
cortha de Shasana. Nuair a bhead sa mbaile
chífead cuid de m' dhaoine agus cuirfimíd an
scéal tré n-a chéile."



"Chífidh tú gramaisc na hÉireann. Ar mhaithe
leat atáim-se agus tá cion agam ort."



"Tá acht tá cion agam-sa ar ghramaisc na
h-Éireann. Cad é an mhaith domh-sa a bheith suas
de agus mo mhuintir a bheith síos de?"



"Tá do mhuintir ar aon toil linn-ne agus
meireach go bhfuilid ní bheifeá annso."



"Is dóigh liom, a bhuachaill, nach aithnid duit
mise ná mo mhuintir. Acht beidh fhios agat
fós."



"Chífead arís tú mar sin."



"Chífir, is dócha."


L. 53


CAIBIDIL VIII



Bhí an Nodlaig ag brughadh le Pádraig Ó Briain
arís. Ní le h-áthas a bhí sé ag déanamh uirre
acht le h-eagla agus le náire. Bhí an dá chíos
geárrtha air agus gan ar a acfuinn iad do dhíol.
Ní raibh mórán suime ag sna comharsain ann —
ní nach iongna. Bíonn gach aoinne agus a chúram
beag féin air. Is amhlaidh mar a bhí an scéal
aige acht "an té nach truagh leis do chás ná déin
do ghearán leis."



Bhí aon rud amháin tar éis tuitim amach sa
pharóiste nár thaithnigh le h-aoinne. Bhíodh (bith-
eas) tar éis an Athar Seán Paor d' aistriú.
Bhí sé 'na bhfochair tamall maith de bhlianta.
Ní raibh fear, bean ná páiste ná raibh aithne
aige orra. Bhí báidh aca go léir leis agus
ba é an scéal céadna aige féin leo é. Ba
leasc leis a bheith á bhfágaint, acht ní raibh aon
leigheas air sin — fuair sé an fógra agus chaith sé
imtheacht. Sagart meadhon aois a tháinig in' áit.
Ba chuma 'dé'n feabhas a bhí ann, ní fhéadfadh na
daoine cuimhne an Athar Seán a chur as a n-aigne.
Bhí sé 'na lóchrann creidimh agus eolais aca go
léir.



Satharn na Nodlag a bhí ann. Bhí bóthar Chluain
Meala dubh le cartacha, ceáranna agus le
coisighthe ag triall ar an mbaile mór. Bhí
Pádraig Ó Briain agus a mhiúil 'na measc.
D' fhan a bhean i mbun an tighe agus na bpáistí


L. 54


mar a dhein sí bliain is an taca sin. Ní raibh
sí leath chómh sásta agus a bhí sí an Nodlaig
roimhe sin mar ní fheadar sí 'dé'n chríoch a bhí le
bheith uirre fé mbeadh ráithe di aici. Bhí Domhnall
Ó Cruadhlaoi tar éis fógra an chíosa a thabhairt
uaidh. Lá an Chinn a bhí beartuighthe agus is i
"dTigh leath-slighe," bhí an cíos le glacadh arís.
Is í bhí go cráidhte d' iarraidh cuimhneamh ar
sheift éigin a dhéanfadh an gnó in áit an tarna
cíosa, nuair ná raibh an cíos aca. Ní raibh
aoinne leasmuigh de'n ngabha a n-inneosadh sí a
scéal do ná a n-iarrfadh sí comhairle ná congnamh
air. "Mhuise," ar sí, "céad slán chum an
Athar Seán, is é ná tabharfadh a chúl don duine
bocht. Dá mbeadh sé annso nach é chuirfeadh an
misneach agus an compórd orm. Acht an sagair-
tín atá againn anois ní'l aoinne uaidh acht puic
an pharóiste. Ní'l aon chuimilt aige leis an
duine bocht. Go bhféacaidh Dia orainn, is cruaidh
é ár gcás."



Leis an linn sin bhuail sé isteach 'na h-aigne
féachaint ar gach admháil cíosa a bhí faighte aca
le dathad blian siar. Chuaidh sí agus fuair sí
boiscín 'na raibh gach aon admháil i gcoimeád ann.
D' fhéach sí go cruinn orra. Bhí gach aon cheann
ann acht aon cheann amháin. Ní raibh aon fhagháil
air sin. Bhí leitir sa mboiscín leis agus í
dúnta. "Ó!" ar sí, "uadhacht Mháire ní
Fhaoláin! Ní fheadar an bhfuil Róisín an bhliain
agus fiche fós? Is clos dom go rugadh í
thimcheall an Mhárta. Scríobhfad chúichi agus
inneosad di cad tá uaim di agus tabharfaidh sin
a bhaile í. Badh mhaith liom í fheicsint, pé scéal
é."



Chuir sí na h-admhálacha thar n-ais arís mar a


L. 55


rabhdar agus scríobh sí an leitir go dtí Róisín.



Tháinig Lá Nodlag agus d' imthigh sé. Níorbh
é Lá Nodlag ba mheasa acht Lá an Chinn. Tháinig
an lá sin leis agus chuaidh Pádraig go "Tigh
leath-slighe." Bhí Fiachadún, an Gárdúnach agus
Domhnall ann. Gach aoinne ag teacht le n-a
chíos agus ag dul i láthair Fhiachadúin d' réir mar
a tháinig a uain. Glaodhadh ar Phádraig Ó
Briain. Chuaidh sé isteach. Ní raibh aige acht
aon chíos amháin. Shín sé chum an Ghárdúnaigh é.
Chomhairigh séisin é.



"Ní'l annso agat acht cíos aon bhliana
amháin," ars an Gárdúnach. "Ná dubhradh leat
go mbeadh cíos dhá bhliain ag glaodhach ort?"



"Ní'l sé ar m' acfuinn é dhíol," arsa
Pádraig.



"Ní ghlacfar an cíos sin uait. Cuir chughat
é. Caithfidh tú an áit d' fhágaint. Mara
ndíolfaidh tusa é, díolfaidh duine éigin eile é,"
arsa Fiachadún.



"Is dócha go ndíolfaidh, acht cad is féidir
liom a dhéanamh nuair ná fuil sé agam le díol?"



"Fuair tú aimsir do dhóthain chuige. Cuir
chughat an cíos sin agus bí ag imtheacht."



Tháinig Pádraig amach go dubhach brónach.
D' fhan sé i "dTigh leath-slighe," gur bheir an
oidhche air agus d' innis sé do'n ngabha mar a
bhí idir é féin agus an tighearna.



"Ná bíodh aon eagla ort," ars an gabha.
"Fóirfead-sa ort. Scaoil leis an scéal mar
atá anois go cionn tamaill. Ní bheadh fhios
agat cad is bun leis an obair seo ná 'dé'n
fuadar atá fútha súd. Rud éigin eile atá
orra, mar ní fheicim 'dé chúis go mbeidís anuas
chómh mór ort. Ní chuirfear amach tú ar aon chor.


L. 56


Coimeádfaidh na daoine istigh tú d' aimhdheoin an
tsaoghail agus má chuirtear ort arís gheobhaimíd
an dá chíos a dhíol."



Bhí a lán daoine eile i "dTigh leath-slighe,"
agus d' airigheadar an feall a bhíodh chum a
dhéanamh ar an mBrianach bocht. Níor mhaith le
h-aoinne aca é agus thugadar na mionaí ná
leomhfaidís d' aoinne sméid air féin ná ar a
mhurar beag.



Tar éis Lae an Chinn bhí sé i mbéal gach aoinne
go mbeadh na báillí ar an mBrianach ar an
ochtmhadh lá fichead de mhí Feabhra. Bhí na
laetheanta ag teacht agus ag imtheacht, an scéal
ag dul ó bhéal go béal, gach aoinne agus an focal
maith aca do Phádraig agus an droch-fhocal aca
do'n tighearna talmhan, agus iad go léir tomanta
ar é choimeád sa tseilbh.



Cúpla lá roimh an lá a bhí beartuighthe chum iad
a chaitheamh amach chuir an Gárdúnach fios ar
Shiobhán. Tháinig sí. Bhí sé féin agus Fiachadún
istigh roimpe.



"Cad atá uaibh díom anois?" ar sí.



"Bhíos á chuimhneamh," ars an Gárdúnach,
"ná beadh aon deallradh sibh a chur amach gan
duine éigin agaibh d' fheicsint, agus nuair a
thárla an tighearna féin annso indiu chuireas
fios ort féachaint an bhfuighmís aon socrú a
dhéanamh eadrainn féin."



"Is agaibh-se atá an socrú sin a dhéanamh.
Ní'l aon chuid agam-sa ann. Má tá fonn oraibh
sinn a chur as seilbh déinidhí é, agus muna
bhfuil sibh chum é dhéanamh, abraidhí é. Sin a
bhfuil ann," arsa Siobhán.



"Caithfear fiacha a dhíol," arsa Fiachadún.


L. 57


"Béidir ná fuil sé ar acfuinn ag sna daoine
iad a dhíol," arsan Gárdúnach.



"Cár ghabh an t-airgead a fhág Máire ní
Fhaoláin agat?" arsa Fiachadún.



"Ní fheacaidh mé an oiread le pingin dá cuid
airgid, ní raibh aon chaitheamh agam 'na dhiaidh.
Dhéanfainn níos mó do Mháire ná mar a dheineas
di gan aon bhraith a bheith agam ar airgead uaithe.
Pé duine thug an scéal sin chughaibh ba é an
t-éitheach aige é."



"Níor thug aoinne," ars an Gárdúnach.
"'Sé rud a chuir 'nár gcionn é, acht an cuimhin
leat an lá úd a dhearmhad tú an leitir i seomra
Mháire. D' fhéachas-sa ar an leitir sin agus
tá sé ag rith liom ó shin gurbh' é a h-uadhacht a
bhí innte."



"Tá an leitir sin agam-sa fós, agus beidh
go dtabharfad do'n duine ceart í."



"Cé hé an duine ceart?"



"Ní inneosad sin duit."



"Muna inneosair, díolfair as."



"Ní dhéanfad dá mbeadh mo bhás air. An
rud a fhág an bhean le h-uadhacht agam a dhéanamh
déanfad é agus sin a ndéanfad."



"Déanfaidh sin," arsa Fiachadún, "acht
cuimhnigh go mbeidh sásamh againn asat."



"Ní'l aon rud agat-sa le déanamh leis an
leitir, pé rud atá ag an nGárdúnach le déanamh
léi."



"Ní dhéineann sin aon deifir," ars' an
Gárdúnach, "mar a chéile 'seadh sinn sa ngnó
so, agus má's maith leat-sa do áit agus d'
úrlár agus do fheirm bheag thalmhan a bheith agat
agus maireachtain a dhéanamh, tabhair uait an
leitir sin. Gheobhair thar n-ais arís í."


L. 58


"Ní thabharfad," arsa Siobhán, agus amach
léi uatha.



Nuair a chuaidh sí abhaile nocht sí an scéal ó
thúis deire dá fear. Bhí iongantas an tsaoghail
air. "Féach," ar sé, "go raibh an ceart ag an
ngabha."



Chuaidh sé go dtí 'n gabha de'n iarracht sin
agus d' innis sé cionnus mar a bhí do.



"Ná raibh fhios agam," ars an gabha, "go
raibh rún nó rud éigin bun os cionn ag baint
leis an bhfeall so. Ná h-innis do scéal do
aoinne acht leig don tighearna agus dá chleamh-
anuighthe a rogha rud a dhéanamh agus geallaim-se
dhuit go mbainfear cleite asta."



Ní dubhairt Pádraig focal acht teacht thar
n-ais a bhaile


L. 59


CAIBIDIL IX



Eachtra an gleithireán a bhí ar fuaid na dúithche,
gach duine ag cur i gcóir do lá na mbáillí.
An lá roimh ré d' aistrigheadh trí nó ceathair de
bha a bhí ag an mBrianach go dtí talamh feir-
meora eile. D' aistrigheadh na h-eallaigh agus
aon strus beag eile a bhí air — gach aon rud acht
pucán agus dhá ghabhar. I gcionn na h-oidhche
bhailigh tincéirí na dúithche timcheall an tighe.
Bhí Maitiú, mongaire, agus a mhiúil ag "Tigh
leath-slighe"; bhíodar ag cur fútha ann an oidhche
sin. Bhí daoine eile ann leis, an oidhche chéadna
sin, a bhí tar éis teacht i bhfad ó bhaile.



Luath go maith ar maidin bhí daoine ag déanamh
ar thigh an Bhrianaigh. An gabha agus a mhac an
chéad bheirt a tháinig. Is ar éigin a bhí solas an
lae ann agus iad ag déanamh ar an tigh. Shíleadar
ná raibh aoinne ann rómpa. Acht bhí dearmhad
orra. Bhí ann Donabhán, tincéir, agus timcheall
deichneabhar agus fiche tincéirí eile in' fhochair.
Ó rith an tuile ní fheaca aoinne a leithéid de
radharc asal agus a bhí ann. In aghaidh gach asail
bhí bean agus páiste gan trácht ar fhearaibh, ar
bhuachaillí óga ná ar chailíní óga. Bhí arm ionta
féin ionta agus níorbh' arm mar mhagadh é. Ar
thaobh an bhóthair bhí trí h-ualaighe bataí droighean
dubh. Ní raibh ag aoinne a thiocfadh le déanamh
acht breith ar cheann aca.



Nuair a chonnacadar an gabha ag teacht ní raibh


L. 60


aon tseó acht an t-áthas a bhí orra. Bhí aithne
acu go léir air. Bhí aithne aige sin orra, aithne
mhacánta ar chuid aca agus aithne dá mhalairt ar
chuid eile, mar ba mhinic a thug sé an dorus
amach dóibh. Dhein sé a shlighe tríotha agus bhuail
sé isteach go dtí Pádraig. Bhí Pádraig agus a
bhean istigh agus gan mórán de mhairg an tsaoghail
orra.



"Níor thángadar fós," arsa an gabha.



"Na báillí, an iad?" arsa Pádraig.



"'Siad."



"Níor thángadar agus nár thagaid, agus má
thagaid is dóigh liom go mbeidh a dturus in
aistir aca. An bhfeiceann tú an t-arm sin
amuigh?"



"Chím agus is maith an gnó ann é le linn
práidhinneach. Féach, gur mairg a bheadh ag teacht
anuas orra mar thincéirí dá dhonacht iad."



"Sin í an fhírinne agat. An bhfeadar tú dhom
a mbeidh aoinne eile againn?"



"Beidh, tá an tigh agam-sa thall lán cheana
féin. Is gairid go mbeidh siad go léir annso.
Ní bheadh fhios agat cad as a thiocfadh daoine ná
cé hé an té bheadh annso fós."



Bhí Séamas Óg agus b'fhada leis fhaid a bhí an
dream a bhí i "dTigh leath-slighe" gan teacht.
Rith sé fé n-a ndéin. Ghabh Maitiú a mhiúil.
Thug sé dhá phiúnta leanna agus dhá bhollóig
aráin di. Annsin bhog sé féin agus í féin chum
bóthair. Tháinig mac an ghabha agus an dream
eile 'na dhiaidh. In áit a chéile bhí daoine eile
ag teacht 'na mbeirt agus 'na dtriúir. Bhí an
áit dubh le daoine thimcheall a dá uair déag.
Agus fós ní raibh aon teimheal des na báillí le
feicsint ag teacht. Bhí gach aoinne agus súile


L. 61


orra ag féachaint soir siar, ó dheas is ó thuaidh.
Níorbh' fhada go bhfeacadar chúcha marcach i
ndrom capaill. Leag gach fear a shúil air.
Dubhairt fear gurbh' é Fiachadún a bhí ann;
dubhairt fear eile gurbh' é an Gárdúnach a bhí
ann agus bhí a thuille a rádh gurbh' é an Siriam
a bhí ann agus nár mhór a bheith ag cur i gcóir. Bhí
súil an ghabhann i gcomhnuidhe air. "Má
mhairim," ar sé, "'sé an t-Athair Seán Paor
atá ag teacht."



D' fhéach gach aoinne go cruinn arís. Bhí sé
ag druidim leo. "An duine céadna," ar
siad.



"Mhuise, mo ghraidhinn go deo é!" arsa
Siobhán. "Is é ná séanfadh an duine bocht
anois ná an uair úd, in aoibhneas ná in uaigneas,
i gcompórd ná i mbuaidhreamh."



Ní raibh aon choinne ag aoinne leis. Nuair a
tháinig sé fhaid leo ní fheadar siad cad ba mhaith
dhóibh a dhéanamh de. Rugadh ar a chapall; rugadh
air féin. Ba dhóbair go stracfaidhe as a chéile
é le neart báidh agus ceana.



Chaith sé labhairt. Ní raibh aon dul as aige.
Cuireadh ar mhuin a chapaill arís é, agus bhailigh an
cóimhthionól thimcheall air féin agus ar an gcapall.
An chéad rud a dhein sé ná a hata bhaint de.
Dhein aoinne a raibh hata, caidhp, nó caipín air
an cleas céadna. Bhí a hata i láimh gach fir agus
a bhata droighean dubh sa láimh eile. Bhain an
sagart Fíoghar na Croise de féin agus thosnuigh
le Paidir agus Abhé Máiré. Annsin labhair sé —



"A dhaoine! óg agus aosta mar atá sibh
annso; tá fhios agaibh gurb é an rud céadna a
thug sibh-se annso indiu a thug mise ann, sé sin
gur dhóghaidh agus gur loisc go h-ae me, a chlos go


L. 62


raibh mo dhaoine muinnteardha bochta — Pádraig
Ó Briain agus a bhean agus a pháistí — le caitheamh
amach as a dtigh agus as a n-áit — an méid a
thug Dia sa saoghal dóibh agus dá sinsir rómpa —
go rabhdar á gcaitheamh amach ar thaobh an bhóthair
díreach mar a chaithfidhe madra confaidh nó
asal tincéara."



Liúigh gach aoinne, fiú na tincéirí féin.
"Mhuise, nár chaillidh Dia ort, a chabhair na
mbocht!" arsa Siobhán.



"Bhí fhios agam go mbeadh an sluagh so annso
romham chum na droch-oibre seo chur fé chois, mar
níor theip agus níor chaill riamh ar an nGaedheal
an ceart a chaomhnadh ná an t-an-cheart a shéanadh.
Beidh an Siriam agus a shluagh píléirí agus
báillí annso go luath 'nbhur measc. Beidh siad
gléasta in arm agus in éide. Beidh fuadar
foghla agus fóir-éigne fútha. Tá cead aca ó
dhlighe na Sasanach a neart agus a dtréineacht a
chur i bhfeidhm oraibh-se. Is cuma leo cóir nó
éagcóir acht an dualgas sin a chóimhlíonadh. Mo
thruagh-sa an té atá fé n-a gcoimirce.



"Tá sibh-se annso. Ní'l oraibh arm ná éide.
Ní'l agaibh acht an bata droighean dubh. Tá sibh
annso gan cuireadh gan iarraidh, gan spleádhchas
do dhlighe ríoghachta ná tíre. Tuigeann sibh gur
ceart agus gur cóir díbh seasamh i gcoinne na
h-éagcórach. Sin é bhur ndualgas agus is mian
libh é chóimhlíonadh. Tá fuadar slad fúibh, fuadar
fuil a dhorta. Mo thruagh an té raghaidh sibh in
achrann leis, acht annsin, mo thruagh sibh féin 'na
dhiaidh sin.



"Ar an adhbhar sin, bídhí aireach. Ní'l aon
mhaith i slad ná i ndorta fola. Ní bhíonn ann acht
sásamh aigne ar feadh na h-uaire sin don té


L. 63


dhéineann é. Annsin tagtar air féin agus 'sé
bhíonn síos de i ndeire na dála. Tá an dlighe
ann. Is ag an namhaid atá sí agus ní baoghal
ná go gcuirfidh sé ag obair í. Agus ní i dtaobh
leis an méid sin a dhéanfaidh sé, teasbáinfidh
sé in' fhochair sin don saoghal go léir ná fuil
i nÉirinn acht daoine fiadhaine ná stadann acht
ag marbhú agus ag milleadh a chéile gan chúis gan
adhbhar. Dá bhrígh sin, bíodh foidhne agaibh. Ná
déineadh aoinne agaibh aon rud a mbeadh sé in'
aithreachas. Bídhí cneasta, ciallmhar, stuama.
Nuair a thiocfaidh an tóir labharfaimíd leo agus
beidh fhios againn cad tá siad chum a dhéanamh."



"Is maith atá fhios againn cad tá de fhonn
orra a dhéanamh, a Athair, acht mar sin féin, aon
rud is toil leat-sa déanfar é," arsa duine
des na daoine.



Thimcheall a buille a chlog ní raibh aon triall á
dhéanamh ag sna báillí. Bhí an sluagh ag teacht
rud beag caithte agus a gcuid foidhne amhlaidh
leis. Lá Feabhra ba eadh é agus bhí ruibe ar an
aimsir a ghearrfadh an croiceann de dhuine muna
mbeadh corruighe éigin á dhéanamh aige. Acht, ní
fada an fuireach a bhí orra. Ní raibh an buille
buailte nuair a chonnacadar an Siriam ag teacht
i ndrom capaill agus ceathramhadh chéad fear le
n-a chois. Dheineadar ar an láthair go dian
dána. Bhí deichneabhar báillí ann agus cúigear
déag píléirí. Níor chuir an sluagh aon tsuim
ionta. Níor chorruigh an sagart cos leis.
Bhí na daoine agus súil aca ar an sagart agus
an tsúil eile aca ar an Siriam, agus coinne aca
go labharfaidís le n-a chéile, acht níor chuireadar
isteach ná amach ar a chéile. Níor fhéach ná níor
labhair ná níor bheannaigh an Siriam ná a chuid


L. 64


fear do aoinne a bhí ann. Bhíodar ag caint
agus ag cómhrádh le n-a chéile díreach agus dá
mbadh ná beadh duine ann acht iad féin. Nuair a
bhí gach aon rud tabhartha fé ndeara aca agus a
gcuid cainte déanta aca thug an Siriam an t-órdú
uaidh dul agus an obair a bhí in áirighthe dóibh
a dhéanamh.



Chuaidh cúigear báillí de'n iarracht sin go dtí
bothán na miúlach, cúigear eile isteach i dtigh na
muintire. D' imthigh cúigear píléirí ar fuaid
na feirmeach agus d' fhan an deichneabhar eile
mar ghárda timcheall ar an Siriam, le h-eagla
go mbeadh aon troid ná achrann sa scéal agus dá
mbeadh chum an chéad iarracht a bheith aca.



Thárla gur chuir Maitiú a mhiúil isteach i
mbothán an Bhrianaigh. Bhí an dorus dúnta uirre,
an glas ar an dorus agus an eochair ar iarraidh
agus má bhí Séamas Gabha féin ann ní baoghal go
ngearrfadh sé an t-iarann. B' éigin do sna
báillí an dorus a chur isteach le fórsa. Chuaidh
beirt aca isteach i ndiaidh an duiris. Bhí an
mhiúil istigh sínte agus gan cor aiste. Rug
fear aca ar cheannrach a bhí ar crochadh ar spíce
a bhí sa bhfalla. Chuir sé isteach ar a ceann
é. Bhain sé stracadh as. Bhí an báille eile
taobh thiar de'n miúil agus fuip aige. Thug sé
buille beag dá chois di. Níor éirigh sí, ná níor
chorraigh. Nuair nár dhein chuir sé cos na fuipe
a bhaile uirre. Pioc suime níor chuir sí innte.



"Tá rud éigin uirre," arsa fear na fuipe.



"Tá bitheamhantaigheacht," arsa báille bhí
leasmuigh de'n dorus, agus isteach leis féin
agus le báille eile. Chromadar ag gabháil de
chosaibh agus de bhataí sa mbeithidheach bocht gur
dhúisigh sí. Ní fheadar sí an raibh aoinne ag


L. 65


gabháil di. Bhí sí chómh mór sin i dtaithighe bata
agus bualadh nárbh' mhó ghoillfeadh tochas uirre
ná iad.



D' oscail sí a súile. D' fhéach sí timcheall
uirre féin. Chuir sí sraoth aiste. Má chuir
buaileadh buille uirre. Chuir sí cnead aiste
agus bhain sí síne aiste féin. Buaileadh cúpla
buille i dteannta a chéile uirre. D' éirigh sí
agus d'fhéach sí timcheall arís uirre féin.



"Strac leat í," arsa báille aca leis an
mbáille a raibh an srian 'na láimh aige.



Bhain séisin stracadh as an srian, acht má
bhain, bhain an mhiúil stracadh 'na choinne as agus
bhain sí casadh giúrnálach as a ceann. D' imthigh
an ceannrach dá cionn. Rith fear an cheannraigh
de'n iarracht sin chum é chur isteach ar a ceann
arís. Dhruid an mhiúil rud beag i ndiaidh a cúil
uaidh. Bhí an triúr eile taobh thiar di agus
chaitheadar a lámha a leagaint ar a ceathramhadh
chum iad féin a chosaint idir í agus an falla.
Thárla gurbh' é áit ar leag ceann aca a lámh ná
ar an bpaiste tinn a bhí ar chnámh a droma, siar
ó ionad na srathrach — an áit a mbainfeadh Maitiú
barr a bhata leis nuair a bhíodh fonn air cóimh-
thionól a bhailú chum a chuid éisc a dhíol.



Níor luaithe a bhí bainte leis an bpaiste seo
ná mar a bhain sí bionóg aiste féin. Bhuail sí
fear an cheannraigh le buille dá ceann sa mbolg
agus dhein sí marbhán de. Bhí sé sínte maol
marbh treasna béal an duiris. Annsin chrom
sí ag eirghe as a cosa deire. Ní raibh sé d' uain
ag sna báillí imtheacht ná teacht. Pé áit de'n
mbothán a n-iompuighdís bhíodh cruidhte deire na
miúlach ag dul a bhaile orra. Fuair ceann aca
greim ar chúinne de'n dorus agus strac sé chuige


L. 66


é. Dhein an dorus saghas foithne dóibh. Ní
raibh sos ná suaimhneas ar an miúil acht gach aon
sraoth agus gach aon chnead agus gach aon speach
aici; agus na báillí agus gach aon liúigh aca.
An báille bhí leasmuigh ní fheadar sé cad ba mhaith
do a dhéanamh. Bhí sé ag féachaint ar a chomarádaí
treasna an duiris agus ní leigfeadh eagla dho
dul d' iarracht air. Acht ba ghairid gur airigh
na daoine an gleithiréan sa mbothán. Bhailigh-
eadar timcheall an bhotháin. Bhí an Siriam ag
féachaint acht ní raibh fhios aige cad a bhí ar
siubhal. Shíl sé gurbh' amhlaidh bhí na báillí agus
na daoine ag troid istigh sa mbothán. Bhí an
iomarca bailighthe timcheall an bhotháin chum slighe
isteach a bheith aige.



"Slighe annsin," ar sé.



Níor chuir aoinne aon tsuim ann.



"Slighe annsin," ar sé arís.



Níor airigh aoinne é.



"Slighe annsin, in ainm an Rí," ar sé.



Pioc toraidh níor tugadh air féin ná ar an Rí.



"Déinidhí slighe dóibh," ars an sagart.



Deineadh slighe dóibh. Dhein an deichneabhar
píléirí ar an dorus. Ní leomhfaidís a gcinn a
chur isteach mar bhí suip agus salachar agus
púróga ag teacht 'na chioth tríd an dorus.
Chonnacadar an báille bhí treasna an duiris agus
lámh leis sínte amach. Fuair ceann aca amas
ar bhreith ar a láimh agus strac sé amach é. Bhí
sé briste brúighte agus é mar a bheadh sé tar éis
fanntais a chur de.



Tugadh go dtí an sagart é.



"'Dé'n creideamh atá aige seo?" ars an
sagart leis an Siriam.



"Ní fheadar," ar séisin.


L. 67


"Giúdach is eadh é. Ná feiceann tú chómh
buidhe agus atá sé?" arsa feirmeoir.



"Má tá sé buidhe féin," ars an sagart,
"béidir go bhfuil croidhe geal aige."



"Deirim-se croidhe geal leat ag báille!"
ars an feirmeoir.



"Pé 'cu buidhe nó bán atá an croidhe aige,
ní'l aon bhaoghal báis air an iarracht so. Ní'l sé
acht beagáinín loitighthe.



"Ní fearr slán é dá gcuirfeadh sin gan a
bheith 'na bháille é."



Rug na píléirí air agus chuireadar i leath-
taoibh é. Bhí an mhiúil ar siubhal i gcomhnuidhe.



"'Dé chúis ná téigheann sibh isteach?" ars
an Siriam leis na píléirí.



"Miúil mhalluighthe atá ann," ar siad.



"Lámhadh ceann agaibh í," ar sé.



"Má lámhtar mo mhiúil orm," arsa Maitiú,
"díolfaidh duine éigin as an rósta," agus
anonn leis go dtí dorus an bhotháin.



"Bho hó Sam!" ar sé.



Stad an mhiúil de'n iarracht sin, agus chuir sí
a ceann amach sa dorus. Rug Maitiú ar an
gceannrach agus chuir sé uirre é. Bhí sí chómh
mín macánta le h-uan. Bhí an triúr báillí
agus iad idir an falla agus an dorus.



"Gabhaidhí amach fé'n aer," arsa Maitiú leo.



Sheasaigh beirt aca anáirde. Bhí an fear eile
an-lag. Chaitheadar breith air agus é d' iomchar
amach. Bhí an triúr aca chómh millte chómh martra
sin nár bhfearrde duine féachaint orra. Bhí a
gcuid éadaigh stractha, sraoilte, sailighthe, agus
a n-aighthe lán d' fhuil agus de ghearraí. An
fear a beireadh amach tugadh go dtí 'n sagart é.



"Tá sé i bpráidhinn na h-ola," ars an sagart,


L. 68


"agus caithfear dul fé dhéin sagart an phar-
pharóiste do; acht ní fheadar an Caitliceach ar aon
chor é?"



"Is eadh," arsa báille.



"Cad is ainm do?" ars an sagart.



"Domhnall Ó Cruadhlaoi," ars an báille.



"Ó an Diabhal! Ní'l Giúdach ag caitheamh
bríste chómh dona leis," arsa Diarmuid Ó Duinn.



Bhí na daoine ag brughadh isteach chum Domhnall
d' fheicsint. Níor aithnigheadar go dtí sin é
mar bhí sé fé chealltar. "Fanaidhí siar," ars
an sagart. "Beireadh beirt nó triúr agaibh
go dtí áit éigin é seo go dtiocfaidh an sagart
paróiste."



Deineadh amhlaidh, agus chuaidh teachtaire fé
dhéin an tsagairt. Níor mhaith leis an Athair
Seán gan Domhnall a leanmhaint le h-eagla go
bhfuigheadh sé bás gan an sagart. D' imthigh sé
'na dhiaidh.



Scaip na daoine annsin ón mbothán agus bhailigh
na báillí timcheall ar an Siriam. Bhí an cúigear
a bhí istigh i dtigh na muintire timcheall air.



"Cad a thug annsin sibh?" ar sé leo.



"Thángamair amach féachaint cad a bhí ar
siubhal," ar siad.



"An é sin an cúram atá 'nbhur ngnó agaibh?
Isteach libh arís agus ná fágaidhí luach leath-
phingne fé fhrathacha an tighe sin gan caitheamh
amach," ar sé.



Chuadar isteach. Bhí beirt des na páistí
istigh á gceilt féin timcheall an tighe. Cuireadh
amach iad. Bhí troscán an tighe á chaitheamh amach
díreach mar a bheifidhe ag caitheamh amach fóid
mhóna.



"Cá bhfuil an sagart?" ars an gabha.


L. 69


"Ní'l sé annso," ars an cóimhthionól.



"Bhoil, ní dhéanfaidh an obair seo an gnó,"
ar sé.



Bhí na tincéirí ar sceanna. Ba é Donabhán,
tincéir, a raibh an chéad iarracht aige. Bhí sé le
h-ais ualaigh bhataí. Bhí ceann 'na láimh aige
agus rug sé ar cheann eile. Bhí cúl an tSiriaim
leis agus thug sé fé le ceann aca. Chonnaic an
cóimhthionól an bata ag imtheacht agus ag bualadh
an tSiriaim sa drom. Bhí an fuinneamh caithte
san imtheacht a bhí fé'n mbata agus níor ghortuigh
sé é, acht ba chuma sin bhí an teine adhanta.
Phreab na píléirí; acht má phreab, phreab fiche
duine i gcoinne gach duine aca. Rith timcheall
dathad duine isteach i dtigh an Bhrianaigh. Bhí
bualadh istigh agus bualadh amuigh. Bhí na báillí
istigh ag faire amais ar theacht amach acht ba
bheag an chabhair dóibh. Bhí duine aca ag an dorus
nuair a rug Diarmuid Ó Duinn ar scórnach air.
Thachtfadh sé é meireach comhairle an tsagairt.
Bhog sé de agus níor luaithe bhog ná a rith an báille
amach an dorus. Cé bheadh ag an dorus ná mac
an ghabha agus bata 'na láimh aige agus é ag faire
mar a bheadh cat ar luich. Ní túisce bhí a cheann
amuigh sa dorus ag an mbáille ná mar a bhí sé
buailte idir an gob agus an tsúil le snaidhm de
bhata. Thuit sé gan chuach.



Chum scéal gairid a dhéanamh de'n scéal fada,
fuair lucht an airm agus an éide greadadh maith
agus cuid aca giorr-shaoghail. Fuair cuid des
na daoine féin droch-iarrachtaí agus gheobhadh
an scéal a bheith ní ba mheasa aca meireach an
Siriam. Bhí fonn ar chuid des na píléirí dul
sa lámhach acht ní leomhfadh sé dóibh é. Bhí an
t-órdú aca gan é dhéanamh. Nuair a thuit an


L. 70


fear ag an dorus bhí deallradh grána ag teacht
ar an scéal agus in áit na píléirí agus na báillí
a ghéarú chum na troda is amhlaidh ghlaoidh an
Siriam orra. Bhailigheadar i dteannta a chéile
le beagáinín duaidh agus chuireadar chum bóthair.
Bhí deire leis an mustar; acht, meireach na
gunnaí ní bheadh. I ndeire an mhustair tháinig
an cúigear píléirí a bhí ar fuaid na feirmeach
agus pucán agus dhá ghabhar rómpa amach. Nuair a
chonnaic an Siriam iad bhagair sé orra. Tháng-
adar, agus chuireadar díobh in' fhochair. Mhaoluigh
an gleithireán agus an t-achrann. Scaip na
daoine acht amháin roint comharsan a chuir rudaí
beaga 'na n-ionad féin i bhfochair Shiobháin.



Nuair a chas an t-Athair Seán bhí an sluagh
imthighthe. B' oth leis an t-achrann acht dob'
áthas leis Siobhán agus Pádraig a bheith sa tseilbh
i gcomhnuidhe. "Tá an buaidh ann," ar sé,
"acht tiocfaidh buaidhreamh do dhuine éigin as."


L. 71


CAIBIDIL X



Fuair Róisín leitir Shiobháin. B' ait léi í.
Ní raibh de choinne aici le scéala uaithe acht mar
a chéile agus a bhí ón uaigh. Bhí sí corruigheacht
agus bliain i Sasana leis an linn seo agus ba
dhéirc léi a bheith scathamh amach as. Bhí a rian
air, léigh sí an leitir go cneasta agus nuair a bhí
sí léighte aici tháinig "An Turus go Tír na n-Óg"
arís chum a h-aigne. "Tá glaoidhte orm," ar
sí, "agus 'sí an leitir seo an leoithne chaoin
ag cogar thar an gcuan." Shuidh sí síos agus
scríobh sí a bhaile go dtí n-a h-athair á rádh
leis go raibh gnó aici go h-Éirinn agus gur mhaith
léi triall. Nuair a fuair a h-athair an leitir
bhí an-imshníomh air i dtaobh na h-oibre bhí ar
siubhal sa pharóiste, agus bhí Fiachadún agus a
mhac sa tigh aige agus an t-imshníomh céadna
orra sin. D' innis an Gárdúnach dóibh go raibh
fonn ar Róisín teacht a bhaile.



"B' fhéidir nárbh' fhearr dhi ar domhan é ar
theacht an tsamhraidh," arsa Fiachadún, "acht
amháin go bhfuilmíd rud beag gleithireánach anois
agus ná féadfaí dul chum í thionlacann."



"Tá sin amhlaidh," ars an Gárdúnach, "acht
is féidir linn Seoirse a spáráil. Tá sé óg,
láidir agus sean-oilte ar an turus so."



"An ndéanfá rith anonn?" arsa Fiachadún
le Seoirse.



"Le fuinneamh," arsa Seoirse.


L. 72


Bhí 'na mhargadh. Chuir Seoirse chum bóthair.
Ba é lá na mbáillí ar Phádraig Ó Briain an lá
bhí Seoirse ag dul anonn. Bhuail sé port thall
agus chuaidh a bhaile. An lá céadna tháinig an
bhean tighe go dtí Róisín agus adubhairt léi go
raibh Seoirse ag teacht.



"Is maith sin," arsa Róisín, "béidir go
mbeadh scéal ar foghnamh éigin aige."



"An bhfuilir ag coinne le scéala?" ars an
bhean tighe.



"Táim. Táim ag coinne le scéala le roint
laetheanta. Ní'l uaim acht an focal chum dul a
bhaile."



"Beidh uaigneas orm-sa id'dhiaidh má imthighir."



"Beidh agus uaigneas orm-sa id' dhiaidh-se.
B' fhearr dhuit teacht go h-Éirinn liom ar feadh
tamaill."



"Badh é mo bhail é, acht ní h-ionann é rádh
agus é dhéanamh. Ní cead dom dul."



"Ní bheadh fhios agat. Déanfaimíd seift."



"Má's féidir leat déin, mar badh mhaith
liom, ar chuma éigin, a bheith in éinfeacht leat."



"Tá go maith. Déanfad mo dhícheall."



Níorbh' fhada gur bhuail Seoirse an dorus
isteach. Tar éis do gabháil trí roint mhaith
geáitsí agus deagh-bhéasa galldha agus é féin a
bheathú tar éis bóthair chuaidh sé ar sheanchas le
Róisín.



"Teacht ó Éirinn dom," ar sé.



"Maith do theacht. An bhfuil aon scéal ar
foghnamh le h-aithris?" ar sí.



"Is oth liom a rádh ná fuil. Tá cuid ded'
chomharsain agus ded' dhaoine muinteardha caithte
amach as a dtigh ag m' athair. B' fhearr leo a


L. 73


gcuid de'n tsaoghal d' ól agus a chaitheamh ná a
gcíos a dhíol."



"An misde a fhiafruighe dhíot cé h-iad sin?"



"Tá, Pádraig Ó Briain, agus a líon-tighe."



"Is oth liom mar scéal sin, cé nach anamh mar
scéal a leithéid i nÉirinn. Is deas mar leigheas
ar an aingcise an feall. An é sin an scéal
is fearr atá ar iomchar agat?"



"Sé, cé go bhfuilim ag teacht mar theachtaire
agus mar threoir chughat-sa, sé sin, chum a innsint
duit go bhfuil do thriall a bhaile agus chum a bheith
leat sa tslighe. Dá mbadh mise thusa is fada ó
Éirinn d' fhanfainn an fhaid a bheadh áit agus tír
níos fearr agam le fuireach ann."



"Is aoibhinn do theachtaireacht acht is baoth do
threoir. Dá mbadh mise thusa is fada ó Éirinn
d' fhanfainn mar ní'l aon éileamh ag Éirinn ort
agus is fada fairsing í an tír seo agat."



"Cuireadh mise chum tú thionlocann."



"Ní'l do thionlocann uaim."



"Ní h-amhlaidh raghfá it' aonar ar turus tíre
is fairrge. Tá baoghal báidhte agus mar-
marbhuighthe id' chionn agus ciotrainní nach iad."



"Is cuma baoghal. Is binne liom baoghal
baoghail ná do chuideachta-sa."



"Agus cé badh mhéinn leat?"



"Mo rogha m' aonar; acht tá duine sa tigh
seo ná diúltochainn dom' chuideachtain ná dom'
choinleach."



"Cé hé an duine sin?"



"An bhean tighe atá annso."



"Badh mhaith leat í dhul leat go h-Éirinn agus
sibh araon a chasadh in éinfeacht."



"Shiubhlochainn an saoghal léi."


L. 74


"Tá go maith. Raghaidh an triúr againn go
h-Éirinn mar sin. An bhfuil tú sásta?"



"Táim."



Ní h-aithristear aon rud eile 'na dtaobh gur
bhuaileadar cuan agus caladh phort i gCumar na
dTrí n-Uisce. .i. Cuan Phortláirge. Dheineadar
moill bheag sa chathair. Annsin chuadar ar
chóiste cheithre gcapall a bhí ag fuireach leo chum
iad a bhreith a bhaile. Bhogadar. Bhí an cóiste ag
imtheacht go bríoghmhar mar bhí na capaill go
groidhe, lúthmhar fé. Cois Siúire a bhí a ngabháil
mar a raibh súil-fhéachaint le fagháil ag Róisín ar
Shliabh na mBan bhFionn a bhí go h-uaibhreach agus
go h-uasal 'na sheasamh ó thuaidh uaithe. B' eol
di ó n-a sean-mháthair agus ó'n scoláire bocht
stair na h-áite sin agus an slad a deineadh ar
Ghaedhil ann le linn cogaidh Rois. Acht níor
chuibhe dhí a bheith ar machtnamh an uair sin mar bhí
sí ar sheanchas agus na capaill ag goid na slighe
go luath mear léir. Shroiseadar Cluain Meala
agus níor tharraingeadh srian ann. Thángadar
díreach a bhaile. Bhí an Gárdúnach agus a bhean
agus Fiachadún agus a bhean ann rómpa. Chuir-
eadar na tuartha fáilte roimh Róisín. 'Sí
Róisín féin a bhí go sásta ar a bheith sa mbaile pé
'cu fáilte nó a mhalairt a bhí roimpe. Cuireadh
féasta i gcóir de aon iarracht agus annsin
shuidh an chuideachtha chum búird. Ní gnáth biadh
agus deoch gan seanchas. Bhí ar Róisín a ceacht
a chur aiste i dtaobh na muintire thall — cionnus
mar a bhíodar agus cionnus mar a thaithnigh a
turus agus a h-imirce léi. Agus 'na choinne
sin chuir sí féin ceisteanna i dtaobh cúrsaí an
tsaoghail sa mbaile. Bhí iongantas ar an nGár-
dúnach agus ar Fhiachadún an chanamhain a tháinig


L. 75


di agus an mhaise a tháinig uirre ó d' imthigh sí.
Dar leo, ba í bláth na finne, na gile is na
h-óige í. Ba shin é toradh a turuis go Sasana.
Níorbh' fhiú trácht ar an áit a thug don mbláth
sin pneuc.



Nuair a bhí an féasta lámh le bheith caithte
dubhairt Róisín gur airigh sí go raibh duine des
na comharsain — sean-duine muinteardha dhí féin
agus dá sean-mháthair — curtha as seilbh.



"Deineadh iarracht ar é chur as seilbh," arsa
Fiachadún, "acht tá sé istigh fós. Ní mór do
dhuine mar mise a leithéid sin d' obair a dhéanamh
anois agus arís mar theagosc agus mar shompla,
mar atá muintir na h-áite seo an-fhaillightheach
agus an-mhór i gcoinne mo cheart a thabhairt dom.
Ní thuigeann siad dom ar aon chor; acht is mór
gan chiall atá siad, mar is gairid an mhoill
orm-sa claidhe a chur leo."



"Agus an bhfuil Pádraig agus Siobhán sa
tseilbh fós mar sin?"



"Tá, cé gur le duadh agus le dochar é. Is
measa an t-iarsma a bheidh i ndiaidh iad a bheith
sa tseilbh ná i ndiaidh iad a bheith as seilbh. Chuir
muintir na h-áite troid ar fhearaibh an Rí.
Loiteadar agus leonadar iad. Marbhuigheadh
fear. Raghaidh tuairisc an fheill agus an mharbhú
grána sin ar fuaid na cruinne agus beidh sé
scríobhtha síos i seanchas agus i stair na tíre
seo mar ainimh ar chlanna Gaedheal go bruinne
brátha. In' fhochair sin bhí sé ar lucht na dlighe
tóir a chur ar an dream sin agus anois tá mór-
sheisear cimeach i bPríosún Chluain Meala agus
ní'l i ndán dóibh acht an chroch."



"Agus nach sibh-se lucht na dlighe? Nach sibh


L. 76


a bhfuil fonn oraibh na rudaí seo go léir a
dhéanamh?"



"Is sinn agus ní baoghal go mbainfimíd aon
siar asta."



"An miste a fhiafruighe cé h-iad na cimí?"



"Tá Séamas Óg an Ghabha — an té is treise
san éagcóir. Tá seisear eile, agus béidir ná
déanfaidhe iad a dhaoradh chum a gcrochta."



"Is truagh aoinne a dhaoradh dá mb' fhéidir
gan é dhéanamh. Béidir ná fuil séisin féin i
gcoir a mharbhuighthe."



"Chífir an bhfuil nó ná fuil."



Níor bheag sin do Róisín. Bhain sí casadh as
an scéal annsin, agus caitheadh an chuid eile de'n
oidhche ag síor-sheanchas, ar cheol agus ar shocracht.



Ar maidin lá ar na bhárach níorbh' throm suan
do Róisín. D' eirigh sí agus chuaidh ag triall ar
Shiobhán ní Bhriain. Is ar Shiobhán a bhí an t-áthas
agus an t-aoibhneas í d' fheicsint. Phóg sí
agus d' ucht sí í. Luigheadar ar sheanchas agus
ba ghairid go raibh dhá thaobh an scéil ag Róisín.
D'innis Siobhán di gach aon rud ó thúis deire,
"agus," ar sí "ba í an leitir a fuaireas ód'
shean-mháthair ba chionntach le gach aon rud, acht
níor thugas dóibh í."



Chuaidh Siobhán fé dhéin na leitreach annsin
agus ní ró-obann a bhí sí ag teacht thar n-ais.
Bhí sí ag cuardach agus ag cuardach agus ba é
sin an cuardach in aistir di. Tháinig sí thar
n-ais agus gan focal innte.



"An bhfuil sí agat?" arsa Róisín.



"Ní'l," ar sí.



"Ní'l, is dócha. Sin é an chúis a bhfuil tú
sa tigh seo fós. 'Sí an leitir a bhí uatha d' réir
deallradh agus ní tú chur as seilbh. Is beag ar


L. 77


Fhiachadún do chíos ná do sheilbh-se. Airighim
go bhfuil greim aca ar chuid des na h-ógánaigh
san áit. Chífidh tú go mbainfidh siad cuid aca
sin dá gcosa."



"Ó, masa, tá sé ráidhte cheana féin go bhfuil
Séamas Óg daortha chum a chrochta aca. Is fada
dhóibh ag braith ar rud éigin a dhéanamh leis, pé
gráin atá aca air. Agus sin é an feall, mar
ní cuimhin leis an dúthaigh so buachaill eile chómh
cneasta ná chómh calma le Séamas."



"An bhfuil a athair gabhtha?"



"Ní'l, tá sé sa mbaile."



"Raghad ag triall air anois, agus ná leig-se
aon rud ort i dtaobh na leitreach sin. Béidir
nárbh' fhiú biorán í."



Dhein sí ar thigh an ghabhann. Bhí sé féin agus a
bhean istigh agus iad go dubhach brónach mar bhí
fhios aca go raibh an aimsir á caitheamh agus gan
aon rud i ndán dá mac acht an gad fé'n scórnach.
Ba bheag an cuimhne a bhí aca le Róisín a bhualadh
chúcha, agus chuir sin breis áthais orra nuair
a bhuail sí isteach an dorus go deas, mín,
socair, mánta.



"Tusa nó do shamhail atá ann?" arsa bean
an ghabha.



"Mise atá ann," arsa Róisín.



"Mhuise, fáilte agus fiche romhat, a Róisín.
Nach maith gur chuimhnigh tú orainn."



"Dé chúis ná cuimhneochainn? 'Sé b' fhada
liom go rabhas annso, acht is oth liom a bheith ag
teacht chum a bheith cómh-pháirteach libh sa mbuaidh-
reamh agus sa gcreach atá 'nbhur gcionn."



"Tá fhios againn sin go maith, acht, ní'l
leigheas ar an gcathú."


L. 78


"Acht é smachtú le foidhne, acht béidir nach
fios fós cá n-osclochadh Dia beárna."



"Is fíor sin, tá Dia láidir agus Máthair
mhaith Aige."



"Raibh aon scéal agaibh uaidh?"



"Bhí. Adeir sé gurb é an bás atá i ndán
do. Thrácht sé ort-sa agus adubhairt sé, dá
rángochadh go dtiocfá a bhaile, teacht á fhéachaint.
Agus féach, sidí an leitir. Léigh an t-amhrán
sin."



Ghlac Róisín an leitir. Léigh sí an t-amh-
hrán:-



PRÍOSÚN CHLUAIN MEALA.



Chuadhas-sa 'gus mo cháirde go tigh Phádraig
uí Bhriain,
B' árd é ár n-intinn is b' áluinn ár dtriall;
Tháinig chughainn an gárda, na báillí 'gus
Siriam;
Chuireamair-ne slán leo, is a lán díobh fé
phian.
Ar maidin ambárach is me ar shámh leaba im'
luighe,
Chuala an gárda ag cuardach an tighe;
Scread me go h-áth-leasc, is chailleas mo
bhrígh;
Fuaireadh go tláth me is chuadhas leo gan ghíog.



Ceangluigheadh go dian me le h-iarann faoi
shrian,
D' fhiafruigheas de m' thiománaí cá raibh mo
thriall;
D' airigh sé an t-iarraidh is d' fhreagair go
fíor —


L. 79


Is i bPríosún Chluain Meala a cheannochair-se
ciall.



Cuireadh sa phríosún me i gcarcar Chluain
Meala,
Gan leaba gan chlúdach acht úrlár is falla,
Bhí cailíní óga, mná pósta 'gus fearaibh,
Is mo mháithrín go brónach fé chumha ag an
ngeata.



Tá mo shrian is mo dhiallaid ar iarraidh le
tamall,
Tá mo chamán ag liathadh is ag fiaradh fé'n
leaba,
Tá mo liathróid á bualadh ag buachaillí an
bhaile,
Is mar bharr ar gach droch-scéal, mise daor i
gCluain Meala.



A chomarádaí, a chroidhe na páirtí, má tá sé i
ndán domh-sa casadh,
Tabharfad mo spuir is mo láimhní do mhac
dritheár m' athar.
Deir an Gárdúnach ag siubhal na sráide, go
bhfuil an chnáib dom á casadh.
Má chuirtear chum báis me na grása go
bhfuighidh m' anam.



Nuair a bhí an leitir agus an fhilidheacht léighte
ag Róisín dubhairt sí go raghadh sí ag féachaint
Shéamais Óig chómh luath agus a bhéarfadh an lá
ambárach uirre.


L. 80


Ní mórán moille eile a dhein sí. Chuaidh sí a
bhaile. Fuair sí uain bheag ar scathamh cainte
leis an mbean tighe a tháinig 'na fochair ó Shasana.
Sa chaint dóibh dubhairt an bhean tighe léi go raibh
Fiachadún cheana féin ag caitheamh droch-amhrais
uirre, agus go raibh rud éigin fé rún 'na coinne,
agus a focal a ghlacadh air nárbh' mhuinighin di
a bheith fé dhíon tighe in' fhochair. "Is mise,"
ars an bhean tighe, "a chóirigh do shean-athair
agus do mháthair chum báis agus ní tháinig me
annso an turus so leat-sa chum an cleas céadna
a dhéanamh leat. Fág an méid sin anois marbh,
acht cuimhnigh ar cad táim a rádh leat — ná feicim
annso tú níos sia ná an mhaidean ambárach. Má
chím, beidh mise i bpranc agat."



"Is maith liom gur innisis an méid sin dom,"
arsa Róisín, "déineann sé an-shásamh ar m'
aigne agus neartuigheann sé agus brostuigheann
sé m' inntinn chum an rud atá ar m' aigne a
dhéanamh. Is fada me gan suaimhneas lae ná
oidhche, mar bhí sé ag rith liom nárbh' chuidreamh
ceart dom m' athair féin, ní áirighim an dream
a bhfuil sé ag cuimilt leo; agus cé go bhfuil
aige cuid mo shean-athar agus a shinsire roimhe
agus béidir airgead mo shean-mháthar anois, is
cuma é. Ní leigheas domh-sa a bheith ag tnúth le
h-aon rud is dual dom. B' fhearr liom a bheith
bocht ar dhrom sléibhe ná bheith fé cheangal agus
fé laincis ag an dream nár ghrádhaigh riamh acht
an feall agus an clampar agus an éagcóir.
Táim ag imtheacht anois; tá do chomhairle
glactha. Beidh athrú ar an saoghal fé bhfeicfear
annso arís me. Beannacht Dé agat anois,
agus saoghal agus sláinte chughat."



D' imthigh Róisín. Chuaidh sí go dtí an t-Athair


L. 81


Seán Paor, Is é chuir an fáilte róimpe. D'
innis sí do an bhrígh a bhí le Pádraig Ó Briain
a chaitheamh amach, acht bhí an scéal ní ba chruinne
ag an Athair Seán. Is aige sin a bhí an leitir
dhleaghthach a bhí ag baint le h-uadhacht Mháire ní
Fhaoláin, agus ní baoghal gur chuaidh sí amugha
uaidh. Ghlac sé Róisín fé'n a choimirce agus
dhein sé díon di agus ceilt uirre.



Ar maidin lá ar na bhárach dubhairt Róisín go
raibh uirre dul go Cluain Meala. D' imthigh sí.
Chuaidh sí ceann ar aghaidh go dtí an príosún.
Chonnaic sí an dóirseoir a bhí ann agus thug sí
scathamh maith ag caint leis. Bhí bun-aithne aige
ar Róisín, agus muna mbeadh féin, ba mhinic
d' airigh sé trácht uirre. Thug sé cead di dul
ag féachaint Shéamais Óig. Bhí sí timcheall
ceathramhadh uaire an chluig in' fhochair istigh.
Annsin ghabh sí amach. Ní fheacaidh sí dóirseoir
ná aoinne eile a chuir isteach ná amach uirre ar a
gabháil amach. I gcionn deich nóimentí eile ghabh
bean eile amach. Labhair an dóirseoir léi.
Labhair sí sin leis. Ní mórán cainte a bhí
eatorra. Dubhairt an bhean .i. Róisín, leis an
dóirseoir go raibh dithneas uirre agus d' imthigh
sí. Bhí an chéad Róisín a ghabh amach ag fuireach
leis an dara Róisín leasmuigh den ngeata.
D'imthigh an bheirt aca leo. I gcionn uaire an
chluig bhí sé ar fuaid an bhaile go raibh Séamas Óg
an Ghabha tar éis éalódh as an bPríosún agus go
raibh an tóir 'na dhiaidh.



Pé áit a dtug Séamas Óg a aghaidh air, tháinig
Róisín thar n-ais go dtí an t-Athair Seán. Ní
raibh an tarna lá caithte aici in' fhochair nuair a
bhí sé i mbéal gach aoinne go raibh Séamas Óg
tar éis éalódh as Phríosún Chluain Meala agus go


L. 82


raibh Róisín Bán an tSléibhe in' fhochair agus go
raibh lucht na dlighe ar a dtóir.



"Masa, is greannmhar an scéal é seo a
airighim," ars an sagart le Róisín.



"'Dérdé?" arsa Róisín.



"Go bhfuil riaghaltas Shasana tré n-a chéile
agus ar mhór-mhearthall, agus ná fuil bóithrín
cumhang ná caol, cam ná díreach, mín ná garbh,
ná garbh-shliabh ná réidh-chnoc, ná gleann ná mach-
aire sa tír, ná fuil lucht faire agus tóradh
ort-sa agus ar Shéamas Óg an Ghabha atá ar
éalódh le n-a chéile."



"Táid ar ár dtóir, is dócha, acht ní fheadar
an bhfuilmíd ar éalódh le n-a chéile fós. Badh
mhaith an scéal dá mbeimís mar raghaimís in
áit éigin ná beadh aon fhagháil ag an riaghaltas
sin orainn, agus dá mbeadh féin ná beadh beann
againn air. Tá Séamas ar teiche ó arú aréir
agus is dócha nár mhór domh-sa dul in áit éigin
chúlánta leis."



"Gheobhair dul, acht inneosad-sa duit an áit.
Fan ann, agus bead-sa de ghnáth id' fhiosrú
agus ag faire dhuit. Nuair is lugha é do dhóchas
cuimhnigh go bhfuilim-se id' chaomhna. Agus má's
im' thost féin é, is ag cuimhneamh agus ag tabhairt
fé ndeara gach cros agus trioblóid atá os do
chionn é. Beidh mo shúil agam ar Shéamas an
Ghabha leis agus má mhairim beo déanfad mo
dhícheall ar sibh a bheith le n-a chéile ag maireachtain
go sámh socair san áitreabh a thug Dia d' bhur
sinsir riamh romhaibh; gan spleádhchas do ríogh
ná do ridire dá bhfuil ar dhruim an tsaoghail
seo."


L. 83


CAIBIDIL XI



'Sé áit ar chuir an t-Athair Seán Róisín ar
iostas ná go tigh Phádraig Uí Bhriain. Ní raibh
fhios ag duine beo í bheith ann go dtí go raibh
seachtmhain caithte. I gcionn na seachtmhaine,
i lár an lae, tháinig cearr an tslighe. Stad sé
ag an tigh. Chuir Siobhán a ceann amach sa dorus
féachaint cé bheadh ann. 'Sé an t-Athair Seán a
bhí ann. Ba mhór an faothamh di é sin, mar ní
leis a bhí sí ag coinne. Bhuail an t-Athair
Seán isteach agus thosnuigh an chaint is an greann
agus an gáire aige féin agus ag Siobhán. Ní ró-
fhada go dtáinig Róisín 'na gcionn leis, as an
áit 'na raibh sí agus cuireadh fios ar fhear an
tighe.



Nuair a bhí gach aoinne aca ann dubhairt an
t-Athair Seán leo go gcaithfidís a dtriúr teacht
leis go "Tigh leath-slighe," go raibh gnó éigin le
déanamh aca ann. B' ait leo an cuireadh,
acht ní raibh aon dul uaidh aca, mar ní mar mhagadh
bhí an sagart ar aon chor. Chuireadar iad féin i
gcóir agus nuair a bhíodar réidh shuidheadar
anáirde ar an gcearr. Thiomáin an sagart
leis go dtángadar go dtí "Tigh leath-slighe."



Chuaidh an ceathrar aca isteach ann agus shuidh-
eadar. Ní raibh uain aca ithe ná ól ná mórán
cainte ná aon rud eile a dhéanamh, mar bhí fear
dlighe ó Chluain Meala isteach 'na gcionn agus
tamaillín beag 'na dhiaidh tháinig an Gárdúnach


L. 84


agus Fiachadún. Fér thosnuigheadar ag déanamh
pé rud a bhí le déanamh aca dubhairt an t-Athair
Seán go n-iarrfadh sé de chead orra fear an
tighe .i. an Gabha, a bheith 'na measc mar gur fear é
a raibh baint aige leis an ngnó bhí idir lámha aca.
D' aontuigh an chuideachta agus tháinig an Gabha
do láthair.



Bhí h-ochtar aca ann. Shuidheadar timcheall an
bhúird. An t-Athair Seán an chéad duine a
eirigh agus a labhair. Bhí leitir 'na láimh aige.



"Tá leitir agam annso," ar sé, "leitir a
fuaireas fé mo lámha sa tigh agam seachtmhain ó
shin. Níor tháinig sí tríd an bpost agus ní
h-eol dom cé thug í. Leitir anriochtmhail is
eadh í. Cuirfidh sí iongantas oraibh go léir
annso mar bhí aithne agaibh go léir ar an té a
scríobh í. Aithnighim an lámhscríbhinn. Is í Máire
ní Fhaoláin atá curtha le dhá bhliain a scríobh í.
Leitir ó'n uaigh is eadh an leitir."



"Go ndéinidh Dia trócaire ar a h-anam,"
arsa Siobhán.



"Amen," ar an chuideachta. Ba chuma leo
cad a bhíodar a rádh, bhí a leithéid sin de iongantas
orra. B' fhada leo go léighfidhe an leitir go
mbeadh fhios aca cad a bhí innte.



"Seo í an leitir," ars an sagart.



In Árus na bhFaolánach dom,
Ar an leaba,
Indiu an cúigeadh bliain déag is trí
fichid de m' shaoghal.



Do Sheán Paor, Sagart,



Cuimhnigh ar an gcaint atá déanta agam leat
i dtaobh mo Róisín Bháin.



Badh mhaith liom go bhfuigheadh Siobhán Ní Bhriain


L. 85


leath-chéad púnt dem' chuid airgid agus go
bhfuigheadh sí an clóca a bhínn a chaitheamh ag dul go
dtí'n t-Aifrionn agus go gcaithfeadh sí féin amh-
laidh é. Bhí an bhean bhocht go maith dom riamh
agus i gcomhnuidhe.



Má dhéineann Róisín an rud is dual, tabhair
di an t-airgead so le tabhairt do Shiobhán.
Gheobhaidh sí an clóca agus aon rud eile is maith
léi thabhairt di leis.



Muna ndéinidh sí an rud is dual, tabhair féin
na rudaí seo do Shiobhán agus déin mar adubhras
leat leis an gcuid eile.



Beannacht Dé agat,
Mise,
Máire ní Fhaoláin.



Dhún an sagart an leitir. Chuir sé an leitir
isteach i gclúdach agus an clúdach sin isteach i
gclúdach eile. Bhí Siobhán ag cur na súl trí an
leitir. Ní raibh aoinne ag caint.



"An bhfeiceann tú an leitir sin, mar tá sí
annsin ar an mbórd?" arsa Siobhán leis an
nGárdúnach.



"Chím," ar sé.



"Nach í sin an leitir a bhí id' láimh agat an lá
tháinig an teachtaire chugham-sa i dtigh Mháire ní
Fhaoláin?"



"Dé'n leitir?"



"An cuimhin leat, an lá a tháinig mise amach
as an seomra, go bhfuair tú leitir ar an mbórd
agus go rabhais á láimhseáil?"



"Is cuimhin liom go raibh rud éigin mar sin
amhlaidh."



"Is cuimhin go maith, agus ní'l aon mhaith
dhuit dul dá shéanadh. Is í an leitir sin ba


L. 86


chionntach leis na báillí a chur orm-sa chum mé
chur amach as mo thigh. Is í an leitir sin is
cionntach leis an achrann go léir; agus féach,
anois, 'dé'n tairbhe atá bainte agat aiste. Is
fuiris Gaedhealg a chur air — 'an beagán agus
an chaol-chuid.'"



"Sé rud atá im' mharbhú-sa ar fad, agus ná
tuigim," ars an sagart, "acht ná feadar mé
cionnus a tháinig an leitir im' seilbh."



"Bhí an leitir sin agam-sa go dtí lá na
mbáillí. Bhíos á cuardach ó shin agus ní raibh sí
le fagháil agam," arsa Siobhán.



"Bhoil," ars an Gárdúnach, "'sé an Siriam
a thug domh-sa í. D' oscluigheas an clúdach mór
sin uirre, agus fuaireas istigh ann clúdach eile
agus ainm an tsagairt air. Chuireas isteach
arís é agus chuireas an leitir, mar atá sí annsin,
ag triall ar an Athair Seán."



"Réidhtigheann sin an scéal," ars an sagart.



"Seadh," ars an Gabha, "acht an bhfuil aon
fhírinne sa chaint atá déanta ag Siobhán? An
féidir go mbeadh aon bhaint ag an leitir seo leis
an trí n-a chéile a deineadh ar an dúthaigh trí
seachtmhaine ó shin?"



"Ní bhfuighinn a rádh," ars an sagart.



"Gheobhainn-se é rádh," arsa Siobhán. "Is í
an leitir bun agus barr an achrainn go léir.
Agus féach, dá leigfidhe don leitir sin, nár
bhfuiris domh-sa agus do m' fhear ár gcíos a
dhíol nó dhá chíos dá mbadh é sin féin é?"



"Masa, is sin í an fhírinne," arsa Pádraig
Ó Briain.



"Caithfidh daoine a gcíos a dhíol," ars an
Gárdúnach.


L. 87


"Má 'seadh, ní cíos éagcórach é — ní cíos é
ná raibh le díol ar aon chor," arsa Siobhán.



"Ní éileamhuightear a leithéid sin de chíos,"
arsa Fiachadún.



"Féach, anois," arsa Siobhán le faobhar,
"nár chuir tusa agus an Gárdúnach fios orm-sa
fér chuireabhair na báillí orainn? Dá dtabhar-
fainn an leitir sin díbh ní bheadh trácht ar phílear
ná ar bháille. Nach í sin an fhírinne?"



Níor labhair aoinne den mbeirt focal.



"Is greannmhar an scéal é," ars an Gabha
"bualadh is marbhú is gnótha gan phráidhinn a bheith
ar siubhal mar gheall ar leitir den tsaghas so.
Is greannmhar, má's greannmhar é, an cor domh-
sa a bheith ag éisteacht le scéal mar seo agus mo
mhac daortha chum a chrochta mar gheall air."



Bhí Fiachadún agus gan focal ann, agus an
Gárdúnach mar a bheadh sé ag at le buile. D' eirigh
sé agus labhair sé.



"Tá an chaint seo go léir go maith," ar sé,
"acht caithfidh sibh-se go léir a thuigsint gur
mise athair an ghearrchaile sin annsin, agus
gurbh' í Máire ní Fhaoláin mo mháthair céile.
Ó cuireadh an Sean-Fhaolánach, agus is fada dhe
bhlianta é sin, tá sé tabhartha fé ndeara agam
gur coimeádadh gach aon rud a bhí baint le m' áit
agus le mo theaghlach fé rún uaim. Ní fheacaidh
me uadhacht an Fhaolánaigh riamh ná ní bhfuaireas
luach leath-phingine de eolas ó aoinne air fós.
'Sé an scéal céadna le h-uadhacht Mháire ní
Fhaoláin agam é. Gan trácht ar an scéal a bheith
i gcoinne na dlighe, nach mí-nádúrtha mar scéal
domh-sa é? Sin í an cailín sin annsin leis —
mo inghean — agus í iompuighthe im' choinne. An


L. 88


domh-sa bheith maol agus a leithéid seo de chlampar
a bheith á imirt orm?"



D' éirigh an fear dlighe annsin. Dubhairt sé
ná raibh aon leigheas aige féin ná ag an Athair
Seán ar aon uadhacht aca so a bheith fé rún.
D' uadhachtaigh an Faolánach é choimeád fé rún
óir gur mhair a bhean, agus d' uadhachtaigh Máire
ní Fhaoláin é choimeád fé rún go mbeadh Róisín
bliain is fiche. Agus gurbh' é thug annso é féin
indiu ná chum uadhacht Mháire ní Fhaoláin a nochta
do chách mar go raibh Róisín san aois sin.



"Sin é fírinne an scéil," ars an sagart.



Ní raibh sé d'uain ag aoinne eile aon rud a
rádh mar buaileadh ag an dorus.



"Déin ar t' aghaidh," ars an sagart.



D'oscail an dorus agus cé bheadh ann ná
Seoirse Fiachadún.



D' éirigh an t-Athair Seán agus chroth sé lámh
leis go geal, agus bhí cómhrádh beag eatorra.



An fhaid a bhí an cómhrádh beag so ar siubhal
phrioc Siobhán ní Bhriain an gabha a bhí le n-a h-ais.
"Deirtear," ar sí, "go bhfuil sé seo agus
Róisín chum a bheith á bpósadh."



"Is iomdha rud adeirtear nach fíor," ars
an gabha.



"Suidh," ars an sagart le Seoirse.



Acht ní suidhe a dhein Seoirse acht gabháil
timcheall agus lámh a chrothadh le gach duine a bhí
ann, acht amháin leis an nGárdúnach agus le n-a
athair, agus focal grinn nó iarracht mhagaidh a
chaitheamh leo leis an linn chéadna. Ba mhór an
mhaise ar an gcuideachtain Seoirse. Ba í
Róisín an duine deireannach ar chroth sé lámh léi.
Is annsin a fuair sé an chathaoir agus shuidh sé
le n-a h-ais.


L. 89


Bhí ciúnas — eatorra beag — annsin ann. 'Sé
an fear dlighe a dhein an chéad chorruighe eile.
D' eirigh sé agus chuir sé deallradh an-ghnóthach
air féin. Bhí máilín leagtha taobh thiar de ar
bhúirdín beag agus rug sé air agus d' oscail.
Thóg sé páipéir agus cáipéisí an domhain amach
as. Láimhseáil sé iad agus réidhtigh sé ceann
amach asta. Rug sé ar an gceann sin. "Sidé
an t-uadhacht," ar sé.



"Cúpla mí fé bhfuair an Faolánach bás chuir
sé fios orm-sa agus ar an Athair Seán Paor,
agus dhein sé a uadhacht. Dhein sé coinghiall
rúin a chur sa n-uadhacht mar bhí cúis éigin aige
féin leis. D' fhág sé an áit agus gach aon rud
dá raibh sa saoghal aige ag á bhean, agus a chead
aici a rogha h-uadhacht a dhéanamh í féin."



"'Dé chúis geasa rúin a bheith sa scéal," ars
an Gárdúnach.



"Rud an-righin is eadh rún," ars an fear
dlighe, "agus go h-áirighthe rún duine mhairbh."



"Is chum gach aon rud a cheilt orm-sa na rúin
seo," ars an Gárdúnach.



"Dá mbadh eadh féin, cad é sin domh-sa, acht
mo ghnó a dhéanamh," ars an fear dlighe. "Má
is maith leat-sa nó le h-aoinne eile annso an
t-uadhacht a léigheamh, tá sé annso agaibh. Anois,
maidir le h-uadhacht Mháire ní Fhaoláin, b'fhearr
liom a fhágaint fé'n Athair Seán é nochta dhíbh mar
tá baint an-mhór aige leis an uadhacht sin. Tá
na dintiúirí dlighe a bhaineann leis annso
agam-sa. Beidh sé de chead ag aoinne sa chuid-
eachtain iad a léigheamh agus a aith-léigheamh."



Thug an fear dlighe uadhacht an Fhaolánaigh annsin
do'n nGárdúnach agus chrom sé á léigheamh.



"Tá fhios agaibh," ars an tAthair Seán, "go


L. 90


raibh an-bháidh ag Máire ní Fhaoláin liom-sa.
Ní'l aon mhaith dhom a bheith á cheilt, mar bhí. Agus
is mar gheall air sin a chuir sí muinighin a h-uadh-
h-uadhachta ionam. Is mór an dualgas orm-sa baint
a bheith agam le rud mar seo, acht, ó ghlacas an
dualgas orm féin is mian liom an dualgas sin a
chóimhlíonadh. Is é rud atá in uadhacht Mháire
ní Fhaoláin ná so — go bhfuil a raibh sa tsaoghal
aici agus ag á céile agus ag á shinsir sin ó thúis
le dul do Róisín acht amháin go ndéanfaidh sí í
féin a iomchar d' réir an oileamhaint a fuair sí.
Muna ndéanfaidh, tá aithris eile ar an uadhacht."



"'Sé sin le rádh ná fuil ionam-sa agus ná
raibh ionam sa tigh aca acht mar a bheadh buachaill
aimsire," ars an Gárdúnach. "Chím anois an
cheilt agus an rún a deineadh ar gach aon rud.
Chím gur baineadh an fód ó'm chosa in gach aon áit.
Tá gach aon rud bainte dhíom. Fiú amháin mo
inghean, ní liom í."



"Ní'l aon bhaint ag an chaint sin leis an
scéal atá idir lámha againn," ars an fear
dlighe.



"Má's cead domh-sa labhairt," arsa Fiach-
adún, "badh mhaith liom a rádh ná tuigim ró-mhaith
an chaint sin i dtaobh Róisín í féin a iomchar
d' réir an oileamhaint a fuair sí. 'Dé'n bhaint
nó cionnus a bheadh baint ag rud mar sin le
h-uadhacht?"



"Ní ro-mhaith a thuigim-se an chaint leis,"
ars an gabha.



"Sin rún eile," ars an Gárdúnach.



"Bhoil, ní'lim-se chum dul ar scáth sceiche
leis an fhírinne," ars an sagart. "'Sé brígh
atá leis an gcaint sin ná so — má phósann Róisín
Gaedheal tá gach aon rud san uadhacht ag dul di.


L. 91


Má phósann sí Gall .i. Sasanach, ní dócha go mbeidh
aon phráidhinn aici leis. Tá togha an dá rogha
aici."



Ba shin iarracht eile don chuideachtain. Phrioc
gach duine a bhí ann é féin. Bhí iongantas orra
a luighead duaidh a bhí ar an Athair Seán a
leithéid de fhaisnéis a thabhairt dóibh.



"Ná fuil fhios ag an saoghal nach Gaedheal
atá sí chum a phósadh agus í bheith in áirighthe le
Seoirse Fiachadún. Ná fuil daoine á rádh go
bhfuilid pósta cheana féin," arsa Siobhán ní
Bhriain.



"Tá sé amuigh orra, pé ar domhan é," arsa
Pádraig.



Bhí Róisín agus Seoirse ag caitheamh focail
le n-a chéile agus ag mion-gháire go dtí
so. Acht nuair d' airigheadar an dá bholgam
cainte seo stadadar agus chuireadar cluasa
orra féin.



"Má's mar sin atá an scéal," ars an gabha,
"tá ár gcuid déanta againn — tá an scéal
socair."



"Tá," ars an sagart, "acht seo rud nár
mhór domh-sa fios agus fiadhnéidheacht a bheith
agam leis, agus is dóigh liom ná fuil aon áit
níos oireamhnaighe ná an láthair seo."



"Is greannmhar an áit é seo agus an tslighe é
seo chum cleamhnas a dhéanamh," ars an fear
dlighe. "Is dóigh liom go bhfuil an méid seo
de'n ngnó ag teacht ró-dhian ar Róisín agus
ar Sheoirse atá annso ag éisteacht linn."



"Ní'l aon ghreannmhaireacht ná déineacht sa
scéal so," ars an sagart. "Tá an chrúdh ar
an gcois anois againn. Caithfead-sa an scéal
so phléidhe amach agus a bheith réidh leis."


L. 92


"Tá go maith," ars an fear dlighe.



"Tá tusa i ngrádh leis an gcailín seo," ars
an sagart le Seoirse.



"Ní raibh fhios agam gur chum ceist mar sin
d' fhreagairt a tháinig me annso. Acht, ós rud é
go n-oireann an t-eolas sin duit tá sé chómh
maith agam a innsint duit go bhfuilim, agus ná
fuil uaim acht cead ó Róisín féin chum í phósadh,"
arsa Seoirse.



"An bhfuil t' athair agus athair Róisín toil-
theannach leis sin?"



"Is eol dom go bhfuilid, acht muna mbeidís
féin, bheinn sásta ar í phósadh dá n-aimhdheoin."



"Ní fheadar cad mar gheall air sin, a
bhuachaill," arsa Fiachadún. "Ná tuig go bhfuilir
chómh neamh-spleádhach sin. Ní thabharfainn-se mo
mhac do Róisín ná do aon Róisín eile ar an
gcoinghiall atá san uadhacht sin. Cá mbeadh
comhnuidhe ar Róisín fé'n gcoinghiall? Agus fós,
cé leis a thuitfeadh tigh agus áit an Ghárdúnaigh
fén gcoinghiall sin?"



"Abair cuid agus áit an Fhaolánaigh. Ná
bíodh aon mhairg ort mar gheall ar an áit sin.
Fág fúm-sa an méid sin," ars an sagart.



Le n-a linn sin d' eirigh Róisín. "Is dóigh
liom gur mairg díbh go léir a bheith ag caint mar
atá sibh," ar sí. "Tá sibh ag bearradh agus ag
casadh a chéile ó tháinig sibh isteach annso. Ní'l
de bhrígh leis an mbearradh agus leis an gcasadh
go léir acht saint a bheith ag daoine éigin chum
cuid mo shean-athar. Adeirtear gur treise
dúthchas ná oileamhaint. Caithfear a admháil go
bhfuil ionam-sa cuid de dhúthchas na bhFaolánach
agus go bhfuaireas an oileamhaint ba dhual dom
óm' shean-mháthair. Tá m' athair annso tar éis a


L. 93


rádh gur choimeád mo shean-athair agus mo shean-
mháthair gach aon rud fé rún uaidh. Is eol domh-sa
gurb é mo shean-athair a thug isteach san áit é
agus má choimeád sé aon rud fé rún uaidh
chaith cúis a bheith aige leis. Tá an bheirt úd ar
shlighe na fírinne anois agus táimíd-ne annso.
Béidir go bhfuil rúin i bhfolach sa chroidhe ag cuid
againn féin nach feas do mhórán. Acht 'ní
fealladh riamh ná feallfaidhe.' Táim tar éis a
bheith ag éisteacht leis an gcaint i dtaobh an dá
uadhacht so. Is mór mar fhaisnéis domh-sa an
t-éisteacht sin. Maidir le pé cor atá nó a
bheidh ar an uadhacht is cuma liom. Ní raibh pioc
de m' chuimhne ar áit ná ar áitreabh, ar spré ná
ar sparán. 'Sé rud ba dheise liom dá ndubhradh
annso indiu ná an cúpla focal adubhairt Seoirse.
Is mór agam-sa é bheith i ngrádh liom agus is oth
liom a bheith á ghortú leis an diúlta. An diúlta
a chaithfead a thabhairt do mar táim-se in áirighthe
le Séamas Óg an Ghabha le fada, agus má luadhtar
le h-aoinne mé luadhtar leis sin mé."



"Mhuise, mo ghraidhinn go deo thú," arsa
Siobhán ní Bhriain, agus tháinig na deora ó n-a
súile le gean do Róisín agus le h-áthas.



"Cad atá agaibh-se le rádh leis sin?" ars
an sagart leis an ngabha agus leis an nGár-
dúnach.



"Má thagann Séamas saor slán a bhaile
chugham-sa," ars an gabha, "ní'l agam acht é
agus gheobhaidh Róisín é agus fáilte."



"Acht caithfear a chuimhneamh," ars an Gár-
dúnach, "go bhfuil sé daortha chum a chrochta.
Tá coir 'na choinne."



"Caithfear an dlighe chóimhlíonadh," arsa Fiach-
adún.


L. 94


"Cead cainte domh-sa," arsa Seoirse ag
éirghe. "Is oth liom a rádh gurb é an diúlta
atá fuighte agam ó Róisín. Acht 'na choinne sin
caithfead a admháil nach luighde sin mo mheas
uirre. Ní'l ann acht gur tháinig sí im' líon
agus go dtugas taithneamh di. Tá aithne mhaith
agam uirre. Tá fhios agam go bhfuil misneach
thar mhnáibh aici agus má's le h-aoinne na subh-
áilcí nach uirre a ceileadh iad. Agus má's
maith do aoinne suairceas agus iol-mhaitheas an
tsaoghail badh chóir ná séanfaidhe ar an té atá
subháilceach é. Ar an adhbhar sin d' iarrfainn
mar athchuinge ar an gcuideachtain so, mar tá
fhios agam go bhfuil an chómhacht aca, Séamas Óg
a scaoileadh saor slán a bhaile. Tá fhios agam-sa
gur le feall, le h-éagcóir agus le díthcéille atá
sé ar iarraidh agus fé choimirce na dlighe.
Scaoiltear saor slán a bhaile é go dtí Róisín
Bán an tSléibhe."



"Is ceart an chaint í," arsa Pádraig Ó
Briain.



"An ionann so agus an Gárdúnach a chur chum
siubhal as an áit?" arsa Fiachadún.



"Ní dubhras-sa gurbh' eadh," arsa Seoirse.



"Bhoil, mar sin," arsa Fiachadún, "scaoil-
tear a bhaile Séamas Óg. Bíodh an t-uadhacht mar
atá sé. Acht, tugtar díon don nGárdúnach.



"Bhfuilir sásta?" ars an sagart leis an
nGárdúnach.



"Táim," ar sé.



"Tá an scéal socair mar sin," ars an fear
dlighe ag éirghe agus ag bailiú chuige a chuid
cáipéisí.



D'iarr an Gárdúnach ar an gcuideachtain go
léir teacht go dtí an tigh leis. Chuadar. Chaith-


L. 95


eadar oidhche shuairc ann. Nuair a bhi Deire
aca d' fhág gach aoinne acht Róisín.



Dhá lá 'na dhiaidh sin chuaidh Róisín dti'n áit a
raibh Séamas Óg fé cheilt. D' innis sí an scéal
ó thúis deire dho.



Bhí sé sásta leis an scéal cé go ndubhairt sé
gur dheacair é chreideáilt. Tháinig sé féin agus
Róisín a bhaile. Níorbh 'fhada 'na dhiaidh sin go
raibh oidhche i "dTigh leath-slighe" — oidhche a
mbeidh trácht go deo uirre. Tá Róisín Bán an
tSléibhe agus Séamas Óg an Ghabha ag mair-
eachtain go súbhach sáthach in Árus na bhFaolánach
indiu.



Muinntir Chathail,
Clódóirí,
Bailé Átha Cliath.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services