Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Leabhar Cainte Gaedhilge-Béarla

Title
Leabhar Cainte Gaedhilge-Béarla
Author(s)
Ua Concheanainn, Tomás,
Pen Name
Tomás Bán
Composition Date
1903
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


TÍODHLACADH



TAIRGIM AN LEABHAR SEO
mar thabhartas beag



Do Éireannach atá Gaedhealach i gcroidhe agus i dteangaidh
Do mhúinteóir atá náisiúnta dháiríribh chomh maith le i n-ainm
do
MHICHEÁL Ó MÁILLE,
Oide Sgoile,
i gCornamóna, i gConndae na Gaillimhe.



Tá sé féin agus a sgoil níos goire do Ghaedhealtacht
Chonnartha na Gaedhilge, agus do mo bharamhail
féin, do sgoil agus do mhúinteóir Gaedhealach,
ná aon sgoil d'ár casadh orm fós.



Go mbudh fada buan é mar mhúinteóir do'n aos óg, agus
mar dheágh-shompla do oidíbh na hÉireann.



TOMÁS UA CONCHEANAINN.



THOMAS O'CONCANNON.


L. vii


BROLLACH.



I n-uraidh is ann do buaileadh an chéad Leabhar Cainte
'san gcló .i. an leabhar do sgríobh Séamus Ua
Dubhghaill. Is dóigh linn nach fríoth go holc é. Atáthar
ag tabhairt an dara leabhair do'n phobal Ghaedhealach i
mbliadhna.



Muimhneach tra do sgríobh an "Leabhar Cainte,"
Connachtach iaramh an "Mion-chomhrádh." An dá chúigeadh
is mó agus is fairsinge Gaedhealg 'san tír-seo, is amhlaidh
atáthar aca anois agus a leabhar féin ag ceachtar dhíobh;
gidheadh, ní abram nach féidir úsáid éigin do bhuain asta
leath ar leath.



I iomdha modh tra ar ar féidir do'n "Mhion-chomhrádh"
so dul i sochar do'n té bheanas úsáid as. Ionnus cheana,
a léightheoir, go mbeidh fios fátha an sgéil sin agat, ní
léigfimíd dínn gan roinn díobh do chur síos duit annso.
Do-gheobhair iomorro trácht ar a lán de neithibh gnáthacha
is-an leabhar-so, .i., mion-chaint bhuird agus mion-chaint
tsiubhail, breasnaidheacht tsráide agus brasaireacht tuaithe,
agus rl., agus fós neithe nach iad, mar atá, focail agus ráidhteachais
do cumadh agus do ceapadh fá chomhair feadhma agus foghanta
na gcruinniughadh agus na gcomhdháil, anmanna éan agus iasg,
anmanna gadhar agus géar-chon na Féinne, agus, dá n-abramaois,
seanfhocail agus beanna bioth-ghonta filidheachta i n-ar cuir-
eadh eagna agus eolus ár sean agus ár sinsear.



Dála an chló, atá dóigh againn go bhfuighir lán agus leór-
dhóithin súl ann. Tuilleadh fós, do léigheadh go frithir
fuireachair friochnamhach é ó thús go deireadh le hEoghan Ua
Neachtain, seach an t-ughdar féin do fuair cóib do gach éin-
tsreath cló, gibé áit i dtarla dhó bheith i n-a shiubhaltaibh.



Ní fhuil riachtanas againn ré n-a chur i gcéill cia hé an
t-ughdar .i. Tomás Ua Concheanainn agus a fhios ag a lán go


L. viii


bhfuil sé 'na árd-timthire ag Connradh na Gaedhilge agus
gurab é cúram atá air Leath Chuinn agus Laighin do shiubhal agus
do shíor-shiubhal i bhfábhar na Gaedhilge agus é féin 'na bhrod
brosduighthe do mhusgailt na nGaedheal as an trom-shuan
i n-a bhfuilid. Atá teanga líomhtha Ghaedhilge aige, no,
mar adeir sé féin, "tá a theanga ar a comhairle féin
aige." Cá hiongnadh sin ó Árannach? D'á réir sin, is
í canamhain Chúigidh Connacht is mó do saoilfidhe bheith is-
an leabhar so; gidheadh, atá fós beagán de bhéasgna na
n-Ultach agus de bhlas na Muimhneach air thall agus i bhfus, nídh
nach locht ar an ughdar agus a rádh gur shiubhail sé na cúig
cúigeadha agus é go mór i gcúram na teangadh. Is follus
as sin nach fuil meas ar chanamhain seach a chéile ann nó
gurab ró-bheag an deithbhir atá eatorra.



Dó bhí a bhara fúinn beagán eile do sgríobhadh annso do
leith eagair an leabhair-seo i ndóigh go mbadh taithneamhach
leis an druing bhíos ag léigheadh brollach é; acht ar
eagla go mbadh sochar leithleasach dúinn féin é agus go mbadh
liosta ré a chur síos annso, léigfimíd dínn gan teacht
tairis. Acht aon nídh cheana, ní thiubhram anuas acht an
seanfhocal so, "Is leór ó Mhór a dícheall," agus fós, gé go
mb' fhearr linn nár bh'ionann dál dúinne agus do'n dís
dearbhráthar ndona úd, na focail-seo léaghtar ag
Seathrún Céitinn .i. nach dearnamar "acht triall 'san ród
réidh, tar a bhfuil do ghuaisibh innte; óir atá dóigh agam,
maille ré congnamh nDé, go bhféadfam dul tar na
guaisibh sin."


L. ix


RÉAMHRÁDH.



Tá go leór neithe san leabhar so thar mar bhí nuair
fuair sé duais ag an Oireachtas. Ní raibh ann an tráth
soin acht cómhrádh gearr, agus chuir mé na comhráidhtí
eile ar sgolaidheacht, ar chruinnighthibh, ar dhochtúireacht, na
sean-ráidhte, agus na hainmneacha ina cheann ó shoin.



Is fóghainteamhail na ráidhte iad so a bhain mé as an
Irisleabhar faoi chruinnigheachaibh. Ní mó ná go maith a
thaithnigheas siad liom, mar sin féin, mar is iad modhtha
na nGall iad, acht is dócha, do réir mar bheidhfear ag
baint leas asta, go dtiocfaidh beagán claonta orra
agus go mbeidh modhtha deasa againn i ndeireadh na
dála.



Chonnaic mé in mo shiubhlóid go minic gur géar a
theastuigh focla Gaedhilge ó dhochtúiríbh. Seo í an chéad
iarracht ar fhoclaibh agus cainteanna a bhaineas le doch-
túireacht a chur i gcló. Badh cheart go ndéanaidís seo
leas do na liaghaibh, 'sa nGaedhealtacht, mar nach maith
is féidir le dochtúir Gaedhilgeóir a leigheas, muna
dtuigidh sé uaidh cé an éagcaoine atá air.



'Sé mo mheas gur'b iad na ráidhte ar sgolaidheacht na
ráidhte is fóghaintighe 'san leabhar. Is fada máighistrí
sgoile ag feitheamh ar a leitheidíbh seo. Tá cuid aca ag


L. x


labhairt an Bhéarla anois i n-áit a labhraidís an Ghaedhilg
dá mbeadh na cora ealadhanta aca.



Fearacht cor na gcruinnighthe, seo í an chéad iarracht a
tugadh faoi n-a leitheidíbh, agus creidim go ndéanfaidh
siad cúis nó go bhfuighfear ceanna níos fearr, leis an
aimsir. Tá aon mhaith amháin a thiucfas asta ins an
sgoil a ndéanfaidh an máighistir usáid dhíobh — agus 'sé
sin, go dtaisbeánfaidh siad go soiléir do na páisdíbh
gur'b í an Ghaedhilg teanga dhúthchais na tíre. Agus
muna ndéanaidh an leabhairín seo leas ar bith eile acht
sin, beidh mé sásta.



TOMÁS UA CONCHEANAINN.


L. 1


LEABHAR CAINTE GAEDHILGE-BÉARLA.



DHÁ MHÍ DÉAG NA
BLIADHNA.



Eanair, Gionbhair.



Feabhra.



Márta.



Aibreán (Abrán).



Bealtaine.



Meitheamh.



Iúl.



Lughnasa.



Meadhón Foghmhair, Meith-
eamh an Fhoghmhair.



Deireadh Foghmhair.



Samhain.



Mí Nodlag.



SEACHT LÁ NA SEACHT-
MHAINE.



Dia Domhnaigh.



Dia Luain.



Dia Máirt.



Dia Céadaoin.



Dia'rdaoin.



Dia hAoine.



Dia Sathairn.


L. 2


NA hUIMHREACHA.



Aon.



Dó.



Trí.



Ceathair.



Cúig.



Sé.



Seacht.



Ocht.



Naoi.



Deich.



Aon-dhéag.



Dó-dhéag.



Trí-déag.



Ceathair-déag.



Cúig-déag.



Sé-déag.



Seacht-déag.



Ocht-déag.



Naoi-déag.



Fiche.



Aon is fiche.



Dó is fiche.



Trí is fiche.



Ceathair is fiche.



Cúig is fiche.



Sé is fiche.



Seacht is fiche.



Ocht is fiche.



Naoi is fiche.



Deich is fiche.



Aon-déag is fiche.



Dó-dhéag is fiche, agus rl.



Dá fhichid.



Aon is dá fhichid.



Dó is dá fhichid, agus rl.



Deich is dá fhichid.



Aon-déag is dá fhichid.


L. 3


Dó-dhéag is dá fhichid, agus rl.



Trí fichid.



Aon is trí fichid.



Dó is trí fichid.



Trí is trí fichid.



Ceathair is trí fichid.



Cúig is trí fichid.



Sé is trí fichid.



Seacht is trí fichid.



Ocht is trí fichid.



Naoi is trí fichid.



Deich is trí fichid.



Aon-déag is trí fichid.



Dó-dhéag is trí fichid.



Trí-déag is trí fichid.



Ceathair-déag is trí fichid



Cúig-déag is trí fichid.



Sé-déag is trí fichid.



Seacht-déag is trí fichid.



Ocht-déag is trí fichid.



Naoi-déag is trí fichid.



Ceithre fichid.



Aon is ceithre fichid.



Dó is ceithre fichid, agus rl.



Deich is ceithre fichid.



Aon-déag is ceithre fichid.



Dó-dhéag is ceithre fichid,
agus rl.



Céad.



Céad agus aon.



Céad agus dó.



Céad agus trí, agus rl.



Dhá chéad.



Trí chéad.



Ceithre chéad.



Cúig céad.



Sé chéad.



Seacht gcéad.



Ocht gcéad.


L. 4


Naoi gcéad.



Míle.



Milliún.



NA h-UIMHREACHA
ORDUIGHTHE.



An chéad cheann.



An dara ceann.



An tríomhadh (treas) ceann.



An ceathramhadh ceann.



An cúigeadh ceann.



An séamhadh (seiseadh) ceann



An seachtmhadh ceann.



An t-ochtmhadh ceann.



An naomhadh ceann.



An deachmhadh ceann.



An t-aonmhadh ceann déag.



An dara ceann déag.



An tríomhadh (treas) ceann
déag.



An ceathramhadh ceann déag.



An cúigeadh ceann déag.



An séamhadh (seiseadh) ceann
déag.



An seachtmhadh ceann déag.



An t-ochtmhadh ceann déag.



An naomhadh ceann déag.



An ficheadh ceann.



An t-aonmhadh ceann fichead



An dómhadh (dara) ceann
fichead, agus rl.



An deachmhadh ceann fichead



An t-aonmhadh ceann déag
ar fhichid.



An dara ceann déag ar
fhichid, agus rl.


L. 5


UIMHREACHA BAILIGHTHE.



Cúpla.



Duiséan.



Leath-dhuiséan.



Scór* (nó fiche).



Céad.



Míle.



AINMNEACHA ROINNTE.



An leath.



An trian.



An cheathramha (nó an cheath-
rúghadh cuid).



An cúigeadh cuid.



Dhá dtrian.



Trí ceathramhna.



UIMHREACHA COMÓRTAIS.



Dúbailt.



Tridheach, treas.



Ceathaireach.



Cúigeach.



Céadtach.



* Seo focal maith Gaedhilge. Déantar úsáide de i n-árainn
níos minice 'ná "Fiche."


L. 6


UIMHREACHA AITHRISE.



Aon uair amháin.



Faoi dhó.



Trí h-uaire.



Ceithre uaire.



Fiche uair.



Céad uair.



Míle uair.



CÉIMNEACHA (CÉIM-
EANNA).



A thighearna.



A dhuine uasail.
Sir.



A bhean uasal.



A chailín óig.



A mhná uaisle.



A dhaoine uaisle.



A mhná óga.



AG FIAFRUIGHE CEIST-
EANNA.



Céard (cad) é sin?



Céard (cad) é féin?



Céard (cad) a ghlaodhann
tú air sin?



Cad is ainm dó sin?



Cé an t-ainm atá air sin?



'Séard ('sé rud) is ainm
dó sin --



'Séard ('sé rud) a ghlaodh-
tar air sin --.


L. 7


Fiafruighim dhíot.



Sin i leith agam an --, má
'sé do thoil é.



Céard (cad) atá uait?



Tá rud éigin agam le hinn-
sint duit.



A' dtuigeann tú mé?



Tuigim.



Ní thuigim.



Ní chloisim thú.



Tá mé bodhar.



'Dtuigeann tú céard tá
mé 'rádh?



Tuigim go maith (nó go
rígh-mhaith).



Éist liom.



Ní'l tú ag éisteacht liom.



Abair arís é, má 'sé do
thoil é.



Céard (cad, caidé) deir tú?



Céard (cad) é sin deir tú?
tú?



Céard (cad, caidé) dubhairt
tú?



Cad chuige nach bhfreagrann
tú mé?



Ní abraim dadaidh.



Ní labhraim.



Cé dubhairt leat é?



Cé dubhairt é sin leat?



Abair arís é.



Cé an míniughadh 'tá air sin?



Céard (cad) tá tú 'dhéanadh?



Céard (cad) tá uait?



Cé air a bhfuil tú ag
glaodhach?



Cé lé n'aghaidh é sin?



Cé an mhaith é sin?


L. 8


AG IMTHEACHT AGUS AG
TEACHT.



Cá bhfuil tú ag dul?



Tá mé ag dul 'un a' t-séip-
éil.



Tá mé ag dul a bhaile.



Tá mé ag dul amach 'san
ngarrdha.



Tá mé ag imtheacht.



Bhí mé ag dul go dtí do
theach-sa.



Cad as ar tháinig tú?



Tháinig mé ó --.



Tháinig mé ó bhinn Éamuinn.



Tháinig mé ó theach mo dhearbh-
ráthar.



Anois díreach (is eadh)
d'fhág mé an baile.



Tháinig mé ó bheith 'siubhlóid.



Tháinig mé ó'n bpáirc.



Tháinig mé ó'n Aifreann.



Dtiucfaidh tú liom?



Cá ar mhaith leat a' dul.



Cá raghamaoid?
Cá rachamuid?



Is fearr dúinn dul go --.



Rachamuid a' siubhlóid (nó
a' spaisdeóireacht).



Téidhmid go tigh Éamuinn.



Fear mór sgéalta is eadh é.



Sgéalta Fiannuigheachta.



Siubhail go bhfeicimid Máire
Bhán.



Déanfaidh sin.



Téidhmid an bealach seo.


L. 9


Tabhair dhom do lámh.



Téidhmid treasna na sráide
annso.



Cé an bealach thiucfas sinn
(muid)?



Bealach ar bith is maith leat.



Bhfuil Máire pósta fós?



Ní'l go deimhin.



Cé phósfadh í?



Ní'l fhios agam, nach cailín
deas slachtmhar í?



'Seadh, acht má'seadh féin,
ní bean tighe mhaith í.



Tá ciall ag fir óga na
h-uaire seo.



Ní phósfaidh siad aon chailín
nach bhfuil fios aici ar
obair tighe.



Ní thiucfaidh mé leat 'san
méid sin ar fad.



Spré tá uatha anois.



Ní'l aon mheas ar aon chailín
acht an té 'bhfuil spré
aici.



Go bhfóiridh Dia orainn!



Bhrisfidís cleamhnas suas
anois mar gheall ar
chaora.



Tháinig an béas sin isteach
leis an mBéarla.



Maiseadh, 'meas tú?



Tá mé cinnte dhe.



AG GLACADH COMHAIRLE
LE --



Céard (cad) dhéanfas muid?



Céard (cad) tá le déanamh?


L. 10


Cé an cúrsa thógfas sinn
(muid)?



Céard is fearr a dhéanamh?



Cad tá le déanamh againn?



Caithfimid socrughadh ar
rud éigin.



Ní'l fhios agam céard tá
le déanadh.



Tá sé sin náireach.



Céard a mholfá dhom a
dhéanamh?



Céard a dhéanfá-sa 'san
ghnótha seo?



Céard a dhéanfá dá mbeidh-
feá in m'áit-se?



Dá mbeinn in t'áit.



Dá mbadh mise thú.



Sílim --.



Thabharfainn de chomhairle
dhuit. 'Sé mo chomhairle
dhuit.



Má ghlacann tú mo chomh-
airle.



Iarr comhairle ar do charaid.



Badh cheart cuimhne dhéanadh
air sin.



Ní'l fhios agam beirthe.



Tháinig smaoineadh in m'inn-
tinn anois.



Chuimhnigh mé ar aon rud
amháin.



Déanadh muid (déanaimís)
aon rud amháin.



Céard déarfá leis?



Céard do mheas air?



Tá mé ar aon inntinn leat-
sa.



Sin smaoineadh an-mhaith.



Tá sé déanta go maith


L. 11


Sin modh maith.



Tá mé ar an aigne chéadna
leat féin.



Déanadh muid é (déan-
aimís é).



Is fearr é.



'Sé an nídh is fearr dúinn
a dhéanamh é.



'Sé an t-aon nídh amháin é
is féidir linn a dhéanamh.



Nár bh'fhearr?



Is fearr dhuit.



D'athruigh mé m'aigne.



D'athruigh mé an bharamhail
a bhí agam.



B'fhearr liom.



Maiseadh, bhíodh sé mar sin.



FIAFRUIGHE AN BHEALAIGH.



An é seo an bealach --?



An é seo an bealach go --?



Nach é seo an bealach go --?



Cá dtabharfadh an bóthar
seo thú?



Tá tú ar an mbealach
ceart.



Tá tú ar an tslighe.



Ní bhéarfadh an bóthar seo
go --.



Ní'l tú ar an mbóthar
go --.


L. 12


Cé aca bealach a rachaidh
mé?



Téirigh caol díreach.



Tóg an bóthar son.



Tabharfaidh sé do'n bhóthar
Mór thú.



Iompuigh taobh do láimhe clé.



Iompuigh taobh do láimhe
deise



Ní féidir leat dul amugha.



Cé aca an bealach is giorra?



Cé aca an bealach?



Cé an t-achar é ar seo?



Míle.



Ní'l sé níos mó 'ná míle.



Leath-mhíle.



Trí ceathramhna míle.



Tá sé 'na mhíle láidir (nó
maith).



Tá sé breis is míle



Is beag níos lugha 'na míle
é.



Bhfuil an bóthar go maith?



Tá sé maith go leór (nó
réasúnta).



Tá sé go han-dona.



AN AIMSIR.



Cé an sórt aimsir í?



Tá sí 'na haimsir mhaith.



Is aimsir an-mhaith í.



Is aimsir an-áluinn í.



Beidh lá breágh againn


L. 13


Tá sé ag éirghe dorcha.



Tá an spéir an-dorcha.



Is dorcha an aimsir í.



Tá an lá an-mheirbh (nó
brothalach).



Tá an spéir ag éirghe
dorcha.



Tá an spéir lán le néalta.



Is néaltach an aimsir í.



Ní aimsir shocair í.



Tá cosamhlacht bháistighe air.



Tá braonacha cheana againn.



Rinne sé báisteach. It has rained.



Tá sé le báisteach a dhéan-
amh.



Is aimsir bháistighe í.



Déanann sé báisteach (nó
fearthainn).



Tá sé ag báistigh.



Beidh sé 'báistigh ar feadh
an lae.



Déanann sé báisteach an-
tréan.



Bhfeiceann tú an chaoi bhfuil
sé 'báistigh.



Tá sé 'na dhórtadh.



Ní'l ann acht múr (nó
brádán).



Is gearr go mbeidh sé thart.



Téidheadh muid (téimís) ar
fasgadh.



Is dona an aimsir í.



Is an-dona an aimsir í.



Tá mé fliuch.



Tá mé fliuch go croiceann.



Tá eagla orm go nglacaidh
mé fuacht.



Tá aiteall beag anois ann.



Tá se 'tóirnigh.


L. 14


Tá an aimsir glas (stoirm-
each).



Beidh stoirm (nó feón)
againn.



Tá sé 'tosnughadh tóirnighe.



'Gcloiseann tú an tóir-
neach?



Tá sé 'tóirnigh ar feadh an
lae.



Tá an stoirm thart.



Tá an aimsir 'tosnughadh a'
glanadh suas.



Tá an aimsir an-mhí-shoc-
amhlach.



Tá an ghealach againn.



Tá solus maith ar an ngeal-
aigh anocht.



Tá sé 'glanadh suas.



Tá an aimsir a' glanadh
suas.



Tá an ghrian a' sgairteadh.



Tá an ghrian a' tosnughadh a'
sgairteadh.



Bhfeiceann tú an bogha
báistighe?



Feicim.



Tá sé ag éirghe breágh arís.



Tá sí 'na haimsir mhaith
arís.



Chuir an bháisteach faoi chois
an dusta.*



Tá an oidhche tuitthe anois.



Tá sé i n' oidhche.



Is dubh an oidhche í.



Tá sé an-te.



Nach te é?



Is brothalach an lá é.


L. 15


Tá sé ceómhar.



Tá ceó trom ann.



Tá sé 'sneachta.



Beidh sneachta anois againn.



Tá eagla orm go mbeidh.



Tá sé ag cur shneachta.



Tá sé 'sneachta go tiugh.



Rinne sé sneachta aréir.



Ní dhéanann sé mórán
sneachta i nÉirinn.



Siocann sé.



Tá leac oighre ann.



Tá an leac oighre tiugh.



Tá an abhainn reóidhte.



Sioc liath.



Tá an leac oighre 'leághadh.



Flich-bháisteach.



Tá sé salach.



Tá an sneachta 'leághadh.



Ní deas an áit é le siubhal.



Tá na clocha sleamhain.



Nach gaothmhar é.



Tá an ghaoth an-láidir.



Tá an ghaoth athruighthe.



Tá an ghaoth ag éirghe.



Tá an ghaoth 'lagan.



Meas tú 'mbeadh sé i
n-aruigheacht dul go sailable
hÁrainn?



Beidh i mbárach, lé congnamh
Dé.



Bhfuil sé 'bhfad ó bhí an
t-Athair Seaghán i n-Inis-
meadhoin?



Tá sé trí seachtmhainí.



Agus raibh aon Aifreann
ann ó shoin?



Ní raibh.


L. 16


Go sábháile Dia sinn, nach
fiadháin an áit é!



Is fiadháin, acht ní'l aon
leigheas air.



Cé hé an Sagart Paráiste
atá i nÁrainn?



An t-Athair Muircheartach
Ua Fearachair.



Bhfuil teanga mhaith Ghaedh-
ilge aige?



Go deimhin atá. Tá sí ar
a chomhairle féin aige.



An fear maith do na
daoine é?



Ní raibh sé i n-Árainn le mo
linn-se chomh ma ith, acht
an t-Athair Mícheál Ua
Donnchadha.



'Mbíonn aon eagla ar an
Athair Muircheartach
roimhe an fhairrge?



Go deimhin ní bhíonn; ní'l
fhios aige céard é.



Is fear maith fairrge é.



Ní'l sé le fagháil níos
fearr.



Bhfuil sé i n-ann iomradh?



Tá go deimhin, agus ábalta
ar bhád nó corrach a
gábháil freisin.



Tá an lá fuar.



Tá sé an-fhuar.



Tá sé an-fhuar do'n
tsaogal.


L. 17


Tá mé ar creathadh le
fuacht.



Tá mé préachtaí leis an
bhfuacht.



Bhfuil barr-léire ort?



Tá fuar-nimhe ort.



Tá an aimsir fuar tirm.


L. 14


*Do choisg an t-uisge an smúit ó éirighe. — Muns.


L. 17


AN UAIR.



Cé'n clog é?



Bhfuil fhios agad cé an
t-am é?



Innis dom, má 'sé do thoil
é, cé an t-am é.



Tá sé go díreach a haon.



Tá sé a haon a chlog.



Tá sé tar éis a haon.



Bhuail sé an buille anois.



Tá sé ceathramha tar éis a
haon.



Tá sé leathuair tar éis a
haon.



Tá sé i bhfoisgeacht fiche
nóiméad do'n dó.



Is beag nach bhfuil sé an dó.



Bhuail sé an dó anois.



Tá sé chúig nóiméad tar
éis an dó.



Ní'l sé acht a trí a chlog.



Ní'l sé an trí fós.



Tá sé tuairim an trí 'chlog.



Tá sé suas agus anuas leis
an trí.



Ní'l sé deireannach.


L. 18


Tá sé níos deireannaighe
ná mar shíl mé.



Níor shíl mé go raibh sé chomh
mall 'san lá.



Tá sé chúig nóimint fichead
do'n trí.



Tá sé an dó-dhéag (meadhón
an lae).



Tá sé an dó-dhéag 'san
oidhche (lár na h-oidhche).



An uaireadóir maith é sin
agad?



'Gcoinnigheann sé an t-am
go maith?



Cé an t-am é, a deir tú?



Ceathramha tar éis a seacht.



Dtiucfaidh tú 'un dínnéir
liom-sa i mbáireach?



Cé an uair?



Ag a dó 'chlog.



Eidir an dó agus an trí.



AN t-AM.



Indiu.



An lá.



An lá ar fad (an lá go
léir.)



An mhaidin.



An mhaidin ar fad.



An tráthnóna.



An tráthnóna ar fad.



An mhaidin seo.



I mbáireach (i mbárach).


L. 19


Ar maidin i mbáireach.



Indé.



Armha indé.



An lá roimhe.



Dhá lá ó shoin.



An tseachtmhain seo chuaidh
tharainn.



Coicthighis ó shoin.



Tá sé trí seachtmhainí ó
shoin.



Timcheall an ama sin.



An mhí seo chuaidh tharainn.



An bhliadhain i n-uraidh.



An bhliadhain seo chugainn.



Faoi Nodlaig.



Faoi Cháisg.



Meadhon an tSamhraidh.



An ráithe seo chugainn.



Faoi cheann míosa.



An chéad lá do'n mhí.



An dara lá nó an tríomhadh
lá do'n mhí seo chugainn.



An lá deireannach do'n mhí.



I ndeireadh na míosa.



Timcheall lár an Mhárta.



Cé an mhí 'bhfuil muid (sinn)
innti?



Cé an lá do'n mhí é?



Indiu an cúigeadh lá déag.



I gceann coicthighise.



An tseachtmhain seo chug-
ainn.



I gceann seachtmhaine.



Seachtmhain ó indiu.
Coicthighis ó indiu.



Seachtmhain 's an lá indiu.
Coicthighis 's an lá indiu.


L. 20


Ó lá go lá.



Lá éigin.



Laetheamhail.



Gach uile lá.



Gach aon dara lá.



Gach aon tríomhadh lá.



Go minic.



I gcomhnuidhe.



Go hannamh.



Ariamh — go deo.



IONGANTAS A CHUR I
n-UMHAIL.



Chuir tú iongnadh orm.



Cé an t-iongnadh?



An féidir é?



An ndeir tú liom é?



Tá iongnadh mór orm.



Ní chreidim é.



Cé an chaoi 'bhféadfadh sé
bheith.



Ní fhéadfadh sé bheith.



Ní thuigim cé an chaoi
'bhféadfadh sé.



Tá iongnadh orm 'na thaobh.



Cuireann sé iongnadh an
domhain orm.



Cé chuimhneóchadh air sin
anois?



Is aisteach an sgéal é.



Is an-aisteach é.



Is aisteach an gnó é seo.



Ní fhéadfainn innsint duit.



Ní fhéadfadh do chumhachta
cuimhniughadh air.


L. 21


Cé chreidfeadh é?



Cé chuimhneóchadh air?



'Seadh, ndeir tú liom é?



Níor chualaidh mé riamh a
leithide.



AG DEANAMH BRÓD
AS --.



Tá sé sin go deas.



Tá sé sin go han-deas.



Tá sé go h-áluinn.



Is iongantach an rud é.



Is iongantach ar fad an
rud é.



Nach slíogtha!



Tá iongnadh an domhain fós
orm.



Nach é an t-iongantas é!



Ní fhaca mé riamh aon rud
chomh deas leis.



Ní fhaca muid (sinn) ariamh
aon nídh chomh deas.



Ní thagann aon nídh i ngoire
ná i ngaobhar dó.



Is áluinn é.



Is cuma céard déarfaidhe,
níor bh'fhéidir cur síos
ar a dheiseacht.



AIMHREAS A CHUR I
gCÉILL.



B'fhéidir é.



B'fhéidir go mbeadh sé mar
sin.


L. 22


Ní bheadh aon iongnadh orm
'na thaobh.



Ní chuirfeadh sé aon iongnadh
orm.



Bhí súil agam leis.



Bhí súil agam léi anocht.



Ní'l aon iongnadh orm 'na
thaobh.



Ní chuireann sé iongnadh ar
bith orm.



Ní'l aon aimhreas air.



Féachann sé nádúrtha.



Ní aon iongnadh.



Tá sé nádúrtha.



Tá sé so-thuigse.



Thuitfeadh sé amach.



Ní chuirfidh sé iongnadh ar
aon duine.



BRÓN.



Tá brón orm 'na thaobh.
Tá athmhéal orm mar gheall
air.



Tá an-bhrón orm 'na thaobh.



Tá an-bhrón ar fad orm.



Is brónach an sgéal é.



Is brónach an rud é.



Nach orainn bhí an mí-ádh!



Nach é an mí-fhortún é?



Cé an brón?



Tá gach nídh caillte anois.



Nach mór an feall a rinn-
eadh air.



Is mór go deimhin.



Tá truaighe agam dhó.



Is díol truaighe é.


L. 23


Tá gach uile dhuine in' aghaidh
anois.



Ní'l an oiread is aon char-
aid amháin aige.



Tá gach nídh teacht 'na
choinne.



Cuirfidh sé an donas air.



Brisfidh sé an croidhe ann.



Creidim nach bhfuil aon
neart air anois.



MÍ-SHÁSTUIGHEACHT.



Ó mo náire!



Nach mór an náire é!



Tá sé go fealltamhail.



Cuireann sé duine a'
creathadh.



Cuireann sé an ghruaig 'na
seasamh ar do cheann.



Céard tháinig air chor ar
bith?



Chaill sé a chiall.



Tá tú 'dul amudha.



Mo náire thú.



Budh cheart duit náire bheith
ort.



Nach bhfuil aon náire ort?



Cad chuige nach ndearna tú
sin?



Tá tú ion-chasaoide.



Tú féin is ciontach.



Ní'l mé sásta leat.



Ní'l aon fhoighid agam leat
chor ar bith.


L. 24


Bí socair.
Bí ciúin.



Ná bí droch-mhúinte.



Ná freagair.



Ná déan níos mó é.



Ná bí 'cúl-chaint.



Tabhair aire dhuit féin
anois, má tá an t-ádh
ort.



Ní sheasóchaidh mé an obair
seo níos fuide



Béidh sé agam.



Caithfidh sé bheith agam.



Cuimhnigh ar céard tá mé
'rádh.



FEARG.



Tá fearg orm.



Tá an-fhearg orm.



Tá mé mí-shuaimhneach.



Tá mé mí-shuaimhneach indiu.



Tá mé crosta.



Ní'l mé sásta.



Ní raibh a leithid d'fhearg
ariamh orm



Cuireadh fearg mhór orm.



Tugadh masla mór dhom.



Ní féidir maitheamhnas
thabhairt dhó mar gheall
ar an masla.



Bhí fearg an domhain air.



Bhí sé as a chéill.



Ní fhéadfadh sé cosg (nó
srian) a chur ar a chuid
feirge.


L. 25


Bhí cúthach feirge air.



Ní raibh fhios aige céard bhí
sé rádh.



Tabhair maitheamhnas dó.



Caithfidh tú é mhaitheamh dhó.



Dhéanfainn, dá ngabhadh sé
leithsgéal ceart.



Muna ndéanaidh, ní labhair-
eó' mé arís go deó leis.



Maith dhó anois é agus bígidh
muintireach.



Déanfaidh sin, glacfaidh
mé do chomhairle; ar
mhaithe liom atáir.



SÁSTUIGHEACHT A CHUR
I n-UMHAIL.



Dia go deó leat.



Mo ghrinn go deó thú.



Mo ghrinn croidhe thú.



Nár lagaidh Dia thú.



Bíodh misneach agad.



Go neartuighidh Dia leat.



Saoghal fada le séan
chugat.



Fad saoghail chugat.



Tá go maith.



Go h-áluinn.



Is bródamhail an duine
anois mé.


L. 26


Tá mé sásta anois.



Tá sástuigheacht mhór in
m'inntinn ó chualaidh mé
sin.



Ní fhéadfainn cur síos duit
ar an rímhéad atá orm.



Cuireann sin áilleacht orm.



Ní rabhas ariamh chomh sásta.



Is maith liom gur phósais
bean mhaith.



Go mairidh tú do nuaidh-
eacht.



Go raibh sibh araon i bhfad i
bhfochair a chéile, má's é
toil Dé é.



Tá bród orm é chloistint.



Cuireann sé an-áthas orm
é chloisint.



Tuiteann gach rud amach
mar badh mhian liom.



Ní'l aon nídh eile ó Neamh
anuas uaim.



Tá gach rud agam is mian
liom.



Tá mé an-tsásta.



Ní raibh fhios agam cad í
an tsástuigheacht gur phós
mé.



CARTHANNAS AGUS TRUAIGHE.



Sin é mo chara.



Tá grádh agus gean agam
air.



'Sé an caraid is fearr atá
agam é.


L. 27


Támuid (sinn) an-mhór le
chéile.



Tá gean aige-san orm-sa.



Is deacair sinn a sgaradh ó
chéile.



Tagann muid(sinn) le
chéile.



Is minic a thasbáin sé gur
cara maith é.



Tá dóchas agam nach sgara-
muid ó chéile go bráth.



Tháinig gean agam air an
chéad am casadh ar a
chéile muid (sinn).



Bhí an oiread do ghrádh
againn ar a chéile is dá
mbeimís 'nar ndearbhráth-
aireacha.



Ní'l aon rún eadrainn.



Ní bhíonn rún ag duine
againn nach n-innseann
sé do'n duine eile.



Dhéanfainn rud ar bith dhó.



Agus budh fhiú é é.



Is lághach an cailín óg í
sin.



Budh dhual máthar di é.



Is aici bhí an bhean do mháth-
air budh dheise agus budh
ghleóite chonnaic mise
riamh.



Croidhe na féile bhí innti;
beannacht Dé le n-a
h-anam.



Ámén, a Thighearna.


L. 28


MÍO-THAITHNEAMH.



Ní thaithneann an fear sin
liom.



Tá gráin agam ar an bhfear
sin.



Ní lugha 'r liom 'ná an
mí-ádh é.
Ní lugha 'r liom é 'ná an
sioc.
Ní lugha 'r liom é 'ná an
donas.



Ní'l aon mhúnadh air.



Nach gránna an cúntanús
atá aige.



Ní'l cúntanús maith aige.
Ní'l deagh-chúntanús aige.



Ní fhéachann sé go deas.



Tá rud éicint 'easbaidheach
'na chuid cainte.



Ní fhéadaim mo ghráin air
a chongbháil agam féin.
Ní fhéadaim an ghráin atá
agam dó chongbháil
agam féin.



Ní'l fhios aige cad é síbhéal-
tas.



Tá sé mí-mhúinte le gach
duine.



Ní féidir theacht leis.



Tá gráin ag gach duine air.



Féachaim gan teacht 'na
ghaobhar.



Dhéanfadh sé tuirseach thú.



Labhrann sé 'gársamhail.



Tá sé an-áidhbhéileach.


L. 29


AOIS.



Cé an aois thú?



Beidh mé ceathair déag an
mhí seo chugainn.



Is gearr go mbeidh me
ceathair déag.



Tá mé cúig fichead.



Cé an aois atá ag t' athair?



Cé an aois do dhearbhráthair
anois?



Ní'l sé fiche bliadhain fós.



Ní'l sé i n-aois fós.



Meas tú cé an aois an
páisde sin?



Ní'l sé acht chúig bhliadhna.



Is mór an malrach d'á
aois é.



Cé an aois a dheirbhshiúr?



Tá sí ocht déag.



Ó! is gairid go mbeidh sé
in' am pósta aici.



Ndomhnach is gearr (gairid).



Ní'l sí fós fiche bliadhain.



Bhí sí fiche bliadhain indé go
díreach.



OCRAS.



Tá ocras orm.



Tá an-ocras orm.



Airighim mo ghoile a' feabh-
sughadh.



Tá goile maith agam.



Tá mé 'fághail bháis leis an
ocras



Tá mé básuighthe leis an
tart.


L. 30


Ól rud éigin.



Cad ólfas tú?



Tá tart orm.



Tabhair dhom deoch, má 'sé
do thoil é.



Tabhair dhom gloine bhainne
(uisge, fíona, beorach,
leanna.)



Tá mé an-tuirseach.



Tá mé tugtha.



Tá mé fuar.



Tá mo lámha fuar.



Tá mé te.



Tá codladh orm.



CODLADH.



Tá an-chodladh orm.



Feicthear dhom go gcod-
lógha mé go maith anocht.



Tá mé thart leis an gcod-
ladh.



Budh mhaith liom dá mbeidhinn
ar an leabaidh.



Chodail mé go maith.



Níor chodail mé go ró-mhaith.



Ní fhéadaim tuitim 'mo
chodhladh.



Níor dhún mé mo shúile ar
feadh na h-oidhche.



Níor leag mé mo shúile ar
a chéile le seachtmhain.



Ní'l fhios agam cad a dhéan-
fas mé.



Ní féidir liom déanamh níos
fuide gan codladh.


L. 31


NUAIDHEACHT.



Bhfuil aon nuaidheacht agad?



Bhfuil aon sgéal nuadh
agad?



Ní'l, ní'l aon nuaidheacht
agam.



Ní fhaca mé na páipéir.



Ar léighis an páipéar in-
diu?



Léigheas.



Cé an páipéar é féin?



An Claidheamh Soluis.



Is maith liom tú 'léigheadh
na Gaedhilge.



Cé mar thaithnigheann an
Claidheamh leat?



An-mhaith, go deimhin.



Nach breagh an cainteóir é
Conán?



Is fíor do phort?



Nach deas uaidh cur síos ar
an gcogadh.



Fuair mé níos mó eólais
uaidh ná ó na sgríobh-
neóirí Béarla go léir.



Ní taise le "Feargus Finn-
bhéil" é.



Ní headh. Tá a theanga
ar a chomhairle féin
aige.



Tugann an "Bheirt Fhear"
mórán eólais dom ar
chúrsaidhe an tsaoghail.



Nach maith uatha caismirt a
dhéanamh ar gach nídh.



Is maith go deimhin.


L. 32


Tá siad i n-ann cleamhnas
a dhéanamh chomh maith le
prátaí a chur.



Ar léigh tú Claidheamh na
seachtmhaine seo?



Níor léigheas.



Ó, chaill tú é, a dhuine.



Agus cé an barr nuaidh-
eachta bhí ann?



Bhí cath mór eidir Seaghán agus
Pól.



Agus cé ghnódhuigh?



Pól, a mhic ó.



Go neartuighidh Dia leis.



'Mó duine marbhuigheadh?
(Cia mhéad duine marbh-
uigheadh?)



Trí chéad agus leónadh 600.



Meas tú an fíor é?



Is fíor, maiseadh. Tháinig
sé thríd an Riaghaltas.



Ar chualaidh tú ó t'athair
le gairid?



Níor chualas.



Bhfuil sé i bhfad ó sgríobh
sé chugad?



Ní bhfuair mé aon sgéala
uaidh le mí.



Níor sgríobh sé chugam le
ciocthighis.



Tá súil agam le leitir
'fagháil uaidh indiu nó i
mbáireach.


L. 33


DEARBHUGHADH.



Tá sé fíor.



Tá sé fíor gur --.



Mo léan; is fíor gur --.



'Sí an fhírinne ghlan í.



'Sí an fhírinne í.



Ní'l aon aimhreas.



Ní'l aon rud chomh cinnte.



Innseó' gach uile dhuine
dhuit é.



Tá fios ag an mbaile air.



Ní sgéal rúin é agus fios a
bheith ag triúr air.



'Sé an sgéal atá i mbéal
gach duine é.



Chualaidh mé trácht air.



Tá sé ins na páipéir.



Creid gach nídh d'á ndéar-
faidh mise leat.



Dar m'fhocal.



Chonnaic mé é.



Chonnaic an fear sin é chomh
maith liom-sa.



Badh mhaith liom dá mbeadh
sé amhlaidh.



IARRAIDH.



A Chuilm, innis sgéal dúinn.



Ní'l aon sgéal agam. Dá
mbeadh, thabharfainn.



Go deimhin, atá neart agad
díobh.



Tosuigh ort anois, má 'sé
do thoil é.



Abair sgéal an Ghiolla
Mhaoil.


L. 34


Ní'l sé agam go maith, acht
mar tá, gheobhfaidh tú é.



A' ndéanfaidh tú oibliogáid
bheag dhom?



Déanfad agus fáilte.



Innis dom.



A' n-innseóchthá dhom má
tá --?



A' n-innseóchthá dhom cá
bhfuil --?



'Dtabharfá cead dom --?



Glacaim párdún agat, má
chuir mé aon trioblóid
ort.



A' n-eiteó' tú mé?



Beidh mé an-bhuidheach dhíot.



Éist liom.



Ní dhéanfaidh mé dearmad
go bráth ort.



SLÁINTE.



Cé mar atá tú?
Cia an nós a bhfuil tú?
Cia an chaoi 'bhfuil tú?



Bhfuil tú go maith?



Tá súil agam go bhfuil tú
go maith (go láidir).



Tá mé go maith, slán go
rabhair.



Go maith.



Tá mé go láidir.



Tá mé go h-áluinn.



Ní'l mé go maith.


L. 35


Ní'l mé go maith chor ar bith.



Céard 'tá ort?



Ní airighim go láidir.



Tá mé lag lúbach.



Bíonn pian mhór in mo thaobh.



Fuair mé fuacht.



Glac mé fuacht.



Tá an slaghdán mór orm.



Tá mé a' creathadh.



Bhí mé a' creathad ar feadh
na hoidhche.



Níor dhún mé mo shúile
aréir.



Tá slaghdán orm le seacht-
mhain.



Tá mo chluas chlí bodhar
aige.



Níor chodail mé go maith le
dhá oidhche.



Bhfuil tú tinn i bhfad?



Ar thóig tú aon leigheas ar
an slaghdán?



Mbíonn aon duine a'
freastal ort?



Bím a' casacht ar feadh na
h-oidhche.



Tá mé beagán níos fearr.



A mé féin a' feabh-
sughadh.



Tá tinneas cinn orm.



Tá mo sgórnach tinn.



Tá doigh fhiacail orm (tá
tinneas fiacal orm).



Tá an-phian in m'fhiacail.



Tá fuacht in mo cheann.


L. 36


Tá súil agam nach fiú
biorán é.



Ní fiú' le congnamh Dé.



Tá dóchas agam gur gearr
go mbeidh tú go maith.



Tá an-bhrón orm faoi do
chuid tinnis.



Féachann do dhearbhráthair
go maith.



Tá dreach (nó gné) mhaith in'
éadan.



Tá sé chomh láidir le capall.



Ní fhéachann a mhac go maith.



Ní'l sé ar fheabhas fós.



Tá sé níos fearr indiu.



Tá bród orm é chloistint.



Ní shílim go mairfidh sé i
bhfad.



Cé an sórt tinnis atá air?



Pianta 'na chaol-druim
(pianta caoldromach).



SIUBHAL.



Cé an sórt bóthar atá as
seo go dtí --?



Bhfuil an bóthar (ród, beal-
ach) go maith?



Bhfuil sé go dona?



Tá sé go maith.



Ní'l sé ró-dhona.



Tá an donas air 'san
ngeimhreadh.


L. 37


Tá sé maith go leór an t-am
seo do bhliadhain.



Bhfuil sé clochach?



Bhfuil an bóthar cumhang nó
leathan?



Ní'l sé cumhang ná leathan.



Tá sé leathan go leór.



Ní'l na bóithre go maith chor
ar bith.



Bhfuil tigh ósta maith leath-
taobh an bhóthair?





Tá, cuid go maith agus cuid
go dona.



Bhfuil aon chárr 'dul as seo
go dtí --?



Tá, cárr an phosta.



Cé mhéad a chosnuigheann sé
as seo go --?



Leath-choróin.



Ó, nach daor an marcaigh-
eacht í!



Tá gach uile rud daor 'san
áit seo.



Agus cad chuige sin?



Ní'l fhios agam.



Mbíonn sibh 'déanamh aon
bhraon do'n phoitín annso?



Bíonn, anois agus arís.



A' bhféadfá cárt do shúgh
an ghráinnín eórna fhagháil
dom?



Is féidir.



Cé mhéad is fiú é?



Trí sgilleacha an cárt.



An braon maith é?



An braon is fearr chuaidh in
do bhéal ariamh.


L. 38


Déanfaidh sin. Tabhair chug-
am é.



Seachain na pílears.*
B'fhéidir go mbéarfaidís
ort.



Ó na sean-diabhail ghorma.
Is minic ólann siad féin
é.



AN TRAEN.



Cia aca seo an traen atá
'dul go Gaillimh?



An í seo an traen go --?



Cé an áit i gcaithfidh mé
athrughadh go --?



Tá leathuair le fuireacht
againn.



Bhfuil na suidheacháin seo
tógtha?



A 'bhfanfamuid i bhfad ann-
so? Deich nóiméad.



Nach bhfuil an traen seo
déidheanach?



Bhfuil slighe do dhóthain
agat?



Bhfuil áit ag beirt annsain?



A' stadann an traen seo
ag --?



Cá stadfamuid ar dtús
(i dtosach)?



Tasbáin do chuid tuicéad.



Cé an stáisiún é seo?



Tá an áit seo ró-the.


L. 39


Leig anuas an fhuinneóg,
má 'sé do thoil é.



Cé an t-ainm atá ar an áit
seo?



Cá bhfuilmid anois?



Tá mé tuirseach (tá mé
curtha). Budh mhaith liom
bheith 'san mbaile.



Béimid ann anois i gceann
leathuaire a chluig.



Badh cheart dúinn bheith ann
fad ó.



Támuid a' tarraint isteach
ar Ghaillimh anois.



Cá rachaidh tú ar lóistín?



Ní'l fhios agam, cá rachaidh
tú féin?



Ní raibh mé i nGaillimh fós
ariamh.



Sílim gur fearr dúinn dul
go tigh. Nóra Ní Chatháin
mar tá fuagra aici 'sa'
Chlaidheamh Soluis. Caith-
fimid congnamh thabhairt
dóibh seo thabhras congnamh
dhúinne.



A phóirtéara, beir ar mo
chuid málaí.



An iad seo iad? Ní h-iad,
acht iad seo



Tá dhá mháilín lámh ann agus
builcín beag eile.



Seo iad iad.



Tabhair suas chomh fada leis
an oifig iad, má 'sé do
thoil é.



Tá oifig an teachtaire
teinntrigh annsin thall.


L. 40


Ní'l agam níos mó.



Glaodh ar chárr.



Cuir na málaí taobh amuigh.



Rinne mé dearmad ar aon
bheairtín amháin.



Cé an uair a dtiucfaidh an
chéad traen eile?



Cá bhfuil an cóiste?



Abair leis tiomáint go
dtí --.



Bhfuil an biadh-theach seo



An é seo an bealach go
dtí --?



Ní hé seo mo chófhra-sa.



D'fhág mé mo mhála 'san
traen.


L. 38


*Síothmhaoir.


L. 40


ÉADACH.



Bróga.



Buataisí.



Slipéirí.*



Stoca.



Stocaí.



Dirtéal.



Léine.



Coiléar.



Búna.



Cnaipe.



Cnaipí.



Culaith éadaigh.



Bríste.



Bríste glún.



Casóg (cóta).



Cóta mór.


L. 41


Bháist-cóta.



Bheist, bheisteanna.



Hata, hataí.
Bairéad, bairéid.



Tais-éadach.



Cáibín, cáibíní.



Cíor, cíora.
Raca cuil, rácaí.



Biorán, bioráin.



Biorán bhrollaigh, bioráin
bhrollaig



Carabhata, carabhataí.



Clóca, clócaí.



Fáinne, fáinní.



Braisléad, braisléadaí.



Brollach, brollaigh.



Caipín, caipíní.



Sgáth gréine, sgáthaí
gréine.
Sgáilín, sgáilíní.
Sunshade (or parasol)



Sgiath fearthainne, sgiatha
fearthainne.
Sgáthadóir, sgáthadóirí.



Fáisgeán, fáisgeáin.



Gúna, gúnaí.



Naipicín, naipicíní.



Naipicín póca, naipicíní
póca.



Líonán, líonáin.



Muinchille, muinchillí.



Póca, pócaí.



Sparán, sparáin.



Cába, cábaí.



Láimhín, láimhíní.



Miotóg, miotógaí.



Lamhainn, lamhainní.



Scuab, scuaba.



Scuaibín, scuaibíní.


L. 42


Scuab fhiacal, scuaba
fiacal.



Scuab ghruaige, scuaba
gruaige.



Scuab éadaigh, scuaba
éadaidh.



Snáth.



Snáthad, snáthadaí.



Cró (colpa).



Cró snáthaidhe móire.



Fáinne.



Fáinne cluas.



Ribín.



Lásaí.



Hata tuighe.



Clúmhach struthann.



Greanadh.



Búcla.



Rós, salcsacha.


L. 40


*Slipéidí, sgríobóga (bróga sgríbe), cuaráin, pampútaí.


L. 42


I SEÓMRA MNÁ UAILSE.



Tá sé i n' am gléas chun
dínnéir, a bhean uasal.



Cé an t-am é, mar sin?



Bhfuil sé chomh déidheanach
sin?



Bhfuil teine mhaith in mo
sheómra?



Bhfuil gach nídh ullamh (no
faoi réir)?



Cuir mo chuid rudaí i dtoll
a chéile.



Tabhair dom mo chuid stocaí
agus mo ghúna bán.



Cíor mo cheann go réidh.


L. 43


Tabhair dom beagán uisge
'san mbáisín.



Cá bhfuil an púdar bán?



Cá bhfuil an ghallúnach?



Cá bhfuil mo sguaibín
fiacal?



Tabhair dom an púdar
fiacal.



Teastuigheann naipicín agus
tubháille uaim.



Tá an sgathán seo salach;
cumil é.



Tabhair dom siosúr.



Tabhair dom mo chuid fáis-
geáin.



Ní dhéanfaidh an iall seo
cúis.



Socruigh mo chuid gruaige
go simplidhe.



Déan catach ar mo bhaithis í.



Budh mhaith liom mo chuid
gruaige dhéanamh suas ar
mhodh --.



Ná déan acht iompódh mo
ghruaig suas ar mo chúl
le mo chíor.



Cé na bróga thug tú
chugam?



Badh mhaith liom iad siúd a
bhí orm an lá faoi dheir-
eadh.



Na cinn bhána shíoda.



Tabhair dom péire stocaí
corráin.



Cé an gúna é seo?



Tabhair dom an gúna síoda.



Cá bhfuil mo chochall?



Mo chuid miotógaí agus
mo naipicín lín?


L. 44


Tabhair mo chuid fáinní
cluas.



Tá an cóiste ag an doras.



Tabhair chugam mo chlóca
agus mo chochall.



AG DÍNNÉAR.



Tá an dínnéar ar an mbórd.



Téidhmid isteach i seómra
an itheacháin.



Suidh i n-aice na mná uaisle
seo, má 'sé do thoil é.



An t-anbhruith an chéad rud
bheidheas agaibh, nach hé,
a mhná uaisle?



Mbeidh anbhruith agad-sa?



A' n-ólann tusa aon an-
bhruith?



A' dtaithneann anbhruith
leat?



Mbeidh píosa éisg agad?



Go raibh maith agad.



Beidh beagán mairtfheóla
rósdtha agam.



Sílim go bhfuil sé go deas
séimhidh.



Cé an chuid de is fearr
leat?



Cé an chaoi i ngearrfaidh
mé é?



An maith leat an fheoil bheith
beagán amh?



Badh mhaith liom í bheith
bruithte go maith.


L. 45


Ní thaithneann sí liom-sa
ró-bhruithte.



Tá an mhairtfheoil seo an-
séimhidh.



Caoirfheoil.



Muicfheoil.



Feoil ghabhar.



Éanlaith.



Laoighfheoil.



Mairtfheoil.



Feoil choinín.



Feoil chearc.



Tá an chaoirfheoil seo go
deas ar fad.



Mbeidh blúire beag agad?



Tá muicfheoil agus sicín
annso freisin.



Blaisfe mé dóibh ar fad
(go léir), má 'sé do
thoil é.



Féachann siad go maith.



Mbeidh cuid do na h-éan-
laith seo agad?



Ní bheidh, go raibh maith
agad-sa, tosógha mé leis
an iasg.



Tá súil agam go bhfuil sé
deas úr.



Ní furusda bradán chomh
maith sin fhágail i nDoire.



Gaillimh an áit le haghaidh
bradán.



An mblaisfe tú de?



Má 'sé do thoil é.



Tá an crotach rósdtha seo
an-séimhidh.



A' dtabharfa mé eite dhuit?



An fearr leat an t-ucht?



Seo súgh feóla dhuit.


L. 46


Sín anuas an phríáil, má 'sé
do thoil é.



Pass the sauce, if you
please.
Cá bhfuil na prátaí (no
fataí)?



Nach breágh na fataí iad
seo?.



An gaisgí iad seo.



'Seadh.



Nach bhfeiceann tú na cótaí
caithte dhíobh.



'Dteastuigheann tuilleadh
feóla ó aon dhuine anois?



Ní theastuigheann.



Tá faitchios orm go bhfuil
tú 'déanamh dearmaid
ort féin.



Tá tú freastal ar gach uile
dhuine agus a' déanamh
dearmaid ort féin.



M'anam nach bhfuilim, mais.
Tá mé 'déanamh go h-óg.



A' n-ólfa tú braon uisge
beatha liom?



Cé an cineál is fearr leat?



Cé an cineál ólfas tú?



Tá Seaghán Mac Séamais
annseo againn agus
fuisge an Phiarsaigh.



Is fearr braon fíona ag
tús mo dhínnéir?



Gloine Burgandí, má 'sé
do thoil é.



Cé mar thaithnigheanns an
fíon leat?



Cé mar thaithnigheanns na
creabhair leat?


L. 47


Céard do mheas ar na
creabhair?



Tá siad rósdtha go deas
agus an blas ceart orra.



Athruigh an pláta seo. Beir
chugam pláta eile.



Sgian agus pícín.



Pláta.



Spúnóg, má 'sé do thoil é.



Tabhair é seo do'n mhnaoi
uasail.



Do'n chailín óg é seo.



Cuidigh leat féin.



Badh mhaith liom dá n-inn-
seóchthá dom cé an chuid
is fearr leat.



Céard a bhéarfas mé dhuit?



Mbeidh caoirfheoil nó mairt-
fheoil agad?



I dteannta chéile is fearr
iad (beagán díobh araon).



Seo grísgín deas séimhidh.



An maith leat saill (néith)?



Tabhair dhom beagán do'n
thairtéfheoil, má 'sé do
thoil é.



Beagán do gach cuid.



Ní'l aon tsúgh agad.



Tá mo sháith (dhóithin) agam,
go raibh maith agad.



Céard bheas agad le do
chuid feóla?



A' mbéarfaidh mé cóilis nó
meacain duit?



Tabharfa mé gearradh beag
do'n cheathramha chaoir-
fheóla seo dhuit.


L. 48


Tá sé lán le súgh.



Blúire beag, má 'sé do
thoil é.



Tá an píosa sin ró-mhór.



Déan dhá leith dhe.



Leath an mhéid sin.



An ndéanfaidh sin?



Go raibh maith agat, tá mo
dhóithin annsain.



Tabhair dúinn na horáistí.



Cuir na gloineacha ar an
mbórd.



An Sauterne nó Cláiréad
bhéarfas mé dhuit?



Nach deas iad na hubhlaí
péineach seo.



Tá siad aibidh go ceart.



Níor ith mé a samhail ariamh.



Shílfeá go bhfuil sibh réidh,
a mhná.



Tá mé réidh le freastal
oraibh anois.



Béidh cupán caifé againn
'san bpárlús.



AG TAE.



Tá an tae ullamh (réidh).



A mhná, céard is maith libh?



Beidh cupán caifé againn.



Cé mar thaithneann sé leat?



An maith leat milis é?



Bhfuil sé láidir go leór?



A' dtabharfaidh mé cupán
tae dhuit?


L. 49


Má 'sé do thoil é, a bhean
uasal.



Ta do chuid tae go maith.



Tae thar barr is eadh é seo.



Cár cheannuigh tú an tae
seo?



Ag Muinntir Mhadagáin, i
mB'l'Áth' Cliath.



Tá an tae is fearr d'á dhíol
i nÉirinn aca.



Tá siad 'na nÉireannaigh
mhaithe freisin.



Nach bhfaca tú a bhfógra
'san Chlaidheamh Soluis?



Tá 's ag mo chroidhe nach
bhfacas (d'ar m'fhocal ní
fhacas).



Ceannó' mise mo chuid tae
'san teach sin as seo
amach.



Má ghníonn tú, ní bheidh aon
aithmhéala ort.



Tá siad an-chneasta 'na
gcuid déileáil.



Sín agam (chugam) an
t-uachtar, má 'sé do
thoil é.



Craith (buail) an clog, a
Mháire.



Teastuigheann tuilleadh
uachtair uainn.



Tabhair tuilleadh aráin agus
ime againn (chugainn).



Bhfuil tú sáthach cheana?



Nach mbéidh tuilleadh agad?



Ní bheidh, slán a bheidhir.



Go raibh maith agad.



Bhfuil tú cinnte anois?


L. 50


Nach mbeidh leath-chupán
agat?



Nach mbeidh taosgán an
chupáin agad?



Ní ólaim níos mó 'ná
cupán.



Tóig na rudaí seo.



Bhfuil sé milis go leór?



Ní'l, ní mór dhom trí chnap.



Sín a leith an siúcrán.



AG BRICFEAST.



Cé an t-am is féidir liom
bricfeast fhághail?



Am ar bith ó'n seacht go
dtí an naoi.



Badh maith liom é fhághail ar
mo leabaidh (in mo sheom-
ra leabtha).



Mar is mian leat. Caifé,
tae, nó cócó?



Bheinn buidheach díot dá
dtabharfá cupán eile
cócó dhom.



An féidir liom caifé fhághail
i n-ionad tae? Is fearr
le mo mhnaoi an caifé.



Bhfuil an bricfeast réidh?



Ní'l fós (go fóill).



Níor tháinig na mná anuas
an staighre fós (go
fóill).



Tá an bricfeast ullamh.



Tá gach uile dhuine i seomra
an itheacháin (an bhídh).


L. 51


Tá siad ag fanamhaint
leat-sa (feitheamh ort-sa)



Tá mé 'teacht anois díreach.



Glacaim(gabhaim) bhur bpár-
dún mar gheall ar sibh a
chonghbháil chomh fada.



Ní fhéadfainn a theacht níos
túisge.



Céard a bhéarfaidh mé
dhuit?



Mbeidh tae nó caifé agad?



Tá caifé, tae, agus cócó
againn.



Do roghain aca.



Cé aca is fearr leat?



Is fearr liom tae?



Ar mhaith leat cócó?



Is fearr liom caifé?



Beidh caifé agam, má 'sé
do thoil é?



Bhfuil an tae milis go
leór?



Bhfuil an caifé láidir a
dhóithin?



Tá sé go deas.



Seo bulógaí (builíní, builbh-
íní) dhuit.



Seo arán te.



An fearr leat arán te 'ná
tirm?



Sín chugam an t-im, má 'sé
do thoil é.



Agus an t-áran freisin.



A' dtabharfaidh mé cupán
tae dhuit?



Tá an tae seo lag
(tanaidhe).



Ní'l sé láidir go leór.


L. 52


Is fearr liom lag é.



Cá bhfuil an siúcrán?



Ólaim gan siúcra é.



Mbeidh cupán eile cócó
agad?



Ní bheidh, go raibh maith agad.



Tá mé buidheach díot.



Leig dhom leath-chupán eile
tae a thabhairt duit.



Tá súil agam go dtaithneó'
sé leat.



AG AN mBEARBÓIR.



Beárr mé, má 'sé do thoil é.



Bhfuil do chuid rásúirí go
maith?



Bhfuil siad géar?



Cá bhfuil an bháisín agus an
ghallúnach?



Ná gearr mé.
Ná bain an croiceann
díom, ar do chluais.



Bain an ghruaig díom.



Badh mhaith liom mo chuid
gruaige a ghearradh.



Ná gearr go dlúith í.



Déan deabhadh (deifir), má
'sé do thoil é.



Cá bhfuil mo chuid cíor?



Go mín réidh.



Tá tú do mo ghortughadh.



Anois, cuir cincíní in mo
chuid gruaige.



Téidh an tlú.



Tá an tlú ró-the.


L. 53


Féach ar an bpáipéar ar
dtús é.



Ní luigheann an cincín seo
go maith.



AG AN TÁILLIÚR.



Tá duine annso ar mhaith
leis labhairt leat.



Cé hé féin?



Cé'n duine ar mhaith leis
labhairt liom?



An táilliúr.



Abair leis teacht isteach.



Chuir mé fios ort go dtóg-
fá mo mhiosúr.



Teastuigheann casóg(cóta)
uaim.



Teastuigheann culaith éad-
aigh uaim.



Tóg mo mhiosúr.



A' dtógfaidh tú mo mhiosúr?



Cé an saghas cóta dhéanfas
mé?



Mar chaithtear anois iad.



'San bhfaisiún is nuaidheach-
ta (déidheanaighe, úire).



Beidh bheist agus bríste
'teastáil uaim freisin.



Badh mhaith liom pátrún nó
dhó fheiscint.



Tasbáin pátrúin dom.



Bhfuil siad agad annso?



Bíodh do roghain agad
anois.



An éadaigh Ghaedhealach, iad
seo?


L. 54


Marab eadh, ní cheannógh'
mé iad.



Is náireach an rud do
Éireannach ar bith gan
éadach Gaedhealach a
chaitheamh.



Rinneadh gach ceann do na
somplaí seo i nÉirinn.



Bhfuil tú cinnte dhe?



Cé an sórt líonáin chuirfeas
mé leis?



Fágfaidh mé é sin agad
féin, acht bíodh sé Gaedh-
ealach.



Cnaipí bána, creidim, chuir-
feas mé ionnta.



Má tá an dath feilteach
do'n chineál seo éadaigh.



Ar mhaith leat cabhail an
bhríste bheith fada?



Ní maith liom ró-fhada ná
ró-ghairid é; eidir eat-
orra.



Seo í do chulaith, a dhuine
uasail.
Is fear do t'fhocal thú.



Is maith liom gur choinnigh
tú t'fhocal. Ní minic
dhéananns na táilliúirí
sin.



Teastuigheann siad uaim
indiu.



Anois díreach is eadh chríoch-
nuigh mé iad.



Ní'l sé acht an deich a chlog.



Gheall mé iad bheith réidh
roimhe meadhon an lae.


L. 55


Ní'l mé ag clamhsán.



Tá súil agam go mbeidh tú
sásta leo.



Foighid go bhféacha mé orm
iad.



Seo, féach ort iad.



Foighid go mbeidh fhios
agam má tá siad luighte
ceart.



Luigheann sí go deas ort.



Tá sé beagán cúmhang
faoi'n asgaill.



Nach bhfuil na muinchillí ró-
fhada?



Sin é an faisiún anois.



Tá sé ró-chumhang.



Sínfidh sé.



Tá sé do mo ghearradh ar
na guaillí.



Sílim go bhfuil sé ró-
fhada.



Féachann sé fada.



Tá ruic faoi na hasgaillí.



Cuir ort an bheist seo.



Ní'l an bheist seo déanta
go maith.



Tá sí ró-ghairid.



Ní mór an bheist agus an
cóta 'athrughadh.



Ní fheicim go dteastuigh-
eann aon athrughadh uatha.



Ní féidir leat aon locht
fhághail air seo.



Ní'l aon locht le fághail air
seo.



Féach 'san sgathán. Féach
ar aghaidh an sgatháin.



Luigheann sé go deas.


L. 56


Ní admhuigheann táilliúirí
go mbíonn aon locht le
fághail ar a gcuid oibre
féin.



Badh mhaith liom cóta mór
fhághail.



Tar i mbáireach agus tiuc-
faidh an bheirt againn
dtoghfamuid an t-éadach.



AG AN ÉADACHÓIR (ÉAD-
UIGHTHEÓIR).



Badh mhaith liom éadach a
cheannach.



Cé an saghas éadaigh atá
uait?



Cé an luach?



Cé an t-airgead badh mhaith
leat 'íoc.



Tá éadach do gach uile luach
againn.



Tasbáin dom an cineál is
fearr agad?



An é seo an cineál is fearr?



Cé an dath is fearr leat?



Taithnigheann an dath seo
liom.



Bhfuil sé faisiúnta?



Bíonn dubh agus gorm 'sa
bhfaisiún i gcomhnuidhe.



Tasbáin tuilleadh dhom.



Tá an dath seo ró-dhorcha.



Agus é seo ró-bhán.


L. 57


Tréigfidh an dath seo go
luath.



Glacaim do phárdún, ní
thréigfidh sé.



Tá an t-éadach seo an-éad-
trom.



Déanfaidh sé seo.



Teastuigheann ádhbhar brís-
te uaim.



Rud eicínt nach saló' go
luath.



A nigheas go maith.



Taithnigheann sé seo liom.



Céard atá tú 'iarraidh an
tslat air?



An oiread seo.



An é sin an rud is lugha?



Ní iarraim níos mó ná
thógaim.



Ní'l agam acht aon fhocal
amháin.



Ní fhéadfainn é dhíol níos
lugha.



Tá fhios agad gur coisnim-
earaidhe maith mise.



Sin í an fhírinne, acht, mar
sin féin, ní fhéadfainn é
dhíol níos lugha.



Sgoilteadh muid (sgoil-
timís) an dithbhir.



Tá sé agad ar an gcéad
chostas.



Gearr trí shlat dom.



Cé mhéad?



Seo dhuit do chuid airgid.


L. 56


*"Mo ghúna craobhach"


L. 58


I DTIGH AN PHOSTA.



Cá bhfuil Teach an Phosta?



Glacaim párdún agad (do
phárdún) — acht a n-inn-
seochá dhomh cá bhfuil Teach
an Phosta.



An dara sráid taobh do
láimhe deise, 'san áit a
bhfeiceann tú an lampa
uaithne.



A' gcuirfeá mé i n-eolas
a' bhealaigh ag(go) Teach
a' Phosta, má is é do
thoil é?



Suas ar t'aghaidh díreach,
Sráid Uí Chonaill (lean
cnáimh do shróna).



A' bhfuil litreacha agad
domh-sa?



Cé tú féin? Is mise --.



Ní thig linn
Ní féidir linn
Níor mhaith linn
litreacha
thabhairt do
dhuine ar bith
go mbeidh fhios againn
gurab é an fear ceart é
(atá ann).



Seo é mo chárta.



Cé mhéad stampaí thógfas
(thóigfeas) an litir seo?
(Cé mhéad unnsa meadh-
achaint' an litir seo?)



Tabhair dhom stampaí air
seo, má sé do thoil é.



Trí stampa 2 1/2d. (dhá
phighinn is leith-phighinn),
ceithre chárta posta,
agus dhá chlúdach.


L. 59


Tabhair stampa pighinn-go-
leith anois dom, má 'sé
do thoil é.



Cé mhead a chosnóchas an
teachtaireacht teinntridhe
seo?



Badh mhaith liom cosdas an
fhreagra 'íoc.



Badh mhaith liom dá gcuirfeá
'un bealaigh í ar áit na
mbonn (láithreach bonn).



Cé mhéad chosnuigheann sé
litir a chianchuimhniughadh
(athchoimhriughadh)?



Cé mhéad do'n Fhrainnc agus
do'n Spáinn?



Cé an uair imthigheanns an
posta deireannach / déidheanach go
Baile Átha Cliath?



Cé an tsráid a bhfuil an
posta uirthi?



A 'dtasbáinfeá an bealach
dhom?



Teastuigheann uaim sgríobh-
adh. Meas tú a' mbeidh
mé i n-am ag an bposta?



AIRGEAD.



Feóirling.



Leath-phinginn, leith-phighinn.



Pinginn, pighinn.



Pinginn go leith.



Dá phinginn go leith.



Sé pinginne (pighinne).


L. 60


Sgilling, dhá sgilling, trí
sgilleacha, ceithre sgill-
eacha, agus rl.
Shilling



Píosa dhá sgilling.



Leath-choróin, píosa leath-
chorónach.



Coróin.



Ceithre sgilleacha.



Deich sgilleacha.



Leath-shamhrain.



Púnt.



Nóta púint,



Dá phúnt.



Trí phúnt.



Chúig phúnt.



Nóta chúig bpúnt.



Seacht bpinginne.



Ocht bpinginne déag.



Trí agus tuistiún.



Ceathair agus trí pinginne.



Coróin agus dhá thuistiún.



Sé agus deich bpinginne.



Naoi agus naoi bpinginne.



Dó dhéag.



Dhá phúnt déag.
£12.



Trí sgilleacha déag.
Trí déag.



Seacht bpúnta déag deich.
£17 10s.



Púnt is fiche.
£21.



Dá phúnt is fiche.
£22.



Trí phúnt fhichead.
£23.



Ceithre phúnt fhichead.
£24.



Ceathair fichead.



Deich fichead.



Deich is dá fhichid.



Deich bpúnt fhichead.
£30.



A' bhfuil briseadh corónach
(c'rónach) agat?


L. 61


Tá píosa dhá sgilling agam
agus trí sgilleacha, má
dhéanann sin thú.



Cé mhéad is fiú sgilling
i n-airgead Mheriocá?



Chúig sint fhichead.



Dhá shint déag agus dá
fhichid.



Leath-dholar.



Chúig shint déag agus trí
fichid.



Dolar.



Dhá dolar go leith.



Trí dolar agus trí ceath-
ramhna.



Chúig dolar.



Leath-chéad dolar.



Ceithre fichid dolar.



Sgilling is púnt.
£1 1s.



Dó is púnt.
£1 2s.



Trí sgilleacha fichead
Trí fichid.
Trí is púnt.
£1 3s.



Coróin is púnt.
£1 5s.



Sé fichead.
£1 6s.



Seacht fichead.
£1 7s.



Dó dhéag is púnt.
£1 12s.



CEANNACH TAE, SIÚCRA,
AGUS MINE.



Go mbeannuighidh Dia 'san
teach seo, (no go
mbeannuighidh Dia annso).



Go mbeannuighidh Dia agus
Muire dhuit.



Bhfuil tobac dhá dhíol agat?


L. 62


Tá, agus píopaí.



Tabhair dhom ceithre onnsa
tobac agus trí phíopa
cailce.



Cad/Céard é a luch?(nó cé
mhéad tá ortha?)



Dhá sgilling.



Is fearr dhuit púnt tae
agus leath-chloch shiúcra
a thabhairt dom.



A' dteastuigheann aon phlúr
uait?



Teastuigheann, mais, mála
dhá chéad.



Cé mhéad tá ar an min
choirce an chloch anois?
Céard is fiú an mhin choirce
an chloch anois?



Agus min bhuidhe?



A' bhfuil ola ráibe agad?



Cé mhéad tá ar a' gcéad
plúir?
Cé mhéad is fiú plúr an
céad?



Dó dhéag an chéad sgoth,
agus deich agus sé
pighinne an dara sgoth.



Is fearr dhuit mála dhá
chéad do'n chéad sgoth
thabhairt dom.



Ó 'seadh, tá céad bran uaim
freisin.



Bhfuil rud ar bith eile a'
teastáil uait anois?



'Sé mo mheas nach bhfuil.



Ní mheasaim go bhfuil aon
cheo eile ag teasdáil
uaim faoi láthair.


L. 63


Mbeadh aon cháis uait?



Céard a bhéarfá ar im an
púnt?



An oiread seo.



Tá feircín ime san mbaile
agam. Badh mhaith liom
é dhíol leat.



Bhfuil uibheacha agad?



Tabhair dhom luach shé
bpighinne dhíobhtha.



NEITHE BHAINEAS LEIS
AN TIGH.



Teinnteán, teine, teallach.



Gual, móin, luaith.



Lúb, croch, brionglán, tlú.



Urlár, bórd, stól. tongs.



Doras, doras beag (leath-
dhoras), fuinneóg.



Laiste, bulta, tairseach.



Dreisiúr, gréidhidhe, spún-
óga.



Sgeana, píciní, miasa.



Éadach buird (sgáraoid,
éadach cláir), naipicíní,
fáinní naipicín.



Bainne, uisge, fíon, uisge
beatha.



Potátaí (prátaí, préataí,
fataí), meacain, cóilis
(gabáiste).



Arán, im, plúr.


L. 64


Salann, anbhruith,
(bhinéigle). fínéigre



Cathaoir, cathaoireacha, cath-
aoir shócamhlach.



Gráta, cumhdachóir, cumh-
dóir teallaigh.



Pictiúirí, sgáth-éadach, leas-
tair (miasa).



Suidheachán sgríobhtha,
muifit, leabhragán.



Stól cos, suidhistín, leabhra.



Ceól, leabhar ceóil, raca
ceóil.



Trillseán (lampa), sgáth
trillseáin, gual-sholas.



Sgiath, sgiath teineadh, clog.



Uaireadóir (amairín, fair-
eadóir), slabhra, fáinne.



Dubhach, peann, páipéar.



Éadach tae, cupáin, plátaí.



Siúcra, cnap, siúcrán.



Spúnóga, cácaí, uachtar.



NEITHE BHAINEAS LEIS
AN TEACH agus LEIS AN
mBÓRD.



Subhachán, mias subhacháin,
sgeana.



Téaphota, cuach, cuachán óir.



Cuachán airgid, sgeana air-
gid, piciní airgid.



Ubh, uibheachán, spúnóg uibhe.



Brioscaí, cácaí milse, cáca
rísíní.



Piobar, mustasa (amharag).


L. 65


Caoirfheóil, muicfheóil,
mairtfheóil.



Laoighfheóil, fiadhfheóil,
tairtfheóil.



Sicín (eisfheóil, eitfheóil),
sicíní, bárdal, bárdail.



Lacha, lachain, gé, géabha.



Gabáiste, inniúin, cóilis,
príáil.



Trosg, bradán, iomán
(breac), toirbeard.



Langa, easgain, cnúdán,
runnach.



Plás (leathóg), sól, faidhtín,
piseóg.



Oisrí (oistirí), gliomachaí,
ribe ráibéis, crúbóga
(portáin).



Gloine, gloineacha, cupán,
cupáin.



AR LORG GAEDHILGE.



Cé an t-am a ngeobhfaidh tú
do chuid laethe saoire?



Faoi cheann trí seachtmhainí
eile.



Agus cá racha tú le iad a
chaitheamh?



Cé racha tú i mbliadhna?



Tá mé a' ceapadh go ngabh-
fa mé síos go Gaillimh i
mbliadhna, le congnamh
Dé.



Cá raghaidh tú féin?


L. 66


Sílim go ngabhfa mé go
Cuan na Mara (Conna-
mara) nó go hÁrainn.



Agus cé an tubaiste rud
atá le feiceáil annsain
agad?



Tá mórán neithe le feiscint
ann (is iomdha sin rud le
feiscint ann).



Agus céard iad féin, fiaf-
ruighim díot?



Céard tá ann a mb'fhiú do
dhuine a dhul a' breath-
nughadh air?



Aer breágh le fághail, iasg
le fághail, agus coiníní
agus éanlaith le fiadhach.



Agus níos fearr 'ná iad
seo, tá Gaedhilge bhreágh
ann le foghluim.



Tuigim; diabhal ar chuimhni'
mise air sin.



Nár mhaith an ceart duit
theacht liom go bpiocfá
suas an Ghaedhilge?



Ní'l focal do'n teanga in
mo phluic.



Is duit is mó náire.



Ní'l mise i n-ann í labhairt
go maith acht d'fhoghluim
mé le í sgríobhadh (le n-a
sgríobhadh) agus (le n-a) léigh-
eadh ar (ag) Craoibh de
Ch. na G. Tá dóchas (súil)
agam, má chaithim aon mhí
amháin imeasg Gaedhil-
geóirí, go bhfuighidh mé
an blas.


L. 67


Maiseadh, féachann sé go
haisteach do dhuine gan a
bheith ábalta ar theangaidh
a thíre labhairt.



Is náireach agus is tarcuis-
neach an rud é.



Le congnamh Dé, ní bheidh
mise i bhfad gan í (a bheith
agam).



Níor cheart domh-sa bheith
ar deireadh. Tá m'ainm
Gaedhealach go leór, tá
croidhe Gaedhealach agam
agus creidim nach mbeidh
mé im' Éireannach cheart
muna mbeidh an teanga
Ghaedhealach agam freisin.



Racha mise i n-éinfheacht
leat.



Déanfaidh sin, a mhic ó.



Cá raghamuid? An go
h-Árainn é?



An fearr an áit Árainn
'ná Cuannamara?
An fearr d'áit Ára 'ná
Connamara?
Cé is fearr an áit Ára
'ná Connamara?



Creidim gur eatorra atá
sé.
Déarfainn gur cuma eat-
orra é. Tá 'ch aon ait
aca chomh maith le chéile.



Tá neart Gaedhilge ins gach
áit aca, agus teanga
áluinn freisin.



Téidheann mórán (go leór)
do mhuinntir Bh'l'Á' Cliath
agus Lonndan go Baile
Mhúirne.


L. 68


Cá bhfuil Baile Mhúirne?



Bhfuil tú dáríribh a' fiaf-
ruighe na ceiste sin?



Táim go deimhin.



Is follasach (cosamhail) nach
ndearna (nár chuir) an
Ghaedhilge mórán imnidhe
dhuit (ort) roimhe seo.



Dá ndéanfadh, bheadh eolas
agad ar Bhaile Mhúirne
agus Maghchromtha, ar
Inse Geimhleach agus
Béal Átha an Ghaorthaidh
agus ar áiteacha Gaedh-
ealacha eile i gConndae
Chorcaighe.



Céard do bharamhail ar Chiar-
raidhe na Ríogh? Ciar-
raidheach is eadh é Fíonán
Mac Coluim.



Deirim gur áit é sin a bhfuil
teanga mhaith Ghaedhilge
ann freisin.



Cé hiad na h-áiteacha is
fearr i gCiarraidhe?



Ní raibh mé ann ariamh, acht
chuala mé fear a rádh go
bhfuil Daingean, Baile an
Fhirtéirigh, Cathair Saidhbhín,
Oileán Dairbhre, Baile
na Sgeilig, Priarach.
Cathair Domhnaill, An
Neidín, agus céad áit
eile ann.



Chuala mé ariamh é gur
"fearr seachtmhain 'san
Phriarach 'ná bliadhain ar
sgoil."


L. 69


Cia aca (haca) de na
hOileáin Árann i ragh-
muid?



Sílim gur fearr dúinn dul
go hInismeadhoin.



Cloisim Cluinim
nach bhfuil aon
lóistín maith ann-
sin le fághail.



Ní'l siad go ró-mhaith go
deimhin, acht téigheann
mórán daoine ann gach
samhradh ('chuile shamhradh).



Má tá an áit maith go leór
aca sin, badh cheart go
mbeadh muide (mbéadh-
muist-ne) sásta.



Céard déarfá le Árainn
Mhóir agus Inisiar?



Ní labhrann siad an oiread
Gaedhilge is labhrann
muinntir Inismeadhoin.



Tá siad an-phráidhinneach
ar (ins) an mBéarla i
nÁrainn Mhóir.



Boicíní móra iad muinntir
Chill-Rónáin — Béarlóirí big boicíní-
móra.



Ceapann siad féin sin, acht
ní cheapann duine ar bith
eile é.



Chuala mé Béarla dhá labh-
airt i mbaile beag Chill-
Rónáin a lasfadh ar an
teine.



Tá na síothmhaoir, na cuan-
adóirí, agus a gcuid
cloinne, agus cuid do
na máighisdreásaí sgoile
ag déanamh na háite sin
gallda.


L. 70


Is amhlaidh tá sé ag cuid
do'n aos óg, ní'l Béarl
ná Gaedhilge aca.



Dá mbeadh an oiread do'n
Ghaedhilg agam-sa is tá
aca-san, bheidhinn sásta.



Badh cheart dúinn imtheacht
i mbáireach.



Déanfa sin, feicfidh mé ag
an stáisiún (stad) ar
maidin thú.



Beidh an long ghaile ag
fágáil na Gaillimhe tráth-
nóna i mbáireach.



Meas tú an mbéarfamuid
ortha?



Sroichfeamuid an chathair ag
an dó, agus ní imtheó' sí
go dtí an trí.



A' bhfuil tú cinnte anois?
Tá mé beag nach (tá mé
ionann' é, is beag nach
bhfuilim, tá mé geall le
bheith cinnte).



Slán leat anois go dtí i
mbáireach.



AR LORG GAEDHILGE Ó
GHAILLIMH GO hÁRAINN.



Cá bhfuil an doga (an
chéibh)?



Síos leat an tsráid sin
chomh fada leis na ceithre
cóirnéil; iompuigh taobh
do láimhe clí, agus tabhar-
fa sé caol díreach isteach
ag an doga (chéibh) thú.


L. 71


Níor imthigh galtán Árann
fós.



Imtheó' sí i gceann (faoi
cheann) leathuaire.



Seo í an Dúras.
'Sí.



A' bhfuil sí (ag) dul go
h-Árainn indiu?



Imtheóchmuid anois láith-
reach.



Tar isteach. Tá an bunnán
d'á shéideadh.



Nach beag a' lear soightheach
atá i gcuan na Gaillimhe.



Ní raibh sé i gcomhnuidhe
mar sin.



Nuair a bhí Éire Gaedhealach,
bhíodh na céadta bád agus
long (bád luingis) 'san
chuan seo.



Cé an t-oileán é sin thall?



Sin é Oileán Caorach.



An teach soluis é seo taobh
ar láimhe deise?



'Seadh.



Nach ciúin atá an lá!



Meas tú 'bhfanfaidh an lá
go breágh?
Meas tú a' seasfadh an
lá?
Tá cosamhlacht ghlas ar an
tráthnóna.



Tá an fhairrge ag éirghe.



Nach mór an fága atá 'sa



Is beag an cábán é seo.


L. 72


Is beag atá sé, agus ní ró-
ghlan é acht an oiread.



Céard bhaineas siad amach
as dul go hÁrainn?



Ceathair agus sé pighinne (4/6)
dul ann agus as (fá dhul
ann agus teacht as), má fhan-
ann tú 'san chabán nó
dul suas ar an droich-
ead; dhá sgilling amuigh
'un tosuigh imeasg na
muc nó 'un deire leis
an mangairé.



A' bhfeiceann tú muinntir
Árann? An iad sin iad?



Nach aisteach an t-éadach
atá orra!



Ceapann tusa sin, acht
sílim-se nach aisteach.



Tá sé te teólaidhe.



Tá teas, tír-ghrádh agus gach
nídh dá fheabhas 'san
éadach sin.



Ní chuireann siad aon air-
gead i bpóca Sheagháin
Bhuidhe, mar chuireanns
mise agus tusa.



Déanann siad gach snáithe
ar a gcroiceann le na
lámhaibh féin.



Nach maith an sompla é
sin do mhuinntir na
hÉireann?



Dá leanaidís an sompla,
bheadh rath, slacht, agus séan
ar an tír.


L. 73


Anois tá tú 'rádh na fír-
inne. Agus cad chuige
nach ndéanann siad sin?



Mar nach bhfuil an spiorad
cheart ionnta ó chaillead-
ar an teanga.



Agus a' gceapann tú gur-
ab é sin a rinne é?



Tá mé cinnte dearbhtha dhe.
D'éirigh an rud céadna
do náisiúin eile comh
maith linne.



CAINT LE FEAR AS
INISMEADHOIN.



Dia dhuit.



Dia agus Muire dhaoibh féin, a
dhaoine uaisle.



Nach maith an Ghaedhilge atá
agaibh, bail ó Dhia oraibh.



Ó, maiseadh, ní'l sí acht
réasúnta, acht támuid a'
foghluim.



An a' dul go h-Inismeadhoin
atá sibh?



Caithfeamuid seachtmhain
ann cébí caoi é.



An as Baile Átha Cliath
sibh?



Is as. (Is eadh.)



Bhfuil aithne agaibh ar an
Dochtúir Ua h-Iceadha agus
Seaghán Mac Néill?



Tá, maise, aithne mhaith.



Ara, maiseadh, cé mar tá
siad? Bhfuil gach orlach
díobh go maith?


L. 74


Cé mar tá Stiophán Bair-
éad agus an Piarsach.



Ó, go h-áluinn.



Ní bheidh siad chomh maith go
deo is badh mhian linn.



Ní féidir go bhfuil aithne
agaibh ar na mnáibh uaisle
Augusta Ní Ghriogóra agus
Úna Ní Faircheallaigh!



Tá, maise, aithne mhaith.
Chonnaic muid indé iad.



Maise, (mo) leabhar-sa, budh
iad sin na mná gan ladies
mórán onóra ná uabhair.



Bhíodar chomh simplidhe agus
chomh humhal le duine ar
bith againn féin.



Bhí buachaillí agus cailíní san
oileán an samhradh i
n-uraidh agus níor thaithnigh-
eadar go ró-mhaith linn.



Cad chuige sin?



Mar bhí an iomarca Béarla
aca d'á labhairt 'sa
gcéad áit, agus rud
eile dhe, bhí fuadar agus
éirighe anáirde ró-mhór
fútha.



Tá mé cinnte nach raibh
mórán aca chomh galánta
sin.



Chuala mé go raibh aon
ghlincín amháin a sgríobh glincín
ag na páipéir, agus ag
páipéir Shasana freisin,
ag stealla-mhagadh faoi
mhuinntir na n-oileán.


L. 75


A' ndeir tú sin liom?



Deirim maise.



Tumadh maith faoi 'n sáile
badh cheart a thabhairt
do'n chladhaire, agus barr
na bróige 'san mása i
ndiaidh an fholctha.



Shaothruigh sé go maith é.



Tá na mílte fáilte roimhe
gach aon 'san oileán, acht
creid mé ann nach gcuir-
fidh muid suas le masladh
ná tarcuisne.



Rud eile dhe, tá siad ag
milleadh na bpáisdí a'
tabhairt pighinneacha dóibh.
Baineann sin an sprid-
eamhlacht agus an fhear-
amhlacht asta; agus má
thuigim-se cúis na teang-
an mar is ceart, nach
sprideamhlacht agus fear-
amhlacht tá'r (táthar)
ag iarraidh chur ins na
daoinibh.



Tá tú ceart, maiseadh. Sin
é go díreach tá Connradh
na Gaedhilge ag iarraidh
dhéanamh.



Goidé an fáth, mar sin, bhfuil
staigíní beaga i n-ainm
an Chonnartha ag déanamh
na díoghbhála so i n-aghaidh
tíreamhlacht'?



Is truagh mar deir tú. Ní'l
fhios aca níos fearr.


L. 76


Creid mise ann go mbeidh
súil agam-sa i ndiaidh
an bhuachalla úd a rinne
magadh fúinn ins na
páipéir.



Is mór an t-oileán é an
t-oileán seo againne le
sgoláirí. Tagann sgol-
áirí na hEórpa agus Bhaile
Átha Cliath ann.



Creidim gur go tigh Pháidín
Dhonnchadha a rachas tú.



Is ann fhananns gach duine
do lucht na Gaedhilge.



Ar chuir tú aon sgéal aige
theacht ar bórd romhat?



Níor chuireas.



Ó, is cuma cé aca é ('Sé
an cás céadna é) bhéar-
faidh mise isteach thú
mo churach féin.



Agus cé an sórt rud
curach?



Báidín beag ghnídheanns
muid féin.



A' bhfuil sé contabhairteach
bheith innti?



Ní'l sé; dá mbeadh fuir-
eann mhaith agus
maith ann, tá sí ar na
báid is fearr le fághail.



Tá sí an-ghuagach. Ní mór
do dhuine fanacht go
socair innti nó d'iom-
póchadh sí.


L. 77


Cogar! Ní'l duine bhain-
eanns le C. na G. nár
tháinig go hInismeadhoin
acht An Chraoibhín.
Listen!



Nach iongantach é sin anois?



B'fhéidir go bhfuil an iom-
arca cúraim air, agus ó
thárla go bhfuil an teanga
aige ní thagann sé.



Badh mhaith linn é theacht,
maise, mara bhfanfadh sé
acht dhá lá féin.



Bhfuil aon cheann de amhráin
An Chraoibhín agad?



Tá, agus trí cinn aca.
Canfaidh mé ceann duit



Goidé aca ceann is fearr
leat?



An Spealadóir.



SGOIL.



Feallsamhnacht, Nuacholla
(Réileólas).



Connaidheacht agus Gné-eólus,
Diadhaireacht.



Ealadha Deaghlabhartha
(Reatairic), Daonghaoidh-
ile



Laidin, Gréigis, Frainncis,
Spáinnis, Rúisíneach,
Eadáilis (Iodáilis), Gear-
máinis.


L. 78


Na h-Ealadhna Nósmhara,
Máirnéalacht.



Méid-mheas, Ríomhaireacht.
Tomhais Talmhan, Gearr-
chuimsiughadh



Tlacht-eolas, Talamh-eolas,
Ceógraf.



Sgribhneóireacht (Peannair-
eacht), a Ealadha, Éigse
(Tréartha), Tógálacht.



Teagasg Críosdaidhe, Sean-
chas Diadha, Seanchas
Coitcheann, Urlabhra.



Ceól Uirlise, Ceól Gotha.



Órnáideacht (Déagh-mhais-
iughadh), Ealadha Dear-
sgaithe, (Tréartha),



Rionnuighim, greanaim,
Forus-focal (Sanas).



Máighistir, máighistrí.



Máighistreás, máighistreása.



Oide, oidí.
Oide Gaedhilge, oidí Gaedh-
ilge.



Clár dubh, cláir dhubha.



Cailc



Suidheachán, aradáin, f.;
suidheacháin.



Leac, sgláta, slinn; leaca,
sglátaí, slinne.



Peann leice, peann slinne;
pinn leice (slinne).



Peann; pinn, peanna.



Barr pinn, barranna pinn.


L. 79


Feac pinn, cos phinn; feaca
pinn, cosa pinn.



Léarsgáil na h-Éireann,
léarsgáile na h-Éireann.



Léarsgáil Alban, léar-
sgáile Alban.



Léarsgáil an Domhain,
Léarsgáil na Cruinne,
léarsgáile na Cruinne.



Léarsgáil na h-Eórpa,
léarsgáile na h-Eórpa.



Léarsgáil na Frainnce,
léarsgáile na Frainnce.



Léarsgáil na Gearmáine,
léarsgáile na Gear-
máine.



Léarsgáil na Spáinne,
léarsgáile na Spáinne.



Léarsgáil na Rúise, léar-
sgáile na Rúise.



Léarsgáil na Gréige, léar-
sgáile na Gréige.



Léarsgáil na hEadáile (na
hEadáinne, hIodáile),
léarsgáile na hEadáile.



Léarsgáil Shasana, léar-
sgáile Shasana.



An Chruinne.



An Chéad Leabhar.



An Dara Leabhar.



An Tríomhadh(Treas)Leabhar.



An Ceathramhadh Leabhar.



An Cúigeadh Leabhar.



An Séamhadh (Seiseadh)
Leabhar.



Rímhleabhar, leabhar figiúir-
eacht.



Algebróir.



Geóméatróir.


L. 80


Talamh-eolaidhe, tlacht-eol-
aidhe, tlachtleabhar.



Talaimh-leabhar, Leabhar Feil-
meoireachta (Feirmeoir-
eachta).



An Teagasg Críostaidhe.



Stairleabhar, leabhar star-
uigheachta, leabhar an
tseanchais, leabhar sean-
chais.



Seanchaidhe, starthóir;
seanchaidhthe, starthóirí.



Slat, slata.



Teine, teinte.



Gráta, grátaí.



Gual, guail.



Móin, (móinte).



Luaith (gen. na luathadh),
luaithre.



Pionna, pionga, staic;
pionnaí, piongaí, staic-
reacha.



Caipín, caipíní.



Hata, bairéad; hataí,
bairéid.



Seál, brat (nó brat
brághad); seálta, brat-
acha (brághad).



Clóca, clócaí.



Falluing, falluingeacha.



Sgaoilteog, brat; sgaoil-
teoga, bratacha.



Sguab, sguaba.



Splannc, splanncracha.



Coinnlín, diolán, sméar-
thóid; coinnlíní, dioláin,
sméarthóidí, aithinne



Fuinneóg, fuinneóga.


L. 81


Fráma na fuinneóige,
frámaí fuinneóg, frámaí
na fuinneóige.



Clog, cluig.



Fráma na liathróide, clár
na liathróide.



Mála sgoile, tiach.



Pictiúr, pictiúirí.



Buidéal duibh, buidéal
dubhaigh; buidéil duibh
(dubhaigh).



Dubhadán, dubhadáin.



Leabhar ceacht, leabhra
cleachta.



Leabhrán sgríobhtha, leabh-
ráin sgríobhtha.



Cathaoir, cathaoireacha.



Forumna, fuarma; forum-
naí, fuarmaí.



Cúladh, cáibhéad; cúlaidh,
cáibhéid.



SGOIL. — CEACHT SUIDH-
EACHÁIN.



Tabhair a leabhrán sgríobhtha
do gach garsún (no cailín).



Roinn amach na leabhair
sgríobhtha; tabhair thart na
páipéir.



Roinn amach na peanna
(pinn).



Roinn amach na línteóirí.



Bí níos airighe (cúramaighe).



Tóig t'am, glac t'ionbha'.



Ná sgríobh chomh mear
(tapaidh).


L. 82


Congbhuigh na focla díreach
ar aghaidh a chéile.



Tá tú ag sgríobhadh ró-
mhear.



Déan aithris ar an mbarr-
sgríbhinn.



Sgríobhadh 'chuile dhuine a
ainm agus an dáta.



Cuir thart na leabhair (leabh-
ra) sgríobhtha go ceann
na suidheachán.



Tóig suas na leacracha
(sglátaí.)



Ná dearc (ná bí ag dearc-
adh) thart thimcheall ort.



Seas ag an líne.



SGOIL. — CEACHT RANG.



Leig anuas an léarsgáil
seo.



Fágh an fráma liathróide
dom.



Tóig tomhasóir (cuaille).



Tar isteach (isteach leat).



Isteach leat, an chéad bhuach-
aill eile.



Fosgail bhur gcuid leabhar.



Léigh. Dún bhur gcuid leabh-
ar.



Foghluim do chuid figiúir-
eacha (táibhle).



Léigh go réidh (go socair).



Tóg t'am leis.



Tasbáin bhur gcuid leac
(no leacracha), tasbáin
na sglátaí.


L. 83


Bailigh na leacracha seo
agus cuir 'na n-áit féin
iad (cruinnigh suas na
sglátaí agus fág 'na
n-áit féin iad).



Bígidh socair anois, a
pháisdí.



SGOIL. — COITCHEANNTA.



Fosgail an fhuinneóg sin.



Tabhair chugam an sguab.
Tá sí amuigh san gcúl-
teach.



Tabhair dhom an dostóir
(… an cheirt).



Glan an smúit do'n fhuin-
neóig (cuimil fráma na
fuinneóige glan).



Sost Seasaidh suas. Siubh-
laidh.



Tugaidh aire dhó seo.
Tabhair áird (orm). Is
féidir libh (tig libh) dul
a bhaile anois.



Aithsgríobhaidh an píosa
seo a' tosughadh ag a'
bhfocal --.



Sgríobh alt (rosg) ar --.



Sgríobh litir ar --.



Deachtughadh do'n Tríomhadh
Céim.



Níor fhoghluim tú do chuid
ceacht mar is ceart (go
maith).



Céard tá tú dhéanamh, a
Pheadair —?


L. 84


Tá cead agad dul amach



Go mbeannuighe Dia dhíbh, a
pháisdí.



Feicim go bhfuil sibh go moch
annso indiu.



Badh cheart duit do lámha
bheith níos gloine, a bhuach-
aill.



Céard a chongbhuigh moill
ort indiu?
Céard a choinnigh chomh
seo indiu this morning?
Goidé bhain moill asat
indiu?



Badh cheart (chóir) duit a
bheith annso ag leath uair
tar éis an naoi.



Muna mbeidh tú annso níos
túisge i mbáireach, inn-
seó' mé do t'athair é.



B'éigean dom dul i dteach-
taireacht do mo mháthair,
agus níor fhéad mé theacht
níos túisge.



Ná déan an oiread sin gleo
(nó torainn). Níos lugha noise.



Ná bígidh ag
caint (ag gleó).



Sin droch-sgríbhneóireacht.



Tá droch-pheann agam, a
mháighistir. Teastuigheann
ceann nuadh uaim.



Tá smeara (smáil) ar do
leabhar sgríobhtha, a bhuach-
aill.



Cé mar d'éirigh sin amach?


L. 85


Bhí ribe ar mo pheann, a
mháighistir.



Ná bí ag amharc thart
(thimcheall ort).
Ná féach thart timcheall
ort.
Ná bí a' dearcadh thart.



Leig anuas an léarsgáil
seo.



Tabhair dhom i fráma na
liathróide.



Feicim nár fhoghluim tú
do cheacht (theasg),* a
bhuachaill.



Bhí ceann do na bileógaibh
stróicthe agus níor fhéad and
mé é fhoghluim.



Cad chuige nach bhfuil an
litriughadh foghlumtha
agad indiu?



Bhí mé ag glanadh na bhfataí
(bprátaí) agus ní raibh aon
am agam.



Déan deabhadh (deifir)anois
agus fóghluim iad.



Tá sé i
n-am siam-
sa.
Tá sé i n-am
spóirt
anois.
Imthigidh amach
a' déanamh
súgartha
dhaoibh féin.
Imtigidh amach
ag imirt.



Badh mhaith liom peann
fhághail, a mháighistir, mar
tá an ceann tá san
mbaile go dona.



Seo peann maith dhuit agus
tabhair aire dhó.


L. 86


Sgríobhaidh an Tríomhadh
Céim ó dheachtughadh anois
Deachtughadh a bheas ag an
Tríomhadh Céim anois.



Tá do cheacht go maith
agad, a gharsúin.


L. 85


Teasg (= task) focal de ghlan Ghaedhilg.


L. 86


AG GLAODHACH NA
nAINMNEACHA.



(Glaoidhthear i nGaedhilg
iad, 'chuile dhuine a' rádh
"Tá mé annseo.")



Fanaidh i n-bhur sost fhad
is bheas mé ag glaodhach
na n-ainmneacha.



Ná cluinim focal cainte
uaibh.



Na naoidheanáin, éirighidh
i n-bhur seasamh.



Labhair amach níos airde.



Tá mé réidh libh-se; suidhidh
(suidhgidh) síos.



An Chéad Chéim, éirighidh-se
i n-bhur seasamh.



Tá duine eicín ag gleo
annsin thíos..



GAEDHILGE AR "THANK YOU."



Tá mé buidheach dhíot.



Go ngnóthuighe Dia dhuit.



Go mba seacht fearr a bheas tú bliadhain ó i ndiu.



Sonas ort.


L. 87


Ná raibh an méid sin de thinneas bliadhna ort ('Sé sin, ag
glacadh buidheachais ar son bioráin (ná rud beag)).



Go méaduighe Dia do chuid airgid (ar son airgid).



Seacht míle beannacht dhuit.



Go méaduighe Dia an mhaith dhuit.



Cabhair ó Dhia agad.



Go leigidh Dia slán thú.



Go dtugaidh Dia trócaire dhuit.



Go dtugaidh Dia slán ó'n mbliadhain thú.



Go bhfágaidh Dia do shláinte agad.



Go sábhálaidh Dia thú.



Go dtugaidh Dia na flaithis duit.



Ná raibh tú aon lá go bráthach nach mbéidh do sháith agad.



Trócaire Dé go bhfágha tú.



Ar chuimhnighe Dé agus a dheágh-mháthar thú.



Go gcuiridh Dia ar bhealach do leasa thú.



Go gcuiridh Dia an t-ádh ort.



Go méaduighe Dia do chuid agus do mhaoin.



Go seólaidh Dia i mbealach do leasa thú.



Go raibh an séan ort.



Saoghal fada agad.



Go saoghalaidh Dia thú.



Go méaduighe Dia do chumhachta.



Go raibh maith agus fad saoghail agad.



Go leigidh Dia do shláinte dhuit.



Beannacht Dé dhuit.
Go soirbhighe Dia dhuit.
Ní le gabháil bhuidheachais iad seo.



Go raibh míle maith agad.



Tá mé rígh-bhuidheach dhíot.



Go méaduighe Dia thú.



Go gcuiridh Dia slán thar anachain na bliadhna thú.



Ná raibh an fhad sin dhe thinneas sheacht mbliadhan ort.



Go méaduighe Dia 'chuile shórt AR fheabhas agad, agus
daoine slána.



(Go méaduighe Dia 'chuile shórt DHÁ fheabhas agad, agus
daoine slána.)



Sláinte an bhradáin thré do cheart-lár, croidhe folláin,
agus béal fliuch.



Nár fhágha do námhaid buadh go deo ort.


L. 88


Go dtugaidh Dia na flaithis do t'anam.



Go gcomhduighe Dia thú.



Go dtreoruighe Dia i mbealach do leasa thú.



Go méaduighe Dia feoil bheo, iasg marbh, agus daoine
slána agad.



Nár lagaidh Dia thú.



Ná raibh tú choidhche gan riar do cháis.



Go gcuiridh Dia an t-ádh agus an t-amhantar ort.



Go dtugaidh Dia saoghal fada le séan duit.



Go mba fearr i mbáireach thú ná ar maidin indé.



Go gcuiridh Dia i mbealach do leasa thú maidin agus
tráthnóna agus ar meadhon an lae.



Go mba seacht míle fearr a bhéas tú i gcionn bhliadhna
agus ar a bpointe boise.



Nár bhainidh Dia do shláinte dhíot.



Go méaduighe Dia do stór.



Go dtugaidh Dia slighe agus fághaltas duit.



Grádh mo chroidhe thú. Cia ar bith seadh a bhfuil tú indiu
ann, go mba seacht míle fearr a bheas tú bliadhain
ó indiu.



Go leigidh Dia do choisidheacht duit.



Buachaill maith! Cailín maith!



Is maith a' fear thú.



Smior láidir in do chnámhaibh.



Seacht míle goirm thú.



Beannacht Dé le hanam do mharbh.



Nár thagaidh bris ná beárna ort.



Ná raibh tú choidhche tinn go mbeidh mise in mo dhochtúr



Nár fhágha tú bás i bpeacadh.



Go mbuanuighe Dia thú.



Go gcuiridh Dia slighe agus fághaltas ar do láimh.



Nár thagaidh fuacht ná leisg ort.



Go bhfeicidh mé liath thú agus ciall ag do chlainn.



Nár chaillidh mé choidhche thú.



Go dtugaidh Dia slán as gach gábh' thú.



Ceann liath ort.


L. 89


OBAIR NA SGOILE. —
LÉIGHTHEÓIREACHT.



Fáigidh 'ur leabhra.



Fáigidh anois na leabhra
Béarla.



Cuiridh suas na leabhra
Béarla go fóill.



Fáigidh amach 'san Aithriseóir
an áit ar sguir sibh tráth-
nóna indé.



Cia'n leathanach de?



Fáigidh é sin amach uilig
agus dearcaidh air.



Fosgluighidh an tAithriseóir
ag caismirt Reaftaire.



Tosuigh thusa; léigh an chéad
cheathramha.



Bíodh sibh-se san aithreachas
— le n-a cheartughadh má
theidheann sé amudha.



Stad anois; an dtug sibh
fá deara dadaidh mí-
cheart?



Má thug aon duine fá
deara tada as bealach
cuireadh sé suas a lámh.



Dul amudha ar bith? Lámha
suas.



Cia'n focal a dubhairt sé
as bealach?



Léigh i gceart thú féin
anois é.



Léigh leat; léigh leat tuil-
leadh.



Déanfaidh sin.



Léigheadh Máire Ní Chéalla'.


L. 90


Fan ort; tá tú dhá léigheadh
ro-thobann.



Ro-mhear go fóill.



Staidéar; léigh aríst é go
réidh, agus gearr amach
na focla ó chéile.



Ro-sgioptha i gcomhnaidhe.



Fan anois go léighidh mise
dhuit é.



Féach le n-a léigheadh mar
sin thú féin.



Sin é an chaoi; léigh leat
mar sin é.



Tá do sháith léighte agad.
Pádraic Seóighe anois.



Árduigh do ghuth níos áirde,
a Phádraic.



Ro-íseal go fóill; féach
annso, déan aithris orm-
sa.



Maith a' buachaill; sin é an
bealach.



Léigheadh Micheál Ó Briain
anois.



Ce nach bhfuil tú i n-ann
léigheadh acht mar
sin?



Níor léigh tú é sin ariamh
cheana.



Tabhair iarraidh eile faoi.



An bhfuil an focal mór sin
a' cinneadh ort?



Abair na litreacha i ndiaidh
a chéile.



Abair aríst níos sgioptha
iad.



Cia'n focal anois é?



Ní headh, acht —.


L. 91


Cia'n míniughadh tá leis an
bhfocal sin?



Ar chuala tú ariamh é?



An bhfuil fhios ag aonduine
agaibh?



Teasduigheann tuilleadh
cleachta uait-se.



Léigheadh Micheál Breathnach
anois.



Fuirigh ort, a Mhicheáil; ná
bíodh an oiread sin deif-
reach ort.



Ní'l tusa a' breathnughadh
romhat chor ar bith (i n-éa'
chor).



Ní'l tú a' tabhairt na mball
beag fá deara.



An bhfuil fhios agad cé le
n' aghaidh na baill bheaga
sin?



Gach ball beag aca sin dá
gcastar dhuit déan stad
aige, agus breathnuigh
romhat.



Léigh leat anois go roighin
réidh, agus tabhair an chiall
leat go maith.



Léigheadh Bríghid A Búrca.



Árduigh suas do chloigeann
níos fearr.



Beir ar an leabhar in do
láimh chlí.



Aistrigh an chaint sin anois
go Gaedhilge.



Cuir Béarla ar an gcaint
sin.



Abair é sin i nGaedhilge.



Cuir leagan eile air.


L. 92


Abair é sin in do bhealach
féin.



Léigh thusa rádh eile.



Aistrigh an giota sin go
Gaedhilge.



SGRÍBHNEÓIREACHT. —
CEANN-SGRÍBHINN.



Tugthar thart na páipéir.



Tugadh Peadar Seóighe
thart iad.



Tabhair thusa thart na páip-
éir, a Pheadair.



Éistidh anois.



Déanaidh aithris go maith ar
an sompla atá i mbarr
an pháipéir.



Bíodh an sgríbhneóireacht a
dhéanfas sibh chomh cos-
amhail leis an gceann-
sgríbhinn agus fhéadfas
sibh é dhéanamh.



Glacaidh staidéar leis an
obair.



Ní'l mé ag iarraidh oraibh
an iomarca a dhéanamh.



Gach a ndeanfa sibh, déan-
aidh go maith é.



Congbhuighidh na litreacha
beaga comhthrom le chéile,
gan cuid aca a bheith níos
airde ná an chuid eile.



Sgríobhaidh gach aon fhocal
gan an peann a thógáil
do'n pháipéar i lár an
fhocail.


L. 93


Aon iarraidh amháin faoi
'chuile fhocal. Ná bíodh
aon bhriseadh 'sa' bhfocal
ó thús go deireadh.



Sgríobhaidh go glan stuam-
dha, gan an páipéar a
shalughadh.



Ná feicim smál dubhaigh
ortha.



Congbhuighidh na focla
díreach ar aghaidh a chéile,
agus comhthrom leis an
gceann-sgríbhinn.
Oibrighidh libh anois.



Oibrighidh libh anois.



(Sgríobhann siad go mbíonn
an t-am caithte.)



Éirigidh in-'ur seasamh — sibh-
se sa gcéad suidheachán.



Tasbáinidh dhom an sgríbh-
neóireacht atá déanta
agaibh.



Maith a' buachaill — tá sgríbh-
neóireacht mhaith déanta
agad-sa.



Ní'l obair chomh maith sin
déanta agad-sa.



Badh cheart duit t'am a
ghlacadh ní b'fhearr leis.



Cia'n chaoi ar éirigh leat-sa
an smál dubhaigh sin a
bheith ar do pháipéar?



Cuireadh an iomarca dubh-
aigh sa mbuidéal.



Ní raibh tusa ag aithris ar
an sompla a bhí romhat.



Thug tú sléim ró-mhór dho
na litreachaibh.


L. 94


Tá siad geall le bheith
díreach 'sa gceann-
sgríbhinn.



Seo é an páipéar atá
sgríobhtha go maith.



T'uige nach ndéanfadh sibh-
se sgríbhneóireacht chomh
maith léithe sin?



Teasbáin thusa do pháipéar.



Ní páipéar maith é seo i
n-éan-chor.



Céard d'éirigh dhuit-se?



Tá do pháipéar smeartha
le dubhach fré chéile.



Féach le do pháipéar a
chongbháil go glan cé'
bith rud a dhéanfas tú.



Má bhíonn do pháipéar glan
ní dhearcfaidh do sgríbh-
neóireacht go dona.



Is beag an mhaith dhuit
sgríbhneóireacht mhaith a
dhéanamh nuair nach dtig
leat do pháipéar a chong-
bháil níos glaine.



Seo í an sgríbhneóireacht ar
chuma ar bith!



Seo í an sgríbhneóireacht is
deise a casadh orm go
fóill indiu.



Dearcaidh, sibh-se ar a
bpáipéar seo.
Truagh nach bhfuil 'chuile
dhuine agaibh i n-ann
sgríbhneóireacht a dhéan-
amh chomh maith leis an
gcailín seo.



Cia'n sórt páipéar atá
agad-sa?


L. 95


Ní dheárnaidh tú an litir sin
i gceart.



Níor sgríobh tusa síos an
dáta chor ar bith.



An bhfuil fhios agad cia'n
mhí í seo?



Cia'n lá de'n mhí an lá
indiu?



Cia'n lá de'n tseachtmhain?



Tá do sgríbhneóireacht-sa
ro-sgartha amach.



Sgríobh na litreacha níos
dlúithe le chéile.



Féach an chaoi a bhfuil siad
'sa gceann-sgríbhinn.



Ro-dhlúith atá siad agad-
sa.



Dealuigh amach ó chéile níos
fearr iad.



Ní féidir gur ainm gallda
tá thíos agad-sa dhuit
féin!



An bhfuil tú i n-ann t'ainm
Gaedhealach a sgríobh'?



Fan, d'oile; sgríobhfa mé
féin duit é.



Ainm gallda eile — ainm
gallda!



Ní hin é t'ainm chor ar bith.



Ní'l annsin acht leasainm.



'Sé an t-ainm Gaedhealach
an t-ainm ceart.



Tugaidh suas na páipéir
anois.



Cruinnigh suas aríst iad, a
Pheadair


L. 96


AITHSGRÍOBHADH.



Fosglaidh 'ur leabhra ag
leathanach 100.



Tosuigidh ag an bhfocal —
agus sgríobhaidh síos gach
a bhféadfa' sibh a dhéanamh
i gceart 'sa n-am atá
agaibh



Déanaidh sgríbhneóireacht
ghlan dheas chomhthrom.



Cuiridh isteach 'chuile bhall
beag dá bhfuil 'sa leabhar.



Cuiridh síos i gceart gach
cinn — litir atá 'sa
leabhar.



Ná feicim aon fhocal lit-
righthe bun os cionn.



Crap thusa na páipéir, a
Shéamais.



Tóig suas fosgailte iad.



(Thar éis na bpáipéir a
sgrúdughadh.)



Tá focla ag cuid agaibh
nach bhfuil litrighthe i
gceart.



Caithfidh sibh litriughadh na
bhfocla sin a cheartughadh.



Sgríobhaidh 'chuile fhocal
díobh i gceart trí nó
ceathair de uaireantaibh.



DEACHTUGHADH.



Deachtughadh a bhéas ag an
Tríomhadh Céim agus ag
an gCeathramhadh Céim
indiu.


L. 97


Tóigidh síos é seo.



Cuirfidh sibh suas 'ur
bpeanna nuair a bheas
sé sgríobhtha agaibh.



Cuiridh suas lámh má tá
focal ar bith uireasbhach
oraibh.



Cia'n focal atá thíos agad?



(Ar deireadh.)



Tóigeadh 'chuile dhuine agaibh
malraid páipéir.



Léigidh thríotha, agus má
thugann sibh fá deara
easmuilt ar bith tarrain-
nigidh stríoca thríd.



Tóigeadh 'chuile dhuine a
pháipéar féin ar ais.



Aon duine a bhfuil dul
amudha ar bith aige, déan-
adh sé a cheartughadh.



ROSG.



Sgríobhadh an Séamhadh Céim
rosg fá (obair an ear-
raigh, agus c.)



Sgríobhaidh i nGaedhilge é.



An Cúigeadh Céim, sgríobh-
aigidh (sgríobhaidh-se)
litir i nGaedhilg (litir
'uig do chol-ceathar, ag
iarraidh iasacht leabhair
air.)



Ní'l call oraibh litir fhada
a sgríobh'.



Ná bíodh níos lugha 'ná trí
ráidhte innti.


L. 98


Dealuighidh na ráidhte ó
chéile.



Bíodh cinn-litir mhór i dtús
gach rádh aca.



Sgríobhaidh ainm 'ur n-áite
comhnaidhe thuas ag barr
na litreach.



Cuiridh an dáta ann freisin.



Dearcaidh ar an gclár
(dubh) seo; seo é an
bealach le n-a thosughadh.



An mhuinntir atá le rosg a
sgríobh' — ní'l call oraibh
raiméis fhada a sgríobh',
acht an chaint a ghearradh
amach go glan.



Cuiridh trí hailt bheaga ann.



Bíodh dhá rádh ar a laighead
agaibh ins 'ach aon alt
beag díobh.



(Lá eile.)



Tóigeadh 'ch aon duine 'sa
gCúigeadh Céim ceath-
ramha de "Amhrán an
Phúca" agus aistrighidh
go Béarla í, ar an
bpáipéar.



Tóigeadh 'ch aon duine 'sa
Séamhadh Céim ceathramha
de amhrán Béarla, agus
aistrigheadh sé go Gaedh-



Bhéarfaidh mé ceathramha ar
leith do 'ch aon duine
agaibh.


L. 99


SGRÍOBHADH DE GHLAN-
MHEABHAIR.



Amhrán ar bith 'san Aith-
riseóir atá agaibh de
ghlan-mheabhair — sgríobh-
aidh ceathramha nó dhá cheath-
ramhain de — gan dearc-
adh ar an leabhar.



Toisigheadh an chéad bhuach-
aill (nó chailín) ag na
focla "--."



Tosuigheadh an dara buach-
aill ag na focla "--,"
agus c.



(Ráidhte eile ag sgrúd-
ughadh.)



An in é an méid tá sgríobh-
tha agad-sa?



Ce nach bhfuil sgríobhtha
agad-sa acht an méid
sin?



An bhfuil ceo ar bith sgríobh-
tha agad-sa?



("Ní raibh aon pheann agam.")



Tá lán na bileóige déanta
aici seo.



Tá sé sgríobhtha go maith
aici freisin.



Fainic! — ná dóirt an dubh-
ach sin.



Druididh suas tuilleadh
annseo.


L. 100


FIGIÚRACHT (NÓ RÍOMH-
AIREACHT) INS NA
SUIDHEACHÁIN.



Tugthar thart na páipéir le
haghaidh figiúrachta.



Cuiridh ar fághail 'ur leabhra
figiúrachta.



An bhfuil aon leabhar agad-
sa?



Ce nach bhfuil páipéar
agad-sa? ("Ní bhfuair
mé é.")



Cia thug thart na páipéir?



Cuir páipéar an chailín seo
ar fághail.



Téirigh agus fágh páipéar an
bhuachalla seo.



Roinnidh amach leathanach an
pháipéir i n-a cheithre
rannaibh.



Déanaidh ceann de na
ceisteannaibh ins gach
aon cheárna díobh sin.



Tosuigidh 'san áit ar sguir-
eabhar indé (nó an lá
cheana).



Oibrigidh libh.



RÍOMHAIREACHT AR AN
URLÁR.



Seasaidh go dlúith leis an
bhfáinne.



Tugtar thart na sglátaí.


L. 101


Glanaidh iad.



Tóigidh an cheist seo.



Seo ceist daoibh anois.



Leagadh 'ch aon duine an
sgláta ar an talamh ar a'
bpoinnte is bhéas sé réidh.



Chomh luath is bhéas sibh réidh
cuiridh síos na sglátaí.



Tasbáinigidh anois iad.



Tá tusa ceart.



Gabh tusa amudha. (Chuaidh
tusa amudha).



Ceart; ceart; amudha;
ceart.



Déanaidh an cheist seo.



Duine réidh; beirt réidh;
triúr réidh leis.



Ceal nach bhfuil tusa i n-ann
an cheist a dhéanamh?



An bhfuil sé 'cinneadh ort-
sa freisin í a dhéanamh?



Déanfa mé féin dhaoibh í ar
an gclár.



Congbhuigheadh 'chuile dhuine
a sgláta i n-a láimh chlí,
agus cuireadh sé síos le
n-a thaobh í.



Deasaigidh (go deas) thart
leis an bhfáinne.



Dearcaidh annso ar an
gclár.



Seo é an chaoi leis an
gceist a dhéanamh.



Seo ceist eile mar í, agus
déanfa sibh féin í.



Ná bí ag breathnughadh ar
sgláta do chomharsan.


L. 102


Déan do dhícheall ar t'aghaidh
féin.



Ní fhéadfa sé acht cinneadh
ort.



Fainic anois; ná feicim
éanduine ag dearcadh ar
sgláta dhuine eile.



Oibrigidh libh go haibéil.



Oibrigidh libh go beo.



Tá an t-am thart.



Comhairidh anois cé mhéad
comhartha a thug mé dhaoibh.



Sgríobhadh 'ch aon duine ar a
sgláta cé mhéad comhartha
atá fáighte aige féin?



Cuiridh na comharthaí ar fad
i gcómhshuim.*



Cruinnigheadh an chéad
bhuachaill na sglátaí.



DRUIN AGUS FUAGHÁIL
(GRÉAS-OBAIR).



Fáigidh 'ur méaracáin agus
snáthaidí.



Tugadh Máire Ní Éidhin
snáithe thart ag 'chuile
dhuine.



Beirigidh ar an tsnáthaid
i láimh.



Beirigidh ar an snáithe 'sa
láimh eile.



Cuiridh cró na snáthaide
eadraibh agus an solas.


L. 103


Cuir an snáithe tríd.



Cuiridh snaidhm ar an
gceann eile de'n tsnáithe.



Tasbáin anois dom méar
an mhéaracáin.



Céard tá agad-sa le déan-
amh, a Bhríghid?



Cuir fáithim thart leis an
bpíosa sin.



Fill síos an t-éadach i dtos-
ach.



Caithfidh tú fáithim a chur
faoi anois.



Cuir fáithim fa'n gciumhais
eile.



Caithfidh na cailíní 'sa
gCúigeadh Chéim toisigh an
léine a dhéanamh indiu.



Ghearr sibh amach i ndé í.



Déanadh Máire Breathnach Let
brollach na léineadh.



Bhéarfa mé gualainn na
léineadh dhuit-se, a Shíle.



Cia hagaibh a dhéanfas an
buanna dhom?



Déanfidh mise é.



Déan go deas stuama é.



Caithfidh dhá chailín eile na
muilchinní a dhéanamh.



Cé ar fágadh an strapa
gualainne?



Déanfaidh beirt eile agaibh
an dá chaol.



Seo píosa éadaigh, agus
gearradh duine agaibh an
t-asgallán as.



Sínidh an dá phíosa seo le
chéile agus cuiridh snáithe
faoi n-a mhullach.


L. 104


Cuiridh iad seo le chéile
agus cuiridh leagan ortha.



Cuiridh cruinniughadh ins na
muilchinníbh ag caol na
láimhe.



Cuir gú-shnáithe (gómh-
shnáithe) thart ann i
dtosach.



Déanfamuid guanna do'n
chailín bheag seo.



Sílim gur cóta cuim is
fearr a fheilfeas duit-se.



Cuirfheamuid ruf (ruth)
thart le íochtar an ghuan-
na.



Tá an codás agam annso.



Is ag cniteáil a bhéas an
Cheathramhadh Céim.



An bhfuil na bioráin
cniteála agad-sa?



An bhfuil aon tsnáithe
agad?



Tá sé caitthe ar fad agam.



Seo iarna snáithe dhuit.



Caithfidh tú é a thochras agus
ceirtlín a dhéanamh dhe.



Congbhuigh thusa rithte le do
dhá láimh é, fhad is bhéas
sí dhá thochras.



Cé bhfuair tusa an t-abhras
sin?



Mo mháthair a shníomh é.



Is maith an bhean abhrais do
mháthair.



An bhfuil fhios agat-sa leis
an gcruadh-lúib a dhéanamh?



Gabh 'leith go dtasbáinidh
mé dhuit í.


L. 105


AN TÚIRNE OLNA (OLLA).



Ceap an túirne.



Slinneán tosaigh agus
slinneán deiridh.



An fhearsad.



An tsreang.



Cluasa an túirne.



Tromán.



Fleasg.



Fídeóg.



Croidhe an rotha.



Spóca, spócaí.



Spíonadh na holna (olla).



Sgalladh na holna.



Roilléire, roilléirí.



Próiste, próistí.



Olann a chur faoi bhealadh.



Ceirtlín, crios.



Caol sgoirne.



An t-abhras a thochras.



Dúbladh agus casadh.



Dlúth agus inneach.



An snáithe a dheilbh ar
chuaillíbh.



É a chomhaireamh i n-a chlan-
naibh agus i n-a chéadaibh.



Dhá shnáithe = clann.



(clann).



Chúig clanna fichead = céad.
25 clanns


L. 106


Seacht gcéada = leithead an
bhréidín.



Seacht gcroma go leith =
seacht gcéad.



CEILEABHRADH



I. — An duine (nó an
mhuintir) a bhíos ag
imtheacht.



Beannacht leat; beannacht
libh.



Slán agad; slán agaibh.



Bail ó Dhia oraibh.



Slán agus beannacht leat
(libh).



Fágaim mo sheacht slán
agus beannacht agaibh.



II. — An duine (nó na
daoine) fhanas i n-a
dhiaidh.



Go soirbhighe Dia dhuit;
— dhaoibh.



Go ngnóthuighe Dia dhuit;
— dhaoibh:



Go leigidh Dia slán a
bhaile thú; — sibh.



Go dtugaidh Dia slán a
bhaile thú; — sibh.



Go ngnóthuighe Mac Dé
dhuit; — dhaoibh.



Go mba seacht soirbhighe
Dia dhuit; — dhaoibh.



Go n-éirighe t'aisdear
leat:



(Dá n-abruigheadh an té a bheadh sa teach leis an duine
a bheadh ag imtheacht "Go soirbhighe Dia dhuit" (i dtosach),
badh cheart do'n duine eile "Go mba hé dhuit" a rádh.)



GLEACAIDHEACHT.



Déanaigidh streóilín.



Congbhuigidh na sála le
chéile agus go díreach.
Keep the heels together
and in line.


L. 107


Méaracha na gcos iom-
puighthe amach.
Barr na gcos iompuighthe
amach.



Seasaidh caol díreach.



Congbhuighidh 'ur gcuid lámh
go dlúith le n-'ur dtaobh.



'Ur gcuid dorn dúnta.
Dúnaidh 'ur gcuid dorn.



Dearc taobh do dáimhe
deise.



Dearc amach romhat.



Dearc ar t'aghaidh amach.



Tóg coiscéim ar thaobh do
láimhe deise.



Már bhí sibh.



Coiscéim ar d'aghaidh.



Coiscéim taobh do láimhe clí.



Coiscéim ar do chúl.



Ranga



Iompuigh deiseal agus tuathal.



Ranga — deiseal agus tuathal.



Iompuigh thart taobh do
láimhe deise.
Iompuigh thart and taobh
deas.



Leath-iompuigh deiseal agus
leath-iompuigh tuathal.



Árduighidh barr 'ur gcuid
cos ó'n talamh.



Téigidh 'na gceathair.



Iompuighidh ar 'ur sálaibh.



Cuir troigh na coise deise
i gcoinne sáil na coise
clí.



Máirseáil, gluaiseacht.



Gluaiseacht cos ar chois.


L. 108


Buail cos.
Cos ar chois.



Siubhlaidh go mear(tapaidh,
sgioptha).
Gluaisidh go tapaidh.



Go réidh (comhthrom).
Siubhlaidh go réidh.



Siubhlaidh go socair.



Siubhlaidh go mall.



Ná déanaidh an oiread sin
gleó.



Beirt le chéile.
Seasaidh in 'ur gcúplaíbh.



Aon duine amháin le chéile
Ceann i gceann.



Ceathair le chéile:



Athruighidh coiscéim.



Coinnighidh 'ur gcuid uil-
neacha go dlúith le n-'ur
dtaobh.



Lúb do lámh ó'n uillinn.



Árduighidh 'ur lámha amach
romhaibh, agus ar chomháird
leis na guailnibh.



Cuir 'ur gcuid lámha amach
uaibh.



Árduighidh 'ur lámha os cionn
'ur gcloiginn.



Lúbaidh 'ur gcuirp agus
coinnigidh 'ur gcosa
díreach.



Leag barr na méaracha ar
ordóig na gcos.



Leag barr na méaraca ar
na guailnibh.



Lámha le taobh.



Seasaidh go socair.



Tugaidh siúntas (= suaich-
eantas).
Aire dhaoibh.


L. 109


Seasaidh.



Tugaidh aghaidh orm-sa.



Réidh, ullamh.



AG IMIRT.
Ag súgradh.
Ag súgraidheacht.



Buaile an bháire.
Páirc an bháire.



Iománaidheacht.
Léimneacht.



Caitheamh léime.



Rith.



Leigean reatha.



Reathadh.



Léim fhada.
Léim leigean-reatha

Léim leigin.



Léim árd.
Léim ar áirde.



Truslóg.



Trí truslóga.



Cos a' bacóid.



Cluiche sinne dallanda.



Púicín dallanda.



Léim, coiscéim agus éirighe
i n-áirde.



Na trí éirighe i-náirde.



Cúinní.



Ag imirt marmuir.



Sgaradh gabhail.



Ag imirt liathróide.



Cluiche dhaor.


L. 110


Tarraingt téide.



Luasgán.



Cead.



Camánacht.



Camán.



tionól poiblidhe.



tionól coitcheann.



tionól gnáthach.



tionól speisialta.



tionól do chur, tionól
do ghairm. tionól do chur ar lucht chosanta na Gaedhilge.



tionól do chur ar ath-lá,
ar cáirde. cur ar gcúl


L. 111


cur ar gcúl
cur ar bun,



dul 'san gcathaoir ('san
chathaoir). neach do chur
'san gcathaoir.
cuirim rómhaibh (cuirim i dtairgsin daoibh) go gcurtar
A.B. 'san gcathaoir, go dtéighidh A.B. 'san gcathaoir, go
dtoghthar A.B. ina fhear cathaoireach.



fear cathaoireach, uachtarán tionóla,
riaghluightheóir, cathaoirleach.



comhairle.



tairgsin, rún,
uráil.
cuirim i gcomhairle.



cuirim i dtairgsin.



cuirim i dtairsgin an rún so: fuagraim an rún so.



gluaiseacht.



tá sé dhá chur (ar n-a chur) i
dtairgsin (i gcomhairle, i ngluaiseacht) ag C.D.…
agus dá chuidiughadh ag E.F.



gach duine aontuigheas leis an rún sain,
abradh sé "bíodh.": i n'
aghaidh sin, "ná bíodh." : a lucht
aontuighthe is treise. a lucht
diúltuighthe is treise.



iarraim comhaireamh.



iarraim tógbháil lámh.



guth, toil.



toilidheacht.



toilidhe.



cuir fá thoil
an tionóla é.



an mhion-aithris.



léigheadh an rúnaidhe an mhion-aithris.


L. 112


do léigheadh mion-aithris ar an
tionól roimhe agus do dearbhuigheadh í.



an bhfuil aon duine dom' chosg ar m'ainm do
chur leis an mion-aithris?



is é (an) céad ghnó ar an gclár imtheachta …



riar, eagar, réidhteach.



tá an gnó mí-
riarach, ar mí-eagar, i n-aimhréidh.



fógraim cúis (punc)
eagair.



ní cúis eagair
í sin.
tá an sgéal
(an chúis) go fíor-riarach.



breith na cathaoireach,
breith an uachdaráin.



fágaim an chúis (an sgéal, an punc) fá
bhreith an tionóla (an oireachtais).



gabhaim cead
(ó'n gcathaoir, ó'n tionól) fá'n ngluaiseacht (tairgsin)
do tharrang ar ais.



cuirim i gcomhairle an leasughadh so ar an
ngluaiseacht.



cuirim i gcomhairle go leasuighthear an
ghluaiseacht mar leanas.



cuirim i gcomhairle mar leasughadh
go leigthear ar lár na focail seo.



cuidighim-se leis an
leasughadh sain.


L. 113


éirighim go fonnmhar ag cabhrughadh
leis an leasughadh.



abair é!



cuirim anois an leasughadh 'na bhun-
ghluaiseacht.



budh mhaith liom a
thaisbeánadh go bhfuil foclughadh na gluaiseachta ar mí-
réir, in-aimhréidh.



an laighead. : an
mhórchuid.
an bhreis, an
bharraidheacht.



atá an tionól ar cáirde seachtmhaine: fuagraim go bhfuil
an tionól ar cáirde go dtí seachtmhain ó indiu.



atá an tionól ar sgur.



conspóid, pléidh, aighneas, tagra, iomar-
bháigh.



conspóid (nó tionól) do chur ar cáirde gan ceapadh lae
(lá a cheapadh).



imtheacht na conspóide.



cás (nó cúis nó ceist) do
phléidh, do thagairt; conspóid do dhéanamh ar chás, agus c.



tairgtheóir, gluais-
teóir.



do fágadh an chúis fá'n
runaidhe; do cuireadh an chúis de chúram (mar chúram)
ar an rúnaidhe; do cuireadh an chúis i n-iocht an rúnaidhe.



céim de bhrígh oifige.



comhalta, cumanntóir, páirtidhe, ball.
ball eaglaise.


L. 114


Comhalta, cumanntóir, ( (comhaltas, cumann).
Páirtidhe,
duine de bhuidhin éigin.



comhalta, agus c., de bhrígh oifige.



leasughadh d'eiteach,
do dhiúltadh.



gluaiseacht (tairgsin) do
leasughadh.



rún do chumadh.



do cuireadh an chomhairle 'na rún ('na gluais-
eacht).



rún d' athghairm; the
resolution was rescinded: do rinneadh an rún d' athghairm.



rún do dhíothughadh, do
sgrios amach.



bíodh 'na rún go, agus c.



lucht gnótha, lucht comhairle, foireann.



riaghlughadh, riarughadh, ceannas
(nó uchdaránacht) do ghabháil ar …



aonta (aontughadh) iomlán.



toilidheacht fholuighthe, ós íseal.



toilidheacht fhollusach, ós árd.



staonadh ó thoilidheacht.



toil do thabhairt d'
iarrathóir (soláthraidhe).



toil cinneamhna, guth cinneamhna.



líon gnótha.
ó nach rabhadar líon catha leó,



támaoid líon gnótha anois.



do
glacadh, do cuireadh síos, 'na chomhalta é.


L. 115


cúis dá
ceapadh le pléidh, agus c.



eagar sa' bpléidh, agus c.



tagarthóir, conspóididhe.



cosg na conspóide.



seachrán tagartha; neamh-bhaint le
hadhbhar.



aithfhilleadh tagartha.



friotal, trácht, tagra,
díospóireacht.



láthair na pléidhe.



cuirim i gcomhairle go gcuirthear anois an cheist.



an cheist thosaigh.



an trácht
do dhíriughadh ar an gceist.



gnás, gnáith-imtheacht, gnáith-eagar.



beárnughadh san ngáith-
eagar.



sgríbhinn.



diúltughadh, noun; diúltach, adj.



comhairle d'eiteach.



mearbhall pléidhe.



iomchur gnótha.



imtheachta, gnótha.



fá chumas
an tionóil.



dearbhadh, noun; dearbhthach, adj.



iarrathóir, iarradóir, soláthraidhe.



deagh-
ailt, dealughadh.



clár eagair, réim.



daingniughadh, cur i bhfeidhm.



baint le hádhbhar.



ceart freagartha.



comhrádh, óráid, eagra.



toirmeasg gnótha.



aimhréidh, achrann, ainriaghaltacht.



déantas gnótha.


L. 116


gníomhartha.



díolaidheacht.



d'aon ghuth amháin; d'aon ghuth.



easaontach.



comhaltas, caidreamh, cumanntóireacht,



feadhmannas, oifig.



feadhmannach, oifigeach.



aimsir i bhfeadhmannas, oifig-
eacht.



tá an chomhairle 'na suidhe.



gnótha ceaptha.



riaghlacha seasta.



na riaghlacha seasta
do chosg.


L. 116


AN CHOLANN.



Éadan.



An cholann daonna.



An ceann.



An cloigeann.



An bhaithis.



An ghruag.



Na cluasa.



An chluas.



An tsrón.



An béal (an cab).



Na fiacla.



Fiacail.



An teanga.



Na pusa, na puisíní.



An smeig.



An inchinn.



Na fabhraí.



Súil, súile.



Na fabhraí.


L. 117


Na malaidheacha, na fabhraí.



Na pluca.



An sgórnach.



An muineál.



Na guailne.



An t-ucht.



Asna.



Asnacha.



Bolg.



An goile.



An taobh.



An druim.



Lámh, sgiathán.



Lámh.



Méar.



Laidhricín, lúdóg.



An dorn.



Cos.



An ghlún.



Méaracha na gcos.



An croiceann.



An chnámh.



Na cnámha.



An fheóil.



Na féitheacha.



An mhéith.



An croidhe.



Na sgamhóga.



An ae.



An t-éadromán.



Na dubhánaí.



An fhuil.



An croimbéal.



An fhéasóg.



Na hingne.



An uilleann.



Cuisle.



Poll na hasgaille.


L. 118


Ucht.



Stéagracha, mionacha, inní.



Anáil.



Calpa.



Cliabhrach.



Corp, corpán.



Gluais.



Carbad.



Éisteacht.



Sál, sála.



Ocras.



Bléin.



Corróg.



Giall.



Alt.



Rúitíní.



Ailt.



Ucht.



Gáire.



Lurga.



Ball, baill.



Féith.



Polláirí.



Slugán.



Bos.



Osnadh.



Radharc.



Croiceann.



Codladh.



Boladh.



Meangadh.



Meangaireacht.



Bonn na coise.



Troigh na croise.



Goile.



Allus.



Blas.



Deóra.



Gonga.


L. 119


Ordóg.



Teanga.



Guth.



Gul.



Básta.



Bun duirn.



Reic.



AG AN DOCHTÚIR.



Cia an éagcaoin atá ort?



Bhfuil tú 'bhfad ag casaoid?



Bhfuil tú 'bhfad tinn?



Goidé an t-achar tá tú
tinn?



A' gcodluigheann tú go
maith?



A' gcodluigheann tú go
suaimhneach?



Bhfuil casacht ort?



A' ndéanann tú mórán
casacht?



Bhfuil an chasacht ort i
bhfad?



Bhfuil do chasacht bog?



Bhfuil do chasacht cruaidh?



A' seileann tú mórán?



'Mbíonn tú ag cur fhola?



'Mbíonn tú ag tabhairt
fhola?



A' gcuireann tú allus?



A' gcuireann tú allus san
oidhche nó ar maidin?



'Mbíonn fuar-allus ort?


L. 120


Bhfuil do chroiceann te?



Goidé mar tá do chuisle?



Bhfuil do chuid stéigreacha
sgaoilte?



'Gcuireann tú fuil uait?



Bhfuil pian in do cheann?



Bhfuil tinneas cinn ort?



Goidé an pháirt in do
cheann?



Bhfuil aon phian in do
ghoile?



A' méaduigheann nó lagh-
duigheann sé le hithe no
le hól?



'Mbíonn múisg ort?



Bhfui ort?



Bhfuil goile maith agat?



Mbíonn do chuid rúitíní ag
at?



Bhfuil pian in do chluais?



Bhfuil sileadh aisti?



Bhfuil do shrón tirm taobh
istigh?



Bhfuil pian in do dhruim?



Bhfuil aon phian in do chaol-
druim?


L. 121


Mbíonn aon phian in do
chosaibh?



Bhfuil blas gránna in do
bhéal?



Cuir amach do theanga.



Tabhair dhom do lámh.



Mbíonn tú a' creathadh?



Féach suas.
Dearc suas.



Dearc síos.
Féach síos.
Breathnuigh síos.



Bhfuil aon chlann agat?



Goidé an aois an ceann is
óige?



Goidé 'mhéad deirbhshiúr agus
dearbhráthair agat?



Bhfuil siad básuighthe?
Bhfuil siad marbh?



Céard a thug bás dóibh?



Bhfuil siad seo tá beó fol-
láin?



Bhfuil t' athair agus do mháthair
beó?



Raibh aon tinneas géar
ariamh ort?
Fiabhras?



Fiabhras.



GALAR.



Gortughadh.



Crith.



Gearr-análach.



Cur fola.



Eitinn.


L. 122


Niosgóid.



Losgadh.



Brughadh.



Casacht.



Méad-bhroinn.



Tinneas mór, tinneas tuit-
im.



Fiabhras.



Racht, taom.



Tinneas cinn.



Tinneas croidhe.
Galar croidhe.



Tinneas.



Tochas.



Triuch.



Pian, crádh.



Bolgach.



At.



Tinneas
fiacal.
Déideadh.
Dathacha.



Leónadh.



Leónta.



Easbaidh.



AINMNEACHA BHAN.



Áine.



Aingealóg, Aingleóg.



Aoibhinn.



Aoibheall.



Aoife.
Aoife Eva.



Áilbhe, dim. Áilbhín.
Ailbh'e



Ailís, Ailse.



Aislinn.
Aislinn



Annábla. abbr. Nábla.


L. 123


Banba..



Bairbre.



Bláthnaid.
Blathnaid



Blinne, anc. Moninne.
Blinne



Brighid, dim. Brighdín.



Cáit, dim. Cáitín.



Caitilín, Caitlín.



Caithrín
Caitríona.
abbr. Tríona.



Creidhe.
Creidhe, Creda.



Cróchnait.
Crochnait.



Cruithne.
Cruithne.



Damhnait.



Dearbhforgail.



Eibhlín.



Eilís.



Éimhir, gen. Éimhre.



Eithne.



Fionnghuala, abbr. Nuala,
dim. Nuailín.



Fionnsgoth.



Gobnait.
Gobnait



Gormfhlaith.



Gráinne.



Íde.



Lasairfhíona.



Macha.



Máible.


L. 124


Máille.



Máilse, Máiltí.



Máire, dim. Máirín.



Máirghréad, Mairéad,
Muiréad.



Mairsile.



Meadhbh, dim. Meidhbhín.



Mór, dim. Móirín.



Mórna, Móirne.



Muinic.
Muineaca



Neasa.



Niamh, dim. Néimhín.



Nóra, dim. Nóirín.



Nuala, dim. Nuailín.



Onóra, abbr. Nóra, dim.
Nóirín.



Róis, Róise, dim. Róisín.



Sadhbh, dim.
Saidhbhín.



Sadhbh, Seve, Sabia,



Sibéal, dim. Sibéilín.



Sinéad, dim. Sinéidín.



Siubhán, dim. Siubháinín.



Sorcha.
Sorcha



Treasa.



Úna.



AINMNEACHA FEAR.



Ádhamh, dim. Adhamhnán.



Aibhne.



Aibhreach.



Aichlinn, Aislinn.


L. 125


Aindrias, Aindriú.



Ainnle.



Airdín.



Ambróis.



Annraoi.



Aodh, dim. Aodhaidín.



Aodhagán (dim. of Aodh).



Aonghus, abbr. Naos.



Art, dim. Airtín, Airtí.



Bairtliméad.



Breasal.



Bran.



Breandán.



Brian.



Bruadar.



Cadhan.
Cuan.



Cairbre.



Caireall.



Calbhach.



Caoilte.
Caoilte.



Cathal.
Cahal



Cathaoir.



Ciarán.



Cillín.



Cinnéide.



Cnú.*



Colgán.



Colla, Coll.



Colm, dim. Coilmín, Col-
mán, doub. dim. Col-
máinín.
Colm, Colman.



Conall.
Conall.



Conaire.



Conán, dim. Conáinín.



Conchubhar.



Conn.


L. 126


Cormac, dim. Cormán,
Cormacán, doub. dim.
Cormáinín.
Cormac



Cúchulainn.



Críostóir.



Cúmhaighe.



Cúmara.



Cú Uladh.



Dáire.



Dáithí, dim. Dáithín.



Dallán.



Diarmaid, dim. Diairmín.



Doimnic, Damhlaic.



Domhnall, dim. Domhnaillín.



Donn.



Donnchadh.



Dubhaltach.



Dubhdarach.



Dubhghall.



Eachain.



Éamonn.



Éibhear.



Eirc, gen.



Eireamhón.



Énrí.



Eóchaidh.



Eóghan, dim. Eóghainín.



Eóin, dim. Eóinín.



Fáilbhe.



Faolán.



Feardiadh.



Feardorcha, abbr. Feárdaidh.
Ferdorcha



Fearghail.



Fearghus.



Féidhlim, Feidhlimidh.


L. 127


Fiachra.



Fiannachta.



Finghin.



Fíonán.



Fionn.



Finnbheara.



Fionnghall.



Fiontan.



Flann.



Gilleasbuig, abbr. Glas-
muilt.



Giolladubh.



Glaisne.



Goll.



Goraidh, dim. Goraidhín.



Gruamán.



Ír.



Irial.



Labhcás, Lúcás



Labhrás.



Laoghaire.



Laoiseach.



Liagán.



Lochlann.



Lorcán.



Lughaidh.



Mághnus.



Máine.



Máirtín.



Maitias.



Maitiú.



Maoilsheachlainn, abbr. leach-
lainn.
Melaghlin



Maolmhuire.


L. 128


Maor.



Mártan.



Matha.



Mathghamhain.



Méaróg, dim. Méaróigín.



Micheál.



Mórna.



Muircheartach, abbr. Briar-
tach.



Murchadh.



Naoise.



Naos.
Necce, Angus, Eneas.



Niall, dim. Néillín.



Oileall.



Oisín.



Osgar.



Pádraic, Pádraig, Pádh-
raic, dim. Pádraicín,
Pádraigín, Pádhraicín,
Pádhaircín, Páidín, Paidí,
Paití, Pádhra, Parrach,
Parra, Páid.



Parthalón.
Partholán.
Pártlán.
Partholan



Peadar.



Proínnséas.
Próinnséis.



Rághnall.



Réamonn.



Riagán.



Riocárd.



Risteárd.



Rónán.


L. 129


Ros.



Ruaidhrí, dim. Ruaidhrín.



Ruibhilín.
Ruibhleán.
Reibhleán.



Seaghán, dim. Seagháinín.



Séam, Siam, dim. Séimín
Séamus, dim. Séamuisín.



Séarlas.



Seón (dim. seóinín).
John (only in families of
English origin).



Seónac, dim. Seónaidh.
Joneck, Jonathan.



Síomonn, gen. Síomoinn.
Sigmund, Simon.



Solamh.
Solomon.



Somhairle.
Samhairle.



Stiabhán.
Stiabhna, dim. Stiaibhnín.
Steafán.
Stiofán, dim. Stiofáinín.
Stiophán.



Suibhne, dim. Suibhnín.
Suibhne



Tadhg, dim. Taidhgín.
Tadhg, Teig, Teague,



Tadhgán.



Tailc, Talc, Dailc.



Tiobóid.



Toirdhealbhach.



Tomaltach.



Tomás, dim. Tomáisín.



Tréan, gen. Tréin, Treóin. Tréan.
Tuathal.



Uaithne, dim. Uaithnín.


L. 130


Uilliam, abbr. Liam, dim.
Liaimín.



Uilix.



Uillioc.


L. 125


Budh é seo an t-ainm bhí ar árd-cheóltóir Fhinn Mhic Cúmhaill.


L. 130


ÉISG.



Báirneach.



Giúirneach.



Ballach.



Bradán.



Breac.



Bullamán.



Cadóg.



Ealabó.



Cnúdán.



Crúdán dearg.
Diuilicín



Easgann.



Eochra.



Faocha.



Faoitín.



Fígeach
Feangach
Freanngach



Glasán.
Gliomach.



Iomán.



Lábán.



Lang.



Mangach.



Marlaos.
Murlas.



Míol mór.



Muc mhara.



Muirín.



Oistire.


L. 131


Piseóg.



Plás.



Portán.



Roc.



Runnach.



Sandar.



Searrach gorm.



Sgadán.



Smugairle róin.



Trosg.



ÉANLAITH FAIRRGE.



Cabhail sgréachóg
Cailleach
Britheléana
Bradhal



Crosán.



Crutóg, crutach.



Éan aille.



Faocha mhór.



Faoilleán.



Geabhróg.



Ladhrán trágha.



Mairtíneach.



Ruithleacha na trágha.



ÉANACHA EILE.



Áinleóg.



Cabaire breac.



Cág.


L. 132


Caislín.



Céirseach.



Creabhar.



Cuach.



Dreoilín.



Druid.



Fuiseóg.



Géadha.



Gealbhann.



Sgiathán leathair.



Glásóg.
Glasairgín.



Iolar.



Londubh.



Pearóid.



Préachán.



Ruadhán aille.



Smólach.



Spideóg.



Tradhna.



FOCAIL Ó ÁRAINN.



Ainmneacha Neithe bhaineas
le Maraidheacht.



Bád móna.



Bád tróileáile.



Brachluinn.



Buait.*



Céibh.



Ceóbharnach, brádán.



Cláirín deiridh.



Cláirín crainn.


L. 133


Crann mór.



Crunga.



Crunga gabhála.



Dorugha, pl. doruighthe (pron.
driffa).



Eangach.



Eitcógaí.



Fága.



Fonnsa.



Fráma.



Gabháil báid,



Galtán.



Giorr-thrághadh.



Glionda.



Gob.



lompódh.



Iomramh.



Iomróir.



Is glas an lá é.



Lannaidhe.



Lá meirbh.



Lán mara.



Lán-trághadh, díothrághadh.



Leath-bhórd.



Líonta.



Liubhracha.*



Long.



Lonnaidhe.



Maide rámha.



Mall-mhuir.



Proganaidhe.


L. 134


Púcán.



Rabharta.



Rollaighe.



Seól tosaigh.



Seólta treasna.



Snámh mara.



Soightheach.



Stiúir.



Srón báid.



Sruthair.



Tabharnáil.



Tá caoirigh, blátha bána ar
gharrdha an iasgaire indiu.



Tá cóir soir aici.



Tá sé i ndíothrághadh, i
ngiorr-thrághadh.



Tá sé na thrághadh.



Tháinig crúb fairrge orainn.



Tról, pl. trólanna.



Tuile agus trághadh, caitheann
sé an lá.


L. 132


*Baoite. — B'fhéidir nach é seo an litriughadh ceart, acht tá sé do
réir na fuaime.


L. 133


*Liúracha — seo é fuaim an fhocal, agus sílim gur mar sin budh cheart
é sgríobhadh.


L. 134


LUSRACHA, AGUS rl.



Arbhar.



Brobh.



Cabharlach.
Coirleach.



Caonach.



Copóg ruadh.



Crúibínidhe.



Dóchasach.



Driseachaí.


L. 135


Brosna.



Feamann.



Fadharcán.



Foirm.



Fóramand.



Gáirleóg.



Ruadhánach.



Sugh talmhan.



Sméara.



Truim.



TIGHEACHAS, DÉANAMH
TIGHE, AGUS RL.



Baint.



Babhléar.



Bácús.



Balla tirim.



Balla foidín.



Clochadóir.



Coiléar.



Congbhaidh!



Croch.



Cuir ar a corr í.



Cuir ar a leithead í.



Cuir ar a leathan í.



Cuir ar a fad í.



Ding.



Doras dúnta.



Eimhir.



Feac.



Gallaoireach.



Glan an smúdar.


L. 136


Greideal.



Gródh.



Leacracha.



Losaid.



Piocóid.



Pluid.



Sluasaid.



Sméaróid.
Smeachóid.



Spáid.



Spala, pl. spalaí.



Suas léi.



Tá sí ag bogadh.



Tarachar.



Tógbháil balla.



Tolladh.



Tornóg aoil.



AINMNEACHA GADHAR.



Seo iad ainmneacha na ngadhar a bhí ag na Fiannaibh
ag Seilg Locha Léin i réir mar d'innis Oisín do Naomh
Pádraig iad. Ní easbadh ainmneacha deasa atá ar
mhuintir na hÉireann le tabhairt ar a gcuid gadhar, agus
'na dhiaidh sin is eile, ní'l madadh sa chéad a bhfuil ainm
Gaedhealach air.



Do bhí ann Sgeólán agus Bran,
Lomaire, Brod, agus Lom-lúth,
Chúig cona i dtús seilge is gníomha,
Nach sgaradh choidhche le Fionn.


L. 137


GADHAIR FHINN.



Do bhí ag Fionn do ghadhraibh binne,
Uaithnín, Bríoghmhar, agus Uaill-bheó;
Steallaire, Reachtaire, is Dian-rás,
Callaire, Fiadhmán, is Sgiarlóg.



Do bhí aige Manaire agus Tréan,
Luas, Saothar, Searc, is Cuaird,
Banduir, Cathbhuadh, agus Liasán,
Radaire, Grianán, agus Fuaim.



Do bhí aige Lom-bhall agus Monarán,
Feargach, Fearán, Bonn, agus Rás,
Cnagaire, Féirín, agus Ball-úr,
Mallaire, Tréan-lúth, agus Rinn-bhárr.



Do bhí aige fós Duanán mear,
Suanán, Beart, agus Feall,
Leagaire, Foraire, agus Sliomhán,
Crithire, Larbharán, agus Geall.



Ag sin agad-sa, a Phádraic bháin!
An líon eon áilne is gadhar tréan;
Do rug Fionn ó Chnoc an Áir,
Go leirg is go sleasaibh Locha Léin.



GADHAIR OSGAIR.



Do bhí ag Osgar do shaioth-chonaibh,
Fead agus Fostaigh, Cluain, is Faobhar;
Aire, Mire, Faire, is Luas,
Daol, Gruaim, Fíor, is Caol.



Do bhí 'na ndáil do ghadhraibh binne.
Cleas, Filleadh, Maig, is Ruaig,
Altán, Farraire, Síth-chruaidh, is Gearr,
Dranaire, Réim, Obann, is Cuan.


L. 138


Do bhí aige Lorgaire, Feitheamh, is Bonn,
Cosgaire, Feam, Bualtán, is Fraoch,
Cealgán, Meang, Preabaire, is Pian,
Stracaire, Rian, Glórán, is Caomh.



GADHAIR FHAOLÁIN.



Do bhí ag Faolán do chonaibh áilne.
An-uaill ághmhar, Uaill, agus Fostaigh,
Bareán, Feamaire, Caolán, is Cuach,
Daolán, Suan, Arr, is Fothram.



Do bhí aige do ghadhraibh binn-ghlórach'
Marbhán, Forfhógra, Fiar, agus Teilg,
Colgán, Fásgadh, Finómhn, is Creach,
Léirsgrios, Feall, Uaill-bhinn, is Leirg.



Do bhí aige fós Glaisín is Beólán,
Formaoil, Ciarbhán, Gluais, is Lorg;
Truadhnán, Ciarbhocht, agus Cian-chuaird,
Ochtán, Iolghuair, Fleagh, agus Fostaigh.



GADHAIR GHOILL MHIC MHÓIRNE.



Do bhí ag Goll do chonaibh saoithe,
Gluaire, Bíodhgadh, Créacht is Airc;
Cian, Radharc, Éisdeacht is Páirt,
Tréan-lúth, Báire, Eitioll, is Feas.



Do bhí aige Fulang agus Éadtrom,
Fuarán, Éaga agus Teannán;
Árd-léim, Sár-ruith, agus Imchian,
Garbhán, Fiall, agus Leannán.



Do bhí aige do ghadhraibh uaill-bhinn'
Bog-léim, Sgíth, Golán agus Tóir,
Searbhán, Grod-uaill, agus Seachrán,
Fó-luaim, Fead-gháir, agus Ranntóir.


L. 139


Do bhí aige fós Maoilín binn,
Tuargaire, Ring, agus Amalán,
Dranaire, Nimh-fhiacail, agus Stracadh,
Cluanaire, Trom-ghearr, agus Searcán.



GADHAIR MHIC LUGHDHACH.*



Do bhí do chonaibh ag Mac Lughdhach,
Seabhach, Lúingeach, agus Éirleach;
Mór-tháin, Cumán, agus Fuarma,
Aolán, Sguabadh, agus Faobhar.



Do bhí aige do ghadhraibh beódha,
Luadrán, Seóladh, agus Tacadh;
Cúl-saor, Mion-gháire, agus Stuaim,
Biadán, Bruachair, agus Casadh.



Do bhí aige fós Iomlán cruaidh,
Caorán, Duairc, agus Cuileóg,
Arguin, Breac-bhall, agus Dunúir,
Mearbhall, Fionndúir, agus Truslóg.



GADHAIR MHIC RÓNÁIN.



Do bhí ag Mac Rónáin ghrinn,
Do chonaibh luaithe agus saoithe,
Cuan-choiméad, agus Machaire mear,
Cnámhach, Úrlach, agus Gaoithe.



Do bhí aige fós Niamhrach luath,
Ainmhear, Tuairt, agus Néal,
Eólach, Ladruin, agus Bolg seang,
Meanmhain, Feam, agus Traost.



Do bhí aige do ghadhraibh fó-luaimneach,
Craipléir, Suan, agus Toisg,


L. 140


Leabhar Cainte Gaedhilge-Béarla.
Cúinne, Guagán, Docht, is Dóith,
Buanán, Fóir, agus Foisg.



Do bhí aige Duardán agus Snas,
Lomán, Cath, agus Coimheasgar,
Caibín, Gealán is Luaith-ghléas,
Foithin, Béas agus Baoise.



Do bhí aige fós, Garbh-uaill géar,
Fuaithín, Taomadh, agus Lorcán,
Alpaire, Grod-gháir, agus Tearc,
Cuanair, Bonnlaice, agus Uamán.


L. 139


*Mac do Dháire Dearg, mac mic do Fhionn Mac Cumhaill budh eadh
Mac Lughdhach. Luigheach an t-ainm bhí ar a mháthair agus tugadh ainm
na máthar air.


L. 140


GADHAIR DHIARMADA UÍ DHUIBHNE.



Do bhí ag Duiarmaid Ua Diubhne,
Do chonaibh saoithe i lom-lúth,
Cóisir, Nóinín, agus Géar-leanadh,
Duilleóg, Léim-fhada, agus Clúid.



Do bhí aige do ghadhraibh seilge,
Cualán, Loirgeach, agus Gláimh,
Dubh-ghreim, Follaire, agus Iarracht,
Fuarcán, Glamaire, agus Aonarán.



GADHAIR GHLAIS.



Do bhí do chonaibh ag Glas caomh,
Treabhaire, Seasg, agus Mórdháil.
Luabán, Bonnsach, Seangae, is Triall,
Lorgán, Stiallaire, agus Tráchtán.



Do bhí do ghadhraibh aige 'na bhfochair,
Iallán, Cosgair, Treas, agus Trú;
Cianán, Gaimbín, Falla, agus Tréan,
Riamán, Seirce, Barc, agus Crú.


L. 141


GADHAIR FHEARGHUIS FHINN-BHÉIL.



Do Bhí ag Fearghus file Fhinn,
Do chonaibh ba ghníomhach lúth;
Giodán, Fuadach, agus Rinn-ruith,
Luadrán, Fuinneamh, Géibheann, agus Dúil.



Do bhí aige do ghadhraibh glam-binne,
Fuathan, Dlacht, Fíor, agus Lionán,
Cuasach, Bith-bhinn, agus Gruagach,
Uamach, Bleacht, agus Dlachtán.



Do bhí agam-sa féin, a Phádraic!
Agus ag cách ó sin suas;
I n-éagmuis na gcon is na ngadhar úd,
Deich gcéadh ar lúth nach bhfuilim do luadh



SEAN-FHOCAIL. PROVERBS.



Áilneacht mná ionnraice
ghní conntas cruaidh.
The beauty of a righteous
woman excites hard dis-
pute.



I n-am na broide braiththear
do chongnamh.



Aimideacht ghearr is í is
fearr.



Ar lí ní breitheamh fear gan
súile.



Aithnigheann ciaróg ciaróg
eile.



Aithnigheann mórdhacht modh-
amhlacht.


L. 142


Aithnigheann óinmhid locht
amadáin.



Aithnighthear caraid i
gcruadhtan.



Mas vale buen amigo que
pariente primo (Spanish).



An dubh-ghné ní hathruighthear
é.



An rud nach ngoidtear
fághtar é.



An rud a théidheas i bhfad,
téidheann sé i roighneas.



An rud nach bhfághtar, 'sé
fhoireas.



An rud a choigileas na mná,
itheann na cait é.



An té nach truagh leis do
chás, ná déan do ghearán
leis.



An té nach n-ólann acht
uisge, ní bhéidh sé ar
meisge.



An tslat nach nglacann
sníomh.



An tséod do-fhághala 'sí is
áilne.



An t-uan ag múineadh
méidhlighe d'á mháthair.



Athruighthear gné na haim-
sire.



Beatha dhuine a thoil.



Beatha an staraidhe fírinne.


L. 143


Béal eidhin is croidhe cuil-
inn.



Bíonn ádh ar amadán.



Bíonn borb faoi sgéimh.



Bíonn adharca fada ar
na buaibh tar lear.



Bíonn clúid sheasgair ag an
tsaothraidhe.



Bíonn cluanaidhe i ndeagh-
chulaidh.



Bíonn blas ar an mbeagán.



Bonn rath ar an tsraoill-
igheacht.



Briseann an dúthchas tré
shúilibh an chait.



Breathnuigh ar an abhainn
sul a dtéidhir na chalaith.



Bróga 'sa gcliabhán, ladhar
'sa laithigh.



Buaidhfidh an t-each nó caill-
fidh an tsrian.



Buaine cliú 'ná saoghal.



Cailleann duine rud le
n-a mhúineadh.



Chaill sé ins an gcasadh. é.



Chaill sé ins an meadhachan é.



Caoin le ceannsa.



Caomhnann dóchas an t-in-
ghreamach.



Ceann mór gan chéill.


L. 144


Ceann mór na céille bige.



Cia ar bith duine ólas, 'sé
Domhnall íocfas.



Claoidheann neart ceart.



Cnuasuigh (bailigh) i n-am
oireamhnach.



Cormac, breitheamh na
mbreath fíor.



Cuairt ghearr 'sí is fearr.



Cuairt ghearr is a déanamh
go hannamh i dtigh do
charad.



Dall ar lí ní breitheamh
fíor.



Deacair dréim leis an
muir mhóir.



Dealg mhúnlaigh, fiacail chon,
is focal amadáin, na trí
neithe is géire ar bith.



Dearbh cara roimh riacht-
anas.



Dearbhráthair do leadrán-
acht ólachán.



Dearbhráthair do Thadhg
Domhnall.



Déire d'á chuid féin do'n
amadán.



Déirc an mhailín láin.



Díomhaoineas mian am-
adáin.



Dlighe na hiasachta an
t-iarrach do bhriseadh.



Dóchas liaigh gach anró.



Doiligh an t-uaibhreach do
cheannsughadh.


L. 145


Éanlaidh na h-aon-chleite
faoi aon-sgeich.



Éire óg, Oileán na Naomh.



Fada cuimhne sean-leinbh.



Fág an Chéis mar tá sí.



(Deirtear é seo le duine
ceanndána, fear nach
féidir a athrughadh acht an
oiread le Sliabh Céis.)



Fághann na ba bás fad is
bhíos an féar ag fás.



Féadaim ór do cheannach go
daor.



Féadann cat dearcadh ar
an rígh.



Fearg is fuath námhaid an
deagh-ghrádha.



Fear na h-aon-bhó fear
gan aon-bhó.



Fearr fuin fleidhe 'ná tús
gíoraic;
agus
Fearr deireadh fleidhe ná
tús bruighne.



Fearr dreóilín i ndorn 'ná
corr ar cáirde.



Fearr madadh beó ná
leoghan marbh,


L. 146


Fearr a oileamhain 'ná a
oideachas.



Fearr dá shúil 'ná aon tsúil.



Fearr cliú 'na conách.



Fearr coigilt ar dtús ná
ar deireadh.



Féis Teamhrach gach treas
bliadhain.



Foighid leigheas sean-ghal-
air.



Foillsighthear gach nídh le
haimsir.



Furus fuineadh i n-aice na
mine.



Fuar cumann caillighe.



Gach am ní heagnach saoi.



Gach leanbh mar oiltear,
gach óige mar ádhbhar.aice na
mine.



Fuar cumann caillighe.



Gach am ní heagnach saoi.



Gach leanbh mar oiltear,
gach óige mar ádhbhar.



Gach dalta mar oiltear.



Gach a bhfaghtar go holc,
imthigheann go holc.



Gach nídh daor mian gach
mná.



Gach corr do réir a híotadh.



Gach coinneal i gcomhlua-
dar.



Gach uile neach do réir a
ghné.



Gan lón, gan charaid.



Gan oileamhain, gan modh.


L. 147


Gan ciste is fuar an chliú.



Gean gach leantach a chuid
annsacht.



Glóir nach dtuilleann an
ceann, ní fearr a bheith
ann nó as,
agus
An glór nach dtuigeann
an ceann, is cuma é bheith
ann no as.



Gnídheann ciste carthann-
acht.



Gnídheann maith maitheas.



Gnídheann olc olc.



Gnídheann saidhbhir do réir
a aonta.



Gnídh tart tart.



Gnídheann bladar caradas.



Is binn é béal 'na thost.



Is caol a thigeas an t-ádh,
acht 'na thuiltibh móra
thigeas an mí-adh,

Na shrutháin chaola thigeas
an t-ádh, acht 'na thuiltibh
móra thigeas an mí-ádh.



Is coim cábán do bhocht.
A hut is a palace to a poor
man.



Is dall an grádh baoth.



Is dall súil i gcúil duine
eile.


L. 148


Is fada ó'n láimh atá i
gcian.
Far from the hand which
is in a distant (land).



Is fearr an mhaith atá 'ná
an mhaith a bhí.



Is fearr a oileamhain 'ná a
thógbháil.



Is fearr beagán do'n
ghaol 'ná mórán do'n
charthannacht.



Is fearr cara 'sa gcúirt
'ná bonn 'sa sparán.



Is fearr coigilt in-am 'ná
in-antráth.



Is fearr é 'ná an easbaidh.



Is fearr é 'ná an t-iasacht
nach bhfuightheá.



Is fearr greim do choinín
'ná dhá ghreim do chat.



Is fearr imreas 'ná uaig-
neas.



Is fearr an troid 'ná an
t-uaigneas.



Is annamh leis an gcat
srathar do bheith air.
I
Is fada ó'n stuaim an
stocaireacht.



Is fearr stuaim 'ná neart.



Is treise gliocas 'ná neart.



Is goire cabhair Dé 'ná an
doras.



Is glas iad na cnuic i bhfad
uainn.


L. 149


Is glas iad na cnuic i bhfad
uainn, acht ní féarach.



Is gnáth sanntach i riacht-
anas.



Is mall's is díreach díoghal-
tas Dé.



Is milis fíon, is searbh a
íoc.



Is dona an giolla, acht is
measa gan é.



Is iomdha lá 'sa gcill
orainn.



Is mairg a bhíos 'san tír
nach n-aitheantar é.



Is mairg a bhíos go h-olc 's
a bheith go bocht na 'dhiaidh.



Is maith an t-iománaidhe an
té bhíos ar an gclaidhe.



Is maith an marcach fear ar
talamh.



Is minic a bhí gránna gean-
mhail agus dathamhail dona.



Is samhradh gach síon go
Nodlaic agus fásach go
doirse. (Cialluigheann
sé seo nach dtagann an
droch-aimsir go taca na
Nodlag).



Is minic bhíos an fhírinne
searbh.



Is searbh an fhírinne, acht is
milis an bhréag ar uairibh.



Is mór taidhbhseach iad adh-
arca na mbó tar lear.


L. 150


Is túisge deoch 'ná sgéal.



(Bhí sean-ghnás againn
fad ó, deoch a thabhairt
do sheanchaidhe sul thosó-
chadh sé ag innsint sgéil).



Lámh ag sgapadh agus lám ag
tárrtháil.



Leanbh loisgthe, fuathuigh-
eann teine.



Leigheas gach brón cómhrádh.



Liaigh gach bocht bás.



Loiteann aoradh mór-chlú.



Luigheann sonas ar amad-
án.



Má táim buidhe, tá croidhe
geal agam.



Mairg d'ar céile baothán
borb.



Mairg thréigeas a Thighearna
(thighearna).



Mairg thréigeas a dhuine
gnáith ar dhuine dá tráth
nó trí.



Mairg do-ghní eiteach is
goid.



Mairg fheallas ar a charaid.



Má's cam díreach an ród
'sé an bóthar mór an
t-aithghiorra.



Má's fada lá tig oidhche.


L. 151


Má's ionmhuin liom an
chráin, is ionmhuin liom a
hál.



Má's maith leat a bheith
buan, caith fuar agus teith;
nó mar seo:



Má's maith leat a bheith
buan, caith uait agus teith.



Maith an t-annlann an
t-ocras.



Mol an óige is tiucfaidh sí.



Moladh gach n-aon an t-ádh
mar do gheobhaidh.



Ná bíodh do ghníomh ó do
theangain.



Ná mol is ná cáin thú féin.



Ní'l glóir acht glóir neimhe.



Ní cara gach bladaire.



Ní buan cogadh na gcarad.



Ní'l sógh gan an-shógh.



Ní'l nídh níos gile ná an
gheanamnaidheacht.



Ní'l gaol ag aon le saoi gan
séan.



Ní'l dlighe ag riachtanas.



Ní bhíonn airgead iamad-
án i bhfad le chéile.


L. 152


Ní fhaghann lámh iadhta acht
dorn dúnta.



Ní fhaghann an mhinic onóir.



Ní fáidh go mbudh fíor-
eólach.



Ní gach am a mharbhuigheann
Pádraig fiadh.



Ní léan go díth tighearna.



Ní hionann dul do'n bhaile
mór is teacht ar ais.



Ní lia an sonas 'ná an
donas i n-órlaighibh thríd.



Ní file go flaith.



Ní hiad na fir mhóra uile a
bhaineas an fóghmhar.



Ní'l nídh níos géire 'ná
teanga mhná.



Ní múinte go coigcríoch.



Ní náire an bhochtaineacht.



Ní saor go mbeidh gan
chionta.



Ní fhágann cor 'na comh-
naidhe aon nídh.



Ní chuimhnigheann an chú
ghortach ar a choileán.



Ní beatha go dul ar neamh.



Ní anfadh go gaoith a
ndeas.



Ní holc aon bheart go
mbudh feall.



Ní healadha go léightear
stair.



Ní tréan go tuitim tuile.



Ní rogha go Rígh na Cruinne.


L. 153


Ní séimh neach go mbudh
oilte.



Ní brúighte go dul i n-aois.



Ní bocht go dul go
hifrionn.



Ní hé lá na gaoithe lá na
sgolb.



Ní torann tréan go tóir-
neach.



Ní hanacradh go heiteach.



Ní daoi go mnaoi droich-
mhéine.



Ní maraidhe go fear
stiúire.



Ní luach go hAifrionn Dé
'éisteacht.



Ní daor go breith an
bhreithimh.



Ní heasbadh go díth cáirde.



Ní'l fhios ag duine cia is
fearr an-luas nó an
mhoill.



Ní'l ins an tsaoghal acht
ceo, 's ní mhaireann an
ró acht seal.



Níor chuaidh fear an eidior-
gáin as.



Níor dhruid Dia beárna
ariamh nach bhfosglóchadh
sé ceann eile.



Ní thig leat d'arán a bheith
agat agus a ithe.



Ní uabhar uaisleacht.



Ní rún é ó tá fhios ag triúr
é.


L. 154


Nuair bhíos fíon istigh,
bíonn an chiall amuigh.



Olc in-aghaidh maitheasa.



Olc síon nach maith d'aon.



Ocht n-amharc, ocht gcuimhne.



Othracht ró an leagha.



Rí míofhoghlamtha is asal
corónta.



Ríoghacht gan duadh ní dual
go bhfaghtar.



Rún gach searc an rí ceart.



Rós cumhra fial-fhear súgach.



Riaghail do réir oideachais.



Rúnaidhe cealgach.



Saidhbhreas síor-shubháilce.



Saoire i laethibh díomhaoine.



Seachain cluanaidhe is ceal-
gaire.



Sáruigheann eagnacht gach
saidhbhreas.



Searbh an t-arán ithtear.



Searbh na hinte tráthnóna.



Sgeitheann fíon fírinne.



Soightheach folamh is mó
torann.



Sult gan ceó sógh neimhe.



Tá fá láimh an mheangaire.



Tá fáth le gach nídh.



Táirnge i mbeó.


L. 155


Tig geimhreadh ar an
bhfallsa.



Tig iomchar le foghluim.



Tig grian i ndiaidh na fear-
thanna.



Toirbheart fann is aisiog
gann.



Toil gach n-aoin do réir
mar ghní.



Tosach coille is deireadh
móna.



Trom cearc i bhfad.



Tuigim agus ní léighim, acht
tuigeann fear léighinn
leath-fhochal.



('Sé an bhrígh atá leis seo
go dtuigfidh fear léigheann-
ta an cainteóir sul bhéidheas
críochnuighthe aige.)



Tuisleann saoi.



Tuar gorta gailing is
gairbh-shíon.



Tús maith leath na hoibre.



Uabhar gan tairbhe.



Umhlacht d'uaisleacht.


L. 156


BEANNA.



An té atá suas óltar deoch
air,
An té atá síos buailtear
cos air.



Castar na daoine le chéile,
Acht ní castar na cnuic ná
na sléibhte.



Ceannuigh droch — rud is
beidhir gan aon-rud;
Ceannuigh deagh-rud is tá
agat saor-rud.



Déan suas leis an uais-
leacht is déan cumann
léi,
Acht ar do chluais ná bí
fuar le do dhuine bocht
féin.



Ní féasta go róstadh;
Ní céasadh go pósadh.



Ní teasaidheacht go náire;



Ní huaisleacht gan subháilce.


L. 157


Ní thuigeann an sáthach an
seang,
An uair do bhíonn a bholg
féin teann.



"Ní'l pian, ní'l peannaid,
ní'l galar chomh cruaidh
cráidhte
Le héag na gcarad is
sgaradh na gcompánach."



— Mac Cába.



Tafann gadhair i ngleann
glas,
Bheith ag caint le ceann
gan eólas.



RANNTRACHA



Atá Dia tíodhlacthach tabhar-
tach,
Atá Dia farsaing i
gcumhgach;
Acht ní h-ionann bhur nDia
i gConnachtaibh
Is Dia farsaing na n-Ult-
ach.



Dá dtrian sneachta le
sléibhtibh,
Dá dtrian gréine le
gleanntaibh,
Dá dtrian sainnte ag
seanduine,


L. 158


Dá dtrian tinnis ag lucht
aoise,
Dá dtrian baoise ag
óige,
Dá dtrian gaoithe le cran-
naibh,
Dá dtrian cainte ag lucht
póite,
Dá dtrian córach ag lucht
céille,
Dá dtrian luirg ar bhóith-
ribh.


L. 158


Díogha gacha síona sioc,
Díogha gacha buidhne droich-
bhean;
Díogha gacha teine cearnóg
ghlas;
Díogha gacha dighe meadhg,
má's sean.



Is fearr míne 'ná buirbe
mhór;
Is fear cóir 'ná dul chum
dlighe;
Is fearr teach beag is teann
lón
'Ná teach mór ar bheagán
bídh.



Is mairg a mbíonn a
cháirde fann,
Is mairg a mbíonn a
chlann gan rath,
Is mairg 'gá mbíonn bothán
gann,
Is mairg a bhíos gan olc
nó maith.


L. 159


Ná creid fionn, 's ná creid
fiach,
'S ná creid briathra mná;
Má's moch mall éireochas
an ghrian,
Is mar is t-oil le Dia
bheas an la.



Ní truimide loch an lach',
Ní truimide each an
tsrian;
Ní truimide caora a hol-
ann,
Ní truimide colann kind,
ciall.



Óg gach neach 'san aois
óige;
Óg arís' gach seanóire;
Óg deireadh aoise gach
nduine;
Deireadh gach sean-aoise person's
óige.



Túr eagna uamhan Dé,
Ní'l eagna mar í;
Maith an gné do'n té,
Eagla Dé cia ar a mbí.


L. 160


Tosach luinge clár;
Tosach áithe clochadh;
Tosach flath fáilte;
Tosach sláinte codladh.



Deireadh luinge báthadh;
Deireadh áithe losgadh;
Deireadh flatha cáineadh;
Deireadh sláinte osnad.



COMHAIRLE AN tSEAN DUINE.
THE OLD MAN'S ADVICE.



Ná bí cainteach i dtigh an
óil;
Ná cuir ainbhfios ar
sheanóir;
Ná habair nach ndéantar
cóir;
Ná hob heitigh) agus ná
hiarr onóir.



Ná bí cruaidh agus ná bí
bog;
Ná tréig do charaid ar a
chuid;
Ná bí mí-mhodhamhail, ná
déan troid,
Is ná hob í, má's éigean
duit.


L. 161


Ná tabhair do bhreith ar an
gcéad sgéal,
Go mbeiridh an taobh eile
ort.



Ná mol agus ná dí-mhol
daoi,
Mar ní fhaghtar saoi gan
locht.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services