Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Tír na n-Iongantas

Title
Tír na n-Iongantas
Author(s)
Ó Conaire, Pádraic,
Pen Name
Caoilte na gCos / Cois Leasa
Composition Date
1916
Publisher
Powell Press

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


TÍR NA nIONGANTAS.



AN TURAS.



I.



Le linn óige m'athar bhíodh sean-chaiptín loinge agus
a bhean n-a gcomhnaidhe i n-aice le Cathair na Gaillimhe.
De mhuinntir Riain b'eadh é, acht níor tugadh ariamh air
acht an Caiptín Mongach. Beirt chlainne a bhí ortha,
Máire Bhán agus Seán Óg, agus ó's rud é go mbíodh
an caiptín ag síor-thaisdeal an domhain mhóir, is ar a
mhnaoi a bhíodh imnidhe agus cúram na cloinne. Acht bhíodh
greann mór ag na gasúir chéadna nuair a thagadh a
n-athair a bhaile, uair sa mbliadhain nó mar sin. Bheireadh
sé ar láimh ar Mháire Bháin, agus bheireadh sé ar láimh ar
Sheán Óg, nó an "Búrla" mar tugtaí air, agus
do thasbáineadh sé iongantais a loinge dhóibh, Bhíodh
bronntanas aige do Mháire, agus bronntanas do'n
Bhúrla, agus bronntanas dá máthair. Agus bhíodh bronn-
tanas ag an máthair dó-san. Níor tháinig sé a bhaile
ariamh nach mbíodh císde, deas mine coirce, ullamh aici
le n-a aghaidh. Dubhradh go mb'fhearr leis an gCaiptín
Mongach na císdí beaga seo mine coirce agus bainne
gabhair — acht braoinín beag rum bheith thríd — na aon bhiadh
eile d'fhéadfaidhe leagadh os a chómhair. Ar aon chaoi
ba mhilis agus ba ró-mhilis leis an gCaiptín na císdí
ghnitheadh a bhean dó.



Bhí iongnadh mór ar cháirdíbh an Chaiptín, gur phós sé a
leithéid de mhnaoi. Acht ní mó an t-iongnadh bhí ortha na
bhí ar chairdibh na mná gur phós sí a leithéid d'fhear.
Dubhairt muinntir an Chaiptín, nó cuid aca, gur phós sé í
mar ghéall ar an aoirde mhóir bhí inntí. Corr-fhear san


L. 2


áit (Acht an Caiptin amhain) d'fhéadfadh póg thabhairt di
gan seasamh ar stól nó ar chathaoir féin! Agus dubhairt
muinntir na mná, gha bhfreagairt, gur mar gheall ar an
gceann mór mongach a bhi ar an gCaiptín gur phós sise
é: bhí sí beagan mallradharcach agus cé heile d'fhéadfadh
sí aithneachtail agus é píosa uaithi acht fear an chinn mhóir
mhongaigh?



Ní féidir a radh le dearbhacht anois cé aca dream a
raibh an ceart aca. Ni feidir a dhéanamh acht baramhail
a thabhairt. Ba mhór an bhean chainnte bean an Chaiptín
nuair bhíodh an fonn uirthi. Chaith sí seacht n-uaire ag cur
cainnte dhi i gcuideachtain an Chaiptín la sul ar phósadar
agus eisean ag eisteacht léithe gan smid a radh: an lá
sin ba dhóigh léithi nach raibh aon fhear eile ar an saoghal
acht é, agus cheap sí a phósadh dá dheóin nó dhá aimhdheoin —
nár mhór an t-ádh bhí ar an gCaiptín nár thug sé faoi
deara go raibh se n-a shamh-shuan ar feadh moran de'n
aimsir? Agus nuair a dhúisigh an Caiptín dubhairt sé
leis féin go mba mhór an gar do dhuine mar é, nach raibh
i n-ann codladh déanamh acht go dona, a leithéid de
mhnaoi bheith aige. Bean a bhí i n-ann suantraighe seacht
n-uaire a chanadh, ar ndóigh ba mhór an tseóid í.



Agus phós sé í. Marab é sin an fáth gur phós sé í — é
sin nó na císdí deasa mine coirce — is cinnte nach ar
áilneacht a pearsan thug sé grádh dhi. Bhí sí árd, an-árd,
lom, tanaidhe. An craiceann rocach garbh bhí uirthi bhí sé
ar dhath luaithre móna fluiche. Shíltheá uirthe gur le
haghaidh duine eile cumadh an craiceann sin, le haghaidh
duine bhí i bhfad níos raimhe ná í féin. Bhí mála
mór de'n chraiceann bhuidhe sin faoi n-a smig — bhéadh
fonn ar dhuine féachaint cé'n fhad d'fhéadfadh sé baint
as an sprochal sin gan an bhean bhocht a ghortughadh! Acht
ní bheadh ort acht an fonn nuair a thiubhradh sí faoi deara
thú ag dearcadh ar an sprochal sin! Bhéadh fhios agat
uirthi go bhféadfadh sí bheith an olc le daoine mí-mhúinte.



Ní raibh uirthe acht aon dul-amudha amháin. Cheap sí
nach raibh aon bhean eile ar an saoghal chomh breágh léithe
féin, agus níor facthas ariamh fear a sheól fairrge bhí chomh


L. 3


breagh le n-a fear da mb'fhios dhi féin é "Marach chomh
dathamhail is táim," deireadh sí, "an dóigh libh go bpós-
fadh a leithéid d'fhear mé?"



An bhean bhocht! Níor chuimhnigh sí ariamh ar an suan-
traighe bhreágh na ar na císdíbh mine coirce!



Má bhí dathamhlacht ann, ná maise, is idir eatorra a
bhí. Da mbéadh an Caiptín thar éis pearóid ioldhathach ó
na Tiorthaibh Teó a bhronnadh ort, ní fheadfá a rádh, gan
bréag a dhéanamh, go raibh sé n-a fhear áluinn. Bhí srón
mhór air, ar nós iolair, agus smig — b'fhóbair dhó fear dá
chuid mhairnéalach a bháthadh lá nuair a dhuisigh sé as a
chodladh agus an mairnéalach bocht ag iarraidh téad
chaol, nach raibh mórán níos raimhe na dorugha maith, a
tharraingt treasna a bháil idir an tsróin iolraigh agus an
smig! Bhí sé manntach freisin. Agus bhi rian claidhimh
fir buile ar a leiceann "— dar mo bhriathar, is minic a
chuir sé eagla orm agus mé mo ghasúr," sin iad na
focail deireadh m'athair agus é ag cur síos air fadó,
Níorbh cáll dó eagla bheith air roimhe ámh. Bhí sé lághach
le páisdibh, agus bheireadh sé milseán do'n té nach
n-imthigheadh uaidh.



B'fhéidir gur mar gheall ar chomh lághach is bhí sé gur
phós a bhean é. B'fhéidir gur mar gheall ar an mblas
gheibheadh sé ar a gcuid císde mine coirce phós sí é. Cá
bhfios dúinn anois agus an bheirt aca marbh?



Acht maidir le n-a gcloinn, bhí maise ionnta siúd; bhí
agus misneach — acht má bhíonn foighid agaibh a cháirde
béidh aithne mhaith agaibh ar an mbeirt aca sul a bhéas mé
réidh.



II.



Bhí an Caiptín agus a bhean n-a suidhe le cheile cois na
teine oidhche. Bhí sé le n-imtheacht ar a trí a chlog la ar
na bhárach. Bhí na císdí mine choirce ithte aige, agus an
bainne gabhair a raibh an braoinín rum thríd, ólta aige —
ba chóir dhom a rádh anseo go mba ghnathach leis blogam
maith rum láidir a chur sa mbainne gabair, acht nach


L. 4


mbacfadh sé le n-a chur ann go dtí go mbíodh na císdí
mine coirce ithte aige — bhí braoinín beag eile de'n rum
sa mbainne gabhair, bhí a phíopa idir a chuid fiacal, agus
ó bhi Máire Bhán agus an Búrla 'n-a gcodladh ní raibh aon
duine le cur isteach ar an trean-lanamhain.



Sgaoil an Caiptín gal breágh gorm i n-áirde uaidh.
D'ól sé blogam. Tháinig cosamhlacht an tsuaimhnis air.
D'fhéach a bhean air.



"Is fada mé ag ceapadh," ar sise, "go mba mhór an
gar dhuit dá mbéadh bean a d'fhéadfadh císdí deasa mine
coirce dhéanamh dhuit; ar bórd na luinge agat; nó deoch
mhaith a ullamhadh dhuit; nó do léine a nigheachán dhuit —
ní chreidtheá acht an bhail a bhí ar do chuid giobail ar
a theacht abhaile dhuit an turas seo…"



Sgaoil an Caiptín gal eile i n-áirde uaidh.



"Cuir braon eile bainne gabhair sa ngloine," ar
seisean ag cur isteach uirthi, "chuireas an iomarca do'n
rum ann."



Bhí stoirm mhór ann an oidhche chéadna. Shíltheá go raibh
duine éigin ag bualadh na fuinneóige le méaraibh
cruadha. Ní raibh Géaga loma an chrainn fuinnseóige
a bhí ag fás le taobh an tighe a bhí ag déanamh an torainn.



"Is uathbhásach an oidhche í go sabháilidh Dia sinn," ars'
an bhean agus í ag cur bainne gabhair sa ngloine, "is
minic mé faoi chrádh oidhche mar í seo agus tusa i
gcontabhairt do bháith' sna Fairrígibh Reóite, nó i gco-
tabhairt do mharbhtha an oileán allta éigin ar imeall an
domhain…"



"Líon an píopa dhom," ar seisean.



Do líon.



"Agus séard a bhím a ceapadh," ar sise, "go bhféad-
fainn-se mórán cabhrach a thabhairt duit agus tú n-a
easpa, go bféadfainn do chuid éadaigh a chórughadh dhuit
go bhféadfainn…"



Dearc sí air Bhí a cheann mór mongach leigthe siar
ar dhruim na cathaoireach aige, bhí a dhá shúil dúnta aige,
bhí a dhá chois i n-áirde aige ar an matal. Níor chuir
sise isteach ar a chuid smaointe, má's ag smaoineadh a


L. 5


bhí sé, mar cheap sí go mb'fhéidir go raibh faoi géilleadh
dhi.



D'osgail sé a bhéal faoi dheire. Dhún sé arís é go
raibh an tsrón agus an smig buailte ar a chéile mórán.
Sgar an smig agus an béal ó n-a chéile beagán, — dá
mbeadh ordóg bheag ort d'fheadthá í sháith' isteach eatorra
— annsin thosaigh an Caiptín Mongach a srannadh!



"Tá sé i n-am agat a dhul a chodladh," ars' a bhean.



"Ceapaim gur fíor dhuit é," ar seisean, agus chuaidh.



Acht bhí a bhean i n-ann an chluain a chur ar an gCaiptín
Mongach aon lá dá n-eirigheadh sí. I ngan fhios dó'n
tsaoghal déantar na gníomhthara is mó, deireadh sí go
minic, agus is i ngan fhios dhó-san chuireadh sí an chluain
air.



Ar maidin lá 'r n-a bhárach d'eirigh sí ar a hocht a chlog.
Dhúisigh sí Máire Bhán agus an Búrla. Do nigh agus do
ghléas sí iad, sháith leath chisde mine coirce i láimh gach
duine aca agus dubhairt leó siubhal.



Bhí coisidheacht iongantach ag mnaoi an Chaiptín
Mhongaigh. Bhí sí árd agus cosa caola fada fuithe, agus
nach í bhí i n-ann na coisméaga thabhairt! Is minic dubhairt
m'athair liom go mbíodh buachaillí an bhaile ag tomhais
luirg a cos sa mbóthar fhliuch, agus ní raibh aon duine
ortha, acht é féin amháin, a bhí i n-ann truslóg a thabhairt
chomh fada le coismeag leithi-se! Shiltheá uirthi agus í
ag siubhal, go raibh báisdeach mhór air agus go raibh
socraighthe aici bheith ar an bhfosga sul a dtiocfadh sé.



Bhí an mhaidin seo roinnt fuar. Rinne sé sioc san
oidhche, agus bhí fuacht maith san aer. An lámh a bhí i
ngreim san gcísde mhine choirce ag Séan Óg, ag an
mBúrla, bhí sí ar dhath pluma mhaith mhór aipidh. An lámh
eile leis a bhí i ngreim i mbeinn de shean-dolman dubh-
uaithne a mháthar, ní raibh sí chomh dona acht is beag nach
raibh. Bhí air deich gcoisméag a thabhairt i n-aghaidh gach
coisméige leithe-se, agus choinnigh sin roinnt teasa ann.
Ag ritheacht i mbárr a anma bhí an Búrla bocht!



Ní raibh an sgéal chomh dona sin, ná a leath, ag Máire
Bháin. Ní raibh ar Mháire acht naoi gcoisméag a thabhairt


L. 6


i n-aghaidh cúig cinn a bheireadh a mháthair. Tuigfear ó'n
méid sin cé'n aois a bhí ag Máire agus cé'n aois a bhí ag
an mBúrla. Tuigfear go soiléir nach raibh Máire thar
seacht mbhliadhna go leith, agus nach raibh an Búrla acht
cúig bliadhna. An créatúir bocht! Agus gan fios aige
fáth a thurais!



Cé'n chaói a mbeadh fhios aige nuair nár osgail a
mháthair a béal ariamh tráth a mbíodh an fuadar seo fúithe.
Bhí a dhá béal dúnta ar a chéile aici ag gabhail soir Bóthar
na Trága dhóibh. Bhí a dhá bhéal greamaighthe ar a chéile
ag dul thar droichead an Chladaigh dhóibh, Siúd treasna
Margadh an Éisg iad, agus suas Sraid na Céibhe, agus
suas An tSráid Árd, agus níor bhain iabh dhóibh go
rabhadar ag Cearnóig na Cathrach, agus dlaoi dá ruadh-
fholt agus dhá bheinn dé'n tseandolman agus ribíní a
boinéid ag imtheacht le gaoith.



Buail clog na Cathrach an deich



Ní raibh puth fágtha san mBúrla nuair chuaidh an triúr
isteach i siópa mhór éadaigh, agus leis an sgéal a dhéanamh
níos seacht measa bhí a chuid aráin caillte aige agus gan
acht dhá ghreim bainte aige as! Cheap an Búrla bocht
nach raibh acht eagcóir sa saoghal maith seo nuair a fuair
sé leadóg faoi'n gcluais nuair a shil sé píosa a sgiobadh
o n-a dhearbhsúir!



"Ba mhian liom," arsa bean an Chaiptín Mhongaigh leis
an mbuachaill siopa, "ba mhian liom na gasúir sin a
fheistiughadh go maith, agus teastuigheann éadaigh uaim
féin mar an gcéadna."



Cheistnigh an bhuachaill siopa í.



"Dhá fheisteas atá uaim do'n ghasúr, agus dhá fheisteas
do'n ghearrchaile, agus dhá fheisteas dom féin, ceann le
haghaidh na dTíortha Reóite Thuaidh agus ceann le haghaidh
na dTíortha Teó Theas."



Thogh sí iad agus d'íoc sí an cúnntas. Bhí sí amuigh
ar an tsráid gan mórán cainnte agus gan mórán
moille. Acht d'iompaigh sí ar a sáil le luas lasrach
agus isteach leithe sa siopa arís.



"Ní chuig an teach chuireas tú na hearraidhe," ar sí


L. 7


leis an mbuachaill siopa, "acht chuig an luing, chuig
luing m'fhir atá sa doc le seachtmhain."



III.



Bhí án Caiptín Mongach n-a shuidhe sóimpe. Bhí sé ag
ithe a phroinne leis féin. Císdí mine coirce, bainne
gabhair agus rum a bhí aige — d'eile?



Bhain an bhean an seandolman dubh-uaithne dhi, agus an
boinéid ribíneach.



"Tá an Cathasach sásta na paisdí a choinneáil go
bhfillimid," ar seisean.



"Nach lághach an fear é!" ar sise, acht níor labhair sí
smid eile.



Bhí a lán le déanamh ag an gCaiptín Mongach ó bhí an
Bhrídeóg (b'in í a long) le himtheacht ar an taoille ar an
trí a chlog; agus ár ndóigh bhí cuimse le déanamh ag a
mnaoi: bhí pacáil le déanamh aice agus bhí uirthe Máire
Bhán agus an Búrla a chur i bhfolach san mBrideóig, i
ngan fhios dá n-athair! An fear dána! Ní ghéillféadh
sé dhi sa méid sin. Ní leigfeadh sé na páisdí leis. Ní
bhíonn an nádúir céadna san athair agus bhíos sa máthair,
acht bhí sise ró-chlisde dhó. Agus ná tógtar uirthe gur
imir sí cleas air, go dtug sí bríb do ghiolla na luinge
iad a chur i bhfolach n-a phluais féin go mbeidís amuigh ar
an muir agus ar an mór-fharraige.



Ar a do a chlog díreach d'fhág bean an Chaiptín
Mhongaigh a teach ar chárr. Ní fhaca tú ariamh acht an
méad málaí mór agus bosgaí trom a bhí ar an gcárr
sin. Tug an bhean bhocht léithe gach ar fhéad sí de thros-
gán an tighe, agus ó bhí an cion sin aici ar an trosgán
féin nárbh iongantach an sud é dá bhfágfadh sí a clann
muirneach n-a diaidh?



Bhí an Caiptin Mongach ar dhroichead na luinge nuair
a shroich sí an dug. Bhí sé fein agus an fhuireann ag
obair ar a ndithcheall, agus ag tabhairt na mionn. Acht
ní ortha a bhi a haire acht ar ghiolla óg na luinge. Nuair
chonnaic seisean í chaoch pé súil uirthe. Tógadh a croidhe.


L. 8


Faoi dheireadh bhíodár ó chontabhairt. Bhíodar thar an
ród agus thar an teach soluis, bhí na seólta móra bána
tógtha agus iad ag imtheacht siar Cuan leathan áluinn
na Gaillimhe faoi chóir mhaith gaoithe. Anoir dtuaidh
bhí an ghaoth agus níorbh fhada dhóibh Ceann clochach na
Bóirne fhágáil n-a ndiaidh ar an mbórd fúithe, agus ní
mór-chuid de'n oidhche bhí caithte go raibh oileáin Árann
fágtha 'na ndiaidh aca agus iad ag imtheacht ó dheas
faoi sheóltaibh breágha bána agus faoi sholas gealaighe
nuaidhe.



Agus sin agaibh a cháirde mar d'fhág an Bhrídeóg caladh
na Gaillimhe Dia hAoine an tríomhadh lá déag de mhí na
Samhna sa mbliain míle, a hocht gcéad, a haon dhéag
agus dhá fhichid.



IV.



Nuair a bhi an uile shórt faoi réir agus faoi eagar ag
an gCaiptín Mongach chuaidh sé a chodladh. Níorbh amhlaidh
dhá mhnaoi Nuair a fuair sise 'na chodladh é, d'eirigh sí
agus suas léithe an staighre beag, agus an oiread
fuadair fúithe agus bhí ar maidin ag dul go dtí siopa
an éadaigh dhi. B'fhada léithe go bhfeicfeadh sí an bheirt
pheata. Ní 'dheárna sí comhnaidhe gur bhain sí pluais ghiolla
na luinge amach. Bhí seisean ann roimpe; bhí, agus a
clann agus iad 'na sámh-chodladh chiúin agus lámha beaga
an Bhúrla timcheall ar mhuinéal a dhearbhshiúra.



Rug sí ar an mBúrla. Rug an giolla ar Mháire Bháin
agus do hiomchruigheadh go cabán an Chaiptín iad agus
cuireadh isteach i leabhaidh bhig iad leó féin. Leig an
Búrla osna as, agus dubhairt "A Mhaim!" acht thuit sé
'na chodladh arís. Cor níor chuir Máire Bhan di. Bhí sí
ró-thuirseach de bharr an lae.



Is annsin a thosaigh an obair. Bhí na málaí móra agus
na bosgaí thug sí leithe le n-osgailt aice. Bhí ag
áit le corughadh agus le maisiughadh aici. B'olc léithe
an bhail a bhí ar an seomra ag a fear; téadracha agus
blocanna agus dorughtha agus gach aon trórt thall 's


L. 9


bhfus. Ní bhíonn aon mhaith le fear i dteach. Bhí sí lán-
chinnte dhe sin, agus marach gur bhronn Dia an bhean air,
is cinnte gur i n-uaimh thalmhan bhead comhnaidhe air 'nós
na mbroc. Acht nach ar a fear a bheadh an t-iongnadh
nuair d'éireóchadh sé! An chaoi bheadh aice ar a árus!
Agus na páisdí le fáiltiughadh roimhe! Agus na císdí
teó mine coirce bheadh ar an mbórd roimhe!



Ceithre phictiúir diadha bhí n-a seómra sa mbaile
ghreamaigh sí d'easnacha na luinge iad le tairgnibh beaga.
Chroch sí buidéal beag uisge coisreagan ós cionn leapthan
a clainne. Dheisigh sí na gréithre ar chlabhra. Sean-árach
donn as a n-óladh a fear an rum a mbíodh an bainne
gabhair tríd, leag sí ar an gclár go cúramach é, Agus
í ag fághail a dóthain fannacht ar a cosaibh le luasgán na
luinge! Acht bhuail sí a dhá béal go docht ar a chéile
agus lean léithe ag obair. Shiltheá go raibh fad ag teacht
'sa sprochal a bhí faoi n-a smig, leis an saothar a bhí
uirthe, agus shíltheá go raibh fad ag teacht sa muineáll
caol sgrogach a bhí uirthe nuair a luasgadh sí ar an urlár
chorrach.



Bhí sí lán-tsásta le n-a cuid oibre gan mórán ama.
Shuidh sí i suidheachan a fir, agus thosaigh sí ag smaoineadh
ar an iongnadh agus ar an aoibhneas bheadh air nuair
d'fheicfeadh sé an áit. Is ar éigin d'aithneóchaidhe é thár
an seomra bhí aca sa mbaile! Agus ar ndóig bheadh an
bheirt aca an-uaigneach ag treabhadh na dtonn mór gan
an Búrla bocht agus Máire Bhán!



V.



Chomh fhaid is bhí an obair seo ar siubhal, bhí Máire Bhán
n-a codladh n-a leabhaidh bhig agus í ag brionglóid Ceap
sí go gcuala sí clogán ghá bhualadh agus b'fhéidir gur
chuala freisin, mar do buaileadh clogán na luinge faoi
dhó ar an noiméad sin. Clogán na sgoile a bhí ann ba
dhóigh léithe. Bheadh sí deireannach. Sí an tSiúir Máire
Aindréis bheadh i gceannas na sgoile, agus ar ndóigh
níorbh iongnadh eagla bheith ar chailín bheag ar bith roimpi


L. 10


siúd! D'eirigh Máire de gheith, agus nuair d'eirigh,
tharraing sí an Búrla amach ar an urlár leithe. Cuir an
ropaire sin snadhm ar a dhá léine sul a ndeachadar a
chodladh.



Chuala a máthair an torann a rinneadh nuair a thui-
teadar ar an urlár, agus thug sí amach iad go bhfeicfidís
a saothar féin.



Níor chuimhnigh an Búrla gur ar bórd luinge a athar a
bhí sé.



"Tá an t-urlár as luasgadh a mhaim," ar seisean is é
ag caoineachán.



"Agus tá daoine ag siubhal ar mhullach a'tighe," ars'
Máire ag baint na sram as a súile.



"Agus tá pian 'mo bholg," ars' an Búrla, agus dath
bán air.



"An mhuir-ghalra a mhich" asa'n mháthair. "Bhéaraidh mé
bhraoinín bainne dhuith; nach cuimhneach leat gur ar bórd
na Brídeóige atámuid?"



B'éigin do'n Bhúrla suidhe, B'éigin do Mháire suidhe
freisin. Fágtar n-a suidhe sa gcúinne iad go n-imthighidh
an muir-ghalra díobh.



Chuala an Caipín Mongach an dá bhuille baineadh as
clogán na luinge D'eirigh sé. Nuair a tháinig se am ach
san aireagal n-a raibh a bhean, ní raibh air acht drár agus
léine ghorm agus caipín dearg oidhche.



D'fhéach sé n-a thimcheall. Chonnaich sé na pictiúir
diadha a bhí crochta as easnachaibh na luinge ag a mhnaoi.



"Dar Chrom!" ar seisean, agus leis an gcaoi ar
dhubhairt sé é bhéarfá an leabhar gur bualadh an tsrón
fhada iolrach a bhí air i n-aghaidh a smige.



Chonnaic sé an cat dubh 'na chodladh i mbosga.



"Dar cnámh droma mo shean-mháthar!" ar seisean,
agus thuit an caipín oidhche dhe leis a iongnadh a bhí air,
agus cheapfá nach raibh aon cheann i gcaipín oidhche ariamh
roimhe a bhí chomh mongach le ceann an Chaiptín.



Chonnaic sé an buidéal uisge coisreagan a bhí crochta
ós cion leapthan na bpáisdí, agus an Paidrín, agus an
ceann sionnaigh bhíodh ós cion an dorais aca sa mbaile.


L. 11


"Dar ciall na seacht suadh ndall báitheadh i ndabhach
fíona fadó!" ar seisean.



Bhí faoi a lán eile a rádh acht chaill sé a urlabhra ar
ar fheiceáil na páisdí dhó.



Bhuail sé faoi ar bhosga. D'fhéach go géar agus go
dúr ar a mhnaoi a bhí ag iarraidh seasamh ar an urlár
corrach agus é ag cinnt uirthe.



"A bhean gan ciall gan réasún," ar seisean, "a
bhean gan meabhair gan maith," ar seisean, acht ós
rud é nár thuig Máire Bhán ná an Búrla brigh a chuid
cainnte ní féidir é sgríobhadh annseo, mar níl aon ughdar
agam-sa leis an sgéal acht iad-san beirt.



Acht bí cinnte dhe nach moladh mór a fuair an bhantracht
ó'n gCaiptín nuair thuig sé cé 'n an cleas d'imir a bhean
air.



"Tá císdi deasa mine coirce agus crúisgín de
bhainne an tsean ghabhair dhuibh agam annseo dhuit," ars'
a bhean go ciúin réidh nuair a bhí a sheacht ndothain
cainnte déanta aige.



Shuidheadar uile chun bídh.



"An rud atá i ndán do dhuine caithfidh sé cur suas
leis," ars' an Caiptín Mongach nuair a bhí roinnt mhaith
de na císdíbh deasa mine coirce ithte aige, "acht caith-
fear an ceann sionnaigh úd a theilgean amach sa bhfairrge
sul fheicfeas aon duine de na mairnéalaighibh é. Ceann
sionnaigh i gcabán caiptín luinge!"



Rinne sé gáire. B'forus d'aithint air gur thaithnigh na
císdí mine coirce leis, agus bhí áthas an domhain ar a
mhnaoi go bhfuair sé an blas ceart ortha i bhfad ó bhaile.



VI.



Acht cuireadh isteach ortha sul a raibh an béile críoch-
naighthe aca.



Chonnaic Máire Bhán dhá chois mhóra ar an staighre
bheag. Ní raibh bróg ná bútais ortha, acht mura raibh bhí
cnapaí a bhí chomh mór le fataibh ortha, agus ní fhéadthá


L. 12


aon rud a chur i gcomórtas le na cosaibh cnapacha
sin ar dhath 'ná ar chaime, acht fréamhacha sean-chrainn
daraigh.



Tháinig fear na gcos anuas go mall agus a dhruim
leó. B'uathbhásach le Máire Bháin an dá ghlúin a bhí air.
Bhí sí i bhfoisgeacht slaite dhó, agus b'fhacthas di go raibh
na glúine bhí air níos mó ná cloigeann aon duine dá
bhfaca sí ariamh.



Táinig sé anuas cúpla coisméag eile. Bhí brísde
beag bán air nach ndeacha go glúnaibh air. Cheap Máire
Bhán nach ndeacha an brísde geárr sin i bhfoisgeacht troigh
dá ghlúnaibh móra dubha gránda.



Sheas an t-arrachtach ait seo i lathair na cuideachtan.
Rug sé ar dhlaoi dá chas-fholt dubh, agus d'umhluigh go
múinte do'n Chaiptín. B'aisteach leis an gcailín beag
a leithéid bheith ar bórd luinge a hathar.



Bhí léine dhearg air, agus caipín gorm cúinneach ar a
cheann. Acht an crios a bhí faoi n-a lár! Ba mhó agus
ba leithne é ná teanntán capaill. Shíl Máire na sgeana
a bhí ann a comhaireamh, acht theip uirthi. Bhí sgeana fada
ann agus cinn gheárra, sgeana geara agus cinn mhaola,
sgeana manntacha agus cinn a raibh faobhar rásuir ortha.
Agus na sleaghtha iolchumtha bhí air! Comhair an cailín
beag ceithre cinn díobh, acht cár bhfios di nach raibh cúpla
ceann eile ar a chúl, nó b'féidir trí cinn? Bhí pócaí
sa gcrios freisin! B'iongantach le Máire céard a bhí i
bhfolach sna pocaibh sin.



Agus an dá phiostal a bhí aige! Agus an claidheamh
fada leathan a bhí le n-a thaobh! Níor fhéad Máire na
súile bhaint de'n chrios ar feadh i bhfad, acht nuair a bhain,
agus nuair a dhearc sí san éadan air, tháinig uathbhás
uirthi.



Bhí croiméal fada dubh ag tuitim anuas thar a bhéal,
mar crann salligh os cionn srotha. Bí fiar-shúil ann:
cheap Máire gur uirthi féin a bhí sé ag féachaint i dtosach.
Níorbh eadh acht ar an gCaiptín. Bhí sé ar leath-chluais:
acht bhí fáinne 'sa leath-chluais slán a bhí níos mó ná
fáinne cuirfidhe i sróin tairbh. Cheap Maire go mb'e


L. 13


meadhchan an fháinne stróic an chluas eile dhe, agus go
stróicfidhe an chluas slán de freisin leis an aimsir!



Bhí a chraiceann ar aon dhath le cró capaill 'sa bhfogh-
mhar. Bhí sí ag ceapadh go mb'féidir go mb'e an diabhal
féin é i riocht duine. Agus bhí uamhan uirri, nuair thug
a hathair féin Satan air.



Ní iongadh é mar ní raibh fhios aici an uair sin go mbadh
é sin an leasainm bí aca air ar bhórd na luinge.



VII.



Ní dheárna sé féin ná an Caiptín Mongach mórán
moille sa gcabhán go ndeacha an bheirt aca suas an
staighre bheag, agus chuala Máire Bán ag siubhal anonn
's anall os a cionn ar urlár na luinge iad.



Bhí sí ag éisteacht go haireach agus faitchíos an
domhain uirthi, acht níor eirigh leithi acht focal fánach a
chlos uatha. Ní chloiseadh si acht pébrí chainnt a bhíodh ar
siubhal aca ag dul thar dhoras an chabáin dhóibh. Ní ró-
fhada gur thuig sí gurabh é an mairnéalach mór, ar ar thug
a hathair Satan, a bhí ag déanamh an chuid is mó de'n
chainnt agus go raibh a hathair ag iarraidh é shásughadh.
B'eigin di cúpla uair nó trí a méara a sháitheadh isteach
n-a cluasaibh leis na mionnaibh dubha, a bhí ag bruchtaghail
amach as béal an mhairnéalaigh, a choinneál uaithi. Chuala
sí an tSiúr Máire Aindréis a rádh go minic go mba mhór
an peaca mionn a thabháirt: cá'r bhfios di nach mbeadh sí
ag déanamh peaca agus a bheith ag éisteacht leó?



Bhíodar ag doras an chabáin.



"Ceann sionnaigh! Ceann sionnaigh, adeirim! Dar
a bhfuil…"



An mairnéalach a bhí ag cainnt. Sháith sí na méara 'na
cluasaibh.



Níor chuala sí a thuille de'n chainnt ar feadh tamaill.
Ní raibh le clos aici acht torann na gcos os a cionn agus
an t-uisge ag plabadh i n-aghaidh cliatháin na luinge.



An mairnéalach arís —


L. 14


"Bean ruadh agus clann!" as seisean.



"Níl sí ruadh," ars' a hathair.



Sin ar chuala sí.



"Agus an cat! an cat dubh! Dar…" arsa an
mairnéalach agus iad ag an doras an ceathramhadh uaire.



"Agus cá bhfios dúinn nach bhfuil "pram" aca le aér
tabhairt do na páisdibh ar urlár na luinge!" ars' an
mairnéalach go fonóideach.



Tháinig fearg ar an gCaiptín, agus chuir sé an ruaig
r an mairnéalach mór ar Shatan an creasa iongantaigh.



Nuair a tháinig an Caiptín anuas an staighre bheag
thosaigh sé ag comhrádh le n-a mhnaoi, acht bhí Máire Bhán
sáthach sean le tuigsint nár innis sé aon cheó dhi faoi 'n
mairnéalach mór agus a chuid cainnte.



Dá n-innseóchadh is cinnte go mbeadh aithméala uirthi
go dtug sí a clann dílis léithe ar an turas ba chonta-
bhairtigh dá dtug a fear ariamh. Níor thuig neach díob,
acht an Caiptín Mongach amháin, go raibh an fhuireann
bitheamhnach bradach, agus an dream cneamhaire calma
ba mheasa dár sheól fairrge ariamh ar bórd aca, agus go
mb'é Satan an chreasa iongantaigh bheadh i n-ann iad a
ghríosadh le achrann agus toirmeasg a chur ar bun. Thuig
sé nach mbeadh uaidh acht an leithsgéal. Agus bhí an leith-
sgéal aige: ní bheadh air acht a rádh leis an bhfuirinn
aineólaigh go raib ceann sionnaigh agus cat dubh agus
bean ruadh ar bórd aca agus bheadh droch-obair ann.
Ní bheadh air a chur i gcuimhne dhóibh gur fhágadar caladh ar
an Aoine, ar an 13adh lá de mhí na Samhna!



Acht dá chorruighthe dá raibh an cailín beag cheap sí go
mba mhór an gar gur thuit a chodladh ar an mBúrla agus
nach bhfaca sé mairnéalach mór an chreasa.



VIII.



Bhí imnidhe mhór ar an gCaiptín Mongach. Thiubhrad an
té ba dhaille sa saoghal faoi deara go raibh. Bhí uisge-
faoi-thalamh dá dhéanamh ag Satan, agus nuair d'ordui-
gheadh sé féin do mhairnéalach a leithéid séo nó a leithéid


L. 15


siúd a dhéanamh, ní dhéanfaidhe é acht go doicheallach
Labhair sé leis an gcéad-mháta, agus leis an siúinéara,
agus le giolla na luinge, mar bhí sé cinnte nach mbeadh
fear eile ar bórd na luinge dílis dhó dá dtosnóchaidhe
ar throid a dhéanamh. An méid airm teine agus faobhair
a bhí aige, roinn sé ar an triúr sin iad. Choinnigh sé féin
dhá phiostal agus sean-ghuna nach raibh mórán maitheasa
leis, agus thug sé piostal dá mhnaoi le troid a dhéanamh
freisin.



Ar dhroichead na luinge is mó chaitheadh sé an aimsir.
D'fheicfidhe annsin é d'oidhche agus de ló. Thagadh a
bhean chuige ó am go ham, agus beireadh sí biadh dhó.
Thagadh an máta agus sgéala na luinge aige. Ag dul i
ndonacht a bhí an fhuireann. Bhí an Caiptín Mongach
cinnte go n-ionnsóchaidís é féin agus an máta dá
gceapfaidís go n-eireóchadh leo.



Bhíodh sé annsudh ar an droichead agus an rotha stiúrtha
i ngreim aige, agus súil aige go bhfeicfeadh sé long
éigin ar a chúrsa.



Bhíodar na mílte mílte ó Éirinn faoi 'n am seo: agus
iad ag gluaiseacht ó dheas faoi reacht seóil. Tagadh
Máre Bhán chuige ar an droichead go minic, agus dá
chráidhte dá raib sé chuireadh sé 'n-a suidhe ar bhosga le
n-a thaobh í, agus bhíodh ag cainnt léithi go bladarach.
Níor cheap sí ariamh go bhféadfadh athair bheith chomh lághach
cineálta sin. Níor cheap sí ariamh go bhféadfadh athair
bheith n-a sgéalaidhe chomh maith sin. Do hinsigheadh sé
sgéalta sidhe dhi do sháruigh na sgéalta bhí aca sna leabh-
raibh sgoile. Acht nuair a thagadh an máta, agus nuair
a bhíodh cómhradh aca le chéile ní innseóchadh sé a thuilleadh
sgéalta dhi, agus do thagadh gruaim air agus cuireadh sé
iallach uirthi imtheacht.



Annsin do thiocadh cnapa móra ar mhalaibh an Chaiptín,
agus is beag nach mbuailfidhe a smig agus a shrón fhada
i n-aghaidh a chéile.



An tríomhadh lá déag ar fhichid thar éis Dug na Gaillimhe
fágail dóibh, chiúinigh an ghaoth. Thuit na seólta breagha
bána leis na crannaibh. Ní raibh smeathamh as aér. Bhí


L. 16


an fhairrge n-a dtimcheall agus í chomh mín comh tram le
clár ádhmaid. An t-éan mara bheadh ag eiteall sa spéir
d'fheicfidhe a sgáil síos uait sa bhfairrge. Ní raibh néal
sa spéir acht an ghrian mhór bhuidhe ag spalladh anuas ortha
ó mhoch na maidne go faoidhean…



D'imthigh seachthmhain D'eirigheadh an ghrian. Bhíodh sí
ag sgoilteadh na gclár ortha i rith an lae. Théigheadh sí
faoi. Thagadh na réaltóga amach agus d'fheicfidhe ag
lonnradh agus ag damhsa i ndoimhneacht na fairrge ciúine
iad. Cheapthá nach mbeadh ort acht lámh a sháith amach uait
san uisge, agus go bhféadthá breith ar chéad díbh. Acht
i gcaitheamh na seachtmhaine níor facthas néal sa spéir
agus níor mothuigheadh puth gaoithe ó aon áird…



Bhí na seólta breágha bána n-a gcirteachaibh timcheall
ar na crannaibh Tháinig éan mór lá, agus thuirling sé
ar chúinne de'n tseól mór tosaigh. Chuaidh a dhá chois
thríd bhí sé chomh lobhtha sin. Agus na sgoilteacha bhí le
feiceál i n-ádhmuid na luinge! Nuair a caithtí soitheach
de'n sáíle ortha, i gceann cúig noiméad bheadh sé triom-
aighthe agus brat bhán salainn fágtha 'n-a dhiaidh.



Thosaigh an biadh ag eirghe gann. An fíoruisge bhi aca
bhí sé beagnach caithte. B'éigin do'n Chaiptín gan acht
pionta an duine a roinnt ar na fearaibh gach lá. Marach
an drúcht a bhíodh ann san oidhche, do caillfidhe iad leis
an tart. Gach maidin d'fheicfidhe na fir ghá dhiúl is ghá
lapáil suas le n-a teangaibh bána tirme.



An dara lá deag is dhá fhichid thar éis bheith ar muir
dhóibh, do thacht Satan an cat dubh agus d'ól a chuid fola



Mara dtiocfadh múr baisdighe, nó mara gcasfaidhe
soitheach gaile éigin leó ní bhéadh i ndán dóibh uile acht
an bás.



An lá ar mharbh Satan an cat dubh thug an Caiptin
Mongach faoi deara cúpla slam d'fheamainn ghlais ag
snámh ar an bhfairrge, Rinne sé comhartha na croise ar
a éadan. Bhí fhios aige go raibh an Bhrídeóg ag dul le
sruth, agus nach ró-fhada an t-achar go mbeidís istigh i
lár na mara ar a dtugtar an Saragósach, agus go
mbeadh sé chomh maith dóibh bheith ag iarraidh long a sheóladh


L. 17


i moinfhear 's bheith ag iarraidh í sheóladh ar an muir sin
leis an méad feamainne bhí ann.



Seachtmhain dhóibh ar an muir sin. Cheapadh duine gur
i lár páirce bheadh sé, bhí an fhairrge chomh glas sin. I
gceann na seachtmhaine bhain mairnéalach an tsrón de'n
chócaire le deoch dá chuid fola d'fhagháil, agus d'imthig
leis ar fud na luinge n-a gheilt.



Acht bhí an Bhrideóg ag dul le sruth ar feadh an achair,
agus an t-ochtmhadh lá déag agus dá fhichid dóibh ar mhuir
d'fhágadar an Saragosach n-a ndiaidh.



IX.



Má d'fhágadar an Saragósach féin ba bheag an baoghal
dóibh bheith ó chontabhairt go fóill. Bhíodar ar bheagán
bidh agus ar ghann-chuid uisge; bhí ádhmuid na luinge
sgoilte le teas mór na gréine ionnós go mb'éigin dóíbh
bheith ag caidéal ó dhubh go dubh. Agus le bárr ar an
anró, bhí Satan agus a chomhlucht ag faire agus ag fana-
mhaint go bhfuighidís faill ar an gcaiptín agur ar a
mhuinntir. Séard a bhí uatha a marbhughadh agus an long
bheith faoi n-a riar féin aca.



Bhíodar uile ar ghann-chuid uisge mar dubhradh, acht ní
bhíodh Máire Bhán agus an Búrla gan fliuchadh béil: na
tógtar ar a máthair gur chuir sí ceigín beag i dtaisge
dhóibh sa gcabán.



Dhúisigh Máire Bhán as a codladh oidhche. A dhul i
gcuideachtain a hathar a bhí ag an rotha stiúrtha, sin é bhí
uaithe; acht ar eagla go gcuirfeadh a máthair cosg léithe,
ní suas an staighre beag chuaidh sí acht leig sí síos trí
poll mór í féin, go raibh sí shíos i dtóin na luinge.
Chuaidh sí thríd an bpoll sin cúpla uair cheana, acht go
raibh an lá ann. Ní raibh léas soluis le feiceál aice i
mbroinn na luinge, agus ghabh uamhan í. Cháith sí uair
a chluig, nó ós a chionn, ag láimhseáil timcheall ag iarraidh
an bealach a dhéanamh sa bpoll dubh dorcha. Annsin bhris
a gol uirthi. Bhí sí cinnte go bhfaigheadh sí bás gan cabhair


L. 18


gan congnamh san uachais ghránda sin. Bhí drochbhaladh
ann ó'n mbodhar-uisge bréan a bhí bailighthe i dtóin an
bháid, agus is ar éigin nár bhain an boladh sin a céadfaidh
dhi.



Bhí sí tamall maith ag gol nuair mhothuigh sí rud beó i
n-aice léithe. Bhí an t-ainmhidhe seo, ma's ainmhidhe bhí
ann, ag srónacht timcheall uirthi 'gur bualadh a ghob le
n-a leicinn. Luch franncach a bhí ann agus é go halpach.
D'eirigh leithe an ruaig a chur air acht mhothuigh sí go raibh
na céadta eile aca n-a gar. Chonnaic sí dhá chéad súil
i bhfoisgeacht slaite dhi Ba chosamhla le réaltaibh beaga
dearga bheadh ag soillsiughadh i spéir dhuibh iad, ná le
súilibh.



Bhí iongnadh a hanma uirthi, agus ní iongnadh ar bith é,
acht níor thosuigh sí ag caoineachán ná ag gol. Dá
dtosnuigheadh is cinnte go n-ionnsuigheadh na hainmhidhthe
fíochmhara ocracha seo í. Níl fhios céard a chuir 'n-a
ceann é, acht séard a rinne sí amrán bog cronánach a
ghabhail.



Cineál suantraighe bhí 'san amhrán a bhí aice, agus bhí á
dhá súil dúnta aice agus í ghá ghabhail; nuair d'osgail sí
na súile arís, ní raibh na réaltóga beaga dearga le
feiceál aice, agus ní bhfuair sí amach ariamh an é an chaoi
gur chuir an ceól bog eagla mhór ar na luchaibh, nó ar
chuir an binneas neamhghnathach codladh trom ortha.



Ar aon chuma, ní dheárna sí mórán moille san áit ar
casadh léithe iad acht siúd léithe ar aghaidh arís.



Faoi dheireadh, chonnaic sí na réalta ós a cionn.
Chonnaic sí mar bheadh ballaí dubha dorcha timcheall uirthe.
Rinne sí ar cheann de na ballaibh seo. Tráthmhail go
leór bhí téad cnáibe ag sileadh leis an mballa, agus ó
bhí aiclidheacht cos agus lám aice — go deimhin ba bheag
nach raibh sí chomh sgofánta le buachaill óg — d'eirigh leithe
strapadóireacht a dhéanamh, agus leithead a dhá bonn
fhagháil ar urlár meadhonach na luinge le duadh mór.



B'éigin di siubhal go réidh agus go cúramach nuair
bhain sí an t-urlár seo amach, mar ní raibh aon solus ann
agus ní raibh fhios aici cá sáthfadh sí a cos. Bhí téadracha,


L. 19


blocanna, sean-iarann, soithigh, cleithí agus gach aon
tsórd oirnéis caithte thall is i bhfus, agus is iomdha
trisleóg agus tuairt baineadh aiste go bhfaca sí léas
beag soluis ag deallramh thrí shiúntachaibh na gclár ar a
haghaidh amach.



Chuala sí torann freisin. Glórtha fear — sin é chuala
sí; agus bhí na glórtha seo i ngoireacht ceithre slat di.
Ag ceann na luinge bhí sí, i n-aíce le pluais chodalta
na mairnéalach. Ghlac mór-eagla í; b'fheárr léithe na
luich féin ghá halpadh na bheith i ngreim ag Satan agus a
chuideachta.



Bhíodar ag cainnt go hárd agus fearg i nglór cuid
díobh; chuir sí súil le siúnta go bhfeiceadh sí céard a bhí
ar siubhal, agus annsin do leath an radharc uirthe.



X.



Ní raibh i n-Árus codalta na mairnéalach acht fíor
dhroch sholus ó lampa bheagh a bhí crochta ó shail, acht ba
dhall an duine nach dtuigfeadh cé'n droch-obair a bhí ar
siubhal ag an gcúigear fear a bhí istigh.



Bhí Satan ann go n-a chosaibh cnapacha, go n-a chroiméal
trom sguabach, go n-a fhiar-shúil, go n-a chraiceann a bhí
ar dhath chró capall sa bhfóghmhar. Bhí an brísde beag
bán air, agus an léine dhearg agus an fáinne ait ag
baint na leath-chluaise dhe le n-a mheadhchan mhór! Agus
ar ndoigh níor dhearmad sé an chrios iongantach!



Bhí bitheamhnach eile le n-a ais. Bel an t-ainm bhi acá
ar an mboc seo. Bhí seisean n-a shuidhe ós íseal, ar a
gogaide ar nós táilliúra, agus gan falach air acht drár
beag giobach. Bhí mór-chuid de'n chainnt dá dhéanamh
aige-sean, acht ba mhó go mór an tsuim chuirtheá sna
pictiúiribh bhí sgríobhtha ar a chraiceann bhuidhe ná 'n a
bhriathraibh beóil. Ní raibh ordlach dá chabail, ó mhuineal
go básta, nach raibh píctiúr éigin geárrtha isteach ann le
snáthaid. Bhí pictiúir crainn mhóir failme ar a dhruim,
agus éanlaith de gach uile dhath, agus de gach uile cineál,


L. 20


agh néadughadh i ngéagaibh caola slíme an chrainn sin.
Bhí pearóid ann, agus na seacht ndath a moltar sna
seanleabhraibh Síneacha ar a chlúmh. Bhí fear a raibh
culaith mairnéalaigh air 'n-a shuidhe faoi bhun an chrainn,
agus bean óg a raibh folt uirthi chomh trom agus chomh
dualach le aon fholt dár facthas ariamh n-a suidhe le n-a
chois, agus greim láimhe aici air. B'foras d'aithint uirthi
go raibh muinghín mhór aice as! Acht an natharnimhe mór
cealgach bhí ar a gcúl agus é ag teacht ortha i ngan
fhios! Bheadh fonn ort béich a leigint asat dhá bhfeictheá
é agus an dealg nimhe ag teacht amach as a bhéal!



Bhí triúr fear eile ann, acht ó bhíodar n-a suidhe ar thrí
bharaille i ndorchadas na pluaise, ní féidir a rádh 'n-a
dtaobh acht go raibh a súile ag lonnradh ar nós sméaróid
a shéidfidhe i n-uaimh dhorcha, agus go mba chosamhail a
nglór leis an torann ghnithfeadh uisge i soitheach leath-
fholamh dá gcraithtí é. 'Deirtheá go mba mhór an strómh,
agur go mba mhillteach an saothar ortha aon chainnt a
dhéanamh agus a laghad di is bhí ar síubhal aca; acht nuair
labhradar, labhradar i n-aonfheacht agus bhíodar triúr ar
aon fhocal agus ar aon smaoineadh.



D'eirigh Satan agus labhair sé leis an gcuideachtain
shéimh seo.



"A bhráithre ionmhuine, a cháirde cléibh," ar seisean,
"is fada sinn ag súil leis an oidhche seo," ar seisean.



"Fíor dhuit! Fíor dhuit! ars' an triúr i n-éinfheacht.



"Tá bhreith báis tughtha againn ar an gCaiptín
Mongach," arsa Satan, "agus tá caoi againn leis an
mbreith sin a chur i bhfeidhm. Ar maidin ar eirighe gréine
siubhalfaidh sé an clár…"



"Siubhalfaidh sé an clár," ars an triúr i n-éinfeacht.



"Siubhalfaidh sé an clár agus béidh a sheanchabhail lom
ghránda 'ghá ithe ag míoltaibh alpacha na mara móire,"
arsa Satan.



"Beirtear air! Beirtear air go beó!" ars' an
triúr i n-éinfeacht.



"Foighid a bhráithre ocracha!" arsa Satan. "Caithfear
an obair a dhéanamh go ceart agus go dlistineach."


L. 21


Rug sé ar bhlúire cailce agus thosaigh ag sgríobhadh ar
an mbórd léithe.



"Níl de chongnamh againn acht naonbhar," ar seisean,
"acht tá an uile dhuine do'n naonbhar sin i n-ann troid
a dhéanamh má bhíonn gábhadh leis. Tá an máta n-a chod-
ladh. Bheirtear air gan a dhúiseacht, agus cuirtear
ceangal na gcúig gcaol air. Tá an Caiptín ar an
droichead — ní obair mhór oraibh-se, a cháirde, theacht air i
ngan fhios agus na heangaca teanna cnáibe sin a
chaitheamh anuas air ionnós nach mbéidh ann corrughadh:
nach féidir libh sin a dhéanamh a cháirde, a bhráithre
dhílse?"



"Is féidir! is féidir," ars' an triúr i n-éinfheacht.



"Téidheadh tusa, a Bhel, go cabán an Chaiptín," arsa
Satan, "agus téidheadh an cócaire agus beireadh sé ar
an mnaoi ruaidh sin is siocair le n-ar fhulaingeamar, an
bhean is siocair le sróin bhreágh an chócaire a chailleadh
agus beirtear ar a hál freisin, agus annsin…
acht ní gábhadh dhom innseacht do Bhel céard is ceart a
dhéanamh. Tá sean-thaithighe aige-sean ar a chéird. Agus
ní call dúinn, innseacht do'n chócaire goidé an cineál
ainbhruithe is feárr linn…"



Rnneadar uile gáiridh.



D'eirigh an cócaire a chaill a shrón. "Srónta fada
cama agus srónta geárra díreacha, srónta boga milse
agus srónta cruadha cnámhacha…"



D'eirigh Bel. Dho nocht sé na fiacla fada fuara.
Tháinig dúil fola n-a dhá shúil. Bhí a theanga fhada
chalactha ag sileadh leis ar nós gadhair a mbeadh anaithe air.



"Gheobhaidh mé greim fiacal ar a caolsgróg, slugfad
a bhfuil d'fheoil ar a cnamhaibh…"



Bhí faoi a lán eile a rádh acht chuir dhá rud cosg leis.
An tart mór a bhí ghá mharbhadh, agus Satan, chuir iallach
air stopadh.



"Ná déantar a leithéid," arsa Satan go hughdarásach.
"Déantar an obair go ceart. Déantar í go dlistineach,
nó ní bhéidh an t-ádh orainn."



Thainig triúr eile isteach ar an nóiméad seo.


L. 22


"Tá gach nidh faoi réir againn," arsa Satan, "níl
orm anois acht gléas troda a roinnt oraibh ar eagla go
mbeadh gábhadh leis. Acht ná bíodh aon troid ann má's
féidir é."



Annsin thug sé dhá phiostal do gach uile fhear a bhí sa
láthair. Rinne sé naoi roinnt do'n phúdar agus do'n
ghrán. Bhain sé na sgeana as an gcsios mhór a bhí faoi 'n-a
chom, agus leag sé ar an mbórd iad go dtoghadh gach
duine ceann le n-aghaidh féin.



Rinneadh amhlaidh.



Chuaidh Satan ar a ghlúnaibh. Chuaidh an uile fhear dá
raibh ann ar a ghlúnaibh, agus sgian i n-áirde ag gach fear
díobh.



"Dar sliabh agus dar fairrge," arsa Satan de ghuth
árd,



"Dar sliabh agus dar fairrge," ars' an chuideachta
d'aon ghuth.



"Dar réalta na spéire agus dar míolta na talmhan
dar na máithreacha thug ar an saoghal sinn agus dar na
haithreacha ghein sinn, dar a bhfuil ar an talamh, agus
faoi'n talamh agus ós cionn na talmhan, dar an Dia a
chruthaigh a bhfuil luaidhte agam, is mian linn an obair
bheannaighthe seo ghlacamar idir lámhaibh a dhéanamh chomh
maith 's is féidir linn."



Thug an chuideachta an mhionn sin go dúthrachtach.



Shil Máire Bhán imtheacht léithe, agus innseacht dá
hathair gach a bhfaca sí, agus gach ar chuala sí, acht sul a
raibh sé d'uain aice cos a chorrughadh tháinig duine éigin
taobh thiar dhi, agus níor chuimhnigh sí ar a thuilleadh go
raibh sí féin agus a muinntir ar urlár uachtarach na
luinge agus iad ceangailte le téadrachaibh roighne
cnáibe.



XI.



Ní bréag a rádh go raibh obair dhiabhalta ar siubhal aca
ar urlár uachtarach na Brídeóige ar maidin le eirghe na
gréine.


L. 23


D'eirigh leis na beitheamhnaighibh, an buadh fhághail ar an
gCaiptín Mongach agus ar a mhuinntir, agus bhí an fear
bocht agus a chúram, agus an méid do'n fhuirinn nár
thréig é, gabhtha ag Satan agus ag a chomhluchth. Bhí
slabhraí troma iarainn ar chaolaibh an Chaiptín, agus
eangach trom teann cnáibe 'n-a thimcheall.



Bhí socraighthe ag lucht an eirghe-amach an Caiptín a
chur chun báis, acht cheapadar cineál cúirte bheith aca air
i dtosach le greann a bhaint as.



'Sé Satan bhí i gceannas na cúirte seo. Bhí sé n-a
shuidhe ar bharaille árd, agus é gléasta ar nós breithimh.
Bhí clóca mór dearg a raibh clúmh bán bhéithir ar a imeal-
laibh 'n-a thimcheall. Ba le bean an Chaiptín an clóca
sin — b'é an ceann é bhronn an Caiptín uirthi an lá ar
phósadar — agus ba mhór a chuir sé as do'n mhnaoi bhoicht é
bheith timcheall ar bheitheamhnach dhá shórt. Bhí folt fada
bréagach ar a cheann agus spéacláirí ar a shróin: ní
aithneóchthá thar breitheamh ceart é, marach na cosa cama
cnapacha bhí le feiceál faoi íochtar an chlóca agus an nós
aisteach bhí aige le smugairle a chasadh n-a bhéal agus a
shacadh amach le bárr na teangan, thrí mhannt bhí n-a
dhrad.



Bhí an fhuireann uile go léir idir deágh-dhaoine agus
droch-dhaoine 'n-a láthair.



"Beitheamhnach é seo atá ós do chomhoir a bhreithimh,"
arsa Bel ar eirghe n-a sheasamh dhó.



"Beitheamhnach críochnaighthe," ars' an triúr a labhair i
n-éinfheacht i gcomhnaidhe.



"Caithfear cruthughadh do'n bhreitheamh agus do'n choisde
gur beitheamhnach é," arsa Satan go hughdarásach.
"Britheamh cóir mise," ar sé, "agus caithfidh sibh bhur
bhfianuidhthe thabhairt ós mo chomhair agus an choir atá
déanta aige a chruthughadh de réir nósa dlighe."



"Déanfar é," arsa Bel.



Thosaigh sé ag cur gothadh cainnte ar féin. Bhí an uile
dhuine n-a thost. Dá dtuitfeadh cnaipe ó bhrísde dhuine
do chloisfidhe é. Bhí an ghrian mhór bhuidhe ag eirghe aníos
as an bhfairrge agus ga hórdhadh go hiongantach áluinn.


L. 24


Ní raibh aon nidh beó le feiceál ó'n luing siabhrach seo,
acht an fhairrge n-a mhachaire leathan órdha n-a timcheall,
an spéir chomh gorm le haon gorm dár facthas ariamh,
acht amháin san áird a raibh an ghrian óg ghá hordhadh, an
Bhrídeóg agus na seólta a lobhadh ar a crannaibh, a cuid
ádhmuid a dul ó chéile, agus í chomh seasmhach i lár na
fairrge ciúine doimhne seo le carraig mhóir.



"Cuirfead i gcéill duit-se a bhreithimh, agus do'n
choisde onórach atá ag cabhrughadh leat sa gcuis, gur
cuirpeach an príosúnach atá 'n-ár láthair agus go bhfuil
an bás tuillte aige," arsa Bel. "Ar an gcéad fháisg,"
ar seisean, "thug sé bean ruadh leis ar bord na luinge:
an bhféadfadh an t-ádh bheith orainn agus bean ruadh ar
bord againn?"



"Ní fhéadfadh! Ní fhéadfadh!" ar siad uile go léir
d'aon ghuth.



"A ropaire an tsaoghail," arsa bean an Chaiptín agus
cochall uirthi, "má thugann tú bean ruadh ormsa…"



Cuireadh cosg léithe.



"Thug sé bean ruadh leis ar bord na luinge," arsa
Bel, "acht ní raibh a dhóthain annsin gan ceann sionnaigh
chur i n-áirde ós cionn dorais an chabáin: an bhféadfadh
an t ádh bheith orainn agus ceann sionnaigh bheith ar bord
againn?"



"Ní fhéadfadh! Ní fhéadfadh," ar siadh uile d'aon
ghuth.



"Agus an cat dubh!" arsa Bel, "cá bhfuil an fear
ar dhruim bóchna indiu nár chuala sgéalta fíora faoi
longaibh nár shroich chaladh ariamh mar gheall ar cat dubh
bheith ar bord? Nach bhfuil fhios ag an saoghal cé'n
dlúthbhaint atá ag an aicme sin le Fear na Ribhe? An
bhféadfadh an t-ádh bheith orainn agus a leithéid d'ainmhidhe
bheith ar bord againn?"



"Ní fhéadfadh! Ní fhéadfadh!" ar siad uile d'aon
ghuth.



"A bhreithimh choir," arsa Bel, "ní call dom chur i
gcuimhne dhuit-se cé na pianta d'fhulaingeamar toisg
caiptín dá shórt bheith againn: ní call dom a chur i


L. 25


gcuimhne dhuit cé'n tart uathbhásach atá orainn le fada
de laethibh: ní call dom a chur i gcuimhne dhuit cé'n
t-ocras atá orainn…"



Tháinig diúil fola agus feóla i súilibh furmhor na
cuideachtan. Thug an breitheamh faoi deara go raibh an
triúr a labhair i gcomhnaidhe i n-éinfheacht ag féachaint go
sanntach ar a chosa cama fhéin, agus tharraing sé isteach
faoi'n gclóca dearg iad go tapaidh.



"Ní call dom-sa a chur i gcuimhne duit cé'n t-ocras
millteach atá ag gabhail dúinn, agus sé an fear sin is
siocair leis," arsa Bel.



Bhí fonn ar chuid aca an caiptín alpadh n-a bheatha.



"Ní fear cainnte mé," arsa Bel, "acht nochtóchad a
choire móra i n-ath-uair dhuit, a bhreithimh:



An bhean ruadh;



An ceann sionnagh;



An cat dubh;



Agus le bárr ar an gcleas chuir sé iallach orainn
caladh breágh na Gaillmhe fhágáil ar an Aoine agus ar an
13adh lá de'n mhí…"



D'eirigh an cócaire a chaill a shrón de gheit.



"An Aoine! An Aoine! Feóil! Gan feóil! Baineadh
an tsrón dhíom-sa ar an Aoine! Tháinig sé orm a ngan
fhios, a chomhluadair, agus sháit sé na fiacla fada dubha
isteach im' chuid feóla…"



Chuir an breitheamh cosg leis an gcócaire. B'olc leis
bheith ag féachaint air agus ag cuimhneadh ar an gcaoi
chaill sé féin a leath-chluas!



Thosaigh Bel arís.



"Iarraim ort i n-ainm fuirne na Brídeóige a
bhreithimh," ar se, "breith báis thabhairt ar an bhfear atá
ós do chomhair. Mara dtiubhraidh, a bhreithim, fágaim le
huadhacht é nach gcaithfidh mé smugairle as mo bhéal arís
choidhche."



Bhuail sé faoi ar an úrlár. Chaith sé smugairle uaidh
faoi dhó, agus annsin sháith sé píosa mór tobac n-a bhéal
agus thosaigh sé ghá chogaint,



D'eirig Satan n-a sheasamh.


L. 26


"Bhfuil aon nidh le rádh ag an bpríosúnach sul a
bhéarfaidh mé breith an bháis air?" ar seisean.



Níor labhair an Caiptín Munar labhair, shíl a bhean.
Labhairt ar a shon, acht níor tugadh cead cainnte dhi.



"Mara bhfuil aon cheó le radh aige," arsa Satan,
"bhéarfad mo bhreith."



Chuir sé caipín dubh ar a cheann. D'fháisg sé an crios
iongantach a bhí faoi n-a chom. Chaith sé cúpla smugairle
uaidh ar a shean-nós féin, agus d'fhéach go dúr ar an
gCaiptín. Níor thuig an Búrla bocht cé'n fhéachaint ait
bhaineas le fiarshúil, agus cheap sé gur air féin bhí sé ag
féachaint agus thosaigh sé ag sgreadghail.



"Mara bhfuil aon cheó le rádh aige," arsa Satan,
"siubhladh sé an clár i gceann ceathramhadh uaire"



"Siubhladh sé an clár! Siubhladh sé an clár! Tá an
bás sin tuillte aige," ar siad uile go léir d'aon ghuth.



Chuaidh an Caiptín ar a ghlúnaibh agus dubhairt sé cúpla
paidir ós íseal. D'eirigh sé agus d'fhág slán agus
beannacht ag a mhnaoi agus ag a chlainn. Sacadh amach
clár an bháis ós cionn na fairrge. D'eirigh leis dhul i
n-áirde air gan cabhair gan congnamh má bhí slabhraí
troma féin air. Agus do shiubhail go deas réidh go raibh
ghá cheann beagnach. Annsin caitheadh suas san aér é,
agus síos leis go tóin puill na fairrge.



Ní raibh a rian le feiceál i gceann dhá noiméid acht na
súilíníbh bhí ag eirghe aníos go barr an uisge…



XII.



Is annsin d'eirigh bean an Chaiptín n-a ceartsheasamh i
láthair na cuideachtan. Thug sí trí léim ar urlár na
luinge, agus an ceathramhadh léim bheadh sí thar bord agus
i n-aon uaigh leis an bhfear a ghrádhaigh sí, marach go rug
beirt mhairnéalach uirthi.



Nuair nach raibh sé n-a cumas í féin a bháthadh le n-a
fear dubhairt sí an chainnt seo, agus í ag féachaint síos
san bhfairrge dhoimhin mar ar báthadh a céile ionmhuin:



"Ba tú mo laoch, mo chuid, mo chéile; ba tú an curadh


L. 27


calma cródha nár staon ariamh; ba tú m'fhuiseóg le
ceól agus le briathraibh boga binne; ba tú mo chrann
cosanta i ngach contabhairt; ba tú an fear le héisteacht
do b'fheárr bhí ar an saoghal seo ariamh; ní raibh áileacht
ann gur rugadh tú; ní raibh calmacht ann gur tógadh thú;
ní raibh lághacht ann go dtáinig tú ar an saoghal…



"Agus anois atá sé imthighthe uaim; súil ní fhágfad
arís go deó ar a cheann mhaiseach, ar a ghruaidh aoibhinn,
ar a ghuailnibh láidre, ar a éadan shoineanta, ar a bhéal
nár innis bréag ariamh, ar na pusa sin bheireadh póg dhom
go díl agus go díochrach, ar a shróin bhreágh uasail, ar a
smig nach raibh beag…



"Nach truaigh mé indiu gan mo ghaisgidheach, gan mo
sheadaire, gan mo ghiolla uasal, gan an leomhan dás-
achtach a lúbadh fir an domhain mhóir, gan áilleán bréagtha
na bpáisdí, gan curadh meallta na mban, gan an peata
a thógadh an brón de mo chroidhe le blas a phóige…"



Nuair ba bhrónaighe a mháthair thosaigh an Búrla ag gáire
agus ag bualadh bos, mar níor thuig an díleachta bocht
céard a bhí ar siubhal nó céard d'éirigh dá athair. Cheap
sé gur cineál cluiche bhí ar bun aca, agus bhí sé ag baint
grinn mhóir as. Rug sé ar bhinn gúna ar a mhathair, agus
bhíodh ag fiafraigh dhi cá ndeacha a athair i bhfolach uathá,
nó an le breith ar iasg i gcomhair a mbéile chuaidh sé go
tóin puill. Acht ní bhfuair sé fuasgailt na ceiste sin
ó'n mhnaoi chráidhte.



Bhí sí ag moladh a fir go deas fileata nuair chuir
Satan isteach uirthi go sgigeamhail. Annsin thug sí
aghaidh ar an duine sin.



"A mhic an diabhail," ar sise, agus shil sí a cuid
iongan a chur n-a chuid feóla acht cuireadh cosg léithe.



Nuair nár eirigh léithe sin a dhéanamh chuaidh sí ar a dhá
glúin agus rinne sí tairngearacht chuis uathbhás ar fhuirinn
na Brídeóige.



"Chím long dhubh." ar sise agus duthracht n-a glór,
"chím long fhada dhubh ag imtheacht ar bharr na fairrge
gan stiúr gan treóir. An fhuireann atá ar bord na
luinge sin, an méid is beó díobh, táid caithte thall is i


L. 28


bhfus gan ionnta lámh a chorrughadh leis an tart agus
leis an ocras mór atá ortha. Chím fear beag gan srón
n-a sheasamh ar urlár na luinge duibhe agus é ag cainnt
agus ag síor-chainnt ar fheóil mhéith agus ar fhíor-uisge
agus gan greim de'n fheóil ná braon de'n uisge i ndán
dó, chím é ag fághail bháis leis an tart agus ag iarraidh
é féin a chaitheamh isteach sa bhfairrge acht nach bhféadann
sé mar gheall ar na slabhraí móra atá ghá cheangal de
chrann tosaigh na luinge… féach é! féach é agus a
theanga thirm chalca ag sileadh leis, agus é ag iarraidh
ar Dhia fóirthín air. Acht níl fóirthin i ndán dhó…"



D'fhéach sí ar an gcócaire chiall a shrón. Staon
reisean. Thosaigh sé ag déanamh comhartha na Croise ar
a éadan. Cheap an fhuireann go raibh sé ar buile.



Lean an bhean do'n chainnt.



"Chím fear árd géagach atá ar leath-chluais ar crochadh
as ná maidíbh treasna," ar sise; "leis an gcrot atá ar is
soiléir go bhfuil sé ar crochadh ann le achar fada, mar
níl sgioltar feóla air nach bhfuil pioctha ag éanlaith
amplacha na mara. Chím a easnacha loma, chím realtóga
na spéire duibhe ag lonnradh thríd an gcabhail ghránda
sin…"



"Buailtear sa cheann í" arsa Satan, mar bhí fhios aige
gur dhó fhéin bhí sí ag tagairt.



Bualadh. Níor cluineadh a thuilleadh cainnte uaithi.
Acht chuir a cuid cainnte uamhan ar na mairnéalaighibh,
agus dubhairt duine aca le duine eile go mbeadh
easnacha an fhir áird luim sin a bhí ar leath-chluais ag dul
idir é agus codladh na hoidhche go lá a bháis.



"Nach uathbhásach an rud," arsa duine, "réaltóga na
spéire fheiceál ag lonnradh thrí t'easnacha loma!"



"Agus éanlaith ocracha alpacha dod' phiocadh!" arsa
duine eile.



XIII.



Is cinnte go gcuirfidís an bhean agus an chlann óg
chun báis freisin marach go gcualadar an fear faire a
bhí i n-áirde sa gcrannóig ag glaodhach i n-árd a ghotha:


L. 29


"Long! Long! Chím long ag bun na spéire thoir!"



Baineadh na fadradharcáin amach agus thosuigheadar
ag sgrúdughadh na spéire go géar. Chonnacadar rud beag
dubh ag bun na spéire, acht níor fhéadh an tsúil ba ghéire
dhéanamh amach an long nó néal bhí ann. Acht bhíodar
uile lán de dhóchas. Dá mba long ghaile bhí ann bhí leó
Bhí ré an ghorta agus na híotan thart. Agus is beag
fear díbh nach bhfaca i n-aisling, feólta maithe rósta
agus na fíonta fuara meisgeamhla ós a chomhair.



Chuaidh an rud dubh facthas ag bun na spéire i méid.
Bhí earball fada aniar uaidh. Deatach ó'n ngaltán
d'eile?



Ní iongantas é gur ghabhadar buidheachas le Dia d'fhóir
ortha i n-am a ngabhaidh. Ní iongantas é gur réidh-
tigheadar le comhairle an chócaire gan na páisdí chur chun
báis.



"Ná marbhuightear iad," ar seisean. Ná bíodh a gcuid
fola orainn ar seisean. "Tá Dia láidir agus tá Sé
ag bronnadh cabhrach orainn anois féin."



Cluineadh cronán agus gíosgán i mbárr crannseól na
Brídeóige ar an noiméad sin.



"Féach," ars' an cócaire, "tá na seólta uachtaracha
beag nach lán! Ní fada go mbéidh cóir mhaith ghaoithe
againn; ní fada go mbéidh an tsean Bhrídeóg ag cáthadh
fairrge agus ag gearradh sáile go tréan arís. Ná
marbhuightear na páisdí! Ná marbhuightear iad!"



Annsin tháinig smaoineadh chuige.



"Tá an bhean marbh," ar seisean, — ceapadh gur
mharbhuigh an buille sa gceann í — "agus má chuir mid
na páisdí isteach san dá dhabhach úd thall béidh díolta
aca as choirthibh a n-athar, agus ní bhéidh a gcuid fola
orainn. Agus leis an ngaoith atá ag eirghe anois, béidh
na dabhaigh fágtha 'n-ár ndiaidh againn i gceann uaire a
chluig.



Cinneadh air sin.



Cuireadh Máire Bhán isteach i ndabhach mhór. Cuireadh
an Búrla bocht i ndabhach eile. Agus ó bhí an chabhair i
ngar dóibh, méaduigheadh ar an daonnacht bhí n-a gcroidhe


L. 30


agus chuireadar dhá bhuilín aráin agus árthach beag de
bhodhar-uisge i ngach dabhach díobh. Annsin do hísligheadh
na dabhaigh, agus cuireadh ar snámh ar bharr na taoile
iad.



"Má's é an bás atá i ndán dóibh." ars' an cócaire,
"gheibhidís bás i n-éinfheacht," agus cheangail sé an dá
dhabhach le chéile le eangaigh truim cnáibe.



D'eirigh an ghaoith roinnt. Líonadh seólta na Brídeóige
an méid díobh nár réabhadh, agus ní fada an t-achar go
rabhadar míle mara ó'n dá dhabhach.



Acht thuit an lag ar fhuirinn na Brídeóige ar a thabhairt
faoi deara dhóibh nach galtán a bhí ag déanamh ortha acht
sgata éanlaith. Bhí cabhail gach éin díobh chomh mór le
cabhail searaigh asail, agus bhí dhá fheágh idir barr na
sgiathán i ngach éan diobh. Má bhí ceann ann bhí thrí chéad,
agus chaitheadar an lá agus mórchuid de'n oidhche ag
follumhain ós cionn na Bridheóide. Níor féad aon fhéar
codladh a dhéanamh ar an luing an oidhche sin leis an
torann uathbhásach a bhí ó sgiathánaibh na n-éan mór. Ar
theacht na hoidhche, d'ísligh an ghaoith arís, acht bhí cuid de
sheóltaibh na luinge go bolgach leis an séideadh bhí ag
teacht ó sgiathánaibh na n-éan.



Nuair d'eirigh an ghrian ar maidin bhí an sgata éan
imthighthe ó radharc na luinge agus an Bhrídeog chomh
seasmhach le carraig mhóir i lár na fairrge ciúine,



Ní bhacfar annseo leis na hiongantais agus leis na
huathbháis thárla ar an luing mhí-ádhmharaigh chéadna thar
éis na ngníomharca móra a luadhadh: ní choir do dhaoine
macánta an iomarca suime chur i mbeitheamhnaighibh de
shaghas fuirinne na Brídeóige, agus marach an giolla óg
agus an máta agus bean an chaiptín bheith ar bórd aca
ní bhacfaidhe leó airís san sgéal seo.


L. 31


XIV.



D'imthigh an sgata éanlaith rómpa mar shaighead ós
cionn na mara uaignighe, agus iad ag leadradh an aéir
chiúin le na sgiathánaibh fada tréana. Do cheapfá ar a
bhfeiceál duit nach aon sgata amháin a bhí ann acht dá
sgata san aér, agus sgata eile shíos uait san bhfairrge
ghuirm ghlain.



Nuair chonnaic an t-éan cinn a bhí ortha an dá dhabhach
ar bhárr an uisge, thosaigh sé ag sgréachghail go millteach
agus ag fógairt dá chomhluadar go raibh rud aisteach
shíos uatha san uisge.



Go dtí go bhfacadar na dabhacha bhíodar ag imtheacht
rómpa 'n-aon sguain amháin, acht anois b'éigin dóibh an
sguain a bhriseadh agus comhairle a ghlacadh le chéile.
Cheap éan díobh é seo; cheap éan eile díobh é siúd;
thosuigheadar uile ag labhairt le chéile; thosuigh ceann
aca ag labhairt ós íseal go críona acht níor éist an chuid
eile leis; annsin bhíodar uile n-a dtost. Níor facthas
a samhail ariamh acht dream táilliúr bheadh ar tí comhrac
a chur ar ghandal!



Faoi dheoigh, sgar an cinn-éan ó'n sguain. Chuir
sé gotha troda air féin. Tháinig cosamhalacht fhíochmhar
air. Ba mhór an mhuinghín bhí ag na héanlaith eile
as, acht ní chreidfidís go mbeadh sé de mhisneach agus
de dhánacht ann an namha uathbhásach a bhí shíos uatha
'sa bhfairrge a ionnsuighe. Acht bhí. Cheap sé ruathar
thabhairt faoi 'n namhaid nimhnigh, acht ó bhí an dá dhabhach
sgartha ó chéile roinnt, bhí aimhreas air, ar nós a lán
seadairí eile, cé aca de'n dá namhaid ab fheárr dhó
ionnsuighe i dtosach: b'fhéidir gurab é an chaoi gur chaill
sé a mhisneach i ndeireadh na dála, mar níor chuir sé
troid ar cheachtar aca — ní dheárna sé acht é féin a
ísliughadh sa bhfairrge idir eatorra agus glug-glug uath-
bhásach a dhéanamh le n-a sgannradh!



Dá mbeadh an misneach ceart aige, bhéarfadh sé ruathar
faoi cheann éigin díobh: nuair nár thug d'eirigh an mí-ádh
dhó.


L. 32


Chuaidh cos leis i bhfastódh san eangaigh a bhí idir an dá
dhabhach!



Bhí an seada ré bocht i dteannta. Níor fhéad sé an
chos thabhairt leis. D'oibrigh sé na sgiatháin go tréan,
acht ní raibh maith ann. Níor fhéad sé acht an dá dhabhach
tharraingt le chéile, agus eirghe cúpla feágh san aér.
Rinne sé sin go mion minic gur bhuail sé an dá dhabhach
le chéile.



An tríomhadh uair a bualadh le chéile iad, bhí an sgata
uile ar tí na páisdí a bhí sna dabhaighibh a ionnsaighe, acht
nuair a chualadar an Búrla ag sgairteadh agus ag
greadadh bos ar fheiceál a dhearbhshiúra dhó, ghabh sgath iad,
agus d'fhanadar amach ó'n dá dhabhach.



Ní raibh acht dhá rud le déanamh aca anois. Imtheacht
leó agus a dtreóraidhe bocht fhághail ag Dia, nó fanacht
n-a aice agus biadh thabhairt dó le súil go n-eireóchadh
leis éalughadh uair éigin. Sé an rud deiridh rinneadar.



Bhí an t-éan a bhí i dteannta i n-ann eiteall acht nach
raibh sé i n-ann an chos thabhairt leis; sé an chaoi a mbíodh
sé ag tarraingt na ndabhach mór go mall thríd an
bhfairrge, agus an sgata ag follumhain ós a chionn ghá
ghríosadh agus ghá bheathughadh le mion-iasgaibh…



Bhí eagla an namhad ortha druideadh i n-aice leis,
agus do leigidís do'n bhiadh tuitim san uisge i ngar dhó
acht is iomdha iasg díobh thuit i ndabhach an Bhúrla agus i
ndabhach Mháire Bháin, agus marach gur thuit ní ró-fhada
go mbeireadh an bás ortha. Nuair a thuiteadh biadh i
ndabhach Máire Bháin leigeadh sí gair áthais a chuireadh
eagla ar an éan a bhí i bhfastódh, agus annsin shíleadh sé
imtheacht, acht nach n-eirigheadh leis acht an dá dhabhach
tharraingt le chéile go mbuailtí i n-aghaidh a chéile iad.
Ar an gcaoi sin d'eirigheadh le Máire cuid de'n bhiadh
thabhairt do'n Bhúrla, agus d'eirigheadh leis siúd biadh
thabhairt dhi mar an gcéadna.



Bhí contabhairt eile ann do'n bheirt dhíleachtaidhe. Bhí
teas chomh mór sin ó'n ngréin faoi mheadhon-lae go
marbhochaidhe iad marach cleas d'foghluim Máire Bhán.
Nuair a bhi sí sughach sathach lá, agus a dóthain éisg ithte


L. 33


aici. thosaigh sí ag déanamh aithris ar sgréachghail na n-éan
le greann bheith aici. Thug sí faoi deara annsin go
mbeidís uile ag druidim léithe go bhfeicidís céard a bhí
ar siubhal. Faoi mheadhon-lae nuair a bhíodh an teas
millteach ó'n ngréin, dhéanadh sí aithris ar an sgréachghail,
agus annsin bíodh fosgadh maith o'n ngréin ag an mbeirt
aca. Nuair d'fhéachaidís suas uatha sa spéir d'fheicidís
mar bhéadh slamanna móra beó sneachta ag follumhain
ós a gcionn agus ag dubhadh na spéire ortha.



XV.



Níorbh fada go dtárla rud ait.



Tháinig galar millteach do-aithnid ar an gcirc dob'
óige agus dob' áile bhí ar an sguaine. Tháinig fíor-dhroch
chosamlacht uirthi. Ceapadh go raibh a ré thart, agus ba
mhór an t-adhbhar bróin do na héanlaith uile é. Na héin
ba chrionna agus ba shinne dá raibh ann, bhídís ag teacht
chuici agus ag déanamh sgrúduighthe uirthi acht dá mhéad a
n-eólas ar ghalraibh na n-éan ní raibh a fhios aca céard a
bhí ag gabhail di.



B'fhacthas dóibh lá go raibh sí ag eirghe anmhórdhálach má
bhí sí breóite féin, agus nuair a chuaidh sean choileach
eólasach a bhí ann chun cainnte leithi, thosaigh sí ag magadh
faoi agus ag cur i gcéill dho go glugarach agus go
fonóideach nach raibh ciall n-a cheann ná éifeacht 'n-a
smaointe, agus nach raibh aon cheó uirthi acht go raibh sí le
ubh a bhreith!



Bíonn meas mór ag mnaoi ar a céad mhac, agus bí
cinnte dhe go mbíonn an meas céadna ag circ ar a
céad uibh: acht céard d'fhéadfadh sí a dhéanamh? Dá
n-imthigheadh sí léithe n-a haonar, is cinnte go gcaillfeadh
sí an bealach sul a shroichfeadh sí an talamh tirm, agus
dá mhéad cion a bhí ag na héanlaith eile uirthi ní sgar-
faidís ó'n treanghaisgidheach thug saor ó gach gabhadh iad
agus bhí anois i bhfastodh idir an dá dhabhach.



An cheart bhocht! Bhí uirthi fanacht leis an gcuideachtain
pébrí céard a thiocfadh as!


L. 34


Dá mbéadh gáiridh ag na éanlaith is cinnte go ndéan-
faidhe gáire fúithe. D'fhanadh sí sgathamh amach o'n
sguaine agus cosamhlacht an uabhair uirthi. Ba dhóigh
leat uirthi nár rugadh ubh ariamh cheana. Chuireadh sí goic
uirthi féin agus caochadh sí súil go tuigseanach mar bheadh
sí a rádh:



"Ní fada anois go bhfeicfear gníomh mór ghá dhéanamh
sí a rádh:



Agus bhí an ealadhain seo chomh fada sin ar siubhal aici
thosaigh na héanlaith eile ag ceapadh go mb'éidir go raibh
cuid mhaith de'n cheart aici, agus go mbeirfeadh sí ubh a
sháróchadh aon ubh dá rugadh ariamh roimhe. Nárbh mhór an
mí-ádh ortha an ubh bhreagh sin a chailleadh san bhfairrge
I gceann tamaill bhig ní bhíodh aon nidh ag déanamh imnidhe
dhóibh acht cén chaoi a bhféadfaidís ubh na circe mórchúisighe
seo a shabháil. Thagadh éan anuas agus bhíodh ag cainnt
agus ag comhrádh agus ag glacadh comhairle leis an
seadaire a bhí i bhfastódh. D'imthigheadh sé annsin agus
thagadh an sluagh ar fad timcheall ar an bpríosúnach,
agus bhiodh an oiread gleó aca agus bheadh ag páirliméad
ban agus an toradh céadna ar a saothar.



Níor fhéadadar cuimhneamh ar aon chaoi leis an ubh a
shábháil. Bhéadh ar an gcirc bhoicht í bhreith sa bhfairrge i
ndeire na dála agus ar ndóigh ba mhór an mí-ádh ubh
bhreágh dá leithéid a chailleadh agus cárbh fhios dóibh nach
bhfuigheadh an chearc óg uaibhreach bás gan aon ubh eile a
bhreith mar ní bhíodh ag an gcineál seo éin acht dhá uibh le
linn saoghail dhóibh.



Acht ní amhlaidh thárla. Tháinig oidche bhreágh spéir
ghealaighe agus bhí na páisdí n-a gcodladh go sámh. Bhí
an Búrla n-a dhabhach féin agus é sínte ar chnámh a dhroma
agus a léine fosgailte aige.



Tháinig an chearc óg a raibh an ubh aici ós a chionn.
D'fhan sí tamall maith ag féachaint anuas air agus an
sgata uile go léir gá faire go himnidheach.



Thuirling sí ar imeall an dabhaigh, agus sul a raibh a
fhios ag na héanlaith eile céard a bhí fuithe a dhéanamh bhí
an ubh bhreágh i mbrollach an Bhúrla.


L. 35


Bhí dream beag de na sean-chearciabh ann agus dubh-
radar nach bhfacadar ariamh cleas chomh náireach leis an
gcleas sin, agus mhionn aigheadar agus mhóideadar nach
labhróchaidís léithi arís choidhche. An chearc gan náire!
Agus bhí dream beag de na sean-choilighibh ann agus
bhídís ag áiteamh ar a chéile go lá a mbáis nach ndeárnadh
a leithéid de ghníomh ariamh, agus nach ndéanfaidhe choidhche
é, bhíodh is gur facthas é ghá dhéanamh os comhair súl na
cuideachtan.



Acht creid mise ann, bhí urraim mhór ag dul do'n chirc
óig ag na héanlaith ba mheasamhla ar an sguaine.



Nuair a mhothaigh an Búrla an rud te i mbrollach a
léine dhúisigh sé, agus rug sé ar an uibh le n-a briseadh,
acht nuair a rug, thóg na héanlaith aon gháir mhór bróin
agus do rinneadar eighmhe loma loisneacha, agus caoineadh
caol cruadh gur líonadh an leathan-mhuir mór-dtimcheal
ortha le n-a n-olagón. Nuair chuala an Búrla an tormán
uathbhásach a bhí ar siubhal níor bhris sé an ubh. Rinne sé
bréagán di. San oidhche bhíodh an ubh go te teólaidhe
faoi n-a asgail aige, agus sa ló, bhíodh sí go seasgair ar
úrlár an dabhaigh faoi ghoradh na gréine.



Acht maidin dár dhúisigh sé céard d'fheicgeadh sé acht
éan beag órdha agus é ag ritheacht agus ag léimnigh ar
fud urláir an dabhaigh!



Ba mhór an peata ag an mBúrla agus ag Máire Bháin
an sicín seo. Agus ba mór an chabhair dhoibh freisin é,
mar is cinnte go bhfuighidís bás leis an tart marach é.



Seo é an chaoi ar shabhail sé iad:



Bhíodh na h-éanlaith uile go léir ag teacht ós cionn na
ndabhach gach uile lá leis an sicín múirneach fheiceál
agus bhídís ag sgreadadh agus ag sgréachghail ar a lán
ndithcheall, agus le linn na sgréachghaile seo bhíodh fliche
ag éalú anuas ó n-a ngobaibh agus bhíodh an bheirt páisdí
ghá ól.



Naoi lá déag dhóibh sna dabhaighibh nuair d'eirigh leis an
éan cumasach a bhí i bhfastódh san eangaigh iad a thabhairt
i dtír ar thraigh mhóir ghainimhigh ar oileán uaigneach nár
facthas le súil fear ariamh.


L. 36


XVI.



Bhí sean leomhan n-a chomhnaidhe ar an oileán seo.
Ní raibh a fhios cé'n aois mhór a bhí aige mar, ní raibh lucht
stáire a sgríobhodh ná seanchaidhthe béil féin ar a chineadh.
Acht má's féidir aois leomhain a mheas ar a mhuing, nó ar
a dhath, bhí sé chomh sean le aon leomhan dár mhair ariamh.
Bhí casmhong chreathánach lonnrach air; uaireannta chuireadh
an mhong mhór seo tonnta mara mire bheadh dá radadh
féin ar thráigh i gcuimhne dhuit; uaireannta eile, ba
gheall le néaltaibh ghá sguabadh le gaoith san oidhche í.
Agus ba chosamhla go mór leis na néaltaibh í an tráth
bhíodh olc air agus an mhong ag tuitim anuas thar a
shúilibh soillseacha buile.



Bhíodh loinnir sna súilibh céadna sin i gcomhnaidhe;
sgaithtí cheapthá go mbíodh an drithle bhíodh le feiceál n-a
bhfíor-dhoimhneacht ghá múchadh le sean-aois nó le buairt
an tsaoghail; sgaithtí eile bhíodh an drithle chomh beodha
agus chomh nimhneach sin is nach mbéadh misneach ag aon
ainmhidhe dar mhair ariamh feachaint aír.



Ní féidir cur-síos a dhéanamh ar a dhath. Ní raibh
buidhe ann go dtí é. Ní dath taithneamhach buidhe. Is
iomdha cineál buidhe ann nach réidhtigheann le súil duine
ná ainmhidhe. Ní raibh buidhe an tsean-leomhain le tabhairt
faoi deara ar aon bheithidheach eile dar áitigh an fhoraois.
Ní iongadh uamhan bhéith ortha uile roimhe ar a dhath amhain.
Ní fhéadfadh aon ainmhidhe bheith ar an mbuidhe sin gan
bheith cumasach.



Bhí cáil mhór troda air san bhforaois acht níor facthas
ag troid ariamh é. Bhí sean-fhiach dubh ann, a bhí ag
féachaint ar an saoghal ó bhárr crainn le dhá chéad bliadhan.
Bhí an t-éan aosta seo chomh haigeanta is ba choir d'fhiach-
dubh a bheith. Ní amháin go raibh a chiall dhuthachasach féin
aige, acht cheannaigh sé an-lear céille n-a óige agus is
daor d'íoc sé ar ar cheannaigh sé Bhí sé chomh ciallmhar
sin is nár labhair sé thar focal le caraid ná le namhaid
le tamall fada de bhliadhantaibh. Do fiafruighéadh de'n
fhiach-dubh uair cé'n cineál trodaire bhí san seanleomhan.


L. 37


Ní dheárna an t-éan acht súil chaochadh leis an lucht
fiafraighthe agus glam gáiridh a sgaoileadh uaidh. Ní
iongantas mór é gur leathnaigh cáil troda an tsean-
leomhain ar fud na foraoise thar éis sin.



Bhí nósa faoi leith ag an sean-leomhan. Ní bhíodh fonn
mór oibre air an lá dob' óige bhí sé. Níor chleachtaigh
sé fiadhach agus níor chleachtaigh sé comhrac. Acht ní raibh
aon ghabhadh aige a gcleachtadh ó bhí smacht maith aige ar
a mhuinntir. Ghnítheadh a bhean fiadhach dhó. Ghnítheadh a chlann
mhac agus a chlann inghean agus clann a chloinne troid
dhó. B'fhéidir gur cheap sé n-a intinn féin go mbeadh sé
náireach ag seanathair mórdha mar é ainmhidhe beag bocht
a ionnsaighe nuair nach gcuirtí chuige é, aghus is cinnte
nach n-ionnsóchadh aon rud beó san bhforaois eisean, mara
ndéanfadh sé go fealltach é, bhí cáil chomh mór sin air.



Níor facthas ag ithe ariamh é; nuair a tugtaoi a bhéile
chuige isteach san bpluais bhí aige, bhíodh ar a lucht freas-
tail imtheacht sul a dtosnóchadh sé air. Acht is cinnte
nach raibh goile ró-dhona aige. Ba léir sin o'n gcarnán
cnámh bhí fágtha n-a dhiaidh aige ar urlár na pluaise!



Ní fhágadh sé an phluais acht go hannamh. Nuair a
bhíodh codladh i ndiaidh feóla déanta aige, bhualadh sé
amach ag glacadh an aeir dhó féin. Acht ní dhéanadh
sé é mara mbeadh an aimsir go hoireamhnach. Ar na
hocáideachaibh seo, seadh is mó cluintheá a ghlór, agus
mara gcuirfeadh a dháth ná a shúile nimhneacha ná a mhong
lomrach ná a shiubhal catamhail imeagla ort is cinnte go
gcuirfeadh a ghlór. Ní raibh aon bhinneas n-a ghlós. Ag
tabhairt dubhsláin dóchra agus ceathrcha bhíodh sé shiltheá.
Ní raibh aon ainmhidhe sa bhforaois nach dtagadh creathadh
air, ar chlos an tseanleomhain dhó. An crogal a
bhiodh go daoimhin san láib faoi bhruach an tsrotha, níor
mhór an mhoill air a dhul go tóin puill ar chlos an
tóirneach uathbhásach sin dó. An t-iolar ar an áil, an
sébra luaimneach, an tiger n-a uachais dhorcha, an t-ele-
fent féin — níor bhreágh leó an ceól sin.



Ní iongnadh mór é go raibh meas agus cáil ar an
seanleomhan buidhe mongach árd-ghlórach.


L. 38


XVII.



D'fhág an ceathrcha ríoghamhail seo a phluais oidhche le
dul ag spaisdeóireacht dhó fhéin. Bhí a lándhóthain d'asal
óg fhiadhain amh ithte aige an mhaidin chéadna seo. Bhí sé
subhach sáthach. Bhí sé sásta leís an saoghal. Ní raibh
deifir ná deabhadh air. Ní raibh imnidhe intinne ná gabhadh
colna air, acht an drithle solusmhar bhíodh n-a shúilibh go
gnáthach ghá múchadh le sástacht. Ní fhágadh sé a phluais
ar chor ar bith marach go raibh an oidhche go haoibhinn, agus
bhí fonn air droch-aér na pluaise a dhíbirt amach ó n-a
sgamhógaibh.



Bhain sé searradh as féin ag béal na pluaise. Sín sé
a dhá chois tosaigh amach uaidh, agus shin sé a dhá chois
deiridh siar uaidh go raibh a bholg lán buailte leis an
talamh beagnach. Ba mhór an t-iongnadh an fad a bhí
ann ó bhárr na gcos tosaigh siar.



Annsin chuimil sé crúb leis dá shúilibh gur bhain sé na
sramachaibh asta, agus ar a n-osgailt dhó arís céard a
thug sé faoi deara acht dreóilín d'éan bheag 'n-a sheasamh
ar ghéig sgeiche i n-aice leis. An leomhan mór a dhúisigh
an dreóilín bocht agus tháinig fonn air glam a leigint
le cur i gcuimhne do'n éan dearóil nach raibh aon cheart
aige bheith ag féachaint ar a leithéid d'ainmhidhe chumasach
thar éis eirghe dhó. Acht níor leig. Bhí leisge ró-throm
air. Bhí beagán thar an iomairce de'n asal fhiadhain ithte
aige.



Marar leig sé glam, chreath sé a mhong agus a iorball
go mífhoighdeach, agus isteach leis i ndoircheacht na
foraoise.



Bhí dhá chineál siubhail aige de ghnáthach, siubhal catamhail
agus siubhal rioghamhail. An siubhal rioghamhail chleachtaigh
sé an oidhche seo. Le gach coiscéim dá dtugadh sé, agus
le gach cor dá gcuireadh sé da cholainn áluinn mhaordha,
chuireadh sé i gcuimhne do dhuine agus do bheithidheach nach
raibh aon bheann aige ortha. Ní shíltheá ar a shiúbhal ná ar
a iomchur go raibh aon fhonn troda air. Agus ní raibh.
Acht dá gcuirtí troid air ní eisean a loicfeadh.


L. 39


Ghluais leis thríd an bhforaois dhuaibhseach go mall agus
go ríoghamhail gan cur isteach aige ar aon rud beo. Le
chomh héadtrom is bhí sé ag siubhal, cheapthá gur ghoill sé
air satailt ar an bhféar féin. Act má bhí ainmhidhe ná.
éan sa gconaire aimhréidh roimhe, ba ró-bheag an mhoill
ortha bealach a thabhairt dó.



Casadh sgatha móncaigh leis san tslighe, agus ba mhór
an greann na hainmhidhthe sgafánta sin fheiceál ag
glanadh leó ar nós na gaoithe. Níor leig an sean-
leomhan air amhthach go bhfaca sé na spriosáin ghránda ar
chor ar bith. Ní mó ná gur leig go bhfaca sé an an sean-
cheann gormshrónach urchóideach bhí ar crochadh ó ghéig le
n-a iarball fhada roighin chumasach. Chuaidh an sean
leomhan millteach faoi'n ngéig agus a cheann faoi aige,
mar bheadh sé ag déanamh a smaointe. Pébrí céard iad
na smaointe doimhne diamhra leomhanta bhí n-a cheann,
cuireadh isteach ortha go tobann. Bhí an sean-mhoncaigh
srón-ghorm i ngreim sa ngéig le n-a iarball agus a
cheann agus a ghéaga ar sileadh leis. Chuaidh an sean-
leomhan thart faoi go maordha gan a cheann a thogáil, acht
ní túisge chuaidh ná d'aimhsigh an moncaigh bradach sa
gcluais é le cnó cócó!



Ná ceaptar feasda nach ainmhidhe foighideach a bhí sa
seanleomhan. Cor ná creathadh níor chuir sé dhe, acht do
ghluais leis gur fhág sé an fhoraois n-a dhiaidh agus gur
bhain sé an machaire mór a bhí idir an bhforaois agus an
mhuir amach. Sheas sé i lár an mhachaire. D'fhéach soir.
D'fhéach sé siar, agus nuair d'fhéach chonnaic sé na dabhaigh
thug Máire Bhán agus an Búrla i dtír ar an tráigh agus
na héanlaith ag sgréachghail n-a dtimcheall.



Leig sé aon ghlam amháin as a bhain mac-alla as an
bhforaois agus as na carraigeachaibh agus a sgap na
héanlaith ar fud na mara móire.


L. 40


XVIII.



Bhí Máire Bhan agus an Búrla ar an tráigh agus iad ag
obair ar a míle dithcheall ag iarraidh an t-éan mór a
thárrtháil ó'n mbás iad a sgaoileadh, nuair a chualadar
an glam a leig an leomhan as. Ghabh uamhan an bheirt.
Thuit Máire Bhán ar chul a cinn acht níor sgaoil sí an
greim bhí aice ar an eangaigh, agus stróiceadh í agus
chuaidh an t-éan saor.



Acht céard a bhí le déanamh ag an mbeirt anois? Bhí
beithidheach millteach ag déanamh ortha agus gan aon
ghléas chosanta aca. Rug Máire Bhán ar chloich le caitheamh
leis, acht tráthmhail go leór chuimhnigh sí ar cheacht a bhíodh i
leabhraibh sgoile na haimsire sin. Dubhradh sa leabhar
nach n-ionnsóchadh acht corr-ainmhidhe allta an té cheapadh
sé bheith marbh. Chaith Máire Bhán í féin ar an talamh
agus dubhairt leis an mBúrla an cleas céadna a
dhéanamh.



Chuaidh an sean leomhan thairsti gan cos féin a leagadh
uirthi. Acht an Búrla bocht! Bhí seisean i gcontabhairt
mhóir Níor thuig sé comhairle Mháire. Bhí sé chomh
sgannruighthe sin nár fhéad sé gol féin a dhéanamh. Chaith
sé é féin ar chnámh a dhroma, chúb sé féin go raibh é sé n-a
liathróid ar nós grainneóige.



Tháinig an leomhan mór agus gluaiseacht rioghdha faoi.
Tosaigh sé ag smúracht timcheall. Céard a bhí faoi a
dhéanamh? An Búrla bocht a alpadh nocht n-a bheatha?



Bhí an croidhe n-a béal ag Máire Bháin. Bhí an Búrla
n-a chnap gan cor as. Teangmhaigh srón mhór fhuar thais
an leomhain le n-a bhéal bhog féin, agus sé an chéad rud
chonnaic Máire Bhán ar osgailt na súl dhi, ná an Búrla
agus a chosa timcheall ar mhór mhuineál an tsean — leomhain
agus greim an fhir bháidhte aige san muing lomraigh!



Bhain an leomhan creathadh as féin acht níor sgaoil an
Búrla a ghreim. Níor bhain sé an dara creathadh as féin.
Ní dheárna sé aon iarracht eile é chaitheamh dhe. B'fhéidir
gur cheap sé go dtuitfeadh an Búrla anuas de uaidh
féin, nó b'fhéidir nár airigh sé ann ar chor ar bith é, nó


L. 41


b'fhéidir gur cheap sé go mba dheas an bréagán ag na
leomhain óga é: cá bhfios dúinn? Ar aon chuma, níor
thug sé aon áird air go ndeacha an Búrla i n-áirde ar
a mhuineál. gur rug sé greim muinge air, gur leig sé
sgread as a bhí chomh hiongantach le glam an leomhain
féin.



Annsin d'imthigh an leomhain leis ag sodar agus an
Búrla ag marcaidheacht air!



Isteach leó sa bhforaois agus Máire Bhán n-a cos
n-áirde n-a ndiaidh.



XIX.



Níor sguir an leomhan do'n tsodar sin gur dhruid sé
leis an doire aoibhinn grianach breágh n-a mbíodh an chlann
mhoncaigh ag déanamh sgléipe agus oireachtais dhóibh féin.



Ní bréag a rádh go raibh tréad mór de'n chlainn
bhradaigh sin ag súgradh san doire rómpa. Bhíodar
chomh hiomadamhail leis an sluagh sidhe ann agus chomh
meidhreach ioldathach ait Bhí cinn bheaga bhídeacha ann
nach raibh níos toirteamhla ná caitín trí lá, agus bhí cinn
mhóra théagartha ghéagacha ann bhí chomh trom leis an sean-
leomhan féin nó i ngar dhó. Bhí moncaigh maola ann, agus
moncaigh mongacha. Bhí treabh na srón chorcra ann agus
iad an-mhuinteardha le treibh na súl n-uaithne mbeag. Bhí
beitheamhnaigh na n-earball roighin ann, agus iad ar a
ndícheall ag iarraidh clampair a chur ar bun Bhí
muinntir na srón mór fada ann, agus a gcol-ceathracha
a bhí gan srón arbh fhiú trácht air. Acht na dathanna bhí
ortha! Bhí cuid aca go sgréachghail cróidhearg agus cuid
eile bhí chomh dubh leis an daol. Bhíodar ann idir buidhe
agus glas agus dubh agus bán agus corcra; ba bhreágh
an feic iad ag rinnce agus súgradh dóibh féin san doire
ghrianach, agus na dathanna éagsamhla bhí ortha dá meas-
gadh n-a chéile agus ag déanamh aon datha amháin de na
dathanna uile de réir mar bhíodh borradh agus fuinneamh
agus luathas ag teacht san ngluaiseacht.



Acht bhí dream beag díobh i leathtaobh faoi chrann chócó.


L. 42


Ag déanamh cleamhsáin agus bíodáin ar a ngaoltaibh
ioldathacha bhíodar siúd. Má tumadh iad-san i dtobar
na ndath, is cinnte nár fágadh sáthach fada ann iad le
aon dath faoi leith bheith ortha!



Acht an seadaire aosta bhí n-a shuidhe ar a ghogaide
leis féin ar imeall an tsluaigh mheidhrigh! Mara mbéadh
agat acht an t-aon gháiridh amháin, chaiththeá é dhéanamh ar
a thabhairt faoi deara dhuit. Bhí cnámh fada ramhar geall
n-a chiotóig aige; chuireadh sé ceann an chnámha seo n-a
bhéal ó am go ham, chasadh sé agus lúbadh se agus chamadh
sé a shean-éadan féasógach le gach iarraidh dá dtugadh
sé ar an gcnámh. Shíltheá go mbadh é an fear fídeóige
bhí ag lucht an tsúgraidh é, agus nach raibh a chéird aige
acht go dona. An t-ársaigh bocht! Ní ceól bhí sé ag
iarraidh bhaint as an gcnámh sin acht smior!



Baineann an mhaordhacht leis an gcloinn leomhan de
réir dúthchais. Níor facthas gluaiseacht chomh maordha
ná chomh ríoghdha faoi aon bheithidheach ná faoi aon duine
ariamh is bhí faoi'n tsean-leomhan chumasach ar a dhul isteach
san doire seo dhó. Nuair a thug lucht an ghrinn faoi
deara go raibh sé sa láthair, stadadar agus dhearcadar
air go mí-cheadthach mar bhéidís ag fiafruighe dhe céard a
thug ann é. Stadadar de'n sgléip agus de'n mheidhir,
acht níor éaluigheadar uaidh. Na cinn bheaga a raibh
na hiarbaill fhada roighne ortha, 'siad is fuide sheas
talamh. Na cinn mhóra chodramánta, nach raíbh an aic-
lidheacht ná an strapadóireacht aca, thugadar siúd do
na bonnaibh é gan mórán achair. Acht ar fheiceál dóibh
nach raibh faoi rí na foraoise géilleadh dhóibh órdlach,
chuadhadar i náirde sna crainn le luathas do-chreidthe,
agus iad ag sgigeadh agus ag sgréachghail ar feadh an
ama.



Ní raibh sluagh sidhe ariamh ann d'imthigh chomh tapaidh ar
theacht an lae is d'imthigh an chlann mhoncaigh ar theacht an
tsean-leomhain.



Acht mara raibh no hainmhidhthe drochúinthe urchoideacha
seo sáthach láidir nó sáthach misneamhail nó sáthach
amaideach talamh a sheasamh, ní rabhadar sásta gan mas-


L. 43


ladh éigin thabhairt do'n bheithidheach mhaordha uaibhreach dá
dtugadar fuath. Ní túisge bhí cúl a chinn leó ná thos-
aigheadar ag caitheamh cloch agus láibe agus tortha
éagsamhla leis. D'aimsigheadh an Búrla bocht sa gcluais
le slam dóibe. Do sgin cnó cócó thar a chluais eile
agus fuinneamh mór ann. Thuit toradh mór bog dreóighte
anuas ó bhárr crainn áird ar mhullach cinn an trean-
leomhain, agus briseadh ar toradh, agus is beag nár
dalladh an beithidheach mór leis an sugh bréan bhí istigh
ann. Acht níor bhain an timpíst sin féin a mhórdhacht ná
an t-uaibhear dhe. Níor leig sé air gur mhothaigh sé ar
chor ar bith é. Má chuala sé glórtha magamhla a náimhde
i n-áirde sna crainn, ní bheadh fhios agat sin air. Thuig
sé ó dhuthchas nár mhór do rígh bheith foighidheach maordha ar
ócaid de'n tsórt sin.



XX.



Do shroicheadar pluais na leomhan gan ró-mhoill. Uaimh
faoi bhun aille bhí san bpluais seo. Bhí póirse cumhang
íseal ag dul isteach ann. Bhí an póirse seo chomh h-íseal
sin go mbíodh ar an sean leomhan a cheann a fheacadh ag
dul isteach ann dhó. Do theangmhaigh ceann an Bhúrla
leis an dóib dheirg bhí i n-uachtar na pluise faoi dhó nó
trí huaire sul ar thuig sé an sgéal. Acht d'fhoghluim sé
a cheacht go maith. Ní raibh istigh sa bpluais dóibh go raibh
sé chomh clisde leis an leomhain féin ag feacadh a chinn.
Acht an dath dearg d'fhág an dóib ar a fhionnfholt chas!



Bhí céile an tsean-leomhain agus na coileáin óga sa
mbaile roimhe. Thugadar bealach dó gur bhain sé a ionad
comhnaidhthe féin amach, annsin nuair a bhi sé n-a luighe ar
a shocamhlacht san raithnigh ruaidh thirm, do bhailigheadar
timcheall air go bhfeicfidís goidé an cineál ailleáin thug
sé abhaile dá chloinn



Nuair a shín sé é féin sa raithnig thirm thuit an Búrla
anuas dá mhuin, agus níor chuir sé cor de acht é n-a chnap
leabaidh an tsean-leomhain.



Chruinnigh na coileain óga timcheall air agus iongnadh


L. 44


ortha. A leithéid de bheithidheach ait ní fhacadar ariamh le
n-a saoghal. Bhíodar i n-aimhreas go mba de chloinn
mhoncaigh é ar a dhéanamh agus ar a chroit: acht dheamhan
fionnadh a bhí air acht ar mhullach a chinn, áit a mbíonn
plait sa gcloinn mhoncaigh de ghnáth Leag ceann aca a
bhí ar leathshúil a shrón air, acht ní bhfuair sé acht baladh
cumhartha uaidh; níorbh ionann an baladh sin agus an
baladh bhíos le fagháil ó na moncaighibh.



Is féidir le coileán leomhain greim feóla ithe uair ar
bith sa ló bíodh ocras air nó ná bíodh Bhí baladh deas
cumhartha ar an áilleán tugadh abhaile chuca. Bhíodar
cinnte go mbeadh blas ar an bhfeóil bháin bhí air. Leag
ceann aca crúb ar a cheann. Rug ceann eile aca ar
chois air, agus an treas ceann ba dhóigh leat air nach
bhfaca sé aon nidh ariamh bhí chomh háluinn le n-a dhá
dóid.



Bhíodar chomh spóirteamhail aérach le cait óga bheadh ag
súgradh le luchóig. Leigeadh ceann aca air gur bhain an
Búrla lán a bhéil as, agus thosaigheadh sé ag rinnce ar
fud an urláir leis an bpéin mar dh'eadh. Chuireadh an
dara ceann díobh gothadh troda air féin. agus shíltheá air
go raibh sé ar tí comhrac fíochmhar do chur ar an mBúrla
Agus bhíodh an treas ceann díobh ag tochas cinn an Bhúrla
le n-a chrúb.



Bhí ceann de na coileáin leomhan seo ar leathshúil mar
dubhradh cheana — innseochar ar ball céard a bhain an
tsuil as — agus ó bhíodh sé ag iarraidh an oiread céadna
fheiceál le lucht an dá shúl, is iomdha sin smuilc chuireadh
sé ar a éadan. Ní raibh an Búrla bocht i n-ann aon cheó
dheanamh uaidh féin: acht níor sáruigheadh acht go hannamh
é ag déanamh aithrise ar dhaoinibh eile. Rinne sé aithris
ar an leomhan og bhí ar leathshúil agus má rinne na
leomhain gáiridh ariam sé an Burla d'fhéadfadh cur-síos
a dhéanamh air.



Asal óg amh bhí aca i gcomhair a mbricfásta, acht bhí
sé ag tarraingt ar am dhinnéara faoi seo agus bhí ocras
ar na coileáin. Rug an triúr aca ar an mBúrla, agus
bhí ar tí a strachailt ó chéile nuair a thóg an sean-leomhan


L. 45


a cheann, chraith sé a mhong mhór lomrach, d'eirigh a iarball
n-a cholg-sheasamh agus chuir sé aon ghlam amháin de bhain
an mac-alla as taobhaibh na pluaise agus a chuir uathbhas
croidhe ar a ál.



Níor bhacadar a thuilleadh leis an mBúrla. Bhaineadar
na cúinní ba dhorcha agus b'iargcúltha amach, agus
d'fhanadar annsin ag deanamh trosgaidh agus bróin go
raibh sé n-a oidhche,



Bhí codladh ar an sean-leomhan. B'fhéidir gur ag
brionglóidigh ar na cathaibh cróda thug sé n-a óige bhí
sé nuair chuir sé a ghlam dhe. Chaith sé é féin ar a
dhruim, agus chuir sé a cheithre gcos i n-áirde san aér
mar bheadh sé ag iarraid athchuinge. Bhain sé casadh eile
as féin, chuir sé géag leis timcheall ar an mBúrla, agus
theann sé isteach leis é go raibh an mhong mhór ghá chlúdach,
go raibh an drithle agus an spréacharnghail uathbhásach
bhíodh le feiceál i rúilibh an tsean-leomhain ag tolladh
dhá pholl thrí inchinn fhaitchigh an Bhúrla, go raibh srón agus
cab mór an bheithidhigh mhilltigh buailte le leicinn an
ghasúir bhig; do theann agus do theann agus do theann —
acht múchadh an solus bhí i súilibh fíocmhara an leomhain;
sgaoileadh an greim bhí aige ar an ngasúr roinnt;
dúnadh an cab craosach; dúnadh na súile soillseacha…



Bhí righ mór na foraoise agus a pheata n-a gcodladh.



XXI.



Maidir le Máire Bháin, nuair nár fhéad sí congbháil
suas leis an seanleoman agus a mharcac is rí-bheag nár
thuit an t-anam aisti. Bhí sí strompaighthe leis an
saothar chuir sí uirthi féin ag iarraidh bheith ag sodar n-a
ndiaidh agus ag glaodhach ortha. Acht nuair chonnaic sí
ag dul ó léargus uirthi iad faoi na crannaibh árda
b'éigin di suidhe agus a seandreas guil a dhéanamh.



Bhí an calín beag i gcruadh-chas i ndáríribh. Bhí sí
istigh i láir na foraoise duaibhsighe agus an oidhche ag


L. 46


tuitim agus gan aon tsúil aice go bfeicfeadh sí a
dhearbhratháir ionmhuin arís choidhche. Cailín aonraic bhí
innti gan bréag, cailín aonraic gan athair gan máthair
gan dearbhratháir féin. Bheadh carghaois ar dhuine breath-
nughadh uirthi agus í n-a suidhe ar an talamh gan biadh gan
deoch gan aon rud acht í faoi bhuairt agus faoi eagla.



Ní raibh fhios aici cé na beithidhigh allta chomhnaigh san
bhforaois uaignigh seo, agus de réir mar bhí an oidhche ag
tuitim, ba shoiléir dhi cé 'n chontabhairt mhóir n-a raibh sí.
Nuair a tuiteadh toradh anuas ó'n ngéig cheapadh sí go
raibh sí i ngreim ag ainmhidhe uathbhásach éigin. Bhí a súile
tinn ó bheith ag caoineadh agus ag síor fhéachaint n-a
timcheall agus b'fhacthas di go raibh rud uathbhásach ar chúl
gach crainn. Chuala sí torann mór i gcéin Na leomhain
árd-ghlóracha ar lorg bidh cheap sí bheith ann. Acht níorbh
iad, acht na tonntracha móra dá mbriseadh féin ar an
tráigh!



Bhí poll cartaighthe ag beithidheach éigin faoi bhun crainn
i ngar di. Shín sí í féin ann, agus chlúdaigh sí í féin le
billeóga feósaidhe. Ní raibh innti coisméag eile a
thabhairt dá bhfuigheadh sí saoghal fada faoi shog air.
B'féidir gur thuit néal beag codalta uirthi sa bpoll sin;
ar chaoi ar bith baineadh geit aisti gan mórán achair.
Bhí an oidhche ann faoi seo agus na céadá beithidheach beag
timcheall uirthi. Leig sí sgread agus má bhí sgannradh
ar an gcailín beag ba mhó ná sin an sgannradh chuir sise
ar na míolta beaga oidhche. Thugadar go na bonnaibh é
go sgiobtha. Acht dá mhéid a tuirse ní baoghal gur thuit
aon néal eile uirthi.



Is ar éigin d'aithneóchthá an oidhche thar an ló san
bhforaois seo. Ba mhó an solus bhíodh ann san oidhche
go minic, nar ní raibh aon chur-síos ar an lear mór
feithidí bhí ann agus cineál lóchrain bhig ar dhruim gach
cinn díbh. Ní solus mór a bhí ó aon cheann aca. Is
corr-lóchran díbh bhí níos mó ná ceann bioráin mhóir, acht
ní chreidtheá acht an solus aoibhinn bhí le faghail uatha, go
mór-mhór nuair bhíodh an chuid díbh i n-aice le chéile.
Dá mbeadh leabhar agus cló maith ann níorbh mhór an
strómh ar dhuine a léigheadh acht cromadh ar an talamh ar


L. 47


caoi go mbeadh an solus ar an mbilleóig. Agus ní ar
an talamh amháin bhíodar. Bhí cuid aca ann bhí i n-ann
eiteall, agus cuid eile bhí i n-ann léim fiche troigh a
thabhairt. Ní raibh na lóchrain bídeacha bhí ar iomchur ag
na feithidibh seo ar aon dhath acht an oiread. Ní raibh dath
dar facthas ó gheall Dia súile do'n chineadh daonna nach
raibh ortha, shíltheá. Ba chosamhail le realtóga beag
beodha ioldathacha a mbeadh luas teinntrighe fútha iad.
Dá mhéad an t-uamhan bhí ar Mháire Bháin i dtosach,
tháinig aoibhneas ar a croidhe ag féachaint ar an radharc
fíor-áluinn seo dhi.



Ní ró-fhadha gur thug an cailín beag faoi deara go
raibh ainmhidhthe eile seachas na feithidí soillseacha seo n-a
gar. Thosaigh clanna na hoidhche ar a gcuid saothair.
Tháinig coiníní faiteacha amach, agus ubhlacháin cháinteacha,
agus liabóga leathair, agus seilmeidí móra boga,
agus moilí dalla, agus bailigheadar timcheall ar an
eachtrannach mar bhailigheadh féileacáin timcheall ar
sholus coinle.



Na háilleáin ioldathacha bhiodh ag eiteall n-a timcheall
is mo chuir aoibhneas ar Mháire Bháin. Ghlac sí truaigh dóibh
nuair a thug sí faoi deara gur ar a dtóir bhí na liaboga
agus nach raibh uatha acht a slugadh idir solus agus eile.
Rug sí ar shlait, agus gach aon liabóg a thiocadh n-a gar
d'amsigheadh sí í. Chaith sí treimhse maith leis an obair
seo ag leadradh na liabóg agus gá sgannradh le
glórthaibh béil.



Is dócha gur thuirsigh an saothar seo í mar thuit a
codladh uirthi go tobann agus nuair a dhúisigh sí bhí an
maidneachan ann agus an comhluadar bhí aici ar fead na
hoidhche imthighthe. Ní raibh ceann aca le feiceál acht an
oiread is nach mbeidís ann ariamh. Ní raibh le feiceál
aici acht na crainn mhóra agus duilleabhar tiugh nar
leig solus na gréine isteach san doire acht faoi mheadhon
lae.



Ní chreidfeadh sí nach ag brionglóidigh bhí sí, agus
táinig iongantas uirthi gur eirigh leis na liabógaibh na
feithidí solusmhaire uile go léir a shlugadh n-a mbeatha.


L. 48


XXII.



Bí ocras millteach ar Mháire Bháin ar dhúiseacht dhi. Ba
chuma leithi sa domhan mór acht béile mhaith bidh fhagháil.
Thiubhradh sí a dá shúil ar mhéis feóla. Na feithidí sulusmhar'
bhí n-a haice i gcaitheamh na hoidhche, ní bheadh leisg ar bith
uirthi an-alpadh. Chuimhnigh sí ar na císdí deasa mine coirce
ghnitheadh máthair sa mbaile, agus ar an mbainne gabhair
agus tháinig na deóra faoi n-a súilibh Dá mbeadh léath-
chisde féin aici!



D'eirigh sí. Chuaidh ar lorg bidh Chonnaic sí tortha
éagsamhla thall is i bhfus. Bhí cuid aca go breágh daithte
aipidh agus bhí faithchios uirthi a n-the ar eagla go mbeidír
nimhneach.



D'imthigh leithi thríd an bhforaois ag piocadh cnó
agus ag baint tortha bhí breagh bog milis ar nós sméartha
agus gá n-ithe Níor bhain na tortha seo acht faobhar an
ocrais di. Chaith sí cúpla uair ag siubhal roimpi mar sin
gur ráinig imeall na foraoise agus go bhfaca an
fhairrge ar a haghaidh amach. Rinne sí ar thráigh bhig bhí
ann, agus fuair a dóthain mhór rocan agus duilisg agus
portán ann. Nuair a bhí a goile lán aici dhearc i í
amach uaithi ar an muir agus tháinig iongnadh agus
aoibhneas croidhe uirthi. Bhí sgol éisg le feiceál aici ag
eiteall go reidh éasgaidh ós cionn na fairrge ar nós
éanlaith agus iad ag deallradh sa ngréin. Bhí na mílte
aca ann. Uaireannta cheapadh sí nach rabhadar acht ag
léimnigh as an bhfairrge acht níorbh amh aidh bhí. Ag
eiteall i ndáríribh bhíodar agus a gcuid sgiathán geal ar
leathadh aca.



D'fhanadh sí ag féachaint ortha go deireadh an lae dá
mbeadh an Búrla bocht aici. Thosaigh sí ag caoineachán
nuair chuimhnigh sí air. An créatúr bocht fuadaighthe
uaithi ag leomhan fíochmhar!



Bhí slat n-a glaic aici agus sháith sí san ngainimh í agus
leig sí uirthi féin gurab é an Búrla bhí aici ann.



Thosaigh sí ag fiafraigh de cé ndeacha sé nó céard
d'eirigh dó nó cé'n fáth go ndeacha sé ag marcaidheacht


L. 49


ar an leomhan nó cé 'n fáth nár fhan sé léi i agus í ag
sodar n-a dhiaidh. Acht ní bhfuair sí freagra ar aon
cheist díbh.



"Ní duine do chainnt bhí ann ariamh," ar sí léithi féin
agus b'fhíor di é.



Chuireadh sí a thuille ceisteanna air marach go
bhfaca si rud geall éigin san ngainimh i bhfoisgeacht fice
slat dhi.



Ubh a bhí ann. Ubh mhór a bhí chomh trom leis an gcloich
ghualann bhíodh ghá chaitheamh ag na buachaillibh maidin
Domhnaigh ag dul ar an Aifreann dóibh. Chuir méad
agus meadhchan na huibhe seo alltacht uirthi. Is ar éigin
bhí sí i n-ann an ubh a thógáil, agus b'éigin di sgíth a
leigint seacht n-uaire sul ar eirigh léithi an ubh throm seo
thabhairt léithi go dtí an choill.



Bhí sí ar tí an ubh a phléasgadh le cloich ghéir nuair a
chonnaic sí leomhan mór mongach ar chúl na gcrann agus
siubhal uaibhreach faoi. An leomhan thug leis a dearbhra-
tháir ionmhuin bhí ann ba chosamhail, agus tháinig creathadh
ball uirthi nuair chuimhnigh sí gur istigh n-a bholg bhí an
créatúr anois agus nach fada go mbeadh sí féin n-a
chuideachtain!



Chuaidh sí ar chúl sgeiche ionnós nach bhfeicfidhe í. Bhí
an leomhan ag dul thar an sgeich gan áird uirti. I
gceann noiméid bhéadh sí ó bhaoghal, acht mo léan! Stad
sé go tobann. Stad croidhe an chailín bhig freisin. Bhí
a cnaipe déanta anois An é a baladh fuair sé? Chuir
sé a shrón i n-aér. Chraith sé é féin cúpla nuair go mí-
fhoighideach. D'fhill cúpla coisméag nó trí. Do shín sé
é féin sa bhféar fada agus leag a cheann mór ar a dhá
chois tosaigh. Bhí an mhong mhór lomrach bhí air roinnt
fliuch, agus nuair a chraitheadh sé í, bhí sé chomh gar sin
do Mháire gur thuit dá bhraon as an muing ar a baithis.



Ag fanacht le rud éigin bhí sé, agus ní raibh fhios cé'n
uair a thiocfadh sé chuige. Cheap Máire Bhán gur chaith sé
uair a chluig ar an dóigh sin gan cor a chur de acht an
fhliche a chreathadh as a mhuing ó am go ham, acht ar ndoig
is ghá cheapadh bhí sí.


L. 50


Ní raibh sí ceathramhadh noiméid ann ulig go bhfaca sí
an dearbhratháir dílis fuaduigheadh uaithi ag déanamh ar
an leomhan mhór. Bhí sé i bhfoisgeacht deich slat dhó nuair
chonnaic Máire é. Ní fhaca an leomhan ceachtar díbh go
fóill. Céard ab fheárr dhi a dhéanamh? Dá leigeadh
sí sgread le fuagairt ar an mBúrla cé'n contabhairt
n-a raibh sé is cinnte cinnte go ndúiseóchaidhe an t-ain-
mhidhe fíochmhar, más n-a shuan bhí sé, agus go marbhóchaidhe
an bheirt aca.



Chonnaic an Búrla féin an leomhan gan mórán achair.
Ní eagla tháinig air de réir cosamhlachta acht aoibhneas
agus aiteas. Thug sé trí léim tailliúra go raibh sé i
bhfastodh sa muing mhóir lomraigh gha tarraingt agus ghá
creathadh agus ag déanamh mór leis an leómhan ar an
uile chaoi!



Cheapthá ar an mBúrla go raibh aithne aige ar an sean-
leomhan le n-a shaoghal, agus ní fhaca tú ariamh acht chomh
mórchúiseach is bhí. "Deaideo" (mar thug an Búrla air
n-a dhiaidh seo) go raibh a léithéid de pheata aige!



Faoi dheireadh d'fhéach an leomhan i dtreó Mháire Bháin.
Chonnaic sé í. Tháinig lasair nimhneach n-a shúilidh. Chúb
sé é féin le léim thabhairt ag ceapadh gur cineál aisteach
moncaigh bhí innti (mar gheall ar an ngúna beag donn bhí
uirthi b'fhéidir), acht ar an bpoinnte sin thug an Búrla
na trí léim tailliúra ba ghnáthach leis, gur rug barróg
ar a dearbhshúir gur phog agus gur dhiúrn í.



Is iomdha caoi le fáilte chur roimh dhuine. Tá daoine
ann agus dá mbaintí geit asta níorbh fheárr leó rud a
ghnithidís ná bualadh maith thabhairt do'n té bhí i gconta-
bhairt. Ba é sin a fhearacht ag Máire. Thug sí Liúradh
Choineacháin do'n Bhúrla le fáilte chur roimhe. Marach an
sean-leomhan, bheadh an Búrla bocht chomh dubh le daol
n-a diaidh.



Cheap a chéile agus a chlann nach raibh splannc fágtha i
gcloigeann an tseanleomhaih agus peata eile thabhairt
abhaile chúca. Ní raibh fhios cá stadfadh sé, an t-amadán!


L. 51


XXIII.



Gan súile ubhlacháin bheith i do cheann ní mórán d'fheadthá
fheiceál i bpluais na leomhan acht amháin nuair a bhíodh an
ghrian an-árd sa spéir. Tráth bhíodh d'fhéadthá baramhail
a thabhairt ar dhéanamh na háite mar bhíodh na maidí gréine
anuas ann trí phollaibh beaga bhí san díon.



Ba dheacair do dhuine an phluais fhághail gan treóraidhe.
Bhí a béal faoi bhun aille móire cloiche, agus póirse
fada cam cumhang ag dul isteach ann. Dóib bhog dhearg
bhí i mballaibh an phóirse seo agus n-a dhíon, acht istigh sa
bpluais féin clocha beaga agus fréamhacha crann is mó
bhí le feiceál. Bhí an dóib bhog dhearg sa bpluais féin
freisin, agus i ndiaidh iséasúir na básitighe bhíodh slam-
anna móra dhi ag tuitim anuas ar mhullach na leomhan.



Chomhnuidh na leomhan san bpluais seo le fada
d'aimsir de réir cosamhlachta. Bhí carnán mór cnámh ag
béal na huaimhe ghá thuaradh le gréin agus le báistigh.
Cnámha na mbeithidheach d'ith na leomhain le n-a cíantaibh
bhí annseo. Ní raibh acht corr-ainmhidhe sa bhforaois nach
raibh cnámh le sinnsir éigin leis le tabhairt faoi deara
annseo ar phlásóig na bhfleadh. Bhí cnámha geala droma
ann bhí gan smior gan smúsach le n-a céadta bliadhan,
agus cinn eile a raibh cuid bheag de'n fheóil fágtha ortha
fós féin. Bhí cloigne agus cosa agus glúine agus
rúitíní agus loirgne caithte ar mhullach a chéile ann.
D'fheictheá ceann asail ag déanamh mór le cnámh droma
daimh, agus loirgne capaill fhiadhain n-a luidhe go socair
ar easnachaibh an chineáil gabhair bhí le fagháil san bhforaois
seo. Dubhairt Máire Bhán gur thug sí plaosg fir duibh
faoi deara ann. D'aithnigh sí gur fear bhí ann ar a fholt
agus ar a fhéasóig sgáinte. B'iongantach an goile bhí ag
clainn leomhan agus an lear mór feóla sin a ithe!



Ba mhór an fás bhí san lusra timcheall ar an gcarnán
gránda seo Bhí féar ann bhí i bhfad níos aoirde ná an
Búrla. Is minic théidheadh sé amudha ann agus chluintheá
ag sgréachghail é le eagla. Nuair a bhíodh Máire Bhán


L. 52


féin ann ní fheicfidhe acht bárr a cinn ós cionn na lusra.
Bhí crann mór géagach ag béal na pluaise, agus ní raibh
aon chineál éanlaith dar mhair san bhforaois nach mbíodh
ag ceileabhar ann le eirghe an lae. Mara ngabhtha
anfhada isteach san bpluais le codladh dhéanamh dúiseó-
chaidís thú le n-a gcuid ceóil ar maidin.



Ní raibh acht droch-solus san bpluais acht faoi mheadhon
lae. Annsin d'fheictheá préamhacha na gcrann ag fás
anuas ort agus ag iarraidh breith ort le méaraibh fada
cama caola. Is minic chuaidh folt Máire i n-aimhréidh
sna fréamhachaibh seo.



Ní raibh fhios cén méad mór bhí san uaimh seo. Bhí
cuasanna agus póirsí agus bóithríní fada cama ag dul
isteach faoi'n talamh acht bhíodar chomh dubh dorcha duaibh
seach sin nár fhéach Máire ná an Búrla cé'n fhad
ionnta.



I gceann de na cuasannaibh dorcha seo bhíodh comhnaidhe
ar Mháire. Bhí crann mór éigin ag fás ós a chionn, ba
chosmhail, mar bhí na fréamhacha anuas ann, agus toirt mór
sna fréamhacha ba mhó. Ní fhaca an cailín beag aon
chrann i nÉirinn bhí chomh mór leis na fréamhachaib seo.
Bhí áit shocail aici ann, mar níorbh fhada san áit í go
dtug sí isteach gabhail fhéir agus rinne nead sheasgair dhi
féin.



Le n-a sheancharaid, leis an leomhan mór is mó chaitheadh
an Búrla an aimsir. Ba mhó an cion bhí ag leomhan ar
an mBúrla ná bhí aige as a ál féin. Ní sásóchadh aon
rud é acht an Búrla theannadh isteach chuige gach oidhche
ag dul a chodladh dhó. An cuas n-a mbídís ní raibh sé
ró-fhada ó neid Mháire, agus is minic chluineadh sí an
leomhan ag srannadh san oidhche nó a dearbhráthair ag
cogarnghail thrí n-a chodladh. Ní bhíodh cor dá gcuireadh
an beithidheach mór allta dhe i gcaitheamh na hoidhche nach
gcluinfidhe i gcuas Mháire, agus thigeadh sgannradh uirthi
go raibh sé ar tí a dearbhráthair a alpadh. Acht beag an
baoghal bhí air. Bhíodar rócheanamhail ar a chéile.



Ní ró-bhuidheach bhí a chéile dhó go raibh an bheirt pháisdí
faoi n-a choimirce aige. Bhí a dóthain le déanamh aici


L. 53


agus soláthar dhó roimhe seo; acht anois bhí beirt eile
ann. Ag dul i n-aois ag dul i mbaois, deireadh sí
léithi féin.



Acht bhí a mhalairt de sgéal aice sul i bhfad. Ag dul
i bhfluiche agus i mboige bhí an dóib bhí sna ballaibh agus
i ndíon na pluaise. Bheadh ortha a dhul ar thóir pluaise
eile marach Máire. An cuas codalta bhí ag an mbain-
leomhan ba mheasa. Gach uile mhaidin dá n-eirgheadh
uirthi bhíodh ualach maith dóibe fluiche ar a druim. Acht
chuimhnigh Máire ar bheart rinne an áit te teolaidhe tirm
dhi. Thug sí isteach lán a gabhail de na cnámhaibh geala
bhí ag béal na pluaise agus thosaigh ghá sáthadh san dóib
ós cionn leapthan na bainleomhan mar sháithfidhe spala
beaga i moirtéil. Choinnigh na cnámha an dóib ó bheith ag
tuitim anuas uirthe.



Ba mhór an caitheamh aimsire ag Máire agus ag an
mBúrla an obair seo, agus ní fhada go raibh an phluais
go maiseach agus go hornáideach aca le cnámha beithidheach
éagsamhail, gur ceapadh go raibh ciall ag an seanleo-
mhan mór chomh maith le neart.



Ag dul i méid a bhí a chliú imeasg a mhuinntire.



XXIV.



Acht bhí rún ag an leomhan mór aosta nár leig sé le
neach ariamh. Fuair an Búrla eólas ar a rún ar an
gcaoi seo:-



Bhí sé féin agus an leomhan n-a gcodladh le chéile sa
bpluais oidhche mar ba ghnáthach. Bhíodar tar éis béile
mhór ithe. Feóil shearaigh capaill bhí aca, agus ruaine
beag de bhrocfheóil bhí fágtha ó bhéile na maidne. Agus
bhí an chosamhalacht orra gur itheadar a sáith de'n dá
bhiadh, mar bhí béal an Bhúrla agus béal an tseanleo-
mhain sméartha le fuil



Bhí an leomhan mór n-a chodladh go sámh agus a dhá
chois tosaigh timcheall ar an mBúrla. Bhí seisean n-a
dhúiseacht acht dá mbeadh fonn air imtheacht ó bharróig


L. 54


chruaidh a charad ní fhéadfadh sé. Bhí sé sásta mar bhí
ámhthach. Bhí cuid mhaith de'n oidhche caithte agus ní raibh
aon chodladh ag teacht air. Bhí an t-earrach ann faoi seo,
agus an-chuimse crumh le feiceál thart timcheall ar úrlár
na pluaise, agus iad ag sgeitheadh soluis uatha. Is dóca
gurab é an chaoi gur ith an Búrla bocht an iomarca de'n
fheóil shearraigh, mar ní raibh a ghoile ar fognamh, agus
néal níor tháinig air. Chuala Máire Bhán ag osnághail
agus ag cneadghail é i gcaitheamh na hoidche.



Tháinig codlad air ar theacht na maidne, agus thosaigh
sé ag brionglóidigh:-



Sa mbaile bhí sé n-a árus féin i nGaillimh. Bhí sé n-a
suidhe cois teine mhóna agus a athair agus a mháthair n-a
chuideachtain. Ina shuidhe ar ghlúin a athar bhí sé agus
srón mhór fhada iolrach an duine uasail sin buailte le
n-a leicinn féin. Bhí a mháthair ag cur di go tiugh agus
a athair ag éisteacht léithi go foighideach.



Thuit néal ar féin agus é n-a shuidhe ar ghlúin a athar.
Rug sé ar fholt mór a athar, mar shil sé, acht ar ndóigh
is i ngreim i muing an tseanleomhain bhí sé i ndá
ríribh.



Chuir an leomhan cor de. Níor bhreágh leis duine ná
ainmhidhe bheith i ngreim muinge ann. Ní raibh sé de
cheart ag éinne bheith ag déanamh mór leis ar an gcaoi
sin. Chuir sé drann agus snaois air féin. Nach é an
Búrla bhí dána leis! Chaitheadh sé deaghbhéasa mhúineadh
dhó, an liurachán mí-mhúinte!



Acht níor dúisigheadh an Búrla. Níor dúisigheadh an
seanleomhan acht oiread. Bhí an iomarca ithte aige, agus
bhí an díthleaghadh dhá chrádh. Ní dheárna sé, acht a chab
mór a bhogadh roinnt. D'osgail sé a bhéal mar bhéadh sé
dá shearradh féin, agus níor dhún i gceart arís é.



Bhí méara an Bhúrla i bhfastodh sa mhuing mhóir lomraigh,
acht d'eirigh leis iad a sgaoileadh ar bhealach éigin, agus
cá sáitheadh sé dorn leis acht i gcab osgailte an leomhain



Thuit cineál cruimh anuas ar shróin an Bhúrla agus
dúisigheadh go tobann é. Ceann de na crumhaibh ba
sholusmhaire dá raibh le fagháil bhí ann, agus thosaigh na


L. 55


cinn eile bhí ar fud an úrlair ag cruinniughadh timcheall
air. Chomhair an Búrla deich gcinn díbh ar shróin an
leomhain, agus a lóchran féin ag gach ceann díbh.



Ní chreidfidhe acht an solus maith bhí ag an mBúrla ar
dhúiseacht dhó.



Thóg sé a cheann de bhrághaid an leomhain go bhfeiceadh sé
na hailleáin bhí ag tabhairt an tsoluis dhó, agus dhearc
sé isteac i mbéal an tseanleomhain agus síos n-a
sgórnach mhór dhearg.



Tháinig iongantas an domhain air. Ní raibh fiacal i
i gceann an leomhain! Rinne sé srúdughadh níos beaichte
ar a charaid.



Ní raibh iongan ar a chrubaibh acht oiread!



Bhí a ghléas comhraic agus cosanta caillte ag an sean-
leomhan a raibh an cháil mhór troda air! Ní raibh ann troid
a dhéanamh dá dtogróchadh sé féin é. Bhéadh an beithidheach
ba lugha ann i n-ann a chlaoidh dá mbéadh fhios aige é!



Bhí truaigh ag an mBúrla dá charaid. Ní eisean a
sgeitheadh air. Dá gceaptaoi nach raibh ann é féin a
chosaint ba gheárr a ré. Ní raibh gléas cosanta aige
anois acht a cháil.



Tuigfear ó'n méid seo cé'n fáth nach ndeárna sé
troid leis na ciantaibh, tuigfear cé'n fáth nár osgail
sé a bhéal ariamh i láthair comhluadair, tuigfear cé'n fáth
go mbíodh sé ag ithe agus n-a codladh leis féin i gcuas
faoi leith san bpluais, agus bíodh an truaigh cheadna
againn-ne do'n tseanseadaire chaill a ghléas troda is
bhí ag an mBúrla dó.



XXV.



Ní chreidtheá acht a mhuinnteardha is d'eirigh na gasúir
agus na leomhain 'n-a dhiaidh seo. Ní fheicfidhe an sean-
leomhan (nó Deaideó mar bhíodh ag an mBúrla air) i
n-aon áit gan an Búrla féin bheith ag sodar n-a dhiaidh
ar nós coileáin gadhair. Ní siubhal maith ná cainnt
mhaith bhí ag an mBúrla an lá do b'fheárr bhí sé, agus is
iomdha leadradh loineacháin gheibheadh sé ó n-a mháthair


L. 56


mar gheall air é bheith ró-thugtha do shodar na gceithre
gcos! An créatúr bocht! Bhíodh air eirghe ar a dhá chois
deiridh ar nós duine, agus ar ndóigh, ba mhór an obair
air sin, mar bhí galar cnámh éigin a gabhail dó ó n-a
óige d'fhág na cosa lag cam aige. Nuair bhíodh sé n-a
sheasamh agus a dhruim leat, cheapthá nach raibh ann acht
cabhail a mbéad fonnsa feóla fúithe. Ba mhó an leithead
bhí san bhfonnsa seo ná an aoirde. Cheapthá nár thaithnigh
glún leis, leis an nglúin eile, agus go rabhadar ag
síoriarraidh imtheacht ó chéile!



Ní raibh spóirt ba bhreághtha le buachaillíbh óga n-a bhaile
féin ná gadhar beag oilte bhí ag duine aca a chur ag
léimnigh trí chosaibh cama an Bhúrla gan teangmháil leis.
Tháinig bean an Chaiptín Mhongaigh ortha lá agus an
maidrín ag tabhairt na léim thríd an bhfonnsa feóla bhí
faoi chabhail bhig an Bhúrla; bhí sé chomh cliste ag tabhairt
na léim is bhíos na mná aiclidhe feictear ag léimnigh thrí
fhonnsa de mhuin chapaill i dtasbáinteas, acht nuair a
tháinig an mháthair ortha…



Óir bhí an déanamh sin ar chosaibh an Bhúrla ba réidhe
leis go mór gluaiseacht ar nós na n-ainmhidhe bhí n-a
thimcheall. Agus sin é rinne sé. Ní fheicfidhe n-a
cheart-sheasamh é acht corr-uair.



Bhí stad cainnte ag gabhail dó mar an gcéadna. Bhíodh
sé ag casadh na bhfocal n-a bhéal agus ghá n-ithe mar
deirtheá, agus an chuid díobh d'éaluigheadh uaidh, is rí-
mhinic nach n-aithneochaidhe go mba focla iad ar chor ar
bith, bhídís chomh lúbtha casta sin aige i ndiaidh na cogainte
bheireadh sé dhóibh.



Bhí sé dona go leór sul ar fhág sé an baile, acht nuair
bhí tamall maith curtha dhe aige i bhforaois na leomhan ní
chluinfidhe uaidh acht glam agus tafaint agus sgréachghail
na n-ainmhidhe le n-ar chomhnaigh sé. Bhí sé i n-ann aithris
a dhéanamh ar Dheaideó, ar a ghlam agus ar a iomchur
agus ar na nósaibh éagsamhla eile bhí aige. Bhíodh sé n-a
shuidhe ar a ghogaide ag béal na pluaisc go minic ag
féachaint ar Dheaideó, agus ní thiocfadh athrughadh i n-ead-
an an bheithidhigh mhóir nach dtiocfadh athrughadh da réir i


L. 57


ngnúis an ghasúir. Dá gcaochadh Deaideó súil, chaochadh
an Búrla súil freisin. Dá mbogadh sé a bhéal do bhogadh
an Búrla a bhéal féin ag leigint air gur ag gáiridh bhí sé
An greim bog bhí aige ar dtús ar chanamhaint agus a
nósaibh daonna, bhí sé ghá lagadh i ndiaidh a chéile.



Ní maith a réidhtigh biadh na leomhan le Máire Bháin i
dtosach báire, cé go dtáinig sí isteach air leis an aimsir.
Acht maidir le n-a dearbhratháir, ní cheapthá gur bhlas sé
ariamh de aonfheóil bhí chomh taithneamhach le feóil mhoncaigh!
Dá gcaitheadh Deaideó crúibín gadhair allta chuige bhíodh
sé ag imtheacht as a chraiceann le ríméad! Bhí sé i n-ann
an oiread ithe le ceann de na coileáin óga, nó i ngar
dhó, agus ba mhór an greann é fheiceál ag iarraidh cnámh
a ghoid ó choileán na leath-shúile, tráth a mbíodh an biadh
gann aca.



Ní raibh sé i n-ann aon bheithidheach dár chomhnaigh san
bhforaois a ionnsaighe acht na cinn ba lugha. Bhí tréad
mór d'ainmhidhthibh bidheacha a raibh déanamh coiníní ortha
n-a gcomhnaidhe faoi thalamh i ngar de phluais na leoinan.
Ní thigidís amach acht le tuitim na hoidhche. Bhí coisigheacht
an-mhaith aca agus bheadh sé fánach ag an mBúrla bheith
ag iarrardh breith ortha ar an gcaoi sin. Acht d'fhoghluim
sé cleas eile ó bheith ag féachaint ar na madraibh allta
ar thóir an bhídh. D'fhanadh sé n-a luidhe go socair sa
bhféar agus san lusra ag béal na bpoll, gan cor gan
car as, agus is minic d'eirigheadh leis breith ar cheann
díobh ar fhágáil a phuill dhó. Thachtadh sé é, sméaradh sé
a bhéal agus a éadan le n-a chuid fola agus bheireadh sé
go dtí an phluais é n-a bhéal, ag leigint air féin go raibh
gníomh mór gaisgidheachta déanta aige agus breith air
ar an gcaoi sin.



XXVI.



Thug sé beithidheach beag de'n tsort seo abhaile leis
oidhche. Bhí Deaideó sa mbaile roimhe agus sin a raibh.
Bhí an mhuinntir eile ag imtheacht ar fud na foraoise ar
lorg bidh. Acht bhí cosamhlacht ar Dheaideó nach dteas-


L. 58


tóchadh béile uaidh go ceann ráithe bhí an oiread sin
ithte aige.



Chaith an Búrla an beithidheach beag a mharbhaigh sé féin
ag cosaibh an tsean leomhain. Leag seisean srón air,
acht sin a rinne sé. Níor bhlas sé dhe. Níor biadh dhó é.
Tháinig múisíam ar an mBúrla nár blasadh de'n bhiadh
d'eirigh leis féin thabhairt abha le. Ba mhór an masla é.
Is beag nár bhris a ghol air. Amach leis, ar eagla go
bhfeicfidhe a chorra ghthe is bhí sé, agus cé d'fheiceadh sé
n-a suidhe ag béal na pluaise acht a dearbhshúir agus í
ag déanamh fleisg de noinínibh, le solus na gcrumh
lóchranach bhí bailighthe ag béal na pluaise.



Bhuail sé faoi ar an talamh n-a haice, agus ó bhí olc
air níor thaithnigh an obair bhí ar siubhal aici leis. Ní
dheárna sé acht an fleasg bhí beagnach fighte aice a
tharraing uaithe agus a réabadh ó chéile uirthi Má
tharraing agus má réab, fuair sé leadradh maith mar
luach saothair uaithi.



Ba mhó an gean bhí aige ar Mháire de bhárr na bpalltóg
thug sí dhó, agus an beagánín beag cainnte bhí fágtha
aige tháinig sé ar ais chuige go breágh. Chaith sé a dhá láimh
timcheall ar mhuineál a dhearbhshúra agus thosaigh air ag
innséacht dí nár thaithnigh na leomhain leis, go raibh gráin
aige ar Dheaideó, go raibh faoi éalughadh uatha, go rachadh
sé abhaile chuig a mháthair agus go n-innseóchadh sé dhí
nach mbíodh Máire mór leis, agus annsin. "Sáithfear
isteach i bpoll dorcha thú," ar seisean, "agus beidh tú
gan biadh gan solus le do shaoghal."



Níor chuir an Búrla an oiread sin focal i ndiaidh a
céile ó d'fhágadar an Bhrídeóg agus ba mór an luthgháir
tháinig ar Mháire iad a chlos uaidh. Comhairligheadh dhi ar
fhágáil na Brídeóige dhóibh sna dabhaigh máithreacht
dheanamh dhó, acht níor eirigh léithi acht go dona. Ba mhor
an gar nach raibh a urlabhra caillte ar fad aige!



Shíl sí a thuilleadh cainnte bhaint as acht theip uirthi
glan. Ba mhó an tsuim bhí aige sna cruimh solusmhara
bhí timcheall ortha ná i mbriathraibh Mháire. Níor fhéad sí
siolla eile bhaint as. Ní uirthi bhí a áird ba chosamhail


L. 59


acht ar ghlórthaibh na mbeithidheach allta bhí le clos aca ó
áirdibh na foraoise ag sgréachghail agus ag béiciughadh
gach n-aon díobh de réir a dhuthchais féin.



Tháinig cumha ar Mháire nach raibh neach ann labhradh
léithi. Bhain sí cainnt as an mBúrla cheana nuair thug
sí an leadradh mór dhó.



"Buailfead arís thú mara labhraidh tú liom," ar sise
leis.



Níor labhair.



Thug sí palltóg eile faoi 'n gcluais dhó.



"'Nois a labhraidh tú líom?" as sise go nimhneach.



Shíl an Búrla bocht nach raibh acht éagcoir sa saoghal.
Bhí na smaointe céadna n-a cheann is bhí an lá fadó
bualadh é i nGaillimh mar gheall ar a chísde chailleadh.
Níor fhéad sé na smaointe dubha sin a nochtadh thrí briath-
raibh, acht marar fhéad bhí a rian le feiceál n-a ghnúis le
solus na gcrumh.



Bhog a bhéal. Bhog na súile. Tháinig dhá dheóir mhóra
faoi gach súil díobh. Bhí liopa mór creathach air. Bhí
fad nach gnáthach n-a cheannachaibh. Anois agus arís, do
éaluigheadh orna lag nach gcloisfidhe acht le duadh uaidh.



Bhí Deaideó ag béal na pluaise agus é ag sgrogadh
a mhuineáil ag iarraidh iad fheiceál. Ní fhaca sé a
leithéid de bhail ar dhuine ná ar beithidheach le n-a bheó.
Céard a bhí ar siubhal aca ar chor ar bith?



Sgaoileadh an greim bhí ag an ndeór mhór san tsúil,
agus siúd le fánaidh é go réidh mall. Acht má d'éaluigh
an deór sin, tháinic ceann eile n-a ionad gur sgaoileadh
é sin mar an gcéadna. Chuaidh naoi gcinn díobh le
fánaidh leicinne an Bhúrla gan móran achair, agus loinnir
mhaith i ngach ceann díobh.



Ba mhór é iongantas an tseanleomhain a chara beag
fheiceál ag sileadh seód fliuch! Thug sé an phluais air
féin agus thosaigh ag machtnamh ar an sgéal.



Agus na cruimh bhochta sholusmhara, is beag nár báitheadh
a lán díbh!



Nuair tháinic a chéile abhaile chuige thar éis bheith ag
fiadhach ar fud na foraoise ar feadh na h-oidhche, chaith an


L. 60


seanleomhan tamall fada n-a fochair n-a cuas féin. Ag
cur síos ar na seódaibh áilne do shil an Búrla bhíodar
gan aimhreas! Ní chreidfeadh a chéile an sgéal uaidh i
dtosach. B'éigin dó greim maith bhaint as a cluais leis
an fhirinne a chur n-a luidhe uirthi! Chreideadh sí a
n-abruigheadh sé n-a dhiaid sin. Na coileáin bhí ag
éisteacht leis an gcomhrádh, cheapadar go mba bhreágh an
rud é dá bhféadaidis féin seóda dá saghas a shileadh, acht
níor fhéad.



B'é sin céad chaoineachán an Bhúrla i bhforaois na
leomhan.



XXVII.



Ní raibh leath a sháith guil déanta ag an mBúrla gur
éalaigh sé leis ó Mháire Bháin, agus siúd ar aghaidh é go
ráinig imeall na coille. Níor mhothaigh sé dealg ná
cloch ghéar le chomh tiugh garbh is bhí an craiceann ar a
ghlúnaibh agus ar a bhosaibh ó'n lámhacán chleachtuigheadh



Bí machaire áluinn ar imeall na foraoise agus abhainn
mhór mhall ag gluaiseacht thríd. Bhuail sé faoi ar
phlásóig aoibhinn cois na haibhne seo. Bhí an ghealach lán
san spéir, agus an mhuir mhór n-a braithlín luaimneach
solusmhar ós a chomhair amach. Acht ní ar an muir ná ar
an ngealaigh ná ar an abhainn bhí a áird, acht é ghá thachtadh
le brón agus le doilgheas croidhe. Tháinig rabharta mór
cumha air go raibh sé i bhfad ó n-a mhuinntir. Bheireadh sé
a raibh aige bheith sa mbaile arís. Bhí gráin aige ar na
hainmhidhthib, ar Dheaideó, ar Mhaire féin. Dá mbeadh a
bealach féin aige ceann ní fhágfadh ar bheithigheach ná ar
dhuine!



Bhí an chloch theine go fluirseac ar bhruach na haibhne.
Rug sé ar chloich díobh agus shocraigh go deas sa talamh í.
Annsin thosaigh air ghá bhualadh le ceann eile leis an
aimsir a chaitheamh dhó féin.



Níorbh fhada gur leig sé air gur ceann námhad bhí ghá
bhualadh aige.


L. 61


"Anois a Dheaideó, nach n-íosaidh tú an fheóil bhronnfas
mise ort!" ar sé ag bualadh an dá lic i n-aghaidh a chéile
go nimhneach gur bhain teine asta.



Ba mhór an sásamh dhó sin.



"A Mháire shalach a' mbainfidh tú gol asamsa arís!"



Tháinig an chloch bhí n-a láimh aige anuas go trom ar an
gcloich eile, ar cheann Mháire mar dh'eadh.



"A mhoncaigh na sróine guirme a' gcuirfidh tú ionga
'mo cheathramhain aris!"



Bhain sé splannc as na clochaibh



Bhí séasúr na triomachta ann, agus bhí an caonach agus
an críonlach bhí thart timcheall chomh tirm so-fhadaighthe le
púdar gunna. Thuit splannc sa gcaonach agus ba ghearr
go raibh sé fré theine.



Ní fhaca an gasúr teine ó d'fhág sé an Bhrídeóg agus
ba mhór an luthgháir bhí air na lasracha breágha fheiceál arís.
Bhailigh sé a raibh de bhrosna agus de chríonlach coille i
bhfogus dó agus d'fhadaigh teine mhór.



An ghaoith anoir ó'n bhfairrge bhí ann an oidhche sin, agus
ba gheárr gur fríth baladh an toiteáin san bhforaois. Ní
raibh an baladh céadna sin ann cheana, le cuimhne an
ainmhidhe ba shine dá raibh ann agus thosaigheadar uile ag
déanamh ar an áit go bhfeicfidís céard a bhí ar siubhal.
Bhí an oiread sin iongantais ortha gur dhearmad na cinn
fhíochmhara na cinn chiúine a ionnsaighe.



Tháinig an tíogar nimhneach fealltach agus cé bheadh le
n-a ais acht an gabhar coille nár chuir diúil i bhfuil ná i
bhfeoil ariamh; bhí giraf an mhuineáil fhada ann agus a
cheann sa naér go mórdhálach aige; bhí an t-elefant ann
agus toirt tighe bhig ann; bhí míolta beaga ann nach
bhfeictear acht go hannamh agus iad ag caochadh súl ar a
chéile; bhí an clann mhoncaigh an ár ndóigh, agus iad chomh
solumhanta le crochaire óg. Bhí cineál bradán san
abhainn ar gnáthach leó a gcinn bheith ós cionn uisge san
oidhche, agus dhruideadar leis an mbruach ag féachaint ar
an iongantas, acht ba ró bheag an mhoill ortha iad fhéin a
thumadh faoi 'n uisge nuair tháinig crogal mór gránda
an bealach le lán a dhá shúil bhaint asta!


L. 62


Nuair chonnaic sé an comhluadar bhí bailighthe timcheall
ar an teine, d'osgail sé a chab mor amhail is dá mbeadh
sé ar tí ceann aca a alpadh.



Bhí moncaigh beag gorm ann. agus ní shásóchadh aon rud
é acht breith ar mhaide bhí thrí lasadh, agus é chasad
timcheall ar a cheann go beó tapaidh go raibh cearcall
lasrach ós a chionn.



Theangmhaigh na lasracha seo le meigeall liath phocaide
gabhair aille bhí i bfogus dó, agus bhain seisean as ag
béiciughadh agus ag sgréachghail. Céard ghnitheadh an poc
acht aghaidh a thabhairt ar thum feósaidhe bhí i n-aice na
háite gur chuir sé an lusra thirm fré theine!



Chuaidh na lasracha i méid agus i dtréise gan móran
achair. Cuid díobh bhí ag eirghe san aér ar nós teangacha
bána beódha, fuaireadar greim ar ghéagaibh íochtaracha na
gcrann lom; cuid eile díobh bhí ag gluaiseacht leis an
talamh bhaineadar rinnce as na hainmhidhe ar theang-
mhaigheadar leó!



Ghabh aon smaoineadh amháin an dáil bheithigheach, agus
bhaineadar as ins na cosaibh 'n-áirde agus an uile cheann
díbh ag sgréachghail de réir a chineáil agus a dhúthcais féin.



A leithéid de ghleó ná cloistear arír choidche!



Gaoith anoir bhí ann agus séideadh an teine go breágh
go raibh an roinn sin do'n fhoraois bhí thiar ndeas o'n
abhainn i n-aon toiteán amháin.



Bhí an sugh ag eirghe i gcuid de na crannaibh agus
chuaidh sé righte leis na lasrachaíbh greim fhaghail ortha
siúd. Acht fuair sa deireadh, agus is annsin d'fheicfidhe
na lasracha beódha ag eirghe sa spéir ós cionn na foraoise
agus dath faoi leith ar an lasair d'eirigheadh ó gach cineál
crainn dá raibh ann, mar bheidís ag iarraidh bárráilneachta
bhreith ó chéile le éagsamhlacht a ndathaidheachta.



XXVIII.



Ba mhór an gar do'n Bhúrla nach raibh crann ná tom
ná críonlach idir an teine agus an fhairrge. Dá mbeadh
ní saoghal fada bheadh aige.


L. 63


Bhí teas chómh mór sin ó'n toiteán go mb'éigin dó an
tráigh thabhairt air féin ar eagla go losgfaidhe n-a
bheatha é.



Acht i bhfad sul a raibh aon mhéid san toiteán fuair
Máire Bhán an baladh, agus rinne sí air as nós na
n-ainmhidhe eile, acht theip uirthí ionad an fhaduighthe bhaint
amach leis an teas agus leis an ndeatach bhí ó'n áit.



Chuaidh sí thar an abhainn sa snámh agus rinne sí an
bealach maith go leór go raibh sí ar aghaidh an tóiteáin
ar an mbruach thall.



Bhí an Búrla n-a cheart-sheasamh i n-aice na teine, ar
thaobh na gaoithe, agus an moncaigh beag a raibh an maide
bhí thri lasadh aige, i ngar dhó. Bhí Máire ag ceapadh i
dtosach nárbh é an Búrla bhí ann ar chor ar bith acht diabhal
óg coille leis an dath iongantach bhí ar a chraiceann ó na
lasrachaibh. Acht d'aithnigh sí é ar a dheanamh, agus ar
chaime a chos: ní fhéadfadh aon diabhal dar mhair i gcoill
ná i n-ifreann bheith chomh cam ná chomh búrláilte leis.



D'fhógair sí air fanacht amach ó'n teine acht sin a raibh
de mhaith aici ann. Ní dócha gur chuala sé ar chor ar bith í



B'fhéidir gurabh é an sgread leig Máire ar a dear-
bhratháir sgannraigh na beithidhigh: bhíodar go socair sásta
gur sgréach sise.



Nuair nár thug an dearbhratháir aon áird uirthi thug sí
léim isteach san abhainn le dul anonn chuige sa snámh le
n-a thárrtháil. Acht nuair a bhí sí sa gcuilith, céard d'fheic-
feadh sí faoi'n mbruach thall agus a smut ós cionn an
uisge aige acht crogal mór uathbhásach,



Bhí snámh maith aici, acht is beag nár chaill sí lúth na
ngéag leis an uathbhás tháinig uirthi ar fheicheál na hiol-
phéiste seo dhí. D'iompaigh sí ar a druim, siúd léithe le
sruth. Acht mo mhairg! Bhí an iol-phéiste ag dul le
sruth freisn, agus súil dá shúilibh bídeacha nimhneacha
sáithte aige innti! Nach aige bhéadh an béile maith
milis thar éis na hoidhche!



Shíl sí a dhul i n-aghaidh an tsrotha; acht ba mhór an
obair uirthi é. Dá mhéid a saothar, ní dheárna sí an
bealach acht go dona. Bhí sí tuirseach tnáithte. Ní


L. 64


raibh innti buille eile snámha thabhairt, nuair chonnaic sí
crann mór bhíodh ar bhruach na h-aibhne agus a leagadh
agus a losgadh ag déanamh uirthi. Bhí cuid de ghéagaibh
an chrainn seo thrí theine fós féin agus deatach mór
agus lasracha leath-mhúchta agus gail ag eirghe asta.



D'eirigh léithi a dhul i n-áirde ar an gcrann mór seo.
Níorbh mhaith an mhaise ag an gcrogal é: nuair chonnaic sé
an "gailteán" seo ag druidim leis d'osgail sé a chab
uathbhásach le amhus thabhairt air. Acht níor thuig sé cé'n
fuinneamh mór bhí ann, agus sgóilteadh a chloigeann mór
glas n-a dhá leith. Cheap Máire gur ag bádoireacht ar
abhainn fola bhí sí, leis an dath tháinig ar an uisge tar
éis bháis na péisde.



Ní raibh aon fhaitchíos ar Mháire anois acht go sguab-
faidhe amach san bhfairrge í. Shíl sí an t-uisge thabhairt
uirthi féin arís, acht bhí fhios aici nach bhféadfadh sí an
bruach bhaint amach dá feabhas an snám bhí aici, mar bhí
suas le leathmhíle de láib bhuig idir an abhainn agus an
bruach ar an dá thaobh, agus ní fhéadfadh coinín féin
siubhal ar an láib sin.



Thuit an croidhe uirthi. Ní raibh aon bhas i ndán di acht
bás leis an ocras ar dhruim na bóchna,



Thosaigh sí a rádh a cuid paidreacha go dúrachtach. Ní
raibh aon phaidir dar chuala sí ariamh ó n-a máthair sa
mbaile ná ó'n tSiúir Máire Aindréis san gcoinbhint i
nGaillimh nár dhubhairt an créatdhr.



Acht is giorra cabhair Dé ná an doras, deirtear. Bhí
cineál cortha i n-aice le béal na haibhne, agus clocha
móra ann. Bhí an srúth láidir agus ní fhada go raibh a
"gailteán" greamaighthe idir dhá chloich.



Bhí léithi anois. Shroich sí an bruach gan duadh, thug
áltughadh do Dhia a shábhail í ó'n mbás agus annsin chuaidh
i laige ar an bhféar.



Cheap an Búrla go raibh a dhearbhshúir dílis marbh nuair
chonnaic sé í n-a cnap ar an talamh agus thosaigh sé ghá
caoineadh.



Mhúsgail a eighme guil í. D'eirigh sí aniar, dhearc
idir an dá shúil air, agus thosaigh an bheirt aca ag gáiridh.


L. 65


XXIX.



Thar éis dúiseacha do Mháire, chuadhadar beirt isteach
i sgailp ar an tráigh 'n áit nach raibh aon bhaoghal ortha
ó'n toiteán. Theannadar isteach le chéile go lághach
carthanach, acht níor labhradh smid go raibh a gcéad-eagla
curtha díobh aca acht iad i mbarrógaibh a chéile ag féach-
aint uatha ar an toiteán millteach agus ar na lasrachaibh
fada bhí ag eirghe sna spéiribh íochtaracha, agus ag
éisteacht le búirghíl cráidhte na mbeithidheach bhí ag iarraidh
éalughadh leó ó'n ár.



Bhí an Búrla bocht go bolgshúileach agus a cheann
leighthe isteach aige ar ghualainn Mháire Bháin. Cuireadh
sé creathadh dhe ó am go ham, agus nuair a mhothuigheadh
Máire an creathadh chuireadh sé dhe, d'fháisgeadh sí isteach
léithi féin é Bhí solus maith aca san sgailp, acht níorbh
ó'n ngealaigh ná ó na réaltaibh é, acht ó na crainn mhóra
bhí ar n-a losgadh timcheall ortha. Ní hé an dath céadna
bhíodh ar an solus i gcomhnaidhe acht oiread: uaireannta
nuair d'osgluigheadh an Búrla na súile d'fheiceadh sé dath
chomh dearg sin ar chraiceann Mháire is go gceapadh sé
gur ag tabhairt fola bhíodh sí; uaireannta eile bhíodh sí
chomh bán le sneachta aon-oidhche, agus do shíleadh sé gur
ag fagháil bháis bhíodh sí. Níor thug sé faoi deara na
dathanna ceanan céadna bheith ar a chraiceann féin.



Ós a gcomhair amach, i n-aice leis an abhainn, bhí doire
beag. Ní raibh crann ná sgeach le feiceál ann. Ní
raibh d'fhás ann acht féar fada feósaidhe. Chuaidh an
féar seo trí theine go luath san oidhche agus níorbh fhada
gur lomadh an doire beag. Na hainmhidhe bhíodh ag
arraidh teitheadh ó'n éirleach, dhéanaidis, cuid díobh, ar an
doire seo agus chídhtí iad ag rinnce agus ag léimnigh go
codramánta san doire, bhí an oiread sin teasa aníos
ó'n ithir loisgthe ann.



Is corr-ainmhidhe bhí ann a raibh sé de mheabhair ann
imtheacht leis i n-éadan na gaoithe agus éalughadh ó'n
toiteán uathbhásach ar an gcaoi sin; ó'n mboladh trom


L. 66


agus ó'n deatach bhí gha bplúchadh shílidís éalughadh, agus
ó bhí an toiteán idir iad agus an ghaoith, níor eirigh leis
na cinn nach raibh an choisidheacht aca acht go dona a
n-anama thabhairt leó, agus is iomdha sin ceann díobh
losgadh n-a bheatha. Ba mhór an truaigh bheith ag éisteacht
leis na sgreadacha leigidís nuair theangmhóchadh na lasracha
leó. Nuair a chluinead Máiré Bhán na gártha péine sin,
do theannadh sí a dearbhratháir bocht le n-a hucht agus
bhíodh ghá bhladar agus ghá mhealladh go máthardha ionnus
nach gcluineadh sé iad. Acht ba rí-bheag an mhaith dhe é.
Chluineadh seisean an sgréachghail truaighmhéalach, agus
do thuigeadh sé gurab é féin ba siocair leis an éirleach.



Ní fios cé na bolthaibh troma cumhartha bhí le fághail
ó'n toiteán ar an taobh thall do'n fhoraois; san sgailp
féin, do mhothuigheadh na páisdí é i n-éadan na gaoithé,
agus is beag nar chuir sé n-a gcodladh iad.



Bhí crann mór ar n-a losgadh taobh leó, nó i bhfoisgeacht
leith-chéad slat dhóibh, agus beithidheach a raibh iarball mór
sguabach air, ar nós an tsionnaigh, ag féachainth ar an
radharc áluinn. Leis an gcaoi a raibh a shrón i n-aér
aige, ba chosamhail gur thaithnigh an boladh go maith leis
Bhí na splannca ag eirghe sa spéir agus ag tuitim anuas
arís n-a bhfrasaibh. Tháinig splannc díobh anuas
ar dhruim an tsionnaigh, má's sionnach bhí ann agus nuair
a mhothaigh sé an teas i dtosach, leig sé sgséach uathbhásach
as, chúb sé é féin go raibh sé n-a liathróid, thug léim deich
dtroigh i n-aer acht ní raibh ann acht liathróid theineadh ar
theacht anuas dhó.



Bhí fáinne an lae ann nuair thuit a gcodladh ar an
mbeirt a bhí san sgailp.



Ar dhúiseacht do Máire ní raibh an Búrla n-a haic
Baineadh geit aisti. Gur losgadh n-a bheatha é, sin é shíl
sí i dtosach, acht ba mhór an luthgháir bhí uirthi nuair chonnaic
sí ar an tráigh é agus é ag iarraidh breith ar phortán.
Marar eirigh leis breith ar an bportán, d'eirigh leis an
portán a bhreith leis go dtí an sgailp — 'sé an chaoi a rug
an portán san gceathramhain air, agus dheamhan a ghreim
a sgaoileadh sé gur marbhuigheadh é! Agus an Búrla


L. 67


ocht ag béiciughrdh ar feadh an achair! Marar bhain na
í ainmhidhe allta, ná an toiteán mór, cainnt ná caoineadh
as an mBúrla, bhain an portán beag nach raibh chomh mór
le píosa leathchróineach. Nuair a chonnaic sé an fhuil,
shil sé nach leigheasóchaidhe go deó é!



Trí lá agus trí oidhche chuireadar díobh san sgailp
agus timcheall na trágha sul ar fhéadadar filleadh abhaile
go pluais na leomhan le chomh te is bhí an talamh.



Ag filleadh abhaile dhóibh, doba léir dhóibh cé'n sgrios
mór bhí déanta. Bhí án áit fré chéile n-a bhánfhásach gan
luibh gan luis. Bhí géaga agus duilleabhar na gcrann
uile dóighte, ní raibh acht corr-chabhail crainn n-a sheasamh
thall is i bhfus, n-aghaidh na spéire, agus é chomh dubh leis
an ngual. Na míolta coille nár eirig leó na cosa
bhreith leó ó'n ár, bhí a gcuid cnámh sínte ar an bhfód thall
is i bhfus. Bhí cuid díobh ann nár losgadh ar fad. Ba
mhór an gar é sin do'n bheirt. Is iomdha béile mhaith
feóla bhí aca. Go deimhin do'n té arbh fheárr leis róst
ná amh, ba mhór an áise an toiteán mhillteach!



Casadh beithidheach beag nach raibh chomh mór le coinín
ortha san tslighe. Bhí lorga a chos le feiceál go soiléir
san deannach agus san luaithre fágadh i ndiaidh an toi-
teáin. Bhí sé thar éis a theacht ba chosamhail, mar bhí an
uile rud n-a thimcheall dóighte. Shíl Máire theacht air i
nganfhios agus breith air, acht cheap sí nach bhféacfadh sí
leis, ó bhí sé ag féachaint idir an dá shúil uirthi agus alltacht
air. Acht bhí sé chomh sghannraighthe sin nár éalaigh sé
uaithi. Nuair rug sí air d'imthig an t-anam as leis an
uamhan bhí air.



D'itheadar beirt é, agus rinne Máire cranntabhail as
na feitheachaibh agus as píosa dá chraiceann, agus sul ar
shroicheadar pluais na leomhan bhí sí chomh clisde le haon
bhuachaill dár sheas ariamh ar dhroichead an Chladaigh i
nGaillimh ag caitheamh cloch leis na faoileáin.



Chonnacthas rian an toiteáin san spéir sna h-oiléain
allta i bhfogus dóibh; chonnacthas ar bórd na long bhí ag
seóladh fairrge é, agus chuir sé alltacht ar a lán.


L. 68


XXX.



Ar shroichint béal pluaise na leomhan do'n bheirt,
chonnacadar an seanleomhan agus an t-ál n-a seasamh
ar an bplasóig agus gotha troda ortha. Is rí-bheag
shílfidhe ar Dheaideó nach raibh na fiacla agus na
hiongnacha go teann aige. Bhí a iarball agus a mhong
mhór lomrach n-a gcolg-sheasamh agus loinnir nimhneach n-a
dhá shúil.



Ní raibh aon námha le feiceál ag na páisdíbh; acht ní
ró-fhada go bhfacadar dhá mhoncaigh bheaga, de chloinn na
ngormshrón, i n-áirde san eidhean a bhí ag fás i sgailpea-
chaibh na haille bhí ós cionn béil pluaise na leomhan. Bhí
droch chosamhl ct ortha, féachaint nimhneach urchóideach,
agus iad ag iarraid cloch mhór a bhí i n-éadan na haille
a sgaoileadh anuas ar mhullach na leomhan.



Chonnaic Máire Bháin cé'n chontabhairt mhór n-a raibh
a seancháirde, rud nárbh eól dóibh féin, mar bhiodar ró-
chorruighthe, agus ní túisge chonnaic ná rug sí ar an
gcranntabhaill. Fuair an Búrla chloch dhi agus sgaoil
sí faoi'n mhoncaigh í.



I ngreim sgeiche le n-a iarball chruaidh teann bhí an
moncaigh ba mhó díobh, agus a cheann agus a chosaibh ar
sileadh leis, agus é ar a dhicheall ag iarraidh an chloch mhór
a bhogadh le n-a lámhaibh agus le n-a chosaibh. Acht ní hí
an chloch a tháinig anuas le fánaidh na haille acht an
moncaigh féin! Nuair d'amhsuigheadh san iarball é,
sgaoileadh an greim bhí aige ar an sgeich, agus siúd
anuas é ar mhullach na leomhan.



Ní fhaca tú ariamh acht an t-iongnadh tháinig ar Dheaideó
nuair chonnaic sé an námha ag tuitim anuas. Leath an
béal air, agus marach go raibh a mhuinntir ar a chúl,
marach go raibh sé féin i dtosach an chomhraic is cinnte
go mbéadh a rún aca. An beithidheach bocht! Ní fhaca sé
Máire Bhán ná an Búrla ag teacht, agus ní fhaca sé an
t-urchar ghá chaitheamh. Cheap sé gur cleas de chleasaibh
na cloinne moncaigh é, agus bhí cineál eagla air druid-


L. 69


eadh le n-a seannámhaid bhí na luighe gá chosaibh agus cnámh
a dhroma n-a dhá leith. Bhí an sgáth céadna ar a chéile
agus ar a chloinn. D'fhanadar amach ó'n moncaigh marbh
ag féachaint air agus iad ullamh n-a chomair da n-eire-
ochadh sé.



Acht ní raibh sgáth ná eagla ar Mháire Bháin ná ar an
mBúrla. Siúd isteach i láthair na cuideachtan iad ag
gáiridh agus ag déanamh luthgháire, gur eirigh leó a sean-
cháirde thárrtháil. Rug Máire Bán ar chosaibh ar an
moncaigh, agus rug an Búrla ar cheann air le n-a
thabhairt isteach san bpluais. Acht mo léan! Ní neart
mór bhí sa mBúrla bhocht agus sul ar shroich sé béal na
pluaise baineadh tuairt as, agus thuit sé i ndiaidh a chinn.
B'éigin do na leomhain óga cabhrú le Máire Bháin, agus
fágadh an Búrla bocht ag caoineachán agus ag déanamh
bróin ag béal na pluaise.



Tugadh droch-íde do'n mhoncaigh istigh. Bhí ocras mór
ar na leomhain, mar bhí an biadh gann ó dóigheadh an
fhoraois. Stracadh ó chéile é. Tugadh ceathramha leis
do Dheaideó. Tugadh an ceathramha eile leis do
Mhaimeó, do'n bhainleomhain. Coileán na leath-shúile
fuair an cnámh droma. Roinneadh an chuidh eile ar na
coileáin eile, acht gur bronnadh an curadh-mhír .i. an
tsrón bhog ghorm, an greim ba bhlasta dár itheadh ariamh,
bronnadh ar Mhaire é!



Nuair a bhí a chuid féin ithte ag an seanleomhan, ag
Deaideó, d'eirigh sé, agus amach leis go béal na pluaise
go mbeadh cómhrádh aige le n-a shean-pheata, leis an
mBúrla. Acht ní raibh sé ann roimhe. Bhí an iomarcha
de'n mhoncaigh ithte ag Deaideó le mórán stroimh chur
air féin, agus ní dheárna sé acht bualadh isteach arís
agus Máire Bhán a chur amach ar a lorg.



Acht ní raibh a dhearbhrathairín ionmhuin le feiceál aice
i n-aon áit. Ghlaodh sí air agus sgread sí air, acht sin a
raibh de mhaith aici ann, Chuartaigh sí gach poll agus
póirse thart timcheall acht b'fhánach an obair uirthi é, Sa
deireadh b'éigin di filleadh abhaile chum na pluaise go
trom agus go túirseach agus go cráidhte.


L. 70


D'éalaigh an Búrla leis ó n-a cháirdibh cheana, acht
ceapadh an uair seo nach bhfillfeadh sé, agus ar an adhbhar
sin ní raibh sé de chroidhe ná de ghoile ag Deaideó an
biadh a chaitheamh gur leig sé an dá pheata beag imtheacht
uaidh arís. 'N-a ionad codalta bhí sé i rith na hoidhche.
Bhí codladh air, acht ní dhearna sé aon chodladh. Níor
fhéad sé. é dhéanamh agus a chara ionmhuin ar fuaidreamh
uaidh. Tógadh sé a cheann mór trom ó am go h-am;
dhearcadh n-a thimcheall ag ceapadh go mbíodh sé le
fagháil. D'éaluigheadh osna uaidh nach raibh sé n-a ghar.
Shíleadh sé codladh dhéanam acht cinneadh air.



Ba mhí-shuaimhneach an oidhche chuir sé dhe gan an Búrla.



Ar theacht na maidne tháinig Máire Bhán isteach chuige.
Ó bhí buairt agus imnidhe ortha araon, cheap sí go
mb'fheárr dhóibh bheith i bhfochair a chéile.



D'eirigh an chainnt eatortha.



Arsa Máire leis an leomhan:-



"Mo dhearbhrathairín aoibhinn áluinn imthighthe uaim!"



Ars an leomhan — tuigtear go mbíonn cainnt ag na
leomhain nuair bhíos siad an-chorruighthe, acht nach é gach
duine d'fhéadfadh a gcanamhaint thuigsint gan achar maith
a chaitheamh 'n-a gcuideachtain —



"Mo dhaltán! mo pheata! Mo chuid de'n tsaogail!"
ars an seanleomhan ar a nós féin.



"Ná bíodh buairt ort ná imnidhe a Dheaideó" arsa
Máire Bhán agus leag sí bos ar a shróin mhóir thais, "ná
bíodh imnidhe ort," ar sise, "rachadsa ar a lorg le
eirghe na gréine, cuartóchad an foraois, cuarthóchadh
talamh tirm agus lear, agus comhnaidhe ní dhéanfad go
bhfaigh mé mo dhearbhrathairín ionmhuin dílis."



"Déan! Déan!" ar san sanleomhan n-a chanamhaint
féin, agus chuimil sé a shrón de chluais na girrsighe le
tasbáint di cé'n gean bhí aige uirthe.



Cinneadh ar an gcomhairle sin.



Ar maidin ghléas Máire Bhán í féin. Chuir sí an
crann-tabhaill timcheáll ar a muineál, rug sí ar bhata
mhaith theann n-a deasóig, d'fhág slán ag na leomhain,
agus d'imthigh léithi go bocht nocht ar lorg an Bhúrla.


L. 71


Bhí an sgéal dona go leór aca 's a cheapadh gur ar
seachrán san bhforáois dhuaibhsigh bhí an Búrla bocht: bhéidís
go cráidhte ar fad dá mbeadh a fhios aca gurbh é an chaoi
gur fuaduigheadh chun bealaigh é, gurbh é an chaoi go
dtáinig naoi moncaigh srónghorm air i nganfhios agus
gur sguabadar leó é!



An Búrla bocht bídeach!



XXXI.



D'imthigh Máire Bhán léithi thríd an gcoill dhorcha uaignigh-
Faoi mheadhon lae casadh lochán gléigeal solusmhar léithi
san tslighe, agus ó bhí tuirse ag teacht uirthi agus teas
mór sa ngréin, shil sí go mb'fheárr di na cosa a thumadh
san uisge.



Bhí an bruach árd agus níor eirigh léithi na cosa a
thumad agus a fhuaradh san lochán, acht shín sí í féin ar
charraig bhí comhgarach do'n uisge, agus sháith sí a dhá
láimh isteach sa lochán gheal.



Chonnaic sí geárrchaile eile thíos uaithi san uisge.
Thaithnigh dealbh agus déanamh na geárrchaile seo léithi-
Chuir a háilne aoibhneas ar a croidhe. Tháinig meangadh
gáiridh ar a béal. Tháinig meangadh ar ghirrsigh an locháin
mar an gcéadna. Bhíodar ag eirghe an-mhór le chéile!



Níor chuímhnigh Máire Bhán gur uirthi féin bhí sí ag
féachaint bhí sé chomh fada sin ó chonnaic sí sgathan ná
tada dá shórt cheana, acht nuair chuimhnigh, agus nuair
thuig sí gurbh é a dealbh féin chuir an t-aoibhneas uirthi ba
mhóide a luthgháir.



Ní bréag a rádh gur chaith sí tamall maith fada ar an
gcarraig ag moladh a háilneachta féin.



Bhí fleadh mhór ag ainmhidhe éigin i n-aice an locháin
tamall roimhe seo. Péacóga ioldathacha agus pearóidí
sgiamhacha an biadh bhí aige ba chosamhail, mar bhí mór-
chuid clúmh agus cleiteacha timcheall ar an áit.



Thogh Máire Bhán cleite fhada ghlas, agus dheasaigh sí i
n-áirde n-a fholt é, agus ó thaithnigh sé léithi go mór,
bhailigh sí chuici na cleiteacha ba dhaithte agus ba mhó,


L. 72


agus chuir sí i n-aimhréidh n-a cuid gruaige iad. Fuair sí
blátha aoibhne annsin agus rinne fleasg díbh, agus chuir
sí timcheall ar a muineál é, agus ceann eile n-a chrios
faoi n-a chom. Shocraigh sí na cleiteacha ba fhuide bhí
ann, san dá fhleasg go raibh culaith aoibhinn aérach
déanta aici dhi féin de bhláthaibh míne agus de chlúimh
agus de chleiteachaibh!



Ba bhreágh an rud bheith ag féachaint uirthi ag damhsadh
ar an gcarraig faoi loinnir na gréine agus an feisteas
sin uirthi. Ní amháin go ndéanadh sí damhsa ar an gcar-
raig, acht théidheadh sí ó ghéig go géig go beó haiclidhe ag
leigint uirthi gurbh éan í, agus go raibh sí i n-ann gluais-
eacht san aér ar sgiathán chomh maith le — seadh, chomh maith
le dreóilín, ar chaoi ar bhith!



Is beag nár dhearmad sí an Búrla bocht ag féachainnt
uirthi féin san lochán agus ag imtheacht go meidhreach ó
chraoibh go craoibh!



Tugtar cluas dom anois mar tá rud iongantach le
rádh agam. Rud níos iongantaighe ná é níor thárla
ariamh i dTír na nIongantas ná i nÉirinn féin.



An sean-fhiach dubh a chaith a shaoghal ar bhárr chrainn
n-aice le pluais na leomhan, tháinig fonn air faoi'n am
seo cuid de'n tír fheicheál agus cuairt thabhairt ar a
shliocht, agus air shliocht a shleachta i ngach áird dá
rabhadar. Agus cá mbéadh sé nuair a bhí a chulaith bhreágh
chlumh déanta ag Máire Bháin, acht ar gheig n-a haice.
Bhí tuirse mhór air de bhárr a thurais, mar ní raibh na
sgiatháin acht go lag aige, agus tháinig néal beag
codalta air nuair shroich sé an crann.



Bhí Máire Bhán ag gabhail puirt a bhí an-chosamhail le
port na fuiseóige, agus dhúisigh an port an fiach dubh.
Ní chreidfeadh sé a dhá shúil. A leithéid d'éan ní fhaca sé
ariamh cheana, agus b'fhacthas dó go raibh aithne aige ar
gach uile chineál éin dá raibh ann Bhí Máire tamall
maith uaidh, agus í ag imtheacht ó ghéig go géig go breágh
tapaidh, acht ó bhí an duilleabhar go tiugh ann, níor fhéad
sé i fheiceál acht ó am go h-am.



"Ní amháin go bhfuilim ag cailleadh lúth na sgiathán


L. 73


acht táim ag eirghe dall freisin," ar sé n-a intinn féin
nuair chuaidh Máire Bhán as amharc air, "An tseanaois
atá ag teacht orm. Ní fada uaim an bás — acht chonn-
aiceas cuid mhaith le mo shaoghal…"



Chonnaic sé Máire Bhán n-a suidhe ag bun crainn i
bhfogus dó.



D'fhéach sé uirthi go géar leis an tsúil chlé; annsin
d'iompaigh sé a cheann, agus d'fhéach níos seacht ngéire
uirthi leis an tsúil dheis.



B'fhacthas dó gur aithnigh sé í. Rí sé cinnte go bhfaca
sé cheadna í i n-áit éigin, acht ce'n áit? Thosaigh sé ag
smaoineadh, ar nós na bhfiach dubh, acht ní raibh réidhteach
na ceiste aige, gur chrom Máire ar amhrán a ghabhail.
Annsin d'aithnigh sé í. Acht an fiach dubh bocht! Ní raibh
aon cheapadh aige acht gur bhain sí le n-a chineál féin.
Ní fhaca sé clumh ná cleit uirthi cheana. I gcomhluadar
na leomhan chonnaic sé i gcomhnaidhe í, acht bhí sé cinnte
anois gur bhain sí le treibheachaibh an aéir, acht go raibh
draoidheacht éigin ag an gcloinn leomhain uirthi. Chaitheadh
sé í a fhuasgailt. Leig sé cág uirthi, acht níor thug
Máire Bhár aon áird air. Ghoill sé sin go mór air. Ba
mór an truaigh é a leithéid de dhochra uasal bheith faoi
chuing ag aon cheathra. Ba mór chreideamhaint dhó dá
bhféadfadh sé í fhuasgailt ó ghreim na leomhan. Bhí ciall
aige thar mar bhí ag aon éan eile dá raibh san bhforaois,
nó cheap sé féin go raibh — agus is ionann sa gcás é —
acht b'fhacthas dó nár mhór dhó an chabhair. Muna raibh na
leomhar líonmhar bhíodar láidir. Ghlacadh sé comhairle
le n-a mhuinntir.



Chuir sé gairmsgoile amach chuig éanlaith na foraoise
theacht i bhfochair a chéile i gceann trí lá leis an gceist
mhór a phléidh.



XXXII.



Tháinigeadar. Tháinig na mílte míle díobh as gach
áird de'n fhoraois, agus is cinnte go mbéadh dream
beag ó thíortaibh tar lear ann, dá bhfuighidís an chuireadh.
Bhí an ghrian ag dul faoi nuair thosaigh an obair mar


L. 74


dubhairt an t-ubhalachán nár réidhtigh solus na greine le
n-a shúilibh.



I ndoire aoibhinn cois an locháin bhí an cruinniughadh
aca, agus sé an fiach dubh a toghadh n-a uachtarán ortha.



"Tá an aois aige mara bhfuil an tuigsint," ars' an
t-Ubhalachán ós íseal, mar cheap sé go mb'e féin a thogh-
faidhe. Chuala an Charóg é, agus ó bhí sé an-mhuinteardha
leis an bhfiach dubh, agus an dearg-ghráin aige ar an
ubhalachán, chuir sé glaodh as agus dubhairt:



"A cháirde," ar sé, "bhfuil sé de chead ag aon éan
gránda dall ár n-uachtaran a mhasladh?"



"Níl! Níl!" ar siad uile go mí-cheólmhar.



D'fhéach an Charóg i dtreó an Ubhalacháin go tarcuis-
neach.



"An t-Ubhalachán sin arís," ars' an Dreóilín. Cuir-
fidhe an ruaig air marach an t-uachtarán féin.



Annsin thosaig obair na féise.



Tháinig cosamhlacht na céille i súilibh an ubhlacháin.
Chuir sé smacht ar lucht na féise, Ní rabhadar ar aon
intinn faoi Mháire. Cuid aca a rádh gurbh éan í agus
cuid eile a rádh narbh eadh. Bhí an t-iolar go feargach
dána.



Ag iarráidh chur n-a luighe orra gurbh éan ceart bhí aca
innti. Cuireadh n-a aghaidh go mór.



"Acht féach na sgiatháin ata uirthi," ars' an Préachán
go fonomhoideach.



"Agus na cosa atá fúithi!" ars' an Chorr,



"Éan atá againn annseo," ars' an tIolar, "nach
eadh?" ar sé ag breith greim sgórnaigh ar an gcuirr



Ó! Seadh! Seadh!" ars' an Chorr agus é ghá thachtadh.



Rinne sé an chleas céadna le n-a lán eile gur
admhuigheadar gurbh éan bhí aca ann.



"Téidheadh éan agaibh ag triall ar an leomhan," ars'
an t-Iolar go hughdarásach "agus abair leis go gcaithfidh
sé an t-éan atá faoi chuing aige a fhuasgailt."



"Thú féin a Iolair," arsa éan beag a bhí i bhfolach
faoi chupóig "tá meas mór ag ainmhidhe agus ag éan
ort…"


L. 75


"Tá rud eile ar m' aire," ars' an t-Iolar, "tá ocras
ag teacht orm cheana féin."



An Caislín beag bhí i n-aice leis, dhruid sé amach uaidh
Bhí sé i n-aimhreas ar an éan mhór!



"An t-Ubhlachán!" arsa éan eile.



"Ba mhór an onóir dhom bhur dteachtaireacht a dhéanamh
acht ní réidhtigheann solus na gréine le mo shúilibh mar
is eól díbh. Tá sé n-a mhaidneachan cheana féin," agus
isteach leis i bpoll crainn go deifireach.



"An Tradhna!"



Tháinig éan nach bhfeictear acht go hannamh sa láthaír.



"Rachainn ann 's fáilte," ar sé "acht nach bfuil fhios
ag an saoghal nach bhfuil an chainnt go máith agam. An
t-aon phort amháin, sin a bhfuil agam faraoir."



Annsin cuimhnigheadh go mba ró-mhór an dúil bí ag an
tradhna i dtíorthaibh iasachta, agus cuireadh an ruaig air,



"An Peileacan!"



Labhair éan mór codramánta.



"Níor rug mo chéile acht dhá uibh le deich mbliadna,"
ar sé go brónach, "tá ubh díobh ghá gor anois aici agus
súil againn le ál breágh, agus le cead na cuideachtan
rachad abhaile anois."



Faoi dheireadh cuireadh ar chrannaibh é, agus thuit an
crann ar an Dreóilín.



Annsin rinne an t-uachtarán oráid bhreágh. A leithéid
de chainnt bhríoghmhar níor cluineadh le bliadhantaibh fada
i bhforaois na leomhan. Mol sé do'n Dreóilín bheith
dána borb; dubhairt sé leis go raibh éanlaith uile na
foraoise réidh le díoghaltas a bhaint de na leomhain dá
ngortadaois é. "agus bí cinnte," ar sé, "i ndeireadh
na cainnte, nach mbeidh do chéile agus t'ál gan cothughadh
má eirigheann aon cheó dhuith"



Moladh an chainnt sin, agus d'imthigh an dreóilín leis
agus misneach mór aige.


L. 76


XXXIII.



Níor shroich an dreóilín béal pluaise na leomhan go
ceann dhá lá. Le heirghe na gréine, bhí sé n-a sheasamh
ar bhárr géige ar aghaidh na pluaise amach agus an
oiread gleó ghá dhéanamh aige is bhéadh ag faoileán. Bhí
sé chomh mórchúiseach leis an bpéacóig féin gur cuireadh
ar an teachtaireacht sin é. Éan beag mar é ag dul ar
theachtaireacht chuig rí cumasach na foraoise! Ba mhór
an onóir é. Bhí sé roinnt bheag faiteach, acht ní leigfeadh
air féin go raibh. Bhí rí na foraoise n-a ainmhidhe
fhíochmhar dolabaidhe agus ní raibh ann féin acht dreóilín
d'éan dearóil. D'fhéadfadh an leomhan é alpadh n-a
bheatha! Chuimhnigh sé ar a chéile bhí sa mbaile san neid
sheasgair sa tum; chuimhnigh sé ar an ál óg agus tháinig
creathadh air. Acht nach raibh treibheacha an aéir faoi
gheasa a bhás a dhíoghal dá marbhóchadh an leomhan é?
Ba mhór an misneach dó é sin. Chaitheadh sé é chur i
gcéill do'n leomhan i dtosach na cainnte. Acht níor
mhór dhó bheith an-mhúinte leis an leomhan. Níor mhill
deágh-bhéasa teachthaire ariamh. Acht nárbh fhada go raibh
sé ag teacht chuige agus é ag glaodhach air le leath-uair?



Nuair nach raibh an leomhan ag teacht chuige, thosaigh sé
ag cumadh óráide bheadh feileamhnach do'n ócáid. Ní
raibh an chainnt a bhí san óráid chomh borb is ba chóir
d'óráid dá shaghas bheith, b'fhéidir. Acht maoluigheann an
mhoill an teasbach.



Sa deireadh tháinig an leomhan mór uaibhreach. Tháinig
creathadh mór ar an dreóilín bocht. Shíl sé labhairt acht
níor fhan focal aige. Níor fhéad sé cuimhneadh go mba
teachtaire ó threibheachaibh leiteadach' an aéir é. Bhí sé
náirighthe go deó na ndeór.



Chonnaic sé an leomhan ag déanamh air mar shíl sé.
D'imtheóchadh leis dá bhféadfadh sé, acht níor fhead sé
sgiathán a thógbháil. Bhí sé greamaigthe de'n ghéig.
Draoidheacht éigin bhí ag an leomhan air. Cheap sé o
bhfeicfeadh sé craosach dearg an leomhain mhilltigh gach


L. 77


noiméad agus go mbéadh a ré thart annsin. Tháinig
cineál laige air…



Ar a theacht chuige féin dhó, bhí an leomhan n-a luighe faoi
bhun an chrainn, na cosa tosaigh sínte amach uaidh, an
ceann mór uasal mongach i n-áirde san aér aige, agus
é ag féachaint uaidh go brónach Bhí doilgheas an tsaogh-
ail le tabhairt faoi deara i ndoimhneacht a dhá shúl, agus
an drithle iongantach bhíodh ionnta de ghnáth múchta beag-
nach. Bheadh súil ag duine le deóra móra fheiceál sna
súile brónacha seo.



Ar fheiceál do'n dreóilín cé'n bhail bhí ar an leomhan
cheap sé gur eagla bhí air roimh clannaibh an aéir, agus
tháinig a mhisneach chuige arís, labhair sé go borb agus
labhair sé go dána leis. Dubhairt sé leis go mbeadh air
cead cinn agus sgiathán thabhairt do'n éan uasal bhí i
ngéibheann aige. Chuir sé i gcéill dhó chomh nimhneach is
bhí a mhuinntir féin dá mbaintí asta é. Bhí goba fada
cruadha aca agus sgiatháin láidre. Bhagair sé an t-iolar
mór air i ndeireadh na dála. Annsin d'éist sé a bhéal
go gcluinfeadh sé céard bhí le rádh ag an leomhan.



Acht níor labhair an leomhan ar chor ar bith. Níor chuir
sé aon tsuim sa gcainnt de séir cosamhlachta, acht é ag
osnaghail agus ag cneadghail i ndiaidh an pheata fuaid-
igheadh uaidh.



Tháinig a chéile amach ó'n bpluais agus lón aici dhó.
Uibheacha pearóide agus earbaill gabhar an biadh bhí aici
dhó, agus leomhan nach mblasfadh de'n bhiadh sin bhí a ré
thart. Acht níor leag Deaideó srón air. Ní biadh bhí
uaidh. Ní raibh uaidh acht an Búrla, an peata deas
sguabadh uaidh.



Tháinig a chéile arís agus ba mhór an t-iongnadh bhí uirthi
nár ith sé an biadh. A leithéid de leomhan níor casadh
léithi ariamh! Nach uirthi bhí an tubaisde go raibh sí
ceangailte leis! Isteach léithi sa bpluais arís agus í
ag rádh leithi féin go mbfheárr dhi éalughadh uaidh agus
céile eile a thóghadh.



Labhair an dreóilín arís agus labhair sé go dáná acht
áird ní raibh ag an leomhan ar a ghlór.


L. 78


Thóg sé a cheann agus leig aon gháir bróin as, agus
bhí an dreóilín dul i ndánaidheacht air agus é buailte le
n-a shrón beagnach, chuir anál trom an leomhain trí feádh
i n-aér é! Nuair d'eirigh leis theacht anuas ar an ngéig
arís bhí a chroidhe n-a bhéal, agus é chomh sgannruighthe is
dfhéadfadh aon éan bheith. Cheap sé go mb'fheárr dhó
filleadh abhaile go ciúin socair dhó féin.



Acht bhí an bealach fada, agus sul ar shroich sé an baile
tháinig croidhe agus misneach chuige arís. Tugadh droch-
íde air. Má bhí sé beag bídeach féin, ba theachtaire ó
chlannaibh uaisle an aéir é. D'innseochadh sé an sgéal
dóibh. Chuirfeadh sé i dtuigsint dóibh chomh borb neamh-
fhaiteach is bhí sé féin, agus an chaoi nár chuir an leomhan
aon tsuim ann acht séideadh faoi go mí-mhúinte gur chuir
sé trí feádh i n-aér é!



Ar shroichint ionaid na féise dhó, d'innis sé a sgéal do
na héanlaith bhí bailighthe ann roimhe. Thar éis mórán
cainnte, shocruigheadar cogadh dearg fuilteach a chur ar
na leomhain, agus ar a gcáirde, agus an t-éan uasal bhí
faoi dhraoidheacht aca a choinneál n-a ghiall go ndéan
faidhe síothcháin.



Acht d'éalaigh an giall uatha an fhaid is bhíodar ag
cainnt.



Ceapadh gur ag triall ar phluais na leomhan chuaidh sé,
agus d'imthigh an t-iolar ar a lorg. Bhí Deaideó n-a
chodladh ag béal na pluaise roimh an iolar. D'fhan an
t-éan mór ag follamhain ós a chionn ar feadh tamaill
bhig, annsin tháinig sé anuas le luas lasrach agus sgiob
sé an dá shúil as cloigeann an leomhain bhocht!



A Dheaideó! A Dheaideó! Is truaigh linn do chás
gan fiacail gan ionga gan súil!



XXXIV.



D'imthigh Máire Bhán léithi i ngan fhios do'n chuideach-
tain le linn na hoibre seo. Bhí sgáth a hanama uirthi
roimh chlannaibh na n-eite agus na ngob, agus ghabh sí na


L. 79


bealaigh b'achrannaighe agus b'aimhréidhe dá raibh ann
ionnus nach gcasfaidhe neach díobh léithi.



Bhí sé 'n-a oidhche agus bhí an fhoraois an-dorcha an-
duaibhseach, agus ní raibh a fhios aici cá raibh sí ag dul.
Ní raibh de sholus ann acht an solus bhí le fagháil ó na
crúimh soillseacha bhí go flúirseach i mballaibh áithride san
gcoill. Bhailigh an ghirrseach a lán díobh siúd, agus thug
leabaidh agus áit chodalta dhóibh n-a tiughfholt dubh cas
go raibh gaethe geala soluis uaithi agus í ag imtheacht go
haiclidhe faoi na géagaibh. B'aoibhinn bheith ag dearcadh
ar an gcailín beag a raibh an chulaidh chlúmh-éan agus
bláth uirthi, agus na cruimh lóchrannacha seo bhailigh sí ag
tabhairt soluis dhi!



Acht mo bhrón! Ní raibh duine ann le lán na súl
bhaint aisti! Agus chomh ciúin tostach is bhí an fhoraois
mhór! Na héanlaith oidhche a chleachtaigh an áit ní raibh
gíog uatha. Ag féis na n-éanlaith bhíodar ar ndóigh.



Chuala sí an tradhna aon uair amháin agus a phort
aisteach féin uaidh, agus shíl sí go raibh sluaighte an aéir
ar a lorg, acht chuimhnigh sí gur éan a díbrigheadh ó'n
gcomhdháil mar gheall air bheith ró-cheanamhail ar thíorthaibh
iasachta bhí san tradhna, agus ghlac sí misneach arís.



Is iomdha contabhairt bhí san tslighe roimpi, acht cheap-
faidhe uirthi nach raibh fhios aici sin. Dhúisigh sí nathair bhí
ós coinn fiche troigh ar a fhad agus toirt duine ann.
Níor thaithnigh leis gur dúisigheadh é ba chosamhail, mar
rug sé ar an gcrann ba neasa dhó le n-a iarball, thóg
sé a cheann i n-aér agus bhí ar tí breith uirthi agus an
t-anam fháisgeadh aisdi ar an mball. Dá bhfeiceadh
Máire oilphéist na súl mbeag nimhneach is baoghalach go
bhfuighfeadh sí bás leis an uamhan; acht ní fhaca. Agus ar
an noiméad bhí an nathair ar tí é fhéin chasadh timcheall
uirthi, thosaigh sí ar phort aoibhinn a ghabhail. Is dócha gur
chuir an ceól draoidheacht ar an oilphéist; ar chaoi ar
bith sgaoil sé an grein bhí aici san gcrann agus snámhaigh
leis faoi'n duilleabhair feósaidhe.



Thar éis sin chuaidh Máire Bhán isteach i n-áit a raibh
comhnaidhe ar lear mór siogán agus chuir cuid díobh na


L. 80


dubháin ghéara bhí aca isteach n-a cuid feóla. Is beag
nár chuir na feithidí beaga buile uirthi agus bhain sí as
chomh tapaidh is bhí n-a cosaibh gur shroich sí abha mhór bhí
san gcomharsanacht agus isteach léithi san abhainn leis na
feithidibh urchóideacha bhí i ngreim innti a bháthadh. Bhí sí
chomh cráidhte sin ag na siogáin nár chuimhnigh sí go raibh
aon chontabhairt san abhainn. Níor chuir an crogall féin
aon imnidhe uirthi.



Níor báitheadh na cruimh bhí ag tabhairt an tsoluis dhi,
má chuaidh sí isteach san uisge féin agus níorbh fhada an
t-achar gur thosaigh sí ag snámh agus ag déanamh aoibhnis
dhi féin san uisge. Ba ró-bheag an mhoill uirthi amhrán
maith a chrochadh suas, agus tháinig na hainmhidhthe allta a
chomhnaidhe i n-aice na háte as gach uachais agus uaimh
agus poll n-a rabhadar ar chlos an cheóil dóibh. D'fheic-
fidhe ar an mbruach iad, idir beag agus mór agus iad
ag sgrogadh a muineál le n-a clos níos feárr. Níor
chualadar ceól daonna ariamh cheana agus thaithnigh sé go
mór leó.



Uisge gealáin bhí san abhainn seo, acht cheapthá gur
abhainn dubhaigh bhí innti go ghcorruightí an t-uisge. Dá
dtumtaoi maide ann, d'fheicfidhe braonacha breágha
solusmhar ag sileadh ó cheann an mhaide. Agus san áit
a bhíodh Máire Bhán ag snámh bhíodh cearcal airgid le
feiceáil agus ceann dubh na girrsighe n-a lár. Shíltheá
go mba sgiath airgid ghil bhí ag snámh ar bháis an uisge
dhorcha agus ceann dubh dílis ceólmhar n-a lár istigh.



Nuair bhí sí tuirseach de'n snámh agus de'n amhrán-
aidheacht tháinig sí go bruach agus thosaigh ag ritheacht ar
an mbruach leis an gculaith áluinn bhí uirthi a thriomughadh.
Ba chosamhail le baindia aibhne í, ag ritheacht agus ag
léimnigh ar an mbán agus an t-uisge airgeadach ag
sgéitheadh uaithi ar gach taobh!



Acht d'eirigh sí brónach gan mórán achair. Tháinig
aithmhéala uirthi go ndeárna sí dearmad ar an mBúrla
bocht, agus thosaigh sí ag glaodhach air i n-árd a gotha.



"A Bhúrla bhig bhídigh, a pheata mo chroidhe. Tú imthighthe
ar fuaidreamh sa bhforaois dhuaibhrigh," deireadh sí. Agus


L. 81


ba cosamhail gur thaithnigh a glór féin léithi mar is iomdha
uair dubhairt sí é i rith na hoidhche.



Sa deireadh leig sí uirthi féin, ar nós páisde, go raibh
sí ag cainnt le n-a dearbhrathair, go gcuala sí a ghlór
i bhfadh uaithi, agus ós páisde bhí innti chaith sí leathuair
bheag n-a fhochair acht ní i bhforaois na leomhan bhíodar ar
chor ar bith acht i dteach a n-athar i n-aice le baile mór
na Gaillimhe…



Nuair nach raibh sé ann i ndá ríribh, d'eirigh an cailín
beag agus dubhairt:



"A Bhúrla! A Bhúrla!"



Baineadh geit aisti. Chuala sí rud éigin ag tabhairt
freagra uirthi i n-aici léithi.



Ghlaodh sí arís ar an dearbhrathair.



Tugadh freagra uirthi. Bhí sí cinnte dhí. Ní mugadh-
magadh bhí ann anois. Chuala sí an glór ba bhrónaighe
dar chluineadh ariamh in gar di. Ní glór ainmhidhe bhí ann
acht glór duine. Bhí fhios aici sin go maith mar d'aith-
neóchadh sí glór aon ainmhidhe dá raibh san bhforaois.



Glaodh sí arís.



"A Bhúrla! A Bhúrla! ar sise chomh hárd is bhí innti.



Chuala sí an glór, an glór lag brónach daonna i
n-aice léithi arís. Thosaigh sí ag glaodhach agus ag
cuartughadh, ag cuartughadh agus ag glaodhach go raibh sí
i ndeireadh a hanama, acht ó bhí an choill an-dhorcha ní
raibh aon toradh le n-a saothar, Ag dul i laige bhí an
glór shíl sí, agus is minic bhíodh sí ar feadh leathuaire gan
an glór lag a chlos ar chor ar bith. Bhíodh sí ag ceapadh
ar feadh na leathuaire sin go mb'é an chaoi go dtáinigh
an bás ar an té ar leis an glór, acht nuair chluineadh sí
arís é, thiocfadh aiteas agus aoibhneas uirthi agus thosaigh-
eadh sí ar an tóir arís. Nách í bhí ag súil leis an
maidneachan! Nach í bhí go cráidhte nach raibh sé n-a lá!



Acht tháinig an lá faoi dheireadh, agus tháinig sé go
tobann mar is gnáthach sna tíortha teó sin.



I n-aice le béal na haibhne bhí sí agus an fhairrge ós a
comhair amach.



Leig sí a seanbhéic aisti. Tugadh freagra uirthi.


L. 82


Rinne sí ar an áit go beó, agus shíos uaiti i bpoll
doimhin chonnaic sí fear n-a luighe ar chnámh a dhroma ag
cneadghail agus ag osnghail.



Níor chreid sí a dhá súil. Bhí léine dhearg air agus
caipín gorm cúinneach ar a cheann. Agus na cosa móra
cama cnapacha bhí air! Agus an fiarshúil! Agus an
croiméal fada dubh bhí ag tuitim anuas thar a bhéal mar
crann sailighe ós cionn srotha! Agus an fáinne bhí n-a
leathchluais! Agus an crios iongantach! Acht cá raibh
na sgeana, agus na piostail, agus na sleaghtha iolchumtha
bhíodh agat san gcrios iongantach sin nuair bhítheá ar
bórd na Brídeóige faoi chúram an Chaiptín Mhongaígh?
Cá rabhadar uait, a Shatan an mhí-ádh?



XXXVI.



Bhí chloch mhór ar bhruach an phuill agus séard a shíl
Máire Bhán a dhéanamh i dtosach ná an chloch a sgaoileadh
le fánaidh ar mhullach an bheitheamhnaigh agus é mharbhadh i
dtóin an phuill. Bhí an dearg-ghráin aici air ó'n gcéad
lá ar chonnaic sí ar bórd na Brídeóige é: nárbh é bha
siocair le bás a hathar? Narbh é sgaoil í féin agus an
Búrla bocht amach ar dhruim na bóchna le bás uathbhásach
fhagháil leis an ocras agus leis an íota? Seadh sgaoil-
eadh sí án chloch síos n-a mhullach. An diabhal!



Acht a máthair! Bh'fhéidir go bhféadfadh sé innseachth
dhi céard a thárla dhi; cárbh fhios di nárbh é Dia féin sheol
an bealach é le n-a tarrtháil? An maide bhí faoi 'n
gcloich aici le n-a bogadh chaith sí uaithi é.



Leig an fear bhí sínte ar chnámh a dhroma i dtóin an
phuill osna as.



"A Shatan! a Shatan!" arsa Máire Bhán, "is le
fóirthín dhéanamh dhuit atáim annseo. Labhair liom
adeirim!"



D'osgail an sean-bhradaidhe mara na súile agus d'fhéach
suas uaidh, agus nuair chonnaic sé an cailín beag agus
an feisteas bhí uirthi tháinic alltacht air.


L. 83


"Cé thú? Cé thú?" ar sé go cráidhte agus go fann,
"an tú mo Bhrighdín a thréigeas fadó, nó an aingeal ó
Dhia thú?"



"Ní ceachtar díobh siúd mé," arsa Máire Bhán a bhí
n-a seasamh ar bhruach an phuill, "acht is mise Máire
Bhán.



"Máire Bhán!" ars' an fear gonta agus fonn air a
naoi n-oiread a rádh acht nár fhéad sé.



"Seadh, Máire Bhán Ní Riain, bhíodh ar bórd na
Brídeóige tráth," arsa Máire agus bhí fonn uirthi-se a
naoi n-oiread eile a rádh acht nár dhubhairt sí é.



"Uisge! Uisge atá uaim," ars an fear gonta agus
shíl sé a cheann a thógáil.



Ní raibh aon uisge d' fhéadfaidhe ól i ngar dhóibh, acht ó
bhí eólas maith ag Máire ar chrannaibh águs ar lusraibh na
foraoise d'eirigh léithi caora beaga bhí cosamhail le
caoraibh fineamhna a chnuasacht dó. Bhíodar seo go
breágh bog aibidh agus neart sugha ionnta agus chaith sí
mogall díobh síos chuige. Níor eirigh leis breith ortha
agus níor eirigh leis an lámh a shíneadh chomh fada leó.
Bhí ar Mháire dorán eile díobh a bhailiughadh dhó, agus
nuair chaith sí síos sa bpoll iad rug sé ortha le n-a
chiotóig sul ar theangbhuigheadar leis an dóib. Bhaine-
adar cuid de'n tart millteach de'n bhitheamhnach bocht.
Annsin chaith sí roinnt mheacan de'n chineál ar a dtug sí
féin meacain na sidheóg ortha chuige, agus baineadh an
t-ocras mór de ar an gcuma sin. Acht bhí an fear bocht
ag tabhairt na fola fós féin. Bhí an dóib bhí timcheall
ar a chloigeann mór n-a puiteach leis an uathbhás fola
thug sé. Bhí truaigh ag Máire dhó dá dhonacht é. Bhí fonn
uirthi a dhul go tóin an phuill agus an cloigeann mór sin
a nighe agus lusra íce chur air. Acht cé'n chaoi a
bhféadfadh sí agus a dhoimhne is bhí an poll? Bhí fiche
troigh ar a laghad sna ballaibh agus bhí an dóibh an-bhog:
am té bhéadh sé de mhí-adh air bheith ag tóin an phuill sin
is ann d'fhanfadh sé mara mbéadh ag Dia. Thug sí faoi
deara na luirg bhí san dóibh bhuig thart timcheall mar ar
shíl an fear leónta dhul i n-áirde. Is iomdha géarphian


L. 84


d'fhulaing sé le linn na n-iarracht sin a thabhairt, ba
ró-chosamhail.



D'fhéach Satan suas go truaighmhealach ar an gcailín bhí
ar an mbruach thuas.



"Fan go ocair," arsa Máire Bhán. "Tá crann a
leagadh leis an stoirm caithte annseo i n-aice leis an
mbruach. B'fhéidir go bhféadfainn dréimre dhéanamh
de," agus d'imthigh as amharc an fhir bhreóite.



D' eirigh leithi crann bhí caithte ar an talamh sgaoil-
eadh anuas chuige, agus níorbh fhada an t-achas go raibh sí
n-a fhochair.



Annsin tháinig an chainnt chuig an mbeitheamhnach, chuig
Satan an chreasa iongantaigh. Bhí fuath ag Máire Bhán dhó
i dtosach, agus ní gan fáth e, mar b'é ba siocair le bás
a hathar, acht nuair chuala sí an sruth cainnte chuir sé
uaidh tháinic gliondar an tsaoghail uirthi, agus d'eirigh sí
cinéal mór leis. Nárbh áluinn an rud an chainnt bhréagh
dhaonna a chlos arís thar éis na mbliadhanta dá mba ó
bheitheamhnach féin é! Bhí céol ann thar mar bhí i nglór
aon ainmhidhe dá raibh san bhforaois; ba bhinne léithi
an chainnt sin ná céol na n-éan 'ghá bhféis; ba bhinne
léithi an chainnt sin ná cogarnach grádhmhar an tsean
leomhain féin!



Ná bíodh iongnadh mór ar éinne gur thaithnigh cainnt an
bheitheamhnaigh chomh mór sin leis an gcailín beag. Níorbh
fhiú cainnt a thabhairt ar lag-iarrachtaibh an Bhúrla. Pé
cainnt bhí aige súid ar fhágáil baile mór na Gaillimhe dhó,
ba bheag le rádh é, agus bhí an méad sin féin imthighthe
uaidh thar éis an ama chaith sé imeasg na mbeithidheach
allta i bhforaois na leomhan. Maidir léithi féin, bhí a
cuid cainnte ag éalughadh uaithi i ndiaidh a chéile i ngan
fhios di; marach an amhránaidheacht is cinnte go mbeadh
sí chomh balbh leis an mBúrla féin.



Bhí eólas uaithi freisin. Dá mbeadh tuairisg aici ar
imtheachtaibh na Brídeóige, ar a máthair, agus ar fhuirinn
na luinge go mór-mhór ar an ngiolla agus an máta
chabhraigh le n-a hathair!



Agus Satan féin, Satan an chreasa iongantaigh! Cé ard


L. 85


d'eirigh dhó bheith n-a luighe go tinn cráidhte i dtóin an
puill i dTir na nIongantas?



Bhí an t-éolas seo ó'n gcailín acht bhí uirthi bheith
foighdeach.



XXXVII.



"Go maithidh Dia na peacaidh dhom, an chéad rud
adubhairt sé.



"Amén," arsa Máire Bhán.



"Is mór iad mo pheacaidh agus is uathbhásach," ars
Satan an chreasa go deaghmhóideach.



D'aontaigh an cailín beag leis, agus d'innis sé dhi ná
coirthe is mó dá ndeárna sé le linn a shaoghail, acht ar
eagla go gcuirfidhe sgáth ar éinne ní luadhfar annseo
iad. Idir gach dá choir, nó idir innseachth gach dá choir
ba chóra a rádh, bhíodh ar Mháire Bháin béal an bheitheamh-
naigh a fhliuchadh mar bhí tart millteach ag gabháil dó.



Nár éistidh tú choidhche a léighthéoir na páirte le n-a
leithéid d' fhaoisdean n-a leithéid d'áit!



Nuar bhí an faoisdean déanta ag Satan d'innis sé dhi
faoi'n mBrídeóig, agus faoi ar thárla dó'n luing mhaith
sin ó cuireadh í féin agus an Búrla bocht sna dabhaighibh,



"Nuair d'fhágabhar an Bhrídeóg" arsa Satan, "cheap-
amar do mháthair agus an giolla agus an máta chabhraigh
le t' athair a chuir isteach sna málaibh agus iad a chur go
thóin puill… tabhair dhom deoch a chailín," ar seisean,
acht ní bhfuair.



"Iad a bháitheadh, sin é bhí uainn," a sa Satan arís,
"acht nuair tugadh faoi deara nach gailteán bhí ag
déanamh orainn le cabhrughadh linn acht sgata éanlaith
chaill an dream mallaighthe pisreógach' bhí liom a misneach
agus ní dhéanfaidís faic dhom. Tháinig sgeóin i súilibh
gach fir díobh nuair chonnaiceadar an t-éan mór ag
teacht anuas ó áirdibh na spéire le beirt phaisde bhí ar
seachrán ar fud na bóchna a thárrtháil.



""Tá lámh Dé n-ár n-aghaidh,"" arsa duine



""Bás agus damnughadh síorraidhe atá i ndán dúinn,""
arsa duine eile.


L. 86


"Chuir fear eile comhartha na Croise ar a bhéal, agus
b' shingníomh nár facthas ar bórd na Brídeóige le
tamall maith. Bhi crith-eagla ar chách. Chuaidh beirt ar
a nglúnaibh, agus beirt eile. I gceann cúig noiméad,
cheapthá gur istigh i dteach pobuil bheadhthá nuair chluintheá
an dá 'réag beitheamhnach sin ag rádh an pháidrín go
diadhanta agus go dúthrachtach ar bórd na Brídeóige,
iad ceann-nocht cos-nocht tárr-nocht agus an ghrian mhór
bhuidhe ag sgalladh anuas ortha! Na sean seólta ag
tuitim ó chéile le triomacht, an cócaire chaill a shrón n-a
sagart ortha, agus do mháthair… Bhíos féin mo
sheasamh le crann mór na luinge agus phléasgas ag
gáiridh, acht ní túisge phléasg ná bhíodar uile go léir
'mo mhullach agus níor mhothuigheas a thuilleadh go rabhas
ceangailte cruaidh ar urlár na Brídeóige agus damhsa
na bhfear n-allta ghá dhéanamh ag an bhfuirinn mhallaighthe
mo thimcheall, agus sgian i láimh gach fir díobh le mo
ghearradh 'mo bheatha…"



""Ná marbhuightear é,"" arsa do mháthair go hughdar-
ásach borb.



"D'fhéachas n-a treó agus is beag nar chailleas radharc
na súl. Bhí sí n-a seasamh annsin ós ár gcomhair,
seanchulaith leis an gcaiptín uirthi agus piostal n-a
glaic. Shileas i dtosach gurab é an Caiptín féin d'eirigh
ó mharbhaibh. Ní raibh eagla orm roimh fhear beó ariamh,
acht na mairbh… Is dócha go dtáinig an t-uathbhas
céadna ar an muinntir eile. Bhíodar annsin ag féachaint
uirthi ar nós sgata caorach sgannróchaidhe. Níor fhan aon
mhisneach acht ag Bel. Shil seisean breith uirthi, acht ní túisge
chorraigh sé ná bhain sí an tsúil ghloine bhí aici as a ceann
agus bhuail sí i gceart-lár an éadain é, leis an tsúil
ghloinne! Tháinig crith-eagla ar a raibh sa láthair nuair
chonnaiceadar an poll mór bhí n-a ceann i ndiaidh na
súile gloine!"



"Ni raibh aon tsúil ghloine aici," arsa Máire Bhán.



"Bhí," arsa Satan an chreasa, "agus mar crúthughadh
ar an sgéal tasbáinfidh mé dhuit í. Féach."



Chuir sé súil ghloine a máthar isteach i láimh Mháire.


L. 87


Thosaigh an cailín beag ag sileadh na ndeór. Thriomaigh
Satan a súile le n-a bhois ghairbh.



"A mháthair! a mháthair! cá bhfuil tú anois?" arsa
Mháire.



"Biodh foighid agat agus innseochad sin duit," arsa
Satan, "acht tabhair deoch eile dhom i dtosach."



Thug. Lean Satan dá sgéal:-



"Leagadh Bel bocht leis an tsúil gloine mar dubhradh,
má dubhradh, agus munar dubhradh féin is fíor, agus
nuair a leagadh é dubhairt do mháthair de ghuth mhór
feardha:"



""Is mise an chaiptín feasta.""



"Nior chuir neach n-a coinne. Níl fhios a'm ar arigh-
eadar an ghaoith ag eirge agus fionnfhuaracht ag teacht
san aér"



""A ghiolla," ar sí leis an ngiolla beag "sgar amach
na séolta tara ar urlár na luinge go bhfáighmid uisge
le n-ól.""



"Rinneadh amhlaidh."



"Thuit cúpla braon uisge de'n mhúr beag báistighe bhí
ag tuitim anuas go leisgeamhail isteach sna séoltaib.



""A chócaire,"" ar sise, ""gléas biadh dhúinn.""



"D'fhéach a raibh ann uirthi agus alltacht ortha. Is eól
duit féin, dá óige thú, go n-eirigheann sgolanna móra
de chineál éisg aníos as an bhfairrge agus go mbíonn
siad ag eiteall thríd an aér thar éis aimsire na triomachta
sna réagúin teó. Níor chuimhnigh an fhuireann air sin,
agus nuar chonnaiceadar cúpla iasg ag tuitim ar urlár
na Brídeóige shíleadar gur draoidheacht bhí ag an mnaoi
agus ba mhór é a n-ómós di.



""A Shatan,"" ar sise, ""sín chugam do chrios.""



"B'éigin dom sgaradh le mo chrios iongantach sul a
marbhochaidhe mé.



"Annsin tháinig bolg ar gach seól bhí ar na caolchran-
naibh, tháinig braonacha breághtha beannaighthe báistighe
anuas as spéirthibh neimhe gur fliuchadh gach teanga te,
gur báitheadh gach brón, gur thóg gach fear de fhuirinn na
Brídeóige aon gháir aitis agus molta, agus ní creidtheá


L. 88


é acht is ag moladh do mháthar bhíodar uile. Agus do
ghluais an Bhrídeóg bhreágh thríd na tonntaibh aoibhne agus
caiptín nuadh uirthi, agus mar ar bhain an caiptín sin
obair as cnámhaibh na fuirne agus as mo chnámhaibh féin
ní mise an Satan a chaill an crios iongantac."



XXXVIII.



Lean Satan dá sgéal:-



"Bhí caiptín nuadh againn mar dubhras agus ba dhóigh
linn go mbeadh fonn ar an gcaiptín sin filleadh abhaile.
Ní raibh. Ní raibh uaithi, ní raibh ó'n bhan-chaiptín acht a
clann fhágháil, agus chaitheamar na bliadhanta fada ó shoin
ar bhur lorg agus gan de chéird againn acht ag taisdeal
na dtíortha allta ar lorg na mbeithidheach fiadháin agus
ghá ndíol. Ní raibh fear d'fhuirinn na Brídeóige nach
mbíodh ag guidhe Dé go n-eireóchadh linn sibhse fhágháil.
mar bhí fhios aca nach bhfeicfidís a dtír dhúthchais go deó
go bhfuighfidhe sibh. Acht níor thaithnigh an obair sin
liomsa. Chuireas uisge-faoi-thalamh ar bun. Shileas
caiptíneacht na Brídeóige bhaint de do mháthair. Bhí
droch obair ann acht níor eirigh liom. Dá n-eirigheadh ní
annseo bhéinn anois…"



Leig an beithe-mhnach bocht osna as, agus thug Máire
Bhán deoch eile uisge dhó.



"Níor bhain sí an ceann díom mar bhí tuillte agam,"
ar Satan, "acht chuir sí isteach i mbád beag mé gan
biadh gan deoch acht gan aon chrúisgín amháin uisge.
Cheapas go raibh mo ré thart nuair chonnaiceas an
Bhrídeóg ag dul ó léargus orm. Thuit an oidhche.
Bhíos liom féin — chaith tú féin oidhche ar an bhfairrge
leat féin a chailín…" nach Máire atá ort?"



"Seadh," arsa Máire.



"A Mháire," ar seisean agus leag sé lámh go cineálta
ar a ceann, a Mháire, ar seisean, "cheapas go raibh mo
chiall agus mo mheabhair ag imtheacht uaim nuair chonn-


L. 89


aiceas na lasracha fada dearga ag eirghe aníos as
an bhfairrge. A leithéid de dhathanna ní fhaca tú
ariamh…



"Chonnaic," arsa Máire, "Chonnaiceas na lasracha
céadna. An Burla ba chionntach leis. Chuir sé an
fhoraois trí theinidh…"



"Tháiníg taom beag orm, agus ar dhúiseach dhom ar
maidin céard d'fheicfinn acht an Bhrídeog soir uaim ag
bun na spéire agur í ag déanamh ar an tír bhí trí
theinidh…



"Agus cá bhfios domh nach bhfuil mo mháthair mhúirneach
annseo anois féin."



"Ní dhéanfainn iongantas de dá mbeadh…
acht tabhair deoch dom, táim ag fághail bháis leis an
tart."



Bhí droch-chosamhlacht ag teacht air, cinéal fiabhrais bhí
ag teacht ais de bárr ar fhulaing sé. Bhí truaigh ag an
gcailín beag dhó, don bheitheamhnach sin ba cinntach le
bás a hathar acht ní raibh an leigheas i ndán dó ar an
saoghal seo. Chuimhnigh sí annsin ar phaidreachaibh d'fhogh
luim sí ó na mná riaghalta i nGaillimh agus thosuigh uirthi
ghá rádh go duthrachtach, agus an beitheamhnach bocht bhí ag
fágháil bháis ghá rádh n-a diaidh chomh maith is bhí ann. Ag
dul i laige bhí a ghlór siúd, Ag dul i dtréise bhí glór
Mháire Bháin, agus an bheirt aca ar a ndícheall ag
paidreóireacht. Thuit an oidhche. Leig an beitheamhnach
osna lag as. Bhí an Bás ag follumhain ós cionn an
phuill…



Is annsin chuimhnigh an cailín beag go mb' fhéidir nár
baistigheadh an beitheamhnach, Dubh irt seisean nár chuala
sé ariamh gur baistigheadh, agus níor chuala nár bais-
tigheadh. Bhí roinnt uisge sa gcupóig fós ag Máire
agus thug sí baiste urláir dhó. Annsin do dhún sé a dhá
shúil leig osna eile as, agus d'éalaigh an t-anam
uaidh…



Chaoin Máire é, acht níorbh fhada dhi ghá chaoineadh nuair
a sí an sgréachghail agus an tormán chuici. D'eirigh
cuaidh go béal an phuill, agus chonnaic sí beithidhigh


L. 90


allta na foraoise ag imtheacht thairsti n-a cosnáirde
agus uamhan orra. Bhí an lá ann faoi seo agus chonnaic
sí mar bheadh sneachta donn ar an machaire ar an taobh
thall de'n abhainn. Ní sneachta bhí ann ar chor ar bith ar
ndóigh acht na milliúm milliún seangán mór donn agus
iad ag gluaiseacht rómpa thar an machaire agus ag ithe
gach bhí rómpa sa mbealach. Níor fhágadar crann ná
sgeach gan lomadh, agus an t-ainmhidhe bocht ar eirigh leó
theacht air agus é n-a chodladh níor fhágadar a chnámha
féin n-a ndiaibh gan ithe.



Tháiniceadar go dtí an abhainn. Shíl Mháire go gcuir-
feadh an t-uisge cosg leó. Níor chuir. Ní dheárnadar
acht droichead beó dhéanamh díobh féin agus anonn leó.
Má báitheadh na mílte milliún díobh. d'eirigh leis na
sluaighte eile dhul anonn ós cionn a gcorp agus a gcuid
dubhán fada i bhfastódh n-a chéile ionnós nach sguabfaidhe
leis an sruth iad…



Tháinig uathbhás ar Mháire nuair chonnaic sí na sluaighte
nimhneach seo ag déanamh uirthi, agus d'éaluigh leithi ar
nós na n-ainmhidhe eile agus í ag ceapadh go mba bhreágh
an rud é go raibh an dé imthighte ó Satan sul ar tháinic
na feithidí nimhneacha seo air. Is beag an méid feóla
dfhagadh ar chnamhaibh an bheitheamhnaigh!



Bhí tuitim na h-oidhche ann nuair shroich sí an phlásóg
atá i bhfogus do phluais na leomhan. Bhí an seanleomhan
n-a chodladh ag béal na pluaise agus crúb leis timcheall
ar an mBúrla. Bhí áthas an domhain uirthi go raibh a
dearbhrathair ar fághail arís, agus bhí sí ar tí é féin,
agus an leomhan a dhúiseacht nuair chonnaic sí duine ag
teacht amach o'n gcoill agus ag ionnsaighe an tsean-
leomhain le guna. Is dócha nach raibh aon urchar ag an
duine fíochmar seo san nguna, mar séard bhí faoi
dhéanamh ceann an leomhain a sgoilteadh le stoc an ghuna.
Leig Máire béic; dúisigheadh an leomhan; thóg sé a
cheann, agus níor bualadh é.


L. 91


Annsin bhí an choraidheacht ann. Thug an leomhan fogha
faoi an té shíl é mharbhadh, agus bíodh 's go raibh sé gan
gléas troda, gan fiacail gan iongain gan súil, d'eireó-
chadh leis an té d'ionnsaigh é a chlaoidh marach go dtáinig
triúr nó ceathrar eile agus eangacha teanna aca, agus
chaitheadar na líonta seo n-a thimcheall gur fágadh an
seanleomhan sínte ar an talamh agus é i bhfastódh sna
líontaibh…



Deaideó bocht! Ba truaigh é a chás!



Acht is goire cabhair Dé ná an doras. Bhí an sean
leomhan n-a phríosúnach acht is ag cáirde bhí sé n-a
phríosúnach. Bean an Chaiptín agus culaith fir uirthi
d'ionnsaighe an leomhan! agus cé thiocfadh de chabhair
uirthi acht fuireann na Brídeóige!



Bí an-oidhche aca i bpluais na leomhan, ag Máire Bháin
agus ag an mBúrla agus ag a máthair agus ag a gcáirde
uile, idir fear agus leomhan, agus ar maidin le eirghe
na gréine chuadar go dtí an Bhrídeog, thógadar na
séolta móra bána uirthi, agus thogadar na seólta beaga
dubha uirthi, thugadar a haghaidh ar muir agus a deireadh
ar tír agus níor airigheadar an bealach go rabhadar istigh
i gcuan aoibhinn áluinn na Gaillimhe.



AN CEANGAL



Níl mórán eile le rádh agam acht gur cheannaigh bean
an Chaiptín Mhongaigh teach maith agus céad acra talmhar
i n-aice an bhaile mhóir, acht b'éigin di géilleadh do
bhéasaibh na Gaillimhe agus culaith mná a chaitheadh arís.
Níor thaithnigh an feisteas sin léithi agus na bliadhanta
chaith sí n-a fear ar bórd na Brídeóige, agus ghabhadh
mí-shastacht í go minic agus d'imthigheadh sí léithi ar fud
na tíre. Ní raibh a fhios cá gcaitheadh sí an aimsir nuair
d'imthigheadh sí mar sin, acht is minic bhíodh sí dhá ráithe ó
bhaile gan tásg gan tuairisg uirthi. Tá sí curtha san


L. 92


tSeanchill agus leacht os a cionn. Ag seo na focla
atá geárrtha sa lic:-



Máire Ní Fhlaithbheartaigh
a fuair bás
an 3adh lá de Lughnasa 1888
agus a fear
Micheál Ó Riain
Caiptín Mara
a Fuair Bás tar Lear.
R.I.P.



Ní ró-fhada bhí Máire Bhán agus an Búrla sa mbaile
go dtáinig a gcainnt dúthcais ar ais chuca, acht uaire-
anta nuair labharthá leis a mBúrla cuirfidhe uathbhas ort
nuair chluintheá glam leomhain uaidh nó sgréach ubhlacháin,
nó glór ainmhidhe nó éin éigin eile. An té tógadh go
maith, ní leigfeadh sé air go gcuala sé an sgréach, agus
nuair nach leigfeadh thigeadh, a chainnt féin ar ais do'n
Bhúrla.



Is iomdha sgéal agus sgéal sgéil bíodh ag gabhail
timcheall faoi Mháire freisin. Uaireannta théidheadh sí
amach faoi na sléibhte, agus faoi na coillte agus ís
iongantach an méad bhíodh le rádh ag daoine faoi na
cleasa chleachtuigheadh sí ann, acht ó's rud é nach raibh aon
ughdar maith leis na sgéaltaibh sin ní abróchad tada n-a
dtaobh annseo.



Phós sí fear fiúntach ó Chonndae Mhuigheó (fear muinn-
teardha dhom féin) agus thóg sí muirghín mhór dhó, acht
fríothadh marbh í cúpla bliadhain ó shoin san gcoill bhig
sin atá i n-aice leis an Mám, agus níor fhéad dochtúir
na liagh dhéanamh amach céard d'eirigh dhi.



Maidir leis an gcócaire chaill a shrón, d'eirigh sé
diadhanta i ndeireadh a shaoghail agus chuaidh sé isteach i
mainistir tá sé n-a bhrathair ann fós, marar cailleadh le
goirid é.


L. 93


Tá an Búrla beó fós. I gcathair na Gaillimhe chaith sé
an chuid is mó dá shaoghal, é féin agus an sean-leomhan
Deaideó tugadh abhaile ar bórd na Brídeóige. Uair-
eannta cuireadh sé sgannradh ar pháisdibh na sgoile,
nuair sgaoileadh sé Deaideó, agus leigint dó é
leanamhaint ar nós gadhair. Acht níor, gabhadh dóibh
an sgannradh. Bhí Deaideó gan fiacal gan iongna
gan súil, gan fonn troda. Bhí Deaideó agus an Búrla
anmhór le chéile go bhfuair an leomhan bás leis an sean-
aois.



Mara dtáinig aoirde san mBúrla, tháinig toirt agus
neart millteach ann. Tá sé ós cionn leithchéad bliadhan
anois, acht deich mbliadhna nó dhá bhliadhain déag ó shoin,
ní raibh aon fhear i nGaillimh chomh cumasach leis. Bhíodh
geócach ar a dtugtaí an Fear Beag Buidhe mar leas-
ainm air, agus nuair nár fhéad sé an seanleomhan
cheannacht le cur n-a thasbántas, shíl sé é ghoid. Acht is
dócha nach raibh sé an-chlisde leis an ngadaidheacht, mar
tháinig an Búrla air, agus chaith an gadaídhe mí mhór fhada
san ospuidéal…



Níl lá san mbliadhain nach bhfeadthá an Búrla fheiceál
ar an mBalla Fada i nGaillimh agus an siubhal b'aistighe
dar facthas ariamh faoi; tá sé an-laghach le daoine, agus
má bhíonn an aimsir breágh, agus gan na sgoilteacha bheith
go ró-dhona air d'innseóchadh sé a lán duit nach bhfuil
innsighthe agamsa… acht cogar: ná tabhair an Búrla
air, ar a bhfaca tú ariamh, agus ná leig do'n fhocal sin
moncaigh éalughadh uait.



A CHRÍOCH.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services