Historical Irish Corpus
1600 - 1926

An Sgoláire Bocht agus Sgéalta Eile

Title
An Sgoláire Bocht agus Sgéalta Eile
Author(s)
Ó Conaire, Pádraig,
Pen Name
Caoilte na gCos / Cois Leasa
Composition Date
1913
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An Sgoláire Bocht agus Sgéalta Eile



Pádraig Ó Conaire



Connradh na Gaedhilge



AN SGOLÁIRE BOCHT.



I.



Tá deich mbliadhna agus trí fichid imthighthe ó bhí an
sgoláire bocht ann, acht tá daoine i nDoire na gCuach
fós a bhfuil cuimhne mhaith aca air. D'fhéadfaidís mórán
sgéalta innseacht duit 'n-a thaobh dá dtogróchaidís é.
Acht ní minic dhóibh cur síos a dhéanamh air anois. Dá
mbéidhtheá ag iasgaireacht le duine de na sean-fhearaibh
seo, agus gan san mbád acht an bheirt agaibh, b'fhéidir
go n-innseochadh sé dhuit go raibh a leithéid de dhuine
ann, acht ní bhéadh fhios aige cé'r b'as dó, nó cé dhár
díobh é; “duine le Dia a bhí ann,” adeireadh sé leat,
agus b'fhéidir nach n-abruigheadh sé a thuilleadh.



Acht fuaireas féin an sgéal 'n-a iomlán.



“An chéad oidhche dá dtáinic sé ar an mbaile
chugainn,” arsa sean-fhear liom lá agus mé ag
iasgaireacht leis, “is i dtigh Mhuinntir Fhlaithbheartaigh
chaith sé an oidhche.”



Bhí fhios agam go raibh fonn sgéalaidheachta ar mo
chomhluadar agus chuireas cluas orm féin.



Chuir sé an sgéal seo dhe:–



Bhí muinntir an tighe ag rádh an pháidrín nuair a bhuail
sean-fhear beag a raibh mála ar a mhuin aige isteach
chuca. Nuair a thug sé faoi deara céard a bhí ar


L. 2


siubhal, do bhuail sé faoi ar a ghlunaibh 'n-a measg. Ba
mhór é iongantas na bpáisdí ann, agus 'n-a mhála.
Dá mbéadh fhios aca céard a bhí istigh san mála aisteach
buidhe úd! Nuair a bhí na paidreacha thart, bhí lochán
uisge 'n-a dhiaidh ar an urlár bhí sé chomh fliuch sin ó'n
mbáistigh mhóir. Chuir fear an tighe fáilte roimh an
duine iasachta, agus chuir caint air.



“Bhí turas fada ort, bail ó Dhia ort,” arsa fear
an tighe.



“Bhí – turas an-fhada. Sgoláire bocht mé atá ag
taisdeal na tíre ar lorg an eólais. Tháinic an oidhche
orm ar an mbaile seo, agus cheapas go bhfuighinn
lóisdín go maidin ann.”



“Gheobhair sin agus fáilte,” arsa fear an tighe.



Leag bean an tighe mias mhaith bídh os a chomhair, agus
ní bréag a rádh gur ith sé go buidheach beannachtach é.
Nuair a bhí an biadh caithte aige, tharraing sé féin agus
fear an tighe aníos chuig an teine, agus chaitheadar gail
tobac.



“Ar mhisde dhom a fhiafruighe dhíot,” arsa fear an
tighe, “céard is ainm agus sloinneadh dhuit.”



“Ní misde – acht ní thig liom m'ainm ná mo bhunadh
a nochtadh do dhuine ar bith. Ná bíodh aon ainm eile
agad orm acht an sgoláire bocht.”



Agus ní raibh. Ó bhí an sgoláire bocht fliuch go
craiceann chuaidh sé suas ar an lochta gan moill le dhul
a chodladh dhó féin.


L. 3


II.



Ar maidin bhí an sgoláire ag sgrúdughadh a chuid
leabhar ar an leic a bhí taobh amuigh de'n doras. Bhí
Colm, an mac is sine a bhí ag an bhFlaithbheartach, ag
dearcadh air fá iongantas. Ní raibh ann acht páisde
naoi mbliadhna nó mar sin, agus chuir sé an-tsuim
san obair. Dhruid sé 'n-a aice. D'fhéach sé ar an
leabhar a bhí 'ghá léigheadh aige. Chonnaic sé ag
iompughadh na mbileóg é. Chonnaic sé na rudaí beaga
mionna dubha a bhí ar gach aon bhileóig. Ní fhaca sé
duine ag léigheamh as leabhar ariamh roimhe sin, agus
bhí mór-iongnadh air. Sa deire cheap sé caint a chur
ar an sean-sgoláire.



“Agus an féidir leat meabhair a bhaint as na
rudaíbh beaga dubha sin atá ag breacadh an pháipéir?”
at seisean.



D'fhéach an sgoláire thar a ghualainn. Baineadh geit
as. Ní raibh fhios aige go raibh aon duine 'n-a ghoire.
Nuair a chonnaic sé an malrach beag fionn-chas agus
an t-iongantas a bhí air thosuigh sé ag gáiridhe.



“Tig liom, a mhic. Tig liom meabhair agus ciall
agus misneach agus dóchas fhághail 'sna rudaíbh beaga
dubha úd.”



“Nach aoibhinn duit é, a sgoláire?”



“Is aoibhinn, a mhic. Is agad-sa tá an chiall. Is
aoibhinn do dhuine a bheith i n-ann meabhair agus tuigsint
a bhaint as na rudaíbh beaga dubha úd atá ag breacadh
an pháipéir. Fághaim féin misneach as an mbeart beag
leabhar úd nuair atá an croidhe go trom 'mo chliabh.


L. 4


Fághaim filidheacht agus sgéalta iongantacha ionnta.
Agus nuair a bhím 'ghá léigheadh ní heól dom an fliuch
tirim an oidhche – ní heól dom cá bhfuilim ar chor ar
bith – ní heól dom an t-ocras a bhíos orm go minic – ní
heól dom an tart … Acht ní thuigeann tú mé,
a pháisde – ní thuigeann tú céard is léigheann ann.”



Níor thuig an páisde é acht an oiread. Leis féin
a bhí an sgoláire bocht ag cainnt, shílfheá. Ucht bhí dúil
mhór ag an malrach 'sna sgéaltaibh i gcomhnuidhe. 'S
iomdha sgéal d'innis a shean-mháthair dhó. Acht bhí sí
ag tabhairt an fhéir anois. Ó! dá bhféadfadh sé na
sgéalta fhágháil as leabhar! Chonnaic an sean-sgóláire
chomh smaointeach is do bhí sé. Thuig sé céard a bhí ar
siubhal i n-intinn an pháisde.



“Is dócha go mba mhaith leat go mbeidhtheá i n-ann
na sgéalta breágha atá 'sna leabhraibh a léigheadh?” ar
seisean.



“Ó, b'aoibhinn liom é,” ars' an malrach ag greadadh
a bhos, “b'aoibhinn liom a bheith i n-ann sgéalta deasa
a bhíodh ag mo mhathair mhóir a léigheadh. Faoi Fhionn agus
Oisín agus Diarmuid Donn agus Goll agus Gráinne.
Ó nach mbeadh sé deas!”Agus thosuigh sé ag léimnigh
agus ag rinnce le neart áthais.



Do dhearc an sean-sgoláire air agus tháinic mór
aoibhneas ar a chroidhe. “Ní'l an léigheann ar lár fós
i nÉirinn,” ar sé leis féin “agus ní bheidh go deo.
Ní féidir an léigheann a mhúchadh – ní féidir sin. Acht
táid ag féachaint le n-a dhéanamh, acht cinnfidh sé orra.
Cinnfidh sé orra.”



Dubhairt sé na focail 'cinnfidh sé orra' chomh
bríoghmhar dána 's go gcuala an malrach é agus


L. 5


cuireadh eagla air. Níor cheap sé go bhféadfadh aon
dhuine a bheith chomh borb dána leis an sean sgoláire
ar rádh na bhfocal úd dhó. Acht nuair d'fhéach sé air
arís, bhí an sgoláire ag gáiridhe agus ag iarraidh an
ghasúir a mhealladh chuige.



“Gabh i leith annseo,” ars' an sgoláire, “agus
múinfead thú.”



Chuaidh an malrach chuige. Bhuail sé faoi ar an leic
le n-a thaoibh. Chaith an sgoláire na leabhair uaidh.
Bhain sé ruainne cailce as a phócha. Bhí an leath-dhoras
caitthe ar an talamh le n a dtaobh. Tharraing sé
chuige é.



“Féach i leith annseo,” ar sé leis an ngasúr
“caithfidh tú na litreacha fhóghluim ar dtús. 'Sé an
chéad chéim é. Tá sé chinn déag aca ann. Nuair atá
siad sin agad i gceart tig leat aon ní a léighead – acht
cleachtadh a bheith agad orra.”



“Agus tig liom sgéalta a léigheadh nuair atáid
agam i gceart!”



“Tig leat. Acht féach annseo. Seo í an chéad
cheann aca,” agus rinne sé A mór millteach ar an
leath-dhoras leis an gcailc. Annsin rinne sé B nach
raibh chomh mór sin ar fad, agus C a bhí beagáinín
beag níos mó. Nuair a bhí A B C D E sgríobhtha
aige chuir sé iallach ar an ngasúr na litreacha céadna
a sgríobhadh agus a ainmniughadh dhó. Acht 'siad a bhí
go bacach 'n a dhiaidh.



Acht má bhí féin bhí a oide sásta go bhfuair sé gasúr
a raibh an oiread suime aige san léigheann is do bhí
ag Colm.


L. 6


“Tá do sháith déanta agad indiu,” ars' an sean-
sgoláire. “I ndiaidh a chéile déantar na caisleáin.
Téanam annseo go n-innseóchaidh mé sgéal dhuit.”



Sul ar thosuigh an sgoláire bocht ar an sgéal rug
Colm ar an leath-dhoras agus chuir an taobh a raibh na
litreacha sgríobhtha air leis an mballa ar eagla go
dtiocfadh an bháisteach agus go millfidhe iad. Annsin
bhuail sé faoi ar chloich le taobh an tsean-sgoláire.
Thosuigh seisean ar a sgéal a innseacht.



“Is sgéal é seo a mbíodh an-chliú air fad ó. Bhíos
'ghá léigheadh nuair a tháinic tú chugam ar maidin,” ars'
an sean-sgoláire.



Agus d'innis sé sgéal Dhéirdre dhó. D'innis sé dhó
cé mar imthighthear leó go hAlbain agus an saoghal
aoibhinn a bhí aca ann. Chuir an gasúr suim mhór i
n-eachtraíbh Chloinne Uisnigh. Nach tréan calma na fir
a bhí ionnta? Cheap an gasúr nach raibh aon cheart ag
Déirdre a dtabhairt go hÉirinn léithi dá mbuidheachas.
Nuair a chuala sé cé mar mharbhuigh Conchubhar iad, bhí
truagh aige do Dhéirdre. Bhí sé ag sileadh na súl nuair
d'aithris an sean-sgoláire dhó an laoi dubróin a rinne
Déirdre dheórach os cionn na gcorp …



Acht níorbh' é sin an sgéal deireannach a mhúin an
sgoláire bocht dó. Is iomdha ceacht agus sgéal agus
duan a mhúin sé dhó 'n-a dhiaidh sin. Chuir sé faoi ar
an mbaile. Chuir sé sgoil ar bun ann. I sgioból
Mhic Uí Fhlaithbheartaigh bhíodh an sgoil ar siubhal san
ngeimhreadh, acht san samhradh nuair a thagadh an aimsir
the, bheidís amuigh fá'n spéir. Bheidís ag imtheacht leó
ar fud na mbánta nó 'n-a suidhe faoi chrann. Ní
mórán leabhar a bhí aca. Acht bhí sgéal deas ag an


L. 7


oide i gcomhnuidhe dhóibh. Indiu d'innseóchadh sé sgéal
a bhain le laoch éigin a rinne gníomh mór ar son a thíre.
I mbárach b'féidir go mbeadh sgéal aisteach aige faoi
luibh nó faoi chloich aistigh bhuailtí leis ar a bhealach.
Ní raibh fhios ag na páisdíbh cá bhfuair sé an t-eolas ar
fad. Acht bhí gean mór aca air. Bhí gean na ndaoine
uile air.



I dtigh Mhuinntir Fhlaithbheartaigh bhíodh an sgoláire
bocht an chéad bhliadhain, acht sul a raibh sé dhá bhliadhain
ar an mbaile tháinic na fir óga i dteannta chéile agus
thógadar teach beag deas dhó thíos ag an abhainn (tá
na sean-bhallaí 'n-a seasamh ann fós).



Bhí cuid mhaith sgoláirí aige faoi'n am seo. Acht ba
mheasa leis an chéad sgoláire dá raibh aige ná duine
ar bith eile aca. An ceacht úd a mhúin sé dhó ar an
leath-dhoras nuair a tháinic sé ar an mbaile ar dtúis,
chuaidh sé i dtairbhe dhó. Is beag leabhar nach raibh sé
in n-ann meabhair agus tuigsint a bhaint as. Ní
chuirfeadh na rudaí beaga miona dubha aon iongantas
air anois. Fuair sé ciall ionnta. Acht marach gur
sheól Dia chuige an sgoláire bocht is dócha nach
gcuirfeadh sé aon tsuim ionnta go deó; acht tháinic
an sgoláire bocht, agus chuir sé an síol san ithir
shaidhbhir.



III.



Bhí Colm agus an sgoláire bocht ag dul ag
iasgaireacht ar an loch lá. Bhí ceann de na maidíbh
rámha briste, agus bhí orra a dhul chun an tighe arís


L. 8


ag féachaint a' bhfuighidís táirngí agus córda le caoi a
chur air. Chuaidh siad suas ar an lota 'ghá gcuartughadh.
Bhí cómhra san gcúinne ann. Bhí téada agus dorugha
agus brusgar dhe 'chuile chineál 'n-a thóin. Thosuigh
Colm 'ghá chartughadh. Is dócha nár cartuigheadh é
roimhe sin le leith-chéad bliadhain. Is geárr go dtáinic
sé ar bheart a bhí clúduighthe go deas cúramach le
línéadach. D'osgail se é. Baineadh geit as.



“Ora! – gabh i leith! Gabh i leith! Gabh i leith!” ar
seisean.



“Céard tá agad, a dhuine?” ars' an fear eile.



“Féach!”



D'fhéach an sgoláire bocht ar an rud a bhí aige. Ba
mhór agus ba ríogh-mhór é a iongantas agus a áthas.
Céard a bhí aige ann acht sean-leabhar. Sean-láimh-
sgríbhinn a bhí 'ann. Rug an sean-sgoláire leis é go
dtí an fhuinneóigín bheag a bhí ar an lota, i dtreó go
mbeadh solas a dhóthain aige le n-a léigheadh. Shocruigh
sé an leabhar go cúramach ar a dhá ghlúin. Bhí an fear
óg ag breathnughadh air thar a ghualainn. D'fhosgail sé
an leabhar, agus do léigh an bheirt aca na focail:



“LEABHAR NA bhFLAITHBHEARTACH.”



Agus i n-áit eile chonnaiceadar na focail seo:



“Ar na sgríobhadh do
Dhonnchadh Mór Ua Flaithbheartaigh.”
“Ó! nach iongantach ar domhan é?” arsa Colm.



Níor thug an fear eile freagra air. Bhí an leabhar
d'á sgrúdughadh go mion agus go beacht aige.



“Féach an sgríobhneóireacht atá ann! Nach breagh é?
Féach chomh deágh-chumtha is tá sé! Agus na litreacha
móra – nach gleoite iad?”


L. 9


“Leabhar an-luachmhar atá ann,” ars' an sean-
sgoláire faoi dheireadh. “Ní 'mé a bhfuil fhios ag
t'athair go bhfuil sé ann. Dá mbeadh, is dócha go
n-innseóchadh sé dhom cheana é.”



Thugadar an leabar leó san mbád, mar bhí eagla
ar an sean-sgoláire go dtiocfadh duine éigin chuca
ar an lochta. Act ní mórán iasgaireacht a rinneadar.
Leigeadar do'n bhád imtheacht leis an ngaoith. Agus
is aca a bhí an lá! An sean-sgoláire 'n-a shuidhe ós
íseal, na cosa sínte amach uaidh, agus é 'ghá léigheadh
agus 'ghá ath-léigheadh le ciall agus brígh na bhfocal
fágháil. Colm 'n-a shuidhe ós árd, maide rámha 'n-a
láimh aige, acht é go daoimhín leis. É ag éisteacht go
haireach leis an rud a bhí 'ghá léigheadh ag an sean-fhear.
“Ar láimh dheis Dé go raibh t'anam, a Dhonnchadh
Mhóir,” ars' an sean-fhear thar éis tamaill. “A
Chuilm! – a Chuilm, a mhic, féach annso. Bhfuil fhios agad
an sgéal atá aige i dtús a leabhair.?”



“Níl fhios. Ní thig liom a léigheadh, faraoir!” ars'
an fear óg, thar éis an leabair a sgrúdughadh dhó.



“Cruadh-Ghaedhilge atá ann, nach eadh?”



“'Seadh 'seadh,” ar seisean; “acht tig liom ciall
a bhaint as. Chualas an sgéal cheana acht ní fhacas
sgríobtha go dtí anois é.”



Thosuigh sé ar chuid de'n sgéal a léigheadh agus a
míniughadh do'n fhear óg mar seo:



“An chéad bliadhain dár ghabh Eochaidh Aireamh
mac Fhinn mhic Fhiontain flaith agus fóirleathnas ar
Éirinn; chuir sé gairm sgoile amach ag fógairt ar
fhearaib Fáil Feis na Teamhrach a chomóradh go socróch-
aidhe cíosa agus béasa na tíre.”


L. 10


Agus d innis sé dhó cé mar chlis feara Fáil ar
Eochaidh. Thosuigh sé ag léigheadh as an leabhar arís.



“Ní raibh fear ar bith aca gan a bhean féin a bheith
aige, agus ní raibh aon rí i dTeamhair roimhe sin nach
raibh pósta.”



Chuir Colm an-spéis 'sna marcaighibh agus 'sna
cleasaidhthibh agus 'sna teachtairíbh coigcríocha chuir
Eochaidh amach ar lorg mná dhó féin. Agus nuair a
léigh an sean-fhear dhó cé mar tháinic an rí uirri agus í
ag an tobar, sgaoil sé a ghreim ar an maide rámha,
agus thuit sé uaidh isteach san loch.



“Mh'anam!” ars' an sean-fhear, ag tógáil a
chinn go tobann agus a' féachaint 'n-a thimcheall.
“Mh'anam!” ar seisean, “go bhfuilimid beagnach
treasna an locha. Níor airigheas an lá ag imtheacht.”



“Níor airigh ná mise.”



“'Sé an sgéal ba chionn-tsiocair leis. Ní mór
dhúinn a bheith ag filleadh a bhaile feasta.”



D'fhill. Acht b'iomdha lá aoibhinn a chaitheadar ar an
mbealach céadna 'n-a dhiaidh sin. Uaireannta eile,
nuair nach mbeadh an chruadhóg ar an bhfear óg,
bhuailfidís amach fá'n sliabh 'n-a mbeirt, agus a
ngunnaí ar iomchar aca. Acht, má bhí na gunnaí aca,
bhíodh an leabhar aca freisin; agus, nuair d'fheicfidís
an áit fheileamhnach, thiubhraidís cuid de'n lá ann a
léigheadh. Bhíodh “Sgiob” – gadhar óg míchéillidhe – le
n-a gcois go minic, agus 'sé a bhíodh go mífhoighideach
nach mbeidís ar an tóir. Acht ní bhíodh aon áird ag
an mbeirt úd ar a ghleó, agus nuair nach mbíodh aon
tsásamh le fágháil aige, d'imtheóchadh leis ag fiadhach dhó
féin. D'fhágfadh sé an léightheóireacht aca-san.


L. 11


Sul a dtáinic sé go Doire na gCuach, is minic a
cheap an sgoláire bocht go mbeadh sé lán-tsásta bás
fhágháil uair ar bith dá mbeadh oighre aige a bféadfadh
sé a chuid foghluma fhágáil aige. Bhí sin aige anois. Ní
raibh aon aimhreas air nach mbeadh Colm in-a sgoláire
chomh maith leis féin amach annso, agus go mbeadh an
fonn céadna air an fhoghluim a sgapadh is do bhí air
féin. Bhí sé sásta deireadh a shaoghail a chaitheamh le
n-a charaid. Ba mhór agus ba ríogh-mhór an cion a bhí
aca ar a chéile.



IV.



Acht' má's fada an lá, tig an oidhche. D'éirigh
timpíst mhór do'n sgoláire bhocht. Chuaidh sé féin agus
Colm amach ar an loch lá. Thugadar na gunnaí leo.
Ní dheárnadar mórán maitheasa leó i gcaitheamh an lae.
Acht, ar a theacht a bhaile dhóibh, tráthnóna, d'éirigh lacha
fhiadhain rómpa amach. Bhí an gunna faoi réir ag an
sean-fhear.



“Sgaoil fúithi, a dhuine – sgaoil fúithi!” arsa Colm.
D'árduigh an sean-fhear an gunna leis an lachain a
chaitheamh, acht loic an t-urchar air.



“Ní'l fhios agam sa gcat marbh céard atá ar an
ngunna seo,” ar seisean. “Dheaman ar loic sé ariamh
cheana orm”.



“Bhfuil caipín agad air?” arsa Colm.



“Tá. Féach é. Droch-rath air mar ghunna! – bheadh
an lacha bhreágh úd againn marach é.”


L. 12


“Bheadh. Caithfidh tú é chartughadh amach anois.”



“Caithfead. B'fhéidir go mbeadh sé de rath orainn
a theacht uirri aríst.”



Chrom an sean-fear ar an ngunna a chartughadh.
Bhain sé an grán as réidh go leór. Chuaidh Colm i
n-áirde ar charraig mhór a bhí le n'ais ag féachaint an
bhfeicfeadh sé a lacha i n-áit ar bith. Acht ní túisge
ar mhullach na carraige é, ná chuala sé an phléasg
uathbhásach. Dhearc sé síos uaidh ar an áit ar fhág sé
an sean-fhear, agus chonnaic sé an fear bocht sínte.
Ghread leis chuige, agus a chroidhe 'n-a bhéal aige.



Bhí dath gorm ar éadan an tsean-fhir ó'n bpúdar.
Bhí an mothughadh ann, acht b'in é an méid. Thosuigh an
fear óg ag fóirthin air chomh maith is d'fhéad sé. Bhí a
lámh ar a shúilibh ag an sean-fhear, agus cosamhlacht
air go raibh pian an-mhór air. Ba mhór a chuaidh a osnaí
ar Cholm. Sa deireadh shíl an sean-fhear éirghe. Bhain
sé na lámha dhá shúilibh.



“A Dhia mhóir!” ar seisean – “cá bhfuil mé? Bhfuil
sé 'n-a oidhche?”



Ní raibh. Acht bhí sé 'n-a oidhche aige-sean. Bhí a
shúile millte.



Thug Colm a bhaile é; acht, dá méid aire dá bhfuair
sé, ní fhuair sé amharc a shúl níos mó. Bhuail taom
tinnis é, agus nuair a d'éirigh as an taom bhí sé 'n-a
dhall.



Ba mhór an truagh a bhí ag gach duine ar an mbaile
dhó. Rud ar bith a bí ar a gcumas a dhéanadh dhó,
rinneadar é. Nuair a tugadh go dtí a árus féin é,
fágadh malrach sa teach aige le freasdal air. Ní raibh
teaghlach ar bith ann nach gcuirfeadh earraidhe chuige


L. 13


anois agus aríst. Ní raibh aon ní de dhíth air. Is
minic d'fheicfidhe ag gábháil an bóthar é agus páisde
ó'n sgoil 'ghá threórughadh. Agus is ag na páisdíbh a
bhíodh an clampar ag féachaint cé aca gheobhfadh cead
uaidh a dhul i n-éindigh leis. Agus an duine a gheibheadh
an cead seo uaidh, nach air bhíodh an t-áthas? Nach é
d'innseóchadh do'n dall gach rud a d'fheiceadh sé ar an
tslighe? Má bhí na súile caillte aige, bhí súile leith-
chéad páisdí a bhíodh ar sgoil aige ann le seirbhís a
dhéanamh dhó.



'Sé an rud is mó a ghoill air, ar dtús, gan é bheith
i n-ann a chuid leabhar a léigheadh. Ar maidin, nuair
a bhíodh Colm gnóthach, théigheadh an sean-fhear amach ar
an tsráid. Bhuaileadh sé faoi ar a chathaoir shúgáin.
Tharraingeadh sé chuige a chuid leabhar, agus leigeadh
air a bheith dhá léigheadh. Bhí dánta ionnta a bhí de ghlan-
mheabair aige, agus thosuigheadh sé 'ghá rádh siúd ós árd
agus ag ceapadh gur 'ghá léigheadh a bhíodh sé. Chuireadh
sé cúpla uair thairis ar an gcuma sin gach lá beagnach.
Laetheannta eile, ghlaodhadh sé chuige ar “Sgiob.”
Chuireadh sé sreanga faoi n-a mhuinéal, agus deireadh
leis a dhul go tigh Uí Fhlaithbheartaigh. Bhí an oiread
sin cleachta ag an ngadhar a dhul ann is nach mbeadh
ar an sean-fhear an dara focal a rádh leis. Shílfeá ar
“Sgiob” bocht gur éirigh sé sean-chríonna gasda ó
tháinic an mí-ádh ar a mháighistir. Shílfeá gur thuig sé
go raibh sé 'n-a dhall, agus go raibh air féin a threórughadh
ó áit go háit.



Nuair a bhíodh Colm sa mbaile roimhe, chromaidís
beirt ar an léightheoireacht agus ar an sgéalaidheacht.
Bhíodh Colm 'n-a shuidhe le hais an tsean-fhir, agus an


L. 14


leabhar 'n-a lámhaibh aige; acht ní bhíodh an dall sásta
'n-a intinn go mbíodh an oidhche ann, chuirfeadh sé iallach
ar Colm é shocrughadh ar bhealach a mbeadh an solas ag
tuitim go ceart ar an leabhar a bheadh 'n-a láimh aige.
Nuair a thosóchadh Colm ar sgéal a léigheadh, déarfadh
an sean-fhear:



“Cá bhfuil sé sin ann, a Chuilm. Fág mo mhéar air.”



“Díreach faoi do mhéir. Is ann a thosuigheann an
sgéal. Féach! ‘An chéad bhliadhain dar ghabh Eochaidh
Aireamh mac Fhinn mic Fhiontain flaith agus fóirleathnas
ar Éirinn …’”



“Is maith is cuimhneach liom é. Is mór an spéis a
chuireas san sgéal sin nuair a léigheas ar dtús é. Is
mór sin, a Chuilm.”



“Nach iongantach an sgéal é! Is cuimhneach leat
é – 'sé an chéad sgéal dá bhfuil san leabhar é – amuigh
ar an loch léigheamar ar dtús é.”



“Fíor dhuit sin, a Chuilm, a chuid. Bhí an oiread sin
spéise dá chur agad san sgéal is gur thuit an maide
rámha as do láimh. Nár thuit, anois?”



“Thuit.”



“Agus bhíomar beagnach treasna an locha nuair a
bhí an sgéal léighte agam-sa, mar leigeamar do'n bhád
imtheacht leis an ngaoith.”



“Tá an ceart agad sa méid sin. Acht is beag
nach raibh dearmad déanta agam air sin. Nach ait an
chuimhne atá agad?”



“Is ait. Is ait an chuimhne atá agam, a mhic. Sin a
bhfuil agam anois.”



Chuireadh an chainnt seo brón ar Cholm, agus d'fhéachadh
sé le athrughadh a chur ar an gcomhrádh. Acht bhíodh sé


L. 15


fánach aige sin a dhéanamh. Nuair a bhaineadh an sean-
fhear amach sa gcaint ar an gcuma sin, ní bhíodh aon
chosg le cur air. D'fhanadh sé ag caint agus ag
síor-chaint faoi n-a sgéalta a léigh sé agus na sgéalta
a chuala sé ó bhí sé óg, go mbíodh sé i n-am ag Colm
a threórughadh a bhaile. Ní raibh aon aimhreas air-sean
ar chuma ar bith nach raibh cuimhne iongantach ag an dall
bocht.



V.



Bhíodh sean-phíobaire san gceanntar an tráth seo,
agus, nuair chuala aos óg an bhaile go mbeadh sé i
nDoire na gCuach a leithéid seo de lá, cheapadar nach
raibh aon ní a b'fhearr le déanamh 'ná sgoraidheacht nó
siamsa éigin dá shaghas a chur ar bun. Ní raibh aon
teach ann chomh mór le teach Uí Fhlaithbheartaigh agus is
ann a cheapadar a dhul. Ní minic a bhíodh siamsa dá
shaghas aca le goirid, agus, ar an ádhbhar sin, bhí an
baile go léir bailighthe ann. Is ann a bhí an gleó. Bhí
an píobaire sa láthair go moch san oidhche, agus níor
b'fhada ann dó nuair a cuireadh iallach air port breágh
croidheamhail a chrochadh suas. Annsin thosuigh an damhsa.
Chuaidh beirt fhear amach i lár boill an urlár ar dtús,
agus chuireadar dreas damhsa dhíobh go héadtrom
aerach. Bhí an ceóltóir 'n-a shuidhe ar chathaoir faoi'n
bhfuinneóig. A shúile beagnach dúnta aige. A cheann
dhá luasgadh anonn 's anall. An suairceas ag sileadh
ó bharraibh a mhéar. Anois agus arís d'fhosglóchadh sé
a leath-shúil, agus an fhaid is do bhíodh an leath-shúil sin


L. 16


ar fhosgailt aige, ní bhíodh aon ghoir ag an mbeirt a
bhí ar an urlár stad de'n damhsa.



Ní raibh deireadh leis an bport damhsa úd gur bhuail
an sean-sgoláire isteach agus an gadhar 'ghá threórughadh.
Chuaidh sé timcheall le balla ag leagaint láimhe ar
dhuine annso agus annsúd agus ag cur cainnte orra.
Nuair a bhí cainnt curtha aige ar bhunáite a raibh ann,
dhruid sé síos chuig an teine agus thosuigh 'ghá ghoradh
féin. Shín sé a dhá láimh bhána chaol-tanaidhe amach os
cionn na teineadh, agus, le chomh bán agus chomh tanaidh
is do bhí na lámha sin, d'fheicfeá na féitheacha gorma
a bhí ionnta ag dul i méid agus ag dul i líonmhaireacht
nuair a thosuigh teas na teineadh ag cur na fola ar
borradh ionnta. Bhí iongantas ar mhórán a bhí sa láthair
chomh craithte is do bhí sé ag éirighe. Anois agus aríst,
do thógadh sé a cheann, d'fhéachadh 'n-a thimcheall díreach
mar a ghníodh sul ar buaileadh dall é. Bhíodh spéacláirí
gorma dhá gcaitheamh aige an tráth seo, leis an áit a
mbíodh na súile a chlúdach, agus thiubarthá an leabhar
go raibh an sean-fhear dall ag féachaint ort agus go
bhfeicfeadh sé thú nuair a thógadh sé a cheann ar an
nós sin. Bhí daoine sa láthair agus b'fhada leó go
raibh sé imthighthe, cé nár leig aon duine aca air go
raibh an smaoineadh sin aige. Ní leigfidís orra é ar
mhíle punnt. Acht bhí sé ann 'n-a dhiaidh sin. Bhí sé ag
milleadh na hoidhche orra i ngan fhios dhó féin.



Thosuigh an ceóltóir ar phort eile. Port breágh
croidheamhail a chuirfeadh na cosa ag bogadh fút. Léim
beirt óigfhear amach ar an urlár. Thóg an sean-sgoláire
a cheann. Leag lámh ar cheann an duine ba ghoire
dhó. Sin nós a bhí aige ó d'éirigh sé dall.


L. 17


“Ní tusa Colm,” ar seisean.



“Ní mé. Is mise a dheirbhshiúr – nach n-aithnigheann
tú Síle?”



“Agus is tú Síle? Tá go leór Éireann daoine
agaibh anocht – acht cá bhfuil Colm uaibh?”



“D'imthigh sé go Cúl Aoidh ar maidin.”



“Go Cúl Aoidh?”



“'Seadh. Chuaidh sé ann ar faoisdin.”



“Chuaidh sé i n-áit mhaith mar sin. Acht cá fhaide go
bhfillidh sé?”



“Tá súil againn leis móiméad ar bith feasda.”



Nuair a bhí an méid sin cainnte déanta ag an
sean-fhear, chrom sé a cheann os cionn na teineadh an
ath-uair. Áird ar bith níor thug sé ar an mbeirt a bhí
ag damhsadh ná ar an gceóltóir, ná ar Shíle. Fear óg
lúth láidir teann a bhí ann, cheap sé, agus gan suim
aige i n-aonní acht a bheith ag fiadhach agus ag
iasgaireacht agus ag éisteacht le sean-sgéaltaibh. Ní
raibh aon chleachtadh aige ar na leabhraibh, ná aon
eólas aige orra. Agus cheap an sean-sgoláire go
mb'fheárrde a shaoghal é dá bhfanadh sé mar sin. Ní
bheadh an dúil chráidhte aige ionnta anois agus gan é
bheith ar a chumas iad a léigheadh. Ní bheadh sé
i gcleitheamhnas lucht a léighte anois. Ní bheadh
air a theacht chun an tighe an oidhche chráidhte sheaca
seo. Agus nuair a tháinic an smaoineadh sin
chuige, shíl sé a dhíbirt. Chinn sé air. Ní raibh
goir aige a dhíbirt. Ag dul i dtreise a bhí sé.
Ba mhór an sásamh aigne dhó é, nuair a thosuigh bean óg
a bhí 'sa láthair ar amhrán a ghabháil. Sean-amhrán ar a


L. 18


raibh an-eolus aige-sean a bhí ar siubhal aici. Le chomh
binn agus chomh héifeachtach is dubhairt sí an t-amhrán,
chuir sí misneach ar an sean-sgoláire aríst.



Ní raibh an t-amhrán críochnuighthe aici go gcuala an
sean-fhear torann bróg taobh amuigh. Tháinic an té
arbh leis na bróga isteach, agus do shuidh i n-aice an
drisiúir ag ceann an tighe.



“Sin é Colm,” ars' an sean-fhear le Síle i gcogar.



“Aithnighim torann a brog.”



“'Sé atá ann.”



“Agus 'tuige nach dtagann sé chugam?”



“Is dócha go bhfuil sé a' fanacht go mbeidh an
t-amhrán críochnuighthe.”



“Glaodh air, a chailín – glaodh air.”



Acht ní raibh aon ghábhadh leis. Tháinic sé anuas chuige
uaidh féin. Leag an sean-fhear a lámh ar a cheann
fionn-chas catach agus thosuigh 'ghá chuimilt. Ba mhór an
fháilte a bhí aige roimhe.



“Á! tá tú ar fágháil faoi dheireadh, a bhuachaillín an
chúil cheangailte. Bhíos ag fanacht leat,” ars' an
sean-fhear.



“Dá mbeadh fhios agam sin, dhéanfainn deifir.”



“Tá fhios agam sin, a mhic – tá fhios agam sin go
ríogh-mhaith. Acht, ó tá tú ann anois, b'fhéidir nár
mhisde dhuit beagáinín beag a léigheadh dhom – nó dhóibh
go léir.”



“Léighfinn agus fáilte; acht b'fhéidir go mb'fheárr
leób bheith ag damhsadh.”



“Má's feárr féin, tig linn-ne beagán a léigheadh,”
ars' an sean-fhear.


L. 19


“Tig linn – ar ball beag; acht caithfidh mé féin
bobhta damhsa a chur dhíom i dtosach. Táim ionann 's
a bheith préachta – tá sin.”



Leig an fear óg sgairt gáire as, acht bheadh fhios ag
duine ar bith a bheadh ag dearcadh air go mba mhó an
fonn goil a bhí air 'ná damhsa. Bhí ní éigin ag déanamh
imnidhe dhó. Sin, nó bhí cantal air go raibh an sean-fhear
ag iarraidh air a dhul ag léightheóireacht agus an ceól
breágh a bhí ar siubhal aca. Acht cé ar bith céard a
bhí air, is ag damhsadh a chuaidh sé. Cuireadh an damhsa
ar siubhal. Thosuigh na daoine ag dul anonn 's anall
is trí n-a chéile. Acht ní fhaca an fear a bhí cromtha
os cionn na teineadh iad. Dá bhfeicfeadh b'fhéidir go
gceapfadh sé go mba gheall le snáthaibh a bheadh dhá
sníomh ag figheadóir iad. Dá gceapfadh féin, ní bheadh
sé i bhfad as bealach agus an dul trí chéile agus an
ghluaiseacht a bhí aca. Cheapfá, freisin, go rachadh na
snáthaí céadna i n-aimhréidh gach móiméad. Acht ní raibh
baoghal orra. Bhí an ceóltóir go maith agus bhí na
damhsóirí clisde.



'Sa deireadh cuireadh cosg leó. Bhí an ceóltóir ag
éirghe tuirseach. Bhí gach a raibh ann tuirseach, acht nach
leigfeadh siad orra go raibh. Thosuigh cuid aca ag
imtheacht. Bhíodar ag imtheacht 'n-a nduine agus 'n-a
nduine. Agus is cliste a sgaoileadh gach duine aca
píosa airgid isteach san bpláta a bhí ag ceann an
drisiúir sul a d'imtheóchadh sé. Ní bheadh póca an
phíobaire falamh ag imtheacht dó.



D'éirigh an sean-sgoláire féin le imtheacht. Ghlaodh
sé chuige ar “Sgiob.” Rug sé ar an gcórda a bhí
timcheall ar a mhuinéal aige le go dtreóróchadh an


L. 20


madadh a bhaile é. Acht ní raibh aon chall le sin a
dhéanamh. Tugadh cead a chinn do “Sgiob.” Threóruigh
Colm a bhaile é.



Nuair a bhíodar ag sgaradh le chéile, dubhairt an
sean-fhear:



“A Chuilm, a mhic,” ar seisean, “ní chreidfeá acht
chomh cráidhte is do bhíos i gcaitheamh na hoidhche
feicthear dhom nach fada uaim an bás anois …”



“Ar son Dé is ná habair rud mar sin. Is iomdha
bliadhain a bhéas agad fós le congnamh Dé agus na
Maighdine Muire.”



“… Agus ba mhaith liom turas eile a thabhairt
i n-éindigh leat ar an loch – lá maith a bheith againn mar
an lá úd fad ó nuair a fuaireamar an sean-leabhar ar
dtús. A' dtiocfá liom i mbárach?”



“Rachainn agus fáilte.”



“Agus na dearmad an sean-leabhar a thabhairt
leat.”



“Déanfad sin. I mbárach le héirghe gréine,” ars'
an fear óg, ag imtheacht dó. Chuala sé an sean-
sgoláire ag bagairt air gan dearmad a dhéanamh ar
an sean-leabhar go raibh sé fiche slat ó'n teach.



VI.



Nuair a shroich Colm a theach féin, bhí na daoine go
léir glanta leó. Ní raibh san gcistinigh roimhe acht a
mháthair agus Síle, agus iad ag tógbháil an tige. Ní
dhéarna Colm aon mhoill leó, acht suas leis ar an lota,


L. 21


áit a gcodluigheadh sé. Sgaoil sé dhe na bróga, agus
chaith sé é féin ar an leabhaidh gan falach a bhaint de.
Acht, má chaith sé é féin ar an leabhaidh, ní chun codlata
é. Níor bh' shin é a bhí faoi a dhéanamh ar chor ar bith.
Níor bh' eadh.



Bhí lá mór aige, an lá is mó dá raibh aige ariamh.
Níor corruigheadh an croidhe ann ariamh mar corruigheadh
an lá sin é. Bhí sé ag faoisdin, agus cuireadh iallach
air an sean-leabhar a bhí aige a dhóghadh. Ní raibh
easblóid le fágháil aige muna ndéanfadh.



(Agus 'sé an fáth a bhí leis an gcoingheall seo a chur
air, na bíoblaí agus na leabhra Gaedhilge eile a bhí 'ghá
sgapadh ag Protastúnaibh áithride imeasg Gaedheal.
Shíl corr-shagart thall is i bhfus nach raibh aon chaoi aca
le obair an leabhair seo a chosg acht iallach a chur ar
na daoine gan a bheith ag léigheadh na Gaedhilge ar chor
ar bith. Is beag duine a bhí ann a bhí i n-ann focal
Béarla a léigheadh nó a labhairt.)



Sin é an rud a d'fhág Colm bocht cráidhte. Dá
ndéarfaidhe leis a mhéar a chur i lasair choinnle, agus
a chongbháil ann go mbeadh an cnámh leis, ba lugha air
é 'ná an rud adubhradh leis a dhéanamh. Nuair a chuala
sé an bhreith a tugadh air, cheap sé i dtosach nach
ndéanfadh sé é. Bheadh sé i n-aghaidh na nádúire, cheap
sé. 'Tuige a ndéanfadh sé é? Chonnaic sé daoine a
bhí tugtha do'n ól – chuala sé trácht ar dhaoine a
thiubhradh a n-anma air – acht b'fhacthas dó nach raibh aon
dhuine aca a raibh an dúil nimhe aca ann is a bhí aige-sean
'n-a leabhraibh agus 'n-a sgéaltaibh agus 'n-a dhántaibh.
Ní raibh ordlach dá chorp nár dhubhairt leis nach raibh sé
cóir.


L. 22


Acht bhí Colm eile ann seachas an Colm a bhí dhá
rádh seo. Agus dob' é an Colm eile seo a bhí i
n-uachtar nuair a bhí an fear óg ag teacht treasna na
tsléibhe ag teacht a bhaile dho ón bhfaoisdin. 'Séard a
bhí san gColm eile seo oighre chinidh a rugadh agus a
tógadh agus a fuair bás imeasg uathbhás agus uamhan
agus iongantas na cruinne. Cine a raibh grádh aca
do'n Té a chruthuigh an t-uathbhás agus an t-uamhan agus
an áilneacht. Cine a raibh eagla orra roimhe. Cine a
dhearc le iongantas agus le alltacht ar oibreachaibh a
lámh. Cine a thug adhradh agus ómós Dhó.



Agus is idir an dá Cholm seo a bhí an comhrac. Níor
cheap an fear óg go mb'fhéidir go raibh an sagart ag
dul amudha. Ní raibh aon chuimhne aige air sin. Dá
mbeadh ní bheadh aon chomhrac ann. Acht bhí an comhrac
ann i ndáríribh. Comhrac ní ba treise ná bhí idir aon
bheirt ghaisgidheach ariamh. Bhí an chéad Cholm ag rádh:
“Níl sé cóir. Níl sé ceart. Ní déanfad é. Ní
dhéanfad go deó é.” D'eireóchadh an Colm eile
annsin. “Ná bíodh aon dul amudha ort. Féach! tá
Dia láidir. An rachaidh suarachán mar thusa 'n-A aghaidh?
An ndeacha Colm Cille 'n-A aghaidh nuair adubhradh leis
a thír dhúthchais a thréigint? Fear leithideach borb a bhí
ann. Chlaoidh sé é féin. Tá sé 'n-a naomh i bhflaithis
Dé anois.”



Ba mhór agus ba dian an comhrac é, acht is beag
Gaedheal nach mbíonn air an comhrac céadna a throid
tráth éigin dá shaoghal. Bhí sé thart nuair a shroich sé
an baile. Bhí sé ollamh agus ceapaighthe ar an losgadh
a dhéanamh. Bhí an méid sin socruighthe aige. Acht má


L. 23


bhí, ní gan dochma é. Bhí air a dhéanamh acht bhí a chroidhe
líonta le brón agus le cumha go raibh air an gníomh a
dhéanamh.



Ní raibh sé acht ag feitheamh anois go bhfuigheadh sé a
mhuinntir 'n-a gcodladh go ngabhfadh sé amach san
sgioból leis an ngníomh a dhéanamh, mar is ann a bhíodh
an leabhar i bhfalach aca i gcomhnundhe. Bhí cluas air.
Ní raibh le cloisint aige acht bog-fheadghail na gaoithe
agus seóithín-seó aici imeasg na ngéag lom.



D'éirigh sé as an leabaidh go réidh. Rug sé ar an
lóchrann a bhí ollamh aige faoi'n bfuinneóig bhig. Bhí an
lóchrann ar lasadh aige, mar ní mórán lasóg a bhíodh
aca fá'n an tráth sin. D'fhill sé i n-éadach é, ar eagla
go bhfeicfeadh aon duine an solus. Níor bhac sé le
n-a bhrógaibh a chur air. Síos leis an dréimire go
haireach. Ní mórán soluis a bhí aige san gcistinigh
agus mar sin do bhuail sé a chos i n-aghaidh soitheach a
bhí 'n-a bhealach. Dá dtagadh aon duine air céard
déarfadh sé? Chaithfeadh sé leithsgéal a bheith aige go
raibh sé 'n-a shuidhe an tráth sin d'oidhche – “Go raibh
sé ag brionglóidigh go raibh an bhó bhán teinn.”
Dhéanfadh sé sin cúis.



Bhí sé níos sásda 'n-a intinn go raibh an leithsgéal
aige. Do thóg sé an laisde. Tharraing siar an bolta
agus amach leis ar an tsráid. Bhí an oidhche ciúin. An
smathamh beag gaoithe a bhí ann, is ar éigin a d'airigheadh
duine é. Acht bhí sé ag cur sheaca go millteach. Bhí
an sgioból sgathamh maith ó'n teach, acht má bhí féin ní
hé an t-aith-giorra a thóg sé. Chuaidh sé thríd na
garrantaíbh. Nuair a shiubhladh sé ar an bhféar reóidhte
chloiseadh sé ag siosgarnaigh faoi n-a chosaibh é, agus


L. 24


cheapadh sé go raibh duine ar a thóir le bac a cur leis.
Bhí sé faithcheach go gcuirfidhe bac leis; go gcasfaidhe
rud éigin leis nach leigfeadh dhó an gníomh a dheanamh.
Ag dul trí na sgeitheachaibh dhó, bhain sé an t-éadach
de'n lóchrann. Dúisigheadh éan. D'éirigh sé aníos as
an dtom, agus bhuail é féin i n-éadan ghloine an
lóchrainn. 'Sé bhain geit as mo dhuine.



Faoi dheire shroich sé an sgioból. Chuaidh go dtí an
áit a mbíodh an leabar i bhfalach aige faoi'n tuighe i
n-áirde 'sna rachtaibh. Tharraing cuige é. D'fhág ar
lic an úrláir é. Nuair a d'fhéach sé air arís bhí sé
ar fhosgailt. D'fhosgail sé uaidh féin, agus bhí an sgéal
is mó a thaithnigh leis os a chomhair amach. Níor fhéad
sé gan a léigheadh. Léigh sé cúpla focal ar dtús.



“Fanfaidh mé go mbeidh sé léighthe ar fad agam,”
ar seisean 'n-a intinn fhéin, “ar ndóigh ní bheidh aon
dochar annsin.”



Agus chrom sé ar an léightheóireacht i ndáríribh.



VII.



Maidir leis an sean-sgoláire, nuair a bhuail sé
isteach a bhaile thar éis sgaramhaint leis an bhfear óg, bhí
cantal agus mí-shásuightheacht ag gabhail dó. Bhí teine
bhreágh mhóna ag an ngasúr a bhíodh san teach aige roimhe,
agus ní fada a bhí sé os comhair na teineadh sin amach
gur imthigh an mhí-shásuightheacht dhe. Dubhairt sé leis an
ngasúr a dhul a chodladh. Chuaidh. Ní raibh aon deifir a
chodladh air féin, adubhairt sé. D'fhan sé 'n-a chathaoir


L. 25


shúgáin ag caitheamh tobac agus ag éisteact le fuaim
na habhann agus le srannadh an ghasúir. B'in é an
tráth a raibh cluas ar Cholm freisin. B'in é an tráth
díreach a raibh sé ag ceapadh a dhul amach leis an
losgadh a dhéanamh.



Deirtear go mbíonn comhcheangal idir smaointe
beirte go minic. Má tá duine ann a bhfuil grádh mór
agad dhó, agus má tá an duine sin i gcontabhairt mhóir
agus tusa gan a bheith 'n-a chuideachtan, faghtar sgéala
go minic, ar bhealach éigin nach dtig linn a mhíniughadh
go fóill, go bhfuil sé i ndaimhséir. Ag na mnáibh is
mó bhíos an t-eolas seo. Ó'n uair a bhí an aisling ag
Déirdre go dtí an lá atá indiu ann, is minic a fuair
bean na sgéala seo. Ní hé amháin go dtagann siad
nuair atá cara duine i mbaoghal, acht is minic a thagas
cineál tarngaireachta chugainn go bhfuil mí-ádh éigin
i ndán dúinn féin má ghnídheann sinn a leithéid seo nó
a leithéid siúd de ghníomh. Agus cá bhfuil an duine
nár chuir cosg leis féin nuair a tháinic an tarngaireacht
sin chuige?



Ó tháinic sé a-bhaile is ar Cholm a bhí an sean-fhear
ag machtnamh, act ar an bpúnc aimsire ar chum Colm an
leithsgéal, ag dul amach an doras dhó leis an sean-
leabhar a dhóghadh, cuireadh i n-iúl do'n tsean-sgoláire
go n-éireóchadh rud éigin dóibh beirt. Ní raibh fhios
aige céard d'éireóchadh dhóibh. Ní raibh fhios aige acht
go ndéanfaidhe dochar éigin dóibh. An uain nó an
chaoi – ní raibh fhios aige. Ní raibh sin ar a eólas.



Níor chuir sé aon tsuim ann ar dtús. B'fhéidir gur
thuit néal codalta air, agus go raibh sé ag brionglóidigh,
cheap sé. Annsin chrom sé ar eachtraíbh an lae a bhí


L. 26


caithte a chur i léire dhó féin. Chuimhnigh sé ar an fonn
a bhí air i dtús na hoidhche go léigheadh an fear óg
beagán dhó. Cheap sé anois go mb'ait an rud é nach
raibh sé sásda aon ní a léigheamh dhó.



“Níor dhubhairt sé,” ars' an sean-fhear leis féin,
“go dtiubhradh sé an leabhar leis. Níor dhubhairt sé
acht go mbeadh sé sásda a dhul liom le heirghe gréine.
Sin é díreach an focal adubhairt sé.”



Chaith sé tamall fada ag cur trí chéile ar an gcaoi
seo, acht i leabhaidh an sgéal a réidhteach 'sé an chaoi a
raibh sé ag dul i n-aimhréidh air. Ní bheadh an réidhteach
sin le fágháil aige, go bhfeiceadh sé Colm féin ar
maidin. Ní bheadh aon mhaith dhó a dhul a chodladh, mar
ní thiocfadh aon chodladh air. D'fhanfadh sé tamall
beag eile, agus annsin do dhúiseóchadh sé an gasúr.



Dhúisigh sé roimh an lá é. Bhí iongantas ar an
ngasúr bocht nach ndeacha an sean-fhear a chodladh.



“Thuiteas 'mo chodladh annseo sa gcathaoir, a mhic,”
ars' an sean-fhear, “agus níor dhúisigheas go dtí anois
féin.”



Bhí drugall air a rádh gur fhan sé 'n-a shuidhe a
machtnamh i gcaitheamh na hoidhche.



Ba gheárr an mhoill orra ruainne bídh a ghléasadh agus
a chaitheamh. Sháith gach dunne aca císde beag isteach i
bpóca agus d'imthigh leó agus “Sgiob” le n-a sálaibh
Ní raibh sé 'n-a lá nuair a d'fhágadar an teach, acht
cheap an sean-fhear go ndúiseóchadh sé Colm agus go
n-imtheóchaidís roimh an lá. An casán atá le bruach
na haibhne thógadar, agus níor airigheadar go raibh
sgioból an Fhlaithbheartaigh buailte leó.


L. 27


“Tá solas sán sgioból,” ars' an gasúr, “feicim
thrídh an bhfuinneóig é. Ní 'mé sa domhan cé tá ann?”



“Solas san sgioból!” ars' an sean-fhear, “céard
a bheireadh solas ann chomh moch seo?”



“Tá sé ann ar chuma ar bith.”



“Féach isteach thríd an bhfuinneóig go mbeidh fhios
againn cé tá ann.”



“Ní'lim sáthach árd. Tá an fhuinneóg i n-áirde ar
an mballa.”



“Bheiridh mise sál i mbois dhuit. Seo!”



Thug. D'innis sé dhó go raibh Colm istigh agus
lóchrann aige. Go raibh leabhar mór ar fosgailt aige
acht nach raibh sé 'ghá léigheamh. Go raibh a shúile dúnta
aige, a cheann crochta agus é ag corrughadh a bhéil
díreach is dá mbeadh sé ag paidirghil. Bhí an leabhar
caithte ar an lic a bhí taobh istigh de'n doras, ar thaobh
na láimhe deise ag dul isteach dhuit. Bhí Colm féin ag
an gceann eile de'n sgioból. Chaith sé an oidhche ag
léightheóireacht (acht sin rud nach raibh fhios ag an mbeirt
a bhí taobh amuigh) agus nuair nach ndéarna sé an
gníomh i dtosach ní leigfeadh a chroidhe dhó a dhéanamh
na dhiaidh sin. Cheap se an obair a chur ar cáirde.
Dá mbeadh peacadh ann, cheap sé go raibh ceann déanta
aige cheana agus an sgéal a léigheadh chor ar bith.
Chuaidh sé ar a ghlúnaibh nuair nach bhfuair sé 'n-a chroidhe
an leabhar a dhóghadh.



Chuala an bheirt a bhí ag an bhfuinneóig é ag rádh na
bhfocal:



“A Dhia Mhóir, cuidigh liom! A Naoimh Mhuire a
mháthair Dé, cuidigh liom! Agus mara bhfuil sé ionnam


L. 28


an leabhar a dhóghadh anocht, dóghfad é san oidhche i
mbárach, le congnamh Dé.”



Níor fhan an sean-fhear go raibh siad ráidhte aige,
act isteach leis ar lár an úrláir. Bhí 'fhios aige go
ríogh-mhaith cá raibh an leac. Agus is ar an lic a bhí an
leabhar caithte. Thosuigh air ag oibriughadh na lámh go
dícheallach 'ghá chuartughadh. Ní mórán moille a bhí air
a fhágháil. Rug sé air, agus d'fháisg le n'ucht go docht
daingean é, mar d'fháisgfeadh máthair a haon mhac
agus an faolchú ar a thóir.



Níor airigh an fear óg ag teacht isteach é, acht nuair
a chonnaic sé é agus an leabhar i ngreim aige, 'sé an
chéad rud a cheap sé an leabhar a bhaint de le láimh
láidir agus a dhóghadh ar áit na mbonn. Acht nuair a
dhearc sé ar an dall bocht a bhí os a chomhar amach, ní
bhfuair sé 'n-a chroidhe é a dhéanamh.



“Ní dhógfar choidhché é – ní dhóghfar choidhche é. 'Tuige
a' ndóghfaidhe?” ars' an sean-fhear go dána.



Nuair adubhairt sé an focal sin amach leis as an
sgioból go beódha agus an leabhar faoi 'n-a asgaill
aige. Threóruigh an gasúr a bhaile é.



Ní gádh a rádh nach ndeacha an bheirt charad ag
bádóireacht le chéile ar an loch an lá sin.



VIII.



An lá dár gcionn bhí an sean-fhear 'n-a shuidhe 'n-a
chathaoir shúgáin os comhair teineadh breágh móna. Bhí
an leabhar ar a ghlúnaibh aige, agus é fosgailte. Bhí


L. 29


an gasúr 'n-a shuidhe ar stól faoi' i lampa a bhí crochta
ar an mballa, agus é ag cor caoi ar bhád bheag a bhí
aige. Bhí “Sgiob” 'n-a luighe ag cosaibh an tsean-fhir,
agus é 'n-a chodladh go sámh dhó féin.



Bhí an sean-fhear ag machtnamh. Ní raibh fhios aige
faoi neamh cé'n mí-ádh a bhí ar Cholm gur cheap sé an
sean-leabhar úd a raibh an oiread sin bróid aige as a
dhóghadh. Bhí an cheist sin dhá bhodhradh. Ní raibh a
réidhteach le fágháil aige. Cheapadh sé uair go
mb'fhéidir gur bhual an t-éagcruas an fear óg go
tobann. Acht nár labhair go ciallmhar? Agus dá
mbadh rud ar bith dá shaghas a bheadh air, nach n-innseóchadh
duine éigin dhó é i gcaitheamh an lae? Bhí sé cinnte
go n-innseóchadhdh pé ar bith céard a bhí air ní hé sin
a bhí air, buidheachas mór le Dia. Cheapadh sé uair eile
go mb'fhéidir gur ag brionglóidigh a bhí an fear óg,
agus gur éirigh sé agus go ndeacha ag léigheamh an
leabhair 'n-a chodladh dhó. Chuala sé trácht ar dhaoine a
rinne rud mar é. Agus do réir mar labhair sé,
shílfeadh duine ar bith gur 'n-a chodladh nó i n-aisling
a bhí sé.



Cheap sé arís go mb'féidir nach raibh san sgéal go
léir acht brionglóid – go mb'fhéidir nach raibh sé san
sgioból ar chor ar bith agus nach bhfaca an gasúr
Colm. Ba mhinic dhó rud mar sin a cheapadh ó d'éirigh
sé dall. Ba mhinic dhó a cheapadh nach dall a bhí sé
ar aon chuma – nach raibh sé acht ag dúnadh na súl roimh
dhul a chodladh dhó. Acht mo léan! Ní hamhlaidh a bhí.
Is aige a bhí a fhios nach aisling a bhí ann, nuair a leag
sé lámh ar an leabhar a bhí ar a ghlúnaibh aige.


L. 30


Leig sé osna. Thosuigh air ag cuimilt an leabhair go
mín agus go réidh le n-a láimh. Chrom sé ar na
bileógaibh a iompughadh. Cé'n mhaith a bhí san leabhar
dhó nuair nach raibh sé 'n-a chumas a léigheamh?
D'iompuigh bileóg eile. Cé'n mí-ádh a bhí ar Cholm nach
dtiocfadh sé chuige? D'iompuigh sé bileóg eile. An é
an chaoi gur chaill sé an dúil a bhí aige san léigh-
theóireacht?



Baineadh geit as. Tháinic sé ar bhileóig a bhí
stróicthe 'n-a lár, agus a bhí greamuighthe le chéile arís.
Is maith an t-eólas a bhí aige ar an mbileóig sin. Nach
ar an mbileóig sin a thosuigh an sgéal ba bhreághtha agus
b'áilne dá raibh san leabhar? Leag sé méar ar an áit
ar thosuigh an sgéal. Ba mhór an t-eólas a bhí aige ar
an sgéal céadna. Leig sé air féin gur dhá léigheamh
a bhí sé i dtosach, agus é ag rádh na bhfocal mar
bhíodar de ghlan-mheabhair aige. Bhí sé i n-ann é a rádh
as a chéile, díreach mar do sgríobh Donnchadh Mór
Ua Flaithbheartaigh 'n-a leabhar é. Ba gheárr gur sguir
sé de'n léightheóireacht bhréige. Ní raibh aon chall
leis. Bhí sé féin imeasg na laoch. Chonnaich sé sluagh
mór ag fágáil na Teamhrach faoin-a gcuid arm agus
éididh. A meirgeacha mear-shiubhalacha ar chrannaibh
árda láidre aca, agus iad ag soillsiughadh faoi lonnradh
na gréine. Agus ghluais an bhuidhean bhorb leithideach
seo rómpa thar na machairíbh míne réidhe, agus thar na
maol-chnocaibh fraochmara go dtáinic go rígh-theach a
raibh brandubh agus fithcheall ann, a raibh fleadh agus
féasta ann, a raibh bantracht agus laochraidh ann.
Agus bhí an sgoláire bocht 'n-a bhfochair, nuair d'fhill
an bhuidhean sin ar ais go Teamhair agus iad salach


L. 31


smeartha gonta leóinte de bhárr an chatha agus an
chruadh-chomhraic ab' éigin dóibh a thabhairt uatha i dteach
a gcarad bréige.



Bhí an teine ag dul i léig. Bhí crónán na habhann
le tabhairt faoi deara taobh amuigh agus feadghail na
gaoithe. Bhí an gasúr 'n-a chodladh. É 'n-a luighe ar n-
leacrachaibh loma agus a cheann ar an stól aige. Acht
is imeasg na laoch agus na righ-ghaisgidheach bhí an sean
sgoláire.



D'éirigh an gasúr. Chuimil na súile. D'fhéach 'n-a
thimcheall. Dhruid sé aníos chuig an sean-fhear. Bhí
seisean 'n-a shuan agus 'n-a shámh-chodladh.



Bhí teach eile ar an mbaile céadna a raibh an teine
ag dul i léig, teach 'n-ar cluineadh cronán na habhann
agus feadghail na gaoithe. Acht ní raibh an fear óg a
bhí san teach sin 'n-a shuan agus 'n-a shámh-chodladh.
B'fhada uaidh é. Bhí sé ag machtnamh. Bhí sé ag iarraidh
a dhéanamh amach cé 'n bealach a bhféadfadh sé greim
fhághail ar an leabhar ionnus go bhféadfadh sé a rún a
chur i bhfeidhm. Acht chinn air, de bhuidhe ná bhán,
cuimhneadh ar aon beart.



IX.



Acht an rud a theip air féin a dhéanamh, rinne a
mháthair dhó é i ngan fhios di fhéin. Is ag iarraidh a bheith
ag smaoineadh ar bealach leis an leabhar a mhealladh
uaidh a bhí seisean. Agus ar ndóigh, bheadh sé chomh


L. 32


maith dhó a bheith ag iarraidh an croidhe a mhealladh uaidh.
Bhí coícthighis imthighthe ó shíl sé an leabhar a dhóghadh, acht
bhí sé chomh lán-cheapaighthe ar an ngníomh a dhéanamh
anois, is do bhí an uair sin. Agus nach é a bhí go
cráidhte agus go ciaptha feadh na coicthighise sin!
Thug a mháthair faoi deara an bhuaidhirt mhór aigne bhí air.
Ní raibh fios aici tada faoi'n leabhar. 'Séard a cheap
sí acht gur éirigh achrann éigin idir é féin agus an
sean-sgoláire. Bhí sí ag ceapadh go dtiocfadh a
mheisneach chuige arís, dá dtagadh an duine sin ar
cuairt chuca. Bhí Síle curtha 'n-a choinne aici anois
féin. Tháinic sí isteach. Bhí an teachtaireacht déanta
aici. D'fhéach sí ar a máthair. Thuig sise an fhéachaint.



“A Chuilim,” ar sise.



“Seadh, a mháthair,” ar seisean.



“Céard tá ort mar sin, a mhic? Cheapfadh duine
ort go raibh tinneas eicínt ort. Cé'n fáth nach
dtagann an sgoláire chugainn anois?”



“Mh'anam féin, nach bhfuil fhios sin agam, a mháthair.”



“Seo anois, tá fios agat go maith é. An bhfuil olc
agat dhó?”



“Níl.”



“Is maith an rud nach bhfuil olc agaibh dá chéile.
Tig libh beagán léightheóireacht' a dhéanamh le chéile, mar
tá sé le theacht annseo anocht.”



Bhain an focal sin geit as. Bhí an sean-fhear ag
teacht chuca. B'fhéidir go mbeadh an leabhar aige. Ar
ndóigh, ní thiocfadh sé gan é? Dheamhan teacht. Bhí an
oiread dúile aige san léightheóireacht is nach bhféadfadh
sé a dhéanamh dá uireasbhaidh. Agus cé bhí ann a bhí
i n-ann an leabhar a léigheadh dhó acht Colm féin? Sin


L. 33


iad na smaointe a tháinic 'n-a cheann nuair a chuala sé
an focal adubhairt a mháthair.



Ba gheárr gur bheannuigh an sean-fhear agus an gasúr
isteach. Bhí an leabhar aige. Ní raibh uaidh acht an
cuireadh. B'fhada leis go dtáinic sé. Cheap sé nach
bhféadfadh Colm díoghbháil ar bith a dhéanamh do'n
leabhar, acht é féin go haireach. Agus b'fhéidir nach
mbeadh aon chuimhne aige ar rud mar é a dhéanamh
anois ar chor ar bith. I riocht is nach mbeadh iongantas
ar bhean an tighe an leabhar a bheith aige-sean dubhairt
sé go ndeacha sé isteach san sgioból ar theacht chun
an tighe dhó le n-a fhágháil –



“Mar b'fhada liom go léighfeadh sé giota dhom as,”
ar seisean.



“Ní raibh call ar bith dhuit an trioblóid a chuir ort
féin,” arsa bean an tighe, “ní ro-ghnóthach atá Colm,
agus thiubhradh seisean isteach é.”



“Tá a dhóthain ar a aire is a léigheamh,” ars' an
sean-fhear ag sínéadh an leabhair chuige. Nuair a shín
sé an leabhar chuige dubhairt sé leis i gcogar:



“Ar son do mharbh,” ar seisean, “is ná déan aon
díoghbháil dhó.”



Thosuigh Colm ag léigheamh an sgéil adubhradh leis,
agus ba bhreágh blasda uaidh é dhéanamh. Ba mhór é
áthas an tsean-fhir go gcuala sé a ghlórtha béil arís.
Cheap sé nach raibh aon cheól faoi neamh ba bhinne le
n-a chluais ná glór Chuilm ag léigheamh na sgéalta úd
dhó. Léigh sé sgéal agus duan, agus duan agus sgéal
go raibh sé amach san oidhche. Bhí sé 'ghá léigheamh go
raibh an páisde ag tuitim 'n-a chodladh ar ghlúnaibh a
mháthar. D'fhéach sise ar Colm. Stad seisean.


L. 34


D'fhéach ar an sgoláire. B'é ba dhóigh leat air sin
nach raibh aon chuimhne aige go raibh sé san teach aca
ar chor ar bith. Cor ná car ní raibh sé a chur dhe.



Nuair a chonnaic Colm an chuma a bhí air, d'éaluigh
leis. Cheap an mháthair gur amach san sgioból a bhí
sé ag dul leis an leabhar a chur i dtaisge ann, agus
mar sin de, níor chuir sé aon bhac leis. Bhí an
seanfhear 'n-a shuidhe san gcathaoir. Bhí a cheann crochta
aige. Ba chosamhail ar aghaidh agus ar a ghnúis go
raibh ní éigin le feiceál aige nach bhfaca aon dhuine
eile, cé go raibh sé 'n-a dhall. Bhíodh sé. Is dócha
gur airigh sé an fear óg 'n-a thost.



“Léigh ceann eile, a Chuilm,” ar seisean.



“Tá sé ag eirghe deireannach anois,” arsa bean
an tighe, “agus tá Colm imthighthe amach sa sgioból
leis an leabhar a chur i dtaisge.”



“Colm imthighthe!” ars' an sean-fhear agus iongantas
air. “An 'mo chodladh a bhíos?”



“Ní headh. Ní raibh tú 'do chodladh.”



Rug an sean-fhear ar a bhairéad agus ar a mhaide
siubhail.



“Treóruigh amach mé, a bhean-treóruigh amach go
dtí an sgioból mé,” ar seisean.



Rinne sí amhlaidh. An rud a chonnaic sí ann roimpe
chuir sé iongantas uirri. Bhí Colm ar a ghlúnaibh ag
guidhe agus an leabhar 'n-a luaithreamhán ós a chomhair
amach.



Thuig an sean-fhear ón deatach a bhí ann go raibh an
gníomh déanta. Bhí a dhruim le balla aige, agus gan
uaidh acht na focail: “Dóighte! dóighte! an sean-
leabhar dóighte!”


L. 35


Níor éirigh Colm ar a theacht isteach do'n bheirt eile.
Ba dhóigh leat air go raibh brón mór ar a chroidhe.
Cheap an bhean an bheirt aca a mhealladh a-bhaile. Ní
raibh aon mhaith dhi ann, agus b'éigean di imtheacht gan
iad. D'fhan an bheirt charad le chéile san sgioból;
má bhí aon chainnt eatorra níor chuala sise é. Níor
chuala sí acht an sgoláire bocht ag casadh agus ag
athchasadh ar na foclaibh úd: “Dóighte! dóighte! an
sean-leabhar dóighte!” – agus chuala sí na focail sin
go raibh sí sgathamh maith ón áit.



An Samhradh, 1904.



MÁ TÁ DO CHÉILE LEISGEAMHAIL



Bhí an lá ann. Bhí solus na gréine ag soillsiughadh
isteach sa seomra bíodh is go raibh an fhuinneóg bheag
ar an taobh ó dheas de'n teach féin. Bhí fuamanna
éagsamhla na maidne le clos taobh amuigh: na huain
ag méidhligh ar an mbán; an gadhar ag tafaint ar an
tsráid; an bhó ag géimnigh sa ngort.



Sí an bhó a dhuisigh Pait Mór. Bhí sé beagnach cinnte
dhe. Bhain searradh as féin go leisgeamhail. Ghlan na
sramacha dá shúilibh. Shín na géaga móra láidre gur
thosuigh an tsean-leabaidh ag creathadh agus ag gíosgán
faoi. An bhó arís. 'Seadh – agus an gadhar ag
tafaint. Céard a bhí ar siubhal?



“Éirigh a bhean,” ar seisean, “tá an lá caithte!
Nach deas an chaoi orm é, mé bheith pósta ag do
leithéid de straoille spadánta! Éirigh adeirim! A
Mháire! …”



Acht nuair bhí na géaga sínte aige agus na súile
fosgailte i gceart, thug sé aghaidh ar an áit go mba
chóir dá bhean a bheith. Ní raibh sí ann. Ní raibh aon
tsúil aige-sean go mbeadh. Le n-a brostughadh, dá
mbadh rud é nach raibh sí 'n-a suidhe fós, dubhairt sé
an chainnt. Agus gach uile lá 'san mbliadhain, nuair a
d'fhosgluigheadh sé féin na súile, deireadh sé rud mar


L. 37


é le n-a spreagadh chun oibre ar eagla go n-éireóchadh
sí leisgeamhail. An leisge an rud is measa ar an
saoghal so. Má fhághann an leisge greim ort tá tú
réidh mar adubhairt sé féin go minic.



Acht ba bheag an baoghal bhí ar a mhnaoi bhoicht bheith
leisgeamhail. Dá mbeadh, ní bheadh teach ná talamh, bó,
gamhain ná eile aca. Ní raibh lá san mbliadhain nach
mbíodh sí 'n-a suidhe roimh an ngréin. Thar éis éirghe
dhi, d'fhaduigheadh sí teine, chuireadh sí gráinne tae 'san
bpota, bhligheadh sí an tsean-bhó fhaid is bhíodh an tae
thíos, d'óladh sí muga dhe, agus thugadh sí siar muga
eile chuig Phait. Cheap an fear macánta soin nach raibh
aon cheó ann le do chroidhe a thógháil ar maidin mar
chupán maith láidir tae.



An maidin seo d'fhan sé sgathamh maith ag fanacht
léithi agus é ar a leath-uillinn san leabhaidh. Nuair
nár airigh sé ag teacht í luigh sé siar ar an bpiolúr
an ath-uair. Bhí sean-dúidín ar an mbord beag corrach
le n-a ais, agus thosuigh sé 'ghá cheapadh dhó féin céard
ab' fheárr dhó a dhéanamh – fanacht go mbeadh an tae
ólta aige nó gail tobac a bheith aige i dtosach. Acht
ní raibh a bhean ná an tae ag teacht chuige. Nach mór
an mhoill a bhí sí a chur air? Cé'n mí-ádh bhí uirthi nach
raibh sí ag teacht? Cheap sé go gcuirfeadh sé an
oiread stróidh air féin is go ngabhfadh sé chuig an
bhfuinneóig go nglaodhfadh sé uirthi. Acht dá ndéanfadh
sé sin nach mbéadh sé chomh maith dhó éirghe ar fad?
Bhí an cheist seo ag déanamh níos mó buaidheartha dhó
ná ceist an tae féin. Is ar éigin a bhí a dhá shuil
fosgailte ag an bhfear mór feasógach, acht mar sin
féin d'éirigh sé ar a dhá ghlúin le dhul go dtí an


L. 38


fhuinneóig. Bhí pictiúir bheag de'n Mhaighdean Mhuire
crochta ar an mballa le hais na fuinneóige bige, agus
is cinnte go n-abróchadh sé paidir nó dhó, os a comhair
ar a ghlúnaibh, muna mbeadh go raibh fhios aige go
n-abróchadh a bhean cúpla ceann ar a shon. Ar an
bpointe sin d'airigh mo dhuine a chosa agus a cheathramhnaí
ag éirghe an-fhuar. Chaith sé siar sa leabaidh é féin
arís agus tharraing na héadaigh leapthan 'n-a thimcheall.



Faoi cheann chúig nóiméid bhí gach uile cheist a bhí 'ghá
bhodhradh, idir codladh agus dúiseacht dhó, socruighthe
aige ar a bhealach féin. Agus is aige féin agus aige
féin amhain atá eolas an tsocruighthe sin. Níl le rádh
annseo acht amháin gur dhún sé na súile arís, gur shín
sé na géaga móra láidre, gur bhain sé searradh éile
as féin, gur shocruigh sé a fhéasóg fhada dhubh taobh
amuigh de'n chuilt agus gur thuit a shuan agus a throm-
chodladh air. Ní fhaca tú a shamhail ariamh ag tuitim
'n-a chodladh dhó acht beithidheach mór mara d'fhágfadh an
taoille trágha 'n-a diaidh ar an gcladach – beithidheach
mór reamhar beathuighthe éigin a bheadh ró-leisgeamhail
ró-spadánta ró-thuitthe i bhfeóil le cor a chur de dhá
bhfuigheadh sé a shaoghal air.



Acht dá mbadh rud é go dtéigheadh Pait Mór chuig
an bhfuinneóig, mar shíl sé a dhul, bheadh fhios aige céard
a bhí ag coinneáil moille ar a mhnaoi. D'fheicfeadh sé
sínte san ngarrdha cabáiste faoi bhun an chlaidhe í, agus
gan cor aisti acht an oireadh is bhí as féin faoi láthair.
Dá bhfanfadh sé sgathamh maith ag an bhfuinneóig – dá
mbadh go leigfeadh an leisge agus an fuacht dhó é –
d'fheicfeadh sé beirt bhan i ngreim innti agus iad dá


L. 39


tabhairt isteach a bhaile. Acht ós rud é go raibh mo
dhuine 'n-a chodladh feadh an achair seo ní fhaca sé aon
cheó muna bhfaca sé i mbrionglóidíbh é.



Tugadh an bhean isteach. Suidheadh i gcathaoir cois
teineadh í. Bhí dath an bháis uirthi agus í ar creathadh.
Tugadh uisge dhí acht níor fhéad sí a ól. Ní raibh aon
chainnt aici. Coinnigheadh an cupán uisge le n-a béal.
Dóirteadh cupán eile ar a héadan. Ní raibh sí ag
teacht chuici féin.



“Meas tú céard d'éirigh dhi?” arsa duine de na
mnáibh.



“Dheamhan fhios soin agam,” ars' an bhean eile,
“acht coinnigh an soitheach le n-a béal.”



“B'fheárr liom ná go leór go mbeadh Pait annseo,”
ars' an chéad bhean. “Dá mbadh rud é go n éireóchadh
tada dhi …”



“Coinnigh an soitheach le n-a béal, adeirim,” ars'
an bhean eile. Rinneadh amhlaidh. Dóirteadh cupán
eile uisge ar an mnaoi bhí teinn. Leig sí osnadh lag.
D'osgail sí na súile.



“An … an … gabh – – ar” ar sise go lag-ghlórach.



“Cé'n gabhar?” ars' an bheirt bhan i n-éindigh.



D'fhan sí tamall maith fada gan focal eile a rádh.



“An … gabh – – ar … san … ngarrdha, san
gcabáisde …”



“Céard tá sí a rádh faoi ghabhar?” ars' an chéad
bhean?



“Coinnigh an t-uisge léithi agus ná bí ag cainnt go
bhfeicfidh mé cá bhfuil Pait,” ars' an bhean eile.


L. 40


Chuaidh sí go doras an tseomra agus is beag nach
ndeachaid sise i laige freisin nuair chonnaic sí Pait
'n-a chodladh.



“Ó go gcuiridh Dia an t-ádh ort, acht gabh i leith
annseo go bhfeicidh tú é,” ar sise, “an sumachán! 'n-a
chodladh an tráth so de ló! Agus a bhean ag fágháil
bháis!”



Nuair a tháinig na mná isteach i dtosach chuala Pait
torann éigin agus é idir codladh agus dúiseacht. Shíl
sé gurab í Máire a bhí ann agus go ndúiseochadh sí é
nuair bheadh an tae déanta aici. Dhúisigh sé i gceart
agus do gheith sé nuair thug an bhean (a bhean féin a bhí
ann cheap seisean) sumachán air. Céard a bhí teacht ar
an saoghal chor ar bith, go dtiubhradh a bhean féin
sumachán air! Acht nuair chuala sé an focal “ag
fágháil bháis,” agus nuair chonnaic sé an bhean choimh-
thigheach san doras bhí sgéal eile ann.



“Éirigh go beó, a chladhaire an tsaoghail,” ar sise.



“Cé c – – é thú – – ú?”



“Cuma cé mise. Éirigh go beó. Téirigh i gcoinne
an tsagairt. Tá do bhean ag fágháil bháis.”



“Máire ag fágáil bháis, an eadh?” ar seisean agus
sgannradh air. Acht níor fhan an bhean le n-a fhreagairt.
D'iompuigh sí go tobann ar a cois agus amach léithi.



Bhí Pait san gcistinigh i láthair na mban gan móran
achair. Bhí a bhean féin ag teacht chuici féin go mall.
A dhá súil ar leathadh agus sgeón ionnta. A cuid
fiacal ag gíosgán. Cosamhlacht uirthi gur baineadh
geit uathbhásach aisti.



Níor baineadh an oiread oibre as cnámhaibh Phait
ariamh is baineadh an mhaidin seo. Bhí an fear mór


L. 41


annseo agus annsúd ar an nóiméad céadna. Bean
aca ag iarraidh air uisge a thabhairt isteach agus ag
tabhairt gach ainm ba mhíomhúinte ná a chéile air. An
bhean eile 'ghá chur i gcéill dó céard a dhéanfadh sí dá
mbeadh a leithéid de chéile aici. Bhí an fear cosnoch-
tuighthe agus gan cóta ar bith air. Bhí an mhaidin roinnt
fuar, acht ar a shon sin bhí sé ag cur alluis go tiugh – na
braonacha móra ag tuitim anuas dhá bhaithis agus dá
gcailleadh féin 'n-a fheasóig mhóir dhuibh. Ní bhainfeadh
an obair neamhghnáthach amháin an t-allus as; acht an
obair agus an droch-íde bhí sé a fhágháil ó'n mbeirt,
agus an sgannradh a chuir an droch-bhail ar an bhfear
mór.



I gceann uaire tháinig a cainnt chuig a mhnaoi. Faoi'n
am seo bhí sí istigh 'sa leabaidh agus d'innis sí dhóibh
go lag-ghlórach go bhfaca sí gabhar – gabhar mór dubh a
bhí chomh mór le asal – san ngarrdha cabáisde. Nuair a
cheap sí a chur amach d'ionnsuigh seisean í agus chuir a
dhá adhairc 'n-a taobh. Chuaidh sí i laige annsin agus
níor chuimhnigh sí ar a thuilleadh.



Ní raibh aon chomhartha uirthi gur ionnsuigh an gabhar
ná beithidheach ar bith eile í. Ní raibh aon chosamhlacht ar
an ngarrdha go raibh gabhar ná gamhain ann. Ní raibh a
lorg le feiceáil. Cuma céard a bhí ann, bhí Máire
breóite. Bhí sí go dona. Níor fhéad sí i féin a
iompughadh sa leabaidh. Maidir le héirghe ní raibh aon
ghoir aici air. Gach uile shean-bhean timcheall na háite
bhí eólasach ar ghalraibh tugadh isteach í. Act ní raibh
sean-bhean ar bith aca chonnaic a leithéid de ghalar le
n-a beó. Na dochtúirí féin nuair a thagann siad ar
galar neamhghnáthach – galar nuadh nach bhfacadar cheana,


L. 42


is éigean dóibh ainm éigin a thabhairt air. Ní bhíonn
siad sásta acht an oiread go mbíonn fios fátha an
ghalair aca. Tús leighis an t-eólas. Dubhairt sean-
bean le sean-mhnaoi eile gur “droch-rud” a chonnaic
bean Phait. Dubhairt sise le mnaoi eile go bhfaca bean
Phait “droch-rud” san ngarrdha – – droch-rud mór dubh
agus cosamhlacht gabhair air, acht go raibh a dhá shúil ar
lasadh 'n-a cheann mar bheadh dhá sméarthóid ann.



Dubhairt sise le mnaoi gurab é an fear mór a
chonnaic bean Phait agus é i riocht gabhair theineadh.
D'innis sise do Phait gurab é fear na Roimhe chonnaic
a bhean; go dtáinig sé le a chead fhágháil uaithi Phait
féin a sguabadh leis i ngeall ar ar fhág sé gan déanamh
le linn á shaoghail. '



Bhí eagla ar Phait. Bhí cosamhlacht na fírinne ar an
sgéal, cheap sé. Dá mbadh nach dtiubhradh a bhean a
chead do'n fhear mór é féin a bhreith leis bheadh olc ag
an bhfear mór dhó-san. Agus b'in í anois í dá snaoidh
os comhair a shúl gach lá.



Ní raibh fhios ag an dochtúir céard a bhí uirthi.
Tháinig sé a hocht nó a naoi de uaireanntaibh, agus
d'fhág buidéal beag 'n a dhiaidh gach uair, acht ní
dhearna na druganna aon mhaith dhi. Ag dul i ndonas
a bhí sí. Tháinig an sagart go minic, acht níor fhéad
seisean fírinne an sgéil a bhaint amach acht an oiread
leis an dochtúir.



Bhí Phait go cráidhte. Shíl sé go mbeadh fhios ag an
dochtúir nó ag sagart cé'n galar bhí ar a mhnaoi. Bhí
goile mhaith aici, acht má bhí féin, bhí sí ag cailleadh na
feola gach lá. Bhí an ceart ag na sean mhnáibh.


L. 43


“Droch-rud” a chonnaic sí. Droch-ghalar éigin a bhí
uirthi. B'fhéidir go raibh sí ag fágháil bháis – ag fágháil
bháis ar a shon. Marach í, b'fhéidir go mbeadh sé féin
i dtigh an fhir mhóir anois fhéin. A raibh de ghean agus
de ghrádh 'n-a chroidhe dá mhnaoi nochtuigheadh é.
Dhéanfadh sé gac' uile short dhi. An fear mór féasógach
so – an fear reamhar beathuighthe seo a bhí 'n-a leas-
dearbhráthair do'n diomhaointeas agus 'n-a oighre ag
na rightibh agus na mór-uaislibh a chleachtuigh an
suaimhneas agus an sogh agus an ná-déan-faic. Dá
bhfeictá é ar a mhine-ghéire ag déanamh gach uile shórt
a cheapadh sé ghabhfadh i dtairbhe dá mhnaoi bheadh fonn
gáire ort – nó fonn machtnaimh. D'fhadóchadh sé an
teine. Tharraingeochadh sé uisge.



Dhéanfadh sé tae roimh éirghe lae dhi. Bhlighfeadh sé
an tsean-bhó. Ghlanfadh sé soithigh. Sguabfadh sé an
t-urlár. Chorróchadh sé an leabaidh. Agus nuair a bhíodh
an teach tógtha aige, théigheadh sé ag obair san ngarrdha
nó ar an bportach, nó bhéaradh sé a ghunna leis agus
bhéaradh naosg nó crutach nó patar-uisge féin a bhaile
leis.



Nuair a bhíodh an fheóil gléasta aige, agus a bhean
'ghá ithe, shuidheadh sé féin ag ceann na leapthan ar
an urlár, ionnus go mbiodh a cheann féin agus ceann
a mhná ar aon áirde. D'fhéachadh sé isteach 'n-a súilibh
lán-bholgacha go truaighmhéalach. Bhéaradh sé ar láimh
uirthi agus thosuigheadh sé ag cuimilt a lámh a bhí ag dul
i míne agus i ngile agus i dtanaidhe ó ló go ló.
Leagadh sé an lámh ar a cheann féin, agus d'fhanadh go
dtosnóchadh sise ar a méaraibh a chur trí n-a thiugh-fholt.
dubh. Is annsin a bhíodh an t-áthas air. D'fhanadh sé
'n-a shuidhe ar a shuaimhneas cois na leapthan go


L. 44


dtuitfeadh an bhean 'n-a codladh. Briseann an
dúthchas thrí shúilibh ar chait, deirtear. Acht is ar na
hócáidíbh seo agus ar na hócáidíbh seo amháin a bhriseadh
an dúthchas thrí shúilibh agus trí ghéagaibh Phait. Bíodh sé
chomh sásta chomh suaimhneach chomh leisgeamail le cat
mór reamhar os comhair teineadh maithe.



Bhíodar beirt ar an mbealach so oidhche, nuair a bhí
Máire os cionn leith-bhliadhna teinn, agus thárla an
comhrádh so eatorra:



“An mbeadh olc ort, a Mháire,” ar seisean, “dá
gcuirfinn fios ar Shiobhán na n-orthacha?”



“Ní bheadh sé ceart. Badh mhór an peacadh é,” ar
sise.



“Acht nuair nach bhfuil tú ag fágháil bhisigh ar aon
chaoi eile.”



“Ná bíodh aon bhaint againn léithi, a Phait.”



“Cá bhfios nach thú leigheas a dhéanfadh sí?”



“Ná bacaimís léithi. Diabhlaidheacht atá aici.”



Bhíodar beirt tamall beag 'n-a dtost. Bhí an oidhche
ag tuitim de réir a chéile. Bhí an crann agus na
tighthe agus na sléibhte a bhí le feiceáil thríd an
bhfuinneóig bhig os a gcomhair amach ag cailleadh a
gcuma agus a gcruth. Bhí an solus ag dul i bhfolach
san áird thiar: dorchadas na hoidhche ag fágháil treise
ar ghileacht an lae.



'Sé Pait a labhair i dtosach.



“Tá fios curtha agam uirthi,” ar seisean.



Níor labhair sise. Bhí sí go smaointeach.



“Má tá peacadh ann, is orm-sa a bhéas sé,” ar
seisean, “má tá tairbhe ann, bíodh sé agat-sa.”


L. 45


Fágadh an sgéal mar sin. Ar maidin go moch tháinig
bean na n-orthacha. Bhí aithne mhaith uirthi ar fud na
mbailte, agus bhí fhios ag a lán cá raibh a triall.
Lean cuid mhaith í. Bhí dream beag timcheall an tighe
nuair a bhuail sí isteach. Acht ní raibh roimpi san
gcistimgh acht Pait féin agus é ag fadughadh na
teineadh.



“Tá bean teinn 'sa teach seo,” an chéad rud
adubhairt sí.



“Tá. Buail fút ar an gcathaoir annsin. Tá an
mhaidin roinnt fuar.”



“Ní féadfaidh mé. Cá bhfuil an bhean atá teinn?”



“Thiar sa seómra.”



Chuaidh sí siar. Ní bheadh “an deamhan 's a mháthair”
ráidhte agat go raibh sí aniar arís.



“Ó thuaidh agus ó dheas atá an leabaidh agaibh.
Athruightear an leabaidh ar an bpointe,” ar sise.



“Níl congnamh agam,” arsa Pait. “Tá an leabaidh
trom.”



“Tá fir annsin amuigh. Tá agus mná. Táid ag
fanacht go gcloisfidh siad céard tá déanta agam-sa.”



Chuaidh Pait go doras. Bí dream beag fear óg ar
an gcnocán ó dheas de'n teach. Bhlaoidh sé ortha.
Tháinig seisear nó mórsheisear fear óg chuige.
D'órduigh bean na n-orthacha dóibh an leabaidh athrughadh.
Bhí an bhean bhreóite ró-lag le héirghe, acht ní raibh aon
chall dhi – bhíodar-san sáthach láidir le í féin agus an
leabaidh a thógáil.



An t-ádhmad a bhí san leabhaidh bhí sé sean lobhtha.
Athair mór Phait a chuir suas i dtosach é. An chéad
tharraing dá dtug na fir óga ní dhéarnadar acht a
creathadh. Bhí sé greamuighthe de'n urlár agus de'n


L. 46


bhalla. Thugadar tarraing eile. Thuit an t-ádhmad ó
n-a chéile. Thuit ceann na leapthan anuas ar an
mnaoi bhreóite. Leig sí sgread. Baineadh geit aisti.
Síleadh go raibh sí marbh ar fad. Is ann a bhí an
rúille-búille.



“Fágtar an seómra fúm fhéin,” arsa bean na
n-orthacha.



Fágadh. D'fhan sí leath-uair nó mar sin leis an
mnaoi a bhí breóite. D'fhan an dream eile 'sa
gcistinigh go dtáinig sí aniar.



“Ní bheidh blas uirthi faoi cheann seachtmhaine,” ar
sise; tá deifir a bhaile orm anois, acht feicfidh mé
arbhú i mbárach thú, a fhir a' tighe ar aonach Dhoire na
bhFiach,” agus siúd amach an doras go tapaidh í.



Tháinig biseach ar Mháire. Bhí sí ag dul i bhfeabhas
ó ló go ló. Ní raibh seachtmhain caithte go raibh sí 'n-a
suidhe. I gceann míosa bhíodh sí ag bleaghan na mbó,
agus ag tógáil an tighe. Faoi cheann ráithe ní raibh aon
chosamhlacht uirthi go raibh sí teinn ariamh. Dubhairt cuid
de na daoinibh gurab í bean na n-orthacha leighisigh í.
Cheap cuid eile go raibh an leigheas i ndán di.
Dubhairt sí féin gus leighsigh an gheit a baineadh aisti
í, nuair a thuit an leabaidh uirthi. Tá daoine eile ann
adeireann nach raibh tinneas ná galar ariamh uirthi – nach
raibh sí acht ag leigint uirthi le go leigheasóchadh sí féin
a fear. Níor tugadh aon áird ortha súd. Nach bhfuil
daoine ann a chuirfeadh an dubh 'n-a bhán ort?



Cuma cé'n dream aca bhí ceart. 'Sí Máire a fhághas
an cupán maith láidir tae 'san leabaidh ar maidin
anois. Agus a léightheóir a chroidhe, má tá do chéile
leisgeamhail – .


L. 47


BRAON DE BHINÉGAR AN
tSAOGHAIL.



Ní raibh Cuchulainn acht 'n-a stócach nuair a ghlac sé
arm agus eideadh gaisgidhigh; ceithre bliadhna déag
d'aois a bhí Éamonn Seoighe uair a chéad-bhlais sé
bhinéagar an tsaogail seo, agus ní imtheóchaidh cuimhne
an lae ud uaidh go dtéidhidh sé san cré.



Ag duine muinteardha bhíodh sé n-a chomnuidhe ó
cailleadh a atháir, agus cheap an stócach nach raibh aon
fhear ar dhruim an domhain chomh maith leis siúd, chomh
láidir leis, chomh carthannach leis, ná chomh breágh leis
ar aon cuma. Ní bréag ar bith é go rabhadar beirt
an lághach le chéile; badh dheacair dóibh a bheith ar a
mhalairt de chaoi agus gan san sean-teach mór úd
cois na mara acht an bheirt aca agus an lucht aimsire.
Agus bhí dúil 'san gceól aca beirt. 'Seadh an ceól!
'Sé cheangail iad agus ní hí an fhuil.



Acht tig athrughadh ar gach ní. Phós an duine muin-
teardha. An lá a bhí sé leis an mnaoi thabhairt a bhaile
thar éis mí na meala a chaitheamh i Sasana – lá garbh
earraigh a bhí ann – thug an stócach an leabaidh air féin
tuairim 's a seacht a chlog, mar bhí sé tugtha ó bheith
ag obair agus ag fanacht leis an lánamhain nuaidh ar
feadh an lae. Agus nach é d'oibrigh! Nach é bhí thall
's i bhfus san am chéadna ag iarraidh gach uile ní a
bheith i gcóir rómpa ar theacht a bhaile dhóibh! Nach é


L. 48


a fuair sé ó Stiophán Gabha, bhí socruighthe aige a
thabhairt dá bhainchliamhain, bíodh is go mba mhór a
chuaidh sé air sgaradh leis. Agus 'n-a luighe agá chosaibh
bhí an coileán con úd nuair a thuit a chodladh ar an
stócach.



Anois agus arís d'éirigheadh lasair gheal fhada aníos
as an teinidh mhóna a bhí san seomra 'n-a raibh an stócach
agus a choileán 'n-a gcodladh go sámh, agus annsin
d'fheictheá caoin-ghnúis bhog shoineannta an mhalraigh
agus meangadh beag gáiridhe ar a bhéal. Cheapfá uair
gur ag teacht agus ag imtheacht a bhí an meangadh sin,
amhail soillsiughadh na gréine ar uisge. Acht níor bh'
eadh; bhí an meangadh ar bhéal an stócaigh i gcomhnaidhe,
bíodh is nach bhfeicfeá é, nuair a thigeadh smathamh beag
de'n ghála gaoithe aniar a bhí ag ceóltóireacht timcheall
an tighe isteach thríd an bpoll beag a bhí 'san bfuinneóig.
Ní fheicfeá é, mar is beag nach múchtaoi an lasair gheal
fada úd a bhí ag éirghe aníos as an teinidh mhóna.



Thóg an stócach a lámh. Chuaidh sgáil treasna an
bhalla aol-ghil. Tháinig dorn bog an stócaigh anuas ar
cheann an choileáin. Bhíodhg seisean acht níor dhúisigh.
Thosuigh an stócach ag gáiridhe 'n-a chodladh. Céard
iad na brionglóidí a bhí aige ? Céard iad na smaointe
á bhí san gceann dubh dílis úd nár theangmhuigh fós le
cruas an tsaoghail? Céard a chuir ag gáiridhe é? An
ag déanamh machtnaimh ar an tógbháil chroidhe a bheadh ar
a bhainchliamhain nuair a gheobhfadh sí an coileán uaidh a
bhí sé? Nó, b'fhéidir gur amuigh fá'n sliabh léithi-se
agus le n-a fear a bhí sé; go mba lá geal gréine a
bhí ann; go raibh an coileán 'n-a choin agus é ar thóir
na ngirrfhiadhacha. Is dócha gurab eadh, mar bhuail an


L. 49


stócach a dhá bhois le chéile – le n-a choin a bhrostughadh,
b'fhéidir. Ar aon chuma, chuir an coileán cor dhe.
Dhúisigh sé. Dhúisigh an stócach freisin, agus do dhearc
'n-a thimcheall.



Phreab a chroidhe. Chuir sé cluas air féin. Chuala sé
torann cos ar an staighre. An iad a bhí ann? Nach
luath chuimhnigheadar air? Nach lághach an bhean a bhí innti
agus cuairt a thabhairt air agus a raibh ag fanacht léithi
san seómra mór san teach nuadh?



Chuala sé an glór taobh amuigh de'n doras. Glór
mná a bhí go geal-gháireach agus go meadhrach agus go
sásta léithi féin a bhí ann; acht dá mbeidhtheá géar-
chúiseach, dá mbeadh eólas agat ar ghlórthaibh ban
thiubharthá faoi deara go raibh an t-uabhar agus an t-éirghe
i n-áirde agus an dánacht 'san nglór úd freisin, bíodh
is gur aiteas agus meadhair a bhí faoi láthair ar an té
ar leis é. Chuala an stócach glór eile freisin; glór
fir, glór bog plámásach mealltach, glór a dhuine
mhuinteardha. Nuair a bhí fhios aige gurab iad a bhí
ann d'éirigh sé cúthalach. Tharraing na héadaigh leapthan
timcheall ar a ghuailnibh, agus leig air go raibh sé 'n-a
chodladh.



Do hosgluigheadh doras an tseomra, agus tháinig an
lánama nua-phósta isteach.



An cantal a bhí uirthi? An mhí-shástacht a bhí uirthi?
Nó an ag leigint uirthi gurab eadh bhí sí?



“Nach breágh d'éirigh linn éalughadh uatha, a chuid,”
ar seisean, agus ise i ngreim láimhe aige.



“Ó táim tugtha!” ar sise.



Seadh, is cantal a bhí le tabhairt faoi deara 'n-a
glór anois. Acht cad chuige? Nach í bhí go geal-gháireach


L. 50


cúpla móiméid ó shoin! An turas fada is dócha –
marab é sin é … Leig sí osna.



“Nach uirthi atá an tuirse, an créatúir! –” sin é
cheap a fear.



Níor dhubairt sé acht –



“Suidhimís annseo ós íseal cois na teineadh, a Cháit,
a chuid; seo déan,” agus ba dhóigh leis an stocach a
bhí san leabaidh nár chuala sé ariamh roimhe sin i nglór
éinne an bhogacht is an binneas céadna do bhí i nglór
an fhir seo. Thaithnigh an glór le n-a mhnaoi. D'imthigh
an cantal, shílfeá.



Do shuidheadar. Leig sise a ceann dubh isteach ar a
ucht. Bhí méara fada bána tanaidhe, méara ceóltóra,
i n-aimhréidh 'n-a cuid gruaige duibhe, agus an té ar
leis na méara seo bhí sé ag crónán ar nós cait shásta.



Chorrruigh sise an teine. D'éirigh na lasracha i n-áirde.
Thosuigh an smathamh beag de'n ghaoith aniar a bhí ag
teacht isteach thríd an bpoll a bhí san bhfuinneóig agus
an smathamh beag eile a bhí ag teacht anuas an tsimné
ag déanamh grinn le chéile ar an teallach. Chonnaic an
stócach a bhí san leabaidh dhá sgáil ar an mballa aol-
gheal – dhá sgáil agus iad ag pógadh a chéile…



Cheap an stócach go mba gheall le beirt pháisdí iad;
b'feárr leis go mór fada a bheith i bhfad uatha, acht nuair
nár féad sé imtheacht tharraing sé pluid thar a cheann.
Dhéanfamaois féin amhlaidh, acht is ceadmhach dúinn féin
féachaint ar an mbeirt i dtosach, mara ndeanamaoid
acht innseacht do'n stócach nach máighistir bhéas san
teach aige feasta acht máighistreas.


L. 51


Bhí an bheidhlín i ngreim aige-san. Tharraing sé an
bogha go deas réidh cliste treasna na sreangacha agus
bhain ceól bog binn asta; leis an bhféachaint a bhí 'n-a
ghnúis, ar a bhéal agus 'n-a shúilibh, do cheapfá gurab é
féin a bhí ag labhairt léithi i dteangaidh nár thuig éinne
acht an bheirt aca. Acht níor thuig sise an theanga sin;
níor thuig sí an port ciúin grádhmhar sin a seinneadh i
dtosach nuair a bhí Éabha san nGáirdín, agus a
haithgheineadh i gcroidhe ceóltóra cois teineadh i seomra
mór dorcha an oidhche ghaothmhar earraigh seo.



“Ó caith uait an sean-bheidhlín úd,” ar sise agus an
cantal uirthi arís, “nach bhfeiceann tú fuilim bodhar
agat?”



Baineadh geit as. Bhí an ceól ag dul go smior ann
féin, agus ní raibh fhios aige, acht ar bhealach, go raibh
éinne san seomra leis. Ní raibh aon chuimhne aige nár
thaithnigh an ceól go ró-mhaith le n-a mhnaoi agus bhí leisg
air an gléas ceóil ag leigint uaidh; dá bhféadtaidhe
fearg a chur ar dhuine a bhí chomh réidh socair ciúin leis,
is cinnte go gcuirfeadh an focal úd a labhair a bhean
fearg air. Acht ní dheárna seisean acht an bogha a
tharraingt treasna na sreangacha go beó tapaidh; gháir
a shean-chomhluadar, an bheidhlín, le haoibhneas; do
sgread agus do bhéic sé; do labhair go sámh; do bhagair
go feargach, acht níor thuig an bhean é. Ní raibh san
seomra a thuig é acht an ceóltóir agus an stócach a
bhí san leabaidh – iad-san beirt agus an coileán con a
bhí ag déanamh ceóil dhó féin, acht go mba cosamhla a
cheól siúd le ceól na doininne ná le haon-cheól eile
de cheóltaibh na cruinne.


L. 52


“Cuir i dtaisge é, adeirim,” ars' an bhean go
mí-fhoighdeach, “gach uile áit dá dtéidhim annseo, ar
sise, níl le feiceáil agam acht bheidhlíní agus maistíní
gadhar …” D'éirigh sí go feargach agus rug ar
mhuineál ar an gcoileán con a bhí ag ceóltóireacht dhó
féin san leabaidh agus chaith sí amach an doras é.
Seadh, an cantal! Cad chuige?



Bhí an bheirt aca ós cionn na leapthan 'n-a raibh an
stócach 'n-a chodladh, má's 'n-a chodladh a bhí sé acht
níor bh' eadh.



“An ndúiseóchad é?” ar seisean.



“Tuige a' ndúiseóchtha?” ar sise.



“Go cuiridh sé fáilte romhainn, a Cháit, a chuid.”



“Cé hé féin go gcuirfeadh sé fáilte rómhainn-ne?”



“Nach maith atá fhios agad gurab é Éamonn é, a
Cháit?” ar seisean agus iongnadh air nár chuimhnigh sí
ar ar dhubhairt sé léithi 'n-a thaobh ó phósadh iad.



“Éamonn?” ar sise. “Cé hé Éamonn?”



“Éamonn,” ar seisean, “Éamonn Seóighe. Acht
nár innis mé gach uile shórt duit faoi cheana, a chuisle?
Nach gcuimhnigheann tú ar an lá …”



Bhí, cuimhne mhaith; níor thaithnigh ar dhubhairt sé faoi'n
stócach an lá sin léithi agus nuair a dhearc sé 'n-a
thimcheall bhí an bhean imthighthe ó n-a thaobh agus í 'n-a
suidhe cois teineadh léithi féin; agus le solus na
teineadh d'éirigh leis an fhearg a bhí 'n-a gnúis a thabhairt
faoi deara. Níor thuig sé cad chuige fearg a bheith
uirthi; níor thuig sé go bhfuil gaol gairid ag an bhfeirg
leis an éad.



Níor labhradh munar labhair an gaoth aniar, agus an
coileán con. Bhí an fear idir dhá chomairle. I dtosach


L. 53


cheap sé an stócach a dhúiseacht agus iallach a chur ar
an mnaoi labhairt leis, iallach a chur uirthi bheith lághach
agus carthannach, deagh-chroidheach leis an stócach sin
'n-ar chuir sé suim mhór ó chonnaic sé i dtosach é. Bhí
sé ar tí lámh a leagaint ar an gceann dubh dílis, bhí
sé ar tí bhreith ar an ndorn bog, bhí sé ag brath ar a
rádh le n-a mhnaoi go raibh grádh mór aige ar an stócach
seo bhí faoi n-a chúram agus go mbeadh grádh aici féin
air nuair a bheadh tuilleadh aithne aici air, acht ar an
bpointe sin thosuigh an coileán con a caitheadh amach ar
cheól na gcoileán ndroch-bhéasach a ghabháil an ath-uair.



“Go dtachtar thú!” ars' an bhean a bhí 'n-a suidhe
cois teineadh agus nimh 'n-a glór. Phreab a fear,
phreab an stócach freisin acht nach bhfaca an bheirt
eile é.



“A Seagháin!” ars' an bhean go borb ughdarthásach.
Níor bhog seisean.



“A Sheagháin, adeirim!” ar sise.



Níor bhog sé; bhí sé ar tí an stócach a dhúiseacht (ní
raibh a fios ag ceachtar nach raibh sé 'n-a chodladh) nuair
d éirigh sise. Rug sí ar láimh air. Tharraing chuici é.
Chuir iallach air suidhe le n-a taobh. Chuimil bos dá
leicinn. Dhearc go grádhmhar air. D'imthigh an fhearg.
Boige bhí 'n-a dhá súil; boige bhí 'n-a glór nuair labhair
sí, cheap seisean go raibh go leór leór aici le rádh
leis faoi'n stócach, faoi'n gceól, faoi n-a chuid gadhar
agus eile; níor dhubhairt sise acht “a Sheagháin, a
Sheagháin!” gur chaith sí a dhá láimh timcheall ar a mhuineál,
go dtug sí cuimse póg dhó, póg i ndiaidh póige, gur
dhearmad seisean a chuid gadhar, gur dhearmad sé an
ceól, gur dhearmad sé an stócach féin.


L. 54


“Nach dtuigeann tú mé, a Sheagháin, a chroidhe?”
ar sise, agus bhí cuid de'n tsean-uabhar 'n-a glór
arís, “badh chóir go mbeadh fhios agat go dtéidheann
sé an-chruaidh orm-sa go gcuirfeá éinní i dtosach orm
féin. Bhfuil fhios agat é?” ar sise.



Níor labhair seisean. Bhí sé ró-chorruighthe.



“Nach'gcuirfidh tú uait na gadhair, a stóir?” ar
sise go bladarach.



Bhí sé sásta sin a dhéanamh ar a son.



“Agus an cheól?”



Ba mhór a chuaidh sé air 's a rádh go ndéanfadh sé é.
Bhíodar beirt 'n-a dtost feadh sgathaimh bhig. An
smathamh beag de'n ghaoith aniar a bhí chuca isteach thríd
an bpoll a bhí 'san bhfuinneóig, bhí sé ag aoibhneas le
lasair a bhí ag éirghe aníos as an teinidh. An ceann
dubh dílis a bhí san leabaidh ní meangadh gáiridhe bhí ar
a bheal acht …



Labhair an bhean.



“É sin thall 'san leabaidh,” ar sise, acht b'éigin dhi
féachaint a thabhairt air sul ar dhubhairt sí an abhairt
'n-a hiomlán.



“Mo chuid de'n tsaoghal thú, a Sheagháin,” ar sise,
“mo chroidhe, mó mhaoin, mo thaisge thú, a Sheagháin,
nach gcuirfidh tú chun bealaigh é – nach gcuirfidh tú go
'Meireacha é – nach ndéanfaidh tú ar mo shon-sa, ar mo
shon-sa.



Ní abróchar a thuilleadh acht amháin go mbíonn gáiridhe
caol, gáiridhe neamhthaithneamhach, ag mnaoi uaibhrigh má
éirigheann léithi a droch-thoil a chur i bhfeidhm, go mbíonn
mil 'n-a glór móiméad agus nimh móiméad eile, go
mbíonn an mhórdháil agus an gliocas 'n-a dhá súil go


L. 55


mbíonn gaol aici le deamhain agus le hainglibh, go
nochtuigheann sí i ngan fhios dhi féin na tréithre is ísle
agus is uaisle 'sna mnáibh …



Thuig an stócach dubh catach an méid sin sul ar imthigh
a dhaoine muinteardha as an seómra. Ag dul amach
an doras dóibh, agus gáiridhe na mná 'na chluasaibh,
bhagair sé a dhorn go fíochmhar ortha. Dhorn bog stócaigh
bhí innti an oidhche earraigh sin; tá sé cruaidh, tá sé
trom anocht. Croidhe páisde bhí ann an oidhche earraigh
sin; croidhe cruaidh cloiche atá ann anocht. Intinn
pháiste bhí aige an oidhche earraigh sin – acht fainic é
anocht. Ná bíodh aon bhaint agat leis má castar leat
é, mar is fear gan trócaire é, agus cuirfidh sé iallach
ort bhinégar an tsaoghail seo do bhlaiseadh má's féidir
leis.



Mí na Nodlag, 1909.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services