Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Deoraidheacht

Title
Deoraidheacht
Author(s)
Ó Conaire, Pádraig,
Pen Name
Caoilte na gCos / Cois Leasa
Composition Date
1916
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


DEORAIDHEACHT.



I.



Ní rabhas móran thar dá bhliadhain go leith i Lonndain
Sasana an tráth úd, acht mar sin féin, ní morán achair eile
d'fhanfainn ann dá mbeadh — seadh, caithfear a rádh — dá
mbeadh an oiread agam is bhéaradh a-bhaile mé. Acht nuair
atá duine 'n-a chomhnuidhe agus gan thar an dá phighin 'n-a
phóca aige, agus gan an iomarca 'n-a bholg, ceard is féidir
leis a dhéanamh?



Ó! nach orm a bhí an tubaiste nár marbhuigheadh me an lá
mí-ádhmharach úd a ndeacha an gluaisteán ar mo mhullach agus
mé ar thóir oibre? Dá mbadh rud é go marbhóchaidhe mé, ní
'mo chláiríneach bhocht bheinn anois agus gan mé acht seacht
mbliadhna fichead. Ní 'mo shean-charnán feóla bhéinn agus
gan ionnam gluaiseacht ó áit go háit gan na maidí croise
acht an oiread le crann mór coille leagfaidhe le tuaigh.
Ní bhéinn ar leath-chois agus ar leath-láimh ag súil le cabhair
ó chách. Agus ní bheadh ar an dream ar leó an gléas
marcaigheachta a chuaidh tharm dhá chead go leith punnt a
thabhairt dom thar eis me theacht amach as an ospuidéal …



Nach agam atá an chuimhne ar an lá úd? Nach orm a bhí
an lúthgháir go rabhas i n-an' siubhal le mo dhá mhaide croise
agus an chos adhmuid? Gach uile bhuille a bhuaileadh an chos
adhmuid ar leacrachaibh na sráide chuiread se iongnadh orm.
Ní mé féin a bhí ag déanamh an torainn ar chor ar bith,
cheapas i dtosach; acht leis an imnidhe a bhí orm an choisidheacht
d'fhoghluim an ath-uair, agus imtheacht go deas uaim féin,
níor thugad aon cheó faoi deara. Mé ag imtheacht rómham
i gcomhnuidhe agus ag tabhairt an-aire dhom féin. Ag
ceapadh go sgiorrfadh na maidí uaim ar na leacrachaibh
sleamhna uair; uair eile ag rádh liom féin go rabhas ag
déanamh go toghtha. Bhí cineál áthais ar mo chroidhe go rabhas
i n-an' gluaiseacht uaim féin ar chor ar bith.


L. 6


Lá breágh gréine a bhí ann agus bhí na sráideanna lán de
dhaoinibh. Cuid aca go breágh aerach croidheamhail; cuid eile
faoi leathtrom agus brón mór; cuid eile fós bhí go faiteach
imnidheach sgáthmhar. A sgéal féin ag gach éinne agus mo
sgéal mór brónach agam féin. Thosuigheas ag machtnamh.
Bhí orm mo shaoghal a chur dhíom ar an an-chaoi seo. Tháinic
olc orm do na daoinibh seo a bhí ag dul tharm go beó
tapaidh agus lúth ná ngéag aca. Cheapas go mba chóir dóibh
féachaint orm ar a laighead. Duine a bhí ag foghluim
coisidheachta an ath-uair! Duine a bhí i mbéal an bháis agus
a tháinic as! Duine a bhí ar leath-chois agus ar leath-láimh
agus a éadan casta millte sgólta! Bhí fearg orm nár
bacadh liom — nár fiafruigheadh sgéala dhíom — nár cuireadh
ceist orm i dtaobh na timpiste d'éirigh dhom; acht nuair a
dearc óigbhean dheas a bhí ag dul thart go truaighmhéalach
orm, agus í ar tí labhartha, tháinic cuthach orm. Ní raibh
uaithi acht fios, shíleas. An féileacán aerach! Cé an bhaint
a bhí aici le mo leithéid-se? Bhí fonn orm í mhasladh ar
bhealach éigin. Í a dhéanamh chomh gránna mí-shlachtmhar liom
féin, mar thuigeas go maith cé an ghráin bhíos ag daoinibh,
ag mnáibh go mór-mhór, ar chlairínighibh mar me, bíodh is go
gceapfá go mbíonn an-truaigh aca dhóibh. Acht d'éirigh liom
cosg a chur le mo theangain gur imthigh sí thart. Annsin
thosuigheas ag éisteacht le torann na coise adhmuid ar an
tsráid go bhfacas gearr-bhodach ag tiomáint fonnsa iarainn
roimhe. Stócach deas deagh-chumtha soineannta a bhí ann a
raibh folt fionn catach air, agus nuair a chonnaic se an
t-allus ag tuitim anuas dhíom agus an droch-bhail a bhí orm,
shín sé pighin a bhí i gcúl a ghlaice chugam. B'éigin dom
an-iarracht a dhéanamh gan a bhualadh le mo mhaide. Tuige
a gceapadh sé go raibh a chuid airgid uaim-se? Shílfeá go
mbeadh 'fhios ag an té ba dhaille 'sa saoghal gur chuig an
mbannc a bhí mo thriall leis an dá chead go leith punnt úd
fhagháil. Bhí truagh ag an mbuachaill dhom, agus bhí olc agam
dhó go raibh. Ní raibh 'fhios agam an uair sin cé'n t-athrughadh
mór a tháinic ar mo chroidhe ó d'éirigh an timpist dhom. An
t-athrughadh thagas ar fhata d'fhágfaidhe n-a luighe ar an
iomaire faoi ghréin an fhoghmhair. Fear dorrdha dubh-chroidheach
bhí ionnam, acht rinneas rún daingean díoghbháil a leigheas
dá bhfeadfainn é.


L. 7


Bhí an fear dlighe san mbannc romham mar gheall sé. Bhí
an uile rud i gcóir aige. Bhí an dá chéad go leith le fagháil
agam. Ceapadh go bhfágfainn an t-airgead 'san mbannc
faoi m' ainm féin acht ní fhágfainn. Cé'n cineál nótaí ab'
fheárr liom? Ní nótaí a bhí uaim ar chor ar bith acht ór. Bhí
iongnadh orra nuair a dubhras an méid sin, acht, dá mbéadh'
'fhios aca nach raibh dhá shobharan bhuidhe 'mo phóca agam i
n'éinfheacht ó d'fhágas mo bhaile agus mo cháirde gaoil, ní
dóigh liom go mbéadh. Ar chaoi ar bith, fuaireas an t-ór i
mála. Cuireadh 'mo shuidhe ar chárr mé, agus ní fada a bhíos
ag déanam an bhealaigh a bhaile.



Chuadhas isteach 'mo sheómra (muintir an ospuidéil a fuair
an lóisdín dhom); chuireas an glas ar an doras; bhuaileas
an mála óir i n-aghaidh an bhalla le fuaim an óir a chlos;
chaitheas ar an mbórd go neamh-aireach é, díreach is dá mbéadh
a leithéid agam gach uile lá 'san mbliadhain; leigeas siar i
gcathaoir shócamhlaigh mé féin agus dhearcas air feadh sgathaimh
bhig; dhúnas na súile; d'éaluigh osna uaim; osna eile;
thosuigheas ag gol …



Ag osgailt na súl dhom chonnaiceas an mála ar an
mbórd — an mála úd a bhí chomh luachmhar le mo leath-chois agus
mo leath-láimh agus an droch-íde tugadh ar mo ghruaidh.



Bhí draoidheacht 'san mála beag buidhe sin. (Bhí sch buidhe;
an bhfeadfadh sé bheith ar a mhalairt de dhath agus a raibh istigh
ann de'n ór?) Níor fhéadas na súile chongbháil dhe. Bhí an
oidhche ag tuitim, agus a raibh de throsgán 'san seómra ag dul
i ndoiléire orm; an leabaidh, an bórd, an chathaoir, na ballaí
féin bhíodar ag dul ó léargus orm. Ní fhacas acht an mála
beag buidhe úd a raibh mo chuid de'n tsaoghal ann …



Lasas coinneal. Sgairteas a raibh agam de'n ór amach
ar an mbórd. Thosuigheas 'ghá lámhsáil. Bhíos dhá leigint
thrí mo mhéaraibh mar bhíos páisdí ag leigint an ghainimh trí
n-a méaraibh ar an tráigh. Níor mhothuigheas aon cheó acht an
t-ór. Níor chualas acht a fhuaim. Ní fhacas acht a dhath. Ní
raibh cuimhne agam ar aon rud acht go raibh an t-ór ann,
má bhí cuimhne agam air sin féin. Agus ní dóigh liom
anois go raibh, acht go raibh sé ag déanamh sásaimh mhóir aigne
dhom fios a bheith agam go raibh sé ann. An tsástacht bhíos
ar mháthair nuair is eól di go bhfuil a leanbh 'n-a h-aice.


L. 8


Bhí an bórd beag clúduighthe agam le hór. A leithéid de
bhrat buird ní raibh ós comhair an ríogh ariamh. Acht ní rabhas
sásta amach is amach.



Roinneas an t-ór 'n-a chúig chárnán, 'n-a chúig chaiseal,
agus leith-chéad shobharan i ngach ceann. Deich gcinn i
n-íochtar; naoi gcinn ós a gcionn; ocht gcinn ós a gcionn
siúd agus már sin de go raibh na caisil tógtha agam.
Tháinic sé isteach go tobann im' aigne go ndéanfadh gach
cárnán díobh ar feadh bliadhna mé. Cúig bliadhna agus bhéadh
sé caithte! Céard a bhí le déanamh agam annsin? Bhí
droch-mhisneach ag teacht orm. Cor dá dtugas agus thuit
sobharan ar an úrlár. "Tá fonn ort imtheacht," ars mise
leis. Bhain mé mo chóta dhíom agus sgaras ós cionn an óir
é. Ghlaodhas ar bhean an tighe. Thugas an sobharan dhi, agus
dubhras léithi biadh agus deoch thabhairt chugam.



Rinne sí amhlaidh. Acht bhí an brón chomh mór sin ar mo
chroidhe ag machtnamh dhom ar na cúig bliadhna úd, agus a
dtiocfadh 'n-a ndiaidh, nár fhéadas blaiseadh de'n bhiadh.
D'ólas ar thug sí dhom, agus thuiteas 'mo chodladh 'san
gcathaoir ag lámhsáil an óir gan snátha a bhaint dhíom.



Ní cúig caisil óir a bhí ar an mbórd ar maidin ar dhúiseacht
dom acht brat — brat óir a bhí ar an mbórd agus grian na
maidne ag óradh a raibh san seómra.



Shíneas ar an leabaidh. Ar m'aghaidh amach bhí pioctúir
bheag shuarach greamuighthe de'n bhalla agus an ghrian ag
damhsaigh air. Triúr fear óg agus iad ag ól bhí le feicéal
agad 'san bpioctúir úd. Leis an gcaoi a raibh an ghrian ag
soillsiughadh orra, shílféa go raibh an-mheidhir orra. Bhí fonn
mór orm bheith 'na gcuideachtain. Dá mbéadh, ní bhéadh brón
ná tuirse croidhe orm. Ní ar an gcois adhmuid ná ar mo
leathláimh ná ar mo ghruaidh mhillte sgólta bhéinn ag cuimh-
neamh. Ní headh. Acht cá raibh mo cháirde agus mo lucht
aitheantais féin nach bhfeadfainn a dhul chuca? Lucht fáin
agus seachráin a bhí ionnta agus ní raibh aon tsúil agam a
bhfeiceál agus an t-achar fada a chaitheas 'san ospuidéal.
Níor chuir sin aon imnidhe orm. Chomh fada is bhéadh an
t-airgead agam ní bhéinn gan an comhluadar.



D'éirigheas 'mo shuidhe agus amach liom, agus an mála
beag buidhe ar iomchur agam. Thugas aghaidh ar an mbannc


L. 9


i dtosach agus chuireas an t-airgead i dtaisge ann acht
amháin deich bpunnta choinnigheas le caitheamh.



Tá siopa tailliúra ar an taobh eile de'n tsráid díreach
ar agaidh an bhannc. Cheannuigheas culaith nua ann. Ar a
theacht amach dhom casadh fear liom agus dubhairt se go
bhfaca sé an timpist a d'éirigh dhom.



Bhí comhluadar uaim. Theastuigh duine éigin uaim a
dhéanfadh caint liom. Chuadhas ag ól leis, agus ba gheárr
go raibh dearmad déanta agam ar an gcois adhmuid, agus
ar an leath-láimh a chailleas, agus ar an timpist féin.



Bhí an t-ól ag óradh a raibh 'mo thimcheall.



II.



Nuair atá duine ann nach raibh aon chleacht aige ar airgead
ariamh, imthigheann sé uaidh mar imthigheas lóchán roimh an
ngaoith. B'fhearacht agam-sa é. Bhí mo chuid-se ag imtheacht
agus ag imtheacht go tiugh. Ag imtheacht ar nós uisge na
haibhne. Níor chuir sin aon droch-mhisneach orm, amhthach. Nach
raibh an comhluadar agam? Nach rabhadar sásta gach uile
shórt a dhéanamh dhom? Nach duine mór a bhí ionnam anois?
Nach raibh mé i n-an' airgead a chaitheamh le duine uasal ar
bith? Gach uile lá bhíodh an dream céadna 'mo chuideachtain
agus an caitheamh airgid céadna ann, acht gur mise bhí 'ghá
chaitheamh i gcomhnuidhe. Is minic, ar dhúiseacht dhom ar
maidin, go n-abróchainn liom féin nuair d'fheicfinn an chos
adhmuid ar an gcathaoir lem' ais, nach gcaithfinn a thuilleadh
airgid leis an gcomhluadar. Acht bhíodh uaigneas orm gan
iad. Dhearcainn ar an bpioctúir bhig a bhí crochta ar an
mballa, ar an triúr fear óg a bhí go meidhreach agus go
so-mheanmnach dhóibh féin, agus an ghrian ag soillsiughadh orra.
Thosóchainn ag machtnamh ar mo chruadh-chás féin. Bhíodh olc
orm nuair d'fheicinn muintir an tighe ag dul suas agus
anuas an staighre, óir nach rabhas féin i n-an' a dhéanamh
gan congnamh; bhíodh olc orm nuair a chloisinn torann bróg
ar an tsráid; thagadh buile orm nuair d'fheicinn duine go
haerach agus mé féin go dubhach doilgheasach. Annsin
chuimhneóchainn ar chomh lághach is bhínn féin nuair a bhíodh braon
ólta agam.


L. 10


Nach raibh Dia láidir? Cad chuige a mbéinn 'ghá mhasladh
ag ceapadh go bhfágfadh sé lom folamh mé nuair a bhéadh an
méid a bhí agam anois caithte agam? Ba mhór an peacadh
bhí ann. Chuirinn orm agus bhuailinn amach …



Ciall cheannuighthe an chiall is feárr. Ní mórán céille bhí
ceannuighthe agam-sa gur chaitheas bliadhain ar an mbealach
seo — go rabhas taobh le ceithre sgór puinnt. Bhí cleacht
agam ar an gcois adhmuid faoi'n am seo, agus ar an saoghal
nuadh a bhí tagtha. Acht mar sin féin, bhíodh olc orm
uaireannta nuair d'fheicinn duine ag ritheacht. Bhíodh fonn
orm a bhualadh le mo mhaide croise. Dá mbadh rud é go
marbhóchainn é, b'amhlaidh ab' fheárr liom é. Nár leagas fear
óg a bhí ag dul tharm go lúthmhar éasgaidh agus go neamh-
urchóideach lá, agus nach rabhadar le mo chur san bpríosún?
Chuirfeadh freisin muna mbéadh duine de mo lucht aitheantais
a bhí 'sa láthair agus a d'innis mo sgéal dhóibh.



'Sé a shábháil mé ó'n bpríosún. 'Sé mhúin ciall dhom
freisin, agus seo é an bealach ar múineadh mé:



Chuamar beirt ag ól agus ag caitheamh airgid mar ba
gnáthach linn. Mí-thráthamhail go leór, do dhearmadas mo
chuid airgid a bhreith liom an lá céadna.



Cheapfá nár chreid sé i dtosach mé, nuair a d'innsigheas
dó é, ar chaoi ar bith, ní raibh sé sásta an píosa coróineach
d'iarras air, ar iasacht, a thabhairt dom. Ní raibh an
t-airgead aige, dá mb' fhíor dhó féin, acht leis an snaois
a tháinic air, b'fhachtas dom ar an bpointe gur ag ceapadh
go raibh mo chuid-se caithte agam a bhí sé. Agus ar chaitheas
leis féin agus a chomhluadar gan maith!



Ghabh fearg mé. Bhíos le cuthach. Gach droch-ainm ar
fhéadas chuimhneamh air, thugas air é. Bhagair mé mo mhaide
croise air. Ní dheárna sé acht a dhul 'sna trithíbh gáiridhe.
Ag magadh fúm a bhí sé, ag magadh faoi'n amadán a chaith
a chuid leis.



Tháinic sé im' aigne a cheann a sgoilteadh le soitheach mór
a bhí ar an gclár, agus dhéanfainn freisin é, dá bhfuighinn
an chroch air, bhí an oiread sin buile orm, muna mbéadh gur
thug fear an ósda an soitheach leis le n-a chur i dtaisge.



D'imthigheas, acht ag dul amach dhom chualas na daoine a bhí
'san teach ag magadh fúm féin, agus faoi'n gcois adhmuid,


L. 11


agus ag innseacht dá chéile chomh droch-aigeanta is bhí an
bacach. Bhí seacht ndiabhail déag ag ithe mo chroidhe-se, agus
má bhí duine ann ariamh a bhí ceaptha agus lán-cheaptha ar
dhúnmharbhadh a dhéanamh, ba mise an duine sin.



An oidhche úd, agus mé 'mo luighe ar mo leabaidh bhig,
rinneas sgrúdughadh coinnsiais. Gach a dtárla dhom, agus
gach a ndeárnas ó chailleas lúth na ngéag chuireas trí n-a
chéile é. B'fheasach mé le fada go raibh atharrughadh mór
tagtha orm, ar mo mheon agus ar mo chroidhe agus ar
m'aigne; go mba mhó go mór an t-atharrughadh úd bhí tagtha
ar m'aigne ná an t-atharrughadh bhí tagtha ar mo cholainn;
go mbéadh an fuath agus an ghráin agus an díombáidh agus
an t-olc mar chomhluadar agam feasta; go mbéadh an
duairceas mar chéile agam go lá mo bháis.



Chuir an smaoineadh seo lionndubh ar mo chroidhe. Cheapas
atharrughadh a dhéanamh ar mo bhéasaibh, ar mó shaoghal, agus
ar mo mhodhthaibh maireachtála — an chathair a thréigeadh, nó,
ar an gcuid is lugha dhe, áit chomhnuidhthe d'fhagháil i bhfad ó
na cáirdibh bréagacha bhí agam.



Chomhair mé a raibh fágtha agam de'n airgead. Deich
bpunnt is trí fichid a bhí 'san mbannc agus cúpla púnnt
'san teach. Ó, a Thighearna! nach mé a bhí ag déanamh an
bhaileabhair dhíom féin? Nach mé bhí ag dul le fánaidh na
haille? Agus mé ag caitheamh mo chuid airgid leis na
diabhail úd! Agus mé 'mo staicín aithbhéise aca i gcaitheamh
an achair!



Ní bréag a rádh go rabhas go díombádhach agus go leamh
dhíom féin. Chaith mé mé féin ar an úrlár agus thosuigheas
do mo luasgadh féin anonn 's anall, agus ag stracadh ná
gruaige as mo cheann le teann cumha agus dubróin.
Dubhras cúpla paidir. Gheallas i láthair Dé go mbéadh a
mhalairt de shaoghal agam feasta dá mb' é a thoil naomhtha é.
Annsin thosuigheas ag gol agus ag cur na súl go dtí go
raibh mo chuid féasóige fliuch le deóraibh …



Ar maidin dubhras le bean an tighe go raibh fúm imtheacht.


L. 12


III.



An chéad teach eile 'n-ar chuireas fúm, bhí sé ar an taobh
eile de'n chathair agus ar an adhbhar sin ní raibh aon eagla
orm go gcasfaidhe duine ar bith de'n tsean-chomhluadar liom.
Dá mbadh rud é go mbéadh a thuilleadh airgid agam, ní 'san
gcathair d'fhanfainn ar chor ar bith, acht bhí súil agam i
gcomhnuidhe go bhfuighinn obair éigin, obair éasgaidh éigin
bhéadh ar mo chumas a dhéanamh.



Mar sin de chuireas fúm 'san teach mhór seo. Agus nach
teach mór millteach a bhí ann i ndáríribh! Ceithre chéad
fear a bhí 'n-a gcomhnuidhe ann agus é lán. Cineál seómrín
faoi leith ag gach duine dhíobh sin. Agus ar maidin d'fheicfeá
gach fear aca agus a ghreim féin dhá ghléasadh aige



Acht bhíodh uaigneas orm-sa má bhí an sluagh mór féin ann.
Ba uaignighe mé, ar bhealach, i láthair an tsluaigh mhóir ná
'mo sheómrín féin 'san tsean-áit. Liom féin dob' fheárr
liom a bheith go gnáthach, agus nuair a shuidhinn ag fuinneóig
ag dearcadh amach ar an tsráid, agus ar na daoinibh bhí ag
gabháil thart, ar na capaill, ar na carrannaibh, ar na
gluaisteáin (nach iad a chuirfeadh buile orm?), bhíodh an
t-uaigneas agus an cumha chomh mór sin ar mo chroidhe is
go mbíodh orm éirighe agus a dhul i láthair na cuideachtan.
Acht le chomh duairc dolásach is bhínn, cheapainn go mbídís
uile go léir ag magadh fúm; go raibh olc aca dhom; go raibh
gráin aca orm. B'fhacthas dom nach raibh uatha acht mé a
dhíbirt as an teach. Iad siúd a bhí ar a n-aimhleas (agus bhí
an-chuimse aca siúd ann), do cheapas go mb'fhéidir go
sílidís gurb é an bacach duairc ba ciontach leis; gurb é
thug an mí-ádh 'n-a dtreó.



Chuimhneóchainn annsin ar a gcualas ariamh de sgéaltaibh
faoi mhairnéalaighibh a chaith an duine thug an mí-ádh ar a luing
isteach 'san bhfairrge. An ndéanfaidhe rud mar sin liom-
sa? Nárbh' fheárr dhom imtheacht as an áit ar fad agus an
tuaith amach a thabhairt orm féin? Acht ní gheobhainn obair
fheileamhnach dhom i n-aon bhall acht 'san gcathair amháin. Cad
chuige go n-imtheóchainn? …



Acht is geárr go mbeidh orm imtheacht — as an teach ar
chaoi ar bith. Tá an t-airgead ag éalughadh uaim. Ag


L. 13


éalughadh agus ag éalughadh agus ag éalughadh i ngan-fhios
dom. Cé'n chaoi ar imthigh an oiread sin dhe le ráithe?
Ar ndóigh ní 'ghá chaitheamh go fánach a bhíos? Tá fhios ag
Dia nárbh' eadh. Do dhearcas faoi dhó ar an uile phíosa dhe
a chaitheas. 'Tuige nach ndearcfainn? Céard a bhéadh le
déanamh nuair a bhéadh sé imthighthe acht …? Ní raibh
réidhteach na ceiste úd agam. Seacht n-uaire 'sa ló agus
seacht n-uaire déag 'san oidhche chuirinn an cheist orm féin,
agus ní bhíodh d'fhreagra agam acht an méid a bhí fágtha de'n
airgead a chomhaireamh, bíodh is gur maith a bhí fhios agam
cé mhéad a bhí ann. Dhéanainn amach go cúramach ar phaipéar
cé'n t-achar a mhairfeadh sé dhom, agus gan acht an oiread
seo dhe a chaitheamh gach lá. D'éireóchadh liom an t-earrach a
chur dhíom acht a bheith ar m'aire. Agus annsin? Nuair a
bhéadh mo chuid airgid caithte, céard a bhí i ndán dom
acht …? Ó! a Dhé! táim ag dul le buile. Go
bhfóiridh Tú orm! go bhfóiridh Tú orm, a Dhé!



Níor tháinic néal codlata orm i gcaitheamh na hoidhche
aréir, acht muna dtáinic féin, ní hé ceist an airgid a bhí
ag déanamh imnidhe dhom acht pian mhillteach a bhí 'mo
ghuailnibh. Na maidí croise is ciontach leis an bpéin is
dócha, acht, muna bhfuighidh mé leigheas air, ní bheidh mé i
n-an' coisméag ar bith a shiubhal. Beidh orm fanacht 'san
teach mór gránna seo ó mhaidin go faoithean, ó Luan go
Satharn, ó Shatharn go Luan, go lá mo bháis.



Ar éirghe dhom, bhí fear taobh amuigh de dhoras an tseómra,
agus chuidigh sé liom síos an staighre. Ar a dhul isteach
dhúinn 'san seómra mór a bhí i n-íochtar an tighe thugas faoi
deara go raibh dream beag bailighthe ós comhair na teineadh,
ag ceann an tseómra, agus go raibh díosbóireacht ar siubhal
aca.



Ar mise fheiceál chuireadar cosg leis an gcaint, agus
ghlaodhadar orm.



Bhí iongantas orm féin, ar ndóigh, mar is fánach focal
labhras leó ariamh. Lucht oibre a bhí i gcuid aca. Cuid eile
aca a bhí ar thóir oibre. Cuid eile fós, agus ní raibh a fhios
acht aca féin agus ag Dia, cé'n chaoi ar bhaineadar greim a


L. 14


mbéal amach. Acht ní bhéitheá ag dul amudha go mór dá
ndéarthá go raibh gadaidhthe agus lucht na bpócaí a phiocadh
orra.



An fear a chuidigh liom síos an staighre, labhair sé go
lághach carthannach liom, agus dubhairt go raibh gnótha aca
dhíom.



Glaodhadh orm arís.



Chuadhas 'n-a bhfochair.



D'éirigh fear mór toirteamhail 'n-a sheasamh. Chuir sé
iallach ar a raibh 'sa lathair a bheith 'n-a dtost. Thosuigh sé
dhom' mholadh. Ní raibh agam acht an deágh-fhocal do 'ch uile
dhuine. Ní dheárnas cúl-chaint ar éinne. Níor chuireas
achrann ar bun. Bhíos lághach cineálta le cách …



Leis an mór-mholadh thug sé dhom, cheapas nach raibh mo
leithéid eile ar dhruim an domhain. Mhol sé mé mar mholadh
file a leannán. Agus is fíor-fhile a bhí ann. Bhí an chaint
a sgaoil sé uaidh garbh. Bhí an iomad droch-fhocal ann.
Acht is ó n-a chroidhe a tháinic sí agus chorruigh sí a lucht
éistthe go mór. Chorruigh an chaint mé féin freisin, agus
nuair a dubhairt sé leis an bhfear a chuidigh liom síos an
staighre "é" a thabhairt isteach, ghabh mór-iongnadh mé, mar
tháinic sé chugainn agus cathaoir bheag a raibh dhá rotha mhóra
faoi cheann dhi agus dhá rotha bheaga faoi'n gceann eile dhá
thiomáint aige.



Dubhairt an fear mór go bhfaca sé an chathaoir i siopa;
gur cheap cuid aca go bhfeilfeadh sí dhomh-sa go deas; gur
cheannuigheadar í le n-a tabhairt dom; go bhféadfainn a dhul
ó áit go háit go deas réidh innti; nach mbeadh aon stródh
orm turas fada a thabhairt agus an gléas iomchuir seo agam;
go ndéanfainn mo leas dá ngabhainn isteach 'san gcathaoir
anois féin go bhfeicfidís mé.



Chuaidh. Agus ghluais liom suas agus anuas an seómra
fada go breágh réidh. Leis an áthas agus an lúthgháir a bhí
ar na fearaibh fáin seo, cheapfá gur dream geárr-bhodach a
sgaoilfidhe a-bhaile ó'n sgoil a bhí ionnta. Ní rabhadar
sásta gur thugas turas an tseómra a hocht nó a naoi de
uairibh.



Ghabhas buidheachas leó uile go léir, agus annsin thosuigh-
eadar ag imtheacht i ndiaidh a chéile,


L. 15


Ní ró-fhada go rabhas liom féin in mo chathaoir 'san
seómhra mhór úd. Bhíos ag éisteacht leis an torann taobh
amuigh ar an tsráid. Chuaidh fear thart. Leis an gcaoi a
raibh sé ag bualadh na leacracha le n-a mhaide déarfainn go
mba dall nó bacach a bhí ann. Bhí truaigh agam dhó. Dá
mbeadh mo ghléas iomchuis-se aige! Bhí mo chroidhe lán de
bhuidheachas agus de ghrádh. Ní dhéanfainn dochar d'aon ní
beó. Le chomh te is bhí an teine tháinic codladh orm. Acht
tháinic an codladh orm i leabaidh a chéile, agus ag tuitim 'mo
chodladh dhíom, shíleas nach raibh aon fhear beó chomh sonasach
liom.



Bhí an oidhche ann nuair a dúisigheadh mé.



IV.



Tá tús an Aibreáin ann, acht má tá féin, ní'l an
geimhreadh thart fós. Seachtmhain ó shoin cheapas go raibh an
aimsir bhreágh ar fagháil. Bhí dul amudha orm. Nuair a
dhearcas amach thríd an bhfuinneóig ar maidin indiu, ar
dhúiseacht dhom, céard a bhí le feiceál agam acht an sneachta!



Níor éirigheas. Go deimhin féin duit, táim 'san leabaidh
fós. Tá páipéar agus peann luaidhe i ngreim agam. Tá
an chos adhmuid ar chathaoir le mo thaobh. Tá ocras ag teacht
orm. Le dhá lá ní mórán d'itheas. Ruainne aráin — b'in
a méid, mar bhí leisg orm mo leath-shobharan deireannach a
bhriseadh.



Beirim air anois agus toisighim 'ghá chaitheamh ó láimh go
láimh. Caithim suas 'san aer é. Beirim air ag teacht anuas
dhó. Cuirim 'mo bhéal é. Ceapaim greim a bhaint as. Nach
é tá cruaidh? Cuirim faoi'n leabaidh é, agus leigim orm
féin nach bhfuil agam acht an phighin atá 'mo phóca.



Pighin! Aon phighin ruadh amháin a bhí idir mé agus an bás!
An fada go bhfuigheadh duine bás leis an ocras? Bhíos trí
lá gan aon bhlas ithe uair, agus an tríomhadh lá níor airigheas
aon ocras orm ar chor ar bith. Is ag laghdughadh a bhéadh
pianta an ocrais de réir mar bhéadh an bás ag teannadh
leat go dtí go dtiocfadh meisge an ocrais, buile an ocrais
ort. Agus cé'n chaoi a dtiocfadh an bás féin? 'N-a
ghadaidhe ghránna agus a dhruim le claidhe, an eadh? Dá


L. 16


bhféadfainn fanacht go ciúin annseo 'san leabaidh go mbéadh
sé buailte liom … acht na trí lá úd — ba mheasa iad
sin ná an bás féin. Bhéitheá chomh folamh taobh istigh de
ghoile i dtosach an chéad lá; annsin thiocfadh an tart
millteach agus nuair d'ólfá blogam uisge leis an tart
uathbhásach a shásughadh, thiocfadh múisg ort … agus
cheapfá 'n-a dhiaidh sin go raibh na mílte míle biorán te dod'
phiocadh …



Éirighim de gheith. Cuirim an leath-shobharan 'mo phóca agus
téidhim síos an staighre go mall soighin réidh agus fear óg
eile ag cuidiughadh liom.



Fághaim luach pighne aráin agus tosuighim dhá choigilt ós
comhair na teineadh.



Bás leis an ocras! Ba mhillteach an focal é dá
dtuigfidhe i gceart é. Ní fhéadfainn a fhulaint …
Acht tá agam anois. A dhul ar lorg na déirce — sin é
dhéanfas mé. D'fhéadfainn a dhéanamh go toghtha muna
mbéadh an mhórchúis. Acht nach gcaithfinn a dhéanamh 'sa
deireadh thiar? Agus nárbh' fhéarr dhom tosughadh air anois,
fhad is bhí an leath-shobharan agam? Nár mhó an misneach
bhéadh agam chuige? Arbh' fhiú dhom a dhéanamh? Céard eile
d'fhéadfainn a dhéanamh? Gadaidheacht? 'Seadh; bhéadh se
níos feárr — acht níor chleachtuigheas ariamh é, agus ní bhéitheá
i bhfad go mbeirthí ort agus gan cleachtadh agad ar an
gcéird. Cé'n dóchas a bhéadh annsin? A dhul 'san gcarcar,
an eadh? Is iomdha fear maith cuireadh ann. Bhéadh greim
mo bhéil agam ann. Éagcórach? Cé dubhairt sin? Cé
cheap an ceart agus an mí-cheart acht lucht na mbolg lán?
Dlighe Dé? Nuair atá ocras ar dhuine ní bhaineann aon
dlighe dhó. 'Seadh, gadaidheacht a bhéas mar chéird agam
feasta. B'fheárr í mar chéird ná éileamh na déirce, agus ní
fada go mbeidh cleacht agam uirri. An rud nach n-éireóchadh
liom a bhaint amach le gliocas d'fhéadfainn é fhagháil le láimh
láidir, dá gcastaoi an duine ceart, an duine lag, liom.
D'fhéadfainn togha fir a leagadh le mo mhaide croise.
Cén mí-ádh bhí orm gur cheapas bás d'fhagháil leis an ocras
agus a bhfuil de shaidhbhreas 'san gcathair iongantaigh seo!


L. 17


An sneachta a thuit i gcaitheamh na hoidhche tá sé 'n-a
phuiteach faoi chosaibh na gcapall agus na ndaoine anois.
Tá ceó ann. Ceó trom a théidheadh isteach 'do bhéal, agus
síos 'do sgórnach; ceó a chuirfeadh do shúile ag sileadh deór;
ceó a thagadh isteach an doras, agus isteach thríd na
fuinneógaibh, cuma cé'n dúnadh bhéadh orra. Acht níl aon
bheann agam-sa ar an gceó. Táim ag dearcadh isteach 'san
teine agus na smaointe seo ag brúghadh isteach orm. Táim
ag dearcadh isteach 'san teine agus chím an saidhbhreas mór
a dhéanfas mé leis an ngadaidheacht innti …



Tá an oidhche ag teacht. Buailim amach. Tá an chathair
mhór i bhfolach faoi n-a brat iongantach ceómhar. Anois agus
arís, d'fheicfeá soillse na gcóisdí ag preabadh suas ós do
chomhair go tobann agus bhéidís imthighthe le luas lasrach arís.
An duine bhéadh 'do ghoire ní fheicfeá é go raibh sé buailte
leat; ní aireóchthá go raibh sé imthighthe as amharc arís. Acht
má bhí an chathair féin i bhfolach orm, do chloisfeá fuaimeanna
na cathrach. Duine ag béiceadh i bhfogus duit. Sgread
traenach tamall uait. Buinneáin na soitheach ar an abhainn.
Na mílte fuaim eile nach mbéadh fhios agad cé as a
dtáiniceadar nó cé ndeachadar, acht gur measgadh ar na
fuaimeannaibh eile iad agus rinneadh aon tormán mór
amháin díobh uile.



Ar an abhainn thugas féin aghaidh. Casadh máirnéalach liom.
Chuir sé caint orm. An gceannóchainn roinnt tobac uaidh?
Ní cheannóchainn — níor chaitheas ariamh é.



"Acht tá sé saor, an-tsaor, a chara," ars' an máirnéalach.
"Marach go bhfuil an t-airgead uaim go géar, ní dhíolfainn
ar chor ar bith é. 'Seadh, tabhair luach na leapthan dom ar
an méid seo. Tá leath-phunnt ann, má tá únsa."



Chraitheas mo cheann. Bhíos ar tí imtheacht.



"B'fhéidir go gceannóchthá é seo," ar seisean, "piostal
breágh agus cos airgid ann. Féach, tá urchar ann. Fainic
thú féin, a dhuine! Fainic, adeirim!"



"Cé mhéad?" arsa mise, go neamhshuimeamhail.



Bhíos sásta mo leath-shobharan deiridh a thabhairt dó air. Ní
raibh fhios agam an uair sin, agus an bheirt againn 'n-ár
seasamh faoi lóchrán sráide cois na habhna i gCathair an
Dorchadais, cé an dúil nimhe bhí agam ann, acht bhí. Bhí


L. 18


draoidheacht éigin ann. Bhí diabhlaidheacht éigin 'san bpiostal
úd a raibh an chos airgid ann nár leig dom imtheacht go raibh
sé i dtaisge agam i bpóca a bhí ar chúl mo bhrísde.



Bhí an máirnéalach sásta é dhíol ar phíosa coróineach, bhí
an t-airgead ag teasdáil uaidh chomh mór sin. B'ait an
margadh bhí ann, cheapas, agus d'imthigh linn beirt go
mbrisfinn-se mo leath-shobharan i dteach óil a bhí i ngar do'n
abhainn.



V.



Táim féin agus an máirnéalach ag ól ar ár ndícheall. Is
beag de'n airgead bhéas fágtha ag ceachtar againn thar éis
na hoidhche agus is cuma linn do réir cosamhlachta.



D'imthigh leith-bhliadhain ó d'ólas deór cheana, agus airighim
an t-ól ag dul trí mo chorp mar bhéadh sruthán teineadh ann.
Ní'l ball díom nach mothuighim ann é. An brón mór agus
an droch-chroidhe bhí orm ar maidin 'san teach lóisdín táid
sgartha liom. Gníomh ar bith dá ndeárnadh ariamh tig liom-sa
a dhéanamh, má's fíor dhom féin.



Tháinic an chaint chugam. Thosuigheas ar sgéaltaibh iong-
antacha innseacht do'n mhairnéalach groidhe bhí le m'ais,
agus ar ndóigh, ní do dhuine ar bith eile tharla na héachtraí
acht dhom féin.



I mBéarla bhíos ag-cur díom i dtosach, acht ní raibh sé
i bhfad gur thionntuigheas ar an nGaedhilge i ngan-fhios dom
féin.



Bhí an áit lán agus tháinic iongnadh orra uile ar chlos na
teangan nuaidhe dhóibh, acht ar an mairnéalach amháin. Níor
leig an cleasaidhe úd air acht gur thuig sé an uile fhocal
dá raibh mé a rádh. Bhíos corruighthe go mór, agus bhí fonn
orra-san fios d'fhagháil céard a bhí ag gabháil dom.



D'éirigh fear beag buidhe bhí 'n-a shuidhe leis féin i
gcúinne 'n-a sheasamh. Firín beag buidhe rocach géar-chúiseach
a bhí ann agus a dhá shúil shoillseacha imthighthe isteach 'n-a
chloigeann. Is ar éigin d'fheicfeá chor ar bith iad leis na
malaíbh móra dubha bhí ós a gcionn. Chuir sé cúpla ceist ar
an mairnéalach. Is beag nach ndeachas féin 'sna trithíbh nuair


L. 19


a thugas faoi deara cé mar bhí an tsrón mhór fhada chrotach
agus an smigín fada biorach a bhí air ag iarraidh a bheith ag
pógadh a chéile 'chomhfhad 's a bhí sé ag caint.



Bhí an mairnéalach sásta mo sgéal-sa a nochtadh dhó.
Sgaoil sé siar slug mór eile, agus thosuigh air ag cur de
go tapaidh agus go bríoghmhar, agus a raibh ann ag éisteacht
leis go haireach.



Dubhairt sé gur Gearmánach a bhí ionnam féin; go rabhas
ar buile tráth dem' shaoghal; gur mharbhuigheas ochtar fear an
uair sin (dhruid cuid aca siar uaim); gur cuireadh i dteach
na ngealt mé feadh sgathaimh fhada — go raibh rí na tíre sin
sásta mé sgaoileadh saor. Bhí mo chiall agam nuair a
sgaoileadh amach mé, ar ndóigh, agus céard a dhéanfainn acht
aghaidh a thabhairt ar an Afraic Thoir leis na leomhain a
mharbhadh.



'Seadh go díreach (ar seisean). Is ann a milleadh mar
sin é. Sean-leomhan fíochmhar a tháinic air, a mhic ó, agus é
'n-a chodladh. Marach go raibh sé 'n-a chodladh, beag baoghal go
dtiocfadh sé air, bhí sé chomh haireach sin. Acht sul ar fhéad
an fear bocht arm faobhair nó teineadh a ghlacadh chuige, nó
sgread féin a leigint, chuir rí na coille na crúib go cnámh
ann. Nach bhfeiceann síbh a rian air fós, a cháirde?



Thasbáin sé dhóibh na loit d'fhág an gluaisteán 'n-a dhiaidh
'mo éadan. Cheapas féin cosg a chur leis acht níor éirigh
liom. Siúd ar aghaidh leis an gcaint arís é.



Acht bhí sgian mhór fhada ghéar aige (ars' mo dhuine), agus
le preabadh do shúl bhí sí go feirc aige i gcroidhe an leomhain.
Nach raibh, a chara? Go deimhin bhí. Agus nár thug tú leat
an beithidheach mór ar do dhruim, nó an méid de d'éirigh leat
iomchar? Nár thugas féin ar bórd na luinge thú — thú féin
agus an t-ualach? Cad chuige nach dtiubhrainn, a cháirde,
fear tréan cumasach mar é, a bhí i n-an' leomhan a mharbhadh
agus a iomchar?



Céard d'éirigh dá leath-chois agus dá leath-láimh, an eadh?
Mó léan agus mo ghéar-ghuirt! Is brónach le n-aithris é.
B'éigin do dhochtúir a mbaint de. Dob' éigin, a cháirde,
agus ba mhor an truaigh é, dá mbéadh neart air …



Ní raibh focal ag neach dá raibh 'sa láthair, acht iad ag cur
na súl thríom. Iongantas ar chuid díobh. Truaigh ag cuid


L. 20


eile aca dhom. Cuid eile aca a bhí ró-ólta leis an sgéal
a thuigsint i gceart.



Acht ní raibh an mairnéalach groidhe sásta leis an méid
sin bréag. B'iongantach ar domhan an fear bréag é, agus
de réir mar bhíodh sé 'ghá spalladh is amhlaidh is feárr bhíodh
sé ag cuimhneamh orra.



Nár éaluigheamar beirt as an luing 'san Spáinn, agus
nár shiubhlamar an tír sin agus mise im' iongantas aige?
Nach mbíodh na céadta — na mílte — ag teacht chugainn le
mise fheiceál? Nuair a bhíodh an stumpa de leath-chois sin
atá faoi deisighthe ar an mbealach seo agam (bhrúigh sé an
chos isteach fúm), agus cóta mór 'n-a thimcheall mar seo
(chuir sé cóta mór an fhir bhig bhuidhe 'mo thimcheall), dheamhan
a gcreidfeá go raibh cos ar bith faoi. Acht an chaoi a raibh a
éadan daithte agam, agus an folt mór gruaige bréagaighe
síos go bhásta a bhíodh air — bhí saidhbhreas ann, saidhbhreas
mór.



Le chomh greannmhar is bhí sé ag rádh na cainte, agus
leis an deágh-chraiceann a chuir sé uirri, agus leis an
gcosamhlacht a bhí air féin, ní fhéadfá aon olc a bheith agad
dhó. Na daoine a bhí ann, bhíodar ag teannadh liom le
dearcadh níos cruinne ar dhuine a — bhí chomh hiongantach
liom, acht chuir sin olc orm. Leigeas béic orra. Do
dhruideadar siar uaim arís. B'aoibhinn liom gur éirigh liom
sgannradh a chur orra. Bhain an mairnéalach féin an-ghreann
as. Bhain an fear beag buidhe an-ghreann as. Bhagair sé
orra fanacht amach uaim, go raibh droch-fhuadar fúm, go raibh
an droch-chosamhlacht orm, go mb'fhéidir go ngoinfinn duine
aca.



"Fanaidh siar uaidh! Fanaidh siar uaidh, adeirim!"
adeireadh an mairnéalach agus an fear beag buidhe i
n-aondtigh.



Acht bhí aon bhean amháin ann nár sgannruigheadh. Bean
mhór a bhí innti, bean mhór mhillteach a raibh éadan uirri mar
bhéadh ar Impire na Rómhánach. Gruadh ar dhath an chaoir
chaorthainn uirri. A brollach sgaoilte aici. Boladh an óil
uaithi. A dhá súil ar lasadh 'n-a ceann.



Shuidh sí le mo thaobh ar an suidheachán. Labhair sí liom
agus an uile dhuine dá raibh ann ag féachaint orainn.


L. 21


"Is ait an Gearmánach thú," ar sise, "agus tú ag
labhairt Gaedhilge feadh na hoidhche."



Ní raibh a fhios agam céard ab' fhearr dhom a rádh. Bhí
náire orm roimpi, go mbéinn 'n-a leithéid sin de chomh-
luadar, go leigfinn dóibh staicín áithbhéise a dhéanamh dhíom.



"Ní raibh ann acht mugadh-magadh," arsa mise faoi
dheireadh.



"Ní raibh dochar ann. Cé ar'b as thú?"



"As Gaillimh."



"As Gaillimh, an eadh? An ndeir tú liom é!



"Dheamhan focal bréige ann. Acht cé ar'b as thú féin?
Gaedhilge na Gaillimhe tá agad."



"As Cill Aodáin mise."



"As Cill Aodáin! Ní'l sé thar dhá mhíle déag ó
bhaile na Gaillimhe; is minic a bhíos ann. Nach ann a
rugadh …?"



(Fear a raibh cáil mhór air uair d'ainmnigheas-sa. Fear a
cheap buille a bhualadh ar son a thíre.)



"Is ann a rugadh é," ar sise; "bhíos ag dul ar sgoil
leis."



D'éirigh sí smaointeach. Tháinic na deóir 'n-a súilibh.
Thriomuigh sí le n-a práisgín iad. D'ól sí blogam eile as
an ngloine. Bhíomar ar leathtaobh linn féin faoi'n am seo
agus gan áird ag na daoinibh eile orainn. Bhí an fear beag
buidhe agus an mairnéalach ag comhrádh 'san gcúinne.



"Na bith — eamhn — aigh!" ars' an bhean
mhór ruadh a raibh éadan uirri mar bhéadh ar Impire na
Rómhánach; agus ní hé amháin go raibh an t-éadan uirri acht
bhí an chosamhlacht uirri go ndéanfadh sí gníomh uathbháis a
sháróchadh aon ghníom uathbháis dá ndeárna Impire Rómhánach
ariamh — dá mbéadh sé 'n-a cumas.



"Cé na bitheamhnaigh?" arsa mise le 'n-a sásughadh, mar
bhí buile uirri.



"Nach bhfuil fhios agad féin cé hiad? Nach Éireannach
thú?"



Leis an olc agus leis an taod agus leis an cuthach feirge
bhí uirri, is ar éigin thuigfeá í.


L. 22


"Do chrochadar na sagairt. Do shladadar an pobal.
Do dhíbrigheadar na manaigh agus na bráithre. Do bhánuigh-
eadar an tír."



"Fíor dhuit," arsa mise.



"Chuireadar Uolfe Tóne 'san bpríosún," ar sise,
"chuireadar Emmet san bpríosún, chuireadar … (an
fear ar ar tráchtadh ceana bhí i gceist aici), chuireadar mé
féin 'san bpríosún … chuir …"



Chuir sí cosg léithi féin.



"Agus cheap tusa buille a bhualadh ar son do thíre
freisin," arsa mise.



"Cheap, a mhúirnín … acht ní mar gheall air sin
cuireadh 'san bpríosún mé."



"D'eile?"



"An t-ól," ars' an bhean mhór ruadh.



D'fhan an bheirt againn 'n-ár dtost ar feadh tamaill mhaith.
Ise faoi chuthach i ngeall ar ar fhulaing sí féin — agus a tír.
Mise ag machtnamh ar ár gcruadh-chás. An fhuireann go
sgléipeach agus go hárd-ghlórach agus go neamh-aireach. An
áit uile go soillseach lonnrach faoi na lampaíbh beaga
aibhlighe a bhí ar gach dath dá bhfuil 'san mbogha ceatha. Ceól
dhá spreagadh ann — agus ní hé amháin go raibh an gléas
ceóil úd i n-an' ceól a sheinnt uaidh féin, acht nochtuigheadh
sé cuimse pioctúirí 'san am céadna; an t-easach áluinn, an
abhainn mhear thapaidh, an choill mhór agus an ghealach os cionn
na gcrann, an mhuir agus an long dhá báthadh innti. Acht
ba bheag an tsuim a chuir an bheirt dheóraidhe a bhí 'n-a suidhe
ar aon stól 'san gceól ná ins na pioctúiríbh ná ins an
sgléip; bhíodar go brónach agus go trom-chroidheach agus
tráigheadhacht an tsaoghail 'n-a gcroidhe.



D'éirigh an bhean mhór ruadh de phreib. Chuir sí a dhá láimh
'mo thimcheall, agus thosuigh sí dhom' phógadh ós comhair a
raibh ann.


L. 23


VI.



Nuair a bhí an comhrádh a bhí ar siubhal ag an bhfear beag
buidhe agus ag an mairnéalach críochnuighthe, siúd faoi mo
dhéin iad. Bhuail an fear beag buidhe faoi ar an stól lem'
ais. Déarthá go raibh sé lán-tsásta leis féin agus leis
an saoghal.



"A' dtiocfá i n-aondtigh liom-sa?" ar seisean liom.



"Cá mbéinn a' dul?" arsa mise.



"Ceal nach n-aithnigheann tú mé?"



"Cé thú?"



D'innis sé sin dom. Geócach a bhí ann a bhíodh ag siubhal
na tíre. Bhí taisbeántas aige agus lear maith iongantas
agus uathbhás agus beithidheach allta agus eile ann. I
nÉirinn is mó bhíodh sé acht gur minic thug sé cuairt ar
Lonndain le daoine fhagháil le dhul leis. Dá mbéadh an
duine feileamhnach ann, bhéadh páidhe mhaith le fhagháil aige.



"Céard a bhéadh le fhagháil agam-sa?" arsa mise.



"Deich is dá fhichead 'san tseachtmhain," agus do dhearc
sé go géar orm.



Ba mhór an lear airgid é, cheapas, acht nár dhubhras sin
leis?



"Trí phunnt," arsa mise an ath-uair.



Thosuigh sé ag innseacht dom nach mbéadh aon cheó le
déanamh agam acht mo leath-chos a bhrúghadh isteach fúm
ionnus nach bhfeicfidhe í; gruaig fhada dhubh a chur orm; dath
gránna a chur ar mo ghruaidh; cúpla sgread a leigint anois
agus arís, le uathbhás a chur ar an bpobal nuair a thiocfaidís
le féachaint orm.



"Trí phunnt," arsa mise an ath-uair.



"Bíodh sé 'n-a mhargadh," ar seisean, agus shín sé roinnt
airgid chugam.



Gheallas dó bheith roimhe ar an deich a chlog maidin lá 'r
n-a bhárach; d' fhág sé slán agam, agus d'imthigh leis.



Níor fhanas féin i bhfad 'n-a dhiaidh. D'fhágas slán agus
beannacht ag an mnaoi mhóir ruaidh, agus ghluais liom 'san
gcathaoir bhig tugadh dom 'san teach lóistín.


L. 24


Bhí an ceó go millteach. A leithéid de cheó níor facthas
ariamh ná ó shoin 'san gcathair. Ní bhéadh aon ghoir ag duine
an bealach a dhéanamh a-bhaile.



Cheapas i dtosach, agus mé ag imtheacht liom 'san
gcathaoir bhig, go mba mhór an bheannacht ó Dhia é gur casadh
an geócach liom. Ní bhéadh orm gadaidheacht a dhéanamh mar
bhí ceaptha agam nuair d'fhágas an teach. Bhíos ó bhaoghal
an ocrais agus an ghábhatair. Bhí trí phunnt 'san tseachtmhain
de theacht-isteach agam. Trí phunnt 'san tseachtmhain! Ba
mhór an t-airgead é. Is mé bhí go sásta.



Acht tháinic brón mór ar mo chroidhe 'n-a dhiaidh sin. De
réir a chéile bhí an brón ag teacht orm. Níor fhéadas a
dhíbirt. Nár dhíolas mé féin ar trí phunnt 'san tseachtmhain?
Nach ndeárnas iongantas agus uathbhás agus feic saoghalta
dhíom féin? Dá mbéadh fhios ag mo mhuintir agus mo
cháirde gaoil é, nach aca bhéadh an droch-mheas orm? Go
ndéanfadh duine de mo shloinneadh-sa gníomh mar é — go
mbéadh sé 'n-a staicín mhagaidh ag an bpobal uile, agus go
ndéanfadh sé ar airgead é! Céard déarfaidhe i nGaillimh?
Sin í an cheist a chuireas orm féin, agus nach minic a chuir
deóraidhe bocht fáin ceist dá saghas air féin agus é i bhfad
ó n-a bhaile dhúthchais? Bhí droch-mheas agam orm féin. Bhíos
leamh dhíom féin. D'imthigh an náire. Tháinic an fhearg. Bhí
buile orm. Bhíos le mire. Na daoine a bhí ag siubhal an
chasáin, thiomáininn an chathaoir 'n-a mullach i n-aon turas.
Deirinn leó gur shíleadar mé a leagadh — mé féin agus mo
chathaoir bheag. Agus nuair a thosuighidís ag gabháil a leith-
sgéil, thosuighinn ag easgaine orra, agus ag tabhairt na
mionn. Chuir seo an-áthas orm. Uathbhás agus feic saoghalta
a bhí ionnam anois, agus 'tuige nach mbeadh cead ag a
leitéid sin de dhuine a rogha rud a rádh?



Bhí fear ag dul tharm — fear a raibh culaith ghalánta air —
agus d'iarras cipín air. Bhí sé 'ghá thabhairt dom nuair a
leigeas sgread (cheapas an sgread a bhí ó'n bhfear beag
buidhe a chleachtadh), agus dubhairt: — "Nach bhfeiceann tú gur
uathbhás mé! uathbhás! feic saoghalta!" Acht bhí sé imthighthe
ar nós na gaoithe. Leig mé mo shean-sgairt gáiridhe, agus
níor stadas de'n sgairt úd go raibh deóra le mo shúilibh.
Ba mhór an greann an duine galánta sin a fheiceál ag


L. 25


imtheacht 'n-a chosanáirde. Is dócha gur shíl sé gur duine
buile a bhí aige ann i ndáríribh. Duine buile! Nach é a bhí
ag dul amudha? Nár dhubhras leis nach raibh ionnam acht
uathbhás agus feic saoghalta! …



Tá bóthar mór leathan cois na haibhne 'san áit a rabhas
anois. Tá tighthe breágha móra ar an taobh ó thuaidh dhe.
An abhainn ar an taobh ó dheas. Suidheacháin annseo agus
annsúd le taobh na haibhne. Croinnte breágha glasa ar an
dá thaobh. Is minic a bhíos daoine seachránacha ag caitheamh
na hoidhche ar na suidheacháin úd. Bhí triúr ar an gcéad
suidheachán an oidhche cheómhar seo. Bhíodar 'n-a gcodladh
nuair a tháinic mé féin orra. Leigeas sgread — sgread an
fhir bhuidhe — agus d'éirigheadar de gheit. Ó dá bhfeicteá an
sgannradh bhí 'n-a súilibh! Thosuigh mé ag cur díom: — Nach
bhfeiceann sibh gur uathbhás mé — uathbhás agus feic saoghalta?
Bhíodar glanta leó marach gur dhubhairt: — "Cupán caifé agus
ruainne aráin — is mór atá sé ag teastáil uaim anois. An
mbéidh cupán agaibh-se, a cháirde?"



"Ar son Dé agus ná bhí ag magadh fúinn," arsa duine
aca.



"Ní ag magadh atáim. Acht má's rud é nach dteas-
tuigheann sé uaibh, ná tagaidh i n-aondtigh liom."



Leanadar mé. 'Tuige nach gcaithfinn an t-airgead? Nach
mbeadh an iomarca dhe agam feasta? Trí phunnt 'san
tseachtmhain! Ní bheadh acht a leath agam marach gur chailleas
lúth mo ghéag Is maith a thárla go raibh mé im' uathbhás agus
im' fheic saoghalta. Feic saoghalta — thaithnigh an t-ainm go
mór liom. Feic saoghalta! Feic saoghalta! thosuigheas ag
rádh na bhfocal arís agus arís eile ar nós páisde a bhéadh
ag imirt chleas.



Acht 'tuige nach gcaithfinn an t-airgead? Gach truaghán a
casadh liom dubhras leis mé a leanamhaint agus cupán caifé
ól i n-aonfheacht liom. Dá sgór de lucht leanamhna bhí agam
nuair a shroicheamar an áit a ndíoltar an caifé.



Acht ba mhó go mór an t-uathbhás an dá sgór fear úd faoi
n-a gcuid giobal, agus iad dhom' leanamhaint thríd an gceó,
ná mise. Bhíodar lom tanaidhe. Bhí féachaint i súilibh coda
dhíobh ar fheiceál an bhídh dhóibh mar bhéadh i súilibh tíogair.
Bhíodar préachta leis an bhfuacht agus leis an ocras. 'Siad


L. 26


d'alp an biadh agus an t-allus ag tuitim anuas díobh le
chomh te is bhí an caifé agus leis an an saothar chuireadar
orra féin 'ghá ól. Bhí sé chomh fada sin ó bhí béile mhaith bídh
aca cheana nár fhéad cuid aca an lón a choinneál 'n-a
mbolg …



"Tá sibh-se go huathbhásach agus go millteach agus go
gránna," arsa mise, "ó bheith i gcall agus i n-easbhaidh an
airgid: uathbhás mé féin, acht go bhfuilim ag fagháil airgid
ar a shon."



Bhíos ag baint amach go deas 'san gcaint nuair a rug
an bhean mhór ruadh a bhí ar chosamhlacht Impire Romhánaigh
greim orm.



"Cé nach bhfuil tú sa mbaile fós?" ar sise. "Ní raibh aon
cheart agam thú a leigint chun bealaigh ar chor ar bith, ní raibh
sin. Ní leigfinn acht oiread, dá mbéadh aon cheapadh agam
go mbeitheá ag caitheamh do choda ar an mbealach seo —
leis an dream seo …"



D'fhéach sí orra go fíochmhar. Sílfea go raibh eagla ar
chuid aca roimpi, gur aithnigheadar í. Theannadar amach
uaithi. D'imthigh cuid aca.



"Agus maidir leat-sa, a Mhicil," ar sise, "shíleas go
raibh ciall agad, shíleas sin. Tá freisin — marach an t-ól.
Mise tá 'ghá rádh, acht is agam-sa is feárr é. Ní fhéadfaidh
tú a dhul a-bhaile anois. Tá an bóthar fada. Tá an ceó
go millteach. Agus táir beagnach ólta … caithfidh
tú theacht i n-aondtigh liom-sa anocht. Beidh plúid agad
cois teineadh go maidin. Beidh tú go compóirteach ann.
Bímís ag imtheacht i n-ainm Dé. Nach millteach an oidhche í?
Go sábháilidh Dia sinn! Ná bac leis an rotha, a Mhicil.
Tiomáinfidh mise thú. Sin é an chaoi!"



Thiomáin sí an chathaoir bheag rothach roimpi. Cheapfá gur
páisde bhí ionnam féin agus gurab ise mo mhárthair.



VII.



Shroicheamar áit chomhnuidhthe na mná móire ruaidhe.
Seómra mór folamh i mbárr tighe a bhí aici. Cheapfá i
dtosach go raibh sé folamh i ndáríribh, acht ní raibh. Bhí


L. 27


leabaidh ann, cineál leapthan; stól fada cois balla, acht
maidir le bórd ná gréithre ná deis le biadh a ghléasadh, ní
raibh a rian ann.



Níl de sholus 'san seómra mór acht a bhfuil le fagháil
ó'n teinidh acht ní beag linn an méid sin. Tá an bheirt
againn 'n-ár suidhe ós a comhair ag cur síos ar a bhfacamar
de'n tsaoghal, agus ar a dtárla dhúinn ó casadh 'san tír
seo sinn. Agus nach ag an mnaoi mhóir ruaidh atá na
sgéalta móra acht nach sgéalta sídhe ná finnsgéalta
bréagacha iad acht sgéalta uathbháis agus bróin agus náire.



Anois agus arís, beireann sí ar mo láimh, agus tosuigheann
sí 'ghá cuimilt go lághach carthannach mar chuimleadh mo mháthair
fad ó í, agus mé 'mo pháisde. An cuthach a bhí orm amuigh
ar an tsráid, agus mé ag dul amudha 'san gceó, tá sé
imthighthe. Ní'l a rian orm anois. Táim chomh ciúin agus chomh
lághach geanamhail grádhmhar le leanbh. Leagann an bhean mhór
ruadh lámh ar mo leacainn — ar an leacainn úd a milleadh.
Ní chuireann a gráineacht aon ghráin uirri-se. Déarfá gur
mó an cion atá aici orm mar gheall air, agus le solus na
teineadh feictear dhom go bhfuil truaigh — go bhfuil an-truaigh
aici orm. Truaigh mar bhéadh ag mo mháthair orm dá bhfeiceadh
sí anois mé. Leigim siar mo cheann ar a gualainn agus mo
dhá shúil dúnta agam. Cheapas, ar feadh aon nóiméidín bhig
amháin, gurab í mo mháthair a bhí agam ann, agus nach raibh
ionnam-sa acht páisde …



Tá an teine ídighthe beagnach. Ní ar an stól atáim anois
acht 'mo luighe ar an urlár agus sean-phlúid ó leabaidh na
mná móire ruaidhe 'mo thimcheall. Ise 'n-a suidhe lem' ais
ar an urlár ag iarraidh an brón mór a bhí ag teacht orm an
ath-uair a dhíbirt. Ní maith léithi mé fheiceál faoi bhrón.
B'fheárr léithi an fhearg féin ná é sin. Tosuigheann sí ag
crónán ós íseal:



"Seo mar a chuirinn mo leanbh 'a chodladh, i gcliabhán óir
ar urlár shocair, nó …"



Ní thig léithi an chuid eile de'n rann a chríochnughadh, acht
ní chuireann sin aon bhac uirri. Dubhairt sí cúpla focal nach
raibh mórán céille ionnta, acht a d'fheil do'n rannaidheacht,
agus chríochnuigh sí annsin é:



"… agus an ghaoth 'ghá bogadh."


L. 28


Dubhairt sí an méid sin arís agus arís eile go rabhas
beagnach 'mo chodladh. Cheap sise go rabhas 'mo chodladh i
gceart, mar d'éirigh sí go héasgaidh, agus chaith sí í féin ar
an leabaidh. Ní raibh uaithi acht codladh a chur orm féin leis
an gcrónán.



Dhúisigheas. Bhí solus beag ag teacht ó'n teinidh fós. Bhí
an ceó ag teacht isteach thríd an bhfuinneóig, agus thríd an
doras, agus anuas thríd an simné. An chathair mhór 'n-a'
tost, acht go gcloisteá fuaim anois agus arís, agus nach
mbéadh fhios agad cé as a dtáinic sé, acht go gceapfá go
raibh an fhuaim sin an-achar uait — go gceapfá go raibh sí
na mílte míle uait, dá n-abróchthá é.



Ní raibh an bhean mhór ruadh 'n-a codladh. Bhí aghaidh tugtha
aici ar an mballa, agus í ag gol go trom. Uaireannta,
cheapainn nach ag gol a bhí sí ar chor ar bith, acht gur
meadhchan mór a bhí ar a croidhe, agus gur ag iarraidh a
chaitheamh dhi a bhí sí. Bhíodh sí an-chiúin, ar feadh tuairim 's
dhá nóiméid, agus annsin leigeadh sí streancán eile aisti,
agus gach streancán leigeadh sí aisti, cheapfá uirri go raibh
an meadhchan mór úd a bhí ar a croidhe ag éirghe dhe agus ag
teacht aníos 'n-a sgórnach. Rachainn-se chuici le n-a sásughadh
muna mbéadh gur cheapas go mb'fheárrde í an gol.
Chonnaiceas mná ag caoineadh cheana agus is mór an mhaith
a rinne sé dhóibh …



Chuir sí cosg léithi féin faoi dheireadh. Is dócha go raibh
codladh ag teacht uirri. Bhíos féin ag tuitim 'mo chodladh
nuair a thugas faoi deara go raibh solus 'san seómra a bhí
thíos fúinn. Ní raibh idir an dá áit acht na cláracha, agus
bhí an solus ag teacht aníos thríd ná siúntachaibh. Stábla a
bhí fúinn, agus choinnigh torann na gcapall a bhí dhá seóladh
isteach ann thar éis a bheith ag obair dóibh i gcaitheamh na
hoidhche ó chodladh mé go raibh sé beagnach 'n-a lá.



Ní cheapfá ar an mnaoi mhóir ruaidh ar maidin go ndeárna
sí gol ariamh. Bhí sí chomh meidhreach leis an bhfuiseóig a
bhéadh i n-áirde 'san spéir, agus chomh troigh-éasgaidh leis
an gcaislín cloch ag gléasadh proinne dhí. Ní rabhas féin
acht idir codladh agus dúiseacht nuair chualas ag casadh
amhráin í, agus í i mbun na hoibre ar feadh an achair.


L. 29


Nuair a bhí an biadh caithte againn bhí sé ag tarraint ar
an deich a chlog. Chuamar amach go n-ólfadh sinn an deoch
deireannach le chéile. Bhí sgata ban 'san teach óil, agus
ar ndóigh bhí togha na haithne aca ar an mnaoi mhóir ruaidh.
Ní rabhamar i bhfad ann go ndeacha sí amach. Bhí dearmad
déanta aici ar rud eicínt 'san seómra.



Thosuigh na mná ag cur síos uirri. Bhí togha aithne uirri
'san gcomharsanacht. Nár shábháil sí triúr a bhí dhá mbáthadh
'san abhainn? Nach bhfuair sí moladh mór ar a son? Agus
teisteas ó dhream daoine a chuir suim 'san obair sin? Fuair
go dearbhtha — acht go raibh an teisteas — bonn óir a bhí ann —
ólta i bhfad ó shoin. Sin a raibh de locht ar Mhag Mhór mar
thugadar uirri. Agus oidhche eile nuair a bhí capall mire
ag imtheacht thríd an tsráid 'n-a cosanáirde, nár rug sí
air agus nach gcoinneóchadh sí é freisin marach gur thuit sí
agus do bhris sí a cos? Agus an póilídh a leag sí oidhche
a bhí sí ar meisge! Is as an ngníomh sin a bhíodar ag
baint an ghrinn! Nár shuidh sí ar a chliabhrach, agus le teann
dánuigheacht' nár bhain sí fead as an bhfeadóig a bhí 'n-a
bhrollach aige?



Tháinic sí féin isteach, agus chuir sin cosg leis an gcaint.



Bhí orm féin bheith ag imtheacht. Bhéadh an fear beag buidhe
ag fuireacht liom. D'fhágas slán agus beannacht ag an
mnaoi mhóir ruaidh, agus d'imthigh liom go deifreach. Acht
is iomdha uair 'n-a dhiaidh sin a chuimhnigheas uirri, is iomdha
uair a cheapas cuairt a thabhairt ar an mnaoi mhóir ruaidh
úd a raibh éadan uirri mar bhéadh ar Impire Rómhánach. Bhí
sé i ndán dom í fheiceál arís.



Bhí an fear beag buidhe rómham 'san teach ósda.



VIII.



Támuid ag tabhairt turais na hÉireann faoi láthair — mé
féin agus an fear beag buidhe agus a chuid uathbhás agus a
chuid iongantas agus a chuid beithidheach allta. Tá an
Mhumhain siubhalta againn, gach uile bhaile ann ó Phortláirge
go Luimneach. Aréir 'seadh shroicheamar Gaillimh an áit ar
rugadh mé.


L. 30


Bíonn mór-shiubhal againn i ngach baile, an chéad lá,
ionnus go mbeidh fhios ag an bpobal go bhfuil an fear buidhe
agus a thaisbeántas ar fagháil. Bím féin 'san mór-shiubhal
úd i gcomhnuidhe. Táim 'sa láthair indiu ar shráideannaibh na
Gaillimhe. Mé 'mo shuidhe i n-áirde ar charbad. Slabhra
mór práis faoi mo mhuineál agus é i bhfastódh i n-íochtar an
charbaid. Ceann eile faoi mo chom. Gruaig fhada dhubh ag
tuitim anuas ar mo ghuailnibh. An ghruaig úd i n-aimhréidh
'n-a slámannaibh móra ionnus go bhfoluigheann sí m' éadan
nuair a bhainim crathadh asam féin. Acht tá m' éadan chomh
breágh daithte sin is nach bhfuil cead agam a fholughadh.
Craithim mo cheann arís le n-a réidhteach, agus nuair a
chraithim, déanann na slabhraí móra práis torann mór. Tá
orm annsin sgread a leigint — an sgread a leigeas an oidhche
úd a bhíos ag dul amudha 'san gceó. Annsin tosuigheann
lucht na bhfuip (atá timcheall orm feadh an achair) dhom'
lasgadh le fuipeannaibh fada cruadha! Druideann na daoine
amach uatha agus eagla orra. Acht dá mbéadh fhios aca é!
ní'l san sgread, agus 'sna slabhraíbh agus 'sna fuipeannaibh
fada cruadha acht cuid de chleasaidheacht an fhir bhig bhuidhe
leis na daoine a mhealladh isteach chuige tráthnóna …



Agus sin é an bealach ar chéad-thaisdealas sráideanna na
Gaillimhe, thar éis mé bheith imthighthe an oiread sin de
bhliadhantaibh. Ní mar síltear déantar.



Feicim cuid mhaith de mo lucht aitheantais ar na sráidibh.
Ní aithnigheann siad mé. Cé'n chaoi a n-aithneóchadh agus an
bhail atá orm? Dá mbeadh aon cheapadh agam go n-aith-
neóchadh, ar ndóigh, ní leigfeadh náire dhom a theacht …
Téidhim thar an teach 'n-ar rugadh mé. Cé atá 'n-a chomhnuidhe
ann anois? Nach cuma dhom? Ní chomhnódhad-sa ann arís
choidhche. 'Sé an bealach atá le dul againn, an bealach ar
chleachtuigheas nuair a bhínn ag dul ar sgoil fad ó.
Tosuigheann na sean-chuimhní ag brúghadh isteach orm, agus
mé ag déanamh spóirt do mhuintir mo bhaile dhúthchais.
Tagann cumha agus uaigneas orm mé bheith 'mo bhaile
dhúthchais agus gan duine ná deóraidhe dhom' aithneachtáil.
Aithnighim-se cuid mhaith de na daoine atá mo thimcheall.
Nach ar Mháirtín Mhac gabhann annsúd thall a bhéadh an t-iong-
antas dá nglaodhfainn air! Cheapfadh an duine bocht


L. 31


simplidhe sin go raibh draoidheacht agam dá bhfiafróchainn de
cé ghoid gandal Nóra Ní Mháille.



"A Mháirtín! A Mháirtín," arsa mise i n-árd mo ghotha,
"cé ghoid an gandal?"



Phléasg a raibh ann ag gáiridhe agus ag magadh faoi
Mháirtín bhocht. Bhí ríméad an domhain ar an bhfear beag
buidhe. Nach iad a bhéadh ag teacht isteach chuige tráthnóna?
Nach é dhéanfadh an t-airgead? Tháinic meangadh gáiridhe ar
a bhéal agus thosuigh sé ag nighe a lámh i n-aer, bhí sé chomh
sásta sin …



Acht marbhóchaidh mé an bioránach buidhe bradach úd lá
eicínt. Nach é chuireanns gráin orm? Cé'n tubaisde a
bhí orm go dtugas mo chorp dhó ar trí phunnt 'san tseacht-
mhain? Cé'n mí-ádh bhí orm go ndeárnas uathbhás agus
iongantas dhíom féin? Mar gheall ar an airgead, an eadh?
Ná habair é. Cé bhí i n-an' airgead a chaitheadh liom-sa nuair
a bhí sé agam? ('Tuige a mbíonn leisg ar dhuine a rádh leis
féin go mb' fhóbair dhó bás d'fhagháil leis an ocras uair,
agus go n-abruigheann sé le duine eile é?) … An
fear beag buidhe a mheall mé le n-a chuid airgid. Nárbh' é
an diabhal é? Óra, a fhir bhig bhuidhe, nach mise d'fhéadfadh
thú a thachtadh, má's diabhal nó aingeal thú? Nach orm a bhéadh
an t-aiteas nuair d'fheicfinn an dath liath-ghorm ag teacht
ar t'éadan shalach bhuidhe? Nach orm a bhéadh an tógbháil
chroidhe agus mé ag sgrúdughadh na mball dubh d'fhágfadh
lorg mo mhéar ar do chaol-sgroig? Nach mé chasfadh an
port le haoibhneas nuair d'fheicfinn na súile ag éirghe amach
as do cheann mar bhéadh dá uibh chearc ann, agus iad ag dul
i méid, ag dul i méid i gcómhnuidhe …?



Chuaidh sé féin thart ar an bpointe seo. Ar fheiceál dhó
chomh corruighthe is bhíos tháinic misneach mór chuige. Cheap
sé gurab amhlaidh a bhíos ag iarraidh sgannradh agus alltacht
a chur ar na daoine le n-a mealladh isteach chuige tráthnóna.
Togha fir a bhí ionnam. Bhéaradh sé an ceithre phunnt 'san
tseachtmhain a bhíos 'iarraidh air ar maidin dom. B'fhiú
tuilleadh mé. Dhearc sé orm, agus thosuigh ag caochadh na
súl i dtreó go dtuigfinn uaidh go raibh sé sásta a thabhairt
dom. Chuir sé a cheithre mhéar i n-áirde. Chaoch sé na súile
an ath-uair. Bhí buile ag teacht orm féin. Céard mar gheall


L. 32


air go raibh sé ag magadh fúm ar an gcuma sin? Nach rabhas
ag déanamh a shaidhbhris? Marach mise an dtiocfadh duine ar
bith chuige? Cá mbéidís ag teacht?



Thugas cor. Ba mhór an croidhe a thug sé dhom chomh breágh
teann lán-láidir is bhí na féitheacha in mo leath-láimh. Thosuigh
an slabhra ar crathadh ar nós na gclogán mbeag práis
feictear faoi mhuineál capaill go minic. Leigeas liúgh
asam, liúgh millteach feargach, acht gur ar an bhfear beag
buidhe a leigeas an liúgh. Nuair a leigeas an liúgh úd,
dhearc mo dhuine orm, mar ní hé sin an liúgh a chleachtuigheas
roimhe seo. Níor cheap sé go raibh sé ionnam liúgh de'n
tsaghas sin a leigint chor ar bith. Acht nuair a chonnaic sé
an fhearg agus an ghráin agus an t-olc ag baint na sál
dhá chéile 'mo shúilibh agus 'mo ghruaidh dhaithte, ní raibh aon
fhear i nGaillimh chomh sásta leis. Thosuigh air mar bhéadh sé
ag nighe a lámh i n-aer, agus ag meangadh gáiridhe.



Sin bealach a bhí leis nuair a bhíodh sé an-tsásta in
intinn.



Chuimhnigheas ar an bpiostal a cheannuigheas an oidhche fad
ó ó'n mairnéalach. Bhí sé i bpóca mo bhrísde fós. An
gcaithfinn é? An raibh sé de mhisneach agam piléar a chur
thríd a chroidhe? Ó! dhá mbéinn i n-áit ar bith eile acht i
nGaillimh, áit a n-aithneóchaidhe mé sul a gcrochfaidhe mé, ní
fada go mbéidhtheá-sa ar lár, a fhirín bhig bhuidhe.



Dhearc sé orm arís. Ní dheárnas acht mo theanga a chur
amach leis, agus tarann gránna a dhéanamh le mo bhéal.
Thosuigh sé ag gáiridhe. Thosuigh a raibh ar an tsráid ag
gáiridhe. Chloisfeá gach sgairt uatha míle i gcéin.



Chualas féin gach sgairt a leigeadar. Chualas an fear
beag buidhe ag bagairt ar an sluagh fanacht amach uaim, go
rabhas ar mire, acht "tagaidh anocht," adeireadh sé 'n-a
shean-bhéic, "tagaidh anocht go bhfeicidh sibh é. Dhá phighin an
duine — sin a' méid. 'Sé uathbhás an domhain é — uathbhás an
domhain é — uathbhás an domhain — tagaidh anocht agus inn-
seóchar díbh na gníomhartha iongantacha a rinne sé. Tagaidh
anocht! Tagaidh anocht! dhá phighin an duine — sin a' méid!
Dhá phighin an duine leis an uathbhás mór fheiceál — le labhairt
leis, le lámh a leagaint air, dhá phighin an duine!"


L. 33


Bhí mo shúile dúnta agam féin, agus gan áird agam ar
tada. Acht bhí glór an fhir bhig bhuidhe agus sgreadghail an
tsluaigh ag déanamh ceóil mhí-thaithneamhaigh in mo chluasaibh,
dhom' bhuidheachas.



Níor cheapas ariamh go dtí an lá sin go mba mhór an
bheannacht ó Dhia é a bheith bodhar.



IX.



Ar filleadh dhúinn chuig an pháirc 'n-a raibh taisbeántas an
fhir bhig bhuidhe, chuaidh mé féin isteach 'mo bhotha le mo sgíth
a leigint agus le mo smaointe a dhéanamh.



Bhaineas dhíom an folt dubh bréagach agus na slabhraí móra
práis agus an cóta ioldathach a mb'éigin dom a chaitheamh
'san mór-shiubhal. Tharraingeas chugam leabhar beag amhrán
agus chromas ar a léigheadh. Acht ní mórán de na hamhráin
a léigheas; bhí an oiread sin gleó ag muintir an fhir bhig
bhuidhe nár fhéadas na súile a choinneál ar an leabhar. Cuid
aca ag tabhairt aire do na beithidhighibh allta; cuid eile ag
cur cuaillí i dtalamh agus ag tógbháil na mbothán agus na
n-árus canbháis; cuid eile ag cur deis ar na báid luasgáin;
beirt nó triúr i leathtaobh ag gléasadh bídh; bean óg i n-áirde
ar mhuin capaill bháin agus í gléasta ar nós bainríoghna na
sídhe 'sna sgéalta; fear óg árd caol agus fuip 'n-a ghlaic
ag ritheacht i ndiaidh an chapaill; a ghruadh daithte go breágh
aige, agus caipín árd cúinneach ar a cheann; marach an caipín
agus an dath ní cheapfá go raibh aon bhaint aige leis an
dtaisbeántas ar chor ar bith, óir nach raibh culaith a chéirde
air fós; an fear beag buidhe féin ar a shocamhlacht i n-áirde
ar charbad órdha sgathánach mar bhéadh rí ar a chathaoir ríoghdha,
agus é ag riaradh na hoibre go léir. Iad uile ag easgaine
agus ag cleamhsán agus ag tabhairt na mionn, acht mé
amháin agus mé ag iarraidh mo leabhairín amhrán a léigheadh.
'Seadh, mé féin — agus an Bhean Reamhar.



Chonnaiceas chugam í; siúd treasna na páirce agus mias
mór ar iomchur aici. Ba gheall le luing mhóir í a bheadh
ar luasgán ar bhárr na dtonn leis an siubhal a bhí fúithi.
Shílfeá go ndóirtfeadh sí a raibh ar an méis gach nóiméad
acht nach ndóirtfeadh 'n-a dhiaidh sin.


L. 34


Sheas sí i mbéal an dorais, agus dá mbéadh fonn
léightheóireachta orm féin ní fhéadfainn focal a léigheadh, mar
bhain sise solus na gréine dhíom le n-a méad uathbhásach.



Feic eile a bhí ag an bhfear beag buidhe a bhí innti siúd.
Ní raibh sí an-reamhar amach is amach i dtosach; d'fheicfeá
mná a bhí níos raimhe ná í nach raibh i n-aon taisbeántas,
dubhradh liom. Acht bhí sí an-íseal, agus ba mhillteach mór
an ceann a bhí uirri. Agus nach í a bhí leathan-slinneánach
mór-lámhach trom-cheathramhnach! Agus is ag tuitim i bhfeóil
a bhí sí gach uile lá, mar ní bhíodh faic le déanamh aici acht
a dóthain mhór a ithe agus a ól. Duine a d'fheicfeadh an
biadh borb blasta agus na dighthe láidre folláine gheobhadh
sí ó'n bhfear beag buidhe mholfadh sé a fhéile agus a
fhlaitheamhaileacht.



Agus nach aici a bhí an dúil chráidhte 'sna biadhaibh borba
agus 'sna dighthibh milse? Nach í bhí i n-an' codladh go trom
ar feadh dhá uair déag de'n chlog? Bhí sí leisgeamhail
spadánta ó nádúir. Bhí sí trom mall roighin réidh. Ní raibh
aon ní ab' fheárr léithi ná a dóthain mhór bheith ithte agus ólta
aici agus í féin a chaitheamh 'san bhféar fada lá samhraidh
dhá goradh féin le gréin. D'fhanadh sí mar sin ar feadh an
lae mhóir fhada ó dhubh go dubh gan cor ná car a chur dhi
acht 'chomhfhad 's a bhéadh sí ag alpadh an bhídh.



Ní iongnadh ar bith é go raibh sí ag dul i bhfeóil de réir
an lae. Ní iongnadh ar bith é go raibh an fear beag buidhe
sásta agus lán-tsásta 'n-a aigne. Ní iongnadh ar bith é
go mbíodh sé ag nighe a lámh 'san aer ar dearcadh uirri dhó.
Dheamhan pighin a bhí uaithi acht an oiread. Bhí sí sásta le
greim a béil. Agus nuair d'fheicfeá gleasta í (gléasadh
ar bhealach í is go gceapfá go raibh sí i bhfad níos raimhe ná
bhí), déarfá go mba cóir do'n fhear bheag bhuidhe a bheith sásta
le saothar a lámh.



Tháinic sí isteach i lár an bhotha.



"Féach a bhfuil agam dhuit," ar sise ag tasbáint na
méise móire dhom, "ruainne de shicín, agus ruainne de
bhagún mhéith, cabáiste bán, fataí plúracha, súghlach …"



Nuair adubhairt sí an focal súghlach, do stad sí. Do
dhún sí a dhá súil beagnach, do bhuail sí a dhá béal i n-aghaidh
a chéile mar bhéadh dúil mhór aici bheith 'ghá slugadh. Má bhí


L. 35


cosamhlacht an aitis ar aghaidh duine ariamh, bhí an chosamhlacht
úd uirri-se.



"Ruainne de bhagún mhéit," arsa mise. Bhí punnt ar a
laighead ann.



"Beir air," ar sise, "badh chóir ocras a bheith ort."



Leag sí an mhias ar an talamh le mo thaobh. Shuidh sise ar
an taobh eile dhi.



"Íosfaidh mé féin greim de'n tsicín," ar sise, agus
thosuigh uirri ag ithe go halpach.



Shílfeá go raibh cineál náire uirri faoi'n méid a bhí sí
féin 'ithe agus a laighead is bhí ithte agam-sa.



"'Tuige nach bhfuil tú 'ghá ithe?" ar sise, agus greim
mór méith 'n-a béal féin agus an súghlach ag tuitim anuas
ar a brollach.



"Gan aon ocras a bheith orm," arsa mise.



"Sín uait siar do lámh. Tao' thiar dhíot. Sin é é."



Rinneas amhlaidh. Bhí canna mór leanna taobh thiar dhíom.
D'ólas blogam as, agus shíneas chuici é.



"Nach agad atá an dúil 'san léightheóireacht," ars' an
bhean reamhar, ag breith ar an leabhairín beag amhrán d'fhágas
tharm ar a theacht isteach dhi.



An t-amhrán a bhíos féin a léigheadh sul a dtáinic sí, sin é
an ceann ar thosuigh sise air.



"Rise up, Willie Reilly," ar sise, acht b'éigin di an
greim a bhí 'n-a béal a shlogadh i dtosach.



"Rise up, Willie Reilly," ar sise, "and come along with me,
('m goin' to leave my father's house, and quit this countiree,
To leave my father's houses, his dwellings, and free lands,
And go along with Reilly, as you may understand)."



"Ó! nach áluinn é," ar sise, nuair a bhí an méid sin
léighte aici, acht nach raibh a fhios agam féin go cinnte an é
an t-amhrán a bhí go háluinn nó an an píosa de shicín a chuir
sí 'n-a béal nuair a bhí sé críochnuighthe aici.



Bhí muinntir an fhir bhig bhuidhe ar a ndícheall fós. Iad
ag easgaine agus ag tabhairt na mionn. An óigbhean a
raibh culaith bhainrioghna na sídhe uirri, bhí sí i n-áirde ar an
gcapall bhán, agus í ag tabhairt na léim thrí fhonnsa órdha


L. 36


'chomhfhad 's a bhí an t-each ag imtheacht timcheall an fháinne.
Acht bhí cosg le búirthíl na mbeithidheach allta. Bhí a mbolg
lán.



"Is mithid duit a bheith ag imtheacht feasta," arsa mise
leis an mnaoi reamhair.



"Nach bhfuil sé sáthach luath agam fós?" ar sise ag
teannadh isteach chugam.



"Is annseo is socamhlaighe agus is suaimhnighe a bhíos mé,"
ar sise agus leig sí siar a cheann ar m'ucht.



X



Muna mbéadh go dtáinic an fear beag bhuidhe féin le mo
ghléasadh agus le caoi a chur orm i gcomhair na hoidhche, ní
dócha go n-imtheóchadh sí ar chor ar bith.



Cuireadh an folt dubh bréagach ar mo cheann arís. Cuireadh
na slabhraí práis faoi mo mhuineál agus faoi mo chom. (Bhí
mo ghruadh daithte cheana.) Sáitheadh na cosa isteach fúm.
Cuireadh an cóta mór ioldathach 'mo thimcheall. Lasadh an
trillseán ós mo chionn, agus leis an gcaoi a mbíodh sé ag
luasgadh le gaoith, agus na sgáilí ag teacht agus ag imtheacht
ar m'éadan déarfá go raibh mé i bhfad níos gránna ná
mar bhí.



Do hosgluigheadh na geataí, agus thosuigh na daoine ag
teacht isteach. Geárr-bhodaigh a bhfurmhór. Nach orra a bhí
an mheidhir? Nach iad a bhí sgléipeach? Nach iad a chuir suim
i ngach rud? Cinneann sé ar an bhfear beag buidhe smacht
a chur orra. Cinneann sé ar a lucht conganta a gceann-
sughadh. Ní'l ceannsughadh 'n-a gcionn. Cuid aca atá ag
iarraidh amharc fhagháil orm féin thríd na siúntachaibh atá idir
clárachaibh an bhotha. Dream eile ag léigheadh fógra atá os
cionn an dorais. Léigheann siad na focail go mall roighin


L. 37


mar dhaoine nach raibh mórán cleachta aca ar an léigh-
theóireacht. Cluinim gach focal:-



SEÓIRSE COFF,



DHÁ PHIGHIN.



an fear buile, atá gan cos gan lámh. Féachaidh
ar an bhfolt gruaige atá air nár gearradh le
dhá bhliadain déag, agus an fhéachaint nimhneach
atá 'na shúilibh. Mharbhuigh sé ochtar fear 'san
nGearmáin. Tasbáinfear an sgian mhór fhada
le n-a ndeárna sé an gníomh uathbhásach, agus
rian na fola le feiceál uirri fós féin.



"Dhá phighin! ó dhá mbéadh leithphighin eile agam rachainn
isteach," arsa stócach díobh.



"Bhéaraidh mise pighin duit ar an sean-sgin dhuibh, a
Mharcuisín."



"Bhí tú sásta pighin go leith thabhairt uirri indé," arsa
Marcuisín.



"Bhí … acht … acht is mian liom an fear
buile fheiceál —"



"Tabhair an phighin go leith dhom," arsa Marcuisín arís,
agus an sgian dhubh 'n-a ghlaic aige agus é ag griogadh an
stócaigh eile léithi. Bhí seisean idir dhá chomhairle. Bhí dúil
mhór 'san sgin aige, acht dá sgarfadh sé le n-a chuid airgid
ní fhéadfadh sé mise fheiceál.



"Tabhair an phighin go leith dhom," arsa Marcuisín, "—
agus … agus innseó' mé dhuit 'ch uile shórt faoi nuair
a thagas mé amach."



Fuair sé an t-airgead.



Tháinic beirt eile isteach. Agus beirt eile. Agus bhíodar
ag teacht agus ag imtheacht go raibh cuid mhaith de'n oidhche
caithte. Gach focal a thigeadh amach as a mbéal, ní bhfuaireas
ann acht maslughadh. Acht ar ndóigh, níor cheapadar gur
thuigeas a gcaint ar chor ar bith. Ar a shon sin, chuireadar
gráin orm. Dá mbadh i n-aon bhaile eile bhéinn, ní chuirfinn
suim 'n-a nglór, acht annseo i nGaillimh an áit a rugadh mé!
Dá mbéadh fhios aca cé bhí aca ann! Dá mbéadh fhios aca
go mba duine díobh féin a bhí 'n-a staic uathbháis agus
iongantais aca!


L. 38


Ghabh fearg mé. Ghabh cuthach agus buile agus fuath mé.
Céard d'fhéadfainn a dhéanamh le uamhan a chur orra? Níor
éirigh liom cuimhneamh ar aon bheart. 'Tuige a mbeidís ag
teacht ag féachaint orm-sa? Nach fear a bhí ionnam? Nach
raibh ciall agus meabhair agus tuigsint agam ar nós gach
uile fhear? An Críostaidhthe iad? An Críostaidhe í an bhean
óg dhathamhail úd thall atá ag féachaint orm anois? Agus
ní truaigh atá aici dhom (má's fíor dá súilibh), acht go bhfuil
uathbhás agus alltacht uirri go mbéadh mo leithéid-se beó ar
chor ar bith. Tig crathadh ball uirri ar fheiceál na sgeine
fuiltighe dhi. Acht fan. Cuirfidh mise eagla ort, i
ndáríribh, a óigbhean áluinn.



"Ó, a Mhichil," ar sí leis an bhfear óg a bhí i n-aondtigh
léithi, "ó, a Mhichil," ar sise, "abair le Máire theacht
isteach; a leithéid de radharc ní fheicfidh sí arís choidhche."



"Tá cineál sgátha uirri agus an bealach atá léithi —"
ars' eisean, acht nár chuala mé féin é. "A Mháire! a
Mháire! Gabh i leith go bhfeicidh tú é," ars' an bhean óg ag
dul go doras an bhotha agus gan aon áird aici ar ghlórthaibh
an fhir a bhí i n-aondtigh léithi, "a leithéid de iongantas ní
fhaca do dhá shúil fós ariamh."



Tháinic Máire isteach, acht níor thugas suandas dhi. Bhí
mo dhá shúil ar dhúnadh agam, agus mé ag iarraidh a bheith ag
cuimhneamh céard ab' fheárr a dhéanamh le mór-eagla a chur
orra. Bhí an sgian fhuilteach i láimh na mná tháinic isteach i
dtosach agus í ag iarraidh ar an mnaoi eile breith uirri.



Nuair a shíl sí sin a dhéanamh (ní raibh fhios agam-sa go
raibh sí le n-a dhéanamh mar bhí na súile dúnta agam), chuireas
cosamhlacht fhíochmhar orm féin, leigeas dhá bhúirt uathbhásach'
asam, mar leigfeadh tarbh agus an sgian ar a sgórnach, agus
thosuigheas ag cur na gcor dhíom ar nós eascon a bheadh i
ngreim glaice ag duine. Thuit an sgian ó n-a láimh. Is
beag nach ndeacha sí féin i laige. Marach an fear a bhí i
n-aondtigh léithi — a fear féin a bhí ann fuaireas amach 'na
dhiaidh sin — muna mbéadh eisean, bhí sí 'n-a cnap ar urlár
an bhotha.



Bhí ríméad orm gur sgannruigheas iad. Marach chomh breágh
péacach deagh-chumtha is bhí an chéad bhean a tháinic isteach ní
bhacfainn leó. Nach iad a bhí gan múineadh is a theacht ag


L. 39


breathnughadh ar dhuine dem' shórt-sa! Mise mo bhannaidhe
nach dtiocfaidh siad an ath-uair! Fuaireadar a ndóthain an
turas seo.



An bhean a bhí ag dul i laige, bhíodar 'ghá breith amach faoi'n
aer.



"A Mhichil! a Mhichil!" ar sise go truaighmhéalach, "'tuige
ar thug tú annseo mé?"



D'osgluigheas féin na súile go tobann nuair d'airigh mé
an glór. Nach mé d'aithnigh an bhean ar léithi an glór!



Bhíos ar tí glaodhach uirri agus innseacht dhí cé bhí aici ann
nuair a tháinic an fear beag buidhe féin isteach. Ní fhaca
tú ariamh fear ba ríméadaighe ná é. Chuala sé an dá bhúirt
úd a chuir mé dhíom an taobh eile de'n pháirc.



"Orm a bhí an t-ádh an chéad lá casadh liom thú!" ar
seisean an nighe a lamh i n-aer. "Má leigeann tú dhá sgairt
mar an dá sgairt úd trí huaire gach oidhche, bhéaraidh mé
cúig phunnt 'san tseachtmhain dhuit."



Thosuigh sé ag caint leis féin ag imtheacht dó, agus ag
rádh nach raibh uatha acht go sgannróchaidhe iad le go mbeidís
ag teacht 'n-a sluaightibh leis an bhfear buile fheiceál.



Acht níor chuireas-sa aon spéis 'n-a chaint. Ní air féin
ná ar a thaisbeántas bhíos ag cuimhneamh acht ar an mnaoi óig
tugadh amach. Ar Mháire Ní Laoigh, mo cholceathar féin,
bhíos a' cuimhneamh, agus ní gan fáth é.



Ní gan fáth é, adeirim, mar bhíos i gcleamhnas léithi uair.
Ó, a Mháire, dá mbéadh fhios agad gurab é Micheál Ó Maoláin
a bhí ós do chomhair anocht i riocht duine buile! Marach thú ní
fhágfainn an baile seo an chéad uair. Marach thú ní bhéadh
an bhail náireach seo orm indiu. Tú ba ciontsiocair leis
an uile thubaisde bhuail 'mo treó ó shoin, a Mháire, dá
mbéadh fhios agad é. Bhíos féin agus mo mhuintir ar bheagán
shaidhbhris — ní raibh ag mo mháthair agus a cúigear mac acht
an t-aon ghabháltas beag amháin, agus ar ndóigh, a Mháire,
ní bhéidhtheá sásta mé phósadh go saothróchainn roinnt i Sasana
i dtosach. Nach gcuimhnigheann tú ar an oidhche úd d'fhágas
slán agad, a Mháire — nach beag an ceapadh a bhí ag ceachtar
againn go gcasfaidhe le chéile arís sinn ar an mbealach seo?
Agus nach iomdha uair a chaitheas ag smaoineadh ort go
gcualas gur phós tú do cholcúigear Micheál Ó Ciaráin?


L. 40


Agus b'in é Micheál Ó Ciaráin a bhí i n-aonfheacht leat! Ar
aithnigh tú mé, a Mháire? An raibh smaoineadh dá laighead
agad cé bhí ann? Dá mbéadh, céard déarfá? Bhéadh truaigh
agad dhom, nach mbeadh? Do dhéanfá iarracht mé sgaradh
ó'n bhfear beag buidhe, nach ndéanfá? Acht ní truaigh atá
uaim. Ní áit chomhnuidhthe atá uaim acht a oiread. Go
deimhin, níl fhios agam i gceart céard tá uaim. Níor
thuigeas ariamh é. Nach bhfuil morán eile san gcás
chéadna? …



Tháinic an fear beag buidhe. Ní mó ná sásta bhí sé nach
rabhas ag cur na mbúirt dhíom.



Bhí an both lán go draid. Gach uile dhuine bhí ann ag
ceapadh go ndéanfainn cleas éigin a chuirfeadh sgáth ar a
chomharsain. Gleó agus torann taobh amuigh 'san bpáirc.
Gailinnleacha ag gabhail cheóil agus ag sgréachghail gach sé
uair. Sgairteacha gáiridhe ó dhream annseo. Glórtha
feargacha bagarthacha ó dhream thall.



Acht ní raibh aon áird agam ar a raibh ar siubhal. Oiread
is aon liúgh amháin eile níor leigeas asam. Ní raibh de
chosamhlacht orm acht an chosamhlacht bhíodh ar an mnaoi reamhair
agus a dóthain mhór iththe agus ólta aici. Mo cheann leigthe
siar. Mo dhá shúil leath-dhúnta. Gan cor asam acht oiread
leis an gcuaille bhí i dtalamh lem' ais. Acht má bhí
cosamhlacht an tsuaimhnis agus an tsógha orm, ní suaimhneas
ná sógh bhí 'mo chroidhe. Ó d'imthigh Máire agus a fear níor
fhan aon mhisneach agam. An bhuile agus an ghráin agus an
cuthach bhí ag gabháil dom i gcaitheamh an lae, ó shroicheas mo
bhaile dhúthchais, bhíodar sgartha liom. Acht níor fhág sin mé
gan a bheith corruighthe, agus corruighthe go mór. Corruighthe
mar bhíos an fhairrge thar éis na gaoithe móire. Ní haon
droch-chineamhain a rug orm cheapas. Mé féin agus mé féin
amháin ba ciontach le n-a dtárla dhom. 'Tuige nach raibh sé
de rath orm í phósadh, bíodh is go rabhamar ar bheagán féin?
Dá bpósfainn, ár ndóigh bhéadh lúth na ngéag agam anois,
bhéadh bean agam, agus dá mb'é toil Dé é, bheadh clann mhac
agus inghean ag éirghe suas 'mo thimcheall …



An smaoineadh deireannach seo tháinic chugam, is mór a
chuaidh sé ar mo chroidhe. Agus mar ba gnáthach liom, nuair
a thosuighinn ag déanamh machtnaimh ar na beannachtaibh nár


L. 41


seóladh 'mo threó ariamh, bhíodar le feiceál go soiléir agam,
ós comhair súl m'intinne, 'n-a bpioctúiríbh breágha daithte
agus iad ag teacht agus ag imtheacht gan faoiseamh.



Ní raibh aon áird agam ar an bhfear beag buidhe a bhí dom'
ghríosadh agus ag iarraidh orm sgréach eile a chur dhíom; ní
raibh aon áird agam ar an tormán bhí taobh amuigh 'san
bpáirc; ní raibh aon áird agam ar na Gaillimhighibh bhí teacht
'n-a dtréadaibh lem' infhiúchadh. Na pioctúirí ioldathacha seo,
agus iad-san amháin, bhí ag déanamh imnidhe dhom.



'San gcéad phioctúir, bhí teach deas teólaidhe ar imeall
coille craobhaighe; caise bheag ag dul thríd an gcoill, agus
dhá caitheamh féin le fánaidh na gcarraig a bhí ar an taobh
thiar ndeas de'n choill; an choill féin faoi bhláth; baluith
cumhartha na sgeiche báine agus an chnó chapaill agus na
gcrann giumhaise 'mo shróin; an oidhche ag tuitim; mé féin
ag déanamh an bhealaigh a-bhaile thríd an gcoill; mé trom
tuirseach traochta de bhárr oibre an lae; lampa crochta ar
bhalla an tighe taobh istigh le mo threórughadh; bean ag gabháil
anonn 's anall ar fud an tighe acht nach bhfeicfinn acht ar dhul
thar dhoras nó fuinneóig dhi.



Buailim isteach. Cluinim glórtha boga binne na bpáisdí
ag dul thar tairsigh dhom. Éirigheann siad le fáiltiughadh
romham. Pógaim Pádruig agus Brighdín agus imthigheann
leó le hinnseacht dá máthair go bhfuilim féin tagtha. Tig an
mháthair — an iongnadh ar bith é gurab í Máire chonnaiceas
agus Colm ar a gualainn aici? Acht ní'l sé an-réidh eisean
a shásughadh. Tá súil aige le roinnt ubhall. Nár gheallas dhó
ar maidin iad? …



Acht d'imthigh sin agus tháinic seo. Tháinic an aithbhliadhain.
Bhí Colm i n-an' siubhal go deas uaidh féin. Bríste beag
glúnach air. Folt dubh cas ag tuitim anuas ar a ghuailnibh
air. É dhom' leanamhaint thríd an gcoill, agus a ghlór ag
déanamh ceóil dhom …



Acht ní'l ann acht aisling bhréagach, ní'l bean ná páisde,
teach ná talamh, ná aon cheó dá sórt agam. Ní'l agam acht
na smaointe; smaointe dubróin agus náire, ag smaoineadh
dhom ar a bhfuil caithte agam dem' shaoghal: smaointe aitis
agus dóchais, ag smaoineadh dhom ar an mbail a bhéadh orm
dá — 'seadh, dá mbadh duine eile mé.


L. 42


Tá na daoine imthighthe. Tá an taisbeántas ar fad 'n-a
shuan. Tá an fear beag buidhe féin 'n-a chodladh — codladh
gan dúiseacht ort, a bhioránaigh! Ní'l le clos agam-sa, 'mo
bhothán, acht beithidheach allta éigin de bheithidhighibh an fhir bhig
bhuidhe, agus é ag gabháil anonn 's anall 'n-a phríosún.
Anonn 's anall, anonn 's anall gan faoiseamh, mar bhéadh
cuimhne aige ar ar fhág sé 'n-a dhiaidh 'n-a thalamh dhúthchais — ar
na beannachtaibh nár seóladh 'n-a threó … acht b'fhéidir
nach bhfuil air acht galar goile thar éis ar ith sé de bhiadh.



D'imthigh leath-uair. D'imthigh uair. Dhá uair. Trí huaire.
Ní raibh aon chodladh ag teacht orm, acht mé dhom' chaitheamh
féin ó thaobh go taobh. Sgathamh ag iarraidh a dhéanamh amach
an é an díleághadh nó na sean-chuimhní is measa bhí ag gabháil
de'n bheithidheach allta úd nach bhféadfadh a shuaimhneas a
ghlacadh 'n-a charcair. Sgathamh eile, ag ceapadh cé'n raic
a bhéadh ann dá sgaoilfinn saor é.



Acht 'sa deireadh b'éigin dom éirghe agus bualadh amach
faoi'n aer.



XI.



An raibh a leithéid d'oidhche ann cheana ariamh? Nach í atá
meirbh brothalach? Ní fhanfadh duine ar bith 'n-a leabaidh agus
an oidhche chomh bréagh is tá. (Na diabhail! Mara nighfidh siad
na plúid úd, beidh droch-obair ann. Mo choinsias, beidh!)
Déanfaidh braithlín agus súsa mé …



Casaim an braithlín 'mo thimcheall agus luighim ar an talamh
tirim cois sgeiche ar imeall na páirce. Ní'l aon áird agam
ar ghlórthaibh éagsamhla na mbeithidheach allta tá faoi ghlas
lem' ais. Féachaim anonn treasna an chuain ar shean-chnocaibh
clochach' na Bóirne. Táid gorm. Tá an spéar gorm.
Acht féach an difridheacht atá idir an dá ghorm úd.
Shílfeá go raibh na cnuic ag bailiughadh chuca a raibh
de dhubh i ngorm na spéire. Go raibh sé ag sileadh
anuas orra díreach is dá mbéadh sé níos truime ná an
t-aer. Agus ní'l an fhairrge ar aon dath le ceachtar díobh
cé go dtiubharthá gorm ar dhath na fairrge freisin. Tá an
difridheacht chéadna idir ghorm na fairrge agus ghorm na


L. 43


gcnoc is bhíos idir an duine nuair atá sé ciúin socair agus
nuair a bhíos cuthach air. Ní'l an fhairrge feargach fíochmhar
anocht — tá sí an-chiúin — acht go bhfuil dath feargach uirri.
Dúnaim mo dhá shúil agus déanaim iarracht ar na trí ghorm
úd .i. gorm na fairrge, gorm na gcnoc agus gorm na
spéire a mheasgadh 'n-a chéile, agus aon dath gorm amháin a
dhéanamh asta. Agus feicthear dhom nach bhfaca súil duine
ariamh aon dath a bhí chomh háluinn leis an dath sin …



Dubras liom féin ar ball go raibh dath feargach ar an
bhfairrge. Cheapas i gcomhnuidhe go raibh gaol gairid idir
an dathaidheacht agus na corruighthe thagas ar chroidhe dhuine.
Sin mar déarfá, go bhfuil an ghráin ar dhath, an gean ar dhath
eile agus an t-uathbhás as dhath eile fós. Is iomdha rún-
diamhair agus snaidhm do-sgaoilte fuasglóchar fós má
ghníthear stuidéar doimhin ar thréithribh na ndathanna.



Ag breathnughadh dhom ar an spéir agus ar an bhfairrge
agus ar shean-chnocaibh clocach' na Bóirne tháinic sé isteach
im' aigne go raibh gaol gairid ag na dathannaibh, ní hé
amháin leis na corruighthe thigeas ar chroidhe dhuine, acht leis
na fuaimeannaibh cloistear. Go bhfuil baint ag an gceól
leis an dathaidheacht. Go bhfuil dath faoi leith ag gach fuaim
dá bhféadfaidhe a fheiceál.



Acht céard tá orm go bhfuil na smaointe seo ag teacht
chugam i lár na hoidhche agus beithidhigh an fhir bhig bhuidhe ag
búirthíl ar nós na ndiabhal lem' ais? Ní'l neart agam air.
Ní fhéadfainn maireachtáil ar chor ar bith dhá mbéinn ag síor-
mhactnamh ar mo chruadh-chás féin.



Nach aisteach an rud é nár chuimhnigheas go dtí anois féin
gur 'san bpáirc seo a bhuaidheas an geall ar choisidheacht
fad ó? Agus nach agam a bhí an choisidheacht an uair sin!
Shíl m' athair bocht (ar thaobh na fírinne go raibh sé), nach
raibh aon stócach eile i gcrích Fódla a bhí i n-an' mé
shárughadh. B'fhéidir nach raibh an lá sin. Tá indiu. Acht
dá mbadh ag cuimhniughadh ar rud mar sin a bhéinn, ní baoghal
go mbéinn chomh suaimhneach sásta is bhíos i gcaitheamh na
hoidhche.



An é breacadh an lae é? Ní'l fuaim dhá laighead le clos.
Tá na beithidhigh allta féin 'n-a gcodladh. Tá gileacht le
tabhairt faoi deara i ngorm na spéire 'san Domhan Thoir.


L. 44


Tá an ghileacht úd dhá leathnughadh féin ar fud na spéire
mar bheadh braoinín beag bídeach bainne dóirtfidhe isteach
ngloine uisge. Tá an ghileacht ag iarraidh a bheith ag fagháil
treise ar an ngorm. Comhrac atá ar siubhal eatorra.
I leabaidh a chéile tá an ghileacht ag fagháil an ceann
is feárr ar an doircheacht. I leabaidh a chéile tig
atharrughadh datha ar na cnocaibh, agus ar an bhfairrge agus
ar na croinntibh atá lem' ais. 'San spéir thoir atá an
ghileacht ar fad dhá cruthughadh. Tá na réaltóga dhá múchadh.
Ní léir dhom anois acht na cinn is gile. (Nach deas fileata
na hainmneacha thugas orra i lár na hoidhche nuair nárbh' eól
dom a n-ainmneacha ealadhanta?) Tá na cinn is gile féin
ag dul i n-éag. Obair iongantach atá ar siubhal 'san spéir
thoir. An taobh spéire úd a bhí gorm ar ball beag tá sé
'n-a ghorm agus 'n-a dhearg agus 'n-a chorcra anois, acht
go bhfuil na dathanna deighlighthe ó n-a chéile. An dearg i



Céard sin? Fuiseóg, agus í i bhfolac 'sna spéarthaibh
n-íochtar. An corcra ós a chionn, acht nach féidir a rádh
go cinnte cá dtosuigheann an corcra agus cá gcríoch-
nuigheann an dearg. Ós a chionn sin atá an gorm, go bun
na spéire thiar, agus an ghileacht ag fagháil treise air gach
nóiméad.



Céard sin? Fuiseóg, agus í i bhfolac 'sna spéarthaibh.
Acht sgaoileann sí anuas chugam an sruth ceóil ba bhinne
dá gcuala cluas duine ariamh. Cé hé an t-amadán
adubhairt nach dtuigeann an ceóltóir spéireamhail sin go
bhfuil sí ag canadh ceóil ar chor ar bith? Nach bhfuil sí acht
mar bheadh sí ag glanadh a sgórnaigh i gcomhair an lae?
Preit! Bíodh aige. Ní chuirfidh mise 'n-a aghaidh. An ag
éisteacht leis an gceól atáim ar chor ar bith? Ní dóigh liom
gurab eadh. Ní ag eisteacht leis atáim, acht go bhfuil sé
ag dul thríom, go bhfuil sé ag dul trí gach ball de mo
bhallaibh ar nós uisge caithfidhe ar shiúcra. Ní bhacaim le
dathannaibh éagsamhla na spéire, agus na gcnoc, agus na
mara go n-imthigheann an fhuiseóg agus a cuid ceóil.



Le taobh fáil sgeiche atáim 'mo shuidhe, agus tá obair mhór
ar siubhal 'san bhfál freisin. Tá mion-mhíola na ngort 'n-a
ndúiseacht. Táid ag cur gothaidh oibre orra féin i gcomhair
an lae nuaidh. Nach aca atá an crónán? Crónán agus


L. 45


siosgarnach. Tagann feithide ghlas ocht gcos amach as an
bhfál, acht imthigheann sé go tobann. B'fhéidir gur chuireas
féin sgannradh air, nó b'fhéidir nár thaithnigh an drúcht leis.
Thuit rud eicínt ar chúl mo chinn. Cineál seilmide a bhí ann
agus nuair a chaitheas dhíom é shílfeá gur ag impidhe orm
gan a mharbhadh a bhí sé, agus é ar an talamh agus a bholg i
n-uachtar. Thugas cead coise dhó — má's cosa a bhí aige —
agus d'imthigh leis as amharc.



Tá siosgarnach na bhfeithideach ar siubhal fós. Tá comhrach
na ndath dhá thabhairt 'san spéir. Tá mar bhéadh gathanna
óir ag brúchtghail aníos as an talamh ag bun na spéire thoir.
Tá na gathanna ag déanamh locha óir de'n taobh sin de'n
spéir. Feictear bárr liathróide óir ag éirighe aníos as an
talamh. Ag éirghe agus ag éirghe agus ag éirghe, agus ag
óradh sliabh, cnoc agus machaire; cuan, crompán agus
oileán — agus taisbeántais an fhir bhig bhuidhe féin.



Tá Rí an Lae ar fágháil.



Tá, agus an bhean reamhar. Seo chugam í, agus cosamh-
lacht an aitis 'n-a gruaidh reamhair.



"Ó, táir ar fagháil 'sa deireadh, a chuid," an chéad fhocal
adubhairt sí liom, "nach orm a bhí an imnidhe nuair nach
bhfuaireas 'san mbotha thú?" ar sise, agus siúd 'n-a suidhe
d'aon phlap le mo thaobh í.



Cé'n mí-ádh tá uirri nach n-éisteann sí liom? Cé an fáth
nach leigeann sí dhom mo smaointe a dhéanamh? Céard tá
uirri go mbíonn sí dhom' leanamhaint ó áit go háit mar
bhéadh coileán con ann? Nach minic a thugas gach droch-ainm
a thiocfadh ar bhárr mo theangan chugam uirri? Nach minice
ná sin a cheapas í bhualadh le n-a díbirt uaim? Ní raibh
aon mhaith ann. Ní dhéanfadh sí acht gáiridhe. Agus an
gáiridhe sin! An gáiridhe sin a mharbhuigh ar fad mé! Bhíodh
a rian ar a héadan reamhar shoineannta ar feadh leath-uaire.
Dá dhonacht dá raibh mé, is beag nach dtigeadh gáiridhe orm
féin nuair d'fheicinn í siúd ag gáiridhe. Dá mbuailfinn í
ní dhéanfadh sí acht a theacht ar ais, níos lághaighe ná ariamh,
le maitheamhnas fhagháil mar ghadhar a smachtóchaidhe. Bhí sé
ag cinnt orm duth 's dath í choinneál uaim.



"Céard a thug annseo thú?" ars' mé fhéin go feargach.



Dhearc sí go grádhmhar orm.


L. 46


"Sgrios leat as seo," adeirim-se, "nó —"



Dhearc sí go grádhmhar orm arís. Bhí na deóra 'n-a súilibh
acht bhí meangadh gáiridhe ar a béal.



"Sgrios!" arsa mise go fíochmhar.



D'imthigh an meangadh gáiridhe. Tháinic na deóra i
ndáríribh, acht go raibh sí ag iarraidh a gcosg.



"A Mh-ich-ich-íl! A Mh-ich-íl!" ar sise, agus na deóir
ag tuitim anuas ar a leicnibh. Chuir sí a lámh 'n-a brollach
agus bhain amach buidéilín beag uisge beatha as, agus thairg
sí dhom é. Bhí leisg orm féin a glacadh uaithi ar ndóigh, acht
bhí cineál fuachta orm de bhárr na hoidhche … acht
chaitheas an buidéal uaim ar an talamh ar an bpointe 's a
rugas air. Bhí sé te le teas a colna. Tháinic gráin
orm.



"Gread leat," arsa mise ag breith ar mo mhaide croise,
agus 'ghá bhagairt uirri.



Níor cheap sí go rabhas i ndáríribh. Níor cheap sí go
mbuailfinn í. Acht bhuailfinn, muna mbéadh gur chaith sí a
dhá láimh lán-láidre timcheall orm. Níor fhéadas cor a chur
díom. Thosuigh sí dhom fhásgadh agus dhom phógadh — dhom'
phógadh agus dhom' fhásgadh — go raibh an t-allus ag tuitim
anuas uaithi ar mo bhaithis, agus ar mo shróin agus ar, mo
bhéal; go rabhas go faon agus go tréith-lag aici; go raibh sí
féin go faon de bhárr a saothair; go bhfaca sí an fear beag
buidhe féin le n-ár n-ais agus snaois air.



Thug sí do na bonnaibh é. Níor fhan an fear beag buidhe
acht a oiread léithi. D'imthigh leis, thiubhrainn an leabhar gur
amhrán grádha a bhí dhá chanadh aige ag imtheacht dó.



Mara bhfuil ag Dia, marbóchaidh mé an ceólán úd uair
eicínt má fhághaim an fhaill … acht an Bhean Mhór
Reamhar — bhfuil bean eile de mhnáibh an domhain nach gcuir-
feadh an bhail atá orm féin gráin uirri acht í siúd amháin?
Ar eagla go gcuirfinn féin spéis innti, caithfidh mé — uch!
ní abróchad é.


L. 47


XII.



Ní fada go raibh an fhaill agam ar an bhfear beag buidhe.



Tráthnóna an lae sin cé bhuailfeadh isteach chugam 'san
mbotha acht é. Bhí cosamhlacht air go raibh rud éigin ar
intinn aige, rud éigin a bhí ag déanamh imnidhe dhó.



"Badh mhian liom," ar seisean, "comhrádh ciúin ciallmhar
a dhéanamh leat."



"Na ceithre phunnt san tseachtmhain gealladh dhom —"



"Ní headh," ar seisean ag cur isteach orm, "acht sgéal
ba thádhbhachtaighe ná sin go mór."



"Sgaoil chugainn é, arsa mise, "agus leig dom a dhul
ar agaidh le mo chuid léightheóireacht'."



"A fhir óig," ar seisean, agus fearg 'n-a ghlór, "a fhir
óig," ar seisean, "ná bíodh an oiread de'n díthcéille ort
is go gceapfá go dtig leat do rogha rud a dhéanamh annseo
nó is duit is measa. Casadh daoine de do shórt-sa orm
cheana — casadh orm iad sul ar rugadh thusa, agus ní buidheach
díobh féin a bhíodar. Ní fada d'fhanadar agam. 'Siad a
bhí go leamh díobh féin ag imtheacht dóibh."



Chuir sé an méid sin de go beó tapaidh agus nós duine
bhéadh corruighthe go mór, acht nach raibh a fhios agam féin an i
ndáríribh a bhí sé nó an raibh sé ag leigint air féin cuthach
a bheith air, agus níor mhisde liom cé aca. Ní raibh fhios
agam, acht a oiread, céard a bhí in' intinn aige, agus ba
chuma liom. 'N-a sheasamh annsin faoi'n lampa beag dhó,
agus an solus ag tuitim anuas ar a ghruaidh bhuidhe rocaigh,
cuirfeadh sé gáiridhe ar dhuine. Bhí fonn gáiridhe orm féin
Ar chaoi ar bith. Bhainfinn greann agus sult as ó bhí a fhonn
orm. Agus bhain.



Thosuigh air arís.



"A fhir óig," ar seisean — ní bhiodh aon ainm eile aige ar
dhuine, cuma cé'n aois a bhéadh aige nuair a bhíodh fearg air.
"Ná bíodh aon cheapadh agad-sa a fhir óig," ar seisean,
"go bhfuighidh tú cead do chinn annseo, mar ní bhfuighidh tú.
Chonnaiceas-sa ar maidin thú — chonnaic go leór eile de mo
mhuintir thú …"


L. 48


"Acht nach bhfuil a fhios agad féin," arsa mise — agus bhíos
ar tí an sgéal a nochtadh 'n-a fhírinne dho nuair a chuir sé
isteach orm. Acht bhí a fhios agam céard a bhí in' intinn
aige.



"Nuair a fuair m'athair bocht bás fiche bliadhain ó shoin
(ar láimh dheis Dé go raibh a anam), nuair a fuair sé bás,
adeirim, thug sé comhairle mo leasa dhom. "Tá muinntir
Trott ar an mbóthar anois le leithchéad bliadhain," ar
seisean, "agus droch-ghníomh ná feall-bheart ná tada dá
sórt ní deárnadh 'n-a dtaisbeántas ariamh. Go raibh an
sgéal amhlaidh choidhche," ar seisean. "Beidh, a athair," arsa
mise, "beidh 'fhad 's beó mé." Go raibh an t-ádh ort, a mhic;
go gcuidighidh Dia leat, a mhic', ar seisean, agus d'éaluigh
sé ar nós an bhric. Agus ó'n lá sin anuas choinnigheas-sa
cliú mo mhuinntir' i n-áirde. Na daoine a bhí faoi mo
chúram, na mná go mór-mhór, ní 'mo mhaighistir orra a bhíos,
acht mar bhéinn in loco parentis … agus má tá
m'athair atá 'san bhflaitheas ag feachaint anuas ar a mhicín
mhúirneach anocht, d'fhéadfadh sé a chruthughadh …"



Leis an gcaoi a ndubhairt sé an chaint, le chomh corruighthe
's bhí sé, le chomh dúthrachtach 's bhí sé, b'fhacthas dom go raibh
sé i ndáríribh — gur cheap sé go raibh fúm an bhean reamhar
a mhealladh. Acht ní raibh agam acht cuid de'n sgéal.
D'imthigh na bliadhanta sul ar thuigeas i gceart é. Cheapas
i dtosach mo chuid-se de'n sgéal a nochtadh dhó, acht bhí
diabhlaidheacht éigin orm. Bhí mé ag smaoineadh ar bheart,
agus dá n-éireóchadh liom bhéadh greann ann.



"Caithfidh mé sgaradh leat, a fhir óig, ar seisean, "bíodh
is nach bhfuil de locht agam ort acht é sin amháin."



"Má's éigin dom imtheacht," arsa mise, agus is beag
nár bhris gáiridhe orm, "nach bhféadfaidh mé í bhreith liom?"



"Í bhreith leat, an eadh?" ar seisean, agus shíleas go
raibh sé ar tí mé bhualadh, "Í bhreith leat! Í bhreith leat!
Mh' anam ó'n diabhal agus gan droch-ní ar m'anam, mara
bhfuil sé ar buile i ndáríribh!"



"Ní ar buile atáim," arsa mise, go deas réidh, "acht i
gcleamhnas."



"I gcleamhnas!"


L. 49


Is beag nach ndeacha sé i laige. B'éigin dom focal
éigin a rádh nó bhéinn 'sna trithíbh gáiridhe.



"I gcleamhnas!" ar seisean an ath-uair.



"I gcleamhnas," arsa mise, "nach gcreideann tú mé?"



Dhearc sé orm. Dhearcamar ar a chéile.



"Fiafruigh dhi féin é, mara gcreideann tú mé," arsa
mise.



Chuaidh duine dá mhuinntir thar dhoras an bhotha.



"Abair le Neill a theacht annseo," ar seisean leis,
"abair léithi gur mise chuir fios uirri."



(Neill a bhíodh aca ar an mnaoi reamhair.)



Thainic an bhean reamhar agus eagla an domhain uirri. Nach
aige bhí an smacht uirri? Bhí sí i riocht a dhul i laige roimhe.



"Bíodh misneach agad," arsa mise léithi.



Thosuigh sise ag gol.



"Shíleas go raibh tú sásta leis mar chleamhnas," ars' an
fear beag buidhe léithi, "acht mara bhfuil …"



Níor chualas a thuilleadh, má dubhradh é, mar do leig sise
streancán eile aisti.



"Bhfuil tú sásta an fear seo phósadh? ar seisean.
"Abair go bhfuil nó abair nach bhfuil."



"An fear seo a phósadh?" ar sise tríd an ngol agus
iongantas uirri.



"'Sead, an fear seo a phósadh. Bhfuil tú sásta,
adeirim?"



Níor labhair sí. Cheap sí gur ag magadh fúithi bhíomar
beirt, acht níorbh' eadh. Bhí an fear beag buidhe i ndáríribh
fíre.



"Tá náire uirri romhat-sa," adeirim féin leis, "acht bhí
sí lán-tsásta mé phósadh ar maidin. Nach raibh anois?"



"Bh-bh-í-í, bhí," ar sise, ag triomughadh na súl dhi.



"Tá sé 'n-a chleamhnas," ars' an fear beag buidhe, "acht
is mian liom," ar seisean, "an uile shórt a bheith i gceart
agus i gcóir againn. Bíodh fiadhnaidhthe againn," ar seisean,
"go bhfuil an fear seo sásta an bhean seo phósadh. Bíodh
fiadhnaidhthe againn," ar seisean, "go bhfuil sise sásta
eisean a phósadh. Bíodh sé 'n-a dhubh agus 'n-a bhán againn,"


L. 50


ar seisean, "bíodh sé faoi láimh agus faoi shéala na beirte
atá i gcleamhnas," ar seisean ag tarraint paipéir mhóir as
a phóca



Leig sé fead. Táinic beirt nó triúr dá mhuintir chuige.



"Glaodhaidh ar an bhfuirinn uile go léir," ar seisean.



Glaodhadh orra. Tháinic an bhean a raibh culaith uirri mar
bhéadh ar bhainrioghain na sídhe, agus an fear a bhí ag tiomáint
an chapaill dhi; tháinic lucht coimeádtha na mbeithidheach allta
tháinic na ceóltóirí; tháinic beirt innealltóir a bhí go dubh
agus go smeartha; tháinic an t-aos grinn; tháinic a mná
agus a gclann agus bruith a ladhar orra uile. Acht leig an
fear beag buidhe air nach raibh fhios aige sin.



Léigh sé an paipéar. Go rabhas féin sásta an bhean a
phósadh — sin a raibh ann. Chuireas m'ainm leis. Chuir an
bhean reamhar a hainm leis agus í go cúthalach. Chuaidh beirt
eile i bhfiadhnaidhe air. Chuir mo dhuine 'n-a phóca go
cúramach é.



Bhí cuid de na daoine a bhí 'sa láthair ag fagháil an-chuimse
grinn as an obair. Cheapfá orm féin nach raibh aon fhear
eile i nÉirinn a bhí chomh sásta liom agus lámh na mná raimhe
i ngreim agam.



"Tá obair mhór le déanadh agaibh anois," ars' an fear
beag buidhe le n-a mhuintir, "acht anocht ar a haon déag
a chlog, nuair a bhéas na daoine imthighthe a-bhaile, nuair
bhéas saothar na hoidhche déanta agaibh, tagaidh uile go léir
annseo, tagadh gach mac máthar agus gach inghean athar
agaibh, agus mara mbeidh sgléip agus greann agus aoibhneas
ann, ní mise Alf Trott."



Bhí a mhuintir ag imtheacht.



"An-oidche bhéas againn — an-oidche amach 's amach bhéas
ann," ar seisean leó, agus cheapas féin nach raibh sé a
rádh acht an fhírinne. Togha oidche bhéas againn, má tá sé
'mo chumas togha oidche dhéanamh dhi.


L. 51


XIII.



Timcheall 's leath-uair sul ar fosgluigheadh na geataí cé
bhuailfeadh isteach chugam acht an fear beag buidhe. Bhí
cosamhlacht air go raibh sé an-tsásta leis féin, agus leis
an gcleamhnas bhí déanta aige dhom, agus leis an saoghal
go léir. Níor dhearmad sé a lámha a nighe i n-aer; níor
dhearmad sé an tsúil a chaochadh orm, agus nuair d'fheictheá
ag caochadh na súile é, agus nuair d'fheictheá an meangadh
thagadh ar a bhéal, agus an chaoi a bhíodh a shrón fhada chrotach
agus a smigín biorach ag iarraidh a bheith ag pógabh a chéile
ós cionn a bhéil, ní fhéadfá gan gáiridhe dá mbéidhtheá thaobh
le aon gháire amháin. Bhí lampa crochta as sail a bhí ós ár
gcionn, agus leis an mbealach ar thuit an solus anuas ar
a éadan buidhe agus leis an ngreann agus leis an
ngleacaidheacht bhí 'san éadan sin, déarfá nár cuireadh ar
an saoghal é acht le daoine a chur 'sna trithíbh gáiridhe. Ar
chaoi ar bith do phléasgas féin, bíodh is go raibh a fhios agam
go raibh faoi cleas a imirt orm. Phléasg seisean. Phléasg
an bheirt againn i n-aonfheacht. Do chloisfeá gach sgairt
gáiridhe uainn treasna na páirce. Bhuail sé faoi le mo
chois gan cuireadh gan iarraidh. Thosuigh sé dhom' dhingeadh
'san taobh le n-a leath-uilinn. Thugas-sa an cor céadna dhó.
Phléasgamar beirt an ath-uair, acht is beag a bhí a fhios ag
an ngleacaidhe cé'n chúis gáiridhe a bhí agam-sa.



Faoi dheóidh, tháinic a chaint chuige.



"Ríméad an domhain atá orm, a mhic ó," ar seisean, "go
bhfuil sí agad 'sa deireadh thiar."



Níor labhaireas féin. Leigeas orm go rabhas cúthalach.



"Má tá sí roinnt reamhar féin," ar seisean, "nach
amhlaidh is feárr é?"



Bhí socruighthe agam céard a dhéanfainn. Cheapas beagán
grinn a bhaint amach dhom, dá mb'fhéidir é.



"Ní bhéadh gnótha ar bith agam dhi," arsa mise, "mara
mbéadh go bhfuil sí roinnt reamhar. Na mná raimhe —"



"Á! ná mná raimhe! ná mná raimhe!" ar seisean ag cur
isteach orm, "'siad is deise, 'siad is lághaighe, 'siad is
carthannaighe, 'siad is séimhe, 'siad is ciúine ciallmhaire


L. 52


tuigseanaighe. Ár ná achrann ná uisge-faoi-thalamh ní
chuireann siad ar siubhal. Glacann siad leis an saoghal.
Bíonn siad go sona sásta grianach i gcómhnuidhe. Bíonn a
bhfuil 'n-a gcuideachtain sásta suaimhneach. Dá mbéinn-se
le pósadh, ní phósfainn aon bhean acht bean reamhar. Dheamhan
pósadh."



Thosuigh sé dom' dhingeadh 'san taobh le n-a leath-uilinn
arís, agus ag caochadh na súile orm. Uaireannta bhíodh fonn
gáiridhe orm; uaireannta eile bhíodh fonn orm an bioránach
a thachtadh, acht gur bhuaidh ag an bhfonn gáiridhe ar an bhfonn
tachttha 'sa deireadh.



"Marach gur cheapas nach raibh sí féin sásta —" arsa
mise, acht go mb'éigin dom cosg a chur orm féin ar eagla
go gceapfadh sé gur ag magadh a bhíos.



"Cheap tú nach raibh sí féin sásta!" ar seisean agus
iongnadh an tsaoghail air. "Tá sí sásta, a mhic ó. Tá sí
lán-tsásta. Ní'l aon fhear ar dhruim an domhain indiu is
gile léithi ná thú. 'Tú an buachaill fionn. 'Tú an fear
báire. 'Tú plúr na bhfear. 'Tú a togha."



"Nár laghduighidh Dia an sgéalaidhe," arsa mise.



"Á! a rógaire!" ar seisean. Chaoch sé an tsúil, acht
má chaoch, d'fhan sí dúnta. Thug sé poc eile faoi na
heasnachaibh dhom. "Á! a rógaire!" ar seisean, "thugas
faoi deara thú. Thugas faoi deara le fada an lá thú. Níor
cheapas go raibh ionnad suirigheacht a dhéanamh leath chomh
maith. Dheamhan ar cheapas é! Agus nach tú bhí i n-an' a
toghadh! (Thug sé poc eile faoi na heasnachaibh dhom.) Na
mná raimhe! Mh'anam go gcaithfead-sa a seachaint. Tá
siad contabhairteach … tá siad an-chontabhairteach!"



(Bhí fuinneóigín i n-áirde i n-ádhmaid mo bhotha-sa agus
thugas féin faoi deara go raibh duine taobh amuigh ag
féachaint isteach orainn. An bhean reamhar í féin a bhí ann:
tháinic sí le cuairt a thabhairt orm féin, agus le comhrádh a
dhéanamh liom faoi'n gcleamhnas sul a n-osglóchaidhe an
taisbeántas, acht ar fheiceál an fhir bhig bhuidhe dhi, ghread léithi
chomh tapaidh is bhí innti. Níor thug seisean faoi deara
ann í.)


L. 53


"Nuair a bhéas an pósadh déanta," arsa mise tar éis
tamaill, "caithfidh tú páidhe fheileamhnach thabhairt do mo
mhnaoi."



"Gan aimhreas. Ní bhéadh ann acht do cheart … acht
innseochad céard a dhéanfas mé …"



Stop sé agus dhearc idir an dá shúil orm. Ní féachaint
chneasta chóir thug sé orm, acht an fhéachaint thiubhradh cat
ar luchóig nuair a bhéadh eagla air go n-imtheóchadh sé uaidh
isteach i mbéal a phuill. Ní fhacas an fhéachaint úd ó shoin
nár thugas féachaint an fhir bhig bhuidhe uirri.



"Nuair a bhéas an pósadh déanta," ar seisean, "bhéaraidh
mé cúig phunnt 'san tseachtmhain dhíbh. Cúig phunnt! Cuirfidh
mé an bheirt agaibh isteach i n-aon árus amháin. Fógróchad
do'n tsaoghal faoi'n bpósadh … acht beidh ort deimhne
thabhairt dom nach n-imtheóchaidh tú uaim go ceann dhá bhliadhain
ar a laighead."



Bhí fhios agam go maith céard a bhí i n-intinn aige. Dá
bhféadfadh sé greim fhagháil orm féin, dá bhféadfadh sé
staicín uathbháis agus iongantais a dhéanamh dhíom ós comhair
an tsaoghail mhóir, bhéadh sé ceart. Níor labhras ar fhaitchíos
go nochtóchainn mo smaointe. Do labhair seisean agus do
labhair sé mar bhéadh sé ag labhairt le sluagh mór daoine a
thiocfadh leis an "bhfear buile" agus a chéile, an Bhean
Reamhar, fheiceál.



"An bhean is raimhe faoi'n domhan," ar seisean. "Seacht
gclocha ar fhichid meadhchan. An Bhean Reamhar a phós an
Fear Buile a mharbhuigh ochtar fear 'san nGearmáin le sgin!
Agus rian na fola uirri! Agus nach iad atá socair
suaimhneach i bhfochair a chéile? Á! a mhná óga, nach iongantach
é an ghrádh? Ní raibh an file mór Éireannach úd Tomás
Ó Mórdha ag dul amudha nuair adubhairt sé nach raibh aon
ní eile ar an saoghal seo chomh cumasach leis. An dóigh libh
go bhfuil, a mhná óga? Má's dóigh, fiafruighidh de na fearaibh
óga é. Acht fan … cé'n chaoi a ndubhairt an file
é? … Á! go bhfóiridh Dia orm! ní'l an chuimhne agam
mar bhíodh lá …"



Dhearc sé uaidh. Leis an gcosamhlacht a bhí air do cheapfá
go bhfaca sé rud éigin i gcéin, rud éigin iongantach nach


L. 54


bhféadfadh duine ar bith eile fheiceál. D'fhan se cúpla
nóiméad mar sin agus gan focal a rádh.



"An grádh!" ar seisean faoi dheóidh, agus do shín sé a
dhá láimh amach uaidh. "An grádh!" ar seisean agus d'éirigh
sé 'n-a sheasamh go tobann. "An grádh! nach iomdha achrann
agus clampar, nach iomdha cath agus comhrac, nach iomdha
cogadh agus ár a chuir sé ar bun ó thús an tsaoghail go dtí
an lá atá indiu ann? Agus níor maoluigheadh air fós!
An grádh! Á! nach bhfuil sé chomh buan-seasmhach leis na
cnuic, chomh glórmhar leis an ngréin? … Bhfuil aon
atharrughadh ar an ngrádh indiu thar mar bhí i n-aimsir Chloinne
calma Uisnigh? Ní'l, a cháirde cléibh! Tá a Dhéirdre féin
ag an bhFear Buile. Tá, agus badh mheasa leis í ná …
acht ná himthighidh go fóil, a mhná óga … má fhanann
sibh sgathamh eile tósóchaidh siad ag pógadh a chéile …
Á! Á! nach iongantach é an grádh?"



Gach uile uair adeireadh sé an focal "an grádh" dhúnadh
sé a dhá shúil, agus do cheapfá ar a bheál agus ar a phusaibh
gur ag ól meala a bhí sé. Dá n-éireóchadh sé an chaint
chéadna a rádh ós comhair an tsluaigh, agus é rádh ar an
mbealach céadna, ní raibh aon aimhreas orm nach mbeidís ag
bailiughadh chuige 'n-a míltibh. Acht ní thig le file dán áluinn
a chumadh uair ar bith a thogruigheann sé: bíonn féith na
filidheachta níos treise 'san bhfear bheag bhuidhe an lá seo
ná mar bhí ariamh cheana. Bhí tógbháil chroidhe air; an tógbháil
chéadna croidhe a bhíos ar fhile ag rádh a chuid filidheachta
féin dhó.



"Cúig phunnt," arsa mé féin ós íseal acht gur chuala
seisean é, agus dubhras ar bhealach é is go gceapfadh sé
gur ar an airgead a bhíos ag smaoineadh feadh an achair,
agus go rabhas lán-tsásta leis an bpáidhe.



"Cúig phunnt," ar seisean, agus ní shílfeá gur labhair
sé go fileata faoi'n ngrádh ariamh, "cúig phunnt, is mór
an t-airgead é: beidh do shaidhbhreas déanta."



"Ní bheidh tú féin gan roinnt a dhéanamh," arsa mise ag
caochadh súile air, "beidh an domhan mór ag teacht le n-ár-
bhfeiceál."



"B'fhéidir dhom an beagán a dhéanamh," ar seisean go
neamhurchóideach, "acht tá sé 'san tairngireacht go bhfuighe


L. 55


mé bás gan greim 'mo bhéal … acht tá siad ag
bailiughadh chugainn cheana féin."



Feistigheadh agus deisigheadh mé féin. Hosgluigheadh doras
an bhotha. Chuir an fear beag buidhe gothadh oibre air féin.
Sheas sé 'san doras.



"An Fear Buile! An Fear Buile le feiceál annseo!
An Fear Buile a mharbhuigh ochtar fear leis an sgein fhada
ghéir! Rian na fola uirri fós féin!" agus mar sin de
le na daoine mhealladh isteach.



Acht fuair sé faill le n-a rádh liom, sul ar tháinic duine
ar bith chugainn, nach raibh aon mhaith i gcaint le taisbeántas
a mholadh gan an chaint a bheith go fileata; gur daoine
fileata a bhí i muintir na hÉireann, nach ndeárnaidh aon
treóraidhe pobail maith dá thír ná dá mhuintir gan féith na
filidheachta a bheith ann gur casadh file leis ar maidin i
dteach ósta, agus gur shocruigh sé leis dán fada a cheannacht
uaidh ar deich bhfichid — dán fada ag moladh an chleamhnais;
go mbéadh an dán de mheabhair aige féin, nós go síleadh an
sluagh gurab é féin a bhí 'ghá chumadh 'chomhfhad 's a bhí sé 'ghá
rádh.



"Cúig phunnt," arsa mise.



"Cúig phunnt," ar seisean.



"Faoi t'ainm agus faoi do shéala," arsa mise.



"Faoi m'ainm agus faoi mo shéala," ar seisean.



XIV.



Tá sé an deich a chlog. Tá an botha lán go draid. Na
daoine atá 'san láthair táid dingthe isteach 'n-a chéile ar
nós sgadán i mbairille. Tá cuid aca chomh fada sin uaim
nach féidir leó aon amharc fhagháil orm. Tá an Fear Beag
Buidhe ann, agus é go saothrach ag iarraidh áit a dhéanamh
dhóibh, agus do na daoine atá taobh amuigh.



Nuair atá réidhteach déanta aige éirigheann sé 'n-a sheasamh
ar bhosga i lár an tsluaigh.


L. 56


"A cháirde," ar seisean, "a mhuintr na Gaillimhe," ar
seisean, "tá focal beag agam le rádh libh anocht. Chonnaic
sibh — ní dóigh liom go bhfuil aon duine annseo nach bhfaca an
Bhean Reamhar úd atá agam-sa. Ní hí mo bhean féin í, mar
is eól díbh nár phósas fós …"



"Sáthach luath agad," arsa duine.



"Fíor dhuit. Tá sé sáthach luath agam fós … acht
tá mná deasa i nGaillimh —"



Dhearc sé 'n-a thimcheall. Bhí cuid de na mnáibh a bhí ann
ag éirghe cúthalach.



"Acht faoi'n Mnaoi Reamhair seo atá agam," ar seisean
ag féachaint 'n-a thimcheall arís, agus ag rádh na bhfocal ar
nós breithimh a bheadh ag tabhairt breith bháis ar chuirptheach,
"an bhean reamhar seo atá agam-sa," ar seisean, "tá —
sí — i ngrádh."



Tháinic gáiridhe ar a raibh ann.



"Acht ní hé sin an chuid is measa de'n sgéal," arsa mo
dhuine go brónach, "acht go dtug sí gean a croidhe — agus
is mór an croidhe atá aici — do dhuine atá 'san láthair annseo
anocht."



Dhearc sé go grinn ar fhear óg a bhí 'n-a aice. Dhearc
cách air. Dhearguigh sé.



"Mh'anam, a Pheadar," ars' a chomhluadar leis, "go raibh
tusa annseo gach oidhche ó tháinic siad."



Chuala an fear beag buidhe an focal. Leig sé air go raibh
gruaim air.



"Bíodh fhios agad, a fhir óig," ar seisean ag féachaint ar
an duine a dhearguigh, "bíodh fhios agad," ar" seisean,
"go bhfuilim-se in loco par — parentis, má thuigir an Laidin.
Sin mar adéarfá go bhfuilim i n-ionad athar aici. Acht táim
sásta leis an bhfear óg — lán-tsásta. Molaim a rogha."



Cheap an duine a dhearguigh focal eicínt a radh. Theip
air.



"Tá sé féin sásta léithi freisin. Ní haon mhaith dhom
'ghá séanadh oraibh cé hé … 'se an fear úd istigh é —
an fear buile."


L. 57


Chloisfeá biorán ag tuitim. Bhí gach uile dhuine dá raibh
ann ag cur na súl thríom, agus a mbéal ar osgailt aca.
Bhí an Fear Beag Buidhe féin i n-áirde ar an mbosga, agus
gan gíog as.



Chonnaic sé duine dá mhuintir ag an doras.



"Tugtar isteach í," ar seisean.



Seóladh isteach í. Leis an tsiubhal a bhí fúithi, agus leis
an luasgán a bhí innti déarfá go mba geall le bád mór a
bhéadh ar ancoire í, agus na tonntracha 'ghá suathadh.



Tháinic iongnadh orra siúd nach bhfaca cheana í. Labhair an
Fear Beag Buidhe.



"A mhuintir na Gaillimhe," ar seisean, "a cháirde
cléibh," ar seisean, "bheirim cuireadh dhíbh uile go léir a
theacht 'un na bainse. Ní dhéanfar an pósadh go ceann míosa
acht beidh bainis bhreágh ann; beidh bainis mhíosa ann; beidh mí
na meala roimh ré aca. 'San oidhche i mbárach tosnócar ar
an ngleó, agus mara mbeidh greann agus sgléip ann, ní
mise Alf Trott … 'seadh, a chara, ní bhainfear a
thuilleadh amach — an t-airgead céadna, dá phighin an duine."



Bhí fear grinn 'sa láthair. Sgaoil sé rann uaidh i
mBéarla:-



Phléasg a raibh ann. Thosuigheadar ag magadh faoi'n bhFear
Bheag Bhuidhe agus a chuid "airgid chéadna." Bhí a dhruim
liom. Ní orm-sa ná ar an bhfeic a bhí 'n-a suidhe le mo thaobh
a bhí áird ag na daoinibh acht ar an bhFear Bhuidhe. Sgaoileas
mo leath-chos. Chuireas fúm í. Chaitheas dhíom an folt
bréagach agus na slabhraí gleóite práis. Rugas ar an
gcuaille a bhí le mo thaobh, agus rinneas maide croise dhe.
D'éirigheas de phreib.



Iongantas a tháinic orra, ar fheiceál dóibh go rabhas féin
'mo sheasamh.



"Cead cainte," arsa mise i n-árd mo ghotha, "cead
cainte, a cháirde."


L. 58


Bhí faitchíos ar chuid de na mnáibh rómham. Mar sin féin,
fuaireas cead cainte. Dá bhfeicteá an fear buidhe! Bhí
sé greamuighthe de'n talamh. Ní raibh ann cor a chur dhe.



"A cháirde chléibh," adeirim-se, "chuala sibh céard dubhradh
libh faoi mo chleamhnas-sa. Ní raibh ann acht bréag. Ní'l
an bioránach úd thall i n-an' aon cheó eile innseacht. Nuair
a chuir sé mé féin ós bhur gcomhair céard a bhí ann acht
bréag? Agus nach maith a' lear airgid a mheall sé uaibh ó
tháinic sé le n-a chuid bréag. An sgian úd a chonnaic sibh
ar ball, ní raibh uirri acht rian fola coiligh. Nach é a mheall
sibh, a mhuintir na Gaillimhe? Nach sibh na brealláin? Agus
na hiongantais eile atá aige, is beag nach bhfuilid chomh
bréagach leis an gceann a bhí annseo go dtí le ceathramha
uaire ó shoin! Nach bog a bhí an t-airgead agaibh? Acht
fágfaidh mise é féin leis an sgéal a réidhteach, ó 'sé is
feárr chuige."



Bhuaileas fúm ar an talamh, agus gliondar ar mo chroidhe.
Bhí fhios agam go ndéanfainn an mí-ádh air uair eicínt.
Níor cheapas go n-éireóchadh liom chomh geal.



Thosuigh sé 'n-a raic agus 'n-a rí-rá. Cuid aca a bhí ann
ní raibh siad ag iarraidh acht a gcuid airgid fhagháil uaidh.
Acht bhí cuid eile aca agus b'é an chuid ba líonmhaire é,
agus ní shásóchadh aon ní iad siúd acht fuil an fhir bhuidhe.
Bhí sé annsiúd 'n-a measg agus ba mhór an díol truaighe é.
Ball éadaigh níor fágadh air gan stróiceadh. Brúigheadh
agus buaileadh agus milleadh é. Agus nuair a bhíodar
tuirseach de sin, thosuigheadar orra ag iarraidh na mbothán
a tharraint ó chéile. Ní fhágfaidís luach pighne ag an
ngadaidhe gan milleadh. Dubhairt cuid aca go gcuirfidís an
áit go léir trí lasadh. Acht níor chuir.



Chuala na daoine a bhí amuigh 'san bpáirc an gleó. Chuala
muintir an fhir bhuidhe freisin é. Bhí iongantas ar an dá
dhream céard a bhí ar siubhal istigh. Shíleadar a theacht
isteach, acht ar ndóigh, ó bhí an áit istigh lán go draid, bhí
sé fánach aca. Ní dheárna acht an both a leagadh. Bhí sé
'n-a rí-rá críochnuighthe annsin. Ní raibh aon tsolus ann
agus bhíodar ag bualadh a chéile as éadan. Nuair a
thairrneóchadh fear buille, ní bheadh fhios aige an duine dá
cháirdibh ná duine de mhuintir an fhir bhig bhuidhe a bhíodh sé


L. 59


a bhualadh. Agus bhí cuid aca ann, agus ba chuma leó.
Shílfeá nach raibh uatha acht buille maide a tharraint, agus
plaosg duine eicínt a bhualadh. D'éirigh leis an bhfear
beag buidhe éalughadh ó'n gcath. Bhí cuid aca ar a thóir fós.
Nuair nár éirigh an tóir leó, cheap cuid aca go raibh an chuid
eile aca 'ghá chosaint. Annsin bhíodh sé 'n-a chomhrac idir
an dá dhream sin. Faoi dheóidh ní aon chath mór amháin a
bhí ann idir na daoine a chaill a gcuid agus muintir an Fhir
Bhig Bhuidhe, acht mar bheadh céad comhrach éinfhir ar fud na
páirce.



D'fhanas féin amach ó'n ár. Cheapas go bhféadfainn an
Fear Buidhe fhagháil agus a áit foluighthe a nochtadh dhóibh.



Glanadh an pháirc 'sa deire. Thuig na daoine nach raibh
muintir an Fhir Bhuidhe 'n-a measg ar chor ar bith. Chuaidh gach
rud chun suaimhnis.



Bhíos féin ag tabhairt turais na páirce, nuair a tháinic
cuid de mhuintir an fhir bhuidhe chugam go deifreach. Bhí an
fear macánta sin leath-mharbh ó'n bhfuil a chaill sé 'san
gcomhrach. Ní raibh aon ghnó aige dhíom feasta. Bhí sé
sásta mo chuid airgid a chur chugam dá n-imtheóchainn láithreach
bonn. Nárbh' fheárr dhom imtheacht ar thraen an dódhéag?



Bhíos sásta sin a dhéanamh. Ní raibh agam acht ceathramha
uaire le breith ar an traen acht rugas uirri. Ag dearcadh
amach thríd an bhfuinnéoig dhom, agus an traen ag fágáil
an phuirt, chonnaiceas bean mhór reamhar cois balla faoi
lampa, agus í ag tabhairt na súl.



Má théidhir go Gaillimh go deó, cuir tuairisg an taisbeán-
tais, agus beidh greann agad. D'fhág an Fear Beag Bhuidhe
an baile mór, tráth éigin de'n oidhche, agus ní dócha gurab
é a bheannacht d'fhág sé 'n-a dhiaidh.



XV.



Lonndain arís! An chathair mhór uathbhásach úd atá ag
síor-shíneadh na ngéag leis na daoine atá i bhfoisgeacht na
gcéadta míle dhi a tharraint chuici dhá mbuidheachas, agus le
n-a ndéanamh 'n-a cosamhlacht féin, le n-a slugadh, le n-a
n-alpadh, le n-a n-athchumadh …


L. 60


Agus bhíos-sa ag déanamh ar an áit úd chomh tapaidh is bhí
'san ngailinneall mé thabhairt ann. Nach n-éireóchadh liom?
Nach raibh páidhe ráithe le fagháil agam ó'n bhfear bheag
bhuidhe? Nach rabhas cleachtach ar obair de'n tsaghas a
dhéanamh arís? Bhí an misneach mór agam, acht mar sin féin,
b'fhacthas dom agus mé 'mo shuidhe 'san traen úd, nach ag
déanamh mo leasa a bhíos. B'fhacthas dom nach raibh i ndán
dom acht an droch-shaoghal, agus an droch-chríoch, bíodh is go
raibh m'intinn agus mo mheabhair agus mo thuigsint ag cur
i n-iúl dom gur deágh-chríoch bheádh ar mo thuras, m'intinn
agus mo mheabhair agus mo thuigsint ag rádh liom a dhul
ann, agus mo cheart a bhaint amach; ag innseacht dom go
n-éireóchadh liom 'san deireadh; tréith eile dhíom bhí níos
treise agus níos cumhachtaighe ná an intinn, níos beódha ná
an tuigsint ag déanamh tuair agus tairngireacht' dhom nach
raibh mé acht ag dul i mbealach mo bhasgtha. Dá bhféadfainn
filleadh 'chomhfhad 's a bhí an comhrac seo ar siubhal, is
cinnte go bhfillfinn, acht bhí an traen 'san bport sul a raibh
sé thart.



Tá an cath mór tugtha. Tá buaidhte ag an intinn agus
ag an tuigsint ar an tréith neamh-aithnighthe do-thuigthe úd bhí
ag iarraidh orm filleadh. Táim i lár na cathrach cheana féin.
Tá an tuigsint ag labhairt arís: Nach bhfuil eólas céirde
agam anois, rud nach raibh agam nuair a casadh an fear
beag buidhe liom i dtosach? Duine ar bith d'fhéachfadh orm
nach mbéadh fhios aige cé'n saidhbhreas mór a bhí 'mo leithéid,
dá mbadh rud é go raibh eólas dá laighead aige ar shaoghal
lucht taisbeántais. Ar ndóigh ní raibh orm acht a dhul chuig
taisbeántas ar bith, an folt bréagach a chur ar mo cheann,
na slabhraí práis a chur faoi mo chom agus faoi mo mhuinéal,
mo ghruadh a dhathughadh, sgréach an fhir bhig bhuidhe a leigint
agus bhéadh posta agam ar áit na mbonn! Nach raibh na
slabhraí práis, agus an folt bréagach agus na dathanna féin
'san mbosga agam? Bhí saoghal mór rómham: Cáil mhór
agus roinnt de'n tsaidhbhreas — an oiread is chothóchadh mé
i nÉirinn nuair a thiocfadh an tsean-aois orm. Filleadh
a-bhaile chuig mo mhuintir mar cheapas agus mé 'san traen?
Ní raibh ann acht díthcéille. Nach raibh roinnt bheag airgid


L. 61


agam? Nach raibh suas le dá sgór punnt le fagháil agam
ó'n bhfear beag buidhe? Nach raibh áit le fagháil agam i
dtaisbeántas ar bith, dá dtogróchainn a dhul ann? Agus
céard d'fhéadfainn a dhéanamh 'san mbaile, áit nach mbéadh
fáilte rómham b'fhéidir?



Acht b'fhéidir nach gcuirfeadh an diabhal buidhe úd mo chuid
airgid chugam go luath? B'fhéidir gur chaitheas an iomarca
ar an turas? Isteach liom i n-áit chúlráideach agus
chomhaireas a raibh agam 'san sparán. Ní mó ná sásta leis
a bhíos. Acht bhí an oiread ann is chothóchadh mé go ceann
dhá mhí ar a laighead. Acht má's rud é nach gcuirfidh an
sumachán buidhe úd mo chuid chugam roimhe sin, céard a
dhéanfas mé?



Ní raibh an cheist úd réidhtighthe agam go dtáinic boladh
trom feóla a bhí 'ghá gríosadh chugam i leith treasna na
sráide ar an ngaoith. Bhí ocras orm. Ní mórán d'itheas ó
d'fhágas Gaillimh. Bhí béile mhaith uaim gan aimhreas.
Bhuaileas anonn agus isteach liom i dteach ithe, agus leagas
ar an mbiadh a cuireadh rómham go fonnmhar agus go
dícheallach.



Ni raibh an biadh ithte agam baileach, go dtugas faoi deara
go raibh beirt fhear 'n-a suidhe ag bórd i bhfogus dom,
agus iad ag cur díobh go breágh. Fear mór a bhí i nduine
aca, fear mór géagach cnámhach; fear beag lom a bhí 'san
duine eile agus gan mórán le rádh aige acht gurab é bhí ag
baint na cainte go léir amach, shílfeá. Anois agus arís
do chaochadh sé súil ar an bhfear mór, agus nuair a chaochadh
thosóchadh seisean ag sgaoileadh na cainte uaidh 'n-a chaise.
Bhíodar beirt ró-fhada uaim le aon fhocal de'n chomhrádh a
chlos; acht b'fhacthas dom ar bhealach éigin gur casadh an
fear cnámhach úd liom cheana. B'fhacthas dom gur aithnigheas
ar a mhodh labhartha é, bíodh is nach raibh fhios agam céard a
bhí sé a rádh. 'Sa deireadh dhearc sé 'mo threó. Bhuail sé
a dhá bhois i n-aghaidh a chéile. Tháinic meangadh gáiridhe ar
a bhéal. D'éirigh sé.



"Tusa tá ann," ar seisean, ag teacht i leith chugam.



D'aithnigheas ar an bpointe é nuair a labhair sé liom.
Cé bhéadh ann acht an fear mór úd a thug an chathaoir bheag
dhom an lá fad ó agus mé 'san teach lóistín. Rugas


L. 62


greim láimhe air. Thóg sé mo chroidhe duine chomh fial agus
chomh croidheamhail leis fheiceál. Deágh-chomhartha bhí ann gur
casadh a léithéid liom an chéad lá 'san gcathair dhom thar
éis filleadh.



Sheas sé ós mo chomhair amach. Chuir sé fáilte rómham.
Cá raibh mé? Céard a bhíos a dhéanamh? Ar éirigh liom?
Chuir sé céad ceist orm i ndiaidh a chéile sul a raibh uain
agam aon cheann aca a fhreagairt. Sgaoil sé an chaint
uaidh go millteach tapaidh, agus leis an oiread droch-fhocal
agus mionn a bhí 'san gcaint aige, do cheapadh duine a
bhéadh ag éisteacht leis, go raibh cuthach feirge air agus gur
ag achrann liom-sa a bhí sé. Acht níor bh'eadh. Níor bhain
sé an chiall ghnáthach as na droch-fhoclaibh. Ní raibh an bhrígh
choitcheannta 'n-a chuid mionn. Ní rabhadar ag teastáil ó'n
gcaint acht ar an nós céadna is bhíos gréas ag teastáil ó
bhaill éadaigh na mban, le slacht a chur orra. Cuide de na
droch-fhoclaibh sgaoil sé uaidh, níor chuir sé isteach 'san
gcaint iad acht le snas a chur uirri, ar an mbealach céadna
is chuireas file buadh-fhocal mór-fhuaimneach isteach 'n-a dhán
leis an rannaidheacht a dhéanamh ceart. An fear bocht níor
tugadh aon oileamhaint dó; agus munar hinnsigheadh aon
tslighe eile dhó le n-a dheágh-chroidhe mhór a nochtadh, cé'n
milleán dhó a shlighe féin a cheapadh?



Ní rabhas thar deich nóiméid 'n-a chuideachtain go raibh fios
fátha mo sgéil aige go beacht agus go hiomlán.



"Téanam," ar seisean, "agus cuirfidh mise ar bhealach
do leasa thú: is fada mé ag feitheamh le faill fhagháil ar an
mbioránach buidhe bradach sin."



"Bhfuil aithne agad air?" adeirim-se.



"D'fhéadfá a rádh go bhfuil. Tá sean-aithne agam air, a
mhic ó. Acht cér casadh leat-sa é?"



D'innis mé sin dó.



"Agus tá páidhe ráithe agat air?"



"Tá."



"Ar thairg sé aon phighin duit ag imtheacht duit?"



"Níor thairg. Dubhairt sé go gcuirfeadh sé chugam é."



"Agus tá fiadhnaidhthe agad, ar ndóigh?"



"Tá."


L. 63


"Caithfidh sé a chur chugad. Seo, beir ar do hata, agus
téanam liom-sa."



Thug sé go hoifig dligheadóra mé. Mhínigh sé mo sgéal
dhó. D'éist an fear dlighe leis go foighdeach. Bhí togha aithne
aige air, mar is iomdha duine a bhí ag éileamh a chirt thug sé
chuige cheana.



Chuir an fear dlighe cúpla ceist orm. Bhí ainm an Fhir Bhig
Bhuidhe 'n-a leabhar aige cheana. Ní raibh ann acht cneamhaire
de réir mo dhuine. Acht chuirfeadh seisean eagla air.
Chuirfeadh sé ar creathadh é. Chuirfeadh an sparán mór a bhí
aige i laighead. Bhain sé airgead as cheana, agus bhainfeadh
arís, má bhí dlighe ar bith ann.



An méid adubhras leis bhí sé sgríobhtha síos aige, agus
thosuigh sé 'ghá léigheadh.



"Bhfuil sé ceart agam?" ar seisean, nuair a bhí sé
léighthe aige.



"Ní'l tada ann faoi'n gcleamhnas," arsa mise.



"Cé'n cleamhnas? Níor hinnseadh tada dhom faoi
chleamhnas."



"Cheapas nach raibh aon ghábhadh leis. Ní raibh ann acht
cleas d'imrigheas air," agus b'éigin dom mo shean-sgairt a
leigint nuair a chuimhnigheas ar an mbaileabhar rinneas ar an
bhfear bheag bhuidhe. Acht ní raibh an fear dlighe sásta gur
innsigheas an sgéal dhó. Bhí an fear mór cnámhach 'sna
trithíbh acht meangadh féin níor tháinic ar bhéal an dligheadóra.



"Agus chuir tú t'ainm leis — nár chuir?" ar seisean.



"Chuir."



"Agus a ndeachaidh aon duine i bhfiadhnaidhe air?"



"Chuaidh beirt."



"Táim ag ceapadh go bhfuil tú i dteannta aige. Mara
bhfuil tú sásta an bhean óg a phósadh …"



"Ní bean óg í," arsa mé féin ag cur isteach air go
taodach.



"Cuma sin … acht déanfad-sa mo dhícheall duit.
Ná bíodh faithchíos ar bith ort nach ndéanfaidh."



"Is mór an fear magaidh thú," ars' an fear mór liom-sa;
"ar ndóigh, ní raibh cleamhnas ar bith ann?"



Thosuigheas féin ag gáiridhe. Do cheap an bheirt eile gur
ag déanamh grinn a bhí an bacach.


L. 64


"Ná bíodh aimhreas ar bith ort nach bhfuighidh tú do chuid,"
ars' an dligheadóir, agus thosuigh sé ag sgríobhadh.



D'fhágamar slán agus beannacht aige, agus d'imthigh linn.



XVI.



An sean-lóisdín fuair muintir an ospuidéil dhom atá
agam arís. 'San sean-tseómra atáim, agus an phioctúir
bheag úd 'n-a raibh an triúr fear óg ag ól go suaimhneach
dhóibh féin, níor baineadh anuas de'n bhalla fós é. Ag
dearcadh dhom ar an triúr fear óg úd (agus leis an gcaoi
a bhfuil an ghrian ag deallramh orra, shílfeá go raibh an-bháidh
aici dhóibh), táim ag iarraidh a dhéanamh amach cé'n fáth go
bhfuil an fháilte mhór ag muintir an tighe seo rómham. Ní
rabhas lághach croidheamhail. Is fánach labhrainn leó. A dhul
amach ar maidin agus a theacht isteach tráthnóna, agus
beannughadh dhóibh uair ar bith casfaidhe liom iad, sin a raibh
de bhaint agam leó ariamh. Acht bhí an t-airgead agam.
Bhíos i n-an' mo bhealach a íoc. Ní raibh pighin aca orm.
Roimh an méid airgid a ceapadh a bheith agam bhí an fháilte
aca, agus ní rómham féin.



Nach aca bhéadh an fháilte rómham nuair d'innseóchainn dóibh
go raibh mo chuid airgid caithte? Sgiúrtóg féin ní raibh
agam anois. Bhí bean an tighe ag súil le roinnt uaim
cheana féin. Níor iarr sí aon phighin orm fós, le n-a béal
ar chaoi ar bith. B'fhéidir gurab amhlaidh bhí sí ag ceapadh go
raibh an t-airgead agam agus nach rabhas sásta a thabhairt
dhi, nach duine cneasda bhí ionnam ar chor ar bith. Níor
ceapadh ariamh gur duine uasal bhí ionnam go dtainiceas
'un an tighe seo an chéad uair. Bhí flúirseacht airgid agam
ann go dtí anois féin agus gan smeach oibre le déanamh
agam, agus mar sin de, ní iongnadh ar bith é gur cheap an
bhean seo gur duine mór a bhí ionnam.



Ní meas mór bhí agam uirri, acht mar sin féin, ghoill sé
go trom orm í a bheith ar a mhalairt de bharamhail. Ba mhian
liom an droch-lá úd a chur ar cáirde.


L. 65


Acht do chaithfinn airgead fhagháil le sin a dhéanamh. Cá
raibh sé le fhagháil? Le mí anuas níor leigeas lá thart gan
cuairt a thabhairt ar an bhfear dlighe. Ní bhíodh acht an sgéal
céadna aige i gcomhnuidhe dhom, an sean-droch-sgéal nach
raibh tásg ná tuairisg le fagháil ar an mbitheamhnach buidhe
ná ar a thaisbeántas. Ní raibh fhios aige cé'n áird de
cheithre áirdibh na cruinne a raibh sé acht go raibh sé cinnte
dearbhtha go bhfuair sé an chéad litir seóladh chuige. Ní
raibh aon mhaith dhom cuairt eile thabhairt air fós. Bhí sé ag
éirghe tuirseach dhíom. Bhí bean an tighe ag éirghe tuirseach
dhíom. Ní raibh a fhios agam cé'n lá cuirfidhe as an teach
mé. Ní bhéadh aon mheas ag ceachtar díobh orm go mbéadh
mo phóca lán arís. Ní hionann cláiríneach saidhbhir agus
cláiríneach daidhbhir ar chor ar bith.



Buaileadh doras an tseómra. Bean an tighe bhí ann go
cinnte, agus í ag iarraidh a cuid airgid. Leigeas orm go
rabhas 'mo chodladh ag ceapadh go n-imtheóchadh sí. Ní raibh
baoghal uirri imtheacht. Bhuail sí an doras an ath-uair.



Bhíodh an chos adhmuid ar chathaoir lem' ais agus mé 'san
leabaidh, acht thagadh olc orm dá bhfeicfeadh duine ann í.
Sháitheas isteach faoi'n leabaidh í.



"Tar isteach," adeirim-se leis an duine bhí ag an doras.



Chuir bean an tighe a ceann isteach.



"Tá fear ag an doras agus deir sé go bhfuil gnótha
aige dhíot: ní imtheóchaidh sé go bhfeicfidh sé thú, deir sé."



"Cé'n sórt duine é?" arsa mise ag ceapadh gurab é,
an bitheamhnach beag buidhe féin a bhéadh ann: dá mb'é —



"Fear mór-chnámhach droch-labhartha," ar sise.



"Sgaoil isteach é," adeirim-se.



Cé bhéadh ann ár ndóigh acht é féin, an fear mór thug an
chathaoir dhom an oidhche fad ó. Shuidh sé le cois na leapthan.



"Tá dhá litir agam dhuit," ar seisean, "an fear dlighe
thug dhom iad. Bhí fhios agam-sa go gcuirfidhe sgannradh ar
an gcneámhaire buidhe úd; bhí fhios agam-sa go gcuirfidhe
iallach air sgaradh leis an airgid. Ní raibh aon dul amudha
orm-sa nuair a thugas chuig an dligheadóir úd thú. Tá
seisean i n-an' —"



"Tabhair dhom na litreacha," arsa mise ag cur isteach
air.


L. 66


Bhain sé dhá litir as a phóca. Leag sé ar an leabaidh
iad.



Bhí an t-airgead agam 'sa deireadh. D'fhéadfainn mo
bhealach a íoc. Ní bhéadh orm a dhul ar lorg na déirce. Ni
bhéad orm aon droch-chleas a dhéanamh. Chaitheas achar maith
ag dearcadh ar na litreachaibh agus ag cur seo agus siúd
trím' aigne. Páidhe ráithe! Suas le dhá sgór punnt! Bhíos
saidhbhir. bhéarfadh lá bocht go deó arís orm.



"Osgail iad," ars' an fear mór.



Rugas ar cheann díbh, agus d'osgluigheas í. Níor thuit aon
airgead aisti.



"Ní hé an fear buidhe chuir an ceann seo chugam, arsa
mise.



"D'eile?"



Dhearcas arís ar an litir. Ainm na mná móire raimhe a
bhí léithi! Is beag nár imthigh an t-anam asam.



"Tá ceann eile agat," ars' an fear mór. Shín sé an
litir eile chugam. D'osgluigheas í. Ní raibh aon airgead
innti. Níor fhéadas a léigheadh. Ní fhacas ós comhair mo
shúl acht rudaí beaga miona dubha.



Bhí an chéad litir d'osgluigheas ag an bhfear mór agus é
'ghá léigheadh ós árd. Gach uile sgairt gáiridhe chuireadh sé
dhe, chluinfeá treasna na sráide é.



"Mh'anam nár cheapas ariamh go mba duine de'n tsórt
sin thú. Diabhal ceapadh. Nach aici atá an tóir ort? Nach
í tá geanamhail grádhmhar? Agus mé a' ceapadh feadh an
achair nach raibh suim ar bith agat 'sna mná! Acht eist leis
seo! Éist leis!" agus thosuigh mo dhuine ag léigheadh:



"A dhearbhrathairín ionmhuin, a mhic mo chroidhe istigh,
seachain thú féin. Tá sé ar do thí. Tá an fear beag ar do
thí. Ní bheidh sé sásta go deó, ní bheidh codladh na hoidhche
go deó aige go mbeidh t'anam aige. Do mhionnuigh sé agus
do mhóidigh sé go bhfuigheadh duine de'n bheirt — thusa nó
eisean — bás gan mórán achair. Chuaidh sé ar a dhá ghlúin ar
an mbóthar mór i lár na hoidhche ós comhair a bhfuil 'san
taisbeántas, an Bíobla n-a ghlaic aige, a cheann nochtuighthe,
an ghealach ag deallramh anuas air — ó, dá bhfeicteá é.
chuirfeadh sé uamhan ar do chroidhe. Ó, dá n-éireóchadh aon
anachain duit, is chomh geanamhail is bhíomar le chéile …"


L. 67


Dá dhonacht dá raibh an sgéal agam, níor fhéadas gan
gáiridhe. Leig an fear mór a shean-bhéic.



"Léigh amach é," adeirim-se.



Thosuigh air arís:



"… Acht ní raibh aon cáll duit an taisbeántas
breágh a bhí ar an mbóthar le — ní mé cé'n fhaid — a mhilleadh.
Agus tá sin déanta agat. Chuaidh an droch-cháil rómhainn —
breagáin ar fad a bhí 'san taisbeántas, dubradh. Sgríobhadh
litreacha chuig na páipéir — agus, a' gcreidfeá é? Dubhradh
i gceann díobh nach raibh ionnam féin acht bréagán, nach rabhas
i ngar a bheith chomh trom ná chomh reamhar is dubhradh!
Cheapas féin i dtosach gur tusa a bhí ag sgríobhadh na
litreacha, acht, ar léigheadh an chinn sin dom, bhí fhios agam
go rabhas ag dul amudha, mar ní innseóchthá bréag, agus ní
raibh aon fhear ann a mba fhearr a bhí fhios cé'n meadhchan mór
a bhí ionnam ná thú. Acht táim ag cailleadh feóla i n-aghaidh
an lae gan thú. Sgealtar éin ní fágfar orm mara dtagaidh
tú chugam, nó mara gcuiridh tú fios orm …"



Dhearc an fear mór orm. Bhí greann 'n-a dhá shúil, acht
ní raibh aon fhonn grinn orm-sa. Bhí olc orm é bheith ag
magadh fúm. Sgiobas an litir uaidh.



"Tá an-tóir amach 's amach aici ort," ar seisean, "ní
bhéidhtheá acht ag déanamh do leasa, dá bpóstá í."



"Mh'anam ó'n diabhal, mara n-éistfidh tú …"



"Cailín lághach geanamhail agus í ag cailleadh na sláinte
mar gheall ort: í ag fagháil bháis le cumha agus le briseadh
croidhe!" ar seisean. ""Sgealtar féin ní fágfar orm
mara gcuiridh tú fios orm"," ar seisean.



Bhagair mé an maide croise air. Ní dheárna sé acht
gáiridhe. Níor cheap sé go rabhas i ndáríribh, acht theann sé
amach uaim.



"Bean óg dhathamhail — is dócha go bhfuil sí dathamhail, a
cha — bean óg dhathamhail sgiamhach ag dul i gcontabhairt a
báis le méid a grádha dhó, agus ní chuireann sé fios uirri!
Ní chuireann sé sgéala chuici go bhfuil sé slán, go bhfuil sé
ar a aire! Mo náire thú! Mo náire shaoghalta thú! Agus
tú i gcleamhnas léithi freisin! Nach mé bhí dall nuair
d'innis tú dhúinn i n-oifig an dligheadóra go raibh tú i


L. 68


gcleamhnas! 'Thoradh dhíoth! 'Thoradh dhíot! Badh chóir dhuit
a pósadh!"



Nuair a bhí an méid sin cainte déanta ag an bhfear mhór,
leig sé siar 'san gcathaoir é féin, agus chuaidh 'sna falrachaibh
gáiridhe. Bhí an litir eile 'mo láimh agam-sa agus mé 'ghá
léigheadh. Ó dhligheadóir an fhir bhig bhuidhe ab' eadh í, agus
é ag bagairt dlighe orm mar gheall ar an ngeallamhaint
phósta thugas do'n mhnaoi reamhair, agus mar gheall ar na
litreachaibh bréagacha chuireas chuig na paipéir ag masladh
an fhir bhig bhuidhe agus ag cáineadh a thaisbeántais. Ní raibh
mo chuid le fagháil agam go socróchaidhe an dá cheist. Dá
luaithe shocróchaidhe iad b'amhlaidh ab' fheárr dhomh-sa. Bhéadh
an fear buidhe féin sásta leis an méid airgid a bhí le theacht
chugam mar pháidhe, acht go mbéadh orm sgéal na mná raimhe
a shocrughadh ar a mhalairt de chaoi.



Thug an fear mór an dá litir leis chuig an dligheadóir le
go mbainfeadh seisean ceart amach dhom. Bhéadh ar an bhfear
buidhe a chúnntas féin a shocrughadh cuma céard do dhéanfaidhe
faoi cheist na mná.



"Bíodh misneach agad; gheobhaidh tú do chuid fós," ars'
an fear mór ag imtheacht dó, acht ní raibh fhios ag an duine
bocht nach bhféadfainn fuireacht leis, nach raibh pighin ruadh
'san saoghal agam, go raibh ocras orm cheana féin. Tháinic
droch-mhisneach orm nuair d'imthigh sé uaim. Tháinic brón ar
mo chroidhe. Nach orm a bhí an mí-ádh gur fhill mé? Dá
mbéinn 'san mbaile arís, nach mé d'fhanfadh ann? Dá
mbéadh droichead idir an dá oileán, nach mé a shiubhalfadh é,
bíodh is go rabhas ar leath-chois!



Chuaidh bacach thart taobh amuigh. Is maith a d'aithnigheas
an torann a rinne na maidí ar leacrachaibh na sráide. Ag
iarraidh déirce, nó ag díol earraidhe beaga bhí sé, is dócha.
Is beag nach ndeachas chuig an bhfuinneóig go bhfeicfinn é — go
bhfeicfinn cé'n bhail a bhéadh orm féin gan mórán achair.
Acht níor chorruigheas as an leabaidh. An chos adhmuid níor
chuireas fúm an lá sin ná go raibh an mhaidin ann acht ag
déanamh mo smaointe, agus ní smaointe áthais a bhí ionnta
acht smaointe searbha duaibhseacha a ghoill ar mo chroidhe agus
a chéas mé, smaointe géara goirte chuireas i dtuigsint do'n
duine cé'n ghannchuid atá 'san saoghal, a chuireas i n-iúl


L. 69


dó cé'n neamhchomhthromacht atá ann, smaointe beódha borba
teó a ghearras an croidhe ann, agus nach leigeann dó
féachaint ar an saoghal arís ar an mbealach céadna is d'fhéach
cheana.



Bhí ocras orm, agus ní ocras colna amháin a bhí orm an
oidhche úd, acht ocras croidhe agus intinne agus anma.



XVII.



Níor fhágas an teach go ceann dhá lá agus is beag d'itheas
i gcaitheamh an dá lá úd. An tríomhadh lá d'éirigheas agus
bhuaileas amach. Bhí ceapaithe agam gan filleadh go mbéadh
an oiread agam is d'íocfadh bean a' tighe, bíodh sé luath
ná mall.



Shíleas i dtosach go dtiubhrainn aghaidh ar oifig an
dligheadóra ag ceapadh go mbéadh litir aige lem' aghaidh,
acht ar dhearcadh ar chlog dhom, chonnaiceas nach raibh sé
mórán thar an naoi: ní bhéadh an oifig fosgailte. Bhí páirc
mhór i ngar dhom, agus bhuaileas isteach ann le cúpla uair a
chaitheamh.



Samhradh beag na Féile Michíl a bhí ann, acht bhí an ghrian
chomh lonnrach soillseach is bhí i dtosach Lughnasa. Ní mórán
daoine a bhí le feiceál thart chomh luath seo, acht i n-aon
chúinne amháin de'n pháirc. Bhí an chúinne sin lán. Is ar
éigin a gheobhthá leithead do dhá bhonn innti. Bhí an áit dubh
leó, agus iad uile 'n-a luighe ar an talamh. Lucht fáin agus
seachráin bhí ionnta go léir. Bhí cuid aca ann, agus b'é an
chuid ba líonmhaire é, a bhí ar a mbéal fútha ar an talamh.
Cuid eile ar shlatrachaibh a ndroma, agus aghaidh tugtha aca
ar spéarthaibh neimhe. Cuid aca 'n-a gcodladh. Cuid eile
'n-a ndúiseacht. Fear annseo ag tabhairt na mionn a
sgoiltfeadh carraigreacha na Bóirne. Fear thall ag síneadh
na ngéag, agus 'ghá thochas féin; agus shílfeá air go mba
mhór agus go mba mhillteach an obair air é.



Na sean-chiolcaisí a bhí orra, má leigeann siad gaoth
fhuar reóidhte an gheimhridh isteach, ar ndóigh leigeann siad
teas breágh na gréine soillsighe isteach freisin ar an nós
céadna. "Mara bhfuil agad móin, déan do ghoradh le
gréin," ceapann siad uile go léir.


L. 70


Níor chuir an chúinne seo de'n pháirc aon ní i gcuimhne
dhom acht fathach mór fuathmhar a mbeadh galar gránna brocach
air — galar millteach a bhí ag lobhadh a chuid feóla, agus 'ghá
ithe go cnámh, agus a bhí le feiceál 'n-a spotaíbh móra dubha
ag teacht amach thríd an gcraiceann. Agus leis an bpéin
a bhí air ó'n ngalar bhí dath glas ar a chraiceann, shíleas;
agus bhí lúbarnghail 'n-a chuid feóla a bhain crathadh as na
spotaíbh dubha úd anois agus arís.



Rinneas féin mo ghoradh le gréin freisin ar bhrollach an
fhathaigh fhuathmhair ghalraigh úd.



Ní'l aon áird agam ar na spotaíbh dubha atá ar a
chraiceann. Táim ar lár mo dhroma. Tá croinnte móra ar
gach taobh dhíom. Tá an ghaoth ag crónán 'n-a mbárr. Tá
an duilleabhar go meidhreach agus go fuaimneach, acht nach
bhfuil an ceól céadna dhá spreagadh aca is bhí i dtús an
tsamhraidh. Táid meidhreach ar bhealach faoi leith i séasúr
seo an éaga. Gach smathamh a bhuaileas na billeóga
feósaidhe, déanann siad torann aisteach mar bheadh glugar
an bháis ann. Acht tá meidhir agus aiteas ar na cinn eile
go bhfuilid i n-an' seasamh amach chomh maith sin i n-aghaidh
an bháis atá i ndán dóibh. Tuiteann ceann de na billeógaibh
feósaidhe seo ar mo bhaithis. Leigim di fanacht 'san áit ar
thuit sí. Tuiteann ceann eile ar mo bhéal. Táid ag tuitim
go tiugh 'mo thimcheall. Ní'l ins na fearaibh fáin atá ag
breacadh na páirce annseo acht billeóga móra feósaidhe a
thuit ó chrann eicínt, dar liom …



Tá sop féir le mo chluais. Nuair a thagann an ghaoth air,
buailtear faoi mo chluais é, agus leigim orm féin go bhfuil
an sop féir ag síor-iarraidh orm féachaint air gur rud beó
é. Acht ní fhéachaim. Cuireann an sop féir úd fearg orm.
Sínim amach mo lámh le n-a bhaint. Feicim feithide buidhe
fad-chosach leath-marbh 'n-a bhárr. Nuair a chorruighim an sop,
tuiteann sé agus cuireann sé na cosa i n-áirde uaidh le é
féin a chosaint. Tugaim faoi deara go bhfuil an-chuimse
aca ann, de'n chineál chéadna agus go bhfuil an chosamhlacht
leath-mharbh orra uile go léir. Táid ag dul chun suain go
ceann an gheimhridh. Dá bhféadfainn-se an cleas céadna a
dhéanamh! Bainim an sop. Cuirim in mo bhéal é. Coiglim
é ar nós bó. Ní leigim orm gur ocras atá orm …


L. 71


Ocras! Céard a bhéarfadh go mbéadh ocras orm! Nár
itheas mo shean-bhéile indé! Agus nach raibh an t-airgead
ag fanacht liom i n-oifig an dligheadóra, b'fhéidir. Ní
choinneóchadh an fear buidhe an t-airgead uaim. Ní raibh
'san litir úd do sgríobh sé acht magadh. Nárbh' é mo chuid
féin é? Acht fágfad i n-oifig an dligheadóra é go ceann
míosa, go ceann ráithe, go ceann bliadhna, má thogruighim é.
Dá rachainn 'n-a choinne anois, b' fhéidir go gceapfadh an
sumachán úd de dhligheadóir gur 'n-a easbaidh bhíos. Ní
chuirfinn thairis é, dá sílfeadh sé go raibh ocras orm.!



Gan cuimhneamh orm féin, d'fháisgeas an crios a bhí faoi
mo chom agam. Choigligheas an sop féir a bhí le mo chluais
go raibh dath glas ar mo bhéal uaidh.



Buaileann clog. Clog teampaill eicínt. Cluinim gach
buille. A haon — a dó — a trí — a ceathair … Acht ní
fheadfadh sé a bheith a ceathair fós. Ar ndóigh, ní raibh sé
acht an deich nuair a bhuail mé isteach annseo. Beidh an fear
dlighe imthighthe a bhaile. Ní bhfuighead mo chuid airgid indiu.
Caithfidh mé deifir a dhéanamh.



Éirighim 'mo sheasamh go tobann agus bainim as chomh
sgiobtha is tá 'san leath-chois. Tá méigrim 'mo cheann.
Táim mar bhéinn ar meisge ag dul ó thaobh go taobh ar na
maidíbh croise. Meisge atá orm gan aimhreas — meisge an
ocrais atá orm. Na smaointe fánacha aisteacha atá ag
teacht chugam, agus ag imtheacht uaim ar nós na gaoithe, ní'l
ionnta acht smaointe fir mheisge, ní'l ionnta acht aislingí
fir mhire. An bhféadfainn a dhul chuig geata na páirce gan
an maide a bhí 'mo láimh dheis a bhualadh i n-aghaidh an talaimh
acht an oiread seo d'uaireanntaibh? Dá n-éireóchadh liom,
bhíos cinnte go mbéadh airgead an fhir bhig bhuidhe i n-oifig
an dligheadóra rómham. Muna n-éireóchadh, bhéinn dá
uireasbhaidh. Rinneas iarracht uathbhásach a dhul chuig an
ngeata agus gan an maide a chur ar an talamh acht seacht
n-uaire is dá fhichid. Nach mé bhí ag déanamh na hoibre? Nach
mé bhí ag saothrughadh an turais? Bhí an t-allus liom 'n-a
chaise agus an ghrian ag deallramh anuas go neamhthrócaireach
orm. Bhéadh truaigh ag duine dhom, bhéadh gráin ag duine
orm leis an gcaoi a bhíos dhom' chasadh agus dhom' lúbadh
féin le dul chuig an ngeata. Acht, ár ndóigh, ní raibh neart
air. Bhí orm a dhéanamh nó ní bhéadh an t-airgead rómham.


L. 72


D'imthigh mo bhairéad leis an ngaoith. Ní dheachas 'n-a
dhiaidh. Páisde éigin a bhí ag dul ó'n sgoil a chuir ar mo
cheann arís é. Bhí go leór leór ag féachaint orm, agus ag
dhéanamh iongantais dhíom.



Nuair a bhíos i bhfoisgeacht deich slat do'n gheata, cheapas
gur chuireas an maide trí huaire agus dá fhichid ar an talamh.
Ní raibh agam acht ceithre iarraidh eile. Ní fhéadfainn a
dhéanamh. Ba bheag nár bhris an gol orm, acht do chuimhnigheas
ar beart. Chaitheas an maide uaim. Siúd ar aghaidh mé ar
mo láimh agus ar mo leath-ghlúin. Bhaineas an geata amach
gan an maidhe fhágáil ar an talamh acht trí huaire is dá
fhichid. Bhí an t-airgead le fágháil agam. Agus nach mé
chaithfeadh é? Céard a bhéadh le n-ithe agam? Sicíní?
Dheamhan a mbéadh go dona díobh. Seadh, bhéadh sicín agam
go cinnte. Sicín agus ruainne de bhagún agus cabáisde —
dá mb'fhéidir a fhagháil. An biadh a bhí i bhfuinneógaibh na
siopaí ní bhfuaireas aon tsásamh ann. Ní bhéadh aon bhlas air.
Ní bhfuaireas aon bhlas air. Na sicíní a bhí uaim. Sicíní
a bhéadh agam! Sicíní a bhéadh agam! Dubhras é seo liom
féin seacht n-uaire déag mar pháisde bhéadh ag foghluim
ceachta. Bhíos ag oifig an dligheadóra sul ar éirigh liom
cosg a chur le mo smaointibh.



Ní raibh 'san oifig rómham acht an cléireach. Ní dheárna sé
acht féachaint orm.



"Nár dubhradh leat go gcuirfidhe an t-airgead úd chugad
dá dtiocfadh sé?" ar seisean.



"Níor dubhradh a leithéid liom."



"Cuirfear … acht fan. Cá gcómhnuidheann tú?"



Bhí socruighthe agam gan a dhul ar ais chuig an lóistín.
Thugas an chéad seóladh a tháinic 'mo ceann dhó, agus
d'imthigheas.



Ní rabhas taobh amuigh de'n doras gur thuigeas céard a bhí
dhéanta agam. Dá mbadh rud é go gcuirfidhe an t-airgead
chugam, ní mise a gheobhadh é. Thugas "amadán" agus
"pleidhce" agus 'ch aon tsórt orm féin. An meisge ocrais
agus an bhuile bhí orm 'san bpáirc d'imthigh siad dhíom.
D'imthigh an t-ocras féin. Níor mhothuigheas a dhath dhe orm.
Bhuaileas isteach 'san bpáirc an ath-uair. Chaitheas mé féin


L. 73


ar an talamh ar mo bhéal fúm. Tháinic lag-mhisneach orm.
Thosuigheas ag gol, acht níor airigheas go rabhas 'mo chodladh.



Bhí an oidhche ann nuair a dhúisigheas. Acht b'eól dom,
ó'n torann a bhí ag teacht chugam treasna na páirce ó'n
gcathair, nach raibh ann acht tús oidhche. Thar éis an lae the,
tháinic an oidhche fhuar, mar ba gnáthach i ndeire an fhoghmhair.
Ní raibh mo chuid éadaigh go ró-dhona, acht mara raibh féin,
b'fhacthas dom go raibh an fuacht ag dul go cnáimh ionnam.



Shiubhlas go tapaidh treasna na páirce, mar dhuine a mbéadh
saothar mór le déanamh aige. Ní raibh aon smaoineadh 'mo
cheann acht cé'n bealach ab' fheárr dhom an t-ocras mór a bhí
orm a chosg. "Biadh an leigheas is feárr," adubhras liom
féin, agus thosuigheas ag gáiridhe. Na daoine atá ag gabháil
an tsráid, stadann siad agus féachann siad orm le hiong-
antas.



Feicim ruainne aráin leathtaobh an chasáin. B'fhéidir gur
páisde a chaill é ag gabháil chun 'na sgoile dhó. Beirim air.
Glanaim é i sgiortaíbh mo chasóige. Ithim a leath dhe go
buidheach beannachtach, agus cuirim an leath eile i dtaisge i
bpíos páipéir 'mo phóca.



Tá teach óil faoi n-a chuid solus ar m'aghaidh amach. Tá
sgata fear 'n-a seasamh leis an mballa. Na creabhair a
bhíos ag súghadh fola na gcapall agus na mbó, an rud a chuir
siad i gcuimhne dhom. Sheasas leis an mballa 'n-a measg go
neamh-aireach, díreach is dá mbéinn ann ó thús aimsire. Bhí
fear caol árd, agus rian na bolgaighe 'n-a éadan 'n-a
sheasamh lem' ais.



Tháinic fonn cainte orm féin. Focal níor labhair mé le
duine ná deóruidhe le dhá lá acht an cúpla focal úd a labhair
mé leis an gcléireach.



"A' raibh Alf Trott annseo indiu?" adeirim-se. (Alf
Trott a bhí ar an bhfear bheag bhuidhe.)



Tháinic iongantas air, nuair a labhair mé leis.



"Trott — Trott — Alf Trott — Trott," agus dubhairt sé
an t-ainm fiche uair i ndiaidh a chéile mar bheadh sé ag cur
duine eicínt i gcuimhne dhó féin.



Chuala cuid eile aca an cheist a chuireas air.


L. 74


Thosuigh duine aca ar an bhfocal "Trott" a rádh arís
agus arís eile, mar bheadh sé ag fagháil an-tsásaimh ann.
Thosuigh duine eile ar "Trott — Trott — Trott," a rádh,
agus thosuigh duine eile fós ar "Trott — Trott — Alf
Trott," a rádh freisin.



Ní raibh duine ann nach raibh an focal sin dhá chrádh. Cuid
aca ag rádh go raibh sé ann ar maidin. Cuid eile nach raibh
sé ann ó arbhú indé. Shíleas go mbeadh sé 'n-a achrann.



"Nach é an fear mór beathuighthe é a bhíos ag imirt cárdaí
annseo istigh gach tráthnóna," arsa duine.
"Ní hé, acht an firín beag tanaidhe a bhíos le n-a chois,"
arsa duine eile.



"Ní Trott atá ar an bhfear reamhar," arsa 'n chéad duine
ar labhair mé leis, "acht Cocs."



"Agus is Bocs atá ar an bhfear beag. Tá togha aithne
agam air," arsa mise, agus fonn mór magaidh orm, "Bocs
agus Cocs atá orra siúd."



Chuir seo iongantas orra. Níor chuimhnigheadar ariamh go
mb'fhéidir gur Cocs agus Bocs a bhí orra. Thosuigh sé 'n-a
dhíosbóireacht faoi'n mbeirt. Bhí duine ann agus bhí a fhios
aige cá mbíodh Cocs ag obair. Duine eile, agus bhí sé
cinnte dearbhtha nach ndeárna sé smeach oibre le n-a bheó.
Bhíos bodhar aca. D'fhágas annsin iad, agus iad ag cur
síos ar Chocs agus ar Bhocs agus ar Trott.



Acht tá sé an-fhuar agus tá an phian ghránna sin 'mo ghoile
arís. Choiglim an chuid eile de'n arán. Tá an crústa chomh
cruaidh le cloich, acht is amlaidh is feárr liom é, agus a
laighead dhe atá agam. Is mór an sásamh dhom na fiacla
geala géara a sháthadh isteach ann. Fáisgim an cóta 'mo
thimcheall, agus greadaim liom go bhfuil allus liom, go
bhfuilim beagnach ag tuitim ó'n tuirse, go bhfuil an leath-
chos ag tabhairt uaithi, go bhfuil m'asgall tinn sgólta ó'n
maide croise, go bhfuil orm mo sgíth a leigint i n-áit eicínt.
Suidhim ar shuidheachán mór cois na habhna ('san áit ar
leigeas sgread an Fhir Bhig Bhuidhe i dtosach an oidhche úd
a ndeachas amudha 'san gceó), acht táim ró-thugtha ró-thraochta
le sin a thabhairt faoi deara; táim ró-thuirseach ró-lag leis


L. 75


an abhainn mhóir dhuibh atá ag sleamhnughadh tharm mar
ollphéist fhuathmhair a thabhairt faoi deara, an ollphiast úd
a bhfuil na mílte míle solus, na mílte míle súil, na mílte
míle cloch luachmhar ag deallramh 'n-a chraiceann ní fheicim!
Ní ghním iongantais ar bith dhi. Ní ghním iongantais acht
dhíom féin.



Bhí breacadh an lae ann nuair dhúisigheas. Ní raibh fhios
agam céard a dhúisigh mé, acht cheapas gur sháith duine éigin
saighead 'mo bholg. Ní raibh mé cinnte nach rabhas sáithte
gur osgluigheas mo chóta agus mo léine. Ní raibh fuil ar
bith le feiceál. Bhí sé tamall maith gur leigeas orm féin
gur ocras a bhí ag gabháil dom, agus gurab é an constábla
a bhí a gabháil thart a dhúisigh mé.



D'éirigheas agus chuadhas ag spaisteóireacht ag ceapadh
go n-eireóchadh liom cuimhneamh ar bheirt eicínt. I mbailtibh
móra eile, nuair atá duine i gcruadh-chás, nuair atá náire
agus ceannfaoi agus umhlaidheacht air, feictear dhó nach
bhfuil na rudaí atá 'n-a thimcheall — na tighthe, na ballaí,
an tsráid féin — ag iarraidh aon cheó a dhéanamh air, acht i
Lonndain ceapann duine de'n tsaghas sin go gcuirfeadh na
tighthe móra gruamdha dhá chois é — go dtuitfeadh siad air,
le n-a bhrúghadh síos 'san talamh — dá mb'fhiú leó an trioblóid
sin a chur orra féin i ngeall ar shuarachán mar é.



Tighthe móra aoidheachta a bhí 'mo thimcheall anois. An
brusgar d'fhágadh taobh amuigh de gach teach i gcannaíbh
móra millteacha, bhí daoine 'ghá chartadh. Seandaoine idir
fir agus mná a bhfurmhór, agus nuair a thiocfadh cuid aca
ar ruainne aráin nó feóla d'fheicfeá iad ag breith air le
n-a méaraibh caola tanaidhe, agus ag glanadh an tsalachair
de'n bhiadh bhrocach sin le n-a gcuid iongan … Ag
cromadh ós cionn na soitheach stáin úd dóibh, i mbreac-sholas
na maidne, agus na tighthe móra aoidheachta ag féachaint
anuas orra go sgigeamhail, ba gheall le sgata éan mór
uathbhasach ocrasach allta iad a bheadh ag piocadh cnámha duine
le n-a mór-chrobhaibh garbh-chnámach' i bhfásach. Ag dearcadh
dhom orra, tháinic crathadh ball orm, mar thiocfadh ort agus
tú ag éisteacht le duine ag sgríobadh gloine.


L. 76


An Bhean Mhór Ruadh! Nuair a tháinic an smaoineadh
chugam cheapas go raibh liom. D'fhéadfainn cuairt a thabhairt
uirri siúd tráth ar bith. Bhain mé as, agus dhá mbeadh
eochair na bhflaitheas in mo phóca, ní fhéadfadh níos mó
luthgháire a bheith orm. Bhí mo chroidhe lán. Bheadh fáilte ag
an mnaoi mhóir ruaidh romham. An Bhean Mhór Ruadh sin
d'fhóirigh orm ar nós máthar. B'fhéidir go n-éireóchadh leis
an mnaoi mhóir ruaidh sin a raibh éadan uirri mar bheadh ar
Impire Rómhánach mé a thárrtháil.



Agus d'éireóchadh marach go raibh an seómra fuar folamh
rómham. Badh dócha le duine nár chomhnuidh neach ann leis
na bliadhantaibh.



Tháinic cumha orm. Tháinic lionndubh ar mo chroidhe nach
raibh an bhean úd a d'fhóirigh orm ar nós máthar ann le
fáiltiughadh rómham anois. Agus an tsúil a bhí agam leis
an bhfáilte sin ó chroidhe!



Bhuaileas fúm ar an urlár 'san áit ar shuidheamar beirt
ós comhair na teineadh soillsighe an oidhche cheómhar fad ó.
Fearacht Chloinne Lir, chumas dán — acht gurab iad mo dheóir
na focail a bhí ann. Chaoineas agus chaoineas agus chaoineas
go raibh mo dheóir 'gom' dhalladh. Ní heól dom aon ní, le
croidhe duine a thógbháil mar an ngol, acht amháin an gáiridhe,
mór-mhór nuair a thagas na deóir go réidh agus go héasgaidh
chuig duine, mar tháiniceadar chugam-sa an mhaidin bheann-
uighthe seo. Le chomh breágh réidh is shileas na deóir, rinne
an dreas guil seo an-maith de'n tsaoghal dhom.



Bhí baladh agus seitreach na gcapall aníos chugam thríd
na siúntachaibh a bhí 'sna cláir. Bhí duine ann freisin agus
é ag sguabadh na leac — ag sguabadh agus ag sguabadh
agus ag síor-sguabadh, agus b'fhacthas dom nár oibrigh aon
duine chomh dian le sguaib ariamh ó'n uair ar chéad-bhain
Éabha beart fraoigh le n-a hárus a ghlanadh. Bhí an
sguabadh seo dhom' chrádh agus b'in comhartha dhom nach
raibh an t-ocras imthighthe, má bhí sos agam ó na
piantaibh féin. Idir dhá thaom ocrais bhínn ag tabhairt
suantais do neithibh beaga suaracha de-n tsaghas seo i gcomh-
nuidhe agus bhídís dhom' chrádh. Ní i bhfad uaim a bhí an
taom eile. Cé'n chaoi a dtiocfadh sé? Níor thugas faoi
deara an raibh an duine a bhí thíos fúm 'san stábla ag


L. 77


sguabadh nó nach raibh. An chéad taom eile, agus é sin
amháin a bhí ag déanamh buaidheartha dhom. Ní raibh mé an
t-achar seo gan biadh ariamh cheana, agus ní raibh aon eólas
cruinn agam. Múisg? Ní headh — ní fhéadfadh múisg a
theacht ar dhuine gan aon bhlas a bheith ar a ghoile …
acht b'fhéidir go mbeadh a fhios ag an bhfear thíos cá raibh an
bhean mhór ruadh úd a raibh éadan uirri mar bhéadh ar Impire
Rómhánach — dá mbéadh 'fhios, bhí liom.



XVIII.



Ar a fheiceál dom an chéad uair, tháinic fuath agus gráin
agus alltacht orm le chomh gránna is bhí sé 'n-a chlódh agus
'n-a phearsain. Sean-fhear a bhí ann — sean-fhear beag bídeach
agus é chomh cromtha 's chomh lúbtha sin is go gceapfá go
ndéanfaidhe dhá leith dhe dá dtugthaoi iarraidh faoi n-a
dhíriughadh. An t-éadan a bhí air déarfá gur as an gcloich
éibhir a gearradh é, acht nár fhan an ceárdaidhe le n-a shaothar
a chríochnughadh, gur éirigh sé chomh tinn tuirseach sin de, le
chomh gránna is bhí sé, is gur fhág sé dhá thuaradh é faoi
fhearthainn agus faoi ghréin na síorraidheachta.



Má bhí aon smaoineadh ann, acht an gliocas agus an feall,
níor nochtuigheadh 'san éadan rocach chlochach sin é. Ar a
theacht isteach an doras dhom féin, bhí sé 'n-a sheasamh le
balla. An sguabh mhór a bhí 'n-a láimh aige, bhí sí i bhfad
níos áirde ná é agus greim an fhir báidhte aige uirri. Ní
raibh cor as. Ba gheall le sabhra é a cheapfadh diabhal a
mbeadh fonn grinn air le masladh agus dímheas a thabhairt
do'n chineadh daonna agus le magadh a dhéanamh fútha.
Cuireadh cuid de chuma agus de chruth an duine air, acht
fágadh an sguab 'n-a láimh le cruthughadh nach fear a bhí
ann i ndáríribh, acht an cineál ainmhidhe bheadh 'san bhfear
marach deagh-mhéin an Chruthuightheóra. Ceann de na comhar-
thaibh uathbhásacha feictear anois agus arís, imeasg ball de'n
chineadh daonna, a thugas léargus dúinn, i n-aghaidh ár dtola,
cé'n bhail a bheadh orainn dá dtuitfeadh a leitéid seo nó a
leithéid siúd amach i dtús-shaoghal an chinidh. B'fhéidir gur


L. 78


duine dhá shaghas chonnaic an fear úd na n-aor agus na
bhfuath agus na ngrádh, Dean Suift, sul ar cheap sé a aor
millteach, Gullibhear imeasg na Yadhthú. Bhí na capaill chomh
sleamhain slíoctha deagh-chumtha, agus chomh borb fíochmhar
ceanndána, agus chomh breágh beathuighthe slachtmhar sin, agus
eisean … Och! nach é a bhí gránna le n-a éadan rocach
clochach, agus a ghuailne nach raibh ar aon áirde, agus a
chruth droch-chumtha casta cromtha 'n-a dhá leith, agus a
chomhartha chéirde — an sguab mhór árd a rinne níos lugha
agus níos suaraighe agus níos uathbhásaighe é, agus a dhá shúil
a bhí gan beódhacht, agus b'fhéidir gan mórán léarguis!
Óch! …



Tháinic gráin orm. An bhféadfainn aon chorrughadh croidhe
a bhaint as? Dá leigfinn liúgh — liúgh an fhir bhuidhe — an
gcuirfinn eagla air? Dá mbuailfinn buille i lár éadain
air, an gcosnóchadh sé é féin?



(Bhí an taom eile ocrais tagtha. B'eól dom sin ó'n
meisg a bhí ag teacht orm ag machtnamh dhom ar fhear na
sguaibe. Rinneas an-iarracht ar na smaointe aisteacha a
bhí ag bhrúchtadh isteach im' aigne ar nós fuarlaigh earraigh
a chosg. D'éirigh liom cosg a chur orra feadh sgathaimh
bhig.)



Ní raibh cor dhá chur dhe ag fear na sguaibe feadh an
achair



"Hóra!" adeirim-se 'mo shean-bheic.



Chuir sé a lámh le n-a chluais. Bhí sé bodhar. Dhruideas
chuige. Bhí sé smeartha salach le aoileach, agus a boladh
agus boladh alluis mór-thimcheall air.



"A' gcloisir?" adeirim-se.



Cor níor chuir sé dhe. Bhí sé bodhar i ndáríribh.



"Hóra!" adeirim-se arís isteach 'n-a chluais. Ní raibh
aon maith ann, gidh go ndubhras i n-árd mo ghotha é. Go
deimhin duit, leis an anál do tharraingeas, ghortuigheas mo
bholg folamh go mór.



Thosuigh na smaointe aisteacha ag teacht chugam arís. Ní
raibh aon chosg leó. Acht bhí aon smaoineadh amháin i gcúl
mo chinn, cé'n chaoi a bhfuighinn eólas ar áit chomhnuidhthe na
mná móire ruaidhe.


L. 79


Leigeas mo shean-liúgh isteach i gcluais mo dhuine.
Chorruigh na capaill, acht ní dheárna seisean acht a cheann a
chrathadh le cur i n-iúl dom nach raibh aon éisteacht aige.



Briseadh ar an bhfoighid orm.



"Go mbudh seacht measa a bhéas tú bliadhain ó 'nocht,"
adeirim-se go feargach, "cé'n fáth nár mhínigh tú sin dom
cheana? A' gceapann tú go bhfuil sé d'uain agus d'ionbhaidh
agam an lá a chaitheamh leat-sa?"



D'fhágas annsin é. É féin agus a sguabh mhór! Bhí mála
mine taobh istigh de'n doras. Chuireas mo lámh isteach ann,
agus thugas la-n mo ghlaice liom.



Taobh amuigh de'n doras bhí fear óg, agus dhá chapall i
ngreim aige. Bhí sé tar éis a theacht.



"Bhfuil fhios agad cá gcomhnuidheann an bhean mhór a bhíodh
thuas an staighre anois?"



"Mag Mhór?"



"'Sí atá uaim."



"Mara bhfuilim ag dul amudha go mór, atá sí faoi
ghlas."



"Faoi ghlas!"



"'Seadh. Faoi ghlas — 'san gcarcar. Nach dtuigeann tú
mé?"



"Ó! tuigim."



"Is ann atá sí, mara bhfuilim ag dul amudha go mór.
Agus dheamhan a bhfuil de locht air mar áit chomhnuidhthe go
ceann an gheimhridh … Mara n-éireóchaidh liom …
b'fhéidir go mbeadh sé ar na crannaibh go gcuirfinn féin
an geimhreadh isteach ann … dá nglacfá mo
chomhairle-se, rachthá féin ann."



Bhí fearg orm gur cheap sé go raibh an droch-bhail orm.
Bhíos ag iarraidh cuimhneamh céard déarfainn leis, le go
mbeadh fhios aige nach amhlaidh a bhí an sgéal agam-sa,
nuair a shín sé amach a lámh chugam, agus pighin ruadh ar a
bhois aige.



"Cheannuigh ruainne aráin," ar seisean, "ní'l agam
acht í."



Ghlacas an phighin, agus d'imthigh liom gan oiread agus
"sonas ort" a rádh. Bhí eagla an domhain orm, go
leanfadh sé mé agus go mbainfeadh sé an t-airgead dhíom.


L. 80


Nuair nár lean, mhothuigheas rud eile ag teacht ar mo
chroidhe. Náire shaoghalta a tháinic orm gur ghlacas pighin
uaidh. Nár ghlacas airgead ó ghiolla capall? Nár mhasluigh
sé mé nuair a cheap sé go raibh ocras orm agus go mb'fheárr
dhom a dhul isteach 'san gcarcar? Bhí mé náirighthe. Bhí mé
náirighthe go deó na ndeór. Ní bheadh meas madra orm féin
feasda. Ba mheasa go mór fada é ná an t-airgead a
éileamh. Bheadh ciall annsin. Acht ba náireach an gníomh
é an gníomh eile. Cheapas agus shocruigheas ar a dhul ar
ais agus an t-airgead salach a chaitheamh leis, nuair a
chonnaiceas builíní beaga deasa i bhfuinneóig. Ní bheadh
orra acht pighin. Ó! ba bhreágh iad! Ní fhaca tú ariamh
builíní beaga a bhí chomh deagh-dhaithte 'n-a n-íochtar agus
'n-a n-uachtar leó! Mholas an fuinteóir. Mholas an
talmhaidhe agus a chuid cruithneachta. Mholas an teine, agus
na daoine a bhain a hadhbhar as broinn na talmhan. Mholas
an fear bhí dhá ndíol, ar an mbealach ab' fheárr leis an
duine macánta sin, mar thugas mo phighin dó ar cheann aca,



Coiglim go sásta an t-arán breágh úr atá deágh-dhaithte
ó'n teine.



Acht cé'n chaoi a dtug an giolla capall faoi deara go
raibh ocras orm? (Ní raibh mé réidh leis fós, má bhí an
builín féin dhá choigilt agam.) An raibh cosamhlacht an
ocrais orm? Bhíos tanaidhe go cinnte. Acht nach mbíonn
duine tanaidhe i ndiaidh taom dona thinnis? Nach mbíonn a
shiubhal go lag lúbach corrach? Nach mbíonn féachaint aisteach
'n-a shúilibh? Dhearcas isteach i sgathán a bhí i bhfuinneóig
siopa.



Tháinic alltacht orm. Is ar éigin d'aithnigheas an chosamh-
lacht a chonnaiceas 'san sgathán. Leigeas mo shean-sgairt
gáiridhe, (ní heól dom anois féin cé'n fáth), agus thugas
na cúl-sráideanna salacha suaracha orm féin.



Gach ar cheapas ar maidin faoi fhear na sguaibe, d'fheil
sé dhom féin chomh maith.



Daoine a dhearcadh orm, chuireadar fearg orm. Bhíodar
dhom' mhasladh. Acht ba dhóigh liom go raibh an ceart aca sin
a dhéanamh, dá mbadh rud é gur diabhal magamhail a chruthuigh
mé leis an gcineadh daonna a mhasladh, mar cheapas gur
chruthuigh sé an fear úd a bhí 'san stábla ar maidin.


L. 81


Chuireas mo theanga amach le gach n-aon a dhearc orm, agus
ghluais liom, ag déanamh an-torainn ar na leacrachaibh le mo
mhaide croise.



Chuadhas isteach i bpáirc. Chaitheas mé féin ar an talamh
faoi bhun crainn daraighe. Tháinic méigrim 'mo cheann.
Luigheas siar ar mo dhruim. Dhúnas mo dhá shúil. Chon-
naiceas na céadta dath agus iad dhá mheasgadh 'n-a chéile,
agus ag déanamh na mílte pictiúr breágh ioldathach, agus
leanfadh pictiúr pictiúr eile chomh tapaidh sin go raibh
m'intinn tuirseach sáruighthe aca. Nuair a thiubhrainn iarracht
faoi n-a dhíbirt, thiocfadh ceól in mo chluasaibh agus bhíodh
na fuaimeanna ceólmhara dhá n-atharrughadh ó am go ham
ar an nós céadna is bhí an pictiúirí …



Thuit an oidhche.



XIX.



Baineadh geit asam sul a raibh mórán de'n oidhche caithte.
A leithéid de bhúrghail agus de sgréachghail agus de ghleó
níor chualas ariamh cheana. Bhí daoine, 'n-a sluaightibh agus
'n-a táintibh, ag déanamh caol díreach treasna na páirce.
'San áit ar a raibh a dtriall, bhí an chuid íochtarach de'n
spéir dearg, agus d'fheicfeá trillseán de lasair ag éirghe
i n-áirde 'san spéir, mar bheadh teanga fhada chaol ann, agus
í ag iarraidh fola a lafairt.



Ní rabhas 'mo dhúiseacht i gceart gur thosuigh mo bholg
dhom' chéasadh. Chuireas mo lámh 'mo phóca, agus as an
mbrusgar a bhí bailighthe ann — clocha beaga, cnaipí, ruainní,
miotail agus eile — bhaineas cnaipe cnámh agus isteach leis
'mo bhéal. Thosuigheas ar na smugairlíbh a tháinic timcheall
air a shlugadh. B'fhacthas dom gur laghduigh sin an phian
mhór.



Bhí na daoine ag imtheacht tharm fós 'na dtáintibh. Is
minic a thugas faoi deara bealach aisteach atá le sluaightibh.
Tá an sluagh ar nós duine. Nuair atá fearg ar an sluagh,
cheapfá le féachaint air go bhfuil fearg ar gach aon bhall
atá 'san tsluagh. Déarfá freisin go mbéadh áthas ar gach
duine a bheadh 'san láthair, nuair a bheadh áthas ar an sluagh


L. 82


féin. Bíonn fonn ar dhuine a dhul an bealach céadna le
sluagh, mar bheadh cumhacht ag an sluagh air. Na braonacha
beaga uisge atá 'san abhainn, gluaisid uile go léir an
bealach céadna.



Bhí an cumhacht seo ag an sluagh a bhí ag imtheacht tharm
orm-sa ar chaoi ar bith. Leanas é.



I dtosach ní raibh aon smaoineadh agam acht a dhul 'n-a
measg, acht leis an aimsir cheapas go bhfuighinn biadh nó
deoch, nó b'fhéidir airgead ar bhealach eicínt.



Leis an méid daoine a bhí ann, agus leis an deifir a bhí
orra, bhéadh sé i n-aghaidh nadúire mara gcaillfeadh cuid aca
sparán, nó sgilling, nó pighin féin. Choinnigheas mo dhá
shúil ar an talamh, a bhí lán-soillseach le lasair an dóighteáin,
acht má chailleadar aon cheó, ní mise a fuair é. Ní raibh an
oiread sin de'n ádh orm.



Teach mór déantúis a bhí thrí theine. An tsráid ós a
chomhair amach bhí sí leathan, acht má bhí, bhí sí lán de dhaoinibh.
Bhí daoine móra agus daoine beaga ann. Daoine daidhbhre
agus daoine saidhbhre. Lucht oibre agus lucht díomhaointis.
Fir mhóra ghalánta faoi 'n-a léintreachaibh geala agus a
mbairéid árda dubha ag teacht ó n-a hamharclannaibh. Bhí
daoine ann, ar ghnáthach leó a bheith ag glacadh aeir na
hoidhche gach uile oidhche 'san mbliadain mar mé féin.



Bhí lucht múchta na dteinte ann 'n-a gcéadtaibh, agus
abhainn mhór uisge dhá sgairteadh aca ar na lasrachaibh a bhí ag
briseadh amach 'gach uile áit dhá míle buidheachas, agus ag
éirghe níos airde agus níos airde 'san spéir le gach iarraidh.
Nuair a theangmhóchadh na lasracha úd, a bhí ag dul i dtreise
agus i neart gach aon nóiméad, leis na hearraidhe éagsamhla
ceimiceacha a bhí istigh 'san ndéantúsán, thagadh dathanna
iongantacha orra — idir croidhearg agus corcra agus liath-
ghorm — dathanna bána, dathanna buidhe, dathanna gorma,
dathanna glasa, agus bhíodh ná dathanna éagsamhla seo ar
aighthibh na ndaoine a bhí mór-thimcheall ag dearcadh ar an
dóighteán agus ar an gcnámhlach.



B'iongantach an radharc é. Bhí cineál cearnóige bige ar
aghaidh an déantúsáin amach ar an taobh eile de'n tsráid.
Bhí balla cloiche mór-thimcheall ar an gcearnóig bhig seo,
agus sgata mór ban a bhíodh ag obair 'san ndéantúsán 'n-a


L. 83


seasamh 'n-a bhárr. Bhí conspóirt mhór ar siubhal imeasg
na mban seo a bhí ar an mballa.



Bhí cuid aca ann a bhí go lúthgháireach agus go geal-gháireach
agus go haiteasach i ngeall ar an déantúsán a bheith trí
theine. Ní cáil mhaith a bhí ar an áit, agus b'iomdha pionnús
d'fhulaingeadar ann. Bhí cuid eile ann a bhí faoi leath-
trom agus brón mór go raibh a gcuid oibre caillte aca.
Go deimhin an fear ar leis an déantúsán ní raibh sé leath
chomh brónach le cuid dhá lucht oibre. 'Tuige a mbeadh? Ní
hé a bheadh caillte leis an dóighteán. 'Tuige a mbeadh leath-
trom air, agus luach a gcaillfeadh sé le fagháil arís aige ó
Chumann an Urrudhais? Maidir leis an dream a bhí
luthgháireach geal-gháireach, ní fhaca tú ariamh daoine a raibh
an oiread áthais orra is bhí orra siúd. Bhíodar le buile go
raibh brón ar chuid dhá gcomh-oibrightheóiríbh i ngeall ar an
mbladhm úd a bhí ag baint slighe beatha dhíobh. Chuireadar i
gcuimhne dhóibh an méid dhá gcomrádaidhthibh cailleadh ó'n nimh
a bhíodh 'sna hearraidhibh ceimiceacha a bhíodh dá n-oibriughadh
aca. Chuireadar i gcuimhne dhóibh freisin ar fhulaingeadar
féin ann. Mhasluigheadar iad agus thugadar daoine gan
spioraid orra. Bhuailfidís iad dá n-éireóchadh leó a dhul
'n-a n-airicis. Acht níor fhéad cuid de'n dream seo
cuimhneamh ar aon ní acht an cruadh-shaoghal a bheadh aca go
mbeadh an déantúsán tóigthe arís.



Imeasg na ndaoine a bhí luthgháireach, thugas suantas do
mhnaoi mhóir. Bhí sí an-chorruighthe, agus í ag spreagadh a
muintire féin chun amhráin aitis a chanadh le cur i n-iúl do
gach n-aon, cé'n meas mór a bhí aca ar an ndéantúsán,
agus ar an muintir ar leó é. Tosuigheadh ar an amhrán
aitis, agus canadh go bríoghmhar agus go buadhmhar é. Agus
bhí fuath ann freisin. Gach ar fhulaingeadar de phiantaibh
agus de phionnús agus de dhroch-úsáid 'san ndéantúsán a
chuir an fuath 'san amhrán. Acht ba threise leis an aiteas
… nach raibh an droch-úsáid agus an ghéar-fhulaint
thart go ceann tamaill ar chaoi ar bith?



Lasadh suas éadan na mban lúthgháireach agus na mban
brónach chomh maith le chéile. Ní chreidfinn ó mo dhá shúil é
go mb' í Mag Mhór, mo chara dílis féin, an bhean mhór ruadh
úd a bhí 'n-a seasamh ar an mballa ag gríosadh na mban
Acht 'sí bhí ann.


L. 84


Dhruideas 'n-a haice le labhairt léithi.



Chuaidh lasair a raibh dath na fola uirri, i n-áirde 'san
spéir. Leig an bhean mhór ruadh liúgh aisti, agus ní bheadh
aon duine chomh mí-thuigseanach is go gceapfadh sé go mba
liúgh dubróin an liúgh sin. D'éirigh liúgh ó na mnáibh eile —
liúgh millteach áthais — agus thosuigheadar ag greadadh bos.
Na mná a raibh brón orra ar ball, bhíodar ag teannadh isteach
leis an muintir eile i leabaidh a chéile, agus gach uile dhuine
aca a thiocfadh chuici leigfeadh an Bhean Mhór Ruadh liúgh eile
aisti.



Shíleas labhairt léithi. Níor aithnigh sí mé, bhí sí chomh
corruighthe sin.



Thosuigh na lasracha ag éirghe i n-áirde mór-thimcheall an
tsimné áird taobh amuigh, mar bhéadh na céadta athair nimhe
fíochmhar.



"Go dtuitidh tú! Go dtuitidh tú!" arsa an Bhean Mhór
Ruadh 'n-a sean-liúgh. Rinne na mná eile an athchuinghe
chéadna.



Do réir mar bhí na lasracha ag teangmháil leis na
hearraidhibh ceimiceacha a bhí istigh, bhíodh atharrughadh datha ag
teacht orra Bhíodar ar gach dath dhá bhfuil 'san mbogha
ceatha. Ní rabhadar ar aon dath i n-aon dhá áit de'n teine
bhúithrighe sin. Lasair bhán annseo. Lasair bhuidhe thall.
Lasair dhearg fhuilteach 'san gcúinne eile. Agus mar bheadh
draoidheacht ann, suaithtí na dathanna éagsamhla seo
ionnus nach mbíodh ionnta acht aon dath glórmhar aon uair
amháin.



"Fuil na mban a cailleadh leis an nimh," arsa mise 'mo
shean-bhéic.



Chuala an bhean mhór ruadh an focal, acht ní raibh a fhios
aici cé labhair.



"Fuil ná mban a cailleadh leis an nimh," ar sise i n-árd
a gotha cinn.



Bhí na lasracha dearga ag éirghe i n-áirde as an ndéan-
túsán fós.



"Fuil na mban a cailleadh leis an nimh," arsa na mná
go léir d'aon ghuth i dtreó go gcuala gach n-aon an liúgh.
Chuala bainisteóir an déantúsáin an gháir freisin. Tháinic
creathán 'n-a bhallaibh.


L. 85


Faoi dheóidh thosuigh an spéir ag gealadh 'san oirthear.
D'fheicfeá ballaí dubha losgtha an déantúsáin i n-aghaidh na
spéire, mar bheadh beithidheach millteach i lár teineadh
íodhbairte dhaoine allta agus a cheithre chrúb i n-aer aige ag
iarraidh trócaire orra.



Bhíos ag éirghe chomh corruighthe leis na mnáibh.



"Tá beithidheach céasta na mban ar lár," arsa mise.



Glacadh suas an focal. Thosuigh an sluagh 'ghá rádh le
chéile. 'Sa deire sgaoileadh an focal amach ó n-a míltibh
sgórnach i n-aon gháir mhór amháin.



"Tá beithideach céarta na mban ar lár."



Thosuigh bainisteóir an déantúsáin losgtha ag spreagadh
na síothmhaor chun na sráide a ghlanadh. Bhí eagla agus sgáth
air roimh an sluagh fíochmhar seo. Bhí droch-cháil ar a
dhéantúsán. Ní raibh fágtha dhe anois acht na ballaí dubha,
agus cuid de na ballaíbh féin tuitthe.
Bhí na teinte ag dul i ndísg. Acht anois agus arís
d'éireóchadh lasair bhán aníos, mar bheadh leisg uirri sgaradh
leis an sean-déantúsán mí-áthasach. Nuair a d'éireóchadh
na lasracha seo i n-áirde do leigfeadh na mná go léir gáir
aitis. Bhí an bainisteóir agus ceann na gconstáblaí i
gcómhrádh.



"Caithtear 'san teine é!" arsa bean.



"Caithtear san teine é!" arsa bean eile.



Bhí cuthach ar na mnáibh. B'éigin an tsráid a ghlanadh.
Chonnaiceas an bhean mhór ruadh i n-áirde ar bhalla ag bualadh
bos agus a gruaig le gaoith; d'fhéachas arís acht bhí sí
imthighthe. 'San rúille-búille, is beag nár chailleas í, acht is
dócha gur aithnigh sí mé féin, mar níor airigheas ariamh gur
cuireadh dhá láimh thréana lán-láidre 'mo thimcheall, gur
tógadh ón talamh mé mar do thógfaidhe leanbh, agus gur
tosuigheadh ar mo phógadh arís agus arís eile.



An bhean mhór ruadh a bhí ann.



D'aithnigh na mná oibre eile mé. Thugadar faoi deara
gur mé a thosuigh ar na gáirthibh, agus shíleadar mé a bhreith
leó le ómós a thabhairt dom. Acht bhagair an bhean mhór orra
gan bacadh liom, mar bhí sean-aithne aici orm agus ba duine
muinteardha dhi mé.


L. 86


Ní bhfuaireas cead uaithi coisméig a shiubhal. D'iompruigh
sí fad an bhealaigh mé, agus a Thighearna! nach í bhí tréan
cumasach? Is iomdha gaisgidheach cliúmhar nach raibh chomh láidir
léithi.



Lean na mná oibre eile sinn. Níor sgaradar linn go
rabhamar ag teach na mná móire. Níor sgaradar linn
annsin féin, acht d'fhanadar taobh amuigh ag canadh amhrán i
n-onóir dom-sa go raibh sé 'n-a lá.



XX.



Thosuigh an bhean mhór:



"Óra, nach ort atá an droch-bhail? Nach ort atá — cosamh-
lacht an ocrais agus an ghorta? Nach tú a chuaidh i
dtanaidheacht? Nach tú chaill na feólta? Cá raibh tú, nó
céard d'éirigh dhuit, nó cé'n tubaisde tháinic 'do bealach
go bhfuil an dóigh seo ort? Is geall le duine a mbrúighfidhe
idir dhá bhróin mhuilinn thú! Go sabháilidh Mac Dé sinn!
Labhair liom, agus innis dom cár imthigh tú uaim? Ní raibh
aon tsúil agam go leagfainn súil arís go deó ort, ní raibh
sin …"



Nuair a thosuigheadh an bhean mhór seo ag caint, is beag
faill chainte bhíodh ag aon duine eile. Bhaineadh sí as 'san
gcaint, ar nós capaill a bheadh ag imtheacht 'n-a chosanáirde.
Nuair a bhíodh sí corruighthe, mar bhí anois, ní raibh aon bhreith
uirri. Bheadh ort cluas le héisteacht a chongbháil ort féin
ar fhaitchíos nach gcloisteá gach focal, bhídís ag teacht chomh
mear sin as a béal. Agus ní raibh an chaint críochnuighthe
aici fós.



Rug sí ar mo cheann, agus do dhearc sí go géar orm.



"Ó! nach tú atá cosamhail le mo dhearbhráthairín dílis,
Éamonn beag, beannacht na ngrás le n-a anam? Ní fhacas
a oighre ariamh acht thú. Thiubhrainn an leabhar beannuighthe
gurab é a bhí ann …, marach an timpist d'éirigh
dhuit. A mhaisge, ba lághach an fear óg é Éamonn le n-a
linn …"



Thosuigh na deóir ag teacht 'n-a súilibh.



"… Agus is iomdha uair a bhíos ag iarraidh a
dhéanamh amach céard a thug dom an oiread sin ceana a bheith


L. 87


agam ort, duine nach bhfaca mé acht aon uair amháin roimhe
seo — agus níor éirigh liom an sgéal a réidhteach gur thuiteas
mo chodladh oidhche agus go bhfacas aghaidh Éamuinn ag
dearcadh anuas orm. Bhí sé ann chomh cinnte dearbhtha is
tá tusa annsin. Shíleas gur ós-cionn na phictiúire úd thall
a bhí sé, agus an fhéachaint thruaighmhéalach thug sé dhom!
Shíleas go raibh sé ag iarraidh labhairt liom, acht nár fhéad
sé … Agus na súile a bhí 'n-a cheann, b'iad do chuid
súl-sa iad. Agus a bhéal! Ó, a Thighearna! … agus
ní raibh aon dearbhráthair eile agam acht é. Dá mairfeadh
sé, ní hí seo an bhail a bheadh orm indiu. Acht toil Dé go
ndéanamaoid. Fáilte roimh thoil Dé … Acht táim
dhod' bhodhradh — agus b' fhéidir … acht nach mise an
óinseach? Ní'l aon cheó ort acht an t-ocras — ní bhéinn ag dul
amudha go mór dá n-abróchainn nár ith tú mórán le
mí …" agus thosuigh uirri ag gléasadh bídh dhom.



D'innis mé mo sgéal dhi, acht nár bhacas le sgéal an fhir
Bhig Bhuidhe ar eagla go gcuirfidhe gáiridhe orm sul a mbéadh
an biadh ithte agam.



Leag sí mias mhór ós mo chomhair.



"B'fheárr dhuit gan an iomarca ithe i dtosach, an chéad
uair," ar sise, "braonín bainne, b'fhéidir …"



"Sé ab' fheárr," arsa mise, agus saint chun an bhídh
d'alpadh orm, acht go rabhas faiteach.



Fuair sí an bainne, agus thosuigh sí 'ghá choinneál liom,
mar choinneóchadh sí le páisde é. Le gach spúnóig d'ólfainn,
leagadh sí lámh ar mo bhaithis, agus thosóchadh ag tochas mo
chuid ghruaige, agus déaradh sí anois agus arís mar bhéadh
sí ag caint léithi féin, "a mhúirnín," "a mhic mo chroidhe,"
"a dhearbhráthairín óg mo chroidhe," agus ráidhthe eile dá
saghas.



An fhaid is bhíos ag ól an bhainne, bhí plúid aici os comhair
na teineadh, agus b'éigin dhom é chur 'mo thimcheall agus a
dhul isteach 'n a leabaidh go mbeadh mo léine nighthe aici.



Rinneas sin. Shuidh sise ar chathaoir cois na leabthan.
Bhí greim láimhe aici orm, agus í ag dearcadh ar m' aghaidh
tanaidhe caithte, agus ar mo mhéarannaibh fada caola, agus
ar na féitheachaibh móra gorma a bhí ag éirghe aníos as mo
lámhaibh, agus ar mo bhaithis agus ar mo mhuinéal. Thuig sí


L. 88


cé'n droch-úsáid a bhí fághta agam go mbéidís ann. Thuig
sí é sin, agus leis an gcaoi a raibh sí ag cur mo chuid méar
thrí n-a cuid méar féin, b'fheasach mé cé'n truaigh mhór a bhí
aici dhom, acht b'fhéidir nár thuigeas i gceart é go bhfacas
an fhéachaint a bhí 'n-a súilibh. Bhí na súile sin ag dul i
ngrádhmhaireacht, agus i dtruaighe, agus i séimhe leis an
aimsir go dtí go gceapfá nach bhféadfadh sí é fhulaint gan
rud eicínt a dhéanamh, seachas a bheith 'n-a suidhe annsiúd
'san gcathaoir cois na leabthan gan cor aisti.



Níor fhéad acht an oiread. D'éirigh sí de gheit agus thosuigh
dhom' phógadh …



Bhí an bainne te ag cur na fola ag borradh 'mo chuis-
leachaibh. Bhí mar bheadh néal beag codalta ag teacht orm,
acht nár chodladh a bhí ann ar chor ar bith, acht an suaimhneas
agus an sógh a bhí agam a bhí dhom' dhéanamh leisgeamhail.
Dhúnas na súile, agus thosuigheas ag smaoineamh ar an mnaoi
úd a bhí i ngreim láimhe ionnam fós.



Níor fhéadas a dhéanamh amach i gceart an uair sin cé'n
cineál mná a bhí innti, acht cheapas ó shoin go mba geall le
fuarlach cheapfaidhe a chosg í: an fuinneamh agus an cumas
a bhí innti ó dhúthchas do camadh agus do lúbadh iad, acht nár
féadadh a milleadh. Bean de na mnáibh móra úd ghnídheas
gleó mór 'san saoghal. Bean a bhéadh 'n-a naomh nó 'n-a
deamhan de réir mar bheireadh an chineamhain uirri.



Le chomh ciúin is bhíos féin, shíl sise go rabhas 'mo chodladh.
Chuir sí a leiceann le mo leicinn-se agus thosuigh dhom'
phógadh go miochaireach agus go faiteach mar bhéadh sí ag
iarraidh a dhéanamh i ngan-fhios dom.



"A dhearbhráthairín! a dhearbhráthairín!" an focal
deireannach chualas uaithi sul ar thuit mo chodladh orm.



Dhá lá d'fhanas aici. Fuair sí lóisdín dhom i dteach
Éireannaigh i ngar dá lóistín féin, agus gheall sí dhom a
theacht ar cuairt ann go minic.


L. 89


XXI.



An ceanntar 'n ar chuireas fúm anois, is domhan beag
Gaedhealach a bhí ain leith-bhliadhain ó shoin. Éire bheag a
thugadh an Sasanach air. Dob' as an Mumhain a raibh ann,
acht fíor-chorr-dhuine. Bhí daoine ann a raibh oighreacht na
bhfileadh agus na mbárd aca. Ní raibh duine ar bith ann
nár aithnigh na comharsain, agus ní hé amháin gur haithnigheadh
é féin, acht bhí togha eóluis aca cé na daoine dar díobh é.
B'as aon límistéar amháin iad fré chéile. Bhíodh an
sgoraidheacht ann 'san oidhche: bhí an bheidhleadóir agus an
píobaire agus fear na fídeóige le fagháil 'n-a measg. An
fear a bhí i n-an' cur síos go cruinn agus go beacht ar ar
sgríobh Céitinn 'n-a stair bhí sé ann chomh maith leis an bhfear
nach raibh aon eólus aige air. Agus dá gcuirtí i n-aghaidh an
fhir eólusaigh seo, ní dhéanfadh sé acht a dhul chuig an
gcomhrainn mhóir thug sé leis as Éirinn, agus beart a bhíodh
foluighthe i línéadach a bhaint aisti. D'osgluigheadh sé an
bheart seo, agus bhaineadh sé leabhar mór láimhsgríobhtha aisti.
Agus nach é bhíodh cúramach leis an leabhar mór úd!
Thasbáineadh sé dhuit 'n-a dhubh agus 'n-a bhán ann cé'n dul
amudha a bhí ort. Agus nuair a dhúnadh sé an leabhar le n-a
chur i dtaisge 'san gcomhrainn mhóir arís, do dhearcadh sé
ort ar bhealach is go gceapfá go raibh faoi "anois céard
déarfá leat féin?" a rádh, acht nach n-abróchadh sé focal
ar bith. Agus an fear seo a bhíodh ag léigheadh staire agus
ag meabhrughadh dánta go saothrach d'oidhche bhíodh an phiocóid
agus an tsluasaid mar ghléasannaibh oibre aige de ló.



Na béasa agus na gnáis a chleachtuigh Clanna Gaedhal ar
bhántaibh agus ar shléibhtibh na Fódla leis na céadtaibh bliadhan
chleachtuigh an pobal beag seo iad i gcathair choimhthighigh. An
oighreacht Ghaedhal a leig Gaedhil an tsaidhbhris uatha le aithris
a dhéanamh ar an eachrannach a chuirfeadh go tóin na fairrge
móire iad dá bhféadfadh sé, choinnigh na daoine bochta seo
iad mar choinneóchthá seód uasal. Thuigeadar, 'n-a mbealach
féin, nach raibh mórán de dheagh-thréithribh ná de dhroch-thréithribh
ag aon chineadh acht iad siúd a tháinic anuas chuca ó n-a
sinsearaibh.


L. 90


Choinnigh na daoine seo tréithre agus nósa agus teanga
a gcinidh. Choinnigh a gclann na tréithre, acht chailleadar an
teanga agus cuid mhaith de na nósaibh. Chaill clann a
gclainne teanga agus nósa, agus mórán de na tréithribh.
An chuid de thréithribh na nGaedhal nár chailleadar, ní raibh
ionnta siúd acht na droch-thréithre. Innseochaidh lucht tógtha
ainmhidhthe dhuit go mbíonn droch-mhianach an dá chineadh 'sna
hainmhidhthibh shíolruigheas ó chineadhchaibh éagsamhla. Deir
dream eile, ámhthach, nach mbíonn ionnta acht an deágh-mhianach.



Ní abróchainn féin nach bhfuil mórán de'n fhírinne ag an dá
dhream, acht go bhfuil an fhírinne go hiomlán ag an gcéad
dream dá mb'iad muintir an cheanntair seo agus iad
amháin a bhí faoi sgrúdughadh aca. Nuair a chuadhas féin 'n-a
measg, ní raibh thar dhá sgór de na daoinibh a d'fhág Éire i
ndiaidh an ghorta beó. Bhí cuid de na sgéalaidhthibh agus de
na seanchaidhthibh agus de na ceóltóiribh orra siúd. Acht bhí a
ré beagnach thart. Bhí clann na sgéalaidhthe agus na sean-
chaidhthe ann, bhí agus clann a gclainne, acht nár mhór an
chreideamhaint dóibh iad.



Duine de na seandaoinibh seo d'fhág an tír i ndiaidh an
ghorta a bhí i Seaán Ó hAichir, nó "An Casúr," mar tugadh
air. Tugadh an leas ainm úd air, mar bhí dúil mhór 'san
díosbóireacht aige ariamh, agus nuair a bhíodh an ceann-is-
feárr fágtha aige ar an té bhíodh ag cur n-a aghaidh, ní
abróchadh sé acht "Sin tairnge eile i gclár agam." Bhíodh
cóta mór, a chaith a shéan-athair air gach séasúr de'n
bhliadhain. Ba chuma cé'n teas mór a bhíodh ann, ní fhágfadh
sé an cóta sin uaidh. Bhíodh maide daraighe i gcúl a ghlaice
aige go gnáthach — maide mór a bhain sé féin 'n-a bhaile
dhúthchais nuair a thug sé cuairt seachtmhaine ar an áit.
Smeach oibre ní dheárna mo dhuine ó chuir sé an teach lóistín
'n-a rabhas féin faoi láthair ar bun. Bhí seandaoine 'san
gcomharsanacht, seandaoine a raibh aithne ac ar a mhuintir
'sa mbaile, agus dubhradar nach raibh 'san "gCasúr" acht
duine fallsa spadánta agus go mba dhual muintire dhó a
bheith amhlaidh. Acht níor tugadh aon áird orra. Bhíodh a
chathaoir taobh amuigh de'n doras aige, i n-áit a mbíodh
fosgadh aige ó theas na gréine 'san samhradh, agus taobh
istigh de'n doras i n-áit a mbíodh goradh aige ó'n teinidh


L. 91


'san ngeimhreadh. Taobh istigh nó taobh amuigh, ní bhaineadh
sé an cóta mór dhe, ní leagadh sé an maide daraighe uaidh
agus Éireannaigh a chomhnuidh 'san gcomharsanacht agus a bhí
ró-shean le aon cheó a dhéanamh d'fheiceadh sé iad ag gabháil
na slighe dhóibh, agus nach aca a bhíodh an díosbóireacht? I
ndeireadh an chómhráidh chloisfeá focal an "Chasúir":



"Sin tairnge eile i gclár agam."



Bíodh "An Casúr" leisgeamhail nó ná bíodh, ní raibh a
bhean Brighid leisgeamhail. Is uirri a bhí cúram an tighe.
Mara nglanfadh sí féin na seómraí agus na leapracha
bhéidís gan glanadh. Mara ngléasfadh sí an biadh (ní raibh de
bhiadh le gléasadh aici acht a ndéanfadh iad féin, agus ba leór
léithi sin), bhéidís gan biadh. Mara nighfeadh sí na héadaigh,
bhéidís gan nigheachán. Acht nuair a bhíodh an méid sin déanta
aici, ní raibh obair an lae críochnuighthe aici. Ba bheag an
baoghal go mbeadh an oiread sin de'n ádh uirri. Bhíodh sí ag
obair ó Luan go Luan, agus ó éirghe gréine go meadhon
oidhche agus ní bhíodh an obair críochnuighthe aici. Ní bhíodh
baoghal uirri a bheith críochnuighthe. Bhíodh gothadh na hoibre
uirri i gcomhnuidhe 'gcomhnuidhe, agus í fliuch salach smeartha.
Ní bhíodh ar "An gCasúr" acht a rádh, "Muise, nach beag
a ndeárna tú ó mhaidin, a Bhrighid?" nuair a thosóchadh sí air.



"Dá mbadh fear a bhéadh agam," adeireadh sí, "ní orm
a thuitfeadh an obair ar fad …" Agus leanfadh sí
uirri gan cead a thabhairt dó focal a chur isteach.



Is beag duine nach bhféadfadh "An Casúr" a rádh léis
i ndeireadh na cainte "Sin tairnge eile i gclár agam,"
acht le n-a mhnaoi féin. 'Sí a chuireadh an tairnge i gclár
i gcomhnuidhe, agus chuireadh sí go doimhin 'san gclár
freisin é.



Bhí a gclann tógtha agus sgaptha orra acht aon mhac amháin
a bhí i n-aois a sheacht mbliadhna fichead agus nach ndéanfadh
aon rath go deó. Dubhradh nach raibh a chiall cheart aige,
acht ba ghile le Brighid é ná aon mhac eile dár thóg sí. Níor
thug sí ariamh air acht "an créatúr," agus nuair nár thug
bhí daoine 'san gcomharsanacht agus níor bh' eól dóibh a ainm
baiste, cé go raibh aithne aca air ó rugadh é. "Mac an
Chasúir" thug muintir na háite air. Níor mhaith le n-a athair
é, nó leig a athair air nár mhaith leis é. (Dubhradh gur cheap


L. 92


sé go mba náireach an sgéal é beirt fhear a bheith díomhaoin
i dteach), agus níor thug sé air le deireannas acht "An
Boicín," i ngeall ar an slabhra beag cruadhach a bhíodh dhá
chaitheamh aige. "A mháthair a cheannuigh an slabhra dhó ar
sgilling — acht sin rud nach raibh a fhios ag "An gCasúr"
tada faoi.



An lá ar ceannuigheadh an slabhra, chuadhas féin ann.
Tháinic an Bhean Mhór Ruadh i n-aondtigh liom le mé féin a
chur i n-aithne do mhuintir an tighe. Bhí fhios aca go rabhas
ag teacht, agus go raibh an Bhean Mhór Ruadh leis an oiread
seo 'san tseachtmhain a thabhairt dóibh ar mo leabaidh. Sin
rud nach raibh a fhios agam-sa. Cheapas go bhfuighinn beagán
cáirde uatha, agus go mbéinn i n-an' a n-aisíoc, nuair a
gheobhainn an obair úd, ag glanadh na mbuidéal d' fhear an
tighe óil úd, 'n-áit ar casadh an Fear Buidhe liom i dtosach;
do gealladh do'n Mhnaoi Mhóir Ruaidh go raibh sé le fághail
agam.



Bhí an-fháilte aca rómham. Bhéinn go breágh compórtamhail
aca. Bheadh leabaidh bhreágh ghlan agam 'san seómra mhór i
n-aondtigh le seisear nó mór-sheisear eile — "buachaillí
deasa," thug Brighid orra.



"B'fhéidir go mbeadh cupán tae agad anois," ar sise.



"Beidh cupán againn go léir," ars' "An Casúr."



"Cuir an tulán ar an teine," ar sí le duine a bhí i
seómra eile.



"Cuirfead."



Glór mná a bhí ann, agus shíleas gur aithnigheas an glór
sin. Tháinic an bhean amach as an seómra, agus a lán
gréithre tae aici. Bhíos féin ag cur síos ar Cheist na
Talmhan leis "An gCasúr," agus ní fhacas i dtosach í.
Acht mara bhfaca chonnaic sise mé, agus leis an iongantas
a bhí uirri me fheiceál, thuit a raibh de ghréithre aici ar an
úrlár agus briseadh iad.



Ar chloisint an torainn dom, thógas mo cheann agus
d'fhéachas ar an mnaoi ar éirigh an timpist dhi, agus mh'anam
go raibh iongantas agus an-iongantas orm féin.



An Bhean Reamhar bhí agam ann.


L. 93


XXII.



Fuair sí faill chainte liom sul a ndeachas a chodladh.
D'innis sí a sgéal dom — an méid nár hinnsigheadh cheana
dhom san litir.



Ó d'fhágas féin an taisbeántas, ó'n oidhche úd fad ó nuair
a chuireas an clampar ar siubhal, níor éirigh leó. Bhí an
droch-cháil orra. D'imthigh na daoine is fearr a bhí aca.
Thosuigh an Fear Beag Buidhe ag ól …



"Cá'l sé 'nois," arsa mise, "go bhfaighe mé greim air,
go gcuirfidh mé iallach air —"



"An fear bocht!" ar sise.



"Cá'l sé, adeirim? Cá'l sé?" arsa mise agus cuthach
orm.



"Fainic thú féin air," ar sise, "fainic thú féin, a chuid."



Ní innseochadh sí dhom cá raibh an bitheamhnach. Acht
b'fhacthas dom uirri go raibh sí cinnte dearbhtha go raibh
seisean ar tí mo mharbhtha. 'N-ár suidhe ar lic na
fuinneóige, taobh amuigh, bhíomar 'nós nach gcloisfeadh
muintir an tighe an cómhrádh. Nuair a bhíodh duine ag
gabháil tharainn, bhí orainn a bheith 'n-ár dtost go
n-imtheóchadh sé. Bhí duine ag gabháil thart ar an bpointe
seo, is b'éigin domh-sa leigint orm nach raibh cuthach orm.



"Céard a thug annseo thú?" adeirim-se.



"Ó sgaras leat," ar sise, "ó d'fág tú liom féin
mé," ar sise ag tabhairt súil na glasóige orm, ní
dheárnas aon mhaith. Mar dubhras leat 'san litir bhíos ag
cailleadh na feóla i n-aghaidh an lae le cumha 'do
dhiaidh … Ceapadh 'san deire nach raibh mé sáthach
reamhar ar chor ar bith le bheith 'mo fheic … féach
anois mé," ar sise ag éirghe 'n-a seasamh, "nach iomdha
bean d'fheicfeá níos raimhe go mór ná mé?"



Ní raibh sí ag rád acht an fhírinne. Bhí lóchrán sráide
ar a cúl, agus bhí an-amharc agam uirri. Cuma cé'n chaoi
ar chaill sí an fheóil bhí an fheóil mhór caillte aici, acht
go dtiubharthá bean reamhar uirri fós féin, gan éagcóir a
dhéanamh uirri acht a oiread.



"Ar ndóigh, b'éigin dom slighe bheatha eile a ghlachadh
chugam," ar sise, "táim ar aimsir annseo. Tá sean-
aithne agam ar mhuintir an tighe. Acht maidir le Alf bocht —


L. 94


b'in é an fear beag buidhe — rinne seisean a dhíceall mé
leigheas. Na biadhtha is buirbe agus na dighthe is cumhach-
taighe, an sógh agus an suaimhneas tugadh dhom iad. Acht
ní raibh aon mhaith ann. Ní raibh aon ghoile agam, le
cathughadh 'do dhiaidh dá n-abróchainn focal fút,
cheapfá gur ar mire bhíodh sé. Seachain thú féin air!
Seachain thú féin air, adeirim!"



Shuidh sí le mo thaobh arís. Tháinic na deóir 'n-a súilibh.
Do cheapas go raibh sí ar tí mo phogtha agus mo fháisgthe
mar rinne sí go minic cheana, acht ní dheárna sí acht greim
fhagháil ar mo láimh agus féachaint orm go cásmhar.



Chuaidh Iodálach thart agus gléas ceóil aige. Thosuigh sé
ar fhonn a sheinnt dúinn ar an orgán.



"… Dheamhan cuimhne a bhí agam," ar sise ag
fáisgeadh barróige orm, "dheamhan cuimhne a bhí agam go
mbéadh an oiread de'n ádh orm is go gcasfainn leat-sa
annseo."



"Acht cár fhág tú an bioránach buidhe?" arsa mise.



"An fear bocht!" ar sise. "An fear bocht! Nach air
a bhí an mí-ádh? Nach air atá an droch-bhail? Mo thruaigh
é anocht! Sos á suaimhneas ní bhfuair sé ó'n lá ar chuir
túsa an t-achrann ar bun, agus an fear bocht! ní raibh
aon cheart agad a dhéanamh, agus gan é bheith ag iarraidh
acht mise agus tusa a chur faoi bhrat an phósta. Ní raibh
aon cheart agad a dhéanamh, má bhí an braoinín beag ólta
féin agad …"



"Acht céard d'éirigh dhó?"



"Ó, muise! níor éirigh dhó acht gur briseadh suas a
thaisbeántas breágh a bhí ós cionn dhá fhichid bliadhain ar an
mbóthar. Ní rabhas féin ann, nuair a tháinic an chreach mhór —
dhá mbeadh, ní fhágfadh sé croidhe ar bith ionnam a leithéid
de thaisbeántas breágh fheiceál dhá sgaipeadh — acht ní raibh
aon bhaile mór dá dtéidheadh sé ann, nach mbíodh litreacha
'sna paipéir roimh se ag fógradh do'n tsaoghal láimhe cé
na hiongantais bhréagacha a bhí aige. Mo chreach agus mo
chrádh! Rinne na litreacha bréagacha úd an tubaisde
orainn —"



"Acht cé bhíodh ag sgríobadh na litreacha?"


L. 95


"Cheap seisean i gcomhnuidhe gur tusa sgríobh iad. Sin
é chuir olc air."



"Mise?"



"Is minic adubhairt sé nach raibh éinne eile ann le n-a
sgríobhadh acht tú. "An sramhachán leath-chosach" — sin é an
t-ainm a thugadh sé ort — "sin é tá 'ghá sgríobhadh" deireadh
sé. Acht bhí aimhreas orm féin. Níor cheapas go sílfeá
an taisbeántas a chreachadh agus mise ann … acht ní
chreidfeadh seisean ó'n tsaoghal nach tú a bhí ag déanamh
an mhilleáin — ní chreidfeadh — agus, a chara mo chroidhe, chuaidh
sé ar a dhá ghlúin thíos i Sligeach agus thug sé mionn go
mbéadh do chuid fola aige … Óra! a stóir mo
chroidhe thú — fainic thú féin air — tá an sgian fhada aige fós
agus faobhar uirri. —"



"— sgian a bhfuil lorg na fola uirri fós féin! dhá
pighin! Dhá phighin an duine!" arsa mise ag déanamh aithris
ar an bhFear Bhuidhe.



"Ní adhbhar magaidh chor ar bith é," ar sise, agus briseadh
ar an ngol uirri, "acht bhítheá ag magadh fúm-sa i
gcomhnuidhe — sin nós a bhí agad … Acht céard a
dhéanfá dá marbhóchadh sé thú? … Óra, a dhuine!
Dá bhfeicteá é! (A dhá láimh i n-áirde aici agus na súile
tugtha ar an spéir aici.) Dhá bhfeicteá thíos i Sligeach é
agus é le cuthach! Chuaidh sé ar a dhá ghlúin i lár an bhóthair
an oidhche a mb' éigin dó an chathair a thréigeadh, agus
thosuigh sé ag labhairt leis an sgin fhada, mar bheadh sí beó,
agus dubhairt: — "Dubhras go raibh rian fola ort cheana,"
ar seisean; "beidh a chuid fola-san ort sul a dtí i bhfad."
Mh'anam go ndubhairt sé é ar uair mhairbh na hoidhche, i
lár an bhóthair uaignigh úd thíos i Sligeach. A dhuine! a
dhuine! chuirfeadh sé uathbhás ort! Agus an sgian fhada
fhaobhrach ag deallramh faoi lonnradh na gealaighe! Ochón!
ochón! (Thosuigh sí ar a bosaibh a ghreadadh.) Ba mhillteach
an radharc é! —"



Tháinic an smigeadh gáire a bhíos ag iarraidh a chosg ó
thosuigh sí ar eachtra an fhir bhuidhe a aithris ar mo bhéal gan
buidheachas dom. Chonnaic sise an smigeadh sin.



"Dá bhfeicteá é," ar sise, agus tháinic na deóir 'n-a
súilibh, "ní gáiridhe a dhéanfá. Ní gáiridhe a dhéanfá, dá


L. 96


mbeadh a fhios agad an imnidhe a bhí orm ó sgapas leis,
fhaitchíos go dtagadh sé treasna ort, agus go sáithfeadh sé
thú … Is minic a d'éirigheas as mo chodladh i lár
na hoidhche agus an fuar-allus ag tuitim anuas díom, an
áit a mbíodh droch-bhrionnglóid agam. Tháinic brionnglóid
chugam tá seachtmhain ó shoin ann, agus bhí tusa agus Alf
ann —"



"— Ná tabhair Alf air feasda," adeirm-se; "tabhair
an Fear Beag Buidhe air." Sin é an t-ainm is mó a
thaithnigh liom.



"— Bhí tusa agus A-A-l — agus an Fear Beag Buidhe
ann. Ar dhearcadh dhom ort-sa an dara huair, bhí tú ar
lár. Bhí seisean ós do chionn. An sgian fhada fhaobhrach
úd 'n-a ghlaic, agus í ag deallradh faoi lonnradh na
gealaighe, mar bhí an oidhche úd ar bhóthar Shligigh. Leigeas
sgread, agus dhúisigheas … Bhí sibh os comhair mo
shúl agus mé 'mo dhúiseacht féin. Is beag nach ndeachas i
laige."



Bhí an-chion aici orm go dearbhtha. Bhíos ag iarraidh
dhéanamh amach cé'n fáth go mbéadh cion aici ar dhuine de
mo shaghas, agus an bheirt againn 'n-ár suidhe ar leic
fuinneóige an tighe loistín faoi shoillsiughadh an lóchrain
sráide. Bhíos ag déanamh machtnaimh ar ar aithnigheas de
mhnáibh ariamh, agus na tréithre a bhain dóibh. Bhí mná deasa
agus mná gránna, mná a mbeadh cion agad orra agus
mná nach mbéadh, ar m' aithne. Cad chuige go dtugaid
searc a gcroidhe d'fhear seachas fear eile? Agus an dara
fear níor deise 'n-a bhealach agus 'n-a mhéin ná an chéad
duine de réir baramhla gach n-aoin, acht amháin an bhean!
Acht is dócha nach bhfeiceann siad neithe ar an mbealach
céadna linn-ne. Bhfuil beirt bhan ar bith d'fheicfeadh an
áilleacht chéadna i bhfear? … Nuair fheiceas, bíonn
achrann ann … Acht ní'l réidhteach na ceiste agam
go fóill. Ní'l baoghal orm …



Bhíos ag machtnamh chomh dian nár airigheas lámh na mná
raimhe timcheall ar mo mhuinéal. B'fhéidir nach raibh fhios
aici féin go raibh a lámh ann, mar bhí sí go smaointeach
agus í ag feachaint i bhfad uaithi. Ní hé an lóchrán sráide
a bhí i bhfogus dúinn, ná na tighthe beaga suaracha a bhí ar


L. 97


an taobh eile de'n tsráid, ná na daoine a bhí ag dul thart
a chonnaic sí, acht rud a bhí i bhfad níos áilne, agus níos
seanda agus níos taithneamhaighe, dar léithi féin.



Nuair a chuireas-sa cor díom, briseadh isteach ar
mhachtnamh na mná. Bhain sí a lámh de mo mhuineál mar
bheadh sí ag iarraidh a dhéanamh i ngan-fhios dom, agus dhearc
sí orm mar dhearcfadh aingeal a chosanta ar dhuine a bheadh
ag dul i n-ócáid an pheacaidh, agus dubhairt:



"Seachain thú féin air, a chuid."



Bhaineas an piostal a cheannuigheas ó'n mairnéalach as
mo phóca.



"Béad-sa ullamh 'n-a chomhair," arsa mise ag tasbáint
an phiostail dhi.



Nuair a d'fheicfeadh sí go raibh piostal agam-sa, agus
go rabhas ullamh 'n-a choinne, ar ndóigh, shíleas go mbeadh
luthgháir uirri. Acht go bhfeicidh Dia an t-ádh ort! Ní
hamhlaidh a bhí. Thosuigh sí ag tabhairt na súl, agus níor
fhan aon chaint aici feadh i bhfad. Daoine a bhí ag dul thart,
cheapadar go ndeárnas rud eicínt uirri a chur ag caoineadh
í. Sheas cuid aca le réidhteach a dhéanamh, acht nuair a
thuigeadar nach raibh aon achrann ar bun, d'imthigh leó.
Nuair a tháinic an chaint chuici ní chloisfeá uaithi acht na
focail: "Sgeana agus piostail agus fuil!" "rún dain-
gean aca a chéile a mharbhadh!" "Ó, a Thighearna! nach
cráidthe atáim!"



Bhíos ag imtheacht nuair adubhairt sí, "Leig dom thú
phógadh."



Leigeas. Bhí truaigh agam dhi. Bhí sí go cráidhte
buaidheartha gan aimhreas.



Chuadhas isteach agus thugas an leabaidh orm féin.



Bhí an fhuinneóg a bhí le hais mo leabthan ós cionn na
fuinneóige ar a rabhamar 'n-ár suidhe. Bhí sise ann fós.
Níor fhéadas aon chodladh a dhéanamh go ceann i bhfad.
Bhíos dhom' chaitheamh féin ó thaobh go taobh 'san leabaidh,
agus ag éisteacht le sranntach na ndaoine a bhí i n-aon
tseómra liom.



Cad chuige a raibh sí chomh faiteach go n-éireóchadh aon ní
do'n Fhear Bhuidhe? Shíleas go mbeadh aiteas uirri é fheiceál
ar lár Acht ní raibh. An raibh cion aici ar an duine úd


L. 98


freisin? Agus i n-éis a ndeárna sé uirri! Is deacair
intinn mná a thuigsint. Agus nach dána agus nach amaideach
an fear adéarfadh gur thuig? Féach an Fear Beag Buidhe
úd agus tá cion aici air! Cad chuige? Caithfead ceist a
chur uirri i mbárach …



Acht, ní éad a bhéadh orm leis siúd, cheapas, agus bhris
smigeadh gáire amach ar mo bhéal.



Chuirfinn an cheist uirri i mbárach … leis an sgéal
a réidhteach — le fios fátha an sgéil fhagháil …



Chualas an Bhean Reamhar ag dul a chodladh 'san seómra
ab' fhogus dúinn, sul ar thuit aon néal orm féin.



XXIII.



Dúisigheadh tamall beag roimh an deich a chlog mé. Ní
raibh a fhios agam céard a dhúisigh mé, mar ní raibh 'san
sheómra acht beirt, agus bhíodar-san 'n-a dtrom-chodladh de
réir gach cosamhlachta.



Bhíos ag cuimilt mo shúl agus ag ceapadh néal beag eile
bheith agam, nuair a buaileadh an fhuinneóg a bhí lem' ais go
haireach le slait. D'árduigheas amach. Cé d'fheicfinn 'san
bhfuinneóig eile — fuinneóg a seómra féin — acht an Bhean
Reamhar, agus an tslat 'n-a glaic aici.



"Nach deacair thú a dhúiseacht?" ar sise.



"Bhí trom-chodladh orm."



"Seo cupán tae agus ruainne aráin ime … déan-
faidh sé maith dhuit," agus sheachaid sí an lón dom, "bhíos
leath-uair ag iarraidh 'do dhúiseacht … ar ndóigh, ní'l
an bheirt eile 'n-a ndúiseacht," ar sise.



"Ní'l — acht céard a bhí ort nár thug tú isteach é?" arsa
mise.



"Go bhféachaidh Dia ort!" ar sise, "ní'l eólas na háite
seo agad fós. Ar ndóigh, tá glas ar an doras sin agaibh-se
ag Brighid."



"Glas ar an doras! 'Tuige a mbeadh glas ar an doras
aici?"


L. 99


"Ar fhaithchios go n-imtheóchadh na daoine a thagas isteach
ar chíos oidhche i ngan-fhios dhi … acht tá sí féin ag
teacht, cluinim torann a bróg ar an staighre …
Feicfidh mé ar ball thú," agus d'imthigh a ceann go tobann.



Bhíos ag ól an tae agus ag déanamh mo smaointe. An
bheirt eile a bhí 'san seómra, chuirfidís cor díobh anois agus
arís, agus leigfidís osna. Thíos uaim san tsráid bhí na
daoine ag gabháil thart, ag gabháil thart i gcomhnuidhe.
Chualas guth "An Chasúir" thíos fúm. Ba dhóigh liom gur
ar leic na fuinneóige ar ar shuidheas féin agus an Bhean
Reamhar aréir a bhí sé. Ní raibh an tae ólta agam gur
chualas a ghnáth-fhocal "Sin tairnge eile i gclár agam."
Bhí a bhean, Brighid, le clos freisin. Bhí sí ar a dearg-
dhícheall ag obair, acht mar sin féin, sgaoileadh sí rann uaithi,
anois agus arís, ar an mbealach seo:



"Do raghainn-se go dtí an t-aonach leat,
A Eibhlín a rúin:
Do raghainn-se go dtí an t-aonach leat,
A Eibhlín a rúin:
Do raghainn-se thar sáile leat …"



Nuair a bhíodh an méid seo ráidhte aici, thosóchadh sí ar an
rann an ath-uair, díreach is dá ndíbreóchaidhe an chuid eile
dhe as a ceann le méid a saothair. Bhí an bhean reamhar
féin le clos agam, acht ní haon rann a bhí aici sin, má bhí
gleó mór féin dhá dhéanamh aici, rud a bhí.



Acht céard a bhí uirri siúd go dtug sí cion do bheirt fhear
i n-aondtigh? Mé féin agus an fear beag buidhe! Ní
raibh a leithéid de mhnaoi eile le fagháil! Agus an bheirt
dá dtug sí gean a bheith chomh mór sin i n-aghaidh a chéile!
Agus gan aon chosamhlacht a bheith eatorra, i méin, ná i
dtréithribh, ná i bpearsain! Dá mbadh áluinn léithi duine
aca, ar ndóigh, badh chóir go mbeadh sí gan aon tsuim a
chur 'san duine eile? Bhí an sgéal i n-aimhréidh orm. Acht
bhíos ceaptha agus lán-cheaptha a réidhteach. Bhí sé ag
déanamh buaidheartha dhom, acht thosuigheas ag gáiridhe nuair
a smaoineas go raibh mé ag cur suime innti. Ní hinnti
a bhíos ag cur na suime acht 'san gceist úd a bhí ag déanamh
buaidheartha dhom …


L. 100


Bhí sí taobh amuigh de'n doras le cabhrughadh liom síos an
staighre.



"Má tá uain agad," arsa mise nuair a bhíomar 'n-a bhun,
"badh mhian liom beagán cainte a dhéanamh leat i n-áit
eicínt nach gcuirfidhe isteach orainn."



Bhí iongantas uirri. Acht má bhí, bhí áthas uirri freisin
gur chuireas an oiread sin suime innti, is go labhairfinn
léithi, gan í a theacht le labhairt liom-sa i dtosach.



Chuamar go stábla a bhí ar chúl an tighe loistín faoi am
dhinnéara. Ní raibh capall ná aon bheithidheach eile ann.
Shuidheas ar chloich, a bhí ag congbháil an dorais ar osgailt.
Shuidh sise ar an bhféar ós mo chomhair amach. Ní raibh a
fhios aici faoi cheithre áirdibh na cruinne céard a bhí le rádh
agam léithi. Choinnigh sí a dhá súil orm go mbeadh fonn
orm labhairt, rud nár fhéadas a dhéanamh go ceann sgathaimh.
Ní raibh a fhios agam cé'n bealach a dtosóchainn.



"Tá cion agad orm-sa," arsa mise léithi faoi dheireadh.



"Nach bhfuil fhios agad féin go bhfuil?" ar sise, agus
tháinic luisne 'n-a gruaidh.



"Agus tá fhios agad go ríogh-mhaith nach bhfuilim féin
agus an Fear Buidhe mór le chéile."



"Tá fhios."



"Tá tusa mór leis. B'fheárr leat é is dócha ná —"



"Ná duine ar bith eile — acht thú féin," ar sise.



Bhí fearg ag teacht orm.



"Cad chuige thú bheith chomh geanamhail sin leis? Nach bhfuil
fhios agad go maith nach raibh sé do do bheathughadh le togha
gach bídh acht le n-a phóca a mhéadughadh? Nach ndeárna sé
thú chomh reamhar le — le — le — le — ní heól dom cé'n rud — le
iongantas a dhéanamh dhíot le tuilleadh airgid a bhaint asad?
Bhfuil náire ar bith ort? Bhfuil meas ar bith agad ort féin?
Mo ghráin thú!"



Má bhí fearg orm, ní i ngeall ar a ndeárna an Fear
Buidhe uirri é, acht i ngeall ar a ndeárna sé orm féin.



"Tá — an-chion agam — air," ar sise, agus a ceann fúithi,
"acht tá cion agam ort-sa freisin."


L. 101


Sháruigh sé sin a bhfacas ariamh! Bhí cion aici ar an mbeirt!
Phósfadh sí an bheirt dá bhféadfadh sí é! Acht bhí náire uirri.
Bhí a ceann cromtha fós aici. Nár mhaith an comhartha é
sin?



"Dá mbéadh sinn-ne pósta," arsa mise le baint aisti,
"an mbéadh grádh agad dhó annsin?"



"Bh — bh — bhéadh," ar sise.



"Agus bhéadh grádh agad dhomh-sa freisin, nach mbéadh?"



"Bhéadh. Bhéadh. An-ghrádh."



Bhí an mí-ádh uirri. D'fhanas féin tamall 'mo thost.
Cheapas go raibh sise ag caoineadh, acht d'éirigh sí de gheit,
agus rug sí greim láimhe orm. Choinnigh sí greim chomh
cruaidh sin orm nár fhéadas an lámh a thabhairt uaithi. Dhearc
sí go truaighmhéalach orm. Bhí sí corruighthe.



"Má leigim mo rún leat," ar sise, "ní innseóchaidh tú
do aonneach beó é."



"Ní innseóchad."



Bhí sí tamall 'n-a tost, agus a ceann fúithi. Annsin
dubhairt sí:



"'Sé m'athair é."



Is beag nach ndeachas i laige.



"Acht dubhairt sé liom nár phós sé ariamh," arsa mise,
nuair a tháinic an chaint chugam.



"Níor phós. Acht is 'san teach seo rugadh agus tóigeadh
mé go ndeachas i n-aondtigh lem' athair 'san taisbeántas,"
agus mhínigh sí an sgéal dom, acht ó nach bhfuil aon bhaint
aige le mo sgéal féin ní bhacfad leis.



Nuair a bhí an sgéal innsighthe aici ghread léithi go tobann.
Thosuigheas féin ag machtnamh, agus d'fhanas chomh fada 'san
machtnamh sin go dtáinic gealbhann beag dána a bhí ag
tóiridheacht bídh ar an urlár chugam, agus gur sheas ar bhárr
mo mhaide croise, a bhí leigthe isteach le mo ghualainn.



B'é toradh an mhachtnaimh úd nach raibh duine ar bith eile
ann a bhí chomh dall liom féin, nár thuigeas cé'n gaol a bhí
ag an bhFear Bheag Bhuidhe leis an Mnaoi Reamhair úd a
cheap sé thabhairt dom mar chéile.


L. 102


XXIV.



Tá ráithe curtha dhíom agam i dtigh lóistín "An Chasúir."
Bím ag obair trí lá 'san tseachtmhain i dtigh ósta — an teach
céadna ar casadh an Bhean Mhór Ruadh liom i dtosach. Ag
glanadh na soitheach agus na mbuidéal 'san soiléar a bhím,
acht ní fhághaim mórán air i ngeall ar an leath-láimh agus an
leath-chois a bheith caillte agam.



Ó tá saoire agam indiu, níor bhacas le héirghe. Táim
'mo luighe ar an leabaidh 'san tseómra mhór, cois na
fuinneóige úd thríd ar chuir an Bhean Reamhar an cupán tae
chugam an chéad mhaidin annseo dhom, agus le ceart a
thabhairt di, níor dhearmad sí aon mhaidin ó shoin mé. Tá
grian an gheimhridh go soillseach isteach thríd an bhfuinneóig;
tá glórtha beaga boga na bpáisdí chugam isteach ó'n tsráid,
agus an bheirt fhear a tháinic isteach go deireannach aréir,
agus iad ólta, nílid ag cur isteach orm, óir mór dhúisigheadar
fós. Tá "An Casúr" féin 'n-a shuidhe ag doras na sráide
ag congbháil cainte le duine de na lóisteóiríbh. Tá mór-
sheisear nó ochtar eile dhíobh ag imirt cártaí agus ag ól leanna
san tseómra is goire dhom. Cluinim ag easgaine agus
ag achrann le chéile ó am go ham iad.



Tá na páipéir seo atá breactha agam caithte ar gach taobh
dhíom ar an leabaidh, acht ní thig liom a dhul ar aghaidh le
mo sgéal faoi láthair. Na smaointe cheapas a nochtadh
imthigheann siad uaim go tapaidh. Nílim i n-an' greim
fhagháil orra, mar déarfá. Táim mí-shuaimhneach mí-shásta
liom féin agus leis an saoghal. Is cosamhail le sean-leomhan
a bhéad gonta nó iolar na haille a chaillfeadh lúd na sgiathán
mé, agus mé ag cur mo chroidhe amach le díombáidh agus le
neamhdhóchas nach bhféadaim mo shaoghal a chaitheamh mar ba
dhual do dhuine. Nach mé tá tuirseach de'n áit seo? Nach
mé tá tuirseach de'n dríodar seo atá ar lóisdín ag "An
gCasúr"? Nach agam atá an ghráin do'n dream úd atá ag
easgaine agus ag tabhairt na mionn 'san tseómra is goire
dhom! Na sráideanna beaga suaracha gránna! An saoghal
gránna fealltach a nochtuighthear gach lá ós comhair mo shúl!
An crádh agus an brón agus an tuirse croidhe agus an
gábhatar! An bhochtanacht atá ós a gcionn, 'n-a sgamall


L. 103


mhór, an galar colna agus anma is uathbhásaighe dá bhfuil
ann! Ó, a Thighearna, dá bhféadfainn imtheacht as! Dá
bhféadfainn mo sgamhóga a líonadh arís le gaoith ghlain úir
na hÉireann! Dá séidtí chugam, thríd an bhfuinneóig seo
lem' ais, smathamh beag de'n ghaoith atá ag corrughadh
brollaigh Chuain na Gaillimhe indiu! Acht ní'l sin i ndán
dom. Is dócha nach bhfeicfead an cuan breágh mór-leathan
úd arís go bráthach, nó an chathair úd atá ar a bhruach, nó
an loch úd na n-oileán craobhach, nó na sléibhte móra árda
a bhíodh i bhfad uam agus mé 'mo pháisde, le go ndéanfainn
síor-iongnadh díobh …



(Caithfidh mé mo sgíth a leigint: ní féidir liom focal a
sgríobhadh leis an torann agus leis an ngleó agus leis an
achrann atá ar siubhal ag lucht na gcártaí.)



… Acht ní'l carcar, dá, dhoimhne é, nach mbíonn sólás
éigin ann. Gabh i leith annseo, agus féach ar an bhfear mhór
fhéasógach atá 'san teach úd thall. Tig liom-sa é fheiceál
gan mo cheann a thógbháil dhe'n phiolúr. Tá sé ag gabháil ag
obair. Ní fhillfidh sé go mbeidh sé an dó a chlog anocht.
Tá an chlann 'n-a thimcheall. Pógann sé gach duine aca go
díl, acht bheir sé dá phóig dá mhnaoi … thugas faoi
deara cheana é, ag sgríobhadh na staire seo dhom, agus bhíos
éadmhar. Bhíos éadmhar go raibh saoghal sona aige-san, agus
saoghal dona agam féin. Thagadh na céadta pioctúir ós
comhair mo shúl nuair d'fheicinn an fear úd thall, agus a
bhean agus a gcúram. D'fheicinn teach beag deas ar
chiumhais coille; bean agus páistí ann, gean agus grádh aca
orm féin … an saoghal a cheapas a bheith ag an bhfear
a bhí 'san teach beag úd thall, a bhí do dhíth orm-sa …



Dá bpósfainn an Bhean Reamhar nach dtóigfeadh sí clann
dom? Mara raibh aon tsuim agam innti, nach raibh mórán
eile 'san gcás céadna nuair a phósadar? Agus nár mhinic,
agus nár rígh-mhinic tháinic an gean nuair a bheadh an
pósadh déanta? Ní chuireann sí aon ghráin orm anois mar
a chuireadh go minic nuair a bhíomar i n-aondtigh leis an
bhFear Bhuidhe. Go cinnte, ní hé ar chaill sí de'n feóil a
d'athruigh ar an nós sin mé. Ní hé sin é, acht an chaoi a
mbíodh sí ag iarraidh gach ní a dhéanamh dhom. Dá mbeadh
cnaipe caillte agam as mo bhrísde, cé chuireadh ceann eile


L. 104


'n-a leabaidh acht í? Dá mbeadh mo léine gan nighe, cé
nigheadh í? Dá mbeadh sí caitthe, cé d'fhágadh ceann eile
faoim' adhairt? Bhí dearg-ghráin agam uirri ar dtús —
anois, nach minic a leig mé dhi mo phógadh? … B'fhéidir,
amach annseo nuair a bhéad tuilleadh eólais agam uirri,
nuair a bheadh sinn i gcuideachtain a chéile i bhfad, agus
nuair a thóigfeadh sí clann dhom — b'fhéidir annsin go mbéadh
gean agam uirri? … An chéad uair eile, sul iarras
sí cead orm mé phógadh, bhéarad féin póg i dtosach dhi.



An fear atá 'san teach úd thall, tá dearmad déanta aige
ar rud eicínt. ('Séard a leigeas orm acht gur le n-a mhnaoi
a fheiceál arís d'fhill sé ó bhí an uain aige chuige). Buaileann
sé amach agus órd mór ar a ghualainn aige. Bhí fearg orm
nár fhill sé le n-a mhnaoi fheiceál arís, mar cheapas …



… Acht tá gráin agam orm féin! Nár fheicidh Dia
an t-ádh orm! Nach bhfuilim chomh dona leis na hughdair úd
a cheap nach raibh 'san saoghal seo acht taithneamh gréine agus
blátha áilne agus páirceanna breágha glasa 'n-a mbíonn na
nóiníní agus na buidheáin agus na méaracáin Mhuire ag
cromadh a gcinn, agus ag glacadh comhairle le chéile gach
uair agus gach tráth shéideas gaoth? Nach bhfuil an dul
amudha céadna orm-sa, a chum úrsgéal bréagach faoi'n
duine féasógach sin nár fhill acht le n-a órd a fhagháil, nach
bhfuil an dul amudha céadna orm-sa is bhíos ar na filíbh úd
nach bhfuil i ndá dtrian a saothair agus a saoghail acht
aislingí bréagacha, béithe nár mhair ariamh agus spéar-mhná
nach raibh ariamh 'sna spéarthaibh?



Go dtachtar sibh, a lucht na gcártaí! Cad chuige nach
leigeann sibh dhom mo smaointe a nochtadh? Ní'l aon mhaith
ann: ní fhéadfaidh mé a thuilleadh a sgríobhadh indiu leó.



Cluinim glórtha boga na bpáisdí atá ag déanamh aoibhnis
dhóibh féin thíos fúm ar an tsráid. Rachad 'n-a measg agus
innseochad sgéal dóibh.



Táim 'mo shuidhe ar an gcasán, leathtaobh na sráide, ar
agaidh tighe "An Chasúir" amach. Tá na páisdí bailighthe
timcheall orm, suas le céad aca. Tá na fuinneóga ar
fhosgailt 'san teach lóisdín, agus tig liom a bhfuil ann a


L. 105


fheiceál idir lucht na gcártaí agus eile. Acht ní'l aon áird
ag na daoinibh beaga atá 'mo thimcheall ar an sean-teach
lobhtha atá ag tuitim ó chéile le sean-aois, ná ar lucht na
gcártaí atá ag tabhairt na mionn agus ag ól leanna ag an
bhfuinneóig, ná ar "An gCasúr" atá "ag cur tairnge eile i
gclár," ná ar an tsráid bhig ghránna 'n-a bhfuilmid, ná ar an
droch-bhalad sheóltaoi chugainn ar uairibh ar an ngaoith. Táid
i bhfad ó'n áit; táid i dtír aoibhinn áluinn i bhfad i gcéin,
áit nach mbíonn ocras ar pháisdíbh, ná fearg ar fhearaibh, ná
feall i gcroidhthibh na mban.



"… agus d'imthigh an mac ríogh isteach 'san gcoill
úd a bhí faoi dhraoidheacht, agus casadh óigbhean áluinn
leis …" chualas na focail a bhíos féin a rádh; acht ní
raibh am ag an mac ríogh agus ag an ógmhnaoi aithne chur
ar a chéile go dtáinic fear dá dtugaidís Cing-Cang air,
lóisteóir de lóisteóiríbh "An Chasúir," le cuid de mo lucht
éistthe a mhealladh uaim. Bhí a phóca lán aige, agus thosuigh
sé ag roinnt ubhall ar na páistíbh is lugha a bhí ann.



Duine aisteach atá ann gan aimhreas. Fear foghlumtha
atá ann; ba mhór le rádh é, lá, dubhradh, acht cuireadh cúig
bliadhna príosúntacht' air, agus nuair a tháinic sé ní raibh
sé i n-an' aon cheó a dhéanamh, acht cuireann dearbhráthair
leis deich bhfichead 'san tseachtmhain chuige gach Satharn. Na
tréithre is mó a bhaineann leis an gean atá aige ar pháistíbh,
agus an t-eólas mór atá aige ar theangachaibh.



"Oibrigh leat," ar seisean liom, "ní thuigfeadh mo
dhream-sa do sgéal. Ní'lid sáthach sean fós."



"… agus do labhair an óigbhean leis an mac ríogh,
agus d'innis sí dhó cá raibh an crann draoidheachta a raibh
na hubhla órdha ag fás air, agus d'imthigh leó, beirt cos
ar chois go dtáinic siad go dtí an crann …"



Ní raibh cuid de na páisdíbh a bhí le Cing-Cang sásta nach
raibh sé ag tabhairt a thuilleadh ubhall dóibh. Ó am go
ham, do cuirtí lámh bheag bhídeach isteach i bpóca na n-ubhall,
acht nach leigfeadh seisean air go raibh an lámh ann go mbíodh
an t-ubhall bainte amach as a phóca. Annsin do bhéaradh
sé ar an láimh bhig, do bhaineadh sé an t-ubhall aisti, agus
do bhéaradh do pháisde eile é. Ní raibh a sháith ubhall aige le
ceann a thabhairt do gach páisde, agus nach ann a bhí an
t-achrann nuair a bhí sé 'ghá roinnt!


L. 106


Níor fhéadas féin aon cheó a dhéanamh leis an dream óg
úd a bhí le Cing-Cang. Bhíodar ró-óg leis na sgéaltaibh a
thuigsint, agus bhíodh eagla orra rómham, bhí m' éadan comh
casta millte sin, acht mar sin féin, thagadh duine aca a
raibh an dánaidheacht ann, anois agus arís, agus sháitheadh
sé a cheann catach isteach faoim' uilinn agus rian na
milseán ar a bhéal.



"… Bhí gaoth mhaith láidir ann an lá sin, agus do
sheas an óigbhean áluinn agus an mach ríogh faoi bhun an
chrainn, agus do chualadar an ceól ba bhinne dár chuala
cluas duine, ó na hubhlaibh órdha nuair a buailtí i n-aghaidh
a chéile iad …"



Tháinic solus i súilibh na bpáisdí bhí ag eisteacht liom agus
b'é an solus úd a tháinic 'n-a súilibh a mbuidheachas do'n
sgéalaidhe. Ní raibh uaim acht an solus sin fheiceál, mar bhí
a fhios agam annsin gurab é ceól na n-ubhall n-órdha a bhí
'n-a gcluasaibh agus nár chualadar ceól an mhelóideon a
bhí 'ghá sheinnt i dteach lóisdín "An Chasúir" ar chor ar
bith. Agus gach uile uair d'fheicinn an solus sin 'n-a súilibh
d'fheiceadh na páisdí an solus céadna — (solus nár bh' eól
dóibh a bheith 'n-a súilibh féin), d'fheicidís 'mo shúilibh-se é
agus bhíodh iongnadh croidhe orra.



Ní mórán de na hubhlaibh órdha bhí bainte ag an mac ríogh
gur cuireadh isteach orm féin. Chualas duine ag glaodhach
orm ós árd:



"A Mhichil! a Mhichil!"



Thógas mo cheann, agus cé d'fheicfinn i bhfuinneóig de'n
teach lóisdín acht an Bhean Mhór Ruadh.



"A Mhichil! a Mhichil!"



"Ní bheidh mé nóiméad uait," arsa mise 'mo shean-bhéic.



"Déan deifir! Déan deifir! Tá sgéal mór agam," ar
sise.



Cheapas mo sgéal féin a chríochnughadh i dtosach, acht ní
leigfeadh sí dhom. B'éigin dom a dhul isteach. Chuala lucht
na gcártaí an chaint agus thosuigheadar ag magadh fúinn
Ag dul suas an staighre dhom, chualas duine aca ag
tosnughadh ar sgéal (a mb'éigin dom féin a chlos maidin dá
raibh glas ar dhoras ár seómra codlata ag Brighid), sgéal
a bhí ró-gháirseamhail le hinnseacht i n-aon áit acht i dtóin
ifrinn.


L. 107


Bhí áthas orm nuair chonnaiceas beirt nó triúr dá raibh ar
lucht na gcártaí amuigh ar an tsráid 'n-a dhiaidh sin. Níor
fhanadar leis an sgéal.



XXV.



An Bhean Mhór Ruadh d'osgail an doras dom.



"Suidh annsin," ar sise go mí-mhúinte.



Shuidheas ar an gcathaoir. Dhearcas uirri. Is iomdha duine
chonnaiceas le cuthach le mo linn, acht a leithéid siúd ní fhacas
go dtí sin. Bhí a dhá súil ar lasadh. Bhí anfadh 'n-a gnúis.
Bhí buile 'n-a glór.



"Agus tá tú le pósadh!" ar sise, agus rinne sí an-
iarracht ar a rádh go leanbach neamh-urchóideach, acht theip
uirri.



D'fhéachas féin uirri. D'fhéachas thart thimcheall an tseómra.
Bhí an Bhean Reamhar 'san gcúinne ab' fhuide uaim agus
creathadh géag uirri. Bhí a héadan chomh bán leis an sneachta
séidte, agus an fuar-allus léithi.



"Agus tá tú le pósadh!" ars' an Bhean Mhór Ruadh
arís. "Molaim do rogha," ar sise, agus d'éirigh léithi an
fhearg a bhí uirri a cheilt.



Cheap an Bhean Reamhar bhocht focal éigin a rádh, acht
d'fhéach an bhean eile uirri. D'fhan sí 'n-a tost.



"Agus cheapadar a dhéanamh i ngan-fhios dúinn gan
cuireadh chun na bainse féin a thabhairt dhúinn," ar sise;
bhí sí ag éirghe fonóideach, acht má bhí, ba le teann feirge é.



"Cé dubhairt leat go raibh mé le pósadh? Má tá, cá
bhfuil an bhean?" arsa mise.



"Sin í thall í," ar sise, "agus is breágh mór toirteamhail
an bhean í, bail ó Dhia agus ó Mhuire agus ó dhaoinibh uirri."



Shíleas féin gáiridhe a dhéanamh acht bhí cineál sgátha orm
roimpi. Dá mbéinn leis an Mnaoi Reamhair a phósadh féin,
cé'n gnótha bhí aici-se a chur eadrainn? Cé'n bhaint a bhí
aici leis an sgéal? Nach raibh cead agam a pósadh dá
dtogróchainn é? Acht b'fhéidir go bhfuil grádh ag an Mnaoi
Mhóir Ruaidh féin dhom …



Labhair sí arís.


L. 108


"Gabh i leith annseo, a chuid," ar sise leis an mnaoi eile,
"agus tabhair póg dó."



Chuir an Bhean Reamhar cor-dhi. Do cheapfá gur biorán a
sáitheadh 'n-a ceathramhain. Níor éirigh sí.



"Nach tú tá cúthalach?" ars' an Bhean Mhór Ruadh go
magamhail, "nach bhfuil sean-aithne agam-sa oraibh beirt?"



Níor chorruigh an bhean eile. Bhí sí i riocht a dhul i laige.



"Féachfaidh mise amach thríd an bhfuinneóig," ars' an Bhean
Ruadh, "nós nach bhfeicfidh mé chor ar bith sibh. 'Nois."



Chuaidh sí chuig an bhfuinneóig, agus do dhearc amach. Grádh
bhí aici dhom go cinnte, agus bhí sí éadmhar go raibh an bhean
eile le mé fhagháil. Cheapas greann a bhaint aisti.



"Gabh i leith annseo," arsa mise leis an mnaoi eile,
"agus suidh lem' ais."



"Déan," ars' an bhean a bhí ag an bhfuinneóig gan
féachaint orainn.



D'éirigh an Bhean Reamhar agus tháinic sí chugam go mall.



Shuidh sí ar chathaoir le mo thaobh.



"Tabhair póg dom anois, a chuisle," arsa mise, "aon
phóg amháin."



Bhí an bhean a bhí ag an bhfuinneóig ar buile. Chonnaiceas
a dhá dorn dúnta aici, acht nach í féin adubhairt liom a
pógadh?



"Aon phóg amháin, a chuid," arsa mise chomh lághach is
d'fhéadas é. Bhí eagla orm go bpléasgfainn ag gáiridhe.
Cheap an Bhean Reamhar go rabhas i ndáríribh. Chrom sí ós
mo chionn. Thug sí an phóg dom, acht má thug, thug an bhean
eile leadóg faoi'n gcluais dhi a leag ar shlatrachaibh a droma
ar an urlár í.



"Mo náire thú! mo náire thú!" arsa mise leis an Mnaoi
Mhóir Ruaidh.



"Éirigh," ar sise leis an mnaoi a bhí 'n-a suidhe ar an
urlár, "éirigh, adeirim leat, nó …"



D'éirigh sí.



"Gabh anonn annsin agus fan thall 'san áit ar chuireas
thú. Má chorruigheann tú —"



Chuaidh an Bhean Reamhar anonn. Thug an bhean eile aghaidh
orm-sa.


L. 109


"Is beag a bheireadh orm," ar sise, "an íde chéadna
thabhairt ort-sa. Marach an bhail atá ort," ar sise, "bí
cinnte nach rachthá saor. Go ndéanfadh mac t'athar is do
mháthar a leithéid! go bpósfadh sé inghean an gheócaigh! go
bpósfadh sé í síud! féach uirri! féach uirri!



"Nach bhfuil cead agam mo rogha dhuine a phósadh?" arsa
mise le baint aisti.



"Ó tá, tá," ar sise go sgigeamhail.



D'osgail an Bhean Reamhar a béal le labhairt. D'fhéach
an bhean eile uirri. D'fhan an béal ar osgailt. Bhí lucht
na gcártaí ag canadh amhrán. Bhí na páisdí ag déanamh
grinn dhóibh féin ar an tsráid; "An Casúr" ag díos-
bóireacht ag an doras; mé féin agus an bheirt bhan ag
achrann 'san seómra, má's ag achrann a bhíos féin, acht
níor bh' eadh acht ag déanamh grinn dhom féin. Beirt bhan i
n-éadan a chéile i ngeall orm! I ngeall ar dhuine dhem'
shórt-sa! Agus an bheirt úd! Cé cheapfadh ar an Mnaoi
Mhóir Ruaidh é! Cé cheapfadh nach gean máthardha thug sí
dhom? Acht níor bh' eadh! Dá mbéadh, an mbéadh cuthach
uirri nuair a shíl sí go rabhas féin leis an mnaoi eile a
phósadh? Bhí sí éadmhar. Leigeas orm féin go raibh mé
an-gheanamhail leis an Mnaoi Reamhair; cheapfá orm go mba
ghile liom í ná a rugadh ariamh de mhnáibh. Ba dhóigh léithi-se
go raibh mé i ndáríribh, agus má bhí sí faiteach féin, bhí
ríméad an domhain uirri nach raibh ag éirghe leis an Mnaoi
Mhóir Ruaidh an cleamhnas a bhriseadh. Agus ar ndóigh,
cheap an Bhean Ruadh go raibh an cleamhnas ann, agus ní raibh
uaim acht go gceapfadh sí é. Is agam a bhí an greann!



"Bhfuil tú sásta an cleamhnas seo atá déanta agad le
hinghin an gheócaigh a bhriseadh?" ars' an Bhean Mhór Ruadh.



"Ní'l," arsa mise.



"Bhfuil tú sásta an cleamhnas a bhriseadh?" ar sise an
darna huair.



"Ní'l," arsa mise go dána.



"Bhfuil tú sásta an cleamhnas a bhriseadh?" ar sise an
tríomhadh huair.



"Ní'l," arsa mise agus fonn gáiridhe orm.



Níor dhubhairt sí focal eile acht a dhul chuig an doras agus
a ghlaodhach ar Bhrighid. Tháinic sise.


L. 110


"Tabhair dhom an eochair," ars' an Bhean Mhór Ruadh.



"Nach bhfuil sé sáthach —" arsa Brighid, acht chuir an
Bhean Mhór Ruadh isteach uirri, agus ní raibh a fhios céard a bhí
fúithi a rádh.



"Tabhair dhom an eochair," ar sise go bagarthach.



Fuair sí í. D'imthigh léithi ag cur glais ar an doras 'n-a
diaidh.



"Brisfear an cleamhnas seo anocht," ar sise ag gabháil
amach dhi. "Mise mo bhannaidhe go mbrisfear."



Phléasgas féin. Chuadhas 'sna trithíbh gur cheap sí go raibh
fúm an Bhean Reamhar a phósadh, gur cheap an Bhean Reamhar
féin é. Acht cé'n fáth ar chuir sí glas ar an doras ar an
mbeirt againn?



Tháinic an Bhean Reamhar chugam. Shuidh sí taobh liom. Bhí
sí lághach geanamhail. Shíleas go n-éireóchadh sí, agus go
dtosóchadh sí dhom' phógadh dhom' bhuidheachas mar rinne sí
go minic cheana. Bhí an gean i lár a dhá súl.



"Cheapas go ngéillfeá," ar sise; "bhí eagla an domhain
orm go ngéillfeá," ar sise.



"Go ngéillfinn?" arsa mise.



"Seadh — go mbrisfeá an cleamhnas," ar sise.



"Beag baoghal a bhí orm," arsa mise.



"Bhí fhios a'm sin, a chuid, bhí fhios a'm é nuair a leig tú
dhi glas a chur ar an doras."



"Acht cad chuige dhi glas a chur ar an doras?" arsa mise.



"Ó, cé nach bhfuil fhios agad! le mise agus tusa a
choinneál annseo go dtigidh do mhuintir!"



"Go dtigidh mo mhuintir!"



"'Seadh. Nach bhfuil fhios agad gur chuir sí fios orra?"
ar sise, "nach bhfuil fhios agad go mbeidh t'oncal agus a
inghean annseo faoi cheann cúpla uair. Bhíodar ar do thóir
ó cuireadh an t-achrann ar siubhal 'san taisbeántas i
nGaillimh. 'Sí an bhean ruadh d'innis dóibh cá raibh tú. 'Sí
d'innis dóibh cé'n droch-bhail a bhí ort —"



"Agus béidh m'oncal agus a inghean annseo faoi cheann
cúpla uair, deir tú," arsa mise go ciúin socair, bíodh is
go raibh mo chroidhe ag léimnigh.



"Béidh. Nár innis an Bhean Ruadh dhuit é?"


L. 111


Níor thugas freagra uirri. Bhíos trí n-a chéile. Tá daoine
ann agus nuair nach n-éirigheann leó téidhid ag iarraidh
cabhrach ar a gcáirdibh gaoil. Ní raibh mise ar an dream sin
ariamh. An lá ba mheasa dá raibh an saoghal ag éirghe liom
ní chuirfinn a-bhaile chuig mo mhuintir acht an deágh-sgéal.
Acht bhíos náirighthe anois. Bhéadh fhios aca gach uile shórt
fúm. Dá mbéadh fhios agam go raibh an sgéal iomlán ar a
n-eólas, ní fhanfainn leó ar chor ar bith.



"Agus d'innis sí dhóibh cé'n droch-bhail a bhí orm-sa
annseo," arsa mise.



"D'innis."



"Agus d'innis sí dhóibh go rabhas i nGaillimh agus ar fud
na hÉireann 'mo gheócach agus 'm' uathbhás agus 'm' fheic
ag an mbioránach buidhe sin d'athair atá agad: ar innis sí
sin dóibh?"



"D'innis."



"Agus gur chaitheas tréimhse eile ar fán agus ar seachran
an tsaoghail gan blas agam le cur 'mo bholg: gur thug sí
féin rud le n-ithe dhom agus mé beagnach préachta — ar innis
sí sin dóibh?"



"D'innis."



"Agus le bárr ar gach cleas, is dócha gur innis sí dhóibh
go rabhas i gcleamhnas — go rabhas i gcleamhnas le mnaoi a
bhí i dtaisbeántas le n-a saoghal agus a bhí seacht gclocha
fichead meadhchan!"



"O, a Mhichíl! a Mhichíl! ní rabhas seacht gclocha fichead
ariamh: ní raibh, a Mhichíl! ní raibh. M'athair a bhíodh 'ghá
rádh …"



"Ar innis sí dhóibh é?"



"D'innis."



"Agus cé dubhairt léithi go raibh cleamhnas ann?" arsa
mise go fíochmhar. Bhí an greann thart.



"Agus nach bhfuil, a Mhichíl? Nach ndeárnadh an cleamhnas
an lá fad ó i nGaillimh …? Bhí fhios agam go raibh
tú toilteanach nuair a phóg tú mé Dia Domhnaigh seo caithte —
phóg tú mé uait féin, uait féin, a Mhichíl … Cheapas
nach raibh tú ag fanacht acht go mbéadh na pighneacha bailighthe
agam-sa. D'innis mé dhi go rabhamar le pósadh, a Mhichíl.
… Bhí buile uirri … Beag nár mharbh sí mé, a


L. 112


Mhichíl — bhí sí ar mire. Cheap sí an cleamhnas a bhriseadh.
Dubhairt sí go mbéadh náire ort roimh do mhuintir …
go mbéadh náire ort mar gheall orm-sa, a Mhichíl, agus nach
bpósfá mé … Le go bhfeicfidhe an bheirt againn i
n-aonfheacht chuir sí glas ar an doras … ag ceapadh
go mbéadh náire ort … acht bhí fhios agam-sa nach
mbéadh: nár leig tú dhi a dhéanamh?"



Rug sí greim láimhe orm nuair a bhí an méid sin cainte
curtha dhi aici. Acht tharraing mé an lámh uaithi. Rugas ar
chnap an dorais, agus thosuigheas 'ghá chreathadh. Bhí sé go
daingean aici. Bhíomar beirt i ngéibheann. Nuair a chuala
lucht na gcártaí ag creathadh an dorais mé, thosuigheadar ag
gáiridhe agus ag magadh fúinn. Is aca a bhí an greann.



Bhí buile orm féin. Bhí an bhaileabhar déanta agam orm
féin. Greann agus magadh a bhí ann i dtosach. Mise ag
leigint orm go rabhas ar tí an Bhean Reamhar a phósadh. An
bhean eile éadmhar mar shíleas. Í i ndáríribh fíre ag iarraidh
an chleamhnais nach raibh ann a bhriseadh! Acht bhíos náirighthe
anois. Cos ní fhéadfainn fhagháil 'mo bhaile dhúthchais arís go
deó. Bhéadh malraigh an bhaile ag féachaint 'mo dhiaidh ag
gabháil an tsráid dhom, agus ag innseacht dá chéile go bhfaca
siad 'san taisbeántas mé 'mo uathbhás agus 'mo fhear buile.
Chuirfeadh máithreacha eagla ar a gclainn ag innseacht dóibh
go raibh "sgian fhada ghéar agus rian fola uirri" 'mo
phóca agam. Agus céard a cheapfadh Máire mo cholceathar
féin, an bhean úd a shíleas a phósadh sul ar fhágas Gallimh i
dtosach nuair a d'fheicfeadh sí an bhean a bhí fúm a phósadh
anois?



Rugas ar chnap an dorais arís agus chreathas é. Ní raibh
aon mhaith ann. Ní fhéadfainn an seómra fhágáil. Bhí an
doras trom. Bhí an glas láidir. Bhéadh orm fanacht go
dtagaidís.



Shuidheas cois na fuinneóige. A dhul amach thríd an
bhfuinneóig? Dá mbéadh lúth na ngéag agam, ní eireóchadh
liom.



"A Mhichíl! a Mhichíl!" ars' an Bhean Reamhar agus í ag
druideadh liom.



"Fan amach uaim," arsa mise, "nó …"


L. 113


Níor tháinic sí 'mo ghar. Nár bh' iongantach an tsuirigheacht
í? Mise 'mo shuidhe cois fuinneóige ag cur mo chroidhe
amac le náire agus le díombáidh agus le cantal. Ise 'n-a
suidhe ar an leabaidh ag sileadh na súl nach rabhas ag
labhairt léithi, nach rabhas mór léithi, nach raibh ríméad an
domhain orm bheith 'n-a cuideachtain, agus gan aon eólas
aici cad chuige mé bheith go cráidhte.



Tá sé ag cur shneachta. Tá brat uasal bán ar na sráidibh
gránna salacha agus ar na sean-tighthibh atá ag tuitim ó
chéile leis an aois. Ní'l torann dá laighead le clos 'san
teach lóistín. Tá na lóisteóirí uile go léir ag ól thall 'san
teach leanna. Mise 'mo shuidhe cois fuinneóige ag féachaint
anonn orra agus ag fanacht le mo cháirdibh gaoil. An bhean
'n-a suidhe ar an leabaidh ag gol ós íseal. Labhrann sí:



"Tá eochair agam, má's mian leat imtheacht sul a dtioc-
faidh siad … má's rud é go bhfuil náire … ort
… go … bhfeic — … go … bhfeicfeadh
do … do mhuintir … mé fhéin."



Tá na deóra 'ghá dalladh agus ag cosg na cainte uirri.



"Ní mian liom imtheacht."



"Má théidhim … má théidhim-se i n-aon … i
n-aondtigh leat, a Mhi … a Mhichíl."



"Téanam," arsa mise ag breith greim láimhe uirri,
"téanam."



Anuas linn go breágh réidh. Níor cuireadh aon chosg linn.
Do bhuaileamar amach ar an tsráid.



XXVI.



Oidhche Dia Sathairn a bhí ann nuair a d'éaluigheas leis an
Mnaoi Reamhair, agus bhí an Saturnalia ar siubhal 'san
gcomharsanacht. Bhí páidhe na seachtmhaine ag na daoinibh,
agus bhíodar 'ghá chaitheamh. Bhéadh achrann agus troid ann
sul a mbéadh an oidhche caithte. Bhí an bhean agam: acht cad
chuige ar thugas liom í? Céard ab' fheárr dhom a dhéanamh
léithi? Í seóladh a bhaile chuig an teach lóistín? Nó í phósadh?


L. 114


Níor fhéadas an cheist a réidhteach ar an láthair sin. Ní
dheárnas acht a dhul isteach i dteach ósta le cáirt a ól le
grád geal mo chroide. Agus nach í bhí go lúthgháireach agus
so-mheanmnach go rabhas féin aici 'sa deiread thiar?



'Seadh, is le olc agus gráin a chur ar m'oncal agus ar an
Máire Ní Laoigh úd nach bpósfadh mé agus mé 'mo bhuachaill
luath láidir d'éaluigheas leis an Mnaoi Reamhair. Táid 'san
teach lóisdín cheana féin, is dócha. Nach ar Mháire bhéas an
t-iongantas nuair fheicfeas sí an áit? Céard déarfas sí
leis "An gCasúr" agus le n-a mhnaoi, agus leis na
lóisteóiríbh? Céard déarfas sí leis an saoghas a bhí ag an
bhfear óg úd dá dtuig sí gean a croidhe lá? Cé'n meas a
bhéas aici ar an mnaoi úd atá fáighte aige? An meas
céadna is bhí aige-sean ar an bhfear a fuair sí fhéin, is dócha.
Acht ní fheicfid sí í.



(Bhí an bhean a bhí le mo thaobh ag féachaint go ríméadach
orm agus mé ag déanamh na smaointe seo.)



… Bhéadh áthas an tsaoghail orm, a Mháire, dá
bhfeicteá í. Bhéadh fhios agad annsin nach raibh aon bheann
agam oraibh. Ó, dá bhfeicteá í!



"Ar thug tú do phioctúir leat?" arsa mise leis an
mnaoi a bhí le mo thaobh.



"Níor thug. Ní raibh aon am agam."



"Tá sé crochta ar an mballa fós, mar sin," arsa mise.



"Tá. Nach é an truaigh é? Mo phioctúir breágh! Nach
mé bhí ag féachaint go háluinn an lá a tógadh an phioctúir
sin? An lá ab' fheárr a bhíos!"



An lá is raimhe dá raibh sí! Nach ar Mháire bhéadh an
t-uathbhás nuair d'fheicfeadh sí í?



Acht tá sé ag éirghe deireannach. Tá an t-achrann ag
tosnughad. Tá an gabháil amhrán agus an rí-rá agus an
rúille búille ar siubhal. Tá daoine, idir fear agus bean,
dhá gcaitheamh amach as na tighthibh ósta. Iad ag easgaine
agus ag tabhairt na seacht mionn déag céard tá fútha a
dhéanamh. Focail gháirseamhla ag gabháil thríd an aer, ó
dhuine go dhuine, mar spréachaibh teineadh ó bhéalaibh deamhan.
Glórtha boga binne na bpáistí. Glórtha árda na mban ag
sgréachghail. Glórtha borba fíochmhara na bhfear ag troid.


L. 115


"Caithfidh mé cuairt a thabhairt ar Sheaán Mhac Donnchadha
sul a n-imtheóchad as an gcomharsanacht," arsa mise leis
an mnaoi.



"A' bhfanfaidh mise leat annseo?"



"Ná fan. Tar i n-aonfheacht liom."



Ghluais linn thríd an sneachta.



Fear óg a chuir suim mhór 'san nGaedhilge a bhí i Seaán.
Marach é, ní bhéinn i n-an' focal a sgríobhadh: ní bhéinn ag
breacadh páipéir leis na starthaibh seo. Bhí seómra mór
millteach ar cíos aige, agus bhí cead ag Éireannach ar bith
bualadh isteach ann. Ní mórán Gaedhilge bhí aige nuair a
thóg sé an seómra seo i dtosach, acht fuair sé a lán ó na
seanóiríbh bhíodh ar cuairt aige gach oidhche.



Shroicheamar an teach. Chuamar suas an staighre, agus do
dhearcamar isteach thríd an doras gloine bhí ar an seómra
mór. Ba bheag nár thuit an bheirt againn. Cé bhéadh ann
acht m'oncal agus Máire agus an Bhean Mhór Ruadh agus
an Fear Beag Buidhe féin agus iad ag congbháil cainte le
Seaán. Nuair a chonnaic an bhean a bhí i n-aonfheacht liom-sa
a hathair istigh, d'imthigh sí ar nós na gaoithe. Bhí eagla
uirri go mbeireadh sé leis í. Acht d'fhanas féin ag an
doras ag féachaint isteach.



Bhí Máire Ní Laoigh 'n-a seasamh i lár an urláir agus í ag
féachaint ar a hathair a bhí 'n-a shuidhe ar chathaoir mhóir chois
na teineadh. Bhí an duine creideamhnach úd ag féachaint ar
an bhFear Bhuidhe agus iongnadh air. Bhí an Bhean Ruadh ag
féachaint ar an bhFear Bhuidhe, agus iongnadh uirri freisin.
An duine macánta sin ag sgaoileadh na cainte uaidh 'n-a
chaise. Anois agus arís d'osgluigheadh Máire Ní Laoigh a béal
le labhairt, acht níor éirigh léithi aon fhocal a chur isteach. Ó,
dá mbéad fhios aici go rabhas féin ag an doras! Dá mbéadh
fhios aici go rabhas go mí-fhoighdeach go gcluinfinn glór a
béil!



"M'inghean atá uaim" adeireadh an Fear Beag Buidhe,
"mo inghean atá uaim, adeirim, agus an teach ní fhágfad
go bhfeicfead í. Cé ghoid m'inghean uaim? Cé ghoid í? Cá
bhfuil sí i bhfolach agaibh? Dubhradh liom go raibh sí annseo.
Go bhfacthas í i gcuideachtain an diabhail mhalluighthe sin a
mhill an taisbeántas breágh orm … go raibh sé ag


L. 116


cur iallach uirri a phósadh … Cá bhfuil siad i bhfosach
agaibh …?"



Thosuigh sé ag cuartughadh timcheall na háite. Chuartuigh
sé i bhfus, chuartuigh sé thall. Chuartuigh sé faoi'n mbórd,
faoi na suidheacháin agus i ngach áit, agus é ag cur dhe
feadh an achair. B'é an Fear Beag Buidhe céadna é i
gcomhnuidhe. B'fhacthas dom féin go raibh sé roinnt craithte;
nach raibh cuma na maitheasa air mar bhí nuair a chuireas
aithne air i dtosach. Acht bhí an tsrón fhada chrotach air fós,
agus an smigín biorach agus iad a bheith ag iarraidh a bheith
ag pógadh a chéile le linn labhartha dhó.



Bhí an phioctúir bheag ar ar thráchtas cheana ag an Mnaoi
Ruaidh. Thug sí do Mháire Ní Laoigh í.



"Agus an í sin í?" ar sise agus uathbhás uirri.



Tháinic an fear buide chuca. Rug sé ar an bpioctúir,
agus thosuigh 'ghá pógadh.



"M'inghean! M'inghean bhreágh dhathamhail! An bhean
lághach charthannach atá chomh neamh-urchóideach leis an bpáisde
nár rugadh."



Tháinic meangadh beag gáiridhe ar bhéal Mháire Ní Laoigh.
Ní raibh fhios agam an fúm féin agus mo chéile bhí sí ag
gáiride nó faoi'n bhFear Bheag Bhuide acht chuir sí an-olc
orm.



"Deirim leat nach bhfuil sí annseo," arsa an Bhean Ruadh
leis, "nár chuireas féin faoi ghlas iad go dtagadh na daoine
uasle seo —"



"Cá bhfuil sí? Cá bhfuil sí uaim?" adeireadh an Fear
Beag Buidhe. "An tseóid uasal, an réaltóg thaithneamhach,
mo chuid de'n tsaoghal sgiobtha uaim ag an ruibhíneach bradach
úd, agus síbh-se ag cuidiughadh leis … Ó! a Thighearna,
nach mé tá cráidhte anocht?"



Bhuail sé faoi ar chathaoir. Chuir sé a cheann idir a dhá lámh,
agus thosuigh dhá luasgadh féin anonn 's anall. Cheap a raibh
ann go raibh brón mór air an inghean a bheith caillte aige;
níor cheapas féin acht go mb'é cuid dá chuid cleasaidheachta
é.



Bhí an phioctúir bheag ag m'oncal agus é ag féachaint
uirri. Thagadh greann 'n-a shúilibh ó am go ham, acht
d'imthigheadh sé go tobann arís.


L. 117


"Dubhras leat go raibh straighin aisteach ann i gcomh-
nuidhe," ars' eisean le n-a inghin ós íseal. "Ó mhuintir a
athar thug sé leis é," ar sé.



"Marach go bhfuil, ní bhéadh an oiread de'n díthchéille
air is go bpósfadh sé í siúd," ars' a inghean ag dearcadh
ar an bpioctúir dhi.



"Is maith a shaothruigh an fear bocht an saoghal."



"Is maith," ars' an inghean, "… agus marach mise,
d'fhanfadh sé 'sa mbaile …"



"Bí sé i ndán dó," ars' a hathair.



"Nach aige bhí an tóir uirri agus í thabhairt leis ó n-a
hathair bhocht," ars' an inghean.



Dhearcadar ar an "athair bhocht" a bhí ag cur a chroidhe
amach le cumha i ndiaidh na hinghine, dá mb'fhíor dhó féin.
Bhí truaigh aca dhó. Bhíos cinnte gur shíleadar gur diabhal
críochnuighthe bhí ionnam féin, cneamhaire a bhain an tslighe
bheatha dhe, a ghoid a inghean uaidh, a d'fhág lom bocht dealbh
é. Bhíos ag smaoineadh ar céard ab' fheárr a dhéanamh le
cur i dtuigsint dóibh nach raibh aon bheann agam orra, nach
raibh aon mheas agam orra ná ar a mbaramhail. An náire
a bhí orm i dtosach go gcloisfidís an sgéal, go mbéinn 'mo
staicín aithbhéise ag muintir mo bhaile dhúthchais, ní raibh a
rian orm anois. Bhí orm gan cos fhágáil i dtír mo dhúthchais
arís go deó; bhí orm-sa a rug ar lán mo ghlaice de ghaineamh
na hÉireann ar chéibh Phortláirge nuair a chuadhas i dtír ann
leis an bhFear Bhuidhe, bhí orm-sa a d'fháisg an gaineamh úd
go raibh an fhuil ag briseadh amach thríd an gcraiceann, bhí
orm fanacht i bhfad amach ó'n mball dob' annsa liom ar
domhan. Acht cheapas sásamh a bhaint amach; cheapas sásamh
a bhaint de'n dream úd ba chinn-tsiocair leis; cheapas iad
a mhasladh ar bhealach éigin; iad a umhlughadh, iad a náiriughadh,
iad a chur faoi chois …



Tháinic an Bhean Reamhar go ceann an staighre go bhfeic-
feadh sí céard a bhí ar siubhal agam féin. Rinneas comhartha
léithi a theacht chugam. Bhí sgata fear agus ban ag gabháil
thart ar an tsráid agus iad ag gabháil fhuinn. Bhí fhios agam
ó n-a nglór go rabhadar ar leath-mheisge, Bhí fhios agam go
raibh cuide de lóisteóiríbh "An Chasúir" orra. Dubhras
leis an Mnaoi Reamhair glaodhach orra, Rinne sí amhlaidh.


L. 118


Tháiniceadar chugam, deichneabhar díobh ar a laighead, idir
fear agus bean, cannaí stáin a bhí lán de bheóir ar iomchur
aca, iad fliuch báidhte leis an sneachta, iad giobalach droch-
labhartha. Chuir an Bhean Reamhar a lámh faoi m'asgail;
d'osgail duine éigin an doras dhúinn, agus bhuaileamar
isteach.



Do lean an comhluadar sinn.



XXVII.



Gach a dtárla dhom ó d'fhágas an baile le beagán airgid
a shaothrughadh leis an mnaoi uasail seo a bhí 'mo láthair anois
a phósadh, bhí sé ós comhair mo shúl. An timpist a d'fhág
'mo bhacach agus im' uathbhás mé; an saoghal náireach a bhí
agam leis an bhFear Bhuidhe; an cleamhnas a rinne seisean
dom i dtosach; an easbhaidh agus an t-ocras agus an
gábhatar bhí orm, agus mé ag fanacht le mo chuid airgid;
an chaoi ar fhóir an Bhean Ruadh orm; teach lóistín "An
Chasúir" agus a raibh de ghadaidhthibh agus ruibhínighibh ann;
an chaoi a mb'éigin dom suidhe chun buird le dríodar na
cathrach ann; an chaoi a mbíodh an Bhean Reamhar ar mo thóir;
do chonnaiceas an méid sin agus tuilleadh ag teacht agus
ag imtheacht 'n-a bpioctúiribh soiléire ós mo chomhair.



Bhí fhios agam gur duine cneasta creideamhnach a bhí im'
oncal. Bhí fhios agam cé'n droch-mheas a bhí aige ar lucht
an óil. An té nach raibh an oiread de mhaoin an tsaoghail
aige is bhí aige féin, ní raibh aon áird aige air. An té bhí
saidhbhir ní fhéadfadh sé gan a bheith go toghtha, dar leis. Ní
raibh a inghean, Máire, an bhean úd a thug gean a croidhe dhom
uair, ar an mbaramhail chéadna, acht bhí cuid de'n mhianach
chéadna innti.



Bhí fúm dímheas a caitheamh orra beirt. Bhí fúm a chur i
gcéill dóibh cé'n bharamhail a bhí agam orra.



"Seo í an bhean atá fúm a phósadh," arsa mise, nuair a
bheannuigheadar dhom.



D'fhéachadar ar an mbeirt againn agus alltacht orra.
Níor labhradar focal acht d'umhluigheadar do'n Mhnaoi
Reamhair go múinte.


L. 119


Bhí an Fear Buide sgathamh beag uainn. Seaán Mac
Donnchadha agus an Bhean Ruad i ngreim ann. "Cá bhfuil
mo sgian? Cá bhfuil mo sgian, adeirim, go gcuiridh mé go
feirc ann í?" adeireadh sé 'n-a shean bhéic. Bhí a inghean
ar mo chúl agus creathadh ball uirri. Acht leis an gceart
a rádh níor bh' fhada gur glac sí misneach. Chuaidh sí idir
mé fhéin agus an Fear Buide. "Cuirfidh tú an sgian
ionnam-sa i dtosach," ar sise agus do shín sí a dá láimh
amach uaithi le mise a chosaint.



Bhí m'oncal agus a inghean ag féachaint ar an dream a
tháinic isteach i n-aonfheacht linn.



"Chuig an mbainis tháiniceadar," ars' mise leó; "cáirde
liom-sa iad," arsa mise; "cuirfead i n-aithne dhíbh iad,"
arsa mise.



Níor chuireadar 'n-a aghaidh. Bhíodar ró-mhúinte. Acht
cheapas go raibh Máire Ní Laoigh ar tí na deóir a shileadh le
cantal go raibh sí 'n-a leithéid de chuideachtain.



"Cing-Cang," arsa mise.



Tháinic an duine sin i láthair, agus d'umhluigh dóibh go
múinte.



"Labhair leis," arsa mise lem' oncal, "i n-aon teangain
dá bhfuil ar Roinn na hEórpa indiu agus labhróchaidh sé
leat."



D'umhluigh mo dhuine an ath-uair go múinte agus go béasach.



"D'fhoghluim tusa Frainncis 'san gCoinbhint," arsa mise
le Máire Ní Laoigh.



Cheap Cing-Cang beagán Frainncise a labhairt, acht bhí sé
ró-ólta le teanga ar bith a labhairt. Dob' éigin dó suide



"Seo é Mac Uí Fhirghil, nó "Fan go Fóill," mar tugtar
air," arsa mise.



D'umhluigh m'oncal agus a inghean dhó.



"Má tá fear troda uait, cuir fios air," arsa mise.



D'umhluigh mo dhuine dhóibh.



"Séamus Ó Síothcháin," arsa mise, agus tháinic fear mór
cumasach chugam. Shílfeá go leagfadh sé an teach dá dtog
róchadh sé.



D'umhluigheadar dó.



"Fáilte rómhat. Fáilte rómhat, a bhean uasal. Chun na
bainse tháinic sibh-se freisin, is dócha?"


L. 120


B'in é an chéad fhocal a labhradh, agus dob' é an focal
deireannach é gur chuireas a raibh ann i n-aithne dhóibh chomh
módhmhail múinte is dá mbéinn i gcúirt ríogh.



"Tá fhios agad anois, a Mháire," arsa mise, "nach bhfuil
aon easbaidh cáirde orm 'san tír seo."



"Nach uathbhásach na daoine iad?" ar sise ós íseal.



"Is millteach an saoghal é," ars' a hathair; "ní chreid-
finn go mbéadh mac mo dhearbhshíre 'n-a leitheid d'áit agus
'n-a leitheid de chuideachtain. Ní chreidfinn é … Ó,
dá mbéadh do mháthair beó … a Mhichil!



"Seadh."



"Ceart duit a theacht a-bhaile i n-aonfheacht linn-
ne …"



"Táim ar fheabhas annseo. Nach bhfuilim le pósadh —"



"Cé'n tóir atá agad uirri? Bhfuil ciall ar bith agad?
… a Mhichil," ar seisean i ndiaidh tamaill bhig, "a
Mhichil," ar seisean go cáirdeamhail, "má tá fonn pósta
ort, a Mhichil, gheobhaidh mise bean duit i nGaillimh, bean
bhreágh óg …"



"Cheapas féin bean bhreágh óg fhagháil ann cheana," arsa
mise ag cur isteach air, "acht níor éirigh liom. Phós sí
duine eile," arsa mise, agus do dhearcas ar Mháire.



D'fhanadar beirt 'n-a dtost. Bhí an Fear Buidhe ag a
iarraidh a dhul chugam feadh an achair seo, agus beirt i
ngreim ann. Na daoine a thugas isteach le cur i n-aithne do
mo cháirdibh gaoil, bhíodar ar a suaimhneas ag cur síos ar an
bpósadh.



Thugas féin aghaidh ar an bhFear Bhuidhe. Chuireas lámh i
bpóca mo bhrísde, agus bhaineas an piostal a cheannuigheas
ó'n máirnéalach an oidhche úd fad ó as an bpóca. Chuireas
gothadh troda orm féin.



"A chneamhaire an tsaoghail," arsa mise go bagarthach,
"cá bhfuil mo chuid airgid?



Bhailigh a raibh ann timcheall orainn. Rugadar ar an
mbeirt námhad.



"Bhain an piostal de," arsa duine.



"Bhain an sgian de," arsa duine eile.



Bhí sé 'n-a raic ann. Gach uile dhuine ag cur a ladair
fhéin isteach. M'oncal agus a inghean ar leathtaoibh ag


L. 121


féachaint ar an ngleó, agus uathbhás orra. An Bhean
Reamhar eadrainn beirt, agus í ag sgreadghail.



"Sgeana agus piostail agus fuil!" adeireadh sí,
"sgeana agus piostail agus fonn orra a bheith ag marbhadh
a chéile! Ó, nach mé tá cráidhte aca beirt?" adeireadh sí.



Acht tháinic an Bhean Ruadh ar nós fuarlaigh ó shléibhtibh
reóidhte sneachta ag sguabadh a raibh ann roimpi.



"Marach go bhfuil leisg orm," ar sise, "do bhéarfainn
ar chúl cinn ar an mbeirt agaibh agus do chaithfinn thríd an
bhfuinneóig sibh. Nach sibh na fir troda? Nach sibh na
seadairí tréana?"



Rinneadh réidhteach. Féachaint dá dtugas ar Mháire, agus
bhí sí ar creathadh. B'fheárr léithi a bheith i n-aon áit eile
fá'n mbith ná 'san mball a raibh sí.



Bhuaileas anonn chuici.



"Ar shíl tú an seanfhear bocht a mharbhadh?" ar sise.



"Marbhóchad fós é …"



"Ná habair rud mar sin, a Mhichíl."



"Ní abróchainn é, agus ní dhéanfainn é marach go bhfuil
sé tuillte aige. An diabhal!" arsa mise ag dearcadh
anonn air. Dhearc seisean orm, agus ní féachaint chneasta
thug sé orm.



"A Mhichíl," ars' an bhean a bhí le mo thaobh agus a lámh ar
mo ghualainn aici, "a Mhichíl!" ar sise.



"'Seadh."



"Nach mór an t-athrughadh atá tagtha ort, a Mhichíl?" ar
sise ag féachaint orm go cásmhar.



"Cé'n t-athrughadh é?" arsa mise go sgigeamhail, "acht
go bhfuilim níos sine, go bhfuilim ar leath-chois agus ar leath-
láimh agus nach bhfuilim chomh dathamhail is bhíos nuair a chuir
tusa spéis ionnam, nuair d'fhágas mo bhaile dúthchais le
beagán a shaothrughadh …"



Bhí na deóir 'n-a súilibh. Cheap sí cosg a chur leó acht ní
mó ná go maith d'éirigh léithi.



Tá an dúil chéadna 'san ór i gcomhnuidhe agad," arsa mise
go tobann léithi.



Tháinic na deóir. Ní raibh truaigh ar bith agam dhi. Ba
bheag liom d'fhéadfainn a dhéanamh uirri.


L. 122


"Bhí an-chuimse airgid ag an bhfear úd a fuair tú," arsa
mise, "ní fhéadfainn-se an méid sin a shaothrughadh go deó
… dá mbéadh an oiread céille aige is bhí —"



Níor fhéadas an chaint a chríochnughadh. Thosuigh sí ag
sileadh na ndeór go fras. B' aoibhinn liom gur éirigh liom
an bhean uasal bhreágh seo a mhill mo shaoghal orm a chur ag
gol. Marach an dúil mhalluighthe bhí aici féin agus ag a
hathair 'san airgead, bhéadh a mhalairt de sgéal le hinnseacht
agam-sa. Rinneadh an cleamhnas dhi le boicín gan rath, acht
go raibh an t-airgead aige, rud nach raibh agam-sa ariamh,
acht nuair a tugadh an dá chéad go leith sin dom nuair
d'éirigh an timpist dom …



"Dá mbéadh an oiread de'n chéill aige is bhí de'n
airgead, ní phósfadh sé thú, mar bhéadh fhios aige nach dhó thug
tú gean do chroidhe: dá mbéadh an oiread de'n mhaith
leat …"



"Bí 'do thost," ar sise ag cur isteach ar an gcaint go
feargach.



Shíleas féin a dhul ar aghaidh, acht d'iompuigh sí orm.



"Bhí 'do thost," ar sise, "agus ná cáin an té atá
imthighthe … ar láimh dheis an Tighearna go raibh sé …"



"Agus ar cailleadh é?" arsa mise agus iongnadh orm.



"Nár chuala tú tada faoi?"



"Dheamhan focal. Dá gcloisfinn …"



"Marbhuigheadh é trí ráithe ó shoin. Thuit sé dá chapall ag
gabháil ar an aonach dhó."



Bhíomar beirt 'n-ár dtost. Bhí an Fear Buidhe agus
m'oncal i gcúinne. Seaán Mac Donnchadha agus an Bhean
Ruadh agus beirt nó triúr eile i gcúinne eile. An comh-
luadar a thugas isteach, bhíodar go sgléipeach. Bean ag ól
leanna i bhfus. Fear ar gabháil cheóil thall. Duine ag
moladh an chleamhnais. Duine eile 'ghá cháineadh. An
sneachta ag bualadh i n-aghaidh na fuinneóige. Glórtha
feargacha, glórtha ciúine, glórtha borba leitheadacha chugainn
ó'n tsráid. An bhean úd a cheapas a phósadh fad ó le mo
thaobh agus í 'n-a baintreabhaigh; an bhean úd a cheap mise a
phósadh, dhom' bhuidheachas, 'n-a suidhe léithi féin, agus í ag
dearcadh anonn orainn.



'Sí Máire a labhair i dtosach.


L. 123


"Ní'l aon lá ó d'fhág tú Gaillimh, a Mhichíl," ar sise,
agus bhí tocht 'n-a glór, "ní'l aon lá ó d'imthigh tú an chéad
uair nár ghuidheas Dé ar do shon."



Bhí an lámh aici ar mo ghualainn arís. Bhí sí ag féachaint
go geanamhail orm.



"An n-abruigheann tú paidir ar bith ar mo shon-sa?" ar
sise, "ar iarr tú ar Dhia ariamh mé chur ar bhealach mo
leasa …?"



"Dá mbéadh a leithéid ann," arsa mise.



Bhain sí an lámh de mo ghualainn. Theann sí amach uaim
roinn.



"Ó, tú atá athruighthe go mór," ar sise, "bhí an mí-ádh
orm gur leigeas duit imtheacht an chéad uair … go
maithidh Dia na Glóire dhom é …"



Thosuigh fear a bhí i gceann an tseómra ar amhrán a
ghabháil. Rinneas féin comhartha leis an Mnaoi Reamhair a
theacht i leith chugam. Tugadh cathaoir dhi le mo thaobh.
Chuaidh Máire Ní Laoigh anonn chuig a hathair. Thosuigh an
ceól. Thosuigh na hamhráin. Bhí an bhainis ar siubhal.



Bhí an obair ar siubhal nuair a d'éaluigheas féin uatha.
Amach liom ar an tsráid. Níor airigheadar ag imtheacht mé.
Dá n-aireóchadh féin, is beag an ceapadh bhéadh aca nach raibh
fúm filleadh. Is beag an tóir a bhéadh ag mo mhuintir orm
feasta. Nach mé thasbáin dóibh cé'n meas a bhí agam orra?
Agus an comhluadar úd a thabhairt i láthair Mháire Ní Laoigh!
An bhean uasal bhreágh! Nach orm a bhí an díthcéille ag a
cheapadh go mbéadh náire orm rómpa? Orra-san ba chóir
an náire a bheith! Marach iad, ní hé an bhail seo bhéadh orm
anocht!



Ghluais liom thríd an sneachta chomh tapaidh is d'fhéadas,
agus áthas mór orm gur umhluigheas, gur mhasluigheas agus
gur náirigheas iad.



Acht céard seo? Sráid bheag bhrocach. An sneachta 'n-a
phuiteach faoi chosaibh na ndaoine. Dath liathghlas air. Sgata
fear agus ban agus páisdí. Iad corruighthe go mór.
Uathbhás orra. Alltacht orra go léir.



Ar an sneachta fliuch salach liathghlas tá bean óg 'n-a
luighe. Ní'l cor aisti. Tá fear le n-a cois, ord mór
caithte ar an talamh le n-a ais, é ar leath-mheisge; cúigear


L. 124


fear i ngreim ann; fonn orra uile é do mharbhadh láithreach
bhonn. An bhean atá san tsneachta, 'sí a bhean í. An
t-ord úd atá caithte ar an talamh is leis é (nach bhfacas é
ar maidin indiu 'ghá bhreith leis), agus mara bhfuil an bhean
marbh, tá a naoideanán nua-bheirthe marbh …



Tháinic dochtúir agus síothmhaoir. Gabhadh an ruibhíneach.
Tugadh an bhean leath-mharbh chun bealaigh. Cuireadh bráithlín
timcheall ar chorp an naoidheanáin agus tugadh go teach na
marbh é.



Tá sé ag tosughadh ar an sneachta a chur arís. Ní baoghal
do na daoinibh imtheacht. Shílfeá go bhfuilid greamuighthe
de'n áit, agus is ag dul i méid atá an plód atá ann. Na
daoine atá ar leath-mheisge, táid ag éirghe as. Is éigin do na
síothmhaoir a gcongbháil ó'n áit ar thuit an bhean 'san sneachta.
Cuireann siad an gníomh uathbhásach a rinneadh thrí n-a
chéile …



Agus sul ar tugadh an fear agus a bhean agus a
naoidheanán marbh rugadh san sneachta chun bealaigh, shíleas
féin go mba geall le súilibh ainmhidhe uilc nár thaithnigh an
cineadh daonna leis na fuinneóga faoi n-a gcuid solus a
bhí ins na tighthibh beaga dubha ar gach taobh. Agus nach iad
na súile sin a dhearc anuas go sgigeamhail ar an sgata
beag daoine faoi n-a gcuid giobal fliuch, agus ar an mnaoi
a bhí 'n-a luighe leathmharbh 'san sneachta, agus ar an
naoidheanán nach bhfaca solus ariamh, agus ar an athair ólta
a bhí gabhtha ag na síothmhaorthaibh? …



Ghabh uamhan mé féin.



Do mhothuigheas 'mo chroidhe go ndeárnadh gníomh mór,
gníomh uathbháis ar an mball 'n-a raibh mé. Níor fhéadas
fanacht ann. Bhí cumhacht an ghnímh a rinneadh do mo dhíbirt
ó'n áit, bhí an cumhacht céadna ag tarraint na mílte eile
ann. A dhul chomh fada i nÉirinn is d'féadfainn ó'n mball
úd — ní raibh uaim acht sin. An saoghal gránna a bhí agam
le fada an lá a thréigeadh. An Bhean Reamhar fhágáil 'mo
dhiaidh … Dá bpósfainn í, is cinnte nach ndéanfainn
acht í mharbhughadh mar mharbhuigh an beitheamhnach úd a bhean
féin …



Ag gabháil thar ospuidéal dhom, do chonnaiceas malrach
'n-a sheasamh taobh amuigh de'n doras 'san sneachta. Bhí sé


L. 125


ag gol go mór; d'aithnigheas é; nach minic d'innis mé sgéal
dó féin agus dá chomrádaidhthibh beaga? Mac an fhir úd a
phógadh a bhean faoi dhó gach maidin, mach an fhir úd a mharbh
a bhean leis an ord a bhí ann.



Do lean an geárr-bhodach corp a mháthar go doras an
ospuidéil …



Bhaineas as, agus an diabhal ag ithe an chroidhe ionnam.



XXVIII.



Ní'l an t-earrach fós ar fagháil acht tá súil agam féin
agus ag mo cháirdibh leis.



Ní turus fada a thugas an oidche úd a rinneadh an choir.
Ní dheachas tar an bpáirc úd ab' fhacthas dom go mba fathach
galrach an chuid dhí a mbíodh na truagháin 'n-a luighe ann.



Táid ann fós. Acht ní geall le spotaíbh dubha ar fheóil
an fhathaigh anois iad. Ní headh, acht le smugairlíbh rón
d'fhágfaidhe ar an tráigh i ndiaidh taoille. Agus b'fhada
agus ba ró-fhada iad ag feitheamh leis an taoille tuile
chuireadh ar snámh arís iad. Acht an leis an taoille atáid
ag feitheamh? B'fhada uatha é. Is leis an earrach nuair a
thiocfas brígh agus spreacadh i ngach ní atá beó atáid ag
feitheamh. Is leis an ngréin a chuireas teas 'n-a gcnámhaibh
atáid ag feitheamh. An tráth fhéadfas siad gluaiseacht leó
go bríoghmhar teann ar fud na tíre chomh neamhspleádhach le
rígh.



Go dtigidh an tráth úd tá orm-sa, agus orra-san, fanacht
annseo. Mara bhfuil ag Dia, tá orm-sa fanacht ann
i gcomhnuidhe. Dhá bhfágtaoi lúth mo chos féin agam! Lúth
mo chos féin! Nach ait an focal é? Acht nuair atá ocras
ar dhuine, nuair atá droch-mhisneach agus cantal ar dhuine,
nuair atá air an oidhche a chaitheamh amuigh faoi fhearthainn
agus faoi ghaoith an gheimhridh gan mórán le n-a chlúdach, ní
hé an donas a bhuail 'n-a threó fad ó is mó is cás leis, acht
an droch-bhail atá air faoi láthair. Acht dá mbeadh lúth mo
chos féin agam nach bhféadfainn bóthar a chur díom chomh maith
leis an lucht fáin atá 'mo thimcheall faoi lathair. Agus


L. 126


chomh cinnte is bhíos fonn gluaiseachta ar na fáinleógaibh ar
theacht an gheimhridh bíonn fonn gluaiseachta orra siúd.



Níor ghoill an donas a bhí orm féin ariamh chomh mór orm
is do ghoill nuair a chonnaiceas ag imtheacht i ndiaidh a chéile
iad 'san earrach. Ó, dá bhféadfainn an chathair mhalluighthe
fhágáil!



Tá an t-earrach ann i ndáríribh indiu. Tá an ghrian go
geal-gháireach 'san spéir mar mháthair a bheadh ag iarraidh gach
sonas agus gach sógh a bhí 'n-a cumas a thabhairt dá clainn.
An t-uisge atá 'sa linn úd thall a bhí faoi leac-oighre
cóicthigheas ó shoin, féach indiu é 'n-a loch airgid ag damhsa
faoi lonnradh na gréine! Agus an ghaoth a ndeas! Nach
áluinn í? 'San gcathair féin bíonn fáilte roimpi. Tá an
súgh ag éirghe ins na crannaibh. Ní'l luibh 'san bpáirc nach
bhfuil borracht agus beódhacht innti. 'Mo luighe annseo 'san
bhféar dhom, imeasg na dtruaghán, feicthear dhom go
bhféadfadh duine a mbéadh an radharc go géar aige an féar
fheiceáil ag fás. Leagaim mo cheann ar an talamh …
Thuit rud eicínt ar mo shróin. Rugas air. Feithide caol
fada glas a bhí 'n-a dhúiseacht d'éis trom-shuain an gheimhridh.
Tháinic barradh 'mo chroidhe féin. Tháinic misneach chugam.
Leagas an feithide caol fada a thuit orm ar shean-bhilleóig
a d'fhan ar an talamh i gcaitheamh an gheimhridh. Thosuigheas
'ghá sgrúdughadh go géar. Chonnaic cuid de na bochtáin
eile mé. Bhailigheadar timcheall orm. B'fhéidir go
bhfuaireas píosa airgid 'san bhféar. Thosuigheadar ar
cuartughadh. Níor airigheas im' aice chor ar bith iad. Bhí
iongnadh orm roimh an mór-iongantas a bhí ar siubhal 'mo
thimcheall. Munar airigheas iad, d'airigheadar an focal
adubhras:



Tá Dia Láidir.



Bhí sean-fhear ann a raibh cosamhlacht dhiadhanta air.
Maoise Mhichil Angeló chuirfeadh sé i gcuimhne dhuit le n-a
fhéasóig fhada bháin, agus a aghaidh uasail … acht ar
chlos dó an focal adubhras-sa, thosuigh sé ar Dhia-mhasladh
agus ar easgaine agus ar na seacht mionna déag a
thabhairt. Thug sé an leabhar gurab é an Fear Mór a bhí i
n-áirde. Thug sé an maide coisrig go raibh na déithe


L. 127


caillte leis na bliadhantaibh. Ní chuirfeadh an cirteach dearg
leath an oiread uilc ar tharbh is chuir ainm Dé ar an sean-
fhear bán-fhéasógach ocrasach úd a chuirfeadh Maoise i gcuimhne
dhuit.



Bhí cuid eile ann d'aontuigh leis. Cheapadar siúd mo
bhualadh. Bhí dream eile ann a cheap gur ag magadh fútha
a bhíos. Bhíodar-san ar tí mo bhualadh freisin. Cuid eile a
raibh díombáidh orra nach raibh aon cheó fághta againn, agus
súil aca leis. Bhíodar-san bagarthach. Bhí olc orra go léir.
Chuireadar an ruaig orm as an bpáirc.



Ná bíodh aon mhugadh-mhagadh ort, a Mhichíl, ná bí ag
iarraidh a bheith 'ghá cheilt ort féin go bhfuil an t-ocras mór
ort. Cé'n chabhair dhuit é? Má d'ith tú ruainne aráin
agus feóla a d'fhág fear oibre 'n-a dhiaidh ar phláta i dteach
ósta, céard is fiú dhuit an méid sin, a Mhichíl? Nach bhfuil
pé nidh atá 'do bholg dhá mhaistreadh ann? Ní'l ceó maitheasa
dhuit do chrios d'fhásgadh faoi do chom. Nach bhfuil sé
fáisgthe cheana faoi thrí agad? Acht má leigir dhuit féin
cosamhlacht an ocrais agus an donais a theacht ort féin, a
Mhichíl, ní bheidh aon fhagháil agad ar an bposta beag úd a
gealladh dhuit …



An posta úd a bhí ag déanamh imnidhe dhom na laethe seo.
Nach mé dhéanfadh an fear faire? Nach mé bhéadh géar-
shúileach fad-bhreathnuightheach ar eagla go mbrisfidhe mé?
Gheobhainn lóisdín deas compóirteamhail. Bhéadh seómra
beag faoi leith agam féin. Bhéadh mo chuid leabhar agus mo
chuid páipéar ann. Bhéadh biadh glan folláin gléasta rómham
ar theacht a bhaile dhom thar éis na hoidhche. Bhéadh fuinneóga
an tseómra ar an taobh thoir-ndeas de'n teach ionnus go
mbéadh an ghrian ag deallramh isteach thríotha gach maidin
nuair a thiocfainn a bhaile. An Bhean Reamhar? Nach orm
a bhí an t-ádh nár phósas í siúd. Nach orm a bhí an t-ádh
gur mhasluigheas mo mhuintir? Ní bheidís ar mo thóir
feasta …



A Sheóirse Fott, molaim thú. Marach thú, a Sheóirse ghil
Fott, bhéinn gan posta go ceann i bhfad. Go n-éirighidh an
saoghal leat, a Sheóirse. Go raibh bhean ar do mhian agad,
a Sheóirse! go raibh clann gan droch-bhéas agad, a Sheóirse!


L. 128


'San oidhche i mbárach béad ag faire dhuit, a Sheóirse.
Beidh an droch-shaoghal thart. Beidh an saoghal nua tagtha.



D'fhéachas isteach i lochán uisge go bhfeicfinn an raibh aon
droch-chosamhlacht orm. Ba dhóigh liom nach raibh. Bhíos ar
fheabhas, cheapas. Nuair a bhéadh an punnt sin sa tseachtmhain
agam d'fhéadfainn mé féin a ghléasadh. Punnt san tseacht-
mhain! Ní fhéadfadh duine pósadh air … acht dá
mbéadh an bhean ag saothrughadh airgid freisin? Dá mbéadh
punnt eile aici-se, bhéadh an sgéal go maith againn …
agus ní bhéinn ró-shean nuair a bhéadh an chlann ag éirghe suas
'mo thimcheall. Ní'lim mórán le deich mbliadhna fichead
fós … dá mbéadh an dá phunnt 'san tseachtmhain agam,
ní bhéadh stródh ar bhith orainn roinnt bheag a chur i dtaisge
gach seachtmhain. B'fhéidir go n-éireóchadh linn an oiread
a bhailiughadh is thiubhradh go hÉirinn sinn 'san samhradh. Do
dhéanfadh deich bhpunnt cúis … Acht ní fhéadfainn
cuairt a thabhairt ar mo bhaile dhúthchais go mbéadh dearmad
déanta ag cách ar m'eachtraíbh tráth bhíos ar an mbóthar leis
an bhFear Bhuidhe.



Nach orm a bhí an t-ádh nár phósas a inghean?



An bhean a bhéadh agam (an bhean atá agam ba chóra dhom
a rádh, mar bhí sí fáighte agam cheana 'sna brionnglóidíbh);
an bhean a thoghfainn bheadh sí árd dubh; bhéadh a dhá súil ar
dhath an áirne; a leaca ar dhath an róis; agus a béal …
Chuimhnigheas ar a raibh de mhnáibh áilne ar an saoghal ariamh
ó Helen na Gréige anuas, agus b'fhacthas dom nach raibh aon
bhean díobh chomh háluinn chomh huasal leis an mnaoi úd a bhí
agam-sa — an bhean úd a bhí agam-sa i mbrionnglóidibh.
Dhearmadas an t-ocras. Ní raibh aon bheann agam ar an
saoghal cráidhte seo. Nach mbíodh an chuideachta áluinn ban
seo 'mo láthair de ghnáth? Nach mbídís ag labhairt liom?
Nach raibh comhrádh aoibhinn agam leis an mnaoi sin tré'r
sgriosadh an Traoi? Bhí gliondar uirri go raibh i hainm i
mbéal na ndaoine fós; bhí aiteas uirri go rabhas féin ag
cuimhneamh uirri. "Canfar m'ainm," ar sí, "canfar
m'ainm go deiread aimsire," agus d'imthigh léithi ar an
ngaoith. Tháinic Déirdre searc Naoise annsin, agus mé
'mo luighe ar lár mo dhroma 'san bpáirc … agus níor
bh' í an Déirdre bhrónach í, acht Déirdre bhuadhmhar ghlórmhar;


L. 129


acht nuair a shíleas ceist a chur uirri faoi Chlainn Uisnigh
d'éaluigh sí uaim. Mná áilne a mhill na ríoghachta ghluais-
eadar tharm treasna na spéire: Bhí Gormfhlaith na nGaedhal
agus Donna Elbhír na Spáinneach ar an gcuideachtain
bhrónaigh seo; mná áilne eile a thóg a dtíortha — Siubhán De
hArc ar an each bhán, agus a claidheamh 'n-a glaic aici, agus
a lán le n-a cois nár aithnigheas. Bhí Meadhbh ann agus
Cleopatra na hÉighiphte 'n-a fochair agus iad go mór-chúiseach
agus go leitheadach, agus mná borba uaibhreacha 'n-a ngar;
mná a chuir ár agus achrann ar siubhal le n-a dtoil a chur i
bhfeidhm …



Na daoine móra a bhí ag dul thart 'n-a gcóistíbh breághtha
gleóite, ní fhacadar na hiongantais seo 'san spéir. Na
truagháin a bhí n-a luighe ar an talamh, ní fhacadar iad. An
bacach, agus an bacach amháin a chonnaic iad.



Acht muna ndíbreóchaidhe tú na haislingí, a Mhichil, ní
gheobhaidh tú an posta sin ó Fhott. Gread leat, a Helen na
Gréige! Imthighidh libh, a Mheadhbh agus a Chleopatra! …
Cé'n mhoill atá oraibh annsin? Nach bhfuil fhios agaibh go
bhfuil orm mé féin a nighe 'san lochán úd thíos, nach bhfuil
fhios agaibh go bhfuil orm mo chuid éadaigh a ghlanadh i dtreó
go mbeidh an deágh-chosamhlacht orm nuair a rachas mé i láthair
Sheóirse Fott leis an bposta úd fhagháil uaidh.



Tá deifir mhór orm. Imthighidh libh go beó, adeirim …
acht tig libh filleadh — nuair a bhéas an posta agam.



Mo mhallacht ort, a Sheóirse Fott! Mallacht na naomh
ort, a Sheóirse! Mallacht na n-aingeal ort, a Sheóirse!
Mallacht na lag ort! Mallacht na láidir! Mallacht na
mbráthar, mallacht na sagart, mallacht na n-easbog ort, a
Sheóirse bhradaigh Fott! Mallacht na máthar ort, a Sheóirse!
Mallacht a gclann! Go ngoillidh an saoghal ort, a Sheóirse!
Go luighidh an leac go trom ós do chionn!



Nach agad a bhí an deágh-chomhairle dhom, a Fhott an mhí-ádha?
A dhul go teach na mbocht! Agus ar cheap tú gur ag iarraidh
comhairle ort a bhíos? Ar cheap tú gur dhíbrigheas an
chuideachta uasal a bhí ar cuairt agam le dhul ag iarraidh


L. 130


comhairle ort-sa, a Fhott bhradaigh? Bhíos tráth agus dá
n-abróchaidhe an focal úd liom, ní fada go mbéidhtheá ar lár,
a Sheóirse! Acht d'imthigh sin agus tháinic seo. Ní'l ionnam
anois aon bhuille a thabhairt. Ní'l an misneach agam chuige.
Ní'l ionnam acht thú a mhallachtaighe … mo mhallacht
ort, a Sheóirse Fott! … B'fhéidir go mbéadh mo
mhallacht níos cumhachtaighe, dá sgríobhainn ar pháipéar é
… agus do sgríobhas é 'mo shuidhe faoi bhun crainn
daraighe, i lár páirce, i Lonndain Shasana, an mhaidin áluinn
earraigh seo, an naomhadh lá déag de mhí an Aibreáin 'san
mbliadhain naoi gcéad déag agus a seacht.



Táim ag feitheamh leis an gcuideachtain shéimh a dhíbrigheas
le cuairt a thabhairt ar Sheóirse Fott. Acht nílid ag teacht
chugam; ní thagann chugam acht smaointe duaibhseacha nach
dtig liom a dhíbirt, smaointe dubha duaibhseacha agus meisge
an ocrais …



Acht ní i gcomnuidhe a bhíos na dubh-smaointe dhom' chiapadh.
Fuaireas cúpla pighin indé as ucht capall a chongbháil.
Cheannuigheas ruainne cáise agus blúire aráin. D'ólas
gloine leanna. Bhuaileas isteach 'san bpáirc, agus shuidheas
faoi bhun an chrainn daraighe. Tháinic meidhir ar mo chroidhe.
Mhothuigheas an fhuil ag borradh 'mo chuisleachaibh. Bhí an
ghrian ag soillsiughadh anuas orm. Bhí a lán daoine 'san
bpáirc, acht ní raibh a fhios aca cé'n lúthgháir a bhí ar an
mbacach a bhí ag gabháil amhráin go croidheamhail faoi bhun an
chrainn daraighe …



Fríoth an fear bocht marbh faoi bhun crainn daraighe, i lár
páirce, i Lonndain Shasana. Bhí cuid de na páipéir seo
'n-a phóca. Bhí piostal le n-a thaobh acht níor caitheadh aon
urchar as ariamh. Ní raibh ann acht bréagán a theip ar an
bhfear a d'iomchuir é. Bhí sean-sgian le n-a thaobh, sean-
sgian mhaol mhanntach, agus is léithi marbhuigheadh é …
acht ba bheag an ceapadh a bhí ag mo charaid bhocht go loicfeadh
an piostal úd a cheannuigh sé ó'n mairnéalach air — acht nár
loic an saoghal?



A CHRÍOCH.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services