Historical Irish Corpus
1600 - 1926

The Spiritual Rose

Title
The Spiritual Rose
Author(s)
Kennedy, Mathew,
Compiler/Editor
MacKenna, Malachy
Composition Date
1825
Publisher
(B.Á.C.: I.A.B., 2001)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



URNAIGHTHE NA MAIDNE.



Éist ré guth mo urnaighthe, ó mo rígh
agas mo Dhia, óir guidhfidh mé chugad agas
cluinfir mo ghuth air maidin.
PSALM 5. v. 3. 4.



I n-ainm an Athair, etc.



Cuireamuid sinn féin i bhfiadhnaise Dé.



Gníomh adhraidh.



Creideamuid a Dhia go bhfuil tú annso
do láthair, go bhfuil tú ag féachaint orainn,
ag éisteacht linn agas go bhfuil fios
agad air ar n-uile smuaintighthe. Adhraighmuid
agas onóraighmuid thú. Admhamuid
gur tú ar gcruthaightheóir agas
ar n-airdthighearna. Íslighmuid sinn
féin go hiomlán faoi do smacht.



Gníomh buidheachais.



Bheireamuid míle buidheachas dhuit
a Dhia fá gach tiodhlcaidhe agas grásta
a dtug tú dhúinn ó tháinic muid air an
tsaoghal so agas go speisialta fánar dtabhairt
slán ón oidhche
aréir.


L. 7


urnaighthe na maidne.



Gníomhartha creidimh, dóchas
agas grádh.
Gníomh croidhebhrughadh.



A Thighearna is romhór a ghoilleas
oram fearg a chuir ort do bhrígh
go bhfuil tú romhaith agas roi-
gheanamhail agas nach bhfuil an peacadh tait-
neamhach ann do láthair. Tá súil agam lé
cungnamh do naomhghrásta mo bheatha a
chúiseadh ó so suas.



Gníomh creidimh.



Ó, a Thighearna creideam go diong-
mhálta gach ní do fhoillsighis agas
gach a múineann tú trés an Naoimheaglais
Chaitliceach do bhrígh go bhfuil
tú roifhírinneach ann do bhriathraibh.



Gníomh dóchais.



A Thighearna mo Dhia, tá dóchas
agas muinighin agam tré do mhórthrócaire
agas tré mhórluaigheacht mo
shlánaightheóir Íosa Críosta go dtiubhra



Pope
Clement XIV. the 5th of April, 1772
granted an Indulgence of seven years and seven
Quarantines, to all the Catholics of this kingdom,
as often as they devoutly repeat Acts of
Contrition, Faith, Hope and Charity; this Indulgence
may be applied for the relief of the Souls
in Purgatory.


L. 8


urnaighthe na maidne.



tú cungnamh do ghrásta dhamh ann sa
tsaoghal so agas an bheatha mharthanach
shíoraidhe ann sa tsaoghail eile.



Gníomh ghrádh Dé.



A Thighearna grádhaighim thú
ó mo chroidhe go hiomlán ós cionn
gach uile neithe do bhrígh gur tú an
mhaith is fearr agas is geanamhla
air bith.



Is cóir na gníomhartha so a rádh
gach lá go speisialta air maidin.



Gníomh toirbhirt.



Toirbhireamuid dhuid a Thighearna,
ar gcorp agas ar n-anam, ar gcroidhe,
ar n-intinn, ar dtoil agas ar smuaintighthe
go huile, ar mbriathra agas ar ngníomhartha
an lae so ann do ghlóir agas
ann do onóir.



Smuaineamuist annso air gach gnoithe,
comhluadar agas ócáid peacaidh thiocfas
ann ar mbealach aniugh agas déanamuist
rún daingean gach cion fátha peacaidh
do sheachna.


L. 9


urnaighthe na maidne.



Meabhair annso.



Gníomh deaghrúin.



Tá rún againn a Thighearna ré
cungnamh do naomhghrásta gan ní
air bith a dhéanamh aniugh ré smuaintighthe,
ré briathra, ré gnímh nó ré faillidhe
chuireas fearg ort agas na peacaidhe
is mó do a bhfuileam claon do
sheachna. Tá rún againn fós gach leathtrom
agas annró thiocfas ann ar mbealach
a iomchar go rofhoighideach mar shásadh
ann ar bpeacaidhe agas i gcuimhne
gach masla agas tarcaisne d'fhuiling
ar slánaightheóir go rofhonnmhar
air ar son. Agas do bhrígh nach féidir
dhúinn an rún so a chuir i ngníomh gan
do chungnamh-sa, guidheamuid thú tré
luaigheacht fhola fhíoruasal d'aon Mhic,
fríd eadarghuidhe na Maighdeana Muire,
na n-aingeal agas ar naomhphátrún Pádraig,
grásta a thabhairt dúinn na deaghrúin
so a chuir i ngníomh.



Paidir, Ave agas Cré.



Ó, a Dhia uilechumhachtach thug slán
go tús an lae sinn, cumhdaigh sinn ré do
ghrásta ó thuiteam i bpeacadh ionnas go


L. 10


urnaighthe na maidne.
mbeidh ar smuaintighthe, ar mbriathra
agas ar ngníomhartha ordaighthe go cinnte
do réir do dhlighe. Tá aige stiúradh leis an
Athair agas an Spiorad Naomh tré shaoghal
na saoghal. Amen.
A Naomh-Muire cuireamuid sinn féin
faoi do choimirce.
A aingle Dé bhíos dár gcoimhideacht, ná
scaraidh linn, cungnaidh agas cuididh
linn aniugh agas air uair ar mbáis.
Amen.
A phátrún naomhtha guidh Dia air ar son.




LIODÁIN ÍOSA



A Thighearna déan trócaire orainn.
A Thighearna déan trócaire orainn.
A Chríosta déan trócaire orainn.
A Chríosta déan, etc.
A Thighearna déan, etc.
A Thighearna déan, etc.
A Chríosta éist linn.
A Chríosta tabhair toradh air ar
nguidhe.


L. 11


Liodáin Íosa.



A Athair neamhdha, a Dhia,
A Mhic Dé, a fhuascaltóir
an domhan,
A Spiorad Naomhtha, a Dhia,
A Thríonóid Naomhtha, a Dhia,
A Íosa, a Mhic Dé bithbheó,
A Íosa roineartmhar,
A Íosa roláidir,
A Íosa romhaith,
A Íosa roghlórmhar, déan trócaire orainn.
A Íosa ro-iongantach,
A Íosa roshólásach,
A Íosa roghráidh agas
roigheanamhail,
A Íosa, níos gloine nó an ghrian,
A Íosa, níos maisighe nó an
ghealach,
A Íosa, níos dealraightheach nó na
réalta,
A Íosa ro-uathbhásach,
A Íosa rothaitneamhach,
A Íosa ro-onórach,
A Íosa ro-umhal,
A Íosa roicheannsaighthe,
A Íosa rofhoighideach,
A Íosa ro-uiríseal,
A Íosa roigheanmnaidh,
A Íosa, a ghrádhthóir na
geanmnaidheacht.


L. 12


Liodáin Íosa.



A Íosa ar ngrádh,
A Íosa, a ghrádhthóir na síochána,
A Íosa, a scáthán na beatha,
A Íosa, a phátrún na subháilce,
A Íosa, a mhóir-theasghrádh na
n-anamaibh,
A Íosa, ar ndídean,
A Íosa, a athair na mbocht,
A Íosa, a shólás na leathtromach,
A Íosa, a óirchiste na gCríostaidhe,
A Íosa, a phéarla mórluaigheach,
A Íosa, a stóras gach maitheas,
A Íosa, a fhírthréadaighe,
A Íosa, a réalta na fairge,
A Íosa, a fhíorsholas,
A Íosa, a thuicse shíoraidhe,
A Íosa, a mhaith dochuimsighthe,
A Íosa, a luathgháir na n-aingil,
A Íosa, a rígh na bpatriarchs,
A Íosa, a neart na bhfáidhe, Déan trócaire orainn
A Íosa, a mhaighistir na n-apstal,
A Íosa, a dhoctúir suibhiscéalaighe,
A Íosa, a neart na mairtírigh,
A Íosa, a sholais na gcoinfeasóraidhe,
A Íosa, a ghlaine na maighdeana,
A Íosa, a choróin an uile naomh,
V. Bí trócaireach dúinn.
R. Coigil dúinn, ó a Íosa.


L. 13


Liodáin Íosa.



V. Bí trócaireach dúinn.
R. Go grásamhail éist lionn, ó a Íosa.
Bí trócaireach dúinn,
Ón uile pheacadh,
Ón uile fhearg,
Ó chealgadh an diabhail,
Ó bhriseadh d'aitheantaibh,
Ó cháin gach uile oilc,
As ucht d'ioncholnadh,
As ucht do theacht,
As ucht do bhreith,
As ucht do thiomchaill-
ghearradh.
As ucht d'aistir agas do
phiantaidhe,
As ucht do sciúrsadh ag an
philéir cloiche,
As ucht do choróin spíona,
As ucht do chroiche agas do
Pháise,
As ucht do Pháis agus d'adhlcaidh,
As ucht d'eiséirghe, ó a Íosa saor ionn.
As ucht do dheasghabhála,
As ucht do choróin ghlórmhar,
As ucht do ghlóir,
As ucht na naomh-maighdeana
milis do Mháthair,
As ucht eadarghuidhe na naomh
go huile,


L. 14


Liodáin Íosa.



V. A Uain Dé thógbhas peacaidhe an
domhain,
R. Coigil dúinn, ó a Íosa.
V. A Uain Dé thógbhas peacaidhe an
domhain,
R. Go grástamhail éist lionn, ó a Íosa.
V. A Uain Dé thógbhas peacaidhe an
domhain,
R. Déan trócaire orainn.
V. A Íosa Críosta éist lionn,
R. A Íosa Críosta go grástamhail éist
lionn.
Go mbeannthar ainm an Tighearna ón
am so agas go síoraidhe. Amen.



An urnaighthe.



Ó, a Dhia d'ordaigh ainm roghlórmhar
d'aon Mhic ar dTighearna Íosa
Críosta a dhéanamh fiúntach léna
ghrádhadh, chum mórchumaoin do
fhírchreidmheach agas chum móruathbháis na
spiorad urchóideach, deónaigh go trócaireach
gach aon a bheir onóir do ainm
so Íosa air talamh, sólás milis naomhtha a
thabhairt dáibh do láthair agas fá
dheóigh ullghárdais luathgháireach gan
críoch air neamh, tré an Tighearna
céadna Íosa, etc. Amen.


L. 15


Liodáin Íosa.



Ó a Thighearna Íosa Críosta
dubhairt linn, “iarraidh agas bhéarfar
dhuibh, cuartaidh agas ghéabha sibh,
bualaidh an doras agas foscaltar dhuibh
é,” tabhair dhúinn tá dá iarraidh ort,
claonadh agas dortadh iomlán ann
do ghrádh roidhiadha ionnas go mbeidh
muid go bráth do do mholadh. Tá 'do
Dhia bhithbheó ag stiúradh mar aon leis
an Athair agas an Spioraid Naomh tré shaoghal
na saoghal. Amen.



Is féidir do gach aon atá i nOrd
St. Proinsias 300 lá loghadh a
ghnóthadh dá liacht uair is déarfas siad
Liodáin Íosa agas 200 lá air son Liodáin
Mhuire a rádh.



Urnaighthe an tráthnóna.



Ag teacht am tráthamhail agas na hoidhche,
guidhfidh mé air agas éistfidh sé mo ghuth. Psal.
54.v.18.



I n-ainm an Athair, etc.



(Abair annso na gníomhartha adharaidh, etc.,
mar tá i n-urnaighthe na maidne. Page 6.)


L. 16


Urnaighthe an TráthNóna.



Iarramuist air Dhia uilechumhachtaigh fuath
agas fios ar bpeacaidhe a thabhairt dhúinn agas
smuainighmuist air gach ócáid peacaidh thiocfas
ann ar mbealach ar feadh an lae so.



Smuaintighthe.
Bíodh dólás orainn fá pheacaidhe ar mbeatha
go huile.



Ó, a Dhia iarramuid maitheamhnas ort lé croidhe
uiríseal aithrigheach fá gach peacadh a roibh muid
ciontach ann ar feadh an lae so agas ar mbeatha
go huile, tré do Mhac, etc.



An Confiteor.



Admhaigheam do Dhia uilechumhachtach, do
Naomh-Mhuire bhí riamh 'na síoróigh, do Naomh
Míchéal ardaingeal, do Naomh Eóin Baistidh, do
na naomhapstail Peadar agas Paul, do mo
naomhphátrún Pádraig agas do na huile naomh,
gur pheacaigh mé go trom ré smuaintighthe, ré
briathra, ré gníomh agas ré faillidhe, tré mo
choir féin, tré mo choir féin, tré mo rochoir féin.
Air na hadhbhraibh sin, guidheam Naomh-Muire an
tsíoróigh, Naomh Míchéal ardaingeal, Naomh
Eóin Baistidh, na naomhapstail Peadar agas
Paul, mo naomhphátrún Pádraig agas an uile naomh
agus aingle Dé, Dia do ghuidhe air mo shon.




A Thighearna éist ar n-urnaighthe.
agas go dtéid ar n-osnaidhe ann do láthair.



Tabhair cuairt a Thighearna air an áras so
agas díbir uadh an uile cheilg an diabhail.
Déanadh do aingle naomhtha comhnaidhe ann
ionnas go gcumhdaidh siad inn i síocháin agas
bíodh do bheannacht againn go cinnte, tré ar
dTighearna, etc.


L. 17


Urnaighthe an TráthNóna.



Air na mairbh.



Ó, a Dhia, a chruthaightheóir agas a fhuascaltóir na
gcreidmheach, tabhair do anamaibh do shearbhóntaighe,
fir agas mnáibh, maitheamhnas a bpeacaidhe
go huile ionnas tré urnaighthe na bhfíréan go bhfaghaidh
siad an trócaire bhí siad ag iarraidh go cinnte,
tré do Mhac, etc.



Liodáin na Maighdeana Muire.



Cuireamuid sinn féin fá do choimirce
a naomh-mháthair Dé. Ná tarcaisnigh an
urnaighthe níomuid chugad ann ar riachtnas
ach saor inn go cinnte ón uile ghábhadh,
a Mhaighdean ghlórmhar bheannaighthe.
A Thighearna déan trócaire orainn.
A Thighearna déan trócaire orainn.
A Thighearna déan trócaire orainn.
A Chríosta déan trócaire orainn.
A Chríosta déan trócaire orainn.
A Thighearna déan trócaire orainn,
A Thighearna déan trócaire orainn.
A Chríosta éist linn.
A Chríosta tabhair toradh air ar nguidhe.
A Athair nimhe, a Dhia, déan trócaire
orainn.
A Mhic Dé, a fhuascaltóir an domhain,
A Spiorad Naomhtha, a Dhia, déan trócaire orainn.
A Thríonóid Naomhtha, a Dhia,


L. 18


Liodáin Mhuire.
A Naomh-Mhuire,
A Naomh-mháthair Dé,
A Naomh-mhaighdean na
maighdean,
A mháthair Chríosta,
A mháthair na ngrásta diadha,
A mháthair roghlan,
A mháthair roigheanmnaidh,
A mháthair gan mhilleadh,
A mháthair roigheanamhail.
A mháthair iongantach,
A mháthair ar gcruthóir,
A mháthair ar slánaightheóir,
A mhaighdean ro-eagnaidhe,
A mhaighdean a ndlighthear onóir, guidh orainn
A mhaighdean clúiteach,
A mhaighdean chumhachtach,
A mhaighdean dhíleas,
A scáthán an cheart,
A ardchathaoir na heagna,
A adhbhar ar luathghára,
A shoitheach spioradálta,
A shoitheach onórach,
A shoitheach oirdheirc an chrábhaidh,
A rós rúindiamhar,
A thúr Dháibhí,
A thúr eabhra,
A theach órdha,


L. 19


Liodáin Mhuire.



A áirc an reachta,
A dhoras flaitheamhnas,
A réalta na maidne,
A shláinte na n-easlán,
A choimirce na bpeacadh,
A shólás lucht an dubh-bhróin,
A chungnamh na gCríostaidhe,
A bhainríoghan na n-aingeal,
A bhainríoghan na bhflaithis,
A bhainríoghan na bpatriarchs,
A bhainríoghan na bhfáidhe,
A bhainríoghan na n-apstal,
A bhainríoghan na mairtírigh,
A bhainríoghan na
gcoinfeasóraidhe,
A bhainríoghan na maighdean,
A bhainríoghan na huile naomh,
A Uan Dé thógbhas peacaidhe an domhain,
coigil dúinn a Íosa.
A Uan Dé thógbhas peacaidhe an domhain,
éist linn a Íosa.
A Uan Dé thógbhas, etc.,
déan trócaire orainn.
A Chríosta éist linn.
A Chríosta tabhair toradh air ar nguidhe.
A Thighearna déan trócaire orainn.
A Chríosta déan trócaire orainn.
A Thighearna déan trócaire orainn.


L. 20


Liodáin Mhuire.



Ar nAthair atá air neamh, etc.,
agas ná léig sinn i gcathaighthe
ach saor sinn ó olc. Amen.
Éist m'urnaighthe a Thighearna
agas roichfidh m'osna do láthair.



Cuirimíd sinn féin fá do choimirce a
naomh-máthair Dé. Ná tarcaisnigh an urnaighthe
níomuid chugad ann ar riachtnas
ach saor inne go cinnte ón uile ghábhadh, a
Mhaighdean ghlórmhar bheannaighthe.
Guidheamuid thú a Thighearna, tré eadarghuidhe
na Maighdeana glórmhar beannaighthe, muirighin an
teach so a chumhdach ón uile ghábhadh agas olc
agas do réir mar umhlamuid inn féin go hiomlán
agas ónar gcroidhthe ann d'fhiadhnaise coimhéad
sinn ó thuiteam i gcathaighthe agas i gceilg an
diabhail, tré ar dTighearna Íosa Críosta, etc.



Fáilte an Aingil.



Tháinic aingeal ón Thighearna lé teachtaireacht
chum Mhuire
agas ghabh sí ina broinn ón Spiorad Naomh.
Dia do bheatha a Mhuire, etc.
Féach mise, searbhóntaighe an Tighearna,
déantar liom mar dubhrais.
Dia do bheatha, etc.,
agas rinneadh feóil den mbréithir
agas chomhnaigh eadrainn.
Dia do bheatha, etc.
Guidh air ar son a naomh-mháthair Dé go ndéantaoi
sinn fiúntach air gheallamhain Chríosta
d'fhagháil.


L. 21


Urnaighthe an TráthNóna.



Guidhmuid thú a Thighearna, doirt do ghrásta ann
ar n-anamaibh, sinn a fuar fios air ioncholnadh
do Mhic Íosa Críosta lé teachtaireacht an aingeal
ionnas go dtiocfamuist lé luaigheacht a Pháise
agas a chroich chum an eiséirghe ghlórmhar, thríd an
Mac céadna ar dTighearna. Amen.



A aingle Dé bhíos dár gcoimhideacht, ná scar linn,
soillsighidh sinn, cumhdaidh agas cuididh linn
anocht agas air uair ar mbáis. Amen.
A phátrún naomhtha guidh Dia air ar son.
Cumhdaigh inn a Thighearna 'nar ndúscadh
agas coimhéad inn 'nar gcodladh ionnas go musclamuid
ag Críosta agas go gcomhnaighmuid i
síocháin. Amen.



Rósaraidh
ainm ronaomhtha
Íosa.



I n-ainm an Athair agas an Mhic
agas an Spiorad Naomh. Amen.



V. Ó, a Thighearna fuascail mo
phuisínidhe,



Tá loghadh geinearálta do dhearbhráthaireach
agas dheirbhshiúracha Ord Naomh Proinsias dá liacht
uair is déarfas siad Coróin Íosa i n-onóir Pháise


L. 22


Coróin Íosa.
R. agas aithriseóchaidh mo bheól do
dheaghmholadh.
V. Ó, a Dhia aontaigh chum mo
thárrtháil.
R. Ó, a Thighearna déan deithbhir
chum cuideadh liom.
V. Glóir don Athair, etc.,
R. Mar bhíodh, etc. Alleluia.



Críosta agas i gcuimhne na dtrí mbliadhna déag
air fhichid a bhí sé air an tsaoghal so. Ordaighthir
an Choróin so a rádh mar so: ag an chéad deichneabhair,
smuaineadh siad mar rinn ar slánaightheóir
urnaighthe sa ngáirdín, mar chuir sé allas fola,
mar ghabh Iúdaidhe é agas gach drochúsáid thug
siad dó. Ag an dara deichneabhair, smuainidh mar
toirbhreadh suas dá námhaid é, mar rinn siad
scige agas magadh faoi, mar ghabh siad do
sheilibh ann a aghaidh, mar bhocsáil agas mar bhual
siad é, mar sciúrs siad é ag an philéar cloiche
agas mar chuir siad coróin spín air a cheann. Ag
an treas deichneabhar, smuainidh mar sparr siad é
don chroiche agas mar chuir siad chum báis é eadra
dhá ghadaidhe. Aige na trí Paidreacha agas na trí
Ave déidheanach, smuainidh mar d'éirigh Críosta an treas lá ó
mharbh, mar chuaidh suas go flaitheas agas mar
thiocfas chum breithmhneas a thabhairt air bheó
agas air mharbh.


L. 23


Coróin Íosa.



Na cúig rúindiamhar don chéad chuid.



1.
Ioncholnadh ar dTighearna Íosa
Críosta.



Midheamhain.



Ghlac Mac Dé colann daonna as
fuil fhíorghlan na Maighdeana Beannaighthe
Muire agas dorinneadh duine
dhe ann a broinn.
Ó, a Íosa, a Mhic Dáibhí, déan trócaire
orainn (réna rádh deich n-uaire). Glóir
don Athair agas don Mac, etc. Mar
bhíodh ó thúis, etc.



2.
Breith ar dTighearna Íosa Críosta.



Midheamhain.



Rugadh slánaightheóir an domhain
ré sinne a fhuascailt is a Mháthair go
cinnte 'na hóigh.
Ó, a Íosa, a Mhic Dáibhí, etc. Glóir, etc.



3.
Tiomchaillghearradh ar dTighearna.



Midheamhain.



Air an hochtmhadh lá de aois ar
slánaightheóir, tosaigheann sé ag fulaingt


L. 24


Coróin Íosa.
air son ar bpeacaidhe agas doirtigheann
a chuid fola air ar son. Tiomchaillghearradh
é do réir an dlighe amhail is
dá mbeadh sé 'na pheacach.
Ó, a Íosa, a Mhic Dáibhí, etc. Déan
trócaire orainn. Glóir, etc.



4.



Fagháil ar dTighearna Íosa Críosta
sa teampall.



Midheamhain.



Air a bheith dhá bhliadhain déag
de aois dár slánaightheóir, taispéanann
sé é féin níos mó nó somharbhtha réna
chríonnacht agas a thuicse ag seóladh
teagascóraidhe na nIúdaidhe.
Ó, a Íosa, a Mhic Dáibhí, etc. Glóir, etc



5.



Baisteadh ar dTighearna Íosa Críosta.



Midheamhain.



Tá slánaightheóir an domhain air
a bhaisteadh ré Naomh Eóin. Admhann
an tAthair síoraidhe é mar mhac.
Ó, a Íosa, etc. Glóir don Athair, etc.


L. 25


Coróin Íosa.



An urnaighthe.



Ó, a Íosa a bhfuil d'ainm ós ceann an
uile ainm gurab aige ainm Íosa
lúbas gach glún dá bhfuil air neamh,
air talamh agas i n-ifreann; lé do
thuicse shíoraidhe a ghlac colann
daonna ann sa n-am a hordadh i mbroinn
na naomh-maighdeana Muire agas
mar so dobhíodh 'do mhac aige
Dáibhí; is gurb é do theacht chum an tsaoghail
chuir luathgháir air ainglibh is air
dhaonnaidhe; do thosaigh chomh moch
so a fhulaingt air ar son, agas mar gheall
orainne sceith an fhuil sin nigheas
peacaidhe an domhain; thaispéin do
thuicse shíoraidhe domharbhtha ag aois
do dhá bhliadhain déag agas gur do
do bhaisteadh bhíodh na flaithis
go huile ag freastal. Tabhair dhúinn na
rúindiamhara so a chríochnadh do
d'onóir agas ar sláinte shíoraidhe
féin. Tá mar aon ris an Athair agas
ris an Spiorad Naomh 'do Dhia bhithbheó go
síoraidhe. Amen.



Na cúig rúindiamhar don dara cuid.
1.
Ar slánaightheóir ag nighe cosa a
dheisceabal.


L. 26


Coróin Íosa.



Midheamhain.



Ré sompla na humhlaigheacht a thaispéint
dúinn agas goidé mar ba chóir dhúinn
seirbhís a dhéanamh dá chéile, thuirling
ar slánaightheóir chomh díblidhe
íochtrach sin gur nigh sé cosa na
n-aspal gé gurb é an Dia é dá
n-adhrann flaitheas agas talamh.
Ó, a Íosa Nasarét, a rígh na nIúdaidhe,
déan trócaire orainn (réna rádh deich
n-uaire). Glóir don Athair, etc.



2.



Urnaighthe ar dTighearna Íosa Críosta
ann sa ngáirdín.



Midheamhain.



Air fhios dár slánaightheóir go
roibh a Pháis i bhfogas dó, tá sé chomh
trom tuirseach sin ag smuaineadh air
na móirphéantaidhe tá sé ré fulaingt
agas fá thromualach ar bpeacaidhe,
air dhóigh go nguidheann sé an tAthair
uilechumhachtach cupa searbh na Páise a
chuir thairis.



Ó, a Íosa, etc. Glóir, etc.


L. 27


Coróin Íosa.



3.



Gábhaidh ar slánaightheóir.



Midheamhain.




Amhail agas nach mbeadh ar
slánaightheóir níos mó nó duine
somharbhtha, umhlann sé do chumhachta
daonna agas fuilngeann sé a ghabháil
mar gheall orainne amhail is dá mbeadh
sé féin coireach.
Ó, a Íosa, etc. Glóir, etc.



4.
Ar slánaightheóir ag iomchar na
croiche.



Midheamhain.



Stróiceadh ar slánaightheóir ré
sciúrsaidhe agas polladh a cheann
ré coróin spíne ré sásadh a thabhairt
ann ar bpeacaidhe. Cuireadh dh'iomchar
na croiche é air a bhfuil sé réna
chéasadh agas siubhlann sé i dtuirse
agas i bpian romhór chum na háite
ann a bhfuil sé ré báis d'fhagháil.
Ó, a Íosa, etc. Glóir, etc.



5
Ar slánaightheóir ag dol síos go
hifreann.


L. 28


Coróin Íosa.



Midheamhain.



Air scarmhaint anama ar slánaightheóir
réna chorp leis an mbás, théid
sé síos chum na háite a roibh dúil
ag na naoimh réna bhfuascailt.
Ó, a Íosa, etc. Glóir, etc.



An urnaighthe.



Ó, a Íosa bhfuil d'ainm ós ceann an
uile ainm is gur i n-ainm Íosa
a lúbas gach glún air neamh,
talamh agas i n-ifreann; is gurab
é rúindiamhara gach umhlaigheacht agas
gach tuirse hordadh duit as siocair
ar bpeacaidhe a thaispéin tú ag nighe
cosa do dheisceabal agas do shearbhóntaighe;
ann do léan agas ann d'urnaighthe
agas d'allas fola; ann do ghabháil
agas do thabhairt i láthair cúirte mar
choireach; i n-iomchar tromualach
na croiche agas ann scarmhaint d'anama
agas do choirp ó chéile agas
a dhol síos chum na n-árasaibh íochtrach;
tabhair dhúinn na rúindiamhra
so a chríochnadh chum do ghlóir agas
ar sláinte shíoraidhe féin. Tá mar
aon ris an Athair agas an Spiorad
Naomh, 'd'aon nDia bithbheó go síoraidhe.
Amen.


L. 29


Coróin Íosa.



Na cúig rúindiamhara don treas cuid.



1.



Eiséirghe ar dTighearna Íosa Críosta.



Midheamhain.



Anam ar dTighearna Íosa Críosta do
scaradh óna chorp ris an mbás, tá
sé airna choimhcheangal dó lé míorbhailte
go huilechumhachtach agas an
corp sin a bhí marbh, ag éirghe
gan bás d'fagháil níos mó.



Ó, a Íosa, a Mhic Dé bithbheo, déan trócaire
orainn. Glóir don Athair, etc.



2.



Deasghabháil ar dTighearna Íosa Críosta.



Midheamhain.



Chuaidh corp ar dTighearna Íosa
Críosta suas chum an ardfhlaithis
an áit a bhfuil slánaightheóir cinedaonna 'na
shuidhe air dheasláimh Dé an tAthair
uilechumhachtach. Ó, a Íosa, etc. Glóir, etc.



3.
Cuireann ar dTighearna Íosa Críosta an
Spiorad Naomh anuas.


L. 30


Coróin Íosa.



Midheamhain.



Air a bheith 'na shuidhe anois dár
slánaightheóir air dheaslámh Dé, cuireann
sé an Spiorad Naomh anuas lé soillse
agas beódhas a thabhairt dá dheisceabail
ionnas go mbeadh siad ollamh a
chros agas a ghlóir a chuir ós ard
don chinedaonna.
Ó, a Íosa, etc. Glóir, etc.



4.
Ar dTighearna Íosa Críosta ag corónadh
na Maighdeana Beannaighthe agas na
naomh.



Midheamhain.



Air fhoscailt an bhealaigh dár slánaightheóir
léna Pháis, a eiséirghe agas
a dheasghabháil, chum na bhflaithis
do chlainn Ádhamh, a chaill siad leis
an bpeacadh, bronnann sé air a Mháthair
agas air a naoimh coróin domharbhtha
ghlórmhar.
Ó, a Íosa, etc. Glóir, etc.




5.
Ar dTighearna Íosa Críosta ag teacht chum
breithmhnis.


L. 31


Coróin Íosa.



Midheamhain.



Tiocfaidh ar slánaightheóir i mórdhacht
agas i gcumhachta lé breithmhneas a thabhairt
air bheó agas air mharbh
agas lé luach saothair a thabhairt do gach
aon do réir a ngníomhartha.
Ó, a Íosa, etc. Glóir, etc.



An urnaighthe.




Ó, a Íosa bhfuil d'ainm ós cionn an
uile ainm is gur i n-ainm Íosa
lúbas gach glún dá bhfuil air neamh,
air talamh agas i n-ifreann; an corp
a marbhadh ris cinedaonna, thóg an
t-uilechumhachtach ón mbás go domharbhtha
glórmhar é; agas ré do dheasghabháil
gur bhuaidhigh tú air an mbás agas
d'fhuascail a roibh i mbroid; do réir
do gheallamhain chuir an Spiorad Naomh
anuas air an Eaglas, an sólásóir
agas an beódhadóir a thig ón Athair agas
ón Mac; sín amach do láimh líonmhar
uilechumhachtach a sceith air
an chlainn sin toighte Ádhamh, an ghlóir
nach bhfacaidh súil agas nach gcualaidh
cluais agas thiocfas i mórdhacht agas
i gcumhachta ré breithmhneas a thabhairt


L. 32


Coróin Íosa.
air bheóaibh agas air mhairbh agas ós
coinne do chathaoir bhreithmhnis go
dtiocfaidh clanna daonna uile. Tabhair
dhúinn na rúindiamhair so a chríochnadh
chum d'onoir agas ar sláinte
shíoraidhe féin. Tá mar aon ris an
Athair agas ris an Spiorad Naomh 'do
Dhia go síoraidhe. Amen.



Rosary



Na Maighdeana Beannaighthe.



I n-ainm an Athair agas an Mhic agas an
Spiorad Naomh. Amen.



V. Dia do bheatha a Mhuire tá lán do
ghrásta, tá an Tighearna leat.




“Thug Iulius 2 loghadh geinearálta do
“dhearbhráthaireach agas dheirbhshiúrach Ord
“St. Proinsias dá liacht uair is déarfas siad Coróin
“Mhuire, go speisialta Dé Sathairn.
“Deirthir an Choróin Mhuire so ann a honóir
“agas i gcuimhne an dá bhliadhain déag agas
“trí fichid a bhí sí air an tsaoghal so; seacht
“ndeichneabhair agas dhá Ave Maria a chuir leo agas
“Paidir agas Ave Maria don Phápa. Deirthir í
“fós i n-onóir seacht rúindiamhar shólásach
“na Maighdeana Beannaighthe.


L. 33


Coróin Mhuire.



R. Is beannaighthe thú air na mnáibh
agas is beannaighthe toradh do bhroinn
Íosa.
V. Ó, a Thighearna fuascail mo
phuisínidhe,
R. agas aithriseóchaidh mo bheól do
dheaghmholadh.
V. Ó, a Dhia aontaigh chum mo
thárrtháil.
R. Ó, a Thighearna déan deithbhir chum
cuideadh liom.
Glóir don Athair, etc.
Mar bhí ó thús, etc. Alleluia.
An chéad roinn -- Na cúig rúindiamhara
shólásach.



An chéad rúindiamhar.



Midheamhain.



Smuaineamuid sa rúindiamhar so mar
bheannaigh an tAingeal Gabriel don
mbaintighearna bheannaighthe lé céim lán
do ghrásta agas d'fhoillsigh dhi ioncholnadh
ar dTighearna agas ar slánaightheóir



The five Mysteries of the first Part called
joyful, to be said on all Mondays and Thursdays,
the Sundays in advent and after Epiphany,
'till Lent.


L. 34


Coróin Mhuire.



Íosa Críosta. (Abair) ar nAthair atá
air neamh, etc. (aon uair) agas Ave Maria
(deich n-uaire).
Glóir don Athair, etc.



An urnaighthe.



Ó, a Naomh-Muire, a bhaintighearna
gach maighdean, tré ardrúindiamhar
romhór ioncholnadh do Mhic roghráidh
ar dTighearna Íosa Críosta
lé ar tionnscnadh go sona ar sláinte
shíoraidhe, fagh dúinne lé d'eadarghuidhe,
soillse ionnas gur léar dúinn na tiodhlcaidhe
romhóra so bhronn sé orainn
aige deónadh ... a bheith 'na dhearbhráthair
againn agas tusa a bheith aige-sean
'do Mháthair roghráidh, ar Máthair-inne
mar an gcéadna. Amen.



2.
Cuairt na Maighdeana Beannaighthe chuigena siúr
Elisabeth.



Smuaineamuid sa rúindiamhar so,
air thuigbheáil don Maighdean Bheannaighthe
ón aingeal go roibh a siúr Elisabeth
muirighineach, chuaidh sí go deithbhreach
go sléibhte Iudea air cuairt chuice agas
d'an aicidh trí mhí. Ar nAthair,
etc.


L. 35


Coróin Mhuire.



An urnaighthe.



Ó, a Mhaighdean Bheannaighthe, a scáthán
roghlan na humhlaigheacht, as ucht an
ghrádh dochuimse thabhaigh duid
cuairt a thabhairt air do shiúr Elisabeth,
fagh dúinn lé d'eadarghuidhe d'aon Mhac
beannaighthe cuairt a thabhairt air
ar gcroidhthe léna bheith saor ón
uile pheacadh go mbéarfamuid glóir
agas moladh dhó go síoraidhe. Amen.



3.
Breith ar dTighearna Íosa Críosta
i mBethlehem.



Smuaineamuid sa rúindiamhar so
mar thug an Mhaighdean Bheannaighthe
Muire ar slánaightheóir Íosa Críosta
chum an tsaoghail ann sa n-am ba chuibhdhe
air uair an mheadhón oidhche
gur leag sí é ann i mainnséir mar nach
roibh áit aige lé fagháil ann sna toighthe
ósta i mBethlehem.



An urnaighthe.



Ó, a Mháthair roghlan Dé, as ucht
d'óghdhacht agas an tuismidh roluathgháireach
lé dtug tú don tsaoghal d'aon


L. 36


Coróin Mhuire.
Mhac ar slánaightheóir, guidhmuid thú
na grásta a fhagháil dúinn, lé d'eadarghuidhe,
beatha naomhtha riaghalta a chaitheamh air an
tsaoghal so ionnas go gcanfamuid go
fiúntach gan stad, oidhche agas ló,
trócaire do Mhic agas a thiodhlcaidhe
dúinn. Amen.



4.
Toirbhirt ar dTighearna beannaighthe
sa teampall.



Smuaineamuid sa rúindiamhar so
mar thoirbhir an Mhaighdean Bheannaighthe
Muire, air lá a glanta, an leanbh
Íosa ann sa teampall mar a roibh
Naomh Simeon ag tabhairt buidheachais
do Dhia. Lé hullghárdas cráibhthigh rug sé
air ann a lámha.
Ar nAthair, etc.



An urnaighthe.



Ó, a Mhaighdean roibheannaighthe, a
phátrún na humhlaigheacht, thoirbhir sa
teampall Tighearna an teampaill,
fagh dúinn ó d'aon Mhac gráidh mar
aon lé Naomh Simeon agas Anna
dhiadha, glóir agas buidheachas a thabhairt
dó go síoraidhe. Amen.


L. 37


Coróin Mhuire.



5.
Fagháil an leinbh Íosa ann sa
teampall.



Meabhramuid sa rúindiamhar so mar
chaill an Mhaighdean Beannaighthe Muire,
gan aon fheasta dá thaobh, a haon Mhac
ghráidh i nIerusalem. Chuartaigh
sí air feadh trí lá é. Fá dheóigh fuar
sí é air an ceathramhadh lá i measc na
ndoctúiridhe ag diospóireacht leo is gan é ach
i n-aois a dhá bhliadhain déag.
Ar nAthair, etc.



An urnaighthe.



A Mhaighdean roibheannaighthe, níos
mó nó mairtíreach ann ar fhuiling tú,
ach cinnte is tú sólás na leathtromach.
As ucht an luathgháir dolabhartha sin
lé roibh d'anam líonta lé linn d'aon Mhic
ghráidh a fhagháil sa teampall i
measc na ndoctúraidhe ag diospóireacht leo,
fagh dhúinn uadh, lé d'eadarghuidhe, a
chuartadh agas a fhagháil sa Naomheaglais
Chaitliceach agas gan scaradh leis go
síoraidhe. Amen.



Salve Regina.



Go mbeannaighthear duit a bhainríoghan


L. 38


Coróin Mhuire.
bheannaighthe, a Mháthair na trócaire,
ar mbeatha, ar milseacht agas
ar ndóchas. Is chugad chaoifeamuid,
clann bocht so dhíbeartha Éabha. Is suas
chugad chuireamuid ar dtuirse, ar n-osnaidhe
agas ar ndeór ann sa ngleann so
na ndeór. Mar sin tiontaigh orainn a
mhórthrócaireach, lé súile na trócaire
agas an uair a bheas ar ndíbearthacht air
an tsaoghal so críochnaighthe, taispéin
dúinn toradh do bhroinn Íosa, ó a
mhórchráibhtheach, ó a Mhaighdean mhilis
bheannaighthe, a Mhuire.
V. Guidh air ar son a naomh-mháthair
Dé,
R. go ndéantaoi sinn fiúntach air gheallamhain Críosta.



An urnaighthe.



Ó, a Dhia ar cheannaigh d'aon Mhac,
léna bheatha, a bhás agas a eiséirghe,
an bheatha shíoraidhe dúinn, guidhmuid
thú a fhagháil dúinn lé smuaineadh air
na rúindiamhraibh so i Rosary ronaomhtha
so na Maighdeana Beannaighthe,



Pope Benedict the 13th, had this prayer composed
for the Rosary of the Blessed Virgin.


L. 39


Coróin Mhuire.



gach a ngeallann siad agas aithris a dhéanamh
air a n-abrann siad, tré Chríosta ar
dTighearna. Amen.



AN DARA ROINN.



Na cúig rúindiamhar dhólásach.



1.
Urnaighthe agas allas fola ar slánaightheóir
ronaomhtha sa ngáirdín.



Smuaineamuid sa rúindiamhar so mar
bhí ar dTighearna chomh claoite meirtnighthe
sin air ar son i ngáirdín Gethsemani
go roibh a chorp báite i n-allas
fola ag tuiteam 'na bhraoncha móra chum
talaimh.



Ar nAthair, etc. Dia do bheatha a Mhuire,
etc. Glóir don Athair, etc.



An urnaighthe.



A Mhaighdean roibheannaighthe, níos
mó nó mairtíreach, as ucht an urnaighthe



These five Mysteries of the second part called
dolorous or sorrowful, to be said on Tuesdays
and Wednesdays throughout the year, and the
Sundays in Lent


L. 40


Coróin Mhuire.



dhúthrachtach sin a thoirbhir d'aon
Mhac roghráidh amach dá Athair sa
ngáirdín, deónaigh eadarghuidhe air ar
son ar n-ainmhiantaidhe a chlaoidh chum
réasún na humhlaigheacht agas ann gach
uile ní sinn féin a ísleadh do thoil Dé.
Amen.



2.
Sciúrsadh ar dTighearna naomhtha aige
an philéar cloiche.



Smuaineamuid sa rúindiamhar so
mar sciúrsadh ar dTighearna Íosa
Críosta go roi-mhíothrócaireach i dtigh
Philate. Is sé uimhir na mbuillidhe a bualadh
air (do réir mar hadmhadh do Naomh
Brighid) ós cionn chúig mhíle buille.
Ar nAthair atá, etc.



An urnaighthe.



Ó, a Mháthair Dé, a thobar rolán na
foighide, as ucht an sciúrsadh roithiaránta
dheónaigh do Mhac roghráidh a
fhuiling air ar son, fagh uadh dúinn,
grásta agas eólas ar gcéadfaidhe neamhumhal
a smachtadh agas an uile
ócáid peacaidh a ghearradh lé cloidheamh
an dóláis agas na truaighe ghoin
d'anam romhaoth. Amen.


L. 41


Coróin Mhuire.



3.
Corónadh ar slánaightheóir roibheannaighthe
lé deilg spíne.




Smuaineamuid sa rúindiamhar so
mar rinne na ministiridhe neamhthrócaireach
so an diabhail coróin do dhealgaibh
géara agas go tiaránta sparr
siad í air cheann naomhtha ar dTighearna Íosa
Críosta. Ar nAthair, etc.



An urnaighthe.



Ó, a Mháthair ar bprionnsa shíoraidhe
agas rígh na glóire, as ucht na ndealgaibh
géara so lé ar polladh a cheann
naomhtha, agramuid thú nar saoradh lé
d'eadarghuidhe ón uile shórt claonadh
díomas agas ar lá an bhreithmhnis ón
mearadh sin thuill ar bpeacaidhe.
Amen.



4.
Íosa ag iomchar na croiche.



Smuaineamuid sa rúindiamhar so mar
tugadh breithmhneas báis air ar dTighearna
Íosa Críosta. d'fhuiling sé lé foighid
dochuimseach an chroich leagadh
air chum méadadh péine agas scannail
dó. Ar nAthair, etc.


L. 42


Coróin Mhuire.



An urnaighthe.



Ó, a naomh-maighdean, a shompla na
foighide, as ucht móirphian iomchar na
croiche ann ar iomchair d'aon Mhac ar
dTighearna Íosa Críosta tromualach
ar bpeacaidhe, fagh dúinn uadh lé
d'eadarghuidhe uchtach agas meisneach a
choiscéimibh a leanamhain agas ar
gcros a iomchar 'na dhiaidh go deireadh
ar mbeatha. Amen.



5
Crochadh ar dTighearna Íosa
Críosta.



Smuaineamuid sa rúindiamhar so, air
theacht dár slánaightheóir Íosa Críosta
go Sliabh Calbharaidh, gur fadhbhadh é
as a chuid éadaigh agas gur sparradh
a chosa agas a lámha go roi-mhíothrócaireach
don croich i láthair a Mháthara
rodhólásach. Ar nAthair, etc.



An urnaighthe



A Naomh-Mhuire, a Mháthair Dé, mar
síneadh agas mar tairrngeadh corp do Mhic
ghráidh air an chroich air ar son.
Go roibh ar mian go laetheamhail níos


L. 43


Coróin Mhuire.
mó sínte chum a sheirbhís agas ar
gcroidhthe a bheith gointe lé tuirse agas
truaighe fá sheirbhe a mhórpháise.
Agas tusa, ó a Mhaighdean ronaomhtha,
go grástamhail deónaigh eadarghuidhe
air ar son agas cuideadh linn mórobair
ar slánaighthe a chuir i gcríoch. Amen.



Go mbeannaighthear duid a bhainríoghan
etc. Ó, a Dhia ..., etc. (pages
37 and 33).



An threas roinn.



Na cúig rúindiamhar glórmhar.
1.
Eiséirghe Críosta ó mharbh.



Smuaineamuid sa rúindiamhar so
mar bhuaidhigh ar dTighearna Íosa Críosta
go glórmhar air an bhás; d'éirigh
arís an treas lá go dofhuiling
domharbhtha.
Ar nAthair etc.



These Mysteries are assigned for Wednesdays
and Saturdays throughout the year, and Sundays
from Easter until Advent.


L. 44


Coróin Mhuire.



An urnaighthe.



Ó, a Mhaighdean ghlórmhar Muire, as
ucht an tsóláis dolabhartha fuar tú i
n-eiséirghe do Mhic, guidhmuid thú a
fhagháil dúinn uadh gan ar gcroidhthe a dhol
air seachrán go bráth i ndiaidh shóláis
bhréagaigh an tsaoghail so agas a bheith
go cinnte síoraidhe i dtóraidheacht fíorshóláis
fhlaithis. Amen.



2
Deasghabháil Críosta chum na
bhflaitheas.



Smuaineamuid
sa rúindiamhar so
mar chuaidh ar dTighearna Íosa Críosta go
flaitheas dhá fhichid lá i n-éis na heiséirghe
i gcuideachta agas i gcomhluadar ainglibh
air amharc a Mháthara, a apstail
agas a dheisceabail réna móiriongantas
go huile. Ar nAthair, etc.



An urnaighthe.



Ó, a Mháthair Dé, a shólás na leathtromach,
mar thóg do Mhac gráidh air a dhol
suas go fhlaitheas dó a lámha agas
gur bheannaigh a dheisceabail. Mar
an gcéadna deónaigh, a Mháthair ronaomhtha,
do lámha beannaighthe a thógbháil
suas chuige air ar son lé seilbh a fhagháil


L. 45


Coróin Mhuire.
air a thiodhlcaidhe naomhtha agas do
thiodhlcaidhe-se annso air talamh agas fá dheóigh
air neamh. Amen.



3
Teacht an Spiorad Naomh air a
dheisceabail.



Smuaineamuid sa rúindiamhar so mar
chuir ar dTighearna Íosa Críosta air a
bheith 'na shuidhe dhó air dheasláimh
Dé, mar gheall sé, an Spiorad Naomh
air na hapstail. I ndiaidh a dheasghabháil
d'fhill siad go hIerusalem agas dobhí ag
urnaighthe agas ag guidhe i bhfochair na
naomh-maighdeana Muire aige dúil lé
coimhlíonadh a gheallamhna. Ar
nAthair, etc.



An urnaighthe.



Ó, a Mhaighdean ronaomhtha, a
theampall an Spiorad Naomh, agramuid
thú a fhagháil dúinn lé d'eadarghuidhe an
sólásóir roimhilis so chuir d'aon Mhac
gráidh anuas air an Eaglais dá líonadh
lé sólás spioradálta, bealach fírinneach
ar slánaighthe a sheóladh air an tsaoghal so
agas a thabhairt orainn siubhal i gcasán
na subháilce is na ndeaghoibreacha. Amen.


L. 46


Coróin Mhuire.



4
Tógbháil na Maighdeana Beannaighthe
Muire chum na bhflaithis.




Smuaineamuid sa rúindiamhar so mar
d'fhág an Mhaighdean ghlórmhar an saoghal so
dhá bhliadhain déag i ndiaidh
eiséirghe a Mic agas gur tógbhadh leis
í go flaitheas i gcuideachta na naomhaingeal.
Ar nAthair, etc.



An urnaighthe.



Ó, a Mhaighdean roichríonna, air do
dhol isteach go ríghtheach na
bhflaitheas líon na hainglibh naomhtha
lé luathgháir agas cinedaonna lé dóchas.
Deónaigh eadarghuidhe air ar son
air uair ar mbáis lé bheith saor air
chluainteóireacht agas chathaighthe an diabhail
go rachamuist go luathgháireach ...
as an staid shaoghalta so lé seilbh
a fhagháil air an mbeatha mharthanach
shíoraidhe. Amen.



5
Corónadh na Maighdeana Beannaighthe
Muire ann sna flaithis.



Smuaineamuid sa rúindiamhar so
mar chorónaigh an Mac an Mhaighdean


L. 47


Coróin Mhuire.
Muire, lé hullghárdais agas luathgháir
romhór chúirt fhlaithis go
huile agas go speisialta glóir na naomh,
lé coróin roidhealraightheach ghlórmhar.
Ar nAthair, etc.



An urnaighthe.



Ó, a bhainríoghain ghlórmhar lucht
chomhnaidhe na bhflaithis, guidhmuid
thú an Rosary so a ghlacan mar
choróin ghlórmhar rósaidhe tá sinn
ag ofráil aige do chosa agas fagh dúinn
a Mhaighdean roghrástamhail lé d'eadarghuidhe,
ar n-anam a lasadh lé mian
d'fhaicsint corónaighthe chomh glórmhar
so nár bhásaidh sé ionainn go síoraidhe
nó go n-athróchar sinne chum seilbh
shólásach do naomhamhairc. Amen.
Go mbeannaighthear duid, etc.



Leis an rann agas an urnaighthe mar bhí roimhe.



Toirbhirt na hoific lé huile intinn na Páise.



Ó, a Íosa ronaomhtha, m'fuascaltóir
agas mo shlánaightheóir, toirbhream suas
do do mhórdhacht naomhtha an oific
bheannaighthe so i n-onóir agas i gcuimhne
do Pháise agas do bháis; na trí


L. 48


Páise.
huaire bhí tú i ndaoirpheannaid báis ann sa
gcroich agas i n-onóir na dtrí huaire
bhí tú croite marbh air an gcroich
agas an uair dhéidheanach do do sparradh
lé tairrngidhe di agas do do leagan anuas
as an gcroich. Ofrálam agas toirbhream
í i n-onóir do dhaoirpheannaid agas
do cheangal sa ngáirdín, fanámhad á dhéanamh
fúd, cúis bhréige á chuir ort,
aibíd phurple agas coróin spín á
chuir ort, do dhaoradh go mícheart
agas do sparradh don gcroich; i dtoirbhirt
do spiorad agas foscailt do
thaobh naomhtha, do leagan anuas as
an gcroich agas d'adhlcadh sa tuama.
Ofrálam suas í i n-onóir do chúig créachta
naomhtha slánaidhe, agas do chuid feóla
fíoruasal a strócadh lé sciúrsaidhe. Ofrálam
í i n-onóir d'ioncholnadh i mbroinn
gheanmnaidh do Naomh-Mháthara
an Mhaighdean roghlórmhar Muire
agas i n-onóir na Maighdeana Beannaighthe
agas Naomh Ioseph, mo aingeal coimhideacht,
Naomh Pádraig mo phátrún
naomhtha, na naoimh atá do m'ainm
agas na naoimh a bhfuil a bhféasta
airna sollamhain leis an Eaglais. Guidheam
iad go ro-umhal eadarghuidhe a dhéanamh


L. 49


Páise.
air mo shon agas a fhagháil damh agas
do gach aon a bhfuil sé d'fhiacha oram
a bheith ag guidhe air, beatha naomhtha na
ngrásta, deaghbhás, agas bás a fhagháil faoi
dhaingneacht na naomhshacramaintidhe
na Naoimheaglaise Caitlicidhe Rómhánach
ionnas go bhfaghamuist lé spiorad
na humhlaigheacht, grádh iomlán, tuirse
fhírinneach fár bpeacaidhe agas faoiside
ghlan agas gráin a thabhairt don uile
locht ór gcroidhe amach go speisialta
mar ghrádh air Dhia. Amen.
Fá dheóigh ofrálam í lé hardadh ar
Naomh-Mháthair an Eaglais, síocháinte
na ríoghachta so, scrios na heiriceacht agas
coimhcheangal carthanach na bprionnsaidhe
Caitliceach, leasadh na bpeacadh,
buainsheasamh na bhfíréin, do gach
aon atá i ndaoirpheannaid báis agas
suaimhneas síoraidhe do anamaibh Phurgadóir.
Amen.



A Athair ghráidh tabhair fá ndeara gurb
tré Pháis agas bás Íosa Críosta fuar agas do-ghéabha
sinn gach tiodhlcaidhe agas grásta tá riachtnach
chum sláinte shíoraidhe ar n-anamaibh agas
gurb i n-onóir agas i gcuimhne Pháis agas bháis
Críosta tá an oific réna rádh. Tá sí roinnte 'na
seacht gcuid i gcuimhne na seacht n-uaire bhí Íosa


L. 50


Páise.
Críosta san gcroich: trí huaire croite beó, trí
huaire marbh san gcroich agas an seachtmhadh
uair chaith siad ag cuir tairrngidhe ann agas dá
leagan anuas as an gcroich. Is sé chiallas na
trátha canónta nó an moladh, allas fola ar
slánaightheóir, a cheangal sa ngáirdín agas a
dhragáil ó shin go hIerusalem.
An chéad uair, an scannail agas an
t-imdheargadh d'fuiling sé air maidin dá thabhairt
fríd an tsráid go prionnsa na nIúdaidhe agas na
fiadhnaise bhréige tugadh ann a aghaidhe. An treas uair, a
sciúrsadh ag an philéar cloiche, a choróin spín, an
t-éadach purpair, an tslat a tugadh ann a láimh agas
a thaispéint do na daoine, ag rádh, “féachaidh an
duine”. An 6amh uair, a dhaoradh go mícheart
chum báis, iomchar na croiche, a sparradh agas a
cheangal lé tairrngidhe don chroich. An 7amh uair,
an deoch fínéagar agas domblais, a bhás air an
gcroich agas foscailt a thaobh lé sleagh.



Oific ainm Íosa.



V. Go mbeannaighthear ar dTighearna
go síoraidhe.
R. Amen.
V. Ó, a Thighearna foscail mo
phuisínidhe,
R. Agas aithriseóchaidh mo bheól do
dheaghmholadh.
V. Ó, a Dhia aontaigh chum mo thárrtháil,


L. 51


Oific Ainm Íosa.
R. A Thighearna déan deithbhir chum cuideadh
liom.
V. Glóir don Athair, etc.
R. Mar bhí ó thús, etc.



Neamhnuall.



A Íosa, an tráth mhusclas tú ann mo
mheabhair,
Bíonn mo chroidhe air lasadh lé gach
luathgháir.
Ach an uair a thig tú i láthair, a radharc gach
maithis,
Biodhgann m'anam amhail aoibhnis
fhlaitheas.
Ant. D'umhlaigh ar dTighearna Íosa Críosta
é féin don mbás, do bhás na
croiche. Air a shon sin d'ardaigh
Dia é agas thug ainm dó ós cionn an
uile ainmibh gur ag ainm Íosa lúbas
gach glún tá air neamh, air talamh
nó faoi an talamh.
V. Go n-adhraidh an saoghal go huile
thú, ó a Dhia, canadh sé ceól duit.
R. Abradh sé psailm do d'ainm
ó a Thighearna Íosa.



An urnaighthe.



Ó, a Dhia d'ordaigh ainm roghlórmhar


L. 52


Oific.
D'aon Mhic ar dTighearna Íosa Críosta
milis roghráidh do do chreidmheach
agas chum uathbhás agas criothnadh na
spiorad urchóideach, deónaigh go trócaireach
... gach aon a bheir onóir
go cráibhtheach don ainm so Íosa air talamh,
milseacht naomhshóláis do láthair agas
fá dheóigh sólás agas ullghárdais ann sna
flaithis gan chrích, tré an Thighearna
céadna. Amen.
V. Go mbeannaighthear ainm ar dTighearna
go síoraidhe.
R. Amen.
V. Ó, a Dhia aontaigh chum mo
thárrtháil.
R. Ó, a Thighearna déan deithbhir chum
cuideadh liom.
V. Glóir don Athair. etc.
R. Mar bhí ó thús, etc.



Neamhnuall.



Ní bhfuil ceól chomh sáimh nó moladh
chomh grinn,
Nó ag éisteacht cluas glór chomh binn,
Ní thig a smuaineadh lé croidhe go
bráth,
An t-ainm roghlórmhar sin Íosa ar
ngrádh.


L. 53


Ainm Íosa.



Ant. d'umhlaigh ar dTighearna, etc.
(mar dubhairt roimhe).
V. Go n-adhraidh an saoghal, etc.
R. Abradh, etc.



An urnaighthe.



Ó, a Dhia d'ordaigh ainm, etc.
V. Go mbeannaighthear, etc.
R. Amen.
V. Ó, a Dhia aontaigh, etc.
R. Ó, a Thighearna déan, etc.
V. Glóir don Athair, etc.
R. Mar bhí, etc.



Neamhnuall.



A Íosa ar ndóchas i ndubh-bhrón ar
bpeacaidhe,
Is sé do ghrásta bheir cabhair dúinn
ann gach easbhaidh,
Más maith dháibh ... sheilbh do
thiodhlcaidhe,
Goidé mar bheithir ag faiscint do
naomhaghaidh.
Ant. d'umhlaigh, etc.
V. Go n-adhraidh, etc.
R. Abradh sé, etc.


L. 54


Oific.



An urnaighthe.



Ó, a Dhia d'ordaigh, etc.
V. Go mbeannaighthear, etc.
R. Amen.
V. Ó, a Dhia aontaigh, etc.
R. Ó, a Thighearna déan, etc.
V. Glóir don Athair, etc.



Neamhnuall.



A Íosa bheir trócaire uaid 'na cheatha,
Soillse ar gcéadfaidhe, lánfhuarán na
beatha,
Lé fíorshólás bheathaigh tú ar gcroidhe,
Tá do thiodhlcaidhe ós cionn ar síriarraidh.
Ant. d'umhlaigh, etc.
V. Go n-adhraidh, etc.
R. Abradh sé psalm, etc.



An urnaighthe.



V. Go mbeannaighthear, etc.
R. Amen.
V. Ó, a Dhia aontaigh, etc.
R. Ó, a Thighearna, etc.
V. Glóir don Athair, etc.



Neamhnuall



Ní bhfuil teanga ... is ní bhíonn
choidhche,


L. 55


Ainm Íosa.
Nó críonnacht dolabhartha a thabhairt
i gcrích,
Ach an t-anam amháin is aige tá a fhios,
An milseacht a bhlaiseas a ngrádhann
Íosa.
Ant. D'umhlaigh, etc.
V. Go n-adhraidh, etc.,
R. Abradh sé psalm, etc.



An urnaighthe.



Ó, a Dhia, etc.
V. Ó, a Dhia aontaigh, etc.
Ó, a Thighearna déan, etc.
V. Glóir don Athair, etc. Alleluia.



Neamhnuall.



A Íosa tá roilíonmhar i ngrás,
Fuair buaidh air ghéarghatha an
bháis,
Tairrngeann do ghean sinne go dlúth,
Ar n-easbhaidh annsin sásaigheann tú.
Ant. d'umhlaigh ar dTighearna, etc.
V. Go n-adhraidh, etc.
R. Abradh sé, etc.



An urnaighthe.



Ó, a Dhia tug fá ndeara, etc.
V. Go mbeannaighthear ainm, etc.
Amen.


L. 56


Oific, etc.



V. Tiontaigh sinn ó a Thighearna ar
slánaightheóir,
R. Agas fill d'fhearg uainn.
V. Ó, a Dhia aontaigh, etc.
R. Ó, a Thighearna déan, etc.
V. Glóir don Athair, etc.



Neamhnuall.



Ó, a Íosa glac seilbh air m'anam anocht,
Agas díbir uainn an uile locht,
Ionnas go mbeadh sinn saor ó gach
ainnis.
Go mblasaidh an saoghal do thiodhlcaidhe
mhilis.
Ant. D'umhlaigh, etc.
V. Go n-adhraidh, etc.
R. Abradh, etc.



An urnaighthe.



Ó, a Dhia, etc.



An Toirbhirt.



Chugad a Thighearna Íosa Críosta
aniugh,
An urnaighthe so lé m'ardghuth,
Cuidigh liom air uair mo bháis,
Agas tabhair mé leat go flaithis
na ngrás. Amen.


L. 57


Oific Mhuire.



Oific naomhghabháil na
Maighdeana Muire.



V. Anois, tabhradh mo phuisínidhe
agas mo
ghuth,
R. Ardmholadh ceóil don naomh-mhaighdean
aniugh.
V. Ó, a bhaintighearna bí agam 'do charaid,
R. Go neartmhar saor mé ó m'eascaraid.
V. Glóir don Athair agas don Mac agas don
Spiorad Naomh. Amen.



Neamhnuall.



Fáilte a bhaintighearna an domhain,
Bainríoghan shoillseach nimhe,
Fáilte a Mhaighdean gach maighdean,
Réalta mhoch na maidne.
Fáilte lán do gach grásta,
A ghlansholais Dé,
A bhaintighearna cuidigh linn,
Lé deithbhir déan é.
Dia ón tsíoraidheacht,
Tar mnáibh na cruinne,
Don mbréithir gur ordaigh,
A bheith aige mar bhuime.
Lé sin chruthaigh sé,
Neamh, talamh is muir,


L. 58


Oific.
A ghlainchéile toighte,
Saor air gach coir.
V. Do thoigh agas do riathoigh Dia í,
R. Agas d'ordaigh í comhnaidhe a dhéanamh
ann a theampall.



An urnaighthe.



Ó, a Naomh-Muire, a Mháthair ar dTighearna
Íosa Críosta, bainríoghan na
bhflaithis agas baintighearna an domhain
nach dtréigeann is nach dtarcaisneann
aon neach, dearc oram go trócaireach
lé súil na trócaire agas fagh damh ó
d'aon Mhac pardún ann mo pheacaidhe,
mise tá lé hintinn agas meanma diadha
ag críochnadh do naomhghabháltas,
agas fá dheóigh an bheatha mharthanach
shíoraidhe tré ghrásta agas thrócaire ar
dTighearna Íosa Críosta thug tú
(a Mhaighdean) chum an tsaoghail. Tá mar
aon leis an Athair agas leis an Spiorad
Naomh, 'd'aon Dia bithbheó go síoraidhe.
Amen.
V. Ó, a Thighearna éist m'urnaighthe,
R. Agas roichfidh m'osna do láthair.
V. Beannaighmuid ar dTighearna.
R. Buidheachas do Dhia.
V. Agas go bhfaghaidh anamann na


L. 59


Mhuire.
gcreidmheach d'fhág an saoghal so tré thrócaire
Dé suaimhneas síoraidhe.
Amen.
V. Ó, a bhaintighearna bí agam, etc.
R. Go neartmhar, etc., (mar bhí roimhe).
V. Glóir don Athair, etc.
R. Mar bhí, etc.



Neamhnuall.



Fáilte a Mhaighdean roichríonna,
Áras don Rígh,
Lé seacht n-ursa seasmhach,
Agas bord grásamhail bídh.
Saor air gach aicíd,
Dá bhfuil ann sa gcréidh,
I mbroinn 'do charad,
Naomhtha roimhe breith.
Máthair na mbeóaibh,
Doras gach naomh-maithis,
Staid nua Iacob,
Bainríoghan na bhflaitheas.
Chum Zabulon eaglach,
An t-arm go léir,
Bí thusa 'do charaid,
Aige na Críostaidhe dá réir.
V. Do chruthaigh sé í ann a
Naoimhspiorad,
R. Agas dhoirt sé amach í ós cionn
uile oibre.


L. 60


Oific



An urnaighthe.



Ó, a Naomh-Mhuire, etc.
V. A Thighearna éist, etc.,
R. Agas roichfidh, etc.
V. Beannaighmuid, etc.
R. Buidheachas, etc.
V. Agas go bhfaghaidh, etc.
R. Amen.
V. Ó, a bhaintighearna bí agam, etc.
R. Go neartmhar saor mé, etc.
V. Glóir don, etc.



Neamhnuall.



Fáilte a áirc an reachta,
Cathaoir Sholamh rígh,
Bogha báistighe na bhflaitheas,
An tor lé theinidh.
Lomradh Ghideon,
Slat lán do bhláth,
Mil sháimh Sampson,
Teach Dé do ghnáth.
Ba cheart don Mac ríodha,
Sábháil ó spot,
(A roibh clann Éabha
Geinte 'na locht)
An bhanóigh do thoigh sé,
Chum a bheith ag diúl a cíoch,


L. 61


Mhuire.



Ionnas nach luighfeadh smál peacaidh,
Uirre choidhche.
V. Áitigheam sa n-áit is airde,
R. Agas is sí mo chathaoir ursa na
néaltaidhe.



An urnaighthe.



Ó, a Naomh-Muire, etc.
V. Éist m'urnaighthe, ó a Thighearna,
R. Agas roichfidh.
V. Beannamuid, etc.
R. Buidheachas, etc.,
V. Agas go bhfaghaidh, etc.
R. Amen.
V. Ó, a bhaintighearna, etc.
R. Go neartmhar, etc.
V. Glóir don Athair, etc.
R. Amen.



Neamhnuall.



Fáilte a Mháthair agas a Mhaighdean,
Don aon Dia i dtrí,
Teampall luathgháir na n-aingeal,
Lóistín gan chaoi.
Sólás gach tuirseach,
Crann pailm na síth,
Gáirdín an phléisiúir,
Lón geanmnaidh.


L. 62


Oific



Is beannaighthe tú uile,
A thalamh na cléir,
Ó pheacadh na sinnsire,
Saor go léir.
An chathair is airde,
Geata na bhflaitheas,
Buaidh uilig gach maighdean,
Grásta gach maitheas.
V. Mar lilidhe i measc creachán,
R. Is mar sin mo ghrádh i measc
ingheanacha Ádhamh.



An urnaighthe.



Ó, a Naomh-Muire, etc.
V. Ó, a Thighearna éist, etc.,
R. Agas roichfidh, etc.
V. Beannaighmuid, etc.
R. Buidheachas, etc.,
V. Agas go bhfaghaidh, etc.
R. Amen.
V. Ó, a bhaintighearna, etc.
R. Go neartmhar, etc.
V. Glóir don Athair, etc.
R. Mar bhí, etc.



Neamhnuall.



Fáilte a chathair na cumraighe,
Tor Dháibhí rígh,


L. 63


Mhuire.
Daingean lé ballaidhe,
Agas arm móirbhrígh.
Ann do naomh-bhroinn,
Lasadh grádh,
Uabhar ar n-eascaraid,
Faoi náire go bráth.
Iudith dochlaoite,
Arm an chrábhaidh,
A mhaighdean deas Abishag,
Teasghrádh sin Dháibhí.
Snuadhmhac Rachel,
Éighpte gur líon,
Slánaightheóir na cruinne,
Aige Naomh-Muire i mbroinn.
V. Tá tú uileshnuadhamhail, ó mo
ghrádh,
R. Agas ní roibh smál peacaidh
ionad riamh.



An urnaighthe.



Ó, a Naomh-Mhuire, etc.
V. Ó, a Thighearna éist, etc.,
R. Agas roichfidh, etc.
V. Beannaighmuid, etc.
R. Buidheachas, etc.
V. Agas go bhfaghaidh, etc.
R. Amen.
V. Ó, a bhaintighearna, etc.
R. Go neartmhar, etc.
Glóir don, etc.


L. 64


Oific



Neamhnuall.



Fáilte a ghriainriaghal,
Ar son a dtiontann an fhioghair,
Deich gcéim air ais,
Rinneadh feóil don mbréithir,
Chum an duine a ardadh ó ifreann,
Go parrthas an rígh,
Dia mór na bhflaitheas,
I stábla 'na luighe.
Is minic thaispéin an ghrian so,
Í féin air Mhuire,
Ghabh sí i mbroinn,
Mochthráth na maidne,
A lilidhe i measc creachán,
Chriothnaigheas an nathair neimhe,
Glainré sa n-oidhche,
Bheir solas don gcruinne.
V. Ann sna flaithis rinne mé soillse
...,
R. Agas d'fholaigh mé an saoghail go
huile mar cheó.
An urnaighthe.



Ó, a Naomh-Mhuire, etc.
V. Éist m'urnaighthe, etc.,
R. Agas roichfidh, etc.
V. Beannaighmuid, etc.
R. Buidheachas, etc.


L. 65


Mhuire
V. Agas go bhfaghaidh, etc.
R. Amen.
V. Ó, a bhaintighearna, go dtugaidh d'aon Mhac
Íosa Críosta, do shíochánaigh tú lé d'urnaighthe,
leas ar n-anama dúinn,
R. Agas a fhearg a thiontach uainn.
V. Ó, a bhaintighearna bí agam, etc.
R. Go neartmhar, etc.
V. Glóir don Athair, etc.
R. Mar bhí, etc.



Neamhnuall.



Fáilte a bhuadhmhaighdean,
Geanmnaidh go léir,
Máthair na trócaire,
Coróin réalta na spéir.
Gan chaoi ós cionn aingeal,
Radharc do Mhic i nglóir,
'Do shuidhe air a dheaslámh,
Deisighte i n-ór.
Máthair na ngrásta,
Réalta ghlan na mara,
Dóchas na n-anbhfann,
Ann ar mbris bí 'do chara.
Fagh na flaithis a oscailt,
Air dhóigh tré do ghrádh,
d'aon Mhac go bhfeiceam,
I nglóir shíoraidhe go bráth.
V. Is ola ag dortadh amach d'ainm,
a Mhuire.


L. 66


Oific



R. Do ghrádhaigh do shearbhóntaighe
ós cionn cuimse thú.



An urnaighthe.



Ó, a Naomh-Muire, etc.
V. Éist m'urnaighthe, etc.,
R. Agas roichfidh, etc.
V. Beannaighmuid, etc.
R. Buidheachas, etc.,
V. Agas go bhfaghaidh, etc.



An Toirbhirt.



Chugad a Naomh-Muire,
Go humhal ó chroidhe,
Na huaire canónta so,
Lé hintinn gan chaoi.
Stiúraigh do shearbhóntaighe,
Go radharc Chríost i ngrás,
Cuidigh linn a Mhaighdean,
Air uair ar mbáis.
R. Amen.



Tá an rann so romhainn ré urnaighthe
naomhghabháil na Maighdeana Beannaighthe
airna mholadh lé Paul an cúigeadh
Pápa thug céad lá loghadh do
gach Críostaidhe creidmheach a déarfas go
dúthrachtach iad.


L. 67


Mhuire.



AN RANN.



So an brainse nach roibh meath do
shinnsire air nó páirt do pheacadh gníomh
riamh aige.
V. Ann do ghabháil i mbroinn, ó a
Mhaighdean, bhí tú gan smál.
R. Guidh an tAthair air ar son dá dtug
tú a Mhac chum an tsaoghail.



An urnaighthe.



Ó, a Dhia d'ollmhaigh áras ioncholnadh
do do Mhac lé gabháil gheanmnaidh
na Maighdeana Beannaighthe, guidhmuid thú
amhail tré riafhaicsint bás a Mic céadna
gur shábháil tú í ón uile smál peacaidh,
mar an gcéadna tabhair dúinn
tréna headarghuidhe nar saoradh ó
pheacadh agas nar seóladh chugad,
tré ar dTighearna Íosa Críosta do
Mhac tá aige stiúradh mar aon leat
agas leis an Spiorad Naomh tré shaoghail
na saoghail. Amen.


L. 68


Oific an



Oific an Spiorad Naomh.



V. Go soillsidh grásta an Spiorad
Naomh ar gcéadfaidhe agas ar
gcroidhthe.
R. Amen.



An Rann.



V. Ó, a Thighearna fuascail mo phuisínidhe,
R. Agas aithriseóchaidh mo bheól do
dheaghmholadh.
V. Ó, a Dhia aontaigh chum mo thárrtháil,
R. Ó, a Thighearna déan deithbhir chum cuideadh
liom.
Glóir don Athair, etc. Alleluia.



Neamhnuall.



A Spiorad Naomhtha dár n-anamaibh
tabhair beatha,
Lé grásta shileas uaid 'na cheatha,
Air gach fíormhaighdean tráth tháinic anuas,
An t-aingeal lé fáilte líon a cluas,
Don mbréithir dhiadha rinneadh duine,
Agas is torthamhail broinn na Maighdeana
Muire.
Ant. Ó, a Spiorad Naomhtha tuirling agas
líon croidhe na gcreidmheach agas las iad
lé teine do ghrádh.


L. 69


Spiorad Naomh.



V. Cuir anuas do Spiorad agas beidh
siad cruthaighte,
R. Agas athnuadhaidh tú aghaidh na
talamhain.



An urnaighthe.



Guidhmuid thú, ó a Thighearna, neart
agas brígh do Naoimhspiorad a bheith do
láthair againn chum mar aon ar gcroidhthe
a ghlanadh agas ar sábháil ón
uile námhaid, tré ar dTighearna Íosa
Críosta d'aon Mhac tá aige stiúradh
leat agas leis an Spiorad Naomh tré
shaoghail na saoghail. Amen.
V. Go soillsidh grásta (mar bhí roimhe).
V. Ó, a Dhia aontaigh, etc.
R. Ó, a Thighearna déan, etc.



Neamhnuall.



Críosta rugadh ó Naomh-Mhuire óigh,
Céasamh, marbhadh is leagadh sa
n-uaigh,
I gceann trí lá d'éirigh suas,
Annsin do phearsa thaispéin lé luas,
Dá dheisceabail air a n-amharc go léir,
D'éirigh suas ós cionn na spéir.
Ant. Ó, a Spiorad Naomh, etc.
V. Cuir anuas, etc.


L. 70


Oific an



An urnaighthe.



Guidhmuid thú, etc. (mar bhí roimhe).
V. Go soillsidh, etc.
V. Ó, a Dhia aontaigh, etc.
R. Ó, a Thighearna, etc.
Glóir don Athair, etc.



Neamhnuall.



Domhnach Cingcís an deichmheadh lá,
Chuir Dia ó fhlaithis a Spiorad lé grádh,
Air na hapstail lé neart is brígh,
Lé teangartha teineadh las a gcroidhe,
Gan athair níorbh áil leis a bhfágbháil
folamh,
Tráth chaill siad radharc Críosta air talamh.
Ant. Ó, a Spiorad Naomhtha, etc.
V. Cuir anuas, etc.
R. Agas athnuadhaidh, etc.



An urnaighthe.



Guidhmuid, etc.
V. Go soillsidh, etc.
R. Ó, a Dhia aontaigh, etc.
R. Ó, a Thighearna, etc.
Glóir don Athair, etc.



Neamhnuall.



Dhoirt Dia a ghrásta fá sheacht,
Air na hapstail, thug dháibh neart,
Tuicse, eagna agas brígh,


L. 71


Spiorad Naomh
Labhairt fá seach i dteanga gach críoch,
Críosta a sheanmóir, annsin do scaoil,
Iad féin amach air feadh an tsaoghail.
Ant. Ó, a Spiorad Naomh, etc.
V. Cuir anuas, etc.,
R. Agas athnuadhaidh, etc.
Glóir don, etc.



An urnaighthe.



Guidhmuid thú, etc.
V. Go soillsidh grásta, etc.
V. Ó, a Dhia aontaigh, etc.
Ó, a Thighearna déan, etc.
Glóir don, etc.



Neamhnuall.



Móirchéim an fhíorghrádh,
An sólásóir, an Spiorad go brách,
Tiodhlcaidhe Dé, teasghradh an chroidhe,
Tobar grástamhail lán móirbhrígh,
Ola naomhtha, grásta gach maitheas,
Tiodhlcaidhe shaoir do threabh na
bhflaitheas.
Ant. Ó, a Spiorad Naomh, etc.
V. Cuir anuas do, etc.



Guidhmuid thú, etc.
V. Go soillsidh, etc.
V. Ó, a Dhia aontaigh, etc.
R. Ó, a Thighearna, etc.
Glóir don, etc.


L. 72


Oific an



Neamhnuall.



Meór deasláimh an rígh,
Dúinn cumhachta spioradálta agas brígh,
I n-aghaidh gach oilc 'na mhórcharaid,
Ionnas nach loití sinn lér n-eascaraid,
Sábháil, cothaigh inn agas tabhair,
Sinn faoi do bhrataigh, gach
mórchabhair.
Ant. Ó, a Spiorad Naomh, etc.
V. Cuir anuas, etc.



An urnaighthe.



V. Go soillsidh, etc.
R. Tiontaigh sinn, ó a Thighearna ar
slánaightheóir.
R. Agas fill d'fhearg uainn.
V. Ó, a Dhia aontaigh, etc.
R. Ó, a Thighearna déan, etc. Glóir don, etc.



Neamhnuall.



Ó, a Spiorad Naomhtha deónaigh,
Do shoillse a dhortadh ann ar gcroidhe,
Agas nar stiúradh uile go flaitheas,
Tráth thógfas Dia suas chum breithmhnis,
Smuaintighthe an tsaoghail; ordaigheann go
sáimh,
Iad anall air a dheasláimh.
Ant. Ó, a Spiorad Naomh, etc.
V. Cuir anuas do Spiorad, etc.
R. Agas athnuadhaidh, etc.


L. 73


Oific, etc.



An urnaighthe.



Guidhmuid thú, ó a Thighearna, etc.



An toirbhirt.



Na huara canónta so go dtí
Thú, ó a Naoimhspiorad lé ar n-uile
bhrígh,
Go diadha ónar gcroidhthe uile,
Chum go ndoirtfeá anuas orainn na 'thuile,
Do thiodhlcaidhe go mbeadh sinn
fá dheóigh,
Buan
bithbheó ann sna flaithis go
deóigh. Amen.



Seacht bpaidireacha i n-onórachas
sheacht ndóláis agas shóláis Naomh
Ioseph.
An chéad dólás Na
smuaintighthe pianamhail
fána bheith ag scarmhaint léna
chéile muirighineach.



An 1 sólás.



Teachtaireacht shólásach an aingil
ag rádh, 'a Ioseph, a Mhic Dáibhí, ná
bíodh eagla ort fá Mháire do chéile
a thabhairt chugad.'


L. 74


Sóláis, etc.



An urnaighthe.



Ó, a Ioseph geanmnaidh, guidheam
thú go humhal as ucht an dóláis agas
an tsóláis so eadarghuidhe a dhéanamh
air mo shon, m'anam agas mo chorp a
choinneacháil geanmnaidh agas buaidh a
fhagháil air an uile shórt cathaighthe agas
trioblóide ionnas gurbh fhiú mé, lé
cungnamh grásta diadha, cuideadh síoraidhe
mo aingil coimhideacht aige
seóladh damh m'oibleagáid a choimhlíonadh
do thaobh Dé agas na comharsain,
tré ar dTighearna Íosa Críosta tá aige
stiúradh mar aon leis an Athair agas
leis an Spiorad Naomh tré shaoghal
na saoghal. Amen.
Ar nAthair atá air neamh, etc.
Dia do bheatha a Mhuire, etc.



An 2 dólás.



Naomh Ioseph ag amharc air an naoidheanán
Íosa air crith lé fuacht ann sa
mainnséar agas bochtaineacht a lóistín.



An 2 sólás.



Aig éisteacht ceóltaidhe ainglidhe,


L. 75


Naomh Ioseph.
agas adhradh na dtréadaighe agas na
trí ríghthe sínte i láthair an leinbh
Dé.



An urnaighthe.



A Naomh Ioseph rocharthanach,
guidheam thú as ucht an dóláis agas an
tsóláis so eadarghuidhe a dhéanamh air
mo shon, mo chroidhe cruaidh a dhéanamh
bog agas áras fiúntach a dhéanamh
dhe do mo shlánaightheóir i sacramaint
iodhbartha na haltóra agas áit
comhnaidhe shíoraidhe a dhéanamh do
m'anam bocht don Spiorad Naomh.
Ofrálam anois go humhal mo mheabhair,
mo thuicse agas mo thoil lé mo
stiúradh lé do naomhghrásta, ag guidhe
Dé tré do mhórluaigheacht, adhradh a
thabhairt chomh fírinneach sin dó air
talamh lé gurbh fhiú mé ceóltaidhe a
chantáil go síoraidhe leis na hainglibh;
an cantaic molta sin, Glóir do Dhia
go hArd, tré ar dTighearna Íosa Críosta.
Ar nAthair, etc. Dia do bheatha, etc.



An 3 dólás.



Naomh Ioseph ag amharc air Chríosta
ag sceith a chuid fola chomh óg so sa
tiomchaillghearradh.


L. 76


Sóláis, etc.



An 3 sólás.



Ag rádh an ainm ronaomhtha slánaidhe
sin Íosa mar d'ordaigh an tAthair síoraidhe
do na hainglibh.



An urnaighthe.



A Naomh Ioseph mo phátrún cumhachtach,
guidheam thú as ucht an dóláis
agas an tsóláis so, eadarghuidhe a dhéanamh
air mo shon, grásta na fíoraithrighe
a thabhairt damh ionnas go silfinn
troimcheatha deóra fána bheith 'na chion fátha
aige mo shlánaightheóir a chuid fola a
dhortadh chomh óg so, air dhóigh má
scartair chum triala oram ar a shon,
go dtoirbhreóchainn go luathgháireach don té
sin a thug damh é. Tá luathgháir oram
mar an gcéadna mar ba toil lé mo
Íosa a chuid fola a dhortadh chomh óg sin
lé m'fhuascailt, agas an chinedaonna, ó
bhás síoraidhe. Guidheam mar an gcéadna
ainm slánaidhe Íosa a bheith prionntáilte
ann mo chroidhe agas ann mo mheabhair
air ... smuaineóchainn ní air bith
a rádh nó a dhéanamh i n-aghaidh onóir Dé,
tré an Tighearna, etc.
Amen. Paidir agas Áibhé.


L. 77


Naomh Ioseph.



An 4 dólás.



Briathra Naomh Simeon lá an ghlanta
go rachfadh cloidheamh fríd
chroidhe na Maighdeana Beannaighthe.



An 4 sólás.



Briathara Simeon go mbeadh Críosta
'na shoillse aige na geintlidhe, 'na ghlóir
ag Israel agas 'na eiséirghe ag an iomad.



An urnaighthe.



A Naomh Ioseph, a shólás na leathtromach
guidheam thú as ucht an dóláis agas
an tsóláis so, mé a bheith grádhach truaghánta
fá mhíofhortún agas thuirse
mo chomharsain agas a bheith rannpháirteach
i ndóláis na Maighdeana Beannaighthe
'na seasamh faoi an chroich
a roibh a h-aon Mhac ag dortadh fola chum
go mbeadh mo shlánaightheóir 'na shoillse
dhealraightheach agam ag siubhal i mbealach
chumhang lé beatha naomhtha fá dhéighin
amharc sólásach mo Dhia agas éiseirghe
ghlórmhar, tré an Tighearna céadna
Íosa, etc.
Paidir agas Ave.


L. 78


Sóláis, etc.



An cúigeadh dólás.



Críosta a dhol air teicheamh go hÉigipt
as siocair géirleanamhaint Herod.



An cúigeadh sólás.



Mar thuit ... na nÉighpteach i
láthair do Mhac Dé.



An urnaighthe.



A Naomh Ioseph bhí toilteanach umhal
do thoil Dé an tAthair uilechumhachtach,
guidheam thú go ro-umhal as
ucht an dóláis agas an tsóláis so, eadarghuidhe
air mo shon mé a bheith umhal do
gach léan agas trioblóid a tchí do thuicse
dhiadha agas do mhaitheas dochuimse
riachtnach chum sláinte shíoraidhe
m'anama agas a bheith chomh sásta
i ngéirleathtrom agas bheinn i mórshonas
saoghalta agas a fhagháil damh an sólás
sin go ndramhlóchfainn faoi mo
chosa m'intinn uallach anordaighthe agas
an pléisiúir truaillidhe díomhaoin ghrádhas
agas adhras an saoghal chomh mór
sin, tré an Tighearna céadna Íosa
Críosta, etc. Paidir agas Ave.



An seiseadh dólás.



An eagla bhí air Naomh Ioseph air


L. 79


Naomh Ioseph.
theacht air ais dó ón Éighpte ag cluistean
go roibh Archelaus i gcoróin.



An seiseadh sólás.



Aingeal a theacht ó fhlaithis lé
hordadh filleadh abhaile lé hÍosa agas
a Mháthair Bheannaighthe.



An urnaighthe.



A Naomh Ioseph, a ghairdian roifhírinneach
Íosa agas Mhuire, dearc
anuas as na flaithis air do sheirbhíseach
bocht i gcontabhairt tuiteam i bpeacadh
agas ag sleamhnadh síos go hifrinn.
Guidheam thú as ucht an dóláis
agas an tsóláis so, eadarghuidhe a dhéanamh
air mo shon gan eagla a bheith oram fá
ní air bith ach fearg a chuir air mo
Dhia agas mo shábháil air chathaighthe
an diabhail agas dh'fagháil damh as ucht
Pháis Chríosta truaighe a ghlacan do
mo leathtrom agas mo neartadh léna
ghrásta ionnas go siubhalfainn go stuama
eadra grádh agas eagla fríd
Éigipt contabhartaigh na beatha neimhchinnte
so agas a dhol isteach go
luathgháireach go talamh beannaighthe na
geallamhna, amharc síoraidhe gan deireadh,


L. 80


Sóláis, etc.
tré an Tighearna céadna Íosa
Críosta, etc. Paidir agas Ave.



An seachtmhadh dólás.



Naomh Ioseph ag cuartadh Íosa ag
aois a dhá bhliadhain déag ag teacht air
ais ó Ierusalem.



An seachtmhadh sólás.



Fagháil Íosa ann sa teampall 'na
shuidhe i measc na ndoctúiridhe ag déanamh
iongantais fána mhórthuicse.



An urnaighthe.



A Naomh Ioseph mo eadarghuidhtheóir
rochumhachtach fuar fios mórdhóláis
agas shóláis tré chaill agas fhagháil
Íosa, mise do shearbhóntaighe neimhfhiúntach
do do ghuidhe gan mé mo
Dhia a chaill go bráth lé peacadh marbhthach
gé go mbeinn lé seilbh dh'fagháil
air uiread saoghaltaidh pléisiúrach agas
thiocfadh lé huilechumhachtach a chruthadh.
Tá dólás air mo chroidhe agas beidh
go cinnte síoraidhe fá chomh minic is scar mé
lé grásta Dé. Ní agam is fiú lé m'fhiacha
a dhíol nó sásadh a thabhairt ann mo
pheacaidhe. Ofrálam mórluaigheacht mo


L. 81


Naomh Ioseph.
shlánaightheóir dorinne sé damh féin
agas dá Athair oileamhain ghlórmhar.
A Íosa toirbhir suas damh na dóláis
agas na sóláis so ionnas lé toradh fírinneach
na haithrighe go gcuartóchainn
mo chruthóir i dtuirse agas i
ndiaidh bás sona adhradh a thabhairt
dó i nIerusalem na bhflaitheas i seilbh
an ní nach dtig lé croidhe duine a smuaineadh,
tré ar dTighearna Íosa Críosta,
etc. Paidir agas Ave.



Paidrín Naomh Ioseph.



A Naomh Ioseph, a ardathair
roghlórmhar, athair oileamhain Íosa agas
céile pósta na Maighdeana geanmnaidh,
Máthair Dé, guidh orainn anois
agas air uair ar mbáis. Amen.
(Ten Times.)
Guidhmuid thú, ó a Thighearna, cuideadh
linn as ucht mórluaigheacht
céile do Mháthara ronaomhtha, na neithe
nach dtig linn dh'fhagháil uainn féin a fhagháil
dúinn léna headarghuidhe ghlórmhar.
Tá aige stiúradh lé Dia an tAthair i n-aondacht
an Spiorad Naomh tré shaoghal, et.
Amen. (One)


L. 82


THE HYMN.



Jesus, Mary and Ioseph -- in Irish.



1. Mo Dhia, mo shólás, mo bheatha, mo ghrádh,
Mo bhrígh, mo luathgháir, mo lón fós,
Tabhair damh meabhradh oidhche agas lá,
Ort-sa a Dhia gach sólás.
Méadaigh mo ghrádh, m'osnaidhe is mo bhrón,
Agas foscail mo bheól chum a ráite,
Agas tabhair dhamh smuaineadh go cinnteghnáth,
Air Íosa, Muire agas Ioseph.



2. Scrios uam mo choirthe, ó mo Dhia,
A Íosa mhilis ná diúlt mé,
Agas tabhair damh meabhradh do shíor,
Air Íosa Críosta céasadh.
Air ghrádh agas ann onóir do naomhpháis,
Bronn orainn na tiodhlcaidhe nua so,
Sinn a thabhairt faoi do bhrataigh slán,
Íosa, Muire agas Ioseph.



3. Glóir do Dhia an tAthair do shíor,
Air atá mé ag iarraidh pardún,
Agas don Mac air mo shon a fuair bás,
Agas dhoirt a chuid fola go humhal damh,
Agas don Spiorad Naomh go léir 'na dtrí.
Doirt orainn anuas do ghrásta,
Ar n-aire a bheith go cinnteghnáth,
Air Íosa, Muire agas Ioseph.



4. Ó, a naomhchrois Íosa Críosta,
Mo Thighearna agas mo aird-dídean,


L. 83


Duan.
Mo ghárda buan oidhche agas lá,
Gé gur minic a thuill mé do dhiombágh.
Ó, a Thighearna tabhair damh ó so suas,
Lé gach ní gur thaispéin tú dhamh,
Mar ghrádh ort mo chros a iomchar 'do dhiaidh,
Íosa, Muire agas Ioseph.



5. Foscail mo phuisínidhe, ó mo Dhia,
Ionnas go molfadh mo bheól do shíor thú,
Ó, a Dia aontaigh is cuidigh liom,
Agas ó mo chionta saor mé.
Ó, a Mhaighdean ghlórmhar agram thú,
Agas goir oram i measc na bhfíréan,
Go roibh na hainm se ann mo bheól go buan,
Íosa, Muire agas Ioseph.



6. Ó, a Athair na bhflaitheas, a rígh na ríogh,
Go n-adhraidh an saoghal go léir thú,
Don Mac agas don Spiorad Naomh,
Onóir, glóir agas cumhachta.
Go moltar thú lé céim is lé clú,
Lé gach Críostaidhe eólach,
Gurb é a cheól oidhche agas ló,
Íosa, Muire agas Ioseph.
7. Go mbeannaighthear thú, ó a Thighearna Dé,
A rígh na glóire síoraidhe,
Do na hanamaibh truagh tá i bpéin,
Deónaigh air a saoradh.
Scaoil na glais a cheanglas iad,
Agas lé do thrócaire a Thighearna fuascail,
Agas go roibh a sólás go síoraidhe,
Ann Íosa, Muire agas Ioseph.




8. Agram thú a Mhaighdean Mhuire,


L. 84


Duan.
Mise an peacadh deórach,
Do bheannacht-sa agas do Mhic araon,
Agas mo choirthe uilig a chóradh.
A charaid na bhfeart éighmheam leat,
Air son na dtrí ainm so luaidheam,
Go ndéanaid scíoth i meadhón mo chroidhe,
Íosa, Muire agas Ioseph.



9. Ó, a rígh na bhfeart tabhair dhamh-sa neart,
Agas stiúr mé ann m'uile ghníomha,
Ann do chréachta slánaidhe folaigh mé,
Bhí ag dortadh fola do mo shaoradh.
Ó, mo shlánaightheóir agram thú,
Na hainm se go cinnte a mheabhradh,
Agas stiúraigh mé air uair mo bháis,
Íosa, Muire agas Ioseph.



MEDITATIONS AND PRAYERS



IN IRISH



Adapted to the Holy Way of the Cross.



“But we preach Christ Crucified.”
Paul's 1st. Ep. to the Corrinthians, chap. 1. v. 23.



THIS Station of the Cross is performed in
Memory of our Saviour's painful Journey from
the time of his being sentenced to death by Pilate,
untill the time of his Crucifixion, and of his Interment
in the Tomb.


L. 85


The Reader is hereby desired to take Notice,
that those who practice this Devotion, are partakers
of the Indulgences and Privileges, to be
had, either within or without the Holy Places and
Stations of Jerusalem, as if they had performed
them in said Places, provided the said Way of
the Cross be ed by a Superior of the Franciscan
Order, or with his leave. When this Devotion
is privately practised, it is not necessary to
say six Paters and Aves, as some have asserted:
it is sufficient to meditate briefly on the Passion of
Jesus Christ, which is the principal work enjoyned
for the gaining of these Indulgences. It is sufficient
for the unlearned to reflect on the Passion,
according to their weak capacity; but all are desired
to pray one Pater and Ave, at every Cross,
and to make an act of Contrition. This, however,
is not imposed as an obligation.



Ant. Guidhmuid thú, ó a Thighearna,
cuideadh linn ann ar n-uile ghníomhartha
lé cumhachta do naomhghrásta
ionnas go gcuirfeamuist tús agas deireadh
air ar n-uile urnaighthe agas gníomha
mar aon leat, tré Chríosta ar dTighearna.
Amen.



Gníomh croidhebhrughadh.



Ó, a Íosa, a shóláis m'anama, tá romhaith,
roigheanamhail agas rothrócaireach,
dearc oram-sa an peacaidh bocht sínte


L. 86


aige do chosa beannaighthe. Cuiream mé
féin fá choimirce do thrócaire agas
guidheam thú grásta na haithrighe a dhortadh
ann mo chroidhe. Ó, a Íosa tá dólás
oram fá chomh minic is chuir mé fearg
ort. Méadaigh mo ghrádh coimhionann
lé mo dhiombuidheachas. Tabhair damh
Bealach Naomhtha na Croiche so a thoirbhirt
go diadha i gcuimhne agas
i n-onórachas an aistear pianamhail sin
a shiubhail tú lénar saoradh go croich
Chalbharaidh, agas rún seasmhach naomhtha
na loghaidh so thug do bhiocáiridhe
air talamh amach a ghnóthadh.
Ofrálam turas acudh air son
m'anam bocht féin agus an chuid eile do na
hanamannaibh bochta tá i bPurgadóir,
go speisialta N.N. (ainmnigh annso
na hanamannaibh is mian leat). Tionnscnam
an turas so faoi do naomhchoimirce
agas i gcuimhne do Mháthara rodhólásach.
Tabhair damh tré an turas pianamhail
so trócaire a fhagháil air an tsaoghal
so agas glóir shíoraidhe air an tsaoghal
eile. Amen. Íosa.


L. 87


Urnaighthe agas midheimhnibh Bealach
Naomhtha na Croiche.



An chéad turas.



Thug Pilate breithmhneas báis air
Chríosta.
V. Adhraighmuid thú, ó a Thighearna
Íosa Críosta, agas beannaighmuid thú.
R. Do bhrígh gur lé do chroich
ronaomhtha shaoraigh tú an domhan.



An chéad rúindiamhar.



Tar éis ar fhuiling ar slánaightheóir
Íosa Críosta d'imdheargadh agas
droichmheas i láthair Annas agas
Chaiphas, a sciúrsadh go roithiaránta
agas an choróin fhuileachta spín a chuir
air a cheann, daoradh go mícheart é
chum báis. d'fuiling do shlánaightheóir
an breithmhneas diabhlaidhe sin go
humhal chum sinne a shaoradh.
Smuainigh gurb iad do pheacaidhe na
fiadhnaise bréige dhaoraigh é. Air an adhbhar
sin gabh rún daingean do
bheatha a leasadh agas an feadh a
bheas tú ag smuaineadh air bhreithmhneas
mícheart Philate, air eagla nach mbeadh


L. 88


Turas na
sé 'na charaid aige Caesar, lé coinsias
coireach cuir thú féin sa ... air son
a liacht uair is chuir tú fearg air Dhia.
Air eagla diombuidheachas an tsaoghal
a bheith leat, tiontaigh air do Thighearna
Íosa lé deóra na haithrighe.
Agair agas guidh é mar so síos.



An urnaighthe.



Ó, a iodhbairt fhuileachta, strócaighthe air
son mo pheacaidhe, is mise is adhbhar
don sciúrsadh fuileachta sin agas an
bhreith báis a tugadh ort. Fuar tú bás
lé sinne a aithbheódhadh. Tá mé deóntach
má níom caraid don tsaoghal
nach dtig liom a bheith 'mo shearbhóntaighe
agad. Mar sin tabhair damh
droichmheas a thabhairt don tsaoghal
agas dá dhíomhnas. Cuiream mé féin
fá choimirce do lámha beannaighthe agas
guidheam thú mo chroidhe a lasadh lé
grádh ort agas mo shúile a thiontach ó
gach ní chuirfeadh fearg ort. Tabhair
damh géiréisteacht a thabhairt do do
bhriathra agas tré an turas pianamhail
so a bheith i gcuideachta leat
ag déanamh tuirse agas ag iarraidh trócaire.
Amen. Íosa.


L. 89


Croiche.



Ar nAthair atá air neamh, etc.
Dia do bheatha a Mhuire, etc.
Glóir do, etc.



An dara turas.



Tógbhann Críosta an chroich air a
ghuaille.
V. Adhraighmuid thú, etc.
R. Do bhrígh, etc.



An dara rúindiamhar.



Is sé chiallas an dara turas so, tar éis
a chéasadóiridhe neamhthrócaireach
an aibíd phurple mhagaidh a bhuaint do
do shlánaightheóir chuir siad annsin a
chuid féin éadaigh air agas coróin spín air a
cheann. Do leag siad annsin tromualach
na croiche air a ghuala fuileachta
strócaighthe. Dearc air do shlánaightheóir
rothrócaireach; gé go bhfuil sé strócaighthe,
lán do chréachta, folaighte lé fuil, fear
na ndóláis ann a aonar, gan aon neach a
bhéaradh cabhair nó furtacht dó;
smuainigh annso agas dearc chomh ceannsaighthe
foighideach is iomchras sé gach
masladh bheir na hIúdaidhe dhó. Síneann
sé amach a lámha a théagradh na croiche.
Smuainigh lé náire air do neamhfhoighid
ann gach


L. 90


Turas na
ní dá laghad agas d'ainshriantacht i
n-aghaidh thoil Dé i gcrosántacht an tsaoghail se
hordadh chum do threóradh
ní go Calbharaidh na croiche ach go
sólás síoraidhe na glóire, agas ó do
chroidhe coimhcheangail ann sna briathra
so síos.



An urnaighthe.



Ó, a Íosa ro-umhal ceannsaighthe, is
siad mo choirthe agas mo dhoishriantacht
a chuir tromualach na croiche
air do ghuaille. Mise an tréatúir míofhortúnach,
ó a dhiombuidheachas náireach,
ag diúltadh gach ní smachtóchadh mo
cholainn uaillintinneach. Anois a shlánaightheóir
an domhain, bheirim fuath do
na coirthe sin a roibh mé ciontach
air feadh mo bheatha. Tá dúil
agam lé cungnamh do naomhghrásta
gan fearg a chuir ort go marbhthach níos
mó. Tabhair damh amháin croich mo
Thighearna a ghlóradh ann a bhfuil an
saoghal céasta damh agas mise don
tsaoghal. Leag air mo ghuaille stubranta
croich na haithrighe agas mar
ghrádh ort crosántacht an tsaoghail so
a iomchar go foighideach agas mo cheangal


L. 91


Croiche.
go doscartha leat i ngrádh
mharthanach shíoraidhe. Amen. Íosa.
Ar nAthair, etc.
Íosa Críosta céasadh, etc.



An treas turas.



Tuiteann Íosa Críosta faoi an chroich.
V. Adhraighmuid, etc.
R. Do bhrígh, etc.



An threas rúindiamhar.



Is sé chiallas an chros so, mar
thuit ar dTighearna Íosa Críosta lé
laige agas lé caill a chuid fola faoi an
chroich. Smuainigh air fhoighid
neamhthuirseach an Uain cheannsaighthe i
lár a chéasadóiridhe neamhthrócaireach,
agas tusa ann sa n-am chéadna ní
headh amháin míofhoighideach fá leathtrom
dá laghad acht fós ag masladh mórdhacht
na bhflaithis lé do pheacaidhe.
Cuir romhad ó so suas lé rún daingean
do neamhfhoighid a smachtadh
ag amharc air do shlánaightheóir
'na luighe sínte faoi an chroich.
Cuir romhad ó so suas agas gabh rún
daingean fuath a thabhairt do na
coirthe sin a roibh do shlánaightheóir


L. 92


Turas na
mar ghrádh ort-sa faoi
thromualach na croiche. Air an adhbhar
sin tabhair aghaidh air do shlánaightheóir
Íosa rodhólásach.



An urnaighthe.



Oh a Íosa, éigin agas neamhthrócaire
do chéasadóiridhe, tromualach
dochuimse na croiche nó
méad iomarcach mo pheacaidhe leag síos
air talamh thú caite as anáil is gan
diúltadh agad do pheannaid dá mhéad. Agas
an ndiúltfa mise ualach éadtrom d'aitheanta
a choimhlíonadh? An ndiúltfa mé troid go
cródha i n-aghaidh m'intinn uallach
chathaightheach? An dtuitfe mé air ais ann
sna coirthe sin ar shil mé deóra mealltanach
bréagach? Ó, a Íosa foscail agas
sín amach do lámha beannaighthe chum
mo thárrtháil ionnas nach dtuitfinn go bráth i
bpeacadh marbhthach agas go mbeinn
air uair mo bháis dearbhtha do shláinte
shíoraidhe m'anam. Amen. Jesus.



An ceathramhadh cros.



Íosa faoi thromualach na croiche.
Teagmhann sé air a Mháthair rodhólásach.


L. 93


Croiche.



V. Adhraighmuid, etc.
R. Do bhrígh, etc.



An ceathramhadh rúindiamhar.



Is sé chiallas an ceathramhadh cros se,
an áit ar chas an Mhaighdean Bheannaighthe
air a h-aon Mhac Íosa faoi
thromualach na croiche. Smuainigh
goidé an dólás a réab a hanam
ag amharc air a h-aon Mhac gráidh
folaighte lé fuil, dá strócadh lé foirneart
go háit a chéasta, dá mhasladh, agas
á imdheargadh lé rabble mallaighthe
neamhthrócaireach. Smuainigh air
chréachta inmheadhónach a croidhe, an
Mac agas a Mháthair air amharc a
chéile agas gan neart acudh a dhol do
chóir a chéile nó ise a bheith i gcuideachta
leis go háit a chéasta, lán do mhearadh
dar ndóigh. Go mbéaradh piantaidhe an
Mhic agas dóláis na Máthara air do
chroidhe cruaidh tiontach. Tabhair
aghaidh air lé croidhe lán do thuirse
agas guidh é mar so síos.



An urnaighthe.



Ó, a Mhuire, mise adhbhar do mhórdhóláis
agas ar fhuiling tú. Ó,


L. 94


Turas na
a choimirce na bpeacadh tabhair damh
a bheith rannpháirteach ann sna dóláis sin
a réab d'anam an tann a chonnaic tú
d'aon Mhac air crith lé fuacht, lán do
chréachta, ag dol chum laige faoi an croich,
níos mó marbh nó beó. A Mháthair
na tuirse, a thobar an ghrádh, tabhair
mothadh dhamh air do thuirse
ionnas go nguilfinn i n-éinfheacht leat
agas go gcoimh-mheascainn mo dheóra lé
do dheóra agas lé fuil do Mhic. Ó, a
Íosa d'fhuiling gach móirpheannaid, guidheam
thú as ucht do mhórpháise agas thuirse
do Mháthara, a thabhairt damh a bheith
daingean seasmhach. A Mháthair Íosa guidh
air mo shon. Ó, a Íosa dearc oram lé do
shúile trócaireach agas dídeanaigh mé
air uair mo bháis eadra do lámha trócaireach.
Amen. Íosa. Ar nAthair, etc.
Íosa Críosta, etc.



An cúigeadh cros.



Cuideann Simeon an Cyrenian leis an
chroich a iomchar.
V. Adhraighmuid etc.
R. Do bhrígh, etc.



An cúigeadh rúindiamhar.



Is sé chiallas an cúigeadh cros so,


L. 95


Croiche.
mar bhí Críosta chomh laigneartach sin
gan do mheisnigh ann tré chaill a chuid
fola an chroich a iomchar, thug a chéasadóiridhe
neamhthrócaireach air Simeon
a hiomchar, ní lé truaighe lé hÍosa
sin ach air eagla go n-éagfadh sé sul fa
bhfeicfidís é ag fagháil bás scannalach na
croiche, lé tairrngidhe a fhaiceáil dá chuir ann a
lámha agas ann a chosa don chroich.
Smuainigh annso air aimhdheóin Simeon
an chroich a iomchar i ndiaidh Chríosta
agas tusa ag diúltadh chroich na hairdreimheas
a leagas Críosta air do ghuaille.
An ndiúltfa tú Críosta tá ag tabhairt cuireadh
duit do chroich a thógbháil suas agas
a leanamhaint? An ndiúltfa tú, gan náire,
diombuidheach, an chroich a théagradh
a bheannaigh sé léna mhóirphiantaidhe?
Tiontaigh air agas ofráil go diadha mar
so síos.



An urnaighthe.



Ó, a Íosa d'fuiling gach móirpheannaid,
nach éagsamhalta tiaránacht do chéasadóiridhe
mallaighthe ag amharc ort ag tuiteam
agas ag dol chum laige faoi an
chroich. Lán do eagla go n-éagfá sul fa
sásóchfadh siad a n-ainmhiantaidhe mallaighthe,
cuireann siad Simeon go haimhdheónach


L. 96


Turas na
a dh'iomchar na croiche. Go gcuirfidhe
chum báis uirre thú leis na piantaidhe
is mó air bith. Goidé an t-adhbhar a mbeinn
féin ag casaoid air aimhdheóin Shimeon
nó air thiaránacht na nIúdaidhe? Nach
gcéasam é go cinnte lé mo pheacaidhe? Is
míofhoighideach feargach a d'fuiling mé na
beigleathtroim ba toil lé do thrócaire
a chuir ann mo bhealach. Ó, a Íosa
dealraigh soillse na ngrásta ionam
ionnas go mbéarfainn fuath do mo pheacaidhe
agas do mo mhíofhoighid. Tabhair
damh lé neart mo chroidhe a bheith i gcuideachta
leat go Sliabh Calbharaidh
agas a bheith beó agas marbh ionad.
Amen. Íosa. Ar nAthair, etc.
Íosa Críosta, etc.



An seiseadh cros.



Thug Bheronica hainciarsúr do
Chríosta.
V. Adhraighmuid, etc.
R. Do bhrígh, etc.



An 6 rúindiamhar.



Taispéanann an chros so dúinn an áit
a roibh Bheronica beannaighthe ag déanamh
truaighe fár slánaightheóir a bheith i ndaoirpheannaid
báis. Ag amharc air a aghaidh naomhtha,


L. 97


Croiche.
dubh agas gorm lé buillidhe,
folaighte lé fuil agas allas, bheir sí hainciarsúr
dó léna aghaidh a thiormadh.
Smuainigh annso cródhacht na mná
beannaighthe so nár ghabh eagla nó uathbhás
í fána bheith i láthair na gcéasadóiridhe
neamhthrócaireach nó uallgháir
na nIúdaidhe agas an bronntanas a
bheir Íosa di mar tá, a chuid allais agas
fola. Smuainigh gé nach dtig leat fiacha
daonnacht a dhíol lé do shlánaightheóir
is féidir a ndíol léna bhochtaibh
léanmhar air an tsaoghal so. Gé nach dtig
leat allas agas fuil aghaidh do shlánaightheóir
a thiormadh nó a ghlanadh
thig leat deóra na dtruaghán agas
na leathtromach a thiormadh is a ghlanadh.
Anois dearc air gach luach saothair
a thug tú do Íosa air son gach tiodhlcaidhe
thug sé duit. Ná bíodh sinn
amhlaidh níos faide. Admhamuid ar
ndiombuidheachas agas tugadh sinn
aghaidh air lé súile na haithrighe. Guidhmuid
ar slánaightheóir mar so síos.



An urnaighthe.



Ó, a Íosa tabhair deóra do mo shúile
ionnas go nighfinn mo dhiombuidheachas,


L. 98


Turas na
mise an tréatúir bocht saoibhchiallach.
Goidé liacht uair is thiontaigh mé mo
shúile uaid agas ó do mhórfhuiling
air neithibh díomhaoin an tsaoghail so? Tabhair
damh ó so suas a bheith 'mo shearbhóntaighe
agad. Prionntáil d'íomháigh
ann m'anam ionnas nach mbéaradh sé
grádh do ní air bith eile. Glac seilbh
air mo chroidhe air talamh ionnas go
mbeadh seilbh shíoraidhe aige m'anam
ort-sa ann sna flaithis. Amen. Íosa.
Ar nAthair, etc.
Íosa Críosta céasadh, etc.



An seachtmhadh cros.



Tuiteann Íosa faoi an chroich an
dara huair.
V. Adhraighmuid thú, etc.,
R. Do bhrígh gur lé do chroich, etc.



An 7 rúindiamhar.



Is sé chiallas an seachtmhadh cros so,
Geata Ierusalem dá ngoirthear geata an
bhreithmhnis. Air a dhol isteach air dár
slánaightheóir, lé méad a laige tuiteann sé
chum talamh ach tugadh air éirghe lé
buillidhe agas blaisféim. Dearc annso
agas smuainigh air do shlánaightheóir


L. 99


Croiche.
Íosa 'na luighe sínte air talamh, brúite
meirtnighthe i ndiaidh a leagtha, ag fagháil an uile
shórt drochúsáid ón rabble mallaighthe.
Smuainigh gurb é d'uabhar agas do stráic
adhbhar a leagtha agas ... síos fuath
agas gráin a thabhairt do do cháilidheacht
uabhrach. Is siad do pheacaidhe
bhrugh agas leag síos chum talamh é.
Ar ndóigh ní pheacann tú níos mó air eagla
go méadóchthá peannaid do shlánaightheóir
roghrástamhail. Tiontaigh air
agas guidh é mar so síos.



An urnaighthe.



Ó, a fhuascaltóir ronaomhtha, fuar an
tarcaisne dhéidheanach gan clú nó meas
air fagháil agad. Tugadh amach chum
peannaide thú agas tré iomarcaidh do phiantaidhe
agas laige do choirp créachtaighthe
tuiteann tú síos chum talamh. Goidé an lámh
mhallaighthe leag thú? Oh mo thruaighe
mise an tréatúir míofhortúnach coireach
sin. Is sé m'uabhar, m'fhearg agas
droichmheas air chách eile d'umhlaigh agas
leag síos chum talamh thú. Díbir amach
ó m'intinn go síoraidhe spiorad míofhortúnach
sin an uabhair agas seól do mo chroidhe
a bheith umhal agas fuath a thabhairt don


L. 100


Turas na
uile shórt díomais, glóir dhíomhaoin
agas grádh ainmheasardha an tsaoghal so ionnas
go mbeinn i n-éinfheacht leat, ó a shlánaightheóir
roicheannsaighthe, i nglóir shíoraidhe.
Amen. Íosa.
Ar nAthair, etc.



An t-ochtmhadh cros.



Bheir Críosta sólás do mhnáibh Ierusalem
bhí ag caoineadh ós a cheann.
V. Adhraighmuid thú, etc.
R. Do bhrígh, etc.



An 8 rúindiamhar.



Cuireann an t-ochtmhadh cros so i n-umhail
dúinn an áit ar chas iomad do mhnáibh
Ierusalem air Íosa. Air fhaicsint a chréachta
agas é báite ann a chuid fola, ghuil siad
lé truaighe leis troimcheatha deóra
ós a cheann. Smuainigh air ghrádh dochuimse
Íosa. Gé go roibh sé leathmharbh
tré iomarcaidh a mhóirpheannaid
gidheadh thug sólás do na mnáibh a
ghuil ós a cheann. Ach b'fhiú iad an sólás
geantanach sin a fhagháil ó bheól Íosa. “Ná
caoinidh bhar bpeacaidhe, adhbhar mo
mhórdhóláis.” Is sé, ó m'anam
umhlócha mé


L. 101


Croich.
do mo Thighearna agas sceithfidh mé
amach deóra na truaighe. Ní bhfuil canamhaint
is milse nó guth na ndeór sin
a shileas ó chriothnadh agas uathbhás ar
bpeacaidhe. Guidhmuid é mar so síos.



An urnaighthe.



Ó, a Íosa, a aon Mhic an Athair uilechumhachtach, cia
bhéarfas uisce do mo cheann nó deóra bríoghmhar
do mo shúile go nguilfinn oidhche agas ló mo
pheacaidhe? Agram agas guidheam thú as ucht
na dtroimcheatha deóra fola sceith tú air mo shon,
mo chroidhe cruaidh a dhéanamh bog chum go
sceithfeadh mo shúile tuilte deóra agas mo chroidhe a
réabadh lé tuirse agas mo pheacaidhe a chuir
air neimhní agas a thabhairt damh a bheith sábháilte
lá criothnaightheach sin an bhreithmhnis, an uair
a thiocfas tú chum breithmhneas a thabhairt air
bheóaibh agas mharbh agas cúntas geinearálta a
fhagháil ann do chuid fola. Amen. Íosa.
Ar nAthair, etc. Íosa Críosta céasadh, etc.



An naomhadh cros.



Tuiteann Íosa faoi an chroich an treas uair.
V. Adhraighmuid thú, etc.
R. Do bhrígh gur, etc.



An 9 rúindiamhar



Is sé thaispéanas an naomhadh cros so dúinn,
bonn Sliabh Calbharaidh an áit a roibh Íosa Críosta


L. 102


Turas na
lag gan bhrígh. Tuiteann sé an treas uair faoi an
chroich chum talamh agas leis an leagadh
sin d'athnuadhaigh a chréachta uile. Smuainigh annso
air gach masladh, imdheargadh agas blaisphéim a
teilgeadh amach i n-aghaidh Chríosta lé ar tugadh
air éirghe agas práidhinn a dhéanamh go háit a
chéasta nó go sásóchfadh a námhaid a n-ainmhiantaidhe
mallaighthe ag amharc air do chuir chum
báis air an gcroich. Smuainigh gurb iad do pheacaidhe
chuireas práidhinn go cinnte air go háit a chéasta.
Téigh ann a aircis go bonn an tsléibhe agas éighmh
amach agá rádh, “a thromualach mallaighthe an
pheacaidh leag síos chum talamh mo shlánaightheóir
Íosa agas d'fhéad mise a adhlcadh cian ó shoin
i ndearglasaireach ifrinn ach marab é mórluaigheacht
a Pháise agas a thrócaire do mo thárrtháil.”



An urnaighthe.



Ó, a Íosa rothrócaireach bheirim buidheachas
dochuimse duit fá gan léigean damh bás a fhagháil ann
mo pheacaidhe mar léig tú do na mílte ba lugha
coir nó mé, mise an peacadh bocht a lasas agas
mhéadas do chréachta lé gráineamhlacht agas
iomarcaidh mo choirthe. Guidheam thú as ucht
ar fhuiling tú air mo shon teine na carthanacht
a lasadh ann m'anam agas mo choimhcheangal
lé clann toighte Dé go síoraidhe. Amen.
Ar nAthair, etc.
Íosa Críosta céasadh, etc.



An deichmheadh cros.



Fadhbhadh Íosa as a chuid éadaigh agas


L. 103


Croiche.
agas tugadh fínéagra agas domblas dó lé hól.
V. Adhraighmuid thú, etc.



An 10 rúindiamhar.



Is sé chiallas an deichmheadh cros so, air ndol dár
slánaightheóir Íosa Críosta go barr an tsléibhe striopáil
agas nochtaigh a chéasadóiridhe neamhthrócaireach
as a chuid éadaigh é agas leis an
tarraing sin stróc siad a chroiceann agas an fhuil
théachtaighthe dá chnámha air dhóigh gur athnuadhaigh
siad a chréachta go huile. Smuainigh annso
air mhearadh an Uan ceannsaighthe fadhbhthaighthe
nochtaighthe, faoi scige is tarcaisne an tsluagh
mallaighthe sin, gan atharrach do dhigh lé fagháil
aige ach domblas agas fínéagra. Smuainigh go
grinn annso gur tusa is adhbhar do gach móirpheannaid
ar fhuiling do shlánaightheóir. Dá bhrígh
sin tabhair fuath agas gráin do na neithibh
milis blasta peacaightheach lé sásóchthá do chorp
agas guidh grásta a fhagháil do ainmhiantaidhe
a smachtadh. Smuainigh goidé chomh sona is
ghéabhthá bás dá mbeanfaidhe aibíd an tsaoghail so
díot agas í d'fhagháil folaighte lé fuil Íosa.



An urnaighthe.



Ó, a Íosa d'fuiling móirpheannaid, tá mé ag amharc
ort fadhbhthaighthe nochtaighthe i ndiaidh an aibíd
phurple a bhuain díot, do chréachta uile foscailte,
cneadhacha úra á chuir a gceann do sheainchréachta,
i láthair na mílte, faoi shíon an aieór, air


L. 104


Turas na
crith lé fuacht ó cheann go bais, an rabble mallaighthe
ag tabhairt an uile shóirt droichmheas duit. A Uan
fadhbhthaighthe Dé, strócaigh mo chroidhe ón
tsaoghal so agas a dhíomhnas mealltanach. Striopáil
agas glan m'anam ó gach claonadh mealltanach.
Tabhair fuath agas gráin damh air chupa
an phléisiúir ionnas go dtroidfinn go cródha agas
go mbéarfainn fuath agas gráin dó agas tré
smachtadh Críostamhail go mbeinn a
seilbh do ghlóir shíoraidhe. Amen.
Íosa.
Ar nAthair, etc.
Íosa Críosta céasadh, etc.



An t-aonmhadh turas déag.



Sparradh Críosta lé tairrngidhe don
chroich.
V. Adhraighmuid thú, etc.
R. Do bhrígh gur, etc.



An 11 rúindiamhar.



Is sé chiallas an turas so, an áit ar
síneadh agas ar sparradh Íosa Críosta
don gcroich i bhfiadhnaise a Mháthara
rodhólásach. Goidé mar do fhuiling a
phian, a ailt agas a fhéitheacha á scathadh
ó chéile leis na tairrngidhe? Smuainigh
air amhgar agas dheóraidheacht na
Máthara ag amharc ina fiadhnaise air


L. 105


Croiche.
mhóirphiantaidhe a h-aon Mhic Íosa.
Cuir romhad annso do ainmhiantaidhe
peacaightheach a chéasadh agas tairrngidhe a
chuir ann do pheacaidhe don chroich.
Smuainigh air thoil Mhic Dé do thoil a
Athara agas tusa ann sa n-am chéadna
míofhoighideach fá léan nó thrioblóid dá
laghad. Cuir romhad ó so suas do chroich
a théagradh lé toirbheartas umhal
do thoil Dé.



An urnaighthe.



Ó, a Íosa rofhoighideach, a Uan ceannsaighthe
Dé, do gheall an tan a thógfaidhe suas
ón talamh so mé go dtairrngeóchainn
an uile ní chugam féin. Tarraing mo chroidhe
chugad agas sparr é don chroich.
Ó so suas bheirim fuath agas diúltadh
do mo mhíofhoighid. Tabhair damh mo cholann
a smachtadh mar aon léna
hainmhiantaidhe pheacaightheach ann sa domhan
gearr so ach spáráil don tsíoraidheacht.
Cuiream mé féin fá choimirce
do thrócaire. Go ndéantar do thoil ann
gach ní. Ní bhfuil mé ag iarraidh ach
do ghean. Amen. Íosa.
Ar nAthair, etc.
Íosa Críosta céasadh, etc.


L. 106


Turas na



An dómhadh cros déag.



Tógbhadh Críosta suas air an gcroich
agas fuar sé bás.
V. Adhraighmuid thú, etc.
R. Do bhrígh gur, etc.



An rúindiamhar.



Is sé chiallas an chros so dúinn,
an áit ar tógbhadh Íosa Críosta suas go
puiblidhe air an gcroich eidir dís
bithbhineach do crochadh ar son a gcoirthe
roghráineamhail mar aon leis an
Uan ceannsaighthe. Smuainigh annso
air mhearadh ar slánaightheóir, nochtaighthe
go náireach i bhfiadhnaise an tsluagh
mhallaighthe sin. Taibhsigh thú
féin aige bonn na croiche ag amharc
air na tuilte fola bhí ag dortadh as gach
ball dá chorp. Dearc air a aghaidh agas
a ghné dhiadha liathbhán, an croidhe ag
bualadh sa phoinnte déidheanach an bháis,
an t-anam air bhruach scarmhaint. Gidheadh
buaidheann a ghrádh air a mhóirpheannaid.
Is sé a urnaighthe agas a athchuinghidh
dhéidheanach maithmhneas a thabhairt
dá námhaid, agá rádh, “a Athair,


L. 107


Croiche.
maith dhóibh, ní bhfuil fios acudh goidé
tá siad a dhéanamh.” Taispéanann sé
a thrócaire coimhionann don gadaidhe
aithrigheach. “Aniugh beidh tú mar
aon liom-sa i bparrthas.” Deaghmholann sé ann
sa phoinnte déidheanach a Mháthair rodhólásach
dá dheisceabal ghráidh Naomh
Eóin. Tiomnann sé a anam do Athair na
bhflaitheas agas ag cromadh síos a chinn
ceannsaighthe umhal, d'fhág an t-anam é.
Tiontaigh do shúile agas dearc air chorp
nochtaighthe fuileachta na trócaire. Cúntais
a chréachta agas nigh iad lé deóra geantanach
na haithrighe. Dearc air a lámha
sínte lé do theagradh. Ó, a Íosa
roghráidh, fuar tú bás lé sinne a shaoradh
air chuibhreach síoraidhe.



An urnaighthe.



Ó, a Íosa, a aon Mhic Dé d'fuiling móirphiantaidhe,
tá mé ag amharc ort sa phoinnte déidheanach
an bháis, do chuislidhe uile foscailte, do lámha,
do chosa is d'fhéitheacha scaite strócaighthe
ó chéile, a thobar pharrthais ag sileadh troimcheatha
fola. Admham a Íosa roghrádh gurb iad mo
pheacaidhe do chéasadóiridhe neamhthrócaireach
agas adhbhar do bháis. Ó, a Dhia na trócaire dearc
air m'anam do nigheadh lé d'fhuil mhórluaigheach.


L. 108


Turas na
Tabhair damh bás a fhagháil do dhíomhnas
an tsaoghal agas a phléisiúir a thréigbheáil.
A Íosa ghuidh tú air son do námhaid. Bheirim-se
maithmhneas do mo námhaid. Téagram
iad i meadhón do charthanacht. Adhlcam m'fhuath
agas m'fhearg ann do chréachta. Dídeanaigh
mé lá na feirge i gcoimirce do thaobh
naomhtha. Tabhair damh a bheith beó agas marbh
ann mo Íosa céasadh. Amen.
Ar nAthair, etc.
Íosa Críosta céasadh, etc.



An tríomhadh turas déag.



Leagadh Críosta anuas as an chroich.
V. Adhraighmuid thú, etc.
R. Do bhrígh gur, etc.



An rúindiamhar.



Is sé chiallas an turas so, an áit ar leagadh
corp ronaomhtha Chríosta anuas as an chroich
lé Ioseph agas Nicodemus agas leagadh é
i mbrollach a Mháthara. Smuainigh air dheóra agas
osnaidhe na Maighdean Beannaighthe a Mháthair
agas a staid dhólásach ag téagradh corp
créachtaighthe a h-aon Mhac ghráidh Íosa. Annso
coimhcheangail do dheóra lé deóra na Maighdeana.
Smuainigh nach dtiocfadh do Íosa anuas
as an chroich nó go gcríochnóchadh mórobair
ar slánaighthe, agas sin ag scarmhaint, amhail is
ag tosach a shaoghail, go mbeadh sé 'na luighe
i mbrollach a Mháthara. Annso gabh rún a


L. 109


Croiche.
bheith seasmhach ann do uile ghnoithe
agas rún diadha. Smuainigh goidé
chomh bláthamhail geanmnaidh ba
chóir don anam sin a bheith ghlacas,
san tsacramaint corp Críosta, a fhuil
agas a fheóil.



An urnaighthe.



Ó, a Mhaighdean Beannaighthe, fá dheóigh
fuar tú cead corp d'aon Mhac
gráidh a theagradh, ach faríor tá
toradh do bhroinn geanmnaidh uile
i n-aon chneadh strócaighthe. Is sé, ó a
Thighearna, fuair na hIúdaidhe fíochmhar
diabhlaidhe fá dheireadh buaidh.
Gidheadh athnuadhaigheann sinn a dtiaránacht
do do chéasadh lé ar bpeacaidhe, ag
déanamh cneadhacha úra go laethamhail
ort. A Mháthair rodhólásach
mo shlánaightheóir guidheam thú as ucht
na bpian agas na dóláis a d'fuiling tú i
gcás coitcheann ar slánaighthe a fhagháil damh,
lé d'eadarghuidhe rochumhachtach, pardún
ann mo pheacaidhe agas grásta do dhóláis
agas dóláis do Mhic a chaoineadh
dá liacht uair is bheas mé i láthair shacramaint
iodhbartha an aifrinn. Ó, mo


L. 110


Turas na
Íosa tabhair damh do theagradh i
meadhón mo chroidhe agas do ghlacan
go fiúntach mar gheall air shláinte
shíoraidhe m'anama. Amen. Íosa.
Ar nAthair, etc.
Íosa Críosta céasadh, etc.



An ceathramhadh turas déag.



Cuireadh Íosa ann sa tuama.
V. Adhraighmuid thú, etc.
R. Do bhrígh gur, etc.



An rúindiamhar.



Is sé chiallas an chros so, tuama
Chríosta an áit ar leagadh a chorp
ronaomhtha lé diadhacht agas onóir rómhór.
Smuainigh annso air an
Maighdean lán tuirse, sruth deóra léna
súile, a croidhe dá réabadh lé hosnaidhe.
Goidé na hamhairc truaghánta
bheir sí air an tuama sin a
roibh stóras a hanama Íosa. Annso
déan tuirse fá do neamhaithrighe air
son do pheacaidhe agas go humhal
adhraigh do Thighearna bocht i mbás
a hadhlcadh i dtuama dhuine eile.
Dearc air do andóchas sa tsaoghal


L. 111


Croiche.
agas air gach saothar ainmhianach do-ní
tú léna bhuntáiste diombuan a fhagháil. Ó
so suas tabhair fuath don tsaoghal
air eagla go gcailltí in-éinfheacht leis
thú.



An urnaighthe.



Ó, a Íosa rothrócaireach, mar gheall
air shláinte shíoraidhe m'anama dorinne
tú turas pianamhail na croiche. Adhraigheam
thú marbh, adhlaicighthe sa
tuamba. Tabhair damh do choiscéimibh
a leanamhaint na bealaighe a
threóraigheas tú thríd dheilg an tsaoghail so
go hIerusalem na bhflaitheas, gan
tú adhlaicighthe ann mo chroidhe, léna
bheith ceangailte dhíot, go ndéanainn
eiséirghe chum beatha na ngrásta,
lé rún daingean seasmhach go deireadh,
a thabhairt damh air uair mo
bháis do chorp mórluaigheach a ghlacadh.
Gurb iad mo bhriathra déidheanach
Íosa agas Muire, agas m'anál dhéidheanach
a bheith ceangailte do d'anáil
dhéidheanach sa chroich air dhóigh lé
creideamh beó, dóchas daingean agas
fíorghrádh, bás a fhagháil leat agas


L. 112


Turas, etc.
air do shon agas a bheith mar aon
leat tré shaoghal, etc. Amen. Íosa.
Ar nAthair, etc.
Íosa Críosta céasadh, etc.



An críochnadh.



Ó, a Íosa rothrócaireach dearc oram
lé súile na trócaire agas air an turas
diadha cráibhtheach so thug mé iarraidh
a dhéanamh ann onóir do Pháise agas do
bháis mar dhúil maithmhneas a fhagháil ann
mo pheacaidhe agas an pheannaid a thuill
siad. Glac é chum sláinte shíoraidhe
dá bhfuil beó agas suaimhneas síoraidhe
do anamannaibh na gcreidmheach d'fhág
an saoghal so, go speisialta iad so ar
chuir mé ainm orthu. Ó, a Íosa ná
léig luach dochuimse do chuid fola
uaid nó a dhol amudha air m'anam
bocht do cheannaigh tú léi. Is airde
guth do chuid fola ag iarraidh trócaire
nó mo choirthe ag iarraidh díoghaltais.
Déan trócaire, ó a Thighearna déan
trócaire agas sparáil mé as ucht do
thrócaire. Amen. Íosa.


L. 113


Do phiantaibh ifrinn annso.



Biaidh lé ghlacadh 'na charn
tiugh cíordhubh,
Dorchadas cruinnighthe i n-ifreann
líonta,
Níl cuimseacht dhearbhtha ar fhairsinge a
chraois duibh,
Ar a fhad nó ar a dhoimhne níl radharc nó
fís air.



Biaidh fuacht is boltanas, gorta agas
íota,
Gearradh ar fhiaclaibh, pianta is caoighuil,
Barramótar is uisce tiugh domblais
tríotha,
Spioradaidhe cruinnighthe ollamh chum
díoghaltais.



Sciúrsaidhe stiallmhara, piantóiridhe
i ndíoghaltas,
Radharc ndiabhal ngránna chráidhfeas thríd iad,
Lé dícheannadh greadfaidhear a bpeacaidh
líonmhar,
I míodhóchas lascaine is maitheasa
i ní ar bith.


L. 114


Cloidhmhe faobhardhúbalta, caomhoird,
saighde,
Piasta romhór, scoirpioin fhíochmhar,
Aithreacha neimhe bhias tuilte aca i
n-íochtar,
Is piasta na stormach dá slogadh go
cíocrach.



Biaidh pic ar fiuchadh mar thuile aca
ag sír-rith,
Is briomstón raibhe 'na lasair gach taoibh dhe,
Teine 'na múrghail nach múchfaidhear
choidhche,
Is gan acht scáth gan suim i dteintibh aoil
di.



Biaidh céadfaidhe an duine bhoicht uile
ag tabhairt díola ann,
'Na tháintibh ceart féin gach céadfadh
dhíobh-san,
'Na n-ionstruimint arm don pheacadh
dobhíodar,
Is biaidh ... 'na sochair ... dochair is
daoirse.



Pianfaidh an tsúil dobhí drúiseach
díomsach,
Radharc na ndiabhal bhfiaclach
bhfíochmhar,


L. 115


Biaid béicfeach fhuathmhar don chluais
is síorghul,
Is an bréantanas is mó do shróin an
tsíormhúisc.



An tástáil lé hocras, gorta agas íota,
An ... is baill an choim is an
chríonchoirp,
Lé diabhlaidheacht chruaidh dhocht fuachta is
tsírtheas,
Is tinneas do láthair mar chrádh ar an
smuaineadh.



An sólás noch a d'imthigh 'na thuirse ag
an gcuimhne,
An tuicse measfaidhe laghad tarbha
an ghníomh oilc,
Is méad na maitheasa cailleadh do shíor
ris,
Is an bhochtaine atá do ghnáth ar tí a theacht.



Is biaidh go hamhgrach an t-am 'na
gcuimhne,
Lé beagán saothair do dhéirc nó ghuidhe
ghlain,
Do chrádh dá gcorpaibh nó troscadh
na n-aointeach,
Shábhálfadh iad ó na pianta
neimhe sin.


L. 116


Is giorra ná rae sa tsaoghal dobhí
aca,
Is a laghad a fuair mórán dá shólás
reimhe sin,
Is nachar mhair sé acht seal mar ghal beag
gaoithe,
Is a fhad a mhairfeas gan lagadh na
pianta.



Iad so is tuilleadh nach urasa a ríomh
dhuit,
Bhias ag na peacaidhibh damanta
i gcuimhne,
Biaidh piasta creimthe i ngreim go
cíocrach,
Ag gearradh lé cur síos a n-ingnidhe ar
dtaoibh istigh.



Biaidh an santach i n-amhgar riachtanais
... ag polladh an chodlataigh
fhírleisc,
Bearanna dearga 'na bhallaibh dá
síorchur,
I n-áit gach faillidhe dá dtathaigheadh
reimhe sin.



Biaidh ocras is tart ar ... an
chraosaigh,


L. 117


Lé toirrnigh thréin dá mhéadail
líonmhair,
Is an tnúthach tillte a dteintibh
bríoghmhar
Do bhriomstón lasrach ag leathadh ar
gach taoibh dhe.



Biaidh fear an fhormaid 'na onchoin
chíocraigh,
Ag amhastradh is ag bladhradh dá thréada
ar dtaoibh istigh,
An t-uaibhreach láinmhear fá náire shíor
bhias,
Fá lántarcaisne dá ghreadadh ar gach
taoibh dhe.



Is biaidh an feargach aranta an
bhinnis,
Lé hordaibh cúil dá sciúrsadh ag
náimhdibh
Fear an mhonbhair ar fiuchadh mar
chaorthaibh,
Is a chroiceann dá scoltadh 'na stróiceach síos
ris.



Dubhairt págánach d'fháidh ag
trácht san ní se,
Dá mbiadh an mhuir is gach sruth 'na
mhíondhubh,


L. 118


An domhan 'na pháipéir bháinréidh
mhíonghlan,
Is crainn na talmhan 'na bpeannaibh
chum scríobhtha.



A dtáinig riamh is a mbiaidh do
dhaoinibh,
Is teangtha an tsluaigh se i gcruaidh ghlain
líomhtha,
Is a n-intleacht go léir ag cur péine síos
air,
Leath a dtubaiste nach gcuirfeadh chum
críche.



Ní bhiad níos faide ag cur tuirse ort
dá ríomhadh,
Níl peannaid nó diachair, pian nó daoirse,
Is féidir do thuicsint nó lé duine do
smuaineadh,
Nach biaidh ar an damantach
'na charn dubh choidhche.




Aig so comhrádh an anam dhamanta
leis an chorp.



Déaraidh an t-anam ag glacadh
a chlíochoirp,


L. 119


Lé heascaoine tréana i n-éigin díoghaltais,
Nárab é do bheatha a choirp mhallaighthe
an ghníomh oilc,
A thrú bhocht ghránna nár ghrádhaigh an
ríoghacht mhaith.



A chonablaigh bhrocaigh na gorta is
na híota,
A mhéadal fhairsing is mairg do-chí thú,
A piast oilc ... an bhoilg do
líonadh,
A phutóga an ghairr do scar lé Críost
mé.



A fheóil bhréan mhurgthaighthe na sar is na
gcnaoithibh,
A laig an mhúnlaigh sa tsúghlaigh
chíordhuibh,
A shaic an chamra shalaigh sa n-aoiligh,
A ... ar dtaoibh
istigh,



A dheireadh is a thúis is a chúis mo dhaoirse,
A thástáil mhallaighthe do dhamnaigh do
shíor mé,
Ó do ghreamannaibh millse is tinn as a
...,
Go tartmhar, ocrach, ó do dheochaibh
gan riachtanas.


L. 120


Is ód antoil mhallaighthe is gach taitneamh
dobhí agad,
Ó anmhaint dod ríar táid pianta
neimhe oram,
Lasracha teintidhe is neimhnighe
bríghneart,
Bréantanas fuathmhar is fuacht gan
saoirse.



Piasta ag leathadh ar mo bhallaibh dhom
shíorghoin,
Ó mhullach mo chinn is timcheall síos
liom,
Dom ithe is dom ghearradh gan lagadh
lé fíchneimh,
Is ag gearradh ar bhfiacal i ndiachair
chaoighuil.



Mo thruaighe do chailleas-sa flaitheas
an aoibhnis,
Ar do shon go deóigh sa ghlóir do-chím
ann,
Caidreamh aingeal, apstal is naomh
glan,
Mo dhealamhaint lé Dia, is mó nó ní
air bith.



Is och, och, mo bhrón, is sí an choir do-ní
oram,


L. 121


Céad saoghal dá bhfaghainn i meadhair
is i n-aoibhneas,
Níorbh fhiú iad uile an inmhe chím-se,
Is é féin do thréigean is mo phéin a bheith
síoraidhe.



Is óm neamchás ann gach am go
dtí anois,
Gan m'aire a bheith air nó ceisd 'na dhlighe
agam,
Neamhchás aige-sean ní hiongnadh
thríom-sa,
Mo dhealamhaint uaidh féin is i bpéin mo
dhíbirt.



Trácht phréimhe ar
gcreidimh.



Gach moladh glóire onóra is
buidheachais,
Do thabhairt don Tríonóid fhíormhóir
dlighmíd,
d'Athair na gcumhacht is dá Mhórmhac
díleas,
Is don Spiorad Naomh na ngrás ar chách
do scaoileadh.


L. 122


Atá i dtrí bpearsannaibh a n-arraid na
diadhachta,
Is gach pearsa 'na Dhia gé haon Dia
síor sin,
Gan tús gan deireadh gan deithbhir 'na
n-aois-sean,
Acht iad ann ó thosach gach
aon aca.



Dia an tAthair uilechumhachtach
cruthaightheóir gach ní ar bith,
Do chruthaigh neamh talamh aingil
is daoine,
Grian is réalta éasca is síona,
Is gach ainmhidhe cnoic is a bhfuil sa
míonmhuir.



Is a aon Mhac-san riamh ar dTighearna is
Íosa,
Dia is duine ina n-ionann is Críost sin,
Uan Dé na síorghrás is an Meisias fíre,
Slánaightheóir ... an domhan ó
dhaoirse.



Emanuel a ainm do tairrngireadh i
scríbhinn,
Is ionann is Dia tá riamh roimh ní
ar bith,


L. 123


Do gabhadh ón Spiorad Naomh, ghlac
daonnacht chlí uime,
I mbroinn Mhuire Óigh a hóghdhacht
níor scaoil di.



Dobhí trí ráithe ag fás 'na clí
aice,
Gur ghlac fuil is feóil a gcomhair a
dhiadhachta,
Is go rug an Mhaighdean bhrághaidgheal
mhíonla é,
I gcathair na Beithle meirbh mar
naoidhe bhig.



Chuaidh leis don Éigipt i gcéin
ar díbirt,
Go dtáinig aiste go cathair Nasíret,
Trí déag air fhichid gan uireasbhaidh
bhí san,
Do bhliadhnaibh ar talamh i bhfarraid
na ndaoine.



Gur fhuiling an Pháis is bás na spíne,
Fá bhreith gan cionta ag Pontius Píoláid,
Is air chrois go follas a chrochadh
mar bhiodhbha,
Is a chur a dtuama do nuadhchloich
sínte.


L. 124


Chuaidh síos go hifreann d'fhurtacht a
dhaoine,
Na n-aithreach naomhtha bhí i ngéibheann
daoirse,
Is thug iad amach gan chead dá
náimhdibh,
As liombó patrum an t-áras
cíordhubh.



An treas lá ón tuama bhí suas arís
as,
d'éirigh ó mharbhaibh 'na bheatha gan
chlaoiteacht,
Dá thaispéanadh féin gach lae do
dhaoinibh,
Ó cháisc go deasghabháil dhá .20.
lá is oidhche.



Chuaidh suas ar neamh lé neart
a dhiadhachta,
Tá ar deis Dé a Athair sa bhflaitheas
'na shuidhe anois,
Tiocfa sé anuas lé sluaightibh taobh
ris,
I nglóir go follas ar mullach Chnoic Sínia.



Do bhreith bhreithe i bhfeirg is i
bhfíchneimh,


L. 125


Ar bheóaibh ar mharbhaibh is ag
tagairt a spíne,
Is cuirfidh gach n-aon do réir a
ghníomhartha,
I nglóir dá riar nó i bpiantaibh síoraidhe.



Creidim dom ráitibh reimhe so,
Sa chuid eile uile go dtiocfaidh chum críche,
Creidim san Spiorad Naomh spiorad Dé go
díleas
Sa Naoimheaglais Chatoilice dhírigh.



Is i gCumaoin na Naomh mar aon is a
ngíomhartha,
Is i maitheamh na bpeacadh ón aithrighe
dhírigh,
Is i n-eiséirghe na colla budh follas a mbríghnirt,
Sa bheatha bheannaighthe mharthanach
choidhche.


L. 126


Fifteen
Meditations
on the
Passion.



1



Ó, a Íosa romhaith agas roghrástamhail
bhí 'do shuidhe go hard i
nglóir an Athara agas coimhionann leis
ann i gcumhachta, dheónaigh tré do ghrádh
dochuimse a theacht i gcolann daonna,
do bhreith ann i stábla, do leagan ann
i mainnséar, do thiomchaillghearradh
agas a dhol air teicheamh go hÉigipt. 'Na
dhiaidh sin do bhaisteadh, cathaighthe dá
chuir ort, trosgadh is faire a dhéanamh, an
t-ainbhfiosach a theagasc, aicídeach a leigheas
agas ann do bheatha go huile ag
fuiling géirleanamhaint is leathtroim,
agas fá dheóigh, go toilteanach, d'fhuiling
bás air an chroich agas sin uile mar
gheall oram-sa agas gach aon eile cosmhail
liom.


L. 127


2
Ó, a Íosa romhaith agas roghrásamhail,
air ithe an uan cásc duit i
gcuideachta do dheisceabail ghráidh,
d'éirigh ón tsuipéar, ghlac tuáillte, dhoirt
uisce ann i mbáisín, chuaidh air do
ghlúine agas go humhal nigh cosa
do dheisceabail agas thiormaigh iad
lé do lámha féin.



3
Ó, a Íosa romhaith agas roghrásamhail,
air a bheith do aimsir do bháis
i bhfogas duit, thiomain tú leagáid
mórluaigheach do do chlainn, ag fágbháil
do chorp ronaomhtha againn mar
bhiadh agas do chuid fola mórluaigheach
againn 'na dhigh. Ní thig lé críonnacht
a theagasc nó lé tuicse a dhol fríd
an doimhneacht gan tomhas so do
ghrádh.



4
Ó, a Íosa romhaith agas roghrásamhail,
chuaidh isteach i nGáirdín na
nOlives, thionnscain a bheith tuirseach
eaglach air dhóigh go ndubhairt tú lé
do dheisceabail, “tá m'anam tuirseach
chum báis.” Annsin d'fhág iad, chuaidh
air do ghlúine air talamh, thuit air


L. 128


d'aghaidh, ghuidh d'Athair agá rádh,
“más féidir é léig cupa na Páise thoram.”
Gidheadh lé humhlaigheacht
thoirbhir tú thú féin go hiomlán dó
ag rádh, “a Athair ní mo thoil-se ach
do thoil-se bheas déanta.” Ach fá dheóigh
tré mhóirphian eagla na Páise, chuir
do chorp laigneartach troimdheóra do
allas fola.



5



Ó, a Íosa romhaith agas roghrásamhail,
dobhí air lasadh lé mian
dolabhartha mo shaoradh, chuaidh
i n-aircis do námhaid agas d'fuiling
do Iudas an tréatúir póg a thabhairt
duit agas tú féin a ghabháil agas do
cheangal lé cordaidhe, agas mar thréatúir,
go scannalach, do thabhairt ceangailte
leis na daoine is díblidhe i
láthair Annas, an áit lé ceannsaigheacht
iongantach gur fhuiling tú do sclábhaidhe
díblidhe don ngárda buille
ainmheasardha do bhualadh sa n-aghaidh ort.



6



Ó, a Íosa romhaith agas roghrásamhail,
tugadh gaibhte ceangailte mar
thréatúir puiblidhe ó Annas go
teach Caiphas an t-ardshagart an


L. 129


áit ar chuir na hIúdaidhe coir bhréige
ort agas go míomhodhamhail barbartha
ghabh siad do sheilibh ann do aghaidh mhúinte
cheannsaighthe, ghabh do dhornaibh ann
do cheann agas chuir dallóg air do
shúile, go scannalach scigeamhail agas
go mailíseach droichmheasamhail ag tabhairt
an uile shórt drochúsáid duit
air feadh na hoidhche.



7



Ó, a Íosa romhaith agas rográsamhail,
tugadh i láthair Philate air
maidin agas lé gnúis shubháilceach umhal
dhearc tú síos air talamh 'do
sheasamh ann a láthair i Halla an Bhreithmhnis.
Agas an uair chuir na hIúdaidhe
coir bhréige ort, agas iomad imdheargadh
míomhodhamhail tugadh duit, níor
labhair tú focal ach lé ceannsaigheacht
agas umhlaigheacht d'fuiling go foighideach
gach a ndearn siad ort.



8



Ó, a Íosa romhaith agas roghrásamhail,
do cuireadh ó Phíoláid go Herod,
as díomhnas cúirialta shantaigheadar
míorbhaile éigin agad dá dhéanamh,
ag iarraidh iomad neithe ort, agas na hIúdaidhe
go cinnte ag crosántacht ort. Ach lé


L. 130


so uile níor labhair do bheól ceannsaighthe
aon fhocal. Uime sin thug Herod agas
a chúirt tarcaisne duit agas ag cuir
léine bhán ort lé tarcaisne is magadh,
chuir mar so thú air ais arís chum
Phíoláid. Ó, a umhlaigheacht agas a fhoighid
dolabhartha, aige toil do námhaid
tugadh suas agas síos ó ait go háit
gan aon fhocal a rádh 'na n-aghaidh agas
ag fuiling dóibh gach ní ba toil leo do
dhéanamh.



9



Ó, a Íosa romhaith agas roghrásamhail,
a struipeáladh i Halla an
Bhreithmhnis agas gan taise nó truaighe
sciúrs siad go roithiaránta thú agas do
ghearr do chuid feóla naomhtha lé sciúrsaidhe
agas stróc do chorp ó bhaithis
go bonn ann aon chneadh créachtaighthe go
huile, dubh agas gorm lé gonaibh air
dhóigh go roibh tuilte do do chuid
fola fíoruasal ag rith air gach taobh
chum talamh.



10



Ó, a Íosa romhaith agas roghrásamhail,
i ndiaidh do ghéirsciúrsadh
fuileachta, chum méadadh náire agas
scannail a thabhairt duit agas do


L. 131


phiantaidhe a mhéadadh, chuir siad
aibíd phurple ort, dorinn siad coróin
spín agas sparr siad í air do cheann nó
go ndeachaidh barr na ndealg neimhe
sin go hinchinn ionad agas go roibh
tuilte fola ag rith anuas agas gur fholaigh
do aghaidh agas do mhuinéal. Thug
siad lé scige is magadh slat coscairt
mar bhata ríodha ann do láimh agas ag
dol air a nglúine dhóibh lé magadh,
agá rádh, “go mbeannaighthear duit a
Rígh na nIúdaidhe,” agas bhuain siad an bata
as do láimh agas bhual siad thú ann
do cheann beannaighthe leis agas arís
ghabh siad do sheilibh ann d'aghaidh.



11



Ó, a Íosa romhaith agas roghrásamhail,
dá dtug Píoláid leis thú chum
na nIúdaidhe léna bheith ag amharc ort
ag caitheamh na coróin spín agas an aibíd
phurple; Píoláid do do thaispéint
do na daoine, ag rádh, “féachaidh an
Duine.” Ach lé fíoch doshásaighthe d'éighmh
siad go hard amach, “céasaigh é,
céasaigh é.”



12



Ó, a Íosa romhaith agas roghrásamhail,
a tugadh suas do thoil agas


L. 132


phléisiúir na nIúdaidhe, thug thú gan spás
leo chum do chéasadh. Leag siad
tromualach na croiche air do ghuaille
fuileachta frithir mar so gur iomchair
tú do chroich agas méad a cúraim
gur phianaigh thú ós cionn cuimse agas
aige teacht chum na háite, dúil claoite
meirtnighthe as anáil, níor dhiúlt tú an
deoch fhíona agas domblais. Budh é
sin an méad compórd a fuar tú.



13
Ó, a Íosa romhaith agas roghrásamhail,
an tan a struipeáladh nochtaighthe
arís thú, annsin a hathnuadhadh do
chneadhacha lé tarraing an éadaigh
dhíot. Goidé iomarcaidh na péine a
d'fhuiling tú an tan a sparradh lé tairrngidhe
ceanngharbha don chroich thú
agas do bhaill a tharraing óna chéile
amhail air raca? Ó, goidé an gean
agas an mileasghrádh ar thoirbhir tú
do lámha agas do chosa léna bpolladh
air dhóigh go roibh do chuid fola
ag teacht 'na shruithe amhail as tiobraid
rolán.



14



Ó, a Íosa romhaith agas roghrásamhail,
dobhí croite air an gcroich


L. 133


eadra dhá ghadaidhe ag teilgean an uile
shórt blaisphéimidhe ann d'aghaidh. Agas
tar éis a bheith i bhfad ann do mhóirpheannaid
do ghuidh do Athair maithmhneas
a thabhairt dháibh agas an tan ba
airde is ba mhó a n-aingidheacht gurb é
sin an tan a thaispéin tú líonmhaireacht
do thrócaire ag gealladh parrthais
don ghadaidhe aithrigheach agas ag tiomain
do Mháthara mhileasghráidh (do
bhí gointe lé tuirse) do do dheisceabal
ghráidh Eóin agas air an adhbhar sin
léna bheith 'na máthair againne
uile. Agas tar éis trí huaire a chaitheamh sa
gcroich i bpian agas i dtart ainmheasardha
thug siad fínéagra duit lé hól.
An uair a bhlas tú é chrom tú síos
do cheann beannaighthe agas do thoirbhir
tú suas d'anam.



15



Ó, a Íosa romhaith agas roghrásamhail,
ó a fhírthréadaighe, bhronn
tú d'anam air son do thréad agas i
ndiaidh do bháis gur fhuiling tú air ar
son, taoibh do choirp naomhtha a fhoscailt
lé sleagh as ar shil uisce agas
fuil. Mar so fá dheóigh a críochnadh
do mhórfhuiling agas gur choisc do


L. 134


námhaid a n-íota lé do chuid fola. Agas
air imtheacht dóibh, thánaic do dheisceabail
agas leag siad do chorp beannaighthe
anuas as an croich agas leag é air
ghlúine do Mháthara Beannaighthe agas
tar éis an uile shórt umhlaigheacht,
onóir agas grádh, cheangail siad suas
ann línéadach fíneálta é agas chuir ann
sa tuama é.



An urnaighthe.



Ó, a Uan ceannsaighthe neamhurchóideach
Dé, mar so do ghrádhaigh tú mé,
gach ní dhíobh so rinne tú air mo
shon, na piantaidhe so gur fhuiling tú
go rofhoighideach geantanach air
mo shon. Goidé an toirbheartas a
bhéaras mé duit? Adhraigheam agas
glóraigheam thú. Bheiream moladh agas
buidheachas duit lé huile chumhachta
m'anama, a Íosa, a Mhic Dé bithbheó, rígh
na ríogh agas tighearna na dtighearnaidhe.
Go mbeannaighthear duit a fhuascaltóir
roghlórmhar ar n-anmaibh. Is sé
do bhás a bheir meisneach is beódhacht
don tsaoghal. Ó, a naomhshlánaightheóir
déan trócaire oram as ucht


L. 135


do mhórmhaitheas. Maith dhamh mo
pheacaidhe. Scrios agas smachtaigh ionam
gach ní tá míothaitnmheach ann do
láthair. Déan mé do réir do chroidhe
agas tabhair damh do réir mo chumhachta
aithris a dhéanamh air do bheatha
naomhtha. Ó, a Athair ronaomhtha
na bhflaithis, féach, ofrálam
duit ioncholnadh ronaomhtha, beatha
agas leasadh fírinneach ar mbeatha.
Tabhair dúinn a Athair rothrócaireach,
as ucht mórluaigheacht d'aon Mhic, trócaire
is grásta do bheóaibh agas
suaimhneas síoraidhe do anamaibh Phurgadóir.
Amen.


L. 136


Psalm 129.



Ón doimhne d'éighmh mé riot, ó
a Thighearna. A Thighearna éist ré mo
ghuth.
Agas go dtuga do chluasa aire do
ghuidhe mo ghearáin.
Má bhreathnthar riot cionta, ó a
Thighearna, a Thighearna cia sheasfas é.
Do bhrígh gurab agad atá maithmhneas
trócaireach.
Agas do bhrígh do dhlighe tá mo
dhúil riot, ó a Thighearna.
Tá munighin m'anam ann a bhriathraibh.
Tá dóchas aige m'anam ann sa
Tighearna.
Ó éirghe maidne go dubhoidhche,
bíodh dóchas aige Israel ann sa
Tighearna.
Do bhrígh gurab aige an Tighearna
tá trócaire.
Agas iomadamhlacht fuascailt.
Agas saorócha sé Israel ón uile
chionta.
Paidir agas Ave Maria.
V. Ó gheataidhe ifrinn,


L. 137


R. Saor a anam, ó a Thighearna.
V. Go bhfaghaidh sé suaimhneas i
síocháinte.
R. Amen.



An urnaighthe.



Guidheamuid thú ó a Thighearna,
maithmhneas a thabhairt do anam
do shearbhóntaighe ó uile chuibhreach
a pheacaidh ionnas, air éirghe suas dó
arís i measc na naomh agas an drong
toighte, go bhfuighidh sé fionnuaradh i
nglóir na heiséirghe, tré Chríosta ar
dTighearna. Amen.
V. Suaimhneas síoraidhe tabhair dó, ó a
Thighearna. Amen.
R. Agas go ndealraidh soillse
síoraidhe air.
V. Go bhfaghaidh sé suaimhneas i
siocháinte.
R. Amen.


L. 138


THE
DIES IRAE



Translated by the Rev. Bernard Callan.



Lá na feirge, lá úd an léirscrios,
Lá a mbeidh críocha thríd a chéile,
Mar deir Dáibhí is Sibylla.



Créad é an t-uathbhás bhualfas daoine,
Lé linn luadh a bheith ar chuaisne Chríosta,
Is gach ní dár chualaidh anuas ón díle.



Beidh buabhall ard an lá sin séidtighthe,
Coirp is cnámha as aird gach réigiúin,
Ag teacht i láthair gan spás ag aon díobh.



Beidh beatha agas bás gan spás lé chéile,
An tan dochífear arís ag éirghe,
Gach aon go humhal is a chúis lé féachaint.



Beidh leabhar scríobhtha síos faoi shéala,
Mar a mbeidh gach ní gan chlaon gan bhréaga,
Ag tabhairt breitheamhneas fíor ar dhaoine an tsaoghal
so.



An breitheamh fíor 'na shuidhe dobheidh sé,
Gach ní bhí ar ceilt do-ghéantar fadhbhaighthe,
Is tiocfaidh díoghaltas daor 'na dhiaidh sin.



Mise an tréatúir, créad a déarad,
Nó cia hé dá ndéanad caraid,
Is an fíréan féin go mbeidh sa ....


L. 139


A rígh atá cumhachtach buadhach bríoghmhar,
Is bheir maithmhneas uait gan duas do mhílte,
Déan damh fuascailt, a fhuaráin naomhtha.



Cuimhnigh a Íosa, a rígh tá neartmhar,
Gur mise adhbhar do Pháise agas d'astair,
Ná caill mé an lá úd a mbeidh cách air seachrán.



Ó shuidh tú síos go claoite ann m'aice,
Is do mo shaoradh bhí tú meirtnighthe,
Anois ná bíodh do shaothar i n-ascaidh.



A rígh tá ceart lé neart is lé díoghaltas,
Uadh mo lochta déan mo scaoileadh,
Sul fa dtiocfaidh an lá úd a bhfágfar mílte.



Tá m'osna géar mar bheinn i n-achrann,
Mo choir ann m'éadan is mé gan spracadh,
Ó, caomhain mé is ná déan mo choscairt.



Thusa shábháil Máire uadh ghéarbhroid,
Is an gadaidhe i n-airde bhí dá chéasadh,
Dothugais dóchas damh-sa i n-éinfheacht.



Mo urnaighthe bhocht ní fiú tú a héisteacht,
Acht ó's tú tá maith ná déana scrios,
Agas seachain mé air phiantaidhe daora.



Air thaoibh na n-uan Dé Luan bíodh m'aistear,
Is i measc lucht d'fhuaith faoi ghruaim na fág
mé,
Ach tiontaigh anall mé air do láimh dheis.



An tan dobheidh ag gul is ag éagcaoine,


L. 140


Lucht na mallacht air gach taoibh dhíom,
Ordaigh mise i measc do rochlann.



Agraigheam thú go humhal mar charaid,
Lé croidhe faoi smúid is mé brúite 'd'fharraid,
Cuimhnigh damh-sa air Luan mo scarmhaint.



Siúd é an lá bheas lán de dheóra,
Ag éirghe ... beidh cáil díobh brónach,
Ag teacht i láthair is siad lán de dhólás.



A Dhia tabhair ... ardaigh an ...,
A Íosa láidir shábháil slóite,
I ndeóidh a mbáis tabhair páirt don nglóir dóibh.
Amen.



Dán an Duine Dhoscaidh.
(Composed by the Rev. Bernard Callan)



Sa n-am a roibh mise óg,
Is iomdha sin póg faríor,
Lé hainmhian na colla romhór,
A thug mé do ógmhná an tsaoghail.



Is iomdha sin teagasc ón gcléir,
A déaradh liom féin go fíor,
Dá bpeacainn lé toil is lé méin,
Gurbh ionann is dá ndéanfaidh an gníomh.



Is é ainbhfios aimsir na hóige,
d'fhág an iomad faoi bhrón anocht,
Ag imtheacht is nach bhfilleann go deóidh,
Go duibheagán mór na locht.


L. 141


A Íosa air aithrighe dá mbeadh,
Do ghuilfeadh go géar is go grinn,
Fá pheacaidhe a mbeatha go léir,
Is an aithrighe nach ndearna i n-am.



A Mhuire atá i bhflaitheas go buan,
Ag amharc anuas do ghnáth,
Éist lé m'osnaidhe gach uair,
Agas tagair go cruaidh mo chás.



Is siad iomad mo pheacaidhe, mo bhrón,
A lagaigheas go mór mo chroidhe,
Is is dual mo tharraing ón nglóir,
Mara dteagómhad cabhair ón rígh.



A rígh tá ag féachaint sluaigh,
Ó's feasach dhuit uair mo bháis,
Coscair mo cholann go cruaidh,
Ach m'anam bocht fuascailt d'fhagháil.



Ó d'fhuilngis páis go cruaidh,
Ná léig mé uaid ar seóid,
Is mé tuartha frasach do ghruaidh,
Is gach masla dá bhfuarais fós.



Athchuinghidh roimhe mo chríoch,
Go dtugaidh tú a rígh damh é anocht,
Is ná tabhair mé ag astar san tslighe,
Go mbeidh mise saor ó locht.



Cáirde ó fhlaitheas dá laghad,
A Mhic atá tréan mar leómhan,
Is dhéanad-sa aithreachas géar,
Is beid feasta ag méadadh glóir. Amen.



FINIS

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services