Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Faiche na bhFilí, Carraig na bhFear

Title
Faiche na bhFilí, Carraig na bhFear
Compiler/Editor
Muintir Charraig na bhFear
Composition Date
1833
Publisher
(Corcaigh: 1962)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



Mícheál Mac Peadair Uí Longáin ó Ghleann (gan) Ridire do scríobh
an leabhar so 70 mbliana ó shoin.
Beannacht Dé, na naomh agus na n-aingeal len' anam agus le anamnacha
an domhain go léir
Mar órdíos Dia agus an Eaglais Chaitlicig Rómhánach dhúinne guí orthu.


L. 54


B 1791 18D
Lá Lúnasa .i. August 1st 1791 bead 25 bhliana d'aois óir do rugadh mé
August 1st 1766 i mBéal Átha Maghair i bparóiste Dhúna Bolg. d'éag
m'athair iar m<beith> 4 bliana d'aois dom agus mo mháthair 8½ bliana dom.
Iar sin dob éigean dom imeacht lem ábhar féin gan chóir gan chothrom, gan
chuid gan charaid. Do chuir An tAthair Dónall Ó Cearúill fios orm agus
bhíos ina fharaid dhá bhliain i bparóiste Chatharach i gCairbreach' thiar.
Thánag abhaile iar sin agus chuas ar scoil (i mo scoláire bhocht mar bhíos).
Ghluaiseas iar mbeith seal dom mar sin, agus mar ná raibh comhairle athar ná
máthar orm, agus téim in aimsir ag aoireacht bhó agus ag dul re bainne gur
lean de sin gur ghlac náire mé iar sin .i. bheith ag dul re meadracha - ní
chuala ag aon romham dá dhéanamh - agus gluaisim arís ar scoil agus mé in
aois mo 18 mbliana ag foghlaim Arithmetic agus an bhliain ba neasa dhom ag
foghlaim Lai<dne> gur chaith dhá bhliain mar sin. Téim ag foghlaim figiúirí
arís sa mbliain 17(87).


L. 56


B 1837 19L

Mo chéad slán is beannacht leatsa thar cách anois.
Is gan i ndán dom t'amharc san mbaile - tá an bás agam.
Ach amháin le hAthair na bhFlaitheas tug tráigh as muir
Is gearr go ndearcam a chéile go seascair ar neamh.


L. 64


B 1827 19T
U 0463



Tabharthas Spioradálta
nó an
tSlighe go Neamh
Air na thiomargadh
ó oibreacha cráibhtheacha
Béarla, Gaoidheilg agus Fraincise.


L. 66



Ag so thall beagán focal i modh feartlaoi do cheapas i m'aois ársa agus is áil
liom a scríobh ar lic marmair taobh re m'uaigh, an tan is toil re Dia mé
ghairm as an saol so. Sirim ar mo chlainnmhaicne féin an cúram beag so a
chur i ngníomh, ionas ná rachadh m'ainm ná an gean thugas do mo chreideamh,
agus do theangain mo thíre grách, go grod amú ina meabhair, ná fós i
meabhair lucht m'aointíre agus go sonrach i meabhair mo ghaolta díleas
dea-eolgach féin, ag a bhfágaim (agus ag an saol uile) slán go síoraí ar
m'imeacht, agus iar nguí daoibh uile ó chroí an bheatha mharthanach. Agus
bhur nguíse do m'anam bocht féin aicim ar ghrá Dé. Amen.



Do mheasas an fhoirm agus an fheartlaoi do scríobh anseo, mar atá ráite agam
ar an gcléthaobh, ach ar ndéanamh machnadh do thuigeas nárbh iomchuí dom
féin sin do dhéanamh, óir ní bheadh deiscréideach, ach go mb'fhearr í léamh
ar an lic féin - críoch.




L. 89


B 1691 17D
U 0284



A chlanna Gael, fáiscig bhur lámha le chéile;
Cuirig hurrá, tá an báire ar saothar;
Fairig go dlúth
In aice lucht cúil,
Ná teipeadh a lúth ar aon fhear;
Leagaig na búir is traochaig
Cé fada dhíbh dubhach fá dhaorbhroid,
Ag achtanna cúirte
Bhur gcartadh in bhur ndúthaig -
Acraí is púint gach féile.



Ná tuigig, a chairde, a rá gur tréasan
Do dhuine dá dtráchtadh ar dhála an tsaoi seo
Is a dtugadar chugainn
De dhlithe bunoscionn
Le mionna á dtabhairt in éitheach
Pingin nárbh fhiú an Corp Naofa
I bhfoirm an Phrionsa a shaor sinn;
Is ná raibh i Muire de bhrí
Ach an oiread le mnaoi -
Is is duine gan chrích a ghéillfeadh.



Ba thuigthe do chách ar scáil na réilteann
Nó ar an scamall so d'fhág go hárd ar Phoebus,
Nó ar an gcuaichín bhinn
Bhí ag labhairt sa choill
Nó ar an lasair a bhí sna spéarthaibh,
Gurb athraitheach rí bhí i ngaor dúinn
D'fhuil chalma Mhíle éachtaigh,
Is gur mithid an ní sin
A thitim chun críche -
Ach gur mhaith feitheamh le díol uair éigin.


L. 94


B 1844c 19L
U 0401



Mo shlán chun Carraig na gCaol-Fhear,
Mar ar chaitheas téarma de m'aois,
Gan gá gan easpa sa tsaol so -
Ach ag magadh is ag scléip leo bhínn.
Do gheofaí Aifreann Dé ann
Agus teagasc ar bhréithre Chríost
Is níl fán ar ár sagart sa naofacht,
Tá a ghairm fé réim sa tír.



Do gheofaí ainnir mhomhail mhaorga ann,
Bheadh leanbhach faobhrach mín:
Agus bá go dtabharfadh do chaolfhear,
Dá nglacfadh sé léi mar mhnaoi;
Do thógfadh mairg agus léan díot
Le binneas a béilín bhinn.
Agus gnó agus maitheas dá réir sin
I mbruinnil na gcraobhfholt mbuí.



Do gheofaí gasra tréanfhear ann,
Calma tréitheach groí,
Ba róbhreá an taca lá aonaigh,
Chun bagairt nó glaoch i mbruín;
I mbáire ar mhachaire tréada
Ní fheicim go staonfaidís -
Agus barr do-bheirim san fhéileacht
Do Charraig na Séimh-Fhear mín.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services