Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Father Luke Wadding

Title
Father Luke Wadding
Compiler/Editor
Franciscan Fathers, The
Composition Date
1645
Publisher
(B.Á.C.: Clonmore and Reynolds, 1957)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


TOIRDHEALBHACH Ó CONC<H>BHUIR .CC.



Slán ma do phósadh, a Dhomhnuill Mhég 'Nosa!
séan ar th'obair!
nogo gcuire tú mac san mbromuic
ná déana coduil.




Ná léig sgís, fosadh nó comhnuidhe dhi, a Dhomhnuill Óig,
mac an tighearna ó Ráth na mBraoilleán, nogo gcuire tú
Sorcha i riocht ría maidin; Go dtiucfaidh a dearbhráthair
.i. Coronéal Rudhruighe rúadh ramhar ríabhach Mhág Uidhir
do ghabháil dá bhasuibh agus dá bhailc-chráguibh ar a chéile
ós ceann a cuirp agus fós go dtí Róisi Ní Néill .i. Beantighearna
Innsi Ceithlinni do cháoineadh agus do chomhghul na toirnnéisi
sin.


L. 420



Deirthear is an Róimh aifrionn
is beantar cluigín;
is tocha lena mhnaoí féin Mac Ailin
nó an giolla dhuillín.



Mac Cleóid, gidh súairc an marcach,
ní mór nach Turcach
gé fúair ón Phápa imbliadhna luchtach
bréan chlíar churcach.




Et má táimsi curcach nó claónchomhuirleach dhamh féin,
is minic tug mo shamhuil comhuirle a leisi do dhuine roimhe;
gurb uime sin do mholuimsi dhuitsi, a Domhnuill, ná fág
fréumh gan síneadh nó falluing gan súathadh nó rópa gan
róbhriseadh ...



A hÍ ile anall ra comhuirle dhuitsi táinic misi. Sirim ar
Dhía cíall is tuigsi. Táim ar misge meisge agus mearughadh agus
míchíall ar Mac Donnchadha ó Loch Léin. Is olc do thug sé
lamh Íarla Deasmhumhan, ar mbeith trí bliadhna pósda dhó,
nar chuimhnigh sé ar feadh na rée agus na haimsire sin feis chloinne
nó chonáigh do dhéanamh lena nóchar nó lena robhromuic
féin; gurb uime sin nach déanta dhuitsi dearmad gan dúthchas
do shean agus do shinnsireadh do chúartughadh go friuchnamhach
. . . agus gach teagosg agus gach comhuirle dhá bhfuighe tú ionntaibh
sin do mheabhradh go grinnghalach d'eagla go gcuirfidh<e>
as giollacht thú mar do cuireadh Mac Donnchadha ó Loch
Léin.


L. 422



A Dhomhnuill Óig an chúil do chreach Callann,
ort mo thorann,
dhá láimh Dhía le giolla an ghabhann
do stíall Corann!



Mo bhromuic bheag féin do-ní an t-aónach
Críost dhá cumhdach!
níor chleacht sí gan damhsa is daórach
's a bheith súgach.




Et go madh subhach Día díbhsi, a Dhomhnuill Óig agus a Shorcha!



SLÁN.



II




TOIRDHEALBHACH Ó CONCHOBHUIR .CC.



A óga do ghlac na hairm,
go maire sibh bhar núaghairm!
fada díbhsi roimhe soin
fan uile dhaoírsi ag Galluibh.



San Satharnn mór-úd na ngrás
do mharbhadh Gall - lór d'úathbhás! -
caiptín é nó major óg
an té fa dailtín bulóg.


L. 424


Trealamh marcaigh go fíu spuir
ag neach, nach roibh anuruidh,
do-chiú 'na chodladh anocht:
cogadh aige agus leamhnocht.



Ag so a n-ór aige i bhfolach,
eich is búar na Sagsonach;
a ghrádh díleas, nach ait soin
's ar bhíodhbhaidh nach lamh féachuin?



Ó glacadh leo seilbh na gcreach
- más maith ní ar a mbí biseach -
bí cuid gach láoi d'aiceacht linn
do ghnáoi meatacht is míghrinn.



Ag teicheamh le tairm a gcos,
mar soin má chosnuid dúthchas,
tárla go sona do chách:
a gcogadh lán do chonách.



Trúagh, a Mhuire, mo chorsa:
liom ní bhfuil an saóghalsa;
an seanrádh ní rádh dona
gur fearr ágh nó ealadha.



Ó thús an chogaidh go fóill,
ag sin díbh cuid dom urchóid,
do thuarusdal d'ór nó mír
fós ní bhfúaras<sa> smuilcín.



Roinn dúithche, ealluigh ná óir
cuid comhuirle nó comhóil
ní fhaghuim ón cheitheirnn chléibh
's go dteichim féin mar iadséin.


L. 426


Mur shaighdeóir ón Spáinn mbrais
nó mar mharcshlúagh an dúthchais -
teichim leó súd san mbealach
go húr fairsing Ghaóidhealach.



Gídh nach deachas ríamh tar tuinn
d'fhoghluim chatha nó chomhluinn,
mar chách féin do-ním fo seach
an retréat sgaóilteach sgannrach.



Do gheallfuinn gidh lór d'allás,
dá dtugthaoí dhamh úghdardhás,
go dteichfinn d'aónGhall tar lear
le seisir gníomhghann Gaóidheal.



Gidh í an ghealtacht rug an geall
an úairsi d'uaislibh Éireann,
do lúas teichmhe nó do mhoill,
meas nó oific ní fhaghaim.



Mo shaighdéoracht mheata mhall -
leaghuidh súd a mbéal anbhfann:
do bhrígh gur feas mo bheath bocht
ní bhí meas ar mo ghealtocht.



Mur fhear bratuigh nó mur mhaór,
go Dún Suingc mo dhul d'éansgáol
d'iarraidh orm do b'éagóir sin
's gan mé acht 'mo shaighdeóir shingil.



d'á bhfuil d'oificibh san tír
faoí choronéal nó chaiptín,
's gan teann nó doghruinn réam ucht
barr ní thiubhruinn i ngealtucht.


L. 428


Dá bhfreasdluinn coronéal féin
nó caiptín i ló mórsgéin
do theichfinn léo, lámh ar láimh,
dá bhfaghuinn cóir san éadáil.



Ní sgéal orm nach bhfreasduil mé,
dá mbéinn im gheilt mur Shuibhne,
ar eitil dhúaibhsigh, an dream,
oificigh úaisle Éireann.



Ní sgéal liom fós oram féin
gan dul i bhfían san aighéir
mur lucht dúthchais do chló Gall
's gan fód don dúthchas agam.



Má marbhthar Gaill leó mur soin
gan bhúaidh gcatha nó gcosguir,
gan créach cuilg, gan buille ga,
bu búan bhar n-airm, a óga.




Na hógasa ar thóir nach lamh amharc san ráon,
Más léor súd is Fódla arm danar do chlaoí
'S a' slúagh theasda do-níodh féolchuma ar Ghallaibh a mbrígh
Dar a leórsa, ní mór nach leamh do chaithsead a sáoghal.



III




TOIRDHEALBHACH CARRACH Ó CONCHUBHAIR CCT.



An gcúala tú cúrsa Corinél Seónsa?
ní sgéal gan siansa;
comharrdha na croiche ar mo bheólsa!
do .


L. 430


Do thóg sé an léigior sin go Duibhlinn
's ní go hanb
's do chuir sé an campa mór go Cruimlinn
fós dá n-abruinn.



D'egla go ndéanainn, is mé féin múinte,
adhbhar tré<asa>,
ní labhruim iarla mór ná dúice
nó marcuaesa.



Acht do chailleamar féin - beag dár n-iaróig -
cir is g<áirleog>,
clithre fichid míle ó Shiuir go Grianóig
Builtéar !



Da chailleamar uinigéar fós is mustard;
féucha <Ris>;
is dona seacht ndiabhail cáis ná custard
acht .



Do chailleadar fós an chlannsin Mharsill
- ort ní cheilim -
geir na gcaorach agus a gcraicinn
's a gcuid c.



Do chailleadar air gceannuighe a
's a gcuid saluinn
's ní thugadar leo snáth nó olunn;
cros Chríost tharuin!



Do chailleamar an capún 's a chearc fhrancach;
is cúis mhillte;
's ní thugamar sailéad linn nó sabhsa,
cúach ná circim.


L. 432



'S don de<a>mhon cáca croich ná la<i>bhín ná fiú an bhuilín
ní thugamar linn - bior ná pota ná cnapsaca ná pastaigh téidh is
piobar urrthe ná fiú an bhriosca.



An caualíor mór gá roibh an scarfa 's an cóta buffa, níor
fhan re cleite 'chur 'na hata. Atá an maidhm tugtha. Dá mba íad
fiú na nguna móra 's na dtent mbána, d'fhágamar íad ag Coirinél
Seonsa i mbeol na bearna.



Bearnadh agus briseadh et búan-ré<a>badh air mar léigear! Is
balach tug lagar croidhe agus inntinne oruinne go ceann bliadhna.
Agus nar ba fearr do Chomhairle Chille Cuinne, do léig Iarla
Ormhumhan d'aimhdheóin easpuig Clochair inna leithidsúd do
ghléas agus d'oiffig; nó go dteagmhaidh áois dho, é féin do
thuicsin ní ba fhearr; mar dubhairt Ó Cearbhuill re n-a
chomharsainn agus é 'na chairdios Críost grádhach .i. Mac Giolla
Phóil san rannso 'ar ndiaidh: -




Noe more léigior, 'Mhic Giolla Phóil,
isé críoch mo sgéil;
is marcach leamh é Corinél Seón
et abairse Amén!





19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services