Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Duanta Eoghain Ruaidh Mhic an Bhaird

Title
Duanta Eoghain Ruaidh Mhic an Bhaird
Author(s)
Mac an Bhaird, Eoghan Ruadh,
Compiler/Editor
Ó Raghallaigh, Tomás
Composition Date
1606
Publisher
(Gaillimh: Ó Gormáin, 1930)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



AODH MAC RUDHRAIGHE
UI DHOMHNAILL.



Cia re bhfáiltigh fian Eirne,
caidhe cúis a gcoimhéirge,
na roimheanma adbath don bhrón
rath a dtoimheadhra ar dtionntódh?



Cia feasda re bhfáiltigh-sa,
cia mheadhras macruidh Thuathail,
d'éis choimhfhillti ar a séan soin
a mbél toirinnti a dtagoidh?



O ló éaga Aodha Ruaidh
atá an laochruidh lán d'anbhuain,
i gceas naoidhion gus anocht
bheas ag caoineadh a gcumhacht.
Aodh Dubh oile 'na áit soin
rug an uairsi ar fhuil nDálaigh;
dia a n-aithbheodhuigh as sé sin,
aithreoghuidh gné dá ngnúisibh.


L. 60


Ua Enrí, iarla Máighe,
oighre an ua soin Siubháine,
naoidhe thoirrcheas ar dtalamh,
aoidhe as oircheas d'fhiadhughadh.



Saoileachtain slóigh Sléibhe Truim,
dóchas beathadh chlann gConuill,
rún a gcridhe, fáth a bhfáilti,
bláth a fhine, a n-íocshláinte.



A ngrian nóna ag teacht do thoigh,
a nguth cuach ar cionn samhraidh,
a gceol síthe as a mbláth úr,
fríthe a ngnáth ón fhortún.



A ré nuaidhe, a ní foirfe,
a ngrís bheo, a mbrath méadaighthe,
cosg iarghná na taoibhe tall,
grian-lá saoire na saorchlann.



Gein buadha Conuill clodh-bháin,
ciall aislinge Adhamhnáin,
luach síor asluigh Choluim cháidh,
d'fhíor-amhsuibh Chonuill Chruacháin.


L. 62


O tá gach aoinneach d'Ultuibh,
meanma gach Meic Gearultuigh,
comh-fhaoilidh ar a chionn soin,
na ro-mhaoidhidh inn amhluidh.



Ní hiongnadh fáilti dá bhfuil
roimhe ag crích chloinne Dáluigh;
tarla athchruthadh dhí dhe
nach bí ar athruchadh oile.



Taisbéantar i dtlacht núidhe
aighthe a haosa iomthnúidhe:
críoch ghéig-fhillte na dtráigh dte
gan dál n-éigcinnte uaidhe.



Tréigfidh sí snuadh na tuirsi,
cuirfidh an chríoch Chonuill-si
a sgingbhearta doghra dhi,
tingheallta a cobhra chuici.


L. 76


NEACHTAIN O DOMHNAILL.



Mairg as braighe ar mhacruidh Murbhuigh,
mairg macaomh ré na mó súil,
faríor ní fhoileam na ainbhfeas,
foireann do shíor thaibhgheas tnúidh.



Mairg ar tús na dtuigtear éifeacht
d'aicme Chonuill dár chóir cíos;
gibé don tslógh rabh na roghain
lór dá char iar sodhuin síos.



Aicme Chonuill na gcolg bhfaobhrach,
fuighioll tnúidh ó dhreim go dreim,
créad acht a chailg céim ar aghaidh,
mairg don fhéimh da ngabhair greim.



Mar as fhollus da gach aoinneach
ar Aodh Ruadh dorugtha i nglas
i mbél a tharbha do thoigheacht;
tarla lén dar n-oireacht as.


L. 78


Gan glacadh n-airm, gan aois gcogaidh,
do cogradh a chor i láimh
gan chúis oile acht feicheamh formuid,
feitheamh Moighe fonn-bhuig Fáil.



Neachtain O Domhnaill fa dheireadh,
ar ndóchas lán, ar laogh búidh,
i n-aois leinbh, 'na dhamhna duine
tarla i gceilg na tuile tnúidh.



A bheith i súilibh sluaigh Bhearnuis,
bheith bhós ina bhraghuidh gill
'na leanabh i n-am a éirghe
dogheabhadh barr Eirne inn.



Meisde an umhlacht fhuair 'na mhacaomh,
meisde fós a bhfuair do thoil;
suil dochuaidh san oighreacht n-aithreadh
fuair a oirbheart d'aithbhear air.



Ro-mheisde an meas, meisde an onóir,
nó an t-ainm ar tús tarrus lais,
nó an mhuirn fuair Neachtain 'na naoidhin
uainn tar sleacht-fhuil nGaoidhil nGlais.



Cúis oile dá bheith i bpríosún,
acht amháin ar labhradh leinn,
ní chlos ré a bheo d'fhotha idir
ar eo srotha Sligidh seing.


L. 80


Acht, gé trom ar chineadh gConuill,
mochean buille do bhean ruinn,
dár cuireadh ar coimhéad uainne
foighéag d'fhuigheall chuain Chuinn.



Mochean don oirbheart do haithneadh
don éifeacht fa deara dhó,
gan bheith sonna saor ó gheimhlibh
do laogh Droma Beinn-ghil Bó.



Le hantoil na haoisi óige,
le huabhar ga aslach súd,
nach reitheadh do réir a mheanma
d'fheitheamh don fhéin Eamhna úd.



As nach rachadh i rinn dtreasa,
nach tiocfadh d'amharc ghleodh ngarbh,
nach lingeadh i mbearna mbaoghail
le meanma idir fhaobhraibh arm.



Créad acht coiméad do chath Bhearnais
a bheith treimhsi mar tá sé,
ar daingion mar ghiall i ngéibhionn,
nach cailleadh fiadh Eirionn é.



Bíodh nach maith le macruidh Murbhuigh,
as maith dhóibh sein go dtí an tráth
an tsaor-shlat budhdhéin ar daingion
aonmhac Néill nach cailleadh cách.


L. 82


Acht go dtaisbeána eacht oile
a uaisle a oirbheart re n-ég,
ag díon chlú choróna Saxan,
's onóra chrú gasraidh nGrég.



Cosmhail go bhfuigheadh a n-itche
aicme Conuill is clann Néill
guidhios le síodh slaite Boirche
i n-aice a ghníomh bhfoirfe féin.



Cosmhail da bhféachadh fir Shaxan
a shubhailce, a cheannsa, a choir,
nach éidir a mheas nach maothfadh
éigin bheas go saorfadh soin.



Foighide, maordhacht, méin tromdha,
atáid leis - gá haighne is fearr - ?
ga chaomhna re hucht gach fhormaid
'na lucht comhraig tar a cheann.



Os Sí Aighne an uile gheimhligh
guidheadh Muire, Máthair Dé,
ag so roghain raoin gach sligheadh,
cobhair dá taoibh sireadh sé.



Lór do robhadh do fhréimh Dhálaigh
díobh na bhrághuid gibé raibh
gan cúis ngoimh, gan damhna ndiomdhaidh,
mar tarla a bhfuil d'ionnramh air.


L. 84


Ar n-aon bhraighe Aodh O Domhnaill
dóchas Banbha ó áird go háird,
a bhfuair de thoil rob tuar ratha;
na raibh do shluagh Macha mairg.


L. 86


COMHDHAIL SIOTHCHANA.



Dána an turas trialltor sonn,
fada tá ag teacht 'na thiomcholl,
geall re hoighidh an eachtra,
doiligh earr na huaisleachta.



Re leathtrom cogadh Craoi bhFloinn
do mealladh mac Uí Dhomhnaill,
gur thriall re haigneadh n-anba
i gcaidreamh fhian n-eachtronna.



Dána an chúis do chuir roimhe,
ga dtám acht tug Rughroidhe
aighidh ar an lucht ros ling,
lér airigh d'ulc 'na oirchill.



Deacair aghaidh orra soin,
iomdha ar a cheann cúis bhaoghail,
lucht cruadhaighthe caingneadh réidh,
gruamaighthe airgneadh n-aigmhéil.


L. 88


Atáid re a ucht i n-Ath Cliath
óig ar ar himreadh mídhiach,
mór ngoimhfhéachsoin ré a ghnúis ngloin,
cúis roidhéisdin a rochtoin.



Iomdha cúis imnidh aca,
iomdha mairg mná deorata,
iomdha leacht as a losain,
diongna theacht ón turas-soin.



Na róid ina roicheadh soin
go dtrásda i dtreallaibh coguidh,
taidhligh go síothchánta sonn
fíochnámha aingidh eachtronn.



Taisbéantor sonn seal oile
gnúis uathmhar na hamhsoine
'na dreich roighil saordha, sáimh,
'na haghaidh mhaordha mhacáimh.



Gibe an tráth so theagmhus dó,
iomdha foireann fuair anró,
do tháirthéaghadh a thocht sin
ag fáithléaghadh olc idir.


L. 90


Atáid, narab díth dhosan,
croidhthe a chomthach bhfoghla-san
ag léim d'urghráin na heachtra,
ní céim d'fagháil aigenta.



Iomdha ag uaislibh Innsi Bhreagh,
ag mnáibh, ag macoibh fileadh,
ré léaghadh leoin as a los,
meoir da dtéaghadh fan turos.



Gidheadh measuid óig Eamhna,
do dhruim toice a dtighearna,
an turus-sa fa dtéigh me
'na céim urusa aige.



Foghla gráineamhla an ghille
ní chuimhnigh cath Duibhlinne,
le fonn a shíohaighthe soin
fa fhonn bhfíochfhoirbhthe bhFionntoin.



A ndearna orra, as é a shuim,
maithtear do mhac I Dhomhnuill,
gur thaiséantar tocht na gceann,
ní aiséagthar olc Eireann.


L. 92


Tugadh leo a bhfíoch a bhformad,
ar rún ceannsa ar chaoncomhrag,
fuath aroile, rún cogaidh,
ar rún toile tugadair.



Tiad gnúisi giolladh ndorrdha
roimhe i reachtaibh searcamhla,
meanma goimheamhla Gall n-dúr
le barr soimheanma ag síothlúdh.



Móide a ro-fháilte roimhe
go bhfuair siad síoth Rúghroidhe,
an gartoirear far ghlé Conn,
nar haltoigheadh é ag eachtronn.



On tráth fa dtáinig na gceann
fear ionaidh áirdríogh Eireann,
bríogh na gcéimionnaibh ní chuir,
síodh éirionnaigh ní híarthuir.



Leis an ngealladh ghealltar lais
le humhla mic mic Mághnais,
do reactha rún gacha fir,
do feactha glún gach Gaoidhil.


L. 94


Faigsin chodhnaigh chloinne Dálaigh
i n-Ath Cliath i gcomhdhálaibh
dáil chaomhanta do chrích Ghall
aon-shompla síth na saor-chlann.



Gibé tráth thí 'na fhrithing,
mór gcúis n-éagnuigh d'oirichil
ag Rúghraidhe, ga dulc dhó?
le lucht fornaidhe is fada.



Mór ríoghan um Ráth Logha
tárla do nós Nualadha
fan gcéim do chluinsin 'na ceann
a bpéin tuirsi 'na timcheall.



Fuarus lé a los a shiúbhail,
ó's doilghe na déidhionaigh,
nach smuain an t'imneadh oile
fuair inghean ar n-Aodhoine.


L. 96


RUDHRAIGHE O DOMHNAILL.



Diomdhach mé don mhacdhacht ríogh,
cóir do Dhia a dol a ndimbhríogh,
fa ro-dhána uirre inn
buime ar n-onóra d'fhaichill.



Ga d-ulc dioghbhudh a hirsi,
maith, saith dhamh a dilgindsi;
a gcumhacht an gcéin do bheath,
céim lem uracht nírbh uaimhneach.



Dorad damhsa, dia do ghlóir,
muirn a sóigh, sógh a hanshóigh
táireasa nó gur mheall mé
ceann gach áineasa uaithe.



Gach céim d'aoibhnius dá bhfuair sionn
ón Iarla ní headh fhuairsiom;
na chéad-damhna nír chleacht mé
teacht fa éadtarbha uaidhe.


L. 98


Ar n-easbaidh nírbh easbaidh linn
riom-sa do ráidheadh m'inntinn -
bheith a dtacha nár dhíth dhamh
críoch a ratha acht go ruachtadh.



Romchuir don chleachtadh roimhe
an cháim ráinig Rughroidhe;
tar neart a chéadtoil dochóidh,
féchadh udheacht dá onóir.



An ghairm iarlachta fhuair sin,
éigean d'oide an uird ghaisgidh
a chiall do choimh-fheacadh dhi -
roi-dheacar riar na ríghe.



Mallacht don fhearacht fhoghla,
nír shaoilsiom na sho-dhamhna
sinn i n-a neamh-ghoire anois
rinn ar meanmaine maolois.



Póg an ógáin eacht oile
dá chéad-athair chollnoidhe
do dhligh mé don mhacdhacht ríogh;
a daltacht as é m'imshníomh.


L. 100


Dobhí ag ridire feacht n-aon
mac óg go n-iomad míothaom
nar chuir srian ansmachta air:
nír chiall annsachta d'athair.
Tigdis leis a los a ngráidh
athair máthair an mhacáimh;
do reitheadh le réim a bhaois,
feitheamh dá chéill do chleachtdaois.



Marcuigheacht a mheanman féin
ar tús mar tugadh dhóiséin;
nír fhill ón bhaois do bhunadh
re linn dá aois d'apghudhadh.



A lochta, mar nar léig dhe,
lucht coimhéid ceirt na ríghe
tug roineimh an dlighídh dháibh -
slighidh d'oighidh an ógáin.



Athair altruim a dhoirbhe
an tráth dochí a chéad oighre
mar badh chóir dá chura i réigh,
dochóidh ar dubha dhoiséin.



"Aon phóg damhsa, drud um dhál,
a athair," ar an t-ógán,
"re ndealachadh dheid is damh,
leig dod mhearachadh meanman."


L. 102


Druidis ris, mar do ráidh féin,
bél srón an athar annséin,
téid tríotha ó chridhe go cnáimh
le mire fhíocha an ógáin.



"Nír chuir tú, a athair fhallsa,
smacht as m'óige oram-sa
tú," ar an mac, "do mhill meisi -
an tslat rinn nír roinnisi."



Mar sin damh, do dhruim annsa,
tú fa hathair agamsa,
barr ar muirnine mar mhac,
am dá oirbhire orat.



Ná tug a aithbhear acht ort féin,
dá mbeith nach beinn dot oighréir,
a hainchleachtadh do mheall me:
aithleantar eang na hóige.



Ní hé go madh iongnadh damh
dá mbeith nach beinn ad chleachtadh,
aniogh a haithle th'annsa
do chion d'aithne oramsa.



Adéardais cách nar chúis truim
thú dam réir-si, a rí Conuill,
bheith fo ro-dhána as dleacht damh
acht reacht t'onára d'iomchur.


L. 104


Do chéim féin ó fuair tusa
rom chursa am chéim dúthchusa
má atá a ndán addlé misi
gi-bé mar tám tuigisi.



Cuirim díom a ndligheann me
acht do rádhasa, a rí Eirne,
ó thárlaidh ag cor chuige
a dhradh dhamh is dóchaide.


L. 106


AODH RUADH O DOMHNAILL.



Rob soraidh t'eachtra, a Aodh Ruaidh
an Coimsidh do-chí ar n-anbhuain,
gabhaidh Sé th'innfheitheamh Air,
go mbé ag rinnfheitheamh rómhaibh.



Ná tí ribh, a rí Suca,
triall sonna i sín gheamhruta,
amuigh on chuainsin Chlíodhna
tar muir nduaibhsigh ndoighiordha.



Dia dot eadráin san amsa
ar ghluasacht ngaoth gcodarsna,
ar ghoimh n-ainchridhigh gach fhir,
's ar muir n-ainbhthinigh idir.



Go dtréigid a dtreallbha laoch
dea séidte na síonghaoth;
go dtille an ghaothmhuir a geoin,
nach saobhthuir inne an aieoir.


L. 108


Go mbé an toice, a thriath Gaillimhe,
duit-se ag crúdh gach comhairle;
ná deach faoibh fréamh ar ndoibheart,
rob sén daoibh bhur ndheoraidheacht.



Rob suilbhir aghaidh gach fhir
róibh-si, a rí rátha Sligigh,
títhe orláir do ghruadh ngeal,
rob tuar soghráidh a silleadh.



Gi-bé rabh, a rí Conaill,
i n-aincheas bhar n-urfhoghaill
go mbé a chroidhe gá chrúdh sin
le rún toile dot thuigsin.



Rob gar leigheas dár leonadh,
sgeoil dá dtiocfa ar dtaithbheodhadh,
go mbeidh oraibh dá reic ruinn,
rob soraidh dheit gach dodhuing.



An énlong lér imthigh sibh,
na coill-bhárc bhréideadh suaithnidh
go dtargha an luing sin tar lear
go hadhbha dtuirsigh dTailltean.


L. 110


Gá dtú acht as tingheall sláinte
do thoisg, nó as tuar anbhfáilte
gibé thí do thaobh th'eachtra,
do shní, a Aodh, ar n-aigeanta.



Na laoich, a llos a n-annsa,
na mná, na meic eagalsa,
clanna ar saor, meic ar moghadh,
dheit, a Aodh, fá énomhan.



d'fhurtacht shleachta Gaoidhil Ghlais
tar muir ón tráth do thriallais,
atáid croidhe sonn gá sníomh
le trom n-oire gach áirdríogh.



Atáid m'ionnshamhla eile,
atúsa, a Aodh, d'áiridhe,
dom bhuing do bhithin t'eachtra
i dtuinn fhichidh mh'aigeanta.



Ní chorraigh muir nach measg sinn,
ní éir gaoth nach gluais mh'intinn,
ní aithrigh síon séis mbuinne
nach sníomh dot éis oruinne.


L. 112


Ní hé aithbhear bhar n-olc féin,
ní hé ainbhthine an aeéir,
do chor ort budh urlamh linn,
acht turbadh d'olc na hEireann.



Inis Cuinn do chleacht leónadh,
ga dtám as dí theigeómhadh,
dá dtíste ruibh god rochtain
tar muir ngríste nguasachtaigh.



Do cuireadh clódh a teadhma
uaibsi a n-ucht na cinneamhna,
do fhéch sibh don chríchsi Chuinn,
dá ndigh díbhsi, a Uí Dhomhnuill.



Mór da haos cumtha archeana
do chuir a n-áit oidheadha
an bhréig-insi ler fhaoi Art,
ar aoi a héiginsi d'fhurtacht.



Iomdha imshníomh fhuair fá a ceann
Tuathal Teachtmhar, triath Eireann,
ar dtocht tar moinchinn muire
d'oirchill a holc d'ionghuire.


L. 114


Cuairt dar chosain a heineach
do-rad Conghal Cláireineach,
go dtug gleo eidir ghleanntaibh tonn,
nár theó i dteanntaibh na tiomcholl.



Eoghan Mór mhac Mogha Néid,
dochuaidh trá toisg a leithéid,
don talamhsoin dár thriall sibh,
ó fhiadh fhalársaidh Uisnigh.



Ríghe cogthach Chláir na Niall,
lingis Mac Con mheic Maicniadh
rinn ghlas-mhara ar aba a huilc,
amhsoine as fhada iarmhuirt.



Tusa, a rí fhréimhe hEachaidh,
ag triall ar iocht éineathair,
gé meastoir do thocht a dteann,
do dheasgaibh olc na hEireann.



Atá san luing sin tar lear
oireachas Insi Gaoidheal,
a síodh, a guaisbhearta, a glóir
díon a huaisleachta, a honóir.


L. 116


Go bhfille ar sliocht nGaoidhil nGlais,
a mhic Aodha, a ua Mhaghnais,
rob dimbríogh gach tonn da dtuil,
gach imshníomh sonn rob soraidh.


L. 118


NIALL GARBH O DOMHNAILL.



A bhraighe atá i dtor Lonndan,
a ua Conuill chaomh-Ghulban,
do gheimhil-si as lór do léan
ar slógh sein-Inse Saimhéar.



A ndiaidh ar gcarad do chaill,
anois, a Néill I Dhomhnaill,
is í an bhann dár mbreith ar gcúl,
nír am dhod bheith a bpríosún.



Ní tusa amháin, a mheic Chuinn,
don chur-sa i láimh i Lunnuinn;
sliocht bhar n-iarnaidh ar fhóir mBreagh,
do iarnuigh glóir na nGaoidheal.



An feadh nach bhfuil ar do thol
iomdha ó Bhóinn go Beinn nGulban
i ndaoirsine maraon ruibh,
gan saoirsine ag aon d'Ultaibh.


L. 120


Atáid idir thuaith is chill,
idir fhuil aird is ísill
ag roinn bhar ro-dhochair ruibh,
baill chomh-othair dod chneadhuibh.



Na mná, na boicht, na brughaidh,
na huird, is na hollamhain,
gach mac ro-bhras, gach rinn áigh,
id chomh-ghlas, a chinn Chruacháin.



Ionann ualach, ionann cneadh,
ionann cóir dhaoibh is dóibh-sean,
ionann innreamh, ionann ceas,
ionann imneadh is áineas.



Do ghabháil, a ghéag Eanaigh,
lór do ghlas ar Ghaoidhealaibh;
cách uile i láimh as a los,
ní re duine amháin bheanos.



Dóchas laochruidh Leithe Cuinn,
gaisgeadh curadh clann gConuill,
atáid, a Néill Ghairbh, id ghlas,
a n-ainm, a gcéim, a gceannas.


L. 122


An glas re fada a bhfuil sibh
ní glas ar Rígh an Richidh
do bhreith as dá madh é A dheoin;
da gach glas ós é as Seighleoir.



ós Sé Seighleoir gach geimhle
Rí nimhe, ar gceann coimeirghe,
do dhruim do ghiall-chuibhrigh guidh,
a thriath-bhuidhnigh Fhuinn Fhionntuin.



Le guidhe Meic Dé na ndúl
mór mbraighe dobhí i bpríosún
rómhaibh do saortha mar soin
ar mhodhaibh naomhtha analloin.



Dobhí - ní cúis as ceilte -
neach róibh fá rígh nEigeipte
nár tharbha an chóir ar a chúl
go ndamhna mbróin i bpríosún.



An chúis do cuireadh 'na leith
ar n-a dealbhadh i ndíchleith;
ní chuala an rí an failcheas fill
dobhí i n-aincheas a hinnill.


L. 124


An Patriarca Iosébh,
ar ar chum méirdreach mí-sgéal,
dár leathnaigh gnaoi Dé na ndúl
is é dobhaoi san bpríosún.



Le toil n-Athar na n-uile
táinig dá thaom trócuire;
an rí ar gcromadh ar an gcoir,
sí ar na lomadh do láthoir.



An rí Forann mar fuair fios
nár cuireadh air acht aimhlios,
do saoradh é as a haithle,
is é i mbaoghal bhásuighthe.



Ní hé amháin gur saoradh sin
rí Eigipt tráth ar n-a thuigsin
ar feadh a thíre do thogh
mar fhear ríghe do riaghlodh.



Ar gclos do neamh-choire, a Néill,
mar so, ar aithris an fhíréin,
atá ar ndáigh as Dia na ndúl
nach amháin nach bia i bpríosún,


L. 126


Acht go gcuimhneocha an choróin
duit arís le ro-onóir
gach a bhfuair sibh ar a son,
is gach buaidh libh dar leanodh.



Ar an bhfáth fa a bhfuile i nglas
acht go gcromadh Cing Séamas,
ná meas nach saorfaidhe sibh
ar leas fraoch-mhuighe Fuinidh.



Súil Bhanba red bheith amuigh,
a mheic Cuinn mheic an Chalbhuigh,
ag cur bheo-chroidhe i gcloinn gCuinn,
ag boing eolchuire oruinn.



Do thoil aoin-Mheic Dé na ndúl
biaidh trá, a thriath Seandúin,
do dhaoirsine rú 'ga roinn
na saoirsine ag cru Chonuill.



Rí nimhe, a Néill I Dhomnaill,
adchluin t'osnuidh n-éagcomhlainn,
adchí ar gcruth, dochí bhar snaidhm
A ghuth go dtí fan dtoghairm.



Dóchas cáigh ar chanas rut;
nár leige Dia a dul seachut
an tsúil chabhra adchualaidh mé
ag sluaghaibh Banbha, a bhráighe.


L. 128


Mó an príosún fós i n-a bhfuil
inghean ríogh fréimhe Dáluigh
a bhfuilgne ag crádh a cridhe
doilghe dál a daoirsine.



Dá mbeith nach biadh do dhochar
do chách uile it iarnochadh
acht an brón i n-a mbí soin,
do badh mór an ní analloin.



Ní hionann tuirsi is tuirsi
ní grádh grádh na fochair-si;
ní himneadh as doghrainn dí
inghean I Dhomhnaill Daoile.



Fá sgaoileadh Néill is Neachdain
muna bheith sunn sáoileachtain,
do bhíadh an brón mar nach bhfuil,
ní bhiadh clódh ar a cumhaidh.



Nár tháire, ná taire me,
Aodh O Domhnaill i ndaoirsine;
nár chluineam a láimh ré a linn
ar bhfuigheall áir dá fhuirinn.


L. 136


MARBHNA.



A bhean fuair faill ar an bhfeart
truagh liom a bhfaghthaoi d'éisteacht!
dá mbeath fian Gaoidheal id' ghar
dobhiadh 'gut chaoineadh congnamh.



Fada go bhfaghthaoi an fhaill
dá mbeith thiar a dTír Chonaill;
láimh le sluagh Boirche dá mbeath
ní faighthe an uaigh go huaigneach.



I nDoire, i nDruim Cliabh na gCros,
i nArd Macha is mór cádhos,
ní bhfuighthí lá an feart ar faill
gan mná do theacht fá thuaraim.


L. 138


I nDún na nGall fa'n mín muir,
nó i n-árus Easbuic Eoghain,
nó i nEas Ruaidh is séimhe sál,
ní budh réidhe an uain d'fhaghál.



Thiocfadh ad chombáidh chaoinidh
bean ón Eirne iolmhaoinigh;
bean ó shlios binn-sreabh Banna,
's inghean ó Lios Liathdroma.



Dothiocfadh bean ón Mhaigh mhoill,
ó Bhearbha, ó Shiuir, ó Shionoinn,
an bhean ó Chruachain na gcath,
'sa bhean ó thuathaibh Teamhrach.



Do hísleochthaoi ó ingnibh scor
an cnoc 'n-ar crochadh Peador,
ní bhiadh an teach gan gháir nguil
dá mbeith láimh le Fiadh Fionntuin.



Ní bhiadh láimh ris na leacaibh
cead suaimhnis na sailmcheadail,
ní bhíadh bearna gan bróin mban
ná dearna um nóin gan niamhadh.


L. 140


Dá mhac rígh don fhréimh sin Chuinn
atá ar gach taobh d' O Dhomnuill -
na trí cuirp ré síneann sibh
fír-earr ár n-uilc a n-oidhidh!



An dá chloich sin ós a gcionn
dá bhfaicdís ógbhaidh Eirionn,
ar aoi a líneadh do léaghadh
caoi mhíleadh do mhoisgéaladh.



Dias don triúr soin tarla istigh
clann Aodha árd-fhlaith Oiligh,
ua don Aodh soin duine dhíobh -
cuire d'aostoigh na n-áirdríogh.



Ua t'athar ar aoi a mháthar
mar aon red' dhís dearbhráthar -
ní guth dhuibh gan chéill it' chaoi,
a bhfuil nó a méin dá meastaoi.



D'éis Uí Dhomnaill Dhúin-ós-Sáimh
d'á dtáinig tús bur dtochráidh,
ní guth truime do thuirse,
uille ná h'uch th' adhbhair-se.


L. 142


Triath Modhairne mac Uí Néill,
dá bhféachtaoi a chraobha cinéil,
a chruth, a airdhe oile,
ní guth aidhbhle th' eolchoire.



Dá bhféachtaoi gach aon mhaith ann,
mac rígh O gConaill Cathbharr,
i los ngnaoi nó gníomh ngoile,
gá díol caoi budh cosmhoile?



Ní bhiadh baile ó thuinn go tuinn
dá dtuitdís so i gClár Chriomhthuinn,
gan gáir fhaoilte nó gáir ghuil,
le gáir chaointe nó choscuir.



Sna cathaibh do cuireadh linn
ag cosnamh chríche Eirinn,
dá dtuiteadh duine dhíobh soin,
do budh sníomh uile ó Ultoibh.



Lá oirdheirc Atha Buidhe
i n-ar ladh leacht sochuidhe,
dá dtuiteadh uainn Aodh O Néill,
don taobh thuaidh do badh toirléim.


L. 144


Lá i mbéal Bhealaigh an Mhaighre,
dá dtuiteadh triath Modhairne,
bheith reidh dob' aimhréidh d'iarraidh
ar daigh-fhréimh Néill Naoi-ghiallaigh.



I ló mhadhma an Mhullaigh Bhric,
ní géabhthaoi inn Aodh mar éiric,
na cairn d'éachtaibh muin ar mhuin,
san maidhm ó éachtfhuil Eoghuin.



Laithe dhóibh ag gabháil giall
ar shluagh i Mumhain Mhaicniadh,
cionnas doghéabhthaoi ag crú Cuinn
dá sgéarthaoi a gcnú re crobhuing?



Lá catha an Bhealaigh Bhuidhe,
dá sgarthaoi rinn Rudhruidhe,
dobhiadh gáir fhaoilte gach fir
'n-a gáir chaointe ga cluinsin.



Dá dtuiteadh sé ón tír thall
i ló fhillte fian eachtrann,
lá dob' áille i n-Ath Seanaigh,
Nír fháth gáire ag Gaoidhealaibh.



Lá i Leithbhior 'n-ar loiteadh sinn,
lá ag Luimneach nó lá ag Gaillimh,
dogheabhtha mná caoine Uí Chuinn,
lá Baoille nó lá i Liathdruim.


L. 146


Dá dtíosadh a thuitim dhe
an lá do lingeadh Baile
Atha an Ríogh, a fhian Eirne,
ní bhiadh bhar síodh soi-dhéinmhe.



Lá i nDoire 'n-ar dhearbh a láimh,
dá dtugthaoi leacht laoich Iomdháin,
bhiadh th' éanghul 'n-a gáir ghuil
ar dtéarnamh dháibh ón deabhuidh.



Dá dtuiteadh sé re Síol gCais
lá troda le taobh bhForgaois,
leis an sluagh ag teacht asteach
buadh na heachtra dob' aithreach.



Lá an Choirrshléibhe ar gclaoi na nGall,
dá bhfaicthi fuil re Cathbharr,
ba lór d'urbhaidh ar fhéghadh,
slogh Murbhaigh do mhoithéghadh.



Do ruaimneochthaoi ruisc ár niadh
dá dtugthaoi a leacht lá ar Choirrshliabh,
dá dtugthaoi a leacht lá Sligigh
nír lá buidheacht d' fhoidhidin.



Nír bheag do léan ar Leath Chuinn
bás Aodha, oidheadh Chathbhuirr,
scaradh do Rudhruidhe rinn,
rabhadh urbhuidhe d'Eirinn.


L. 148


Cia'n Gaedheal nach guilfeadh libh
bláth fréimhe maicne Mílidh?
bhar n-oire cia ar nach gcuirfeadh?
cia an croidhe nach gcriothnuighfeadh?



Díbir ar Dhia an tuirse truim
uaibh, a inghean Uí Dhomhnaill,
gearr go dtéighe ar séad mar soin,
féigh na céime fat' chomhair.



I láimh gcriadh na cuir do dhóigh,
tuigthear libh lór do sheanmóir;
do réir togha an Tí 'ga bhfuil
go ragha gach ní, a Nualuidh.



Smaoin an gcroich atá ret' thaoibh
i n-áit do dhoilghis díomhaoin;
tógaibh don uaigh-se th' uille,
fógair uaibh-se th' eolchuire.



Cuir a Dhé budheasta an tuinn
tar fuighleach n-áir crú gConuill,
ar chás ar luing-bhrisidh luigh,
cás na foirne sin féachuidh.



Tógaibh láimh, a Mheic Muire,
le taighdeadh Do thrócuire,
i n-aghaidh na tuinne i dtám
Do chabhair luinge ar leanbán.


L. 150


Bíodh an lámh uaibh, a Iosa,
bíodh in T-ucht dá n-altrom-sa,
ag taltoghadh a dtaobh soin -
glan-toradh ar gcraobh cnuasoigh.



A ríoghan fréimhe Dáluigh
táinig ón tuinn iombádhuigh,
nach raibh nios sia A fhearg ret' fhuil
fagh ó Dhia Ceard rotchruthaigh.



Do shaoileamar, do shaoil sibh
dál gcabhra ag macaibh Míleadh
trés an dtriar tarla san uaigh
ag triall ón mBanba mbeann-fhuair.


L. 170


RUGHRAIDHE O DOMHNAILL.



Maith an sealad fuair Eire,
maith buidhean dár bhainchéile,
aitreabh na síothbhuinne sean,
cíochbhuime mhaicneadh Míleadh.



Beag teasda do thrí mhílibh
bliadhan maicne mhóirMhílidh
ó theacht sonn go fódMhagh bhFáil,
an drong ógbhadh ón Easpáin.



A n-éachta, a gcatha, a gcomhraic,
a gcoguidh, a gcaonchomhraic,
a staire, a soighníomh ó shean
caidhe a gcoimhlíon ó gcluintear?


L. 172


Ceathrachad céad ar chóigior
os cionn na gcóig saor chóigeadh
do ghabh ríghe dá sliocht sin
do chiort fhíre gor n-aimsir.



Da léaghthaoi leabhra an domhain,
cia an chlannmhaicne adchualabhair
nó an seinsliocht do budh sia seal
dar lia a n-eidhreacht a n-aithreadh?



Créad acht t-aithbheodhadh tuirse
teacht sonn ar an saor-chloinnse;
ní leanta nías sia ina soin -
a n-eachtra cia nach gcualaidh?



Atá siad ó sin anall,
meic Mhíleadh d'aimhdheoin eachtrann,
gan tornamh, gan teacht ré a dteann
a neart ar fhonnmhagh nEireann.



Acht seascad bliadhain amháin
's ceithre chéad, tús ar dtochráidh
ó theacht slóigh Lunndan tar lear
dar tulgadh glóir na nGaoidheal.


L. 174


Bíodh gur díosgaoileadh sonn seal
árdfhlaitheas maicne Míleadh,
nir shoinmheach don lucht ros ling
tré ar choimhleath d'ulc fa Eirinn.



Ní fhuair siad ón ló-sa ale
lá socra a seilbh na ríghe -
le gnáth-chogadh gá sníomh soin -
sámh-chodal na síodh suthain.



Ní frith leo-san, lámh do láimh,
gidh seal beag gan táom dtochráidh,
gan raichiorrbhadh gcnámh fa a ceann,
gan ládh gcaithiorghal gcoitcheann.



Críoch Ghaoidheal gá gairm ó shin
críoch Ghall do chuid don chrích sin,
gan neach díbh réidh ar an roinn,
léim ag gach tír tar tóroinn.


L. 176


Forgla fhear nEirionn fa dheoigh,
gan labhra ar cheart a gceineoil,
a ndiaidh a gcráidh le cogadh,
gráin ré ngliaidh do ghabhodar.



Leagthor síos seol a meanman,
toimhdid - truagh an ceileabhradh -
go bhfuair siad a sealad dhi,
gur beanadh iad san innsi.



Gibé haca, cionn a gcionn,
do bhean súil d'fhurtacht Eirionn,
leis an n-aimsir, druim ar dhruim,
nír bhuing an chlainn sin Chonuill.



Níor léigsiod as a lámhaibh
le tuinn n-uilc no iombádhaigh,
le creim, le cearbhadh na bhfear,
a ngreim ar ghleannMhagh nGaoidheal.



Do fuilngiodh dóibh, druim ar dhruim,
d'éis chumhgoighthe ar chrú gConuill,
a gcomhroinn do chóigeadh Sreing,
's don chóigeadh orloinn d'Eirinn.


L. 178


Nír léigsiod asteach na dtír
sect Lúitéir, léighionn Cailbhín,
drong shaobh ré ar gheabhsad gigil,
ná maor easbog eithrigigh.



Do dhearbhadh a ndubhairt sionn
ar dtruailleadh Eaglas Eirionn
cathair Ríogh-Dhoire, Ráth Both,
fíorghloine a chách a gcumhdoch.



I nDoire, i Ráth beinnréidh Both,
ó do cuireadh an chéad chloch,
nír coilleadh a gcádhas sin,
tárras coinneal an chreidimh.



Dár mheas prionnsa Sagsan sonn
go díoth ar chin ó Chonoll
a mbreath féin ar Fiadh bhFuinidh
nach bíadh gun fhéin allmhuirigh.



Nách báidhfeadh an creideamh cóir,
nach bíadh cumhacht gun choróin,
roiriaghladh do réir a tol,
ná coimhíarnadh d'fhéin Ulodh.


L. 180


Dár cuireadh ar chath nUladh
an cogadh adchualubhair,
nar doirteadh crú a gcneas séimhsheang
tréana feas clú a gcaithréimeann.



Tánuig do dhruim na dála
cogaidh, deabhtha dearmhára,
an ríghe a n-éagcruth iongnadh,
éagnach tíre is tighearnadh.



Cúig bliadhna déag na dhiaigh soin,
géar chosgarach clann nDálaigh
tré ar loit fa Ráith bhfionnfhuair bhFloinn,
ba diombuaidh leis O nDomhnoill.



Déonuighis gu madh daihe
do iocfadh thra a thiughlaithe
ina tiocfadh a dílghionn de,
briochtghlan na sídhbheann sidhe.



Docra a leighis, lot an fhuinn,
an tráth do thuig O Domhnuill,
do shluagh Fhuinn bheann bhláith Bhearnais,
's do shean-Ráith Chuinn ceileabhrais.


L. 182


Olc na dtuath suil thíosadh dhe,
do leigheas na n-olc oile;
fa bhreith dtruim mar tharla aniodh
Banbha Chuinn suil dochichsiodh.



Suil dochichsiodh Clár Banbha
a n-ilreachtaibh éagsamhla,
gan iris gcrábhaidh 's gach gcill,
suil tárraigh Inis Fheilim.



Don turassa - tochráidh linn -
gearr go rug ar Fonn bhFéilim;
cúis aonbhróin uaidh ag gach fhior,
san naomhRóimh go bhfuair oidhiodh.



Le haithris n-éaga I Dhomhnaill
do leig osnaidh n-éagcomhlainn;
ón bhás-urchar do bhean di
ni bean fhás-urchradh Eiri.



Do hosgladh a bearna bróin,
do chaill sí a rath, a rodhóigh;
léigthear dí cuisle cumhadh
sí ón tuirsi ar dtiomchuladh.


L. 184


Créad acht súgradh riamh roimhe
gach crádh, gach cúis eolchoire,
créad acht éag fhoilgheas gach ceas,
créad acht doilgheas na ndoilgheas!



Ránaig deireadh gach deadhla,
ránaig ceann a cinneamhna,
dromchla a rothuirsi dorois,
dorchla a hothuirsi osglois.



Da léaghthaoi i sdair riamh roimhe
easgar mar éag Rudhroidhe,
a n-imdheachtaibh a sluaigh sin
inbeachdain má fuair idir.



Atá, ga truaighe seoladh,
san gcruth a mbí an bhainleómhan,
amhail dochí an drong ros déagh
mar doní ar gcoll a coiléan.



A dúsgadh fada, a feithimh,
a ndearna air d'oireichil,
dochuaidh amudha ar mhnaoi gCuinn
ar aoi ndula d' U Dhomhnuill.


L. 186


Liuia a losain a meic,
bainimpir uasal oirdreic,
fuair crádh réan samhalta soin
a lár rabharta a reabhroidh.



An mac soin as ar mhó a dáigh,
Drúsus dogoirthi ón Ghearmáinn,
do bhrígh a chonghal fa a ceann
dar chomhghabh an tír timcheall.



Dá oifig nar hoirneadh soin,
consulacht, ceannas sluaghoidh,
a gcoimhréir gach laoi ar a láimh,
gan oilbhéim ar aoí dh' fhagháil.



Do bhithin na robhuadh rug
don chursa a gcríochaibh namhud,
gach taobh do thal an tseanuidh,
saor gach magh gá mheirgeadhaidh.



Nír iongnadh amhail tarla
mathair mheic a ionnamhla,
lán do ghlóir far dearbhadh dhi,
dár meadhradh an Róimh roimhi.


L. 188


Téid na tiomthach ríoghna,
goirthear sonna a sluaigh dhíorma,
dá gcoimheagar ar a chionn
gur oireadar dá hinnioll.



Sduagh-dhoras go sdair a bhuadh
le ar na rionnadh le rodhuadh
os a chionn ag tochta asteagh,
molta ar a chionn do cuireadh.



A dtráth a thillte don Róimh
d'éis a bhfuair d'ainm is d'onóir,
rug uirre a éag dá aithle,
créad acht buille a básaighthe?



Iompais a gcluithe caointe
a lá féasda, a forbhfaoilte;
do fhill a mbeartchubhail mbróin
a breachdchuluidh bhfinn bhfannshróil.



An mháthair thruagh Teamhair Chuinn,
a mac díleas O Domhnuill
dá ló ní lugha a tuirsi;
a cumha as mó mheasuimsi.


L. 190


Sgéal mar sin as crádh croidhe
d'éis a feithmhe, a furnuidhe,
tarla dhi go bhfuair Eire:
nír í uair an oilbhéime.



Ar mbeith léisi lán do ghlóir,
le cluinsin a bhfuair d'onóir
ó uaislibh na talmhan toir
dár uaisligh FonnMhagh Fionntoin.



Ga dtú acht an tráth dosaoilte
teacht go féighe a forbhfaoilte,
fuair car a mbéal an bháire:
ba gar léan da lúthgháire.



Díomhaoin dí a ndearna roimhe
d'éis na mbuadh rug Rudhroidhe
don eing shíodhshaoir dofhuaigh Art:
díomhaoin a bhfuair dá furtacht.



A tiomthach ríoghna, a reabhradh,
a tlacht suirghe, a sibheanradh,
tré bhás gcéile chláir Bhearnais
dáibh le chéile ceileabhrais.


L. 192


A gáir chosgair, eacht oile,
a háinis, a haonoighe
tre cheann slóigh bhuabhallaigh Bhreagh
na mbuabhallaibh bróin bídsean.



Fearthor frasa díana déar
as rosgaibh áille a haiér;
do sgaoil folta a fíodhbhadh bhfionn,
ochda a fionnmhagh rosfoilchionn.



Leannán na ríogh Ráth Logha,
ni hiongnadh a hurchrodha
gach dúil bhalbh maoidhidh nách mar
inarm gcaoinidh dochuadar.



Dochuadar na mbeirtibh bróin
teine, úir, uisge, aóír
go mbí an fhiormamuint amhlaidh
nach ionnradhairc d'fheallsamhnaibh.



Do thréigsiod a ngluasacht ghnáth
an ghrian, an t-éasga, a n-éantráth
os chionn tuigsiona tíad soin:
uisgeadha iad ar fhéachoin.



Lór do chumhsgughadh cridhe
glór truagh na n-éan n-ainglidhe,
nuallghuth na mbalbbuinneadh mbinn,
ardbhruinneadh fuarloch bhfairsing.


L. 194


Eisdeachd éagnuigh na n-oiriomh
re hadmháil na n-iasgoireadh,
re balbhghul dtruagh gach tighe
fá shluagh n-armghlan néignighe.



Móide a himneadh d'éis a meic,
seinbhean Chuinn na gcath n-oirdhreic;
a bfuil uaithe na éag so
créad acht truaighe mar tharla?



Ní hé amháin as meabhair linn
do thoil don tarbha choitchinn
tré ar ghlac do ghráin fhaghla an fhuinn
dá dtárla dáil I Dhomhnuill.



Maith na dtuath nach dtánuig leis
Cáto mór Uticenseis
do chuimhnigh arm aga fhéin
dar mharbh ar aba eiséin.



Brútus, consul cian ó shoin,
do leighios phéine an phoboil,
ba hé ar nuair a léim luighe
dochuaidh céim a chosmhoile.



Ar an n-each do bhfearr gun fhior
íar gclos chomhráidh na bhfáidhiodh
a maidhm gcriadh lingthear leission
dár íadh timcheall tairissean.


L. 196


Codorus tráth leantar leis,
rí oirdheirc Aitenenseis,
a námhuid ar gcor na cheann
tánuig gur thogh a thuiteam.



d'fhios iomsgaruidh na ngleodh ngrod
tíaghar do thaobh na námhod
lé sgéaluibh a ndál ndoirche,
d'fhéachuin a bhfádh bhfíorfhoirfe.



Briathra na bhfádh fuair solas
da marbhtha an cing Codoros
nach biadh a mbuaidh dá bhíthin,
ciall as a bhfuair oirichil.



Dár fógradh leo lá an chatha
gan amus an árdfhlatha,
gé bheith maidhm, nó éigion air
gan léigion n-airm na aghaidh.



Fuair an rí inntleacht oile
iar gcluinsin na céalmhoine,
is chogair cháigh taobh ré taoibh
a chogail dáibh gur dhíomhaoin.



Dár ling tré lár an chatha
go mbéimionnaibh mbaoghlacha,
na slóigh san éigion ón fhior
dóibh gur éigion a oighiodh.


L. 198


Ionann cúis le a chora a suim
tarla dáibh is d' U Dhomnuill;
bíoth nach ionann an oigheadh,
ionann críoch far ceadoigheadh.



An dórtadh tug triath Bearnais
air ar leas a fhlaitheamhnais
faríor ní thug do tharbha
acht sníomh ar fud bhfionn-Bhanba.



Nír cuireadh riamh roimhe sin
críoch ar fhlaithios mac Mílidh;
nír dearbhadh éadáigh gun eing,
ní dearnadh éadáil d'Eirinn.



Bás codhnaigh chloinne Dálaigh
díoth carad is compánuigh,
easbhoidh choitchionn Chláir Bhanba,
foirchionn áir na hathardha.



Triath Oiligh ón uair adbath
ní thug cara ná comhthach
buille congnamha fá a ceann
d'uille urbhadha Eireann.



Anois d'aimhdheoin fhear nUladh,
gan chogadh gan chathughadh,
féaduidh a rádh rí Sagsan
Clár Dath í na thiodal-san.


L. 200


Léigead budheachd a n-anáil
na goill sin Phuirt Pharthaláin,
altoighead a dtocht asdeagh,
marcuighead ar Ghort nGaodheal.



Gibé cuid do chrích Chobhthaigh
dá bhfuil iocht ag allmhorchaibh,
Tír Chonill ní cádhas di,
tárras doghruing gach daoirsi.



Saithtior planda nuaidhe aniodh
a n-áit seinfhréimh a seinsior,
nach cumhain a séala soin,
a fréamha bunuidh beantoir.



As treisi gach teidhm oile
do cailleadh, cúis eólchoire,
onóir a hárus saor sean,
cádhas a naomh sa neimheadh.



Dodheachuidh ceo ar a creidiomh,
meitheal uathmhar eithrigiodh
ar fud bhfíniomhna Dé dhil,
fíoriomdha gné ar a nguiltir.


L. 202


Doire, Rathboth, taobh ré taoibh
truagh lem chroidhe an dá Chathaoir,
gan bhreo ag cogail a gcreidimh,
gan leo acht abuidh eithreigigh.



Gan oirchinneach na fhorba,
gan chléireach, gan chomhorba,
gan fhear gcoirne, gan mhaor minn,
gan oighre ar naomh ná naoimhchill.



Gan choireach ag caoi a pheacadh
gan sheanmóir, gan shailmcheatal,
uch do eabuilsi re headh;
guth eagailsi ní héisdthear.



Truag leam chroidhise an chomhdháil
atá a n-áras Adhomhnáin
sa gceallaibh Coluim Cille
beannuigh Conuill creibhlinne.



Anois thuigios tuath as ceall
cia an múr tarla na dtimcheall,
as nár lamhadh a léim soin
tar ramhagh Néill analloin.



Tusa an múr, a chnú chroidhe,
léad bhás, a thriath Toroidhe,
ga dtám, do briseadh bearna
ar Chlár slissean sein Eamhna.


L. 204


Gion go fearrde a rádha ruinn
dot éis, a íarla Conuill,
nocha cás orchra oile
ód bhás ongtha is aithrighe.



Ocht mbliadhna sé chéad gan cheilt,
míle ó ghein Iosa oirdheirc
go madhmadh don Chlár Chuinnsi
ag ládh talmhan toruibhsi.



Truagh nach mar Thadhg O nDálaigh
tugas cúl dom chompánaibh
lá ar gceiliobhruidh maraon ruibh
do seinfhionnmhuigh chaomh Chriomhthuin.



Tug an toice maraon ribh
cúl don chríchsi Chlann Mhilidh,
gach maith uaibh ag dearadh dhi,
maith an sealadh fuair Eiri.


L. 302


RUDHRAIGHE O DOMHNAILL.



Rob soraidh th' eachtra, a Aodh Ruaidh,
an Coimsidh dochí ar n-anbhuain,
gabhaidh Sé t'fhinnfheitheamh Air,
go mbé ag rinnfheitheadh rómhaibh.



Ná tí ribh, a rígh Suca,
triall sonna isín gheamhruta
amuigh ón chuan sin Chlíodhna
tar muir nduaibhsigh ndoidhiordha.



Ní cleachtadh síth na socra
fríth leis a ló a mhacdhochta;
ní thairtheasdair gíodh tocht gearr
ó ghnáithfhreasdal olc nEireann.



Ní déisdin ré a dhreich reabhaigh
bheith imbeathaidh imneadhaigh;
fuair eol a sníomhchuinge soin
ag deol chíoch-bhruinne an chogaidh.


L. 303


Ní tharraidh aoibhneas oile
dobhíadh air 'na eolchaire
ní ghigil re dtocht a dtreas
ní fhidir olc tar áineas.



Do roinnsiod sliocht Gaoidhil Ghlais
a n-anbhuain ar ua Sémais;
gach oirlíomhadh gleo dogheibh,
a choimhlíonadh leo leigthir.



As éidir leo as a los-sain
gan sgeinm ré sgél n-anbhfosaigh,
gan teacht do thaighéaradh cath,
gan roiléghadh mbeart mbaoghlach.



Tair do chogadh chríche Floinn
gíodh mór do mhac Uí Dhomhnuill
ní tharla dhó dá dheasgaidh
nach mó an tarbha taireasdair.


L. 304


Tair do chogadh chríche Breagh,
tús comhairle chlann Míleadh;
gíodh tús suidhe ré a seanaibh,
tús muighe ga mheirgeadhaibh.



Eolas na n-uarán ngaisgidh
gá dtám, as de tarrasdair,
rún meanmfhosaigh re huair n-uilc,
cruaidh a fheadhma soin d'aghuint.



Mar bheanas beach an mhuighe
mil as súgh na searbhluibhe
beo-chogul Banbha do bhean
tarbha a gleochogadh Gaoidheal.



Amhlaidh sin nach sníomh croidhe
an cheird do chleacht Rughruidhe
dimbríogh nír chóra má a ceann
sa dtárra d'imshníomh Eireann.


L. 305


Ní feas a chonách catha
go bhféchthar feidhm ríoghfhlatha
ó thig ré dula indocraibh
a thubha as hé a fhionnachtuin.



Fásaidh feadhma na gcuradh
a bhail a mbí an cathughadh;
tréigidh breo an ghaiscidh a ghal
leo mar chaisgir don chogadh.



An teine is tairpthighe thig
tréigidh sí ré seal ngoirid
a hanbharr treathain a teas
go bfaghbhann beathaidh mheileas.



An ghaoth fós, ge madh í ann,
gíbé haimsir nach bfághann
ní ré huracht fá a séid soin,
téid a cumhacht ar gcúlaibh.


L. 306


Gach damhna niadh dá nós sin
téid ceo ar a cheardaibh gaisgidh
go rosfoighriond fás a neirt
ré gnás na n-airmrionn d'imeirt.



Ní misde do mhac Aodha
gnáthughadh gleo bhforaonda;
le deacraibh, le caidreamh cath,
seactair aigneadh na n-anroth.



Ní hadbhar iomthnúidh don fhior
a bhfuil d'uaislibh fhuinn Ghaoidhiol
gan anbhuain gan tocht re teann,
gan robhuain ré holc n-Eireann.



Gidhbé cuid dá cloinn bhunaidh
nach cuir lé a ló a dócamhuil
ní bádh clann í don Innsi,
dá dtí ann don Eirinnsi.



As é as aigneadh d'Inis Breagh,
céd mháthair chloinne Míleadh,
a bhfoighreadh dhi le docraibh
ar tí a n-airghean d'fionnachtuin.


L. 307


As é an tinntliocht do fhégh sin
an t-én dán hainm an aicil
doní Ráith bheannfhoirfe Bhreagh
i ndóich ghreannuighthe Gaoidheal.



Dúil sin as seacdha cridhe
Uatha dá haos coimhrighe;
éigean riamh don uile én
giall don chuire sa cinél.



Ní hinniosdar aice sin
acht dá én a n-am tuismthi;
an dá én soin gídh iad ann
siad ar fhéchsoin ní hionann.



én díbh gan dúsgadh meanma
seachnuidh sighne máithreamhla;
én oile ar a hairghibh féin
go gcroidhe n-aingidh n-aigmhéil.


L. 308


Go ndéntar inntliocht orra
deacair aithne eatorra;
tuar saobh-aithne a silleadh soin,
rinneadh aonaighthe orthaibh.



Dírighthear leise a ló the
a n-aighthe a n-aghaidh gréine,
dá dtig meas airghean a hén
do theas ainmhear an aidhéir.



Ruisg an eoin nach oighir dhi
ní fhuilngeann amharc gréine;
ní dhúin le doighir ngoile
súil oighir na hacoile.



Díbris uaithe an t-én eile
gá mbíd bésa tuilidhe;
dobheir na hosguil an t-én
dogheibh cosmhail sa cheinél.



Ag iompódh d'fhios a treibhe
iomsgaradh na hacoile
ní bhí acht leathoighir le sin -
beathoidhigh é as a airghibh.


L. 309


An dá én sin ógbhaidh Bhreagh,
an aicil Innis Ghaoidheal
teas a gliadh, éigion a holc,
an ghrian nach éidear d'amharc.



Ar aithris an dara heoin
forgla fhear n-Eireann déithreoir,
le gráin fhinnfheithmhe fhóid Airt
do shóid rinnfheithmhe a radhairc.



Le teas chogaidh Chríche Breagh
dúinidh súile slóigh nGaoidheal,
éisdiocht gháiriolaigh ghleo dte
gráineamhail leo gach laithe.



A n-aithne as urusa dhi
comhartha a cloinne dísle;
aghaidh a hoighre ní fhill
goradh dá bhfoighbhe um Eirinn.


L. 310


A cuidsi don chloinn uile
mur sin as é Rughruidhe;
an té a chodlas ar a cneidh
ní hé admhas mur oighir.



Rosdírghionn mac mhic Maghnais
aghaidh an ruisg réllannglais
ar ghoil chogaidh Chláir na n-Art -
ní thogaibh gráin dá ghúasacht.



Críoch Fhloinn na linnteadh bhfosaidh
dochí oighre an Aodha soin
sgiamh shaorchlanda leinbh dar leis
ar dheilbh bhfaolchonda a flaitheis.



ingruamdhacht ghnúisí Banbha
bíd na mbreachtaibh searcamhla
gráin a háladh aidhbhle a holc,
bádhadh na hainmhe in-annsacht.


L. 311


Ní ísligh airde a mheanma,
ní ghráin a ghnúis dhoighiordha
ré huille a sníomhdheacra soin,
buime phrímhshleachta Fíachaidh.



Gabhtha dhó a los leathtrom
ó shluagh Eireann d'einioclann
an chéd roinn fa a chomhair soin
do tholaigh thrédmhuill Thuathail.



Roinnfidh do réir a dhochair
críoch Bhanbha an bhruaich ghégshrothaigh;
ní thibhre don tí nár thuill
ní dá hinmhe gan fhochuinn.



An tarbha do tuilleadh leis
ní bhiadh ar láimh luchta an áineis
níos foide a n-aisgidh ón fhior,
oide gaisgidh na nGaoidheal.


L. 312


Tairseach doruis na deacra,
fraoch draige a ndeilbh naoidheanta,
roghoil nach gceil a crithir,
neimh a bhfaghar foirthin.



Díon conáigh chloinne Dálaigh,
cabhair le hucht n-iombhádhaigh,
ceann uaibhreachta Chriche Cuinn,
fríthe caoimhshleachta Criomhthuinn.



Inis Bhanbha na mbeann dtais
atá a hannsa d'ua Sémais;
mar threibh ar dtocht a tuile
ní cheil ort a hionmhaine.



Ní connradh ren curtha druim
rann Aodha in gach dán dhealbhuim
gnáth liom, gá luagh is saoire,
uaim do chionn a chomhmaoine.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services