Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Éigse na Máighe

Title
Éigse na Máighe
Compiler/Editor
Ó Foghludha, Risteard
Composition Date
1825
Publisher
(B.Á.C.: O.S., 1952)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



Sin file gan meang do mheabhruigh eagna is ciall
Is b'fhorusta ceann is meabhair le tathac is riaghail;
Bruscar na ngall le fonn do ghearradh go fial,
Is na haingil dá chabhair in am go flaitheas ag triall.


L. 71



AMHRÁIN SHEÁIN UÍ THUAMA.



DÍOLFAD DAR EÓCHAIL nó RÁGÁIL AN GHLAIGÍN.



Díolfad dar Eóchail mo líon stuic 's mo stórtha
'S ní chlaoidhfead le gnótha nár thaithigheas
Is dingfead im póca síos píosa chun óla
Is luighfead ar stróireacht 's ar aistíbh;
Scaoilfead im scórnaigh 'na líonrith gan teóra
Fíon agus beóir agus brandy
'S a bhaoin nach é an spórt é má bhím-se ar na bóithribh
Im straoille mar ghósta ar fuaid lathaighe!



Nuair théighim go tigh an tábhairne agus glaoidhim ar an dráire
Is éascaidh bhíonn táin díobh ag teacht síos
Ar éigean le dásacht ná réabaim mo chána
Nuair phléascaim an clár is mé ag feadghail;
Bíonn saothar an bháis ortha: "Pray, do you call sir?"
Ní fhéadaim gan gáire fá a n-ealadhain;
Is tréan tig an máistir go séirseach im dháil-se
Is séimh thig im láthair is bheannuigheas.



Is fraochmhar le cinnseal do ghlaodhaim buidéal fíona
Níl séanadh go dtigheann súd is gloine,
Is craobhach 's is scaoilteach 's is faobhrach do líonaim -
Gach séib aca díogaim go grinneall;
Bíonn éanlaith 'na líonrith ar chaol-bhearaibh sínte
Dá ghléas dam chun bídh agus custard
Dá fhéachain cé díobh-san do réidhfeadh lem intinn
Is cia bhéarfadh dam píosa dhen chrusta.


L. 72


Nuair thighim go tigh an ósta bíonn píobairí gleo agam
Ag rinnce is ag fógradh is ag fastaoim,
Is cinnseal gach nóimeant dá innsint le mórtas
Go ndíolfainn dá n-ólainn mo chnaigín!
'Sé críoch ar mo sceól duit go mbíonn ag mnaoi an ósta
Mo bhríste, mo bhróga is mo chaipín,
'S a bhaoin nach é an spórt é nuair scaoileann sí an ród mé
Gan toinnte ar mo thóin acht mé im ghlaigín!



IM AICE COIS MHÁIGHE.



Im aice cois Mháighe tá an mhánla bhéasach mhín
Is deise tar mnáibh 's is áluinn spéireamhail í
A carn-fholt táclach breagh deas dréimreach buidhe
Is gurab ise mo ghrádh tar mnáibh 'bé in Éirinn í.



SCUIR FEASTA DHET PHLÁS.



Scuir feasta dhet phlás, ná trácht go héag arís
Ar t'ainnir bhig cháidh, cé áluinn aerach í;
Is feasach ná tárla it dháil-se an bhé do ríomhaim -
'Sí an bhairrfhionn tais bhláith do ghrádhas, 'bé in Éirinn í.



Tá a carn-fholt ceáfrach cárnach craobhach cruinn,
'S a pearsa uile atá gan cháim gan taom, gan teimheal,
Níl maitheas le fagháil, níl cáil ná méinn i mnaoi
Nach feasach 'san bháib do ghrádhas, 'bé in Éirinn í.


L. 73


Cé aindeis mo cháil, 's do thárla im réic ar baois,
Gan aiteas gan ádhacht, gan áird gan chéill gan bhrígh,
A bhfeaca de mhnáibh níor tháthuigh saoghad im chroidhe
Gur cheanglas páirt lem ghrádh, 'bé in Éirinn í.



Cé fada le fán me ag trácht i bpéin gan scíth
Le taitneamh don bháin-chnis mhnámhail mhaordha mhín,
Ní scarfad go bráth le bláth na féile, is í
Tá im aice cois Mháighe, 'sí ghrádhas, 'bé in Éirinn í.



Gluaisidh, a cháirde, le gáirdeas gléastar píb,
Buailidh an clár is trághaidh go héascaidh fíon,
Suathaidh an cháirt le hábhacht is glaodhaidh arís
Fá thuairim sláint' na mná 'bé in Éirinn í.



MO MHUIRINN-SE MUIRINN.



Mo mhuirinn-se Muirinn tar Muirinnibh áilne críoch,
Mo mhuirinn do Mhuirinn do mhuirinn ag tál na dighe;
Cé muirinn le Muirinn mo mhuirinn chun cláir ag suidhe
Ní muirinn le Muirinn mo mhuirinn gach tráth gan díol.


L. 74


A CHNAPÓG CHUIRICEACH THUBAISTEACH.



A chnapóg chuiriceach thubaisteach d'árduigh brón
Ar fhear shóghach shoineanta shultmhar den Tál-fhuil mhóir;
Neart óil misnigh is mire don árd-fhlaith óg,
Is dá neascóid guibhim-se briseadh agus bearnadh fós!



GABHAIM PÁIRT LE SEÁN Ó TUAMA.



Gabhaim páirt le Seán Ó Tuama an Ghrinn
Fam bhrataigh áluinn ádhmharaigh uaibhrigh aoird
Chun seasaimh tráth ar shár-fhuil sluagh agus saoi
'S mar cheap le dántaibh sláinte is suaga i gcrích.



Ní gearra-chnápach dán ná fuachaid chríon
Ná farcach fánach Seán Ó Tuama an ghrinn
Acht gas geal-gháireach grádhmhar gruadh-gheal groidhe
Is leabhair-ghlan dfhás gan cháim gan chruadhas 'na chroidhe.



Is ait liom trácht ar áilneacht bhuachaill bhinn,
'S is maith liom a fhagháil tar cách go buan dom buidhin
Le n' fheabhas a thárla a lámh, a dhuain 's a ghníomh
Chun teacht go dána 'o láthair suas lem thaoibh.


L. 75


Is beartach bearrtha bláith-cheart buan do scríobhas
'S is tapa tábhachtach táinmhar uaidh gach laoi;
'Na sraithibh slána táid ar fuaid an tsaoighil
Ó shreabh na Máighe go lán-tsruth luath na Laoi.



Tar fearaibh dán is tu chráidh 's do bhuaidhir mo chroidhe,
Is ní scarfainn páirt let cháil go luath arís -
Dalta 'en dáimh i ngábhadh nár dhual i dteimheal
Nó ar dteacht don tráigh don táin sin uainn tar tuinn.



Dá dtagadh stráille fáin ar cuaird don tír
Nó leath na sráide lán de fhuargairíbh,
Do leagfainn dán 'na ndáil 's ní luaidhfinn puinn
Is gheabhainn páirt le Seán Ó Tuama an ghrinn.



Ó GHABHAIS MO PHÁIRT SAN DÁN.



Ó ghabhais mo pháirt san dán, a shuairc-fhir ghroidhe
Gan ghangaid gan cháim gan ghnás gan chruadhas chroidhe,
Is meanmnach táim 's is sásta suaimhneach binn
Fá bheannaibh do bhláth-bhruit bháin ó fuaireas slighe.



Slighe ádhmharach do dáileadh i mbliadhna chughainn
Slighe Ábram in Áron 's is cian a chlú,
Slighe ghrádhmhar do dáileadh le dian-toil dúinn
'S a Rí neámhdha tabhair árus dár dtriath-na it dhún.


L. 76


It dhún gan teimheal, a Mhuire, 's it aol-bhrog árd
Stiúruigh curadh agus cumann na saoithe it dháil,
An crobhaire soineanta soithimh glan síoch gan tlás
Nár dhiúltuigh mise do leigean dá choimhdeacht slán.



Slán is fiche chun ciste na saor-fhear subhach,
Le Seán geal soineanta, siollaire séimh gan smúit,
Gan phlás gan bhuile agus bile de réxaibh Mumhan -
Fáidh is file agus coinneal is craobh ghlas úr.



Úr-ghas séimh aerdha na seamhar-shaoidheach suairc,
Crú na laoch dtréanmhar na gcalm-ghníomh gcruaidh
Ughdar léighinn béil-mhilis blasta binn buadhach
Stiúir is caomh-réilteann is ceap le saoi is suagh.



Suaga is saoithe, draoithe is éigse is dáimh,
Uaisle is ísle líon go léir det ghrádh;
Buadh lucht grinn ní bhíonn ar éinne acht Seán
Le n' fheabhas dochíd súd gníomhartha a bhéil 's a lámh.



A lámh nár mheathta i gcasmairt ná i ngleó na gcloidheamh
A lámh is fearra dá bhfeaca-sa ar sheóladh an phinn
Lámh ler glacadh fá bhrataigh an eolais sinn
'S a Sheáin, mo bheannacht bíodh agat go deó dot dhíon.



Díonfair it aoil-bhruidhin agus gheabhair chughat Seán,
An braínnse binn bríoghmhar is leabhair glan dfhás;
Mo ghuidhe is m'intinn bíodh leat is m'acfuinn go bráth
A fhile chaoin fhíor-ghlic ó ghabhais mo pháirt.


L. 77


GACH SÁIR-FHEAR SAORDHA SÉIMH-GHLIC.



Aonach Chromaidh an tSubhachais.



Gach sáir-fhear saordha séimh-ghlic soilbh súgach
Idir dháimh is chléir is éigse an phobail dúthchais
Bhur ndán go léir le dréachta is cothrom conganta
Chun trácht ar Aonach aerach Chromaidh an tSubhachais.



Tá an Mháigh gheal bhraonach - céim do mholaid ughdair -
Le fána ag téacht go slaodach stoirm-ghnúiseach;
Is árd 's is tréan a géim go gclos don dúthaigh
Ag snámh fát dhéin-se, a Aonach Chromaidh an tSubhachais.



Bíonn táintibh éisc ag téacht 'na dtorann-bhrúchtaibh
Ar bharr an fhéir trí chaorthaibh borb-thonntach,
Na feádhbha ag slaodadh fé sna torthaibh cúmhra
Cois Mháighe na dtréad ag Aonach Chromaidh an tSubhachais.



Is gnáthach spéir-bhean mhaordha an bhrollaigh úir-ghil
Bhreagh dheas bhéasach mhéar-lag mhodhmhail mhúinte
Go scáil gach scéimh-chruith séadach socair snúdh-chirt
Ar árd-mhuigh aerach Aonaigh Chromaidh an tSubhachais.



Is gnáthach stéid-each craosach crothach cúmtha
Lán-mhear léimneach léir 'na lonna-sciúirse
Gan scáth gan scéin nár staon i gcogadh an chumhangraigh
Ag rás gan traochadh ar Aonach Chromaidh an tSubhachais.


L. 78


Dáimh is éigse an tsaoghail ag socrughadh cirt,
Dán dá léigheamh is léigheann dá loma-scrúdadh,
Ráidhte Dé gan bhaoghal ná dul ar gcúlaibh
In árus naomh ag Aonach Chromaidh an tSubhachais.



Ní thráchtaim féin im réim ar stoc na dtriúcha,
Ar lán-mhairt mhéithe, ar thréadaibh sochair-iomdhach,
Ar fhás na ndéas ná ar an bhféar glas gorm-ghnúiseach
Mar atá ar gach taobh díot, a Aonach Chromaidh an tSubhachais.



Níl áit in Éirinn éachtach oirir úr-ghlain
Is fearr 'ná é 's is féile pobal dlúith-dhil,
Bíonn glár ag éanlaith an aeir ag moladh an Dúilimh
Le gárdas cléibh ag Aonach Chromaidh an tSubhachais.



A cháirde cléibh do shaothruigh scoth na n-úghdar
'S dár tháil na béithe an léigheann 'na srothaibh úra,
Ná fágaidh mési i gcéin gan chothrom conganta
Ag trácht ar Aonach aerach Chromaidh an tSubhachais.



U Nioclás Ó Domhnaill
FÁILTE DÁR nÁRD-FHLAITH DÁR nDÍON.



Fáilte dár n-árd-fhlaith dár ndíon,
Go hárus na saoithe is na suag -
Seán Clárach mo bhráthair mo bhaoin
Do sháruigh i ngníomh glan gach suairc;
A shláinte do thrághfainn i bhfíon
Is gach árthrach libh líontar go bruach
Is le háthas ní nár dúinn bheith binn
Ó tháinig an tsaoi ghlan ar cuaird!


L. 79


MO GHÁIR-SE, MO GHÁIRE IS MO GHNÍOMH.



Mo gháir-se mo gháire is mo ghníomh
Le gáirdeas ag ríomh libh go buan,
Mo cháirde is mo bhráithre is mo bhuidhean
Mar táid uile im thimcheall go suairc;
Ár bhfáilte, ár lámh is ár gcroidhe
Ár ráidhte ár laoi agus ár nduain
Ag Seán geal ár n-árd-bhile groidhe
Ná stánfadh roimh bhíodhbha dá chruadhas.



FÁILTE, TRÍ FHÁILTE AGUS TRÍ.



Fáilte, trí fháilte agus trí
Roimh Sheágan an fhíor-fhlaith ba shuairc,
Fáilte dho dáilim ó chroidhe
Is é árd-fhuil na saoithe is na suag;
Is fearr linn 'ná fagháltas an Ríogh
Bheith láithreach 'san mbinnse gan ghruaim
Chun ráidhtibh an dána is gach laoi
Do thrácht is do shuidheamh 'san reacht nuadh.


L. 80


IS AOBHACH LINN-NE A SHÉIMH-FHIR OILTE.



Is aobhach linn-ne, a shéimh-fhir oilte,
Mar aon libh sileadh go deóir-fhliuch,
'S is taomach tuirseach in éagcruth sinn-ne
Go faon fá thuile gach bróin duibh;
Tar éis gach tubaist is raon gach turais
Dar éirigh d'inis gheal Fódla
Mo léan níor tugadh ár léir-scrios uile
Go téacht don mhinistir nódh anois.



Is léir dam iomad de ghnéithibh iongnadh
In Éirinn oirear-ghlain fhód-ghlais,
An t-aer 's a thoradh fá éiclips uile
'S an spéir go foilighthe i rób dubh,
Na héin gan bhinneas le chéile ag druidim,
Ag déanadh cumhadh go brónach
Tré scéalta an mhinistir thréig a chumann
Le cléir San Doimnic ghlórmhair.



Go daorthaibh ifrinn faon má d'imigh
An t-éagconn buile tar comhairle,
'S i dtaobh den choire má léim de thurraic
Fá chaortha fiuchta dá scóladh;
An méid sin tuigidh, a chléirigh chliste,
Nach béim ná teimheal don Órd san,
'S go mbeir-se is mise is gach n-aon dár bhfuirinn
I saor-bhrog neimhe na glóire.


L. 81


Is baoth an tuigse don tréid ler shnaimigh
An phéist cham chuirpe chóirne,
A ghaol nár choingibh le cléir ghil neimhe
'S do réab a mhionna is a mhóide,
Go ngéilleadh fuireach i gcaomhnas fuirinne
An Bhéarla bhriste sin Sheóirse
'S gan bhréig is cuma cia an taobh 'na dtuitfidh
I gcéin ó d'imigh tar teórainn.



Léig, a chumainn, ded déanamh cumhadh
Is d'aon-ghuth sinnidh go ceólmhar,
Taoscaidh, ibhidh go léir an gloine
Mar aon le tuile den bheóir ghlain;
Tá an t-aon ceart chugainn ag téacht le n' fhuirinn
Le tréin-neart chumais tar bóchna,
'S beidh plaosc an mhinistir bhaoth seo briste
'S is baoghal do thuilleadh dá chomhursain.



A SHEÁIN GHIL IONMHAIN, BREITHNIGH IS FÉACH MO CHALL.



A Sheáin ghil ionmhain, breithnigh is féach mo chall
An cás 'na bhfuilim is cuisle na cléire fann,
An bráthair dfhuirinn San Doimnic, naomh na gceall,
Mar tá ina mhinistir chuirpe ar thaobh na ngall.



Ní cás a thuigsin go bhfuilim gan chéill, gan mheabhair,
Gan fáidh gan file gan duine san tsaoghal dom chabhair
A Sheáin, muna ngoilir-se linn-ne 's a dhéanadh in am
Is gearr gur ministir Doimnic féin 's a chlann!


L. 82


A SHAOR-FHIR CHUMAINN.



A shaor-fhir chumainn dom thuigse is baoth an t-adhbhar
Duit déara shileadh go tuirseach tré chlaon-bheart amhais
'S i réim dá ritheadh den bhuile seo ar thaobh na namhad
Go ndaorfadh sibh-se go huile is bhur gcléir go teann.



Féach gur mhionnuigh a chumann 's a aontadh thabhairt
Go héag do Mhuire is gan cumasc le bé ina deabhaidh,
Do chraos is d'ionnamhas chuirpe ó dhéanann rogha
'S gur shéan an Bhroinneal is cuma cé'n taobh 'na ngabhann.



Ná géill gur luigide cuisleanna chléir na gceall
Dá dtéigheadh de thurraic go hifreann daor na ndeamhan;
Féach, a chumainn, cé cumasach craobhach crann
Fréamhach duilleach, go mbíonn buinne dá ghéaga ag lobhadh.



Is saobh an teastas, mar mheasaim, ar chléir na ngall
Taobh le caimearthach cealgach claon do thabhairt
Do scéinn ó bhrataigh is tug lathairt an tsaoghail de rogha -
Mar Éasan mealladh 'na mhalairt, an séithleach bodhar.



Sin fút i nglas, is taisc-se féin de ghnáith
Fáth mhúr, a leac, an peacach faon ar lár,
Trú tug aithis d'aspoil Dé na ngrás,
An crunnca caithte Mac Uí Éadromáin.


L. 83


TRÍOM NÉALLTA IS MINIC ME.



Tríom néallta is minic me ag déanamh chumhadh
'S is baoth mo thuras gan fóirthin
'S is léir dam iomad tré chraos a mbuilg
Do réab a ndlighthe 's a gcomhairle;
Tá péist den fhuirinn seo thréig a chumann
Is d'éaluigh linn-na thar teórainn
Is do réir mar thuigim is baoghal dúinn uile
'S mar aon don mhinistir nódh so!



Féach an duine gan chéill gan fhuirinn
I gcéin mar d'imigh tar dúthchas
Is mar thréig a chumann le cléir a cine
'S a chéile mhilis mar dhiúltuigh;
Beidh sé is a chuideachta chlé gan fuinneamh
In éagcruth snaimithe ag Liútar
'S is daor an t-ionad don tréad so Lucifer
Ag téacht lá eile chun cunntais.



Ól is imirt is póit go minic
Spórt is mire nár chuibhe dho,
Nóis is dlighthe gach ló dá mbriseadh
Ag feóil dá hithe Dé hAoine;
Seo an sórt 'om thuigse do leóin an duine
'S do sheóil mar mise chum baoise
'S ní brón ná teimheal don Órd ó'r imigh
An stróinse buile don díoghaltas.


L. 84


NÍ TARCUISNE DÁR nEAGLAIS.



Ní tarcuisne dár n-eaglais ná céim do chách
An mhallathacht lér aistrigh an sméirle smáil;
Do ghlanadar ó smalairic an tsaoghail go bráth
Ó scaradar le hAchrann Ó hÉadromáin.



Srathaire do mhalartuigh Mac Dé na ngrás
An bearradh fuilt, an tAifreann 's an léine bhán
Ar hata dhuilleach, scairfeanna is ar dhaol-bhrat ghnáith
Is ar ghreamannaibh de gharbh-rolla ar dtéacht ón tsráid.



Do spalpadh leis na dearbhaithe bréige ar clár
Do cleachtadh le lucht ainbhfis go léir amháin -
Bearta buile barbartha ler léir-theasbáin
Gur ainm chirt do Mearbhall Ó hÉadromáin!



An Ceangal:



A fhir d'aistrigh slighe 's ar Aoine itheas an fheóil
'S ler spalpadh an Bíobla ar binnse i gcoinnibh na hÓighe,
Geallaim-se dhíbh ó chroidhe mun' silir 'na dheóidh
Go gcaithfir gach nídh aca d'íoc in ifreann fós!


L. 85


CÉ FADA ME FOLAMH.



Cé fada me folamh gan chostas gan chíos ar bith
'S ár bhflatha gur follus gan chothrom i gcríochaibh Luirc
Níor leagadh níor lomadh níor loisceadh níor críochnadh me
Mo chapall, mo dhocar, gur goineadh le síobhra cnuic!



A chnuic seo theas is dealbh dfhágais mé
Gan chuid gan chreach fá cheas gach lá lem ré
Gan rith gan rath gan tapa im lár gan léim
Ó rugais m'each beag leat 's gan láir dá éis.



Dá éis is dealbh me feasta 's is uaigineach
Gan spréidh gan spaga gan capall ná a luach agam;
Nuair théighinn 'na bhaitheas is tapa do scuabadh me
'S níor bhaoghal dam leagadh ná bascadh ná bualadh ar bith.



Ní bhuaileadh me is ní leigeadh táin 'na ghaobhar,
Ba mhuar a rith ar cnoc, is do b'árd a léim;
Cuaille fuip ná spuir níor ghádh dho é
'S is truagh me anois im chois is cách 'na réim.



Tá cách i ngradam gan easbhaidh go hiairbhiseach,
'S táim-se dealbh gan taisce, 'san iarratas;
Do bhás, a Phreabaire, a cheartuigh im iarsma me,
'S mo shlán fá'n aindeise ó chailleas i mbliadhna thu.


L. 86


I mbliadhna táim i bpráidhinn i bpeannaid 's i bpudhair
Im iarsma ar chách ó ráinig Preabaire in úir;
Níl cliar ná dáimh im dháil ler dainid me dubhach
I gcian ó táid na Seáin 's an Mangaire Subhach!



IS DOILIGH LIOM FLATHA GAN FLAITHEAS.



Is doiligh liom flatha gan flaitheas i gcrích Fódla
Gan chostas gan cheannas is gallaibh go sítheóilte
Is doilbh liom t'amhail i nglasaibh ar mí-chóthrom
'S is dona liom Preabaire a cailleadh le míllteoireacht!



Do milleadh thu ar fad 's is feas gur diombáidh sin
Is d'imigh do rath ar meath do ghearráin bhig,
Siollaire seang gan stailc nár starránach
Is sibh-se nár leag i leacht ná i ndroch-bhearna.



I mbearna is feas ná feacthas thú ná i bhféith,
Ar lár i scairt i gclais i gcúil ná i gcaoth,
Ó thá gan phreab is easmailt dúinn go léir
Gan bláith-each beacht ná pead bheith fút dá éis.



Dá éis is dainid liom t'amhail ag triall 'na chois
Do dhéirc ar scaradh is gan tathac it iarratas,
An tréad i bpeacadh, gan teagasc a ndiadhaire aca
'S an éigse i nglasaibh ar easbhaidh do riaghlacha.



Do riaghail don éigs do shaothruigh teagasc na suadh
Tug mian don chléir an saoghal do sheachain ar uabhar,
Do riaradh céad, do réidheadh na ceasta ba chruaidhe
An sirriam saor nár éimigh dealbh ná truagh.


L. 87


Is truagh liom Preabaire i nglasaibh Chnuic Fírinne
Nó i dTuaith it aice dá shladadh ag síobharaibh;
Cuir tuairisc Pheadair is gheabhair uaidh luíbhne is lus
Is muar-chuid arthanna chuirfeas é arís ag rith!



IS CÁSMHAR DOCHARACH DOILIGH.



Is cásmhar docharach doiligh mé déarach dian
Mar táid sliocht Chormaic Chonaill is Chéin le cian -
Ba ghnáith go follus ag cosnamh na hÉireann riamh -
Fá bhráca an donais gan chothrom gan réim gan rian.



Rian na bhflatha ní mhaireann 'san chrích monuar
Acht iarmhar sleachta dár ndalladh fá dhaoirse chruaidh,
Seo ciach tug dealbh gan garbh-each díoghla an suag
Is dian-dhul Phreabaire marbh lag sínte is truagh.



Is truagh tuirseach uaigneach liom Preabaire ar lár
An scuabaire buacach ba bharramhail bláith;
A luas luin ba luaimneach 's ba leabhair a spás
Ag gluaiseacht gan tuairisc ó eachra an ráis!



I rás na n-each ba mhear a lúth 's a léim,
Gan scáth gan stad ag teacht 'na sciúirse thréan,
Go ceáfrach creathach creat-ghlan cúmtha caomh,
In árd 's i lag ba mhaith 's i gcumhangrach é.


L. 88


É bheith marbh is dealbh don dútha an cás
An stéid-each scafa ná stadadh i gcúrsa an gháidh.
Le tréin-neart acfuinne reatha agus lúth a chnámh
Do réidheadh an bealach don tsagart i bponnc an bháis.



Do bhás, a Phreabaire, geallaim óm chroidhe go buan
Gan sásamh daingean ná rachaidh le buidhin Chnoc Tuaith'
Le hÁine chleasach ná aicme Chnoc Fhírinn' fhuair
'S gan trácht ar Pheadair go bpreabaidh ár saoi geal suas!



MO DHEACAIR, MO CHÁS, A SHÁIR-FHIR CHEANNASAIGH SHUAIRC.



Mo dheacair, mo chás, a sháir-fhir cheannasaigh shuairc
Go dealbh mar táir gan fagháil ar chapall ná a luach;
Preabaire ar lár san ár gan tapa 'san uaigh
'S mo shagart bhreagh sámh gan láir ag taisteal na gcuan.



Na gcuan nár chleacht gan each mear luthmhar fí,
Ar luas mar stail bhí ag flaith do b'fhearr sa Traoi,
Má's tuaidh má's teas tá an bhean a' sluagh na mbruidhean
Do scuab uait Preab ní ceart is dún let thaoibh!



Let thaoibh-se a chnuic n-a dtug bheith fíor ar thréig
Ag Clíodna an tsuilt den fhuil do b'aoirde i bpréimh,
Má's í do chuir tu 'ot chois gheobhair díoghal gan bhaoghal
Ó Stíobhart Luirc tá ar muir ag tigheacht i gcéin!


L. 89


I gcéin ag tarraint go calma chughainn tar cuan
Go tréan-mhear armach lannamhar lonnmhar luath
Gheobhair réim i gCaiseal bheith it easpog gan smúit gan
bhuaidhirt
In éiric Phreabaire 's is malairt dar liúm nach fuar!



Is fuar do scaipfidh an aicme do dhiúlt don Órd
Buan go dealbh gan beath-uisce lionn ná feóil,
A muar-chuirp searg gan tapa gan lúth gan treoir
'S mo chruabhaire sagairt dá radadh as dútha an leoghain.



Leoghan meanmnach ceannasach lúthmhar óg
De mhór-fhuil Alban, Bhreatan is Dhún an Óir
Is cródha calma chasfaidh 'na chúirt i gcoróin
Is Seóirse ceangailte i nglasa is gach búr dá shórt.



M'AINDEIS GAN SOSADH LER GOINEADH MO CHROIDHE.



M'aindeis gan sosadh ler goineadh mo chroidhe im lár
Is ní capall bheith mothuighthe gonta ag an mbuidhin is cás,
Acht danair 'nár mbrogaibh go socair 's ár saoithe ar lár
Is ár manaigh go n-obaid a n-oifig gan groidhe-each d'fhagháil.



Each níor iarr Froinsias dár ghealladar réir,
Ní mar sin don chliar 'na dhiaidh a rug barra air i gcéill!
Is eachrach srianach iad 's is faiseanta gléas
Go flaitheas ag triall sin Dia leo is rachmas an tsaoghail!


L. 90


An saoghal ní bhfuil anois ar díth eolas
Cé géilleadh roimhe d'iomad síobhróga;
Ní shéantar linn-ne bith na mbuidhean gcróga
I gcéill ó cuireadh friotal Uí Dhomhnaill.



A Uí Dhomhnaill aigeanta is seascair an gníomh bráthar
An nós a sheachaint do leanadar príomh-fháidhe:
Na bróga bata so is faisean sean mí-shásta -
Ar rón-bhrat gharbh is malairt mhaith mín-cháimric!



Cáimric sciomartha is uigeanna maingiléiseach
In áit na nglibeanna ag fuirinn na ngarbh-léinteach,
Cánaí is fuipeanna in ionad an isréada,
'S ní gnáthach duine aca anois gan wig is béabhar.



A Dhúilimh dhil, anois nach ait é a gcúrsa
Cé múinid sin gurab ionad maith do chúirt-se,
Gur tú an sruith ó ritheann rath is flúirse
'S ní fiú leo dul dá gcois ar fad dot dhún-sa!



A dhuine ró-ghlic ní thuigim deis do scéil -
It mhuirear go bhfuil tú anois 's gur breis dot phéin;
Is iongnadh an friotal san 's go ndeir gach aon
Do ghiolla gan bhoin mar choin nach beag é féin!


L. 91


MO MHALLACHT GO DIAN DIACHRACH DO GHASRA AN CHNUIC.



Mo mhallacht go dian diachrach do ghasra an chnuic
Gan mhagadh gan bhréag i mbliadhna shladadar me,
An Preabaire ó d'éag - mo léan ní ghlacfadh an luibh
'S ó chailleas an riabhach 'na dhiaidh níl seasamh ionnam.



Im sheasamh go dubhach fá smúit do chaithim gach lá
Gan tapa gan lúth gan siubhal in easbhaidh na Seán;
'S an Mangaire Subhach go dlúith dothagadh 'nár ndáil
Ag freagairt gach cúis 'san chúirt 's ag ceapadh na ndán.



Dánta ceoil is spórt is iomad suaircis,
Fíonta, feolta, seo an sórt do chleacht na sluaighte;
Ba bhinn beo 'on tí gheobhadh 'nár measc an uair sin -
An dlighe bhí romhainn dá chomhad i measc na n-uaisle.
Dá dtagadh an cúigear úd go maiseach ar clár
Ag canadh 's ag scrúd' na n-ughdar cheapadar dáimh,
Do b'aite dar liúm a gclú, a n-ainm 's a gcáil
'Ná flaitheas na Mumhan, a bpúint 's a nglagaireacht smáil.



Glagaireacht smáil mar chráin do chleachtaid na búir
Nuair chasann ar thál 's na gártha ag bainbh 'na lúib,
Ag gearradh na gcnámh 's ag áireamh maitheas na dtriúch,
A leanbhaí 's a mná is a gcáirde uile bíonn subhach.


L. 92


Subhach seascair dá dtagadh an cúigear rádhaim
I gcúirt-ghairm i gceannas 'san dún san Sheáin,
Cumha mo chapaill do scaipfeadh 's an phudhair seo im lár
'S do chongnadh Pheadair ní mhaithfinn dá fhiúbhas a cháil!



SIN CRÉACHT-GHOIN TÁRLA.



Sin créacht-ghoin tárla is dámhna cathuighthe cliar
Ag tréad na Rátha fáth fá ndeara dham iacht
Mar thraoch an bás fá lár i ngarbh-chuilt criadh -
Scéal do chráidh me Seán Ó Ceallaigh gan rian.



Ní haon chreach tárla it bhás dár bhfearaibh-ne, a thriath,
Acht éag na dtáinte cáile chleachtais-se riamh -
Féile is feárdhacht, ársacht eagna is ciall
Mar aon le Seán is cás bheith taiscithe i gcriaidh.



Fear glé gan ghnás ba ghrádhmhar greannamhar mian
An féinneadh fálach fáilteach fearamhail fial,
Déarcach dáilteach deárscnach, dalta le Dia,
Nár aomh bheith tár 's nár ghráidh an cheacharthacht riamh.



Is léan gach lá 's is lán-chreach leagaithe an liaigh
Do shaor ó bhás na táinte d'anmnaibh riamh,
Léigheann na ngrás mar ráidhtibh aingil ag tiacht
'Na bhéal gach tráth ba gnáith ag teagasc na gcliar.


L. 93


Mo shaoth go bás níor chás dam aithint le cian
Do ré gur ghearr, a Sheáin, 's gur ghairid duit triall,
Ar mhéid do chrábhaidh, ar áilne thaitne do mhian
Ar chléir ar dháimh ar bháird 's ar racaigh na rian.



Is déarach dfhágais sráid na gceannuidhthe it dhiaidh
'S an méid de sháir-shliocht Ádhaimh do thaithigh an fial -
Idir aosta is ársa is mná agus fearaibh gach rian
d'aon-ghuth táid go cráidhte ag stathadh na gciabh.



Ní héacht gan fáth is ní cás gan adhbhar an chiach
Tug cléir is dáimh 'na dtáinte ag screadaigh it dhiaidh:
Níor éarais gláimh, do lámh níor chrapais tar riaghail
'S ar léig Mac Mháire it dháil do scaipis le mian.



An té ná dearna cás ná atuirse riamh
Téigheadh don Ráth is tálfa a dhearca le mian
Ag aoradh an bháis rug Seán Ó Ceallaigh go criaidh -
Sin créacht-ghoin tárla is dámhna cathuighthe cliar.



An feart-laoi:



fát bhórd, a leac, taisc ar faon-luighe fann
Sáir-leoghan gasta is greanta shaothruigheadh greann;
Fáilteoir flaith is sagart séimhidhe seang -
Seán Ó Ceallaigh, an gas nár aomh dlighe namhad.


L. 94


TÁ SAOGHAD-GHALAR NIMHE DOM GHÉAR-GHOIN GO hUILE.



Tá saoghad-ghalar nimhe dom ghéar-ghoin go huile,
Is céasta mo thuras d'oidhche is de ló,
'S tréan tigid tuilte déara 'na sruithibh
In éinfheacht óm ruisc ina linntibh go feóir
Mar thréigis-se sinn-ne, a phéarla gan teimheal,
Isé sin do chuir na mílte gan treóir;
I gcéin tar na tuinnibh féachaidh mar imigh
Réilteann is misneach shaoithibh an eóil.



Do mhaothuigh mo ruisc-se, do thraochuigh mo chuisle -
Ar dtréigean mo nirt níl brigh ar bith im ghlór;
Mo ghéaga gan fuinneamh, d'éaluigh mo mhisneach -
Is daol-dathach dubh mo ghnaoi agus mo shnódh;
Is méala mo thuras im aonar gan duine
Ag géar-ghol fá thuirse ag caoineadh mo leoghain
A bhréithre gur bhinne 'ná éanlaith na coille
'S ná téada na cruite ag síor-sheinm cheóil.



Tá spéirling is stoirm ghaothmhar ar uisce
Ag réabadh is ag briseadh slím-chranna seóil,
Is caor-thonna nimhe ag Tétis ar mire
Ag scéithchain fá imeall tíre tar meodhan;
Na stéid-eacha buile ag Phoebus ag rithe
Gan géilleadh ná urraim díreach don chóir,
Phlegon ar mire, Aethon gan fuinneamh,
Eous go tuirseach fíor-lag ar neóin.


L. 95


In éinfheacht le dula don laoch mear ar muire
Tig saobh-chruth ar neithibh druim leis an gcóir,
Ar réidhteach níl fothain, féar glas ná luibhe -
Níl aon toradh anois ar choilltibh na gcnó;
Níl gaorthadh ná cumar sléibhte gan tuitim
Tréan-neartmhar-tuilte is díoghaltasach glór,
'Na dhéidh sin níl duine a scéalfadh 'na laoithibh
Cé de sna righthibh is díleas don choróin.



Réilteann is coinneal aerdha agus bile
Éifeachtach oilte inntleachtach óg,
Géag leabhair-dhuilleach chraobhach is file
Faobharach fuinte is fíor-ghasta fós,
Gach bhéarsa ina sruthaibh léigheanta le tuile
De chaomh-fhocail shnoidhte is fír-bhinn ar seol,
Claochladh agus cumasc caomhnas na nguithe
I ngaol re gach litir sínte gan cheó.



An Ceangal:



Níl binneas i ndán, níl cáir ná cruit ar suaimhneas,
Níl oideas le fagháil, tá an dáimh ghlic uile ar buaidhreamh,
Cé tugadh ár n-ár bhí lá den chluiche ag suagaibh
Gur imigh ár Seán† geal †Clárach cliste uainn-ne.


L. 96


IS ATUIRSE CLÉIBH LIOM PRÉIMH-SHLIOCHT GHEAL-CHUINN.



Is atuirse cléibh liom préimh-shliocht gheal-Chuinn
Is Néill do cheartuigheadh námhaid,
An ghasra ghlé do b'éascaidh i gcath-mhaidhm
'S nár bhaoth i ngleacaidheacht bheárnan,
Bhíodh borb le tréan is séimh le lag-bhuidhin -
Do réidheadh a n-easbhaidhe láithreach -
Tachtaithe in éiclips, caoch ag smacht-dlighe
Cléire Chailbhín chádaigh.



Solus don ré ní léir mar chleachtaidhe
Do réir mar bheartuighid fáidh ghlic,
Tá teimheal ar ghréin le daorthaibh deataighe
Is an saoghal dar linn d'átharruigh;
Tá beanna-phuic traochta ar shléibhtibh gan bhrígh
'S na héin i gceasnaidhe chráidhte
Le doilbheas déarach ag déanamh aithrighe -
Is baoghal teacht laoi an bhrátha!"



A chara mo chléibh do léigheas gach stair ghrinn
'Nar léir gach ealadha fháthach,
Cá ngabhann an réx, cá ndéanann taithighe
Céile ceart caoin Chláir Luirc?
Ná a maireann de ghéagaibh Néill na bhfad-scríob
Tug géilleadh ó annaoidhibh ársa
Ná tagaid ag réabadh géibhinn gan scíth
Chléire an Phaidrín Pháirtigh?


L. 97


A URSA NACH TRÉITH AG RÉIDHTEACH GACH LAOI.



A ursa nach tréith ag réidhteach gach laoi
Éigsibh ealadha ársa,
Scuir feasta dhet dhéaraibh daora is ceasnaidhe
Cléibh, is gaibh meadhair-dhásacht;
Sin chugat na tréin-truip bhéarfas cath-mhaidhm
Ar chléire Chailbhín chnápaigh;
Beidh deatach le daorthaibh éiclips gan scíth
Chaochfas achtaíbh námhad.



Is ullamh le caorthaibh préimh-shliocht gheal-Chuinn
Is Néill do smachtuigheadh áraibh
Tar tonnaibh 'na réim le dtraochfar creat-chlí
Is plaoscaibh dailc-bhuidhe an cháise;
Is solasmhar réidh 's is aerach crannghail
'Na ngéagaibh meas tríobh dfhásfaidh
Le taitneamh don scéal do réir mar dhealbhuigheann
Cléire eagnaidhe is fáidhe.



Níl teimheal ar ghréin ná éin ag ceasnaighil.
Is séismhar fead-bhinn bláthmhar
I mbarra na ngéaga gcraobh-ghlas gach laoi
In aon-ghuth cheart bíd fáilteach;
Ar thaisteal don réx 'san réim seo gheal-Chuinn
Le dtraochfar gasraí gáibhtheach,
'S a mbasailic aolmhar réabfaid gan scíth -
I ndaor-bhroid beidh fí chána.


L. 98


A chara na héigs 'nar léir an eagnaidheacht
'S do léigheas gach ealadha fháthach
Sin agat mo scéal gan bhréig le tacaíbh
Is déan go ceart guidhe Mháire;
Tiocfaidh an t-aon dodhéanfas taithighe
Ar chéile cheart chaoin Chláir Luirc,
'S do stollfas nó réabfas géibheann gan mhoill
Chléire an Phaidrín Pháirtigh.



IS TUIRSEACH FÁ DHAOR-SMACHT PÉINE.



Is tuirseach fá dhaor-smacht péine i bhfad sínn
Tréith ag neart nimhe námhad
Gan urraim dár gcléir ná d'aon den deagh-chlainn
Ghéill do reacht-dhlighe Pápa;
Gan seinm na dtéad gan dréacht gan stair ghrinn,
Léigheann ná ealadha ádhbhair,
Gan tuigse gan chéill gan bhéas mar chleachtaidhe
Ag Gaedhil na ndeagh-ghníomh ndáilteach.



Tá Pilib is Séamus glé is a ngeal-bhuidhean
Ag téacht le gasraí Spáinneach
Go stoirmeach faobhrach fraochta fras-ghníomh,
Mar aon le treabh Gaoidhal ársa;
Brisfid is réabfaid, déanfaid bealaighe
Is éirleach ar chlainn Shátain,
'S an mursaire bréan so taobh linn leagfaidhear
Is plaosc a leath-chinn gearrfar!


L. 99


Tiocfaidh lé chéile saor-shliocht gheal-Chuinn,
Néill is Airt ghroidhe is Fháilbhe
Mar churaidhe na Féinne déanfaid gleacaidheacht
Thréan le scataíbh dána;
A chumann ghil éirigh is gléas do mharcaidheacht,
'S léig 'na measc trí cheáfra,
Go bhfeicir fuil chléibh gach sméirle leagfaidhear
Ag téacht 'na caisí ar bánta.



Scuiridh dbhur bpléidhe is dbhur ndéanamh ceasnaidhe
A éigse gheal ghrinn ghrádhmhar,
Sin chugaibh an réx de shaor-shliocht cheap Ghaoidhal
I réimeas cheart chríoch Chláir Luirc;
Den chuimreasc bhaoth so an Bhéarla bainfidhear
Tré n-a n-aindlighe sásamh,
Is ní cuma leo cé aca is éascaidh ghlacfaidhear
Le cléir an Phaidrín Pháirtigh.


L. 100


SEASCAD SPÉIR-BHAN BHÉASACH UAIM.



Seascad spéir-bhan bhéasach uaim
Go cneas-gheal caomh gan aon bhrat suain
Ag taisteal tréan le saor-tholl suairc
Ag amharc cuain na cléire:
Mo shagart súgach séanmhar,
Searcach suagach séadach,
Fear gan ghruaim,
Gan cheas gan chruadhas
Mo bheannacht uaim dot chaomhnadh.



Beannacht aonda d'éis ar luadhas
Dot phearsain féin seoch aon den tsluagh,
Gas gheal ghlé gan claon gan chluain
An tAthair uasal Éamonn
Is snasta suagach léigheanta
'S is fada a thuairim céille
Is gasta suairc
A dhreach gan ghuais
'S is blasta buadhach a bhréithre.


L. 101


Ó scaras féin le tréad na suadh
'S gur thaisteal mé i gcéin chois cuain
Tig srathaibh tréana déar lem ghruadh
'Na sreabhaibh uaim go féar glas;
Is feas gur truagh me ag géar-ghol
Tar lear im uadh 's im aonar
Gan canadh duain
Mar chleachtainn tuas
I measc na suairc-fhear saordha.



Trés gur mhéaduigh sé mo ghuais
'S gur adhbhar éachta léin is truagha
Treabha Ghaedhil Ghlais faon monuar -
Seo an bheart do bhuaidhir 's do chéas me,
Ler scaradh uaibh i gcéin me
I bhfad ó shuairceas éigse,
Is d'eascair sluagh
Na n-athach-tuath
Fé rachmas suas lem thaobh-sa.



Stadfad féin dem dhéanamh uabhair
Is gabhaim Aonmhac Dé mar chuan
Mar cheap mar réim mar réiltean chnuais,
Is aitchim uaidh-sean faesiomh;
Glacfaidh truagh dom ghéar-ghol,
Is caithfidh scuaine an Bhéarla
Le racht is ruathar
Reatha is ruaige
Amach tar cuantaibh Éireann!


L. 102


AN CEANGAL:



Uaim-se gabhaidh, a shagairt, le géar-shearc rúin,
Buadh agus beannacht le tabhairt do Shéamus Bliúit -
Fear suairc gan mhairg nár dhearmaid féile is clú,
Uaisle is eagna i dtaitneamh na cléire is úird.




TAISTIL, A CHAOIN-SCRÍBHINN.



Taistil, a chaoin-scríbhinn, it rás tar lear,
Ná claisim do mhoill choidhche in árd ná i lag,
Mo bheannacht le fír-dhíoghrais go bhfágair theas
Ag an sagart gheal ghrinn ghaoiseach mo ghrádh is mo shearc.



Aithris don bhuidhin dílis mar táim le seal
Ag seasamh le droing daoirse mar námhaid ar nasc,
Gur lagadh mo chroidhe is m'inntleacht go dtárla ar meath
Gan chabhair ná scíth saoirse go trácht tar n-ais.



Is measa 'ná a ríomhaim díbh-se mar tá mo cheas
Ag machtnamh slighe an rí-mhic ar fán tar lear,
'S ná faicim cloidheamh díoghaltais na Spáinne ag teacht,
Ná fearachain ghroidhe Laoisigh le bhfághainn-se fasc.



Gabhaidh go fír-íseal lem cháirde cead
Is maithfid ó chroidhe maoile mo dháin gan dath
An tan bhraithfid an scím draoidheachta fá a dtárla i gceas
'S gur glafairneach ghaill-bhuidhne do bháidh mo bhlas.


L. 103


Tabhair arís sceimhle it rás tar n-ais
Go ceannasach cruinn coimseach gan fagháil ar stad
Mar gharbh-ghal sidhe gaoithe tar barr na dtreabh
Go reacair linn suim slighe-chirt a sláinte ar fad.



AN CEANGAL:



A bhile gan mheang de sheann-tsliocht Airt is Éibhir,
Do scuireas den ghreann gan bheann ar reacht na héigse;
Le gliogarnach gall táim dall, is chailleas m'éisteacht,
'S do milleadh mo cheann le glam an ghalla-bhéarla.



Thugas mo chall mo ghreann 's mo shearc do Shéamus,
Gan laige gan leamhas an plannda 'e cheap Chinnéide,
Is Muiris do mheabhruigh oghaim is acht na Gaedhilge -
Muna dtigid in am dom chabhair gur gar dam cré-chuilt.



SLÁN IS FICHE LÉIGIM-SE.



Slán is fiche léigim-se caogad is míle
Le géar-shearc mo chroidhe-se is le díograis don dáimh,
Slán don fhuirinn aerdha de shaor-chlanna Mílidh
Ba féile is ba fíre fá ríoghacht neimhe dfhás;
Slán dá saoithibh suaga,
Slán dá ndaoinibh uaisle,
Ba ghnáith lem thaoibh go suaimhneach
Gan buaidhreamh 'na ndáil,


L. 104


Ag rádh is ag sníomh na nduanta
Go gáireach grinn gan uamhan,
Is trácht na dighe gan fuaradh
Le suairceas ar clár.



Ba gnáthach cruite téid-bhinne ag éigse is ag draoithibh
Le saor-chantain síordha go hintinneach árd,
Is gach ársa dfhuirinn Ghaedhil Ghlais ag léigheamh staire a
sinsear
Ar réimheas na ríoghra mar shíolruigh ó Ádhamh;
Ól is imirt choidhche
Ceól dá chur i nglinntibh
Cóir gach cluiche coimseach
Ag saoithe le fagháil;
Fóirne fuinte fír-ghlic
Go heolach oilte gaoiseach,
Spórt is sult is aoibhneas
Ó oidhche go lá.



Ó thárla anois i gcéin me gan éinne den bhuidhin sin
Im ghaobhar le n-a scaoilinn-se daoirse mo cháis,
Gan dán gan binneas éigse, gan séimh-fhriotal saoithe,
Gan caomh-ranna Gaoidhilge dá shníomh mar ba ghnáith;
Féach anois, a rúin ghil,
An méala libh mo chúrsa
Ag déanadh cumhadh is lionn duibh
I gcumangrach gach lá,
Gan cléireach cirt dom chumhdach,
Ná aon den fhuirinn dúthchais,
Ná Gaedhal do ghoilfeadh liúm-sa
'S me i bponnc ag an mbás?


L. 105


Dom cháirdibh uile d'aon-ghuth le séimh-ghean mo chroidhe istigh
Léirigh-se, a scríbhinn, is innsidh mo chás -
Tláith go bhfuilim faon-lag go tréith tur cois taoide,
Gan chléirigh ná taoisigh acht daoirsigh an smáil;
Níl spórt ná spreagadh im intinn,
Níl treoir ná tapa 'om choimhdeacht,
Is feoidhte glas mo ghnaoi anois
Ó scaoileadh me ar fán;
Beidh an brón ar fad dom chlaoidhe-se
Go deo go rachad taoibh libh
Ag ól 's ag caitheamh aoibhnis
Arís i gCois Mháighe!



A RÁIB GHIL MHILIS MHAORDHA.



A ráib ghil mhilis mhaordha
Na ráidhte snoidhte séimhe
Is áilne cliste léigheanta
I dtréithe agus i gcáil,
Dfhágais sinn-ne faon-bhocht,
Go tráighte tuirseach tréith-lag,
Gach tráth in iomad géibheann
I ngéar-ghoin 's i ngádh;
Gáir na cruite téadaighe
Go cráidhte cunnail céasta
Go tláith gan siolla séismhar
Acht géar-ghol gach lá,


L. 106


Na táinte file is éigse
De ghnáith ag sileadh déara
It dheáidh-se, a chumainn chaomh-chirt
Mo shaoth sin go bás!



Tháinig teimheal tréan dubh
Go hárd ar mhisneach éigse
Dfhág a gcroidhthe traochta
Gan téarnamh go bráth;
Na dáimhe oilte béasach
Ba gnáith bheith cliste taobh leat
Go sásta soithimh séimh-cheart,
Is éachtach a gcás;
Níl fáidh ná file it dhéidh-se
Le spás ná broinneal mhaordha
'San áit n-a dtugais féin seal
Ag déanamh gach pláis;
Nach cráidhte rithid déara
Gach lá 'na dtuilte tréana
Ó bharr a ruisc go féar glas
Mar thréigis a bpáirt.



Tá ádhbhar uile éachtach
Ag dámhaibh oilte caomha
Do bháthaidh a ndreach 's a ngnéithe
Fá néallta de ghnáith -
Im dháil gur chuiris dréachta
Ód láimh d'innis do scéalta
Go cráidhte tug na céadta
Gan séimh-fhriotal sámh,
Ar fán go bhfuil do thréithe
'S do cháirdibh uile it éaghmuis
'S do chlár gan fuirinn Ghaedhlaibh
Do réidhfeadh do chás:


L. 107


Is t'árus tirim taosctha
Go cráidhte anois, mo mhéala,
Gan dán ná snoidhteacht bhéarsa
Dá dhéanamh go cáidh.



Is cásmhar cunnail créimeach,
Támhach tuirseach gné-ghlas
Atáim le hiomad laethibh
In éagcruth 's i gcneadha;
Mo lámh gan foirm cléarchais
I ndán ná i siolla Gaedhilge
Chun trácht i bhfuinneamh éifeacht
Ar shéimh-ghean mo láir -
Bláth agus sult na héigse,
Grádh agus cumann cléire -
Seán mo churadh saor-gheal
Is aon-chiste ag dáimh,
Ar fán anois, mo ghéar-ghoin,
In áit ná fuil 'na ghaobhar san
Áireamh chlainne Ghaedhil Ghlais
Acht sméirligh an áir.



An Ceangal:



Is dubhach atuirseach do chantar linn go faon gach duain
Bheir cúis chathuighthe dom shamhail-se is do chléir na suag -
An stiúir bhlasta mhil do chleachtamair i réidhteach nuadh
An fonn fanamhain do fearadh leis i gcéin ar cuaird.



A chnú chailce ghil do shearcas-sa tar aon den tsluagh
Mar chúl bagartha i rannaibh glic 's i gcéim dá chruadhas;
Is pudhair sheasamhach ná scarfaidh liom go dtéighead don uaigh
Do ghnúis ghreannamhar im easbhaidh-sa i gcéin, monuar!


L. 108


NÍOR THAGAIR LIOM NEACH
Bean na Cleithe Caoile.



Níor thagair liom neach acht beart gach breith ar aoirde
Leabhar na gCeacht is ranna dheilbh-dhíreach
'S níor caitheadh me ar fad go teacht im sheirbhíseach
'S im reachtaire cearc ag Bean na Cleithe Caoile!



Do chaitheas-sa seal fá rath ar leirg laoithe
I gcaidreamh fear is flatha ar chreideamh Íosa,
Airgead geal im ghlaic gan deireannaighe ar bith
Cé dealbh mo mheas ag Bean na Cleithe Caoile!



Isé laguigh mo dhreach, do mheath 's do mheirbh m'intinn
Ná mairid na flatha lean den chreideamh dhíreach,
Do charad na ranna a scanadh ar threibh a sinsear
'S a bhainfeadh an fhail de Bhean na Cleithe Caoile!



Is feasach nár chleachtas teacht i ndeire coimheascair
Ceasacht ná casmairt cailleach ceisnimh cinnte
Ná achrann amh i bhfad ó bhreith an fhír-chirt
Go ndeacha fá smacht ag Bean na Cleithe Caoile!



Gidh fada me ag taisteal treabha is teighthe taoiseach
'S go bhfeaca gach eacht is reacht i rith na ríoghachta
Níor bhfeasach me ar chleasa frasa feille-ghníomha
Gonuig breabaire an ghaid is Bean na Cleithe Caoile!


L. 109


Aitchim an Mac do cheap na cheithre soillse
Flaitheas is fearann, fearta, is deilbh dhaoinna,
Go ngabhaidh m'anam feasta i seilbh dhíleas
Is me scartha fá bhlas le Bean na Cleithe Caoile!



MO MHÍLE TRUAGH, MO BHUAIDHIRT, MO BHRÓN.



Mo mhíle truagh, mo bhuaidhirt, mo bhrón
An sceimhle ruaig ár n-uaisle ar feódhadh
Gan slighe gan suadh gan suairceas sóghach
Gan laoi gan duain gan chnuas gan cheól.



Isé do léig me 'om milleadh i gceas,
Isé do thraoch mo chuisle ar fad
Uaisle Gaedhal
Fá chruadh-smacht ghéar
Ag cuaine an Bhéarla dhuibh i nglas.



'Bé chífeadh uaidh gach ruathair bróin,
Gach daoirse chruaidh gach cruadhtan fós,
Gach sceimhle fuair ár n-uaisle romhainn,
Ba líonta a ghruadh le duartan deór.



Mar a mbíodh na sluaighte 'e mhuar-shliocht Eoghain
Dar chuibhe is dar dhual an uaisle ar dtóis,
Ba bhuidheanmhar buannach buacach beó,
Soillseach suagach snuadh-ghlan sóghach.


L. 110


Mar a mbíodh Mac Cumhaill na bhfionn-tslat óir
'S an bhuidhean nár dhiúltuigh cúinse i ngleó
Caoilte lúthmhar lúinneach leódhach
Mac Dhuibhne is Dúnlaing thúrnadh treóin.



An gorthach Goll ghníodh foghail ar tóir
Is Oscar oll do lann-bhris slógh,
Conall cabharthach ionchaibh óg -
Níor chlos dam gall ba dheallrach leó.



Mar a mbíodh sliocht Ír is Éibhir mhóir
Ba líonmhar daoinmhar craobhach cóir
Is saoir-threibh aoibhinn Éireamhóin -
An rí fár shíolruigh tréine treóin.



Mar a mbíodh Néill na ndaor-bhrat sróill
San ríoghacht fuair géilleadh tréimhse i gcoróin,
Fir Chraoibhe thraochadh tréith gan treóir
Le cloidheamh gach aon fhear céad den tóir.



An caithbhile Brian den Fhiann-fhuil mhóir
Ba dathamhail diadha a mhian 's a chló,
Le fearta ó Dhia tug riaghla is nós
Chuir danair fá chiach a hiathaibh Eoghain.



Isé do líon mo chroidhe le brón
Gur aontuigh Críost a dtigheacht i gcoróin -
Na béir chuir Bíobla Chríost as cóir
'S nár ghéill do naoimh do dhlighe ná d'Órd.


L. 111


AN CEANGAL:



Cantar i mbliadhna mian is aiteas daoibh-se
'S dá maireann de thriatha d'iarmhar chlanna Mílidh
An araic tug Dia ar chiar-spruit Chailbhin choimhthigh
'S ní dainid liom iad fá phian dá ghreadadh i dteintibh.



Teinte nuadha, buan-lasair, traochadh is tóir,
Sceimhle is ruadh-ruathar gan réim gan treóir
'S gach daoirse is duadh-duartan dá léir-scrios beó
Ar an mbuidhin le huabhar bhuaidhreas Rí Féinne an cheóil.



A RÍOGHAN UASAL SHUAIRC 'S A STÓR.



A ríoghan uasal shuairc 's a stór
Do chaoidh is do bhuaidhirt is truagh 's is brón,
Guidhim go cruaidh ar Uan na gcómhacht
Fá thigheacht ar cuaird dod bhuachaill beó.
De dheóin an Aenmhic tiocfa ar ais
Go treórach tréanmhar tuilte 'e neart
Go sluagach séanmhar,
Fuadrach faobhrach,
I gcuantaibh Éilge is Inis Airt.


L. 112


Le suidheamh na suag, uch, gluaisfe an leóghan -
Sa tríomhadh huair 'seadh bhuaidhfe an gleo;
Beidh scaoile is ruagairt uainn go deo
Ar bhuidhin an uabhair as Tuath Luirc fós.
Níl óigfhear séimh den fhuirinn cheart
Dfhuil Eoghain is Éibhir oilte is Airt
Ná gluaisfeadh féin
Gan fuaradh i gcéin
Fá thuairim é do chur i gceart.



Beidh an saogal suaimhneach, síoch go sóghach
Gan phléidh gan bhuairt, gan bruighean gan brón;
Beidh an spéir gan duartan suim iar nóin,
Gan fraoch gan fuacht, gan teimheal, gan cheó.
Coróin na réx, uch, dlighte i gceart
Go deó do Shéarlas, linn is dleacht;
Dar Duach! gan bhréig
Ní truagh liom féin
Gach tuathal tréan dá chur i sac.



Beidh dlighe na Rómha i ngnás go mór,
Beidh díodhacht is óird go bráth gan smól;
Is mín bheidh Seóirse tláth ar ród
Gan fíon gan feoil gan snáithe bróg!
Beidh scóip ag cléir na cruinne, is reacht
'S ní leómhfaid aon 'na gcoinne teacht;
Beidh duais gach lae
Dá luadh don éigs'
Acht duanta is dréachta sheinm seal.


L. 113


An Ceangal:



Aitchim ar Dhia, iarraim is guidhim go buan
Na sabha do phian fial-treabh na nGaoidhal i nguais
Do chaitheamh as iath-iarthar fá dhaoirse chruaidh
Is aicme na ndiabhal n-iasachta a dhíbirt uainn!



SIN AGAIBH AN FRANNCACH STOLLTA.



Sin agaibh an Franncach stollta - an aindeis choidhche air!
Sin Carolus toghartha i dteannta bhean an Ímpire!
Sin galla dar leam ar ball i bhfearann Laoisigh
Ó ghlacais-se lann go teann it ghlaic, a Phíotair!



Sin cealla na seann gan ceann ar feadh na ríoghachta -
Gan aifreann Domhnaigh ann acht galla-Bhíobla!
Sin Cailbhin 's a chlann i ngreann 's i ngradam aoibhinn
Ó ghlacais-se lann go teann it ghlaic, a Phíotair!



A ghalla, seo dream dbhur gcabhair, is maithim díbh sin! -
An leanbh ba cheannsa ionnraic, mac an tSíthigh,
Massy ceann gabhair 'na dheabhaidh sin - scrata an chíste -
Seachnasa steall is Dowdall brealla Phíotair!


L. 114


A CHARAID, A THOGHA, IS MO ROGHA-SA.



A charaid, a thogha, is mo rogha-sa d'fhearaibh díograis
Ná gabhsa go trom an fobha so ar scairt do chroidhe-se;
Beidh stracadh le scrabhadh, beidh scannradh is scaipeadh is scaoileadh
Ar an aicme mar chabhair 'na dteannta tharraing Píotar!



Is dearbh gur fanntais, foghail is easbhaidh buidhne,
Greadadh agus an-neart namhad do bhain don druing sin,
Le measann gur cabhair in am na dtreas 's i gcoimheascar
An ceathrar dall 's an manga meathta Píotar!



Is aimideach amplach amhsach amus-íoghmhar
Maslathach mealltach meabhlach meangach millteach
Casmairteach cam le ceann gach cealg-ghníomha
Dealbh an dream 'na dteannta tharraing Píotar!



Is feasach gur foghlach fallsa fealla-smaointeach
Gaigeamhail glonnmhar granncach garg gríobhdha
An ceathrar amhus tá ag damhas don charcair íochtair
'S gach leathartach lobhair 'na lom-rith leanas Píotar!



Is maise don cheanntar gach breallsach bracach díobh-san
Do chartadh thar abhainn 's anall nár chasaid choidhche -
Na meathtaigh do mheabhruigh meabhal do mhacaibh Mílidh
Do thrascairt in am 's an ceann go gcaillidh Píotar!


L. 115


A SHAOITHIBH ÉIREANN CRÉAD AN TUIRSE.



A shaoithibh Éireann créad an tuirse
D'éirigh anois don dáimh ghlic,
Is roimhe seo féin gur shaothrach sibh
Go léir ag seinm dánta?
Féach cobhair Dé i bhfogus saoghail sochair sásta
Ár dtaoiseach féine ag téacht 's a thruip
Go tréan le hiomad áthais.



Ní smaointe saobha i gcéill ar bith
Ní téarnamh tuisleach társna
'S ní laoithe bréige an méid seo anois
Acht scéal do ghoin ár námhaid;
Géag ghorthach craobh chosnamh laoch lonnach láidir
Chuir Laoiseach féin le faobhar d'bhur bhfios
Ag léir-scrios chine Shátain.



A Rí na naomh ler saoradh sinn-ne,
Cé ná cuirfead fáilte
I nglinntibh aeir na spéire fuide
d'aon-ghuth dil le gárdas
Don té chuirfidh caor-chogadh tré chorpaibh námhad
Is tug linnte tréana shéidfeadh muilte
Faon le fuil ar bhánta?


L. 116


A phrímh-shliocht Ghaedhil is Éibhir oinigh
Taoscaidh uile sláintí
An rí-ghais ghléigil ghlé seo anois
Ag téacht go hInis Fáilbhe;
Léig osna daor doiligh, scéal docht don táin sin
Chuir buidhean an Bhéarla i mbaoghal 's i mbroid
Go faon fá chiorrbhadh an bhráca.



Ní díth liom féin an taom so thuit
Ar bhéaraibh uilc le ráithe
'Na bpoimp 'na gcraos 'na réabadh dlighthe
Is daor dothugaid sásamh;
Bréan-chorpaibh claon-ghonta fé chosaibh ársa
Go fíor-lag traochta Wade is Byng
Gan raon gan rith gur fágadh.



A bhuidhe le hAonmhac Dé na cruinne
An t-éirghe rinn ár n-árd-fhlaith
Go croidhmhar craobhach d'éis ar chuir
An daorscar d'uilc 'na dháil sin;
Céim dhoiligh é chrochadh fé chosa an Phápa
An gníomh san saor ní léigfear libh
'S is aerach linn-ne an lá san.



An Ceangal:



Aitchim ar Dhia, iarraim is guidhim go buan
Na fleascaigh do phian fial-treabh na nGaoidhal i nguais
A chaitheamh as iaith iarthair fá dhaoirse chruaidh
Is aicme na ndiabhal n-iasachta a dhíbirt uainn.


L. 117


A CHUISLE NA hÉIGSE ÉIRIGH SUAS.



A chuisle na héigse éirigh suas,
Is tuirseach in éagcruth mé gan suan,
Gan duine 'san tsaoghal
Ag innisint scéil
Ar thuras an té atá i gcéin ar cuaird
'S a Éire mo chroidhe tá m'intinn ort.



Do b'aite liom súd óm úr-ghas óg
Ag gearradh is ag brughadh na mbúr go feór
Is fada me ag súil
Go bhfaicinn a ghnúis -
An faraire fiúntach fionn i gcoróin.



Cuiridh go léir in éifeacht duain
Is seinnidh-se dréacht do réir na suag,
Sin chugaibh an t-aon
Le nuimhir den Fhéinn
Is stoirmeach tréan dodhéanfas buaidhirt.



Tá Pilib is Séamus glé is a sluagh
Is na righthe le chéile ag téacht le buadh;
Tiocfaid go léir
I bhfuinneamh 's i bhfaobhar
Is in Inis† ghil †Éilge réidhfid cuan.


L. 118


Brisfid is réabfaid, déanfaid ruaig
Ar bhruithinisc bhaoth an Bhéarla uainn,
Cuirfid na Gaedhil
'Na n-ionadaibh féin -
Sin mise lem ré is an éigse suas!



A Mhuire na naomh nach aerach suairc
An briseadh seo ag téacht ar bhéaraibh uabhair,
Fuireann na cléire
Ag seinm na dtéad
'S gach bile den éigse ag déanamh duan?



Ba bhinne liom súd, a rúin 's a stóir -
An gloine go húr dá dhiúgadh ar bórd,
Cuideachta shúgach
Mhuirneach mhúinte
Is go mbristear an cúl ná conganfad leó!



IM AONAR SEAL AG RÓDAIDHEACHT.



Im aonar seal ag ródaidheacht
Cia sheolfaidhe im choinne lá
Acht an spéir-bhean mhaiseach mhodhmhail mhín
'Sí Móirín Ní Chuileannáin;
Ba réidh ba rathmhar ró-ghroidhe,
Ba chóir cíortha cliste cáir
A craobh-fholt cas mar ór síos
'Na thóirsí go troighthe ag fás.


L. 119


Ba glé ba geal ba gleóite í,
Do b'óg í is do b'oilte árd,
Ba séimh ba slachtmhar seolta í,
Ba snód-bhinn ba snoidhte sámh;
Ba béasach blasta beódha í,
Ba beol-bhinn dar linn-ne an bháb,
Ba maordha maiseach mórdha í
Ba modhmhail míonla miochair mnámhail.



Ag téacht lem ais don óigh mhín
Anois móidighim gur bhinne an bháb
'Ná éanlaith ag cantain nótaí
Ar mhór-choill cois imill trágha;
'S ná an té do spreagadh ceól sidhe
Chuir ceó draoidheachta ar Uisnigh lá,
'S is péarla ó Neamh an tseoid ghrinn
Do sheól Críost im choinne an tsráid.



Do shléachtas seal don óg-mhnaoi
'S ba dhóigh linn nár mhisde a thrácht
d'fhéachaint cad do sheól í
Gan mór-bhuidhean dá coimirc slán;
An aon tar sleasaibh bóchna í
Do bhreóidh sinn le hiomad grádha,
Nó créad an treabh 'na gcómhnuigheadh
I mór-chríochaibh Inis Fáil?



"Is mé do shearc i gcómhnaidhe
Cé hóll-bhaois anois a thrácht,
Óm thaobh 's ó lacht mo nódh-chíoch
Tigh Eóghan groidhe is gach cine is fearr;


L. 120


Sliocht Néill is Airt is mhór-Chuinn
Is pór Mhílidh uile d'fhás,
'S le héad do marbhadh beó sinn -
Ag stróiridheacht ar mire atáim.



"An t-aon ler ceart le cóir sinn
Ar deóraidheacht amuigh atá,
Is mé dom stracadh ag stróinsíbh
Do león sinn go huile an cás;
An Phoenix, flaith do phór Gaoidhil,
Ní mór díbh a chur ar fagháil
Le faobhar-neart frasa fóirní,
Is le fórsaí go dtige im dháil.



"Tá céadta ag teacht dom thóraidheacht
Ó chóstaíbh na cruinne lán,
Is le haon tar lear ní gheobhaimíd -
Ní leomhthaidhe a chur im páirt;
An féinneadh is fearra cló is gnaoi
Dar tóismhigheadh ar fhuirinn Ádhaimh
Réidhfidh ar trí choróiní
Le Móirín Ní Chuileannáin."



CUIRFEAM PLAID IS CLÓICÍN.



Cuirfeam plaid is clóicín
Ar mo dhreóilín go seascair sámh,
Ó tháinig chugham fá róbaí
Is dóigh linn gur geal an lá;


L. 121


Is deas an aiste thóg sí
Ón leomhan groidhe de scath na ndámh,
Ba bhínn ba bheacht ba bheól-shnoidheach
Gach ceól caoin ag teacht ó Sheán.



Bíodh soillse ar lasadh i seómraíbh,
Ól fíona is punch ar clár,
Rinnce fada ar móintíbh,
Sóirsí agus scuibs dá lámhach
Le greann ag teacht don dreóilín
'Na nódh-thigheas go hInis Fáil,
'S go roinnfinn féin lem dheoraidhe
Mo lóistín is leath m'estáit.



Beidh fear is céad ag tóraidheacht
Mo dhreóilín ag teacht don tsráid -
Southwell, Crócar, Cóiplí,
Seón Creed is Smith ón Ráith;
Shíleadar gur feósaidhe
Nó fóisidhe é a rith ón Spáinn
Go bhfeacadar go fóirlíonta
A choróin ríoghdha ag teacht um Cháisc.



chífead-sa mo dhreóilín
Le tóir-bhuidhin ag teacht ón Spáinn,
Nó ag tarraingt ar na cóstaíbh,
'S is dóigh linn gur geal an lá;
Réidhfidh sin an brón dínn
'S an mór-chíos so ag lucht an stáit,
'S ní bheidh Éire bhocht go deó arís
'Na lóipín ag spreas mar tá!


L. 122


AON IS DÓ FÁ DHÓ, SRL.



1 Aon is dó fá dhó im chrann-sa d'oir
'S go tréan 'na ndeóidh ar seól dá sceinneadh mus
Mo léan ná foghnann cródhacht saoithe Luirc
Don réx i ndóigh go scólaidís na tuirc!



2 Dhá aon dhá dhó go glórach gaoismhar glic
'S 'na réim-rith leó 'san seoladh scaoilfead mus
Dá mbéadh i gcoróin le fóirneart cloidheamh againn
Nó aon dá phór 'sé dfhóirfeadh Gaoidhil go briosc!



3 Aon ar aon is aon 'na gceann san cuir,
Aon aon dá n-éis is féach 'na dteannta mus;
Aon 'na aonar, cé gur gann an chuid,
Is é sin réx lé tréan-chur gall tar muir!



4 A dó roimh aon is aon beag greidhnach glic,
Is seolfad aon 'na ndéidh fá mheadhair ag rith,
Fós tig aon 'na béal mar ghreim ag mus
Sin Seóirse daor an réx má théigheann tar muir!



IS BRÓN LINN NA SEÓRTHAÍ SEO.



Is brón linn na seórthaí seo chluinim gach lá
Mar shórt grinn ag lóisti an tan ibhid a sáith -
Ár ndreóilín mar spóirtín in ionad an dáimh
Le glór nimhe is le spreótaidheacht ag briseadh na gcárt.


L. 123


Ó sheól Críost san bhfód fír-sliocht oilte na ndámh
Is gach eólaidhe glan cóir gaoiseach cliste ar gach cás
'Sé an sórt scaoileadh óllbhaois is gliogar gan áird
Ag pór íochtair Mhór Bhuidhe is mac Liobair an smáil.



Níorbh'eól díbh an ceol caoin dá sheinm ag dáimh
Ar mhór-ghníomhartha phóir Ghaoidhil ba shine is do b'fhearr,
Ná an ródaidheacht sa treóir aoibhinn ghoireas don Spáinn
Ní spórt linn bhur nglórthaí le gliogar 'na n-áit.



Níorbh'eól díbh fir Mhór-Chraoibhe chuireadh an t-ár
Ná an treón groidhe le fórsaí dothigeadh 'na ndáil
Ná an óigh mhín ler leonuigheadh Mac Uisnigh, an mál,
Ná an mór-bhuidhean bhí ar thóraidheacht Chon Chulainn 'san
Áth.



An Ceangal:



Ní hiongnadh leam seann-tsliocht na gcliar ar meath
Is iomarca ag amhuis d'fheall-scrios le cian is chreach
Le laige is lom-amhgar ár dtriatha i gceas
Ó leigeadh an dream deamhnach ag riar 'nár measc.



A Dhonnchadh, an plannda d'oll-stoc dearbh éigse
Ler fromhadh an greann 's do mheabhruigh reacht na mbéithe,
Tomuigh let chabhair in am le beart an éigin
Nó is follus go mbodharfa an dream so fearaibh Éireann.


L. 124


TÁ AN ÉIGSE DO SHAOTHRUIGH AN CEÓL



Tá an éigse do shaothruigh an ceol
Mar aon le lucht eolais an ghrinn
Is gach bhéarsa go caomh-shnoidhte cóir
Dá dhéanamh le seóladh ceart pinn;
Tá béithe na gcraobh-fholt dtais n-óir
Go haerach dá ró-chur i suim
Gur théarnuigh ár saor-bhile sóghach
Ó dhaor-ghalar thóirseach an fhill.



Tá caomh-chruit ag saor-chantain ceóil
Le géar-shearc dom leogan mear ghroidhe,
Is na héin bheaga ar ghéagaibh um neóin
Go haerach go ceolmhar 's go binn;
Tá scéimh-dhreach ar shléibhtibh an cheoidh
Is Phoebus gan smól air ná teimheal
Tré éirghe gan bhaogal gan bhrón
'On chaomh-ghas dfhuil mhórdha na ríogh.



Naomh-leanbh tréitheach mo stór,
Mo chaomh-dhalta thógas mo chroidhe,
Do shaothruigh na béasa go hóg
Le héifeacht cheart eolach i ngaois;
'San réim sin ní déara níos mó -
A mhéinn mhaith ní heól dam a mhaoidheamh -
Tá an daonnacht go saor ina chló
An fhéile is an mhórdhacht gan phoimp.


L. 125


A Dhé dhil 'nois éist-se lem ghlór -
Mar aon leis an leogan so scaoil
Phoenix fionn aerach an spóirt
I réimeas go cródha sa ríoghacht;
An té sin dar chaomh-cheart an choróin
I saor-bhrollach Fódla 'na shuidhe,
Mo léan is breagh thaoscfainn-se an bheóir
In éinfheacht le mór-chuid den fhíon.



AN CEANGAL:



Is fionn-dlaoitheach fearamhail fairsing gan cháim san tsaoghal
Na planndaí calma ór eascair de Thál-fhuil laoch,
Na lonnraí lasmhara it leacain is áilne scéimh
Ag Hanraoi Hartstonge an barra san fág let ré.



A RÁIB DHIL MHAISIGH, A CHARA IS A ROGHA.



A ráib dhil mhaisigh, a chara is a rogha is a stiúir,
Is cásmhar cathuightheach dealbh do chlann 's is dubhach;
Dá dtráchtadh aingeal ó fhlaitheas it dheabhaidh-se chughainn
Do scáil-se it sheasamh dobfhearra 'ná a thabhartas súd.



Ní cás gan adhbhar do chreathnuigh an dream so i gcumha
I ndeáidh a sagairt suilt seasamhach seang geal subhach,
Don táin ba taca is ba tearmon teann gan tnúth,
It shláinte abhaile go dtagair in am dot dhún!


L. 126


Níl sáir-fhear seasaimh dá fheabhas a cheann 's a chlú
Ná stáid-bhean mhaiseach, an leanbh, an fann 's an trú
Gan gártha salm ag agall do thabhartha chughainn
'S na táinte beannacht ón bhfaithche sin Chromaidh chughat.



Ná fág sinn feastain in anacra scannradh is cumha,
Árduigh meanma is tabhair-se fobha chun siubhail
Tar barr na gcathrach 's na ngarbh-chnoc reamhra dubha
'S fá bhrághaid ár n-anam gur b'aiteas don cheanntar súd.



FÁILTE AGUS CÉAD DUIT.



Fáilte agus céad duit, a mháistir na naoi dtreabh,
A fhir ghrádhmhair dhil aeraigh gan mórtas,
Is fáilteach an éigse 's is fáilteach an chléir cheart
It shláinte do théarnamh ót bhreoidhteacht;
Dfháiltigh an spéir ghlan is dfháiltigh na héanlaith
Ar bharr bhog na ngéag nglas go ceolmhar;
Fáilte dá n-éis súd ó lán-scairt mo chléibh duit
Le háthas seoch éinne sa chóige.



Ba támh-lag me céasta an fhaid dfhágais me i ndaor-bhroid
Fá ghnáth-aithis daor ag mo chomhursain
An tráth mheas gach n-aon díobh mo rábaire traochta
Gan fagháil cheart ar théarnamh go deó aige;
Is gearr glan 'na dhéidh sin ar mo láimh dheis gur éirigheas
Gur thárrthuigh Mac Dé dhil mo leógan -
Seo an cás dorinn saor me gan spleádhchas le héinne,
'S mo shlán-sa fá'n saoghal ina dheóidh sin!


L. 127


Ní fáidh me atá déanta in árd-mheas na héigse
Ná i lán-chumas léighinn chirt na mór-fhlaith,
Is láidir mo mhéinn-se le grádh dhuit tar éinne -
Sin sásamh do réidhfidh le heólaigh;
Do chaile-se léighfead 's ní cás liom a dhéanamh
Mar fhásais ó phréimh-shliocht do chomhgais
Den lán-treibh sin Ghaedhil Ghlais is d'árd-fhuil na gCravens
Dobfhearr a bhí in Éirinn gan teóra.



Ar chlár cheart an aonaigh ní nár liom mo laoch mear
Ar bhreághthacht a scéimhe tar treónaibh;
Fear ádhmhar, ceart, déanta, fear árd-leabhair aerach,
Fear gnáth-chumainn daonnach den phór ghlan;
Fear láidir, fear laochda, fear lán-chumais léimneach
Ná stánfadh ó éinne i gcomhlann,
Ar ghrása Mhic Dé anois go bráth dam go gcaomhna
A shláinte is a shaogal do Chóiplí.



Fear rábach mo laoch mear rinn dhá leath dhen tsaoghal,
Gan tábhacht ann ná spéis acht an mhórdhacht,
Do chárnas na tréin-fhir le lán-neart a ghéaga -
Bíonn tláith le gach daor-bhocht dá bhfóirthin;
Gnáth-bhinneas Bhéarla do sháruigh na céadta
Le sámh-shlacht ag scéidh as a bheól-san,
'S is fearrde don taobh so go bráth le n-a réime
It shláinte do théacht ina chomhgar.


L. 128


IS DUINE ME DHÍOLAS LEANN LÁ.



Is duine me dhíolas leann, lá,
Is chuireas mo bhuidhean chun rangcáis,
Muna mbeidh duine ar mo chuideachta dhíolfas
Mise bheas thíos leis in antráth.



Taoscaidh bhur ndóthain den bhranndán,
Bhur n-éadaighe ná tómhaisídh le bannlámh,
Tá agam-sa scilling le leigean 'san bhfíon ghlan
'S is fearra 'ná an bhuidhean bhíos ag dranntán.



Do b'ait liom-sa ceólta na dteampán,
Do b'ait liom-sa spórt agus amhrán,
Do b'ait liom-sa an gloine ag Muirinn dá líonadh,
Is cuideachta saoithe gan meabhrán.



Ag aithris eolais na sean-dámh,
Carrbhus, ól agus branndán,
Fuireann an ghliocais ag seinm na laoithe -
Siúd mar do-ghním-se gach antlás.



IS DUINE THU DHÍOLAS STEANNCÁN.



Is duine thu dhíolas steanncán,
Buisinn gan bhrígh agus branndán,
Is chuireas do chuideachta ar uireasbhaidh cuimhne
'S a n-inchinn líonta dhe mheabhrán.


L. 129


Is deimhin arís go meallfá
Go minic do bhuidhean le sleamhnán,
'S go gcuirir gach duine ar giodam chun baoise
Le gliogar gan chrích is le cannrán.



Níl binneas it laoi ná it shean-dán
'S ní milis dar linn do steanncán,
Bíonn iomad de thuise do ghloine gan líonadh,
Is d'uisce na díge it phonnseáin.



Buisinn dá dhíol mar leann lá
Ag Muirinn dá líonadh i ngann-cháirt,
Ní sultmhar don fhuirinn seo sibh-se dá innsint
Go rithid dá bhíthin chun rangcáis.



Is minic do líonais lom-cháirt
Is cuirn fá mhaoil le cúbhrán,
Is cuirir-se sinn-ne gan chumas ar shuidhe
Ná imeacht san tslighe gan teanntán.



Cé mursanta shuidhir ag ceann cláir
'S go n-ibhir leath síos gach tanncárd
Muna mbeidh scilling ag duine chun díola
Cuirfir do bhuidhean chun stanncáird.



Tigir, is fíor, le lútáil
I gcoinne gach n-aoin dá ngabha' an tsráid,
Gloine má thugair do dhuine gan díol
Is i mbille bheidh thíos air in antráth!



Ar n-imeacht do arís an deamhan cárt
Do-gheibhidh gan díol nó gealltán;
Is cuma ca hionad 'na rithfidh, ca díg
Ina dtuitfidh fá thrí ar a lamhancás.


L. 130


Ní chluinim ag dís 'na gcomhrádh,
Acht go millir an tír le sleamhnán;
Slibire an Droichid is sibh-se go ndíolfadh
Ar ghloine nó ar dhís bhur gcompán.



Cuisle mo chroidhe na seann-dáimh
Ní hionann is dlaoithe mheang-Sheáin -
Mursaire buile tá ar mire dáríribh
'S a bhruinnibh gur líonta d'fhallsán.



Gach duine den bhuidhin ler bhfonn ábhacht
Gach file, gach saoi le hamhrán,
A thiocfa go Luimneach - ritheadh gan mhoill
Go sconnaire an ghrinn le ngabhaim páirt; -



Siollaire groidhe gan cannrán
'S a mhuirineach mhín-tais mhodhmhail mná
Dobheir punch do gach duine ina shrutha agus fíon
Is cuirn gan díol de leann bhreagh!



NÍ DUINE THU ACHT STRAOILLE FANN-BHÁIRD.



Ní duine thu acht straoille fann-bháird
Ba mhinic tú ag díol an mhangáin
Rinn sibh-se go tuigseach i gcoinne na slighe sin
'S ní linn-ne ba chuibhe dhuit compráid.


L. 131


Nach iongna an gníomh do bhreall-bhárd
Ó dhruidim in aois don alltán,
'Na scruta bhocht bhuile go mursanta mí-ghlic
Ná tuigeann go fíor gur dall tá.



Ní tuigseach tu ar laoithibh seann-dáimh
'S ní file thu shníomhfadh rann dáin,
Is deimhin gur buile dhuit iomadh le saoithibh
Cé minic dá mhaoidheamh thu it mheabhrán.



Is fiosach don tír gach streanncán
Go fuinneamhach scríobhtha ar steall-mhná
'Na dtugair le tuigsint gach tubaist a chír-se
Measc curraighthe is coillte is scabhartáil.



Tuigtear arís don cham-stráic
'S a chuisleanna líonta d'fheall ghnáith
Gurab ionann sinn-ne is gach nduine le síneann
'S is deimhin gur díth dho an chonntráil.



Is tusa do líon an seann-rádh
An tan chuirir an tír chun rangcáis;
Go gcluinfear do ghotha tré imeall na tíre
Le hiomarca baoise is bannráin.



Ó's fiosach nach gnaoi le greann Sheáin
Sibh-se do chlaoidhe 'san abhcáid
Scriosfam-na an fionnadh de mhullach do mhaoile
Go gcuirtear fá líg thu in antráth.


L. 132


BA MHINIC TU AG DÍOL NA STEANNCÁN.



An Mangaire Súgach cct.



Freagra ar Sheán Ó Tuathail ris a ráidhtear Seán Ó Tuama .i.
brócaeir Gheata Mhongairit, óstóir ar lom-amaisc agus
Alltán aithiseach éightheamhanta,
Breallsán bagartach baoth-lúbach,
Compán cealgach claon-rúnach,
Fallsán falathach faon-chongantach,
Geócach gan ghaois gan ghliocas,
Gósta gaoithe is gliogair,
Lómach gan laoi gan litir,
Lóiste ladhrach liosta,
Uallán uallach gan urraim,
Stuacán stuacach gan tuise,
Fualán fuadrach gan fuinneamh,
Truailleán tuathail gan tuigsin,
Iarsma íogair gan oideas,
Iarmhar daorscair le daille,
Gan chiall gan chuimhne gan chruinneas,
Gan mhian gan mhíne gan bhinneas.



Ba mhinic tu ag díol na steanncán,
Buisinn bhog bhuidhe agus bangán
Is cumascaibh eile do stilleadh le Síle
'S is deimhin nár chuibhe libh compráid.


L. 133


Is fiosach don tír thu it bhreall-bhárd
'S it mhursaire mhaoidhteach mhall-rádhach
Ritheas gan chuireadh i ngach cuideachta chír-se
It shuthaire ar shaoithibh ag spanncáil.



Ar bhruinnil ní scríbhir ná ar sheang-mhná,
Ar ursa ná ar shaoi dá fheabhas cáil;
Gach sruthaire thugas duit buisinn gan díol
Seo an fhuireann don mhaoidhir it streanncán.



Níl imeall den tír 'na ngabhann bárd
Ó Bhoirinn go rí-bhrog Ghleann Máighe
Ná duine ler chuimil an scruta nár mhill
'S ná cuireann gan mhoill chum stancáird.



Le deisciobal Chríost ní compráid
Tusa tá suidhte it Iúdás
It mhursaire buile, it fhear breibe is it spí
Chuir tuille agus sinn chun rangcáis.



Tá cuise agus caoiche is cannrán,
'San chuimide chríon is 'san cham-stráic,
Tá clis agus cuir agus cuime 'na chlí
'S a chuisleanna líonta dfheall-ghnás.



Gach duine ler chuimhin an seann-chás
Cuireadh i ngeimhle an cam-bárd
Nó, ionann is Pilib nó Luttrell, díolfaidh
Luimneach bíodh gur antráth!



Gach breillice brillsce breall-bháird,
Nó giolla gan ghaois do ghabhann páirt
Libh-se ná tuigtear go leigfeam sa tslighe
Go rithir ar baois it lobhrán.


L. 134


Níl duine den bhuidhin ler bhfoinn ábhacht,
Níl file ná saoi le hamhrán
Dothiocfadh 'na ghoire a choirthe nuair chíd -
Sin cluiche agus críoch ar cheann Sheáin!



An Ceangal:



Ní caraid do shamhail acht namhaid do thréig an chóir,
'S is dearbh nach caraid acht namhaid don chléir do shórt,
Is namhaid le gangaid do chealg an éigse, is fós
Ní caraid dot charaid thu acht namhaid don tsaoghal is dóibh.



Ní ghlacfainn mar charaid do shamhail ná aon det phór
Ná srathaire spalpfadh na leabhair 'san bhréig is mó,
Ar channa dhen amaisc do charaid ba dhaor it dheóidh,
'S is namhaid dá charaid má breabtar 's don tsaoghal é Seón.



MO DHÍTH, MO CHREACH, MO CHEAS.



Mo dhíth, mo chreach, mo cheas, mo chúis chumhadh anois
An tí nár thaisc 'na chasc an bhrúideamhlacht,
Do shuidheamhadh stair ba cheast ar phonnc ughdair
Mar chím gan aithne mhaith ná úrlabhra!



Dobhíos-sa seal 's is feas gur bh'ionrúin me
Is tigheacht lem ais níor bheart ba chontabharthach,
Níor dhíolas caraid mhaith ar bhúrdúnaibh,
Ar fee ná ar bhreab níor chailleas m'úrlabhra!


L. 135


Má's síobhra scart nó bathlach búndúnach
Nó sídh-bhean tseasc do chaith i múisiún sibh,
Má ghuidhir ó Pheadair artha is úrúireacht
Fillfe ar ais ort t'aithne is t'úrlabhra!



Tá míle scread is cnead is liúgh-liúgh anois
'San tír ar fad ba dheas go Cúndúnaigh;
Tá saoithe is flatha ar feadh na gcúig gcúige
Fá scíos ó chaillis t'aithne is t'úrlabhra!



MO CHARAID DO CHARAID.



Mo charaid do charaid, a chara mo chléibh gan ghó;
Mo namhaid do namhaid go rachad san gcré ar feodh;
Gach namhaid ba namhaid dot chara ní réidhfead leó
'S ní ghlacfad le namhaid acht seachnaid mé lem ló.



A CHARAID NA gCARAD.



A charaid na gcarad, is cara na héigse is mó,
Mo thaitneamh do thaitneamh is taitneamh na cléire, is fós
Ní caraid an Mangaire meangach ná aon den tsórt
Acht namhaid tar namhaid, is namhaid do féin is dóibh!


L. 136


A SHAOR-FHIR OILTE.



A shaor-fhir oilte do choinghibh go dlúth mo pháirt
Is nár aontuigh cumann le mursaire is cúthail cáil,
Ó réab na dlighthe do cumadh sa chúirt is fearr
Ná léig 'en chluiche gan tuilleadh agus cúiteamh dfhagháil.



Éifid buile chuir Lucifer chughainn an stráic
Do thréig Mac Muire is d'imigh 'na dhúnsa ar fán;
Gaibh faobhar is fuinneamh is misneach le hughdarás,
An phéist uilc coinghibh 's ná leigidh do chúis ar lár.



GO DÉIDHEANACH IS PHOEBUS FÁ NEÓLL.



Go déidheanach is Phoebus fá neóll
Ag suidhe dham ar mhór-shleasaibh Máighe.
Gan aon den treibh daonna im chomhair
'S mo smaointe dá sheóladh chun fáin,
Taobh ris an dtréan-abhainn mhór -
Do b'aoibhinn a glór is a gáir -
Cé'r bh'aerach mo réim-se is mo cheól
Tig sceimhle den bhrón dubh im dháil.


L. 137


In éinfheacht tig tréan-stoirm mhór
In thimcheall ar bhórdaibh na trágha,
Na héin bheaga ag tréigean a gceoil
'Gus slím-chranna i ngleó-bhroid 'na mbarr:
Tig néall dubh is spéirling tar cóir,
Tig caoir-lasadh is tóirneach ós árd,
Na spéartha ag daor-shileadh deór
Ler líon tuile mór-shruth na Máighe.



Tig scaoth na mban aerdha ós mo chomhair -
Naoi soillse is naoi lóchrann 'na lámha -
'S dom léir-mheas ba caomh-chlos fá'n gCóig
Na naoi nguth ba ghlór-ghonta cáil;
d'aon-ghuth do léigeadar geóin
Go nímhneach amhnósmhar ag rádh:
"A Shéin dhil nach léan leat ár mbrón
Mar slaodadh Mac Domhnaill chun báis?"



Isé adeir an spéir-bhruinneal mhór
Le ríomh Calliope na gceárd:
"Ní d'aon duine in Éirinn is cóir
A chaoineadh do ró-chur ós árd
Ná a thréithe do shaor-chur i gcló
Acht díbh-se agus damh-sa, a Sheáin,
Dobhéar éirim mo scéil duit ar dtóis
Is caoin-se é go deór-fhliuch im dheáidh.



"Scéal éachtach rug céim tar gach sceól,
Scéal príomh-ghonta cró-lag an cás,
Scéal d'éirigh tré ghéir-nimh an bhróin
Ler síneadh ár leógan ar lár;


L. 138


An t-aon de threibh Ghaedhil Ghlais do dheóil
Mo chaoin-bhrollach eólach gach lá,
Tug féith agus réim do i ngach ród
Tar saoithibh na hEórpa go lán.



"Glé-bhile aonda mo stór
Do b'aoirde i mór-Inis Fáil,
Do shaothruigh na béasa gan cheó
Is nár scríbh acht ar mhórgacht gach máil,
Ar chéimibh 's ar thréithibh na dtreón
I bhfíodh-Inis Fódla rug bárr,
Ba ghéar-thuigseach aerach 'san cheól
'S ba phríomh-choinneal eólais don dáimh.



"Éigeas is céir bheach na n-eol
Ár bpríomh-fhile óir-bheartach árd
Do réidhfeadh gach daor-cheast gan tóbhacht
Dár scríobhadh in eolas na bhfáidh;
Fear gléigeal ba tréitheach ceart cóir
Ba dílse don choróin chirt gach lá,
Anois éighim-se ort-sa, a Aenmhic na gcomhacht
Dot naoimh-bhrog go seólair ár Seán."



An feart-laoi:



It chlúid atá, a lán-leac, 's is brón don tsluagh,
Fear súgach sámh sár-oilte ag seóladh suag;
Ba chlú do dháimh árd-inis Fódla, uair,
An fionn-fhlaith, Seán Clárach Mac Domhnaill uais.


L. 139


SIN TAOM THUIT 'NÁR MEASC.



Sin taom thuit 'nár measc is scéal do chuir ceas
Ar éigse is ar mhaithibh Mumhan
Rinn daol-dubh mo dhath, mo ghné agus mo dhreach,
Is mo dhéara go fras ag túirling -
An tsaoghad nimhe chaith an t-éag re ár sagart
Saorga ba searcach súgach,
Tug léir-scrios na lag, tug créacht agus cnead,
Tug éacht agus creach 'san dúthaigh.



A Aenmhic na bhfeart, a Dhé ghil do cheap
Réilteanna is reanna is dúile,
Chuir scéimh ar an sagart, séimhe agus gean,
Tug méinn do agus maise is múineadh;
Tug léigheann do agus labhairt is tréithe tar fearaibh
Gné ghlan is pearsa chumtha -
Glaeidh air go tapa i gcaomhnas na n-aspol
Naomhtha is na n-aingeal ionnraic!



Níor léir do-san beart ar aon-chor ba lag
Acht gléigile ar fad 'na chúrsa,
An saoghal so níor char a chaomhnadh 'na thaisc,
'S is craobhach do chaith ar shiubhal air;
A chaomh-ghlac ar ghaibh le daonnacht do scaip
Le féile is le flaitheas fiúntais
Ar chléir chirt na gceacht, ar dhaor-bhocht na dtreabh,
Ar éigse is lucht taistil triúcha.


L. 140


An tréan tug tar ais fá ghéilledh is fá smacht
Is gan bhuidheachas do chaithfeadh umhladh,
Is dfhéachadh go tais don tréith agus don lag -
Ag réidhteach a gceasta cumhanga;
Is éascaidh do scanadh saothar na sean
'S gach daor-cheast ba theasc ar ughdair,
Och, mo ghéar-ghoin is mairg an tréad le n-ar scarais
Is nach féidir tú chasadh chughainn-ne!



An Feart-Laoi:



A liag ghlas marmair fá'r leagadh an saoi ionnraic,
Is ciach an taisce seo i dtalamh 'na luighe fút-sa -
Fial-fhear flaitheamhail fairsing an chroidhe úir-ghil
Ba sciath chun seasaimh dá charaid i ndaoir-phonncaibh.



Mo chiach mo ghreadadh, is easnamh i gcrích Mumhan
Fear riaghla ranna agus reachta do chaoin-scrúdadh,
An biadh ar na lagaibh do scaipeadh gan gnaoi dhiúltaibh
Dá riar go rathamhail rabairneach grinn-ghnúiseach.



A mhian ba mheanmnach measardha mín múinte
Le ciall le ceannas le caithis le caoin-dúthracht,
Ba diadha dathamhail leanadh gach laoi in ughaim chirt
'S níor fhéad bheith dealbh ná ceachardha in aoin-chúinse.



Uilliam fá leacaibh is dearbh gur díth dhúinn-ne -
Triath ba taca le scanadh na bpríomh-ughdar,
Liaigh an anma, eagnach, aoird-iúlach,
Grian na sagart is geala-spirid ghroidhe-phrionnsach!


L. 141


SEO AN tÉACHT DORINN CREACH.



Seo an t-éacht dorinn creach tréada agus treabh,
Tug méala agus meath 'san dúthaigh
Mar traochadh ar fad ár nglé-ghas is feas
Do léir-chuir i gcreathaibh cumhadh sinn;
Saor-fhear is sagart tréan-fhlaith chun seasaimh,
Caesar is seabhac súl-ghlas
Do shaothruigh le ceart an fhéile 'na chasc,
Méinn agus maitheas iomdha.



Tá réalta gan rath, tá Phoebus ar ceal,
Do ghéimeadar eas le scannradh,
Na héanlaith ní hait, na béithe ní bleacht,
Tá an éigse ar meath gan múscailt;
Tá an chléire do chleacht an phoenix 'na measc
Gan réidhteach a gceasta clampair,
Is na céadta uile i nglas gan faesiomh le feacht
An féinneadh ó's feas in úir-chill.



'Na thréithibh níor char claonadh ná cleas,
Séada ná taisc níor shanntuigh,
Is éascaidh 's is deas do léigheadh sé gach stair
Is na téxa le ceart do scrúdadh;
Is béasach 's is beacht, is glé agus is glan
Gan saobhadh gan seas do labhradh
Gréigis is Laidean, Gaedhilg go gasta,
Le Béarla go blasta búch mear.


L. 142


Ní féidir a mheas le daonnacht ar scaip -
Le féile do chaith ar thiomsuigh -
An Naomh-spirid do char mar chéile go dleacht,
Is léigheanta do lean na hughdair;
A Aen-mhic na bhfeart, caomhnaidh let ais,
Ó's éigean gur scartha dhúinn leis,
Is léig-se in ár measc an réx so tar lear
Gan bhuidheachas do chlanna Liútair.



An Feart-Laoi:



Sin fút, a leac, 's is feas gur ciach le cách
An crobhaire geal nár chleacht 's nár fhéad bheith tláith,
Rug rogha gach reacht, do char an chliar 's an dáimh,
An lobhar, an lag, an fhlaith, an triath 's an fáidh.



Mo chumha, mo chnead, mo chreach, mo chiach, mo chás,
Mo phudhair 'san bhfeart an fear do riaradh táin,
Níor dhún a theach, níor chrap, níor iaidh a lámh,
An crobhaire gasta gartha grianmhar grádhach.



Ba subhach me seal nuair ghabhainn siar 'na dháil
Gan chumha gan cheas le gean ag triall 'na pháirt,
Ba fiúntach fleagach fairsing fial an fáidh
Gan chumhangrach beart 's ba bhleacht mear briathrach bláith.



I dtúis a bheathadh ghaibh le Dia mar stát,
Le clú do chaith ar ghlac - níor iarr acht cáil -
Is iomdha fear is bean i bpian mar táim,
Mo chumha, mo scairt, ó's feas Uilliam ar lár!


L. 143


SEO AN BÁS LE RUAIG NIMHE DO BHUAIDHIR SINN.



Seo an bás le ruaig nimhe do bhuaidhir sinn, easnamh is mó ... méala,
An bás im thruagh-chlí chuir cruadh-shaighead is bearanna bróin ...
baogail,
An bháin-chnis dfhuasclaigheadh uaim ríomh ranna agus cló ...
daor-nod,
'S ní bás dofuair sí acht nuadh-shlighe in amharc na nÓrd ...
naomhtha.



Don dáimh is uaill í is cruadh-shnaidhm ceangall ar chló ... céadfadh
An bás ler fuaduigheadh uainn grinn greanadh 'san gcomhar ... gcléire
Máire an stuadh shníomhadh cnuas cruinn eagna is eóil ... éigeas
I dtámh mar chuaidh sí is uaignidheacht easnaimh ar fód ... Éireann.



MO THEASTAS DÍBH INNSIM DO CHLÉIR NA gCEACHT.



Mo theastas-sa díbh innsim do chléir na gceacht
'S do ghasra ghrinn ghníomhach na saothar sean
Gur thaistil im shlighe - suimigh an méid seo i gceart -
Samhail mar mhnaoi ar lí an tsneachta ag téacht rem ais.


L. 144


Preabaim gan mhoill, bíodhgaim mar éan ar scairt,
Creathann mo chroidhe i gclíteach mo chléibh le racht,
d'atharruigh mo ghnaoi i líon-rithibh léin go lag
'S is feasach gur líon slím-dhath an éaga im dhreach.



Do ghabhas ag síor-smaoineamh 's ag féachaint feacht
Ag amharc cia díobh d'fhinn-chrothaibh dhaonna an bhean
Ba maiseach ba mín rí-mhiochair maorga mear
Ba geanamhail grinn gnaoi-ghartha gné gan sal.



Do mheasas gur príomh-ríoghan ba haerdha treabh
Nó samhail tug sídhe gaoithe i gcéin tar lear,
Gur labhair le brigh bhinn-ghotha béil le blas
'S go dtabhair dam laoi Ghaoidhilge go saor im ghlaic;



Ba taitneamhach tím trillseach a céibh-fholt cas
'Na sraitheannaibh saoir soillseach is néamhdha dath,
Ó bhaitheas a cinn fhinn-ghil ag téacht go halt,
'S a reamhar-rosc rinn rí-ghlas in éadan cheart:



A mala mar scríob chaoil-phinn ag cléireach cleas,
'S a balsam-ghob cruinn binn-bhreathach béasach beacht,
A seanga-chorp sidhe is slím-leabhair saorga slacht,
Is mar sin a baill timcheall gan bhéim gan cheas;



Gan deara gan díth scaoilim cois sléibhe na sreabh,
'S go fairsing fa'n saoighal saoirga gan phléidhe gan phas,
An taistealach slighe timcheallach raon na sreabh -
Anna† gheal †Príor sídh-bhroinneal aerga am bhean!


L. 145


LE GREANN DO CHÉITINN.



Le greann do Chéitinn is aerach linn 'nár measc
An leabhair-ghas léir is cléireach caoin gan cheas,
Plannda caomh de phréimh-shliocht saoithe sean -
Gallda Gaedhlach gléigeal gaoiseach glan.



Glan do ghníomh, do ghnaoi, do pháirt dar ndóigh,
'S do phearsa dhíreach aoibhinn áluinn óg;
Fá bhrataigh Chríost is binn 's is sámh do ghlór,
Is le searc mo chroidhe sin mílte fáilte romhat.



Romhat-sa molaim don phobal bheith mín stuamdha
Córach cothrom gan dochma gan mí-shuaimhneas
'S go comharach cobharthach bronnathach binn buacach
Le leoghan do folcadh i dtobar na bhfíor-uasal.



Is uasal eagnach aigne Chéitinn chaoin;
Den uaisle leanfaidh gan scaradh go céim a shaoighil;
Is uasal labhrann Laidean is Béarla binn
'S is suairc do scanas na ranna 'san Ghaedhilg ghrinn.



Is grinn geal soineanta an siollaire súgach sámh
Dár ndíon do cuireadh dár gcoimirc 's dár ndlúth-choimeád
Is aoibhneach linn-ne do thuras le clú 'nár ndáil
Is Rí na cruinne do leigean-sa dhúinn-ne slán.


L. 146


ARÉIR DAM GO SÁMH IN ÁRUS CHUMHANG.



Aréir dam go sámh in árus chumhang
I bpearsa mná dotháinig chugham
Éire mhánla
Naonda ghrádhmhar
Líonta 'e bhláth gheal sámh gan smúit.



Ba soilbhir súgach gáireach í
Go follus don Mhumhain go hárd dá mhaoidheamh
Go gcaithfeadh na céadta
Freagairt go héascaidh
'S go dtiocfadh a gcéile séimh gan mhoill.



Tuigimse féin an scéal go maith,
Is deirim nach bréag dodhéin an bhean;
Tiocfaidh an bhláth
A chuirfeas an t-ál
Go dearbh chum fáin is Gaedhil 'na gceart.



Is eagal liom féin ná réidhfid leat,
'S ná tiocfaid it ghaobhar go héag na mbreath
Go bhfuil mioscais i gcléibh
Aca leat agus éad
An fhaid atáir, a Éire, baoth it spreas -


L. 147


Ná masluigh-se choidhche arís mo chruth
Fan agam go síoch, mo laoithe tuig,
Dlighe reachta na naoimh
'S a dtairngreacht ghrinn
Go bhfuilid fá shuim i mbliana amuigh.



Cá bhfuil a mbrígh má taoid amuigh
Ná faicim aon laoich 'na dtigheas istigh?
Is gearr obann, ar sí,
Go mbeidh it fhochair gan mhoill,
Táid ullamh chum suidhte ar tír 's ar muir.



Tiocfaidh in am bhur gcrann dín-se,
Is tiocfaid a gcamthaí anall fí nimh,
Tiocfaidh gach crobhaire
I bhfoirm chum congcais
Is cuirfid i dteannta dream an uilc.



A RÉILTEANN TSOLUIS 'S A CHOINNEAL GHLAN AERDHA AN GHRINN.



A réilteann tsoluis 's a choinneal ghlan aerdha an ghrinn
A chraobh na dtortha de bhorb-fhuil Éibhir Fhinn, -
Péarla is posta go fothaineach d'éigse is díon
Is leígheanta gotha 's is obainne i dtréithe pinn.



Óm pheann-sa, a charaid dhil, de chalm-shliocht na sáir-fhear
Anonn lem theachtaire sin agat-sa mar atáim-se
Gur fann le fada me gan tapadh bruibh go támh-lag
Gan mheabhair ó shlad na cnaip gan aiste suilt ar lár me.


L. 148


Ar lár ó táim, a Sheáin, is gur chailleas mo neart
'S gan leagha re fagháil mo chneádha do chasfadh i gceart,
I dtráth im dháil ót láimh cuir blaise dhet reacht
'S is dóigh me slán go bráth faid mhairfead, mo mheas.



IS CÁSMHAR MISE.



Is cásmhar mise agus m'fhuireann go gáróideach
Gan cháirt gan ghloine gan choinnil acht páideóga;
Gan dáimh, gan file, gan duine acht an Báróideach
Acht Áine 'om mhilleadh agus Muirinn le bánóga!



CHUN BREITHEAMH NA HÉIGSE Ó DHEAS.



Chun breitheamh na héigse ó dheas -
An réiltean chliste cháidh -
A bhile ba tréine i dtreas
An réim seo cuirim it dháil.



Le cumann mo bhéarsa glac,
A chraobh ghlan dhil gan cháim;
Do churadh na n-éacht nach lag
Tar aon do raideas grádh.



Do chailleas mo ghné is mo dhath,
Mo léim, mo rith, mo rádh;
Ó bhaitheas i bpéin gan phreab
Le tréimhse in iomad cneadha.


L. 149


Mo dheacair! táim traochta ar fad,
Go léir mo ruisc gur trághadh
Le galar bocht daor na gcnap,
'S mar aon go bhfuilir im páirt.



A dhalta na mbéithe is feas
Ba féile in Inis Fáil,
d'aithris dam dé-bhean deas
Tréith go rabhais mar chách.



Is mór mo pheannaid ar leabain le mí traochta,
Gan ór gan airgead, earradh ná aoin ghréithre -
Fá bhrón le fada gan aiste gan laoi 'om éileamh
Is Seón go gcasfadh mo ghalar le caoin-bhéarsa.



Mo threóir gur chailleas, a dhalta na naoi mbéithe,
Le fórsa creatha agus cnapa na ndaoir-phéine,
Gan spórt gan aiteas acht aindeis dom shíor-chéasadh
Mo bhrón! gan caraid, gan ainnir 'om chaoin-chaomhnadh!



AN CEANGAL:



Aitchim tráth an tÁrdmhac thuas 'ot dhíon
'S do choimirc slán, a Sheáin Uí Thuama an Ghrinn,
File fáthach an sáir-fhear, suadh agus saoi
In Inis Fáil is fearr fa dhuais gan mhaoidheamh.



Maoidhim-se an fhlaith 's an chalm-stiúir sheólta
I gcríochaibh Chais 's i bhfearann dúth' Eoghain
A shníomh i gceart na ranna ciúin ceólmhar
'S a suidheamh 'san reacht 'na gceatha crú cróga.


L. 150


Is cróga ceanasach calma fíor-éachtach
An leogan lannamhar fearamhail caoin-léigheanta,
'San Eóraip eatortha samhail na craoibh-scéimhe
Ní dóigh go maireann i bhfearann chirt Rí Séarlas.



Dom chaomhnadh, a chumainn, ní chuirir ót mhéir andeas
Bhéarsa soilbhir 'om choimirc ón bpéin seo seal;
Dá mba tréith-lag thusa, óm rosca ba daor lúth-dhreas
Is Éirinn uile go gcloisfeadh mo ghéim-se is feas.



AN CÓMH-CHEANGAL:



A chaomh-chnú chumainn, a choinneal 's a chraobh eolais,
Séimh subhach sultmhar is bile den phréimh fhoghanta,
'S den Ghaedhal-chnú chumais do cuireadh as réim Fhódla
Le claon-ghlam ghliogair dá ngoirthear an Bhéarlóireacht.



Béarla is gallaibh is grathain a thráchtadh cian
Gan aon dá gcabhair fan abhainn ar lár na bpian -
Tug Gaedhil gan fearann fá'n ama go tláith 'san iaith -
An méid sin aitchim is agallaim grása ar Dhia.



A Dhia na gcomhacht go seólair iad chun fáin
I mbliadhna as coróin 's an leoghan ag triall 'na n-áit;
Cé dian mo bhrón ba dhóigh gan liaigh me slán
Dá dtrian istló dá dtóga' an diabhal tar sáil.



A dháimh gan bhéim is léigheanta líomhtha lán
d'árd-fhuil Néill ná géilleadh puinn do chách,
Mo chás go géar chughat léigim scríobhtha i ndán
Tar leághaibh an tsaoghail is léir gur díobh thu is fearr!


L. 151


BEANNACHT IS CÉAD CHUGHAT ÓN DTAOBH SO DO RAIDIM.



Beannacht is céad chughat ón dtaobh so do raidim,
A dhalta na mbéithe is fear tréitheach gan ghangaid,
Breitheamh na héigse agus réiltean a d'eascair
De shleachtaibh na réxa dar chaomh-cheart an fearann.



A chara mo chléibh dil, an léan leat mo ghalar -
Gan tapa in mo ghéaga is do léithigh mo dhearca,
Do chailleas mo scéimh-dhreach, mo laethe táid caithte,
Táim scartha go héag leat, cidh déarach le haithris.



Táim treascartha in éinfheacht le géar-thuilte creatha
Is le cnapa táim traochta le tréimhse gan tapa;
Tá an aindheise 'om chéasadh, agus d'éaluigh mo phearsa,
'S gan caraid dom éileamh táim tréith-lag gan tathach.



MO DHÓCHAS GUR FHÓIRIS BA PHIANTAMHAIL SAOTH.



Mo dhóchas gur fhóiris ba phiantamhail saoth
Mo scórnach le mór-chnaip dom riaghlughadh i gcré
Le comhachta na n-eolas, a chian-chnú cléibh,
Re fórsa gur thógais chun síor-shiubhail mé!


L. 152


Mo shiubhal is feas gur chasais chugham-sa, a Sheáin,
Go súgach seal gan galar, cumha, ná crádh;
Mo phudhair, mo chreach, na dearta d'iompa' im dháil
Im chlúid go fras, im chreata i dtionnta an bháis.



A phlúr na bhfear is gasta clú agus cáil
Nár dhiúlta' neach ag taisteal triúch i ngádh;
Chugham andeas cuir blaise is súghach do lámh
'S is dúthchas dleacht dam preabadh chughat gan leagha!



A CHARAID GHIL GHLÉ TAR AON.



A charaid ghil ghlé tar aon do raideas duit grádh,
A bhile gan bhéim 's a chraobh gheal chumais gan cháim
De chalm-shliocht Néill 's de phréimh gach duine aca is fearr,
De chriostal na réx gan bhréig duit d'eascair mo Sheán.



A réilteann tsoluis 's a choinneal ghlan aerga an ghrinn,
A chraobh na dtortha de bhorb-fhuil Éibhir Fhinn,
Péarla is posta go foithineach d'éigse is díon
Is léigheanta gotha 's is obainne i dtréithe pinn.



Óm peann-sa, a charaid dil de chalm-shliocht na sáir-fhear
Anonn lem theachtaire, sin agat-sa mar táimse,
Gur fann le fada me gan tapa broibh, go támh-lag,
Gan mheabhair ó shlad na cnaip gan aiste suilt ar lár me.



Ar lár ó táim, a Sheáin, is gur chailleas mo neart,
'S gan leagha le fagháil mo chneadha do chasfadh i gceart,
I dtráth im dháil ót láimh cuir blaise dhet reacht
'S is dóigh me slán go bráth faid mhairfead, mo mheas!


L. 153


B 1768 18D
U Seán Ó Tuama
CÉ FADA ATÁ CINE SCUIT LE HAN-ÁDH.



Cé fada atá cine Scuit le han-ádh ar buaidhirt
Fá dhanair i mbroid gan chion acht gearán nuadh,
Adhbhar chun guil go guirt le diombáidh cruaidh
Níorbh'fheasach dár bhfir gur imigh Risteárd uainn.



Uainn dorugadh an flaith fial -
Triath ba dhuineamhail deagh-chiall -
Fionn-tslat óir na Muimhneach mear
Ba chuimhneach cóir, ba cheannsa.



Ba cheannsa ceart i measc a mhór-thréada;
Is cabharthach cneasta rad go leór daonnacht;
Don dream ba lag ba taca i gcomhair réidhtigh,
'S a amhail níorbh'fheas gur mhair i bhfód Éireann.



Éire dfhág gan triath treóra
Ná fear dar chuibhe comóra;
Lag 'san uaigh go fann an fhlaith
Is éacht 's is uaill gan iongnadh.



Ní hiongnadh an méid saor-fhlaith dar bh'eól an triath,
Ní hiongnadh an tréad daor-bhocht dá dtógadh ciach,
Ní hiongnadh cléir Éireann go deór-fhlich dian
'S dá sileadh an spéir aerga tar meodhan 'na dhiaidh.



'Na dhiaidh níl neach gan beart broin
'S gach treabh le duairceas dearóil,
Ciach gan sos ag cléireach ceacht
Is léir-chreach dian don dílleacht.


L. 154


Don dílleacht is díth 's don donóig liaith
'S dfhíor-bhochtaibh Íosa dár fhriothóil biadh;
Do dhaoirsigh na ngeimhleach 's do thionól cliar
Sin saighead nimhe tríotha trét dhul fó chriaidh.



I gcriaidh fá lic is lá leóin
Don dútha is damhna dobróin,
In úir chille gan réim riain
A stiúir-choinneal 's a gcaomh-thriath.



Ba triath ba taca ba tathac 'san tír ar fad
Ba riaghail chirt dearbh a labhairt, ba bhinn a bhreath;
Ba sciath chun seasaimh don anbhfann claoidhte lag,
'S ba grian gan scamall i bhfearannaibh Fhloinn an fear.



Fear gan fíoch le fraoch fola
Scagadh tríd na saor-shrotha,
Forus céille gan chogailt
Doras féile ar fíor-oscailt.



Do b'oscailte a labhairt gan chasnamh le cuimhne is ciall,
Gan sosadh ar a mhaitheas le fairsinge a chroidhe, is le mian,
A fhocal do sheasaimh 's a ghealladh go díreach dian
Gan obadh go gcailleadh an t-anam dobhí 'na chliabh.



Cliabha chách le croidhe cneadhthach
Tré bhás ár saoi shaoir-bhreathach,
Cosnamh ceart don truagh gan treoir
Gan luadh beart uilc ná urchóid.



Urchóid ní rinne fós ná leimhe i gclú an tsaoghail,
'S 'na chuid óir níor chuir speóis cér bh'iomadamhail é;
An Cruthóir tug onóir do is cion 'na chlúid féin,
'S 'na phiolóir tá i dtionólaibh neimhe i gcúirt Dé.


L. 155


An Feart-Laoi:



Is furus duit labhairt go teann, a mharmar-líog mhór
Gur curtha fát bhonn tá an crobhaire scaip go groidhe an t-ór -
Risteard ba chabhair in am na n-anacraí is mó,
Is bile dá shamhail níl ann 's níor mhair lem linn beó.



'SÉ AN CHÉAD MHAC DO GABHADH.



'Sé an chéad mhac do gabhadh ón mhaorga ghil mhodhmhail,
Is d'aon fhear dá thréine ní dhéanfadh a bhogha
Le géilleadh dá phodhar i saoghaltacht ná labhair,
Is caomhnachas cléibh go bhfaghaidh Éamonn mar rogha.



Isé an laoch mear Lughaidh atá ná tréigeann súgradh namhad,
Do thraochas búir dá mhéid a bpúint gan spéis ná dúil i mnáibh,
Dobheir créachta úir is cneadha gan aon phioc conganta ó leaghaibh,
'S gurab é Séamus fionn an réidh-ghas úr fuair craobh na clú 'na
láimh.



Tar ais don úr-fhear slán do b'ainm dúthchais Seán
Do ghlac a long go gearra-thonntach 's do lean go túirseach támhach;
Do leathadh chughainne an tásc gur cailleadh tú insan ár
Dobhí ag cúilfhionn i gcreathaibh cumhadh i ndiaidh ealta chlúmhail
na mná.


L. 156


Dá maireadh dúinn seacht lá gan malairt cunntais dfhagháil
Ba tearc sa dúthaigh flaith gan chumha 's a bhean gur thúirseach
támhach,
Ní fhanfadh fonn ar dáimh, ní chanfadh ughdar dán,
Gach ainnir mhúinte chneasta chlúmhail le dearca ag ionnladh a lámh.



Níor bhfada dhúinn dá rádh gur chas an t-úr-mhac grádhach
An marcach cumtha cneasta clúmhail de bharra srúilleach slán;
Ní raibh scamaill dhubha ná scáil, ní fheaca súil air cáim
Ag teacht go cúil na bhflatha bhfionn - sin barra clú don ál.



Do casadh liúgh ins gach áird ó chaladh Dhún na mBárc
I mbailtibh púirt i gcreathaibh cumhadh ag magadh fút 's ag cnáid
Gur mealladh tú le spás le cleasaibh cúirt gan gádh
Arradh is púint dá chaitheamh chughat ba gheal an connradh Seán.



Sé Risteárd rí na bhfear an buinneán fíochmhar mear
Ba mhacánta íoghar ar fad dá bhuidhin go dtí lá an ghnímh sa chath;
Dá bhfaicthá cloidheamh 'na ghlaic ag slaiseáil naimhde i gceart
Do thuigfá it chroidhe gur dhiombáidh taoibh leis cosán mílte fear.



'Sé Rughraí atá 'na ndiaidh in umhlaidheacht cháil na bpian
Ní hiongantach tláith i gcúinníbh sráide acht sciúirsí námhad 'na
dhiaidh,
D'iompuigheann dána dian i gcúrsai an bháire a rian
Cár dhúthaighe 'o Pháris clú-ghnímh d'áiteamh ná d'úr-chlainn
mná ó shliabh.


L. 157


A' muinighin Rí na gcomhacht tiocfa an dís seo fós
Le hiomad daoine, nirt is buidhean is cuirfid críoch ar ghleo
Ó chiumhsaibh Laoi na mBó go Muisiríbh an cheóidh
Níl aon churadh dhíobh ná crithfe i gcroidhe mura dtugaid saoirse
dhóibh.



Go braoi an chnuic dá dtéighid níl suim aca i bpléar
Ná saigheada gonta ó chlaedheamh acht mar rí-chath na Trae
Ag síor-ghearradh géag chum go dtigheann leath an lae
'S a druim bheith go hoidhche ar a dtigheadh insa réim.



Dá bhfeictheá Clíodna ar bórd 's a raibh dá breed 's dá pór
Ag cur a nguidhe 's a gcoimircí fé choimirc Rí na gcomhacht
Gan baint ag saigheadaibh leo ná ag stoirm, stríoc na seol
Acht a ndul go síoch ó mhuir go tír fé choimirc Rí na slógh.



IS FADA FÁ SMÚIT GAN MÚSCAILT PHOEBUS.



Is fada fá smúit gan múscailt Phoebus,
Tá scamallaibh dubha gan spiúnadh ar spéartha,
Tá brataibh le cumha agus pudhair ar réaltaibh
Ar reanna tig dúrtan dúr is daol-dath.


L. 158


Níl aiste re greann ná fonn ag éigse,
Níl freagra in am ná meabhair ag béithibh,
Níl aiteas ar domhan ná labhairt in éifeacht
Ó cailleadh mo chrobhaire cobharthach craobhach.



Braínnse bagarthach barramhail béasach,
Caoin tais ceanasach is dearbh gan bhaoth-bheart,
Líomhtha leanbach labharthach léigheanta,
Gan bhaois gan mhairg gan chleasa gan chlaeine.



Dobhí sé fleagamhail flaitheamhail féastach,
Gaoiseach greannamhar geanamhail géagach,
Díleas deachtaithe dearbhtha i ndaonnacht,
Aoibhinn aibidh gan aithis gan éalaing.



Dobhí sé meanmnach measardha maorga
Mín-tais measamhail marthannach méar-lag
Naoidheanda nascaithe neartmhar in aon bheart
Gan teimheal 'na phearsain gan easbhaidh 'na thréithe.



Is gaoiseach gasta do chanadh gach bhéarsa,
Is líomhtha labhradh Laidean is Béarla,
Is binn 's is blasta do cheapadh i nGaedhilg
Laoi agus psaltair is aiste nó aon-stair.



Seanchas Gaoidheal is fíor gur léir do -
A mbearta is a mbuidhean a suim 's a réimheas;
'S gach ceap dá aoirde suidheamh gan chlaonadh
Ó Adam síos idir rígh agus saor-fhlaith.



Cáim 'san tsaoighal is fíor nárbh'fhéidir
Dfhagháil i ngníomh 'ná i ngnaoi mo laogh-sa,
Do sháruigh míle saoi agus saor-fhlaith
I gcáil i ngaois is deimhin 's i dtréithe.


L. 159


Tá dáimhe is draoithe claoidhte céasta
Is mná na mín-lios ag caoidh gan traochadh;
Táid árd-fhlaith is saoithe i scíos 's in éagcruth
Gan blás gan meídhir ó's fíor gur éagais.



Tá Clíodna is Áine cráidhte céasta,
Aoibhill ársa is mná Chnuic Gréine,
'S gach sidh-bhean bhláith ón Máigh go hÉirne
Ag caoidhe de ghnáith ó táir gan faesiomh.



Níl duain ná dán re fagháil in éifeacht
Ag suag ná ag fáidh, ná trácht ar Shéarlas,
Táid uaisle Fáil gach tráth i ngéibhinn
Monuar, a Sheáin, ó thárla faon tu.



Níl file ná fáidh ón Máigh go Béarra,
Ná duine dhen dáimh nach cráidhte scéal leo
Sibh-se ar lár gan fagháil ar éirghe,
Is mise mar chách do chrádhais go léir me!



Sin mise gan suan ar buaidhiart go n-éagad
Gan file gan suag gan duain gan dréachta,
Gan duine ler truagh me im uath is im aonar
Ó's fiosach 'san uaigh, monuar, mo ghlé-ghas!



Guidhim an tAthair go tapa is an Naomh-Spirid,
Íosa 'ot chabhair 's a Bhanaltra in éinfheacht,
Na naoimh, na haspoil 's na haingil le chéile
Is choidhche Peadair go Flaitheas dot chaomhnadh.


L. 160


AN CEANGAL:



Mo dhíth, mo dhainid, mo dheacair 's m'obair cumhadh anois,
Mo scíos 'nfhaid mhairfead mo charaid is scoth na n-ughdar,
Mo ghroidhe-ghas gasta i nglasaibh go follus dúinn-ne
Sínte marbh fá leacaibh i gCromadh an tSubhachais!



Ní subhach atáim acht tláith i bhfíor-pheannaid,
Gan chabhair im dháil, i bprádhainn, gan puinn carad,
Mo chrobhaire Seán ó thárla i gcill-charcair -
Is dubhach mo chás go bráth gan díon dalta!



Mo dhalta bheith tláith mo chás, mo bhuaidhirt, mo dhíth,
Cara na dáimhe, bráthair suag is saoi,
Mo charaid gan cháim gan chás gan cruadhas 'na chroidhe
Gan mairg 'na cháil 'sé Seán Ó Tuama an Ghrinn!



TÁ PIANTA AGUS FIABHRAS IM CHROIDHE.



Tá pianta agus fiabhras im chroidhe is im scairt,
Tá dian-tsrotha dian-bhriste díle im dhearc,
Tá cian-chreatha ag cliath-leathadh im lí is im dhreach
Ó thriallais, a chiall-fhir, fá líog na bhfeart.



I bhfeart úir-chille dlúth-luighte tá file fionn Fáil,
Fear ciúil-linne an tnúth-bhile is gasta sonn sámh,
Searc rún-bhroinneal búch-shnoidhte, urradh ós cionn dáimh,
Creach trúithine cubhar gloine curadh is cabhair cháidh.


L. 161


Cáidh-bhile is fáidh-fhile feasach fial, flós,
Grádh dile deárscnuighthe is dalta dian dóibh,
Bláth-churadh b'fhearr cine is reachta riamh romhainn
Cá'r mhisde 'on sár-bhuinne tuilleadh is bliadhain fós?



Fós má cailleadh an faraire, grinn na n-uas,
Is brónach galarach atuirseach tinn ár suag -
An Torna tagarthach, bearta don druing ba truagh,
Óir is mairg a mhaireas má sceinn sé uath.



Uainn-ne is crádh cásmhar 's is cinneamhail ceas
Uas na dáimhe áilne agus duille dlúth dleacht,
Cnuas na bhfáidh fátha is fuinneamhail feas,
Is a Uain na ngrás táinigh a anam úr leat!



MO CHEALG MO CHRÉIM MO CHRÉACHT.



Mo chealg, mo chréim, mo chréacht, mo chaoidh chráidhte
Is m'easnamh go héaga géag na gcaoin-ráidhte,
Dalta na héigse is craobh na glinn-dáimhe,
Marbh i gcré is léan i gcrích Chláir Luirc!



Sin feasta na Gaedhil gan aon den aois dána
d'aithriseadh réimeas réxaibh groidhe gáirdeach,
A ngaisce i gcéin, a ngéill 's a gcíos cána,
Feartaibh a naomh, a gcléir 's a bpríomháidhe.



Dobhí Obhid na ndréacht le préimh a chroidhe táithte
Is tar Aimhirgin tréitheach léigheadh gach laoi deárscnach,
Startha na Féinne 's a dtréan-dtreas laoich láidir
Is seanchas Éireann aosta go díl-bháidhte.


L. 162


Ar shleasaibh an aon-stair is léir do scríobhadh m'árd-fhlaith
'Na sraithibh le chéile réim na ríogh rábach,
Fearanntas Gaedhal 's a gcraobha i roinn Jáphet
Is tarraingt mhic Féinius ghlé as tír Pháró.



Ní beartaireacht béithe baotha binn-bhánda
Ná startha na mbréag ar thréadaibh críon ársa
Tug ranna go saor do is féith chun sníomh dánta.
Acht dearbh-thoil Dé in aos a thrí ráithe.



Mo mhallacht lem ré dhuit, a chréice chaoil-spágaigh
Nár mhairbh na céadta baothlach buidhe bearrtha,
'S nár sheachain do shaeghead ar aon-stoc rí-dháimhe
'S a shamhail dá éis ní féidir arís d'áireamh.



Ó's tarraingt i gcéin duit in aon-chairt cloinn Ádaim
Is gur chaithis do ré is do shaoghal i gcuing chráibhtheach
Beannacht na naomh go léir is guidhe Mháire
Let anam go saor-bhrog séadach Ríogh Phárrthais.



An Feart-Laoi:



Mo chreach, mo dheacair-se, marbh gan luaid fá líg
Ollamh na ranna do scanadh is na nduanta a shníomh,
Tug srotha na ndearca go frasach le gruadhna Gaoidheal,
I gCromadh ó taisceadh i bhfeartaibh Ó Tuama an Ghrinn.



Sin Scotaibh gan seancha ar fhlaitheas a n-uasal-ríogh,
Sin cosa na ranna gan freagairt in uaim 's i rinn,
Sin oghmaibh na seanaibh fá bhrataibh go Luan na gcríoch
Gan foras a bhfeasa ó leagadh Ó Tuama i gcill.


L. 163


Cloistin a mhairbh ar maidin is dubhach an chreill
'S gan ollamh dá cheannas i bhfearannaibh úra Fhloinn
Chun cosnaimh ár dteangan 's a teagasc tar ughdair draoi
'S na srothaibh go gcasaid a shamhail níl súil go bhfuigheam!



Ní hobair linn labhairt ar theastas mo shuairc-fhir ghroidhe
Is follus tar flaithibh go gcaithfeadh Ó Tuama an Ghrinn
De chothrom, dá ngealladh, an tAthair do luach a chroidhe
Á mbronnadh 's á scaipeadh san oineach mar Ghuaire bhí.



TÁSC FÍOR A d'FHÁG SAOITHE ÉIREANN UAIS



Tásc fíor a d'fhág saoithe Éireann uais
I ndáil daoirse ag gnáth-chaoidh go déarach duairc
Ráib líomhtha, árd-thaoiseach thréad na suag
Fí chlár sínte tláith tím is éacht 's is uaill.



Is uaill ghuirt dfhúig dítheach dáimh
Gan uaim chirt i gcríochaibh Fáil,
Ár ngas glinn ba gasta gnúis
Scartha linn indé 'san úir.



'San úir sínte ag dubha-dhaoil mo dhainid go scairt
Ár gcrann dín i bhfionntaoir, ár bhfile is ár bhflaith;
I meodhan aoise is dóigh linn gur mairg do scair
Le Seón grinn glan cóir-ghaoiseach, ciste na gceast.


L. 164


I gceastaibh iúil, i reacht 's i riaghail,
Go ceart do scrúd ár gceap le cian -
Mogall maon ar thuitim tinn
Tug tuilte déar le rosca rinn.



A rinn-ruisc réidh mar réalta seaca gan smól
'S a chaoin-chorp glé mar ghéis ar chaise gan cheó,
Guaire i méinn do réir a ghustail gan ghó
Fuair folcadh agus féith i séad-shruth thobair na n-eól.



Eol dáin is dian díth,
Cró chách 's a gciall-dlighe,
Scantóir ranna na seann-reacht,
Abhall dualach is clúid-cheap.



Ceap saoithe flaith aoibhinn subhach an tsuilt
Ar mearaidhe, mo cheasnaighil, i gclúid na gcruimh;
Gas ghlinn na ndeagh-ghníomh, mo chumha fá lic
Do gheal-ghnaoi ler aibigheadh gan diúltadh fir.



Fear fial ba foras eoil
Taca agus triath na dtionól,
Ruire na rann, mo léan,
Bile gan mheang, gan bhéim.



Béim baoghail is léan linn an siollaire Seán
Tug tréith tinn an chléir chaoin do chleachtadh a cháil,
Tá saobh-shíon 'san spéir aoird ag lingeadh gach lá
Tug caorghail na tréan-thaoide i mbrollach na Máighe.



Cois Mháighe na mart níl meadhair
Ó claoidheadh ár gceap i gcill;
Caomh-chnú dfhúig flaithibh
Fá chumha go múr Chaisil.


L. 165


Ó Chaiseal go Daoil re linn a ghonadh do ghéis
Tonna agus taoide, tíortha, ealta agus éisc;
Níl mothar ná mínleach, coillte, cumar ná céim
Gan seascad bean-tsidhe dá chaoineadh i ndoilbheas déar.



Is déarach dian diachrach dfhág
An dámh dil sinn gach lá
Mar long gan stiúir ar druim díle
Ag túrnamh tonn le gal gaoithe.



Gaethe an bháis do sháruigh dalta na muse
Eagnach feardha fáilteach fearamhail fionn,
Is tréith atáid társna ag treabhadh fá'n ughaim
Ó saobhadh Seán sin fáidhe gan chiste gan chúirt.



I gcúirt chiste na gcineól
A ghnúis tuigse níor dhearóil -
Breitheamh buadhach ba bhinn blas
Saoi suag ba snoidhte snas.



Is snasta gan teimheal do scríobhadh an t-eagnach saor
Tochmharca ríogh-bhan, laoigh, agus casmairt na laoch,
Geinealach Gaoidheal, a gcraoibha neasa 's a n-éacht
Is sirimíd saoirse ó Chríost dá anam ar phéin.



AN CEANGAL:



Is fada faon gan fearantas, bailte puirt ná áitreabh ríogh
Mic Mogha na n-éacht do chleachtadh cion is calmacht is cáin is
cíos;
Sliocht Chonn is Chéin is Chairbre fá Chailbhinists
mar thárla tím
Tug dream na n-éacht gan marthana ar scaradh leat, a Sheáin
an Ghrinn.


L. 166


Cois srúill na séad is dainid liom ár dtagra is ár dteannta dín
I gCrúmadh faon fá mharbhail-lic is glasra 'na ngeamhar ret
thaoibh;
Seacht gcéad déag ceart gan dearmad, seachtmhogha agus cúig gan
chlaoin
Aois Mhic Dé mar chanaid sin ar scaradh leat a Uí Thuama
an Ghrinn!



SCÉAL DAINID DUBH I BHFEARANN LUIRC.



Scéal dainid dubh i bhfearann Luirc is éacht go bráth,
Taom anacrach gan mearathall is créacht don dáimh,
Péin pheannaideach ler scamaladh ár gcléir go tláith
Éag chalm-fhir na mbreatha ndil i gcéill rug barr.



Barr oinigh ghlain is séimh-mhian
'S cáil dhuineamhail le déigh-chiall
Dorug Seán soithimh-fhéil uais
Ó dháimh fhuinte chaomh-bhuadh.



Buadh-bhorra-bhille oirdhearc den tréad chaoin bhúch,
Suadh forasta ba pholla cirt do chléir bhinn Mhumhan,
Cuan cosanta na bpoblach, mo chréacht nimhe chumhadh,
In uaigh Chromaidh ghil fá ghorm-lic is léan síor-dhubhach.



Is dubhach dfhágais ár ndáimh uais
Gan treóir oide ná caomh-luadh,
Ag sileadh deór gan aon scíth
Fá thuirse bróin ag trom-chaoi.


L. 167


Caoi chathuightheach na n-anbhfann atá it dhéidh, monuar,
A gcroidhe atuirseach mar scamall dubh gan scéal ná duain,
Mo dhíth mharbhthach an fhaid mhairfead-sa is mo chréacht síor-nuadh
An saoi tairise do b'fhearra againn, mo chréim nimhe uainn.



Uainn dorugadh ár n-aon-tsúil,
Ár mbuaidh-bhile 's ár gcléibh-rún,
Ár ndruadh cosnaimh nár ob gliadh,
Crann solusmhar ba séimh-fhial.



Do b'fhialmhar cosanta lonnardha caoin-pháirteach
An biadhtach oscailte cosnathach fíor-fháilteach,
A Thighearna bhronnathach sholas-chirt fhíor-ghrádhmhair
Ár dtriath is ár n-ollamh ná hobaidh dot ríoghacht neámhdha!



A Rí neámhdha do dheilbh neóill
Is flaitheas dil na naoimh-cheól,
Gaibh it dhún chaomhdha buadhach
Ár stiúir-choinneal 's ár gcaomh-luadh.



Luadh t'fhorastacht i bhfoclaibh, a ghéag aoird bhúch,
Níor thuar obair obann d'ollmhna na ndréacht-laoi ndlúth -
Crann mogallach ba torthamhail nár chaol-chríon gnúis
A bheith torcartha fá ghorm-lic is éacht nimhe dhúinn.



Dúinn is bith buan bróin go bráth
Flaith finn-chiabhach na ngéag mbláth;
Gan réim 'san bhfeart is cás léan
Úr-ghas éachtach ná raibh caol.


L. 168


Níor chaol... críon cnaoidhte feóidhte fiar
An saor-fhlaith gaoiseach bríoghmhar córach fial,
Acht gléir-scoth dhíreach ba líomhtha beól is riaghail
Le héifeacht intleacht cuimhne cóir is ciall.



Ba chiallmhar sochma séimhidhe
An curadh beacht nár bhaoth gnaoi
Do fromhadh for an sreabh nglé
Ar bhruit órdha na naoi mbé.



Níl bé cailce-chnis ón Mangartain go naomh-chill Duach
Ná éigs beachtaithe i labhartha na ndréacht bhfíor-uais
Nach daol-dathach dubh ó chailleadar a séad chaoimh-bhuadh
'Sé flaithire na gceasta ndil do b'fhéil fí dhuais.



Duais óir-niamhdha gan aon smúit
Do raideadh d'úird gan chlaon-rún
Flaith fíontach na bhfolt bhfionn bhfaon
Liaigh lúthmhar ba leabhair-laoch.



Laoch clúmhail ba lúthmhar i gcasmairt na gcloidheamh,
Géag chumhra ba mhúinte is ba taise ar bith gnaoi,
Séimh-ughdar is tréin-phrionnsa do lachtadh ó chroidhe
Le glé-mhuses caomh-úr-chnis ar a mama gan teimheal.



Fá theimheal doirbh dobróin dúir
Ag frasadh deór le péin-phudhair
d'fhúig do bhás ...inn gach aon lá
Fá dhanar-bhroid ... léan-chás.


L. 169


Cás claoidhte is ár daoine de uaislibh Gaoidheal
Go bráth síorga Seán† aoibhinn †Ó Tuama an Ghrinn -
Dobfhearr gníomhartha is rádh milse le stuamacht chruinn,
A bheith tláith sínte is cás scíosmhar gan luadhail ná brigh.



Gan bhrigh marbh is léir-scrios luain
Ár dtriath cosnaimh nár chlaon duairc,
Buinne leabhair nár chas cló
'S ba mhaith-ghníomhach i dtrom-ghleo.



I ngleo chalma ar fhaithche ghlais níor bhfaon a neart
Na dtreón gcaithiseach ag teascadh cuirp le tréine a ghlac;
Mo sceól deacrach a bhalla nirt go tréith sa bhfeart
'S a bheól blasta dil 'na labhartha ba thréitheach ceart.



Is ceart-chaoin fuinte fír-ghlé
Cheapadh ranna go snas-chaomh;
Éigs beachtaithe nár éar truagh
Den tréadh bhorbdha nár bhaoth snuadh.



Dobhí snuadh taitneamhach an tseabhaic mhir gan chréim ná cuas,
'S a ghruadh lasamhail mar shneachta ghil ar chaor-lí uais,
Níl druadh feasta againn i bhfearann Luirc na ndréacht-laoi suairc
Ó chuaidh an flaithire ba ghradamach, mo léan, don uaigh.



'San uaigh faon is dúinn is díth
Saor-fhlaith soithimh ba chéillidhe;
Úr-ghas séimh ba ghasta dil,
'S ba diadha dúil an flaithire.


L. 170


Flaithire fáidheamhail fáthamhail fíor-fháilteach
Ba ghradamach gáirdeamhail grásamhail grinn grádhmhar,
Ba flaitheamhail fáilteamhail áirdeamhail groidhe láidir
Ceannasach cáirdeamhail grádhach úr fíon-dáilteach.



AN CEANGAL:



Gas gan ghlas ba ghasta groidhe láidir
Den cheap nár chas 's ba rathmhar fíor-áluinn,
Nár mheath i dtreas ná i gcleasaibh laoich lán-mhear -
Ba mhaith i gcath is ba thapa tríonálta.



A dhath ba gheal mar eala ar linn shnámha,
'S ar ghaibh a ghlac do scaip le tigheas ádhbhal,
Ba bheacht a bhlas 's a theanga bhinn-ráidhteach,
'S mo chreach sa bhfeart gan phreab an saoi grádhmhar.



Níl art ná acht dar ceapa' i gcrích Chláir Luirc
Ó theacht tar lear do chlanna Ghaoidhil ádhmhair
Nár thaisc ár ngas-na a ngaisce i gcaoin-áireamh
'S do chleacht gach reacht de pheacht an Ríogh neamhdha.



Ba phras gan chealt a bhreatha binn grádhmhar
Mar eas ag teacht le sleasaibh líog árd-chnuic;
Bhí a chneas gan snas mar shneachta ar dhruim bánta
Nó lacht na mama mbleachtmhar gcaoimh bháin-chnis.



Is deart go scairt do lagaibh fíor-thámh-lag
Tu shlad de phreab gan stad ná puinn cáirde,
'S is feas gur creach do threabha Ghaoidhil ársa
A bhfasc, a mbrat 's a dtaisce i gcill fágtha.


L. 171


Gach earc nár ghaibh le dleaghtha an fhíor-Phápa
Do chairt fá lais le taca a bhaill shásta;
Beir leat, a Shearc, let ched dot ríoghacht árd-ghil
Ár bhflaith i measc na n-aspol gcaoin n-áluinn.



SIN TRAOCHTA IN ÉINFHEACHT FÁ RÍ-LIC.



Sin traochta in éinfheacht fá rí-lic
Ár dtéad gheal, ár n-impire, ár bhfáidh,
Ár bhphoenix, ár bpéarla is ár rí-fhlaith,
Ár séad ghlan, ár sinsear, ár ngrádh;
Ár réaltann, ár gCaesar nár chinnteach,
Ár nglé-ghas den fhíor-fhuil do b'fhearr,
'S is créacht-nimh gan faesiomh don tír sin -
Ár réx dil mar síneadh ar lár.



Do léimeadar éisc ghil ón dtaoide
Le péin-bhroid i nglinntibh go hárd
Le héigean a léin duibh mar síneadh
Ár saor-fhlaith go claoidhte fá chlár;
Do thréin-las na sléibhte mar theinte
I néallaibh le bíodhgadh ina dheáidh
Is táid éigse na ndaor-cheast do scaoileadh
Go déar-fhliuch i ngeimhle de ghnáth.



Trím néalltaibh im aonar ist oidhche
Dom léir-mheas tig draoithe ina dtáin
Lem thaobh-sa ag saor-chantain laoithe
Is dréachta na sybils go sámh;


L. 172


Gach n-aon aca ag géar-ghol 's ag caoineadh
Le chéile go binn-ghuth ós árd
Mar saeghdadh le claon-bheart is intleacht
Ár nglé-ghas le mín-chleasa an bháis.



Síor-mhéala is naoi ngéibhinn gan scaoileadh
Ár gcaomh-Mhars gan bhrigh nirt mar tá,
Dfhúig saeghada nimhe géara in ar n-intinn
Gan pléireacht ná aoibhneas ar áird;
Gan síor-scléip dá chaoin-ghléas ag saoithe
Ó's tréith-lag do thaoiseach na bhfáidh
Is tá daoil-ghné ar chaoin-spéir agus teimheal dubh
Ón saor-fhear nár bh'aoismhar bheith tláith.



Deir Bhénus gur claonadh a hintinn -
Caomhnadh go síordha le Seán -
'S nár ghéill sé le géar-shearc do Chríost ghil
A thaobh gheal do shíneadh i bpáirt
Le haon bhean gheal aerga ná daoinna
Dá aolda a píob gheal 's a brághaid
Acht an t-aon-bhean dár aontuigh a chroidhe dhi -
A chéile ghlan díleas go bás.



Ar n-éagadh don tréan-ghas do b'aoirde
Tig céadta go líonmhar im dháil
De mhná-déithe na spéire mór-dtimcheall
Is téapair go soillseach 'na lámha;
Iad d'aon-ghuth le chéile dom aoiradh
Nár léir dam mar síneadh ár Seán -
An té sin dá mb'éigean dúinn stríocadh
Gur bh'aeirde é 'ná sínn-ne 'san dán.


L. 173


Céadar is craobh ghlas na Muimhneach,
Is téad-bharc ar taoide sa lá,
A gcéir bheach, a n-aon-tslat gan críonadh,
A gcaomh-ghath 's a gcraoiseach i ngábhadh;
A scéimh-dhath, a gcéad searc 's a sinsear,
A scaoth-bheach 's a mílseacht de ghnáith;
Mo léan-chreach fá chré-chuilt mar síneadh
Gan téarnamh, 's is daoirseach an cás!



Tá Phoebus fá dhaol-bhrata cíor-dhubh
Is Phlégon fá dhaoirse an ráis,
Aethon gan éirim is Tríton,
Tréan-Mhars gan bhrigh nirt ná áigh;
Tug Tétis baoth-léim ós íochtar
Na tréan-mhara dfhíor-bhris a chnámha,
'S na péiste uile d'éimeadar choidhche
Géilleadh mar rígh dho go bráth.



Do réabadar géaga na gcoillte,
d'éagadar mílte le ráig,
Do léimeadar éisce tar líne,
Níl maoth-thortha mílse ag fás;
Atáid béithe agus éanlaith gan binn-ghuth
Fá ghaothraibh go fíor-lag gach tráth,
'S na déithe i ndaol-bhrata síoda
Gan faesiomh dá chaoineadh de ghnáith.


L. 174


AN MANGAIRE SÚGACH



A BHILE DEN FHUIRINN NACH GANN.



A bhile den fhuirinn nach gann
'S ba churata in am gach cluiche nirt,
Ná tuiteadh do mhisneach go fann
'S a ghoireacht duit cabhair is cuideachta.



Is oscardha i gcoscairt a namhad
Le fuinneamh gach crobhaire 'e chine Scuit,
Scriosfaid as inis gach gall
'S is sinn-ne bheidh teann 'na bhfionna-bhruig.



Is dearbhtha i dtreasaibh an dream
Go calma cabharthach coinghibheach,
Go lannamhar leadartha lonn,
Feardha foghlach fuinneamhach.



Beidh easpairt go fairsing le fonn
I mBanba is loghadh L'fhéil Muire aca,
Beidh sailm na marbh i dTeamhair
Dá chanadh is gan beann ar mhinistir.



Beidh luisne ó Dhoire go Leamhain
'S an fhuireann so teann is teine leo,
Rithfidh gach bitheamhnach reamhar
'S ní coimirc dóibh long ná lomairne.


L. 175


Sin chugaibh-se Pilib tar srúill
'S an bile nár dhúr 'san imreas
Do chuirfeadh sliocht Chailbhin i bponnc
Is fá bhinb na súiste ag Oscar síos.



A chumainn na gcumann glac fonn
Is tigidh dár gcabhair le ruithne-ghail
Ag trascairt gach alpaire reamhair
Is bainfeam a meabhair as cuid aca.



Tá stoirm ná cuirfear ar gcúl
Ag druidim le ciumhas na Sionainne
Nuair thiocfas an fhuireann tar abhainn
Is deimhin go bpleanncfam Whigeanna.



Beidh an ghrathain dá thachtadh le tnúth
Beidh bascadh agus brughadh agus briseadh ortha,
'S is gairid go bpreabfaid chun siubhail
Nuair bhainfeas ár bprionnsa cluiche dhíobh.



Ag taisteal na mara le fonn
Tá Carolus lonn 's a chuideachta,
Tá Neptune ag scaipeadh na dtonn
'S ní stadfaidh den fhobha go hInis Luirc.



Beidh Mars i dtosach na dtrúp
'S an faraire fionn go fuinneamhach,
Ní chasfaid go leagfaid an dream
'S is dearbh go bpleanncfar tuille aca.



Beidh gearradh agus leagadh agus brughadh
Beidh scaipeadh agus scannradh is uireasbhaidh
Ar ghallaibh dá chaitheamh gan chabhair
Nuair ghreadfaidh an Franncach teine leo.


L. 176


Nár chaillead-sa amharc mo shúl
'S nár lagaidh mo lúth le foirbhtheacht
Go bhfaicead an ghrathain gan cheann
'S an sean-phoc dall gan giolla aige.



GO TÁBHAIRNE AN GHLIOGAIR.



Go tábhairne an ghliogair nuair thigim 's mo bhuidhean im dheóidh
Lem chána bainim-se teine go binn as bórd,
Im dháil tig milis-bhean mhiochair dheas mhín-tais óg
An drawer go ngoirim is fuinneamh fé ag tigheacht im chomhair.



An lá nuair thigeann is tuilleadh den oidhche fós
Ag trághadh na gloine agus cuideachta saoithe im chomhair
Is árd mo mhisneach, bíonn binneas is brígh im glór
Is gárdas mire ag gach duine dhem bhuidhin dar ndóigh.



Cárt is fiche dothigeann gan mhoill ar bórd,
A lán 'san ngloine agus tuille den fhíon 's den bheoir,
Dáimh an ghliocais is mise go haoibhneach sóghach
'S gach dán dá sinnid go mbainfeadh det chroidhe istigh ceo!



Tráchtar linne ar gheinealach Gaoidheal gan gó
Ar fhás na righthe tré chuisle na craoibhe is mó,
Fáth agus foirm a ndlighthe is a n-aoibhneas nós
Is dáil gach duine dá gcuireann an scríbhinn romhainn.


L. 177


Cidh breagh an fhuireann lucht cruinnighthe maoin is stóir,
Stáit na cruinne is gach ionmhas líonta d'ór,
Níl ceard ná cumas ag duine san tsaoighal is mó
'S is dáimhe linne 'ná cuideachta an ghrinn is beoir.



Mo sháith nuair ibhim 's go bhfeicim mo bhuidhean go sóghach
Scáil is gile tré dheirge bhíos 'na gcló,
Is dána duineamhail goirim-se an tsídh-bhean mhodhmhail
Ar clár go gcuireann gach duine againn timcheall coróin.



Is gearr go dtigeann an Mhuirinn is aoibhne snódh,
Cárt is gloine go cliste aici líonta ar bórd;
"Fáilte is fiche" deir isi "don tír-si romhaibh -
Ná fágaidh sinne, tá tuille den oidhche romhainn!"



Is sámh sinn uile 's is sultmhar ár gnaoi 's ár nglór,
A lán go gcuirim is gach imeall den tír le ceol,
Níl trácht ar bhinneas nach aca dofríoth ar chóir
Is sláinte an leinbh nár chuireamair críoch air fós!



Ó mhuise a shearc-rúin is greannamhar an scéal sa tír
Seóirse is a bhastúin dá gclasughadh 's dá dtraochadh ar tuinn!


L. 178


NUAIR THÉIGHIM-SE GO TIGH AN TÁBHAIRNE NÍ CÁS LIOM FUIREACH
OIDHCHE ANN.



An Mangaire:
Is bachallach glas an chleach so os comhair do thighe
Ag mealladh na bhfear isteach ag ól na dighe.



Seán Ó Tuama:
Airgead geal go pras do réidhfeadh slighe
Tá an charaid ag teacht, an bhraich 's an hóp gan díol.



An Mangaire:
Nuair théighim-se go tigh an tábhairne níor chás liom fuireach
oidhche ann
Agus buidhean shultmhar shásta ag ól sláinte mór-thimcheall,
Mar bha mhian liom an t-árthrach bheith lán ann gan chinnteacht
Agus gasra bhreagh ghrádhmhar nár ghnáthach bheith bruigheanach.



Seán Ó Tuama:
Siúd ort féin le ceart, a rúin ghil suidh lem ais,
Bí subhach is ól do dhram as an gcrúsca so go fras -
Go ndiúgam é go cneas 's go nglaodham tuille isteach,
'S a thréin-fhir ná tréig me.


L. 179


U Aindrias Mac Craith
AN MANGAIRE:
Ceól píbe agus bheidhlín is ceól crot gan aimhreas
Níor mhór liom im thimcheall ag ól punch go meadhrach,
Nó beoir mhaith 'gus saghdar is a dtaoscadh le hintinn
'S níor leór liom mar shaidhbhreas gan a ndiúgadh go haidhbhéil.



Éamonn de Bhál:
Is maith san beart in aon do chaithfeadh coróin nó réal
'S a liacht scramaire gan chéill do mealladh leis an saoghal
Atá anois ag dreoghadh sa chré agus fir ag a mnáibh dá n-éis
Is iad féin fá líg sa teampal.



An Mangaire:
Leagadh agus leónadh agus breoidhteacht in éinfheacht,
Aicíd is tóirse agus tóirneamh gan téarnamh
Ar gach spreasán do dhiúltfadh suidhe i gcunntas na féile
Is chuir i dtaisce gan spiúnadh gach ar chúm sé le saothar.



Éamonn de Bhál:
Gach siocán dona dhíobh tubaist air is díth
N-a mbeadh a sparán aige go cruinn fá lic nó i ndíon an tighe
Is do luighfeadh insan oidhche ar shop nó ar smúdar tuighe
'S nár chaith riamh scilling le féile.



Seán Ó Tuama:
Seo comhairle do léigfinn le saor-ghean óm intinn -
Gach faraire breagh tréitheach gan géilleadh dá mhuintir,
Acht suidhe síos go héascaidh is a spréidh chnuic do dhíogadh
Is gheóbhaidh ó Dhia ghléigeal gan an saoghal so dá chlaoidhchan!


L. 180


An Mangaire:
Is gnáthach é mar acht gur réic do phósann bean
A mbeadh spreasán aici mar fhear ná rachadh deór 'na chab
Dfhág 'na dhiaidh an spag 's a ráinig riamh 'na ghlaic
Atá anois gan bhrigh gan phreab 's an liag ar a dhranndal!



'SÍ AN BHLÁTH-BHROINNEAL BHLÁTH-MHILIS BHÉASACH.



'Sí an bhláth-bhroinneal bhláth-mhilis bhéasach
Bhláth-mhiochair bhéal-tana mhódhmhail
Le grádh geal dá bláth-chruth do chéas me
Is dfhág mé gan téarnadh gan treóir;
Tá a bláth-fhuilt go bláth-tiugh ar daol-dath
Is bláth-shnoidhte a haol-chorp gan smól,
Is bláth-thuigseach ráidhte na béithe
'S is bláth an uile-ghéag di go feoir.



A ghrádh ghil do ghrádhas tu thar béithibh
Is do ghrádhfinn dá mb'éidir níos mó,
Do ghrádhas thu, a ghrádh ghil mo chléibh-se,
Le grádh geal dot mhéinn is dot chló;
Ó ghrádhas thu a ghrádh ghil le géar-shearc,
Do ghrádh-sa ní shéanfad lem ló,
Do ghrádh-sa is mo ghrádh-sa má réabthar
Gan grádh glan ag éinne go deó!


L. 181


A rún ghil is rún duit tar aon me -
Mo rún-sa lem ré thu is mo stór -
Do rún-sa mo rún-sa go n-éagad,
Mo rún tu is mo chéile lem ló;
A rún dhil na rún gceart ní léigfead
Mo rún, tuig, le haon bhean it dheóidh,
'S má's rún san ár rún-na do scéidhfar
Gan rún ceart ag aon bhean go deo!



A chara na gcarad le chéile
Do charas le saor-ghean ar dtóis,
Mo charaid a chara do thréigfinn
'S dorachainn i gcéin leat 'na dheoidh;
Ní cara dham cara ná céithleann
Acht cara na mbéithe tá 'om breodhadh,
'S mo chara-sa a chara má shéanair
Gan caraid ag éinne go deó!



A annsacht na n-annsacht do chéas me
Le hannsacht dot scéimh is dot phóig,
Bíodh a rogha agat-sa m'amhail-se mar chéile
Nó dúnsa gan bhéasa, agus fós
A annsacht na n-annsacht 's a chéad-shearc,
Ná sanntuigh-se baothlach mar stór,
Is m'annsacht-sa a annsacht má thréigir
Gan annsacht ag éinne go deo!



A chumann na gcumann ná tréig me
'S go bhfuilim in éagcruth it dheóidh
'S gur cumann mo chumann ná tréigfinn
A chumainn go dtéighinn-se fén bhfód;


L. 182


Ó thugas duit cumann is géilleadh
Mo chumann-sa a shéanadh ní cóir,
Is mo chumann-sa a chumann má thréigir
Gan cumann ná ré agat im dheóidh!



A stóir ghil mo stór-sa tar aon tu
'S mo stór tu go n-éagad dar ndóigh,
Is stór me, a stóir ghil, gan tréada
Is gur dóigh leo gur réic me gan fód:
Beidh stór ag mo stórach ní baoghal duit,
Beidh bólacht gan buidheachas is fós
A stóir ghil do stórach má thréigir
Gan stórach ná ré agat im dheoidh!



AN CEANGAL:



A chumann na gcumann mo chumann 's mo rogha thu is feas,
Is mo chumann gach cumann ba chumann le togha na mban,
Ó's cumann do chumann a chumann gan cham gan chleas
Mo chumann do chumann a chumann is gabhaim-se leat.



IS FADA ME IN ÉAGCRUTH.



Is fada me in éagcruth is 'om radadh le gaethe
Is cathathach faon me gan fóirthin
Le taitneamh dom chéithlinn - a hainm ní déarfad -
'Sí an lacha-bhean bhéasach do bhreóidh me.


L. 183


Is camarsach craobhach a carn-fholt néamhach
Ó bhaitheas ar aol-dath go feóir léi
Is geanamhail maorga a reamhar-ruisc chlaona
Do laguigh, do léan is do leóin me.



Tá a mala go caol-deas, a balsam-ghob craorac
'S a leabhair-chrobh aolda do chóireoghadh
'S do bhainfeadh ar dhaor-bhrat cranna agus caol-bharc
Eala agus éanlaith agus róinte;
Is taitneamhach aerach a pearsa mar Hélen
Ler cailleadh an Trae agus a mór-thruip,
A chara 's a chéad searc is damanta an scéal duit
Mo mhalairt má dhéanair ar chóbach!



Má ghabhair le baothlach le taitneamh dá thréadtha
An tEarrach ní léigfidh le córaid,
Beidh an bodach ag éad leat, ní ghlacfaidh let bhéasa,
Beidh an aindeise 'ot chaomhnadh go deó arís;
A chara ná taobhuigh a shamhail mar chéile
'S go mb'fhearra dhuit mé agat gan feóirling -
Do chanfadh duit bhéarsa, do bhlaisfeadh do chaor-ghob
'S dorachadh i gcéin leat ót chomhgas.



Cidh feasach gur réic me 's im beartaire scléipeach
Gan talamh gan tréadta gan chóraid,
'S gur tapa do thaoscfainn le haiteas gach cré-mhug
Is ainnir na gcraobh-fholt go bpógfainn,
Is dearbh a spéirbhean go mb'fhearra mar chéile
Mo shamhail 'ná baothlach is bólacht
Gan aiteas gan éifeacht gan maise gan béasa
Gan flaitheas gan féile gan foghnamh.


L. 184



IS TRÉITH ME, IS FEAS, 'S IS FANN.



Is tréith me, is feas, 's is fann,
Mo ghné do mheath go lom,
d'éaluigh cnead
Is saeghad is deart
Im ae im scairt im chom;
Do thréig me seal mo ghreann,
Tá an chléir in earraid leam,
Is baoth mo bheart,
Is faon mo neart,
Do chlaon, do scaip mo mheabhair
Le héigean gean do mhodhmhail -
'Sí céithleann deas an Bhrogha
Do mhéaduigh easmailt
Dhaor im aice -
Is é bheir seasc mo shamhail;
Tá a craobh-fholt tais go bonn
Go néamhrach crathach crom,
'S a réighin-rosc mear
Re gaethe read
Na céadta fear le fonn;
Tá a béilín blasta búch
'S a déid mhion cailce cumhang,
A réidh-chrobh deas,
A haol-chorp seang,
A scéimh mar eala ar shrúill


L. 185


I gcéin ag teacht go humhal,
'S na déithe ag freastal dúinn,
Do théarna' is feas
An bhé lem ais
Do chlaon do leath mo lúth; -
Seachanuighidh-se, a mhná
Cearrbhach mar atáim, -
Beartaire
Gan dearmad
Do chaith a chuid le hábhacht;
Sealad dam ar clár
Ag spreagadh suilt is dán,
Ag reacaireacht
'S ag mangaireacht
I measc na mbruinneal mbán.



An Ceangal:



Go lá an tsléibhe féachaidh beartaire baoth mar táim -
Fámaire magaidh is cearrbhach claon ar clár,
Grábaire seascair is mangaire théigheas ar fán
'S im cháil-se carrbhas fada agus scléip 'na dheáidh.



CÉ FADA MÉ LE HAER AN TSAOIGHIL.



Cé fada mé le haer an tsaoighil
'S gur charas bé agus céad má's fíor,
Níor dhearcas aon do léir-ghoin sinn
Go téacht dom shlighe don bháin-chnis;


L. 186


'Sí an chéithleann chaoin-tais ghrádhmhar
Le gae do mhill mo shláinte,
Aon gan phoimp gan taom gan teimheal,
'Bé nÉirinn í mo ghrádh í!



Is crathach craobhach réidh a dlaoi,
Níl snas 'na scéimh níl claon 'na croidhe,
Tá maise is méinn is méid 'san mnaoi,
Níl saobh le suidheamh 'na cáile;
'Sí an bhé do chlaoidh na táinte
Le héigean grinn dá báin-chnis;
Mar aon chuir sí in éagcruth sinn,
'Bé nÉirinn í mo ghrádh í!



Is deas a déad a béal 's a píob,
A mala chaol 's a claon-ruisc righin,
'Na leacain féach an chaor 's an líth,
Mar ghéis ar linn a bán-chruth;
Tá féile is fíor, is fáilte
'San bhé nár thuill a cáineadh,
Ní baoth a gníomh, ní daor a dlighe,
'Bé nÉirinn í mo ghrádh í!



Ó ghabhas léi mar chéile shíor
Ní scarfad léi go dtéighead don chill,
An bhalsam bhéasach bhéal-tais bhinn
Do ghéar-ghoin sinn le grádh dhi;
I gcéin gan moill má's áil leat
Le chéile ragham, a ghrádh ghil,
An saoghal ní bhfagha go héag ár ndeighilt,
'Bé nÉirinn í mo ghrádh í!


L. 187


A hainm saor ní déarfar linn,
Is feas don tsaogal cé do ríomhaim -
An bhean do léir-chuir saoghad im chlí,
'Bé nÉirinn í mo ghrádh í!
An chéithleann mhín-tais mhnámhail
Le gaethe chlaoidh na táinte,
Bé gan phoimp gan taom gan teimheal,
Is taoscfaimíd a sláinte!



A SHAOI GHLAIN TSULTMHAIR IS CLAOIDHTE MISE.



A shaoi ghlain tsultmhair is claoidhte mise
Trít dhíol ag fuirinn ná foghnann,
'S mar luighis le sruingire síleach sruimealta -
Scaoinse is scoible scólta;
Leidhce liodartha ladhrach liosta,
Gan líne liteardha an lómach,
Daoiste druinnire deimhneach doineannta,
Daoi agus duine do-eolais:



Maighistir mogallach millteach modartha,
Maoidhteach mothanach mórtais,
Cladhaire colgach, cainteach, corrathach,
Crainnce is crochaire an chórda;
Faingce fotharthach feighleach, folaire
Fadhbach fothathach fórsach;
Píobaire potaire pleidhce plotaire,
Plíoma is pollaire póirseach;


L. 188


Gaingce, glotaire gaibhdeach, gothanach,
Gaillseach, goraire is geócach
Taidhbhseach, toranta, taghdach tiomanach,
Treighid is turaire an tóirse;
Brainnseach bothanach, breillsce, brostathach,
Badhb is bonnaire bóthair;
Rícheach rothaire righin an ropaire,
Arís go roichidh an rópa;



Meadhg i gcorn is roinnt mhaith grotha
Faighidh is bocaire brón do,
An cladhaire crocaidh in aghaidh a chosa
Gan mhoill as polla ag an bpóna;
I radharc an phobail 's a phipe fé n' oscail -
Mar a bhfaghaidh Buckner ceol uaidh;
Na gadhair sin cosain nó raghaid dá stolladh
'S níl greim 'na cholainn ná stróicfid.



An Ceangal:



Is anáirde it ladhar, a chrainn, tá an chúiréibe,
Is fáisc an tsnaidhm go doimhinn 'na chúil-fhéithibh;
Gárlach gaill is gaingce giúirléideach,
Pádraig maighistir, cladhaire is cú an éithigh!



Is cráidhte sinn 's na mílte in dútha Éibhir
Ár sáir-fhear groidhe mar claoidheadh le cú an éithigh;
Tá a fhios ag Íosa Críost gur cúis éigin
Chuir Seán geal choidhche ar bhuidhin an Liútaeraigh.


L. 189


SLÁN IS CÉAD ÓN DTAOBH SO UAIM.



Slán is céad ón dtaobh so uaim
Cois Mháighe na gcaor na gcraobh 's na gcruach,
Na stát na séad na saor na sluagh
Na ndán na ndréacht na dtréan gan ghruaim.



Och, ochón, is breoidhte mise,
Gan chuid gan chóir, gan chóip gan chiste,
Gan suilt gan seóid gan spórt gan spionnadh
Ó seóladh me chun uaignis!



Slán go héag dá saor-fhir suairc,
Dá dáimh dá héigs dá cléir dá suag,
Dom cháirde cléibh gan chlaon gan chluain
Gan cháim gan chaon gan chraos gan chruadhas.



Slán dá n-éis dá béithibh uaim -
Dá gcáil dá gcéill dá scéimh dá snuadh -
Dá mná go léir, dá gcéim dá gcuaird,
Dá bpráisc dá bpléidhe dá méinn dá mbuaidh.



Slán tar aon don té ná luadhaim,
'Sí an bháin-chnis bhéasach bhéal-tais bhuadhach,
Chuir tráth chun sléibhe me i gcéin im ruaig -
'Sí grádh mo chléibh 'bé in Éirinn cuach.


L. 190


Is fánach faon me, is fraochmhar fuar,
Is tláith 's is tréith 's is taomach truagh -
I mbarr an tsléibhe gan aon, monuar,
Im páirt acht fraoch is gaoth adtuaidh!



Don tsráid nuair théighim mar aon ar cuaird
Ní háil leo mé is ní réidhid lem chluain;
Bíd mná le chéile ag pléidhe dá luadh -
"Ca háit, ca hé, ca taobh ó'r ghluais?"



Och, ochón, mo bhrón mo mhilleadh,
Iomarca 'en ól is póga bruinneal
d'fhúig mise lem ló gan fód gan foithin
Is fós gan iomad fuadair.



Dom cháirde im ghaobhar gan téacht is truagh
'S me 'om chrádh ag an saoghal i ngéibheann guais
Le ráithe i bpéin i gcéin ar cuaird
Gan ábhacht gan scléip gan scéal dá luadh.



Ó dháil an chléir dam céile nuadh
Cois Mháighe go héag ní hé mo chuaird,
Go bráth lem ré táim réidh lem chuach
'S le mnáibh an tsaoghail chuir mé ar bhuaidhirt!
MO SHLÁN GO hÉAG DOM GHLÉ-GHAS tSUAIRC.



Mo shlán go héag dom ghlé-ghas tsuairc,
Slán ár gcléire ár saor ár suag;
Ár slán go léir leat d'aon ghuth uainn
Go bráth dot chaomhnadh ar chéimibh cruadha.


L. 191


Mo dhíth mo bhrón lem ló is mo thuirse
Mo ghroidhe-ghas ghlórmhar ghleoite an ghliocais -
Ba síordha sóghach ba seólta snoidhte -
Fá dhraoidheacht gan treóir in uaigneas!



Mág Craith caomh isé do luadhaim,
Máistir léighinn is cléireach cnuais -
Grádh na mbéithe saor-ghean suag
Den Tál-fhuil Ghaedhal do b'éachtach uair.



Is cásmhar mé is gach aon monuar
Cois Mháighe go léir 'dir thréan is truagh,
'Dir ársa is aosta, cléir is tuaith,
'S ár mná it dhéidh is déar-fhliuch duairc.



Is ádhbhar léin don taobh so is truagh
Fear sámh suilt, séimh, fear saordha suairc;
Fear dáin is dréacht do dhéanadh is duain
Ar fán chun sléibhe i gcéin gur ghluais.



Seo an fáth, mo léan, ón dtaobh so a ruaig
Ár sáir-fhear séimh den tréan-fhuil mhuair -
A pháirt re béithe is claon-chlis cluain
Chuir táinte tréan mar é ar buaidhirt!



Paris féach is Aonghus buadhach,
Áiacs laochda léidmheach luath,
Iáson caomh is Caesar uair,
Gur mná do thraoch 's a dtréanta sluagh.


L. 192


Ó sháruigh béithe an méid seo i nguais -
Dáibhí an réx is céad ná luadhaim -
Ní nár duit géilleadh is téacht anuas,
Is na mná san tréig acht aon 'san chuaird.



A ghrádh mo chléibh nár thaobhuigh cruadhas
Acht fáilte is féile béasa is buaidh,
Trághadh na bléithe is gné gan ghruaim,
Mo shlán go héag dot chaomhnadh buan.



AN COMHCHEANGAL:



Siúd mo bheannacht don Mhangaire Shúgach ghrinn
D'fhúig me i ngalair it easbhaidh 's an chúirt gann suidheamh;
Is dubhach ár bhfearaibh 's gach ainnir is túirseach tinn
Gan tnúth re haiteas go dtagair-se chughainn arís!



IS AINDEIS ATÁIM 'S IS CÁSMHAR.



Is aindeis atáim 's is cásmhar cathach claoidhte,
Gan aiteas gan áird gan ábhacht, ar easbhaidh buidhne,
Gan caraid im dháil ná cáirde ag teacht 'om choimhdeacht
Ó caitheadh chun fáin me tráth go Baile an Fhaoitigh!



An uair ghabhaim an tsráid bíd cách go ceanna-choimhtheach,
Ní ghlacaid lem páirt, im dháil ní thagaid choidhche,
Mar bharra ar gach cás na mná go seachnuighid me
An tamall so táim gan áird i mBaile an Fhaoitigh!


L. 193


Deir Anna le hÁine: "Crádh dho, an aithnidh díbh-se
An Mangaire a rádhaim - tá a cháil ar feadh na tíre;
Meallann sé mná, seo an cheárd do leanann choidhche,
'S a thaisteal tar Máigh ní fearrde Baile an Fhaoitigh!"



An sagart tar cách do sháidh in anacraí sinn,
'S an smalaire smáil 'na pháirt do dhearbhuigheadh coir,
An aicme seo rádhaim 's an bháb ná hainmnighim-se
Fá ndeara dham trácht go bráth go Baile an Fhaoitigh!



Admhaim tráth gur ráig is ragairne oidhche,
Dramanna is cáirt is cláir dá chnagadh choidhche,
Sparainn le cách is mná dá mbaint chun aimhlis
Fá ndeara dham trácht go bráth go Baile an Fhaoitigh!



IS CEASNAIDHEACH CÁSMHAR ATÁIM 'S IS LEÁNMHAR.



Is ceasnaidheach cásmhar atáim 'is is léanmhar
Gan aistí gan áthais ó thánga ar an dtaobh so,
Gan stair ghrinn na dáimhe ná mná fionan 'om chaomhnadh,
Gan ealadha, gan ádhbhar gan fagháltas gan féile.



Dlighthe cruadha na Whigs do ruaig me in imeall Tuaithe im aonar
Do rith, monuar, mo mhire ar cuaird, is dubh mo shnuadh 's is
créimeach,
D'imig uaim mo shult mo shuan, tá tuirse mhuar 'om chéasadh
'S is duine gruama gan friotal suag ná cuirfeadh duain 'om fhéachaint.


L. 194


Dá dtagaidís na sáir-fhir tar sáile dár saoradh,
Sliocht Airt is Chuinn is Fháilbhe is an fánach ná déarfainn,
Bheadh Cailbhín is a cháirde 'na dtáin-rith tar gaothradh
'S ní ghlacfaidís gan sásamh 'na ndearnadar den éigean.



A CHARAID CHLÚMHAIL DHÍOGHRAIS.



A charaid chlúmhail dhíoghrais,
A shaoi ghlain de stoc na ndámh,
Mo bheatha chughat do scríobhaim
Nó an díth leat mo chor ag mnáibh;
Gach caile clúmhach má's cuibhe liom
A coimhdeacht le toisc an ghrádha
Ní ghlacaid súd mo dhícheall
Tan chíd me gan stoc gan stát.



Cé geallaim súd don bhuidhin seo -
Do Shíle is do Mhuirinn bhláith -
Stair do scrúdadh, is laoithe
Do shuidheachan mar Oilioll fáidh;
Cleasa lúith go líomhtha
'S na laoithe ba toil le mná,
'S is feas gur dhiúltadh is díol dam
Ó chíd me gan chuid gan cháin.



Deir Cathal† dúr †mac Shímoin
"A Shíle, anois, tuig an cás;
Gaibh-se chughat mac Feidhlim
Is maighistir na scoile fág;


L. 195


Is fearra dhúinn-ne Tadhg beag
'Ná scaoinse dhen fhuil is fearr
Gan rath gan chlú gan oidhreacht
'S ar thuill riamh gur shloig 'na bhrághaid."



Ar ghaibh mo ghlaic do scaoileas -
Le haoibhneas gach corn thraghainn -
'S gach bean do ghabhadh im líonta
Ba ghnaoi liom a cion 's a páirt;
Gach dailc go pras nach cuibhe liom
Le righin-dair a chorp do chneadhainn
'S is Mangaire ait le baois me
Cé shaoilid gurab olc mo cháil.



Geallaim-se don bhuidhin sin -
Cé díth leó mo dhul 'na bpáirt -
Ar chaitheas-sa gur dhíolas
Le haoibhneas 's go bhfuilim slán;
Gurab aithnidh dam na mílte
Go cnaoidhte ná hibheadh cárt
Is an Mangaire nach cinnteach
Ina scaoinse go hiomalán.



Is éascaidh cliste shuidhfinn
I gcuibhreann i dtosach cách
Ag glaodhach ar bhlas na dighe sin
Dochím aca i soitheach cárt;
Na céadta fear dobhíonn agam
Sínte ina gcuirp fá chlár
'S is mó mo shraith le díol ann
'Ná ag Tadhg† beag †Ó Conalláin!


L. 196


Mo bhroid, mo dhoigh, mo scíos guirt,
Mo sceimhle, mo ghoin, mo ghádh,
Mo loit do loisc mo chroidhe ionnam
Ár saoithe 's ár sliocht ar fán;
Gan chion gan chuid gan oidhreacht,
Gan feidhm cirt gan cothrom stáit
Is tuirc is duirc is daoithe
Go buidheanmhar is bodacháin.



An Ceangal:



Dearcaim le dúil cúilfhionn is meallaim maighdean.
An canna go húr diúgaim is dram le hintinn,
Gach drannaire dúr ná humhlann bainim rinnce as,
'S an Mangaire Súgach siúd mar chaitheann a aimsir.



A DHALTA DHIL AN DAINID LIBH MO CHÁS ANOIS?



A dhalta dhil an dainid libh mo chás anois,
Dom chartadh tiugh, ag eaglais gan fáth ar bith;
An aicme sin ní ghlacaid me acht im fhánaire,
'S ní ghabhaid liom im protestan ná im pápaire.



Deir pearsa aca gur cearrbhach neamh-ghnáthach me
'S go n-adhmhaim gur Sasanach do láthair me,
Nuair scaraim leis chun Aifrinn go mb'fhearr liom dul,
'S nach ceachtar mise protestan ná pápaire.


L. 197


Dearbhann gan dearmad nach fuláir leis me
Do chartadh tiugh le harma do láthair chirt,
Go rachaidh liom chun achrainn gan spás ar bith
'S go gcaithfead bheith im protestan nó im pápaire.



An sagart deir gur feannaire neamh-fhálach me
'S go dtarraingim le mangaireacht na mná chun uilc,
Gur measa me 'ná ceatharnach atá le broid,
'S ná glacfaidh me im protestan ná im pápaire.



Is do freagradh gur eachtrannach gan náire me,
Is nach taithneamhach mo bhearta ná mo cháile ris,
Nach atharrach me acht reacaire atá gan strus
Do chleachtann bheith 'na phrotestan is nach pápaire.



Ní carthannacht fé ndeara dho ná grádh do shult
Mo chartha-sa do thagradh do láthair Scuit,
Ní maise dho mo mhasladh-sa i gcás ar bith
Pé aca mise protestan nó pápaire.



Ó caitheadh me as an eaglais is go dtárla amuigh
Is gur fada me ar mearathall gan áit ar bith
Caithfead cur le hatharrach na táine sin
Dogheabhas leam im protestan nó im pápaire.



Cé fada dobhí Magdalen is Dáibhí an king
Ar mearathal is an t-aspol do cuir táinte i mbroid
Do glacadh iad nuair chasadar i gcáil 's i gcion
Is ceachtair díobh níor phrotestan ná pápaire.



A chara dhil cá rachad-sa chun fáin anois?
Ó's feasach me ar dearmad gan fáth gan fios,
Caithfead bheith im Chailbhinist nó im Árian uilc
Ó scaras le bheith im protestan nó im pápaire.


L. 198


'Bé aca-san den aicme-se ar a dtráchtaim-se
Nár dhearmaid na haitheanta is atá gan choir
Caitheadh liom a gharbh-leac go hábalta
Pé aca-san me protestan nó pápaire.



AN CEANGAL:



Féach an t-aspol do pheacuigh fá thrí ar dtúis
Ag séanadh a Charad gur glacadh arís go humhal;
A Dhé dhil aitchim, cé scaras le dlighe na nÚrd,
Mar aon le Peadair an Mangaire scaoil it dhún.



A CHARAID CHUMAINN LEANAS LAOITHE.



A charaid chumainn leanas laoithe is dánta suilt
Go hacfuinneach ar aithris na dáimhe dil
Ní thaitneann liom dot chartadh thu is dot cháibleadh anois
Ag eaglais idir phrotestan is pápaire.



Da mb' atharrach na heaglaise do dháilfeadh duit
Na bearta san nach taitneamhach let cháil do dhruid,
Allus fliuch a leatharach níor shásamh linn
Go dtagadh as a mbaitheasaibh le fánadh fuil.



Admhaim nach fearg tug do ráib an tsuilt
Labhairt ar do chartha-sa 'sna cásaibh sin
Acht carthannacht ar mhaithe leat, is grádh le cion,
Dot scaramhain ón aicme sin do sháruigh sibh.


L. 199


A fhir ghasta ghlic gaibh meanma is ná trácht-se linn
Go rachair-se go seachmallach chun fáin gan fios;
Bíodh tearman an Araid-mhic 'na ghárda agat
Is fearra dhuit 'ná an protestan is an pápaire.



Rachad-sa 'na sheasamh is dá áiteamh duit
Gur bh'aithnidh dam it leanbh thu is it mháistir ghlic
Ná feaca ionnat 'san aga san acht cáile fir
Gan eagla roimh phrotestan ná pápaire.



An phearsa dhubh is aithnidh dam a cháile sin
'S ní abraim nach faltanas le dásacht uilc
Fá ndeara dho go maslathach a ráidhte libh
Gidh gearra a chuid den phrotestan 'ná 'en phápaíre!



Ná gabhaidh-se anois meathtachas ná tláthas ris
Na bearta san dá gcasadh leat, cé árd i nguth,
Leantar leat na haitheanta go fáthach glic
'S ní heagal duit-se protestan ná pápaire.
Ná tagair liom ar Chailbhinists i gcás ar bith,
Ná an aicme sin ná hadmhann an pápa i gcion,
Aire dhuit ná leanaidh slighte Mhártain uilc
'S mar sin beir it phrotestan is it phápaire.



Má's aineamh ort bheith greannamhar i ráidhtibh suilt
Feasach fuinte fearamhail 's go fáilteach fliuch
Geala-spirid na fairsinge bheith táithte libh -
Is fada tusa ceangailte 'sna cáilibh sin.



Geallaim duit, a dhalta dhil, 's a ghrádh mo chuirp
An ceangal tugas cheana dhuit, an pháirt 's an cion
Go mairfid sin go scarfa thusa an bás is me -
Bí it mhangaire, it phrotestan, nó it phápaire!


L. 200


MO MHALLACHT-SA FÁ THRÍ.



Mo mhallacht-sa fá thrí do phearsa ar bith mar sinn
Dogheabhadh le n-a shaoighal le haon bhean
'S gur feas ar feadh na gcríoch gach fear do lean mo shlighe
Gurab easmailteach a dhíol 'na shaothar;
Cé fada me le baois 's gur radas searc ó chroidhe
Dá n-abrainn is fíor do chéadta;
Feasta ó táim ar deighilt 's gur scaras leó gan roinn
An aicme sin is deimhin go dtréigfead.



Nach baoth an bheart don trú do léigfeadh seal a rún
Le héigeas ait gan chlú gan éifeacht;
Féach gur bean ar dtúis do shaothruigh easmailt dúinn
'S do thréig a cheart don ubhall in Éden;
Féach gur bean annsúd an Trae do leag 's a trúip
'S is léir tug creach na dtriúch le chéile,
Féach gur bean, mo phudhair, tug Éire Airt fé smúid
Ag méirligh Shaxan úd dár ndaoradh -



Tar sáile dá dtigheadh an Spáinneach is a bhuidhean
Re háthas is Laoiseach taobh ris
Gach árd-fhlaith dfhuil Chuinn 'san fánach so ar deighilt
A bhfagháltas a ngníomh 's a réimheas
Dob' ábalta binn ceáfra le méadhair
'S an dáimh uile is deimhin go saothrach
'S gach cnápach do shíolruigh ón gcráin duibh gan chrích
'Na dtréin-rith gan mhoill in éagmuis.


L. 201


An ceangal:



Ó thárla scartha le haicme do chiap me 'e ghnáith
Do chráidh me gan fhios 's do chaitheadh go dian mo phágh
Mo chuid 'n fhaid mhairfead nach ngabhad re hiarsma mná
Acht ráfla is carrbhas is baraille á riar ar chách.



IS IAD NA MNÁ DO CHIAP ME 'E GHNÁITH.



Is iad na mná do chiap me 'e ghnáith
'S ní fhéadaim tráth a dtréigean
Is iad na mná so im dhiaidh gach lá
Thoir thiar do chráidh go léir me;
Is iad na mná is an mian so im lár
Chuir riamh le fán an tsaoghail me
'S cé riabhach atáim gan tighearnas stáit
Is dian atáid dom éileamh.



Tá dias tar chách i mbliadhna 'om chrádh
'S a riar ní bhfághaim ar aon chor -
Dias de mhná na gciabh-fholt mbláith
Ag fiadhach im dheáidh gan traochadh;
An dias so a rádhaim chuir riamh mo phágh
'S mo chiall go bráth dom thréigean
'S dá dtriallainn tráth go hiarthar Fáil
Biaid siar im dháil go saothrach.



Trian dem cháil-se riamh le hábhacht
Gach criadh-mhug lán do thaoscadh,
Trian dem cháil ní fhiadaim trácht
Gan ciallach mná dom chaomhnadh;


L. 202


Trian dem cháil níl riaghail sa chlár
Ná stiallaim tráth le héigean,
'S i ndiaidh gach cáis is rian gach fáin
Bíd cliar is cáirde 'om dhaoradh!



A Dhia na ngrás fuair pian is páis
Cuir srian lem námhaid le chéile,
Is riar 'na dheáidh an fiadh seo ar fán
Is triatha Fáil 'na réim chirt;
Gach iarmhar tá dár gcliar gan stáit
Iad 'na n-áitreabh saothruigh
'S an chliar atá san iaith go sámh
Iarraim tráth a dtréigean!



SCAOILIM SA TIMCHEALL LE hIOMAD DÚTHRACHT.



Scaoilim sa timcheall le hiomad dúthracht
Sceimhle gan faoiseamh ar fhuirinn Liútair,
An geimhleach dá sraoille go teine-thnútha
Is rí ceart trí ríoghachta ina sheilbh dúthchais.



Ríomhadh a bpríomha ní doiligh dúinn-na
As Inse na míleadh sin Chaisil Mhumhan,
'S gur dfhíor-shliocht an taoisigh sin Maine Leamhna
Tug díleas dfhuil Stíobhart i bhfearainn iomdha.



Guidhim-se le croidhe dhil an tAthair ionnraic
Díbirt is díochur is fannadh is fanntais,
Duíbhe agus claoidhteacht is creathadh is canntlamh
Ar bhuidhin uilc ba cíocrach chun cealla-scannradh.


L. 203


Gach saoi suilt ler b'aoibhinn na galla d'ionnradh
Is fírinn mo scríbhinne i Meitheamh Shamhraidh
Díogadh sruth fíonta le hiomad brannda
Le hintinn an laoi bhig seo cantar leam-sa.



TÁ PRUISE AGUS PÓLAND FÓS AR MEARATHALL.



Tá Pruise agus Póland fós ar mearathall
Sin scartha go deó le Seoirse Hanobher
Is an calm-fhear cródha ar phórtaibh Alban
'S go leór dá charaid 'na ghárda;
Gach faraire fionn ar bhfonn leis greann
Tagadh in am ag cabhair lem ghrádh,
Ná tugaidh bhur bhót dbhur ndeóin le Sasanaigh
Is gairid uaibh gleo ná leomhfaid labhairt libh
Beidh atharrach spóirt fán bhfoghmhar i mBanba
Is sealbh trí choróin ag an leoghan ná habraim
Sin Fódla feasta ag mo ráib gheal.



Guibheam go léir Mac Dé is a Bhanaltra
An siollaire séimh 'bé hé ná habraim
Gan mhiolam gan bhéim do léigean eadrainn
Gan bhaoghal gan bhascadh gan bhearnadh;
Beimíd go sóghach ag ól gach neóin
'Nuair thiocfaidh mo leoghan 's a shlógh tar sáil,
Beid míle hussa i gClár na Banban
Beidh cíoradh is cárnadh is tnáthadh ar fanatics,
Beidh sagairt is bráithre ag rádh na salma
Is galla fá sháil an bhráca ag Carolus
Is ólam feastain a shláinte!


L. 204


An ceangal:



Gach sáir-fhear glé de shaor-shliocht Airt is Fheidhlim
Ler shámh an réx do théacht i gceart a shinsir
Le gárdas glaodhadh go héascaidh canna saghdair,
Is sláinte Shéarluis taoscam feasta timcheall.




A DHALTA NÁR DALLADH LE DLAOITHE.



A dhalta nár dalladh le dlaoithe
'S do sheachain an tslighe 'nar ghaibh Seón
Seasaimh-se sealad is chífir
Gach cabhair tá ag Íosa fít chomhair;
Tá Carolus calma croidhe-mhear
Ag bascadh na buidhne seo 'ot bhreódhadh.
Bainfe sé allus as mílte,
'S ní ghlacfaidh gan díoghaltas it bhrón.



Tá galla 'na srathairt dá síneadh,
Tá masladh agus moill ar a ngnó,
Tá easbhaidh ar an aicme ná hinnsid
'S is dearbh nach díth liom a ngleó;
Beidh Banba, geallaim, ag Stíobhart,
Beidh cantain is laoithe ag lucht ceoil,
Beidh a gcealla ag an eaglais fhíre
'S is fada uaidh síos bheidh na Seóin.



Treabhaidh is lasaidh bhur dteinte
Agus leanaidh go díreach an tóir,
Tá an seabhac ag taisteal nó Laoiseach
Is dathad glan míle ina gcomhar;


L. 205


Beidh flatha na Banba 'á gcoimhdeacht
Is bainfid siad síneadh as na Seóin,
Is an t-anam go gcaillidh de sceimhle
Na fearaibh do stríocfadh ón ngnó.



Tá cascar is bascadh ortha roimhe seo,
Tá eagla suidhte ar an gcóip,
Ag Falkirk do cailleadh na mílte,
Tá Campbells go claoidhte agus Cope;
Beidh sealbh na Banba ag Gaoidhlaibh,
'S na danair seo choidhche gan treóir,
Beidh Carolus feasta ina rígh againn
'S beidh an aindeis go cinnte ar na Seóin!



TÁ CÉADAR, TÁ CAESAR, TÁ TREÓN.



Tá Céadar, tá Caesar, tá treón,
Tá craobh ghlan go cróga 'san tír,
Tá saor-fhear, tá saor-fhlaith gan smól
Go saothrach go sóghach is go síoch;
Tá béasa gan baethe go leor,
Tá tréithe sa tóirse gan teimheal,
Tá séimhe gan séanadh, agus fós
Tá féile agus fórsa ina chroidhe.



Saor-bhile saor-bheartach sóghach,
Saor-mhaiseach slóghmhar le suidheamh,
Séimh-ghas is scéim-ghartha snódh
I saoghaltacht 's i seoda gan suim;


L. 206


Phoenix den tréan-fhuil ba mhó
De shaor-fhearann Fódla go fíor,
'S chuir daorscar dá dtréine is dá dtreoir
As Éirinn, is dheoruigh tar tuinn.



Féachaidh in éadan mo leoghain
Ar chaol-each go cróga an uair shuidheann,
Géarthach i réidh-chrobh an treóin
Mar Aonghus i ngleó agus i ngníomh;
Bíd méith-phuic go créimeach 'na dheoidh
Is daorscar ní leomhaid teacht 'na shlighe,
Ní ghéilleann don tréine go deo
'S an faon dogheibh cóir uaidh is didhean.



I MBAILE NA NEANNTA ATÁ.



I mBaile na Neannta atá
An crobhaire fir gan cháim
'S ba ró-bhreagh a phearsa
Ag gabhóil an bhealaigh
Ar óig-each greanta stáit;
A chloidheamh chinn óir 'na láimh
Do ghearradh cinn is cnámha
'S ní fheaca a shamhail -
Ní tháinig ann
Ó d'imigh Fionn chun fáin.



Dá maireadh Fionn 's an Fhiann
A thrúip 's ar ghaibh leis riamh
I mBaile na Neannta
Gheobhaidís brannda
Is martas reamhar gach bliadhain,


L. 207


Ón mbuinneán áluinn fial
An seabhac nár cáineadh riamh,
Cath-urradh na dtáinte
A bhuadhadh an báire
I ngach áird 'na mbíodh a thriall;



An laoch nár mheathta i ngleó
A thug na céadta i mbrón,
'S an leoghan mear tapa
Ar óig-each ghreanta -
Ba ró-bhreagh a fhead 's a ghlaodhach;
'S i ndiaidh na ngadhar go tréan,
An fiadh ar bhinn an tsléibhe,
An ceol ban sidhe
Insan róda roimhe ?
Le dearcadh grinn don laoch.



'Sé an laoch nár mheathta i ngleo
A thug na céadta i mbrón
Le ghiúmar grinn
Don mharcach ghroidhe
Rug barr sa tír chun spóirt;
Is ar thalamh bhíodh a chóip
Is ól is fíon ar bórd,
Is ceol dá spreagadh
Is suairceas aca
Ó Luan go Satharn dóibh.



Dá dtriallainn féin tar sáil,
An Fhrainnc do shiubhal nó an Spáinn
Dá bhfeaca a shamhail
Níor léir dam amharc
A phéarla rug an barr;


L. 208


Le feabhas do mhaoin, - do cháil,
Go dtugaidís duit grádh,
Is béithe ag iomaidh
Le héigean siosma
I ndiaidh do phearsan bhreágh.



IS CRÁIDHTE AN SCÉAL SA TAOBH SO CHLUINIM.



Is cráidhte an scéal sa taobh so chluinim
Ag dáimh is cléir is éigse is uile,
Stráill gan bhéasa acht Béarla briste
Ón Mháigh go Féile do réir mar thuigim;
Má tá aici réal don tsaoghal ná scilling
Nach áil gan téa tug gaoth tar uisce;
Bíonn cába daor ar phéist an phruisle
Is lása fé go néata aici-si;
Bíonn lámhaing is créip is réidh-bhruit eile
'S go bráth an téa dá gléas mar thuilleamh;
Seo an fáth bheir Gaedhil gan séan gan uirrim,
Gan stát gan séad gan spré gan spionnadh,
Fá cháim gach lae dá dtraochadh ag fuirinn,
'S gan fagháil 'na ngaobhar go téacht don duine;
Seo an fáth bheir mé gan chéim gan chiste
Gach lá, mo léan, ag pléidh le cumaisc;
Go bráth lem ré ag réabadh dlighthe
I bpáirt na méirleach méithe buile;
Gach sáir-fhear séimh ó Mhéin go Cuilinn,
Idir bháird is éigse is saor-fhaith cliste,


L. 209


Is cás na nGaedhal 's a gcléir fá thuirse
Is mnáibh an téa ag scríobh bhéarsa is fiche;
A lucht an téa is truagh bhur dtoisc-se
Is bocht bhur scéal, is buaidheartha bhur gcor-sa;
Is cathach le sealad me 's is fraochmhar dreóil
Is d'atharruigh ar mhalairt cruith mo ghné 's mo shnódh,
Tá an aindeise go dearbhtha mar aon im dhóid
Ó scaras leis an ngasradh nár chlaon i ngleó;
Is eatortha do chaitheas-sa mo shaoghal go sóghach
I gcarrabhas ag reacaireacht 's ag déanamh spóirt,
An baraille gan dearmad dá thaoscadh ar bórd
Is dramanna in aice sin le héigean póit.



AITHRIS DÚINN, Ó'S TÚ DO RIACHT.



Aithris dúinn, ó's tú do riacht tar lear
T'ainm ar dtúis, cá dútha ar thriallais as;
An aithnidh dúinn thú, a fhir úd na mbriathar gceart -
An tú an Mangaire Subhach is umhaile riarfadh ceast?



MO PHEANNAID, MO PHUDHAIR, MO CHUMHA.



Mo pheannaid, mo phudhair, mo chumha, mo chiach, mo chnead,
Cidh Mangaire Subhach me is dubhach me i gcian tar lear;
Admhaim súd gur smúit is diachair seal
Fá ndeara dham chughaibh óm dhútha triall abhfad.


L. 210


SIN BÉITHE AN OCHTA SONA SÉIMH GAN CHLÚID.



Sin béithe an ochta sona séimh gan chlúid
Don nao ? go cora ag nochtadh a héadaigh súd
Ón dtaobh so 'e chnoc cois brog na réx den tsrúill
fád dhéin-se anocht, a scoth na saor-fhear subhach!



I MBAILE COIS MHÁIGHE.



I mBaile cois Mháighe tá an sáir-fhear suairc -
Fear soineanta grádhach nár ghnáth air gruaim;
Ceann urraid na ndán nár stán riamh suas
'S go bhfuilid na sluaighte i ngrádh leis;
Guidhim-se go bráth chun a Áirdmhic mhuair
Chun Flaitheas na ngrás atá go buan
Don bhrainnse bhreagh a dfhás go luath -
Ceann urraid an tsluaigh den árd-fhuil mhuair
Ní bladar ná práisc atá mé a luadh
Acht preabaire uasal Éamonn!


L. 211


UAIMSE GABHAIDH, A SHAGAIRT.



Uaimse gabhaidh, a shagairt, le géar-shearc rúin
Buadh agus beannacht do shleachtaibh suilt Éibhir úir;
Gach suairc-fhear searcach ba taitneach leat féin is liúm
Buan fá mhaise go rabhaid do thréad is tú.



A FHLAITH-BHILE MHODHMHAIL NACH GANN.



A fhlaith-bhile mhodhmhail nach gann i sult ná i dtréithe
Ar sparnaibh lann ba theann ag trascairt méirleach,
Ó cheaduigh anall go cobhnach trúpach Séarlus
Beidh againn 'na cheann i dTeamhair 's i Lios na Laochra.



IS FADA ME I GCUMHA GAN TNÚTH LE TÉARNAMH.



Is fada me i gcumha gan tnúth le téarnamh
Go dubha-chroidheach tréith-lag, tláith, gan treoir,
Dom bascadh idir búir is dom brughadh age baothlaigh
I lúib luim sléibhe fá bhráca an bhróin,


L. 212


Gan de charaid dom chabhair acht Donn 's a ghaolta
Do bheartuigh ar dtúis dam túirling taobh leis
Go n-aithriseadh dúinn gach rún ba léir do
Le dúil ghrinn scléipe agus gárdas ceóil.



d'aithris ar dtúis dúinn cúis na saor-fhlaith
Go fiú suim a ngné agus fáth a ngleó
'S gur gairid bheas búir i ndúthchas Fhéidhlim
Is crú chaoin Éibhir táir gan treóir;
Tá Carolus lonn is a chabhlach gléasta
Ag tarraing tar abhainn le cabhair dár saoradh,
Is ní mhaithfe sé bonn do chlann Liútaerius
'S beidh foghlaide éigin tláith san tóir.



Tá Ferdinand fann 's an Franncach taobh leis
Is Hanraoi traochta ag Daun dar ndóigh;
Tá scaipeadh ar na hamhais - cá ngabhaid ní léir dam -
As Pruise d'éaluigh ar ndáil don ghleó;
Tá Saunders gan ball is a chabhlach réabtha
Is Rodney i gcúil gan chognadh ó éinne,
Tá Cumberland dubhach 's an gúta á chéasadh
Is HouldThief déanta 'e Hawke ó ló.



Feasta beidh greann le fonn ag éigsibh
Is tiúin fuinn gléasta ag dáimh an cheoil
Beidh cantain i dTeamhair fá Shamhain ag saor-fhlaith
Is togha slighe ag cléir le fagháil óm leoghan;
Beidh cealla agus úird gan chúinse ag papists,
Beidh easpairt Domhnaigh i dteampull prayers,
Beidh scaipeadh agus scannradh ar chomplacht éigin
'S is subhach síoch Gaedhil go bráth 'na dheoidh.


L. 213


Sin agaibh ó thúis gach rún ba mhéinn liom
Is meabhruighidh féin le cách mo sceól,
Tagadh gach crobhaire ag cabhair le Séarlus
Is togha cloidhimh gléasta i láimh gach treoin;
Sin agaibh an t-am agus gabhaidh le chéile -
Preabaidh le fonn agus pleanncaidh méith Whigs -
Leanaidh an fobha san ar dhream an éithigh
Is ná hiompuigheadh aon le scáth ón ngleó.



NÍL DRANNAIRE DÚR NÁ SCRÚILLE.



Níl drannaire dúr ná scrúille ar feadh na ríoghachta
Ó Dhaingean Uí Chúis go Siúir le hais na taoide
Le cealg, le tnú tar triúch do chaith a scríbhinn
Dá mb' fheasach a rúin níor chlú dho a bhearta suidhte.



Is cleachtach le trú tré thnú bhíos tarthach líonta
'S bheadh in earraid gan chúis lem shamhail-se 'e charaid choidhche
Gan farcach gan chlú ná brúid do mheas mo ghníomhartha
'S ná braitheann a rúin gan cionta caitheadh líog liom.



Is feasach don tsaoghal na céadta ar easbhaidh caoinis
Do dhearmaid daonnacht féile is teagasc Íosa,
Do chreachadh an faon, do réabadh reacht na dtíortha
'S a ghlacadh le craos gach féasta maidean Aoine!


L. 214


Peadair, mar léighim, do shéan a charaid dílis
'S an t-aspol dá éis an chléir do léag, do dhíbir
Do glacadh fá réim gach aon nuair agalluigheadar
'S an Mangaire claon so léigtear seal dá gcoimhdeacht!



A CHARAID DHIL CHLÚMHAIL.



A charaid dhil chlúmhail, a rún 's a shearc na saoithe
Do shleachtuigh ar dtúis ó úr-fhuil Chlanna Mílidh
Do chleachtas na húird do scrúdadh is stair do suidheamhchant
Is dearbh me dubhach fá phudhair ó scaradh sinn leat!



Ní scarfaidh mo pháirt go bráth lem shuairc-fhear groidhe -
Mo shagart gan cháim gan ghnáis gan ghruaim 'na ghnaoi
Dalta na dáimhe, fáidhe, suaidh is saoi
Gan mhairg 'na cháil, gan chás gan chruadhas 'na chroidhe.



Óm chroidhe fáth dhéin-se léigim fuireann ar fán -
Míle bé agus céad gan foithin ar lár
Dot dhidhean go héag gan taom gan tuisle gan táir
Is do bhuidhean go léir gan chéim gan chruime gan chrádh.



Ó's cráidhte mise is go bhfuilim go breoidhte tréith,
Gan cháil gan chiste gan chruinneas gan chóir gan chéim;
Ó táim gan mhire is gur fiosach me leointe i mbaoghal
Ní foláir go gcuirfir mé 'om chlipeadh don óspitéal.


L. 215


BARÁNTAISÍ.



A ghasradh fhial ghrianda.



Ag seo réamh-rabhadh nó príomh-fhógra do gach aon ler
mian athnuadhadh na sean-nós nÉireannach ar feadh
na gcríoch reamh-ráidhte, go bith-chinnte do gach n-aon atá
ainmnighthe 'san leathanach so, le comhchruinniughadh go toirteamhail
trom-thionóil go teaghlach an bhreithimh reamh-ráidhte
i gCromadh an tSubhachais an t-aonmhadh lá fichead den ochtmhadh
míosa is measa dá ngairmthear 'san mbéalradh gallda
October, chun an lae sin d'onórughadh re hiar-chruinniughadh
aithbheodhadh agus síor-aithris na saor-ghníomha saidhbhre
sochar-mhianda do chleacht ár bhforas feasa, ár gcoinneal
adhanta, ár gceap craoibhe, ár stoc stiúrtha agus ár mbile
buacach buadh-fhoclach .i. Seán† geal †Clárach Mac Domhnaill,
árd-ollamh Inse† iath-ghlaise oileánaighe †Éireann ina chomhaimsir,
chum cuidiughadh go cáirdeamhail ria aroile le
greann agus le glé-mhian do chothughadh agus do shíor-choimeád
diaidh i ndiaidh fá chomhair ár lucht leanamhna féin, amhail
dorinne an t-éigeas iolbhuadhach adubhramair agus mórán
eile dár sinsearaibh romhainn ó aimsir go haimsir. Óir
dá laighead mhaireas anois dár dteangain ghaois-bhriathraigh
Gaedhilge gan dul i mbáthadh agus i mór-dhearmad tré gach
doilgheas tré n-ar hionnarbadh í go nuige seo, rachaidh go
comair go neimh-nídh muna bhféacham meón-dícheallach le
cuidiughadh go caoin caomhchumainn le chéile go toileamhail
re n-a coimeád ar bun.



Ag sin bunadhas cúise an tsuaidh-thionóil nó na scolgharma


L. 216


so. Dá dhearbhadh sin, gach aon ghabhas air féin bheith
i síth re héigse nó le glé-mhian ár sean-Ghaedhal agus
ná tiocfaidh 'san gcomhdháil seo mar adubhramair thuas,
beidh deighilte ris an éigse agus gearrtha go hiomlán as
comhluadar gach aon díobh go fuin a shaoghail.



Toirbheartha fám láimh an 23 die 7bris, 1754.
Seán Ó Tuama.



A ghasradh fhial ghrianda do b'úire uair
Is gach leanbh den mhian iadhfas le hiúl na nduan
Ag scanadh gach riain riaghla is gach dúr-cheist chruaidh
Tagaidh go dian d'iarracht ar chúirt na suag.



A Dhiarmuid, tabhair mo bheannacht le dian-dúthracht
Do thriath Chon Mara, mo chara is mo chliath chumhdaigh,
Ag riar na ranna is ag canadh na gcian-ughdar
Trialladh feasta ag amharc ár ngrian-chúirte.



An tAthair Uilliam Ó Mulriain,
An tAthair Diarmuid Ó hIcidhe,
Seán† uasal †Mac Connartha de threibh na Connairthe Móire,
Tomás de Barra na Rátha; agus an chuid eile.



WHEREAS ÁITEAMH FAOBHRACH FÁTHA ... TUG AN BÁILLE.



Ag seo barrántas ón bhfear gcéadna go fairsing
foir-leathan chun gach oifigigh uasail oll-ghníomhaigh
bhaineas leis an gcúirt shuagaigh, go speisialta agus


L. 217


go bith-chinnte chun Séamuis Mic Cinnéide, Séamus
Gratham agus Séamus Mac Aodhgáin, mar aon le n-a
lucht cabhartha ar faid agus ar foir-leithne an dá chóige
mhór-fhairsinge mhín-leathana Mumhan, chum gach mursaire
meathta mí-rúnach d'iarmhar na n-athachtuatha is
de dhubh-riascaibh dúr-aigeantacha na ndaor-chlann atá
insna críochaibh céadna san ag rith le rannaibh agus ag
iomlat le hamhránaibh gan chead gan chomhairle ón gcúirt
réamh-ráidhte, do chenagal is chruadchuibhreach go dtigid
do láthair Uachtaráin na cúirte i mBaile an Fhantaigh
i gconntae Luimnigh, mar a bhfuighid fios riaghla ranna
agus reachta 'san dteangain ghaois-bhriathraigh ghlain-eólaigh
Ghaedhilge, mar aon le peannaidí pian-ghonta
pionóis, dá gcrádh dá gcéasadh dá gciorrbhadh is dá
gcnámh-ghearradh, muna ndéinid leór-ghníomh láithreach
ina lochtaibh; agus fós ní foláir dóibh éiricí troma
agus cáin-cheannach cumasach crobh-scaoilte thabhairt
d'abhcóidíbh is d'aighneasóiríbh na cúirte ionnas go
ndéanaidís argumaint acfuinneach agus abhcóideacht
iongantach iolbhuadhach ar a son re ndéanamh síothcháin
dóibh. Gur do dhearbhadh na neithe sin atá an barrántas
so síos:



Whereas áiteamh faobhrach fátha is a thabhairt le díogras
Tug an báille indiu dom láthair fá dhearbhadh an Bhíobla
Go bhfuil triar spreas fá n-a n-iarraidh a dhiúltuigh comhairle
Is nár lean na riaghla cheap na triatha i gcúirt an eolais;
Bíd fá líogaibh go meadhon oidhche - tuille dá n-antlas -
Is ní bhfaghaid dá bharr de thaidhbhreamh dána acht seinm ar dhranntán;
Má léigheann an sméirle bhéarsa Gaedhilge ar aithris uasal
Ina dhóchas féin ní mór go ndéanfaidh ranna agus duanta!


L. 218


An uair is cruadh do is ná faghann fuascladh tig builg is teannta air
Glacann ar lán-láimh ranna do thácláil is bíonn i gclampa;
Le samhail le riastáil ar mhachaire riasc-bháin gach sracadh dá scríbhinn;
Bíonn marcanna is spotaí is leachta 'e lochtaí ar leathadh 'na líntibh;
Bíonn muar-chuid páipéar fuaighte ag fáiméar 'na gcúil go taiscithe
Go dtagaidh 'na chlamhta maidean Dé Domhnaigh chughainn chun Aifrinn;
I radharc an phobail go taidhbhseach torannta suidheann ar thuartán
Mar a mbí Lochlainn, Mathghamhain modartha is Tadhg an tsuasáin;
Is iomdha aingréis múta raingléis furcó farcáin
Do léigheas an lóiste fé neart mórtais do Chlann Tomáis;
Ní ríomh ar shuairceas saoithe is suaga doghní an aicme sin
Acht an teanga Ghaedhilge is reacht na héigse thabhairt ar dearmad.
Dá bhrigh sin fógraim díbh go cródha, agus sáruighim
Do gach constábla siubhlach sáir-ghlic agus dom báillí;
Tar gach aon is cóir do Shéamus is dá lucht cabhartha
Gach iarsma 'en tsórt so dfhiadhach go cródha 's a dtabhairt leó
ceangailte;
Muna dtigid go humhal ar mhullach a nglún nuair thiocfar dá
ngabháil
Bristear a gceann, a ngoile is a ndrom má léigid ar chrostáil;
Córdaí cnáibe ar a scórnaighe fáiscidh is fill mhaith ghadraigh,
Is cuir céad cruadh-chor den téid ruainnigh fí n-a reaghthachaibh;


L. 219


Go dtagaid chun cúirte is go dtabhraid cunntas ina mbeartaibh uilc
Is go leigtear chun siubhail iad go sciomartha sciúrtha d'éis a
gceartuighthe;
Whereof fail not to search all places ar fad go hiarthar
Go hárd Sléibhe Mis, go barr Féile is go Dún Diamhair;
Ó bhun Damhsa go Cnoc Teamhrach 's go Caiseal Mumhan
Siar tré Chruachain go Sliabh Uí Luascain 's go Cnoc Fionntain
Ná fágaidh slighe ar bith, árd ná íseal, dóibh ná siubhalfar,
Go dtugtar na truailleáin ceangailte ar shuasán chun na cúirte;
Ag seo ordughadh fuinneamhail fórsamhail díbh fá shéala
Fí láimh shuaga rí-dháimh uaisle breitheamh na héigse.



An Ceangal:



Siubhail feasta an Mhumhain agus Éire Airt
Is tabhair leat chun cúirte gach éigeas ait;
Gach dúr-scraith nách umhal duit chun géille 'ot reacht
Brughfam gach cúinne dá phlaosc le staic.



DE BHRIGH GUR DHEARBHUIGH AR THÍ NA SAGARTAIBH.



Ag seo gearán gríobhdha géar-thuigseach an Athar Seán Ó hÓgáin
.i. eagailseach uasal árd-léigheanta aoibhinn


L. 220


il-theangthach go dtug sé féin agus an tAthair Mathghamhain
Ó Giaráin, isé sin sagart suaimhneach sitheóilte reamh-rádh
agus fógra follus foir-leathan don phobal a bheith rómpa
seachtmhain ón lá san go bith-chinnte ag teach áirithe den
pharóiste chun a n-ullmhuighthe mar ba dhual is mar ba dhleaghthach
'san chreideamh Chríostamhail a dhéanamh; gurab é dorinne
dubh-bhodach an tighe reamh-ráidhte teicheadh go hiargcúlta
óna theaghlach féin an lá ainmnighthe sin, óir do líonadar
foraoisí a chroidhe le dúthracht agus le dúrtam dúr-dhoichill
ar eagla go dtabhradh a bheag ná a mhór de bhruaidh bheathadh
don dís eagailseach reamh-ráidhte, go mb'éigean dóibh féin
cuid den bhagún dobhí na phriosúnach le seacht mbliadhna
crochta istigh d'éis a liaithe de cheal a chaithmhe dfhuascailt
óna dhaor-chuibhreach agus a ullamhughadh dhóibh féin, mar aon
le glasraí gorma garbh-dhreasacha dobhí in iargcúl gháirdín
an bhodaigh reamh-ráidhte; go measann an fiadh mór-fhiadhaigh
sin dlighe daor-dhamanta na ndubh-ghall do chur i bhfoirm agus
i bhfeidhm ortha, gidh mar ná tagann dlighe ar riachtanas,
is dá bhrigh sin gabhaim-se re hais a ndíonadh is a gcaomhnadh
ó chumhachtaibh gach suime dá dtiocfas ortha dá thaobh in aon
áit ná ionad cúirte ná cóimhtionóil tré cheithre ranna
Oileáin iath-ghlais bhfearann-ghlain úr-aoibhinn Éireann;
gur dá dhearbhadh san atá an reamh-chosc so síos ar a dtugaid
siad Supersedes i nuadh-shlighe na ngall:




De bhrigh gur dhearbhuigh ar thí na sagartaibh -
Dís den Eaglais shíor-aonda -
'S gur mhaoidhim go maslathach millteach mallaithe
Le dlighe go gcreachfadh an dís naoimh-chléireach
De thaoibh gur leagadar píosa é shena-mhuic
Dobhí aige i bhfraightheacha an tighe i ndaor-bhroid,
Gur scaoil an Eaglais ghrinn ón gceangal é
Le fír-neart fairsinge is fír-fhéile.


L. 221


Chun dlighe má rachann an fuingce fleascaigh
Níl díon ná cabhair do i gcrích Éireann -
Ó Rí-bhrog Chaisil go fíodhbhaí an Daingin
Ní timcheall mar sin go Baoi Bhéarra;
Nó síos dá rachadh go dtí sreabh Dhealgan
Mar ar claoidheadh danair le buidhin Ghaedhla
Beidh roimhe 'na seasamh an bhuidhean do ghreadfas
A chroidhe 's a chraiceann le righin-chaolach.



Suim ná gabhaidh-se 'san ríceach reatha so -
A dhlighe ná a labhartha ní cuibhe d'éisteacht -
Níl maoidheamh ná maitheas ná brigh ina labhartha
Acht croidhe le cealg chun círéibe;
Maoidhim is measaim gur gníomh ó fhlaitheas
Do scaoil as ceangal na righin-téide
An daoisteach deataigh de dhíth a chaithmhe
Tug aimsir fhada 'san bhfír-ghéibhinn.



AN CEANGAL:



Mo dhíth, mo bhrón, is dóighte an bheart, dar leam-sa
Dís den Órd 's de phór na bhflaitheas seanda
Fá dhlighe tar cóir ag cóbach ceasach canntlach
Ag maoidheamh a lóta dfheoidh de cheal a rannta!



Ní coir ar Eaglais bheannuighthe mhíorbhúilteach
A gcuid do tharraing ó ghlasaibh na daoitheamhlacht,
'S gur fios a' teagasc is aitheanta an Ríogh chumhachtaigh
Ag cur na marbh 's ag amharc na bpríosúnach!


L. 222


WHEREAS CÚIGEAR THÁINIG CHUGHAINN-NE.



Whereas cúigear tháinig chughainn-ne le hInformation
Equally sworn upon oath of Declaration
Go bhfuil stuacán chuiriceach ualán de chocól éadmhar
Insan chrích seo ag déanamh aimhlis do na héigsibh;



Diabhal dubh cuirpe thriall ó ifreann chughainn le haindlighe,
Spriata muiniceach, cliabh-chlab tubaisteach den tsluagh deamhnaidhe
Dar dhearbhuigh tríochad fiche agus míle laoch mear soineanda
Gur de phrímh-shliocht Phlútó chríona an lionnsca liodartha.



Thug an scrúille an méid sin dúthchais leis ó Lucifer
Gur do na héigse nó don chléir doghníodh toirmeasc
Tig Seán Ó Barráin chughainn le gearán ar an gcladhaire
Gur báthadh a ghearán 's a dhá bhullán 'san Áth† sin †tSaidhbhe;



Dofuair sé turainn in Áth an Tulca is é ar muin lárach
Trí n-a ghleacaidheacht do chaill sé a mharcaidheacht ar an áit sin,
Níor stad an fuaid sin riamh dá ruathar, mar bhí an donas air,
Go dtug sé cuaird ar Sheán Ó Tuama, nídh nár chuibhe dho.



Ar an adhbhar sin, a bháillí an anma, m'órdughadh dhíbh-se
Cuarduighidh fairsinge bánta is claidhtheacha, is cuarduighidh dígeach;


L. 223


Cuarduighidh garbh-chnuic, coillte is cairrgreacha, is cuarduighidh
sléibhte
Is cuiridh a thuairisc insna cuantaibh i gcríobhaibh Éireann;



Tógaidh comharthaí de lóma an lóipín as a dheallramh
Scuible tútach mursanta srún-fhliuch agus é geanncach
A chrín-ghlib thanaidhe chíor-dhubh bhreac-shnidheach ar
mhullach a stuaice
Na mílte caisirnín trínseach dearg-bhuidhe tá ar a chruadh-scroig.



Ó táid adharca ag fás go taidhbhseach ar an gclamh-lobhar,
Do chaill a chluasa, níl a dtuairisc ar a chnait-cheann
Therefore fail not in nomine regis, don't neglect to
Search the traitor in all places being suspected.



'Bé ar bith póirse 'n-a bhfuighthidhe an cóbach beiridh ar chúl
air,
Beiridh an cladhaire ceangailte ar adhastar chun na cúirte;
Bíodh greim ar bhaitheas air, is fill mhaith gadraigh ar an gcnápach;
When he is taken, by all means shew your orders.



DE BHRIGH GUR DHEARBHUIGH SAOI DE SHAGARTAIBH.



Ag seo gearán géar-thuirseach an Athar Seán Ó hEidhin,
.i. sagart suaimhneach sítheoilte subháilceach saoir-bhéasach


L. 224


a chomhnuigheas 'san mBearnain Choill sa chonntae réamh-ráidhte,
do láthair Sheáin Uí Thuama an Ghrinn, aon de phrímh-
bhreitheamhain
fír-dhlightheacha na suadh-éigse 'san ríoghacht
réamh-ráidhte, an treas lá den mhíosa Abráin sa mbliadhain
d'aois an Tighearna, 1752.



Gur dhearbhuigh an sagart réamh-ráidhte ar mhóide an
Phortúis dhiadha go dtáinig tionól mallachtach i ndubh-dhoircheacht
na hoidhche timcheall a theaghlaigh, agus, mar aon
riú san, ceatharnach cnámh-ársa cuiriceach crom-cheannach
ciar-dhubh crosta críon-fhiaclach buidhe bórthach brach-shúileach
pusach pioslach poll-ghnúiseach, agus é ar iomlat ina chrunnca
chrom cham-stágach, ina chaimearthach chrácach chaol-scrogallach
agus ina shruimile shraoilleach spairt-shiubhlach draoidheachtach
dubháilceach droch-fhaicseana; gur ghoid an conablach
gráinneamhail clamh-chlitheartaidhe sin ón sagart reamh-ráidhte: -



Éan éadtrom aerdha éagsamhlach fearamhail feardha fír-niadhta
meadhrach maiseamhail mórdhálach buadhach beannuighthe
binn-ghlórach uasal ádhmharach áluinn ealadhanta do b'fhearr
mian méid agus maise, cruth creat dealbh is conntanós,
faire, forcamás agus foir-coimeád tréithe agus tráthaidheacht
d'éanaibh na cruinne go hiomlán.



De bhrigh gur dhearbhuigh saoi de shagartaibh
Go caoineach cathuightheach caoi-deórach
Gur shín leis aicme den bhuidhin sin d'eascair
Ó dhríodar danar tar druim bóchna,
Le díoghaltas daingean dorinn a chreachadh
'San oidhche gan fhios dá phríomh-chomhursain,
Dobhí ina bhfara san straoille sean-duine
Draoidheachtach danardha dí-chomhairleach.


L. 225


Tríos gach milleadh dorinn an scruta
Le díoghaltas buile agus míchóthrom
Tug sidhe le fuinneamh ar rí-ghas coiligh
Dobhí ag an siollaire croidhe-mhórdha;
Ler mhín-ghoid misneach mo ghroidhire churaidh
De bhrigh gur imigh an tsaoi threórach
Ba díon ba dile ba caoin le coimirc
An tighe is na fuirinne ó mhillteoireacht.



Ba saoi le binneas an groidhe-ghein coiligh
'San oidhche ag feitheamh na gcaoil-nóimeant
Le gaois le gliocas do shíolruigh chuige
Ón Naoimh-Spirid milis le príomh-chomhachta;
Ag glaoidhach gan tuirse go coimseach cliste
'S go bríoghmhar bileamhail binn-ghlórach,
Gan díth gan milleadh de shíor gur choinghibh
An bhuidhean fá choimirc an Ríogh ghlórmhair.



Ba buacach barramhail muardha maiseamhail
Suaimhneach seasamhach sítheóilte
An gruagach greannamhar dualach dathannach
Fuadrach fearamhail fíor-chródha;
Ba luaimneach lasamhail uasal acfuinneach
Cruaidh do ghreadadh le groidhe-ór-spuir
Anuas i mbaitheas nó i mbuaic a namhad
Go buan chun reatha dá shír-sheóladh.



Ó Luan go Satharn is truagh na cearca
Fá ghuais ag screadaigh go scinn-ghlórach
Go luath ó cailleadh a gcuaille casnaimh
Ba dual dá samhail ar shlighe tórmaigh;


L. 226


Monuar is measa liom buaidheartha cathuightheach
Mo shuairc-fhear seasamhach sítheoilte,
Ó ghruadhna an tsagairt anuas go dtagaid
Na sluaighte srathanna síor-dheóra.



Ar shuagaibh aitchim gach suairc-fhear searcach
Is lucht duana chanadh go caoin-eólach
Ba fuadrach feasach i dtuairim ranna
In uaim in aiste 's i scríbhneoireacht;
In bhur gcluain dá dtagadh an fuaice fleascaigh
Nó fuaid dá amhail in aoin bhóthar
Buailidh bascaidh a chruadh-chreat greadaidh
Gan truagh gan taise don bhfíor-lómach.



Fuagraim feasta don ruairidhe reatha so,
Cuarduighidh leasa agus groidhe-mhór-chnuic,
Cuarduighidh leathan-chnap Tuath fí aireachas
Is sluagh sidhe sealga ar thaoibh Bóinne,
Tan buadhfaidhear amharc an fhuaid bhuidhe-scrata libh
A chuail chríon ceanglaidh, síor-fhógraim,
Bíodh a uaithní ag cnagarnaigh i gcruaidh-shnaidhm ghadraigh
is a thruagh-phíob agam-sa i gcaoil-chórda.



Go fíochmhar feargach tigheadh an ghasra
Gonuig Aoibheall Chraige na ngroidhe-leogan
'S má bhíonn an fleascach fá dhíon a tearmain
Scaoilidh fairsinge an ríogh-róid ris;
De shíor ná stadaidh ris dá bhfuigheadh sibh amharc air
Go binn dá chartadh i ngach aoin bhóthar
Go tigheacht abhaile cois taoibh an Gheata
Fá dhaoirse ceangail don bhfíor-lómach.


L. 227


Fógraim dóibh sin do thogha na bhfear
Tógaidh bhur seólta go lom le neart
An stróinse seo seólaidh go crom-ar-nasc
Cois Mhór-gheata Mhóngarait ag Lom na nEach.



Toirbeartha fim láimh
SEÁN Ó TUAMA.



WHEREAS D'ÁITIMH ARÉIR DOM LÁTHAIR.



Ag seo faisnéis Mhichíl Uí Longáin dom láthair-se an dara
lá déag den mhíos January agus 'san bhliadhain d'aois
ár dTighearna, 1752. Arn-a cheart-dearbhadh don
bhfaisnéisidhe seo adeir an tan dobhí ar mór-chuaird i gConntae
Luimnigh go ráinig 'san bhaile sin ris a ráidhtear Cromadh
an tSubhachais seacht míle 'san taobh ba thiar badh dheas ó
Luimneach amach, mar a dtárla le breallsún báirdín, duine
dubh dorcha diablaidhe droch-oinigh agus búrdúnaidhe brúideamhail
búndúnach ris a ráidhtear Seán Ó Tuama .i. geócach
gaige gan uige gan oideas dobhíos de ghnáth ag imdheargadh
ag aoradh is ag aithisiughadh ban bocht agus baoth-dhaoine agus
é ina chaimearthach cham-ioscadach clamprach cailleamhnach
maoidhteach milleánach agus é ina spadalach sprionnluighthe
spadánta scagh-fhiaclach gan mhodh gan mhaith gan mheas gan


L. 228


mhaise, agus atá fós ina uan uchta ina dhalta cíoch ag bacaigh
ag geócaigh agus ag bitheamhnaigh na críche go huile, ag
déanamh dín agus for-coimeád dóibh an tan dobhíd ag slad
agus ag creachadh na tíre ina dtimcheall gach uair dogheibhid
uain aga nó amus ortha.



Dearbhann an faisnéisidhe seo gur theaspáin an caimearthach
reamh-ráidhte sórt sean-pháipéirín do ina raibh righin-ráiméis
leamh gan bhun gan bharr gan snoidhe gan snas dobhí
i nádúir nó i bhfoirm bharrántais do chuir sé gan ughdarás ar
bith i ndiaidh éin choiligh do ghoid sé féin nó Reynardín leath-
chaoch amach ón Athair Seán Ó hEidhin .i. sagart paróiste
Mhongairit mar aon le lacha agus bárdal agus púnt tombac.
Ghoid an dís chéadna so le congnamh an deisciobail ó bhaintreabhach
bhocht do chomhnuigheas i mbaile cois abhann Móire
ris a ráidhtear Máire Ní† ghlan-†Bhriain áit in ar cuireadh
coigeal túrna i súil Reynardin agus dá chomhartha san tá
ar leath-shúil ó shin aleith. Níbhus mó ní deir an faisnéisidhe,
agus dá dhearbhadh sin atá an barrántas so síos:



Whereas d'áitimh aréir dom láthair
Saoir-fhear sáir-ghlic sitheoilte
Aon den dáimh ba chaoine cáil
Is groidhe-fhear grádhmhar gaois-ghleoite
Gur shín 'na dháil re tigheacht tar Máig
Daoirscar dána dí-eólach,
Breillsce báird gan fheidhm gan áird
Do mhill gach áit le draoidheadóireacht,



Ablach íogair airciseach íseal
Amhasach íotmhar éagcórach
Bradaire bíodhbha breabaire baogail
Beanna-phoc bruigheanach baois-lómach


L. 229


Caimearthach cíor-dhubh ceachartha cinnte
Cearrbhach caointeach caoil-thónach
Drannaire díscir danardha dí-chirt
Damanta, is dríodar daoi-chóbach;



Feallaire fíochmhar falathach fuighealach
Feannaire fuingce is fíor-lómach
Gaige bocht gaibhneach garb-phoc gaillseach
Glamaire is guingce gnaoi-dhóighte;
Learaire líomhtha leatscuilte leadhbach
Lastaire is leidhce laghar-dhreoighte,
Meallaire millteach maslathach maoidhteach
Is madra maoir le mí-chóthrom;



Nathaire nimhneach nathannach naimhdeach
Nascaithe níl i nidh foghanta;
Plubaire pleidhce pusaire plíoma
Pollaire puinn is príomh-lóiste;
Raille bocht ríceach, raiste le righne,
Rangartach roimhe seo is rí-chóbach
Srathaire síleach, smagaide suidhte
Steallaire steill is sraoille ólach;



Treas-dhuine taidhbhseach taistealach timcheall
Teallaire tíre is tighe ósta,
Do ghadfadh gach nídh dogheabhfadh 'na líon
Gan aiseag arís dá chaoin-chomhursain;
Do bhraduigh is fíor an lacha is a huibhe
Is earradh ná maoidhim im scríbhneoireacht,
Aitchim 'na dhíoghal má thagann 'nbhur slighe
A cheangal gan mhoill le righin-rópa.


L. 230


Bíonn fós mar chluinim 'na bhrócaer ime
'Na phórtaer uisce ag linnteoireacht,
'S is ró-mhinic é ar bhóthar Luimnigh
'Na óstaer buisinne baoith-dhreoighte;
Ar bórd cé thigeann 'na stróire buile
I gcomhar gach fuirinne ag físeoireacht
Is cé ólann iomad le póit 'na ghoile
Go deó níl pingin 'na chruinn-phóca.



Aitchim ar shuaga leanaidh an ruaig air
I gcaladh i gcuan is i gcaim-bhóithre
De shleasaibh gach tuath ó Ghaillimh go Tuamhain
Is ó Chaiseal go bruachaibh binn-Bhóirne,
Is má castar an fhuaid 'nbhur bhfaraid ar cuaird
É cheangal go cruaidh le righin-chórda,
'S ná glacaidh-se uaidh aisce ina dhuais
Go mbaintear na cluasa 'en bhfíor-stróire.



An Ceangal:



Aitchim-se gach faraire idir éigse is dáimh
Is gach preabaire den eaglais ón bhFéil go Máigh
An srangartach so ceanglaidh go daor le cnáib
Is bainidh uile cnagarnach is béic as Seán!



WHEREAS THÁINIG INDÉ DOM LÁTHAIR.



De bhrigh gur dhearbhuigh im láthair-se an t-ochtmhadh lá déag
de mhíosa 8ober, aois an Tighearna 1776 gur goideadh,


L. 231


an cuigmhadh lá déag den mhíos chéadna so agus san in am
mharbh na hoidhche, uimhir géanna go n-a ngandal, mar aon le
fíor-phocán fíor-áluinn fíor-mhaiseach gabhair ó Uilliam Ó
hAithnín .i. suairc-fhear sona sítheoilte fliuch fairsing,
fíor-fháilteach do chómhnuidheas i dTobar na Naomh 'san
chonntae reamh-ráidhte Luimnigh; agus cé mór do shiubhal
dá lorg is dá léir-chuardach ná fuair a dtásc ná a
dtuairisc, fios fáithe ná faisnéis cia cuan nó cumar,
coill ná currach inar gabhadh leo, ná fós cia an foghlaidhe
fuilteach fíor-bhradach nó an gadaidhe gruama gráinneamhail
tug sidhe sanntach sáir-nimhneach ar an eallach san nó go
ráinigh don Ráth go tigh Sheáin Uí Cheallaigh agus gur gheall do
a lorg is a léir-chuardach, go raibh amhras aige féin gur tré
Árd Pádraig soir chun Baile an Ghriana tugadh iad, agus
gurab é Pilib de Búrc do sciob nó dfhuaduigh iad agus go
gcuirfeadh sé barrantas cuarduighthe ina ndiaidh, agus gan
de shlighe ná de réasún aige leis sin acht dfhonn an duine
macánta do chur ar dearmad ó dochonnaic ar an lorg
cheart nó ar an rian díreach é, agus mar dobhí a sháir-fhios
aige gur 'san Ráth do coscradh is do críochnuigheadh iad.
Agus fós do dhearbhuigh an faisnéisidhe seo gurab é croiceann
an phocáin ba díon cinn agus cabhlach don tSeán Ó
Ceallaigh so, mar atá, an croiceann ar a chabhail agus an
guaireach ar a cheann aige.



Ar an adhbhar san fuagraim is órduighim ar a bpriacail
do gach árd-chonstábla 'san chonntae seo agus do gach báille
nó íochtaránach fá n-a mbun san, mar atá Seán Rábach go
bith-chinnte gan buaidhreamh ná trioblóid, scannradh ná
imeagla do chur ar Philib de Búrc ná ar aon dá chuideachtain,
agus má gabhtar nó má cuirtear ar láimh aon duine aca, a
leigean chun siubhail arís gan mhoill ar a n-aontadh agus ar
a dtoil feín, agus gan aithis ná náire do thabhairt dóibh agus
an fánaidhe foghlach so .i. Seán Ó Ceallaigh agus gach aon
dá chomhluadar, mar atá Seán de Faoit .i. an fear braithte


L. 232


dobhí ina bhfochair etc., do cheangal agus do chruadh-chuibhreach
agus a dtabhairt dom láthair-se go gcuiread Mittimus
go Caiseal leó i láthair an árd-bhreithimh is an chirt, agus go
gcuirtear i mbraighdeanas iad go dian daingean do-fhuascailte,
go roinntear leo mar órduigheann an dlighe.
Ag seo bhur n-ughdarás chun bhur n-órduighthe do chur i gcrích:



Whereas tháinig indé dom láthair is tug na móide
Saorfhear sásta glé-ghas grádhmhar cliste ceolmhar
Gur duine ón Ráth do shín 'na dháil 's dorinn dóigh dhe
Do chuir 'na sháin-rith anois chun fáin é ar lorg an eolais.



Tháinig an scoinnse i meádhon na hoidhche mar aon le stócach
'S do ghoid gach nódh dá dtárla roimhe is tug a ród air,
Do ghoid ón mnaoi go fiú na huibhe dobhí ina cófra
'S an chráin chríona dobheireadh dhá líne agus do thógadh.



Do chuir an gandal chuige 'na dteannta go ró-threórach
Is pocán gabhair ba mhaith an chabhair é bruithte nó rósta,
Dodhéanfadh easna dhe béile sagairt ar baiste nó ar pósadh
Cé chaill a acfuinn dodhéanfadh acartha i measc na gcomhursan.



Gur rith Seán aniar ón Ráth is go dtug fobha air
'S gur chuir na cránta chuige 'na mhála i bhfochair an ghandail,
Tá croiceann an phocáin ar a gheadán fós mar bhríste
Tá a ghuaireach ar a chluasa ag déanamh dín dóibh.



Seán de Faoit do dháil 'na shlighe is dorinn treóir do
I lár na hoidhche tháinig á choimhdeacht ag braith na comhursan;
Dá bhrigh sin órduighim do gach treóraidhe ar feadh na dúithche
An dís seo leanamhain is a dtabhairt ceangailte chun na cúirte.


L. 233


Ná glacaidh bannaí ná fós tacaidheacht ó aon den chóip sin
Acht cuiridh an sealán go ró-fholláin fá n-a scórnain;
Ag seo sáir-chead do Sheán Rábach go foir-líonta
Le cead óm láimh-se chun breith do láthair ar an ndís seo.



A dtabhairt go Caiseal chugham go tapa go gcaithfid géilleadh
Is teacht fá bhrataigh chúirte an reachta 's na fír-éigse;
Dá bhfuigheadh sibh báille nó constábla i mBaile an Ghriana
Má's ón Ráth é cuirtear ar láimh é agus tugtar pian do.



Seo Supersedes díbh fá shéala agus sin le fórsa
Chun gan géilleadh thabhairt don méirleach ná dá chomhachta;
Déanaidh bhur ndícheall ar an ndís seo is a dtabhairt chugham-sa
Is bainfead-sa díoghal ceart ina ngníomhartha agus 'n-a siubhalta.



AN CEANGAL:



Ní séantar linn tréithe Uí Áithnín tsuairc
Ná a léir-scrios in éinfheacht mar áirmhíd suag
A mhéith-phoc le faol-choin mar árduigheadh uaidh
Mar aon is a ghéanna le ránaidhe ruadh.



Is géire linn Séarlas ar fánaidheacht uainn
Is daor-phoc an éithigh ina árd-righ mhuar
Dá dtéarnadh ár gCaesar le gárdaí cruadha
Dobheadh méirligh i ngéibhinn 's an dáimh ghrinn suas.



Ó traochadh ár nglé-bhile do b'fhearr fí dhuais
'S gur faon-lag an éigse gan gnáth-chíos uaidh
Faesigh ar Ghaedhil bhocht a Árd-rí 's a Uain
Is saor feasta an réx ceart ón ránaidhe ruadh.


L. 234


WHEREAS THÁINIG INDIU DOM LÁTHAIR AGUS SIN LE DÍOGRAIS.



Ag seo faisnéis an uasail Uilliam Ó Nialláin ó Dhroichead
Bhuinn Bhriste im láthair-se an t-ochtmhadh lá
de July d'aois an Tighearna, 1769.



Arn-a dhearbhadh don fhaisnéisidhe seo isé adeir, an tan
dobhí ar deoraidheacht 'san bhaile leis a ráidhtear Cathair
Cinn Lis san chonntae chéadna go dtárla leis baoth-bhastún
brúdach búndúnach agus cladhaire cealgach cailleamhnach dara
comh-ainm Muircheartach Ó hUrthaille .i. duine dubh dorcha
diablaidhe droch-ghnéitheach aithiseach éightheamhanta gráinneamhail
gruama giúirléideach agus foghlaidhe fuadrach fad-scrogallach
dobhí sealad i leith ina shagart chiallmhar Chríostamhail
nó gur dhiúlt agus gur dhúr-shéan Críost is an naomh-chléir
le hainmhiana agus le grádh dá chorp agus gur iompuigh
chun a bheith ina mhinistir mhioscaiseach droch-aigeanta, atá
anois gan mhodh gan mheas gan chreideamh gan choinsias gan
ghrádh Dé ná duine, ag imeacht ina chaimearthach cham-ioscadach
chlamprach agus ina shéithleach shamhalta ó thig go tig agus ó
bhothán go bothán mar aon le ciar-chléireach coirtighthe cnámh-reamhar
buidhe baoth bolg-mhór breacloirgneach ag pósadh
agus ag ceangal bacach agus baoth-dhaoine agus gach aon eile
dobhéarfadh réal nó scilling dóibh ar son a saothair agus
san in aghaidh dlighe Dé agus an tsaoghail.


L. 235


Ar an adhbhar san fógraim agus órduighim do gach faraire
forránta fíor-uasal, do gach saor-fhear súgach so-bhéasach,
go speisialta don Dochtúir Micheál, don Athair Tadhg Ó Céirín,
do Philib Ó Meachair agus do Sheán Ó Ciairmhic agus
do gach glé-ghas greannamhar eile ar feadh na conntae reamh-ráidhte
agus Leithe Mogha go huile an crochaire cuirpe
ciréibeach so, mar aon le n-a chiar-chléireach Tomás Ó Lochlainn
do ghabháil, do cheangal agus do chruadh-chuibhreach
agus a dtabhairt dom láthair-se go Bruighean nó go Sídhe-Chnoc
Áine go gcuiread Mittimus go hifreann leo do láthair
a maighistir féin .i. Lucifer, mar a bhfuighidh siad a sciúradh
agus a sciomaradh, mar aon leis an gcuid eile den chlé-eaglais
do dhiúlt do Chríost agus don Mhaighdin ghlórmhair.



Ar an adhbhar san ag seo bhur n-ughdarás chun bhur n-ordughadh
do chur i bhfeidhm:



Whereas tháinig indiu dom láthair agus sin le díograis
Saoi agus sáir-fhear, groidhe-ghas grádhmhar, is tug an Bíobla
Go bhfuil cladhaire ag imeacht 'na scainnse ar fuaid na dúithche
Ag déanamh aimhlis le hiomad taidhbhse ó chuir gúna air;
Dobhí ina shagart ar feadh tamaill ag déanamh clampair
Ní dubhairt Aifreann ná fiú sailm ó chuir banda air;
Atá anois 'na mhinistir crón dubh cuirpe is coinneal-bháthadh air;
Mar thug na mionna ná fuil i Muire acht mar a mháthair;
Mar bharra ar a bhaois do dhearmaid Críost 's a chléir le mailís
Go dearbhtha díbh le taitneamh do mhnaoi gur thréig sé an aibíd;
Ainm an duine seo Muircheartach Ó hUrthuille, eascú an éithigh,
Bíonn go minic ar fuaid Luimnigh 'na chúréibe,


L. 236


Ag ól 's ag imirt 'na stróire buile i bhfochair a chléirigh,
'S nuair ólann iomad le póit 'na ghoile bíonn sé ag blaodhraigh.
Ag seo a chomharthaí do gach treoraidhe ar feadh na dúithche -
Fear caol cróilidhe cas dubh crón-bhuidhe is é dubh-shúileach;
Cuarduighidh cumair do, cuanta is curraighthe, talamh is taoide,
Is ró-mhinic é ag ól sa Droichead 's i mBaile an Fhaoitigh;
I charge you therefore má gheibhtí an séithleach ná glacaid air
bannaí
Acht tugaidh an bhaothlach chugam 's a chléireach - ná déanaidh
faillighe
Go gcuiread an cúpla cuirpe ar úrla i láthair Chailbhín
I bhfara gach scrúille d'imig le Liútar 's ná dearna aithrighe.
Ag seo barrántas tugtha fám láimh-se is fám shéala
Chun breith ar bhrághaid ar shruimile an smáil is ar a chléireach.



Fám láimhse an t-ochtmhadh lá de July, míle seacht
gcéad naoi mbliadhna is trí fichid.
AINDRÉAS MAC CRAITH.



An Ceangal:



Mo dhíth mo dheacair mo dhainid mo dhíth threórach
Seo an dís tug easmailt is aithis don Rígh ghlórmhar
Críoch a leasa ní leanaid 'na bpríomh-chomhairle
Is tríd ní rachaid go cathair na Tríonóide.



Seo an dís do spalp na leabhair go éagcórach,
Do dheighil le Peadair 's le teagasc na bhfíor-eolach
Le baois a mbeathadh, le masladh 's le millteoireacht
Do dhíol a n-anam ar easna maith caoir-fheóla.


L. 237


Tar tuinn dá dtagadh na fearachoin fíor-chródha -
Sliocht Chuinn is Chairbre 's a ndeacha de dhruim bóchna -
Bheadh sceimhle is scaipeadh agus creathadh ar na fíor-chóbaigh
Leaghadh agus leathadh agus leagadh agus síor-leónadh.



Guidhim is aitchim gach faraire fíor-eolach
Gach saoi gach sagart gach seabhac suilt sítheoilte
An dís seo chartadh do ghreadadh is do shíor-scóladh,
A gcinn do ghearradh is a gceangal le righin-chórda!



WHEREAS CUNNTAS TÁINIG CHUGHAMSA GAN AON MHEARAIDHE.



Whereas cunntas táinig chughamsa gan aon mhearaidhe
Gur i Sean-drom atá an clamhaire Domhnall Maistín
Bíonn an smamhaire ag déanamh amplaisc ar lucht ealadhan
Is beidh sé i dteannta tré n-a labhartha againn fá smacht dlighe.
Bíonn an dailtín críon-dubh cas-bhuidhe mar chuid mórtais
Ag déanamh rannaidheacht do lucht ealadhan, nídh nár chóir do;
Clamh-lobhar tútach creat-lom giúnach de shliocht Órla
Nár dhual do ceathramha dána atharrughadh ná a chur i gcóir chirt.


L. 238


Órdughadh díleas dobheirim scríobhtha do gach báille
Cuarduighidh dígthe, gleannta, coillte agus bánta,
Gibé cuasán 'na bhfaighthí an fualán beiridh ar bhrághaid air
Fáiscidh cruadh-théad ar an bhfuairnéal go dtige sé im láthair.



Ag seo comharthaí bheirim fós díbh ar an séithleach -
Is gnáthach fuachtáin ar a chruadh-sháil, fadhb is méirscre;
Bálta garbh tiugh mar chlár srathrach fá n-a chaol-speir
Tá dhá lorgain dhóighte ón dteine ag an arcán créimeach -



Mar gheabhaim teastas air tá sé baistithe gan fáth amhrais
Domhnall Maistín is ainm dom aircín bhíos i Seandruim;
Ná leigidh an leadaidhe uaibh le faillighe, beiridh ar chúl air,
Tugaidh é im láthair ceangailte ar thácla is glaodhtar cúirt air.
Therefore spare not to search all places ar feadh na dúithche
Radharc má fheachtar air faghtar marbh é mura mbiaidh umhal díbh!



An seoladh:



Ní cumar ná cúinne, clúid ná claidhe buidhe cré
Ná cuirfimís cú agus triúr go dtaighidfaidhe é
Gach nduine go humhal ag rúscadh an chladhaire bhréin
Go dtugthar ar chúl go cúirt na Laghraighe an phéist!



Gach cuimide clamh gan bhlas gan puinn eolais
Ná tuigeann an reacht ba cheart do dhaoine óga
Cuirfeadh i nglas fá cheas an fíor-lómach
Má chluinim an spreas ag screabhadh ar scríbhneoireacht!



Fám láimh-se
SEÁN Ó TUAMA.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services