Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cois na Bríde

Title
Cois na Bríde
Author(s)
Inglis, Liam,
Compiler/Editor
Ó Foghluada , Risteárd
Composition Date
1730
Publisher
(B.Á.C.: O.S., 1937)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



1 - AG TARRAING AR AONACH NA gCOIRRÍNÍ



Ag tarraing ar aonach na gCoirríní
An deichmhadh lá de mhí agus dFhoghmhar
Do casadh ina haonar sa tslighe orm
Cois leasa, 'sí an faoileann beag óg.



A cuacha go dualach 'n-a timcheall
Ag sileadh tré lítis 'n-a snódh
Coisbheart a coise 'n-a haoil-chrobh
Is Cuipid go líonmhar 'n-a clódh.



Do bheannuigheas do bhábán an aoil-chnis
'S mo haitín go híseal im dhóid
Do rinneadh mar aisling aréir dam
Go rabhas is í ar thaobh faille ag ól.



Grianán is dian-ghrádh fear Éireann
I bpearsain i scéimh is i gclódh
Dá gcreidfí mo theann-mholadh bréige
Ní mise an réic sin dar ndóigh.



2. - DO THÁRLAIGH INDÉ ORM



Do thárlaigh indé orm 's me im aonar sa ród
Fánach beag béithe, agus éistígh lem ghlór;
Ba bhreágh deas a béal 's ba chraorach mar rós,
'S ba lághach deas a claon-rosc ag géilleadh don spórt.



Do bheannuigh go tapa is chuir maig ar a beól:
"Sir, I am your servant - how far do you go?"
"Béarla níl agam, 's ní chanaim a shórt,
Acht Gaedhilg liom labhair is freagra gheóbhair."


L. 2


"As I hope to be married, a word I can't speak
Of that silly language, which makes my heart ache;
Some token or other I beg you will show
For I have the colic agus cannot well go."



"Ná trácht liom ar chailligh - ní maith liom féin iad -
Ár ortha is easba agus galar is pian;
Do bfhearr liomsa ainnir n-a mbéadh lasadh 'n-a ciabh
'S dhá mhama geala mar shneachta ar an sliabh."



B 1733 18L
3. CIDH hEASBATHACH D'ÉIRINN.



Liam Inglis agus Liam Ruadh Mac Coitir cct,
gach re rann eatortha, ar bhás na flatha fíor-uaisle
.i. Donnchadh Óg Mac Craith, noch d'éag A.D. 1733
.i. Donnchadh Choill Bhéine. Liam Inglis do cheap
rann a haon, Liam Ruadh rann a dó, etc, etc.



Cidh heasbathach d'Éirinn eág mic Golaimh na dtreas,
Mar leagadh le Déirdre, féach, clann Uisnigh na n-each
Flatha na Féinne is tréan-Chúchulainn na gcleas
Níor teascadh go léir a bpréamh go Donnchadh i nglas.



Glas-tsnaim dhoilbhis dochair i gcríochaibh Fáil
Is cneadh-chlí is follus tar srothaibh do shín ón Spáinn
Lachtaidhe cosnaimh na n-ollamh fá líg go táir
Do cheap síor-gholfairt is osna mar chíos don dáimh.



Dáimh is cléir gan séan gan sochar a nduain
Ní sámh guth éan, 's is tréan tig tonna chum cuain
D'árduigh Phoebus daol-bhrat orchra is gruaim
Ó támhadh féile Gaedhal le Donnchadh is truagh.


L. 3


Truagh loma-ghreadadh is loscadh bas na laoch go lag
Uaill bhrostathach na solas-bhan le taobh na bhflaith,
Cuaird chorruightheach le golaibh guirte ag béithibh leas
Ar uaigh Dhonnchaidh meic Dhonnchaidh mheic caomh-chlainn
Chraith.



Caomh-chlann Chraith i dtreas nár bh'íseal treóir
Dfhuil éachtaigh Chais de mhaicne Mhílidh mhóir
An féinneadh geal do cheap gach saoi le brón
Go faon 'san bhfeart ó thaisce an tsaoi go hóg.



Ógáin Mhumhan fá smúit in orchra liach
Gan seól ná stiúir mar long ar stoirm gan riaghail
Is brónán túirseach liúm ná cloisim a thriall
I gcómhdháil trúip mar chongnadh cosnaimh dá thriaith.



A thriath in' easbaidh ní machtnadh linn daor an phúdhair
Is liacha cleachta caoidhe ag maithibh síl Éibhir úir
Níl iasc ar chaisí agus aistríghid réilte a ngnúis
'S ní cian do gheallaim díbh d'fhanfaidh aon bhraon 'san
tSiúir.



An tSiúir 's an tSionainn go tirim 's an Laoi in éinfheacht
Srúill is Life 's ní hiongna an Bhríd éigneach
Gach ciúin-tsruith mhilis ó Dhoire go Baoi Bhéarra
'S na dúile ag filleadh tar fuirm ag caoidh n-éachta.



Éacht Aoibhle fé'n sceimhle do shearg me i nguais
Léan daoirse na ríogan ón gCarn do ghluais
Créacht chaointeach na sídh-bhan re sleasaibh na gcuan -
An saor-thaoiseach de chlainn Chraith ó taisceadh in uaigh.



'San uaigh 'n-a dtaisceathar taise agus clí an fhéinnidh
Is muar an gradam 's an ceannas don líg fé'r luigh
Acht a Uain na bhFlaitheas beir a anam gan díol péine
Go cuan na n-aingeal cidh heasbaidh an chríoch d'Éirinn.


L. 4


B 1740c 18L
4. - NÍL SÚGAIDHEACHT NÁ DÚIL GHRINN.



Fonn: An Rós Geal Dubh



Ní súgaidheacht ná dúil ghrinn le spás im ghaobhar
Ach lúth-shaighead dom brughadh síos le grádh don bhéith
A shiúirín na bhfionn-dlaoi ag fás go féar
Ó dhúisighis mo chúis chaoidhe ná fág me i bpéin.



Tá a cúirnín go cúl-bhuidhe ag fás go féar
'S a com buidhe go dlúth mín mar shnáithe caol
Nach cumha-chroidheach i gcúigíbh mar táimse i bpéin
Ag lúibín na mbúclaí 's nach áil léi mé?



A chúil dhuinn den chrú chaoin do sháruigh mé
'S gur dubhach bhím dom chiúin-tsníomh de ghnáth it dhéidh
A mhúirnín is tu ghuidhim ar ghrádh Mhic Dé
Ó stiúruighis an phúdhair thríom, uch! slánuigh mé.



Tá úr-ghnaoi agem rúinín 'n-a bhfuil scáil na gcaor
Mar chubhar chruinn ar chiúin-linn 'n-a snámhann an ghéis
Is búch binn a tiúin fuinn mar gháir na dtéad
Dfhúig sinn go dubhach tinn 's an bás lem béal.



Im thrú bím i gcúinní go fánach faon
Ag brúchtghail mo chubhar-chroidhe do sháruigh mé
Ag siubhal slighe nuair smúiním ar ghrádh mo chléibh
Ionntuighim is dúbluighim go hárd mo ghéim.



A rúin chroidhe, 's a chnú chaoin 's a ghrádh mo chléibh
Do lonnruigheadh ó chrú-shíol den árd-fhuil Ghréag
A stiúruigheas gach súgaidheacht ar chlár go séimh
Is le humhlaidheacht dot ghnúis ghrinn do tháinig mé.


L. 5


Do shiubhluigheas is d'iompuigheas gach lá lem ré
Idir chúigíbh is dúithibh is bán-bhruigh ghlé
Ag cúscraidheacht le clú chaoin i gcáil 's i méinn
'San gcúis díbh níor shamhluigheas mar táid i scéimh.



B 1737 18L
5. - TURRAINN TÁMHTHA SHEÁIN MHIC GHEARAILT.



Ar bhás Sheáin mac Ridire an Ghleanna, 10/8/1737,
d'éis mór-chuid ringce a dhéanamh an oidhche roimhe
sin, in Eóchaill. In aon roilig amháin do cuireadh
é féin agus an file .i. Reilig Eóin, i Sráid Dhubhghlaise,
i gcathair Chorcaighe.



Turrainn támhtha Sheáin Mhic Ghearailt
Ara láidir lághach lannach
Beangán lonn, is foghail a mharbh
Do dhul in úir i dtúis a ratha.



Codhnac coimirceach Ridire an Ghleanna
Oll-fhear oscardha chiorrbhadh danair
Dursan é dá phréimh mar gearradh
Ursa Gaedhal 's a bhféinneadh bagair.



Céad léan cráidhte cásmhar ceasach
Ar an mbás is bearnadh is bascadh
Do chlaoidh céadfadh an té nár laiste
Do chlaoidh gaois is gníomh do b'fhearra.



Do chlaoidh scéimh is tréine talcair
Do chlaoidh maordhacht méinn is maitheas
Do chlaoidh cródhacht leódhadh gan glagar
An leógain nár ónadh i dtreasaibh.



Mál geal curanta cumasach creachach
Seán mac Ridire an ridire reannach
Géag chúmhra den úr-fhuil chathach
Nár dhruid an troigh d'éinne i dtaca.


L. 6


Triath áluinn i gcliaith mháiligh ghairbh
Nár ling ar gcúl ar dúnadh a scabail
'N-a dhóid nuair bhídís cloidheamh is cealtair
Do réidheadh slighe gan sceimhle meathtacht,



Treóraidhe do b'eólaidhe ar chleasaibh
Lúth is lámhach is áitheas athlamh
Caomhthach caoin ba bhríoghmhar gaisce
Is macaomh suairc nár chruaidh um aisce,



Síogaidhe suaimhneach sluaighteach seacach
Cuirmeac cuanach cuachach caithmheach
Fithcheallach fíontach físeach fleadhach
Fíochmhar fobhach boghach breasach,



Fear 's a ghnaoi ba lí-gheal lasmhar
Fear i ngníomh mar Chaoilte i gcathaibh
Fear ar lann mar Chonn i dTeamhair
Tarbh tána is táirseach treasach,



Éigne fíor i mbruidhin an Ghleanna
Gréagach groidhe dá ndíon ar dheacair
Fiann-fhear fial do thriall chum baile
Ó Sheán na Sursainge, an sconnaire fleadhach.



Is méala do Ghaedhlaibh a thaisce
I gcré-chuilt fhuair gan luadhail 'n-a bhallaibh,
Gríobh ghusmhar dár iomchuibhe arm
Is laoch líomhtha go fíor-bhrúcht ghalaigh.



Is saoth liom a chaomh-chorp gan tapadh
An t-éadan mín le haois nár threabhach
A réidh-suirc righin go mbraoithibh ganna
'S a bhéal tearc binn na bhfuighle mblasta.


L. 7


Lámh éachtach i dtréan-ghail nár feacadh
'S an chliathán ghlé mar sciathán eala
Sliasadh lán ba ghárda ar eachaibh
Is glún i ngliaidh ná hiarradh taca.



Lairg lúthmhar is úire d'eascair
Troigh shlím gan teimheal ba tana
Croidhe córach nár fhóbair an meabhal
Is méinn uasal nár smuain bheith meangach.



Go ríomhthar réilte is féar ar fhaithche
Tonna an tsáile 's sa tráigh an ghainimh
Nuimhir a thréithe ní féidir aithris
Branán brághaid-gheal báidheach gan bhaiseal.



Níl dúil le béad a ghné nár atharruigh
Réilte ar tír, 's an tír gan ceathra
Éisc ar muigh is éanlaith in easaibh
An teine ag snighe is an t-uisce ar lasadh!



Urdhubhadh ar ghréin, do chlaochla' a gartha,
Do mhúch an ré i néallaibh scamall
Atá an bhóchna go glórach garbh
Ag bréid-fhilleadh le fraoch-bhuile chum tailimh,



Ag réabadh long i dteannta faille,
'S níl díon ag bád ná snámh ag barcaibh,
Tairm 'san spéir is caora 'á gcaitheamh.
Is fraoch ainmhín na gaoithe ag seasamh.



Tá Tonn Clíodhna ag maoidheamh tar cleachtadh
Is Tonn Rudhraighe go cubhar-lítheach ceathach
Tonn Ógla ag fógairt feasta
Géim uathmhar ó bhruach gach mara.


L. 8


Atá Fódhla go brónach 's a beanna
'S a gorm-choillte 'n-a bhfolairí gan taradh
A gaorthaí ag géar-chaoidh gan lagadh
'S a corra-chnuic 'n-a n-otharluith ón scathamh.



Níl feár ag fás ar clár a haighthe
Ioth a bhúir, ná ubhla ar chrannaibh
In éigriocht truaighe táid buaibh gan lachtas
Is faoidh na n-éan go léanmhar balbh.



Atá an tSionainn tuaidh go ruagach rachtmhar
Is Abhainn Mhuar ag bualadh um leasaibh
An Bhríd bhaoghlach 'n-a caor-thuile dhearg
'S on Laoi uaine scuabadh cairb.



Atá an tSiúir shona go hurthanna atmhar
Feóir is Bearbha ag mearughadh reatha
Atá Abhainn Life ag briseadh gan daingin
Is Bóinn gheal na n-ór-bhrat ar meascadh.



A caithmhíli 'n-a sraithí, gan chalg,
Gan frais-ghníomha i mbrais-íorghail ná a malairt,
A huaisle go gruadh-fhliuch fá mhairg
'S a béithe ag géar-ghol ar leachtaibh.



Atá an chliar chráibhtheach fá cháibean feasta
Ionnarbadh ar órdaibh, seóladh is scaipeadh
I ndiaidh Sheáin ghil, fál a bhfartha
Is díon a gcáis ar árd-ghoin Breatan.



Atáid éigse go céim-leisc gan aiteas
Gan laoithe ar chaoin-chruit dá spreagadh,
Iachtach bhróin i mbeólaibh leanbh
'S is tóirseach ar bóithribh bhíd bacaigh.


L. 9


Is uaigneach an fuadar so bhraithim
Ar gach árd-chnoc fá'n mhuigh fhairsing
I gCuirreach cnu-bhuidhe Chille Dara
'S i machairí míne Chluana Meala.



Atá Cloichín ciúin, is ionnsa Malla
Is sraoilleán Móirín cróiligheach cathach
Níl óifrideach meóir-fhrithir mar chleachtadh
In aolbhrog aoibhinn i gcroidhe gach baile



Mar a mbíodh ringce greadhnach gasta
Is óg-bhuidhean go ceól-chaoin dá fhaire
Ní bhfuair Fódla cló dá shamhail
Ó d'éag Curadh an Bhruit Lachtna.



Nó Cú na hÉamhna do réidheadh bealach
Nó Firdia an mál 'san Áth do cailleadh,
Nó Eógan Mór an treón ar ar fealladh
Nó Conn na ruag ler buadhadh Teamhair,



Nó Lughaidh Lágha tug ár a charad
'S do leighis a n-éag ar bhéine teascadh
Nó Fionn Mac Cumhaill nár chúb ó threasaibh
Nó Oscar amhra, san nGabhra cailleadh.



Nuimhir chaomh a phréimh' ní bhacfad
'S ní luadhfad an uaisle Ghreagach
Dá mbíodh sluaighte is suaithnidhe ar leathadh
Mar táimse óg is m'eólas gearra.



Acht nár ghluais aon chuain tar caladh
An mhéid atbádh nó atá 'n-a mbeathaidh,
Brianaigh miadhmhala is Carrthaigh,
Clanna Néill, síol gCéin, 's síol Eachadh.


L. 10


Búrcaigh, Brúnaigh is Barraigh
Paoraigh, Builtéaraigh is Breatnaigh
Róistigh, Mac Fheórais fá'n angadh
Gan a ngaol go déin it ghreanadh.



Ní mhaoidhim leirg chirt meirge Gearalt
Ná gach áit a ráinig a sealbh
I dtaobh a mháthair, tá sí feasach
'S ní féidir smál a dfhaghaíl ar a athair.



Ó's éigean bás dfhuil Ádhaimh gan aiseag
Éighim tráth an t-ár so theagmhuigh;
Acht guidhim go díleas an Rí-Mhac rathmhar
A anam séimh do chaomhnadh i bhFlaitheas.



Seacht gcéad déag is tríochaid taistil
Is seacht mbang tug samhradh lasmhar 1737
Ó breith an Tighearna diadha dath-ghil
Go teacht támhtha Sheáin Mhic Ghearailt.



An Ceangal.



Turraing ghuirt an Ridire do bhíodh 'san Ghleann
Sconnaire na Sursainge ba ghníomhach teann
Uchbhadh luit an siollaire fá dhíon na gceall
Ursa cnuic gan iomarca, is díth a bheith fann.



Dalta dil na Banba an féinneach Seán
Gearaltach gan ainimh chuil ba saoghain sámh;
A ghairbh-lic, sin fachain guil let thaobh go brách
Faraire den arad-fhuil, an Gréagach cáidh.


L. 11


B 1760c 18L
U 0275
6. - LIAM DE BHRIOTAIBH .i. Liam Inglis



I mBarántas agus Órdughadh dár cuireadh amach fé
ughdarás na beirte sin Liam Ruadh Mac Coitir agus an
tAthair Seán Ó Briain, chum filí na Mumhan, dfhonn breith
ar Dháibhí Brún, file gan fáscadh, tá an méid seo:



" ... Fáidh ná file ná fágtar libhse san Mhumhain ársa
Gan fáil 'n-a choinnibh; ar lár go gcuiridh an Brúnach bearnach.
Do mhaoidhimh an Brúnach buidhean dá chongnamh mar aois dána-
Is díobhsan Tomás caoin-mhac Tighearnáin is Mac Giolla Pádraig
Is díobh Párthalón an bráthair Códach, rannaire Dáibhí,
Is gliadhaire cumais, Liam de Bhriotaibh, is duine ná háirighim;
Gach n-aon eile 's an méid seo adeirim de chongnamh Dháibhí
Tabhraidh chughainne fé thearmonn cúirte cumais na bhfáidhe ..."



Liam de Bhriotaibh - ionann san nó Liam Inglis, nó English.



B 1738C 18L
U Liam Inglis
7. - ISÉ SEÓN AN SIOLLAIRE



'Anna Príor, óinseach arrachtach do bhíodh ag imtheacht
ó fhile go file ar fuaid na Mumhan.



Isé Seón an siollaire scothas na fuinn-se Fáil -
Óig-bhean chumasach churata chaoin-tias cháidh;
Lóiste soilbhir, ionmhas grinn na ndámh
Dá seóladh chugainn de thurraic, an scaoinse mná.


L. 12


Bean is binne, dar linne, 'ná glór na n-éan,
Bean bhíos fireann is boineann dá dóchas féin,
Bean is mise do ritheas an fód so Chéin,
Anna an bhroingheal, is goirthear dhi Seón le scléip!



Is eól di Inis is Doire is Loch Éirne fós,
Bóinn is Life, Cill Chainnigh, agus Béarra leó;
Óinseach bhuile do milleadh i gcéill 's i gcló
Ó dóghadh a hionar go huile, 's a héadach nódh.



8. - IM LEABAIN ARÉIR.



Cúrsaí Sheáin Chláraigh atá dá luadh aige. I ndrochscríbhinn atá an
iarracht so le fagháil.



Im leabain aréir is mé im shuan
d'amharc me spéir-bhean mhaordha uaim,
Bhí lasadh na gcaor gan bhréig 'n-a gruadh
Is a carn-fholt léi go féar anuas.
Dubhart gan stad - dlúith lem ais, a rún tabhair póg,
Le taitneamh dot ghnúis táim dubhach i mbrón.



Do fhreagair an bhéibhionn mhaordha shuairc
"Le fearaibh an tsaoghail táim réidh, dar Duach;
Do ceangladh mé le réic gan ghruaim
'S ní feas dam cé'n taobh n-ar éaluigh uaim."



"Is ádhbhar léin don taobh so, is truagh,
Fear sár-oilt' séimh, fear saordha suairc,
Fear dán is dréacht do dhéanadh is duan
Ar fán chum sléibhe i gcéin gur ghluais."


L. 13


"Seo an fáth mo léan óm thaobh gur ghluais
An sáir-fhear séimh, den tréan-fhuil mhuair
A pháirt le béithe 's a chlaon-chlis chluain
Chuir táinte tréan mar mé ar buairt."



"Páris féach, is Aonghus buadhach,
Ajax laochda léadmhach luath
Jason caomh an chraobh-fhuilt shuain
Gur mná do thraoch 's a dtréanta sluagh.



"Ó sháruigh an méid sin laoch i nguais
Dáibhí an réx is céad ná luadhaim,
Ní nár duit géill nár thaobhuigh cnuas
Acht fáilte is féile béas ar buadh."



"A ghrádh mo chléibh ...



Trághadh na bléithe is gné gan ghruaim
Mo shlán go héag dá chaomhnadh buan."
Dfhúig me anois dubhach i gcanntlamh, mo bhrón,
Ag sileadh na súl le cumha 'n-a dheóidh.



"Ó's feas dam gur thréig do chéile thú,
A ainnir na gcraobh is féile clú,
Tabhair taitneamh dam féin, ná léig me in úir
'S ní scarfadh leat féin go héag, a shiúr."
A chúilfhionn tais, dlúith lem ais, a rún, tabhair póg,
Le taitneamh dot ghnúis táim dubhach i mbrón.



"Scuir feasta dhet phlás 's det ráidhte baois,
Fanfad mar táim mo ráib go dtighidh;
Ní chreidfeadh dar láimh mo cháirdeas Críost
Ná feicfead mo ghrádh 'n-a shláinte arís."
Dfhúig me anois dubhach i gcanntlamh, mo bhrón,
Ag sileadh na súl le cumha 'n-a dheóidh.


L. 14


"Aithris dam féin, a spéir-bhean tsuairc,
Ainm do réic' nó cár éaluigh uait;
Cadé an tsamhail duine é do thréig tú a chuach,
Nó a scarfadh go héag le béith gan ghruaim."
A chúilfhionn tais, dlúith lem ais, a rún, tabhair póg,
Le taitneamh dot ghnúis, táim dubhach i mbrón.



"Is feasach don tsaoghal mo réic dar Duach,
Fear scaipitheach tréan, fear léighte duan,
Fear tapa nach baoth i gcéim dá chruadhacht
'S do chaithfeadh a réal le haon go suairc."
Dfhúig me anois dubhach gan sult, i gcanntlamh, mo bhrón,
Le taitneamh dot ghnúis táim dubhach i mbrón.



9. - TÁ ÓIG-BHEAN SA TÍR.



B 1740c 18L



Tá óig-bhean sa tír
'S is eólach dam í
Is trom a folt
Is reamhar a rosc
Is modhmhail 's is maiseach í.



Le n-a méaraibh seinneann sí
Ar théada puirt go binn
Mo léan, mo chreach,
Ná féadaim teacht
I gcéin tar lear gnuig í.



Tá stáid-bhean chóir sa tír
Grádh gach óig-fhir í
Réiltean eólais
Gréin ar bóthar
Báibín órdha an ghrinn.


L. 15


Níl claon ná cleas 'n-a croidhe
Acht tréithe maithe grinn
Mo léan, mo chreach,
Ná féadaim teacht
I gcéin tar lear is í.



Tá a hór-fholt búclach buidhe
Ó choróinn go cúl a cinn
Ler seóladh sinn
Mar leóithne ón ngaoith
I gcómhgar tríd an gcoill.



Le n-a béilín binn tais bláth
Léigheann sí an Bíobla ar clár
'S gach fód den tír
'N-a ngeóbhaidh mo bhaoin
Go dtógaidh Críost léi a lámh.



Tá scáil na gcaor 'n-a gruadh,
An bháin-chnis tséimh gan ghruaim,
Níor bheag den tsaoghal
d'éin-fhear fé'n spéir
Gheóbhadh ceangal léi go buan.



Do b'fhada réidh mo chuaird
Ag éalódh léi cois cuain,
Dá mbeinn gan aon
Ag gol tar m'éis
Ná bean do dhéanfadh buairt.



Raghadsa anois anonn
Tar sáile ghlas na dtonn
Is fágfa mé
Mo ghrádh géal féin
'San áit seo ag éigheamh go dubhach.


L. 16


A Mhuire fortuigh dúinn,
Réidh anois ár bpúdhair
Is ná fágfainnse
An bháin-chnis dil
Dá mb'áil léi-sin teacht liúm.



Dá dtéighinnse anonn tar tuinn
'S go dtiocfainn chughat gan mhoill
An dtiocfá liúm
Go caethamhail ciúin
Go dtógfá an smúit dem chroidhe?



Chuirfinn fút gan mhoill
Gillín súgach groidhe
Do bhéarfainn tú
Abhfad ót dhútha
A ainnir chiúin tais mhín.



A Bhríd, a mhaighdean shéimh
Na gcaoin-rosc ngreadhnach réidh
Nach díth leat mé
Bheith claoidhte tréith
Gan suim i nídh san tsaoghal?



Nach náireach díbh mar scéal
Bheith 'om cháineadh i dtúis gach lae?
'S gur le hórdughadh Chríost
Do fuair ár sinnsear
Tosach slighe ar an saoghal.


L. 17



10. - RAGHADSA FÉIN ANONN



Raghadsa féin anonn
Faoi thuile bharc na dtonn
Is fágfa mé
Mo ghrádh geal féin
'San áit seo ag éigheamh fá smúit.



'Sé mo chiach mo chreach mo chumha
Gan fagháil fortaigh dúinn
Is ní fhágfainn
Go bráth thu
Dá mb'áil leat teacht liúm.



Is eólach dam sa tír
Óig-bhean dheas gan teimheal
Is trom a folt,
Is leabhair a crobh,
Is modhmhail 's is maiseach í.



Níl claon-bheart ina croidhe
Acht tréithe is iomad grinn
'S is é mo chreach
Ná féadaim teacht
I gcéin tar lear is í.



Is áluinn í ins gach céim
Ó bharr a cinn go féar
Bláth an droighin
Gur sháruigh sí
Is scáil a píp mar aol.



A dhá crobh mhíne réidhe
Ba dáilteach iad sa déirc
'S gur b'í grádh mo chroidhe
Rug bárr ón mnaoi
Ler fágadh claoidhte an Trae.


L. 18


Táid mo cháirde ar mo dhruim
Gach lá geal dá dtigheann
I dtaobh grádh thabhairt
Don bhan-chnis
Do sháruigh mo chroidhe.



Ní thréigfeadsa mo bhaoin
Le haon chumann díbh
Chum go dtígheadsa
'S mo laogh gheal
In éinfheacht don chill.



Dá dtiginn chughat arís
A bhroingheal mhúinte mhín
An dtiocfá liúm
Go caethamhail cúthail
A Eiléan chlúmhail gan teimheal?



Do chuirfinn fút gan mhoill
Gillín súgach groidhe
Dfhuadfadh thú
Abhfad ót dhútha
Mar a gcuirfá an smúit sin díot.



'Sé mo bhrón agus mo dhíth
Gan mé ar bóchna im shuidhe
Nó ar mhór-chnoc
Na Tóime
'S gan feóirling na slighe.



Bheadh mo dhóchas-sa a' Críost
Go bhfaghainn mo dhóth gan mhoill
'S go dtógfadh
An óig-bhean
An ceó so dem chroidhe.


L. 19


B 1778ob 18D
11. - DO MHUIRE MHÁTHAIR



Mar chéile gabhaimse leatsa, a Bhuime Íosa,
A bhéith gan chealg ler shnaimeas mo spirid dhíleas
Ón gcléir ó caitheadh me, a chara, is fiosach guidhim thu
'S dot thréad me ghlacadh, is geallaim gan filleadh choidhche.



A Dhé na n-aingeal do dhealbhuigh tuile is taoide
Ó's léir duit m'aigne, is agat tá fios mo smaointe
Dá réir sin, maith dham gach peaca dem chionta daoira
'S mar éiric glacaim gach peannaid dar fhuiling Íosa.



Ó's léir gur peacach me, a Athair, 'san uile-phoinnte,.
Go claonmhar cealgach gangaideach tuilte 'e dhíomas,
An saoghal 'om mhealladh 's nár cheaduigh me 'om fhilleadh i ndíogras
'S pé rud is fearra 'om anam go dtige im intinn!



Má dhéineas peaca 's nár cheadas le hoideas Íosa
Is méin liom aithreachas cathach do ghlacadh tríd sin
Glaodhaim, a bhanaltra, ar dhalta do chruinne-chích dhil
Dom shaoradh ón ngalar 's me tharraing ó nimh mo naimhde.



Trí ráithe fada do chaitheas im óg-bhráthair
'S go deó níor mheasas go scarfainn le hÓrd Mháire,
Ó thá gur caitheadh me asta, mo sceól cráidhte,
Le cómhachta an Athar go gcastar me leó páirteach.



Is dóigh gur ghangaid fé ndeara don mhór-bhráthair
Ón órd me chaitheamh, ag taisteal gan ró-áiteamh,
'N-a chómhair go gcaithfinnse teastas gan seóid fagháltais
Mo stór 'n-a thaisce gan aiseag go deo is áil leis.


L. 20


Feóil is fleadha an tailimh 's gach sógh is áil leis,
Is gach sórt is fearra dá anam i mbeól-ráidhte
Mar seódh nó sneachta nuair scaipeas roimh mhór-bháistigh
Acht stór na bhflaitheas is é a mhairfeas go deó lánmhar.



12. - A DHÁITH UÍ GHLASÁIN.



B 1750 18L



A.D. 1750



A Dháith Uí Ghlasáin, mo ghreadán brón tú,
Och, mo dhiombáidh, an coileán cródha,
I gCarraig Thuathail is truagh go deó thu
Marbh gan luadhail go fuar ar feóchadh.



Ba chas do chúl 's ba bhúclach ómrach,
Ba ghlas do shúil mar dhrúcht an fheóir ghlais,
Do ghruadh chraorach 's í ag géilleadh 'o rósaibh
Do bhéal binn suairc gan bhuaidhirt gan mhóide.



Ba thú buinneán an tslinneáin le fóirneart,
Fear fíor-áluinn forránta fórsach,
Croidhe gan mheang 'n-a raibh greann na gcómhursan,
Gan bhaois gan bhaiseal gan mhairg gan mhórtas.



Do lámh éachtach nár claonadh i gcómhlann
Do chliathán gléigeal is é nár leónadh
Asain teann ba lonn i ngleó-bhroid
Is cos nár ghann go bonn a bhróige.



Atá Carraig Thuathail go buaidhearta brónach
Ag cruadh-ghol ód chualadar an sceól san
Cuan na bhFaoileann taoibh le Cóf theas
'S an Bhéilic ag géimrigh gach neóin doich.


L. 21


Atá fhios ag daoine ó Bhríd go bóchna
Nó dá n-abrainn timcheall críche Fódla
Gur bh'é Dáth Glas an fear nár bhfólta -
An fear nár mhaoidhimh a ghnímh go glórach,



Fear do bhí dathamhail flaitheamhail foghanta
Fear do bhí súgach lúthmhar leoghanta
Fear do bhí 'n-a fhear an fhaid mhair sé beó againn
Fear ar tír nó ar tuinn bhí cómhmaith,



Fear nár stríoc do ghaoith ar mhór-mhuir,
Fear do cheap na sean bhíodh treórach,
Fear do b'innealta cuisle insa chórda
Fear breágh maiseamhail, deagh-chlúmhail córach.



Is ceasnaidhe croidhe le saoithe cóige
An gleacaidhe groidhe nár claoidheadh i gcómhlann
Faraire fíochmhar fíor-ghlan ó óige
Marbh i gcill ghlas sínte i gcómhrainn.



Ba lúthmhar láidir gárda a dhóide
Nuair thigheadh ar stáitse sráid nó móinte,
Thuaidh i gCorca ar a gcorp ghnídh feólmhach
'San Áth Fhada do rinn gearradh agus stróiceach.



Séimh-fhear seasamhach calma cródha,
Féinneadh feargach in achrann slóighte
Do ghearradh go tapa a dtagadh 'n-a threó dhíobh
Le faobhar glan bata 's a mhalairt do b'eól do.



Cad do b'áil liom dá n-áireamh? ní heól dam
Fear dá láimh ón Ráth go hEóchaill
Ná ó Dhoire go himeall Tighe Móire
Do chuirfeadh an ball 'san phionnsa chóir air,


L. 22


Dá mbeadh triatha dfhuil Bhriain na sróll-bhrat,
A nIarla nó a dTiarna, insan bhFódla,
Do bheadh do cháil-se, a Dháth, go cródha,
Do bheadh do thásc ag bárr na n-eólaidhe.



Do bheadh do chléir let thaobh go ceólmhar
Do bheidís uaisle gruaidh-fhliuch deórach
Do bheadh mná ag gárthaidh is gárlaigh óga
'S do bheidís bacaigh ag screadaigh ar bóithre.



Do b'éidir marbhna do b'fhada ba chló dhuit,
A thréin-fhir ghairbh ba taca le mór-mhuir,
Acht fé mar mheasaimse go mb'fhearra fé dhó dhuit
Guidhe let anam go Cathair na Glóire.



13. - AR MAIDIN AG CAOIDH DHAM.



B 1740c 18L
Ar maidin ag caoidh dham go fann táir
Go dearbh ar thaoibh chnuic ar meabhrán
Do thaisteal 'om choimhdeacht
Ó shleasaibh na bruidhne
Eala-bhean aoibhinn is leabhair dfhás.



Tan dhearcas an faoileann glic modhmhail mná
Ba cailce geal mín-chruth is feann scáil
Lasann mo chroidhe istigh
Le taitneamh don mhinnsigh
Is stadaim dem chaoidh-ghoil le greann grádha.



Ar dtarraing di taoibh liom le lútáil
Dfheasas di cér bh'í go mall-rádhach
Dfhreagair an ríogan
Go tapa le caoineas
"Is me teachtaire díleas an tSeabhaic Bháin."


L. 23


Do phreabas go bríoghmhar gan teanntán
Im sheasamh le sceimhle go seang sámh
Is feasaim arís di
Ar bh'aithnidh di an Stíobhart
Nó an gcasfadh le buidhin chnuic go fonn Fáil.



"Is dearbh a chaoin-fhir, 's a ghreann dáimh
Go dtaistealfa an taoiseach go teann tráth
Le seascadh ar míle
De bharcaibh go buidheanmhar
Chum danair do dhíbirt don tseann-áit."



"In' fhochair do chífear go lonn-lán
Gasra Gaoidhlach an antláis
Calm-choin Laoisigh
Is fearra sa choimheascar
Is aicme le fíor-ghail ón nglonn-Spáinn.



Níl fanatic cíor-dhubh is gann-cháil
Cé ceannasach suidheann sin ag ceann cláir
Ná smalaire an chroidhe bhoicht
Is ceachardha i gcuibhreann
Ná caithfeam 'san aoileach, dá bpleangcáil.



Glacaidh-se intinn is fonn árd
Is canaidh bhur laoithe agus streanncáin,
Lasaidh na fíonta
Agus scaipidh ar mhíltibh
Le meanmain croidhe anois is antláis.



Don tabhairne tígidh le greann-gháir
Ag ragairne ag ringce is ag rangcás,
An baraille díogaidh
Go dearg le hintinn
An cnagaire líonta is an tancárd.


L. 24


Casaigidh binn-phuirt ar theampáin
Is caithidh i nglinntibh le mórdháil
Bhur hataí go díreach
Ar mhullach gach aoirde
Ag gairm an Ríogh chirt le lúthgháir.



B 1745c 18L



14. - AN TAODHAIRE ÓG



Is déarach an bheart do chéile ghil Airt
Bheith i ndaor-bhroid, i ngéibheann, 's ag éigheamh gach ló;
Is géar-ghuirt a scread ag réabadh a bas
Is méala í in éagcruth 's i néallaibh bróin;
A laochra go lag, a cléirigh gan cheart,
A héigeas gan dréacht, ag maothughadh a ndeór
'S na faol-choin gur scaip a tréada ar fad
Ó b'éigean dó tréigean, - an tAodhaire Óg.



Níl éigne ar eas, ná gaortha go glas,
Acht éanlaith go héadmhar ag séanadh a gceóil,
Ar aon dair níl meas acht a ngéaga go cas
'S na sléibhte in éinfheacht fé bhréidibh ceóidh;
Le géire na reacht do claonadh a rath
Do céasadh ár laochra, níl éinne aca beó
'S an spréidh bheag so mhair, anois séidfar í as -
Ó b'éigean dó tréigean - an tAodhaire Óg.



Léan ar an bhfear nár léig chughainn tar lear
Scaoth sin den Ghaedheal-fhuil do dhéanfadh an gleó
Sul ar traochadh sa chath fir éachtach na mbrat
Tréada de phréimh Scuit, is taom a mbeith ag dreóghadh


L. 25


A Dhé ghil, ó's feas, do shaoras gach ceas,
Chuir craos-mhuir i mbréid-fhilleadh ag déanamh an róid
Ár n-aon-gcoinneal las, ár dtréin-bhile cas
Le faobhar ina réim cheart, - an tAodhaire Óg.



15. - PÓINÍ AN LEASA



"A bhéith na bhfód nglas ródach rannach
Thréadach sheódach chróda chathach
Ba thréine fóirne
Faobhrach fórsach
An t-éag it bheól mun bpósair feasta!"



"Is baoth mo ghlórtha, is dóigh nár mheathas
Cé gur phósas Eoghan is a athair
Is gléigeal snódh
Mo ghéag ar ndóigh
'S me im mhéirdrigh óig ag Seóirse Breatan."



"Mo léan, mo bhrón, do ghlórtha mheabhail,
A chéile chóir na leógan lannach,
A ghné mar rós
Is baoth an gnó
Duit géill ná góbhail le stróinse smeartha



d'éis na móide, a stór, do gheallais
d'Éibhear Mhór 's don phór 'n-a dheabhaidh
is d'Éireamhón
Ba déine slógh
'S na laochra leóghain ó Bhóinn na mbratach."


L. 26


"Níor réabas móid, a shórt ná habair,
Acht craos is ól do bhreóidh mo bhalla,
Claonta nódha
'S gan géill do chóir
Gur bh'éigean góbhail le Seóirse Breatan."



"Féach-sa, a óig-bhean mhódhmhrach mhaiseach
T'fhéinnidh feóidhte is ceó ar do cheallaibh
An chléir go deórach
Baoghlach brónach
Tréig-se Seóirse, is gheóbhair a mhalairt."



"Cé hé an t-óg 'san Eóraip fhairsing
Cé gur mór é, gheóbhadh mo mhealladh
'S an laoch do leónadh
I bpléidh na Fódla
I gcéin gur seóladh fós tar caladh?"



"Tá Caesar óg sa Róimh 'n-a bheathaidh
Aon den phór úd phósais cheana
Ag gléasadh a shlóighte
Ag téacht tar bóchna
Is é sin nóchar Phóiní an Leasa."



16. - LEASTAR AN BHRÁTHAR.



B 1757 18L



A.D. 1757



Cré agus cill go bhfaghaidh gach bráthair
Chuir spéis ná suim in im ná i mbláthaigh,
Drong do mhionnuigh go bruinne an bhrátha
In aghaidh gach cruinnighthe, ciste agus cána.
Drong do chleacht bheith ag canadh na dtrátha
An drong mhaol do ghéill don chrábhadh
Do chuala scéal - fuair Éire náire
Fuair sí masladh a leanfaidh go brách di.


L. 27


Do thriall leastar don bhaile seo i dtáimse
Go hÁrd an Gheata, 's is tapa do meádhadh é;
Ní raibh cine 'san chruinne nach táinig
Ag éileamh a ndathanna a' leastar an bhráthar.
Na síoga uaine do buadhadh le Clár Luirc
I dtaobh a harmais machaire is cláirseach,
Na síoga dearga Sasana ráinig,
Is rí na Fraíngce na síoga bána.
Na síoga buidhe fuair rí na Spáinne,
Is rug sí Lochlann an gorm go breágh leis,
An roinn bhí odhar fuair foghlaigh Áifric
'S an chuid do bearradh dhe chum madra thárla.
Ba ghránna an chuimhne é ar Stíobhart ársa
Gan roinn den im do chur 'n-a láthair;
Creidim gur éag le héad an Pápa
Ná fuair mír Pheadair den leastar mar ghnáthamh.
Do ghlac rí Pruise cnumh an lá san
Ná fuair roinn den im seo an bhráthar
Nochtann a cholg go hobann 'n-a láimh dheis
Is cuireann cogadh go hullamh ar Mháire -
An bhain-ímpre mhíonla mhánla,
Chuir sí an Brúnach mar Fhionn 'san áth roimhe,
Tug gleó agus goradh agus tolladh agus lámhach do -
An leógan lonnardha ó bhrollach an Fhál-ghuirt.
Tá ag triall adtuaidh sluagh go táinteach
Ó ríogain Ruise ursa thábhachtach,
Tá ag triall andeas go prap le dásacht
Frangcaigh chliste mar thuile le fánadh;
Tá anoir ag triall ó iaith Iodáile
Curadha cathbhuadhach eachluath láidir;
Tá an Eóraip uile 'n-a chuimil-a-mhála
I dtaobh an ime seo chruinnigh an bráthair.
Tá torann tonn ag bodhradh Hawke thoir
Is é gan im, gan meidhg, gan bláthaigh,
Tá a chobhlach uile i Muir Bhioscáine
d'uireasbha an ime seo ag tuitim i dtáimhe,


L. 28


Táid leastiar 'n-a dhiaidh go cráidhte
Gan greim den im chum leighis a gcneadha aca,
Tá an donas ar tír 's an díth ar sáile-
Ní deire don challóid do rinn tionól an bhráthar
A Dhia, a dhuine, déin cuigean it lán-rith,
Bí ar buile, do loinithe lámhuigh,
Ceangail do mheadar le gad maith cárthainn,
'S ná leig le duine ar bith an teine thar táirsigh!"
Do bhuille cruinnighthe ar mbriseadh dhi, árduigh
Is cuir chum Pruise cuid i dtráth dhi,
An dá ríogain choidhche sásaimh,
Ríogain Rúise is crú Almáine
Ó rinnis an cogadh gabh síothcháin dúinn,
Mar shleagh Aicilés, gearruigh is slánuigh,
Siubhalfaidh an aiste seo fearann glan Fáilbhe
Ag faisnéis cruinnighthe an ime seo an bhráthar.




17. - MO CHUMHA IS MO DHANAID.



.i. Freagra ag Éadbhárd de Nógla, ar leastar an bhráthar.



A.D. 1757.



Mo chumha is mo dhanaid mar cailleadh le dásacht
Uaisle Bhanba is flaithe chríoch Fáilbhe -
Sluagh ba dheacair do thrascairt le námhaid
Gur ghluais go fearann Luirc clannaibh uile Shátain;
Triatha Gearaltach, Barraigh is Cárrthaigh
Ba dhian sa sparainn 's i machaire an ármhaigh
Sliocht Sheáin Challainne, aicme nár cáineadh,
Do bhrughadh na danair is feasach le háiteamh.
Seo an fáth bheir mise dom chreimeadh ag an árracht
Is nach fios fá'n gcruinne cé an cine ó dtáinig
Do réir a fhriotail ba duine gan áird é
Tug cúis a bheathadh 'n-a reachtaire ar fhásach;


L. 29


Ba mhinic sa tsrathair ar chapall 'n-a sháinnrith
Idir dhá mheadair ag reic bainne bearrtha
Nuair thigeadh abhaile bhíodh salann 'n-a mhála
Is ceann mór tairbh nár dhealbh mar fhagháltas;
Is tapa do ghlacadh an canna ag bleaghadh an stuic
Ag sniogadh is ag stracadh an lachta le háthas
Ar mhaol do scagadh an bleachtas go tráthach
Do shuidheadh 'n-a aice is do mheascadh a lámh ann;
Nuair bhíodh aibidh an bainne le beárradh
Do dhoirteadh an barra 'n-a mheasar gur sháthach;
Do chuireadh duine fé imeall an árthaigh
Is pé cainnt adeireadh ní bhfuilimse ag trácht air.
Ar mbriseadh dá chuigin ní scuireadh dá ghárdadh
d'eagla duine ar bith, broingheal ná páiste,
Ghoidfeadh nó ghiobfadh ná sciobfadh aon tsáith leis
d'ím na Druimfhinne is Mhuirinn an mháis duibh;
De bhrígh ná tuigfeadh go rinneadh i gClár Luirc
Aon ghreim ime ba chirte 'ná a ghráin-chuid
Bhíodh buidhe agus dearg is dathanna breághtha ann
'S ní síogach, geallaim, ach meascaithe társna.
Nuair thigeadh don chathair leis, measaim gur ghnáthach
Geóin is gradadh agus aithis go hárd air,
Gach straeire reatha nó caile le dtárla
A gcoinneal do leagadh ar thalamh gur shásta.
Ní bréag dam aithris ná reacaireacht dáimhe
Acht rian a theangan air leanann le háiteamh
De thoisc na beathadh do chleachtadh gur bráthair
Is buan a mhagadh, 's tá a aithis 'n-a ráfla.
Is baoth dhó an leastar do thagair go plásmhar
Níor bh'é do b'adhbhar do sparainn na n-árd-fhlaith
Acht craos is cealg triúr eachtrannach bráthar
Do léim le gangaid ó bhrataigh an chrábhaidh.
Seachain-se an deifir, 's ná beirtear ar lár ort
d'eagla easmailt is tarcuisne dfhagháil duit,
Dá mhéid det charaid i Sasana atá anois
Beir tláth fé ghraithin ag fearaibh ná tráchtaim.


L. 30


Mar aon le grabaire is aithnidh duit bráthair
Do mhéaduigh t'amhail le gangaid im dháil-se
Ar chrúsca is follus do ghoinfeadh a cháirde,
A thrú bhocht otair is tosach easláin duit.
A chómhairle is feasach má leanair trí ráithe
Beir dreóighte i dtalamh 's ní danaid le cách tú,
An astrolaidheacht thacair do radair im dháil-se
Is dearbh mar thaca ag mná reachtais an Fhál-ghuirt.
Dá bhrígh sin stadaim, is geallaim gan spás duit
Gleó do thabhairt, is ná bagair an Pápa.



U Liam Inglis
18. - MO GHEARÁN CHRUAIDH LE HUAISLIBH FÓDLA.



Mo ghearán chruaidh le huaislibh Fódla
Mar táim i nguais im thuar le deóraibh
Ar an áird mhuair is fuacht dom leónadh
Ón lá luadhaim ghoid fuaid mo bhróga.
Cá bhfuil an dáimh ba sámh ar seóladh,
Na suadha bleacht ba bhlasta cómhad,
Na héigse ar aoncheist rug eólas
Nó an léan libh me in éigean 's in eólchair?
Ní futa fata do rinn mo bhróga
Acht Pádraig, an sáir-fhear ar óirneis
De shíol Mhurchadha chruthamhail chródha
Do thug na gaill don eing tar bóchna.
Tug a cheap ar fad ón Róimh leis
Leathar Spáinneach bláthmhar córach
Bonn is bálta is sál bhí ró-dheas
Céir is cnáib go sásamh eólaigh.
Do bhíodar áluinn sásta gleóite,
Och, mo dhiombáidh! cad do b'áil leó anois?
Cé ná tigeadh san duine dom sheómra
Acht amháin na bráithre, d'imthigh mo bhróga!


L. 31


Do b'é an lomadh é ar an eaglais mar chantar gan gó ar bith
Is me gan airgead ná acartha órdha
Gan fiú an phráis, cé táir, im póca,
Ná an dara peidhre, greim ba mhó liom!
Do fuaireas faisnéis, fionnaidh go fóill me.
Gurab é rí Pruise agus uireasbha mhór air
Do chuir teachta agus feasa le fórsa
Le Pandúr go dúthaigh Eógain;
Gurab é an fear so ghoid mo bhróga
Is tug don rígh iad i ndiaidh an chómhraic,
Nuair bhain chum reatha gan chapall gan chlóca
Mar dhragún buidhe ó mhaidhm na Bóinne.
Adeir cuid eile, agus creidim-se dhóibh-sean
Nach é Pruise do rinn na gnótha
Acht mac ár dtriaith-na Uilliam mac Sheóirse
Acht fá chiach i ndiaidh Hanóbhar!
Atá sé i dteannta ag Frangcaigh chródha
In amhgar, in antart, i bpóna;
Ní tualaing é ar ghluaiseacht i gcóiste
Ná ar luath-each fá mhuar-phlaic a thóna.
do rug Huzzar do tháine ar neón dubh
I ndáil an diúic mo chúpla bróg leis,
Atá sé ar sodar leó i gconair 's i mbóithre
'S is é mo dheimhin ná faghad go deó iad.
Och! cidh trácht atáimse dóighte
Ar chlocha Chorcaighe is dortaí deór liom,
Atáid mo throighthe ón bpluide go scólta
Is fuachtáin ar mo chruadh-sháil le cóimhreamh.
Ó's maith in aghaidh an uilc is oideas damhsa
Ní dhéan laoi ná aoir don chóbach,
Sladaidhe do chreach sinn gan fhóbairt
Fágaim ag Dia é, liaigh na mór-fheart.
Ní chloisfidh duine ar bith mar ghlór uaim -
Ag cnead sa chroich go raibh an cóirneach
Baic ar a cheann is cam 'n-a scórnaigh
'S an crochaire go stollaidh de a bhróga.


L. 32


Ringce an ghaid aige, as seasamh ar nóthing
In anaithe an anma 's a theanga amuigh ar córda,
Go bhfeice sé a shochraid agus a thórramh
Agus tuagh na gceann in am dá spóladh,
A cheann ar sparra agus saithe cuileóg air,
A chorp dá stracadh ag madraí an bhóthair,
Gan gein tsleachta 'n-a bheatha air, le cóimhreamh -
Ní hé sin chanaimse, acht maithim go deó dhó!



19. - AN EÓL DÍBHSE A DHAOINE I BHFONN FÁIL?



An eól díbhse a dhaoine i bhfonn Fáil
Seóirse go claoidhte 's i lom-ghábha?
Aiteas mo chroidhe istigh
Mar theagmhuigh a bhríste
'S ná glanfadh an taoide a theampán!



Do tolladh na bodaigh le trom-ár
Do goineadh 's do goradh 's do gabhadh lán,
Is aithiseach íseal
A gcatha ón íorghail
'S an t-arm san Laoisigh go lonn sámh.



Geallaimse dhíbhse nár gabhadh Prág
'S go mairid a mílidh 's gur tenn táid,
Do fearadh go fíochmhar
An deabhaidh le fír-nimh
'S do greadadh an Rí anois le Count Daun.



Is tapaidh an t-amas tug Brown áigh
'San taca nár mheathta, an prionnsa árd,
Do gearradh na mílte
Do glanadh an trínse
Do scaipeadh 's do scaoileadh a bhfann-námhaid.


L. 33


Tá an barra ar tír leó agus togha an ádha
'S ní taise ar mín-mhuir le long-bháthadh
Tá Sasana thíos de
Gan tapa ina dtaoisigh
Gan lagadh ar an bhuidhin acht ag cannrán!



Tá tóirneach ar bóchna agus foghail ghnáth
Agus gheóbhthar poll dóighte sa chómhlán
Airgfidh Laoiseach
A mbailte 's a dtíortha
Is casfaidh an Stíobhart go ceann-árd:



Faraire 'en fhíor-fhuil tá fionn breágh
Ba mhaise don ríoghacht é fé bheann cháidh;
Beidh easpuig 'n-a thimcheall
Is sagairt go líonmhar
'S a mbeatha aca dílis go seang sámh.



Beidh bráithre ar a dtrátha in am tráth,
Beidh dánta ar chláirsigh is streanncáin,
Beidh flatha chirt Mhílidh
I dtalamh a sinnsear
Is glacam dá bhrígh sin an steanncán!



U Pádraig Ó hÉigceartaigh
20. - IS ACFUINNEACH AOIBHINN.
A.d.1757



.i. Freagra ag Pádraig Ó hÉigceartaigh ar "An eól díbhse" etc.



Is acfuinneach aoibhinn do rann breágh
'S is dearbhtha díleas gan antlás
Is tarraingthe líonmhar
Na cathanna coimheascair
'N-ar leagadh ár naímhde go fann tláth.


L. 34


I gcarcair bíodh aca 'n-a gconnlán
Ag agall, ag tafann, 's ag dranntán
Dá leagadh go claoidhte
Le hacfuinn a gcraoiseach
Le calmacht íorghail i gceann chách.



Beidh fearanna crích Luirc gan amhailt námhad
'S a ndragain go díreach gan ceannsmách,
Go greannamhar díonmhar
Mar chleachtadh a sinnsear
Go fleascamhail fíonmhar ag rangcás.



I gCaiseal beidh cantain na ndrong rádhaim -
Easpuig is sagairt is sean-dáimh-
Go ceannasach buidheanmhar
Ag labhairt 's ag innsint
Ar reachtaibh na líonrith sin tall tá.



Aitchim ort, a Íosa, a ghamhain ghrádhach
Go dtagair dár gcoimhdeacht in am ghábha
Go leagair ár naímhde
Go talamh gan righneas
I dtreasaibh sa choimheascar gan beann dáibh.



Muran peaca dham labhairt ar annrádh
Gan maitheamh dá n-eascara i gcam-chás,
Go dtagaidh gach íseal
I ngradam dá aoirde
Le ceannas an Ríogh chirt 'n-a cheann tá.



Beidh giolla na scríbe i ndeabhaidh chách
Mar Iolann chum díoghaltais i gcabhair dáibh
Is cumasach buidheanmhar
Go curanta gníomhrach
Mar Oscar an laoich mear nó Goll tráth.


L. 35


I gcathaibh na n-arm 's na lann láimhe
Chum trascairt is leagadh ar an bhfann-námhaid,
Ursa 'n-a dtimcheall
Do cumadh chum laoichais,
Cúchulainn na gcríoch noch ba chrann Fáil.



U Liam Inglis
21. - IS RÓ-DHIAN A SCREADANN



A.D.1757



Fonn: Óró, a shean-dhuine leatsa ní gheóbhadsa



Is ró-dhian a screadann an sean-duine Seóirse
"Ó, a Dhia, cá rachad? níl agam Hanóbhar
Ná fós hesse-Cassel, mo bhaile beag cómhgair,
Ná fód mo shean-athrach, táid airgthe dóighte!



Tá fuadar catha go tapaidh ar bóchna
Duadh ar chrannaibh is stracadh ar sheóltaibh
Uaisle Shacsan go heaglach ómhanda
A gcuanta beidh creachta 's a mbailte beid tógtha!



Och! mo mhilleadh is me an duine fann críona
Im ghéagaibh níl fuinneamh, is níl cine teann taoibh liom,
Ní cóir anois oireas dom chloigeann mionn ríoghdha,
'S an tóir seo ní scuirfidh go dtige an fionn-Stíobhart.



Níl suan im ghoire 's ní tirim mo chaoineadh,
'S is cruaidh an choingeal 'n-a bhfuilim ag Laoiseach,
I dtuath na Ruiseach 's a loingeas go fíochmhar
Do buadhadh ar na Pruisigh is briseadh a gcroidhe istigh!



Do b'aerach ádhmhrach áluinn mo choróin seal,
Mo léan mar do tháinig an lá so 'n-a dheóidh sin -
Na Swédes le dásacht ag cárnadh mo shlóighte
'S an tréan-trup san Mháire tug náire go deó dham!


L. 36


Ní díon dam Breatain ná fearanna Fódla,
Ní díleas dam Alba ó ghearras a scórnach,
Ní díreach dam Danair - ní cara dham cómhursa -
Sínidh im beathaidh me is caithidh fén bhfód mé!



Mo chiach! mo lagar! ní fheadar cá ngeobhaid sin -
Iarmhar Chailbhin do sheachain na cómhachta -
I mbliadhna béam bascaithe leagaithe leóinte
Is cliar chliste Pheadair 's a mbeatha go deó aca!



Beidh diadhacht ar maidin 'n-a gceallaibh 's um neóna,
Sians na salm is Aifreann glórmhar,
Briathra na n-aspol dá gcanadh go céolmhar
'S an gliadhaire gan ainm 'sa bhaile agus coróin air.



22. - ATÁ AN FHUIREANN SO THALL GAN AMHRAS DÍLEAS.



A.D. 1757



Fonn: An Craoibhín Aoibhinn Áluinn Óg



Atá an fhuireann so thall gan amhras díleas
Don mháistir groidhe do bhí aca ar láimh,
Ba bhinne liom labhairt ar fheabhas a ghníomhra
'Ná diúgadh an fhíona so thigheann ón Spáinn;
Dá dtigeadh an Frangcach in am le hintinn
'S a chúpla campa go namhadach nimhneach
Is breágh chrithfeadh an dream so do reamhruigh Aoine
Leis an gCraoibhín aoibhinn áluinn óg.



Dá dtigeadh an t-aon so ghlaodhaim le hintinn
'S a thaisteal thar tuinn do gheóbhainn cead spóirt,
'S nár bh'eagal don éigse a dtréason d'innsint
Gur b'iad lucht briste na hAoine do thuill a ndóghadh;


L. 37


Go follus don tsaoighal go mbeidh sceimhle is scannradh
Ar an aicme nár thuill riamh guidhe leó ag teampull
Sul a gcaithfeam trí mhí gheóbhaid Gaoidhil cead labhartha
Leis an gCraoibhín aoibhinn áluinn óg.



Atá Hanóbhar is Alba scartha le crón-phuic -
'S is milis na ceólta a seólta ar lár -
Leagadh ar a mbratacha is scaipeadh ar a dtórmach,
Is dar Muiris nár thógtha Seóirse slán;
Mo chara mo leanbh cé fada atá i gclampar
Is é chuirfeadh Sasanaigh mhalluighthe i dteannta,
Atá a thaisteal abhaile 's Dé n-a bheatha gan amhras
Leis an gCraoibhín aoibhinn áluinn óg.



Bile agus craobh ná thréig an geimhreadh
Is nár chailleam-na choidhche le críne an bláth
'S gurab iad do théigheann le sna pléir ag coimheascar
'S gur leó thuiteann an gníomh so is aoirde cáil.
Dá dtigeadh ár leanbh cé fada tá ar slighe chughainn
Is deimhin go gcaithfidís Sasanaigh stríocadh
Bheadh an t-airgead marbh ag ár sagairt mar shaoirse
Leis an gCraoibhín aoibhinn áluinn óg.



Is tiocfaidh ár leanbh-na abhaile um Fhéil Bríde
'S is minic me ag guidhe dár mbuidhin bheith beó
'S do-bheirim cead reatha do ghallaibh go dtí san
'S dar Muiris nár thígid i dtír go deó!
Níl aon agaibh-se tá as ionad bhur sinnsear
Ná tabharfa súd margadh ar thalamh gan cíos díbh,
Beidh ringce fada ag an eaglais timcheall
Leis an gCraoibhín aoibhinn áluinn óg.


L. 38


23. - ATÁ AN BÁIRE IMEARTHA RÉIDH.



A.D. 1757



Atá an báire imeartha réidh,
Atá an lá 's an cluiche curtha ortha is léir,
Atá Daun an curadh go cumasach tréan
'S dár leat is dubhach atá a námhaid;
Ní tláth na Ruisigh i siosma na bpléar,
Ní táir an ursa iad ag druidim le baoghal,
Is breágh do chluichfidh an Pruiseach 's an scaoth,
Is fágaimíd súd mar atá sé!



Atá an t-ár so tugtha 's an tubaist ar thaobh,
An gnáth san aca agus tuilleadh den léan,
Níor fágadh aca inis ná currach ná caoth,
Ná sás mar chongnamh i ngábha ar bith;
Contades glacfaidh an t-amas go cóir
Is cionnárd a leanfaidh na danair sa tóir;
Atá Brunswick i riocht puic gan treóir
Is fágaimíd súd mar atá sé!



Impidheam an fabhar is labhram go hárd,
Cé éisteas ní bodhar atá fionn-Mhac na ngrás
A Ghaedhil bhoicht, seo an t-am ina dtabharfar faoi Sheán
Fágfar gan chúig bheag ná cáirde iad!
Uch, ar na Frangcaigh tá ionfairt ar lámhach,
Féach ar an amhgar 'n-a bhfuil cabhlach Boscawen
Féach ar an dteannta 'n-a raibh ag St. Cás
Is fágaimíd súd mar atá sé!



In Americe siar tá an diabhal ortha ar fad,
Do fágadh 'san ngliadh iad fá chiach is fá cheas,
Ní tháinig leath a dtrian as, acht iarmhar beag lag
An lá san do bhíodar ag Ticonderoga;


L. 39


Ag Fort Dhu Quesne ní léire bhí a mbail
Do túrnadh gach n-aon ar an gcléir Senegal
Atá a dtóin leis an ngréin ag baoltaigh na mbrat
Is fágaimíd súd mar atá sé!



B 1740c 18L
24. - DO MHEIDHBHÍN NÍ SHÚILLEABHAÍN.



A eólcha gasta an deigh-bhí
Cé binn linn bhur gcunntas árd
Do Mhóirín feasta éirghídh
Ó foillsigheadh sin rún na ndámh;
Seóidín cneasta is meadhraighe
Dá bhfaghainn díbh ó Shiúir go Máigh
Óig-bhean bhlasta an deagh-chroidhe
'Sí Meidhbhín Ní Shúilleabháin.



Atá brón le seal is leaghadh croidhe
Is greim doighe go dubhach 'n-a ndáil,
Deóra dearca tinn nimhe
Do mheill gnaoi is gnúis don bháib,
In óige an fhlaith dfhuil Raidhrí
An mhaidhm ghroidhe den chrú nach táir
Do sheól abhfad 'a radharc Gaoidheal
'Sí Meidhbhín Ní Shúilleabháin.



Atá an ceó ag scaipeadh is deimhin díbh
A' foidhrí 's 'a dúnta Fáil
Dfhúig módhmhar maiseach meadhar-chaoin
Meidhbhín go súgach sámh,
Is ómrach casta trillsigheach
A filltí go drúcht ag fás -
Seóidín searc is greidhin ríogh
'Seadh Meidhbhín Ní Shúilleabháin.


L. 40


Tar bóchna ghlais i luing chaoil
Go aoird gcrainn na ndubh-shruthán,
Tig slóighte cliste i bhfeidhm chloidhimh
Le cruinn-ghaoith go lúthmhar lán,
Beidh Móirín chuil go tinn-bhrígheach
An leidhbhín nár dhiúlt 'on táin
Is pósadh suilt ag Raidhrí
Le Meidhbhín Ní Shúilleabháin.



Beidh ceól na cléire i gcill Chríost
Agus creidhill bhinn dá mhúscailt tráth,
Beidh pór na nGaedhal 'n-a ndeigh-thigheas
'S a n-oidhrí 'n-a ndúthchas gnáth,
An slógh atá tréan gan puinn bríghe -
Na claidhrí do mhúch an dáimh -
Le fóirneart géaga Raidhrí
Agus Meidhbhín Ní Shúilleabháin.



B 1742 18L



25. - M'ATUIRSE TRAOCHTA NA FEARACHOIN AOSTA



t. A.D. 1742



Fonn: Seán Buidhe



M'atuirse traochta na fearachoin aosta -
Ar lannaibh ba léire 's ar lámhach saighead -
Do ghlanfadh a hÉirinn mar dhanair na méirligh
'S ár mbailte do shaorfadh ó árd-chíos;
Dá maireadh na féinnidh ár ngairm ba séanmhar
Ár n-ainm ba thréanmhar ag trácht síos
'S is mairg do bhéarfadh leas-ainm ar Shéarlas
Do bhainfeadh a réim cheart de Sheán Bhuidhe.


L. 41


Do cailleadh le tréimhse ár gcealla le chéile
Ó d'eascair na faol-choin i bhFáil-chrích,
Do leagadh ár laochra, chum catha ba tréine, -
Níl acht creachadh agus céasadh agus crádh croidhe;
Is araid tá an Béarla, 'is gan tapaidh 'san Ghaedhilg,
Is balbh ár n-éigse ar gnáth-chaoidh
Go dtagaidh lá éigin tar fairrge Séarlas
A bhainfeas a réim cheart de Sheán Bhuidhe.



Mar theagmhuigh, is méala tar caladh gur b'éigean
Don fharaire tréitheach so sáthadh arís
Le cealg 's le claonadh na haicme ná déarfad
Tug Banba déarach mar tá sí;
Aitchim is éighmhim ar Athair an Aenmhic -
Cidh Athair gach éinne an t-Árd-rí -
Go gcastar chughainn Séarlas 's a bhanna go gléasta
A bhainfeas a réim cheart de Sheán Bhuidhe.



U Muiris Ó Gríobhtha



26. - TRÉM AISLING DO SMÚINEAS



.i. Freagra ar "M'atuirse traochta."



Trém aisling do smúineas 's me i gcreathaibh gan múscailt
Ar barra chnuic úr-ghlais ós lán-Laoi
Gur dhearcas an prionnsa dfhuil Chaisil Chuirc ionnraic
Ar shleasaibh na srúill thoir ag rámhaidheacht;
Ba ceannasach cúrsach ba calma crú-nirt,
Do bfhearamhail fiúntach an fánaidhe
Ag taisteal go trúpach tar caladh go congantach
'S a bharca go lonnrach 's a ghárdaí.


L. 42


Ar thalamh nuair thúirling go hacfuinneach lúthmhar
Do ghairm gach crú chirt de shár-Ghaoidhil,
Is do fhreagair gach fionn-fhlaith do creachadh gan chúinse -
Calm-shliocht Lughaidh mhir is árd-Chuinn,
Gach seabhac suilt súgach gan fearann do fúigeadh
'S a ndeachaidh gan diúltadh tar sáil díobh,
Is geallaid go mbrúghfaid an galla-whig ciontach
Is bainfid sin liúgh as na Seáin Bhuidhe.



Lastar go lonnrach leó leasa agus dúnta,
I mbailte puirt liúghtar le gáir ghrinn,
Teamhair ar dtúis thoir ba thaitneamhach trúpach
Do ceapadh mar chumhdach don Árd-rígh;
Caiseal cirt dúthchais ba mheanmnach múirneach
Seasamhach subhach sultmhar sláintigheach
Ag gairm an chú chliste Carolus crú-nirt
Le cantanaibh ciúl-stuic is cláirsighe.



B 1757 18L
U Liam Inglis



27. - A ÉADBHÁIRD AOIBHINN UASAIL ÁLUINN.



A.D. 1757



Fonn: An Craoibhín Aoibhinn Áluinn Óg



A Éadbháird aoibhinn uasail áluinn
A chraoibhín ghníomhaigh ghrádhmhair chóir
Séad breágh dlighim duit mar dhuaise dána -
Is fíor-bhinn snoidhte atá le ceól;
Raon máighe roílle agus ruathar námhad,
Tréan-ár tríotha agus buadh go brách leat,
Mac an Loin go tailc it chrobh, is rinn nimhe an áithis
I bhfíoghraíbh díbir do shnáthad leó!


L. 43


Ní hóglách íseal mo Nóglach árd-sa -
Gríobh chaoin dfhíor-fhuil dfhás gan ghó -
Ró-ghrádh ríogan an t-ógmhac ármhach
Ag síor-chlaoidh díorma 's ag cárnadh slógh,
Leóghan lán-dídin na Fódla ársa
Brón báis bíodhbha i ngleó de ghnáth é,
An Liath Macha dhuit mar chapall d'éis Chuinn dfhágadh
Is díomhaoin dícheall a dtáinig rómhat!



Tá osna agus liach im chliabh le ráithe
Ag caoidh tríd bímse tráth gach ló,
M'fhochall gur stiall an gliadhaire láidir -
Íocaidhe fíochmhar do ráine an pórt;
Ba bhorb 'n-a dhiaidh ag triall le dásacht
Gach conair gur iaidh go riacht an áruis
Dfhosta' istigh na bodaigh chuil gur críochnuigheadh lá leis
'S is binn linn Byng is a cháirde i mbrón!



An dochar so riabhaidh sciamh an Fhál-ghuirt
Is fíor-nimheach tríd sin crádhfaidhear Seón,
Tug locartha fiar-lag triatha Fháilge
Trínsí chífidhear lán den chóip;
Le confadh triallfaidh Iarla an Chláir ghil
Scoiltfidh a sciatha, a gcliabhradh gearrfaidh
Is follus sinn gur obair shuilt don iaith-seo tráighte
'S is binn linn Byng is an bás 'n-a bheól!



Tá cogar le cian do riacht ón Spáinneach
Go sídh-bhruidhin Laoisigh láidir mhóir
Do bhrostuigh go dian a chiall chum Máire -
Mo chruinn-chíoch lí-gheal áluinn óg;
An goradh so ag tiacht an diabhal ní stánfaidh
Go nochtfaidh go dian a rian don fhánach
Toradh a n-uilc is tolladh cuirp go bhfaghaidh gaill ghránna
'S is binn linn Byng ó tá gan ghlór!


L. 44


B 1762ob 18L
U Seán Ó Murchadha na Ráithíneach



28. - NÍL ÉINNE DEN ÉIGSE DO CHONNARC



Seán Ó Murchadha na Ráithíneach do cheap an rann tosaigh seo: -



"Is réic me bhí claon do gach cionta
Ba mhéinn liom a n-imirt go buan,
Gan spéis i ndlighe Dé agam do bhriseadh,
Acht ag bréagadh na mbroingheal ar cuaird;
Craos agus taoscadh na ngloine
'S ag pléascadh gach mionna le huabhar
'S is baoghal liom nuair fhéachfar im bille
Go ndéarfar im choinne go cruaidh."



U Liam Inglis
Freagra an Athar Liam Inglis air sin: -



Níl éinne den éigse do chonnarc
Ná gur bh'éigean dóibh filleadh ar an uaimh,
In aostacht le léithe 's i dtruime
In éinfheacht go dtigeann an uair;
Cuir bréithre chum Dé dhil go minic,
Éighimh ar Mhac Muire tá thuas
'S an cléireach do fhéachfaidh it bhille
Ní baoghal duit go mbeiridh go cruaidh.



B 1760 18L
29. - DON ATHAIR DOMHNALLL Ó BRIAIN, DÓRD SAN
DOIMINIC, I GCORCAIGH.



Mo chumann-sa thiar an diadhaire Domhnall,
Curadh na gcliar an fial-fhear foghanta,
Ursa go grianda riarfadh Fódla
De bhorb-fhuil Bhriain do stialladh rómpa
Cloigeann is cliabhrach, sliasta is srónaibh
Cuilg is cliatha triatha is treónaibh,
Do chuirfeadh fá riaghail an iath so Eoghain
Fuireann ler mhian mo sciath go leónfadh.


L. 45


Cinn-bheart clúmhail de chumhdach órdha
Is colg do ghearradh gan feacadh le fóirneart
Curadh dáimhe is ánraidh ar fórsa
Curadh dáimhe ? filí is crutairí ceólmhar
Is iad so sinnsear cinn tighe Dhomhnaill
Curadh cathbhuadhach each-luath leóghanta
Ar lár an chatha do bfhairsing a bhfeólmhach
Is láthair fhada dá ghlanadh chum gleó dhóibh.
Cá raibh riamh i bhfiadh na hEórpa
Treibh ba samhailt lem ghasra leógan
Ó d'imthigh Brian is Fiacha is Eógan
Is Niall Naoi nGiall do thriall tar bóchna?
Lughaidh is Goll is Conn na mór-chath,
Oscar amhra is Fionn na ró-fhlaith,
Cúraoi áigh mac Dáire an dóid ghil
Is Cúchulainn torc-churadh na dtreón-fhear?
Diarmuid Donn ba greann le hógbhaibh
Naois mac Uisnigh 's ar imthigh tar gó leis,
Firdia fágadh 'san Áth leóinte
Is Maoilsheachlain do mhairbh an crón-torc?
Ceallachán Chaisil na ndanar do sceónadh,
Is Murchadh cailleadh le seasamh an fhóid sin,
Céad buidhe le Dia mar thriall chughainn Domhnall
An Major fearamhail flaitheamhail Bóirmheach.
Ó táid 'n-a luighe na groidhe-fhir feóidhte
'S gur laguigh an bás a dtáine ón sóigh-fhear
An méid tá thuaidh go buaidheartha brónach
I gCúig' glan Uladh 's i gConnacht na slóighte.
An méid a mhaireas de Charrathaigh chródha
I gcraoibh an Easa, a gcaraid 's a gcómhgar,
Ó thaoir féin it chléireach chródha
Is arm do ghlacadh nach dleathach dot shórt-sa.
Éirigh it sheasamh, a reachtaire Fódla
Ar bórd Chnuic Gréine is glaodhaigh go fórsach
Cuir Domhnall méara Ó Briain na sróll-bhrat
'S an Liath Macha mar chapall fé'n óig-fhear;


L. 46


Cuir Mac an Loin fé ghoimh 'n-a dhóid deis
'S an Rinn Crithir do choimirc an mór-dhamh,
Táthuigh thiar 'n-a dhiaidh an pór beag
d'uaisle Dáil tá tráighte ró-lag;
Socruigh le fonn an meann órdha
Suas ar an siollaire agus tiomair an óig-bhean,
Cuir-se fáinne ar bhárr a dóid gil'
Is ceangail an ainnir le reahtaibh an Mhóir-Mhic
Le héide Bhriain ghil i ndiaidh na cómhairle
'S ba phríomhfháidh tú ar na cúig cóigí
Bainidh an ceann le pleangc de Sheóirse
Is cuiridh sa diabhal 'n-a dhiaidh na cóbaigh.



B 1765 18L
U Seán Llúid
30. - GAN AMHGAR TAISTIL



Seán Llúid cct don Athair Liam Inglis, O.S.A., i gConbhint
Sheamlas an Éisc, i gCorcaigh, i mí Meitheamh, 1765.



Gan amhgar taistil, don Athair ghlan tséimh Ó Riain
Go modhmhail beachtaimse beannacht is céad i gcian
Gonuig rogha na sagart ar thaitneamh 's ar ghléireacht mian,
'S cé gallda é a ainm, is aithnidh gur Gaedhlach Liam.



B 1778ob 18D
U Liam Inglis
31. - ATÁIMSE SA tSÚSA



Atáimse sa tsúsa
Gan fagháil ar mo dhúiseacht
Ó dearnadh den ghúta freemason:
Is é seo is é siúd é
'S ní féidir é scrúdadh
'S ní léir don dochtúir a fhíor-éifeacht!


L. 47


Ar éiric na Mumhan
Ní léigfeadh a rún leat
I mBéarla ná i gcúrsa caoin-Ghaedhilge
Le síneadh ná sméide
Ní scaoilfeadh a ghéibheann
Uch! díth air go daor is croidhe céasta!



'Sé Sampson na buidhne
An fear so 's a chloidheamh air
Ag faire le fíoch ar síor-éigean,
Níl báidh aige ná suim
I leághaibh ná i leigheas
'S ní táire do luibheannaibh ríoghacht Éireann!



'Sí a bhacard 's a chompás
Chuir m'alta chum rangcáis
Gan tapa in am gábha ná gnímh éachtaigh
A cheap-órd 's a léaghan
Do chrap beó mo ghéag
'S dar ndóigh a riaghail dom shíor-chéasadh!



Dá bhfaghainn amach a fhoraois
Gheobhainn craoiseach is manaois
Do chlaoidhfeadh an leadaidhe míbhéasach,
Nó ghreadfainn na gadhair leis
Do shracfadh an cladhaire
'S do chaithfeadh le haill é a' crích Éibhir!



32. - AN DÉIRC



Maoidheadh gach n-aon a shlighe sa tsaoghal,
Maoidheamh an chléir is maoidheadh an ceannaidhe,
Maoidheadh na mílte a maoin 's a réim,
Maoidhimse an déirc, 'sí céird is fearra í.


L. 48


Ar mo thigheacht 'n-a luighe ar thréad-
An bhuidhe 'san bhféith 's na héighmhe ag leanbaí,
Báisteach daoirse is rinn ar ghaeith,
Ó táim le déirc ní baoghal dom gharraidhe!



Is sámh do bhím im luighe le gréin
Gan suime 'san tsaoghal acht scléip is staraidheacht,
Gan cháin gan chíos acht m'intinn saor
Nach fearr í an déirc 'ná céird is ealadha!



Lá má bhím le híota tréith
Bím lá 'n-a dhéidh ag glaodhach na gcannaí,
Lá le fíon is aris gan braon-
Mo ghrádh-sa an déirc 's an Té do cheap í!



Ólaim punch is ólaim tae
'S an lá n-a dhéidh sin ólaim toddy,
Ní bhím ar meisce acht uair sa ré
Mo ghrádh-sa an déirc 's an Té do cheap í!



B 1740c 18L
33. - COIS NA BRÍDE



Cois na Bríde seal do bhíos-sa go súgach sámh
Ag tarraing síos ar ainnir chaoin an úrla bháin;
Ba ghile a píob 'ná eala ar linn 's 'ná drúcht ar bhán
'S ní coigcríoch mé acht buachaill bríoghmhar ó Dhún na mBád.



Searc mo chléibh do thugas féin duit is grádh tré rún,
Is dá dtagadh sé dhom cor 'san tsaoghal go mbéinn lá agus tú
Is ceangal cléire bheith orainn araon fé fháinne dlúth -
Acht dá bhfaicinn féin tu ag fear 'san tsaoghal gheóbhainn
bás le cumha!


L. 49


Tá úr-phíob ag mo rún chroidhe agus brághaid mar aol,
'S a cúilín cas búclach ag fás go féar,
Mo chumha tríom nach 'san úir sínte fágadh mé
Sul ar stiúruigheadh me i gcúigí, is mo ghrádh tar m'éis!



Nach dubh-chroidheach me i bhfiúntaoir mar táim i bpéin
'S nach iontaoibh leat sciúrsaidhe dem cháil gan spré,
Go deimhin duitse, a mhaighdean, dá mb'áil leat é,
Do leigheasfá an tsaigheadh so tré lár mo chléibh!



34.- BRÓN-CHOR NA BUIDHNE-SE 'SAN nGEARMÁIN



Fonn: Maidin Bhog Aoibhinn



Atáid seo insan teannta is na Frangcaigh dhá ngearradh
Is tuilleadh den amhgar 'n-a n-aice go bráth
Gan bogadh ar a ndranndail acht a dtabharfar ó Shaxaibh
A bhfuirinn i bhfanntais 's a gcapaill 'san ár.



Maidean bhóg aoibhinn choidhche in Éirinn Ó!
Maidean bhog aoibhinn 's an aicme seo ar lár!
Maidean bhog aoibhinn chum clanna dil Mhileadh
Is Cormac Stíobhart ag seasamh an stáit!



An loingeas so ar tonn-mhuir go mbloghtar le carraig
Is go huile a gcobhaltach go gcaithtear ar tráigh
Go gcluine an rabharta le foghar gonta mara
A gcine go gcromthar gan tapa go tláth etc.



Atá Pruise insa chlampar gan teannta gan taca
Gan duine ar an domhan do ghlacfadh a pháirt
Atá Ruise i longphort chum foghla ar faire
Is brisfidh ar Loudoun ag Marascal Daun etc.


L. 50


Téighfidh an samhradh beidh scannradh ortha is scaipeadh
In éagcruth gan amhras 's in anfa an bháis
Séidfidh an seann-racht go lonnrach ar lasadh
A gcléirigh i dteampaill 's a n-easpuig go hárd etc.



Ar éigeas beidh greann, ar fhoghluim beid gasta
Gaedhilg anois labharfar cidh fada le fán
An Béarla beidh breall air, gan annsacht gan aiteas
Téada arís teannfar is canfar an dán etc.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services