Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Pláig Fhollasach, Pláig Choimhtheach

Title
Pláig Fhollasach, Pláig Choimhtheach
Compiler/Editor
Buttimer, C. G.
Composition Date
1848
Publisher
(Corcaigh: Cumann Staire agus Seandálaíochta Chorcaí, 1997)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



Ortha le rádh an aghaidh an tonn teasgach
do bhí an Éirin A.D. 1832.



Ó a Íosa a fhúasglaightheóir díadha bí trócaireach
orn, agus air an saoghal uile. Amen. Ó a Dhía
chómhachtach, ó a Dhía bheanaighthe, a Dhía
dhomharbhthach, bíoch trúagh agad orn, agus air
a bfuil san saoghal uile. Amen. Tábhair trócaire
agus mothfachna ó a Íosa air feadh na gúaisibh seo
do láithir, doirt anúas tfuil mhór-lúach oirn.
Amen. Ó a athair shíorruídhe bí trócaireach orn
tré fhuil ró naomhtha t'aon mhac Íosa Críosd. Bí
trócaireach orn athchuinghiomuid ort. Amén.
Amén. Amén.


L. 45


B 1833 19L

Is mó suaircfhear snua-gheal mear
d'imigh i gcéin gan réim tar lear,
agus fionn-bhean bhúclach, cúlchas, seang
ag a raibh croí gan díth gan mheang.


L. 47


B 1834lsc 19L
Beidh pláig is gorta go follas i dtíorthaibh,
taispeánta, taoma san aer go coimhtheach,
mórán iontais dá fhaicsin ag daoinibh
leo riamh ar talamh ná facthas roimhe sin.


L. 49


B 1834 19L



A shéimhfhir is léannta 's is mórdha crut,
is tréitheach i mbéasaibh 's a nóis gan lot,
'nois gléasam ár mbuíochas go córach ceart,
chum aoin-mhic na béithe, is chum fó na bhfeart.



Mar shaor sé ó thaomaibh an bhróin 's an cheas,
a n-aoire dá thréada is fónta meas,
mar chaomhnaigh gan éislinn re mórdhacht gean,
a caomhshagart d'Éire na n-órbhrog sean.


L. 50


Is léanmhar an néal-so 's an ceo le seal,
ar spéir-bharraibh Éireann 's ar thóraibh ceal,
do traochadh, do léanadh tar fóir gan char,
ár mbéithe, ár dtréinfhir 's ár n-óige mear.



Biaidh pléireacht ag féinibh re só ar gach ard,
biaidh caomhchruit' 'gá ngléasadh gan cómha ag gach bard,
biaidh féis na mban aerdha le ceol gan sgáth,
ó théarnaighón mbaoghal ár lóchrann Dáith.



B 1833 19L


L. 52


Is fada Éire faoi throm-bhrón,
gan seascair-bhéile, gan teann-lón,
gan staraí gléasta, gan bhinn-bhard,
ag canadh a béasa go glinn ard.




L. 57


B 1834 19L

Chumh an Athar Dáibhídh Ó horgáin, dá eargairim air a théurnadh
ó'n bhfiabhrus. 1834.


L. 59


B 1834-35 19L



TEXT



Pláig Fholasach



1 Ní tubaistuidhe. ní míodhámharuidhe
et ní conntabharthadha an phláig féin ioná
an ghorta. Do scriosan air uairibh na tíortha
et na cathracha mar sin do buaidhreadh na
Rómhánchaibh; nuair tháinic namhuid na
cine daona .i. Alaricus. tar éis léirscrios na
hIodáile go huile. do-tháinidh a bhfos longphort
leis an Róimh, gur thuiteadair na
Rómhánaig. san uile shórd mídhádh
bochtaneacht amhgair et míofhortúin le
huireasbadh gach uile neithe. nár fágbhadh
aon rud aco do'n bheatha is gnáthach le
duine d'ithe. ionnus gur chromadur air na
capuill. na gadhair. na cat. na luchaig. na los-
cáin. et an uile ainmhídhe eile shnámhas air
an ttalamh ionna bfhaighdís lam air d'ithe.
et an uair do thoipeadar so orrtha do
shíghneadar féin air a chéile. d'ithe.



2 Is uathbhásach critheaglach an bhail-
so air an ccinne dhaona ionna bhfuil sé do


L. 60


riocht anos orrtha a chéile d'ithe le gorta le
huireasbadh et le hanacra. d'itheadar na
hAithreacha a clann mhac. et na máithreacha
an ghein do thugaidís chum an tsaoghail. Do
thuit an nídh ceadna amach a
bhfoslongphort no a Siege Ierúsalem. mur
thugan Usebius a bhforus feasa na heagluise
cúntas air. Ag Siege Numentia.



(p. 130) Pláigh Choimhtheach



Numentia. an tan do chuir Scipio cosg air an
uile shórd bígh na beatha ioná aon nídhe eile
do bhearfadh cabhair congnamh ioná
fáeseamh dóibh. do bhí an oiread san
d'amhluadh do gheanachuis et do chíocras
orrtha. a ccás go nionnsuighdís et go rithidís
air na Rómhánacha gach aon lá chum bear-
tha orrtha. mur bheithdís ag fiadhach
beathadhaigh allta et an mhuintir 'na
mbeiridís orrtha. d'ithidís et do ghearadaois
iad ionna mblodhnaibh et do reicidís iad ann
sna cuadhmhargaibh go hoscailte gan cheilt.
ionnus gur mhó an meas do bhíodh ar
Rómhánach mharbh ionná air fhuascladh
dhuine bheó. Luaidhtear scéal annsa
ceathramhadh leabhar do leabhruibh na
Ríogh. air ghorta do bhris amach a Samária
an aimsir Eliseus an fháig do sháruighean
gach ar léighios fós. Do bhí teirce an bhídh
chomh mór sin go reicídh ceann aisil air
cheithre fithid píosa airgid. et go bhfaghthaoi
chúig phíosa airgid air thómhas beag do
shalchar colúir. scéal budh bharbardha
...a budh aingídhe et budh dhólásoidhe
dám fhéidir a chlos anuair do chathadar a
raibh aco don bhia d'ithidis na mná a lean-
bhadh féin. et do rín bean gearán
p. 131 le Rígh Israel air mhnaoi eile do
bhris connra nó marga do rinn sí lé .i. do bhí
dís leanbh aco et d'itheadur leanbh aco air
ttúis. et do cheil an bhean eile a leanbh féin.
ag so an gearán do rin sí leis an Rígh a
dúbhairt sí mur so do chóimhlíonasa mo
chonnra lé si. et d'ithiomair mo leanbhsa air
ttúis. na dhiagh sin do chuir sise a leanbh féin
a leataoibh uaimse. et séanadh sí mo cheart
féin do tabhairt damhsa. air chlos cainte na
mná do'n Rígh do ghlac uamhuin mhór é do
strac a chuid éduigh et do buaileadh é le
doilghíos do-áirmhithe. Tucidh Iosephus
cúntas dúinn ann sa seachtmha leabhar do
thráchtas air choguidhe na nIúduidheach
scéal atá ró ghaolmhar do'n stair shuas. acht
gurab uathbhásaidhe é só ioná an scéal eile.
Do bhí adeir se. an Ierúsalem. an uair do
chuiridh Siege le bean uasall onórach
shaidhbhir. et do chuir an bhean cheadna.
a cuid óir et airgid et ionnmhais a ttigh
áirighe de'n bhaile. acht beagán. et iar an
mbeagán sin do mhair sí tréimhse aimsire le
bainistídhe mhaith mheasardha. Achd mo nuar!
níor fullaingidh dhí sin do dhéanamh
a bhfad. Óir an tan do fuaradar
soigheadúiridhe an díon
p. 132 díon longphoirt amach an áit ioná
raibh an saidhbhrios a ccoiméad do stracadar
do scubadar et do shliobadar uaithe gach a
raibh amuigh 'ná astig an árd ionná a bhfána
aice. nó tré chruadháil nó chinneamhuin go
ttabharfadh gaol caruid nó cómhfhogus con-
gnamh ionná fóirighthin di. do stoladaois na
saighdiúireadha an braon. an drannt. an mhír
nó an greidhim do chuireadh sí chum a béil.
uime sin air na faicsin féin caillte gan dóchus
ioná comairce. et lán deimhneach air bhás
d'fhághail do'n ghorta. do an oireasabadh. et
d'n dítheacht gan cabhair ioná congnamh 'na
dochar ioná fóirighthin d'fhághail ioná
riachtanas. Ó cháirde cad do rin a bhean
uasall mhíofhortúnachso. Do armáil sí í féin
a ccoinimh dlígh na nadúire et ag amharc
air a leanabh do bhí ceangailte dá cíochaibh.
do scread sí air an modhso. Á a Mhic mhío-
fhortúnaic. na máthar is míodhádhbharuidhe
ioná sin. cad do dhéanfa mé leat. Cá ccúmh-
dóchad cá ttaisgiod nó cá ccoiméadfad tú.
Tá'n chruadháil et an gábhadh chómh mór
sin. súd et gur shábhalas tu ó'n ngorta. atáim
lán deimhneach tu bheith ad dhaoirseach
p. 133 dhaoirseach ag na Rómhánchaibh.


L. 61


A mhic is fearr go mór go noilfidh tú do
Mháthair do thug bith na broinn duit. et
súgha a cíoch duit. Is feárr uathbhás eagla
et scannradh do chur air na saighdiúirídhe
malluighthe-so a ccás go mbeith trácht air an
ngníomh so ag cineachaibh go deire an
tsaoghail et dubhrón do bhuala a
ccriodhtheacha na ccuiptheóireadha so nár
fhág aon tslíghe eile agam chum marthain air
rádh na bhfocalso. do gheárr sí sgornach an
leinbh mhín cheannsa mhaoth óig. et do rin
dá leath chomhtrom iona lár de. et do
bhruith air an ttine leath de. et chuir an leath
eile a ccoiméad. tar éis an chéad leath d'ithe
dhe. an uair do bhí an tslachchuimhne
chúmhach so críochnaighthe ag an mnaoi
thubhaistigh. do ritheadar na
soighdiúireadha asteach air fághail bholadh
na feóla. Do bhagradar go géar air an mnaoi
mur an inneósach sí dhóibh cá raibh a stór
go nimreóchadís bás et buan éag uirthe dá
dhruim. Acht an bhean air mearúghadh air
cuthach air buile et air biothbhánuidhe do
dheasgoibh an ghníomha do rin sí. et nár bhfeárr
lé críoch d'imtheóchadh uirthe ion-
ná a leanbh do leanmhuin do'n tsaoghal eile
d'fhreagar si mur so iad. Síothcháin a cháirde
ghrádhach et a dhaoine muinteardha.
roineamaoid go grádhmhar le chéile gan im-
reasán. ag rádh na mbriatharso
p. 134 mbriatharso. do thug sí an leath do
bhí gan ithe d'en leanbh le et do leag sí air
an cclár ós ccómhair é do ghlac eagla ró mhór
na saighdiúireadha air an radharc
uathbhásach critheaglach sin. ionnus ná'r
fhéadadur aon fhocal do rádh ná labhairt
acht an bhean air an ttaomh eile ag féachain
ortha le fiadhantus et mearúdhagh céile. et
le glór brisde adúbhairt air an modhso. A
dhaoine uaisle nách é so mhacso. toradh mo
bhroinne féin. nách é so mo ghníomh féin?
créad an fáth na blaistí cuid de'n fheoilsi? et
gur ithiosa rómhaibh í. A bhfuiltí ní bhus
cúirialta. ní bhus déistinídhe ioná ní bhus
laige 'ná bean. a bhfuil sibh ní bhus
scrupaluidhe ní bhus eagladha ioná an
Mháthair do thug chum an tsaogail é. Ó
beiridh air. is mise d'ith an chead ghreim do.
et congmhadh mé cuideachta díbhse ag ithe
na coda eile. acht níor bféidir leis na saigh-
dúireadha fanamhuin ag amharc air radharc
chómh critheaglach. Leis sin do ritheadar
amach trí na dóirse. et d'fhágbhadar an
máthair na haonar astigh.



3 Cad is féidir liom do rádh air na plágh-
aibh eagcruadhais so. do léir scríos mórán
tíortha cathracha et cóige. Scríobhan mórán
úghdar gur thárláidh a leithéid sin do phláig
a cConstantinople. go measach
p. 135 go measach an mhuintir do
truaillíghthí lé. go mbíodh an chómhursa
budh ghoire dhóibh air tí a marbhtha. an uair
do bhuaileadh an ráig bhuile so iad. do gheibhedís
bás air buile air báinídhe le
cuthach le heagla et le scannradh. ionus go
measadaois gur ab iad a ccaruid do
mharbhach.



4 An aimsir Heraclius a Romania. Dho
bhí pláig chómh marbhthach sin ann a
mbeagán laethe go scuabthi mórán mílte
díobh chum siúbhail. et urmhór na muintire
so do buailtí leis an aicíd mhílteach so, do
theilgidís iad féin ceann re fána le failltibh
is na haimhnibh chum ionnfhuara nó
faosaimh d'fhághail ó'n tteas anórduighthe
'na mbídís .i. an ionathair. an iníghe an
aodhaibh. a scartacha. a bpotóga. a ccnámha
a ccroicin. a ccuid fola et feóla air dearglasa
le gear nímhníghe na haicíde gráineamhla
sin. Do bherir Thaudices úghdar Gréagach.
scéala dúinn go
p. 136 go raibh an oiread sin
mórgaidhtheacht. bréantas et truaill-
ightheacht 'san áer. go bhfuair iliomad bás.
et ní bhfuarthas liaigheas ioná lusradh. ná
íocluibh do bhainfeadh barrthuisle aisde. et
scéal dob iongantuidhe ioná sin dá mbeith


L. 62


sé d'ágh air aon neach díobh dul ar son bás
d'fhághail. ná bíodh mea ... ioná
cuimhne aco air aon nídh dá ttuiteadh amach
dóibh an faid do bhídís gonta leis an aicíd
ghráineamhuil sin. ionnus go ndearmadaois
na haithreacha a cclann mhac. na firainna.
etc.



5 Do bheir Marcus Aurelius. úghdar in-
chreidte cúntas dúinn air phláig do bhí an
aimsir féin 'san Iodáil. gur bhurusa an beódh
do chómhairiomh ioná an marbh.
Saighdiúireadha Abidus Casius air mbeith
dóibh a Seleusia. cathair atá lámh le Baibilon.
do chuadar asteach a tteampoll Apollo et do
fuaradar ann sin cófradh ionnar mheasadar
mórán saidhbhris dfhághuil. d'oscladar í. et
do ghluais aiste amach an boladh a



p. 137 bréantas an mhórgaidhtheacht
budh ghráineamhla. et do badh
uathbhásuidhe dá m'fhéidir a bheith. ionnus
gur ghalaruigh sé ríoghacht na Baibiolóine
uile mor thímpioll. et as sin do'n Ghréig. et
don Róimh ag truailliúgh ann gach áit ion-
nar ghaibh. ionnus nár mhair an tríamha cuid
do na daoine.



6 Féachamaois anois a cháirde an bhfuil
míshéan chómh mór leis ag na dórsibh
aguinn láithreach? amhuil is ná tíghean árr
bpeacuidhe a laighead. ní théighion
díoghaltus Dé a luighead chum sásaimh do
bhaint amach de na peacthaigh
cruadhmhuinéalacha a ttaobh aitheanta 'sa
righail do bhrise.



7 A bhliaghain tar éis Rígh na Fraince
do phósa le Leonóra inghein Impre na Gear-
máine. do bhí a leithéid sin d'aicíd
choimhthigh air feadh na tíre sin go huile an
mhuintior do bhí galaraidhthe do chuiridís
a los plághamhúil amach tríotha go
bhfaghdaois bás a ccionn cheithre huaire
fithiod. Do thionnscainn sé san iarthar. as sin
do an Ghearmáin. Do
imthigh
p. 138 d'imthigh sé mur chaor thínn-
tíghe. ionnus go measfuidhe go scuabfadh sé
an chine daona do dhruim na talmhan. air
an adhbhar sul a baineadh aon stad aisde. do
bhí a bréantus chomh mór sin. nár fhág sé
aon nidh 'na bheathaidh beag nách. et an
beagán do mhair díobh mur chómhartha
aithríghe. chum fearg Dé do chuir air ccúl.
d'imthíghdís cómharuidhthe le crosa dearga.



8 Scríobhtar go raibh an phláig chómh
fóiréigneach sin a Sagsana. nách é amháin na
daoine ag fághail bháis. na héin ag fágbháil
a neadracha an uighe et a ngeárcach. na
beathuidheadh alltha a fágbháil sa tréigion
a ccuaiseacha. na hathracha nímhe. et
tódaibh ag imtheacht na sluaghtaibh a
ccómhluadar a chéile. ionnus ná féadadaois
an bréanaso do thigeadh ós an ttalamh do
sheasamh. et do feicthí carn díobh marbh fé
na crannaibh lán do ghearbaibh et do
nioscóidibh.



9 Ann san mbliaghain 1546 a ndeire mhí
na
p. 139 na ... béiltine. do thionnscan
a Stics cathair atá a bProibhine pláig
mharbhthach do sheasaimh trí rátha. ionna
bhfuair móran de'n uile chinéal bás. a ccás
go raibh na teampoill baiclíonta dhíobh. mur
ná faghdaois slíghe chum an adhlacadh ionn-
ta. An mhuintir do gontuidhe leis an aicíd
ghráineamhúil so an dara lá d'imthíghdís air
deargbhuile. et do chaithidís iad féin a mach
tríd na fuinneógaibh et ann 'sna toibreacha
fíoruisge. tuille aco 'na ttígheach fuil shrón
orrtha. et dá ccuirfídhe cosg uirthe do gheibhdís
bás air an láthair. Na mná troma
ag cailleamhuin ttorthais. et gach aon díobh
do gheibhidh bás mur do craithfí fuil air a
ccorpaibh mór thímchioll. Do bhí an ur-
chóid chómh mór sin go ttréigiodh na
hAithreacha a cclann: et na mná a bhfearaibh


L. 63


pósda. Níor choisg an saidhbhrios do
shealbhuigheadur ó bhás d'fhághail do'n
ghorta iad. Air uairibh ní bhfaghfuidhe
crúsca uisge air airgiod dá bhfaghdaois le
cruadháil nó cinneamhuin greim re'n ithe. le
buile an teinnis do gheibhdís bás et an greim
'na mbéal. Do bhí an aicíd chómh
huathbhásach sin nách túisge d'fhéacadaois
air
p. 140 air an othar ioná do thóghadaois
an aicíd. et do bhí an táer os cionn na
cathrach chómh truaillighthe sin ó bholadh
ná mór urchóide sin mur a stiúrdhoch an
ghaoth é do líonadh na daoine do
nioscóidibh do ghearbhaibh et do char-
búnclaibh. Ó mo nuar! a cháirde. cad é an
cúntas do bheir na leágha do bhí a ccúram
na notharso a deiridís. tá'n aidíd so chómh
húrghrána chómh uathbhásach sin. ionna
raibh folaigheacht ionná purgóid ioná aon
liaigheas eile do bhainfeadh staona aisde.
gurab é íocluibh nó fóirithin ionna raibh a
ndóthchus ann. a bás. mur so do bhíodaois
ag feithiomh air an tteachtaire. do scairfeadh
an tanam ris an ccorp. Mur do chonarc an
aon mhnaoi amháin do ghlaodhaigh ag an
na fuineóig féin chum socraidhthe éigin do
dhéanamh le lín a báis. Do bhí a heisléine
dá déanamh aice féin. et an mhuintiar do chuaidh
ag adhlacadh na marbh. air a tteacht
thar nais. do bhí an bhean treasgartha róm-
pa air an úrlár. et a heisléine gan críoc-
núghadh. Dá bhrígh sin tugadh gach naon
aire do féin et seachnadh an peacadh air
eagla na neithe úd do luadhmair.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services