Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Sliocht Duanaire Gaedhilge

Title
Sliocht Duanaire Gaedhilge
Author(s)
Údair éagsúla - Pádraic Mac Piarais do thiomsuigh,
Compiler/Editor
Mac Piarais, Pádraic
Composition Date
1911
Publisher
The Irish Review (Dublin)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


SLIOCHT DUANAIRE GAEDHILGE



PÁDRAIC MAC PIARAIS do thiomsuigh



SLIOCHT Duanaire Gaedhilge annso síos. Is fada dhom 'gá chur romham
binneas gacha ceoil agus uaisleacht gacha smaointe dár fhág éigse
Gaedheal i n-a ndiaidh do bhailiughadh le chéile agus do chraobhsgaoileadh
i leabhar. Do chuirfinn i bhfoircheann an leabhair úd caibidil i n-a dtiomsóchainn
a dtáinig chugainn d'fhíor-fhilidheacht le béal-oideas na sean ar n-a canadh i
n-allód nó ins na haoisibh deiridh seo le lucht tuaithe. Is ionchurtha cuid de'n
bhfilidheacht sin le filidheacht na rígh-fhile, óir is minic féith na filidheachta i
bhfear an bhréidín.



Má bhí furmhór na n-amhrán agus na ndán so in' dhiaidh fá chló cheana ní
lughaide is fiú a gcur i gcló annso. Is é an nós dár leanas ag déanamh
an leabhair seo dhom .i. nós na beiche meala; óir is é do-ghní an bheach
mheala gach plannda agus gach dos deagh-bhláth dá bhfuil san ngarrdha do
chuartughadh ag tionól agus ag tiomsughadh cnuasaigh agus toraidh di féin, agus
is amhlaidh sin do chuartuigheas gach deagh-leabhar agus gach irisleabhar dár
craobhsgaoileadh romham ag tionól agus ag tiomsughadh cnuasaigh agus toraidh
do'n leabhar so.



I.



CAOINEADH MHUIRE



“A Pheadair, a Apstail, an bhfaca tú mo ghrádh geal?”
(M'óchón agus m'óchón ó!)
“Chonnaic mé ar ball é i lár a námhad.”
(M'óchón agus m'óchón ó!)



“Gabhaidh i leith, a dhá Mhuire, go gcaoinidh sibh mo ghrádh geal.”
(M'óchón agus m'óchón ó!)
“Céard tá le caoineadh againn muna gcaoinimid a chnámha?”
(M'óchón agus m'óchón ó!)


L. 45


I.



THE KEENING OF MARY.
“O Peter, O Apostle, has thou seen my bright love?”
(M'óchón agus m'óchón ó!)



“I saw Him even now in the midst of His foemen.”
(M'óchón agus m'óchón ó!)



“Come hither, two Marys, till ye keen my bright love.”
(M'óchón agus m'óchón ó!)



“What have we to keen unless we keen His bones?”
(M'óchón agus m'óchón ó!)


L. 46


THE IRISH REVIEW



“Cia hé an fear breagh sin ar chrann na páise?”
(M'óchón agus m'óchón ó!)



“An é nach n-aithnigheann tú do Mhac, a Mháthair?”
(M'óchón agus m'óchón ó!)



“'S an é sin an Maicín d'iomchuir mé trí ráithe?
(M'óchón agus m'óchón ó!)



Nó an é sin an Maicín do rugadh san stábla?
(M'óchón agus m'óchón ó!)



Nó an é sin an Maicín do hoileadh i n-ucht Mháire?”
(M'óchón agus m'óchón ó!)



“Éist, a Mháthair, is na bí cráidhte.”
(M'óchón agus m'óchón ó!)



“'S an é sin an casúr do bhuail tríot na táirngní?
(M'óchón agus m'óchón ó!)



“Nó an í sin an tsleagh do chuaidh trí do lár geal?
(M'óchón agus m'óchón ó!)



Nó an í sin an choróin spíonta chuaidh ar do mhullach áluinn?”
(M'óchón agus m'óchón ó!)



“Éist, a Mháthair, is ná bí cráidhte.
(M'óchón agus m'óchón ó!)



Éist, a Mháthair, is ná bí cráidhte:
(M'óchón agus m'óchón ó!)



Tá mná mo chaointe le breith fós, a Mháithrín.
(M'óchón agus m'óchón ó!)



A bhean atá ag gol, de bharr mo bháis-se
(M'óchón agus m'óchón ó!)



Béidh na céadta indiu i ngáirdín Phárrthais!
(M'óchón agus m'óchón ó!)



GLUAIS. — Ó mhnaoi as Muigh Chuilinn i nIar-Chonnachtaibh do chualas Caoineadh Mhuire.
Máire Níc Fhlanncadha bob' ainm agus sloinneadh di, agus fear do mhuinntir Chéidigh do bhí
mar fhear pósta aici. Badh greann leat bheith ag éisteacht léithi agus í ag canadh an chaointe go
cumhach ceolmhar. Bhí de mhéid a truaighe do Mhuire agus dá Mac gur shil sí na frasa deor
agus í rádh na rann gurbh' fliuch gruadha agus brollach dhi. Ná déantar iongantas de sin,
óir is minic Páis Chríost dá caoineadh go deorach ag Gaedhealaibh.



Do chuireas an Caoineadh i gcló san gClaidheamh Soluis, M. Foghmhair 24, 1904. Tá cuid
de ag an gCraoibhín Aoibhinn i gCaoineadh na dTrí Muire i measg Amhrán Diadha Cúige
Chonnacht. Is dóigh liom go bhfuil dhá amhrán measgtha le n-a chéile san gCaoineadh úd
an Chraoibhín, .i. Caoineadh Mhuire agus amhrán eile ar a dtugtar Páis Mhuire. Tá Páis
Mhuire i n-a hiomlán ag Máire Níc Fhlanncadha.


L. 47


“Who is that stately man on the tree of passion?”
(M'óchón agus m'óchón ó!)



“Dost thou not know thy Son, O Mother?”
(M'óchón agus m'óchón ó!))



“And is that the little Son I carried nine months?
(M'óchón agus m'óchón ó!)



And is that the little Son that was born in the stable?
(M'óchón agus m'óchón ó!)



And is that the little Son that was nursed on Mary's breast?”
(M'óchón agus m'óchón ó!)



“Hush, O Mother, and be not sorrowful.”
(M'óchón agus m'óchón ó!)



“And is that the hammer that struck home the nails through Thee?
(M'óchón agus m'óchón ó!)



And is that the spear that went through Thy white side?
(M'óchón agus m'óchón ó!)



And is that the crown of thorns that crowned Thy beauteous head?”
(M'óchón agus m'óchón ó!)



“Hush, O Mother, and be not sorrowful.
(M'óchón agus m'óchón ó!)



Hush, O Mother, and be not sorrowful!
(M'óchón agus m'óchón ó!)



The women of my keening are yet unborn, little Mother.
(M'óchón agus m'óchón ó!)



O woman who weepest, by this My death
(M'óchón agus m'óchón ó!)



There will be hundreds to-day in the garden of Paradise!”
(M'óchón agus m'óchón ó!)



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services