Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Sgéul na mBeach bhFiadháin. Le haghaidh an aos' óig.

Title
Sgéul na mBeach bhFiadháin. Le haghaidh an aos' óig.
Author(s)
An Fainne Fionn,
Pen Name
An Fáinne Fionn
Composition Date
1908
Publisher
Dominican Fathers

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


SGÉUL NA mBEACH bhFIADHÁIN.
LE hAGHAIDH AN AOS' ÓIG.



AN FAINNE FIONN.



Seadh, a Chormaicín, raibh tusa ar sgoil indiu? Adeirim an mhéid
seo leat, ar a shon gur ro luath atáir amuigh. Ar ith tú do phroinn
fós? Is dóigh gur mó an dúil agat i n-imirt ná i n-ól, an eadh! Tá
fhios agat nach féidir le sac folamh sheasamh. Ca fhad measann tú do
b'fhéidir leat a dhéanamh gan biadh? Is gearr an t-am, táim cinnte
& má's mór an spéis agat i n-imirt báire chamánuigheachta no cois-
pheile, táim cinnte gur bhfearr leat anois rud éigin a bheith agat dhá
chaitheamh 'ná 'n imirt go léir. Bhí fhios agam gur b'amhlaidh do b'eadh
sé leat. Ní ritheann an t-ocras & an imirt go maith le chéile, acht
is minic bíonn buachaill geabhtha suas comh-mór sin leis an bhfonn atá
ar siubhal go láinréimeach aige go bhfanann sé amuigh & a chuid bidh dhá
fuarughadh 'sa mbaile. An measann tú, a Chormaicín, gur ciallmhar
an fear a dhéanfadh mar sin. Táim cinnte nach ciallmhar. Ar dtús,
bíonn proinn té compórdamhail ag an gcuid eile do'n líon tighe, &
tusa amuigh faoi'n bhfuacht & do ghoile ag tuitim asat leis an ócras!
An dóigh leat go nglacfaidh do mháthair go réidh leat-sa amhlaidh sin?
Tá sí ag fanamhuint leat dhá uair de chlog & níl fhios aici cad bhuail
umat. Is mór an imnidhe bíonn ar mháthair fén a mac, tá fhios agat,
& is mór sin an imnidh ar do mháthair-se anois. Bíonn fearg ar mháthair
uair eile & buaileann sí an donas as a mac má fhanann sé amuigh ró-
fhada. Bhfuil eagla ort anois, a Chormaicín. Measann tú nach
mbuailfidh do mháthair thú, no cé an leithscéal béidh tú ag tabhairt uait
nuair sroisfir a bhaile? Ná hinnis bréag dhi cor ar bith, acht innis an
fhírinne ghlan. Is meata an garsún a d'inneósadh bréag le n-a
mháthair féin, no le haoinne eile. Ní shlánuigheann an bhreug aon
gharsún nó gearrchaile ar aon chor, ar a shon go dtiocfaidh an fhírinne
amach uair éigin & annsin beidh an “bualadh baise” & déara diachra go
fraiseach ann.



Do cuireadh Tomaisín Ó Súileabháin, atá anois fásta suas, chum
sgoile lá, lá breagh gréine san tSamhradh bhí ann. An dóigh leat cad


L. 151


rinne sé an lá úd? Thug sé a chuid leabhar leis ó'n bhaile gan amhras,
& do leig air gur ag dul chum scoile a bhí sé, acht 'na leabadh soin is é
a rinne sé a leabhair do sháitheadh isteach i gcruaich féir 'san iathlanin, &
amach go bráth leis fé'n tír & beirt eile dhá chompánachaibh scoile 'na
fharradh. Do ghlanadar leó comh thapaidh i n-Éirinn, & go n-iomchrochadh
a gcuid gcos iad go rabhadar as radharc a muínntire féin go háirighthe.
Anois táid ar a dtoil féin. “Cad déanfamaid?” arsa Tomaisín Ó
Súileabháin leis an mbeirt eile. Do bha é Tomaisín a bhí mar
taoiseach & treoraidhe orra araon & ba hé do cheap an sgléip go léir
& do chuir an lá saor sin ar bun do'n triúr. “Rachamaid ag lorg
nead éun,” ar garsún díobh. “Ní headh,” arsan dara garsún, “acht
rachamaid ag lorg nead beach.” “O! 'seadh, sin an dóigh,” arsan
treoraidhe, ‘& tá fhios agam an áit 'na bhfuil mórán nead le fághail.
Déanaidh deabhaidh anois & taraidh liom.” Siúd ar sodar iad i ndiaigh
a dtreóraidhe & ní dhearnadar sdad nó comhnuidhe go rangadar an
macaire mhóinfhéir leith-mhíle ar a n-aghaidh. Bhí an féur go hárd an
taca soin, & beagnach apuidh le baint. Asteach leo thar an gclaidhe, &
ionnsuigheadar ag priocadh & ag bualadh an fhéir fhada le cipínibh do
bhuaineadar de chrann i n-aice dóibh. Ní fada dóibh mar sin gur
sgairt Tomaisín go hárd do'n bheirt eile teacht go tapaidh chuige. Ag
gabháil thríd an mhóinfhéir dó, bhuail sé a chos ar thaobh nid beach go raibh
saithe mór ann, agus 'nuair airigheadar-san an buille thug Tomaisín
dhá nead chuireadar munúr asta an-aoinfheacht, gur chualaidh Tomaisín
an fhuaim & an geón & go raibh sé cinnte gur bha nead beach a bhí ann.
Phreab a chroidhe le háthas. “Brostuigidh, brostuigidh annso,” ar sé
leis an mbeirt. Do bhí siad-san a ngar dó anois. “Tá ceann aca
againn,” ar seisean, “nár dhúbhairt mé libh sgathamh ó shoin go rabhadar
go fairsing innseo? Íarramais an mhil d'fhághail anois.” Chrom
Tomaisín ag spíonadh an fhéir thirm lobhtha & an chaonaidh bhuig do bhí
fíghte fuaighte thart timcheall ar an nead, gur nochtaigh sé na cíora.
Tort mór breagh bhí ionnta. “Béidh mil go flúirseach againn anois,”
ar an beirt eile. Acht má milis an mhil sin, ba searbh a híoc. Bhí
Tomaisín ar a láin-dícheall ag iarraidh an nead sin do sgaoileadh & a
raibh ann do bhreith uatha. Gach aon íarracht do rinne sé, amh, b'éigin
dósan & dhá chompanachaibh teitheadh chomh mear as bhí in a gcosaibh, & an
saithe uile i n-a ndíaigh. Is iomdha cealg thugadar na beacha sin dóibh
an lá úd sul ar éirig leó na cíora do bhaint amach. Bhí liubair móra,
attha ar Thomaisín ó nimh na bhprioc do shaitheadar na beacha sin ann, &
nir bh'fheirrde do'n bheirt eile, bhí a gcuid lámh & leacan gonta nimhneach
mar an gceudna.



Do chosnuigh na beacha go treun a nead sin & an stór meala a bhí
bailighthe aca ann leis an oiread sin de dhuadh & diansaothar & níl aon
iongantas 'san íde úd thug siad do na buachaillibh bradacha sin, do


L. 152


chuir an leithéid beag suime sin 'san aithmhéal & cumha fo ndear siad
dóibh. Do milleadh a dteach orra & do leigeadh gan biadh gan díon
íad féin. B'éigin dóibh sgaipeadh ó chéile annsin & fascadh & fuighin
d'íarraidh comh maith as do b'fhéidir leó faoi dhuilleógaibh na luibheann
ann so & ann súd thart timcheall an mhacaire. Ní thug na buachaillí
aon ní de'n mhíádh sin dá n-aoi chor ar bith. Bhí an chreach aca anois, &
shuigheadar an triúr ar an gclaoide, & thosuigheadar ag fascadh a
gcuid meala as na cíoraibh & 'ga h-ibheadh go soghamhail, go rabhadar
súgach sásta.



Do chaitheadar an triúr an lá sin go greannmhar, meidhreach, croidhe-
éadrom go teacht an tráthnóna, no do badh cirte a rádh, go teacht na
h-oidhche. Do chuir an meud chaitheamh-aimsire a bhí ar siubhal aca feadh
an lae úd gach smuaineadh ar fhilleadh ar ais as a gcuimhne glan, &
do bh'é an “fear gortach” an cheud teachtaire do tháinig 'na gcoinne
dhá ngairm a bhaile an uair sin féin. D'éirigh eagla mór orra anois,
mar bhí an sgoil thart fad ó, & na sgoláirí eile a bhfad tar éis a
bproinn do chaitheamh, & íad ag foghlaim a gceacht i gcomhair an lae ar
n-a márach. Do rinneadar comhairle le na chéile ann sin cad dhéanfai-
dís ar chor ar bith. Bhí fhios aca go maith go mbeadh fearg mhór ar a
maithreachaibh & a n-aithreachaibh leó, & go rabhadar astigh ar sgoth-bhualadh
fholláin do sheasamh. Réir mar dhruidtear leis an mbaoghal 'seadh is
móide bíonn an eagla 'n-a cheann, & bhí croidhe na ngarsún so ag
preabadh na gcléibh 'nuair thángadar i radharc a dtightheadh féin.
Dubhairt Tomaisín leis an mbeirt compánach go mbuailfeadh féin
asteach pé sgeul é, & d'fháig sé slán & beannacht leó. Ba mhór an
cathughadh orra cia aca an fhírinne no an bhréug a d'inneósadaois, nuair
a bhéidís 'gá gceistniughadh air cá rabhadar comh deireannach sin, & co
cé an fáth nár thángadar níos tuisge a bhaile. B'éigin dóibh an fhírinne
ghlan d'innsint dá sinnsiribh, mar bhí fhios aca go bhfuighidís an sgéul
amach ó'n mháighistir sgoile an lá 'n-a díaigh, an rabhadar ar sgoil, no
ná rabhadar. Isteach le Tomaisín Ó Súileabháin innsin & ceann faoi
air, & rinneadh leis an mbeirt eile mar an gceudna. Bhí imnidhe mór
ar a máithreachaibh mar gheall orra & fearg ar a n-aithreachaibh, acht do
ceannsuigheadh go mór íad ag feicsint a macaomh go slán ar ais chuca
arís, & éachta & imtheachta an lae sin dá n-innsint go fíor gan bhréig
dóibh. Tugadh a séire dóibh ann sin, acht ní fhuaradar proinn fuar no
te. Bhí siad traochta tuirseach an oidhche úd tar éis a n-eachtra ar
feadh an lae. Dubhradar a n-úrnuighthe innsin, bhaineadar a gcuid
éadaigh díobh, & shaith an codladh a bhiorán shuain & shámhchodlata ionnta,
go dtáinig an lá le na lán tsoillse ar na márach.



Sin sgéul na mbeach agaibh anois, & bainidh an mhil uile as má tá sí
le fághail ann.




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services