Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Caisleán Bhaile Chairbre

Title
Caisleán Bhaile Chairbre
Author(s)
Ní Chinnéide, Máire,
Composition Date
1908
Publisher
Dominican Fathers

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


CAISLEÁN BHAILE CHAIRBRE.



MÁIRE NÍ CHINNÉIDE.



“Agus an é sin Caisleán Bhaile Chairbre? an sean-fhothrach gránda
so ná fuil cuma ná slacht air? Mhaise, go deimhin féin, is beag meas
a bheidh agam arís ar na rudaíbh is mó a thaithneann leat-sa, m'á's é seo
an caisleán breagh a bhí agat le taisbeáint dom! Ár ndóigh, ní
hamhlaidh atá tú chum pictiúir — pictiúir, go bhfóiridh Dia orrainn — a
dhéanamh de'n tsean-chabhlach so! Cuir uait i n-ainm Dé, & téanam
ort a bhaile — nó ragham ag triall ar an Observatory nó ar rud éigin
eile gur fiú féachaint air … Ní thiocfair, an eadh? Beannacht
leat, má 'seadh, & go gcúitighthear do shaothar duit!”



D'imthigh mo dhearbhráthair leis annsoin, & ní deirim ná gurab amhlaidh
abhfearr liom é. Cé go rabhamar an-cheanamhail ar a chéile — ní raibh
acht an bheirt againn ann — is beag meas a bhí ag ceachtar againn ar
na rudaíbh a thaithn leis an duine eile. B'fhearr liomsa ná éinnidh eile
an lá a chaitheamh amuigh 'sna páirceannaibh ag féachaint ar na scamaill
sa spéir & ar an atharrughadh cuma a tháinig ortha gach ré nóimid, no
dul ar fán timcheall na duthaighe ag déanamh pictiúirí beaga de gach
dún no fothrach caisleáin nó a leithéid a bhí i ngiorracht deich míle dár
n-áit chomhnuighthe. Díomaointeas ab'eadh iad so go léir, dar lem'
dhearbráthair, ámh — saghas caitheamh aimsire nár fhoghn acht do chailíníbh, &
ní féidir iad do chur i ghcomórtas le hiománuidheacht ná le rámhaidheacht
ná a samhailt siúd. Mar sin is annamh a bhí sé im' theannta ar na
turusaibh seo, & nuair tháinig féin, ní bhíodh sé ró-shásta le n-a bhfaca sé.



Tháinig ana-fhuadar orm chum oibre nuair bhí mo dhearbhráthair
imthighthe, agus do thógas mo phinn luaidhe & mo scuaibíní dathuighthe
amach as an mbosca acht sar ar thosnuigheas, d'fhanas tamaillín ag
féachaint ciacha taobh de'n chaisleán dob'fhearr chum pictiúir a dhéanamh
dhe. Tá an caisleán féin suidhte ar innse bhig & a chosa beagnach
san uisce. Tá Bágh an Daingean le feicsint lasmhuigh & Abh na
Fearta ag rith isteach ann. “Ar an dtaobh thall de'n Ghabhailín”
tá Cathair Uibh Ráthaigh & a drom le Binn a' Tighe, & tá Cnoc na dTobar
ar an dtaobh thiar de'n chaisleán. Tá crois le feicsint ar a bhárr
so, & deirtear linn gur dhein sagart paróiste a bhí annso Turus na
Croise do chur ar thaobhaibh an tSléibhe & go mbidhtear ag déanamh
urnaighthe ann fós. Tá an ghrian ag taitneamh ar an uisce, & tá na


L. 38


tonntacha beaga ag lonnradh mar airgead fé n-a soillse & iad ag
rinnce go ceólmhar ar a dtriall ar an muir mhóir. Tá an deatach ag
eirghe ós na similéiríbh thall sa Chathair & tá obair an tsaoghail ar
siubhal ann, acht tá an áit seo chomh ciuin & dá mba i gcathair éigin na
marbh a bhí sé. Níl fuaim le cloisint acht amháin “canntann na
n-éan” & amhrán na habhna & bfhéidir fothraimín beag anois is arís
nuair léimeann iasc san uisce. Lá chum machtnuighthe is eadh é & ní
fada go dtuiteann na scuaibíní as mo láimh & go dtagann mar bheadh
néall codalta thar mo shúilibh. Do cuireas díom é, ámhthach, & do
thosnuigheas ar obair.



Ní raibh puinn déanta agam nuair do thuit an t-iongantas amach.
Ní raibh an ghrian ag taitneamh a thuille ná na héin ag déanamh ceoil,
acht bhí tuitim na hoidhche ann, & i n-ionad an tsean-fhothraigh luim,'sé bhí
ann ná caisleán breagh daingean láidir, & bhí mar bheadh taobh bainte
de'n chaisleán i dtreo is gurbh' fhéidir liom gach a raibh ar siubhal istigh
sa chaisleán d'fheicsint. Bhí a lán daoine sa chaisleán idir fhearaibh &
mnáibh, acht ní rabhadar i dteannta a chéile ann. Bhí éadach áluinn
dathamhail saidhdhir ortha go léir, gur mhór an deifridheacht idir é & an
t-éadach a bhíonn ar na daoiníbh fé láthair. Bhí léinteacha síoda ar chuid
des na fhearaibh & bratacha go raibh fabhraí óir ortha, & bhí triúis & ionar
sróil ar chuid eile aca. Bhí mionna de'n ór bhuidhe ar fholt na mban, &
bhí slabhraí óir & bioráin óir go raibh clocha loghmhora ionnta & fáinní óir
ortha go léir ná faca a leithéid riamh roimis seo. Bhí dhá bhórd ar faid
an tseomra ba mhó sa chaisleán & bhí gach éan-tsaghas bidh & dighe ba
bhlasta ná a chéile leathta amách ortha. Bhí lampaí práis & umha ar
crochadh as na frathachaibh & bhí teinteacha móra i lár an tseomra mar
rabhthas ag ullmughadh an bhidh, & bha gheal deas comportach an seomra
é, cé go raibh an sneachta ag teacht anuas go tuigh lasmuigh. Bhí a lán
daoine 'na suidhe ar gach taobh des na bórdaibh & corn adhmaid no
meadar os comhair gach duine aca, & é lán d'fhíon iasachta no de shein-
mhiodh, & ní raibh éan-easbaidh ar an mbiadh acht chomh beag. Bhí cruitire
ar thaobh an Taoisigh & bhí ceol binn na clairsighe le cloisint ó am go
ham, & dob' aereach sultmhar scléipeach an chuideachta iad.



Dubhart cheana ná raibh na fir & na mná i dteannta 'chéile ag an
bhfleidh. Is amhlaidh a bhí a nGrianán féin aca son, & dá dheise & dá ghile
an seomra a bhí ag na fearaibh, ba sheacht n-uaire níos deise & níos
gile an seomra a bhí ag na mnáibh. Bhí lasracha na dteinteacha níos
lonnraighe ann & solus na lampaí níos gile, & geallaim duit go raibh
an biadh & an deoch an uile bhlúire chomh maith & bhíodar sa tseomra eile,
cé ná raibh an oiread des na fíontaibh iasachta úd nó des na “deocha
garbha gabhálta” eile ann.



An fhaid is a bhíos ag féachaint ar na radharcannaibh breaghtha so
tháinig dubh-scamall idir mé & an caisleán. Ba dhóigh liom go raibh na


L. 39


soillse go léir múchta & gur imthigh an caisleán féin as mo radharc ar
fad. Nuair chonnac arís é, bhí solus an lae ghil ag taitneamh air, & bhí
sluagh daoine na thimcheall & bhí báid sheoil sa' chuan thíos. Bhí teanga
bhinn na Spáinne le cloisint ó chuid des na daoinibh seo, & bhí an dath
céadna & an folt céadna ortha atá ar roinnt mhaith dár ndaoine féin i
n-iarthar na hÉireann — ins na háiteachaibh is mó gur tháinig na Spáinnigh
ar tír ann. Mná ab'eadh urmhór na nGaedheal a bhí ann & bhí na clócaí
breaghtha fairsinge ortha mar bhíonn ar na mnáibh fós i n-áiteachaibh. Bhí
a gcuid earraidhe leathta amach aca go léir ar fhánaidh an chaisleáin —
fíonta & síoda & éadaighe eile ag na Spainnigh, & olann & uibheacha &
duileasc & a leithéid ag na Gaedhil, & bhí ceannuidheacht ar siubhal aca go
dian. Do labhair gach duine aca a theanga féin, & do thuigeadar a
chéile go dian-mhaith. Annso is annsúd bhí beirt nó triúr aca ag cainnt
le chéile & iad ag cur cursaí an tsaoghal tré chéile as Gaedhilg & as
Spáinís & iad chomh ceanamhail son ar a chéile & dá mba comharsoin sa
bhaile iad i n-ionad na gcéadta míle a bheith eatortha.



Annson, do thuit rud iongantach amach. D'airigheas fuaim mór
éigin. D'imthigh na Spainnigh & na Gaedhil i dteannta 'chéile as mo
radharc & 'na n-ionad bhí saighdiúirí Gallda ann — fir láidre cumasacha
go raibh an ceann bearrtha nach mór ag gach duine aca, & ionair leathair
ortha & lúireacha iarainn. Bhí gunnaí móra aca & bhíodar tar éis puill
mhóir a dhéanamh ar thaobh an chaisleáin. Bhí saighdiúirí na nGaedheal ann
leis ag iarraidh an chaisleáin a chosnamh acht is beag maitheas a bhí sna
pícíbh & sna gunnaíbh beaga a bí aca so seochas na n-úirlisí uathbhásacha
a bhí ag na Gaill. Bhí misneach 'na gcroidhe, ámhthach, & throideadar go
dian duthrachtach, acht bhí an poll úd sa chaisleán ag dul i méid gach
nóimid & puill nuadha dá ndéanamh ann, & anois is arís do thuit blúire
de'n tsean-fhalla thíos & do leagadh roinnt de'n lucht chosanta fé.
Bhí an lá ag dul i gcoinnibh na nGaedheal i n-aimhdheoin a gcrodhachta &
a gcalmachta & ní raibh puinn chathuighthe orm nuair thuit an bhrat
dorchadais idir mé & an caisleán arís, cé nár fhéad sé screadach na
ndaoine ngortuighthe do bhaint dem' chluasaibh go ceann tamaill. Níor
imthigh an dorchadas i n-eanchor an taca so & fé dheire do thuigeas
gurab amhlaidh a bhí tuitim na hoidhche ann arís. Bhí a lán daoine
timcheall an chaisleáin & bhí bratacha & cótaí móra ar a n-urmhór mar
bhéidís chum turuis fhada a dhéanamh. Bhí na mná ag gol go bog sámh,
& bhí roinnt leanbhaí ann leis, & a súile ar leathadh aca ag iarraidh a
dhéanamh amach cad a bhí ar siubhal. Bhí bád ag teacht isteach sa chuan
& chomh luath & a tháinig, d'fhág na fir óga slán ag na mnáibh & ag
na leanbhaíbh & ag na seandaoiníbh & d'imthigheadar fé n-a dhéin. Níor
thuigeas féin cad bhí ar siubhal acht chuir garsún an cheist ar shean-
fhear a bhí ag iarraidh na luinge a bhí ag tabhairt a thriúir mhac thar
sáile uaidh d'fheicsint tré dhorchadas na hoidhche. Cuir an sean-fhear a


L. 40


lámh ar fholt chasta an gharsúin & dubhairt, “Siad so na Géanna Fiadhna,
a Dhiarmuidín, a chara, & béidh tráct ortha i nÉirinn & clú & meas go
bráth. Táid ag eitilt thar lear ag iarraidh congnamh do sholáthairt
dár sean-mháthair Éire & tiocfaid siad thar n-ais arís, lé congnamh Dé,
chum saoirse a bhaint amach dá dtír dúthchais.” “Agus an dtiocfaidh
Séamus & Seán & Muiris thar n-ais, a shean-athair?” ars an garsún
arís. Ní bhfuair sé éin-fhreagra, acht do neartuigh ar chaoineadh na
mban. Bhíodhar go léir ag féachaint amach thar sáile, & chonnach go raibh
seól an bháid dhéidheannaigh á chailleamhaint fé dhorchadas na hoidhche.
Nuair bhí sé imthighthe as radharc ar fad, d'iompuigheas chum an chaisleáin
arís. Ní raibh duine le feicsint 'na thimcheall & bhí breacadh an lae ag
teacht sa spéir anoir & i n-ionad géar-ghuil na mban ní raibh le cloisint
acht screadaigheal na n-éan mara, & na mílte aca, idir faoilinn & cuir-
liúin & eile, ag teacht isteach ó'n bhfairrge. Annson, d'airigheas go
raibh fuaim éigin eile ann i dteannta scread na n-éan, saghas crónáin
a bhí ag teacht ó fhothrach an chaisleáin. D'fhéachas isteach ann & chonnac
sluagh mór daoine brúighte ar a chéile ann, & iad go léir ar a nglúinibh.
Bhí saghas altorach i n-aice an fhalla leath-stigh & sagart ag léigheamh
Aifrinn ann. Seanduine liath caithte ab'eadh é go raibh rian an
tsaoghail ar a éadan & ar a ghnúis tanaidhe, acht bhí rath Dé le feicsint
ann leis má tá sé le feicsint i ngnúis éinne. Bhí an fhéachaint chéadna
beagnach, ar na daoinibh go léir — ba dhóigh leat ortha go raibh Flaithis
Dé le feicsint go soiléir aca ar an altóir bhoicht suaraigh úd. Is
annamh a chidhtear a leithéid sna heaglaisibh móra maiseacha atá againn
fé láthair, faraoir!



Sar a rabhas i bhfad ag féachaint ortha, do rith garsún beag isteach &
saothar air, & do ghlaoidh sé amach go raibh na saighdiúirí ag teacht.
Chuaidh triúr nó ceathrar des na daoinibh ba láidre timcheall an
tsagairt, phreab an chuid eile 'na seasamh, & d'imthigheadar go léir chomh
tapaidh sin gur dhóigh leat gurab amhlaidh do shloigh an talamh siar iad.



I gcionn cúig nóimidí ní raibh duine ná daonnaidhe san áit acht mé
féin. Bhí an ghrian ag dul fé ar an uisce, & bhí an sean-fhothrach chomh
lom uaigneach & bhí nuair chonnac ar dtúis é. D'airigheas scread ó'n
dtraen agus é ag dul siar go Rinn Áird, & mhothuigheas go raibh ocras
an domhain orm féin. D'fhéachas ar m'uaireadóir & ba mhór an iongnadh
bhí orm nuair chonnac go raibh ceithre huaire an chluig caithte ó thánag
go dtí an caisleán ar dtúis. Ní raibh solus mo dhóithin ann chum éan-
dathughadh a dhéanamh, & do cheapas nárbh' fhearr éinnidh a dheunfainn ná
triall abhaile.



Do gháir mo dhearbhráthair fúm — nidh nach iongnadh! — nuair chonnaic
se a raibh déanta agam de bhárr an lae, & ní chreidfeadh sé focal uaim
i dtaobh a bhfaca. Deir sé gurab amhlaidh a tháinig taidbhreamh orm.
Ní fheadar!



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services