Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Aiste, Ceachtanna Gaeilge, Agallamh

Title
Aiste, Ceachtanna Gaeilge, Agallamh
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1920
Publisher
Ní fios

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


AN BIOTÁILLE SA tSEAN-
AIMSIR IN ÉIRINN.



EOIN MAC NÉILL T.D.E., OLLAMH.



Más fíor dom nár cleachtadar an
chraos-ól acht le linn na bhfleadh, ba
leór a bhfuaradar dá dhíoghbháil sa meid
sin. Sa leabhar úd ar a dtugann
Seán Ó Donnabhain “Fragments of
Irish Annals,” tá tuarasgbháil ar an
gcraos-ól nach furusda a shárughadh
fághail i stair ná i seanchus. Is
amhlaidh atá an t-ughdar a trácht ar
dhá mac Fhearghail rí Éireann, Aodh
Allán agus Niall Frasach agus ar na
tréithibh a bhain le gach duine acu leith ar
leith. Fear deighbhéasach deighiomchair do
b'eadh Niall. Fear ainshrianta ainmh-
ianach a dhearbhráthair Aodh. I dtráth
bheith sultmhar — níor shultmhaire cách ná
é. Bheir an sgéal tuairisg dúinn ar
an gcuma bíodh ar an tigh fleidhe maidin
lá ar n-a bhárach, tuairisg a chuireas i
dtuisgint dúinn nach bhfuil aon ní
úrnua faoi sholus gréine. Do réir na
sgéalta, is de bharr fleidhe agus fíon-
óil a thárla easaontas idir na Fianaibh,
i dtreó gur mhilleadar agus gur
sgriosadar a chéile. Tamall i ndiadh
aimsire Pádraig, ba rí ar Éirinn
Muircheartach Mac Earca. Ba chalma
agus ba chumhachtach an t-árdrí Muir-
cheartach. Do chuir sé a smacht go
daingean ar chúigeadaibh agus ar
tuathaibh fódla. An cunntas atá ar a
bhás ag na séanchadhaibh is follus gur
fáithsgéal filidheachta é. Do loisg
teine é, do mhill síon é, agus do bháith
fíon é. Isé is tuigthe as an gcunntas
sin, go raibh an t-árdrí ag ól fleidhe
oidhche amháin, i dtigh Cleitigh ar bhruach
na báinne a bhí sé. D'ól sé leis go dtí
go raibh sé ar lán-mheisge — do bháith fíon
é. D'éirigh doineann agus anfadh
gaoithe — do mhill síon é. Do chuaidh an
teach tré theinidh — do loisg teine é.
Do cailleadh an t-árdrí i lár an
tóiteáin agus é ar meisge.



Do bhí an gnás sin caithte na bhfleadh
agus trom-óil an leanna le n-a linn
ag gach cineadh oá raibh i n-Iarthar
thuaisceart an domhain sa tseanaimsir.
Dá olcas é, níor b'ionann é agus an
gnáth-olachán, rud nach cuímhn liom
trácht air i seanchus Gaedheal. Tuig-
imíd ó Ghildas go raibh daoine áirithe
de Fhlathaibh Breatan ró-dhúlmhar sa
chraosól, acht cé gurbh' iad na Breath-
naigh an cineadh ba ghoire gaol do
Ghaedhealaibh, ní fhágann sin gurbh'
ionann béasa dhóibh. Tá a fhios againn
ó fhiadhnaise Tacitus go raibh béasa na
mBreathnach ag dul i n-olcas tas éis
géilleadh don Impireacht Rómhánaigh
dhóibh; gur bhrostuigh na taoisigh
Rómhánacha iad chun droichbhéasa do
chleachtadh, d'fonn go mbadh lughaide a
bhfearamhlacht agus a ndúil sa tsaoir-
seacht; agus fós gur dhroichbhéas de na
droichbhéasaibh sin, féasdaí breaghtha
galánta do chaitheamh go móir-mhinic.
Ní beag de chomhartha sin gur éirigheadar
ní ba craoisaighe craosólaighe faoi
cheannus na hImpireachta ná bhíodar
roimhe sin. Níl amhras ar bith ná gurbh'
iomdha droch-iarsma d'fhág riagaltas
na Rómhánach ar an gcineadh bhreathnach
an méid dóibh a tháinig fó smacht na
hImpireachta. An méid nár ghéill dí.
níor chailleadar a bhfearamhlacht, agus
nuair do thréig na Rómhánaigh an
Bhreatain, do chosnuigheadar a gceart
go cródha ar na Sasanaigh.



Ní thig liom a rádh ciacu a raibh na
Sasanaigh ní ba dúlmhaire san ól ná na
Breathnaigh nó nach raibh, an fhaid do bhí
a saoirse agus a reacht féin acu; acht
tá a lán fiadhnaise ar an méid seo,
nuair a daingnigheadh neart Feodálach
na Normannach ar Shasana, agus
bhféidir dá dheasgaibh sin, bhí cáil an
chraos-óil ar mhuinntir Shasan thar aon
chineadh eile i n-iarthar na hEórpa.
Dá bhrígh sin ní baoghal a rádh gur de
bárr gabáltais na Normannach i
nÉirinn a d'fhás an urchóid chéadna sa
sa tír seo.



Nuair a tháinig na Normanuaigh go
h-Éirinn, b'í sin an aimsir go díreach
n-ar thosuigh saoghal na mbailte mór sa
taoibh seo den domhan. Bhí na Lochlan-
naigh tar éis socrughadh fútha i mBaile
Átha Cliath, i bPortláirge, i Luimneach,
i Loch gCarman, agus i n-áiteannaibh eile
cois cuain. B'é toradh Cluana Tairbh,
ma's mall a tháinig sé i na thoradh, gur
thréigheadar a ndúil i mbroid agus i
bhfóirneart agus gur chlaoidheadar le
cúrsaí tráchtála, le ceannuigheacht agus
le maraidheacht ó thír go tír, ag díol sa
ceannach ollmhaitheasa gach tíre. Do
chuir ríghthe Sasan a smacht go daingean
ar gach caladhphort a bhí ag cineadh
Lochlann i nÉirinn, agus má chuir,
thugadar comairce agus cabhair do
lucht ceannuigheachta i n-aghaidh uaisle
ná tíre idir Gaedhil agus Gaill. Bhí
cairt ag gach baile cuain agus ag gach
baile margaidh ó rígh Sasan. Tháinig
mórchuid de mhuinntir Shasan do chomh-
nuidhe sna bailtibh sin. Ba ghearr go
raibh Béarla Shasan na ghnáth-theangaidh
isna cathrachaibh cois cuain, agus is
cinnte gur lean nósa agus gnása na
Sasanach sa tslighe chéadna. Ba h-insna
cathrachaibh sin a chuir mhuinntir na h-
Éireann a gcéad-eolus ar antabhair ne
nó ar an tigh leanna.



Tá a dhearbhadh sin ar sgéal a léigh-
tear ag Seathrún Céitinn sa leabhar
darab ainm Trí Biorghaoithe an Bháis.
Deir an sgéal sin go ndeachaidh Éire-
annach anonn go Sasana uair amháin,
agus gur bhuail sé isteach i dtigh ósta.
Fuair sé fáilte agus féile dar leis
féin ó fhear an tighe agus óna mhuinntir,
acht nuair a bhí sé ag imtheacht, chuireadar
iongantas mór air. Tháinig fear an
tighe chuige agus i n-ionad slán agus
beannacht a chur leis, dubhairt sé “make
reckoning,” agus bhain sé luach a raibh
ithte agus óltha aige dhe, rud nár thárla
dhó riamh an fhaid is bhí sé ina thír féin.


L. 13


AGALLAMH AR ÍOSAGÁN.



(Is fóirstinighe an t-agallamh seo
síos do aimsir na Nodlag ná ceacht
Gramadaighe. Cumadh é ag cailín ann-
seo ar son rang páiste a bhí aici.
B'fhiú é a theagasc do pháistibh i ngach
áit i n-Éirinn. Teagascthar go mall
é; baintear úsáid mhaith as gach ráidhte,
agus go h-áirithe as gach briathar.)



ÍOSAGÁN.



1. Máirín: Go mbeannuighidh Dia dhuit!



2. Brighdín: Dia 's Muire dhuit!



1. Caidé mar tá tú?



2. Ní'l ádhbhar gearáin agam, buidheachas
do Dhia. Caidé mar tá tú fhéin?



1. Tá mé mar tchidh tú. Cá bhfuil tú
ag dul?



2. Tá mé ag dul a shiubhal (nó, ag
siubhal). An dtiocfaidh tú liom?



1. Tá go maith. Cá rachamuid?



2. Rachamuid go dtí an Teampall.



1. Go dtí an Teampall! Caidé atá
ar siubhal ann indiu?



2. Ní'l dadaidh ar leith ann; ach, nach
cuimhin leat caidé dubhairt an
sagart 's an scoil 's againne lá
amháin?



1. Ní cuimhin liom. Caidé dubhairt sé?



2. Dubhairt sé gur chóir dúinn cuairt
a thabhairt ar Íosagán am ar bith
nach mbéadh dadaidh eile le deanamh
againn. An cuimhin leat anois é?



1. Is cuimhin liom; ach, tá sé i ndiaidh
a ceathair anois, nach bhfuil fhios
agat?



2. Tá fhios agam i gceart; ach, is amh-
laidh is fearr. Is dócha nach bhfuil
duine ar bith ag Íosagán anois.



1. Ó! Tá mé dearbhtha nach mbeadh. 'Sé
leis féin. Ná bíodh eagla ort nach
mbéadh duine éighinteacht i n-a
chuideachta.



2. Agus an saoileann tú go mbíonn
daoine 's an Teampall 'ach a'n
uair 's a' lá?



1. Saoilim go mbhíonn. Tá fhios agam
go rabh a lán daoine ann oidhche ar
bith a rabh mise ann.



2. Ó! Seadh! Ins an oidhche. Sin rud
eile. Ach, nach mbíonn tú ann 'sa'
lá ar chor ar bith?



1. Ní bhím.



2. Bhal, bím-se ann go tric minic;
agus is minic nach mbíonn aon-
duine ann ach mé fhéin agus
Íosagán.



1. Agus cad chuige a dtéid tú chuig an
Teampall chomh minic sin?



2. De bhrigh go bhfuil grádh agam ar
Íosagán; agus tá fhios agam go
bhfuil grádh mór aige orm. Fuair
sé bás ar a' chrois ar mo shon,
agus ar son a bhfuil de dhaoine ar
dhruim an domhain. An oidhche sul
a bhfuair sé bás, d'fhág sé an
t-Sacraimint Naomhtha againn 'sa'
dóigh a mairfeadh sé againn go deo.



1. Is fíor sin go díreach! Tá grádh
mór ag Íosagán ar gach uile
dhuine ar an domhan, is cuma caidé
an tír ar as é, nó bíodh sé dubh nó
bán.



2. Tá, maise! Caidé an fath nach
dtéid tú chun an Aifrinn gach
maidin?



1. An dtéid tusa ann?



2. Téidhim; agus téidhim 'sa' Comaoine
fosta.



1. Is méara dhuit! Ba mhaith liom dá
dtiocadh liom-sa Corp Chríosta a
ghabháil.



2. Agus cad chuige nach dtig leat?



1. Deir mo mháthair go bhfuil mé ro-óg
chuig sin go fóil.



2. Ní'l tú ro-óg ar chor ar bith. Tá
aithne agam ar ghirsigh bhig atá níos
óige ná thusa agus théid sí 'na'
Comaoine gach maidin.



1. 'mBíonn mórán páisde ag an Altóir
gach lá.



2. Mo bhrón! Ní bhíonn; ní bhíonn ach
cúigear nó seisear aici; agus
saoilim gur as Rang na Gaedhilge
iad uilig.



1. As Rang na Gaedhilge mise. An
cuimhin leat caidé an t-ainm a
chuir an sagart ar an rang Gae-
dhilge is againne?



2. Is cuimhin liom go maith. Bhí mé i
láthair an oidhche a thug sé an
t-ainm air: “Rang Néillí Bige”
a thug sé air.



1. Nach deas an t-ainm sin?



2. Is deas go díreach.



1. Ar chuala tú iomrádh ar Néillí Bhig
ariamh?



2. Chuala — céad uair. Bhí grádh mór
ag Néillí ar Íosagán ins an
t-Sacraimint Naomhtha. Ghabh sí é
nuair a bhí sí an-óg: ní rabh sí ach
ceithre bliadhna d'aois. Ó 'n lá sin
go dtí an lá a fuair sí bás is beag
lá a leig sí thairsti gan É a ghabháil.
Ní rabh sí cúig bliadhna d'aois
nuair a thug Íosagán chuige féin í.


L. 14


1. An saoileann tú go bhfuil sí ins na
Flaithis anois?



2. Tá mé dearbhtha go bhfuil. Agus
seo rud eile a bhfuil mé dearbhtha
de: go mbíonn brón mór ar
Néillí bhig nuair a amharcann sí
anuas ar maidin, agus nach bhfeic
sí ach triúr nó ceathrar de na
páistibh as a rang féin ag an
Altóir, agus an chuid eile i n-a
luighe ar a leapthachaibh gan smaoin-
eadh ar bith ar Íosagán dhílis.



1. Agus dá rachadh 'ach a'n duine a
bhfuil i Rang Néillí Bige chuig an
Altóir gach lá an mbéadh athas
oirthe?



2. Bhéadh, cinnte. Agus rud níos fearr
le n-a chois: bhéadh athas mór ar
Íosagán.



1. Má's mar sin atá rachaidh mé 'na'
bhaile anois agus innseóchaidh mé
do mo mháthair caidé d'innis tú damh
fá Íosagán, agus tá mé cinnte go
leigfidh sí damh dul go dtí an
t-Aifreann gach lá ó seo amach.



2. Cuireann sé athas mór orm bheith ag
éisteacht leat as tú ag cainnt
mar sin. Seo rud eile budh chóir
duit a dheanamh.



1. Caidé sin?



2. An chéad uair eile a bhéas tú ins an
Rang, innis do na girseachaibh
eile 'ach a'n rud a gcuala tú uaim,
agus ná bhí sásta go dtí go
bhfeicfidh tú an Rang go léir ag
an Altóir gach lá a n-éireóchaidh
an ghrian.



1. Dheanfaidh mé mo dhícheall; agus
bhéarfaidh mé geall duit, fhad is
bhéas mo shláinte agam, nach
bhfánaim ó'n Altóir lá ar bit de
mo shaoghal.



2. Beannacht Dé ort, a leinbh mo
chroidhe! Budh chóir dúinn bheith 'sa'
bhaile anois. Tá sé ag éirghe
mall agus: Féach!



1. Tchidhim. Níor mhothuigh mé an t-am
ag dul thart. Caithfidh mé bheith ag
imtheacht anois. Beannacht leat!



2. Go dtéidh tú slán; agus ná dean
dearmad bheith 'sa' Teampall
maidin i mbárach. Béidh mé ag
súil leat.



1. Ní dheanfaidh. Béidh mé annsin, le
cuidiughadh Dé. Beannacht Dé go
ded leat!



MAIGHREADH NICH EOIN.


L. 26


AN BIOTÁILLE SA tSEAN-
AIMSIR IN ÉIRINN.



EOIN MAC NÉILL T.D.E., OLLAMH.



Sé Shakespeare an chéad ughdar,
dom eolus-sa, adubhairt riamh go raibh
dúil ag muinntir na hÉireann san
uisge beathadh. Do réir gach cosamh-
lachta ní raibh eolus ar bhith ar uisge
beathadh ná ar cheird a dhéanta i n-ár
dtír-ne sa tseanaimsir. Ní i nÉirinn a
fuair an déoch sin a ainm, óir níl san
ainm seo uisge beathadh acht aistriu'
focal ar fhocal ar an ainm laidne aqua
vitae. Is furusta aithinte a laighead
taithighe a bhí ag uaisle na nGaedheal,
ní deirim ag an sluag choitcheannta, ón
sgéal a hinnistear ar Mhac Mhathghamhna
i gcath Cionn Sáile. Do chuir ceann-
phoirt na Sasanach buidéal uisge
beathadh chuige ar nós bronntanais dfhon
go bhfuigheadh sé fios ar chomhairle na
dtaoiseach Gaedhealach. Is maith an
dearbh so go raibh an t-uisge beathadh
go fíorghann ag na Gaedhil, ma bhí sé
acu i n-aonchor, agus gur i measg na
nGall is mó a bhí a thaithighe.



Do léigheas i n-áit éigin nach cuimneach
liom anois, agus gur fada ó léigheas
é, go ndearnaidh riaghaltas Sasan i n-
aimsir Eilíse a lán dícheall chun thigthe
tábhairne do chothu' agus do chur i
líonmhaireacht i Sasana féin. D'aon-
toisg a rinneadh so, d'fhonn go
mb'fhusaide smacht a chur ar an choit-
cheanntacht. Tá 'fhíos ag lucht staire
go raibh an choitcheanntacht ag éirghe
borb míriaghalta san aimsir sin, agus
go raibh gach aon saghas mío-shástacht ag
fás tríotha. Roinnt bhliadhanta roimhe
sin, nuair a bhí an t-athrú' creidimh dhá
chur ar bun, do rinneadh athrú' eile
san ain céadna. Bhí mórán de thalamh
na ríoghachta i seilbh na mainistreach.
Na hÚird riaghalta so adubhairt rí
Sasan leó, tá siad go míriaghalta.
Tá siad drochbhéasach. Tá siad díomh-
aoineach. Bhain sé na fearannta dhíobh
agus thug dá chúirtéirí féin iad. Ba
ghearr go raibh an saoghal nua níos
measa go mór ar gach uile dhóigh ná an
sean-t-saoghal. Thar aon dream eile
amach dhá rádh gur cheart dóibh cruth ní
b'fhearr a chur ar chreideamh agus ar
chrábhadh agus fuaradar éisteacht ón
bpobal míoshásta. B'iad sin na
Púritánaigh. Chuireadar eagla mhór ar
lucht Stáit. Chaitfidhe an Púritánacht
so a bhriseadh, nó a bhogadh. Níor mhór
an bheart a imirt go glic, agus if glic
a himrigheadh. Is Iongantac an neart
atá sa mhíoshástacht, acht tá rud amháin
a sgaoileas agus a sgaipeas an neart
sin, is é sin an t-ólachán:



Do líonadar Sasana leis na tighthibh
leanna, agus d'fhágadar an sluagh ag
snámh ar a mbolg ar lántuile an
ólacháin.



Is na dhiadh sin, agus ina lorg sin, a
cuireadh na tighthe tabhairnc ar bun ar
fud Éireann. Ní baoghal a rádh go
rabhadar chomh éifeachtach céadna
sa tír seo, nó geall leis, agus
do bhíodar i Sasana. Do léigheas féin
i leabhar éigin, agus ní deimhneach liom
anois cia an leabhar é, ag trácht dó ar
stáid na hÉireann go haithgearr roimh
an Act of Union, go raibh license nó
cead díolta biotáille ag gach seachtmhadh
tigh i nÉirinn. Tá a fhios ag cách gur
mór a chuidigh an t-ólachán le fóirneart
an námhad le linn na hEirghe Amach.
Mar adeir an Seoigheach san amhrán úd
“The Boys of Wexford.”



Ba mhaith liom go dtuigfeadh fir óga
agus mná óga na hÉireann, nach duil
dá gcineadh a bheith tugtha don ólachán.
Ní h-ionann an t-ólachán agus an t-ól.



Acht ní h-ionann an aimsir seo agus
an tseanaimsir. Sa tseanaimsir ní
raibh an biotáille dhá sháthadh faoi shróin
duine gach uair sa ló agus gach áit
dá dtéigheadh. Ní bhíodh aon tráth óil ag
ár sinnsearaibh acht an tráth do
thigidís i gceann a chéile ag caitheamh
fleidhe. Bíonn a holc féin ag
gach aimsir agus bíonn leigheas ar leith
i n-aghaidh uile na haimsire. Sé an
leigheas atá againne ar olc ar n-aimsire
féin, más mian leat an t-ólachán a
sheachaint, seachain an t-ól.



Ní leor dúinn an t-ól a sheachaint
dúinn féin. Is cóir dúinn gan a bheith
pháirteach i n-ól na comhursan. Do
nós na tréatála atáim ag tagairt.
Is fáda ó thuig an file urchóid an nóis
sin, gur nocht sé smaointe air sa rann
so:



“Nós do mhill na mílte i n-Éirinn áin,
Ól na buidhne is íoc an aon-sparáin.”


L. 28


LIOM. AGAM. THARAM, &rl.



AN SGÉAL: Bhí mé a'siubhal ar
an bhóthar lá.



Bhí mé a'siubhal ar an bhóthar lá.
Bhí madadh liom, agus bhí bata in mo
láimh agam. Chuaidh fear tharam, agus
hata air. Thug sé a hata damh, agus
thug sé mo bhearad uaim. Chuir mé orm
an hata; ach, ní mór (cha mhór, is beag)
nach rabh sé orm nuair a bhain sé díom
arís é, agus as go brath leis.



Bhí mo chroidhe ag léimnigh istuigh
ionnam, agus is maith nar léim sé
asam: Bhí mo luirgneacha a' crothadh
faom leis an eagal a bhí orm.



Chuir mé gasúr chuige ar ath-lá, agus
thug an gasúr an hata annsorm
(= ionnsuidhe orm = chugam).



Lá eile bhí mé a'siubhal ar an bhóthar.
Bhí an gaduidhe a'siubhal rómham, agus
claidheamh in a láimh aige. Shiubhail mé
thairis; ach, rith seisean tharam arís,
agus fearg mhór air. Thionntuigh sé ar
a sháil agus labhair sé go chrosta liom.
Bhí troid eadram agus é annsin. Chuir
sé an claidheamh fríom. Bhí sgian in mo
láimh agam, agus chuir mé an sgian
fríd. Thainig fear eadrainn annsin,
agus sgar sé ó chéile sinn.



Thainig mé 'na' bhaile ar charrán.
Ní raibh mé ach 'sa' bhaile nuair a thuit
mé i laige ar an urlár. Bhí mé in mo
luighe ar mo leabaidh agus mé lag gan
lúth ar féadh sé míosa.



Chuala mé go bhfuair an gaduidhe
bás. Bheirim maitheamhnas dó ó mo
chroidhe amach; agus tá súil agam gur
mhaith Dia dó fosta.



Sin mo sgéal-sa: agus má's bréag
é, is iomdha sgéal nach bhsuil fíor; ach,
dheanfaidh sé cúis chomh maith leis an
fhírinne, agus d'fhéadfaidhe (b'Fhéidir)
níos fearr.


L. 42


CÉADAOIN AN LUAITHRIGH.



Ní dócha, a phobul, go bhfuil aon nídh
le fághail fé bhun Dé ar an dtalamh so
is mó gur cheart gráin a bheith air agus
fuath a bheith dhó 'ná naomhthacht bhréagach.
Rud grána d'aon duine iseadh bheith 'ghá
leigint air go bhfuil tréithe maithe ann
agus gan iad ann, agus a fhios aige ná
fuilid. Bréag 'na beathaidh iseadh
beatha an duine sin. Ach nuair a
luighean duine amach ar a chur i
n-iúil dúinn go léir gur duine
ana naomhtha é, agus a fhios aige istigh
na chroidhe ná fuil sé ach ghá leigint air,
is ró dheacair ainm a dh'fhághail a bheidh
olch a dhóithin do'n ghníomh feill atá ag
an nduine sin 'á dhéanamh. Tá sé olc
a dhóithin ag duine bheith 'n-a dhroch
pheacach i láthair Dé, ach bheith 'ghá leigint
air, sa n-am gcéadna, i láthair daoine,
gur naomh é! Is ró dheacair do Dhia
na glóire, moladh go deo leis, foidh-
neamh leis an nduine sin



Ar dhaoine de'n tsórd san iseadh do
labhair an Slánuightheóir an chaint seo
atá i Soisgéal an lae seo againn.
“Deinid siad,” ar seisean, “a gcean-
nacha mí-lítheach i dtreó gur dhóich le
daoine iad a bheith ag dhéanamh tros-
gaidh.” Ansan deir sé focal eile agus
is cóir dúinn machtnamh a dhéanam air
go dlúth. “Deirim libh, go deimhin,”
ar seisean, “go bhfuil a ndíoluigheacht
féin fághalta achu.”



Tá an baothaire againn anois chómh
maith agus a bhí an uair sin. Déanfaidh
sé gníomhartha fóghanta, gníomhartha do
chuirfeadh isteach go flathas Dé é, do
chosaibh tiorma, dá mb'áil leis gan iad
do lot le n-a chuid baothaireachta, ach
gníomhartha ná fuil aon rud d'á mbárr
aige ach an moladh a gheibhean sé, mar is
chuige sin a dhéinean sé iad.



Tá an fear eile úd againn, leis, an
fear … atá 'ná naomh lasmuich agus
'na dhiabhal laistigh, an tuama aolta.
Tá a thuarasdal gearrtha amach dó san
leis, agus gheobhaidh sé é. Is olc an
tuarasdal é, ach tá sé tuillte go
maith aige. Bréag ab eadh a bheatha go
léir ar an saoghal so. Cá bhféadfadh
sé dul ar an saoghal eile ach síos go
h-Ifrean, ag triall ar athair na
mbréag? Síos a raghaid siad araon.
Is é athair na mbréag athair an uabhair.
Is le h-athair an uabhair an baothaire.
Is ar an uabhar a mhair sé i gcaitheamh a
shaoghail. Éileóchaidh an mac mallacht
ain an bheirt agus gheobhaidh sé an bheirt.


L. 58


I. MODH COINGHEALLACH



1 — (a) Thuitfeadh an leabhar ach ab é
(mura mbéadh) mise.



(b) Bhrisfeadh Cáit an fhuinneóg ach ab
é mise.



(c) Bhuailfeadh sí Brighid, acht ab é
mise.



“Ach ab é mise bhris-
feadh sí an fhuinneóg.”



(c). “Ach ab é mise, bhuailfeadh
sí Brighid.”



Is í atá dána! Ach
ab é mise bhrisfeadh sí an fhuinn-
eóg: agus ach ab é mise bhuail-
feadh sí Brighid.



(a) Ar thuit an leabhar?



Níor thuit; ach, thuitfeadh sé ach ab
é tusa.



Similarly: ar bhris; ar bhuail.



(b) AN dtuitfeadh …? Thuitfeadh.



AN mbrisfeadh sí an fhuinneóg?



AN mbhuailfeadh sí Brighid?



II.



Rithfinn, Bhrisfinn, Bhuailfinn.



(1) “Dá mbéadh rud ar bith cearr le
mo chorp rithfinn chuig an dochtúir
ar dtús.” — Agallamh I.



(2) A Cháit, ach ab é mise, caidé
dhéansá?



Cáit: Bhrisfinn an fhuinneóg; agus
bhuailfinn Brighid.



Rithfinn,
bhrisfinn, bhuailfinn.



III.



An rithfeá, mbrisfeá, mbuailfeá.



Dá mbéadh rud ar bith cearr le do
chorp, caidé dhéanfá? Rithfinn,
&c.



An rithfeá? Rithfinn.



Dá mbuailfinn thú caidé dhéanfá?



Bhrisfinn do shrón.



An mbrisfeá Bhrisfinn.



A Cháit, ach ab é mise, an mbrisfeá
an fhuinneóg? Bhrisfinn.



An mbuailfeá Brighid? Bhuail-
finn.



an rithfeá, an mbris-
feá, an mbuailfeá



(4)
Thuitfeadh



Bhrisfeadh



Bhuailfeadh



An mbrisfeadh



An mbuailfeadh



Dá mbéadh



Rithfinn



Caidé dhéanfá



Bhrisfinn



Bhuailfinn



Dá mbéadh



Caidé dhéanfá



Rithfinn



An rithfeá



Dá mbuailfinn
Bhrisfinn



An mbrisfeá



An mbuailfeá



(5)



1. Bhris finn.



2. Bhris feá.



3. Bhris feadh sé.




1 (a) Bhrisfeadh Cáit.



(b) Bhrisfeadh sé, sí, sinn, &c.


L. 71


II — MODH COINGEALLACH.



Agallamh —



THUITFEADH AN LEABHAR.



Pádraig: Thuitfeadh an leabhar ar an
urlár, ach ab é mise.



Bhrisfeadh Cáit an fhuinneóg leis an
bhata, ach ab é mise: agus bhuail-
feadh sí Brighidh: O! 'Sí atá dána!



Pádraig (ag labhairt le Cáit): A Cháit,
an mbrisfeá an fhuinneóg ach ab é
mise?



Cáit: Bhrisfinn, cinnte.



Pádraig: Agus an mbuailfeá Brighid?



Cáit: Bhuailfinn.



Pádraig: Bhal, dá mbrisfeá an fhuin-
neóg, bhrisfinn do shrón; agus dá
mbuailfeá Brighid bhuailfinn go
teann te thú.



Cáit: Dá mbuailfeá mé, 'bhfuil fhios
agat caidé dheanfainn-sé?



Pádraig: Ní'l fhios agam ar chor ar
bith caidé dhéanfá. An gcaoinfeá?



Cáit: Maise, Ní chaoinfinn.
Pádraig: Innis damh caidé dhéanfá?



Cáit: Rithfinn amach, is thógfáinn cloch
is bhrisfinn d'fhuinneóg i smidir-
ínibh.



Pádraig: Go bhfóiridh Dia orainn!
Má's mar sin atá, ní bhuailfidh mé
ar chor ar bith thú.



Cáit: Is fearr duit gan mo bhualadh.
Comhairle Chuilmcille comhairle gan
gó (= bréag.) Rud nac mbain
duit ná bain dó.



Pádraig (ag labhairt leis an Rang):
Tabhairigidh aire do'n chailín sin!
Dubhairt sí dá mbuailfinn í go
rithfeadh sí amach, is go dtógfadh sí
cloch, is go mbrisfeadh sí m'fhuin-
neóg i smidirínibh. Béidh mé
críonna, agus ní bhuailsidh mé ar
chor ar bith í.



III. MODH COINGEALLACH. MAR
NIGHFINN LEANBH.



bh — Finn



— Feá



— Feadh



— óchainn



— óchthá



— óchadh



1. Dá mbéadh — Leanbh le nighe agam,
seo mar



2. Nighfinn — é:—



3. Gheobhainn — Tubán, galamhnach
(soap) agus spúins.



Gheobhainn — Éadach le uisge fionn-
fhuar (tepid).



5. Nighfinn — A cheann ar dtús agus é
ar mo ghlúnaibh.



6. Chuirfinn — Isteach 's an uisge é.



7. Nighfinn — síos é. Is cosamhail
(dócha).



8. Go gcaoinfeadh — Sé



9. Dá gcaoinfeadh — Sé,
Is dual do leanbh caoineadh agus é
d'á nighe.



10. Bhuailfinn — Go teann te é; agus



11. Bhéadh — Faill mhaith agam ar sin do
dhéanamh.



12. Bhuailfinn — é mar is duine crosta
canncrach mé; ach



13. Dá mbadh — A mháthair
a bhéadh — ann,



14. Ní bhuailfeadh — sí ar chor ar bith é;
ach,



15. Phógfadh — sí go dílis é, agus



16. Gheallfadh — sí



17. Go dtabhairfeadh — sí milseán dó.



Annsin



18. Sguirfeadh — sé de'n chaoineadh.



Nuair
a bhéadh — sé nighte agam



19. Thógfainn — amach as an uisge é.



20. Thriomóchainn — (thiormóchainn) go
cúramach é.



21. Chuirfinn — a leine air; chuirfinn
an fáisgtheóir (binder) air; agus
chuirfinn air an chuid eile de n-a
cheirteachaibh (wee duds); agus



22. Chóireochainn — go galánta é.



23. Dá mbádh — a mháthair a bhéadh ann,



24. Phógfadh — sí arís é: agus



25. Déarfadh — sí leis bheith in-a ghasúr
(gharsún) mhaith, agus gan é fhéin a
shalughadh.



26. D'éireóchainn — annsin, agus



27. Dhéanfainn — réidh an meadhon-lae
(dinnéar).



28. Rachadh — an leanbh ar lámhacán ar
an urlár, agus



29. Shalóchadh — sé é fhéin asís; agus
gan i bhfad (roimh i bhfad)



30. Bhéadh — sé seacht n-uaire ní ba
mheasa ná bhí sé asiamh.



31. Sin — nós na leanbh.



32. Go mbeannuighidh — Dia iad; agus



33. Go ndéanaidh — Sé sinne cosamhail
leobhtha; óir



34. Deir — Sé féin linn



“Mura bhfilltí agus mura mbíonn
sibh in mur leanaibh, ní rachaidh sibh
isteach i Righeachta Neimhe.”



(Mura bhfilltí = unless you be con-
verted: fill, return.)


L. 101


“Dia Luain, Dia Mairt,
Dia Luain, Dia Mairt,
Dia Luain, Dia Mairt,
“Agus Dia Ceadaoin.”



Ní gádh do Shasanach choidhche aon
eagla bheith aige roimis an Éireanach
an fháidh ná bheidh ag an Éireanach ach
an Béarla briste. Ní bhíon lasthíor de
chaint bhriste ach aigne bhriste.



— AN tATH PEADAR.


L. 106


GIOTAÍ.



Beidh duais le fáil gach mí ar an
scéilín nó an tomhas nó an rann is
fear a cuirfear chughann ach gan é bheith
ró-fhada.



TOMHAISEANNA.



Chaith mé suas é, chomh geal le sneachta
Is thuit sé anuas 'na ór bhuidhe ar leachta.



— Ubh



Saighdiúirín dearg i mbárr na gcrann,
Cloch 'na lár is caipín ar a cheann.



— Caor sgeiche.



Siúd thall ort é, ní trom leat é,
Ní ball de bhallaibh do chuirp é,
Is tá sé ort 'na dhiaidh sin.



— D'ainm.



Bíonn sé ar mhóinfhéar is ní gearrtar é,
Bíonn sé san abhainn is ní báidhtear é,
Bíonn sé san siopa is ní díoltar é.



— Ga Gréine.



Capall bán 's a dhruim le h-aill
Agus é ag plubarach.



— Eas.



AN CHÉAD SHEANS EILE.



Bhí Páidín Ruadh ag dul a pósadh
agus chuaidh Micheál mac an Tiomanaí
chuige go bhfeiceadh sé an bhfaghadh
sé a thiomáint. Dúbhairt Páidín leis
gur tháinig sé ró-dhéidheanach “Uell,
anois, a Pháidín,” arsa Micheál, “Tá
éagcóir déanta agat orm. Nach bhfuil
fios agat gur phos d'athair cheithre
h-uaire agus gur orm-sa do thuit an
t-ádh agus an plé siúr é do thiomáint
gach uair?” “Mhaise, a Mhichíl, a
chara,” arsa Páidín, “is truagh liom
nach féidir liom rud a dhéanamh ort
an turas so, ach bead ag dul a
pósadh níos mó ná aon uair amháin
le congnamh Dé, agus geallaim dhuit
go bhfaghaidh tú an chéad sheans eile!”



“TÁ AN DIABHAL ORT.”



San aimsir chuaidh thart sar a tógadh
na droichid bhí fear áirithe ag iomchar
sagairt treasna aibhne i n-Omeith.
Tharla dhó gur sheas sé ar chlochaibh
géura ag dhul thríd an abhainn ionnus
go ndearna sé tuisle uair nó dhó.
“Tá an diabhal ort,” arsa 'sagart;
“má tá,” ars'an fear, “ní fuide
bhéas!” agus leis sin do chaith sé
an sagart síos san abhainn, dá chur a
n-umhail do gurb' é féin an diabhal!!



FÁILTE.



Suidh, a mhinic nár thig;
Mar dá suidheadh minic nár thig
Chomh minic le minic a thig,
Ní bhfaghadh minic a thig fáilte!



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services