Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Giotaí Gaedhilge

Title
Giotaí Gaedhilge
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1915
Publisher
Irish Fun

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Vol. I. No. I. OCTOBER, 1915 ONE PENNY



IRISH FUN



<L 7
GIOTAÍ
GAEDHILGE



5/- ar ghiota
Gaedhilge; féach
ar leathanach 2.



PÁIDÍN AMADÁN.



Bhí bhaintreabhach ann fadó & ní raibh
de chloin aici ach aon mhac amháin. Saghas
amadáin ab'eadh e. Nuair a bhí Páidín sé
bliadhana déag d'aois chaith sé dul a
diarraid oibre d'-fághail.



An chéad lá d'imthigh sé air & i gcionn
tamaill bhuail feirmeoir leis.



“Dia dhuit, a dhuine uasail” ars'
eisean leis an bhfeirmeoir, “a bhféad-
fá obair a thabhairt dom?”



“Tusa tá uaim” arsa 'n feirmeoir,
“téir isteach sa ghort soin & bí ag
romhar na bprátaí.”



D'imthigh Páidín & é go h-áthasach & i
ndeireadh an lae fuair sé scilling de
bhárr a chuid oibre.



Nuair bhí sé ag filleadh abhaile chaith sé
gabháil thar dhroichead & do thuit an
scilling as a láimh síos fé 'n uisce.



“Á” arsa a mham nuair d'innis sé dí
cad thuit a amach do, “ba cheart duit é
chur id' phócha.”



D'imthigh sé air aríst lá'r na bhárach &
fuair sé obair le cailín bainne. I
ndeireadh an lae thug sí leath phúnt ime
dó. Cúir sé na phócha é féibh mar dúbhairt
a mháthair leis & d'fhill sé air abhaile, ach
nuair thóg sé as a phócha é, bhí sé lán de
ribínibh.



“Á” arsa a mháthair,” cad chuige duith
gan píosa páipéir d'fhilleadh air.



An treas lá d'imthigh sé chuaidh sé ag
obair go dtí fear pigíní a dhéanamh.
Nuair bhí sé ag filleadh abhaile um
thráthnóna, thug an fear caitín breágh dhó
mar luach a shaothair. Ach cad dhéanfadh m'
amadáinín ach píosa páipéir d'fhilleadh
air. Ambasa, má dhein do strac an
caitín é, idir chasóg & lámh, ach choimeád
Páidín a ghreimh air chun go raibh sé ag
déanamh ar dhoras a mháthar. B'éigin dó é
scaoileadh uaidh annsoin.



“Mhuise, ní dhéanfainn dabht díot”
arsa a mháthair, “cad 'na thaobh nár
cheanglaís píosa córda d'á chois & é
tharrac id' dhiaidh.”



“Déanfad uair eile é, a mham” arsa
Páidín.



Lá'r an bhárach d'imthigh sé aríst & chuaidh
sé ag obair go dtí búistéar, & fuair sé
píosa caoirfheóla ó'n mbúisteár i ndeire
an lae. Ach má fuair, cheangail sé píosa
sraing di & tharraig sé na dhiaidh é.



Nuair tháinig sé abhaile bhí an chaoir-
fheoil lán de dheannach.



“Ó arú” arsa a mham, “nách mé tá
creachta agat & gan slaitín a sháthadh tríd
an bpíosa bréagh caoirfheóla soin & é
chaitheamh thar do ghualainn?”



“Déanfad uair eile é, a mháthair,” ars
eisean.



An cúigeadh lá chuaidh sé & fuair sé
obair le siúinéar & thug an siúinéar asal
dó de bhárr a lae oibre.



Do bhí caisleán ríogh i n-áit go gcaith-
feadh Páidín ghabháil thairis & é ag filleadh
abhaile. Bhí inghean ag rí an chaisleáin seo
& bhí sí chomh breágh leis an ngréin, ach aon
nídh amháin — níor chuir sí oiread is gáire
aisti riamh. Aoinne a fhéadfadh gáire a
bhaint aisti do gheall an rí í féin & a
ríoghacht a thabhairt dó. Bhí sí ag féachaint
amach tré fhuinneóg an chaisleáin & Páidín
ag teacht abhaile. Nuair a thug sí fé
ndeara Páidín & greim mhaith beirthe aige
ar dhá chois tosaigh an asail thar a ghuailnibh
& a cheann sáithte ag an asal amach tar
cheann Páidín & é ag béicigh chomh h-árd
as ab' fhéidir leis chaith sí pleáscadh amach
ag gáiridhe go dtí gur fhreagair gach mac
alla bhí seacht míle uaithi í.



Seadh, nuair chlois Páidín ag gáiridhe í
isteach leis sa chaisleán & d' iarr sé í
féin & an ríoghacht ar an rí ó bhíodar
tuillte aige.



Thugh an rí dó í, do réir a gheallamhna,
& do pósadh iad ar an láthair, & do
mhaireadar i bhfad go sona i dteannta
máthar Pháidín. Sin agaibh mó scéal &
má tá bréag ann, bíodh.



SEÁN Ó RAGHAILL.



GIOTAÍ



An tae nach bhfuil láidir ní fuláir dó
bheith te.



Aithnigheann cábóg cabóg eile — conus
tá tú, a léightheoir?



Bíonn blas ar an mbeagán, mar
adubhairt Kitchener nuair a chuaidh Wee
Joe isteach i n-arm Shasana.



Muna bhainean an páipéar so 'gainn-
ne gáire asat ba cheart duit cuaird
do thabhairt ar dhochtúir éigin.



Má airigheann tú fear ag labhairt
Gaedhilge bí cinnte gur Pró-German é.



Abair le gach aoinne a casfar ort
gur baoghalach nach páipéar ró-ghlan é
Irish Fun, agus ceannóchaidh siad go
léir é.



Cé an fáth nach cosmhail leis an madadh
'sa Mainséar na Feisirí atá ar lorg
saighdiúirí?



Coróin ar ghiota Gaedhilge-léigh an
“Serious Column.”



BHFUIL AON GHIOTA GRINN GAEDHILGÉ AGAT? CUIR CHUGAINN É.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services