Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Eagrán 1919

Title
Eagrán 1919
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1919
Publisher
Muintir Gill

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


THE COLUMBAN RECORD



IRISLEABHAR MUIGHE NUADHAD



AR NA CHUR AMACH DO



CHUALLACHT CHUILM CILLE,
COLÁISTE PHÁDRAIG, MAGH NUADHAD



Ar na chlóbhualadh ag
MUINTIR DOLLARD
agus
Ar na chraobhscaoileadh don choitchiantacht ag
MUINTIR GILL
I mBaile Átha Cliath.



1919


L. ii



L. 1


IRISLEABHAR MUIGHE NUADHAD.



THE COLUMBAN RECORD.



AN SEACHTMHADH BLIADHAIN DÉAG. 1919.


L. 8


CÚRSAÍ LITRIDHEACHTA SA
nGAEDHILG.



THÁINIG athrú' mór ar chúrsáibh na
h-Éireann i rith na seachtmhadh h-aoise déag.
Do briseadh ar chómhacht na nGaedheal;
do cuireadh a n-uaisle agus a soillse
chun fáin agus do fágadh an mhuinntir sa
mbaile gan cabhair gan coimirche 'na
dtírín féin. Ba thubaisteach an scéal
é agus tá a rian ó shoin ann. Bhí an
t-aos léighinn agus an t-aos scoláireachta
scaipithe ar fuid na h-Eórpa, nó an méad
díobh nár imthigh leó féin níor fágadh caoi
acu ar leanamhaint le léighinn ná le scoláir-
eacht. Bhí an lámhuachtar ag an Sasanach
sa dtír agus a thoil féin 'á imirt aige
ar na daoinibh. Ní baoghal gur leigheann
ná scoláireacht a bhí ag déanamh buartha dhó;
bhéadh sé maith go leór aire do thabhairt
dóibh-san thall sa mbaile acht, ní oirfidís
do mhuinntir na tire seo, agus níorbh fhuláir
dhó cosc do chur leó ar fad. “Ar mhaithe
leis féin a dheineann an cat crónán.”



Annsin 'seadh thosnuigh an toirmeasc. Do
leagadh na scoileanna, do dóigheadh na
leabhair, do scaipeadh na báird agus
do cuireadh cosc le sean-réim na litridh-
eachta. B'é toradh na h-oibre go raibh
deire go deó leis an ndeibhidhe agus leis
an ndán díreach, le cómhaireamh na siolladh
agus le cinnteacht na gceathramhan. Acht
ní raibh deire leis an litridheacht féin.
Do tosnuigheadh ar litridheacht nuadh do
shaothrughadh — litridheacht na ndaoine, mar
is ó mheón agus ó threó aigne na ndaoine
a bhí sí 'á cumadh. Na cursaí léighinn a
chuirfeadh ar chumas na bhfilí litridheacht
do réir na sean-mheadarachta do chumadh,
do sciobadh uatha iad, agus na daoine
go mbéadh áird agus meas acu ar a leithéid
díbreadh as an dtír iad. Ní ceart a
cheapadh ó'n méad sin, ámhthach, go raibh deire
leis an sean-réim ar fad, ná gurab shin é
an chéad uair a chualadh trácht ar an réim
nuadh. I ndiaidh a chéile a deintear gach
rud, agus go h-áirithe i saothrughadh na
litridheachta. Níor réidhtigh an choit-
chianntacht ro-mhaith leis na dántaibh líomhtha
léigheannta cor ar bith. Níor eirigh leó
an dath agus an déanamh a bhí ortha do
thuiscint agus ní ar néithibh ab' eól dóibh
a bhíodh trácht ins na dántaibh. Rud a
thaithneóchadh leis an gcluais agus a bhain-
feadh spreagadh as an gcroidhe a theastuigh
uatha. Amhrán ceólmhar i n-ionad “an
dán díreach” a bhí uatha. Ba chuma leó
siolladh nó dó sa mbreis i líne an fhaid
is a bhéadh dul maith air. Ní móide, mar
sin, go mbéadh litridheacht dóibh féin acu,
acht nár cuireadh morán suime innti go
dtí gur cuireadh an stró ar na scoile-
annaibh agus ar an scoláireacht. Nuair
a bhí léigheann sa dtír, bhí litridheacht léigh-
eannta, idir prós is filidheacht ann, acht
nuair a cuireadh cosc leis an léigheann,
agus an lucht a bhíodh ag gabháilt dó ar
fán, ní raibh ann acht daoine neamh-chliste
ar chruaidh-riaghlachaibh an mhódh léigheannta,
agus thosnuigh an litridheacht nuadh 'á
saothrughadh, litridheacht a bhain le gnáth-
shaoghal na ndaoine féin, le h-adhbhar a
smaointe, le n-a gcursaíbh bróin agus
soláis, litridheacht a tháinig díreach ó'n
gcroidhe gan athchumadh na scoláireachta


L. 9


do bheith uirthi. Is furuiste a thuiscint,
d'á bhrigh sin, cé an fáth gur filidheacht
ar fad nach mór atá againn ó'n aimsir
sin, mar ní raibh leabhair ná paipéirí
ann, agus nuair ba mhaith le duine rud
éigin do bhuanughadh i gcuimhneamh na
ndaoine ba dhóichighe gur i bhfilidheacht a
dhéanfadh sé é. B'fhuruiste greim do
choimeád air sa n-amhrán agus thaithnigh an
ceól leó. Bhí simplidheacht ag baint leis
an bhfilidheacht nuadh, rud éigin so-thuisciona
nach raibh ins na dántaibh agus b'shin a
theastuigh ó'n gcoitchiantacht. Níorbh
fhéidir leis na filíbh leanamhaint leis an
sean-mhódh, pé'r domhan é, mar ní raibh an
chaoi acu, acht bhí féith na filidheachta ag
briseadh amach ar nós an dúthchais, agus
tháinig na h-amhráin chucha go nádúrtha.



Tháinig athrú' ar mhodh cumtha na litridh-
eachta, mar sin, do réir mar a tháinig
athrú' ar threó shaoghail na ndaoine. Nuair
a bhí an tír fútha féin ag na Gaedhealaibh
agus a dteanga féin fé bhláth acu ó cheann
ceann na tíre bhí caoi acu ar Prós agus
filidheacht do shaothrughadh fé mar ba mhaith
leó féin. Shaothruigheadar go maith iad,
agus dá leigfí dóibh leanamhaint leó bhéadh
litridheacht sa nGaedhilg againn indiu
chómh flúirseach agus tá ag muinntir aon
tíre eile 'na dteangain féin. Níor leigeadh
dóibh, ámhthach, agus níor mhiste cuimhneamh
air sin nuair a bhítear ag dhéanamh litridh-
eacht na Gaedhilge do mheas. Ní masla
do Ghaedhealaibh é nach bhfuil líonmhaireacht
leabhar acu ag baint leis na h-ealadhnaíbh
agus le cúrsaíbh an tsaoghail atá indiu
ann; is masla é, ámhthach, do'n bhodach a
bhrugh fé chois iad ar chuma go raibh deireadh
le gach rud i bhfuirm léighinn nó oideachais,
agus tá fhios ag an saoghal cé an bhaint
atá idir an litridheacht agus iad-san.
Bhí sainnt agus ailp ag gabháil do mhuinntir
Shasana agus thuigeadar nárbh fholáir dóibh
cosc do chur le gach a mbain le dúthchas
agus le neamh-spleadhchas na nGaedheal
dá mba mhaith leó Éire do bheith go glan
fé smacht acu. Thuigeadar an méad sin
go h-álainn, agus ba ghearr go raibh dlighthe
i bhfeidhm acu d'á réir. Do thugadar fé'n
teanga do dhíbirt ar fad agus fágadh na
daoine gan scoil, gan maighistir, gan
oideachas acht amháin an méad de a tugadh
dóibh i n-aimhdheóin na ndlighthe.



An rud a theip ar mhuinntir Shasana do
dhéanamh le faobhar chlaidhimh nó le déine
dlighe dheineadar le neart an mhí-oideachais é.
Ní raibh na Gaedhil i n-umar na h-aimléise
i gceart go dtí gur thárla dhóibh bheith gan
múinteóireacht gan eolas. Cionnus a
bhféadfaidís litridheacht do chumadh agus
iad sa riocht mhí-ádhmharach sin? Níor leór
dóibh bheith i bpian agus i n-anbhroid gan
a n-aigne bheith 'á dhalladh dhóibh mar bharr
na h-aindeise. 'Sé iongnadh an scéil é
go bhfuil litridheacht ar bith againn ag
baint leis an aimsir sin, agus i n-a dhiaidh
sin is uile ní beag le rádh a bhfuil againn,
i n-áilneacht agus i bhflúirse. Acht, mar
adubhramar cheana litridheacht do réir
an treó saoghail a bhí ar na daoinibh 'seadh í.
Ní raibh aon bhreith ag muinntir na hÉireann
an t-am sin ar shuim do chur i n-ealadhnaibh,
ná i neithibh léigheannta, ná fiú amháin i
gcursaíbh an tsaoghail mhóir, agus uime sin
níl tagairt dos na rudaíbh sin sa litridh-
eacht. Ní raibh chaoi ar bith acu ar oideachas
d'fhághail agus, ní nach iongnadh, níl rian
an oideachais ar an litridheacht. Ní raibh ach
aon nidh amháin ar aigne acu .i. an cos-ar-
bolg agus an géar-leanamhain a bhí 'á
imirt ar a dtír. Bhíodar géar-chráidthe le
h-aindlighthibh agus le daoirse, agus ó's
é an rud is giorra do'n chroidhe is giorra
do'n bhéal ní h-iongnadh gur mhinic Éire
'á caoineadh acu sa litridheacht.



Acht ní caoineadh ar fad a bhí acu. Má
bhíodar fé chois bhí súil acu le fuascailt.
Cheapadar dá bhfillfeadh clann Stiobhairt go
mbéadh ceart agus cóir le fághail acu arís.
Do luadhadar a ndóchas sa bhfilidheacht agus


L. 10


thaithnigh an port leis na daoinibh. Mar
sin is do ghéire na bpian, agus do'n tsúil
le fuascailt is mó atá tagairt i bhfilidheacht
na h-aimsire sin. Tá trácht ar a lán
rudaí eile innti, gan amhras, mar a
chífear ar ball, acht na h-amhráin ab'fhearr,
na h-aislingí, cuir i gcás, 'sí ceist an chráidh
is bun agus barr leó. Muna bhfuil baint
le ceisteannaibh mhóra an tsaoghail ionnta,
fé mar ba mhaith linn a bheith, agus fé mar
ba chóir i litridheacht tíre ar bith, tuigfear
nárbh é locht na nGaedheal féin é. Ní
fhéadfaidís gan acht an t-aon phort amhain
do bheith acu, mar ní raibh acht an t-aon rud
amháin ag déanamh buartha dóibh. Bhí Éire
le caoineadh acu agus chaoineadar go
h-uasal í. Bhí misneach le múscailt i
gcroidhthibh na ndaoine agus níorbh é a locht
munar mhúscladar é. Adhbhar filidheachta,
direach, ab eadh na smaointe a bhí i n-a
n-aigne acu, óir is usa a scaoileann féith
filidheachta leis nuar a bhíonn mar a bhéadh
scamall suidhte ar an dtír, agus rud
eile, is mó a bhaineann filidheacht, na
h-amhráin acht go h-áirithe, le féith ná le
léigheann.



Baineann an prós le léigheann agus le
scoláireacht. Duine oilte, cuir i gcás,
scríobhfadh sé prós ar nós an Chéitinnigh, agus
d'a chomhartha san is beag de'n bprós, prós
gur fiú trácht air, a saothruigheadh ar feadh
na h-ochtmhadh h-aoise déag. Taisbeántar
go soiléir, ámhthach, i scríbhinnibh an
Chéitinnigh go reidhtigheann an Ghaedhilg le
gach saghas adhbhar smaointe, agus gur
féidir cur síos go beacht as Gaedhilg ar
rud ar bith fé'n spéir nó ós a chionn.
Tagann an smuaineamh céadna arís, dá
mba rud é nár bhac aoinne leis an dtír
seo cionnus a bhéadh an scéal? Acht is
beag an sólás é sin dúinn. Do bacadh leithi.
Do bascadh is do brughadh fé chois í.
Do stolladh as a chéile í, do stracadh a
caomh-chorp agus fágadh i riocht bháis í.”
Do sladadh an corp, gan amhras, acht
níor marbhuigheadh an sprid cé gur dhóbair
dó. 'Sa bhfilidheacht a coimeádadh beó i.



Do chuir na filí meanma agus misneach i
gcroidhthibh na ndaoine. Chuireadar na
smaointe dóchais ar lasadh ionnta leis.
Ní ceart é do thógáilt ortha toisc gur
chuireadar a ndóchas i bhfilleadh an
Stiobhairt mar b'é an t-aon súil amháin le
fuascailt a bhí acu, agus ní h-iongnadh gur
taobhuigheadh leis. Bhíodar féin go faon-
lag gan comhacht gan caraid acht bheith ag
brath ar chneastacht ó'n nGall, agus ní
raibh aon bhreith acu air sin muna bhfillfeadh
an Stiobhairt. B'é túis agus deireadh gach
rainn ag na filíbh é, pé'r domhan é, go
mór-mhór ins na h-aislingíbh óir b'í an
aisling an t-iomchur dob' oireamhnaighe dos
na smaointibh sin, agus glacadh go mór
leithi. Ag cuimhneamh ar chruadhchás a
dtírín dóibh, ar an gcrádh a bhí 'á fulang
aici, agus ar an gcabhair ar a rabhdar ag
brath cúcha thar lear chun an daorsmact do
bhoghadh, bhí adhbhar aislinge ar an bpointe
acu. Samhluightí do'n bhfile gur bain-
rioghan scéimheach í Éire, bainrioghan a
chonnaic sé “tré n-a néal” nó a thárla
dhó 'na thaisdiol. Fiafruigheann sé fios a
h-ainme dí agus nochtann sise a scéal dó.
Innsean sí cionnus mar a bhí sí uair fé
urraim agus fé réim go dtí gur tháinig an
Gallphoc a thóg uaithi a cuid is a céile, agus
cionnus mar atá sí anois ag feitheamh le
filleadh a céile chun a cuid do bhaint amach
dí arís, agus an chathaoir ríoghdha as ar
dibreadh í do thabhairt thar n-ais dí. Dob'
fhada an feitheamh é, fairíor! acht d'a fhaid
í an oidhche tagann an lá, agus tá an dubh-
scamall 'á scaipeadh cheana féin. B'fhéidir
nach fada uaithi an fhuascailt fé dheireadh.
Go dtugaidh Dia é.



Mar sin a ceaptaoi na h-aislingí agus
na h-amhráin eile ag na filíbh acht amháin go
mbíodh atharú' ar an bport acu do réir
mar a bhíodh an scéal le n-a linn. Nuair a
bhí Aodhagáin Ó Rathaile, an t-é ba shine


L. 11


ortha, ann, cuir i gcás, ní raibh na daoine
ag cuimhneamh ar chabair fós acht bhí an
fuath do'n namhaid úr 'na gcroidhthibh. Tá
sé le feiscint i bhfilidheacht Aodhagáin:



“Tír gan eaglais chneasta ná cléirigh,
Tír le mioscais nach d'itheadar faolchoin,
Tír do cuireadh go tubaisteach traochta,
Fá smacht namhad is amhas is méirleach.”



Do rugadh Seán Clárach i mbliain an áir
1691, agus bhí sé 'na fhear díreach nuair a bhí
an trácht ar fhillead an Stiobhairt. Tá
smaointe an dóchais aige:



“B'fhéidir fós le righ Neimhe
Go dtiocfadh an laoch thar sáil
Do reidhfeadh Fódla go h-uile
Ó thurcachaibh daora an áir.”



Bhí sé beó leis i 1746 nuair a bhí breall
ar an ndóchas agus an t-amhrán is fearr
d'ár chum sé, baineann sé le h-imtheacht an
Stiobhairt:



“Bím ar buadhairt gach uair do'n ló
Ag caoi go cruaidh 's ag tuar na ndeór,
Mar scaoileadh uaim an buachaill beó
As ná ríomhthar tuairisc uaidh, mo bhrón.”



Seo rann d' “Amhrán an Dóchais” a
scríobh Piaras Mac Gearailt (1700-1797):



“Is annamh dhom maidin ar amharc an laoi
Nac bainim chum reatha go fairge síos,
Mo dhearca d'á leathadh ag faire do shíor
Ar bharcaibh an fharaire ag gearradh na
slighe.”



Ní raibh fhios acu an t-am sin cé an lá a
bhéadh cabhair ar an gcuan chúcha — “torann
na dtonn le sleasaibh na long, ag tarraing
go teann 'nár gceann ar cuaird.”
Cheapadar go raibh lá na saoirse buailte
leó. Bhí “barra na gcraobh ag déanamh
sceóil nach fada bheidh Gaedhil i ngéibheann
bróin.” Do cliseadh ortha, ámhthach, agus le
linn Eoghain Ruaidh bhí deire leis an
ndóchas, acht gur lean sé sa bhfilidheacht.



Do thaithnigh an aisling le h-Eoghan Ruadh
agus bhain sé feidhm aisti mar adhbhar
filidheachta. Is mar gheall ar an bhfilidheacht
féin a bhíodh Eoghan ag scríobhadh, is 'sé an
rud is mó a thaithnigh leis a bhí 'á chur innti
aige i n-ionad an rud a bhí. Dhein sé
dearmad ar an Stiobhairt agus ar chúis
na tíre nach mór acht lean sé leis an aisling.
Ní h-eadh nach raibh grádh aige do'n tír,
mar bhí, agus ba mhinic é “ag cásamh oidhidh
na seabhach,” agus nárbh í Éire an spéir-
bhean mhánla go bhfuil an trácht go léir
aige ar mhaordhacht a snodh agus ar áilneacht
a pearsan? Is amhlaidh gur thréise ar an
bhfilidheacht ná ar na smaointibh aige, agus
leanadh sé leis ag cur síos ar an gcúil-
fionn cómh maith is dá mba cuilfionn a
bhí ann dairíribh:



“Ba cháblach cíortha casta
Taclach dlaoitheach dathach
Scáinneach trillseach fada
Fáinneach go féar
A blath-fholt binseach beartach
Cárnach bíseach snaidhmeach
Ó árd a cinn 'na dlathaibh
Táith-leabhair leí.”



“Bhí scáil na gcaor ar lasadh
Tré bháine an líl 'na leacain
Mánlacht míne is maise
Táithte na scéimh.”



Mar sin, gnás amhránuigheachta a bhí sa
n-aisling ag Eoghan Ruadh, agus ba bhreágh
uasal an saghas amhránuigheachta í. Ní
raibh scéal an Stiobhairt cómh mór i n-aigne
na ndaoine um an dtaca so, agus bhí caoi
ag na filíbh ar bheith ag cuimhneamh ar
rudaíbh eile. Is mar sin a bhí an scéal
ag “filidhe na Máighe” leis. Bhídís “ag
cabhrughadh le Seán Clárach chun an Stiobhairt
do bhréagadh anall,” acht bhídís ag “aoradh
a chéile” agus ag cur síos ar a lán rudaí
eile, leis. Ní fuláir a admháil amhthach
nach mbhíodh an fhilidheacht ar fheabhas acu


L. 12


acht nuair a bhíodh an sean-phort acu. Seo
rann a scríobh Aindrias Mac Craith:



“Is fada mé i gcumha gan tnúth le téarnamh
Go dubh-chroidheach, tréith-lag, tláith
gan treoir
Im' bhascadh ag búir 's im' bhrughadh ag
baoth-laig
I lúibh luim faoi bhrách 'an bhróin.”



Sin é an saghas litridheacht atá againn
ag baint le cúrsaí na tíre ó'n ochtmhadh
h-aois déag, agus má's furuiste locht
d'fhághail uirthi, is furuiste adhbhar molta
agus adhbhar maoidhte d'fhághail innti, leis.
Tá binneas ceóil agus spreagadh croidhe
ag baint léi. Tá na smaointe misneamhail
meanmnach ar chuma gur scaipeadar an
brón a bhí ar na daoinibh. Acht an rud is
fearr díobh go léir, tá dúthchas na
nGaedheal ins an bhfilidheacht sin. Nuair
a bhíonn tír fé chois agus cosc 'á chur le
gach a mbaineann le n-a stair agus le n-a
sinnsir is furuiste d'a muinntir an
dúthchas do chailleamhaint. Sin é an
baoghal is mó a théidheann le h-anbhroid i
gcómhnaidhe, agus b'shin é an baoghal ba
mhó a bhí ar Éirinn an t-am sin. Acht ba
lughaide an baoghal an litridheacht do bheith
acu. An fhaid is bhíonn cuimhneamh na laoch
agus smaointe an tír-ghráidh 'á canntain
ag na daoinibh 'na dteangain féin ní
chaillfidh siad an dúthchas. Tá dluth-
bhaint idir an teangain agus an dúthchas
acht tá buadh na teangan sa litridheacht.



Bhí filí eile ann san ochtmhadh h-aois
déag seachas iad atá luaidhte againn,
filí nár bhain le ceist na “polaitidheachta”
cor ar bith 'na gcuid filidheachta, acht is
beag muna sáruigheann siadh an dream
eile le h-áilneacht agus le h-uaisleachta
a saothair. Ní dhéanfad acht na daoine
ba mhó clú ortha d'áireamh annso, agus
duine acu san Donnchadh Ruadh Mac
Conmara (1713-1808). “Eacthra Ghiolla
an Amaráin” agus “Bán-chnuic Éireann
óigh'” an dá rud is fearr a scríobh sé, acht
ní mar a chéile iad. Ar nós na caithréime
atá an “Eachtra,” acht amhrán gearr an
ceann eile gur deacair a shárughadh d'fhághail
le binneas agus le cothrom:



“Dob' árd a cóillte 's ba dhíreach réidh,
'Sa mbláth mar aol ar mhaoilinn géag —
Atá grádh agam' chroidhe am' intinn féin
Ar bhán-chnoic Éireann óigh!”



Brian Mac Giolla Meidhre duine eile
acu ché nach bhfuil morán eoluis againn 'na
thaobh acht gur scríobh sé “Cúirt an
Mheadhoin Oidhche.” Is iongantach an dán
é seo le neart agus le deise na Gaedhilge
atá ann. Gluaiseann na focail agus
na smaointe go h-éasga le chéile gan
“fuigheall ná easba” ortha. Tá ciall fighte
le ceól ann agus iad ag iomchuir a chéile
ar fheabhas an domhain. Taisbeántar go
soiléir cad a d'fhéadfaí a bhaint as
litridheacht na Gaedhilge, agus má deinfear
iarracht arís ar an scéalaidheacht do
dhéanamh sa bhfilidheacht níor mhiste aithris
do dhéánamh ar Bhrian. Sheo mar a thosnuigh-
eann “Cúirt an Mheadhoin Oidhche”:



“Ba ghnáth mé ag siubhal le cuimhais na
h-abhann
Ar bháinseach úr 's an drúcht go trom,
I n-aice na gcoillte i gcuim an tsléibhe,
Gan mhairg gan mhoill le soillse an lae.
Do ghealfadh mo chroidhe 'nuair chidhinn Loch
Gréine,
An talamh, an tir, is ioghar na spéire,
Ba thaithneamhach aoibhinn suidheamh na
sléibhte
Ar bagairt a gcinn tar druim a chéile.”



Tadhg Gaedhealach agus an Reachtabhrach
beirt eile nár mhiste tagairt dóibh. Thug
Tadhg filidheacht naomhtha dhúinn agus thug
an Reachtabhrach gach uile saghas filidheacht
dúinn, idir amhráin grádha agus amhráin
diadha, cursaí an tsaoghail agus seanchus.
Tá stair na h-Éireann sa bhfilidheacht aige


L. 13


i “Seanchus na Sceiche”; i “gCill Aodáin”
foillsigheann sé treithe a bhaile dhúthchais le
suairceas, agus i n-“Anach Cuain” baineann
sé uaigneas as na foclaibh ag cur síos
ar bhathadh dream daoine i mbád. Is
iongantach gurbh féidir leis a leithéid do
dhéanamh agus a laighead oideachais aige
acht is dócha gur treise dúthchas ná oileamhain.
Bhí daoine eile ann ag saothrughadh na
litridheacht sa n-ochtmhadh h-aois déag, acht
is leór an méad sin chun a thaisbéaint an
treó a bhí ar an litridheacht sin; ní h-aon chúis
náire dúinn í, pé scéal é, agus ba chóir go
gcuirfí suim innti mar is fiú an tsuim í.



Dubhramar cheana go raibh an scéal go
dona ag lucht na litridheachta sa n-ochtmhadh
h-aois déag, acht má bhí, bhí sé i bhfad níos
measa i rith na naomhadh h-aoise déag.
Bhí Gaedhilg gan léigheann ann san ochtmhad
h-aois déag, acht ní raibh Gaedhilg ná
léigheann ann sa naomhadh h-aois déag.
Bhí an Ghaedhilg ag fághail bháis i n-aghaidh
an lae, agus an Béarla agus an Galldachas
ag leathadh a h-ionad. “Bhí an Béarla
mar smúid ins an spéir ins gach chlúid agus
dhall sé na h-Éireannaigh fíora.” Bhí sé
'á bhuaileadh isteach i n-aigne na ndaoine
gurab amhlaidh ab' fhearr dóibh a luaithe is
bhéadh an Ghaedhilg caillte acu, agus bhí
daoine ann go mbéadh scáth ortha dá
gcloisfí 'ghá labhairt iad. Ceap magaidh
ós cómhair an tsaoghail iad ag baint tosaigh
ó'n a chéile ag cur uatha an t-aon rud
amháin a chruthóchadh gur de shliocht ársa na
nGaedheal iad. Níor thuigeadar an scéal,
óir dá dtuigfidís ní scarfaidís leithi
gan troid. Níor thuigeadar agus ní
raibh aoinne ann chun an scéal do chur
i dtuiscint dóibh. An lucht poilitidheachta
a bhí ann, níor chuireadar aon tsuim innti.
Bhí Dómhnall Ó Conaill féin 'na coinnibh
cé go raibh sí go flúirseach aige féin is ag a
mhuinntir. Muna mbéadh Tomás Dáibhis
níor chuir muinntear “Young Ireland”
aon tsuim innti acht cómh beag.



Béarla a bhí le cloisint ó's na sagartaibh
leis, agus nuair nach raibh meas acu-san
uirthi ní h-iongnadh nach raibh meas ag na
daoinibh féin uirthi. Taisbeánann sé an
méad maitheasa nó dióbhála is féidir leis
an sagart do dhéanamh i gcúis na Gaedhilge.
Ní raibh an barr ar an aindeis i gceart,
ámhthach, go dtí gur cuireadh na scoileanna
nuadha ar bun timcheall 1830. Scoileanna
“naisiúnta” a tugadh ortha, acht do
cuireadh ar bun iad d'aon ghnó chun an
ghreim a bhí ag na daoinibh ar an gcreideamh
agus ar an dteangain do bhogadh. Dá
n-eireóchadh leó an dá rud sin do dhéanamh
bheádh a réim caithte ag an nGaedheal sa
dtír seo. Do theip ortha go glan leis an
gcreideamh, acht ba dhóbair dóibh deireadh
do chur leis an dteangain ar fad. Ní
raibh acht Béarla 'á mhúineadh sa scoile-
annaibh, fiú amháin dos na paistíbh nár
chualaidh riamh focal de go dtí gur
thangadar chun na scoile. Seadh, agus bhí'
greadadh maith le fághail acu dá labhairfidís
Gaedhilg le chéile, buille slait i n-aghaidh
gach focail. Do h-innstí dóibh gur
comhartha cabóigeachta agus sclábhuigheachtha
an Ghaedhilg agus i ndiaidh a chéile do
chreideadar é. Ní raibh aon rud ag baint
le n-a dtirín féin le cloisint acu acht
an Galldachas ó thuis deireadh. Nuair
a bhí a leithéid sin de dhroch-thabhairt suas
ins na scoileannaibh agus na sean-daoine
gan taca gan treoruidhe, bhí an scéal
go dona i dtaobh na Gaedhilge, agus
litridheachta na Gaedhilge.



Ní h-eadh nach raibh aon rud nuadh a
chumadh sa litridheacht, acht cailleadh a
lán de'n tsean-litridheacht a bhí i lámh-
scríbhinnibh annso is annsúd ar fuid
na tíre. Bhíodar ag na daoinibh acht
níor thuigeadar a luach agus deineadh
gach saghas rud leó. B'uathbhásach an
scéal é. B'é an Béarla gnáth-theanga na
ndaoine um an dtaca seo, agus thosnuigh
litridheacht 'á shaothrughadh ann, litridheacht


L. 14


do réir sprid agus dúthchais na nGaedheal
acht i dteangain na nGall. Bhí sluagh
mór d'filíbh ag gabháilt do'n litridheacht
sin agus is ionmholta toradh a saothair.
Tomás Dáibhis, An Mangánach, Tomás Ó
Múir agus filí nach iad dho bhí ann. Do
dheineadar-san a lán maitheas gan amhras
acht bhí an Ghaedhilg caillte nach mór mar
theangain litridheachta. Pé áit 'na raibh
sí beó ní raibh innti acht “teanga teinn-
teáin,” agus í ag dul ar chúl i n-aghaidh an
lae.



Acht “nuair is géiré an phian 'seadh
is giorra an fhuascailt” agus bhí an fhuas-
cailt i ndán do'n Ghaedhilg. Tháinigh “casadh
na taoide” mar adearfeá, nuair a
cuireadh Connradh na Gaedhilge ar bun i
1893. Bhí obair 'á dhéanamh ar son na
Gaedhilge roimhe sin, gan amhras, obair
thabhachtach, leis, acht dob' iad muinntear
an Chonnartha an chéad dream a thug
fé'n Gaedhilg d'aithbheodhadh mar theangain
dhúthchais na tíre. Do dein Eoghan ó
Cómhraidhe a lán obair leis na lámh-
scribhínnibh, agus is mór an chreideamhaint
atá ag dul dó d'a bhárr. Do cuireadh
“Society for the Preservation of the
Irish Language” ar bun i meadhon na
naomhadh h-aoise déag, agus chuireadar
cuid de litridheacht na lámh-scribhinn i
n-eagar, acht níor dheineadar aon rud chun
an teanga do shábháil. D'eirigh níos fearr
leis an “Irish Texts Society,” mar
chuireadar leabhair i gcló a bhí níb'
oireamhaighe dos na daoinibh. Tá buidheachas
na h-oibre ar fad tuillte ag an gConnradh,
ámhthach, agus ag na daoinibh a chuir ar bun é,
Dúglas de h-Ide, Eoghan Mac Néill agus
an t-Athair Eoghan Ó Gramhna. Bhí brigh
na teangan 'á thaisbeánt an t-am sin
ina lán tíortha beaga ar fuid na h-Eórpa,
tíortha iad san a cuireadh fé chois ag lucht
na h-alptha i gCómhdail na Siothchána i 1815
i Bhienna, acht bhí laincis na daoirse 'á
'scaoileadh acu an t-am 'san agus tugadh
fé ndeara gurb é aithbheodhadh na teangan
naisúnta ba bhun leis an nua-sprid a bhí
ag teacht ionnta. Do socruigheadh ar
triail a bhaint as an seift chéadna sa
dtír seo. Ba mhór an obair a chuireadar
rómpa do dhéanamh. Dá mba mhaith leó an
Ghaedhealg do bheith mar ghnáth theangain ag
muinntir na h-Éireann níorbh fholáir dóibh
litridheacht do sholáthar 'na mbéadh trácht
ar chúrsaíbh an tsaoghail, ar na h-éaladhnaibh
agus ar gach rud a bhaineann le smaointe
an duine. Is ionann é sin agus a rádh
go gcaithfear litridheacht nuadh do shaoth-
rughadh, sa nGaedhilg, litridheacht na ficheadh
h-aoise déag. An féidir é sin? Tar
éis a tuigtear gach beart, b'fhéidir go
bhfuil sé beagáinín luath fós chun buille
do thabhairt fá'n gceist. Acht ar a shon
sin féin má bhreathnuighmid an scéal,
cionnus mar atá sé anois seachas fiche
bliain ó shoin, tuigfimíd gur mór an dul
ar aghaidh atá déanta, agus go bhfuil
bunús litridheachta nuadha ann cheana féin.



'Sa chéad ásc tá na daoine ag
glacadh leis an nGaedhilg anois ar chuma
gur ar éigin a bhí súil ag aoinne leis. Tá
sí 'á múineadh do'n aos óg ins na scoil-
eannaibh, tá sí á fághail ag daoinibh fásta
i mbuidhnibh i rith an gheimhridh, agus 'sa
coláistibh Gaedhealacha sa samhradh; is
éigean do mhacaibh léighinn í do bheith aca
'sa gcéad scrudú ins an oilscoil, agus
leanann a lán acu leithi i gcóir na céime.
Tá na sagairt ag taobhughadh leithi go
duthrachtach murab ionain is na sagairt
céad bliain ó shoin; go mór-mhór, na daoine
atá i gceannas na tíre anois, le rogha na
ndaoine, táid siad a fógradh dóibh an
Gaedhilg do labhairt is an Béarla do chur
i leath-thaoibh, rud nach féidir a rádh i
dtaobh aon dream poilitidheachta d'á raibh
againn ó tháinig na Gaill. Is mór le rádh
an méad sin, agus 'sé is bun le saoth-
rughadh na litridheachta .i. gádh do bheith leithi
agus dúil ag na daoinibh innti. Ní


L. 15


baoghal nach dtiocfaidh sí agus an scéal
mar sin. Agus féach an tosnú atá
déanta! Sa mbliain 1893 bhí aon
phaipéar amháin á' chur amach as Gaedhilg,
paipéar míosamhail .i. “Irisleabhar na
Gaedhilge,” agus cuireadh deireadh leis i
1898. Cuireadh “An Claidheamh” ar
bun i 1898, Irisleabhar an Chonnartha agus
bhíodh a lán de'n Bhéárla ann. Tá an
paipéar sin 'á chur amach fós, acht tá
paipéar míosamhail, “An Stoc,” 'á chur
amach 'sa nGaillimh, agus gan innti acht
Gaedhilg ar fad. Bíonn tagairt do
cúrsaíbh poilitidheachta agus d'á lán rudaí
ann; 'sé an céad ceann d'a shórt é. Tá
paipéar míosamhail eile 'á chur amach
i gCorcaigh, “An Lóchrann;” bíonn scéalta
agus amhráin agus aistí ann. Tá “An
Crann” acu sa dtuaisceart, paipéár i
n-aghaidh an ráithe, acht bíonn cuid de'n
Bhéárla ann. An ceann is fearr díobh go
léir ámhthach 'sé “An Branar” é, mar ní
ar phoilitidheacht ná ar ghnáth chúrsaí a bhíonn
trácht ann acht ar rudaí léigheannta agus
ar cheistibh mhóra. Fíor-shaothrughadh na
litridheachta nuadha atá ann, agus deagh-
chomhartha na h-aimsire é. Tá súil againn
gur gearr go mbeidh a lán d'á leithéid
le fághail, agus gealltar ceann eile, “An
Lasair,” ó Chorcaigh dúinn.



Tá na leabhair 'á chur amach, leis,
cé gur bhain ganntanas an phaipéir agus
costas na clodhaireachta siar díobh le
déidheanaighe, acht tá biseach mór ar an
scéal seachas fiche bliain ó shoin. An
t-am sin bhí na daoine ag brath ar láimh-
scríbhinnibh, agus ar na scéalta a bhí i
mbéalaibh na ndaoine i gcóir litridheachta.
Ba cheart aire do thabhairt dóibh gan amhras,
agus baineadh feidhm maith asta, acht ní
fuláir leabhair nuadha do bheith againn ag
cur síos ar gach rud a bhaineann le saoghal
agus le smaointe na ndaoine. I ndiaidh
á chéile a foillseóchar iad, agus ní miste
bheith sásta le n-a bhfuil déanta cheana.
Ní gádh acht na scríbhneóirí is fearr
d'ainmnuighadh chun a chruthughadh go bhfuil
scoláireacht ag baint le litridheacht na
nGaedheal arís, agus go bhfuil gach chomhartha
go mbeidh an litridheacht sin cómh líomhtha,
léigheannta le h-aon litridheacht eile fós.
I gcúige Mumhan tá an t-Athair Peadar, an
Dochtúir Ó Siothcháin, Séamas Ó Dubhghaill,
Tadhg Ó Donnchadha, Pádraig Ó Siochfradha
agus daoine nach iad, togha scribhneóra
gach duine acu. I gcúige Connacht tá
Pádraig Ó Conaire, Dúglas de h-Íde, agus
Micheál Ó Máille agus tá cion fir déanta
ag gach duine acu. Tá scríbhneóirí i
gcúige Uladh, leis, acht ní bhfuaradh an
oiread leabhar uatha agus fuaradh ó
mhuinntir an dá chúige eile. Tá an méad
seo le rádh 'na dtaobh sin go léir ámhthach
nach bhfuair duine ar bith acu a chuid
oideachais nó a scoláireacht sa nGaedhilg
mar níl scoil ar bith againn fós chun
daoine do mhúineadh as Gaedhilg, cé go
bhfuil deagh-shómpla 'á thabhairt ins na
coláistibh Gaedhealacha. Nuair a bheidh
oilscoil Ghaedhealach againn agus oideachas
'á thabhairt as Gaedhilg ins na scoileannaibh
bheaga beidh breacadh an lae ag litridheacht
na Gaedhilge. Déarfaí, is dócha gur fada
uainn é sin, acht bh'féidir nach fada, agus
má gheobhaimídh an tír do bheith fúinn féin
is cinnte nach fada. Do dhéanfadh bogadh
an daorsmáchta a lán rudaí d'fheabhsughadh
dúinn, agus ní h-é feabhas na litridheachta
an toradh is lugha a thiocfadh as. An fhaid
's támuid ag feitheamh leis an lá sin,
ámhthach, ní gádh dhúinn bheith diamhaoin. Is
féidir linn snas agus slacht do chur ar ár
gcuid féin de'n Ghaedhilg, suim agus
spéis do chur sa tsean-litridheacht atá
againn, go mór-mhór i litridheacht na
h-ochtmhadh h-aoise déag, agus gach congnamh
is cabhair atá ar ár gcumas do thabhairt
do lucht saothruighthe na litridheachta
nuadha.



MICHEÁL MAC AMALTOINN.


L. 20


AN DRÉIMIRE DEIREANNACH.



PÁDRAIG Ó GALLCHOBHAIR ab' ainm
do'n bhuachall seo atá i gceist agam acht
b'é “Páidín” an t-ainm ba ghnáthach ag
na cómhursanaibh air. Bhí a mháthair 'na
baintreabhach le fada anois agus, ar ndóigh,
is uirthi-si a bhí an briseadh croidhe nuair
a fhuair a fear bás agus bhí sé d'fhiachaibh uirthi
Páidín do choimeád sa mbaile. Bhí an
sagart agus an máighistir scoile ar aon aigne
go raibh Páidín ar na buachaillibh ba shaoth-
raighe agus ba thuisgeanaighe 'sa cheanntar agus
'siomdha uair a bhíodh an bhaintreabhach ag
rádh léithi féin: “Beidh mo bhuachaillín ar
na fearaibh is áirde clú 'sa tír fós! Cá
bhfios dómh-sa ná d'aoinne eile nach é an
chliar atá i ndán dó?” Annsin thosnóchadh
sí ag urnuighe agus ag iarraidh ar Íosagán
agus ar Mhuire Mháthair, Páidín do choimeád
fé'n A gcomairce féin agus gan é do leigint
ar bhealach a aimhleasa go deó. Bhí a
mhalairt de scéal aici, ámhthach, nuair a
tháinig an bás ar a fear chéile, Niall, agus an
lá úd gur sheas sí ar imeall na h-uaighe
ag éisteacht leis an gcré 'á caitheamh isteach
ar chómhrann Néill, bhí deireadh le gach súil
taobh le Páidín. D'fhan an buachaill 'sa
mbaile ó'n am sin agus tá sé ag obair go
dian ar a fheilm bhig go dtí an lá indiú,
ag soláthar dó féin agus d'á mháthair. Ó's
rud é go mba olc leis éirghe ar fud as na
leabhraibh, caitheann sé tráthnóna anois
agus arís ag léigheamh Stáire na h-Éireann
nó ag fóghluim na Gaedhilge agus mar sin
ní misde a rádh go bhfuil sé ag dul ar
aghaidh go h-ionghantach “i n-aos agus i
n-eólas.” Sin díbh anois Páidín Ó
Ghallchobhair!



“A chara,” arsa Páidín liom lá d'á
rabhas ag cainnt leis, “b'ionghantach ar
fad í an aisling a bhí agam cúpla oidhche ó
shoin.” “Cad í an aisling, a mhic ó?” arsa
mise, “Mhaise ní fheadar an neósfaidh
mé dhuit í i n-ao' chor,” ar seisean, “táim
cinnte go dtosnóchaidh tú ag magadh fúm
acht, pé'r domhan é, seo dhuit í!”



“Cheapas gurab amhlaidh bhíos lá ag
siubhal i m-aonar cois na fairrge agus mé
ag smaoineadh ar morán rudaibh acht, go
mór-mhór, bhíos ag smaoineadh go dubhrónach
ar dhál Éireann boichte. ‘Nach caillte
an scéal é,’ arsa mise liom féin, ‘go
bhfuil an iomad Éireannach gan suim, gan
spéis i gcinneamhain a dtíre dúthchais!
Bhéadh ár saoirse agus ár dteanga agus ár mbéas-
anna féin ar ais againn fad ó muna
mbéadh na daoine seo. Is mór an náire
dóibh é go cinnte agus — Ar an
nóimeint sin chualas glór iasachta ag
glaodhach orm agus dhearcas mór-thimcheall
orm go tóirigheacht, féachaint cé'rbh leis é.
‘Glór mná 'seadh é sin,’ arsa mise liom
féin, ‘ní fheadar cad a bhéadh 'á dhéanamh
ag a leithéid annso, acht go bhfóiridh Dia
orm cad í an áit í seo in ao' chor?’ Ní
raibh a fhios agam ar dhruim an domhain,
a chara, cá rabhas im' sheasamh. Bhí an
fhairrge le feicsint go fóill acht bhí faill
mhór, árd ós mo chomhair amach nár fhachas


L. 21


riamh roimhe sin. Faill an-aisteach ar
fad ab' eadh í mar badh dóigh leat uirthi
gurab í staighre na bhfathach a bhí innti. Bhí
sí ar nós dinde, tá fhios agat, acht bhí
gach “céim” dí chómh h-árd sin nárbh fhuláir
do dhuine dréimire fada a bheith aige ag
dul ó chéim céim uirthi. “A Pháidín,”
arsa'n glór arís. D'fheuchas suas ar
an bhfaill an uair seo agus cad a chífinn acht
maighdean óg áluinn agus í ag bagairt orm
chuici. Ní gádh dhom a rádh go raibh iongnadh
mór orm agus dubhras liom féin nach fuláir
nó gur éascaidh an cailín í bheith i n-an
dul chómh h-árd sin ar an bhfaill! Bhí sí
le feicsint ag bun an dara “céime,”
mar adeirfeá, ó bhárr na faille. Dhruideas
isteach níos giorra do'n fhaill agus annsin
do thuigeas cionnus ar éirigh leis an
maighdean dul suas. 'Samhlaidh go raibh
dréimire mór, leathan idir gach “céim”
de'n fhaill acht b'in íad na dréimiridhe ba
ghreannmhaire d'ár bhfacthas riamh.



“Bhfuil fhios agat, a chara, cad é an
t-ádhbhar as ar deineadh iad?” arsa
Páidín liom. “As an adhmad, is dócha,”
arsa mise. “Ní h-eadh,” ar seisean go
caithréimeach, “ná as an iarrann acht chómh
beag! Cad adeirfeá nuair a chloisfidh
tú gurab iad na fir óga a bhí mar taobha
agus mar chéimeanna ar gach dréimire acu?”
“Cad adéarfainn,” arsa mise, “acht
amháin nach bhfuil bun nó bárr le do chuid
cainnte, agus má's dóigh leat nach bhfuil
le dhéanamh agam-sa acht bheith ag éisteacht
le n-a leithéid sin de ráiméis —”
“Stad anois,” arsa Páidín, “fan go
mbeidh an scéal go léir agat!”



“Dubhras leat gurab' as na fearaibh
óga a deineadh gach dréimire. 'Seadh,
bhíodar annsin, gach ógánach 'ná sheasamh
ar ghualnaibh ógánaigh eile mar taobha an
dréimire, agus cuid eile díobh 'na luighe
beagáinín ós cionn a chéile mar chéimeanna.
Dréimiridhe daonna a b'eadh iad mar sin,
tá fhios agat. Bhí na fir go léir ag
féachaint suas go h-imnidheach chumh na
maighdine i slighe go mba dhóigh leat ortha
go rabhadar ag brath ar rud éigin do
chloisint uaithi. Nuair a chuadhas i n-aice
leó thosnuigheadar go léir ag cur fáilte
romham agus ag rádh liom teacht suas gan
mhoill go dtí an mhaighdean. ‘Tá gnó
tábhachtach aici díot-sa agus de gach ógánach
eile ded' leithéid’ ar siad. Thosnuigheas
ag dul i n-áirde ortha go cúramach annsin
agus níorbh fhada go rabhas im' sheasamh taobh
leis an maighdean. Ní bréag dom a rádh,
mhuis,' gurab í sin an bhean ba dheise d'ár
bhfacas siamh. Tháinig sí chugham agus mion-
gháiridhe uirthi. ‘Fáilte romhat, a Pháidín,
a mhic,’ arsa sise, ‘is fada táim ag feitheamh
leat.’ ‘Cia h-í tusa, a mhaighdean ó?’
arsa mise. ‘Éire is ainm dom agus tá fhios
agam go bhfuil grádh mór agat dom.’
‘Tá go cinnte, a Éire, a chroidhe,’ arsa
mise léithi, ‘agus aon rud is mian leat a
órdughadh dom, déanfad í go fonnmhar.’
‘An bhfeiceann tú aon rud thuas annsin?’
ars' an mhaighdean. D'fheuchas suas agus cad
a chífinn ar bhárr na faille acht seód mór
lonnrach agus é ag soillsiughadh chómh geal sin
is nach fada a fhéadfeá bheith ag féachaint air.
Ba dóigh le duine gurab í an ghrian féin
a bhí ann! ‘Cad é sin, a Éire?’ arsa
mise. ‘'Sé Seód na Saoirse é sin,’ ars'
an mhaighdean go h-aithmhéileach, ‘agus nach
fada liom go mbeidh sé agam! Féach,
a Pháidín, tá mé im' sheasamh ag bun na
céime seo anois acht ní fuláir dom dul
suas ar a bharr gan mhoill. Dá mbéinn
annsin bhéadh staighre breágh, órdha, dain-
gean agam le dul suas go bárr na faille
ag glacadh an tSeóid úd. Staighre na
Teangan 'seadh an staighre sin, a Pháidín,
agus nach fada liom go mbeidh mé 'ghá bhun!
Annsin ní bhéadh le dhéanamh agam acht dul
suas agus an Seód do glachadh gan a thuilleadh
trioblóide!’ ‘Mar sin an scéal?’
arsa mise, ‘acht an bhfuil fhios agat, a
mhaighdean ó, cionnus a fhéadfeá dul thar


L. 22


an gcéim seo atá eadrainn agus Staighre
na Teangan?’ ‘Tá, a Pháidín, ar sise,
‘rachad thar an gcéim seo ar an gcuma
chéadna ar a chuadhas thar na céimeannaibh
eile thíos. Timcheall ocht gcéad bhliadhain
ó shoin, nuair a bhíos ag bun na faille
seo cheapas nach n-eireóchaidh liom coidhche
teacht aníos annso acht tháinig na h-ógánaigh
chródha, dílse agus chabhruigheadar liom agus mé
i gcruadh-chás. Dubhras leó go raibh sé
d'fhiachaibh orm dul suas go Staighre
na Teangan nó ní fhéadfhainn choidhche mo
Sheód d'fághail ar n-ais. Thuigeadar go
cruinn cad a bhí uaim agus shocruigheadar iad
féin gan mhoill ar nós dréimire. Thángas
annso go righin mall, a Pháidín, mar is
iomdha buachaill a bhí i n-easnamh orm i
gcómhair céim mo dhréimire acht fuaras
iad go léir, buidheachas le Dia, agus d'éirigh
liom an bhuaidh d'fhághail ar gach toirmeasc.
Anois, a chroidhe, tá an toirmeasc deir-
eannach romham agus ní fuláir dom an
dréimire deireannach chumh Staighre na
Teangan do shroiseadh. An rachaidh tusa
mar céim 'sa dréimire seo, a Pháidín?’
‘Rachad, a Éire, a stór,’ arsa mise, ‘agus is
orm-sa atá an t-áthas agus an lúthgháir é bheith
ar mo chumas rud éigin éifeachtach do
dhéanamh ar do shon fá dheireadh!’ Thug
sí a lámh dom annsin agus phógas í agus thosnuigheas
'ghom shocrughadh féin mar chéim 'sa dréimire
nuadh.



“Is ar éigin a bhíos socruighthe fúm
nuair a chualas glór feargach ag screadadh
orm. ‘Bhitheamhnaigh leisgeamhail, gan
mhaitheas! An é it' chodhladh táir? Feuch
ar an dteine! Feuch ar an dtulán!
Feuch —!’ Phreabas im' shuidhe arís acht
bhí an mhaighdean agus an fhaill agus na dréimiridhe
imthighthe. D'fheuchas mór-thimcheall agus sórt
scannradh orm acht ba ghearr gur thuigeas
gurab amhlaidh bhíos im' chodhladh ar feadh
an am go léir agus nárbh í an mhaighdean óg,
áluinn a ghlaoidh chómh feargach sin orm
acht mo mháthair féin. Bhíos im' shuidhe
taobh leis an dteine ag feitheamh léithi nuair
a thuiteas im' chodhladh, tá fhios agat, agus
tháinig sí abhaile sar a dhúisigheas arís.
Bhí sí fliuch ó'n fhearthainn agus préachta
leis an bhfuacht agus, rud ba mheasa, dar
léithi, bhí an teine múchta agus gan braon 'sa
tulán! Dar ndóigh is domh-sa a thug sí
an báirseacht de bhárr an fháilte a bhí
roimpi ar teacht abhaile dí. Ba bheag liom
an mhéid sin, ámhthach, i gcomparáid leis
an aisling bhreágh a bhí agam. Nac ceart
é sin a chara? Tá fhios agam anois cad
atá le déanamh agam ar shon mo thírín
bhoicte agus ní h-é orm-sa a bheidh an locht
muna mbeidh aon chéim amháin, pé scéal é,
de'n staighre deireannach ag an maighdean
óig.”



“'Seadh, a Pháidín, a mhic ó,” arsa mise
leis, “agus rachad-sa i n-éinfeacht leat
mar chéim eile agus, le conghnamh Dé, ní fada
go mbeidh Staighre na Teangan fé chosaibh
ár stóirín! Nach orainn-ne a bheidh an
t-áthas agus an bhród nuair a ghlachfaidh sí a
Seód fá dheireadh! 'Seadh, a bhuachaill,
táim an-bhuidheach díot gur chuiris ar mo
chumas dul mar chéim 'san Dréimire
Deireannach!



ANTÓIN Ó STÁNLAIGH.



“Má thug an deonughadh dhi, (a Dhia),
Sacsa nuadh darbh' ainm Éire,
Bheith re a linn-si i láimh bíodhbhadh
Do'n inse is cáir ceileabhradh.”



— FEARFLATHA Ó GNÍMH cct


L. 28


AN CHOMHARSA BHODARACH.



BHÍ páiste ann tráth. Togha cailín a bhí
innti. Do sháruigh sí thar a bhfacais riamh
le h-áilneacht is le naomhthacht; le cródhacht
is le cráibhtheacht. Pé uair a bhíodh sí i
riocht contabharta d'iompuigheadh sí ar an
Uile-Cómhacthach.



Anois ba ghairid uaithi comharsa áirithe
'na chomhnuidhe; buachaill is a comh-n-aois
ab eadh é. Acht ambasa cad é an deifrigh-
theacht idir an bheirt! Mar budh ghnáthach,
ba treise an buachaill, acht mar sin féin
ní raibh ann acht maoidheadóir cladhaireach.
Is nadúrach do pháistibh óga dúil a bhéith
aca i mbréagánaibh, agus ní h-aon eisceacht
an cailín seo 'gainne. Bhí a lán díobh
aici — longa, pingne, saigdiúirí, brataca,
agus rl., acht ní túisce a bhídís 'na seilbh aici
ná mar a bhídís goidthe, agus scuabtha le fíor-
neart 'ghá comharsain, agus 'n-a theannta
sin chuireadh sé nimh a shúl ins gach bhlomach
a bhlasadh sí. Uair ar bith a theagadh sí ar
choimirce aoinne eile, b'é leith-scéal a bhíodh
ag an mbuachaill ná go raibh droch-usáid
aici d'á baint as na bréagánaibh is í 'ghá
gcur chun a h-aimhleasa, agus d'á bhrigh sin
nach raibh sí acht ag déanamh dioghbhála dí
féin is dá comharsanaibh. Cleas suarach
eile a bhíodh aige ná clábar a chaitheamh ar a
gúna bán, agus annsin “Straoille” a chur
mar leas-ainm uirthi. Do gheibheadh sé an
lámh-uachtar uirthi go coitcheann. Faoi sheach
i n-ionad bheith níos truaighmhéiligh dí, tugadh
fé ndeara gurb amhlaidh go raibh sé ag dul
i ndánacht is i gcruadháil, go dtí go raibh
an cailín bocht chom croidhe-chráidhte sin
leis nár fhéidir sí cad ba cheart dí a
déanamh chun teithte as a ghreim.



Bhí sé ag druidim isteach ar an Nodhlaig,
agus is fada roimhe sin go raibh sé lán-
cheapaithe aici leitirín a chur chun Santa
Clás ag iarraidh bhronntanais speisíalta
air. Do scríobh sí an leitir. Nárbh fhada
léithi uaithe go dtagadh sé le dúil a croidhe.



Fé dheireadh thiar thall tháinig Oidhche
Nodhlag. Bhí sé sáithte isteach ina haigneadh
aici fanamhaint ina dúiseacht go dtagadh
Santa Clás. D'fhan agus cluas uirthi ag
éisteacht. Níorbh fhada dí ag feiteamh nó
gur airigh sí coiscéim chuice. Badh ghearr
nó go raibh an duine ina sheasamh ós a
comhair 'sa seómra. Ba mhaith a d'aithin sí é.
Nárbh mhinic a chonnaic sí a steille-bheatha i
bpictiúraibh — an aghaidh shultmhar, ghrádhmhar,
ghreannmhar; an fhéasóg liath, fhada, dheagh-
ghearrtha; an fhalluing mhór, dhearg,
lúbarnac; agus an mála breágh, reamhar,
teannaigthe, caithte síar ar a ghualainn.



“Fáilte! céad míle fáilte rómhat, a chara
mo chroidhe,” ar sise, agus í ag buaileadh
basa, is a gnúis go geal le h-áthas. “An
bhfuil mo bhronntanas luachmhar dílis agat?
An bhfuairis mo leitir?” ar sise, agus
séideán innte le neart díograise.



“A leinbh dhílis,” arsa Santa Clás agus
é ag bagairt méire uirthe, “tá an iomarcha
ag teastáil uait láithreach bonn. Fantar
go bhfeictear.’” Lom láithreach do thuit a
lug ar a lag uirthi. "Acht a laoigh," ar
seisean, “tá tabhartas eile agam dhuit.
Féach! Ó nach deas é!! Súgruigh go


L. 29


cneasta, ciúin, ceannsa leis: Tabhair aire
mhaith dí, agus b'fhéidir go mbéadh an
brontanas eile le fágháil agat am éigin
eile.”



“Coiméad agat féin é sin,” ar sise,
agus ag díriughadh a méire ar an mbeart
a bhí idir a dhá láimh, agus í ag silt na
ndeór. “Níl beann agam anois ar aon
bhréagán eile sa domhan acht amháin ar an
gceann atá mé a iarraidh.”



“Cuirfear d'fhiachaibh ort é do thógaint,”
ar seisean go feargach, rud nár dhual do
dhuine chomh carthannach leis do réir deall-
raimh. Leis sin do chaith sé an beart ar
a glúin, agus siúd cun siubhail leis an
doras amach. Acht bhí sí chomh glic leis,
Do chaith sí an beart díreach fá n-a chosaibh
ar an dtáirsigh. Ag tuitim ar an
dtalamh do'n bheart, do thárla gur scoilt
an clúdach ioldathach; agus cad badh dhóigh
leat a bhí istigh acht bosca dubh gránda agus
scríobhnóireacht áirithe air.”



“A bhitheamhnaigh de ropaire,” ar sise
dá ionnsuidhe go colgánta, crosta, agus é
lán-cheapaithe aici sásamh eigean a bhaint
as, “glan leat as an dteach seo ar an
bpoinnte boise.” Ba ghearr a bhíodar i
n-achrann nó gur rug sí greim ar a fhéasóig,
agus má rug, tháinig an fhéasóg léithe
n-a láimh, mar nach raibh innte acht féasóg
bréige, agus chonnaic sí nárbh é Santa
Clás a bhí aici acht “An Chomharsa Bhodarach.”
Do shleamhnuig sé amach is a cheann faoi,
mar ba bheag a cheap sé go nochtóchtuidhe a
chalaois.



An oidhche chéadna do chuaidh sí a chodhladh
agus réamh-fhaisnéis éachtach istigh ina
h-aighne. Bhí rún aici gan athchuinge
d'iarraidh ar strainséar go bráth arís.
Bhí sean-bhréagán aici — ceann a d'éirigh
leithe a choinneál slán ó'n am in ar
chuir sí aithne ar an gcomharsan bhodaraigh
an céad uair. Bhí sé caithte ar leath-thaoibh
i gcúinne áirithe leis féin, agus é clúdaighthe
le luaithreadh toisc gan aon usáid bhéith
ghá bhaint as. Do thóg sí cuichi féin é, agus
uaidh sin amach tháinic grádh chómh mór sin
n-a croidhe air gurbh annamh dí gan an
sean-bhréagán le feiscint 'na seilbh aici. Ba
dheacar leithi fíor-spóirt a bhaint as ar
dtúis, acht le neart taithighe agus le
seasmhacht d'éirigh leithi. B'fhearr leithi é
ná gach uile bhréagán eile d'á raibh aici,
agus dá mhéid taithighe a bhí aici leis seadh
is amhlaidh ba mhó a thaithin sé léithe.



Iar n-a chlos sin don Chladhaire d'éirigh sé
feargach mar bhí gráin agus fuath aige ar an
mbréagán so. Bhí sé ar aigneadh aige uaidh
soin amach críocha chur leis an sean-bhréagán,
mar thug sé fé ndeara go raibh an cailín ag
éirghe neamh-spleadhach, dána mar gheall air.
Do rigneadh sé iarracht ar í do bhréagadh
agus do mhealladh chun é do chur ar leath-
thaoibh arís. Do gheall sé go dtiubhradh sé
bronntanais 'na míltibh dí agus go mbeadh
sé níos flaitheamhla, níos fiala is níos
trócairighe feasta; acht, airiú, ba bheag an
mhaitheas dhó é. Fé dheireadh thiar thall
nuair a theip air í do mhealladh ar aon chuma
d'iompuigh sé ar an láimh-láidir:— Do
bhuail sé í, do gabh sé de chosaibh innte, do
chuir sé fé ghlas í, acht d'á áindheoin sin
is uile, níor staon sí roimhe riamh.



Bhí rud eicint ghá innsint dí go mbrisfeadh
sí an cath air, agus is iomdha uair nuair a
bhíodh sí i riocht géillte go gcuirfeadh sé
seo misneach nuadh innti. Do lean an
sceul mar seo go dtí go raibh an Foghmhar
ann. Um an dtaca sin bhí an tuirse ag
teacht ar an gCladhaire. Do chinn sé
go dianghabháilte ar chath dheireannach sar
a n-éirigheadh sé as an leath-trom. B'é
sin an cath ba fíochmhaire agus ba mhilltighe,
d'ar thug sé. Ní raibh seift ná beart a
ceapadh riamh nár chuir sé i bhfeidhm chun a
rún a chóimhlíonadh. Do thug an cailín go
calma, cródha fé gach ionnsuidhe d'ár dhein
sé, agus i ndeireadh na dála do bhris sí an
cath air go h-iomlán. Anois, buidheachas le
Dia, tá an cailín beag a buailtí fé chois chomh


L. 30


fada san, tá sí fuasgailte ó'n daor-bhruid
n-a raibh sí, agus ná déantar dearmad
ar an sean-bhréagán a chuir misneach innte
le buille a bhualadh agus pianta a
fhulaingt ar son a saoirseachta. Do
thárla gurb é sin an rud ba mhó tairbhe dí,
agus dá bhárr sin beidh sé d'uain aici
súgradh i síothcháin is i n-aondhacht le n-a
cuid saighdiúirí, le n-a cuid long, le n-a
pinginn; agus a cuid bídh a chaitheamh go
compóirdeamhail gan aon cur isteach uirthi
ó'n gCladhaire bodarach.



Is dócha, a léightheóirí, nach ghádh dom a
innsint daoibh gurb í “Caitlín Ní
h-Uallacháin,” an cailín atá i gceist agam;
“Seán Bhuidhe,” an Chomhursa Bhodarach;
“Saoirse,” an bhronntanas do hiarradh
ar Santa Clás; “Mock Convention,” an
bosca dubh; “Saighdiúracht do d'aimh-
dheoin,” an sgríobhnóireacht a bhí air; agus
“An Ghaedhilg bhinn bhlasta,” an sean-
bhréagán fé ndear an bhuaidh. Bhí sí le fada
caithte ar leath-thaoibh, faraor, gan meas
ag Caitlín uirthe, gan tuigsint cheart ar a
áilneacht agus a luachmhaire a bhí sí. Acht
anois, moladh le Dia, ní baoghal go mbéidh
sí faoi dhroch-mheas arís. Nár leigidh Dia
go mbéadh, agus go mba fada buan an t-é
a chuideóchas léithe, mar is uaithe a thiocfas
saoirseacht gheal na hÉireann.



MICHEÁL MAC SUIBHNE



Tá cláirseach na h-Éireann le fada faoi bhrón,
Agus lionndubh, ochón! ar a téadaibh,
An chláirseach do bhí 'na lúthgháire do'n chroídhe,
Atá sí gan bhrígh, a's í réabtha.
Acht sgéithfidh sí ceól ann sna spéarthaibh go fóill,
Béidh guth ins gach téad do bhí briste,
Imtheóchaidh droch-shíon, soillseóchaidh an ghrian
Ar shlóightibh na bhFiann bhí sgriosta.



— AN CRAOIBHÍN AOIBHINN, cct.


L. 44


SEAGHÁN Ó DONNABHÁIN.



“As ní coitchind soilléir fon uile domhan in gach ionadh i mbí uaisle nó
onóir in gach aimsir dá ttáinicc riamh diaidh i n-diaidh nach ffuil ní as
glórmhaire agus as airmittnighe onóraighe (ar adhbharaibh iomdha) iná fios
seandachta na sean-ughdar agus eolas na n-airech agus na n-uasal ró bhádar
ann isin aimsir rimpo do thabhairt do chum soluis, ar dhaigh co mbeith
aitheantas agus eolas ar gach druing i n-deadhaibh aroile cionnus do chaith-
siot a sinnsir a ré agus a n-aimsir, agus cia h-airitt ro báttar i tticcearnas a
ndúithche i ndignit nó i n-onóir diaidh i n-diaidh agus créd í an oidheadh fuairsiott.”



— Micheál Ó Cléirigh do sgríobh.



IS corruighthe mí-sheasmhach an saoghal atá
ann faoi láthair. Athrughadh ádhbhalmhór ag
teacht ar 'chuile nídh. An domhan mór tré
n-a chéile nach mór. Gan trácht ar rud ar
bith ach ar an gcogadh atá thart agus ar an
gcogadh nár tháinig fós, acht atá ag teacht
do réir na ndaoine atá cliste, eolasach
i n-a leithéid sin d'eolas. (Atá súil agam
go gclisfear ortha seo.) Trácht ar
“chumannaibh ceard,” ar “stailceannaibh”
agus ar na “Bolséibhícigh” féin, agus
ar a lán rudaí iongantacha eile nach raibh
aon trácht ortha go dtí le deireannach.
Sgéal an lae indiu agus é ag bréagnughadh
sgéil an lae indé. An bhréag 'á cur i riocht
na fírinne agus an eagcóir i riocht an chirt.
Daoine 'á rádh nach bhfuil acht uisge faoi
thalamh 'á imirt ag na daoine móra atá i
n-áird-réim. Filidheacht 'á cumadh mar is
gnáthach i n-aimsir an chruadhtain. Daoine
agus iad go dubhach, díombáidheach, neamh-
shuaimhneach 'na lán d'áiteanna. Daoine
agus iad cortha de'n toirmeasg agus ar
lorg síothchána, ach go bhfuil sise ag éalódh
uatha ar nós scáile. Daoine ag cogarnach
ós íseal; iad sgannruighthe: an tsean-
cheist 'á fiafruighe acaib go léir — “cadé
an deire bhéas leis?” Gan a fhios ag
éinne — na daoine cliste féin do luadhas.
Ag sin mar atá an sgéal ag 'chuile tír
nach mór, agus ní taise d'Éirinn é do
réir cosamhlachta acht amháin go ndeirtear
nach bhfuil sise chomh cráidhte le cách.
B'fhéidir sin. Ach ní h-ionann sin agus
a rádh go bhfuil sí socair sásta i gceist-
eannaibh áirighthe. Tá sean-cheisteanna
faoi lámhaibh aici fós gan réidhteach ortha.
Ceisteanna deacra iad bhaineas le saoirse
phoilitidheachta agus leas na tíre do bhainnt
amach. Ceisteanna gan áireamh aici gan
réidhteach ortha. Seadh, seana-cheisteanna
iad go léir.



Ach dá mhéid é an toirmeasg agus dá
fhaid í oidhche an dubhróin deirtear nach
baoghal don teangain dúthchais. Deirtear
go bhfuil an tsean-cheist sin ar bhealach
a leasa faoi dheireadh thiar thall. Ní ceart
d'éinne breitheamhnas obann do thabhairt
ar an gceist seo, ach má déanfar machtnamh
air, chífear nach bhfuil mórán dul-amugha


L. 45


ann. Ní gábhadh dúinne an sean-sgéal
d'aith-innsint: is tearc duine nach
dtuigeann um an dtaca seo a thábhachtaighe
atá ceist na teangan dúthchais. Tá ré
na scoláireachta bréige i ndáil le bheith
thart, agus, do réir cosamhlachta, tá an
chuid is mó de'n ainbhfios a d'éirigh aisti
i ndáil le bheith thart freisin. Tá na
daoine ag éirghe níos tuigsionaighe i
dtaoibh gach a mbaineas leóbhtha. Acht is
mithid dhóibh é. Caithfear a admháil nach
rabhadar ro-thuigsionach chuige seo. Ag
sin an chéad athrughadh foghanta seachas a
chéile atá le tabhairt faoi ndeara indiu:
tá sé lé feiceáil go soléir dá mhéid é an
clampar agus an toirmeasg. Ceist;
cadé an rud is mó is ceann-tsiocair leis
an athrughadh sin? 'Chuile dhuine agus
réidhteach a thola féin aige ar an gceist
sin. Ní bhacaim le n-a lán aca. Ach bacaim
le daoine dheireas gurab é Connradh na
Gaedhilge is mó is ceann-tsiocair leis —
nó mar adéaradh dream aca — dream nach
fiú trácht ortha — is mó atá “cionntach” leis.
Tá crut na fírinne 'san scéal ar a laighead
muna bhfuil a h-iomláine ann. Tá cúig
is fiche bliadhain go díreach anois ann ó
cuireadh an Connradh ar bun. Nach mó cor,
idir deagh-chor águs droch-chor, atá curtha
ag an tsaoghal mór de i rith na h-aimsire
sin! Ach tá éirighthe leis an gConnradh. Ní
h-ionann sin agus a rádh go bhfuil buaidhte
aca ar a ndéarnadh de chruadhtan agus de
chur isceach ar an obair a bhí idir lámhaibh
acaib. Obair i n-aghaidh an chnuic dob eadh
an obair sin, ach is dóigh linn go bhfuil na
cnuic úd ag dul i n-ísleacht i n-aghaidh an
lae. Ach ná meastar nach bhfuil a rian ann
fós. Ar a shon sin is uile ba dhóigh leat
gurab ag dul i mbreis agus i ndéine atá
cuid aca. Acht le rith na h-aimsire buaidh-
fear ortha seo freisin. Cuireadh bun-chloch
an Chonnartha go daingean agus tá a rian
sin air indiu agus ar a bhfuil déanta de
thairbhe d'á bhárr. “Obair gan bhiadh gan
phágh” í nach mór ar dtúis: “obair gan
fonn gan fiadhach” uirthi í go cinnte.
Tá a mhalairt de sgéal ann faoi láthair.
Cuireadh an sílín beag bídeach go cúramach
cúig is fiche bliadhain ó shoin, agus tá toradh
agus bláthanna ar an gcraoibhín indiu.
Go mbadh buan dó-mheathta an toradh sin!



Ach ní ar shaothar Connartha na Gaedhilge
amháin atá ár seasamh sa cheist seo; níl
annsúd ach cuid na h-oibre. Cuid ana
riachtanach é go deimhin. Ní h-é amháin gur
cuireadh an Ghaedhilge i mbéal na ndaoine
an ath-uair; ní h-é amháin gur cuireadh i
gcaoi a tarrthála í. Tháinig athrughadh eile
gur fiú trácht air — athrughadh a raibh
ana-ghábhadh leis le go gcuirfidhe an
Ghaedhilge 'san áit badh dhual dí ó cheart.
Rug an árd-ealadha agus an árd-sgol-
áireacht ar láimh uirthi agus cuireadh faoi
cháil agus meas í ins gach áit a bhfuil an
scoláireacht féin faoi mheas — ní amháin sa
mbaile acht i gcríochaibh i gcéin freisin.
Tuigtear anois nach aon rud suarach í,
ach go bhfuil maoin — maoin léighinn agus
maoin liteardhachta — innti nach ceart a
fágbháil faoi árd-droch-mheas gan a
tabhairt chun leasa agus úsáid fhóghanta
do bhainnt di. Tá sí dlúth-cheangailte
don sgoláireacht anois agus is cinnte
gurab ag dul i méid agus i ndlúithe bhéas
an ceangal sin 'san aimsir atá rómhainn
amuich. Ba mhór an thubaiste í do chúis na
teangan dá sgarfaidhe saothar Connartha
na Gaedhilge agus an sgoláireacht ó chéile:
ba cheart gurab ar sgáth a chéile mhairfidís.
B'fhéidir go ndéarnadh dearmad ró-mhór
chuige seo agus a rádh nár aontuigheadh
iad mar ba cheart; is ionann an gnó atá
aca acht amháin nach bhfuil an modh céadna
aca chuige. Caithfear iad do thabhairt lé
chéile más mian linn buan-thoradh d'fhaghbháil
uatha. Ag seo an dara athrughadh mar sin
atá le tabhairt faoi ndeara, go bhfuil an
Ghaedhilge agus an árd-scoláireacht aon-
tuighthe go dlúth daingean le chéile, agus,


L. 46


do réir cosamhlachta, in ionad aon laghdughadh
do theacht ar an gceangal sin atá eatorra,
gurab ag dul i ndéine agus i ndlúithe
bhéas sé ins na bliadhantaibh atá le teacht.



Athrughadh foghanta iseadh é sin: ní mar
sin do bhí an sgéal i gcomhnuidhe. Téidhimís
ar ais ar “bhóithribh na smaointe” go dtí
an t-am sar ar tosughadh ar an athrughadh,
beagnach céad bliadhain sar ar cuireadh
Connradh na Gaedhilge ar bun. Ba bheag
bainnt a bhí ag ealadhain ná sgoláireacht
leis an nGaedhilge an uair sin. Cé an
chaoi a dtáinig an t-athrughadh? Cadé
an tosach a bhí leis? Dar liom-sa tháinig
sé de thoradh saothair Sheagháin Uí
Dhonnabháin go h-áirighthe, agus de thoradh
saothair scoláirí a chomh-aimsire. Do chuir
Seaghán Ó Donnabháin i n-úil don tsaoghal
go raibh maoin uasal de liteardhacht
againn i n-Éirinn; go raibh an liteardhacht
sin i bhfolach ins na láimh-sgríbhnibh a bhí le
faghbháil ins gach uile áit, ní amháin i
n-Éirinn ach taobh amuich di freisin, agus
gurbh fhiú é an liteardhacht sin do nochtadh
agus do chraobhsgaoileadh mar mhaithe le
muinntir na h-Éireann agus daoine nárbh
iad. Fear déanta thosaigh dob eadh
Seaghán Ó Donnabháin; fear réidhte slighe
é i gcómhair na h-árd-scoláireachta i
nGaedhilge agus gach ar bhain léithi do
luadhas. Ionnus go dtuigfear an chumaoin
atá curtha aige-sean orainne atá ag bainnt
úsáide d'á shaothar, agus go ndéanfar
taithighe air i gcaoi éigin atá trácht air
san aiste seo. Caithfear súil-fhéachaint
ghéarr do thabhairt ar dtúis ar an tsaoghal
a bhí ann i n-Éirinn sar ar thosuigh sé ar
an saothar úd, ionnus gur fearrde a
thuigfear gach a gcuirfear síos 'na thaobh
san méid leanas.



I dtosach na naomhadh aoise déag is
amhlaidh bhí muinntir na h-Éireann ag
éirighe aníos, beagán i ndiaidh an bheagáin,
ón daoirse agus ón sglábhaidheacht a bhíodh
'á mbrúghadh agus 'á réabadh as a chéile. Is
minic adeirtear go raibh droch-chor ortha,
acht is ar éigin do dhubhaigh ortha ariamh
leath an oiread agus do dhubhaigh le linn
na h-aimsire sin. Ag féachaint siar
dúinn anois is dócha go raibh de chrann
ortha ariamh bheith faoi anbhroid agus dúr-
smácht ag a náimhdibh, acht is amhlaidh an
uair is mó an anachain agus an ghéir-
leanamhaint is eadh is goire an chabhair.
Bhí an chabhair sin ag teacht anois: breacadh
an lae a bhí ann.



Dubhairt duine éigin — ní cuimhin liom
cé h-é — gurab ionann stair tíre agus
stair na ndaoine is mó cáil bhaineas léithi
agus is mó stiúruigheas í ar bhóthar a leasa.
Agus de bhrígh nach bhfuil sé ar chumas na
tíre labhairt uaithi féin, déantar a smaointe
do nochtadh leis na daoine seo adeirim
Mar sin dhá fheabhas agus dá dhéine a
déantar an obair sin leo, fé mar do
dhéanfaidís da mbadh í a gcúis féin a bhí
'á pléidhe aca, is amhlaidh is fearr don tír
go léir é. Má's lom dá ríribh iad chun
luighe isteach go cineálta dúthrachtach leis
an obair bhíos idir lámhaibh aca, béidh
a dheagh-rian sin ar an dtír go léir;
ach 'na dhiaidh sin, munab mar sin bhéas an
sgéál aca, is ar an dtír go léir freisin
thuitfeas an díoghbháil d'á mbárr. 'Siad
seo na daoine is mo chuireas an tír faoi
chumaoin, ach tá siad ar na daoine is mó
atá cionntach leis an gcoir agus leir
an gcruadh-chás thigeas aisti freisin. Ach
más fíor é go raibh sé de chrann ar Éirinn
ariamh an droch-chor do bheith uirthi, is fíor
chomh maith leis a rádh nach raibh easbaidh
slánaightheora ná taoisigh a stiúruighthe
uirthi chun an chirt ba dhual di do chur
i bhfeidhm an uair is mó bhí gábhadh leis.
Níor thaise dí é sin le na linn seo a
bhfuilmíd ag trácht uirthi ach an oiread.
Bhí taoisigh agus scoláirí le faghbháil agus
'sé rud a chuireadar rómpa amach go
seasmhach dian an ceart ba dhual d'á dtír
agus d'á dteangain do chur i bhfeidhm agus


L. 47


i bhfuascailt ón droch-shuim a cuirtí
ionnta roimhe sin. Thugadar faoi ndeara
go sár-mhaith nach mar sin a bhí an sgéal
ag tíorthaibh eile taobh amuigh d'Éirinn,
agus do cheapadar 'na n-aigne gurbh é
badh lugha badh ghann dóibh féin a gcionn
féin do dhéanamh mar mhaithe le h-Éirinn
freisin.



'San aimsir atá i gceist againn annseo
bhí trí gluaiseanna áirighthe a bhíodh ag
suathadh agus ag bodhradh aigne na ndaoine
do réir mar bhíodar ag éirghe aníos mar
adubhras cheana. Le n-a linn sin is
amhlaidh bhíodh na dlighthe cruaidhe a bhíodh
'á gcur i bhfeidhm ortha 'á gcur
ar neimhnídh i n-aghaidh an lae. Ach bhí a
n-iarsma ann fós, agus b'shin faoi deara
an ghluaiseacht do chuir an leomhan cródha
neamh-eaglach úd, Dómhnaill Ó Conaill,
ar bun chun saoirse do bhainnt amach do
na Catoilicigh cráidhthe go mór-mhór ón
“ndeachmhadh” úd a bhíodh le tabhairt do
lucht an chreidimh Ghallda. Cuireadh an
dara gluaiseacht ar siubhal chun seal-
bhachas na talmhan do bhainnt amach do na
daoinibh ar dhual dóibh í, seachas í bheith ag
tighearnaíbh talmhan — daoine a raibh cómh-
nuidhe ortha i Lonndain thall gan chos
'á cur aca ar fhód ghlas na n-Éireann le
n-a ré. Badh mhór, riachtanach gach aon
ghluaiseacht dhíobh sin, agus muna mbéadh
iad agus na daoine a raibh bainnt aca
leóbhtha is cráidhte an sgéal a bhéadh ag
muinntir na h-Éireann indiu b'fhéidir.
Ach bhí ceist eile le réidhteach an uair sin.
An dá cheist do luadhas is amhlaidh bhí
bainnt aca le corp na ndaoine, mar
adéarthá. Bhí ceist eile agus bhí bainnt
aici le h-anmain na ndaoine. B'í ceist
í sin ná ceist na teangan. Is amhlaidh bhí
faillighe 'á tabhairt ar an nGaedhilge
le fad aimsire roimhe sin. Ní raibh meas
uirthi mar do bhí nuair a bhí filidheacht
'á cumadh innte roimh deireadh na h-ochtmhadh
aoise déag. Badh é an droch aimsear
agus go mór-mhór aimsear an ghanntanais
mhóir ba mhó faoi deara sin. Múchadh
an fonn chun saothair a bhí ins na daoine.
Bhí an sgéal ag dul i n-olcas agus an
cruadh-chás ag dul i méid i n-aghaidh an
lae. Badh dhóigh le duine air nach mbéadh
leigheas air, ach ní mar sin thárla. Bhí
daoine áirighthe ann agus is amhlaidh bhíodar
ag faire go géar cruinn ar gach a raibh
ar siubhal. Bhíodar 'á ngléasadh féin
i gcómhair oibre móire — leigheas an uilc.
Do thuigeadar go sár-mhaith dá leanfaidhe
den bhfaillighe a bhí 'á tabhairt ar an
nGaedhilge agus ar an maoin litear-
dhachta a bhí innti, gur ro-gheárr go mbéadh
deireadh léithi ar fad agus go mbadh bhoichte
iad muinntir na h-Éireann 'na h-éagmais.
Níorbh é luach saothair ná tuarasdal a bhí
'á spriocadh chun na h-oibre sin, acht amháin
an meas a bhí aca ar liteardhacht uasail na
nGaedheal, agus do bhrígh gur thuigeadar
go cruinn lán-eolasach cadé an tubaiste
mhór a bhéadh ann muna ndéanfaidhé í. Fear
ar an mbuidhin sin — fear a bhí ag faire
go tuigsionach, fear a bhí ag ceapadh an
t-olc mór do léigheas dob eadh Seaghán Ó
Donnabháin. Seisean an fear is mó a
thosuigh ar an athrughadh mór a bhfuil a
thoradh le feiceáil go soiléir indiu. Seisean
an fear ceannais nó an fear tosaigh
ar na sgoláirí thar-áireamh a raibh bainnt
aca le teangain na Gaedheal leis na
bliadhantaibh tar a éis-sean go dtí an
lá indiu. Do thuig sé cadé an tairbhe
a bhí le bainnt a sean-sgríbhnibh na
h-Éireann. Do thuig sé go mbadh mhór
de sgéal é, dá gcuirfidhe i n-íul do
mhuinntir na h-Éireann mar ba cheart,
cadé an mhaoin fhoghanta úd nach raibh ach
ainbhfios, nó neamh-shuim ar a laighead,
aca féin uirthi. Bhí sé ceapaithe aige
nach gcuirfidhe ath-shuim i dteangain
dhúthchais agus i seanchas na h-Éirann
choidhche nó go nochtfaidhe an tsean-
liteardhacht, agus na dhiaidh sin nach fada


L. 48


go mbéarfadh an árd-ealadha agus an
árd-sgoláireacht greim do-sgaoilte uirthi
agus sa chaoi sin go gcuirfidhe faoi
mheas í imeasg scoláirí a raibh bainnt
aca le comh-ghaol teangan. Tosughadh
dob eadh é sin. Tosughadh maith é
go cinnte. Muna mbéadh é is dócha
go mbéadh a lán eolais ár leasa ag
teastáil uainn indiu. Badh chóir go
mbeimís buidheach den fhear tosaigh: badh
chóir go mbéadh taithighe againn air féin
agus ar an tsaothar do sholáthruigh sé.
Faraoir, ní féidir linn 'san aiste seo
ach trácht géarr do dhéanamh air agus ar a
ndeárna sé mar mhaithe le liteardhacht na
h-Éireann.



Rugadh Seaghán Ó Donnabháin i gConndae
Chille Ceannaigh sa bliadhain 1806 — bhí
baramhail aige féin gur 'sa bhliadhain
1809 a rugadh é. Mac d' Éamonn Ó
Donnabháin é; de sliocht Eoghain Mhic
Oiliolla Oluim agus de sliocht Mhogha
Nuadhat é. Deirtear gur ghnáthach le n-a
athair trácht go minic ar an ngeinealach
neamh-choitcheanntach sin, agus gur fhág
sé faoi chúram a chlann-mhac, agus é i
riochtaibh an bháis, gan dearmad do dhéanamh
ar an ngeinealach sin choidhche. Nuair a
cailleadh an t-athair sa bhliadhain 1817
chuaidh Seaghán óg chun tigh a dhearbhráthar,
ach faoi dheireadh thiar tháinig an bheirt aca
go Baile-Átha-Cliath agus chuireadar futha
annsin. Bhí togha na Gaedhilge ag Seaghán
an uair sin. Deireann sé féin go raibh
sé in ann Gaedhilge mhaith do sgríobhadh
agus gan é ach naoi mbliadhna d'aois. Thug
a dhearbhráthair an tabhairt suas agus an
t-oideachas is fearr a bhí ar a chumas dó
i mBaile-Átha-Cliath, agus deirtear gur
cinneadh don tsagartacht é acht is dócha
nar éirigh leis sa cheist sin. Is treise an
dúthchas ná an t-oideachas, ámh, agus i
n-ionad aon fhaillighe do thabhairt ar a chuid
Ghaedhilge is amhlaidh is géire agus is
dúthrachtaighe do lean sé di as sin amach.
Bhí ana-dhúil aige i seanchas. B'fhéidir
gurbh é dearbhráthair a athar dárbh ainm
Pádraig ba mhó faoi deara sin, mar
deirtear nach raibh blúire eolais a bhain
le seanchas Chonndae Chille Ceannaigh agus
le ceanntaraibh eile taobh amuigh di nach
raibh de ghlan-mheabhair ag Pádraig.



Le linn Seaghán do bheith ar oileamhaint
mar sin casadh fear air dárbh ainm Séamas
Ó Scoruidhe — fear a bhí tar éis teacht go
dtí Baile-Átha-Cliath ó Phortlairge. Ba
ghéarr an t-achar nó go ndeachaidh an bheirt
i gcarthannas le chéile. B'é sin an fear
a chuir an ealadha úd ar a dtugtar Ársaidh-
theóireacht (nó Archæology i mBéarla)
i n-úil don Donnabháineach don chéad uair.
Chomh luath agus cuireadh i n-úil dó í do
chuir sé ana-spéis innti. Ba ghéarr 'na
dhiaidh sin nó gur casadh scoláire eile air,
mar atá Seaghán Ó h-Argadáin. Is beag
duine nar chualaidh trácht air-sean uair
éigin. Is amhlaidh bhí sé ag soláthar na
gcunntas úd ar a dtugtar “Records”
anois, agus nuair cuireadh an scoláire
óg i n-aithne dhó do thug sé faoi ndeara ar
bonn go n-oirfeadh sé dhó agus d'á
chuallacht ag aithsgríobhadh na sean-scríbhne
a bhain le stair agus seanchas na tíre.
Cuireadh an obair faoi n-a chúram agus ní
misde a rádh gur éirigh leis go breagh innti.
B'fhuras a aithint air gur duine aigeantach
lán-intleachtach é agus a fheabhas agus a
chruinne do rinne sé an obair deacair a
bhí idir lámhaibh aige annsin. Is le linn
é bheith ag gabháil don obair seo d'aithsgríobh
sé Gráiméar na Gaedhilge a fuair sé i
láimh-sgríbhinn áirighthe a soláthruigheadh le
Peadar Ó Conaill. Mar sin dó go dtí
an bhliadhain 1829 nuair a cuireadh malairt
de chúram air.



Cheithre bliadhna roimhe sin cuireadh
cuallacht áirighthe ar bun chun tomhas nó
forrachánacht cruinn do dhéanamh ar an dtír.
“Ordnance Survey” a tugadh ortha i
mBéarla. Sé rud do chuir an chuallacht sin


L. 49


rómpa, an tír do bhreithniughadh agus do
thomhas go h-aireach agus cruinn-éolas na
tíre do thabhairt faoi ndeara go géar i
gcaoi go bhféadfaidhe léarsgáil den tír ar
fad do sholáthar. Bhí ceist agus cruadhtan
san obair sin, ámh, agus níor éirigh lé
lucht na cuallachta í réidhteach. Is amhlaidh
bhí ainmneacha na n-áiteanna sgríobhtha i
nGaedhilge ins na sean-scríbhnibh agus ins
na sean-chunntais a bhí aca agus ní rabhadar
i n-ann an litriughadh a bhí ortha-so do
thuigsint, agus ní mó nár éirigh leo iad
d'aithsgríobhadh. Ní raibh Gaedhilge ag
lucht na cuallachta do ghnáth, agus nuair
a chloisfidís na h-ainmneacha céadhna 'á
labhairt ag na daoine níor thuigeadar iad.
B'éigean dóibh annsin a iarraidh ar sgoláire
dárbh' ainm Éamonn Ó Raghallaigh a gcuid
cheisteanna do réidhteach dhóibh. Ach nuair
a cailleadh an fear sin seal geárr 'na
dhiaidh sin, is amhlaidh ní raibh fear eile
a oirfeadh dóibh leis an obair sin do
dhéanamh acht Seaghán Ó Donnabháin.
Glaodhadh air agus d'aontuigh sé. Is
maith mar thárla gur aontuigh mar bhus
léir ag ceann tamaill. Dob éigean dó,
tar éis tosuighthe ar an obair sin, a raibh
de sean-leabhraibh agus de sean-sgríbhnibh
do sgrúdughadh go cruinn ionnus go
bhféadfadh sé a chur i n-úil don chuallacht
adubhras 'chuile bhlúire éolais a oirfeadh
dóibh san obair a bhí rómpa. Ní raibh ach
nua-Ghaedhilge aige nuair a thosuigh sé ach
níorbh fhada go raibh eolas aige ar an tsean-
Ghaedhilge ó bheith ag gabháil dí ins na sean-
scríbhnibh a bhíodh á sgrudughadh aige. Lean
sé den obair sin gan stad gan staonadh,
ag léigheamh agus ag aith-léigheadh, ag
sgríobhadh, ag ceartughadh agus ag fromhadh.
Agus ní h-é amháin gur chaith sé a aimsear
ag gabháil dona sean-sgríbhnibh mar a raibh
an t-eolas oireamhnach le faghbháil, ach mar
aon leis sin ba ghnáth leis cuairteanna
fada do thabhairt ar fuid na tíre i dtráth
agus i n-antráth ionnus go bhféadfadh sé na
h-áiteanna a raibh ceist ortha agus na
daoine féin d'fheiceáil uaidh féin i gcaoi
gur cruinnede agus gur fearrde a
soláthróchfaidhe an t-eolas a bhí ag teastáil
uaidh. Badh ghnáthach leis an t-eolas sin
do chur ag triall ar lucht na cuallachta i
mBaile-Átha-Cliath. Na litreacha do
chuireadh sé chuca le n-a linn sin atá siad
le feiceáil fós agus ní bréag a rádh gurab
ar éigin atá a leithéidí le faghbháil i n-áit
ar bith eile, chomh líonmhar cruinn agus chomh
lán sin de gach saghas eolais fhoghanta
atáid. Is ionnta atá an cunntas
is cruinne d'á bhfuil le faghbháil ar an ndul
a bhí ar an tír, ar nósaibh agus ar aigne
na ndaoine sar ar tháinig aimsear an
ghanntanais mhóir ortha. Muna mbéadh
na litreacha seo is deimhin go mbéadh
mór-chuid de shean-ainmneacha áiteann na
h-Éireann ar easbaidh orainn indiu. Anois
tá an bhrígh atá ionnta ar eolas againn.
Nach mór a oirfeadh litreacha de shaghas
litreacha an Dhonnabhánaigh don fhear
a bhéadh ag brath ar stair chruinn na
ndaoine a sholáthar! An fhaid a bhíodh sé
ag gabháil don obair sin ba ghnáthach leis
aistí do sgríobhadh 'na chuireadh sé síos
ar neithibh a raibh spéis ag na daoine ionnta.
Aistí a bhain le seanchas agus sean-
bhéasaibh na tíre an t-úrmhór díobh, agus
b'fhuras a aithint ortha gur fear eolasach
cliste 'na leithéid sin d'eolas a sgríobh iad.
Cuirtí i gcló iad i n-irisleabhar ar a
dtugtaoi i mBéarla an “Dublin Penny
Journal” an uair sin. 'Sa bhliadhain 1833
scríobh sé aiste ar “Shanas Chormaic”: b'é
sin an t-aiste deireannach d'ár scríobh
sé san irisleabhar úd. Sé brígh atá leis
an méid sin thuas go gcuireann sé i n-úil
dúinn a dhéine agus a dhúthrachtaighe bhí sé
ag obair. Ach bhí a fhios aige cadé an
mhaith a bhí ann. Bhí a fhios aige go raibh
ana-ghábhadh le n-a leithéid sin d'obair
an uair sin chun aigne na ndaoine do
mhealladh ionnus gur móide an spéis


L. 50


agus an tsuim a cuirfidhe i neithibh a
bhain le seanchas agus ársaidhtheóireacht
a dtíre.



Sa bhliadhain 1841 cuireadh cumann
spesiálta ar bun ar a dtugtar “Cumann
na h-Ársaidhtheóireachta” (nó “Archæo-
logical Society” i mBéarla). Sé rud a
chuir an cumann sin rómpa, sean-scríbhne
na h-Éireann do chur i n-eagar agus i gcló
don chéad uair ionnus go mbéadh uain ag
muinntir na h-Éireann a léigheamh agus
a dtuigsint. Is amhlaidh bhí na láimh-
sgríbhne sin mar a raibh liteardhacht na
Gaedhilge sgríobhtha curtha i leath-taobh
i dtreo nach raibh a fhios ag urmhór na
ndaoine a leithéidí do bheith ann cor ar
bith, gan trácht ar an mbrígh ná ar an
eolas agus léigheann a bhí ionnta. Ach
nuair a cuireadh an cumann réamhráidhte
ar bun, i ndiaidh a chéile cuireadh mór-chuid
de'n tsean-liteardhacht i n-eagar agus
i gcló. Nídh nárbh iongnadh, bé Seaghán
Ó Donnabháin a rinne an chuid ba mhó de'n
deagh-obair sin. An chéad leabhar a cuireadh
amach leis an gcumann úd b'eisean a
chuir i n-eagar é. Dán dob eadh é a
sgríobhadh le file áirighthe dárbh ainm
Cormacon timcheall na bliadhna 943.
Áird-fhile a bhí ag Muirceartach Mac
Néill, rí dá raibh ar Aileach uair, dob eadh
an Cormacan úd, agus is amhlaidh rinne
Muirceartach cuaird ríoghdha timcheall na
h-Éireann agus bhí an file seo i n-éinfheacht
leis. Do scríobh sé an dán an bhliadhain
'na dhiaidh sin, agus tá cur síos ann ar
gach ar thuit amach faoi an gcuaird dhóibh.
“Cormacon Ecces Mac Maoilbrighde an
t-áird-fhile cecenit” an teideal atá air,
agus fuair an Donnabháineach an dán sin i
láimh-sgríbhinn an “Leabhair Ghabhála.” Seal
géarr 'na dhiaidh sin do chuir sé “Fleadh
Dúin na n-Gedh” agus “Cath Muighe Rath”
i n-eagar. An Ghaedhilge atá ionnta seo
is ar éigin is féidir í sárughadh, mar
sgríobhadh í sar ar tháinig rian an Bhéarla
isteach uirthi, agus mar aon leis sin
atá an cunntas is fearr d'á bhfuil le
faghbháil ar nósaíbh agus ar smuaintíbh
na ndaoine sar ar tháinig an Ghalldacht
'na measg le faghbháil ionnta seo. Muna
mbéadh leabhair agus saothar d'á shórt
sin ní fhéadfaidhe stair do scríobhadh a
bhéadh ealadhantach cruinn agus thar locht.
Cuir i gcás Tomás Ó Mórdha. Bhí stáir
na h-Éireann beagnach críochnuighthe aige
nuair a cuireadh i n-úil dó don chéad uair
go raibh sean-sgríbhne le faghbháil mar a
raibh maoin mhór eolais agus liteardhachta
i bhfolach. Is ar éigin cuireadh d'fhiachaibh
air críoch do chur leis an obair ar a raibh
tosuighthe aige, agus bhí rian an aineolais
le feiceáil uirthi nuair a bhí sí críochnuighthe.
Is dócha go bhfuil a fhios ag chuile dhuine
ar cad dubhairt sé nuair a chonnaic sé
cuid mhór do na sgríbhnibh úd i dtigh Eoghain
Uí Chómhraidhe: “Is ar éigin do sgríobhadh
iad sin le h-amadánaibh agus lucht gan
chiall,” ars' eisean. Ní mó nár sgríobhadh.



Bliadhain 'na dhiaidh sin do chuir an
Donnabháineach láimh-sgríbhinn eile i n-eagar
as “Leabhar Leacain” maille le
h-aistriughadh agus gach saghas nótaí.
“Tuarasgbháil Ua Máine” an teideal
atá ar an leabhar so. Ní fios an í an
bhun-sgríbhinn de Leabhar Leacain a bhí aige
annseo nó arbh' aithsgríbhinn í, acht is
deimhin, cibé sgéal é, go bhfuil sí ar an
sgríbhinn is greannmhaire agus is deacra
d'á bhfuil san Leabhar Leacain ó thús go
deireadh. Mar badh ghnáthach cuireadh
léar-sgáil amach leis an leabhar agus fós
clár geinealaigh Ua Máine “ón sinnsear
gus an sóisear.” An bhliadhain chéadhna
cuir sé “Geinealach Ua Bhfiachrach”
i n-eagar as láimh-sgríbhinn Dhubhaltaigh
Mhic Fhirbisigh agus a sliocht de sgríbhinn
Ghiolla Íosa Mhic Fhirbisigh. Ní fuláir
dúinn a admháil i dtaoibh an tsaothair
dheireannaigh seo nár cuireadh leabhar
i n-eagar leis an Donnabháineach is mó


L. 51


chuireas i n-úil dúinn an t-uathbhás eolais
a bhí aige ar gach uile cheist a bhain le
seanchas na h-Éireann agus le géagaibh
geinealaigh na dtreabh ba mhó cáil agus
réim dá raibh innti ná an leabhar seo.
Is féidir le lucht eolais an lae indiu
locht d'fhaghbháil ar an tsaothar sin, acht
is cinnte nach raibh aon bhreith ar an bhfear
a sholáthruigh é le n-a linn féin. Mar
is léir, bhí neart oibre tairbhighe déanta
aige chuige seo acht is amhlaidh is treise
agus is dúthrachtaighe bhí sé ag gabháil dí
fós. Ní thigeadh tuirse ar a láimh ná
measgán-mearaidhe ar a aigne an fhaid a
bhí sé ag obair mar sin mar mhaithe le
muinntir na h-Éireann. Is amhlaidh atá
an chuid is mó cáil d'á shaothar gan trácht
uirthi fós.



An fhaid a bhí sé ag gabháil do na sean-
sgríbhnibh bhíodh taithighe 'á déanamh aige ar
an tsean-Ghaedhilge nó go raibh greim
daingean aige uirthi. B'é toradh na
taithighe sin gur chuir sé “Ghráiméar na
Gaedhilge” amach 'sa bhliadhain 1845. San
ngráiméar seo tá an nua-Ghaedhilge ar n-a
chur i gcomparáid leis an tsean-Ghaedhilge
agus taisbéantar go soiléir an deifrigh-
eacht agus an cómhghas atá eatorra. Bhí
iarracht ann ar stair na teangan do
sgríobhadh. Cuireadh síos ar an athrughadh
a bhí tagaithe ar an tsean-Ghaedhilge agus
an chaoi 'nar cruthuigheadh an nua-Ghaedhilge
aisti. Iarracht a bhí ann, mar adubhart, ach
b'í an chéad iarracht í, agus má gheibhtear
locht innti indiu cuimhnighmís nach raibh an
chaoi chéadna ag an ughdar agus atá againne
indiu. Cuimhnighmís nach raibh an árd-
sgoláireacht buailte leis mar atá sí
buailte linne. Nárbh'é an t-ughdar féin
an duine is mó faoi deara í? Muna
mbéadh déanta de saothar aige acht an
méid sin amháin táim ceapaithe go mbéadh
a ainm faoi chlú agus cáil mar gheall air.
Badh mhór an t-éileamh a bhí ar an ngráiméar
sin ag na scoláirí a tháinig ó shoin. Bhain-
eadar eolas a leasa as, agus tá an t-eolas
céadna le bainnt as fós.



Do chuir lucht an chumainn réamhráidhte
rómpa cnuasacht do dhéanamh de na láimh-
sgríbhnibh dob fhearr d'á raibh le faghbháil
ionnus go gcuirfidís i n-eagar don
phobal iad ar fhaitchíos go gcaillfidhe iad.
“Miscellany” a tugtar ar an gcnuasacht
sin i mBéarla anois. Tá dán san gcnuas-
acht sin ar n-a chur i n-eagar leis an
Donnabháineach, agus tá sé ar n-a thabhairt
as Leabhar Buidhe Leacain. Dán a cumadh
le Colm Cille é. Deirtear gur sgríobh
Colm Cille é ionnus go gcuirfeadh sé
ruaig ar gach a raibh d'iarsma geintlidh-
eachta san tír le n-a linn féin. Deirtear
fós gur sgríobh sé é tar éis na breithe
úd a tugadh air le Árd Rí na h-Éireann
mar gheall ar an mac-leabhar a bhí aith-
sgríobhtha aige as Leabhar Fhionntain
Naomhtha. Tá cur síos ar an gceist sin
i mbeatha Chuilm, mar leanas:— “Rachad-
sa i g-ceann mo bhráithreach, edhon, Cinel
Conaill agus Eoghain, agus do bhéar cath
duitse <don Árd-Rí> a n-eruic na droch
breithe rugais orm fá cheann an leabhair
agus a ndioghuil mic rígh Chonnacht do
marbhadh ar do choimirce.” D'éaluigh an
naomh leis 'na dhiaidh sin amach a bruidhin
an áird-rí agus thug sé na sléibhte garbha
air féin agus is annsin do chum sé an dán.
“M'aonar domh 'san sliabh” an teideal
atá air. Sholáthruigh an Donnabháineach
aistriughadh bríoghmhar ar an ndán agus
scríobh 'sé neart nótaí ag míniughadh ceist-
eanna áirighthe do bhain leis. Do chuir sé
aistí eile i n-eagar san “Miscellany”
ach níl uain againn cur síos ortha annseo.



Níorbh fhada 'na dhiaidh sin gur thosaigh
sé ar “Leabhar na gCeart” do chur i
n-eagar. Fuair sé adhbhar an leabhair
sin, cuid de i Leabhar Leacain agus cuid
eile i Leabhar Baile-an-Mhúta. D'aithsgríobh
a bhuan-chara Eoghan Ó Cómhraidhe an chuid
ba mhó de'n tsean-sgríbhinn dó agus do


L. 52


chuir sé féin i n-eagar don phobal
é. “Geasa agus buadha Ríogh Éireann”
an teideal atá ar an leabhar agus déantar
cur síos ann go cruinn ar an gceart ba
dhual do gach rí in Éirinn; cuir i gcás,
“Dligheadh Righ Chaisil,” “Dligheadh Righ
Chruachain,” agus rl. I ndeireadh an leabhair
chéadna atá aiste darbh ainm “Beannacht
Phádruig agus ceart Riogh Éireann a
d-Teamhraigh.” Is tairbheach foghanta an
saothar é seo mar atá cunntas thar-bhárr
ann ar staid na tíre san aonmhadh aois
déag. Do chuir sé aistí i n-eagar ar
foráileamh an “Chumainn Cheiltigh” nó
“Celtic Society” i mBéarla, mar atá
“Geinealach Chorca Laidhe,” “Dán ar Cath
Dúin” ar n-a sgríobhadh le file dárbh ainm
Giolla Bhrighde Mac Connmidhe.



'Sa bhliadhain 1861 thosuigh an Donna-
bháineach ar dánta a sgríobhadh le Seaghán
Mór Ó Dubhagáin agus Giolla na Naomh
Ó Huidhrin do chur i n-eagar. Bhí na
dánta sin sgríobhtha san “dán díreach,”
agus bhí cur síos ionnta ar áiteannaibh
agus ar treabhaibh na h-Éireann le linn na
ceathramhadh aoise déag. Do réir na sean-
leabhar is léir gur “saoi seanchaidh eisidhe
agus ollamh Ua Máine” an Dubhagáineach
úd. Is amhlaidh chuaidh sé ar fuid na tíre
chun ainmneacha áiteann na h-Éireann do
sgríobhadh síos agus is uime sin cumadh
an dán leis “chun tuille feasa ar Éirinn
Óigh” mar do sgríobh an file eile Giolla
na Naomh Ó Huidhrin. Sé tosach an dáin
sin “Triallam timcheall na Fódla.”
'Sa bhliadhain chéadna d' aistrigh sé
“Féilire Dúin na nGall” a sgríobhadh san
seachtmhadh aois déag le Micheál Ó Cléirigh,
an bráthair ha mhó cáil ar an g-Ceathrar
Maighistir. Níor cuireadh an saothar sin
i gcló go dtí 1864 — sé sin tar éis bás
d'fhaghbháil don Donnabháineach.



Is náireach an sgéal é go raibh Seaghán
Ó Donnabháin beo bocht an uair sin tar éis
a raibh déanta aige mar mhaithe le liteardhacht
na Gaedhilge. Mar gheall air sin bhí sé
ceaptha aige imtheacht thar sáile ionnus
go bhféadfadh sé slighe bheathadh do tharraingt
chuige. Ní mar sin do thuit amach, ámh.
Le n-a linn sin go díreach cuireadh cumann
áirighthe ar bun chun sean-dlighthe na
h-Éireann do chur i n-eagar ó na láimh-
sgríbhnibh 'na rabhadar sgríobhtha. Thosuigh
Seaghán Ó Donnabháin agus a chara Eoghan
Ó Cómhraidhe ar an obair mhóir sin sa
bhliadhain 1853. Do leanadar de'n obair
go dúthrachtach dícheallach ag cuardughadh
na sgríbhne dob fhearr chuici ní amháin
i n-Éirinn acht ins na leabharlannaibh
móra i Lonndain agus i n-Ath-an-Daimh.
Ní raibh curtha i n-eagar aca ach cuid
bheag de na dlighthibh úd nuair cailleadh
an bheirt aca. Tá an chuid sin le faghbháil
i seacht n-imleabhraibh anois. Ní miste a rádh
gurab ana-mhór an bhreis an méid sin féin
do liteardhacht na Gaedhilge, cé gur cruaidh
neamh-choitceanntach an Ghaedhilge atá le
faghbháil ann. An fhaid a bhí an obair sin
ar siubhal, fuair an Donnabháineach blúirí
d' Annálaibh na h-Éireann a h-aithsgríobhadh
'sa bhliadhain 1643 le Dubhaltach Mac
Firbisigh le h-aghaidh ughdair an leabhar úd
ar a dtugtar “Cambrensis Eversus.”
Tá cur síos ionnta ar stair na h-Éireann
ó 573 go dtí 913, agus tá cunntas cruinn
ann ar cad a bhí ar siubhal i rith na h-aimsire
sin ní amháin i n-Éirinn acht fós i Sasana
agus i mBreatain. Cuireadh na blúirí
sin i n-eagar maille le h-aistriughadh leis
an Donnabháineach. Is le n-a linn sin
freisin do sholáthruigh sé an t-aguisín
d'fhoclóir an Raghallaigh. Ba mhaith chuige
sin é, mar is ar éigin bhí focal i nGaedhilge
nach raibh ar eolas aige mar bhí sé i ngach
ceanntar i n-Éirinn nach mór ar na cuair-
teanna do luadhas ó chianaibh, agus bhí
Gaedhilge gach ceanntair aca de ghlan
mheabhair aige dá bhárr.



Ach bhí an Donnabháineach ag dul i n-aois
anois, agus bhí an cruadhtan agus an


L. 53


t-anró d'fhulaing sé ar feadh a shaoghail
ag goilleamhaint air go mór. An misneach
iongantach a bhí 'na chroidhe riamh roimhe sin
agus an neart a bhí 'na láimh, is amhlaidh
bhí laghdughadh ag teacht ortha anois i n-aghaidh
an lae. Bhíodh na sgoilteacha ag dul
i n-achrann ann ó bheith amuich faoi'n aer
agus faoi'n bhfuacht agus faoi'n bhfearthain
i dtráth agus i n-antráth le fad aimsire,
agus b'iad sin badh thruaig báis dó faoi
dheireadh thiar thall.



Ach ní raibh deireadh le n-a obair fós.
Ní h-í an chuid d'á shaothar a bhí gceist
againn chuige seo is mó chongbhóchas ainm
an ughdair i gcuimhne na ndaoine agus
faoi cháil ag na scoláirí thiocfas fós
a mbéidh bainnt aca le liteardhacht na
h-Éireann mar bhí sé faoi cháil ag na
scoláirí clúmhara a tháinig 'na dhiaidh féin.
Chomh fada agus béidh liteardhacht faoi
mheas in Éirinn, agus táim ceapaighthe
nach gcuirfear faoi droch-mheas arís í le
n-a beo, béidh cuimhne ar Sheaghán Ó
Donnabháin, agus a rádh gurab eisean
do chuir “Annála Ríoghachta Éireann” — nó
“Annála na gCeathrar Maighistir.” an
t-ainm is mó tugtar ortha anois — i n-eagar
maille le h-aistriughadh i mBéarla.
“Summum opus” da chuid saothair go
léir é seo. Aoinne a bhfuil an saothar
seo ar eolas aige admhóchaidh sé go réidh
gurbh uathbhás oibre é d'aon fhear amháin
gan trácht ar a raibh de saothar soláthruighthe
aige cheana. Nach mó scoláire de gach
saghas léighinn, cibé stair nó liteardhacht
nó sean-nós é, nach féidir leis dul ar
aghaidh le n-a chuid léighinn gan bainnt leis
an tsaothar úd! Mar adubhairt scoláire
nach beag a cháil agus é ag cur síos ar na
h-Annálaibh seo “chomh fada agus léighfear
Annála na g-Ceathrar Maighistir léighfear
mar aon leo an t-aistriughadh do sholáthruigh
an Donnabháineach ortha.” Ach ní mór an
meas a bhí ag an Donnabháineach ar na
h-Annálaibh úd. Ní raibh ionnta, dar
ndóigh, acht bunúdhas staire — rud nach
gcuirfeadh an léightheóir morán spéise
ann. Dubhairt an Donnabháineach féin
gurbh é b'fhada leis cuid d'á eolas féin
ar sheanchas agus sgéalta fiannaidheachta
na ndaoine do mheasgadh air. Badh nádúrtha
an fonn é sin mar bhí sé chomh léigheanta
cliste sin 'na leithéid sin d'eolas gurbh
ar éigin do chosg sé é féin gan an fhian-
naidheacht do mheasgadh ar an bhfírinne.
Ach cé go bhfuil urmhór na n-Annála 'na
chroinic ar an dtír ó chéad ghabháil na tíre,
is 'mó sgéal greannmhar agus tuairisg
chatha agus sgéal ar easbog nó scoláire nó
file atá le faghbháil 'san chuid is deire-
annaighe díobh. An Ghaedhilge atá ionnta
tá sí cruaidh, neamh-choitcheanntach, ársa
nach dtuigfidhe an chuid is mó di indiu acht
le duadh mar is amhlaidh aithsgríobhadh urmhór
na n-Annála ó sean-sgríbhnibh atá caillte
le fad aimsire, agus ní h-aon iongnadh dá
bhrígh sin go bhfuil an chainnt atá ionnta
dó-thuigsé dúinne. Ní gádh dhúinn cur
síos níos cruinne ar na h-Annálaibh féin:
is eól d'á lán iad cheana. Is amhlaidh
bhí láimh-sgríbhinn na n-Annála 'na dhá chuid;
an chéad chuid ag cur síos ar stair na
h-Éireann ó tosach an domhain go dtí 1171,
agus an dara chuid ar leanamhaint ón uair
sin go dtí 1616 nuair a críochnuigheadh iad.
Bhí an chéad chuid i n-eagar cheana ag an
Dochtúir Ó Conchubhair ach ní raibh ann acht
iarracht bhocht lag. Ní raibh an leabhar
saor ó lochtaibh, agus, rud ba measa ná
sin, bhí aistriughadh i Laidin ann. Níor
tuigeadh agus níor léigheadh an leabhar sin
le mórán daoine.



'Sa bhliadhain 1848 chuir Seaghán Ó
Donnabháin an dara chuid de na h-Annálaibh
i n-eagar maille le h-aistriughadh agus
mórán nótaí ag réidhteach ceisteanna
a bhain le dinnseanchas agus ceisteanna
nárbh iad. D'aithsgríobh sé ádhbhar na coda
sin ó láimhsgríbhinn Mhichíl Uí Chléirigh —
láimhsgríbhinn a bhí tar éis teacht ó leabhar-


L. 54


lann áirighthe i Roinn na h-Eórpa seal
geárr roimhe sin (sa bhliadhain 1832) agus
do cheannuigh an Peitrígheach í le h-aghaidh
an Acadaimh ar fhaitchíos go gcaillfidhe í.
Cuireadh an dara chuid amach leis sa
bhliadhain 1851. Ní raibh aige mar ádhbhar na
coda seo acht a raibh curtha i n-eagar cheana
leis an Dochtúir Ó Conchubhair, ach bhí dhá
sgríbhinn eile ar eolas aige agus tar éis
iad go léir do chur i gcomparáid a chéile,
bhí sé sáthach cinnte gur aithsgríobhadh iad
seo ó bhun-sgríbhinn Mhichíl Uí Chléirigh agus
d'á bhrígh sin bhí sé i n-ann a lán de lochtaibh
agus de dhearmadaibh do cheartughadh innti.
Bhí cur síos féin i gceann aca 'á rádh gur
aithsgríobhadh í le duine áirighthe dárbh ainm
Seaghán Ó Fearghusa ó sgríbhinn Mhichíl Uí
Chléirigh. Mar badh ghnáthach leis an
Donnabháineach sgríobh sé mórán aistí ar
dhinnseanchas na n-áiteann agus ar ghéagaibh
geinealaigh na ndaoine a raibh trácht ortha
ins na h-Annálaibh. Is ar éigin atá rath
ná tulach na sean-fhothrach ar fuid na tíre
nach bhfuil i gceist ann. Thug Eoghan Ó
Cómhraidhe congnamh dó ag soláthar an
tsaothair sin agus is uiriste rian a léighinn
agus a éirime aigne d' aithint ann. Ach
ná meastar ó n-a bhfuil ráidhte agam go
bhfuil an saothar seo saor ó lochtaibh. Níl,
agus ba mhó d'iongnadh é dá mbéadh: is
mór an t-iongnadh go bhfuil sé chomh saor
uatha agus atá sé, agus a laighead eolais
a bhí aca an uair sin ar na ceisteanna
thar áireamh atá go soléir so-thuigseach
indiu de thoradh na sgoláireachta. Ná
meastar go raibh an congnamh céadna le
faghbháil aca an uair sin agus atá anois:
ní raibh adhbhar conganta aca: b'éigean
dóibh é sholáthar ar dtúis.



Ag sin suim de shaothar Sheagháin Uí
Dhonnabháin. Uathbhás oibre, adéarfar.
Seadh, agus níor staon sé don obair nó
go bhfuair sé bás 'sa bhliadhain 1861. Nach
raibh sé ar a chumas-san seachas a dtáinig
de scoláirí clúmhara na focla céadna
adubhairt an sean-fhile págánta agus é
ag maoidheamh a shaothair féin, a rádh i dtaobh
an tsaothair a bhí soláthruighthe aige féin
Exegi monumentum aere perennius.
Bhí sé buailte isteach 'na aigne go raibh i
liteardhacht na h-Éireann mar bhéadh glór
agus guth binn a shinnsear agus é ag tabhairt
teagaisg uaidh — teagasg a stiúróchadh an
lucht a bhí le teacht. Teachtaireacht ón
aimsir i n-allód a bhí innti agus ba mhór
uasal an teachtaireacht í, dar leis an
Donnabháineach. Bhí sé ceapaithe aige an
teachtaireacht sin do chraobhsgaoileadh ó
cheann ceann na tíre do na daoine ar
seóladh chuca í, ionnus gur fearrde thuig-
fidís-sean an ceangal a bhí eatorra féin
agus a sinnsear agus go gcóimhlíonfaidís
an teagasg úd a cuireadh i n-úil dóibh
innti. Agus bhí sé buailte isteach 'na
aigne leis go raibh sé i ndán dó féin an
craobhsgaoileadh sin do dhéanamh. Seóladh
chugainn é an uair is mó bhí gábhadh leis,
nuair a bhí an Galldachas 'gár sughadh agus
'gár mealladh ón mbóthar díreach agus ag
déanamh díoghbhála agus toirmisg 'nár
measg. Thug seisean an díoghbháil agus
an toirmeasg sin faoi ndeara. Thug sé
faoi ndeara, leis, an galar intinne a bhí
figthe fuaighte leo, agus, ar nós an fhir
leighis thuigsionaigh, thosuigh sé ar an ngalar
sin do leigheas. Badh deacair an obair
í an uair sin, mar badh ro-bheag an tsuim
a cuirtí innti muna mbéadh le buidhin bhig
de sgoláirí a bhí ar aon intinn leis féin
'sa cheist sin. Ní h-é amháin gur thosuigh
sé ar an obair, ach b'éigean dó adhbhar na
h-oibre do sholáthar ar dtúis. Ní raibh
an sgoláireacht ann an uair sin: ní raibh
na sgoláirí is mó cáil anois ag obair an
uair sin. Ní raibh aon chongnamh le faghbháil:
bh'éigean dó tosughadh uaidh féin. B'éigean
dó muinntir na h-Éireann do mhusgailt
ón dtoirchim chodlata 'na rabhadar sínte
agus a chur i n-úil dóibh go raibh liteardhacht
aca badh chúis mhórála agus ríméid dhóibh.


L. 55


Agus ní miste a rádh gur éirigh leis go
breagh. Dar ndóigh, níl a chuid shaothair
gan locht, acht is beag rud atá gan locht.
Agus ní raibh duine is mó a thuig nach raibh
sé gan locht ná an Donnabháineach féin
mar bhus léir ón méid leanas. Ag seo
cad dubhairt sé féin agus é ag cur críche
ar Gheinealach Ua Bhfiachrach — do
críochnughadh an obair-si iar mór saothar
agus dúthracht… agus má gheibheann
an léightheoir ní inbhéime innte creideadh
sé gur thar díthcheall an fhir friotail do
chuaidh, agus cuimhnigheadh lucht a h-inchreachta
nach bhfuil obair dhaonnda fá'n ngréin
saor ó lochtaibh, agus gur minic do
h-inchreachadh deagh-shaothar go h-eagcórach
tre fhormad agus mhiosgais n-easccarad
agus fós tre a n-aineolas.” Seadh,
cuimhnigheadh mac-léighinn an lae indiu a
bhfuil fonn casaoide air gurbh é Seaghán
Ó Donnabháin is mó a réidhtigh an tslighe
chruaidh cham chun teangan agus liteardhacht
na Gaedhilge do chur ar bhealach a leasa
agus a n-onóruighthe imeasg na sgoláirí a
bhfuil bainnt aca le comh-ghaol teangan
agus atá ag admháil anois nach bhfuil
liteardhacht chomh breagh chomh tábhachtach lei
le faghbháil ag aon tír eile san domhan
mór.



Badh bheag shuarach a bhfuair an
Donnabháineach de thuarastal ná de
chúiteamh saoghalta le n-a ré mar gheall ar a
raibh déanta aige ar feadh a shaoghail a bhí
mar mhaithe le liteardhacht na Gaedhilge.
Níor cuireadh an tsuim chéadna innti an
uair sin agus atá 'á cur innti indiu. Acht
táim ceapaithe nárbh é an tuarastal ná an
cúiteamh saoghalta is mó a bhí ag teastáil
uaidh. Ní h-iadsan a bhí 'á ghríosadh chun
na h-oibre tairbhighe do rinne sé. Tá
nochtuighthe agam cheana cad a bhí 'á
ghríosadh. Rinne sé an obair sin go
fonnmhar fialmhar. Is cinnte go mbéidh
a ainm faoi chlú agus cáil choidhche ní amháin
annseo acht i dtíorthaibh eile mar a bhfuil
a shaothar mar bhéadh solus lonnmhar ag
stiúrughadh sgoláirí dúthrachtach eile atá
ag leanamhaint de'n obair ar thosuigh
seisean uirthi. Agus muna raibh déanta
aige ach amháin an tslighe cheart do thais-
beánadh dhóibh, ní bhéadh a chuid shaothar
gan tairbhe. Badh chóir go mbéadh
muinntir na h-Éireann go h-áirighthe
buidheach de mar gheall ar a ndeárna sé
ar a son. Ach cadé an buidheachas is
mó a bhéadh oireamhnach agus is mó thaith-
neóchadh leis dá mbéadh sé thuas againn
fós? Táim ceaptha gurab é rud is mó
thaithneóchadh leis agus is mó chúiteóchadh é,
ná taithighe do dhéanamh air i gceist shaoth-
ruighthe liteardhachta na h-Éireann. Is
eól d'á lán go bhfuil cuid ana-mhór de'n
liteardhacht sin i bhfolach fós ins na
láimh-sgríbhnibh atá sgaipthe annseo agus
annsúd i leabharlannaibh ar fuid na
h-Éireann agus taobh amuigh di. Nár mhór
de sgéal é dá gcuirfidhe nó dá ndean-
faidhe iarracht ar an liteardhacht sin do chur
i n-eagar agus i gcló don tsaoghal láimhe!
Nach mór thar bhárr an tairbhe bhéadh innti.
Rinneadh mórán oibre le sgoláirí nach
beag cáil ach, tá a n-urmhór san imthighthe
anois, agus an méid aca atá 'nár measg
fós, faraoir go gcaithfidh siad-san imtheacht
uair éigin freisin. Cé léanfas de'n
obair annsin? Ag seo an múineadh is
léir ón machtnamh ar fad — gur cheart nach
leigfidhe do sgoláirí na Frainnce agus na
Gearmáine agus do sgoláirí an Oileáin
Úir féin — mar tá siad-san óg obair go
dícheallach le deireannas — buaidh agus
bárr d'fhaghbháil orainne 'nár nGaedhealaibh
san meas atá aca ar shean liteardhacht na
Gaedhilge, agus a dhúthrachtaighe atáid ag
gabháil di agus á “tabhairt chun soluis”
agus 'á craobhsgaoileadh le léigheann agus
le sgoláireacht. Nach ceart agus nach
mithid go gcuirfidhe ar chumas buidhne
sgoláirí Gaedhealach iad féin do chur
i dtreo i gcomhair na h-oibre is mó a


L. 56


bhfuil bainnt aici leo féin? Nach mithid
go dtabharfaidhe dhóibh an múineadh a bhéadh
riachtanach oireamhnach dóibh, agus iad do chur
amach faoi an domhan d'aon ghnó agus d'aon
turas go ndéanfaidís a bhfuil de litear-
dhacht bhaineas le n-a dtír féin do chnuasach
agus do chur i n-eagar do chách? Tá roinnt
mhaith oibre 'á déanamh cheana, ach níl innti
acht fíor-bheagán i bhfarradh a bhfuil gan
déanamh fós. Nach mithid go dtabharfaidhe
an chaoi chéadna chuige sin do sgoláirí a
bhéadh tugtha don obair i n-Éirinn agus
atá 'á tabhairt do sgoláirí (sgoláirí
Eabhraidhe cuid acaib!) i n-Oll-sgoil
Illinois? Admhuighim go bhfuil dócamhlacht
ann, ach níl sí chomh mór sin nach féidir
neimh-nídh do dhéanamh di. Deirtear gurab
uirisde le neamh-fhonn leath-sgéal d'fhagh-
bháil. Ná bíodh an sean leath-sgéal le clois-
teáil níos fuide: déantar an gníomh sul
má bhéidh sé ró-dheireannach, agus ná bíodh
a chathughadh orainn amach annseo. Má
déanfar é, béidh an cúiteamh is fearr agus
is oireamhnaighe tugtha do Sheaghán Ó
Donnabháin, agus ní gan tairbhe fíor-bhuan
a bhéadh a shaothar.



“CAOILTE.”



“Is fada ag feitheamh Gaoidhil bhoicht
Re críochnughadh gacha tarngaireacht,
'S is gairrid feasta an mhoill go mbéidh
Gach nidh ar a dtoil féin;
Gach allmhurach coimhightheach
Tá 'na shuidhe i mbroghaibh Banba
Béidh scaipeadh orra timcheall
Is díbirt i gcéin.”



— EOGHAN RUADH Ó SÚILLEABHÁIN cct.


L. 70


BACACH ACH FÍOR-GHAEDHEAL.



SGÉILÍN beag dhaoibh a cháirde ar an
t-sean-aimsir. B'fhéidir go mbéadh sé
feileamhnach do'n aimsir atá ann anois.



'98 a bhí ann. Bhí bothán beag ar thaobh
an t-sléibhe agus bí bachach bocht 'na shuidhe
cois teineadh ann. Is amhlaidh a bhí sé ag
machtnamh ar an mbuaidh dhéidheanaigh a
fuair na méirligh ar an seana-namhaid, is
ag guidhe chun Dé uain a thabhairt dó a
chion féin a dhéanamh ar son na h-Éireann.
Maidin agus oidhche ba ghnáthach leis an
urnuighe seo d'árdughadh chun Dé. Do throid
a shinnsear roimhe ar son na h-Éireann,
agus anois i dteannta len' athair bhí a
dhriothár “amuigh” leis na h-Ógláigh,
agus nár chruaidh an rud é ar dhuine mheidh-
reach, sprideamhail, árd-fhuilteach, mar
eisean fanmhaint sa mbaile i n-am na troda!
Ag machtnamh mar sin dó — Do léim sé de
phreib. “Mo chreach, cadh é sin?” ar
seisean, agus scannradh 'n-a shúilibh. Pléasc
urchair a caitheadh thíos sa ngleann! Do
chuir sé cluas air féin, agus d'airigh sé
go raibh duine éigin chuige. Níorbh fhada
gur buaileadh cnag ar an doras.



“Cé tá annsin?” ars' an buachaill.



“Peadar Ó Brian,” a tháinig mar
fhreagra. D'oscladh an doras ar an toirt
agus isteach le Peadar de léim agus
séideán ann. Bhí Peadar n-a thaoiseach
ar na Méirleachaibh — fear breágh, bríoghmhar,
calma cumhachtach, deagh-chórach, deagh-
mhaiseach ab eadh é.



“I n-ainm Dé, a Bhriain,” ar seisean,
“taisbeáin dom áit éigean chun dul i
bfolach ann. Do chaill mé na buachaillí
eile sa ngleann agus tá na saighdiúirí ar
mo thóir!”



“Ná bíodh aon fhaithcíos ort, a Pheadair,”
arsa Brian, go croidheamhail solásach.
“Ní baoghal duit fám' dhíon-sa, geallaim
duit.”



“Tá fíor-ionntaoibh agam asat, a
Bhriain, ach níorbh mhian liom an mí-ádh a
tharraingt ort.”



“Is agam-sa atá fhios sin,” ars an
fear eile, “ac ba bheag liom mo bheatha le
cuidiughadh le mo thír. Tig leis na
buachaillibh déanamh do m'uireasbaidh-sa,
ach ní féidir leó dul ar aghaidh gan
tusa bheith ann le n-a stúirú. Anois
déan rud orm agus beidh tú ar láimh
shabhála. Nach cuimhin leat, a Pheadair, an
t-sean-aimsear agus sinne ag dul ar
scoil, nach rabhamhar ana-chosamhail le n-a
chéile? Raghaidh an cosamhlacht san i
dtairbhe dhúinn anois.”



Le na linn sin bhí siosúr is rásúr n-a
láimh aige, agus sar ar fhéad an taoiseach
focal a rádh bhí sé na shuidhe ar chathaoir,
agus a fheasóg 'ghá bearradh de ag an
mbachach. “Tá sé sin níos fearr anois,”
arsa Brian agus é ag scrúdúghadh na
h-oibre a bhí déanta aige.



“Anois bain díot an chúlaith sin agus
deanfaidh mé malairt éadaigh leat.”
Do dhein Peadar fé mar do hórduigheadh
dó.



“Anois, a Pheadair,” arsa Brian leis,
“cuimhnigh gur tusa Brian Ó Ruairc
agus gur mise Peadar Ó Briain. A
bhfeiceann tú an doras iadta annsin?”
ar seisean, agus é ag taisbeáint dó
doras taobh thiar de'n chistín. “Anois,
nuair a thiocfaidh na saighdíuirí, tabhair
aghaidh ar an bportach. Taobh amuigh de'n


L. 71


chlaidhe árd cídhfidh thú cruach mhóna. Tarraing
amach cúpla fód as an dtaobh thall dí, agus
geobhair tú féin a tharraingt isteach innte,
mar tá sí follamh taobh istigh. Geobhaidh
tú folluighthe fe'n dthalamh ann bosca fada
'na bhfuil arm-teine, piléiri, agus biadhta.
Fan ann go tuitim na h-oidhche, agus
beidh leat.”



Thuas ins an bhfalla bhí doras le feicsint —
mar is gnáthach le tighthibh beaga mar sin —
doras an t-séomra os cionn an phárlúis,
agus b'é an chaoi a dtéighidís anáirde ann
ná suas ar dhréimire.



“Anois,” arsa Brian, “nuair a bhéidh
mé thuas san seómra i n-áirde cuidigh
liom chun an dréimire sin a tharraingt
aníos im' dhiaidh, agus coiméadfad-sa na
saighdiúirí ag bogadh go gnóthach nó go
mbeidh tú glan-imthighthe. Anois na bíodh
focal asat!”



Do dhiúltuigh Peadar mar bhí leisce air
anam Bhriain a chur i gcontabhairt. “Ná
h-eitigh mé ar mo shíor-úrnaighthe — rud a
dhéanamh ar son na seana-thíre.” Leis
sin d'imthigh an bacach i n-áirde agus deóra
le n-a leachain fhearamail.



“A fhíor-chara,” arsa Brian, “beir aníos
chughaim an corcán uisce bheirbhthe sin agus
ní baoghal dom.” Do dhein Peadar mar
dubhradh leis.



Annsin do labhair an bachach agus
criothán 'na ghuth — “Slán leat, anois, a
Pheadair, is go gcuiridh Dia ar do leas thú!
B'fhéidir na tiocfaimís i gceann a chéile
arís sa saoghal seo. Acht nach bhfuil Dia
go maith dhom agus m'athchuinghe a thabhairt
dom. Beannacht dílis Dé leat.” Leis
seo d'fhágadar slán agus beannacht le n-a
chéile go fíor-cheanamhail agus go grádha-
mhail.



Niórbh fhada 'na dhiaidh sin gur buaileadh
cnag láidir ar an doras.



“Oscail i n-ainm an Ríogh,” arsa duine
éigin de ghuth árd, garbh, aineólach!



“Déan deifir, a Pheadair, agus cuimhnigh
go bhfuil anmanna na mbuachaill uilig
ar do choimirce. Tóg an mhaide croise
seo agus go n-éirighidh an t-ádh leat.”
Do rith an fear cródha anuas, agus d'fhan
sé nó go raibh an dréimire tarraingthe
suas is an doras dúnta.



“Oscail i n-ainm an Ríogh,” a gháir an
saighdiúr arís; “oscail, nó brisfimíd
isteach oraibh é.”



Bhíodar ar dhearg-bhuile fá nach raibh an
doras 'ghá oscailt, agus thosnuigheadar 'ghá
bhuaileadh chomh trom, pléaschach san gur dhóigh
le duine go dtógfaidís de na bacánaibh é.



Leis sin do tharraing Peadar na
h-iarraidhe agus láithreach do sheas triúr
saighdiúir os comhair bhachaigh bhoicht mar 'eadh.



“Bhfuil Peadar Ó Brian, an méirleach,
i bhfolach annso?” arsa duine aca.



“Ní fhacas é,” ars an bachach go seasmhach,
seaghdha.



“Fág an bealach a mhadaidh, nó buail-
fimíd fé chois thú — cuartuigh an teach.
Cúig phúint don duine a bheireann air beó!”
Ar an mball do thosnuigheadar ag cuartú,
is iad ag treascairt gach uile shaghas
troscáin sa t-slighe rómpa. Fé dheireadh
thiar thall thángadar fé'n ndoras.



“Sin é an ait a bhfuil sé go cinnte
Téanam oraibh; ná cuiridh aon t-suim ins
an amadán de bhachach san,” ars an
seirgeant agus é ag tabhairt strach-
fhéachainte go crosta, scigeamhail air.
Níorbh fhada go raibh carnán, idir bhuird
agus chathaoireacha agus earraí eile, tógtha
aca. Do chuaidh an seirgeant i n-áirde.
Do thosuigh sé ar an t-sean-dhoras a bhuail-
eadh go dtí gur bhris sé isteach é.



Ach ambasa! Cad a thuit amach!



Díreach mar do brúghadh an doras
isteach, do chaith Brian an corcán uisce
bheirbhthe amach ar mhullach an t-seirgeaint
chalma is a luchta leanamhna. Bhíodar chomh
scannruighthe sin agus chomh mór tré na
chéile, gur thuiteadar ar an úrlár, agus
thar a bhfacais riamh isiad a bhí ar dhearg-


L. 72


bhuile! Is amhlaidh a bhíodar chomh cráidhthe
sin nár fhéadadar einní eile a dhéanamh ach
mhallachtain agus eascainighe. Thángadar
chucha féin gan mhoill, ámh, agus ní túisce san
ná rinneadar fogha eile fé'n ndoras. “Suas
leat, a Mhich Uí Dhubhda,” ars an seirgeant,
le duine eile d'á mhuinntir, “níl aon t-slighe
chosanta ag an muic sin.” Do buaileadh
bob ar an duine seo freisin, mar ní
túisce a chuir sé a aghaidh taobh istigh de'n
doras, ná fuair sé a leithéid sin de
pholltóg gur bheag nach bhfuair sé bás.



Le na linn sin bhí an Brianach glan-
imthighthe. Ba mhaith ab' fheas d'á charaid
é seo. Ba mhaith ab' fheas dó, leis, go
bhfaighfeadh na saighdiúirí an lámh — uachtar
air féin, is go gcaithfeadh sé géilleadh, nó
muna géillfeadh go gcuirfí an tigh tré
theine. D'eirigh sé as. Dá bhrígh sin, an
chéad uair eile a chuaidh an saighdiúr dá
ionnsuidhe, ní raibh aon toirmeasc eatorra,
agus do leig sé dhó greim a thógaint air.
Annsin do chuaidh an seirgeant is an
saighdiúir eile i n-áirde. “Nach bhfuil tú
fá n-ár smacht anois, a bhitheamhnaig,” ar
seisean, agus iad i ngreim géag agus
sgórnaighe air.



“Beiridh síos libh é, a fheara,” ars' an
seargaint.



Iar n-a cheangailt go dian agus go
garbh, tharraingeadar síos an dréimire
leó é, ach ní go dtí gur shroiseadar an
t-úrlár a thugadar fé ndeara nárbh'é
an Taoiseach Galánta a bhí i ngéibheann aca
ar aon chor ach bachach éigean 'na ionad.
Is annsin a bhí an seirgeant go fíochmhar.
B'fhéidir leat an ghnúis mheallta mhailíseach
nimhneach d'fheicsint air, teine-chreasa
'na shúilibh agus é ag síor-ghairm:
“An Méirleach imthighthe! An Méirleach
imthighthe!”



“Innis dom a ropaire cá bhfuil sé.”



“Ní inneósad go bráth,” arsa Brian go
calma, cródha.



“Innis dom, agus geallaim duit nach
mbéidh tú bocht go deó, no muna n-innisighidh
tú déanfamuid criathar ded' chorp.”



“Is bheag liom do shaibhreas ná do
philéirí.”



“Beiridh amach é,” ars' an seirgeant go
cuthach.



Tuitim na h-oidhche a bhí ann, agus an
bachach bocht 'ghá straoileadh amach eatorra
chun a chinneamhna. Iar n-a chosa a d'fhuas-
cailt dóibh do chuireadar 'na sheasamh le
falla an tighe é.



“Anois nó riamh, a chuirpthigh, innis
dúinn cá bhfuil an Méirleach.”



“Ní baoghal go 'neósad,” ars' an bachach
cródha go seasmhach.



“Anois, a Mhich Uí Bhannáin, chomh luath
is a bheidh an focal “trí” as mo bheul
again, cuir piléar tríd.”



“Féach! Deirim leat arís go bhfuil an
beatha i ndán duit fós, acht a innsint
dúinn cá bhfuil an Méirleach!”



Níor dhein an bachach acht leanamhaint de'n
phaidir a bhí sé ag cur suas chun Dé os
íseal maitheamhnas do thabhairt do n-a chuid
peacadh, agus solus na bhflaitheas a thabhairt
d'á anam.



“Air-aire! Aon! do!! trí!!!”



Do caitheadh an t-urchar! Do thuit an
corp 'n-a chnap ar an talamh; ní hé corp
an bhachaigh ach corp an t-saighdiúra a bhí le
n-a mharbhughadh. I sméideadh do shuile do
caitheadh dá urchar eile is bhí an seirgeant
is an tríomhadh saighdiúr 'na na gcnapaibh
ar an talamh leis. Do léim Peadar Ó
Briain thar an bhfalla isteach, agus do
thóg go grádhmhar an bacach bocht a bhí i
bhfanntais ar an talamh.



SÉAMUS Ó CLÚMHÁIN.


L. 83


“LEAN LORG NA COMHURSAN.”



SASANACH áirithe, ag cur síos ar an
mBreathnais dó 'sa seachtmhadh aois déag,
dubhairt sé go raibh sí ag fághail bháis,
agus do réir deallraimh nárbh' fhada go
mbeadh an lámh uachtair ag an mBéarla
uirthe. Is minic adubhradh an rud céadna
i dtaobh na Gaoluinne, agus is dócha go
bhfuil an tuairim chéadna ag an Sasanach
indiu féin; ach, buidheachas le Dia, cé gur
minic a bhí droch-dheallramh ar an scéal
againn, tá an lá san — lá ruagtha teangan
na h-Éireann — gan teacht go fóill. Ach
má's mian linn é do choiméad gan teacht,
ní foláir dúinn troid sheasmhach a choimeád
ar siubhal, i gcoinnibh an t-sean-namhad,
is gcoinnibh an chláir oideachais atá againn,
agus fairíor, i gcoinnibh an Éireannaigh
féin, go minic.



Buidheachas le Dia, ní troid aonaránach
againn í; tá lámh chabhruighthe 'á síneadh
amach chughainn-ne ag ár gcomhursanaibh i
n-Albain agus 'sa Bhreatain. Cuireann an
smuaineamh sin “neart i n-ár lámhaibh”
le h-aghaidh na h-oibre, mar is lag-chroidheach
lag-bhríoghach a bheadh duine gan deagh-
shompla le h-aithris aige, ná gan focal
gríosuighthe aige. D'eirigh le muinntir na
Breataine, in-aimhdeoin tairngire an
t-Sasanaigh úd, an teanga dhúthchais a
choiméad beó; má leanaimíd-ne a lorg,
níl cómhacht ar thalamh an domhain a choiméad-
faidh teanga na h-Éireann fé chois. Bhí
an scéal chómh h-aindeis, nach mór, acu-san
timcheall dá chéad bliain ó shoin is a
bhí ag an nGaoluinn tráth ar bith; ach
tháinig “an t-athrughadh mór” ó shoin.
An baoghal go bhfuighidh an Gall an lámh
uachtair uirthe anois? An baoghal dí
oideachas na tíre? Go mór mhór, an
baoghal dí masla ó n-a muinntir féin?
M'anam nach baoghal. Tá an oiread san
seasaimh déanta aici anois i gcoinnibh
an Ghaill nach féidir í do ruagadh go deó.
Cuirfear san 'na luighe ar aoinne a ghabhfas
tríd an Bhreatain. Ní bheidh le cloisint
aige ó sna daoinibh, idir óg agus aosta,
íséal is uasal díobh, ach Breathnais,
Breathnais ar fad. Muinntear an
Riaghaltais féin, agus oifigigh na dtraen,
tá sí acu go flúirseach, agus ní baoghal
go gcoimeádaid istigh í. Mar sin, ní
bheidh de bhreall air, mar a bhíonn ar
dhaoinibh iasachta a thagann go h-Éirinn,
gur conndae nó roinnt de Shasana í,
mar beidh an teanga dhúthchais — an cómhartha
is léire d'á bhfuil le fághail — 'á chur i
n-úil dó gur tír fé leith í; agus sar a
mbeidh an chéad lá caithte 'sa tír aige, beidh
taithighe mhaith aige ar fhuaimeannaibh na
Breathnaise. Cad tá againn-ne le cur
i gcomórtas leis-sin? Is dócha go
dtabharfá isteach cúrsa na h-Éireann ar
fad 'sa traen, gan fiú focail amháin
Gaoluinne a chloisint 'á labhairt ag
oifigeach traenach, ná ag taistealuidhe
féin, ach amháin ag fo-sheanduine annso
is annsúd; agus is minic a leithéid-seo 'na
cheap mhagaidh ag an gcuid eile. Cuir
i gcás Sasanach nó Púncán ag taisdil na
h-Éireann, ná tagann uamhan agus alltacht


L. 84


air ag cloisint na Gaeluinne 'sa Ghaedh-
ealtacht dó, toisc gan í bheith le cloisint
aige in-aon bhall eile de'n tír.



Agus is móide an chreideamhaint atá
ag dul do mhuinntir na Breataine an méid
a bhí i gcoinnibh na teangan. Ar an gcéad
ásc, ba chóir gur mhó an rian a dh'fhágfadh an
Béarla uirthi-sin ná mar a dh'fhágfadh sé
ar an n-Gaoluinn, mar gheall ar a
athchumaireacht is atá an Bhreatain do
Shasana; ach mar sin féin, féach gur beag
má eirigh leis cor a bhaint aiste. 'Na
dhiaidh sin, tá déantúisí na tíre ag dul
i méid agus i líonmhaireacht go tapaidh;
táid na bailte cuain ag dul chun cinn d'á
réir, agus tá daoine ag teacht isteacht 'sa
tír 'na míltibh gach bliadhain, a' Sasana agus
as tíorthaibh eile nach í, chun obair d'fhághail.
De bhárr na séanmhaireachta 'sa m-baile,
is mór an bhaint — i dtráchtáil agus rudaí
eile — atá ag an mBreatain leis an domhan
mhór le tamall. Níorbh' aon iongnadh,
mar sin, dá mbadh é rud a thiocfadh
as an gcaidreamh sin ná go gcaillfeadh na
daoine a ngreim ar an mBreathnais,
ach ar a shon san, níor chaill; táid ag
leanamhaint dílis dí, i dtreó go bhfuil
sí chómh beó anois leis an bhFrainncis, nó
leis an Ghearmáinis, nó le h-aon teangain
eile, nach mór.



Is soiléire a tuigfear an méid sin ó'n
méid a leanas. 'Sa bhliain 1891, as
conndae de sna conndaethibh i dtuaisceart
na Breataine, bhí ochtar déag ar cheithre
fichid ná labhradh ach an Bhreathnais; agus
as na conndaethibh tuaisceartacha ar fad,
bhí sí ag ceithre fichid 'sa chéad, nach mór.
Ní raibh sí chomh fairsing san ar fad i ndeis-
ceart ná tíre — timcheall cúigear déag is
dathad 'sa chéad — ach níorbh é an lag-sprid
fé ndear é: is amhlaidh is annsin is mó
a bhí na daoine iasachta. D'fhágfadh san
ag an dtír ar fad timcheall beirt is trí
fichid 'sa chéad go mbíodh an Bhreathnais
'á labhairt de ghnáth acu. B'shin feabhas
mór ar an scéál a bhí le h-innsint acu
céad bliain roimhe sin, agus ag dul i
bhfeabhas atá sé ó shoin a leith chomh maith.
Mo thruagh gan a leithéid de mhaoidheamh
againn-ne! Is fada liom go mbeidh.



'Na theannta san, tá nua-litridheacht 'á
chur ar bun acu dhóibh féin. Tá flúirse
páipéar nuaidheachta agus irisleabhar 'á
chur amach 'sa teangain dúthchais acu.
Ag so an méid a bhí acu 'sa bhliadhain 1896:
dhá irisleabhar 'á chur amach uair 'sa ráithe;
dha cheann eile, 'á chur amach dhá uair 'sa
mhí, agus ocht gcinn is fiche a cuirtí amach
uair 'sa mhí. Leis sin, bhí chúig páipéir
nuaidheachta is fiche 'á chur amach uair 'sa
seachtmhain, gan trácht ar pháipéar nuaidh-
eachta a cuirtí amach i Libherpúl, áit 'na
bhfuil líon mór Breathnach, a leanann dílis
do'n teangain dúthchais, agus a chuireann
an tabhairt suas chéadna ar a gclainn
agus a cuirtear 'sa mBreatain féin.
Ní i mbailtibh iargcúlacha a cuirtí amach
iad, ach ins na bailtibh agus ins na
conndaethibh ba mhó le rádh. Na páipéirí a
cuirtí amach 'sa Bhéarla, 'siad na daoine
iasachta is mó a chuireadh amach iad; agus
ionnta san féin, do bhíodh roinnt mhaith
Bhreathnaise. Sin mar a bhí, timcheall
chúig bliadhna ar fhichid ó shoin; ní foláir
nó go bhfuil feabhas mór ar an méid sin
um an dtaca so. Cuirimís i gcomórtas
leis-sin an méid atá 'á dhéanamh ag lucht
páipéar nuaidheachta na h-Éireann ar son
na Gaoluinne, agus go deimhin ní maith a
thagaid siad as. Bhídís 'á leigint ortha
go raibh meas acu ar an nGaoluinn, an
fhaid is a bhí ádhbhar scéala i n-easnamh
ortha; ach ní túisce a thárla scéala an
chogaidh acu, nó cur síos ar aon tír eile
'san Eóraip, ná mar a chaitheadar uatha
an Ghaoluinn mar a chaithfidís sean-chóta
díobh.



Ní misde do mhuinntir na Breataine
bheith mórdhálach as an litrídheacht a thagann
chúcha ó n-a sinnsearaibh. Tá láimh-


L. 85


scríbhinní acu ó'n dara aois déag anuas;
agus ó thosach na séamhadh aoise déag,
do bhí leabhair 'á chur i gcló acu. 'Sa
bhliain 1588 deineadh an Bíobla ar fad
d'aistriú acu — sin maoidheamh ná fuil ag
“Oileán na naomh agus na saoi” go fóill.
Ó'n mbliain 1642 go dtí an bhliain 1720
do clódhbuaileadh trí chéad leabhar, nach
mór, 'sa Bhreatain; an méid a deineadh
i nÉirinn i rith na h-aimsire céadna, is
ar éigin má's fiú é áireamh. Ach 'sé rud
is mó a chuir an litridheacht ar aghaidh
leó, ó'n mbliain 1720, ná aithbheodhchaint
an chreidimh. D'á bárr san, tháinig árd-
mheas acu ar litridheacht is ar óráideacht,
agus ar gach uile saghas léighinn. Ar an
gcéad ásc, cuireadh an teanga féin ar
láimh shábhála — as Breathnais 'seadh léightí
an Bíobla dos na daoinibh, agus i gceann
tamaillín, do bhí sí mar ghnáth-theangain
acu arís. Annsin, do cuireadh daoine ag
smuaineamh ar cheisteannaibh a bhain leis
an gcreideamh, agus tosnuigheadh ar na
ceisteanna úd a phléidhe i leabhraibh. Bhí an
Bíobla mar shompla scríobhtha le h-aithris
acu, agus níor mhisde dhóibh san, mar tá
togha na Breathnaise ann. Bhí an méid
leabhar ag dul i mbreis acu in aghaidh
an lae as san amach, agus 'san am sin
'seadh tosnuigheadh ar na h-irisleabhair a
chur amach acu. Tá a thoradh san le
feiscint ortha indiu. Na leabhair a
chuirid-sin amach, go mór mhór na leabhair
i gcóir na scoileanna, beirid siad an
chraobh leó ar na leabhraibh a chuirimíd-ne
amach. Ní baoghal go ndeintear dearmhad
de stair a sinnsear i leabhránaibh na leanbh.
Bíonn scéalta breághtha agus dánta ionnta,
leis, agus pictiúirí a thaithnigheann go
mór leis an aos óg. Leabhráin mar iad
atá i n-easnamh ar aos óg na h-Éireann,
sa scoil nó 'sa mbaile; leabhráin 'na
mbeadh scéalta simplidhe i nGaoluinn,
ag cur síos ar ghníomharthaibh na sean-
Gaedheal, agus pictiúirí ionnta a chuirfeadh
in-iúil dóibh an saoghal i n-Éirinn fadó.
Dá mbéadh a leithéid acu, is gearr go
dtiocfadh grádh acu do'n Ghaoluinn agus do
stair na h-Éireann, agus ní baoghal ach
go dtabharfaidís a ndúthchas leó.



Is beag duine nár chuala trácht ar an
Eisteddfod, cómhdháil náisiúnta na
Breataine. Cruinnightear le chéile 'sa
chómhdháil seo uair 'sa bhliadhain, chun teanga
agus litridheacht agus ceól na tíre do
chur ar aghaidh. Tagann an nós chúcha ó'n
sean-aimsir, nuair a chruinnigheadh na
báird agus na h-éigse i gcómhdháil agus
i gcomórtas le chéile, mar a dheineadh na
báird ins na h-aonachaibh i n-Éirinn. Chuaidh
sé in-éag 'sa Bhreatain ar feadh tamaillín,
ach deineadh é d'aithbheodhchaint suas le
leath-chéád bliadhain ó shoin, agus deineadh
clár an Eisteddfod d'athrú heagán.
Saghas “Academy” atá innti anois, 'na
chuireann lucht léighinn na Breataine le
chéile chun an litridheacht agus gach a
mbaineann léi d'fheabhasughadh. Deinid
an teanga do chóiriughadh is d'athrughadh fé
mar a chídhtear dóibh go bhfuil gádh leis,
i dtreó go mbeidh sí oireamhnach mar ádhbhar
litridheachta. Ar an gcuma san, tá sí
bríoghmhar borb acu, agus tá sí ag dul i
líomhthacht i n-aghaidh an lae. Bíonn
comórtais ar siubhal 'san Eisteddfod leis,
comórtais cheóil agus comórtais
óráideachta. I n-éaghmuis na cómhdhála
móire seo, bíonn mór-chuid chómhdháil
de'n sórt céadna, ach gan iad a bheith
chomh tábhachtach léi, ar fuaid na tíre
i rith na bliadhna — is minic a bhíonn
deich gcinn is fiche díobh, nó dathad,
in aon chonndae amháin. Beidh tuairim
againn de'n tairbhe bheirid do'n tír ar fad
má thig linn a mheas cad é an sprid a
spreagfaoi ins na daoinibh dá mbeadh
tríochad feis, ar a luighead 'sa bhliain,
ins gach conndae in Eirinn.



Ní h-iad na daoine léigheanta amháin 'sa
Bhreatain, na daoine go raibh uain acu ar


L. 86


scoláireacht d'fhághail, a labhrann agus a
scríobhann an Bhreathnais. Tá breith ag na
daoinibh ar fad ar an teanga d'fhoghluim
agus do léigheamh 'sa “Sunday School.”
Bíonn an creideamh 'á mhúineadh ins na
rangaibh seo, mar a bhíonn an Teagasc
Críostaidhe 'á mhúineadh ins na rangaibh
tar éis Aifrinn Domhnaigh againn-ne; ach
'na theannta, gheibhid na daoine cleachtadh
ar an teanga do léigheamh is do scríobhadh
ionnta chomh maith. Tá an Sunday
School ar bun 'sa tír le breis is chéad
bliain, agus níl cur síos ar a bhfuil de
mhaitheas déanta aice 'rith na h-aimsire sin.
'Sí an aon áit amháin, taobh amuigh de n-a
líon tighe féin 'na raibh caoi ag furmhór na
ndaoine an teanga dhúthchais d'fhághail.
Ní gádh a rádh gur baineadh feidhm mhaith aisti.



Cad a bhí ar siubhal i n-Éirinn i rith na
h-aimsire chéádna? A mhalairt de scéal,
mo bhrón. Ní baoghal go bhfuair muinntear
na h-Éireann caoi ar an nGaoluinn do
choimeád beó; in' ionad san, is amhlaidh
a bhí sé 'á chur 'na luighe ortha ná raibh
innte ach clabaireacht gan ciall gan
éifeacht, ná cloisfí 'á labhairt ag aoinne
go raibh léigheann nó oideachas aige; agus
d'á thúisce a leogfí dhí dul i n-éag gurbh'
eadh do bh'fhearr. Bhí sé de mhí-ádh ortha
gur ghlac an chuid is mhó acu an chómhairle
sin; 'sé atá rómhainn-ne anois, ámhthach,
ná toradh na cómhairle sin do chur ar
neamh-nidh, agus comhairle a leasa do
thabhairt dóibh 'na h-ionad. An rud a deineadh
'sa Sunday School, agus atá 'á dhéanamh
go fóill i scoileannaibh an Riaghaltais
féin 'sa Bhreatain, d'fhéadfaimís-ne a
dhéanamh annso in Éirinn. D'aon ghnó chun
an Bhreathnais do chur ar neamhnidh agus
an Béarla a dhaingniughadh 'seadh cuireadh
scoileanna an Riaghaltais ar bun 'sa
Bhreatain, díreach mar a cuireadh na scoile-
anna náisiúnta ar bun in Éirinn; ach níor
ghéill an Breathnach do'n Ghalldachas ionnta
fé mar a dhein an Gaedheal; a' Breathnais
ar fad 'seadh tugtar an t-oideachas do
sna leanbhaibh ionnta. Má dheinimíd-ne
tosnughadh leis na daoinibh óga, na buachaillí
is na cailíní ins na scoileannaibh, agus
a bpaidreacha a thabhairt dóibh as Gaoluinn,
beidh tosnughadh maith déanta againn.
Fanfaidh na paidreacha san acu an fhaid
is beó ar an saoghal so dhóibh, agus leis
sin, is usaide a thiocfaid siad isteach ar
an Ghaoluinn do labhairt. Dá labhradh
ná h-oididhe leis na macaibh léighinn as
Gaoluinn, 'sa Ghaedhealtacht, go mór mhór,
agus an t-oideachas a thabhairt dóibh as
Gaoluinn, an oiread agus is féidir é, ní
fada go dtiocfadh meas acu airthi; mar
is amhlaidh atá an scéal acu go minic, go
bhfuil rian na daoirse ortha go fóill; tá
flúirse Gaoluinne acu, ach ní leogfadh an
náire dhóibh í labhairt.



Tá daoine ann, b'fhéidir, agus is neamh-
thairbhtheach leó bheith ag cur an iomad
suime i n-obair na leanbh; níl ann ach
cailleamhaint aimsire, dar leó. Ach 'sé
mo thuairim-se gurab iad na daoine óga
na daoine is mó le rádh 'san obair seo.
Má thagann leat an spiorad a spreagadh
ionnta-san, agus a chur 'na luighe ortha
gur cóir dóibh an Ghaoluinn d'fhoghluim
agus do labhairt, ní baoghal go gclisfid
ort. Is fuide a bheidh na daoine óga ar an
saoghal, agus is ortha-san a bheidh Éire ag
brath chun an spiorad ceart do bhuanughadh.
Is usa an t-oideachas ceart agus an sprid
ceart a thabhairt do dhuine le linn a óige
ná bheith d'iarraidh an droch-bhéas a chur ar
neamhnidh ann ar ball. Cuirfear san
i gcéill dúinn má bhreathnuighimíd ar aon
tír 'na bhfuil clár maith oideachais acu:
'siad h-ollamhna is mó léigheann agus is
géire inntleacht a bhíonn i mbun na rang is
ísle ins na scoileannaibh de ghnáth.



Níl an meas céadna ar an mBreathnais
'san Iolscoil i mBreatain is atá ar an
nGaoluinn 'sa Iolscoil againn-ne. Níl
sé d'iachaibh ar na macaibh léighinn eolas


L. 87


a thaisbeánt uirthi ag dul isteach dóibh,
murab'ionann is na mic léighinn in Éirinn,
ná ní gádh dhóibh leanamhaint dí i rith a
réime. Ach cárbh' iongnadh san, t'réis
an t-saoghail? Ní h-aon easnamh ortha é;
mar 'sé is brigh leis an riaghail in Éirinn,
ná an Ghaoluinn a choimeád gan dul ar
neamhnidh, agus í do bheith a teangain
náisiúnta ag uasal agus ag íseal a tír.
Ach ní gádh a leithéid 'sa Bhreatain i n-aon
chor; níl an teanga dhúthchais i nguais
bháis acu san, agus ní fágfar ag dream
amháin acu í; 'sé an teanga chéadna atá
ar siubhal acu go léir, idir bocht agus
saidhbhir; 'seadh, ag muinntir an Ríogh
féin.



Anois, i ndeire na scríbe, ní misde a fhiaf-
ruighe conus eirigh leó a dteanga dhúthchais
a choimeád beó mar sin? Cad é an rath
a bhí ortha-san seachas a bhí ar an n-Gaedheal?
Déarfar go raibh congnamh éigin fé leith
acu, a chuidigh leó 'san obair; cómhacht
rúnda ó Dhia, b'fhéidir. Ach deirim-se
ná raibh; ná raibh aon chómhacht acu seachas
a bhfuil againn-ne. Bhí grásta Dé leó
'san obair, gan amhras, mar a bhíonn i
gcomhnuidhe; ach bhí rud eile acu, rud a
chuireann le grásta Dé féin; rud ná
eireochadh leó 'na éágmais. Agus cad
é an rud an rud sin? 'Sé rud
é ná an deagh-thoil; an rún a cheapadar,
gach aoinne 'cu istigh 'na intinn féin, ná
scarfaidís leis an dteangain dúthchais ar
rud mhaith. B'shin é an rud a chabhruigh leó,
agus a thug an bhuaidh dhóibh. Agus sin é an
rud, an t-aon rud amháin, a chabhróchaidh linn-
ne, agus a bhainfidh teanga na h-Éireann
saor ó'n nguais 'na bhfuil sí. Thuigeadar
san go raibh a dteanga i nguais bháis;
nach fada go mbéadh an lámh uachtair ag an
mBéarla uirthi, muna gcuiridís chuige
in am agus cosc do chur leis. Thuigeadar
gur mhór an chailleamhaint dóibh a leithéid;
dá dtéigheadh a dteanga in éag, go raghadh
a ndúthchas agus a sean-nósa ar neamhnídh
chomh maith léi, agus ná béadh i ndán dóibh
as san amach ach an daoirse agus an
ghéarleanamhain. Uime sin, do chuireadar
le chéile go daingean, i gcoinnibh iarracht
an Ghaill. Is mó iarracht a deineadh chun
an lamh uachtair d'fhághail ortha, agus is mó
chuma 'nar chuir an Gall chuige; ba bheag
aige iad a mhealladh, nó a chealg d'imirt
ortha, nó a neart do bhagairt ortha, ach ni
raibh aon mhaith dhó ionnta go léir; bhíodar-
san ar aon intinn 'na choinnibh. Níor bhog
a mhealladh iad. Do theip air bob a
bhualadh ortha le n-a chuid cheilge. Níor
staonadar os cómhair a nirt agus a
chómhachta. Chuireadar uatha gach athrughadh
a ceaptí dhóibh, is cuma cad é an riocht a
bhíodh air. Deineadh iarracht ar dhlighe
do chur i bhfeidhm dóibh ag an Riaghalachas,
dlighe ná béadh ró-dhian ortha, badh dhóich
leat, 'á chur d'iachaibh ar an mBreathnach
eólas a bheith aige ar an mBéarla. Ach
do thuigeadar-san cad ba bhun leis an
ndlighe sin, agus cad a thiocfadh as.
Thuigeadar, cé nár buaileadh buille díreach
ar a dteangain féin do réir deallraimh
gurbh' é a bhí uaidh ná an ghreim a bhí acu ar
an mBreathnais do bhogadh; agus mar sin
do chuireadar 'na choinnibh, agus b'éighin
dó eirghe as.



Cad é an mhí-ádh atá orainn-ne, mar
sin, ná fuil an scéál céadna le h-innsint
againn? An amhlaidh ná fuilimíd chómh
géar-chúiseach leó-san, ná tuigimíd an
scéal chomh beacht is a thuigeadar san é?
An amhlaidh atáimíd chomh dallaighthe san
ag an nGalldhachas is ná tuigimíd an riocht
'na bhfuil an Ghaeluinn? Go mór mhór,
nár leigidh Dia gurab amhlaidh atáimíd
sásta chun an Gaedhealachas do mhalartrú
ar an nGalldachas. Ba chóir go gcuirfeadh
a leithéid an luisne i n-éadan an Ghaedhil.
Ná fuil an chúis chéadna againn-ne is a
bhí ag an mBreatain? Ná fuil ár
dteanga is ár litridheacht chómh h-ársa is
chómh h-uasal is chómh h-áluinn le teangain


L. 88


is le litridheacht na Breataine? Agus
ná fuil an Gaedheal féin chómh éirimeamhail
uasal cródha leis an mBreathnach? Ná
fuil oiread grádha aige do'n saoirse?
Tá san. Cad tá in-easnamh air, mar sin?
Tá an t-seasmhacht; éirigheann sé cortha
de'n obair fé cheann abhfad. Bhí muinntear
na Breataine socair ar gan géilleadh;
leanadar de'n rún sin, agus d'eirigh leó.
Beireann buan buadh.



Bhí rud eile a chabhruigh leó 'san obair, i.,
a ngrádh do'n chreideamh. T'réis an
Reformation, do ghabh uaisle na Breataine,
idir laochaibh agus cléireacha dhíobh, le
creideamh Shasana. Na sagairt a lean
dílis do Chreideamh Dé, cuireadh an ruaig
ortha gan truagh gan taise. An chliar
nuadh a tháinig 'na n-ionad, thugadar iad
féin suas do gach aon saghas mí-iomchair,
an bhruighean agus an t-ólachán agus gach
aon rud eile níos measa ná a chéile, gan
puinn aire acu 'á thabhairt d'á n-gnó.
D'fhágadar na daoine gan creideamh gan
oideachas. Ní bhíodh seanamóin ná seirbhís
acu ó cheann ceann na bliadhna acht i
n-áiteannaibh. Do lean an scéal mar
sin ar feadh breis is chéad bliain, go dtí
gur eirigh an dream ar a dtugtar Non-
Comformists mar ainm ortha, chun a
gcreideamh féin a chraobhscaoileadh. Ní
h-aon iongnadh na daoine ag cur fáilte
rompa so. Níorbh' é an creideamh ceart
a bhí acu gan amhras, ach ó thug sé dhóibh an
congnamh agus an sólás a bhí uatha, do
ghlacadar leis go fonnmhar. Annsin 'seadh
do thosnuigh an dul ar aghaidh ar fad.
'Sé rud a cuireadh rómpa féin ag na
timthiridhibh seo ná an creideamh a chur chun
críche leis an dteangain dúthchais, agus
an teanga a chur chun críche leis an
gcreideamh. Is léir go raibh leó 'san
dá rud san. A' Breathnais ar fad 'seadh
do thugadar a dteachtaireacht uatha. Ní
labharaidís ná ní scríobhadaís ach 'sa
teangain dhúthchais. An t-seanmóireacht,
agus pé shaghas eile timthireachta a bhíodh ar
siubhal acu, as Breathnais ar fad 'seadh
cleachtaí leó iad. Bhí na daoine chomh
fonnmhar san chun an chreidimh nár chuireadar
'na choinnibh sin; in' ionad san, is amhlaidh
a neartuigh sé an sprid ionnta. Do
méaduigheadh ar an meas a bhí acu do'n
Bhreathnais. Mar adubhart cheana, chuaidh
an litridheacht agus an t-oideachas ar aghaidh
'sa tír as san amach. Chun scéal gairid a
dhéanamh de, do ceangladh an creideam
agus an teanga dhúthchais d'á chéile acu;
níor scaradar d'á chéile ó shoin agus ní
dócha go scarfaidh go deó. An dlúth-
bhaint a bhí eatortha 'san ochtmhadh aois
déag, tá sí le feiscint eatortha indiu
chómh maith.



Annso díreach 'seadh bhaineann an scéal
le h-Éirinn. An rud a chabhruigh leis an
mBreathnais, i., grádh do'n chreideamh, tá
sé againn-ne — mar, buidheachas le Dia
in-aimhdheoin gach anró, d'fhanamar dílis dó
san — cad 'na thaobh, mar sin, ná leanann
an teanga dhúthchais é, mar a dhein 'sa
Bhreatain? Is léir gur furuiste
ceangal do dhaingniughadh eatortha ach cur
chuige 'sa cheart; agus is léir, leis, gurab
iad na sagairt is fearr a dhéanfadh é.
Agus cé gur mhór an cúram ortha é, ní
baoghal ach go n-eireóchadh leo. Bhí greim
daingean ag an sagart ar chroidhthibh
muinntire na h-Éireann i gcomhnuidhe riamh.
Eisean a thugadh sólás dóibh nuair a bhídís
ciapaithe cráidhte ag lucht an anfhorlainn,
agus tá fhios ag an saoghal a dhílse is a
leanadar de i gcomhnuidhe i ndíol ar
an méid sin. Chuimnighidís thar aon nidh
eile gur teachtaire Dé dhóibh é, agus mar
sin ní baoghal go mbaineadh a lochta de'n
iontaoibh a bhíodh acu as. D'fhéadfadh
an ghreim chéadna bheith ag an sagart ar
na daoinibh indiu. Nach chuige a thagaid
in am an ghádhtair, nó in aon chruadh-chás
d'á dtuiteann ortha? Is airsean atá á
seasamh chun iad a threórughadh in aon chúis.


L. 89


Is mó a théigheann an focal adeireann
an sagart i bhfeidhm ortha ná mara théigheann
cainnt aon treóruidhe eile. Ní lugha de
sin i dtaobh cúis na Gaoluinne. Má
dheineann an sagart tosnughadh ar an
nGaoluinn, agus a chur i gcéill do sna
daoinibh a riachtanaighe is atá sí, ní baoghal
ach go nglacfaid a chomhairle. Agus
gan spiorad an t-sagairt féin d'áireamh
in-aon chor, níl sé puinn thar an fhírinne,
dar liom, a rádh go bhfuil de dhualgas air,
mar mhaithe leis an gCreideamh, cabhrughadh
leis an nGaoluinn, agus gabháil dí an
oiread agus is féidir é. Má's rud é go
molann an sagart smaointe tír-ghráidh
agus grádh teangan do sna daoinibh, ní gádh
a rádh gur fearrde a dhéanfaid siad rud
air ins gach a mbaineann leis an gCreideamh.



Is dócha go mbeidh daoine ann a déar-
faidh nár mhaith an chómhairle dhúinn an
Béarla a thréigean, mar go raghadh an tír
chun deiridh i maoin agus i dtráchtáil 'na
éagmuis. An amhlaidh a bheadh an Gaedheal
toiltheanach chun a dhúthchas agus a theanga
a mhalartrughadh ar shaidhbhreas shaoghalta,
d'á mhéid é? An amhlaidh a scarfadh
sé le teangain na naomh, teanga na geanm-
naidheachta, agus glacadh le teangain na
nGall agus leis an olc a leanann í,
ar son óir agus airgid? Ní dócha go
scarfadh; tig linn a rádh go fóil, mar a
dubhairt an bhean uasal leis an ridire, “cé
gur maith leó an saidhbhreas, is fearr leó
an ghaisce agus an t-subháilce.” Ach ní
fíor a rádh go raghaidh an tír chun deiridh
mar gheall ar ár dteanga féin a bheith 'á
labhairt againn; agus ní féidir soluíd
níos fearr d'fhághail ar fhírinne an méid
so ná an Bhreatain. Ní leis an nGalldachas
a ghlach sisean, ach ar a shon san, níor chlis
an teanga dhúthchais uirthi; ag dul i
bhfeabhas agus i séanmhaireacht atá sí in-
aghaidh an lae.



Sin cúntas gearr ar an mBreathnais.
Conus a bhaineann sé le h-Éirinn? Tá
de bhaint aige léi go ndeineann sé eolas
na slighe dhí chun an Ghaoluinn a choimeád
beó. Ní ar choimirce na n-uaisle a
bhí an Bhreathnais ag bhrath, ach ar dhílseacht
agus ar sheasmhacht na ndaoine; ní leath-
scéal dúinn-ne, mar sin, a rádh go bhfuil na
daoine móra i gcoinnibh na Gaoluinne, agus
go rabhadar 'na coinnibh riamh: má táimíd
ceapaighthe ar an nGaoluinn do shábháil, is
cuma ar ár dtaobh-ne nó ar an dtaobh eile
iad san. Tá sé de dhualgas ar gach aoinne a
chion féin de'n obair, d'á luighead é, do
dhéanamh, agus má's maith é is mithid. Ní h-é
seo an t-am chun ár suaimhneas a cheapadh —
“'sé luas ár ngnímh an gníomh ar fad.”
Orainn-ne, Gaedhil an lae indiu 'seadh atá
an Ghaoluinn ag brath; má chlisimíd-ne
uirthe anois, is ró-bhaoghalach go mbeidh sé
déidheanach ag ár sliocht bheith ag cur chuige.
Gníomh ádhbhal-mhór 'seadh é, an Ghaoluinn
do chur ar a cosaibh arís agus beidh gádh
le saothar gach aon duine, pé beag mór
a chongnamh; ach bíodh sé le rádh ag an
nGaedheal, mar a bhí le rádh ag an
mBreathnach, taobh istigh de chéad bliadhain,
nár tháinig tairngire an t-Sasanaigh chun
cinn.



D. Ó hEIDHIN.


L. 93


A PHÁDRAIG, A ÁRDASPAIL.



A Phádraig, a árdaspail Éireann tiar
Is náireac mar táidsin tar th'éis gan iaith
Ag fáscadh go dána ar chlaenbheart dian
Gan chrábadh gan ghrása gan ghéill do Dhia.



Is cás liom mar thárlaidh don Ghaedhilfhuil
fhiail
Do bfhearr, de shliocht Ádaim, reacht
béasa is ciall
Le láneasbaidh fagháltais go faonlag
fiar
Gan fábhar le fagháil dóibh ná réidhteach
fiach.



Chomh cráidhte agus táidsin ag claon-
spruit dhiabhail
Táinig don adhbhadh so Néill is Bhriain
Go bhfuil lánchuid den táin sin ag gléas
chum triall
Tar clár glas na lánmara i gcein gach
bliadhain.


L. 95


CUALLACHT CHUILM CHILLE.



Naomh Colm (521-597).



CURSAÍ NA BLIADHNA.



An Choiste. Roinn Mhuire:— Micheál
Mac Amaltoinn, uachtarán; Micheál Ó
Fallamhain agus Tomás Ua Spealáin, leas-
uachtaráin; D. Ó Riain, rúnaidhe; P. Ua
Curraidhin, fear an airgid; P. Ó Loinghsigh;
P. Ó Fullertoin; M. Ó Báicéir; P. Ó
Dubhailean.



Roinn Ioseph:— B. Ó Gráinne; P. Ó
Críodáin; P. Ó Loinghsigh; D. Ó h-Eidhin;
S. Ó Dubhghaill; S. Mag Fhionnghaile.



Fear an Eagair:— P. Mac Tomáis.



FEART UAIGNEACH AGUS A SCÉAL.



Reilig atá i Muigh Nuadhat agus feart
uaigneach innti a mbíonn an ruadhghaoth ag
caoineadh 'na thimcheall 'san ngeimhreadh,
agus lóithne fhionnfhuar ag cogarnaighil
thart san tsamhraidh. Dá bhfiafróchadh duine
dhíom cé atá 'na luighe ann deurfainn gur
fíor-Ghaedheal é a fuair bás roimh an
aimsir ba dhual dó. Da bhfiafróchadh sé
dhíom cé an fáth go bhfuair sé bás mar
sin, deurfainn gurab amhlaidh do bhí lasair
'na chroidhe aige 'gá ruadh-dhóghadh i gcomh-
nuidhe agus gur scrios sí 'sa deireadh é.
Mar choinneal i bhfuinneóig ab eadh é
tráth bíonn na gaoithe móra agus an
bhaisteach ann amuigh, agus na taistealaigh
ar na bóithribh ag gabháil 'na choinne.
Dá bhfiafróchadh duine dhíom cad é an rud
a raibh sé ag troid ar a shon deurfainn
gur rud mór do-mharbhtha é .i. cúis na
saoirse nár thuit ariamh i bhfannthais, agus


L. 96


dá bhfiafróchthaí díom annsin cad 'na taobh
gurab éigin dó a shaoghal do chaitheamh ar
son na saoirse deurfainn go rabhamar
'nár dtoirchim shuain, agus gur ár múscailt
a bhí uaidh.



O, a Eoghain Uí Gramhnuigh, a shagairt
chaoin na bhfocal ciúin, is agat-sa do bhí
an síogaidhe, is agat-sa do bhí an fhís, agus
mar is léir do chách anois, is agat-sa do
bhí an ceart!



Bhí flúirse gach deagh-thréithe ag Éoghan
agus ba cáil d'á cháilibh gan géilleadh d'ár
námhaid go buan. Dá mbéadh sé 'nár
measg indiú nach mór an t-áthas a bheadh
'na chroidhe aige agus an dul-ar-aghaidh a
dhein an náisiún ó aimsir a bháis! Ach,
faraoir, ba bheag do thuig lucht a chómh-
aimsire a fheabhas de Ghaedheal Eóghan.
Buidheachas le Dia do dhúisigheamar as ár
néall, agus cé gur dubhach dubhrónach sinn
ós cionn a chaillte i dtosach a shaoghail tá
breacsholus maidne na saoirse ag dath-
ughadh na spéire, agus ní misde a rádh gur
gearr anois go scaipfidh sé meirge cheóigh
an doilghis ó nár gcroidhthibh agus a
lúthgháirighe atámuid é d'fheicsint.



ÁR SCÉAL FÉIN.



Acht cionnus atá an scéal againn i Muigh
Nuadhat anois, nó bhfuil saothar na Gaedhilge
'á dheunamh againn chómh dúthrachtach agus
ba cheart dúinn a dheunamh? Buidheachas
le Dia is mór an t-athrughadh a tháinig
orainn le sgathamh fhada. Tamall ó shoin
ba lag an sprid a bhí againn, acht tháinig
leas fannsholuis orainn a thug an fuinneamh
agus an spreachadh agus an misneach dúinn.
Ga ghréine na saoirse ab eadh an léas sin,
agus do thug sé le tuigsint go soiléir
dúinn narbh í an sclábhaidheacht ba dhual
dúinn acht an tsaoirse. Cé gur fáth
sclóndair é ní ceart dúinn aon stró do
dheunamh as, mar nílimíd ag deunamh ach
an rud is ceart dúinn a dheunamh, agus pé
scéal é, níl an obair 'á dheunamh chomh dian
dúthrachtach is ba mhaith linn fós.



Mar sin do bhí an scéal againn i rith na
bliadhna ghabh tharainn. Cé go raibh an sprid
againn go teann neatrmhar go dtí a bhfuil
le fíorbheagán aimsire, tá faithchíos orainn
go bhfuil sé ag dul in olcas le déanaighe.
'Sé donas an scéil go bhfuil an sprid ag
lagudhadh; acht cad is bun leis? 'S fiú
an gnó machtnam do dheunamh air. B'féidir
nach dtuigmíd fós i gceart gurab é ár
dteanga féin is mó tábacht chun ár dtír
féin do chur ar a leas arís. Pé scéal é,
an neamh-shuim sin a bhí againn bhí bun eile
leis. 'S amhlaidh tháinig galar agus
breoidhteacht orainn agus taom a mbáis
dob' eadh é do dhaoinibh againn. Brón
ar an mbás tháinig sé agus do léir-scrios
ár gcáirde, agus i ndiaidh an bháis tháinig
uaigneas agus duairceas agus athtuirse
chroidhe orainn. Dá mbéadh an saoghal ar
ár dtoil féin againn bhéadh a mhalairt de
scéal againn, acht is dócha gur fearr dúinn
é mar atá. Le Dia an buidheachas, agus
go dtugaidh sé solus na bhflaitheas d'ár
gcáirdíbh!



Uime sin mar gheall ar an mbás, agus
ar an mbreoidhteacht, agus ar a leithéidíbh
eile nárbh íad do leigeamar an Ghaedhealg
i ndearmadh ar feadh tamaill.



DOMHNACH NA GAEDHILGE.



Cé gur baineadh barrthuisle asainn
ní mar sin dúinn i gcomhnuidhe. Cuirfeadh
sé áthas ar chroidhe aoinne na fáinní agus
na cnaipí agus na comharthaí eile d'fheicsint
i gcasóigíbh na mac-léighinn an chéad
Domhnach gach mí. Bhí teanga bhinn ár
sinnsear le cloisint ins gach áird, agus
ba léir d'aoinne gur ab é leas ár
dteangan féin a bhí beartuighthe aca go
léir. Moladh go deó le lucht an Fháinne
mar is aca atá an sprid agus an
mheanmna. Eircóchaidh an bóthar leó ach



<96 a>
“SEABHAC NA CEATHRAMHAN CAOILE.”



<96 b>
“The Resurrection of Dinny O'Dowd.”



<96 c>
“AN T-ATHRUGHADH MÓR,”


L. 97


leanamhaint air gan stad gan staonadh.
'S fada go sroichfidh siad ceann a riain,
acht cé gur fada é an taisteal níl rud le
deunamh aca ach dul ar aghaidh go dána.



CLANN AN GHRAMHNAIGH.



Ach, faraoir, níl an scéal céudna
againn i dtaoibh Cloinne an Ghramhnaigh.
Do cuireadh an cumann seo ar bun chun
na Ghaedhilge do chraobhscaoileadh 'nár
measg. Tá sé d'fhiachaibh ar lucht na
Cloinne an Ghaedhealg do labhairt le chéile
mar a ngnáth-chainnt, acht níor chóimh-
líonadh an cúram sin i rith na bliadhna.
Gan amhras is deacair an rud é bheith ag
cainnt as an nGaedhilg i gcomhnuidhe agus
go mór-mhór nuair a bhíonn duine ag cur
síos ar dhiadhacht ná ar fheallsamhnacht, acht
is foras mion-chaint do dheunamh as an
nGaedhilg ar a lán neithe, ach níor rinneadh
an méud sin. 'S follus nár éirigh go ró-
mhaith leis an obair do chuir lucht na Cloinne
rómpa, agus is dóigh linn gur orra féin
an locht. 'S aca féin a leigheas freisin.
Ba cheart dóibh an neamh-shuim sin do chur
i leith agus tabhairt fé'n obair go ro-dhian
agus go ro-dhoct arís.



NA BUIDHNE.



Mar sin dos na buidhnibh freisin.
'S annamh thángadar le chéile chun na
Gaedhilge do labhairt, agus má thángadar
is beag Gaedhealg a bhí le cloisint uatha.
'S oth linn 'gus is doiligh linn thar bárr an
sgéal. Maoideamh 'á dheunamh againn as
ár náisiúntacht, agus as spiorad Ghaedhlach
an lae indiú, agus as an ndúthracht atá
ag na daoinibh go léir, agus 'na aimhdheoin
sin cúis na Gaedhilge ag tuitim as a chéile
nach mór tré neamh-shuim! Ag sin mar atá
an scéal agus nach doilbh duairc é ár
gcás. Ní fíor dúinn a rádh go mbaineann
an chainnt seo le cách. Tá a mhalairt de
scéal ag a lán daoine go bhfios dúinn,
agus tá an-dúil againn go ndéunfaidh
lucht na leisge aithris ar a gcómh-chéilibh
'san aimsir le teacht. Ach tar éis an
gearrán seo do dheunamh againn ní foláir
dúinn bheith sásta leis an obair agus gach a
raibh de bhac 'nár gcoinne. B'fhéidir gur
foighid atá uainn, cé gur deacair a chleac-
tadh, mar tagann gach maith ach fanacht leis.



CEÓL NA nGAEDHEAL.



B'fhéidir nárbh é an ceól ba dhual dúinn
i mbliadhna ach an caoineadh, ach cad é an
tairbhe do dhuine bheith ag deunamh buaidh-
eartha, mar ní féidir leis an bás do
shéanadh ná cealg an bháis do bhogadh.
Bíonn greann agus suairceas uainn
i gcomhnuidhe, mar ní beag dúinn a bhfuil le
fulang againn gan cuid eile do chur leis.
Tá ceól ar na rudaibh is fearr a scaipeann
doilgheas ó chroidhe aoinne, agus cé nach
dtaithnigheann go mór linn an chaoi atá
ceól na nGaedheal ag dul chun tosaigh 'nár
measg 's beag cúis ghearráin atá againn.
Cuireadh buidhean cheóil ar bun againn
an bhliadhain seo agus d'éirigh leis go
h-ana-mhaith, go mór-mhór roimh an Nodlag.
An t-Athair Ua Conghaile do bhí mar
stiúirtheóir againn, agus Pádraic Oirbh.
Ua Maoláin ag cuidiughadh leis. Ba dheas
uatha an obair agus is ortha tá an
buidheachas againn.



Dá mhéid eólas ag aoinne ar cheól na
nGaedheal 's amhlaid is mó atá meas aige
air. Uime sin ar a chlos dúinn go raibh
leabhar nuadh port 'á chur i gcló bhí coinne
againn leis agus muinighin mhór againn as.
Níor cailleadh orainn, mar tá “Amhráin
Mhuighe Seóla”ar na leabhraibh is fearr
d'á shórt dár cuireadh i gcló riamh.



NA DRÁMAIDHE.



'S beag atá le rádh againn i dtaoibh na
ndrámaidhe ach amháin gur eirigh linn go
h-ana-mhaith agus gach a raibh d'ár gcosc


L. 98


ar an gnó. 'Sé “Seabhach na Ceathramhan
Caoile” a bhí 'á léiriú againn, an chéad
oidhche, agus “An tAthrughadh Mór,” agus
“The Resurrection of Dinny O'Dowd,”
an dara h-oidhche. Bhí gach aoinne lán-
tsásta leis an greann a bhí againn. Do
rinne Coisde an Halla Mhóir a chuid
oibre go h-ana-mhaith. Támaid ana-
bhuidheach do Dhomhnall Oirbh. Ua h-Argáin,
freisin. Sé a bhí mar stiúrtheóir againn
agus bhí a chuid féin trioblóide aige.



GRÍOSADH.



Teastuigheann gríosadh ó dhaoinibh go
minic nuair a bhíonn obair fhóghanta le
déanamh acu, agus is treiside a bhfonn
agus a ndúdhracht san obair an gríosadh
sin do bheith go maith. Is mar sin i gcúis
na Gaedhilge, leis, agus tá sé de ghnás
ag an gCuallacht dá léigheacht do sholáthar
gach bliain, ceann acu i dtosach na bliana
agus an ceann eile um Cháisc. Theastuigh
gríosadh uainn go h-áirithe i mbliana agus
a mhí-adhmharaighe is bhí an scéal againn,
acht má theastuigh, ní rabhmar gan a fhághail,
a bhuidheachas do'n bheirt uasal a chlaoin
chun ár gcabhruighthe .i. an Dr. Ó Moráin,
ollamh re diadhacht annso againn, agus
Art Ó Cléirigh, ollamh re dlighe i n-oilscoil
na h-Éireann. I dtosach na bliana a bhí
an Dr. Ó Moráin againn, agus thug sé
léigheacht ar chursaíbh an tsaoghail le linn
curtha ar bun do Chonnradh na Gaedhilge.
Bhí oireamhnacht fé leith 'na leithéid de rogha
adhbhair léigheachta mar tá ceathramhadh
céad bliain anois ann ó cuireadh an
Connradh ar bun, agus má bhí daoine áirithe
ag eirghe ó'n bhfanntas an t-am sin tá
na daoine go léir ag eirghe as anois, nó
i ngar dhó, agus ní miste rudaí do mhíniú
dhóibh. Ag cur síos ar an sean-scéal dó
ní baoghal gur dhein an Dr. Ó Moráin
dearmad ar an nua-scéal do chur i
dtuiscint dúinn sa cheart. “Oilscoil
Ghaedhealach” a bhí 'á pleidhe ag Art Ó
Cléirigh. Chuir sé i n-iúl dúinn a thabhach-
taighe is tá sé, ár machtnamh agus ár
smaointe is ár gcainnt do shaothrú sa
nGaedhilg i dtaobh gach uile shaghas ceist,
is a ghéire is teastuigheann oilscoil
Ghaedhealach uainn chun é do chur ar ár
gcumas é sin do dhéanamh. Thaisbeáin sé
cionnus a d'fhéadfaidhe a leithéid de scoil
do chur ar bun, agus tá súil le Dia againn
nach fada go mbeidh ceann ar siubhal.
Ní baoghal do'n Ghaedhilg an fhaid is tá
an lucht léighinn ag gabháilt dí ar nós
Airt Uí Cléirigh, agus ag beartughadh
gníomhartha i gcóir a h-aithbheoidhte. Go
gcuiridh Dia rath ar a gcuid saothair.



CUALLACHT CHUILM NAOMHTHA I dTIGH
NA SÓISEAR.



Tá cúis na Gaedhilge ag dul chun chinn
i dtigh na Sóisear. Seo é an cúntas
fuaramar uaidh, agus cuireann sé bród
mór orainn.



“Bhí áthas mór orrainn i dtosach na
bliadhna so nuair a fuaireamar naonbhar
fáinneach 'nár measg. Dubhramar 'nár
n-aigne féin gur cheart go raghadh cúis na
Gaedhilge chun cinn i dtigh na Sóisear i
mbliadhna fé mar a dhein sí riamh, agus ní
raibh dearmhad orrainn. Deineadh obair
an-mhaith i rith na bliadhna cé go raibh níos
mó ná aon rud amháin ag cur 'nár gcoinne.
Toghadh an choiste go luath sa mbliadhain
agus cuireadh na buidhne ar siubhal gan
mórán moille. Bhíodh sé buidhne déag is
fiche ar siubhal ar maidin, agus ós cionn
fiche buidhean ist' oidhche. Bhí na buidhne
seo ag dul chun cinn go breágh, ach cuireadh
cosg leo go h-obann i dtosach mí na
Samhna, mar gheall ar an ngalar nimhneach
úd a tháinig 'nár measc.



Tháinig athrughadh mór ar Éirinn i rith
aimsire na Nodlag so caithte againn.
Annsan is eadh thaisbeáin muinntir na


L. 99


h-Éireann do'n tsaoghal gur náisiún fé
leith iad, agus go rabhadar chun a gceart
féin a bhaint amach dóibh féin fé dheireadh.
Dá bhrígh sin bhí coinne againn ar theacht
tar n-ais tar éis na Nodlag dúinn, go
mbéadh sean-sprid na nGaedheal ag
briseadh amach ins na buachaillíbh, agus
go mbéadh fonn orra níos mó ná riamh
an Ghaedhealg d'fhoghluim. Bhí dearmhad
orrainn sa méid sin pé scéal é; mar bhí
sé ag dul sa mhuileann orrainn na buidhne
a choimeád ar siubhal nó gur tháinig an
Dochtúir Pádraig Ó Néill ag cabhrughadh
linn. Thug sé óráid mhaith bhríoghmhar dhúinn
a thaisbeáint dúinn a riachtanaighe is atá
sé ag muinntir na h-Éireann, agus go
mór-mhór ag sagartaibh na h-Éireann, a
dteanga dhúthchais a labhairt. Connachtas
rian na h-óráide sin ar na buidhnibh an
mhaidin 'na dhiaidh sin. Bhí a fhios againn
annsan gurbh amhlaidh a bhí an sean-sprid
'na codladh agus ná raibh uaithe ach an
focal chun í mhúscailt.



Dheineamar iarracht ar Chúirt na
nGaedheal a chur ar bun i dtigh na Soisear
i mbliadhna leis. Bhí sé ceaptha againn
díospóireacht a bheith againn gach aon
tráthnóna Dé Céadaoin, ach ní rabhamar
ach tar éis cúpla ceann a bheith againn
nuair a tháinig an galar arís chun cosg a
chur le n-ár gcuid oibre.”



CÉIM AR AGHAIDH.



Fá dheireadh agus fá dhéoidh tá litridh-
eacht na nGaedheal ag dul chun chinn thár
bárr, agus má tá féin is mithid é. Bhí
daoine ann agus adeiridís go mbadh
ceart dúinn ríméad do bheith againn as
ár litridheacht mar do thóg sí bárr uaidh
aon litridheacht ar dhruim an domhain le
h-áilneacht agus le milse. Ní deirim gur
fíor é, mar nílimid acht ag tosnughadh ar
litridheacht nua do chumadh, agus ní
ceart dúinn í do chur i gcomórtas le
sean-litridheacht eile ná le h-aon litridh-
eacht nua atá ghá chumadh ar feadh tamaill
mhóir. 'S furas go leór ár sean-litridheacht
do chur i gcomórtas le h-aon tsean-
litridheacht eile dár cumadh riamh, ach ní
mar sin d'ár litridheacht nua. Acht tá
an tuile ag líonadh agus is gearr go
mbeidh an barr-taoide ann le coghnamh Dé.
Na h-irisleabhair nua tá 'gá chur i gcló
anois bainfidh an Ghaedhealg tairbhe mór
asta. Sé “An Branar” agus a leithéad
a bhí uainn go cruaidh le deidheanaighe, agus
cuirimíd na mílte fáilte roimhe. Beireann
sé an buadh thar bárr ar a bhfacamar
riamh.



Taithnigheann “An Stoc” go h-ana-
mhaith linn, freisin. Páipéar 'seadh é a
dheineann a chuid oibre go neartmhar,
fuinneamhail, bríoghmhar, agus is truagh
cráidhte nach mbíonn sé ghá cheannach mar
is cóir. Bíonn togha na Gaedhilge agus na
smaointe ann, agus ba cheart do gach
Gaedhilgeóir cóip d'fhághail gach mí, agus a
léigheamh ó thús deireadh.



CÉIM EILE AR AGHAIDH.



Tamall ó shoin do shocruigh beirt easbog
na h-Éireann ar an nGaedhilg do bhuan-
ughadh ins an nGaedhealtacht. Sé an
comhairle ar a bhfuil socair aca na scrúd-
ughadh a bheith ag a macaibh-léighinn roimh
úird bheannuighthe do ghlacadh ortha. Ní
cuirfear aoinne fá ghrádhaibh ach amháin
an té go bhfuil eólas cruinn ar an
nGaedhilg aige, agus go bhfuil sé ar a
chumas faoisdin d'éisteacht, agus an
Teagasg Críostuidhe do mhúineadh, agus
seanmóiridhe do thabhairt, as an nGaedhilg.
Do chuir an socrughadh seo áthas ar chroidhe
gach aoinne a raibh suim ins an nGaedhilg
aige. Céim ar aghaidh 's eadh é, agus tá
súil againn go ndéunfar an ceapadh
céudna ag na h-easbogaibh eile sa'
nGaedhealtacht sar i bhfad.


L. 100


AN TONN MHÓR.



Tar éis an meud seo do scríobhadh againn
cad tá le rádh againn i dtaoibh na
h-aimsire le teacht. Gan focal acht an
meud seo: — File do bhí ann, tráth. Lá
dó agus é cois fairrge do thug sé fé
ndeara na mion-tonntacha agus iad ag
deunamh ceóil mar fhoghar an chaoin-cheóil
téidbhinn sidhe. Chonnaic sé na tonntacha
móra ag brughadh isteach 'na ndiaidh agus
monga bána ortha. Do chrom sé ar
mhactnamh do dheunamh go dtí go raibh na
smaointe agus na smaointe eile tré na
chéile 'na cheann aige. Fá dheireadh do
rinne sé an rann seo, agus ranna eile
nárbh é:-



Pléasc, pléasc, a mhuir,
Ar an dtúirling mhaol ré dtráigh,
'S mo chaoi nach dtigeann focail chugham
Gur mian liom a rádh.



Mar sin dúinn, leis. Chímíd tonn mhór
na saoirse chúghainn. Tá na smaointe
agus na smaointe eile againn. Ní féidir
dúinn ach a rádh: —



“Beidh an buadh ag sluagh na nGaedheal-
fhear.”



“Ní taca lúith ná lámhaigh
Tug oraibh, a ogbhadh Bhanba,
Bheith dhíbh urramach umhal
Do mhear-shluagh ghusmhar Ghallda.”



— AONGUS MAC DAIGHRE UÍ DHÁLAIGH cct.



“Dia leó ag luighe 's ag éirghe,
Tréinfhir is treise i dtachar,
Dia 'na seasamh 's 'na luighe leó
Is i dtráth chuirthe an chatha!”



— AN FILE CÉUDNA cct.


L. 111


BEITHIL AGUS BRIGHID CHILLE DARA.



Micheál Mac Craith, C.Í., do scríobh.
Comhlucht na Fírinne Catoilice do chuir i
gcló. 2d. an luach.



Dá sheanmóin agus cúpla dánta naomhtha atá
sa leabhairín seo. 'Sa chéad sheanmóin díobh tá
trácht ar bhreith Íosagáin agus ar an adhbhar
aithrise do thug Sé do'n tsaoghal mhór ó'n bpluais
dhearóil sin 'nar rugadh é. Sa dara cheann
tugthar dúinn soillsiú ar an dtréich bha mhó a


L. 112


bhí le feiscint i mbeathaidh Bhrighde naomhtha .i.
truagh dos na bochtaibh. Tá togha Gaedhilge agus
togha smaointe ionnta araon agus, níor mhiste
é do chur i gcumas do'n gcoitchiantacht iad
d'fághail i leabhairín mar sin. Sagart diogh-
raiseach dúthrachtach ar son an chreidimh agus ar
son na Gaedhilge an t-Ath. Micheál Mac Craith,
agus nuair a chífidh sé an t-iarraidh a bheidh ar an
leabhar seo b'fhéidir go mbéadh sé de mhisneach
aige cúpla cinn eile do thabhairt dúinn. D'fhéad-
fadh Comhlucht na Fírinne Catoilice mórán do
dhéanamh chun meón agus aigne an aois óg do
Ghaedhealughadh, agus chun iad do dhaingniughadh
sa gcreideamh, dá gcuirfidís leabhairíní de'n
tsaghas seo i gcló go minic, leabhairíní a
chuirfeadh an t-aos óg agus daoine fásta, leis,
suim agus spéis ionnta.



M. Mac A.


L. 120


An Dochtuir Oirmh Ó Síothcháin.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services