NODLAIG, 1921.
Tá an Nodlaig ann airís agus is mó 'cor do
chuir an saoghal de ó'n taca seo anuiridh. Ba
chruaid cham garbh an ród 'tá siubhalta ag ár
Máthair dílis Éire agus namhaid fíochmhar neamh-
throcaireach neamscrupallach 'ghá chrádh agus 'gá
céasadh i gcomhnuidhe riamh ach buidheacas mór le
Dia na Glóire, tháinigh sí slán as. Bhí sólás le
fáil an fhaid agus do bhí an t-ár agus an géar-
leanúint a' siubhal i bhfoclaibh an tseana ráite.
“Da fhaid an oidhche tagann an lá.”
Cheapadh go raibh Éire na nGaedheal sínte sa
tuama gan glór ach ní mar sin do bhí ágam agus
moladh le Dia dá chionn tá fíor sprid agus Nái-
siúntas na hÉireann chomh beó bríoghmhar indiu
agus do bhí riamh. Le congnamh Dé tá neamh-
spléachas agus saoirse iomlán ó smact na nGall
indán dúinn feasta agus 'na theannta san tá sí
a' teacht thar nais — an Ghaoluinn bínn uasal ár
Sínsear.
Tá comhacht an tSasanaigh shochalaigh geall le bheith
thar lear. Dá bhrígh sin, guidhmís go dúthrachtach go
mbrostuighidh Íosagán an lá áthais.
Bfhada linn a theacht ach anois tá comharthaí an
lae ghil na saoirse le feiscint 'sa' spéir agus
sgamaill dubha na daoirse do bhí innti leis na
céadtaibh 'gá scaipeadh gan teacht orra go deó.
An Nodlaig seo, a cháirde, líonaimíd ár gcuirn
le fíon dearg nú uisge ná fuil cáin
gallda air agus ólaimís sláinte Róisín.
PÁDRAIG Ó HODHRÁIN.
“CA BHFUIL AN GHE”
Oidhche Nodlag do bhí gasra fear bailighte tim-
cheall na teine i dTig na mBocht i gCorcaigh. Bhí
duine acu ní ba ghalántaighe ná an cuid eile; bhí
casóg chuirp air; bríste gairid; stocaí fada ar
cholpaibh ná raibh ró-théagartha.
“A Mhícíl,” arsa duine des na fearaibh,
“cad na thaobh tú bheith annso, nó an amhlaidh a
bhís id mheisceóir.”
“Ní h-amhlaidh i n-aon chor a mhic ó, acht seo
mar a thárla:— Bíos im bhuitléir ag mnaoi
airthe agus is dócha, a leithéad do spriúnlóir ní
raibh i n-Éirinn na taobh amuigh dí le na linn.
Bhí súil aici le deabhráthair athar dí a bhí ag
teacht anall ó Americha cun na Nodlag so chaith-
eamh na teannta. Ba mhaith lei cuid dá chuid
airgid do mhealladh uaidh agus mar sin de do
cheannuigh sí gé — costas ana-mhór dar leí.
Tháinig lá Nodlag; bhí an dínnéar ollamh, an gé
i lár an bhúird agus sinn go léir ag feitheamh
leis an deóraidhe. “Ní lar síltear bítear.”
'Sé a tháinig na teachtaireacht teintrighe ghá rádh
ná féadfadh sé teacht.
“A Mhíchíl,” arsa bean a' tighe, “tóg an ghé
sin agus cuir fé glas í.”
Bhí fear a' tighe ag cur na súl tríd an ngé,
acht ba bheag an maith dó é. Pe mearbhall a bhí
ormsa, do chuireas an eochair isteach an póca i
n-ionad í thabhairt thar n-ais don mháigistreás.
B'féidir gurb' é fear a' phuist fé ndeár é
mar bhí sé díreach ag teacht isteach féachaint an
bhfaigheadh sé síntiús i gcóir na Nodlag. 'Sé
rud dubhairt bean a' tighe leis na:— “Tá dá
phinngin sa tseachtmhain agam á thabhairt duit
agus mura bhfuilir sásta leis an méid sin ní
shásochadh Éire thú.”
D'imthigheas féin go dtí an chistin cun mo bhéile
do chaitheamh. Bhí beirt eile ann. Do cuireadh
putóg anuas cugainn. B'shin í an phutóg gan
amhras! Ba dhóigh leat gur de mharthaoil do
deineadh í bhí sí chomh cruaidh sinn. Ba chuma í nó
tor aitinn ag dul síos scórnach duine, fuaiream-
ar braon uisce beatha i mball éigin; do chneasuigh
san ár scórnacha nach mór; ag útamáil dom cad
do gheóbhainn im phóca acht an eochair; laithreach,
do chuimhnigheas ar an ngé; is dócha gurb' é an mac
mallachtain a bhí ag séideadh fúim; d'itheamar.
an triúr againn, an ghé. Annsan nuair ná raibh
a thuilleadh le déanamh againn. D'imthigheamar a
chodladh.
Tráth san oidhche, taidhbhrigeadh dom go raibh
an seomra lán de géanaibh agus iad ar mo thí go
fíochmar; dhúisigheas go h-oban, agus féach! siúd
í an máighistreás féin agus í na seasamh ag taobh
na leaptan, coinneal na láimh aice agus faobhar
na guth agus í á rádh:— “Cá bhfuil an ghé?” le na
linn sin bhí gléas teine do mhúchadh ag gabháil thar
an dtigh. “Sin í annsan thuas an teine,” arsa
duine éigin. Do h-iompuigheadh an piópán suas
agus do stalladh an t-uisce díreach isteach i mbéal
na mná do cuir san an ghé as a cuimhne, ar feadh
tamail pé i n-Éirinn é.
Maidean lár na bhárach dubhradh liomsa imtheacht
liom féin; níor sé sin an thaobh ba mheasa de'n
scéal acht nár thug sí aon teistiméireacht dom,
agus gur chuir sí gach aon duine creideamhnach so
chathair im choinnibh. Sin í is cúis dom bheith annso
i nbur measc anocht. Is measa bhí an scéal aice
siúd, mar gach aon uair a théigheadh sí amach do
bhíodh aós óg na Cathrach ar a sálaibh agus iad ag
screadaigh:— “Cá bhfuil an ghé?” Cá bhfuil an ghé.”
B'é críoch an scéil gurbh' éigin dí imteacht as an
áit.
ÉIRE.
I dtigh na mBan Riaghalta,
I Muigh Nuadhat.
INDIU AGUS INDE
An Connradh le Sasana
An Ceart i n-Urras
Ní fios dom agus mé ag tosnú ar aisde na
seachtmhaine seo an ndeimhneóchar an Connradh
Síothchána le Sasana, nó an gcaithfear amach é;
acht sé baramhail formhóir na ndaoine go nglac-
far leis. Mar sin féin, is maith an rud é go
bhfuil an tUachtarán, agus cuid de'n Aireacht ag
cur n-a aghaidh, mar ní féidir a rádh le fírinne go
bhfuil aon duine lántsásta leis mar Chonnradh; na
daoine atá toilteanach glacadh leis, sé a mbar-
amhail nach féidir níos mó bhaint amach gan bárr
buaidh bhreith linn ar pháirc an chath. Má thagann
na Sé-Chonndae isteach, agus ní bheidh neart aca
air, beidh saorstáit againn sa tír seo bhéas saor
i ndá ríre, taobh istigh de fhairrgibh na hÉireann;
agus a bhéas saor taobh amuigh, maidir le cúrsaí
poilitigheachta idirnáisiúnta cé is móite de'n lag-
cheangail bhéas idir í féin agus na Saorstáiteanna
atá fighte le chéile faoi chomairce coróineach na
Bratain. Agus ní ag dul i dtréise bhéas an
ceangal sin: saorstáit i ndá ríre atá ionnta
indiu, chomh saor leis an mBeilg nó leis an Eil-
bhéis, saorstáiteanna beaga atá gan comhacht idir-
náisiúnta, cogadh chur nó siothcháin dhéanamh gan
cur iseach ó na mór Chomhachtaibh. An tsaoirse
atá aca is ag dul i méid bhí sí, mar nach
bhfuil sé adhmhuighthe anois féin, ag uachtaráin
Shasana, go bhféadfadh Canada nó an Austráil an
téad a ghearradh dá dtogróchaidís féin é. Beidh
ceart céadna ag Saorstáit na hÉireann; ní hé
amhain go bhfuil an ceart sin ag muinntir na
hÉireann faoi'n gConnradh, acht bhí síí aca ó thús
agus beidh sé aca go deire aimsire. Tá sé de
cheart ag gach náisiún a rogha cineál ríaltais a
bhuanú nó a chaitheamh ar leathtaobh; go deimhin tá
gach ceart ag náisiún acht aon cheart amháin — ní
féidir le aon náisiún ceart an náisiúin sin do
dhíol; ní hiad na daoine atá ar an saoghal indiu
an náisiún, acht iad féin agus na daoine atá le
teacht n-a ndiaidh, na milliúin nár rugadh fós,
agus aon cheart dá bhfuil againn níl sé againn
acht i n-urrus do na milliúin atá le teacht n-ár
ndiaidh. Aon Chonnradh dá ndéantar indiu,
ní cheangluigheann sé acht an glún seo, agus má's
éigin dúinn glacadh le níos lugha ná ár gceart,
féadfaidh aon ghlún bhéas ann n-ár ndiaidh athrú de
réir a thola déanamh ar an margadh, agus é sin
go hónóireach freisin. Níl ríachan le gluaiseacht
náisiúin mar adubhairt Parnell.
Piostal le Cluais.
Is léir do'n saoghal mór cé'n difridheacht atá
idir Teachtaí na Dála faoi'n gceist seo: acht ní
difridheacht ó bhun é, má tá an difrigheacht mór
féin. Répubiacánaigh lucht na Dála, gach duine
dá bhfuil ann, de réir mionn agus móide.
Le poblacht sin do dhaingniú sa tír, cuireadh chuig
an Dáil iad; agus níl fear ná bean ann nach
dtubhradh bóta do'n phoblacht sin dá mbéadh aon
fhágáil ar a leithéid ar an láthair. An dream
atá sásta glacadh leis an gConnradh, ní le saor-
thoil ghlacann siad leis; an dream nach bhfuil sásta
glacadh leis, tá siad ag deimhniú ós comhair an
tsaoghail mhóir nach saor Chonnradh idir dhá náisiúin
shaora atá ann, acht an ceart ag géilleadh do'n
neart. Ní féidir an ceart féin a mhúchadh; ní
féidir le aon dream i dtír, ceart dúth chasach na
tíre sin a dhíol ar aionach nó ar mhargadh, mar ní
leó an ceart, acht leó féin agus na glúineacha atá
le teacht. Na seantaoiseacha Gaedheal thug dúithchí
a muinntire i mbannaidhe do'n ochtmhadh Hannraoi,
agus do ghlac teidealacha Gallda uaidh, admhuigh-
tear indiu nach raibh aon cumhacht aca é déanamh
agus go raibh an margadh sin ar neamhní, nach
seasfadh sé acht chomh fada is sheasfadh an neart bhí
taobh thiar dhe; aon mhargadh déanfar indiu shéan-
fas aon chuid de'n cheart ar an náisiún seo, aon
mhargadh déanfar agus nach ndéanfaidh marach
neart Shasana, ní ceanglóchaidh sé an glún seo ná
an glún thiocfas n-ár ndiaidh. Má chuirim piostal
le cluais duine, agus má bhainim a sparán dhe
agus má chuirim íallach air a rádh gur liomsa an
sparán sin ó cheart, ní ceangal ar an duine sin
an t-admhachtáil ab' éigin dó thabhairt uaidh i
n-aghaidh a thola; ní ceangal ar an nglún thiocfas
nár ndiaidh é, más éigin dúinn-ne cuid dá gceart
dúthchasach náisiúnta leigint uainn i n-aghaidh ar
dtola.
B'fhéidir go n-abróchaidhe liom nach mbéadh aon
mhaith i n-aon Chonnradh idir dá náisiún, go bhféad-
fadh ceann aca é briseadh nuair d'fheilfead
dhóibh sin a dhéanamh. Ní amhlaid atá ar cor ar
bith: Connradh idir dhá shaornáisiún déantar go
taoilteannach gan lamh láidir tá brígh agus buaidh
leis an gConnradh sin agus ní ghéadfaidhe é bhris-
eadh le onóir. Níl aon duine d'fhéadfadh a
rádh le fírinne gur Connradh de'n tsórt sin an
Connradh atá ós comhair Dála Éireann i láthair
na huaire seo; dá mbéadh comhaireamh ceann ann
ar maidin, cé aca a bhuaidfeadh Saorstáit ó
Poblacht? Caithfear admhachtáil go mbéadh for-
mhór mór millteach ag an bPoblacht; acht caithfear
glacadh leis an bpighin bheag toisg gan deis againn
an pighin mhór bhaint amach.
Glacadh no gan Glacadh?
Glacadh leis an gConnradh, nó gan glac-
adh — cé aca ba chóra dhéanamh. Dá mb' ionnan
's a rádh nach bhféadfaidhe coisméig eile ar aghaidh
a thabhairt ar shlighe na náisiúntachta iomláine thabh-
arit le onóir dá nglactaoi leis an gConnradh
seo thug ár dTosgairí anall chugainn ó Londainn,
is beag duine chuirfeadh ainm leis cuma céard a
thiocfadh. Acht ní amhlaidh atá. Tig linn bheith
ag dul ar aghaidh i gcomhnaidhe le onóir faoi'n
gConnradh go mbainfear an tsaoirse iomlán
amach. Nuair bhéas na Comhachtaí atá geallta
dhúinn faoi'n gConnradh againn, agus iad cúig
bliadna abair i bhféidhm, níl comhacht dá láidre
fhéadfas muid a ionnsighe, le aon chuid dár gcuid
féin bhaint dhínn, mar tig linn arm agus gléas
cogaidh dár gcuid féin bheith againn leis an tír
a chosaint; cuirim i gcás go raibh saorstáit de'n
tsórt atá geallta faoi'n gConnradh againn nuair
do thosaigh an Cogadh Gearmáineach nach bhféadfadh
an tír, le ceart agus le neart, an uile fhalach
de'n Ghalldachas chaitheamh dhí, agus saor Chonnradh
fíor cáirdeasa dhéanamh le Sasana, nó a mhalairt,
de réir mar d'fheilfeadh dúinn? An gcuirfidhe
n-ár n-aghaidh? Mise 'mo bhainnidhe nach gcuir-
fidhe: níl aon náisiún dá dhána d'fhéacfadh leis.
Bhéadh ár saoirse iomlán poilitigheachta againn an
uair sin, le ceart agus le neart, gan fiú urchar
a chaitheamh dá mbéadh Saorstáit againn i dtosach
an Chogaidh Mhóir?
Dorchadas na Daoirse.
Ar an taobh eile de'n sgéal, tá daoine ann,
Républiacánaigh córa atá eaglach go mbeidh
muinntir na hÉireann sásta leis an ngléas agus
nach mbeidh tada eile ghá eileamh aca. Ceapann
siad só gcaithfar ar leathtaobh an ideal ar a dtug
na mílte laoch i ngach aois anam, go séanfar gach
gaisgidheach Gaedheal ó Thomás an tSíoda anuas
go dtí an seadaire deireannach thug a saoghal ar
an gcroich i Mountjoy; daonie gan mórán muin-
ghín aca as a dtír na daonie a cheapann é sin
agus ní fiú iad mórán áird thabhairt orra. Ní
thuigeann siad go bhfuil toil chun saoirse iomláine
go doimhin i gcroidhe na nÉireannach agus nach
gclaoidhfear an toil sin go brách acht an oiread is
múchfar an teine d'athain Pádraic Naomhtha ar an
gCnoc fadó. Dá mhéid ar n-eólas agus ár dtaigh-
ithe ar an Saoirse, is amhlaidh is mílse agus is
aoibhne linn í. An sglábhaidhe a bhí sáithte síos i
ndorchadas na daoirse le cuimhneam na bhfear ní
áil leis an tsaoirse; mar bíonn sé eaglach roimpi;
acht an duine atá i gcleachtadh na saoirse nó cuid
dhi, ní shasóchaidh aon rud eisean acht an t-iomlán.
Tá an múineadh sin le baint as stáir gach tíre bhí
i mbraghdanas tráth. Sé tús agus deire an
sgéil go bhfuil subtsaint na saoirse le fágháil ag
an tír faoi'n gConnradh, agus gur féidir linn an
tsaoirse iomlán bhaint amac san am le teacht má
glactar leis an gConnradh anois, agus ní móide
go n-eireóchadh linn é shaothrú ar aon dóigh eile.
Tá aon rud amháin eile le rádh agus ba chóir go
mbéadh muinntir na tíre seo mórdhálach as mar
tá fáth aca leis: an difrigheacht mhór a bhí agus
atá idir treóraidhthe an phobuil faoi ghlacadh nó
gan glacadh leis an gConnadh, níor chuir an oif-
righeacht sin isteach ar aon bealach ar an gcáird-
eas aoibhinn bhí eatorra ó thús, ná ar an muinghín
bhí aca as a chéile. Dá mba i n-aon tír eile bhéadh
an difrigheacht mhór seo idir dhaoine, ná i nÉirinn
féin roinnt bheag de bhliadhantaibh ó shoin nach ann
bhéadh an sgolladh agus na focla cruadha nimh-
neacha! Nach ar Éirinn atá an t-athrú mór tagtha
agus nach é an t-athrú le feabhas é!
Fearlaoi Emmet.
Ní bheidh sé de chead ag muinntir na hÉireann
feartlaoi Emmet do sgríobhadh faoi'n gConnradh
nuadh seo, acht beidh sé n-a gcumas a leacht a thóg-
áil, acht gan nadubhradáin ná sínte fada chur ar
na foclaibh: tá sé de cheart againn a leacht a thóg-
áil i mBaile Átha Cliath, san mball ar thug sé a
anam ar son a thíre, agus feartlaoi sgríobhadh i
litreacha móra soillseacha electreacha i n-aghaidh
na spéire, acht gan síneadh chur ar aon ghuthdhocal,
nó dubhradáin chur ar aon chonsonan, agus é fhág-
áil annsin gan críochnú, 'n-a dubhshlán ag an
tsliocht bhéas ann n-ár ndiaidh, agus súil le Dia
againn go gcuirfidh siadsan deis ar an gcuid
de'n obair fágfar gan déanamh ag an nglún seo.
CEANN CAIT.
DO'N LEIGHTHEOIR
Tá agam duit annso a léightheoir, adhbhar mach-
tnaimh in aghaidh an lae. Is iomda rádh a bheidh le
fágháil annso. Tá mín agus garbh ann, iseal
agus uasal, naomhtha agus saoghalta d'réir mar
a dirfidh siad. Tá siad cnuasuighthe agam mar
a fuaireas iad 'nár leitridheacht dílis féin. Is
in leitiridheacht tíre atá éifeacht agus meon agus
croidhe a muintire mar is innte atá curtha síos
go beacha agus go soiléir ar ghníomhartha gaile
agus gaisce a sár fhear groidhe. Is innte atá
le fágháil deágh-tréithe agus dílseacht a bantracht;
is innte atá tagairt dá h-éigse agus dá lucht
oideachais agus árd-léighinn; is innte atá teacht
ar ghile agus finne agus ar dhóchas na h-óige.
Tá an teampal ar lár. Tá an fiaghaile agus
an neantóg agus an Lus Mór ag fás go fairsing
gan teora mar a mbíodh an naomh ag tabhairt
moladh agus glóire do Dhia le lán a chroidhe de
dhúthracht agus mar a gcaitheadh gasra firéin an
lá ag obair go saothrach ag déanamh rudaí áilne
le maise inntinne agus láimhe. Acht buidheachas
le Dia, má tá an teampal sin ar lár féin tá
an creideamh a thóg é an chéad lá beo fós agus
an grádh tíre le n-ar deineadh an iodhbairt is
treise gan aithis gan eagla, tá sé beo fós. Agus
an fhaid a mhairfidh siad sin i gcroidhe na ndaoine,
mairfidh spioraid agus uaisleacht an náisiúin.
Cuireann an spioraid sin mineach a sinsire 'na
n-aigne agus spriocann sé an t-aos óg chum
saoirse a dtíre do éilaemh agus do bhaint amach.
An t-anam a chuir Dia sa duine ní féidir é
d'aithriú. Is mar sin de spioraid náisiúin.
Is mairg a bhíonn gan adhbhar machtnaimh, agus
an té bhíonn in aonar, ní uaigneach do an fhaid a
bhíonn sé ag maranna ar rud éigin — uasal nó
greannmhar. Is minic nach mian le duine a chaipín
machtnaimh a chur air féin, agus níorbh' fhearra dho
rud a dheanfadh sé idir an dá linn ná leabhar
beag a tharraing chuige cois na teine. Leis an
inntinn sin iseadh capadh duit-se a léightheoir an
cnuasacht so.
EANAIR.
An Chéad Lá.
'Dir fhear agus bean, 'dir óg agus críona!
Bail ó Dhia orainn i dtosach na bliadhna!
Go gcumhdaigh Muire Mhór sa tslighe sinn!
'S go mbeiridh Dia Mhór ar an aimsear seo arís
sinn!
[Eilís ní Partholáin.
An Dara Lá.
D'éag Seán Ó Dubhghaill, 1868.
Ná bídh sásta le taidhrithe amháin bíd ag dian-
iarraidh bhur dtaidhrithe d'fhíoradh, taidhrithe ná
deineann gníomhatha uaisle dhíobh is taidhrithe baoise
gan bhrígh iad.
[Eamon de Bhaléra.
An Tríomhadh Lá.
Cath Chinn tSáile, 1602.
Bíonn dóchas agam … an dóchas go
bhfuighbhead mo pháirceanna áille ar ais arís. An
dóchas go ruaigfead na stroinséaraí as an teach.
[“Caitlín ní Uallacháin.”
An Ceáthramhadh Lá.
Is minic gan fios a ghuidhe féin ag an duine,
agus nuair tá sí faighte aige badh é badh fhearr
leis uaidh í.
[An Dr. Ó Siothcháin.
An Cúigmhadh Lá.
Suairc an ceól le croidhe gach éinne
Uasal óg is íseal aosta,
Suairc fé dhó le buidhean de Ghaedhealaibh
Ceól is réim na píbe.
[Tórna.
An Séamhadh Lá.
Imthighean na bríathra le gaoith, ach mairfidh
na gníomhartha maithe agat féin, is ag cách id'
dhiaidh.
An Seachtmhadh Lá.
Béidheadh stór ag an stórach, ní baoghal dí
Béidheadh bó-lacht gan baodhachas 's fós
A stóir dhíl! do stórach má thréigfir
Gan stóradh ná ré 'gat am dheóidh.
[Sean Amhrán.
FEILE NA n-OGLACH
LIAM P. O'RIAIN DO SCRIOBH. 1/- NET, 1/2 POST FREE.
FLEADH FILIDHEACHTA.
POEMS OF THE HEROIC PRESENT.
Seo an Soisgeal ata ionnta —
“'Se an Bar Buadh is breaghtha, Barr ar nDichill.”
FILL IN THE COUPON UNDERNEATH. WRAP YOUR P.O. OR CHEQUE IN IT. WE WILL DO
THE REST.
THE GAEL CO-OP., LTD.,
73 Lower Mount Street,
Dublin.
Please send me “Feile na n Oglach,” for which I enclose 1/2.
Name
Address
SOLAS DON MAC LEIGHINN
“RENASCENCE.”
“MARANN BEIGH GAEDHIL ROIMH AN CHAISC,
1916.”
A Éire is duit mo shaothar, is leat mo shaoghal,
Adeirid liom lucht céille gur baoth mo bhearg,
gur baoghlach
Go bhfuilim ar díth céille, go gcaillfead me féin;
Mo cháirde ní'lid sásta muna bhfuil fánaire dem'
leithéid.
A amadáin, adeir mo mháthair, glac stuidéar
Is ná bhí ar rith mar táir, mar a bheadh leanbh beag
gan chéill.
Tá mo leath cháirde le h-áthas im' spreagadh,
Is á rádh mo grádh tú, táir go diabhail;
Is cuirid romham-sa fáilte i ngach áit 'na mbíonn
mo thriall.
Acht ní fheicim-se san áireamh an sár fhear geal
ná sior
A leagfann féin mo láimh air, 's a dhéanfadh dom
mo riar.
Nuair a thagann tóir im' chrádhchant mo cháirde
brughaid siar
Is bainid desna sála is fágaid me fé Dhia.
Mo namhaid ní gall a áirighim, acht dream de
clann na nGaedheal;
Bhfuil cam is feall 'na stáir úd, de chionn a
mbearta claon.
Ní beann leo leann i dtabhairne gan greann a
dhéanamh ar Ghaedheal.
An breall nach dall atá sé an rann atá 'ca go
léir.
Nach airatá an t-eirghe anáirde is nach aithnid do
é féin.
Is amhlaidh do clanna Gaedheal; mo mhairg mo
léan. Tá a gcroidhe calcuighthe le h-ainbhfios le
h-aindise agus le fallsaí an tsaoghail. Táid ar
lár — an t-anam caithte leo, an croidhe caillte
acu. Táid fé sháil an tSasnaig; é ag siubhal
anuas sa chorp orra agus gan cor asta, ná cás
orra 'na thaobh. Táid meallta, meathta, caithte
in éadóchais gan súil le faothamh go deo. Táid
sásta leis an staid sin. In aindise dóibh, agus
is ó aindise dóibh, agus is ó oindise go h-aindise
dóibh. o n-agfaidh.
Is leamh iad so, mar ráidhte, is lag, is faon
Acht maireann fós i gllár Luirc gasra firéin,
A scaipfidh ceo gan spléadhchas amach ar fuaid an
tsaoghail,
'S a bhearfaidh leo go bráth dúinn ceart is reacht
na nGaedheal.
DÁN NA CÁSCA.
Fonn — “Ingheann an faoit fn nGleann.
I.
A Mhuire Naomhtha fuasgail, tabhair dom féith is
fuadar
Is bríathra béil dom cuardaig chum mo scéil a
chur i gcrích;
Mar ta m'inntinn buadhartha is im' néalta ní'l
aon tsuaimhneas,
Ó gabhadh de phléir i bhfuar fhuil 'nár scuainthe sár
fhear Gaedheal.
II.
Mo ghrád na sár fhir néata a chuir a lámha le chéile
Chum a 'sbáint do lucht an tsaoghail seo gur sinn
féin sinn féin go deo
Cé go bhfuilid doimhin fé chré thíos is curtha i gcéin
fé ghéar ghlais
Bainfear díol de mhéirlig len a samhail i nÉirinn
fós.
III.
Tá na gala phuic go craosach ag iarraidh an fhuil
thaoscadh
Le púdar is le géar nimh is le dainsiúin dorcha
dubha;
Ní bhfuighdís iad do thraochadh nuair a bhíodar teann
sa scléip leo,
Acht lámhadar iad mar fhaolchoin 'na seasamh os a
gcomhair.
IV.
Is deacair ar an té úd nár théidh an braon in
fhéith istig
Nuair a shéid na pléi trí éadain plúr na bhfear
gan cháim;
Acht na madraí gan truagh mhéil ní airighim iad ar
aon chor
Mar b'fhada iad gan méile ar shár fhuil na nGaedh-
eal.
V.
Pé do dein an fóghla go dtaga an treighid go
luath air,
Pianta ifrinn naoi n-uaire ní mór liom do gan
mhoill;
Tocht is traocha á mhúchadh, luighe ar leaba amugha
air,
Ceailbhean is liútar á rúsca dtí 'n diabhal.
VI.
Tá máthair Phéirs ag géar ghol is a dhrifúirín in
éaghmais,
A Íost ós Tú céasadh tabhair faothamh dóibh 'na
gcás;
Is an triúr déag a bhí taobh leo a fuair an raoba
céadna.
Ná ceill an suaimhneas saoghalta ar an méidh atá
'na ndeoidh.
CEANGAL.
Maidir leis na séimh fhir atá mar sin in éag uainn,
Mairfidh siad in Éirinn faidh a bheidh féar ag fás;
Grádhlar a dtír féineach, ghabhdar bás á saoradh
'Sé 's lugha 's gann do Ghaedheala a mbuanú go
bráth.
Cuireadh thar sáile gach fear a bhí páirteach agus a
raibh amhras láimhte air insan tír;
I bpríosúin dhorcha bhíoda sáidhte ar feadh chúig
ráithe gan áit le luighe;
Ba ghairid tar éis sin gur tháinigh scéala go rabh-
dar saor agus amach arís,
Cuireadh rompa na tuartha fáilte is bhí teinte
cnámh dóibh i ngach árd sa tír.
Go mbadh fada buan iad chum ár gceart a phlé
dhúinn
Is cham meas do thuilleamh do Cháit ní Dhuibhir.
GAEDHILGORÍ,
NUAIR A BHÉIDH TÚ I nGLARIU, TABHAIR
CUAIRC DO
SRÁID NA CORÓIN, a 54
FEAR AN TIGHE: TOMÁS MAC EUFIOTH.
CEACHTANNA GAEDHILGE
CEACHT A 10.
Verb. Present Tense.
Buailim
Buailir
Buaileann sé, sí
Buailimíd
Buaileann sibh
Buailid
Buailim, I strike.
Eirighim
Eirighir
Eirigheann sé, sí
Eirighmíd
Eirigheann sibh
Eirighid
Eirighim, I rise.
The present tense of the verb is based on
“bím,” not on “atáim.” Hence “buailim”
means I strike or I do strike.
Teigheam Mícheál Ó Bhriain go dtí 'n aonach uair
sa mhí. Feirmeoir iseadh é. Díolann sé beithidhig
agus ceannuigheann sé beithidhig. Ar an Mháirt a
bhíonn an t-aonach. Eirighann sé go moch ar maidin
agus glaodhann sé ar a bhuachaill. Tománann an
bheirt aca na beithidhig go dtí'n aonach. Seasann
an buachaill leis na beithidhig ar aon aonach. Siubh-
alann Micheál timcheall, tar éis tamaill tagann
fear, agus ceannuigheann sé na beithidhig. Cm
thráthnóna fágaid an t-aonach.
CEISTEANNA.
Cé theidheann dtp 'n aonach. Cad a dhéineann
sé ann? Cathain a bhíonn a t-aonach. Cad é an lá?
Cad déineann Micheál ar maidin? Cé tománann
na beithidhig? Cé seasann leis na beithidhig? Cé
thagann? Cathoin a fhágaid an t-aonach?
GLUAIS.
Teigheann, goes.
Uair sa mhí,
once a month.
Beithidhig, beasts.
Díolann, sells.
Ceannuigheann, buys.
Go moch, early.
Glaodhann, calls.
Tománann drives.
Seasann, stands.
Siubhalann, walks.
Timcheall,
around, about.
Tar éis tamaill,
after a while.
Tagann, comes.
Ceannuigheann, buys.
Fágann, leaves.
AN t-ATHAIR MARTAN.
“Chuaidh me isteach. Árd Aingeal áluinn a bhí
romham. Bhí scíotháin air a bhí chomh dubh le daol
agus an brat a bhí air bhí gileacht ag teacht uaidh
níos treise na gileacht na gréine. Bhí eocair
mhór ar sileadh as chrios a bhí thimchall air. Bhí
cleite 'na áimh agus é ag scríobhadh leis — cra-
cra-cra — in leabhar mhór, leabhar ní ba mhó ná
leabhar Naomh Peadair.
“‘Cad a thug annso thú?’ arsa an t-Aingeal.
“‘A Aingil áluinn Dé,’ arsa mise; “ar lorg
eolais atáim. Béidir go mbeinn ró-fhiosrach.
Má bhím ná tóg orm é. An bhfeaadr tú dhom
'dé mhéid de mhuintir an Charainn annso agat?’
“‘'Dé mhéid de mhuintr an -- i 'Dé'n ainm
adeir tú atá ar an áit?’
“‘An Carann — mise sagart paróiste an Char-
ainn.’
“‘Ó seadh, anois a chuimhnighim. Tusa an t-Athair
Mártan.’
“‘Mise an fear céadna.
DAOL. Dearg-daol no darbh daol.
TREISE. Níos láidre.
CLEITE. Peann.
AG SCRÍOBHADH. Ag scríobh.
TÓG. Gabh mo leath sceul. “Ní'l aon tágaint
air.”
AN bhFEADAR TÚ DHOM. An dtabharfá an
t-eolas dom.
SLIABH NA mBAN.
V.
Is iomdha fear aosta is crobhaire gléigeal
Ó am go chéile do chuaidh thar lear,
A bhfuil córdaí caola ag baint lúth a ngéag díobh
I ndainsiúin daortha go doimhin fé ghlas.
Gárdaí taobh leo ná leomhfaidhe sméid orra
Ag déanamh pléidhe dóibh i dtíortha thar lear,
Á dtabhairt saor ón a namhaid gan bhuidheachas
In am an tsaothair ar Sliabh na mBan.
CROBHAIRE. Fear garbh láidir.
SEAL. Tamall, scathamh.
LÚTH A nGÉAG. Néart a lámh.
GÁRDAÍ … orra. Bhí an-choinne ag
muintir an eirghe amach in '98 le cabhair ón
bhFrainc. Bhí an Sasnach a umhlú don
bhFrainc an uair seo mar bhí an chomhacht ag
an bhFrainc. 'Sí an Frainc na gárdaí
annso.
LEOMHTHAÍ SMÉID ORRA. Ná leigfeadh eagla
baint leo.
AG DEANAMH PLÉ. Ag déanamh cirt.
AM AN tSAOTHAIR. Am an chatha.
AISTÍ. (1) Comhrádh idir Muinteoir Gaedhilge
agus múinteoir náisiúnta.
(2) Scéilín. Madra leanb agus tobar.
(3) “An rud badh mheasa leat ná an bás
ní bheadh fhios nárbh' é lár do leasa
é.”
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11