Historical Irish Corpus
1600 - 1926

An Claidheamh Soluis' agus an Gaodhal, agus Eile

Title
An Claidheamh Soluis' agus an Gaodhal, agus Eile
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1903
Publisher
Nolan Bros

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


"An Claidheamh Soluis"
agus An Gaodhal.



Tá ár g-cómhaimsireach, "An Claidheamh Soluis,"
an-dhian go léir ar An Gaodhal, agus is mear,
agus is eadhtrom-chroightheach a dhaorann se
sinn, gan puin n duadh i chuir ar féin chum na
cúise a thuigsint sul ar thug sé a bhreith nimhneach,
thuathalach. Leigean sé ar go d-tuigeann sé gur mar
gheall ar nár' toghadh sinn ar an g-Coiste Gnóta is
eadh faoi n-deara dhúinn craobhsgaoileadh a dhéanamh
ar an achrann a chuir Connradh na Gaedhilge in America
faoi bhuan-tharcuisne.



DO thugamar tuairisc ar chóimhthionól Philadelphia
ar an ádhbhar céadna go d-tugann Irisleabhair eile
tuairisc ar nídhthe in a g-cuirid siad suim. Níor chuir-
eamar bréag ar aoinne, & níor chuireamar síos acht
corplár na fírinne, acht is sean-fhocal é go m-bíonn
an fhirinne searbh go minic. Ní sinne do tharraing is-
theach san n-earráid so ainm aon duine atá i nÉirinn,
mar nách é Dochtúir Ó hIceadha féin a sháthaidh a cheann,
gan ghádh, gan ríochtanas san imreasg:& do dhéan sé
é so ní mar mhaithe leis a g-ceart, acht chum comain a
chuir ar a achara, an t-Athair Yorke. Tá a fhios againn
'nuair a bhí an t-Athair Yorke a cuir sínntiús airgid
go d-tí Connradh na Gaedhilge gur chum Dochtúir Ó h-
Iceadha a sheól sé é i n-ionad é chuir ar aghaidh go d-tí
Cisteóir Connartha na Gaedhilge.



Ní fhuil aon nídh bus os cionn annso acht amháin go d-
taisbeánnan sé go bh-fuil an bheirt dhaoine uaisle so
an-dhlúith le chéile i g-cáirdeas. Dhéanadh an Dochtúir
a ghnó go ríg-mhaith & a láimh a coiméad as earrád ná
raibh aon chrinn thuairisc aige uirthi, agus ní rid chóir do
thaobhúghadh le duine i d-troid mar gheall ar cháirdeas
nó caidreamh.



Tá obair mhór le déanamh i gColláste Mhagh-Nuadait
tá mollacha do shean-scriobhanna ann i dreógh, agus tá
mórán do fhearaibh óige ann go bh-fuil fonn ortha chum
Gaedhilge foghluim, acht is oth linn a rádh gur beag do'n
t-saothar a thuitinn le láimh Oide na Gaedhilge.



Badh mhaith leis an g-"Claidheamh" go n-déanfaimís
pé troid a bhíodh ar láimh againn i nGaedhilg. Caithea-
mar ár d-tuairisc a thabhairt i m-Béarla mar na
daoine a fuair an "Buaidh" dár leis an g-"Claidh-
eamh" ní thuigfidís aon teanga eile, agus ní'l ceathrar
i n-a 'measg a fhéadfadh "an madradh a chur amach" i
nGaedhilig. Nách iongantach ná cuireann an "Claidh-
eamh" a bhriathra féin i bh-feidhm.



Níor tháint sé linn nachor an troid leanbhaidhe a
bhí idir an "Claidheamh" agus sagart in Arainn, a fhaic-
sint clódhbhuailte i d-teanga na n-Gall. Agus an
fear i nÉirinn a measg é féin i d-troid na nGaedheal
san tír so, is sé an fear ceana atá a m-bun a's m-
bárr na troide idir an "Claidheamh" agus an t-Athair
Ó Fearachair Is éachthach go deó an cion atá aige
Dochtúir Ó h-Iceadha an achrann, agus fógramaíd ar
bhuidhean na Gaedhilge gan leigint do féin ná do aon
eile teacht idir iad agus cúis na teangan, Tá sé
mar locht ar chuid d'ár n-daoine go h-áirighthe ar
dhaoine go bhfuil a bheag nó mór do theidil aca, gur
dóigh leó gur bh'as an ndruim a éirigheann an grían.
Go Saoradh Dia ó'n saghas sin daoine, saghas
beag-ghnóthach mór ghlórach.



Ní raibh riamh aon caitheamh againn a bheith ar Choiste
Gnótha Connartha na Gaedhilge in America. Bhíodhmar
le trí nó ceathair do bhliadhnaibh ar an g-Coiste-so, &
d'ár n-aimhdheóin is eadh toghadh sinn gach bliadhain. Is
sé an "Claidheamh" an chéad pháipéir a dubhairt go
rabhamair ar lorg oifige ná aon teidil eile ó Chonn-
radh na Gaedhilge, agus sin rud n'ár chuir ár namhaid
na ár g-cáinteóiridhe faoi 'n ár leith.



Thug an "Claidheamh" a thuairim, agus thug sé í ar
d-tuathal. B'fhéidir ná fuilimíd gan locht, acht níl an
"Claidhemah" gan bhreall, & deirimíd leis anois, má
bhuaileann sé san leacain dhéis sinn ná beidh aon fhonn
orrainn pléasg eile i fhulaing uaidh ar an leacain
chlé.



Do thug Dochtúir Ó h-Iceadha, leas-uachtarán Chonnartha na
Gaedhilge, óráid bhríoghmhar uaidh i Liobharpúl isd' oidhche Dia
Luin. Do thrácht sé thar chúis na teangan, a fás agus a feabhas.
Ní'l amhras nágur fhás sí go h-éachtach. agus badh bhuntaisteach an
rud dá g-cuirfidhe i n-umhail do Ghaedhealaibh cad iad na h-adhbhair
do thiomán chómh tapaidh í chum cinn. Is soiléir go bhfuil na daoine
os a cionn ag obair go dian. Is beag uainn aca chum cunntas na
cúise d'aithris, is beag dúil aca a saothar féin do moladh. Ní minic
deagh-Ghaedheal ag maoidheamh as a bhreithribh féin.



Admhuigheann Dochtúir Ó h-Iceadha gur beag eolas ar chúis na
teangan fós ins na dúthchaibh Gaedhealacha. Is greannmhar an scéal


L. 22


é seo, má's fíor é, agus Timthiridhe í Chonnradh na Gaedilge ag
taisteal na tíre le trí nó ceathair de bhliadhantaibh. Ní deacair
a thuighsint nár' chuir na daoine aon an-shuim i g-cúis na teangan
cheithre bliadhain ó shoin, acht ní féidir aon leith-scéal do bheith aca
anois. Is beag seachtmhain 'na go g-clódhbhuaileann Connradh na
Gaedhilge Leabhairín léigheannta i m-Béarla bríoghmhar & scaip-
tear na leabhairínidhe seo gan staonadh ar fuid na dúithche. Do
chuir an chéad leabhairín aca so, clódhbhuaileadh cheithre bliadhna ó
shoin, crith-eagla ar Cholláiste na Tríonóide, agus, 'ná theannta
soin, do cuir sé Connradh na Gaedhilge féin ar an m-bealach ceart.
Go d-tí sin bhí sé ag dul amúgha: seo mar innstear dhúinn ar aon
chuma. Ó shoin anuas cuireadh deich leabhairínidhe ficead éigin i g-
clódh i ndiaigh a chéile, agus is beag 'ná go raibh gach uile ceann
aca cómh fóghanta leis an g-ceann tosaigh.



Nár' mhaith an rud dá g-clódhbhualfaidhe leabhairínidhe beaga i n-
Gaedhilg agus iad do scaipeadh ins na dúthaighibh Gaedhealacha. Is
mó suime chuirfeadh na daoine ionnta, is feárr a thuigfidís iad go
mór. Agus b'fhéidir leis go g-cuirfeadh na leabhairínidhe seo eagla
ar Cholláiste na Tríonóide. Má chuir duilleoigín i m-Béarla
fhiachaibh ar leóghantaibh an Dhin Ghallda so rinnche cogaidh do
dhéanadh mór-thímcheall scríobhnóra na duilleoga, is beag baoghal
ná go m-bainfeadh duilleoigín i ngaedhilig geit asta cómh maith.
Bá chóir, go h-áirighthe, go g-cuirfeadh na leabhair Gaedhilge go léir
atá scríobhtha ag an Athair Ó Duinnín crith-eagla — náire, nó eagla,
ar a laighead — ar na peithnidheachaibh diomhaoine i g-Colláiste Eibh-
lís, labhrann go h-árd i d-taoibh na teangan, acht ná gnídheann
faic eile ar a shon. Ní dócha gur chum an Ghaedhilig do chur i bhfeabh-
as tugtar an tuarasral mór doíbh seo amach; is dóithighe go mór
gur chum i do mhilleadh é.



Le bliadhain no dho scríobh an t-Athair Ó Duinnín "Cormac Ó
Conaill," "Cill Áirne," "Dánta Uí Dhonnchadha," "Dánta Eoghain
Ruaidh," "Dánta Sheafraidh Uí Dhonnchadha," "Dánta Sheaghain Chlár-
aigh," "Beatha Eoghain Ruaidh," & "Prós Gaedhealach," agus leabhair
eile nách iad. Ba chóir go g-cuirfeadh na leabhair seo, gan trácht
i n-aonchur thar an bh-Foclóir, critheagla ar mhuinntir an tuaras-
tail mhóir is an díomhaointis, i g-Colláiste na Tríonóide. Ba chóir
go g-cuirfeadh "Creideamh 's Gorta" agus "Tobar Draoidheachta"
dearg-náire ortha. Dá ndéanfadh gach Gaedheal oiread oibre le h-
ughdar na leabhar sé, nó ná n-déanfadh "Scolairidhe" na Gaedhilge
a ficheamhadh chuid féin ní bheadh aon easba litreachta orrainn feas-
ta. Acht is suarach an maitheas súil do bheith leis seo do réir gach
deallraimh.



CLÓDHANNA NUADH.



"IRISLEABHAR NA GAEDHILGE."



Irisleabhar Gaedhealach is eadh Irisleabhar na Gaedhilge
anois, & ní fhaiceamar ó chuireamar aithne ar aon uibhir
co bríoghmhar, có dhéigh-feicsionta ná có Gaedhealach le
h-uibhir na Nodhlag. Tá culaith breágh nuadh ar, & tá
pictiúiridhe ró-áilne ar gach duilleóg dé, agus is fur-
aiste aithint go bhfuil an clisteacht dhruidheachtamhail i
cidhtear is na sean leabhraibh ag aithbheódhugadh arís, &
ní bhéidhmíd feasta gan lorguraidhe ar an m-buidhean
naomhtha léigheannta, sár eólgach, deas-lámhach a bheacht-
aigh Leabhar na g-Ceall (Book Of Kells), agus na
mór-leabhartha eile a tháinig anuas chúghainn os na
ciantaibh, agus a saoradh ó theine na n-eachtránach
alldhtha.



Ní'l focal Sacsann san uibhir so, agus is mór é ár
d-truaig do'n Éireannach nách fuil uilte ar é a léigh-
eadh. Tá trácht ann ar Fhéis Cholmáin ag an scríobhnóir
bríoghmhar, Pádraig Mac Suibhne; "Scoil Gaedhealach,'
ag "Comán Maol." Is maith an cómhairle atá san alt
so, agus tá an chaint go bog & go blasta mar gach nidh
dá'r scríobh Conán. 'Ba Dubha Locha na h-Eórnan,' ag
"Gruagach an Tobair;" Is álainn go léir an nGaedhilig
atá ag an nGruagach; 'Árdan na nGaedheal,'so trácht
breágh ar an nDráma Gaedhealach, 'Foslonphort Dhúna
Bhuidhe'ag Seághan Ó Muimhneacháin, is maith an tuairisc é
so ar caith Dhúin Bhúidhe, Taobh na Fairrge,' ag "Oisín."
So trácht ar shiúbhail cois na fairrge, agus is deacair
áit ba bhreághtha chum siubhail a ghabhail 'ná an áit chéadh-
na. Do chuir sé a shiúbhail chum sochair mar do tháinig
feartrasna air go raibh an nGaedhilig go blasta aige,
agus do scríobh "Oisín" síos an t-abhrán "An Áit Da'r
Ghabhas" ó chanadh an Gadhealgeóra. Chuir an scríobhnóir
gleus céól air. Tadhg Ó Donnchadha an Fear-eagair,
agus nidh gádh gach sin do rádh.


L. 23


"CILL ÁIRNE."



Trácht an spéar-radharcaibh Locha Léin agus na tíre
'n a thímcheall.



Leis an Athair Padraig Ua Duinnín.



Leabharín iongantach is ead é seo; óir, do réir mar
is í an dúthach tímcheal Locha Léin, ar a ' r' tuairisc é,
an tír is druidheachtamhla feachain agus taisbéanadh
dá bhfuil le fághbhail i n-Éirinn iath-ghlais na seoid-
dheire, is é seó an leabhairín is deise, is anamamhla, &
is tarraingthighe Gaedhilig dá'r' cuimhin linn d'fhaicsin.



Níor bh'fhuaras do gan a bheith, & ní h-ionghnadh linn a
bhéith amhlaidh, de bhárr eolais & fóghlumtha an úghdair &
áilneachta na dúthchaighe ar a g-cuireann sé síos; acht,
uime sin , is iongantas mór linn uimhir na n-dearmad
a tá fágtha fan cheartúghadh i n-eagar na cainte, amh-
ail, chímíd in san réamh-fhocal, "chum sult is scléip do
dhéanamh;" i n-ionad "cum suilt agus scléipe do
dhéanamh; "is linn ar fad í," in áit "is linn í ar fad;"
"le na mílte bliadhain" mar a'r' cheart, "le na mílte
bliadhain;" "is mór is dár d-tír léir-mhaise Locha Léin
dá bh-faicimís í," mar a'r' léir "badh mhór a bh-fiú d'ár
d'tír léar-mhaise Locha Léin dá bh-faicfimís í," an
ceart. Acht ní fhuil slíghe againn chum leanta de so
agus is oth linn aon locht do bheith le faicsin ann.



Tá an t-úghdar cruinn go leór i n-a thuairisc. Ní
léir dúinn acht amháin dh'á dhearmad air. Is dearmad
do a rádh, as bhéal Mhic Uí Shúilleabháin Mhuc-ruis, gur
ab' ar gheallamhain síothchána do mealladh Piaras Feir-
téar go Cill-Áirne, óir is i g-coinibh a chos gan chead
dó do tugadh ann é. Do bhí Piaras Féirtear i bh-folach
i d-tígh an Treantaigh i m-Baile-an-t-sléibhe, i n-iarthar
Fhionntrágha. Do bhraith fear de mhuinntir Léighin é;
gabhadh an Feirtéarach & tugadh go Cill Áirne é; agus
do theich fear a bhraithte tar fairrge, acht do casadh
clann Phiarais air in san Spáin agus d'oídigheadar é.
Is é an dara dhearmad go ngairmeann sé "muintir
Eoghusa air na Husaedhchaibh, agus Muiris Ó h-Eoghusa
ar Mhuiris Husaeidh Chathair-'n-fáinn; óir ní d'aon fhuil
Ghaedhealaigh na Husaeidhigh. Dé Husaedhchaibh Chorca-
Dhuibne de b'eadh muintir Chill Áirne; de theaghlach
Ghalla-thruim i n-Oir-Mhidhe do b'eadh Husaeidhigh Chorca
Dhuibhne, agus badh de sliocht Raymond Husé, a tháin-
ig an-all i g-cosaibh Mhuiris mhic Ghearailt, do b'eadh
Husaeidhigh Ghalla-truim.



Ní fhaicimíd de easnamh air iomláne na tuairisce
acht gan aon ainmiúghadh do bheith inte air naomhaibh
Cill' Áirne ná ar Mhaolsuthain Ó Cearbhaill, agus gan
an aimsir i n-a'r' mhair Dómhnall (na n-gimhleach) Ó
Donnchadha do bheith áirighthe le fuaimeant.



Ó sgilling go dhá sgilling, do réir an chumhdáig, is
eadh fhiacha an leabhair.



"LEABHAR MHÚNAIDH NA GAEDHILGE."



Ag Peadar Mac Fhionnlaoich.



Tá áthas mór orrainn an leabhar so fhaicsint mar is
córtha eile é go bhfuil an Gaedhilg ag dul chum chinn,
agus is mór is fiú dos na Gaedhilgeóirídhe nách bh-fuil
puinn eólas aca ar mhúnadh an stiúrughadh agus an
cabhair atá le fagháil aca ar an eadlann so i leabhair
Mhic Fhionnlaoich. Tá ríaghalata chum na teangan
do mhúnadh annso, agus má thuigtear a g-ceart iad &
má leanta go dúthrachtach dá n' réir beidh an bhóthar
a bh-fad níos réidh na bheidh sé reimhe so chum na teanga-
an a leathanúghadh.



Ní'l puinn meas ag an úghdar ar mhúnadh leabhair
chum eolas a thabhairt ar aon teanga, & is a g-cómhrádh
atá a mhuingín chum teanga a mhúnadh nó a fhóghluim. Is
doigh linn gur aige atá an ceart mar is ó chómhrádh is
eadh d'fhoghluimig gach duine againn pé teanga atá
aige, & má's mian le h-Éireannchaibh Gaedhilig a bheith
aca is sé an slíghe aicionta chum eolas a ghabhál uirthi
i fóghluim ó bhéal an Gaedhilgeóirídhe. Ní cheart do
aon mhúinteóir a bheith 'ghá eaghmais.



Ag so Freagradh Dháibhidh Du Barra air
Cheist Phádraig Cúndún i n-Gaodhal
Mhithimh-an-Fhoghmhair —



Pé air bith fear do scríobh an rann,
'S chuir fírinneach chrosda i laoi na g-crann,
Badh mhaith an radharc duit é gan mheang;
Óir is é Dia do chonnarchais ann.



Na ceithre crainn a d'chonnarcais tria,
An Trionóid naomhtha in aon Dia;
'S táid ceangailte d'á chéile có dluth 'san chás,
Nách fios cia díobh ar a bhfuil an t-aon eile ag fás
Agus muineann ár gcreideamh dúinn gach am,
Go bhfúilid cómhárd, cómhfhoirtil cóimhreamhair.



Do bhí an t-athair 'n a Dhia gan chumasg dhaonda,
'S an Mac 'n a Dhia 's 'na dhuine i n-aondacht;
Do bhí bláth na daonachta ar an Mhac gan bharracht,
A's bláth na diadhachta bhí ar an athair;
A's badh aon toradh dhóich gan chlaonadh;
Óir b'é an d-toil saoradh na cinne daona:
As a chéile ó tád ag fás mar mhaoidhim-se
Do ghnídh a n-uimhir a h-ocht de'n aon Dia cinnte.



CAITHEAMH AN GHLAIS.



Aistrighthe leis an Athair Eohgan Ó Gramhna.



A Pháid a stóir, an g-cuadhlas fós go n-dearnadh aithne 's
dlíghe.
Gan Seamróg bheith ag fás i g-cré na h-Éireann feasta
choidhch'?
Gan lá Fhéil Pádraig chaitheamh, gan duille glas bheith 'r
fágail,
Air fhear nó mhnaoi — súd é an dlíghe as Sasanna anall!
Ó! casadh Napper Tandi dham, a's rug sé ar mo láimh,
"Cia 'n chaoi," ar sé, bhfuil Éire bocht? Nó bh-fuil sí fós d'á
crádh?"
"Sí an tír is boichte cráidhte í dá bhfuil 'san domhan air fad
Gach fear a's bean a chaitheas glas dá g-crochadh suas gan
stad."



Má's é 'n dath le caitheamh, a n-Dearg fuilteach féin,
Ó! cuirfidh sé i g-cuimhne dhúinn an fhuil do dhóirt na tréin;
Cuir dhíot, mar sin, an t-Seamróg, caith uait í, acht na saoil
Nach g-cuirfidh sí a fréamha síos: ní h-eagal dí, ní baoghal.
'Nuair a choisgfear dlíghe na Sasanach an feir ó bheith ag fás
'Nuair a choisgfear sé an duilleabar ins an samhradh ó bheith
glas,
Ó, bhainfidh mé an t-Seamróg de mo cháibhín an lá úd,
Acht leanfaidh mé, le cungnamh Dé, do'n duille glas go súd.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services