Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Eanáir,1900

Title
Eanáir,1900
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1900
Publisher
Nolan Bros

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Ó! A DHÉI GO N-DÉANTAR DO THOIL AIR
AN TALAMH MAR DHÉANTAR
AIR NEAMH.



Bhí mé mo shuidhe ann
mo oifig tráthnóna
amháin an uair chua-
la mé an cár, san
doras ag bualadh.
An uair d'osgail an
searbhfhóghantaidhe
an doras chuala mé
duine ag fiafraighe
an raib an dochtúir
astigh. Dubhairt an
searbhhóghantaidhe
go raibh, agus do threoraigh é asteach san bpár-
lúst go d-tighigh mé féin. Fear tímcheall deich
m-bliadhan a's fiche b'eadh é, agus dubhairt leam
go raibh a mhac an-thinn agus teacht gan mhaill
do d-tighidh é.



An uair tháinig mé go d-tighidh an teach fuair
mé an buachail beag air an anáil n-deireanach,
mar shaoil mé, agus a máthair beagnách as a
céill le buaidhreadh. "A dhochtúir!" do sgread
sí, "ná léig do mo bhuachaill bheag bás d'fhágh-
ail," agus í ag bualadh a bas agus ag gul go
cráidhte.



Dubhairt mé léi go n-déanfainn mo dhíth-
cheall acht go raibh faitcheas orm nách féad-
fainn é do shábháil.



Leis sin do thosaigh sí uirthi air an nós gur
shaoil mé go raibh sí as a chéill.



"A bhean mhaith," arsa mise, "bidheadh ciall
agat! má is sé toil Déi do leanbh do thabhairt
uait bídh toilteach le n-a thoil beannaighthe."



"A dhochtúir, ná h-abair é sin," ar sise, "má
thugann Dia mo leanbh uaim ní mhaithfidh mé go
bráth dó." Ní thabharfaidh sé mo leanbh uaim."
"Ní chaithfidh sé mo leanbh d'fhághail."



D'fhan mé leis an leanch tríd an oidhche ag
tabhairt dhó an uile nídh do shaoil mé do dhéan-
fadh maith dó, agus air maidin do bhídh sé nídh
bhus feárr. Tháinig mé cúpla lá 'n a dhiaidh sin
ag breathnughadh air, agus faoi cheann tamaill
gheárr do bhídh sé chómh-maith agus do bhídh sé
riamh.



Tímcheall mí tar éis an ama so do tháinig
fear do mo choinne go d-tiocfainn ag féachain
air a bhuachaill beag a bhídh tinn. Chuaidh mé
leis, agus, an uair chinairc mé an bhuachaill,
tug mé meisneach dá athair agus dá mháthair,
mar shaoil mé go bh-féadfainn é leigheas.



Righne mé leis gath nídh do dhéanfadh maith dó,
acht faoi chean tamaill, tháinig atharúghadh air
ná r' thaithnigh leam, agus as sin amach do bhídh
sé ag dul i n-donacht.



Dubhairt mé le n-a mháthair go raibh a chríoch
ag teacht.



Do chuaidh an bhean mhaith so anonn go d-tighidh
bórd air a raibh crois-chéasta. Do chaith sí í
féin air a glúinibh; d'fhéach sí suas air Dhia,
agus dubhairt: —



"A Dhéi Mhóir Uile-chúmhachtaigh, má is sé do
thoil bheannaighthe é, fág agam mo leanbh agus
mé i d-taoibh leis, acht, muna b'é sin do thoil,
cuirim céad fáilte roimh go ghrásaibh: go
n-déantar do thoil air an talamh mar dhéantar
air neamh."



Fuair an buachaill beag bás tamall geárr
ann a dhiaidh so, agus do bhainfeadh sé deoir ó
do shúil ag féachain air an fhoighid bheannaighthe
do bhídh ag an mnaoi mhaith so agus a croidhe dá
bhriseadh le buaidhreadh.



Tímcheall le fiche bliadhain 'n a dhiaidh so chon-
nairc mé cúntas san b-páipéar a bhídh mé ag
léigheadh faoi fhear óg a cuireadh chum príosúin
air feadh a shaoghal air shon a athar do mharbhadh.
Shaoil mé gur aithnigh mé an ainm. Taréis
smuaineadh air tamall do bhídh mé cinnte gur
bh'é an buachaill céadna é nách maithfeadh a
mháthair do Dhía dá d-tóigfeadh sé uaithe é an
uair do bhídh sé tinn 'n a bhuachaill bheag fiche
bliadhain ó shoin.



Do chuir mé fárnais faoi agus fuair mé
amach gur bh'é an duine céadna é.



Do mhill a athair agus a mháthair é ann a
thabhairt suas.



* Farnais, enquiry.



<L12>
Mar do bhídh ann a aon leanbh acu do
righneadar peata de, óir do thugadar a chómh-
airle féin dó anns gach nídh, ag dul go h-áitibh
rínce agus ag fanacht amuigh san oidhche go d-
toigeoradh sé féin teacht a bhaile. Ní ghlacfadh
sé cómhairle ó n-a athair ná ó n-a mháthair agus
ní thabharfadh sé cead dóibh aon locht do fhághail
air. Thosaigh sé ag ól, agus ag bagairt air a
athair muna d-tabharfadh sé airgead dó le
h-ól agus chum gach drochnóis dá g-cuirfeadh
sé suím ann. Bhí sé mar sin ag dul ó dhonacht
go donacht. Aon oidhche amháin do tháinig sé a
bhaile go mór air meisge agus thosaigh sé ag
iarraidh airgid air a athair agus an uair nách
fuair sé é do bhuail sé buille de'n tlú san g-
ceann air, agus mharbh é. Air a shon sin do
cuireadh i b-priosún é chómh fad a's mhairfeadh
sé.



Badh mhór an truagh a mháthair; ghoill an
bheart chó-mhór uirthi gur chaill sí a ciall. B'
fheárr doi go d-tabharfadh Dia chuige féin é an
uair bhídh sé 'n a leanbh.



Do chuimhnigh mé féin air an m-bean a bhídh
toilteach air thoil Déi, agus do thoirbhir suas
Dó a leanbh & gan aice acht é. Do chuir mé rómh-
am cuairt do thabhairt faoi na déin, agus tug-
as. An uair righne mé amach an teach a raibh sí
'n a cómhnaidhe ann do chuaidh mé síos chum an
dorais agus do bhuail mé an cán. D'osgail
bean an doras dam agus d'aithnigh mé í go
maith. Níor athraigh sí mórán ó chonnairc mé
í fiche blaidhain ó shoin. D'aithnigh sí mé; chuir
fáilte rómham agus thug cuireadh dam teacht
asteach san b-párlús. D'fhiafraigh mé di cia
an nós a raibh sí féin agus a fear. "Ó!" ar
sise, "tá sinn go maith, slán go raibh tú. Tá
Dia go h-an-mhaith dúinn, míle buidheachas leis."



Leis sin do tháinig óigbhean asteach a thug mé
faoi dheara a bhídh i g-cosamhlacht le bean an
tighe do shaoil mé. Do bhreathnaigh mé uirthi chó
grinn sin gur éirigh bean an tíghe suas agus go
n-dubhairt sí: — "A Dhochtúir Seoighigh tugaim
aithne dhuit air mo inghin Óigh Ní Mháille, A
Mháire so é an Dochtúir Seoigheach."



"Ní raibh 'fhios agam go raibh inghean agat ná
clann air bith," arsa mise.



"Tá inghean agam agus mac fris sin, buidh-
dheachas do Dia," ar sise.



"Maiseadh, buidheachas eile leis," arsa mise
"agus ní'l iongantas agam ann go m-beannó-
chadh Dia tú air shon do úmhalaigheachta dá thoil
bheannaighthe."



Leis sin do tháinig a mac asteach ó choláiste
Athaireach Íosa. Fear óg, breágh, macánta,
foghlumtha, a chuirfeadh bród air chroidhe deagh-
dhuine air bith, Chuireadar d'fhiachaibh orm
fanacht go d-tiocfadh a n-athair a bhaile, agus
ní fhaca riamh aon chomhluadar có beannuighthe i
n-grádh a chéile mar bhídh siad.



Ní raibh iongantas agam go silfeadh Dia a
bheannacht air an m-bean a dubhairt, an
uair do bhídh a h-aon mhac ag fághail bháis, Ó! a
dhéi go n-déantar do thoil air an talamh mar
dhéantar air Neamh.



Steafan L. Seoigheach.



AN T-ATHAIR EOGHAN Ó GRAMHNA.



ANN Eaglais Naoimh Shéamais i m-Bostún,
an ficheadh lá de 'n t-Samhain so a ghabh thar-
ainn, do bhídh Aifreann árd do anam an
Athar Eoghain Uí Ghramhna air fhoráileadh
Chumhainn Ghean-Ghaedhilgigh Bhostúin.



Is sé an t-Athair Uilliam Mac Pháid badh shag-
art, an t-áthair Seághan Ó Buadhcháin badh
dheochain, & an t-Athair Donchadh Ó Luíghidh badh
fhó-dheochain. Tar éis na Comaoine do chuaidh
an t-Athair Mícheál O Macháin, ó Eaglais
an Chroidhe Naomhtha i g-Camdhroichead, ann
san g-crannóg, agus do labhair sé mar
leanas:



"Is beannaighthe na mairbh a fhaghas
bás san Tighearna; as so amach
anois, a deir an Spioraid, gur
féidir leo cómhnaidhe ó na g-cúr-
am: óir leanann a-n oibhre iad,"
— leabhar na d-Taisbéanadh, XIV.
13.



A Chairde, — Támaoid cruin-
nuighthe le chéile chum íodhbartha an
Aifrinn do chur suas ag Dia
le slán anama fir uasail óir-
dheirc atá tógtha as ár measg,
Atámaoid cruinnighthe go brónach mar an g-
céadna, acht fós úmhal do bhreitheamhnas neamh-
sgrúduightheach uile-eagna Dé, a thug aige féin i
n-óige an spioraid neamh-chealgach ionnraic sin,
a righne an oiread oibre chum suas-árdaighthe a
chinidh Éireannaigh féin, tré n-a iarrachda
neamh-thuirseacha le foilsiúghadh do'n domhan
áilneacht, agus binneas, agus blas teangann
ársa na h-Éireann, teangan a Naomh agus
na saoi, agus le taisbéanadh a mór-luaigh
ameasg Beurladh an t-sean t-saoghail, agus an


L. 13


t-saoghail, láithrigh mar an g-céadna; agus a
neart chum staire críche agus creidimh do
chruinniúghadh agus thuigsin, ní h-amháin i n-
Éirinn acht i ríoghachtaibh iartharacha na h-Éor-
pa. Is geárr do mhair sé; is mór an obair a
righne sé, agus is mó 'ná sin an obair a thionn-
sgain sé. I m-briathraibh na sgríbheann Diadha,
"Righne sé iongantais ann a bheatha féin," agus,
uime sin, is fiú é a mholadh go binn, agus a
shompla do chongbháil as ár g-cómhair. Go d-
tugaidh Dia an meisneach agus an rún daing-
ean, uasal dúinn a chuid oibre do chongbháil air
bun, agus a leanacht go cóimhlíonadh, chum
árd oidis ár g-cinidh, chum méudaighthe fíor-
eolais an domhain agus mór-ghlóire Dé Uile
chúmhachtaigh. Is ó stát iartharach ár d-tíre
glórmhaire do tháinig — mar ghuth ó bhun spéire
dorcha na h-oidhche — an sgéal againn go raibh an
t-Athair Eoghan Ó Gramhna imthighthe uainn go
deó. Agus is le ceart-eolas air ár g-caill,
agus aníos ó dhoimhneachtaíbh ár g-chroidhtheadh
chuirimíd beannacht Dé le n-a anam,



Do rugadh Eoghan O Gramhna a b-paróiste
Átha-Buidhe, i g-Contae na Midhe, sé bliadhna
deug a's fiche ó shoin. Ní raibh Gaedhilg ag a
athair ná ag a mháthair. Go deimhin, ní raibh a
fhios aige i n-a óige go raibh a leithid de theang-
ainn fá'n saoghal air chor air bith, acht 'n uair
a fuair sé amach go raibh teanga dhúthchasach
ann a bhuain le h-Éirinn, thosaigh sé gan mhaill 'g
a fhóghluim — dá fóghluim as leabhraibh, as pháip-
éaraibh ann Áth-Cliath tré'r múineadh í agus ó
'n muintir tré an oileán a labhair í. Is
iomdha mí agus ráithe do chaith sé i n-oileánaibh
na nÁrann i g-Contae na Gaillimhe, agus i
g-Contae Chorcaighe, agus i n-Dún-na-nGall 'g
a fóghluim ó'n phobal a labhair í go blasda.



Tá 'fhios againn go maith cia an dul air agh-
aidh do righne sé, cia na leabhair do sgríobh sé
le heolas na teangann do thabhairt do dhaoinibh
eile: agus tá 'fhios againn cia an onóir a
tugadh dó 'n uair do ceapadh é ann a eagar-
adóir "Irisleabhair na Gaedhilge,"
agus tar 'éis sin, 'nuair a cuireadh é i g-Cath-
aoir na Gaedhilge i g-Coláiste árd-chéimigh
Mhaighe-Nuadhat. Cad chuige ar thug sé rún a
chroidhe agus iomlán na m-bliadhan n-geárr a
cheap Dia dó do shaorthúghad agus do fhoir-
leathnúghadh na Gaedhilge. B'áil leis a cothúghadh
mar bhí sé tír-ghrádhach, agus mar gheall air an
ngrádh a bhí aige do staidéar úrlabhradh go
coitcheann. Bhí 'fhios aige go bhfuil an Ghaedh-
ilig 's a teangainn chó sean a's nách féidir le
duine air bith innisin dúinn cia an t-an i n-aois
an domhain ar clos í an chéad uair; gur labh-
radh í tímcheall aimsire Chríost, agus le cian-
taibh roimhe sin i ríoghachtaibh na Breatann, na
h-Albann agus na Fraince; agus gur tríthi
do mhínigh Naomh Pádraig dár sinnsior an
creideamh Catoiliceach. Uime sin mar gheall air
ársachd na teangann, agus ag congbháil i na
chuimhne na mílte leabhar láimh-sgríobhtha san
teangainn sin in-Éirinn agus tríd an Eoraip,
is maith a thuig sé nách raibh cruthúghadh air bith
có láidir léithi le foilsiúghadh gur b'é an creid-
eamh Catoiliceach atá anois i nÉIrinn an creid-
eamh céadna a thug Naomh Pádraig d'ár sin-
sior. Ní raibh sé gan eolas nách bh-fuil nídh air
bith có cúmhachtach chum aondachda náisiúnta do
chothughadh agus spioraide náisiúnta do chong-
bháil beo 'ná aondacht teangann. Bhí súil aige
go m-beidheadh an Ghaedhilig fós arís 'g a labh-
airt ann gach uile-roinn d'oileán na h-Éirionn,
agus go m-beidheadh Éirionnaigh tré an meadhon
sin cumannach le chéile, aontuigthe, agus, uime
sin, có tréan, có neartmhar go n-gnóthóchaidís'
gan buidheachas do'n domhan, aoirse a d-tíre.



O! a cháirde budh mhór, budh bhreágh an fear
an t-Athair O Gramhna. Feabhas an fhir is
deacair a mheas. Tá sé imthighthe uainn go deo,
acht tá an mian a bhí ann a chroidhe ann ár
measg; agus go g-cothaighidh Dia a spioraid
uasal a g-croidhthibh na n-Éirionnach go deire
an t-saoghail. Go d-tugaidh Dia glóir na bh-
flaitheas duit a Athair Uí Ghramhna, agus go
dtugaidh Dia, a cháirde ionmhuine, an bheannacht
chéadna dúinn féin. I n-ainm a n-Athar, agus
an Mhic, agus an Spioraid Naoimh. Amen.



Nách bríoghmhar an chaint i so a léightheoiridhe.



Fear an Ghaodhail.



BLODHA.



Fear dána ag déanadh dáin,
Is dána an gníomh do ghnídh sé,
Fear duain gan dán díreach,
Is fear dána dáiríreadh e.



Is anamh gort gan diasa fiadh,
Tuigeadh cách ciall mo rainn,
Is tearc neach air a m-bidh rath,
Nách bídheann meath air chuid d'á chlainn.



Ná bí cruaigh agus ná bí bog,
Agus ná bí go h-olc fad chuid
Tabhair aire a's féach rómhat,
A's roinn leó mar roinnfear leat.


L. 14


AN T-SEAN BHEAN BHOCHT.



Maitea Ua Guairim Ro Chan.



"Do thriall sluaighthe Breatann Mhóir,'
Ars' an t-sean bhean bhocht,
Chum lonúghadh síos i d-dír an óir,
Ars' an t-sean bhean bhocht.
Acht do sheas an tréan-laoch Pól,
Le taobh an ghunna mhóir,
Agus dúbhairt sé 'fan go fóil,'
Ars' an t-sean bhean bhocht.



"Tá an sean-fhear glic go leór,
Ars' an t-sean bhean bhocht,
Ní bh-faighidh an námha buaidh air,
Ars' an t-sean bhean bhocht,
Gidh bhídh Seághan Buidhe san tóir air,
D'iompaigh Pól an gunna mór air,
Chuir 'Tomás Fada' cóir air,
Ars an t-sean bhean bhocht.



"Bris beárna air a shluagh,
Ars' an t-sean bhean bhocht,
A's ní misde liom chómh luath,
Ars' an t-sean bhean bhocht,
Nách raibh aige ceannas buaidhe,
Shoir, shiar, a n-deas ná a d-tuaidh,
Oir táim sgriost' aige gan trúaigh,
Ars' an t-sean bhean bhocht.



"Déan trosgadh 's aithríghe 'Sheaghain,
Ars' an t-sean bhean bhocht,
Is fíor gur tú an geócachán,
Ars' an t-sean bhean bhocht,
An uair bhídh an bheatha gann,
Agus Éireionaigh lag fann,
Do bhrúdhais ann uaigh mo chlann,
Ars' an t-sean bhean bhocht.



"Is goirgeach an fear Seághan,
Ars' an t-sean bhean bhocht,
Muna bhfuil a ghoile lán,
Ars' an t-sean bhean bhocht,
O! nách iomdha creach a's táin,
Agus tír go dúbhac faoi cháin,
Do thug meabhal an tarbháin,
Ars' an t-sean bhean bhocht,



Ní bheidh an t-ádh go deo air,
Ars' an t-sean bhean bhocht
Tá 'mallacht na seacht slogh' air,
Ars' an t-sean bhean bhocht,
Beidh éadóthchas a's gruaim air,
Díbirt, díthcheannfighadh'gus ruaig air,
D'fhág an treoir 's na múillídhe buadh-
airt air,
Ars' an t-sean bhean bocht.



"Tá agam cara léir,
Ars' an t-sean bhean bhocht,
Agus d'aithris sé dham sgéal,
Ars' an t-sean bhean bhocht,
Go m-beidh buadhairt air Chlannaibh
Gaodhail,
Ann gach áird air fuaid an t-saoghail,
Fá go bh-fuil Seághan Buidhe as a chéill,
Ars' an t-sean bhean bhocht.



"Ní leighisfear é go bráth,
Ars' an t-sean bhean bhocht,
Acht ní bhaineann sin do chách,
Ars' an t-sean bhean bhocht,
Bhídh sé bréagach, bradach, spleádhach,
Ag cur i g-céill go raibh sé lách,
A's b'iad na dubháilcidhe a ghnáth,
Ars' an t-sean bhean bhocht.



"B'árd-mhaoidhteach é a n-glór,
Ars' an t-sean bhean bhocht,
Oir do bhídh acu cobhlach mór,
Ars' an t-sean bhean bhocht
Do ghluaiseadar chum seoil,
Le dúil cíosa chur air Phól,
Acht táid ag rínce le malairt ceoil,
Ars' an t-sean bhean bhocht.



An Ceangal.



Tá an dán so sgríobhtha le seanduine Gaodh-
lach,
Is fírinne do chleacht sé, níor dhual dó bheith
bréagach;
'S í a ghuidhe gach maidean, moch, mall a's
déigheanach;
Go mairid ár g-cáirde go fada buan-shaogh-
lach,
Le dóigh go bh-faicfimíd Seághan bradach,
céasmhar,
Cam-chleasach, cealgach amhail geilt anns an
g-criathrach,
Lom-nochtaighthe, caithte gan arm ná éadach,
Do thionnsgain sé an t-achrann, níor éiligh
sé réidhteach,
Anois tá sé ag Nátal a's na h-amhais go léir
leis,
Acht cluinim go bh-fuil an borach dá d-trasg-
airt
Agus go d-cuidighidh Dia leis. Amen.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services