Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Ninth Lesson Adopted from Bourke's

Title
Ninth Lesson Adopted from Bourke's
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1882
Publisher
Nolan Bros

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Ninth Lesson.



Adopted from Bourke’s.



ái, and ai.
áil, pleasure, agreeableness,
aill, a cliff, a rock,
áit, a place, an abode,
báil, blessing, success,
baill, members,
cáil, fame, renown,
caill, loss,
cáin, tax, reproach,
cain, chaste, undefiled



éa, and ea.
bean, a woman,
breac, speckled; a trout,
céad, a hundred,
cead, leave,
fear, a man,
feárr, better,
gean, affection,



éi, and ei.
béim, a stroke, a stain,
ceist, a question,
geir, suet,
géis, a swan,
léim, a leap,
réim, power,



ío, and ió.
cionn, esteem, regard,
críon, withered,
cris, a girdle,
fíon, wine,
fionn, fair,
fíor, true; slanting,
fios, knowledge,



iú, and iu.
diúl, suck,
fiú, worthy,
iúl, knowledge,
siúr, sister, a kinswoman,
stiúr, a rudder; an affected appear-
ance of the countenance; an angry
look,
fliuch, wet, (flugh) tiugh, thick,
fiuch, boil,
cóir, just,
coir, a crime,
fóill, while,
fóir, help,
moill, delay,
scoil, school,
cruit, a harp,
cúig, five,
druim, back,
muir, sea,
me, I; tú, thou; aig, at; le, with; air,
on; do, to. Compound Pronouns, agam,
at me; agad, at thee, aige, to him:
aici, at her; liom, with me; leat, thee;
leis, with him; leithe, with her; orm,
on me; ort, on thee; air, on him; air-
ri or airthi, on her; dam, to me; duit
to thee; dho, to him; dhi, to her
Possessive Pronouns – mo, my, do,
thy; a, his, its; a, her, its.



1. bh-fuil meas mór ort? 2. Tá meas
mór orm. 3. bh-fuil an lá fliuch? 4. Tá
an lá fliuch. 5. bh-fuil fuil ann do shúil dheis?
6. Tá fuil ann mo shúil dheis. 7. Ann áil
leat a théacht liom? 8. Ní áil liom a
dhul leat. 9. bh-fuil an crann críon?
10. Tá an crann críon. 11. bh-fuil fíon
fionn agus fíon dearg agad? 12. Tá
fíon fionn agus fíon dearg agam. 13
bh-fuil an bhó fionn, an ghé bán, an gheis
geal, an each ruadh, an cú sean, an fear
treun agus an bhean dílis? 14. Tá; is
fíor go bh-fuilid. 15. bh-fuil fios mór
agad? 16. Is fíor nach bh-fuilim gan
fios. 17. bh-fuil fios agad gur fiú fear
maith cion agus cáil agus meas?


L. 70


Graimeur Gaedhilge



An Cheud Roinn



Ceart-Sgríobh



Dorchadas-leanuighthe.



Tá 'n cheud chomh-fhoghar de 'n bhriathair
dorchuighthe a n-diaigh na g-ceist-dhaid a,
an, cá, nach; agus mar an g-ceudna, n-
diaigh muna, iar, dá. 'Nuair a thosuigheas
ofcal leis an bh-fhoghar, tá n curthadh
roimhe anns gach h-uile mhodh a m-beidheadh
an comh-fhoghar dorchuighthe.



Caolughadh.



Má thigeann comh-fhoghar no comh-fhoghair
eidir dhá fhoghara, caithfidh na foghair a
bheith de 'n chineál ceudna, se sin, leathan
no caol. Anns an bh-focal, pobul, tá 'n
t-o agus an u leathan; tá poiblighe bain-
te as an bh-focal seo, no tá se a chás
geinte, agus mar thoigeas se foghar caol
an a dheireadh, caithfighear foghar caol a
chuir a n-diaigh an o, ionnus go m-beidh-
eadh an leithriughadh do réir an riaghladh,
leathan le leathan agus caol le caol.



Air an ádhbhar sin, 'nuair a meuduigh-
thear fréimh-fhocal le coimh-cheangal no le
díochlaonadh, caithfidh a fhoghar deireadh a
bheith de 'n cineál ceudna agus do bheidh-
eas an cheud fhoghar de 'n dad a mheud-
uigheas. Má bhidheann an foghar deire
de n fhréimh-fhocail leathan agus an cheud
fhoghar de 'n dad a cuirtear leis caol,
caithfighear foghar caol a chuir leis an
fhréimh-fhocal no caithfighear an fóghar
caol de 'n dad a chlaonas a dheabhadh.
Mar shampla; buail, bualadh. Tá an
cheud fhoghar de 'n dad a curtar le buail
leathan, agus caithfighear an foghar deir-
e de buail a dhealbhadh leis an bh-focal a
thabhairt faoi 'n riaghail. Buailfead; an
seo, táe curthadh roimh an g-ceud fhoghar
de'n dad, adh, air an ádhbhar go bh-fuil
sé foileamhnach do mhodh an fhocail.


L. 71


Dómairm Bháis Riobairt Emet
[Emmet's Dying Speech]
(Continued from our last)



Tig le bhur g-crochadóir leus mo shaogh-
ail a ghiorughadh, acht cho fad is mhairfeas
me cosnóchadh me mo clú agus mo theas-
tar ó bhur n-aithis, mar fhear a bh-fuil a
chlú níos measa leis 'ná a beatha, deun-
fad an fhéidhm dheighionach de’n bheatha sin
aig ceartuigh'dh an chlú sin a mhairfeas mo
dhiaigh, óir is sé an oighreacht amháin é a
thig liom fhágáil leis an muintir a ghrádh-
aighim agus onóirim, agus ce air son a
táim aig eugadh go leathadach.



Mar fhir, mo thighearna, caithfamuid a
bheith láthair air an lá mór déighionach aig
an g-cúirt-cheist coitchionta, agus beidh
sé ann sin aig cuartuightheóir na g-croidh-
eadh go h-uile a thaisbeánadh do 'n chruin-
ne cruinnuighthe, cia bhí tógthadh suas lé
na gníomharthadh bhadh subháilce no le na
mianta budh glaine, tíoránaighthe mo thír-
e no--- Norburrigh, Tosd, a Shaoi, éist le
breith na cúrta.



A thighearna, m-beidh fear a tá fághail
bháis seunta an phribhléid é fhéin a cheart-
ughadh os comhair na n-daonachd ó 'n aithis
neamh-thuillteach a caitheadh air air feadh a
chúise? Dá chúisiughadh le glóirmhian agus
le bheith aig iarraidh saoirseachd a thíre a
chaitheadh uaidh air luach suarach. Cia 'n
fáth ar tharchuisnigh do thighearnais me, no
cia 'n fáth d-tarchuisnighis cóireachd a
fiafrughadh dhíomsa cia 'n fáth nach mbeidh-
eadh breith bháis tabharthadh orm?



Tá fios agam, mo thighearna, go n-ord-
uigheann an cuma dhuit an cheist a fhiaf-
rughadh; orduigheann an cuma mar an g-
ceudna ceart a freagthradh; b' fhéidir
deunadh dá easbhadh seo, gan amhras, ag-
us d' easbadh an chúis go h-uile mar an
g-ceudnadh, ó thárla go rabh breith tabhar-
tha san g-cuisleán sul do bhí an coiste
glaoidhte. Ní 'l bhur d-tighearnais acht
sagairt na bh-faistineadh, úmalaighim do
an iodhbairt, acht seasaim air na cum-
thaibh go h-uile.



Tá mé cúisighthe le bheith mo theachdaire
ó'n Fhrainc, teachdaire de'n Fhrainc! Ag-
us cia air a shon? Tá sé cúisighthe go m-
b' é mo mhian saoirse mo thíre a dhíol,
cia 'n fáth? A m-b é seo iarrachd m'ain-
mhian? Agus an é seo an modh a n-iarr-
ann cúirt-cheist contrárdachd a shamhal-
ughadh? Ní sheadh – ní teachdaire mise.
B' é m' ainmhian áit a congbhál a measg
fuasgluightheóiribh mo thíre, ní g-cúmhachd
no sochar, acht a nglóir an ghnímh. Saoir-
se mo thíre dhíol do'n Fhrainc; cia air a
shon; malraid máighistir? ní sheadh acht
do m' ainmhian féin! a mo thír, an é m'
ainmhian féin a ghríosuigh mé. Dá mb' é
mo thoil é nach bh'feudfainn, le m-foghluim
agus le mo mhaoin: le meas agus stáid
mo mhuintire, me féin a cur ameasg an
chuid is uabhraidhe dá 'r d-tíoránach.



B' í m' iomaigh mo thír. Is dí a rinne
me iodhbhairt de, n meud a bhí cionamhuil
agam air an t-saoghal seo, agus is dí
ofrálaim me féin anois, a Dhia. Ní eadh,
a thighearnaidhe, gníomhas me mar Éirean-
nach cinnte air mo thír fhuasgladh ó chuing
chruaidh, chiomhtheach, agus ó chuing níos ur-
chóide, clamparachd theaghlacháin; a chomh-
pháirtidhe san g-cinn-mharbhuightheóir, aig a
bh-guil mar thuarastal aithis a bheith beo
le aoibhneas san taobh amuigh agus le
meamhair thruaillighthe san taobh astigh.



B' é mian mo chroidhe mo thír a fhuasg-
ladh ó 'n tíorántas dlúth-cheangailte so.
Badh mian liom a saoirseacht a chuir as
rochd aon chumhachta san domhan; ba mian
liom í árdughadh do 'n stáid leitheadach
sin san domhan a dheonuigh Dia dhí a líon-
adh.



Bhí comh-cheangal leis an bh-Frainc, go
deimhin, luaidhte, acht cho fada amháin a's
bheidheadh sé teastdáil no a sochar coimh-
fhreagrach. Dá m-beidheadh na Francaigh
gabhadh uachdarántachd neimh-io nan le
saoirseachd iomlán, b' é comhartha a g-
creachadh é. D' iarr muid a g-cungnamh,
agus dh' iarr muid é mar do bhí dearbh-
theacht againn go bh-fuigheadh sinn é- mar
chongantóiridh ann ár, agus mar cháirde
ann aimsir síothcháin. Dá m-beitheadh na
Francaigh le théachd mar chreachadóiridh, no
námhaididh, gan cuireadh le mian na
n-daoinibh, rachfainn 'na g-toinne le mo
neart go h-uile. Seadh, mo thíreacha,
chomharlóchainn sibh a dhul 'na g-coinne air
an tráigh le cloidheamh ann aon láimh ag-


L. 72


us troillseán san laimh eile. Rachfainn
ann na n-aghaidh le creach-bhuile an chogaidh
go léir, agus brosdóchainn mo thíreacha
chum iad a bharbhadh ann a m-bádaibh sul
do thruailleóchadh siad ithir mo thíre.



Dá n-éireóchadh leo a théacht air thal-
amh, agus go m-b' éigin dúinn imtheacht os
comhair buidheána níos cumhachduighthe,
thagróchainn gach urlach talmhan, leagfainn
gach teach, agus dhóghfainn gach ribe féir,
agus an áit dheighionach a d-tréigeóchadh
dóchus saoirre mo thíre me, ann sin d'
fhanfainn, agus beidheadh clais dhéighionach
mo shaoirse mo uaimh, an nidh nach bh-feud-
fainn féin a dheunadh ann mo chliseadh d'
fhágfainn mar ordughadh déighionach aig
mo thíreacha a chríochnughadh, mar tá me
cinnte go bh-fuil beatha cho maith le bás
easonórach cho fad as chonbuigheas náis-
iún coimhtheach mo thír umhalaighthe. D’arr
mé go deimhin' congnamh ó 'n Fhrainc,
ba mhian liom a chruthughadh do 'n Fhrainc is
do 'n domhan go m' fhiú Éireannaigh a
bheith cuidighthe; go rabh siad mio-shásta a
bheith na sglábhuighthe, agus go rabh siad
réidh le saoirseachd a d-tíre dheimhniughadh.
Budh mhian liom é fhághail do mo thír an
banna fuair Mhashington chum America,
congnamh fhágháil a bheidheadh cho tabhachdach
le na dheagh-shompla agus bheidheadh se le
chrodhachd: múinte, calmach, líonta le eal-
adhán agus le eolas; cuidightheóiridh a
chomeudóchadh puince mhaithe, agus a mhín-
eóchadh puince gharbh' ar nádúr. Thiocfach
siad chugainn mar strainséiridh agus d'
fhágfaidís sinn mar cháirde, 'réir a bheith
rionnpháirteach ann ar m-baoghalaibh agus
ar g-cinneamhúin árdughadh. Budh iad so
mo mhianta; ní le daormheasadóiridh
nuadh a ghlacadh acht le sean tíoránaidhe
a ruagadh. Agus sin é fádh ar iarr
me congnamh ó' n Fhrainc, air an ádhbhar
nach m-beidheadh an Fhrainc, eadhon, mar
námhaid níos mailísidhe ná an námhaid a
tá 'nois a m-brollach ar d-tíre.



Coisgeadh an seo é.



Tá me cúisighthe leis an tabhachd sin
san iarrachd a rinneas air an ócáide so
agus gur measa mé cloch-cheangal an
chomh-aontachd Éireannagh, nó mar dubh-
airt do thighearnais é, "beatha agus fuil
an cheilg." Tugann tú onóir ro mhór dam,
tugan tú do 'n iachdarán creideamhuin
an uachdaráin. Tá fir tógthadh suas leis
seo a tá, ní h-é amháin níos mó ná mise
acht níos mó ná do shuim-sa ort féin, mo
thighearna, fir os comhair a ndathamhlachd,
a g-cáillitheachd agus a subháilce chaithfin
umhlughadh go h-ómásach, measamhuil, agus
ce a mheaseóchadh iad féin íslighthe aig
criothadh do láimh fhuildhaithighthe. ---Choisg
Norburrigh ann seo é.



Creud a thighearna, n-innseóchadh tú
dam' air mo shlighe do 'n chrioch a tá ull-
mhaighthe le mo mharbhadh aig an tíorántas
sin ann nach bh-fuil ionadsa acht an mar-
bhuightheóir méadhonach, go bhfuil me cun-
tasach faoi an meud fola tá dóirte as
a bheidheas dóirte anna a saothar seo
eidir na leathtromóirighthe agus na leath-
tromóiribh: 'n innseóchadh tú é seo dam,
agus a g-caithfidh mise a bheith mo sglábh-
uighe cho mór a's nach m-buailfinn siar é?



Ná tóig air an bh-file.
Fonn – Caitlín Tíriall.
[Oh blame not the Bard – Translation on Page 80]



Ná tóig air an bh-file, má euluigheann
faoi'n g-cluan,
'N a m-bidheann sogh-chlaon a fonóid faoi
árd-thuadh go buan,
Níor thair bhí dhoigh sinsir 's le uan 'gus
le trá
Go clutamhuil, do dheunadh gníomh gaisg-
igh gan sgáth;
An teud 'tá 'nois sínte air an g-ceol-
cruit go fann,
Do sheolfadh a g-croithe námhaid an bás-
ghath go teann;
'S an teanga, nach sileann acht mil-shuth
na g-claon,
Budh tuilteanach í a brosdughadh grádha
tíre na bhFian---
Mo nuair d'a thír áluin! Tá a caithréim
'nn a luidhe,
'S an croidhe cródha briste, nár bh-féi-
dir a chlaoidheadh;
Caithfigh eugcaoin a fhíor-shliocht bheith
faluighthe ó 'n t-saoghal,
Óir is bás bhreith a cosaint, is ní 'l a
cumann gan baoghal.


L. 73


Tá clann gan aon cheannas, mur n-deun-
faidh siad feall,
'S mur d-truaillighid a sinsear aig iom-
póghadh le Gall:
'S an trillsean tá aig lasadh. Slidhe
chéime gach lá.
Nach sgiobthar ó 'n g-cárn é, air a bh-fuil
Éira d' a crádhadh.



Ná tóig air an bh-file a bheith a síor-
dheunadh rann,
'S an t-olc nach n-dán léigheas, a dhíb-
readh le greann;
Bidheadh aige acht leus dóchuis, is las-
faidh go beo
A rosga tre bhrat cumha mar an ghrian
tre slámh ceo;
Deunfaidh iodhbhairt do Éirinn de na
beusaibh a bhidheann
D' a sheoladh air mearbhall le fánadh a
chlaon,
'S le dlaoigh na g-craobh glas, tá fighte
air a cheann
Mar an Greug aig imirt díoghaltais
folóchaidh sé a lann.



Ach gidh gur eulaidh do mhór-chéim, mar
aisling na h-oidhche,
Beidh d' ainm d' a luadh aig an bh-file a
choidhche,
An tráth is mó suarcas air aigne le
seun,
Beidh aig seinim go h-árd-bhinn do leath-
trom 's do leun:
Cluinfidh an coigrígheach do ghártha-croidhe
fíor,
Rachfaidh eugcaoin do chláirsigh thar mhuir
a's thar thír,
'S do thighearnaidh a teannadh na slabh-
do d' chlaoidh',
Silfidh deora na truaighe le teann bhris-
te croidhe.



Buachailleach an fhirghil.



[The Bucolics of Virgil]




An cheud rann ---
b --- Acht rachfamuid féin, faraoir!
ann oiltíre. Air fán,
Faoi thuath 's faoi dheir, faoi 'n Aifric
loisgthe, bán,
'S go bruach Amhasaigh shruith-bhoirb, mhór-
thuilte thréin,
'S go tír na Scuit, áit is fada, ro-
fhada uainn féin!
Cuid eile dínn fós, ameasg na m-
breathnach le stad,
Dream daoineadh ó 'n domhan, tá deal-
uighthe 'mhac air fad;
Mo dhuthchas féin ag filleadh arís air ais
Nó barr mo botháin tá deunta d' fhóide
glas,
Mo sheilbhín beag-sa, saothar mórán
bliadhain,
Le áthas mór, a bh-feichid uaim rís a g-
cian?
M-beidh feast' ag borbán mílidh, mo ghort
's mo bhárr ---
Och feuch gach sgrios béir imreas orrain
a's ár!
An fós le amhasaibh doirbh ar d-tír 's
ar d-tuath?
Cia dhó ar shaothruighmuid fearanna
cruadh,
'Nois cóirigh crainn ubhal caol amach
faoi 'n mágh,
'S an fíonuir fág, a Bhinnbhéil, réidh faoi
shrath.
Mo mhíle slán, a mheann-thréid, leat go
deo!
Mo shealbhán gabhar, bhí 'nn áll úd, aer-
ach, beo,
Ní fheuchad oraibh féin 'mo luidhe 's an
g-cró,
Air thaobh na h-aille, air ingealtas
uaim níos mó,
No comhnaidh duilligh na ngar 's na luibh-
eann budh geur,
No claonadh 'nuas le fánadh aille 's an
aer.
Ní ghabhfaidh mé feasta abhrán le bhur
d-taobh'
A's sibhse bearradh na lus a's bláth na
g-craobh,
S. --- Acht liomfa 'nocht' air aon mhodh,
tar agus sín,
Air leabaidh de dhuilleach bhog a's de
luachair mhín;
Tá agam duit úbhla, cúmhra, snuadh-
bhuidhe óir,
A's cno-mheas aifidh, le cáis má 's maoth


L. 74


go leor;
Óir feuch gach duras, deatach uas áirde
'g-ceann,
A's scáilidh fada, ag tuitim ó bhárr na
m-beann.
DAM --- Mar, má 's líth leat, feucham'
ar bh-féidhm air bhall
Na h-uaire, 's biorach leat cuirfidh mé
féin a ngeall;
Go m-beidhir leith-sgeul, tigeann fá dhó
'g a cruthughadh
Dhá laoigh bhréagh, biseamhuil, ag diúl aice
faoi na h-úth:
Anois má's rogha leat dhul liom ag
coimheas rann,
Cia 'n geall cho luachmhar chuirfear tú
liom 'nn a cheann?
MEN --- De 'n treud ní lamhóchainn
dadaidh a ngaell do chur;
leas-mháthair orram, a's m' athair ro-
dhuaibhreach dorr;
Oir rimheann an treud le cheile gach
h-uile lá
Fa dhó, 's na mionnáin, ceachtar díob
de ghnáth.
Acht leagfaidh mé rud leat, déarfair
féin is leor,
No fós, is feárr, ó táir gan chéil cho
mór,
Mar táid mo chuacha feághdha, faoi
fhleasgaibh chraobh,
Go grinn, do ghreann Alcimedan,
ceardaidh naomh.



Amhasaigh, a river; tair, contempt; take
tuillteach, willing; mo nuair, alas;
iodhbhairt, a sacrifice; Greug, Greek;
Aisling, dream; coigrigheach, strange;
muir, the sea; oiltíre, sojourn; amhas-
aigh, dull, stupid; cian, distance, in time
or space; imreas, contention, strife;
doirbh, worm, difficult, peevish; cóirigh,
enumerate: fíonúr, vine tree; cró,
fold for sheep &; meann-thréid, flock of
kids; ingealtas, grazing, pasturing;
snuadhbhuidhe, beautifully yellow; maoth,
to accuse; to begrudge; líth, pleasure;
biorach, femal calf; rogha, choice; coimh-
eas, coolness of affection; leas-mhá-
thair, stepmothr; dhuibhseach, melancholy;
dorr, anger, wrath; cuacha, cups &c:
yarn; feághdha, beechen; ceardaidh,
forge; fleasgaibh, moistures; rimheann,
number; comhnaidh, inhabit, dwell:
biseamhuil, returning much gains;
mionnán, a young goat.



Sgeulta ó 'n t-seun tír.



Is sé marbhadh na suadh Cabhendis
agus an búrcach an sgeul is troime a
thainic os comhair na n-daoiibh le suim
d' aimsire. Taisbeánann an marbhadh
seo nach bh-fuil maighistreacht Gall taith-
neamhach le muintir na h-Éirtann, ce
b' é 'n duine a cuirfear d' a fhriothóladh.



Gidh go bh-fuil fuadh mór againn air
aonduine a dheunóchadh dochar d' chomhur-
sa, caithfeamuid a rádh, leis an fhírinne
a labhairt, nach g-cuireann an t-ócáide
seo aon doilghios croithe orainn. Ní
rabh aon gnódhthadh aig an g-Cabhendis a
n-Éirinn, nó aig aon t-Sasanach eile.
Má fhanan na Sasanaigh ann a d-tír
féin, lobhfaidh siad ann sul do chuirfidh
Éireannaigh móisiam orrtha, mur nach
bh-fanfaidh, beidheadh an milleán orra
féin ma chaillfidh siad a g-cinn.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services