Historical Irish Corpus
1600 - 1926

An tAthair Eóghan Ó Caoimh: A Bheatha agus a Shaothar

Title
An tAthair Eóghan Ó Caoimh: A Bheatha agus a Shaothar
Author(s)
Tórna,
Pen Name
Tórna
Composition Date
1912
Publisher
Association of Modern-Irish Studies

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


AN tATHAIR EÓGHAN Ó CAOIMH:



A BHEATHA AGUS A SHAOTHAR



II. — A PHÓSADH



Is deallrathach go ndeachaidh Eóghan ar cuaird i gCiarraighe
i mbliadhain a 1685 nó 1686. Um an dtaca soin is eadh do scríobh
sé dán beag ag moladh Artúir Haset. Tá an dán soin ar fagháil,
óna láimh féin, sa leabhar úd 23 M 28, leathanach 10. Ní innistear
dúinn ciar bh'é an tArtúr gur scríobhadh an dán dó, acht isé is
dóichighe gur dearbhráthair é do Sheón Haisiadh do cailleach i mbliadhain
a 1709, agus gur cheap Aodhagán Ó Rathaille marbhna dhó. 1 Sidé
an dán:



Timcheall na bliadhna céadna úd 1685/6 do scríobh Eóghan
23 M 30. I dtosach an leabhair sin tá aiste eile, agus níor bh'iongnadh
liom dá mb'é féin do cheap é. Ní'l a ainm sin leis, ná ainm duine
ar bith eile acht chómh beag. Ar nós na haiste úd ar “Bharamhail na
nUghdar” do b'fhéidir dó dul nísa shia siar ná soin, acht ar an
dtaobh eile dhen scéal is i láimhscríbhinn Eóghain atá an chóib is
seannda dá bhfuil againn de. Castar ar dhuine giotaí dhe annso
is annsúd i láimhscríbhinnibh, acht sliocht leabhair Eóghain Uí Chaoimh
iad go léir. Táim dá chur annso, ní de bharr a dheimhnithighe liom
gur bh'é Eóghan féin a cheap é, nó a bhain a leabhar Béarla nó Laidne
é, acht ar scáth tuille eólais n-a thaobh de bharr a bheith fé láimh gach
éinne i gcló.



Ógláchas ar an nDeibhidhe iseadh an dán thuas. Ceathramha Amhráin iseadh
an Ceangal, agus is é seo a dhlúth:



Tá chúig céimeanna i ngach líne, agus comhfhuaim ar a + u i lár buill. Do
b'fhéidir líne ceithre gcéim do dhéanamh de tre chur ó u oi i n-aonchéim amháin
mar seo ouu, acht is fearr na cúig céimeanna do chur ann. Sleamhnuightar
thar “do” sa tríomhadh líne, agus tar an tarna “ag” sa cheathramhadh
íne.


L. 106


Sin deireadh Chalendair Eóghain Uí Chaoimh, agus é díreach mar
atá ina leabhar féin aige. Ar leathanach a cúig fichead sa leabhar
chéadna tá aiste ghairid eile ag áireamh na gcúis fé ndearr troscadh
ar an Aoine. Ní fios dúinn ciaca ar bh'é Eóghan féin a cheap é nó


L. 107


nár bh'é; acht ó táimíd le haistíbh cainnte scurtha níor chuibhe an
ceann gairid seo d'fhágbháil ar lár:



Do pósadh Eóghan i bhFeabhra na bliadhna 1680. Dubhairt Seán
Ó Dálaigh i “bhFilidheacht na Mumhan” gur phós Eóghan go hóg, acht níor
thug sé an bhliadhain dúinn. Do Pheadair Ó hAnnracháin is dual
ar mbuidheachas i dtaobh an eólais seo inar ndiaidh. Fuair sé
greim ar láimhscríbhinn ó láimh Eóghain. Isé rud do bhí ann ná
Forus Feasa ar Éirinn. I measc na ngeinealach i ndeireadh an
leabhair sin, do scríobh Eóghan a gheinealach féin. Ag trácht air
féin dó, deir sé mar seo:



42 Láimhscríbhinn dó-san, 23 M 30, l. 443 (nuachomhaireamh 25). Tá sé gan
teideal sa lscr. [Tá innsint eile ar an aiste seo i gcló ag an gCraoibhín
i n”Abhráin Diadha Chúige Chonnacht,” ii. 218; as láimhsgríbhinn dá chuid féin
do bhain sé í.]



43 Tá soin ag bun leathanaigh aige, agus dubhairt sé ní ba dhéadhnaighe:


L. 108


dearbhráthair again, i. Lughaidh agus Conchubhar fuair bás a
Carraig na Siúire.



Mac Caoimh.
Mac Eóghain.
Mac Conchubhair.”



Ní beag linn an méid sin don chor so. De réir na tuairisce
sin bhí an ceart ag an nDálach nuair adubhairt gur phós Eóghan go
hóg; i mbliadhain a 1680 ní raibh sé acht cheithre bliadhna fichead
d'aois. Do mheasfadh duine ar chunntas an Dálaigh, ná raibh de chloinn
ag Eóghan acht Art do cailleadh san bhFraingc. Tá fhios againn
anois, amh, go raibh ceathrar mac aige agus triúr inghean; go raibh
beirt dearbhráthar aige; agus gur Caomh do b'ainm dá athair.



Eilíonóir de Nógla do b'ainm is sloinneadh dá mhnaoi. Acht
ní heól dúinn anois cá treibh desna Nóglaigh gur di í, ná cá mbíodh
comhnuidhe uirthi sarar Phós sí Eoghan, ní mó ná mar tá fhios againn
cár chomhnuigh an bheirt d'éis a bpósta. Bean lághach, dhiadhanta,
thionnscalach do b'eadh í de réir thuairisce Eoghain féin uirthi.



De réir gach deallraimh is i bPort na Máighe do bhíodh Eoghan
ina chomhnuidhe tar éis a phósta. Ar aonchuma is ann a bhí i mbliadhain
a 1692. An bhliadhain sin do cuireadh as a thigh é de dheascaibh airgid
teallaigh, agus b'éigin dó dul ar an sliabh. Sam Abbot, fear
airgid teallaigh do bhailiughadh, is é d'imir an creachadh air, mar
is follus as an amhrán so inár ndiaidh:



44 Láimhscríbhinne: 23 M 30, l. 455 (nuachomhaireamh, 35), óna láimh féin;
23 H I, a, leath. 98, ó láimh Liam an Dúna; 23 B 37, l. 107, agus 23 K 25, l. 38,
an dá cheann soin ó láimh Mhaoilsheachlainn Uí Chomhruidhe; 23 M 47, l. 107, ó
láimh Sheáin Uí Dhála; 23 G 20, l. 224 ó láimh Mhichíl Óig Uí Longáin; trí cinn
i gColáiste Mhuighe Nuadhad, mar atá Mur. 95, fo. 26b (ó láimh Sheáin na
Ráithíneach), Mur. 5, l. 230, agus Mur. 12, l. 69; leabhar do scríobh Domhnall
Mac Cáib ón mBáintír; agus a lán láimhscríbhinn eile. Cuireadh i gcló sa
Nation é v.-15-1858; agus tá sé ar fagháil (as Add 29614, leabhar do
scríobh Seán na Ráithíneach) ar l. 527 den Chlár do rinne Staindis Ó Gráda
do na leabhraibh Gaedhilge san mBritish Museum. “Qui scripsit cct. Anno
Dni 1693” an teideal atá air i M30, B, K. 45 na marcradh, G.
46 fearantas, Nation. 47 Éilim, M30. 48 seasgaireacht, G, Mur. 95,
Ó Gráda.


L. 109


49 ghasraidh ghil, M47. 50 tsaosgain, G. 51 Éibhir, G. 52 Rígh
Féinniodh, B; Rígh Fhéinne, Mur. 95; ríghfhéinnidh, Ó Gráda. 53 gcroidhe
ghréagaig, G, Mur. 95. 54 Éireann, Ó Gráda. 55 slímghnéitheach,
G. 56 Gan easba at bith, Mur.95, Nat., Ó Gráda. 57 daoi-bhéarla,
Mac C. 58 do chloinn, G; ar síol, M47; do shíol, Ó Gráda. 59 thairn-
greacht, G. 60 bíodh sé libh, M47, Mur. 95, Ó Gráda; biodh se leo, Nation.
61 toir, M47; shoir, Mur. 95. 62 “bhfaiciomne” do scríobhadh ar dtúis
i M30, acht do scríobadh tairis agus do cuireadh “cclaisiomne” or a
chionn; go bhfeiciomna, Mac C. 63 acra, G. 64 gan tar(a)muin, G,
Mur. 95, Nation. 65 .i. Sam Abbot bhíos i bPort na Máighe, ler creachadh mé an
28 lá do 7ber, A.D. 1692, M47, Mur. 95; “bíodh” (i n-ionad “bhíos”) agus
“Feabhra,” Mac C; “an tochtmhadh la,” Nation; “is leis do creachadh me,
7ber 28, 1690,” G. An cheathramha agus an nóta araon i n-easnamh, M30.
66 .i. go raibh an fanatic im ghlacaibhse go n-agrainn, agus rl. 67 gan eagla. Mac


L. 110


Mar aguisín leis an amhrán soin cuirfead síos annso freagra
a thug Liam an Dúna air. Níor bhuail sé umam acht i n aon
láimhscríbhinn amháin, .i. 23 N 32, leabhar a scríbh Micheál Óg Ó
Longáin. Ní abrann an Longánach gur freagra ar an amhrán tuas
é, acht is fuirist a aithint ar an gcainnt agus ar an meadar féin
gurab eadh.




C; “gan eagla” do chéadscríobhadh ag an ughdar in M30; líne do tharraing
tríd-sin agus “go bhfaiceamne” do scríobhadh os a chionn aige. 68 “agus
go háirithe Eóin mac Sleighne, Easbog Chorcaighe, Chluana agus c.,” tagra ag Mac C.



Gné Amhráin é sin. Ceithre céimeanna i ngach líne. Comhuaim ar a ón
gcéad chéim go dtí an dara céim. Cheithre siollabha san chéad céim agus san
dara céim. Siollabh amháin san tríomhadh céim. Céim dhá shiollabh, an ceathramhadh
ceann. Sidé a dhlúth:



Agus leantar den dlúth chéadna soin tríd síos. Tugathar fé ndeara go
n-áiríthear an “epenthetic vowel” i gcomhaireamh an dlúith san Amhrán i
gcomhnuidhe. Sa cheathramhain deiridh thuas léightar: “Athchuinghim gan
dear(a)mad” agus rl, agus sa cheathramhain roimhe sin, léightar “gan amh(a)ras”
agus “ead(a)rainn” agus “go n-ag(a)rainn;” agus mar sin dóibh go léir.



69 Láimhscríbhinn: 23 N 32, l. 317: “An fear céadna arís cct” (.i. Uilliam
Mac Cairteáin an Dúna), sin é a thideal ann. 70 nach; agus is dóigh liom
gurab shin gnás a phioc an Longánach a Graiméar an Athar Pól Ó Briain,
.i. “nach” i n-ionad “ná” le diúltach an Mhodha Orduighthigh.


L. 111


Bhí post aige i roinn éigin d'eachraidh Ríogh Séamus. Is follus
as an ngiota soin nár fhan puinn croidhe aige i gcóir “ghníomhartha
gairce” d'éis imtheacht na nGéadhna Fiaidhne.



Do cheap Dáibhí Ó Bruadair amhrán beag ar an meadar chéadna
atá sa dá amhrán thuas ó Eóghan agus ó Liam an Dúna. Sidí líne
thosaigh aiste Dháibhí: “Is fada liom go dearbhtha 's is lánbhrónach.”
I leabhar Dhomhnaill Mhic Cháib go bhfuil tagairt do thuas, cuireann
sé an iarracht so n i leith Eóghain Uí Chaoimh, acht níl aon amhras agam
ná gur bh'é Dáibhí a cheap é.



[Tuilleadh fós]



TÓRNA




Is beag nách ionann meadar dom amhrán soin agus d'aiste Eóghain tuas.
Sa chéim deiridh den líne annso is ó atá fén aiceann ann; é atá sa bhall
chéadna i n-aiste Eóghain. Sidé a dhlúth so:



73 Féachtar “Dánta Sheáin na Ráithíneach” l. 7 agus arís l. 207

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services