Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Scéal, Agallaimh

Title
Scéal, Agallaimh
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1919
Publisher
Na Caipisínigh

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


NA TRÍ MUCA BEAGA,



(Féach Chart III.”)



(Cuir na briathra ar an chlár-dubh le n-a
theagasc.)



1.



Bhí muc ann fad ó, agus is fad ó
bhí, agus bhí trí muca beaga aici. Bhí sí
bocht amach (an-bhocht), agus bhí goile
mór maith ag gach uile cheann de na trí
muca beaga, agus cha dtainig (ní thainig)
leithe a sáith bídh a thabhairt dobhtha.



1. A DH'IARRAIDH A BHFORTÚIN —
“Caithfidh sibh imtheachta dh'iarraidh
mur bhfortúin,” arsa sise leobhtha
lá.



D'imthigh na trí muca beaga a d'iarr-
aidh a bhfortúin. Siubhail siad
bliadhain agus lá; agus thainig
siad fá dheireadh thiar thall chuig áit
a rabh muirleóga (turnapaí), is
cabáiste, phréatai agus cnódannaí
(cná) go leor. Shocruigh siad ann-
sin, agus athas a' domhain ortha.



2. FLAITHEAS DÉ. — “Flaitheas Dé
é seo,” arsa duine aca, agus
muirleóg i n-a bhéal aige.
“'Seadh,” ars an dara muc bheag,
agus cabáiste leath-ithte aige.
“Tú sé maith go leor má leanann
(fhanann) sé mar seo,” ars an
treas mhuc bheag; “is mór an
truaigh nab bhfuil ár máthair ann-
seo; chan fhuair (ní fhuair) an créa-
túir bocht a sáith ariamh,” arsa
seisean, agus é a' cur préataí is
cnódhannaí as amharc.



Go dearbhtha, bhí am aoibhinn aereach
aca. Cha (ní) rabh dúil acha le n-a
leitheid ariamh.



Ach, faraor!



II.



Ag tógailt tighe. Cha (ní) bhíonn
ar rud ar bith ach seal ar a' t-saoghal
seo. Lá amháin chuala siad go rabh
mactíre 'sa' chomhrsanacht, agus go rabh
ceist (dúl) mhór aige i mucaibh beaga —
go h-airithe nuair a bheadh ocras air.



“Caithfidh gach duine againn teach
(tigh) a thógailt do fhéin,” ars an treas
mhuc bheag.



1. COCHÁN — “Dhéanfaidh mé mo theach-
sa (thighse) chochán,” ars an chéad
mhuc bheag.



Agus rinne sé a theach de chochán.


L. 25


Nuair a bhí an teach déanta aige,
thainig an duine uasal mactíre
chuig an tigh; agus arsa seisean.
“A mhuc bheag! a mhuc bheag! fosgail
'a doras, agus leig isteach mé.”



Agus ars an mhuc bheag, “A mhictíre!
a mictíre! Dar a' ghruaig ar mo
smeigín! Dar a' ghruaig ar mo
smeigín! Chan fhosglaim (ní fhos-
glochaidh mé) an doras, agus cha
leigim (ní leigfidh mé) isteach thú.”



“Mura leigidh,” ars an mactíre,
“séidfidh mé, is buailfidh mé, is
brisfidh mé do theach.”



Agus shéid sé, is bhuail sé, is bhris sé
an teach, is d'ith sé an mhuc bheag
uile go léir — och, a' nidh!



2. BROSNA. — “Déanfaidh mise mo
theach-sa de bhrosnaibh,” ars an
dara muc bheag.



D'oibrigh sé go dian, is rinne sé a
theach de bhrosnaibh. Nuair a bhí an
theach dhéanta aige, thainig an duine
uasal mactíre arist; agus arsa
seisean.



“A mhuc bheag! a mhuc bheag! fosgail
a' doras, agus leig isteach mé, le
do thoil.”



“A mhictíre! a mhictíre!” ars an
mhuc bheag, “d'ith tú mo dh'rathair
(dhearbhrathair) uilig go léir, agus
d'íosá mise fosta dá mb' fhéidir
é. Dar a' gruaig ar mo smeigín!
Dhar a' ghruaig ar mo smeigín!
Chan fhosglaim (ní fhosglochaidh mé)
an doras, agus cha leigim isteach
thú.”



“Mura leigidh,” ars an mactíre,
“séidfidh mé, is buailfidh mé, is
brisfidh mé do theach.”



“Maire, séid, agus buail, ach cha
bhriseann (ní bhrisfidh) tú mo theach,”
ars an mhuc bheag.



Séid sé, is bhuail sé, is bhris sé an
teach, is d'ith sé an mhuc bheag uilig
go léir — och, a' nidh!



3. BRÍCÍ. — Bhí an treas mhuc bheag
ciallmhar críonna. “Dhéanfaidh
mise mo theach-sa de bhrící,” arsa
seisean.



D'oibhrigh sé go dian duthrachtach,
agus gan. I bhfadh go dtí bhí an
teach déanta aige, Thainig an
dhuine uasal m.t. chuig a' tigh.
Bhuail sé ar an doras.



“A mhuc bheag! a mhuc bheag! tá
básgaid muirleóg agus préataí
agam duit; fosgail an doras,
agus leig isteach mé.”



“A mhictíre! a mhictíre!” ars an
mhuc bheag, “d' ith tú mo bheirt
dh' rathair uile go léir, agus d'
íosá mise fosta dá mb' fhéidir é.
Dar a ghruaig; &c.



“Tá go maith,” ars an m.t., “mura
leigidh tú isteach mé, seidfidh mé,
is buailfidh mé, is brisfidh mé do
theach.”



“Cead agat sin,” ars an mhuc bheag,
“séid, agus buail, ach cha bhriseann
(ní bhrisfidh) tú mo theach.”



Séid sé, is bhuail sé, ach char (níor)
bhris sé an ceach, óir de bhrící bhí sé
déanta.



III.



1.GORT NA MUIRLEÓG. — “'Dtio-
caidh tú liom go dtí gort na muirleóg
i mbárach,” ars an m.t.



“Rachaidh,” ars an mhuc bheag.



D'éirigigh an mhuc bheag go moch ar
maidin, is chuaidh sé go dtí gort
na muirleóg. D'ith sé na muir-
leóga uile go léir, is bhí sé 'sa'
bhaile slán sabháilte aríst, su' mar
fhág an mactíre theach. Nuair fuair
an mactíre amach go rabh se ró-
mhall bhí fearg air; ach, char (níor)
leig sé air go rabh.



2.ANN CRANN UBHALL. — Dtio-
caidh tú liom go dtí an crann
udhall i mbárach?” arsa 'n mac-
tíre.



“Tá go maith, rachaidh,” ars an mhuc
bheag.



“D'éirigh an mhuc go h-iongantach
móch, agus chuaidh sé go dtí an
chrann ubhall. Bhí cuid mhaith de na
h-ubhlaidh ithte aige nuair a chonnaic
sé an mactíre a' teacht chuige.
Dhreapuigh sé suas an crann.”



“Tá na h-ubhla milis iongantach i bhfos
annseo,” ars an mhuc bheag. “Tá
mo sháith ithte agamsa, agus teigfidh
(caithfidh) mé ceann síos chugath-sa.”



“Tá tú ró-chinealta ar fad,” ars an
mactíre.



Teilg (chaith) an mhuc bheag ubhall síos
churge, agus roithleag an t-ubhaill
síos an cnoc. Rith an m.t. i ndiaidh
an ubhaill; agus, fhad is bhí sé ghá
dhéanamh sin, as go bráth leis an
mhuic bhig, agus bhí sé 'sa' bhaile
slán sabhailte sú' má dtainig leis
an mhactíre breith air.



3.AN T-AONACH. — Nuair a thainig
an m.t. chuig a' tig nach é bhí fear-
gach! Ach, arsa seisean leis féin;
“Is minic a chuala mé mo mháthair 'a
rádh; 'Ná taisbean d' fhiacla an
áit nach dtig leat greim bhaint
amach.'”



Agus arsa seisean leis an mhuic bhig,
“Tá básgaid cabáiste agam duit;
agus fágfaídh mé ag an doras í,
má theigheann tú chum an aonaigh
liom maidin i mbárach.”



“Tá go maith,” ars an mhuc bheag,
“rachaidh.”



D'éirigh an mhuc roimh éirghe na gréine
maidin lá ar n-a bhárach: agus
cheannuig sé cuinneog (churn).
Ag teacht 'n a' bhaile dhó, nuair a
bhí se ar bhárr a' chnuic, seo chuige
an m.t. a' teacht aníos ar dul chun
an aonaigh dó. Chuaidh an mhuc bheag
i bhfolach 'sa chuinneoig; agus
bhuail sé bárr-chos ar an chuinneoig.
Roithleag sí níos tapaidhe as níos
tapaidhe gach moimide; agus fá
dheireadh roithleag sí chomh tapaidh
sin gur cuir sí eagal mhór ar an
mhactíre, agus rith sé le n-á shaoghal.
Nuair a fuair sé amach gurbh' é an
mhuc bheag a bhí 's a' chuinneoig,
bhí fearg mhór air. Ach, bhí ocras
mór air fósta, agus dúil mhór
aige 's an mhuic bhig sin.



4. BÁS AN MHICTÍRE — Gheobhaidh
mé isteach 's a' tigh sin ar air nó
ar éigean,” arsa seisean, “agus
íosaidh mé an mhuc bheag sin roimh
luighe na gréine anocht, nó gheobhaidh
me bás. Tá shios agam caide dhéan-
fas mé: Rachaidh mé síos a simléir.”



Ach bhí an mhuc bheag chomh glic leis; bhí
sé ag dúil leis an chleas sin.
Chuir sé pota mór uisge ar a' teinidh;
agus gan i bhfad go dtí bhí an
t-uisge ar guil. Tháinig an m.t.
anuas a' simléir; thuit sé isteach
's á phota; agus scalladh go mór é.
Scalladh chomh dona sin gur éag sé
roimh luighe na greine an oidhche sin.



IV.



PÓSADH AGUS AOIBHNEAS — Nuair
a cuala Rí na muc an sgeal bhí luthghair
mhór air; óir bhí eagal ar na mucaibh
uile go léir roimh an mhactire úd. Thug
an Rí a nighean do'n mhuic bhig le pósadh.
Pósadh iad; agus bhí bainis aca a mhair
ar feadh seacht n-oidhche agus seacht lá,
agus an lá deireannach ní bh'fhearr ná
an chéad lá.



Chuir siad síos a' pota, is rinne siad
an tae; agus mura rabh siad-san
son, go rabh sibh-sé agus mé!


L. 40


AGALLAMH AN BHÁBÓG



1. Péigí: Go mbeannuighidh Dia dhuit.



2. Brighdín: Dia 's Muire dhuit.



1. An bhfaca tú mo Bhábóg?



2. Ní (chan) fhaca mé.



1. Ar mhaith leat í fheiceál?



2. Ó budh mhaith liom.



1. Nach deasí! (shows doll)



2. Tá sé iongantach deas. Cá bhfuair
tú í?



1. Fuair mé ó mo mháthair í.



2. Cár (cá h-áit ar) cheannuigh sí í?



1. Bhí sí i mBlath-Cliath indé 's
cheannuigh rí annsin í.



2. Cé'n (caidhé an) luach a thug sí uirthi?



1. Scilling sílim, (saoilim) ach níl fhios
agam i g-ceart.



2. An dtabharfaidh tú an bhábóg sin
dom (dam-sa) le do thoil?



1. Ní thabharfaidh mé (cha dtabhraim).



Tá sí ró-dheas duit.



2.N'íl (chan fhuil) sí leath comh deas
agus shaoileas tú.



1. Chad chuige a n-abhrann thú sin?
caidé tá cearr uirthi (leithe).



2. Tá a srón ró-ghairid.



1. N'íl (chan fhuil). Ta sí fada go leor.



2. Och, amharc ar a súilib. Tá siad
buidhe.



1. Tá tú dall. Is gorm atá siad.



2. Agus an bhfeic tú an béal mór,
gránna, dearg atá uirthi? Ní
(chan) fhaca mé a leitheid ariamh!



1. Tá mé dearbhtha nach bhfaca. Is éad
atá ort — sin a' rud tá cearr ort.
Níl (chan fhuil) bábóg ar bith agat-
sa — sin a' rud.



AGALLAMH I.



1. Brighid: Go m-beannuighidh Dia dhuith.



2. Pádraig: Dia 's Muire dhuit.



1. Caidé mar tá tú?



2. Táim go breagh, glóir do Dhia ar a
shon, caidé mar tá tú fhéin?



1. Muise níl mé ach cosamhail (go
measardha, cuidhbheasach).



2. Caidé tá cearr leat? (cad tá ort?)



1. Ta pian in mo cheann.



2. Bhfuil sé go dona?



1. Ó tá sé dochrach dona.



2. An raibh tú ag an dochtúir?



1. Muise ní (cha) raibh.



2. Ní thig (Cha dtig) leis a bheith dochrach
dona nuair nach raibh tú ag an
dochtúir.



1. *Bhí mé ag an t-sagart agus b'fhearr
liom a lámh naomhtha ná an buidheal
is fearr dá n-dearna dochtúir
riamh.



2. *Ó seadh! Is saoire lámh an
t-sagairt ná buidheal an dochtúra.
Dá mbeadh rud ar bith ar mo
chorp-fa, rithinn chun an dochtúra
ar dtús, mar sílim gur leis an
dochtúir leigheas an chuirp.



(*Instead of 1 and 2 the following may
be substituted.)



1. O rinne mé cupa tae & é go láidir
& d'ól mé é; agus b'fearr liom
braon beag tae ná an buidéal a
b'fhearr 'a dearn dochtúir réid
ariamh.



2. O seadh is milse braon beag tae
na buidheal an dochtúra, rl.



1. Bhal, ní chuirim áird nó meas ar bith
ins na dochtúiribh. Ní (chan) fhaca
mé leigheas ar bith a rinne siad
ariamh.



2. Sin a' dóigh le mnáibh i gcomhnuidhe!
Níl (chan fhuil) ciall ar bith aca.
Tá siad gan ciall gan riaghal.



1. Muise is mhaith an rud go bhfuil ciall
go leor agaibh-se. Cé dubhairt
go raibh na mná gan ciall gan
riaghal.



2. Ó nár cuala tú an sean ráidte —
“trí nidh gan riaghal: bean, muc,
agus múille.”



1.— AN TEACH A THÓG SEAGHAINÍN.



(Féach “Chart I”)



1. 'Seo Seaghainín.



2. 'Seo an teach (tigh, toigh) a thóg
Seaghainín.



3. 'Seo an coirce a bhí i n-a luighe 's a'
tigh a thóg S.



4. 'Seo an ráftán (franncach) a d'ith
an coirce a bhí i n-a luighe 's a' tigh
a thóg S.



5. 'Seo an cat a mharbh an ráftan a
d'ith an coirce, &rl.



6. 'Seo an madadh a rug ar an chat, a
mharbh, &rl.



7. 'Seó an bhó, a rabh a h-adharc cam, a
leag an madadh, &rl.



8. 'Seo an cáilín deas díomhaoin a
bhligh an bhó, & rl.



9. 'Seo an fear salach stroctha, a phóg
an cáilín deas díomhaoin, &rl.



10. 'Seo an sagart críon liath, a phós
an fear salach stróctha, &rl.



11. 'Seo an coileach, a sgairt (ghlaoidh)
ar maidin, a mhúsgail an sagart,
&rl.



12. 'Seo an coirce a bheathuigh an coil-
each, &rl.



13. 'Seo an sgológ a chuir an coirce, &rl.



CEISTEANNA; IS; TÁ, Etc.



1. Caidé sin? Ráftán.



An madadh é sin? 'Seadh; ní h-eadh
(chan eadh).



An é sin an cat a mharbh an r.?
'Sé; ní h-é (chan é.)



Ca bhfuil an coirce? Ta sé 's a'
tigh.



An bhfuil sé 's a' tigh? Tá.



An bhfuil an bhó 's a' tigh? Ní
fhuil (chan fhuil).



Cá rabh an coirce? Bhí, etc.



An rabh an coirce 's a' tigh? Bhí.



An rabh sé ar a' tigh? Ní rabh (cha
rabh).



Caidé rinne an ráftán? Ar ith sé
an coirce? Ar ith an madadh an
coirce? Caidé an coirce a d'
ith an ráftán? Caidé an cáilín
a phóg an fear? Caidé mar
mhúsgail an coileach an sagart?
Etc., Etc.



(Cuir na briathra & na h-ainmneacha
ar an chlárdubh; léigh iad; &
teagasg an sgéal aríst mar
sin, e.g. Chuir… coirce.)



2. Cuireann paisde amháin ceisteanna
ar an Rang. Féach “Acting ‘An
Teach a thóg S.’” (“Láimh-Leabhar,
l. 19.) Cé thusa? Is mise an
ráftán. Caidé rinne tú? D'ith
mé an coirce. An tusa an fear a
phóg an cáilín? Ní mé; is mhise an
sagart críon liath. Caidé tharla
duit? Mhúsgail an coileach mé.
Caide mar mhúsgail sé thú?
Sgairt sé go moch ar maidin. Ar
phós tú an fear? Phós. Etc., etc.



[Teagasc anois an drama, “An
Teach a thóg S.” — “Láimh-Leabhar,
l. 19].


L. 56


AGALLAMH — AN BHÁBÓG.



2. O! tá agus bábóg atá seacht
n-uaire níos deise ná do cheann-
sa.



1. Caidé an seort bábóige atá agat?



2. Tá sí chomh mór liom féin.



1. Go díreach, má tá, ní mór sin!



2. Agus thig leithe siubhal.



1. An dtig? O! is iongantach sin.
Agus an dtig leithe bheith i n-a
codladh?



2. Thig. Nuair a chuirtear i n-a luighe
ar a druim í, druideann sí a súile,
& bíonn sí i n-a codladh ar a'
bhumaite (neomat).



1. Go díreach, sin é mo dhálta-sa. Chomh
luath is a bhíos mo cheann ar an
adhart bím in mo chodladh go sámh.



2. Bhal, caidé do bharamhail de mo
bhábóig-se anois?



1. O! tá sí deas go leor; ach i n-a
dhiaidh sin is uilig, b'fhearr liom
mo bhábóg-sa ná bábóg ar bith eile
ar dhruim an domhain.



Brat anuas!



AGALLAMH I.



1. Hum! Agus nar chuala tusa seo: —



“Tá trí droch-nósa ag na fir:



Ag ól a' ghloine
A' chaitheamh an phíopa
Is a' leagadh na dríuchta go
mall 's an oidhche.



2. Béidh an focal deireannach agat cibé
ar bith; ní bhéinn a' cur m'am
amugha a' conspóid leat.



2.



Cad chuige a dtainig tú go dtí an
scoil seo.



1. Thainig mé chum a' Ghaedhilg a' fhoghluim



2. Cár b'as duit.



1. As B'lath Cliath mé.



2. Caidé an rang a mbíonn tú ann?



1. An bun Rang.



2. 'Bhfuil Gaedhilc agaibh 's a' Bhun
Rang?



Go dearbhtha tá.



2. 'Bhfuil sí chomh maith leis a' Ghaedhilg
atá aca 's an Árd Rang?



1. Chomh maith? Ar dhubhairt tú chomh
maith” tá sí seacht n-uaire níos
fearr. Tá Gaedhilg mhaith againn
's a' Bhun Rang.



2. Agus an saoileann tú nach bhfuil
Gaedhilg mhaith aca 's an Árd
Rang?



1. Bhal, a chroidhe, caidé shaoileann tú
fhéin? Tá fhios agat maith go leor
nach í an Ghaedhilg cheart atá aca
's an Árd Rang ar chor ar bith.



2. Maise! Ní fhuil sí cosamhail leis a'
Ghaedhilg atá againne cibé ar bith;
ach nach dtuigeann tú iad?



1. O! Tuigim iad maith go leor. Tá
fhios agam caidé bhíos siad a'
féachaint le n-a rádh; ach i n-a
dhiaidh sin is uilig, ní bhíonn snas
na Gaedhilge air a gcuid cainnte
ar chor ar bith.



2. Is fíor dhuit sin. Labhrann siad go
h-an-fhadalach: Bíonn cúig
moimidí eadar an dá fhocal aca;
shaoilfeá gur leabhar a bhí a'
cainnt.



1. Maise, bhain tú an focal as mo bhéal!
Agus nach dtug tú fá dear an
cárr a bhí ar na scoláiribh 's an
Árd Rang indé agus iad ag
féachaint leis an Ghaedhilg a
labhairt?



2. O! Maise thug! Bhí cárr ortha a
chuirfeadh an aicid ar na preataí.



1. Och: Och: Sonas ort a mhic-o (nó
a chroidhe) ar son an fhocail sin;
sin a' focal a rabh féidhm agam ais.
Chonnaic mé buachaill bocht as an
Árd Rang maidin indiu, agus
bhí eagal orm go mbrisfeadh sé
a ghiall — go sabhailidh Dia sinn
uilig!



2. 'Bhfuil fhios agat caidé an fath nach
bhfuil Gaedhilig níos fearr aca
's an Árd Rang?



1. Sin rud nach bhfuil fhios agam; ach
dá dtiocadh siad anuas go dtí
an Bun Rang gheobhadh siad an
Ghaedhilig ann “chomh milis binn
blasta le h-amhrán nó ceol na
n-aingeal ins na flaithis.”



2. Gheobhadh cinnte; nó dá racadh beirt
nó triúr de na sean-daoinibh as
Oméith go dtí an tÁrd Rang:
caidé mar bhéadh an sgéal?



1. O! dá racadh siad-san suas seal
míosa nó coigthighis ar cuairt
d'fhoghluimfeadh na mic-léighinn 's
an Árd Rang níos mó Gaedhilge
ins an am sin ná d'fhoghluimfeadh
siad i seacht mbliadhna 'réir mar
tá siad ag deanamh gnaithe 's an
am atá i láthair.



2. Fuist! Coimhead thú féin: B'féidir
go bhfuil duine aca ag éisteacht
leat.



1. Is cuma liom! Bíonn an fhírinne
searbh agus go ndéanaidh sí maith
dobhtha. Och! Och! B'fhearr liom
go rabh mé 's a' bhaile slán
sábháilte arís. Tá mo chroidhe
briste ag an áit seo. (Tá mé
cortha de'n áit seo). Chaitfidh mé
bheith ag imtheacht anois.



2. 'Bhfuil praidhinn (deifre) ort?



1. Tá. Ní fhuirigheann na traedheantaí
ar dhuine ar bith.



2. Ná fan í bhfad ar shiubhal.



1. Tá go maith: Ní fhánfaidh.



2. Go n-éirighidh do bhothar leat!



1. Go rabh maith agat! Go gcuiridh Dia
an t-adh ort-sa!


L. 89


AN t-SEAN-BHEAN AGUS A MUC.



1. Bhí sean-bhean ann fad ó, agus
uair amháin, nuair a bhí sí a' scuabad a
tighe, fuair sí RÉAL beag cam.



“Hó! Hó!” arsa sise leithe fhéin.
“Caidé dhéanfas mé leis an réal bheag
seo? Rachaidh mé 'n a' mhargaidh, agus
ceannochaidh mé muc bheag.



Chuaidh sí 'n a' mhargaidh, agus
cheannuigh sí MUC bheag.



2. Ag teacht 'n a' bhaile duithe,
thainic sí chuig CÉIM CHLAIDHE, agus
arsa sise leis an mhuic:



“A Mhuc! a Mhuc! Téidh a léim thar
na chéim.”



Ach ní rachadh an muicín a léim thar
an chéim.



3. Chuaidh sí giota beag ní b'fhuide,
agus casadh MADADH oirthi, Arsa
sise leis an Madadh:



“A Mhadaidh! a Mhadaidh! Beir ar
an mhuic seo.”



“Cad chuige a ndéanfainn sin?”
ars an madadh.



“Tá,” arsa sise, “Ní rachaidh (cha
dtéid) an muicín a léim thar an chéim,
agus ní bhéidh mé (cha bhím) 's a bhaile
anocht.”



Ach, ní bheirfeadh an madadh ar an
mhuic.



4. Chuaidh sí giota beag ní b'fhuide,
agus chonnaic sí BATA. Arsa sise
leis an bhata:



“A bhata! a bhata! Buail an
madadh seo.”



“Cad chuige a ndeanfainn sin?”
ars an bata.



“Tá,” arsa sise, “ní bheirfidh
(cha bheir) an madadh ar an mhuic, ní
rachaidh an muicín a léim thar an chéim,
agus ní bhéidh mé 's a' bhaile anocht.



Ach, ní bhuailfeadh an bata an madadh.



5. Chuaidh sí giota beag ní b'fhuide,
agus thainic sí chuig TEINIDH. Arsa
sise leis an teinidh:



“A Theine! a Theine! Dóigh an
bata seo.”



“Cad chuige a ndéanfainn sin?”
ars an teine.



“Tá,” arsa sise, “ní bhuailfidh an
bata an madadh, &c… anocht.”



Ach, ní dhóighfeadh an teine an bata.



6. Chuaidh sí giota beag ní b'fhuide
go dtainic sí chuig lochán beag UISGE.
Arsa sise leis an uisge:



“A Uisge! a Uisge! Cuir as an
teine seo.”



“Cad chuige a ndéanfainn sin?”
ars an t-uisge.



“Tá,” arsa sise, “ní dhóighfidh an
teine an bata, &c.”



Ach, ní chuirfeadh an t-uisge an
teine as.



7. Chuaidh sí giota beag ní b'fhuide,
i casadh TARBH oirthi. Arsa sise leis
an tarbh:



“A Thairbh! a Thairbh! Ól an
t-uisge seo.”



“Cad chuige a ndéanfainn sin?”
ars an tarbh.



“Tá,” arsa sise, “ní chuirfidh an
t-uisge an teine as, &c.”



Ach, ní ólfadh an tarbh an t-uisge.



8. Chuaidh sí giota beag ní b'fhuide,
agus casadh BÚISTEÓIR oirthi. Arsa
sise leis an bhúisteóir:



“A Bhúisteóir! A Bhúisteóir!
Marbhuigh an tarbh seo.”



“Cad chuige a ndéanfainn sin?”
arsa an búisteóir.



“Tá,” arsa sise, “ní ólfaidh an
tarbh an t-uisge, &c.”



Ach, ní mhuirbhfeadh an tarbh an t-uisge.



9. Chuaidh sí giota beag ní b'fhuide,
agus fuair sí rópa. Arsa sise leis an
rópa:



“A Rópa! a Rópa! Croch an búis-
teóir seo.”



“Cad chuige a ndéanfainn sin?”
ars' an rópa.



“Tá,” arsa sise, “ní mhuirbhfidh an
búisteóir an tarbh, &c.”



Ach, ní chrochfadh an rópa an búisteóir,
&c.”



10. Chuaidh sí giota beag ní b'fhuaide,
agus casadh RÁFTÁN (Franncach) oirthi.



Arsa sise leis an ráftan: “A
Ráftáin! A Ráftáin! Gearr an rópa
seo.”



“Cad chuige a ndéanfainn sin?”
ars an ráftán.


L. 90


“Tá,” arsa sise, “ní chrochfaidh an
rópa an búisteóir, &c.”



Ach, ní ghearrfadh an ráftán an rópa.



II. Chuaidh sí giota beag ní bh'fhuide,
agus casadh CAT oirthi. Arsa sise leis
an chat:



“A Chait! A Chait! Ith an ráftán
seo.”



“Cad chuige a ndéanfainn sin?”
ars an Cat.



“Ta,” arsa sise, “ní ghearrfaidh, & c.”



(To be continued.)


L. 105


AN t-SEAN-BHEAN AGUS A MUC.



(Continued)
CAIBH II.



“Tá go maith,” ars an cat. “Má
théid (théigheann) tú go dtí an BHÓ úd
thall, agus má bheir (bheireann) tú
fóchupán bainne ionns' orm (nó, chugam),
íosaidh mé an ráftán duit agus fáilte.”



As go bráth leis an t-sean-bhean go
dtí an bhó; agus arsa sise leis an
bhoin:



“A Bhó! a Bhó! Tabhair fóchupán
bainne damh, le do thoil” (má's é do
thoil é).



“Caidé an fath?” ars an bhó.



“Tá,” ars an bhean. “Ní íosaidh an
cat an ráftán, &c.”



“Tá go maith,” ars an bhó. “Má
théid tú anonn chuig lucht an fhéir sin,
agus má bheir tú rop féir ionns' orm
(chugham), bhéarfaidh mé an bainne duit
agus míle fáilte.”



D'imthigh an t-sean-bhean anonn chuig
lucht an fhéir; agus arsa sise leis na
fir (fearaibh):



“A Fheara! a Fheara! A cháirde
dílsé! Tabhairigidh rop féir damh, le
mur dtoil.”



“Caidé an fáth é, a chroidhe?” arsa
na fir leithe.



“Tá,” arsa sise, “ní thabairfidh (cha
dtabhaireann) an bhó bainne do'n chat,
ní íosaidh an cat, an ráftán, &c.”



“Tá go maith,” arsa na fir leithe.
“Má théid tú go dtí an bothán thall
annsin, agus má bheir tú bucáid bláithche
ionns' orainn (chugainn) bhéarfaidh sinn
an rop féir duit, agus céad míle
failte.”



As go bráth leis an t-sean-bhean go
dtí an bothán. D'fhosgail sí an doras
is chuaidh sí isteach. Chonnaic sí an
bhláthach 's a' chuinneóig agus an bhucáid
's a' chúinne. Thóg sí an bhucáid; ach,
mo bhrón! Bhí an iomad poll ar thóin
na bucáide. Chuir sí cloichíní beaga
isteach 's a' bhucáid go dtí gur chumhduigh
sí tóin na bucáide leis na cloichínnibh.
Annsin dhóirt sí an bhláthach isteach 's a'
bhucáid gur líon sí an bhucáid leis an
bhláthaigh. Rith sí annsin go dtí na
fir agus an bhucáid bhláithche i n-a
láimh leithe. Cad chuige ar rith sí?
Rith sí ar eagal go rithfeadh an bhláthach
amach. Thug sí an bhláthach do na fir —
deoch do ghach dhuine aca, d'ól na fir an
bhláthach. Chomh luath is bhí an bhláthach
ólta ag na fir thug na fir an féar do'n
mhnaoi, agus céad míle fáilte. Phil
(d'fhill, thill) an bhean go dtí an bhó,
agus an rop féir faoi n-a h-ascaill
leithe. Thug an bhean an féar do'n
bhoín. D'ith an bhó an féar. Chomh luath
is bhí an féar ithte ag an bhoin, thug an
bhó an bainne do'n mhnaoi agus míle
fáilte. Chuir an bhean an bainne ar
fhóchupán, agus thionntuigh sí ar ais go
ciúin socair agus go cúramach fá dhéin
an chait, agus an bainne i n-a láimh
leithe. Níor rith sí an iarraidh seo, ach
shiubhail sí ar eagal go ndóirtfidhe an
bainne. Ach, mo bhrón. Nuair a bhí sí
leath bealaigh idir an bhó 's a' cat
smaoitigh sí gur bh'fhéidir go rabh na fir
ag coimhead oirthi. Thionntuigh sí thart
a dh'amharc an rabh, agus dhóirt sí an
bainne uile go léir ar an talamh! (Ní
rabh ag smaoitiughadh oirthi ar chor ar
bith). Bhí siad a' tabhairt aire do n-a
ngnothaidhe fhéin — rud nach rabh an bhean
a dheanamh, fáraor! Thoisigh an t-sean-
bhean bhocht a caoineadh go géar. Chuala
an bhó í. D'fhiafruigh an bhó dí caidé bhí
ar cearr leithe. D'arsuigh (d'innis) an
bhean an sgéal brónach — nó cuid de! —
do'n bhoin.



“Tóg suas do chroidhe cráidhte, a
thaisge,” ars an bhó. “Ní'l a dhath a
mhaith (aon mhaith) bheith a' caoineadh fá
bhainne ata dóirtthe,” ars an bhó
chríonna leis an mhnaoi chortha chlaoite.



Ghabh an bhean uchtach annsin. D'iarr
an bhean ar an bhoin a thuilleadh bainne
a thabhairt duithe, agus thug.



Shiubhail an bhean ar ais go hiongantach
ciúin socair agus go h-an-chúramach ar
go dtí an cat, agus a dhá súil sáithte
's a' bhainne rith an ama. Ní rabh lá
(nó, dadamh) smaointighthe ar na fir an
iarraidh seo aici.



Thug an bhean an bainne do'n Chat.
D'ibh an Cat an bainne. Chomh luath is
bhí an bainne ibhte ag an Chat: —



Thoisigh an cat a dh'ithe an ráftáin;
Thoisigh an ráftáin a ghearradh an rópa;
Thoisigh an rópa a chrochadh an búisteóra;
Thoisigh an búisteóir a mharbhadh an tairbh;
Thoisigh an tarbh a dh'ól an uisge;
Thoisigh an t-uisge a cur na teineadh as;
Thoisigh an teine a dhóghadh an bata;
Thoisigh an bata a bhualadh an mhadaidh;
Thoisigh an madadh a bhreith ar an mhuic.



Tháinic eagal mhór ar an mhuic agus
leim sí thar an chéim; agus mar sin,
nuair a tháinig an oidhche bhí an t-sean-
bhean 's a' bhaile.


L. 121


AN t-SEAN-BHEAN AGUS A MUC. CLÁR.



C. = Modh órd



D. = Fut. (or, Pres. H.) with “Cha”



E. = Fut. with “Ní”



F. = Modh Corigh “Ní,”
or “Cha”



G. = Thoisigh



1. A. Bhí… B. Sean-bhean



2. A. Fuair… B. Réal…



3. A. Rachaidh…



4. A. Ceannóchaidh… D. Cha bhím… E. Ní bhéidh



5. A. Cheannuig… B. Muc…C. Téidh… D. dtéid… E. Rachaidh…F. Ní Rachadh… G. (A dhul)



6. A. Tháinig… B. Céim…



7. A. Casadh… B. Madadh… C. Beir… D. Bheir… E. Ní bheirfidh… F. Ní bheirfeadh… G a bhreith… H. Ar iorball/an muice



8. A. Chonnaic… B. Bata… C. Buail… D. Cha Bhuaileann… E. Ní bhuailfidh… F. Ní bhuailfeadh… G. a bhualadh… H. an mhadaidh



9. A. Tháinig… B. Teine… C. Dóigh… D. Cha Dhóigheann… E. Ní dhóighfidh… F. Ní dhóighfeadh… G. a dhógadh… H. an bhata



10. A. Go dTainig… B. Uisge… C. Cuir… D. Cha Chuireann… E. Ní chuirfidh… F. Ní chuirfeadh… G. Ní chur… H. na teineadh



11. A. Casadh… B. Tarbh… C. Ól… D. Chan ólann… E. Ní ólfaidh… F. Ní/Chan ólfadh… G. a dh'ól… H. an uisge



12. A. Casadh… B. Búisteóir… C. Marbuigh… D.Cha mharbhann… E. Ní mhuirbhfidh… F. ní mhuirbhfeadh… G. a mharbhadh… H. an tairbh



13 A. Fuair… B. Rópa… C. Croch… D. Cha Chrochann… E. Ní chrochfaidh… F. Ní Chrochfadh… G. a chrocadh… H. an bhúis, óra



14. A. Casadh… B. Ráftán… C. Gearr… D. Cha Ghearrann… E. Ní ghearrfaidh… F. Ní ghearrfadh… G. a ghearradh… H. Rópa



15. A. Casadh… B. Cat… C. Ith… D. Chan itheann… E. Ní Íosaidh… F. ní/chan íosadh… G. a dh'ithe… H. an Ráftháin



16. A. Má Théid… B. Bó…



17. A. Má Bheir… E. Íosaidh



18. C. Tabhair… E. Bhéarfaidh…



19. A. D'imthigh… B. Lucht an Fhéir… C. Tabhairigidh… D. Cha dtabhaireann… E. Ní thabhairfidh



20. B. Bothán…



21. A. Chonnaic… B. Bláthach…



Thóg, chuir, dhóirt, rith, rithfeadh, thug, d'ól, thug, phill, thug, d'ith, chuir, thionntuigh, shiubhail, go ndóirtfidh, smaoinigh, thionntuigh, dhóirt,
ní rabh, thoisigh, chuala, d'fhiafruigh, d'innis, tóg, ghabh, d'iarr, shiubhail, ní rabh, thug, d'ibh, thoisigh… thainig, léim.




L. 141


Mhúsgail, D'Fhosgail



“Ar mhúsgail tú…?” “Mhúsgail.”



“Ar fhosgail tú…?” “D'fhosgail.”



Músg(ai)l
INDÉ Mhúsgail
GACH LÁ — aim



Éirigh
INDÉ — D'éirigh
GACH LÁ — im



4. — Aimsear Fhaistineach.



Clár



Músgail — laim — óchaidh



Cuir — im — fidh



“An músglóchaidh tú…?”



“Músglóchaidh.”



Músgail
Mhúsgail
— laim
— óchaidh



II. Mhúsgail mé indé, D'fhosgail mé
mo shúile, &c.



III. Músglaim gach lá, Fosglaim mo
shúile, &c.



IV. Músglóchaidh mé i mbárach, Fos-
glóchaidh mé, &c.



Mhúsgail mé indé, Músglóchaidh mé
i mbárach.



D'fhosgail mé mo shúile indé, Fos-
glóchaidh mé i mbarach iad.



Mhúsgail mé indé, Músglaim gach
lá, agus Músglóchaidh mé
i mbárach.



D'fhosgail mé mo shúile indé,
Fosglaim gach lá iad, agus
fosglóchaidh mé i mbárach iad.



Músglann tú gach lá.



Fosglann tú do shúile, &c.



Músglann Pádraig gach lá.



Fosglann sé a shúile, &c.



Músglaim gach lá, agus Músglann
seisean,



Fosglaim mo shuile, agus Fosglann
seisean, &c.



Músglann tú go moch gach lá.



Fosglann tú do shuile, &c.



Músglaim; Músglann, e.g.:



An Músglann tú gach lá?
Músglaim.



An Músglann Pádraig tú
gach lá? Músglann.



Músglann Máire gach lá,
Fosglann sí a súile, &c.



Músglaim
Músglann tú
Músglann sé, sí
Músglann sinn
Músglann sibh
Músglann siad



MODH ÓRDUIGHTHEACH



bris, cuir, buail — Sin Modh Órduightheach.



Fasann gach cuid de'n bhriathar as an
Modh Órduightheach. Sin an Fhréamh, nó
an Fréamh-Fhocal, e.g., bris, -im, -fidh.



BRIS
Bhris
— Im
— Fidh



Bhris mé mo chroidhe indé



Bris im mo chroidhe gach lá



Brisfidh mé mó chroidhe i mbárach



Riaghail: Aimsear Ghnáth-Láithreach: —



Caidé mar ghnidhthear (déantar) Aim-
sear ghnáth-Láithreach?



Ghnidhthear as an Modh Órduightheach í:
Cuirtear “im” i ndiadh an Modha
Órduighthigh 's an chéad Phearsain, agus
“ann” i ngach Pearsain eile; agus ná
deantar dearmad ar an Riaghail:
“Caol le Caol agus leathan le
leathan.”



Mínigh an Riaghail: —



“Caol le Caol agus Leathan le
leathan.”



LEATHAN: A, O, U.



CAOL
E, I



Riaghail: Má bhíonn guthaidh caol
roimh conson, béidh guthaidh caol i n-a
dhiaidh.



Má bhíonn guthaidh leathan roimh
conson, béidh guthaidh leathan i n-a
dhiaidh.



Nó: —



Bíonn conson i gcomhnuidhe idir dhá
ghuthaidh chaola, nó dhá ghuthaidh leathana.



Somplaí: Cuirim, tógaim, amadán.



Cuir, -im, -eann,



Cíor, -aim, -ann



Taisbean somplaí eile as Col. III.


L. 142


Giorradh



Nuair a bhíos dhá shiolla 's an bhriathar,
agus “il” nó “ir” mar an siolla
deireannach, fagthar amach an “i”
(nó “ai') 's an aimsear ghnáth láithrigh,
nó nuair a chuirtear siolla ar bith eile,
leis, cuir I gcás, músgail, músglaim.



“Siubhail”



Siubhail|Siubhailim|Siubhailfidh



labhair, tabhair, &c.



Bris



Brisim
Briseann



Clár



Aimsear Chaithte.



D'éirigh, D'fhosgail, &c.



Riaghail — Aimsear Chaithte.



Caidé mar ghnidhthear Aimsear Chaithte?



Ghnidhthear as an Modh Órduightheach í:



Séimhightear an conson tosaigh, agus
cuirtear “d” roimh guthaidh nó “f,”



Clár of Bris: —



Bris



Dubhairt and Rinne



“Bhí mé 's
a' bhaile”



Ar Mhúsgail tú? Mhúsgail.



Ar Fhosgail tú? D'fhosgail.



Ar i-th tú? D'-ith.



Ar Dhubhairt tú? Dubhairt.



An Rabh tú? Bhí.



An Dearn tú? Rinne.



Ar mhúsgail sé, sí, etc.



Mhúsgail mé indé. Músglaim gach lá



D'fhosgail mé indé. Fosglaim gach lá
Etc.



“Móra Dhuit”



“Séamus Bhearnaigh”



Clár “Bris”


L. 152


3. — AIMSEAR FHAISTINEACH.



“-fidh”



“-óchaidh.”



Cuir-fidh
Cíor-faidh
Suidh-fidh
Tuirling-fidh
Nigh-fidh
Bris-fidh



“-FIDH”



Caidé mar ghnidhthear Aimsear
Fhaistineach? Ghnidhtear as an
Modh Órduightheach í. Cuirthear
“-fidh” i ndiaidh an Mhodha
Órduighthigh; agus ná deantar
dearmad ar an Riaghail: “Caol
le caol, agus leathan le leathan.”



Cuir-fidh, cíor-faidh. Caol
le caol, etc.



“ÓCHAID VERBS.



“-óchaidh.”



Éir-igh
-eóchaidh
Alt-uigh
-óchaidh



Éir-igh -eóchaidh
Áird-igh -eóchaid



Ceann-uigh -óchaidh
Beann-uigh -óchaidh



“ÓCHAIDH” —



(a)Cuirtear “-óchaidh” i n-ionad
“fidh” má 's “-igh” an siolla deir-
eannach.



“an siolla deireannach,”



“-fidh”



Nigh, Nighfidh



Músg(ai)l, -aim, -óchaidh



Fosg(ai)l, -aim, -óchaidh
Ab(ai)r, -aim, -óchaidh



“-ai”



Musgail
Músglaim
Músglóchaidh



“-óchaidh”



-il, -ir, -in.



“Caol le Caol agus leathan le
leathan” i.e. “-eóchaidh,” nó, “-óchaidh.”



“ÓCHAIDH.”



Cuirtear “-óchaidh” i n-ionad
“-fidh” má ghiorrtar an Briathar ins an
Aimsear Ghnáth Láithrigh.



Riaghail: Aimsear Fhaistineach: —



Caidé mar ghnidhthear Aimsear Fhais-
tineach?



Cuirtear “-fidh” i ndiaidh an Mhodha
Órduighthigh — Sin an riaghail choitcheannta,
ach,



Cuirtear “-óchaidh” fé i n-ionad
“-fidh”:



(a) Má's “igh” an siolla deirean-
nach; nó,



(b) Má ghiorrtar an briathar ins an
Aimsear Ghnáth Láithrigh.



Ná deantar dearmad ar an Riaghail:



“Caol le caol.”



“-óchaidh”



“-óchaidh”



leith-cheal



BRIS



Bh —
— Im
— Fidh



D' —
— óchaidh



“Bris an Fhréamh.



“Ghnidhthear gach Aimsear as sin.



1. AIMSEAR CHAITHTE: Séimhightear
an conson tosaigh; agus cuirtear “d'”
roimh guthaidh nó “f-”.



II. AIMSEAR GHNÁTH LÁITHREACH:



Cuirtear “-im” i ndiaidh an Mhodha
Órduighthigh 's an chéad phearsain, agus
“-ann” i ngach pearsain eile; agus ná
deantar dearmad ar an Riaghail;
“Caol le Caol agus leathan le leathan.”



III. AIMSEAR FHAISTINEACH: Cuir-
tear “-fidh” i ndiaidh an Mhodha órduigh-
thigh; ach, cuirtear “-óchaidh” i n-ionad
“-fidh.”



(a) Má's “-igh” an siolla deirean-
nach; nó,



(b) Má ghiorrtar an briathar ins an
Aimsear Ghnáth Láithrigh.


L. 169


1. Ní, Níor.



II. An, go, nach
ar, gur, nar.



Clár A.



Músglaim go moch gach lá,



Fosglaim mo shúile,



Brisim an t-arán, agus ithim é.



Clár B.



Indé



Níor mhúsgail



Níor Fhosgail



Níor Bhris



Níor Ith



GACH LÁ



Ní Mhúsglann



Ní Fhosglann



Ní Bhriseann



Ní I-theann



I MBÁRACH



Ní Mhúsglóchaidh



Ní Fhosglóchaidh



Ní Bhrisfidh



Ní Íosaidh



CLÁR C.



Indé



AR
GUR, NAR



Mhúsgail



Fhosgail



Bhris



Ith



Gach Lá



AN
GO, NACH



Músglann



bhFosglann



nBriseann



Go/Nach n-ithean



An itheann



I mbárach



Músglóchaidh



bhFosglóchaidh



mBrisfidh



n-Íosaidh



Íosaidh



NÍ, NÍOR.



2. NÍ



Clár



Ní mhúsglann Séamus go moch,



Ní fhosglann sé a shúile,



Ní mhúsglóchaidh Séamus i mbárach, etc.



Ní mhúsglann sé — Ní mhúsglóchaidh sé,



An bhfosglann sé a shúile;



Ní fhosglann.



3. NÍOR



Níor mhúsgail Séamus indé,



Ar mhúsgail Séamus? Níor
mhúsgail.



4. NÍOR AGUS NÍ.



Níor mhúsgail sé indé;



Ní mhúsglann sé gach lá;



Ní mhúsglann sé i mbárach



Níor mhúsgail; ní mhúsglann; ní
mhúsglóchaidh.



5. NÍ, NÍOR.



NÍOR



Indé



Níor Labhair, Níor Nigh, Níor
Rith: — L, N, R,



“Ní”: Ní labhairim, etc



CLÁR



Indé



NÍOR



Níor Bhris
Níor Ól



Gach lá



Ní Bhrisim



Ní Ólaim



I mbárach



Ní Bhrisfidh



Ní Ólfaidh



Níor bhris mé an
t-arán, agus níor ól mé cupa tae, etc.



AN, GO, NACH, AR, GUR, NAR.



Ar mhúsgail Séamus? Níor mhúsgail.



An bhfosglann Séamus a shúile? Ní
fhosglann, etc.



Músglann



An bhfosglóchaidh sé a shúile? Ní
fhosglóchaidh.



An bhfosglann? An bhfosglóchaidh?



AR agus AN



Ar fhosgail



An bhfosglann,


L. 191


AN BIOTÁILLE SA TSEAN-
AIMSIR IN ÉIRINN.



EOIN MAC NÉILL, T.D.E., OLLAMH.



Ní thig liom cunntas iomlán a thabhairt
ar an sgéal so ná iarracht féin a
dhéanamh chuige sin, agus mé i bhfad ó
leabhraibh agus ó leabharlannaibh san
áit seo ar bhruach Cuain tSnámha Aighneach
ar a tugtar Loch Cáirlinn i gcanamhaint
an lae indiu. Tá leithead gan doimh-
neacht sa chuan so, agus is baoghlach gur
mar sin dom sgéal-sa. Ní'l eolas ar
bith againn ar chúrsaidhe an ólacháin i
n-Éirinn ins na h-aimsearaibh imchiana
roimh theacht na nGaedheal. Tá fiadhnaise
na n-ughdar againn go mbíodh deoch
láidir ag an chineadh Cheilteach le linn
bheith i n-ardréim dóibh sa roinn Eorpa,
agus gur ghnáthach leo bheith ag taosgadh
na gcuach gach uair dá dtigidís i ndáil
fleidhe agus féasda. Tá cuid de na
leastraibh óil a bhíodh acu ar faghail fós
ins na feódlannaibh; agus tá dhá fhocal
go h-áirthe san teangaidh ársaidh ar na
deochaibh láidre, CUIRMI agus MEDU,
sin coirm agus míodh sa tsean-Ghaedhilg.
Bhí fion acu freisin, agus adeir Plinius
go raibh níos mó ná cinéal amháin
fineamhna ag fás i na dtír.



Ní dhéantaoi fíon i nÉirinn, agus an
rud adeir Béda ina stair, go raibh na
crainn fhíneamhna ag fás i nÉirinn lena
linn, isé tuigim-se as go raibh an
fhíon chomh fairsing i nÉirinn san
am sin, i dús na hochtmhadh aoise, gur
shaoil muinntir Shasan gurbh i nÉirinn a
déantaoi é. Tá dearbh maith againn,
ámh, nach amhlaidh a bhí acht an fíon a bheith
dhá reic i nÉirinn ag ceannaidhthibh ó na
tiorthaibh thar lear. Bhí ceannach mór i
nÉirinn ar fhíon ó'n bhFrainnc agus ó'n
Spáinn chomh fada agus shroicheas an
t-éolus siar agus ó'n am sin anuas
go dtí tuairim agus céad bliadhain ó
shoin.



Léightear i n-ar seanleabhraibh go
mbíodh coirm agus lionn agus flaith agus
míodh dhá n-ól ag fearaibh Éireann. Is
ionann míodh, do réir bunaidh, agus an
focal mead atá i mBéarla Shasan, agus
is ionann ciall dóibh, deoch mheisgeamhail
a ghníthear as mil na mbeach. Óltaoi
níos mó de'n mhíodh sa tseanaimsir ná
mar óltar anois. Is follus sin ó'n
ainm a bhí ar thigh na bhfleadh a bhí i
dTeamhair, an Teach Míodhchuarta. Ní
h-eól dom an raibh difir ar bith i gcéill
na bhfocal úd coirm agus lionn agus
flaith. Tá a fhios ag cách go bhfuil ciall
eile le flaith, go gcialluigheann sé
cumhachta sa tuaith agus fós go gciall-
uigheann sé duine atá i gceannus
tuaithe. Mar sin de, má bhí eidirdhealú'
céille ins na foclaibh sin, isé is
dóichighe ann gurbh í an fhlaith an deoch
ba bhríoghmhaire dhíobh uiligh. Níl a fhios
agam cathain a tháinig an focal beoir
isteach sa Ghaedhilg nó an amhlaidh do bhí
sé riamh innti. Is dócha gurab é an
focal céadna ó bhunadh é féin agus
beer atá i mBearla Shasan.



Ní raibh tighthe tabhairne i n-Éirinn sa
tseanaimsir mar atá anois. Má luaidh-
tear teach óil annso agus annsúd ins
na leabhraibh, is iontuighthe dhúinn gurbh
ionnan teach óil agus teach fleidhe. Ní
baoghal a rádh gurab annamh a h-oltaoi
deoch láidir acht amháin an tráth do
shuidheadh daoine fá bhórd i ndáil fleidhe.
Ní cuimhneach liom a leigheadh i n-aon áit
sa tseanlitridheacht rud ar bith as a
dtuigfidhe go mbíodh dúil i fíor-ol ag
daoinibh, nó go raibh daoine i nÉirinn a
bhí tugtha don ól — bhíodh deoch láidir acu
agus óltaoi í, bhí an t-ól acu acht ní
raibh an t-ólachán.



“Nua gach bídh agus sean gach dige,”
ba ghnáthach a bheith ins na fleadhaibh. Dá
fhairsinge dá mbíodh an biadh ionntu, ní
hann is mó a bhíodh spéis acht san ól,
mar is furusda aithint ar an ngnáth-
abairt atá ins na sgealtaibh, “ag ól
fleidhe.” Is beag nach ionann mar
aithristear caitheamh na bhfleadh ins na
sgéaltaibh uile. Bhíodh na huaisle ag
ól go dtí go mba “measga meadar-
chaionch” iad, go rabhadar súgach mar
déarthá. Annsin bhíodh céolta agus
sgéalta achu. Is minich ámh a théigheadh
an t-ól níos sia ná sin, chun go mba
“treise flaithfiru” — go mbuaidheadh an
lionn ar na fearaibh. Annsin ba
ghnáthach leó a gcuid “comhsamha” do
ghabháil — do ghabhadh gach laoch i ndiadh a
chéile ag maoidheamh as a ghníomartha
gaisgidh, agus, ní nach iongnadh, uair-
eannta, d'fhásadh tnúth agus fearg agus
bagairt agus dórtadh fola as na
comhsamhaibh sin. Is dócha gur dá dhruim
sin atá an focal “bruidhean” againn
anois agus an chiall atá leis, óir isí
ciall a bhí le “bruidhean” ins na sean-
sgéaltaibh, teach fleidhe nó teach
aoidheachta.



(Tuille le teacht.)


L. 195


B. — I. GUR, NAR:



(a) Mhúsgail mé indé.



D'fhosgail mé mo shúile, etc.



Caide dubhairt mé?



Dubhairt mé gur mhúsgail mé,
Dubhairt mé gur fhosgail mé mo
shuile, etc.



(b) Níor mhúsgail Séamus,
Níor fhosgail sé a shúile, etc.



Caidé dubhairt mé?



Dubhairt mé nar mhúsgail Séamus,
etc.
(c) Mhúsgail mé; acht níor mhúsgail
Séamus.



D'fhosgail mé mo shúile; acht níor
fhosgail Séamus a shúile, etc.



(d)



1. Dubhairt tú gur mhúsgail tú
Dubhairt tú gur fhosgail tú, etc.



2. Dubhairt tú nar mhúsgail Séamus,
Dubhairt tú nar fhosgail sé, etc.



3. Dubhairt tú gur mhúsgail tú, 's
nar mhúsgail Séamus,



gur fhosgail tú, 's nar fhosgail
Séamus



II. GO, NACH.



(a) Fosglaim mo shúile



Brisim an t-arán, agus
ithim é.



Caidé deirim?



Deirim go Bhfosglaim mo shúile,
Deirim go Mbrisim an t-arán, agus
Deirim go N-ithim é.



(b) Ní fhosglaim mo shúile,
Ní bhrisim an t-Arán,
Deirim nach Bhfosglaim



(c) Fosglaim mo shúile, acht ní fhosglann
Séamus, etc.



Deirim go bhfosglaim, 's nach
Bhfosglann



(d)
1. Deir tú go músglann tú,
Deir tú go Bhfosglann tú, etc.



2. Deir tú nach músglann Séamus,
Deir tú nach bhfosglann sé, etc.



3. Deir tú go músglann tú, 's nach
músglann Séamus,



Deir tú go bhfosglann tú, 's nach bhfos-
glann Séamus.



1. go, nach



Deirim go músglóchaidh mé, 's nach
Séamus,



2. go



Deirim go músglaim, 's go mús-
glóchaidh



bhfosglaim, 's go bhfosglóchaidh,



3. Deirim nach músglann S., agus
nach músglóchaidh



Deirim nach bhfosglann sé, agus nach
bhfosglóchaidh



III. GUR, NAR.



1. AR, GUR, NAR



AN, GO NACH



e.g. deirim nach mbím annseo i mbárach.
2. Ar, gur, nar
e.g., Ar bhris.



3.An, go, nach
e.g., Go mbrisim.



Go. nach
e.g., Go n-ithim.



An ithim.



e.g., Músglaim, nighim, labhairim,
rithim, suidhim.



Go: bposgaim,
mbrisim, dtógaim, ndoirtim, gcuirim,
ngearraim.



IV. NÍOR, NÍ, AR,
GUR, NAR, AN, GO, NACH.



Cláir



(a) Mhúsgail mé, 's níor mhúsgail
Séamus, etc.



(b)Ar mhúsgail mé?



Dubhairt tú gur mhúsgail
tú, 's nar mhúsgail Séamus.



AR fhosgail mé mo shúile?



Dubhairt tú gur fhosgail,
acht nar fhosgail Séamus a shúile-
sé,



1. Deir tú:



GO músglann tú, 's go músgló-
chaidh.



Go bhfosglann tú, 's GO bhfosgló-
chaidh,



2. Deir tú:



NACH músglann tú, 's NACH músgló-
chaidh, etc.



CLÁIR



INDÉ



Bhris
D'ól



(a)GACH LÁ



Brisim
Ólaim



I Mbárach



Brisfidh
Ólfaidh



(b)INDÉ



NÍOR
AR
GUR, NAR



Bhris,
Ól



GACH LÁ
I mbárach





Bhrisis-im,
-fidh



Ól-aim,
-faidh



GACH LÁ,
I mbárach



An
Go, nach



mBris-im, -fidh



n-Ólaim, -faidh
An ólaim



1.— CLÁR



1. Níor bhris, ní bhrisim, Ní bhrisfidh.



2. Ar bhris, an mbrisim, an mbrisfidh



3. Gur, nar bhris, go, nach mbrisim,
go, nach mbrisfidh.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services