Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Agallaimh agus Rannta

Title
Agallaimh agus Rannta
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1918
Publisher
Na Caipisínigh

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


AGALLAMH — AN BHÁBÓG.



2. O! tá agus bábóg atá seacht
n-uaire níos deise ná do cheann-
sa.



1. Caidé an seort bábóige atá agat?



2. Tá sí chomh mór liom féin.



1. Go díreach, má tá, ní mór sin!



2. Agus thig leithe siubhal.



1. An dtig? O! is iongantach sin.
Agus an dtig leithe bheith i n-a
codladh?



2. Thig. Nuair a chuirtear i n-a luighe
ar a druim í, druideann sí a súile,
& bíonn sí i n-a codladh ar a'
bhumaite (neomat).



1. Go díreach, sin é mo dhálta-sa. Chomh
luath is a bhíos mo cheann ar an
adhart bím in mo chodladh go sámh.



2. Bhal, caidé do bharamhail de mo
bhábóig-se anois?



1. O! tá sí deas go leor; ach i n-a
dhiaidh sin is uilig, b'fhearr liom
mo bhábóg-sa ná bábóg ar bith eile
ar dhruim an domhain.



Brat anuas!



AGALLAMH I.



1. Hum! Agus nar chuala tusa seo: —



“Tá trí droch-nósa ag na fir:



Ag ól a' ghloine
A' chaitheamh an phíopa
Is a' leagadh na dríuchta go
mall 's an oidhche.



2. Béidh an focal deireannach agat cibé
ar bith; ní bhéinn a' cur m'am
amugha a' conspóid leat.



2.



Cad chuige a dtainig tú go dtí an
scoil seo.



1. Thainig mé chum a' Ghaedhilg a' fhoghluim



2. Cár b'as duit.



1. As B'lath Cliath mé.



2. Caidé an rang a mbíonn tú ann?



1. An bun Rang.



2. 'Bhfuil Gaedhilc agaibh 's a' Bhun
Rang?



Go dearbhtha tá.



2. 'Bhfuil sí chomh maith leis a' Ghaedhilg
atá aca 's an Árd Rang?



1. Chomh maith? Ar dhubhairt tú chomh
maith” tá sí seacht n-uaire níos
fearr. Tá Gaedhilg mhaith againn
's a' Bhun Rang.



2. Agus an saoileann tú nach bhfuil
Gaedhilg mhaith aca 's an Árd
Rang?



1. Bhal, a chroidhe, caidé shaoileann tú
fhéin? Tá fhios agat maith go leor
nach í an Ghaedhilg cheart atá aca
's an Árd Rang ar chor ar bith.



2. Maise! Ní fhuil sí cosamhail leis a'
Ghaedhilg atá againne cibé ar bith;
ach nach dtuigeann tú iad?



1. O! Tuigim iad maith go leor. Tá
fhios agam caidé bhíos siad a'
féachaint le n-a rádh; ach i n-a
dhiaidh sin is uilig, ní bhíonn snas
na Gaedhilge air a gcuid cainnte
ar chor ar bith.



2. Is fíor dhuit sin. Labhrann siad go
h-an-fhadalach: Bíonn cúig
moimidí eadar an dá fhocal aca;
shaoilfeá gur leabhar a bhí a'
cainnt.



1. Maise, bhain tú an focal as mo bhéal!
Agus nach dtug tú fá dear an
cárr a bhí ar na scoláiribh 's an
Árd Rang indé agus iad ag
féachaint leis an Ghaedhilg a
labhairt?



2. O! Maise thug! Bhí cárr ortha a
chuirfeadh an aicid ar na preataí.



1. Och: Och: Sonas ort a mhic-o (nó
a chroidhe) ar son an fhocail sin;
sin a' focal a rabh féidhm agam ais.
Chonnaic mé buachaill bocht as an
Árd Rang maidin indiu, agus
bhí eagal orm go mbrisfeadh sé
a ghiall — go sabhailidh Dia sinn
uilig!



2. 'Bhfuil fhios agat caidé an fath nach
bhfuil Gaedhilig níos fearr aca
's an Árd Rang?



1. Sin rud nach bhfuil fhios agam; ach
dá dtiocadh siad anuas go dtí
an Bun Rang gheobhadh siad an
Ghaedhilig ann “chomh milis binn
blasta le h-amhrán nó ceol na
n-aingeal ins na flaithis.”



2. Gheobhadh cinnte; nó dá racadh beirt
nó triúr de na sean-daoinibh as
Oméith go dtí an tÁrd Rang:
caidé mar bhéadh an sgéal?



1. O! dá racadh siad-san suas seal
míosa nó coigthighis ar cuairt
d'fhoghluimfeadh na mic-léighinn 's
an Árd Rang níos mó Gaedhilge
ins an am sin ná d'fhoghluimfeadh
siad i seacht mbliadhna 'réir mar


L. 11


tá siad ag deanamh gnaithe 's an
am atá i láthair.



2. Fuist! Coimhead thú féin: B'féidir
go bhfuil duine aca ag éisteacht
leat.



1. Is cuma liom! Bíonn an fhírinne
searbh agus go ndéanaidh sí maith
dobhtha. Och! Och! B'fhearr liom
go rabh mé 's a' bhaile slán
sábháilte arís. Tá mo chroidhe
briste ag an áit seo. (Tá mé
cortha de'n áit seo). Chaitfidh mé
bheith ag imtheacht anois.



2. 'Bhfuil praidhinn (deifre) ort?



1. Tá. Ní fhuirigheann na traedheantaí
ar dhuine ar bith.



2. Ná fan í bhfad ar shiubhal.



1. Tá go maith: Ní fhánfaidh.



2. Go n-éirighidh do bhothar leat!



1. Go rabh maith agat! Go gcuiridh Dia
an t-adh ort-sa!



RHYME.



HOMPAIGH DOMPAIGH.



Bhí Hompaigh Dompaigh i n-a shuidhe ar
a' bhalla:



Shéid a' ghaoth & thuit sé ar a' talamh.
Pléasgadh a bhlaosg & briseadh a
chroidhe,
Cé go rabh sé bán anois tá sé buidhe.
Thainig amach an t-Sean-bhean Bhuidhe;
Dhearc sí ar Hompaigh Dompaigh i n-a
luighe:
“Anois” adeir sí “ní thiocadh leis a'
Righ,
Nó leis an méid capall is fear atá
faoi,
Hompaigh Dompaigh a chur arís mar bhí.



NA GADUIDHTHE.



I. Seo iad na gaduidhthe amuigh ag
siubhal,
Amuigh ag siubhal, amuigh ag siubhal,
Seo iad na gaduidhthe amuigh ag
siubhal,
A óig-bhean uasal áluinn.



II. 'Dtug na Gaduidhthe dadaidh uait?
Dadaidh uait, &c.
'Dtug &c… A óig-bhean, &c.



III. Uaireadóir is slabhradh nuadh, &c.



IV. Druidfear iad I gcarcair chruaidh,
&c.



(An cheist: Cé aca is fearr leat
ubhall ná oráiste?)



CNÓ, CNÓ, CNÓ.



I. Tá sinne ag teacht a' dh'iarraidh cnó,
A' dh'iarraidh cnó, a' dh'iarraidh cnó;
Tá sinne, &c… Cnó, cnó, cnó.



II. Cé bhéas libh fá dhéin na gcnó, &c.
gcnó, gcnó, gcnó?



III. Anna Nic Channa fá dhéin na gcnó,
&c.



IV. Cé bhéarfas leis (leithe) í 'bhaint
na gcnó, &c.



Seaghan Ua Baoighill go gasta beo,
&c.



Beo, beo, beo.



Maith go leor a lucht na gcnó, &c.



Note: — When playing the game the names
of those taking part are substituted for
above.



STORIES.



1. STORY FOR IRREGULAR
VERB.



1. Past Tense. Affirmative.



1. Bhí mé 's a' bhaile indé



2. Chuaidh mé 'na scoile.



3. Tháinig mé ar ais arís.



4. Rinne mé deor beag tae.



5. Thug mé do mo mháthair é.



6. Fuair mé ceapaire (= árán & im).



7. Chonnaic mé go rabh sé maith.



a. Bhris mé &.



b. D'ith mé é.



8. Chuala mé torann amuigh.



9. Dubhairt mé go rabh mé ag dul
amach.



10. Rug mé ar mo bhata — agus
amach liom.



B. Past Negative.
Same story: —



Ní rabh Séamus 's a' bhaile; ní dheachaidh;
Ní thainig; ní dhearn; ní thug; ní fhuair;
Ní fhaca.
Níor bhris, níor ith.



Níór chuala, dhubhairt, rug.



Beidh mé 's a' bhaile; rachaidh;
tiocaidh; déanfaidh; béarfaidh; gheobhaidh;
teidhfidh.



Brisfidh mé; íosaidh,



Cluinfidh; déarsaidh; béarfaidh.



bhí, ní rabh.



Chuaidh, ní dheachaidh, &c.



Bhí mé 's a' bhaile — ní rabh Séamus, &c


L. 20


AGALLAMH II.



'BHFUIL GAEDHILG AGAT?



1. Go mbeannuighidh Dia dhuit.



2. Dia 's Muire dhuit.



1. 'Bhfuil Gaedhilg agat?



2. Ní fhuil mórán. Tá rud beag
(beagán).



1. 'Bhfuil tú a' foghluim na Gaedhilge?



2. Tá mé a' féachaint le n-a foghluim
(tá mé ag iarraidh bheith 'á foghluim).



1. 'Bhfuil tú i bhfad a' foghluim na
Gaedhilge?



2. Ach, ní fhuil.



1. Cá fhad a bhfuil tú a' foghluim?



2. Ní fhuil fhios agam i gceart.



1. Cá h-uair a thoisigh tú?



2. O, is minic a thoisigh mé agus chomh
minic 's thoisigh mé stad mé duithe
arís (is minic a thoisigh mé ach
níor mhair mé i bhfad ag gabhail
duithe am ar bith.)



1. Mo bhrón: Tá an sgéal céadna
agam-sa le h-innse agus ag an
iomad daoine diomaoidhte díom
(ag a lán daoine nach mé.)



2. Agat sa? Nach rabh an Ghaedhilg
agat-sa ó'n chliabhán?



1. Maise, ní rabh; gidh go rabh tréan
Gaedhilge ag mo mháthair agus
m' atháir; agus dheamhan focal
Béarla bhí ag mo mháthair-mhóir
ar chor ar bith.



2. Cad chuige nach bhfuil an Ghilgeadh
agat sa agus an Ghaedhilg aca
san chomh maith sin?



1. Bhí mise ar scoil agus ní rabh siad
san.



(1) AN MHUICÍN SEO.



Chuaidh an mhuc bheag seo 'n a' mhargaidh.
D'fhán an mhuc bheag seo 's a' bhaile.
Fuair an mhuc bheag seo im is árán.
An mhuc bheag seo ní fhuair sí dadaidh,
Agus ars' an mhuicín bheag seo: —



“Bhuidhe! bhuidhe! bhuidhe! Caidé gheobhas
mise?



(2) HEIGH DAODAL DOIDEAL.



Héig daodal doideal an cat 's an
fhidil;
Do léim an bhó thar an ghealaigh,
Thoisigh an madadh beag a gháiridhe
Nuair a chonnaic sé an greann;
Agus rith an mhias ar shiubhal leis an
spanóig.



BAISTEADH AN IÚDAIGH.



Bhí beirt fhear ann fad ó, & is fad' ó
bhí, & is cuma cé aca bhí nó nach rabh.
Catoiliceach duine aca, húdach an duine
eile.



Aon lá amháin chuaidh an bheirt fhear
seo amach a bhádóireacht ar loch; & gan i
bhfad thoisig siad a chonspóid fá'n
Chreideamh.



Thug an t-Iúdach dí-mheas ar Chreideamh
an fhir eile.



Chuir sin fhearg mhór ar an Chatoiliceach
—nídh nach iongnadh — & theilg (chaith)
sé an t-Iúdach amach as a' bhád & thuit
sé isteach 's an uisge.



Chuaidh sé síos, agus síos, agus síos
go dtí an tón; agus tháinig sé aníos, &
aníos, & aníos go barr an uisge arís.



Chuir sé suas a cheann, & sgairt
sé amach;



“Sábháil mé! Sábháil mé! Sábháil
mé!” Rug an fear eile ar a ghruaig.



“Abair; ‘I n-ainm Dé & Muire,’”
arsa seisean.



“Ní abrochaidh (chan abraim)” ars'
an duine eile.



“Tá go maith,” ars' an Catoiliceach,
“má 's mar sin atá, téigh síos arís,”



Agus chuir sé síos arís é.



Chuaidh an duine bocht síos, & síos, &
síos go dtí an tón; agus thainig sé
aníos, & aníos, & aníos go barr an
uisge arís.



Chuir sé suas a cheann & a lámha;
& sgairt sé amach an dara h-uair;



“Sábháil mé! Sábháil mé! Sábháil mé!”



Rug an fear eile ar a ghruaig arís,



“Abair; ‘I n-ainm Dé & Muire,‘”
arsa seisean.


L. 21


“Ní abrochaidh,” ars' an duine eile.



“Tá go maith! Síos leat arís,”
ars' an Catoiliceach.



Agus chuir sé síos arís é; & chuaidh
sé síos, &c… arís.



Is beag (cha mhór) nach rabh sé báidhte
an t-am seo.



Chuir sé suas a cheann, & sgairt sé
amach — chomh maith is thainig leis agus
a bhéal lán d'uisge —



“Sábháil mé! Sábháil mé! Sábháil
mé! — I n-ainm Dé & Muire.”



Is I gcogar a dubhairt sé an chuid
deireannach de.



Rug an fear eile ar a ghruaig le
n-a láimh chlé; & thóg sé braon uisge
i n-a láimh dheis.



Dhort sé an t-uisge ar cheann an
Iúdaigh trí h-uaire, 'á rádh fá'n am
chéadna:



“Baistighim thú i n-ainm an Athar,
agus an Mhic, agus an Spiorad Naoimh.



“Anois,” arsa seisean, “nuair atá
tú in do Chríostaidhe mhaith agam, síos
leat arís, & go dtéidh tú slán go
Flaitheas Dé!”



Agus chuir sé síos arís é; & chuaidh
sé síos, & síos, & síos go dtí an tón;
agus ní thainig (cha dt.) sé aníos ní ba
mhó.



Ach tá súil agam go deachaidh a anam
suas, & suas, & suas go Flaitheas Dé,
& go bhfuil sé shuas ag Dia anois; agus
tá súil agam fósta go rachaidh gach
duine againne suas, & suas, & suas
mar a' gcéadna, & go bhfeicidhmid Íosa
& a Mháthair ins na flaithis.



NAOMH PÁDRAIG AGUS AN
t-SEAMRÓG.



Nuair a
Thainig Naomh Pádraig go talamh glas
na h-Éireann,
Shaoil na daoine i n-Éirinn go rabh
ní ba mhó ná aon Dia amháin ann.



Chrúinnig Naomh Pádraig an t-aos óg
& na daoine aosta timcheall air lá;
agus arsa seisean;



“Ní fhuil ach aon Dia amháin ann,
ach tá trí Pearsanna i nDia; an
t-Athair, an Mac, & an Spiorad Naomh —
Sin Triúr i n-Aon.”



Bhí na daoine ag éisteacht leis &
arsa siad-san;



“Ní thuigim (cha dt.) sin,
“Ní chreidim (cha ch.) sin, &
“Ní chreidfidh mé (= cha chreidim) go
h-éag nó go deo é,” ars' an Rí, ars
an Draoi & arsa gach uile dhuine aca.



Ní (cha) rabh fhios ag Naomh Pádraig
bocht caidé
Dhéanfadh sé ar chor ar bith; &
Thoisigh sé 'á thochas a chinn, & 'á
smaoin-tiughadh, & 'á ghuidhe Dé go
dian dúthrachtach.



Chuir Dia i n-a smaoineadh amharc síos
ar an talamh; &
D'amharc sé síos ar an talamh; &
Chonnaic sé an t-Seamróg bheag ghlas
ag a chois.



“Ó! Glóir do Dhia, & moladh do
Mhuire!” arsa seisean, “sin a' rud
leis a dteagasgfaidh mé an Trionóid
Naomhtha dobhtha.”



Chrom sé síos;



Thóg sé gas de'n t-seamróig; &
thaisbean sé do na páistibh é.



“Bhfeic sibh seo?” arsa seisean.
“Sin gas amháin, & tá trí duilleóga
ag fas as — sin triúr i n-aon.



“Mar sin de,” arsa seisean, agus é
ag amharc suas chuig Flaitheas Dé,
“Ní fhuil ach aon Dia amháin ann, ach tá
trí Pearsanna i nDia! an t-Athair,
An Mac, & an Spiorad Naomh — sin
Triúr i n-Aon.”



Bhí cluas le h-éisteacht ag na páistidhí;



“Creidim sin! Creidim sin!
Creidim sin!” arsa gach uile dhuine aca.



Nuair a
Chuala na sean-daoine na páistidhe
'á rádh gur chreid siad,
Thug siad-san isteach do Phádraig
fósta; agus arsa siad-san:



“Creidim sin, &



“Creidfidh mé go h-éag is go deo é,”
ars' an Rí, ars' an Draoi, & arsa
gach uile dhuine aca. Agus
Chreid siad; &
Creideann sinne, &



Creidfidh, le cuidiughadh 'n Rí (Dé),
le cuidiughadh Phádraig, & le n-ár gcuid-
iughadh fhéin!


L. 53


AGALLAMH III.



1. Céilidhe — an Sagart & an Luchóg.
II. Páidí óg do Mháthair. III. An
Nodlaig féirín. IV. Aimsir fá
Nodlaig.



1.



1. Dia's Muire dhuit!



2. Mar sin agus duit-se!



1. Caidé an dóigh atá ort ar chor ar
bith, is fada ó leag mé mo shúile ort
anois?



2. Tá mé mar tchidh tú — cibé ar bith an
dóigh sin — Caidé mar tá tú fhéin?



1. Tá mé go maith, agus fhad 's bhéas an
tsláinte ag duine ní bhíonn ádhbhar
gearáin aige.



2. Sin díreach an fhírinne. Ní bhíonn fios
féidhm 1 na sláinte ag duine go
dtí go mbíonn sé tamall gan í.
An bhfuil sgéal nuadh ar bith agat?



1. Maise, ní fhuil focal.



2. Ní fhaca mé tú ní b'fhearr ariamh;
ach i n-a dhiaidh sin agus uilig is
fearr a bheith gan sgéal ná droch-
sgéal a bheith agat.



1. Is fíor sin go díreach. Ar chuala
tusa a bheag iongantach (a dhath,
rud ar bith)?



2. Chuala.



1. Caidé chuala tú? Innis damh le do
thoil é.



2. Ar chuala tú go bhuil Céilidhe i
gcoinne a bheith (le bheith) in ár sgoil
gan i bhfad?



1. Maise, níor chuala. Cá h-uair a
bhéas sé ann?



2. Ní'l fhios agam i gceart: Bhí sé le
bheith ann roimhe le Nodlaig; ach
cuireadh ar ath-lá é; agus ní fhuil
fhios agam cé aca tá lá eile
socruighthe aca go fóill nó nach
bhfuil.



1. Agus an bhfuil tú dearbhtha go
mbeidh Céilidhe ann ar chor ar bith?


L. 54


2. O: tá; mur a bhfuil a' múinteóir
(nó, an sagart) ag innse bréige.



I. Agus an saoileann tú nach dtig
(léithe) leis sin a dhéanamh?



2. O! saoilim nach dtig le múinteóir
(sagart) ar bith bréag a innse:
Is tric minic a chuala mé mo
mháthair a rádh: “Tá sin chomh fíor
leis a' mhúinteóir (an t-sagart).”



1. Ní abraim a bheag fá sin; ach tá mé
dearbhtha de seo: D'innis sí (sé)
bréag damh-sa uair amháin.



2. Bréag! D'innis múinteóir (sagart)
bréag?



1. D'innis.



2. Bhal. Ní chreidim sin, agus ní
chreidfidh mé go h-éug nó go deo é.
Caidé an bhréag a d'innis sí (sé)
duit cibé ar bith?



1. Tá. Dubhaírt sí go rabh sí i n-a
codladh, lá, agus í a' srannfaigh
agus a béal fosgailte, nuair a
léim luchóg síos a sgornach. (If
“sagart” is used, change to suit.)



2. Luchóg?



1. Seadh. Léim luchóg síos a sgornach.
Bhí go maith, agus ní rabh go h-olc
go deachaidh an cat síos in a diaidh.
Rith an madadh i ndiaidh an chait;
agus ach ab é go bfuair a' múin-
teóir greim ar urball a' mhadaidh,
agus é a' dul síos, tá eagal orm
go bhfuigheadh an bhean bhocht bás.
Ach le sgéal fada a dhéanamh
goirid, agus le sgeal goirid a
dhéanamh greannmhar, tharraing an
múinteóir amach an madadh,
tharraing an madadh amach a' cat,
agus tarraing a' cat an luchóg.
Agus nuair a thainig an luchóg
amach, caidé bhí go teann ar a
ceann aici ach sean-mhearacáin a
chaill a máthair-mhór — go ndéanaidh
Dia trócaire ar a h-anam — nuair
a bhí an múinteóir in a leanbh.
Caidé do bharramhail 2 de'n mhúin-
teóir anois?



2. O! Is beag sin do mhíorbháilte Dé.
B'fhearr liom an sgeul iongantach
sin a chreidbheáil na a chreidbheáil
gur innis múinteóir bréag.



1. Tá go maith! Béidh do dhóigh fhéin
agat cibé ar bith.



II.



Caidé mar tá na daoine uilig i
mBeulfeirsde?



2. Tá go bréagh; ach chuala mé gur
fhosgail Páidí Óg a bhéal oidhche
Nodlag agus nar éirigh leis a
dhruid arís.



1. Agus an fíor sin?



2. Ní'l fhios agam-sa; ach
Dubhairt bean liom
Gur dhubhairt bean leithe
Go bhfaca sise bean
A chonnaic bean
A chuala bean ghá rádh
Go bhfaca sise bean
A chonnaic Páidí agus a bhéal
fosgailte agus nach dtainig
leis a dhruid fhad is bhí sise
ann; ach ní abraim gur fíor
an sgéal.



1. Caidé mar tá do mháthair indiu?



2. Tá sí go bréagh, Glór do Dhia ar a
shon.



1. Caidé atá sí a dhéanamh?



2. Tá sí a'fuaghail cirteach na bpáisde.



1 Féidhm, need, want.



2 Barramhail = meas, opinion.



DOMHNALL ó TUATHAIL,
Sagart.


L. 69


AGALLAMH III (ar leanamhaint).



1. Caidé mar chuir sibh isteach an Nod-
laig?



2. Maith go leór. Caidé an seort
Nodlag a bhí agaibh-se?



1. Bhí sí ciúin socair go leor. Bhí mé
ag an chéad Aifreann agus níor
fhág me an toigh i n-a dhiaidh sin.



2. Agus an bhfuair tú mórán féirin (3)?



1. Fuair. Ach ní fhuair mé an oiread i
mbliadhna agus fuair anuiridh. Is
dócha go bhfuair tusa neart féirín?



2. Maise, ní fhuair. Ní fhuair mé ach
cúpla cárta Nodlag.



1. Agus nach bhfuair tú pronntanas ar
bith ó d'unncal?



2. Ní fhuair, leoga.



1. Caidé is ciall de sin?



2. Ní'l fhios agam ar thalamh an Domhain
caidé is ciall de, ná chuir mé ríbín
deas buidhe ar a mhadadh bheag an
lá deireannach a bhí sé i bhfos.



1. Ní chuirfinn ríbín eile air, dá mbéinn
in d'áit. Tá's agam caidé dhéan-
fainn leis.



2. Caidé dhéanfá?



1. Bhuailfinn buille de bhata air.



2. Chuirfeadh na péas (4) i bpríosúin thú,
dá ndéanfá sin.



1. Ní leigfinn dóbhtha mé a fhéiceál.



2. Ar sgor ar bith béidh an madadh gan
ríbín feasta. Shaoil mé go bhfuigh-
inn uaireadóir, agus thug mo
dheirbhshiúr domh braisléad le n-a
chur ann. Ach is minic a chuala-
muid “Ná tóg cro roimhe na
h-eascáin.”



1. Bhal, tá an braisléad agat ar sgor
ar bith; is fearr breac 's a' phota
ná bradán 's a' loch; agus is fearr
madadh beo ná leomhan marbh.



2. Seadh. Is fearr éan 's a' láimh ná
beirt 's a' chrann; agus is fearr
ligream lag (5) ná bheith folamh ar
fad. Bhí sin i n-a fhocal mhór ag
mo mháthair mhóir — go ndéanaidh
Dia trócaire ar a h-anam!



1. Amen a Thighearna!



1. Nár mhaith an aimsir a bhí againn fá
Nodlaig?



2. Ba mhaith; ach b'fhearr liom sioc agus
sneachta a bheith ann.



1. Cad fhios sin?



2. Is minic a chuala mé mo mháthair a
rádh; “ Nodlaig ghlas, roilig mhéith.”



1. Chuala mise sin fosta; ach ní thabh-
raim mórán áirde ar na sean-
raidhtí sin. Is dóigh liom go rabh
do shaith sneachta agat anuiridh?



2. Bhí go dearbhtha! Ní fhaca mé bliadhain
chomh doineannta leithe ariamh, ná
an iomad daoine diomaoidhthe díom
(= saor orm; nó, nach mé).



1. Bhí sé dona go leor. Bhí sioc ann,
agus bhí sneachta ann, agus bhí an
sneachta dhá shíobadh; bhí clocha-
mealla agus flith-shneachta ann
fosta, agus réabthlacha gaoithe
móire. Is é a bhí iongantach garbh.



2. Sé. Bhal, bhí sé garbh, giobach, fuath-
asach fuar, fliuch. Ní fhaca mé a
leitheid ariamh, agus tá súil agam
nach bhfeicim a choidhche.



1. O! bhal, rud ar bith a leagar Dia
amach dúinn, caithfimid cur suas
leis.



2. Go dearbhtha is fíor sin. Ní thig
olc i dtír nach feairrde d'fhear
éighinteach (7).



1. Caithfidh mé imtheacht anois. Bean-
nacht leat!



2. Beannacht Dé leat! agus sábháilte
'na bhaile dhuit!



(3) Féirín, present.



(4) Ná péas, the police.



(5) Ligream lag, a useless ricketty old thing,
e.g., an old cart with wobbly wheels,
hence anything useless.



(6) Fuathasach = iongantach (lit. hateful).



(7) Ní thig olc i dtír, &c. = no evil or misfortune
comes to land that some man (person)
is not the better of it.



AN T-SEAN-BHEAN LIATH.



1. An bhfaca tú an t-sean-bhean liath,
An t-sean-bhean liath, an t-sean-
bhean liath,
An bhfaca tú an t-sean-bhean liath
Ag siubhal síos an bóthar?



II. Bhí maide beag i n-a láimh aici, &c.,
Agus pighinn i n-a póca.



III. 'S ar a druim bhí mala beag, &c.,
Lán de phlúr, is dócha.



IV. Chualas í a' Guidhe Dé, &c.,
Agus Muire ana-ghlórmhar.



V. O! Grádh mo chroidhe an t-sean-
bhean liath, &c.,
Ag siubhal síos an bothar.


L. 70


Och, och ár sgrúdughadh!
Is mór an buaidhreadh;
Cuir ins a' bhosca é,
Agus leig linn ár saoirse.


L. 86


ASAL SHÉAMUIS BHEARNAIGH.



Asal Shéamuis Bhearnaigh, tá ball ar a
iorball,
Asal Shéamuis Bhearnaigh, tá ball ar a
iorball,
Asal Shéamuis Bhearnaigh, tá ball ar a
iorball,
Agus sinne ag gluaiseacht ar aghaidhe.



Curfá



Rí fol, rí fol, toiti fol la lae



(Fá thrí).



Agus sinne ag gluaiseacht ar aghaidhe.



THART FÁ DTAOBH DE'N BHAILE.



1. Thart fá dtaobh de'n bhaile (fá thrí).
Mar rinneamar fad ó.



2. Amach 's isteach an fhuinneóg (fá
thrí)
Mar rinneamar fad ó.



3. Dearc ar aghaidhe do chéile…
Mar rinn' tú leí fad ó.



4.Umhluighim síos le grádh dí.
Mar rinn' mé leí fad ó.



5. Siubhail 'mo dhiaidh go Banndan
Mar rinn' tú liom fad ó.



FÁ THOR NA GCAORTHA.



1. Seo thart fá thor na gcaortha sinn,
Na gcaortha sinn, na gcaortha sinn,
Seo thart fá thor na gcaortha sinn,
'S maidin shiocáin mhóir ann.



2. Seo mar nigheann sinn ár ngúnaí,
sinn ár ngúnaí, &c.
Seo mar, &c.
'S maidin, &c.



3. Seo mar ghní sinn iad 'á smúdáil,
iad, &c.



4. Seo mar sguabann sinn ár seom-
raí, &c.



5. Seo mar chóir 'eann sinn ár mbróga.



6. Seo mar nigheann sinn ár lámha.



7. Seo mar chíorann sinn ár ngruaig.



8. Seo mar shiubhlann sinn 'na scoile.



9. Seo mar thig sinn uaithi 'ris.



AN SEAN-DUINE GRUAMDHA.



1. Bhí sean-duine gruamdha i gcró leis
fhéin,
I gcró leis fhéin, i gcró leis fhéin,
Bhí sean-duine gruamdha i gcró leis
fhéin,
I n-aimsir bhreagh an t-Samhraidh.



2. D'fhás crann ubhla os coinne an
chró, &c.
I n-aimsir bhreagh, &c.



3. D'apaigh na h-ubhlaí, a's siud leo
anuas, &c.
Lá breagh te 's a' t-Samhradh.



4. Chuaidh sean-bhean ruadh dhá gcruin-
niughadh suas, &c.
Lá breagh te 's a's t-Samhradh.



5. Amach le Ruaidhrí a's bhuail oirthi
cos, &c.
Lá breagh, &c.



6. D'fhág sin an bhean bhocht ar lig-
ream laig &c.



7. Chuir sin ar Ruaidhrí buaidhreadh
fíor,
Buaidhreadh fíor, buaidhreadh fíor;
Ach bhuail siad suas le chéile arís,
Lá breagh te 's a' t-Samhradh.



BUAIL AR AN DORAS.



Buail ar an doras (= éadan)
Caoch isteach (súil); tóg an láitse
(trón);
Agus siubhal isteach (béal).
Suidh ar a' stól; agus bhí ag ól,
Caidé mar tá tú ar maidin?



DHÁ ÉAN BHEAGA.



Dhá éan bheaga i n-a suidhe ar a' bhalla.



1. Ceann aca Peadar,



2. An cean eile Pól.



3. Ar shiubhal leat a Pheadair!



4. Ar shiubhal leat a Phóil!



5. Tar ar ais a Pheadair!



6. Tar ar ais a Phóil!


L. 103


AGALLAMH IV.



1. Ag bualadh arbhair. II. An Aimsir:
an Ghaoth; an Ghrian 's an taobh
chearr. III. An Baile Mór. IV. An
Taidhbhse. V. Críoch.



I.



1. Go mbeannuighidh Dia dhuit.



2. Go mbeannuighidh an fear céadna
dhuit-se.



1. Caidé an dóigh atá ort ar chor ar
bith? Is fada ó leag mé mo shúile
ort anois!



2. Tá mé mar tchidh tú, cibé ar bith an
dóigh sin. Caidé mar tá tú féin?



1. Ní fhuil ádhbhar gearáin agam, Glóir
do Dhia ar a shon; caidé thainig ort
nuair a d'fhan tú chomh fad ar
shiubhal?



2. Bhí mé praidhinneach (gnóthach).



1. Bíonn tú i gcomhnuidhe praidhinneach.
Caidé bhí tú a dhéanamh?



2. Bhí mé a' bualadh arbhair.



1. An 's a' sgioból nó amuigh 's a'
pháirc a bhíos sibh dhá bhualadh?



2. O! 's a' sgioból, cinnte.



1. Agus nach mbíonn sibh plúchta ag an
dústa?



2. Ní bhíonn. Tá fhios agat go mbíonn
an doras agus na fuineóga fos-
gailte.



1. Na fuinneóga! Ní fhaca mé fuinneóg
ar sgioból ariamh.



2. Tá fhios agat gur toigh comhnuidhe a
bhí ann an chéad uair, an ceann (i-n)
a rugadh m'athair mór — go ndhéanaidh
Dia trócaire ar a anam — agus
rinneadh sgioból de. Nach 's a'
sgioból a bhuaileas sibh-se?



1. Ní h-eadh, amuigh 's a' pháirc a
bhuaileas sinne an t-arbhar.



2. Caidé ghní (nó “dhéanas”) sibh nuair
a bhíos aimsir fhluich ann?



1. Fuirigheann sinn ar lá thirim.



2. Agus cuir i gcás nach mbéadh lá
tirim ann?



1. Chaithfeamuis a bheith ag déanamh ár
sgíste ins a' toigh.



2. Tá eagal orm go bhfuil sibh fuathasach
(iongantach, an) fallsa.



1. Bhal, Ní bhíonn a bheag eile (dadaidh
eile — rud ar bith eile) againn le
déanamh.



2. Nach dtig libh a' bheith a' fuineadh, a'
fuagháil nó a' cniotáil?



1. O! Bíonn mo mháthair a' fuineadh go
minic, ach is annamh bhíos sí a'
fuagháil nó a' cniotáil.



2. Agus nach dtiocfadh leat-sa a bheith a'
cur paiste ar sean-bhrístí do
dhearbhrathar?



1. Ní fhuil féidhm aige ar a leitheid;
(ní fhuil a leitheid i n-a dhith air).



II.



2. Caidé do bharamhail de'n aimsir?



1. Tá cuma na fearthann' air. Saoilim
go mbéidh athrughadh ann gan i bhfad
go dtí.



2. Caidé a shaoil tú de'n chéad lá de'n
Bhliadhain Úir?



1. Bhí sé maith — bhí sé deas.



2. Bhí. Agus bhí an ghaoth as áird tirim.



1. Caidé an áird a rabh sí?



2. Bhí sí anoir dtuaidh. Agus chuala
mé i gcomhnuidhe gur áird tirim í
sin.



1. Ní'l fhios agam. Chonnaic mé fear-
thainn ag teacht as an áird sin.



2. O! thig leis an fhearthainn theacht as
áird ar bith is áil leithe.



1. Caide an áird a bhfuil a' ghaoth
indiu?



2. Maise ó thainig mé go Béalfeirsde,
níor éirigh liom a' aithniughadh caidé
an áird a rabh sí. “Tá an ghrian
ins a' taobh chearr (taoibh cheairr)
annseo,” mar dubhairt Phil?



1. Phil? Caidé dubhairt Phil?



2. Tá. Ba gnathach le Phil luighe i n-a
leabaidh ach go mbéadh lár a' lae
ann; ach lá amháin, d'éirigh sé go
moch, agus d'amharc sé ar an ghréin,
agus arsa sesean “O! nach mairg
a éirigheas go moch, tá an ghrian ins
a' taobh chearr.”



1. Ha! Ha! Is maith sin! Go deimhin
is go dearbhtha tá dálta Phil orm-
sa. Tógthar (tchidhthear) domh gur
's a' taobh chearr a bhíos sí. Ní
bhíonn a fhios agam caidé an áit
(i-n) a mbím, nó ciaca ar mo cheann
nó ar mo chosa bhím 'mo sheasamh.
Tá seort seachráin orm ó thainig
mé annseo. Tá mé fríd a chéile
ar fad.



2. Is mór an náire dhuit a bheith chomh
seachránach sin. Ní fhuil a bheag
cearr orm-sa.



III.



Caidé do bharamhail de'n áit seo?



2. Nil céist (=dúil, mian) agam inntí
ar chor ar bith. B'fhearr liom lá
i nGleann Áireamh, ná bhliadhain i
mBéalfeirsde.



2. Caidé is ciall de sin?



1. Ní fheic tú a bheag anseo ach toighthe
móra, toit, agus daoine granna,
dalba dána. Caidé a saioleas tú
fhéin dí?



2. Maise, níl dúil agam inntí ach
oiread. Ní fhaca mé caora, gabhar,
nó gamhain ó thainig mé annseo,
agus níor chuala mé guth coiligh
londubh nó an traon nó ceól éin
ar bith eile, 'san bhaile ghruamdha
stuacach seo.



1. Agus an bhfaca tú bó ó thainig tú
chum an bhaile seo?



2. Maise, ní fhaca.



1. Faoi'n spéir, caidé'n dóigh a bhfagh-
ann na daoine seo bainne?



2. Creidim gur as a' tsrúthan a gheibheas
siad é.



1. O! is uisge a gheobhadh siad as a'
tsruthan.



2. Bhal. Ní fhuil mé i bhfad cearr (ar
seachrán) go seadh (go fóill):
cluinim gur leath-uisge an bainne
atá siad á fhághail.



1. Och, och na créatúirí!



IV.



1. 'Bhfuil sgéal ar bith úr agat?



2. Ní fhuil focal. 'Bhfuil rud ar bith
agat-sa?



1. Tá. Ar chuala tú fá'n taidhbhse a
chonnaic Séamas Bheárnaigh?



2. Níor chuala. Innis damh an sgéal,
le do thoil.



1. Tá. Ag teacht 'na bhaile dó ó Bhun-
Abhann Dála, nuair a bhí sé leath
bealaigh eadar Bun-a' n-Dála agus
Bun-na-hAbann — ag an tsean-
chaisleán tá fhios agat?



2. Tá fhios agam go fíor-mhaith.



1. Chonnaic sé duine bán ar thaobh a'
bhóthair, ní rabh bairéad nó bróg
air.



2. An rabh iorball air?



1. Ní fhuil fhios agam. Ní fhaca mise é.
Cibé ar bith labhair Séamas leis,
ach freagair nó freagair nó focal
d'fhreagair ní fhuair sé. Chuaidh an
duine bán fríd an talamh agus
thoisigh Séamus a' chrith leis an eagal.
D'imthigh sé i n-a rith agus dheamhan
fear gasta chonnaic tú ariamh ach
é agus é a' tabhairt iarraidh ar a'
bhaile. Deir Séamas nach bhfeiceann
duine ar bith amuigh é i ndiaidh luighe
na gréine as seo amach go brathach.



2. An gcreideann tú an sgéal sin?



1. Maise, ní chreidim.



2. Cad chuige? Nar chuala tú é?



1. Chualaidh, cinnte. Ach má chreideann
tú a gcluinfidh tú, féadann tú a
bhfeicfidh tú a ithe.



2. Sin díreach an fhírinne. Caithfidh mé
imtheacht anois.



V.



1. Bhfuil deifir (praidhinn) ort.



2. Ní fhuil tuilleadh as a' chóir (a' chóir -
an rud ceart) praidhinne orm (—
not too much hurry, not very
much.)



1. Cá bhfuil tú a' dul?



2. Innseochaidh mé sin duit aríst.



1. Innis damh anois é.



2. Ná bí dána!


L. 120


SÉAMUS BHEARNAIGH AR AN
CHRAOIBH.



1.



Bhí amadán ann uair amháin dar
bh'ainm Séamus Bhearnaigh, agus bhí
féidhm aige ar bhrosnaidhe.



Chuaidh sé amach agus tuireasg i n-a
láimh aige, agus chonnaic sé crann mór
glas a' fás chois na h-abhann, agus
craobh fhada dheas a' fás ar an chrann
trasna na h-abhann (nó, a' fás ós cionn
na h-abhann.)



Thoisigh Séamus a ghearradh na
craoibhe; ach ní raibh sé abalta ar í a
ghearradh, agus é i n-a sheasamh ar an
talamh, agus dhreapuigh sé suas an
crann, agus amach ar an chraoibh leis.
Shuidh sé ar an chraoibh ós cionn na
h-abhann, agus thoisigh sé a ghearradh na
craoibhe eadar é féin agus an ghabhlóg.



Mar sin a bhí nuair a thainig fear
ciallmhar aníos. Chonnaic sé an t-
amadán agus bhris sé amach a gháiridhe.



“Och! och!” arsa seisean “nach mór
an t-amadán thú! Brisfidh an chraobh;
tuitfidh tú féin agus an chraobh isteach
ins an abhainn; agus gheobhaidh tú bás.”



Níor chreid an t-amadán é. D'éist
sé leis; ach ní thug (cha dtug) sé áird
air. Rug sé ar an tuireasg; agus
chuaidh sé ar aghaidh leis an obair.
Chuaidh an fear eile ar shiubhal, agus é
sgoilteadh leis na gáiridhibh.



II.



Níor (char) bh'fhada gur briseadh an
chraobh; agus thuit an fear bocht agus
an chraobh isteach ins an abhainn; agus
is beag (cha mhór) nar báidheadh é.



Nuair a thainig sé amach bhí sé i n-a
lipín bháidhte. Bhí sé fliuch go dtí an
croiceann, agus ó bhárr a chinn go bonn
a choise.



Chroith sé é féin, agus thochas sé a
cheann.



“Och! och!” arsa seisean, “bhí ciall
aige siud! Bhí fhios aige gach uile rud
a thuitfeadh amach:



‘Brisfidh an chraobh,’ arsa seisean,
agus bhris sí.



‘Tuitfidh tú féin agus an chraobh
isteach ins an abhainn,” arsa seisean,
agus thuit sinn.



‘Gheobhaidh tú bás,’ arsa seisean.
“Och! och!” ars an t-amadán, “Is dócha
go bhfuil mé marbh. Tchidhfidh mé,” arsa
seisean.



Leis sin rith sé i ndiaidh an fhir.
Nuair a thainig sé fhad leis:



“Och! och!” arsa seisean, “Is tusa
atá ciallmhar críonna: d'arsuigh
(d'innis) tú damh gach uile rud go
díreach mar a tharla: —



‘Brisfidh an chraobh,’ arsa tusa, agus
bhris sí.



‘Tuitfidh tú féin agus an chraobh
isteach ins an abhainn,’ arsa tusa, agus
thuit sinn.



‘Gheobhaidh tú bás,’ arsa tusa. “Och!
och! a dhuine chóir, arsuigh (innis) seo
damh anois; 'bhfuil mé beó, nó bfuil
mé marbh?”



“Tá tú marbh,” ars an fear ciallmhar,
“Tá mé marbh! Tá mé marbh!” ars an
t-amadán, agus é a' greadadh a lámh.



“Má tá mé marbh, budh chóir damh a
bheith in mo luighe ar an talamh.”



Leis sin, luigh sé síos ar an talamh;
shín sé amach é féin; agus dhruid sé a
shuile go teann.



Chuaidh an feár ciallmhar ar shiubhal
arís; agus má bhí sé a' Gáiridhe an chéad
uair, bhí sé a' gairidhe seacht n-uaire ní
ba mhó an dara h-uair, (nó, má rinne sé
gáire an chéad uair, rinne sé a shean-
gháire an iarraidh seo). Bhí sé a'
briseadh a chroidhe a' gáiridhe. Dubhairt
sé leis fhéin nar chualaidh sé a léitheid
ariamh ó thainig sé ar a' t-saoghal.



Tharla go rabh fir oibre ag dul thart;
Chonnaic siad an t-amadán; agus shaoil
siad go rabh sé marbh.



Thóg siad a lámh dheas; ach thuit sí
síos go trom. Thóg siad a lámh chlí; ach
thuit sise síos mar a' gcéadna. Labhair
siad i n-a chluais go h-árd; ach, freagar
ná freagar nó focal d' fhreagar, ní
fhuair (chan fh.) siad. Dheamhan chor nó
bogadh a chuir an t-amadán as.



Chreid siad annsin go rabh sé marbh
amach. Fuair siad sean-chomhla; chuir
siad ar an chomhlaidh é; agus d'iomchair
siad 'g a' bhaile é.



Ní dheachaidh (cha d.) siad i bhfad go
dtainig sid chuig cros-bhóthar. Ní raibh
fhios aca caidé an bealach budh chóir
dobhtha dul.



“'Sé sin an bealach,” arsa fear aca.



“Ní h-é (chan é); ach, 'sé siné” ars
an fear eile.



Thoisigh siad 'a chonspóid.



“'Sé sin an bealach, adeirim leat!
Is minic a chonnaic mé é, agus é ag dul
suas an bhóthar sin. Chomh cinnte is tá
mé beo, 'sé sin an bealach!”



“Is cuma liom caidé chonnaic tú, nó
bhfaca! Chomh cinnte agus tá an duine
seo marbh; agus chomh cinte agus tá
iorball ar chat 'se sin an bealach.”



Agus mar sin chuaidh an chonspóid ar
aghaidh. Tharraing focal géar focal ní
ba ghéire. Ní dhearn (cha d.) duine aca
poll nar chuir an duine eile tairnge
ann. Bhí siad ag éirghe feargach, agus
is beag (cha mhór) nach rabh siad a' troid.
Bhí eagal ar an duine mhárbh go muirbh-
feadh siad a chéile agus éisean fósta.
D'éirigh an duine marbh i n-a shuidhe;
d'fhosgail sé a leath-shúil; shín sé amach
a lámh; agus arsa seisean.



“Nuair a bhí mise beo — go ndéanaidh
Dia trócaire ar m'anam! — 'sé sin an
bealach a théighinn (nó, budh ghnáthach liom
dul”).



Agus leis sin luigh sé síos arís chomh
marbh is bhí ariamh.



Amadán amach Séamus bocht, bhí sé
amuigh agus ug dul amudha.


L. 135


AN t-SEILG.



I.



Istigh 's a' choillidh chraobhaigh seo tá
madadh ruadh bréagh.
I ndiaidh theacht na h-oidhche théid sé
amach le súil go bhfuigheadh sé gé.



(Nó, line 1: 'S a' choillidh seo bíonn madadh
ruadh i n-a luighe ar feadh an lae).



Curfá:



Ach Gabhaigidh, a bhuachaillí, ar dhruim
mar mbeitheach tréan,
'S cruinnigidh na Gadhair mhóra bhain-
feas as boc-léim.



II.



Siud amach anois an gaduidhe! Nach
siud a iarball racadh?
Ó! Siubhailigidh fá dheifre anois, nó
imtheochaidh sé uainn.



A's gabhaigidh, &c.



III.



Éistigidh anois an gleo! Siud sgrea-
dach ghéar na ngé.
Tá na lachain a's na cearca bochta
beagnach as a gcéill.



IV.



Anois a mhadaidh ruaidh ghlic, fág slán
ag circ 's ag gé,
Óir feasta béidh tú agam-sa 'do
phríosúnach go h-éag.



AN TSEAN-MHÁTHAIR ÉILIS.



Chuaidh an tSean-Mháthair Éilis anonn
chuig an phrios
A chuartughadh cnáimh dá madadh,
Ach bhí 'n prios beag, faraor! chomh
folamh le h-aer,
'S chan fhuair (ní fhuair) a' madadh an
dadamh.



Shiubhal sí 'n a' mhargaidh a cheannacht
greim aráin,
'S nuair a phill sí 'n a' bhaile bhí 'n
madadh beag marbh.
Cheannuigh sí comhra fa choinne a peata
D'éirigh sé beo agus chuir air a hata.



Thug sí fíon bán dó a fuair sí ó n-a
cáirde,
Sheasuigh sé ar a cheann a's a iorball
i n-áirde.
D'ól sé an fíon, is char (níor) fhág
striog ins a' bhuidéal;
'S thoisigh sé a bhualadh puirt ar an
fhidil.



Bhí dúil aige i bhfoghluim 's cheannuigh sí
leabhar;
'S casadh uirthi an madadh a' marcaidh-
eacht ar ghabhar
Chuir sí péire bróg úr air a fuair sí
ó'n ghréasuidhe,
Ghearr siad a chrúba 's thoisigh sé a
sgréachaigh.



D'éirigh sé fuar a's chuir sí a brat
air
Shuidh sé ag an teinidh a' léigheamh a'
pháipéir.
Lá chuaidh sé a sheilg 's bhí leis chuicí
gé bhréag;
'S chaith sé an oidhche a' nighe a chuid
éadaigh.



“A mháthair,” ars an madadh, “is orm
tá an íota,”
D'ofhráil sí tae dó a's las sé a phíopa.
“A mhadaidh,” ars an mháthair, “tá mé
plúchta ag toit,”
Nuair a d'amharc sí thart bhí sé a'
pógadh an chait.


L. 136


Chuaidh sí chuig an Tighearna a dhíol leis
a' chíosa,
Rith seisean ar shiubhal, 's char (níor)
phill go ceann míosa.
“Caidé seo,” ars sise,. Ar seisean,
“Is bata é.”
Is nuair a bhuail sí an madadh leis
bhain seisean a hata de.



D'imthigh sí chuig táilliúr gur órduigh
sí cóta,
'S nuair a phill sí 'n a bhaile bhí sé a'
damhsa ar rópa.
Thug sí dó bóna mar chomhartha a meas;
'S chuaidh sé a comhrádh le cailín beag
deas.



Chuaidh sí chuig figheodóir a's d'fhig sé
dí bráithlinn,
Chuir sí ar a peata í: bhí sé go h-
áluinn.
Rinn an tsean-bhean dó umhlughadh;
chrom seisean a cheann;
A's thoisigh a thamhthann — Nach aige bhí
greann!


L. 151


CÉILIDH NA N-ÉAN.



SEÁN MAC MAOLÁIN Cct.



“Ó déanamuis ár gcéilidh,” ars an t-
iolar leis na h-éanlaith Ó. (Fá dhó).
“Ó dhéanfaimid ár gcéilidh 's béidh
rinnce mór as tae againn,
Is béidh againn oidhche phléisiurtha nach
bhfeicidh sibh a léitheid Ó.



“Cé bhéas 'n-a fhear a' tighe againn, a
iolair?” ars an bhuidheog Ó. (Fá dhó).
“Cé béadh 'n-a fhear a' tighe ach an
traona doigheamhail buidhe Ó?
'S ní leigfidh sé daoibh suidhe le n-a
chréach-chréach-chréach chroidheamhail Ó.”



“Cé dhéanfas réidh an tae dhúinn, a
iolair?” ars an céirseach Ó. (Fá dhó)
“Dheanfaidh mise réidh an tae dhaoibh go
blathmhar,” ars an fhaológ Ó
“'S gheobhaidh sibh go te é istigh i slig-
cán faochog Ó.”



“Cé sheinnfeas dúinn an ceol binn, a
iolair?” ars an seabhac Ó. (Fá dhó).
“Buailfidh mise an droma mór le mo
ruball (iorball),” ars a' dreolín Ó
“'S ar ndóigh béidh sibh bodhar mura
gcluinidh sibh an gleo, gleo, gleo.



“Ó toisigidh go léir anois a éanach,”
ars an traona Ó. (Fá dhó).
“Ó thoisigidh go léir a dhéanamh damhsa
aoibhinn aeraigh Ó.
Is gearr úainn buille déag ó chlog;
is ní'l tram (nó, carr) le faghail 'n
a dhéidh sin Ó.”



SÉAMAISÍN.



Ar bhfaca tú mo buachaillín, mo bhua-
chaill óg mo Shéamaisín
Ar bhfaca tú mo bhuachaillín, ag gabháil
síos an bóthar,
Níl bróg ar bith ar a dhá choisín, a dhá
choisín a dhá choisín
Níl bróg ar bith ar a dhá choisín, ná
caipín air ná stóca.



(2)



Ag dul ar scoil tá Séamaisín, mo
mhuírnín is mo bhuachaillín
Ag dul ar scoil tá Séamaisín, is a
leabharín buidhe 'na phóca
Ar a dhruim tá máilín beag, tá máilín
beag tá máilín beag,
Ar a dhruim tá máilín beag, is a
lónsín ann is dócha.



(3)



Do rugadh é i Móin á' Lín, ar thaobh
an chnuic i nid éinín
Do rugadh é i Móin a' Lín in aice le
Bun-Dóighte
Ó! grádh mo chroidhe mo bhuachaillín,
mo stóirín, Ó, mo Shéamaisín,
Ó! grádh mo chroidhe mo bhuachaillín,
ar maidin is tráthnóna.



SEÁN Ó CLÚMHÁIN, O.S.


L. 193


LÁ NODLAG



Tháinigh an t-am agus do rug an
Mhaighdean a mac, a céad-ghein agus
d'fhill sí i n-éadaighibh é agus chuir sí
na luighe i mainseur é mar ní raibh aon
tslígh dhóibh i n-aon cheann des na tighthibh
ósda a bhí sa chathair.



Is mór an t-adhbhar machtnaimh do
Chríosdaidhthibh atá sa méid sin cainte a
phobul Dé. An Slánuightheóir a bhí
geallta do'n chine daona ó thosach aim-
sire, an Fuasgalóir ar a raibh na fáidhe
go léir ag déanamh targaireachta ar
feadh cheithre mhíle bliadhan, an Rígh go
raibh a chómhacht agus a réim gan teora
le luighe go h-iomlán agus go fóir
leathan ar chómhachtaibh an tsaoghail seo
agus an tsaoghail eile, é ag teacht ar
an saoghal so gan gradam gan saidh-
bhreas gan leabaidh na luighfeadh sé ann,
gan díon os cionn a chinn. Sin mis-
téir a pobul. Sin rún diamhar. Ní
féidir dúinn é thuisgint go h-iomlán
ach is ceart dúinn machtnamh go dlúth
air, agus an brígh atá leis do thuisgint
chómh fada agus is féidir dúinn é.



Déarfadh ciall agus tuisgint an
tsaoghail seo má theastuigh ó'n Slánuigh-
theoir na daoine do chómhairliúghadh agus
iad do chur ar a leas gur maith an rud
do teacht ar an saoghal i gcruth éigin
na mbeadh uraim ag an saoghal do, i
gcruth éigin a bheadh uasal, creideamh-
nach, onóireach. Ní mar sin a tháinigh sé
ach díreach sa chruth is mó a gheibhean i
i gcómhnuighe ó'n saoghal so easanóir
agus droch-mheas agus tarcuisne.
Ní'l aon rud is mó gheibhean droch-mheas
ó'n saoghal so ná dealbhas. Tháinigh an
Slánuightheoir go fíor dhealbh. In inead
na h-uaisleachta do thogh sé an ísleacht.
In inead pháláis an Rígh do thogh sé
pluais na caraige. In inead an chliabh-
áin óis do thogh sé mainseur an asail.
Cad é an múineadh a thugan san dúinne
a phobul? Múineann sé dhúinn nach
fíor-uaisleacht i láthair Dé uaisleacht
an tsaoghail seo. Gur uaisleacht
bhréagach uaisleacht an tsaoghail seo.
Gur saidhbhreas bhréagach saidhbreas an
t-saoghail seo. Gurb' é an té a bhíon
íseal ar an saoghal so an té is dóich-
íghde bheith uasal i láthair Dé agus
gurbh' é an té a thugan a chroidhe agus a
aigne ar fad do shaidhbhreas agus do
chreideamhaint agus d'onóir an tsaogh-
ail seo is dóichíghde bheith suarach go
maith i láthair dé.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services