Corpas Stairiúil na Gaeilge
1600 - 1926

Átha-Cliath, Bealtaine, 1900

Teideal
Átha-Cliath, Bealtaine, 1900
Údar
Údair éagsúla,
Dáta cumtha
1900
Foilsitheoir
Patrick O'Brien

Cuardaigh Téacsanna

Prós/Filíocht
1600 1926


AN T-EURÓPACH.



IRISLEABHAR IL-THEANGADH NA HEURÓPA.



Leabhar I. Uibhir 5.
VOL. I No. 5.



ÁTHA-CLIATH, BEALTAINE, 1900.
DUBLIN, MAI, 1900,



DÁ PHINGHIN.
20 CENTIMES.



ORÁID AN MHANGAIRE AR AONACH
BHAILE-NA-MÓNA.



Ho, stad annsan a láirín. Bail ó Dhia oraibh, a
cháirde go léir. Táim-se ag teacht nbhur measg i
mbliadhna arís. Ní'l sibh tuirseach dhíom fós, is
dócha. Ní'lim-se tuirseach dhíbh-se fós, ar aon
tslighe; agus mar leis sin de, ní dóigh liom go
mbheinn tuirseach dhíbh go bráth acht mo chuid arraí
do cheannach uaim.



Th'anam 'n fiall, a Shíle! Eirigh id' sheasamh,
agus tar anuas. Un id' chodhladh ataoi, nó an
amhlaidh mheasann tú mé choinneált annso feadh an
lae ag feitheamh ort? Brostuigh ort, i n-ainm na
fláige; féach an capall nach mór sgaoilte agam,
agus tusa ar do chorra-ghiob annsan istigh fós.



Seadh, seadh; go réidh anois. Ná bris do luirgní
de bharra an deithnis, ná rud ba mheasa ná
sain dúinn go léir, ná bris na trosgáin ar na
daoinibh go bhfuilid siad ag teastáil uatha. Seadh,
sleamhnuigh anois. Sin é é. Mhuise, mo ghreinn
chroidhe tu, is breágh thugais-se sin. Bhís uair
agus ba bheag ort sain do thabhairt. Un cnmhin leat
an lá thugais Cumar an Phúca d'aon léim amháin?
Tá an spréach ionnat fós agus beidh go fóil, le
congnamh Dé. Geoch amach a láirín. Nó stad
anois agus gheabhad sa rud éigint duit le n-ithe,
agus dar fiadh ná feadar ná go bhfuil sé ag teas-
táil uait.



Faigh an canafás agus na hursain, a Shíle, agus
buailfead-sa síos na bioráin. Ca bhfuil mo lámh-
órd-sa? T'anam as láthair an diabhail, agus ná
bhfuil an canafás leathta agat fós. Seadh, tarruing an
téadán so. Tarruing, tarruing. Seadh, ní beag
duit de. Déin a cheangal. Tá sé "ál raighit"
anois.



Cád d'imthigh ar leath-chois tosaigh an bhúird seo,
airiú? Ní héidir gurab amhlaidh bhrisis í. M'anam
do Dhia 's do Mhuire, acht tá sí briste glan agat.
Seadh, faigh spaicín éigint dam a chuirfead fé an
turus so. Tóg amach an bórd eile. Un 'in é an
ceann deiridh? Is é, a bhuidhe le Dia. Seadh, táid
siad go léir 'na seasamh anois agam. Is gairid


L. 34


anois go mbeidh na daoine ag bailiughadh isteach
chugainn.



Eirigh i n-áirde ar an dtrucaill agus faigh an
síoda agus an sról dam. Seo Máire Sheaghain
Óig chughainn, agus teastuigheann an sróll uaithe
mar beidh sí dá pósadh tar éis an Charrghais. Do,
dhíol an t-athair dá bhuin in ndiu, agus tá an
t-airgead go réirseamhail aige. Cad tá sa
mbosca sain? leathair. Seadh. Tabhair dham é.
Sa mbosca eile? Bioráin. Cuirfead-sa air an
gclár sain tall é. Fágfad fút fhéinig na capáin
agus na cácaí agus na deasaí deasa eile i gcomhair
na leanbhaí. Bhuil gach éinní as an trucaill fós
agat? Nach fada ataoi leo. Caidé an rud é sin
agat anois? O, an sean-chlog. Tabhair isteach
annso é; b'fhéidir go bhfuighmís a dhíol indiu, mar is
ró-fhada liom againn é. Níor bh'fhiú móráin riamh
é, acht ní gábhadh dhúinn an rún a leigean leis an
saoghal go léir. Bhfuil gach éinní ullamh agat? Má
tá ná bí-se id' shuidhe, acht bí ag ramsáil timcheall
mar'dh eadh go bhfuil fústar an domhain ort. Táid
daoine ag teacht.



Dia 's Muire dhíbh, a cháirde. Dar ndóigh táthaoi
go léir ag féachaint go háluinn. Tá's agam go a
maith go bhfuiltí tar éis mórán mhaithis do dhéanamh
indiu. Conách a shéin ar gach éinne agaibh; is é an
deigh-sgéal 'a b'fheárr liom a chlos i gcomhnuidhe. Ba
mhaith liom riamh an t-airgead ag rith ó dhuine go
duine. Ni'l éinnídh chomh maith leis. Sin é díreach
do thug annso indiu me fhéin agus Síle; bail ó Dhia
uirri.



Ná druidfidh sibh isteach, agus féachaint timcheall?
Tá roinnt de rudaibh maithe ar díol indiu agam.
Tá gach éinnídh ar díol agam saor agus daor. Togha
agus rogha, gan díogha, ag gach éinne. Céad míle
fáilte romhat, a chailín óig, agus so-nuachar chughat
gan aon ró-mhoíll. Seadh, tá's agam. Síoda atá
uait? Tá sé againne de gach aon tsaghas, idir
buidhe agus dearg agus uaine. Seadh anois, a Shíle, leig
dod' chuid ghearr-chainte agus 'speán cuid de'n tsíoda
do'n mhnaoi uasail seo. Ná bí ró-chruaidh uirri, mar
tá's agam go maith gur gairid go mbeidh sí dá
pósadh. Táid siad tar éis an fháinne a cheannach,
agus is comhartha mhaith í sin. Go mairid do'n chéad,
pé sgéal é, fé mhaise 's fé shláinte, fé ghreann Dé
agus na gcomharsan.



Seadh, a cháirde, tá céad míle fáilte romhaibh
chum teacht isteach im' bothán-sa. Tá earraí de
gach aon tsórd agam. Pící agus carráin, sluaiste
agus sleagháin, builg is sgeana is grafáin, rásuirí
is meanuithe is píopaí is maisteanna. Druididh-se
isteach a cháirde.



Saor, saor! Un uile nídh saor! Trumpaí ceoil,
búclaí bróig agus laincisí bó, geocaigh gabhar, ringí muc
agus tromáin túirinn; tealla, gáirtéirí, spuir
ó'n gCeatharlach; bioráin agus pion-cuisionna, agus
gach éinídh sa hard-mhaor ó'n snáthaid go dtí an
ancuir, agus iad go léir dá ndíol ar luach oireamh-
nach. Bannaí ó'n mBarsaileona a raghadh trí huaire
mórthimcheall do hata, ar aon pinginn amháin; agus
go bhfuil de threise agus de sheasmhacht ionnta go
dtarraiceoidís tarbh go dtí n-a mhainséar, nó long
láidir isteach i gcuan is i gcaladh-phort. Agus mura
gcreidfidh sibh uaim é, déinidh féin a dtoghadh agus a
bfromhadh.



Cuireadh agus cáirde agus leath-airgid i láimh,
agus cáirde go Nodlaig chum an leath eile dhe.
Airgead síos ó'n té go bhfuil an t-airgead aige;
agus an té ná fuil an t-airgead aige go bhfóiridh
Dia air; mar ní bheidh air choidhche acht an chruadháil
agus an buairt aigne, fé mar atá orm féinig. Acht
ná bímís ag gearán ámh. Einne ná fuil geall ná
airgead aige gheabhaidh sé earra gan aon rud.



Seadh, a Shíle, bí briosg agus díol a bhfuil agat. Is
olc an chomhartha í an leisge ort. Togha agus rogha de'n
tobac annso. Taboc agus snaoisín. Cuir-se led'
choingcín í. Sniuf ain tib-aicí.



Aráin breágh milis annso. Pinginn an cáca agus
é go háluinn. Tabhair dham an prás agus tiubhrad-
sa an t-arán duit. Gach aon tsórd raoil agus
airgid dá nglacadh annso. Arán sínséir annso,
lán do bhuilg de ar leath-thuistiún. Luach dhá phinginn
de ar an bpinginn um thráthnóna. "A sgéal féin
sgéal gach éinne, agus sgéal Mháire an t-airgead!"



TÓRNA DRAOI.



CODEX DIABOLI.
(Leis an Siothbhradh).



An tráthnóna fé dheireadh do bhí diabhal an
chlódhadóra (1) i leabharlann Coláisde na Trío-
nóide ag léigheadh pé leabhair as a nguideann sé
a mbíonn de smaointibh aige. Tá sé ag sgrí-
bheadh leabhar gurbh ainm bhias air ná "An
Magaire Criochnuighthe." (2) Beidh deas-chaint na
h-Eorpa bailighthe i dteannta chéile ann, agus
annsan díonbhrollach beidh mionna martartha fé


L. 35


na láimh gurb é féin do cheap agus do chúm agus do
chuimhnigh air gach aon ruaine dhe. Ní gádh dham
a rádh gur i nGaedhilig a bheidh an leabhar so —
agus i ndroch-Gaedhilig thairis sin. Tá sé
mbliadhna ann ó thosnuigh sé ar an leabhar so,
Agus bhí obair na sé mbliadhna i dteannta chéile
aige — sin trí leathanach. Do léigh sé trí líne
dhe dham, agus do léighfeadh a thuile acht gur
chuimhnigheas ar an nóimiot san ar coinne bí
agam le fear chúig mhile ó bhaile agus gan agam
acht deich nóimití chum mo choinne do chongmháilt
leis.



Bhí a chogus dhá spreagadh i dtaobh bheit ag
guid smuainte na bhfear thall, agus ní déar-
fainn ná gurb é sin do bí ag cur an lasadh
'na shúilibh — lasadh claoidhte ceisdightheach mar a
bheidheadh i súilibh chait i gcúl-lochta choimhthcach.
Ní mhaireann de munab é sin do thug air gur chaill
sé a lámh-sgríbhinn (.i. na trí leathanacha, obair
a sé bliadhna), i n-aon sgrios amháin. Budh mhór
an tubaiste leis é agus an mí-ádh, agus do
chuardaigh sé shíos agus shuas, i ngach cúinne
agus gach cadhaiséar acht annsan áit cheart.



"An rud ná himigheann faghtar e," deirid
siad, agus dar ndóigh do frith bonn-sgríbhinn "an
Mhagaire Criochnuighthe" 'leis, acht is é maor an
leabharlainn do fuair é. Nuair chonairc an fear
macánta sain gur lám-sgribhinn allmhurach (dar
leis) do bhí ann, do chuir sé a dtaisge go frioch-
namhach fíorchoimeádach é go bhfeicfeadh sé duine
éigin go raibh úghdarás aige anns na neithibh sin.
Do b'fhurus a leithéid sin d'fhear d'fhághail i
gColáisde na Tríonóide ámh, agus lá air na
mhárach do thug an maor ós comhair dhuine aca an
lámh-sgríbhinn.



D'fheuch an t-ollamh air, do chroth a cheann agus
do tosnuigh sé air chaint leis féin mar leanas:



Ní Laidion é; ní Gréigis; ní h-Eabhrais; ní
haon teanga é d'á bhfeaca-sa riamh — ní hé gur
b'é an sean-Choptaic na h-Éigipte bheidheadh ann —
má's seadh tá mo bhológ beirbhthe! — caithfead é
thaisbeáint do'n Phriomhaist. (3)



I d'fhonn sgeul ghairid do dhéanadh de, do
thaisbeán an t-ollamh so do'n Phríomhaist é, agus
do thug seisean an oidhche ós a chionn gan codladh
gan suan. Fé mheadhon-oidhche do dhein sé amach
gur teanga na n-Indiadhach Úit (4) do bhí ann; air
an dtrí a chlog, gur teanga na Mailig-theas 5; agus
uim maidin d'admhaig sé gur teanga na Maorí 6
é, acht foth-fhocal annso agus annsúd de theanga
d-Tor-bhfear Theastriallach. 7



Lá air na mhárach do chruinnigh an "Clár". Ní
clár do deilbheadh de chrainn ná feasa, acht Clár
Riaghaltais an coláisde. Bí gach oide agus
ollamh san gColáisde cruinnighthe ann. Nó mar
dubhairt Diabhal an Chlódhadora liom fein nuair
bhí sé ag innsint an sgéil fhírinigh seo dham:



Bhí sochaid na chochal,
Gach oide agus ollamh
Go bodachamhuil borb,
Le cloigeannaibh folamh.
Ba bhog leo a n-obair,
Ag tóladh 's ag stolladh,
'S ag cogaint na bhfocal.



Dubhairt Dochtúir A. gur Sean-sgribhte (8) bhí
ann, acht go raibh sé níos ársa ná aon sgríbhinn
annsan teangaidh sin dá bhfeaca sé riamh roimhe
sin.



"Ní Sean-sgribthe ná cuid de Shean-scribhte!"
ars an Dochtúir árd-fhoghlumanta B. "'Neos-
fad-sa dhíbh ar nóimiot de chloig cad tá ann!
Tá cuid de sgríobhnoireacht Saigheád-chruith na
h-Easardha! (9) Ná feiceann tú, a Dhochtúir C., an
litir díreach sain, is deallrach le cabhaltar (10)
ceachta, agus an ceann eile sin is cosmhail le
tigh trí theine? Cad is brigh leo? Brigh go leor,
dar an Bhradáin leigheanta! Léighfead díbh é —



"Seághan ach Garab, Righ na Righthe,
Dho dhein so i n-onóir féin."



An rud céadna do fuair na hollaimh (11) Nac-
Dáibhí agus Ua Cinneide agus Slabhra agus
Gabha agus Teampall-Phádruig agus Tomán-
tóir i sgríbhneoireacht na h-Easardha. Sidé an
Righ do thnrling ar na Iudaighibh.



(Ní críoch.)


L. 34



L. 35



L. 36


NÓTAIDHE AN CHOLÁISTE.



Tá an bhainríoghan imthighthe agus tá radharc againn
air an ghréin arís. Tógadh anuas an téadach go
léir d'fholluigh an spéir — na bairlínighe ioldhathacha bhí
ag crochadh leis na cleathachaibh agus na ríofaibh beaga
bhí fuaidhte ar théadaibh caola. Airighimíd an ghaoth
ghlan fholláin ag séideadh tríd na sráideannaibh arís.
Cé go bfuil eagla orainn gur 'mó an bachaillín
bíodhgach borb tá ar iomchur aici, go mór-mhór tá an
eagla is mó orainn roimh na ceannaibh baineadh as na
hionadaibh an a rabhadar fíllte.



Is breágh an nidh agus is glórmhar radharc an
tsoluis, mar adubhairt an sean-fháidh.



O! ba mhór an aimsir do bhí againn. Is iomdha
asna do briseadh agus do brughadh i ndaoinibh. Is
iomdha póca do piocadh. Is iomidha uaraire do
sladadh, is iomdha ordóg coise do brúgadh, agus is
iomdha duine bhris a sgórnach agus a sgairt, 's do fágadh
gan ghuth acht múchta le ciach ó bheit ag seinm "Go
Saoraidh Dia an Bhainríoghan." Rit linn go
rabhamar i dtír na n-Óg roimh rae nuair chuadhmar
amach chéad oidhche an bhochraim agus chonncamar an
teine sighe ag lasadh air gach taobh, agus coróineacha
agus reulta soluis ag briseadh amach as gach fala.



D'fheuch Nelson anuas orainn as a ionad anns
na sgamallaibh, mar thaidhbhse ag seasamh ameasg
teinteadh gorm, agus i mbárr an D.B.C. bhí fáthach
mór áidhbheil ag ionntáil a shúile timcheall ós cionn
na cathrach.



Le spiorad baoth na hainleasa, thugamar pingin
do gach bacach ó "Bháin-tSeipéal" casadh linn.
Cheannuigheamar gach margadh mór tairgeadh dhúinn
— leabhair gan dúilleoga, sgeana nach ngeárrfadh
Gorgonsóla, agus trumpaidhe gan glór aca chomh
láidir le míoltóig.



Tháinig eunlaith an dorchadais as a bpollaibh 'gá
searradh 's 'gá síneadh féin i lonnradh an Riaghal-
achta, agus ag sladadh an luchd do dalladh leis an
lonnradh ceudna. Mar sin féin is geárr go mbeidh
cuimhne na droinge seo imtighthe, acht ní imtheochaidh
chomh tapaidh sin cuimhne gníomhartaoileachta muinntre
Baile-átha-cliath.



Is ait an drong daoineadh atá 'sa tsaoghal; ní
dóigh le cuid aca é, acht is deacair an sean-fhocal
do shárughadh; sé sin, "gur dóigh le fear na buile
gur b'é féin fear na céille."



"Cá bhfeictear iad?" arsa duine éigin. Tá mo
fhreagra ullamh agam do'n fhear sin. Fe cthear mór
chuid díobh i bhfaithche an Choláiste nuair bhidheann
grian na Bealthaine ag taithneamh. Eist go fóil go
inneosfad dhaoibh cread do thugann ann iad — chum go
bhfeicidís timcheall le fiche ógánach 'na seasamh
breac-diomhaoin i lár na páirce glaise, agus éadach
bán iompa. Tá an bán chomh mín chomh réid le uachtar
locha nuair ná beidheadh leoithne gaoithe ann. Níor
bh'fhéidir leis an tsúil ba ghéire nóinín ná tráithnín
d'fheicsint ann, agus steapaite timcheall air (mar
mheithiol d'iosfadh breis min-choirce lá Meithimh, agus
na beidheadh sé ionnta aon obair do dhéanamh). Atá
na hógánaigh so go díreach mar adubhairt me cheana.
Is mar sin do shamhlóchadh an radharc d'aon duine ar
dtús; acht dá bhféachfadh sé níos géire chidhfeadh sé
beirt nó triúr ag imirt cleas ná beidheadh leanbh
bodhar le n-a déanamh.



Chidhfeadh sé trí cipínidhe sáidhte 'sa talamh,
taobh le taobh, agus fear n-a sheasamh taobh leo, mar a


L. 37


bheidheadh saighdiúir, agus maide 'n-a láimh aige, nachar
bhfada ó dheallradh camáin, acht go mbeidheadh sé níos
dírighe. Leis an saghas camáin seo cosnuigheann sé
na trí cipínidhe úd ó fhear eile bhidheann ag iaraidh iad
do leagadh le liathróidín beag. Is mar seo chos-
nuigheann sé iad. Tar éis greim daingin do bhreith
ar an gcumán, cuireann sé a chosa i dteannta
chéile, agus ag cromadh beagáinín, buaileann sé dó
nó trí buillidhe beaga de'n choinán ar an dtalamh,
agus annsan fanann sé leis an fear atá ag caitheamh
na liathróide. Maidir leis an fear sin, téidheann
sé ar gcúl, agus annsin ritheann sé mar fhear
buille ar aghaidh, agus caiteann sé an liathróid le
lán neirt a ghéig agus a chuisle fá dhéin na dtrí gcipín.
Ba dhóigh leat gur cheart go mbainfidhe an inchinn as
an fhear cosanta gach nóimeit, acht mar sin féin tá
sé chomh cliste ar an liatróid do chaiteamh go
mbuaileann sé an cumán nó an talamh taobh leis
gach iarracht, agus bualleann an fear eile thar n-ais
arís é le buille d'á chamán, Dá dtéidheadh sé dhe
fear na liatróide an camán nó na cipínidhe d'aim-
siughadh, agus nár bhféidir le fear an chumáin é chosg,
bidheann fear eile ar a choir-ghiob ag faire agus ag síor-
fhaire go mbeireann sé air, agus caitheann thar
n-ais arís é. Loiteann siad an lá ar an gcuma so,
gur dhóigh leat ná mbeidís curtha go bráth.



Agus is é seo an radharc tagann an sluagh chum a
fheicsint; agus thairis sin tháinig na mílte aca an lá
fá dheireadh, agus do dhíol gach duine aca sgillinn as
bárr a bhaise chum dulta isteach. "Go bhfóiridh Dia
orainn," arsa mise liom féin, "mar is diomhaoin
atá bhur n-airgead agaibh, agus muna mór é mear-
bhal bhur n-íntinn." Ba bhreágh an nidh bheith ag
féachaint ar sgata garsún ag caitheamh méaróg 'san
aer, seachas an obair shuarach so. "Ní haon iongna
an saoghal mar atá, agus Gleann 'Atha mar a bhfuil?"



Do chuadhaigh sé d'úghdaraibh léigheanta deanadh
amach ciaca is measa — na cloig nó na cait. Clogann
na cloig do chluasa, agus caiteann na cait san
oidhche a mbíonn de fhoighne fágtha agat tar éis
an lae. Abair 's gur tú féin do bheidheadh ann, a
léighteoir cheannsa, fhoighneach, fhaid fhulaingeach, agus tú
bheith ag dul fé ceusadh na ceastuighthe. Leath-uair
roimh an ceistiughadh, annsan am is mó go n-oirfeadh
duit bheith socair, calma, buaileann an clog mór
"ding! dong!" agus as go bráth le muinighin agus le
caráisde. Sin mar bhí sé riamh agus mar bheidh go
deo. Sin mar shocruigheann an chlog mór le hárd
dothchas an "fhír úir."



Annsan nuair thiocfaidh tú a bhaile, is doigh leat,
nuair leathfaidh aingeal na codlata a sgiatháin
shítheach ort, go mbeidh suaimhneas agat ó bhuaidhreadh
an t-saoghail mí-ádhbharaigh seo; agus ná beidh cuimh-
neamh ná smaoineamh agat ar dhiombáidh an dómhain.
Ucht, mo leun! ní'l an acht mealladh. Díreach agus
tú ag tuitim id' codladh tosnuigheann na cait. Sin
beus atá ag cataibh. Ní thosnuigheann siad choidhche
ar a gceol go dtí go mbíonn tú díreach ag tuitim
id' chodladh. Dá bfaighdís sgeula go rabhais id'
dhúiseacht, d'fhanfaidís ciuin. Níor bh'aon sólás leo
fothram a dhéanamh muna loitfidís codladh dhuine
éigin. Is mar staincín ort do dheinid siad é.



Tá oinseach cait annsan taobh so do'n Choláisde,
agus tá abhrán aige d'fhoghlumaigh sé ós na macaibh
léighin annso. Déinim amach gur uatha d'fhoghlumaigh
sé é pé sgeul é; óir ní fheudfadh sé aon cheann chomh
dona leis cheapadh do féin, ná é fhághail i n-aon áit
eile. Do mhúin sé é seo do cheithre cheud eile de
chataibh níos measa 'ná é féin; agus gach oidhche (go
mór-mhór aon oidhche go mbionn tuirse orm) tagann
an bhuidhean so i n-aon dáil amháin ós comhair
m'fhuineoige-se. Un tráth chaithim arus nó earraidh,
nó buatais 'na measg, is amhlaidh do spreagann sé
chum a ngótha iad. Déanann sé atharughadh poirt,
acht is measa an port nuadh 'ná an sean-cheann.
Léighim le dioghaltas mór Sailm na mallacht ortha,
acht is móide a dtrustrum. Do cheapas an oiread
paidreacha do na cataibh sin agus do líonfadh trí
fithchead leabhar octabhó; acht is neimhnídh é. Ní
sgaipfidh éinnidh níos lugha 'ná guna-mór iad.



Sin iad cait Choláisde na Tríonóide. Budh dhoigh
le duine símplidhe gur cóir anns an áit in a bhfuil
an oiread san cat ná beidheadh aon luch; óir ná
beidheadh "greidheanaigh ag luch le fághail." Dá
mb'aon cait eile bheidheadh ann acht cait choláisde,
bheidheadh fáth leis sin mar bharamhuil. Ucht is dóigh
liom féin gur b'amhlaidh do dheineann na cait seo
cómhádh agus coingioll daingean do-sgaoilte leis
na luchaibh gan iad do mharbhadh. Saoilim go gcosnaid
siad na luich nuair fhaghaid siad caoi air. Oir tá
na mílte luch annso agus na ceudta cat; agus ní
chuiireann ceachtar díobh garrabhuaic ar a chéile,
Táid araon i gcoinnibh an duine; agus an rud ná
iteann agus na hólann dream áca, itheann agus
ólann an dream eile. Dá mbeideadh gach aon "bean
mhic agus mátair céile" chomh grádhmhar agus chomh
carthanach agus "tá cat agus luch le chéile" annsan
gcolláisde seo, bheidheadh an milennium ag an
dtáirsigh againn!


L. 36


"Ní thig liom siúbhal, a's ni thig
liom siúbal



Ni thig liom siúbhal ar mo pác-se fein"


L. 38


NA PRÁS-ADHRUIGHTHEOIRIDHE.



Fuaramar an cúntas seo thíos i nduilleogaibh ár gcómh-
pháipéir charáistigh, thaithneamhaigh, "T.C.D." Támuid féin ag
cur tuairisg i dtaoibh na neitheadh seo, agus 'réis trioblóide
móire fuaramar cúpla cinn de na dioscannaibh seo (do sgann-
ruigheamar gasúr beag nó gur thug sé dhúinn iad). Ar thaoibh
de'n diosc tá dealbh na Bainríoghna, agus ar an dtaoibh eile
tá dealbh chonstábla mhiotropuiligh leath-lomnochtuighthe, agus
gabhlóg tóstáilte 'na láimh chlí, agus rothtrocail 'na láimh
deis aige. Is righ-mhaith na deilbh iad, acht go sonnradhach an
constábla.



Tá iris nuadh 'réis éirghe 'nár measg. Tá a
"bhóitínidhe." Le feicsint gach uile lá, agus a
ndeas-ghnátha dorcha ar siúbhal acú, agus an
feuchaint teultuightheach úd ar a gcionnachaibh,
fhoillsigheas go soilléir go bhfuil eolas a gcoir
acú. Acht is 'réir an phroinn-choitchinn go sonn-
radhach a bhíonn siad ar fághail. Innsin ar na
neartughadh le biadh, agus faobhar a gcoinsias
ar na maoladh le digh diabhlaidhe, nó ar mbeith
dhóibh meisneamhuil do bhárr an dorchadais, cruin-
nigheann siad i dteannta a chéile 'san áit úd
na ngníomh ngáibhseach, dá ngoirthear "An
Cuan," agus is ann a shollamnuigheas siad a
ngnátha ngruamacha. Fuaramar an cúntas seo
leanas ó n-ár "gcoimhfhreagarthóir speisialta"
(atá ar aimsir againn, cé gur mór an costas) —
"Ar mbeith do na "bhóitínidhibh" ar fad cruin-
nighthe i dteannta a chéile, tagann an t-árd-
shagart a chaitheas praisgín leathair (rud do
shamhluigheas ó'n modh ar labhair a chompánaigh
leis), agus leis an obair a thosughadh, greadann
sé, "fáinne," ós árd. Ní'l fhios agam féin cé'n
bhrigh atá leis seo, acht facas dam gur mhór an
t-ádhbhar bróin agus feirge d'aos óg an chomh-
luadair é, mar thógadar an clampar. Nuair
laghduighthear an mongar, tógann an t-árd-
shagart altóir bheag cloiche, agus tarraingeann
sé fáinne 'na timcheall. Feicthear gur b'é
seo aithbheochain sean-chreidimh na nDruadh, agus
baineadh geit as an gcomhfhreagarthóir, do bhí i
bhfolach i sgeich, ar fhaitchios go ndeunfaidhe
duine beo d'iodhbhairt ar an altóir. Acht ba
mhór a shásadh aigne nuair a tháinig an t-Árd-
shagart, agus do chaith diosc beag práis fá dhéin
na haltóra. Ba mhaith an t-urchur é, mar thuit
an diosc taobh istigh de'n fháinne. Ba mhór an
chúis gáirdeachais do'n Árd-shagart é sin, óir do
léim sé 'san aer, agus thosnuigh ag béiceadh
orthann easarluidheachta. Ní mar sin do'n chuid
eile acú, iomorro, mar do ghabhadar do theil-
geann a ndioscann féin go lag-chroidheach, meirt-
neach, agus níor eirigh leis an bhformhór acú, mar
nár thuit acht dhá dhiosc amháin 'san bhfáinne.
B'ait an rud thárla as a haithle sin. Chuaidh an
triúr gur thuit a ndioscanna 'sa bhfáinne ar
aghaidh go sollamnach, agus chaitheadar na dios-
canna ceann indiaigh a chéile fá dhéin na bhflai-
theas. Ní fheudfainn a rádh ar bh'é sin iodhbairt
ó'n ngréin nó módh faistine. Má's é an rud
déigheannach, bhí an tuar an-shábharach do'n árd-
shagart, óir leig sé sgread lúthgháire as, agus
bhailigh sé mámaidhe de dhioscannaibh. Rinneadh
an rud ceudna d'aithris arís agus arís eile, nó
go dtáinig míogarnach ar an gcómhfhreagarthóir,
agus d'fhág sé an áit ag sroichtin dó liughar-
naigh na n-adhruightheorach chuige ó imchéin.



FREAGARTHA AR DHAOINIBH FIAFHRUIGHEACHA.



"COMHARTHA AN APA." — Mealladh thú; níor
chongbhuigh áirtiogal Koroshima Sama an teacht-
aireacht Seapánach ó theacht go dtí an Oireachtas-
Bhí adhbhair politidheacha i bhfad níos tábhachtaigh
ná sin acú, acht má chuirfidh thú chugainn do
sheoladh tiúbhramuid duit na hádhbhair, mar tá
faitchíos orainn nach bhfuil siad oireamhnach chum
foillsighthe.



"TIGH NA NGEALT." — Níor cheart duit
creideamh a chur ins gach uile ráfla chluineas
tú. Is iomdha masluightheoir ar thóir eagarthóra
an "Európaigh," acht dearbhuighmid go bhfuil
fiadhnuise againn gur bh'é "Swift's," agus ní
hé an "Richmond."



"FIAFHRUIGHTHEACH." — Támuid ar aon intinn
leat i dtaoibh an "All Ireland Review." Ní
fheudfhaimis a rádh an é an Tighearna Baireud
atá ag tabhairt oideachais i nGaedhilg ann nó
nach é.



"CHUM." — Tá faitchíos orainn go bhfuil an
cás geineamhnach fós i ndroch-chás. Fiafhruigh de'n
Ruiséalach.



J. P. M., F.T.C.D. — Ní'l do dhán "iomadán-
tamhail, cráibhtheach, ná gársamhail," agus ar a
shon sin ní oireann sé do pháipeur Gaodhalach."



"TEANN." — Séideann sinn féin an cubhar
de; b'fheárr le daoinibh áirighthe sgian.



"LIFFE." — Ní hiad na faoileáin is freagar-
thach leis an mbaladh."


L. 39


SOCHAID NA SAOI.



(Tuilleadh.)



(Leis an Siodhbhra.)



Adeirid siad i n-Íochtar Acla gur —



Captaoin mise bhí ar áthrach,
'S gur chaith mé mo shaoghal ar luing,
Buainfinn fios de na speurthaoi,
'S do bhainfinn na reultaoi liom;
Téidhim anonn go Jiméicear,
'S do bhaininn ann tae agus rum —
'Gus is iomaí bean deas acú dear tú,
A! faraor! nár eulaigh liom!



Do thugas le tuigsin di nár ceal ban agam é ar
aon chor, acht go dtabharfainn drom mo lámh leo go
bráth arís ar son féin. Mar a dubhairt Cear-
bhall ó Dáluigh, nó duine éigin —



Na mná sd tá im' mhealladh-sa,
Im' shugha, im' shádhadh, is im' tharrac leo,
Do thabharfainn diultadh feasda dhóibh,
A Eibhlín a rún!



Do fuaras amach uaithe-se 'leis, gurab oificeach
mór a hathair fá ríoghacht na Sín — Mandairín do
thug sí air. Dubhart-sa léi go raibh a leithéidí sin
againn féin in Eirinn, acht gur Squire-ín do thuga-
maois ortha; agus gur rith liom go inb'ionann Man-
dar agus Squire. Dubhairt sí gur sgéal fáigheamhuil
é, agus go raibh deallramh leis, pé sgéal é, d'éirigh
mo dhóthchas nuair a chualadh go raibh muintear mo
céile (le bheith) chomh hárd annsan tír. "Coingnimh
suas do charáisde, a Mhic ui Gabhann," arsa mise
liom fhéin; "imir do chártuidhe i gceart agus tn
d'shaidhbhreas déanta." Cár bh'fhios d'éinneach ná
faghainn féin bheith im Mhandairín fós. Cuimhnighím ar
Mandairín ó'n nGaillimh sa tSín; agus dá mbeidhinn
im' Mhándairín aon uair amháin ca fios d'éinneach
ná héireochainn chum bheith im' árd-cheann-urradh ar
an dtae, nó im' árd-reachtaire na gcearc ríogha;
nó im' cheann dithceannóir impireamhuil; nó i ndeirigh
na dála, b'fheidir im' impire féin! Do chuireas mo
lámh siar ar mo chúl feuchaint a raibh mo ghruaig
fada a dóthain chum earbaill-earbaill do dhéanamh di,
acht faraoir! ní raibh. A gcreidfeadh sibh go raibh
eud agam leis an asal daona do bhí d'ár dtarrac!
Do thugas mo mhíle mallacht do Hanraoi a h-Ocht,
nó pé Hanraoi, nó pé righ do dhein dlighthe i gcoin-
nibh glib na hEireann. "Uch!" arsa mise liom fhéin,
"do bhidheadh sean-fhocal ann fadó a deireadh,



Is fada bhidheann an fear ag fás,
Is geárr do bhidheann an bás d'á bhreith!



Acht budh cirtisí a rádh —



Is fada bhidheann an ghruaig ag fás,
Is geárr go mbidheann an pláitín ruis!



Acht nuair ná raibh leigheas air, do sguras de cuimh-
neamh air — sin eaganacht ceart.



Ucht an fhaid bhidheas ag smaoineamh mar seo, do
bhíos ag caint chomh maith. Do chuireas ar a cead í
iarraidh ar a hathair mar mhnaoi.



"Cad dubhairt sí?" ars an File — (tá an fear
ocht féin i ngrádh, acht ní leigfeadh eagla do an
ceisd a chur.)



"O!" ars an Gabha, "dubhairt sí, "tá sé seo chomh
hobann-san, a Bheisteir ui Gabha!" agus do leig sí
a ceann ar mo ghualainn. Do phógfainn í acht ná
feudfainn a beul d'aimsiughadh, bhí sé chomh beag sin
aici; agus rud eile — nuair thugainn tailm air do
chuirinn mo choinncínn na súl, óir na raibh tathuighe
again ar a leithéidí sin de shúilibh — shuas ar chúnníbh a
héadain. Seadh; do sroitheamar abhaile, agus
d'innis sí d'á hathair gach ar thárlaigh. Do bhí sé
lán-sásda; acht 'nuair chonnarc féin é, ní mó ná
sásda bhíos. Bhí sé chomh gairid, chomh ramhar, chomh
méith le muice. Bhí feasóg air mar bheidheadh ar
ghabhar, agus iongain mar bheidheadh ar fhiolar. Ní
mór a bhí le rádh aige, óir d'fhághadh sé a dhóthain le
déanadh a anál do thabhairt leis; agus do bhí a
leithéid sin de spuchaigheal agus de ghrunaigheal air,
gur shaoileas céad uair go dtachtfaidh é. Nuair
d'imthigh sise amach chum proinn d'fhághail ullamh, do
dhírigh sé ar í mholadh. "Cailín áluin iseadh í," ar
seisean, "an cailín is seárr sa Ríoghacht Néamh-
rach iseadh Cú-chooc. Sin é a hainm. Ní'l a leithéid
eile ann. Fuagháil, cnotáil, nígheachán, deisiughchán
— tá an uile 'n-a láimh — agus a cócaireacht! acht ní
dearfad gíog. Ní dham-sa is cóir í mholadh. Mise
a hathair. Mar adeir an sean-fhocal do cheap Con
Fiuiseas, "Moladh gach éinneach an t-ádh mar a
gheabhaigh. Cidhfir féin agus blaisfir i ndiaigh chéile!"
Annsan do leig sé srann, agus do thuiit 'n-a
chodladh.



Bhí an t-ocras tar bárr orm féin, agus do bhí
mo shúl anáire ag feitheamh leis an bproinn, agus an
deithneas go léir agam leis. Badh gheárr dúinn gur
chualamar cloigín dhá bhualadh, agus do dhúisigh fear-
a'-tigh, agus dubhairt sé liom gluaiseacht, go raibh an
próinn ullamh. Níor ghádh aon tsárughadh do dhéanamh
orm-sa — is árd-sáruightheoir an t-ocras. Do ghluais-
eamar. Do shuigh an Mandairín ar cheann cláir,
agus Cú-chooc ar an gceann eile, agus mise ead-
tora. Ní raibh a thuile ann. Do luigheas asteach chum
ithe. A dhághda mhóir! mar imthigh biadh de'n bhórd
sin. Do shaoileas go dtabharfainn gorta agus gádh-
tar thar an tSín i gcóir na haibhliadhna. An lá is
feárr do bhí Conán Maol riamh ní sloigfeadh sé biadh
mar do shloigeas é.



(Ní Críoch.)


L. 40


FREAGRA AR "SGARADH."



Fonn: "An Táiliúirín Magaidh."



Is a chumainn na gcarad cá maitheas duit dánta cumhaidh?
Nár b'eol duit cheana ná sgarfainn le grádh mar thú?
Ba dhreoil an mhalairt dam Eanair an cháithte dhlúith
Seoch soindeann is aiteas is táithneamh is áilneacht Iúil.



O cuir se chum reathaibh an sgamal atá ar do thí;
An tsnaidhm do snaidhmeadh ní heagal go ngeárrfar linn;
Ná síltear agaibh gurabh aithis do bháith mo chroidhe,
'S an tuile seo 'n cheana ann do ghreadfadh le fánaidh í.



Ná himthigh chum leanna dhuibh seachain na ráidhte léin;
Siúd sgaodhta n-ealtan ag cantan ar bhárraibh géag;
Is féach go dtagann le taithneamh chugat fáinne an lae,
'S go sginneann na sgamail 'san aisling úd d'átharruigh mé.



'S a chisde gan chealg de shean stoc ársaidh Gaedheal,
Mo dhíol de charaid ní ghlacfainn gan fagháil ort féin;
is bíom go dearbhtha ag atal 's ag ábhacht go tréan
O thuigim dod' ghalar, 's do bh'fhearr go bráth dhuit é.



TÓRNA DRAOI.



AISTRIUGHADH.



"Plain Language from Truthful James." —
Bret Harte.



Noch is fonn liom a rádh,
'Gus mo thrácht tá soilléir,
Gur i slighthibh tá táir,
'Gus i gcleasaibh tá báoth,
Tá'n Síneach mí-chríostamhail go hiongantach,
Noch an céadna is fonn liom a léigheadh.



Bé a ainm "A" claon —
Gus ní sheunfad-sa choidhch'
Dalá 'n ainm sin féin;



Cad dob' fhéidir a bhrigh,
Acht do smig sé go modh mhail 's go páisteamhail.
Mar thagaras tráth do 'Liam Naoi.



Do b'é lughnasa an trí,
Agus bog buidhe do bhí 'n spéir;
A's ar b'fhéidir baint brigh
Gurab 'in slighe ag "A" claon,
Acht d'imir ar mise 's an Naoiseach
I slighe is ró-bheag orm fhéin!



Do bhí cluithche beag réidh 'guinn,
'S "A" claon, thóg sé lámh,
Dob' é Iúcar, an ceudna,
Níor léir leis a ghabháil;
Acht do smig sé nuair shuigh sé ag bórd linn,
Le smige mar bhróinc bhig gan cháim.



Bhí na cártaí úd curtha
I slighthibh fuathaighim,
'Gus budh nár liom an cumadh
Bhí ar muinirtle Naoi,
Noch bhí lán suas de aontaibh 's cuiliot,
'Gus an céadna d'fhonn imirt calghaois.



Acht na cluithchí do shaorthaigh an Geintleach Sínigh,
'Gus na púnca do dhéin,
Dob' áidhbhéil thar gach nídh;
Acht fá dheireadh do imir deas-cuiliot,



Noch damhsa do roinn Uilliam Naoi.
Annsan d'fheuchas-sa ar 'Liam,
Agus d'fheuch orm arís,
Agus d'éirigh le liach,
'S dubhairt "Ciach ort mar dhlighe!
Támaoid creachta ag saor shaothar na Síneach!"



Annsan ngníomh bhí 'n-a dheoigh sin
Níor thógas sa lámh,
Acht bhí cáirne go leor
Mar duilleoga ar a' dtráigh
D'éis na cártaí do fholuigh an claonach
Annsan chluithche "nár léir leis a gabháil."



In a mhuinirtlighe fada
Bhí naoi gcarn deug —
Noch tá láidir go maith.
Cidh ní abraim breug —



Gus do frith ar a iongnaibh bhí choinleach,
Rud is gnáthach i gcoinlibh — sin céir!



Chuige is fonn liom a rádh.
'Gus mo thrácht tá soilléir,
Gur i slightibh tá táir,
Gus i gcleasaibh tá baoth.
'S duine leis féinig an tSineach —
Noch an gceudna táim saor chum a phléidh!



CEANNAIGH "FÁINNE AN LAE."



Gheabhair go leor Gaedhilge bhlasda ann.



BRIAN O DUBHGHAILL,
Clódhadóir Gaodhalach,
9 Ceibh Oirmhiumhan Uachtair, Baile-átha-cliath.



Tamall geárr sul a bhfuair an
t-Athair Eoin O Gramhna bás, sgríbh sé
litir chum clódhadóra an pháipéir so,
agus dubhairt sé, "Gach uile dhuine
do casadh orm anns an tír so, a chean-
naigh leabhair uait-se, dubhradar liom
go rabhadar buidheach díot.



"AN T-EURÓPACH,"



Páipeur iltheangadh, foilsighthear sé uaire
'san mbhiadhain le



Pádruig O Brian, 46 Sráid Chuffe,
Baile-átha-cliath,
do na sealbhthóiridhibh.



Díolaidheacht bliadhnamhuil, 1s. 6p., saor tré'n
phort.



Cuirtear gach sgeula ag truall ar an seoladh
so thuas.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Website developed by Niall O'Leary Services