Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Sechrán na Banimpire

Title
Sechrán na Banimpire
Author(s)
Anaithnid,
Compiler/Editor
Marstrander, Carl
Composition Date
1696
Publisher
(B.Á.C.: School of Irish Learning, 1911)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



SECHRÁN NA BANIMPIRE AGUS OILEMAIN A DEISE MAC



Dobhi impear aghmar oireadha isin Roimh fecht naill dar
bhó comainm Octauin Mór agus robhaoí ben a dhiongmhala
aige .i. inghen righ na Romhánach agus dobhí sí aige aimsir fhada
imchían agus nior geinedh mac na inghen etarra risin ré sin. IS ansin
adubhradar maithe na Rómánach ris an bhen sin do chur úadha
agus ben eile do thabhairt dobhéredh clann dó agus doinnis in timpear
sin disi agus an chomhairle tugadar na Rómhánaigh dhó agus adubhairt
an righan: "A thighearna" ar sí "faghsa ona maithibh sin mar
athchuingidh dhuit fein mo bheithsi bliadhain eile agad agus dénam
tempall taithneamach do Mhuire oigh isin bhliadhain sin agus guidhem
aráon an bhaintighearna náomhMhuire a bfiaghnuise a deilbhe
fein go dúthrachtach fa ghein chloinne do thuismedh eadrainn."
Dorónadh amhlaidh sin aca ionnus gur toirrchedh an rioghan
le mórmhíorbhuilibh Muire na moróighe isin mbliadhuin sin.
Tárla don imper dul ar slúaighedh isin aimsir sin do dhioghailt
a négcóra agus a nainbhreth arna págánachuibh dobhí ag dénamh
cogaidh air. Is ann tainic am tuismidhthe a toirrchesa don bhain-
impire ag filleadh don imper dochum in bhaile iar mbúaidh naisdir
agus nimthechta dhó. Agus iar ttecht a ccomhghar na caithreach
dhó téid a mháthair na choinne agus na chomhdháil agus fáiltighis go
fíorlúathghaireach roimhe agus rug lé ar fhód fo leith é agus adbhert
ris go diabhlaidhe dáor doibésach drochaigentach agus go miosgais-
ech mírúnach mailísech: "A mhic fhíorionmhain" ar sí "na
hadmhuighsi toirrchius na bainimpire ór ni let é do bhunadh agus ni
tú as athair dílios dó acht fer sgige agus fanomhaid na Romha agus
amadán égconna agus fer nigthe mías na cistionach móire isé dorinne
an toirrches úd ría agus ní bfuil acht meirdrech innte agus ni choiglionn
sí í féin ar aóinfer don Ádhamhchloinn dá niarrann í." "A


L. 166


mháthair fhíorghradhach" ar an timper "na cuir brég na miosgais
aran Rioghain marsin acht muna bfuil cruthughadh maith agat
uirre." "A mhic ionmhain ni brég cuirim uirre" ar sí "agus cuirfed
a ccéill duitsi fein nach breg í agus na heirighisi do láthair na Rioghna
go fóill agus dobersa comharthaidhe maithe diongmála aran bfírinne
dhuit." Anais an timper marsin ar fedh aimsire airighthe do
réir mar dothegaisg a mháthair mhírúnach dhó. Imthighis an
bhen chealgach drochmhéinemhuil sin mara raibhe an tamadán
trúagh túaithchoiripthech sin agus an Cime Cennmor corrpainmheach
dobhídh ag coimhéd na cistionach dognáth agus adubhairt ris:
"A Chime Chennmhóir" ar sí "atá an timper ag
techt don chathraigh anois agus así cédchuairt dodhénus sé dol dfhios
na Rioghna ata ina luighe seóla iar mbreith deise mac daontoir-
bhert agus dénasa sólás suilbhir soghradhach agus médughadh mordhálach
menmnach agus cluithche corpaigentach a bfiaghnuisi an rígh agus na
rioghna. Dobhérsa seóide sármholta somhaiseacha agus ionnmhus
adhbhalmor óir agus airgid duit dha chionn." Ba menmnach moch-
dhisgir morainbfhes agus morluathghair an mhoghadh mhodarra
mhírésúnta sin risna móirghelltaibh na mna mallaighthe mírúnaigh
sin go ndubhairt seision annsin: "A ríoghan" ar se "dhénsa gach
ní bhus toil let ar fedh mo dhíthchill do chionn gach neithe dar
gheallais do chomhall damh." "Masedh" ar an ríoghan "éirighsi
tárnocht gan fhios gan airiughadh do neoch fa édach na rígna
intan bhés ina codladh or ata sí ina súan chodalta anois agus rachadsa
agus mo mhac .i. an timper go grod dhá éisi sin ar cúairt gusin riogain
agus anúair aireóchus tusa sinne astigh a séomra na ríoghna éirid
it shesamh tárnocht ona hédach a bfiadhnuise cáich agus badh cluithche
caoínmhenmnach dhuinne uile an clisedh sin" ar sí. "Dodhénsa
gach ní dha nabair tú" ar an tamadán. IAR suidhiughadh na
ceilge coirbthe crosta sin don chailligh chláoin chrúaidh chealgaigh
dochuaidh gusan imper dhá ghlúasacht go grianán na rioghna
agus iar ndul dá séomra dháibh araon roérigh an téigentach bocht
begthuigsech sin amach o édach na rioghna ina gcoinne mar do
hordaighedh dhó agus é disgir derglomnocht arna smeradh re huisge
agus re henbhruithe na cistionach. IS annsin robheadhgustair an
timper aga fhaicsin aran ordughadh sin agus dochreid gach ni dha


L. 168


ndubhairt a mhathair ris agus tuc buille brioghmhar borrfadhach
don bháothladrann gur thesg a chenn da cholainn agus dochuir
eidir dá chich na rioghna é agus í ina codladh. Gidheadh níor
airigh sí áonní dhesin re méid a súain agus a tuirsi. Dochuaidh an
timper íarsin mara raibhe maithe agus morúaisli na Rómha agus innisis
dóibh an gniomh sin dorinne an rioghan air agus dorinne comhairle
ríu créd an bás dobhéredh dhi. Adubhairt cách a ccoitchinne
a hathchur agus a hionnarbadh fa fheadhuibh agus fa fhásaighibh
fairsinge fiordhoimhne agus fa droibhéluibh dorcha doéoluis
amesg leómhan luaimnech láinchiocrach agus na bpiasd níata
naimhdemhail nemhcharthanach agus na ndreagan nduaibhsech
ndoiongabhála agus na ngriobh ngráinemhuil ngéringneach agus an uile
ilpíasd airchena agus adubhairt an timper gur chóra a losgadh na sin.
Is annsin tucadh an rioghan amach amesg na sluagh
agus a dias mac ara muin agus doghairedar maithe na Romhánach dhi
aga faicsin agus dobhádar aga himdhergadh agus aga hathisiughadh
agus ag mórfanamhad fúithe. Rofhiafraidh an righan créd dorinne
sí asa rabhus di marsin agus doinnsiodar dhi mar adubhairt an righan
ele agus an righ ríu agus nior ghabhadar leithsgél ar bioth na fírinne
úaithi agus rotionnlacadh í cona cloinn a ndomhain an fhásaigh agus a ccertlár
na fiodhbhaidhe agus dofagbadh annsin í cona días mac agus asé fa betha
dhi ann mecain mhuirfadhacha na mara agus grápaidhe fuara na
fínemhna agus uisge fíorálainn fionnfhúar na bfhírsreabh agus baói
marsin treimsi fhada a mbochtaine agus a núaignius an fhásaigh. La
náon día ndeachaidh do nighe a cloinne ar brúach tiubraide fairsinge
fíordhoimhne agus donocht mac da macuibh agus tainic napa naimhdemail
neamhcharthanach gan airiughadh dhi chuice agus rofhúadaigh an
lenamh úaithe agus dolen an rioghan an lenb agus dochuaid an napa
a ccrann a nairde agus rug an lenb lé agus roimthigh sí on
gcrann go chéile agus ni bfuair an rioghan árach uirre osin amach
agus roimpó sí tara hais iarsin chum an mhic ele agus dochonnairc sí
bainleómhan bliochtmar boirbneartmar ag fúadach an mhic ele
uaithe agus dorioth leis go lánprab agus dobhí griobh gér-ingnech ar
eitill isin aér os cionn an leómhain go hárd isin bfhiormamint agus
rug sí sighedh dían dásachtach do-ingabhála dochum an leómain agus
dothóguibh le go hédrom edurbhúasach aerdha osan bfirmamint
é cona lenb os cionn na mara mor-aidhbhle amach nogur thuirling


L. 170


ar oilén úaignech dobhí aran bfairrge agus anúair ráinic an leomhan
ar socrach na talmhon dochomhraic sé risin ngriobh agus rothuit
an griobh isin chomhrac sin agus doluigh an leóman aran lenb agus
roghlac an lenb ballán diuil ón bhainleomhan agus doghabh aga díul
go díandíthchiollach gurbhó sáitheach agus ní dó lenaim go foill.
DÁLA AN MHIC EILE rug an napa lé dobhadar ceithernn choilledh
aran ccoill an tan sin agus dochonncadar an napa agus an lenb ara muin
agus tucadar ráig dhían dhásachtach uirre agus rofhágaibh sí an lenb
aca agus chuaidh féin a ccrann ar teithedh na ceitheirnne agus rucadar
an cheithernn an lenb leó agus adubhairt cenn na ceitherne: "As
amhgharach atámíd uimeso anois" ar sé "ór ni badh béo an
naóidhin níamhsholas núadhchrothach so agoinn agus gan bainne
chichi do bheith aige. Gidheadh ni dílios duinn a dhul leisan mac
so a náonchathraigh dhá bfuil a ccomhghar dhuinn agus cuirfiom
ridere dar muintir leis a riocht duine bhoicht da reic
ar margadh na cathrach as nessa duinn." Dorónsat amhlaidh
sin agus iar mbreith an naoidhin aran margadh dhó tarla cennaige o
Phairís dárbo comhainm Clemens agus rofhiafraidh dhe an ag reic
an leinb dobhi. "Asedh" ar an tóglaoch. "Cionnus dofúarais
an leanb?" ar Clemens. "Dofuarus é ag napa arna fiodhbhaidhe
a niomdhomhuin an fhásaigh" ar an tógláoch. "Dobhéruinn an
tsuim áirighthe si do phluirensuibh óir dhuit air" ar Clemens oir
as ainmh coitchionn don ór pluirensi isin tír sin mar as ainm coit-
chionn aguinne sgilling no ríaghail agus doreac an tóglach an leanb
risin gceannaighe agus roimthigh féin roimhe iaromh amesg a muintire
agus an tór leis. DÁLA Chlemens immorro dobaisdedh an mac sin
leis agus tucadh Pluirens mar ainm air agus dohoiledh ris é go crann
a shecht mbliadhan go muirneach moronórach agus tuc furmáil mor
do mhnaói rochoimhéd é risin re sin. Tainic Clemens tara ais go
Pairís iarsin agus Pluirens leis agus dofhiafraidh a bhen de: "Cía hé
an leanb sáor sochradh soibhésach so agad?" ar sí. "Mac
dhamh fpéin" ar Clemens. "Ni hiongnadh lem sin" ar a bhen
ris "ór atáoisi fedh re ndingéntaói clann amuigh." Dála
Phluirens iarsin rofhás agus rofhorbair sé go fiorlúath agus búi marsin
ag caithemh a aimsire go ham margála agus cennaighechta go ghlacadh
dhó. Aroile aimsir iarsin dochuir Clemens an macáomh Pluirens
maille re hionnmhus do chennach damh mbíata agus torc ttreabur
ttrenbhluingech dochum aonaigh dobhi a ccomfogus dóibh. Dála


L. 172


Pluirens ar ndul aran aonach dhó dochonnairc sé faucon .i. seabhac
gnúisaluinn gnéghlan a láimh orlaóich ann agus rofhíafraidh Plúirens
"An ag reic an tseabhaic ataói?" ar sé. "Asedh go deimin"
ar an tóglaoch. "Ata an mhéidsi dór agum .i. .x. bpúnta .xx.it"
ar Plúirens "agus doberuinn ar do sheabhac duit é" agus adubhairt
fer an tseabhaic go ttiubhradh sé sin úadha agus dorónsat a cconradh
amhlaidh sin agus rug Plúirens an seabhac ris agus ruc an tóglaoch an
tór agus dobhádar aráon ag teithedh roimh a chéile degla go rachadh
cechtar aca a gcois a chonartha aran bfer eile. Et tainic Plúirens
tara eis a ccenn Clemens agus roifhiafraidh Clemens de cionnus do
rinne a chennaighecht. "Dorinnes go maith" ar sé "ór do
chennachus seabhac alainn" ar sé. "An ttugais let ara raibhe
dionnmhus agad acht an seabhac úd?" ar Clemens. "Ni thucus
go deimin" ar Pluirens. "Beir do mhallacht" ar an ceannaighe
"as mor domhillis umainn agus is beg an maithes tucais let" agus tug
sé esonóir mhór dho Phlúirens ar son a ionnmhuis do mhilledh
air marsin. "A mhaighistir" ar a bhen re Clemens "na
búail an lenb ud ór as mac rígh no rófhlatha é agus ni cubhaidh lena
nadúir cennaighecht agus ata a nadúir fein ag teacht thríd agus ní cosmhail
a dhealbh na a égcosg riotsa." Doléigedar sin seachad seal tara
agus a ccionn aimsire iarsin dochuir Clemens Pluirens aris do dhénamh
cennaighecht a ttír eile agus dochuir .x. bpunta .xx.it leis agus níor
chían dósan ag siubhal an áonaigh ara raibhe ann antan tarla
óglaoch dhó agus stéd stiomlebhur stúaidbhraighdech faoí agus dath
gléigheal uirre go huilidhi. Fochtais Pluirens de an ag reic an
eich douí. Adbert an toglaoch gurbh edh. "Dobérainn deich
bpunt .xx.it dionnmhus ata agum dhuit uirre" ar Pluirens.
"Dobhér dhuit" ar fer an eich agus dorónsat a ccunnradh amhlaidh
sin agus dosgarsat o chéile agus tainic Pluirens tara ais a ccenn
Chlemens agus an teach sin leis agus tainic Clemens na choinne agus
dofhíafraidh dhe cionnus dorinne sé a chennaighecht. "Dorinnes go maith" ar
Pluirens "tucus ar each maith a riabhe agum dionnmhus." "An ttucais let
acht an teach sin?" ar Clemens "agus badh maith lem súd féin dfhaghail
air" ar sé. "Go mallaighi an fírdhía furorrdha dhuit" ar Clemens "as mor
dochuiris do dhíth orum"


L. 174


agus tuc sé athais mor bheóil dó trídsin agus esonóir mór láimhe. "As
diomhaóineach an cor sin ort a Chlemens" ar a bhen ris "ór ni dhéna tú
cennaighe dhe súd go bráth" ar sí "agus léig dhó fesda ara thol féin agus
cuir duine eigin dot chloinn dílis féin re cennaigh-echt ór as deimhin lem
gurab mac righ no prionsa úasail éigin an macaomh úd" gurab amhlaidh sin
dohoiledh Pluirens ag Clemens cennaighe ó Phairis.



ASÍSIN úair agus aimser ina raibhe aitheach aggarbh ainmhín
agus dúil díabhlaidhi dúaibhseach drochdhaite ag gabháil nerta
an domhuin agus nior dhuibhe greannach grainemhail greimridh na
gach alt agus gach áidhe dhó agus ní tháinic áonduine dfheraibh an
betha béo ona chomhlann ríamh agus dobhí inghen óg alainn agan
thshamhdán a náontamha isin am sin .i. ag imper na bpágá-
nach agus así an inghen sin fa hoighre aran thshamhdán agus tug an
fomhóir fiorghránna sin serc agus síorghradh dinghin an tsamh-
dáin mar isí dob oighre air agus nach raibhe do chloinn aige acht í
agus dogheall cumha mhór don tsamhdán do chionn a faghla agus así
comha sin .i. Sérlus mor imper na hAlmáinneach do thabhairt
ina óglaóch dhó fa smacht agus do íoc chíosa ris agus do dhíultadh dá
chreidimh féin agus gabháil chreidmhe an thshamhdán chuige "agus muna
bfáomha sé sin" ar an t-aitheach "dobhérsa cenn tSerlais liom
chugadsa." Dochengladar a ccunnradh mar sin agus dogealladh an
inghen don aitheach arna hechtaibh sin agus Feilisda ainm na hinghine
sin. Dala an fhathaigh immorro dochuir sé éideadh daingen
dúbalta ima chorp cnáimhremhar curata cosgurchalma agus doghlac
a lorg fersat catha .i. túagh thailc throm threnchalma agus
ubhallmheall mor aggarbh ainíarmartach iarnaidhe chum deabh-
tha agus tréindiubraigthe go dían disgir dásachtach agus tanic roi-
mhe ina cheímennuibh tenna trenchalma agus nior sguir don sgúab-
rúathar sin nogo rainic go faithche fhairsing fherúaine Phairisi .i.
dúnadh daingen dedhmhaisech an impir Almáinnigh. IS annsin
dochuir an fomhóir foirtill feidhmlaidir fíorarrachtach sin teachta
go tinnesnech dochum an impir do radha ris umhla do thabhairt
don tsamhdán agus slúaighedh do fhreastail dó agus cíos dioc ris agus a
chreidemh fein do dhiultadh agus creidemh an tsamhdáin do ueith aige


L. 176


"agus munab áil le Sérlus sin" ar an t-aithech "dobhersa a chenn lem
dochum an tshamhdáin a néraic a esumhla." Dochúadar na techta
risan ccuinne sin dochum an impir agus roinnsiodar an toisg ima
ttangadar. Robhadgh an t-imper ar cclos na mbriathar sin dó.
Doghabh úamhun agus imegla é agus a mhuinntir uile maráon ris agus do
chúadar maithe na bFranncach agus na nAlmáinneach a ccomhairle agus
así comhairle arar cinnedh aca an cíos nach raibhe orra ag aoinneach
riamh nach iocfadís rision na re duine eile é agus fós nach ttreigfidís
día na firinne furorrdha agus creidemh dona déeibh dúaibhsecha
dáorchlannda díabhlaidhi dorinnedh do chlochaibh agus do chrannaibh
nó do mhiotlaibh eile agus doimghiodar techa an fhathaigh leisna
sgéluibh sin. Iarna chlos sin don aithech dochuir sé fios go
Sérlus agus dochuir fó ghesaibh é muna bfaghadh comhlann éinfhir
úadh no go ttuitidís na Frannccaigh agus na hAlmáinnigh uile leis nó
go ttuitedh san léosan. Dotairg an t-imper maóine agus morfhlaithius
dontí dorachadh do chomhrac ris agus ni bfhuair aóinnech do chomh-
rac risin bfomhóir bfiorghranna sin agus dodhiultadar na rideridhi
uile an comhrac sin .i. Rolandus Oliuerus Nemerus Deins Ogerus
agus diúice na Burgundi agus na rideridhi uile archena rodiultsat comhrac
an athaigh agus arna chlos sin don aitheach gur héradh fa chomhrac é
dochuir a éidedh uile uime .i. a chulaith chatha agus chomhlainn .i. a
sgiath mormhíletta merchalma agus roeiridh na chertshesamh go fortill
feidhmlaidir fíorarrachta ar lár na faithche agus roghabh ag grean-
nughad agus ag gerradh ag goradh ag imdhergadh agus og athaisiughadh
na bFranccach agus adubhairt muna bfaghadh sé comhrac go lúath go
leimfedh sé tar múraibh na caithreach asteach agus nach bfúicfedh
élaighthech na bheathaidh innte. IARna chlos sin do lucht na
caithrech dob iomdha faoidhe faide fíorthrúagha agus
núalla duaibhsecha derbhala eccaóine árda eaccaoínteacha agus
dera díana dásachtacha do fulaing dorinnedh isin dúnadh sin an
impir agus fan ccathraigh uile isin am sin. IS annsin dochuaidh
Rolandus agus Oliuerus agus rideridhi crodha na caithrech do chaomhna
an dúnaidh agus an doruis. IS annsin tainic Clemens cennaighe
dhá thigh féin ó chomhairle na bFrancach agus é go dubhach dobrónach
derchaóintech go nosnamhuigh nárdmhóir agus rofhíafraigh Pluirens
fáth a dhobróin do Chlemens. "A mhic ghrádhaigh" ar se "as cuma
dhuitsi gan fios mo bhróin dfhaghail ór as trúagh an t-ádhbhar
fa bfuilim brónach." "As maith lem a fhios dfaghail" ar Pluirens
"ór ní bfuil aonní dodhénadh dochar duitsi nach diongnadh sé


L. 178


dhamhsa é agus adhbhar eile gur maith lem a fhios dfhaghail úait or
ni bfuil aoinnech do dhénadh do dith agus é ar cumus damsa cosnamh
do dhénamh ann nach dénuinnsi díth dhósan ara shon sin" ar
Pluirens. "Inneósadsa madhbhar duit" ar Clemens ".i. aitheach
aingeach adhbhalmhór doghabh forgla an domhain le méid a nirt
agus ata inghen og alainn áontamha go mbúaidh ndeilbhe agus nden-
mhusa agan tshamhdán agus roiarr an fomhóir fiorghranna sin mar
mhnaói dhó féin í agus así comha dogheall sé dimper na bpágánach
go ttiubhradh sé imper na ccriosdaighedh fa chíos dó agus go ccaithfedh
a chreidedh fén do ghabháil chuige agus dá ndíultadh Serlus sin go
ttiubhradh a chenn dochum an tshamhdáin agus atá sé anois amuigh
ar faithche na caithrech agus é ag iarraidh comhlainn aoinfhir agus ní
fhaghann sé fer a fhreagartha ór ní bfuil béo isin doman aon-
nduine dothiucfadh ona chomhrac" ar sé "agus asé sin adhbar mo
bhróinsi agus mo dhubhachuis" ar Clemens. "Créd tuc gan Rolandus
no Oliuerus no ridere cródha eigin eile do mhuinntir an impir do
chur do chomhrac ris?" ar Pluirens. "Ní leigenn an egla sin
dóibh" ar Clemens "or ní shaóilenn síad a ttecht béo tarais úadha
arís." "Rachadsa do chomhrac ris" ar Pluirens. "Nár léigedh
dia sin" ar Clemens. "Ni badh béo meisi muna ndeacha me chuige"
ar Pluirens "agus a athair ionmhuin" ar sé "faghsa éidedh daingen
dombristi dhamhsa" ar Pluirens agus o nár féd Clemens a thoirmiusg
tuc eidedh nemhnáir chuige agus dochroith Pluirens é fén san eidedh
sin agus níor an maille ina chéile dhe agus tucadh an dara héidedh
agus an treas éidedh chuige agus dorinne maran cedna ríu. IS annsin tucadh
éidedh sárdhaingen dobhí ag sinnsioruibh na bFrancach chuige agus ni
faghthaói san mbioth fer a iomchuir ina a thógbhála ara truime agus
dochroith Pluirens go garbhainmin é agus fuair a lórdhaothain don chulaidh
chatha sin edir lúirigh agus sgabal agus chlaidheamh agus chathbharr agus
fuair sgíath mórmhíliota agus sledh shemannach shithfhoda agus dochuaidh
isin culaidh sin aran each dochennaigh sé féin aran áonach roimhe sin agus
dobhen sé biodhgadh barramhail boirbretha aisde agus doghuidh Clemens ar
fírdía firbhreathach fana mac do thoighecht slán. Doghlúais Pluirens
roimhe trid sráid mhóir Phairisi go rainic dorus na priomhchaithreach agus
fuair se Rolandus agus Oliuerus agus forgla na ridiredh roimhe a coimhed an
doruis agus an fomhóir fiorghranna ara ccomhair ar lar na faithchi aga
ngreannughadh ag íarraidh comhraic orra. Dobhennaigh Pluirens dóibh agus
rofhíafraidh Rolandus de cía hé féin no gá tír


L. 180


dhó. "Francach mé" ar se "do mhuinntir Sherluis impir agus
is me Pluirens mac Clemens cennaighe." "Créd dob áil do
dhénamh anois?" ar Rolandus. "Dob áil lem dol do chomhrac
risan aitheach úd ata aga bur ngreannughadhsa agus aga bur
nathaisiughadh ag iarraidh comhraic oraibh agus fa mar dogheall
sé cenn tSerluis do bhreith leis agus anois rachadsa dhá dhioghailt sin
fair." "Nár léige día dhamhsa thusa do leigen annsin" ar
Rolandus "ór badh mor an mes éccrúais ar Francachuibh do
chomhtarcaisnechsa do mhac athar agus fer haóisi agus heccrúais
do dhol do chomhrac úainne." "A Rólanduis leig amach mé do
dhioghailt mfheirge aran aitheach no tuitfir fein lem" ar sé. Rofhéch
Rólandus air agus dochonnairc rúamanna na ro-fheirge ina
ghnúis agus a shúile ar merlasadh ina chenn agus féitheach lúth a chuirp
uile ina gcairrgibh crúaidhremhra na sesamh air agus adbert Rolandus
annsin: "Nar leigedh día misi do chomhrac riot" ar sé "ór dob
olc lem do thuitim liom agus dobadh mesa lem na sin mo thuitim
let." IS annsin rofosgail Rolandus dorus na caithrech agus doléig
sé Pluirens amach agus roléig Pluirens a sbuir isin stéd búi faoi agus
doléig na réim roiretha dionnsaighi na faithche é agus dobhí an t-aitheach
ina shesamh ara chionn ann. "Cía thú féin a óglaoich?" ar sé
"agus créd an toisg ima ttangais?" "Tanag ar cionn do chinnsi"
ar Pluirens "or doghealluis cenn an impir do bhreith dochum
an tsamhdain agus do bhérsa do chennsa chuige a nionad
ceinn an impir" ar sé. As leissin dorinne an t-aitheach geanus
grainemhail gaire ag fanamhad agus ag fochuidmhe faói. IS
annsin tug Pluirens sáthadh sanntach siorchalma sleidhe aran
bfomhóir conderna crécht cráosdomhuin ara chorp agus tuc iaromh
an t-aitheach leim laidir lánétrom a ccuinne agus ccomhdhail Phluirens
agus tuc buille boirbnerthmar da ionnsaighe don luirg fersat catha búi
aige air agus doling Pluirens do lethtaoibh na lúirighe agus dosheachain é
féin aran mbuille sin. Cid trath acht as annsin fa sanntaighe
an sárchomhlann agus fa mire na mílidh agus fa treisi na treinfir agus fa
tacarthach an tegmháil agus fa buirbe na beimionna agus fa brioghmhaire
na buillidhi agus fa gairge na galgada agus ar bfaicsin a fhola do
Phluirens phriomharrachta ag siledh na srothaibh re slesaibh a shaorchuirp
domhédaigh a mhenma go merchalma míleta agus dolúathaidh a lámha go
léidmech laóchurlomh agus dochruadhaidh a chroidhe co


L. 182


colgdha cedfadhach agus nior lúaithe gaóth a ngáibélaibh cnoc ná an
rúathar rechtmar roiretha rug Pluirens a ttimchioll an fhomhóir
ag iarraidh baóghail buille dfaghail fair. Dobhádar sluaighte
ferrdha fíorarrachtacha na bFrancach agus banntrachta bláithe bioth-
áillne Pairísi ar taidbhlibh na trénchaithrech sin ag feithemh an
chomhraic sin agus badh crádh croidhe agus badh húamhan anma léo
uile an macaómh óg anarrsaidh sin do bheith isin gúasacht sin
agus doghuidhedar día go diochra dúthrachtach fa nertughadh le
Pluirens. IS ann dobhog agus domhílaithridh an t-aitheach é féin
dochum na deabhtha sin agus dobheredh Pluirens tri bhuille fan aónbhuille
dhó agus trí béimenna fan mbéim agus trí gona fan nguin agus romesgadh menma
an fhomhóir agus tairnig a threisi agus a thréinnert agus doclaóchlódh a
chiall agus chedfaidh agus dodermad a ghoil agus a ghaisgedh agus dodalladh
a rosg agus readharc agus tairnig a lúth agus a lámhach agus a lúaghaill.
IS annsin dothuit an t-aiheach treinnertmhar sin go talmhuin agus nior mhó
trost no torann srotha sédmhuir siubhlaigh sléibhe re slesuibh cnoc no
carrag no caómhchorrthulach no lanbhile buinnlethan aga mbeith a bharr ag
brisedh re borbghaóith no tor cruaidh cennmhór cloiche ag tuitim go talmhain
na an blosgbheim adclos úadh ionnus gur chrithnuigh an talamh
tromfhóidech uile fúthaibh don rúathar sin. IS annsin donocht an
macaómh mermenmnach mórdálach sin dogeinedh re móirmhiorbhuilibh
Muire an lann liomhtha lethan láingér agus dobhen an cenn
cnuicremhar críonfholtach dhe gur chuir an cenn ar chrann a
shleighe rena ghúalainn agus dochuaidh a nglaic a dhiallaide agus do
chuir a dhruim risin ccathraigh agus dochúaidh roimhe mar raibhe
inghen an tshamhdáin agus dochuir a aghaidh aran ngrianán ina raibhe
an inghen agus rofhiafraigh cía dobhaói ann. IS annsin
rochuir Felista inghen an tshamhdain a cenn amach ar fuinneóig
an grianáin agus dochonnairc sí an ridire óg urrúnta agus an cenn mor
modarrdha mí-sgiomhach ar imchur aige. Rofhíafraigh dhe
cía hé féin no cuich in cenn douí aige. "Agso cenn an aithigh
dochuaidh úaibhsi a ndíaigh chinn tSerlais impir" ar Pluirens
"agus dochuir Serlus an cenn sa chuguibhsi a nionadh a chinn féin."
"Asé mo mhíansa an cenn sin do bheith marsin" ar an inghen
"ór adubhairt nach gebhadh gan meisi dfhaghail mar mhnaoi


L. 184


dhó féin agus gidh beg ormsa Serlus Mor as ferr lem cenn an aithigh
do thecht chugum ina a chenn marsin agus cía lér thuit an t-aitheach
fén?" ol sí. "As lemsa domarbhadh é" ol Pluirens. "As
calma an gniomh aonridire sin" ar sí. Adubhairt Pluirens:
"A ríoghan" ar sé "ni lór lium tfhaicsin marsin astigh it ghríanán
acht tárr amach do chomhradh rium" ar sé agus tainic sí amach
chuige agus doghlac Pluirens ar láimh í agus adubhairt Pluirens ría:
"Tucusa grádh dhuit" ar sé. "As marsin damhsa as mor mo
ghrádh ortsa" ar isi. Iarna chlos sin do Phluirens doghabh an
rioghan ar barr láimhe agus dochuir ara chúlaibh í agus romhes a
fúadach leis dó fein. Roheimhgedh isin ccathraigh go mor uime
sin agus roeirghedar slúaigh na caithrech a ttóraighecht na diaidh
roiompó Pluirens ríu agus domarbh drong mór dhíobh agus dobenadh
Feilista dhe dha aimhdheóin agus dobhen Pluirens muinchille sreabhnaidhe
sroillderg dobhí ima laimh dhi re sracadh tuc uirre.
Adubhairt ría: "Cuirfedsa an muinchille so ar cenn mo shleighe"
ar sé "mar brathaigh shúaithentais agus mar mheirge cogaigh an
tan doghebhus mé úain ara thecht it dhíaighsi agus da bfaicirsi arís
é aithéontar misi let mar sin." Tainic Pluirens iarsin go Pairís
agus dob iomdha ben agus fer tainic dá fhéchain ór roba hiongnadh
adhbhalmor léo fer a aoísi agus a arrachtuis do dhénamh a chomhmaith
sin do ghniomh gaisgidh agus dob iomhdha ben agus fer file agus feallsamh
adubhairt an lá sin go raibhe díol an impir do mac a bPluirens mac
Clemens cennaighe.



Dala mna an impir Rómhánaigh iar mbreith a deisi mac
úaithe .i. mac le napa agus mac eile le leomhan douí sí fén na
haonarán isin bforaóis bfásaigh gan biadh gan digh acht meacain
na mara agus grápaidhe fúara fliucha na finemhna agus ilphíasda
fiatamhla agus beathadhaigh na fiodhbhaidhe go forbfhaóilteach
fiorghradhach ina timchioll aga caomhna agus aga coimhéd. Lá
naóin di chois cúain agus caladhphuirt marsin go bfacaidh an long
luchtmhar lánfhairsing ag siubhal na senfhairge go sanntach
sarluath agus do fhógair an ben í fein don loing agus mar do chonnairc
an foirenn í doghabh truaighe iad di trena beith béo
na haonarán a bforaois na leomhan ór badh machtnughadh


L. 186


menman agus badh hiongnadh adhbhalmhór léo a beith béo annsin
ó ilphiastaibh aingidhe na foraoíse fásaigh agus tucadar leó í isin
loing agus fochtaid sgéla dhi cía hí féin agus gá conor asa ttáinic.
Adubhairt sisi nar bfhes di cionnus tainic sí san bforaóis sin
agus adubhairt nár chumhain lé ní dar imthigh uirre agus rofhíafraidh
an rioghan: "Go rachthaóisi anois?" ar sí. "Oilighrigh sinn
ar síad "ag dul do dhénamh oilighre go cathair Iarusalém agus go
hadlacadh Crist agus go sruth Órrtannáin marar baistedh ar
slánaightheoir." Adubhairt an Rioghan: "As annsin as mían lemsa dul
ór antí dochongaibh beó a bforaoís na leoman mé as coir dhamh
oilighthre do dhenamh ina onóir." Dala na luinge iarsin do
ghlúais sí roimpe a mant mhara agus morfhairge agus an Rioghan léo.
IS annsin adubhairt drong dfoirinn na luinge go ttairnig léo a
raibhe duisge aca do chaitheamh agus nar fhoghain dóibh gan uisge
dfaghail sul dofhúigfadhdaoís ciumhsa cúan na caladhphort agus do
chuiredar drong don fhoirinn úathaibh aran oilén fa coimhnesa
dhóibh ar cenn uisge agus ar ndul aran oilén dóibh dochonncadar
tiobraid alainn fhíoruisge agus léomhan liomhtha leadartach láinfhergach
ar bhrúach na tiubraide agus naoidhin niamhsholus núadhchrothach
ag diul ballán an bhainleomhain agus an léomhan féin ag lighe an
leinbh agus iar bfaicsin na foirne fon samail sin don leomhan doléim
chuca go frithir fergach forníata agus domharbh drong dhíobh agus do-
chuadhdar drong eile ar lúas a gcos don luing agus doinnsiodar go
bfacadar leoman agus lenb aige ar bhrúach na tiubraide agus gur mharbh
sé cuid don fhoirinn. Adubhairt an Rioghan: "Ase sin mo leanbsa,"
ar sí "agus cuiridh misi a ttír" ar sí "agus dobhér uisge chuguibh agus
ni dhénaidh an leómhan díth damsa na dhaoibhsi." Dochuaidh
an Rioghan a ttír iarsin agus mar dorainic sí go soighthe an tiobraid
dofuair sí an léomhan agus an leanb na luighe ina ghlotain agus tainic
an leomhan a gcoinne na Rioghna agus dorinne umhla dhi agus doléig ar
ghlúinibh é ina fíaghnuise agus doghabh ag lighe a cos agus dothógaibh
sise go lúathghaireach an leanb ina hucht agus doghlúais roimpe dochum
na luinge agus dolean an leomhan í agus adubhairt an Rioghan leisan
bfoirinn: "Na biodh egla oruibh" ar sí "ór ní dhenaidh an
leomhan sa" ar sí "dith na dochar dhíbh festa ach go leigther
a bhfochair an leinb é" agus dochuaidh an Rioghan san luing agus dob


L. 188


áil lé foirinn na luinge gan an leómhan do leigin asteach agus roeirigh
an léomhan do léim luthmar lánedrom agus dothoirling láimh risin
leanb go lúathgaireach isin luing agus ni derna dóchar dáonnduine
osin amach. Tugadar an fhoirionn a lórdhaóthain don uisge léo
don luing agus roimghedar rompa asa haithle agus robhadar ag sírshiubhal
na senfhairge go sanntach iarsin gur ghabhadar cúan cobhsaigh
cluthmhar comdaingen an Iarusalem agus dorinnedar oilithre
na caithrech sin. Dochualaidh righ Iarusalem go ttainig rioghan
rathmhar roúasal dá chathraigh an tan sin agus lenb ar iomchur aice
agus leómhan ina choimhdecht agus chuiris an righ techta ara ccionn agus
tugadh chuige íad agis ar bfaicsin an leinb don righ tuc serc agus
sior ionmhaine do féin agus dá mháthair agus ni thug fúath don léomhan o
nach bfacaidh ag dénamh urchóide na dioghbhála é agus dobaisdedh
an lenb iarsin agus tugadh Octauin óg dainm fair agus doghabh righ
Iarusalem mar dhalta chuige é. Rooil agus roaltrom go mín maisech
mórionmaineach é féin agus a mháthair nogur bhá hurlumh infadhma
an macáomh agus domúinedh a cclesradh goile agus gaisgidh é agus a
ttengthaibh gacha talmhan frisin ré sin.



Sguiridh an sdair dhe do fóill agus labhraidh sí don imper
Iubhalach ór anúair dochúalaidh sé gur marbhadh adbhur
a chlemhna .i. an taitheach dochuir sé tionól agus tóichestal
slóigh ara mhuintir agus tangadar ceithre righthe dég chorónta
cona tteghlach agus cona ttionól chuige do dhol leis ar Serlus
mor. Is annsin dochuir an Samhdán techta dochum Sérluis
dfhógra catha fair fo chenn aimsire giorra ionnus nach raibhe
úain na aimser tionóil a mhuintire ag Sérlus tre fhoigsi dhó bhí
lá an chatha eile roimhi. Roghabh uamhun agus imegla mor Serlus
cona mhuintir ar cclos na sgel sin. IS annsin adubhairt
Pluirens mac Clemens cennaighe rena athair: "Da bfaghainn
féin mo sháith deach isin chuidsi don domhan dorachainn dféchain
mfhortúin agus do chur mo chlíui isin cath úd doberar edir an da
impiri." Adubhairt Clemens cennaighe: "Madh ta do dhíol deach
isin ccuidsi don domhan doghebhsa dhuit í" ar Clemens "ór
ata each agan thsamdán darab comhainm each na hadhairce ór


L. 190


is enadharc fhada choimhdhirech ata a clár a hédain agus ni bfuil
san domhan each as ferr na í agus rachadsa da híarraidh agus da faghail
duitsi ar mheisnigh mó ghliocusa fén" ar sé. IS annsin roimthigh
Clemens roimhe go tír na tTurcach agus dochúaidh se mara raibhe
an Samhdán agus dobhennaigh dho ór dobhádar tengtha na talmhan
sin go maith aige. Rofhíafraidh an Samhdán de cía hé féin agus ga
tír asa ttáinig sé. Adubhairt Clemens: "Fer lenamhna dhuitsi
mé" ar se "ór dobhádhus ag hathair agus ag do shenathair." Créd
dob í do cheird dóibh" ar an samhdán. "Dochoisginn ridire a
láthair catha dhíobh" ar sé "antan dob óg mé. Domhúininn
agus do ríarainn a neich óga aimhríata ór as mé dobadh giolla ceinn
eich aca doghnath." "An ndénta eich do reidhiughadh anois?"
aran Samhdán. "Dodhénuinn go deimhin" ar Clemens.
"Gurab dé do bhetha cugainn marsin" ar an Samdan "ór as
iomdha ar neich go haimhréidh agus atámúid re hadhaigh catha do
chuir re himpire na ccriostaighedh." IS annsin tucadh each dochum
Clemens agus dorinne a marcaighecht go maith agus tucadh da each dheg
a ndíaigh a .cc. cuige agus doréidhidh íad go socair soghlúaisde agus tucadh
chuigi iaromh each na hadhairce agus díallaid alainn orrdha fuirre
agus líaga lánmhaiseacha loghmhara agus gema carrmhogail isin diallaid
sin agus dochúaidh Clemens uirre agus dobhen gníomh gúasachtach aisde
agus dorioth lé fa dheóigh go fada fíorlúath agus anuair dochoncadar na
Turcaigh é ag imthecht go rofhada úathaibh dothuigedar ina ninntinnib
pfén nar cosmhail leis impódh tara ais arís agus dolenadar go
dían disgir dasachtach é agus níor bfeirde dhóibh or dochúaidh úathaibh
do thoradh retha an eich go Pairís na ríogh agus iar bfaicsin eich na
hadhairce do Phluirens doghlac ar aradhain í agus dochúaidh do leim
lúthmhar lánédrom ina díallaid agus dorinne a marcaighecht go dían
deithbhirech agus ni deachaidh ara muin riamh marcach as ferr tainic
lé na Pluirens. Tainic immorro lá an mhorchatha agus dochúaidh
Serlus cona mhuintir a ccuinne an tSamhdáin do chur an chatha
agus dorangadar an impiri árda allata úaibhrecha sin ar lár an mhuighe
a gcomhdháil a cheile agus níor fuilngeadh in feithemh sin go fada
etarra. Acht chena tucadar cath neimhnech nósmhar naimdemhail
nertchalma da chéile ionnus gur marbadh míledha agus gur trasgradh
treinfhir agus gur ciorrbadh cuirp agus gur créchtnaighedh collna agus gur
tolladh taoibh agus gur rébadh ridiridhe edir na treinfheruibh in tan
sin agus is amhlaidh robhúi Pluirens agus an muinchille sreabhnaighthe


L. 192


sróill dobhen sé dinghin an tsamhdáin roimhesin ar rinn a ghaéi
aige an lá sin mar brataigh shúaithentais agus mar mheirge cothaighthe
agus mar chomhartha coimhnighthe inghine an tsamhdáin aige agus an
fedh roan sé isin chath ní raibhe don dá thaoibh lámh dob fherr
ina a lámh agus ní fada roan isin chath le romhed gradha inghine an
tsamdáin aige agus rofhágaidh an cath agus doimthigh ina aoínfher go
ráinic gusin ccathraigh ina raibhe inghen an tsamhdáin agus dothaisbén
an muinchille sróill di agus roathain sisi é aran ccomhartha sin agus tainic
amach chuigi agus dochuir sé ara chúlaibh í ór ní rabhadar lucht a
fhosdaighthe isin mbaile in tan sin ór dobhádar san chath agus doghlúais
lé asa haithle agus dobhen leim lúthmhar lánéttrom as each na
hadhairce fa domhain an oigéin dobhí re taóibh na caithrech agus
dochúadhdar ar snamh darsan ccúan agus doghabh sé láimh leisan
sruth douí annsin agus an cath aga chur don taoibh eile dhe agus níor
an Pluirens don ruathar sin go rainic Pairís agus rofhágaidh sé inghen
an tsamdáin a ttigh Chlemens cennaighe da coimhéd agus roiompaidh
fein a ccenn in chatha cédna aridhisi. Agus ni ruc
orra gan brised o cheile an lá sin or dobuadhaighedh an cath leisan
tsamdán an tan sin agus dogabhadh maithe na bFranccach leis isin
cath sin .i. Serlus Mór agus Octauian Mor impiri na Romhánach agus
righ Franc agus Rolandus agus Oliuerus agus Ogeus agus Serguida diuce na
Burguinne agus forgla maitheadh na ccriosdaigheadh uile maraon riú agus
docuiredh na húaisle agus na hardmhaithe sin da ccomhéd go cathraigh
an tsamdáin agus dobhádar muinter Sherluis aga ngabháil agus aga
marbhadh ar cionn Phluirens agus dochothaidh Pluirens cath na bFran-
cach go feramhuil fírbhéodha domharbh drong dhoáirmhi dona hIu-
bhaluibh agus dona Siorrisdínechuibh maille re hiolimad dona
págánachaibh isin chath sin. IS annsin dochruinnighedar na
págánaigh uile an mhéd domhair annsin diobh a ttimchell
Phluirens ionnus nár bfédir leis a airm diomlad ina thimchell lena
ttruime agus le tighe an chumhgaigh inar chuiredar é ionnus gur
gabhadh agus gur cuibhridhedh é asa haithle agus go rugadh go cathraigh
an tsamhdáin a mesg na mbraigdeadh eile é agus así comhairle dorónsat
na Turcaigh annsin muna niompódhdís na braighde sin a naghaidh
a ccredmhe agus umla do thabhairt don tsamhdán agus cios dioc ris a
raibhe ann uile do chur dochum báis a naonló. DALA AN
CHOGAIDH mhóir sin adclos ar fedh na criostuighechta uile gur
fhógair an Samhdán cath ar Serlus imper agus go hairighthe docúalas


L. 194


go sunradhach na sgela sin a ccathraigh Iarúsaleim ionnus co
ndeachaidh ingen righ na Rómhánach .i. ben Octauiáin mhóir a
bfiadhnuise righ Iarusalém agus aseadh adubhairt: "A áirdrigh"
ar sí "an fedh so atámidne it fhochairsi níor innisiosa mo sgéla
féin na méd manróidh féin duitsi na dhuine eile o dosgarus rem
mhuintir fein gus inois. Ór inghen do righ na Romhánach misi"
ar sí "agus asé Octauin Mor impiri na Rómhánach is fer pósda
dhamh agus is mac dhamhsa agus don impiri sin an dalta úd agadsa .i.
Octauin Óg agus is dalta don léomhan é fós" agus doinnis dó na sgéla
o thús go deiredh agus mar dorinnedh an drochaimhles sin dochúalbhairsi
uirre fén. Adbert iarsin: "A airdrigh" ar sí "cuir
misi agus mo mhac agus tri .c. ridire maraon rim do chongnamh don
imper o nach túalaing thú féin do dhol ann oa bfhuil do chogthaibh
eile ort." Doghabh lúathghair mór righ Iarusalém ar cclos do
gur mac don imper Rómhanach an dalta sin dobhí aige ór dobadh
dóigh leis go bfuighedh a shochar úair éigin na dhiáigh sin. IS
annsin tuc an righ deisi ridire do Octauin Óg agus tug tri .c. ridire
roarrachtach dhó do dhedhlaochuibh a mhuintire fén. Roghlúais
Octauin Óg roimhe cona mhuintir agus a mháthair maraon leis agus nior
sguiredar go rangadar ar comhair an ionaidh inar cuiredh in cath
sin eidir chách roimhe. As amhlaidh fúaradar muinter
an tsamdháin ag triall da ttalamh pfein iar ccur an chatha dhóibh
ar Serlus Mor agus ioliomad édála léo ona criostaighthibh. Rofhíafraidh
Octauin Óg sgéla dhibh. "As maith ar sgéla" ar síad "ór dobhrisiomar
cath ar imper na criostaighthedh agus doghabhamar an drong
as ferr dhiobh .i. Serlus Mor agus Octauin Mór imper na Rómhanach
agus rig Franc .i. Serlus Óg agus Serguido diúice na Burgundiae agus
Rolandus Oliuerus agus Dénnis .i. righ Lochlann agus maithe na ccrios-
daidhthedh uile airchena" agus doshaóiledar na Turcaigh gurab dá
muintir fén Octauin Óg. Domhédaigh immorro ferg Octauin
Óig agus dorúamnaigh a ruisg agus chúaidh fana slúaghuibh agus níor
smachtamhla seabhac ar mhinénuibh no mac tíre ar mhorthrédaibh
na Octauin Óg ag marbhadh na bpágánach agus níor fhágaibh
élaitheach na bheathaidh ara rug dhíobh agus gach drong dá bfúair


L. 196


ag fágbháil na caithrech dhiobh domharbhadh íad nogo ráinic
an mhórchathair ina raibhe an Samhdán agus dochúaidh asteach isin
ccathraigh agus mar dochonncadar na Turcaigh agus slóigh na caithrech
ag toighecht é doshaoiledar gur drong dá muintir fén tainic do
chur an chatha chuca ór níor mhesadar go ttiucfadh na criostaighthe
ara chomhbeg sin do chuidechta chuca. Octauin Óg immoro
ar ndul asteach don chathraigh dhó doghriosaigh agus doghreannaigh
a mhuintir agus dochúaidh féin rompa fana slúaghuibh
agus nior bhurba dhásachtach tonn túaidhe ag tegmáil re trachtuibh
iná an túargain agus an treinledradh tuc Octauin Og arna Turcachuibh
agus arna págánachuibh agus ar Shiorrisdínechuibh na haimsire sin an
lá sin isin chathraigh ag dioghailt esonóra na ccriosdaighthedh orra
agus dotuit impiri na tTurcach go maithibh a muintire ina thimchell
le bemennuibh brioghmhara boirbnertmhara Octauin Óig úasail
urrumhanta agus dobadh trúagh lé fer a páirta mar dobhí an chathair
sin na tTurcach an lá sin le gárrthadh na gasraidhe agus le núalladh
na nógláoch agus le mairgneach na míledh aga marbhadh agus le truáighmhíle
na ttréinfher ag tuitim isin tegmáil agus le golaibh ban agus banntracht
ag caoínedh a ccloinne agus a naithrech agus a bfer chéile a bfoirchenn
an catha agus le conghair chon agus chúanart agus le frasaibh fíormhóra ag
siubhal ina srothaibh re slesaibh na sráidionn an lá sin. IS annsin
dochúaidh Octauin Óg fa chlochaibh cumhga na cruadh-chaithrech
agus fa príosúnaibh píanta pennaidecha agus dobhris an
príosún go príomharrachta annsin agus doléig sé na criostaighthe
annsin uile amach an tan sin .i. Serlus Mor impiri na
nAlmainneach agus Octauin Mor impiri na Rómhánach agus Serlus Og
righ Franc agus na ridiridhe uile olchena. Tangadar uile iarsin go
Pairis go dúnadh an impir Almáinnigh. Dála an impiri immorro
dohullmhuighedh fleadh agus fesda dhó a nonóir na mormhiorbhuile
sin dorinnedh orra agus dosuidhighedh dochum na fleidhe sin íad
uile .i. na himpiridhe criostaighe sin agus maithe na slóg agus níor chaith
impiri na Romhánach biadh na deoch aran bfhleidh sin in lá sin
agus dobhí se go brónach begmhenmnach. Dofhíafraigh rig Franc
dhe crét tuc fair gan biadh do chaithemh Adbert an timpiri:
"Mór a adhbhar agum" ar se ".i. ben mhaith phósta dobhí
agum .i. inghen rígh na Rómhánach agus dorinnedh aimhles damh
uirre fa fhior eile agus dochuires í fén agus an días mac rug sí dhamh


L. 198


dhá milledh doréir mar doordaighedar mo chomhairligh
dham isin am sin a bforaóis na léomhan agus asé sin bás
tugus dóibh agus ni facus damh ríamh ben badh annsa lem
ina an bhen sin agus ni dernus ríamh gníomh as aithrighe
lem ina sin agus dochím rioghan úasal ar maghaidh annsúd
agus así as cosmhaile leisin mnaói sin do mhnáibh an domhain
agus asé sin dodhuisigh mo chumha agus domhédaigh mo mhímhenma."
IS annsin adubhairt an Rioghan: "A righ agus a thigherna" ar
sí "caith do chuid festa. Or as misi inghen righ na Romhánach
agus asé súd mo mhac fén agus do mhacsa .i. Octauin Óg agus asé
dosháorsibhsi uile o bhás" agus roinnis do iarsin a sechrán féin uile o
thús go deiredh a bfiadhnuise na slógh agus roinnis mar dorug an napa a
mac úaithe agus mar dorug an léomhan an mac eile leis agus roinnis mar
dofúair sí mac an leomhain aran oilén fhásach aran muir agus mar
dohoiledh é ag righ Iarusalém. "Agus gidhedh" ar sí "ni bfúarus
aonfhocal do sgéluibh an mhic rug an napa úaim agus ni fheadar
créd an bás fúair." IS annsin roeirigh Clemens cennaighe na
sheasamh agus adubhairt: "Atáid sgéla an mhic rug an napa úait
agumsa ór dobenadar ceithern choilledh dobhí aran ccoill an mac
sin don napa an lá rugadh uaitsi é agus dochuiredar ar margadh
na caithrech fa coimhnesa dhóibh é agus dochennaighesa úathaibh é"
ar Clemens "agus dohoiledh agum é iarsin" ar sé "agus ase Plurens
puinnidhe priomharrachta é .i. rogha gaisgedhach na cruinne go
coitchionn." Roeirigh uaill agus ardaignedh a menmain an impiri
Romhánach ar bfhaghail a mhná agus a deise mac dho.
IS annsin adubhairt Serlus .i. righ Franc: "Ata inghen aluinn
aóntomha agum" ar sé "agus así as oighre orm agus dobhér mar mhnaói
dOctauin Óg í ó atá inghen an tShamhdáin na mnaói ag Plurens"
agus dorinnedh an clemhnus sin agus docaithedh an bhanais
buantioghlaictheach sin aca agus dosgaoiliodar na slóigh sin iaramh dha
ndúintibh agus dá ndeghbhailtibh pféin agus dochúaidh Octauin Mór
agus a bhean agus a dhías mac dochum na Rómhánach a haithle na ngníomh
sin. Conadh é sin sechrán na bainimpiri agus oilemhain a deise mac
connige sin.



Per me Dauid Duiginanus.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services