Historical Irish Corpus
1600 - 1926

An Ornamental Device in Irish Verse

Title
An Ornamental Device in Irish Verse
Compiler/Editor
Ó Cuív, Brian
Composition Date
1677
Publisher
(B.Á.C.: NUI, 1989)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



A bhláithlitir lághach dá gcreidthear sibh - a bhus nó thall,
Bí id láinrioth go Banbha 's beir sgéula libh - ar fud na ngleann,
Giodh dhallsud luchd aimhleis mé gan fhios - más guth nó feall,
Go rug Páttruig mo dhá dhearc go hÉire lis - go bun ar mheall.


L. 47


B 1728 18T
Mo pheitision féin, a réilteann iúil na ccríoch - le cian,
go mbeirir chum AonMhic Dé na n-umhal gan moill - mo shians,
mo dheifir go réighidh lé sméide súl go glinn - gan chiach,
ós eision go réil mo réim, mo rún, mo rígh - mo thriath.


L. 48


B 1725 18T
Cormac Spáinneach, Cárthach cumhra caoin .. an triath
oirdhearc áluinn ádhbharach úr, gan phuimp ... 'na shians;
forusta fáithghlic fáilteach fiúntach fíor...-cheart fial
den bhorbfhuil áird, nár stán i gcumhgrach cloidhimh ...i ngliaidh.



B 1761 18L
An bláth is buacaighe ghluais puinn eadrainn beó i nÉirinn,
bás cé fuair sí, a huaislidheacht mairfidh go deó Déidheannach;
Sáppho suadh-ghníomhach nduain-mbinn startha agus cómad Ghaedhilge.
Máire shuairc Ní Chruadhlaoich, eala agus ógh, is Phoénics.


L. 50


Seanduine diorrisg briosg-chomhairleach phós bean óg
shultmhar shubháilceach agus sé haithrristir orrthi nach raibh sí
coinghiallach dá cuing phósdaigh agus go mbíobh tiagharna
an bhallidh ag imtheacht orrthi, do Chlain Charrtha an duine
uasal; agus fuair ógánach dedhfholumtha don mbaille cogar
an mhitchonghial amach; tháinic chon tighe an tseanduine
suas air maidin Dia Domhnaigh agus é féin agus a bhean dá


L. 51


ngléas féin le dul chon aiffrin an a seomra thiar agus sé
dubhairt an t-ógánach ar urlár na cisdionnach leo:




Mo smid-dín do smigín bheag bhearrtha liath - gan
tábhacht,
's do stocaigh a bhfuil clocaigh annta gearrthaigh ar fiar -
le snáithe,
do chloigín nár chuir cummaoin air mnáibh a riamh - le
sásamh,
agus do chuid díobh mar phillín aig Mac Carrtha shiar -
mo náire.



Dubhairt leis an mnaoi



Mo smidín tu, a mhuirnín is áile ciabh - 's as deisse gáire,
's do phissín a chuir cummaoin air a lán a riamh - ar do thár
an airde,
do phoillín a mbíobh cloigíní orrtha fáisge tsiar - ann sna
gárrtha,
's go mo chosamhuil iad le drummaidh Mhic Carrtha
teacht - ón Maolairdne.



B 1777lsc 18D
Sgríobhus chugad is feas dhamh a mBéarla bhinn - go Cill
Tuma


L. 52


do bhaidigh croissigh chuir chugainn et d'éisdis linn - go
grumadh,
ó nach bhfuil again Béarlagair acht Gaedhailge ghrinn - go
stúmadh,
a shagairt bhacaigh ruinn maide don phéiridh linn - as do
rúmadh.



B 1702 18T
An chraobh ghlas tá dhíbh-se ó fhearaibh chrích' Fáil,
A chara mo chroidhe,
Saoilim gur dhíleas díbh a faicsin 'do láimh,
Má's maiseach leat í;
Bíodh saoithe is draoithe ag tagra 'na dáigh-
Cead aca do shíor!
Taoi an mhíor leat don sgríb-si ó's muireach ar chách -
Go mairidh tú an chraobh!

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services